European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/253

26.10.2023

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún –Athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais an Aontais

(C/2023/253)

Rapóirtéir:

Josef FREY (DE/na Glasaigh), Comhalta de Pharlaimint Stáit Baden-Württemberg

Doiciméad tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/943 agus (AE) 2019/942 mar aon le Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 chun feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas – COM(2023) 148 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 1a (nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Tá gá le rannpháirtíocht níos láidre ó na saoránaigh ar an leibhéal áitiúil chun an t-aistriú chuig fuinneamh glas a bhaint amach. Dá bhrí sin, forbróidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha treochláir dá réigiúin maidir le soláthar fuinnimh atá neamhdhíobhálach don aeráid, éascóidh siad pleanáil chomhtháite gréasáin le haghaidh leictreachais, teasa agus gáis, éascóidh siad rannpháirtíocht na saoránach don bhonneagar gréasáin agus giniúna. Forbróidh siad, freisin, ‘ionaid ilfhreastail’ ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun rochtain chothrom ar scéimeanna nua fuinnimh, ar chúnamh teicniúil agus ar thacaíocht rialála a éascú do chustaiméirí.

Cúis

Tá rannpháirtíocht na saoránach ríthábhachtach chun an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach. Cuirfear de chúram ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an t-aistriú fuinnimh a chumasú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach trí fhreagracht áitiúil a ghlacadh agus seirbhísí a thairiscint do na saoránaigh.

Leasú 2

Aithris 1b (nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Tá méadú tagtha ar phraghsanna fuinnimh ó 2021 i leith agus iarmhairtí diúltacha sóisialta agus eacnamaíocha ann dá thoradh. Tá géarghá le tomhaltóirí a chosaint i bhfianaise mhéadú na bpraghsanna fuinnimh, le dul i ngleic leis an luaineacht atá ag dul i méid agus le trédhearcacht sa phróiseas praghasmhúnlaithe a fheabhsú.

Cúis

Léirítear leis an ngéarchéim fuinnimh an gá atá le cosaint níos fearr do thomhaltóirí chun go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis an drochthionchar sóisialta agus eacnamaíoch.

Leasú 3

Aithris 7

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Le dearadh an mhargaidh leictreachais atá ann faoi láthair, cuidíodh freisin le teacht chun cinn táirgí, seirbhísí agus beart nua agus nuálach maidir le margaí leictreachais miondíola, lena dtacaítear leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus le glacadh an fhuinnimh in-athnuaite agus lena bhfeabhsaítear roghanna ionas go gcuideofar le tomhaltóirí a mbillí fuinnimh a laghdú freisin trí shuiteálacha giniúna mionscála agus trí sheirbhísí atá ag teacht chun cinn chun freagairt don éileamh a sholáthar. I dtaca le hacmhainneacht dhigitiú an chórais fuinnimh a fhorbairt agus i dtaca leis an acmhainneacht sin a thapú, amhail rannpháirtíocht ghníomhach tomhaltóirí, ba cheart iad a bheith ina bpríomheilimint dár margaí agus dár gcórais leictreachais amach anseo. An tráth céanna, is gá roghanna tomhaltóirí a urramú agus é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí tairbhiú de thairiscintí éagsúla conartha.

Le dearadh an mhargaidh leictreachais atá ann faoi láthair, cuidíodh freisin le teacht chun cinn táirgí, seirbhísí agus beart nua agus nuálach , go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, maidir le margaí leictreachais miondíola, lena dtacaítear leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus le glacadh an fhuinnimh in-athnuaite agus lena bhfeabhsaítear roghanna ionas go gcuideofar le tomhaltóirí a mbillí fuinnimh a laghdú freisin trí shuiteálacha giniúna mionscála agus trí sheirbhísí atá ag teacht chun cinn chun freagairt don éileamh a sholáthar. I dtaca le hacmhainneacht dhigitiú an chórais fuinnimh a fhorbairt agus i dtaca leis an acmhainneacht sin a thapú, amhail rannpháirtíocht ghníomhach tomhaltóirí, ba cheart iad a bheith ina bpríomheilimint dár margaí agus dár gcórais leictreachais amach anseo. An tráth céanna, is gá roghanna tomhaltóirí a urramú agus é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí tairbhiú de thairiscintí éagsúla conartha.

Cúis

Tá an leibhéal réigiúnach, maille leis an leibhéal áitiúil, ag éirí níos ábhartha, e.g. a mhéid a bhaineann le haonaid bheaga sholúbtha agus sásraí solúbthachta áitiúla a chomhiomlánú agus a thástáil, agus le tacaíocht a thabhairt do sholáthar faisnéise agus do rochtain ar fhaisnéis infhíoraithe.

Leasú 4

Aithris nua 8

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

A bhuí le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir leis an aistriú fuinnimh a éascú ar an leibhéal áitiúil agus maidir le rannpháirtíocht na saoránach uile agus an tionscail a áirithiú ar an leibhéal sin, is féidir breisluach a chur ar fáil d’fheidhmiú cuí margaidh nua leictreachais ina bhfuil ról lárnach ag an leibhéal áitiúil agus ag na córais dáileacháin. I gcomhthéacs na ndúshlán fuinnimh atá ann faoi láthair, b’oiriúnaí scéim dhíláraithe chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a éascú.

Cúis

Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san aistriú fuinnimh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, e.g. maidir le treochláir a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach agus chun rannpháirtíocht na saoránach agus an tionscail áitiúil san aistriú fuinnimh a éascú.

Leasú 5

Aithris 10

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leis na hathruithe ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, ba cheart a áirithiú go dtabharfaí do na tomhaltóirí, lena n-áirítear na tomhaltóirí is leochailí, na tairbhí a bhaineann leis an méadú ar leathadh amach na cumhachta in-athnuaite, agus na tairbhí a bhaineann leis an aistriú fuinnimh ina iomláine, agus ar deireadh , go ndéanfaí iad a chosaint ar ghéarchéimeanna fuinnimh agus go seachnófaí níos mó teaghlach a bheith ag titim isteach i sáinn na bochtaineachta fuinnimh. Leis na hathruithe sin, ba cheart an tionchar atá ag praghsanna arda breoslaí iontaise, go háirithe praghsanna gáis, ar phraghsanna leictreachais a mhaolú, arb é is aidhm dóibh é a chur ar a gcumas do theaghlaigh agus do chuideachtaí tairbhe a bhaint as fuinneamh inacmhainne slán ó fhoinsí inbhuanaithe in-athnuaite agus ísealcharbóin san fhadtéarma.

Leis na hathruithe ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, ba cheart a áirithiú go dtabharfaí do na tomhaltóirí, go háirithe na tomhaltóirí is leochailí, na tairbhí a bhaineann leis an méadú ar leathadh amach na cumhachta in-athnuaite, agus na tairbhí a bhaineann leis an aistriú fuinnimh ina iomláine, agus thar aon ní eile , go ndéanfaí iad a chosaint ar ghéarchéimeanna fuinnimh agus go seachnófaí níos mó teaghlach a bheith ag titim isteach i sáinn na bochtaineachta fuinnimh. Leis na hathruithe sin, ba cheart an tionchar atá ag praghsanna arda breoslaí iontaise, go háirithe praghsanna gáis, ar phraghsanna leictreachais a mhaolú, arb é is aidhm dóibh é a chur ar a gcumas do theaghlaigh agus do chuideachtaí tairbhe a bhaint as fuinneamh inacmhainne slán ó fhoinsí inbhuanaithe in-athnuaite agus ísealcharbóin san fhadtéarma.

Cúis

Bíodh is gur cheart gach uile thomhaltóir a chumhdach leis an Rialachán, ba chóir tosaíocht a thabhairt do thomhaltóirí leochaileacha. Ba cheart cosaint a bheith ar fáil sna cúinsí uile a bhaineann le táirgeadh agus tráchtálú leictreachais, ach tosaíocht a thabhairt do chásanna criticiúla thar aon ní eile.

Leasú 6

Aithris 11

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I dtaca leis an athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, ní hamháin go rachadh sé chun tairbhe do thomhaltóirí teaghlaigh ach rachadh sé chun tairbhe d’iomaíochas thionscail an Aontais freisin trí na féidearthachtaí atá acu a éascú chun na hinfheistíochtaí teicneolaíochta glaine a theastaíonn uathu a dhéanamh chun a gconairí aistrithe i dtreo aeráidneodrachta a chomhlíonadh . Ní mór bonn láidir monaraíochta teicneolaíochta glaine a bheith ann chun tacú leis an aistriú fuinnimh san Aontas. Leis na hathchóirithe sin, tacófar le leictriú inacmhainne an tionscail agus le seasamh an Aontais mar cheannaire domhanda i dtéarmaí taighde agus nuálaíochta i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain.

Seirbhís bhunúsach is ea an soláthar leictreachais a fhreastalaíonn ar riachtanais bhunúsacha. Is cuid den bhonneagar criticiúil é an córas leictreachais. I dtaca leis an athchóiriú sin ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, ba cheart é a bheith chun tairbhe do thomhaltóirí , do shlándáil theicniúil an chórais, agus d’iomaíochas thionscail an Aontais freisin trí na féidearthachtaí atá acu a éascú chun na hinfheistíochtaí teicneolaíochta glaine a theastaíonn uathu a dhéanamh chun a n-aistriú i dtreo na spriocanna dícharbónaithe a dhéanamh . Ní mór bonn láidir monaraíochta teicneolaíochta glaine a bheith ann chun tacú leis an aistriú fuinnimh san Aontas , rannpháirtíocht na dtomhaltóirí, rochtain ar theicneolaíochtaí glana a bheith ag gach tomhaltóir agus tuiscint níos fearr ar riachtanais áitiúla agus réigiúnacha . Leis na hathchóirithe sin, ba cheart tacú freisin le leictriú inacmhainne an gheilleagair agus le seasamh an Aontais mar cheannaire domhanda i dtéarmaí taighde agus nuálaíochta i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain.

Cúis

Is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cuidiú chun tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais na n-earnálacha eacnamaíocha lena mbaineann agus, san am céanna, feidhmiú teicniúil an chórais leictreachais a chosaint i gcónaí agus comhtháthú ghiniúint an leictreachais in-athnuaite a uasmhéadú ar an gcaoi sin.

Leasú 7

Aithris 28

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

De réir Airteagal 15(8) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá na Ballstáit le measúnú a dhéanamh ar na bacainní rialála agus riaracháin atá roimh PPAnna ‘inathnuaiteáin fadtéarmacha’, agus bainfidh siad bacainní gan údar leis na comhaontuithe sin agus cuirfidh siad chun cinn glacadh na gcomhaontuithe sin. Ina theannta sin, tá na Ballstáit le tuairisc a thabhairt ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar bheartais agus ar bhearta lena n-éascaítear glacadh PPAnna ‘inathnuaiteáin’. Gan dochar don oibleagáid sin maidir le tuairisciú a dhéanamh ar an gcomhthéacs rialála lena ndéantar difear do mhargadh PPA, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag cuideachtaí a bhfuil bacainní iontrála orthu ar mhargadh PPA agus nach bhfuil deacrachtaí airgeadais acu i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 CFAE ar ionstraimí chun laghdú a dhéanamh ar na rioscaí airgeadais a bhaineann le mainneachtain ceannaitheora a oibleagáidí íocaíochta fadtéarmacha faoi chuimsiú PPAnna. D’fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh scéim ráthaíochta a bhunú ar phraghsanna margaidh. Ba cheart do na Ballstáit forálacha a chur san áireamh ionas nach n-ísleofar an leachtacht sna margaí leictreachais, amhail trí PPAnna airgeadais a úsáid. Níor cheart do na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do PPAnna a cheannaíonn giniúint ó bhreoslaí iontaise. Cé gur cheart an cur chuige réamhshocraithe a bheith neamh-idirdhealaitheach idir tomhaltóirí, d’fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na hionstraimí sin a dhíriú ar chatagóirí sonracha tomhaltóirí, agus critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha á gcur i bhfeidhm acu. Sa chreat sin, ba cheart do na Ballstáit an ról a d’fhéadfadh a bheith ag ionstraimí a sholáthraítear ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh, mar shampla ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’).

De réir Airteagal 15(8) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá na Ballstáit le measúnú a dhéanamh ar na bacainní rialála agus riaracháin atá roimh PPAnna ‘inathnuaiteáin fadtéarmacha’, agus bainfidh siad bacainní gan údar leis na comhaontuithe sin agus cuirfidh siad chun cinn glacadh na gcomhaontuithe sin. Ina theannta sin, tá na Ballstáit le tuairisc a thabhairt , agus rannchuidiú na n-údarás áitiúil agus réigiúnach á chur san áireamh acu, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar bheartais agus ar bhearta lena n-éascaítear glacadh PPAnna ‘inathnuaiteáin’. Gan dochar don oibleagáid sin maidir le tuairisciú a dhéanamh ar an gcomhthéacs rialála lena ndéantar difear do mhargadh PPA, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag cuideachtaí a bhfuil bacainní iontrála orthu ar mhargadh PPA agus nach bhfuil deacrachtaí airgeadais acu i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 CFAE ar ionstraimí chun laghdú a dhéanamh ar na rioscaí airgeadais a bhaineann le mainneachtain ceannaitheora a oibleagáidí íocaíochta fadtéarmacha faoi chuimsiú PPAnna. D’fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh scéim ráthaíochta a bhunú ar phraghsanna margaidh. Déanfaidh na Ballstáit forálacha a chur san áireamh ionas nach n-ísleofar an leachtacht sna margaí leictreachais, amhail trí PPAnna airgeadais a úsáid. Níor cheart do na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do PPAnna a cheannaíonn giniúint ó bhreoslaí iontaise. Cé gur cheart an cur chuige réamhshocraithe a bheith neamh-idirdhealaitheach idir tomhaltóirí, d’fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na hionstraimí sin a dhíriú ar chatagóirí sonracha tomhaltóirí, agus critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha á gcur i bhfeidhm acu. Sa chreat sin, ba cheart do na Ballstáit an ról a d’fhéadfadh a bheith ag ionstraimí a sholáthraítear ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh, mar shampla ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’).

Cúis

Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le rannpháirtíocht na dtomhaltóirí a spreagadh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Ba cheart é a bheith éigeantach forálacha a chur san áireamh ionas nach n-ísleofar an leachtacht i margadh an leictreachais.

Leasú 8

Aithris 34

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

A bhuí le teorainn aníos ó ioncaim an mhargaidh, ba cheart do scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh, i bhfoirm conarthaí dhá threo le haghaidh difríochta, foinse bhreise ioncam a sholáthar do na Ballstáit i dtréimhsí praghsanna arda fuinnimh. Chun maolú breise a dhéanamh ar an tionchar atá ag praghsanna arda leictreachais ar bhillí fuinnimh na dtomhaltóirí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na hioncaim a bhailítear ó tháirgeoirí atá faoi réir scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh i bhfoirm conarthaí dhá threo le haghaidh difríochta a chur ar aghaidh chuig gach custaiméir deiridh leictreachais, lena n-áirítear teaghlaigh, FBManna agus tomhaltóirí tionsclaíocha, bunaithe ar a dtomhaltas . Ba cheart athdháileadh na n-ioncam a dhéanamh ar bhealach lena n-áirithítear go bhfuil tomhaltóirí fós neamhchosanta ar an gcomhartha praghais go méid áirithe, ionas go laghdóidh siad a dtomhaltas nuair a bhíonn na praghsanna ard, nó go n-aistreoidh siad é go tréimhsí praghsanna níos ísle (ar tréimhsí iad de ghnáth ina bhfuil sciar níos airde de tháirgeadh foinsí in-athnuaite fuinnimh). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfar difear don chothroime iomaíochta ná don iomaíocht idir na soláthróirí éagsúla le hathdháileadh na n-ioncam ar na tomhaltóirí deiridh leictreachais.

A bhuí le teorainn aníos ó ioncaim an mhargaidh, ba cheart do scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh, i bhfoirm conarthaí dhá threo le haghaidh difríochta, foinse bhreise ioncam a sholáthar do na Ballstáit i dtréimhsí praghsanna arda fuinnimh. Chun maolú breise a dhéanamh ar an tionchar atá ag praghsanna arda leictreachais ar bhillí fuinnimh na dtomhaltóirí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na hioncaim a bhailítear ó tháirgeoirí atá faoi réir scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh i bhfoirm conarthaí dhá threo le haghaidh difríochta a úsáid chun an sásra tacaíochta a mhaoiniú. Leithdháilfear na hioncaim bhreise chun tacú le tomhaltóirí leochaileacha, teaghlaigh ar ioncam íseal nó tomhaltóirí tionsclaíocha leochaileacha, nó chun údaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumasú . Ba cheart athdháileadh na n-ioncam a dhéanamh ar bhealach lena n-áirithítear go bhfuil tomhaltóirí fós neamhchosanta ar an gcomhartha praghais go méid áirithe, ionas go laghdóidh siad a dtomhaltas nuair a bhíonn na praghsanna ard, nó go n-aistreoidh siad é go tréimhsí praghsanna níos ísle (ar tréimhsí iad de ghnáth ina bhfuil sciar níos airde de tháirgeadh foinsí in-athnuaite fuinnimh). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfar difear don chothroime iomaíochta ná don iomaíocht idir na soláthróirí éagsúla le hathdháileadh na n-ioncam ar na tomhaltóirí deiridh leictreachais.

Cúis

Ba cheart an t-ioncam ó chonarthaí difríochta dhá threo a úsáid chun an sásra tacaíochta a mhaoiniú. Ba cheart ioncam breise a úsáid ar bhealach spriocdhírithe chun díriú orthu siúd is mó a dteastaíonn sé uathu agus chun go gcruthófaí na tairbhí is mó don aistriú fuinnimh.

Leasú 9

Aithris 44

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart rochtain a bheith ag tomhaltóirí ar raon leathan tairiscintí ionas gur féidir leo conradh a roghnú de réir a riachtanas. Mar sin féin, laghdaigh soláthróirí a dtairiscintí, d’éirigh conarthaí ar phraghas socraithe gann, agus tá an rogha tairiscintí teoranta. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag tomhaltóirí i gcónaí conradh inacmhainne ar phraghas socraithe agus ar théarma seasta a roghnú agus níor cheart do sholáthróirí na téarmaí agus na coinníollacha a mhodhnú go haontaobhach sula rachaidh an conradh sin in éag.

Ba cheart rochtain a bheith ag tomhaltóirí ar raon leathan tairiscintí agus ar fhaisnéis thrédhearcach ionas gur féidir leo conradh a roghnú de réir a riachtanas. Mar sin féin, laghdaigh soláthróirí a dtairiscintí, d’éirigh conarthaí ar phraghas socraithe gann, is annamh a bhíonn tomhaltóirí ar an eolas faoi na himpleachtaí éagsúla a bhaineann le conarthaí ar phraghas socraithe agus conarthaí ar phraghas inathraithe agus tá an rogha tairiscintí teoranta. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag tomhaltóirí i gcónaí conradh inacmhainne ar phraghas socraithe agus ar théarma seasta a roghnú agus níor cheart do sholáthróirí a bheith in ann na téarmaí agus na coinníollacha a mhodhnú go haontaobhach sula rachaidh an conradh sin in éag.

Cúis

Ní mór do thomhaltóirí a bheith in ann faisnéis thrédhearcach a fháil maidir leis na tairiscintí atá ar fáil, bídís ar phraghas socraithe nó ar phraghas inathraithe, ar an dóigh is trédhearcaí is féidir. Is féidir le hionaid ilfhreastail arna n-eagrú ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha cuidiú le tomhaltóirí na conarthaí soláthair leictreachais is inacmhainne agus is oiriúnaí a aimsiú.

Leasú 10

Aithris 52

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart cosaint leordhóthanach a thabhairt do chustaiméirí leochaileacha ó dhíscoir leictreachais agus, chomh maith leis sin, níor cheart go mbeadh iallach orthu dícheangal a dhéanamh. Is fíor-riachtanach i gcónaí ról na soláthróirí agus na n-údarás náisiúnta chun bearta iomchuí a shainaithint, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, ar cheart iad a chur ar fáil do chustaiméirí leochaileacha chun a n-úsáid fuinnimh agus a gcostais a bhainistiú, lena n-áirítear trí dhlúthchomhar le córais slándála sóisialta.

Ba cheart cosaint leordhóthanach a thabhairt do chustaiméirí leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal ó dhíscoir leictreachais agus, chomh maith leis sin, níor cheart go mbeadh iallach orthu dícheangal a dhéanamh. Is fíor-riachtanach i gcónaí ról na soláthróirí agus na n-údarás náisiúnta , réigiúnach agus áitiúil chun bearta iomchuí a shainaithint, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, ar cheart iad a chur ar fáil do chustaiméirí leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal chun úsáid réasúnach fuinnimh agus na costais lena mbaineann a bhainistiú, lena n-áirítear trí dhlúthchomhar le córais slándála sóisialta.

Cúis

Is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cuidiú leis na bearta is fearr a shainaithint le go bhféadfar úsáid éifeachtúil réasúnach an fhuinnimh agus na costais lena mbaineann do chustaiméirí leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal a choinneáil faoi smacht.

Airteagal 1- Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas  (1)

Leasú 11

Airteagal 1(a)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (a)

‘(a)

bunús a chur ar fáil chun spriocanna an Aontais Fuinnimh, agus an sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach go héifeachtúil faoi 2050 ar a dhéanaí, faoi chuimsiú an chreata aeráide agus fuinnimh , rud atá leagtha amach faoi láthair do 2030 trína fhágáil gur féidir comharthaí margaidh a chur ar fáil chun go mbeidh méadú ar an éifeachtúlacht, ar sciar níos mó d’fhoinsí fuinnimh inathnuaite, ar shlándáil an tsoláthair, ar an tsolúbthacht, ar an inbhuanaitheacht, ar an dícharbónú, agus ar an nuálaíocht’;

Cúis

Má táthar chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, éilítear leis sin go mbainfear amach earnáil leictreachais atá dícharbónaithe ina hiomláine, beagnach, faoi 2030. Léirítear leis an sprioc sin chomh maith a phráinní atá sé na huirlisí cearta a chur chun feidhme chun infheistíochtaí i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, in éifeachtúlacht fuinnimh agus i slándáil an tsoláthair a áirithiú.

Leasú 12

Airteagal 4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘1.     Cuirfidh na Ballstáit straitéisí náisiúnta ar bun chun laghdú forásach a dhéanamh ar acmhainneacht shuiteáilte giniúna, mianadóireachta agus iompair don ghual , do ghás iontaise agus do bhreoslaí iontaise soladacha eile.

2.     Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit trí na modhanna uile atá ar fáil chun “aistriú cóir” a chumasú i réigiúin a ndéanfar difear dóibh le hathrú struchtúrach. Cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun dul i ngleic le tionchair shóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe i dtreo fuinneamh glan.

3.    Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhpháirtíocht le geallshealbhóirí na réigiún ar mór a lorg guail agus gáis iontaise agus a bhfuil astaíochtaí arda carbóin acu , éascóidh sé rochtain ar chistí agus cláir atá ar fáil, tabharfaidh sé spreagadh i dtaca le dea-chleachtais a mhalartú, lena n-áirítear plé a dhéanamh maidir le treochláir thionsclaíocha agus riachtanais athoiliúna.’

Cúis

Beidh straitéisí náisiúnta ag na Ballstáit uile chun an bonneagar breosla iontaise atá ann cheana a laghdú, d’fhonn sócmhainní tréigthe a sheachaint agus na spriocanna aeráide a bhaint amach. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh go háirithe do na réigiúin a ndéanann athrú struchtúrach difear dóibh.

Leasú 13

Airteagal 7b,(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

Leagfaidh na Ballstáit síos ceanglais maidir le próiseas bailíochtaithe sonraí gairis méadraithe thiomnaithe chun cáilíocht na sonraí faoi seach a sheiceáil agus a áirithiú.

Na ceanglais maidir le próiseas bailíochtaithe sonraí gairis méadraithe thiomnaithe chun cáilíocht agus idir-inoibritheacht na sonraí faoi seach a sheiceáil agus a áirithiú , beidh siad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 23 de Threoir (AE) 2019/944 agus an Cód Líonra um Fhreagairt don Éileamh .

Cúis

Tá cosaint sonraí ar cheann de na príomhábhair imní maidir le húsáid an mhéadraithe chliste agus sonraí gairis méadraithe thiomnaithe.

Leasú 14

Airteagal 9(5)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I gcás ina measann údarás rialála nach bhfuil deiseanna fálaithe leordhóthanacha ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, agus tar éis dul i gcomhairle le húdaráis inniúla ábhartha an mhargaidh airgeadais i gcás ina mbaineann na réamh-mhargaí le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear faoi Airteagal 4(1)(15), féadfaidh sé a cheangal ar mhalartuithe cumhachta nó ar oibreoirí córas tarchurtha bearta breise a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh, chun leachtacht an réamh-mhargaidh a fheabhsú. Faoi réir chomhlíonadh dhlí iomaíochta an Aontais agus Threoir (AE) 2014/65 agus Rialacháin (AE) 648/2012 agus 600/2014, beidh saoirse ag oibreoirí margaidh táirgí fálaithe todhchaíochta a fhorbairt, lena n-áirítear táirgí fálaithe todhchaíochta fadtéarmacha, chun deiseanna iomchuí a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úinéirí saoráidí giniúna cumhachta ina n-úsáidtear foinsí fuinnimh in-athnuaite, chun rioscaí airgeadais a eascraíonn as luaineachtaí ar phraghsanna a fhálú. Ní éileoidh na Ballstáit gníomhaíochtaí fálaithe den sórt sin a bheith teoranta do thrádálacha laistigh de Bhallstát nó laistigh de chrios tairisceana.

I gcás ina measann údarás rialála nach bhfuil deiseanna fálaithe leordhóthanacha ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, agus tar éis dul i gcomhairle le húdaráis inniúla ábhartha an mhargaidh airgeadais i gcás ina mbaineann na réamh-mhargaí le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear faoi Airteagal 4(1)(15), féadfaidh sé a cheangal ar mhalartuithe cumhachta nó ar oibreoirí córas tarchurtha bearta breise a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh, chun leachtacht an réamh-mhargaidh a fheabhsú. Faoi réir chomhlíonadh dhlí iomaíochta an Aontais agus Threoir (AE) 2014/65 agus Rialacháin (AE) 648/2012 agus 600/2014, beidh saoirse ag oibreoirí margaidh táirgí fálaithe todhchaíochta a fhorbairt, lena n-áirítear táirgí fálaithe todhchaíochta fadtéarmacha, chun deiseanna iomchuí a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úinéirí saoráidí giniúna cumhachta ina n-úsáidtear foinsí fuinnimh in-athnuaite agus, ina measc, úinéirí saoráidí comhroinnte fuinnimh , chun rioscaí airgeadais a eascraíonn as luaineachtaí ar phraghsanna a fhálú. Ní éileoidh na Ballstáit gníomhaíochtaí fálaithe den sórt sin teorannta do thrádálacha laistigh de Bhallstát nó laistigh de chrios tairisceana.

Cúis

Leis an leasú seo, níl aon amhras ann go bhfuil feidhm ag an Airteagal maidir le tomhaltas comhroinnte, arb é sin cineál giniúna agus tomhaltais fuinnimh a bhfuil feidhm aige maidir le tomhaltóirí teaghlaigh go sonrach agus atá bunaithe ar fhuinneamh glan agus inathnuaite.

Leasú 15

Airteagal 19b(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.    Beidh scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh le haghaidh infheistíochtaí nua chun leictreachas a ghiniúint ó na foinsí a liostaítear i mír 2 i bhfoirm conartha dhá threo le haghaidh difríochtaí. Ar na hinfheistíochtaí nua chun leictreachas a ghiniúint, beidh infheistíochtaí i saoráidí giniúna cumhachta nua, infheistíochtaí atá dírithe ar shaoráidí giniúna cumhachta atá ann cheana a athchumhachtú, infheistíochtaí atá dírithe ar shaoráidí giniúna cumhachta atá ann cheana a leathnú nó ar a saolré a fhadú.

1a.    Beidh scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh le haghaidh infheistíochtaí nua chun leictreachas a ghiniúint ó na foinsí a liostaítear i mír 2 i bhfoirm conartha dhá threo le haghaidh difríochtaí , cé is moite de thionscadail atá cothrom le 1 MW nó faoina bhun, nó do thionscadail maidir le pobail fuinnimh saoránach nó tionscadail maidir le pobail fuinnimh in-athnuaite atá cothrom le 6 MW nó faoina bhun . Ar na hinfheistíochtaí nua chun leictreachas a ghiniúint, beidh infheistíochtaí i saoráidí giniúna cumhachta nua, infheistíochtaí atá dírithe ar shaoráidí giniúna cumhachta atá ann cheana a athchumhachtú, infheistíochtaí atá dírithe ar shaoráidí giniúna cumhachta atá ann cheana a leathnú nó ar a saolré a fhadú.

1b)     Ba cheart leibhéal na tacaíochta dírí i bhfoirm conradh dhá threo le haghaidh difríochta a chinneadh trí phróiseas tairisceana iomaíoch.

Cúis

Is éard a bheidh sna scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh an sásra tacaíochta réamhshocraithe do thionscadail nua maidir le fuinneamh in-athnuaite. Is féidir le scéimeanna tacaíochta eile iarratas a dhéanamh ar aonaid ghiniúna bheaga. Ní mór a shoiléiriú gur cheart próisis tairisceana iomaíocha a úsáid agus tacaíocht á leithdháileadh trí chonarthaí le haghaidh difríochta.

Leasú 16

Airteagal 19b(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Beidh feidhm ag mír 1 maidir le hinfheistíochtaí nua i nginiúint leictreachais ó na foinsí seo a leanas:

Beidh feidhm ag mír 1 maidir le hinfheistíochtaí nua i nginiúint leictreachais ó na foinsí seo a leanas:

(a)

fuinneamh gaoithe;

(a)

fuinneamh gaoithe;

(b)

grianfhuinneamh;

(b)

grianfhuinneamh;

(c)

fuinneamh geoiteirmeach;

(c)

fuinneamh geoiteirmeach;

(d)

hidreachumhacht gan taiscumar ;

(d)

hidreachumhacht i gcomhair an ghlanfhuinnimh a tháirgtear ;

(e)

fuinneamh núicléach;

 

Cúis

Beidh scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh le haghaidh infheistíochtaí nua ar fáil do theicneolaíochtaí atá in-athnuaite, nach n-astaíonn CO2, atá ar chostas íseal agus ar féidir iad a leathadh amach go tapa. Ní mór na teicneolaíochtaí sin a chomhlánú le hacmhainní solúbtha, amhail gléasraí cumhachta hidrigine, stóráil, agus acmhainní le freagairt don éileamh. Tá solúbthacht theoranta ag gléasraí cumhachta bonnualaigh agus, dá bhrí sin, tá baol ann go gcaillfear fuinneamh in-athnuaite a chuirtear leis an soláthar leictreachais le linn tréimhsí ardtáirgeachta fuinnimh in-athnuaite. Chun córas leictreachais atá dícharbónaithe ina iomláine, beagnach, a bhaint amach faoi 2035, tá sé ríthábhachtach giniúint fuinnimh in-athnuaite a mhéadú go tapa; maidir le teicneolaíochtaí a bhfuil aga seachadta fada acu, baineann baol ard leo nach mbainfear na spriocanna aeráide amach. Cuireann gineadóirí díláraithe in-athnuaite ar chumas roinnt mhaith bardas tairbhe a bhaint as an ioncam a ghintear, agus, ar an gcaoi sin, dáileadh cothrom ioncaim a áirithiú. Ní bhaineann ach líon beag bardas leas as mórghléasraí cumhachta láraithe, go háirithe i réimse na cumhachta núicléiche a bhfuil fadhbanna a bhaineann léi, e.g. dramhaíl radaighníomhach agus easpa uisce don fhuarú, fós gan réiteach.

Leasú 17

Airteagal 19b(3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Maidir le scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh i bhfoirm conarthaí dhá threo le haghaidh difríochta:

Maidir le scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh i bhfoirm conarthaí dhá threo le haghaidh difríochta:

(a)

ceapfar iad ionas go ndáilfear an t-ioncam a bhaileofar nuair a bheidh praghas an mhargaidh os cionn an phraghais ceangail ar gach custaiméir deiridh leictreachais bunaithe ar a sciar tomhaltais (an costas céanna/an t-aisíoc céanna in aghaidh an MWh arna chaitheamh);

(a)

ceapfar iad bunaithe ar aidhm na neodrachta ó thaobh costais de ionas go n-úsáidfear an t-ioncam a bhaileofar nuair a bheidh praghas an mhargaidh os cionn an phraghais ceangail chun tacaíocht a mhaoiniú nuair a bheidh praghas an mhargaidh níos ísle ná an praghas ceangail. Dáilfear ioncam breise ar thomhaltóirí leochaileacha, ar theaghlaigh ar ioncam íseal nó ar chustaiméirí leochaileacha sna tionscail dianfhuinnimh atá i mbaol sceitheadh carbóin, má léiríonn siad go bhfuil iarrachtaí suntasacha déanta acu maidir le dícharbónú, nó úsáidfear an t-ioncam breise sin chun ionaid ilfhreastail a mhaoiniú ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach de réir Airteagal 15(b).

(b)

a áirithiú go ndéanfar an t-ioncam a dháileadh ar na custaiméirí deiridh leictreachais ionas nach gcuirfear deireadh leis na dreasachtaí atá ag tomhaltóirí a dtomhaltas a laghdú nó é a aistriú go tréimhsí ina mbeidh praghsanna leictreachais íseal agus nach mbainfear an bonn den iomaíocht idir soláthróirí leictreachais;

(b)

a áirithiú go ndéanfar an t-ioncam a dháileadh ar na custaiméirí deiridh leictreachais ionas nach gcuirfear deireadh leis na dreasachtaí atá ag tomhaltóirí a dtomhaltas a laghdú nó é a aistriú go tréimhsí ina mbeidh praghsanna leictreachais íseal agus nach mbainfear an bonn den iomaíocht idir soláthróirí leictreachais;

(c)

beidh gnéithe a bhaineann leis an suíomh san áireamh iontu chun infheistíochtaí nua a dhreasú i suíomhanna nach mbíonn plódú breise sa chóras tarchurtha agus/nó dáileacháin mar thoradh orthu, nó chun tacú le hinfheistíochtaí i réigiúin atá lag ó thaobh struchtúir de;

(d)

cuirfear san áireamh leo acmhainneacht infheistíochtaí nua maidir le tacú leis an gcóras d’fhonn infheistíochtaí a dhreasú i suíomhanna nó i dteicneolaíochtaí lena mbaineann gnéithe a thacaíonn le giniúint an chórais.

Cúis

Úsáidfear ioncam ó chonarthaí difríochta dhá threo chun an scéim tacaíochta a mhaoiniú nó chun tacú le tomhaltóirí leochaileacha. Beidh gnéithe a bhaineann leis an suíomh agus gnéithe a thacaíonn leis an gcóras san áireamh i gconarthaí dhá threo le haghaidh difríochta chun tacú le hinfheistíochtaí i réigiúin shonracha agus chun go mbeifear in ann fuinneamh ó ghléasraí cumhachta in-athnuaite a chur leis an soláthar leictreachais le linn buaiceanna éilimh.

Leasú 18

Airteagal 19c(4)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin a chomhordú a mhéid a bhaineann leis na sonraí agus na hanailísí atá le soláthar i gcomhréir le mír 2. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin a chomhordú a mhéid a bhaineann leis na sonraí agus na hanailísí atá le soláthar i gcomhréir le mír 2. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

an cineál sonraí agus an fhormáid a chuirfidh na hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin ar fáil do na húdaráis rialála a shainiú;

(a)

an cineál sonraí agus an fhormáid a chuirfidh na hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin ar fáil do na húdaráis rialála a shainiú;

(b)

modheolaíocht a fhorbairt ionas go ndéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin anailís ar na riachtanais solúbthachta, ag cur san áireamh, ar a laghad, gach foinse solúbthachta atá ann cheana agus gach infheistíocht atá beartaithe ar leibhéal an idirnaisc, an tarchuir agus an dáileacháin chomh maith leis an ngá atá ann an córas leictreachais a dhícharbónú .

(b)

modheolaíocht a fhorbairt ionas go ndéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin anailís ar na riachtanais solúbthachta, ag cur san áireamh, ar a laghad, gach foinse solúbthachta atá ann cheana agus gach infheistíocht atá beartaithe ar leibhéal an idirnaisc, an tarchuir agus an dáileacháin. Beidh an mhodheolaíocht bunaithe ar chásanna dícharbónaithe in earnáil na cumhachta idir seo agus 2040 ar a laghad, ar cásanna iad atá i gcomhréir le spriocanna 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite.

Cúis

Déanfar an anailís ar riachtanais solúbthachta a ailíniú le cásanna dícharbónaithe in earnáil na cumhachta, i gcomhréir le spriocanna maidir leis an aeráid agus le fuinneamh in-athnuaite.

Leasú 19

Airteagal 19f

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh an scéim tacaíochta solúbthachta le haghaidh solúbthacht neamh-iontaise mar atá freagairt don éileamh agus stóráil arna cur i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 19e(2) agus (3) an méid seo a leanas:

Déanfaidh an scéim tacaíochta solúbthachta le haghaidh solúbthacht neamh-iontaise mar atá freagairt don éileamh agus stóráil arna cur i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 19e(2) agus (3) an méid seo a leanas:

(a)

ní rachaidh sí thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais solúbthachta shainaitheanta ar bhealach costéifeachtach;

(a)

ní rachaidh sí thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais solúbthachta shainaitheanta ar bhealach costéifeachtach;

(b)

beidh sí teoranta d’infheistíochtaí nua sa tsolúbthacht neamh-iontaise mar atá freagairt don éileamh agus stóráil;

(b)

beidh sí simplí, inrochtana agus éasca le húsáid;

(c)

níor cheart go dtabharfaí le tuiscint léi go dtosófaí ar ghiniúint atá bunaithe ar bhreosla iontaise agus atá suite taobh thiar den phointe méadraithe;

(c)

beidh sí teoranta d’infheistíochtaí nua sa tsolúbthacht neamh-iontaise mar atá freagairt don éileamh agus stóráil;

(d)

soláthraithe acmhainneachta a roghnú trí phróiseas oscailte, trédhearcach, iomaíoch, neamh-idirdhealaitheach agus costéifeachtach;

(d)

níor cheart go dtabharfaí le tuiscint léi go dtosófaí ar ghiniúint atá bunaithe ar bhreosla iontaise agus atá suite taobh thiar den phointe méadraithe;

(e)

saobhadh míchuí ar fheidhmiú éifeachtúil na margaí leictreachais a chosc, lena n-áirítear dreasachtaí oibríochta éifeachtúla agus comharthaí praghais agus neamhchosaint ar éagsúlacht praghsanna agus ar riosca margaidh a chaomhnú;

(e)

soláthraithe acmhainneachta a roghnú trí phróiseas oscailte, trédhearcach, iomaíoch, neamh-idirdhealaitheach agus costéifeachtach;

(f)

dreasachtaí a sholáthar chun comhtháthú a dhéanamh sa mhargadh leictreachais ar bhealach margadhbhunaithe agus margadhfhreagrúil, agus saobhadh neamhriachtanach ar na margaí leictreachais á sheachaint san am céanna chomh maith le costais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhtháthú córais agus cobhsaíocht eangaí a chur san áireamh;

(f)

saobhadh míchuí ar fheidhmiú éifeachtúil na margaí leictreachais a chosc, lena n-áirítear dreasachtaí oibríochta éifeachtúla agus comharthaí praghais agus neamhchosaint ar éagsúlacht praghsanna agus ar riosca margaidh a chaomhnú;

(g)

íosleibhéal rannpháirtíochta sa mhargadh a leagan amach i dtéarmaí fuinnimh ghníomhachtaithe, lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla na stórála agus na freagartha don éileamh;

(g)

dreasachtaí a sholáthar chun comhtháthú a dhéanamh sa mhargadh leictreachais ar bhealach margadhbhunaithe agus margadhfhreagrúil, agus saobhadh neamhriachtanach ar na margaí leictreachais á sheachaint san am céanna chomh maith le costais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhtháthú córais agus cobhsaíocht eangaí a chur san áireamh;

(h)

pionóis iomchuí a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe acmhainneachta nach n-urramaíonn an t-íosleibhéal rannpháirtíochta sa mhargadh dá dtagraítear i bpointe (g), nó nach leanann dreasachtaí oibríochta agus comharthaí praghsanna éifeachtúla;

(h)

íosleibhéal rannpháirtíochta sa mhargadh a leagan amach i dtéarmaí fuinnimh ghníomhachtaithe, lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla na stórála agus na freagartha don éileamh;

(i)

go bhfuil sí oscailte do rannpháirtíocht trasteorann.’;

(i)

pionóis iomchuí a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe acmhainneachta nach n-urramaíonn an t-íosleibhéal rannpháirtíochta sa mhargadh dá dtagraítear i bpointe (g), nó nach leanann dreasachtaí oibríochta agus comharthaí praghsanna éifeachtúla;

 

(j)

ceadófar léi rannpháirtíocht trasteorann ar choinníollacha comhionanna;

(k)

beidh sí oiriúnaithe do dhálaí áitiúla;

(l)

beidh gnéithe a bhaineann leis an suíomh san áireamh inti chun infheistíochtaí nua a dhreasú i suíomhanna nach mbíonn plódú breise sa chóras tarchurtha agus/nó dáileacháin mar thoradh orthu, nó chun tacú le hinfheistíochtaí i réigiúin atá lag ó thaobh struchtúir de. ’;

Cúis

Beidh gné réigiúnach ag baint le scéimeanna tacaíochta solúbthachta chun plódú gréasáin a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh agus chun go bhféadfar infheistíochtaí a dhreasú i réigiúin atá lag ó thaobh struchtúir de.

Leasú 20

Airteagal 19g

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Ba cheart do shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite (Rialachán (AE) 2020/1294 maidir le sásraí maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite) ráthaíochtaí a sholáthar le haghaidh PPAnna agus conarthaí airgeadais dhá threo le haghaidh difríochta a thairiscint i gcás ina gcinneann an Coimisiún nach leor rannchuidithe na mBallstát chun an sprioc a bhaint amach i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 maidir le Fuinneamh In-athnuaite, lena leagtar síos gur cheart sciar 45 % ar a laghad d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais a fháil ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030, bunaithe ar a mheasúnú ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide.

Cúis

D’fhéadfadh sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite rannchuidiú leis na tionscadail in-athnuaite is éifeachtúla ar fud na hEorpa a shainaithint agus a úsáid, agus, ar an gcaoi sin, borradh a chur faoin aistriú fuinnimh. Ba cheart sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite a úsáid chun bearnaí a líonadh a d’fhéadfadh a bheith ann idir rannchuidithe na mBallstát agus an sprioc atá beartaithe maidir le 45 % d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais a fháil ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030, mar a leagadh síos sa Rialachán (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le Fuinneamh In-athnuaite.

Airteagal 2-Leasuithe ar Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas  (3)

Leasú 21

Airteagal 15(a)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Tá sé de cheart ag gach teaghlach, fiontar beag agus meánmhéide agus comhlacht poiblí páirt a ghlacadh i gcomhroinnt fuinnimh mar chustaiméirí gníomhacha.

1.   Tá sé de cheart ag gach teaghlach, fiontar beag agus meánmhéide agus comhlacht poiblí páirt a ghlacadh i gcomhroinnt fuinnimh mar chustaiméirí gníomhacha.

(a)

Beidh custaiméirí gníomhacha i dteideal fuinneamh in-athnuaite a chomhroinnt eatarthu féin bunaithe ar chomhaontuithe príobháideacha nó trí eintiteas dlítheanach.

(a)

Beidh custaiméirí gníomhacha i dteideal fuinneamh in-athnuaite a chomhroinnt eatarthu féin bunaithe ar chomhaontuithe príobháideacha nó trí eintiteas dlítheanach.

(b)

Féadfaidh custaiméirí gníomhacha úsáid a bhaint as tríú páirtí ar leis saoráid stórála nó saoráid giniúna fuinnimh in-athnuaite nó a dhéanann í a bhainistiú le haghaidh suiteála, oibrithe, lena n-áirítear méadrú agus cothabháil, chun comhroinnt fuinnimh a éascú, gan an tríú páirtí sin a mheas mar chustaiméir gníomhach.

(b)

Féadfaidh custaiméirí gníomhacha úsáid a bhaint as tríú páirtí ar leis saoráid stórála nó saoráid giniúna fuinnimh in-athnuaite nó a dhéanann í a bhainistiú le haghaidh suiteála, oibrithe, lena n-áirítear méadrú agus cothabháil, chun comhroinnt fuinnimh a éascú, gan an tríú páirtí sin a mheas mar chustaiméir gníomhach.

(c)

Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na custaiméirí gníomhacha atá rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh:

(c)

Áiritheoidh na Ballstáit , i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, maidir leis na custaiméirí gníomhacha atá rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh:

(d)

go bhfuil siad i dteideal an leictreachas comhroinnte a ghlanluacháil lena dtomhaltas méadraithe iomlán laistigh d’eatramh ama nach faide ná an tréimhse réitigh éagothroime agus gan dochar do chánacha, tobhaigh agus muirir ghréasáin is infheidhme ;

(d)

go bhfuil siad i dteideal an leictreachas comhroinnte a ghlanluacháil lena dtomhaltas méadraithe iomlán laistigh d’eatramh ama nach faide ná an tréimhse réitigh éagothroime . Íocfar cánacha, tobhaigh agus muirir ghréasáin as an bhfuinneamh comhroinnte a úsáid ;

(e)

tairbhiú de chearta agus oibleagáidí uile tomhaltóirí mar chustaiméirí deiridh faoin Treoir seo, ach amháin i gcás comhroinnt fuinnimh idir teaghlaigh a bhfuil acmhainneacht shuiteáilte suas le 10,8  kW agus suas le 50  kW acu i gcás bloic ilárasán ina n-úsáidtear comhaontuithe trádála idir piaraí;

(e)

tairbhiú de chearta agus oibleagáidí uile tomhaltóirí mar chustaiméirí deiridh faoin Treoir seo, ach amháin i gcás comhroinnt fuinnimh idir teaghlaigh a bhfuil acmhainneacht shuiteáilte suas le 30  kW agus suas le 100  kW acu i gcás bloic ilárasán ina n-úsáidtear comhaontuithe trádála idir piaraí;

(f)

rochtain a bheith acu ar theimpléid le haghaidh conarthaí ina bhfuil téarmaí agus coinníollacha cothroma agus trédhearcacha le haghaidh comhaontuithe trádála idir piaraí idir teaghlaigh, agus le haghaidh comhaontuithe maidir le saoráidí stórála agus saoráidí giniúna fuinnimh in-athnuaite a léasú, a fháil ar cíos nó infheistiú iontu chun fuinneamh a roinnt; i gcás coinbhleachtaí a eascraíonn as comhaontuithe den sórt sin, beidh rochtain ag custaiméirí deiridh ar réiteach díospóide lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 26;

(f)

rochtain a bheith acu ar theimpléid le haghaidh conarthaí ina bhfuil téarmaí agus coinníollacha cothroma agus trédhearcacha le haghaidh comhaontuithe trádála idir piaraí idir teaghlaigh, agus le haghaidh comhaontuithe maidir le saoráidí stórála agus saoráidí giniúna fuinnimh in-athnuaite a léasú, a fháil ar cíos nó infheistiú iontu chun fuinneamh a roinnt; i gcás coinbhleachtaí a eascraíonn as comhaontuithe den sórt sin, beidh rochtain ag custaiméirí deiridh ar réiteach díospóide lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 26;

(g)

nach bhfuil siad faoi réir iompraíochta inar chaith rannpháirtithe sa mhargadh, ná a bpáirtithe atá freagrach as cothromú, go héagórach agus go hidirdhealaitheach leo;

(g)

nach bhfuil siad faoi réir iompraíochta inar chaith rannpháirtithe sa mhargadh, ná a bpáirtithe atá freagrach as cothromú, go héagórach agus go hidirdhealaitheach leo;

(h)

go gcuirfear ar an eolas iad go bhféadfaí athruithe a dhéanamh ar chriosanna tairisceana i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/943 agus go bhfuil an ceart chun fuinneamh a chomhroinnt teoranta do laistigh den chrios tairisceana céanna.

(h)

go gcuirfear ar an eolas iad go bhféadfaí athruithe a dhéanamh ar chriosanna tairisceana i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/943 agus go bhfuil an ceart chun fuinneamh a chomhroinnt teoranta do laistigh de na haonaid riaracháin áitiúla nó réigiúnacha chéanna mar a chinntear faoin dlí náisiúnta;

(i)

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha nó dáileacháin ábhartha nó comhlachtaí ainmnithe eile an méid seo a leanas:

(i)

go mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí comhairleacha fuinnimh lena soláthraítear sonraí ábhartha agus cúnamh teicniúil, go háirithe an Stór Pobal Fuinnimh agus Mol Comhairleach na gComhphobal Fuinnimh Tuaithe;

(j)

sonraí méadraithe a bhaineann leis an leictreachas comhroinnte a bhailiú, a bhailíochtú agus a chur in iúl do chustaiméirí deiridh ábhartha agus rannpháirtithe sa mhargadh agus faireachán a dhéanamh ar na sonraí sin, gach mí ar a laghad, agus i gcomhréir le hAirteagal 23;

(j)

go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh in ardáin dhigiteacha chun faisnéis a fháil, sonraí a fháil agus dea-chleachtais a chomhroinnt;

(k)

pointe teagmhála ábhartha a sholáthar chun socruithe maidir le comhroinnt fuinnimh a chlárú, faisnéis a fháil maidir le pointí méadraithe ábhartha, athruithe ar shuíomh agus ar rannpháirtíocht, agus, i gcás inarb infheidhme, modhanna ríofa a bhailíochtú ar bhealach soiléir, trédhearcach agus tráthúil.

(k)

gur féidir leo tairbhe a bhaint as taraifí spriocdhírithe gréasáin lena léirítear bonneagar na heangaí áitiúla agus réigiúnaí a úsáidtear go héifeachtach;

 

(l)

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha nó dáileacháin ábhartha nó comhlachtaí ainmnithe eile an méid seo a leanas:

 

(m)

sonraí méadraithe a bhaineann leis an leictreachas comhroinnte a bhailiú, a bhailíochtú agus a chur in iúl do chustaiméirí deiridh ábhartha agus rannpháirtithe sa mhargadh agus faireachán a dhéanamh ar na sonraí sin, gach mí ar a laghad, agus i gcomhréir le hAirteagal 23;

 

(n)

pointe teagmhála ábhartha a sholáthar chun socruithe maidir le comhroinnt fuinnimh a chlárú, faisnéis a fháil maidir le pointí méadraithe ábhartha, athruithe ar shuíomh agus ar rannpháirtíocht, agus, i gcás inarb infheidhme, modhanna ríofa a bhailíochtú ar bhealach soiléir, trédhearcach agus tráthúil.

 

(o)

tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an údaráis rialála ina mbeidh faisnéis maidir le cur chun feidhme na comhroinnte fuinnimh ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear an tionchar ar an eangach, faisnéis a láimhseáil agus inrochtaineacht ar scéimeanna nua. Féadfaidh an Coimisiún treoir shonrach a tharraingt suas maidir le conas an t-ualach riaracháin agus na bacainní rialála i réimse na comhroinnte fuinnimh a laghdú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí agus neamh-idirdhealaitheacha chun a áirithiú gur féidir le teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus ag teaghlaigh leochaileacha rochtain a fháil ar scéimeanna comhroinnte fuinnimh. Féadfar bearta tacaíochta airgeadais nó cuóta leithdháilte táirgeachta a áireamh ar na bearta sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí agus neamh-idirdhealaitheacha chun a áirithiú gur féidir le teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus ag teaghlaigh leochaileacha rochtain a fháil ar scéimeanna comhroinnte fuinnimh. Féadfar bearta tacaíochta airgeadais nó cuóta leithdháilte táirgeachta a áireamh ar na bearta sin.

Cúis

Soiléirítear go mbíonn comhroinnt fuinnimh faoi réir cánacha, tobhach agus muirear go ginearálta, ach gur féidir muirir ghréasáin speisialta a chur i bhfeidhm laistigh den aonad giniúna céanna nó laistigh d’aonaid riaracháin réigiúnacha chomharsanacha. Is féidir faisnéis ábhartha don rialáil a dhéanfar amach anseo a bhailiú trí thuarascáil bhliantúil.

Leasú 22

Airteagal 15b nua

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Airteagal 15b nua

Gníomhaíocht phoiblí don aistriú fuinnimh áitiúil

 

1)     Déanfaidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an méid seo a leanas:

 

a)

treochlár a fhorbairt dá réigiún le haghaidh soláthar fuinnimh atá neamhdhíobhálach don aeráid, i gcomhréir leis na spriocanna aeráide;

 

b)

pleanáil chomhtháite gréasáin do leictreachas, teas agus gás a éascú;

 

c)

rannpháirtíocht na saoránach a éascú le linn céimeanna pleanála agus tógála an bhonneagair gréasáin agus giniúna;

 

d)

d’fhéadfaidís infheistíocht a dhéanamh i saoráidí táirgthe fuinnimh agus rannchuidiú mar ghníomhairí le haghaidh infheistíochtaí, agus, ar an gcaoi sin, é a chur chun cinn go gcuirfí dlús le glacadh foinsí fuinnimh in-athnuaite;

 

e)

i gcomhréir leis an treochlár maidir le soláthar fuinnimh atá neamhdhíobhálach don aeráid, limistéir iomchuí le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh agus an bonneagar is gá a ainmniú;

 

f)

comhordú na bpróiseas ceada le haghaidh giniúint nua agus bonneagar nua a éascú agus próisis shimplí, thrédhearcacha agus dhigiteacha a chur chun feidhme;

 

g)

d’fhéadfaidís an rochtain ar an soláthar leictreachais faoi bhun na gcostas le linn géarchéim praghsanna leictreachais a chomhordú, agus déanfaidh siad an cinneadh maidir le soláthróir na rogha deiridh a roghnú, a chomhordú.

 

2.     Forbróidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ‘ionaid ilfhreastail’ chun an t-aistriú fuinnimh a éascú. Déanfaidh na hionaid ilfhreastail an méid seo a leanas:

 

(a)

seirbhísí comhairleacha a thairiscint do shaoránaigh maidir le conarthaí fuinnimh inacmhainne, comhroinnt fuinnimh, pobail fuinnimh, infheistíochtaí in-athnuaite agus margaí fuinnimh áitiúla;

(b)

faisnéis rialála agus riaracháin a chur ar fáil do chomhphobail fuinnimh, lena n-áirítear faisnéis maidir le ceadúnú, ceadú agus naisc eangaí;

(c)

cuachadh an éilimh ar PPAnna a éascú;

(d)

d’fhéadfaidís ardáin a thairiscint le haghaidh comhroinnt fuinnimh;

(e)

d’fhéadfaidís ardáin a thairiscint chun córais fuinnimh in-athnuaite a chlárú.

Cúis

Tá rannpháirtíocht na saoránach ríthábhachtach chun an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach. Cuirfear de chúram ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an t-aistriú fuinnimh a chumasú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach trí fhreagracht áitiúil a ghlacadh agus seirbhísí a thairiscint do na saoránaigh sa réigiún. Tá sé de rogha ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha leictreachas faoi bhun na gcostas a leithdháileadh ar thomhaltóirí atá i ngátar. Tabharfaidh ionaid ilfhreastail tacaíocht do phobail fuinnimh le faisnéis spriocdhírithe.

Leasú 23

Airteagal 15c nua

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Airteagal 15c

Córais fuinnimh in-athnuaite faoi bhun 1 kW

Tá sé de cheart ag gach teaghlach córais fuinnimh in-athnuaite suas le 1 kW a nascadh le haghaidh féintomhaltais gan ceanglais bhreise a bheith ann seachas an ceanglas maidir leis an gcóras a chlárú i mbunachar sonraí áitiúil nó náisiúnta agus na rialacháin sábháilteachta leictreachais is infheidhme a chomhlíonadh. Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplí i bhfeidhm chun na córais fuinnimh in-athnuaite sin a chlárú.

Cúis

Is féidir le córais bheaga fuinnimh in-athnuaite rannchuidiú le spleáchas na dtomhaltóirí ar phraghsanna tráchtearraí domhanda a laghdú agus tacaíocht áitiúil a chruthú don aistriú fuinnimh. Ní mór córais fuinnimh in-athnuaite bheaga a bheith i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme maidir le sábháilteacht leictreach.

Leasú 24

Airteagal nua 15d

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Airteagal 15d)

Pobail fuinnimh in-athnuaite agus úinéireacht

 

1.     Bainfidh pobail fuinnimh in-athnuaite tairbhe as an méid seo a leanas:

(a)

tabharfar tús áite do thionscadail in-athnuaite i spásanna poiblí;

(b)

tabharfar tosaíocht dóibh chun naisc eangaí a fháil dá dtionscadail in-athnuaite mura rud é go léiríonn an t-oibreoir córais go mbeadh sé níos éifeachtúla tosaíocht a thabhairt do thionscadail eile chun an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach;

(c)

cúnamh teicniúil agus nósanna imeachta sruthlínithe le haghaidh tionscadail comhroinnte fuinnimh.

 

2.    Déanfar úinéireacht tionscadal fuinnimh in-athnuaite arna bhforbairt ag pobal fuinnimh in-athnuaite, nó arna dtógáil le haghaidh comhroinnt fuinnimh, a thairiscint lena cheannach don phobal fuinnimh, dóibh siúd a bhfuil baint acu le comhroinnt fuinnimh, do shaoránaigh, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa réigiún lena mbaineann.

Cúis

Tá rannpháirtíocht na saoránach ríthábhachtach chun an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach. Is féidir le pobail fuinnimh rannchuidiú go mór chun saoránaigh a rannpháirtiú agus chun an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil. A bhuí le rannpháirtíocht airgeadais, is féidir brabúis ón aistriú fuinnimh a chomhroinnt go háitiúil, rud a mhéadóidh an tacaíocht don aistriú fuinnimh ar an leibhéal áitiúil. Cuirtear isteach coinníollacha maidir le cóir fhabhrach i leith nascadh eangaí do phobail fuinnimh.

Leasú 25

Airteagal 18a

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Áiritheoidh na hÚdaráis Rialála Náisiúnta go mbeidh straitéisí fálaithe iomchuí i bhfeidhm ag soláthróirí agus go gcuirfidh siad chun feidhme iad chun an riosca go dtiocfaidh athruithe ar an soláthar leictreachais mórdhíola a theorannú d’inmharthanacht eacnamaíoch a gconarthaí le custaiméirí, agus san am céanna leachtacht agus comharthaí praghais ó mhargaí gearrthéarmacha a choinneáil ar bun.

1.   Áiritheoidh na hÚdaráis Rialála Náisiúnta go mbeidh straitéisí fálaithe iomchuí i bhfeidhm ag soláthróirí agus go gcuirfidh siad chun feidhme iad chun an riosca go dtiocfaidh athruithe ar an soláthar leictreachais mórdhíola a theorannú d’inmharthanacht eacnamaíoch a gconarthaí le custaiméirí, agus san am céanna leachtacht agus comharthaí praghais ó mhargaí gearrthéarmacha a choinneáil ar bun.

2.   D’fhéadfadh úsáid comhaontuithe ceannaigh cumhachta a bheith san áireamh i straitéisí fálaithe soláthróirí. I gcás ina bhfuil margaí le haghaidh comhaontuithe ceannaigh cumhachta ann atá forbartha go leordhóthanach agus lenar féidir le hiomaíocht éifeachtach a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcumhdófar sciar de neamhchosaint riosca soláthróirí ar athruithe ar phraghsanna leictreachais mórdhíola trí úsáid a bhaint as comhaontuithe ceannaigh cumhachta le haghaidh leictreachas arna ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh atá cothrom le fad a neamhchosanta ar riosca ar thaobh an tomhaltóra, faoi réir dhlí iomaíochta an Aontais a chomhlíonadh.

2.   D’fhéadfadh úsáid comhaontuithe ceannaigh cumhachta a bheith san áireamh i straitéisí fálaithe soláthróirí. I gcás ina bhfuil margaí le haghaidh comhaontuithe ceannaigh cumhachta ann atá forbartha go leordhóthanach agus lenar féidir le hiomaíocht éifeachtach a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcumhdófar sciar de neamhchosaint riosca soláthróirí ar athruithe ar phraghsanna leictreachais mórdhíola trí úsáid a bhaint as comhaontuithe ceannaigh cumhachta le haghaidh leictreachas arna ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh ar le tomhaltóirí iad feadh fhad an neamhchosanta ar riosca ar thaobh an tomhaltóra, faoi réir dhlí iomaíochta an Aontais a chomhlíonadh.

3.   Féachfaidh na Ballstáit le hinrochtaineacht táirgí fálaithe a áirithiú do phobail fuinnimh saoránach agus do chomhphobail fuinnimh inathnuaite.’

3.   Féachfaidh na Ballstáit le hinrochtaineacht táirgí fálaithe a áirithiú do phobail fuinnimh saoránach agus do chomhphobail fuinnimh inathnuaite.’

Cúis

Leis an leasú seo atá beartaithe ar an Airteagal, soiléirítear an fhoráil maidir leis an tomhaltóir a áireamh mar chustaiméir gníomhach sa mhargadh leictreachais le linn thréimhse an riosca praghais.

Leasú 26

Airteagal 27(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag gach custaiméir teaghlaigh agus, i gcás ina measann na Ballstáit gurb iomchuí é, ag fiontair bheaga seirbhís uilíoch, eadhon an ceart chun soláthar leictreachais a fháil atá de cháilíocht shonraithe laistigh dá gcríoch ar phraghsanna iomaíocha atá éasca agus soiléir le cur i gcomparáid le chéile, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Chun soláthar na seirbhíse uilíche a áirithiú, cuirfidh na Ballstáit d’oibleagáid ar na hoibreoirí córais dáileacháin custaiméirí a cheangal lena ngréasáin faoi théarmaí, coinníollacha agus taraifí a shocraítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 59(7). Leis an Treoir seo, ní chuirtear cosc ar na Ballstáit a suíomh margaidh a láidriú do chustaiméirí teaghlaigh agus do chustaiméirí neamhtheaghlaigh beaga agus meánmhéide trí na deiseanna tiomsaithe ionadaíochta don aicme sin custaiméirí a chur chun cinn.’

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag gach custaiméir teaghlaigh agus, i gcás ina measann na Ballstáit gurb iomchuí é, ag fiontair bheaga seirbhís uilíoch, eadhon an ceart chun soláthar leictreachais a fháil atá de cháilíocht shonraithe laistigh dá gcríoch ar phraghsanna iomaíocha atá éasca agus soiléir le cur i gcomparáid le chéile, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Chun soláthar na seirbhíse uilíche a áirithiú, cuirfidh na Ballstáit d’oibleagáid ar na hoibreoirí córais dáileacháin custaiméirí a cheangal lena ngréasáin faoi théarmaí, coinníollacha agus taraifí a shocraítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 59(7) agus ní mhairfidh an tréimhse idir an iarraidh ar nascadh agus bailchríoch a chur ar an nasc fisiciúil níos mó ná sé mhí . Leis an Treoir seo, ní chuirtear cosc ar na Ballstáit a suíomh margaidh a láidriú do chustaiméirí teaghlaigh agus do chustaiméirí neamhtheaghlaigh beaga agus meánmhéide trí na deiseanna tiomsaithe ionadaíochta don aicme sin custaiméirí a chur chun cinn.’

Cúis

Chun na spriocanna aeráide a bhaint amach, lena n-áirítear spriocanna 2030, ní mór dlús a chur le méadú na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh. Ní mór bacainní agus moilleanna a laghdú. Tá gá le spriocdhátaí dochta chun gur féidir na foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú go tapa. Baineann údaráis agus cuideachtaí tairbhe as an gcinnteacht a bhaineann le pleanáil.

Leasú 27

Airteagal 28a

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Áiritheoidh na Ballstáit go gcosnófar custaiméirí leochaileacha ó dhícheangal leictreachais. Soláthrófar an méid sin mar chuid de choincheap na gcustaiméirí leochaileacha de bhun Airteagal 28 (1) den Treoir seo agus gan dochar do na bearta a leagtar amach in Airteagal 10(11).

Áiritheoidh na Ballstáit , i gcomhar leis an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht, go gcosnófar custaiméirí leochaileacha agus fuinneamhbhochta ó dhícheangal leictreachais. Soláthrófar an méid sin mar chuid de choincheap na gcustaiméirí leochaileacha de bhun Airteagal 28 (1) den Treoir seo agus gan dochar do na bearta a leagtar amach in Airteagal 10(11).

Cúis

Ba cheart don Mhol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht cabhrú le custaiméirí leochaileacha agus fuinneamhbhochta a shainaithint agus comhairle a chur ar fáil maidir le bearta cosanta a chur chun feidhme.

Leasú 28

Airteagal 59 (1) pointe (z)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála: faireachán a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta i gcomhréir le hAirteagal 58(d) ar dheireadh a chur le bacainní gan údar agus ar shrianta ar fhorbairt tomhaltais leictreachais fhéinghinte agus pobal fuinnimh saoránach, lena n-áirítear bacainní a bhaineann le giniúint sholúbtha dáilte fuinnimh a nascadh.

Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála: faireachán a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta i gcomhréir le hAirteagal 58(d) , i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar dheireadh a chur le bacainní gan údar agus ar shrianta ar fhorbairt tomhaltais leictreachais fhéinghinte agus pobal fuinnimh saoránach, lena n-áirítear bacainní a bhaineann le giniúint sholúbtha dáilte fuinnimh a nascadh.

Cúis

Tá eolas ábhartha ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le deireadh a chur le bacainní ar thomhaltas leictreachais fhéinghinte, ar phobail fuinnimh agus ar ghiniúint fuinnimh atá díláraithe agus solúbtha a tharchur.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

Tá sé á chur in iúl ag CnaR gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais ar mhaithe le soláthar cobhsaí, cosaint níos fearr do thomhaltóirí agus fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt níos tapúla.

2.

Tá CnaR á chur in iúl an gá atá le dearadh uaillmhianach ar mhargadh leictreachais an Aontais chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach, a mbeidh córas leictreachais atá beagnach go hiomlán dícharbónaithe faoi 2035 de dhíth orthu. Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR a thábhachtaí atá an chomhsheasmhacht idir na pacáistí éagsúla de bhearta an Aontais agus cuireann sé i bhfios go láidir gur gá infheistíocht láidir a chumasú i nginiúint fuinnimh in-athnuaite agus in acmhainneacht áitiúil agus réigiúnach chun cuspóirí aeráide, cinnteachta soláthair agus iomaíochais an Aontais a bhaint amach.

3.

Tá CnaR á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a bheith oscailte i leith teicneolaíochtaí nua éagsúla mar bhonn don athchóiriú agus é sin a dhéanamh le creat dlíthiúil iomchuí oiriúnach lenar féidir teicneolaíochtaí fuinnimh atá inacmhainne inbhuanaithe a úsáid, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, agus lena gcuirtear teorainn leis an spleáchas ar bhreoslaí a fhaightear ó thríú tíortha.

4.

Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil an-acmhainneacht sa togra, a bhuí le gné láidir áitiúil agus réigiúnach, chun dícharbónú, dílárú agus daonlathú an aistrithe fuinnimh a bhaint amach; cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh, le cruthú luacha áitiúil agus le tairbhí eacnamaíocha agus beidh deiseanna iontacha forbartha ann, go háirithe sna réigiúin lagfhorbartha.

5.

Chun go mbainfear amach an sprioc maidir le 45 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh a fhoinsiú ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite faoi 2030 (4), iarrann CnaR go dtabharfaí aghaidh, tríd an sásra maoinithe fuinnimh in athnuaite atá ag an Aontas, ar aon bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann a dhúnadh.

Rialachas agus daonlathú na margaí leictreachais

6.

Tá CnaR á chur i bhfáth go bhfuil gá le réitigh dhíláraithe agus sholúbtha amhail féintomhaltas, pobail fuinnimh, saoráidí stórála díláraithe agus próisis shimplí maidir le fuinneamh a sholáthar don aistriú fuinnimh a chur chun cinn. Iarrann sé go gcuirfí na pobail fuinnimh chun cinn, go simpleofaí na nósanna imeachta, agus go dtabharfaí deis do shaoránaigh, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha páirt a ghlacadh i saoráidí táirgthe áitiúla agus infheistíocht a dhéanamh iontu. I roinnt mhaith Ballstát, cuireann giniúint agus dáileadh fuinnimh atá faoi úinéireacht áitiúil agus réigiúnach go mór leis an soláthar fuinnimh, rud ar thábhachtach cur leis;

7.

Meabhraíonn CnaR go bhfuil gá le comhordú níos dlúithe idir gníomhaithe náisiúnta chun athruithe a dhéanamh ar chreat dlíthiúil reatha an Aontais maidir le leictreachas. Leagtar amach sna leasuithe atá beartaithe cur chuige coiteann, cothromaíocht idir oibleagáidí agus solúbthacht na mBallstát maidir le conas costas níos ísle ar leictreachas in-athnuaite agus úsáid fuinnimh in-athnuaite a áirithiú chun cuspóirí aeráide nach féidir dul i ngleic leo ach ar leibhéal an Aontais a bhaint amach. Chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, tá gá le gníomhaíocht an Aontais mar a mhol an Coimisiún.

8.

Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR nach mór soláthar leictreachais do shaoránaigh i gceantair uirbeacha agus thuaithe, i limistéir oileánacha, sléibhe agus iargúlta eile agus sna réigiúin is forimeallaí freisin, a áirithiú i gcónaí agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le réitigh áitiúla.

9.

Iarrann CnaR go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha níos rannpháirtí san aistriú fuinnimh agus molann sé go mbunófaí ‘ionaid ilfhreastail’ do shaoránaigh ar an leibhéal. Agus tábhacht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach á aithint, tá sé ríthábhachtach ról gníomhach a thabhairt dóibh i ndearadh agus i gcur chun feidhme na rialachán maidir leis an margadh leictreachais. A bhuí leis an saineolas agus an t-eolas áitiúil atá acu, is féidir go ndéanfar dálaí cumasúcháin a chruthú chun foinsí fuinnimh in-athnuaite, sásraí freagartha don éileamh, agus réitigh eangaí nuálacha a chomhtháthú. Is féidir é sin a bhaint amach trí ardáin réigiúnacha fuinnimh nó trí mheithleacha a chruthú, inar féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, cuideachtaí fuinnimh agus geallsealbhóirí ábhartha creataí margaidh leictreachais a dhearadh agus a oiriúnú i dteannta a chéile ar mhaithe leis na riachtanais áitiúla.

Leictreachas níos saoire agus níos glaine do chách

10.

Is díol sásaimh do CnaR an chosaint fheabhsaithe a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí trí rialacha níos déine maidir le bacainní cumhachta agus tríd an bprionsabal nua maidir le ‘soláthróir na rogha deiridh’. Iarrann sé go mbeadh pacáiste láidir sóisialta ann, mar a luaitear sa rún (5), agus iarrann sé ar na Ballstáit páirt a ghlacadh sa Mhol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht (6).

11.

Iarrann CnaR go mbeadh dreasachtaí ann do choigiltis atá ar mhaithe leis an gcóras, d’fhéintomhaltas agus/nó d’fhothú leictreachais. Ba cheart do na Ballstáit, i bprionsabal, suiteálacha suas le 1 kW atá réidh le húsáid i bhfoirgnimh agus ar fhoirgnimh a cheadú agus a chur chun cinn.

12.

Iarrann CnaR an athuair go mbeadh córas fuinnimh atá solúbtha, inacmhainne (7), neamhspleách, díláraithe, inbhuanaithe agus glan ann, ina n-áiritheofar soláthar sábháilte a bhuí leis an bhfuinneamh in-athnuaite, agus le gléasraí solúbtha cumhachta hidrigine, le stóráil fuinnimh agus le solúbthacht an éilimh.

13.

Is geal le CnaR gur tugadh isteach ráthaíochtaí rialtais do chomhaontuithe fadtéarmacha maidir le ceannach cumhachta (PPAnna), agus tá sé á thabhairt dá aire aige gur cheart do na ráthaíochtaí sin a bheith ar fáil do gach tomhaltóir.

14.

Aithníonn CnaR go bhfuil gá le conarthaí difríochta dhá threo éigeantacha chun ró-ioncam a iompar i ngéarchéimeanna praghsanna amach anseo agus nach mór iad a úsáid chun críoch sonrach.

15.

Iarrann CnaR go gcuirfí critéir maidir leis an suíomh san áireamh sna conarthaí sin agus sna sásraí solúbthachta chun comhtháthú optamach an fhuinnimh in-athnuaite a áirithiú agus, go háirithe, chun ligean do réigiúin lagfhorbartha tairbhe a bhaint as an bhfuinneamh in-athnuaite inacmhainne.

An geilleagar áitiúil agus réigiúnach a neartú

16.

Tá béim á leagan ag CnaR ar an ngá atá le samhlacha nua gnó ina mbeidh timthriallta eacnamaíocha áitiúla a fhorbairt ar mhaithe le todhchaí an mhargaidh fuinnimh. Ba cheart, go háirithe, an t-aistriú ó ghnáth-thomhaltóirí go tairgeoirí is tomhaltóirí gníomhacha a chur chun cinn.

17.

Is oth le CnaR go seasann an togra ón gCoimisiún Eorpach go hiomlán le prionsabal an ordaithe fiúntais do phraghsáil an mhargaidh mórdhíola. Iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach a mhachnamh a dhéanamh ar athchóiriú agus staidéar a choimisiúnú mar mura ndéanfar amhlaidh, beidh an baol ann nach mbeidh dea-thionchar, a mhéid is inmhianaithe, ag forbairt an fhuinnimh in-athnuaite ar phraghsanna do thomhaltóirí deiridh, fiú san fhadtéarma.

18.

Tá CnaR den tuairim gur cheart muirir ghréasáin atá bunaithe ar am úsáide a chur i bhfeidhm. D’fhéadfaí na muirir sin a laghdú má tá an pointe ionchuir agus pointe aschuir laistigh den aonad riaracháin áitiúil nó réigiúnach céanna nó más rud é go bhfuil na haonaid sin cóngarach dá chéile.

19.

Iarrann sé ar an gCoimisiún comhtháthú na margaí thar theorainneacha náisiúnta a chur chun cinn tuilleadh, ós rud é gur moil idir na Ballstáit iad na réigiúin teorann, agus go gcuirtear ar fáil leo pointe teagmhála le tíortha eile. Ba cheart do na pobail fuinnimh agus don chomhroinnt fuinnimh a bheith indéanta thar theorainneacha freisin.

20.

Tá CnaR suite de gur féidir claochlú iarbhír ar an slabhra soláthair fuinnimh a bheith mar thoradh ar theicneolaíochtaí an digiteála. Iarrann sé go ndéanfaí tomhsairí cliste a imscaradh níos tapúla chun sonraí fíor-ama a fháil maidir le tomhaltas agus táirgeadh áitiúil.

21.

Meabhraíonn CESE go bhfuil córais scoite leictreachais ag na réigiúin is forimeallaí nach féidir a nascadh le heangach leictreachais mhórthír na hEorpa. Fágann sé sin go bhfuil gá le bearta agus infheistíochtaí saincheaptha chun cuspóirí an mhargaidh agus an aistrithe fuinnimh a bhaint amach trí fhuinneamh in-athnuaite agus teicneolaíochtaí eile ísealcharbóin agus stórála a fhorbairt.

22.

Ar deireadh, tá CnaR á chur i bhfáth nach bhfuil san athchóiriú sin ach ceann amháin de na gnéithe chun go n-éireoidh leis an aistriú fuinnimh. Tá sé ag dréim leis go ndéanfar athchóiriú níos doimhne ar an margadh fuinnimh i sainordú nua an Choimisiúin Eorpaigh agus measann sé go bhfuil an-acmhainneacht ag baint leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a neartú tuilleadh chun córas fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach ina mbeidh ról lárnach ag na saoránaigh.

An Bhruiséil, an 5 Iúil 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 54

(2)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(3)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhaile an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(4)  Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn.

(5)  Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an toradh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus an obair a leanfaidh í (IO C 375, 30.9.2022, lch. 9).

(6)  An Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht: https://energy-poverty.ec.europa.eu/index_en.

(7)   World Nuclear Industry Status Report 2022 via Lazard, Figure 52: The Declining Costs of Renewables vs. Traditional Power Sources, https://www.worldnuclearreport.org/IMG/pdf/wnisr2022-figure52_lazard_lcoe_2021.pdf.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/253/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)