|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/337 |
30.10.2023 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 23 Lúnasa 2023 – Nienaber v EUIPO – St. Hippolyt Mühle Ebert (BoneKare)
(Cás T-609/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh BoneKare - Dearbhfhorais neamhbhailíochta - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) agus Airteagal 52(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 7(1)(c) agus Airteagal 59(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] - Scrúdú ex officio ar na fíricí - Airteagal 95(1) de Rialachán 2017/1001 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
(C/2023/337)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Andreas Nienaber (Cloppenburg, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Eberhardt, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: St. Hippolyt Mühle Ebert GmbH (Dielheim, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Gail, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 4 Lúnasa 2022 (Cás R 436/2022-1) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Andreas Nienaber a chostais féin, agus na costais arna dtabhú ag St. Hippolyt Mühle Ebert GmbH, a íoc. |
|
3) |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/337/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)