Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/142 |
16.10.2023 |
Caingean arna taisceadh an 17 Iúil 2023 – ABN AMRO Bank agus ABN AMRO Hypotheken Groep v BRA
(Cás T-428/23)
(C/2023/142)
Teanga an cháis: an Ollainnis
Páirtithe
Iarratasóirí: ABN AMRO Bank NV (Amstardam, an Ísiltír), ABN AMRO Hypotheken Groep BV (Amersfoort, an Ísiltír) (ionadaithe: R. Raas agus T. Barkhuysen, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
An cinneadh ó BRA an 2 Bealtaine 2023 (SRB/ES/2023/23) a chur ar neamhní i bpáirt, lena n-áirítear na hiarscríbhinní a ghabhann leis, a mhéid a dhéantar cinneadh mícheart agus earráideach maidir le ranníocaíochtaí ABN AMRO Hypotheken Groep (‘AAHG’) le haghaidh 2016, 2017, 2018, 2019, 2020, 2021, 2022, agus/nó 2023, trí na hítimí coigeartaithe ar chlár comhardaithe AAHG a áireamh i ríomh na ranníocaíochtaí agus, go háirithe, i ‘ndliteanais iomlána’ AAHG; agus |
— |
a ordú do BRA na costais arna dtabhú ag ABN AMRO nó, mar mhalairt air sin, cuid iomchuí dá chostais, a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí trí shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí: Tá an ranníocaíocht atá le híoc ag AAHG leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA) le haghaidh na mblianta 2016-2023 faoin gcinneadh atá faoi chonspóid ar neamhréir le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63, a mhéid a áirítear leis ítim choigeartaithe ar bhealach mícheart agus earráideach sa bhonn measúnachta agus gan é sin a eisiamh ó ríomh na ranníocaíochta le CRA mar dhliteanas inghrúpa de réir Airteagal 5(1) de Rialachán Tarmligthe 2015/63. Tá ABN AMRO lántoilteanach a oibleagáid chun ranníocaíocht a dhéanamh le BRA a chomhlíonadh, ach níl sé ag iarraidh íoc faoi dhó as rud arb é, go bunúsach, an oibleagáid chéanna. Ar an gcaoi sin, áitíonn an t-iarratasóir go ndearna BRA an méid seo a leanas:
|
2. |
An dara saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, prionsabal na n-ionchas dlisteanach agus an ceart chun dea-riaracháin (Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), nach mór a mheas freisin i bhfianaise an chirt chun maoine (Airteagal 17 den Chairt).
|
3. |
An tríú saincheist dlí: Ina theannta sin, sáraítear le cinneadh BRA féin atá faoi chonspóid prionsabal na comhréireachta (Airteagal 5(4) CFAE agus Airteagal 52(1) den Chairt), a chosnaítear freisin leis an gceart chun dea-riaracháin (Airteagal 41 den Chairt) agus leis an gceart chun maoine (Airteagal 17 den Chairt).
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/142/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)