|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/384 |
18.10.2023 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(C/2023/384)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Aydın Memecik Zeytinyağı’
Uimh. AE: PDO-TR-02802 – 24.9.2021
ATFC (X) TGFC ( )
1. Ainm nó ainmneacha [ATFC nó TGFC]
‘Aydın Memecik Zeytinyağı’
2. Ballstát nó Tríú Tír
Poblacht na Tuirce
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. An cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]
Aicme 1.5. Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is ola olóige úríon nádúrtha í ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ a fhaightear ón gcineál ológ Memecik a fhástar in Aydın, a bhfuil dath orthu idir glas agus buí órga, boladh dian de thorthaí, agus searbhas agus géire shuntasach. Is iad na hardleibhéil searbhais agus ghéire saintréithe céadfacha ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ a fhaightear ón gcineál Memecik, a fhástar go forleathan sa limistéar geografach sonraithe. I dtéarmaí blas toraidh, tá an dea-bholadh almóinní glasa, úll glas agus féir úrghearrtha inbhraite. Tá scóir na bpainéalaithe blaiste sna hardraonta ó thaobh searbhais agus géire de freisin. Is é ≤ 0,8 % méid na haigéadachta saoire in ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ i dtéarmaí aigéad oiléach. Ba cheart ≤ 18 meq ocsaigin ghníomhach/kg ola a bheith sa mhéid sárocsaíde, agus ba cheart ≥ 100 mg/kg a bheith sa chion feanólach iomlán. Bíonn cion ard lútailine agus stéaróil in ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’. Ba cheart an méid lútailine, ar comhdhúil fheanólach thábhachtach í, a bheith 45 mg/kg ar a laghad. Ba cheart gurb é > 1 000 mg/kg an méid iomlán stéaróil.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Táirgtear ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ go heisiach ó ológa, an cineál Memecik go sonrach, a fhástar sa limistéar geografach sonraithe. Cineál ológ is ea an cineál Memecik, ar cineál caighdeánach é a áirítear sa liosta Clárúcháin agus Deimhniúcháin de chuid na hAireachta Talmhaíochta agus Foraoiseachta, a fhástar i Réigiún na Mara Aeigéiche Theas sa Tuirc (cúigí Aydın, İzmir, agus Muğla). Faightear an ola olóige den cháilíocht is fearr, áfach, ó chúige Aydın. Tá 75 % de na hológa a fhástar in Aydın den chineál olóige Memecik.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
Ní mór oibríochtaí a bhaineann le táirgeadh an amhábhair agus a phróiseáil a dhéanamh laistigh den limistéar geografach sonraithe. Laistigh den limistéar sin, féadfar na céimeanna a bhaineann le táirgeadh agus próiseáil an amhábhair a liostáil mar a leanas.
|
1. |
Buain ológ. |
|
2. |
Glantachán agus níochán ológ. |
|
3. |
Brú ológ. |
|
4. |
Fuineadh ológ agus mallmhaistreadh. |
|
5. |
Eastóscadh ola as leafaos olóige. |
|
6. |
Fuíolluisce muilinn ológ a scaradh ó ola olóige. |
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Sa bhreis ar an bhfaisnéis éigeantach a éilítear i gcomhréir le reachtaíocht maidir le lipéadú agus cur i láthair táirgí bia, ní mór na nithe seo a leanas a bheith ar na lipéid:
|
— |
ainm an ainmniúcháin ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’; |
|
— |
trádainm agus seoladh nó ainm gairid agus seoladh nó marc cláraithe an táirgeora; |
|
— |
lógó ATFC an Aontais Eorpaigh. |
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Táirgtear ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ laistigh de theorainneacha chúige Aydın. Tá Aydın ina ionad lonnaíochta tábhachtach ó bhí an aois ársa ann mar gheall ar a shuíomh geografach. Tá İzmir agus Manisa mar chomharsana aige sa tuaisceart, Muğla sa deisceart agus Denizli san oirthear. Tá réigiún an iarthair teorannaithe do chósta na Mara Aeigéiche. Tá 17 gceantar i gcúige Aydın: Efeler, Bozdoğan, Buharkent, Çine, Germencik, İncirliova, Karacasu, Karpuzlu, Koçarlı, Köşk, Kuyucak, Kuşadası, Nazilli, Söke, Sultanhisar, Didim agus Yenipazar.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Fásann an crann ológ i réigiúnacha ina mbíonn geimhrí séimhe agus fliucha, samhraí tirime agus earraigh a bhíonn fuar agus fliuch go páirteach i dtreis iontu. Is í aeráid na Meánmhara atá i réim in Aydın. Bíonn na samhraí te agus tirim agus na geimhrí fliuch. Is an-annamh a thiteann aon sneachta. Soláthraíonn aeráid Aydın na dálaí is oiriúnaí le haghaidh táirgeadh ológ, ar aeráid í ina mbíonn meánteocht bhliantúil 17,6 °C agus frasaíocht bhliantúil 580-1 000 mm. Is é 80,6 an meánlíon laethanta báistí, agus is é 677,5 mm/bliain an mheánfhrasaíocht.
Bíonn na sruthanna aeir ón iarthar éifeachtach go háirithe in Aydın. Bíonn treo na gaoithe anoir anoir aneas den chuid is mó, agus bíonn gaoithe aniar aneas agus aniar ann ina dhiaidh sin. I dtéarmaí dálaí aeráide agus struchtúr topagrafach, tá dhá chumann plandaí éagsúla in Aydın, is iad sin maquis agus foraois. Tá ológa, figí, castáin agus torthaí citris ar phríomhtháirgí talmhaíochta an chúige. Tá péine agus speicis atá cosúil leis i limistéir thuaithe.
Cuimsíonn cúige Aydın limistéar 8 007 km2. Tá machairí torthúla sna codanna láir agus iartharacha den chúige, agus tá sé ar Abhantrach Büyük Menderes, agus sléibhte timpeall air sa tuaisceart agus sa deisceart. Ós rud é go n-osclaíonn Gleann Büyük Menderes i dtreo na farraige, is féidir leis na gaoithe, ag a mbíonn éifeacht téimh agus leis an bhfrasaíocht ón bhfarraige an chuid intíre a bhaint amach go héasca. Tugann na gaoithe a shaintréithe orgánaileipteacha uathúla do ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’, amhail searbhas agus géire, agus cosnaíonn siad na hológa ar an gcuil olóige le linn na tréimhse aibithe. Leis an ráta íseal damáiste a dhéanann an chuil olóige áirithítear go mbíonn an cion aigéadachta saoire agus sárocsaíde san ola olóige íseal. Ní éilítear uisciú chun ológa a shaothrú ar na tailte arna n-uisciú ag abhainn Menderes. Faigheann ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ a tháirgtear faoi na dálaí sin saintréithe aramatacha an-torthaíoch.
Tosca daonna
Táthar ag saothrú ológ ó ré na bhFéiníceach, na nGréagach, na Rómhánach, na mBiosántach, Aydınoğulları agus na n-Otamánach mar gheall ar a luach eacnamaíoch. Léirítear leis sin go bhfuiltear ag déanamh feirmeoireacht ológ agus trádáil in ola olóige in Aydın le níos mó ná 2000 bliain. Rinneadh táirgeadh ológ a spreagadh, agus ba iad na hOtamánaigh a spreag go háirithe é, agus eisíodh dlíthe agus orduithe le haghaidh thráchtálú na gcineálacha fiáine. Le tógáil iarnród Aydın-İzmir go háirithe, tháinig saothrú ológ i dtreis go mór, agus cuireadh comharchumainn ar bun. De thoradh an ‘bheartais náisiúnúcháin’ agus le tacaíocht ón gCoiste Aontachta agus Forbartha’, bunaíodh Banc Náisiúnta Aydın in 1914 agus rinneadh bearta tacúla.
Sainiúlacht an táirge
Táirgtear ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ trí úsáid a bhaint as an gcineál olóige Memecik a fhástar go traidisiúnta i gcúige Aydın. Is tréith idirdhealaitheach an-tábhachtach iad na hardleibhéil searbhais agus ghéire, arb iad saintréithe céadfacha ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ iad. I dtástálacha céadfacha a rinne painéalaithe blaiste gairmiúla, gnóthaíonn ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ scór ard, go háirithe i dtéarmaí searbhais agus géire, ar saintréithe dearfacha an táirge iad.
Bíonn éifeacht láidir ag an gcineál olóige Memecik ar chion feanólach na hola olóige freisin. Ba cheart 100 mg/kg ar a laghad a bheith i gcion feanólach iomlán ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’. Bíonn cion ard lútailine in olaí olóige úríona a tháirgtear as ológa Memecik in Aydın. Tá lútailin ar cheann de phríomhshubstaintí feanólacha na hola olóige. I staidéir ina ndearnadh imscrúdú ar shaintréithriú bithcheimiceach olaí olóige Memecik, cinneadh go raibh cion feanólach iomlán na n-olaí olóige úríona a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an gcineál olóige Memecik i gcúige Aydın i bhfad níos airde ná mar a bhíonn le holaí olóige úríona a tháirgtear i gcúige İzmir. Suíodh go raibh cionta stéaróil olaí olóige Memecik a tháirgtear i gcúige Aydın níos airde ná mar atá sna holaí a tháirgtear in İzmir agus Muğla faoi na dálaí céanna. Is é an chúis atá leis an gcion feanólach ard in ológa Memecik go bhfuil sí oiriúnaithe go han-mhaith do na samhraí teo in aeráid Aydın. Agus táirgtear sa cheantar sin í go traidisiúnta mar gheall ar a frithsheasmhacht in aghaidh triomaigh.
Nasc cúisíoch
Bíonn na sruthanna aeir ón iarthar éifeachtach go háirithe in Aydın. Bíonn treo na gaoithe anoir anoir aneas den chuid is mó, agus bíonn gaoithe aniar aneas agus aniar ann ina dhiaidh sin. Tá cúige Aydın in Abhantrach Büyük Menderes. Ós rud é go n-osclaíonn Gleann Büyük Menderes i dtreo na farraige, is féidir leis na gaoithe, ag a mbíonn éifeacht téimh agus leis an bhfrasaíocht ón bhfarraige an chuid intíre a bhaint amach go héasca. Tugann na gaoithe a shaintréithe orgánaileipteacha uathúla do ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’, amhail searbhas agus géire, agus cosnaíonn siad na hológa ar an gcuil olóige le linn na tréimhse aibithe. Leis an ráta íseal damáiste a dhéanann an chuil olóige coimeádtar na leibhéil aigéadachta saoire agus sárocsaíde san ola olóige íseal. Ní éilítear uisciú chun ológa a shaothrú i gcúige Aydın ar na tailte arna n-uisciú ag abhainn Menderes. Faigheann ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ a tháirgtear faoi na dálaí sin saintréithe aramatacha an-torthaíoch.
Is iad a ndiansearbhas agus a ndianghéire príomhghné na n-olaí olóige a fhaightear ón gcineál olóige Memecik, mar a léiríodh le tástálacha céadfacha. Is iad na comhdhúile feanólacha a thugann an searbhas do na holaí atá ina shaintréith acu. Mar sin féin, athraíonn cion feanólach na n-olaí de réir na tréimhse aibithe agus, dá dheasca sin, de réir na tréimhse buainte.
Is féidir le táirgeoirí an chúige tréimhsí aibithe oiriúnacha a chinneadh a bhuí lena gcuid taithí, toisc go nochtar saintréith chéadfach ola olóige le saintréithe céadfacha ológ roimh phróiseáil agus lena saintréithe céadfacha tar éis iad a phróiseáil le haghaidh ola.
Déanann táirgeoirí na tréimhsí buainte a choigeartú toisc go dtuigeann siad go mbaineann blas searbh ola olóige go díreach lena comhdhúile feanólacha agus go mbaineann an searbhas sin le haibíocht na n-ológ a úsáidtear chun an ola dhéanamh. Ar an mbealach sin, nochtar saintréithe céadfacha ‘Aydın Memecik Zeytinyağı’ trí ghníomhaíochtaí daonna (amhail cur i bhfeidhm tráthúil/leordhóthanach próiseas saothrúcháin ag na táirgeoirí agus an tréimhse bhuainte iomchuí á cinneadh acu) agus trí dhálaí nádúrtha araon.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
—
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/384/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)