European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/35

9.10.2023

Caingean arna tabhairt an 21 Lúnasa 2023 – Giorgio Armani v EUIPO – Shenzhen City Chongzheng Technology (Léiriú ar iolar stílithe)

(Cás T-509/23)

(C/2023/35)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Giorgio Armani SpA (Milano, an Iodáil) (ionadaí: I. Carli, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Shenzhen City Chongzheng Technology Co. Ltd (Shenzhen, an tSín)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar iolar stílithe) – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 365 053

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Meitheamh 2023 i gCás R 1413/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus, i gcás idirghabhála, an páirtí eile sna himeachtaí na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/35/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)