Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/206 |
23.10.2023 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) a taisceadh an 8 Lúnasa 2023 – Trenitalia SpA v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato
(Cás C-510/23, Trenitalia)
(C/2023/206)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Trenitalia SpA
Cosantóir: Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 11 de Threoir 2005/29/CE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005, arna léamh i bhfianaise na bprionsabal um chosaint tomhaltóirí agus éifeachtacht na gníomhaíochta riaracháin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 14 de Dhlí Uimh. 689 an 24 Samhain 1981- mar a léirítear sa chásdlí is déanaí è – lena gceanglaítear ar an Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato (Údarás Iomaíochta na hIodáile) an nós imeachta imscrúdaithe a thionscnamh chun cleachtas tráchtála éagórach (éagothroma) a bhrath laistigh de theorainn ama nócha lá, ag tosú ón nóiméad a bhfuil an tÚdarás ar an eolas faoi ghnéithe riachtanacha an tsáraithe, ós rud é go bhféadfadh na gnéithe sin a bheith ídithe sa chéad tuarascáil ar an gcion?
(1) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma)(IO 2005 L 149, lch. 22).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/206/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)