|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
Imleabhar 66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí |
|
|
|
TUAIRIMÍ |
|
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
|
|
|
An 580ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 12.7.2023–13.7.2023 |
|
|
2023/C 349/01 |
||
|
2023/C 349/02 |
||
|
2023/C 349/03 |
||
|
2023/C 349/04 |
||
|
2023/C 349/05 |
||
|
2023/C 349/06 |
||
|
2023/C 349/07 |
||
|
2023/C 349/08 |
||
|
2023/C 349/09 |
||
|
2023/C 349/10 |
||
|
2023/C 349/11 |
||
|
2023/C 349/12 |
||
|
2023/C 349/13 |
||
|
2023/C 349/14 |
||
|
2023/C 349/15 |
||
|
2023/C 349/16 |
||
|
2023/C 349/17 |
|
|
III Gníomhartha ullmhúcháin |
|
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
|
|
|
An 580ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 12.7.2023–13.7.2023 |
|
|
2023/C 349/18 |
||
|
2023/C 349/19 |
||
|
2023/C 349/20 |
||
|
2023/C 349/21 |
||
|
2023/C 349/22 |
||
|
2023/C 349/23 |
||
|
2023/C 349/24 |
||
|
2023/C 349/25 |
||
|
2023/C 349/26 |
||
|
2023/C 349/27 |
|
GA |
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí
TUAIRIMÍ
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
An 580ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 12.7.2023–13.7.2023
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/1 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Athbhreithniú ar an mbeartas cánach chun teaghlaigh ar ioncam íseal agus grúpaí leochaileacha a chosaint ar éifeachtaí diúltacha an aistrithe ghlais
(tuairim féintionscnaimh)
(2023/C 349/01)
|
Rapóirtéir: |
Philip VON BROCKDORFF |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
27.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
195/7/10 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1 |
Is léir do CESE nach mbeidh tionchar an aistrithe ghlais mar an gcéanna ar fud an Aontais agus go mbeidh éagsúlacht mhór ann ó thír go tír, agus i measc réigiúin éagsúla laistigh de na Ballstáit. I bhfianaise an mhéid sin, ní mór do na Ballstáit aird a thabhairt ar na dúshláin shóisialta a tharla de bharr an aistrithe lena dhlisteanacht a fheabhsú, an chobhsaíocht a choinneáil agus freasúra an phobail a sheachaint. |
|
1.2 |
Creideann CESE go bhfuil na measúnuithe tionchair ón gCoimisiún a dhéantar chun tacú le roinnt gníomhartha reachtacha maidir leis an aistriú glas dírithe ar dhearcadh ginearálta an Aontais den chuid is mó, agus nach bhfuil an doimhneacht is gá ann don chur chuige de réir tíre agus de réir réigiúin a theastaíonn chun díriú ar an tionchar is dócha a bheidh aige ar gheilleagair agus ar phobail áitiúla (is eisceacht é an togra i dtaca leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh). |
|
1.3 |
Measann CESE freisin gur cheart go soláthródh anailís níos spriocdhírithe sonraí an-ábhartha maidir le teaghlaigh a bhfuil tionchar ag an aistriú glas orthu, rud a cheadódh do rialtais bearta níos iomchuí a ghlacadh chun tionchar an phróisis leanúnaigh ar theaghlaigh atá níos boichte agus ar theaghlaigh leochaileacha a mhaolú. |
|
1.4 |
Tá béim á leagan ag CESE ar dhá phríomhriosca atá san aistriú glas ó thaobh impleachtaí díobhálacha sóisialta agus eacnamaíocha de agus go háirithe: i) éagothromaíochtaí ioncaim atá ag dul i méid; agus ii) díláithriú na n-earnálacha tionsclaíochta agus poist ghaolmhara. |
|
1.5 |
Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá aistriú cothrom a shaothrú lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí fostaíochta agus dáileacháin araon, éifeachtaí a bhaineann le haistriú chuig an aeráidneodracht. Sa chomhthéacs sin, iarrann CESE go ndéanfaí bearta athdháilte a bheadh in ann acmhainní airgeadais a dhíriú i bhfabhar teaghlaigh ar ioncam íseal agus grúpaí leochaileacha chun an t-eisiamh sóisialta a íoslaghdú, tríd an doimhniú breise ar neamhionannais ioncaim le linn an phróisis leanúnaigh a sheachaint. |
|
1.6 |
Ar choinníoll gur faoi shainchúram na mBallstát a bheidh an cánachas a bhaineann leis an aistriú glas, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá bearta fioscacha náisiúnta chun an t-aistriú glas a dhéanamh níos inbhuanaithe agus srian a chur leis an tionchar atá aige ar an sciar is leochailí den daonra. |
|
1.7 |
Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh trí ghné sa bheartas fioscach le linn an aistrithe: an prionsabal [gurb] é údar an truaillithe a íocfaidh as le bearta comhlántacha athdháilte chun tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal; tacaíocht ioncaim spriocdhírithe; agus creidmheasanna cánach ar tháirgí tí coigilte fuinnimh. Leis an gcur chuige sin i) thacófaí le ceannach feithiclí leictreacha; ii) dhreasófaí an glacadh le teicneolaíochtaí glasa i dtithe; agus iii) d’fheabhsófaí éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh (cé go bhfuil sé d’aidhm ag an Treoir athbhreithnithe maidir le Cánachas Fuinnimh (1) éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus grúpaí leochaileacha a chosaint). I gcás na dteaghlach is lú ioncam a bhféadfadh nach bhfuil dliteanas cánach leordhóthanach acu agus nach bhféadfadh tairbhe a bhaint as creidmheasanna cánach, is é an beart is fearr is féidir ná tacaíocht ioncaim. |
|
1.8 |
Creideann CESE freisin go bhféadfadh dáileadh na ndearbhán ón stát lena gceadaítear ceannacháin agus infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus i dtáirgí glasa cuidiú le tacaíocht do ghrúpaí leochaileacha le linn an aistrithe. |
|
1.9 |
Is dea-shampla de dhreasú chun feithiclí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a cheannach é an cás a cuireadh chun feidhme san Ísiltír ina dtugtar creidmheasanna cánach do dhaoine aonair a cheannaíonn feithiclí leictreacha (EVanna) agus, ag an am céanna, an tsaobhadh a d’fhéadfadh teacht as fóirdheontais a théann chun tairbhe do sholáthróirí ach a mbíonn tomhaltóirí thíos leis go minic a íoslaghdú (2). |
|
1.10 |
Measann an CESE freisin go bhféadfaí iniúchadh a dhéanamh ar thaithí na mBallstát amhail an Ghearmáin, an Fhrainc, agus an Iodáil, Ballstáit a bhfuil rátaí CBL níos ísle curtha i bhfeidhm acu ar tháirgí atá tíosach ar fhuinneamh, ar theicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh agus ar athchóirithe tí atá dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú. Mar sin féin, de réir an tsainmhínithe níl CBL céimitheach. D’fhonn cur chuige den sórt sin a chur in oiriúint do theaghlaigh ar ioncam íseal, d'fhéadfadh go mbeadh gá le bearta tionlacain amhail cnapshuimeanna cúitimh chun líon na dteaghlach seo a ghlacann iad a spreagadh. Thairis sin, cuireann CESE in iúl go bhféadfadh pobail fuinnimh (Treoir (AE) 2019/944 (3)) agus comhphobail fuinnimh inathnuaite (Treoir (AE) 2018/2001 (4)) a bheith ina bpríomhuirlis chun cabhrú le saoránaigh agus grúpaí leochaileacha dul i ngleic leis an aistriú glas. |
|
1.11 |
Tá béim á leagan ag CESE ar ról straitéiseach an Chiste um Aistriú Cóir (CUAC). Ní mór don ionstraim airgeadais sin a bheith dírithe go héifeachtach ar an dhul i ngleic le tionchar socheacnamaíoch an aistrithe ar gheilleagair an Aontais atá ag brath go mór faoi láthair ar bhreoslaí iontaise nó ar ghníomhaíochtaí atá dian ó thaobh gáis cheaptha teasa de, agus, thar aon ní eile, ar an aistriú a dhéanamh níos fusa d’oibrithe agus do theaghlaigh a bhfuil tionchar ag an athrú aeráide orthu. |
|
1.12 |
Mar a luadh cheana i dtuairimí eile roimhe seo, cuireann CESE in iúl go bhféadfadh sé nach leor an Chiste um Aistriú Cóir, fiú má bhíonn sé straitéiseach, chun tacú leis an athrú eacnamaíoch leanúnach agus dá bhrí sin gur cheart é a fhorlíonadh le maoiniú leordhóthanach ó Chiste Aeráide Sóisialta (SCF). |
2. Réamhrá agus comhthéacs
|
2.1 |
Dúshlán ollmhór don Aontas agus do na glúnta atá le teacht is ea an t-aistriú glas, go háirithe ós rud é go bhfuil an cogadh fada san Úcráin ag cur leis an éiginnteacht eacnamaíoch i gcoitinne agus go háirithe i gcomhthéacs na hearnála fuinnimh. Measann an CESE, chun go n-éireoidh leis an aistriú, go bhfuil gá le comhdhearcadh sóisialta, agus ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin má chuirtear bearta tacaíochta i bhfeidhm go héifeachtach ar fud an Aontais agus má sheachnaítear freasúra an phobail. |
|
2.2 |
Meabhraíonn CESE gur mhéadaigh an Comhaontú Glas sprioc 2030 an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ó 40 % go 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990, agus ag an am céanna gur leagadh síos sprioc na haeráidneodrachta faoi 2050. |
|
2.3 |
Tá sraith tograí beartais sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ d’fhonn sprioc 2030 a bhaint amach, maidir leis an ionchur ar mhian le CESE a chur chun cinn chun aistriú glas a mholadh, ar tograí iad a thuigfidh agus a chomhroinnfidh na geallsealbhóirí uile lena mbaineann, ar thaobh amháin, agus nach ndéanfadh an iomarca dochair do theaghlaigh agus do ghrúpaí leochaileacha, ar an taobh eile. |
|
2.4 |
Ag glacadh leis go dtiocfaidh tairbhí suntasacha ar fud an Aontais mar thoradh ar an aistriú glas agus a bhfuiltear ag súil leo, dírítear sa tuairim seo ar na héifeachtaí díobhálacha is dócha a bheidh ag an aistriú glas leanúnach sa ghearrthéarma agus béim ar leith á leagan ar an eisiamh sóisialta agus ar neamhionannais ioncaim, i measc na dteaghlach atá ar ioncam íseal agus i measc grúpaí leochaileacha. |
3. Barúlacha ginearálta agus barúlacha sonracha
|
3.1 |
Is léir do CESE nach mbeidh tionchar an aistrithe ghlais mar an gcéanna ar fud an Aontais agus, a mhalairt i ndáiríre, go mbeidh éagsúlacht shuntasach ann ó thír go tír, nó fiú i measc réigiún agus limistéir éagsúla laistigh de na Ballstáit, ag brath ar roinnt athróg eacnamaíoch agus sóisialta. |
|
3.2 |
I ndáil leis sin, tugann an CESE dá aire go bhfuil agus go mbeidh na réigiúin a bhfuil spleáchas mór acu ar iontaisí carbóin an-leochaileach i gcoinne thionchar an aistrithe agus do chaillteanais post ionchasacha. Dá bhrí sin, ní mór na freagraí a theastaíonn chun tacú le comhtháthú sóisialta a bheith difreáilte go leor ar fud na mBallstát, nó ó réigiún go réigiún fiú, agus iad bunaithe ar na comhthéacsanna áitiúla éagsúla i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Aithníonn CESE, áfach, go moltar sa Treoir athbhreithnithe maidir le Cánachas Fuinnimh ‘idirthréimhse’ agus go bhféadfadh na Ballstáit teaghlaigh leochaileacha a dhíolmhú ó chánachas téimh ar feadh 10 mbliana tar éis an cháin athbhreithnithe a chur chun feidhme. |
|
3.3 |
Ó thaobh na modheolaíochta de, creideann CESE go bhfuil dearcadh ginearálta an Aontais ag baint go príomha leis na hanailísí ar an measúnú tionchair a rinne an Coimisiún go dtí seo, agus nach bhfuil an doimhneacht a theastaíonn ó chur chuige de réir tíre agus de réir réigiúin iontu lena bhféadfaí díriú ar an tionchar is dócha a bheidh ag an aistriú ar gheilleagair áitiúla agus ar phobail áitiúla. I ndáil leis sin, is eisceacht é an togra maidir leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, ós rud é go rabhthas ag súil leis le mionanailís spriocdhírithe ar cheart glacadh léi ar bhonn níos leithne agus an Comhaontú Glas á chur chun feidhme. |
|
3.4 |
Measann CESE gur cheart go mbeadh anailís níos spriocdhírithe, úsáideach chun faisnéis luachmhar a sholáthar, anailís a bheadh in ann sainiúlachtaí áitiúla a mheas go hiomlán, go háirithe maidir le teaghlaigh a ndéanann an t-aistriú glas difear dóibh, agus ar an gcaoi sin ligean do rialtais bearta iomchuí a ghlacadh chun tionchar an phróisis leanúnaigh ar theaghlaigh níos boichte agus grúpaí leochaileacha a mbeidh na himpleachtaí móra millteacha le sárú acu a mhaolú. |
|
3.5 |
Tá CESE den tuairim go bhfuil dhá phríomhriosca san aistriú glas ó thaobh impleachtaí díobhálacha sóisialta agus eacnamaíocha de: i) éagothromaíochtaí ioncaim a bheith ag dul i méid; agus ii) díláithriú earnálacha tionsclaíocha agus poist ghaolmhara. |
|
3.6 |
Tugann an CESE le fios go bhfuil an t-aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de dúshlánach go háirithe do phobail agus do theaghlaigh ar ioncam íseal, go háirithe i réigiúin ina bhfuil an leibhéal forbarthaníos ísle ná an leibhéil atá ann sna ceantair uirbeacha ag titim chun deiridh ar na codanna uirbeacha. Dá bhrí sin, ba ríthábhachtach go dtacódh an t-aistriú le raon iomchuí beart fioscach, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a léirítear thuas. |
|
3.7 |
Thairis sin, ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar ualaí breise a d’fhéadfadh a bheith ar an sciar is laige den daonra de bharr an aistrithe agus aird ar leith á tabhairt ar phraghsanna tráchtearraí a d’fhéadfadh ardú go suntasach le linn an phróisis idirthréimhsigh. Go deimhin féin, d’fhéadfadh an t-aistriú praghsanna fuinnimh agus breosla a ardú dóibh siúd is lú acmhain, toisc go gcuirtear costas níos airde carbóin san áireamh. Is ábhar imní go háirithe é tionchar den sórt sin laistigh den chomhthéacs maicreacnamaíoch reatha, áit a raibh rátaí arda boilscithe i roinnt de na Ballstáit níos luaithe i mbliana (5). |
|
3.8 |
Dá bhrí sin, molann CESE gur gá aistriú cothrom a shaothrú lena dtabharfar aghaidh ar na héifeachtaí fostaíochta agus dáileacháin araon a bhaineann le haistriú chuig an aeráidneodracht. Ba cheart breathnú ar an gcur chuige sin mar chuid lárnach de chreat an aistrithe ghlais agus ní mar bhearta ceartaitheacha forlíontacha amháin. |
|
3.9 |
Cuireann CESE i bhfios go láidir an gá atá le bearta athdháilte lenar féidir acmhainní airgeadais a dhíriú ar chabhrú le teaghlaigh ar ioncam íseal agus le grúpaí leochaileacha d’fhonn an t-eisiamh sóisialta agus doimhniú an neamhionannais ioncaim a sheachaint. D’fhéadfadh na bearta sin, mar shampla, a bheith i bhfoirm cánachas comhshaoil bunaithe ar an bprionsabal [gurb] é údar an truaillithe a íocfaidh as, agus saothraithe ioncaim os cionn tairseach bhunaithe ag íoc taraifí níos airde as fuinneamh diancharbóin a ídiú. |
|
3.10 |
Ar choinníoll, bunaithe ar phrionsabal na coimhdeachta, go bhfuil cánachas a bhaineann leis an aistriú glas faoi shainchúram na mBallstát, leagann an CESE béim ar a thábhachtaí atá bearta fioscacha arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta chun an t-aistriú glas a dhéanamh níos inbhuanaithe agus tionchair níos lú a imirt ar chatagóirí leochaileacha, rud a d’fhéadfadh éifeachtaí cúlchéimitheacha a bhaineann go minic le cánacha comhshaoil a sheachaint. |
|
3.11 |
Measann CESE gur cheart trí ghné a bheith sa bheartas le linn an aistrithe: íocann an truaillitheoir prionsabal ina bhfuil bearta comhlántacha athdháilte aige chun tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal; tacaíocht d’ioncaim spriocdhírithe; agus creidmheasanna cánach do tháirgí tí coigilte fuinnimh. Leis an gcur chuige sin i) thacófaí le ceannach feithiclí leictreacha; ii) dhreasófaí an glacadh le teicneolaíochtaí glasa i dtithe; agus iii) d’fheabhsófaí éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh. Aithníonn CESE, áfach, go bhfuil sé d’aidhm ag an Treoir athbhreithnithe maidir le Cánachas Fuinnimh éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. agus ag an am céanna grúpaí leochaileacha a chosaint. I gcás na dteaghlach atá ar an ioncam is ísle a bhféadfadh nach leor an dliteanas cánach atá acu agus nárbh fhéidir leo tairbhe a bhaint as na creidmheasanna cánach, is é an beart ab fhearr a mholtar ná tacaíocht ioncaim. |
|
3.12 |
Creideann CESE freisin go bhféadfadh dáileadh na ndearbhán ón stát chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí glasa agus chun táirgí glasa a cheannach cuidiú le tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha le linn an aistrithe. |
|
3.13 |
Is dea-shampla iad na bearta fioscacha do dhaoine aonair a cheannaíonn feithiclí leictreacha (EVanna) a cuireadh i bhfeidhm san Ísiltír chun feithiclí giniúna nua atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhreasú, rud a laghdaíonn saobhadh féideartha a bhaineann le fóirdheontais níos forleithne. Leathnaítear an cur chuige maidir le feithiclí leictreacha atá fabhrach ó thaobh cánach de san Ísiltír chun clárú agus cánacha bóthair a chumhdach freisin, rud a chuireann creat dlíthiúil fabhrach i gcrích. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí creidmheasanna cánach a dhíriú go sonrach ar theaghlaigh sa daonra atá ar ioncam íseal, agus na teaghlaigh is troime a luífidh an t-ualach orthu de réir mar is dóigh le linn an aistrithe i dtreo na dteicneolaíochtaí glasa. |
|
3.14 |
Measann an CESE freisin go bhféadfadh taithí na mBallstát amhail an Ghearmáin, an Fhrainc, agus an Iodáil, a bhfuil rátaí CBL níos ísle curtha i bhfeidhm acu ar tháirgí atá tíosach ar fhuinneamh, ar theicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh agus ar athchóirithe tí atá dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, a thuilleadh, a scagadh agus a iniúchadh. Mar sin féin, de réir an tsainmhínithe níl CBL céimitheach. Chun cur chuige den sórt sin a chur in oiriúint do theaghlaigh ar ioncam íseal, d’fhéadfadh go mbeadh gá le bearta tionlacain amhail cúiteamh cnapshuime chun go nglacfaidh na teaghlaigh seo leis. |
|
3.15 |
Leagann CESE béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), rud nár cheart beag is fiú a dhéanamh de. Ba cheart go mbeadh an ionstraim airgeadais seo dírithe go héifeachtach ar an dul i ngleic le tionchar socheacnamaíoch an aistrithe ar gheilleagair an Aontais atá ag brath go mór faoi láthair ar bhreoslaí iontaise nó ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha atá dian ar gháis cheaptha teasa agus, thar aon ní eile, ar an aistriú a mhaolú d’oibrithe agus do theaghlaigh a bhfuil tionchar ag an athrú atá tarlú orthu. |
|
3.16 |
Mar a luadh cheana ina thuairim roimhe seo ar Saoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Chiste um Aistriú Cóir (6), tá CESE á thabhairt le fios go bhféadfadh sé nach leor an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), cé go bhfuil sé tábhachtach, chun tacú leis an athrú leanúnach eacnamaíoch ó thaobh a chuid acmhainní agus a raoin feidhme de. Ba cheart, dá bhrí sin, an CUAC a fhorlíonadh le Ciste Sóisialta Aeráide (SCF) a bheadh maoinithe go leormhaith mar a mholtar i dtuairim ó CESE maidir leis An Sásra Coigeartaithe Aeráide á mhaoiniú tríd an gCiste Comhtháthaithe agus NextGeneration EU (7). |
|
3.17 |
Tugann CESE le fios gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag ciste breise den sórt sin grúpaí ar ioncam íseal agus grúpaí leochaileacha a chosaint ó dhrochthionchar an aistrithe, ar choinníoll go mbeidh an SCF ceangailte le dea-chleachtais atá dírithe ar aon leathnú ar neamhionannais ioncaim a sheachaint ar an gcéad dul síos. Ag an am céanna, ina chumas reatha eagraíochtúil agus airgeadais (gan trácht ar chur chun feidhme SCF a chur siar go ceann bliana), tugann CESE rabhadh nach dócha gur leor an SCF chun tacú go héifeachtach leis an sciar is leochailí den daonra, mar a léirigh roinnt geallsealbhóirí cheana féin. Mar shampla, d’fhéadfadh an costas a bhaineann leis an aistriú ó fheithiclí traidisiúnta go feithiclí leictreacha a bheith ródhaor, agus, dá bhrí sin, ródheacair, do theaghlaigh ar ioncam íseal agus do theaghlaigh leochaileacha nach bhfaigheann dreasachtaí fioscacha ná tacaíocht airgeadais (8). |
|
3.18 |
Dá bhrí sin, molann CESE do na húdaráis fhreagracha ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal áitiúil beartais fhioscacha iomchuí a fhorbairt chun drochiarmhairtí an aistrithe a mhaolú, gan an bonn a bhaint de na dreasachtaí le haghaidh athruithe ó thaobh infheistíochtaí glasa agus tomhaltais a cheanglaítear leis an bpróiseas idirthréimhseach. Is rud tábhachtach é go mbeadh bearta ag gabháil leis na sásraí sin chun rialachas cuimsitheach agus rannpháirtíocht ghníomhach na ndaoine is mó a ndéanann an t-aistriú glas difear dóibh a áirithiú. Aithníonn an CESE, áfach, go n-áirítear sa Treoir athbhreithnithe maidir le Cánachas Fuinnimh idirthréimhsí chun cánachas a chur ar tháirgí roghnaithe nó infheistíochtaí chun tomhaltas fuinnimh a laghdú. |
|
3.19 |
Ba mhaith leis an CESE a mheabhrú do na hinstitiúidí go léir a bhfuil baint acu leis an aistriú glas an tábhacht a bhaineann le hidirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht úsáideach na sochaí sibhialta ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, earnála agus réigiúnach. Tá feidhm ríthábhachtach ag an idirphlé sóisialta maidir leis an gclaochlú glas a bhainistiú agus a éascú, lena n-áirithítear rannpháirtíocht fhorleathan na ngeallsealbhóirí leasmhara uile agus, ag an am céanna, grúpaí leochaileacha agus leibhéil fostaíochta ar fud an Aontais a chosaint. |
|
3.20 |
Cuireann CESE in iúl go bhfuil cánachas forchéimnitheach, córais leasa shóisialta spriocdhírithe agus sásraí iomchuí idirphlé sóisialta i bhfeidhm cheana féin i roinnt tíortha Eorpacha agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh glacadh agus neartú breise na mbeartas sin cur leis na dea-chleachtais atá ann agus gur uirlis an-úsáideach a bheadh ann chun éagothromaíochtaí agus an t-eisiamh sóisialta a sheachaint. |
|
3.21 |
Creideann CESE go láidir go gcabhróidh tuiscint leathan ar bheartais aeráide laistigh de thíortha na hEorpa, chomh maith le glacadh polaitiúil agus sóisialta leis an aistriú glas a bheith níos láidre agus níos fearr, glacadh atá, os a choinne sin, i mbaol dlisteanacht agus neart a chailliúint dá dtitfeadh an t-ualach agus na himpleachtaí díobhálacha go díréireach ar na teaghlaigh is boichte. |
|
3.22 |
I ndáil leis sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart do rialtais, i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta, iarracht a dhéanamh tionchar an aistrithe ghlais ar fhostaíocht sna réimsí is mó a ndéantar difear dóibh san Aontas a laghdú freisin trí bhíthin beartais spriocdhírithe agus nuálaíocha ar mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear oiliúint agus cláir oideachais d’oibrithe i dtionscail ardcharbóin. |
|
3.23 |
Cuireann CESE i dtábhacht an baol go dtiocfaidh méadú ar éagothromaíochtaí réigiúnacha,, mar gheall ar phróiseas an aistrithe ghlais, idir geilleagair atá níos forbartha ar fud an Aontais agus iad sin atá fós ag brath go mór ar thionscail diancharbóin. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí éagothromaíochtaí agus neamhréireachtaí iomaíocha a dhoimhniú ar fud tíortha agus idir ceantair uirbeacha, ar thaobh amháin den scéal, agus ceantair fhorimeallacha, thuaithe agus iargúlta, ar an taobh eile de. |
|
3.24 |
Tá CESE den tuairim go n-éilítear leis an aistriú glas cuspóirí aeráide an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus ag an am céanna. clár oibre cothroime sóisialta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a shaothrú. Tá athrú struchtúrach i gceist leis an aistriú glas (agus tá súil le hathrú ar an leibhéal eacnamaíoch agus sóisialta araon). D’fhonn go n-éireoidh leis, ní mór bearta sóisialta a bheith ag gabháil leis, lena n-áirítear infheistíocht shóisialta atá dírithe ar an aeráidneodracht a éascú agus ar aistriú a bhaint amach atá fabhrach do ghnólachtaí Eorpacha dinimiciúla iomaíocha ar féidir leo, mar shampla, poist ghlasa agus fás eacnamaíoch a ghiniúint. |
|
3.25 |
Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar feabhsaithe ar fud an Aontais, comhar ba cheart a fhorbairt bunaithe ar idirphlé éifeachtach polaitiúil agus sóisialta agus é mar aidhm leis beartais eacnamaíocha agus shóisialta a ghabhann leis a cheapadh chun tacú leis an aistriú atá ar siúl faoi láthair, agus é a chur in oiriúint go cuí do dhálaí sóisialta agus eacnamaíocha éagsúla na bpobal lena mbaineann. |
|
3.26 |
Ba cheart cur chuige comhoibríoch den sórt sin a ghlacadh freisin maidir le tíortha Eorpacha nach Ballstáit den Aontas iad, chun aistriú gnó agus fostaíochta, a sheachaint chuig tíortha nach bhfuil forbairt eacnamaíoch níos glaise agus níos inbhuanaithe á leanúint acu, amhail an fhorbairt eacnamaíoch atá á saothrú ag an Aontas. D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar an margadh inmheánach, agus ar an aistriú glas féin chomh maith ó thaobh éifeachtacht a laghdú agus éifeachtaí díobhálacha a mhéadú ar an sciar is leochailí den daonra araon. |
|
3.27 |
Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfadh na Ballstáit tuilleadh gníomhaíochta chun dul i ngleic le himghabháil agus seachaint fhioscach agus chun mí-úsáid cistí poiblí a sheachaint, mar go gcuirfeadh sé sin acmhainní breise ar fáil chun na bearta dáileacháin a thacaíonn leis an aistriú a mhaoiniú. |
|
3.28 |
Ar deireadh, cuireann CESE in iúl go bhféadfadh pobail fuinnimh (Treoir (AE) 2019/944) agus comhphobail fuinnimh inathnuaite (Treoir (AE) 2018/2001) a bheith ina bpríomhuirlis chun cabhrú le saoránaigh agus grúpaí leochaileacha déileáil leis an aistriú glas. D'fhéadfadh na pobail sin foirm dhlíthiúil de chineál ar bith a bheith acu (comhlachais, comharchumainn, comhpháirtíochtaí, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, nó fiontair bheaga agus mheánmhéide), rud a fhágann go mbeadh siad níos éasca dá shaoránaigh, mar aon le gníomhnaithe eile sa mhargadh, foirne a eagrú agus infheistíocht a dhéanamh go comhpháirteach i sócmhainní fuinnimh. D’fhéadfadh sé sin cur le córas fuinnimh atá níos dícharbónaithe agus níos solúbtha, mar gur féidir leis na pobail fuinnimh cur ar chumas na saoránach rochtain a fháil ar na margaí fuinnimh oiriúnacha uile, ar chothrom iomaíochta le gníomhaithe eile, rud a laghdóidh a gcuid costas fuinnimh agus a cheadóidh ioncam féideartha fiú. |
An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51)
(2) Tá ceannach feithiclí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol á dhreasú ag an Ísiltír/ De réir tuarascála ón nGrúpa Aeráide, tá fóirdheontais suas le EUR 4 000 ar fáil chun gluaisteáin phaisinéirí leictreacha ceallraí nua a cheannach nó a léasú, agus EUR 5 000 le haghaidh veaineanna. Tá dreasachtaí cánach iomaíocha ann freisin, amhail cáin íseal ar bhóithre (MRB), gan aon cháin cheannaigh (BPM) agus níl aon cháin le haghaidh úsáid phríobháideach/tairbhe phríobháideach ann . Féach Netherlands: Taking action on zero emission vehicles
(3) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(4) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(5) Tá moill tagtha ar an ráta boilscithe le seachtainí beaga anuas.
(6) Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on the public sector loan facility under the Just Transition Mechanism’ (COM(2020) 453 final – 2020/0100 (COD)) and on ‘Amended proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council establishing the Just Transition Fund’(COM(2020) 460 final – 2020/0006 (COD) (IO C 429, 11.12.2020, lch 240).
(7) Opinion of the European Economic and Social Committee on Climate Adjustment Fund financed by Cohesion and NGEU (own-initiative opinion) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 23).
(8) Joanna Gill Can Europe's new Social Climate Fund protect poor from rising carbon cost?, Reuters, Nollaig 2022.d
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/7 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An chumhacht chómhargála a neartú ar fud an Aontais Eorpaigh
(Tuairim féintionscnaimh)
(2023/C 349/02)
Rapóirtéir: Philip VON BROCKDORFF
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
21.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
152/4/9 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tugann CESE dá aire gur gné riachtanach den chaidreamh tionsclaíoch an chómhargáil (ag glacadh leis, ar ndóigh, gur idirbheartaithe toilteanacha iad na fostóirí agus na ceardchumainn) agus is mian leis tagairt a dhéanamh don taighde a rinneadh le deireanas ina dtugtar le fios go gcuidíonn ballraíocht thar leibhéal áirithe sna ceardchumainn leis an neamhionannas ioncaim a laghdú laistigh de thír, rud a mhaolaíonn éagothromaíochtaí móra sna sraitheanna éagsúla den tsochaí. |
|
1.2. |
Is mian le CESE béim a leagan ar an eolas tábhachtach a tugadh i dtuarascáil ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), is é sin go gcabhraíonn an comhordú pá go mór leis na comhpháirtithe sóisialta na héifeachtaí maicreacnamaíocha a bhíonn ag comhaontuithe pá ar an iomaíochas a chur san áireamh. Tugann CESE dá aire freisin go leagtar béim sa tuarascáil chéanna ar an ról atá ag cómhargáil dhinimiciúil láidir maidir leis an táirgiúlacht, an t-iomaíochas agus an fás eacnamaíoch a chur chun cinn. |
|
1.3. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil ról tábhachtach fós ag na ceardchumainn agus ag na heagraíochtaí fostóirí maidir leis an mbeartas eacnamaíoch, an beartas fostaíochta agus an beartas sóisialta a mhúnlú. Mar sin féin, tá líon na n-oibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe ar leibhéal an ghnólachta nó ar leibhéal na hearnála ag titim i gcónaí, rud a lagaíonn cumhacht mhargála na gceardchumann. |
|
1.4. |
Is gá, dá bhrí sin, bealaí a aimsiú chun cur le tábhacht na gceardchumann, na bhfostóirí agus na rialtas i margadh saothair dinimiciúil agus chun deiseanna a shainaithint le gur féidir inmharthanacht struchtúr fónta agus daingean a áirithiú le haghaidh an idirphlé shóisialta, an chumhacht chómhargála san áireamh, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, chomh maith leis an gcaidreamh tionsclaíoch náisiúnta, a urramú. |
|
1.5. |
Tá CESE den tuairim gur faoi na comhpháirtithe sóisialta atá sé struchtúr a chinneadh atá oiriúnach don chómhargáil agus, i gcás inarb iomchuí, don idirphlé sóisialta trípháirteach agus dépháirteach. Aithníonn CESE freisin go bhfuil ról lárnach ag na rialtais maidir le tábhacht na cómhargála a aithint trí na coinníollacha cumasúcháin a chur ar fáil le gur féidir an chómhargáil a éascú, le cosaint a thabhairt i gcoinne cleachtais idirdhealaitheacha agus le cosc a chur ar na hiarrachtaí srian a chur ar oibrithe a gceart dlíthiúil chun bheith rannpháirteach i gceardchumann a fheidhmiú. |
|
1.6. |
Tugann CESE dá aire go spreagann Colún Eorpach na gCeart Sóisialta na comhpháirtithe sóisialta caibidlíocht a dhéanamh ar chomhaontuithe comhchoiteanna maidir le hábhair atá ábhartha dóibh, agus a neamhspleáchas agus an ceart chun gníomhaíochta comhchoitinne á n-urramú ag an am céanna (1). |
|
1.7. |
Tugann CESE dá aire freisin go gcruthaíonn cineálacha nua oibre ar nós gheilleagar na n-ardán dúshláin nua don chaidreamh saothair. Mar gheall ar an réaltacht nua sin, tá ról ‘traidisiúnta’ na gceardchumann lagaithe mar institiúidí a dhéanann ionadaíocht ar an lucht saothair eagraithe, agus tá ról eagraíochtaí fostóirí mar phríomhgheallsealbhóirí sa mhargadh saothair lagaithe freisin. |
|
1.8. |
Tugann CESE dá aire go bhfuil an nuálaíocht san ionad oibre ríthábhachtach le go n-éireoidh le gnólacht agus, dá bhrí sin, molann sé, mar chuid den phróiseas cómhargála, go dtabharfaí aghaidh ar phróisis nuálaíochta san ionad oibre mar chuid den chómhargáil agus den idirphlé sóisialta i gcoitinne. |
|
1.9. |
Tá CESE den tuairim, i bhfianaise na dianiomaíochta domhanda agus an mhéadaithe ar na costais fuinnimh, gur ghá, b’fhéidir, cothromaíocht a aimsiú ina gcuirfí leasanna frithpháirteacha ar nós na n-ardchostas maireachtála d’oibrithe san áireamh, agus é á aithint san am céanna gur féidir leis an idirphlé sóisialta, lena n-áirítear an chómhargáil, borradh a chur faoin táirgiúlacht san ionad oibre. |
|
1.10. |
Creideann CESE freisin gur féidir leis an gcómhargáil agus an t-idirphlé sóisialta tacú leis an straitéis tionsclaíochta chun na dálaí eacnamaíocha a athrú, bunaithe ar an gcaidreamh tionsclaíoch náisiúnta. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh gá le méid áirithe solúbthachta, ba cheart an tsolúbthacht sin a bheith faoi réir comhaontú idir na comhpháirtithe sóisialta agus níor cheart di an bonn a bhaint de na cearta comhchoiteanna ná de na dálaí oibre. |
|
1.11. |
Tugann CESE dá aire gur ann don chumhdach cómhargála is fairsinge agus is cobhsaí san Eoraip sna tíortha sin ar saintréith dá gcórais mhargála an mhargáil ilfhostóirí agus ar ar leibhéal na hearnála, nó, i gcásanna áirithe, amhail an Bheilg, ar an leibhéal trasearnála, is mó a dhéantar an chaibidlíocht. |
|
1.12. |
Ar deireadh, iarrann CESE ar na rialtais leas a bhaint as an soláthar poiblí i gcásanna iomchuí mar bhealach breise chun an chómhargáil a chur chun cinn agus a aithint. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Is próiseas lárnach sa chaidreamh tionsclaíoch an chómhargáil, próiseas lena mbunaítear pá cothrom agus dálaí oibre cothroma sna hearnálacha eacnamaíocha éagsúla. Is próiseas é ina mbíonn páirt ag na fostóirí, ar thaobh amháin, agus na ceardchumainn, ar an taobh eile. Cé go bhfuil an chómhargáil i bhfeidhm le blianta fada, tá ballraíocht na gceardchumann ag titim i rith an ama ó bhliain go bliain. Léiríonn an taighde go lagaítear cumhacht mhargála na gceardchumann, de réir mar a thiteann an bhallraíocht sna ceardchumainn, agus go mbíonn impleachtaí aige sin do chearta atá faighte ag oibrithe agus do chearta cómhargála (2). Ar an gcuma chéanna, chun an próiseas cómhargála a neartú, tá sé tábhachtach go mbeadh gnólachtaí páirteach in eagraíochtaí fostóirí ábhartha, agus léiríonn an taighde go bhfuil ról lárnach ag na heagraíochtaí sin maidir le comhlíonadh caighdeán dlí, agus caighdeán saothair agus sláinte agus sábháilteachta ceirde, a chur chun cinn, go háirithe laistigh den gheilleagar neamhfhoirmiúil (3). |
|
2.2. |
Tá taighde eile ann ina dtugtar léargas ar cé chomh hábhartha agus atá na ceardchumainn maidir le cothromaíocht cumhachta a thacaíonn leis an gceartas sóisialta agus leis an rath eacnamaíoch a bhaint amach. Léiríonn na torthaí eimpíreacha go leanann an neamhionannas ioncaim conair U-chruthach inbhéartaithe de réir an ráta ceardchumannaithe. Is é a tharlaíonn, i dtús báire, go n-ardaíonn an neamhionannas ioncaim de réir mar a ghlacann níos mó daoine atá fostaithe ballraíocht i gceardchumann; sroichtear buaic na conaire U-chruthaí inbhéartaithe nuair a bhíonn an ráta ceardchumannaithe cothrom le hidir 35 agus 39 faoin gcéad, agus leanann laghdú ar an neamhionannas ioncaim de réir mar a leanann an ráta ceardchumannaithe ag méadú. Dá bhrí sin, tugann an taighde seo le fios, de réir mar a sháraíonn ballraíocht na gceardchumann leibhéal áirithe, go rannchuidíonn sin leis an neamhionannas ioncaim a laghdú laistigh de thír (4). |
|
2.3. |
Cé go bhfuil an nuálaíocht san fhiontraíocht, san iomaíochas agus sa táirgiúlacht aitheanta mar phríomhspreagadh don fhás eacnamaíoch i dtimpeallacht dhomhanda ina bhfuil iomaíocht ghéar, braitheann na trí chineál nuálaíochta sin go mór ar ionchur an lucht saothair agus ar an mbreisluach a chuireann na hoibrithe ar fáil chun nuálaíocht, iomaíochas agus táirgiúlacht a bhaint amach. Tá rannpháirtíocht ghníomhach agus rannchuidiú na gcomhpháirtithe sóisialta mar bhonn leis sin ar fad. |
|
2.4. |
Mar a luaigh CESE sa tuairim uaidh roimhe seo (5), is faoi chúram na stiúrthóirí feidhmiúcháin atá sé go fóill luach fadtéarmach a chruthú trí leasanna fadtéarmacha a shaothrú. Dá bhrí sin, ba cheart cuntasacht na stiúrthóirí feidhmiúcháin i leith na hinbhuanaitheachta gnó a spreagadh. Go deimhin, tá sé sin aitheanta go sainráite ag an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais mar chuid de na ceanglais tuairiscithe comhshaoil, shóisialta agus rialachais atá beartaithe aige faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, agus tá sé de cheangal ar ghnólachtaí incháilithe méid an chumhdaigh cómhargála agus an idirphlé shóisialta maidir lena lucht saothair a nochtadh, ós rud é go meastar go bhfuil lucht saothair a bhfuil cumhacht acu, atá rannpháirteach agus a bhfuil meas orthu ar cheann de na bunphrionsabail a bhaineann le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach gnólachta (6). |
|
2.5. |
Tacaíonn an athléimneacht agus an inbhuanaitheacht eacnamaíoch go hindíreach leis an gcomhtháthú sóisialta ós rud é nach féidir athléimneacht agus inbhuanaitheacht a bhaint amach ach amháin trí thosaíocht a thabhairt don bhreisluach a chuireann an lucht saothair ar fáil don gheilleagar. Tá an tosaíocht sin forleathan sna geilleagair sin inar ríláidir an chómhargáil agus an t-idirphlé sóisialta i gcoitinne agus ina bhfuil, a bhuí leis sin, cothromaíocht cumhachta eacnamaíche lena gcuirtear an nuálaíocht chun cinn san fhiontraíocht, san iomaíochas agus sa táirgiúlacht, bunaithe ar an teicneolaíocht agus ar an lucht saothair. |
|
2.6. |
In ainneoin an ráta ceardchumannaithe a bheith ag titim ar fud an Aontais, tá CESE den tuairim go bhfuil ról tábhachtach i gcónaí ag na ceardchumainn i dtaca leis an mbeartas eacnamaíoch, an beartas fostaíochta agus an beartas sóisialta a mhúnlú, cé go bhfuil meath ag teacht ar an ról sin i mBallstáit áirithe. Mar sin féin, tá líon na n-oibrithe atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna ag titim. Tá ionadaíocht eagraíochtaí fostóirí ina hábhar imní ag roinnt Ballstát chomh maith. Dá bhrí sin, is den tábhacht go dtacófar leis na comhpháirtithe sóisialta trí bhíthin creat cumasúcháin chun bealaí a aimsiú lena áirithiú gur féidir leis an gcómhargáil agus an t-idirphlé sóisialta an fheidhm atá leo mar ionstraimí ábhartha fiúntacha a chomhlíonadh, i gcomhréir le himthosca agus cleachtais náisiúnta. Tugann CESE dá aire gur ceart bunúsach í an chómhargáil, ceart atá fréamhaithe i mBunreacht EIS (7). Is bealach í an chómhargáil trínar féidir le fostóirí, maille lena n-eagraíochtaí agus lena gceardchumainn, pá cothrom agus dálaí oibre cothroma a shocrú, agus na leasanna náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta á gcur san áireamh ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, tagraíonn CESE do Choinbhinsiún 87 EIS maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, rud ar ceart bunúsach é freisin d’oibrithe agus d’fhostóirí araon, maille leis an gceart gan ballraíocht a ghlacadh i gcomhlachas. Glactar leis sa chaidreamh saothair fónta gur idirbheartaithe toilteanacha iad na fostóirí agus na ceardchumainn. Tá neart fianaise ann, áfach, a léiríonn nach amhlaidh an cás i gcónaí (8). |
|
2.7. |
Is é is aidhm don tuairim seo, dá bhrí sin, iniúchadh a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an meath sin agus ar na himpleachtaí a bhaineann leis na bealaí chun stop a chur leis, béim a leagan ar róil na gceardchumann, na bhfostóirí agus na rialtas i margadh saothair dinimiciúil agus deiseanna a shainaithint le gur féidir inmharthanacht struchtúr fónta agus daingean a áirithiú le haghaidh na cómhargála, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, chomh maith leis an gcaidreamh tionsclaíoch náisiúnta, a urramú. |
3. Barúlacha sonracha
|
3.1. |
Mar a tugadh faoi deara in SOC/764 An t-idirphlé sóisialta a neartú (9), ní hionann leibhéal tiomantais agus éifeachtacht an idirphlé shóisialta (an chómhargáil san áireamh) ó thír go tír. Tá CESE den tuairim, áfach, gur faoi na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta atá sé teacht ar chomhaontú faoin struchtúr cómhargála is oiriúnaí don chomhthéacs náisiúnta. |
|
3.2. |
Aithníonn CESE go bhfuil ról lárnach ag na rialtais maidir le tábhacht na cómhargála a aithint trí na coinníollacha cumasúcháin a chur ar fáil le gur féidir an chómhargáil a éascú, le cosaint a thabhairt i gcoinne cleachtais idirdhealaitheacha agus le cosc a chur ar na hiarrachtaí srian a chur ar oibrithe a gceart dlíthiúil chun bheith rannpháirteach i gceardchumann a fheidhmiú. Ba cheart don chreat trípháirteach sin aird a thabhairt ar na pointí suntasacha a eascraíonn as an Moladh ón gCoimisiún maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú, agus díriú ar an gcothroime shóisialta a áirithiú, chomh maith le borradh a chur faoi rathúnas agus athléimneacht na hEorpa ag an am céanna. |
|
3.3. |
Tugann CESE dá aire go spreagann Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (10) na comhpháirtithe sóisialta caibidlíocht a dhéanamh ar chomhaontuithe comhchoiteanna, agus a neamhspleáchas agus an ceart chun gníomhaíochta comhchoitinne á n-urramú ag an am céanna. Ina theannta sin, iarrann CESE go rachfaí i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus shóisialta a cheapadh agus a chur chun feidhme. Is oth leis, áfach, nach bhfuil na comhairliúcháin á gcur i bhfeidhm chomh diongbháilte agus chomh tiomanta céanna i ngach Ballstát. Tugann CESE dá aire freisin, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir na comhpháirtithe sóisialta a chur chun feidhme ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát. Glactar leis sa phrionsabal sin go gcuirtear leibhéal íosta cosanta ar fáil. |
|
3.4. |
Tá saol na hoibre ag athrú i gcónaí de thoradh cleachtais nua oibre a mhúnlaíonn saol oibre na milliún duine san Eoraip. Tá dúshláin mhóra le sárú i dtaca leis an gcaidreamh saothair de thoradh cineálacha nua oibre atá ina gcuid de gheilleagar na n-ardán. Tá CESE den tuairim go raibh tionchar ag an réaltacht nua sin ar na ceardchumainn agus ar na heagraíochtaí fostóirí araon, agus nach mór don dá chineál eagraíochta sin dul in oiriúint go tapa don réaltacht nua agus cearta bunúsacha na n-oibrithe a chosaint freisin, de mheon na treorach atá beartaithe ag an gCoimisiún maidir le hoibrithe ardáin. |
|
3.5. |
D’uireasa na cómhargála, ní bheadh na ceardchumainn ann agus ba bheag an tábhacht a bheadh leo. Lena chois sin, cabhraíonn an chómhargáil leis an gcothromaíocht cumhachta a áirithiú idir na fostóirí agus na hoibrithe. Creideann CESE gur cheart tacú leis an nuálaíocht san ionad oibre tríd an gcómhargáil, agus tríd an idirphlé sóisialta i gcoitinne chomh maith, ionas go bhféadfaí borradh a chur faoin táirgiúlacht agus aghaidh a thabhairt ar athruithe a d’fhéadfadh teacht ar chleachtais oibre a mbíonn tionchar acu ar dhea-bhail agus ar shaol oibre na n-oibrithe. Tuigeann CESE go gcuirfeadh sin dúshlán breise ar na ceardchumainn. Mar sin féin, ba cheart don fhostóir a bheith freagrach, ar ndóigh, as na cinntí a dhéantar ar leibhéal an ghnólachta. Is é atá á mholadh ag CESE gur cheart, agus urraim á tabhairt do na córais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch, ról na gceardchumann i bpróisis nuálaíochta an ionaid oibre a aithint mar chuid de ról ábhartha an idirphlé shóisialta agus na cómhargála. |
|
3.6. |
Is den ábharthacht aird a tharraingt ar na torthaí atá i dtuarascáil ó ECFE (11) ina n-athdhearbhaítear gur príomhcheart saothair atá sa chómhargáil lenar féidir an fheidhmíocht san ionad oibre a fheabhsú freisin. Tugtar le fios sa tuarascáil chéanna gur cúis imní é go bhfuil an ceart sin faoi bhrú mar gheall ar an lagú ginearálta ar an gcaidreamh saothair, agus mar gheall ar an méadú atá tagtha ar chineálacha nua fostaíochta a bhíonn forbhásach go minic. Deimhnítear sa tuarascáil go bhfuil an chómhargáil faoi bhrú ar fud an Aontais, agus a riachtanaí atá sé go ndéanfaí beart ar bhonn polaitiúil. Cuirtear an fhianaise uile is gá ar fáil sa tuarascáil chun an chómhargáil a neartú ar bhealach a fhágann go mbeidh sí níos solúbtha agus níos freagrúla don saol oibre atá ag athrú. Sa chomhthéacs sin, tá CESE den tuairim láidir gur gá cothromaíocht a aimsiú lena gcuirtear leasanna frithpháirteacha ar nós na n-ardchostas maireachtála d’oibrithe agus iomaíocht threisithe dhomhanda san áireamh, agus é á aithint gur féidir leis an gcómhargáil agus an t-idirphlé sóisialta borradh a chur faoin táirgiúlacht tríd an nuálaíocht san ionad oibre agus trí fhorbairt scileanna a chothú. Thairis sin, d’fhéadfadh an chómhargáil agus an t-idirphlé sóisialta tacú leis an straitéis tionsclaíochta chun na dálaí eacnamaíocha a athrú, bunaithe ar an gcaidreamh tionsclaíoch náisiúnta. Cé gur cheart an tsolúbthacht arna comhaontú ag na comhpháirtithe sóisialta a úsáid mar bhealach chun dul in oiriúint do chúinsí athraitheacha agus chun cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na gcuideachtaí agus riachtanais na n-oibrithe, níor cheart dó sin an bonn a bhaint de na cearta comhchoiteanna ná a bheith le haimhleas dálaí oibre. Rud eile de, is éard atá i gceist leis an tsolúbthacht oibre ó cheart ná rud a rachadh chun tairbhe don oibrí agus don fhostóir araon, sin dá ndéanfaí í a rialáil mar ba cheart mar chuid den reachtaíocht nó den chómhargáil. |
|
3.7. |
Maidir le comhaontuithe ar leibhéal an ghnólachta agus ar leibhéal na hearnála sa phróiseas cómhargála, níl aon fhoirmle ann trína gcinntear an bhfuil ceann amháin níos oiriúnaí ná an ceann eile. Mar sin féin, chun cur leis an gcumhdach cómhargála, mar a luaitear sa Treoir maidir le Pá Íosta Leordhóthanach (12), tá sé de dhualgas ar na comhpháirtithe sóisialta sa Bhallstát tabhairt faoi anailís ar láidreachtaí agus laigí an dá chineál comhaontaithe agus a chinneadh an comhaontuithe ar leibhéal na hearnála, comhaontuithe ar leibhéal an ghnólachta, nó meascán den dá chineál comhaontaithe, an bealach is fearr chun cinn chun cur leis an gcumhdach cómhargála. Mar shampla, tá sé tugtha le fios i dtaighde gur ann don chumhdach cómhargála is fairsinge agus is cobhsaí san Eoraip sna tíortha sin ar saintréith dá gcórais mhargála an mhargáil ilfhostóirí agus ar ar leibhéal na hearnála, nó, i gcásanna áirithe, amhail an Bheilg, ar an leibhéal trasearnála, is mó a dhéantar an chaibidlíocht (13). Ar ndóigh, ní mór na himthosca atá ann i ngach tír a chur san áireamh sna hiarrachtaí chun cur leis an gcumhdach. |
|
3.8. |
Aithníonn CESE gur dúshlán mór a bheidh ann i gcónaí cur leis an mballraíocht i gceardchumainn agus in eagraíochtaí fostóirí agus cé gur de chineál deonach é an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil, rud atá ceart agus cóir, molann CESE do na comhpháirtithe sóisialta sna Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin trí fhéachaint ar mhodhanna iomchuí chun ballraíocht inmharthana ina n-eagraíochtaí a áirithiú. |
|
3.9. |
Aithníonn CESE go bhfuil éagsúlacht mhór ann sna córais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch, rud a léiríonn na cásanna éagsúla eacnamaíocha agus polaitiúla sna Ballstáit. Tugadh le fios i nóta ón gCoimisiún (14) gur saintréith de chuid na cómhargála é aistriú i dtreo margáil dhíláraithe ar leibhéal an ghnólachta. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil gur gnách go mbíonn cumhdach cómhargála níos fairsinge i gceist sna cásanna sin inar margáil láraithe atá ann, ina bhfuil rátaí eagrúcháin na bhfostóirí níos airde nó ina ndéantar páirtithe neamhshínitheacha a chumhdach le comhaontuithe. |
|
3.10. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir freisin an t-eolas tábhachtach a tugadh i dtuarascáil ó ECFE, is é sin go gcabhraíonn an comhordú pá go mór leis na comhpháirtithe sóisialta staid an timthrialla gnó agus éifeachtaí maicreacnamaíocha na gcomhaontuithe pá ar an iomaíochas a chur san áireamh (15). Ina theannta sin, tá CESE den tuairim go mbeidh an próiseas margála ag brath ar na himthosca atá ann ar leibhéal an ghnólachta, dá mhéad nó dá laghad féin mar ghnólacht é. |
|
3.11. |
Molann CESE do na comhpháirtithe sóisialta cur le hábharthacht na gcóras cómhargála trí mheastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an chómhargáil ar gach leibhéal breisluach a áirithiú go cothrom do na hoibrithe agus na fostóirí i ngach earnáil den gheilleagar agus den tsochaí. Sa chomhthéacs sin, is tábhachtach an ní é aird a thabhairt ar an tuarascáil is déanaí ó ECFE maidir le léargas ar an bhfostaíocht ina leagtar béim ar an ról atá ag cómhargáil dhinimiciúil láidir maidir leis an táirgiúlacht, an t-iomaíochas agus an fás eacnamaíoch a chur chun cinn. |
|
3.12. |
Tugann CESE dá aire go bhfuil ról tábhachtach ag na rialtais nó go bhféadfaidís ról tábhachtach a imirt maidir le teagmháil a dhéanamh le fostóirí agus le ceardchumainn ar mhaithe le comhar níos dlúithe, agus chun tacú le beartais mhaicreacnamaíocha. Is fostóirí móra iad na rialtais féin ar ndóigh agus is minic a bhíonn siad i mbun margáil le ceardchumainn a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe, rud a shocraíonn i roinnt Ballstát an patrún don gheilleagar ina iomláine i gcásanna áirithe. Ina theannta sin, tá ról lárnach ag na rialtais maidir leis na dálaí cearta a chur ar fáil le haghaidh na síochána tionsclaíche, cobhsaíocht praghsanna, táirgiúlacht mhéadaithe agus patrúin fostaíochta neamh-idirdhealaitheacha. D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú ag an am céanna, iarrann CESE go neartófaí an chómhargáil chun torthaí níos fearr a bhaint amach do na gnólachtaí agus na hoibrithe. I measc bearta eile, molann CESE do na rialtais leas a bhaint as an soláthar poiblí i gcásanna iomchuí mar bhealach breise chun an chómhargáil a chur chun cinn agus chun tacú léi, rud atá leagtha amach in dhá thuairim a d’eisigh CESE roimhe seo (16). |
|
3.13. |
Mar a luadh i dtús na tuairime seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le solúbthacht arna comhaontú sa phróiseas cómhargála. Mar sin féin, tá CESE den tuairim gur gá, le haon mhodhnuithe a chomhaontófaí i dtaobh na gcomhaontuithe comhchoiteanna, cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna an dá pháirtí agus na buntáistí a thabhairt don dá thaobh. Cé gur cheart comhaontuithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na hearnála a chur chun cinn, aithníonn CESE, a mhéid a bhaineann leis an gcaibidlíocht ar leibhéal na gcuideachtaí, go rachadh an tsolúbthacht oibre chun tairbhe don oibrí agus don fhostóir araon dá ndéanfaí í a rialáil mar ba cheart mar chuid den reachtaíocht nó den chómhargáil. Ba cheart an chaibidlíocht sin a bhunú ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar struchtúir éifeachtacha chaibidlíochta, agus é á áirithiú ag an am céanna nach ligfí do na dálaí oibre dul ar gcúl. Mar sin féin, is gá teacht ar chomhréiteach, nuair is féidir, ina mbeadh na córais dhíláraithe níos eagraithe agus trína gceadófaí creatchoinníollacha leathana a leagan síos sna comhaontuithe ar leibhéal na hearnála agus gur le linn na caibidlíochta ar leibhéal an ghnólachta a dhéanfaí plé ar fhorálacha mionsonraithe. Go deimhin, tugtar le fios sa taighde gur buntáistí do na hoibrithe agus do na gnólachtaí araon an toradh a bhíonn ar chórais hibrideacha chómhargála, ina bhfuil idir chórais earnála agus chórais il-leibhéil i gceist agus comhordú déanta ar na córais sin (17). |
An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Prionsabal 8.
(2) Schnabel, C. (2020). Union membership and collective bargaining: trends and determinants (lgh. 1-37). Springer International Publishing.
(3) An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) (2013). The informal economy and decent work: A policy resource guide supporting transitions to formality. An Oifig Idirnáisiúnta Saothair.
(4) Montebello, R., Spiteri, J., & Von Brockdorff, P. (2022). ‘Trade unions and income inequality: Evidence from a panel of European countries.’ International Labour Review.
(5) Tuairim ó Choiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le ‘Ní bheidh aon Chomhaontú Glas ann gan Comhaontú Sóisialta’, (tuairim feintionscnaimh) (IO C 341, 24.8.2021, lch. 23).
(6) https://www.efrag.org/?AspxAutoDetectCookieSupport=1
(7) Athdhearbhaítear é freisin i nDearbhú 1998 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair.
(8) Pisarczyk, Ł. (2023). ‘Towards rebuilding collective bargaining? Poland in the face of contemporary challenges and changing European social policy.’ Industrial Relations Journal.
(9) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (COM(2023) 38 final — 2023/0012 (NLE)) agus maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach: leas a bhaint as a chumas iomlán chun aistrithe córa a bhainistiú (COM(2023) 40 final) (IO C 228, 29.6.2023, lch. 87).
(10) Prionsabal 8.
(11) https://www.oecd.org/employment/negotiating-our-way-up-1fd2da34-en.htm
(12) Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
(13) https://www.etui.org/services/facts-figures/benchmarks/what-s-happening-to-collective-bargaining-in-europe
(14) https://commission.europa.eu/system/files/2016-03/social-dialogue-involvement-of-workers_en.pdf
(15) https://www.oecd.org/employment/negotiating-our-way-up-1fd2da34-en.htm
(16) Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Decent minimum wages across Europe’ (exploratory opinion requested by the European Parliament/Council) [Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Pá Íosta Cuibhiúil ar fud na hEorpa] (IO C 429, 11.12.2020, lch. 159) agus Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Public procurement as a tool to create value and dignity in work in cleaning and facility services’ (own-initiative opinion) [Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa An soláthar poiblí mar uirlis lenar féidir luach agus dínit oibre a chruthú sna seirbhísí glantacháin agus cothabhála] (IO C 429, 11.12.2020, lch. 30) (níl leaganacha Gaeilge ann).
(17) Braakmann, N., & Brandl, B. (2016). The efficacy of hybrid collective bargaining systems: An analysis of the impact of collective bargaining on company performance in Europe.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/12 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Obair leantach maidir le bearta um boilsciú, bearta fuinnimh agus athléimneacht fuinnimh an Aontais le haghaidh earnálacha riachtanacha eacnamaíocha
(tuairim féintionscnaimh)
(2023/C 349/03)
|
Rapóirtéir: |
Felipe MEDINA MARTÍN |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
26.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
151/1/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is é is aidhm don tuairim seo ó CESE measúnú a dhéanamh ar thionchar na géarchéime fuinnimh tar éis phaindéim COVID-19 agus ar thionchar chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin ar ghnólachtaí Eorpacha, ar a n-oibrithe agus ar shaoránaigh uile na hEorpa. Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil fadhbanna fadréimseacha tagtha chun cinn ar fud an gheilleagair, amhail méaduithe díréireacha ar chostais táirgthe, atheagrú slabhraí soláthair, deacrachtaí maidir le bia agus earraí eile a sholáthar, costais infheistíochta mhéadaitheacha agus cailleadh cumhachta ceannaigh ag teaghlaigh Eorpacha. |
|
1.2. |
Is cúis imní do CESE na leibhéil arda bhoilscithe san Eoraip i ngeall ar chostais fuinnimh, ar chostais amhábhar, agus ar phraghsanna seirbhísí agus earraí tionsclaíocha. Is airde ná riamh leibhéal an bhoilscithe san Eoraip ó cruthaíodh an euro. Tá CESE ag tathant ar na hinstitiúidí Eorpacha sásraí rialaithe a bhunú amhail na sásraí sin a leagtar amach sa doiciméad ó Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí. Ba cheart a áireamh leis sin, mar shampla, cur chun feidhme iomlán na mbeart a leagtar amach sa dréacht-Rialachán ón gComhairle, lena ndéantar foráil maidir le hathchóiriú mór agus athdhearadh ar mhargadh an leictreachais. Iarrann CESE ar Bhallstáit an Aontais gníomhartha de chuid an Aontais a glacadh cheana a chur chun feidhme, amhail an pacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’, rud a chabhróidh le dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an margadh inmheánach a dhoimhniú. |
|
1.3. |
Creideann CESE go bhfuil géarghá le creat géarchéime sealadach athbhreithnithe an Aontais a athchóiriú, i bhfianaise an mhéadaithe ollmhóir ar chostais a d’eascair as an gcogadh san Úcráin agus as an ngéarchéim fuinnimh. Molann sé freisin an creat sealadach maidir le bearta státchabhrach a chur i bhfeidhm ar bhealach ina mbeidh feidhm ag an gcabhair dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh, agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar na hearnálacha uile atá thíos leis an ngéarchéim, agus béim ar leith á leagan ar earnálacha ríthábhachtacha. Ar an dóigh sin, ní bhainfear an bonn de chumas roinnt mhaith gnólachtaí teacht slán ón ngéarchéim agus seachnófaí tionchar diúltach ar chostas maireachtála na dtomhaltóirí agus ar a gcumas teacht ar thráchtearraí ar bhonn laethúil. Ina theannta sin, iarrann CESE arís eile go dtabharfaí isteach ‘riail óir’ chun go bhféadfar na hinfheistíochtaí poiblí is gá a dhéanamh. |
|
1.4. |
Measann CESE gur cheart do theaghlaigh agus d’earnálacha ríthábhachtacha tairbhe a bhaint as na pleananna chun tionchar praghsanna arda fuinnimh a laghdú. Cé gur taifeadadh brabúis an-ard i roinnt earnálacha (méadú 26,8 % i gcomparáid leis an ráithe roimhe), de réir innéacs arna úsáid ag Eurostat chun an leibhéal féimheachta san Aontas a thomhas i gcomparáid leis an tagarmharc de 100 in 2015, shroich líon na n-iarratas ar fhéimheacht san Aontas 113,1 – an leibhéal is airde a taifeadadh riamh. Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh teaghlaigh agus earnálacha ríthábhachtacha in ann fuinneamh a fhoinsiú ar bhonn leanúnach tráth a chuirfear bearta i bhfeidhm chun an t-éileamh a laghdú le linn buaicuaireanta. Ag an am céanna, tá méadú tagtha ar bhrabúis roinnt cuideachtaí, in earnáil an fhuinnimh den chuid is mó, faoi scáth an bhoilscithe atá ann cheana, rud atá tugtha le fios ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) (1). Tá brabúis san earnáil sin ag cur leis an mboilsciú san Aontas agus ní mór dul i ngleic leo. |
|
1.5. |
Seo a leanas roinnt de na héifeachtaí a bhí ag an ngéarchéim fuinnimh ar an ngeilleagar: boilsciú ard, fás eacnamaíoch lag, brú mór ar an airgeadas poiblí agus ar chumhacht ceannaigh teaghlach agus gnólachtaí, agus cailliúint iomaíochais eacnamaíoch sheachtraigh. Bunaithe ar mholtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, molann CESE critéar a bhunú, mar atá ‘Green triple-T’ (tailored, targeted and transition-proof) ionas go mbeidh na hidirghabhálacha a dhéanfar amach anseo saincheaptha, spriocdhírithe agus slán ó thaobh an aistrithe de. Bearta neamhroghnaitheacha praghais, amhail an chaidhp phraghais ar roinnt táirgí bia, ní dhéanfaidís ach fad a chur le tréimhse an bhoilscithe ardaithe san fhadtéarma. |
|
1.6. |
Mar gheall ar an mboilsciú ard atá ann i gcónaí, agus ar phraghsanna fuinnimh go háirithe, tá cumhacht ceannaigh á cailleadh ag oibrithe, tomhaltóirí agus cuideachtaí san Eoraip i gcoitinne, rud a dhéanann difear do dhálaí maireachtála cuid mhór teaghlach, don éileamh inmheánach agus don fhás. Chomh maith leis sin, is diúltach an tionchar a bhíonn ag an méid sin, agus ag cothabháil an bheartais airgeadaíochta maidir le rátaí úis a mhéadú, ar roinnt mhaith cuideachtaí. Creideann CESE go bhfuil ról tábhachtach ag an idirphlé sóisialta in earnáil an fhuinnimh maidir le teacht ar na cinntí iomchuí ar an leibhéal náisiúnta. |
|
1.7. |
Tá CESE ag tathant ar na rialtais gnólachtaí agus teaghlaigh a spreagadh chun bearta coigilte fuinnimh agus éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm, bearta lena mbeifear in ann an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú go buan. I ndáil leis an méid sin, ba cheart méadú an fhuinnimh in-athnuaite a spreagadh (trí na coinníollacha dlíthiúla agus fioscacha is gá a leagan síos, lena n-áirítear ‘riail órga maidir le hinfheistíocht’) chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Ba cheart an staid reatha a úsáid mar luamhán chun dlús a chur le dícharbónú gheilleagar an Aontais. Ba cheart ráthaíochtaí maidir le neamh-athlonnú atá nasctha le cabhair airgeadais a bheith ag gabháil leis na bearta sin. Is mithid na hinfheistíochtaí is gá (agus na creatchoinníollacha fioscacha is gá a leagan síos) a dhéanamh in aistriú fuinnimh na hEorpa chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Ina theannta sin, creideann CESE gur cheart dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na hathruithe atá beartaithe ar REPowerEU chun dlús a chur le deonú ceadanna chun bonneagar fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, agus chun an méid sin a chuíchóiriú. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar conas is féidir an praghas a íoctar as an mbarrachas fuinnimh a chuirtear isteach san eangach a oiriúnú ionas gur féidir infheistíochtaí inmharthana a dhéanamh ar mhaithe leis an acmhainneacht a uasmhéadú chun fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint agus chun é a chomhroinnt nuair a sháraíonn sé riachtanais an ghineadóra féin. Ba cheart athnuachan dhearadh an mhargaidh fuinnimh a chur san áireamh i gclár oibre fadtéarmach an Choimisiúin Eorpaigh d’fhonn aon chur isteach ar sholáthar fuinnimh agus praghsanna as cuimse amach anseo a sheachaint. |
2. Tuairimí ginearálta
|
2.1. |
Tá tionchar forleathan ag an rabharta boilscithe atá ag teacht chun cinn go rábach ar fud na hEorpa agus is féidir a aithint go soiléir go bhfuil dhá chéim i gceist leis. D’eascair an chéad chéim as an tréimhse téarnaimh a tháinig i ndiaidh na ndianghlasálacha a cuireadh i bhfeidhm i ngeall ar phaindéim COVID-19. Athsheoladh gníomhaíochtaí na n-earnálacha uile ag an am céanna agus, i ngeall air sin, cruthaíodh scrogaill sna slabhraí soláthair agus tháinig méadú ar chostais na n-amhábhar agus an lastais iompair. Tháinig méadú 101 % ar chostais na n-amhábhar idir mí Eanáir 2020 agus mí an Mhárta 2022 (2) agus méadú 545 % ar chostais lastais sa tréimhse chéanna (3). |
|
2.2. |
Cuireadh tús leis an dara céim bhoilscithe i mí Feabhra 2022 agus ba é fogha na Rúise faoin Úcráin agus an cogadh foghach a d’eascair as ba chúis leis. Maidir leis an gcéim seo, bhí an tionchar is mó ag an suaitheadh ar earnáil an fhuinnimh agus ar roinnt táirgí a raibh an Rúis agus an Úcráin ina mórsholáthróirí díobh chuig an Aontas: gás nádúrtha, cruithneacht, ola lus na gréine agus leasacháin. Idir mí Feabhra agus mí Aibreáin 2022, tháinig méadú 18,6 %, 16,8 %, 38,6 % agus 16,7 % faoi seach ar phraghsanna na n-earraí sin (4). Bhíothas in ann srian a chur leis na costais sin ó shin i leith. Mar sin féin, i mí an Mhárta 2023, bhí na praghsanna in innéacs an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) maidir le praghsanna tráchtearraí 40,9 % níos airde ná mar a bhí in 2020, agus 3,6 % níos airde i gcás costais lastais. |
|
2.3. |
Is léiriú é an boilsciú ar thionchar na bhforbairtí sin ar an ngeilleagar domhanda agus Eorpach. Dar le Eurostat, shroich an t-athrú bliantúil ar an innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT) (5) laistigh den limistéar euro 11,5 % i mí Dheireadh Fómhair. Níor sroicheadh leibhéil den chineál sin ón gcéad seo caite, agus cé go ndeachaigh siad ar gcúl de bheagán le míonna beaga anuas (8,3 % a bhí sa ráta i mí an Mhárta 2023), is cosúil go bhfuil sé an-deacair na leibhéil sin a laghdú. Is léir ón mboilsciú foluiteach (gan earnáil an fhuinnimh a áireamh), atá ag dul i méid sa chuid is mó den Eoraip, nach géarchéim ghearrthéarmach é an suaitheadh ar phraghsanna, mar a measadh ar dtús. Mar sin, d’fhéadfadh sé nach bhfuil na torthaí a raibh coinne leo á mbaint amach ag an mbeartas airgeadaíochta a sheol an Banc Ceannais Eorpach. |
3. Tionchar an bhoilscithe ar gheilleagar na hEorpa
|
3.1. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go ndeachaigh an t-ionchas eacnamaíoch in olcas tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022. I gcomparáid le 2022, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an bhfás eacnamaíoch sna blianta atá le teacht (6). Mar sin féin, tá feabhas tagtha ar na réamh-mheastacháin sin le míonna beaga anuas. Le linn an gheimhridh, mheas an Coimisiún Eorpach go dtiocfadh méadú beag 0,8 % ar OTI in 2023 agus méadú measartha 1,6 % ar OTI san Aontas ina iomláine in 2024. Mar sin féin, sna réamh-mheastacháin a rinneadh le déanaí san earrach, méadaíodh na céatadáin sin go 1,0 % agus 1,7 % faoi seach. Ag an am céanna, meastar go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an mboilsciú, cé go mbeidh sé níos moille ná mar a bhíothas ag súil ar dtús (9,2 % in 2022, 6,7 % in 2023 agus 3,1 %% in 2024). Beidh an margadh saothair faoi bhrú mar gheall ar ráta íseal fáis agus tá méadú ag teacht ar fhiachas náisiúnta, i ngeall ar an méadú mór atá déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach, mar shampla, ar rátaí úis, rud a chuirfidh brú fioscach ar fhormhór na mBallstát. |
|
3.2. |
Is iad na 96,5 milliún Eorpach atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiata shóisialta na daoine is mó atá thíos leis an mboilsciú ard. I suirbhé Eorabharaiméadair, luaigh 41 % de fhreagróirí gurb iad praghsanna, boilsciú agus costas maireachtála cuid de na fadhbanna is mó atá os comhair a dtíre. Luaigh 32 % díobh an tsláinte agus 19 % an staid eacnamaíoch. |
|
3.3. |
Mar thoradh ar chinntí beartais a glacadh, gearradh beagnach go hiomlán soláthairtí gáis ón Rúis chuig an Aontas agus tá beagnach leath de na Ballstáit thíos le seachadtaí laghdaithe. Tá tionchar diúltach ag an méadú ar an mboilsciú agus ar phraghsanna tráchtearraí, ag ganntanais lucht saothair agus ag suaitheadh sna slabhraí soláthair domhanda ar shlabhraí soláthair bia agus neamhbhia na hEorpa. De réir ionchas eacnamaíoch na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, tiocfaidh moill mhór ar an bhfás domhanda in 2023 go 2,2 %. |
|
3.4. |
Dar leis an mBanc Ceannais Eorpach, is é an méadú ar phraghsanna fuinnimh atá freagrach as dhá thrian den difreálach boilscithe sa limistéar euro. De réir an Choimisiúin, méadú 54 % a tháinig ar chorrlaigh bhrabúis in earnáil an fhuinnimh idir 2019 agus 2022, fad is nár tháinig ach méadú 6 % ar phá. Ní hamháin go mbíonn tionchar ag caillteanas cumhachta ceannaigh an lucht saothair, tomhaltóirí agus cuideachtaí san Eoraip i gcoitinne ar dhálaí maireachtála roinnt mhaith teaghlach ach, mura dtéitear i ngleic leis an gcaillteanas sin, d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh don éileamh agus don fhás intíre agus d’earnálacha gnó eile dá dheasca sin. Is éard is cúis leis sin ar fad freisin nach bhfuil deireadh á chur leis an mbeartas airgeadaíochta maidir le rátaí úis a mhéadú. Creideann CESE go bhfuil ról tábhachtach ag an idirphlé sóisialta in earnáil an fhuinnimh maidir le teacht ar na cinntí iomchuí ar an leibhéal náisiúnta. |
|
3.5. |
Cé go bhfuil méadú tagtha ar phraghsanna tomhaltóirí san Eoraip ar bhonn ginearálta, ní raibh an treocht maidir le pá chomh luaineach céanna. Ciallaíonn sé sin go bhfuil laghdú tagtha ar chumhacht cheannaigh shaoránaigh na hEorpa, go háirithe na ndaoine is leochailí nach bhfuil na huirlisí acu chun iad féin a chosaint ar an mboilsciú. Go deimhin, is féidir athruithe ar iompraíocht na dtomhaltóirí a thabhairt faoi deara cheana. Is é is cúis leis na hathruithe sin an laghdú atá tagtha ar chumhacht cheannaigh na dteaghlach, a bhfuil géarchéim mhór maidir le costais mhaireachtála ag bagairt orthu, géarchéim a bhaineann leis an méadú ollmhór ar bhillí fuinnimh agus ar thionchar an bhoilscithe. Tá éagsúlachtaí móra idir na hionstraimí a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun tomhaltóirí teaghlaigh leochaileacha a chosaint agus, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh éifeachtacht na n-ionstraimí sin a bheith teoranta. Ba cheart don Choimisiún Eorpach machnamh a dhéanamh ar na híoschaighdeáin atá le cur i bhfeidhm ag rialtóirí agus ag lucht ceaptha beartas a fhiosrú chun tomhaltóirí leochaileacha teaghlaigh a chosaint agus chun tacaíocht a chur ar fáil dóibh. |
|
3.6. |
Tá an táirgeadh bia (talmhaíocht, feirmeoireacht beostoic agus tionscal an bhia san áireamh), agus dáileadh an bhia ar thomhaltóirí deiridh, ar cheann de na hearnálacha is mó atá thíos le héifeacht na paindéime agus an chogaidh. Mar gheall ar a ghaire atá an Eoraip don chogadh agus an tionchar atá aige sin ar mhargaí fuinnimh agus amhábhar, tá bearna praghsanna ag teacht chun cinn maidir le táirgí talmhaíochta idir an Eoraip agus na margaí idirnáisiúnta, margaí ina bhfuil an t-ardú is mó tagtha ar phraghsanna Eorpacha. Dá bhrí sin, de réir na deaise maidir le praghsanna tráchtearraí ó mhí Aibreáin 2023, tá an ráta fáis praghsanna don chuid is mó de tháirgí talmhaíochta na hEorpa níos airde ná an ráta domhanda, go háirithe a mhéid a bhaineann le táirgí feola. Tá trí phríomhéifeacht ag an iompar seo. Ar an gcéad dul síos, tá tionchar níos láidre ag an mboilsciú ar dhaonra na hEorpa i réimse na n-earraí fíor-riachtanacha. Ar an dara dul síos, tá laghdú ag teacht ar iomaíochas tháirgí bia na hEorpa ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ar an tríú dul síos, tá ardú tagtha ar an bpraghas a íoctar le feirmeoirí mar thoradh ar chostais táirgthe níos airde. |
|
3.7. |
Mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tháinig dúshláin ollmhóra chun cinn i slabhra an tsoláthair bia, sa bhreis ar chostais fuinnimh: méadú ar na praghsanna ar phríomh-ionchuir (beatha, leasacháin) agus ganntanais tráchtearraí áirithe (e.g. olaí glasraí agus cruithneacht), ar ionchuir iad a bhfuil gá leo chun slabhra soláthair lánfheidhmiúil a choinneáil. De bharr éifeacht na ndúradán a bhaineann leis na costais mhéadaitheacha, tá cinntí á ndéanamh táirgeadh leasacháin a laghdú, rud a ardóidh praghsanna tuilleadh. Is iad na triomaigh a tharla ar fud na hEorpa le linn shamhradh 2022 agus in 2023 go dtí seo is cúis le brú níos mó ar phraghsanna, ós rud é go bhfuil laghdú ag teacht ar an soláthar atá ar fáil. |
|
3.8. |
Tá ualach dúbailte os comhair roinnt earnálacha ríthábhachtacha, lena n-áirítear gnólachtaí agus oibrithe, nach féidir leo a ngníomhaíochtaí a chur ar fionraí, beag beann ar a dheacra atá an staid: tá níos lú tomhaltóirí toilteanach íoc as na costais agus tá na costais sin ag méadú ag an am céanna, go háirithe i gcás billí fuinnimh atá fíor-ard. Tá iarracht déanta ag gnólachtaí earnáil an bhia teorainn a chur leis an méadú ar chostais chun praghsanna iomaíocha a áirithiú do thomhaltóirí agus tá imní orthu anois go mbeidh géarchéim tomhaltóirí ann (Hidalgo, M., 2023 (7); Eurocommerce, 2023). Sa chéad tuarascáil ó rialtas na Spáinne ar an bhfhaireachlann um chorrlaigh (8) a foilsíodh le déanaí, tugadh le fios go bhfuil laghdú 25 % tagtha ar chorrlaigh i measc an bhiashlabhra ó bhí 2021 ann. Is léir, mar sin, go bhfuil éabhlóid na gcorrlach brabúis an-ilchineálach. |
Ag an am céanna, tá méadú tagtha ar bhrabúis roinnt cuideachtaí, in earnáil an fhuinnimh den chuid is mó, faoi scáth an bhoilscithe atá ann cheana, mar a léiríonn an Banc Ceannais Eorpach (BCE) (9). Tá brabúis san earnáil sin ag cur leis an mboilsciú san Aontas agus ní mór dul i ngleic leo.
|
3.9. |
Déanann Banc na Spáinne (10) tagairt do na héifeachtaí dearfacha a bhí ag ‘cás eisceachtúil na hIbéire’ nó ‘sásra na hIbéire’, mar a thugtar air, ar chóras praghsála an mhargaidh leictreachais. Chomh maith leis sin, pléann sé an tionchar dearfach (bíodh is go raibh sé teoranta) a bhí ag laghdú CBL ar phraghsanna bia agus breosla, cé go gcuireann sé in iúl go mbainfeadh costas níos ísle leis an mbeart dá mbeadh sé dírithe ar thacaíochtaí do theaghlaigh ar ioncam íseal. Tagraíonn Banc na Spáinne, freisin, don tionchar dearfach a bhí ag na méaduithe a rinne Rialtas na Spáinne ar an bpá íosta idirghairmiúil, ar phinsin agus ar Ioncam Beatha Íosta chun éifeachtaí boilscithe a mhaolú do theaghlaigh ar ioncam íseal. |
4. Tionchar na gcostas fuinnimh atá ag dul i méid ar bhrabúsacht gnólachtaí Eorpacha
|
4.1. |
Ó thús 2021, tá méadú faoi fhachtóir 15 tagtha ar phraghsanna mórdhíola leictreachais agus gáis, agus tá tionchar tromchúiseach aige sin ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí. Tá tús curtha ag rialtais na hEorpa le sraith beartas a chur chun feidhme mar fhreagairt air sin. Tá cineál amháin de na beartais sin dírithe ar an tionchar a bhíonn ag costais mhéadaithe ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí a mhaolú. Is é is aidhm do bhearta eile praghsanna mórdhíola a chobhsú agus a laghdú agus an tslándáil fuinnimh a áirithiú. Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar dhearadh an mhargaidh leictreachais agus ar an gcóras ríofa praghsanna leictreachais, i gcomhréir le tuairim TEN/793 (11). |
|
4.2. |
Tá éagsúlacht mhór ann maidir leis an gcaoi a n-imríonn praghsanna fuinnimh tionchar ar chostais gnólachtaí: ar an gcéad dul síos, trí chostas an tsoláthair leictreachais féin; ar an dara dul síos, trí thionchar indíreach na n-iarmhairtí ar an gcuid eile den slabhra soláthair; ar an tríú dul síos, i ngeall ar na hiarmhairtí airgeadais a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar an méid sin. Mar shampla, measadh i staidéar a rinne Banc na Spáinne a foilsíodh ex ante in earrach 2022 (12) go dtiocfadh laghdú 1,6 % ar oll-bhreisluach gnólachtaí in 2023 mar thoradh ar mhéadú carnach 25 % ar a gcostais fuinnimh. Mar sin féin, is í an mheánéifeacht atá i gceist leis sin. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil roinnt earnálacha thíos níos mó ná earnálacha eile. Is í an earnáil eastósctha ola agus gáis nádúrtha is mó a bhfuil tairbhe á baint aici as sin. Is iad seo a leanas na hearnálacha is mó a ndéanfaí dochar dóibh: iascach agus dobharshaothrú, iompar de thalamh, iompar muirí agus uiscebhealaí intíre, trádáil agus deisiú mótarfheithiclí, talmhaíocht agus feirmeoireacht bheostoic, oideachas, aeriompar, gníomhaíochtaí eastáit réadaigh, monarú táirgí cóic agus peitriliam scagtha, gníomhaíochtaí sláinte agus seirbhísí sóisialta agus fáilteachais. Léirigh cuid de na hearnálacha sin le linn na paindéime cé chomh tábhachtach atá siad d’fheidhmiú rianúil gheilleagar an Aontais. Níl roinnt mhaith de na hearnálacha is mó atá buailte dian ó thaobh leictreachais de ina ngníomhaíocht táirgthe, ach is tomhaltóirí móra iad. |
|
4.3. |
Anuas ar an tionchar díreach agus indíreach ar oll-bhreisluach na ngnólachtaí (corrlaigh), tá tionchar ag an leochaileacht airgeadais mhéadaithe chomh maith. I dtuarascáil Bhanc na Spáinne, déantar tagairt do na hearnálacha is mó atá buailte. Tá grúpa earnálacha ann a bheadh an-leochaileach. Ní hamháin go mbeidís i bhfiachas iomarcach, ach bheadh brabúsacht dhiúltach i ndán dóibh in 2023 chomh maith. Is iad seo a leanas na hearnálacha sin: trádáil agus deisiú mótarfheithiclí; iompar de thalamh agus de phíblíne; iascach agus dobharshaothrú; talmhaíocht agus feirmeoireacht bheostoic; agus teicstílí, éadaí, leathar agus coisbheart. |
|
4.4. |
De réir mar a laghdaíonn stoic charnacha an gháis nádúrtha san Eoraip (68 % a bhí sa mhéid a stóráladh i mí na Bealtaine 2023 (13)), beidh dúshláin bhreise romhainn maidir lenár mbeartas fuinnimh a bhainistiú. Tá difríocht fós ann idir na cainníochtaí a soláthraíodh roimhe seo ón Rúis agus ó na soláthraithe malartacha, mar sin ní dócha go dtiocfaidh laghdú ar phraghsanna sa ghearrthéarma. Os a choinne sin, tháinig laghdú suntasach ar an éileamh. Mar thoradh ar phraghsanna arda fuinnimh, laghdaítear iomaíochas ár dtionscal agus ár slabhraí soláthair, agus dá réir sin, tugtar tús áite d’eisfhoinsiú gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas. Ar an gcaoi sin, tá laghdú ag teacht ar neamhspleáchas straitéiseach an Aontais chomh maith. Tá tionchar an-suntasach ar theaghlaigh, go háirithe ar na daoine is leochailí, agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta nó i staid bochtaineachta. Leanfaidh sé sin de bheith amhlaidh go dtí 2024 ar a laghad (14). D’fhonn na saincheisteanna sin a chomhrac, molann CESE roinnt beart a dhéanamh lena n-áirítear an méid seo a leanas: ráthaíochtaí suímh a bhaineann le tacaíocht airgeadais; bearta coigiltis fuinnimh agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh breise a bhfuil gá leo le haghaidh cuideachtaí chun an t-éileamh a laghdú; infheistíochtaí ollmhóra; agus na creatchoinníollacha fioscacha is gá chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a leathnú, rud a laghdódh an spleáchas ar bhreoslaí iontaise. |
|
4.5. |
Mar thoradh air sin, i ngeall ar an méadú ollmhór atá tagtha ar chostais fuinnimh, is mó atá inmharthanacht roinnt mhaith gnólachtaí agus teaghlach i mbaol. Cé gur geimhreadh éadrom a bhí ann i mbliana, ní féidir a bheith ag súil go mbeidh dálaí comhshaoil fabhracha ann i gcónaí. Ar an gcúis sin, ba cheart bearta a dhéanamh chun teaghlaigh atá an-leochaileach a chosaint, trí bhearta sonracha a ghlacadh sa réimse sin. |
|
4.6. |
I gcás na ngnólachtaí, d’fhéadfadh méaduithe ollmhóra ar chostais gnólachtaí, ar méaduithe iad nach féidir a ríomh den chuid is mó, mar aon leis an drogall atá ar thomhaltóirí airgead a chaitheamh, a bheith ina gcúiseanna le hathlonnú éigeantach i gcásanna áirithe. Mar sin féin, níl sé sin indéanta do ghnólachtaí a chuireann seirbhís riachtanach ar fáil do chustaiméirí agus don chuid eile den slabhra soláthair, toisc nach féidir leo deireadh a chur lena n-oibríochtaí mar gheall ar mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh. |
|
4.7. |
Cé gur measadh go raibh líon mór earnálacha agus a n-oibrithe ríthábhachtach le linn phaindéim COVID-19, is ríshoiléir go bhfuil an t-aitheantas sin in easnamh sa ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair. Go dtí seo, níor thug na Ballstáit tacaíocht shonrach do chuid mhaith de na hearnálacha sin. Tá iarracht déanta ag gnólachtaí a bhaineann leis na hearnálacha sin, mar aon le hoibrithe na ngnólachtaí sin, chun tomhaltóirí a chosaint, fiú ar chostas a gcorrlach féin, agus tá sé deacair dóibh costas iomlán an mhéadaithe ollmhóir ar bhillí fuinnimh a chur ar aghaidh chuig custaiméirí. Ní féidir leanúint leis an staid sin san fhadtéarma. Ar an gcaoi chéanna, creideann CESE nach bhfuil an chosaint atá á cur ar fáil ag na rialtais do dhaoine faoi láthair chomh maith céanna agus a bhí tráth na paindéime. |
|
4.8. |
Tá roinnt infheistíochtaí á ndéanamh ag a lán gnólachtaí chun tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun feabhas a chur ar a gcumas maidir le rochtain a bheith acu ar fhuinneamh in-athnuaite. Creideann CESE gur féidir le gnólachtaí gníomhú chun dlús a chur leis an iompar a leictriú agus le gás le haghaidh téimh a ionadú, mar aon le ról lárnach a bheith acu san aistriú fuinnimh agus i spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh in-athnuaite. Chun an méid sin a bhaint amach, áfach, beidh gá le creat rialála fabhrach, lena n-áirítear ceadanna a dheonú agus dídhreasachtaí praghais a chomhrac maidir le níos mó fuinnimh a tháirgeadh. |
|
4.9. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé oibleagáidí REPowerEU agus feidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh a ailíniú le tacaíocht agus le cumas na n-oibreoirí maidir le costas na n-infheistíochtaí suntasacha a bhaineann leis an méid sin a sheasamh. Beidh na bearta sin tábhachtach chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, ach ba cheart na hoibleagáidí a nascadh le cistiú poiblí agus príobháideach a bheith ar fáil. Ba cheart athnuachan dhearadh an mhargaidh fuinnimh a chur san áireamh i gclár oibre fadtéarmach an Choimisiúin Eorpaigh d’fhonn aon chur isteach ar sholáthar fuinnimh agus praghsanna as cuimse amach anseo a sheachaint. Leis an athdhearadh sin, ba cheart oiliúint an lucht saothair a mbeidh baint aige leis an earnáil a chur san áireamh. |
Ar an gcaoi chéanna, creideann CESE gur cheart na gnéithe praiticiúla a bhaineann le hinfhaighteacht trealaimh agus lucht saothair oilte a léiriú in oibleagáidí an dá chláir maidir le stáisiúin athluchtaithe thapa a shuiteáil le haghaidh feithiclí nó le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha. Is gá a áirithiú gur féidir na cistí a eisíocadh trí na tograí nua a úsáid chun a áirithiú gur féidir an t-aistriú sin a dhéanamh laistigh de na spriocdhátaí a leagadh síos.
An Bhruiséil, 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Staidéar ó BCE ar an mboilsciú, 2023.
(2) Innéacs CAI maidir le praghsanna tráchtearraí, ar fáil ag https://www.imf.org/en/Research/commodity-prices.
(3) Freightos Baltic Index, ar fáil ag https://fbx.freightos.com/.
(4) Innéacs CAI maidir le praghsanna tráchtearraí, ar fáil ag https://www.imf.org/en/Research/commodity-prices.
(5) Eurostat, ar fáil ag https://ec.europa.eu/.
(6) https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-forecast-and-surveys/economic-forecasts/spring-2023-economic-forecast-improved-outlook-amid-persistent-challenges_en
(7) Margins and profits of Spanish food retailers in 2022.
(8) OME Informe Trimestral 2023T3 (bde.es).
(9) Staidéar ó BCE ar an mboilsciú, 2023.
(10) https://www.bde.es/f/webbe/SES/Secciones/Publicaciones/PublicacionesAnuales/InformesAnuales/22/Files/InfAnual_2022_En.pdf
(11) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/943 agus (AE) 2019/942 mar aon le Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 chun feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (COM(2023) 148 final — 2023/0077(COD)) (IO C 293, 18.8.2023, lch. 112).
(12) Ar fáil ag: https://www.bde.es/f/webbde/Secciones/Publicaciones/InformesBoletinesRevistas/InformesEstabilidadFinancera/22/IEF_2022_1_Rec1_4.pdf.
(13) Tá breis faisnéise ar fáil ag: https://agsi.gie.eu/data-overview/eu.
(14) EIU (2023): Energy crisis will erode Europe’s competitiveness in 2023, ar fáil ag: https://www.eiu.com/n/energy-crisis-will-erode-europe-competitiveness-in-2023/.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/18 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tomhaltas éifeachtúil uisce agus feasacht tomhaltóirí maidir lena lorg uisce
(tuairim féintionscnaimh)
(2023/C 349/04)
|
Rapóirtéir |
: Milena Angelova |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
29.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
190/2/6 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá uisce riachtanach don saol, don chomhshaol agus don gheilleagar, agus, dá réir sin, is leas coiteann é nach mór a bheith inrochtana agus inacmhainne do chách. Níos tábhachtaí fós, ní mór é a urramú agus a chosaint. Mar gheall ar thionchar an duine agus an t-athrú aeráide, tá méadú ag teacht ar an nganntanas uisce ar fud an domhain agus san Eoraip. Bíonn tionchar ag an strus maidir le huisce ar thart ar 20 % de chríoch na hEorpa agus ar 30 % dá daonra (1). Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) reachtaíocht chuimsitheach an Aontais a tugadh isteach sa réimse sin (2) agus iarrann sé go ndéanfaí í a chur chun feidhme go pras agus go héifeachtúil, ionas go n-áiritheofar tomhaltas éifeachtúil uisce, agus ionas go mbeidh rochtain ag gach saoránach den Aontas ar uisce. |
|
1.2. |
Iarrann CESE go ndéanfaí bearta sonracha a dhearadh agus a chur chun feidhme go pras chun feasacht ar thomhaltas éifeachtúil uisce a mhéadú agus chun nuálaíochtaí teicneolaíochta a chur chun cinn chun éifeachtúlacht uisce a mhéadú i gcórais táirgthe, chomh maith le straitéisí maidir le dramhaíl a íoslaghdú agus maidir le hathchúrsáil. I gcomhréir le cur i bhfeidhm an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, tá CESE ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na geallsealbhóirí na rialacha atá i bhfeidhm (3). |
|
1.3. |
Tá béim á leagan ag CESE ar a ríthábhachtaí atá sé na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi thomhaltas éifeachtúil uisce, a bhfeasacht a ardú ina leith sin, agus iad a spreagadh agus a threorú i dtreo na sprice sin. Tá freagracht chomhroinnte ar lucht ceaptha beartas, ar na comhpháirtithe sóisialta, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar na geallsealbhóirí uile cumarsáid shoiléir a dhéanamh maidir le luach an uisce agus an lorg a bhaineann leis, úsáid fearas atá éifeachtúil ó thaobh uisce de a chur chun cinn agus dreasachtaí a chur ar fáil do thomhaltóirí chun iad a spreagadh uisce a choigilt agus iarracht a dhéanamh barrfheabhas a bhaint amach ar bhonn leanúnach. |
|
1.4. |
Iarrann CESE ar an Aontas, ar na Ballstáit, ar na húdaráis inniúla, ar oibreoirí uisce, agus ar na páirtithe uile atá rannpháirteach sa phróiseas iarracht a dhéanamh, laistigh dá n-inniúlachtaí féin, feabhas leanúnach a chur ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus éifeachtúlacht uisce. Gnéithe riachtanacha den phróiseas sin is ea acmhainní uisce óil a chosaint níos fearr, bogadh i dtreo úsáid chiorclach a bhaint as an uisce, soláthar poiblí uisce a áirithiú ar phraghas cothrom do sheirbhísí, agus an bhochtaineacht uisce a chosc. |
|
1.5. |
Molann CESE na bearta seo a leanas a chur chun feidhme go pras chun tomhaltas éifeachtúil uisce agus feasacht tomhaltóirí maidir lena lorg uisce a fheabhsú agus chun rannchuidiú le sochaí atá cliste ó thaobh bainistiú uisce de a bhaint amach (4): |
1.5.1. Bearta atá dírithe ar thomhaltóirí a spreagadh agus a threorú i dtreo tomhaltas éifeachtúil uisce
|
1.5.1.1. |
Cumarsáid shoiléir maidir le luach an uisce (beart a chuirfidh na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí uisce chun feidhme). Ba cheart feachtais chumarsáide chun iompar fadtéarmach a athrú a eagrú chun oideachas a chur ar thomhaltóirí maidir leis an luach a bhaineann le huisce agus le seirbhísí uisce, agus chun aghaidh a thabhairt go sonrach ar bhearta éigeandála gearrthéarmacha mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna a eascraíonn as an athrú aeráide (triomach agus tuilte). Spriocghrúpa tábhachtach amháin is ea leanaí. Ba cheart é a bheith ina ghnáthnós úsáid uisce óil a ionadú le foinsí neamhghnácha uisce (e.g. nuair is féidir, gairdíní a uisciú nó carranna a ní le huisce báistí a bhailítear). |
|
1.5.1.2. |
Fearais/feistí atá éifeachtúil ó thaobh uisce de a chur chun cinn (beart a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit chun feidhme). Sa lá atá inniu ann, baineann teaghlaigh phríobháideacha úsáid as roinnt mhaith fearais/feistí a ídíonn uisce. I ngeall ar an dul chun cinn atá déanta i réimse na teicneolaíochta, tá laghdú déanta ag roinnt mhaith de na teaghlaigh sin ar a n-úsáid uisce le blianta beaga anuas, rud a thacaíonn leis an treocht maidir leis an laghdú atá ag teacht ar úsáid uisce per capita. Tá gá le dreasachtaí breise chun táirgeoirí a spreagadh leanúint den nuálaíocht ionas go bhfeabhsófar éifeachtúlacht uisce a bhfearas, chun tomhaltóirí a spreagadh na fearais sin a cheannach agus a úsáid. Ba cheart lipéad tomhaltais uisce a bheith ar gach fearas/gléas den sórt sin. |
|
1.5.1.3. |
Na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina lorg uisce (beart a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit chun feidhme). Tá i bhfad níos mó i gceist le tomhaltas uisce iarbhír na dteaghlach príobháideach ná úsáid a bhaint as uisce óil. Tá méid áirithe uisce (5) i ngach táirge agus seirbhís a ídítear agus is minic a bhíonn cuid mhór de lorg uisce an tomhaltóra lasmuigh dá réigiún/tír, nó fiú den Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, bíonn tionchar ag roghanna na dtomhaltóirí ar úsáid uisce réigiúnach, náisiúnta agus domhanda. Ó thaobh an oideachais de, is paraiméadar éifeachtach é an lorg uisce. Cuireadh san áireamh é le déanaí freisin sna cláir a d’fhorbair roinnt mhaith fóntas do scoileanna. Tá roinnt áireamháin lorg carbóin ar fáil ar líne, ar féidir tomhaltóirí úsáid a bhaint astu trína gcuid sonraí a chur isteach, chun a lorg carbóin a fháil. Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas fúthu trí fheachtais faisnéise. |
1.5.2. Bearta atá dírithe ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus éifeachtúlacht uisce a fheabhsú
|
1.5.2.1. |
Soláthar poiblí uisce a áirithiú (beart a chuirfidh na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí uisce chun feidhme). Mar chuid de chur chuige iomlánaíoch, ba cheart bearta a dhéanamh chun éifeachtúlacht agus athléimneacht an chórais soláthair agus dáileacháin uisce óil a fheabhsú trí rialú níos fearr a dhéanamh ar sceitheadh, i gcás inar gá, trí fhoinsí malartacha uisce óil a fhorbairt agus trí bhearta iomchuí eile a chur i bhfeidhm. Is éard atá i gceist leis sin freisin, d’fhonn an tsláinte phoiblí agus an fholláine phoiblí a chosaint, go ndéanfaidh na Ballstáit bearta a bhreithniú chun a áirithiú go mbeidh tosaíocht ag an soláthar poiblí uisce ar úsáidí eile uisce le linn tréimhsí géarghanntanais uisce. |
|
1.5.2.2. |
Praghas cothrom a áirithiú le haghaidh seirbhísí uisce bunaithe ar aisghabháil iomlán costas agus inacmhainneacht a ráthú do ghrúpaí leochaileacha ag an am céanna (beart a chuirfidh na húdaráis inniúla chun feidhme). Le Treoir 2000/60/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit an prionsabal maidir le haisghabháil chostais na seirbhísí uisce a chur san áireamh, a mhéid a bhaineann le hearnáil na tionsclaíochta, le teaghlaigh agus leis an talmhaíocht, ar a laghad. De réir shonraí an Choimisiúin agus na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), níl costas iomlán na seirbhísí uisce á aisghabháil ach i naoi mBallstát (6). I bhformhór na gcásanna, tá sé teoranta do theaghlaigh phríobháideacha. Cé gur cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun inrochtaineacht agus inacmhainneacht seirbhísí uisce a áirithiú do na grúpaí is leochailí (7), tá sé tábhachtach go léireodh an taraif uisce fíorchostas na seirbhísí uisce. Cinnteoidh sé sin, mar aon le méadrú cruinn tomhaltais, go mbeidh na tomhaltóirí níos fearr ar an eolas faoi chostas na seirbhísí uisce. Ba cheart do na Ballstáit plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht muirir a ghearradh bunaithe ar ‘luach an uisce’, rud a áiritheodh go gcaomhnófaí an acmhainn ghannta seo do na glúnta atá le teacht freisin. D’fhéadfadh comharthaí praghais a bheith san áireamh i dtaraifí uisce chun éifeachtúlacht úsáide uisce a mhéadú. Mar shampla, d’fhéadfadh méadú teacht ar tharaifí nuair a sháraítear méid áirithe tomhaltais per capita laistigh de theaghlach, nó nuair atá an soláthar uisce faoi bhagairt ag ganntanas sealadach uisce. |
|
1.5.2.3. |
Méadrú éifeachtúil ar thomhaltas uisce trí chruinneas an tomhais a mhéadú (beart a chuirfidh na Ballstáit, na bardais agus na soláthraithe uisce chun feidhme):
|
|
1.5.2.4. |
Acmhainní uisce óil a chosaint níos fearr (beart a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit chun feidhme). Ní mór acmhainní uisce óil a chosaint ar éilliú de dhéanamh an duine. Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór plean gníomhaíochta an Aontais um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú a chur chun feidhme go dian trí phrionsabail an réamhchúraim agus an rialaithe ag an bhfoinse a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, maidir le gach substaint ar údar imní é a d’fhéadfadh dul isteach in acmhainní uisce óil. Tagann éilleáin ó fhoinsí tionsclaíocha freisin (substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile [PFASanna], an chógaisíocht, díghalráin etc.) nó ó fhoinsí talmhaíochta (lotnaidicídí, níotráití). Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Aontas ar ghníomhartha reachtacha ábhartha ar féidir leo truailliú a chosc ag an bhfoinse, lena n-áirítear Treoir 2010/75/AE (8), Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (9), Treoir 2009/128/CE (10), Rialachán 726/2004 (11) agus Treoir 2001/83/CE (12). Ní mór a áirithiú go gcosnóidh na rialacha a bheidh ann amach anseo ár n-acmhainní uisce go héifeachtach. |
|
1.5.2.5. |
Bogadh i dtreo úsáid chiorclach a bhaint as an uisce (beart a chuirfidh an tAontas, na Ballstáit agus na hoibreoirí uisce chun feidhme). Is féidir an éifeachtúlacht uisce a mhéadú trí uisce a athúsáid. Ar thaobh amháin, ba cheart teaghlaigh phríobháideacha a spreagadh chun uisce báistí a bhailiú nuair is féidir, agus é a úsáid chun críocha iomchuí, lena n-áirítear chun gairdíní a uisciú agus glanadh). Ar an taobh eile, ní mór bearta éifeachtacha maidir le rialú ag an bhfoinse a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh éilleáin san fhuíolluisce a tháirgeann teaghlaigh, ar éilleáin iad a d’fhéadfadh athúsáid fuíolluisce chóireáilte le haghaidh uisciúcháin agus chun críocha eile a chur i mbaol. |
|
1.5.2.6. |
Oiriúnú don athrú aeráide (beart a chuirfidh na Ballstáit, na bardais agus na hoibreoirí fuíolluisce chun feidhme). Tá éagsúlachtaí ann maidir leis an tionchar a bhíonn ag an athrú aeráide ar na réigiúin. Tá tábhacht ar leith ag baint le bearta a chur in oiriúint do dhálaí áitiúla. Go ginearálta, beidh gá le hathmhachnamh a dhéanamh ar an bpleanáil uirbeach trí bhailte a chlaochlú ina gcathracha ‘spúinse’ (13). Tríd an méid sin a dhéanamh, cuirfear feabhas ar an aeráid uirbeach, ligfear d’uisce báistí a shileadh chun bealaigh agus laghdófar líon na n-eachtraí maidir le forsceitheadh ó chomhchórais séarachais. |
|
1.5.2.7. |
Dea-rialachas a áirithiú (beart a chuirfidh na Ballstáit, na réigiúin agus na bardais chun feidhme). Chun athruithe a bhaint amach, tá gá le struchtúir rialachais atá soiléir agus éifeachtúil. Ach na struchtúir sin a bheith ar fáil, ba cheart a bheith in ann an comhar idir na gníomhaithe uile a neartú agus freagrachtaí a chinneadh. Ba cheart gníomhaíochtaí a bhunú ar réamhaisnéisí cruinne ar thionchair an athraithe aeráide ar na réigiúin agus ar fhorbairt phatrúin an éilimh ar uisce (talmhaíocht, tionsclaíocht, forbairt an daonra etc.) sna blianta amach romhainn. |
|
1.5.2.8. |
Na húdaráis phoiblí ina gcáil mar cheannródaithe (beart a chuirfidh na Ballstáit agus na bardais chun feidhme). Ós rud é go bhfuil na húdaráis phoiblí, lena n-áirítear na hinstitiúidí Eorpacha, freagrach as bearta beartais agus socruithe praiticiúla a cheapadh agus a chur chun feidhme, ba cheart ról ceannasach a bheith acu maidir lena lorg uisce a laghdú. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Mar chuid de thionscnamh suaitheanta CESE do 2023 lena bhféachtar le haghaidh a thabhairt ar uisce mar thosaíocht thábhachtach ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda, fiosraítear sa tuairim féintionscnaimh seo na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh tomhaltas uisce na dtomhaltóirí san Aontas níos éifeachtúla. Cuirtear san áireamh chomh maith saincheisteanna comhshaoil, bearnaí eolais agus staid na himeartha maidir le teicneolaíochtaí gaolmhara. Cuirtear smaointe chun cinn sa tuairim seo maidir le conas tomhaltas agus scaoileadh uisce na dteaghlach a bharrfheabhsú, bunaithe ar fhís chuimsitheach ar ról na dtomhaltóirí agus ar a riachtanais ó thaobh chainníocht agus cháilíocht an uisce de, agus déantar moltaí sonracha chun na críche sin. |
|
2.2. |
Tá uisce riachtanach don saol, don chomhshaol agus don gheilleagar, agus, dá réir sin, is leas coiteann é nach mór a urramú agus a chosaint. Mar sin féin, tá acmhainní uisce na hEorpa faoi bhagairt mar gheall ar an athrú aeráide, ós rud é go bhfuil roinnt mhaith imchuacha uisce (an Mheánmhuir go háirithe (14)) thíos le frasaíocht fhoriomlán laghdaithe agus tréimhsí triomaigh níos faide, agus, ag an am céanna, tá formhór na réigiún thíos le níos mó stoirmeacha báistí arb iad is cúis le tuilte tubaisteacha. Ina theannta sin, i ngeall ar an méadú atá ag teacht ar leibhéil na bhfarraigí, d’fhéadfadh uisce sáile dul isteach in uiscígh fhionnuisce. |
|
2.3. |
Is ag dul i méid atá an éagothroime idir infhaighteacht na hacmhainne áitiúla agus an t-éileamh ar uisce ó úsáideoirí deiridh, agus, i ngeall air sin, tá baol suntasach ann go mbeidh ganntanais uisce ann amach anseo. Cé go gcinntear infhaighteacht uisce trí thosca bunriachtanacha amhail frasaíocht, tíreolaíocht, treochtaí aeráide agus éilliú, is trí iompar an duine den chuid is mó a chinntear an tomhaltas uisce agus an t-éileamh ar uisce. Ina theannta sin, bíonn tionchar ag gníomhaíochtaí daonna, lena n-áirítear gníomhaíochtaí na dteaghlach príobháideach, ar cháilíocht na n-acmhainní uisce atá ar fáil. Mar gheall ar thruailliú de dhéanamh an duine sa timpeallacht uisceach, laghdaítear infhaighteacht na n-acmhainní inúsáidte uisce agus méadaítear an costas agus an tionchar comhshaoil a bhaineann le huisce a chóireáil chun go mbainfear amach na leibhéil cháilíochta a theastaíonn le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe (uisce óil, úsáid thionsclaíoch, uisciú, etc.). Aithnítear i staidéir (15) go bhfuil easpa ardfhaireacháin ar cháilíocht an uisce i ndobharlaigh an Aontais ar cheann de na príomhchúiseanna le tubaistí éiceolaíocha a tharlaíonn i ngeall ar thruailliú uisce. |
|
2.4. |
De réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA), ar an meán, bíonn tionchar ag an strus maidir le huisce ar thart ar 20 % de chríoch na hEorpa gach bliain agus ar 30 % den daonra iomlán (16). Tugann EEA le fios go dtarlaíonn an strus maidir le huisce nuair nach bhfuil dóthain uisce ar fáil, ó thaobh cainníochta nó cáilíochta de, chun freastal ar éilimh an chomhshaoil, na sochaí agus an gheilleagair. Is téarma ginearálta é strus maidir le huisce lena gcuirtear triomach, ganntanas cainníochtúil, cáilíocht uisce agus inrochtaineacht uisce san áireamh (17). |
|
2.5. |
Is ionann uisce óil agus thart ar 10 % den úsáid iomlán uisce. Is in earnáil na talmhaíochta, na foraoiseachta agus na hiascaireachta a úsáidtear 58 % den uisce iomlán agus i réimse an tsoláthair leictreachais, gáis, gaile agus aerchóirithe a úsáidtear 18 % de (18). |
|
2.6. |
Maidir le hastarraingt uisce, is ionann uisce óil agus thart ar 20 % den mhéid iomlán uisce sa réimse sin. Is iad astarraingt le haghaidh fuarú i nginiúint leictreachais (19) (32 %) agus astarraingt don talmhaíocht (28 %) na gnéithe is mó a chuireann leis an astarraingt bhliantúil iomlán (20). |
|
2.7. |
Ós rud é go bhfuil baol mór don tsláinte agus don chomhshaol ag baint le héilliú acmhainní uisce le cothaithigh (nítrigin agus fosfar) agus le roinnt mhaith substaintí guaiseacha (amhail iad siúd a bhfuil airíonna carnacha carcanaigineacha nó só-ghineacha iontu), agus go bhfuil an chóireáil is gá chun uisce a íonú costasach agus dian ar acmhainní, iarrann CESE go ndéanfaí reachtaíocht chuimsitheach an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair a chur chun feidhme go pras. Tá CESE á athdhearbhú nach mór do bheartais thionsclaíocha agus talmhaíochta an Aontais astaíochtaí truailleán a laghdú agus tacú leis an bhfás agus leis an iomaíochas ag an am céanna. Ós rud é gur leas coiteann é an t-uisce, iarrann CESE go gcuirfí uisce óil ar fáil saor in aisce do shaoránaigh uile an Aontais trí thobair agus foinsí uisce inrochtana in áiteanna poiblí i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/2184. Maidir le lamháltais uisce mianraí, ba cheart iarracht a dhéanamh foinse buacaire a chur ar fáil don phobal. |
|
2.8. |
Cé go ndírítear go príomha sa tuairim seo ar thomhaltas agus ar infhaighteacht acmhainní uisce, tá sé d’aidhm aici freisin dul i ngleic le fadhbanna a bhaineann leis an gcáilíocht, toisc go mbíonn tionchar ag na fadhbanna sin ar inúsáidteacht iarbhír an uisce. Dá bhrí sin, is é an cuspóir beartais cosc a chur le tuilleadh meatha, agus stádas na n-éiceachóras uisceach a chosaint agus a fheabhsú, chun a áirithiú go laghdófar truailliú screamhuisce de réir a chéile agus chun a thuilleadh truaillithe a chosc. |
|
2.9. |
D’fhonn uisce de cháilíocht agus de chainníocht leordhóthanach a ráthú don ghlúin reatha agus do na glúnta atá le teacht, tá gá le feasacht ghinearálta a ardú ar na fadhbanna go léir agus ar na bunchúiseanna atá leo. Ní mór do gach saoránach/tomhaltóir a bheith ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le huisce agus faoin luach a bhaineann leis mar acmhainn finideach, agus ní mór feasacht fhorleathan a ardú maidir leis na saincheisteanna a bhaineann le hacmhainní uisce, mar aon le bearta a ghlacadh dá réir sin, agus úsáid a bhaint as an réimse príobháideach mar thúsphointe. Chun na críche sin, i dTreoir (AE) 2020/2184 a foilsíodh le déanaí, moltar bearta do na Ballstáit chun feasacht mhéadaitheach a chothú maidir le cáilíocht agus tomhaltas uisce óil. |
|
2.10. |
Ní mór líon ard fachtóirí agus gnéithe a chur san áireamh, a bhfuil tionchar díreach agus indíreach acu ar thábhacht agus ar thionchar thomhaltas uisce na dteaghlach, lena n-áirítear:
|
3. Táscairí maidir le húsáid uisce
|
3.1. |
Cé gur cheart cur chuige cuimsitheach a bheith sa chur chuige foriomlán a ghlacfar chun úsáid uisce a bharrfheabhsú, ba cheart an líon is lú táscairí agus is féidir a úsáid agus ní mór do na táscairí sin a bheith chomh simplí agus is féidir. D’fhéadfadh sé nach mbeadh breisluach ard ag baint le líon na dtáscairí a mhéadú ná le húsáid a bhaint as táscairí casta comhiomlánaithe (e.g. loirg agus innéacsanna), i ngeall ar na hacmhainní is gá chun faireachán, anailís agus próiseáil a dhéanamh ar na táscairí sin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach teacht ar na táscairí is ábhartha agus is mó tionchair, agus cuspóir na faisnéise is gá á chur san áireamh. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir na táscairí a úsáideann eacnamaithe/eolaithe/lucht ceaptha beartas chun fadhbanna a shainiú, straitéisí a fhorbairt agus dul chun cinn a thomhas i gcomparáid leis na spriocanna a sainíodh, ar thaobh amháin, agus na táscairí a úsáidtear chun cumarsáid a dhéanamh le tomhaltóirí, ar an taobh eile. Chun críocha beartais, tá sé tábhachtach meastóireacht a dhéanamh ar shraith táscairí a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an tomhaltas uisce lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an bheartais, agus aird ar leith á tabhairt ar chomhsheasmhacht agus ar leanúnachas an fhaireacháin ar na paraiméadair. Is tagairt iad na táscairí a úsáideann EEA i ndáil leis an méid sin. |
|
3.2. |
Agus táscairí EEA á bhforbairt, leagadh béim ar an ngá atá le líon beag táscairí a shainaithint, ar táscairí iad atá ábhartha don bheartas agus cobhsaí ó thaobh an ama de (gan bheith statach), agus ar féidir leo freagraí ar cheisteanna áirithe tosaíochta (e.g. ceisteanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha) a chur ar fáil. |
|
3.3. |
Is é an táscaire is ábhartha chun úsáid uisce na dtomhaltóirí (teaghlaigh phríobháideacha) a thomhas ná tomhaltas uisce i lítir per capita in aghaidh an lae (L/cap/d). Leis na sonraí atá ar fáil, léirítear éagsúlachtaí móra idir 77 agus 220 lítir per capita in aghaidh an lae (21). |
|
3.4. |
Ní mór timthriall iomlán an uisce, mar aon le gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla, a chur san áireamh i mbearta arb é is aidhm dóibh tomhaltas éifeachtúil uisce a spreagadh. Ní hamháin gur cheart aghaidh a thabhairt ar astarraingt/tomhaltas uisce óil leis na bearta sin, ach ba cheart a chur san áireamh leo freisin na buntáistí a bhaineann le húsáid chiorclach uisce (athúsáid uisce), agus tuiscint a chothú go n-úsáidtear uisce chun táirgí agus seirbhísí a tháirgeadh chomh maith. Cabhróidh sé sin le teaghlaigh phríobháideacha tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar a roghanna tomhaltais ar cháilíocht agus ar chainníocht na n-acmhainní uisce ina réigiún, ina dtír agus ar fud an domhain. Cuideoidh sé freisin leis na saoránaigh cultúr feasachta a fhorbairt maidir le gach gné dá bpatrúin aonair tomhaltais uisce (laistigh agus lasmuigh den teaghlach) agus a bheith ar an eolas faoi conas a dtomhaltas a dhéanamh éifeachtúil. Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun cabhrú leo straitéisí a roghnú agus a chur chun feidhme chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a dtomhaltais a mhéadú. |
|
3.5. |
Cé gur gá tomhaltas éifeachtúil uisce a bhaint amach ar fud na hEorpa, is mó an phráinn a bhaineann leis sin i gceantair ina bhfuil ganntanais uisce nó a bhíonn thíos le triomach ar bhonn níos minice. Ba cheart éifeachtúlacht an chórais soláthair uisce a áireamh sa straitéis fhoriomlán d’fhonn cur chuige iomlánaíoch a áirithiú. D’fhonn teacht ar réitigh, ní mór do sholáthróirí uisce straitéisí lena ndírítear níos mó ar an todhchaí a ghlacadh, lena n-áirítear measúnú agus bainistiú rioscaí a bhaineann leis an gcóras soláthair, bainistiú sceite, foinsí malartacha uisce, etc. |
|
3.6. |
Ó thaobh teoirice de, bheadh ciall le húsáid a bhaint as raon leathan paraiméadair táscaire (réimse atá oiriúnach don chur chuige seo is ea réimse an uisce). Mar sin féin, ní mór a chur san áireamh go bhfuil neart oibre i gceist ní hamháin le sonraí breise a chuardach, ach freisin leis na sonraí sin a bhailíochtú agus a scaipeadh. Tagann na gníomhaíochtaí breise sin faoi inniúlachtaí na struchtúr lárnach Eorpach, ach freisin faoi inniúlachtaí na mBallstát agus a ngníomhaireachtaí nó a gcuideachtaí oibriúcháin faoi seach a dhéanann na sonraí sin a chuardach agus a tháirgeadh. Mar sin féin, ní gá go mbeifear in ann torthaí níos fearr a bhaint amach trí líon na n-oibríochtaí a mhéadú. Dá bhrí sin, seachas táscairí nua a chruthú, is fearr an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na táscairí atá ann cheana. |
An Bhruiséil, 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Tuarascáil Uimh. 12/2021 ó EEA Water resources across Europe – confronting water stress: an updated assessment, 2021.
(2) An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, an Treoir Réime maidir le hUisce, an Treoir maidir le huisce óil, an Rialachán maidir le hathúsáid uisce, etc.
(3) Mar shampla, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/IP_14_1151 agus https://www.politico.eu/article/italy-biggest-steel-mill-mockery-eu-environmental-rules/.
(4) https://watereurope.eu/wp-content/uploads/WE-Water-Vision-2023_online.pdf
(5) Water Footprint Network, Water Footprint Assessment, arna rochtain an 22 Bealtaine 2023.
(6) ECFE, Background note: Cost recovery, Aibreán 2022.
(7) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1)
(8) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha. (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17)
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán. (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(10) IO L 309, 24.11.2009, lch. 71.
(11) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach. (IO L 136, 30.4. 2004, lch. 1).
(12) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine. (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
(13) Is éard a chiallaíonn ‘cathracha spúinse’ limistéir uirbeacha ina bhfuil limistéir nádúrtha fhlúirseacha, amhail limistéir le crainn, lochanna agus páirceanna, nó ina bhfuil dearaí maithe eile arb é is aidhm dóibh báisteach a ionsú agus tuilte a chosc https://climatechampions.unfccc.int/what-are-sponge-cities-and-how-can-they-prevent-floods/, arna rochtain an 7 Meitheamh 2023.
(14) Tuarascáil ó IPCC (Cross-Chapter Paper 4: Mediterranean Region. In: Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability. Luaitear sa tuarascáil seo gur teophointe í an Mheánmhuir maidir le rioscaí aeráide atá fíor-idirnasctha.
(15) EEA, Pollution in Europe’s rivers.
(16) Tuarascáil Uimh. 12/2021 ó EEA Water resources across Europe – confronting water stress: an updated assessment, 2021.
(17) Idem.
(18) Tuarascáil Speisialta Uimh. 12/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: The Polluter Pays Principle: Inconsistent application across EU environmental policies and actions (bunaithe ar staitisticí EEA).
(19) Mar sin féin, is doiléir fós an tionchar a bhaineann le huisce a úsáid chun plandaí a fhuarú. De ghnáth, tógtar an t-uisce ó dhobharlaigh dromchla nó ón bhfarraige, agus de ghnáth, cuirtear an méid iomlán (nó beagnach an méid iomlán) ar ais chuig na dobharlaigh sin.
(20) EEA, Water abstraction by source and economic sector, 1 Meitheamh 2022.
(21) Eureau, The governance of water services in Europe, 2020.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/24 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle
(Tústuairim)
(2023/C 349/05)
|
Rapóirtéir: |
Antje Sabine GERSTEIN |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 20.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
29.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
196/1/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle, tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh díriú, den chuid is mó, ar an bhféidearthacht go mbeadh teicneolaíochtaí nua ann maidir le lipéadú digiteach, maidir le snáithíní agus an aicmiú a dhéanfar orthu agus maidir le hathchúrsáil, agus aitheantas a thabhairt, ar an gcaoi sin, do thimpeallacht rialála fhairsing nua an Aontais do theicstílí ina hiomláine. |
|
1.2. |
Bíonn leibhéal difriúil eolais á lorg ag tomhaltóirí éagsúla maidir leis na mionsonraí a bhíonn ar fáil ar lipéid teicstíle. Mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle, ní mór freastal ar na leibhéil éagsúla sin trí fhaisnéis bhunúsach shothuigthe a chur ar fáil ar an gcéad dul síos, agus rochtain bhreise a thabhairt, ag an am céanna, ar fhaisnéis níos mionsonraithe. |
|
1.3. |
Agus é á chur san áireamh go bhfuil earnáil na dteicstílí ar cheann de na hearnálacha is mó a bhfuil an domhandú tar éis dul i bhfeidhm uirthi, creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach a dhícheall ceanglais lipéadaithe a ailíniú ar fud an Aontais agus ar fud an domhain maidir le sonraí tionscnaimh, treoracha cúraim, méid agus comhdhéanamh snáithíneach. |
|
1.4. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach aird a thabhairt ar riachtanais speisialta na FBManna san earnáil sin. D’fhonn cosc a chur ar thuilleadh seachfhoinsithe thar lear, agus ós rud é go bhfuil 1,3 milliún duine fostaithe san earnáil ar fud an Aontais, ní mór dóthain solúbthachta a chur ar fáil leis na ceanglais nua faoin Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar chumas na FBManna ionas go gcoinneofar fostaíocht agus scileanna san earnáil sin den gheilleagar, agus ní hamháin sin ach go mbeifear in ann iad a fhorbairt tuilleadh. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
I Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha fógraíodh an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle (Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 (1)) lena gceanglaítear lipéad a chur ar tháirgí teicstíle a dhíoltar ar mhargadh an Aontais, ceann a léireoidh an comhdhéanamh snáithíneach go soiléir agus a thabharfaidh eolas ar chodanna neamhtheicstíle de bhunadh ainmhíoch más ann dóibh. Mar chuid den athbhreithniú sin, luaitear sa straitéis go bhféadfaí nochtadh éigeantach cineálacha eile faisnéise a thabhairt isteach, amhail dálaí inbhuanaitheachta agus ciorclaíochta, méid na dtáirgí agus, i gcás inarb infheidhme, tír an mhonaraithe (‘déanta in’). |
|
2.2. |
Sa tuairim seo, fiosraíonn CESE na roghanna atá ann chun raon feidhme an rialacháin atá ann faoi láthair a leathnú trí ghnéithe áirithe a liostaítear cheana féin in Airteagal 24 den rialachán a mheas le haghaidh athbhreithnithe. Fiosraíonn sé dálaí eile freisin maidir le hinbhuanaitheacht agus ciorclaíocht, agus é sin ar fad i gcomhréir le tograí reachtacha reatha amhail an togra reachtach maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí inbhuanaithe. Cuirfear dearcadh na hearnála tionsclaíche san áireamh sa tuairim, lena n-áirítear costais agus malartú feabhsaithe faisnéise feadh an tslabhra luacha, mar aon le dearcadh an tomhaltóra, chun faisnéis cheart, chruinn agus shoiléir a áirithiú. |
|
2.3. |
Tacaíonn CESE le cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh díriú, den chuid is mó, ar an bhféidearthacht go mbeadh teicneolaíochtaí nua ann maidir le lipéadú digiteach, maidir le snáithíní agus an aicmiú a dhéanfar orthu agus maidir le hathchúrsáil, agus aitheantas a thabhairt, ar an gcaoi sin, do thimpeallacht rialála fhairsing nua an Aontais do theicstílí ina hiomláine, lena n-áirítear an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach maidir le maímh ghlasa (2). |
|
2.4. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE, ina leith sin, go bhfuil aghaidh tugtha cheana féin i dtograí rialála cothrománacha atá thar a bheith casta ar roinnt mhaith gnéithe in earnáil na dteicstílí; tograí iad sin a bhfuil tús curtha cheana féin lena bpróiseas reachtach den chuid is mó. Tugtar aghaidh ar fhreagracht shóisialta chorparáideach agus ar shaincheisteanna a bhaineann le saothar sa Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus sa Rialachán maidir le Saothar Éignithe. Is gearr go rialófar cur in iúl na maíomh inbhuanaitheachta leis an Treoir maidir le Cumhachtú Tomhaltóirí agus an Treoir maidir le Maímh Ghlasa, agus tabharfar aghaidh sa Treoir Réime Dramhaíola athbhreithnithe ar na bunchoincheapa a bhaineann le bainistiú deireadh ré. |
|
2.5. |
Bíonn leibhéal difriúil eolais á lorg ag tomhaltóirí éagsúla maidir leis na mionsonraí a bhíonn ar fáil ar lipéid na dtáirgí teicstíle. Mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle ní mór freastal ar na leibhéil éagsúla sin trí fhaisnéis bhunúsach shothuigthe a chur ar fáil ar an gcéad dul síos, agus rochtain bhreise a thabhairt, ag an am céanna, ar fhaisnéis níos mionsonraithe, cuir i gcás trí fhaisnéis chaighdeánaithe faoin bpróiseas táirgthe a chur ar fáil go deonach. |
|
2.6. |
Tá sé á chur in iúl ag CESE gur tionscnamh um oiriúnacht rialála (REFIT) é an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle arb é is aidhm shoiléir dó dlí an Aontais a dhéanamh níos simplí, oiriúnach dá fheidhm agus níos saoire do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí. I gcás na gcuideachtaí, ní mór laghdú ar chostais chomhlíontachta chomh maith le soiléireacht agus comhsheasmhacht rialála a áireamh air sin. I gcás na dtomhaltóirí, tá faisnéis chruinn, chuimsitheach agus inchomparáide maidir le táirgí teicstíle de dhíth. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE a thábhachtaí atá sé uasleibhéal comhchuibhithe a bhaint amach chun cabhrú leis an earnáil aistriú rathúil a dhéanamh i dtreo na ciorclaíochta cuimsithí. |
|
2.7. |
Iarrann CESE go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach maidir leis an gcóras aicmithe snáithíní, ós rud é nach bhfuil an córas atá ann faoi láthair solúbtha go leor chun déileáil le forbairt na snáithíní nuálacha, ar minic tionchar níos ísle á imirt acu ar an gcomhshaol ná mar a bhíonn ag na gnáthshnáithíní. Baineann frustrachas leis an status quo sin do chuid mhaith táirgeoirí snáithíní nua toisc nach féidir leo a gcuid snáithíní a lipéadú go cruinn. Anuas air sin, ní féidir na snáithíní núíosacha sin a lua ar lipéid táirgí teicstíle go fóill agus, dá bhrí sin, is dúshlán mór fós é do lucht athchúrsála iad a shainaithint, rud atá ina bhac ar an gciorclaíocht san earnáil faoi láthair. Tá sé á thabhairt le fios ag CESE go bhfuil tionchar diúltach ag an mbearna rialála sin ar dhearcadh na dtomhaltóirí, ós rud é go bhféadfadh roinnt táirgí a bheith i bhfad níos inbhuanaithe ná mar a léirítear ar na lipéid i láthair na huaire. |
|
2.8. |
Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach a dhícheall ceanglais lipéadaithe a ailíniú ar fud an Aontais agus ar fud an domhain maidir le sonraí tionscnaimh, treoracha cúraim, méid agus comhdhéanamh snáithíneach. Tá earnáil na dteicstílí ar cheann de na hearnálacha is mó a bhfuil an domhandú tar éis dul i bhfeidhm uirthi. Cuirtear baill éadaigh a dhéantar chuig limistéir gheografacha éagsúla ar fud an domhain (an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe, etc.), agus is iomaí ceanglas lipéadaithe éagsúil a bhíonn de dhíth orthu (3). Ní mór machnamh a dhéanamh ar cheanglais dhomhanda maidir le lipéadú agus caighdeáin chomhchuibhithe dhomhanda i gcás inarb infheidhme. |
|
2.9. |
Tá an ceanglas sin maidir leis an gcomhchuibhiú uasta nasctha le hiarraidh beartais shoiléir ó CESE gan an margadh inmheánach a chur i mbaol a thuilleadh, ós rud é go bhfuil ceanglais atá an-éagsúil ó chéile ag teacht chun cinn maidir le lipéadú ar fud na mBallstát. Dá bhrí sin, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach agus tráthúil don Choimisiún Eorpach an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle a mholadh sa bhliain 2023, agus 30 bliain an mhargaidh aonair á chomóradh sa bhliain chéanna. |
|
2.10. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach aird a thabhairt ar riachtanais speisialta na FBManna san earnáil sin. D’fhonn cosc a chur ar thuilleadh seachfhoinsithe thar lear, agus ós rud é go bhfostaítear 1,3 milliún duine san earnáil ar fud an Aontais (4), ní mór dóthain solúbthachta a chur ar fáil leis na ceanglais nua faoin Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar chumas na FBManna ionas go gcoinneofar fostaíocht agus scileanna san earnáil sin den gheilleagar, agus ní hamháin sin ach go mbeifear in ann iad a fhorbairt tuilleadh. Cuir i gcás, níl rialú comhréireachta ginearálaithe arna dhéanamh ag comhlacht deimhniúcháin indéanta ag FBManna, arb iad cnámh droma an táirgthe teicstíle thionsclaíoch san Aontas Eorpach iad. Ba chur chuige réasúnta é nósanna imeachta ‘féindeimhniúcháin’ a bheartú, amhail na rialuithe inmheánacha táirgthe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE (5), trína gcuirfeadh na FBManna tomhaltóirí ar an eolas agus trína gcuirfidís ráthaíochtaí ar fáil dóibh. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. Aicmiú snáithíní
|
3.1.1. |
Le blianta beaga anuas, tá roinnt snáithíní núíosacha a bhfuil lorg comhshaoil níos ísle acu i gcomparáid leis na roghanna snáithíní traidisiúnta forbartha ag tionscal na dteicstílí. Cé go bhféadfadh bunábhar comhchosúil a bheith ag na teicstílí sin, is minic a bhíonn difríocht shuntasach idir an teicneolaíocht mhonaraíochta agus na hairíonna a úsáidtear i gcomparáid leis na cinn a úsáidtear sna gnáthshnáithíní. Faoi láthair, ní aithnítear na snáithíní núíosacha faoi aicmithe na snáithíní cineálacha atá ann cheana in Iarscríbhinn I. Dá thoradh sin, déantar na cineálacha nuálacha snáithíní a aicmiú faoi ainmneacha snáithíní éagsúla, nó mar shnáithín ‘eile’. I bhfianaise an aistrithe ghlais agus chiorclaigh, ba cheart aitheantas a thabhairt, leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle, do shnáithíní a bhfuil saintréithe sainiúla acu mar shnáithíní den sórt sin in Iarscríbhinn I. Ba cheart an t-athbhreithniú ar an Rialachán sin a bhfuiltear ag súil leis a oiriúnú níos fearr chun an dul chun cinn dinimiciúil maidir le snáithíní nuálacha a léiriú. |
|
3.1.2. |
Tá cineálacha éagsúla snáithíní núíosacha a bhfuil saintréithe ar leith acu nach mór réidh le tráchtálú cheana féin nó beidh siad ar fáil ar an margadh amach anseo. Mar sin féin, níl an próiseas atá ann i láthair na huaire chun Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta trédhearcach agus tá éiginnteacht ag baint leis d’iarratasóirí. Dá bhrí sin, molann CESE d’údaráis an Aontais measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí an próiseas nuashonraithe a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cruinne ó thaobh na teicneolaíochta de. |
3.2. An corrlach lamháltais i dtaca leis an gcomhdhéanamh snáithíneach
|
3.2.1. |
I bhfianaise an aistrithe chuig an ngeilleagar ciorclach, tá úsáid snáithíní agus ábhar athchúrsáilte níos coitianta ná riamh i dtionscal na dteicstílí chun baill éadaigh a tháirgeadh. Níl an rialachán atá ann faoi láthair oiriúnach chun lipéadú cruinn a dhéanamh ar chomhdhéanamh snáithíneach ina bhfuil ábhar athchúrsáilte, rud atá ina bhac ar an aistriú chuig geilleagar ciorclach. Le hAirteagal 20(3) féadfar difríocht 3 % ar a mhéid a bheith idir an t-ábhar snáithíneach a luaitear ar an lipéad agus an comhdhéanamh snáithíneach atá bunaithe ar thástáil údaráis. Mar sin féin, mar gheall ar staid reatha na forbartha teicniúla i dteicneolaíocht sórtála agus athchúrsála teicstílí, cruthaítear éagsúlacht sa chomhdhéanamh snáithíneach a sháraíonn an teorainn lamháltais 3 % uaireanta. Is é is cúis leis sin, go háirithe san athchúrsáil mheicniúil, nach féidir a áirithiú go bhfuil an bunábhar le haghaidh athchúrsála saor amach is amach ó eisíontais atá in ábhair theicstíle eile. Chuige sin, ní mór féachaint ar chorrlach lamháltais níos airde a thabhairt isteach le haghaidh comhdhéanaimh sa Rialachán athbhreithnithe. Bunaithe ar an ionchur ó shaineolaithe, molann CESE go mbeadh an leibhéal nua idir 3 % agus 5 %. Níor cheart ach na srianta atá ann cheana ar theicneolaíocht athchúrsála a bheith mar thoradh ar leibhéal lamháltais méadaithe; níor cheart é a bheith ina údar le droch-chleachtas monaraíochta. Is céim mhór chun cinn é an méadú beag ar na leibhéil lamháltais chun deireadh a chur le bacainní ar úsáid ábhar athchúrsáilte i dtáirgeadh ball éadaigh. |
3.3. Comhchuibhiú leis na caighdeáin agus na próisis dhomhanda
3.3.1.
|
3.3.1.1. |
Is tionscal thar a bheith domhanda é an tionscal teicstíle ina gcuirtear caighdeáin idirnáisiúnta i bhfeidhm go minic. Cuirtear deis ar fáil leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle chun modhanna tástála an chomhdhéanaimh snáithínigh a chur i gcomhréir leis na caighdeáin dhomhanda. Faoi láthair, faoi Airteagal 19, ní cheadaítear ach caighdeáin an Aontais (EN) chun comhdhéanaimh shnáithíneacha a thástáil. I bhformhór na gcásanna, tá caighdeáin EN an-chosúil leis na caighdeáin idirnáisiúnta na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO), ach bíonn neamhréireachtaí idir torthaí tástála ISO agus EN mar thoradh ar mhiondifríochtaí sna paraiméadair thástála. Mar gheall ar shlabhraí luacha domhanda an tionscail, cuirtear caighdeáin ISO i bhfeidhm go forleathan agus is iadsan is coitianta a úsáidtear laistigh den earnáil. Mar thoradh air sin, ní mór do ghnólachtaí tuilleadh tástálacha a dhéanamh ar tháirgí atá ceaptha don mhargadh Eorpach, rud is cúis le hardú costais. Dá bhrí sin, molann CESE go nglacfaí sa Rialachán athbhreithnithe le caighdeáin ISO mar chaighdeáin tástála a nglacfar leo. Ina theannta sin, aithníonn CESE an dul chun cinn mór atá á dhéanamh faoi láthair i gcúrsaí nuálaíochta a mhéid a bhaineann le modhanna nua chun an comhdhéanamh snáithíneach a bhrath. Ba cheart don Choimisiún Eorpach an dul chun cinn sin a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle. |
3.3.2.
|
3.3.2.1. |
Tacaíonn CESE leis an smaoineamh go ndéanfaí leabhar rialacha den Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle ina leagfaí síos caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh roinnt ceanglas (aicmiú snáithíní núíosacha, tástáil ar chomhdhéanamh snáithíneach, méid agus treoracha cúraim). Ba cheart na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm ar an leibhéal domhanda a mhéid is féidir. Mar thoradh air sin bheadh comhchuibhiú níos fearr ann i dtaca le ceanglais lipéadaithe laistigh den mhargadh aonair agus leis an gcuid eile den domhan freisin. |
|
3.3.2.2. |
I bhfianaise raon feidhme domhanda na hearnála teicstíle, tá sé ríthábhachtach ailíniú agus comhoibriú idirnáisiúnta a chur san áireamh san athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle. Ba cheart don Choimisiún Eorpach comhleanúnachas a áirithiú leis an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim, leis an athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar chóid an Chórais Chomhchuibhithe, agus leis na gealltanais a tugadh maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a úsáid i gComhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil. |
3.4. Lipéadú digiteach
|
3.4.1. |
Is díol mór sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach lipéadú an chomhdhéanaimh a dhigitiú mar chuid den Rialachán athbhreithnithe. Ina theannta sin, i gcomhthéacs an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, is díol sásaimh do CESE na tionscnaimh maidir le lipéadú digiteach agus cumarsáid tomhaltóirí amhail an Pas Táirge Digiteach. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach na tionscnaimh dhigiteacha sin a ailíniú chun creat beartais comhleanúnach agus éifeachtach a chruthú. |
|
3.4.2. |
Faoi láthair, ar chúiseanna éagsúla, níl na lipéid fhisiciúla chomh héifeachtach agus atá ag teastáil. Is minic a bhaineann daoine an lipéad den táirge tar éis dóibh é a cheannach. Tarlaíonn sé go dteilgeann an téacs ón lipéid nuair a nitear táirgí sa mheaisín níocháin. Ina theannta sin, tá sé costasach lipéid mhóra fhisiciúla a dhéanamh san iliomad teangacha éagsúla agus cruthaítear tuilleadh dramhaíl phlaisteach. Bíonn an téacs beag agus bíonn aistriúcháin éagsúla ann, rud a fhágann gur deacair do thomhaltóirí é a thuiscint freisin. |
|
3.4.3. |
Bheadh an saol níos fusa do chuideachtaí leis na lipéid dhigiteacha, agus chuirfí an fhaisnéis ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach níos fearr trí théacs soiléir a sholáthar sna leaganacha teanga iomchuí. Beidh gá fós le faisnéis a chur ar fáil do na tomhaltóirí nach bhfuil tuiscint an-mhaith acu ar an teicneolaíocht ach d’fhéadfaí an fhaisnéis a sholáthar ag an díolphointe ach í a iarraidh. Chun a bheith buanseasmhach, is féidir rochtain éasca ar fhaisnéis dhigiteach a ráthú trí ‘iompróir sonraí’ nó a leithéid a mharcáil go doscriosta ar an táirge. |
|
3.4.4. |
Fiú má chinneann an Coimisiún roinnt faisnéise a fhágáil ar na lipéid fhisiciúla, ba cheart go laghdófaí méid an lipéid go mór mar thoradh ar an gcur chuige sin. Tacaíonn CESE le tuairim an Choimisiúin gur cheart é a bheith níos deacra na lipéid fhisiciúla, nó an t-ábhar fisiciúil ar a bhfuil teacht ar an bhfaisnéis dhigiteach, a bhaint den táirge. Is ann cheana féin do mhodhanna lipéadaithe neamhscríobacha. Ach a dhéanamh níos deacra lipéid a bhaint, ba cheart gur faide a bheidh an fhaisnéis le feiceáil (e.g. d’fhéadaí faisnéis a phriontáiltear go díreach ar an ábhar a ní). Níor cheart go laghdófaí feidhmiúlacht an táirge dá thoradh ach oiread (e.g. má tá lipéad fuaite go hiomlán ar bhaill éadaigh d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí an ball éadaigh sin a úsáid mar is ceart). |
|
3.4.5. |
Ba cheart don Choimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar conas is féidir an Pas Táirge Digiteach a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le lipéid dhigiteacha faoin Rialachán athbhreithnithe. Chun comhsheasmhacht a chumasú agus chun cur chun feidhme a éascú, d’fhéadfaí lipéad digiteach faoin Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle a chur ar an iompróir sonraí céanna leis an bPas Táirge Digiteach. |
3.5. Díolúine lipéadaithe le haghaidh cineálacha áirithe táirgí
|
3.5.1. |
Le hIarscríbhinn V den Rialachán reatha maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle, tá 42 chineál táirge teicstíle a dtugtar díolúine lena n-aghaidh ón oibleagáid lipéadaithe. Baineann seo le táirgí beaga (amhail beilt uaireadóra) a gcuirfeadh lipéid isteach ar a bhfeidhmiúlacht. Mar sin féin, ní thugann cur chuige an liosta treoir shoiléir maidir leis an gcaoi ar cheart d’oibreoirí lipéadú a dhéanamh ar tháirgí nach liostaítear in Iarscríbhinn V, ach a bhfuil feidhmiúlacht laghdaithe acu freisin mar gheall ar na lipéid. Molann CESE go gcuirfí faisnéis ar fáil sa rialachán athbhreithnithe maidir le conas lipéadú ceart a chur ar tháirgí (amhail stocaí) i gcás ina gcuireann lipéadú éigeantach isteach ar fheidhmiúlacht an táirge. Mar shampla, d’fhéadfaí sainmhíniú ar tháirgí atá díolmhaithe ó lipéadú éigeantach a úsáid in ionad chur chuige reatha an liosta. |
An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 18.10.2011, lch. 1).
(2) COM(2023) 166 final – 2023/0085(COD).
(3) Samplaí de cheanglais den sórt sin is ea na Textile Labelling and Advertising Regulations (TLAR) i gCeanada agus an Textile Fiber Products Identification Act sna Stáit Aontaithe.
(4) https://euratex.eu/wp-content/uploads/EURATEX_FactsKey_Figures_2022rev-1.pdf.
(5) Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/28 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Straitéis Eorpach i leith Daoine Scothaosta
(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)
(2023/C 349/06)
|
Rapóirtéir: |
Miguel Ángel CABRA DE LUNA |
|
Comhairliúchán arna iarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne |
Litir, 8.12.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Tústuairim |
|
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
21.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
189/01/02 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is trí bheartais lena spreagtar athrú ó bhonn ba cheart dul i ngleic leis an dúshlán déimeagrafach atá os comhair shochaí na hEorpa sa dóigh is go dtabharfar aird níos mó ar dhaoine scothaosta agus go dtabharfar droim láimhe leis an dearcadh cúram-bhunaithe chun díriú ar chumhachtú na ndaoine sin agus chun deireadh a chur le dearcthaí aoisíocha. I bhfianaise an dúshláin dhéimeagrafaigh atá le sárú faoi láthair, ní mór deireadh a chur le bacainní agus na deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois a thapú. |
|
1.2. |
Bíonn daoine scothaosta thíos le hardleibhéil dífhostaíochta agus le baol níos mó idirdhealaithe, leithlisithe agus neamhionannais a mhéid a bhaineann le hioncam cuibhiúil a bheith acu. Dá thoradh sin uile, cuirtear bac ar aosú gníomhach. Ó tharla go bhfuil an ráta fostaíochta i measc oibrithe scothaosta san Aontas fós faoi bhun an mheáin, is amhlaidh go bhfuil bearta de dhíth chun poist a oiriúnú, oiliúint a chur ar fáil agus fostaíocht a chur chun cinn go dtí an aois oifigiúil scoir. |
|
1.3. |
Tá ról ríthábhachtach ag córais sláinte, choiscthe agus oideachais sláinte maidir leis an fad saoil a fhadú agus maidir le dea-shláinte fhisiciúil agus dea-mheabhairshláinte a áirithiú. I ndáil leis an méid sin, gné ríthábhachtach is ea an inrochtaineacht — go háirithe i dteach an duine agus sa cheantar máguaird — chun tráma agus gortuithe as a n-eascraíonn spleáchas, lagú fisiceach agus meabhrach a chosc óir is nithe iad sin a bhíonn ina mbac ar shaol gníomhach agus sláintiúil a chaitheamh (1). |
|
1.4. |
Is gá infheistíocht a dhéanamh sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht, lena n-áirítear teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí a fhorbairt a bhfuil rochtain ag cách orthu agus lena gcomhlíontar réimse leathan riachtanas atá ag daoine scothaosta, chun tacú le haosú sláintiúil gníomhach. |
|
1.5. |
An 27 Eanáir 2021, thíolaic an Coimisiún Eorpach a Pháipéar Uaine maidir le haosú. Ar na heasnaimh is mó atá i bPáipéar Uaine an Choimisiúin, tá an dearcadh gur costas don tsochaí iad an aois agus daoine scothaosta. Dá thoradh sin, ní aithnítear na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le cuimsiú níos gníomhaí daoine scothaosta, ná an ghné mhothúchánach a bhaineann le haosú. |
|
1.6. |
I láthair na huaire, ní ann do bheartas cuimsitheach maidir le haosú ná do cheann atá dírithe go heisiach ar dhaoine scothaosta. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas Straitéis Eorpach nua i leith Daoine Scothaosta a ghlacadh, straitéis arbh é ab aidhm di, go bunúsach, cearta uile na ndaoine scothaosta a chosaint, maille lena rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí agus sa gheilleagar. Le Straitéis Eorpach nua i leith Daoine Scothaosta, athrófar an fócas i mbeartais maidir le haois agus le daoine scothaosta an lae inniu agus na todhchaí, rud is riachtanas. |
|
1.7. |
Faoin straitéis sin, d’fhorbrófaí tograí agus bearta sna réimsí seo a leanas: an comhionannas agus an neamh-idirdhealú, gné na hinscne, cearta agus rochtain ar na cearta sin, rannpháirtíocht sa tsochaí, an fhostaíocht, an t-oideachas agus an oiliúint, ioncam cuibhiúil agus cuimsiú sóisialta. Is éard a bheadh mar thoradh uirthi freisin go bhforbródh na Ballstáit pleananna náisiúnta lena n-áireofaí spriocanna agus táscairí sonracha. |
|
1.8. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach an Straitéis nua a thíolacadh gan a thuilleadh moille, roimh dheireadh an téarma oifige reatha, agus go mbeadh Ráthaíocht do Dhaoine Scothaosta – dála na Ráthaíochta don Aos Óg nó na Ráthaíochta do Leanaí – mar bhonn taca fúithi agus mar uirlis trína gcuirfear an Straitéis nua i ngníomh. |
|
1.9. |
Iarrann CESE ar na Ballstáit Ráthaíocht nua a ghlacadh a ligfidh dóibh úsáid a bhaint as creataí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, le haghaidh clár chun tacú le daoine scothaosta, chun an déimeagrafaíocht a phríomhshruthú mar phríomhghné de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh agus chun moltaí tírshonracha a cheapadh. |
|
1.10. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit Dearbhú Eorpach i leith Daoine Scothaosta a chur le chéile, a fhorbairt, a shíniú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air chun léiriú a thabhairt ar an tiomantas atá ann Straitéis Eorpach i leith Daoine Scothaosta a fhorbairt le linn théarma oifige (2019-2024). |
|
1.11. |
I gcomhréir lena bhfuil sa tuairim ó CESE I dtreo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19 (2), iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach bliain Eorpach na nDaoine Scothaosta a bhunú d’fhonn cearta bunúsacha daoine scothaosta agus an rochtain atá acu ar na cearta sin a aithint agus an méid a dhéanann siad don tsochaí a chur in iúl. |
|
1.12. |
Tá béim á leagan ag CESE ar ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus an idirphlé struchtúrtha, i gcomhréir le Creat-chomhaontú neamhspleách na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha maidir le haosú gníomhach agus cur chuige idirghlúine (3). |
|
1.13. |
Molann CESE go n-osclófaí comhairliúcháin le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine scothaosta, lena gcomhpháirtithe agus leis na heagraíochtaí gairmiúla a dtacaíonn leo, maille le heagraíochtaí comhionannais, ionadaithe daoine faoi mhíchumas, soláthraithe seirbhísí, eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta, etc. |
|
1.14. |
Iarrann CESE go n-úsáidfí comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha mar mhodh comhlántach chun leas a bhaint as acmhainneacht na rannpháirtíochta gníomhaí i measc daoine scothaosta i réimsí amhail an cultúr, an t-oideachas, an spórt, an turasóireacht, etc. |
|
1.15. |
De ghrá malartú dea-chleachtas, oiliúint theicniúil agus gníomhaíochtaí nithiúla a spreagadh i réimsí gníomhaíochta na Straitéise, iarrann CESE go mbunófaí Gníomhaireacht Eorpach um dhaoine scothaosta, um an aosú agus um an dúshlán déimeagrafach (4). |
|
1.16. |
Molann CESE go n-oibreodh ionadaithe daoine scothaosta (ombudsmen) i gcomhar le chéile sna Ballstáit agus idir an riarachán agus an earnáil phríobháideach. D’fhéadfaidís cuidiú le daoine scothaosta agus iad ag déileáil le húdaráis phoiblí, gearáin a bhaineann le hidirdhealú aoise a fháil, rochtain ar sheirbhísí bunúsacha a éascú nó ioncam íosta a chinntiú do dhaoine scothaosta (5). |
|
1.17. |
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, molann CESE go nglacfaí Coinbhinsiún ó na Náisiúin Aontaithe ar Chearta Daoine Scothaosta chun go mbeidh an rochtain cheánna ag daoine scothaosta ar chearta an duine, ag leanúint sampla Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh nó an Choinbhinsiúin ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (6) trí rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine scothaosta agus ar gheallsealbhóirí ábhartha a áirithiú. |
|
1.18. |
Is díol sásaimh do CESE gur cruthaíodh aonad laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas sa Choimisiún Eorpach atá tiomanta don chomhionannas agus don neamh-idirdhealú bunaithe ar aois. Iarrann sé ar an gCoimisiún seirbhís a bhunú a bheidh dírithe ar shaincheisteanna a bhaineann leis an aosú agus leis an dúshlán déimeagrafach agus a dhéanfaidh comhordú ar bheartais do dhaoine scothaosta. |
|
1.19. |
D’fhonn tacú leis na bearta sin ar fad, ar thaobh amháin, agus d’fhonn an méid a thacaíonn CESE leis an dul chun cinn i ndáil le beartais i leith daoine scothaosta a léiriú, ar an taobh eile, aithníonn sé gur fiú machnamh a dhéanamh ar ghrúpa ad hoc a bhunú laistigh den Choiste chun tionscnaimh a chur i gcrích a bhaineann leis an aosú agus le dúshláin agus deiseanna déimeagrafacha, i gcomhréir leis an tuairim ó CESE I dtreo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19 (7). |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
I dteannta an athraithe aeráide agus na réabhlóide teicneolaíochta a bhfuil baint aici leis an intleacht shaorga, is saincheist lárnach in athmhúnlú thodhchaí na sochaí é an dúshlán déimeagrafach (i.e. ionchas saoil níos faide agus torthúlacht atá laghdaithe le fiche nó tríocha bliain anuas). |
|
2.2. |
Meastar go dtiocfaidh méadú ar an líon daoine atá os cionn 65 bliana d’aois i dtíortha an Aontais, is é sin ón 90,5 milliún duine a bhí ann ag tús 2019 go 129,8 milliún duine faoi 2050. Le linn na tréimhse sin, beidh méadú 56,1 % ar líon na ndaoine san Aontas idir 75 agus 84 bliana d’aois, agus beidh méadú 16,6 % ar líon na ndaoine idir 65 agus 74 bliana d’aois. Os a choinne sin, meastar go mbeidh 13,5 % níos lú daoine faoi bhun 55 bliana d’aois ina gcónaí san Aontas in 2050. |
|
2.3. |
Ar a shon sin is uile, is faoi bhun an mheáin fós é an ráta fostaíochta i measc oibrithe scothaosta san Aontas. Ní raibh ach 59,1 % díobh siúd idir 55 agus 64 bliana d’aois fostaithe in 2019 i gcomparáid le 73,1 % díobh siúd a bhí idir 20 agus 64 bliana d’aois. Tá ceann de na rátaí bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta is airde san Aontas le feiceáil i measc iad siúd atá gar don aois scoir (55-64 bliana d’aois). |
|
2.4. |
Is é tuairim is 65 bliana d’aois an mheánaois scoir san Aontas agus is é tuairim is 84 bliana d’aois an meánionchas saoil. Tuigtear as sin go gcaitheann an chuid is mó de dhaoine tuairim is fiche bliain dá shaol ar scor. Is gá, ina fhianaise sin, an fad saoil a chur chun cinn i dteannta na dea-shláinte. |
|
2.5. |
De réir a bhfuil sa tuarascáil a d’fhoilsigh Eorabharaiméadar in 2019 maidir leis an idirdhealú san Aontas, is é an t-idirdhealú aoise, maille leis an idirdhealú inscne, an cineál idirdhealaithe is forleithne san Aontas. |
|
2.6. |
Is iad daoine scothaosta is mó atá i mbaol a bheith faoi mhíchumas agus is mó an riosca go mbeidh siad faoi mhíchumas de réir mar a théann siad in aois. Tá 48,5 % de dhaoine faoi mhíchumas 65 bliana d’aois nó os a chionn sin. |
|
2.7. |
Bíodh is gurb ionann na rátaí athsholáthair comhiomlána pinsean san Aontas agus 58 % (8), meastar gur ag daoine scothaosta i roinnt mhaith tíortha atá 40 % den rachmas agus sciar suntasach den chumhacht ceannaigh agus is ar bhonn míchothrom a dháiltear an rachmas agus an chumhacht sin idir mná agus fir agus ar fud grúpaí ioncaim. Mar sin, is suntasach an acmhainneacht atá i ndaoine scothaosta mar thomhaltóirí móra. |
|
2.8. |
Is tomhaltóirí scothaosta iad formhór na dtomhaltóirí sa gheilleagar agus leanfaidh a sciar tomhaltais de bheith ag fás. Táthar ag súil go dtiocfaidh fás thart ar 5 % in aghaidh na bliana ar gheilleagar na ndaoine scothaosta ar fud an Aontais go dtí EUR 5,7 trilliún in 2025 (9). |
|
2.9. |
Ní mór don Aontas straitéisí éifeachtacha a chur i bhfeidhm faoina gcuirfí san áireamh dinimic dhéimeagrafach agus forbairt eacnamaíoch gach réigiúin agus faoina dtabharfaí aghaidh freisin ar na deiseanna a d’fhéadfadh teacht as geilleagar na ndaoine scothaosta (10). |
3. Beartas nua an Aontais Eorpaigh maidir le cearta daoine scothaosta
|
3.1. |
In 2002, ag an gComhthionól Domhanda deireanach maidir leis an aosú, thíolaic na Náisiúin Aontaithe an Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir leis an Aosú, arbh é an chéad chomhaontú idirnáisiúnta é lenar aithníodh an méid a chuireann daoine scothaosta le forbairt na sochaí agus lenar bunaíodh an Mheitheal Neamhiata um Aosú. |
|
3.2. |
An 27 Eanáir 2021, chuir an Coimisiún Eorpach páipéar dá chuid i láthair, Green Paper on Ageing: Fostering solidarity and responsibility between generations [Páipéar Uaine maidir le haosú: dlúthpháirtíocht agus freagracht a chothú idir na glúine] (11), lenar leagadh síos an dúshraith do bheartais a bheadh ann sa todhchaí chun tacú le daoine scothaosta. |
|
3.3. |
Baineadh de thátal as an bPáipéar Uaine sin go bhfuil tionchar dearfach ag aosú folláin gníomhach ar an margadh saothair, ar rátaí fostaíochta agus ar chórais cosanta sóisialta agus, dá thoradh sin, ar fhás agus ar tháirgiúlacht an gheilleagair. |
|
3.4. |
Deimhnítear ann go bhfuil gá le gníomhaíocht nithiúil chinntitheach chun tacú le daoine scothaosta i ngach réimse beartais. Ní leagtar amach ann, áfach, clár nithiúil de thionscnaimh a bheidh le forbairt ag an Aontas agus ag na Ballstáit. |
|
3.5. |
Leis na beartais nua de chuid an Aontais, ba cheart aistriú ó bhonn a bheith i gceist a fhágfaidh go dtabharfar aird níos mó ar dhaoine scothaosta agus go dtabharfar droim láimhe leis an dearcadh cúram-bhunaithe chun díriú ar chumhachtú na ndaoine sin agus chun deireadh a chur le dearcthaí aoisíocha. |
4. I dtreo Straitéis Eorpach
|
4.1. |
Cé gur céim bhreise a bhí sa Pháipéar Uaine i dtreo na ngealltanas a tugadh faoi Phlean Mhaidrid fiche bliain ó shin a chur chun feidhme, tá roinnt easnamh ann nach mór dul i ngleic leo, toisc nach ann, i láthair na huaire, do bheartas cuimsitheach maidir le haosú ná do cheann atá dírithe go heisiach ar dhaoine scothaosta. |
|
4.2. |
Ar na heasnaimh is mó atá i bPáipéar Uaine an Choimisiúin, tá an dearcadh gur costas don tsochaí iad an aois agus daoine scothaosta. Dá thoradh sin, ní aithnítear na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le cuimsiú níos gníomhaí daoine scothaosta. Déantar ceangal ann go leanúnach idir an t-aosú agus meath, éighníomhacht agus leochaileacht. Má táthar chun leas a bhaint as acmhainneacht an aosaithe, is ríthábhachtach fís a chothú atá bunaithe ar chearta an duine, ar an bhfolláine, ar an méid a chuireann daoine scothaosta leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar agus ar na huirlisí lena gcumasaítear an méid sin. |
|
4.3. |
Le tamall de bhlianta anuas, tá roinnt tionscnamh a bhfuil dlúthbhaint acu leis an aois á gcur i láthair agus plé á dhéanamh orthu, ina measc: an Straitéis Eorpach um Chúram, an Plean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020–2024, an Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, na gealltanais a thug na Ballstáit i leith thionscnamh na Náisiún Aontaithe maidir le tionchar COVID-19 ar dhaoine scothaosta, na Conclúidí ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine, Rannpháirtíocht agus Dea-bhail Daoine Scothaosta i Ré an Digitithe (12), na Conclúidí ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis an Aosú a Phríomhshruthú i mBeartais Phoiblí (13) nó na Conclúidí ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le téarnamh iar-COVID-19 atá bunaithe ar chearta an duine (14). |
|
4.4. |
Le Straitéis Eorpach nua i leith Daoine Scothaosta, athrófar an fócas i mbeartais maidir leis an aois agus le daoine scothaosta an lae inniu agus na todhchaí, rud is riachtanas. Ar a mhuin sin, leagfar béim ar dheiseanna daonna, sóisialta agus eacnamaíocha agus feabhsófar an tsaoránacht ghníomhach agus an rannpháirtíocht, ós minic a bhíonn caipiteal intleachtúil, eacnamaíoch agus sóisialta ag daoine scothaosta nach mbaintear leas as. A bhuí léi, tacófar leis an dlúthpháirtíocht idirghlúine agus le cur chuige saolré chun dúshláin a bhaineann le haois a chosc agus a laghdú, rud a chuirfeadh an dearcadh gur costas atá san aosú ina cheart. |
|
4.5. |
Ar an dóigh sin, beifear in ann freisin bunphrionsabail na dtionscnamh arna dtarraingt suas ag an Aontas agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta ó síníodh Plean Mhaidrid in 2002 a chomhdhlúthú, agus, san am céanna, gníomhaíochtaí agus pleananna nithiúla a mholadh le haghaidh ceapadh beartas i réimse na ndaoine scothaosta. |
|
4.6. |
De thoradh na Straitéise Eorpaí i leith Daoine Scothaosta, cuirfear craiceann ar chomhshocrú idirghlúine a bheidh bunaithe ar an urraim agus an dlúthpháirtíocht idirghlúine agus a mbeidh an rochtain ar oideachas ardcháilíochta ar feadh an tsaoil, ar fhostaíocht chuibhiúil agus ar chórais cosanta sóisialta atá forbartha ar fud an domhain mar phríomhchuspóirí aige (15). |
|
4.7. |
Ina theannta sin, freastalóidh an Straitéis ní hamháin ar dhaoine scothaosta ach ar an daonra ar fad, lena n-áirítear oibrithe cúraim do dhaoine scothaosta, agus ullmhóidh sí na glúnta óga dá n-aosú féin. |
5. Colúin na Straitéise Eorpaí nua i leith Daoine Scothaosta
|
5.1. |
Mar chuid den Straitéis nua, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair daoine scothaosta go léir, ar grúpa ilchineálach iad agus, dá réir sin, an ghníomhaíocht beartais is gá a chur chun cinn chun na deiseanna uile a ghabhann leis an aosú gníomhach folláin a thapú. |
|
5.2. |
Ba cheart í a bheith bunaithe ar bheartais chun ullmhú d’iarmhairtí an aosaithe, iad a chosc agus iad a thuar agus ar bheartais a bheidh dírithe ar an rannpháirtíocht agus an tsaoránacht ghníomhach, amhail foghlaim ar feadh an tsaoil, aosú folláin agus rannpháirtíocht ghníomhach. Is iad sin na réimsí is fearr le hinfheistíocht a dhéanamh iontu chun neamhionannais a bhaineann le haois agus na hualaí sóisialta agus eacnamaíocha a eascraíonn as an aosú a íoslaghdú (16). Leis an Straitéis, spreagfar daoine chun gníomhaíocht chuí a dhéanamh le haghaidh a thabhairt ar iarmhairtí a n-aosaithe. |
|
5.3. |
Mar chuid den Straitéis, ba chóir do na Ballstáit pleananna náisiúnta i leith an aosaithe a fhorbairt lena n-áireofaí spriocanna agus táscairí sonracha lena thomhas cé chomh héifeachtach atá na beartais chun tacú le daoine scothaosta. Ba cheart dóibh bearta nithiúla a mholadh freisin chun tacú le cuspóirí agus colúin na Straitéise Eorpaí. |
5.4. Comhionannas agus neamh-idirdhealú
|
5.4.1. |
Is bunphrionsabail iad an comhionannas agus an neamh-idirdhealú bunaithe ar aois a leagtar síos sna Conarthaí agus sa reachtaíocht Eorpach. Fós féin, is ann don aoiseachas in go leor réimsí den saol, rud a chruthaíonn bacainní ar rannpháirtíocht iomlán na ndaoine scothaosta sa tsochaí. |
|
5.4.2. |
Ar an ábhar sin, ba cheart an Straitéis i leith Daoine Scothaosta a bheidh ann amach anseo a úsáid chun na gcríoch seo a leanas: |
|
5.4.2.1. |
chun an comhionannas gan beann ar aois a neartú mar bhunphrionsabal agus mar ghné atá le háireamh i mbeartais uile an Aontais agus chun tacú le glacadh na Treorach ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach (17); |
|
5.4.2.2. |
chun bearta nithiúla a mholadh ar mhaithe le feasacht a mhúscailt maidir le hidirdhealú bunaithe ar aois, le daoine scothaosta agus lena gcearta agus lena ndeiseanna cuimsithe, mar aon le híomhá dhearfach d’aois a chur chun cinn; |
|
5.4.2.3. |
chun féachaint chuige go gcuirfidh na Ballstáit agus cúirteanna náisiúnta agus Eorpacha an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta chun feidhme go dian neamhchlaonta agus treoirlínte a mholadh chun prionsabal an chomhionannais gan beann ar aois i gcúrsaí fostaíochta a shainiú ar dhóigh níos fearr; |
|
5.4.2.4. |
chun aird faoi leith a thabhairt ar mhná scothaosta ós rud é go bhfuil ionchas saoil níos faide acu ná fir, gur féidir leo leanúint de bheith gníomhach ar feadh tréimhse níos faide agus, dá bhrí sin, go mbíonn siad níos nochta d’idirdhealú nó d’uaigneas; |
|
5.4.2.5. |
chun bearta a mholadh le dul i ngleic le cineálacha iomadúla trasnacha an idirdhealaithe a mbíonn daoine scothaosta thíos leo, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, na fadhbanna a bhíonn ag daoine scothaosta faoi mhíchumas, ag daoine scothaosta LGBTIQ+, ag daoine scothaosta ó mhionlaigh eitneacha nó ag imircigh scothaosta; |
|
5.4.2.6. |
chun deireadh a chur le daoine scothaosta a fhágáil ar lár i sonraí, i staidreamh agus i bpobalbhreitheanna arna dtáirgeadh ag comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear Eurostat nó Eorabharaiméadar, agus aghaidh a thabhairt ar theorainneacha aoise i suirbhéanna, deighilt aois-shonrach laistigh den chatagóir ‘daoine scothaosta’ agus leis an easpa faisnéise faoi dhaoine scothaosta a bhfuil cónaí orthu in institiúidí; chun a áirithiú go ndéanfaí sonraí maidir le gach aois agus gach saintréith eile a bhailiú, a imdhealú, a anailísiú, a úsáid agus a scaipeadh agus go mbaileodh na Ballstáit sonraí leordhóthanacha, inchomparáide agus iontaofa; |
|
5.4.2.7. |
chun a chinntiú go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha na gnéithe a bhaineann le hidirdhealú bunaithe ar aois agus cearta daonna daoine scothaosta a chomhtháthú níos fearr ina cuid oibre. |
5.5. Rannpháirtíocht sa tsochaí
|
5.5.1. |
Beidh sé ríthábhachtach rannpháirtíocht daoine scothaosta, go háirithe sa saol eacnamaíoch, a spreagadh chun na deiseanna a bheidh ann i dtéarmaí sóisialta agus eacnamaíocha a bhuí lena gcuimsiú níos mó a thapú. |
|
5.5.2. |
D’fhonn rannpháirtíocht ghníomhach iomlán daoine scothaosta a bhaint amach, ba cheart tionscnaimh shonracha a mholadh sa straitéis nua ar an leibhéal iomchuí inniúlachta chun na gcríoch seo a leanas: |
|
5.5.2.1. |
chun go mbeidh rochtain ag daoine scothaosta ar an timpeallacht tógtha (lena n-áirítear trí inrochtaineacht tithe daoine scothaosta a áirithiú), ar earraí agus ar sheirbhísí digiteacha trí chur chun feidhme ionstraimí dlí (amhail an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, an Treoir maidir le hinrochtaineacht gréasáin, an reachtaíocht maidir le hinrochtaineacht iompair nó na hoibleagáidí éagsúla a áirítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas [UNCRPD] a áirithiú ó thaobh inrochtaineachta de agus trí fhaireachán a dhéanamh orthu; |
|
5.5.2.2. |
chun tionscnaimh agus beartais a chur chun cinn a chomhlíonann Airteagal 19 de UNCRPD, lena n-áirithítear maireachtáil neamhspleách agus cuimsiú sa phobal gan beann ar aois; |
|
5.5.2.3. |
chun tacú leis an gcoincheap ‘Cities for all’ [Cathracha do Chách], is é sin samhlacha pleanála uirbí cliste, éiceolaíocha agus cuimsitheacha, mar fhreagairt ar bhaol an leithlisithe agus an uaignis i limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe araon. Is ríthábhachtach don saol sóisialta an dearadh do chách, an tsoghluaisteacht agus an caidreamh idirphearsanta; |
|
5.5.2.4. |
chun deireadh a chur, i gcás inar gá, le bacainní a eisiann daoine scothaosta ó phróisis dhaonlathacha nó bhunreachtúla, amhail toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, d’fhonn caitheamh leo mar fhórsa toghcháin suntasach a bhfuil cearta iomlána aige; |
|
5.5.2.5. |
chun an ‘deighilt dhigiteach agus an bhochtaineacht dhigiteach’ a shárú trí thacaíocht airgeadais agus tionscnaimh airgeadais a leithdháileadh d’fhonn feabhas a chur ar an mbonneagar, ar an trealamh tacaíochta agus ar an oiliúint chun cur leis an litearthacht dhigiteach ag gach aois agus, san am céanna, an oibleagáid a choinneáil go mbeidh rochtain ar earraí agus seirbhísí riachtanacha lasmuigh den réimse digiteach chomh maith; |
|
5.5.2.6. |
chun seirbhísí riachtanacha eile, maille le hiompar poiblí, a ráthú, amhail cúram sláinte, sláinte, tithíocht, cultúr, fóillíocht, rannpháirtíocht ghníomhach sa saol sóisialta, etc.; |
|
5.5.2.7. |
chun tacú leis na moltaí ón gCoimisiún Eorpach chun an t-uaigneas a chomhrac, rud a chinnteoidh, i gcomhthéacs na n-athruithe déimeagrafacha atá ag tarlú faoi láthair, go mbeidh seirbhísí meabhairshláinte, seirbhísí sóisialta agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh inrochtana, inacmhainne, comhtháite, pobalbhunaithe agus áisiúil; chun tacú leis na Ballstáit trí dhea-chleachtais a bhailiú agus a aistriú tríd an nGníomhaireacht Eorpach nua um dhaoine scothaosta, um an aosú agus um an dúshlán déimeagrafach (18); |
|
5.5.2.8. |
chun bearta a mholadh arbh é ab aidhm dóibh cearta tomhaltóirí scothaosta a chosaint óir meastar gur tomhaltóirí leochaileacha iad de réir acquis an Aontais; |
|
5.5.2.9. |
chun bearta a chur chun tosaigh d’fhonn obair dheonach a bhfuil breisluach ag gabháil léi do dhaoine scothaosta a chur chun cinn agus cláir mheantóireachta á mbunú do dhaoine scothaosta ar spéis leo a dtaithí oibre a roinnt leis na glúnta óga; |
|
5.5.2.10. |
chun infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus san fhorbairt d’fhonn tacú le haosú folláin gníomhach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí ar féidir le gach duine a rochtain a fhorbairt i gcomhar le daoine scothaosta chun freastal ar an éagsúlacht leathan riachtanas atá acu agus, chomh maith leis sin, chun nuálaíocht shóisialta a chur chun cinn; |
|
5.5.2.11. |
chun leanúint de chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta maidir leis an oideachas digiteach a chuideoidh leis na Ballstáit dálaí a chruthú atá fabhrach d’ardscileanna digiteacha speisialaithe a fhorbairt mar chuid den fhoghlaim ar feadh an tsaoil (19) seachas a bheith nasctha le rannpháirtíocht i margadh an tsaothair amháin, agus an bealach a réiteach do bhearta sonracha lena ndíreofar ar dhaoine scothaosta agus ar a dtimpeallacht. |
5.6. Fostaíocht, oideachas agus oiliúint
|
5.6.1. |
I bhfianaise an dúshláin dhéimeagrafaigh atá le sárú faoi láthair, ní mór deireadh a chur le bacainní agus deiseanna a thapú chun daoine scothaosta agus iad siúd ar mian leo leanúint de bheith ag obair tar éis na haoise scoir a chuimsiú sa mhargadh saothair. Ba cheart malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a spreagadh faoin straitéis ar mhaithe le cur le fostaíocht daoine scothaosta. |
|
5.6.2. |
Ba cheart an Straitéis a bheith bunaithe ar shamhail sholúbtha ina bhfuil idirthréimhsí éagsúla idir foghlaim, obair, cúram teaghlaigh, neamhghníomhaíocht/scor ag aoiseanna éagsúla i saol an duine, fiú agus é os cionn na haoise scoir reachtúla. Ba cheart seirbhísí tacaíochta agus cúraim don uile ghlúin, lena n-áirítear cúram leanaí agus cúram fadtéarmach, tacú leis na deiseanna atá ag daoine de gach aois – idir mhná agus fhir – páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí. Ba cheart a áireamh sa Straitéis bearta sonracha chun tacú le cúramóirí neamhfhoirmiúla i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá acu maidir le daoine scothaosta i gcúram. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí moltaí sonracha a chur le chéile sna réimsí seo a leanas: cothromaíocht oibre is saoil, cúiteamh pá nó tacaíocht airgeadais, soláthar éagsúlaithe cúraim faoisimh dóibh siúd a thugann aire do ghaolta cleithiúnacha, inrochtaineacht ar sheirbhísí comhairle agus oiliúna, etc. |
|
5.6.3. |
Chuige sin, ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh faoin Straitéis Eorpach, i gcomhréir le hinniúlachtaí na mBallstát: |
|
5.6.3.1. |
measúnú a dhéanamh ar thionchar na maoluithe atá bunaithe ar aois a leagtar amach sna Treoracha maidir le Fostaíocht agus Pá Íosta, treoirlínte a mholadh maidir le cur chun feidhme prionsabal comhionannais atá bunaithe ar aois san fhostaíocht, agus i gcás inar gá, bealaí eile nó athruithe sonracha a shainaithint chun cur chun feidhme na dtreoracha a fheabhsú agus chun idirdhealú i gcoinne daoine scothaosta ar mian leo fanacht i margadh an tsaothair a chosc; |
|
5.6.3.2. |
meantóireacht idirghlúine a spreagadh trí chláir faoi leith; |
|
5.6.3.3. |
i gcomhréir leis na beartais atá ann faoi láthair, rioscaí fisiciúla agus síceasóisialta, amhail strus agus traochadh, a chomhrac agus a chosc sa chéad chreat straitéiseach AE eile maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair; |
|
5.6.3.4. |
spiorad fiontraíochta a chothú i measc daoine scothaosta trí mheasúnú a dhéanamh ar na bacainní atá rompu, ar nós cailliúint ceart pinsin, rochtain ar mhaoiniú a éascú agus gorlanna le haghaidh fiontraíocht idirghlúine a chur chun cinn, aistriú gnólachtaí ó úinéirí gnó scothaosta go húinéirí gnó óga a chur chun tosaigh (20), nó tionscnaimh laistigh den gheilleagar sóisialta a spreagadh; |
|
5.6.3.5. |
an geilleagar sóisialta a chur chun cinn mar earnáil dhuinelárnach atá chun leas na sochaí óir is féidir deiseanna nua fostaíochta agus fiontraíochta a chur ar fáil do dhaoine scothaosta a bhuí leis (21); |
|
5.6.3.6. |
rochtain ar an gclár Erasmus+ agus ar chláir teicneolaíochta oideachais do dhaoine scothaosta a chur chun cinn agus a fheabhsú agus leas iomlán á bhaint as an bhfor-rochtain idirghlúine atá acu; deiseanna foghlama agus soghluaisteacht acadúil a chur ar fáil do dhaoine scothaosta, lena n-áirítear in áiteanna inar deacair oideachas a fháil, amhail in ionaid chúraim fhadtéarmaigh; lántairbhe a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le micridhintiúir agus le huirlisí foghlama digití, amhail ollchúrsaí oscailte ar líne (MOOCanna); |
|
5.6.3.7. |
bearta a mholadh chun feabhas a chur ar oideachas airgeadais daoine scothaosta, rud a d’fhéadfadh cuidiú le húsáid acmhainní neamhghníomhacha agus feabhsú an iomaíochais. Ba cheart díriú go sonrach ar scileanna daoine scothaosta a fhorbairt chun gur féidir leo gníomhú mar infheisteoirí eolasacha agus chun infheistíochtaí airgeadais míchuí nó tomhaltas míchuí a sheachaint. |
|
5.6.3.8. |
Tograí a cheapadh chun imirce daoine oilte ó gach uile ghlúin a chosc, bíodh sin idir na Ballstáit féin nó lasmuigh den Aontas, ag tógáil ar an gclár oibre scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (22). |
5.7. Ioncam cuibhiúil agus cuimsiú sóisialta
|
5.7.1. |
In 2019, bhí 15,1 % den daonra ar scor a bhí os cionn 65 bliana d’aois i mbaol na bochtaineachta. San Aontas, idir 2010 agus 2019, bhí cion na mban os cionn 65 bliana d’aois a raibh pinsean á fháil acu agus a bhí i mbaol na bochtaineachta idir 3 agus 4 phointe céatadáin níos airde ná cion na bhfear a bhí sa chás céanna. |
|
5.7.2. |
Má táthar chun an cás sin a leigheas agus rioscaí na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta do dhaoine scothaosta a laghdú a mhéid is féidir, i gcomhréir le hinniúlachtaí eisiacha na mBallstát, agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta á chur san áireamh, ba cheart ioncam cuibhiúil do dhaoine scothaosta a chur chun cinn sa Straitéis trí thionscnaimh a mholadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh: |
|
5.7.2.1. |
córais pinsean a fhorbairt chun pinsin leordhóthanacha a chur ar fáil ionas nach mbeidh ar phinsinéirí brath ar thacaíocht ioncaim íosta, mar a luaitear i dtuairim CESE maidir leis an Moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leordhóthanach (23); I gcomhréir leis sin, meastóireacht a dhéanamh, in éineacht leis na Ballstáit, ar an bhféidearthacht bearta cóineasaithe a dhéanamh chun ioncam íosta a áirithiú do gach duine scothaosta agus chun cuidiú leo leanúint den obair más mian leo. |
|
5.7.2.2. |
Ráthaíocht do Dhaoine Scothaosta a fhorbairt a chosnaíonn iad ar an mbochtaineacht agus a chuirfidh ar a gcumas saol cuibhiúil rannpháirteach a chaitheamh ó 65 bliana d’aois ar aghaidh, lena n-áirítear tacaíocht shonrach dóibh siúd atá os cionn 75/80 bliana d’aois, ag brath ar shaintréithe na mBallstát; |
|
5.7.2.3. |
leordhóthanacht na bpinsean a áirithiú san fhadtéarma trí fhéachaint chuige go ndéanfar pinsin a inneacsú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis an gcostas maireachtála, agus costais shonracha daoine scothaosta (amhail sláinte, cúram fadtéarmach, etc.) á gcur san áireamh; |
|
5.7.2.4. |
an bhearna phinsin idir na hinscní a laghdú agus, i gcás inar gá, tabhairt isteach creidmheasanna cúraim i gcórais cosanta sóisialta nó i gcórais chánach a chur chun cinn; |
|
5.7.2.5. |
creat a cheapadh le haghaidh rochtain uilíoch ar chearta pinsin, lena n-áirítear d’fhir agus do mhná, do dhaoine féinfhostaithe, agus do dhaoine i gcineálacha nua fostaíochta amhail an geilleagar sóisialta, daoine faoi mhíchumas (lena n-áirítear iad siúd atá i bhfostaíocht dhídeanach) agus daoine atá eisiata ón margadh saothair; |
|
5.7.2.6. |
bearta a mholadh chun feasacht a ardú agus chun comhrac i gcoinne an fhoréigin agus na drochíde in aghaidh daoine scothaosta, agus mná scothaosta go háirithe. |
An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Féach mar shampla Plan antichute des personnes âgées [Plean i gcoinne thitim na ndaoine scothaosta] sa Fhrainc.
(2) Tuairim Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le treo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19 (IO C 194, 12.5.2022, lch 19).
(3) European social partners' autonomous framework agreement on active ageing and an inter-generational approach (2017) [Creat-chomhaontú neamhspleách na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha maidir le haosú gníomhach agus cur chuige idirghlúine.
(4) Friends of Europe.
(5) Current and future challenges for ombudsman institutions – Network in Focus 2019 (europa.eu).
(6) Mar a leagtar amach i dtuarascáil ó na Náisiúin Aontaithe: Report of the United Nations High Commissioner for Human Rights on the promotion and protection of the human rights of older persons, Márta 2022.
(7) Tuairim Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le treo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19 (tuairim féintionscnaimh) (IO C 194, 12.5.2022, lch. 19).
(8) Eurostat.
(9) Silver Economy Study: How to stimulate the economy by hundreds of millions of Euros per year, Shaping Europe's future digital (europa.eu).
(10) Atlas na Déimeagrafaíochta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.
(11) COM(2021) 50 final.
(12) Conclúidí ón gComhairle maidir le Cearta an Duine, Rannpháirtíocht agus Dea-bhail Daoine Scothaosta i Ré an Digitithe (2020).
(13) Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Aosú a Phríomhshruthú i mBeartais Phoiblí (2021).
(14) Conclúidí ón gComhairle maidir le téarnamh iar-COVID-19 atá bunaithe ar chearta an duine (2021).
(15) Tuairim ó CESE I dtreo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19, IO C 194 12.5.2022, lch. 19.
(16) Tuarascáil ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Decade of Healthy Ageing 2021-2030.
(17) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le comhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.2.2023, lch. 56) agus Opinion of the European Economic and Social Committee on the Proposal for a Council directive on implementing the principle of equal treatment between persons irrespective of religion or belief, disability, age or sexual orientation [Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach] (Níl leagan Gaeilge ann), (IO C 182/19, 4.8.2009, lch. 19).
(18) Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte, COM(2023) 298 final.
(19) Moladh ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint, COM(2023) 206 final.
(20) Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hAistrithe gnó mar thionscnóirí fáis agus téarnaimh inbhuanaithe in earnáil na FBManna, (IO C 486 21.12.2022, lch. 9).
(21) Tuairim Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le treo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19 (tuairim féintionscnaimh), (IO C 194 12.5.2022, lch. 19).
(22) COM(2020) 274 final.
(23) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (COM(2022) 490 final — 2022/0299 (NLE)), (IO C 184, 25.5.2023, lch. 64) agus Moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach, (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/36 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Dícharbónú thionscal na hEorpa agus ról na nuálaíochta agus na digiteála maidir leis sin a thiomáint chun cinn
(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)
(2023/C 349/07)
|
Rapóirtéir: |
Andrés BARCELÓ DELGADO |
|
Comhrapóirtéir: |
Monika SITÁROVÁ |
|
Iarraidh ó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh |
Litir an 8 Nollaig 2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Tústuairim |
|
Cinneadh ón mBiúró |
13.12.2022 |
|
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
22.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
185/3/7 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Creideann CESE go mór nach mór dícharbónú thionscal an Aontais a cheangal le digiteáil fheabhsaithe. |
|
1.2. |
Tá an nuálaíocht ríthábhachtach má táthar chun tionscal an Aontais a dhícharbónú go hiomlán, ós rud é go bhfuil neart teicneolaíochtaí fós á bhforbairt. |
|
1.3. |
Ní féidir leis an Aontas an dícharbónú a bhaint amach gan rannpháirtíocht láidir ó oibrithe ná idirphlé sóisialta. Ní mór cláir athscilithe agus uas-scilithe a bheith mar mhórthosaíocht d’fhonn na spriocanna a bhaint amach. Ní mór ról a bheith ag an idirphlé sóisialta agus ag rannpháirtíocht na n-ionadaithe oibrithe i gcláir athscilithe agus uas-scilithe, agus do na cláir sin a bheith ina réamhriachtanas le go mbeidh rath ar theicneolaíochtaí nua agus modhanna oibre nua. |
|
1.4. |
Ní mór don Aontas na teicneolaíochtaí a shainaithint a bhfuil tacaíocht shonrach ag teastáil uathu chun gníomhaíochtaí monaraíochta a fhorbairt, agus bearta breise a mholadh. |
|
1.5. |
Ní mór teicnící gabhála, úsáide agus stórála carbóin a fhorbairt chun astaíochtaí a bhfuil sé deacair srian a chur leo a laghdú i dtionscail amhail tionscal na stroighne agus na scaglanna; d’fhéadfadh an carbón féin a úsáid mar amhábhar le haghaidh leictribhreoslaí. |
|
1.6. |
Dúshlán tromchúiseach don Aontas agus dá thionscal is ea an Gníomh um Laghdú Boilscithe (Inflation Reduction Act) de chuid na Stát Aontaithe. An togra ón gCoimisiún maidir le tionscal glan-nialasachta, d’fhéadfadh sé a bheith ina fhreagairt éifeachtach ar an mbagairt atá ann go ndéanfaí go leor gníomhaíochtaí tionsclaíocha a athlonnú ón Aontas chuig tríú tíortha. Níor cheart neamhaird a thabhairt ar choinníollacht shóisialta an Ghnímh um Laghdú Boilscithe i dtograí an Aontais. |
|
1.7. |
Teastaíonn tacaíocht phoiblí ó ghnólachtaí tionsclaíocha i gcaitheamh an phróisis dícharbónaithe (e.g. an tairseach de minimis a mhéadú, athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais chánach), ach ní mór dóibh cloí le prionsabail an mhargaidh aonair freisin. |
|
1.8. |
Tá CESE á thabhairt dá aire gur údar spreagtha, i dtéarmaí feidhmíocht thionsclaíoch a fheabhsú, iad na samplaí atá ann faoi láthair de leathchúplaí digiteacha sa tionsclaíocht, mar a tugadh le fios i dtuairim CCMI/206. |
|
1.9. |
Tá CESE ag tathant ar na húdaráis Eorpacha agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na próisis cheadaithe le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus gníomhaíochtaí tionsclaíocha. Déantar infheistíochtaí nua a dhíspreagadh leis an nós imeachta fada atá ann faoi láthair chun ceadanna a fháil agus leis an rómhaorlathas iomarcach. |
|
1.10. |
Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh maidir le Banc Hidrigine agus tá súil aige go gcuideoidh sé le teicneolaíocht hidrigine a chur in úsáid, go háirithe i dtionscail ar deacair iad a mhaolú. |
|
1.11. |
Ní mór an bonneagar atá ann faoi láthair a chothabháil i gceart chun próisis thionsclaíocha nua a fhorbairt. Ní mór cláir shonracha maidir le bonneagar a fhorbairt chun tacú le dícharbónú tionsclaíoch. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
D’iarr Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar CESE tústuairim a tharraingt suas maidir le dícharbónú thionscal na hEorpa agus an ról atá le himirt ag an digiteáil agus an nuálaíocht sa phróiseas sin. |
|
2.2. |
D’eisigh CESE tuairim féintionscnaimh roimhe seo maidir le teicneolaíochtaí dícharbónaithe inar díríodh ar earnálacha tionsclaíochta faoin Scéim Trádála Astaíochtaí (1). |
|
2.3. |
Rinne an tsochaí Eorpach an cinneadh riachtanach agus radacach dícharbónú iomlán a bhaint amach faoi 2050. Beidh an tionchar is mó aige sin ar an tionsclaíocht agus beidh sé an-deacair do ghníomhaíochtaí tionsclaíocha áirithe dul in oiriúint don dícharbónú. |
|
2.4. |
Rinne roinnt tionscal infheistíochtaí móra le blianta beaga anuas agus beidh orthu athruithe atá níos radacaí fós a dhéanamh chun an sprioc ghlan-nialasach a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní mór do shochaí na hEorpa tacú leis na tionscail sin agus iad ag aistriú ó bhreoslaí iontaise chuig táirgeadh aeráidneodrach. |
|
2.5. |
Ní mór teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin a ionchorprú i roinnt gníomhaíochtaí tionsclaíocha ar deacair iad a mhaolú. D’fhéadfaí astaíochtaí CO2 a úsáid sa todhchaí chun earraí ard-bhreisluacha a tháirgeadh. |
|
2.6. |
Tá sé thar a bheith dúshlánach don Aontas a sprioc maidir le 40 % dá fhuinneamh a fháil ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030, mar gheall ar a mhéid a bhraitheann sé ar thríú tíortha chun roinnt teicneolaíochtaí glana a sholáthar. Maidir le teicneolaíocht ghlan, tá an Eoraip ag brath go príomha ar allmhairí; ag an am céanna, ní mór don Aontas dlús mór a chur le cur in úsáid na teicneolaíochta glaine chun cuspóirí an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a bhaint amach. Ní mór don Aontas na teicneolaíochtaí a shainaithint a bhfuil tacaíocht shonrach ag teastáil uathu chun gníomhaíochtaí monaraíochta a fhorbairt, agus bearta breise a mholadh. |
|
2.7. |
Tá tionscal na hEorpa faoi bhrú leanúnach ón iomaíocht idirnáisiúnta agus teastaíonn freagairt thapa, forbairt leanúnach agus oiriúnú gnólachtaí ina leith ionas go leanfaidh sé de bheith brabúsach earraí a tháirgeadh san Aontas. Is gné thábhachtach é sin sa táirgeadh nua-aimseartha cheana féin, ach féadfaidh gnólachtaí monaraíochta feabhsuithe ollmhóra san éifeachtúlacht a sheachadadh trí theicneolaíochtaí nua. Ar an mbealach sin, beidh siad in ann deiseanna iomlán nua a thapú chun táirgí, seirbhísí agus samhlacha gnó a fhorbairt. |
|
2.8. |
Is réamhriachtanas é an t-aistriú digiteach, a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, chun an sprioc maidir le dícharbónú a bhaint amach. |
|
2.9. |
Ní féidir aon sprioc a bhaint amach gan daoine a bheith rannpháirteach. Tá lucht saothair na hEorpa an-oilte maidir leis an teicneolaíocht atá ann faoi láthair, ach ní mór athoiliúint a chur air chun an deis a thapú úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí nua a fhorbrófar agus a chuirfear in úsáid go luath. |
|
2.10. |
Faoin bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ a bhfuil glacadh coitianta leis, ní mór aird ar leith a thabhairt ar na pobail áitiúla ina bhfuil saoráidí tionsclaíocha bunaithe, i bhfianaise na n-athruithe a tharlóidh sna blianta amach romhainn agus an tionchar a bheidh ag na hathruithe sin, sa ghearrthéarma, ar fhostaíocht sna limistéir lena mbaineann. |
3. Tírdhreach nua san Aontas agus in áiteanna eile
|
3.1. |
Idir an dá linn, ní mór don Aontas Eorpach aghaidh a tabhairt ar na dúshláin nua a bhaineann le cur i bhfeidhm an Ghnímh um Laghdú Boilscithe de chuid na Stát Aontaithe (2), rud a d’fhéadfadh a bheith mar spreagadh maidir le sciar mór de shlabhra luacha tionsclaíoch na hEorpa a athlonnú chuig na Stáit Aontaithe, go háirithe na tionscail sin a bhaineann le teicneolaíochtaí in-athnuaite agus ísealcharbóin. Is éard atá sa Ghníomh um Laghdú Boilscithe meascán de dheontais, dreasachtaí cánach agus ráthaíochtaí iasachta, agus dálaí sóisialta agus eacnamaíocha éagsúla ag gabháil leo. Is creidmheasanna cánach corparáide, dar luach USD 216 bhilliún a bheag nó a mhór, atá i bhformhór na reachtaíochta. |
|
3.2. |
Tá creidmheasanna cánach le haghaidh táirgeadh ar fáil do thionscadail gaoithe agus gréine freisin. Na gnólachtaí sin ar mian leo rochtain a fháil ar na creidmheasanna táirgthe sin, ní mór dóibh ceanglais maidir le hábhar intíre a chomhlíonadh, is iad sin nach mór an t-iarann, an chruach agus na tairgí monaraithe a úsáidtear i saoráidí giniúna cumhachta a bheith táirgthe sna Stáit Aontaithe. Ní mór gach próiseas monaraithe iarainn agus cruaiche tarlú sna Stáit Aontaithe, agus meastar go dtáirgtear táirgí monaraithe go hintíre má bhaineann céatadán tairsí de chostais monaraíochta iomlána táirgí le próisis mianadóireachta, táirgthe nó monaraíochta atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Tá an tairseach sin socraithe ag 40 % agus méadófar í go 55 % in 2026. |
|
3.3. |
Mhol an Coimisiún reachtaíocht nua chun dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le hiomaíocht ó na Stáit Aontaithe agus ón tSín don Aontas Eorpach. Tá tuairim á dréachtú ag CESE maidir leis an ábhar sin. |
|
3.4. |
Aithníonn CESE go bhfuiltear ag dul sa treo ceart leis an togra. Mar sin féin, is ar éigean a bhfuil sé leordhóthanach chun an sprioc uaillmhianach a bhaint amach agus chun na feabhsuithe is gá ar an bpróiseas reachtaíochta a dhéanamh. |
|
3.5. |
Tá an bhearna idir praghsanna gáis san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe an-mhór ar fad, fiú in ainneoin an laghdaithe a tháinig ar phraghsanna san Eoraip le déanaí. I ndáil le soláthar agus praghsanna gáis nadúrtha, tá an cur chuige céanna, is é sin, cur chuige atá bunaithe ar dheischostais, á úsáid ag roinnt soláthraithe. Cé go bhfuil an tAontas beagnach saor ón spleáchas a bhí aige ar ghás ón Rúis, ní mór dó sa lá atá inniu ann dul i ngleic le creat praghsanna gáis agus leictreachais atá níos costasaí fiú. Baineann sé sin an bonn d’iomaíochas thionscal an Aontais agus de chur in úsáid an leictrithe san Aontas. |
|
3.6. |
Tiocfaidh méadú ar an éileamh ar leictreachas i ngeall ar an bpróiseas dícharbónaithe; tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí isteach teicneolaíocht atá aeráidneodrach lena dtabharfar tús áite do sholáthar cumhachta inacmhainne saor ó charbón agus do shlándáil fuinnimh. |
|
3.7. |
Tá ar ghnólachtaí Eorpacha deimhnithe carbóin a cheannach faoi chreat CTA. Tá an praghas atá ar dheimhnithe carbóin os cionn EUR 80, agus tá an préimhphraghas atá ar spotphraghsanna leictreachais thart ar EUR 40, mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar na costais ar dheimhnithe carbóin. Cé is moite de roinnt eisceachtaí, ní ghearrann na príomhchomhpháirtithe trádála atá ag an Aontas an cineál praghais sin ar charbón. Mar sin, beidh sé deacair do thionscal an Aontais dul san iomaíocht i margaí idirnáisiúnta sa todhchaí, fiú leis an gcosaint a chuireann an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha ar fáil don mhargadh aonair. |
|
3.8. |
Tá soláthar fuinnimh dhícharbónaithe inacmhainne ríthábhachtach chun gníomhaíochtaí tionsclaíocha nua a fhorbairt san Eoraip. Maidir leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, beidh an tionchar a bheidh aige ar phraghsanna fuinnimh teoranta sa ghearrthéarma, agus is ábhar éiginnteachta fós é an tionchar fadtéarmach a bhaineann leis. An uaillmhian chun an Eoraip a dhéanamh níos neamhspleáiche ar fhuinneamh allmhairithe agus cosanta ar bhealach níos fearr ar luaineacht sa mhargadh domhanda, ní féidir an uaillmhian sin a bhaint amach thar oíche. Mar sin féin, teastaíonn réitigh láithreacha ón tionscal chun dul i ngleic le praghsanna fuinnimh atá fós níos airde san Eoraip i gcomparáid le neart áiteanna eile ar domhan. Ní éireoidh le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ach amháin má dhéanann an tAontas a bheartas fuinnimh a athchóiriú ag an am céanna, go háirithe le Treoir athbhreithnithe maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais ionas nach gcaillfear aon am i soláthar a dheimhniú le haghaidh leictreachas inacmhainne ísealcharbóin a chomhfhreagraíonn don ghá méadaithe ar leictriú. |
|
3.9. |
Is cosúil go bhfuil an tAontas gafa idir dhá chur chuige éagsúla. Tá sé ag iarraidh teacht le chéile leis na Stáit Aontaithe agus lorg tionsclaíochta láidir a choinneáil san Eoraip, agus, ag an am céanna, cloígh le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, rialacha a thagann salach uaireanta ar an gcur chuige Meiriceánach. |
|
3.10. |
Dúshlán eile atá roimh an Aontas is ea margadh aonair an Aontais a choinneáil ar bun. Mar a luaigh an Coimisiún, díríodh an tsolúbthacht maidir le státchabhair ar dhá Bhallstát ina bhfuil níos mó ná 70 % den imréiteach iomlán a sholáthraigh an Coimisiún faoin eisceacht idirthréimhseach (i gcomhthéacs COVID-19 agus chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine). |
|
3.11. |
Ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha agus do na Ballstáit iarracht a dhéanamh gan státchabhair iomarcach a chur ar fáil do ghnólachtaí d’fhonn an margadh aonair, rud atá ina bhunchloch den Aontas, a chosaint. Mar sin féin, d’fhonn digiteáil na FBManna a chumasú agus an nuálaíocht a chur chun cinn, d’fhéadfaí an tairseach de minimis a mhéadú mar is beag a chuireann sé sin isteach ar an iomaíocht. Ní mór an taithí a fuarthas ón mol nuálaíochta digití (3) a scaipeadh ar fud an Aontais. |
4. Ról na nuálaíochta
|
4.1. |
Tá an nuálaíocht ríthábhachtach chun an tAontas a chumhachtú leis na spriocanna glan-nialasacha a bhaint amach agus ní mór níos mó teicneolaíochtaí atá ar fáil ar bhonn tráchtála a chur ar an margadh. Is é ról na nuálaíochta laistigh de chuideachtaí an uirlis is tábhachtaí chun teicneolaíochtaí nua agus glasa atá inmharthana go teicniúil agus go heacnamaíoch a chur in úsáid. |
|
4.2. |
Ar an taobh eile, ní mór rannchuidiú le húsáid na dteicneolaíochtaí glasa nua a mhéadú trí mhargadh cóir a spreagadh le haghaidh fíorearraí glasa atá iontaofa, agus an soláthar poiblí a úsáid mar an bpríomhspreagadh chuige sin. |
|
4.3. |
Tá easpa amhábhar san Eoraip, ach leis an rialachán atá beartaithe maidir le hamhábhair chriticiúla, cuirfear chun cinn amhábhair athchursáilte le haghaidh an tionscail a tháirgeadh go hintíre. Is é an príomhbhuntáiste iomaíoch atá ag tionscal an Aontais a inniúlacht theicneolaíoch agus a lucht saothair ardoilte, rudaí a chuireann ar a chumas a bheith ina cheannaire ar na margaí domhanda. |
|
4.4. |
Cruthaíonn tríú tíortha dúshlán don bhuntáiste iomaíoch sin, mar is é an t-aon uirlis chun ceannaireacht a choinneáil an nuálaíocht a chosaint, an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an comhshaol, daoine agus nuálaíocht a chosaint agus dlús a chur le húdaruithe rialála, ní hamháin i réimsí speisialta mar a mholtar sa togra ón gCoimisiún, ach i réimsí eile freisin. Tá samplaí scannalacha ann de mhoilleanna gan údar maidir le himréiteach a sholáthar chun saoráidí tionsclaíocha nua a fhorbairt. |
|
4.5. |
Is iad FBManna cnámh droma mhonaraíocht na hEorpa agus d’fhonn dlús a chur leis an dícharbónú, ní mór aird a leith a thabhairt orthu trí chláir shonracha chun nuálaíocht agus digiteáil éifeachtach a chur chun cinn. |
|
4.6. |
Ós rud é go mbeidh infheistíochtaí ollmhóra ag teastáil don dícharbónú, tá CESE á mholadh go n-úsáidfeadh institiúidí an Aontais cistí ón gCiste um Aistriú Cóir agus ó NextGenerationEU chun tacaíocht iomchuí a chur ar fáil don phróiseas dícharbónaithe. |
|
4.7. |
Ní leor an bonneagar atá ann faoi láthair chun na hathruithe is gá a dhéanamh ar an tionscal agus ar an tsochaí. Áitíonn CESE ar na húdaráis phoiblí clár a sheoladh chun an bonneagar is gá chun na teicneolaíochtaí nua chur in úsáid go rianúil a chothabháil agus a fheabhsú. |
|
4.8. |
Is cosúil gurb í hidrigin an rogha is fearr chun tionscail a bhfuil sé deacair srian a chur leo agus nach bhfuil incháilithe do leictriú iomlán a dhícharbónú. An tionscnamh ón Aontas le déanaí maidir le Banc Hidrigine Eorpach, chuideodh sé leis an teicneolaíocht sin a chur in úsáid i gceart i dtéarmaí cainníochta agus praghais. Tá roinnt taithí ag réigiúin ar an nuálaíocht le hidrigin, agus an taithí sin an-úsáideach, ós rud é go dtugtar gnólachtaí móra, ionaid taighde, ollscoileanna agus FBManna le chéile léi. |
5. Ról na digiteála
|
5.1. |
Leis an digiteáil agus an nuálaíocht, rannchuidítear go mór le dícharbónú thionscal na hEorpa. Go deimhin, i gcás na tionsclaíochta, áit a dtagann an teicneolaíocht dhigiteach agus táirgeadh fisiciúil le chéile, d’fhéadfaí í a mheas mar phríomhghníomhaí sa chlaochlú digiteach agus i ndícharbónú tionsclaíoch, ós rud é go roghnaítear sa tionsclaíocht nuachóiriú a dhéanamh ar phróisis thionsclaíocha, ar tháirgí agus ar shamhlacha gnó, agus go mbíonn tionchar dearfach aige sin ar an táirgiúlacht. |
|
5.2. |
Cruthaítear deiseanna le haghaidh gnólachtaí monaraíochta le teicneolaíochtaí amhail braiteoirí, cumarsáid idir meaisín, anailís sonraí agus róbataic. Tríd an táirgeadh a bharrfheabhsú agus a uathoibriú, d’fhéadfadh teicneolaíochtaí nua é a chur ar chumas gnólachtaí Eorpacha dul in iomaíocht le tíortha ina mbíonn na costais táirgthe níos ísle de ghnáth. |
|
5.3. |
Rinneadh uathoibriú mór ar a lán earnálacha cheana féin agus bíonn tionchar breise ag teicneolaíochtaí digiteacha air sin, mar shampla róbataic chliste ag céim na cóimeála, ríomhairí rialaithe próisis in earnáil na gceimiceán, agus priontáil 3T chun comhpháirteanna agus páirteanna spártha a tháirgeadh. Is dócha go mbeidh tionchar níos suaití ag an dara rabharta den chlaochlú digiteach, arb iad an intleacht shaorga, idirlíon tionsclaíoch na rudaí nithiúla agus mórshonraí is cúis leis. D’fhéadfadh sé go mbeadh éagothromaíochtaí idir cuideachtaí agus idir réigiúin an Aontais mar thoradh air. |
|
5.4. |
Le cúnamh ó theicneolaíocht braiteoirí, féadfar faireachán a dhéanamh ar an táirgeadh agus é a bharrfheabhsú, mar shampla trí fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar úsáid trealaimh táirgthe, ionchur fuinnimh, an gá atá le hamhábhair agus páirteanna spártha, cáilíocht táirgí agus astaíochtaí. Trí anailís a dhéanamh ar na sonraí a bhailítear, féadfaidh gnólachtaí léargas a fháil ar cad iad na próisis a oibríonn chomh héifeachtach agus is féidir agus cad iad na próisis a d’fhéadfaí a fheabhsú, chomh maith le léargas a fháil ar an lorg aeráide. |
|
5.5. |
Baineann féidearthachtaí iontacha leis an digiteáil chun tionchar an tionscail ar an aeráid a laghdú, ach ní mór an digiteáil agus láimhseáil sonraí a chur san áireamh freisin nuair atáthar ag caint faoin aeráid. |
6. Athsciliú agus uas-sciliú
|
6.1. |
Ní mór breathnú ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach mar dheis chun poist ardcháilíochta a chruthú agus a chur chun cinn, agus, ag an am céanna, chun éagsúlacht a mhealladh chuig an tionscal, go háirithe trí thallann na mban a lorg, dearcadh oscailte i leith oibrithe oilte ó thríú tíortha a chur chun cinn agus dianiarracht a dhéanamh an tionscal a dhéanamh tarraingteach do dhaoine óga. |
|
6.2. |
Chuir an Coimisiún Eorpach catalóg leathan de thionscnaimh i láthair faoin gClár Oibre Scileanna don Eoraip, lena n-áiritear an Comhshocrú um Scileanna agus Bliain Eorpach na Scileanna 2023. Déanfar comhpháirtíochtaí scileanna a chruthú nó a leathnú. Bunófar acadaimh um an tionscal glan-nialasachta chun tacú le cláir uas-scilithe agus athscilithe i dtionscail atá straitéiseach don aistriú glas. Ba cheart acmhainní airgeadais breise a sholáthar trí státchabhair agus trí thionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne chun tacú le cuspóirí a bhaineann le scileanna. Tá EUR 64,8 billiún geallta cheana féin faoi bhuiséad an Aontais agus NextGenerationEU chun tacú leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip. Tá gealladh faoi roinnt tionscadal atá ann faoi láthair faoi scáth Erasmus+, amhail an clár Eorpach maidir le scileanna cruach (ESSA) (4). |
|
6.3. |
Tá an t-idirphlé sóisialta ríthábhachtach chun na teicneolaíochtaí nua a chur in úsáid i gceart agus chun cuidiú leis an tsochaí agus le hoibrithe glacadh leis na hathruithe a dhéanfar ar na próisis oibre sa todhchaí. |
|
6.4. |
Mar sin féin, d’fhonn leas iomlán a bhaint as na teicneolaíochtaí digiteacha sa táirgeadh, tá sé tábhachtach nach ndíreofar ar an teicneolaíocht amháin, ach go mbreathnófar ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí ina n-iomláine. Tá gá le straitéis dhigiteach agus pleananna gníomhaíochta ionas go mbeifear in ann an digiteáil a bhainistiú. |
|
6.5. |
Is é an dúshlán atá ann a chinntiú go mbeidh níos mó dul chun cinn sóisialta mar thoradh ar an aistriú digiteach agus nach bhfágfar aon duine ar lár. Ní mór d’oibrithe a bheith in ann iarmhairtí forbairtí teicneolaíochta nua a réamh agus tionchar a imirt ar chinntí fostóirí trí cheart rannpháirtíochta feabhsaithe. Ní mór na hiarmhairtí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha a phlé agus réitigh a ndéanfar caibidlíocht orthu ag gach uile leibhéal, (leibhéal na ngnólachtaí, na n-earnálacha agus an leibhéal náisiúnta agus Eorpach), a bheith mar thoradh ar an bplé sin. |
|
6.6. |
Ní mór lucht saothair an Aontais a athsciliú agus a uas-sciliú go cuí ionas go mbeidh na scileanna is gá aige chun máistreacht a fháil ar riachtanais nua fostaíochta. Ní mór measúnú a dhéanamh ar scileanna reatha, faoi chuimsiú an idirphlé shóisialta, chun a fhiosrú an mbeidh na scileanna sin ábhartha d’fhorbairtí amach anseo. |
|
6.7. |
Níl aon amhras go rannchuideofar le cur in úsáid agus glacadh níos fearr teicneolaíochtaí agus go n-íoslaghdófar costais shóisialta trí idirphlé sóisialta bríomhar agus éifeachtach a choinneáil ar bun. |
An Bhruiséil, 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Ról na dteicneolaíochtaí bainte carbóin i ndícharbónú thionscail na hEorpa (tuairim féintionscnaimh)(IO C 486, 21.12.2022, lch 53.).
(2) Inflation Reduction Act 2022.
(3) https://european-digital-innovation-hubs.ec.europa.eu/
(4) https://www.estep.eu/essa/
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/41 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Dícharbónú an chabhlaigh iascaireachta
(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)
(2023/C 349/08)
|
Rapóirtéir: |
Javier GARAT PÉREZ |
|
Comhairliúchán |
Litir ó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 30.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
28.6.2023 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
38/6/1 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
155/0/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an straitéis maidir leis an aistriú fuinnimh in earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe an Aontais (1). Aithníonn CESE go bhfuil gá ann astaíochtaí CO2 a laghdú agus tá sé go mór i bhfách le foinsí malartacha fuinnimh a lorg atá inbhuanaithe, in-athnuaite agus inmharthana ó thaobh na tráchtála de agus an spleáchas ar fhuinneamh tríú tíortha a laghdú. Iarrann CESE ar an tsochaí, ar ghnólachtaí agus ar an earnáil iascaireachta go sonrach rannchuidiú le gnóthú na haeráidneodrachta faoi 2050. |
|
1.2. |
Tugann CESE chun cuimhne nach mór baint a bheith ag an earnáil iascaireachta leis an réiteach chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú óir cuireann iascairí ceann de na próitéiní ainmhithe is sláintiúla ar fáil agus tá a lorg carbóin orthu sin is ísle dá bhfuil ann. Go deimhin, de réir shonraí UNCAD, beidh an earnáil freagrach as idir 0,1 % agus 0,5 % d’astaíochtaí iomlán an domhain in 2023. Tá laghdú 50 % tagtha ar astaíochtaí fhlít na hEorpa go háirithe ó 1990 i leith (2). Ar an ábhar sin, is príomhearnáil straitéiseach sa tsochaí í agus tá ról riachtanach aici maidir leis an daonra a bheathú agus aiste bia shláintiúil a chur chun cinn. Bíodh sin mar atá, iarrann CESE go ndéanfaí tuilleadh iarrachta chun an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus astaíochtaí a laghdú. |
|
1.3. |
Iarrann CESE go mbeadh amchlár dícharbónaithe ann atá iomchuí réalaíoch ina gcuirfí san áireamh forbairtí teicneolaíocha, lóistíochta agus reachtacha. Ach ab é sin, tiocfaidh méadú díréireach ar chostais (nach bhféadfaí a ionsú i bpraghsanna díola éisc toisc gur só-earra a bheadh ann) agus beidh caillteanais ghnó, neamhbhuaine agus dífhostaíocht mar thoradh air sin freisin. Níor cheart fostóirí agus oibrithe sna hearnálacha éagsúla muirí a bheith thíos le costas an aistrithe agus níor cheart éinne a fhágáil ar lár. |
|
1.4. |
Aithníonn CESE gurb í forbairt agus infhaighteacht dhomhanda teicneolaíochtaí glasa malartacha agus nuálacha, breoslaí nua agus foinsí fuinnimh atá neodrach ó thaobh carbóin de an dúshlán is mó atá roimh an earnáil iascaireachta. Is ríthábhachtach forbairt breoslaí den saghas sin agus an bonneagar is gá má táthar chun dícharbónú a bhaint amach. Is é barúil CESE gur réiteach idirmheánach é an hibridiú, cé nach bhfuil tréigean láithreach breoslaí iontaise i gceist leis. |
|
1.5. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil teacht ag údaráis riaracháin ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta ar lear mór réitigh fuinnimh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide. Sa lá atá inniu ann, is é díosal atá in úsáid ag 100 % de shoithí iascaireachta. De réir na speisialtóirí, is iad na breoslaí in-athnuaite ísealcharbóin nach bhfuil bunaithe ar phlandaí an rogha mhalartach is inmharthana ar bhreoslaí iontaise atá ar fáil ag an earnáil iascaireachta sa ghearrthéarma, bíodh is go bhfuil siad dhá oiread níos costasaí ná díosal ar na saolta seo, agus nach bhfuil mórán acu ar fáil go fóill in aon chor. Á chur san áireamh go n-úsáidtear bealach ar leithligh san earnáil eitlíochta chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a fhorbairt, agus toisc go bhfuil teicneolaíochtaí eile amhail an hidrigin agus an leictreachas níos oiriúnaí d’earnálacha eile, cuir i gcás sa loingseoireacht agus san iompar de bhóthar, ná mar atá siad do shoithí iascaireachta, iarrann CESE go mbeadh comhartha soiléir ann ar an leibhéal polaitiúil lena dtabharfaí tús áite do na breoslaí ionadaíochta sin san earnáil iascaireachta seachas sa loingseoireacht agus san iompar de bhóthar. Cuireann CESE i bhfáth nach féidir na spriocanna uaillmhianacha a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ araon a bhaint amach mura bhforbraítear na breoslaí malartacha sin (3). |
|
1.6. |
Creideann CESE go bhfuil costas ollmhór ag baint le dícharbónú earnáil atá deacair a leictriú, amhail an iascaireacht, costas nach féidir a chumhdach le cistí AE amháin. Is é an dúshlán a bheidh ann conas an earnáil iascaireachta agus an méid a chuireann sí le slándáil an tsoláthair bia a chaomhnú. Is barrthábhachtach tacaíocht institiúideach agus bearta spriocdhírithe maoinithe agus iasachtaithe a bheith ar fáil ag na Ballstáit uile agus a gcabhlaigh. I ndáil leis an méid sin, is cúis imní do CESE an teorainn atá leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) i láthair na huaire. Ní féidir é a úsáid chun an t-aistriú sin a chur chun feidhme, rud atá aitheanta ag an gCoimisiún féin. Ar a mhuin sin, chun na costais sin a sheasamh, iarrann CESE go ndéanfaí foinsí eile maoinithe a fhiosrú, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, dleachtanna custaim a úsáid le haghaidh coigeartú carbóin ar theorainneacha agus acmhainní a chur ar fáil a bhaineann le cáin fuinnimh a ath-leithdháileadh ar an earnáil iascaireachta. Tugann CESE le fios go bhfuil cabhlach iascaireachta na hEorpa 31,5 bliana d’aois ar an meán (4). Agus é sin á chur san áireamh, iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach ciste éigeandála a chruthú lena gcuirfear borradh faoin dícharbónú. Iarrann sé chomh maith go mbeadh comhlántacht níos fearr ann idir na beartais atá ann cheana, na cistí comhtháthaithe agus na cistí forbartha réigiúnaí d’fhonn cistí a threorú agus iomaíocht idir na réigiúin a sheachaint. |
|
1.7. |
Tugann CESE dá aire go mbeidh longa nua a bheidh deartha ar dhóigh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus a mbeidh acmhainneacht níos mó ar bord acu (olltonnáiste) ag teastáil chun go mbeidh spás ann le haghaidh innealra nua. Mar sin féin, is casta an dul chun cinn sin a dhéanamh de bharr an tsainmhínithe a thugtar ar acmhainneacht iascaireachta agus na dteorainneacha lena mbaineann, nithe a leagtar amach sa Chomhbheartas Iascaigh. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach an sainmhíniú ar acmhainneacht iascaireachta a athbhreithniú i dtreo is go mbeifear in ann teicneolaíochtaí nua a bhaineann le haistriú fuinnimh a chur chun feidhme. |
|
1.8. |
Iarrann CESE nach ndéanfadh an tAontas cánacha ar bhreosla (díosal) a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí iascaireachta a thabhairt isteach go dtí go mbeidh teicneolaíochtaí nua tiomána ar fáil ar bhonn tráchtála agus go gceadófar leis an gcreat reachtach teicneolaíochtaí den chineál sin a nuachóiriú, a shuiteáil agus a úsáid. |
|
1.9. |
Molann CESE an Coimisiún as an togra maidir le comhpháirtíocht iltaobhach nua um aistriú fuinnimh a bhunú. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach dul i gcomhairle ní hamháin leis an earnáil iascaireachta ach le ceardchumainn na n-oibrithe, speisialtóirí teicniúla, longchlóis, innealtóirí agus calafoirt freisin sa chaoi is gur féidir teacht ar réitigh nithiúla, phraiticiúla agus inbhuanaithe. Iarrann CESE go dtabharfaí isteach plean cuimsitheach d’fhonn an acmhainneacht chun soithí iascaireachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a thógáil san Eoraip a neartú. Mar chuid den phlean sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cóireáil chánach atá fabhrach do longchlóis, go sonrach. |
|
1.10. |
Go sonrach, iarrann CESE go gcuirfí treoirthionscadail maidir le foinsí nua fuinnimh chun cinn, go gcruthófaí slabhraí luacha nuálacha don tionscal mara, go ndéanfaí teicneolaíochtaí nua nach eol d’úsáideoirí a chur chun cinn, go gcruthófaí poist inbhuanaithe trí ghníomhaíocht thionsclaíoch nua a fhorbairt agus go bhfeabhsófaí an geilleagar ciorclach. Ina theannta sin, iarrann CESE go ndéanfaí acmhainní a leithdháileadh chun traenáil a chur ar fhoireann ar bord loinge i dtreo gur féidir teicneolaíochtaí nua ar bord a láimhseáil ar bhealach sábháilte éifeachtach. Is é an t-aon dóigh chun tionchar an aistrithe a sheasamh ná féachaint chuige nach dtitfidh ualach díréireach ar oibrithe ná ar chuideachtaí. |
|
1.11. |
Leis an tústuairim seo, ba mhian le CESE an deis a thapú chun fadhb an dícharbónaithe a chur i gcreat straitéiseach níos leithne. Leagtar amach sa chuid deiridh di fís maidir le todhchaí earnáil iascaireachta inbhuanaithe an Aontais agus ba cheart an fhís sin a bheith mar threoir d’obair CESE amach anseo. |
2. Cúlra
|
2.1. |
An 21 Feabhra 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an straitéis maidir leis an aistriú fuinnimh in earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe an Aontais. Leagtar béim sa straitéis sin ar an ngá atá ann an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus aistriú chuig foinsí fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin a luaithe is féidir, i gcomhréir le huaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050. |
|
2.2. |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an fuinneamh ar cheann de na costais oibriúcháin is mó atá ag earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe an Aontais. De dhroim an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, tháinig méadú faoi dhó ar phraghas an díosail mhuirí in 2022 i gcomparáid leis an meánphraghas in 2021, rud a chuir inmharthanacht eacnamaíoch chabhlach agus ghníomhaíochtaí dobharshaothraithe an Aontais faoi bhrú ollmhór. Sa chomhthéacs sin, ní raibh brabús ar bith ag thart ar 40 % den chabhlach cósta, 66 % den chabhlach domhainfharraige agus 87 % den chabhlach cianuisce ó thaobh praghsanna fuinnimh de in 2022. Dá bhrí sin, chun leanúint de bheith ag feidhmiú, bhí ar chuid mhór den earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe brath ar thacaíocht airgeadais ó na Ballstáit agus ar ionstraimí airgeadais AE a cuireadh ar fáil. |
|
2.3. |
I dtaca leis sin de, tá béim á leagan ag an gCoimisiún Eorpach ar a leochailí atá struchtúr earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe an Aontais. Chun an staid sin a athrú, moltar roinnt beart sa Teachtaireacht, ina measc:
|
3. Barúlacha ginearálta
Astaíochtaí
|
3.1. |
Tá CESE i bhfách leis an ngealltanas go mbeifear neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050 agus cuireann sé i bhfios go láidir gur gá dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus le dícharbónú na hearnála iascaireachta. Ní mór gur aistriú cothrom a bheidh san aistriú chun go ndáilfear na costais a bhaineann le hiarfheistiú i measc na n-oibreoirí uile ar dhóigh nach gcuirfear isteach ar an inoibritheacht. Ina cheann sin, ní mór an t-aistriú sin a bheith indéanta agus saintréithe sonracha an chabhlaigh a chur san áireamh (go háirithe méid agus oibriú an tsoithigh) ionas gur féidir leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua faoin struchtúr táirgthe agus modhanna tiomána nua a thabhairt isteach ar an dóigh sin. |
|
3.2. |
Bíodh is go bhfuil méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil an mhuiriompair le blianta beaga anuas ar bhonn domhanda, tá laghdú suas le 50 % (5) ar astaíochtaí ó chabhlach iascaireachta an Aontais a bhuíochas sin ar éifeachtúlacht fheabhsaithe fuinnimh (féach samplaí i bpointe 4.11 agus pointe 4.12) agus méid níos lú an chabhlaigh. I ndáil leis sin, in ainneoin líon níos mó Ballstát a bheith san Aontas anois, ba é 73 716 an líon soithí a bhí san Aontas in 202 (6), sin i gcomparáid le 103 834 shoitheach in 1996, rud a chiallaíonn go bhfuil 30 000 níos lú soithí iascaireachta i gcomparáid le 25 bliana ó shin. Ní ann ach do 56 111 shoitheach ghníomhacha anois (75 % díobh faoi bhun 12 mhéadar). Ar bhonn domhanda, is lú i bhfad figiúirí an Aontais; measadh go raibh 4,1 milliún soitheach iascaireachta i gcabhlach an domhain in 2020 (7). Meastar go bhfuil an cabhlach iascaireachta is mó ar domhan ag an tSín, a bhfuil 564 000 soitheach aici. Ó thaobh táirgeadh iascaireachta de, ba í an tSín a bhí freagrach as beagnach 15 % de ghabhálacha domhanda in 2020 agus bhí an tAontas Eorpach freagrach as 4 % díobh. Ar na cúiseanna sin go léir, is ríthábhachtach cabhlach iascaireachta Eorpach atá nua-aimseartha iomaíoch a choinneáil. |
|
3.3. |
Creideann CESE gur den ríthábhacht bonnbhliain a shainiú chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh ó thaobh astaíochtaí CO2 cabhlach a laghdú, bonnbhliain a fhágann nach ngearrfaí pionós ar an earnáil, lena n-aithneofaí a cuid iarrachtaí agus lena gcuirfí chun cinn an aeráidneodracht i gcónaí. Aithníonn CESE an dul chun cinn atá déanta ag cabhlach an Aontais agus é sa tóir ar an aeráidneodracht ó bhí 1990 ann. Dá bhrí sin, measann sé, ach 2005 nó 2008 a shocrú mar bhonnbhliain faoina gcaithfí astaíochtaí a laghdú san earnáil iascaireachta, nach n-aithneofaí an dul chun cinn arna dhéanamh agus go ngearrfaí pionós ar an tionscal i bhfianaise na sainiúlachtaí agus na dteorainneacha a bhaineann leis. |
An t-aistriú chuig foinsí fuinnimh atá in-athnuaite agus atá neodrach ó thaobh carbóin de nó ísealcharbóin
|
3.4. |
Tá an earnáil iascaireachta ag brath go hiomlán ar bhreoslaí iontaise, rud a chiallaíonn nach mór aon réiteach a ghlacfaí a mheas sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Mar sin féin, i bhfianaise an ghá atá ann dul i ngleic leis an athrú aeráide agus leas a bhaint as dul chun cinn teicneolaíoch in earnálacha eile, ní mór tosú ar réitigh a lorg don earnáil iascaireachta ar bhonn práinne agus ciste éigeandála mar bhonn taca faoi sin chun borradh a chur faoin dícharbónú. |
|
3.5. |
Cuireann CESE i bhfáth go bhféadfadh na nithe seo a leanas a bheith ina mbearta ní ba réadúla sa ghearrthéarma: réitigh mheasctha amhail innill hibrideacha a thabhairt isteach, úsáid chomhlántach nó chúntach a bhaint as teicneolaíochtaí in-athnuaite atá ann cheana (i.e. teicneolaíochtaí grianfhuinnimh, gaoithe, leictreacha), maille le breoslaí malartacha forbartha (nach dtáirgtear ó bharra bia agus beatha) a úsáid. |
|
3.6. |
Leagann CESE béim ar a chomhoiriúnaí atá breoslaí in-athnuaite ísealcharbóin le gnáthinnill dócháin agus leis na córais soláthair atá ann cheana agus lena dtáirgeadh. Lena chois sin, is féidir iad a dháileadh ach leas a bhaint as saoráidí tionsclaíocha atá ann cheana, cuir i gcás, scaglanna. Cuireann siad le neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa chomh maith óir úsáidtear amhábhair dhúchasacha chun iad a tháirgeadh, murab ionann is ceallraí, a dteastaíonn ola nó mianraí lena dtáirgeadh. A bhuí leis na breoslaí sin, is mó deiseanna iontacha atá ann ó thaobh cruthú post agus saibhreas tionsclaíoch agus d’fhéadfadh ról ríthábhachtach a bheith acu agus borradh á chur faoi gheilleagar na hEorpa. Is gá a mheabhrú, áfach, go bhfuil breoslaí in-athnuaite ísealcharbóin níos costasaí ná breosla díosail ar na saolta seo, agus nach bhfuil mórán acu ar fáil go fóill in aon chor. |
|
3.7. |
Cuireann CESE i bhfáth go raibh roinnt de na foinsí tiomána malartacha nua, amhail an leictreachas, ag éirí níos costasaí fiú roimh fhogha gan chúis na Rúise faoin Úcráin. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas cuimhneamh air nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh costais níos ísle mar thoradh ar an aistriú ó bhreoslaí iontaise go foinsí fuinnimh in-athnuaite eile. |
An gá atá le hathnuachan cabhlaigh agus sásraí maoiniúcháin iomchuí
|
3.8. |
Ní hamháin go bhfuil gá ann bearnaí san eolas teicneolaíoch agus sa nuálaíocht a dhúnadh, tá gné theoranta ag baint leis an gcabhlach iascaireachta Eorpach atá ann faoi láthair, mar atá, go bhfuil soithí os cionn 30 bliain d’aois ar an meán. Dá dheasca sin, ní féidir le cuideachtaí longúinéireachta breithniú a dhéanamh ar an gcuid is mó d’infheistíochtaí nuachóirithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Creideann CESE nach leor ná nach indéanta na hinnill a athrú sna seansoithí sin. Fágann sé sin gur den ríthábhacht plean athnuachana cabhlaigh an Aontais a chur i bhfeidhm trínar féidir an t-aistriú chuig iascaireacht inbhuanaithe a chur i gcrích le soithí nua-aimseartha an 21ú haois. Ach straitéis mar sin a bheith ann, d’fhéadfaí ionchais shocheacnamaíocha an chabhlaigh a fheabhsú chomh maith. |
|
3.9. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir le treoir shonrach agus bunachar sonraí tiomnaithe a chur le chéile maidir le maoiniú agus ionstraimí maoiniúcháin an Aontais le haghaidh an aistrithe fuinnimh. Mar sin féin, níl glao sonrach ar thograí le haghaidh na hearnála iascaireachta sa chlár Fís Eorpach i láthair na huaire. Ar a mhuin sin, tá srianta móra maoiniúcháin ann faoi CEMID nua, ós rud é go bhfuil rátaí tacaíochta ísle i gceist leis d’infheistíochtaí cabhlaigh agus go mbíonn fóirdheontais bunaithe ar mhéid na soithí (e.g. tá bearta maoiniúcháin le haghaidh athsholáthar innill teoranta do shoithí atá < 24 mhéadar ar fhad). Ina theannta sin, bíonn maoiniú ag brath cuid mhór ar thosca amhail cothromaíocht an chabhlaigh, easpa sáruithe tromchúiseacha agus acmhainneacht iascaireachta, rud nach bhfuil á tomhas go maith fós, ar an drochuair. I bhfianaise an mhéid thuas, measann CESE gur gá ciste sonrach agus línte creidmheasa sonracha a bhunú chun an cabhlach a nuachóiriú agus a athnuachan. |
Bacainní ar an aistriú fuinnimh
|
3.10. |
Ar an mórgóir, bíonn níos mó spáis ag teastáil le haghaidh foinsí malartacha fuinnimh agus is baol breise don tsábháilteacht ar bord iad. Murab ionann is an tionscal loingseoireachta, áfach, bíonn an tionscal iascaireachta faoi réir srianta acmhainneachta san Aontas ó thaobh olltonnáiste (spás) de. Mar sin, is deacra fós do shoithí teicneolaíochtaí nua a shuiteáil agus infheistíochtaí a dhéanamh. I dtaca leis sin de, ba cheart cuimhneamh air go bhfuil sé níos deacra fós roinnt teicneolaíochtaí dícharbónaithe a chur i bhfeidhm ar shoithí iascaireachta ar mhionscála. |
|
3.11. |
Cuireann CESE chun suntais nach amháin go bhfágann an sainmhíniú neamhleor ar acmhainneacht iascaireachta sa Chomhbheartas Iascaigh (CBI) nach fusa i gcoitinne nuachóiriú a dhéanamh ar an gcabhlach chun teicneolaíochtaí nua a shuiteáil, ach go gcuirtear isteach freisin ar fheabhsuithe sóisialta agus sábháilteachta. An spás ar bord soithí atá beartaithe don chistin, do chábáin, do leithris nó do limistéir áineasa, rud nach bhfuil baint ar bith aige le gabháil agus stóráil éisc, cuirtear san áireamh anois é agus acmhainneacht iascaireachta á ríomh. Is léir go bhfuil CBI ag teacht salach ar na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht shóisialta (8), amhail Coinbhinsiún C188 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht. |
|
3.12. |
Is é barúil CESE gur cheart na tosca sin a chur san áireamh sa straitéis maidir leis an aistriú fuinnimh agus, dá bhrí sin, athbhreithniú a mholadh ar bhearta acmhainneachta chun gur féidir teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach agus nuachóiriú a dhéanamh ar an gcabhlach. Is iad na bearta nua a d’fhéadfaí a úsáid ná an ‘glantonnáiste’ nó na foirmlí a úsáidtear san Iorua agus san Íoslainn. Leis na foirmlí sin, eisiatar ó ríomhanna limistéir fóillíochta agus scíthe na n-oibrithe ar bhonn tosca amhail an cuóta leithdháilte nó méid an tsoithigh. Trí bhíthin an athbhreithnithe úd, bheadh sé ní b’éasca freisin feabhsuithe a chur san áireamh maidir le hinchónaitheacht, feabhsuithe a bhfuil gá leo chun an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí don lucht saothair óg, aghaidh a thabhairt ar an mbearna idirghlúine agus cuimsiú na mban san earnáil iascaireachta a éascú. |
Cánachas ar bhreoslaí traidisiúnta
|
3.13. |
Ó tharla go mbeidh sé ina riosca eacnamaíoch do longúinéirí an Aontais struchtúr nua a chur ar bun, tá CESE ag iarraidh go nglacfaí beartais lena gcuirfear deimhneacht dhlíthiúil ar fáil do chuideachtaí longúinéireachta. Is den tábhacht, ar an ábhar sin, tabhairt isteach cánacha nua ar bhreosla iascaireachta traidisiúnta (díosal) a chur ar fionraí fad is nach bhfuil teicneolaíochtaí nua tiomána agus breosla ar fáil ar bhonn tráchtála agus go dtí go mbeidh na creataí reachtacha trína dtabharfar aghaidh ar na hathchóirithe is gá i bhfeidhm ina n-iomláine. |
Comhpháirtíocht um aistriú fuinnimh in earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe an Aontais
|
3.14. |
Níl aon treoirlínte ag an tionscal, ó sholáthraithe teicneolaíochta ná ó lucht déanta beartas, maidir le cad is gá dó a dhéanamh ó thaobh an dícharbónaithe de. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún grúpa saineolaithe a chur ar bun chun comhairle a chur ar fáil faoi na roghanna malartacha éagsúla atá ar fáil, faoi fhorbairtí a bheidh ann amach anseo, faoi fhorbairtí sa mhargadh, etc. Bheadh tábhacht thar na bearta leis na teicneolaíochtaí is fearr a oibríonn do gach roinn cabhlaigh agus réigiún a shainaithint agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le foinsí éagsúla fuinnimh a chomhcheangal chomh maith. De bhreis air sin, bheadh sé úsáideach feachtais faisnéise agus múscailte feasachta a chur i gcrích do shlabhra thionscal na mara chun an dícharbónú a dhreasú. |
An geilleagar gorm
|
3.15. |
Clúdaítear leis an ngeilleagar gorm gach gníomhaíocht eacnamaíoch a bhíonn ag brath ar an bhfarraige. Bíonn na hearnálacha éagsúla atá sa gheilleagar gorm (iascaireacht, biteicneolaíocht, loingseoireacht, muiriompar, dobharshaothrú, longchlóis, slabhra soláthair, lóistíocht agus iompar) ag brath ar a chéile toisc iad a bheith bunaithe ar inniúlachtaí coiteanna, ar bhonneagar comhroinnte (calafoirt, líonraí lóistíochta agus dáileadh leictreachais) agus ar úsáid inbhuanaithe acmhainní muirí. Cuireann CESE chun suntais gur gá straitéis iomlánaíoch dícharbónaithe a chur chun feidhme agus sineirgí a aimsiú idir na naisc éagsúla sa slabhra. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh acmhainní daonna agus scileanna leordhóthanacha ann chun soithí nua-aimseartha a dhearadh, a thógáil agus a oibriú. Is fíor-riachtanach lucht saothair oilte a mhealladh chomh maith. |
4. Barúlacha sonracha
Breoslaí forbartha
|
4.1. |
Leagann CESE béim ar an acmhainneacht atá ag breoslaí forbartha nach dtáirgtear ó bharra bia agus beatha i réimse an gheilleagair chiorclaigh, sa chomhrac i gcoinne an dídhaonraithe chósta agus, ar ndóigh, ó thaobh feabhas a chur ar neamhspleáchas fuinnimh an Aontais. Go deimhin, i gcomhréir le spriocanna neodrachta carbóin an Aontais, is féidir glanastaíochtaí nialasacha CO2 a bheith ag na breoslaí malartacha sin arna ndó laistigh d’innill más breoslaí iad ar úsáideadh leictreachas in-athnuaite lena dtáirgeadh. |
|
4.2. |
Ar chúiseanna difriúla, tá teorainn curtha ag an gCoimisiún le húsáid bithbhreoslaí plandabhunaithe, rud ar léirigh CESE a thacaíocht dó i dtuairimí éagsúla. Mar sin féin, níl aon straitéis shoiléir ann chun breoslaí malartacha a fhorbairt agus a thabhairt isteach, rud a mbeadh tábhacht leis don earnáil iascaireachta agus do thionscail eile chomh maith. Maidir leis na hearnálacha ar deacair iad a dhícharbónú (ar ceann acu sin an earnáil iascaireachta), níor leagadh síos cé acu díobh sin ar cheart rochtain tosaíochta a bheith acu ar na breoslaí sin ach oiread. Fágann sé sin go mbeidh sé níos deacra fós don earnáil iascaireachta dul chun cinn a dhéanamh a thapaíocht is féidir ar a hiarrachtaí dícharbónaithe. Cuireann CESE in iúl gur rogha chiallmhar iad breoslaí in-athnuaite ísealcharbóin agus sinn ag féachaint le hearnálacha atá deacair a leictriú, amhail an t-iascach, a dhícharbónú. Beidh breoslaí malartacha forbartha nach dtáirgtear ó bharra bia agus beatha níos costasaí i ngeall ar a ghainne atá siad agus ar an teicneolaíocht shofaisticiúil a dteastaíonn chucu. Ar an ábhar sin, faoi mar a chuir CESE i bhfáth roimhe seo (9), ní mór an bhearna idir praghsanna breoslaí iontaise agus praghsanna breoslaí malartacha a dhúnadh agus ní mór na breoslaí ar lú an truailliú a dhéanann siad a bheith níos inacmhainne agus ar fáil go forleathan. |
|
4.3. |
Cuireann CESE i bhfáth go dtagann an bithdhíosal atá in úsáid faoi láthair ó bharra (ola pailme, síol ráibe, soighe, lus na gréine), rud a fhágann nach bhféadfaí dícharbónú iomlán a bhaint amach. Ina theannta sin, níl go leor amhábhar ann. Is é an réiteach a bheadh ann (nach bhfuil ar fáil go fóill) an breosla díosail atá in úsáid faoi láthair a mheascadh le méideanna méadaitheacha leictreadhíosail, arb é sin breosla sintéiseach déanta as hidrigin ghlas leictrealaíoch agus CO2 gafa. Déantar na leictribhreoslaí sin a tháirgeadh ó 2 a gabhadh roimhe ón atmaisféar nó ó phróisis thionsclaíocha a tháirgeann CO2, sula scaoiltear é. |
|
4.4. |
I dtús báire, ní tháirgfear méid leordhóthanach breoslaí forbartha inbhuanaithe chun freastal ar éileamh an earnáil iascaireachta, earnáil a mheastar a bheith 50 milliún tona ar fud an domhain in 2050 (ídítear thart ar 300 milliún tona san iompar muirí faoi láthair agus thart ar 900 milliún tona san iompar earraí troma ar bóthar). Mar sin féin, táthar ag súil go mbeidh leoraithe leictreacha ann faoin am sin. Mar sin, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go bhféadfar an méid iomlán bithdhíosail a úsáid chun críocha muirí. In 2020, úsáideadh thart ar 1 900 milliún lítear de dhíosal chun críocha muirí san earnáil iascaireachta san Eoraip. Ní mór cinntí polaitiúla a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar tús áite don mhéid sin. |
|
4.5. |
Dá bhrí sin, iarrann CESE go gcuirfí dlús le forbairt agus táirgeadh breoslaí forbartha nach bhfuil bunaithe ar bharra bia agus beatha (10) agus go nglacfaí cinneadh soiléir polaitiúil lena dtabharfaí rochtain tosaíochta do shoithí iascaireachta ar na breoslaí forbartha sin ar phraghas réasúnta. |
Roghanna malartacha ar dhícharbónú: gléasraí cumhachta malartacha
|
4.6. |
Tá tionscnaimh fuinnimh éagsúla curtha i dtoll a chéile ar fud an domhain. Mar sin féin, is treoirthionscadail iad a bhformhór a bhfuil roinnt dúshlán ag gabháil leo maidir lena suiteáil agus lena n-úsáid san earnáil iascaireachta. Dúshlán eile atá le sárú is ea an gá atá ann bonneagar a fhorbairt san Eoraip agus i gcalafoirt iascaireachta i dtríú tíortha chun soithí iascaireachta a athluchtú, dála a dhéantar i gcás feithiclí talún. I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh do CESE na treoirthionscadail a seoladh le haghaidh athluchtú amach ón gcósta trí bhaoithe nó feirmeacha gaoithe amach ón gcósta a úsáid (11). Ar an dóigh sin, bheadh soitheach leictreach nó hibrideach in ann a chadhnraí a athluchtú gan dul chomh fada leis an gcalafort. |
|
4.7. |
Tá gás nádúrtha leachtaithe (GNL) á úsáid mar bhreosla muirí cheana ó tharla go bhfuil sé á tháirgeadh faoi láthair agus go bhfuil an bonneagar a dteastaíonn chuige i bhfeidhm cheana, go háirithe san Eoraip. Léiríodh i staidéar a rinneadh le déanaí (12), áfach, ainneoin is go n-astaíonn innill GNL 25 % níos lú CO2 ná díosal in aghaidh an aonaid cumhachta innill, go bhfuil an gás sin comhdhéanta de mheatán den chuid is mó, rud a bhfuil iarmhairt ceaptha teasa aige atá i bhfad níos airde ná CO2. Measadh sa staidéar, ach GNL a úsáid thar thréimhse 100 bliain, nach mbeadh ach laghdú 15 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Mar sin, bíodh is gur céim thábhachtach chun tosaigh é GNL, ní féidir breathnú air mar réiteach críochnaitheach san fhadtéarma. Ina theannta sin, bheadh gá é a mheascadh le bithmheatán agus le meatán sintéiseach, ar breoslaí tearca costasacha iad sin. Na humair a bheadh ag teastáil le haghaidh GNL, bheadh siad trí huaire níos mó ná mar is gnách agus bheadh gá iad a shuiteáil ar an deic, rud a mbeadh fadhbanna toillte agus sábháilteachta i gceist leis. |
|
4.8. |
Cé nach rogha mhalartach inmharthana é amóinia mar mhodh tiomána, aithníonn CESE a thábhachtaí atá sé sa phróiseas dícharbónaithe. Úsáidtear cuisniú amóinia go forleathan i soithí móra iascaireachta, go háirithe iad siúd a dhéanann a ngabhálacha a reo nó a phróiseáil ar bord. Is foinse fuinnimh é atá neamhdhíobhálach don chomhshaol óir, go bhfios dúinn, níl aon éifeacht aige ar an gciseal ózóin. Mar sin féin, gás atá ann; mar sin, is riachtanach sábháilteacht soithí iascaireachta a neartú agus sceitheadh a chosc. |
|
4.9. |
Is cosúil nach réiteach inmharthana í hidrigin (H2) san earnáil iascaireachta ach an oiread agus go gcruthaíonn sí fadhbanna do shoithí trádála, fiú. Is é an phríomhchúis leis sin go mbeadh umair stórála ceithre huaire níos mó de dhíth i gcomparáid leis na cinn atá de dhíth le haghaidh breoslaí iontaise. Bíodh sin mar atá, ní mór tagairt speisialta a dhéanamh d’innill breosla-chille hidrigine. Is gléas leictriceimiceach iad sin lena dtiontaítear fuinneamh ceimiceach go fuinneamh leictreach. Is an-éifeachtach ar fad an próiseas leictriceimiceach sin agus is beag an tionchar aige ar an gcomhshaol, go háirithe sa chás ina dtáirgtear an leictrealú (a n-éilítear fuinneamh chuige) trí fhoinsí gréine nó gaoithe. Dar le CESE go mbeadh sé spéisiúil anailís a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an teicneolaíocht sin a fhorbairt le haghaidh soithí iascaireachta, lena n-áirítear an teicneolaíocht a úsáid mar fhuinneamh cúnta ar bord. |
|
4.10. |
A mhéid a bhaineann le soithí nuathógtha, molann CESE réitigh theicneolaíocha le haghaidh soithí trádála a fhiosrú agus a chur chun feidhme. Mar shampla, dealraíonn sé go bhféadfaí meatánól a úsáid in inneall débhreosla, ag glacadh leis go n-úsáidfear breosla díosail agus go gcuirfear meascán meatánóil leis nuair a bheidh meatánól glas ann. I measc na dteicneolaíochtaí eile a d’fhéadfaí a úsáid agus na réimsí eile ina bhféadfaí feabhas a dhéanamh tá soithí iascaireachta cuidithe, hidridinimic fheabhsaithe, córais fuinnimh níos fearr, amhail athrú ó shásraí meicniúla/hiodrálacha go sásraí leictreacha, tógáil éadrom agus ábhair éadroma (e.g. doirse tráil neamh-mhiotalacha). |
|
4.11. |
Ba cheart é a thabhairt faoi deara go bhfuil an tionscal iascaireachta ag obair i bpáirt leis an lucht eolaíochta ar feadh na mblianta chun dearadh agus éifeachtúlacht trealaimh iascaireachta a fheabhsú. Tá go leor dul chun cinn teicniúil déanta cheana féin agus tá cuid mhór teicnící nuálacha iascaireachta tagtha chun cinn mar thoradh ar an méadú ar an roghnaíocht, ar an laghdú ar theagmháil le grinneall na farraige agus/nó leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh na loingseoireachta agus ar mhéid níos lú breosla a úsáid (13). Sampla amháin de threalamh nuálach is ea doirse tráil leathpheiligigh ar féidir leo oibriú 2–5 mhéadar ón ngrinneall agus, ar an dóigh sin, an teagmháil le grinneall na farraige a laghdú. Is lú go mór an tionchar a bhíonn ag an teicníc sin ar éiceachórais bheantacha agus bíonn foghabháil níos lú mar thoradh uirthi. Laghdaítear leis an teicneolaíocht nua sin ídiú breosla agus, dá bhrí sin, astaíochtaí truaillithe agus gás ceaptha teasa. |
|
4.12. |
Meabhraíonn CESE nach ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an tiomáint amháin a bheidh laghdú lorg éiceolaíoch na hearnála iascaireachta ag brath. Chun na críche sin, ba cheart don Aontas infheistíocht a dhéanamh in úsáidí tráchtála nua le haghaidh bia mara (cógaisíocht, cosmaidí, etc.) chun an leas is mó is féidir a bhaint as éisc a ghabhtar. Ba cheart don Aontas, san am céanna, cuideachtaí a dhreasú chun ábhair is féidir a athchúrsáil a cheannach agus tionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn ar bord long d’fhonn dramhaíl a athúsáid agus cláir um bailiú bruscair mhuirí amhail Fishing for litter [iascaireacht bruscair] a mhaoiniú (14). Mar thoradh ar an bhfeabhas atá tagtha ar staid na stoc éisc, tá laghdú tagtha ar an iarracht iascaireachta agus, mar thoradh air sin, ar an aga iascaireachta agus ar ídiú breosla. Ar an gcaoi chéanna, is féidir laghduithe a dhéanamh ar astaíochtaí ach bainistíocht agus lóistíocht flít a bharrfheabhsú (i.e. laghdú 5–50 % ar gháis ceaptha teasa) agus ach turais a bharrfheabhsú chomh maith (laghdú 1–10 % ar gháis ceaptha teasa) (15). |
|
4.13. |
Tugann CESE dá aire gur teoranta an neamhspleáchas atá ag soithí iascaireachta de bharr roinnt teicneolaíochtaí nua. Mar shampla, na fréamhshamhlacha fuinnimh leictrigh atá ann faoi láthair, ní chuireann siad ach 5–6 uair an chloig ar fáil agus ní leor sin ar feadh lá iomlán iascaireachta (a d’fhéadfadh a bheith chomh fada le 12–14 uair an chloig), gan trácht ar thurais iascaireachta a mhaireann roinnt seachtainí. Tá sé chomh tábhachtach céanna dearadh na loinge agus éifeachtúlacht na loinge araon a fheabhsú. |
5. ‘Cairde na n-iasc agus na n-iascairí’: fís maidir le todhchaí na hearnála iascaireachta inbhuanaithe san Aontas Eorpach
|
5.1. |
Le tamall de bhlianta, tá físeanna straitéiseacha á bhforbairt ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i roinnt réimsí: beartas cuimsitheach bia (16), forbairt inbhuanaithe tuaithe uirbeach (17) agus geilleagar na dea bhaile (18). Is mithid anois do CESE fís chuimsitheach fhadtéarmach a fhorbairt d’earnáil iascaireachta inbhuanaithe an Aontais. Mar chuid den fhís sin, ba cheart don Aontas, in éineacht leis na hiarrachtaí uile atá á ndéanamh i réimsí na bithéagsúlachta, an bheartais bhia inbhuanaithe, na sláinte agus na folláine, dálaí maithe oibre, na forbartha inbhuanaithe tuaithe agus uirbí agus an neamhspleáchais straitéisigh, é a ghabháil air féin an earnáil a dhícharbónú ar mhaithe leis an inmharthanacht eacnamaíoch is gá a áirithiú chun cuspóirí an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme. I gcomhréir leis an Straitéis maidir le Claochlú Gorm ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) agus i gcomhthéacs na hiarrata níos leithne ó CESE go dtabharfaí isteach Comhaontú Gorm de chuid an Aontais, leagann CESE béim ar an ngá atá ann rannchuidiú na gcóras bia uisceach le haistí bia sláintiúla, cothaitheacha agus inacmhainne do chách a áirithiú agus a mhéadú ar bhonn inbhuanaithe, agus é mar aidhm dheiridh leis sin spleáchas mhargadh an Aontais ar allmhairí éisc a laghdú. |
|
5.2. |
Leis an tústuairim seo, ba mhian le CESE an deis a thapú chun fadhb an dícharbónaithe a chur i gcreat straitéiseach níos leithne. Ba cheart cur chuige cuimsitheach a chur chun feidhme i leith na sé réimse seo a leanas ar mhaithe le hearnáil iascaireachta inbhuanaithe a bhaint amach: |
5.2.1.
I gcomhréir le SDG 14 maidir le ‘beatha faoin uisce’ agus i bhfianaise chomhaontú stairiúil COP15 maidir leis an mbithéagsúlacht (19), athdhearbhaíonn CESE go bhfuil sé tiomanta do stoic éisc fholláin tháirgiúla a choinneáil, agus do ghnéithe eile a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a chur chun cinn san earnáil iascaireachta. Maidir leis na speicis uile a ndéantar saothrú tráchtála orthu, ba cheart leibhéil uastáirgeachta inbhuanaithe nó leibhéil níos airde ná sin a bhaint amach laistigh de na hamscálaí is giorra is féidir agus é sin a dhéanamh ar dhóigh atá comhoiriúnach le hinmharthanacht eacnamaíoch fhadtéarmach na gcabhlach iascaireachta éagsúil a choinneáil. I dtaca leis sin, ba chóir na hacmhainní is gá a chur ar fáil d’eolaithe a dhéanann measúnuithe de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus an Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) chun é a chur ar a gcumas na sonraí atá in easnamh a chomhlánú. I gcás nach bhfuil sonraí eolaíocha leordhóthanacha ar fáil, cuirfear prionsabal an réamhchúraim i bhfeidhm go córasach maidir le bainistiú stoc éisc, lena n-áirítear trí laghdú a dhéanamh ar ghabhálacha nuair a mholann eolaithe amhlaidh. I gcás inar gá, cuirfear athoiliúint ar bhaill chriú faoi scéimeanna diúscartha a bhfuil acmhainní buiséadacha leordhóthanacha acu chun méid an chabhlaigh a chur in oiriúint do na deiseanna iascaireachta atá ar fáil.
5.2.2.
Ba cheart d’earnáil iascaireachta an Aontais gealltanas a thabhairt neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050 trí na spriocanna arna leagan síos ag an Aontas Eorpach don aistriú fuinnimh a bhaint amach agus é sin a dhéanamh le tacaíocht ón nuálaíocht agus ón teicneolaíocht. Is é an chéad chéim i dtreo réiteach saincheaptha (seachas aon réiteach amháin) a aimsiú do gach roinn chabhlaigh ná staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí is úrscothaí atá ar fáil.
5.2.3.
Gheobhaidh iascairí na huirlisí agus na treoracha is gá chun díriú ar an aistriú riachtanach atá ar na bacáin agus ba cheart tacú leo le linn phróisis an dícharbónaithe agus le linn phróisis an chlaochlaithe struchtúraigh níos leithne araon. Is tosaíocht é soithí iascaireachta a athnuachan chun feabhas a chur ar cháilíocht mhaireachtála, ar dhálaí maireachtála agus ar shábháilteacht ar bord, rud a fhágfaidh go mbeidh an earnáil níos tarraingtí agus, ar an gcaoi sin, athnuachan ó ghlúin go glúin a chumasú. I measc na bhfeabhsuithe riachtanacha eile a bhaineann leis an dícharbónú, tá an t-aistriú ó chórais tiomána agus ó chórais chúnta go córais atá scothfhorbartha agus níos éifeachtúla agus úsáid a bhaint as trealamh iascaireachta nua-aimseartha, fuinneamhéifeachtúil agus roghnaíoch nach bhfuil tionchar diúltach – nó diomaibhseach – aige ar shláinte agus ar bhithéagsúlacht an éiceachórais i gcoitinne. Chuige sin, ní mór staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ar na teicneolaíochtaí atá ar fáil don aistriú fuinnimh san earnáil iascaireachta agus san earnáil dobharshaothraithe agus ar na costais agus na tairbhí a bhaineann leo do gach roinn chabhlaigh agus do gach sainiúlacht náisiúnta. Tá athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair chomh tábhachtach céanna i dtreo go gcuirfear oiliúint ar oibrithe sa tionscal muirí agus go n-ullmhófar iad don aistriú fuinnimh (i gcomhréir leis an gClár Oibre Eorpach Scileanna don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht). I bhfianaise staid eacnamaíoch fhorbhásach an tionscail iascaireachta in go leor áiteanna san Eoraip agus an laghdaithe leanúnaigh ar an gcabhlach, ba cheart pleananna agus ionstraimí straitéiseacha a fhorbairt chun iomaíochas an tionscail a fheabhsú, agus tacú lena fhorbairt agus lena nuálaíocht chun cur le caighdeán cóir maireachtála dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta.
5.2.4.
Bíodh is gur féidir éagsúlú agus aistriú páirteach chuig earnálacha eile gníomhaíochta (amhail iascaireacht áineasa nó earnálacha turasóireachta inbhuanaithe eile) a thabhairt isteach nuair a cheadaítear sin le pleanáil spásúlachta, ní féidir a shéanadh gurb í an earnáil iascaireachta an phríomhfhoinse fostaíochta agus ioncaim i roinnt mhaith réigiún agus limistéir chósta, ní hamháin do phearsanra ar bord ach d’oibrithe i ngach tionscal agus seirbhís lena mbaineann chomh maith. Ní hamháin go mbeadh meath agus dídhaonrú forchéimnitheach na réigiún sin i gceist le tréigean na hiascaireachta, chaillfí oidhreacht chultúrtha, rud is bunús do shochaithe na hEorpa. Ní mór do na gníomhaithe uile lena mbaineann oibriú ar bhealach thabharfaidh léargas níos dearfaí ar an earnáil iascaireachta. Ina theannta sin, is féidir le dobharshaothrú intíre deiseanna nua eacnamaíocha a chur ar fáil do limistéir thuaithe.
5.2.5.
Leis an iascaireacht inbhuanaithe, cuirtear próitéiní ainmhithe ar fáil a bhfuil an lorg carbóin is ísle i gceist leo agus a bhfuil luach cothaitheach den scoth ag baint leo freisin. Cé gur cheart tús áite a bheith ag cáilíocht seachas ag cainníocht i bpatrúin reatha tomhaltais feola mhuintir na hEorpa, ní hamhlaidh atá i gcás iontógáil éisc. I bhformhór na gcásanna, bíonn tomhaltas éisc níos ísle ná mar a mholtar. Ba cheart d’údaráis phoiblí tosaíocht a thabhairt do thomhaltas éisc a chur chun cinn ar phraghsanna inacmhainne don daonra ina iomláine, mar shampla trí speicis nach bhfuil an oiread sin clú orthu a chur chun cinn. Mar bhunchloch d’aiste bia fholláin agus chothrom (20), ba cheart iasc a bheith faoi réir CBL laghdaithe.
5.2.6.
Allmhairíonn an tAontas Eorpach trí cheathrú den iasc a thomhlaítear ann. Anuas ar an éagothromaíocht trádála, tá fadhb eile ann, mar atá, ráthaíochtaí slándála sláinte éagothroma i measc na n-allmhairí sin óir ní féidir iad a rianú ‘ón bhfeirm go dtí an bord’. Chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh sin, ba cheart don Aontas ionstraimí trádála déthaobhacha agus iltaobhacha a úsáid chun nach n-allmhaireofar ach táirgí bia mara inbhuanaithe a tháirgtear i dtríú tíortha a bhfuil a chaighdeáin coibhéiseach leo siúd san Aontas, agus iomaíocht chothrom á háirithiú aige san am céanna. Ar an gcaoi chéanna, ní féidir a shéanadh go bhfuil acmhainneacht dhoshéanta ag an earnáil dobharshaothraithe freastal ar éilimh mhargadh iascaireachta an Aontais. Is féidir fás inbhuanaithe a bhaint amach trí spás a chur ar fáil d’oibríochtaí nua trí phleanáil spásúlachta leordhóthanach agus tríd an bpróiseas ceadúnúcháin a chuíchóiriú, próiseas a bhíonn ag brath go minic ar roinnt ranna nó ar leibhéil éagsúla (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil) na riarachán poiblí, fiú. D’fhonn is go gcinnteoidh an tAontas a cheannasacht bia, ní mór gach deis a thapú chun táirgeadh éisc agus bia mara a mhéadú go hinbhuanaithe.
An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) COM(2023) 100 final.
(2) Féach na sonraí maidir le hastaíochtaí a sheolann an Coimisiún Eorpach gach bliain chuig Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (Prótacal Kyoto) i gcomhréir leis na treoirlínte arna sainiú ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC). Sna sonraí sin, feictear éabhlóid na n-astaíochtaí idir 1990 agus 2020 i dtonaí CO2, CH4 agus N2O in earnáil iascaireachta an Aontais (cf. táblaí 1.A(a)s4, 3s1 agus 3s2, 1.A(a)s3, 1.D).
(3) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (COM(2021) 562 final — 2021/0210(COD)) (IO C 152, 6.4.2022, lch. 145).
(4) https://oceans-and-fisheries.ec.europa.eu/facts-and-figures/facts-and-figures-common-fisheries-policy/fishing-fleet_en.
(5) https://ebcd.org/wp-content/uploads/2021/11/Je%CC%81ro%CC%82me-UAPF.pptx.
(6) https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/bba413d1-484c-11ed-92ed-01aa75ed71a1
(7) https://www.fao.org/3/cc0461en/online/sofia/2022/capture-fisheries-production.html.
(8) Staidéar ar thionchar sóisialta na dteoireannacha a bhaineann le holltonnáiste agus cumhacht tiomána agus roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann, arna chur i gcrích faoi chuimsiú tionscadal idirphlé shóisialta.
(9) IO C 152, 6.4.2022, lch. 145.
(10) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — I dTreo Earnáil Láidir Inbhuanaithe Algaí san Aontas (COM(2022) 592 final) (IO C 228, 29.6.2023, lch. 126).
(11) https://www.maersksupplyservice.com/2022/01/25/maersk-supply-service-launches-venture-company-stillstrom/.
(12) https://theicct.org/sites/default/files/publications/LNG%20as%20marine%20fuel%2C%20working%20paper-02_FINAL_20200416.pdf.
(13) https://www.ices.dk/news-and-events/news-archive/news/Pages/InnovativeFishingGear.aspx.
(14) https://fishingforlitter.org/.
(15) NSAC Advice Ref. 17-2122. Comhairle ó Chomhairle Chomhairleach na Mara Thuaidh maidir le dícharbónú an chabhlaigh iascaireachta.
(16) IO C 129, 11.04.2018, lch. 18.
(17) IO C 105 04.03.2022, lch. 49.
(18) IO C 106, 31.03.2020, lch 1.
(19) Cinneadh 15/4, Kunming-Montreal Global Biodiversity Framework.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/50 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An taobh eacnamaíochta de Chomhaontú Gorm don Aontas — riachtanais infheistíochta i dtaca leis an uisce san Aontas
(tuairim féintionscnaimh)
(2023/C 349/09)
|
Rapóirtéir: |
Florian MARIN |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
An rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
27.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
181/6/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Measann an Coiste gur ceart bunúsach de chuid an duine rochtain a bheith aige ar uisce atá sábháilte, glan agus ar ardchaighdeán, agus síleann sé go bhfuil sé iomlán doghlactha daoine san Aontas a bheith gan rochtain fós ar uisce. |
|
1.2. |
Ba cheart forbairt an gheilleagair uisce san Aontas a bheith cuimsitheach, dea-rialáilte, trédhearcach, an-digiteálaithe, athléimneach, inbhuanaithe, intuartha agus slán, ag tabhairt tús áite do dhaoine agus ag giniúint breisluacha. An t-uisce a thomhlaíonn na tionscail éagsúla, tá sé riachtanach go ndéanfaidís an costas sochaíoch a bhaineann leis sin a sheasamh ar bhealach cothrom. |
|
1.3. |
Tá an Coiste ag tathant ar institiúidí an Aontais an tábhacht agus an bhéim chéanna a leagan ar an gComhaontú Gorm don Aontas a leag sé ar an gComhaontú Glas don Aontas, agus an dá chomhaontú sin comhlántach lena chéile. |
|
1.4. |
Ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh agus ní mór é a bheith i gceist leis an gcreat rialála a ghabhfadh le geilleagar gorm an Aontais:
|
|
1.5. |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an méid seo a leanas:
|
|
1.6. |
Aithníonn CESE, d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo tionscail aeráidneodracha, gur cheart astaíochtaí tionsclaíochta san uisce a chur san áireamh freisin, mar aon leis an drochthionchar ar shláinte an duine agus na costais shóisialta a bhaineann leo. Ina fhianaise sin, tá CESE ag iarraidh go bhforbrófaí caighdeáin shonracha maidir le húsáid an uisce in earnálacha eacnamaíocha éagsúla, amhail an talmhaíocht agus an tionsclaíocht. Is féidir an méid sin a bhaint amach ach grúpa saineolaithe a bhunú a mbeadh sé de chúram air treoirlínte earnáilsonracha a cheapadh maidir le húsáid an uisce. |
|
1.7. |
Tá an méid seo a leanas á mholadh ag CESE:
|
|
1.8. |
Measann an Coiste go bhfuil cistí an Aontais ríthábhachtach maidir le haistriú inbhuanaithe an uisce agus iarrann sé go ndéanfaí an méid seo a leanas:
|
|
1.9. |
Measann an Coiste gur ríthábhachtach an athléimneacht a ionchorprú i gcritéir meastóireachta le haghaidh infheistíocht a bhaineann le huisce, ós rud é go bhféadfar costais a ghabhann le téarnamh ó theagmhais dhothuartha a laghdú ar an mbealach sin i gcás ina ndéantar amhlaidh maille leis na hinfheistíochtaí is fearr i mbearta laghdaithe riosca. |
|
1.10. |
Ba cheart comhordú agus comhlántacht éifeachtúil a bheith ann idir an Coimisiún Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha i dtaca le hinfheistíochtaí uisce a mhaoiniú, de bhreis ar eochairtháscairí feidhmíochta comhchoiteanna i gcreat straitéiseach an Aontais. |
2. Creat beartais agus straitéiseach
|
2.1. |
Ba cheart forbairt ar an ngeilleagar uisce a bheith cuimsitheach, dea-rialáilte agus trédhearcach, agus ba cheart na difríochtaí idir réigiúin agus pobail a bheith san áireamh ann. Ba cheart an fhorbairt sin a bheith an-digiteálaithe, athléimneach, inbhuanaithe, intuartha agus slán, agus comhlántacht á háirithiú idir earnálacha agus gníomhaithe tionsclaíocha, tús áite á thabhairt do dhaoine, an bheatha á cosaint agus breisluach á ghiniúint trí chur chuige saincheaptha maidir le héiceachóras inbhuanaithe cothrom. |
|
2.2. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá peirspictíochtaí nua maidir le creata beartais, socruithe institiúideacha agus pleanáil infheistíochta, lena n-áirítear níos mó trédhearcachta maidir le tionscnaimh inbhuanaitheachta agus treoirlínte agus aicmithe beachta a chruthú le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe agus nuálacha. Ós rud é go bhfuil úsáid inbhuanaithe agus cosaint an uisce agus na n-acmhainní muirí ar cheann de na sé chuspóir comhshaoil a bunaíodh leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht (6), tá gá le gníomhartha tarmligthe ar leith maidir le húsáid inbhuanaithe an uisce (lipéid ghlasa, athchóiriú éiceachóras). Tarraingíonn CESE aird ar chomhluachanna an Aontais i dtaca le seirbhísí a théann chun tairbhe don leas eacnamaíoch ginearálta, mar a shainítear in Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus mar a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 26 maidir le seirbhísí leasa ghinearálta atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus CFAE (7). |
|
2.3. |
Mar gheall ar shainiúlacht an uisce, ní mór an geilleagar uisce a bheith rialaithe agus lánurraim á tabhairt do dhínit agus cearta an duine, agus do riachtanais shóisialta, don chothromas agus bunriachtanais an duine agus na sochaí á dtrastáthú. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí córas breithiúnach a oiriúnú d’earnáil an uisce, córas a bhunófaí i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus nósanna imeachta gasta chun dul i ngleic le díospóidí a bhaineann le huisce mar chuid de. Ba cheart struchtúir faireacháin fornáisiúnta agus ilearnála agus comhlachtaí rialachais a bhunú chun rialú níos éifeachtúla agus níos iomchuí a dhéanamh ar ghnólachtaí in earnáil an uisce agus ar úsáid an uisce i gcoitinne. Ba cheart ról na hearnála poiblí i mbainistiú an uisce a mhéadú nuair nach bhféadfaidh an margadh rochtain chothrom ar uisce a gheallúint do chách. |
|
2.4. |
Tá CESE den tuairim gur cheart institiúidí a bhunú i ngach Ballstát chun a áirithiú go ndéanfaí cinntí eolasacha maidir le húsáid an uisce agus go n-úsáidfí an t-uisce go freagrach éifeachtúil. Ionas go mbeidh sé ar chumas na saoránach an rialú daonlathach a fheidhmiú go hiomlán, is gá a áirithiú go mbeidh eolas acu ar thimthriall an uisce agus ar chostas an timthrialla sin. Tá an Coiste ag iarraidh go mbeadh an Comhaontú Gorm ar aon tábhacht leis an gComhaontú Glas san Aontas. |
3. An Geilleagar Gorm
|
3.1. |
Creideann CESE gur cheart todhchaí an gheilleagair uisce a bheith bunaithe ar phrionsabal gheilleagar na dea-bhaile agus iarrann sé go ndéanfaí machnamh ar choincheapa eacnamaíocha bunúsacha amhail rialacha margaidh, inmharthanacht eacnamaíoch nó táirgiúlacht, chun na luachanna éagsúla a bhaineann le huisce a chur san áireamh. Ba cheart an t-iomaíochas a shainmhíniú arís, ionas go nginfí rathúnais leis, ag cur riachtanais an duine san áireamh ann mar aon le rochtain chothrom ar an uisce do na daoine, don phobal agus do thionscail. Ba cheart na gnéithe sóisialta a chomhtháthú ar bhonn cothrománach sa gheilleagar uisce. |
|
3.2. |
Is ríléir go bhfuil gá le haistriú ó bhonn sa rialachas chun an geilleagar uisce a chomhdhlúthú, aistriú lena n-áirítear cothromaíocht idir ábhair imní comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch. Caithfear leas a bhaint as samhlacha rialála nuálacha trasnáisiúnta lena gcothaítear maoiniú, lena rialaítear an ról eiticiúil atá ag an earnáil phríobháideach, lena gcuirtear feabhas ar bhainistiú na n-acmhainní uisce, agus lena spreagtar iomaíochas san Aontas. |
|
3.3. |
Éifeachtaí an athraithe aeráide, na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa, an uirbithe thapa, na himirce, éifeachtaí fhás an daonra i limistéir uirbeacha thionsclaithe, agus na ngníomhaíochtaí tionsclaíochta, agus earnálacha nuálacha amhail an bithgheilleagar gorm, an bhith-theicneolaíocht agus an díshalannú, sin iad na nithe a chothaíonn an brú ar shamhlacha gnó an gheilleagair uisce. Ba cheart do ghnólachtaí samhlacha gnó comhoibríocha agus prionsabail an gheilleagair chomhroinnte a chomhtháthú chun freagairt níos fearr do na dúshláin shochaíocha agus chomhshaoil a bhaineann leis an uisce atá ann faoi láthair. Ní mór dlús a chur leis an idirghníomhaíocht agus an comhar idir institiúidí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta ag cur san áireamh na cineálacha difriúla geallsealbhóirí atá in earnáil an uisce agus ní mór an t-idirphlé trasearnála a neartú freisin. |
|
3.4. |
Tá an Coiste ag tathant ar an gCoimisiún creat maidir le hiomaíocht chothrom a bhunú le haghaidh gnólachtaí atá lonnaithe san Aontais i gcomparáid lena gcuid contrapháirtithe domhanda, agus chun cur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le comhar eacnamaíoch, dálaí oibre agus cosaint an chomhshaoil a neartú. |
4. Eacnamaíocht an Uisce
|
4.1. |
Creideann CESE gur cheart an tsamhail gheilleagrach atá ann faoi láthair, faoina spreagtar tomhaltas uisce trí chánacha agus dreasachtaí, a aisiompú chun bheith níos inbhuanaithe agus comhsheasmhach go hiomlán leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Ní hamháin gur cheart úsáid an uisce a bheith inbhuanaithe, ach ba cheart é a bheith ina rannchuidiú freisin leis an dúlra a athbhunú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh comhaontú fioscach domhanda ann d’fhonn an obair ar son na haeráide agus na hinfheistíochtaí san uisce a mhaoiniú. |
|
4.2. |
Ba cheart comhleanúnachas soiléir éifeachtach a éascú idir na cánacha éagsúla a fhorchuirtear ar uisce ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an méid seo a leanas:
|
|
4.3. |
Caithfidh an tAontas dul i ngleic leis an méadú ar an éileamh ar uisce, fadhb nach mbeidh ach ag dul in olcas le himeacht ama. Is féidir ganntanas uisce nó tuilte a bheith ina gcúis le difríochtaí idir an soláthar uisce agus an t-éileamh ar uisce, agus is féidir iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann dá ndeasca. An éagothroime idir soláthar an uisce agus an t-éileamh ar uisce, tá drochthionchar á imirt aici ar na tionscail, na tomhaltóirí, agus na saoránaigh. An dul chun cinn i dtreo na dtionscal aeráidneodrach, ba cheart astaíochtaí tionsclaíochta san uisce (9) a chur san áireamh ann, mar aon leis an drochthionchar a imrítear ar shláinte an duine agus na costais shóisialta a bhaineann leo. Tá sé riachtanach go ndéanfadh na tionscail an costas sochaíoch a bhaineann leis na hastaíochtaí san uisce a sheasamh. |
|
4.4. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeadh reachtaíocht chomhleanúnach i ngach Ballstát maidir le sásra AE chun uisce a stóráil le linn tréimhsí fliucha, eadhon trí umair stórála agus córais athluchtaithe uiscígh faoi thalamh a thógáil. Tá CESE ag iarraidh go gcruthófaí straitéis fhadtéarmach chun athléimneacht in aghaidh ganntanas uisce a mhéadú, ag cur sainiúlachtaí aeráide réigiúnacha agus saintréithe tionsclaíocha san áireamh. |
|
4.5. |
Maidir le hathstruchtúrú ar dhearadh phraghsanna an uisce san Eoraip, ní mór an t-ualach atá ar sheirbhísí éiceachórais i measc na ngeallsealbhóirí a chur san áireamh ann, sin agus cur chuige difreáilte maidir le prionsabal an phraghais iomlán a chur chun feidhme. Ar cheann de na cuir chuige atá ann, ba cheart praghas i bhfad níos ísle a ghearradh as an uisce arna úsáid chun críoch teaghlaigh agus chun críoch seirbhísí poiblí riachtanacha ná an t-uisce arna úsáid chun críoch gníomhaíochtaí táirgiúla. Ba cheart an nasc idir praghsáil costais imeallaigh agus éifeachtúlacht eacnamaíoch a chur san áireamh i ndreasachtaí praghais, mar aon le cothromaíocht agus inbhuanaitheacht, agus ba cheart iad a bheith mar chuid de phacáiste níos mó lena ndéanfaí úsáid inbhuanaithe uisce a spreagadh. |
|
4.6. |
Tá an Coiste ag iarraidh go mbeadh trédhearcacht iomlán ann maidir leis na costais agus an praghas atá ar uisce i gcomhair na ngeallsealbhóirí uile. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh praghsanna riartha ann i gcásanna áirithe dea-shainithe, agus tá sé á chur i bhfios go mbeidh gá faireachán cúramach a dhéanamh air sin chun a áirithiú go bhfaighidh na tomhaltóirí na seirbhísí a bhfuil siad ag íoc astu. Ba cheart tuairimíocht tráchtála i leith an uisce a sheachaint. |
|
4.7. |
Tá CESE á thabhairt dá aire gur díréireach an t-ualach a bhíonn ar dhaoine bochta agus ar dhaoine atá leochaileach go sóisialta de dheasca thionchar an truaillithe agus róshaothrú na n-uiscíoch screamhuisce. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar tharaifí uisce agus meastóireacht á déanamh orthu, mar d’fhéadfadh éifeachtaí saofa a bheith ag baint leo agus d’fhéadfaí bochtaineacht uisce a ghiniúint agus anacair shóisialta a chruthú i measc an phobail leo. Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí tús le plé fiúntach ar leibhéal an Aontais maidir le dearadh an phraghais chothroim ar uisce. Ba cheart íoscheanglas a áireamh i ndearadh an phraghais sin maidir le huisce a chur ar fáil saor in aisce chun cearta an duine a áirithiú. I struchtúr na bpraghsanna, ba cheart na dúshláin shochaíocha, aeráide agus thionsclaíocha atá ann faoi láthair a chur san áireamh mar aon leis na dúshláin a bheidh ann sa todhchaí. Tá CESE ag moladh go ndéanfaí cinnteacht an tsoláthair uisce go fadtéarmach a chur san áireamh go cothrománach i ndearadh na bpraghsanna. |
|
4.8. |
Creideann CESE gur cheart freagracht leathnaithe an táirgeora a leathnú chuig bainistiú an uisce iarmharaigh, agus tacaíonn sé leis an athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh (10) (11). Ba cheart sineirgí a thabhairt isteach idir scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora agus ceanglais éicidhearthóireachta agus faisnéise. Ba cheart feachtais feasachta tiomnaithe lena nasctar geallsealbhóirí difriúla agus éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh na dtomhaltóirí ionas go dtuigfidh siad agus ionas go n-aithneoidh siad an rud atá i gceist le húsáid inbhuanaithe an uisce. |
|
4.9. |
D’fhonn cothabháil leordhóthanach ar chórais uisce a áirithiú agus soláthar méadaithe uisce a spreagadh, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le huisce neamhioncaim trí thosaíocht a thabhairt do thionscnaimh chothabhála leanúnacha atá dírithe ar sceitheadh uisce a laghdú go suntasach. Chun gur féidir na tionscnaimh sin a mhaoiniú i gceart, is gá ‘riail óir’ a thabhairt isteach le haghaidh infheistíochtaí poiblí. Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil caillteanais shuntasacha eacnamaíocha á nginiúint mar gheall ar chothabháil nár bainistíodh go maith agus nár tugadh dóthain maoinithe di, anuas ar bhainistiú neamhleor na sócmhainní. Ní mór teicneolaíochtaí nua chun sceitheadh a bhrath a fhorbairt láithreach agus ba cheart tacaíocht thiomnaithe a fhorbairt chuige sin. |
|
4.10. |
Is údar imní don Choiste na measúnuithe neamhleora ar an mbail atá ar chórais séarachais faoi thalamh i roinnt Ballstát, agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí meastóireacht chuimsitheach láithreach, lena n-áirítear sonraí a lárú ar leibhéal an Aontais. Ba sheacht costasaí gan idirghabháil a dhéanamh ná obair dheisiúcháin a bheith le déanamh ar na líonra séarachais. |
5. Na himpleachtaí réigiúnacha a bhaineann leis an uisce
|
5.1. |
Is ceart bunúsach í an rochtain ar uisce ardchaighdeán atá sábháilte glan, agus rud atá ríthábhachtach do shláinte, do dhínit agus do rathúnas gach uile dhuine freisin. Measann an Coiste go bhfuil sé doghlactha go hiomlán daoine a bheith san Aontas atá fós gan rochtain ar uisce. |
|
5.2. |
Measann CESE gur ríthábhachtach go ndéanfaí an t-uisce a phríomhshruthú i ngach beartas a bhaineann leis (beartais fuinnimh, tráchtála, tionsclaíochta, talmhaíochta, etc.) agus go n-áiritheodh na Ballstáit sineirgí idir infheistíochtaí in earnálacha éagsúlacha atá cóngarach don uisce, an fhorbairt uirbeach, earnáil an bhia, an talmhaíocht agus an fuinneamh, mar shampla. Is rud é an t-uisce atá ríthábhachtach don fhorbairt uirbeach agus d’fhorbairt na tuaithe araon. |
|
5.3. |
Tá CESE ag moladh go bhforbrófaí Comhaontú Gorm don Aontas agus Clár Oibre Uisce an Aontais a bheadh bunaithe ar chomhpháirtíocht infheistíochta uisce atá le forbairt i ndlúthshineirge leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas, mar aon le comhpháirtíocht théamach uisce i gcomhréir le Comhaontú Liúibleána agus i gcomhlántacht iomlán leis an bhFís Fhadtéarmach le haghaidh Cheantair Thuaithe an Aontais. Ba thábhachtach dlúthpháirtíocht chríochach, struchtúir rialachais iltaobhacha a áirithiú chun dul i ngleic le difríochtaí idir limistéir thuaithe agus uirbeacha agus comhdhlúthú oibreoirí réigiúnacha. |
|
5.4. |
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oileáin na Meánmhara agus na réigiún is forimeallaí a mbíonn orthu dul i ngleic le ganntanas sa soláthar uisce le linn tréimhsí triomaigh ar leith de dheasca an tsuímh gheografaigh atá acu. I gcás na limistéar sin, caithfear an soláthar uisce is gá a áirithiú trí chóras a thugann soláthar seasmhach do na teaghlaigh agus na gníomhairí eacnamaíocha. |
|
5.5. |
Molann CESE pleanáil phoiblí a dhéanamh ar leibhéal na habhantraí (an screamhuisce san áireamh) ar bhealach lena gcosnófaí leas ginearálta an Aontais agus lena n-áiritheofaí an sreabhadh uisce éiceolaíoch is gá sa dobharlach bunaidh. Na bearta agus na hinfheistíochtaí san uisce a dhéantar d’fhonn limistéir a chosaint ar thuilte nó, ar fhaitíos tréimhsí triomaigh agus ar mhaithe leis an inseoltacht, d’fhonn méid níos mó uisce a choinneáil, ba cheart iad a dhíriú de bhreis air sin ar fheabhas a chur ar an mbithéagsúlacht agus aird a thabhairt ar shaintréithe geomoirfeolaíocha na habhantraí. |
|
5.6. |
Ós rud é gur earra de chuid an phobail é an t-uisce, tá CESE ag moladh an ceart chun uisce a úsáid a shainiú go cruinn agus nach mór é a thomhas agus faireachán a dhéanamh air, agus na cineálacha dlíthiúla uile á gcur san áireamh amhail lamháltais, ceadanna, ceadúnais, cearta conarthacha agus úinéireacht gan roinnt, agus an t-uisce a urramú mar a bheadh leas coiteann ann. Ba cheart na cearta úsáide sin a bheith sothomhaiste i dtéarmaí dea-shainithe. |
|
5.7. |
Molann CESE go ndéanfaidh an tAontas creataí rialála maidir le comhaontuithe lamháltais uisce a ghlacadh agus a neartú chun an t-uisce a bhainistiú mar leas poiblí seachas mar thráchtearra is féidir a thrádáil. Ba cheart an praghas a íocann an pobal as an uisce a bheith ag teacht lena stádas mar earra poiblí,, i gcomhréir iomlán le hAirteagal 14 CFAE agus le Prótacal 26 atá i gceangal le CAE agus CFAE. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh rialacha sriantacha ann chun acmhainní uisce san Aontas a chosaint ionas nach ar mhaithe le geallsealbhóirí nach geallsealbhóirí de chuid an Aontais iad a bheidís á n-úsáid. |
6. Cistí an Aontais Eorpaigh
|
6.1. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeadh tuilleadh sineirge ann ar an leibhéal a bhaineann le glao ar thograí agus cláir oibríochtúla chun dul i ngleic le sainiúlachtaí na n-infheistíochtaí uisce agus an úsáid is fearr a bhaint as cistí an Aontais atá tiomnaithe don uisce agus don gheilleagar gorm. Ba cheart saintréithe séasúracha agus timthriallacha na ngníomhaíochtaí uisce ar an leibhéal a bhaineann le glao ar thograí agus i gclársceidealú a chur san áireamh. Tá an Coiste ag iarraidh ar na Ballstáit tús áite a thabhairt don infheistíocht san uisce i gcás ath-leithdháileadh cistí ó chláir éagsúla, agus na rialacha maidir le státchabhair a chur in oiriúint do chúinsí na hinfheistíochta san uisce. |
|
6.2. |
Measann CESE nach leor an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (12) chun tacú le forbairt agus le haistriú an gheilleagair ghoirm. Tá géarghá leis na gníomhaíochtaí incháilithe a éagsúlú, agus le comhlántacht a mhéadú idir CSIE (13), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, InvestEU, Interreg na hEorpa agus cistí eile. Thairis sin, ba cheart na bunriachtanais ar a bhfreastalaíonn an t-uisce a chur san áireamh i bprionsabal iomaíochta na tionscadal uisce faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. |
|
6.3. |
Tugann CESE dá aire gur ionstraimí iad Forbairtí Áitiúla atá á dTreorú ag an bPobal, Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla Iascaigh agus Infheistíochtaí Críochacha Comhtháthaithe (ITI) nach gcumhdaíonn ach cuid de na riachtanais infheistíochta. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh clár tiomnaithe oibríochtúil ann le haghaidh an uisce agus go mbunófaí ITI don gheilleagar gorm, agus go mbeadh comhghaol ann idir glaonna éagsúla le haghaidh tograí agus measúnú tionchair ar infheistíocht atá maoinithe ag cistí an Aontais atá dírithe ar bhonneagar uisce. Molann CESE Ciste um Aistriú Gorm a bhunú trí na cistí atá ann cheana féin a dhíriú ar bhonn téamach nó trí chistí nua a chur ar bun. Ba cheart an Ciste um Aistriú Gorm Cóir sin a dhíriú ar réigiúin atá bocht ó thaobh uisce de agus ba cheart an t-aistriú i dtreo bainistiú inbhuanaithe uisce a chumhdach leis, agus éagothromaíocht i dtaca leis an rochtain ar uisce a sheachaint agus tacaíocht a thabhairt do spriocanna 2050 an Aontais, i gcomhréir iomlán leis an gCiste um Aistriú Cóir. |
|
6.4. |
Tá CESE den tuairim gur cheart earnálacha uisce a aithint mar earnálacha straitéiseacha i gclárthréimhse 2028–2034 den chéad CAI eile, agus, i bhfianaise an ról aitheanta atá aige mar urlabhra shochaí shibhialta eagraithe an Aontais, ba cheart CESE a bheith rannpháirteach san Ardáin um Speisialtóireacht Chliste maidir leis an nGeilleagar Gorm Inbhuanaithe (14). Molann CESE coinníollacht ex ante éigeantach a chur le clárthréimhse 2028–2034. |
7. An t-aistriú chuig samhlacha nua inbhuanaithe gnó
|
7.1. |
Molann CESE do na Ballstáit imscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir buiséid phoiblí agus uirlisí maolaithe riosca amhail ráthaíochtaí agus ionstraimí feabhsaithe creidmheasa a úsáid go straitéiseach chun feabhas a chur ar phróifíl riosca agus luaíochta infheistíochtaí agus maoiniú tráchtála, sluachistiú, agus infheistíochtaí cothromais a mhealladh. Tá imní ar an gCoiste go mbeadh fadhbanna ann sa todhchaí maidir le leithdháileadh cistiúcháin phoiblí i roinnt Ballstát mar gheall ar leibhéal an fhiachais phoiblí iontu faoi láthair, na rátaí úis méadaithe agus an meathlú atá ar rátáil chreidmheasa cheannasach. Baol an éillithe agus na doiléireachta rialála, de bhreis ar an ionchas meántéarmach nó fadtéarmach a bhíonn i gceist, tugann CESE dá aire gur féidir go gcuirfeadh an méid sin beaguchtach orthu siúd a d’fhéadfadh infheistíochtaí príobháideacha a dhéanamh i dtógáil na líonraí uisce. |
|
7.2. |
Creideann CESE gur cheart infheistíochtaí inbhuanaithe a bhaineann le huisce a fheabhsú trí ionstraimí maoiniúcháin inbhuanaithe amhail bannaí glasa, bannaí sóisialta agus iasachtaí glasa, in éineacht le sainmhínithe comhsheasmhacha thar dhlínsí éagsúla, leibhéal ní b’fhearr caighdeánaithe agus trédhearcachta i sonraí. Tá CESE ag moladh go ndéanfaí bannaí gorma le haghaidh infheistíochtaí uisce ar leibhéal an Aontais a rialáil maille le hionstraimí saincheaptha le haghaidh uisce atá tiomnaithe do FBManna (e.g. trí chreidmheasanna séasúracha). Tá CESE ag iarraidh ar Eurostat freisin caibidil ar leith agus staidreamh a sholáthar le haghaidh sonraí faoin ngeilleagar uisce. |
|
7.3. |
Trí thosca comhshaoil, sóisialta, agus rialachais (15) a ionchorprú sa phróiseas cinnteoireachta infheistíochta, is amhlaidh a chumasaítear raon níos leithne deiseanna infheistíochta agus cuirtear an chobhsaíocht airgeadais chun cinn. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí sa bhonneagar, dálaí oibre, poist agus oiliúint ar ardchaighdeán, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh gníomhaíochtaí agus feachtais shonracha ann maidir le litearthacht uisce, go háirithe ag díriú ar an nglúin óg. Ba ríthábhachtach conair ghairme atá intuartha agus fadtéarmach chomh maith le pá leordhóthanach a áirithiú chun acmhainní daonna a choinneáil san earnáil uisce. |
|
7.4. |
Ní mór do na Ballstáit infheistíochtaí san uisce a thuiscint, a chur chun cinn agus tacú leo, lena n-áirítear cistí cúnaimh teicniúil a úsáid, agus ba cheart don Choimisiún tacaíocht thiomnaithe a thabhairt chuige sin, go háirithe maidir le deiseanna chun uisce a athúsáid. Measann CESE gur ríthábhachtach acmhainní airgeadais a dhíriú ar thionscadail lena laghdaítear úsáid an uisce agus lena ngintear athúsáid uisce i ngach Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Treoir Réime maidir le hUisce (16). |
|
7.5. |
Ba cheart comhordú agus comhlántacht éifeachtúil a bheith ann idir an Coimisiún Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha i dtéarmaí infheistíochtaí uisce a mhaoiniú. Áirítear leis sin, eochairtháscairí feidhmíochta comhchoiteanna a fhorbairt i gcreat straitéiseach an Aontais, de bhreis air an bhfaireachán timthriallach mar chuid den Seimeastar Eorpach. Imríonn bainc phoiblí ar fud an Aontais ról tábhachtach maidir le hinfheistíochtaí san uisce, agus ba cheart comhar geallsealbhóirí le bainc phríobháideacha a chomhdhlúthú. |
8. Infheistíochtaí
|
8.1. |
Is tar éis meastóireacht a dhéanamh ar an éileamh fadtéarmach ar uisce ba cheart cinntí a dhéanamh san Aontas maidir le hinfheistíocht, sin agus tar éis meastóireacht chríochnúil ar infhaighteacht acmhainní uisce agus roghanna maoinithe, agus ba cheart na dúshláin a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide san a chur áireamh chomh maith. Creideann an Coiste gur cheart treochtaí déimeagrafacha sonracha a chainníochtú sa phleanáil maidir le hinfheistíocht fhadtéarmach agus ba cheart an infheistíocht sin a bheith ailínithe le tionscnaimh in earnálacha eile, amhail pleanáil uirbeach, úsáid na talún nó an talmhaíocht. Ba cheart uasmhéadú stóráil charbóin ghoirm a chur san áireamh san fheabhas a bheidh á chur ar shaoráidí uisce. Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit chun tionscnaimh phleanála spásúlachta shioncronaithe agus córais anailísíochta mórshonraí a chur chun feidhme. Ba cheart na costais oibríochtúla a chur san áireamh ar bhealach comhtháite in infheistíocht san earnáil uisce agus i maoiniú lena haghaidh. |
|
8.2. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeadh caighdeáin thiomnaithe ann maidir le húsáid uisce in earnálacha eacnamaíocha éagsúla, sa talmhaíocht agus sa tionsclaíocht, cuir i gcás, trí shainghrúpa a bhunú chun treoirlínte earnála maidir le húsáid a fhorbairt. Ní mór CESE a bheith rannpháirteach sa shainghrúpa sin. |
|
8.3. |
Tá an nuálaíocht agus an teicneolaíocht ríthábhachtach chun éifeachtúlacht a spreagadh i mbainistiú an uisce. Tá an-tábhacht le malartú nuálaíochtaí suntasacha a bhaineann le huisce i measc na mBallstát agus le tástáil ón mbun aníos a spreagadh. Tá gá le hiarrachtaí breise chun meastóireacht a dhéanamh ar na costais agus na tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaineann le conairí infheistíochta éagsúla, idir leibhéal áitiúil, leibhéal an imchuach, an leibhéal náisiúnta, an leibhéal trasteorann agus an leibhéal domhanda fiú. D’fhéadfaí bailiú agus anailísiú sonraí uisce a fheabhsú trí theicneolaíochtaí nuálacha a chur chun feidhme, córais faireacháin satailíte ar chostas íseal lena rianaítear paraiméadair chriticiúla uisce. Ba cheart rannpháirtíocht na mBallstát a chur san áireamh chuige sin. |
|
8.4. |
D’fhonn caipiteal fadtéarmach a thiomsú a bheadh ailínithe leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe, is minic gá a bhíonn le rioscaí a laghdú i leith tionscadail caipitil nádúrtha a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar riosca struchtúracha atá níos airde. Ní mór breithniú cúramach a dhéanamh ar an ardú costas agus ar an gcaillteanas airgid atá le lua le rioscaí uisce. Ba cheart iasachtaí agus deontais thraidisiúnta, caipiteal fiontar, cothromas príobháideach agus poiblí, cistí pinsin agus infheistíochta a úsáid freisin. Tá an baol ann fós go n-úsáidfí snas glas ós rud é nach ann do chaighdeáin chomhsheasmhacha le haghaidh bannaí glasa agus cistí infheistíochta comhshaoil, sóisialta, agus rialachais. |
|
8.5. |
Ní mór don Choimisiún úsáid chistí ábhartha uile an Aontais agus deiseanna comhpháirtíochta a spreagadh trí chomhpháirtithe sóisialta agus líonraí eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun teagmháil a dhéanamh leis na geallsealbhóirí uile, agus béim ar leith a chur ar FBManna. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag maoiniú cumaisc mar gheall ar an toradh íseal a bhíonn ar thionscadail bonneagair uisce. Mar sin féin, is uirlis mhaith infheistíochta fós iad gnólachtaí na seirbhísí uisce. |
|
8.6. |
Measann CESE gur ríthábhachtach an rud an athléimneacht a ionchorprú sna critéir meastóireachta infheistíochta a bhaineann le huisce. D’fhéadfaí na speansais a bhaineann le téarnamh ó theagmhais dhothuartha amhail stoirmeacha, tuilte, falscaithe, triomach, cibear-ionsaithe nó paindéimí a laghdú nuair atá athléimneacht ann i dteannta leis na hinfheistíochtaí is fearr i mbearta laghdaithe riosca. Ba cheart aird agus maoiniú ar leith a dhíriú ar thionscadail uisce trasteorann. |
|
8.7. |
An infheistíocht neamhleor agus an t-easpa éifeachtúlachta ó thaobh caiteachais de i dtionscadail a bhaineann le huisce, is iad sin an phríomhchúis nach bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag an Aontas ná ag an gcuid eile den domhan maidir le sprioc forbartha inbhuanaithe 6 maidir le huisce agus sláintíocht a bhaint amach. Cuireann CESE i bhfios go bhfuil deis ag an Eoraip na dúshláin a bhaineann le huisce a athrú ionas gur ionchais nua a bheidh iontu chun teicneolaíocht a fhorbairt, an tsochaí a chur chun cinn agus don fhás gnó, agus is é a bheidh mar sprioc dheiridh geilleagar ina bhfuil an uisce slán athléimneach, agus deiseanna fostaíochta iomlána agus táirgiúla agus poist ar ardchaighdeán a bhaint amach do chách. Is acmhainn don Aontas a bheith ina cheannaire domhanda i réimse na hathúsáide uisce. |
An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Is éard atá i gceist le huisce neamhioncaim uisce a théann amú sa chóras dáileacháin uisce agus nach dtéann chomh fada leis an gceann scríbe a bhí beartaithe dó. Ciallaíonn sin nach n-úsáidtear an t-uisce agus nach n-íoctar as, rud a imríonn tionchar ar gheilleagair áitiúla agus ar na hacmhainní áitiúla atá ar fáil.
(2) Clár Oibre Uirbeach don Aontas.
(3) Comhaontú Liúibleána agus an Clár Oibre Ilbhliantúil – An Clár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach a athnuachan.
(4) Fís fhadtéarmach le haghaidh ceantair thuaithe: ceantair thuaithe níos láidre, níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla san Aontas.
(5) Cistí struchtúrtha agus infheistíochta na hEorpa 2014-2020.
(6) Rialachán (AE) 2020/852 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088, (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(7) IO C 202, 7.6.2016, lch. 307.
(8) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(9) Industrial pollutant releases to water in Europe, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.
(10) Togra le haghaidh Treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh.
(11) Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).
(12) An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe.
(13) Cistí struchtúrtha agus infheistíochta na hEorpa 2014-2020.
(14) https://s3platform.jrc.ec.europa.eu/blue-growth
(15) Critéir chomhshaoil, shóisialta, agus rialachais.
(16) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Le linn na díospóireachta, diúltaíodh don leasú seo a leanas a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a shon (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):
Leasú 8
Pointe 1.4
Le leasú mar a leanas:
|
Tuairim ón rannóg |
Leasú |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh agus ní mór é a bheith i gceist leis an gcreat rialála a ghabhfadh le geilleagar gorm an Aontais:
|
Ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh agus ní mór é a bheith i gceist leis an gcreat rialála a ghabhfadh le geilleagar gorm an Aontais:
|
Cúis
Tá an leasú seo i gcomhréir leis an athrú a moladh agus a míníodh cheana féin le haghaidh phointe 4.9: Is gá ‘riail óir’ a thabhairt isteach le haghaidh infheistíochtaí poiblí chun seasamh an uisce mar leas coiteann a dhaingniú, mar atá luaite cheana i reachtaíocht an Aontais.
Toradh na vótála
|
Ar son: |
84 |
|
In aghaidh: |
93 |
|
Staonadh: |
17 |
Leasaíodh an mhír seo a leanas den tuairim ón rannóg d’fhonn an leasú a ghlac an Tionól agus a fuair níos mó ná an ceathrú cuid de na vótaí arna gcaitheamh a chur san áireamh (Riail 74(4) de na Rialacha Nós Imeachta):
Leasú 6
Pointe 4.9
Le leasú mar a leanas:
|
Tuairim ón rannóg |
Leasú |
|
D’fhonn cothabháil leordhóthanach ar chórais uisce a áirithiú agus soláthar méadaithe uisce a spreagadh, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le huisce neamhioncaim trí thosaíocht a thabhairt do thionscnaimh chothabhála leanúnacha atá dírithe ar sceitheadh uisce a laghdú go suntasach. Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil caillteanais shuntasacha eacnamaíocha á nginiúint mar gheall ar chothabháil nár bainistíodh go maith agus nár tugadh dóthain maoinithe di, anuas ar bhainistiú neamhleor na sócmhainní. Ní mór teicneolaíochtaí nua chun sceitheadh a bhrath a fhorbairt láithreach agus ba cheart tacaíocht thiomnaithe a fhorbairt chuige sin. |
D’fhonn cothabháil leordhóthanach ar chórais uisce a áirithiú agus soláthar méadaithe uisce a spreagadh, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le huisce neamhioncaim trí thosaíocht a thabhairt do thionscnaimh chothabhála leanúnacha atá dírithe ar sceitheadh uisce a laghdú go suntasach. Chun gur féidir na tionscnaimh sin a mhaoiniú i gceart, is gá ‘riail óir’ a thabhairt isteach le haghaidh infheistíochtaí poiblí. Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil caillteanais shuntasacha eacnamaíocha á nginiúint mar gheall ar chothabháil nár bainistíodh go maith agus nár tugadh dóthain maoinithe di, anuas ar bhainistiú neamhleor na sócmhainní. Ní mór teicneolaíochtaí nua chun sceitheadh a bhrath a fhorbairt láithreach agus ba cheart tacaíocht thiomnaithe a fhorbairt chuige sin. |
Toradh na vótála
|
Ar son: |
93 |
|
In aghaidh: |
76 |
|
Staonadh: |
12 |
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/60 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Rochtain ar uisce: dul i ngleic leis an mbochtaineacht uisce agus a himpleachtaí don bheartas sóisialta
(tuairim féintionscnaimh)
(2023/C 349/10)
|
Rapóirtéirí: |
Kinga JOÓ agus Carlos Manuel TRINDADE |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
21.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
171/19/22 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tacaíonn CESE go hiomlán leis na rúin ó na Náisiúin Aontaithe ina ndearbhaítear gur ceart bunúsach daonna é an ceart ar uisce (1) agus gur bunriachtanas é chun taitneamh a bhaint as an saol agus as cearta uile an duine (2). Le Sprioc 6 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe agus le prionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, bunaítear na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis an gceart rochtain a fháil ar uisce. I gcás an athraithe aeráide, is tábhachtaí fós an bhochtaineacht uisce agus bíonn beartais phoiblí de dhíth chun dul i ngleic léi. I gcás ganntanas uisce, is iad na daoine leochaileacha is mó a bhíonn thíos leis. |
|
1.2. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit cur chuige bunaithe ar chearta an duine a chur i bhfeidhm maidir le gach beartas uisce agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht uisce, rud a bheidh i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta freisin. Ba cheart seirbhísí uisce agus sláintíochta a bheith inbhuanaithe, cothrom, éifeachtach, ar ardcháilíocht agus inacmhainne do chách, agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí sóisialta leochaileacha. |
|
1.3. |
Tá CESE den tuairim gur cheart caitheamh leis an rochtain uilíoch ar uisce óil agus ar shláintíocht ardchaighdeáin ar phraghsanna cothroma don phobal mar leas poiblí seachas mar thráchtearra, agus ar an ábhar sin nár cheart é a bhainistiú de réir rialacha an mhargaidh aonair. |
|
1.4. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún cur chuige coiteann a chur chun cinn chun bochtaineacht uisce a thuiscint ar leibhéal an Aontais agus chun sainmhíniú cuimsitheach a fhorbairt lena bhféadfar tuiscint inláimhsithe chomhroinnte a fháil ar an rud is bochtaineacht uisce ann (3). Ar an gcaoi sin, féadfaidh gach Ballstát sainmhíniú a fhorbairt a bheidh oiriúnach dá chomhthéacs féin, i gcomhréir leis an gceann Eorpach. |
|
1.5. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte comhchoiteanna a fhorbairt trína ndéanfar faireachán ar an rochtain ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta (4) inacmhainne ar ardchaighdeán, agus ar neamhréireachtaí spásúla, sóisialta agus inscne sna seirbhísí sin ag leibhéal na mBallstát agus an Aontais. Iarrann sé ar an gCoimisiún, freisin, staid na himeartha a mhapáil agus faireachán rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar. Ba cheart na sonraí a bheith iontaofa, bailí agus ar fáil go poiblí. Beidh an méid sin ag teastáil freisin chun Airteagal 16(a) de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (dá ngairfear an Treoir maidir le hUisce Óil anseo feasta) a chomhlíonadh (5), agus tá CESE ag súil go nglacfar an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le hAthmhúnlú na Treorach maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh (6), lena dtugtar isteach Airteagal 19 maidir le Rochtain ar Shláintíocht. |
|
1.6. |
Molann CESE don Choimisiún gur cheart gealltanas a chuimsiú san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir maidir le hUisce Óil go mbeadh rochtain ag cách ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta, mar a leagtar amach i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6 de chuid na Náisiún Aontaithe. Molann CESE don Choimisiún treoirlínte comhchoiteanna a ghlacadh maidir le praghsáil uisce agus sláintíochta, faoinar féidir leis na Ballstáit creat rialála atá oiriúnach dá chomhthéacs féin a fhorbairt. Ba cheart do na treoirlínte sin urraim a thabhairt do cheart an duine ar uisce agus prionsabal an neamh-dhíghrádaithe, cosúil lena bhfuil molta ag na Náisiúin Aontaithe maidir le cearta an duine agus an rochtain ar uisce óil agus ar shláintíocht. |
|
1.7. |
Tá sé á chur i bhfios ag CESE nár cheart comhlíonadh riachtanas sóisialta eile a chur i mbaol de bhrí go bhfuiltear ag íoc as soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta. Ar an ábhar sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún forléargas a thabhairt ar na bearta maidir le hinacmhainneacht a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile, agus go sonrach i gcás tomhaltóirí leochaileacha. Bunaithe ar an bhforléargas sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte comhchoiteanna a fhorbairt lena bhféadfaidh na Ballstáit teaghlaigh a bhfuil fadhbanna inacmhainneachta acu, agus tomhaltóirí leochaileacha go háirithe, a shainaithint, agus bearta réitigh a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart a áirithiú leis na treoirlínte sin nach ndéanfar soláthar uisce aon úsáideora leochailigh a dhínascadh (7). Ba cheart léargas iomlánaíoch ar chásanna na dteaghlach a ndéantar difear dóibh a bheith mar bhonn do na bearta sin, agus ba cheart ionstraimí beartais shóisialta, bearta beartais tithíochta, agus bearta sonracha a bhaineann le soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta a chur i bhfeidhm ar bhealach atá sonrach don chomhthéacs. Ba cheart prionsabal na dlúthpháirtíochta a chur san áireamh agus na bearta sin á maoiniú; ba cheart féachaint ar chineálacha nuálacha cistiúcháin chomh maith le cistiú poiblí, e.g. cistí tiomnaithe a ionchorprófar i mbillí uisce a chur ar bun. |
|
1.8. |
Molann CESE go ndéanfaidh an tAontas creataí rialála maidir le comhaontuithe i gcás lamháltas uisce a ghlacadh agus a neartú chun an t-uisce a bhainistiú mar leas poiblí seachas mar thráchtearra ar féidir é a thrádáil. Maidir leis na creataí rialála sin, ba cheart na nithe seo a leanas a áirithiú:
|
|
1.9. |
Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil difríocht bhunúsach idir bainistíocht phoiblí agus phríobháideach uisce agus go bhfuil dea-shamplaí agus drochshamplaí ar fáil ar an leibhéal poiblí agus príobháideach araon. Mar sin féin, toisc an bhéim a bheith ar an mbrabús san earnáil phríobháideach, is deacair bunriachtanas uilíocht na seirbhíse a chomhlíonadh, i.e. freastal ar 100 % den phobal. Creideann CESE gur fearr is féidir le bainistíocht uisce phoiblí rochtain uilíoch ar chórais uisce agus séarachais a ráthú ar phraghas cothrom agus caighdeáin cháilíochta leordhóthanacha agus athbhunú agus cosaint éiceachóras á gcur san áireamh. |
|
1.10. |
Tá CESE den tuairim gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit uile fís chomhshaoil a ghlacadh agus cláir a fhorbairt lena gcisteofar na dáileoirí uisce chun laghdú sceití agus caillteanais uisce a áirithiú, ós rud é go ndéanann siad léirscrios ar bhainistiú acmhainní uisce. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint ar réitigh theicniúla nua agus nuálacha, agus tacaíocht a thabhairt dóibh, chun dul i ngleic leis an nganntanas uisce, leithéidí úsáid níos mó a bhaint as uisce liath agus fuíolluisce cóireáilte, agus as saoráidí cóireála fuíolluisce ar mhionscála atá díláraithe. |
|
1.11. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiúchán poiblí a chur ar fáil chun bonneagar a fhorbairt, agus aird ar leith á tabhairt ar úinéirí maoine ar bheagán acmhainní agus ar chomharsanachtaí uirbeacha agus tuaithe atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus a raibh riachtanais athchóirithe bonneagair acu le fada. Ba cheart féachaint le forbairt a dhéanamh ar an mbonneagar uisce agus sláintíochta i gcomhthéacs an Rabharta Athchóiriúcháin. Ina theannta sin, maidir leis an bpleanáil spásúlachta, ba cheart soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de a chur san áireamh. |
|
1.12. |
Agus é á thabhairt dá aire aige go bhfuil go leor abhantrach san Eoraip a bhaineann le breis agus Ballstát amháin, molann CESE creat rialachais pholaitiúil agus theicniúil a ghlacadh agus go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach i ngach ceann de na habhantracha san Aontas (féach pointe 6.4 agus 6.5). Molann CESE don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na bainistíochta abhantraí agus sásraí polaitiúla, teicniúla agus rannpháirtíochta a thionscnamh chun í a fheabhsú. Ba cheart don Choimisiún Comhairle Abhantraí a chur ar bun a dhéanfaidh ionadaíocht ar na geallsealbhóirí uile, a chabhróidh leis an Údarás Abhantraí agus a ghlacfaidh ról an idirghabhálaí chuici féin i gcoinbhleachtaí trasteorann. |
|
1.13. |
Molann CESE don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
1.14. |
Molann CESE go ndéanfaidh an tAontas beartais a tharraingt suas chun tomhaltóirí a chosaint, faoina n-áiritheofar go mbeidh rochtain ag cách ar uisce óil sábháilte ar phraghas cothrom, agus ar chórais leordhóthanacha séarachais. Ba cheart rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí éagsúla lena mbaineann (tomhaltóirí, oibrithe, gnólachtaí) i gcomhlachtaí comhairliúcháin a chuimsiú sna beartais sin. |
|
1.15. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheasacht chónaitheoirí an Aontais ar luach an uisce, agus ar a thábhachtaí atá rochtain ar uisce agus ar shláintíocht do chách. Ba cheart leas a bhaint as acmhainneacht na cumarsáide agus an oideachais chun úsáid níos inbhuanaithe an tsoláthair uisce agus na seirbhísí sláintíochta a chur chun cinn (8). Ba cheart díriú ar leanaí agus daoine óga mar phríomhghníomhaithe in úsáid inbhuanaithe an tsoláthair uisce agus seirbhísí sláintíochta amach anseo, ach ba cheart na haoisghrúpaí uile a chuimsiú sa mhúscailt feasachta. I gcás teaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht uisce, ba cheart an mhúscailt feasachta a chomhtháthú le bearta eile chun feabhas a chur ar rochtain na dteaghlach sin ar sholáthar uisce agus ar sheirbhísí sláintíochta ardchaighdeáin ar phraghas réasúnta. |
|
1.16. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE gur cheart suirbhéanna ar riachtanais phearsanra san earnáil uisce a dhéantar ar bhonn córasach a bheith ag gabháil le beartais uisce an Aontais agus na mBallstát, lena n-áirítear na cáilíochtaí is gá, forbairt an lucht saothair, agus bainistiú sláinte agus sábháilteachta ceirde. Ba cheart an méid sin a dhéanamh i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta san earnáil. |
2. Réamhrá agus raon feidhme na tuairime
|
2.1. |
Is gné bhunúsach é uisce i ngach réimse saoil. Is príomhghné den fhorbairt inbhuanaithe é freisin agus is bunriachtanas do shíocháin na sibhialtachta é. Tá an t-athrú aeráide ag cur le fadhbanna a bhaineann le huisce cheana féin, agus beidh fadhbanna níos mó fós á gcruthú aige amach anseo. Tá pobail dhaonna, agus grúpaí leochaileacha go háirithe, faoi bhrú breise de bharr soláthairtí neamhleora fionnuisce. |
|
2.2. |
In 2010 (9), thug Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe aitheantas sainráite do cheart an duine ar uisce agus ar shláintíocht, agus treisíodh an t-aitheantas sin ag Comhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe (10). Aithníonn na Náisiúin Aontaithe freisin gur bunriachtanais iad uisce óil glan agus sláintíocht chun cearta uile an duine a bhaint amach. I measc na 17 SDG de chuid na Náisiún Aontaithe a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, tá Sprioc 6 – ‘Rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do gach duine’. Taobh leis na gealltanais dhomhanda sin, sonraítear i bPrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil ceart rochtana ag cách ar sheirbhísí bunriachtanacha ar ardchaighdeán, lena n-áirítear uisce agus sláintíocht. |
|
2.3. |
Bhunaigh an tAontas Eorpach creat cuimsitheach dlíthiúil agus rialachais chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní uisce an Aontais, agus tá dul chun cinn déanta aige maidir lena chur chun (11), (12). I dtuairimí ó CESE roimhe seo moladh go láidir na dúshláin a bhaineann le huisce a nascadh le bearta chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an sprioc deireadh a chur léi (13), soláthar uisce agus sláintíochta a chur chun cinn mar sheirbhísí poiblí ríthábhachtacha do chách (14), agus an rochtain ar uisce óil a éascú do ghrúpaí leochaileacha agus do dhaoine atá ina gcónaí in áiteanna iargúlta agus i limistéir thuaithe faoi mhíbhuntáiste nó imeallacha (15). |
|
2.4. |
Sa tuairim féintionscnaimh seo, dírítear ar na dúshláin reatha a bhaineann le rochtain ar uisce glan agus ar shláintíocht. Féachtar inti freisin ar na bearta a bheidh le glacadh ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus áitiúil agus ar ról na sochaí sibhialta eagraithe maidir le dul i ngleic leis an mbochtaineacht uisce agus na héifeachtaí a ghabhann léi, ar na daoine is leochailí go háirithe. Ar deireadh, scrúdaítear inti bealaí chun éifeachtaí sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíocha na bochtaineachta uisce agus an tionchar atá aici ar shláinte an duine a mhaolú. |
|
2.5. |
Is ann don bhochtaineacht uisce san Aontas Eorpach, ainneoin go bhfuil seasamh measartha maith ag an Aontas i dtéarmaí domhanda. Tá na milliúin saoránach de chuid an Aontais ann nach mbíonn rochtain acu ar uisce ná ar shláintíocht dea-chaighdeáin agus inacmhainne go laethúil, staid a bhféadfaí bochtaineacht uisce a thabhairt uirthi. Is é sin le rá, séantar ar na milliúin Eorpach a gceart rochtana ar uisce agus ar shláintíocht inacmhainne agus dea-chaighdeáin. |
|
2.6. |
Mar sin féin, baineann iarmhairtí forleathana sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil leis an mbochtaineacht uisce, lena n-áirítear rioscaí sláinte ar leibhéal an duine aonair agus an phobail, infhostaitheacht laghdaithe, meathlú an gheilleagair áitiúil, eisiamh sóisialta, truailliú comhshaoil, gluaiseachtaí/imirce an daonra agus éagobhsaíocht pholaitiúil. Níl na hiarmhairtí sin i gcomhréir leis an méid uisce a úsáideann na teaghlaigh sin ná leis an bhfuíolluisce a tháirgeann siad i gcomparáid leis an tionsclaíocht agus leis an talmhaíocht. Léiriú ar an méid sin is ea gur bhain an chéad Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis le rochtain ar uisce agus ar shláintíocht, tionscnamh inar éilíodh go mbeadh soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta ag an uile dhuine san Aontas, go dtabharfaí tús áite do chearta an duine ar leasanna an mhargaidh ó thaobh soláthar uisce de agus go ndéanfadh an tAontas iarrachtaí breise chun a áirithiú go mbeadh rochtain ag cách ar uisce agus ar shláintíocht (16). Chun tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin a bhaint amach, ní mór aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht uisce, go háirithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an ghealltanais ann gan aon duine a fhágáil ar lár. |
|
2.7. |
Faoin Treoir maidir le hUisce Óil, bunaítear oibleagáid faoina gcaithfidh na Ballstáit gach beart a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag grúpaí leochaileacha agus imeallaithe ar uisce óil. Mar sin féin, ní aithníonn sé an ceart ag cách ar rochtain ar uisce óil sábháilte agus ar shláintíocht, mar a áirítear sna spriocanna forbartha inbhuanaithe. Iarrann CESE ar an gCoimisiún an t-aitheantas sin a chur san áireamh sa chéad athbhreithniú eile ar an Treoir maidir le hUisce Óil. |
|
2.8. |
Is oth le CESE nach bhfuil ach sonraí teoranta agus ilroinnte ar fáil, rud a fhágann gur deacair forbhreathnú cuimsitheach a fháil ar scála agus ar shaintréithe an fheiniméin. |
3. Rochtain ar uisce agus ar shláintíocht ar ardchaighdeán
|
3.1. |
Ní úsáideann 9,8 milliún duine san Aontas Eorpach, nó 2,2 % dá dhaonra, uisce óil sábháilte ó fhoinse ardchaighdeáin a bhfuil rochtain air ina dtithe féin (17). Tá 2 % eile ann, tuairim is 9,4 milliún duine, nach bhfuil rochtain acu ar bhunseirbhísí uisce óil ach lasmuigh dá n-áitreabh (18). Tá tuairim is 450 000 duine a bhfuil cónaí orthu san Aontas (19) nach bhfuil rochtain acu ar bhunseirbhísí uisce óil fiú. Tá 6,7 milliún duine san Aontas Eorpach, nó 1,5 % den daonra, atá ina gcónaí agus gan áiseanna sláintíochta acu, is é sin le rá i dteach nach bhfuil folcadán, cithfholcadán ná leithreas insruthlaithe ann, agus tá 84,5 milliún duine, nó 19 % den daonra, nach bhfuil rochtain acu ar chóireáil thánaisteach fuíolluisce ar a laghad (20). |
|
3.2. |
Déanann bochtaineacht uisce difear go háirithe do dhaoine leochaileacha agus do theaghlaigh leochaileacha.
|
|
3.3. |
Maidir leis na héagothromaíochtaí sóisialta ó thaobh rochtana de, baineann tábhacht le difríochtaí spásúla sa bhonneagar uisce agus sláintíochta cé go bhfuil cúiseanna eile leo freisin. Is iomaí limistéar ina dtrasnaíonn na fadhbanna a bhaineann leis an mbonneagar agus na fadhbanna sóisialta. D’fhéadfadh pobail imeallaithe amuigh faoin tuath a bheith faoi mhíbhuntáiste ar leith. Ina theannta sin, i gcomharsanachtaí ar bheagán acmhainní a bhfuil riachtanais athchóirithe acu le fada, cuireann bonneagar lag leis an mbochtaineacht uisce agus le fadhbanna comhshaoil. |
|
3.4. |
San am céanna, bíonn tionchar ag athruithe déimeagrafacha dháileadh geografach an éilimh ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta. Cuireann an t-uirbiú brú breise ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta i roinnt mhaith limistéar uirbeach a bhfuil daonra mór iontu. In áiteanna eile den Aontas, i limistéir thuaithe go háirithe – ach i limistéir eile freisin – is deacair líonraí a fheidhmiú mar gheall ar laghdú daonra. |
|
3.5. |
Cé gur grúpaí sóisialta is mó atá thíos leis na fadhbanna thuasluaite a bhaineann le heaspa rochtana ar sholáthar uisce agus seirbhísí sláintíochta, tá cion i bhfad níos mó de phobal an Aontais Eorpaigh – 30 % ar an meán – a ndéanann strus maidir le huisce (i.e. neamhréir idir an t-éileamh ar uisce agus an soláthar uisce) difear éigin dóibh (26). Bíonn dianstrus maidir le huisce ar dhaoine i ndeisceart na hEorpa i rith na bliana. In áiteanna eile san Eoraip, bíonn ganntanas uisce ann ó am go chéile agus i dteophointí sonracha. San iomlán, tá 8 milliún duine san Eoraip ina gcónaí i limistéir ina dtarlaíonn triomaigh go minic nó ina mbíonn strus maidir le huisce (27). Meastar go dtiocfaidh laghdú séasúrach breise ar an soláthar uisce sa chuid is mó den Eoraip mar thoradh ar an athrú aeráide. |
|
3.6. |
Thairis sin, sa mhéid go bhfuil timthriallta hidreolaíocha agus patrúin báistí ag athrú mar thoradh ar an athrú aeráide agus go bhfuil teochtaí ag ardú mar thoradh air, is fachtóir é a théann i bhfeidhm go mór ar an strus maidir le huisce, agus a mbíonn tionchar díreach aige ar an rochtain ar uisce, sláintíocht agus sláinteachas ar bhealaí iomadúla. Titeann soláthar agus cáilíocht an uisce de bharr triomach, ardú teochta agus fiú báisteach mhór, agus déantar damáiste don bhonneagar, rud a chruthaíonn deacrachtaí ó thaobh iompraíochtaí sláinteachais agus sláintíochta a chothabháil. D’fhéadfadh ardú ar leibhéal na farraige an soláthar uisce óil a laghdú mar gheall ar thuilte agus ionsá salanda. Tá ganntanas fianaise ann maidir leis an Eoraip go sonrach; mar sin féin, bunaithe ar na treochtaí domhanda is féidir glacadh leis le réasún go mbeidh tionchar díréireach ag an athrú aeráide ar dhaoine, teaghlaigh agus pobail leochaileacha (28). |
|
3.7. |
Baineann éagsúlacht mhór leis an méid uisce a úsáideann teaghlaigh, ag brath ar an mBallstát atá i gceist, idir 77 agus 220 lítear an duine in aghaidh an lae (29). Is lú uisce a úsáidtear i mBallstáit an oirthir, tríd is tríd, ná i mBallstáit an iarthair, agus tá cuid de Bhallstáit an deiscirt ar na húsáideoirí is mó; mar sin féin, tá asluitigh ann (30). |
|
3.8. |
Cé go bhfuil cáilíocht an uisce san Aontas Eorpach go maith, tríd is tríd, tá fadhbanna fós le cáilíocht an uisce i limistéir áirithe, mar a léirítear leis na cásanna neamhchomhlíontachta a seoladh i gcoinne roinnt Ballstát bunaithe ar an Treoir maidir le hUisce Óil. Ina theannta sin, tá baol mór ann go mbeidh uisce óil neamhshábháilte in úsáid mura mbeidh rochtain ar sholáthar uisce óil, agus ar bhunseirbhísí uisce go háirithe, a bhainistítear go sábháilte. |
|
3.9. |
Tá ardleibhéal sásaimh ann le cáilíocht an uisce óil tríd is tríd, cé nach mar sin atá i ngach áit. Léiríonn sonraí suirbhé ó lár na 2010idí gur mheas 82 % de chónaitheoirí an Aontais gur uisce óil dea-chaighdeáin a bhí sa limistéar ina raibh cónaí orthu (31), ach nár aontaigh thart ar 7 % díobh leis sin. Ní raibh an measúnú ginearálta ar uisce óil san Aontas chomh fabhrach céanna in aon chor, gan ach 27 % ag aontú leis an ráiteas go bhfuil rochtain mhaith ar uisce folláin agus glan san Aontas i gcoitinne. |
|
3.10. |
Cé gur uisce buacaire a bhíonn in úsáid ag formhór mór na gcónaitheoirí san Aontas le haghaidh níocháin, sláinteachas pearsanta agus cócaireachta, tá cion na ndaoine a dhéanann uisce buacaire a ól beagán níos ísle. I lár na 2010idí, thuairiscigh os cionn 90 % de dhaoine go raibh uisce buacaire in úsáid acu le haghaidh cócaireachta, ní raibh ach 55 % a dúirt go n-ólann siad uisce buacaire i gcónaí mar atá, agus bhí 10 % eile a ólann uisce sconna tar éis é a scagadh i gcónaí. |
|
3.11. |
Le fiche nó tríocha bliain anuas bhíothas ag breathnú ar uisce mar thráchtearra agus rinneadh seirbhísí uisce a phríobháidiú agus a airgeadrú. Le blianta beaga anuas tá na próisis sin á gceistiú agus tá samplaí ann cheana féin de bhardais a d’éirigh leo smacht a fháil ar na seirbhísí uisce arís. Tá uisce riachtanach don saol, is leas coiteann é, agus is cuid de chearta an duine é. Sa chomhthéacs sin, creideann CESE, mar sheirbhísí chun leas an phobail, gur cheart soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta a bheith faoi réir rialáchán soiléir lena ráthaítear oibleagáidí seirbhíse, chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú uisce agus fuíolluisce ar phraghas inacmhainne ar an leibhéal uilíoch, agus go mbeidh cáilíocht leordhóthanach seirbhíse ar fáil. Na díolúintí atá ann i gcás an uisce agus an fhuíolluisce a leagadh síos sa Treoir maidir le Lamháltais (2014/23/AE), agus a deonaíodh mar thoradh ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis maidir le Right2Water, ba cheart don Choimisiún na díolúintí sin a choinneáil. Molann CESE don Choimisiún seirbhísí uisce a dhíolmhú ó rialacha an mhargaidh aonair. (32) |
4. Inacmhainneacht
|
4.1. |
Is ábhar mór imní é inacmhainneacht soláthair uisce agus seirbhísí sláintíochta do chónaitheoirí an Aontais mar gheall ar an méadú ar phraghas an fhuinnimh le déanaí (i measc cúiseanna eile) agus meastar go dtiocfaidh méadú ar chostas na seirbhísí sin. Cé nach gcuireann costais an tsoláthair uisce agus na seirbhísí sláintíochta ualach rómhór ar theaghlaigh ar an iomlán, is minic iad ina n-ualach ar theaghlaigh ísealioncaim, agus is dócha go méadófar ar líon na dteaghlach sin. D’fhágfadh tairseach 3 % go mbeadh fadhbanna inacmhainneachta le soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta ag an 5 % is boichte den phobal i 13 Bhallstát, agus go ndéanfaí difear don 10 % is boichte den phobal, fiú, i dtíortha áirithe (33). Ag an am céanna, d’fhéadfadh cur chuige den sórt sin maidir le fadhbanna inacmhainneachta a thomhas a bheith ina ábhar díospóide; d’fhéadfadh sé go mba dheacair é a thomhas, nó nach léireofaí scála iomlán na faidhbe ós rud e nach gcuirfí san áireamh na teaghlaigh a dhéanann tearcúsáid, difríochtaí i bpraghsáil an uisce (34) agus staid ioncaim choibhneasta na dteaghlach. |
|
4.2. |
Léirítear ardleibhéal difríochtaí spásúla idir tíortha agus laistigh díobh ó thaobh phraghas an tsoláthair uisce agus na seirbhísí sláintíochta de (35), ach ceal staitisticí mionsonraithe, ní féidir forléargas cuimsitheach a dhéanamh orthu. Mar sin féin, is iondúil go mbíonn gréasáin níos faide agus costais oibriúcháin níos airde ag baint leis na córais dáileacháin i limistéir thuaithe, agus taraifí níos airde dá réir sin. |
|
4.3. |
Is fadhb é inacmhainneacht an tsoláthair uisce agus na seirbhísí sláintíochta do theaghlaigh leochaileacha ní hamháin mar gheall ar an ioncam íseal, ach mar gheall ar dhroch-chaighdeán a gcuid trealamh nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna, agus toisc go gcaitheann siad níos mó ama sa bhaile. Déantar difear díréireach do mhná, leanaí agus daoine óga atá imeallaithe, agus do dhaoine dífhostaithe freisin. |
|
4.4. |
Cé go mbeidh bearta sóisialta spriocdhírithe agus éifeachtacha ag teastáil mar réiteach ar na fadhbanna inacmhainneachta atá ann, níl aon fhorléargas cuimsitheach ann faoi láthair ar bhearta na mBallstát chun díriú ar fhadhbanna inacmhainneachta, lena n-áirítear bearta le haghaidh tomhaltóirí leochaileacha. Níl aon fhorléargas cuimsitheach ar fáil ach oiread ar an bhféidearthacht go gcuirfear deireadh le seirbhísí – nó nach ndéanfar sin – nó maidir le seirbhísí íosta. Mar sin féin, tá faisnéis ar leith ann i dtaca le tíortha áirithe (36), a léiríonn raon éagsúil de na bearta sin chun díriú ar shaincheist na hinacmhainneachta. |
|
4.5. |
Rinneadh forbairt ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as sa Treoir Réime maidir le hUisce sa mhéid go bhfuil de chuspóir inti go ndéanfar an costas iomlán a aisghabháil chun sláinte na n-éiceachóras a ráthú. Mar sin féin, más rud é go ndéantar an prionsabal sin a chur i bhfeidhm beifear ag teacht salach ar phrionsabal na rochtana uilíche ar uisce óil ar ardcháilíocht agus ar phraghsanna inacmhainne. Ar an leibhéal praiticiúil, cruthófar iarmhairtí tromchúiseacha sóisialta, agus tiocfaidh méadú go háirithe ar neamhionannais, ós rud é gur taraifí níos airde go comhréireach a bheidh roimh na pobail is boichte, é sin nó ní bheidh na pobail sin faoi réir an phrionsabail a leagtar amach thuas. Tá CESE den tuairim gur cheart bunphrionsabal a dhéanamh den phrionsabal go mbeadh rochtain ag cách ar uisce óil ardchaighdeáin ar phraghsanna inacmhainne agus gur cheart é a chur san áireamh mar aon leis na hábhair imní chomhshaoil atá taobh thiar de na prionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus go ndéanfar an costas iomlán a aisghabháil. |
|
4.6. |
Is luamhán tábhachtach é struchtúr na taraife uisce d’inacmhainneacht, d’éifeachtúlacht, do chothromas agus do chaomhnú uisce chun go mbeifear in ann urraim a thabhairt ar an gceart atá ag an duine ar uisce, chun na héiceachórais a chosaint, agus chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní shóisialta. Chuige sin, tá struchtúir taraife éagsúla ann, lena n-áirítear struchtúr an Rapóirtéara Speisialta (37) maidir le cearta an duine ar uisce óil sábháilte agus sláintíocht ag an 76ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe (38). |
5. Inbhuanaitheacht
|
5.1. |
Faoi chuimsiú na tuairime seo, ní fhéachtar ar fhadhbanna comhshaoil, amhail ionsá salanda nó truailliú, a d’fhéadfadh a bheith freagrach as fadhbanna sóisialta ar deireadh thiar. Dírítear ar na gníomhaíochtaí daonna a mbíonn an róshaothrú mar thoradh orthu agus a bhíonn ina gcúis le coinbhleachtaí úsáide. Is é an fhadhb den sórt sin is mó a bhfuiltear ar an eolas faoi nuair a chuireann úsáid duine amháin ar uisce cosc ar pháirtí eile uisce a úsáid. Féachann reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus an reachtaíocht náisiúnta leis an bhfadhb sin a réiteach trí bhainistiú abhantrach (39), a ndearnadh leibhéil éagsúla cur chun feidhme agus gnóthachtála air ar fud na hEorpa. |
|
5.2. |
Nuair a bhaintear ró-úsáid as uisce is ea is mó a chuirtear leis an nganntanas uisce agus le díghrádú cháilíocht an uisce agus na seirbhísí. Mar sin féin, cuireann díghrádú cháilíocht an uisce leis an nganntanas uisce freisin, ní toisc go mbaintear den chainníocht uisce, ach toisc go dtagann laghdú ar an soláthar uisce atá oiriúnach chun críoch ar bith agus toisc an chóireáil uisce a bheith níos costasaí dá réir. Chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an róshaothraithe, ba cheart dúinn díriú ar na cúiseanna seachas ar na hiarmhairtí, a pléadh sa phointe roimhe seo. Cuireann an róshaothrú le fadhbanna comhshaoil, rud a chruthaíonn fadhbanna sóisialta ós rud é go mbraitheann gníomhaíochtaí an chine dhaonna ar éiceachórais, agus ar éiceachórais shláintiúla go háirithe. |
|
5.3. |
Tá fadhb ar leith ag teacht chun cinn, eadhon, go bhfuil tionscadail talmhaíochta agus thionsclaíocha sárdhiana á bhforbairt i limistéir ar bheagán uisce, rud nach bhfuil indéanta gan uisce a aistriú ó abhantracha eile agus ró-úsáid a bhaint as uiscí dromchla. Tagann ann d’fhadhbanna comhshaoil agus sóisialta iartheachtacha dá dheasca sin. Mar shampla, mar thoradh ar róshaothrú abhann, is lú dríodair agus cothaithigh a shroicheann an fharraige, rud a chuireann le díghrádú na limistéar cósta agus a laghdaíonn na stoic éisc. Ar an iomlán, bíonn ídiú éiceachóras mar thoradh ar an róshaothrú, rud is mó a dhéanann difear do na pobail is leochailí. |
|
5.4. |
Tagann fadhbanna sóisialta chun cinn leis an laghdú ar iascaigh agus, d’fhéadfadh an laghdú a thagann ar an turasóireacht feadh an chladaigh cur leis na fadhbanna sin. Cé gur féidir na fadhbanna díghrádaithe cósta a mhaolú le hinfheistíochtaí móra chun an turasóireacht a chothú, ní hamhlaidh an scéal leis na stoic éisc. Ar an taobh eile, sa chás go ritheann an tAontas reachtaíocht d’fhonn deireadh a chur leis na tionscadail atá freagrach as an róshaothrú, beidh air aghaidh a thabhairt, freisin, ar dhífhostú na n-oibrithe sin. |
|
5.5. |
Ní róshaothrú a bhíonn i gceist i gcás sceití agus caillteanais uisce (40), ach is úsáid neamhéifeachtúil uisce iad atá do-ghlactha. Mar sin féin, is saincheist í a bhfuil dearcadh uathúil ag teastáil ina leith. Maidir le sceití agus caillteanais uisce, is dearcadh eacnamaíoch is mó a bhíonn ag dáileoirí an uisce a bheartaítear lena chaitheamh ag an duine (41). Beifear sásta dul i ngleic le sceití agus caillteanais go dtí gur costasaí leanúint de dhul i ngleic leo seachas cur suas leo. Is iondúil gur ag leibhéal 15 % de sceití agus caillteanais, nó thart air, a bhíonn an pointe sin (42). D’fhéadfadh cur chuige eile a bheith ann, agus i bhfianaise an ghanntanais uisce atá ag dul i méid sa lá inniu, tá géarghá leis sin chun leibhéal faoi bhun 15 % a bhaint amach. |
6. Rialachas
|
6.1. |
Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur sainchúram na mbardas iad dáileadh uisce agus sláintíocht ar fud an domhain, agus go bhfreastalaíonn cineálacha éagsúla dáileoirí (cuideachtaí nó seirbhísí bardasacha) ar bhardas amháin nó níos mó. Tá sé á thabhairt dá aire aige, freisin, go bhfreastalaíonn cuideachtaí uisce poiblí ar fhormhór mór na ndaoine san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. De bhreis ar chineálacha éagsúla na ndáileoirí uisce, bíonn mór-idirdhealú eile amháin i gceist: bainistiú poiblí agus bainistiú príobháideach. Gheofar cineálacha éagsúla bainistíochta faoin dá cheannteideal sin. Is féidir teacht ar dhea-shamplaí agus drochshamplaí den bhainistiú poiblí agus den bhainistiú príobháideach araon. Mar sin féin, toisc an bhéim a bheith ar an mbrabús sa bhainistiú príobháideach, is deacair bunriachtanas uilíocht na seirbhíse a chomhlíonadh, gné ar fearr is féidir an tseirbhís phoiblí a bhaint amach go héifeachtúil ar phraghas réasúnta agus le cáilíocht leordhóthanach seirbhíse. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go dtacaíonn na samplaí den soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta a chur faoi chúram údarás áitiúil athuair le fiche bliain anuas leis an gconclúid sin. |
|
6.2. |
Chun cáilíocht seirbhíse, inacmhainneacht agus seirbhísí uilíocha a áirithiú, is í rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile, ar leibhéal na bainistíochta agus sna comhlachtaí rialála, an bealach is fearr chun dáileadh uisce agus sláintíocht a choinneáil ar an mbóthar ceart chun SDG 6 a chomhlíonadh, i gcás ina bhfuil an ganntanas ag dul i méid agus praghsanna ag ardú. Ar leibhéal an dáileora uisce, tá ag éirí go maith le Córdoba, áit a bhfuil bord comhroinnte, ar a bhfuil geallsealbhóirí, ag an gcomhlacht bardasach EMACSA, sampla den bhainistiú rannpháirtíochta (43). D’fhonn rialáil níos éifeachtaí a áirithiú, ba cheart bord a mbeadh geallsealbhóirí páirteach ann a bheith ag na comhlachtaí rialála, seachas duine aonair a bheith i gceannas orthu. |
|
6.3. |
D’fhéadfadh aibhneacha agus dobharlaigh idirnáisiúnta a bheith ina n-ábhar teannais agus ina gcúis coimhlinte idir stáit ar deireadh, fiú laistigh den Aontas Eorpach. Measann CESE, agus molann sé, gur cheart don Aontas a bheith rannpháirteach sa chuid sin den rialachas a bhaineann le habhantracha a bhfuil baint ag roinnt Ballstát leo, go ndéanfaí prionsabail ghinearálta agus cuspóirí inláimhsithe a shainiú agus go ndéanfaí faireachán cáilithe, agus gurb é sin an bealach is fearr chun rannchuidiú le bainistiú uisce in aimsir ghanntanais, rud is cúis le géarchéimeanna de chineálacha éagsúla. |
|
6.4. |
Samhail rialachais uisce neamhéifeachtúil atá ann faoi láthair mar gheall ar scaipeadh na gcomhlachtaí faireacháin, easpa ordlathais i gcás na gcomhlachtaí sin agus doiléireacht an mhaorlathais. Tá géarghá le samhail nua rialachais a aimsiú le haghaidh éiceachórais hiodrálacha, go háirithe iad sin a bhfuil baint ag roinnt Ballstát leo. Tá údaráis iomadúla san earnáil uisce a bhfuil freagrachtaí orthu ag céimeanna éagsúla den timthriall uisce, a mbíonn físeanna agus cuspóirí acu a thagann salach ar a chéile, agus a mbíonn freagrachtaí forluiteacha orthu, uaireanta. Molann CESE don Choimisiún go mbeadh creat rialachais abhantraí ann le comhlachtaí polaitiúla agus teicniúla ar leibhéal abhantracha chun treoir pholaitiúil ghinearálta agus bainistiú teicniúil a áirithiú ar an mbealach is éifeachtaí, chomh maith le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile trí shásraí éifeachtacha rannpháirtíochta. |
|
6.5. |
Molann CESE go háirithe samhail rialachais a bheidh polaitiúil agus teicniúil araon, daonlathach agus oscailte, a dhíreoidh ar phrionsabal na rochtana uilíche ar uisce óil ardchaighdeáin a chur i bhfeidhm, ar phraghsanna a bheidh inacmhainne don phobal. Molann CESE gur cheart ‘coistí rialachais’ a bheith ann a mbeadh comhdhéanta de bhaill ó na tíortha uile lena mbaineann, agus é de chúram orthu bainistiú polaitiúil a dhéanamh agus aon choinbhleacht leasa idir tíortha a réiteach. Ba cheart do choiste teicniúil saineolaithe tacú leis na coistí sin um rialachas abhantracha agus ba cheart dóibh na habhantracha a bhainistiú ar an leibhéal teicniúil. Ba cheart don ‘choiste rialachais’ ordlathas na bhfreagrachtaí a bhunú go poiblí agus go dian idir é féin agus na heintitis éagsúla sna tíortha a bhfuil baint acu leis an abhantrach ionas nach mbeidh aon neamh-chomhoiriúnacht ná aon mhíthuiscint ann maidir le freagrachtaí. Ba chóir ‘Comhairle Chomhairleach’ a bheith ag feidhmiú taobh leis an gcoiste um rialachas abhantracha. Beidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an gComhairle sin, go háirithe eagraíochtaí comhshaoil, aeráide agus tomhaltóirí agus na comhpháirtithe sóisialta, agus beidh de ról aici idirphlé sibhialta struchtúrtha a dhéanamh leis an gcoiste um rialachas agus cuidiú chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a réiteach. |
An Bhruiséil, 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) https://www.ohchr.org/en/water-and-sanitation
(2) https://digitallibrary.un.org/record/687002.
(3) Féach, freisin, Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus an athléimneacht san Aontas Eorpach: dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta (Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Seicia) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 88.).
(4) Mar chomhlánú ar an bhfaireachán a leagtar amach sa Treoir maidir le hUisce Óil (Treoir (AE) 2020/2184).
(5) IO L 435, 23.12.2020, lch. 1.‘daoine a shainaithint nach bhfuil rochtain acu, nó ag a bhfuil rochtain theoranta, ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus cúiseanna le heaspa rochtana den sórt sin’ https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32020L2184
(6) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (athmhúnlú), COM(2022) 541 final, 2022/0345 (COD),
(7) Féach freisin: https://www.aquapublica.eu/article/news/access-water-and-sanitation-must-be-priority-commission-action-plan-implement-pillar
(8) Mar a cuireadh i bhfios go láidir, i measc nithe eile, sna teachtaireachtaí agus sna moltaí beartais ó Chruinniú Mullaigh Bhúdaipeist 2016 maidir le hUisce (https://www.budapestwatersummit.hu/hu/Vilagtalalkozo/Letoltheto_dokumentumok) agus san Iarratas ó Bhúdaipeist ag Cruinniú Mullaigh 2019 maidir le hUisce: (https://www.budapestwatersummit.hu/en/Summit/Budapest_Appeal).
(9) Rún 64/292: The human right to water and sanitation (2010), https://www.un.org/waterforlifedecade/human_right_to_water.shtml
(10) https://sdgs.un.org/sites/default/files/2023-03/Closing%20press%20release_waterconference_FINAL_24Mar.pdf
(11) Athmhúnlú ar an Treoir maidir le hUisce Óil (2018).
(12) Togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh (2022).
(13) IO C 248, 25.8.2011, lch. 43 (níl leagan Gaeilge ann).
(14) IO C 12, 15.1.2015, lch. 33 (níl leagan Gaeilge ann).
(15) IO C 367, 10.10.2018, lch. 107 (níl leagan Gaeilge ann).
(16) https://right2water.eu/.
(17) https://data.worldbank.org/indicator/SH.H2O.SMDW.ZS?locations=EU(an bhliain tagartha: 2020). Céatadán na ndaoine nach raibh uisce óil ó fhoinse fheabhsaithe in úsáid acu, ar uisce é a raibh rochtain air san áitreabh, a bhí ar fáil de réir mar a theastaigh agus a bhí saor ó éilliú faecach agus ó éilliú ceimiceán tosaíochta. I measc na bhfoinsí uisce feabhsaithe tá uisce píopaí, tollphoill nó tobair fheadánacha, toibreacha tochailte faoi chosaint, fuaráin faoi chosaint, agus uisce arna phacáistiú nó arna sholáthar.
(18) https://data.worldbank.org/indicator/SH.H2O.BASW.ZS?locations=EU (an bhliain tagartha: 2020). Cuimsítear leis an táscaire sin daoine a úsáideann bunseirbhísí uisce agus daoine a úsáideann seirbhísí uisce a bhainistítear go sábháilte. Sainmhínítear le bunseirbhísí uisce óil uisce óil ó fhoinse fheabhsaithe, ar choinníoll go bhféadfar an turas fillte chun é a bhailiú a dhéanamh laistigh de 30 nóiméad. I measc na bhfoinsí uisce feabhsaithe tá uisce píopaí, tollphoill nó tobair fheadánacha, toibreacha tochailte faoi chosaint, fuaráin faoi chosaint, agus uisce arna phacáistiú nó arna sholáthar.
(19) Eurostat, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/sdg_06_10/default/table?lang=en. https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/demo_pjan/default/table?lang=en
(20) Eurostat, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/sdg_06_20/default/table?lang=en.https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/demo_pjan/default/table?lang=en
(21) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_mdho05/default/table?lang=en
(22) https://fra.europa.eu/en/content/fra-opinions-eu-midis-ii-roma
(23) https://www.europarl.europa.eu/news/en/headlines/society/20200918STO87401/roma-what-discrimination-do-they-face-and-what-does-eu-do
(24) http://www.errc.org/uploads/upload_en/file/thirsting-for-justice-march-2017.pdf
(25) https://eeb.org/wp-content/uploads/2020/04/Pushed-to-the-Wastelands.pdf
(26) https://www.eea.europa.eu/publications/water-resources-across-europe-confronting.
(27) An chéad éisteacht maidir le Time for a Blue Deal, 27 Feabhra 2023.
(28) https://www.preventionweb.net/understanding-disaster-risk/risk-drivers/poverty-inequality
(29) Eureau, The governance of water services in Europe, 2020 https://www.eureau.org/resources/publications/5268-the-governance-of-water-services-in-europe-2020-edition-2/file.
(30) https://smartwatermagazine.com/news/locken/water-ranking-europe-2020
(31) https://circabc.europa.eu/sd/a/0070b535-5a6c-4ee4-84ba-6f6eb1682556/Public%20Consultation%20Report.pdf
(32) IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.
(33) https://www.eesc.europa.eu/sites/default/files/files/blue_deal_fiasconaro.pdf.
(34) https://www.oecd-ilibrary.org/sites/e1b8a4b6-en/index.html?itemId=/content/component/e1b8a4b6-en.
(35) https://www.eureau.org/resources/publications/eureau-publications/5824-europe-s-water-in-figures-2021/file.
(36) https://www.wareg.org/documents/affordability-in-european-water-systems/, https://www.oecd.org/env/resources/15425332.pdf.
(37) Is taraif chéimnithe a mholann an rapóirtéir inar cheart an chéad chéim a bheith inacmhainne nó saor, fiú, i gcúinsí áirithe agus an ceart atá ag an duine ar uisce á chomhlíonadh aici; taraif aisghabhála costas ba cheart a bheith sa dara céim; agus ba cheart praghsanna i bhfad níos airde a bheith i gceist leis an tríú céim lena ngintear tras-fhóirdheontais idir só agus úsáidí bunúsacha agus lena ndéantar an róshaothrú a sheachaint. Measann CESE gur cheart do gach Ballstát nó fiú do gach soláthraí uisce agus sláintíochta sainmhíniú a thabhairt ar luachanna gach céime.
(38) Risks and impacts of the commodification and financialization of water on the human rights to safe drinking water and sanitation, Tuarascáil arna chur faoi bhráid 76ú Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ag an Rapóirtéir Speisialta maidir le cearta an duine i ndáil le huisce óil sábháilte agus leis an tsláintíocht, Pedro Arrojo Agudo, A/76/159.
(39) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1) (an Treoir Réime maidir le hUisce).
(40) Ar an iomlán, is uisce a d’imigh amú go fisiciúil agus nach ndéantar a bhilleáil a bhíonn i gceist le sceití agus caillteanais, ag cur san áireamh go mbeidh cuid den uisce nach mbilleáiltear údaraithe, áfach. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach ar chothromaíocht uisce.
(41) Sa mhír seo, ní úsáid uisce údaraithe nach mbilleáiltear atá i gceist le caillteanais.
(42) Sin an spriocluach tipiciúil a bhíonn in úsáid sa Phortaingéil. D’fhéadfadh spriocluachanna difriúla a bheith ag Ballstáit eile, ach níl an luach féin ábhartha d’fhorbairt ár smaoinimh.
(43) Enrique Ortega de Miguel agus Andrés Sanz Mulas, Water Management in Córdoba (Spain): A Participative, efficient and Effective Public Model in Reclaiming Public Water, TNI ed., 2005.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/69 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Conas is féidir cúrsaí a phlé leis an spriocphobal agus éifeacht a bhaint as torthaí na hoibre a dhéanann na Painéil Saoránach?
(tuairim féintionscnaimh)
(2023/C 349/11)
|
Rapóirtéir: |
Christophe QUAREZ |
|
Comhairliúchán |
Tuairim féintionscnaimh, 23.1.2023 |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
21.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
780 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
163/4/8 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Meabhraíonn CESE nach féidir leis an daonlathas rannpháirtíochta ach cur leis an daonlathas ionadaíoch, agus gurb é an daonlathas ionadaíoch crann taca ár gcórais pholaitiúil i gcónaí. Tá CESE den tuairim gur gá feabhas a chur ar bhonn leanúnach ar an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas san Aontas chun muinín na saoránach as an bpolaitíocht a threisiú, go háirithe trí shásraí rannpháirtíochta agus pléiteacha a fhorbairt a mbeidh seans ag na saoránaigh páirt a ghlacadh iontu, ag tógáil ar an tsraith ionstraimí atá ag an Aontas faoi láthair. I ndáil leis sin, athdhearbhaíonn CESE gur luachmhaire i bhfad an tuairim ó chomhlachas a dhéanann ionadaíocht ar na mílte ball ná tuairim a chuireann saoránach amháin in iúl as a stuaim féin. |
|
1.2. |
Tá trialacha déanta ar an daonlathas rannpháirteach le painéil saoránach forbartha i ngach Ballstát, go mór mór de thoradh na bhforbairtí ar uirlisí digiteacha. Na haighneachtaí ó phainéil na saoránach le haghaidh díospóireachtaí, is amhlaidh a bhí siad teoranta do shaincheisteanna áitiúla nó réigiúnacha ar dtús. De réir a chéile, áfach, tugadh gach réimse beartais faoina scáth sna díospóireachtaí poiblí. Sin mar a tharla in Éirinn (an pósadh comhghnéis agus an ginmhilleadh) nó sa Fhrainc (coinbhinsiún aeráide na saoránach), nó mar shampla leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. |
|
1.3. |
Mar theallach i gcomhair na sochaí sibhialta eagraithe agus ionadaíche, tá saineolas ar leith ag CESE agus cuireann sé fóram uathúil buan ar fáil don idirphlé sibhialta, fóram ina moltar réitigh ar bhonn comhthola i measc na ngeallsealbhóirí éagsúla. Dá réir sin, ba cheart ról tábhachtach a bheith aige maidir le hionstraimí rannpháirtíochta a fhorbairt. |
|
1.4. |
Ós guth seanbhunaithe na sochaí sibhialta eagraithe agus ionadaíche san Eoraip atá in CESE, ní mór é a bheith i gcroílár an phróisis chun an daonlathas rannpháirteach a neartú sna hinstitiúidí Eorpacha. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, leas a bhaint as an tástáil chun raon na n-ionstraimí rannpháirtíochta is féidir le CESE a úsáid, e.g. na painéil saoránach, in obair chomhairliúcháin an Choiste a chinneadh. Sa chás seo, beidh gá le Rialacha Nós Imeachta CESE a leasú chun an cur chuige sin a chur san áireamh. |
|
1.5. |
Mar chuid den mhachnamh sin, d’fhéadfadh CESE staidéar a dhéanamh ar an ról nua atá aige saineolas a fhorbairt maidir le gach saincheist a bhaineann le rannpháirtíocht na saoránach agus leis an daonlathas rannpháirtíochta. Go háirithe, d’fhéadfadh Biúró CESE cinntí a dhéanamh maidir le saincheisteanna amhail an raon feidhme agus an mhodheolaíocht chun páirt a thabhairt do na painéil saoránach in obair CESE, chomh maith leis na hábhair a rachaidh siad i gcomhairle leis na painéil saoránach fúthu. Measann CESE gur rud úsáideach a bheadh ann smaoineamh ar mheitheal ar leith a chur ar bun chun aon nósanna imeachta a theastódh a shocrú, ar choinníoll go mbeidh na hacmhainní buiséid ar fáil agus tar éis plé agus cinneadh a bheith déanta ag Biúró CESE ina leith (1). D’fhéadfadh an mheitheal sin obair a dhéanamh, mar shampla, ar shaincheisteanna amhail:
|
|
1.6. |
Thar aon ní eile, tá CESE tiomanta don ghné phléiteach de na painéil saoránach a bheadh rannpháirteach ina chuid oibre, mar chomhlánú ar an mbosca uirlisí rannpháirtíochta atá ag an Aontas faoi láthair d’fhonn an bosca uirlisí sin a shaibhriú. |
2. An gá atá le hathnuachan ar an daonlathas
|
2.1. |
Is é córas an daonlathais ionadaíoch atá i bhfeidhm i mbeagnach gach ceann de shochaithe na hEorpa. Is córais ionadaíocha iad toisc gur ar thoghcháin trí bhíthin vótáil choiteann dhíreach go príomha atá an modh chun lucht rialtais a roghnú bunaithe, lena n-áirítear toghcháin pharlaiminteacha ach freisin toghcháin uachtaránachta. |
|
2.2. |
Is ag dul i méid atá easpa muiníne na saoránach as na polaiteoirí agus as gníomhaíocht na bpolaiteoirí san Eoraip san 21ú haois, rud atá ag tarlú ar leibhéil éagsúla sna tíortha éagsúla. Mar a léiríodh i gcás Brexit, is cosúil go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndeacrachtaí a bhíonn ag seandaonlathais agus daonlathais nua na hEorpa déileáil le géarchéimeanna amhail paindéim COVID-19 d’aon ghuth. I measc samplaí eile de na deacrachtaí seo, tá gluaiseachtaí agóide na ‘Indignés’ agus na ‘Gilets jaunes’, ag briseadh dóibh le nósanna an daonlathais institiúidigh, agus sampla eile fós is ea teacht chun cinn an phoblachais fhorlámhaigh. Rud eile, réabhlóid na dteicneolaíochtaí nua sin rud ba spreagadh don dí-idirghabháil agus do dhírialú an chaidrimh pholaitiúil. |
|
2.3. |
Tá trí tháscaire oibiachtúla ann le tomhas a dhéanamh ar an gcúlú daonlathach atá á thuar de dheasca ghéarchéim na dlisteanachta daonlathaí san Eoraip: an méadú ar an staonadh ón vótáil; méadú ar luaineacht sna rátaí vótála; an titim i líon na mball sna páirtithe polaitíochta. Is comhlánú ar na táscairí oibiachtúla sin atá i dtáscairí suibiachtúla – creimeadh na muiníne as institiúidí poiblí, cuir i gcás. |
|
2.4. |
Dá bhrí sin, tá CESE den tuairim gur gá feabhas a chur ar shásraí an daonlathais chun muinín na saoránach as an bpolaitíocht a threisiú athuair. Ciallaíonn sé sin, thar aon ní eile, nach mór aiseag beatha a thabhairt don daonlathas ionadaíoch, ós é is bonn dár gcóras polaitiúil. |
|
2.5. |
Is féidir le socruithe rannpháirtíochta nó pléiteacha cuidiú leis an nasc idir saoránaigh agus ionadaithe a neartú ionas go bhféadfaidh siad a gcuid freagrachtaí féin a chur i bhfeidhm. |
|
2.6. |
Cuireann CESE in iúl, áfach, go bhfuil sé de shaoirse ag gach saoránach a bheith rannpháirteach sa daonlathas ionadaíoch trí dhul isteach i bpáirtí polaitiúil, i gceardchumann nó i gcomhlachas dá rogha féin. Dá bhrí sin, is í an tsaoirse sin an ghné is tábhachtaí den daonlathas. |
3. An gá rannpháirtíocht na saoránach a institiúidiú?
|
3.1. |
Tá méadú as cuimse tagtha ar líon na scéimeanna rannpháirtíochta san Eoraip, áit a ndearnadh na mílte turgnamh, ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach ar dtús, go háirithe le buiséid rannpháirtíochta, agus ansin maidir le hábhair chomhshaoil, shochaíocha nó institiúideacha ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta. |
|
3.2. |
Ní struchtúir áitiúla amháin a ndéantar institiúidiú orthu i ndlíthe agus i rialacháin cuid mhór tíortha, ach i gcás scéimeanna atá níos nuálaí freisin. |
|
3.3. |
Is amhlaidh atá an scéal sa Bheilg, áit ar cruthaíodh faoin dlí sa Bhruiséil buanchomhairlí saoránach a roghnaíodh go randamach. Sin mar a tharla in Éirinn freisin, áit ar cuireadh an pósadh dleathach comhghnéis agus ginmhilleadh ar fáil a bhuíochas le tionóil saoránach, sin agus reifrinn i gcásanna áirithe, nó sa Fhrainc áit ar eagraíodh coinbhinsiún saoránach chun ceisteanna ar nós na haeráide agus deireadh ré na saoránach a phlé. |
|
3.4. |
Ar an leibhéal Eorpach, ba í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an sampla is mó inar cleachtadh an daonlathas rannpháirteach agus dioscúrsach go dtí seo, nuair a eagraíodh ceithre Phainéal Saoránach Eorpach chun deis a thabhairt do shaoránaigh machnamh a dhéanamh i dteannta a chéile ar an todhchaí atá uathu san Aontas Eorpach. Bhí CESE rannpháirteach sa tionscnamh seo go foirmiúil. Is díol sásaimh dó go bhfuil meastóireacht chuimsitheach á déanamh ar an treoirthionscadal seo ionas gur féidir ceachtanna a fhoghlaim maidir le conas tionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a fheabhsú. |
|
3.5. |
Is oth le CESE go háirithe an easpa poiblíochta a tugadh don chomhdháil seo sna Ballstáit, is oth leis a laghad spéis a cuireadh inti, agus is oth leis nach raibh cuspóirí na comhdhála soiléir. |
|
3.6. |
Sa tuarascáil deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (2), is é a dhéantar le togra 36 maidir le faisnéis agus rannpháirtíocht na saoránach agus le togra 39 maidir le próiseas cinnteoireachta an Aontais go dtugtar sainordú soiléir do CESE a ról institiúideach a neartú ó thaobh struchtúir de mar ráthóir agus mar éascaitheoir ar ghníomhaíochtaí daonlathais rannpháirtíochta, amhail idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil saoránach. Ó thaobh na n-institiúidí de, is maith atá CESE in ann ról a imirt maidir leis an daonlathas rannpháirtíochta a fheabhsú, agus é ag gníomhú go comhleanúnach agus go cuimsitheach. |
|
3.7. |
Tá rogha mhór ionstraimí rannpháirtíochta Eorpacha ag an Aontas, lena n-áirítear, mar shampla, toghcháin Pharlaimint na hEorpa, an Comhphlé leis na Saoránaigh agus an Tionscnamh ó na Saoránaigh, Achainíocha a chur os comhair Pharlaimint na hEorpa, agus an tOmbudsman Eorpach. Thairis sin, agus tionscnaimh reachtacha á n-ullmhú aige, reáchtálann an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí d’fhonn deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara – na saoránaigh san áireamh – a dtuairimí a nochtadh ar ábhar ar leith. Tá an comhairliúchán poiblí fréamhaithe sna Treoirlínte atá ag an gCoimisiún maidir leis an reachtóireacht níos fearr agus déantar an comhairliúchán sin ar an tairseach ‘Cloisimis uait’ atá ag an gCoimisiún. |
|
3.8. |
Tá an Tionscnamh ó na Saoránaigh, rud a cuireadh ar bun in 2012, ar cheann de phríomhnuálaíochtaí an daonlathais rannpháirtíochta ar leibhéal an Aontais. Tugann sé cead do ghrúpa saoránach saincheist a chur ar chlár oibre na gcomhlachtaí reachtacha Eorpacha. |
|
3.9. |
Fós féin, na ceithre Thionscnamh ó na Saoránaigh ar éirigh leo an milliún síniú a bhailiú a bhí de dhíth ionas go dtabharfadh an Coimisiún Eorpach toradh orthu, is tionscnaimh iad nach raibh acu ach tionchar measartha teoranta, agus glacadh tograí reachtacha mar obair leantach ar na tionscnaimh ‘Right2Water’ agus ‘Ban glyphosate’, agus glacadh moladh do 2023 chun cosc a chur ar ainmhithe a choinneáil faoi ghlas i gcásanna. Dar le CESE, níl an Tionscnamh ó na Saoránaigh ag feidhmiú ar an dóigh a rabhthas ag súil leis agus ba cheart, dá bhrí sin, é a leasú, is dócha, agus ba cheart do CESE a bheith rannpháirteach sa phróiseas sin. |
|
3.10. |
Tá rannpháirtíocht na saoránach á neartú ag na hardáin dhigiteacha. De thairbhe an idirlín, is féidir an tsochaí shibhialta a rannpháirtiú ar scála mór agus ról a thabhairt do ghrúpaí poiblí nach raibh an deis acu a bheith rannpháirteach ina leithéid de phróiseas cheana, go háirithe an t-aos óg. |
|
3.11. |
Mar sin féin, cé go gcuidíonn an digitiú le raon feidhme na rannpháirtíochta a éascú agus a leathnú, is rud é a bhfuil teorainn leis freisin. Is féidir tuairimí a bhailiú trí chomhairliúcháin ar líne, ach ní fóram oiriúnach é i gcónaí nuair atá ceisteanna le plé. |
|
3.12. |
Ionas go bhféadfar painéil saoránach inbhuanaithe a chruthú sna blianta amach romhainn, tá gá le gné láidir ar líne – rud tábhachtach don phlé trasnáisiúnta chun go mbeidh an líon is mó saoránach agus is féidir rannpháirteach ann. Bunaithe ar an taithí agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó ardán ilteangach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, tá sé beartaithe ag CESE ardán ar líne/aip ilteangach níos fearr a chruthú. D’fhágfadh sin go mbeadh i bhfad níos mó rannpháirtíochta ann ná mar is féidir a dhéanamh trí imeachtaí ar an láthair, ar choinníoll go mbeadh an uirlis ar líne so-rochtana ag an oiread saoránach agus is féidir. Is uirlis thábhachtach atá sna himeachtaí ar an láthair freisin agus is comhlánú ar an gcomhairliúchán ar líne iad. Mar sin féin, ba cheart iad a theorannú do líon measartha daoine agus a bheith an-dírithe ar ábhair reatha ar díol spéise ag raon leathan daoine iad. Ba cheart méid leormhaith acmhainní a leithdháileadh le go bhféadfar ardán digiteach úrscothach den sórt sin a chruthú (3). |
|
3.13. |
Is éard is dóigh le CESE go bhfuil ceist le cur maidir le hionadaíocht agus saineolas rannchuidithe na saoránach sa díospóireacht phoiblí. An ionann an tuairim ó chomhlachas a dhéanann ionadaíocht ar na mílte ball agus an tuairim a chuireann saoránach amháin in iúl as a stuaim féin? |
|
3.14. |
Meabhraíonn CESE go n-eascraíonn breisluach a chuid tuairimí agus moltaí as comhthoil a chruthú i measc eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus as naisc a chruthú idir leasanna éagsúla eagraíochtaí éagsúla na sochaí. |
|
3.15. |
Na téarmaí tagartha a eascraíonn as an gcomhairliúchán leis na saoránaigh, is téarmaí iad a chaithfidh a bheith soiléir. I gcás CESE, ba ríthábhachtach a shoiléiriú go luath sa phróiseas conas a dhéanfar an rannchuidiú a iarradh a chomhtháthú sa chinnteoireacht. |
|
3.16. |
Tá gá le sásra aiseolais chun dlisteanacht an phróisis sin a áirithiú agus rannpháirtíocht na saoránach a chinntiú iarbhír. Sin an fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach go mbunódh an Coimisiún Eorpach sásra chun faireachán a dhéanamh ar na moltaí a dhéanann na saoránaigh. Is trí scórchlár de mholtaí beartais a chruthú ba cheart é sin a dhéanamh, agus an méid sin a úsáid chun an obair leantach ar na tograí a chinneadh, faoi mar a d’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. |
|
3.17. |
Ba cheart breathnú ar CESE mar ionstraim thábhachtach chun an easpa daonlathais san Aontas a laghdú, chun bearnaí a dhúnadh agus chun féiniúlacht pholaitiúil na hEorpa a chur chun cinn i measc a chuid saoránach. |
4. Ról Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le comhairliúchán na saoránach a eagrú
|
4.1. |
An fhoráil in Airteagal 11 CAE don ‘idirphlé oscailte, trédhearcach, tráthrialta’ a choimeád ‘ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta’, is foráil í ba cheart a chur chun feidhme go hiomlán i réimsí beartais uile an Aontais. |
|
4.2. |
In imeacht na mblianta, neartaigh CESE tionscnaimh agus seasamh na saoránach, agus chuir sé le foilse a gcuid iarrachtaí in obair laethúil na n-institiúidí. Tá comhdháil ardleibhéil ar Lá an Tionscnaimh ó na Saoránaigh á heagrú ag CESE gach bliain ó bunaíodh é. Bunaíodh Grúpa ad hoc an Tionscnaimh ó na Saoránaigh chun treoir pholaitiúil a chur ar fáil maidir le tionscnaimh ó na saoránaigh agus chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa réimse sin. |
|
4.3. |
Cuireann CESE faisnéis ar fáil freisin ar chearta na saoránach. Is foinse mhór eolais don phobal i gcoitinne é an foilseachán ‘An Pas Eorpach um Dhaonlathas’, foilseachán a dháiltear go forleathan, rud a dhéantar a chur i láthair agus a úsáid ag imeachtaí éagsúla a eagraíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
|
4.4. |
Ba cheart ról institiúideach CESE a fheabhsú agus é a chumasú mar ionadaí aitheanta na sochaí sibhialta eagraithe lena chomhairle a roinnt mar chuid de phróiseas ceaptha beartas an Aontais agus freisin mar éascaitheoir agus ráthóir gníomhaíochtaí daonlathais rannpháirtíochta amhail idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil saoránach. Is gné ríthábhachtach de shaol daonlathach an Aontais Eorpaigh é sochaí shibhialta bhríomhar a bheith ann. |
|
4.5. |
Mar theallach i gcomhair na sochaí sibhialta eagraithe, tá saineolas ar leith ag CESE agus cuireann sé fóram uathúil buan ar fáil don idirphlé sibhialta, fóram ina moltar réitigh ar bhonn comhthola i measc na ngeallsealbhóirí éagsúla. Is iad a n-eagraíocht féin a thugann sainorduithe do na comhaltaí. |
|
4.6. |
Mar gheall ar an taithí a fuarthas le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa tá ardú meanman ann agus iarrann CESE ar na hinstitiúidí Eorpacha bearta leantacha iomchuí a chur ar fáil maidir leis an gcomhairliúchán sin. |
|
4.7. |
Tá CESE tiomanta don ghné phléiteach de na painéil saoránach a bheadh rannpháirteach ina chuid oibre, mar chomhlánú ar na comhairliúcháin ar líne a dhéanann an Coimisiún Eorpach, rud atá ina uirlis luachmhar ach nach gceadaíonn díospóireacht dhíreach i measc na ngeallsealbhóirí a bhíonn ag rannchuidiú leis. |
|
4.8. |
Tugtar le fios i bhforógra Uachtarán CESE go gcuirfear painéil saoránach ar bun roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024, agus go mbeidh ionchur ag na painéil sin i rún leathan a ullmhóidh na rannóga uile in CESE le chéile ina mbeidh na rudaí is tábhachtaí atá CESE ag éileamh ar an bParlaimint nua agus ar an gCoimisiún nua. |
|
4.9. |
Ina theannta sin, mar chuid de Thimthriall Idirphlé 2023 an Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE, bunaítear meitheal dar teideal ‘Painéil Saoránach’ mar chuid den idirphlé téamach rialta idir comhaltaí CESE agus eagraíochtaí sochaí sibhialta an Ghrúpa Idirchaidrimh an Ghrúpa Idirchaidrimh ábhartha, mar atá beartaithe i straitéis chumarsáide 2022-2027 an Choiste. Is é an toradh a bheidh ar an idirphlé sin páipéar machnaimh a d’fhéadfadh cur le tionscnaimh áirithe de chuid CESE atá dírithe ar rannpháirtíocht na saoránach. |
|
4.10. |
Mar chuid den mhachnamh sin, d’fhéadfadh CESE staidéar a dhéanamh ar an ról nua atá aige a shaineolas a fhorbairt tuilleadh maidir le gach ábhar a bhaineann le rannpháirtíocht na saoránach agus leis an daonlathas rannpháirtíochta. Go háirithe, is é Biúró CESE an comhlacht a d’fhéadfadh cinntí a dhéanamh maidir le saincheisteanna amhail an raon feidhme agus an mhodheolaíocht chun páirt a thabhairt do na painéil saoránach in obair CESE, chomh maith leis na hábhair a rachaidh sé i gcomhairle leis na painéil saoránach ina dtaobh. |
|
4.11. |
Ní mór cistiú sonrach, acmhainní daonna agus uirlis dhigiteach a leithdháileadh ar CESE chun deileáil leis an bhfreagracht nua sin. |
|
4.12. |
Ba cheart na nithe seo a leanas a shainiú sna rialacha nós imeachta is infheidhme maidir leis an sampla den phobal a roghnaíodh go randamach: modh oibre, an chumarsáid agus an caidreamh leis na meáin, an caidreamh idir CESE nó an oiliúint ábhartha a chuirtear air i gcomhair na hoibre, sin agus an sampla poiblí. |
|
4.13. |
Measann CESE gur rud úsáideach a bheadh ann smaoineamh ar mheitheal ar leith a chur ar bun chun aon nósanna imeachta a theastódh a shocrú, ar choinníoll go mbeidh na hacmhainní buiséid ar fáil agus tar éis plé agus cinneadh a bheith déanta ag Biúró CESE ina leith (4). D’fhéadfadh an mheitheal sin obair a dhéanamh, mar shampla, ar shaincheisteanna amhail:
|
An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Faoi mar a tugadh chun suntais i staidéar CESE, ‘CESE a bheith ina éascaitheoir agus ina ráthóir ar ghníomhaíochtaí an daonlathais rannpháirtigh, lena n-áirítear an t-idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil saoránach’ (2023), ba cheart am, acmhainní agus aird a thabhairt d’aon chineál nua gníomhaíochta de chuid CESE atá á déanamh i ndáil leis an daonlathas rannpháirteach, agus ba cheart an méid sin a bheith éifeachtach.
(2) Féach an Tuarascáil ar Thoradh Deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.
(3) Faoi mar a tugadh chun suntais i staidéar CESE, ‘CESE a bheith ina éascaitheoir agus ina ráthóir ar ghníomhaíochtaí an daonlathais rannpháirtigh, lena n-áirítear an t-idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil saoránach’ (2023), is léir an t-éileamh ar an digitiú. Ba cheart, áfach, acmhainní a leithdháileadh ionas go mbeidh rannpháirtíocht fhisiciúil ar chumas na ndaoine fós.
(4) Faoi mar a tugadh chun suntais i staidéar CESE, ‘CESE a bheith ina éascaitheoir agus ina ráthóir ar ghníomhaíochtaí an daonlathais rannpháirtigh, lena n-áirítear an t-idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil saoránach’ (2023), ba cheart am, acmhainní agus aird a thabhairt d’aon chineál nua gníomhaíochta de chuid CESE atá á déanamh i ndáil leis an daonlathas rannpháirteach, agus ba cheart an méid sin a bheith éifeachtach.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/74 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Tionscail atá dian ar uisce agus teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce
(Tuairim féintionscnaimh)
(2023/C 349/12)
|
Rapóirtéir: |
Paul RÜBIG |
|
Comhrapóirtéir: |
John BRYAN |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
22.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
200/0/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Mar chuid den Chomhaontú Gorm don Aontas, ní mór don Aontas beartas Eorpach nua a fhorbairt maidir le huisce le teann práinne, lena n-áirítear beartas cuimsitheach maidir le bainistiú inbhuanaithe uisce don tionscal a bheidh bunaithe ar úsáid an uisce a laghdú, ar an uisce a athúsáid agus a athchúrsáil, agus ar an truailliú uisce a laghdú, agus a bheidh dírithe ar thionscail atá dian ar uisce agus ar thabhairt isteach agus cur in úsáid de réir a chéile teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce. I bhfianaise an naisc atá ann idir an fuinneamh, an t-uisce, agus na hamhábhair chriticiúla, ba cheart ceann de cholúin straitéis thionsclaíoch an Aontais a dhéanamh den bheartas uisce. |
|
1.2. |
Dá bhrí sin, teastaíonn treochlár ón Aontas chun tacú le tionscail an méid uisce a bhíonn á úsáid acu a laghdú de réir a chéile, le spriocanna soiléire ar feadh an bhealaigh agus cur chuige de réir na hearnála, agus an nasc atá ann idir an fuinneamh, an t-uisce, agus na hamhábhair chriticiúla á chur san áireamh ina iomláine. Dá bhrí sin, ní mór athbhreithniú a dhéanamh as seo go ceann dhá bhliain ar Straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht, sin agus ar doiciméid atá ag an Aontais maidir leis an gconair chun aistrithe. Ba cheart na saintréithe maidir le bheith tíosach ar uisce agus na dúshláin uisce atá le sárú ag gach earnáil ar leith a leabú sa chur chuige earnála sin, agus ba cheart é a bhunú ar chur chuige fadbhreathnaitheach a mbeidh roghanna ag gabháil leis, mar aon le measúnú tionchair agus riosca agus anailís ar na costais saolré. |
|
1.3. |
D’fhonn earnáil nua teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce a thabhairt chun cinn, earnáil a bhféadfadh an tAontas ról lárnach a bheith aici ann, ní foláir beartas cuimsitheach an Aontais maidir le huisce a bheith ann maille le clár uaillmhianach cistiúcháin AE ionas go gcuirfí ar chumas an tionscail na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh i dteicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce. Ba cheart dreasachtaí cistiúcháin dearfacha a ghlacadh, amhail creidmheasanna cánach, rátaí dímheasa níos airde agus sásraí eile. D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh freisin ar bhealaí nuálacha maoinithe chun tacaíocht phoiblí a chomhlánú, cuir i gcás an sluachistiú. |
|
1.4. |
Ní mór don Aontas a bheith ina cheann feadhna ar fud an domhain maidir le teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce a fhorbairt, a mhonarú agus a úsáid, agus cáil dhomhanda a bhaint amach mar limistéar táirgthe a bhfuil lorg íseal uisce aige. Na teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce, is earnáil thionsclaíoch ar leith atá iontu, earnáil atá ina cuid de na teicneolaíochtaí glana. Mar sin, ba cheart go mbeadh na teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce tíosach ar fhuinneamh freisin. Ós éiceachóras tionsclaíoch inti féin í an teicneolaíocht ghlan, molann CESE conair aistrithe a chruthú don éiceachóras sin faoi cheann dhá bhliain, conair lena leagfaí síos spriocanna réadúla, dá uaillmhianaí iad, mar aon le plean le haghaidh maoirseachta agus scileanna. |
|
1.5. |
Tá gá le níos mó béime ar thomhaltas uisce agus ar iarrachtaí athchúrsála agus gabhála uisce sna próisis formheasa le haghaidh suiteálacha tionsclaíocha nua agus ar chórais dreasachta le haghaidh tionscadail spárála uisce i ngléasraí atá ann faoi láthair. Tá riachtanais éagsúla úsáide uisce ag tionscail éagsúla, áfach, agus tá roghanna éagsúla acu chun bheith tíosach ar uisce. Ní mór prionsabal na neamhdhíobhála a thabhairt le chéile leis an gceart chun uisce a úsáid mar chuid de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, agus an méid sin a chomhlánú le tiomantas na dtionscal chun feabhas a chur de réir a chéile orthu féin a mhéid a bhaineann le bheith tíosach ar uisce trí bhíthin treochlár chuige sin. |
|
1.6. |
Ní mór tosaíocht i bhfad níos mó a thabhairt don éileamh ar uisce agus do thomhaltas agus do stóráil uisce i straitéisí Eorpacha le haghaidh fhorbairt eacnamaíoch na n-earnálacha tionsclaíocha. Tá béim á cur ag CESE ar an bpríomhról atá ag an uisce sa gheilleagar ciorclach. |
|
1.7. |
Ós rud é nach ionann úsáid an uisce Ó Bhallstát go Ballstát agus earnáil go hearnáil, is gá sonraí maidir le húsáid uisce sa tionsclaíocht i ngach Ballstát a thaifeadadh agus a thuairisciú agus na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair a mhapáil. Is gá na sonraí sin a bhailiú ar leibhéal na ngléasraí chomh maith, mar is é sin an chéad chéim chun próisis atá tíosach ar uisce a chur chun feidhme. Ní mór cearta maoine tionsclaíche a ailíniú leis na ceanglais is infheidhme maidir le trédhearcacht sonraí. |
|
1.8. |
Ba cheart don Aontas smaoineamh ar Ardán Comhaontaithe Ghoirm a chur ar bun le haghaidh ionadaithe tionsclaíochta, ionadaithe talmhaíochta agus na saoránach, lena chur ar a gcumas comhairliúchán den scoth a dhéanamh faoin bpróiseas chun beartas nua uisce a fhorbairt a mbeidís sásta glacadh leis. A bhuíochas ar an mbuanchomhairliúchán sin go háirithe, ba cheart go mbeadh sé níos éasca deireadh a chur leis na bacainní reachtacha atá ar ghlacadh teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce i bpróisis thionsclaíocha, i bpróisis talmhaíochta agus i dteaghlaigh. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh sé ina chuidiú le nuashonrú rialta a dhéanamh ar phleananna gníomhaíochta atá le cur i bhfeidhm, amhail na conairí aistrithe don tionscal. |
2. Réamhrá agus barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Go ginearálta, tá acmhainní uisce in aghaidh an áitritheora ard san Eoraip i gcomparáid le háiteanna eile ar domhan, ach tá difríochtaí bunúsacha idir Tuaisceart na hEorpa/Lár na hEorpa agus réigiúin sa deisceart, arb iad éifeachtaí tosca aeráide ar acmhainní uisce is mó is cúis leis sin. I measc na bpríomhdhúshlán a bhaineann le timthriallta uisce tá: 1) tréimhsí níos faide de thriomach agus báisteach throm agus tuilte ina dhiaidh sin, rud a chuireann teorainn le rochtain ar uisce glan agus uisce inúsáidte araon; 2) méadú ar thomhaltas uisce mar thoradh ar dhaonra atá ag dul i méid nó atá níos comhchruinnithe agus ar fhorbairt eacnamaíoch chomh maith le méadú ar an éileamh ar uisce d’úsáid thionsclaíoch, talmhaíochta agus phríobháideach; agus 3) truailliú foinsí uisce a mhéadú de dheasca easpa cóireáil eisilteach. Tá réimse leathan truailleán nua amhail micreaphlaistigh, substaintí cógaisíochta, etc. á sú ag na foinsí uisce, agus ní shainaithnítear iad, i gcásanna áirithe, go dtí go mbíonn siad carntha i méideanna díobhálacha. Ní mór bearta a shainaithint agus iad a chur chun feidhme chun dul i ngleic leis na trí phríomhréimse dúshlán sin. |
|
2.2. |
Is ábhar mór imní é an strus maidir le huisce, ceann atá ag dul i méid san Eoraip. De réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA), ar an meán ó bhliain go bliain bíonn tuairim agus 20 % de chríocha na hEorpa agus 30 % de mhuintir na hEorpa faoi strus de bharr cúrsaí uisce (1). Is éard is úsáid neamh-inbhuanaithe uisce ann an t-uisce a tharraingt ó na foinsí nádúrtha níos tapúla ná mar is féidir leis an nádúr é a athsholáthar. Tá cónaí ar 140 milliún duine i dtuairim is 60 % de chathracha móra (os cionn 100 000 áitritheoir) na hEorpa i limistéar/gar do limistéar ina mbíonn an róshaothrú sin ar screamhuisce ag tarlú (2). Gné an-mhór de sin is ea an tionchar diúltach a bhíonn ag tréimhsí tuilte ar an soláthar uisce tar éis báisteach throm a bhaineann leis an athrú aeráid (bíonn cathracha móra ag brath go han-mhinic ar fhoinsí screamhuisce a thagann ó aibhneacha). |
|
2.3. |
I roinnt mhaith réigiún i nDeisceart na hEorpa, ní mór roghanna a dhéanamh le linn tréimhsí triomaigh idir uisce a choinneáil lena úsáid sa tionsclaíocht, sa talmhaíocht nó i dteaghlaigh. I réimsí áirithe tá an baol ann go ndíchuirfear tionscail ó limistéir atá faoi strus maidir le huisce, rud a fhágann go gcaillfear poist, go gcuirfear an geilleagar ar éagobhsaíocht agus go n-athrófar earnáil na tionsclaíochta. |
|
2.4. |
Tá claonadh i mbeartas uisce an Aontais díriú ar an gcreat dlíthiúil maidir le cosaint agus bainistiú uisce, agus béim a leagan ar an truailliú agus ar an dóigh lena chosc. Is iad príomhbheartais uisce an Aontas a bhfuil tionchar acu ar an tionscal: an Treoir Réime maidir le hUisce; an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh; an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha; agus plean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú, atá ina chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip. Mar sin féin, is ar éigean atá trácht ar ghné an uisce i gconairí aistrithe thionsclaíoch an Aontais ná i dTuarascáil 2022 an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach. |
|
2.5. |
Níl aon tagairt don uisce i bhfís an Aontais maidir le haistriú glas agus aistriú digiteach na tionsclaíochta agus éiceachórais na tionsclaíochta. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais (3), luaitear soláthar an uisce agus an séarachas mar phríomhearnálacha don aistriú glas i bhfonóta, ach níl aon tagairt eile don uisce sa doiciméad. Ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar an mbeartas uisce leis an diongbháilteacht chéanna lena ndeachaigh sé i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. |
3. An gá leis an uisce a chomhtháthú i mbeartas tionsclaíoch an Aontais agus cur chuige earnála a ghlacadh
|
3.1. |
Tá seacht mbealach sna Ballstáit éagsúla le bainistiú a dhéanamh ar an mbeartas uisce agus ar an uisce féin, rud a chruthaíonn deacrachtaí suntasacha do shaoránaigh agus do thionscail. Ós uisce atá ar dhá thaobh teorann atá in 60 % d’uisce dromchla an Aontais, ní mór machnamh a dhéanamh ar chomhbheartas uisce an Aontais. |
|
3.2. |
I mí an Mhárta 2023 ghlac an Chomhairle Eorpach an chonclúid seo a leanas: ‘Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach Comhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe agus an Clár Oibre Gníomhaíochta Uisce. Aithníonn sí an gá atá le gníomhaíocht fheabhsaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda maidir le huisce agus cuireann sí i dtreis a thábhachtaí atá sé go mbeadh cur chuige straitéiseach ag an Aontas i leith na slándála uisce’ (4). |
|
3.3. |
Ní mór don Aontas Beartas Inbhuanaithe Bainistithe Uisce le haghaidh na Tionsclaíochta a mholadh, ar beartas é a bheidh cuimsitheach agus bunaithe ar laghdú, ar théarnamh, ar athúsáid agus ar athchúrsáil, agus lena gcuirfear béim ar thionscail atá dian ar uisce agus úsáid teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce. Ní mór tosaíocht a thabhairt d’ordlathas cascáideach an uisce. |
|
3.4. |
Níl tionscal ar bith ann nach bhfuil ag brath ar an uisce. Is í an tionsclaíocht is cúis le tuairim is 40 % de na hastarraingtí iomlána uisce san Eoraip (5). I measc na dtionscal is déine ar uisce san Aontas tá an mhianadóireacht agus an chairéalacht, an monarú, táirgeadh leictreachais, an tógáil, tionscal na gceimiceán, an talmhaíocht, táirgeadh bia agus dí, na teicstílí, an páipéar agus an laíon, an chógaisíocht, an teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide (TFC) lena n-áirítear lárionaid sonraí, tionscail na ngluaisteán, tionscal na cruach, na leasachán agus earnáil an iompair. Na sonraí atá ann maidir le hastarraingtí agus úsáid uisce san Aontas, áfach, tá siad thar a bheith sean agus easnamhach. Caithfear straitéis thionsclaíoch an Aontais maidir le huisce a bhunú ar shonraí arna mbailiú ar leibhéal an Aontais, i gcomhpháirt le Eurostat, le go bhféadfar forléargas leathan cuimsitheach a fháil. Is gá na sonraí sin a bhailiú ar leibhéal na ngléasraí chomh maith, mar is é sin an chéad chéim chun próisis atá tíosach ar uisce a chur chun feidhme. Sa bhreis air sin, tá an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta ag obair ar ardán idir-inoibritheachta le haghaidh stóras sonraí domhanda. |
|
3.5. |
Is léir gur gá cur chuige comhtháite AE a ghlacadh i leith beartais uisce, lena n-áirítear comhordú níos fearr ar na ceanglais reachtachta iomadúla atá ann mar thoradh ar na hearnálacha agus na húsáidí difriúla, na hearnálacha tionsclaíocha san áireamh. Anuas air sin, teastaíonn i bhfad níos mó uaillmhéine ar an leibhéal polaitiúil feabhas a chur ar an saol mór maidir le bheith tíosach ar uisce agus chun truailliú an uisce agus an tomhaltas uisce a laghdú laistigh de thionscail na hEorpa, go háirithe trí theicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce a thabhairt isteach de réir a chéile. Tá cur chuige earnála de dhíth chomh maith, áfach, ós rud é go bhfuil an-chuid difríochtaí ann ó earnáil go chéile maidir lena héasca atá sé dóibh a bheith tíosach ar uisce, ag brath ar oiriúint na dteicneolaíochtaí atá acu chun bheith tíosach ar uisce. |
|
3.6. |
Maidir leis na hearnálacha tionsclaíocha éagsúla, ní mór anailís chuimsitheach a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach chun tagarmharcanna, treoirlínte agus córais tuairiscithe a bhunú maidir le forbairt inbhuanaithe timthriallta uisce sa todhchaí. Ba cheart a aithint go bhfuil roinnt acmhainní ann cheana lena dtugtar aghaidh go díreach nó go hindíreach ar thimthriallta tionsclaíocha uisce ar leibhéal an Aontais, amhail staidéar 2021 maidir le peirspictíochtaí an gheilleagair chiorclaigh earnáil teicstílí an Aontais (6), ach tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun na hearnálacha tionsclaíocha éagsúla lena mbaineann a chumhdach. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar na conairí aistrithe thionsclaíoch as seo go ceann dhá bhliain chun go gcuirfear san áireamh iontu an ghné a bhaineann le bheith tíosach ar uisce agus treochlár réadúil, dá uaillmhianaí é, chun go mbeifí níos fearr a mhéid a bhaineann le bheith tíosach ar uisce. |
|
3.7. |
Tá gá le béim níos treise ar thomhaltas uisce agus ar iarrachtaí athchúrsála uisce sna próisis formheasa le haghaidh suiteálacha tionsclaíocha nua agus ar chórais dreasachta le haghaidh tionscadail spárála uisce ag gléasraí atá ann cheana. Tá riachtanais éagsúla ag tionscail éagsúla ó thaobh úsáid uisce de, áfach, agus tá roghanna/deiseanna éagsúla acu chun bheith tíosach ar uisce. Ní mór prionsabal na neamhdhíobhála a thabhairt le chéile leis an gceart chun uisce a ídiú mar chuid de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha. Ba cheart aitheantas a thabhairt don cheart sin agus ba cheart do na tionscail tiomantas a thabhairt go gcuirfidh siad feabhas de réir a chéile ar a suiteálacha chun go mbeidís níos tíosaí ar uisce de trí bhíthin treochlár chuige sin. Úsáidfear an tagarmharc tionsclaíoch leis an dul chun cinn ar an tiomantas sin a thomhas. |
|
3.8. |
Beidh tuilleadh brú ar thionscail an tionchar atá acu ar an gcomhshaol a laghdú agus éifeachtúlacht acmhainní uisce a fheabhsú, lena n-áirítear an úsáid uisce, idir úsáid dhíreach agus indíreach. Faoi mar atá an scéal i gcás dícharbónú agus fuinnimh, bíonn ar go leor tionscal dul i ngleic leis an ngá atá le hinfheistíochtaí ar mórscála chun a bpróisis táirgthe agus slabhraí luacha a dhéanamh níos tíosaí ar uisce agus chun a dtionchar ar cháilíocht an uisce a laghdú. |
|
3.9. |
Agus iad i mbun aistriú go dtí sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de agus atá tíosach ar fhuinneamh agus ar uisce, ba ríthábhachtach go bhfanfadh na tionscail atá ag feidhmiú san Aontas iomaíoch i gcónaí agus nach ligfidís d’áiteanna eile ar domhan a bhfuil beartais mhífhreagracha shriantacha acu an lámh in uachtar a fháil orthu, rud as a dtiocfadh meath ar an táirgeadh, ar an aschur agus ar an bhfostaíocht san Aontas agus a d’fhágfadh nach mbeadh aon dul chun cinn ó thaobh uisce de ar an leibhéal domhanda. Na táirgí agus na seirbhísí a ndéanfar iad a fhorbairt san Aontas amach anseo agus aird á tabhairt ar an uisce, ní mór dúinn iad a chosaint ar allmhairí nach bhfuil chomh tíosach céanna ar uisce. |
4. Teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce agus bainistiú inbhuanaithe uisce
|
4.1. |
Tá glacadh rathúil teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce sa tionsclaíocht agus ar fud réimsí eile ríthábhachtach chun go n-éireoidh le beartas uisce inbhuanaithe de chuid an Aontais. D’fhéadfadh na teicneolaíochtaí sin úsáid an uisce a laghdú go suntasach, sin agus idir an athúsáid agus an athchúrsáil a chur chun cinn, chomh maith le cáilíocht an uisce a fheabhsú agus sceitheadh fuíolluisce a íoslaghdú. Ba cheart cinnteacht an tsoláthair uisce sin – soláthar luaineach – a mhéadú trí chórais stórála uisce (ón mbáisteach agus ó thuilte) atá deartha go maith. |
|
4.2. |
Tá roinnt teicneolaíochtaí ann cheana atá tíosach ar uisce. Seo a leanas roinnt de na príomhtheicneolaíochtaí atá in úsáid sa tionsclaíocht faoi láthair: athchúrsáil agus athúsáid uisce – cóireáil agus athúsáid fuíolluisce in oibríochtaí tionsclaíocha, d’fhonn an t-éileamh ar fhionnuisce a laghdú; measúnú agus barrfheabhsú próiseas tionsclaíoch chun úsáid an uisce a laghdú agus chun an méid uisce a chuirtear amú a laghdú; cur i bhfeidhm céime cúlosmóise seachas céim malartuithe ian le haghaidh fothuisce coire chun laghdú a dhéanamh ar an ualach salainn i ndiúscairt fuíolluisce athghiniúna; scagachán scannánach – eisíontais a bhaint as an uisce ar mhaithe lena hathúsáid chun críoch tionsclaíochta; mianadóireacht camrais agus fuíolluisce; daingneáin sreafa ísil – an úsáid uisce i bhfoirgnimh a laghdú trí ghnáthsconnaí, sconnaí cithfholcadáin agus leithris atá tíosach ar uisce a shuiteáil; uisciú silte agus an talmhaíocht bheacht – an úsáid uisce sa talmhaíocht a íoslaghdú agus an táirgeacht barr a bharrfheabhsú; cóireáil anaeróbach fuíolluisce (táirgeadh gáis bhitheolaíoch in éagmais ocsaigine le haghaidh táirgeadh fuinnimh – úsáid a bhaint as miocrorgánaigh chun truailleáin san fhuíolluisce a dhianscaoileadh d’fhonn eisilteach a tháirgeadh ar féidir é a athúsáid); uisce na báistí a bhailiú agus a stóráil lena úsáid le haghaidh uisciú, glantacháin nó úsáidí eile uisce neamh-inólta; córais iata – an úsáid uisce agus an méid uisce a chuirtear amú a íoslaghdú tríd an uisce a úsáidtear i bpróisis thionsclaíocha a athchúrsáil laistigh de phróiseas tionsclaíoch; ionadú ábhair – leas a bhaint as ábhair mhalartacha a dteastaíonn níos lú uisce uathu le haghaidh táirgeadh agus a bhfuil lorg uisce níos ísle acu. |
|
4.3. |
Úsáideann roinnt mhaith tionscal teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce cheana féin. Is dea-shampla den mhéid sin earnáil na déiríochta in Éirinn, tír a onnmhairíonn táirgí déiríochta luach EUR 6,8 billiún as an 11 bhilliún lítear bainne a phróiseálann sí in aghaidh na bliana. Is é Tirlan an comharchumann déiríochta is mó in Éirinn atá faoi úinéireacht feirmeoirí, agus déanann sé tuairim is 11 000m3 d’uisce a eastóscadh in aghaidh an lae ón abhainn agus na tollphoill áitiúla sa ghléasra próiseála is mó dá chuid i mBéal Átha Ragad, Contae Chill Chainnigh. Mar sin féin, a bhuíochas leis bpróiseáil a dhéanann sé agus na teicneolaíochtaí cóireála uisce atá aige, cuireann an gléasra thart ar 14 500m3 d’uisce glan ar ais san abhainn áitiúil, an Fheoir, gach lá. Is limistéar caomhantais speisialta í an abhainn sin. Ciallaíonn sé sin go n-athghiníonn an gléasra déiríochta isteach is amach le 30 % d’uisce glan breise a chuireann sé ar ais san abhainn áitiúil. Tá cáilíocht an uisce a chuirtear ar ais isteach san abhainn chomh maith sin gur chabhraigh sé diaidh ar ndiaidh le cáilíocht na habhann a fheabhsú agus lena stádas mar limistéar caomhantais speisialta agus mar limistéar faoi chosaint speisialta a chosaint. Tá infheistíocht shuntasach déanta sa ghléasra cóireála fuíolluisce agus sna teicneolaíochtaí cuí. |
|
4.4. |
Tá níos mó ná 1,6 milliún duine fostaithe san Aontas Eorpach ag tionscal na dteicstílí, cé go bhfuil an lámh in uachtar go mór ag tíortha na hÁise san earnáil sin. Tá tionchar mór ag an earnáil ar acmhainní uisce. Tá go leor truailleán sna teicstílí agus téann siad isteach i dtimthriall an uisce le linn do na teicstílí a bheith in úsáid agus is gá, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt orthu sin le creat rialála láidir. Áirítear ar na truailleáin sin micreachodanna de shnáithíní, oibreáin uiscedhíonta/ceimiceáin agus dathanna teicstíle. Ina theannta sin, meastar go mbeidh tionchar níos mó ná riamh ag an nganntanas uisce sna tíortha is mó táirgeadh ar chostais agus go gcuirfear teorainn leis an gcumas táirgthe. Is gá tuiscint a fháil ar shlabhraí luacha agus ar shreafaí ábhair san Eoraip agus ar fud an domhain. Tá dúshláin agus oibleagáidí amach romhainn freisin maidir le teicstílí iarthomhaltais a bhailiú agus a phróiseáil. |
|
4.5. |
Ba cheart an creat rialála do ghnéithe den gheilleagar ciorclach a bhaineann leis an uisce a fhorbairt ar bhealach níos mionsonraithe go luath chun cur le straitéis an Aontais maidir le teicstílí inbhuanaithe. Luaitear sa straitéis gur gá geilleagar ciorclach a fhorbairt ach ní thugtar aghaidh go sainráite inti ar an ngá atá le hacmhainní uisce. Níl aon amhras, áfach, ach go mbeidh méideanna móra uisce ag teastáil chun prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur i bhfeidhm i dtionscal na dteicstílí. Ba ríthábhachtach na riachtanais atá ann ó thaobh taighde, forbairt agus oideachas maidir le timthriall an uisce de a shainaithint, agus maoiniú ón rialtas a bheith ann chuige sin. Ní mór spriocanna agus teorainneacha a shainiú freisin maidir leis an éileamh ar fhionnuisce, rudaí ba cheart a íoslaghdú trí na próisis a bharrfheabhsú (athchúrsáil). Ina theannta sin, ba cheart don Aontas smaoineamh ar threochlár a bhunú chun aistriú de réir a chéile go dtí sprioc maidir le sceitheadh nialasach, agus aghaidh a thabhairt ar raon na n-ábhar truaillithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar a laghad. |
|
4.6. |
Sampla eile de sin is ea tionscal an pháipéir a bhfuil ardacmhainneacht léirithe aige maidir le bearta chun tionchair dhiúltacha ar fhoinsí uisce a íoslaghdú nó a sheachaint fiú. Tá caighdeán réasúnta maith in úsáid an uisce ag tionscal an pháipéir san Eoraip mar atá (7), ach d’fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur air. Sin rud a d’fhéadfaí a dhéanamh ach dlús a chur le cur chun feidhme na bpróiseas athúsáide uisce, trí na teicneolaíochtaí cóireála is nuaí a chur chun feidhme agus trí sprioc fhéideartha a leagan síos maidir le sceitheadh a bheadh gar don nialas laistigh de thráthchlár a bheadh uaillmhianach ach réalaíoch. Má chuirtear tacaíocht rialtais ar fáil d’fhorbairt agus do nuálaíocht i dtionscal an pháipéir san Eoraip, agus bearta chun an úsáid uisce a bharrfheabhsú, is féidir buntáiste eacnamaíoch a chruthú. Fachtóir eacnamaíoch i dtáirgeadh an innealra san Eoraip cheana féin is ea fios úsáid an uisce i dtionscal an pháipéir a bharrfheabhsú, agus tá na réitigh ar thángthas orthu ar an gcaoi sin curtha chun feidhme in earnálacha eile. In áiteanna eile ar fud an domhain, b’éigean gléasraí móra páipéir a dhúnadh mar gheall ar an tionchar an-diúltach a bhí acu ar an uisce máguaird. |
|
4.7. |
Ba cheart na tionscail uisce (seirbhísí agus córais uisce agus gléasraí cóireála fuíolluisce) a bheith neodrach (nó fiú dearfach) ó thaobh na haeráide agus an fhuinnimh de agus slán ó thaobh na cibearshlándála de, á chur san áireamh gur bonneagar criticiúil iad. Tá samplaí maithe le fáil san Eoraip agus ar fud an domhain. Ar an taobh eile den scéal, d’fhéadfaí feabhas mór (bainistiú, díshalannú, ciorclaíocht uisce, éifeachtúlacht) a chur ar réigiúin ina bhfuil acmhainní uisce an-íseal. |
|
4.8. |
Fearacht na mbeart aeráide agus fuinnimh a tionscnaíodh i bhformhór na dtíortha san Aontas, nuair a tugadh isteach ceanglais maidir le foirgnimh a insliú agus a aisfheistiú, ba cheart beartas a thabhairt isteach maidir le huisce a bhailiú agus a athúsáid i nach foirgneamh nua. Ó thaobh an tionscail de, ní foláir beartas a fhorbairt i dtaobh úsáid uisce léith le haghaidh úsáidí do-ólta. D’fhorbair an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) treoirlínte teicniúla, mar shampla, maidir le cur i bhfeidhm príomhphrionsabal bainistithe riosca d’fhonn na rioscaí sláinte agus comhshaoil a bhaineann le córas athúsáide an uisce a mheasúnú agus a bhainistiú (8). Mar sin féin, teastaíonn bealaí eile leis na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair agus le teicneolaíochtaí nua a chur i bhfeidhm ar bhonn níos córasaí, agus ba cheart timthriall iomlán an uisce a chur san áireamh nuair atá siad á gcur chun feidhme. |
|
4.9. |
Ní mór an tAontas a bheith ina cheann feadhna ar fud an domhain maidir le teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce a fhorbairt, a mhonarú agus a úsáid, agus cáil dhomhanda a bhaint amach mar limistéar táirgthe a bhfuil lorg íseal uisce aige. Caithfear infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus san fhorbairt, agus sa mhaoirseacht agus sna scileanna a theastaíonn i dtionscal an uisce chomh maith. Beidh gá le gairmeacha nua agus oibrithe oilte a bhfuil speisialtóireacht déanta ar an uisce acu chun tacú le cur amach a fháil ar theicneolaíochtaí nua úsáide uisce agus chun tacú lena gcur chun feidhme, lena n-áirítear úsáid na hintleachta saorga sa réimse sin. Féadfaidh an tAontas a bheith ar thús cadhnaíochta sa táirgeadh gorm agus sa mhargadh cóireála uisce tionsclaíche, ach béim a leagan ar phoist nua ardoilte a chruthú san Eoraip. Beidh cur amach ar phróisis spárála uisce ina phríomhinniúlacht agus ina eochairtháscaire feidhmíochta don tionscal amach anseo. Na teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce, is earnáil thionsclaíoch ar leith atá iontu, earnáil atá ina cuid de na teicneolaíochtaí glana. Ós éiceachóras inti féin í an teicneolaíocht ghlan, molann CESE conair aistrithe a chruthú don éiceachóras sin as seo go ceann dhá bhliain, conair lena leagfaí síos spriocanna réadúla, dá uaillmhianaí iad, mar aon le plean le haghaidh scileanna. |
|
4.10. |
Is ríthábhachtach na comhairliúcháin agus rannpháirtíocht na gceannairí agus na n-ionadaithe i dtaca le beartas inbhuanaithe an Aontais a cheapadh i ndáil le cúrsaí uisce. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh glacadh forleathan leis an mbeartas uisce i measc shaoránaigh an Aontais. Ní cheadaítear athúsáid uisce i neart earnálacha agus dá bhrí sin cuirtear cosc ar phróiseas an gheilleagair chiorclaigh. Chun an fhadhb sin a réiteach, ní mór don Aontas íoscheanglais a thabhairt isteach maidir le cáilíocht agus faireachán uisce. Chuige sin, d’fhéadfaí Ardán Comhaontaithe Ghoirm a chur ar bun le haghaidh ionadaithe tionsclaíochta, ionadaithe talmhaíochta agus shaoránaigh an Aontais trína bhféadfaí smaointe agus saincheisteanna maidir le comhroinnt uisce, úsáidí uisce, agus tionscadail nuálacha a mhalartú. D’fhéadfaí struchtúir ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach a ionchorprú san Ardán. Bheadh sé d’aidhm ag Ardán Comhaontaithe Ghoirm an Aontais cabhrú leis an Aontas agus leis na Ballstáit na cinntí polaitiúla is gá a dhéanamh maidir leis an mbeartas uisce a thúisce is féidir. Ba thábhachtach freisin dlús a chur leis an idirphlé ar an uisce leis na hinstitiúidí áitiúla agus náisiúnta chun go spreagfar feasacht, faisnéis agus oideachas, atá struchtúrtha agus dírithe ar ghníomhaíocht, maidir le tábhacht straitéiseach an uisce mar acmhainn atá gann. A bhuíochas leis an mbuanchomhairliúchán sin, d’fhéadfadh sé freisin gurbh fhusa deireadh a chur leis na bacainní reachtacha atá ar ghlacadh teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce i bpróisis thionsclaíocha, i bpróisis talmhaíochta agus i dteaghlaigh. |
|
4.11. |
Ní mór beartas cuimsitheach uisce de chuid an Aontais a mheaitseáil le plean cistiúcháin AE atá chomh huaillmhianach céanna leis chun a chur ar chumas na dtionscal agus na n-údarás bardasach an infheistíocht riachtanach a dhéanamh i dteicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce. Ba cheart dreasachtaí cistiúcháin dearfacha amhail creidmheasanna cánach, rátaí dímheasa níos airde agus sásraí eile a thabhairt isteach. Ní mór na huirlisí agus na sásraí maoinithe ghlais (e.g. na critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais agus an tacsanomaíocht) a chomhlánú le níos mó gnéithe le haghaidh úsáid an uisce, cinn a bheadh níos doimhne. |
An Bhruiséil, 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) https://www.eea.europa.eu/highlights/water-stress-is-a-major.
(2) https://www.eea.europa.eu/publications/92-9167-025-1/page003.html.
(3) COM/2023/62 final
(4) Cruinniú den Chomhairle Eorpach (23 Márta 2023) – Conclúidí.
(5) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Archive:Water_use_in_industry&oldid=196132.
(6) Stór Foilseacháin JRC – Circular Economy Perspectives in the EU Textile sector (europa.eu).
(7) https://www.africapulpaper.com/en/articles/water-usage-in-paper-mills.
(8) https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC129596.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/80 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bainistiú inbhuanaithe uisce agus éigeandáil aeráide: réitigh chiorclacha agus réitigh eile do chóras agraibhia an Aontais i ‘gComhaontú Gorm’ a bheidh ann amach anseo
(tuairimí féintionscnaimh)
(2023/C 349/13)
|
Rapóirtéir: |
Josep PUXEU ROCAMORA |
|
Comhrapóirtéir: |
John COMER |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
23.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
28.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
181/0/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá patrúin bháistí san Aontas Eorpach ag athrú de bharr an athraithe aeráide, agus tá tionchar aige sin ar an méid uisce atá ar fáil don talmhaíocht. Mar thoradh air sin, ní hamháin go laghdaítear táirgeadh barr, ach méadaítear an t-éileamh a bhíonn ar bharra freisin i measc úsáideoirí éagsúla (an pobal, earnáil na tionsclaíochta agus earnáil na talmhaíochta). Ina theannta sin, tá gníomhaíochtaí an duine ag cur isteach ar cháilíocht an uisce freisin, rud a ardaíonn líon na gcothaitheach agus na dtruailleán san uisce. |
|
1.2. |
Leagadh síos cuspóirí sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT), sa Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus sa Straitéis Bhithéagsúlachta chun táirgeadh inbhuanaithe bia a bhaint amach agus chun na héiceachórais a chosaint. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ní mór don earnáil agraibhia limistéir thuaithe agus struchtúir táirgthe a chothabháil, tacaíocht a thabhairt do tháirgeoirí ar an leibhéal áitiúil, talamh agus uisce a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe chomh maith le neamhspleáchas straitéiseach oscailte a chur i bhfeidhm. Is acmhainn bhunúsach é an t-uisce chun bia a tháirgeadh agus, dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go n-áiritheofar go gcuirfear dóthain uisce d’ardchaighdeán ar fáil agus go ndéanfar é a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe chun táirgeadh leordhóthanach agus inbhuanaithe bia a ráthú san Aontas Eorpach. Ba cheart do scéimeanna uile CBT bainistiú inbhuanaithe agus éifeachtúil uisce a spreagadh, lena n-ionchorpraítear táscairí i ngach Ballstát chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i leith bainistiú uisce. |
|
1.3. |
Chun uisce a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe ní mór díriú ar bhainistíocht soláthair agus bearta á ndéanamh chun a chinntiú go mbeidh uisce ar fáil do gach úsáideoir. Ní mór bainistíocht soláthair a bheith chomh héifeachtúil agus is féidir. Is éard a bheadh i gceist leis sin caillteanais a laghdú, úsáid a chur in ord tosaíochta, deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach, bearta a ghlacadh chun inbhuanaitheacht an chórais ina iomláine a áirithiú agus, ar deireadh, cur chuige a ghlacadh i gcomhréir leis na straitéisí chun táirgeadh leordhóthanach bia san Aontas a dhaingniú. |
|
1.4. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeadh caighdeáin ann atá dírithe ar úsáid uisce in earnálacha eacnamaíocha éagsúla, mar shampla an talmhaíocht agus an tionsclaíocht, trí struchtúr rialachais a fhorbairt ar cheart CESE a bheith san áireamh ann, chun treoirlínte earnála maidir le húsáid uisce a fhorbairt. |
|
1.5. |
Tá ról cinntitheach ag teicneolaíochtaí maidir le huisce a chur ar fáil do tháirgeadh talmhaíochta. Ní mór acmhainní buiséadacha leormhaithe agus leordhóthanacha a chur ar fáil chun taighde a dhéanamh ar an ngéanómaíocht agus chun an t-eolas sin a oiriúnú chun barra a fhorbairt atá níos frithsheasmhaí agus níos oiriúnaí do na dálaí aeráide. Beidh acmhainní ag teastáil freisin chun teicnící nua maidir le claochlú uisce a chur chun cinn, amhail athúsáid agus díshalannú. I ndáil leis an méid sin, molann CESE na bearta is gá a chur chun cinn chun teicneolaíochtaí nua a fhorbairt, agus urraim a thabhairt ag an am céanna do na héiceachórais ina bhfuil siad lonnaithe agus tosaíocht a thabhairt do chúrsaí comhshaoil. |
|
1.6. |
Is de réir praghsanna fuinnimh a thugtar isteach teicneolaíochtaí nua a bhfuil dlúthbhaint ag a n-oibriú le húsáid breoslaí iontaise. Iarrann CESE go ndéanfaí an talmhaíocht a dhícharbónú, go ndéanfaí praghsanna talmhaíochta san earnáil phríomhúil a choigeartú, agus go mbainfí dianúsáid as foinsí inathnuaite fuinnimh chun an nasc idir fuinneamh, uisce agus bia a threisiú. |
|
1.7. |
Bíonn teochtaí níos airde, imghalú méadaithe, agus méadú suntasach ar chineálacha éagsúla adhaimsire amhail triomach, tuilte, stoirmeacha agus dóiteáin de dheasca an athraithe aeráide. Bíonn sé thar a bheith deacair barr agus beostoic a tháirgeadh de bharr na fadhbanna sin. Tá gá le plean straitéiseach a bhfuil saineolas eolaíoch agus teicneolaíoch mar bhonn leis chun a chinntiú go mbeidh uisce sábháilte ar fáil don talmhaíocht ar fud an Aontais. Ní mór pleananna sonracha a ullmhú do na ceantair agus na réigiúin áitiúla sin a bhuailtear go leanúnach ag triomach agus ag tuilte. Beidh gá le buiséad speisialta neamhspleách agus línte tacaíochta, chomh maith le Rialachán de chuid an Aontais lena ndíreofar acmhainní chun pleananna lárnacha, réigiúnacha agus áitiúla a chumasú agus a éascú chun dóthain uisce a sholáthar. Ní mór a áirithiú le pleananna den sórt sin go ndéanfar bonneagar uisce atá oiriúnach don fheidhm a thógáil agus a chothabháil i ngach cuid den Aontas. |
2. Uisce i gcomhthéacs thalmhaíocht na hEorpa
|
2.1. |
Is é is aidhm don tuairim féintionscnaimh seo anailís a dhéanamh ar an uisce i gcomhthéacs na talmhaíochta ar leibhéal an Aontais i ndáil leis an éigeandáil aeráide agus an tionchar a bhíonn aige sin ar shlándáil bia agus ar inbhuanaitheacht sa todhchaí. Ardaítear sa tuairim pointí machnaimh maidir leis an tionchar a bhíonn ag eachtraí adhaimsire agus maidir le héifeachtaí bheartais agus rialacha éagsúla an Aontais. Déantar cur síos inti ar a phráinní atá bainistiú inbhuanaithe uisce agus ar na fadhbanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar uisce i dtalmhaíocht an Aontais agus cuirtear tograí ar aghaidh chun neamhspleáchas bia an Aontais chomh maith le cáilíocht agus cainníocht an tsoláthair uisce a fheabhsú chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
2.2. |
Is earnáil straitéiseach san Aontas Eorpach í an talmhaíocht, go háirithe mar gheall ar an tábhacht shocheacnamaíoch a bhaineann léi. Meastar go n-uiscítear 30 % de limistéar talmhaíochta táirgiúil an Aontais, cé go bhfuil an céatadán sin níos airde i mBallstáit an deiscirt mar gheall ar na dálaí aeráide atá ann, agus gur uiscíodh 70 % de na limistéir i réigiúin áirithe (1). |
3. Ganntanas uisce agus na príomhdhúshláin atá ann do chóras agraibhia an Aontais
|
3.1. |
Braitheann táirgeadh talmhaíochta ar uisce a bheith ar fáil. Bíonn tionchar ag an talmhaíocht, dá réir sin, ar chainníocht agus ar cháilíocht an uisce araon, bíodh sin trí thruailliú idirleata mar gheall ar úsáid leasachán agus lotnaidicídí, nó trí ionsá sáile a dhéanamh ar uiscígh chósta atá róshaothraithe. Meastar go bhfuil tionchar ag ganntanas uisce ar 20 % de thalamh na hEorpa agus ar 30 % dá daonra gach bliain (2), agus meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar an strus maidir le huisce ar leibhéal an Aontais sna deich mbliana amach romhainn (3). |
|
3.2. |
De réir sonraí ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, tháinig laghdú ar acmhainní uisce in-athnuaite ar leibhéal an Aontais ó 3 219 km3 in 2010 go 2 883 km3 in 2020 (4). Beidh tionchar diúltach ag an méadú ar theochtaí a bhfuiltear ag súil leis agus ag an imghalú níos airde ar an staid sin, rud a mhéadóidh an t-éileamh ar uisce le haghaidh na talmhaíochta agus an iomaíocht idir na dóigheanna éagsúla ina n-úsáidtear uisce. |
|
3.3. |
Le 55 bliana anuas, tá laghdú 17 % tagtha ar acmhainní uisce in-athnuaite an Aontais ina iomláine in aghaidh an duine (5). Cé gurb é fás an daonra is cúis leis sin go pointe, is fíor freisin go gcuireann gníomhaíocht eacnamaíoch — lena n-áirítear an talmhaíocht — agus an t-athrú aeráide leis an nganntanas uisce séasúrach agus bliantúil i roinnt mhaith réigiún san Aontas. |
|
3.4. |
Idir 2010 agus 2016, uisce dromchla a bhí i 54 % den uisce a úsáideadh le haghaidh na talmhaíochta san Aontas, agus screamhuisce a úsáideadh le haghaidh 39 % de. Uisce athchúrsáilte a bhí i 4 % den uisce sin agus uisce a ndearnadh díshalannú air a bhí í 3 % de (6). D’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith idir na céatadáin sin ó Bhallstát go chéile ag brath ar na dálaí aeráide. Is gné den gheilleagar ciorclach é an gealltanas fuíolluisce íonaithe a athúsáid, go háirithe ós rud é nach n-úsáidtear an athuair ach 1 100 hm3 d’fhuíolluisce san Aontas gach bliain (thart ar 0,4 % den fhionnuisce iomlán a bhailítear san Aontas Eorpach) (7). |
|
3.5. |
Tá earnáil na talmhaíochta ina cúis mhór le ganntanas uisce ach í thíos leis an nganntanas céanna sin freisin. De réir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), is í an fheirmeoireacht is cúis le beagnach 70 % den asbhaint uisce ar fad, agus d’fhéadfadh an figiúr sin a bheith chomh hard le 95 % i roinnt tíortha i mbéal forbartha (8). Ag an am céanna, is iomaí tír a bhfuil éifeachtúlacht uisciúcháin íseal inti. |
|
3.6. |
Cé go bhfuil laghdú ag teacht ar lorg uisce tháirgeacht talmhaíochta an Aontais, tá sé fós suntasach i limistéir ina bhfuil diansaothrú talmhaíochta agus ina bhfuil brú breise ar acmhainní uisce. D’fhéadfadh sé sin bac a chur ar theacht chun cinn gníomhaíochtaí éagsúlaithe amhail an dobharshaothrú intíre agus saothrú algaí, rud a d’fhéadfadh foinsí ioncaim breise a chur ar fáil i gceantair thuaithe áirithe san Aontas, ach a bheadh ag brath ar íosmhéid uisce ar a laghad a bheith ar fáil. |
|
3.7. |
Tá an ganntanas uisce ag athrú meon daoine i leith an uisce mar acmhainn, chomh maith leis na samhlacha bainistíochta atá ann cheana. Ní mór a thuiscint gur bunacmhainn don saol é an t-uisce agus, dá bhrí sin, ba cheart é a bhainistiú mar earra eacnamaíoch gann ar ardluach. Faoi láthair, is deacair paraidímí bainistíochta atá bunaithe ar éileamh a chur i bhfeidhm agus ní mór iad a fhorbairt ar an mbealach is fearr chun an soláthar a bhainistiú, agus an tslándáil agus an inbhuanaitheacht mar chritéir chuige sin. |
|
3.8. |
Ní hamháin gurb é an easpa pleanála, easpa uirlisí bainistíochta nó coinbhleacht leasa idir gníomhaithe éagsúla is cúis leis na fadhbanna a bhaineann le bainistiú acmhainní, ach is minic gurb é drochbhail an bhonneagair uiscithe agus na gcóras draenála is cúis leo. Caillteanas uisce agus úsáid neamhéifeachtúil uisce an toradh a bhíonn ar an méid sin. |
|
3.9. |
Tá roinnt dúshlán roimh an talmhaíocht i ndeisceart an Aontais a bhaineann go díreach le ganntanas uisce, go háirithe triomaigh fhada, atá níos déine i réigiún na Meánmhara; infhaighteacht agus dáileadh éagothrom uisce; iomaíocht le haghaidh uisce, go háirithe le haghaidh úsáid uirbeach agus mar thoradh ar dhéine na turasóireachta. I mBallstát an tuaiscirt, is í an fhadhb a bhaineann le truailliú uisce de bharr diantalmhaíochta agus úsáid cothaitheach agus lotnaidicídí an fhadhb is mó atá ann. Ina theannta sin, le huiscebhealaí agus bealaí iompair a bheith ann a dteastaíonn sreafaí íosta uathu chun go mbeidh siad éifeachtach, cuirtear leis an iomaíocht idir na húsáidí malartacha a d’fhéadfaí a bhaint as acmhainn atá ag éirí níos teirce i gcónaí. |
|
3.10. |
Is ceist an-ábhartha é neamhspleáchas straitéiseach oscailte san earnáil agraibhia mar a shainigh CESE roimhe seo (9). Is féidir táscairí éagsúla a úsáid chun neamhspleáchas bia an Aontais a mheas. Cé go bhfuil ráta neamhspleáchais bia an Aontais ard, áfach, ní bhaineann an ráta sin le hábhar i gcónaí, mar go mbíonn éagsúlacht mhór ann de réir cineálacha éagsúla bia agus réigiún, le heasnaimh shuntasacha i dtáirgeadh gránach, pónairí soighe agus olaí glasraí. |
|
3.11. |
I dTuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach, chuir an Coimisiún Eorpach in iúl go bhfuil an dualgas chun córais bhia inbhuanaithe athléimneacha a áirithiú ar cheann de na príomhréimsí straitéiseacha chun ceannaireacht an Aontais a neartú, agus luaigh sé an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht chun córais bhia athléimneacha inbhuanaithe a choimirciú. |
|
3.12. |
Ba cheart a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as uisce glas, is é sin an chuid den bháisteach a dhéanann síothlú agus a insíothlaíonn isteach sa talamh. Ní mór ról tábhachtach na hithreach i scagachán agus ionsú uisce a neartú trí thacú le beartais athghiniúna ithreach. |
|
3.13. |
Is é an geilleagar ciorclach an cleachtas is mó i roinnt Ballstát a tháirgeann bia i ndeisceart na hEorpa a mhéid a bhaineann le húsáid uisce (athchúrsáil uisce dhuibh nó fuíolluisce uirbigh le haghaidh uisciú) agus le haghaidh níos mó córas teicneolaíochta (díshalannú). Ag an am céanna, tá an dá réiteach an-dian ó thaobh ídiú leictreachais de agus d’fhéadfadh siad dochar a dhéanamh don ithir agus do na barra. Ní mór uisce athchúrsáilte a chóireáil i gceart agus ba cheart tús áite a thabhairt d’uisce sábháilte a áirithiú don talmhaíocht. Ina theannta sin, tagann an fuinneamh is gá ó chórais éagsúla, agus ní córais in-athnuaite iad i gcónaí. Iarrann CESE go ndéanfaí bainistiú ciorclach uisce a dhícharbónú agus go ndéanfaí úsáid foinsí malartacha fuinnimh a ghinearálú chun an nasc idir fuinneamh, uisce agus bia a threisiú. |
|
3.14. |
Gearradh pionós ar an spleáchas sin ar leictreachas tríd an méadú ar phraghsanna fuinnimh in 2022, rud a raibh tionchar cinntitheach aige ar chostas an táirgthe, go háirithe i réigiúin chósta na Meánmhara áit a bhfuil gá le réitigh theicneolaíocha mar gheall ar an easnamh uisce struchtúrach. |
|
3.15. |
Ní hamháin go mbíonn tionchar ag bainistiú uiscí dromchla trasteorann ar chainníocht na hacmhainne iartheachtacha, ach bíonn tionchar aige ar cháilíocht na hacmhainne sin freisin. Beag beann ar fhorálacha na Treorach Réime maidir le hUisce (10) agus ar an oibleagáid atá ann faoi láthair pleanáil chomhtháite a bhunú ar leibhéal na habhantraí, is léir go bhféadfaí feabhas a chur ar na sásraí bainistíochta don chineál sin uisce, trí chomhlachtaí speisialaithe nua nó tríd an reachtaíocht rialála a fhorbairt tuilleadh. |
|
3.16. |
Mar thoradh ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha áirithe téann astaíochtaí neamhrialaithe isteach i ndobharlaigh, rud a mbíonn tionchar diúltach aige ar an tsláinte agus ar shábháilteacht bia agus a mbíonn costas aige ar an tsochaí ina hiomláine. Tá CESE tiomanta i gcónaí do na tionscail aeráidneodracha a bhfuil astaíochtaí rialaithe acu a chur chun cinn, tionscail a bhíonn freagrach as na costais chomhshaoil a bhaineann lena dtáirgeadh. |
4. Beartais Eorpacha agus náisiúnta atá ann cheana
|
4.1. |
Is iad an Treoir Réime maidir le hUisce agus an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) príomhchreat rialála an Aontais do ghnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla an uisce agus na talmhaíochta (11). Áirítear ar na cuspóirí sonracha atá molta ag an CBT nua forbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil acmhainní nádúrtha amhail ithir, aer agus, ar ndóigh, uisce, a chur chun cinn. Ina theannta sin, uisce is ábhar do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe Uimh. 6 de chuid na Náisiún Aontaithe, a mbaineann a spriocanna le héifeachtúlacht uisce agus le bainistiú comhtháite uisce. |
|
4.2. |
Dearbhaíonn an Treoir Réime maidir le hUisce gur acmhainn nádúrtha é an t-uisce nach mór a chosaint, a chaomhnú agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. Chuige sin, bunaítear creat bainistíochta, go díreach nó faoi lamháltas, ag brath ar na críocha éagsúla; is é is aidhm don chreat bainistíochta sin bainistiú comhtháite agus inbhuanaithe uisce a áirithiú ar leibhéal an Aontais. |
|
4.3. |
Leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021–2027 leithdháiltear EUR 386,6 billiún ar an iomlán ar CBT, a bheidh le dáileadh ar na Ballstáit éagsúla agus le cur i bhfeidhm ar bheartais éagsúla den chéad cholún agus den dara colún. Tá CESE ag iarraidh go gcuirfear buiséad sonrach agus cistí sonracha ar bun le haghaidh uisce, mar atá leagtha amach sa tuairim An taobh eacnamaíochta de Chomhaontú Gorm don Aontas (12). |
|
4.4. |
Tá formhór íocaíochtaí díreacha CBT, chomh maith le roinnt íocaíochtaí Cholún 2, faoi réir rialacha tras-chomhlíonta lena gcumhdaítear ceanglais reachtúla bhainistíochta, agus faoi réir caighdeáin dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil lena bhforchuirtear cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear nósanna imeachta comhtháite maidir le bainistiú uisce le haghaidh uisciú. Léiríodh, áfach, go bhfuil formhór na n-íocaíochtaí neodrach maidir le huisciú (13). Ba cheart do scéimeanna uile CBT bainistiú inbhuanaithe agus éifeachtúil uisce a spreagadh, lena n-ionchorpraítear táscairí i ngach Ballstát chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i leith bainistiú uisce. |
|
4.5. |
Baineann roinnt Ballstát úsáid as cistiú ón Aontas chun tacú le barra atá dian ar uisce i limistéir ina bhfuil strus uisce, gan coimircí a thabhairt isteach, agus úsáid á baint acu as tacaíocht chúpláilte dheonach chun táirgeadh barr a choinneáil nó a mhéadú in earnálacha dianuisce atá i mBallstáit an deiscirt den chuid is mó. Creideann CESE gur gá urraim a thabhairt don bainistiú inbhuanaithe uisce agus don anailís costais is tairbhe inbhuanaithe ní hamháin chun inbhuanaitheacht a áirithiú ach chun éifeachtúlacht in úsáid acmhainní uisce a áirithiú freisin. |
|
4.6. |
Ba cheart do na Ballstáit uile clár a choinneáil den uisce dromchla agus den screamhuisce a astarraingíodh chomh maith le clár stórála uisce dromchla. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart é a chur de cheangal ar úsáideoirí uisce údarú a lorg sula n-eastósctar nó sula stóráiltear uisce. Ba cheart do na Ballstáit uile na córais faireacháin atá i bhfeidhm a neartú agus a dhéanamh níos doichte chun go mbeifear in ann úsáid neamhdhleathach uisce a bhrath agus pionós a ghearradh ina leith. |
|
4.7. |
Measann Cúirt Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh nach ndéantar na costais a bhaineann le seirbhísí uisce sa talmhaíocht a aisghabháil go hiomlán, go príomha toisc nach gclúdaítear costais chomhshaoil ná costais acmhainní go leordhóthanach i bpraghsanna uisce. Dar leis an gCoimisiún, tugtar le tuiscint leis sin go mbeidh costas folaithe ann don tsochaí agus go gcuirfear teorainn leis an ioncam a d’fhéadfaí a úsáid chun bearta a mhaoiniú arb é is aidhm dóibh cur chun feidhme éifeachtach na Treorach Réime maidir le hUisce a áirithiú. |
|
4.8. |
Ní chomhlíontar an prionsabal maidir le haontacht an mhargaidh Eorpaigh i gcás an uisce. Íocann úsáideoirí praghsanna an-difriúil ar sheirbhísí comhchosúla, ag brath ar an mBallstát agus fiú ar shuíomh sonrach na hoibríochta laistigh den Bhallstát. I bhfianaise na saincheiste sin, bheadh sé tairbheach modheolaíocht de chuid an Aontais a chur chun cinn chun córais praghsála uisce a chuíchóiriú agus a chaighdeánú (14). |
|
4.9. |
Tá CESE ag iarraidh ach go háirithe go mbeadh caighdeáin ann atá dírithe ar úsáid uisce in earnálacha eacnamaíocha éagsúla, mar shampla an talmhaíocht agus an tionsclaíocht, trí struchtúr rialachais a fhorbairt chun treoirlínte earnála maidir le húsáid uisce a fhorbairt, ar cheart CESE a bheith san áireamh iontu (15). |
|
4.10. |
Is de bharr imthosca éagsúla a tháinig méadú ar phraghsanna bia agus ionchuir ar an meán (16). Mar sin féin, tugann an staid bhoilscitheach reatha le tuiscint gur tharla laghdú suntasach ar ranníocaíochtaí CBT ar an leibhéal praiticiúil. Ba cheart gníomhaíochtaí buiséadacha iomchuí a dhéanamh chun an cás a chur ina cheart agus chun raon feidhme eacnamaíoch chuspóirí an Aontais a athbhunú. |
5. Moltaí, réitigh agus freagairtí fadtéarmacha
|
5.1. |
Tá ganntanas uisce agus an éigeandáil aeráide ar dhá cheann de na dúshláin is mó a gcaithfidh córas agraibhia an Aontais aghaidh a thabhairt orthu sa lá atá inniu ann. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach an táirgthe bia san Eoraip a áirithiú, tá gá le réitigh chiorclacha agus réitigh nuálacha eile. Moladh coincheap an Chomhaontaithe Ghoirm mar chreat chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ag tógáil ar thaithí agus ar phrionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. |
|
5.2. |
Ba cheart é a bheith mar thosaíocht uathriail straitéiseach oscailte a áirithiú san earnáil agraibhia ar leibhéal an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, díriú ar tháirgeacht talmhaíochta an Aontais a chothabháil, ar bheartais a fhorbairt lena gcuirfear cineálacha barr chun cinn i gcás inar sainaithníodh go bhfuil easnaimh ann, agus ar bharrachas táirgeachta a chomhardú. |
|
5.3. |
Is é a bheidh i gceist leis an ráthaíocht seo maidir le táirgeadh talmhaíochta nach mór cainníocht agus cáilíocht an uisce a áirithiú, gan na beartais chun laghdú an loirg uisce a chur chun cinn a thréigean. Trí bhíthin na mbeartas chun coigilteas uisce a chur chun cinn sa táirgeadh, beifear in ann tuilleadh acmhainní a chur ar fáil, gan difear a dhéanamh d’inbhuanaitheacht an timthrialla hidreolaíoch. |
|
5.4. |
Chun lorg uisce na talmhaíochta san Aontas a laghdú, tá gá le meascán de theicneolaíochtaí, de chleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe, de bhainistiú inbhuanaithe agus éifeachtúil uisce, agus de bheartais phoiblí éifeachtacha lena gcuirtear an inbhuanaitheacht chun cinn san earnáil agraibhia. |
|
5.5. |
Sa chomhthéacs sin, meastar gur gá beartais lena ndreasaítear éifeachtúlacht uiscithe agus úsáid uisce i gcoitinne a chur chun cinn tuilleadh, i réimse CBT agus cistí eile de chuid an Aontais araon. Ba cheart dul chun cinn a dhéanamh maidir le cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe a chur chun feidhme, maidir le teicneolaíochtaí a úsáid lena bhféadfar uisce a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, agus maidir le forbairt barr atá níos frithsheasmhaí in aghaidh triomaigh agus tuilte. Gan na hacmhainní buiséadacha is gá, ní bheifear in ann córais agraibhia athléimneacha inbhuanaithe a fhorbairt san Eoraip. |
|
5.6. |
D’fhéadfadh bainistiú inbhuanaithe acmhainní uisce i gceantair thuaithe cuidiú le lorg uisce na talmhaíochta san Aontas a laghdú trí bhearta a chur chun feidhme amhail bogaigh a athchóiriú, criosanna maolánacha a chruthú agus cáilíocht uisce aibhneacha agus lochanna a fheabhsú. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin sna pleananna bainistíochta abhantraí do na habhantracha éagsúla, agus áitíonn CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin. |
|
5.7. |
Ba cheart buiséad leordhóthanach a chur ar fáil don nuálaíocht agus don taighde, atá dírithe ar theicneolaíochtaí agus ar chleachtais feirmeoireachta a fhorbairt atá níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe maidir le húsáid uisce. Tá sé tábhachtach freisin tacú le forbairt beartas agus cleachtas lena gcuirtear chun cinn an talmhaíocht bheacht, bainistiú inbhuanaithe ithreach agus cumas na hithreach uisce a choinneáil, agus an t-eolas géanómaíoch ar phlandaí agus ar shíolta a oiriúnú. |
|
5.8. |
Trí laghdú a dhéanamh ar an méid bia a chuirtear amú, is féidir laghdú a dhéanamh ar an méid uisce is gá chun bia a tháirgeadh. Is féidir é sin a bhaint amach trí fheachtais lena spreagtar oideachas do thomhaltóirí, bainistiú feabhsaithe ar an slabhra soláthair, agus teicneolaíochtaí nuálacha caomhnaithe bia a chur chun cinn. |
|
5.9. |
Ba cheart do na Ballstáit beartais praghsála uisce atá trédhearcach a chur chun feidhme lena ndreasófar éifeachtúlacht agus coigilteas agus lena n-áiritheofar go rannchuideoidh gach catagóir d’úsáideoirí uisce go leordhóthanach le haisghabháil costas, i gcomhréir le prionsabail na Treorach Réime maidir le hUisce. |
|
5.10. |
Tuigtear go bhféadfadh praghsáil toirtmhéadrach ar leibhéal iomchuí spreagadh a thabhairt aistriú chuig cleachtais uiscithe atá tíosach ar uisce agus chuig teicneolaíochtaí nó barra a dteastaíonn níos lú uisce uathu. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sin a bhfuil sé mar nós acu uisce don uisciú a bhilleáil ar bhonn an limistéir uiscithe an cleachtas sin a stopadh de réir a chéile. |
|
5.11. |
Chinn Cúirt Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh nach bhfuil na costais a bhaineann le seirbhísí uisce sa talmhaíocht aisghafa ina n-iomláine. Cúis amháin leis seo ná nach gclúdaítear (go fóill) costais chomhshaoil agus acmhainne i bpraghsáil an uisce. Ciallaíonn sé sin go bhfuil líon mór díolúintí sonracha ann maidir le praghsanna uisce don uisciú, rud a fhágann gur saoire an t-uisce don talmhaíocht ná le haghaidh úsáidí eile. In áit deireadh a chur leis an gcur chuige sin, tuigtear gur cheart athmheasúnú a dhéanamh ar na beartais ghinearálta sin, agus dreasachtaí agus luach saothair le haghaidh coigiltis uisce a chur ar fáil in áit díolúintí. |
|
5.12. |
Is doiciméad é an Treoir Réime maidir le hUisce a dréachtaíodh 23 bliana ó shin i gcomhthéacs eacnamaíocha, sóisialta agus clíomeolaíochta a bhí an-difriúil ón gceann atá ann faoi láthair. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chuid dá hábhar, ionas gur féidir leis an Treoir Réime maidir le hUisce a bheith ina hionstraim éifeachtach chun tacú le slándáil bia. |
|
5.13. |
Ós rud é, faoi phrionsabal na coimhdeachta, go bhfuil sé de shaoirse ag na Ballstáit an oibleagáid maidir le húdarú a lorg chun uisce a eastóscadh, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú de réir critéir aonair (ar leibhéal an stáit nó ar an leibhéal réigiúnach), fuarthas amach go mbíonn easpa smachta ar rochtain ar dhobharlaigh screamhuisce áirithe mar thoradh ar an ilchineálacht sin. Ar an gcúis sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit araon teacht ar chomhaontú maidir le critéar níos roghnaí agus ba cheart dóibh diancheanglais rialála agus coinníollachta a chur i bhfeidhm maidir le hastarraingt uisce dromchla agus screamhuisce araon. |
|
5.14. |
Ní mór nuachóiriú na gcóras uiscithe a fheabhsú agus a spreagadh, go háirithe chun caillteanais mar gheall ar sceitheadh i líonraí agus galú i gcainéil oscailte agus i linnte a laghdú. Ba cheart do CBT agus do chistí eile an Aontais rannchuidiú le struchtúir nua uiscithe a fhorbairt, gan tacú le cásanna a sháraíonn cuspóirí na Treorach Réime maidir le hUisce. |
|
5.15. |
I gcomhréir le pointe 3.4, glacadh an Rialachán maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce i mí na Bealtaine 2020 (17). Sa Rialachán nua sin maidir le fuíolluisce a athúsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta, leagtar amach na híoscheanglais maidir le cáilíocht uisce, faireachán, bainistiú riosca agus trédhearcacht, agus cuirfear i bhfeidhm é ó 2023 ar aghaidh. De réir na hanailíse a rinneadh, beifear in ann níos mó ná 50 % den toirt iomlán uisce atá ar fáil go teoiriciúil le haghaidh uisciú ó ionaid chóireála fuíolluisce san Aontas a athúsáid, rud a sheachnódh níos mó ná 5 % den astarraingt dhíreach ó dhobharlaigh agus ón screamhuisce. Is é an toradh a bheidh air sin go dtiocfaidh laghdú níos mó ná 5 % ar strus iomlán an uisce. Ba cheart, dá bhrí sin, maoiniú saoráidí athúsáide den sórt sin a spreagadh, agus ba cheart bearta réamhchúraim a spreagadh, freisin, chun truailliú ithreach a sheachaint agus chun uisce sábháilte don talmhaíocht a áirithiú. |
|
5.16. |
Trí thalmhaíocht uirbeach agus pheirea-uirbeach a chur chun cinn, is féidir laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le bia a iompar ó cheantair thuaithe, rud a laghdóidh an lorg carbóin (próiseas dhícharbónú na talmhaíochta) chomh maith le húsáid uisce sa talmhaíocht. Ina theannta sin, beifear in ann leas a bhaint as uisce báistí agus uisce ó chórais athchúrsála uiscithe sna córais uiscithe uirbeacha. |
|
5.17. |
Le húsáid fuinnimh in-athnuaite, amhail grianfhuinneamh agus fuinneamh gaoithe, is féidir foinse fuinnimh inbhuanaithe a chur ar fáil do na córais athúsáide uisce, do na córais díshalannaithe, agus don uisciú agus do threalamh talmhaíochta eile. Ar an gcaoi sin laghdófar an lorg carbóin (próiseas dhícharbónú na talmhaíochta) agus ídiú uisce. |
|
5.18. |
Is féidir leis na réitigh chiorclacha agus na réitigh eile sin rannchuidiú le Comhaontú Gorm a chur ar fáil don Aontas amach anseo, lena dtabharfar aghaidh ar an nganntanas uisce agus ar an éigeandáil aeráide i gcóras agraibhia an Aontais. Tá sé tábhachtach leanúint de ghrinnscrúdú a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nua agus ar chleachtais nuálacha chun éifeachtúlacht uisce a fheabhsú agus chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht fhadtéarmach an táirgthe bia san Eoraip a áirithiú. |
|
5.19. |
Meastar go bhfuil sé riachtanach an bonneagar a áirithiú lenar féidir uisce a stóráil, a dháileadh agus a íonú, agus chun iarmhairtí na bhfeiniméan adhaimsire a chosc. Ba cheart an tsamhail bhainistíochta don bhonneagar sin a bheith bunaithe ar phrionsabail na sláine agus na hinbhuanaitheachta, agus inmharthanacht chomhshaoil á háirithiú san am céanna. I bhfianaise na ndeacrachtaí buiséadacha a d’fhéadfadh a bheith ag na húdaráis riaracháin phoiblí, féadfar anailís a dhéanamh ar fhoirmlí malartacha airgeadais agus comhair. |
|
5.20. |
Cuireann an Treoir Réime maidir le hUisce iallach ar na Ballstáit pleananna bainistíochta abhantraí a dhréachtú agus a athnuachan. Measann CESE nach raibh comhleanúnachas ann i dtaca le cur chun feidhme, raon feidhme agus comhlíonadh na bpleananna sin. Dá bhrí sin, measann CESE gur cheart do na Ballstáit dlús a chur le pleananna straitéiseacha atá dírithe ar shlándáil uisce a ráthú mar aon le creat don talmhaíocht lenar féidir athléimneacht chórais bhia an Aontais a áirithiú. Ba cheart acmhainní buiséadacha Eorpacha leordhóthanacha a chur ar fáil do na pleananna straitéiseacha, ar an gcaoi a bhfuil sé leagtha amach i bpointe 4.3. Ba cheart amlínte sonracha a bhunú freisin agus cuspóirí agus tosaíochtaí a leagan síos de chomhthoil, i gcomhréir leis na breithnithe agus na tograí a leagtar amach sa tuairim seo. |
An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Eurostat, Economic accounts for agriculture by NUTS 2 regions agus Eurostat, Agriculture, forestry and fishery statistics.
(2) EEA, Water stress is a major and growing concern in Europe.
(3) ECA, Special Report 20/2021: Sustainable water use in agriculture.
(4) EEA, Waterbase – Water Quantity.
(5) An Banc Domhanda, https://data.worldbank.org/indicator/ER.H2O.INTR.PC?locations=EU.
(6) Eurostat, Annual freshwater abstraction by source and sector agus EEA, European waters – Assessment of status and pressures 2018.
(7) BIO by Deloitte, Optimising water reuse in the EU, Cuid I.
(8) FAO, Water Scarcity – One of the greatest challenges of our time.
(9) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Neamhspleáchas straitéiseach agus slándáil agus inbhuanaitheacht bia (tuairim féintionscnaimh) (OJ C 105, 4.3.2022, p. 56).
(10) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(11) The Common Agricultural Policy 2023-2027.
(12) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An taobh eacnamaíochta de Chomhaontú Gorm don Aontas — riachtanais infheistíochta i dtaca leis an uisce san Aontas (tuairim féintionscnaimh) (féach leathanach 50 den Iris Oifigiúil).
(13) ECA, Special Report 20/2021: Sustainable water use in agriculture.
(14) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Rochtain ar uisce: dul i ngleic leis an mbochtaineacht uisce agus a himpleachtaí don bheartas sóisialta (tuairim féintionscnaimh) (féach leathanach 60 den Iris Oifigiúil) agus Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An taobh eacnamaíochta de Chomhaontú Gorm don Aontas — riachtanais infheistíochta i dtaca leis an uisce san Aontas (tuairim féintionscnaimh) (féach leathanach 50 den Iris Oifigiúil).
(15) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tionscail atá dian ar uisce agus teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce (Tuairim féintionscnaimh) (féach leathanach 74 den Iris Oifigiúil) agusTuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An taobh eacnamaíochta de Chomhaontú Gorm don Aontas — riachtanais infheistíochta i dtaca leis an uisce san Aontas (tuairim féintionscnaimh) (féach leathanach 50 den Iris Oifigiúil).
(16) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Géarchéim maidir le praghsanna bia: ról na hamhantraíochta agus tograí nithiúla le haghaidh gníomhaíocht i ndiaidh chogadh na hÚcráine (Tuairim féintionscnaimh) (IO C 100, 16.3.2023, lch 51).
(17) Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/87 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bonneagar agus líonraí dáileacháin uisce atá inbhuanaithe agus athléimneach
(tuairim féintionscnaimh)
(2023/C 349/14)
|
Rapóirtéir: |
Thomas KATTNIG |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Tuairim féintionscnaimh |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
26.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
199/10/17 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
I bhfianaise ghéarchéim na haeráide agus i bhfianaise an ghanntanais uisce atá ann de dheasca na géarchéime sin, is deimhin le CESE go gcaithfear gach beart is gá a chur chun feidhme leis an sceitheadh uisce a laghdú, le dáileadh cothrom na n-acmhainní uisce a áirithiú, agus lena chinntiú gur féidir an t-uisce a bhainistiú go hinbhuanaithe feasta. Uisce óil atá glan inacmhainne a sholáthar do na daoine, sin rud a gcaithfear tús áite a thabhairt dó i gcónaí fad atá an dáileadh agus an úsáid i gceist, go háirithe nuair atá ganntanas uisce ann. Is rud é a gcaithfear tús áite a thabhairt dó thar úsáid an uisce i ngort na tionsclaíochta, na turasóireachta agus na talmhaíochta. An cur chuige atá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur i bhfeidhm, is cur chuige é a bheadh bunaithe ar chearta, cur chuige maidir leis na beartais uisce ar fad. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht uisce freisin, agus ar an dul sin ailíniú a dhéanamh le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chomh maith. Molann CESE cur chuige coiteann a chur chun cinn chun an bhochtaineacht uisce a thuiscint ar leibhéal an Aontais agus sainmhíniú cuimsitheach ar an mbochtaineacht uisce a fhorbairt, chun go mbeidh gach Ballstát in ann a shainmhíniú comhthéacsúil féin a fhorbairt i gcomhréir leis an sainmhíniú Eorpach. |
|
1.2. |
Síleann CESE gur earra poiblí é soláthar an uisce, ós soláthar é sin den chineál a chuireann roimhe seirbhísí ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta a chur i dtábhacht. Tá costais mhóra ag gabháil leis na dúshláin arb í géarchéim na haeráide is cúis leo, agus tá costais mhóra ag gabháil leis na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh sa bhonneagar uisce chomh maith. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil difríocht idir bainistíocht phoiblí agus phríobháideach uisce agus go bhfuil dea-shamplaí agus drochshamplaí ar fáil ar an leibhéal poiblí agus ar an leibhéal príobháideach araon. Toisc an bhéim a bheith ar an mbrabús san earnáil phríobháideach, is deacair uilíocht na seirbhíse a áirithiú, i.e. freastal ar 100 % den phobal, ainneoin gur bunriachtanas é. Creideann CESE, in ainneoin na n-uasteorainneacha dochta airgeadais agus na dteorainneacha maorlathacha a ghabhann le bainistiú uisce poiblí, gur fearr is féidir leis an gcóras bainistíochta sin rochtain uilíoch ar chórais uisce agus séarachais a ráthú ar phraghas réasúnta agus le caighdeáin cháilíochta leordhóthanacha, agus gur fearr is féidir leis éiceachórais a athbhunú agus a chosaint chomh maith leis na hinfheistíochtaí is gá sa bhonneagar a áirithiú. Molann CESE arís eile (1)‘riail óir’ a thabhairt isteach nuair atá infheistíocht á déanamh i mbonneagar poiblí chun an táirgiúlacht a chosaint agus chun an bonn sóisialta agus comhshaoil a chosaint ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht. |
|
1.3. |
Tá an t-uisce riachtanach don saol, is leas coiteann é, agus is cuid de chearta an duine é, mar a aithníodh sa chéad Tionscnamh ó na Saoránaigh ‘Right2Water’, tionscnamh ar éirigh go geal leis agus a spreag an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le hUisce Óil, arna glacadh ag an Aontas in 2020. Áirítear airteagal atá tiomnaithe don rochtain ar an uisce sa Treoir sin. I ndáil leis sin, molann CESE don Aontas creataí rialála maidir le comhaontuithe lamháltais uisce a ghlacadh agus a neartú, chun rochtain ar uisce agus ar chórais séarachais a ráthú ar phraghas réasúnta agus le caighdeáin cháilíochta leordhóthanacha, chun éiceachórais a athbhunú agus a chosaint agus chun na hinfheistíochtaí is gá sa bhonneagar a áirithiú. Na díolúintí atá deonaithe i gcás an uisce agus i gcás an fhuíolluisce, a bhuíochas sin leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh ‘Right2Water’, tionscnamh ar éirigh go geal leis faoi Threoir 2014/23/AE (2), is díolúintí iad ar cheart cloí leo san am atá romhainn. Tá CESE in aghaidh oibleagáid ar bith chun liobrálaithe in earnáil íogair an uisce agus an fhuíolluisce, go háirithe i gcomhthéacs ghéarchéim na haeráide. |
|
1.4. |
Nuair is in olcas atá dáileadh na n-acmhainní uisce ag dul i láthair na huaire, ba mhaith le CESE a chur in iúl gur cheart an geilleagar a eagrú ionas go bhféadfaí laghdú a chur ar an méid uisce a bhíonn á úsáid, mar aon le feabhas a chur ar athúsáid an uisce, go mór mór in earnáil na talmhaíochta agus i dtionscail eile atá amplach ar uisce. Chun na críche sin, beidh gá freisin le ceanglais agus le moltaí náisiúnta agus moltaí AE chun úsáid an uisce a rialáil ar bhealach ní b’fhearr agus chun tacaíocht airgeadais ní b’éifeachtaí a chur ar fáil do bhonneagar an uisce. Tá CESE ag iarraidh ar institiúidí an Aontais tús áite a thabhairt do cheist an uisce, sin agus ‘Comhaontú Gorm’ a chur á fhorbairt. |
|
1.5. |
Is de thiomantas CESE neartú a dhéanamh ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe an té a íocfaidh as an truailliú, agus is dá chuid tiomantais fós dul i ngleic le truailleáin ar láthair na foinse, ní dul i muinín réiteach ‘i gceann an phíobáin’ leis na truailleáin a ghlanadh as an bhfuíolluisce. Ní mór féachaint go buan leanúnach le truailliú na n-uiscí agus an screamhuisce a laghdú lena áirithiú nach rud é soláthar an uisce óil, diúscairt agus cóireáil an fhuíolluisce agus íonú an uisce a bheidh ag éirí róchostasach. Is céim thábhachtach amháin sa phróiseas seo atá sna feabhsuithe spriocdhírithe ar chóireáil an fhuíolluisce, sin agus an chóireáil sin a nascadh go dlúth le scéim atá bunaithe ar fhreagracht an táirgeora, faoi mar a mhol an Coimisiún sa Treoir athmhúnlaithe maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh (UWWTD), treoir a bhfuil CESE ag tacú leis. Mar sin féin, is mithid a áirithiú go ndéanfar rialú poiblí ar eagraíochtaí um fhreagracht na dtáirgeoirí, sin agus gur neamhspleách a dhéanfaidh eagraíochtaí na dtáirgeoirí gach infheistíocht i ngléasraí cóireála fuíolluisce gan tionchar a imirt orthu. |
|
1.6. |
Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar na dúshláin mhóra atá os comhair na mbardas i ndáil le forbairt na limistéar uisce agus le caoi mhaith a choinneáil ar na limistéir sin. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin, ba cheart an comhar idir-bhardasach a fhorbairt a thuilleadh, agus ba cheart é a éascú go mór. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an scóip atá sa dlí i gcomhair na hinlíochta, go háirithe fad a bhaineann le dlí an tsoláthair phoiblí. |
|
1.7. |
An infheistíocht i mbainistiú uisce agus fuíolluisce a bhfuil gá léi chun ‘aistriú gorm’ inbhuanaithe iomaíoch cothrom a chruthú, is ar na cóimheasa costais agus tairbhe comhshaoil agus eacnamaíocha is fearr is féidir a áirithiú ba cheart a díriú, go háirithe ar ghrúpaí leochaileacha sa daonra. An taighde agus an nuálaíocht, mar aon le feachtais faisnéise i gcomhair lucht tionsclaíochta, lucht talmhaíochta agus i gcomhair na dteaghlach, sin trí ní a bhfuil tábhacht mhór leo freisin chun coigilt an uisce a chur chun cinn i saol an gheilleagair agus i nósmhaireacht na ndaoine. |
|
1.8. |
Ba mhaith le CESE béim a chur ar mheath na bithéagsúlachta, rud atá ag tarlú de dheasca ghéarchéim na haeráide, agus é ag dul in olcas mar gheall ar bhearta mar athshruthú uisce atá róthe isteach sna haibhneacha. Ní mór sin a chur san áireamh nuair a bheidh an bonneagar uisce á dhearadh lena chinntiú go bhféachfar le réiteach a fháil ar na fadhbanna sin a mhéid is féidir seachas iad a ligean in ainseal. San am céanna, ní mór bearta cuimsitheacha a dhéanamh chun an cuspóir 1,5 oC a bhaint amach faoi 2050. |
|
1.9. |
Tá CESE ag moladh don Choimisiún Eorpach próiseas comhairliúcháin phoiblí uile-Eorpaigh a sheoladh lena ndéanfar riachtanais na hEorpa maidir leis an uisce a mheas chun bheith mar bhonn leis na hidirghabhálacha a dhéanfar sna blianta amach romhainn mar chuid den ‘Comhaontú Gorm don Aontas’. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Is sócmhainn é an t-uisce nach mbeifí beo dá uireasa, sócmhainn atá riachtanach don duine, don dúlra agus d’fheidhmiú an gheilleagair agus na sochaí. Is in earnáil na talmhaíochta (70 %) is airde atá éileamh ar uisce. Is í earnáil na tionsclaíochta an dara hearnáil is airde éileamh (22 %) air, agus is ar an teaghlach atá an tríú héileamh is airde (8 %). San am céanna, is fiú EUR 100 billiún an meánchaiteachas bliantúil ar uisce agus ar shláintíocht ar fud an Aontais. Méadóidh sé sin go dtí tuairim is EUR 250 billiún chun rialacha an Aontais maidir le cóireáil fuíolluisce agus soláthar uisce óil a chomhlíonadh (3). |
|
2.2. |
Ionas nach mbeidh easpa uisce ann san am atá le teacht, beidh an bonneagar uisce le feabhsú agus an toilleadh stórála le méadú. Ionas go bhféadfar sin a dhéanamh, teastaíonn raon leathan beart: uisce na báistí a bhailiú i ndabhacha móra faoin talamh; taiscumair agus píobáin fáinne a thógáil; laghdú a chur ar an méid de dhromchla na talún atá séalaithe d’fhonn acmhainn stórála na hithreach a mhéadú. I gcás tuilte, ar cineálacha difriúla sreafaí uisce is cúis leo, ba ghá iarracht a dhéanamh an bharraíocht uisce a chur chuig taiscumair rialaithe lena stóráil. Ba cheart toilleadh maolánach a bhunú ag pointí difriúla feadh na sreafaí uisce ionas go ligfear d’aon bharraíocht uisce sruthú amach de réir a chéile agus d’fhonn buaicphointí barraíochta uisce a mhaolú. Caithfear déanamh réidh do chásanna mar sin trí infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar roimh ré. |
|
2.3. |
Tá aitheantas tugtha ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe don cheart atá ag an duine ar uisce, agus in 2010 (4) tugadh aitheantas don tsláintíocht mar cheart ar leith inti féin. Is den mhórphráinn na chéad chéimeanna a thabhairt d’fhonn an ceart sin a thrasuí, ceart atá leagtha amach i dTreoir (AE) 2020/2184 (5) agus sa togra ón gCoimisiún le haghaidh athmhúnlú Threoir 91/271/CEE (6). Is den ghealltanas atá á dhéanamh ag na Ballstáit go bhfeabhsóidh siad an rochtain atá ag cách san Aontas ar uisce óil glan inacmhainne faoi 2030, sin agus go bhfeabhsóidh siad an rochtain atá acu ar an tsláintíocht dá réir. De réir an eolais atá ag an gCoimisiún (7), tá tuairim agus 10 milliún duine san Aontas gan rochtain ar shaoráidí sláintíochta i láthair na huaire. Ní mór do na Ballstáit an méid sin a chur san áireamh mar is ceart sa phróiseas cur chun feidhme. Is é is aidhm do thionscnamh an Chomhaontaithe Ghoirm barr a chur ar an dícheall atá á dhéanamh chun na sprice sin. |
|
2.4. |
Is mór an tionchar atá géarchéim na haeráide a imirt ar bhainistiú an uisce ar fud an domhain. Cuid den sliocht atá ar an ngéarchéim is ea an t-ardú ar leibhéil na mara: de bharr an ardaithe sin, tá breis uisce i limistéir an chósta. Tuilleadh den sliocht atá air is ea an t-ísliú i leibhéil na n-aibhneacha agus i leibhéil an screamhuisce i réigiún go leor. Sin rud atá ag cur leis an nganntanas bia freisin, mar tá cineálacha éagsúla bia ann nach féidir a chur ar an mbord mura bhfuil fionnuisce ar fáil (8). |
|
2.5. |
Faoi thionchar ghéarchéim na haeráide, is ag laghdú atá na hacmhainní uisce atá ann faoi láthair. Tá an talamh ag triomú in áiteanna, agus tá an t-uisce ag déanamh gaile (9). Tá farraigí an domhain mhóir ag téamh leo, agus tá na gnáthóga á scriosadh: imríonn sin tionchar ar an éiceachóras ina iomláine diaidh ar ndiaidh. |
|
2.6. |
Ní mhairfidh na saoránaigh gan soláthar uisce arae is cuid é den bhonneagar is tábhachtaí dá bhfuil ar an saol. Ionas gur féidir uisce óil a thabhairt chomh fada leis na saoránaigh, is iondúil go mbíonn fuinneamh ag teastáil chun na caidéil a oibriú. Tá sé ag tarlú cheana féin gur córais sheanchaite atá á n-úsáid ag cuid de na soláthraithe uisce óil, sin agus foinsí fuinnimh dá gcuid féin, sa riocht nach mbeidh orthu soláthar uisce a gcuid custaiméirí a ghearradh má chliseann ar an aibhléis. |
|
2.7. |
Le blianta beaga anuas, tá na seirbhísí uisce agus na seirbhísí fuíolluisce á gcur faoi scáth an bhardais arís i dtíortha go leor san Aontas. De dheasca a mhíshásúla a bhí an scéal i ndiaidh phríobháidiú na seirbhísí, is éard atá déanta ag cuid de na cathracha agus ag cuid de na bardais seirbhísí arb iad leas an phobail iad a chur faoi chuntas an sparáin phoiblí. Is iomaí fo-éifeacht a bhí ag an bpríobháidiú: laghdú infheistíochta sa bhonneagar, na dálaí oibre ag dul in olcas, méadú ar an sciar de na costais atá le glanadh ag na tomhaltóirí, sin agus idir smacht ar an soláthar agus fios na hoibre a bheith in easnamh chomh maith (10). Cúram an uisce a thabhairt faoi scáth na mbardas arís, sin rud a d’fhágfadh gur faoi anáil na gcathracha agus na mbardas a bheadh an chumhacht pholaitiúil agus an rialú daonlathach fad atá soláthar an uisce i gceist (11). |
|
2.8. |
Is mór an tábhacht atá leis an uisce go polaitiúil agus go sóisialta, agus is rud é a bhfuil cur chuige fadtéarmach ag teastáil ina leith, cur chuige atá glan ar fhéilire na dtoghchán. Is rud é dá réir nach féidir a riar ó thaobh chostais na hinfheistíochta de, sin ná ó thaobh na hoibríochta agus na cothabhála de, gan dua agus dícheall lucht déanta na gcinntí poiblí. Ionas go mbeidh sé ar chumas na saoránach an rialú daonlathach a fheidhmiú go hiomlán, is gá a áirithiú go mbeidh eolas acu ar thimthriall an uisce agus ar chostas an timthrialla sin. |
3. Barúlacha ginearálta
An taobh sochaíoch de scéal an uisce
|
3.1. |
Is acmhainn ríthábhachtach é an t-uisce, ach is acmhainn é atá ag éirí gann de bharr ghéarchéim na haeráide. Nuair is amhlaidh atá, tá CESE ag iarraidh go mbunófaí Comhaontú Gorm don Aontas chun feasacht a mhúscailt maidir leis an acmhainn ríthábhachtach seo. Is éard atá á mholadh ag CESE go ndéanfaí mapáil ar an mbonneagar uisce agus infhaighteacht an uisce i ngach Ballstát chun faisnéis atá cothrom le dáta a fháil faoi staid an bhonneagair uisce, sin agus chun riachtanais na hinfheistíochta a bhfuil práinn leo a shainaithint. |
|
3.2. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir nach earra tráchta é an t-uisce mar gach earra eile, ach earra de chuid oidhreacht an duine atá le cumhdach agus le cosaint (12). Creideann CESE gur cheart caitheamh leis an rochtain uilíoch ar uisce óil agus le soláthar na sláintíochta ardcháilíochta ar phraghsanna inacmhainne don phobal mar a bheadh leas poiblí ann, seachas mar earra tráchta, i gcomhréir iomlán le hAirteagal 14 CFAE agus le Prótacal 26 atá i gceangal le CAE agus CFAE. I ndáil leis sin, molann CESE don Aontas creataí rialála maidir le comhaontuithe lamháltais uisce a ghlacadh agus a neartú, chun rochtain uilíoch ar uisce agus ar chórais séarachais a ráthú ar phraghas réasúnta agus le caighdeáin cháilíochta leordhóthanacha, chun éiceachórais a athbhunú agus a chosaint agus chun na hinfheistíochtaí is gá sa bhonneagar a áirithiú. Na díolúintí atá deonaithe i gcás an uisce agus i gcás an fhuíolluisce, a bhuíochas sin leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh ‘Right2Water’ (13), tionscnamh ar éirigh go geal leis faoi Threoir 2014/23/AE maidir le dámhachtain na gconarthaí lamháltais, is díolúintí iad ar cheart cloí leo san am atá romhainn. I bhfianaise ghéarchéim na haeráide, tá CESE go mór i gcoinne oibleagáid ar bith chun liobrálaithe in earnálacha íogaire an uisce agus an fhuíolluisce agus is éard atá sé a iarraidh ina leaba sin go neartófaí na seirbhísí poiblí leasa ghinearálta in earnáil an uisce agus thar an earnáil sin amach. |
|
3.3. |
An cur chuige atá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur i bhfeidhm, is cur chuige é a bheadh bunaithe ar chearta, cur chuige maidir leis na beartais uisce ar fad. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht uisce freisin, agus ar an dul sin ailíniú a dhéanamh le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chomh maith. Molann CESE cur chuige coiteann a chur chun cinn chun an bhochtaineacht uisce a thuiscint ar leibhéal an Aontais agus sainmhíniú cuimsitheach ar an mbochtaineacht uisce a fhorbairt, chun go mbeidh gach Ballstát in ann a shainmhíniú comhthéacsúil féin a fhorbairt i gcomhréir leis an sainmhíniú Eorpach. Ba cheart cistí poiblí a chur ar fáil chun bonneagar a fhorbairt, d’fhonn aird ar leith a thabhairt ar úinéirí maoine ar bheagán acmhainní agus ar limistéir uirbeacha agus tuaithe atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta a bhfuil athchóiriú bonneagair de dhíth orthu. |
|
3.4. |
Cuireann CESE chun suntais nach cúrsaí maoiniúcháin amháin atá i gceist leis an ‘aistriú cóir’ óir áirítear leis freisin an cuspóir maidir le hobair chuibhiúil, poist ardcháilíochta agus slándáil shóisialta a chruthú, agus iomaíochas ghnólachtaí an Aontais a chothabháil, agus tá gá le gníomhaíocht shonrach ar gach leibhéal, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach, má táthar chun an t-aistriú sin a chur i gcrích. |
|
3.5. |
Is ag dul i líonmhaire atá na réigiúin a bhfuil ganntanas uisce ag déanamh tinnis dóibh (14). Is maith an teist é sin ar a riachtanaí atá sé bonneagar uisce athléimneach a fhorbairt, sin agus thar aon ní eile toilleadh stórála a chruthú. I gcás ganntanas uisce, níor mhór soláthar uisce a áirithiú le haghaidh na ndaoine, mar aon le bunriachtanais an duine a áirithiú chomh maith, agus tosaíocht a thabhairt don dá ní sin thar úsáid an uisce in earnálacha na tionsclaíochta, na turasóireachta agus na talmhaíochta. Ní mór do na Ballstáit ráthaíocht a thabhairt ina leith sin. Ba riachtanach sin chun coinbhleachtaí faoi chúrsaí uisce a chosc, coinbhleachtaí a bhfuil a leithéid ag teacht chun follais cheana in áiteanna eile ar domhan. Dá bhrí sin, tá géarghá ag an Aontas leis an gComhaontú Gorm mar tá tuilleadh airde le tabhairt ar sholáthar agus ar dháileadh an uisce sna blianta atá romhainn, chomh maith le neartú an taighde agus na nuálaíochta. |
Cáilíocht an uisce agus glanadh an uisce
|
3.6. |
Is éard ab áil le CESE an prionsabal úd gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as an truailliú agus prionsabal an réamhchúraim a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr chun cáilíocht an uisce a fheabhsú agus chun na costais a chur ar na truaillitheoirí seachas ar na tomhaltóirí. Ba cheart an screamhuisce féin a bheith glan a dhóthain le hól. Dá mbeadh sé chomh glan sin, ní bheadh aon chóireáil le déanamh air, cóireáil atá costasach, cóireáil a chaitheann an iomarca fuinnimh. |
|
3.7. |
Thar aon ní eile, de thoradh sceitheadh ó earnáil na talmhaíochta, ó earnáil an bhia agus ó earnáil na tionsclaíochta, cuirtear leis an truailliú de dheasca níotráití agus lotnaidicídí a bheith á leathadh sa talamh. Is é toradh is minic air sin screamhuisce a bhfuil ceimicí ann. Dá bhrí sin, ní mór an reachtaíocht a mhúnlú in earnáil na talmhaíochta (e.g. CBT), in earnáil na tionsclaíochta agus in earnáil na ceimice (e.g. an Rialachán maidir le Lotnaidicídí) ionas nach mbeidh dochar á dhéanamh do na héiceachórais uisce. |
Úsáid agus ró-úsáid an uisce
|
3.8. |
Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar na dúshláin mhóra atá os comhair na mbardas i ndáil le forbairt na limistéar uisce agus le caoi mhaith a choinneáil ar na limistéir sin. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ba cheart tuilleadh forbartha a chur ar an gcomhar idirbhardasach, agus an comhar sin a éascú go mór chun feidhmíocht na seirbhísí soláthair uisce agus diúscartha agus cóireála fuíolluisce agus forbairt agus cothú na limistéar uisce a neartú, sin agus chun inmharthanacht na seirbhísí leasa ghinearálta sin i gceantair thuaithe a áirithiú go fadtéarmach. Dá bhrí sin, ba mhaith le CESE iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme an dlí a leathnú, go háirithe fad a bhaineann an scéal le dlí an tsoláthair phoiblí. |
|
3.9. |
Measann an Coimisiún gurb é costas iomlán athmhúnlú UWWTD a bheidh ann rud os cionn EUR 3,8 billiún in aghaidh na bliana. Is ar chrann na dteaghlach (15) a thitfeadh formhór na gcostas, rud a d’fhágfadh arís ar ais go dtiocfadh méadú ar na costais sláintíochta, méadú a bhuailfeadh buille a mbasctha ar na grúpaí sa tsochaí is lú a bhfuil airgead ina bpóca. Dá bhrí sin, is éard ab áil le CESE roinnt na gcostas agus na bhfáltas a bheith á déanamh ar bhealach a d’fhágfadh nach iad na teaghlaigh a íocfaidh an farasbarr. |
|
3.10. |
Creideann CESE gur gá laghdú mór a chur ar an méid uisce a bhíonn ag sceitheadh leis go fánach nuair is ina sceitheadh a imíonn suas le 20 % (16) den uisce i gcuid de Bhallstáit an Aontais. Ar an dul céanna, níor mhór laghdú mór a chur ar an diomailt uisce in earnáil na tionsclaíochta, in earnáil na tógála agus in earnáil na turasóireachta. D’fhéadfadh na hearnálacha sin comaoin a chur ar an réiteach ach lámh a chur i dtaighde agus i nuálaíocht i dtaca le cleachtais atá éifeachtúil ó thaobh úsáid an uisce de, sin agus eolas atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach ní b’fhearr (e.g. uisciú a dhéanamh le trealamh braoiníní, barra sábhála uisce a shaothrú, an geilleagar ciorclach a neartú, táirgeadh bia a chur in oiriúint do dhálaí áitiúla, etc.). |
|
3.11. |
An saoránach atá ar an eolas faoin nganntanas, is lú uisce a chaithfidh sé nó sí féin sa bhaile. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na ceanglais bhreise atá ann feasta faoi scáth reachtaíocht an Aontais maidir le faisnéis a bheith á tabhairt ag na soláthróirí uisce óil agus ag an lucht bainistithe fuíolluisce do na teaghlaigh. |
Uiscebhealaí
|
3.12. |
Tá géarchéim na haeráide ag imirt tionchar nach beag ar na bealaí iompair ar uisce ar fud an domhain. Thar aon ní eile, tá leibhéal íseal an uisce sna haibhneacha, an t-athrú i bpatrúin na frasaíochta, an t-athrú ar mhinicíocht na hadhaimsire, mar aon leis an ardú i leibhéil na mara ag imirt tionchair ar iompar earraí agus ar iompar na ndaoine. |
|
3.13. |
Cuid de na cainéil a mbítear ag seoladh iontu, níl an doimhneacht chéanna iontu is a bhíodh, rud a fhágann nach bhfuil neart air ach bonneagar na gcalafort agus na loc a chur in oiriúint do na himthosca nua. Ciallaíonn sé sin go mbeidh costais níos airde agus amanna feithimh níos faide ar na longa, agus ciallaíonn sé dá réir sin go mbeidh moill ann nuair atá earraí á n-iompar. |
|
3.14. |
Ní mór bearta a dhéanamh chun bonneagar na gcalafort agus na loc a oiriúnú agus chun feabhas a chur ar phleanáil na gcainéal seolta agus na mbealaí loingseoireachta ionas gur féidir iompar ar uisce a dhéanamh go sábháilte agus go héifeachtúil san am atá le teacht. |
|
3.15. |
Measann CESE gur rud lárnach forbairt agus idirnascadh níos fearr a dhéanamh ar na huiscebhealaí san Aontas. Ba cheart an idirmhódúlacht a chur san áireamh freisin, rud a luaitear i dtuairim TEN/764 (17). |
Fuinneamh
|
3.16. |
Léirigh na margaí fuinnimh i mí Lúnasa 2022 nach bhféadfaidh foinse fuinnimh ar bith a bheith iontaofa 100 % mar gheall ar ghéarchéim na haeráide. Féachaimis mar shampla tionchar an triomaigh ar an bhfuinneamh atá á tháirgeadh le cumhacht an uisce agus le cumhacht núicléach. |
|
3.17. |
Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun cumhacht an uisce a úsáid chun aibhléis in-athnuaite a ghiniúint agus a stóráil. Mar sin féin, is rud é atá á thabhairt dá aire aige gur diúltach an tionchar atá ag an nganntanas uisce ar tháirgeadh agus ar stóráil na haibhléise, ganntanas arb í géarchéim na haeráide is ciontach leis. Laghdaíonn sé sin an táirgeadh, rud ba dhochar don eangach leictreachais freisin. Ba cheart leanúint den tacaíocht atá á tabhairt d’fhorbairt na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, go háirithe i réimsí fhuinneamh na gréine agus fhuinneamh na gaoithe, dhá réimse ba cheart a bhrú chun cinn d’fhonn aon easpa uisce a d’fhéadfadh a bheith ann sna stáisiúin hidreachumhachta a chúiteamh. |
|
3.18. |
Tugann CESE dá aire chomh maith go bhféadfaidh sé go dtiocfaidh méadú ar úsáid an uisce mar thoradh ar leictriú an chórais iompair, á chur san áireamh go dteastaíonn méid suntasach uisce i dtaobh na leictrilítí a úsáidtear i dtáirgeadh ceallraí. Ina fhianaise sin, ba ghá pleanáil chúramach a dhéanamh le haghaidh bunú monarchana ceallraí. |
|
3.19. |
Tugann CESE dá aire gur gnách nach dteastaíonn an méid céanna uisce le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite agus a theastaíonn le haghaidh bhaint agus phróiseáil na mbreoslaí iontaise traidisiúnta. Is ann, áfach, d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a n-úsáidtear an-chuid uisce chucu, mar atá na bithbhreoslaí. Teastaíonn cuid mhór uisce le haghaidh uisciú agus phróiseáil na mbarr a mbítear á bhfás chun bithbhreoslaí a tháirgeadh. Ní mór an t-uisce sin a chur ar fáil trí leas a bhaint as bonneagar agus líonraí dáileacháin uisce. |
|
3.20. |
Tá CESE á thabhairt chun suntais go mbíonn soláthar mór uisce ag teastáil leis an trealamh a fhuarú san áit a mbíonn cumhacht núicléach á giniúint. Bíonn an teocht ag éirí de bharr ghéarchéim na haeráide, agus san am céanna bíonn leibhéal na n-aibhneacha ag ísliú leis. De réir mar a bhíonn an teocht ag ardú, beidh ar na stáisiúin cumhachta núicléiche a gcuid oibre a laghdú mar gheall ar ghanntanas uisce. Anuas air sin, de bharr an iomarca teasa a bheith san uisce fuaraithe atá á ligean sna haibhneacha ag an stáisiúin sin, is amhlaidh atá níos lú ocsaigine sna haibhneacha feasta, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar éiceolaíocht an uisce agus ar chúrsaí bithéagsúlachta araon (18). |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Cáineann CESE an easpa comhleanúnachais idir beartas uisce an Aontais agus beartais eile de chuid an Aontais, agus iarrann sé ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht chun beartais agus spriocanna atá ag dul in aghaidh a chéile a sheachaint. |
|
4.2. |
Is díol sásaimh do CESE gur chinn an Coimisiún in athmhúnlú na Treorach maidir le hUisce Óil an sceitheadh uisce as na píobáin a laghdú oiread is féidir (19). Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar an ngéarghá agus ar an bpráinn atá le bearta agus le hinfheistíocht idir phoiblí agus phríobháideach i mbonneagar an uisce chun diomailt uisce a sheachaint agus chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht an phríomhbhonneagair uisce a áirithiú go fadtéarmach. Ba cheart déileáil le sceitheadh uisce mar a bheadh éigeandáil ann. I gcásanna dá shórt, ba ríthábhachtach foireann saineolaithe agus trealamh a bheith ann chun stop a chur leis an sceitheadh go pras. |
|
4.3. |
Maidir le maoiniú na dtionscadal bhonneagair, is rud é a léiríodh arís agus arís eile gurb iad na rialacha diana fioscacha an bhacainn is mó atá ag cosc an bhealaigh ar na húdaráis phoiblí. Dá bhrí sin, is aidhm is mithid a bheith ann díolmhú ó riail ar bith dá gcuireann cosc ar infheistíocht phoiblí den chineál sin a thabhairt do na tionscadail atá faoi scáth an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, mar aon le tionscadail i réimse an neamhspleáchais fuinnimh, sin agus tionscadail san earnáil dhigiteach chomh maith. Dá bhrí sin, i gcomhréir le tuairimí eile a bhí ann roimhe seo (20), is éard a mholann CESE an ‘riail óir’ a chur i bhfeidhm ar an infheistíocht phoiblí. |
|
4.4. |
Tacaíonn CESE leis an athbhreithniú atá beartaithe ar Threoir 2006/118/CE (21) agus ar Threoir 2008/105/CE (22) agus le luachanna teorann a chur i gcion ar cheimiceáin shárfhluairínithe (PFCanna) agus ar mhicreaphlaistigh. I dtuarascáil speisialta de chuid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar béim ar an gcur i bhfeidhm lag gan iarmhairt atá á dhéanamh in earnáil an uisce ar an bprionsabal úd gurb é údar an truaillithe an té a chaithfidh íoc as an truailliú ainneoin na gcostas mór oibriúcháin agus infheistíochta atá ann (23). |
|
4.5. |
Ba mhaith le CESE a chur in iúl go bhfuil gá le lucht saothair oilte agus le speisialtóirí, sin agus le bainistiú iomchuí eolais, chun bonneagar uisce agus líonraí dáileacháin atá inbhuanaithe athléimneach a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, is é sin gníomhaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla a bhaineann an leas optamach as eolas. Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí na struchtúir agus na dálaí oibre riachtanacha ar bun ionas go bhféadfar an obair a láimhseáil go héifeachtach agus gan bhac sa réimse seo, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh foireann speisialaithe leordhóthanach ar fáil chun na bearta is gá a chur chun feidhme. |
|
4.6. |
Tugann CESE dá aire go bhfuil an digitiú leanúnach in earnáil an uisce ag cur le líon na rioscaí i réimsí na slándála sonraí agus na cosanta sonraí. Ba thábhachtach a áirithiú gur rud é láimhseáil na sonraí a bailíodh a bheadh i gcomhréir leis an gcóras cosanta sonraí ba dhéine agus ab fhéidir. San am céanna, i bhfianaise an mhéadaithe ar bhagairt na gcibirionsaithe ar an mbonneagar criticiúil, is ról lárnach a chaithfidh a bheith ag an gcibearshlándáil i mbonneagar an uisce agus sna líonraí dáileacháin. |
|
4.7. |
Is beag comhtháthú atá á dhéanamh ar chuideachtaí atá páirteach i dtáirgeadh agus i ndáileadh an uisce óil, ná ar bhainistiú an fhuíolluisce agus ar íonú an uisce i mBallstáit go leor. Síleann CESE gur chúnamh a bheadh ann i laghdú na gcostas agus i méadú na héifeachtúlachta cúram na forbartha agus an bainistithe a bheith faoi aon eagraíocht phoiblí amháin. |
An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Féach, mar shampla, Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean REPowerEU (COM(2022) 230 final) agus Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann sé le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060, Rialachán (AE) 2021/2115, Treoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (COM(2022) 231 final — 2022/0164(COD)) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 185), Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hInfheistíocht phoiblí sa bhonneagar fuinnimh mar chuid den réiteach ar shaincheisteanna aeráide (tuairim féintionscnaimh) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 67) agus Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Fís straitéiseach maidir le haistriú fuinnimh a chuirfidh ar chumas an Aontais uathriail straitéiseach a bhaint amach (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.02.2023, lch. 102), etc.
(2) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(3) https://www.aquapublica.eu/sites/default/files/article/file/20230310_Joint%20statement_EPR%20scheme.pdf.
(4) https://www.un.org/Depts/german/gv-64/band3/ar64292.pdf.
(5) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
(6) Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).
(7) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/qanda_22_6281.
(8) https://wires.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.1002/wat2.1633.
(9) Europe’s next crisis: Water – POLITICO.
(10) Getzner, Köhler, Krisch, Plank (2018) – Tuarascáil deiridh (leagan fada): ‘Vergleich europäischer Systeme der Wasserversorgung und Abwasserentsorgung’, San fhoilseachán: Informationen zur Umweltpolitik, lch. 197.
https://emedien.arbeiterkammer.at/viewer/ppnresolver?id=AC15177626.
(11) https://www.epsu.org/search?f%5B0%5D=policies%3A56.
(12) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1), aithris 1.
(13) https://right2water.eu/.
(14) https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC133025.
(15) Dáileadh de réir an mheasúnaithe tionchair: 51 % de i measc na dteaghlach, 22 % ina chaiteachas poiblí agus 27 % de i ngort na dtionscal.
(16) https://emedien.arbeiterkammer.at/viewer/ppnresolver?id=AC15249737.
(17) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (COM(2022) 384/2 final – 2021/0420 (COD)) (IO C 75, 28.02.2023, lch. 190).
(18) https://www.dw.com/de/wie-k%C3%BChlen-hei%C3%9Fe-l%C3%A4nder-ihre-kernkraftwerke/a-49758541.
(19) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/TXT/HTML/?uri=CELEX:32020L2184.
(20) Féach fonóta 1.
(21) Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).
(22) Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).
(23) https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR21_12/SR_polluter_pays_principle_EN.pdf.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/94 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tionchairí i mbun fógraíochta agus an tionchar a bhíonn aige sin ar thomhaltóirí
[tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne]
(2023/C 349/15)
|
Rapóirtéir: |
Bernardo HERNÁNDEZ BATALLER |
|
Comhrapóirtéir: |
Stefano PALMIERI |
|
Comhairliúchán |
Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 7.2.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
29.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
179/0/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Ceann de na feiniméin is mó atá i gceist leis an gclaochlú atá le feiceáil sa chumarsáid chlosamhairc agus leictreonach is ea teacht chun cinn na ‘tionchairí’, mar a thugtar orthu. Is éard is ‘tionchaire’ ann úsáideoir a chruthaíonn inneachar ar líne, a scaipeann teachtaireachtaí go córasach i bhformáidí éagsúla (físeáin, nótaí tráchta, grianghraif) agus a bhfuil próifíl shuntasach aige i measc an spriocphobail a ndíríonn sé air. |
|
1.2. |
Ainneoin nach ann do rialachán faoi leith ar an leibhéal Eorpach maidir le gníomhaíochtaí cruthaitheoirí inneachair/tionchairí, foráiltear sa reachtaíocht atá ann cheana do leibhéal leordhóthanach cosanta don ghníomhaíocht dhúbailte a dhéanann cruthaitheoirí inneachair/tionchairí sa mhargadh aonair mar fhógróirí go príomha (agus mar thrádálaithe) agus mar dhíoltóirí/táirgeoirí araon. |
|
1.3. |
Ar bhonn na reachtaíochta sin, tá a reachtaíocht féin forbartha ag roinnt Ballstát mar fhreagairt ar an dúshlán a bhaineann leis an bhfeiniméan seo, rud a chuireann ar chumas rialálaithe náisiúnta a gcumhachtaí maoirseachta, a gcumhachtaí rialaithe agus, i gcás inarb iomchuí, a gcumhachtaí smachtbhannaí a fheidhmiú. |
|
1.4. |
Cibé ar bith, i bhfianaise na bhforbairtí leanúnacha sa réimse seo, is é barúil Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur gá beart a dhéanamh lena áirithiú go gcaithfear ar bhealach comhchuibhithe le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ‘sonracha’ na gcruthaitheoirí inneachair/dtionchairí san Aontas. Ba cheart oibleagáidí atá chomh sonrach céanna a bheith ar riarthóirí na n-ardán agus na meán sóisialta ina n-oibríonn siad agus ar chruthaitheoirí inneachair/tionchairí (cónaitheoirí AE agus cónaitheoirí neamh-AE san áireamh). |
|
1.5. |
Iarrann CESE ar riarthóirí na n-ardán agus na meán sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
1.6. |
Mar chuid den chur chuige comhchuibhithe sin i leith tionchairí ar an leibhéal Eorpach, measann CESE gur cheart na critéir seo a leanas, ar a laghad, a chur san áireamh:
|
|
1.7. |
Ba cheart aird faoi leith a thabhairt freisin ar úsáid patrún dorcha, ar mhí-úsáid nó aithisiú trádmharcanna, ar tháirgí airgeadais neamhúdaraithe, ar ghoid chéannachta nó tionchairí bréagacha a bhaineann leas as íomhá daoine aitheanta gan fhios dóibh. Is nithe iad seo atá ag éirí níos forleithne i réimse na n-infheistíochtaí airgeadais agus na gcriptea-airgeadraí. Is cleachtais neamhdhleathacha iad sin a d’fhéadfadh éirí níos sofaisticiúla agus níos forleithne i ngeall ar úsáid na hintleachta saorga agus is gá iad a chomhrac go héifeachtach. |
|
1.8. |
Molann CESE go ndéanfaí an comhchuibhiú rialála sin a shoiléiriú agus a shainiú ar dhóigh atá gan dochar do chreataí comhrialála a bhunú ar bhealach comhlántach. Ba cheart tionchairí, a ngníomhairí agus a gcomhlachais ionadaíocha, an tionscal agus fógróirí, comhlachais fógraíochta féinrialaithe, comhlachais tomhaltóirí agus úsáideoirí, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus údaráis rialála a bheith rannpháirteach sa chomhrialáil sin. |
|
1.9. |
Dar le CESE, is iomaí saincheist atá ag baint le gníomhaíochtaí cruthaitheoirí inneachair/tionchairí, mar shampla, a n-áit i ndlí an tsaothair, saincheisteanna a bhaineann le cáin ioncaim, cáin bhreisluacha, maille le gníomhaíocht shonrach tionchairí ar leanaí iad. Is é tuairim CESE gur cheart anailís chúramach a dhéanamh ar an méid sin ar leibhéal an Aontais. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Ar na feiniméin is mó atá i gceist leis an gclaochlú digiteach atá le feiceáil sa chumarsáid chlosamhairc agus leictreonach le deich mbliana anuas tá teacht chun cinn na gcruthaitheoirí inneachair. Is éard is ‘cruthaitheoir inneachair’ ann duine a fheidhmíonn i gcáil phearsanta, de réir cosúlachta, agus a scaipeann teachtaireachtaí go córasach i bhformáidí éagsúla (físeáin, nótaí, grianghraif) trí ardáin idirlín, na meáin shóisialta agus teachtaireachtaí leictreonacha. Nuair a bhíonn líon ard leantóirí dílse ag cruthaitheoir inneachair, meastar gur ‘tionchaire’ é. I réimse na fógraíochta is féidir ‘tionchaire’ a shainiú mar chruthaitheoir inneachair a bhfuil rún tráchtála aige, a chothaíonn caidreamh lena leantóirí atá bunaithe ar mhuinín agus ar bharántúlacht (go príomha ar ardáin na meán sóisialta) agus a bhíonn ag plé le gníomhaithe tráchtála ar líne trí shamhlacha gnó éagsúla chun airgead a shaothrú (1). |
|
2.2. |
An caidreamh idir tionchairí agus a leantóirí (a cheapann go bhfuil dlúthchaidreamh acu leis an tionchaire, a mheasann gur duine iontaofa é agus a bhfuil muinín acu as), is caidreamh é a bhfuil tionchar díreach agus indíreach aige ar dhearcadh leantóirí i leith brandaí áirithe agus ar chinntí ceannaigh tomhaltóirí. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás leanaí, daoine óga agus tomhaltóirí a bhfuil leibhéal ísle oideachais nó ioncaim acu agus ar beag an tuiscint atá acu ar na meáin agus ar an bhfaisnéis. |
|
2.3. |
I réimse na cumarsáide tráchtála go sonrach, ar thaobh amháin, is féidir le cuideachtaí fógraíochta leas a bhaint as tionchar agus clú na dtionchairí a chuireann a dtáirgí agus a mbranda chun cinn trí ‘margaíocht ag tionchairí’, mar a thugtar air, go háirithe i gcás daoine óga a bhfuil sé níos deacra dul i bhfeidhm orthu trí na meáin chumarsáide thraidisiúnta. Ar an taobh eile, tugann sí níos mó saoirse do na cuideachtaí sin gnéithe díolacháin a fhorbairt nach n-úsáidfeadh siad agus iad i mbun gnáthfógraíochta, gnéithe a théann timpeall ar an reachtaíocht in amanna. Thairis sin, cuireann fógróirí féin iad in iúl go bhfuil leibhéal ard neamhspleáchais ag tionchairí agus teachtaireachtaí tráchtála á gcur le chéile acu agus nach mbíonn smacht ag an bhfógróir ar na teachtaireachtaí sin i gcónaí. |
|
2.4. |
Lena rá ar chaoi eile, ainneoin nach ann do rialachán faoi leith ar an leibhéal Eorpach maidir le gníomhaíochtaí tionchairí, foráiltear faoi láthair sa reachtaíocht atá ann cheana san Eoraip do leibhéal leordhóthanach cosanta don ghníomhaíocht dhúbailte ar féidir le tionchairí a dhéanamh sa mhargadh aonair mar fhógróirí go príomha (agus mar thrádálaithe) agus mar dhíoltóirí/táirgeoirí araon. |
|
2.4.1. |
Ar an reachtaíocht atá ann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le tionchairí a ghníomhaíonn mar fhógróirí go príomha (agus mar thrádálaithe), tá;
|
|
2.4.2. |
Ar an reachtaíocht atá ann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le tionchairí a ghníomhaíonn mar dhíoltóirí nó mar tháirgeoirí, tá:
|
|
2.4.3. |
De bhreis ar an dá réimse shonracha idirghabhála sin de reachtaíocht an Aontais, tá an pacáiste seirbhísí digiteacha ina bhfuil na gníomhartha seo a leanas:
|
|
2.4.3.1. |
Sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, sainmhíníonn an tAontas inneachar neamhdhleathach mar ‘aon fhaisnéis, inti féin nó i dtaca le gníomhaíocht, lena náirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí, nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí aon Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin’. De réir an tsainmhínithe nua sin, mura bhfuil inneachar i gcomhréir leis na rialacha sin, measfar mar inneachar neamhdhleathach é san Aontas. |
|
2.5. |
D’ainneoin roinnt rialacha Eorpacha a bheith ann, faoinar féidir leis na Ballstáit éagsúla iompar neamhdhleathach tionchairí (amhail fógróirí nó díoltóirí/táirgeoirí) a rialú, is gá beart a dhéanamh ar bhealaí éagsúla, mar shampla:
|
|
2.6. |
I bhfianaise an chomhthéacs shíorathraithigh ina bhfeidhmíonn cruthaitheoirí inneachair/tionchairí, creideann CESE, in ainneoin na bhforálacha rialála Eorpacha atá ann cheana, gur gá beart a dhéanamh chun forfheidhmiú dlí ad hoc aonfhoirmeach a áirithiú arb é is aidhm dó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha sonracha arna ndéanamh ag tionchairí a chomhrac san Aontas. Tá seasamh CESE ag teacht leis an measúnú atá á dhéanamh ag an gCoimisiún ar cé acu ar cheart reachtaíocht ad hoc a ghlacadh, nó nár cheart. |
|
2.7. |
Is rud é sin a bhfuil scrúdú á dhéanamh air le roinnt blianta anuas ag rialtais, ag údaráis rialála Eorpacha agus náisiúnta, ag comhlachais tomhaltóirí agus úsáideoirí agus ag comhlachtaí na sochaí sibhialta (12). Mar thoradh air sin, ní hionann na tionscnaimh dhlíthiúla atá sna Ballstáit éagsúla (13), mar shampla, sa Fhrainc, i bhFlóndras na Beilge nó sa Spáinn. Tá éagsúlachtaí idir tionscnaimh féinrialála agus chomhrialála ar an leibhéal Eorpach (14) agus ar leibhéal na mBallstát chomh maith. Sin an chúis a bhfuil spéis á léiriú rialtas na Spáinne sa cheist seo, agus é i mbun na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus is é sin an fáth ar iarr sé ar CESE an tústuairim seo a chur le chéile maidir le tionchairí i mbun fógraíochta agus an tionchar a bhíonn aige sin ar thomhaltóirí. |
|
2.8. |
San iarraidh uaithi ar an tuairim seo, tagraíonn Aireacht Gnóthaí Tomhaltóirí na Spáinne don fhíoras go gceapann tomhaltóirí go bhfuil dlúthchaidreamh acu leis an tionchaire, go measann siad gur daoine iontaofa iad agus go mbíonn muinín acu astu. Is rud é seo nach bhfeictear chomh minic céanna i samhlacha cumarsáide sóisialta eile agus is ábhar imní don Aireacht é ar dhá chúis:
|
3. Moltaí
|
3.1. |
I bhfianaise na bhfadhbanna atá ann cheana, measann CESE gur tráthúil a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht Eorpach maidir le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha sonracha a bhfuil baint ag tionchairí leo a fheabhsú agus a chur chun feidhme agus an reachtaíocht sin a chomhchuibhiú ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart freisin oibleagáidí sonracha a leagan síos léi do riarthóirí na nardán agus na meán sóisialta ina n-oibríonn siad agus do chruthaitheoirí inneachair/tionchairí (cónaitheoirí AE agus cónaitheoirí neamh-AE san áireamh). |
3.2. Ardáin comhroinnte físeán agus na meáin shóisialta
|
3.2.1. |
Cé go gceanglaítear leis an reachtaíocht Eorpach (an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) ar riarthóirí na n-ardán comhroinnte físeán agus na n-ardán meán sóisialta, ar a n-oibríonn cruthaitheoirí inneachair agus tionchairí, na forálacha maidir le cumarsáid tráchtála agus cosaint mionaoiseach a chomhlíonadh, tugann CESE an méid seo a leanas dá aire:
|
|
3.2.2. |
Dá bhrí sin, iarrann CESE ar riarthóirí na n-ardán agus na meán sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
3.3. Cruthaitheoirí inneachair/tionchairí
|
3.3.1. |
Agus tograí á gcur le chéile maidir le rialáil éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar inneachair ag úsáideoirí ar ardáin comhroinnte físeán agus ar na meáin shóisialta, agus go háirithe ar ghníomhaíocht fógraíochta tionchairí, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach na tuarascálacha a d’fhoilsigh Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc in 2021 agus 2022 (15) a chur san áireamh, a dtugtar moltaí iontu maidir leis an gcaoi a gcaitear le físbhlagálaithe. |
|
3.3.2. |
Go bunúsach, tugann Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc le fios gur féidir gníomhaíocht tionchairí, a mheas mar sheirbhís meán closamhairc de réir na Treorach maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, ar choinníoll go gcomhlíontar roinnt ceanglas san am céanna:
|
|
3.3.3. |
I ndáil leis an méid sin, ba cheart comhchuibhiú ar an leibhéal Eorpach a mholadh lena bhforáiltear go sainráite do rialáil cruthaitheoirí inneachair/tionchairí agus do rialáil a bhfreagrachta nuair a ghineann siad cumarsáid tráchtála nó nuair a scaipeann siad í, agus an méid sin a dhéanamh d’fhonn trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr a áirithiú i gcur i gcrích a ngníomhaíochtaí. |
|
3.3.3.1. |
Is ann do shlabhra iomlán gníomhaithe atá páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheoirí inneachair/tionchairí: brandaí, cuideachtaí ilmheán neamhspleácha, gníomhaireachtaí agus gníomhairí bainistithe tallainne, ardáin um anailís ar na meáin shóisialta, líonraí ilchainéil, cuideachtaí caidrimh phoiblí/fógraíochta ar cheart foráil a dhéanamh lena gconarthaí maidir le freagrachtaí sonracha na ngeallsealbhóirí uile, lena n-áirítear freagracht chomhpháirteach as iompar neamhdhleathach an chruthaitheora inneachair/an tionchaire. |
|
3.4. |
Tá CESE ag tathant ar riarthóirí na n-ardán agus na meán sóisialta agus ar chruthaitheoirí inneachair/tionchairí araon an méid seo a leanas a áirithiú:
|
|
3.5. |
Ba cheart aird faoi leith a thabhairt freisin ar úsáid patrún dorcha, ar mhí-úsáid nó aithisiú trádmharcanna, ar tháirgí airgeadais neamhúdaraithe a chur chun cinn, ar ghoid chéannachta nó tionchairí bréagacha a bhaineann leas as íomhá daoine aitheanta gan fhios dóibh, ar nithe iad seo atá ag éirí níos forleithne i réimse na n-infheistíochtaí airgeadais agus na gcriptea-airgeadraí. Is cleachtais neamhdhleathacha iad sin atá ag éirí níos sofaisticiúla agus níos forleithne i ngeall ar úsáid na hintleachta saorga agus is gá iad a chomhrac go héifeachtach. |
|
3.6. |
Is féidir an comhchuibhiú rialála atá á moladh ag CESE a chomhlánú le creataí comhrialála a mbeadh tionchairí, a ngníomhairí agus a gcomhlachais ionadaíocha, an tionscal agus fógróirí, comhlachais fógraíochta féinrialaithe, comhlachais tomhaltóirí agus úsáideoirí, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus údaráis rialála rannpháirteach iontu. |
|
3.7. |
Dar le CESE, is iomaí saincheist atá ag baint le gníomhaíocht cruthaitheoirí inneachair/tionchairí fós, mar shampla, a n-áit i ndlí an tsaothair, saincheisteanna a bhaineann le cáin ioncaim, cáin bhreisluacha, maille le gníomhaíocht shonrach tionchairí ar leanaí iad. Is é tuairim CESE gur cheart anailís chúramach a dhéanamh ar an méid sin ar leibhéal an Aontais. |
An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) The impact of influencers on advertising and consumer protection in the Single Market [An tionchar a bhíonn ag tionchairí ar fhógraíocht agus ar chosaint tomhaltóirí sa mhargadh aonair], Parlaimint na hEorpa, 2022, lch. 9.
(2) IO L 149, 11.6.2005, lch. 22 (níl leagan Gaeilge ann).
(3) IO C 526, 29.12.2021, lch.1 , pointe 4.2.6. (níl leagan Gaeilge ann).
(4) Féach an tAthbhreithniú ar dhlí tomhaltóirí an Aontais (europa.eu).
(5) IO L 178, 17.7.2000, lch. 1, (níl leagan Gaeilge ann).
(6) Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69).
(7) IO L 304, 22.11.2011, lch. 64 (níl leagan Gaeilge ann).
(8) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.
(9) Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).
(10) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).
(12) Féach fonóta 1.
(13) Mapping report on the rules applicable to video-sharing platforms, an Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc, 2022.
(14) EASA Best Practice Recommendation on Influencer Marketing 2023, Comhghuaillíocht Caighdeáin Fógraíochta na hEorpa, 2023.
(15) Analysis and recommendations concerning the regulation of vloggers, Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc, 2021, agus Vloggers Report 2, Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc, 2022.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/100 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bearta chun an mheabhairshláinte a fheabhsú
(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)
(2023/C 349/16)
|
Rapóirtéir: |
Milena ANGELOVA |
|
Comhrapóirtéir: |
Ivan KOKALOV |
|
Comhairliúchán arna iarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne |
Litir, 8.12.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
|
Tústuairim |
|
An rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
21/06/2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
205/0/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is rud casta í an mheabhairshláinte. Is iomaí toisc – idir thosca bitheolaíocha, síceolaíocha, oideachasúla, sóisialta, eacnamaíocha, gairme, cultúrtha agus comhshaoil – a fhágann a rian uirthi. Chun an mheabhairshláinte a fheabhsú agus a chur chun cinn go rathúil (1) agus chun deacrachtaí sa réimse sin a chosc, beidh gá le cur chuige casta, ildisciplíneach, ar feadh an tsaoil, cur chuige a dhéanfar a chur i bhfeidhm agus a chomhtháthú go daingean mar phríomhthosaíocht thrasearnálach sa cheapadh beartas ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta (bíodh sin ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal na hearnála) d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh: |
|
1.1.1. |
Athchóiriú ar na córais sláinte ar fud an Aontais a spreagadh chun a áirithiú go gcuirfidh siad idirghabhálacha agus cúram fadtéarmach comhtháite agus pleanáilte ar fáil, ní hamháin chun daoine a leigheas, ach chun cosc a chur ar riochtaí sláinte trí leas a bhaint as foirne ildisciplíneacha, seachas an chóir leighis a bheith bunaithe ar shamhlacha eipeasóideacha cúraim. Ba cheart é a bheith mar sprioc dheiridh leis treo ceannasach an chórais sláinte i réimse na meabhairshláinte a ailíniú athuair i dtreo cleachtais atá casta, bith-shíceasóisialta agus bunaithe ar chearta an duine, rud a áiritheoidh cosc, luathbhrath agus scagthástáil na drochshláinte meabhrach, bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar chásanna di agus cur chuige duinelárnach a chur ar fáil sa phobal. |
|
1.1.2. |
Díriú i gcónaí ar chothú na meabhairshláinte a chur chun cinn, ar mheabhairghalair a chosc agus ar athléimneacht a fhorbairt a bheidh á príomhshruthú i ngach beartas AE, náisiúnta, réigiúnach agus earnála. Agus súil in airde ag CESE leis an teachtaireacht atá le teacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur chuige iomlánaíoch i leith na meabhairshláinte, is díol sásaimh dó an teachtaireacht seo ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (2). Tacaíonn sé go mór lena ‘mhórsprioc beartais phoiblí a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár, go mbeidh rochtain chothrom ag saoránaigh ar an gcosc agus ar sheirbhísí meabhairshláinte ar fud an Aontais, agus go dtreoróidh ath-lánpháirtiú agus cuimsiú sóisialta gníomhaíocht chomhchoiteann lena dtugtar aghaidh ar thinnis mheabhairshláinte’ agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí í a thrasuí go pras i bhfoirm Straitéis Meabhairshláinte AE a mbeidh fráma ama ag baint léi, a ndéanfar maoiniú leordhóthanach uirthi, a mbeidh freagrachtaí á sainiú aici agus a n-áireofar táscairí inti chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar fud an Aontais agus na mBallstát, lena n-áirítear faoi chuimsiú phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart tuilleadh machnaimh a dhéanamh sa Seimeastar ar thionchar tosca socheacnamaíocha agus comhshaoil ar an meabhairshláinte, lena n-áirítear na tairbhí tábhachtacha a bhaineann leis an rochtain ar sheirbhísí leasa ghinearálta inacmhainne agus ardcháilíochta a fheabhsú (tithíocht, fuinneamh, dramhaíl/uisce, etc.). Más féidir sin, bheadh an obair ar an leibhéal náisiúnta á stiúradh aige agus cheanglófaí ar na Ballstáit, mar shampla, pleananna gníomhaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar phleananna iad a bhféadfadh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh orthu, agus tíortha a thabhairt le chéile chun malartú a dhéanamh agus spreagadh a thabhairt dá chéile chun gníomhaíochtaí uaillmhianacha a bhaint amach. Ba cheart faireachán leanúnach a bheith á dhéanamh ar na príomhthosca riosca comhshaoil agus sóisialta agus ba cheart straitéisí agus bearta ábhartha a ghlacadh go tapa chun na rioscaí sin a íoslaghdú agus deireadh a chur leo. |
|
1.1.3. |
Deiseanna a chur ar fáil le haghaidh diagnóisiú luath, cóireáil leordhóthanach, síciteiripe agus athshlánú do dhaoine a bhfuil galair mheabhairshláinte orthu agus atá faoi mhíchumas síceolaíoch, agus le haghaidh cuimsiú sóisialta bunaithe ar urraim do dhínit an duine, do chearta an duine, don tsaoirse agus don chomhionannas. |
|
1.1.4. |
Ba cheart an mheabhairshláinte a aithint i ngach Ballstát mar ábhar tromchúiseach ar gá aird leordhóthanach a thabhairt uirthi maille le freagairt iomlánaíoch, chomhordaithe, struchtúrtha agus dhuinelárnach ina leith. Ní mór deireadh a chur leis an gcomhéigean, leis an stiogma, leis an deighilt agus leis an idirdhealú i gcás galair mheabhrach. Tá ríthábhacht le maoiniú iomchuí do na seirbhísí sláinte a bheidh ag tabhairt aghaidh ar fhadhbanna meabhairshláinte chun go mbeidh na seirbhísí sin inrochtana go huilíoch agus inacmhainne. Áirítear leis sin infheistíochtaí i líon leordhóthanach pearsanra cúraim sláinte a mbeidh oiliúint chuí orthu. Ach leibhéil leordhóthanacha pá, uas-sciliú leanúnach agus leibhéil foirne leordhóthanacha a sholáthar, d’áiritheofaí go mbeadh go leor airde agus ama dírithe ar na hothair, agus chomh maith leis sin, ar dhaoine a bhfuil comhairle leighis, tuairim leighis nó cóireáil leighis á lorg acu. Ba cheart gné an chistiúcháin, cibé acu i mbonneagair fhisiceacha nó shóisialta in earnáil na sláinte é sin, a fhorbairt níos fearr sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, a bhfuil easpa shuntasach iontu faoi láthair maidir le hionadaíocht agus cumhdach tionscadal a bhaineann leis an tsláinte. Tá go leor pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta nach dtugann aghaidh go leordhóthanach ar na géarchéimeanna iomadúla a bhí ann le déanaí agus atá ag cur leis an mbaol go mbeidh saincheisteanna meabhairshláinte ina slaoda chugainn, agus, ar an ábhar sin, ba cheart iad a uasdátú gan mhoill. |
|
1.1.5. |
Ba cheart rochtain níos fearr a chur ar fáil i dtaca le seirbhísí tacaíochta, cóireáil, síciteiripe, athshlánú leighis agus sóisialta, cúram speisialta agus ginearálta, agus gníomhaíochtaí a bhaineann le tacaíocht shíceasóisialta. Ba cheart é sin a dhéanamh trí idirghabhálacha nuálacha, pearsantaithe agus fianaise-bhunaithe a thabhairt chun cinn agus a chur chun feidhme, trí rochtain ar chógais atá comhionann agus inghlactha go sóisialta a fheabhsú agus a áirithiú, trí thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh daoine a bhfuil galair mheabhairshláinte orthu, trí fheabhas a chur ar chumas agus ar cháilíochtaí na ndaoine sin a chuireann cúram ginearálta agus speisialaithe ar fáil agus trí chóras a fhorbairt le haghaidh cúram comhtháite, ar a n-áirítear cúram pobalbhunaithe, arna sholáthar ag foirne ildisciplíneacha. |
|
1.1.6. |
Cinéalacha comhlántacha cur chuige a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacaíocht iomchuí a chur ar fáil i gcásanna géarchéime agus éigeandála. Ní mór ‘pirimid idirghabhálacha’ a leagan síos agus í bunaithe ar bhreithnithe sóisialta agus cultúrtha a bheith á leabú i gcroíbhearta chun dul i ngleic le riochtaí sláinte, naisc phobail agus tacaíocht teaghlaigh a neartú trí thacaíocht neamhshonrach spriocdhírithe, agus gairmithe sláinte éagsúla a bheith ag cur sainseirbhísí agus sainchúnaimh ar fáil do shaoránaigh a bhfuil galair mheabhrach thromchúiseacha orthu. Ar gach leibhéal oideachais, ba cheart i gcás curaclaim atá dírithe ar chur chun cinn na sláinte béim a leagan ar iompraíocht leordhóthanach a chothú agus ar chúram sláinte bunúsach a áirithiú, agus ar ghuaiseacha meabhairshláinte agus conas iad a sheachaint nó conas a dtionchar a laghdú, agus béim á leagan ar chásanna speisialta, cuir i gcás paindéimí nó tubaistí nádúrtha. |
|
1.1.7. |
Córais mheabhairshláinte phobalbhunaithe a bhunaítear ar chearta agus atá duinelárnach agus téarnamhbhunaithe a chumasú, ar córais mheabhairshláinte iad a thabharfaidh tús áite do chumhachtú an duine aonair agus dá rannpháirtíocht ghníomhach ina théarnamh féin agus é mar sprioc dheiridh acu feabhas a chur ar cháilíocht saoil daoine a bhfuil galair mheabhrach orthu. Cur chun cinn a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá ar bun chun cúram cuimsitheach agus tacaíocht chuimsitheach a chur chun feidhme laistigh den chóras meabhairshláinte chun díriú ar riachtanais grúpaí sonracha agus leochaileacha, cuir i gcás leanaí, daoine scothaosta, dídeanaithe agus imircigh, daoine LGBTIQ+, agus daoine i staideanna socheacnamaíocha atá faoi mhíbhuntáiste. |
|
1.1.8. |
Comhar domhanda, idirstáit agus idir-earnála a chur ar fáil i réimse na meabhairshláinte, acmhainneacht na n-il-gheallsealbhóirí a fhorbairt agus rannpháirtíocht chuimsitheach i gcur chun feidhme na dtionscnamh a ráthú. Ba cheart comhordú maille le malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a bheith i gceist leis sin, borradh a chur faoi thaighde agus nuálaíocht eolaíoch, díriú ar thorthaí dearfacha sláinte agus sóisialta agus ar próisis a dhigitiú, agus obair a chur chun cinn i dtaca le líonraí/ardáin a bhaineann leis na comhpháirtithe sóisialta, le taighdeoirí agus eolaithe, le gairmithe sláinte, le hoibrithe sóisialta, le ENRanna othar agus le seirbhísí sóisialta. |
|
1.1.9. |
Féachtar ar ionaid oibre mar láthair mhórthábhachta inar féidir an mheabhairshláinte a chur chun cinn agus tacaíocht ina leith a chothú. Dá bhrí sin, ba cheart tionscnaimh choiteanna agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha na gcomhpháirtithe sóisialta atá dírithe ar dhálaí oibre a fheabhsú ar bhonn leanúnach a chur chun cinn, ar a n-áirítear trí chistiú leordhóthanach. Ní mór measúnú a dhéanamh ar na rioscaí síceasóisialta san ionad oibre agus deireadh a chur leo, agus ní mór gach iarracht a dhéanamh chun an foréigean agus an ciapadh meabhrach a chosc (3). |
|
1.2. |
Toisc méadú a bheith ag teacht ar thábhacht na meabhairshláinte, agus chun teachtaireacht láidir a chur in iúl, mar atá gur gá comhghuaillíocht láidir a bhunú chun an mheabhairshláinte a fheabhsú agus a chur chun cinn, iarrann CESE ar an gCoimisiún Bliain Eorpach na Meabhairshláinte a ghairm de 2024. |
|
1.3. |
Tá nasc díreach idir sáruithe ar chearta an duine agus drochshláinte mheabhrach sa mhéid gur minic a bhíonn daoine atá faoi mhíchumas meabhrach nó míchumas intleachta nó a bhfuil fadhbanna acu le mí-úsáid substaintí thíos le drochíde, sáruithe ar chearta an duine agus idirdhealú i suíomhanna cúraim sláinte. I roinnt mhaith tíortha, bíonn cáilíocht an chúraim i saoráidí d’othair chónaitheacha agus d’othair sheachtracha araon lag nó díobhálach fiú, agus d’fhéadfadh sí a bheith ina bac gníomhach ar an téarnamh (4). Ní mór faireachán a dhéanamh ar na seirbhísí cúraim sláinte sóisialta agus meabhairshláinte atá ann cheana de réir a bhfuil i gcaighdeáin Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, cleachtais atá bunaithe ar chearta a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí agus i gcóras tacaíochta lena n-urramaítear toiliú saor agus feasach an duine, agus atá saor ó chomhéigean agus ó chóireáil éigeantach. Ní mór treoirlínte agus prótacail a ghlacadh, chomh maith le hoiliúint maidir le cineálacha cur chuige atá bunaithe ar chearta a chur ar fáil d’oibrithe cúraim sláinte agus cúraim shóisialta. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Is ábhar imní í an mheabhairshláinte atá ag dul i méid ar fud an Aontais mar ní hamháin gurb í bunchloch na folláine agus bunchloch mhodh maireachtála na hEorpa í, ach caitear 4 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais uirthi gach bliain freisin. Dá bhrí sin, chinn CESE ar thuairim féintionscnaimh a eisiúint ina leith. Ina haitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2022, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach nua i leith na meabhairshláinte a chur i láthair in 2023 (cur chuige atá san áireamh i gClár Oibre an Choimisiúin, 2023). Cuireadh i bhfáth i gconclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa freisin go raibh tábhacht na meabhairshláinte ag dul i méid, agus iarradh tionscnaimh a chur ar bun – arna iarraidh sin go speisialta ag daoine óga – chun tuiscint níos fearr a fháil ar shaincheisteanna meabhairshláinte agus conas déileáil leo. Sa tuarascáil athbhreithnithe CultureForHealth, a eisíodh i mí na Nollag 2022 (5), iarradh freisin ar an gCoimisiún Eorpach díriú ar an meabhairshláinte mar thosaíocht straitéiseach. |
|
2.2. |
Arna iarraidh sin do shaoránaigh na hEorpa, d’iarr Parlaimint na hEorpa (6) agus an Chomhairle go gcuirfí chun gnímh sa réimse sin freisin. Le déanaí, d’iarr Uachtaránacht inteachta na Spáinne tústuairim ó CESE, tústuairim a bhí nasctha leis an togra féintionscnaimh tosaigh. |
3. Deitéarmanaint na meabhairshláinte
|
3.1. |
Is iad seo a leanas na deitéarmanaint is tábhachtaí i dtaca leis an meabhairshláinte: an mhicreathimpeallacht agus an mhacraithimpeallacht, tosca sochshíceolaíocha aonair agus tosca a bhaineann leis an timpeallacht chultúir, e.g., stádas teaghlaigh, inscne, easpa caidreamh tacúil, leibhéal íseal oideachais, stádas íseal ioncaim agus/nó socheacnamaíoch, fadhbanna gairme, drochdhálaí oibre nó dálaí neamhbhuana oibre, dífhostaíocht, deacrachtaí airgeadais, stiogma agus leithcheal a bhraitear a bheith ann, drochshláinte shómatach, uaigneas, féinmheas íseal, drochdhálaí maireachtála, aosú, drochimeachtaí saoil, etc. Ina theannta sin, cuirtear leis an riosca go mbeidh fadhbanna meabhrach ag duine más ann do leochaileachtaí agus éiginnteacht faoin am atá le teacht, agus má thagann athruithe ar chórais luacha a bhfuil na glúnta nua ag cloí leo. Tá fíorthábhacht leis an measúnú ar rioscaí síceasóisialta aonair i saol na hoibre – go háirithe i gcás ina bhfuil ardleibhéal freagrachta, éiginnteacht, neamhbhuaine, timpeallacht ghuaiseach nó obair neamhthipiciúil i gceist. Bíonn saintréithe an duine aonair, e.g. frithsheasmhacht in aghaidh struis, galair ainsealacha, etc., le cur san áireamh freisin. |
|
3.2. |
Ar leibhéal an daonra, baineann tosca riosca le drocheispéireas le linn na hóige, bochtaineacht, rialachas lag, idirdhealú, sáruithe ar chearta an duine, drochoideachas, dífhostaíocht, droch-chúram sláinte, easpa tithíochta agus easpa seirbhísí leordhóthanacha sóisialta agus sláinte, cáilíocht na mbeartas cosanta sóisialta, easpa deiseanna, etc. Bíonn idirspleáchas ann idir bochtaineacht agus galair mheabhrach agus bíonn fáinne fí i gceist – tagann bochtaineacht de na galair mheabhrach agus is toisc riosca í an bhochtaineacht don drochshláinte mheabhrach. |
|
3.3. |
Bíonn tionchar ag tosca comhshaoil freisin ar an meabhairshláinte. Bíonn tionchar casta ag na tosca sin i gcónaí, tionchar a bhraitheann ar an gcomhthéacs reatha ina dtarlaíonn galair mheabhrach nó ar chúlra na ngalar meabhrach. Baineann go leor de na tosca comhshaoil leis an aeráid, le feiniméin nádúrtha agus le tubaistí éagsúla, cuir i gcás hairicíní nó creathanna talún. Baineann cinn eile acu le fáil a bheith ar uisce inólta agus cáilíocht an uisce sin, le fáil a bheith ar dhiúscairt séarachais, leis an méid uirbithe atá i gceist, etc. |
|
3.4. |
Bíonn tionchar éagsúil ag deitéarmanaint na meabhairshláinte ar ghrúpaí éagsúla daoine. De ghnáth, dá leochailí an grúpa is ea is mó an éifeacht a bhíonn ag na deitéarmanaint sin air. Ar na grúpaí an-leochaileach sin tá daoine óga agus daoine scothaosta singile, daoine atá uaigneach agus daoine a bhfuil riochtaí orthu cheana féin nó atá faoi mhíchumas intleachta nó soghluaisteachta, agus imircigh. |
|
3.5. |
Is féidir le gach cineál andúile (bíodh baint aici le substaintí nó iompraíocht nó nach mbíodh) an dea-shláinte mheabhrach a chur i mbaol. Chomh maith le halcól, tobac agus drugaí, is féidir le cógais áirithe a bheith ina gcúis andúile freisin, lena n-áirítear cógais a thugtar amach chun galair mheabhairshláinte a mhaolú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach i gcás gach duine atá ina ghá mear-rochtain a bheith acu ar shíciatraithe agus síciteiripeoirí gairmiúla a fhéadfaidh dul i ngleic go mion leis na fadhbanna sin. D’fhéadfadh sé gur réiteach sealadach é cógais a thabhairt fad atáthar ag fáil cabhair ghairmiúil. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an andúil iompraíochta, go háirithe cásanna a eascraíonn as an iomarca úsáide a bhaint as gléasanna digiteacha (‘nomafóibe’ < ‘no-mob-phobia’ an Bhéarla), ós rud é go mbíonn tionchar ar leith acusan ar leanaí agus ar dhéagóirí. D’fhéadfadh algartaim a úsáidtear chun ábhar a phearsantú ar na meáin shóisialta rioscaí a chruthú freisin maidir le riochtaí meabhracha a chur in olcas má leanann siad de bheith ag moladh an ábhair chéanna is cúis le fadhbanna meabhairshláinte, mar atá taomanna imní agus an dúlagar chomh minic lena athrach. Maidir le teiripí sícideileacha, ar teiripí iad sin atá ag teacht chun cinn mar aicme nua de chóireálacha ceannródaíocha lenar féidir riochtaí cosúil le dúlagar tromchúiseach, PTSD (neamhord struis iarthrámaigh) agus neamhord úsáide alcóil a leigheas, is gá tuilleadh taighde a dhéanamh orthu i suíomh teiripeach rialaithe. Aithníonn CESE an gealladh atá faoi na cóireálacha sin agus tá sé á iarraidh aige go gcuirfí cistiú tiomnaithe ar fáil chun taighde ar na teiripí sin a chur chun cinn, maille lena bhforbairt agus a dtráchtálú, má chinntear air sin. (7) |
|
3.6. |
Déantar cur síos in Innéacs Headway maidir le Meabhairshláinte (8) ar na hiarmhairtí a thagann di, lena n-áirítear básmhaireacht mhéadaithe, iompar taghdach agus iompar ionsaitheach agus rátaí féinmharaithe níos airde. Léirigh an t-innéacs sin freisin go raibh baint ag tosca nár pléadh mórán roimhe seo, cuir i gcás ardú aon chéim amháin ar an meánteocht mhíosúil, le méadú 0,48 % ar na cuairteanna ar sheomra éigeandála meabhairshláinte agus le méadú 0,35 % ar an bhféinmharú. |
|
3.6.1. |
Léiríonn an t-innéacs, maidir le tionchar coinbhleachtaí agus imirce, go mbíonn galar meabhrach ag cur ar thart ar 22,1 % de na daoine i dtimpeallacht choinbhleachta (cineálacha éadroma dúlagair, imní agus neamhoird struis iarthrámaigh ar 13 % díobh, cineálacha measartha ar 4 % díobh, agus dúlagar mór agus imní, scitsifréine nó neamhord dépholach ar 5,1 % díobh). I ndiaidh coinbhleachtaí, leanann galar meabhrach fós féin de bheith ag cur ar thart ar dhuine as cúigear. |
|
3.6.2. |
Ag cur san áireamh go bhfuil 27 gcoinbhleacht (9) ar siúl ar fud an domhain agus 68,6 milliún duine easáitithe ar bhonn domhanda (10), is príomhthosaíocht é aghaidh a thabhairt ar riachtanais mheabhairshláinte na ndaoine atá thíos le coinbhleachtaí agus imirce, agus beidh breis faireachán sláinte ag teastáil go ceann trí bliana ar a laghad tar éis na coinbhleachta. |
|
3.6.3. |
Tugtar breac-chuntas thairis sin san innéacs ar na mórdheiseanna a bheidh ann do na córais sláinte chun torthaí meabhairshláinte a fheabhsú nó a choinneáil seasmhach amach anseo. Léiríonn na sonraí bearna shuntasach sna straitéisí, beartais agus reachtaíocht atá i bhfeidhm i leith na meabhairshláinte, agus tá difríochtaí móra ó Bhallstát go chéile maidir le méid an chaiteachais a théann ar chúram sláinte (e.g. 14,5 % sa Fhrainc vs. 1 % i Lucsamburg) (11). Ar an taobh dearfach den scéal, tá dul chun cinn éachtach á dhéanamh i dtaca le saoráidí meabhairshláinte le haghaidh othair sheachtracha, áit a bhfuil méadú ó 3,9 go 9,1 in aghaidh an mhilliúin duine le sonrú. |
4. Éifeacht na ngéarchéimeanna iomadúla a bhí ann le déanaí ar an meabhairshláinte
|
4.1. |
Roimh COVID-19, thug na sonraí le fios go raibh breis is 84 mhilliún duine (nó duine as gach seisear) san Aontas a raibh tinneas meabhrach ag cur orthu – figiúr a bhfuil méadú tagtha air ó shin, is cinnte (12). Léiríodh go raibh riachtanais arda de bharr galar meabhrach ag thart ar 5 % den daonra in aois oibre, agus i gcás 15 % eile go raibh riachtanais mheasartha acu i réimse na meabhairshláinte, rud a bhain dá n-ionchas fostaíochta, dá dtáirgiúlacht agus dá bpá. Is galair mheabhrach agus neamhoird iompraíochta is cúis le thart ar 4 % de na básanna in aghaidh na bliana san Eoraip agus is iad an dara cúis bháis is mó iad i measc daoine óga. |
|
4.2. |
Chuaigh cúrsaí meabhairshláinte i gcoitinne in olcas arís ó thús phaindéim COVID-19, ach is i measc daoine óga, daoine scothaosta, daoine ar cailleadh duine muinteartha leo de bharr COVID-19 agus grúpaí leochaileacha eile, is mó a bhí sin le sonrú. Bíonn tionchar diúltach ag an leithlisiú sóisialta agus an strus sochaíoch ar an meabhairshláinte agus ar fholláine daoine. Bíonn baol ann i gcás daoine a bhfuil riochtaí orthu cheana féin go rachaidh a sláinte fhisiciúil agus a meabhairshláinte in olcas. In ainneoin an éilimh breise ar sheirbhísí cúraim meabhairshláinte, is amhlaidh a cuireadh isteach go mór ar an rochtain ar chúram sláinte i gcomhthéacs na paindéime, le linn na céime tosaigh den phaindéim go háirithe. Léiríonn an t-éileamh méadaithe ar chúram meabhairshláinte an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le seirbhísí teilileighis agus le réitigh dhigiteacha maidir le fadhbanna meabhairshláinte a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus faireachán a dhéanamh orthu. |
|
4.3. |
Bhí siad seo a leanas ar na hócáidí strusmhara a bhain le paindéim COVID-19: an baol go n-ionfhabhtófaí daoine eile agus go dtarchuirfí an víreas chucu, eagla roimh iarmhairtí fadtéarmacha na paindéime (lena n-áirítear na hiarmhairtí eacnamaíocha), siomptóim galar eile (galair riospráide go háirithe) a bheith á léirmhíniú go mícheart mar shiomptóim COVID-19, dúnadh scoileanna agus naíscoileanna, rud a mhéadaigh strus na dtuismitheoirí agus na gcúramóirí, fearg agus míshástacht leis an rialtas agus le lucht leighis, nó mímhuinín as faisnéis arna cur ar fáil ag an rialtas agus ag comhlachtaí oifigiúla eile. |
|
4.4. |
Ina theannta sin, bíonn strusairí breise ag cur ar oibrithe cúraim sláinte túslíne (lena n-áirítear altraí, dochtúirí, tiománaithe otharchairr, teicneoirí saotharlainne agus paraimhíochaineoirí) le linn na paindéime, cuir i gcás stiogmatú as bheith ag obair le hothair i mbaol, trealamh cosanta pearsanta neamhleordhóthanach agus easpa trealaimh do chúram othar a mbeadh galair thromchúiseacha orthu, faireachas leanúnach de dhíth, uaireanta oibre ag dul i méid, méadú ar líon na n-othar, gá le huas-sciliú agus oiliúint leanúnach, athruithe ar na prótacail maidir le diagnóisiú agus cóireáil i gcás othair a mbeadh COVID-19 orthu, tacaíocht shóisialta laghdaithe, gan deis acu díriú ar an bhféinchúram, faisnéis leighis neamhleordhóthanach faoi éifeachtaí fadtéarmacha an ionfhabhtaithe agus an eagla go ndéanfaí teaghlaigh agus daoine muinteartha leo a ionfhabhtú. |
|
4.5. |
Le déanaí, chuir ionsaithe na Rúise ar an Úcráin agus a n-iarmhairtí do shlite beatha, chomh maith leis an éiginnteacht faoin todhchaí a lean, tús le suaití nua a mbeidh tionchar acu ar an meabhairshláinte ar feadh i bhfad. D’fhéadfadh dúshláin ar leith i dtaca le meabhairshláinte a bheith roimh náisiúnaigh tríú tír, cuir i gcás daoine ar a dteitheadh ón Úcráin, de dheasca eispéiris thrámacha ina dtír dhúchais nó a chuimlíonn leo le linn dóibh a bheith ag teitheadh chuig an Aontas Eorpach. Ina theannta sin, cruthaíonn an cogadh éifeachtaí iarmharta agus leagtar ualaí socheacnamaíocha ar phobal an Aontais, rud a ghineann rioscaí breise fadtéarmacha don mheabhairshláinte ar fud an Aontais. |
5. Grúpaí leochaileacha
|
5.1. |
Leanaí agus déagóirí. Ba cheart cur chun cinn idirghabhálacha meabhairshláinte sa luath-óige a bheith ina chuid lárnach den chúram sláinte ginearálta do leanaí agus dá dtuismitheoirí agus dá gcúramóirí. Cuirtear tús leo le linn toirchis agus leantar díobh i bhfoirm tacaíocht le haghaidh tuismitheoireacht fhreagrach agus comhairle faoin bhforbairt luath-óige. Ba cheart do na córais oideachais díriú ar fhaisnéis a chur ar fáil agus ar ardú feasachta, ar chosc agus ar scagthástáil le haghaidh foréigin (cibé acu foréigean fisiciúil nó ar líne é sin), alcóil, tobac nó drugaí, etc. Cé go gcuireann ró-úsáid na meán sóisialta an mheabhairshláinte i mbaol, cuireann na meáin sin deiseanna ar fáil freisin chun cóir leighis a chur ar dhaoine a bhfuil tinneas meabhrach orthu. An strus a chuirtear ar leanaí ar scoil agus an tsúil atá ann go gcruthóidh siad go maith, is féidir leo dochar a dhéanamh dá sláinte mheabhrach freisin. |
|
5.1.1. |
Ba cheart cláir atá dírithe ar an bhfolláine mheabhrach a chur chun cinn a thabhairt isteach i scoileanna agus ba cheart eolas ar an meabhairshláinte ina measc a chur chun cinn. Ba cheart bealaí éifeachtacha i dtreo earnáil an chúraim sláinte a fhorbairt d’fhonn cuidiú le leanaí ó aois óg a mothúcháin féin agus mothúcháin daoine eile a thabhairt faoi deara, agus déileáil le mothúcháin chasta agus cásanna deacra trí straitéisí éifeachtacha a roghnú chun déileáil leo. Tá ríthábhacht le hardáin ar líne chun an mheabhairshláinte in institiúidí oideachais a chur chun cinn agus le suíomhanna gréasáin idirghníomhacha do dhaoine óga a bheidh oiriúnach dá n-aois. |
|
5.1.2. |
I dtaca le cosaint meabhairshláinte leanaí, ní leor bearta leighis chun a áirithiú nach ann do shiomptóim chliniciúla i leanbh, óir teastaíonn iarrachtaí spriocdhírithe freisin ar mhaithe le dea-chaighdeán saoil agus lánoiriúnú sóisialta. Tá cur chuige comhoibríoch (earnáil an oideachais, earnáil an chúraim sláinte agus an earnáil shóisialta a chur ag obair le chéile) ag teastáil sna scoileanna chun an mheabhairshláinte a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar thráma, agus chun fadhbanna meabhairshláinte, úsáid agus mí-úsáid substaintí, féinmharú, foréigean i measc na hóige agus cineálacha éagsúla bulaíochta a chosc agus a leigheas. |
|
5.2. |
Daoine scothaosta. Tá an meánionchas saoil sna Ballstáit ag dul i méid i gcónaí, rud a thugann chun cinn saincheist na seanaoise. Is minic a tharlaíonn athruithe saoil (ina measc athruithe sa réimse sícichéadfach) mar thoradh ar phróisis aosaithe agus tagann riachtanais nua chun solais dá réir de thoradh galair mheabhrach a bheith ar sheanóirí. Mar thoradh ar sháruithe sna réimsí sícealuaile agus céadfacha, ar an ngéire bhraistinte a bheith ag teip de réir a chéile agus ar dheacrachtaí le dul in oiriúint do thimpeallacht atá ag athrú, tagann imní agus dúlagar ar dhaoine. Cruthaítear éifeachtaí freisin mar thoradh ar neamhoird néareolaíocha a bhaineann leis an gcoirtéis, meascán d’athruithe san inchinn arb í an tseanaois is cúis leo, agus cúinsí géiniteacha, timpeallachta agus stíl mhaireachtála. Cé gur mó ná riamh an gá atá leis an uas-sciliú i gcás daoine scothaosta ionas gur féidir leo fearais tí atá ag éirí níos casta i rith an ama a láimhseáil i gceart, is amhlaidh a theipeann ar a gcumas foghlaim a dhéanamh agus scileanna nua a shealbhú de réir mar a théann siad anonn in aois, rud a d’fhéadfadh strus a chur orthu sa saol laethúil. Ar a mhuin sin, cuireann athruithe áirithe sa saol maille le deacrachtaí, caillteanais agus leithlisiú brú ar mheabhairshláinte daoine nuair a bhíonn siad anonn sna blianta. Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin go léir, ní mór caighdeáin a thabhairt chun cinn le haghaidh cúram struchtúrtha a chuirfear ar fáil ar leibhéil eile seachas ar an leibhéal institiúideach amháin agus a thugann aghaidh ar riachtanais phearsanta daoine scothaosta. Tá sé ríthábhachtach cláir chúraim dhuinelárnacha a fhorbairt sa phobal ionas nach gcuirfear na seirbhísí ar fáil d’institiúidí ar nós tithe altranais le haghaidh seanóirí nó ospísí amháin. Ní mór iarracht bhreise a dhéanamh go gníomhach chun daoine a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu a aimsiú, go háirithe i gcás géarchéime nó tar éis imeacht trámach. |
|
5.3. |
Peirspictíochtaí inscneacha. Is fadhb freisin iad na míchothromaíochtaí inscne atá nasctha leis an meabhairshláinte. Fuair an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) trína hInnéacs Comhionannais Inscne 2022 (13) amach gur thuairiscigh mná leibhéil mheabhairshláinte ní b’ísle ná fir i ngach ceann de thrí ráig na paindéime. Tháinig méadú suntasach ar an bhforéigean teaghlaigh freisin le linn na paindéime, rud ar a dtugtar an ‘scáthphaindéim’. Ina theannta sin, tá a dhá oiread seans ann go dtolgfaidh fir COVID-19 fada, as a leanfaidh siomptóim néareolaíocha agus leibhéil arda dúlagair agus imní (14). Leis an Straitéis Eorpach um Chúram (15), tugtar aghaidh freisin ar na riachtanais a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil, go háirithe i ndáil le mná (16). |
|
5.3.1. |
Ba cheart measúnú tionchair inscne a bheith sna beartais mheabhairshláinte uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun príomhshruthú inscne a áirithiú. Bíonn difríochtaí bitheolaíocha i gceist, ach bíonn ról tábhachtach ag cúinsí síceolaíocha agus sóisialta freisin. Cé go bhfuil go leor ar eolas cheana féin faoi dhifríochtaí leitheadúlachta, is minic nach mbítear róshoiléir faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar chosc, rioscaí, diagnóisiú agus cóireálacha. Dá bhrí sin, tá breis taighde ag teastáil ina leith. Sampla tábhachtach is ea an treocht go bhfuil meathlú i bhfad níos géire tagtha ar mheabhairshláinte cailíní ar déagóirí iad i gcomparáid le buachaillí den aois chéanna, agus an brú a chuirtear ar chailíní faoi láthair, tá sé trí huaire níos mó ná mar a bhí 20 bliain ó shin. |
|
5.3.2. |
Tá géarghá le tacaíocht agus cóireáil mheabhairshláinte a bheidh saincheaptha do chúrsaí inscne. Le linn saolré mná, is iomaí eipeasóid ann a d’fhéadfadh fadhbanna meabhairshláinte a thionscnamh. Cuir i gcás, neamhord diosfóireach réamh-mhíosta (PMDD); éifeacht mheabhrach, fhisiceach, shíciatrach agus chógaschinéiteach an mheanapáis nó na frithghiniúna ó bhéal; an easpa teiripe drugaí do mhná torracha agus do mhná atá ag cothú linbh ar an gcíoch; easpa cúraim meabhrach, cúraim sláinte agus cóireála saincheaptha tar éis foréigean teaghlaigh agus/nó foréigean gnéasach, luathphósadh agus neamhchosaint (luath) ar phornagrafaíocht (fhoréigneach) nó gáinneáil. D’fhéadfadh meabhairshláinte agus folláine ban dul in olcas mar thoradh orthu sin go léir. |
|
5.4. |
Daoine a bhfuil andúil acu. Ba cheart béim ar leith a leagan ar ghalair mheabhrach a bhaineann le handúil in alcól agus/nó i ndrugaí aindleathacha Tá tábhacht ar leith leis na rioscaí a bhaineann le húsáid alcóil, toisc a fhorleithne a bhaintear úsáid as. Sula dtiteann duine chun alcólachais is gnách dó a bheith ag ól alcóil ar bhonn iomarcach agus díobhálach, agus leas á bhaint aige as alcól i dtosach mar dhea chun strus a mhaolú, rud a fhágann, chomh minic lena athrach, nach fada go mbíonn andúil aige ann. Ar an drochuair, léirítear i staidéar de chuid ESPAD a rinneadh san Aontas Eorpach go mbaineann an ghlúin óg an úsáid chontúirteach chéanna sin as an alcól freisin. Tá úsáid drugaí aindleathacha eile ina fadhb thromchúiseach i réimse na sláinte poiblí le blianta beaga anuas freisin, agus tá gné shuntasach ghlúine ag baint léi. |
|
5.5. |
Daoine faoi mhíchumas intleachta agus síceasóisialta. Bíonn slabhra seirbhísí duinelárnacha ar ardcháilíocht, inrochtana agus bunaithe ar chearta an duine ag teastáil i dtaca le seirbhísí meabhairshláinte sa phobal de ó dhaoine a mbíonn ardriachtanais cúraim meabhairshláinte acu. Le linn phaindéim COVID-19, rinneadh daoine faoi mhíchumas a bhí ina gcónaí in institiúidí ‘a scoitheadh ón gcuid eile den tsochaí’, agus tuairiscíodh leigheas iomarcach a bheith á thabhairt do chónaitheoirí, go rabhthas á dtámhú nó á gcoinneáil faoi ghlas agus tuairiscíodh gur tharla samplaí den fhéindochar freisin (17). Le linn phaindéim COVID-19, bhí rátaí básmhaireachta ní b’airde i measc daoine faoi mhíchumas intleachta, agus ba lú seans go bhfaighidís seirbhísí dianchúraim ach oiread (18). Bíonn sé i bhfad níos dúshlánaí cúram agus tacaíocht dhuinelárnach indibhidiúlaithe a chur ar fáil faoi dhálaí géarchéime in institiúidí ar mhórscála, rud a fhágann daoine faoi mhíchumas intleachta agus síceasóisialta i mbaol cúram agus cóireáil éagothrom a fháil (19). Dá bhrí sin, ní foláir deireadh a chur le cleachtais leithscartha agus ní foláir an dí-institiúidiú a bheith i gcroílár na mbeartas sóisialta d’fhonn a chur ar chumas daoine atá faoi mhíchumas leas a bhaint as a gceart ar chónaí i measc an phobail. |
5.6. Nochtadh don ró-strus, e.g. paindéim, tubaistí nádúrtha, coinbhleachtaí
|
5.6.1. |
De dheasca phaindéim COVID-19, agus COVID-19 fadmharthanach a lean an phaindéim, is amhlaidh a géaraíodh ar go leor de na tosca riosca a théann i bhfeidhm ar dhaoine aonair, rud atá ina chúis le droch-mheabhairshláinte agus a lagaíonn go leor de na sásraí cosantacha, rud ba chúis le leibhéil imní agus dúlagair nach bhfacthas riamh roimhe sin. I mBallstáit áirithe, tá méadú faoi dhó tagtha ar leitheadúlacht an fheiniméin sin (20). Is thart ar bhuaicphointí na paindéime ba mheasa a bhí staid na meabhairshláinte, agus siomptóim an dúlagair ar an leibhéal ab airde tráth a bhí beartais dianghlásala i bhfeidhm. |
|
5.6.2. |
Léirigh paindéim COVID-19 na slite ina bhféadfaí idirghníomhaíocht dhearfach a chothú idir dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla, ar thaobh amháin, agus an tsláinte phoiblí, ar an taobh eile (21). Léiríodh freisin go raibh roinnt gairmeacha neamhchosanta ar thosca síceasóisialta a d’fhéadfadh an ráta nochta don strus a mhéadú (22) agus tionchar diúltach a imirt. Mar shampla, is bagairt iad an traochadh i measc foirne agus athruithe déimeagrafacha ós buanlaghdú ar fhórsa saothair sláinte na hEorpa an toradh a d’fhéadfadh a bheith orthu (23). Tá roinnt gairmeacha ann ar mó is baol do lucht a gcleachta an éiginnteacht (24) ná gairmithe eile agus is baol dóibh freisin an ciapadh fisiciúil – e.g. oibrithe sna réimsí seo a leanas: cúram sláinte agus oideachas (14,6 %), iompar agus cumarsáid (9,8 %), fáilteachas (9,3 %), miondíol (9,2 %). Tuairiscítear go mbíonn suim ghnéasach nár iarradh á cur in oibrithe sna hearnálacha sin freisin mar leanas: fáilteachas (3,9 %), cúram sláinte agus oideachas (2,7 %) agus iompar agus cumarsáid (2,6 %) (25). D’fhéadfadh teagmhais strusmhara den sórt sin a bheith ina gcúis le riochtaí agus fadhbanna meabhracha agus ní mór iad a chosc. |
|
5.6.3. |
Daoine a bhfuil taithí acu ar an timpeallacht chontúirteach a bhaineann le tubaistí nádúrtha dosmachtaithe, e.g. creathanna talún, hairicíní, dóiteáin agus tuilte, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine chomh maith le daoine atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta. Bíonn cineálacha éagsúla freagairtí (26) ann freisin tar éis imeacht trámach féideartha:
|
6. Samplaí den dea-chleachtas
|
6.1. |
Le linn na paindéime, rinne go leor Ballstát bearta chun cur leis an tacaíocht a bhí ar fáil don mheabhairshláinte. Rinne an chuid is mó díobh faisnéis nua faoin meabhairshláinte a fhorbairt agus/nó línte cabhracha a eagrú trína dtugtaí comhairle maidir le bearta cuiditheacha le linn ghéarchéim COVID-19, agus bhí go leor tíortha ann a rinne iarrachtaí breise maidir le cosc agus cur chun cinn agus maidir le rochtain bhreise ar sheirbhísí meabhairshláinte a chur ar fáil mar aon le maoiniú do na seirbhísí sin (27). Ar na samplaí sin tá na tíortha seo a leanas:
|
|
6.2. |
Thug Ballstáit eile straitéisí náisiúnta isteach freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na meabhairshláinte. Mar shampla, rinne an Spáinn caibidil iomlán dá straitéis náisiúnta 2022-2026 a thiomnú do dhúshláin mheabhairshláinte mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus tugadh isteach sraith treoirlínte maidir le conas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin den sórt sin le linn géarchéime agus ina diaidh. Sa Liotuáin, in 2020, forbraíodh plean gníomhaíochta mar fhreagairt ar COVID-19 chun an soláthar cúraim meabhairshláinte a neartú agus chun iarmhairtí diúltacha féideartha na paindéime a mhaolú (29). Sa phlean gníomhaíochta sin sa Liotuáin, leagtar amach freisin sraith beart chun seirbhísí a bhí ann cheana a leathnú agus a oiriúnú, tugtar isteach seirbhísí nua, cuir i gcás foirne síceolaíocha géarchéime pobail, comhairleoireacht shíceolaíoch ísealtairsí a chur ar fáil ar an leibhéal bardasach agus seirbhísí atá dírithe ar chur chun cinn na meabhairshláinte a dhéanamh níos inrochtana. |
|
6.3. |
Maidir leis an tsíciteiripe, an chomhairleoireacht shíceolaíoch agus teiripí éagsúla cainte agus grúpaí, is cóireálacha bunaithe ar fhianaise iad nach foláir a mhéadú chun go mbeidh siad inacmhainne, inrochtana agus ar fáil do dhaoine a bhfuil gá acu leo chun cothromaíocht a bhaint amach idir na modhanna traidisiúnta cóireála atá i réim. |
|
6.4. |
Feicfear amach anseo cad é tionchar meántéarmach agus fadtéarmach na paindéime ar an ngá atá le seirbhísí meabhairshláinte. Siúd is go bhfuil táscairí ann a thugann le fios gur tháinig feabhas ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine sa chéad chúpla mí de 2022, is ann do chomharthaí arda drochshláinte mheabhrach go fóill féin. Léiríonn na sonraí náisiúnta teoranta atá ar fáil go bhfuil níos mó siomptóm dúlagair agus imní i measc daoine fásta ná mar a bhí roimh an bpaindéim (30). |
An Bhruiséil, 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Is mar seo a shainmhínigh C. Winslow (1923) cur chun cinn na sláinte: iarracht eagraithe ar leibhéal na sochaí chun oideachas a chur ar an duine aonair faoi cheisteanna sláinte pearsanta agus chun córas sóisialta a fhorbairt a chuireann caighdeán maireachtála ar fáil do dhaoine aonair ar leor é chun a sláinte féin a chothabháil agus a fheabhsú.
(2) COM(2023) 298 final.
(3) Chuathas isteach go mion i ngnéithe sonracha a bhaineann le hobair fhorbhásach agus an mheabhairshláinte, Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne) (IO C 228, 29.6.2023, lch. 28) .
(4) ‘WHO QualityRights tool kit to assess and improve quality and human rights in mental health and social care facilities’, An Ghinéiv, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, 2012.
(5) https://www.cultureforhealth.eu/knowledge/.
(6) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 ar straitéis sláinte poiblí an Aontais don ré i ndiaidh COVID-19 (2020/2691(RSP)) (IO C 371, 15.9.2021, lch. 102), https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2020-0205_GA.html
(7) Buairt faoi bheith gan rochtain ar fhón póca nó gléas eile. Baineann sí le handúil sna meáin shóisialta agus san idirlíon freisin.
(8) https://eventi.ambrosetti.eu/headway/wp-content/uploads/sites/225/2022/09/220927_Headway_Mental-Health-Index-2.0_Report-1.pdf
(9) https://eventi.ambrosetti.eu/headway/wp-content/uploads/sites/225/2022/09/220927_Headway_Mental-Health-Index-2.0_Report-1.pdf, lch. 60.
(10) Sonraí de chuid na Náisiún Aontaithe.
(11) https://www.angelinipharma.com/media/press-releases/new-headway-report-highlights-environmental-determinants-of-mental-health/.
(12) https://health.ec.europa.eu/system/files/2022-12/2022_healthatglance_rep_en_0.pdf
(13) Léigh an tuarascáil via https://eige.europa.eu/sites/default/files/documents/gender_equality_index_2022_corr.pdf. Féach freisin ar https://eige.europa.eu/publications/gender-equality-index-2021-report/women-report-poorer-mental-well-being-men
(14) https://timesofindia.indiatimes.com/life-style/health-fitness/health-news/females-twice-more-likely-to-suffer-from-long-covid-who-releases-alarming-data-on-sufferers-and-symptoms/photostory/94194227.cms?picid=94194317
(15) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_5169
(16) https://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=en&catId=89&furtherNews=yes&newsId=10382#navItem-relatedDocuments
(17) Brennan, C.S., Disability Rights During the Pandemic: A Global Report on Findings of the COVID-19 Disability Rights Monitor. 2020, COVID-19 Disability Rights Monitor.
(18) https://www.who.int/news-room/fact-sheets/detail/disability-and-health
(19) https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/333964/WHO-EURO-2020-40745-54930-eng.pdf.
(20) ‘Health at a Glance: Europe 2022’ © ECFE/An tAontas Eorpach, 2022.
(21) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52021DC0323
(22) https://osha.europa.eu/en/themes/health-and-social-care-sector-osh
(23) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Lucht Saothair na Sláinte agus Straitéis Chúraim do Thodhchaí na hEorpa (Tuairim féintionscnaimh) IO C 486, 21.12.2022, lch 37.
(24) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne) IO C 228, 29.6.2023, lch. 28 .
(25) https://osha.europa.eu/bg/themes/health-and-social-care-sector-osh
(26) Flore Gil Bernal, An Ollscoil Ibéir-Mheiriceánach (Meicsiceo), www.fearof.net
(27) Oifig Staidrimh Náisiúnta (2021), Coronavirus and depression in adults, An Bhreatain Mhór: Iúil go Lúnasa 2021.
(28) Siondróm Covid Fadmharthanaigh – https://www.oeb.org.cy/egcheiridia-long-covid-cyprus
(29) Wijker, Sillitti agus Hewlett (2022), The provision of community-based mental health care in Lithuania, https://doi.org/10.1787/18de24d5-en
(30) Sciensano, 2022; Santé publique France, 2022.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/108 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bearta chun an murtall i measc leanaí a laghdú
(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)
(2023/C 349/17)
|
Rapóirtéir: |
Josep PUXEU ROCAMORA |
|
Comhrapóirtéir: |
Isabel CAÑO AGUILAR |
|
Comhairliúchán |
Litir ó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 8.12.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
1.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
197/0/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Ceart bunúsach is ea an ceart chun dea-shláinte. Ina theannta sin, is ceart a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh é ceart gach linbh fás aníos go sona agus go folláin agus a bheith in ann barr a gcumais a bhaint amach. |
|
1.2. |
Faoi láthair, tá an rómheáchan agus an murtall i measc leanaí ar cheann de na príomhdhúshláin sláinte poiblí i dtíortha an Aontais. Saincheist is ea é ina dtagann an iliomad tosca le chéile, e.g. tosca comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha. Tá baint ag an murtall i measc leanaí le fadhbanna sláinte fisiciúla, meabhraí agus sóisialta san óige agus san aosacht. |
|
1.3. |
Tá CESE á chur in iúl gur gá neamhionannais shocheacnamaíocha le linn na hóige a laghdú, toisc go bhfuil baint dhíreach acu le meáchan breise i measc leanaí. I gcásanna áirithe, tá sciar na leanaí agus na ndéagóirí atá murtallach dhá oiread níos airde i dteaghlaigh ar ioncam íseal. |
|
1.4. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil critéir éagsúla ann maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí i mBallstáit éagsúla (a mhéid a bhaineann le gnéithe éagsúla amhail cumarsáid, lipéadú cothúcháin, cur chun cinn na gníomhaíochta coirp agus aistí bia inbhuanaithe, nó gnéithe níos nuálaí a chur san áireamh amhail úsáid shláintiúil a bhaint as scáileáin agus an tsláinte mheabhrach agus mhothúchánach a chur chun cinn). Tá sé ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Pharlaimint na hEorpa ról níos réamhghníomhaí a imirt sa réimse sin agus caighdeánú agus creat níos éifeachtaí a chur chun cinn. |
|
1.5. |
Tá CESE á thabhairt dá aire, agus is cúis imní dó é, gur ró-lag iad an chuid is mó de na srianta náisiúnta maidir le cur chun cinn agus fógraíocht bia agus deochanna neamh-mheisciúla do leanaí agus nach leor na tionscnaimh dheonacha atá ann cheana chun leanaí agus déagóirí a chosaint. Measann CESE go bhféadfaí próifíl chothaitheach EDS a úsáid mar bhonn chun fógraíocht ar tháirgí ina bhfuil leibhéal ard siúcra, saille nó salainn a theorannú. Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach foghlaim ó na dea-bhearta agus na dea-chleachtais i dtíortha a léiríonn éifeachtacht na mbeartas éagsúil, lena n-áirítear rialacháin, chun srian a chur ar nochtadh leanaí do chumarsáid tráchtála closamhairc le haghaidh bia agus deochanna ina bhfuil leibhéal ard salainn, siúcra, saille, saille sáithithe nó aigéad tras-sailleach. Is riachtanach freisin urraim a thabhairt i gcónaí do rialacha maidir le huaireanta craolacháin leanaí agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh na fógraí uile prionsabal an chruinnis san fhógraíocht. Ba cheart a mheabhrú go molann EDS srian a chur le gach cineál fógraíochta bia atá dírithe ar leanaí. |
|
1.6. |
Maidir leis an méid sin, iarrann CESE go n-athnuafaí Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Murtall i measc Leanaí 2014–2020, agus na moltaí a leagtar amach sa tuairim seo a chur san áireamh. |
|
1.7. |
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is é ceann de na bearta a mheasann CESE a bheith ríthábhachtach go gcuirfidh na hinstitiúidí borradh faoi thomhaltas bia a mheastar a bheith ina chuid lárnach d’aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe (torthaí agus glasraí úra séasúracha a tháirgtear go háitiúil, piseánaigh, slánghráin agus próitéiní ainmhithe amhail éisc). Mar shampla, d’fhéadfaí na cuspóirí sin a bhaint amach trí bhéim a leagan ar na beartais chur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta an Aontais, trí thairiscintí poiblí a fhorbairt lena gcuirtear chun cinn aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe, nó d’fhéadfaí úsáid a bhaint as dreasachtaí cánach (amhail lacáistí CBL) mar ionstraim chun tacú le ceannach agus tomhaltas bia den sórt sin. Ina theannta sin, i bhfianaise an bhoilscithe agus an mhéadaithe atá ag teacht ar phraghsanna, d’fhéadfadh an dá bheart sin cabhrú le roinnt mhaith teaghlach, go háirithe na teaghlaigh is mó atá faoi mhíbhuntáiste, rochtain níos éasca a bheith acu ar aistí bia cothaitheacha agus ardcháilíochta. Molann CESE freisin leanúint den phróiseas chun comhdhéanamh bia agus deochanna ar an margadh Eorpach a athfhoirmliú agus a fheabhsú. |
|
1.8. |
Iarrann CESE go gcuirfí uirlisí simplí ar fáil do theaghlaigh chun go mbeidh rochtain acu ar an eolas is gá chun tuiscint a fháil ar na tosca éagsúla atá ina gcúis leis an murtall i measc leanaí agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis don tsláinte san óige agus san aosacht. Creideann CESE freisin go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh tionchar ag an tsochaí ina hiomláine ar úsáid fholláin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus ar na moltaí atá i bhfeidhm cheana i ndáil leis sin. Is é an toradh a bhíonn ar ró-úsáid scáileáin ná neamhghníomhaíocht choirp agus méadú ar fhógraíocht bia agus deochanna ina bhfuil méid ard siúcra, salainn agus saille agus rioscaí meabhairshláinte do leanaí agus déagóirí. |
|
1.9. |
Molann CESE go mbeadh an timpeallacht oideachais ina ceann feadhna ar an ngníomhaíocht choirp, aistí bia sláintiúla agus an tsláinte mheabhrach agus mhothúchánach a chur chun cinn. Is timpeallacht iontach iad scoileanna chun stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí ar bhealaí dearfacha ina seachnaítear stiogma sóisialta a chruthú agus diúltú do steiréitíopaí áirithe coirp. Chuige sin, measann sé gurb é ceann de na bearta ba cheart a dhéanamh athrú ó bhonn ar na curaclaim atá ann faoi láthair, chun an t-am a chuirtear i leataobh don ghníomhaíocht choirp a mhéadú, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh in oideachas bia agus gastranómach. Is príomhghné iad ceaintíní scoile chun nósanna sláintiúla cothúcháin a chur chun cinn i measc leanaí agus déagóirí. Dá bhrí sin, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil siad ar fáil ag gach céim den oideachas agus go bhfuil an aiste bia a thairgtear iontu sláintiúil, cothrom agus ar ardchaighdeán. Tá sé á chur in iúl aige freisin gur féidir dlús a chur le cur chun feidhme Scéim Scoile an Aontais Eorpaigh um Thorthaí, Glasraí agus Bainne a sholáthar, agus gur féidir deontais lóin do leanaí faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn. |
|
1.10. |
Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit spásanna poiblí agus bonneagar poiblí a leathnú agus a fheabhsú ar bhealach a spreagfar agus a éascófar an tsoghluaisteacht ghníomhach, go háirithe i gcomharsanacht ionad oideachais agus sna bealaí a úsáidtear chun na hionaid sin a bhaint amach. Measann sé freisin gur gá spásanna uirbeacha a chruthú, e.g. limistéir spóirt, clóis súgartha agus spásanna glasa atá inrochtana, sábháilte agus oiriúnach do leanaí agus do dhéagóirí. |
|
1.11. |
Molann CESE leas a bhaint as an timpeallacht dhigiteach chun stíleanna maireachtála, caidrimh agus iompraíochtaí sláintiúla a éascú. I ndáil leis an méid sin, iarrann CESE an athuair go mbeadh feachtais fógraíochta amhairc bunaithe ar fheachtais fógraíochta atá dearfach ar bhonn sóisialta, dírithe ar leanaí agus a chuireann chun cinn bia agus aistí bia níos sláintiúla, saol gníomhach agus úsáid shláintiúil scáileán. |
|
1.12. |
Meabhraíonn CESE na moltaí a rinne sé ina Meastóireacht ar scéim scoile an Aontais (1), sna tuairimí uaidh maidir le haistí bia folláine agus inbhuanaithe agus sa Straitéis ón bhfeirm go dtí an forc. Iarrann sé ar an gCoimisiún bearta chun aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí a áireamh sa chéad chreat eile maidir le córais bhia inbhuanaithe, e.g. maidir le lipéadú agus soláthar poiblí. |
|
1.13. |
Tá CESE suite de freisin, mar a chuir sé in iúl i dtuairimí eile, gur cuidiú iad nuálaíochtaí daonlathacha, amhail comhairlí um beartas bia agus cur chun cinn cur chuige rannpháirtíochta, chun cáilíocht agus dlisteanacht a chur chun cinn i gceapadh beartas bia. Molann sé ionstraim a bhunú ar an leibhéal Eorpach, amhail an Chomhairle Eorpach um Beartas Bia. |
|
1.14. |
I mbeagán focal, tá CESE tiomanta aghaidh a thabhairt ar an murtall ar fud an domhain, trí chlaochlú sláintiúil na stíleanna maireachtála a chur san áireamh, mar aon leis na srianta sóisialta uile lena mbaineann. Molann sé straitéisí poiblí a chur chun cinn lena ráthaítear rochtain uilíoch neamh-idirdhealaitheach ar aistí bia folláine, ar ghníomhaíocht choirp agus ar spórt, ar scíth mhaith agus ar fholláine mheabhrach agus mhothúchánach. |
2. An tsláinte i gcroílár na mbeartas uile
|
2.1. |
Is ceart bunúsach í an tsláinte (2) agus is réamhchoinníoll í d’fheidhmiú ár sochaí agus ár ngeilleagair. Ina theannta sin, is ceart a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh é ceart gach linbh fás aníos go sona agus go folláin agus a bheith in ann barr a gcumais a bhaint amach (3). Tacaíonn CESE leis an gcoincheap ‘Aon Sláinte Amháin’ a chuir an Coimisiún Eorpach chun cinn mar chur chuige comhtháite lena bhféachtar le cothromaíocht a bhaint amach agus sláinte an duine a bharrfheabhsú ar bhealach inbhuanaithe. |
|
2.2. |
Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach, go háirithe SDG 3 chun saol sláintiúil a áirithiú agus folláine do chách ag gach aois a chur chun cinn, agus chun stádas sláinte mhuintir uile na hEorpa a fheabhsú amach anseo. Léirítear le staidéir eolaíochta gur dócha gurb í an idirghábháil ag céimeanna criticiúla den saol, amhail luathbhlianta an tsaoil agus an ógántacht, an cur chuige is fearr chun na tairbhí sláinte is mó a bhaint amach a mhéid a bhaineann leis an murtall a chosc agus na costais a bhaineann leis a laghdú, agus gurb é sin an gealltanas is mó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun timthriall an mhurtaill idirghlúine agus na héagothromaíochtaí cothaithe a bhriseadh. |
|
2.3. |
I gcomhréir leis sin, is díol sásaimh do CESE gur iarr Uachtaránacht na Spáinne a bheidh ann amach anseo tústuairim ó CESE maidir le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an murtall i measc leanaí a laghdú. Tagann sé sin sna sála ar an gclaonadh atá ag institiúidí an Aontais agus ag rialtais thíortha an Aontais straitéisí a cheapadh agus a fhorbairt chun murtall agus rómheáchan i measc leanaí a shrianadh agus a chosc:
|
3. An murtall i measc leanaí san Eoraip: an staid mar atá
|
3.1. |
De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) (6), is galar ilfhachtóiriúil casta neamhtheagmhálach é an murtall a shainmhínítear mar rómheáchan iomarcach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don tsláinte. Is fachtóir riosca é an murtall freisin i bhforbairt galar neamhtheagmhálach eile, amhail galair chardashoithíocha, mheitibileacha, oisté-altacha nó ailse (7), neamhoird mheabhairshláinte agus cáilíocht saoil laghdaithe, rudaí a laghdaíonn an t-ionchas saoil agus a mhéadaíonn an baol maidir le bás anabaí. Bíonn tionchar ag na hiarmhairtí sin ar deireadh thiar ar chaiteachas sláinte tíortha agus ar chostais aonair, shóisialta agus eacnamaíocha eile freisin. |
|
3.2. |
Faoi láthair, tá an rómheáchan agus an murtall i measc leanaí ar cheann de na príomhdhúshláin sláinte poiblí i dtíortha an Aontais. Sa chúigiú babhta den staidéar a rinneadh idir 2018 agus 2020 (8) le tionscnamh COSI de chuid EDS, léiríodh go raibh 29 % de leanaí idir 7–9 mbliana d’aois sna 33 thír rannpháirteacha róthrom (9) agus 12 % díobh murtallach. De réir inscne, bhí na rátaí beagán níos airde i gcás buachaillí ná cailíní (31 % i gcomparáid le 28 % i gcás an rómheáchain; 14 % i gcomparáid le 10 % i gcás an mhurtaill). |
|
3.3. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go bhféadfadh sé gur chuir paindéim COVID-19 le fadhb an mhurtaill i measc leanaí. Tá méadú ag teacht ar an bhfianaise gur imigh na staitisticí maidir le murtall i measc leanaí in olcas mar gheall ar phaindéim COVID-19, go háirithe i gcás na leanaí is leochailí (10). |
|
3.4. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil critéir éagsúla ann maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí i mBallstáit éagsúla (a mhéid a bhaineann le gnéithe éagsúla amhail cumarsáid, lipéadú cothúcháin, cur chun cinn na gníomhaíochta coirp agus aistí bia inbhuanaithe, nó gnéithe níos nuálaí a chur san áireamh amhail úsáid shláintiúil a bhaint as scáileáin agus an tsláinte mheabhrach agus mhothúchánach a chur chun cinn). Tá sé ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Pharlaimint na hEorpa ról níos réamhghníomhaí a imirt sa réimse sin agus caighdeánú agus creat níos éifeachtaí a chur chun cinn. |
4. Príomhthosca an mhurtaill i measc leanaí
Ní féidir bunús an mhurtaill a chur i leith cúis amháin. Is toradh é ar idirghníomhú casta idir fachtóirí éagsúla (11). Tá baint aige le tosca aonair (tosca bitheolaíocha, géiniteacha agus fiseolaíocha agus tosca a bhaineann le stíleanna maireachtála), mar aon le tosca comhshaoil (tionchar na dtimpeallachtaí éagsúla ina bhforbraíonn duine ar leith: timpeallacht an teaghlaigh, na scoile nó an phobail), tosca síceasóisialta (leibhéal oideachais nó aicme shóisialta) agus tosca eacnamaíocha (leibhéal ioncaim an teaghlaigh) (12).
|
4.1. |
Leanann tosca síceasóisialta agus acmhainní eacnamaíocha patrúin shóisialta. Is dhá ghné iad a d’fhéadfadh teaghlaigh ar ioncam íseal a dhéanamh níos leochailí i leith neamhchosaintí dochracha comhshaoil ag gach céim den saol agus éifeacht charnach a bheith acu ar feadh an tsaoil. |
|
4.2. |
Tá dóthain fianaise ann chun a léiriú go bhfuil ról nach beag ag nochtadh do thosca maidir le cothú míshláintiúil agus meáchan coirp míshláintiúil roimh an nginiúint agus le linn an toirchis ar an gcomhdhéanamh coirp sna luathbhlianta den saol, agus go méadaítear an tsoghabháltacht i leith an mhurtaill i ngeall ar na tosca sin freisin. |
|
4.3. |
Ina theannta sin, tá baint dhíreach ag neamhionannais shocheacnamaíocha san óige, atá níos measa de bharr na paindéime, an mhéadaithe ar an mboilsciú agus na géarchéime eacnamaíche, le meáchan breise i measc leanaí. I gcásanna áirithe, tá sciar na leanaí atá murtallach dhá oiread níos airde i dteaghlaigh ar ioncam íseal, toisc go bhfuil stíl mhaireachtála dhifriúil ag na teaghlaigh sin i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde. |
|
4.4. |
Is colún den tsláinte ar feadh an tsaoil í an ghníomhaíocht choirp. Is toisc thábhachtach í an ghníomhaíocht choirp freisin maidir leis an murtall i measc leanaí agus le tosca riosca luatha meitibileacha a chosc agus a chóireáil (13), chomh maith le gné fhíorthábhachtach chun scileanna bunúsacha cognaíocha, mótair agus sóisialta a fhorbairt. Ní dhéanann 81 % de leanaí idir 11–17 mbliana d’aois go leor gníomhaíocht choirp, áfach (14). Roimh an bpaindéim, i measc grúpa déagóirí 15 bliana d’aois, níor thuairiscigh ach duine amháin díobh as gach seachtar (14 %) i réigiún Eorpach EDS go raibh sé de nós acu uair an chloig amháin ar a laghad de ghníomhaíocht choirp mheasartha go gníomhaíocht choirp dhian a dhéanamh gach lá (15). Ar an gcaoi chéanna, níor shroich ach 25 % de bhuachaillí agus 15 % de chailíní den aois chéanna na leibhéil gníomhaíochta coirp a moladh in 2014 (16). |
|
4.5. |
Tá nasc idir aistí bia neamhchothromaithe ina bhfuil ardtomhaltas bia agus deochanna a bhfuil méid ard saille, siúcra agus salainn iontu, le leibhéil níos airde rómheáchain agus le stádas sláinte foriomlán níos ísle. Anuas air sin, tá baint ag nósanna itheacháin ar gnéithe iad d’aistí bia amhail aiste bia na Meánmhara, an Atlantaigh nó na dtíortha Nordacha, nó d’aistí bia ina dtomhaistear méid ard táirgí bia úra agus táirgí atá déanta as plandaí, le torthaí sláinte níos fearr (17) (18). De réir an bhabhta is déanaí de staidéar COSI (19), itheann níos lú ná leath (43 %) de leanaí idir 6–9 mbliana d’aois i Réigiún Eorpach EDS torthaí úra ar bhonn laethúil. Ina theannta sin, ní itheann 7 % díobh torthaí riamh, sin nó itheann siad torthaí níos lú ná uair amháin sa tseachtain. Maidir le tomhaltas glasraí, ní itheann ach aon trian (34 %) de leanaí idir 6–9 mbliana d’aois glasraí ar bhonn laethúil. |
|
4.6. |
Ó thaobh na ngnéithe eacnamaíocha agus sóisialta de, tá CESE á chur in iúl freisin go bhfuil tionchar ag an méadú domhanda ar phraghsanna tráchtearraí bia ar phraghsanna do thomhaltóirí san Aontas, rud a dhéanann difear do phatrúin cheannaigh agus nósanna itheacháin na dteaghlach, na leanaí agus na ndéagóirí san Eoraip, go háirithe iad siúd is leochailí. |
|
4.7. |
Tá dlúthnasc idir an fholláine mhothúchánach agus an murtall. Cúis amháin leis sin is ea go bhfuil an fholláine mhothúchánach ríthábhachtach chun an murtall i measc leanaí a chosc. Os a choinne sin, is fachtóir é an murtall i measc leanaí a mhéadaíonn an seans go mbeadh leanbh thíos le hidirdhealú, stiogmatú nó bulaíocht ar scoil. Ar an gcaoi sin, bíonn tionchar aige ar fholláine mhothúchánach leanaí. |
|
4.8. |
Léiríodh gurb é am iomarcach a chaitheamh ar scáileáin ceann de na tosca cinntitheacha maidir le teacht chun cinn an rómheáchain/an mhurtaill, agus go bhfuil nasc comhghaolach eatarthu (20) (21). Cé go molann comhlachtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí poiblí an t-am a chaitear ar scáileáin a theorannú do 120 nóiméad in aghaidh an lae, is cosúil go sáraíonn leanaí agus déagóirí san Eoraip an teorainn sin (22). |
5. An beart a mholtar
|
5.1. |
Chun dul i ngleic leis an murtall i measc leanaí, ní mór cur chuige a ghlacadh ina gcuirfear an saol iomlán san áireamh, mar aon le haghaidh a thabhairt ar na cúiseanna iomadúla atá leis. Molann CESE cur chuige iomlánaíoch agus rannpháirteach a ghlacadh. Chun go laghdófar na staitisticí maidir le rómheáchan agus murtall i measc leanaí san Eoraip, tá gá le comhoibriú agus tiomantas ó na gníomhaithe uile (23): na riaracháin phoiblí, an earnáil phríobháideach/gnó, na meáin agus institiúidí oideachais, sláinte agus teaghlaigh. Thairis sin, ní mór an fhreagairt chuimsitheach sin a bheith bunaithe ar dhearcadh dearfach lena seachnaítear an stiogmatú. |
|
5.2. |
Iarrann CESE go n-athnuafaí Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Murtall i measc Leanaí 2014–2020. Ba cheart díriú ar an méid seo a leanas leis an bplean gníomhaíochta sin: cothú leordhóthanach agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn, timpeallachtaí sláintiúla oideachais agus sóisialta a chothú, cúram sláinte a áirithiú, na grúpaí is leochailí a chosaint, freagracht shóisialta na ngnólachtaí agus earnáil na fógraíochta a mhéid a bhaineann leis an tsláinte a spreagadh agus a chur chun cinn agus comhoibriú idir na riaracháin phoiblí éagsúla a chur chun cinn. Molann CESE bearta a chur chun feidhme, ar bhealach cuimsitheach agus trasearnála, chun na timpeallachtaí ina maireann agus ina bhfásann leanaí agus déagóirí aníos a dheanamh níos sláintiúla. |
|
5.3. |
Meabhraíonn CESE na moltaí a rinne sé ina Meastóireacht ar scéim scoile an Aontais (24), sna tuairimí uaidh maidir le haistí bia folláine agus inbhuanaithe agus sa Straitéis ón bhfeirm go dtí an forc. Iarrann sé ar an gCoimisiún bearta chun aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí a áireamh sa chéad chreat eile maidir le córais bhia inbhuanaithe, e.g. maidir le lipéadú agus soláthar poiblí. |
|
5.4. |
Tá CESE á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé an daonlathas bia a neartú agus tá sé suite de freisin, mar a chuir sé in iúl i dtuairimí eile, gur cuidiú iad nuálaíochtaí daonlathacha, amhail comhairlí um beartas bia agus cur chun cinn cur chuige rannpháirtíochta, chun cáilíocht agus dlisteanacht a chur chun cinn i gceapadh beartas bia. Molann sé ionstraim a bhunú ar an leibhéal Eorpach, amhail an Chomhairle Eorpach um Beartas Bia. |
5.5. An timpeallacht mhacra-shóisialta
|
5.5.1. |
Molann CESE gníomhaíochtaí na ngníomhaithe uile laistigh den timpeallacht seo a ailíniú chun éiceachóras sóisialta a chruthú lena gcuirfear athrú cultúrtha chun cinn a chuideoidh le héagothromaíochtaí a mhaolú agus lena neartófar stíleanna maireachtála sláintiúla. |
|
5.5.2. |
Iarrann CESE an athuair go bhforbrófaí bearta chun cumas na gcóras poiblí a mhéadú chun cásanna atá an-leochaileach agus a chuireann bac ar ghlacadh stíleanna maireachtála sláintiúla a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu. |
|
5.5.3. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur gá dul chun cinn a dhéanamh maidir le bearta sóisialta lena n-éascaítear athmhuintearas agus comhfhreagracht teaghlaigh, agus lena gcuirtear ar chumas teaghlach rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí sláintiúla, mar aon le níos mó ama a chaitheamh ar na gníomhaíochtaí sin. |
|
5.5.4. |
Molann CESE go gcuirfí chun cinn straitéisí poiblí lena ráthófar rochtain ar shaoráidí spóirt gan aon idirdhealú agus go n-éascófaí gníomhaíocht choirp chuí. Molann CESE an bhearna inscne agus shóisialta a dhúnadh a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht choirp agus aclaíocht fhisiciúil a chleachtadh, mar aon le spásanna cuimsitheacha a áirithiú agus éagsúlacht an tsoláthair a chur chun cinn. |
|
5.5.5. |
Creideann CESE gur cheart do na riaracháin phoiblí aird níos mó a thabhairt ar an ngné maidir le murtall a chomhrac i bhforbairt, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán na rialachán agus na mbeartas i ngach réimse beartais, agus na tosca cinntitheacha maidir le rómheáchan agus murtall a chur san áireamh sa mhéid sin chomh maith. |
|
5.5.6. |
Tá CESE á thabhairt dá aire, agus is cúis imní dó é, gur ró-lag iad an chuid is mó de na srianta náisiúnta maidir le cur chun cinn agus fógraíocht bia agus deochanna neamh-mheisciúla do leanaí agus nach leor na tionscnaimh dheonacha atá ann cheana chun leanaí agus déagóirí a chosaint. Measann CESE go bhféadfaí próifíl chothaitheach EDS a úsáid mar bhonn chun fógraíocht ar tháirgí ina bhfuil leibhéal ard siúcra, saille nó salainn a theorannú. Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach foghlaim ó na dea-bhearta agus na dea-chleachtais i dtíortha a léiríonn éifeachtacht na mbeartas éagsúil, lena n-áirítear rialacháin, chun srian a chur ar nochtadh leanaí do chumarsáid tráchtála closamhairc le haghaidh bia agus deochanna ina bhfuil leibhéal ard salainn, siúcra, saille, saille sáithithe nó aigéad tras-sailleach. Is riachtanach freisin urraim a thabhairt i gcónaí do rialacha maidir le huaireanta craolacháin leanaí agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh na fógraí uile prionsabal an chruinnis san fhógraíocht. Ba cheart a mheabhrú go molann EDS srian a chur le gach cineál fógraíochta bia atá dírithe ar leanaí. |
|
5.5.7. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfeadh na hinstitiúidí borradh faoi thomhaltas bia a mheastar a bheith ina chuid lárnach d’aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe (torthaí agus glasraí úra séasúracha a tháirgtear go háitiúil, piseánaigh, slánghráin agus próitéiní ainmhithe amhail éisc). Mar shampla, d’fhéadfaí na cuspóirí sin a bhaint amach trí bhéim a leagan ar na beartais chur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta an Aontais, trí thairiscintí poiblí a fhorbairt lena gcuirtear chun cinn aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe, nó d’fhéadfaí úsáid a bhaint as dreasachtaí cánach (amhail lacáistí CBL) mar ionstraim chun tacú le ceannach agus tomhaltas bia den sórt sin. |
|
5.5.8. |
Tá CESE ag tathant freisin ar na Ballstáit agus ar na hoibreoirí gnó bia feabhsuithe ar chomhdhéanamh táirgí a spreagadh chun aistí bia níos sláintiúla a chur chun cinn. Mura laghdaítear roinnt cothaithigh chriticiúla ar bhonn deonach, ba cheart do na rialtais dreasachtaí agus bearta breise a mheas, lena n-áirítear bearta fioscacha céimnitheacha, ag brath ar chion an chothaithigh atá i gceist. |
|
5.5.9. |
Measann CESE gur gá do na riaracháin phoiblí, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, a áirithiú go mbeidh uisce óil ar fáil saor in aisce, trí fhoinsí uisce a bhfuil lipéad cuí orthu a bhunú i spásanna poiblí, ionaid oideachais, spásanna áineasa agus fóillíochta agus i limistéir spóirt. |
|
5.5.10. |
Creideann CESE gur cheart taighde ar phríomhthosca an rómheáchain agus an mhurtaill, chomh maith le táirgeadh agus scaipeadh eolais ina leith, a chur chun cinn mar ghné straitéiseach le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe i réimse na sláinte. |
|
5.5.11. |
Ó thaobh an éilimh de, tá CESE á chur i bhfios go láidir arís nach mór do bheartais phoiblí tomhaltóirí a chumhachtú chun aistí bia níos sláintiúla a roghnú, trí oiliúint agus faisnéis a chur ar fáil trí fheachtais múscailte feasachta shimplí agus dhíreacha, nó trí threoirlínte oideolaíocha maidir le cothú a scaipeadh. |
|
5.5.12. |
Molann CESE cur chuige uile-shochaí a ghlacadh, agus dá bhrí sin, ionstraim a bhunú amhail an Chomhairle Eorpach um Beartas Bia, mar a cuireadh in iúl i roinnt tuairimí ó CESE roimhe seo. Ina theannta sin, molann sé don chomhlacht sin aghaidh a thabhairt ar an murtall i measc leanaí. |
5.6. Timpeallacht an teaghlaigh
|
5.6.1. |
Is feasach do CESE gur i dtimpeallacht an teaghlaigh a chuirtear eolas agus nósanna ar aghaidh, agus gurb í an chéad timpeallacht ina bhfaightear taithí ar an saol laethúil agus ina bhforbraítear na chéad phatrúin iompraíochta (25). Mar sin, iarrann sé go gcuirfí faisnéis chruinn úsáideach ar fáil don phobal maidir lena thábhachtaí atá sé iompar digiteach neamhghníomhach a laghdú, mar aon le nósanna codlata folláine, riachtanais chothaitheacha gach aoise agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn. |
|
5.6.2. |
Go háirithe, creideann CESE gur cheart cláir agus gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm chun scileanna agus eolas a mhéadú chun meáchan breise i measc leanaí a bhainistiú, chun stiogmatú a sheachaint agus íomhá dhiúltach choirp a chosc. Ar an gcaoi chéanna, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach oiliúint a chur ar theaghlaigh maidir le húsáid shláintiúil TFCanna (26), go háirithe a mhéid a bhaineann le ham agus ábhar scáileáin. |
|
5.6.3. |
Mar an gcéanna, tá sé tábhachtach bearta a spreagadh amhail beathú cíche a chur chun cinn, treoirlínte a fhorbairt maidir le beathú comhlántach leanaí diúil, scileanna tuismitheoirí a fheabhsú agus cúrsaí maidir le cócaireacht shláintiúil agus inrochtana a eagrú agus a chur ar fáil go forleathan, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal. |
5.7. Timpeallacht an oideachais
|
5.7.1. |
Is áit í timpeallacht an oideachais ina gcaitheann leanaí cuid mhór dá gcuid ama, ní hamháin i gcomhthéacs oideachasúil, ach i gcomhthéacs an ama fóillíochta agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim chomh maith. |
|
5.7.2. |
I ndáil leis sin, tá sé ríthábhachtach go rachfaí i ngleic leis an murtall i measc leanaí ar bhealach dearfach i dtimpeallacht an oideachais, agus go seachnófaí stiogma sóisialta a chruthú agus diúltú don íomhá a d’fhéadfadh a bheith i gceist le steiréitíopaí coirp áirithe. Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach íomhá dhearfach choirp a chur chun cinn agus aird ar leith a thabhairt ar aon iompraíocht idirdhealaitheach agus ar aon iompraíocht lena léirítear an tús de neamhord iompraíochta bia. |
|
5.7.3. |
Anuas air sin, molann CESE go mbeadh an timpeallacht oideachais ina ceann feadhna ar an ngníomhaíocht choirp agus aistí bia sláintiúla a chur chun cinn. Chuige sin, measann sé gurb é ceann de na bearta ba cheart a dhéanamh athrú ó bhonn ar na curaclaim atá ann faoi láthair, chun an t-am a chuirtear i leataobh don ghníomhaíocht choirp a mhéadú, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh in oideachas cothúcháin, bia agus gastranómach. |
|
5.7.4. |
Creideann CESE gur príomhghné iad ceaintíní scoile chun nósanna sláintiúla cothúcháin a chur chun cinn i measc leanaí agus déagóirí. Dá bhrí sin, measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil siad ar fáil ag gach céim den oideachas agus go bhfuil an aiste bia a thairgtear iontu sláintiúil, cothrom agus ar ardchaighdeán. |
5.8. Spásanna fóillíochta. Timpeallachtaí uirbeacha sláintiúla a dhearadh
|
5.8.1. |
Tá CESE den bharúil gur cheart leas a bhaint as dearadh agus úsáid na timpeallachta fisiciúla (lena n-áirítear scoileanna, córais iompair, comharsanachtaí agus ionaid spóirt) chun deiseanna leordhóthanacha agus sábháilte a chur ar fáil ar mhaithe le gníomhaíochtaí áineasa agus cluichí gníomhacha, maille leis an aclaíocht fhisiciúil (27). |
|
5.8.2. |
I bhfianaise a bhfuil thuas, tá CESE ag tathant ar na Ballstáit spásanna poiblí agus bonneagar poiblí a leathnú agus a fheabhsú ar bhealach a spreagfar agus a éascófar an tsoghluaisteacht ghníomhach, trí níos mó limistéir coisithe a chruthú agus úsáid rothar a éascú, go háirithe i gcomharsanacht ionad oideachais agus na mbealaí a úsáidtear chun na hionaid sin a bhaint amach. Measann sé freisin gur gá spásanna uirbeacha a chruthú, e.g. limistéir spóirt, clóis súgartha agus spásanna glasa atá inrochtana, sábháilte agus oiriúnach do leanaí agus do dhéagóirí. |
|
5.8.3. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go leathnófaí limistéir ghlasa, páirceanna agus limistéir áineasa don ghníomhaíocht choirp agus go gcuirfí chun cinn úsáid staighrí mar rogha mhalartach soghluaisteachta ar ardaitheoirí nó ar staighrí beo i spásanna fóillíochta, agus go n-éascófaí rochtain saor in aisce ar uisce óil. |
5.9. An timpeallacht dhigiteach agus chlosamhairc
|
5.9.1. |
Tá CESE á mheabhrú a thábhachtaí atá sé Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc a thrasuí i gceart agus molann sé úsáid a bhaint as an timpeallacht dhigiteach (idir chraoltaí raidió agus teilifíse agus chineálacha nua meán amhail na meáin shóisialta e.g. Instagram agus TikTok) chun stíleanna maireachtála, caidrimh agus iompraíochtaí sláintiúla a chur chun cinn. I ndáil leis an méid sin, iarrann CESE an athuair go mbeadh feachtais fógraíochta amhairc bunaithe ar fheachtais fógraíochta atá dearfach ar bhonn sóisialta (28), dírithe ar leanaí agus a chuireann chun cinn bia agus aistí bia níos sláintiúla, saol gníomhach agus úsáid shláintiúil scáileán. |
5.10. Timpeallacht na sláinte
|
5.10.1. |
Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcoimeádfaidh na riaracháin inniúla i réimse na sláinte a gcuid moltaí cothrom le dáta, agus nach mór na moltaí sin a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch maidir le gníomhaíochtaí agus idirghabhálacha ar léiríodh go bhfuil siad éifeachtach maidir leis an rómheáchan agus an murtall a chosc, aghaidh a thabhairt orthu agus faireachán a dhéanamh orthu. |
|
5.10.2. |
Ina theannta sin, áiritheofar an méid seo a leanas le cumhdach sláinte uilíoch: rochtain chomhionann ar sheirbhísí cuimsitheacha sláinte, comhairle chórasaithe agus phearsantaithe, mar aon le comhairle maidir le gníomhaíocht choirp agus aistí bia a bhfuil cothromaíocht iontu a chur chun cinn, ar comhairle í a chuirfidh pearsanra sláinte ar fáil do dhaoine atá róthrom nó murtallach nó a d’fhéadfadh a bheith róthrom nó murtallach amach anseo. I ndáil leis sin, ba cheart faireachán a dhéanamh ar stádas sláinte leanaí ón mbreith go dtí an ógántacht, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar rómheáchan agus murtall, oideachas sláinte a chur chun cinn agus feasacht a mhúscailt maidir le stíleanna maireachtála sláintiúla i measc leanaí agus déagóirí agus a dteaghlach. |
|
5.10.3. |
Tá sé ríthábhachtach tacaíocht shonrach a chur ar fáil do na teaghlaigh atá leochaileach ar bhonn socheacnamaíoch. Ní mór do ghairmithe sláinte an tacaíocht sin a chur ar fáil agus ní mór di a bheith oiriúnach ó thaobh an chultúir de, praiticiúil agus na teaghlaigh sin a cumhachtú, mar aon le tuismitheoireacht dhearfach a chur chun cinn a mhéid a bhaineann leis an murtall agus an rómheáchan agus na stíleanna maireachtála gaolmhara. |
|
5.10.4. |
Ina theannta sin, bunaithe ar an litríocht atá ann cheana, measann CESE gur gá dul i dteagmháil go réamhghníomhach le mná torracha agus le lánúineacha ar mhaith leo clann a thosú agus tacaíocht atá tráthúil agus íogair ó thaobh an chultúir de a chur ar fáil dóibh chun stíleanna maireachtála sláintiúla le linn an toirchis agus an bheathaithe cíche a chur chun cinn, mar aon le teachtaireachtaí poiblí chun cothú níos fearr agus gníomhaíocht choirp roimh an nginiúint a chur chun cinn, agus saoráidí a chruthú agus tacaíocht a chothú don bheathú cíche. |
An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Tuarascáil mheastóireachta ó CESE: Meastóireacht ar scéim scoile an Aontais.
(2) Cuireadh an ceart chun sláinte in iúl den chéad uair i mBunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte (1946), ina luaitear gur ceann de chearta bunúsacha gach duine é an caighdeán is airde sláinte is féidir a theachtadh. Sa bhrollach a ghabhann leis an mBunreacht, sainmhínítear an tsláinte mar staid iomlán fhisiceach, mheabhrach agus shóisialta agus sonraítear nach neamhláithreacht galair ná éiglíochta amháin atá i gceist léi. Luaitear an tsláinte i nDearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine 1948 mar chuid den cheart chun caighdeán maireachtála leordhóthanach (Airteagal 25). Aithníodh arís í mar cheart daonna in 1966 sa Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (Airteagal 12).
(3) Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh, 1989.
(4) An Coimisiún Eorpach (2021), Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh. COM/2021/142 final: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52021DC0142.
(5) https://health.ec.europa.eu/system/files/2016-11/childhoodobesity_actionplan_2014_2020_en_0.pdf.
(6) Draft recommendations for the prevention and management of obesity over the life course, including potential targets, Páipéar plé ó EDS, 2021. Ar fáil ag: https://cdn.who.int/media/docs/default-source/obesity/who-discussion-paper-on-obesity---final190821.pdf?sfvrsn=4cd6710a_24&download=true.
(7) Weihrauch-Blüher, S., Wiegand, S., Risk Factors and Implications of Childhood Obesity, Curr Obes Rep, Nollaig 2018; 7(4):254-259.
(8) Report on the fifth round of data collection, 2018–2020, Tionscnamh EDS um Fhaireachas ar an Murtall i measc Leanaí (COSI), Cóbanhávan: Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip; 2022.
(9) Leis an téarma ‘meáchan breise’ cuimsítear an rómheáchan agus an murtall.
(10) Tuarascáil Réigiúnach EDS 2022 maidir le Murtall san Eoraip agus https://www.who.int/europe/news/item/11-05-2021-high-rates-of-childhood-obesity-alarming-given-anticipated-impact-of-covid-19-pandemic.
(11) An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (2012), Population-based Approaches to Childhood Obesity Prevention, An Ghinéiv: EDS.
(12) Kansra, A.R., Lakkunarajah, S., Jay, M.S., Childhood and Adolescent Obesity: A Review, 2021; 8:581461.
(13) Whiting, S., et. al., Physical Activity, Screen Time, and Sleep Duration of Children Aged 6-9 Years in 25 Countries: An Analysis within the WHO European Childhood Obesity Surveillance Initiative (COSI) 2015-2017, Obes Facts, 2021; 14(1):32-44.
(14) Guthold R., Stevens G.A., Riley L.M., Bull F.C., Global trends in insufficient physical activity among adolescents: a pooled analysis of 298 population-based surveys with 1· 6 million participants, Lancet Child Adolesc Heal, 2020; 4(1):23-35.
(15) ECFE/an tAontas Eorpach (2022), Health at a Glance: Europe 2022: State of Health in the EU Cycle, Foilsitheoireacht ECFE, Páras.
(16) Adolescent obesity and related behaviours: trends and inequalities in the WHO European Region, 2002–2014, Cóbanhávan: Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip; 2017.
(17) Willett, W. et al., Food in the Anthropocene: the EAT-Lancet Commission on healthy diets from sustainable food systems, 2019, the Lancet, Imleabhar 393, lgh. 447-492.
(18) Afshin, Ashkan et al., Health effects of dietary risks in 195 countries, 1990–2017: a systematic analysis for the Global Burden of Disease Study 2017, the Lancet, Volume 393, Issue 10184, 1958-1972.
(19) Report on the fifth round of data collection, 2018–2020, Tionscnamh EDS um Fhaireachas ar an Murtall i measc Leanaí (COSI), Cóbanhávan: Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip; 2022.
(20) Fang, K., Mu, M., Liu, K., He, Y., Screen time and childhood overweight/obesity: A systematic review and meta-analysis, Child Care Health Dev, Meán Fómhair 2019; 45(5):744-753.
(21) Haghjoo, P., Siri, G., Soleimani, E., Farhangi, M.A., Alesaeidi, S., Screen time increases overweight and obesity risk among adolescents: a systematic review and dose-response meta-analysis, BMC Primary Care, 2022; 23(1):161.
(22) Report on the fifth round of data collection, 2018–2020, Tionscnamh EDS um Fhaireachas ar an Murtall i measc Leanaí (COSI), Cóbanhávan: Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip; 2022.
(23) Dobbs, R., Sawers, C., Thompson, F., Manyika, J., Woetzel, J.R., Child, P. et al., Overcoming obesity: An initial economic analysis, McKinsey Global Institute, 2014.
(24) Tuarascáil mheastóireachta ó CESE: Meastóireacht ar scéim scoile an Aontais.
(25) Hebestreit, A., Intemann, T., Siani, A., et al., Dietary Patterns of European Children and Their Parents in Association with Family Food Environment: Results from the I.Family Study, Nutrients, 2017; 9(2):126.
(26) Teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.
(27) Tackling obesity by creating healthy residential environments, EDS, 2007.
III Gníomhartha ullmhúcháin
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
An 580ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 12.7.2023–13.7.2023
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/116 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (An tAcht um Bonneagar Gigighiotáin)
(COM(2023) 94 final – 2023/0046 (COD))
(2023/C 349/18)
|
Rapóirtéir: |
Maurizio MENSI |
|
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 3.4.2023 Parlaimint na hEorpa, 29.3.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
26.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
173/1/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin (‘an tAcht um Bonneagar Gigighiotáin’ nó ‘an tAcht’) agus tacaíonn sé le cuspóirí agus ábhar an togra. |
|
1.2. |
Chun na cuspóirí a leagtar amach san Acht um Bonneagar Gigighiotáin a bhaint amach, cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá nósanna imeachta tapa, éifeachtacha agus simplithe lena ngabhann téarmaí, coinníollacha agus praghsanna iomchuí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais. Chuige sin, bheadh treoirlínte sonracha ón gCoimisiún an-úsáideach ar fad. |
|
1.3. |
Aithníonn CESE go bhfuil comhroinnt an bhonneagair atá ann cheana ríthábhachtach chun spriocanna Dheacáid Dhigiteach an Aontais 2030 a bhaint amach agus leagann sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le slándáil, stóinseacht agus cosaint na líonraí a áirithiú. Má táthar chun spriocanna nascachta an Aontais a bhaint amach, teastóidh straitéis chuimsitheach ina dtabharfar le chéile na teicneolaíochtaí is déanaí le slabhraí soláthair athléimneacha, uathrialacha agus slána. Leis an Acht, mar sin, ba cheart soláthraithe líonra a spreagadh chun comhpháirteanna teicneolaíochta a roghnú lena ráthófaí ardleibhéal slándála digití, lena laghdófaí an baol go mbrisfí ar na líonraí agus lena bhfreagrófaí do chás ina dtarlódh sé sin. |
|
1.4. |
Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach an rogha a bheith ag na Ballstáit bearta a chomhlíonann dlí an Aontais a choinneáil nó a thabhairt isteach ar mó an méid a dhéanann siad ná a n-éilítear leis na híoscheanglais arna leagan síos san Acht um Bonneagar Gigighiotáin. |
|
1.5. |
Creideann CESE go bhfuil imscaradh líonraí fíor-ardacmhainneachta agus nascachta gigighiotáin thar a bheith tábhachtach le haghaidh na forbartha agus an chomhtháthaithe shocheacnamaíoch, mar is gné ríthábhachtach é sin i ndáil le forbairt chothrom eacnamaíoch FBManna, seirbhísí gairmiúla, áiteanna oibre digiteacha, agus an tsoláthair seirbhísí leictreonacha i gceantair iargúlta. |
|
1.6. |
Creideann CESE gur cheart na pointí faisnéise aonair a chomhtháthú i mbunachar sonraí eile atá ar fáil cheana féin ar an leibhéal náisiúnta agus iad a nascadh leo ionas nach mbeadh dúbláil ann agus d’fhonn costais a laghdú. Is pointí iad sin a bhfuil sé de cheangal ar úinéirí bonneagair phoiblí faisnéis íosta maidir le bonneagar fisiceach a chur ar fáil tríothu. |
|
1.7. |
Creideann CESE gur cuid thábhachtach de thabhairt isteach na líonraí cumarsáide leictreonaí é an próiseas ceadúnaithe a chuíchóiriú agus a dhigitiú. Mar sin féin, síleann sé go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ag teacht le prionsabal na comhréireachta é a bheith éigeantach foráil a dhéanamh maidir le comhthoil an chiúnais le haghaidh cearta slí, agus go bhféadfadh sé go ndéanfadh sé sin dochar don cheart chun maoine, mar a leagtar amach é in Airteagail 17 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
1.8. |
An bonneagar a thógáil go tapa, na hoibreacha sibhialta a chomhordú, sineirgí a chruthú idir na hoibreoirí líonra éagsúla, agus úsáid chomhpháirteach a bhaint as an mbonneagar fisiceach atá ann cheana féin, creideann CESE go gcuidíonn an méid sin leis an infheistíocht a spáráil tríd an ualach a chuirfear ar an gcomhshaol a laghdú óir seachnófar a thuilleadh oibreacha innealtóireachta agus, dá bhrí sin, cabhrófar leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. |
|
1.9. |
Measann CESE gur cheart bearta agus gníomhaíochtaí infhíoraithe a shonrú sa togra lena n-áiritheofar forbairt chothrom líonraí fíor-ardacmhainneachta agus rochtain chomhionann orthu le nach leathnóidh an bhearna idir tíortha agus réigiúin a mbaineann luasanna agus cumais dhifriúla leo, i gcomhréir leis an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití. Ar an gcaoi sin, d’áiritheofaí go mbeadh rochtain ag gach aon duine san Aontas ar nascacht ardcháilíochta, le rochtain ar an idirlíon acu, lena n-áirítear iad siúd atá ar ísealioncaim. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Is tosaíocht straitéiseach ar leibhéal an Aontais é líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh, lena n-áirítear snáithín agus 5G, mar chuid d’iarrachtaí an Aontais chun a chuspóirí straitéiseacha agus spriocanna digiteacha a bhaint amach faoi 2030. Tá rochtain ar líonraí fíor-ardacmhainneachta ríthábhachtach le haghaidh raon leathan feidhmeanna nuálacha, feidhmeanna lena bhféadfaí neart earnálacha de gheilleagar an Aontais a athrú ó bhonn agus cabhrú leo a bheith slán i bhfad na haimsire, cuir i gcás tionscail na tráchtála, na ngluaisteán, na monaraíochta, an chúraim sláinte, an iompair, na talmhaíochta agus na bhfóntas. |
|
2.2. |
I measc na dtionscamh a seoladh chun bacainní a bhaint agus chun borradh a chur faoi imscaradh líonraí fíor-ardacmhainneachta, rinne an Coimisiún Eorpach an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú (1) a thabhairt isteach in 2014 chun leathadh amach na líonraí a éascú agus a dhreasú trí chostais a bhaineann le himscaradh a laghdú trí bhíthin bearta comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ocht mbliana tar éis a teacht i bhfeidhm, táimid fós i bhfad ó chuspóirí na Treorach sin a bhaint amach. I bhfianaise na tuarascála a d’fhoilsigh an Coimisiún in 2018 maidir le cur chun feidhme na Treorach agus an méid a chuir na príomh-gheallsealbhóirí in iúl sa chomhairliúchán poiblí maidir leis an Treoir, arna sheoladh ag an gCoimisiún i mí na Nollag 2020, is léir gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir sin. Tugadh chun solais sa chomhairliúchán sin nár mheas ach 20 % de na freagróirí go raibh an Treoir éifeachtach maidir le leathadh amach na líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a éascú ar chostas níos ísle, agus níor mheas ach 11 % díobh gur laghdaigh an Treoir an t-am agus an costas a bhaineann le ceadanna a dheonú. |
|
2.3. |
Leagadh síos cuspóirí leis an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú chun an clúdach leathanbhanda a mhéadú ach níor cuireadh na cuspóirí sin i gcrích ina n-iomláine. Go deimhin, cé gur tháinig méadú ar an gcéatadán de theaghlaigh atá cumhdaithe le luas idirlín 30 Mbps ó 58,1 % in 2013 go 90 % in 2022 de réir an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach, níor cuireadh an Treoir chun feidhme go cothrom ar fud na mBallstát agus bhí léirmhíniú éagsúil ag na Ballstáit uirthi in amanna. |
|
2.4. |
Agus é ar an eolas go raibh gá le héifeachtúlacht na Treorach a fheabhsú, chuir an Coimisiún tús le próiseas athbhreithnithe agus chuir sé togra chun tosaigh le haghaidh Rialacháin (an tAcht um Bonneagar Gigighiotáin). Is é is aidhm don Acht um Bonneagar Gigighiotáin aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a bhaineann leis an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú agus cuidiú le himscaradh costéifeachtach agus tráthúil na líonraí fíor-ardacmhainneachta is gá chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas a chuspóirí agus a spriocanna digiteacha amach faoi 2030. |
|
2.5. |
Tá an togra bunaithe ar an moladh maidir le Bosca Uirlisí um Nascacht arna ghlacadh i mí Mheán Fómhair 2020 chun freagairt do na riachtanais nascachta ar tháinig méadú orthu mar gheall ar phaindéim COVID-19. Is é is aidhm don Bhosca Uirlisí sin na costais a bhaineann le leathadh amach líonraí gigighiotáin a laghdú agus imscaradh tapa speictrim raidió le haghaidh 5G a áirithiú. Chuige sin, i mí an Mhárta 2021, shainaithin na Ballstáit 39 ndea-chleachtas (ar bhain 22 díobh le costais an leata amach a laghdú) atá le cur san áireamh sa Bhosca Uirlisí um Nascacht. |
|
2.6. |
De réir an Choimisiúin Eorpaigh, ceapadh an tAcht um Bonneagar Gigighiotáin chun an nascacht a fheabhsú san Aontas, chun an nuálaíocht a spreagadh agus chun infheistíochtaí a dhreasú. Trí bhíthin an Achta um Bonneagar Gigighiotáin, cuideofar le dlús a chur le himscaradh an bhonneagair fhisicigh a úsáidtear le haghaidh líonraí gigighiotáin trí neartú a dhéanamh ar chomhordú na n-oibreacha sibhialta idir oibreoirí líonraí. Is iad na hoibreacha sin a bhíonn i gceist le suas le 70 % de na costais a bhaineann le leathadh amach na líonraí. Tá sé d’aidhm ag an Acht freisin cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta riaracháin maidir le leathadh amach na líonraí nua tríd an méid seo a leanas: an rochtain ar bhonneagar fisiceach agus an trédhearcacht maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe a fheabhsú; coinníollacha níos soiléire a áirithiú maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach (lena n-áirítear bonneagar laistigh d’fhoirgnimh); agus dlús a chur leis na nósanna imeachta deonaithe ceadaithe agus na nósanna imeachta sin a dhigiteáil. Caithfear na hiarrataí sin ar chead a fhreagairt laistigh de 15 lá tar éis an iarraidh a fháil agus measfar go bhfuil cead intuigthe tugtha faoi cheann ceithre mhí ón lá a fuarthas iad. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an cuspóir atá ag an gCoimisiún an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú a oiriúnú d’fhorbairtí teicneolaíochta, margaidh agus rialála a rinneadh le déanaí agus d’fhorbairtí atáthar i mbun a ndéanta faoi láthair agus chun imscaradh níos éifeachtúla agus níos gasta líonraí níos inbhuanaithe a chothú. Áiritheofar leis sin ailíniú leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (2), agus rannchuideofar le glasú earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip. |
|
3.2. |
Is mór ag CESE an cinneadh a rinneadh chun rialachán, seachas treoir, a úsáid mar an ionstraim dlí mar gheall ar na rioscaí go mbeadh moilleanna agus neamhréireachtaí sna próisis náisiúnta trasuite náisiúnta dá roghnófaí treoir. Le rialachán, áirithítear aonfhoirmeacht agus cuirtear teorainn le hilroinnt dlíthe náisiúnta, rud atá ríthábhachtach chun spriocanna uaillmhianacha nascachta an Choimisiúin a bhaint amach faoi 2030. Is dócha nach mbeadh treoir infheidhme go dtí i ndiaidh an spriocdháta, agus dá bhrí sin, ní bhainfí cuspóir an Choimisiúin amach maidir le creat dlíthiúil fabhrach a chruthú go tapa. Dá mbeadh moill ar shimpliú an phróisis údaraithe maidir le leathadh amach, d’fhéadfadh sé go gcuirfí forbairt an mhargaidh aonair dhigitigh i mbaol freisin. Leis na forbairtí is déanaí san earnáil dhigiteach, d’fhéadadh sé go gcuirfí feabhas ollmhór ar chomhtháthú an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar ghníomhairí atá ag teacht chun cinn a bhíonn ag oibriú thar theorainneacha, rud a spreagfaidh infheistíochtaí. |
|
3.3. |
Tá dlíthe náisiúnta ilroinnte agus éiginnteacht rialála ann mar gheall ar an tearcúsáid neamhréireach a baineadh as an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú, anuas ar an easpa treoraíochta ina leith. Chruthaigh sé sin bacainní ar infheistíochtaí agus ar oibríochtaí a dhéanamh thar theorainneacha, agus d’eascair constaicí as freisin le haghaidh gnólachtaí atá ag iarraidh barainneachtaí scála a bhaint amach ar leibhéal an Aontais agus leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le margadh aonair an Aontais dá réir sin. Mar thoradh air sin, tá gá le comhchuibhiú níos fearr d’fhonn forbairt gníomhaíochtaí trasteorann san earnáil sin a chur chun cinn agus chun cás a sheachaint ina mbeadh an Eoraip ag feidhmiú ar dhá luas éagsúla. |
|
3.4. |
Go bunúsach, tá sé d’aidhm ag an togra: an comhordú idir earnálacha a fheabhsú; na nósanna imeachta deonaithe ceadaithe a shimpliú agus dlús a chur leo; digiteáil iomlán a dhéanamh ar an nós imeachta chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir leis an mbonneagar atá ann cheana agus maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe, agus ar an nós imeachta chun iarraidh ar chead a chur isteach chomh maith; athúsáid bonneagair phoiblí agus imscaradh bonneagair líonraí le haghaidh oibreoirí a dhéanamh níos simplí; ullmhú don nuálaíocht ionas go mbeidh gach foirgneamh nua agus na foirgnimh a ndéanfar athchóiriú mór orthu feistithe le snáithín agus le bonneagar atá réidh don snáithín; agus rannchuidiú leis an inbhuanaitheacht trí thionchar comhshaoil na líonraí cumarsáide leictreonaí a laghdú trí chomhroinnt bonneagair a chur chun cinn, trí imscaradh teicneolaíochtaí níos éifeachtúla, trí athúsáid an bhonneagair atá ann cheana agus trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar oibreacha sibhialta. |
|
3.5. |
Beidh oibreoirí in ann iarrataí ar chead a chur isteach agus rochtain dhigiteach a fháil ar an bhfaisnéis uile is gá maidir leis an mbonneagar atá ann cheana agus oibreacha sibhialta atá beartaithe. Creideann an tAontas go gcuirfí ar chumas oibreoirí líonraí a imscaradh ar chostais níos ísle leis an athrú sin. Baineann coigilt EUR 4,5 billiún agus laghdú EUR 2,4 billiún i bhfordheontais phoiblí leis sin de réir an mheasúnaithe tionchair. |
|
3.6. |
Rinneadh na sainmhínithe atá laistigh den togra a leathnú freisin i gcomparáid leis an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú. Tá feidhm ag an togra maidir le hoibreoirí líonraí a dheonaíonn rochtain d’fhonn soláthraithe saoráidí gaolmhara, amhail duchtanna, crainn, cuaillí agus bonneagar fisiceach, a chur san áireamh ann chomh maith ionas go gcumhdófar bonneagar atá faoi úinéireacht insititiúidí poiblí amhail na húdaráis áitiúla, mar aon le foirgnimh agus bealaí isteach chuig foirgneamh agus aon sócmhainn eile, lena n-áirítear troscán sráide amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí, stadanna bus agus tram agus stáisiúin mheitreo. |
|
3.7. |
Tugtar isteach bearta nua leis an togra chun trédhearcacht an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana a mhéadú. Cuir i gcás, ceanglaítear leis ar úinéirí bonneagair phoiblí faisnéis íosta maidir le bonneagar fisiceach a chur ar fáil trí phointí faisnéise aonair, mar a thugtar orthu. Thairis sin, leagtar amach ann rialacha níos déine maidir le comhordú oibreacha sibhialta atá beartaithe. Foráiltear don mhéid sin cheana sa Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú, ach leathnaítear a raon feidhme agus a chur i bhfeidhm go mór sa togra. Mar shampla, ní mór don soláthraí líonra an fhaisnéis maidir le hoibreacha sibhialta a éilítear faoin togra a chur ar fáil i bhformáid dhigiteach trí phointe faisnéise aonair 3 mhí ar a laghad roimh an gcéad iarraidh ar chead. Ar an ábhar sin, ós rud é gur ann cheana féin do bhunachair sonraí a bhfuil faisnéis iontu ina lán tíortha de chuid an Aontais, creideann CESE gur cheart na pointí aonair faisnéise a chomhtháthú sna bunachair sonraí sin agus iad a nascadh leo ionas nach mbeidh dúbláil ann agus d’fhonn costais a laghdú. |
|
3.8. |
Áirítear sa togra freisin bearta a bhaineann le nósanna imeachta chun cead a fháil, ar nósanna imeachta iad sin nach mór a chaighdeánú ar an leibhéal náisiúnta agus a dhéanamh go hiomlán inrochtana trí fhormheas intuigthe a thabhairt isteach, formheas a mheastar a bheidh intuigthe 4 mhí tar éis iarraidh a chur isteach. Ina theannta sin, déantar foráil maidir le lipéad ‘réidh don snáithín’ chun a fhíorú an gcomhlíonann foirgneamh na ceanglais maidir le suiteáil éasca líonra fíor-ardacmhainneachta amhail snáithín, rud a bheidh ina choinníoll chun ceadanna tógála a eisiúint d’fhoirgnimh nua. Ina ainneoin sin, is mian le CESE béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le líonraí fíor-ardacmhainneachta a shuiteáil sna foirgnimh sin d’fhonn teacht i dtír ar acmhainneacht iomlán na líonraí sin agus d’fhonn an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hinfheistíochtaí. |
|
3.9. |
Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach an rogha a bheith ag na Ballstáit bearta a chomhlíonann dlí an Aontais a choinneáil nó a thabhairt isteach ar mó an méid a dhéanann siad ná a n-éilítear leis na híoscheanglais arna leagan síos san Acht um Bonneagar Gigighiotáin, mar a luaitear go sonrach in Aithris 11, mar a bhfógraítear, mar is ceart, nach gcuireann an rialachán sin cosc ar bhearta náisiúnta a ghlacadh i gcomhréir le dlí an Aontais arb é is aidhm dóibh úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana a chur chun cinn nó imscaradh níos éifeachtúla bonneagair fhisicigh nua a chumasú, agus na cearta agus na hoibleagáidí arb ann dóibh de réir an Achta um Bonneagar Gigighiotáin á gcomhlánú. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Tá an togra i gcomhréir leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2020, lena ndearnadh creat rialála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach a thabhairt cothrom le dáta, agus lena rannchuidítear lena spriocanna a bhaint amach a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí i líonraí ardnascachta a dhreasú. Cé go ndírítear go príomha sa Chód ar an iomaíocht a fheabhsú, tá ceanglais ann le haghaidh gnólachtaí a bhfuil cumhacht shuntasach acu ar an margadh agus ní bhaineann sé le bonneagar fisiceach amháin ach le líonraí cumarsáide leictreonaí amhail cáblaí snáithín freisin. Is é is príomhchuspóir don Acht um Bonneagar Gigighiotáin na bacainní ar leathadh amach líonra a bhaint, agus na forbairtí teicneolaíochta, margaidh agus rialála atá ann faoi láthair á gcur san áireamh. |
|
4.2. |
Ar mhaithe leis na cuspóirí a leagtar amach san Acht um Bonneagar Gigighiotáin a bhaint amach, is díol sásaimh do CESE go ndearnadh an téacs a ailíniú leis na sainmhínithe ón gCód agus cuireann sé i bhfios go láidir go mbeadh sé bunriachtanach nósanna imeachta tapa, éifeachtacha agus simplithe a bheith ar fáil lena ngabhfadh téarmaí, coinníollacha agus praghsanna iomchuí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais. Chuige sin, measann CESE go mbeadh treoirlínte ón gCoimisiún an-úsáideach. |
|
4.3. |
I gcomhréir leis an sprioc a leagadh síos le Deacáid Dhigiteach an Aontais 2030, ina luaitear gur cheart gach teaghlach Eorpach a bheith cumhdaithe le líonraí gigighiotáin agus líonraí móibíleacha tapa faoi 2030, agus murab ionann agus an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú, cuirtear chun cinn leis an togra le haghaidh Rialacháin leathadh amach na líonraí fíor-ardacmhainneachta agus cuirtear oibleagáidí rochtana leis ar úinéirí bonneagair fhisicigh, gan beann ar a suíomh ar an margadh. Tacaíonn CESE le leathnú an raoin feidhme, rud a chuirfidh ar chumas gach eintitis a chuireann bonneagar ar fáil leas a bhaint as na nósanna imeachta tapa deonaithe ceadaithe a bhunófar faoin Acht. San am céanna, áfach, tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur den ríthábhacht é a áirithiú go bhfuil an creat rialála cuimsitheach a dhóthain chun freastal ar riachtanais éagsúla na ngeallsealbhóirí go léir atá mar chuid d’imscaradh na líonraí fíor-ardacmhainneachta trasna an Aontais. |
|
4.4. |
Aithníonn CESE go bhfuil comhroinnt an bhonneagair atá ann cheana ríthábhachtach chun spriocanna Dheacáid Dhigiteach an Aontais 2030 a bhaint amach agus leagann sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le slándáil, stóinseacht agus cosaint na líonraí a áirithiú. Má táthar chun spriocanna nascachta an Aontais a bhaint amach, teastóidh straitéis chuimsitheach ina dtabharfar le chéile na teicneolaíochtaí is déanaí le slabhraí soláthair athléimneacha, uathrialacha agus slána. Ní mór é sin a dhéanamh chun cosc a chur ar bhriseadh seirbhíse de dheasca teipeanna nó cibirionsaithe. Mar sin, ba cheart soláthraithe líonra a spreagadh san Acht chun comhpháirteanna teicneolaíochta a roghnú lena ráthófaí ardleibhéal slándála digití, lena laghdófaí an baol go mbrisfí ar na líonraí agus lena bhfreagrófaí do chás ina dtarlódh sé sin. Baineann ríthábhacht le stóinseacht, athléimneacht agus cibearshlándáil an líonra i dtaca le héifeachtacht na gcuspóirí atá á saothrú san Acht, i gcomhréir le creat rialála reatha an Aontais agus le gnéithe ábhartha eile, á gcur san áireamh aon ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh an tAontas amach anseo. Tá na gníomhaíochtaí sin le bheith mar chuid de shainordú nua an Choimisiúin ó 2024. |
|
4.5. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur gnéithe tábhachtacha den rochtain ar bhonneagar iad téarmaí, coinníollacha agus praghsanna iomchuí, in éineacht le nósanna imeachta tapa, éifeachtacha agus simplithe. Ina leith sin, creideann CESE gur cheart don Choimisiún treoirlínte sonracha a ghlacadh ós gá éifeachtúlacht sa chóras a áirithiú, mar shampla d’fhéadfaí cosc a chur ar phraghsanna atá ró-ard mar go bhféadfadh sé go gcuirfidís as d’imscaradh na líonraí fíor-ardacmhainneachta. |
|
4.6. |
Creideann CESE gur cuid thábhachtach de thabhairt isteach na líonraí cumarsáide leictreonaí é an próiseas ceadúnaithe a chuíchóiriú agus a dhigitiú. Síleann CESE, mar sin féin, go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ag teacht le prionsabal na comhréireachta é a bheith éigeantach foráil a dhéanamh maidir le comhthoil an chiúnais le haghaidh cearta slí, agus go bhféadfadh sé go ndéanfadh sé sin dochar don cheart chun maoine, mar a leagtar amach é in Airteagail 17 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
4.7. |
An bonneagar a thógáil go tapa, na hoibreacha sibhialta a chomhordú, sineirgí a chruthú idir na hoibreoirí líonra éagsúla, agus úsáid chomhpháirteach a bhaint as an mbonneagar fisiceach atá ann cheana féin, creideann CESE go gcuidíonn an méid sin leis an infheistíocht a spáráil tríd an ualach a chuirfear ar an gcomhshaol a laghdú óir seachnófar a thuilleadh oibreacha innealtóireachta agus, dá bhrí sin, cabhrófar leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. |
|
4.8. |
Creideann CESE go bhfuil imscaradh na líonraí ardluais ríthábhachtach don fhorbairt agus don chomhtháthú socheacnamaíoch. Chuige sin, measann CESE gur cheart bearta agus gníomhaíochtaí infhíoraithe a shonrú sa togra lena n-áiritheofar forbairt chothrom na líonraí fíor-ardacmhainneachta agus rochtain chomhionann orthu le nach leathnóidh an bhearna idir tíortha agus réigiúin a mbaineann luasanna agus cumais dhifriúla leo, i gcomhréir leis an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití (3). De réir an Dearbhaithe sin, ba cheart do na gníomhaithe uile sa mhargadh dá rachadh an claochlú digiteach chun tairbhe a gcuid freagrachtaí sóisialta a ghlacadh orthu féin agus rannchuidiú go cothrom agus go comhréireach leis na costais a bhaineann le hearraí, seirbhísí agus bonneagar poiblí. Ar an gcaoi sin, d’áiritheofaí go mbeadh rochtain ag gach aon duine san Aontas ar nascacht ardcháilíochta, le rochtain ar an idirlíon acu, lena n-áirítear iad siúd atá ar ísealioncaim (4). |
An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú, (IO L 155/1, 23.5.2014, lch. 1).
(2) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach, (IO L 321/36, 17.12.2018, lch. 36).
(3) An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, (IO C 23, 23.1.2023, lch. 1).
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/121 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimhir 648/2004
(COM(2023) 217 final – 2023/0124 (COD))
(2023/C 349/19)
|
Rapóirtéir: |
Violeta JELIĆ |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 1.6.2023 An Chomhairle, 7.6.2023 |
|
Bunús Dlí |
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
29.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
193/1/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an nuashonrú agus an simpliú a rinneadh ar Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 (1) maidir le glantaigh, is é sin gnéithe iomarcacha nó eilimintí atá imithe i léig a bhaint agus iad siúd a oibríonn go maith a choinneáil ar bun. Measann CESE, áfach, go ndéantar na deiseanna le haghaidh cuíchóirithe a fhritháireamh nó go sáraítear iad leis an ualach riaracháin méadaithe a eascraíonn as gnéithe eile den togra le haghaidh athbhreithniú. |
|
1.2. |
Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú idir an t-athbhreithniú ar Rialachán na nGlantach agus forbairtí reachtacha agus teicniúla eile, amhail na forbairtí sin a bhaineann leis an Rialachán maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú Rialachán CLP ((CE) Uimh. 1272/2008) (2) agus an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe. |
|
1.3. |
Tá CESE lántiomanta do shábháilteacht tomhaltóirí agus úsáideoirí gairmiúla a áirithiú, ach measann sé go bhfuil na ceanglais nua maidir le glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh róchoimeádach, dolúbtha agus go bhfuil contrárthachtaí iontu. Molann CESE go ndéanfaí na rialacha sin a oiriúnú chun go mbeidh siad níos comhsheasmhaí, go hinmheánach agus le beartais eile araon, agus chun tacú leis an nuálaíocht sa chatagóir táirgí sin atá ag teacht chun cinn seachas í a chosc. |
|
1.4. |
Is díol sásaimh do CESE an chothroime iomaíochta a bunaíodh le haghaidh faireachas margaidh ar ghlantaigh agus ar dhromchlaghníomhaithe arna monarú san Aontas agus arna n-allmhairiú. Mar sin féin, measann CESE gur ródhian an oibleagáid atá ann pas táirge a chruthú agus fógra a thabhairt ina leith le haghaidh gach baisc de ghlantaigh/dromchlaghníomhaithe, agus molann sé truicir níos iomchuí a bhunú chun an pas táirge a nuashonrú. |
|
1.5. |
Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfar soiléiriú breise ar bhreisluach an phas táirgí agus na marcála comhréireachta le haghaidh faireachas margaidh, ós rud é nach raibh an fhaisnéis sin san áireamh i measúnú tionchair an Choimisiúin. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur féidir sábháilteacht tomhaltóirí agus úsáideoirí a chur i mbaol de dheasca mharcáil chalaoiseach CE agus gur míbhuntáiste iomaíochta a bhíonn ann do na hoibreoirí eacnamaíocha sin a chomhlíonann na rialacha. |
|
1.6. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE a thábhachtaí atá sé ceanglais shonracha agus theicniúla a bheith i bhfeidhm in am trátha chun a gcur chun feidhme a éascú, agus molann sé, dá bhrí sin, nach gcuirfear tús leis na hidirthréimhsí go dtí go nglacfar an reachtaíocht bhreise ábhartha. |
|
1.7. |
Tá CESE i bhfabhar soiléireacht agus inléiteacht na lipéad táirgí a fheabhsú trí fhorluí idir píosaí reachtaíochta a bhaint, trí ábhar lipéad a shimpliú agus trí úsáid éifeachtach a bhaint as lipéadú digiteach. Molann CESE go gcuirfí na féidearthachtaí céanna maidir le digitiú na gceanglas lipéadaithe i bhfeidhm maidir le táirgí réamhphacáistithe agus a chuirtear i bhfeidhm i gcás díolacháin athlíonta, agus go bhféadfaí glantaigh a lipéadú ar bhealach níos soiléire trí phicteagraim/deilbhíní a úsáid in ionad téacs. |
2. Cúlra na tuairime
|
2.1. |
Leis an togra, déantar nuashonrú ar na rialacha atá ann cheana maidir le glantaigh faoi threoir chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht agus na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais a glacadh le déanaí. Is é is aidhm don togra rialacha an mhargaidh a shimpliú trí dheireadh a chur le ceanglais a mheastar a bheith neamhriachtanach nó iomarcach, lipéadú digiteach deonach a thabhairt isteach trí idirdhealú a dhéanamh idir táirgí réamhphacáistithe agus táirgí athlíonacháin, díolachán táirgí sábháilte nuálacha a éascú trí cheanglais sábháilteachta a thabhairt isteach le haghaidh miocrorgánach, agus forfheidhmiú a neartú trí phas táirge a thabhairt isteach. |
|
2.2. |
Áirítear i bhforálacha ginearálta an togra sainmhínithe ar ‘glantaigh’, ‘dromchlaghníomhaithe’ agus coincheapa eile dá dtagraítear i dtéacs an rialacháin atá beartaithe, agus rinneadh cuid acu a nuashonrú agus a shoiléiriú. |
|
2.3. |
Leagtar amach sa togra na ceanglais táirge do ghlantaigh agus dromchlaghníomhaithe, maidir le saorghluaiseacht, in-bhithdhíghrádaitheacht, úsáid miocrorgánach i nglantaigh agus teorainneacha ar chion na bhfosfáití agus na gcomhdhúl eile fosfair. Déantar na trí cinn dheireanacha díobh sin a mhionsaothrú tuilleadh sna hiarscríbhinní den rialachán atá beartaithe. |
|
2.4. |
In Iarscríbhinn I tá critéir in-bhithdhíghrádaitheachta deiridh agus modhanna tástála le haghaidh dromchlaghníomhaithe, iontu féin agus mar chomhpháirteanna de ghlantaigh. Go bunúsach, is ionann iad agus forálacha Rialachán (CE) Uimh. 648/2004, ós rud é go bhfuil na critéir agus na modhanna tástála sin fós úrscothach agus oiriúnach dá bhfeidhm. Baineadh na critéir phríomha in-bhithdhíghrádaitheachta atá imithe i léig, mar aon leis an nós imeachta maolaithe le haghaidh dromchlaghníomhaithe nach gcomhlíonann na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta deiridh: níor úsáideadh é sin ach aon uair amháin le hiontráil in iar-Iarscríbhinn V a chuaigh in éag in 2019, mar sin meastar nach bhfuil gá leis a thuilleadh. |
|
2.5. |
Le hIarscríbhinn II den togra tugtar isteach ceanglais maidir le glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh, d’fhonn rialacha comhchuibhithe a bhunú lena rialófar sábháilteacht na dtáirgí sin agus modhanna tástála ábhartha chun comhlíonadh na rialacha sin a léiriú. Leis na ceanglais leagtar amach na (tréithchineálacha) miocrorgánach a fhéadfar a úsáid bunaithe ar a sainaithint fhoirmiúil, chomh maith le ceanglas go mbaineann siad le Grúpa Riosca I mar a shainmhínítear i dTreoir 2000/54/CE (3) (oibreáin bhitheolaíocha ag an obair) mar aon leis an liosta um Toimhde Cháilithe Sábháilteachta de chuid EFSA. Leis an Iarscríbhinn, freisin, cuirtear toirmeasc ar orgánaigh phataigineacha sonracha nó miocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe a úsáid, ní cheadaítear a mhaíomh go bhfuil éifeacht fhrithmhiocróbach nó díghalraithe ann mura gcomhlíonann na glantaigh Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 (4) maidir le Táirgí Bithicídeacha, agus tá cosc ar ghlantaigh a bhfuil miocrorgánaigh iontu a chur ar an margadh mar tháirge athlíonacháin. Thairis sin, bunaítear leis an Iarscríbhinn ceanglais éigeantacha tástála do ghlantaigh a bhfuil miocrorgánaigh iontu, lena náirítear an ceanglas go ndéanfaidh tríú páirtithe tástálacha chun tacú le haon mhaíomh a bhaineann le gníomhaíocht miocrorgánach, agus tástáil ghéarthocsaineachta ionanálaithe in vivo (Tástáil B.2 faoi Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 (5), i.e. OECD TG 403). |
|
2.6. |
Leis an togra, coinnítear gan athrú na teorainneacha mionsonraithe ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 648/2004. |
|
2.7. |
Déantar cur síos sa togra ar oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha, eadhon na monaróirí, na hallmhaireoirí, na dáileoirí agus an ionadaí údaraithe, ról nua a tugadh isteach le déanaí. Cuirtear deireadh leis an oibleagáid a bhíodh ann go mbeadh an monaróir bunaithe san Aontas, ach ceanglaítear ar mhonaróirí lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe a ainmniú, trí shainordú i scríbhinn, chun cúraimí áirithe a chur i gcrích (rud atá roghnach do mhonaróirí atá bunaithe laistigh den Aontas). |
|
2.8. |
Leis an togra tugtar isteach nós imeachta nua um measúnú comhréireachta atá le cur i gcrích ag monaróirí glantach nó dromchlaghníomhaithe, rud atá bunaithe ar Mhodúl A de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE (Rialú inmheánach táirgthe). Tá féindearbhú comhréireachta i gceist leis an nós imeachta agus ceanglaítear leis go mbaileofar doiciméadacht theicniúil ina mbeidh cur síos ar an nglantach agus a chuid feidhmeanna, tuarascálacha ar thástálacha comhlíontachta a rinneadh agus bileog sonraí comhábhar. |
|
2.9. |
Leagtar amach na ceanglais maidir le marcáil comhréireachta agus lipéadú glantach agus dromchlaghníomhaithe, lena n-áirítear rialacha maidir le lipéadú digiteach a chur chun feidhme i gcás ina roghnaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch é sin a úsáid. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na ceanglais lipéadaithe in Iarscríbhinn V, ina dtugtar sonraíochtaí maidir le hinneachar a lipéadú, faisnéis dáileoige is féidir a fhágáil ar lár ón lipéad fisiceach nuair a sholáthraítear i lipéad digiteach í, agus greille shimplithe dáileoige do ghlantaigh níocháin tomhaltóra. Tugtar isteach leis an togra, freisin, coincheap an iompróra sonraí, a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an lipéad digiteach, agus nach mór a bheith ar an nglantach nó ar an dromchlaghníomhaí féin, ar an bpacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis. |
|
2.10. |
Leagtar amach sa togra na ceanglais maidir leis an bpas táirge, agus inneachar an phas sin, a tugadh isteach mar mhodh chun dearbhú comhréireachta (trí chlárlann lárnach) agus faireachas margaidh a éascú maidir le glantaigh nó dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar an margadh. Ní mór go mbeifear in ann rochtain a fháil ar an bpas táirge tríd an iompróir sonraí céanna ar an táirge mar atá luaite thuas, agus tá sé beartaithe é a bheith idir-inoibritheach le haon phas táirge a thugtar isteach, mar shampla, faoi reachtaíocht maidir le hÉicidhearthóireacht do Tháirgí Inbhuanaithe. Ceanglaítear ar an gCoimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na ceanglais theicniúla don phas táirge agus don iompróir sonraí. |
|
2.11. |
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh amach anseo chun na ceanglais a bhfuil tuairisc orthu sna caibidlí roimhe sin a chur in oiriúint do na forbairtí teicniúla, eolaíocha agus margaidh. |
|
2.12. |
Áirítear sna forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha clásal sonrach athbhreithniúcháin in Airteagal 32 maidir leis na ceanglais a bhaineann le glantaigh a bhfuil miocrorgánaigh iontu, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún ábharthacht agus éifeachtacht na rialacha sin a mheas tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin. |
3. Barúlacha ginearálta agus barúlacha sonracha
|
3.1. |
Measann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 maidir le glantaigh (dá ngairtear Rialachán na nGlantach anseo feasta) ábhartha ó thaobh aidhmeanna de, go bhfuil sé dea-fheidhmiúil agus go bhfuil a chuid aidhmeanna bainte amach aige den chuid is mó. |
|
3.2. |
Aontaíonn CESE leis an aidhm atá ag an gCoimisiún Rialachán na nGlantach a thabhairt cothrom le dáta chun go léireofar na forbairtí teicneolaíochta, tráchtála agus beartais a tharla ó glacadh an rialachán in 2004, agus tacaíonn sé le cuspóir an Rialacháin simpliú a dhéanamh ar na ceanglais atá ar oibreoirí eacnamaíocha — go háirithe FBManna — agus aon fhorluí nó dúbláil le píosaí eile reachtaíochta de chuid an Aontais a bhaint. Is díol sásaimh do CESE na simplithe a tugadh isteach trí bhíthin an togra, ach measann sé go dtugann an Coimisiún le tuiscint go bhfuil laghdú níos mó tagtha ar an ualach riaracháin ná mar atá i ndáiríre, agus go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an ualach i réimsí eile (6). |
|
3.3. |
Tá an t-athbhreithniú ar Rialachán na nGlantach á dhéanamh i gcomhthráth le roinnt tograí eile le haghaidh reachtaíocht athbhreithnithe nó reachtaíocht nua a dhéanann difear do ghlantaigh, lena n-áirítear an Rialachán maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú (Rialachán CLP) ((CE) Uimh. 1272/2008) agus an rialachán nua maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe. Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas agus comhsheasmhacht iomlán a áirithiú idir na píosaí reachtaíochta éagsúla sin agus éagsúlachtaí agus forluí a sheachaint ina gcuid forálacha. |
|
3.4. |
Tacaíonn CESE leis an sainmhíniú simplithe ar ‘glantach’ sa togra ón gCoimisiún, a mbeidh sé níos éasca d’oibreoirí eacnamaíocha agus do na húdaráis phoiblí araon é a thuiscint agus a chur i bhfeidhm. Ní dhéantar tagairt a thuilleadh do chatagóirí sonracha comhábhar (gallúnacha agus/nó dromchlaghníomhaithe) sa sainmhíniú ar ghlantach, agus mar gheall air sin, tá an sainmhíniú níos cuimsithí agus tá an raon feidhme maidir le nuálaíocht amach anseo sa chatagóir táirgí níos soiléire. |
|
3.5. |
Is díol sásaimh do CESE go gcoimeádtar na ceanglais in-bhithdhíghrádaitheachta le haghaidh dromchlaghníomhaithe agus go gcuirtear deireadh leis an nós imeachta maolaithe nach n-úsáidtear a thuilleadh. Déanann an méid sin na forálacha a chuíchóiriú agus a shoiléiriú d’oibreoirí eacnamaíocha agus do na húdaráis. |
|
3.6. |
Measann CESE gur ró-shaintreorach na ceanglais atá beartaithe maidir le glantaigh a bhfuil miocrorgánaigh iontu agus nach bhfuil siad oiriúnach do ghlantaigh. Meastar go bhfuil na ceanglais tástála a shonraítear in Iarscríbhinn II ródhian, go háirithe i gcás FBManna. Maidir le miocrorgánaigh a úsáidtear i dtáirgí glantaigh ar sprae iad, tá ceanglas ann pas a fháil i dtástáil ar ainmhithe veirteabracha chun géarthocsaineacht ionanálaithe a bhrath, rud a mbeadh íobairt 30 ainmhí in aghaidh na tástála i gceist leis de ghnáth. Baineann sé sin an bonn den ghealltanas a tugadh i dTreoir 2010/63/AE (7) maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch, agus níl gá leis toisc gurb ann do mhodhanna malartacha chun sábháilteacht a chinneadh (e.g. comparáid a dhéanamh le sonraí stairiúla, tástálacha in vitro le línte ceall daonna nó tromachar na fianaise, agus stádas éigeantach Ghrúpa Riosca 1/QPS á chur san áireamh go háirithe). |
|
3.7. |
Measann CESE go bhfuil sé míchuí a cheangal nach mór do mhiocrorgánaigh a úsáidtear i nglantaigh a bheith ar liosta QPS EFSA. Ní ceanglas éigeantach é sin fiú chun miocrorgánach a úsáid i dtionscal an bhia agus na beatha; níl ann ach túsphointe le haghaidh tuilleadh meastóireachta ag EFSA. Is féidir miocrorgánaigh nach bhfuil ar an liosta QPS a mheasúnú maidir le sábháilteacht fós agus is féidir iad a úsáid i mbia nó i mbeatha, ach i gcás glantach ní bheadh an fhéidearthacht sin ann go dtí go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú/athbhreithniú foirmiúil ar na ceanglais ina dhiaidh sin. Ní mheastar go bhfuil sé comhréireach srianta níos déine a bheith ann do ghlantaigh ná mar atá ann don bhia, a ionghabhtar go díreach. Ar an taobh eile de, dá mbeadh ceanglas EFSA maidir leis an Toimhde Cháilithe Sábháilteachta riachtanach, bheadh CESE den tuairim nach mbeadh údar leis an gceanglas go ndéanfaí na glantaigh a bhfuil miocrorgánaigh iontu a mharcáil le rabhadh nár cheart an táirge a úsáid ar dhromchlaí a mbíonn bia orthu. |
|
3.8. |
Má chuirtear teorainn leis na miocrorgánaigh a d’fhéadfaí a úsáid ar an gcaoi a dtuairiscítear in Iarscríbhinn II nua, beidh an baol ann go gcuirfear bac nó cosc leis an nuálaíocht. Chomh maith leis sin, déanfar neamhaird de go bhfuil glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh cumhdaithe cheana féin ag Rialachán na nGlantach agus ag reachtaíocht eile, amhail an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí. Déanfar neamhaird, freisin, den chreat a d’fhorbair an tionscal chun go bhféadfaí bainistiú riosca iomchuí a dhéanamh ar chomhábhair mhiocróbacha. Faoin togra, tá glantaigh a chuirtear ar an margadh chun críocha taighde agus forbartha díolmhaithe ó na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II pointe 1. Is é an t-aon sásra amháin atá ar fáil, áfach, chun (tréithchineálacha) miocrorgánach nua a úsáid sa mhargadh tráchtála is ea tríd an gclásal athbhreithnithe in Airteagal 32 agus/nó gníomhartha tarmligthe. Molann CESE próiseas nach bhfuil chomh sriantach céanna a ghlacadh chun an nuálaíocht a chumasú agus a chothú sa deighleog táirgí sin a bhfuil méadú ag teacht uirthi. |
|
3.9. |
Tacaíonn CESE leis an gCoimisiún na srianta atá ann cheana ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair a choinneáil, ar éirigh leo úsáid fosfair a laghdú ó 2014 i leith, agus úsáid an fhosfair sin a theorannú do chásanna ina bhfuil sé ríthábhachtach, nó ina mbeadh tionchar diúltach níos mó fós aige ar an gcomhshaol, ar shábháilteacht agus/nó ar fheidhmíocht ghlantacháin dá gcuirfí srian leis (8). |
|
3.10. |
Measann CESE go bhfuil gá le tuilleadh soiléireachta maidir le róil agus oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha a shainaithnítear sa togra, go háirithe an t-ionadaí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 8. I gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar mhonaróir atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe den sórt sin a cheapadh, ní léir, mar shampla, ar cheart an dualgas bileog sonraí comhábhair a sholáthar do chomhlachtaí ceaptha na mBallstát, mar a thuairiscítear in Airteagal 7(6), a áireamh sa sainordú a thugann an monaróir neamh-AE don ionadaí údaraithe sin. Chun cothroime iomaíochta a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbeadh na hoibleagáidí céanna i bhfeidhm maidir le monaróirí laistigh agus lasmuigh den Aontas araon agus gur léir conas a chomhlíonfar na hoibleagáidí sin. |
|
3.11. |
Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfar soiléiriú breise ar bhreisluach an phas táirge agus na marcála comhréireachta mar mhodh chun comhréireacht táirgí atá faoi réir Rialachán na nGlantach a léiriú agus/nó a dheimhniú. Ní shainaithnítear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair ón gCoimisiún aon fhadhb ar leith maidir le comhlíonadh ná rioscaí sábháilteachta do thomhaltóirí mar bhonn cirt leis na ceanglais sin a thabhairt isteach, agus ní ann dóibh i measc na roghanna beartais ar tugadh aghaidh orthu. Dá bhrí sin, tá faisnéis maidir le measúnú ar a dtionchar in easnamh. Mar sin féin, tacaíonn CESE leis an oibleagáid i dtaca le pas táirgí a chur i bhfeidhm go cothrom maidir le gach monaróir glantach nó dromchlaghníomhaithe, bídís bunaithe laistigh den Aontas nó lasmuigh de, chun nach gcuirfear iomaíochas na dtáirgí Eorpacha i mbaol mar gheall ar allmhairí. |
|
3.12. |
Ní hionann an mharcáil comhréireachta ann féin agus cruthúnas go ndearnadh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir leis an rialachán, agus ní mór do na húdaráis faireacháin é sin a dheimhniú fós, de réir mar a dhéantar faoin rialachán atá ann faoi láthair. Is eol go dtarlaíonn marcáil chalaoiseach comhréireachta i gcatagóirí táirgí eile atá faoi réir reachtaíocht chomhchosúil, rud a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur i mbaol rioscaí sláinte agus sábháilteachta. |
|
3.13. |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar aon phas táirgí a thabharfar isteach faoi Rialachán na nGlantach a chomhtháthú go hiomlán leis na pasanna arna nglacadh faoi reachtaíocht eile, amhail an rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe. Chun an t-ualach riaracháin a íoslaghdú d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe do FBManna, agus do na húdaráis phoiblí, tá sé tábhachtach comhleanúnachas a choinneáil agus ceanglais dhúbailte nó éagsúla a sheachaint. |
|
3.14. |
Measann CESE nach dtagann na ceanglais faisnéise atá beartaithe don phas táirge le laghdú an ualaigh riaracháin. Níl sé inoibrithe ná comhréireach pas táirge a chruthú, fógra a thabhairt do chlárlann agus iompróir sonraí nua a phriontáil/a dhéanamh le haghaidh gach baisce táirge ar leith, agus is dócha go gcuirfidh an ceanglas na céimeanna sin a chur i gcrích sula gcuirfear an táirge ar an margadh isteach ar shlabhraí soláthair agus go gcuirfear moill orthu. Molann CESE don Choimisiún na ceanglais sin a chur in oiriúint do mhinicíocht nó d’éagsúlacht níos inoibrithe. |
|
3.15. |
Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil na ceanglais shonracha agus theicniúla a bhaineann leis an bpas táirge le sonrú tráth níos faide anonn i ngníomh cur chun feidhme. Is gnéithe ríthábhachtacha iad sin chun an rialachán atá beartaithe a chur chun feidhme, agus tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé na ceanglais sin a ghlacadh in am trátha sula dtiocfaidh an rialachán i bhfeidhm chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint. Chun go mbeidh a ndóthain ama ag oibreoirí eacnamaíocha na forálacha a chur chun feidhme, molann CESE nár cheart tús a chur leis na hidirthréimhsí chun Rialachán athbhreithnithe na nGlantach a chur chun feidhme go dtí go mbeidh oibleagáidí reachtacha an Choimisiúin curtha i gcrích. |
|
3.16. |
Tacaíonn CESE le deireadh a chur leis an mbileog sonraí comhábhar le haghaidh glantaigh a chomhlíonann na critéir maidir lena n-aicmiú mar ghuaiseach faoi Rialachán CLP, ós rud é go gcuireann sé sin deireadh le dúbailt neamhriachtanach le forálacha an rialacháin deiridh. I gcás glantach neamhghuaiseach, molann CESE gur cheart an bhileog sonraí comhábhar a chur ar fáil ar iarraidh réasúnaithe ó chomhlachtaí ceaptha na mBallstát, ar iarraidh í a thagann chun cinn mar gheall ar riachtanais nó ábhair imní aitheanta maidir le cosaint tomhaltóirí; bheadh an fhoclaíocht sin níos comhsheasmhaí le hAirteagal 8(3)(c) den togra agus le hIarscríbhinn VIII de Rialachán CLP freisin. |
|
3.17. |
Cé go bhfuil siad sách teoranta, is díol sásaimh do CESE na hathruithe atá beartaithe maidir leis na ceanglais lipéadaithe chun deireadh a chur leis an dúbailt idir Rialachán CLP agus Rialachán na nGlantach maidir le comhábhair a shainaithint. Cuideoidh sé sin le soiléireacht agus ábharthacht na lipéad a fheabhsú do thomhaltóirí/úsáideoirí deiridh, ós rud é gur léir ó thaighde neamhspleách gur fearr leo lipéid nach bhfuil an oiread céanna faisnéise orthu ach atá níos soiléire (9). Sa chomhthéacs sin, molann CESE go ndéanfaí lipéadú táirgí glantaigh a shimpliú tuilleadh trí úsáid a bhaint as córas picteagraim nó deilbhíní in ionad téacs. |
|
3.18. |
Tacaíonn CESE leis na forálacha sa togra maidir le lipéadú digiteach a chumasú, rud a chuideoidh freisin le hinléiteacht na lipéad fisiciúil a fheabhsú, agus eispéireas an tomhaltóra/an úsáideora deiridh a fheabhsú ó thaobh faisnéise, rogha teanga agus inléiteachta de san am céanna. Tacaíonn CESE freisin le rochtain a fháil ar lipéid dhigiteacha agus ar fhaisnéis faoi phasanna táirgí araon trí iompróir sonraí amháin, chun go mbeidh lipéid níos soiléire agus nach cúis mearbhaill a bheidh iontu. |
|
3.19. |
Is díol sásaimh do CESE an moladh go bhféadfar an chuid is mó den lipéadú is gá do tháirgí athlíonacháin a chur ar fáil go digiteach, ach ní thuigeann sé cén fáth nach gcuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm maidir le táirgí réamhphacáistithe. D’áiritheofaí leis sin cothroime iomaíochta níos fearr do ghlantaigh a chuirtear ar an margadh. |
An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh (IO L 104, 8.4.2004, lch. 1).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(3) Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le hoibrithe a chosaint ó rioscaí a bhaineann le nochtadh d’oibreáin bhitheolaíocha ar an láthair oibre (seachtú Treoir leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 262, 17.10.2000, lch. 21).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil sa mhargadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1).
(6) Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin ualach riaracháin atá ar thionscal na nglantach, féach an bhileog eolais AISE maidir leis an Measúnú ar Chostas Carnach.
(7) Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).
(8) Relevanz der gewerblichen Textil- und Geschirrreinigung am Eintrag von Phosphat und anderen Phosphorverbindungen (P) in das Abwasser[Ábharthacht níocháin ghairmiúil agus níocháin miasniteora ar theacht isteach fosfáite agus comhdhúile eile fosfair (P) isteach i bhfuíolluisce], Umweltbundesamt 98/2021.
(9) Geuens M, Byrne D, Boeije G, Peeters V, Vandecasteele B. Investigating the effectiveness of simplified labels for safe use communication: the case of household detergents. Int J Consum Stud. 2021; 45(6):1410–24. https://doi.org/10.1111/ijcs.12662.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/127 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: Éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascach inbhuanaithe athléimneach
(COM(2023) 102 final)
(2023/C 349/20)
|
Rapóirtéir: |
Javier GARAT PÉREZ |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 27.3.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
28.6.2023 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
41/0/4 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
149/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Clúdaíonn na haigéin 70 % de dhromchla an phláinéid. Is foinse bia agus bithéagsúlachta iad, cuidíonn siad leis an aeráid a rialáil agus cuireann siad slite beatha lena mbaineann tairbhí suntasacha sláinte, sóisialta agus eacnamaíocha ar fáil do chuid mhór pobail chósta. Dá bhrí sin, measann ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil éiceachórais shláintiúla mhuirí ríthábhachtach don phláinéad agus do na pobail a bhíonn ag brath orthu. |
|
1.2. |
Soláthraíonn iascairí na hEorpa táirgí iascaigh ardcháilíochta ar measartha íseal a lorg carbóin. Is díol sásaimh do CESE téarnamh mór na stoc éisc san Aontas Eorpach tar éis na mblianta de dhea-bhainistiú agus de bhrú níos lú ar an iascaireacht. De réir shonraí an Choimisiúin Eorpaigh, ní dhearnadh ach cúig stoc a iascach ar dhóigh inbhuanaithe san Aontas in 2009. In 2022, áfach, d’ardaigh an figiúr sin go níos mó ná seasca stoc agus is ag dul i bhfeabhas atá an scéal go fóill (1). Tá méadú suntasach ag teacht ar stoic éisc, go háirithe san Atlantach Thoir Thuaidh. Laistigh de deich mbliana, tá méadú 50 % tagtha ar an líon stoic a bhí ann in 2010 (2). Ina theannta sin, is ó stoic éisc inbhuanaithe a thagann 99 % de na stoic éisc arna rialú ag an Aontas a thugtar i dtír san Atlantach Thoir Thuaidh (3) (i gcomparáid le 82,5 % ar an leibhéal domhanda (4)). |
|
1.3. |
Bíodh sin mar atá, bhí costas socheacnamaíoch suntasach ag baint leis an téarnamh sin. Is tubaisteach an éifeacht a bhíonn ag ciorruithe ar chuótaí, agus sin anuas ar na géarchéimeanna leanúnacha a mbíonn iascairí thíos leo, agus táthar ag fáil réidh le soithí ar fud na hEorpa. De réir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), tá 28 % níos lú soithí ag cabhlach iascaireachta na hEorpa sa lá atá inniu ann ná mar a bhí ann in 2000. Dá bhrí sin, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach intuarthacht ioncaim agus creat cobhsaíochta eacnamaíche a chur ar fáil do ghnólachtaí agus d’oibrithe. |
|
1.4. |
Bíodh is go bhfuil iarrachtaí agus dul chun cinn mór déanta ag an earnáil iascaireachta san Eoraip i dtreo inbhuanaitheacht agus cosaint na n-éiceachóras muirí, tá na haigéin fós faoi réir an athraithe aeráide, an aigéadaithe agus an truaillithe i ngeall ar thruailleáin amhail plaistigh agus bruscar muirí eile, nó dramhaíl ó ghníomhaíochtaí talamhbhunaithe, ar bagairt thromchúiseach iad d’éiceachórais mhuirí agus do na pobail a bhíonn ag brath orthu. Chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin agus chun bheith i gcomhréir le cuspóirí an Chreata nua Dhomhanda Bithéagsúlachta iar-2020 agus le cuspóirí straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, tá ceangal dlíthiúil ar an Aontas cosaint a thabhairt do 30 % dá fharraigí faoi 2030. Iarrann CESE ar na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach laistigh den tréimhse ama arna leagan síos agus teacht ar réitigh a fhágann gur féidir cómhaireachtáil leis an iascaireacht nuair is inmholta, dar leis an eolaíocht, déanamh amhlaidh. |
|
1.5. |
Aithníonn CESE, in ainneoin na bhfeabhsuithe atá déanta, go bhfuil tionchar comhshaoil ag an earnáil iascaireachta ar na haigéin fós. Is follas, ar an ábhar sin, gur gá tionchar an trealaimh iascaireachta a mhaolú a thuilleadh, rogha níos mó líonta a chur ar fáil agus speicis agus éiceachórais leochaileacha mhuirí a chosaint. Iarrann CESE go gcuirfear chun feidhme straitéis um dhícharbónú agus um chosaint an chomhshaoil, straitéis lena ndíreofaí níos mó ar an nuálaíocht seachas ar dheireadh a chur le gníomhaíochtaí agus lena dtabharfaí an aird chéanna ar thrí cholún na hinbhuanaitheachta, mar atá: an inbhuanaitheacht chomhshaoil, an inbhuanaitheacht shóisialta agus an inbhuanaitheacht eacnamaíoch. Ar an dóigh sin, bheifí in ann poist do dhaoine oilte a choinneáil san Eoraip. Go háirithe, iarrann CESE go mbainfí cothromaíocht amach idir an togra maidir le líon níos mó limistéir iascaireachta thraidisiúnta a dhúnadh, ar thaobh amháin, agus gníomhaíochtaí iascaireachta a choinneáil ar bun, ar an taobh eile, i bhfianaise an fheabhais atá tagtha ar stoic agus an mhéadaithe atá tagtha ar an mbaol a bhaineann leis an gcabhlach a laghdú. |
|
1.6. |
Ainneoin nach bhfuil an plean gníomhaíochta ceangailteach ó thaobh dlí, tugann CESE dá aire go mbeidh costas suntasach socheacnamaíoch ag baint leis do na Ballstáit agus dá gcabhlaigh. Is cás leis, dá bhrí sin, nach bhfuil staidéar socheacnamaíoch ag gabháil leis an bplean gníomhaíochta agus nach moltar aon bhearta maoiniúcháin breise ann le haghaidh an aistrithe ghlais agus fuinnimh atá molta ag an gCoimisiún Eorpach. Dá bhrí sin, iarrann CESE go ndéanfaí staidéar ar thionchar socheacnamaíoch na mbeart atá beartaithe, go háirithe maidir leis an toirmeasc ar iascaireacht ghrinnill i limistéir mhuirí faoi chosaint, agus iarrann sé go gcuirfí gach modh is gá i bhfeidhm le haghaidh aistriú cóir cothrom, lena n-áirítear dreasachtaí agus sásraí cúiteacha. |
|
1.7. |
Creideann CESE gur den ríthábhacht é go mbeadh feidhm ag aon srianta ar ghléasanna grinnill ar tháirgí a allmhairítear ó thríú tíortha chomh maith, go háirithe ó tharla go n-allmhairíonn an tAontas Eorpach 70 % den iasc a thomhlaítear ann agus gur as tíortha amhail an Rúis agus an tSín a thagann na mílte tona éisc. Rud eile de, baineann na tíortha sin tairbhe as fabhair tharaife (mar shampla, taraif-chuótaí uathrialaitheacha). Mar sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún bearta margaidh a áireamh sa phlean gníomhaíochta chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a áirithiú idir beartais inmheánacha agus sheachtracha, agus sin mar aon le cothroime iomaíochta a ráthú idir oibreoirí an Aontais agus oibreoirí ó thríú tíortha. Is trí ghléasanna grinnill soghluaiste a ghabhtar 25 % de ghabhálacha iomlána na hEorpa (5). Iarrann CESE go mbeadh plean gníomhaíochta ann nach gcuirfidh leis an mbearna idir an tslándáil bia agus an cheannasacht (ó thaobh bia mara de) agus lena gceadófar d’iascairí leas iomlán a bhaint as na cuótaí iascaireachta a leithdháiltear orthu de réir an dlí. |
|
1.8. |
I dtaca leis an eascann Eorpach, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí leanúnacha agus tapa chun gnáthóga eascann a athbhunú, nascacht aibhneacha a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ar an imirce. Iarrann sé freisin go ndéanfaí comhar trasteorann a fheabhsú agus go seachnófaí cleachtais iascaigh atá fritorthúil. Ach oiread leis na nithe réamhráite meabhraíonn CESE go bhfuil tionchar diúltach ag na tréimhsí coiscthe iascaireachta a tugadh isteach le déanaí le haghaidh gníomhaíochtaí tráchtála agus áineasa ar an iascaireacht chósta ar fud na hEorpa agus iarrann sé, dá bhrí sin, go ndéanfaí anailís ar an dul chun cinn atá déanta maidir le téarnamh an speicis sula ndéanfaí machnamh ar a thuilleadh bearta sriantacha a ghlacadh i leith iascach. |
|
1.9. |
Leagann CESE béim ar an ról lárnach atá ag an eolaíocht maidir le bagairtí ar éiceachórais mhuirí a shainaithint, a bhainistiú agus a mhaolú. Is é conclúid CESE gur gá moltaí eolaíocha a neartú agus a fheabhsú, cur chuige a ghlacadh atá bunaithe ar éiceachórais chun acmhainní muirí a bhainistiú agus mapáil níos fearr a dhéanamh ar an lorg iascaireachta agus ar linnte carbóin. |
|
1.10. |
Maidir le muinisin agus truailleáin eile a scaoileadh isteach sna farraigí in aimsir chogaidh, go háirithe i Muir Bhailt, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit bearta oibríochtúla a dhéanamh chun grinneall na farraige a ghlanadh, mar aon le bearta reachtacha lena áirithiú go mbeidh na huiscí slán ó na contúirtí sin. |
2. Cúlra
|
2.1. |
De réir an Choimisiúin Eorpaigh, is éard atá sa phlean gníomhaíochta cuid dá iarrachtaí chun beartas comhshaoil an Aontais agus an comhbheartas iascaigh a chur chun feidhme ar bhealach atá níos comhsheasmhaí leis na trí cholún inbhuanaitheachta lena mbaineann: an inbhuanaitheacht chomhshaoil, an inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus an inbhuanaitheacht shóisialta. Féachann sé le dlús a chur leis an aistriú chuig cleachtais iascaireachta níos inbhuanaithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
|
2.2. |
Dar leis an gCoimisiún Eorpach gur cheart tacú leis an aistriú sin trí mhaoiniú atá inrochtana go héasca, trí obair eolaíoch chun teicnící nuálacha iascaireachta a fhorbairt agus a chur chun cinn agus trí chreat láidir rialachais lenar féidir idirphlé a dhéanamh idir pobail iascaireachta agus pobail chomhshaoil. |
3. Tuairimí ginearálta
Gnéithe dlíthiúla
|
3.1. |
Tugann CESE dá aire nach rud ceangailteach atá sa phlean gníomhaíochta. Is sraith moltaí do na Ballstáit é den chuid is mó agus tá sé bunaithe ar straitéisí an Aontais maidir leis an mbithéagsúlacht (6), leis an oiriúnú don athrú aeráide (7) agus ar an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ (8). Mar sin féin, is suntasach an costas socheacnamaíoch a bheidh ag baint leis an gclár gníomhaíochtaí atá beartaithe do na Ballstáit agus dá gcabhlaigh. I ndáil leis an méid sin, measann CESE gur deis uathúil atá sa phlean gníomhaíochta idirphlé a oscailt ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta. Ar an gcúis sin, tá sé i bhfách le tascfhórsa comhpháirteach a chruthú do na Ballstáit a mbeadh geallsealbhóirí (úinéirí long, oibrithe agus gníomhaithe comhshaoil) rannpháirteach ann mar bhreathnóirí agus é d’aidhm aige próisis chinnteoireachta atá comhordaithe cuimsitheach a áirithiú chun bearta comhleanúnacha bainistíochta a ghlacadh agus a chur chun feidhme. |
|
3.2. |
Meabhraíonn CESE go n-éilítear cheana féin le reachtaíocht an Aontais maidir leis an iascaireacht agus an comhshaol go ndéantar grinneall na farraige a chosaint agus a athbhunú. Mar shampla, tá toirmeasc ar iascaireacht ghrinnill shoghluaiste sa Mheánmhuir ag doimhneacht níos mó ná 1 000 méadar. San Atlantach, tá toirmeasc ar thrálaeireacht ghrinnill ag doimhneacht níos mó ná 800 méadar agus cuireadh iascaireacht ghrinnill ar fionraí le déanaí in 16 419 km2 d’éiceachórais leochaileacha mhuirí. |
|
3.3. |
Ina ainneoin sin, ní mór don Aontas 30 % dá fharraigí a chosaint go dlíthiúil faoi 2030, i gcomhréir le cuspóirí an Chreata nua Dhomhanda Bithéagsúlachta agus le cuspóirí straitéis bhithéagsúlachta an Aontais. Iarrann CESE ar na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach trí straitéisí náisiúnta lena gcuirtear chun cinn cur chuige atá dírithe ar éiceachórais agus lena éascaítear cómhaireachtáil leis an iascaireacht ar bhonn moltaí eolaíocha. |
|
3.4. |
Cuireann CESE i bhfáth nach bhforáiltear do thoirmeasc forleathan ar iascaireacht ghrinnill i limistéir mhuirí faoi chosaint le haon ionstraim idirnáisiúnta (BBNJ (9), CBD (10) ná ERBInna (11)) ná le acquis an Aontais féin. Creideann CESE, dá bhrí sin, gurb iomchuí an léirmhíniú a chuir an Coimisiún Eorpach chun cinn ina fhreagra ar thuarascáil na Cúirte Iniúchóirí (12) a leanúint. Luaigh sé nár cheart srianta iomlána ar ghníomhaíochtaí daonna a bheith mar thoradh ar ainmniú limistéar muirí faoi chosaint. Ba chóir bearta éifeachtacha bainistíochta a bhunú i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe na limistéar agus ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil. Ar an dóigh sin, d’fhéadfaí srian a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ach amháin i gcás inar gá sin chun ceanglais éiceolaíocha na saintréithe nádúrtha atá faoi chosaint a chomhlíonadh. Léirítear an loighic chéanna sa Treoir maidir le Gnáthóga (13). Luaitear inti go gcuirfidh bearta arna nglacadh de bhun na Treorach sin ceanglais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla san áireamh, de bhreis ar an gceanglas measúnú tionchair a dhéanamh ar bhonn cás ar chás agus bearta a dhéanamh ar dhóigh chuí (Airteagal 6(3)). |
|
3.5. |
D’fhonn a áirithiú gur féidir táirgí iascaigh a bhfuil na caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil is fearr acu a tháirgeadh gan dochar a dhéanamh d’iomaíochas oibreoirí i dtíortha éagsúla an Aontais, ba cheart straitéis a leagan amach sa phlean gníomhaíochta lena gcruthófar cothroime iomaíochta, lena n-áirítear i dtaca le caighdeáin tríú tíortha. Ina theannta sin, san idirphlé agus sna comhairliúcháin maidir leis an gcaoi a gcuirfidh gach Ballstát an straitéis sin chun feidhme, ba cheart iarrachtaí a chomhordú agus a áirithiú gur féidir ionadaíocht a dhéanamh thar ceann cabhlach atá cláraithe faoi bhratach Ballstáit amháin ach atá ag oibriú in uiscí Ballstáit eile i bpróisis náisiúnta maidir le bunú limistéar muirí faoi chosaint. Seachas sin, d’fhéadfadh éagothromaíochtaí a bheith ann, rud a d’fhágfadh nach mbeadh aon aonchineálacht ann in uiscí na hEorpa. |
|
3.6. |
Tarraingíonn CESE aird ar Airteagal 39 CFAE, lena leagtar síos gur gá caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal talmhaíochta (agus don phobal iascaireachta) má táthar chun infhaighteacht soláthairtí a ráthú agus chun a áirithiú go mbeidh soláthairtí ar fáil do thomhaltóirí ar phraghas réasúnta. Ar an ábhar sin, agus prionsabal na comhréireachta (Airteagal 5 CAE) á chur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit an rogha a mbeadh an tionchar is lú aici ar an gcabhlach a mholadh lena n-áirithítear caomhnú éifeachtach an dúlra. |
|
3.7. |
Meabhraíonn CESE go leagtar béim in Airteagal 2(1)(b) de Chomhaontú Pháras (14) ar an ngá atá ann cur leis an gcumas dul in oiriúint do dhrochthionchair an athraithe aeráide agus an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus forbairt astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa a chothú agus an méid sin a dhéanamh ar dhóigh nach gcuireann táirgeadh bia i mbaol. |
Raon feidhme
|
3.8. |
Áitíonn an Coimisiún ar na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí comhpháirteacha a chur faoina bhráid lena áirithiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile le hiascaireacht ghrinnill shoghluaiste i ngach limistéar muirí faoi chosaint faoi 2030. |
|
3.9. |
Tugann CESE chun cuimhne go bhféadfadh limistéir mhuirí faoi chosaint a fhágáil go gcuirfear srian ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i gcás inar gá sin chun ceanglais éiceolaíocha na saintréithe nádúrtha atá faoi chosaint a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh roinnt mhaith bearta caomhnaithe eile nach bhfuil baint acu leis an iascaireacht ghrinnill a bheith i gceist le limistéir mhuirí faoi chosaint, amhail éin mhara, céiticigh nó turtair a chosaint. Dá bhrí sin, agus bearta le haghaidh gléasanna grinnill á moladh aige, iarrann CESE ar an gCoimisiún a chuid iarrachtaí a dhíriú go heisiach ar na limistéir mhuirí sin faoi chosaint a bhfuil cúram amháin orthu, is é sin grinneall leochaileach na farraige a chosaint. |
|
3.10. |
Meabhraíonn CESE gurb é is aidhm do chuspóir 3 den Choinbhinsiún nua maidir leis an mBithéagsúlacht é a áirithiú agus a chumasú go gcaomhnófar agus go mbeifear in ann 30 % ar a laghad de limistéir chósta agus limistéir mhuirí a chaomhnú agus a bhainistiú go héifeachtach faoi 2030 trí na limistéir mhuirí faoi chosaint agus trí bhearta caomhnaithe éifeachtacha limistéarbhunaithe eile. Tá sé d’aidhm aige, san am céanna, a áirithiú go mbeidh aon úsáid inbhuanaithe, i gcás inarb iomchuí sna limistéir sin, ag teacht go hiomlán le torthaí caomhnaithe agus go n-aithneofar agus go n-urramófar cearta na bpobal áitiúil. |
|
3.11. |
Sa chomhthéacs sin, is oth le CESE nach n-áiríonn an Coimisiún sa phlean gníomhaíochta uirlisí cuimsitheacha éifeachtacha um chosaint an chomhshaoil amhail bearta caomhnaithe éifeachtacha limistéarbhunaithe eile. Iarrann CESE go n-úsáidfí Handbook for identifying, evaluating and reporting other effective area-based conservation measures in marine fisheries a d’fhoilsigh FAO in 2022 (15). |
|
3.12. |
Iarrann CESE freisin go gcuirfí na bearta caomhnaithe éifeachtacha limistéarbhunaithe eile san áireamh agus an ráta cosanta reachtúil 30 % á ríomh sa chaoi is gur féidir an cuspóir sin a bhaint amach ar bhealach comhréireach. I dtaca leis an méid sin, iarrann CESE go mbreithneofaí ar dheireadh a chur leis an iascaireacht ghrinnill i limistéir eile faoin reachtaíocht maidir leis an iascaireacht, dála a rinneadh i gcás na 87 limistéar inar cuireadh deireadh le déanaí le hiascaireacht ghrinnill (san Atlantach) nó inar cuireadh cosc uirthi (sa Mheánmhuir Thiar) i gcomhréir leis an bplean bainistíochta ilbhliantúil. |
Lorg na hearnála iascaireachta
|
3.13. |
Ag tagairt do thuairim speisialta ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) an 24 Meitheamh 2021, tugtar le fios sa phlean gníomhaíochta go bhfuil iascaireacht ghrinnill shoghluaiste san Atlantach Thoir Thuaidh i gcoitinne ar bun in 80-90 % de ‘limistéir iascaireachta’. Tugann CESE dá aire gurb é is príomhchúis leis na figiúirí arda sin mapáil ísealtaifigh an loirg iascaireachta. Úsáideann ICES greille chun tionchar na hiascaireachta grinnill a mheas le taifeach de thart ar 17 km2 (domhanleithead thuaidh) agus 27 km2 (domhanleithead theas). I bhfocail eile, má théann soitheach thar aon phointe sa limistéar sin, meastar go bhfuil sé ag iascaireacht ar an limistéar ina iomláine. Mar thoradh air sin, méadaítear an limistéar saothraithe go saorga agus déantar cinntí polaitiúla bunaithe ar mhapáil mhíchruinn. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún an gá atá le mapáil níos fearr gléasanna grinnill a chur san áireamh sa phlean gníomhaíochta. Sa tuarascáil cur chun feidhme a bhaineann leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (16), tugann an Coimisiún dá aire gurb iad athchóiriú talún agus cosaint ar thuilte, tógáil calafort, diúscairt dramhaíola soladaí, táirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus éifeachtaí cleachtas dobharshaothraithe neamh-inbhuanaithe (17) na príomhghníomhaíochtaí is cúis le cailliúint fhisiceach iarbhír na ngnáthóg beantach (18). Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta breise a mholadh freisin chun tionchar na nithe sin a íoslaghdú nó a dhíothú, ós nithe iad a bhfuil tionchar diúltach acu ar ghníomhaíocht iascaireachta freisin. |
An Eolaíocht
|
3.14. |
D’fhéadfadh suaití amhail aigéadú, tonnta teasa aigéin, ganntanas ocsaigine, blásanna algacha tocsaineacha, paraisítí nó fadhbanna atáirgthe a bheith ina gcúis le titim ar stoic éisc nó le bogadh éisc go huiscí níos doimhne agus níos fuaire. Bíonn tionchar diúltach ag plaistigh, micreaphlaistigh agus truailleáin eile ó ghníomhaíochtaí an duine ar éiceachórais mhuirí chomh maith. Dá bharr sin uile, in amanna, ní féidir tuiscint a fháil le heolaíocht thraidisiúnta iascaigh ar staid stoc áirithe agus ar na hathruithe iontu. Is é tátal CESE go bhfágann sé sin gur den riachtanas, murab ionann is riamh, cur chuige a úsáid atá dírithe ar éiceachórais agus feabhas a chur ar an eolaíocht chun athruithe den cineál sin a mheas, a thuiscint agus dul in oiriúint dóibh. |
|
3.15. |
Fógraítear sa phlean gníomhaíochta go seolfaidh an Coimisiún staidéar in 2024 ina ndéanfar cainníochtú ar acmhainneacht stórála carbóin ghrinneall farraige an Aontais agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill ar an acmhainneacht sin. Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh sin. Sa staidéar sin, iarrann CESE go ndéanfaí breithniú ar a éifeachtaí atá an faireachán ar shuaitheadh dríodair ó thaobh maolú ar an athrú aeráide. Ba cheart staidéar a dhéanamh freisin ar an tionchar a bhíonn ag aistriú iarrachtaí iascaireachta chuig limistéir nua nár saothraíodh roimhe seo i ngeall ar chosc a bheith ar iascaireacht i limistéir eile agus, ar a mhuin sin, ar thionchar teagmhas nádúrtha, amhail stoirmeacha, ar dhríodar. Anuas air sin, ba cheart an méid sin a chur i gcomparáid le tionchar na hiascaireachta grinnill. |
|
3.16. |
Tá CESE go hiomlán i bhfabhar an tionscnaimh ón gCoimisiún chun ardán idirghníomhach a fhorbairt maidir le trealamh iascaireachta roghnaitheach agus nuálach chun eolas agus dea-chleachtais a mhalartú. Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn sé moltaí ICES maidir le trealamh iascaireachta nuálach (19), ina ndearna saineolaithe measúnú ar na tairbhí agus an tionchar a bhíonn ag trealamh nuálach ar éiceachórais mhuirí, gnáthóga íogaire agus roghnaíocht an iascaigh. Is geal le CESE gur i réimse na hiascaireachta grinnill atá an chuid is mó den dul chun cinn déanta agus molann sé go ndéanfaí tuilleadh dul chun cinn sa treo sin. |
An tionchar socheacnamaíoch
|
3.17. |
Cé nach bhfuil sé éigeantach, iarrann CESE go ndéanfaí measúnú tionchair shocheacnamaíoch ar na bearta atá beartaithe, go háirithe maidir leis an toirmeasc ar iascaireacht ghrinnill i limistéir mhuirí faoi chosaint. Ós rud é gurb é atá i gceist leis an trálaeireacht san Aontas 7 000 soitheach iascaireachta, 20 000 iascaire, aon trian den acmhainneacht iomlán iascaireachta, 38 % den ioncam a ghineann cabhlach an Aontais agus 25 % de na gabhálacha iomlána, is den ríthábhacht tionchar na mbeart atá beartaithe a mheas. |
|
3.18. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit staidéar a dhéanamh ní hamháin ar thionchar díreach na mbeart atá beartaithe, amhail cailliúint rochtana ar mheánna traidisiúnta, agus an tionchar sin a íoslaghdú, ach freisin, an méid sin a dhéanamh maidir leis an tionchar a bhaineann le haistriú iarrachtaí iascaireachta chuig limistéir eile, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le coinbhleachtaí idir trealamh iascaireachta, neamh-inrochtaineacht do spriocspeicis nó úsáid mhéadaithe breosla. |
Slándáil bia
|
3.19. |
Leagtar béim i gconclúidí an phlean gníomhaíochta ar an ngá atá le slándáil an tsoláthair bia a áirithiú, chomh maith le dea-bhail shocheacnamaíoch na n-iascairí, na bpobal cósta agus na sochaí i gcoitinne. Mar sin féin, dá gcuirfí toirmeasc ar ghléasanna grinnill sna limistéir mhuirí atá faoi chosaint faoi láthair (i.e. 10 % de na farraigí), thiocfadh méadú 2 % ar allmhairí. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé aistriú cóir a dhéanamh, iarrann CESE go ndéanfaí staidéar ar an méadú a bhfuiltear ag súil leis ar allmhairí a mhéid a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach sa phlean (30 % de na farraigí). |
|
3.20. |
Tugann CESE chun cuimhne gur ó thríú tíortha a thagann 70 % den iasc a thomhlaítear san Aontas agus go ngabhtar 25 % de ghabhálacha iomlána na hEorpa le gléasanna soghluaiste grinnill. Iarrann CESE go mbeadh plean gníomhaíochta ann nach gcuirfidh leis an mbearna idir an tslándáil bia agus an cheannasacht (ó thaobh bia mara de) agus lena gceadófar d’iascairí leas iomlán a bhaint as na cuótaí iascaireachta a leithdháiltear orthu de réir an dlí. |
Bearta margaidh
|
3.21. |
Measann CESE gur den ríthábhacht é go mbeadh feidhm ag aon srianta ar ghléasanna grinnill ar tháirgí a allmhairítear ó thríú tíortha chomh maith. Is ríthábhachtach fós an méid sin ó tharla gur ón Rúis agus ón tSín a thagann na mílte tona d’iasc geal (e.g. mangach Alascach, trosc, cadóg) agus go mbaineann na tíortha sin tairbhe as fabhair tharaife (mar shampla, taraif-chuótaí uathrialaitheacha). Mar sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún bearta margaidh a áireamh sa phlean gníomhaíochta chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a áirithiú idir beartais inmheánacha agus sheachtracha, agus sin mar aon le cothroime iomaíochta a ráthú idir oibreoirí an Aontais agus oibreoirí ó thríú tíortha. |
Cistiúchán
|
3.22. |
Is cás le CESE nach moltar aon bhearta maoiniúcháin breise sa phlean gníomhaíochta le haghaidh an aistrithe ghlais agus fuinnimh atá molta ag an gCoimisiún Eorpach. Ní mór na dreasachtaí agus na sásraí cúiteacha is gá a bheith ag gabháil le tionscnamh atá chomh tábhachtach sin agus a bhfuil tionchar aige ar an oiread sin soithí iascaireachta grinnill. Iarrann CESE go gcuirfí cúnamh poiblí ar fáil do thaighde agus nuálaíocht lena ndírítear ar laghdú a dhéanamh ar theagmháil le grinneall na farraige, seachas trealamh iascaireachta a athrú nó a dhiúscairt. Maidir le diúscairt, bheadh méideanna ollmhóra airgid ag teastáil, nach bhfuil ar fáil sna cistí reatha, agus bheadh baic theicniúla i gceist le modhanna iascaireachta a athrú. Iarrann CESE freisin go gcuirfí séasúracht agus sainiúlacht na hearnála iascaireachta san áireamh. Iarrann CESE, de bhreis ar an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, go nglacfaí cláir atá dírithe ar an iascaireacht laistigh de Chiste Sóisialta na hEorpa agus de Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, d’fhonn feabhas a chur ar an gcaoi a ndírítear cistí ar na limistéir is mó a bhfuil gá leo. Thairis sin, iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach tuarascálacha faireacháin a chur ar fáil chun a dheimhniú go bhfuil na cistí á gcur chun feidhme agus á ndáileadh i gceart. |
Foghabhálacha
|
3.23. |
Tá CESE ag teacht go hiomlán leis an gCoimisiún gur gá foghabhálacha speiceas muirí íogair (mar shampla, deilf choiteann Bhá na Bioscáine) a íoslaghdú agus, i gcás inar féidir, iad a dhíothú. Is cúis imní do CESE na speicis leochaileacha sin is mó atá i mbaol, amhail roinnt speicis siorcanna, turtair mhara, mamaigh farraige (muc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt agus rónta manaigh na Meánmhara) agus éin mhara (cánóg Bhailéarach). Iarrann CESE ar na Ballstáit bearta náisiúnta nó comhpháirteacha a ghlacadh chun foghabhálacha a íoslaghdú. |
|
3.24. |
I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh do CESE na bearta is déanaí a glacadh i roinnt Ballstát: áirithíonn siad go bhfuil breathnóirí ar bord agus go bhfuil gléasanna fuaimiúla a astaíonn ultrafhuaime i bhfeidhm chun deilfeanna a choinneáil ar shiúl. Ar deireadh, iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú, agus limistéir iascaireachta á ndúnadh ar mhaithe le speicis íogaire a chosaint, go ndéanfar sin ar dhóigh chothrom agus go gcuirfear san áireamh an tionchar socheacnamaíoch mór atá aige sin ar an gcabhlach. |
|
3.25. |
A mhéid a bhaineann leis an eascann Eorpach, is ábhar imní do CESE staid íogair an speicis agus tugann sé chun cuimhne na bearta cinntitheacha a ghlac an Chomhairle i mí na Nollag 2022 chun an staid sin a fheabhsú. De thoradh na mbeart sin, cuireadh stop le gabhálacha muirí agus cuireadh toirmeasc iomlán ar iascaireacht áineasa ar feadh sé mhí. I dtaca leis sin de, meabhraíonn CESE go mbeidh tionchar diúltach nach beag ag na bearta sin ar an iascaireacht chósta ar fud na hEorpa agus iarrann sé, dá bhrí sin, go ndéanfaí anailís ar an dul chun cinn atá déanta maidir le téarnamh an speicis sula nglacfar tuilleadh bearta sriantacha. Mar sin féin, creideann an Coiste go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na tionchair uile a bhaineann leis an iascach agus na tionchair uile nach mbaineann leis an iascach agus an reachtaíocht ábhartha, amhail an Treoir Réime maidir le hUisce, an Treoir maidir le Gnáthóga (20) agus an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr chun an staid reatha a fheabhsú a luaithe agus is féidir agus tuilleadh srianta a sheachaint. |
Truailleáin eile
|
3.26. |
Gan ach sampla amháin a lua, meastar go bhfuil tuairim is 50 000 tona de mhuinisin cheimiceacha ar ghrinneall Mhuir Bhailt, maille le 500 000 tona de ghnáth-airm agus 10 000 long bháite, i ngeall ar chogaí an chéid seo caite (21). Is ag dul in olcas atá an baol sin de dheasca fhogha míleata brúidiúil na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is fíorbhagairt do bheatha an duine agus don mhuirthimpeallacht iad muinisin dhumpáilte óir cuireann siad an t-iascach agus an loingseoireacht i mbaol, maille le forbairt earnálacha eile den gheilleagar gorm. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit bearta oibríochtúla a dhéanamh chun grinneall na farraige a ghlanadh, mar aon le bearta reachtacha lena áirithiú go mbeidh na huiscí slán ó na contúirtí sin. Meabhraíonn CESE cé chomh tábhachtach atá an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus cláir náisiúnta na mBallstát faoi chuimsiú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí chun an mhuirthimpeallacht a chosaint mar fhoinse bia atá sábháilte agus sláintiúil don duine. |
An geilleagar gorm
|
3.27. |
Tugann CESE le fios go bhfuil na hearnálacha éagsúla atá sa gheilleagar gorm ag brath ar a chéile (an t-iascach, an bhiteicneolaíocht, an loingseoireacht, an muiriompar, an dobharshaothrú, longchlóis, an slabhra soláthair, an lóistíocht agus an t-iompar). Dá thoradh sin, bíonn iarmhairt dhíreach ag caillteanas nó diúscairt soithí iascaireachta ar longchlóis Eorpacha agus ar sheirbhísí lóistíochta eile. Ina fhianaise sin, cuireann CESE i bhfáth gur gá straitéis um dhícharbónú agus um chosaint an chomhshaoil a chur chun feidhme, straitéis lena ndíreofaí níos mó ar an nuálaíocht seachas ar dheireadh a chur le gníomhaíochtaí agus lena dtabharfaí an aird chéanna ar thrí cholún na hinbhunaitheachta, mar atá: an inbhuanaitheacht chomhshaoil, an inbhuanaitheacht shóisialta agus an inbhuanaitheacht eacnamaíoch. Ar an dóigh sin, bheifí in ann poist do dhaoine oilte a choinneáil san Eoraip (22). De bhreis air sin, cuireann CESE in iúl go gcabhraíonn an earnáil iascaireachta leis an daonra a choinneáil i bpobail tuaithe chósta atá ag brath go mór ar an earnáil sin (23). Mar thoradh ar laghdú nó cailliúint na hearnála iascaireachta, tagann méadú ar an sreabhadh imirce chuig na cathracha móra agus ar na fadhbanna ar fad a bhaineann leis an gcomhchruinniú daonra sin. |
Fuinneamh gaoithe
|
3.28. |
I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá sprioc leagtha síos ag an Aontas dó féin méadú faoi fhiche a dhéanamh ar tháirgeadh fuinnimh amach ón gcósta san Aontas chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Bíodh sin mar atá, beidh tionchar ag an méadú sin ar an muirthimpeallacht, amhail trí pháirceanna cumhachta gaoithe a shuiteáil agus cáblaí domhainmhara a chur síos. Tá sé ráite ag roinnt Ballstát go bhfuil siad chun a n-eangacha leictreachais amach ón gcósta a nascadh le chéile, go príomha trí oileáin fuinnimh shaorga i Muir Bhailt agus san Atlantach. Is maith is eol do CESE go bhfuil gá le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus nach mór na foinsí sin a bheith oiriúnach d’fhoinsí inbhuanaithe bia (24). Dá bhrí sin, iarrann sé go bhforbrófaí an fuinneamh gaoithe amach ón gcósta go cúramach ionas nach ndéanfar na botúin chéanna a rinneadh roimhe seo agus ionas go laghdófar tionchar na foinse fuinnimh sin ar an mbithéagsúlacht. Lena chois sin, iarrann sé go ndéanfaí na struchtúir sin a shuiteáil gan difear a dhéanamh do mheánna traidisiúnta iascaireachta na n-iascairí. |
An Bhruiséil, 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) COM(2023) 103.
(2) STECF Adhoc 20-01.
(3) COM(2020) 248.
(4) The State of World Fisheries and Aquaculture 2022 (FAO).
(5) STECF 21-08.
(6) COM(2020) 380.
(7) COM(2021) 82.
(8) COM(2020) 381.
(9) Comhaontú maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta.
(10) Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch.
(11) Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh.
(12) Tuarascáil speisialta ó CIE 26/2020.
(13) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(14) Comhaontú Pháras 2015 (na Náisiúin Aontaithe).
(15) Handbook for identifying, evaluating and reporting other effective area-based conservation measures in marine fisheries (FAO).
(16) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(17) Gnáthóga a fhaightear ar ghrinneall na farraige
(18) COM(2020) 259.
(19) ICES sr.2020.12.
(20) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(21) Clearing chemical and conventional munitions from the sea (Euractiv).
(22) IO C 517, 22.12.2021, lch. 108.
(23) Tuairim ó Choiste na Réigiún An Comhbheartas Iascaigh ar an láthair: i dtreo pobail chósta inbhuanaithe athléimneacha san Aontas (NAT-VII/035) (IO C 517, 22.12.2021, lch. 108).
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/134 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956
(COM(2023) 88 final – 2023/0042 (COD))
(2023/C 349/21)
|
Rapóirtéir: |
Dirk BERGRATH |
|
Comhrapóirtéir: |
Alessandro BARTELLONI |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 29.3.2023 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 3.4.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 192(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
22.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
182/4/7 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an cuspóir atá leis an Rialachán dlús a chur le luas an dícharbónaithe san earnáil agus borradh a chur faoi chlaochlú struchtúrach na hearnála. Ba cheart don Aontas an deis a thapú a bheith ina cheannaire i dtionscal an iompair ghlain. |
|
1.2. |
Tugann CESE dá aire go bhfuil an togra níos dúshlánaí ná na spriocanna atá beartaithe faoi láthair sa tSín, ach nach bhfuil sé chomh dúshlánach céanna leis an rialachán a glacadh le déanaí in California, rialachán lena leagtar síos an sprioc gur feithiclí astaíochtaí nialasacha a bheidh in 100 % de na trucailí agus de na busanna a dhíolfar ó 2036 ar aghaidh. Tugann CESE dá aire freisin an méid atá sonraithe i dTreoirphlean Náisiúnta na Stát Aontaithe le haghaidh Dhícharbónú an Chórais Iompair (1), is é sin go bhfuil ról comhlántach ag an leictreachas glan, ag bithbhreoslaí/leictribhreoslaí inbhuanaithe agus ag an hidrigin ghlan le haghaidh an chórais iompair i gcoitinne agus le haghaidh an iompair tromshaothair de bhóthar go háirithe. |
|
1.3. |
Tugann CESE dá aire go bhfuil sé geallta cheana féin ag roinnt Ballstát, i dteannta tíortha eile (na Stáit Aontaithe san áireamh), gur feithiclí astaíochtaí nialasacha a bheidh in 100 % de na feithiclí tromshaothair a dhíolfar ó 2040 ar aghaidh (2). Ina theannta sin, is dócha go nglacfar rialacháin éagsúla ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach (e.g. toirmisc ar fheithiclí áirithe). |
|
1.4. |
Tuigeann CESE a thábhachtaí atá sé dreasacht a thabhairt sa dlí chun an úsáid a bhaintear as feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn. Creideann CESE, áfach, nach mór díriú freisin ar thaobh an éilimh agus ar na príomhchoinníollacha cumasúcháin a fhágann gur rogha inmharthana ag na hoibreoirí lóistíochta é feithiclí astaíochtaí nialasacha a úsáid. |
|
1.5. |
Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag roinnt Ballstát chun tacú leis an aistriú go feithiclí astaíochtaí nialasacha, go háirithe i gcás FBManna, agus trí Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh agus cistí náisiúnta eile. |
|
1.6. |
Is mian le CESE a dhearbhú athuair go dtacaíonn sé leis an Rialachán maidir le bonneagair breoslaí malartacha. Ní mór do na húdaráis phoiblí a áirithiú go bhfuil breoslaí malartacha agus stáisiúin luchtaithe ar fáil sna háiteanna sin a bhfuil gá leo (3). Le go bhféadfaí sprioc idirmheánach 2030 a bhaint amach, bheadh breis agus 50 000 luchtaire poiblí so-rochtana de dhíth, agus bheadh gá le 35 000 díobh sin a bheith ina gcórais ardfheidhmíochta luchtaithe meigeavatanna. Bheadh gá le thart ar 700 stáisiún athlíonta hidrigine freisin. |
|
1.7. |
Ós rud é go bhfuil teorainn leis an méid is féidir a mheasúnú i measúnú tionchair an Choimisiúin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí dlúthfhaireachán rialta ar an dul chun cinn i dtuarascáil ar leith, lena n-áireofaí grinnmheasúnú ar an slabhra soláthair le go bhféadfar suaitheadh a sheachaint agus léiriú níos fearr a thabhairt ar an tionchar a bheidh ag dícharbónú an iompair ar an leibhéal réigiúnach. |
|
1.8. |
I gcomhréir le tuairimí eile ó CESE roimhe seo (4), tugann CESE dá aire, in ainneoin na mbuntáistí uile a bhaineann le gléasraí cumhachta leictreacha agus hidrigine, nach mór an Rialachán atá beartaithe agus atá bunaithe ar an gcur chuige i leith ‘sceithphíopaí’ a chomhlánú le hionstraimí beartais eile le go bhféadfar úsáid breoslaí in-athnuaite neamh-iontaise a dhreasú maidir leis an gcuid sin den fhlít ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh. Caithfear cur chuige saolré a áirithiú leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus a ráthú nach n-aistreofar astaíochtaí chuig céim níos luaithe sa slabhra luacha de bharr dhícharbónú an iompair de bhóthar. |
|
1.9. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth go bhfuil gá le creat beartais lena spreagfar an dícharbónú ar bhealach a bheidh cothrom do na hoibrithe. Áirítear leis sin cistiú leordhóthanach a sholáthar chun tacú leis na réigiúin a bhfuil deacrachtaí acu mar thoradh ar an gclár oibre le haghaidh dícharbónú, an gá atá le hathruithe a thuar ar gach leibhéal (suíomhanna, cuideachtaí, réigiúin agus earnálacha) trí phleananna arna bhforbairt leis na comhpháirtithe sóisialta, agus iarracht ollmhór ó thaobh na n-údarás poiblí agus na gcuideachtaí athoiliúint a chur ar na hoibrithe agus iad a uas-sciliú. |
|
1.10. |
Tá CESE ag iarraidh go gcruthófaí conair laghdaithe astaíochtaí CO2 a bheadh i gcomhréir le cumas na hearnála tionsclaíche í féin a chlaochlú agus a bheadh comhoiriúnach do na hoibreoirí iompair ó thaobh costas agus éifeachtúlacht oibríochtúil de. Ní mór na spriocanna atá beartaithe a bheith comhoiriúnach don am a theastaíonn chun na saoráidí táirgthe atá ann cheana a chlaochlú agus cinn nua a thógáil, chun bonneagar luchtaithe a chur i bhfearas, chun soláthar príomh-chomhpháirteanna agus amhábhar a dhaingniú, chun margaí tosaigh a chruthú agus chun oiliúint a chur ar an lucht saothair. |
|
1.11. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth gur gá an flít a dhícharbónú ar luas atá comhsheasmhach le cur chun feidhme Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus cur chun feidhme na dtionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI), agus a rannchuideoidh le príomhshlabhraí soláthair a fhorbairt don earnáil san Eoraip, amhail an hidrigin ghlan, ceallraí agus an mhicrileictreonaic. |
|
1.12. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth freisin nach mór fothú acmhainneachta a chur ar fáil agus tacú le tarlóirí agus oibreoirí – go háirithe FBManna – na hoibleagáidí tuairiscithe a chuirtear chun feidhme leis an Rialachán a chomhlíonadh. |
2. Cúlra ginearálta
|
2.1. |
I mí Dheireadh Fómhair 2014, leag cinn stáit nó rialtais an Aontais Eorpaigh (5) sprioc cheangailteach síos maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a sceitear i ngeilleagar iomlán an Aontais a laghdú 40 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Bhí an sprioc sin bunaithe ar réamh-mheastacháin dhomhanda a chomhlíonann amscála meántéarmach Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide (COP 21) (6). |
|
2.2. |
I mí na Nollag 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste. Leagtar síos sa doiciméad sin sraith spriocanna agus garspriocanna uaillmhianacha chun córas iompair an Aontais a chur in oiriúint do dhomhan atá digiteach agus aeráidneodrach. |
|
2.3. |
I mí Iúil 2021, ghéaraigh an Coimisiún Eorpach ar na maidí nuair a ghlac sé an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (7) – sraith tograí beartais le haghaidh glanlaghdú 55 % (i gcomparáid le leibhéil 1990) ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais faoi 2030. Tá sé sin comhsheasmhach le gealltanas an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, rud atá leagtha síos leis an Dlí Aeráide Eorpach (8). |
|
2.4. |
Sa straitéis Eorpach maidir leis an tsoghluaisteacht íseal-astaíochtaí a foilsíodh i mí Iúil 2016 (9), leagtar síos an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fheithiclí a laghdú 60 % ar a laghad faoi 2050 i gcomparáid le leibhéil 1990 ar mhaithe leis an Aontas a chur ar an mbealach ceart leis an aeráidneodracht a bhaint amach. Mar sin féin, leagtar síos sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (10) go n-éilítear le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 laghdú 90 % ar na hastaíochtaí foriomlána ón iompar faoi 2050 i gcomparáid le leibhéil 1990. Chaithfí méadú de réir a chéile a dhéanamh ar úsáid feithiclí astaíochtaí ísle/feithiclí astaíochtaí nialasacha chun sciar suntasach den mhargadh a bhaint amach faoi 2030 agus chun an tAontas a chur ar bhealach comhsheasmhach fadtéarmach i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha. |
|
2.5. |
Is ionann líon na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil an iompair de bhóthar agus an cúigiú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Is feithiclí tromshaothair, amhail trucailí, busanna cathrach agus busanna cianaistir, is cúis le níos mó ná 25 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar de bhóthar san Aontas, agus is iad is cúis le níos mó ná 6 % d’astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa an Aontais. In ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta ag monaróirí astaíochtaí a laghdú in aghaidh an chiliméadair, tá méadú ag teacht ar líon iomlán na n-astaíochtaí, go háirithe san iompar lasta mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar an iompar de bhóthar, rud a mheastar a leanfaidh de bheith ag méadú san am atá le teacht. Is foinse mhór truaillithe aeir é an t-iompar de bhóthar freisin, agus tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Aontas ar a reachtaíocht maidir le cáilíocht an aeir, go háirithe ar bhonn an togra maidir le caighdeáin nua Euro 7 chun na truailleáin ó fheithiclí a laghdú. |
|
2.6. |
Tá an flít feithiclí tromshaothair atá ann faoi láthair á rith beagnach go hiomlán ar innill dócháin inmheánaigh. Breoslaí iontaise is ea is mó a úsáidtear le haghaidh na n-inneall sin, ar breoslaí iad a ndearnadh scagadh orthu san Aontas ó amholaí a allmhairíodh isteach den chuid is mó, rud a fhágann gur mó fós spleáchas an Aontais ar fhuinneamh. De réir an mheasúnaithe tionchair ón gCoimisiún Eorpach, ba cheart go laghdódh an togra maidir le caighdeáin nua an t-éileamh ar bhreoslaí iontaise faoi thart ar 2 bhilliún bairille ola idir 2031 agus 2050. |
|
2.7. |
De réir ‘timthriall tástála cianaistir’ an ghnáthaonaid tarracóra Eorpaigh, ar aonad 4x2 é a mbíonn 40 tona meáchain ann, úsáidtear 33,1 lítear breosla in aghaidh 100 km ar bhóithre agus ar mhórbhealaí. De réir ‘timthriall tástála seachadta uirbigh’ na gnáth-thrucaile dáileacháin Eorpaí, ar trucail 4x2 í a mbíonn 12 thona meáchain inti, úsáidtear 21,4 lítear breosla in aghaidh 100 km (11). |
|
2.8. |
Is oibreoirí iompair lasta den chuid is mó iad na ceannaitheoirí feithiclí tromshaothair. Is féidir leis tarlú gur mó na costais bhreosla a bhíonn ag na hoibreoirí sin ná an ceathrú cuid dá gcostais oibriúcháin. Luann siad freisin gurb í an éifeachtúlacht breosla an príomhchritéar a bhíonn acu agus breosla á cheannach acu. Murab ionann agus earnáil na ngluaisteán paisinéirí, is é an costas iomlán a bhaineann le húinéireacht feithicle an phríomhghné ar dá réir a shocrófar cén cineál feithicle a roghnófar. |
|
2.9. |
Sa bhliain 2021, de réir sonraí ón earnáil tionsclaíochta, gineadh barrachas EUR 5 bhilliún i gcomhardú na trádála mar thoradh ar onnmhairí leoraithe. An bhliain chéanna, monaraíodh níos mó ná 470 000 trucail sa 52 mhonarcha atá lonnaithe san Aontas (12). Tá an earnáil sin mar chuid de thionscal gluaisteán ina ngintear 12,1 milliún post go díreach agus go hindíreach san Eoraip, méid arb ionann é agus 5,6 % den fhostaíocht iomlán san Aontas. |
|
2.10. |
Is é an t-iompar tráchtála de bhóthar néarchóras shlabhra luacha gheilleagar an Aontais. Is ionann an t-iompar de bhóthar agus sciar mór d’OTI (olltáirgeacht intíre) an Aontais agus tá os cionn 3,4 milliún duine fostaithe san earnáil sin fud fad an Aontais (13). Ar na dúshláin atá roimh an earnáil, tá gur gá an t-iompar a dhéanamh níos sábháilte agus níos sláine agus éifeachtúlacht an mhargaidh aonair a chaomhnú ag an am céanna, agus feabhas a chur ar dhálaí oibre san earnáil agus sa timpeallacht iompair ina hiomláine. |
|
2.11. |
De thoradh na n-athruithe is déanaí ar an tírdhreach geopholaitiúil, tá aird á tabhairt ar an ngá atá le hathléimneacht shlabhra soláthair lóistíochta an Aontais a áirithiú, fiú sna cásanna is suntasaí. Tá méadú ar chostais fuinnimh agus ar an spleáchas ar fhuinneamh agus ar amhábhair – mar aon le straitéisí ionsaitheacha cosantacha roinnt príomhghníomhaithe idirnáisiúnta – ag cur córas eacnamaíoch an Aontais agus leas a chuid saoránach i mbaol. Ní mór córas iompair tráchtála de bhóthar an Aontais a choinneáil iomaíoch, inacmhainne agus lánoibríochtúil, fiú sna cúinsí is tromchúisí. Ba cheart an méid sin a áirithiú leis an gcreat rialála. |
3. An togra le haghaidh Rialacháin
|
3.1. |
Tá sé beartaithe an togra sin a chur in ionad Rialachán (AE) 2019/1242 (14) maidir le caighdeáin CO2 d’fheithiclí tromshaothair. In ainneoin nach féidir meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an Rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair, creideann an Coimisiún gur gá cur le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Dlí Aeráide Eorpaigh. Leagann an Coimisiún amach spriocanna nua ceangailteacha CO2 a bheidh infheidhme ó 2025. |
|
3.2. |
Cumhdaíonn an togra trucailí (os cionn 5 thona), busanna cathrach agus busanna cianaistir (os cionn 7,5 tona), chomh maith le leantóirí (feithicil gan mhótar a tharraingítear le mótarfheithicil). Cé gur leathnú tábhachtach é sin ar raon feidhme an Rialacháin, tá bearna rialála fós ann maidir le rialáil CO2 i ngluaisteáin agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma (trucailí idir 3,5 agus 5 thona). |
|
3.3. |
Tá spriocanna nua agus níos uaillmhianaí maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh feithiclí nua tromshaothair á moladh ag an gCoimisiún ó 2030 chun na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach. Faoin togra, ar an meán agus i gcomparáid le leibhéil 1990, thiocfadh na laghduithe seo a leanas ar astaíochtaí CO2:
|
|
3.4. |
Beidh ar bhusanna nua cathrach san Aontas a bheith ina mbusanna astaíochtaí nialasacha (sciar 100 % d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha) ó 2030 ar aghaidh. |
|
3.5. |
Beidh díolúine ó na spriocanna maidir le CO2 a laghdú ag na feithiclí tromshaothair seo a leanas:
|
|
3.6. |
Murab ionann agus caighdeáin CO2 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, is é an léamh atá sa togra ón gCoimisiún le haghaidh feithiclí tromshaothair ar fheithiclí ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh faoi thiomáint hidrigine, mar aon le teicneolaíochtaí malartacha eile atá ar fáil cheana féin, eadhon feithiclí ceallra-leictreacha nó breosla-chealla hidrigine, gur rogha astaíochtaí nialasacha sceite iad. |
|
3.7. |
Ag cur le raon feidhme an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, lena gcumhdaítear astaíochtaí ó gach earnáil, is í an mhodheolaíocht ó ‘umar go roth’ atá sa togra ón gCoimisiún maidir le feithiclí tromshaothair, modheolaíocht a úsáidtear freisin sa Rialachán (15) maidir le feithiclí saothair éadroma, chun na spriocanna a leagan síos maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tagraítear do mhodheolaíocht den sórt sin freisin mar ‘sceithphíopa’, toisc nach gcuirtear san áireamh inti ach CO2 a astaítear ón bhfeithicil agus í in úsáid, cé go gcumhdaítear an gás ceaptha teasa a astaítear i rith mhonarú na feithicle nó i rith tháirgeadh na mbreoslaí nó an fhuinnimh le reachtaíocht eile amhail Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais. Rinneadh beag is fiú de rannchuidiú na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ar mhaithe le spriocanna sonracha na reachtaíochta sonraí sin a bhaint amach, ós rud é gur mheas an Coimisiún nach raibh sé éifeachtúil ná éifeachtach ó thaobh costais de. |
4. Tuairimí ginearálta
|
4.1. |
Is díol sásaimh do CESE cuspóir an Rialacháin dlús a chur le luas an dícharbónaithe san earnáil agus borradh a chur faoi chlaochlú struchtúrach na hearnála. Ní mór flít iompair de bhóthar thionscal iompair na hEorpa a athnuachan trí theicneolaíochtaí nua gléasra cumhachta a ghlacadh de réir a chéile (teicneolaíochtaí a n-úsáidtear leictreachas nó breosla-chealla hidrigine nó inneall dócháin inmheánaigh faoi thiomáint hidrigine chucu). Ba cheart don Aontas an deis a thapú a bheith ina cheannaire i dtionscal an iompair ghlain. Tugann an dul chun cinn le fios go gcuireann na teicneolaíochtaí thuasluaite conair inmharthana agus chostéifeachtúil ar fáil is féidir a úsáid go caighdeánach i dtrucailí gearraistir, meánaistir agus (de réir a chéile) cianaistir. |
|
4.2. |
Tugann CESE dá aire go bhfuil an togra níos dúshlánaí ná na spriocanna atá beartaithe faoi láthair sa tSín, ach nach bhfuil sé chomh dúshlánach céanna leis an rialachán a glacadh le déanaí in California. I mí an Mheithimh 2022, d’fhógair an tSín togra (‘Céim 4’) chun teacht in ionad ‘Céim 3’, céim a cuireadh chun feidhme in 2019. De bhun Chéim 4, meastar go laghdófar na caighdeáin maidir le hídiú breosla san earnáil tromshaothair faoi 15 % faoi 2026, ar sprioc ghinearálta é sin le haghaidh gach cineáil feithicle. Ó thaobh chaighdeáin na Stát Aontaithe de, glacadh caighdeáin ‘Céim 2’ in 2016 le haghaidh na tréimhse 2018–2017 agus meastar go laghdóidh na caighdeáin sin na hastaíochtaí CO2 agus an t-ídiú breosla, dhá rud a athraíonn ó fheithicil go feithicil (16 % go 30 %), i gcomparáid leis an mbonnlíne a bhí ann in 2010. In California, stát ar gnách leis a bheith ina eiseamláir ag stáit eile de chuid SAM ó thaobh caighdeán de, glacadh reachtaíocht le déanaí lena leagtar síos an sprioc gur feithiclí astaíochtaí nialasacha a bheidh in 100 % de na trucailí agus de na busanna a dhíolfar ó 2036 ar aghaidh. Is feithiclí ceallra-leictreacha nó feithiclí breosla-chille hidrigine amháin a cheadófar faoin reachtaíocht nua sin. Le Treoirphlean Náisiúnta na Stát Aontaithe le haghaidh Dhícharbónú an Chórais Iompair (16), tugtar ról comhlántach breise don leictreachas glan, do bhithbhreoslaí/leictribhreoslaí inbhuanaithe, agus don hidrigin ghlan le haghaidh an chórais iompair i gcoitinne agus le haghaidh an iompair tromshaothair de bhóthar go háirithe. |
|
4.3. |
Tugann CESE dá aire nach é an Rialachán atá beartaithe an t-aon chreat rialála a bheidh ann don earnáil. Cé go bhfuil gealltanas tugtha cheana féin ag roinnt Ballstát, i dteannta tíortha eile (na Stáit Aontaithe san áireamh), gur feithiclí astaíochtaí nialasacha a bheidh in 100 % de na feithiclí tromshaothair a dhíolfar ó 2040 ar aghaidh (17), is dócha go nglacfar rialacháin éagsúla ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach (e.g. toirmisc ar fheithiclí áirithe). Cé nach ar spriocanna na gníomhaíochta aeráide a bhaint amach a bheidh na rialacháin sin dírithe den chuid is mó, beidh tionchar acu, mar sin féin, ar oibriú agus ar bhrabúsacht feithiclí nach feithiclí astaíochtaí nialasacha, sin agus ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. |
|
4.4. |
Tuigeann CESE a thábhachtaí atá sé dreasacht a thabhairt sa dlí a bheadh ina beart beartais ar thaobh an tsoláthair d’fhonn infheistíocht a chothú i dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus úsáid feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn, rud a chuideoidh, i ndeireadh na dála, maille le breoslaí atá neodrach ó thaobh carbóin de, leis an bhflít feithiclí tromshaothair a dhícharbónú go hiomlán. Creideann CESE, áfach, nach mór díriú freisin ar thaobh an éilimh agus ar na príomhchoinníollacha cumasúcháin a fhágann gur rogha inmharthana ag na hoibreoirí lóistíochta é feithiclí astaíochtaí nialasacha a úsáid. |
|
4.4.1. |
De réir Chomhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa (ACEA), theastódh méadú suntasach ar líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ar an mbóthar dhá bhliain ar a laghad roimh an sprioc atá ann faoi láthair de bhun an togra. Leis an sprioc nua atá beartaithe, ba ghá, go sonrach, níos mó ná 400 000 feithicil astaíochtaí nialasacha a chur ar na bóithre laistigh de thréimhse níos lú ná seacht mbliana, agus beagnach 100 000 a chlárú in aghaidh na bliana ó 2030, rud a chiallaíonn gur feithiclí astaíochtaí nialasacha ba ghá a bheith i mbreis agus aon trian de na clárúcháin nua uile ó 2030 ar aghaidh. Bheadh breis agus 50 000 luchtaire poiblí so-rochtana de dhíth i dtaca leis an bhflít sin, agus bheadh gá le 35 000 díobh sin a bheith ina gcórais ardfheidhmíochta luchtaithe meigeavatanna. Bheadh gá le thart ar 700 stáisiún athlíonta hidrigine freisin. Léiríonn sé sin an uaillmhian ard atá ann maidir leis na gníomhaithe poiblí agus na gníomhaithe príobháideacha araon. |
|
4.4.2. |
Tá CESE ag iarraidh freisin go mbeadh coinníollacha leormhaithe cumasúcháin ann chun tarlóirí agus oibreoirí a spreagadh infheistíocht a dhéanamh i bhfeithiclí nua, lena n-áirítear bonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe oiriúnach a leathadh amach go han-tapa, bearta éifeachtacha praghsála carbóin agus bearta eile ar thaobh an éilimh lena dtabharfaí tacaíocht do na hoibreoirí iompair agus lena n-áiritheofaí go n-infheisteoidís i bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha. Ní mór a mheabhrú go ndéanfaidh na tarlóirí agus na hoibreoirí a gcinntí infheistíochta bunaithe ar thuiscintí brabúsachta. |
|
4.4.3. |
Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag roinnt Ballstát chun tacú leis an aistriú go feithiclí astaíochtaí nialasacha, go háirithe i gcás FBManna. I gclár cistiúcháin na hOstaire le haghaidh feithiclí tráchtála agus bonneagar astaíochtaí nialasacha, tugtar tacaíocht do chuideachtaí a bhflíteanna a aistriú go feithiclí tráchtála nach bhfuil á gcumhachtú le breoslaí iontaise agus an bonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe a theastaíonn ó na feithiclí tráchtála sin a chur ar bun. Trí Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh agus trí chistí náisiúnta eile, tá EUR 365 mhilliún ar fáil san iomlán don Ostair chun feithiclí tráchtála astaíochtaí nialasacha agus bonneagar na bhfeithiclí sin a chur chun cinn (18). |
|
4.5. |
Ós rud é go bhfuil teorainn leis an méid is féidir a mheasúnú i measúnú tionchair an Choimisiúin, go háirithe nach féidir meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán reatha, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí dlúthfhaireachán rialta ar ghnéithe tábhachtacha áirithe, lena n-áirítear ar fheithiclí nua gléasraí cumhachta a fhorbairt, ar an mbonneagar luchtaithe/athbhreoslaithe a chur ar fáil agus ar an gcostas atá ar na feithiclí, ar an bhfuinneamh agus ar na breoslaí. |
|
4.6. |
Is féidir le breoslaí inbhuanaithe neamh-iontaise ról a imirt a chomhlánódh ról an leictreachais agus ról na hidrigine i ndícharbónú an chórais iompair, cé go bhfuil laghdú ar an éifeachtúlacht agus na costais (atá ard faoi láthair) ag cur bac ar an ról sin (19). Cé go n-aithnítear na breoslaí sin i rialacháin maidir leis an eitlíocht agus an t-iompar muirí, ní luaitear iad sna rialacháin maidir le dícharbónú an iompair de bhóthar. Mar sin féin, léiríonn modheolaíocht lena ndéantar dealú idir astaíochtaí líneacha CO2 (ó bhreoslaí iontaise) agus astaíochtaí ciorclacha nó glan-nialasacha (ó ríomhbhreoslaí agus bithbhreoslaí inbhuanaithe), i gcomhthéacs saolré, go bhfuil an lorg carbóin a bhíonn i gceist le hinnill dócháin inmheánaigh agus le feithiclí hibrideacha éifeachtúla, arna mbreoslú le bithbhreoslaí agus ríomhbhreoslaí inbhuanaithe, inchomparáide leis an lorg carbóin a bhíonn i gceist le feithiclí ceallra-leictreacha a úsáideann leictreachas ó fhoinsí iontaise. Is é a chiallaíonn sé sin go bhfuil sé níos tábhachtaí fós breoslaí neamh-iontaise a chur in ionad na mbreoslaí iontaise atá sa fhlít reatha, agus sna feithiclí nua tromshaothair sin ina leanfar de ghléasraí cumhachta ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh a úsáid. |
|
4.7. |
Iarrann CESE ar an lucht ceaptha beartas a ráthú go dtabharfaidh an t-aistriú go breoslaí neamh-iontaise cinnteacht shoiléir don lucht infheistíochta agus don aistriú cóir in earnáil na mbreoslaí, agus go dtacóidh sé le fás shlabhra luacha tionsclaíoch ábhartha an Aontais agus le ceannaireacht dhomhanda a bhaint amach. |
|
4.8. |
Is iomaí buntáiste a bhaineann le rogha na neodrachta teicneolaíche. Mhaolófaí go háirithe na rioscaí a bhaineann le forbairt teicneolaíochta agus slándáil an tsoláthair. Ba bhuntáiste do gheilleagar an Aontais é dá mbeadh straitéis teicneolaíochta éagsúlaithe ann, sin agus breoslaí inbhuanaithe a chomhlánódh na feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí faoi thiomáint hidrigine, fad agus atá an dá theicneolaíocht sin ag déanamh dul chun cinn agus an bonn atá leo ar an leibhéal náisiúnta ag méadú. |
|
4.9. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuidíonn an togra leis an méid seo a leanas:
|
|
4.10. |
Chuige sin, teastaíonn an méid seo a leanas: |
|
4.10.1. |
Conair laghdaithe astaíochtaí CO2 atá i gcomhréir le cumas na hearnála tionsclaíche í féin a chlaochlú, agus atá comhoiriúnach do na hoibreoirí iompair ó thaobh costas agus éifeachtúlacht oibríochtúil de. Ní mór na spriocanna atá beartaithe a bheith comhoiriúnach don am a theastaíonn chun na saoráidí táirgthe atá ann cheana a chlaochlú agus cinn nua a thógáil, chun bonneagar luchtaithe a chur i bhfearas, chun soláthar príomh-chomhpháirteanna agus amhábhar a dhaingniú, chun margaí tosaigh a chruthú agus chun oiliúint a chur ar an lucht saothair; |
|
4.10.2. |
Dícharbónú an fhlít ar luas atá comhsheasmhach le cur chun feidhme Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus cur chun feidhme na dtionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI), agus a rannchuideoidh le príomhshlabhraí soláthair a fhorbairt don earnáil san Eoraip, amhail an hidrigin ghlan, ceallraí agus an mhicrileictreonaic. Ní mór an chonair astaíochtaí a bheith i gcomhréir freisin le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, chomh maith le Straitéis an Aontais um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste. |
|
4.11. |
Mar a tugadh le fios i dtuairimí eile roimhe seo, tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach comhordú níos fearr a dhéanamh idir na reachtaíochtaí comhshaoil éagsúla atá ar fáil lena ndírítear ar an iompar de bhóthar, sin le go bhféadfar an tionscal a athrú ó bhonn (amhail Euro 7, AFIR agus Eoraifínéad) (20) agus cur chuige reachtach comhleanúnach a iarraidh ag an am céanna. |
|
4.12. |
I gcomhréir le tuairimí eile ó CESE roimhe seo (21), tugann CESE dá aire, in ainneoin na mbuntáistí uile a bhaineann le gléasraí cumhachta leictreacha agus hidrigine, nach mór an Rialachán atá beartaithe agus atá bunaithe ar an gcur chuige i leith ‘sceithphíopaí’ a chomhlánú le hionstraimí beartais eile le go bhféadfar úsáid breoslaí in-athnuaite neamh-iontaise a dhreasú maidir leis an gcuid sin den fhlít ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh. Caithfear cur chuige saolré a áirithiú leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus a ráthú nach n-aistreofar astaíochtaí chuig céim níos luaithe sa slabhra luacha de bharr dhícharbónú an iompair de bhóthar. Le Córas Trádála Astaíochtaí AE agus leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (22), ní mór a áirithiú go mbeidh luas dhícharbónú an iompair de bhóthar agus luas dhícharbónú an táirgthe fuinnimh comhoiriúnach dá chéile. |
|
4.13. |
Le linn an chlaochlaithe sin, ní mór don Aontas Eorpach a áirithiú go bhfuil iomaíocht chóir ann do na déantúsóirí buntrealaimh Eorpacha agus do na hoibreoirí iompair sna margaí intíre agus idirnáisiúnta. |
|
4.14. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth freisin nach mór fothú acmhainneachta a chur ar fáil agus tacú le tarlóirí agus oibreoirí – go háirithe FBManna – na hoibleagáidí tuairiscithe a chuirtear chun feidhme leis an Rialachán a chomhlíonadh, lena n-áirítear an lárchlár sonraí atá beartaithe maidir le feithiclí tromshaothair. |
|
4.15. |
Maidir le busanna uirbeacha, is mian le CESE béim a leagan ar an ngá atá le busanna a úsáidtear le haghaidh iompar idiruirbeach freisin a dhíolmhú ón gceanglas sonrach maidir le hastaíochtaí nialasacha i gcás busanna uirbeacha. |
|
4.16. |
Aithníonn CESE, agus is ábhar imní dó é, nach bhfuil na hathruithe teicneolaíocha ‘neodrach’ ó thaobh na n-oibrithe de. Cé go bhfuiltear le roinnt mhaith post a chruthú in éiceachóras na soghluaisteachta sna blianta amach romhainn, tuigtear go bhféadfadh caillteanais ollmhóra post a bheith i gcodanna áirithe den slabhra luacha, ós rud é go mbeidh tionchar diúltach aige sin ar a lán FBManna i réigiúin éagsúla an Aontais. Bíonn tionchar ag teicneolaíochtaí nua freisin ar phróifíl na scileanna a theastaíonn san earnáil, agus d’fhéadfadh a dtabhairt isteach thapa dúshláin a chruthú do chatagóirí áirithe oibrithe (oibrithe ar bheagán oiliúna, oibrithe scothaosta, oibrithe sealadacha). Mar gheall ar an nganntanas oibrithe oilte atá ann faoi láthair i roinnt mhaith earnálacha, d’fhéadfadh luas an aistrithe a bheith i mbaol freisin. |
|
4.17. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth go bhfuil gá le creat beartais lena spreagfar an dícharbónú ar bhealach a bheidh cothrom d’oibrithe. Is éard atá i gceist le haistriú cóir i gcás feithiclí tromshaothair: |
|
4.17.1. |
measúnuithe tionchair mionsonraithe a dhéanamh ar an slabhra soláthair chun athruithe suaiteacha a sheachaint do na hoibrithe. Ní mór léiriú níos fearr a thabhairt sna measúnuithe tionchair sin ar an tionchar a bhíonn ag dícharbónú an chórais iompair ar an leibhéal réigiúnach; |
|
4.17.2. |
cistiú leordhóthanach a sholáthar chun tacú leis na réigiúin a bhfuil deacrachtaí acu mar thoradh ar an gclár oibre le haghaidh dícharbónú, agus aird á tabhairt ar an tábhacht a bhaineann leis an gcoinníollacht shóisialta sa státchabhair; |
|
4.17.3. |
an gá atá le hathruithe a thuar ar gach leibhéal (suíomhanna, cuideachtaí, réigiúin agus earnálacha) trí phleananna arna bhforbairt leis na comhpháirtithe sóisialta; |
|
4.17.4. |
iarracht ollmhór ó thaobh na n-údarás poiblí agus na gcuideachtaí athoiliúint a chur ar na hoibrithe agus iad a uas-sciliú. |
An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) DOE/EE-2675 | Eanáir 2023.
(2) COP27: shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Úcráin, Éire, Arúba, an Bheilg, an Chróit, Cúrasó, an Phoblacht Dhoiminiceach, Lichtinstéin agus an Liotuáin meamram tuisceana domhanda, rud a thacaíonn leis an sprioc gur trucailí agus busanna nua a bheidh in 100 % de na trucailí agus busanna a dhíolfar faoi 2040 (17.11.22).
Le linn COP27, leag Rúnaí Fuinnimh na Stát Aontaithe béim ar an méid atá á dhéanamh ag Meiriceá chun an aeráidneodracht a bhaint amach ar bhonn domhanda agus an t-athrú aeráide a chomhrac.
(3) Tuairim ó CESE Rialachán maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, IO C 152, 6.4.2022, lch. 138.
(4) Féach IO C 227, 28.6.2018, lch. 52 agus IO C 194, 12.5.2022, lch. 81.
(5) Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Deireadh Fómhair 2014.
(6) https://unfccc.int/process-and-meetings/the-paris-agreement.
(7) COM(2021) 550 final.
(8) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(9) COM(2016) 501 final.
(10) COM(2021) 550 final.
(11) Delgado, O., Rodríguez, F., Muncrief, R., Fuel efficiency technology in European heavy-duty vehicles: Baseline and potential for the 2020–2030 timeframe, an Chomhairle Idirnáisiúnta um Iompar Glan, Páipéar Bán ICCT, Beirlín, Iúil 2017.
(12) Bileog eolais ‘Trucks’.
(13) Eurostat, sonraí an tSuirbhé ar an bhFórsa Saothair, 2014.
(14) Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair nua agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).
(15) Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
(16) DOE/EE-2675 | Eanáir 2023.
(17) COP27: shínigh Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Úcráin, Éire, Arúba, an Bheilg, an Chróit, Cúrasó, an Phoblacht Dhoiminiceach, Lichtinstéin agus an Liotuáin meamram tuisceana domhanda, rud a thacaíonn leis an sprioc gur trucailí agus busanna nua a bheidh in 100 % de na trucailí agus busanna a dhíolfar faoi 2040 (17.11.22).
Le linn COP27, leag Rúnaí Fuinnimh na Stát Aontaithe béim ar an méid atá á dhéanamh ag Meiriceá chun an aeráidneodracht a bhaint amach ar bhonn domhanda agus an t-athrú aeráide a chomhrac.
(18) https://www.bmk.gv.at/en/topics/mobility/alternative_transport/electromobility.html.
(19) Féach an tuarascáil iomlán – Ionchur Mheitheal III sa séú tuarascáil mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), lch. 1068.
(20) IO C 228, 29.6.2023, lch. 103, IO C 105, 4.3.2022, lch. 26 agus IO C 81, 2.3.2018, lch. 188.
(21) Féach IO C 227, 28.6.2018, lch. 52 agus IO C 194, 12.5.2022, lch. 81.
(22) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/142 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020
[COM(2023) 160 final — 2023/0079 (COD)]
agus Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Soláthar amhábhar criticiúil ar bhonn inbhuanaithe slán chun tacú leis an dá aistriú
(COM(2023) 165 final)
(2023/C 349/22)
|
Rapóirtéir: |
Maurizio MENSI |
|
Comhrapóirtéir: |
Michal PINTÉR |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 8.5.2023 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 16.5.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 114 agus Airteagal 304 CFAE |
|
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
22.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
183/1/6 |
I. MOLTAÍ (1)
TÁ COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA
|
1. |
á chur in iúl gur geal leis gur mian leis an gCoimisiún Eorpach beartas comhleanúnach de chuid an Aontais a ullmhú maidir le hamhábhair chriticiúla agus straitéiseacha agus maidir le slabhraí luacha a fhorbairt sna tionscail eastóscacha, scagtha, agus athchúrsála, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus leis an reachtaíocht ghaolmhar go léir. |
|
2. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach cur chuige cuimsitheach a áirithiú agus na beartais Eorpacha a chomhordú chun cinnteacht rialála a chur ar fáil le haghaidh infheistíochtaí i dtaiscéalaíocht, eastóscadh, próiseáil, scagadh, agus athchúrsáil na n-amhábhar, na seachtháirgí amhábhar, agus na mianraí eisintiúla, arna bhunú ar an indéantacht eacnamaíoch agus theicniúil, ar an gcomhtháthú beartas, agus ar an deimhneacht dhlíthiúil atá ann do na gnólachtaí sna hearnálacha sin. |
|
3. |
Tá CESE ag iarraidh go gcomhordófaí an beartas amhábhair le beartais shóisialta an Aontais agus go dtacófaí leis an bhfothú acmhainneachta ar fud an Aontais i dtaca leis na scileanna a theastaíonn sna tionscail eastóscacha, agus, chuige sin, go ndíreofaí ar an lucht saothair atá ann cheana a athsciliú agus a uas-sciliú, agus go bhforbrófaí an acmhainneacht rialála in údaráis riaracháin phoiblí i mBallstáit an Aontais. |
|
4. |
Molann CESE ábhair eile atá ríthábhachtach d’earnálacha na teicneolaíochta glaise agus na teicneolaíochta glaine a chur san áireamh ar liosta na n-amhábhar criticiúil agus straitéiseach, á thabhairt faoi deara go dtabharfar na liostaí sin cothrom le dáta go rialta arna bhunú ar mheasúnú críochnúil trédhearcach fianaise-bhunaithe ar a chriticiúla atá na hamhábhair sin agus ar an luach straitéiseach a bhaineann leo, rud a dhéanfar i gcomhairle le hionadaithe tionscail agus saineolaithe. |
|
5. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach, mar atá inniu agus mar a bheidh amach anseo, rochtain ar phraghsanna fuinnimh iomaíocha agus maoiniú spriocdhírithe a áirithiú do thionscail eastóscacha agus le haghaidh na hathchúrsála, agus, san am céanna, simpliú agus giorrú na nósanna imeachta ceadaithe agus ceadúnaithe le haghaidh na dtionscadal nua amhábhar a áirithiú agus a laghad ceanglais nua tuairiscithe nó iniúchóireachta a thabhairt isteach le haghaidh gnólachtaí. |
|
6. |
Tá CESE i bhfabhar bearta cosanta trádála a chur chun feidhme chun cosaint a thabhairt do thionscadail amhábhar san Aontas atá i mbéal a bhforbartha agus chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais agus srianta éagóracha trádála i bhfoirm a thagann le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála. |
|
7. |
Molann CESE tús áite a thabhairt do na hamhábhair chriticiúla agus straitéiseacha sa reachtaíocht maidir le hathchúrsáil agus dramhaíl agus tacaíocht a thabhairt do mhargaí na n-amhábhar tánaisteach, go háirithe i gcás na n-ábhar atá ríthábhachtach le haghaidh an aistrithe ghlais. |
|
8. |
Molann CESE cistí poiblí a úsáid chun tacú le taiscéalaíocht agus eastóscadh na n-amhábhar criticiúil ar thalamh an Aontais, ach na rialacha maidir leis an státchabhair a chomhordú. |
|
9. |
Molann CESE comhordú a áirithiú idir an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla atá beartaithe agus uirlisí an Aontais in aghaidh trustaí d’fhonn saobhadh míchuí an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint. |
|
10. |
Molann CESE bealaí nua a thriail i dtaca le comhpháirtíochtaí agus comhaontuithe comhair ar leith le tíortha is iarrthóirí freisin. |
|
11. |
Molann CESE an chothromaíocht cheart (ó thaobh an chomhshaoil de) a bhaint amach agus measúnú á dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht le beartais eile an Aontais. |
II. NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN/MÍNIÚ BREISE
|
1. |
An 16 Márta 2023, thíolaic an Coimisiún an togra le haghaidh rialachán nua arb é is aidhm dó rochtain ar amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha a dheimhniú (an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla), maille le teachtaireacht. Cé go leagtar amach leis an rialachán sin creat rialála chun tacú le hinniúlachtaí intíre a fhorbairt agus chun inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht shlabhraí soláthair na n-amhábhar criticiúil a neartú san Aontas, moltar bearta sa teachtaireacht chun tacú le héagsúlú slabhraí soláthair trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta frithpháirteacha nua a bhunú. |
|
2. |
Is é aidhm ghinearálta an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla aghaidh a thabhairt ar a laghad amhábhair chriticiúla a bhfuil rochtain shlán inbhuanaithe ag an Aontas orthu tríd an bhfeasacht a mhúscailt i measc an lucht tionscail, rioscaí a bhaineann le hamhábhair chriticiúla sa slabhra soláthair domhanda a mhaolú, acmhainn shlabhra luacha amhábhair chriticiúla an Aontais sa mhargadh inmheánach a mhéadú, agus lorg comhshaoil thomhaltas amhábhair chriticiúla an Aontais a laghdú. |
|
3. |
Trí chur chuige comhleanúnach Eorpach a mholadh chun slándáil soláthair na n-amhábhar criticiúil a fheabhsú agus a dheimhniú, cuideoidh an tionscnamh le cosc a chur le saobhadh féideartha ar an iomaíocht agus le hilroinnt an mhargaidh aonair is dócha a bheidh ann de thoradh gníomhaíochtaí neamhchomhordaithe dá leithéid sin, agus cothroime iomaíochta a chaomhnú le haghaidh gnólachtaí laistigh den Aontas. |
Cur chuige cuimsitheach a áirithiú le beartais Eorpacha chomhordaithe chun cinnteacht rialála a dheimhniú i leith infheistíochtaí
|
4. |
Tá an tAontas ag brath ar allmhairí le haghaidh roinnt mhaith amhábhar (idir 75 % agus 100 % den soláthar) faoi láthair. Dá bhrí sin, tá sé neamhchosanta ar leochaileachtaí feadh slabhraí luacha agus ar luaineacht shuntasach i bpraghsanna. De réir Global Material Resources Outlook to 2060 [Ionchas Acmhainní Ábhair Domhanda go dtí 2060] ó ECFE, meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó, nó geall leis sin, ar úsáid amhábhar ar fud an domhain faoi 2060 agus meastar go dtiocfaidh an méadú is tapa ar úsáid miotal, agus miotail phríomhúla agus miotail thánaisteacha san áireamh leis sin. Ag an am céanna, táirgeann an tAontas níos lú ná 5 % de tháirgeadh domhanda amhábhar mianraí. Soláthraíonn an tSín thart ar 75 % d’inniúlacht táirgthe dhomhanda na gcealla ceallra ian litiam agus tá na deich soláthróir is mó trealamh fótavoltaigh lonnaithe inti. I gcontrárthacht leis sin, níl ach 3 % d’inniúlacht táirgthe dhomhanda na gcealla ceallra ian litiam lonnaithe san Aontas. |
|
5. |
Foráiltear leis an rialachán maidir le hamhábhair chriticiúla go sainaithneofar Tionscadail Straitéiseacha i réimse an eastósctha, na próiseála nó na hathchúrsála amhábhar straitéiseach, agus go dtacófar leis na tionscadail sin. D’fhonn infheistíochtaí den sórt sin lena mbaineann tréimhsí ama sách fada a mhealladh, ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar shaincheist na cinnteachta rialála. Tá timpeallacht rialála intuartha chobhsaí ríthábhachtach chun infheistíochtaí a mhealladh, ní hamháin chuig taiscéalaíocht agus eastóscadh na n-amhábhar, ach chuig próiseáil agus athchúrsáil na n-amhábhar freisin. |
|
6. |
Tá roinnt creataí reachtacha ann a imríonn tionchar ar chobhsaíocht agus tarraingteacht thimpeallacht ghnó an Aontais, agus cuirtear leis an éiginnteacht rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe iomadúla a thagann salach ar a chéile go minic (féach, inter alia, an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (2), an Rialachán maidir le Ceallraí Inbhuanaithe (3), an t-athbhreithniú ar REACH, an reachtaíocht maidir le dramhaíl, an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, an Straitéis Eorpach nua maidir le tionsclaíocht, plean gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach, an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht (4) etc.). Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach rialáil dhúbailte nó ró-rialáil a sheachaint ionas go mbeifear in ann infheistíochtaí san inniúlacht thionsclaíoch intíre i dtaca le taiscéalaíocht, mianadóireacht, scagadh, próiseáil ábhar agus athchúrsáil a mhealladh agus a spreagadh. Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, ba cheart cur leis an obair a rinne an Coimisiún i réimsí eile. Ina theannta sin, ba cheart an Gníomh a bheith ailínithe go hiomlán le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus a bheith comhsheasmhach leis an reachtaíocht ghaolmhar. Ba cheart beartas na n-amhábhar criticiúil a bhunú ar an bhfianaise a oiread agus is féidir, agus na sonraí atá ar fáil á gcur san áireamh (féach an staidéar fadbhreathnaitheachta ón Airmheán Comhpháirteach Taighde ‘Critical Raw Materials for Strategic Technologies and Sectors in the EU’ (2020) nó an tuarascáil Science for Policy uaidh ‘Supply chain analysis and material demand forecast in strategic technologies and sectors in the EU’). |
|
7. |
Baineann saincheist eile leis an ngá atá le treoraíocht bheacht a chur ar fáil do gheallsealbhóirí faoin gcaoi a gcuirfear an liosta d’amhábhair straitéiseacha agus chriticiúla chun feidhme i mbeartais an Aontais agus an chaoi a gcuirfear in oiriúint é i bhfianaise fhorbairt mhargadh na n-amhábhar criticiúil. Féadfaidh an liosta d’amhábhair chriticiúla cuidiú lena gcur in iúl do lucht ceaptha beartas an tábhacht agus an ról a bhaineann le substaintí áirithe i ngeilleagar an Aontais, ach is gá níos mó a dhéanamh chun tacaíocht chuí a thabhairt sa reachtaíocht atá ann faoi láthair agus sa reachtaíocht atá le teacht do shubstaintí atá liostaithe mar amhábhair chriticiúla. Is gá tús áite soiléir a thabhairt do na hamhábhair chriticiúla sa cheapadh beartas, go háirithe i réimse an bheartais thionsclaíoch, trádála, státchabhrach, T&F&N, aeráide agus comhshaoil, mar aon leis an reachtaíocht maidir le ceimiceáin. Ba cheart na beartais agus na haidhmeanna sin go léir a ailíniú chun cúinsí cumasúcháin agus córas rialála fabhrach a chruthú le haghaidh na n-amhábhar criticiúil agus chun na slabhraí luacha a ghabhann leo a fhorbairt. Tá gá lena thuilleadh soiléirithe freisin a mhéid a bhaineann le tús áite a thabhairt do thionscadail nach bhfuil an príomhábhar eastósctha straitéiseach ná criticiúil murab ionann agus an seachtháirge (e.g. tionscadal eastósctha amhiarainn ina ndéantar dúile tearc-chré a eastóscadh mar sheachtháirgí). De bhreis air sin, tá gá le soiléiriú ar an stádas ‘eile’, i.e. tionscadail ‘neamhstraitéiseacha’, ionas go dtuigfear go soiléir conas a dhéanfar na tionscadail sin a mheasúnú, cén sórt amlínte a bhainfidh leo, agus cén tacaíocht airgeadais a thabharfar dóibh. Ar deireadh, níor cheart an tábhacht níos mó a thabharfar san ord tosaíochta do na tionscadail amhábhar straitéiseacha a bheith ina cúis le tionscadail amhábhar thábhachtacha eile nó tionscadail a bhaineann le slabhra luacha na n-amhábhar criticiúil a chur ar gcúl san ord tosaíochta. |
|
8. |
Chomh maith le deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú do na geallsealbhóirí, ba cheart tionscnaimh amhábhair an Choimisiúin sa réimse sin a bheith bunaithe ar thacaíocht phoiblí níos leithne. Le leathnú na dtionscal mianadóireachta, próiseála agus athchúrsála, cruthófar poist nua agus cuirfear leis an dul chun cinn eacnamaíoch ach, mar sin féin, tá údar imní mór ann fós maidir le glacadh poiblí a áirithiú. Tá sé ríthábhachtach feasacht a mhúscailt i measc na saoránach: déanfaidh an Coimisiún straitéisí cumarsáide spriocdhírithe a chur chun feidhme chun saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas faoi na tairbhí, mar aon le tionchar inbhuanaithe agus comhshaoil na n-infheistíochtaí tionsclaíochta nua a bhaineann le hamhábhair chriticiúla agus aghaidh a thabhairt freisin ar na húdair imní atá ag grúpaí geallsealbhóirí ar leith, ag na pobail áitiúla, agus ag na saoránaigh Eorpacha maidir leis na gníomhaíochtaí taiscéalaíochta agus mianadóireachta a mhéadú. |
Comhordú le beartais shóisialta an Aontais: tacú le hacmhainneacht uile-Aontais i dtéarmaí scileanna le haghaidh na dtionscal eastóscach
|
9. |
Cuireann earnáil na n-amhábhar thart ar 350 000 post ar fáil san Aontas, mar aon le hos cionn 30 milliún post in earnáil na monaraíochta atá ag brath ar rochtain sheasmhach ar amhábhair mhianracha. Beidh breis agus 1,2 milliún post nua ag teastáil faoi 2030 (5), má táthar chun soláthar inbhuanaithe amhábhar agus amhábhar sárfhorbartha a dheimhniú. Dá bhrí sin, ba cheart an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla a ailíniú le beartais shóisialta an Aontais agus ba cheart dó tacú le hiarrachtaí fothaithe acmhainneachta ar leibhéal na mBallstát freisin chun an lucht saothair i slabhraí soláthair na n-amhábhar criticiúil, i dtionscail eastóscacha, i bpróiseáil agus in athchúrsáil a neartú. Tá sé ríthábhachtach tacú leis an oideachas agus leis an bhforbairt scileanna i measc an lucht acadúil, ach ní mór iarrachtaí fothaithe acmhainneachta a dhíriú ar ghairmithe tionscail laistigh d’earnáil na n-amhábhar agus ar riaracháin phoiblí na mBallstát freisin. D’fhéadfaí an méid sin a bhaint amach ach institiúidí tiomnaithe nua (agus/nó tacaíocht d’institiúidí atá ann cheana féin) a bhunú chun tacú leis an ardoideachas agus an ghairmoiliúint in earnáil na n-amhábhar, agus chun an fórsa saothair Eorpach atá ann cheana féin a athsciliú agus a uas-sciliú. Ar deireadh, ba cheart iarracht fheabhsaithe a dhíriú ar an bhfoghlaim fheidhmeach a chruthú, an teicneolaíocht a aistriú idir an saol acadúil, an tionsclaíocht agus eagraíochtaí taighde, agus tacú leis an méid sin. |
Ábhair eile atá ríthábhachtach le haghaidh earnálacha na teicneolaíochta glaise agus na teicneolaíochtaí glaine a chur san áireamh ann agus comhleanúnachas a chinntiú leis na beartais eile
|
10. |
Anuas ar na hábhair sin a liostaítear sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla mar ábhair straitéiseacha nó chriticiúla, tá amhábhair neamhchriticiúla ann a d’fhéadfadh a bheith criticiúil sa mheántéarma nó san fhadtéarma. Éilíonn sé sin liosta solúbtha is féidir a oiriúnú go héasca agus ba cheart a thabhairt cothrom le dáta go rialta, gach dhá bhliain ar a laghad agus níos minice fós nuair is gá, ag brath ar dhul chun cinn sa réimse sin amach anseo. Ba cheart an measúnú ar thábhacht straitéiseach ábhar difriúil a bheith earnáilsonrach freisin chun an t-éileamh in earnálacha monaraíochta difriúla a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an rochtain ar amhábhair riachtanacha, d’fhonn comhlánú iomlán a dhéanamh ar iarrachtaí an Choimisiúin chun tacú le hamhábhair chriticiúla agus straitéiseacha. |
|
11. |
Ba cheart a léiriú sa mheasúnú tosaíochtaí agus riachtanais an Aontais maidir leis an aistriú fuinnimh chomh fada le 2030 b’fhéidir, agus ba cheart a chur san áireamh ann ábhair nach mbaineann aon riosca follasach leo faoi láthair maidir le briseadh soláthair, ach a bhfuil éileamh mór orthu in earnálacha atá ríthábhachtach d’aidhmeanna dícharbónaithe an Aontais, don aistriú glas agus don aistriú digiteach, nó ábhair a mheastar a bheith ina mianraí riachtanacha. Ba cheart díriú go hiomchuí freisin sna cláir oibre tosaíochta sin ar shlabhraí luacha bunúsacha, amhail an tslándáil bia nó táirgí íocshláinte. Ba cheart sainaithint na n-ábhar atá le cur leis na liostaí éagsúla a bhunú i gcónaí ar anailís chríochnúil thrédhearcach atá sainithe go soiléir chun an chriticiúlacht agus/nó an luach straitéiseach a mheas, ceann a chuireann san áireamh slabhra luacha iomlán na n-amhábhar criticiúil, na gceanglas próiseála, agus infhaighteacht na n-ábhar ionaid. Ba cheart dul i gcomhairle go rialta le hionadaithe na dtionscal agus le saineolaithe agus ba cheart idirphlé dea-fheidhmiúil oscailte a áirithiú idir an Coimisiún agus an lucht tionscail. |
Rochtain ar phraghsanna iomaíocha fuinnimh agus maoiniú spriocdhírithe níos fearr le haghaidh thionscail an Aontais
|
12. |
Tá tionchar tromchúiseach ag an ngéarchéim fuinnimh atá ag titim amach faoi láthair ar gach gnó san Aontas, go háirithe ar thionscail dianfhuinnimh, lena n-áirítear an earnáil eastóscach agus an athchúrsáil. Tá gá le freagairt chomhordaithe ón Aontas chun dea-fheidhmiú mhargadh fuinnimh an Aontais a áirithiú. Tá rathúlacht aon bheartais Eorpaigh maidir le hamhábhair chriticiúla ag brath ar rochtain iontaofa ar mhéideanna leordhóthanacha de leictreachas saor ó iontaise ar phraghsanna iomaíocha. Ba dhíol sásaimh do CESE dá ndéanfaí na creataí maoinithe atá ar fáil faoi láthair a athchóiriú, trí aithris a dhéanamh ar an Acht um Laghdú Boilscithe (Inflation Reduction Act) sna Stáit Aontaithe trí mhaoiniú a dhíriú níos mó ar an gcéim tráchtálaithe agus ar chostais oibriúcháin a íoc, seachas tús áite a thabhairt do chéim an taighde agus na forbartha (T&F) i dtionscadail straitéiseacha nua, mar a dhéantar le maoiniú ón Aontas faoi láthair. Cé go bhfuil sé tábhachtach díriú ar theicneolaíochtaí nuálacha agus taighde nuálach, ba cheart tacaíocht iomchuí a thabhairt do na táirgí a eascraíonn as an méid sin agus iad sa chéim tráchtálaithe chomh maith. |
|
13. |
Is díol mór sásaimh do CESE uaillmhian an Choimisiúin chun dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe agus ba cheart tús áite a thabhairt dó sin chun uasfhad 12–18 mí a bhaint amach i leith na nósanna imeachta sin. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar thionscadail chriticiúla nua faoi sprioc-amanna brostaithe agus ba cheart sprioc-amanna diana a shocrú d’uasfhad na nósanna imeachta ceadaithe/ceadúnaithe sin. Le haon athchóiriú a dhéanfar ar nósanna imeachta ceadaithe, ba cheart díriú ar an bhfad agus an chastacht a bhaineann leo a laghdú, agus beaichte na gcaighdeán comhshaoil, sóisialta agus rialachais á coinneáil san am céanna. Áiritheofar go ngéarófar ar luas an nós imeachta ceadaithe ach sásra an ionaid ilfhreastail a neartú. Déanfar amhlaidh de réir sprioc-amanna réamhshainithe, d’fhonn an nós imeachta údaraithe láraithe a dhéanamh níos éifeachtaí agus an t-ualach a ghabhann leis a laghdú. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ceadaithe athchóirithe maidir le saoráidí taiscéalaíochta, mianadóireachta, scagtha, próiseála agus athchúrsála, agus ba cheart cinnteacht rialála a ráthú leo a mhéid a bhaineann lena dtorthaí. De bhreis air sin, aon cheanglas tuairiscithe nó iniúchóireachta nua sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla, níor cheart a bheith ann ach a bhfuil gá leis, ionas nach gcuirfear ualach breise riaracháin ar ghnólachtaí an Aontais, is cuma cé chomh beag nó mór is atá siad. Bord an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla atá beartaithe, beidh ról ríthábhachtach aige i dtaca leis an nGníomh a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcás na nósanna imeachta údaraithe. Chuige sin, lena áirithiú go ndéanfar go héifeachtach cúraimí faireacháin an bhoird, b’fhiú go mór ní hamháin ionadaithe ón lucht tionscail a bheith ar an mbord ach saineolaithe teicniúla neamhspleácha freisin. |
Aghaidh a thabhairt ar chleachtais agus srianta trádála éagóracha
|
14. |
D’ainneoin aidhmeanna uaillmhianacha an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla, tá srianta nádúrtha ar infhaighteacht amhábhar áirithe san Aontas, agus, dá bhrí sin, fanfaidh allmhairí de bheith ríthábhachtach don aistriú chuig geilleagar glas agus digiteach. |
|
15. |
Beidh gá le bearta éifeachtacha maidir le cosaint trádála a choinneáil ar bun chun cosaint a thabhairt d’infheistíochtaí Eorpacha nua agus chun cothrom iomaíochta le tríú tíortha a áirithiú. Tá gá le nuachóiriú a dhéanamh ar bhearta cosanta trádála an Aontais d’fhonn cosaint a thabhairt ar an dumpáil ag tríú tíortha. Go háirithe, ba cheart don Aontas díriú ar an méid seo a leanas a áirithiú: cur chun feidhme níos tapa beart maidir le cosaint trádála chun allmhairí éagóracha a chomhrac; imscrúduithe níos tapa agus níos éifeachtúla a dhéanamh; agus ceadú do chur i bhfeidhm forleathan beart sealadach ag céim luath. |
|
16. |
Ba cheart gníomhaíocht an Aontais i réimse an bheartais trádála a bheith comhlántach le haidhmeanna an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla agus le haidhmeanna na mbeartas gaolmhar, cearta sóisialta san áireamh, agus ba cheart díriú ar na comhaontuithe saorthrádála atá á gcaibidliú faoi láthair nó atá le daingniú go fóill le tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de (an Astráil, an Indinéis, etc.) a thabhairt i gcrích go pras. I dtaca le comhaontuithe saorthrádála a tugadh i gcrích cheana féin, ba cheart na forálacha atá iontu a bhaineann le fuinneamh agus amhábhair a mheas agus a neartú nuair is féidir. Ba cheart aird a thabhairt, freisin, ar chomhleanúnachas an bheartais trádála agus na rialacha custaim/na rialacha tionscnaimh is infheidhme maidir le hamhábhair, agus ar shaincheisteanna ar leith a bhaineann le teacht timpeall ar na smachtbhannaí is infheidhme maidir le hamhábhair. |
Tús áite a thabhairt d’amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha sa reachtaíocht maidir le hathchúrsáil agus dramhaíl agus tacaíocht do mhargaí na n-amhábhar tánaisteach
|
17. |
Tá an athchúrsáil tábhachtach chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a fheabhsú. Ba cheart don Aontas tacú leis an tionscal cóireála agus próiseála dramhaíola atá aige trí amhábhair thánaisteacha a ullmhú le bheith athchúrsáilte i bpróisis táirgthe, agus leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le dramhaíl ionas go dtabharfar tús áite d’athchúrsáil agus do chiorclaíocht amhábhar criticiúil agus straitéiseach a bhfuil an acmhainneacht theicniúil is mó acu ó thaobh athchúrsála de (indéantacht). Ba cheart tacú le margaí amhábhar tánaisteach leis. Maidir le hamhábhair thánaisteacha, tá CESE á mholadh gur cheart bearta a dhéanamh chun margaí dea-fheidhmiúla a bhunú agus sceitheadh dramhaíola a íoslaghdú. |
|
18. |
Is féidir go mbeidh amhábhair thánaisteacha ina gcabhair i dtaca leis an spleáchas ar amhábhair chriticiúla ar leith a laghdú agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a mheas faoi raon feidhme an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla. Mar shampla amháin den iliomad samplaí atá ann, má dhéantar athchúrsáil éifeachtach ar dhramh feiriúil is féidir riachtanais an tsoláthair amhábhar a laghdú in earnáil na miotalóireachta. Táthar ag súil leis go n-éireoidh an dramh feiriúil gann roimh 2030, rud a chuirfidh isteach ar an soláthar, b’fhéidir, cé gur cuid riachtanach den aistriú fuinnimh é. |
|
19. |
Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, ba cheart an rochtain ar gach amhábhar criticiúil a áirithiú le haghaidh na dtionscal agus na bhfeithiclí leictreacha. Áirítear leis sin ní hamháin dúile tearc-chré, an mhangainéis, ábhair atá ríthábhachtach le haghaidh an aistrithe ghlais, lena n-áirítear an chruach, an t-alúmanam agus an copar, mianraí tionsclaíocha, an ghraifít nó an nicil, ach amhábhair thánaisteacha freisin. Is cumasóirí bonneagair ríthábhachtacha don aistriú glas iad na miotail éagsúla, agus ba cheart na cumasóirí sin a shainaithint i gceart agus aird chuí a thabhairt orthu sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla, feadh na slabhraí luacha ina n-iomláine. |
Taighde eacnamaíoch agus comhshaoil ar an tionchar truaillitheach atá ag eastóscadh amhábhar criticiúil: comhordú le forálacha státchabhrach
|
20. |
Agus machnamh á dhéanamh ar an méid éiginnteachta a bhaineann le méid éifeachtach amhábhair chriticiúla a bheith san Aontas, ní rachfar i bhfiontar chun tosú ar thionscadail taiscéalaíochta ná eastósctha ar ithir an Aontais ach amháin má thacaítear leis an ngníomhaíocht sin trí mhaoiniú poiblí. Ós rud é go gceanglaítear faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla go mbeidh feachtais den sórt sin i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, tá CESE á mholadh gur cheart a bheith níos oscailte maidir le maoiniú poiblí a dheonú má tá an t-eastóscadh bunaithe ar réamhstaidéir eacnamaíocha agus chomhshaoil ina ndéantar measúnú ar an tionchar truaillitheach atá ag eastóscadh na n-amhábhar criticiúil. |
|
21. |
I gcás ina bhfuil réamhstaidéir den sórt sin lasmuigh de raon feidhme na dTionscadal Straitéiseach atá beartaithe faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, ba cheart a maoiniú poiblí a spreagadh trí chomhordú a dhéanamh leis na rialacha maidir le státchabhair, agus leis an leasú a rinneadh ar Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine i bhfianaise an Chomhaontuithe Ghlais a glacadh le déanaí, in 2023. Go deimhin, cáileofar réamhstaidéir den sórt sin mar chabhair le haghaidh an chomhshaoil nó mar chabhair TFN agus i gcás ina bhfuil roinnt Ballstát páirteach iontu, cáileofar iad mar thionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna). |
|
22. |
Go deimhin, le comhordú éifeachtach le bearta státchabhrach an Aontais atá ag réamhchéim T&D cheana féin, d’fhéadfaí a áirithiú go ndéanfaí an cistiú poiblí a thacaíonn le cur chun feidhme na dTionscadal Straitéiseach ina dhiaidh sin a dhíriú go héifeachtach i dtreo cuspóirí inbhuanaithe agus go n-áiritheofaí, i gcás IPCEInna go sonrach, go saothrófar toradh comhordaithe leo. Ní fhéadfar sásraí cistiúcháin phoiblí (e.g. mear-rochtain agus rochtain níos éasca ar shásraí amhail iasachtaí/ráthaíochtaí iasachta/deontais) a thabhairt isteach freisin, ach amháin i dtaca le hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag cuideachtaí de chuid an Aontais mar chuid de thionscadail comhaontaithe saorthrádála. |
Uirlisí in aghaidh trustaí: rialachán maidir le cumaisc a bheith i bhfabhar churaidh an Aontais i réimse na hathchúrsála agus an eastósctha amhábhar
|
23. |
Ag cur san áireamh mar réamhchoinníollacha infhaighteacht na n-amhábhar criticiúil laistigh den Aontas atá fós gan iniúchadh agus na hinfheistíochtaí suntasacha is gá chun slabhra luacha na n-amhábhar criticiúil atá deimhin agus inbhuanaithe a chur chun feidhme, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé inmholta cuid d’uirlisí an Aontais in aghaidh trustaí a oiriúnú chun na cuspóirí arna leagan síos faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla a éascú, agus saobhadh míchuí ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach á sheachaint chomh maith. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé ina chuidiú an creat um rialú cumasc a chur i bhfeidhm ar bhealach níos solúbtha agus atá dírithe níos mó ar an inbhuanaitheacht, á gcur san áireamh ní hamháin cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (mar atá beartaithe cheana féin ag an gCoimisiún Eorpach), ach aidhmeanna an Ghnímh freisin. |
|
24. |
Dá bhrí sin, b’fhiú measúnú a dhéanamh ar chumaisc i bhfianaise na dtionscadal straitéiseach a bheidh le cur chun feidhme faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, d’fhonn an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir na leasa éagsúla atá i gceist. |
|
25. |
Ba cheart a iarraidh ar na húdaráis iomaíochta cineálacha nua éifeachtúlachtaí a mheas, i.e. briseadh soláthair a laghdú agus ullmhacht thionsclaíoch a mhéadú i gcás ganntanas seachtrach amhábhair chriticiúla. I measúnuithe den sórt sin, ba cheart breathnú ar aidhm an Choimisiúin chun an t-éileamh ó cheannaitheoirí leasmhara amhábhar criticiúil a chomhiomlánú, agus, thar aon ní eile, cuidiú leis na praghsanna arda atá ann faoi láthair a laghdú. |
Rannpháirteachas idirnáisiúnta agus éagsúlú acmhainní: rannpháirt na dtíortha is iarrthóirí agus comhordú an chomhair dhéthaobhaigh i bhfóraim idirnáisiúnta
|
26. |
I gcomhréir le cuspóir an Choimisiúin foinsí seachtracha na n-amhábhar criticiúil a éagsúlú, molann CESE bealaí a fhiosrú d’fhonn comhpháirtíochtaí agus comhaontuithe comhair ar leith a bhunú, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí agus comhaontuithe leis na tíortha is iarrthóirí. Féadfar a áireamh ar na comhpháirtíochtaí sin tionscadail atá maoinithe ag an Aontas chun feachtais taiscéalaíochta a fhorbairt i láithreáin nua-roghnaithe agus/nó i láithreáin mhianadóireachta thréigthe, i gcomhréir leis na Tionscadail Straitéiseacha a sheolfar i mBallstáit an Aontais faoi na tograí nua ón gCoimisiún. |
|
27. |
D’fhéadfadh sé go mbeadh comhpháirtíochtaí den sórt sin faoi réir ghealltanais na dtíortha is iarrthóirí chun a mbeartais chomhshaoil a ailíniú le acquis an Aontais ar bhealach níos tapa. Tá seans réasúnta maith ann go mbeadh dhá bhuntáiste ann don Aontas ina iomláine dá gcuirfí comhpháirtíochtaí dá leithéid sin san áireamh i gcreat na gcaibidlíochtaí maidir le haontachas atá ar bun faoi láthair, is é sin seans níos mó go gcuirfí le foinsí amhábhar criticiúil an Aontais amach anseo agus comhlíonadh reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a dhéanamh níos éasca do na tíortha is iarrthóirí (e.g. i réimsí na dramhaíola, an uisce, an truaillithe thionsclaíoch, agus cháilíocht an aeir). |
|
28. |
Déanfar an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla a chomhordú ní hamháin le beartais eile an Aontais agus gníomhaíochtaí trádála idirnáisiúnta, ach leis an gcomhar déthaobhach arna chur chun feidhme ag an Aontas i bhfóraim idirnáisiúnta chomh maith (i.e. an comhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i bhfóraim amhail an Chomhpháirtíocht Slándála Mianraí, an Chomhdháil maidir le hÁbhair agus Mianraí Criticiúla agus an Mheitheal um Mianraí Criticiúla de chuid na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh arna neartú le déanaí ag Coiste Fuinnimh AE-SAM). |
|
29. |
Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, cinnteofar ní hamháin neamhthuilleamaíocht intíre don Aontas maidir le hamhábhair chriticiúla, ach cinnteofar neamhspleáchas seachtrach freisin chun caighdeáin nua a leagan síos ar an leibhéal domhanda a mhéid a bhaineann le slándáil agus inbhuanaitheacht a slabhraí soláthair coibhneasta a áirithiú. Dá mbeadh an tAontas ina cheannaire i dtéarmaí caighdeán a leagan síos ar an leibhéal domhanda, mhéadódh sé sin an dóchúlacht go mbainfear amach na cuspóirí foriomlána a leagtar amach i dtogra an Choimisiúin chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais trádála thruaillitheacha agus éagóracha i ndáil leis na hamhábhair chriticiúla ar fud an domhain. |
Cuspóirí fadtéarmacha agus cuspóirí gearrthéarmacha agus measúnú á dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht le beartais eile an Aontais: an chothromaíocht cheart (ó thaobh an chomhshaoil de) a bhaint amach
|
30. |
Mar chríoch, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé, d’fhonn an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla a chur chun feidhme go héifeachtach san fhadtéarma, go mbeadh gá le hathmhúnlú a dhéanamh sa ghearrthéarma ar chuspóirí ar leith de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhfuil dlúthbhaint acu leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla. Go deimhin, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé níos éasca spriocanna maidir le hinbhuanaitheacht/aeráidneodracht a bhaint amach san fhadtéarma le hAontas atá (beagnach) neamhthuilleamaíoch, fiú má thógann sé níos mó ama chun bheith go hiomlán éifeachtach (agus an truailliú níos airde a eascraíonn as na modhanna eastósctha ábhair atá á n-úsáid faoi láthair i roinnt tíortha i mbéal forbartha á chur san áireamh freisin). |
III. LEASUITHE ATÁ MOLTA I LEITH COM(2023) 160 final
Leasú 1
Aithris 29
|
An téacs a mhol an Coimisiún |
Leasú CESE |
||||
|
|
Cúis
Na bearta atá beartaithe maidir leis an Státchabhair, tá siad doiléir agus ní ghabhann sásraí leo arbh fhéidir tacú leis an acmhainneacht thionsclaíoch atá ann cheana féin, acmhainneacht a bualadh go dona de dheasca na bpraghsanna fuinnimh an-ard, ná le cruthú na saoráidí nua amhábhar criticiúil san Aontas agus thar lear.
Leasú 2
Airteagal 1(2), pointe (a) (pointe nua)
|
An téacs a mhol an Coimisiún |
Leasú CESE |
||
|
|
|
Cúis
Déantar measúnú ar amhábhair chriticiúla le measúnú criticiúlachta a bhunaítear ar mhodheolaíocht ar leith lena n-áirítear próiseas bailíochtaithe fada críochnúil arna dhéanamh le cúnamh ó shaineolaithe seachtracha, ionadaithe ó na tionscail, agus institiúidí taighde. Os a choinne sin, ní raibh sainaithint na n-amhábhar straitéiseach bunaithe ar mhodheolaíocht a foilsíodh agus níor reáchtáladh aon chomhairliúchán mar chuid den phróiseas ach oiread. Má chuirtear amhábhair straitéiseacha le liosta na n-amhábhar criticiúil (Iarscríbhinn II), tugtar le fios gur éirigh leis na hamhábhair go léir na tairseacha arna leagan síos i modheolaíocht na n-amhábhar criticiúil a bhaint amach, rud nach bhfuil fíor.
Leasú 3
Airteagal 1(3),
|
An téacs a mhol an Coimisiún |
Leasú CESE |
|
3. I gcás ina gcinneann an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 42, gur dócha nach mbainfidh an tAontas na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 amach, déanfaidh sé measúnú ar indéantacht agus comhréireacht bearta a mholadh nó a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin. |
3. I gcás ina gcinneann an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 42, gur dócha nach mbainfidh an tAontas na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 amach, ceadóidh sé leibhéal áirithe solúbthachta chun an léiriú is fearr is féidir a thabhairt ar uathúlacht shlabhra soláthair an amhábhair atá i gceist, óir tá airíonna ar leith ag baint le gach ábhar agus tá dúshláin ar leith ag baint lena fhoinsiú, lena phróiseáil, agus lena athchúrsáil. Ba cheart dó díriú ar an acmhainneacht atá ann cheana a choinneáil agus tacú léi. Ba cheart idirphlé oscailte leanúnach idir an lucht tionscail agus an lucht ceaptha beartas a spreagadh chun tagarmharcanna a shainaithint atá indéanta ón taobh teicniúil agus eacnamaíoch de, agus atá ag teacht le cuspóirí an Aontais. |
Cúis
Na tagarmhacanna a bhaineann leis an bhfoinsiú, an phróiseáil, agus an athchúrsáil, tá siad róghinearálta agus níl siad réalaíoch, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh drochthorthaí nach bhfuil súil leo ann dá ndeasca. Ba cheart na forálacha a mheas go cúramach i bhfianaise na ndeacrachtaí eacnamaíocha agus teicniúla a bhainfeadh lena gcur chun feidhme agus i bhfianaise an bhaoil go bhféadfaidís ualach rómhór a chur ar thionscail an Aontais, go háirithe i gcás na FBManna.
Leasú 4
Iarscríbhinn I
|
An téacs a mhol an Coimisiún |
Leasú CESE |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Measfar gur amhábhair straitéiseacha iad na hamhábhair seo a leanas:
|
Measfar gur amhábhair straitéiseacha iad na hamhábhair phríomhúla agus thánaisteacha seo a leanas , lena n-áirítear na miotail iompróra agus na mianraí iompróra lena n-eastósctar na hamhábhair straitéiseacha sin faoi seach :
|
Leasú 5
Iarscríbhinn II
|
An téacs a mhol an Coimisiún |
Leasú CESE |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Measfar gur amhábhair chriticiúla iad na hamhábhair seo a leanas:
|
Measfar gur amhábhair straitéiseacha iad na hamhábhair phríomhúla agus thánaisteacha seo a leanas , lena n-áirítear na miotail iompróra agus na mianraí iompróra lena n-eastósctar na hamhábhair chriticiúla sin faoi seach :
|
Cúis le leasú 4 agus leasú 5
Tá ábhair ann nach féidir a bhaint gan ábhar eile, táirmhiotail, a bhaint leo, cuir i gcás dúile tearc-chré ar gá amhiarann a bhaint leo. Lena chois sin, tá ábhair ar leith ann ar cuid riachtanach iad d’éiceachóras táirgthe, scagtha, agus athchúrsála na n-ábhar. An mhaignéisít le haghaidh na mbruithneoirí, cuir i gcás, ina héagmais ní féidir miotail ná ábhair a athchúrsáil trí bhíthin teocht ard. Ba cheart srianta a sheachaint sa réimse sin (i gcás amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha araon) agus níor cheart úsáid ar leith a leagan amach le haghaidh amhábhair ar leith sa slabhra luacha. Mura ndéanfar amhlaidh, ní bheidh incháilithe ach céim dheiridh an scagtha ach ní an t-eastóscadh féin.
I bhfianaise an aistrithe chuig geilleagar ciorclach ísealcharbóin, tá na hamhábhair thánaisteacha ag éirí níos tábhachtaí óir cabhraíonn siad leis an spleáchas ar ógh-amhábhair a laghdú agus cuireann siad leis an éifeachtúlacht acmhainne, leis an laghdú dramhaíola, agus leis an inbhuanaitheacht. De bhreis air sin, tá cuid de na hábhair sin riachtanach i dtaca le dícharbónú na tionsclaíochta, i dtaca leis an aistriú glas, agus i dtaca leis na spriocanna glan-nialasacha a bhaint amach.
Leasú 6
Airteagal 2, pointe (15) (pointe nua)
|
An téacs a mhol an Coimisiún |
Leasú CESE |
||
|
|
|
Cúis
Is minic a bhíonn amhábhair straitéiseacha ina seachtháirgí de chuid miotail iompróra (táirmhiotail) nó mianraí iompróra. Teastaíonn soiléiriú i dtaca le tionscadail eastóscacha na dtáirmhiotal agus na miotal iompróra agus na mianraí iompróra sin a chur san áireamh i raon feidhme thionscadail straitéiseacha an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla.
Leasú 7
Airteagal 3a (airteagal nua)
|
An téacs a mhol an Coimisiún |
Leasú CESE |
|
|
Airteagal 3a 1. Is i liosta na n-amhábhar straitéiseach (Iarscríbhinn I) agus i liosta na n-amhábhar criticiúil (Iarscríbhinn II) a chíorfar na hamhábhair thánaisteacha. 2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú gach dhá bhliain ar a laghad ar liostaí na n-amhábhar tánaisteach straitéiseach agus criticiúil in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II, agus, de réir mar is gá, tabharfaidh sé cothrom le dáta iad, á chur san áireamh an ról straitéiseach atá acu sa dícharbónú agus san aistriú glas, mar aon leis an bhfás mór ar an éileamh a bhfuiltear ag súil leis nó an ganntanas atáthar á thuar ar an leibhéal domhanda, an deacracht a bhaineann lena mbailiú/lena n-aisghabháil san Aontas, agus an acmhainneacht mhór atá ann i dtaca le haisghabháil na n-amhábhar criticiúil san Aontas. |
Cúis
Tá ról tábhachtach ag na hamhábhair thánaisteacha i ndícharbónú na dtionscal Eorpach, go háirithe na tionscail a tháirgíonn teicneolaíochtaí straitéiseacha le haghaidh na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Is féidir tacú leis an bhfoinsiú freagrach agus eastóscadh na n-óghábhar a laghdú ach luach straitéiseach na n-amhábhar tánaisteach a aithint. Ba cheart foliosta d’amhábhair thánaisteacha straitéiseacha laistigh de liosta na n-amhábhar straitéiseach, ina gcuirfí san áireamh, inter alia, na critéir seo a leanas: ról straitéiseach an ábhair sa dícharbónú agus san aistriú glas; a dheacra atá sé an t-ábhar a bhailiú, a aisghabháil, nó a athchúrsáil san Aontas; acmhainneacht mhór i dtaca le haisghabháil na n-amhábhar criticiúil. Ba cheart na sonraí is déanaí atá ar fáil a chur san áireamh sa mheasúnú, mar aon leis an athrú a bhfuiltear ag súil leis ar an éileamh agus an soláthar thar thréimhse thagartha iomchuí, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an nganntanas nó an suaitheadh soláthair a bheidh ann amach anseo.
Leasú 8
Airteagal 5(1), pointe (c)
|
An téacs a mhol an Coimisiún |
Leasú CESE |
||||
|
|
Cúis
An chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cuspóirí inbhuanaitheachta fadtéarmacha agus cuspóirí gearrthéarmacha (ba cheart a chur san áireamh freisin gur mó an truailliú a bhíonn ann de dheasca na modhanna eastósctha ábhar atá a gcleachtadh i láthair na huaire i gcuid de na tíortha atá i mbéal forbartha i gcomparáid lena bhfuil ar bun i dtíortha eile agus go bhfuil an domhan céanna á roinnt ag gach duine againn).
Leasú 9
Airteagal 19(1), pointe (e) (pointe nua)
|
An téacs a mhol an Coimisiún |
Leasú CESE |
||
|
|
|
Cúis
Tá tionscal amhábhar na hEorpa faoi mhíbhuntáiste iomaíoch ar an leibhéal domhanda agus caithfear a chur ina luí air go mbainfear leas as bearta cosanta trádála leis an tionscal a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála.
Leasú 10
Airteagal 35(1)
|
An téacs a mhol an Coimisiún |
Leasú CESE |
|
1. Is iad na Ballstáit agus an Coimisiún a bheidh ar an mBord. Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach air. |
1. Is iad na Ballstáit agus an Coimisiún agus saineolaithe teicniúla neamhspleácha a bheidh ar an mBord. Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach air. |
Cúis
Bord na nAmhábhar Criticiúil atá beartaithe, beidh ról ríthábhachtach aige i dtaca leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcás na nósanna imeachta údaraithe. Chuige sin, lena áirithiú go ndéanfar go héifeachtach cúraimí faireacháin an bhoird, b’fhiú go mór ní hamháin ionadaithe ón lucht tionscail a bheith ar an mbord ach saineolaithe teicniúla neamhspleácha freisin.
An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Tá na moltaí seo forlíonta le tograí le haghaidh leasuithe ag deireadh an doiciméid.
(2) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (athmhúnlú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(3) Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).
(4) Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais um éicidhearthóireacht maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
(5) Meastúchán maidir le hamhábhair ón Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/155 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint
(JOIN(2023) 9 final)
(2023/C 349/23)
|
Rapóirtéir: |
Maurizio MENSI |
|
Comhrapóirtéir: |
Jan PIE |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 2/5/2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
22/6/2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
12/7/2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
170/1/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tacaíonn CESE leis an aitheantas a thug an tAontas don ghné shlándála agus chosanta a bhaineann leis an spás, ar léir an méid sin ó fhoilsiú na Teachtaireachta Comhpháirtí an 10 Márta 2023 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint (‘an Straitéis’). |
|
1.2. |
Tá CESE ar aon intinn leis an tuiscint chomhchoiteann ar an gcomhthéacs geopholaitiúil nua i bhfianaise na bhfadhbanna tromchúiseacha a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin, i bhfianaise a chriticiúla atá sócmhainní agus seirbhísí spáis, agus i bhfianaise an ghá atá le bearta a fhorbairt ina ndírítear ar na sócmhainní agus seirbhísí spáis sin a chosaint, ar céim fíor-riachtanach é sin chun beartas spáis dáiríre uile-Eorpach a cheapadh. |
|
1.3. |
Aontaíonn CESE gur tosaíocht é bagairtí a shainaithint sula gcuirfear feabhas ar athléimneacht agus ar chosaint na gcóras agus na seirbhísí spáis fiú. Ní mór d’institiúidí an Aontais a áirithiú go bhfuil na gníomhaithe ábhartha uile, lena n-áirítear na tionscail, gníomhaithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, rannpháirteach sa phróiseas mapála agus sa phróiseas a bhaineann le moltaí a chur le chéile. Beidh sé tábhachtach an tsochaí shibhialta eagraithe a spreagadh le tuiscint iomlán a fháil ar an leas poiblí ábhartha agus ar bhuntáistí na Straitéise do na saoránaigh má tá sí chun í féin a fheabhsú ó thaobh a dlisteanachta de agus d’fhonn an tacaíocht phoiblí a neartú, i bhfianaise fheidhmiúcháin shibhialta ábhartha na dteicneolaíochtaí spáis. |
|
1.4. |
Molann CESE feabhas a chur ar athléimneacht agus ar chosaint na gcóras agus na seirbhísí spáis san Aontas i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair ar údar imní é. Tugann CESE dá aire gur dúshlán bunúsach i ndáil leis an gcuspóir sin is ea an cumas chun an leibhéal íseal infheistíochta poiblí a dhéantar faoi láthair a mhéadú, an ilroinnt a bhaineann leis an infheistíocht sin a laghdú agus cur chuige lena dtugtar breisluach don Eoraip a chur chun cinn i gcomhthéacs ina bhfuil an Eoraip i bhfad chun deiridh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an tSín agus ar an Rúis i dtéarmaí infheistíochtaí poiblí sa spás. |
|
1.5. |
Creideann CESE gurb é atá i gceist freisin le feabhas a chur ar athléimneacht agus ar chosaint na gcóras agus na seirbhísí spáis san Aontas bearta a chur chun feidhme d’fhonn tacú le ceannasacht theicneolaíoch agus le hathléimneacht slabhraí luacha tionsclaíocha criticiúla chun neamhspleáchas a áirithiú. Chuige sin, molann CESE go láidir go n-aithneofar go hiomlán agus go leagfar béim ar an ról lárnach a imríonn an tionsclaíocht maidir le saincheisteanna spleáchais agus bearta maolaithe a aithint. |
|
1.6. |
Is mian le CESE a mheabhrú gur mó sa mhó atá sé á aithint agus á dhearbhú ag ceannairí domhanda gur de dhlúth agus d’inneach an chine dhaonna é an spás agus go ngabhann breisluach leis dúinn uile. Sa lá atá inniu ann, tá aghaidh á tabhairt ag earnáil spáis na hEorpa ar roinnt de na dúshláin is práinní dár linne, amhail faireachán a dhéanamh ar an athrú aeráide, an nuálaíocht theicneolaíoch a spreagadh, agus tairbhí nithiúla socheacnamaíocha a chur ar fáil do na saoránaigh ina saol laethúil. Tá institiúidí, gnólachtaí agus na saoránaigh ag brath níos mó ar theicneolaíocht, sonraí agus seirbhísí spáis le haghaidh córais chumarsáide, córais loingseoireachta agus córais suite, agus le haghaidh fhaire na cruinne (e.g. faisnéis láithreach agus cumarsáid ar an láthair i gcás tubaistí). Tá an ról a imríonn an spás ríthábhachtach le haghaidh neamhspleáchas na saoránach agus le haghaidh neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa, agus freisin le haghaidh na taidhleoireachta domhanda, chun glacadh leis an bhféiniúlacht Eorpach agus chun na chéad ghlúnta eile a ghríosú agus a spreagadh. |
|
1.7. |
Is díol mór sásaimh do CESE go bhféadfadh ‘Dlí Spáis an Aontais’ a bheith ann sa todhchaí, d’fhonn an tsábháilteacht, an tslándáil, an inbhuanaitheacht agus an caighdeánú a chumhdach, ar dlí é lena réiteofaí an bealach le haghaidh Chur Chuige AE i leith Bainistiú Spástráchta, ar cur chuige é sin atá de dhíth (1). |
|
1.8. |
Tá CESE lánchinnte go bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí uile a bhaineann leis an tionsclaíocht (e.g. iomaíochas, teicneolaíochtaí criticiúla, slándáil an tslabhra soláthair) a chomhtháthú i mbeartas tionsclaíoch comhleanúnach uile-Eorpach, i gcomhthéacs ina bhfuil tionscal spáis na hEorpa go mór i dtuilleamaí margaí oscailte an-teoranta. |
|
1.9. |
Cé go bhfuil gá le bearta sonracha agus in ainneoin go bhféadfaidís a bheith úsáideach chun déileáil le cásanna áirithe, tá CESE á áitiú nach mbeadh ciall le bearta mar sin agus nach mbeidís go hiomlán éifeachtúil ach amháin dá mbeadh beart soláthair saincheaptha agus beartas uaillmhianach agus éifeachtúil taighde agus forbartha mar chuid díobh. Níor mhór do na bearta sin tacú freisin le glacadh margaidh teicneolaíochtaí agus seirbhísí spáis arna bhforbairt san Eoraip, lena n-áirítear margaí onnmhairíochta, go háirithe tríd an taidhleoireacht eacnamaíoch. |
|
1.10. |
Tá CESE suite de gurb é atá i gceist leis an tacaíocht uaillmhianach agus chomhleanúnach a thugtar don taighde agus don nuálaíocht bunchloch inbhuanaitheacht na hearnála spáis agus bunchloch chumas na hearnála sin chun freastal ar riachtanais beartais phoiblí. Teastaíonn tacaíocht níos láidre agus níos comhsheasmhaí ón Eoraip le haghaidh taighde agus nuálaíochta chun a stádas i gcúrsaí spáis a choinneáil agus ionas go mbeidh tionscal intíre ar fáil a d’fhéadfadh córais spáis úrscothacha a dhearadh, a chur ar fáil agus a shaothrú. |
|
1.11. |
Maidir leis na réimsí sin ina bhfuil an comhar le tríú tíortha ríthábhachtach, cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ceannasacht na hEorpa a chaomhnú agus spleáchais neamh-Eorpacha i réimsí straitéiseacha a sheachaint, agus an comhar agus an idir-inoibritheacht á gcur chun cinn san am céanna agus iad ina rialacha comhchoiteanna an chómhalartacht agus comhshocair le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le tríú páirtithe eile atá ar aon intinn leis an Eoraip. |
|
1.12. |
Creideann CESE nach mór an Straitéis a leanúint le gníomhaíochtaí nithiúla prasa maidir le buiséad spriocdhírithe, sceidil le haghaidh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí, agus cruthú post (2). Ní mór don Aontas treochlár cruinn den sórt sin a cheapadh tar éis comhordú a dhéanamh ar na gníomhaithe ar fud na hEorpa atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí spáis. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Fuarthas léargas le linn ghéarchéim COVID-19 ar an easpa neamhspleáchais agus rialaithe atá ag an Eoraip ar bhonneagar líonra criticiúil. Is riachtanaí fós dlús a chur le neartú agus treisiú na gné slándála agus cosanta a bhaineann leis an spás i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin. |
|
2.2. |
Ar an leibhéal institiúideach, bhí an méid sin le feiceáil in dhá gharsprioc: |
|
2.2.1. |
I nDearbhú Versailles, arna eisiúint an 11 Márta 2022 ag ceannairí an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt d’ionradh na Rúise ar an Úcráin, cuirtear béim ar leith ar an spás i ndáil le gníomhaíochtaí cosanta, agus comhaontú déanta ag ceannairí an Aontais Eorpaigh ‘feabhas a chur ar ghné slándála agus chosanta ár dtionscal agus gníomhaíochtaí spáis’. |
|
2.2.2. |
An 21 Márta 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint, faoi cheannaireacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Agus an spás á aithint ann mar réimse ina bhfuil an choimhlint ag géarú de réir a chéile agus mar réimse a ngabhann impleachtaí móra leis ó thaobh cosanta de, is Compás Straitéiseach é sin lena ngabhfaidh mórán iarmhairtí d’earnáil spáis na hEorpa. |
|
2.3. |
Forlíonadh na tionscnaimh sin de chuid an Aontais le cláir chomhair eile; mar shampla, mhol Comhairle na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (GES) ar leibhéal aireachta neart tionscnamh le haghaidh rannchuidiú ó na Ballstáit maidir leis an tslándáil sa spáis agus an tslándáil ón spás. |
|
2.4. |
Níl aon amhras ach gur léirigh ionradh na Rúise ar an Úcráin cé chomh criticiúil agus atá an spás mar phríomhshócmhainn. Tuigtear ón gcogadh sin freisin an tionchar ollmhór atá ag sócmhainní tráchtála a bheith á n-úsáid in éineacht le sócmhainní agus straitéisí rialtais agus, ar an gcaoi sin, tuigtear a thábhachtaí atá idirghabhálacha agus comhar rialta idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le cumais theicniúla agus oibríochtúla. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Aithníonn CESE cé chomh criticiúil agus atá an spás mar phríomhshócmhainn ionas go mbeidh lucht ceaptha beartas na hEorpa in ann cinntí agus gníomhaíochtaí neamhspleácha agus feasacha a dhéanamh maidir le bainistiú géarchéime agus maidir leis an tslándáil, ar céim fíor-riachtanach é sin chun beartas spáis dáiríre uile-Eorpach a cheapadh. Beidh sé tábhachtach an tsochaí shibhialta eagraithe a spreagadh le tuiscint iomlán a fháil ar an leas poiblí ábhartha agus ar bhuntáistí na Straitéise do na saoránaigh má tá sí chun í féin a fheabhsú ó thaobh a dlisteanachta de agus d’fhonn an tacaíocht phoiblí a neartú, i bhfianaise fheidhmiúcháin shibhialta ábhartha na dteicneolaíochtaí spáis. |
|
3.2. |
Tá an Eoraip tosaithe ar iarrachtaí a dhéanamh chun neamhspleáchas inchreidte agus cinnte a bhaint amach sa spás, agus tá an dúshlán comhroinnte seo ag bailiú nirt faoi láthair ar fud na mór-roinne. Creideann CESE nach mór díriú ar an éifeachtúlacht agus ar an iontaofacht a bhaint amach d’úsáideoirí slándála leis na hiarrachtaí uile sin, bídís sibhialta nó míleata, náisiúnta nó Eorpach, poiblí nó príobháideach, faoi mar a chuirtear i bhfáth sa Phlean Gníomhaíochta maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta (3). Dá bhrí sin, is gá neartú a dhéanamh ar na comhpháirtíochtaí idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha agus ar na comhpháirtíochtaí a d’fhéadfaidís a bhunú le tíortha eile atá ar aon intinn leo. |
|
3.3. |
Tá riosca ann atá ag méadú i rith an ama go ndíreoidh gníomhaithe bagracha nua ar chórais spáis chun cur isteach ar sheirbhísí criticiúla arna gcumasú ag satailítí. Measann CESE go bhfuil sé ag éirí níos tábhachtaí spéis mhéadaitheach na hEorpa i seirbhísí spásbhunaithe agus a spleáchas méadaitheach ar na seirbhísí sin a fhorlíonadh le bearta lena ndíreofar ar chumais agus ar sheirbhísí spáis a chosaint, ionas nach nochtfar sochaí agus geilleagar na hEorpa do leochaileachtaí níos criticiúla fós. |
|
3.4. |
Tá CESE suite de nach mór do na Ballstáit a bhfreagracht agus a dtiomantas i leith na síochána agus na slándála domhanda a dhearbhú go hiomlán trína saoirse gníomhaíochta i leith an spáis agus sa spás a neartú agus iad ag brath ar a gcumas ceannasach agus ar a sócmhainní ceannasacha. Measann CESE go bhfuil an tsaoirse gníomhaíochtaí sin ar cheann de na huirlisí is dírí agus is criticiúla atá ar fáil do na Ballstáit chun gníomhaíocht a dhéanamh agus tionchar a imirt. D’fhonn é sin a dhéanamh, ní mór dóibh athléimneacht a dtionscail spáis agus slándáil a mbonneagair soláthair agus seirbhísí a ráthú ar mhaithe lena saoránaigh. Sa chomhthéacs sin, is tosaíocht dhoshéanta é rochtain cheannasach inbhuanaithe na hEorpa ar an spás a áirithiú. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. Tírdhreach na mbagairtí spáis
|
4.1.1. |
Is díol sásaimh do CESE gur sainaithníodh na bagairtí a d’fhéadfadh cur isteach ar chórais spáis nó a d’fhéadfadh iad a dhíghradú nó a scriosadh trí anailís bhliantúil ar thírdhreach na mbagairtí spáis a ullmhú. Meastar go mbeidh an anailís sin riachtanach chun tuiscint a fháil ar an timpeallacht naimhdeach ina bhfuil bonneagar agus seirbhísí spáis agus talún á bhforbairt faoi láthair agus ina mbeidh siad á bhforbairt sa todhchaí. |
|
4.1.2. |
Aithníonn CESE go gcabhródh measúnú den sórt sin le cumais íogaire (lena n-áirítear scileanna, teicneolaíochtaí, sócmhainní agus bloic thógála) a chosaint ar thíortha nó eagraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith naimhdeach agus ar mhaith leo seilbh a ghabháil orthu, agus é d’aidhm aige sin gurb í an Eorpach a bheadh i gcumhacht agus go mbeadh ‘cumais íogaire’ faoina rialú. |
|
4.1.3. |
Creideann CESE nach mór don Choimisiún Eorpach agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) tuairimí agus barúlacha thionscal spáis na hEorpa (idir eintitis mhóra agus bheaga), eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, agus an lucht acadúil a chur san áireamh nuair a bheidh an anailís bhliantúil ar thírdhreach na mbagairtí spáis á cur le chéile agus nuair a dhéanfar na moltaí agus na bearta a bheidh mar thoradh ar an anailís sin a shainaithint. |
|
4.1.4. |
Tá CESE suite de go gceadófar don earnáil phríobháideach an méid seo a leanas a dhéanamh le próiseas den sórt sin:
|
4.2. Athléimneacht agus cosaint córas spáis agus seirbhísí spáis san Aontas a fheabhsú
4.2.1.
|
4.2.1.1. |
Creideann CESE gur dócha go gcruthófar timpeallacht dhúshlánach le haghaidh gníomhaithe Eorpacha mar gheall ar thionscnaimh rialála dhomhanda agus cinntí aontaobhacha maidir le bainistiú spástráchta. Athchóirithe a dhéantar lasmuigh den Eoraip, d’fhéadfaidís cur isteach ar chumas earnáil spáis na hEorpa dul san iomaíocht le dálaí córa. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh tionchar ag na hathchóirithe sin ar inbhuanaitheacht na hearnála agus go gcuirfidís ceannasacht na hEorpa, ar cuspóir uileghabhálach ag an Aontas í sin i ndáil leis an spás, a chur i mbaol tuilleadh. |
|
4.2.1.2. |
Tá CESE suite de go bhfuil deis ag an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta sa phlé a dhéanfar agus foráil a dhéanamh chun bonneagar spáis riachtanach na hEorpa agus seirbhísí gaolmhara a chosaint. Trí bheith réamhghníomhach agus tríd an gcomhar, seachas ilroinnt, idir Ballstáit an Aontais a chur chun cinn, ceadóidh an tAontas Eorpach d’earnáil spáis na hEorpa rialacha agus nósanna imeachta comhaontaithe a úsáid chun a leasa féin agus iad a chur chun cinn tuilleadh ar an leibhéal domhanda. Dá nglacfaí cur chuige níos comhchuibhithe agus níos comhoibrithí idir na Ballstáit, spreagfaí infheistíochtaí coiteanna i réimse na cosanta agus na tionsclaíochta san Aontas ar bhonn níos leithne. Ina leith sin, dá mba rogha é an soláthar comhpháirteach, d’fhéadfadh sé go bhfeabhsófaí éifeachtúlacht ó thaobh an éilimh de agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí le hiomaíochas agus éifeachtúlacht thionscal spáis agus cosanta na hEorpa (4). |
|
4.2.1.3. |
Creideann CESE go mbeadh mórthionchair ar fhorbairt thionsclaíoch agus mhíleata an Aontais araon dá n-atreiseofaí na hiarmhairtí teicneolaíocha agus tionsclaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann, cuir i gcás an t-aeraspás agus teicneolaíochtaí a bhfuil feidhmiúcháin mhíleata agus shibhialta araon acu (‘teicneolaíochtaí de-úsáide’). |
|
4.2.1.4. |
Maidir leis an tslándáil agus an chibearshlándáil, aontaíonn CESE go hiomlán go bhfuil an ceanglas maidir le ‘slándáil trí dhearadh’ riachtanach don athléimneacht. Tá caighdeáin slándála chomhchoiteanna Eorpacha ríthábhachtach freisin fad agus a úsáidtear iad ar bhealach nithiúil, mar is minic a bhíonn na timthriallta maidir le sainiú agus glacadh rófhada ar an margadh iomaíoch atá os comhair earnáil spáis na hEorpa. Ciallaíonn sé sin:
|
|
4.2.1.5. |
Tugann CESE dá aire gur ar leibhéal na mBallstát amháin, agus ní ar leibhéal institiúidí an Aontais, atá feidhm ag an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil (5) agus ag an Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (6). Creideann CESE gur cheart na Treoracha sin a chur i bhfeidhm maidir le sócmhainní atá faoi úinéireacht an Aontais chomh maith. |
4.2.2.
|
4.2.2.1. |
Is díol mór sásaimh do CESE an toil atá ann chun iarracht a dhéanamh le buiséad an Chiste Eorpaigh Cosanta agus buiséad an chláir Fís Eorpach a mhéadú mar, a mhéid a bhaineann leis na céimeanna deiridh forbartha, is cosúil nár éirigh leis an Aontas go fóill a bhuiséad, agus na hionstraimí airgeadais gaolmhara, a ailíniú leis na huaillmhianta a leag sé síos chun ardteicneolaíochtaí a thabhairt chuig an leibhéal ullmhachta atá de dhíth. |
|
4.2.2.2. |
I gcomhthéacs ‘athfhuinnimhiú’ an Táscfhórsa Chomhpháirtigh, creideann CESE gur cheart próiseas aonair a leagan síos as a dtiocfadh stóras aonair cásanna criticiúla, stóras a bheadh comhaontuithe agus comhroinnte. Tá sé tábhachtach go mbeadh tionscal spáis na hEorpa ar cheann de na príomhgheallsealbhóirí sa phróiseas sin mar, ar an gcaoi chéanna agus a chuirtear leis an iomaíochas tionsclaíoch nuair a laghdaítear spleáchais, d’fhéadfadh sé go bhfeabhsófaí ceannasacht na hEorpa chomh maith céanna. |
|
4.2.2.3. |
Tá ceisteanna ag CESE faoin gcineál róil a bheidh ag an Táscfhórsa Comhpháirteach agus ag an bhFaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla agus faoina gcuid idirghabhálacha sa todhchaí. Tá sé á chur i bhfáth aige go dteastaíonn sineirgí níos fearr eatarthu chomh maith. |
|
4.2.2.4. |
Tá CESE i bhfabhar bunú comhghuaillíochtaí nua agus tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ábhartha don spás agus don chosaint ós rud é go bhféadfadh na comhghuaillíochtaí agus na tionscadail sin cuidiú leis an leibhéal cistithe agus forbairt agus inbhuanaitheacht foinsí dúbailte san Eoraip a mhéadú. |
4.2.3.
|
4.2.3.1. |
Is díol mór sásaimh do CESE go dtabharfar aghaidh ar rioscaí slándála san earnáil spáis san Aontas trína shlabhraí soláthair a chosaint agus trí rialacha soláthair lena ráthófar slándáil an tsoláthair. |
|
4.2.3.2. |
Creideann CESE, áfach, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí na gníomhaíochtaí sin a chomhtháthú go forleathan mar chuid de bheartas tionsclaíoch uile-Eorpach don spás. |
4.2.4.
|
4.2.4.1. |
Aontaíonn CESE gur teicneolaíochtaí/cumais ríthábhachtacha don athléimneacht iad pálastaí féinchosanta, lainseálaithe freagrúla, acmhainneachtaí fheasacht staide an spáis, seirbhísiú i bhfithis, agus néal ceannasach daingean atá tiomnaithe d’fheidhmiúcháin spáis. |
|
4.2.4.2. |
Creideann CESE gur cheart rochtain neamhspleách fhadtéarmach an Aontais ar an spás a áirithiú mar ní féidir leis an Eoraip a bheith ag brath ar thríú tíortha chun a cumais spáis a sheoladh ná chun a bonneagar spáis féin a chothabháil. Ina thaobh sin, ní mór an prionsabal a bheith ann go dtabharfar tosaíocht do lainseálaithe Eorpacha le haghaidh lainseáil arna déanamh ag na hinstitiúidí. |
4.2.5.
|
4.2.5.1. |
D’fhonn bagairtí a bhrath, creideann CESE gur gá ailtireacht bainistithe spástráchta lánfheidhme neamhspleách a fhorbairt, trí, inter alia, línte clár cistithe a bhunú agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh chun cumais bainistithe spástráchta na hEorpa a fhorbairt tuilleadh (i.e. cumais Faireachais agus Rianaithe Spáis — SST, Feasacht Réimse an Spáis — SDA) agus trí dhlús a chur le himscaradh chumais SST agus chumais bainistithe spástráchta na hEorpa atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de, atá iomaíoch agus atá inscálaithe (7). |
|
4.2.5.2. |
Ar an gcaoi sin, aontaíonn CESE go hiomlán leis an mbéim mhór a leagtar sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ar chumais SDA ar choinníoll go bhféachfaí, ag gach céim, chuig tacaíocht, saineolas agus cumais an tionscail, anuas ar chumais na hEorpa agus na mBallstát. |
|
4.2.5.3. |
Molann CESE go ndéanfaí iarrachtaí Bhallstáit an Aontais a chomhordú go láidir ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcuspóir maidir le neamhspleáchas straitéiseach oscailte Eorpach a mhéadú, i gcomhréir le comhghuaillíocht na comhpháirtíochta trasatlantaí, an comhar le príomh-chomhpháirtithe straitéiseacha amhail na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe, rannpháirtíocht ar an leibhéal iltaobhach agus b’fhéidir go ndéanfaí an bealach a ullmhú le haghaidh cumas ar leibhéal an Aontais. |
|
4.2.5.4. |
Aithníonn CESE a thábhachtaí atá cleachtaí spáis, ós rud é gur cheart an comhordú idir tíortha Eorpacha a bheith níos láidre agus níos éifeachtúla agus gur cheart níos mó tábhachta a bheith aige maidir lenár gcomhghuaillithe, go háirithe Stáit Aontaithe Mheiriceá. I bhfianaise an méid sin, luífeadh sé le ciall cultúr comhchoiteann a fhorbairt i leith oibríochtaí spáis. |
4.2.6.
|
4.2.6.1. |
Aontaíonn CESE nach mór féachaint chuig na cláir shuaitheanta Eorpacha atá ann cheana rannchuidiú an spáis le cumais chosanta Eorpacha a mhéadú, agus nach mór na cláir sin a fheabhsú trí ghné shlándála agus chosanta. |
|
4.2.6.2. |
Cuireann CESE i bhfios go méadófaí cuspóirí an chláir Copernicus ar bhealach suntasach dá ndéanfaí é a leathnú chun cumais slándála a chur san áireamh ann. Ba cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar na cuspóirí nua sin go háirithe ó thaobh na rioscaí gaolmhara le haghaidh cumais chistiúcháin an chláir agus an bheartais sonraí oscailte atá i bhfeidhm leis faoi láthair. |
|
4.2.6.3. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannchuidiú na Straitéise leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis na héiceachórais thionsclaíocha lena mbaineann. Chuige sin, is suntasaí fós rannchuidiú an chláir Copernicus, ar clár é a mheastar a bheith ina thagarmharc den chéad scoth ó thaobh faireachán ar an athrú aeráide agus ar an gcomhshaol de. Cuidíonn an clár go díreach le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus réitigh a aimsiú ina leith agus tacaíonn sé le ról na hEorpa ar an leibhéal domhanda. Ós rud é gur glacadh le Copernicus ar fud an domhain mar an gcaighdeán le haghaidh íomhánna agus cáilíocht sonraí de ghrád eolaíochta, ní mór tacaíocht bhreise a thabhairt dó chomh maith le huaillmhianta daingne. |
|
4.2.6.4. |
Maidir le Clár Nascachta Slándála an Aontais (IRIS2), tacaíonn CESE go láidir le clár a chuideoidh leis an Aontas a bheith ina ghníomhaí idirnáisiúnta i gcónaí a bhfuil saoirse gníomhaíochta aige i réimse an spáis. |
|
4.2.6.5. |
Tá CESE lánchinnte go bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí uile a bhaineann leis an tionsclaíocht (iomaíochas, teicneolaíochtaí criticiúla, slándáil an tslabhra soláthair, etc.) a chomhtháthú i mbeartas tionsclaíoch comhleanúnach uile-Eorpach, i gcomhthéacs ina bhfuil tionscal spáis na hEorpa go mór i dtuilleamaí margaí oscailte an-teoranta. |
|
4.2.6.6. |
Is mian le CESE a chur i bhfios go láidir gur earnáil nuálach a bhíonn ag athrú de shíor atá i gceist le hearnáil an spáis. Chun iomaíochas ghníomhaíochtaí spáis na hEorpa a áirithiú, is gá scileanna gairmiúla a fhorbairt a ndéanfaí iad a oiriúnú agus a fhorbairt ar bhonn seasmhach. Ós rud é go raibh treochtaí láidre earcaíochta sa tionscal le blianta beaga anuas, rud nach meastar a dtiocfaidh athrú air ar a laghad sna blianta beaga atá le teacht, ní mór na treochtaí sin a threisiú tuilleadh le gníomhaíochtaí nithiúla, amhail institiúid mar Acadamh Spáis an Aontais a chur ar bun. |
4.2.7.
|
4.2.7.1. |
Aontaíonn CESE go bhfuil comhpháirtíochtaí agus comhfhiontair le réigiúin, eintitis agus tríú páirtithe eile atá ar aon intinn leo ríthábhachtach chun a áirithiú go mbainfear úsáid shlán, inbhuanaithe agus iontaofa as cumais spásbhunaithe. |
|
4.2.7.2. |
Má tá an comhar ríthábhachtach, cuireann CESE i bhfios gur cheart ceannasacht agus neamhspleáchas na hEorpa a chur san áireamh mar ghnéithe nach bhféadfaí déanamh dá n-uireasa, agus an comhar agus an idir-inoibritheacht á gcur chun cinn agus iad ina rialacha comhchoiteanna an chómhalartacht agus comhshocair le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le tríú páirtithe eile atá ar aon intinn leis an Eoraip. |
An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) I gcomhréir le Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023–2027 [COM(2022) 57 final — 2022/0039 (COD)] agus Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Cur Chuige AE i leith Bainistiú Spástráchta — Rannchuidiú de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán domhanda [JOIN(2022) 4 final], (IO C 486, 21.12.2022), lch. 172; agus Spás nua.
(2) Fostaíocht na mban go háirithe.
(3) COM(2021) 70 final
(4) Faoi mar a cuireadh i bhfios sa Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch [COM(2022) 349 final] (IO C 486, 21.12.2022, lch. 168).
(5) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear treoir 2008/114/CE ón gComhairle. (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).
(6) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2). (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
(7) I gcomhréir le Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 [COM(2022) 57 final – 2022/0039 (COD)] agus Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Cur Chuige AE i leith Bainistiú Spástráchta – Rannchuidiú de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán domhanda [JOIN(2022) 4 final] (IO C 486, 21.12.2022), lch. 172; agus Spás nua.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/161 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí lena rannchuidítear leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích
(COM(2023) 225 final)
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú
(COM(2023) 226 final — 2023/0111 (COD))
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a mhaoiniú
(COM(2023) 227 final — 2023/0112 (COD))
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe den íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe
(COM(2023) 229 final — 2023/0113 (COD))
(2023/C 349/24)
|
Rapóirtéir: |
Giuseppe GUERINI |
|
Comhrapóirtéir: |
Christophe LEFÈVRE |
|
Comhairliúchán |
8.12.2022, litir ó Aireacht na Spáinne um Ghnóthaí Eachtracha, um an Aontas Eorpach agus um Chomhar Comhairle an Aontais Eorpaigh, 23/06/2023 (COM(2023) 229 final), 11.7.2023 (COM(2023) 226 final), 11.7.2023 (COM(2023) 227 final) Parlaimint na hEorpa, 12.6.2023 (COM(2023) 229 final), 10.7.2023 (COM(2023) 226 final agus 227 final) An Coimisiún Eorpach, 2.6.2023 (COM(2023) 225 final) |
|
Bunús dlí |
Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
27 Meitheamh 2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
175/0/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is mór ag CESE an tionscnamh cuimsitheach ón gCoimisiún chun an reachtaíocht maidir le bainistíocht géarchéime banc agus árachais taiscí a chur i gcrích, ós rud é gur céim ríthábhachtach é an tAontas Baincéireachta a chur chun cinn chun an margadh aonair Eorpach a neartú tuilleadh ar mhaithe le taisceoirí agus cáiníocóirí. |
|
1.2. |
Creideann CESE gur léiríodh sna géarchéimeanna baincéireachta a bhí ann le déanaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá cé chomh tábhachtach is atá sé gníomhú go tapa chun srian a chur ar an riosca tógálachta, chun suaimhneas intinne i leith cúrsaí airgid a chinntiú d’infheisteoirí agus do thaisceoirí, chomh maith leis an ngá atá le solúbthacht chun freagairt do ghéarchéimeanna bainc. Léiríonn an taithí a fuarthas le déanaí freisin an tábhacht a bhaineann le banc anásta a aistriú i gceart chuig banc eile laistigh d’achar ama an-ghairid. |
|
1.3. |
Is mór ag CESE gur leathnaíodh cosaint na scéime ráthaithe taiscí chuig taiscí na n-údarás poiblí leis an togra ón gCoimisiún, agus go bhfuil an Coimisiún ag obair i dtreo uirlisí cosanta taiscí a chomhchuibhiú níos fearr ar fud an Aontais. Ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach ag cistí árachais taiscí arna gcistiú go leordhóthanach agus arna n-eagrú go cuí, is cinnte go mbeidh tairbhe ag baint leis an gcomhchuibhiú feabhsaithe atá molta ag an gCoimisiún. |
|
1.4. |
Tugann CESE dá aire go bhfuil sé ar cheann de phríomhchuspóirí an togra ón gCoimisiún raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le réiteach baincéireachta a leathnú. Tuigeann CESE go hiomlán cur chuige an Choimisiúin, mar aon leis an gcomhthéacs, an réasúnaíocht rialála agus na cuspóirí fadtéarmacha a bhaineann leis. |
|
1.5. |
I bhfianaise géarchéimeanna baincéireachta a bhí ann le déanaí, tá CESE á chur in iúl gur gá cur chuige pragmatach solúbtha a ghlacadh, ar cur chuige é a bheidh bunaithe ar shainghnéithe na gcásanna éagsúla atá idir lámha ó thaobh na nithe seo a leanas: i) cur chuige rialála; ii) na huirlisí is éifeachtaí atá ar fáil a roghnú; iii) impleachtaí praiticiúla na ngníomhaíochtaí a dhéanfar; iv) an comhar is gá idir na geallsealbhóirí; v) an luas lena gcuirtear bearta i bhfeidhm; vi) cineál na n-acmhainní airgeadais a úsáidfear chun na réitigh a roghnaíodh don bhainistíocht géarchéime a chur chun feidhme. |
|
1.6. |
Creideann CESE go bhféadfadh sé nach mbeidh réiteach bainc an réiteach is áisiúla i gcónaí chun cosaint iomlán a thabhairt do na héiceachórais eacnamaíocha ina bhfeidhmíonn banc anásta. Nuair a d’fhéadfadh réiteach bainc a bheith níos costasaí ná leachtú, ba cheart do na bainc sin nós imeachta dócmhainneachta a thionscnamh. |
|
1.7. |
Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún go bhféadfaí an measúnú ar leas an phobail a bheachtú trí chur chuige níos trédhearcaí agus níos comhchuibhithe a ghlacadh ar fud an Aontais. Cé go n-aithníonn CESE gur deacair do rialtóirí cothromaíocht a bhaint amach idir solúbthacht agus intuarthacht, molann CESE do na comhreachtóirí teacht ar réitigh lena laghdaítear an éiginnteacht dhlíthiúil a mhéid is féidir. |
|
1.8. |
Measann CESE gur gá cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir sainmhíniú níos fearr i ndáil leis an ‘measúnú ar leas an phobail’ agus comhréireacht chur i bhfeidhm an chritéir sin maidir le bainc bheaga, mheánmhéide agus áitiúla. Tríd an measúnú ar leas an phobail a leathnú chun bainc a bhfuil ról tábhachtach acu ar bhonn réigiúnach a chur san áireamh, fágtar roinnt éiginnteachta fós sa chreat atá ann faoi láthair. |
|
1.9. |
Tá sé á mheabhrú ag CESE arís eile a thábhachtaí atá sé prionsabal na comhréireachta a urramú chun rialachán a chur ar fáil a bheadh oiriúnach chun a chuspóirí a bhaint amach gan dochar rómhór a dhéanamh do leas na mbanc beag, meánmhéide agus áitiúil. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a bheith san áireamh freisin agus an measúnú maidir le leas an phobail á chur i bhfeidhm, go háirithe i gcás na mbanc áitiúil nach mbaineann riosca don chobhsaíocht airgeadais leo. |
|
1.10. |
Cé go n-aithnítear inniúlachtaí éagsúla idir rialáil baincéireachta agus rialáil státchabhrach, creideann CESE gur cheart an pacáiste iomlán maidir le bainistíocht géarchéime banc agus árachais taiscí a chomhordú go cuí leis an athbhreithniú a bhfuiltear ag súil leis ar an Teachtaireacht ó 2013 maidir le Státchabhair (1) in earnáil na baincéireachta. Mura ndéanfar an méid sin, beidh baol ann go gcuirfí tograí chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir leis an reachtaíocht maidir le státchabhair, rud a bhféadfadh dothuarthacht agus éiginnteacht dhlíthiúil a bheith mar thoradh air. |
|
1.11. |
Dhírigh an Coimisiún ar fheabhas a chur ar an uirlis straitéise aistrithe trí úsáid a bhaint as an scéim ráthaithe taiscí chun rochtain ar an gCiste Réitigh Aonair a chur ar fáil. Beidh an méid sin faoi réir coimircí leordhóthanacha. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chéim i dtreo Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhaint amach. Mar sin féin, ós rud é go mbeidh an margadh fós ilroinnte, beidh neamhéifeachtúlacht ag baint leis an scéim go dtí go mbeidh an tAontas Baincéireachta curtha i gcrích. |
2. Comhthéacs agus tarchur na Spáinne chuig CESE
|
2.1. |
D’iarr rialtas na Spáinne tústuairim ó CESE i ndáil leis an togra maidir leis an Aontas Baincéireachta, ina ndíreofaí ar a riachtanaí atá sé an measúnú ar leas an phobail a chur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne chun go gcuimseofar na bainc, go háirithe na bainc mheánmhéide agus bheaga, sa nós imeachta réitigh comhchuibhithe i gcás géarchéime. |
|
2.2. |
An 18 Aibreán 2023, d’eisigh an Coimisiún ceithre thogra reachtacha éagsúla chun creat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí an Aontais atá ann cheana a neartú. Díríodh ar bhainc mheánmhéide agus ar bhainc bheaga sna tograí sin (2). |
|
2.3. |
De réir an Choimisiúin, ‘is léir ón taithí a fuarthas go ndearnadh go leor banc meánmhéide agus beag anásta a bhainistiú le réitigh a bhí lasmuigh den chreat réitigh’ (3) agus baineadh úsáid i gcásanna áirithe as ‘airgead na gcáiníocóirí in ionad acmhainní inmheánacha riachtanacha an bhainc nó líontáin sábhála phríobháideacha arna gcistiú ag an tionscal (scéimeanna ráthaithe taiscí agus cistí réitigh) (4)’, rud a chruthaíonn tionchar diúltach láidir ar an ngeilleagar agus ar dhearcadh na sochaí. |
|
2.4. |
Dá bhrí sin, leis na rialacha nua atá beartaithe, ceadaítear do na húdaráis úsáid a bhaint as réiteach mar phríomhghné den bhosca uirlisí bainistithe géarchéime. Leagtar béim leis na rialacha sin ar an bhféidearthacht nach mbeadh réiteach chomh suaiteach céanna le leachtú do chliaint, toisc gur féidir leo rochtain a choinneáil ar a gcuntais agus go gcosnaítear feidhmeanna criticiúla an bhainc. |
|
2.5. |
Leis na tograí ón gCoimisiún, éascaítear freisin úsáid a bhaint as scéimeanna ráthaithe taiscí i ngéarchéimeanna chun taisceoirí a chosaint ar chaillteanais, i gcás inar gá sin chun éifeacht ghabhála ar bhainc eile agus dochar níos forleithne do phobail agus don gheilleagar a sheachaint. Trí bheith ag brath ar líontáin sábhála arna maoiniú ag an tionscal (amhail scéimeanna ráthaithe taiscí agus cistí réitigh), déantar iarracht sa togra freisin airgead na gcáiníocóirí a chaomhnú i gcás géarchéimeanna baincéireachta. |
|
2.6. |
Dearbhaítear leibhéal an chumhdaigh EUR 100 000 in aghaidh an taisceora agus an bhainc, mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, do thaisceoirí incháilithe uile an Aontais. Leathnófar é chuig eintitis phoiblí amhail ospidéil, scoileanna agus bardais, agus chuig airgead cliant arna thaisceadh i gcineálacha áirithe cistí cliant (i.e. ag cuideachtaí infheistíochta, institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid). Féachann an togra ón gCoimisiún freisin leis na caighdeáin maidir le cosaint do thaisceoirí a chomhchuibhiú ar fud an Aontais. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Aontaíonn CESE le cuspóirí na dtograí reachtacha ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar bhainistíocht géarchéimeanna baincéireachta agus chun cosaint leordhóthanach thaiscí na mbanc a áirithiú i gcás géarchéime. |
|
3.2. |
Is mór ag CESE an tionscnamh cuimsitheach ón gCoimisiún chun an reachtaíocht maidir le bainistíocht géarchéime banc agus árachais taiscí a chur i gcrích, ós rud é gur céim ríthábhachtach é an tAontas Baincéireachta a fheabhsú agus a chur chun cinn chun an margadh aonair Eorpach a neartú tuilleadh ar mhaithe le taisceoirí agus cáiníocóirí. Ina theannta sin, beidh sé ríthábhachtach an tAontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích chun fíor-Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bhaint amach a mbeidh ar a chumas cobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus bainistiú fónta a dhéanamh ar ghéarchéim i gcás inar gá. |
|
3.3. |
Mar a luaigh CESE i dtuairimí uaidh roimhe seo (5), creideann sé go bhfuil sé ríthábhachtach an creat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí atá ann cheana a neartú. Léiríodh an méid sin go soiléir leis na géarchéimeanna bainc a bhí ann le déanaí sna Stáit Aontaithe agus le cás Credit Suisse. Bhí impleachtaí díobhálacha forleathana ag na cásanna sin do chobhsaíocht an chórais baincéireachta sna Stáit Aontaithe agus san Eilvéis, agus do na margaí airgeadais idirnáisiúnta i gcoitinne agus in earnáil na baincéireachta go háirithe. San Aontas Eorpach, níl cúlstop leachtachta laistigh de na próisis réitigh cruthaithe go fóill. |
|
3.4. |
Tá CESE den tuairim go dtugann na samplaí de ghéarchéimeanna baincéireachta a luaitear thuas chun suntais, arís eile, a thábhachtaí atá sé gníomhú go tapa chun damáiste, agus an riosca tógálachta go háirithe, a shrianadh, mar aon leis an ngá atá le solúbthacht sa fhreagairt ar ghéarchéimeanna baincéireachta. Léiríodh freisin an ról cinntitheach a bheadh ag cúlstop leachtachta a chumhdaíonn na riachtanais leachtachta phráinneacha agus nach mór am a bheith ar fáil chun straitéis réitigh inmharthana a fhorbairt. |
|
3.5. |
Creideann CESE go léiríonn an taithí a fuarthas le déanaí freisin an tábhacht a bhaineann le banc anásta a aistriú i gceart chuig banc eile laistigh d’achar ama an-ghairid. Is den tábhacht, dá réir, a áirithiú go soláthróidh an creat rialála na coinníollacha cearta d’aistrithe den sórt sin, ós rud é nach mór iad a dhéanamh lasmuigh de na gnáthnósanna imeachta díchill chuí agus go mbeidh impleachtaí ollmhóra agus éiginnte ag an idirbheart. Ina theannta sin, is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo go bhfuil gá le córas speisialta ginearálta nuair a fhaightear banc atá ag dul trí réiteach, rud a éascaíonn comhtháthú an bhainc leis an ngrúpa nua ar an mbealach is éifeachtúla. |
|
3.6. |
Is próiseas casta é banc a ndearnadh réiteach air a chomhtháthú agus a bhainistiú agus ní mór na céimeanna agus na ceanglais rialála a chuíchóiriú. Ba cheart do na húdaráis éagsúla lena mbaineann a bheith in ann a ról féin a chomhordú go cuí laistigh de na próisis rialála nó sna nósanna imeachta formheasa brostaithe a bhaineann leis na bearta chun géarchéimeanna a bhainistiú. Ina theannta sin, beidh sé ríthábhachtach a áirithiú gur féidir aistrithe den sórt sin a dhéanamh ar bhonn trasteorann san Aontas, i gcás inar gá. |
|
3.7. |
Is mór ag CESE gur leathnaíodh an chosaint a chuirtear ar fáil faoi na scéimeanna ráthaithe taiscí chuig taiscí na n-údarás poiblí leis an togra ón gCoimisiún, agus go bhfuil an Coimisiún ag obair i dtreo uirlisí cosanta taiscí a chomhchuibhiú níos fearr ar fud an Aontais. Le hárachas taiscí, cuirtear cosaint ar fáil do choigilteoirí agus taisceoirí miondíola príobháideacha agus poiblí i gcás cliseadh bainc. A bhuí leis sin, íoslaghdaítear an riosca imghabhála taiscí agus maolaítear an riosca tógálachta. Measann CESE gur cheart an t-árachas taiscí sin a choigeartú i gcásanna áirithe chun taisceoirí atá i staid eacnamaíoch leochaileach, amhail daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil tinneas fadtéarmach orthu, a chur san áireamh. Ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach ag cistí árachais taiscí arna gcistiú agus arna n-eagrú go cuí, is cinnte go mbeidh tairbhe ag baint leis an gcomhchuibhiú feabhsaithe atá molta ag an gCoimisiún. |
|
3.8. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil sé ar cheann de phríomhchuspóirí an togra ón gCoimisiún raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le réiteach bainc a leathnú, i gcás ina meastar go bhfuil an réiteach sin i gcomhréir le ‘leas an phobail’. Ní féidir leachtú a dhéanamh ach amháin sna cásanna seo a leanas: (i) más rud é gur féidir na cuspóirí a leagtar amach don réiteach é féin sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí ná mar atá trí réiteach; agus (ii) más rud é nach gá cistí poiblí a úsáid. |
|
3.9. |
Tuigeann CESE go hiomlán cur chuige an Choimisiúin, mar aon leis an réasúnaíocht rialála agus na cuspóirí fadtéarmacha a bhaineann leis. Ag an am céanna, tá CESE á chur in iúl go bhfuil gá le cur chuige pragmatach, mar a léiríodh le géarchéimeanna bainc sna Stáit Aontaithe le déanaí, a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas: cur chuige rialála; na huirlisí is éifeachtaí atá ar fáil a úsáid; impleachtaí praiticiúla na ngníomhaíochtaí a dhéanfar; an comhar is gá idir na geallsealbhóirí; an luas lena gcuirtear bearta i bhfeidhm; agus, ar deireadh, cineál na n-acmhainní airgeadais a úsáidfear chun na réitigh a roghnaíodh don bhainistíocht géarchéime a chur chun feidhme. |
|
3.10. |
Creideann CESE go bhféadfadh sé nach mbeidh réiteach bainc an réiteach is áisiúla i gcónaí chun cosaint iomlán a thabhairt do na héiceachórais eacnamaíocha ina bhfeidhmíonn banc anásta, go háirithe banc beag nó meánmhéide. Is fiú a thabhairt faoi deara, a mhéid a bhaineann le bainc bheaga agus mheánmhéide, go bhféadfadh réiteach a bheith níos costasaí ná cineálacha eile idirghabhála, go háirithe ar an leibhéal áitiúil (ar leibhéal teoranta é go minic), ar a bhfeidhmíonn an banc. I ndáil leis sin, tá CESE á thabhairt le fios go bhféadfaí an sciar den mhargadh atá ag bainc mheánmhéide, bheaga agus áitiúla nach mbaineann gníomhaíocht trasteorann leo a mheas le haird ar leith ar an sciar foriomlán den mhargadh náisiúnta seachas ar bhonn réigiúnach laistigh de na Ballstáit. |
|
3.11. |
Creideann CESE gur cheart an pacáiste iomlán maidir le bainistíocht géarchéime banc agus árachais taiscí a chomhordú go cuí leis an athbhreithniú a bhfuiltear ag súil leis ar an Teachtaireacht ó 2013 maidir le Státchabhair (6) in earnáil na baincéireachta. Bhí ról ag an teachtaireacht sin maidir leis an dothuarthacht atá ann faoi láthair a chruthú i ndáil le cé acu ar cheart nó nár cheart réitigh a ghníomhachtú. Dá nglacfaí tograí rialála an chreata bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí gan bheith ar an eolas faoi na rialacha maidir le Státchabhair, bheadh baol ann go gcuirfí chun feidhme tograí atá ar neamhréir leis an reachtaíocht maidir le Státchabhair. |
|
3.12. |
Mar bharúil ghinearálta, tá CESE á mheabhrú arís eile a thábhachtaí atá sé prionsabal na comhréireachta a urramú chun rialachán a chur ar fáil a bheadh oiriúnach chun a chuspóirí a chomhlíonadh gan dochar rómhór a dhéanamh do leas na mbanc beag, meánmhéide agus áitiúil. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a bheith san áireamh freisin agus an measúnú ar leas an phobail á dhéanamh, go háirithe i gcás na mbanc áitiúil nach mbaineann riosca don chobhsaíocht airgeadais leo. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún go bhféadfaí an measúnú ar leas an phobail a bheachtú trí chur chuige níos trédhearcaí agus níos comhchuibhithe a ghlacadh ar fud an Aontais. Cé go n-aithníonn CESE gur cúram an-deacair do rialtóirí é cothromaíocht a bhaint amach idir solúbthacht agus intuarthacht, tá CESE á thabhairt dá aire nach cosúil go gcuireann na tograí reachtacha deireadh iomlán leis an méid suntasach discréide a tugadh roimhe seo do na húdaráis lena mbaineann, rud a fhágann go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil ann. |
|
4.2. |
Measann CESE gur gá cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir sainmhíniú níos fearr i ndáil le ‘critéar leas an phobail’ agus comhréireacht chur i bhfeidhm an chritéir sin maidir le bainc bheaga agus bainc áitiúla. Trí raon feidhme an mheasúnaithe ar leas an phobail a leathnú chun bainc a bhfuil ról tábhachtach acu ar bhonn réigiúnach a chur san áireamh, fágtar roinnt éiginnteachta fós sa chreat atá ann faoi láthair. |
|
4.3. |
Ós rud é gur cosúil go bhfuil raon feidhme an mheasúnaithe ar leas an phobail níos leithne ná raon feidhme na rialacha a bhí ann roimhe seo, d’fhonn raon níos leithne cásanna a chur san áireamh, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go n-oibreodh an tástáil is lú costais (i.e. ualach níos ísle ar idirghabhálacha coisctheacha/malartacha scéimeanna ráthaithe taiscí maidir le híocaíocht amach) go héifeachtúil chun a áirithiú go mbeidh dóthain solúbthachta ann i gcás ina bhfuil na dálaí i réim chun an ghéarchéim a chosc nó a mhaolú trí uirlisí malartacha a úsáid. |
|
4.4. |
Tá béim á leagan ag CESE ar an éiginnteacht a eascraíonn as na tograí reachtacha maidir le leithdháileadh na n-inniúlachtaí, go háirithe maidir leis an gcaoi a ndáilfear cumhachtaí agus freagrachtaí i measc na n-údarás náisiúnta agus Eorpach a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta casta atá i gceist le géarchéimeanna baincéireachta a bhainistiú. I gcomhthéacs den sórt sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an luas lena gcuirtear bearta i bhfeidhm, mar a léiríodh le déanaí i roinnt cásanna san Aontas agus sna Stáit Aontaithe. |
|
4.5. |
Tá CESE á thabhairt dá aire gur cheart an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a leagan amach agus a chur i bhfeidhm bunaithe ar mhéid agus próifíl riosca shonrach na mbanc lena mbaineann chun cothrom iomaíochta a áirithiú i measc bainc shuntasacha a bhfuil inoibritheacht inchomparáide acu, ar thaobh amháin, agus cosaint a thabhairt don tsamhail ghnó shonrach a nglacann bainc bheaga, agus bainc áitiúla léi, mar aon le bainc atá ag feidhmiú in earnálacha/tionscail shonracha agus thiomnaithe, ar an taobh eile. |
|
4.6. |
Is doiléir i gcónaí cineál líomhainte na comhréireachta sa sainmhíniú atá leagtha síos ag an gCoimisiún do ICDI. Is éard a bheadh in ICDI i gcónaí, i gcás na mbanc a bhfuil an ceanglas glactha acu cheana féin, cúlchiste caipitil breise a mbeadh gá leis chun aon chaillteanais a chumhdach agus lena gcuirfí méid airgid leis ar mhaithe le hathchaipitliú. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach ceanglais ICDI a chur in oiriúint do gach saghas bainc idir bheag agus mhór agus do na samhlacha gnó éagsúla. |
|
4.7. |
Tugann CESE dá aire gur cheart ról na mbanc san Aontas, mar aon lena saintréithe agus a samhlacha gnó éagsúla, lena n-áirithítear córas baincéireachta Eorpach níos láidre agus níos éagsúlaithe, a threisiú agus a chaomhnú ar fud an Aontais. Ba cheart aird chuí a thabhairt sna rialacha baincéireachta ar an ngá atá le fíorfhás eacnamaíoch agus an tionchar a bheadh aige sin ar an bhfás eacnamaíoch san Eoraip san fhadtéarma, mar aon leis an tionchar sóisialta ar an bhfostaíocht. I ndáil leis an méid sin, tá CESE den tuairim gur fearr i bhfad dálaí agus uirlisí a chruthú chun an ghéarchéim a chosc agus a sheachaint ná idirghabháil a dhéanamh le hoibríochtaí tarrthála ina dhiaidh sin, ach na roghanna sin a bheith indéanta agus ar fáil. |
|
4.8. |
Is minic a bheadh idirghabháil luath éifeachtach agus níos saoire ná réiteach. Leagtar amach nósanna imeachta le haghaidh bearta coisctheacha agus bearta malartacha sa Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí agus déantar iad a bhainistiú faoi na scéimeanna ráthaithe taiscí náisiúnta de réir rialacha comhchuibhithe agus coimircí atá ann cheana i mBallstáit éagsúla de chuid an Aontais. Déanfar athbhreithniú ar ordlathas na gcreidiúnaithe a chur chun feidhme chun go mbeidh an tástáil ar an gcostas is lú dea-fheidhmiúil. Ar an gcaoi sin, beifear in ann bearta luath-idirghabhála a chur chun feidhme. Is den tábhacht freisin comhchuibhiú Eorpach a bhaint amach nó, ar a laghad, treoirlínte a fhorbairt ar mhaithe le ríomhanna faoin ‘prionsabal maidir leis an gcostas is lú’. |
|
4.9. |
Tá scéimeanna ráthaithe taiscí náisiúnta agus scéimeanna ráthaíochta ina bpríomhchuid den líontán sábhála a chuirtear ar fáil le creat an Aontais chun an chobhsaíocht airgeadais a chosaint agus chun cur le muinín an mhargaidh. Ar an ábhar sin, ba cheart ról níos láidre a bheith ag scéimeanna ráthaithe taiscí, beag beann ar a gcineál dlíthiúil príobháideach nó poiblí nó ar chineál deonach nó éigeantach na ranníocaíochtaí a bhfuil a n-acmhainní comhdhéanta díobh. Is é atá tábhachtach an fheidhm phoiblí atá acu agus an cur chuige dian margaidh a leanann siad chun roghanna a dhéanamh faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil. |
|
4.10. |
Cruthaíodh go mbaineann tábhacht ar leith le ról na scéimeanna ráthaithe taiscí do bhainc bheaga agus mheánmhéide (‘institiúidí ar lú a suntas’), nach mbíonn ach cumas teoranta rochtana ar an margadh acu chun ionstraimí incháilithe ICDI a eisiúint. Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil sé léirithe ag roinnt bainc, lena n-áirítear bainc bheaga agus áitiúla go bhfuil siad in ann bearta coisctheacha a chur chun feidhme go héifeachtach, ar bearta iad lenar féidir dul i ngleic le géarchéimeanna go cuí. |
|
4.11. |
Mar a rinne sé i roinnt tuairimí (7) uaidh roimhe seo, athdhearbhaíonn CESE gur cheart ‘éiceachóras’ airgeadais agus baincéireachta na hEorpa a éagsúlú, é a bheith inbhuanaithe agus é a bheith ar a chumas aitheantas a thabhairt do ról ríthábhachtach na mbanc beag agus meánmhéide ar an leibhéal áitiúil, dá n-ábharthacht ghinearálta ar an leibhéal náisiúnta agus don bhreisluach a chruthaíonn na bainc sin do phobail áitiúla, mar aon leis an tionchar dearfach a bheadh ag inniúlacht mhéadaithe in earnáil na baincéireachta don tsochaí ina hiomláine. I ndáil leis sin, tá ról cinntitheach ag na bainc creidmheasa comharchumainn (8), na ‘bainc eiticiúla’ agus an leibhéal áitiúil nó earnála (comharbhainc agus bainc eiticiúla d’eintitis an gheilleagair shóisialta, mar shampla) agus tá an ról sin ar aon dul le prionsabal an gheilleagair shóisialta margaidh a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais. |
|
4.12. |
Ar an taobh eile, ba cheart ról na ngrúpaí móra baincéireachta trasteorann a aithint freisin, ós rud é, nuair a eagraítear iad mar fhochuideachtaí, soláthraíonn siad éagsúlú níos fearr, is lú a bhraitheann siad ar mháthairinstitiúidí agus is fusa fochuideachtaí a scaradh ón ngrúpa, rud a laghdaíonn an riosca tógálachta agus a mhéadaíonn an chobhsaíocht. Tá ríthábhacht le bainc Eorpacha idirnáisiúnta chun cabhrú le gnólachtaí Eorpacha a idirnáisiúnú. |
|
4.13. |
Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí comhordú iomchuí idir rialacha an Aontais Baincéireachta maidir le bainistíocht géarchéime agus an creat árachais taiscí, ar thaobh amháin, agus cur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair a leagtar amach in Airteagal 107 CFAE (9), ar an taobh eile. Ba cheart, leis an gcomhordú sin, éiginnteacht dhlíthiúil agus cóir dhlíthiúil éagsúil a sheachaint idir na bainc atá lonnaithe ar fud an Aontais. Maidir leis sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an bprionsabal a bhunaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach dtagann scéimeanna arna maoiniú ag cistí príobháideacha faoi raon feidhme Airteagal 107 CFAE (cás Tercas) (10). |
An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Communication from the Commission on the application, from 1 August 2013 , of State aid rules to support measures in favour of banks in the context of the financial crisis (‘Banking Communication’) (Níl leagan Gaeilge ann). (IO C 216, 30.7.2013, lch. 1).
(2) COM(2023) 226 final, COM(2023) 227 final, COM(2023) 228 final agus COM(2023) 229 final.
(3) Preaseisiúint, 18 Aibreán 2023, an Coimisiún Eorpach.
(4) Preaseisiúint, 18 Aibreán 2023, an Coimisiún Eorpach.
(5) Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EU) No 575/2013 and Directive 2014/59/EU as regards the prudential treatment of global systemically important institution groups with a multiple point of entry resolution strategy and a methodology for the indirect subscription of instruments eligible for meeting the minimum requirement for own funds and eligible liabilities’ (COM(2021) 665 final — 2021/0343 (COD)) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 152, 6.4.2022, lch. 111), agus Opinion of the European Economic and Social Committee on the communication to the European Parliament, the Council, the European Central Bank, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on completing the Banking Union (COM(2017) 592 final) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 237, 6.7.2018, lch. 46).
(6) Teachtaireacht ón gCoimisiún ón 1 Lúnasa 2013 maidir le rialacha Státchabhrach a chur i bhfeidhm, chun tacú le bearta i bhfabhar na mbanc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais (‘Teachtaireacht Bhaincéireachta’), (IO C 216, 30.7.2013, lch. 1).
(7) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 2022 Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2021) 742 final) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 75, 28.02.2023, lch. 43)agus Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Promoting a more inclusive and sustainable Banking Union by improving the contribution of community banks to local development and building a socially responsible international and European financial system’ (own-initiative opinion) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 177, 18.5.2016, lch. 21).
(8) Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Promoting a more inclusive and sustainable Banking Union by improving the contribution of community banks to local development and building a socially responsible international and European financial system’ (own-initiative opinion) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 364, 28.10.2020, lch. 14).
(9) IO C 115, 9.5.2008, lch. 91.
(10) Breithiúnas i gCás C-425/19 P.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/167 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe
(COM(2023) 208 final) — 2023/0108 (COD)
agus an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh
(COM(2023) 209 final) — 2023/0109 (COD)
(2023/C 349/25)
|
Rapóirtéir: |
Dumitru FORNEA |
|
Comhrapóirtéir: |
Alberto MAZZOLA |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 1.6.2023 |
|
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 7.6.2023 |
|
Bunús Dlí |
Airteagal 114, Airteagal 173(3) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
174/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta (CESE) an togra le haghaidh Rialacháin (1) agus measann sé go bhfuil comhordú san Aontas ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt margaidh atá ann faoi láthair agus chun comhar i measc gheallsealbhóirí príobháideacha agus poiblí an Aontais a fheabhsú d’fhonn an acmhainneacht a fheabhsú maidir le cibearbhagairtí a chosc, a bhrath agus chun déileáil leo. Molann CESE go dtabharfaí tuilleadh airde sa togra ar urraim a thabhairt do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (TUE). |
|
1.2. |
Aithníonn an Coiste iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh i réimse na cibearshlándála agus cuireann sé i dtábhacht gur cheart gnéithe a bhaineann le crua-earraí agus bogearraí a chuimsiú i bhfreagairt chuimsitheach ar chibirtheagmhais seachas na cumais agus na próisis amháin. Mar sin féin, níl CESE i bhfabhar na gcumhachtaí cur chun feidhme iomadúla a mholtar sa Rialachán, go háirithe ós rud é gur saincheart de chuid na mBallstát í an chibearshlándáil fós. |
|
1.3. |
Tá gá le straitéis mheántéarmach chun uathriail straitéiseach a bhaint amach i bpríomhtheicneolaíochtaí agus earnálacha criticiúla, rud a thacódh le cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas agus a saoráidí taighde agus táirgthe á mbunú acu. Leagann CESE béim ar a ríthábhachtaí atá sé teicneolaíochtaí an Aontais amháin a fháil chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha a chur ar fáil do na Lárionaid Oibríochtaí Slándála náisiúnta. |
|
1.4. |
Is ábhar imní do CESE nár glacadh aon scéim cibearshlándála agus nach ndearnadh cibirdheimhniú ar tháirge ar bith go fóill, agus ceithre bliana caite anois ó glacadh Gníomh an Aontais um Chibearshlándáil (2). Molann sé ról a thabhairt do ghníomhaireachtaí earnála an Aontais (3) i bhforbairt scéimeanna cibearshlándála agus íoschaighdeán Aontais a ghlacadh i gcomhar leis an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, le Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus le hInstitiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, lena n-áirítear le haghaidh gléasanna ‘Idirlíon na nDaoine’ (IoP) agus ‘Idirlíon na Rudaí Nithiúla’ (IoT). |
|
1.5. |
Aithníonn CESE an ról feabhsaithe atá molta do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENSIA) agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí pearsanra ainmnithe agus buiséad leordhóthanach a leithdháileadh le haghaidh na ngníomhaíochtaí breise uile chun cur ar chumas ENSIA a ról straitéiseach suntasach a chomhlíonadh i gcomhréir le huaillmhianta cibearshlándála an Aontais. |
|
1.6. |
Ba cheart do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh i leith na cibearshlándála, ar cur chuige é sin ina n-ionchuimsítear pearsanra oilte, próisis a chuirtear chun feidhme go comhsheasmhach agus teicneolaíochtaí úrscothacha iomchuí, le béim ar leith ar an gcomhar leis an earnáil phríobháideach a fheabhsú. Baineann an-tábhacht le naisc láidre agus comhar láidir idir an earnáil cosanta agus an earnáil phríobháideach. |
|
1.7. |
Ba cheart idir-inoibritheacht rianúil idir na córais náisiúnta agus Cibirsciath an Aontais a éascú a bhuí sin le sonraíochtaí teicniúla an bhonneagair TF a bheidh ann sa todhchaí. Ní mór do na Lárionaid Oibríochtaí Slándála náisiúnta a bheith réidh chun tástálacha struis náisiúnta a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil agus na torthaí a roinnt faoi chuimsiú Chibirsciath an Aontais. |
|
1.8. |
Molann an Coiste gur cheart sainordú aon bhliana a bheith ag Lárionad Oibríochtaí Slándála comhordúcháin gach cuibhreannais laistigh de chóras uainíochta comhchoiteann. Le cistiú an Aontais don Chuibhreannas Óstach, ba cheart 100 % de na costais fála a bhaineann le huirlisí agus bonneagar, agus 50 % de na costais oibriúcháin (seachas an cóimheas 75 %-50 % atá beartaithe) a chumhdach. |
|
1.9. |
Ós rud é gur tháinig méadú ar an nganntanas scileanna i réimse na cibearshlándála le blianta beaga anuas, is díol sásaimh don Choiste an tionscnamh maidir leis an Acadamh Scileanna Cibearshlándála agus measann sé go bhfuil gá le táscairí chun an dul chun cinn maidir le laghdú ar na bearnaí scileanna cibearshlándála a thomhas. |
|
1.10. |
Tugann CESE dá aire nár thug an Coimisiún Eorpach meastachán beacht go fóill ar na costais le haghaidh na gclár, na dteicneolaíochtaí anailísíochta sonraí ná na dtionscadal forbartha bonneagair. Maidir leis na foinsí cistiúcháin atá á moladh ar leibhéal an Aontais, measann sé nach bhfuil siad leordhóthanach agus áitíonn sé go ndéanfar foinsí breise a iniúchadh, lena n-áirítear acmhainní cistiúcháin príobháideacha a chomhthiomsú. |
|
1.11. |
Maidir leis an nós imeachta atá leagtha amach chun tacaíocht a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, is cosúil go mbeidh sé mall agus baineann easpa spriocdhátaí soiléire leis i dtaca le freagairt a thabhairt. Cuireann an Coiste i bhfios go bhfuil gá le freagairt ríthapa i gcás cibirtheagmhais. |
|
1.12. |
Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaidh an Coimisiún Eorpach soiléiriú ar an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le ‘méid mór sonraí’ a luaitear in Airteagal 6(2), pointe (a) den Rialachán seo, agus ar na ‘spriocanna’ dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír chéanna. |
|
1.13. |
Measann an Coiste go bhfuil sé ríthábhachtach go nglacfaidh an tAontas páirt sa phlé domhanda maidir le straitéis chibearshlándála idirnáisiúnta a bhunú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar cibirionsaithe a imscrúdú go pras agus na hionsaitheoirí a thabhairt chun cuntais, lena n-áirítear trí chainéil taidhleoireachta i gcásanna nach mbaineann leis an Aontas. |
|
1.14. |
Is díol díomá do CESE nach luaitear na comhpháirtithe sóisialta ná eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar chor ar bith sa doiciméad agus cuireann sé i bhfios go láidir go gcaithfidh páirt iomlán a bheith ag sochaí shibhialta eagraithe an Aontais sa phróiseas má táthar chun comhar níos fearr a bhaint amach idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha. |
|
1.15. |
Molann an Coiste gur cheart an tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a chur faoina mbráid dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin (agus ní ceithre bliana tar éis a theacht i bhfeidhm mar a mhol an Coimisiún), in éineacht leis an measúnú tionchair, rud ba cheart a bheith ag gabháil leis an Rialachán seo. Tá CESE á áitiú gur gá an dá bheart feidhmíochta bheachta a chur chun feidhme lena ndírítear ar thorthaí agus na Príomhtháscairí Feidhmíochta (KPInna) lena ndéantar meastóireacht ar na torthaí a bhaint amach. |
2. Barúlacha tosaigh
|
2.1. |
Tá idir dhúshláin agus rioscaí ag éirí as feidhmiú na sochaí faisnéise ar an leibhéal aonair, stáit agus trasnáisiúnta mar gheall ar an síorathrú, an anaithnideacht agus an easpa teorainneacha sa chibearspás. |
|
2.2. |
Is léir go bhféadfadh baol soiléir a bheith ann go mbeadh iarmhairtí tapa cibirtheagmhas ag dul ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus, dá bhrí sin, tá ar an Aontas dul i ngleic le rioscaí cibearshlándála atá ag dul i méid chomh maith le timpeallacht bhagartha atá an-chasta ar fad. Tá an comhordú ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach chun an ilroinnt atá ann cheana a shárú agus chun comhar feabhsaithe idir na Ballstáit a chur chun cinn. |
|
2.3. |
I dtaca le margadh aonair an Aontais, tá gá le léirmhíniú agus cur chun feidhme aonchineálacha a bheith ann maidir le rialacha cibearshlándála, fiú más rud é gur cheart cineálacha éagsúla cur chuige a chur ar fáil le haghaidh earnálacha éagsúla mar gheall ar an mbealach ina bhfeidhmíonn siad. |
|
2.4. |
Chun freagairt phras agus éifeachtach a thabhairt ar aon teagmhas cibearshlándála, tá sé ríthábhachtach córas mear a bheith ann chun faisnéis a mhalartú i measc na ngeallsealbhóirí suntasacha uile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Dá réir sin, ní mór tuiscint shoiléir a bheith ann ar róil agus ar fhreagrachtaí gach páirtí. |
|
2.5. |
Aithníonn an Coiste iarrachtaí an Choimisiúin i réimse na cibearshlándála agus is mór aige an líon mór teachtaireachtaí agus tograí ina ndírítear ar chreat AE níos láidre, comhar níos fearr, athléimneacht agus cothú díspreagtha a fhorbairt sa réimse sin. Teastaíonn cibirtheicneolaíocht cheannródaíoch ón Eoraip chomh maith le dlúthnasc idir an earnáil cosanta agus na hearnálacha príobháideacha chun buiséid chosanta a shlógadh agus chun cibeartháirgí a fhorbairt chun críoch míleata agus sibhialtach. Cuireann an Coiste i bhfios go láidir nach mór cumais agus próisis a chumhdach sa fhreagairt is gá i gcás cibirtheagmhas, ach go gcaithfear gnéithe a bhaineann le crua-earraí agus bogearraí a chumhdach léi freisin. |
|
2.6. |
Cuirtear Straitéis Chibearshlándála an Aontais i bhfeidhm leis an togra seo freisin, ar stráitéis í sin a glacadh i mí na Nollag 2020 agus fógraíodh sa togra go ndéanfaí Cibirsciath Eorpach a bhunú freisin chun brath bagairtí cibearshlándála agus cumais malartaithe faisnéise ar fud an Aontais a neartú freisin. |
|
2.7. |
Agus an Chibirsciath Eorpach á forbairt, molann an Coimisiún Eorpach comhar a dhéanamh céim ar chéim sa todhchaí le líonraí agus ardáin atá freagrach as comhroinnt faisnéise sa phobal cibearchosanta, i ndlúthchomhar leis an Ardionadaí. |
|
2.8. |
Léirigh ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin an bealach inar féidir cibearoibríochtaí ionsaithe a dhéanamh mar ghné ríthábhachtach den oirbheartaíocht hibrideach lena mbaineann comhéigean, díchobhsú agus suaitheadh eacnamaíoch. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an Rialachán atá beartaithe, a bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt atá ann ar an margadh agus chun dlús a chur leis an gcomhar i measc geallsealbhóirí Eorpacha ó na hearnálacha príobháideacha agus poiblí d’fhonn cibearbhagairtí a chosc, a bhrath agus freagairt dóibh ar bhealach níos fearr. Ach a gcuirfear chun feidhme é, d’fhéadfadh sé rannchuidiú le hathléimneacht na gcóras Eorpach a fheabhsú. |
|
3.2. |
Mar sin féin, ba cheart a chur in iúl gur tugadh na cuspóirí céanna atá leagtha amach sa togra seo chun solais sa togra maidir le Cibearaonad Comhpháirteach (4), eadhon comhar, ullmhacht agus athléimneacht níos fearr i gcibearchórais an Aontais. Cé go raibh sé beartaithe go mbeadh an Cibearaonad ag feidhmiú faoi dheireadh 2022, ní luaitear é ar chor ar bith sa togra ón gCoimisiún. |
|
3.3. |
Ní féidir le haon teicneolaíocht ná le haon uirlis amháin cosaint iomlán a sholáthar in aghaidh cibearbhagairtí; dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige iomlánaíoch i leith na slándála, ar cur chuige é sin ina bhfuil ról ag pearsanra oilte, próisis a chuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach agus teicneolaíochtaí úrscothacha oiriúnacha. Ní mór díriú ar chomhar níos fearr a dhéanamh leis an earnáil phríobháideach. |
|
3.4. |
Cuireann CESE in iúl gur údar díomá dó nach luaitear na comhpháirtithe sóisialta ná eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar chor ar bith sa doiciméad. Ní féidir comhar feabhsaithe idir eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a bhaint amach go dtí go mbeidh sochaí shibhialta eagraithe an Aontais rannpháirteach go hiomlán ann. |
|
3.5. |
Ba cheart don Aontas straitéis mheántéarmach a ghlacadh chun uathriail straitéiseach i bpríomhtheicneolaíochtaí agus in earnálacha criticiúla a bhaint amach, agus molann CESE go dtabharfaí tacaíocht do chuideachtaí atá lonnaithe san Aontas chun saoráidí taighde agus táirgthe a bhunú d’fhonn tacú le cibir-éiceachóras uathrialach. Tá sé molta ag CESE cheana féin nach ‘mór don Aontas Eorpach a spleáchas ar ollchuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE a laghdú trí iarrachtaí níos tréine a dhéanamh chun geilleagar digiteach atá slán, cuimsitheach agus bunaithe ar luachanna a fhorbairt’ (5). |
|
3.6. |
Is díol mór sásaimh do CESE an togra maidir le Cibirsciath Eorpach a bhunú, rud a bheidh comhdhéanta de Lárionaid Oibríochtaí Slándála náisiúnta agus trasteorann a mbeidh teacht acu ar theicneolaíochtaí úrscothacha. Chun athléimneacht an tslabhra soláthair a áirithiú, ní hamháin go gcaithfidh réitigh maidir le Lárionaid Oibríochtaí Slándála acmhainní eagraíochtúla inmheánacha a chosaint ach ní mór dóibh, ina theannta sin, malartuithe slána agus comhar níos leithne laistigh den éiceachóras a chur chun cinn. Ní mór idir-inoibritheacht iomlán idir na córais náisiúnta agus Cibirsciath an Aontais a chumasú a bhuí sin le sonraíochtaí teicniúla an bhonneagair TF a bheidh ann sa todhchaí. |
|
3.7. |
Cuireann CESE béim ar an ngné ríthábhachtach a bhaineann le teicneolaíocht atá lonnaithe san Eoraip amháin a fháil chun go mbeidh teacht ag comhaltaí na Cibirscéithe Eorpaí ar theicneolaíochtaí úrscothacha. Níl sé d’acmhainn ag an Aontas dul sa seans agus cibirtheicneolaíochtaí criticiúla a fháil ó chuideachtaí eachtracha agus is ‘é leas straitéiseach an Aontais a áirithiú go gcoinneoidh agus go bhforbróidh an tAontas na hacmhainneachtaí atá riachtanach chun an geilleagar digiteach, an tsochaí agus an daonlathas a dhaingniú, chun ceannasacht dhigiteach iomlán a bhaint amach, an t-aon bhealach amháin chun teicneolaíochtaí criticiúla a chosaint agus chun príomhsheirbhísí cibearshlándála éifeachtacha a sholáthar’ (6). |
|
3.8. |
Measann an Coiste gur leor an cion atá beartaithe chun soláthar trealaimh le haghaidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála náisiúnta a mhaoiniú, faoina dtagann oiread céanna maoiniúcháin ó chistí náisiúnta agus a thagann ó chistí an Aontais (50 % ó mhaoiniú náisiúnta agus 50 % ó mhaoiniú an Aontais). Tá gá le hiarracht chomhpháirteach chun trealamh ardteicneolaíochta cuí agus feidhmiú comhordaithe an líonra de Lárionaid Oibríochtaí Slándála a áirithiú. |
|
3.9. |
Ní mór do na Lárionaid Oibríochtaí Slándála náisiúnta díriú ar phrótacail chuimsitheacha a bhunú maidir le slándáil a mheasúnú agus a thástáil agus ba cheart dóibh measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh. Chun meastóireacht a dhéanamh ar athléimneacht i leith cibirionsaithe féideartha agus chun an athléimneacht sin a fheabhsú, ba cheart do na Lárionaid Oibríochtaí Slándála náisiúnta a bheith ullamh chun tástálacha struis náisiúnta a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil. Ní mór torthaí na dtástálacha sin a roinnt faoi scáth na Cibirscéithe Eorpaí agus tá gá le hiarrachtaí comhpháirteacha chun measúnú a dhéanamh ar fhadhbanna atá ann cheana féin, chun treoraíocht maidir le saincheisteanna a bhaineann le tuairisciú a thabhairt cothrom le dáta agus chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar shaincheisteanna. |
|
3.10. |
Is ábhar imní do CESE nár ghlac an Coimisiún Eorpach aon scéim cibearshlándála trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus nach ndearnadh cibirdheimhniú ar tháirge ar bith go fóill ceithre bliana tar éis ghlacadh Ghníomh an Aontais um Chibearshlándáil. Ba cheart ról a bheith ag gníomhaireachtaí earnála an Aontais sa phróiseas a bhaineann le scéimeanna cibearshlándála an Aontais a fhorbairt agus ba cheart íoschaighdeán Eorpach a ghlacadh, i gcomhar leis an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, le Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, lena n-áirítear le haghaidh gléasanna IoP agus IoT. |
|
3.11. |
Ní mór an ríomheolaíocht agus an chibearshlándáil a chur san áireamh sna curaclaim bhunscoile agus mheánscoile i ngach Ballstát. Ós rud é gur tháinig méadú ar an easpa scileanna i réimse na cibearshlándála le blianta beaga anuas, measann an Coiste gur gá machnamh a dhéanamh ar dhreasachtaí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun tacú leis an tionscnamh seo. Is díol sásaimh don Choiste an tionscnamh maidir leis an Acadamh Scileanna Cibearshlándála agus measann sé go bhfuil gá le táscairí chun an dul chun cinn maidir le laghdú sna bearnaí scileanna cibearshlándála a thomhas. |
|
3.12. |
Beidh ar an ngeilleagar digiteach domhanda aghaidh a thabhairt ar bhagairt na gcibirionsaithe, ós amhlaidh atá ag méadú ar an mbagairt sin i rith an ama, mura rud é go mbeidh comhar idirnáisiúnta níos fearr i measc tíortha, tionscal agus saineolaithe chun sainmhínithe agus réitigh choiteanna a bhunú don chibearshlándáil. Baineann an-tábhacht leis an gcomhar idirnáisiúnta chun tuiscint a fháil ar na cibir-rioscaí agus ar an gcineál athraitheach a ghabhann le cibirionsaithe domhanda, rud a fhágann gur féidir ullmhacht chun aghaidh a thabhairt orthu a áirithiú. Ní mór don Aontas a bheith rannpháirteach sa phlé domhanda faoi straitéis idirnáisiúnta chibearshlándála a bhunú, ar straitéis í sin lena mbaineann comhiarrachtaí idirnáisiúnta agus comhar níos fearr. |
|
3.13. |
D’fhonn díspreagadh éifeachtach a chruthú tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar fhreagairt an Aontais i leith fhorfheidhmiú an dlí trí dhíriú ar chibearchoirpigh a bhrath, a rianú agus a ionchúiseamh. Baineann an-tábhacht le cibirionsaithe a imscrúdú go pras agus leis na hionsaitheoirí a thabhairt os comhair na cúirte, lena n-áirítear trí mhodhanna taidhleoireachta i gcásanna nach mbaineann leis an Aontas. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Tugann CESE dá aire gur ann do bharúlacha contrártha a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht níos láraithe ar leibhéal an Aontais agus le cumhachtaí agus dlínse na mBallstát, agus tá sé in amhras ar an gcomhaontú deiridh i leith an togra ar thángthas air, go háirithe ós rud é gur chuir na Ballstáit in iúl go soiléir i gConclúidí 2021 ón gComhairle (7) gur ar na Ballstáit atá an fhreagracht freagairt do theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála suntasacha a dhéanann difear dóibh. |
|
4.2. |
Is mór ag CESE an ról neartaithe a thugtar do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), agus na freagrachtaí breise a mholtar a chur ar an nGníomhaireacht tar éis ghlacadh an Rialacháin. Mar sin féin, tá sé á chur in iúl ag an gCoiste gur gá pearsanra sonrach a bheith ag ENSIA atá ainmnithe le haghaidh na gcúraimí agus nach mór an buiséad iomchuí a leithdháileadh air chuige sin. Mura réiteofar an tsaincheist sin, ní bheifear in ann príomhról straitéiseach ENISA a chomhlíonadh i gcomhréir le huaillmhianta an Aontais i réimse na cibearshlándála. |
|
4.3. |
Measann CESE go bhfuil an togra ón gCoimisiún doiléir maidir lena fhéideartha atá sé do Lárionad Oibríochtaí Slándála náisiúnta a bheith mar chuid de níos mó ná aon Lárionad Oibríochtaí Slándála trasteorann amháin. Thairis sin, ní léir an ndéanfar grúpáil na Lárionad Oibríochtaí Slándála de réir critéir gheografacha nó an ndéanfar í a bhunú ar shaorthoil na mBallstát. |
|
4.4. |
Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí soiléiriú ar an mbrí atá le ‘méid mór sonraí’ i bpointe (a) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo agus cad dó a dtagraíonn na ‘spriocanna’ atá luaite ag an gCoimisiún i bpointe (c) den mhír chéanna. |
|
4.5. |
Má ghlacann na Ballstáit leis an togra le haghaidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála trasteorann, agus d’fhonn rannpháirtíocht iomlán na Lárionad Oibríochtaí Slándála agus bainistíocht chomhroinnte leis na Lárionaid Oibríochtaí Slándála a áirithiú, ba cheart sainordú aon bhliana a bheith ag gach cuibhreannas, agus ba cheart an deis a bheith ag gach Lárionad Oibríochtaí Slándála chun an cheannaireacht a chomhordú i gcóras uainíochta. |
|
4.6. |
Measann an Coiste gur cheart cistiú an Aontais don Chuibhreannas Óstach a bheith mar 100 % de chostais fála na n-uirlisí agus an bhonneagair agus 50 % de na costais oibriúcháin (i gcomparáid le cistiú 75 %-50 %, mar atá leagtha amach sa togra), chun cuidiú leis na cuibhreannais a bhunú ar bhealach níos tapa. Ba cheart comhordú maidir le soláthar a ráthú. |
|
4.7. |
D’fhonn deimhin a dhéanamh d’éifeachtacht Chibirsciath an Aontais chun cuidiú leis na Ballstáit ullmhú do chibirtheagmhais agus freagairt dóibh, measann an Coiste go bhfuil gá le bearta feidhmíochta sonracha a dhíríonn ar thorthaí inláimhsithe a bhaint amach agus le príomhtháscairí feidhmíochta lena ndéantar meastóireacht ar thorthaí. Molann CESE go ndéanfaí sáruithe cibearshlándála a thuairisciú go córasach agus go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil do gheallsealbhóirí dlisteanacha. Leis sin, bheifí in ann measúnú a dhéanamh, bearta coisctheacha iomchuí a chur chun feidhme agus cosaint a thabhairt in aghaidh caillteanais fhéideartha. |
|
4.8. |
Aithníonn agus formhuiníonn CESE an togra maidir le Ballstáit a chumasú chun iarraidh a dhéanamh ar chumhdach le haghaidh na gcostas a bhaineann le foirne saineolaithe a sheoladh faoi chuimsiú an chúnaimh fhrithpháirtigh. Cé gur cheart tacú leis an bpróiseas a bhaineann le cúnamh frithpháirteach, ba cheart tástáil cheart a dhéanamh céim ar chéim ar an sásra dlúthpháirtíochta d’fhonn a éifeachtaí atá sé a chruthú sula gcuirfear chun feidhme é. |
|
4.9. |
Is díol imní don Choiste go bhfuil saineolaithe teicneolaíochta IS (Elon Musk, Geoffrey Hinton, etc.) ag tabhairt rabhadh, murab ionann is riamh, faoin mbagairt eiseach a bhaineann le IS a fhorbairt i dtimpeallacht neamhrialáilte. Ní mór níos mó doimhneachta a bheith ag baint leis an rialáil ar IS ná mar atá sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga (8), agus tá CESE ag iarraidh go mbainfí úsáid fhreagrach as teicneolaíocht IS i ngach tionscadal san Aontas, lena n-áirítear an chibearshlándáil. Tá gá le tuilleadh plé agus le creat rialála feabhsaithe láithreach bonn. |
|
4.10. |
Luaigh CESE cheana féin gur ‘cheart don Aontas seasamh láidir a ghlacadh i gcoinne aon chineál córais scórála sóisialta i gcoinne na saoránach. Tá sé á chur in iúl go soiléir ag CESE nach féidir daonlathas a bheith ann iarbhír gan sonraí pearsanta a chosaint’ (9). Ní mór cearta an duine agus ceart na saoránach chun príobháideachais a chosaint i gcónaí mar rialacha riachtanacha nuair a bheidh córais chibearshlándála fheabhsaithe á bhforbairt ar fud an Aontais. |
|
4.11. |
Tá ról tábhachtach ag muintir na hEorpa maidir le cibearbhagairtí a chur in iúl do na húdaráis ábhartha. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach bealaí cumarsáide cuí leis an bpobal agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a ráthú, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh ardán sonrach ann chun faisnéis ábhartha a fháil faoi chibearbhagairtí. D’fhonn uirlisí a chruthú chun idirghníomhaíocht a dhéanamh leis an bpobal, tá an Coiste ag iarraidh go ndéanfaí feachtais faisnéise agus múscailte feasachta chun na huirlisí atá ar fáil cheana féin a chur chun cinn. |
|
4.12. |
Ba cheart don Aontas agus do ECAT oibriú le chéile chun caighdeáin chibearshlándála agus caighdeáin theicniúla eile san earnáil cosanta a chomhoiriúnú agus chun na constaicí maorlathacha agus an rómhaorlathas a íoslaghdú. Thairis sin, ba cheart don Aontas agus do ECAT comhoibriú ar chaighdeáin soláthair agus ba cheart dóibh creat soláthair éifeachtach agus trédhearcach a bhunú i gcomhar le chéile, creat lena gcuirfí ar chumas cuideachtaí, go háirithe FBManna, a bheith rannpháirteach i dtairiscintí poiblí agus dul san iomaíocht ar bhonn cothrom. |
|
4.13. |
Measann CESE nach leor na foinsí cistiúcháin a mholtar ar leibhéal an Aontais, agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí foinsí breise a lorg, lena n-áirítear acmhainní cistiúcháin príobháideacha a chomhthiomsú. Tugann sé dá aire nach ndearna an Coimisiún meastachán sonrach ar na costais a bhaineann leis na cláir IS, na teicneolaíochtaí anailísíochta sonraí agus na tionscadail forbartha bonneagair is gá i ngach Ballstát agus ar leibhéal an Aontais chun na gníomhaíochtaí atá leagtha amach sa Rialachán seo a chur chun feidhme. |
|
4.14. |
Molann an Coimisiún go dtabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme dó féin chun coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear na coinníollacha idir-inoibritheachta idir Lárionaid Oibríochtaí Slándála trasteorann a shonrú, socruithe nós imeachta a leagan síos maidir le comhroinnt faisnéise le linn teagmhais chibearshlándála, agus na ceanglais theicniúla a shainiú maidir le slándáil na Cibirscéithe Eorpaí, etc. Measann CESE gurbh cheart na saincheisteanna uile sin a bheith tugtha chun soiléireachta roimhe seo agus curtha in iúl sa togra seo le haghaidh Rialacháin, ós rud é gur saincheart de chuid na mBallstát í an chibearshlándáil fós, agus go spreagfaí teannas nach bhfuil gá leis dá dtabharfaí an iomarca cumhachta don Choimisiún chun athruithe a chur i bhfeidhm agus dá rachfaí timpeall ar chóras daonlathach an Aontais ar an mbealach sin. |
|
4.15. |
Áirítear leis an nGníomh um Chibearshlándáil gné thionsclaíoch arb é is aidhm di margadh aontaithe a bhunú le haghaidh réitigh chibearshlándála trí Chúltaca Cibearshlándála a chruthú. Mar sin féin, is cosúil go bhfuil an nós imeachta chun tacaíocht a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais an-mhall, agus níl spriocdhátaí soiléire ann maidir le freagairt a thabhairt. Cuireann an Coiste i bhfios nach mór don fhreagairt a theastaíonn i gcás cibirtheagmhais a bheith ríthapa, agus gur léir nach amhlaidh an cás leis an nós imeachta fadálach seo. |
|
4.16. |
Mhínigh an Coimisiún Eorpach nach ndearnadh measúnú tionchair mar gheall ar an bpráinn a bhí leis an togra. Mhol sé freisin go gcuirfeadh sé tuarascáil chríochnúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. I bhfianaise na bhforbairtí gasta i réimse na cibearshlándála, measann CESE gur cheart an tuarascáil a chur faoina mbráid dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, in éineacht leis an measúnú tionchair atá in easnamh ar an Rialachán seo. Thairis sin, molann sé go láidir go dtabharfaí tuilleadh airde sa togra ar urraim a thabhairt do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Baineann tábhacht leis sin chun teannas idir gníomhaíocht láraithe an Aontais agus cumhachtaí agus dlínse na mBallstát a chosc. |
|
4.17. |
Ar deireadh, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé ceisteanna cibearshlándála a chomhtháthú i ngach beartas de chuid an Aontais. |
An Bhruiséil, 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Togra le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh.
(2) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
(3) EASA, ERA, EMA, etc.
(4) Commission proposes a Joint Cyber Unit to step up response to large-scale security incidents [Molann an Coimisiún Cibearaonad Comhpháirteach a thógáil chun dlús a chur leis an bhfreagairt ar theagmhais slándála ar mhórscála] (Níl leagan Gaeilge ann).
(5) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le ceannasacht dhigiteach: colún tábhachtach do dhigitiú agus d’fhás an Aontais Eorpaigh (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.2.2023, lch. 8),
(6) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint (tuairim féintionscnaimh)(IO C 293, 18.8.2023, lch. 21).
(7) Conclúidí ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2021 ag féachaint ar acmhainneacht an tionscnaimh um Chibearaonad Comhpháirteach.
(8) An Gníomh um an Intleacht Shaorga.
(9) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint (tuairim féintionscnaimh) (IO C 293, 18.8.2023, lch. 21)
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/173 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Athbhreithniú ar Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí — Beart nua le haghaidh pailneoirí
(COM(2023) 35 — final)
(2023/C 349/26)
|
Rapóirtéir: |
Jarmila DUBRAVSKÁ |
|
Comhrapóirtéir: |
Veselin MITOV |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 24.1.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
28.6.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
182/0/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tacaíonn Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis an Teachtaireacht uaillmhianach ón gCoimisiún (1), ina bhfreagraítear don laghdú atá tagtha ar líon na bpailneoirí fiáine san Aontas. Mar sin féin, tá sé den tuairim, cúig bliana tar éis an tionscnaimh bhunaidh, nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach, go háirithe maidir leis na sonraí riachtanacha a fháil a chuirfeadh dlús leis an ngníomhaíocht beartais. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach bhfuil rialachas soiléir ann maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe agus tathantaíonn sé ar na Ballstáit an Teachtaireacht atá faoi chaibidil anseo a fhormhuiniú go pras. |
|
1.2. |
Na tosca éagsúla seo a leanas is cúis leis an meath atá tagtha ar líon na bpailneoirí; foinsí bia neamhleora, easpa cleachtas maidir le huainíocht barr, bainistiú lotnaidicídí i mBallstáit éagsúla, úsáid lotnaidicídí aghaidh an heicteáir ar thalamh talmhaíochta, iompar áitritheoirí uirbeacha agus tuaithe, ionradh na speiceas neamhdhúchasach feithidí agus plandaí, creachadóirí, modhanna bainistíochta beachairí, ionfhabhtuithe pataigineacha lena n-áirítear víris agus tionchar an athraithe aeráide. Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach córas uile-Eorpach chun líon na bpailneoirí a fhaire agus a rialú (EU-PoMS). |
|
1.3. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an cumas riaracháin sna Ballstáit uile a fheabhsú agus comhar a neartú i measc na n-údarás poiblí, na ngeallsealbhóirí príobháideacha, na n-institiúidí taighde agus na ngeallsealbhóirí talmhaíochta. Tá sé á chur i bhfáth, freisin, ag CESE go bhfuil ganntanas gairmithe speisialaithe sa réimse sin. |
|
1.4. |
Iarrann CESE go láidir go dtabharfaí maoiniú suntasach don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht (TFN) chun sonraí eolaíocha riachtanacha a bhailiú agus chun tabhairt faoi thionscnaimh iomchuí chun borradh a chur faoi líon na bpailneoirí, lena n-áirítear laistigh den chlár Fís Eorpach. Tá comhordú ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar sonraí náisiúnta a chomhdhlúthú agus a anailísiú trí ardán tiomnaithe de chuid an Aontais le haghaidh pailneoirí faoina gceadaítear rochtain oscailte ar shonraí. |
|
1.5. |
Molann CESE clár agus straitéis a chruthú le haghaidh limistéir uirbeacha a thacaíonn le pailneoirí, lena neartófar cleachtais um bainistíocht úsáide talún chun éagsúlacht a chothú i measc pailneoirí agus gnáthóga nádúrtha a chaomhnú i réigiúin uirbeacha agus pheirea-uirbeacha. |
|
1.6. |
Má táthar chun dul chun cinn suntasach a bhaint amach, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit eolas a roinnt go tapa agus an taighde a dhíriú ar chleachtais talmhaíochta inbhuanaithe agus ar mhodhanna éifeachtacha um bainistiú comhtháite lotnaidí. |
|
1.7. |
Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí an t-oideachas iomchuí ar fáil d’fheirmeoirí maidir le bearta comhshaoil trí chórais chomhairleacha feirme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnacha, agus go gcumhdófaí úsáid lotnaidicídí a mbaineann riosca íseal leo agus nach ndéanann dochar ar bith do phailneoirí ná do bhainistiú comhtháite lotnaidí. Tá gá freisin le cláir oiliúna a bhfuil sé d’aidhm leo cur leis an eolas faoi éiceolaíocht na bpailneoirí, faoin bpróiseas sainaitheanta agus faoi athchóiriú gnáthóige. |
|
1.8. |
Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfaí staidéar Eorpach arbh é ab aidhm dó sonraí cruinne a chur ar fáil maidir le tionchar na radaíochta leictreamaighnéadaí a astaítear ó aeróga teileachumarsáide ar phailneoirí fiáine ina ngnáthóga nádúrtha, agus maidir leis na bearta beartais is gá a ghlacadh chun cosaint éifeachtach pailneoirí a áirithiú. |
|
1.9. |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE gur gá scála tomhais a chruthú lena bhféadfaí truailliú solais ar fud an Aontais a thomhas trí leas a bhaint as sonraí satailíte. Féadfar an scála tomhais sin a úsáid chun éifeachtaí réigiúnacha agus áitiúla an truaillithe sin ar na pailneoirí a fhaire agus a mheas. |
|
1.10. |
Is díol sásaimh do CESE gur iarr an Coimisiún tacaíocht ar Choiste na Réigiún chun an tionscnamh maidir le pailneoirí a chur chun feidhme, ach is cúis díomá dó nár luadh CESE oiread is uair amháin i gceachtar den dá thionscnamh go dtí seo, go háirithe maidir lena chumas an straitéis sin a chur chun cinn i measc catagóirí éagsúla geallsealbhóirí, lena n-áirítear trí fheasacht a mhúscailt i measc na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na saoránach. |
|
1.11. |
Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le cistiú cuí chun a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún a bhaint amach agus chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc na mbeart agus na n-ionstraimí beartais éagsúla a bhfuil tionchar acu ar chaomhnú na bpailneoirí fiáine. Ní mór cistiú a chur ar fáil freisin chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoin meath atá tagtha ar líon na bpailneoirí agus faoin tionchar atá aige sin ar shaol na ndaoine, chomh maith leis an tionchar a bheidh ag an easpa gnímh ar na glúnta atá le teacht. |
|
1.12. |
Tá sé ríthábhachtach bearta láidre a chur chun feidhme chun pailneoirí fiáine a chosaint i rith phróiseas an mheasúnaithe riosca i dtaca le lotnaidicídí agus i rith na céime úsáide. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh trédhearcacht níos fearr ann maidir le húsáid lotnaidicídí laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha. |
|
1.13. |
Is é an réiteach is éifeachtaí ná teacht ar chomhaontú domhanda chun úsáid lotnaidicídí sintéiseacha a laghdú, rud a d’áiritheodh tiomantas uilíoch agus iomaíocht chothrom. Cé go bhfuil cuma dhúshlánach ar an obair sin, ní mór cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh agus iarrachtaí níos fearr a dhéanamh i gcomhthéacs na caibidlíochta idirnáisiúnta. Áirítear leis sin plé dáiríre faoi thoirmeasc ar lotnaidicídí a onnmhairiú, ar lotnaidicídí iad a bhfuil toirmeasc ar a n-úsáid cheana féin san Aontas. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Tá sé ríthábhachtach go n-aithneofaí na tairbhí riachtanacha a bhaineann le pailneoirí agus an ról atá acu san éiceachóras le go mbainfear amach roinnt de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Táscaire ríthábhachtach atá sna pailneoirí chun sláinte ár dtimpeallachta a chinneadh, agus tá tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha fíor-riachtanacha ag baint leo. |
|
2.2. |
Tá athbhreithniú ar thionscnamh an Aontais maidir le pailneoirí ullmhaithe ag an gCoimisiún lena bhféachtar le haghaidh a thabhairt ar an laghdú atá tagtha ar líon na bpailneoirí fiáine san Aontas. Cé go dtacaíonn sé leis an Teachtaireacht uaillmhianach, is é tátal CESE nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta sna cúig bliana ó tháinig an tionscnamh bunaidh ar an bhfód, go háirithe maidir leis na sonraí uile is gá a bheith ar fáil lena gcuirfí gníomhaíocht beartais chun cinn. |
|
2.3. |
Ní hamháin gur cuid riachtanach iad na pailneoirí d’éiceachórais dhea-fheidhmiúla, ach is iadsan bonn na beatha ar ár bpláinéad freisin. Tá eolas againn ar na mílte speiceas éagsúil de phailneoirí fiáine, ach is iad na beacha an speiceas is mó a bhfuil an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi. Bíonn tionchar ag tosca éagsúla faoin meath atá ag teacht ar líon na bpailneoirí fiáine agus tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá sé prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm chun iad a chosaint. |
|
2.4. |
Is mór ag CESE na pleananna uaillmhianacha a leagtar amach sa Teachtaireacht seo, ach tugann sé dá aire gur liosta fada atá ann de thionscadail a bheidh ann amach anseo a mbeidh amchláir leordhóthanacha ag teastáil ina leith. Bheadh CESE ag súil leis, mar gheall ar an mbrú ama, go mbeadh bearta agus gníomhaíochtaí gearrthéarmacha soiléire i gceist a chuirfeadh leis na ceachtanna a foghlaimíodh go dtí seo, bunaithe ar thuarascáil an tionscnaimh bhunaidh um pailneoirí (2). Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil gá le gníomhaíocht thrasearnálach ar fud na mBallstát a dhéanfaí láithreach bonn, agus is díol sásaimh dó gur tugadh isteach córas uile-Eorpach chun líon na bpailneoirí a fhaire agus a rialú (EU-PoMS). |
|
2.5. |
Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú gan mhoill maidir leis na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus aghaidh a thabhairt orthu go tapa. Tá sé ag súil, freisin, go dtacóidh siad go pras leis an Teachtaireacht atá faoi chaibidil anseo. |
2.6. Tosca a mbíonn tionchar acu ar an meath atá ag teacht ar líon na bpailneoirí
|
2.6.1. |
Is iomaí fachtóir a théann i bhfeidhm ar phailneoirí san fhiántas (3). Ar na cinn is tábhachtaí tá an comhshaol, an easpa uainíocht barr, an bhéim a leagann na feirmeoirí ar tháirgeadh a uasmhéadú, agus iompar na gcónaitheoirí uirbeacha agus tuaithe freisin. Is féidir an meath atá tagtha ar líon na bpailneoirí a chur i leith tosca eile freisin amhail foinsí bia neamhleora, ionsaithe ag speicis ionracha feithidí agus plandaí, creachadóirí, bainistiú lotnaidicídí i gceantair thuaithe agus uirbeacha, cleachtais bainistithe coirceog na mbeachairí, agus, an ceann is suntasaí, ionfhabhtuithe pataigineacha lena n-áirítear víris agus tionchar an athraithe aeráide. |
|
2.6.2. |
Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil nasc soiléir idir an meath atá ag teacht ar líon na bpailneoirí agus úsáid lotnaidicídí in aghaidh an heicteáir ar thalamh talmhaíochta ar an taobh amháin agus táirgeadh bia laistigh de na Ballstáit ar an taobh eile (4). Sampla de na fadhbanna praiticiúla maidir le conas cosaint plandaí a bhainistiú go héifeachtúil agus cáilíocht agus cainníocht an táirgthe a áirithiú is ea na húdaruithe éigeandála ar úsáid lotnaidicídí a cheadaíonn na Ballstáit. Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia nach raibh roghanna malartacha ar fáil ach ar thart ar aon trian de na heisceachtaí ar mhaoluithe éigeandála maidir le húsáid na neoinicitínóideach sin. Tugann CESE chun cuimhne an cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 19 Eanáir 2023 i gCás C-162/21 ar dá réir nach féidir leis na Ballstáit aon údarú éigeandála breise a dheonú le haghaidh táirgí ina bhfuil neoinicitínóidigh. |
3. TOSAÍOCHT I: Feabhas a chur ar an eolas atá ann ar an meath atá tagtha ar an líon pailneoirí, ar na cúiseanna leis agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis
|
3.1. |
Measann CESE go bhfuil géarghá le hacmhainneacht riaracháin na mBallstát a mhéadú agus leis an gcomhar idir na húdaráis phoiblí agus na geallsealbhóirí príobháideacha a neartú, lena n-áirítear institiúidí taighde agus eolaithe, ach gan earnáil na talmhaíochta a fhágáil ar lár. |
|
3.2. |
Tá sé ríthábhachtach eolas agus saineolas a chomhroinnt agus tabhairt faoi iarrachtaí comhchoiteanna i measc geallsealbhóirí éagsúla chun bearta costéifeachtacha a cheapadh agus chun sineirgí a ghiaráil. Éilíonn cur chuige cuimsitheach den sórt sin comhoibriú éifeachtach i measc lucht ceaptha beartas, na ngeallsealbhóirí, agus an phobail i gcoitinne. |
|
3.3. |
Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE, sa bhreis ar an laghdú atá tagtha ar líon na bpailneoirí, go bhfuil ganntanas saineolaithe ann sa réimse freisin. Ní mór iarrachtaí náisiúnta chun bailiú sonraí a áirithiú a chomhordú ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear bailiú agus anailísiú sonraí, trí bhíthin ardán de chuid an Aontais atá tiomnaithe do phailneoirí agus a éascaíonn rochtain oscailte ar shonraí. A bhuí lena leithéid d’ardán, cuirtear ar chumas daoine aonair rannchuidiú leis an iarracht chomhchoiteann, agus pobal sonraí foinse oscailte agus stór algartam agus samhlacha fíoraithe á gcruthú. |
|
3.4. |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí cistiú nithiúil suntasach i gcúrsaí taighde, forbartha agus nuálaíochta chun an fhaisnéis eolaíoch uile is gá a bhailiú agus tionscnaimh leordhóthanacha a shaothrú chun an meath ar líon na bpailneoirí a aisiompú. |
|
3.5. |
Is mór ag CESE go ndearna an Coimisiún, tar éis gur glacadh an chéad tionscnamh, ábhar sonrach faoi phailneoirí a chur san áireamh i gclár oibre 2018-2020 don chlár Fís 2020. Ní mór cistiú breise a leithdháileadh laistigh den chlár Fís Eorpach le haghaidh taighde ar phailneoirí, lena n-áirítear, i measc rudaí eile nach é, taighde ar na cúiseanna atá leis an meath, agus chun faireachán a dhéanamh ar speicis agus ar líon na bpailneoirí laistigh den Aontas, lena n-áirítear i limistéir uirbeacha. |
4. TOSAÍOCHT II: Feabhas a chur ar chaomhnú pailneoirí agus dul i ngleic leis na cúiseanna leis an meath
|
4.1. |
Aithníonn CESE a thábhachtaí atá sé na sonraí atá ar fáil maidir le pailneoirí a úsáid chun straitéisí i gcaomhnú na bpailneoirí a shainiú tuilleadh agus tá sé ag súil go mbeidh spriocanna sonracha inchainníochtaithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun líon agus gnáthóga na bpailneoirí a athbhunú san Aontas. |
|
4.2. |
Molann CESE gur gníomhaíocht tosaigh ríthábhachtach é na gnáthóga agus na líonraí uirbeacha atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann do phailneoirí a mhapáil, agus tacaíonn sé leis an tionscnamh ón gCoimisiún lena spreagtar cathracha chun an treoir do chathracha a thacaíonn le pailneoirí a chur chun feidhme (5). Ina theannta sin, molann CESE go mbunófaí clár agus fís do chathracha a thacaíonn le pailneoirí, lena bhfeabhsófaí bainistiú úsáide talún chun éagsúlacht pailneoirí a chur chun cinn agus chun limistéir don dúlra a chaomhnú i réigiúin uirbeacha agus pheirea-uirbeacha. Mhol CESE cheana féin nach mór ‘talamh a bhainistiú go cúramach i ngach Ballstát, lena n-áiritheofar an chothromaíocht cheart idir iomaíochas agus inbhuanaitheacht, agus lena gcuirfear na deiseanna cistiúcháin is gá ar fáil’ (6). |
|
4.3. |
Chun líon agus flúirse na bpailneoirí faoin tuath a chobhsú, tá sé riachtanach dálaí oiriúnacha a chruthú trí thalamh feirme a bhainistiú. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE nach mbainfear amach córais bhia atá níos inbhuanaithe gan beartais phoiblí lena gcuirtear tacaíocht airgeadais leordhóthanach ar fáil d’fheirmeoirí. Ní hé an cistiú ón gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) an t-aon deis amháin atá ann chun tacaíocht a bhainistiú. |
|
4.4. |
Ní mór measúnú réalaíoch a dhéanamh ar bheart ar bith lena ndéanfar dáileadh na bpailneoirí a chobhsú. Ní mór bearta a d’fhéadfadh teacht salach ar a chéile a chur as an áireamh agus bearta iomchuí a chur chun cinn ar bhonn córasach. Creideann CESE nach bhfuil rialachas soiléir ann maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, agus measann sé go mbeidh neamhréireacht shuntasach ann idir iarrachtaí na mBallstát éagsúil. |
|
4.5. |
Toisc éagsúlacht mhór a bheith ann maidir le húsáid lotnaidicídí in aghaidh an heicteáir de thalamh talmhaíochta ar fud na mBallstát, bíonn neamhréireachtaí ann ní hamháin i gcaomhnú an dúlra ach sna leibhéil táirgthe freisin. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit dáileadh an eolais a leathnú go pras agus iarrachtaí taighde a dhíriú ar an agra-éiceolaíocht, ar úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí agus ar dhea-chleachtais maidir le bainistiú comhtháite lotnaidí. |
|
4.6. |
Molann CESE córas rialaithe trédhearcach a chur chun feidhme chun na huasleibhéil iarmhar chéanna le haghaidh lotnaidicídí a fhorfheidhmiú i dtaca le táirgí bia allmhairithe agus a fhorfheidhmítear le haghaidh bia a tháirgtear san Aontas. D’iarr CESE cheana ar an gCoimisiún prionsabal na cómhalartachta caighdeán a chur chun feidhme go pras chun srian a chur leis an saobhadh iomaíochta ar gá d’fheirmeoirí na hEorpa dul i ngleic leis (7). Ba cheart tomhaltóirí a chosaint agus ba cheart táirgí ardchaighdeáin a thairiscint ar phraghsanna córa. |
|
4.7. |
Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí an t-oideachas iomchuí ar fáil d’fheirmeoirí maidir le bearta comhshaoil trí chórais chomhairleacha feirme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus go gcumhdófaí úsáid lotnaidicídí a mbaineann riosca íseal leo agus bainistiú comhtháite lotnaidí. |
|
4.8. |
Ní mór táscairí maidir le stádas líon na bpailneoirí a fhorbairt faoi 2024 ionas gur féidir na táscairí a mheasúnú laistigh de CBT. Céim ríthábhachtach is ea meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar thionchar CBT a mhéid a bhaineann le meath na bpailneoirí a chosc agus cleachtais lena spreagtar aisiompú an mheatha sin. Ba cheart do na Ballstáit díriú ar chistí cúnaimh theicniúil arna leithdháileadh laistigh de CBT a chur chun tairbhe do phailneoirí, agus cistí breise a úsáid chun tomhaltóirí agus an comhshaol a chosaint. |
|
4.9. |
Soláthraíonn barra bláthanna timpeallacht fhabhrach do speicis éagsúla pailneoirí, rud a chabhróidh gan amhras le hiad a chosaint. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí beacha agus pailneoirí eile i mbaol mar gheall orthu má chuirtear na stiallacha sin in aice le screamhuisce agus má tá na lotnaidicídí atá i gceist fós san ithir. Chun na críche sin, bheadh cistí de dhíth chun taighde a dhéanamh agus chun modheolaíocht shoiléir a fhorbairt le haghaidh stiallacha bláthanna. |
|
4.10. |
De réir staidéir eolaíocha áirithe (8), imríonn an radaíocht leictreamaighnéadach a astaíonn ó aeróga teileachumarsáide tionchar ar líon na bpailneoirí fiáine ina ngnáthóga nádúrtha. Ina theannta sin, in 2018, mheas Coiste Eolaíoch an Choimisiúin Eorpaigh um Rioscaí Sláinte agus Comhshaoil, agus Rioscaí atá ag teacht chun cinn (SCHEER) go raibh an riosca go mbeadh tionchar diúltach ag an radaíocht leictreamaighnéadach ar an gcomhshaol (go háirithe an riosca a bhain le 5G) chomh hard agus ab fhéidir (9). Tá sé deimhnithe trí mheasúnuithe breise a rinne an clár Eklipse, agus ag taighdeoirí neamhspleácha, gur cinnte gur féidir go ndéanann réimsí leictreamaighnéadacha dochar do líon na bhfeithidí (10). Iarrann CESE go ndéanfar staidéar de chuid an Aontais ina gcuirfear sonraí cruinne ar fáil maidir leis an ábhar sin, agus maidir leis na gníomhaíochtaí beartais is gá chun cosaint éifeachtach pailneoirí a áirithiú. |
|
4.11. |
Measann CESE gur gá scála tomhais a fhorbairt lena bhféadfar truailliú solais ar fud an Aontais a thomhas trí leas a bhaint as sonraí satailíte. Féadfar an scála sin a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar na héifeachtaí réigiúnacha agus áitiúla atá ar phailneoirí agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu. |
|
4.12. |
Is féidir na cistí a chuirtear ar fáil le beartas comhtháthaithe an Aontais a úsáid chun infheistíocht a dhéanamh chun an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athchóiriú, chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus forbairt uirbeach inbhuanaithe a áirithiú, amhail bonneagar glas dúlrabhunaithe a chur chun feidhme do phailneoirí. Is mór ag CESE moladh 11.2 ón gCoimisiún ina leith sin. |
5. TOSAÍOCHT III: An tsochaí a ghríosú agus an phleanáil straitéiseach agus comhar a chur chun cinn ar gach leibhéal
|
5.1. |
Is díol sásaimh do CESE gur iarr an Coimisiún tacaíocht ar Choiste na Réigiún chun tionscnamh na bpailneoirí a chur chun feidhme i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach. Is cúis díomá dó, áfach, nár luadh CESE oiread is uair amháin sa tionscnamh seo (11) ná sa tionscnamh bunaidh (12), go háirithe maidir lena ról mar ghuth shochaí shibhialta an Aontais. Tá CESE den tuairim gur cheart dualgais shonracha a thabhairt dó chun an straitéis sin a chur chun cinn i measc catagóirí éagsúla geallsealbhóirí, lena n-áirítear trí fheasacht a mhúscailt i measc na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na saoránach. |
|
5.2. |
Ba cheart uirlisí cumarsáide sonracha a úsáid chun feasacht a mhúscailt i measc na saoránach faoin meath atá tagtha ar líon na bpailneoirí agus faoin tionchar atá aige sin ar shaol na ndaoine chomh maith leis an tionchar a bheidh ag an easpa gnímh (lena n-áirítear impleachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil) ar na glúnta atá le teacht, agus chun feachtais faisnéise a chur chun cinn sna meáin phoiblí sna Ballstáit uile. Ní mór cistiú a chur ar fáil chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear trí na meáin shóisialta agus trí fhógraí gearra teilifíse a chur ar siúl le linn buaic-amanna teilifíse. |
|
5.3. |
Aithníonn CESE an ról tábhachtach atá ag Pollinator Coalition of the Willing (13), ardán atá faoi stiúir an Aontais a bhfuil na náisiúin atá páirteach ann tiomanta d’eolas agus dea-chleachtais a mhalartú, do thaighde a dhéanamh maidir le pailneoirí a chaomhnú, agus do chúnamh agus comhar frithpháirteach a chur ar fáil. |
|
5.4. |
Tá CESE ag iarraidh go mbunófar cláir oiliúna a bheidh dírithe ar chomhairleoirí feirme, feirmeoirí, foraoiseoirí, bainisteoirí talún agus pleanálaithe tírdhreacha a chur ar an eolas níos mó faoi éiceolaíocht na bpailneoirí, faoin tsainaithint agus faoi (athchóiriú/athbhunú) na ngnáthóg. |
6. Focal scoir
|
6.1. |
Tá liosta tosaíochta de 42 ghníomhaíocht ullmhaithe ag an gCoimisiún a bhfuil dátaí socraithe soiléire ag gabháil leo. I gcás na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, is iomchuí amchlár mionsonraithe a leagan amach le haghaidh an ullmhúcháin agus le haghaidh na tástála ina dhiaidh sin. Is fusa a bheidh sé rialú a dhéanamh ar chlár ama a bhunófar ar an mbealach sin, agus is fusa a bheidh sé é a bhaint amach do na rannpháirtithe ar fad. |
|
6.2. |
Creideann CESE go mbeidh comhar éifeachtach agus leithdháileadh iomchuí acmhainní ríthábhachtach chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc na mbeart agus na n-ionstraimí beartais éagsúla a bhfuil tionchar acu ar chaomhnú na bpailneoirí fiáine. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá sé cistí comhfhreagracha a bheith ann chun freastal ar a bhfuil sa Teachtaireacht ón gCoimisiún. |
|
6.3. |
Tá coimircí feabhsaithe de dhíth chun pailneoirí fiáine a chosaint i rith phróiseas an mheasúnaithe riosca i dtaca le lotnaidicídí agus i rith na céime úsáide araon. Mura nglacfar straitéis uaillmhianach chun dul i ngleic le húsáid lotnaidicídí, cuirfear todhchaí na mbeach agus na bpailneoirí eile i mbaol mar aon lenár n-éiceachóras iomlán agus slándáil bia chónaitheoirí an Aontais. Tá gá le trédhearcacht níos fearr maidir le fíorúsáid lotnaidicídí laistigh den Aontas Eorpach. |
|
6.4. |
Creideann CESE gurb é an cur chuige is éifeachtaí agus an réiteach is fearr ná teacht ar chomhaontú domhanda chun úsáid lotnaidicídí sintéiseacha a laghdú, rud a d’áiritheodh tiomantas uilíoch agus iomaíocht eacnamaíoch chothrom. Cé gur cosúil gur caolseans go dtarlóidh sin, ní mór cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh agus na hiarrachtaí a threisiú i gcomhthéacs na caibidlíochta idirnáisiúnta. Áirítear leis sin plé dáiríre faoi thoirmeasc ar lotnaidicídí a onnmhairiú chuig tríú tíortha, ar lotnaidicídí iad a bhfuil toirmeasc ar a n-úsáid cheana féin san Aontas. |
An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) COM(2023) 35 final.
(2) COM(2021) 261 final (níl leagan Gaeilge ann).
(3) IO C 100, 16.3.2023, lch. 45 (níl leagan Gaeilge ann).
(4) Eurostat, Agri-environmental indicator – consumption of pesticides.
(5) An Coimisiún Eorpach, A guide for pollinator-friendly cities [Treoir maidir le cathracha a thacaíonn le pailneoirí].
(6) IO C 152, 6.4.2022, lch. 192.
(7) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115’ (COM(2022) 305 final – 2022/0196 (COD)) (IO C 100, 16.3.2023, lch. 137).
(8) Electromagnetic radiation of mobile telecommunication antennas affects the abundance and composition of wild pollinators.
(9) SCHEER, Statement on emerging health and environmental issues (2018).
(10) Risk to pollinators from anthropogenic electro-magnetic radiation (EMR).
(11) COM(2023) 35 final.
(12) COM(2018) 395 final (níl leagan Gaeilge ar fáil).
(13) Coalition of the Willing on Pollinators, Promote Pollinators.
|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 349/179 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa —
a) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach
(COM(2023) 62 final)
b) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta)
(COM(2023) 161 final – 2023/0081 (COD))
(2023/C 349/27)
|
Rapóirtéir: |
Sandra PARTHIE |
|
Comhairliúchán |
|
||||||
|
Bunús dlí |
|
||||||
|
Rannóg atá freagrach |
Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
||||||
|
Dáta a glactha sa rannóg |
29.6.2023 |
||||||
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
13.7.2023 |
||||||
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
580 |
||||||
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
193/3/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Caithfidh an tAontas Eorpach a bheith ina láthair thionsclaíoch i gcónaí. Ní mór dó a bheith teanntásach faoin stádas atá aige mar ghníomhaí domhanda agus na huirlisí, na bearta agus na hionstraimí polaitiúla a shainaithint a theastaíonn uaidh le go mbeidh sé níos tapúla agus níos nuálaí agus go mbeidh sé in ann infheisteoirí a mhealladh an athuair, agus a luachanna sóisialta agus comhshaoil á gcaomhnú i gcónaí, amhail an t-idirphlé sóisialta dea-fheidhmiúil, córais leasa shóisialta dhea-fheidhmiúla, urraim don smacht reachta, agus institiúidí cobhsaí. |
|
1.2. |
Tá athrú tagtha ar an gcomhthéacs eacnamaíoch domhanda ina bhfeidhmíonn an tAontas, is é sin le rá go bhfuil an córas iltaobhach riailbhunaithe ag dul i léig agus an chaomhnaitheacht ag dul i méid. Is géire anois an iomaíocht le haghaidh infheistíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe mar gheall ar an Acht um Laghdú Boilscithe (Inflation Reduction Act) in SAM, ach freisin mar gheall ar an iomaíocht fhíochmhar atá ann le haghaidh amhábhar, mar gheall ar ar tharla ó thaobh praghsanna fuinnimh de, agus mar gheall ar na hathruithe atá tagtha ar chórais shlabhraí soláthair an domhain. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas athmheasúnú a dhéanamh ar na tosaíochtaí beartais atá aige chun feabhas a chur le hiomaíochas struchtúrach agus inbhuanaithe na hEorpa. I bhfianaise an ghá atá le hiomaíochas ghnólachtaí an Aontais a neartú, caithfidh seiceáil ar iomaíochas a bheith fite fuaite i bpróisis chinnteoireachta an Aontais, d’fhonn cothromaíocht a áirithiú idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, agus comhshaoil de phróisis chinnteoireachta na dtograí reachtacha. |
|
1.3. |
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) suite de nach mbeidh sé indéanta go n-éireoidh leis an gComhaontú Glas, leis an Deacáid Dhigiteach, nó leis na hearnálacha tionsclaíocha, spáis, nó mótarfheithiclí amach anseo gan bonn láidir tionsclaíoch a bheith ann. Ní éireoidh leo ach oiread mura mbeidh foinsí slána inbhuanaithe de na hamhábhair chriticiúla ann. Mar thosaíocht, iarrann CESE go ndéanfaí iniúchadh chun a shainaithint conas is féidir leis an Aontas a shlabhraí luacha a rialú agus a fheabhsú agus spleáchais iomarcacha a sheachaint. |
|
1.4. |
Cuireann CESE i bhfáth nach mbainfear spriocanna aeráide 2050 amach mura gcuirfear geilleagar ciorclach iomaíoch ar bun. Dá bhrí sin, ba cheart don Eoraip bealaí a aimsiú le bheith níos tíosaí ar acmhainní agus ar ábhair trí bhearta bainistíochta ar thaobh an éilimh a chur i bhfeidhm go forleathan chun an t-éileamh a laghdú: an éicidhearthóireacht agus an chiorclaíocht, an éifeachtúlacht fuinnimh, inbhuanaitheacht na dtáirgí a neartú, agus tacaíocht a thabhairt do chleachtais agus teicnící nuálacha spriocdhírithe. |
|
1.5. |
Chun bonn a chur faoi bheartas tionsclaíoch na hEorpa, ba cheart a áirithiú gur earnáil thionsclaíoch ilchineálach atá ann agus go bhforbrófar í, ceann ina bhfuil raon leathan earnálacha agus táirgeoirí agus ‘éiceachórais thionsclaíocha’, lena n-áirítear FBManna agus gníomhaithe an gheilleagair shóisialta. Tá sé tábhachtach gan díriú go róchúng ar theicneolaíochtaí áirithe a chur chun cinn agus ná buaiteoirí, mar dhea, a roghnú trí ghníomhaíochtaí rialála. Ina ionad sin, tá gá le beartas cuimsitheach nuálaíochta agus tacaíochta taighde. |
|
1.6. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuideoidh plean tionsclaíoch an Aontais le poist ardcháilíochta a bhfuil dálaí oibre cothroma agus pá maith ag gabháil leo a chruthú, agus go gcuirfidh sé chun cinn an daonlathas san áit oibre, an chómhargáil, agus an urraim do chomhaontuithe comhchoiteanna. |
|
1.7. |
Is uirlisí tábhachtacha i dtaca le stiúradh an bheartais thionsclaíoch iad an soláthar poiblí agus na cinntí maidir le conas an cistiúchán poiblí a dháileadh. Ní mór a áirithiú nach ndéanfaidh cinntí faoi seach na mBallstát, lena n-áirítear i dtaca leis an státchabhair agus fóirdheontais, an margadh aonair a shaobhadh ná nach bagairt iad ar chóineasú eacnamaíoch agus ar chomhtháthú sóisialta ar fud an Aontais, ach go ndíreofar leo ar an bhforbairt réigiúnach. Is oth le CESE nach gcuirtear an méid sin san áireamh go leordhóthanach sna tograí ón gCoimisiún atá faoi chaibidil anseo maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais agus an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Caithfidh an tAontas Eorpach a bheith ina láthair thionsclaíoch i gcónaí. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh creat rialála ann a mheallfadh, a chumasódh, agus a mhéadódh an táirgeadh tionsclaíoch san Aontas ar bhealach a bheadh inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh na sochaí de. Ní teicneolaíochtaí nua amháin a bheadh i gceist leis sin ach na tionscail mhonaraíochta, ar cuid riachtanach iad d’athléimneacht gheilleagair agus shlabhraí soláthair na hEorpa, i measc rudaí eile nach iad. |
|
2.2. |
Léiriú atá san olltáirgeacht intíre ar an meath atá tagtha ar iomaíochas na hEorpa. B’ionann an olltáirgeacht intíre in aghaidh an áitritheora san Aontas agus thart ar 70 % dá mhacasamhail sna Stát Aontaithe sna 2000idí. Níl ann anois ach rud beag níos lú ná 66 %. Ní dhearnadh ach 5 % d’ollinfheistíocht an domhain sa tSín in 1999; 29 % a bhí san fhigiúr céanna in 2020 – is mó sin ná an céatadán a bhfaighfeá áit ar bith eile ar domhan. Sna Stáit Aontaithe agus san Aontas Eorpach, tá laghdú suntasach tagtha ar an sciar den ollinfheistiocht sa tréimhse chéanna. Thit an figiúr sna Stáit Aontaithe ó 29 % go 20 %, agus ó 23 % go 15 % san Aontas. Tá an tAontas in ann an méid seo a leanas a athrú: dá gcuirfí an margadh aonair i gcrích, d’fhéadfaí níos mó ná EUR 700 billiún d’aschur eacnamaíoch a chur leis thar thréimhse deich mbliana, agus d’fhéadfadh geilleagar digiteach comhchoiteann EUR 178 billiún eile a chur leis. Ansin, d’fhéadfadh an tAontas leanúint de chaighdeáin Eorpacha a bhunú agus a chur chun cinn go rathúil ar fud an domhain. |
|
2.3. |
Is mó atá an tAontas thíos leis na praghsanna fuinnimh an-ard agus an boilsciú ná a chuid iomaitheoirí agus, ag an am céanna, tugtar fóirdheontais i ngeilleagair dhomhanda eile do na tionscail a bhaineann leo agus tugtar tacaíocht fhabhrach dóibh freisin. Is iad na tosca riosca sin is cúis le baol an díthionsclaithe san Aontas. Má táthar chun na dúshláin sin a shárú, mar aon le dúshláin eile an lae inniu agus an lae amárach, ní mór iomaíochas agus athléimneacht struchtúrach agus inbhuanaithe gheilleagar an Aontais a neartú. Réamhriachtanas bunúsach d’iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa is ea praghsanna inacmhainne fuinnimh agus soláthar slán fuinnimh. |
|
2.4. |
Tá athrú as cuimse tagtha ar an gcomhthéacs eacnamaíoch domhanda le blianta beaga anuas; ní féidir leis an Aontas a bheith ag brath a thuilleadh ar chóras iltaobhach feidhmiúil eacnamaíoch agus trádála atá bunaithe ar rialacha agus tá an saobhadh ar an margadh domhanda ag dul i méid, mar gheall ar bhearta amhail an tAcht um Laghdú Boilscithe sna Stáit Aontaithe arb é is aidhm dó tacú le gníomhaithe tionsclaíocha na Stát Aontaithe trí chreidmheasanna cánach, tacaíocht airgeadais fhlaithiúil, agus ceanglais maidir le hinneachar áitiúil a théann chun dochair do ghníomhaithe eacnamaíocha nach gníomhaithe eacnamaíocha SAM iad, nó córais chosantacha fóirdheontais na Síne atá ann níos faide anonn, ar córais iad atá i bhfabhar gníomhaithe náisiúnta agus a leanann clár oibre eacnamaíoch náisiúnach freisin. Ní mór don Aontas freagra láidir a thabhairt agus na huirlisí, na bearta, agus na hionstraimí polaitiúla a shainaithint is gá a dhéanamh níos gasta, níos nuálaí, agus níos tarraingtí arís d’infheisteoirí, agus a luachanna sóisialta agus comhshaoil á gcoinneáil aige ag an am céanna. |
|
2.5. |
Ina fhianaise sin, is díol sásaimh do CESE na tograí ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais agus le haghaidh an Gnímh um an Tionscal Glan-nialasachta, tograí lena gcuirtear treoir agus intuarthacht ar fáil do ghníomhaithe tionsclaíocha san Aontas agus arb ionann iad agus gealltanas chun monaróirí agus éiceachórais ghaolmhara na hEorpa a neartú. Is ionann na hiarrachtaí atá bainteach leis an aistriú chuig geilleagar dícharbónaithe faoi 2050 agus an dara réabhlóid thionsclaíoch agus ní mór iad a thuiscint ar an gcaoi sin, lena n-áirítear na gealltanais pholaitiúla, eacnamaíocha agus shochaíocha is gá. |
|
2.6. |
Go háirithe, tacaíonn CESE leis na teachtaireachtaí soiléire sa dá dhoiciméad maidir leis an ngá atá le hinfheistíocht chuimsitheach san aistriú chuig geilleagar agus sochaí inbhuanaithe. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm leis an mbeartas tionsclaíoch glas gnóthachain leasa shóisialaigh a bhaint amach freisin. Is díol sásaimh dúinn an fócas a chuireann an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta ar na bearnaí scileanna agus acmhainní daonna atá ag moilliú an aistrithe faoi láthair. Mar sin féin, níor tugadh aghaidh fós ar an gcaoi a bhfuil na spriocanna agus na cuspóirí luaite le cur chun feidhme, agus ar na gníomhartha éifeachtacha a dhéanfar. |
|
2.7. |
Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach a bheith níos sonraí maidir leis na gníomhaíochtaí éifeachtacha atá sé i gceist aige a dhéanamh chun feabhas a chur ar thosca suímh agus ar iomaíochas gheilleagair na hEorpa agus chun an tAontas a chur chun tosaigh ar na hiomaitheoirí sistéamacha atá aige. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhíriú ar nascacht laistigh den mhargadh aonair a fheabhsú do gach Ballstát, lena n-áirítear trí bhonneagar agus idirnaisc le haghaidh iompair agus fuinnimh, lena n-áirítear eangacha, a fhorbairt agus a uasghrádú. |
|
2.8. |
Cuireann CESE in iúl go bhfuil tréimhsí deacra ann d’fhostóirí, d’oibrithe agus do shaoránaigh araon, le suaitheadh sa soláthar fuinnimh, suaitheadh sa soláthar saothair, suaitheadh sa slabhra soláthair agus boilsciú; cuireann sé sin ualach carnach suntasach ar gach duine. Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é cuspóir Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais agus an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta go laghdófaí na hualaí sin, in áit iad a mhéadú. |
|
2.9. |
Feictear do CESE freisin go bhfuil ról ag na tomhaltóirí san aistriú chuig an aeráidneodracht faoi 2050. Is gné thábhachtach iad na roghanna a dhéanann siad i leith nó i gcoinne táirgí, agus a dtacaíocht, caoinfhulaingt nó easpa táirgí le haghaidh coinníollacha monaraíochta agus táirgthe san Aontas, ach i dtríú tíortha freisin, chun athrú a dhéanamh. Tacaíonn CESE lena gcumhachtú (1) agus cuireann sé i bhfios go láidir an gá atá le cinntí comhfhiosacha ó thomhaltóirí. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. An timpeallacht rialála
|
3.1.1. |
Ba cheart ceapadh beartas an Aontais a bheith ag brath ar an nuálaíocht, ar an mbarr feabhais agus ar dhaoine an-inniúil agus an-oilte, agus ba cheart díriú ar an maorlathas a bhaint agus costais a laghdú cibé áit ar féidir é sin a dhéanamh. Ar cheann de bhunchlocha an Aontais, soláthraítear deimhneacht agus cobhsaíocht don timpeallacht ghnó leis an smacht reachta agus ní mór an smacht reachta a urramú i ngach uile chás. Má táthar chun cobhsaíocht, inghlacthacht shóisialta, agus athléimneacht eacnamaíoch a áirithiú, tá sé riachtanach idirphlé sóisialta struchtúrtha a dhéanamh ar bhonn trípháirteach idir rialtais, ceardchumainn, agus eagraíochtaí fostóirí. |
|
3.1.2. |
Sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, moltar sraith beart chun feabhas a chur ar na dálaí is gá do mhonaraíocht na teicneolaíochta glan-nialasaí, lena n-áirítear timpeallacht rialála níos simplí, ceann ina mbeadh, mar shampla, nósanna imeachta ceadaithe níos tapúla agus ionaid ilfhreastail mar chuid den chóras riaracháin. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta ceadaithe níos tapúla sin ó thús deireadh shlabhra luacha na dtionscadal teicneolaíochta glan-nialasaí, gan dochar do na cuspóirí sóisialta agus comhshaoil arna leagan síos sa Rialachán. Cé go n-aontaíonn CESE leis an gcur chuige sin, áitíonn sé ar na reachtóirí gan na feabhsuithe sin a theorannú do theicneolaíochtaí glan-nialasacha ach mainneachtain a dhéanamh dóibh i gcás na n-earnálacha eacnamaíocha uile. |
|
3.1.3. |
Tugann CESE le fios go dtéann, i ndeireadh na dála, athrú ó bhonn ar earnáil tionsclaíochta na hEorpa i bhfad níos faide ná monaraíocht na teicneolaíochta glaine, ós rud é go bhfuil a lán tionscail throma agus tionscail phríomhúla san Eoraip atá dian ar fhuinneamh agus ar gá dícharbónú a dhéanamh orthu, ar tionscail iad nach gcuirtear san áireamh i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais. Is éard atá i straitéis chomhtháite thionsclaíoch don Eoraip fás eacnamaíoch cuimsitheach lena n-áirithítear go mbeidh gach Ballstát agus gach réigiún rannpháirteach san aistriú tionsclaíoch glas agus go mbainfidh siad tairbhe as. Dá bhrí sin, le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, tá sé riachtanach go seachnófaí aon ilroinnt ar an margadh aonair agus go ndíreofaí ar an gcomhtháthú idir na Ballstáit agus na réigiúin. |
|
3.1.4. |
Tá CESE suite de gur féidir clár oibre maidir le simpliú glas a fhorbairt lena gcuirfear feabhas ar phróisis cheadaithe le haghaidh tionscadail ghlasa agus dlíthe comhshaoil á gcomhlíonadh ag an am céanna. Céim riachtanach is ea saineolas, acmhainneacht agus scileanna a mhéadú sna húdaráis áitiúla agus náisiúnta, chomh maith le próisis formheasa a dhigiteáil agus a shimpliú. Ní mór feabhas a chur ar éifeachtúlacht na nósanna imeachta ceadaithe trí phleanáil chuí agus trí acmhainn na leibhéal riaracháin ábhartha a mhéadú, go háirithe trí níos mó baill foirne agus pearsanra oilte. I bhfianaise an ghá atá le hiomaíochas ghnólachtaí an Aontais a neartú, caithfidh seiceáil ar iomaíochas a bheith fite fuaite i bpróisis chinnteoireachta an Aontais, d’fhonn cothromaíocht a áirithiú idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, agus comhshaoil de phróisis chinnteoireachta na dtograí reachtacha. |
|
3.1.5. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór an rialáil a chomhlánú le huirlisí eile, amhail fóirdheontais, ionas nach mbeidh caillteanas ann ó thaobh na holltáirgeachta intíre agus an rathúnais de. Ba cheart ceanglais tuairiscithe, go háirithe i gcás reachtaíocht ghlas, dhigiteach, agus eacnamaíoch an Aontais, a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú, nuair is féidir, le go seachnófaí iomadú rialacha, anord rialála, agus ilroinnt an mhargaidh aonair. |
3.2. Rochtain ar infheistíocht agus éascú infheistíochta
|
3.2.1. |
Tá ar ghníomhaithe eacnamaíocha an Aontais dul i ngleic le hiomaíocht dhomhanda an-ghéar. Chun feabhas a chur ar an iomaíochas, is den ríthábhacht é deifir a dhéanamh. Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór cinntí maidir le tacaíocht airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú a dhéanamh níos tapa, lena n-áirítear i gcomhthéacs na gclár tacaíochta Eorpach éagsúil amhail RePowerEU, InvestEU, agus scéimeanna eile nach iad. Le nósanna imeachta fada – dufair mhaoinithe dhosháraithe – déanfar infheisteoirí a atreorú ón Eoraip agus beidh siad díobhálach d’iarrachtaí infheistíochtaí a mhealladh. |
|
3.2.2. |
Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór tacaíocht chistiúcháin a bheith inoibrithe, tráthúil, agus inrochtana ar bhealach níos éasca le haghaidh costais oibriúcháin agus caiteachais chaipitil araon, i gcás gach fiontar, lena n-áirítear FBManna. Iarrann sé go ndéanfaí meastóireacht ar na hionstraimí atá ann cheana agus é mar aidhm na hionstraimí is rathúla a shainaithint agus a mhéadú. Creideann CESE gur gá go saineofar i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais an t-am agus an áit a mbíonn an t-airgeadas poiblí riachtanach chun tacú le haistriú na dtionscal tábhachtach arna bhunú ar choinníollacha soiléire agus, os a choinne sin, mar ar féidir leis an maoiniú príobháideach an bhearna a líonadh, ar choinníoll go gcuirfear na dreasachtaí rialála iomchuí i bhfeidhm. |
|
3.2.3. |
Is é comhairle CESE, i gcás ina ndéanfaí na rialacha a mhaolú maidir le státchabhair gan sásraí airgeadais breise a sholáthar ar an leibhéal Eorpach, gur dócha go mbeidh tuilleadh dibhéirseachta ann ar fud gheilleagair an Aontais, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh an spás fioscach ag cuid de na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh san aistriú glas. Ní bheidh tionchar ag athrú cuspóra iasachtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus REPowerEU chuig earnálacha tionsclaíocha glana ach amháin má dhéantar iad a chomhlánú le cistiú deontais suntasach le haghaidh oibríochtaí nach mbeidh torthaí ar infheistíocht mar thoradh orthu, mar shampla forbairt bonneagair phoiblí, deontais do theaghlaigh nach bhfuil na hacmhainní acu le haghaidh athchóiriú agus infheistíochtaí in-athnuaite ar mionscála, agus oideachas# agus athsciliú. |
|
3.2.4. |
Molann CESE gur cheart díriú freisin i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais ar sholáthar poiblí glas a fhorbairt, ós rud é go ndéanfadh sé sin ceannathóirí táirgí glasa de na húdaráis phoiblí. D’fhéadfadh acmhainní faoi Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, lena n-áirítear pleananna náisiúnta nuashonraithe téarnaimh agus athléimneachta, costais a bhaineann le soláthar poiblí glas a chumhdach, go dtí go mbeidh sé ina cheanglas coiteann faoi dhlí an Aontais. Ba cheart tacaíocht phoiblí a bheith faoi réir coinníollacha arb é is aidhm leo feabhas a chur ar chosaint an chomhshaoil, tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí poist ardcháilíochta a thairiscint, an rochtain ar oiliúint a chur chun cinn, agus printíseachtaí ardcháilíochta a chruthú. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain níos fearr ag FBManna ar ghlaonna ar sholáthar poiblí. Chuige sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún bunachar sonraí atá éasca le húsáid a chur ar bun. |
|
3.2.5. |
Trí dhul i ngleic le teipeanna margaidh agus le hearnálacha nach leor an cistiú príobháideach atá acu, ba cheart go mbeifí in ann tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil le comhchiste nua ón Aontas do chodanna éagsúla de thionscal na dteicneolaíochtaí glana, go háirithe i gcás FBManna. Ba cheart go seachnódh sé aon saobhadh ar an margadh inmheánach agus ba cheart go gcuideodh sé le feabhas a chur ar an gcomhtháthú eacnamaíoch ar fud an Aontais. Sa chomhthéacs sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart díolúintí sealadacha ó na rialacha maidir le státchabhair a bheith sealadach i gcónaí agus gur cheart díriú orthu freisin. Ba cheart dó díriú freisin ar athsciliú agus oiliúint na n-oibrithe agus ar an aistriú cóir chun bonn scileanna a sheasfaidh an aimsir a áirithiú. |
|
3.2.6. |
Tuigeann CESE gur deacair maoiniú breise ar leibhéal an Aontais a ghiniúint. Sa mheántéarma, ba cheart tús a chur le díospóireacht dháiríre maidir le hacmhainní dílse Eorpacha nua agus Ciste an Aontais um Cheannasacht, díospóireacht nach mbeadh ina cuid den chaibidlíocht maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Sa ghearrthéarma, ba cheart tús áite a thabhairt don mhaoiniú atá ar fáil trí chiste nuálaíochta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus é a dhíriú ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha in earnálacha ar deacair na hastaíochtaí a mhaolú iontu. |
3.3. Margaí agus slabhraí soláthair
|
3.3.1. |
In 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach liosta de ‘éiceachórais thionsclaíocha’ mar chuid dá straitéis thionsclaíoch. Is é is aidhm leis tuiscint níos fearr a fháil ar na hidirnaisc agus ar na bearnaí i struchtúir eacnamaíocha agus i slabhraí soláthair na hEorpa. Sa chomhthéacs sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach aitheantas a thabhairt do na hidirthuilleamaíochtaí idir slabhraí luacha agus ról na gceimiceán, na n-amhábhar, agus go háirithe na bpríomhthionscal agus na bpróiseas san aistriú chuig geilleagar ciorclach glan-nialasach. Níor cheart a bheith mar thoradh ar an bhfócas ar theicneolaíochtaí glan-nialasacha go gcruthófaí bearnaí nua i slabhraí soláthair na hEorpa i ngeall ar easpa béime ar riachtanais earnálacha eile, amhail earnálacha dianfhuinnimh. Mura dtugtar aghaidh ar na hábhair imní atá acu, amhail praghsanna arda fuinnimh, tá an baol ann go gcaillfidh an tAontas codanna tábhachtacha d’éiceachórais thionsclaíocha, fiú codanna straitéiseacha de na héiceachórais sin. |
|
3.3.2. |
Is mian le CESE béim a leagan freisin ar an ngá atá le rochtain ar fhuinneamh agus ar amhábhair ar phraghas iomaíoch. Ba cheart go dtacódh comhaontuithe trádála agus for-rochtain amhábhar domhanda leis na beartais sin. Ag an am céanna, aithníonn CESE nach bhfuil rás domhanda d’acmhainní amhábhar inbhuanaithe. Dá bhrí sin, ba cheart don Eoraip bealaí a aimsiú le bheith níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus ábhair de trí bhearta bainistíochta ar thaobh an éilimh a chur i bhfeidhm go forleathan chun an t-éileamh a laghdú: éicidhearthóireacht agus ciorclaíocht, éifeachtúlacht fuinnimh, inbhuanaitheacht táirgí a neartú, agus tacú le cleachtais agus teicnící nuálacha spriocdhírithe. Mar thosaíocht, iarrann CESE go ndéanfaí iniúchadh chun a shainaithint conas is féidir leis an Aontas a shlabhraí luacha a rialú agus a fheabhsú agus spleáchais iomarcacha a sheachaint. |
|
3.3.3. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá caidreamh trádála níos láidre a chothú le tríú tíortha, agus an obair ar chomhaontuithe saorthrádála a chur chun cinn, lena gcuirtear ár luachanna chun cinn freisin, agus leanúint d’ionstraimí cosanta trádála a fhorbairt agus a úsáid, amhail frithdhumpáil, frithchomhéigean agus scagadh infheistíochta coigríche. |
|
3.3.4. |
Tá rochtain ar fhuinneamh agus amhábhair ar phraghsanna iomaíocha ríthábhachtach chun táirgeadh tionsclaíoch agus gníomhaíochtaí gaolmhara a choinneáil san Aontas. Agus a iomaíochas, athléimneacht agus tionchar domhanda á bhforbairt ag an Aontas, ba cheart a bheith ag brath ar an ngeilleagar margaidh oscailte agus ar shochaithe oscailte mar phríomhshócmhainní, agus a chuid gníomhaíochtaí a athdhíriú ar na dálaí ríthábhachtacha chun rathúlacht agus dea-bhail a chruthú. |
3.4. Feabhas a chur ar scileanna chun poist ardcháilíochta a chruthú i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha
|
3.4.1. |
Tacaíonn CESE le prionsabail na gcóras éifeachtach foghlama ar feadh an tsaoil agus le réamhaíocht fheabhsaithe ar na riachtanais scileanna a bheidh ann amach anseo. Ina fhianaise sin, iarraimid go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go struchtúrach sna hacadaimh um an tionscal glan-nialasachta atá beartaithe. Thairis sin, creideann CESE nár cheart teorainn a chur le creat rialála feabhsaithe maidir le haitheantas comhpháirteach cáilíochtaí nach mbeadh i gceist ach poist a bhaineann le teicneolaíochtaí glan-nialasacha ach gur cheart gach earnáil agus gach scil a bheith san áireamh ann. Cuireann CESE in iúl gurb é an bealach chun tacú le tionscal na hEorpa infheistíocht a dhéanamh ina chuid oibrithe agus tacaíocht a thabhairt dóibh, lena n-áirítear trí fhostaíocht a chosaint agus trí chabhrú leo siúd atá i scéimeanna oibre gearr-ama. |
|
3.4.2. |
Tá CESE suite de go mbeidh gá le huas-sciliú agus le hoiliúint chun tacú leis an gclaochlú. Go ginearálta, is bagairt bheag iad na hearnálacha riosca a bhaineann le hastaíochtaí arda, ach i roinnt réigiún Eorpach d’fhéadfadh tionchar tubaisteach a bheith acu sa ghearrthéarma. Ní bheifear in ann an t-aistriú a bhainistiú ach amháin má dhéantar infheistíocht i scileanna a fheabhsú, trí rochtain ar (ath)oiliúint a chur ar fáil agus chun éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn i dtreo gníomhaíochtaí níos glaise, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann déileáil leis na margaí dochta atá ann faoi láthair agus ath-leithdháileadh an mhargaidh saothair a fheabhsú. Is fearr is féidir na riachtanais i dtaca le hathstruchtúrú a thuar agus a bhainistiú ach na geallsealbhóirí lena mbaineann a dhéanamh páirteach ann ag céim luath, lena n-áirithítear ionadaithe eagraithe de chuid an lucht oibre (2). Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh plean tionsclaíoch an Aontais ina chabhair i dtaca le poist ardcháilíochta a chruthú a mbeidh dálaí oibre cothroma agus pá maith ag gabháil leo, agus an chómhargáil agus an urraim do chomhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn. |
|
3.4.3. |
I dtaca leis an togra le haghaidh acadaimh um an tionscal glan-nialasachta, is mian le CESE aird a tharraingt ar struchtúir cháiliúcháin agus ghairmoideachais atá ann cheana féin agus seanbhunaithe san Aontas, agus cuireann sé i bhfios nach bhfuil bunús dlí le forálacha beartais oiliúna (gairmiúla) den chineál sin a thabhairt isteach le rialachán. Ní léiriú atá sa dréachtrialachán ar chúrsaí mar atá sna cuideachtaí ná i mBallstáit an Aontais, rud is léir freisin sa chaoi nach bhfuil sé beartaithe na comhpháirtithe sóisialta ná eagraíocht ábhartha ar bith eile a dhéanamh páirteach ann ar bhonn leanúnach. Cé go bhfuil CESE ar son ghnéithe oideachais agus oiliúna an togra le haghaidh rialacháin a láimhseáil mar chuid de rialachán, rud arb é an gnáthchleachtas é sa réimse beartais seo, iarrann an Coiste ar institiúidí an Aontais, ar a laghad, páirt ghníomhach a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus do líonra Eorpach na gcomhlachas i ngníomhaíochtaí na nAcadamh um an Tionscal Glan-nialasachta. |
|
3.4.4. |
Is léir ó mheastacháin an Choimisiúin Eorpaigh go bhféadfaí líon ollmhór post a chruthú trí bhíthin na teicneolaíochta glan-nialasaí. Meastar go mbeadh 180 000 oibrí ag teastáil le haghaidh mhonarú an bhreosla-chill hidrigine, 66 000 duine le haghaidh mhonarú na dtáirgí fótavoltacha, agus 800 000 duine le haghaidh mhonarú na gceallraí. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ní hamháin tacaíocht a thabhairt do chreatdálaí le haghaidh fhorbairt na scileanna is gá laistigh den Aontas ach, de bhreis air sin, dlús a chur le soláthar na gceadúnas oibre d’oibrithe cáilithe a thagann ón taobh amuigh den Aontas agus na ceadúnais sin a chaighdeánú. |
3.5. Nuálaíocht
|
3.5.1. |
Bealach eile fós is ea cumas nuálaíochta chun táirgiúlacht a mhéadú, agus tá sé ríthábhachtach d’fhorbairt, d’inoiriúnaitheacht agus d’athnuachan gnólachtaí. Tá gá le hinfheistíocht phríobháideach agus phoiblí sa taighde agus sa nuálaíocht le haghaidh rath an Aontais sa todhchaí. Ní mór comhar idir gnólachtaí, ollscoileanna, agus eagraíochtaí nuálaíochta a éascú mar bhealach tábhachtach nithiúil chun nuálaíocht tháirgiúil a fheabhsú. Féadann rannpháirtíocht na n-oibrithe cur leis an méid is féidir a bhaint amach i dtaca leis an nuálaíocht agus i dtaca leis an athrú atá beartaithe. |
|
3.5.2. |
Faoi láthair, tá an chuid is mó de mhaoiniú an Aontais dírithe ar luathchéimeanna na forbartha teicneolaíochta agus ar ghlacadh na dteicneolaíochtaí sin ag úsáideoirí iartheachtacha. Tá an tacaíocht don acmhainneacht mhonaraíochta agus don uas-scálú fós gann. Creideann CESE gur gá é sin a chur i gceart |
|
3.5.3. |
Tuigeann CESE a ríthábhachtaí atá na hamhábhair chriticiúla ó thaobh ghníomhaíochtaí tionsclaíocha an Aontais de. Ina thaobh sin, ba cheart an nuálaíocht a dhíriú, mar ábhar tosaíochta, ar ábhair ionaid, ar tháirgí, agus ar ábhair lena bhféadfaí spleáchas an Aontais ar amhábhair chriticiúla a laghdú arb amhábhair iad nach bhfuil teacht éasca ag an Aontas orthu. |
3.6. Rialachas
|
3.6.1. |
Le Caibidil VII de thograí an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta, bunaítear struchtúr, an tArdán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa, atá ceaptha mar chomhlacht tagartha inar féidir leis an gCoimisiún agus na Ballstáit faisnéis a phlé, faisnéis a mhalartú, agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán atá faoi chaibidil anseo. Mar sin féin, is mian le CESE a chur i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún ionchur a lorg ní hamháin ó shaineolaithe ach ó ionadaithe ón tionscal glan-nialasach agus ó cheardchumainn ghaolmhara den chuid is mó. Is díol sásaimh do CESE an t-éileamh ar chomhordú níos fearr agus ba cheart dó a bheith rannpháirteach san ardán, chun tuairimí na n-oibrithe, na bhfostóirí, agus na sochaí sibhialta a chur go struchtúrach le lena chuid oibre. |
3.7. Teicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasacha
|
3.7.1. |
Is díol sásaimh do CESE an cur chuige maidir le hinfheistíocht tosaíochta i dteicneolaíochtaí glana agus tacaíocht dóibh. Mar sin féin, tugann liosta na dteicneolaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón togra le haghaidh Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta neamhaird den chuid is mó ar dhícharbónú tionscal dianfhuinnimh agus ar ghné na ciorclaíochta. Ní féidir linn spriocanna aeráide 2050 a bhaint amach gan geilleagar ciorclach iomaíoch a thógáil: is bealaí inmharthana iad dramhaíl a úsáid, carbón gafa nó acmhainní in-athnuaite mar bhunábhar chun astaíochtaí a laghdú ar fud na dtionscal uile, agus spleáchas an Aontais ar allmhairí amhábhar a laghdú. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar na reachtóirí an liosta de theicneolaíochtaí glan-nialasacha straitéiseacha a leathnú dá réir. |
|
3.7.2. |
Tacaíonn CESE le spriocanna agus cuspóirí soiléire a leagan síos i dtaca le hacmhainneacht mhonaraíochta na hEorapa, go háirithe na spriocanna seo a leanas: 10 % de na mianraí straitéiseacha a úsáidtear san Eoraip a eastóscadh san Eoraip féin, agus tiomantas láidir ann do chosaint leanúnach an chomhshaoil, 40 % de na hábhair a bheith mínghlanta san Eoraip, lena n-áirítear dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an acmhainneacht mhianadóireachta agus fíor-bhreisluach a chruthú ar an gcaoi sin, agus ráta athchúrsála 15 % a bhaint amach faoi 2030. |
|
3.7.3. |
Tugann CESE le fios go bhfuil baol mór ann go dtiocfaidh méadú ar chostas an táirgthe toisc go dtagann beagnach 25 % de na hastaíochtaí atá ann ó earnálacha ar deacair a gcuid astaíochtaí a mhaolú, earnálacha nach ndéanfar dícharbónú orthu ar an luas inmhianaithe gan costais táirgeachta níos airde a thabhú. D’fhéadfadh suaitheadh soláthair agus neamhábaltacht riachtanais an mhargaidh a chumhdach a bheith mar thoradh air sin. Go dtí go nglacfar le teicneolaíochtaí nua, is rídhócha go dtiocfaidh méadú ar an gcostas táirgthe, rud is cúis le ganntanais agus a mbíonn praghsanna níos airde mar thoradh air a aistrítear chuig táirgí eile sa slabhra luacha. |
An Bhruiséil, 13 Iúil 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fear (IO C 443, 22.11.2022, lch 75).
(2) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An daonlathas ar láthair na hoibre (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne) (IO C 228, 29.06.2023, lch. 13).