|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 337 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
Imleabhar 66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 337/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11193 – BAOSTEEL / SAUDI ARAMCO / PIF / JV) ( 1 ) |
|
|
2023/C 337/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11223 – PAI PARTNERS / INFRA GROUP) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
Parlaimint na hEorpa |
|
|
2023/C 337/03 |
||
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 337/04 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 337/05 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11297 – KKR / INFRACAPITAL / ZENOBE ENERGY) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 337/06 |
||
|
2023/C 337/07 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 337/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11193 – BAOSTEEL / SAUDI ARAMCO / PIF / JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 337/01)
An 18 Meán Fómhair 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11193. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 337/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11223 – PAI PARTNERS / INFRA GROUP)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 337/02)
An 18 Meán Fómhair 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11223. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Parlaimint na hEorpa
|
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 337/3 |
Teachtaireacht ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Duais an tSaoránaigh Eorpaigh
CIVI EUROPAEO PRAEMIUM
(2023/C 337/03)
Thionóil Seansailéireacht Dhuais an tSaoránaigh Eorpaigh a cruinniú bliantúil an 28 Meitheamh 2023 le Dita Charanzová, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Seansailéir Dhuais an tSaoránaigh Eorpaigh, sa chathaoir.
Ag an gcruinniú sin, tarraingíodh suas an liosta seo a leanas de bhuaiteoirí duaise don bhliain 2023.
Bronnfar na duaiseanna ag searmanais bronnta phoiblí sna Ballstáit ina bhfuil cónaí ar na buaiteoirí. Eagraíonn Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa na searmanais. Freastalóidh na buaiteoirí ar shearmanas lárnach bronnta freisin i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil i mí na Samhna 2023.
CIVI EUROPAEO PRAEMIUM
Buaiteoirí
An Ostair: Tionchairí Spreagúla
An Bheilg: Lánpháirtiú Sóisialta Daoine Aonair le Trisomy 21 sa tSochaí Eorpach
An Bheilg: Club na mBan. Tionscadal chun tacú le mná na hÚcráine sa Bheilg agus chun iad a asamhlú
An Bhulgáir: Tionscadal oideachais agus spóirt DOBRO-HUB
An Bhulgáir: Gineadóirí don Úcráin
An Chróit: #speciallikeyou – Oibrímis le Chéile chun Deacrachtaí a iompú ina nDeiseanna! (#posebnakaoiti – Učinimo zajedno da poteškoće postanu mogućnosti!)
An Chipir: Féile Bhród Bliantúil na Cipire
Poblacht na Seice: I mo chás féin (Život v kufříku)
Poblacht na Seice: Cabhair agus Comhtháthú Leanaí agus Teaghlaigh na hÚcráine (https://www.zskosare.cz/ Podpora a začlenění dětí a rodin z Ukrajiny
An Danmhairg: Leabhar Amhrán an Aontais Eorpaigh
An Eastóin: Propastop
An Fhrainc: MaMaMa
An Fhrainc: Podchraoladh Trait d’Union
An Ghearmáin: Cabhair éigeandála don Úcráin (Nothilfe Ukraine)
An Ghréig: Laochra Tempi (ΗΡΩΕΣ ΤΩΝ ΤΕΜΠΩΝ)
An Ghréig: Ref Checkpoint
An Ungáir: Gluaiseacht ‘Ba mhaith liom a mhúineadh’
Éire: Acadamh Samhraidh AER 2022 - Eoraip don Chéad Ghlúin Eile
Éire: Féile SHINE
An Iodáil: Duais DonnAmbiente® (Premio DonnAmbiente)
An Iodáil: PizzAut - Cothaímis Cuimsiú (PizzAut - Nutriamo l'inclusione)
An Laitvia: Féile Daonlathas an Chomhrá - LAMPA (Demokrātijas sarunu festivāls LAMPA)
An Laitvia: Conbhua Twitter(https://agendum.lv/) Twitter konvojs
An Liotuáin: ‘Žinau, ką renku’ priešrinkiminių kandidatų į merus debatų maratonas (‘Foghlaim roimh vótáil’ maratón díospóireachta réamhthoghcháin na n-iarrthóirí méara)
Lucsamburg: Glao ón Úcrain
Málta: Teach Anraith OFM Valletta
An Ísiltír: Díospóireacht Eora-réigiúnach Maastricht maidir leis an aeráid (Euregionaal klimaat Debat Maastricht)
An Pholainn: Lá duit féin (‘Dzień na U’)
An Pholainn: ‘Luaithríona an lae inniu’: dráma fuaime comhshonach do dhaoine dalla agus do dhaoine atá faoi mhíchumas radhairc (Słuchowiska ambisoniczne dla osób niedowidzących i niewidomych pt.: ‘Współczesny Kopciuszek’)
An Phortaingéil: Gluaiseacht ‘Eu Voto’ (Movimento Eu Voto)
An Phortaingéil: Insímis scéal! (Vitória Vitória, vamos contar uma história)
An Rómáin: Institiúid Ghuth an Uathachais (Institutul Autism Voice)
An Rómáin: Áit don Fhírinne
An tSlóvaic: Komiks Kira
An tSlóvaic: Scoileanna a Athraíonn an Domhan (Školy, ktoré menia svet Premium - ŠKMS)
An tSlóvaic: Tionscadal chun cabhrú le dílleachtaí agus dídeanaithe na hÚcráine (Projekt pomoči ukrajinskim sirotam in beguncem)
An Spáinn: Trésdesis
An Spáinn: MALARTÚ TUAIRIME
An Coimisiún Eorpach
|
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 337/5 |
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0647 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
157,87 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4557 |
|
GBP |
punt steirling |
0,86795 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,8790 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9650 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
145,30 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,4270 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,360 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
386,70 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,5925 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9686 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
28,9233 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6496 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4303 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,3262 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7833 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4529 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 419,23 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
19,9970 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,7766 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 369,76 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,9908 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
60,430 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
38,287 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2295 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
18,2660 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
88,2975 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 337/6 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11297 – KKR / INFRACAPITAL / ZENOBE ENERGY)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 337/05)
1.
An 15 Meán Fómhair 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
KKR & Co. Inc. (‘KKR & Co.’, na Stáit Aontaithe, agus in éineacht lena fhochuideachtaí, ‘KKR’), |
|
— |
Infracapital Greenfield Partners II SCSp agus Infracapital Greenfield Partners II SCSpA (i dteannta a chéile ‘Infracapital’, an Ríocht Aontaithe), atá faoi rialú M&G Alternatives Investment Management Limited (‘MGAIM’, an Ríocht Aontaithe), |
|
— |
Zenobe Energy Limited (an ‘Spriocghnóthas’, an Ríocht Aontaithe), atá faoi rialú Infracapital faoi láthair. |
Gheobhaidh KKR & Co. agus Infracapital rialú comhpháirteach ar an Spriocghnóthas de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is gnólacht infheistíochta domhanda é KKR a thairgeann bainistíocht sócmhainní malartacha mar aon le réitigh magaidh caipitil agus árachais. |
|
— |
Is gnólacht infheistíochta bonneagair Eorpach é Infracapital. |
|
— |
Soláthraíonn an Spriocghnóthas réitigh ó dheireadh go deireadh le haghaidh leictriú flít, lena n-áirítear bonneagar athluchtúcháin, athsholáthar ceallraí agus réitigh bogearraí. Ina theannta sin, déanann an Spriocghnóthas córais stórála fuinnimh ceallraí a dhearadh, a mhaoiniú, a thógáil agus a oibriú, agus baineann sé athearraíocht as cadhnraí. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11297 – KKR / INFRACAPITAL / ZENOBE ENERGY
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 337/8 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2023/C 337/06)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH
‘Muscadet Sèvre et Maine’
PDO-FR-A0494-AM02
Dáta teachtaireachta: 27.6.2023
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Cód Geografach Oifigiúil
Tugadh an liosta de bhardais a áirítear sa limistéar geografach agus an limistéar atá díreach in aice láimhe cothrom le dáta chun Cód Geografach Oifigiúil 2022 a chur san áireamh.
Is leasú eagarthóireachta amháin é sin agus ní athraíonn sé an limistéar geografach.
Leasaíodh pointe 6 agus pointe 9 den doiciméad aonair i gcomhréir leis an athrú seo.
2. Limistéar geografach
Cuireadh leis an leasú seo na dátaí ar a d’fhormheas an t-údarás náisiúnta inniúil leasú ar limistéar geografach táirgthe na n-ainmneacha geografacha forlíontacha ‘Clisson’, ‘Gorges’ agus ‘Le Pallet’.
Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
3. Limistéar dáileachta críochaithe
Cuireadh leis an leasú seo na dátaí ar ar fhormheas an t-údarás náisiúnta ábhartha leasú ar an limistéar dáileachta críochaithe laistigh den limistéar geografach táirgthe. Tá an limistéar dáileachta críochaithe comhdhéanta de na dáileachtaí laistigh den limistéar geografach táirgthe a sainaithníodh a bheith oiriúnach don ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint a tháirgeadh.
Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
4. Bearta idirthréimhseacha
Scriosadh na bearta idirthréimhseacha nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh.
Ní cheanglaítear leis na scriostaí sin aon athrú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
5. Tagairt don chomhlacht cigireachta
Cuireadh foclaíocht úr ar an tagairt don chomhlacht cigireachta lena ailíniú leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i sonraíochtaí táirge eile. Níl ann ach leasú eagarthóireachta.
Ní cheanglaítear leis an leasú seo aon athrú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(Neacha)
Muscadet Sèvre et Maine
2. Cineál táisc gheografaigh
ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Tá na fíonta geal, tirim agus socair. Tá iontu: neart alcóil nádúrtha íosta de 10 % de réir toirte; uasmhéid siúcra inchoipthe (glúcós agus fruchtós) de 3 ghram in aghaidh an lítir; uasmhéid aigéid sho-ghalaithe de 10 milleachoibhéis in aghaidh an lítir; uasmhéid nirt alcóil iomláin de réir toirte tar éis saibhrithe de 12 %. Comhlíonann an cion aigéid iomlán, an méid dé-ocsaíde sulfair iomlán agus an neart alcóil iarbhír na tairseacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Tá na fíonta geal, tirim agus socair. Tá cothromaíocht éadrom blasanna orthu idir maothlachas agus úire agus forbraíonn siad cumhracht chasta dea-bholaithe ag a bhfuil blasanna láidre torthaíocha nó bláthacha. I gcásanna áirithe, fágann aibiú fada go bhfuil siad oiriúnach don aosú. Pacáiltear iad go cúramach i mbuidéil chun a saibhreas aramatach a chaomhnú agus a neartú.
Tá na critéir anailíseacha i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
An modh saothraithe
Is é dlús plandála íosta na bhfíniúnacha 6 500 planda in aghaidh an heicteáir.
Is é 1.50 méadar nó níos lú an fad idir na sraitheanna, agus is é idir 0.90 agus 1.10 méadar an spásáil idir phlandaí sa tsraith chéanna.
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda i gceist:
nó trí phrúnáil spoir agus 5 spor ar a mhéad in aghaidh an phlanda,
nó trí bhíthin Guyot aonair nó dúbailte.
Déantar prúnáil roimh an gcéim bhachlaithe nó céim 5 ar an scála Eichhorn agus Lorenz.
Gan beann ar an modh prúnála, féadtar na fíniúnacha a phrúnáil le 4 bhachlóg sa bhreis in aghaidh an phlanda, ar choinníoll nach bhfuil líon na gcraobh ar a bhfuil torthaí in aghaidh an phlanda don bhliain níos mó ná 12, ag an gcéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Toirmisctear aon chóireáil teasa ar an mbuain fíona ag teocht faoi bhun - 5 °C.
Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 12 %.
Aosaítear na fíonta ar a moirt fhíonóireachta fhíneálta ag críoch an choipthe alcólaigh agus go dtí an 1 Márta ar a laghad an bhliain tar éis bhliain na buainte. Fanann siad ar a moirt fhíonóireachta fhíneálta ag tráth na pacála nó nuair a seoladh ón bhfíonlann ar dtús iad.
Anuas ar an méid thuasluaite, is gá go gcomhlíonann na cleachtais fhíoneolaíochta a bhaineann leis na fíonta sin na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí.
5.2. Uastáirgeacht
66 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Ní mór go dtarlódh gach céim den táirgeadh laistigh den limistéar geografach a d’fhaomh an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta ag cruinniú den choiste náisiúnta reatha ar an 15 Meitheamh 2017. Maidir le teorainn an limistéir sin, ar an dáta ar a mbeidh an tsonraíocht seo formheasta ag an gcoiste náisiúnta ábhartha, beidh críoch na mbardas a leanas nó codanna díobh cuimsithe ann, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2022:
|
— |
Roinn Loire-Atlantique: Aigrefeuille-sur-Maine, Basse-Goulaine, Le Bignon (i bpáirt), La Chapelle-Heulin, Château-Thébaud, Clisson, Divatte-sur-Loire (do chríoch an bhardais tharmligthe de La Chapelle-Basse-Mer amháin), Gétigné (i bpáirt), Gorges, La Haie-Fouassière, Haute-Goulaine, Le Landreau, Le Loroux-Bottereau (i bpáirt), Maisdon-sur-Sèvre, Monnières, Montbert (i bpáirt), Mouzillon, Le Pallet, La Regrippière, Remouillé, Saint-Fiacre-sur-Maine, Saint-Hilaire-de-Clisson, Saint-Julien-de-Concelles, Saint-Lumine-de-Clisson, Les Sorinières (i bpáirt), Vallet, Vertou; |
|
— |
Roinn Maine-et-Loire: Sèvremoine (do chríoch na mbardas tarmligthe de Saint Crespin-sur-Moine agus Tillières amháin); |
|
— |
Roinn Vendée: Cugand (i bpáirt), Montaigu-Vendée le haghaidh chríoch an bhardais tarmligthe mar atá Saint-Hilaire-de-Loulay, agus le haghaidh na críche sin amháin (i bpáirt). |
7. Cineál/cineálacha fíniúna
Melon B
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc
Tírdhreach cnocach ag a bhfuil líonra hidreagrafach an-dlúth is saintréith do limistéar fíonsaothrúcháin an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe ‘Muscadet Sèvre et Maine’. Taobh thoir de chathair Nantes, ar na fánaí os cionn na Loire agus riasc Goulaine nó níos faide ó dheas ar fhánaí Sèvre, Maine agus a gcraobh-aibhneacha, tá na dáileachtaí fíonghoirt ar thaobhanna na gcnoc agus múnlaíonn siad an dúiche. Tá an limistéar seo ina chuid lárnach den limistéar geografach le haghaidh AOC ‘Muscadet’ agus cumhdaítear leis cuid de ranna Loire-Atlantique, Maine-et-Loire agus Vendée.
Agus é faoi thionchar mór ag a ghaireacht don Aigéan Atlantach, tá miondifríochtaí ann áfach in aeráid an limistéir. An geimhreadh a bhíonn an-séimh de ghnáth, bíonn sé an-mheasartha ó thuaidh in aice leis an Loire agus na riasca Goulaine, ina bhfuil an t-ainm geografach breise ‘Goulaine’ lonnaithe, agus ó thiar, suíomh an ainm gheografaigh bhreise ‘Château-Thébaud’, atá faoi thionchair níos mó aigéanacha. Bíonn an geimhreadh i bhfad níos fuaire i dtreo an oirdheiscirt, ina bhfuil na hainmneacha geografacha breise ‘Mouzillon - Tillières’, ‘Gorges’ agus ‘Clisson’ lonnaithe, mar tá na limistéir sin níos faide ón Loire agus ó na riasca. Fanann an samhradh fionnuar de ghnáth mar gheall ar na leoithní aigéin, an bháisteach faoi bhun mheánráta agus uaireanta fada gréine.
Nochtann struchtúr an limistéir gheografaigh éagsúlacht mhór carraigeacha ón Ré Phailéasóch:
|
— |
Is é an cineál micaschits is mó atá sa tuaisceart agus san oirthuaisceart, ar imeall riasc Goulaine, le naghas fite fuaite le bandaí glaschloiche, carraigeacha meiteamorfacha iad an dá cheann acu atá mar bhonn an ainm gheografaigh bhreise ‘Goulaine’; |
|
— |
ó thoir, tá masaíf gabró mór a chruthaíonn cnámh droma geolaíoch an ainm gheografaigh bhreise ‘Gorges’ agus síneann sé feadh Abhainn Sanguèze, ina dtugtar tús áite don ainm geografach breise ‘Mouzillon - Tillières’; |
|
— |
luíonn cuid oirthear an limistéir gheografaigh ar fhostratam atá comhdhéanta go príomha d’ortanaghas, naghas íseal-aigéid agus eibheardhióirít atá mar bhonn an ainm gheografaigh bhreise ‘Château-Thébaud’; |
|
— |
ag lár an limistéir gheografaigh, tá an t-ainm geografach breise ‘Le Pallet’ lonnaithe i limistéar nach bhfuil na carraigeacha athraithe go maith agus atá scoilte go mór, agus is minic a bhíonn fáiséis níos athraithe ar na carraigeacha naghais ar a bhfuil fíonghoirt an ainm gheografaigh chomhlántaigh ‘Monnières — Saint-Fiacre’; |
|
— |
sa deisceart, scoitheann éasc masaíf eibhir mhórghráinneach, rud is saintréithe don ainm gheografaigh bhreise ‘Clisson’. |
In áiteanna clúdaítear an príomhbhonn le dríodar gaineamhach-créúil atá lán a bheag nó a mhór le púróga.
In ainneoin a n-éagsúlachta, is minic a bhíonn na foirmíochtaí sin ina mbonn d’ithreacha donna, dea-dhraenáilte gaineamhacha agus ithreacha donna carraigeacha, saibhrithe uaireanta i gcréanna ar na bunshraitheanna atá comhdhéanta de ghabróanna. Tá an limistéar dáileachta ina mbuantar na fíonchaora comhdhéanta de dháileachtaí dea-shainithe a bhfuil ithreacha dea-scagtha iontu ag a bhfuil inniúlacht coinneála teas, inniúlacht coinneála teoranta agus torthúlacht cheimiceach measartha.
Ba é Naomh Mháirtín, manach agus bunaitheoir mhainistir Vertou sa séú céad, an chéad duine a d’eagraigh fíonsaothrú ar thaobhanna chnoc Sèvre agus Maine. Leanadh le forbairt na bhfíonghort i rith na Meánaoiseanna feadh stráicí inseolta an dá abhainn sin, rud a lig go mór d’fhás luath na bhfíonghort go háirithe lena gcuimsítear na hainmneacha geografacha breise Château-Thébaud’, ‘Monnières - Saint-Fiacre’ agus ‘Le Pallet’. Ón 16ú céad ar aghaidh, faoi ghríosú na dtrádálaithe idirnáisiúnta in Nantes, ba é an cineál Melon B an fhíniúin ba mhó a cuireadh sa réigiún. Feictear an t-ainm ‘Muscadet’ den chéad uair in 1635, ar chonradh léasa a leasaíodh in Gorges. Ag deireadh an 18ú céad bhí beagnach dhá thrian dá chuid talún faoi fhíniúnacha ag paróiste Monnières cheana féin, cruthúnas de speisialtóireacht fíona an réigiúin.
I ndiaidh scrios na bhfíonghort ar imill chogaí Vendée in 1793-1794, agus ansin an damáiste a rinneadh de bharr phylloxera, ghlac saothraithe fíniúna le teicnící nua amhail plandú i rónna agus modh prúnála Guyot. Dá bhrí sin, comhdhlúthaítear saineolas táirgthe: an cineál Melon B a úsáid, dlús plandála ard a choinneáil ar bun, fás na bhfíniúnacha a sheiceáil agus a dtáirgeacht a theorannú, agus na fíonchaora a bhaint nuair atá siad aibithe go hiomlán.
8.2. Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc 2
Chun fíonta níos saibhre agus níos casta a tháirgeadh, ghlac na hoibreoirí nós imeachta teicniúil ar leith ar a dtugtar Modh Nantes, ina gcoinnítear na fíonta ar mhoirt fíonóireachta fhíneálta ar feadh geimhreadh amháin ar a laghad gan aon trasdoirteadh. Tagann an saineolas seo as nós na saothróirí fíona lenar coinníodh bairille dá bhfíon is fearr ar na moirt chun ócáidí teaghlaigh a cheiliúradh an t-earrach ina dhiaidh sin. Déantar leis an modh aosaithe sonrach seo fíonta atá maothlach agus olartha, mar saibhrítear iad, go háirithe, le mannapróitéiní agus comhdhúile eile mar thoradh ar uathalú na gcillbhallaí giosta. Thairis sin, leis an modh seo, a bunaíodh ar ligean do na fíonta suí agus iad a choimeád in atmaisféar lán le dé-ocsaíd charbóin, rud a theorannaíonn go mór ocsaídiú agus scaoileadh na gcomhdhúile so-ghalaithe, is féidir leis na fíonta na dea-bholaithe a chruthaítear le linn an choipthe alcólaigh a chaomhnú go dtí an t-earrach agus ina dhiaidh. Le linn aosaithe, saibhrítear na fíonta le dea-bholaithe treasacha. Tá tiúchan nach beag de réamhtheachtaithe na ndea-bholaithe gliocóisídeacha sna fíonchaora, úrfhíonta agus fíonta a tháirgtear leis an gcineál Melon B. Na móilíní seo, a chruthaítear as aglycones a bhaineann le siúcraí, bíonn siad gan bholadh de ghnáth, ach briseann próisis éagsúla ceimiceacha agus einsímeacha na nascanna β-glúcóisídeacha, rud a ghineann comhdhúile a bhfuil boladh láidir uatha, monateirpéiní agus C13-norisoprenoids go príomha, agus bíonn foirmíocht β-damascone mar thoradh air sin go háirithe, substaint a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar a ról chun dea-bholaithe torthaíocha a thabhairt do na fíonta. Fuair oibreoirí saineolas speisialta chun na fíonta a chosaint ó ocsaídiú san umar agus chun iad a bhuidéalú go cúramach, ionas gur féidir lena gcumhráin scaoileadh fós chomh fada agus is féidir, lena ndéantar fíonta níos casta. Oiriúnaítear na nósanna sin uaireanta do na hathruithe sa chomhshaol, amhail buaint an-déanach na bhfíonchaor a bhfuil na hainmneacha geografacha breise ‘Clisson’, ‘Monnières - Saint-Fiacre’ agus ‘Mouzillon - Tillières’ orthu, caomhnú ráta ard na n-aigéid orgánach sna húrfhíonta le haghaidh ainmneacha geografacha breise ‘Gorges’ agus ‘Château-Thébaud’, buaint luath ainm gheografaigh chomhlántaigh ‘Goulaine’ nó cleachtas na bhfíonta a choinneáil ar feadh tréimhsí fada ar a moirt fíonóireachta fhíneálta ar mhaithe leis na bhfíonta cuvée is fearr. Aosaítear na fíonta a bhfuil ainm geografach breise orthu ar a moirt go dtí go bpacáistítear iad. Buidéalaítear iad go díreach ag an bhfíonlann chun baol an ocsaídithe a theorannú agus caillteanas na ndea-bholaithe a laghdú.
Ó 1925, agus na táirgeoirí i mbardas La Haie-Fouassière agus sa limistéar mórthimpeall air ag iarraidh cáilíocht agus cáil a bhfíonta a chaomhnú, fuair siad, tríd na cúirteanna, cead chun a bhfíonta a dhearbhú faoin ainm ‘Muscadet Grands Crus de Sèvre et Maine’. Tugadh aitheantas do AOC ‘Muscadet Sèvre et Maine’ in 1936. Tugadh rialacha sonracha don téarma traidisiúnta ‘sur lie’ in 1977, agus ó 1994 ba é an toradh a bhí air sin ná na fíonta a bhuidéalú le linn na bliana tar éis bhliain na buainte, sna fíonlanna inar tharla an fhíonóireacht, chun trasdoirteadh agus scinceála na bhfíonta a choinneáil chomh teoranta agus is féidir.
Tá speisialtóireacht fhíonsaothrúcháin an-suntasach ag an limistéar geografach anois agus cuireann roinnt bardas cuid an-mhór dá dtalamh i leataobh i gcomhair fhás fíniúnacha Melon B amháin. Agus thart ar 8 000 heicteár á oibriú ag 600 táirgeoir in 2016, is ionann fíonta AOC ‘Muscadet Sèvre et Maine’ agus 70 % den mhéid a mhargaítear i gach ceann d’fhíonta AOC cheantar fíonsaothrúcháin Nantes. Marcáiltear ‘sur lie’ ar níos mó ná leath de na fíonta sin.
8.3. Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc 3
Na fíonta a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Muscadet Sèvre et Maine’ orthu, is fíonta socra, tirime, geala iad. Tá cothromaíocht éadrom blasanna orthu idir maothlachas agus úire agus forbraíonn siad cumhracht chasta dea-bholaithe ag a bhfuil blasanna láidre torthaíocha nó bláthacha. Pacáistítear iad go cúramach i mbuidéil chun a saibhreas aramatach a chaomhnú agus a neartú.
Go ginearálta, bíonn na fíonta a bhfuil an formhuiniú ‘sur lie’ orthu cothrom sa bhéal, an maothlachas ag teacht chun cinn; bíonn cumhracht níos casta acu agus d’fhéadfadh sé go mbeidís ábhairín súilíneach mar gheall ar an dé-ocsaíd charbóin iarmharach a chruthaítear le linn an choipthe alcólaigh. Chun úire, saibhreas aramatach agus dé-ocsaíd charbóin inghiniúla na bhfíonta a chaomhnú, cosnaítear iad ó ocsaídiú le linn aosaithe. Buidéalaítear na fíonta, an méid dé-ocsaíd charbóin atá iontu ró-ard chun iad a phacáil i gcoimeádáin sholúbtha, agus tá gá le cúram ar leith le linn an bhuidéalaithe.
Féadfaidh na fíonta a bheith oiriúnach don aosú mar gheall ar an aibiú fada, mar shampla iad siúd a bhfuil ainm geografach breise orthu:
|
— |
‘Château-Thébaud’, na fíonta a aithnítear de ghnáth mar gheall ar ghalántacht agus fíneáltacht a gcumhrachta, ag athrú ó phlandaí torthaíocha, bláthacha agus aramatacha, saintréithe a thagann le chéile sa bhéal le blasanna salanda úra agus teanna; |
|
— |
‘Clisson’, fíonta a aithnítear de ghnáth mar gheall ar bhlas an-tiubhaithe agus dea-bholaithe déine, de thorthaí (aibí agus triomaithe) go príomha; |
|
— |
‘Gorges’, is fíonta iad atá an-chumhachtach sa bhéal, aigéadacht agus searbhas agus dea-bholaithe mianra agus meantóil ag tacú leo; |
|
— |
‘Goulaine’, bíonn dianchumhracht ó na fíonta de ghnáth agus blasanna de thorthaí úra agus triomaithe agus miondifríochtaí bláthacha go láidir iontu, agus aithnítear iad mar gheall ar a gcothromaíocht, maothlachas, searbhas an-éadrom agus blas mín marthanach sa bhéal; |
|
— |
‘Mouzillon - Tillières’, na fíonta, atá dúnta agus iad óg, is minic a bhíonn dea-bholaithe déine uatha ina dhiaidh sin de bhláthanna, citreas, luibhe aramatacha, le blasanna brioche agus mianra agus blas a bhfuil searbhas éadrom agus géire air mar thaca lena struchtúr tiubhaithe; |
|
— |
‘Monnières - Saint-Fiacre’, is fíonta iad a aithnítear mar gheall ar a ndea-bholaithe láidre de thorthaí triomaithe nó criostalaithe agus blasanna balsamacha, agus iad sa bhéal nochtann siad próifíl leathan agus flaithiúil ag a bhfuil cineál uachtarúil a chothromaítear le searbhas an-éadrom; |
|
— |
‘Le Pallet’, na fíonta a aithnítear go minic mar gheall ar a gcothromaíocht mhín sa bhéal agus a gcumhracht aramatach an-éadrom a bhfuil gné bhláthach an-láidir uaithi. |
Chun na cáilíochtaí a fhaightear ón aosú a fháil agus chun aon ocsaídiú a sheachaint, buidéalaítear na fíonta a bhfuil ainmneacha geografacha breise orthu go díreach ag an bhfíonlann.
Mar gheall ar a n-uigeacht gharbh a fhágtar le seancharraigeacha, tugann ithreacha an limistéir gheografaigh tús luath do na fíniúnacha ina dtimthriall fáis agus cuireann siad teorainn lena spreacadh. Cuireann an geimhreadh séimh leis an aibiú luath chomh maith, agus grian an tsamhraidh agus na gaoithe farraige ag cur le sláinte na bplandaí. Soláthraíonn na hithreacha seo soláthar measartha agus leanúnach uisce don fhíniúin, rud a chinntíonn aibiú maith, mar gheall ar a gcúltaisce laghdaithe uisce agus a scaoileadh, a ligeann don fhréamhú domhain. I gcaitheamh na gcéadta, bhí na fachtóirí seo fabhrach do roghnú an chineál luath fíonchaoire Melon B, go háirithe mar tá na teochtaí measartha samhraidh sa limistéar geografach go hiontach chun úire agus dea-bholaithe na bhfíonta ón gcineál geal éadrom seo a chaomhnú.
Tá stair fhada fhíonsaothrúcháin an limistéir gheografaigh, a speisialtóireacht luath agus dlús na bhfíniúnacha atá mar shaintréithe dó an-fabhrach le fada do chomhthiomsú na gcleachtas. Agus na táirgeoirí ag iarraidh barántúlacht a dtáirgí a chosaint, bhain na táirgeoirí aitheantas amach mar AOC ó 1936, ceann de na chéad limistéar a bhain sé seo amach sa Fhrainc, ag deireadh próisis a tionscnaíodh sna 1920idí.
8.4. Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc 4
De bharr a saineolais, cuirtear ar chumas na n-oibreoirí conas táirgeadh a rialú agus conas fíonchaora sláinte a bhaint ag lánaibíocht. I gcomhréir le nósanna áitiúla, aosaítear na fíonta ar a moirt fhíonóireachta fhíneálta go dtí go bpacáistítear iad, gan aon trasdoirteadh. Teochtaí séimhe gheimhridh an limistéir gheografaigh, a bhíonn fabhrach don idirghníomhú leis na moirt, ligeann siad do na fíonta feabhsú le linn an aosaithe, iad ag éirí níos saibhre ón gcéad earrach ina dhiaidh sin. Trí bhuidéalú cúramach a dhéanamh, is féidir saintréithe riachtanacha an fhíona a chaomhnú, mar leantar le cuid de na dea-bholaithe a fhorbairt tar éis an phacáistithe. An saineolas seo, atá oiriúnach go foirfe d’ionchasach an chomhshaoil nádúrtha agus don chineál Melon B, ligeann sé seo do na móilíní a bhfuil boladh láidir uatha a chruthaítear sa choipeadh agus do réamhtheachtaithe na ndea-bholaithe gliocóisídeacha teacht chun cinn go hiomlán sna fíonta.
Iad buidéalaithe an bhliain i ndiaidh na buainte, coinníonn fíonta ‘Muscadet Côtes de Grandlieu’, a mharcáiltear le ‘sur lie’ a n-úire sainiúil, a fheabhsaítear ag broidearnach éadrom mar gheall ar an dé-ocsaíd charbóin iarmharach a chruthaítear le linn an phróisis fíonóireachta. Chun aon ocsaídiú a sheachaint, buidéalaítear na fíonta go díreach ag an bhfíonlann. Oireann an cleachtas traidisiúnta sin, a íoslaghdaíonn láimhseáil, go foirfe do chomhdhúile dea-bholaidh éadroma na bhfíonta a chaomhnú. Is de bharr, i bpáirt, éagsúlacht na gcloch agus na hithreacha a thagann astu, na cineálacha topagrafacha agus miondifríochtaí aeráide mar gheall ar achar na n-oileán faoi fhíniúnacha maidir leis na dobharlaigh, atá an chastacht aramatach sna fíonta. Is mar gheall ar leas a bhaint as éagsúlacht an chomhshaoil nádúrtha, mar aon le cleachtais fhíoneolaíocha dhiana, a cuireadh ar chumas na dtáirgeoirí gnéithe sonracha a aithint agus na hainmneacha geografacha breise a chur chun cinn arb ionann iad agus ‘ainmneacha suaitheanta’ an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint:
|
— |
‘Château-Thébaud’ mar gheall ar a shuíomh thiar ar na cinn tíre ar imeall abhainn Maine, tá aeráid aige atá fabhrach don fhás luath. A n-ithreacha, leagáid carraigeacha naghais agus eibheardhióiríte, ligeann siad do na fíniúnacha fréamhú go domhain, agus úrfhíonta a sholáthar in aigéid orgánacha a chuireann, tar éis tréimhse fhada aosaithe, le fíonta fíneálta agus teanna a bhfuil úire agus mianracht iontach acu; |
|
— |
‘Clisson’, a bhfuil an t-idirghníomhú idir aeráid measartha déanach, na hithreacha éadoimhne gainmheacha a thagann as eibhear, fánaí géara ar Sèvre nó ar Maine agus na cleachtais a dhírítear i dtreo aibiú déanach na bhfíonchaora agus aosú na bhfíonta ar a moirt fhíonóireachta a lorg, tugann sé seo saibhreas sa bhéal agus dea-bholaithe torthaíocha sainiúla do na fíonta; |
|
— |
‘Gorges’, ina gcruthaítear na hithreacha trí shíonchaitheamh na ngabrónna agus an aeráid measartha déanach áitiúil, mar aon le cleachtais arb aidhm dóibh na fíonchaora a bhaint roimh an aibíocht iomlán, agus ansin chun fíonta a aosú ar feadh tréimhse fada i gcomhshaol anaeróbach ar a moirt fhíneálta, as a dtagann fíonta atá beoga sa bhéal agus a bhfuil dea-bholaithe an-úr agus mianra acu; |
|
— |
‘Goulaine’, an talamh, a forbraíodh ar charraigeacha meiteamorfach atá neamh-athraithe den chuid is mó, ina bhfuil aeráid aige a mhaolaítear go láidir mar gheall ar a ghaireacht atá an Loire agus na riasc. Cuireann sé sin le haibiú tapa na bhfíonchaor, a bhuí le baint a dhéanamh ag lánaibíocht, a tháirgeann fíonta ag a bhfuil raon dea-bholaithe, ata cothrom agus bog le dea-bholaithe de thorthaí úra agus triomaithe; |
|
— |
‘Monnières - Saint-Fiacre’, lonnaithe ar imill agus taobhanna cnoic ar theorainn Sèvre, ina mbíonn aibiú mall mar thoradh ar na hithreacha a d’fhorbair ar naghas íseal-aigéid, scoilte nó athraithe, rud a ligeann do na fíonchaora a bheith an-aibí, bonn na bhfíonta atá lán agus cumhachtach le blasanna de thorthaí aibí, torthaí criostalaithe ag teacht chun cinn; |
|
— |
‘Mouzillon - Tillières’, in oirthear an limistéir fíonsaothrúcháin, ina bhfabhraíonn an t-idirghníomhú idir aeráid ilchríochach agus ithreacha a cruthaíodh ar charraigeacha gabró ar bheagán athrú, d’aibiú brostaithe, as a dtagann fíonta a bhfuil dea-bholaithe déine acu cosúil le brioche, spíce, torthaí agus bláthanna tar éis aosaithe chúramaigh. |
|
— |
‘Le Pallet’, inar chabhraigh traidisiún fada an fhíonsaothrúcháin agus comhtháthú na dtáirgeoirí cur leis an saineolas chun an úsáid is fearr a bhaint as fíonchaora a bhaintear ag an lánaibíocht ar ithreacha carraigeacha agus scoilte, rud a chuireann le comhchuibheacht bhlas na bhfíonta agus míne a ndea-bholaithe bláthach. |
D’fhoghlaim na hoibritheoirí conas saintréithe aramatacha na bhfíonta seo a chaomhnú trí aon teagmháil le hocsaigin san aer a íoslaghdú le linn an phacáistithe. Agus é sin á chur san áireamh agus i gcomhréir le nósanna áitiúla, pacáiltear na fíonta sin i mbuidéil san fhíonlann chéanna ina dtáirgtear iad.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Fíonta ina bhféadfar an lipéad ‘sur lie’ a chur orthu [aosaithe ar na moirt], ní mór iad a bhuidéalú laistigh den limistéar críochaithe.
Buidéalaítear iad ag an bhfíonlann, chun scinceála a choimeád chomh teoranta agus is féidir, idir an 1 Márta agus 31 Nollaig an bhliain i ndiaidh na buainte chun na cáilíochtaí a fuarthas trí úsáid mhodhanna fíonóireachta agus aosaithe a úsáid, go háirithe a n-úire agus a ndea-bholaithe casta, cuid acu a fhorbraíonn tar éis an bhuidéalaithe, agus broidearnach éadrom mar gheall ar an méid dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha.
Déantar leis an modh aosaithe sonrach seo fíonta atá maothlach agus olartha, mar saibhrítear iad, go háirithe, le mannapróitéiní agus comhdhúile eile mar thoradh ar uathalú na gcillbhallaí giosta. Bunaítear an modh sin ar ligean do na fíonta suí agus iad a choimeád in atmaisféar lán le dé-ocsaíd charbóin, rud a theorannaíonn go mór ocsaídiú agus scaoileadh na gcomhdhúile so-ghalaithe.
Buidéalaítear na fíonta, an méid dé-ocsaíd charbóin atá iontu ró-ard chun iad a phacáil i gcoimeádáin sholúbtha, agus tá gá le cúram ar leith le linn an bhuidéalaithe.
Fanann siad ar a moirt fhíonóireachta fhíneálta ag tráth na pacála nó nuair a seoladh ón bhfíonlann ar dtús iad.
Limistéar díreach in aice láimhe (1)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
An limistéar díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag an maolú maidir leis na fíonta a dhéanamh, a phróiseáil agus a aosú, agus maidir leis na fíonta atá incháilithe don fhormhuiniú ‘sur lie’ [aosaithe ar na moirt] a dhéanamh, a phróiseáil agus a aosú, comhdhéantar é de na bardais nó cuid de na bardais seo a leanas, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil 2022:
|
— |
Roinn Loire-Atlantique: Ancenis, La Bernerie-en-Retz, Le Bignon (i bpáirt), La Boissière-du-Doré, Bouaye, Bouguenais, Boussay, Brains, Carquefou, Le Cellier, Chaumes-en-Retz, Chauvé, Cheix-en-Retz, La Chevrolière, Corcoué-sur-Logne, Couffé, Divatte-sur-Loire (do chríoch an bhardais tharmligthe de Barbechat amháin), Frossay, Geneston, Gétigné (i bpáirt), Legé, Ligné, La Limouzinière, Loireauxence (do chríoch na mbardas tarmligthe de La Chapelle-Saint-Sauveur agus Varades amháin), Le Loroux-Bottereau (i bpáirt), Machecoul-Saint-Même, La Marne, Mauves-sur-Loire, Mésanger, Montbert (i bpáirt), Montrelais, Les Moutiers-en-Retz, Oudon, Paulx, Le Pellerin, La Planche, Pont-Saint-Martin, Pornic, Port-Saint-Père, La Remaudière, Rezé, Rouans, Saint-Aignan-Grandlieu, Saint-Colomban, Sainte-Pazanne, Saint-Étienne-de-Mer-Morte, Saint-Géréon, Saint-Hilaire-de-Chaléons, Saint-Léger-les-Vignes, Saint-Lumine-de-Coutais, Saint-Mars-de-Coutais, Saint-Père-en-Retz, Saint-Philbert-de-Grand-Lieu, Saint-Viaud, Les Sorinières (i bpáirt), Thouaré-sur-Loire, Touvois, Vair-sur-Loire, Vieillevigne, Villeneuve-en-Retz, Vue. |
Limistéar díreach in aice láimhe (2)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Vair-sur-Loire, Vieillevigne, Villeneuve-en-Retz, Vue.
|
— |
Roinn Maine-et-Loire: Beaupréau-en-Mauges (do chríoch na mbardas tarmligthe de Beaupréau agus Gesté amháin), Ingrandes-Le Fresne sur Loire (do chríoch an bhardais tharmligthe de Fresne-sur-Loire amháin), Mauges-sur-Loire (do chríoch na mbardas tarmligthe de La Chapelle-Saint-Florent, Le Marillais agus Saint-Florent-le-Vieil amháin), Montrevault-sur-Èvre (do chríoch na mbardas tarmligthe de La Boissière-sur-Evre, La Chaussaire, Le Fief-Sauvin, Le Fuilet, Montrevault, Le Puiset-Doré, Saint-Pierre-Montlimart agus Saint-Rémy-en-Mauges amháin), Orée d’Anjou, Sèvremoine (do chríoch na mbardais tarmligthe de Montfaucon-Montigné agus Saint-Germain-sur-Moine amháin). |
|
— |
Roinn Vendée: Cugand, Montaigu-Vendée (bardais tharmligthe de Montaigu agus Saint-Hilaire-de-Loulay amháin), Saint-Étienne-du-Bois, Saint-Philbert-de-Bouaine. |
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfaidh an tagairt ‘sur lie’ teacht i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe maidir le fíonta a chomhlíonann na forálacha táirgthe a leagtar síos sa tsonraíocht.
Is féidir an t-ainmniúchán geografach ‘Val de Loire’ a chur i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa tsonraíocht.
Is féidir na hainmneacha geografacha breise ‘Clisson’, ‘Gorges’, ‘Le Pallet’, ‘Château-Thébaud’, ‘Goulaine’, ‘Monnières - Saint-Fiacre’ agus ‘Mouzillon - Tillières’ teacht i ndiaidh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe maidir le fíonta a chomhlíonann na forálacha táirgthe a leagtar síos sa tsonraíocht táirge.
Méid litreacha na tagartha ‘sur lie’ agus an t-ainm geografach ‘Val de Loire’, ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó, ar airde, ar leithead, ná ar tiús, ná méid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.
Maidir le fíonta a bhfuil an lipéad ‘sur lie’ orthu nó ar a bhfuil na hainmneach geografacha breise Clisson’, ‘Gorges’ nó ‘Le Pallet’, ní mór bliain na fíona a bheith ar an lipéad.
Cuirfear na hainmneacha geografacha breise sa réimse amhairc céanna le hainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe. Tá toisí na gcarachtar lena ndéantar iad comhionann, ar airde nó ar leithead, nó ar tiús, leis na carachtair sin lena ndéantar ainm an tsonrúchán tionscnaimh chláraithe. »
Fíonta nach bhfuil incháilithe d’ainm geografach breise, féadfaidh siad aonad geografach níos lú a shonrú ar lipéid na bhfíonta, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:
is logainm cláraithe é;
bíonn sé le feiceáil ar an dearbhú buainte.
Ní mór ainm na háite a phriontáil i litreacha nach mó, ar airde, ar leithead nó ar tiús, ná leath de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe. Ní mór dó a bheith sa réimse amhairc céanna le hainm an tsonrúcháin tionscnaimh.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-27ebf794-be90-4cf6-8774-84534674caec
|
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 337/17 |
Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge, de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2023/C 337/07)
Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
Iarratas ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint de thionscnamh Ballstáit
(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)
‘Ser koryciński swojski’
Uimh. AE: PGI-PL-0835-AM02 – 28.4.2023
ATFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm an táirge
‘Ser koryciński swojski’
2. Grúpa iarrthach agus leas dlisteanach
ZARZECCY Sp. z o.o., FOODTECH Zbigniew Rybak agus SEROWAR PODLASKI Aneta Łukaszuk-Łapińska – táirgeoirí deimhnithe ‘Ser koryciński swojski’.
3. An Ballstát ina bhfuil an limistéar geografach
An Pholainn
4. Ceannteideal sa tsonraíocht táirge dá ndéanann na leasuithe difear
|
☐ |
Ainm an táirge |
|
☒ |
Nasc |
|
☐ |
Srianta margaíochta |
5. Cineál na leasuithe
Is leasú é seo de réir bhrí Airteagal 53(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 lena gcuirtear ar neamhní an nasc dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(b) le haghaidh tásca geografacha faoi chosaint.
Sonraítear i bpointe 5 den doiciméad aonair go n-eascraíonn sainiúlacht ‘ser koryciński swojski’ as an bhfíric, i measc nithe eile, go ndéantar é as bainne iomlán neamhphaistéartha as a dtagann an dea-bholadh bainne úir a bhaineann go sonrach leis.
6. Leasú nó leasuithe
Nasc
Tuairisc
Baineann an leasú le paistéaradh a úsáid chun bainne a ullmhú do tháirgeadh ‘ser koryciński swojski’. Tugadh isteach an fhéidearthacht go dtáirgfí ‘ser koryciński swojski’ ó bhainne paistéartha freisin. Maidir le paistéaradh íseal agus saothrán tús aigéid lachtaigh a úsáid, is athrú é sin nach mbeidh tionchar aige ar shainiúlacht an táirge (lena n-áirítear an dea-bholadh bainne úir a bhaineann go sonrach leis a chailleadh) ná ar a nasc leis an limistéar. Leanfar den cháis a tháirgeadh sa réigiún céanna, i.e. Korycin, rud a chiallaíonn nach mbeidh aon athrú mór ar an modh táirgthe, seachas an fhéidearthacht paistéaradh íseal a úsáid agus saothrán tús aigéid lachtaigh a chur leis.
Trí phaistéaradh íseal a úsáid agus trí shaothrán tús aigéid lachtaigh a chur leis, ráthaítear go ndéantar an micreaflora a fhaightear i mbainne amh a atáirgeadh le comhdhéanamh díreach mar an gcéanna, agus cuirtear deireadh san am céanna leis an riosca go dtruailleoidh baictéir phataigineacha an t-amhábhar, rud a fhágann go mbeidh táirge ag a bhfuil saintréithe céadfacha i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge.
Achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis an leasú
Is as bainne neamhphaistéartha a rinneadh ‘ser koryciński swojski’ ar dtús, ós rud é nach raibh eolas ann faoin bpróiseas paistéartha. A bhuí leis an dul chun cinn sa teicneolaíocht, is féidir bainne paistéartha a úsáid gan saintréithe an táirge (cáis) a chailleadh, ar saintréithe iad atá inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh de réir bhrí Airteagal 5(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Tairbhíonn tomhaltóirí den leasú atá beartaithe ós rud é go méadaítear leis an tsábháilteacht táirgí. Thairis sin, tríd an gcáis a tháirgeadh ó bhainne paistéartha ionaclaithe, seachas ó bhainne amh amháin, ní athraítear na saintréithe céadfacha ná fisiceimiceacha atá ag ‘ser koryciński swojski’.
Léiríonn na torthaí ón taighde eolaíoch nach mbíonn aon athrú díobhálach ar shaintréithe céadfacha ná ar thréithe fisiciceimiceacha na cáise mar thoradh ar phaistéaradh bainne, bíodh sí úr, lánfhásta nó aibithe.
Ní mór d’oibreoirí gnó bia a tháirgeann táirgí déiríochta nósanna imeachta a chur i bhfeidhm lena n-áiritheofar go mbeidh áireamh baictéar ag 300°C faoi bhun 300 000 ml ag an mbainne díreach roimh an gcóireáil teasa. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil mórán raon feidhme ann d’fhás miocróbach idir na céimeanna bleáin agus próiseála bainne. Thairis sin, le linn an ama sin, ní mór an slabhra fuar a chaomhnú, rud a áirithíonn go ndéantar bainne a fhuarú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, tá oibreoirí gnó bia freagrach as na ceanglais sláinteachais ábhartha a chomhlíonadh ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh atá faoina rialú.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Ser koryciński swojski’
Uimh. AE: PGI-PL-0835-AM02 – 28.4.2023
TGFC (X) ATFC ( )
1. Ainm nó ainmneacha [ATFC nó TGFC ]
‘Ser koryciński swojski’
2. Ballstát
An Pholainn.
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-ábhar
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.3. Cáiseanna
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is cáis aibithe í ‘ser koryciński swojski’ a dhéantar as bainne bó iomlán amh nó paistéartha lena gcuirtear binid agus salann; i gcás ina n-úsáidtear bainne bó iomlán paistéartha, cuirtear saothrán aigéid lachtaigh leis freisin. D’fhéadfaí spíosraí agus luibheanna a chur léi, chomh maith le síolta, torthaí, cnónna, glasraí agus beacáin.
Tá cruth sféarúil leacaithe (geoideach) ar ‘ser koryciński swojski’ agus trasghearradh éilipseach; tá sí suas le 30 cm ar trastomhas (ag brath ar mhéid an tsíothláin a úsáidtear ina táirgeacht agus cáilíocht na cáise a cuireadh isteach ann) agus meánn sé 2.5-5 kg (ag brath ar an síothlán a úsáidtear agus fad na tréimhse aibithe).
Tá neart súile beaga de mhéideanna agus de chruthanna éagsúla ag ‘ser koryciński swojski’. Tá dromchla na cáise cuislithe.
Tá trí thréimhsí aibithe ann le haghaidh cáis a dhíoltar faoin ainm ‘ser koryciński swojski’:
|
|
‘ser koryciński swojski’ – świeży (úr), déantar í a aibiú ar feadh 2-4 lá; |
|
|
‘ser koryciński swojski’ – leżakowany (lánfhásta), déantar í a aibiú agus a lánfhás ar feadh 5-14 lá; |
|
|
‘ser koryciński swojski’ – dojrzały (aibí), déantar í a aibiú agus a lánfhás ar feadh níos mó ná 14 lá. |
Ní athraítear saintréithe sonracha ‘ser koryciński swojski’, dá dtagraítear faoi phointe 5 den doiciméad aonair, trí fhad na tréimhse aibithe.
Tuairisc ar ‘ser koryciński swojski’ de réir fhad na tréimhse aibithe
|
Grúpa saintréithe nó comhábhar |
Saintréith nó comhábhar |
‘Ser koryciński swojski’ úr |
‘Ser koryciński swojski’ lánfhásta |
‘Ser koryciński swojski’ aibí |
|
Dathú |
Dath seachtrach |
uachtar |
scothbhuí amhail tuí |
scothbhuí nó buí |
|
Dath inmheánach |
uachtar |
bánbhuí amhail tuí |
scothbhuí amhail tuí |
|
|
Comhsheasmhacht |
Raimhre sheachtrach |
an raimhre chéanna seachtrach as inmheánach |
beagán teann ar an taobh amuigh agus bog ar an taobh istigh |
craiceann buí éadrom agus blás scothbhán ar an taobh amuigh |
|
Uigeacht inmheánach |
fliuch, an-leaisteach, agus poill bheaga (thart ar 1 mm) scaipthe go cothrom |
tais, leaisteach, agus poill a bhfuil an méid céanna acu (thart ar 2 mm) scaipthe go cothrom |
beagán tais, leaisteach, agus poill a bhfuil an méid céanna acu scaipthe go cothrom |
|
|
Saintréithe orgánaileipteacha |
Blas |
séimh agus uachtarúil go príomha, rubarúil agus díoscánach nuair a bhaintear greim aisti go hiondúil |
beagán goirt, agus lorg cnónna inaitheanta |
tirim go suntasach, measartha goirt sa dromchla seachtrach agus níos lú de bheagán i dtreo an láir, blas cnónna beagán. |
|
Dea-bholadh |
dea-bholadh láidir d’im úr |
dea-bholadh beag de cháis thriomaithe |
dea-bholadh de cháis thriomaithe |
|
|
Saintréithe fisiceimiceacha |
Uisce |
≤ 53 % |
≤ 48 % |
≤ 43 % |
|
Saill |
≤ 20 % |
≤ 22 % |
≤ 30 % |
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Tagann an bainne a úsáidtear chun ‘ser koryciński swojski’ a tháirgeadh ó bha atá féarach-innilte ar feadh 150 lá in aghaidh na bliana ar a laghad. Beathaítear na hainmhithe agus modhanna traidisiúnta á n-úsáid; féar móinéir, beathaí gránaigh (eorna, seagal, cruithneacht agus meascáin ghránaigh) nó sadhlas féir atá mar bhonn dá mbeatha sa gheimhreadh.
|
— |
Is iad na bun-amhábhair bainne bó, binid agus salann mín (thart ar 3 g in aghaidh gach 10 l bainne), agus salann le cuimilt ar an gcáis tar éis múnlaithe; i gcás ina n-úsáidtear bainne paistéartha, cuirtear saothrán aigéid lachtaigh leis freisin. |
|
— |
Amhábhair roghnacha – piobar, sillí, basal, lus mín, peirsil, luáiste, miontas, cearbhas dubh, gairleog fhiáin, paiprice, oragán cumhra, cearbhas, oragán, sáibhre, gairleog, síobhais, ológa, beacáin, síolta, glasraí, cnónna, torthaí, |
Is bainne iomlán amh nó paistéartha é an bainne a úsáidtear i dtáirgeadh. Ní cheadaítear próiseáil fhisiceach ná cheimiceach, ach amháin i gcás paistéaradh agus eisíontais mhacrascópacha a scagadh amach.
Ní fhónann úsáid spíosraí éagsúla ach chun blasanna a thabhairt agus ní dhéantar leis athrú ar shaintréithe ‘ser koryciński swojski’.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
|
— |
Téamh nó paistéaradh an bhainne agus binid agus salann a chur leis; i gcás ina n-úsáidtear bainne paistéartha, chomh maith le saothrán tús aigéid lachtaigh a chur leis, |
|
— |
oibriú na binide, |
|
— |
deighilt an mheidhg, |
|
— |
draenáil an mheidhg, |
|
— |
múnlú, |
|
— |
cuimilt le salann, |
|
— |
aibiú. |
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ceanglaítear ar tháirgeoirí uile ‘ser koryciński swojski’ an lógó coiteann ‘ser koryciński swojski’ a úsáid ar a lipéid. Dáilfear an lógó ‘ser koryciński swojski’ trí Zrzeszenie Producentów SERA Korycińskiego (Comhlachas Táirgeoirí Cháis Korycin).
Leis na rialacha maidir le dáileadh an lógó ní dhéantar idirdhealú ar aon bhealach in aghaidh táirgeoirí nach baill den chomhlachas iad.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Táirgtear ‘ser koryciński swojski’ i dtrí bhardas i gcúige Podlaskie, Ceantar Sokólka: Korycin, Suchowola agus Janów.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an nasc idir ‘ser koryciński swojski’ agus an limistéar bunaithe ar a saintréithe sonracha, a shainítear i bpointe 5.2, agus ar a cáil.
Tá cruth ar leith ag ‘ser koryciński swojski’ atá bainteach leis na síothláin ina ndéantar í. Leis na soithí sin tugtar an dromchla cuislithe a bhaineann go sonrach leis an gcáis. Déantar as bainne iomlán neamhphaistéartha nó paistéartha í, as a dtagann an dea-bholadh bainne úir a bhaineann go sonrach léi. I gcás ina n-úsáidtear bainne paistéartha, déantar an dea-bholadh bainne úir a bhaineann go sonrach leis a chaomhnú trí phaistéaradh íseal agus tríd an amhábhar a ionaclú le saothrán tús aigéid lachtaigh a tháirgtear ó bhainne amh. Tá an cháis tais agus leaisteach, agus neart súile aici a bhfuil an méid céanna acu scaipthe go cothrom.
Tháinig éabhlóid ar shaintréithe sonracha ‘ser koryciński swojski’ i gcaitheamh na mblianta fada a táirgeadh í, agus cuireadh an modh táirgthe agus na scileanna praiticiúla a bhaineann leis ar aghaidh ó ghlúin go glúin, toisc nach ndéantar tuairisc ar conas an táirge a dhéanamh sa teicneolaíocht déiríochta ná sna lámhleabhair tháirgthe, táirge atá dlúthnasctha leis an limistéar geografach a shainítear i bpointe 4. Tá cáil mhaith ag an táirge, mar is léir ó líon na n-alt sa phreas agus tagairtí ar an idirlíon agus an líon duaiseanna a bhfuair sé. Díoltar ‘ser koryciński swojski’ i siopaí creidiúnacha ar phraghsanna suas le 50 % níos mó ná na praghsanna ar a ngearrtar cáiseanna eile binide. Díoltar ‘ser koryciński swojski’ ar an idirlíon ar an bpraghas díreach céanna le ‘oscypek’, ar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint é.
Tá an limistéar geografach ina dtáirgtear ‘ser koryciński swojski’ suite i méisiréigiún Má Ard Bialystok, atá ina chuid de mhacrairéigiún Ísealchríche Tuaiscirt Podlaskie, limistéar grinnill mhoiréanaigh arb iad saintréithe an limistéir logáin riascacha i measc ardchláir fhairsinge. Cruthaíodh tírdhreach éagsúil an limistéir trí oighearoibriú leanúnach. Cuimsíonn Ísealchríoch Thuaidh Podlaskie roinnt comhpháirteanna níos lú, is iad sin: gleannta, imchuacha, mánna, mánna arda, lena n-áirítear Má Ard Bialystok. Tá na mánna arda de thionscnamh moiréanach agus tá an-éagsúlacht mhoirfeolaíocha le fáil iontu. Is iad na tírghnéithe is coitianta a dtagtar orthu ansin cnoic mhoiréaneacha agus céamaí creimthe atá 200 m ar airde os cionn leibhéal na mara in áiteanna áirithe.
Bíonn aeráid na hísealchríche sin níos ilchríochaí go suntasach i dtreo an oirthir (ach in iarthar na Polainne bíonn tionchair aeráide muirí níos láidre). Tá an limistéar ina dtáirgtear ‘ser koryciński swojski’ suite sa chuid theas d’oirthuaisceart na Polainne, a mheastar gurb é an réigiún is fuaire sa tír, seachas na sléibhte. Bíonn na geimhrí fada (thart ar 110 lá ar an meán), agus na teochtaí is lú sa tír ann: bíonn aertheochtaí i mí Eanáir idir -5 agus -6 C ar an meán (bíonn an meán Eanáir thart ar -3.5 C in Vársá), agus bíonn brat sneachta measartha fadtréimhseach ann. Maireann na samhraí ar feadh thart ar 90 lá agus bíonn siad réasúnta te, bíonn an teocht i mí Iúil thart ar 18 C ar an meán. Bíonn na hidirthréimhsí níos giorra ná a bhíonn siad i gcuid lárnach na tíre. Tá an mheán-bháisteach bhliantúil thart ar 650 mm. Titeann formhór na báistí sa tréimhse idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair. Is toisc fhabhrach é uainiú na báistí, toisc go dtiteann 70 % den bháisteach uile le linn an tséasúir fáis, rud is tairbhiúil do mhóinéir agus d’fhéaraigh. Tá minicíocht na báistí le linn an tséasúir fáis fabhrach chomh maith, toisc go dtiteann an bháisteach ar thart ar 94 lá. Tá an séasúr fáis gearr. Ag tosú aon trian tríd an Aibreán agus ag críochnú ag deireadh mhí Deireadh Fómhair, maireann sé thart ar 200 lá.
Níl aon tionscal trom sa réigiún ina tháirgtear ‘ser koryciński swojski’. Baineann na gléasraí tionsclaíocha a oibríonn anseo le próiseáil agraibhia – le próiseáil bainne go háirithe. Úsáidtear an chuid is mó den talamh le haghaidh feirmeoireachta nó is talamh foraoisithe é. Is cion suntasach an limistéir é talamh talmhaíochta, a shealbhaíonn feirmeacha aonair formhór an mhéid sin. Talamh feirme de luach táirgthe íseal agus faoi mhéid beag chrainn is ea an chuid is mó de.
Tá cúige Podlaskie, a chuimsíonn an limistéar a shainítear i bpointe 4, oiriúnach do bhainne agus táirgí bainne a tháirgeadh, arbh fhianaise air sin an fíoras go bhfuil an cion féarthalaimh is airde sa Pholainn aige, arbh ionann é agus 35.4 % den limistéar curaíochta. Is ionann féaraigh agus 13 % agus móinéir agus 22.4 %. Tá an cúige sa dara háit sa tír i dtéarmaí cinn eallaigh. Soláthraíonn sé an margadh le lítear as trí lítear bainne a tháirgtear sa Pholainn agus bloc as cúig bhloc ime. Táirgeann a tháirgeoirí bainne 33.3 tonna bainne ar an meán, i gcomparáid leis an meán náisiúnta de 16.2 tonna. Tá a sciar den fhigiúr náisiúnta ag méadú go seasmhach.
Bhí sé dírithe go traidisiúnta ar bhainne agus táirgí bainne a tháirgeadh mar gheall ar leibhéal íseal tionsclaíochta roimhe seo agus ar na leibhéil ísle infheistíochta, dífhostaíocht ard agus pá íseal leanúnach. Roimhe seo, ba é bainne amh a díoladh go príomha, ach rinne feirmeacha im agus ‘ser koryciński swojski’ dá n-úsáid féin nó le díol. Ba bhealach é déanamh cáise go háirithe chun úsáid a bhaint as an mbainne a táirgeadh ar an bhfeirm agus chun aistí bia a éagsúlú. Léirítear scileanna sonracha táirgeoirí ‘ser koryciński swojski’ go háirithe trí bhainne iomlán a úsáid chun an cháis a tháirgeadh agus tríd an táirge a chasadh le linn aibithe ag céimeanna éagsúla a chinntear trí fhaisnéis agus taithí na dtáirgeoirí.
Bhua cáis Korycin (ser koryciński) an chéad duais agus an teideal ‘ Smak Roku ’ ag aonach trádála Feirm Polagra in Poznań in 2004, ‘ Perla ’ san iomaíocht Ár nOidhreacht Chócaireachta (Nasze Kulinarne Dziedzictwo) agus an teideal ‘ Podlaska Marka Roku ’ sa chatagóir bhlais. Reáchtáladh Féile Cháise Korycin (Święto sera korycińskiego) gach fómhar ó bhí 2004 ann. In 2005, cuireadh ‘ser koryciński swojski’ san áireamh i liosta náisiúnta Aire na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe maidir le táirgí traidisiúnta.
Tá an t-aitheantas ar ‘ser koryciński swojski’ agus an tóir air ag dul i méid, i dtuaisceart na Polainne agus sa Pholainn láir go háirithe. Cuirtear chun cinn gach bliain in Vársá é le linn fhéile Podlasie sa Phríomhchathair (Podlasie w stolicy). Bíonn tagairtí don aitheantas agus don tóir a buaileadh le cáis Korycin go tráthrialta sa phreas réigiúnach agus náisiúnta: Gazeta Wyborcza (Białystok), 4-5 Meitheamh 2005 – ‘ Podlasie w stolicy ’; Kurier Poranny, 4 Iúil 2005 – ‘ Tłoczno i smacznie ’; Gazeta Współczesna, 12 Meán Fómhair 2005 – ‘ Zrób sobie swojski ser ’; Gazeta Współczesna, 29 Meán Fómhair 2005 – ‘ Święto sera po raz drugi ’; Gazeta Współczesna, 4 Deireadh Fómhair 2005 – ‘ Gospodynie z Gminy Korycin twierdzą, że nie ma to jak…Swojskiego sera smak ’; Gazeta Współczesna, 29 Samhain 2005 – ‘ Projekt dla sera ’; Gazeta Współczesna, 24 Meán Fómhair 2007 – ‘ Magia Smaku ’; Gazeta Współczesna, 25 Meán Fómhair 2007 – ‘ Pierwsza przydomowa serowarnia ’; Gazeta Współczesna, 23 Deireadh Fómhair 2007 – ‘ Sery to jest przyszłość ’; Kurier Poranny, 17 Deireadh Fómhair 2007 – ‘ Niektórzy wracają ’; Kurier Poranny, 19 Eanáir 2008 – ‘ Dobra marka To jest to! ’; Gazeta Współczesna, 17 Márta 2008 – ‘ Pierwszy Festiwal Kuchni Podlaskiej ’; GWAGRO, 19 Bealtaine 2008 – ‘ Danie warte “Perły” ’; Gazeta Współczesna, 11 Meitheamh 2008 – ‘ Podlasie w stolicy ’; Gazeta Współczesna, 19 Meitheamh 2008 – ‘ Serowarnia po polsku ’; Gazeta Wyborcza Duży Format, 16 Feabhra 2009 ‘ Bambus w szynce ’; Gazeta Współczesna, 17 Márta 2009 – ‘ To były smaki ’; Gazeta Wyborcza (Białystok), 15 Bealtaine 2009 – ‘ Wspólna dla wszystkich jest kaczka - mowa o potrawach przygotowanych na Międzynarodowy Festiwal Kuchni ’; Gazeta Współczesna, 9 Meitheamh 2009 – ‘ Dobre smaki można promować ’; Gazeta Współczesna, 16 Meitheamh 2009 – ‘ Regionalne specjały – próbujmy i kupujmy ’. Tagann 10 leathanach amas as cuardach an idirlín le haghaidh ‘ser koryciński’; tugtar tuairisc ar ‘ser koryciński swojski’ in Vicipéid, an chiclipéid shaor in aisce.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://www.gov.pl/web/rolnictwo/wnioski-przekazane-komisji-europejskiej