European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/344

30.10.2023

Caingean arna taisceadh an 29 Lúnasa 2023 – Uss v an Chomhairle

(Cás T-542/23)

(C/2023/344)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Artem Alexandrovich Uss (Moscó, an Rúis) (ionadaí: R. Moeyersons, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2023/1094 (1) ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus Rialachán (AE) 2023/1089 (2) ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaítear na saincheisteanna dlí seo a leanas:

1.

An chéad saincheist dlí: sárú ar thoimhde na neamhchiontachta agus ar an gceart chun cosaint a fháil (Airteagal 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh [‘an Chairt’])

Leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, sainítear gach duine gnó atá ag feidhmiú sa Rúis, de réir sainmhíniú, mar ‘dhaoine nádúrtha, comhlachtaí nó eintitis, a thacaíonn le Rialtas Chónaidhm na Rúise, ar bhonn ábhartha nó ar bhonn airgeadais, nó atá ag baint tairbhe as an Rialtas sin’, gan trácht air an amhlaidh atá nó nach bhfuil.

Sainítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid garghaolta nó daoine eile nádúrtha, a bhaineann tairbhe as daoine gnó atá ag feidhmiú sa Rúis, mar dhaoine, de réir sainmhíniú, a chabhraíonn leis na daoine gnó sin, na bearta sriantacha a sheachaint, gan beann air an amhlaidh atá nó nach bhfuil.

2.

An dara saincheist dlí: Sárú ar phrionsabal na comhréireachta (Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach)

Níl an cinneadh atá faoi chonspóid iomchuí ná riachtanach chun an cuspóir sáraitheach arna shaothrú a bhaint amach, agus leagtar ualach ar dhaoine atá as cuimse leis an gcuspóir arna shaothrú. Faoin gcinneadh atá faoi chonspóid, féadfar daoine nach bhfuil ina bpríomhdhaoine gnó, atá gníomhach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, a chur faoi smachtbhannaí.

3.

An tríú saincheist dlí: Sárú ar phionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus na n-ionchas dlisteanach

Mar gheall ar an athrú agus an leathnú leanúnach ar na critéir chun daoine a áireamh ar liosta na ndaoine agus na nithe atá faoi réir smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh, ní fhéadfadh na daoine lena mbaineann agus cónaitheoirí na Rúise a n-iompar a thabhairt i gcomhréir le mianta na Comhairle.

Sa chinneadh atá faoi chonspóid, úsáidtear critéir dhoiléire amhail ‘príomhdhaoine gnó’ agus ‘earnálacha eacnamaíocha, a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Chónaidhm na Rúise’. Ní fhoráiltear d’aon chritéir chainníochtúla ná cháilíochtúla, chun a chinneadh cé atá ina phríomhdhuine gnó agus cé na hearnálacha lena mbaineann. Ní shainmhínítear na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann ach an oiread.

4.

An ceathrú saincheist dlí: Sárú ar an gceart bunúsach chun comhionannais agus neamhidirdhealaithe (Airteagail 20 agus 21 den Chairt)

Tá an cinneadh atá faoi chonspóid dírithe ar gharghaolta daoine gnó, cé nach n-áirítear garghaolta daoine nádúrtha a luaitear in Airteagal 1(1)(a) agus Airteagal 2(1)(a) de Chinneadh 2014/145/CBES.


(1)   IO 2023 L 146, lch. 20.

(2)   IO 2023 L 146, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/344/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)