|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/147 |
16.10.2023 |
Caingean arna tabhairt an 5 Meán Fomhair 2023 – Daimler Truck v EUIPO (‘TRUCKS YOU CAN TRUST’)
(Cás T-548/23)
(C/2023/147)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Daimler Truck AG (Leinfelden-Echterdingen, an Ghearmáin) (Ionadaí: P. Kohl, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú focalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘TRUCKS YOU CAN TRUST’ – Clárú Uimh. 18 712 899
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 12 Meitheamh 2023 i gCás R 484/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear na costais a tabhaíodh le linn na n-imeachtaí freasúra agus achomhairc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/147/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)