ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 317

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

Imleabhar 66
7 Meán Fómhair 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 317/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11220 — MITSUI & CO / EUROPEAN ENERGY / KASSO JV) ( 1 )

1

2023/C 317/02

Fógra maidir le comhchruinniú a tharraingt siar (Cás M.11196 – CVC / WORXINVEST / SD WORX) ( 1 )

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2023/C 317/03

Cinneadh ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2023 lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

3

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 317/04

Rátaí malairte an euro — 6 Meán Fómhair 2023

5


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 317/05

Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

6

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 317/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11242 – EP CORPORATE GROUP / LEB / LEK) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

8

2023/C 317/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11261 – ARDIAN / ATTERO) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

10

2023/C 317/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11098 - JACQUET METALS / SWISS STEEL COMPANIES) ( 1 )

11

2023/C 317/09

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (M.11235 – PORR BAU / IGO TECHNOLOGIES / SANITÄR-ELEMENTBAU) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

13

2023/C 317/10

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11179 - BRIDGEPOINT / WINDAR) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

15

2023/C 317/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11114 – SWOCTEM / KLÖCKNER) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

17

2023/C 317/12

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11245 – GTCR / WORLDPAY) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

19

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 317/13

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

20

2023/C 317/14

Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 97(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in earnáil an fhíona

25


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11220 — MITSUI & CO / EUROPEAN ENERGY / KASSO JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 317/01)

An 31 Lúnasa 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11220. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/2


Fógra maidir le comhchruinniú a tharraingt siar

(Cás M.11196 – CVC / WORXINVEST / SD WORX)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 317/02)

An 21 Lúnasa 2023, fuair an Coimisiún fógra (1) maidir le comhchruinniú a bhí beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2) (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

An 31 Lúnasa 2023, chuir na páirtithe a thug fógra an Coimisiún ar an eolas gur tharraing siad a bhfógra siar.


(1)   IO C 305, 29 Lúnasa 2023, lch. 7.

(2)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/3


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meán Fómhair 2023

lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

(2023/C 317/03)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314(3) de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

An 5 Iúil 2023, thíolaic an Coimisiún togra ina raibh dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (1),

2.

Scrúdaigh an Chomhairle an togra ón gCoimisiún d’fhonn seasamh a shainiú a bheidh comhsheasmhach, ó thaobh an ioncaim de, le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena leasaítear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (2), agus, ó thaobh an chaiteachais de, le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (3).

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

An 5 Meán Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024.

Tá an téacs iomlán (4) ar fáil le haghaidh comhairliúcháin nó le híoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: https://www.consilium.europa.eu/ga/documents-publications/public-register/public-register-search/.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  COM(2023) 300 final.

(2)   IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

(3)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.

(4)  11565/23 + ADD 1 + ADD 2.


An Coimisiún Eorpach

7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/5


Rátaí malairte an euro (1)

6 Meán Fómhair 2023

(2023/C 317/04)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0745

JPY

yen na Seapáine

158,18

DKK

krone na Danmhairge

7,4563

GBP

punt steirling

0,85503

SEK

krona na Sualainne

11,9105

CHF

franc na hEilvéise

0,9561

ISK

króna na hÍoslainne

143,90

NOK

krone na hIorua

11,4920

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,217

HUF

forint na hUngáire

389,15

PLN

zloty na Polainne

4,5010

RON

leu na Rómáine

4,9603

TRY

lira na Tuirce

28,7720

AUD

dollar na hAstráile

1,6801

CAD

dollar Cheanada

1,4659

HKD

dollar Hong Cong

8,4261

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,8224

SGD

dollar Shingeapór

1,4624

KRW

won na Cóiré Theas

1 430,83

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,6702

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,8476

IDR

rupiah na hIndinéise

16 431,79

MYR

ringgit na Malaeisia

5,0222

PHP

peso na nOileán Filipíneach

61,257

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

38,166

BRL

real na Brasaíle

5,3502

MXN

peso Mheicsiceo

18,8455

INR

rúipí na hIndia

89,3410


(1)   Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/6


Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

(2023/C 317/05)

1.   

Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2.   Nós imeachta

Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfar le dumpáil agus le díobháil nó go gcuirfear tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair a leagtar amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

3.   Teorainn ama

Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach ag an seoladh seo: Commission européenne, Direction générale du commerce (Unité G-1), CHAR 4/39, 1049 Bruxelles/Brussel, an Bheilg (2) tráth ar bith tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

4.

Foilsítear an fógra seo i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036.

Táirge

Tír/tíortha tionscnaimh nó tír/tíortha is onnmhaireoir

Bearta

Tagairt

Dáta éaga (3)

Scragall alúmanaim ina rollaí

Daon-Phoblacht na Síne

Dleacht frithdhumpála

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2019/915 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe atá i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne i ndiaidh athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 146, 5.6.2019, lch. 63)

6.6.2024


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

(3)  Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.


NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/8


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11242 – EP CORPORATE GROUP / LEB / LEK)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 317/06)

1.   

An 31 Lúnasa 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

EP Corporate Group, a.s. (‘EPCG’, an tSeicia),

Lausitz Energie Bergbau AG (‘LEB’, an Ghearmáin), faoi rialú comhpháirteach EPCG agus PPF Investments Ltd. (‘PPF’, SAM),

Lausitz Energie Kraftwerke AG (‘LEK’, an Ghearmáin), faoi rialú comhpháirteach EPCG agus PPF.

Gheobhaidh EPCG rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar LEB agus LEK ina n-iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá EPCG gníomhach in eastóscadh guail, i dtáirgeadh agus dáileadh leictreachais agus teasa, chomh maith le soláthar leictreachais agus gáis i dtíortha éagsúla laistigh de LEE agus den Ríocht Aontaithe,

Tá LEB gníomhach i mianadóireacht agus i soláthar ligníte sa Ghearmáin,

Tá LEK gníomhach i nginiúint agus soláthar leictreachais sa Ghearmáin.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11242 – EP CORPORATE GROUP / LEB / LEK

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/10


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11261 – ARDIAN / ATTERO)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 317/07)

1.   

An 30 Lúnasa 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Ardian France S.A. (‘Ardian’, an Fhrainc), faoi rialú mháthairchuideachta deiridh Ardian Group, Ardian Holding S.A.S. (an Fhrainc),

Sabaton Ventures Holdco B.V. (an Ísiltír), máthairchuideachta deiridh Attero Group (‘Attero’, an Ísiltír),

Gheobhaidh Ardian rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Attero ina iomláine.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is infheisteoir cothromais phríobháidigh agus bainisteoir sócmhainní é Ardian,

Is cuideachta bainistithe dramhaíola agus cóireála dramhaíola é Attero. I measc a chuig gníomhaíochtaí tá fuinneamh a ghiniúint ó dhramhaíl, plaisteach a athchúrsáil, dramhaíl orgánach a phróiseáil, dramhaíl thámh mianraí a aisghabháil, ithir a fheabhsú agus smionagar a athchúrsáil.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11261– ARDIAN / ATTERO

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/11


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11098 - JACQUET METALS / SWISS STEEL COMPANIES)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 317/08)

1.   

An 29 Lúnasa 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin.

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Jacquet Metals S.A. (‘Jacquet Metals’, an Fhrainc), ar leis an ngabháltas Jacquet Metals S.A. é,

Swiss Steel s.r.o (Poblacht na Seice), Swiss Steel Baltic OÜ (an Eastóin), Swiss Steel Magyarorszag Kft (an Ungáir), Swiss Steel Baltic SIA (an Laitvia), Swiss Steel Baltic, UAB (an Liotuáin), Swiss Steel Polska Sp.z.o.o. (an Pholainn) agus Swiss Steel Slovakia s.r.o (an tSlóvaic) (na‘ Spriocghnóthais’ ), ar le Swiss Steel group iad.

Gheobhaidh Jacquet Metals rialú aonair ar an na Spriocghnóthais ina n-iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Jacquet Metals gníomhach i ndáileadh táirgí cruach speisialtachta agus táirgí cruach dhosmálta. Go háirithe, tá a rannán IMS Group gníomhach i ndáileadh táirgí cruach innealtóireachta, tá rannán Jacquet gníomhach i ndáileadh plátaí cuartó cruaiche dosmálta agus cóimhiotail nicile agus tá rannán Stappert gníomhach i ndáileadh táirgí cruach dhosmálta fada. Tá gach rannán gníomhach i mBallstáit éagsúla na hEorpa.

Is le Swiss Steel Group na Spriocghnóthais, atá go léir gníomhach i ndáileadh táirgí cruach, go háirithe cruach carbóin, táirgí cruach dhosmálta, agus cruach speisialta ar bhonn níos lú. Tá na Spriocanna gníomhach go príomha ina dtíortha ionchorpraithe féin, agus, ar bhonn níos lú, i mBallstáit eile den Aontas.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11098 - JACQUET METALS / SWISS STEEL COMPANIES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/13


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(M.11235 – PORR BAU / IGO TECHNOLOGIES / SANITÄR-ELEMENTBAU)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 317/09)

1.   

An 28 Lúnasa 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

PORR Bau GmbH, (‘PORR’, an Ostair),

IGO Technologies GmbH (‘IGO’, an Ostair), faoi rialú IGO Industries Group,

Sanitär-Elementbau Gesellschaft m.b.H (‘Sanitär-Elementbau’, an Ostair), faoi rialú IGO.

Gheobhaidh PORR agus IGO rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Sanitär-Elementbau.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

PORR: is cuid de PORR Group é, atá ina sholáthraí seirbhíse iomlán in earnáil na tógála agus a chuireann tionscadail tógála i gcrích san Eoraip agus ar an gcoigríoch.

IGO: is cuid de IGO Industries Group é, atá ina chomhlachas cuideachtaí teicneolaíochta an-speisialaithe, gníomhach go hidirnáisiúnta i dtrealamh tógála teicniúil agus i dtógáil gléasraí tionsclaíocha.

Sanitär-Elementbau: gníomhach i monaraíocht agus i ndíol córas suiteála sláintíochta réamhdhéanta (ballaí sláintíochta agus seomraí folctha réamhdhéanta) san Ostair.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11235 – PORR BAU / IGO TECHNOLOGIES / SANITÄR-ELEMENTBAU

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/15


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11179 - BRIDGEPOINT / WINDAR)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 317/10)

1.   

An 30 Lúnasa 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Global Dromen, S.L. (an Spáinn), eintiteas atá faoi rialú deiridh agus indíreach Bridgepoint Group plc (‘Bridgepoint’, an Ríocht Aontaithe)

Windar Renovables, S.A.2 agus a fhochuideachtaí (‘Windar’, an Spáinn)

Gheobhaidh Bridgepoint rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Windsar ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Bridgepoint gníomhach i bhfás sócmhainní príobháideacha trí infheistiú a dhéanamh i gcothromas príobháideach agus i bhfiachais príobháideach, agus díríonn sé ar ghnólachtaí meánmhargaidh i gceithre réimse: (i) Ardtionscail, (ii) Seirbhísí Gnó agus Airgeadais, (iii) Tomhaltóirí agus (iv) Cúram Sláinte, agus an Teicneolaíocht mar phointe coiteann idir na réimsí sin.

Tá ceanncheathrú Windar lonnaithe sa Spáinn agus déanann sé túir ghaoithe agus bunsraitheanna amach ón gcósta le haghaidh tuirbíní gaoithe.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11179 - BRIDGEPOINT / WINDAR

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/17


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11114 – SWOCTEM / KLÖCKNER)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 317/11)

1.   

An 31 Lúnasa 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

SWOCTEM GmbH (‘SWOCTEM’, an Ghearmáin), atá faoi rialú Prof. Dr.-Ing. E.h. Friedhelm Loh,

Klöckner & Co SE (‘Klöckner’, an Ghearmáin).

Gheobhaidh SWOCTEM rialú aonair ar Klöckner ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta shealbhaíochta é SWOCTEM atá faoi úinéireacht agus faoi rialú ag Prof. Dr.-Ing. E.h. Friedhelm Loh ar leis Friedhelm Loh Group agus a bhfuil an grúpa sin faoina rialú. Cuimsíonn Friedhelm Loh Group punann cuideachtaí atá gníomhach ar fud réimse earnálacha, lena n-áirítear, i measc earnálacha eile, Stahlo, oibreoir ionaid seirbhíse cruach sa Ghearmáin,

Tá Klöckner gníomhach go príomha i ndáileadh stocshealbhaíochta cruach (lena n-áirítear cruach dhosmálta), alúmanam, plaisteach agus táirgí tionsclaíocha eile chomh maith le hionaid seirbhíse cruach agus ionaid gearrtha ocsai a oibriú.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11114 – SWOCTEM / KLÖCKNER

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/19


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11245 – GTCR / WORLDPAY)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 317/12)

1.   

An 31 Lúnasa 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Cistí arna mbainistiú ag GTCR, LLC (‘GTCR’, SAM),

New Boost Holdco, LLC (‘Worldpay’, SAM).

Gheobhaidh GTCR rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Worldpay ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta cothromais phríobháidigh é GTCR atá dírithe ar infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí fáis sna tionscail Seirbhísí Airgeadais & Teicneolaíochta, Cúram Sláinte, Teicneolaíocht, Meáin & Teileachumarsáide agus Seirbhísí Gnó,

Is cuideachta dhomhanda teicneolaíochta íocaíochta é Worldpay, a sholáthraíonn seirbhísí fála ceannaí agus seirbhísí teicneolaíochta gaolmhara do cheannaithe.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11245 – GTCR / WORLDPAY

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/20


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 317/13)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Safranbolu Safranı’

Uimh. CE: PDO-TR-02860- 10.8.2022

TGFC ( ) ATFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

‘Safranbolu Safranı’

2.   Ballstát nó tríú tír

Poblacht na Tuirce

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   An cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.8. Táirgí eile in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is planda saothrúcháin bleibíneach den speiceas cróch Crocus sativus L. Karaarslan é ‘Safranbolu Safranı’, ón bhfine Iridaceae, a bhfuil cuid aonair os cionn talún agus cuid ilbhliantúil faoi thalamh aige, a bhláthaíonn san fhómhar. Is planda aramatach é ‘Safranbolu Safranı’ ón réigiún Safranbolu a bhfuil íosfhad 2 cm ann agus é úr agus íosfhad 1 cm agus é triomaithe, bíonn boladh agus dea-bholadh láidir iadafoirm aige agus dath corcairdhearg láidir air i gcáithníní atá os cionn na gcaighdeán a bhaineann le cróch den chéad aicme i dtéarmaí déine datha. Ní dhéantar cróch a bhrúscadh ná a phúdráil ach déantar é a thriomú ina chruth bunaidh, rud a chaomhnaíonn a dhath corcairdhearg.

Bíonn sé pheiteal ar bhláthanna an phlanda agus bíonn dath corcra orthu. Bíonn trí staimín ar an mbláth. Baineann an príomhluach eacnamaíoch leis an stiogma atá dearg agus cruinn ar bharr bhall baineann an bhlátha (ubhagán). Cé go mbíonn margadhluach na mball fireann buí (staimíní) íseal, is foinse ioncaim thánaistigh do na táirgeoirí fós iad. Toisc gur foinse fhlúirseach phailine iad na staimíní, féadfar cróch a mheas mar phlanda pailine. Níl ach ubhagán amháin, ina bhfuil stíl, ubhúlach agus stiogma. I bplanda aibithe bíonn an stiogma roinnte ina thrí chuid, ar a dtugtar filiméid freisin, agus bíonn cuma shnáitheach orthu agus iad 2.5-3 cm ar fad. Bíonn dath láidir corcairdhearg ar an stiogma. Is é an stiogma den ubhagán a bhíonn roinnte ina thrí chuid a úsáidtear mar chróch. Úsáidtear stiogma an ubhagáin chun cróch a fháil, agus is comhpháirteanna gníomhacha iad comhdhúile amhail bláthola, caraitéiní agus picrocrocin. Ar na comhdhúile sin, tugtar a shaintréith dhathúcháin don chróch leis na caraitéiní (go háirithe cróicin), agus tugtar searbhas agus dea-bholadh le picrocrocin agus safranal. Is é comhdhúil nádúrtha ar a dtugtar cróicin an comhábhar is tábhachtaí lena méadaítear luach tráchtála an chróch agus lena dtugtar dath buí órga/scothdhearg atá beagnach oráiste dó.

Tá ‘Safranbolu Safranı’ ar cháilíocht níos airde ná cróch eile a tháirgtear ar domhan i dtéarmaí dea-bholadh, dath agus saintréith dhathúcháin agus tá saintréith dhathúcháin aige lena ndéantar uisce de mheáchan 100 000 oiread a mheáchain féin a dhathú go buí.

Saintréithe ceimiceacha ‘Safranbolu Safranı’ in ábhar tirim na bhfiliméad:

 

Uasmhéid

Cion taise agus ábhair so-ghalaithe

(%) 9,6

Luaith

(%) 4,9

Luaith dhothuaslagtha in uisce

(%) 0,1

An méid ábhair thirim a thuaslagtar in uisce fuar

(%) 62,0

Nítrigin fhoriomlán

(%) 2,77

Ceallalós amh

(%) 4,0

Searbhas, piocracróicin

(%) 83,0

Safranal

(%) 29,0

Déine datha cróicin

(%) 231,0

Mar thréithe idirdhealaitheacha ‘Safranbolu Safranı’; ba cheart 70 % ar a laghad a bheith i gceist le picrocrocin (searbhas) (in ábhar tirim), idir 20 % agus 50 % le safranal (in ábhar tirim), agus ba cheart 190 % ar a laghad a bheith i gceist le cróicin (déine datha) (in ábhar tirim).

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Maidir leis na na hoibríochtaí uile, cormán a phlandú, a leasú, a bhuain agus a thriomú, ní mór iad a dhéanamh sa limistéar geografach a shonraítear in Airteagal 4.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Féadfar táirgí ó 1 kg go 5 kg a chur i bpacáistí de ghrád bia.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Seachas an fhaisnéis shainordaitheach nach mór a thabhairt maidir le cur i láthair agus lipéadú na dtáirgí bia, ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh ar an lipéad.

Teideal tráchtála agus seoladh, ainm gairid agus seoladh nó trádmharc cláraithe na cuideachta

Uimhir luchtóige

Ainm an táirge - ‘Safranbolu Safranı’

an lógó seo a leanas

Image 1

Holagram barántúlachta oifigiúil

4.   SAINMHÍNIÚ ACHOMAIR AR AN LIMISTÉAR GEOGRAFACH

Déantar ‘Safranbolu Safranı’ a tháirgeadh, a shaothrú, a leasú, a bhuain agus a thriomú laistigh de theorainneacha bhaile Safranbolu i gcathair Karabuk.

(a)

i gcomharsanachtaí Safranbolu; 15 Temmuz, Akçasu, Aşağı Tokatlı, Atatürk, Babasultan, Bağlarbaşı, Barış, Camikebir, Cemalcaymaz, Çavuş, Çeşme, Emek, Esentepe, Hacıhalil, Hüseyinçelebi, İsmetpaşa, İzzetpaşa, Karaali, Kirkille, Musalla agus Yenimahalle

Tá gach sráidbhaile sna bailte sin san áireamh sa limistéar táirgthe.

(b)

i sráidbhailte Safranbolu: Agaçkese, Akkışla, Akören, Alören, Aşağıçiftlik, Aşağıdana, Bağzığaz, Bostanbükü, Cabbar, Cücahlı, Çatak, Çavuşlar, Çerçen, Çıraklar, Danişment, Davutobası, Değirmencik, Dere, Düzce, Gayza, Geren, Gökpınar, Gündoğan, Hacıhasan, Hacılarobası, Harmancık, İnceçay, Kadıbükü, Karacatepe, Karapınar, Karıt, Kehler, Kırıklar, Konarı, Kuzyakahacılar, Kuzyakaköseler, Kuzyakaöte, Nacsaklar, Nebioğlu, Oğulören, Ovacuma, Ovaköseler, Örencik, Pelitören, Sakaralan, Sarıahmetli, Sat, Sırçalı, Sine, Tayyip, Tintin, Tokatlı, Toprakcuma, Üçbölük, Yazıköy, Yolbaşı, Yörük, Yukarıçiftlik agus Yukarıdana.

Tá baile Safranbolu suite ag domhanleithead 41°16’ ó thuaidh agus domhanfhad 32°41’ soir.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tosca Nádúrtha

Is iad saintréithe aeráide agus dálaí fáis na tosca is tábhachtaí a dhéanann difear do ‘Safranbolu Safranı’. Déanann na tosca sin difear don mhéid piocracróicin (searbhas), don safranal (comhdhúl orgánach), do chóimheasa cróicin (déine datha) an chróch, sa bhreis ar mhéid agus líon na gcormán agus na mbláthanna.Mar gheall ar na saintréithe aeráide in Safranbolu i dtéarmaí teochta agus frasaíochta, bíonn na cormáin níos mó agus na bláthanna níos faide ná cormáin choibhéiseacha a chuirtear i gcathracha taobh le Safranbolu nó cathracha eile sa Tuirc atá níos lú, a mbíonn líon níos lú cormán acu agus tréimhse bhláthaithe níos déanaí.Thairis sin, bíonn tiúchan na gcomhpháirteanna bláthola (safranal, picrocrocin, agus cróicin) agus boladh an chróch níos lú ná a bhíonn ag cróch a fhaightear in Safranbolu.

An aeráid

Tá dlúthbhaint idir saothrú cróch in Safranbolu agus saintréithe aeráide an réigiúin. Toisc gur tairseach é idir aeráid na Mara Duibhe agus aeráid na hAnatóile Láir, feictear dálaí aeráide miocraeráide in Safranbolu mar gheall ar a shuíomh geografach. Is é 12.3 °C an mheánteocht bhliantúil in Safranbolu. De réir sonraí meitéareolaíochta, bíonn na teochtaí i mí Aibreáin an-ghar don teocht bhliantúil agus bíonn na teochtaí go dtí mí na Samhna os cionn na meánluachanna bliantúla.

Tá aeráid leath-thirim ag Safranbolu gan mórán saintréithe bogthaise aige. Nuair a chuirtear na saintréithe sin san áireamh, feictear go bhfuil na saintréithe is gá ag an limistéar don chróch, a bhíonn íogair don fhuacht iomarcach sa gheimhreadh, agus is iad aimsir fhionnuar sa gheimhreadh agus triomach sa samhradh na saintréithe is gá lena aghaidh.

Tá comhthreomhaireacht idir luachanna teochta Safranbolu agus éileamh teochta an phlanda cróch. Léirítear an chomhthreomhaireacht sin freisin sna saintréithe frasaíochta. Faoi mar atá an scéal, i gcomhréir leis an ngá a bhíonn ag an bplanda le haimsir bhogthais agus fhionnuar le linn na tréimhse bláthaithe, bíonn na luachanna frasaíochta ag na leibhéil is fearr is féidir sa réigiún. Méadaíonn teocht na haeráide sa réigiún an bláthú agus an táirgeacht chomh maith le comhdhúile so-ghalaithe agus bithghníomhacha.

Tá 70 % de chomhpháirteanna bláthola an chróch safranal (comhdhúil orgánach) agus déanann sé difear do bholadh an chróch. Cruthaítear é trí hidrealú an phicrocrocin (searbhas) agus éifeacht na teochta ann le linn na stórála tar éis cróch a bhuain.

Bogthaise

Is é 61 % an mheán-bhogthaise choibhneasta in Safranbolu. Bíonn an bhogthaise choibhneasta ar feadh na bliana ard sa gheimhreadh agus íseal sa samhradh. Tá gá ag ‘Safranbolu Safranı’ le taise de 50-60 % le linn a thréimhse fáis, agus déanann bogthaise níos mó ná an luach sin damáiste do bhláth an chróch. Is iomchuí an bhogthaise choibhneasta a bhíonn ann in Safranbolu le linn thréimhse fáis an chróch chun cróch a fhás. Tá sé frithsheasmhach in aghaidh galar agus lotnaidí mar gheall ar an mbogthaise iomchuí.

Ithir

Ba cheart luach pH na hithreach i saothrú cróch a bheith thart ar 6.0-8.0, méid atá i gcomhaontú le pH na hithreach i réigiún Safranbolu a tuairiscíodh a bheith idir 5.5 agus 8.5, agus leis sin soláthraítear an raon pH iomchuí chun cróch a shaothrú. Soláthraítear leis méadú éifeachta bhláthaithe agus dá réir sin, méadú táirgeachta a bhuí le saintréithe oiriúnacha na hithreach.

Tosca daonna

Tá tábhacht ag baint leis an toisc dhaonna toisc nach mór plandú, grafadh agus go háirithe buain ‘Safranbolu Safranı’ a dhéanamh de láimh agus go cúramach. I ndiaidh an chéad phlandaithe, leanann na cormáin de bheith ag atáirgeadh faoin talamh sa dara agus sa tríú bliain agus i ndiaidh na buainte ag deireadh an tríú bliain, baintear na cormáin faoin talamh de láimh chun táirgeacht an táirge a mhéadú mar gheall go ndéantar an spásáil idir rónna na bplandaí a chúngú. Ós rud é go mbíonn síolta cróch aimrid, ní bhíonn ról acu in atáirgeadh an phlanda sin. Chun bláth an chróch a atáirgeadh, úsáidtear a fhréamh bhleibíneach, a fhanann faoin talamh. Ní mhaireann cormán ach ar feadh séasúr amháin agus faoi dheireadh, táirgeann sé cormáin óga. Ag deireadh an tríú bliain, cuirtear na cormáin a baineadh de láimh arís. Dá bhrí sin, braitheann atáirgeadh ‘Safranbolu Safranı’ ar an toisc dhaonna.

Ba cheart an grafadh sa ghort ina bhfásfar cróch a dhéanamh de láimh agus go cúramach chun rialú fiailí agus forbairt na gcormán a áirithiú, agus chun nach ndéanfar damáiste do na cormáin freisin.

D’fhonn cróch d’ardchaighdeán a fháil, ní mór d’fhostaithe gasta agus an-eolach é a bhuain laistigh den tréimhse ghearr sula n-éiríonn an ghrian. Tosaíonn an cróch ag cailliúint a cháilíochta de bharr na radaíochta a thagann ón ngrian agus í ag éirí. Bíonn tréimhse de bheagnach 2 lá idir aibiú agus buain an chróch. Anuas air sin, tar éis é a bhuain, baineann tábhacht nach beag le bailiú na stiogmaí agus na dálaí caomhnaithe le haghaidh cháilíocht an chróch.

Is gá saineolas sonrach chun Cróch a bhailiú de láimh ceann ar cheann agus na codanna bána ina bhfréamhacha a scaradh, toisc go mbíonn tábhacht ag baint le dea-bholadh, searbhas agus saintréith ruaime an Chróch, ar saintréithe iad a thugann an luach dó. Má dhéantar na céimeanna sin gan chúram, caillfidh an cróch a luach tráchtála uile, rud a chiallaíonn go mbeidh caillteanais thromchúiseacha ann maidir lena luachanna.

Buain

Déantar bláth an chróch a bhuain de láimh go luath ar maidin nuair a bhíonn na bláthanna i bhfoirm bachlóige. Is é an chúis a mbailítear i bhfoirm bachlóige é go luath ar maidin chun na blátholaí a chosaint, ar cuid de na comhpháirteanna gníomhacha den phlanda cróch iad atá i stiogma an ubhagáin agus a dhéanann difear don mhéid safranail a bhíonn i gceist.

Baintear bláthanna ‘Safranbolu Safranı’ de láimh go luath ar maidin nuair a bhíonn comhdhúile so-ghalaithe na mbláthanna ard. Ina dhiaidh sin, baintear an triopall lena fhiliméid thrípháirteacha (ball baineann) le stíl agus konj go cúramach ón mbláth de láimh sula dtriomaítear na bláthanna amach agus dúntar na peitil. Is é an próiseas is tábhachtaí de tháirgeadh cróch go dtarraingeofar an triopall amach ón ngas in aon phíosa amháin de láimh. Is speisialtóirí iad na daoine sin a bhfuil taithí acu an triopall a bhaint maidir le conas a tharraingeoidh siad amach é gan na filiméid a bhriseadh suas agus i dtaca leis an méid fornirt a úsáidfidh siad chun é a bhaint in aon phíosa amháin. Léirítear dath sainiúil le stíl agus konj an stiogma athraithe ó dhath corcairdhearg cróch go buí, agus is é an dara céim thábhachtach gas an triopaill fhíneáilte a ghearradh go díreach san áit inar athraigh a dhath corcairdhearg go buí chun an chuid pushal den stiogma a fháil. Is sa chuid pushal den chuid is mó a bhíonn an dea-bholadh agus na comhdhúile bithghníomhacha uile chomh maith le dath ‘Safranbolu Safranı’, dá bhrí sin glactar an chuid sin chun í a thriomú agus úsáid eile a bhaint aisti.

Chun a chruth bunaidh a chosaint, déantar an chuid pushala thriomú i dtimpeallacht dhúnta ina mbíonn solas nádúrtha, ag teocht an tseomra (20-22 °C) ar éadach cáise glan ar feadh seachtain amháin nó coicíse. Ní úsáidtear aon cheimiceán ná aer reatha ná solas díreach na gréine le linn na tréimhse triomúcháin. Coinnítear an chuid pushal iomlán triomaithe i gcoimeádáin ghloine aerdhíonacha nó i mboscaí adhmaid in áiteanna leath scáthaithe chun cosc a chur ar bhogthaise agus solas díreach na gréine a bhíonn ina gcúiseanna le dídhathú, athruithe neamh-inmhianaithe ar bhlas, agus boladh agus dea-bholadh caillte.

Ní dhéantar cróch a bhrúscadh ná a phúdráil ach déantar é a thriomú ina chruth bunaidh, rud a chaomhnaíonn a dhath corcairdhearg. Úsáidtear an táirge triomaithe sin mar chróch.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


7.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 317/25


Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 97(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in earnáil an fhíona

(2023/C 317/14)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’

PGI-IT-02874

Dáta cur i bhfeidhm: 10.11.2022

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Terre Abruzzesi / Terre d’Abruzzo

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

8.

Fíon leathshúilíneach

15.

Fíon ó fhíonchaora rísínithe

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

1.   Bianco [geal] tásc den chineál fíonchaoire gile a bheith ann nó gan é a bheith ann - Catagóir: Fíon

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Dath: buí ar dhath na tuí de dhéine athraitheach;

Dea-bholadh: dea-bholaithe torthaíocha agus bláthacha den chuid is mó de dhéine athraitheach ag brath ar an gcineál fíonchaoire, le himireacha torthaí ina bhfuil bia bán agus torthaí trópaiceacha;

Blas: idir tirim agus leath-thirim, le hiarbhlas torthaí ina bhfuil bia bán agus bia buí den chuid is mó, bláthanna bána agus buí uaireanta, le marthanacht mhaith agus tathag;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 14,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Bianco Frizzante [geal leathshúilíneach] - Catagóir: Fíon leathshúilíneach

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cúr: fíneálta agus gearrshaolach;

Dath: buí ar dhath na tuí de dhéine athraitheach;

Dea-bholadh: torthaíoch ar bhealach deas, le himireacha úll agus torthaí trópaiceacha;

Blas: idir tirim agus leath-thirim, mianrach, le hiarbhlas torthaí ina bhfuil bia bán agus torthaí trópaiceacha, le marthanacht mhaith;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 14,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   Rosso [dearg] tásc den chineál fíonchaoire duibhe a bheith ann nó gan é a bheith ann - Catagóir: Fíon

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Dath: dath an rúibín de dhéine athraitheach;

Dea-bholadh: dea-bholaithe torthaíocha is mó de dhéine athraitheach ag brath ar an gcineál fíonchaoire, le himireacha silíní Amarena agus torthaí aibí dearga beaga agus blasanna plandúla iontu;

Blas: idir tirim agus leath-thirim, beagán tainneach, le hiarbhlas torthaí aibí dearga, le tathag maith agus marthanacht;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.   Rosso Frizzante [dearg leathshúilíneach] - Catagóir: Fíon leathshúilíneach

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cúr: fíneálta agus gearrshaolach;

Dath: dath an rúibín de dhéine athraitheach;

Dea-bholadh: torthaíoch, agus imireacha silíní Amarena agus torthaí aibí beaga dearga ann;

Blas: idir tirim agus leath-thirim, le hiarbhlas torthaí dearga agus tathag maith;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Rosato [rosé] tásc de na cineálacha fíonchaoire Merlot, Sangiovese, Pinot Nero agus Pinot Grigio a bheith ann nó gan é a bheith ann - Catagóir: Fíon

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Dath: bándearg de dhéine athraitheach;

Dea-bholadh: dea-bholaithe torthaíocha den chuid is mó de dhéine athraitheach ag brath ar an gcineál fíonchaoire, spíosrach ar bhealach deas, le blasanna éadroma plandaí agus torthaí trópaiceacha;

Blas: idir tirim agus leath-thirim, le hiarbhlas torthaí agus spíosraí, bog le tathag maith agus marthanach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

6.   Rosato Frizzante [rosé leathshúilíneach] - Catagóir: Fíon leathshúilíneach

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Cúr: fíneálta agus gearrshaolach;

Dath: bándearg de dhéine athraitheach;

Dea-bholadh: dea-bholaithe torthaíocha den chuid is mó de dhéine athraitheach ag brath ar an gcineál fíonchaoire, spíosrach ar bhealach deas, le blasanna éadroma plandaí agus torthaí trópaiceacha;

Blas: idir tirim agus leath-thirim, le hiarbhlas torthaí agus spíosraí, bog, le tathag maith agus marthanach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 10,50 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15,00 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

7.   Bianco Passito [gealrísínithe] - Catagóir: Fíon ó fhíonchaora rísínithe

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Dath: buí agus dath ómra ag teacht air le haois;

Dea-bholadh: torthaí triomaithe milse, céadar, aibreog agus mil;

Blas: idir tirim agus milis, agus blasanna torthaí triomaithe air;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 16,00 %; ina bhfuil 11,00 % d’alcól iarbhír ar a laghad;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 22,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

8.   Rosso Passito [dearg rísínithe] - Catagóir: Fíon ó fhíonchaora rísínithe

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Dath: dath dearg de dhéine athraitheach, agus dath an ghairnéid ag teacht air le haois;

Dea-bholadh: torthaí dearga aibí, silíní Amarena, plumaí agus subh;

Blas: idir tirim agus milis, le dea-struchtúr agus blasanna torthaí dearga triomaithe, marthanach;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 16,00 %; ina bhfuil 11,00 % d’alcól iarbhír ar a laghad;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 22,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

9.   Novello [nua] - Catagóir: Fíon

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Dath: dath an rúibín, uaireanta le himireacha vialaite;

Dea-bholadh: torthaíoch, le himireacha de shilíní, sméara dubha agus fraocháin ghorma;

Blas: úr, blasanna torthaí dearga, bog agus tainniní síodúla;

Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,00 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18,0 g/l.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   ‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’Passito Bianco agus Passito Rosso

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Féadfar fíonchaora a úsáidfear chun fíonta a dhéanamh ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint ‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’ Passito a fhágáil le triomú ar an bhfíniúin nó, tar éis na buana, a thriomú trí cheann de na modhanna a cheadaítear le reachtaíocht. Ag deireadh an phróisis triomaithe, ní mór neart alcóil nádúrtha nach lú ná 16 % de réir toirte a bheith ag na fíonchaora.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’Bianco, Bianco Frizzante agus Passito Bianco

26 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.

‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’Rosso, Rosato, Rosso Frizzante, Rosso Novello agus Passito Rosso

24 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

3.

‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’ ar a bhfuil tásc na gcineálacha fíonchaoire geala nó duibhe

22 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Fíonta atá incháilithe chun an tásc geografach faoi chosaint ‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’ a bheith orthu, bíonn na fíonta sin déanta as fíonchaora a fhástar i limistéar táirgthe ina bhfuil críoch riaracháin iomlán Réigiún Abruzzo.

7.   Cineálacha fíonchaoire

Aglianico N.

Barbera N.

Barbera Bianca B.

Biancame B.

Bombino Bianco B.

Cabernet Volos N.

Cabernet Franc N. - Cabernet

Cabernet Sauvignon N. - Cabernet

Calabrese N.

Canaiolo Nero N. - Canaiolo

Cannonau N.

Chardonnay B.

Ciliegiolo N.

Cococciola B.

Dolcetto N.

Dorona B.

Falanghina B.

Fiano B.

Gaglioppo N.

Garganega B.

Grechetto B.

Greco B.

Incrocio Manzoni 2-3 B.

Kerner B.

Maiolica N.

Malbech N.

Malvasia Istriana B. - Malvasia

Malvasia Bianca Lunga B. - Malvasia

Malvasia Bianca di Candia B. - Malvoisie

Malvasia del Lazio B. - Malvasia

Marzemino N.

Merlot Kanthus N.

Merlot N.

Montepulciano N.

Montonico Bianco B. - Montonico

Moscato Bianco B. - Moscato

Mostosa B.

Nebbiolo N.

Palava B.

Passerina B.

Pecorino B.

Petit Manseng B.

Petit Verdot N

Pinot Bianco B. - Pinot

Pinot Grigio - Pinot

Pinot Nero N. - Pinot

Primitivo N.

Refosco Nostrano N. - Refosco

Riesling Italico B. - Riesling

Riesling Italico B. - Welschriesling

Sangiovese N.

Sauvignon B.

Sauvignon Kretos B.

Semillon B.

Sorèli B.

Sylvaner Verde B. - Silvaner

Syrah N.

Tannat N.

Terrano N.

Tocai Friulano B. - Friulano

Traminer Aromatico Rs

Trebbiano Abruzzese B. - Trebbiano

Trebbiano Toscano B. - Trebbiano

Veltliner B.

Verdicchio Bianco B. - Verdicchio

Vermentino B.

Viogner B.

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.    ‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’, gach catagóir fíona (fíon, fíon leathshúilíneach, fíon ó fhíonchaora rísínithe)

Mionsonraí an limistéir gheografaigh.

Tosca nádúrtha is ábhartha don nasc:

Cumhdaíonn an limistéar TGFC críoch Réigiún Abruzzo.

Cúige Chieti

Tá limistéar cósta cnocach leathan i gcúige Chieti, a théann ó abhainn an Trigno, na cnoic intíre ina dhiaidh agus ar deireadh na bunchnoic, a shíneann chomh fada le bun mhasaíf Maiella agus sléibhte Frentani san iarthuaisceart. Tá limistéar intíre ann freisin, ar theorainn chúige L’Aquila ó thuaidh agus Réigiún Molise ó dheas, ar féidir a mheas gur limistéar sléibhtiúil é. Tá na cnoic chréúla feadh roinnt tuilemhánna gainmheacha agus créúla a chruthaigh aibhneacha an Foro, an Sangro, an Sinello agus an Trigno agus cruthaítear tírdhreach droimneach leo, ina bhfuil mullóga leathana atá beagnach cothrom, agus fánaí atá réidh agus cruinn ar minic a mbristear isteach orthu go tobann le fánaí géara, nó ingearacha fiú, a rinneadh trí chreimeadh foircneach (clasáin). Nach mór i gcónaí is go cothrom a dháiltear an t-ábhar ar na hithreacha talmhaíochta, rud a chruthaíonn ithreacha ina bhfuil struchtúr gainmheach créúil; is iondúil go mbíonn siad scaoilte agus doimhneacht acu a bhíonn éagsúil ag brath ar an ngrádán agus ar an oscailteacht. Bíonn an choinneáil uisce idir meánach agus íseal agus leibhéal idir íseal agus measartha de chothaithigh agus de húmas i gceist. Ar thalamh a bhfuil grádán níos lú ná 25 % agus oscailteacht mhaith aige, úsáidtear na hithreacha sin le haghaidh fíonóireachta agus saothrú ológ, atá mar bhealaí coiteanna chun an ithir a shaothrú agus í a chosaint freisin ó chreimeadh brostaithe. Titeann idir 650 mm de bháisteach in aghaidh na bliana ar an meán ar na fánaí cósta agus níos mó ná 800 mm in aghaidh na bliana ar na cnoic intíre. Is idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag a bhíonn an tréimhse is fliche (thart ar 80 mm/mí), agus is í mí Iúil an mhí ina mbíonn an dearbh-bháisteach is ísle (idir 30 mm agus 40 mm). Bíonn an aeráid measartha, a athraíonn go measartha te sna míonna samhraidh. Bíonn na meánteochtaí idir 13 °C i mí Aibreáin agus 15 °C i mí Dheireadh Fómhair, agus bíonn teocht uasta 25 °C ann le linn mhíonna Iúil agus Lúnasa. Bíonn éagsúlachtaí nach beag freisin sa teocht idir lá agus oíche, agus is é is cúis leis sin, i bpáirt, gaireacht mhasaíf Maiella, rud a chruthaíonn dálaí optamacha i gcomhair carnadh substaintí aramatacha sna fíonchaora agus as a dtagann fíonta a bhfuil boladh dian agus sainiúil uathu. Bíonn innéacs teirmeach Winkler, i.e. an mheánteocht ghníomhach le linn na tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair, idir 1 700 lá céime (limistéir intíre) agus 2 300 lá céime (limistéir chósta), rud a chruthaíonn dálaí a áirithíonn aibiú optamach cineálacha luatha amhail Chardonnay, Pinot agus Moscato, cineálacha meánacha amhail Pecorino, Trebbiano agus Malvasia, agus cineálacha níos déanaí amhail Cococciola, Falanghina, Montepulciano agus Montonico.

Cúige L’Aquila

Tá moirfeolaíocht ag cúige L’Aquila atá tipiciúil de limistéar sléibhtiúil agus tírdhreach aige atá an-gharbh agus míchothrom, go háirithe an chuid sin atá níos faide intíre gar do Mhullach Apennine, áit a bhfuil léibhinn abhann/ghlárach ársa agus le gairid agus leapacha abhann. Tá sléibhte Abruzzo atá mar shaintréith de chúige L’Aquila mar chuid de raon lárnach agus deisceartach Appenine agus cruthaítear leo an chuid is leithne, is airde agus is dlúithe de na hAipiníní. Tá dlús agus galántacht na sléibhte seo mar gheall ar fhorleithne agus tiús aolchloiche (aolchloch dhlúth go háirithe ach aolchloch dholaimíteach freisin), agus gnéithe carst go minic, go háirithe hidreagrafaíocht dromchla ina mbíonn na sreafaí uisce eadrannach nó in éagmais. Ní fhástar fíniúnacha ach amháin i gcúpla limistéar, go háirithe sna habhantracha gláracha intíre idir na sléibhte (Alto Tirino, Valle Peligna, Valle Subequana, Valle Roveto), ar ithreacha dea-dhraenáilte a bhfuil oscailteacht mhaith agus cion cothaitheach leordhóthanach acu. Tá an aeráid measartha go ginearálta, le geimhrí an-fhuara agus fada. Bíonn na meánteochtaí bliantúla idir 10 °C agus 12 °C, agus bíonn teochtaí uasta 23-25 °C ann i mí Iúil. Bíonn an fhrasaíocht bhliantúil thart ar 800 mm in aghaidh na bliana agus scaipthe go cothrom ar feadh na bliana (ó 40 mm i mí Iúil agus mí Lúnasa go 70 mm i mí na Samhna agus mí na Nollag). Bíonn innéacs teirmeach Winkler, i.e. an mheánteocht ghníomhach le linn na tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair, idir 1 600 agus 2 000 lá céime, rud a chruthaíonn dálaí a áirithíonn aibiú optamach de na cineálacha a fhástar go háitiúil (bíodh cineálacha luatha nó measartha-déanacha i gceist).

8.2.    ‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’, gach catagóir fíona (fíon, fíon leathshúilíneach, fíon ó fhíonchaora rísínithe)

Mionsonraí an limistéir gheografaigh.

Tosca nádúrtha is ábhartha don nasc:

Cúige Pescara

Is féidir a mheas gur cúige sléibhtiúil é Pescara, ach amháin stráice caol ar theorainn na dtrí chúige eile den réigiún. Limistéar cósta cnocach leathan ollmhór atá ann, na cnoic intíre ina dhiaidh agus ar deireadh na bunchnoic, a shíneann chomh fada le bun mhasaífí Gran Sasso agus Maiella. Ithreacha donna, ithreacha aolchloiche donna (reigeasail agus veirteasail) agus ithreacha Meánmhuirí donna atá sna hithreacha den chuid is mó. Ar thalamh a bhfuil a aghaidh ó dheas agus a bhfuil grádán níos lú ná 25 % aige, úsáidtear na hithreacha sin le haghaidh fíonóireachta agus saothrú ológ, atá mar bhealaí coiteanna chun an ithir a shaothrú agus í a chosaint freisin ó chreimeadh brostaithe. Titeann idir 600 mm de bháisteach in aghaidh na bliana ar an meán ar na fánaí cósta agus níos mó ná 800 mm in aghaidh na bliana ar na cnoic intíre. Is idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag a bhíonn an tréimhse is fliche (thart ar 80 mm/mí), agus is í mí Iúil an mhí ina mbíonn an dearbh-bháisteach is ísle (idir 30 mm agus 40 mm). Bíonn an aeráid measartha, agus bíonn na meánteochtaí bliantúla idir 13 °C i mí Aibreáin agus 15 °C i mí Dheireadh Fómhair, agus bíonn teocht uasta 25 °C ann le linn mhíonna Iúil agus Lúnasa. Bíonn éagsúlachtaí nach beag freisin sa teocht idir lá agus oíche, agus is é is cúis leis sin, i bpáirt, gaireacht mhasaífí Gran Sasso agus Maiella, agus is maith an aeráil a bhíonn ann, rud a chruthaíonn dálaí optamacha i gcomhair shláinte na bhfíonchaor agus carnadh substaintí aramatacha iontu as a dtagann fíonta a bhfuil boladh dian agus sainiúil uathu. Bíonn innéacs teirmeach Winkler, i.e. an mheánteocht ghníomhach le linn na tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair, idir 1 700 lá céime (limistéir intíre) agus 2 300 lá céime (limistéir chósta), rud a chruthaíonn dálaí a áirithíonn aibiú optamach cineálacha luatha amhail Chardonnay, Sauvignon, Moscato agus Incrocio Manzoni, cineálacha measartha déanach amhail Pecorino, Malvasia agus Trebbiano, agus cineálacha déanacha amhail Montepulciano.

Cúige Teramo

Limistéar cósta cnocach leathan ollmhór atá i gcúige Teramo, na cnoic agus na bunchnoic intíre ina dhiaidh, a shíneann chomh fada le bun mhasaíf Gran Sasso sa chuid lárnach agus dheisceartach, agus Monti della Laga, sa tuaisceart. Tá cré-ithreacha siolta ag an limistéar agus sraitheanna níos scaoilte sna limistéir chósta agus fánaí sách réidh a bhfuil oscailteacht mhaith acu. Úsáidtear é le haghaidh fíonóireachta agus saothrú ológ, atá mar bhealaí coiteanna chun an ithir a shaothrú agus í a chosaint freisin ó chreimeadh brostaithe. Titeann idir 600 mm de bháisteach in aghaidh na bliana ar an meán ar na fánaí cósta agus níos mó ná 800 mm in aghaidh na bliana ar na cnoic intíre. Dáiltear an bháisteach go maith i rith na bliana, agus níos mó báistí ag titim idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag (thart ar 70 mm in aghaidh na míosa), agus is í mí Iúil an mhí ina dtiteann an méid is lú báistí (thart ar 40 mm). Bíonn an aeráid te agus measartha, agus bíonn meánteochtaí bliantúla idir 13 °C i mí Aibreáin agus 15 °C i mí Dheireadh Fómhair, agus bíonn teochtaí uasta 24-25 °C ann le linn mhíonna Iúil agus Lúnasa. Bíonn éagsúlachtaí nach beag freisin sa teocht idir lá agus oíche, agus is é is cúis leis sin, i bpáirt, gaireacht mhasaíf Gran Sasso agus Monti della Laga, agus is maith an aeráil a bhíonn ann, rud a chruthaíonn dálaí optamacha i gcomhair shláinte na bhfíonchaor agus carnadh substaintí aramatacha iontu as a dtagann fíonta a bhfuil boladh dian agus sainiúil uathu. Bíonn innéacs teirmeach Winkler, i.e. an mheánteocht ghníomhach le linn na tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair, idir 1 800 lá céime (limistéir intíre) agus 2 200 lá céime (limistéir chósta), rud a áirithíonn go n-aibíonn na cineálacha uile a fhástar sa limistéar go hiomlán agus mar is ceart, idir na cineálacha luatha amhail Chardonnay agus Sauvignon, agus cineálacha meánacha amhail Trebbiano Pecorino, agus Passerina, agus cineálacha déanacha amhail Montonico agus Montepulciano.

8.3.   Catagóir ‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’: Fíon

Faisnéis maidir le tréithe sonracha táirge is féidir a chur i leith a thionscnaimh gheografaigh, agus nasc cúisíoch leis an limistéar geografach:

Bíonn na dea-bholaithe atá tipiciúil de thorthaí dearga d’aibíocht éagsúil ag na fíonta dearga agus rosé araon, amhail silín agus sméar dhubh, le blasanna plandúla agus spíosracha freisin uaireanta. Tá na fíonta casta agus aigéadacht mhaith acu agus blas idir tirim agus leath-thirim uathu. Tá dea-struchtúr acu in éineacht le méid mór críochnúlachta agus fíneálta. Bíonn na fíonta geala úr agus cumhra, le dea-bholaithe de thorthaí a bhfuil bia bán iontu agus de thorthaí trópaiceacha agus bláthanna. Tá na fíonta casta ó thaobh na boltanacha de agus marthanacht mhaith acu agus blas idir tirim agus leath-thirim, agus blasanna blasta agus mianra acu uaireanta. Tá aigéadacht mhaith acu agus méid mór críochnúlachta agus fíneálta.

Eascraíonn saintréithe sonracha na bhfíonta sin ó thopagrafaíocht áirithe an limistéir, agus cnoic ghrianmhara ollmhóra ina saintréithe acu in éineacht le Muir Aidriad a bheith ann san oirthear agus masaífí Gran Sasso agus Maiella san iarthuaisceart agus san iardheisceart faoi seach, lena gcothaítear cruthú sreafaí aeir suntasacha (leoithní). Is iad sin na dálaí is fearr d’fholláine na bhfíonchaor agus leis na fíonchaora a aibiú chomh maith le carnadh substaintí aramatacha sna fíonchaora, as a dtagann fíonta a bhfuil boladh dian agus sainiúil uathu.

Idirghníomhaíocht chúisíoch idir gnéithe an limistéir gheografaigh agus cáilíocht agus saintréithe an táirge atá inchurtha go bunúsach i leith na timpeallachta geografaí:

Cinntear tréithe cáilíochta na bhfíonta sin den chuid is mó ag na dálaí áirithe ithreach agus dálaí aeráide an limistéir táirgthe. Leis an aeráid mheasartha, ithreacha dea-dhraenáilte le hinfhaighteacht mhaith uisce agus éagsúlachtaí móra idir na teochtaí i gcaitheamh an lae agus istoíche agus na fíonchaora á n-aibiú, áirithítear aibiú is fearr na dtriopall fíonchaoire, as a thagann fíonchaora a bhfuil cion siúcra agus cion aigéid mhaith iontu. Leis na paraiméadair sin in éineacht le saintréithe sonracha na gcineálacha a fhástar, is féidir fíonta ar ardchaighdeán a fháil a bhfuil próifílí orgánaileipteacha measartha casta agus saintréithe suaithinseacha acu, a bhfuil nasc láidir acu leis an limistéar táirgthe agus leis an gcineál fíonchaoire as a ndéantar iad.

8.4.   Catagóir ‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’: Fíon leathshúilíneach

Faisnéis maidir le tréithe sonracha táirge is féidir a chur i leith a thionscnaimh gheografaigh, agus nasc cúisíoch leis an limistéar geografach:

Bíonn cúr fíneálta agus gearrshaolach ag na fíonta leathshúilíneacha geala, dearga agus rosé, blasanna torthaíocha agus bláthacha measartha buan agus blas idir tirim agus leath-thirim, a bhfuil struchtúr aigéadach agus castacht mhaith acu. Eascraíonn saintréithe sonracha na bhfíonta sin ó thopagrafaíocht áirithe an limistéir, agus cnoic ghrianmhara ollmhóra ina saintréithe acu in éineacht le Muir Aidriad a bheith ann san oirthear agus masaífí Gran Sasso agus Maiella san iarthuaisceart agus san iardheisceart faoi seach, lena gcothaítear cruthú sreafaí aeir suntasacha (leoithní). Is iad sin na dálaí is fearr d’fholláine na bhfíonchaor chomh maith le carnadh substaintí aramatacha sna fíonchaora, as a dtagann fíonta a bhfuil boladh dian agus sainiúil uathu.

Idirghníomhaíocht chúisíoch idir gnéithe an limistéir gheografaigh agus cáilíocht agus saintréithe an táirge atá inchurtha go bunúsach i leith na timpeallachta geografaí:

Tá saintréithe sonracha na bhfíonta leathshúilíneacha mar thoradh ar dhálaí ithreach agus aeráide sa limistéar táirgthe, in éineacht le tosca daonna a raibh tionchar acu ar acmhainneacht fíoneolaíochta na bhfíonchaor agus ar na teicneolaíochtaí próiseála. Dá bhrí sin, tá nasc cúisíoch láidir idir cáilíocht shonrach na dtáirgí agus a dtionscnamh geografach.

8.5.   Catagóir ‘Terre Abruzzesi’ / ‘Terre d’Abruzzo’: Fíon ó fhíonchaora rísínithe

Faisnéis maidir le tréithe sonracha táirge is féidir a chur i leith a thionscnaimh gheografaigh, agus nasc cúisíoch leis an limistéar geografach:

Déantar fíonta geala Passito go príomha as fíonchaora áitiúla amhail Trebbiano Abruzzese agus fíonchaora aramatacha fhinte Moscato agus Malvasia. Bíonn idir dath buí agus dath ómrach orthu, agus dea-bholadh dian de thorthaí aibí agus mil uathu. Féadfaidh blas éagsúil idir tirim agus milis a bheith aige agus é an-mharthanach. Táirgtear fíonta dearga Passito go príomha trí na fíonchaora a fhágáil le triomú ar an bhfíniúin (go príomha Montepulciano, ar a aonair nó in éineacht le cineálacha idirnáisiúnta amhail Merlot, Cabernet Sauvignon agus Syrah). Tá dath an rúibín orthu agus dath an ghairnéid ag teacht orthu. Aosaíonn na fíonta go maith; tá struchtúr agus tathag maith acu, agus cion ard alcóil iontu. Ní tháirgtear na fíonta sin ach amháin sna limistéir is grianmhaire, is aeráilte agus is tirime, a thugann na dálaí is fearr chun fíonchaora sláintiúla ró-aibí a fháil atá saibhir i siúcra ach thar aon ní eile i substaintí aramatacha a léirítear go hiomlán sna fíonta a dhéantar.

Idirghníomhaíocht chúisíoch idir gnéithe an limistéir gheografaigh agus cáilíocht agus saintréithe an táirge atá inchurtha go bunúsach i leith na timpeallachta geografaí:

Tagann taitneamhacht na bhfíonta Passito a dtugtar tuairisc orthu as cáilíocht na bhfíonchaor, in éineacht leis na dálaí ithreach agus aeráide agus topagrafaíocht shonrach an limistéir táirgthe. Chun amhábhair mar sin a fháil braitheann sé go háirithe ar an éagsúlacht shuntasach idir teochtaí lae agus oíche le linn aibithe na dtriopall. In éineacht leis an aeráil den scoth, áirithítear leis sin go mbuantar fíonchaora sláintiúla a bhfuil próifíl aigéadach agus aramatach cothromaithe acu.

Maidir leis na fíonta sin freisin, tá nasc cúisíoch láidir idir cáilíocht shonrach an táirge agus a dtionscnamh geografach dá bhrí sin.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/18784


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.