European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/54

9.10.2023

Caingean arna tabhairt an 31 Iúil 2023 – Crédit agricole agus páirtithe eile v BRA

(Cás T-456/23)

(C/2023/54)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Crédit agricole SA (Montrouge, an Fhrainc) agus an 55 iarratasóir eile (ionadaithe: A. Gosset-Grainville agus M. Trabucchi, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagal 263 CFAE, Cinneadh Uimh. SRB/ES/2023/23 an 2 Bealtaine 2023 a bhaineann le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante 2022 CRA, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis na hiarratasóirí;

de bhun Airteagal 277 CFAE, a dhearbhú go bhfuil na forálacha seo a leanas den Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair (1), den Rialachán Cur Chun Feidhme (2) agus den Rialachán Tarmligthe (3) neamh-infheidhme;

Airteagail 69(1), 69(2), 70(1) agus Airteagal 70(2)(a) agus (b) den Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair;

Airteagal 4(2), Airteagail 5, 6, 7 agus 20 chomh maith le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe;

Airteagal 4 den Rialachán Cur Chun Feidhme;

a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí ocht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne a mhéid nach léirítear, sna modhanna chun ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA) a ríomh, dá bhforáiltear leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair agus sa Rialachán Tarmligthe, méid iarbhír nó riosca iarbhír na n-institiúidí, rud a d’fhágfadh go gcaithfí leo ar an mbealach céanna le hinstitiúidí eile a bhfuil saintréithe éagsúla acu.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta sa mhéid go bhfuil an córas ranníocaíochtaí ex ante le CRA, dá bhforáiltear leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair agus leis an Rialachán Tarmligthe, bunaithe ar mheasúnú lena ndéantar méadaítear, go saorga, an phróifíl riosca atá ag institiúidí móra na Fraince agus mar thoradh air sin, bíonn méid na ranníocaíochta díréireach ard i gcomparáid leis an riosca iarbhír a ghineann na hinstitiúidí sin.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, de bharr nach gceadaítear le ríomh mhéid na ranníocaíochtaí ex ante arna leagan síos leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair, leis an Rialachán Tarmligthe agus leis an Rialachán Cur Chun Feidhme d'institiúidí baincéireachta méid na ranníocaíochta a fhorchuirfear orthu a réamh-mheas agus faireachán a dhéanamh air le cruinneas sásúil.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin, lena n-áirítear an oibleagáid cúiseanna a lua, a mhéid nár cuireadh na táscairí riosca san áireamh sa chinneadh atá faoi chonspóid. Thairis sin, tá an lánrogha sin do BRA na critéir sin a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán Tarmligthe, neamhdhleathach.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí maidir leis an gcoigeartú riosca a shocrú. Maíonn an t-iarratasóir earráid dlí ó BRA, ag brath ar léirmhíniú earráideach ar roinnt forálacha den Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair, a shocraíonn an spriocleibhéal bliantúil os cionn uasteorainn 12,5 % den spriocleibhéal deiridh a fhorchuirtear le hAirteagal 70 den Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair. Measann na hiarratasóirí, i gcás ar bith, go bhfuil na forálacha sin lochtach go bunúsach.

6.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí maidir leis an srian ar úsáid gealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe (‘EPI’). Maíonn na hiarratasóirí go bhfuil earráid dlí ann ós rud é go mbraitheann BRA ar léirmhíniú mícheart ar na forálacha lena rialaítear úsáid EPI d’fhonn, ar an gcéad dul síos, srian a chur ar chion na EPI faoi bhun uasteorainn 30 % de na ranníocaíochtaí ex ante gan an chumhacht a bheith aige é sin a dhéanamh agus, ar an dara dul síos, an cineál ráthaíochta a theorannú d’airgead tirim amháin, rud a bhainfidh éifeachtacht na bhforálacha sin.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe. Maíonn na hiarratasóirí nach bhfuil aon bhunús leis na rioscaí maidir le comh-thimthriallacht agus le leachtacht a chuireann BRA in iúl chun teorainn a chur le húsáid EIP, go háirithe ag cur san áireamh na saintréithe sonracha atá ag EIP agus comhthéacs a n-úsáid.

8.

An t-ochtú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua. Maíonn na hiarratasóirí nach luaitear go beacht agus go mion sa chinneadh atá faoi chonspóid conas is gá, ar dtús, an uasteorainn d’úsáid EPI a shocrú ag 22,5 % agus, ar an dara dul síos, gan glacadh ach le hairgead tirim mar ráthaíocht.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014, lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 255, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 ón gComhairle an 19 Nollaig 2014, lena sainítear coinníollacha aonfhoirmeacha chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 i dtaca le ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair (IO 2015 L 15, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59 maidir le ranníocaíochtaí ex ante le socruithe um maoiniú réitigh (IO 2015 L 11, lch. 44).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/54/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)