European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/403

23.11.2023

P9_TA(2023)0080

Tuarascáil cur chun feidhme ar an gComhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2023 ar an tuarascáil cur chun feidhme maidir leis an gComhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach (2020/2202(INI))

(C/2023/403)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (an ‘Comhaontú um Tharraingt Siar’), lena n-áirítear an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (an ‘Prótacal’),

ag féachaint don dearbhú Polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (2), a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar,

ag féachaint don chomhaontú i bprionsabal atá fógartha maidir le Creat Windsor;

ag féachaint do Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta an 10 Aibreán 1998 a shínigh Rialtas na Ríochta Aontaithe, Rialtas na hÉireann agus na rannpháirtithe eile sa chaibidlíocht ilpháirtí (‘Comhaontú Aoine an Chéasta’),

ag féachaint dá rúin an 5 Aibreán 2017 maidir leis na caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe tar éis fógra a fháil uaithi go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach (3), an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le staid na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe (4), an 13 Nollaig 2017 maidir le staid na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe (5), an 14 Márta 2018 maidir leis an gcreat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir AE agus an Ríocht Aontaithe (6), an 18 Meán Fómhair 2019 maidir le staid na himeartha maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach (7), an 15 Eanáir 2020 maidir le cur chun feidhme agus faireachán na bhforálacha maidir le cearta na saoránach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar (8), an 12 Feabhra 2020 maidir leis an sainordú beartaithe i gcomhair caibidlíochtaí le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (9), an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (10), an 28 Aibreán 2021 maidir le toradh na caibidlíochta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe (11) agus an 16 Feabhra 2022 maidir le measúnú ar chur chun feidhme Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (12),

ag féachaint dá seasamh an 29 Eanáir 2020 ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (13),

ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (14) (an ‘TCA’),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Achainíocha,

ag féachaint don litir ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0052/2023),

A.

de bhrí gur tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar a tugadh i gcrích idir AE agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020;

B.

de bhrí gur ceadaíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar do tharraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe ó AE; de bhrí gur bunaíodh Comhchoiste leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an chomhaontaithe agus as cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an chomhaontaithe sin a chur chun cinn; de bhrí gur bunaíodh sé choiste speisialaithe leis an gComhaontú um Tharraingt Siar lena gcumhdaítear na réimsí seo a leanas: cearta na saoránach, forálacha eile maidir le scaradh, Éire/Tuaisceart Éireann, Giobráltar, bunlimistéir cheannasacha sa Chipir, agus forálacha airgeadais;

C.

de bhrí gur creat coiteann do chaidreamh na Ríochta Aontaithe le AE iad an Comhaontú um Tharraingt Siar, go háirithe an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus an Comhaontú Trádála agus Comhair; de bhrí gur chomhaontaigh agus gur dhaingnigh AE agus an Ríocht Aontaithe an dá chomhaontú agus gur conarthaí iad atá ceangailteach ó thaobh dlí faoin dlí poiblí idirnáisiúnta; de bhrí nach mór an caidreamh idir AE agus an Ríocht Aontaithe a bheith bunaithe ar lánurraim do na gealltanais idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil an Comhaontú Trádála agus Comhair bunaithe ar chur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Phrótacail, rud a chiallaíonn go bhfuil dlúthbhaint ag dúshláin cur chun feidhme faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus faoin bPrótacal leis an gComhaontú Trádála agus Comhair; de bhrí go bhféadfadh impleachtaí forleathana agus iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag na dúshláin cur chun feidhme sin don chaidreamh níos leithne idir AE agus an Ríocht Aontaithe;

D.

de bhrí go dtugann Cuid a Dó den Chomhaontú um Tharraingt Siar cosaint do chearta shaoránaigh AE atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus do chearta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí in AE; de bhrí go leanann cosaint na gceart sin go dlíthiúil tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe as AE a thabhairt chun críche;

E.

de bhrí go bhféadfadh an neamhréireacht idir stádas arna dheonú faoi Scéim Lonnaíochta AE (SLAE) agus na cearta dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar a bheith ina riosca éiginnteachta dlíthiúla do shaoránaigh AE;

F.

de bhrí gur bunaíodh Údarás Faireacháin Neamhspleách na Ríochta Aontaithe do na Comhaontuithe um Chearta na Saoránach (ÚFN) an 31 Nollaig 2020;

G.

de bhrí go raibh sé ar cheann de na ceanglais bhunriachtanacha sa Chomhaontú um Tharraingt Siar leanúint de bheith ag cloí leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, go háirithe maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla; de bhrí go luaitear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar nach ceadmhach ‘aon mhaolú ar chearta, coimircí ná comhionannas deiseanna’ a bheith ann do dhaoine i dTuaisceart Éireann;

H.

de bhrí go bhforáiltear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar do shocrú airgeadais ordúil agus cóir leis an Ríocht Aontaithe;

I.

de bhrí, an 10 Aibreán 1998, gur shínigh Rialtas na Ríochta Aontaithe, Rialtas na hÉireann agus na rannpháirtithe eile sa chaibidlíocht ilpháirtí Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta; de bhrí go ndéantar ‘teorainn chrua’ ar oileán na hÉireann a sheachaint leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, go n-áirithítear leis feidhmiú gheilleagar an oileáin ar fad agus go ndéantar gach gné de Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta a choimirciú, agus sláine mhargadh aonair AE á cosaint; de bhrí, tar éis blianta de dhianchaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe, gurbh é an Prótacal an t-aon réiteach ar thángthas air; de bhrí, dá bhrí sin, go soláthraíonn sé an t-aon chreat amháin chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sonracha chinneadh na Ríochta Aontaithe do Thuaisceart Éireann an margadh aonair agus an t-aontas custaim a fhágáil;

J.

de bhrí, an 13 Deireadh Fómhair 2021, gur mhol an Coimisiún, mar léiriú ar sholúbthacht agus ar phragmatachas, roinnt tograí forleathana chun cur chun feidhme an Phrótacail a dhéanamh níos solúbtha;

K.

de bhrí gur fheall an Ríocht Aontaithe ar a hoibleagáidí idirnáisiúnta trí thréimhsí cairde a ghlacadh agus a fhadú go haontaobhach; de bhrí, mar thoradh ar an ngníomhaíocht aontaobhach sin, gur sáraíodh roinnt gnéithe lárnacha den Phrótacal;

L.

de bhrí gur chuir an Ríocht Aontaithe an Bille um an bPrótacal maidir le Tuaisceart Éireann ar aghaidh le déanaí, arb é is aidhm dó scor go haontaobhach d’fhorálacha éagsúla den Phrótacal a chur i bhfeidhm; de bhrí gurb ionann togra den sórt sin agus sárú soiléir agus do-ghlactha ar ghealltanais idirnáisiúnta faoin gComhaontú um Tharraingt Siar;

M.

de bhrí go leagtar amach sa chomhaontú i bprionsabal maidir le Creat Windsor a fógraíodh le déanaí na téarmaí chun an Prótacal a chur chun feidhme ar bhealach solúbtha ach éifeachtach; de bhrí go bhfuil sé fógartha ag Rialtas na Ríochta Aontaithe, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí an Bille um an bPrótacal maidir le Tuaisceart Éireann atá beartaithe a stopadh agus a chur ar feitheamh;

N.

de bhrí go bhfuil eolas agus taithí phearsanta ag oifigigh thofa agus ag geallsealbhóirí i dTuaisceart Éireann ar na hiarmhairtí praiticiúla a bhaineann leis an bPrótacal a chur chun feidhme;

O.

de bhrí go bhfuil gá le machaire réidh agus deimhneacht dhlíthiúil a chaomhnú do ghnólachtaí agus do shaoránaigh;

Breithnithe ginearálta

1.

á mheabhrú gur ceadaíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe ó AE, lena n-íoslaghdaítear suaitheadh sóisialta agus eacnamaíoch agus lena seachnaítear cás ‘faobhair aille’; á mheabhrú gur próiseas polaitiúil stairiúil, ach anásta agus fadálach a bhí sa chaibidlíocht a rinne an dá pháirtí, próiseas ar thug an dá pháirtí acmhainní suntasacha polaitiúla, riaracháin agus airgeadais dó; á chur i bhfios gur tréimhse éiginnteachta dhomhain í sin do AE-27, don Ríocht Aontaithe agus dá ngeallsealbhóirí faoi seach; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an Comhaontú um Tharraingt Siar curtha chun feidhme go hiomlán fós; á chur i bhfios go láidir go bhfuil agus go mbeidh cur chun feidhme iomlán agus tráthúil an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, ar comhaontuithe iad atá bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta, i gcónaí ina phríomhthosaíocht ag an Aontas;

2.

ag tabhairt dá haire, mar a bhíothas ag súil, gur chuir tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas isteach ar thrádáil agus ar shlabhra soláthair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, gur chuir sí leis an neamhchinnteacht do shaoránaigh agus gnólachtaí, agus go raibh sí ina cúis leis na costais atá ag dul i méid do thrádálaithe in earnálacha éagsúla, infheisteoirí agus tionscal a d’eascair as ganntanais iompair, moilleanna loingseoireachta, deacrachtaí maidir le rialacha allmhairiúcháin athraithe a chomhlíonadh, agus suaitheadh ag teorainneacha custaim a bhí mar thoradh ar dhéchórais rialála agus foirmiúlachtaí breise; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil Brexit díobhálach do gach duine lena mbaineann, agus níos mó fós don Ríocht Aontaithe; ag tabhairt dá haire go ndearnadh difear ar leith do na réigiúin atá rannpháirteach i dtionscadail Interreg leis an Ríocht Aontaithe; á chur i bhfios go mbeadh an staid i bhfad níos measa do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do riaracháin phoiblí in AE agus sa Ríocht Aontaithe araon gan an Comhaontú um Tharraingt Siar;

3.

á thabhairt chun suntais gur sholáthair an Comhaontú um Tharraingt Siar an creat dlíthiúil chun cearta na saoránach a chosaint; ‘teorainn chrua’ ar oileán na hÉireann a sheachaint agus urraim a thabhairt do Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta, agus sláine agus feidhmiú mhargadh aonair agus aontas custaim AE á gcosaint, réiteach cothrom airgeadais a áirithiú agus córas éifeachtach um réiteach díospóidí agus comhinstitiúidí a bhunú chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar a chur chun feidhme;

4.

ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt feabhsuithe tábhachtacha fós le déanamh chun cearta na saoránach a choimirciú agus go bhfuil smál fágtha ar na chéad trí bliana de chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar mar gheall ar sháruithe leanúnacha na Ríochta Aontaithe ar a gealltanais, chomh maith le sáruithe bagartha breise, faoin bPrótacal;

5.

á athdhearbhú nach mór forálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a urramú agus a chur chun feidhme; á chur i bhfáth gur bunphrionsabal den dlí idirnáisiúnta é conarthaí a chomhlíonadh agus go mbraitheann caidreamh muiníneach idir AE agus an Ríocht Aontaithe ar na páirtithe uile agus a ngealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí á n-urramú acu;

6.

á mheabhrú go bhfuil tionchar díreach ag an gComhaontú um Tharraingt Siar ar dhlíchórais AE agus na Ríochta Aontaithe faoi seach; á chur i bhfios gur féidir leis na daoine dlítheanacha lena mbaineann a chuid forálacha a agairt go díreach i gcúirteanna náisiúnta; á chur i bhfios go láidir nach mór neamhaird a thabhairt ar aon bheart cur chun feidhme náisiúnta bréagnaitheach agus nach féidir é a fhorfheidhmiú;

7.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) a chaomhnú, ar ról é atá riachtanach chun dlí an Aontais is infheidhme a léirmhíniú; á mheabhrú nach mór do chúirteanna na Ríochta Aontaithe aird chuí a thabhairt ar chásdlí CBAE a thugtar tar éis na hidirthréimhse, agus á thabhairt chun suntais gur féidir le saoránaigh AE i gcúirteanna na Ríochta Aontaithe agus náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe i gcúirteanna na mBallstát brath go díreach ar na cearta a ráthaítear sa roinn maidir le cearta na saoránach den Chomhaontú um Tharraingt Siar; á mheabhrú, thairis sin, go soláthraítear ról sa Chomhaontú um Tharraingt Siar do CBAE, trína cheadú do chúirteanna na Ríochta Aontaithe, faoi choinníollacha áirithe, réamhrialú a iarraidh uirthi maidir le léirmhíniú Chuid 2 den Chomhaontú go ceann ocht mbliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse;

Cearta na saoránach

8.

á mheabhrú go bhforáiltear le Cuid a Dó den Chomhaontú um Tharraingt Siar go dteachtann gach saoránach AE a bhí ina gcónaí go dlíthiúil sa Ríocht Aontaithe agus gach náisiúnach den Ríocht Aontaithe a bhí ina gcónaí go dlíthiúil in AE-27 ag deireadh na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020 agus a leanann de dhéanamh amhlaidh an tacar iomlán ceart arna bhunú faoi dhlí AE agus arna léirmhíniú ag CBAE; á mheabhrú go bhfuil cosaint ag leanaí faoin gComhaontú um Tharraingt Siar freisin, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 10(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar; á chur i bhfáth gur gá forálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar maidir le cearta na saoránach a chur chun feidhme go hiomlán chun na cearta sin a choimirciú agus an deimhneacht dhlíthiúil is gá a sholáthar do shaoránaigh AE agus na Ríochta Aontaithe agus dá dteaghlaigh;

9.

á mheabhrú, mar a cuireadh i bhfáth in Airteagal 5 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, gur cheart do AE agus don Ríocht Aontaithe, de lánurraim fhrithpháirteach agus de mheon macánta, cúnamh a thabhairt dá chéile le cúraimí a eascraíonn as an gComhaontú;

10.

á chur in iúl gur geal léi bunú SLAE ag an Ríocht Aontaithe chun a hoibleagáidí i leith shaoránaigh AE agus bhaill a dteaghlaigh a chomhlíonadh, ach ag athlua freisin imní an Choimisiúin maidir leis an easpa soiléireachta dlíthiúla, ós rud é go bhfuil na coinníollacha incháilitheachta arna leagan síos ag an Ríocht Aontaithe maidir le rochtain ar chearta faoi SLAE fós éagsúil leis na coinníollacha dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar; á mheabhrú go bhfuil sé sainráite go soiléir sa Chomhaontú um Tharraingt Siar nach mór do na nósanna imeachta riaracháin faoi chóras bunaitheach a bheith ‘rianúil, trédhearcach agus simplí’;

11.

ag tabhairt dá haire go bhfuair an Ríocht Aontaithe 7 040 670 iarratas faoin 31 Nollaig 2022, faoi SLAE, a bhfuarthas 988 440 díobh tar éis spriocdháta an 30 Meitheamh 2021; ag tabhairt dá haire gur deonaíodh stádas lonnaithe do 50 % (3 420 270), nár deonaíodh ach stádas réamhlonnaithe do 39 % (2 707 800), agus go raibh torthaí eile ag 11 % (lena n-áirítear 442 770 iarratas a diúltaíodh, 152 990 iarratas a tarraingíodh siar nó a cuireadh ar neamhní agus 135 840 iarratas neamhbhailí);

12.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di faoi neamhréireachtaí leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, eadhon nach mór do shaoránaigh AE a bhfuil stádas réamhlonnaithe acu an dara hiarratas a dhéanamh chun stádas lonnaithe a fháil, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le cailliúint uathoibríoch agus neamhdhleathach a gceart; á mheabhrú go mbeidh ar an gcéad bhabhta de shaoránaigh AE a bhfuil stádas réamhlonnaithe acu agus nach mór dóibh iarratas a dhéanamh ar stádas lonnaithe tús a chur lena n-iarratais sa dara leath de 2023; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, le linn a dara hiarratas, go mbeidh ar shaoránaigh incháilithe AE a chruthú go bhfuil cónaí orthu go leanúnach, rud a fhágfaidh go mbeidh an nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh ar stádas lonnaithe níos dochraidí ná an nós imeachta réamhlonnaithe;

13.

á mheabhrú go bhfuil na daoine sin nach bhfuil cearta buanchónaithe faighte acu go fóill, eadhon iad siúd nach raibh cónaí orthu sa stát óstach le cúig bliana ar a laghad, fós faoi chosaint iomlán leis an gComhaontú um Tharaingt Siar, agus go mbeidh siad in ann leanúint de bheith ina gcónaí sa stát óstach agus cearta buanchónaithe a fháil sa stát óstach tar éis cúig bliana cónaithe a charnadh;

14.

ag tabhairt dá haire go ndeachaigh an spriocdháta le haghaidh fhormnhór shaoránaigh AE chun iarratas a dhéanamh ar stádas lonnaithe in éag an 30 Meitheamh 2021; á chur i bhfáth, de réir an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, gur féidir le saoránaigh AE agus a dteaghlaigh, ar féidir leo forais réasúnacha a léiriú chun na spriocdhátaí a chailliúint, iarratas a chur chuig SLAE; á aithint gur roghnaigh Rialtas na Ríochta Aontaithe gan diúltú d’aon iarratas a cuireadh isteach roimh an spriocdháta oifigiúil; á chur in iúl gur geal léi an tsolúbthacht a léirigh Rialtas na Ríochta Aontaithe ina leith sin; á chur in iúl, áfach, gur cúis imní di fós staid na n-iarratasóirí déanacha, ós rud é go bhfuil a lán saoránach fós in amhras faoina stádas inimirce;

15.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na moilleanna an-fhada ar chinnteoireacht Rialtas na Ríochta Aontaithe a bhaineann le cearta na saoránach; ag tabhairt dá haire, amhail ó mhí na Nollag 2022, go raibh 181 000 iarratas ag fanacht le cinneadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe na moilleanna ar chásanna athaontaithe teaghlaigh; ag tarraingt aird ar an bhfíoras gur tháinig moilleanna sa chinnteoireacht maidir le cásanna athaontaithe teaghlaigh ó 95 lá féilire ar an meán i mí Iúil 2021 go dtí 291 lá féilire i mí an Mheithimh 2022; á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe a dhícheall a dhéanamh chun dlús a chur lena phróiseas cinnteoireachta;

16.

ag moladh obair ÚFN, arb é an ról atá aige a áirithiú go ndéanfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe na cearta dá bhforáiltear leis na comhaontuithe maidir le cearta na saoránach a chur chun feidhme go leormhaith agus go héifeachtach; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé a áirithiú gur féidir le ÚFN a ról a chomhlíonadh ar bhealach fíor-neamhspleách;

17.

á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ar an dara suirbhé de chuid ÚFN ó mhí Iúil 2022; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár chuala triúr as ceathrar freagróirí faoi ÚFN roimh shuirbhé 2022; á iarraidh ar ÚFN feabhas a chur ar a chuid iarrachtaí i ndáil le cumarsáid agus feachtas feasachta;

18.

á chur in iúl gur geal léi an dúshlán dlíthiúil a thug IMA i mí na Nollag 2021 os comhair Ard-Chúirt Bhreithiúnais na Ríochta Aontaithe maidir le seasamh Rialtas na Ríochta Aontaithe go gcaillfidh saoránaigh AE nach ndéanann iarratas ar stádas lonnaithe nó a mhainníonn iarratas a dhéanamh arís ar stádas réamhlonnaithe a gcearta go huathoibríoch sula rachaidh a stádas réamhlonnaithe in éag; ag tabhairt dá haire, sa bhreithiúnas a tugadh an 21 Nollaig 2022, gur dhearbhaigh Ard-Chúirt na Ríochta Aontaithe go bhfuil SLAE, mar atá sé ag feidhmiú faoi láthair, neamhdhleathach ina leith sin; ag tacú le rannpháirtíocht an Choimisiúin in imeachtaí na cúirte; á chur in iúl gur geal léi an fógra a rinneadh le déanaí ó Oifig Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe lena ndeimhnítear nach ndéanfaidh sí achomharc i gcoinne an rialaithe agus go bhfuil sí ag dréim leis go gcuirfear chun feidhme go mear é; á chur i bhfáth, faoi Airteagal 15(3) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, a luaithe a fhaigheann saoránaigh an ceart buanchónaithe, nach féidir é a chailleadh ach amháin trí neamhláithreacht ón stát óstach ar feadh tréimhse is faide ná cúig bliana as a chéile;

19.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an gCoiste Speisialaithe um Chearta na Saoránach maidir le cur i bhfeidhm Chuid 2 den Chomhaontú um Tharraingt Siar a éascú; á thabhairt chun suntais go bhfuil tábhacht lena chuid oibre agus lena thuarascálacha ar chur chun feidhme ceart cónaithe; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an Ríocht Aontaithe leanúint d’fhaisnéis staidrimh iomlán agus cothrom le dáta a sholáthar don Choiste Speisialaithe um Chearta na Saoránach maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar Rialtas na Ríochta Aontaithe an Coiste Speisialaithe um Chearta na Saoránach a thionól an athuair a luaithe is féidir agus leanúint de chruinnithe a thionól ar bhonn ráithiúil go dtí go dtabharfar aghaidh go hiomlán ar na saincheisteanna uile a ardaíodh;

20.

á chur in iúl gur geal léi an séú tuarascáil chomhpháirteach maidir le cearta cónaithe a chur chun feidhme faoi Chuid a Dó den Chomhaontú um Tharraingt Siar an 26 Eanáir 2022; ag cur sonrú i bhfoilsiú rialta tuarascálacha comhpháirteacha ón gCoiste Speisialaithe um Chearta na Saoránach maidir le cur chun feidhme ceart cónaithe faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus foilsiú rialta na dtuarascálacha bliantúla ó rúnaíocht an choiste chuig an gComhchoiste; á thabhairt chun suntais a úsáidí atá siad maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Chuid a Dó den Chomhaontú um Tharraingt Siar;

21.

á athdhearbhú go bhfuil sí den tuairim go dtabharfaí níos mó cinnteachta do shaoránaigh AE sa Ríocht Aontaithe dá n-eiseofaí doiciméad fisiciúil dóibh, ar cheart dó a stádas digiteach reatha a chomhlánú, mar chruthúnas ar a gcearta mar chónaitheoirí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh tionchar diúltach agus idirdhealaitheach a bheith ag an gcur chuige digiteach amháin ar iarratasóirí ó ghrúpaí leochaileacha agus á iarraidh go gcuirfí cabhair ar fáil sna cásanna sin; ag meabhrú a seasaimh go gcuirfeadh córas dearbhaitheach níos mó deimhneachta dlíthiúla ar fáil do na saoránaigh lena mbaineann, agus an t-ualach riaracháin ar údaráis na Ríochta Aontaithe á mhaolú;

22.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag saoránaigh AE agus ag daoine dá dteaghlaigh agus iad ag iarraidh filleadh ar an Ríocht Aontaithe mar gheall ar easpa eolais na n-aerlínte ar an bpróiseas digiteach chun stádas lonnaithe nó réamhlonnaithe a fhíorú agus maidir lena neamhábaltacht an stádas sin a fhíorú ag geataí aerfoirt roimh dhul ar bord; á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe leanúint de bheith ag obair le hiompróirí chun teacht ar réitigh;

23.

á chur in iúl gur oth léi an méadú atá ag teacht ar mhoilleanna maidir le doiciméid chónaithe agus víosaí dul isteach a eisiúint do shaoránaigh AE sa Ríocht Aontaithe agus á mholadh d’údaráis na Ríochta Aontaithe pleananna a fhorbairt chun líon na n-iarratas atá ar feitheamh a laghdú;

24.

á chur in iúl gur saoth léi cinneadh na Ríochta Aontaithe táillí éagsúla a ghearradh ar iarratasóirí ar víosaí ag brath ar a dtír thionscnaimh in AE;

25.

á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe leanúint de chearta cónaithe a ráthú do shaoránaigh AE atá i bpríosún agus a bhfuil stádas réamhlonnaithe acu, amhail dá bhforáiltear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar;

26.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na deacrachtaí a bhíonn ag náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a stádas a shoiléiriú i roinnt tíortha AE; á iarraidh ar na Ballstáit solúbthacht a léiriú maidir le próiseáil iarratas déanach; a iarraidh ar na Ballstáit a roghnaigh cur chun feidhme Airteagal 18(4), nach n-éilítear próiseas iarratais leis chun cearta a dheimhniú faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na Ríochta Aontaithe maidir le stádas a fhianú agus le cumas shaoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí in AE rochtain a fháil ar shochair agus ar sheirbhísí; á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh ón gCoimisiún chun treoir a chur ar fáil do na Ballstáit ina leith sin; á iarraidh ar na Ballstáit a bhfuil córas bunaitheach acu breithniú a dhéanamh ar chóras dearbhaitheach nó codanna de chóras dearbhaitheach a ghlacadh;

27.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá eagraíochtaí pobail chun tacú le cearta na saoránach a urramú sa Ríocht Aontaithe agus in AE faoin gComhaontú um Tharraingt Siar; ag tabhairt dá haire gur oth léi go raibh ar roinnt de na heagraíochtaí a mholann cearta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe san Eoraip scor dá gcuid oibre mar gheall ar easpa cistiúcháin;

28.

á athdhearbhú gur príomhthosaíocht don Pharlaimint iad cearta na saoránach agus á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar ionas go ndéanfar na cearta sin a chosaint go hiomlán;

29.

á mheabhrú go bhfuil an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ag aon saoránach AE ar a bhfuil cónaí sa Ríocht Aontaithe; á mheabhrú go bhfuil an ceart chun achainí a dhéanamh chuig an bParlaimint fós ag saoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí in AE freisin;

30.

á iarraidh ar údaráis na Ríochta Aontaithe cearta sóisialta agus fostaíochta shaoránaigh AE agus saorghluaiseacht oibrithe trasteorann a ráthú, bunaithe ar neamh-idirdhealú agus cómhalartacht;

An Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann

31.

á mheabhrú gur comhaontaíodh an Prótacal mar chomhréiteach chun na codanna go léir de Chomhaontú Bhéal Feirste/ Aoine an Chéasta ina iomláine a choimirciú agus cosc a chur ar ‘theorainn chrua’ a bhunú ar oileán na hÉireann, agus sláine mhargadh aonair AE á cosaint; á mheabhrú, thairis sin, gur mhol Rialtas na Ríochta Aontaithe an leagan deiridh den Phrótacal, rud a d’fhág gur tréigeadh na leaganacha roimhe sin den ‘chúlstop’; ag tabhairt dá haire gur léiríodh go dtí seo le cur i bhfeidhm an Phrótacail go bhfuil sé ag freastal go rathúil ar a chuspóir, i roinnt gnéithe tábhachtacha;

32.

á chur in iúl gur oth léi go mór mainneachtain na Ríochta Aontaithe gníomhú i gcomhréir lena gealltanais faoin bPrótacal le 3 bliana anuas; á chur in iúl gur oth léi, go háirithe, an easpa tacaíochta a tugadh d’fhoireann AE atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar sheiceálacha custaim i Muir Éireann, an rochtain neamhleor atá ag foireann AE ar shonraí custaim na Ríochta Aontaithe agus na tréimhsí cairde aontaobhacha i ndiaidh a chéile a bhain an bonn de sheiceálacha teorann, agus iad ina sárú soiléir ar an bPrótacal;

33.

á thabhairt chun suntais go bhfuil Tuaisceart Éireann i riocht uathúil i ngeall ar an bPrótacal toisc go dtugtar rochtain ag earraí a tháirgtear i dTuaisceart Éireann ar mhargadh aonair an Aontais agus ar mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe araon; á chur i bhfios go láidir nach mór seiceálacha agus rialuithe riachtanacha a dhéanamh ag Pointí Iontrála ar earraí a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe nó ó aon tríú tír eile.

34.

á chur i bhfios go bhfuil an neamhchinnteacht leanúnach maidir leis na socruithe trádála do Thuaisceart Éireann díobhálach agus dochrach do ghnó; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú ag teacht ar shreafaí infheistíochta isteach i dTuaisceart Éireann agus go bhfuil an bonn á bhaint de na buntáistí atá ar fáil faoin rochtain ar an dá mhargadh dá bhforáiltear leis an bPrótacal; á aithint go mbeidh gnólachtaí i dTuaisceart Éireann faoi bhrú níos mó toisc go mbeidh orthu dul i ngleic le difríochtaí idir beartais na Ríochta Aontaithe agus beartais an Aontais;

35.

á chur i bhfáth gur sárú ar ghealltanais dhlíthiúla idirnáisiúnta é aon sárú ar an bPrótacal agus gur léiriú do-ghlactha dímheasa ar an smacht reachta é;

36.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an Bille um an bPrótacal maidir le Tuaisceart Éireann a moladh le déanaí, lena dtabharfaí cumhachtaí forleathana d’airí na Ríochta Aontaithe scor go haontaobhach d’fhorálacha an Phrótacail a chur i bhfeidhm, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta, a chuirfeadh le héiginnteacht eacnamaíoch agus pholaitiúil i dTuaisceart Éireann agus a mbeadh tionchar diúltach aige ar chosaint tomhaltóirí, ar ghnólachtaí agus ar oibrithe;

37.

á chur i bhfios go láidir nach féidir comhaontú déthaobhach a athrú go haontaobhach agus go mbainfí an bonn ón gcaidreamh idir AE agus an Ríocht Aontaithe tríd an méid sin a dhéanamh; á mheabhrú a hiarraidh ar údaráis na Ríochta Aontaithe gach cuid de Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta a urramú go hiomlán, mar a comhaontaíodh sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus a áirithiú nach ndéanfar aon mhaolú ar chearta shaoránaigh Thuaisceart Éireann;

38.

á chur in iúl gur geal léi fógra a rinneadh le déanaí maidir le comhaontú i bprionsabal idir AE agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an bPrótacal – ar a dtugtar Creat Windsor – lena n-áiritheofar cur chun feidhme agus urraim sholúbtha, ach éifeachtach do Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta, agus sláine mhargadh aonair AE á cosaint ag an am céanna; ag súil leis go bhféadfar comhroinnt na cumhachta i dTuaisceart Éireann a athbhunú a luaithe is féidir i gcomhréir leis na gealltanais faoi Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta agus ar mhaithe le muintir Thuaisceart Éireann; ag dréim leis go gcuirfear an comhaontú polaitiúil chun feidhme go hiomlán, lena gceadófar caibidil nua sa chomhpháirtíocht idir AE agus an Ríocht Aontaithe bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar chomhar iomlán; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an fógra ó Rialtas na Ríochta Aontaithe, i gcomhthéacs Chreat Windsor, go mbeidh sé ag cur stop le próiseas Bhille Prótacail Thuaisceart Éireann, agus nach bhfuiltear ag dul ar aghaidh leis;

39.

ag meabhrú an dearbhaithe aontaobhaigh a rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe, i gcomhthéacs an Phrótacail, maidir le feidhmiú na forála maidir le ‘toiliú daonlathach i dTuaisceart Éireann’ ar bhealach atá comhsheasmhach le Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta; á chur i bhfios go láidir, de réir an dearbhaithe aontaobhaigh sin, nach mór ‘toiliú daonlathach’ leis an bPrótacal a chur ar fáil in am trátha trí thromlach simplí de Thionól Thuaisceart Éireann; á mheabhrú, sna toghcháin is déanaí i dTuaisceart Éireann, gur vótáil tromlach soiléir de vótálaithe ar son páirtithe a chuir in iúl go dtacaíonn siad leis an bPrótacal a choinneáil;

40.

á chur i bhfios go láidir go raibh AE oscailte i gcónaí don phlé le Rialtas na Ríochta Aontaithe chun teacht ar réitigh choiteanna chun feidhmiú inbhuanaithe, fadtéarmach an Phrótacail a chumasú; ag meabhrú na dtograí forleathana a rinne an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2021 chun teacht ar réitigh phragmatacha, réasúnta agus sholúbtha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin cur chun feidhme an Phrótacail; á chur in iúl gur geal léi an fógra ón dá pháirtí ag tabhairt le fios gur ann don toil pholaitiúil chun dul i mbun fíorchaibidlíochta trí Chomhchoiste AE-na Ríochta Aontaithe chun teacht ar réitigh inbhuanaithe maidir le réimsí aimhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar Rialtas na Ríochta Aontaithe ról réamhghníomhach a thabhairt do Thionól Thuaisceart Éireann agus d’oifigigh thofa agus geallsealbhóirí eile i dTuaisceart Éireann sa phlé maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail;

41.

á chur i bhfios go mbeidh tionchar diúltach ag Roinn 75 d’Acht Náisiúntachta agus Teorainneacha na Ríochta Aontaithe, lena gceanglaítear orthu siúd nach bhfuil stádas inimirce na Ríochta Aontaithe acu (lena n-áirítear saoránaigh AE, cé is moite de shaoránaigh na hÉireann) údarú taistil leictreonach (ÚTL) a bheith acu sula dtéann siad isteach i dTuaisceart Éireann, ar shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu in Éirinn; á chur i bhfáth, thairis sin, nach mbeadh an córas ÚTL go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 2 den Phrótacal, lena gcosnaítear cearta daoine aonair agus lena gceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe a áirithiú nach ndéantar aon laghdú ar na cearta, coimircí ná comhionannas deiseanna, lena n-áirítear trí chosaint ar idirdhealú a chur ar fáil; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeadh aon togra ón Ríocht Aontaithe lena bhféadfaí a cheangal ar shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu in Éirinn clárú chun díolúine a fháil ón gcóras ÚTL díréireach agus gurbh ionann a chur chun feidhme agus sárú féideartha ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe mar a leagtar amach in CFAE;

42.

á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán leis na tionscnaimh dhlíthiúla a sheol an Coimisiún chun cur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an comhaontú idirinstitiúideach i ndáil leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le sásraí forfheidhmithe an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair (15), rud a chuirfeadh ar chumas AE gníomhaíocht thapa a dhéanamh i bhfoirm beart dá ndéanfaí sárú ar an gComhaontú um Tharraingt Siar agus/nó ar TCA; á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint agus an Chomhairle a choinneáil go hiomlán ar an eolas go tráthúil maidir leis na forbairtí ábhartha uile a bhféadfadh glacadh beart nó gníomhaíochtaí ó thaobh an Choimisiúin a bheith mar thoradh orthu; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí an bosca uirlisí forfheidhmithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a úsáid freisin chun forfheidhmiú an Phrótacail a neartú;

Socrú airgeadais

43.

á mheabhrú go bhforáiltear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar do shocrú airgeadais aonair leis an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear na dliteanais dlíthiúla uile a thagann as gealltanais gan íoc agus lena ndéantar foráil maidir le míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe, dliteanais theagmhasacha agus costais airgeadais eile a eascraíonn mar thoradh díreach ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE; á chur i bhfios go láidir nach cnapshuim aonuaire é an socrú airgeadais sin, ach socrú chun na gealltanais gan íoc a rinneadh le linn bhallraíocht na Ríochta Aontaithe in AE a imréiteach;

44.

á chur in iúl gur geal léi an comhar tairbheach sa réimse sin agus go bhfuil AE agus an Ríocht Aontaithe tar éis a dtiomantas a athdhearbhú maidir lena n-oibleagáidí airgeadais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar a chomhlíonadh;

Rialachas agus ról Pharlaimint na hEorpa

45.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na struchtúir rialachais atá freagrach as cur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar ag feidhmiú go hiomlán, go háirithe a Choiste Speisialaithe um Chearta na Saoránach, a thagann le chéile go han-rialta; á iarraidh ar an Ríocht Aontaithe leas iomlán a bhaint as na struchtúir sin in ionad gníomhaíocht aontaobhach a shaothrú;

46.

á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, go háirithe maidir le cearta na saoránach agus an Prótacal; á chur in iúl gur geal léi an comhar an-torthúil idir an Pharlaimint agus an Coimisiún maidir leis na hábhair sin;

47.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach an Tionóil Comhpháirtíochta Pharlaimintigh idir AE agus an Ríocht Aontaithe; á chreidiúint go gcuireann an tionól seo creat maith ar fáil le haghaidh comhar parlaiminteach maidir le dúshláin choiteanna, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Phrótacail maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh ról gníomhach do chríocha cineachta le linn an dara Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta idir AE agus an Ríocht Aontaithe i mí na Samhna 2022 agus ag dréim leis go bhfeabhsófar an ról sin amach anseo;

48.

á chur in iúl gur geal léi Grúpa Teagmhála na Ríochta Aontaithe arna bhunú ag Coiste na Réigiún i mí Feabhra 2020, ar grúpa é a chuireann fóram ar fáil le haghaidh idirphlé leanúnach agus comhpháirtíocht pholaitiúil idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha AE agus na Ríochta Aontaithe; á ghealladh go ndéanfar idirghníomhaíocht chomhchosúil a ghlacadh idir Grúpa Teagmhála na Ríochta Aontaithe agus Toscaireacht Pharlaimint na hEorpa chuig an Ríocht Aontaithe chun fianaise chríochbhunaithe a sholáthar maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar;

49.

á mheabhrú gur tháinig an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe ar chomhthuiscint an 31 Nollaig 2020 maidir le creat a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh comhaontú maidir le Giobráltar; á mheabhrú gur thíolaic an Coimisiún, an 20 Iúil 2021, moladh le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir le Giobráltar agus le haghaidh na dtreoracha caibidlíochta gaolmhara; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Chomhairle, an 5 Deireadh Fómhair 2021, cinneadh lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idir AE agus an Ríocht Aontaithe maidir le Giobráltar, chomh maith leis na treoracha caibidlíochta; ag tabhairt dá haire, amhail ó mhí Dheireadh Fómhair 2022, go raibh naoi mbabhta caibidlíochta curtha i gcrích;

o

o o

50.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(2)   IO C 34, 31.1.2020, lch. 1.

(3)   IO C 298, 23.8.2018, lch. 24.

(4)   IO C 346, 27.9.2018, lch. 2.

(5)   IO C 369, 11.10.2018, lch. 32.

(6)   IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.

(7)   IO C 171, 6.5.2021, lch. 2.

(8)   IO C 270, 7.7.2021, lch. 21.

(9)   IO C 294, 23.7.2021, lch. 18.

(10)   IO C 362, 8.9.2021, lch. 90.

(11)   IO C 506, 15.12.2021, lch. 26.

(12)   IO C 342, 6.9.2022, lch. 78.

(13)   IO C 331, 17.8.2021, lch. 38.

(14)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(15)  Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Aontais i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (COM(2022)0089).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/403/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)