ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 314

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
4 Meán Fómhair 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2023/C 314/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2023/C 314/02

Cás C-156/23, Ararat: Iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Roermond (an Ísiltír) a taisceadh an 14 Márta 2023 – K, L, M agus N v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

2

2023/C 314/03

Cás C-280/23 P: Achomharc arna thabhairt an 1 Bealtaine 2023 ag Canai Technology Co. Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 1 Márta 2023 i gCás T-25/22, Canai Technology v EUIPO – Trend Fin (HE&ME)

3

2023/C 314/04

Cás C-331/23, Dranken Van Eetvelde: Iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen, Afdeling Gent (an Bheilg) a taisceadh an 25 Bealtaine 2023 – Dranken Van Eetvelde NV v Belgische Staat

3

2023/C 314/05

Cás C-339/23, Horyzont: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy w Siemianowicach Śląskich (an Pholainn) a taisceadh an 30 Bealtaine 2023 – Horyzont Niestandaryzowany Sekurytyzacyjny Fundusz Inwestycyjny Zamknięty v LC

4

2023/C 314/06

Cás C-352/23[Changu]: Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-grad (an Bhulgáir) a taisceadh an 7 Meitheamh 2023 – LF v Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia za bezhantsite

4

2023/C 314/07

Cás C-354/23, Seberts: Iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Ísiltír) a taisceadh an 8 Meitheamh 2023 – LM BV v Minister van Landbouw, Natuur en Voedselkwaliteit

5

2023/C 314/08

Cás C-369/23, Vivacom Bulgaria: Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 9 Meitheamh 2023 – Vivacom Bulgaria EAD v Varhoven administrativen sad, Natsionalna agentsia za prihodite

6

2023/C 314/09

Cás C-385/23, Finnair: Iarraidh ar réamhrialú ón Korkein oikeus (an Fhionlainn) a taisceadh an 22 Meitheamh 2023 – Paisinéir A v Finnair Oyj

6

2023/C 314/10

Cás C-412/23: Caingean arna tabhairt an 5 Iúil 2023 — an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóvaice

7

2023/C 314/11

Cás C-430/23 P: Achomharc arna thabhairt an 12 Iúil 2023 ag SN i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 3 Bealtaine 2023 i gCás T-249/21, SN v an Pharlaimint

8

 

Chúirt Ghinearálta

2023/C 314/12

Cás T-487/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 12 Iúil 2023 — Multiópticas v EUIPO — Nike Innovate (Léiriú ar dhá chruth geoiméadracha dubha) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais lena léirítear dhá chruth gheoiméadracha dubha – Marcanna fíortha de chuid an Aontais agus náisiúnta níos luaithe mó – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa dochar do chlú – Easpa cosúlacht idir na comharthaí – Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001)

9

2023/C 314/13

Cás T-348/23: Caingean arna tabhairt an 27 Meitheamh 2023 – Zalando v an Coimisiún

9

2023/C 314/14

Cás T-369/23: Caingean arna tabhairt an 5 Iúil 2023 – Hypo Vorarlberg Bank v BRA

11

2023/C 314/15

Cás T-374/23: Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2023 – Volkskreditbank v BRA

13

2023/C 314/16

Cás T-386/23: Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2023 – Hypo-Bank Burgenland v BRA

14

2023/C 314/17

Cás T-387/23: Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2023 – Schelhammer Capital Bank v BRA

14

2023/C 314/18

Cás T-390/23: Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2023 – Barry’s Bootcamp v EUIPO – Hummel (Léiriú ar dhá rachtán chothrománacha dhubha)

15

2023/C 314/19

Cás T-391/23: Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Imerys Aluminates Groupe v an Coimisiún

16

2023/C 314/20

Cás T-396/23: Caingean arna tabhairt an 14 Iúil 2023 – Stada Arzneimittel v EUIPO – Bioiberica (DAOgest)

16

2023/C 314/21

Cás T-398/23: Caingean arna tabhairt an 14 Iúil 2023 – Bodegas Aguiuncho v EUIPO – Mar de Frades (ALBARIÑO mar de ons)

17

2023/C 314/22

Cás T-400/23: Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2023 – Erste Group Bank v BRA

18

2023/C 314/23

Cás T-401/23: Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2023 – Erste Bank der österreichischen Sparkassen v BRA

19

2023/C 314/24

Cás T-402/23: Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA

20

2023/C 314/25

Cás T-403/23: Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Dornbirner Sparkasse Bank v BRA

21

2023/C 314/26

Cás T-404/23: Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Kärntner Sparkasse v BRA

22

2023/C 314/27

Cás T-405/23: Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Sparkasse Niederösterreich Mitte West v BRA

23

2023/C 314/28

Cás T-406/23: Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Tiroler Sparkasse v BRA

23

2023/C 314/29

Cás T-407/23: Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Salzburger Sparkasse Bank v BRA

24

2023/C 314/30

Cás T-408/23: Caingean arna tabhairt an 17 Iúil 2023 – Sparkasse Oberösterreich Bank v BRA

25

2023/C 314/31

Cás T-434/23: Caingean arna tabhairt an 26 Iúil 2023 – Essity Hygiene and Health AB v EUIPO (Léiriú ar dhuilleog)

25


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2023/C 314/01)

Foilseachán deiridh

IO C 304, 28.8.2023

Foilseacháin stairiúla

IO C 296, 21.8.2023

IO C 286, 14.8.2023

IO C 278, 7.8.2023

IO C 271, 31.7.2023

IO C 261, 24.7.2023

IO C 252, 17.7.2023

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/2


Iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Roermond (an Ísiltír) a taisceadh an 14 Márta 2023 – K, L, M agus N v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-156/23, Ararat (1))

(2023/C 314/02)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Roermond

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: K, L, M agus N

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4 agus Airteagal 19(2) den Chairt agus Airteagal 5 den Treoir um Fhilleadh (2) a léiriú sa chaoi nach mór d’údarás breithiúnach, ar a tionscnamh féin, ar bhonn na faisnéise sa chomhad a cuireadh in iúl di agus a forlíonadh nó a soiléiríodh sna himeachtaí sáraíochta os a comhair, scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht nár comhlíonadh prionsabal an non-refoulement? An mbraitheann raon feidhme na hoibleagáide sin ar cé acu an tionscnaíodh na himeachtaí sáraíochta le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó nár tionscnaíodh, agus an bhfuil raon feidhme na hoibleagáide sin difriúil ag brath ar cé acu ar rinneadh measúnú ar an riosca de refoulement i ndáil le ligean isteach nó le filleadh?

2.

An gcaithfear Airteagal 5 den Treoir um Fhilleadh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi nach mór, i gcás ina n-eisítear cinneadh um fhilleadh in imeachtaí nár tionscnaíodh le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a mheasúnú an gcuirtear cosc ar fhilleadh leis an mbac ar refoulement sula n-eisítear an cinneadh um fhilleadh agus an gcuirtear cosc, dá bhrí sin, má suitear go bhfuil ann do riosca de refoulement, ar chinneadh um fhilleadh a eisiúint nó an bhfuil riosca de refoulement atá suite sa chás sin ina mbac ar aistriú?

3.

An athbhunaítear cinneadh um fhilleadh i gcás ina bhfuil an cinneadh um fhilleadh sin curtha ar fionraí mar gheall ar imeachtaí nua nár tionscnaíodh le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, nó an gcaithfear Airteagal 5 den Treoir um Fhilleadh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi nach mór, i gcás nach raibh measúnú ar an riosca de refoulement sna himeachtaí inar cinneadh arís go raibh ann do chónaí neamhdhleathach, measúnú nua a dhéanamh ar an riosca de refoulement agus cinneadh um fhilleadh nua a fhorchur? An mbeadh freagra difriúil ar an gceist sin i gcás nach raibh ann do chinneadh um fhilleadh a cuireadh ar fionraí ach cinneadh um fhilleadh nár chomhlíon an náisiúnach tríú tír agus na húdaráis ar feadh tréimhse ama fhada?


(1)  Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

(2)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (IO 2008 L 348, lch. 98).


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/3


Achomharc arna thabhairt an 1 Bealtaine 2023 ag Canai Technology Co. Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 1 Márta 2023 i gCás T-25/22, Canai Technology v EUIPO – Trend Fin (HE&ME)

(Cás C-280/23 P)

(2023/C 314/03)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Canai Technology Co. Ltd (ionadaithe: J. F. Gallego Jiménez E. Sanz Valls, P. Bauzá Martínez agus Y. Hernández Viñes, abogados)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Trend Fin BV

Le hordú an 17 Iúil 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart go n-íocfadh Canai Technology Co. Ltd a chostais féin.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/3


Iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen, Afdeling Gent (an Bheilg) a taisceadh an 25 Bealtaine 2023 – Dranken Van Eetvelde NV v Belgische Staat

(Cás C-331/23, Dranken Van Eetvelde)

(2023/C 314/04)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen, Afdeling Gent

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Dranken Van Eetvelde NV

Cosantóir: Belgische Staat

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An sáraítear, le hAirteagal 51bis(4) de WBTW (1), Airteagal 205 de Threoir 2006/112 (2), arna léamh i gcomhar le prionsabal na comhréireachta, ós rud é go bhforáiltear leis an bhforáil sin do dhliteanas foriomlán neamhchoinníollach agus nach féidir leis an gcúirt é a mheas i bhfianaise rannpháirtíocht an duine aonair sa chalaois chánach?

2.

An sáraítear, le hAirteagal 51bis(4) de WBTW, Airteagal 205 de Threoir 2006/112, arna léamh i gcomhar le prionsabal na neodrachta i réimse CBL, i gcás go gcaithfear an fhoráil sin a léiriú sa chaoi go bhfuil duine faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach as cáin breisluacha a íoc in ionad an fhéichiúnaí dhlíthiúil, gan gá a chur san áireamh an asbhaint de cháin breisluacha a d’fhéadfadh an féichiúnaí dlíthiúil sin a dhéanamh?

3.

An gcaithfear Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear pionóis (riaracháin agus choiriúla) charnacha de chineál coiriúil, a bhfuil imeachtaí difriúla ina mbunús leo, i ndáil le gníomhartha atá díreach mar an gcéanna ó thaobh ábhair de ach a rinneadh thar blianta as a chéile (ach chaithfí leo, faoin dlí coiriúil, mar cion leanúnach ag a bhfuil críoch amháin) agus ina dtugtar faoi ionchúiseamh riaracháin i leith na ngníomhartha i mbliain amháin agus ionchúiseamh coiriúil i mbliain eile? Nach gcaithfear caitheamh leis na gníomhartha sin mar ghníomhartha atá doscartha óna chéile ós rud é gur rinneadh iad thar blianta as a chéile?

4.

An gcaithfear Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfaí imeachtaí a thionscnamh chun fíneáil riaracháin de chineál coiriúil a chur ar dhuine i ndáil le gníomh dá gciontaíodh é go críochnaitheach ina leith cheana féin faoin dlí coiriúil, cé go dtugtar faoin dá shraith imeachtaí go hiomlán neamhspleách ar a chéile agus gurb é an t-aon ráthaíocht go mbeidh déine na bpíonós go léir a chuirfear i gcomhréir le déine an chiona faoi cheist ná go bhféadfaidh an chúirt chánach athbhreithniú comhréireachta a dhéanamh sa chás, d’ainneoin nach leagtar síos aon rialacha ina leith sin sa reachtaíocht náisiúnta ná aon rialacha lena gceadófar don údarás riaracháin a chur san áireamh an pionós coiriúil a cuireadh cheana féin?


(1)  Btw-wetboek (Cód CBL na Beilge).

(2)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/4


Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy w Siemianowicach Śląskich (an Pholainn) a taisceadh an 30 Bealtaine 2023 – Horyzont Niestandaryzowany Sekurytyzacyjny Fundusz Inwestycyjny Zamknięty v LC

(Cás C-339/23, Horyzont)

(2023/C 314/05)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy w Siemianowicach Śląskich

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Horyzont Niestandaryzowany Sekurytyzacyjny Fundusz Inwestycyjny Zamknięty

Cosantóir: LC

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 8 de Threoir 2008/48/CE an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE (1) ón gComhairle, a léiriú sa chaoi go gcuirtear de cheangail ar an gcreidiúnaí measúnú creidmheasa a dhéanamh ar an tomhaltóir (iasachtaí), mar a leagtar amach ann, coibhéiseach leis na hoibleagáidí eile a leagtar síos sa Treoir sin (go háirithe na hoibleagáidí maidir le faisnéis a sholáthar a leagtar amach in Airteagail 10 et seq.), agus dá bhrí sin ní féidir leis na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 23 den Treoir a bheith éagsúil, is é sin le rá, nach féidir foráil a dhéanamh maidir le hiarmhairtí dlíthiúla éagsúla i gcás gach ceann de na hoibleagáidí sin a shárú ar leithligh?


(1)  IO 2008 L 133, lch. 66.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/4


Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-grad (an Bhulgáir) a taisceadh an 7 Meitheamh 2023 – LF v Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia za bezhantsite

(Cás C-352/23[Changu] (1))

(2023/C 314/06)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Sofia-grad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LF

Cosantóir: Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia za bezhantsite

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear aithris 15, Airteagal 2(h) agus Airteagal 3 de Threoir 2011/95 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar a léiriú sa chaoi go gceadaítear do Bhallstát leo reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh lena dtugtar cosaint idirnáisiúnta ar chúiseanna teaghlaigh nó daonnúla nach bhfuil, de réir aithris 15 agus Airteagal 2(h) de Threoir 2011(95) (cineál eile cosanta), ag luí le loighic agus spiorad Threoir 2011/95, nó an é nach mór, i gcás den sórt sin, an deis a leagtar síos sa dlí náisiúnta maidir le cosaint a thabhairt ar ‘chúiseanna daonnúla’, de réir Airteagal 3 de Threoir 2011/95, a bheith i gcomhréir leis na caighdeáin a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta?

2.

An bhfuil oibleagáid faoi aithris 12 agus Airteagal 14(2) de Threoir 2008/115 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) ar Bhallstáit dearbhú i scríbhinn a eisiúint go héigeantach do náisiúnaigh tríú tír lena ndeimhnítear go bhfuil siad ag fanacht go mídhleathach ach nach féidir iad a chur ar ais go fóill?

3.

I gcóras reachtaíochta náisiúnta, ina bhfuil an t-aon fhoráil lena rialaítear stádas náisiúnaigh tríú tír ar ‘chúiseanna daonnúla’ in Airteagal 9(8) den Zakon za ubezhishteto i bezhantsite (Dlí maidir le tearmann agus teifigh, ‘ZUB’), an bhfuil léiriú ar an bhforáil náisiúnta sin, ar léiriú é nach bhfuil ag luí leis na saintréithe agus na cúiseanna i dTreoir 2011/95 i gcomhréir le haithris 15, Airteagal 2(h) agus Airteagal 3 de Threoir 2011/95?

4.

An gceanglaítear le hAirteagail 1, 4 agus 7 den Chairt, chun críoch Treoir 2011/95 a chur i bhfeidhm, scrúdú ar cé acu an ionann fanacht fada náisiúnaigh tríú tír gan stádas rialtaithe i mBallstát agus cúis neamhspleách chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt mar gheall ar ‘chúiseanna daonnúla práinneacha’ nó nach ionann?

5.

An gceadaítear, leis an oibleagáid dhearfach atá ar Bhallstát an chosaint faoi Airteagail 1 agus 4 den Chairt a áirithiú, léiriú leathan ar an mbeart náisiúnta faoi Airteagal 9(8) de ZUB nach luíonn le loighic agus caighdeáin na cosanta idirnáisiúnta faoi Threoir 2011/95, agus an gceanglaítear léiriú léi atá bunaithe go heisiach ar chosaint na gceart bunúsach absalóideach faoi Airteagail 1 agus 4 den Chairt?

6.

Mura dtugtar an chosaint faoi Airteagal 9(8) de ZUB do náisiúnach tríú tír atá sa chás céanna leis an iarratasóir, an féidir leanúint as sin nach bhfuil a oibleagáidí faoi Airteagal 1, 4 agus 7 á gcomhlíonadh ag an mBallstát?


(1)  Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

(2)  IO 2011 L 337, lch. 9.

(3)  IO 2008 L 348, lch. 98.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/5


Iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Ísiltír) a taisceadh an 8 Meitheamh 2023 – LM BV v Minister van Landbouw, Natuur en Voedselkwaliteit

(Cás C-354/23, Seberts (1))

(2023/C 314/07)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

College van Beroep voor het bedrijfsleven

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LM BV

Cosantóirí: Minister van Landbouw, Natuur en Voedselkwaliteit

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear na Treoirlínte ón Aontas Eorpach maidir le Státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe 2014-2020 (2014/C 204/01) (2), go háirithe míreanna 135, 136, 137 agus 144(a) dóibh, a léiriú sa chaoi nach bhfuil ann do chabhair infheistíochta lena gcumhdaítear na costais a bhaineann le tógáil, ceannach nó athchóiriú maoine dochorraithe ach amháin i gcás ina bhfuil nó ina mbeidh faighteoir an fhóirdheontais féin ina úinéir den mhaoin dhochorraithe lena mbaineann na costais sin?


(1)  Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  IO 2014 C 204, lch. 1.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/6


Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 9 Meitheamh 2023 – ‘Vivacom Bulgaria’ EAD v Varhoven administrativen sad, Natsionalna agentsia za prihodite

(Cás C-369/23, Vivacom Bulgaria)

(2023/C 314/08)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí:‘Vivacom Bulgaria’ EAD

Cosantóirí agus freagróirí ar an achomharc ar phointe dlí: Varhoven administrativen sad, Natsionalna agentsia za prihodite

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 2c(1)(1) den Zakon za otgovornostta na darzhavata i obshtinite za vredi (Dlí maidir le dliteanas an Stáit agus na mbardas as damáiste), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 203(3) agus Airteagal 128(1)(6) den Administrativnoprotsesualen kodeks (Cód an Nós Imeachta Riaracháin), faoina bhfuil caingean le haghaidh cúitimh i ndáil le damáiste mar gheall ar shárú de chuid an Varhoven administrativen sad (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, ‘VAS’) ar dhlí an Aontais, ina bhfuil VAS an cosantóir, le scrúdú ag an gcúirt sin ag an gcéim dheiridh?


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/6


Iarraidh ar réamhrialú ón Korkein oikeus (an Fhionlainn) a taisceadh an 22 Meitheamh 2023 – Paisinéir A v Finnair Oyj

(Cás C-385/23, Finnair)

(2023/C 314/09)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Paisinéir A

Cosantóir: Finnair Oyj

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An féidir le haeriompróir brath ar imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 5(3) de Rialachán Uimh. 261/2004 (1) toisc amháin gur aimsigh an monaróir aerárthaigh go raibh locht deartha ceilte ann a dhéanann dochar do shábháilteacht eitiltí agus a bhaineann leis an gcineál aerárthaigh iomlán, cé nár aimsíodh sin ach tar éis moill a bheith curtha ar an eitilt nó í a bheith curtha ar ceal?

2.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar an gcéad cheist agus nach mór a scrúdú an é atá i gceist leis na himthosca faoi cheist ná tarluithe atá ina gcuid den ghníomhaíochta a bhíonn ar bun go gnách ag an aeriompróir lena mbaineann agus a bhfuil, mar gheall ar a gcineál nó a mbunús, faoina smacht go hiarbhír, an bhfuil feidhm ansin ag cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le teip roimh am ar pháirteanna áirithe teicniúla i gcás amhail an cás seo, ina nach raibh an monaróir ná an t-aeriompróir ar an eolas, nuair a cuireadh an eitilt ar ceal, faoin gcineál locht a bhí sa chineál aerárthaigh nua faoi cheist ná faoi conas é a réiteach?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/7


Caingean arna tabhairt an 5 Iúil 2023 — an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóvaice

(Cás C-412/23)

(2023/C 314/10)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara agus R. Lindenthal, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Slóvaice

An t-ordú atá á lorg

a dhearbhú, trí mhainneachtain a áirithiú, go leanúnach, in 2015, 2016, 2016 agus ó 2018, gur íoc entitis phoiblí a sholáthraíonn cúram sláinte a bhfiacha tráchtála laistigh d’uastréimhse de 60 lá féilire, agus mar thoradh ar an gcás sin a bheith ann go leanúnach, agus ó 2018 ar aghaidh, gur mhainnigh Poblacht na Slóvaice a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Threoir 2011/7 (1) maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála, go háirithe Airteagal 4(3) agus Airteagal 4(4)(b) di;

a ordú do Phoblacht na Slóvaice na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Faoi Airteagal 4(3) de Threoir 2011/7, bhí Poblacht na Slóvaice lena áirithiú, in idirbhearta tráchtála ina raibh an féichiúnaí ina údarás poiblí, nach raibh an tréimhse chun na suimeanna sin a íoc atá dlite mar luach saothair as na hidirbhearta sin le gnóthais níos faide ná 30 lá féilire ó chomhlíonadh na n-imthosca fíorasacha atá liostaithe ann. Idir an dá linn, faoi Airteagal 4(4)(b) den Treoir, is féidir le heintitis phoiblí i bPoblacht na Slóvaice a sholáthraíonn cúram sláinte an spriocdháta sin a shíneadh go 60 lá féilire.

Mhainnigh Poblacht na Slóvaice, áfach, a áirithiú, i gcás na n-eintiteas poiblí sin a sholáthraíonn cúram sláinte, nár faide ná 60 lá féilire an tréimhse le haghaidh íocaíochta in idirbhearta tráchtála ina bhfuil na heintitis sin ina bhféichiúnaithe.

Ó shonraí a bhaineann leis an meántréimhse chun fiacha a íoc ar an gcuid sin d’ospidéil phoiblí in idirbhearta tráchtála, is léir gur mhainnigh Poblacht na Slóvaice Airteagal 4(3) agus Airteagal 4(4)(b) den Treoir a chomhlíonadh go leanúnach in 2015, 2016, 2017 agus ó 2018 go dtí an tráth ar taisceadh an t-iarratas reatha.


(1)  Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO 2011 L 48, lch. 1).


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/8


Achomharc arna thabhairt an 12 Iúil 2023 ag SN i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 3 Bealtaine 2023 i gCás T-249/21, SN v an Pharlaimint

(Cás C-430/23 P)

(2023/C 314/11)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: SN (ionadaí: P. Eleftheriadis, Abhcóide)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

an breithiúnas a thug an Cúigiú Dlísheomra de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh i gCás T-249/21, SN v Parlaimint na hEorpa a chur i leataobh go páirteach, a mhéid a dhearbhaítear leis an mbreithiúnas bailíocht pháirteach an Chinnidh ó Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa, maidir le SN, dar dáta an 21 Nollaig 2020 agus Nóta Dochair Uimh. 7010000021, a dhírítear chuig SN, do mhéid EUR 196 199,84, dar dáta an 15 Eanáir 2021,

an Cinneadh ó Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa maidir le SN, dar dáta an 21 Nollaig 2020, a chur ar neamhní go hiomlán,

Nóta Dochair Uimh. 7010000021, a dhírítear chuig SN, le haghaidh EUR 196 199,84, dar dáta an 15 Eanáir 2021, a chur ar neamhní ina iomláine,

a ordú do Pharlaimint na hEorpa costais na nAchomharcóirí as na himeachtaí seo a íoc, lena n-áirítear na costais os comhair na Cúirte seo agus os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

1)

Mainneachtain tástáil ‘eolais’ 137 CEOS a chur i bhfeidhm  (1): Sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí an Aontais Eorpaigh trí mhainneachtain a mheas go bhfuil aisghabháil tuarastail Cúnaimh Pharlaimintigh ag Feisire den Pharlaimint faoi réir na dtástálacha ‘eolais’ d’Airteagal 137 CEOS agus 85 de na Rialacháin Foirne, lena gceanglaítear go mbeidh eolas iarbhír nó glactha ag faighteoir íocaíochta i gcásanna cúnaimh pharlaimintigh nach raibh an íocaíocht dlite.

2)

Mainneachtain fíorbhrí Airteagal 33 IMMS a chur i bhfeidhm  (2): Sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí an Aontais Eorpaigh trí mhainneachtain Airteagail 33 agus 68 de IMMS a chur i bhfeidhm i gceart, lena gceanglaítear gurb ionann íoc tuarastail le cúntóir parlaiminteach agus tuarastal, agus nach táille é sin, ionas go mbeidh sé ‘neamhdhlite’ faoi dhlí an Aontais Eorpaigh nuair nach bhfuil an íocaíocht dlite faoi théarmaí an chonartha fostaíochta, faoi théarmaí caighdeánacha fostaíochta do chúntóirí parlaiminteacha, agus sa chás sin amháin.

3)

Mainneachtain Ceart Feisire chun Saoirse agus Neamhspleáchais a Chosaint : Sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí an Aontais Eorpaigh toisc nár chosain sí go leordhóthanach Ceart na bhFeisirí chun Saoirse agus Neamhspleáchais (Airteagal 2 agus Airteagal 21(2) de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa), trí chóras diandliteanais a fhorchur i leith earráidí neamhurchóideacha atá chomh dothuartha agus chomh dochraideach sin nach bhfuil sé ag luí le ceart na bhFeisirí chun saoirse agus neamhspleáchais.


(1)  Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 1962 45, lch. 1385).

(2)  Cinneadh ón mBiúró an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 maidir le bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO 2009 C 159, lch. 1).


Chúirt Ghinearálta

4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/9


Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 12 Iúil 2023 — Multiópticas v EUIPO — Nike Innovate (Léiriú ar dhá chruth geoiméadracha dubha)

(Cás T-487/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais lena léirítear dhá chruth gheoiméadracha dubha - Marcanna fíortha de chuid an Aontais agus náisiúnta níos luaithe mó - Foras coibhneasta le diúltú - Easpa dochar do chlú - Easpa cosúlacht idir na comharthaí - Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 314/12)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Multiópticas S. Coop. (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: López Camba agus A. Lyubomirova Geleva, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Nike Innovate CV (Beaverton, Oregon, Stáit-Aontaithe Mheiriceá)

Ábhar

Lena chaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Meitheamh 2022 (Cás R 1762/2021-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Multiópticas S. Coop. agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.


(1)  IO C 368, 26.9.2022.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/9


Caingean arna tabhairt an 27 Meitheamh 2023 – Zalando v an Coimisiún

(Cás T-348/23)

(2023/C 314/13)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Zalando SE (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: R. Briske, K. Ewald, L. Schneider agus J. Trouet, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 25 Aibreán 2023, C(2023) 2727 final a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna dlí seo a leanas.

1.

An chéad saincheist dlí: cur i bhfeidhm mícheart de raon Rialachán (AE) 2022/2065 (1) (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha; ‘DSA’) agus earráid dlí i gcur i bhfeidhm DSA

Tá an t-iarratasóir den tuairim nach bhfuil feidhm ag DSA ina leith, ós rud é nach seirbhís idirghabhálach é cheana agus dá bhrí sin ní seirbhís óstála ná ardán ar líne é de réir bhrí DSA. Tá an cur ar fáil riachtanach d’ábhar tríú páirtí in easnamh uaidh. Cuireann an t-iarratasóir a ábhar féin ar fáil trí dhíol a alt agus ghlac sé go hiomlán le hábhar a pháirtnéirí trí phróiseas ionduchtaithe dian.

Fiú dá mba rud é go raibh cuid den tseirbhís incháilithe mar ardán ar líne, níor shroich sé an tairseach de 45 mhilliún úsáideoir gníomhach míosúil. Déanann an cosantóir neamhaird ar chineál hibrideach na seirbhíse: ní nochtar ábhar arna chur ar fáil ag tríú páirtithe go huathoibríoch chuig úsáideoirí uile na seirbhíse, ach tá gá le difreáil bheacht.

Bhraith an cosantóir ar critéir earráideacha, amhail neamh-inaitheantas líomhainte an tsoláthróra. Mainníonn sé a aithint nach saintréith chinntitheach é sin, ach, ina ionad sin, agus measúnaithe dhlí an Aontais á gcur san áireamh, go dtacaíonn sé leis an toimhde gurb ann d’ábhar féin.

2.

An dara saincheist dlí: tá Airteagal 33(1) agus (4) i gcomhar le hAirteagal 24(2) de DSA doiléir

Tá na sonraíochtaí chun an luach tairsí a ríomh ró-neamhbheacht agus sáraítear prionsabal na deimhneachta faoi dhlí an Aontais leo. Dá bhrí sin níl Airteagal 33(1) de DSA ina bhunús dlí i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní leor aithris 77 de DSA d’inchinntitheacht an mhodha ríofa mar gheall ar a cineál dlíthiúil agus a hinneachar neamhiomlán, ós rud go bhfágtar an iomarca ceisteanna riachtanacha gan freagra. Sonraítear léi le cumhdach amháin, ach níos conas iad a chumhdach. Ar deireadh, ní fhéadfaí na critéir a chinneadh go leordhóthanach gan gníomh tarmligthe a ghlacadh. Léirítear go follasach an neamhdhóthanacht trí chomparáid a dhéanamh le Rialachán (AE) 2022/1925 (2) (an Gníomh um Margaí Digiteacha): tá an Rialachán sin bunaithe go páirteach ar an tairseach céanna, ach téann sé níos faide agus sonraítear leis na critéir ríofa in Iarscríbhinn ar leith. Tá easpa sonraíochtaí ríofa atá nithiúla go leor ann freisin, áfach.

3.

An tríú saincheist dlí: sárú ar phionsabal ginearálta an comhionannais

Sáraítear le neamh-inchinntitheacht an mhodha ríofa an chéad abairt d’Airteagal 2 CAE agus Airteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ós rud é go n-eascraíonn cóir neamhionann (de facto) as do sholáthróirí árdán ar líne. Líonann na soláthróirí an bearna, a chruthaítear go háirithe leis an bhfíoras go gcuirtear cosc ar úsáideoirí indibhidiúla a rianú, le modhanna neamhréireacha agus neamh-thrédhearcacha. Ag an am céanna, ní fhoráiltear le DSA do rialú éigeantach ar gach modh ríofa, ach do sheiceálacha ad hoc amháin. Ní chruthaítear cothrom na Féinne leis seo do sholáthróirí seirbhíse atá in iomaíocht lena chéile. Thairis sin, sáraítear prionsabal na córa comhionainne le DSA trí thairseach glan a chur i bhfeidhm i leith gach árdán ar líne, gan beann ar chritéir rioscabhunaithe na seirbhísí faoi seach.

4.

An ceathrú saincheist dlí: sárú ar phionsabal na comhréireachta

Cuirtear isteach go díréireach ar shaoirsí agus ar chearta bunúsacha an iarratasóra agus mar sin sáraítear prionsabal na comhréireachta arna leagan amach sa dara fomhír d’Airteagal 5(4) CAE le cur i bhfeidhm DSA. Ar thaobh amháin, tá an tairseach glan míoiriúnach, agus, ar an taobh eile, níl gá oibleagáidí eile a fhorchur ar an iarratasóir a thuilleadh, ós rud é go ndéantar (ró-)rialú ar thrádáil ar líne cheana.

5.

An cúigiú saincheist dlí: sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua

Ina chinneadh, sháraigh an cosantóir an oibleagáid cúiseanna a lua faoi Airteagal 296 CFAE, sa chaoi nach raibh sé intuigthe don iarratasóir mar pháirtí a raibh sé dírithe air. Ní dhéantar aon chumhdach faoin sainmhíniú ar sheirbhís óstála de réir bhrí Airteagal 3(g)(iii) de DSA, cé go bhfuil sin cinntitheach maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 33 de DSA.


(1)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO 2022 L 277, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO 2022 L 265, lch. 1).


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/11


Caingean arna tabhairt an 5 Iúil 2023 – Hypo Vorarlberg Bank v BRA

(Cás T-369/23)

(2023/C 314/14)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Hypo Vorarlberg Bank AG (Bregenz, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A. Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an Bhoird Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante le haghaidh 2023 chuig an gCiste Réitigh Aonair (SRB/ES/2023/23) in éineacht leis na hiarscríbhinní, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí: sárú ar Airteagal 102 de Threoir 2014/59/AE, (1) Airteagal 69 agus Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, (2) Airteagal 3 agus Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 (3) agus ar phrionsabal na comhréireachta mar gheall ar an spriocleibhéal a chinneadh go mícheart, ós rud é gur shocraigh an cosantóir spriocleibhéal iomarcach atá ar neamhréir le creat dlí an Aontais.

2.

An dara saincheist dlí: sárú ar Airteagal 70(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE, Airteagal 6(1) go (6), Airteagal 7(2), Airteagal 20 agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 mar gheall ar an mainneachtain trí tháscaire riosca a chur i bhfeidhm, ós rud é, ar neamhréir le ceanglais dhlí an Aontais, nár chuir an cosantóir na táscairí riosca seo a leanas i bhfeidhm: (i) ‘cistí dílse agus dliteanais incháilithe ag an institiúid de bhreis ar an íoscheanglas do chistí dílse agus dliteanais incháilithe’, (ii) ‘castacht’ agus (iii) ‘inréiteacht’.

3.

An tríú saincheist dlí: sárú ar Airteagal 6(5) agus (7), Airteagal 7(2), Airteagal 4 agus Céim 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 mar gheall ar an gcur i bhfeidhm agus ar an ualú mícheart den táscaire riosca ‘ballraíocht i scéim cosanta institiúideach’ (SCI), go háirithe toisc nach ndearnadh aon mheasúnú ar an SCI.

4.

An ceathrú saincheist dlí: sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

Sáraítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid an oibleagáid cúiseanna a lua faoin dara mír d’Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt, ós rud é nár comhlíonadh na ceanglais arna leagan síos ag an gCúirt Bhreithiúnais i gCás C-584/20 P (4) maidir le raon na hoibleagáide cúiseanna a lua.

5.

An cúigiú saincheist dlí: sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna leordhóthanacha a lua le feidhmiú cumhachtaí lánroghacha suntasacha.

Sáraítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid an oibleagáid cúiseanna a lua faoin dara mír d’Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt, ós rud é, i leith cumhachtaí lánroghnacha an chosantóra, nár míníodh cad iad na measúnuithe a rinne an cosantóir agus na forais is bunús leo sin. Ní féidir, mar sin, feidhmiú treallach den lánrogha ag an gcosantóir a chur as an áireamh.

6.

An séú saincheist dlí: sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta mar gheall ar easpa éisteachta a bheith ann agus mainneachtain an ceart chun éisteacht a fháil a urramú.

Níor deonaíodh an ceart chun éisteacht a fháil ar an iarratasóir sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid ná sular eisiadh an fógra ranníocaíochta bunaithe ar an gcinneadh sin, rud atá ar neamhréir le hAirteagal 41(1) agus (2)(a) den Chairt. Anuas air sin, níor tugadh le linn an comhairliúcháin a rinne an cosantóir deis tráchtaireacht a dhéanamh go héifeachtach agus go hiomlán ar fhíor-ríomh na ranníocaíochta.

7.

An seachtú saincheist dlí: neamhdhleathacht Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 mar bhunús dlí don chinneadh atá faoi chonspóid agus neamhdhleathacht na modheolaíochta coigeartaithe riosca arna leagan síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 agus neamhdhleathacht na gcumhachtaí lánroghnacha arna ndeonú do BRA.

Cruthaítear le hAirteagail 4 go 7 agus Airteagail 9, 17 agus 20 chomh maith le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63, ar a bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe, córas neamh-thrédhearcach agus neamhábhartha chun ranníocaíochtaí a chinneadh atá ar neamhréir le hAirteagail 16, 17, 41 agus 47 den Chairt, agus ní ráthaítear, faoin gcóras sin, comhréireacht le hAirteagail 20 agus 21 den Chairt agus urramú ar phrionsabail na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla.

8.

An t-ochtú saincheist dlí: neamhdhleathacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 (5) mar bhunús dlí don chinneadh atá faoi chonspóid.

Sáraítear na Conarthaí leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ós rud é go sáraítear na teorainneacha arna leagan síos le hAirteagal 70(7) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 291 CFAE le hAirteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81, agus nach dtugtar leis an Rialachán Cur Chun Feidhme ná leis an mbunús dlí ráiteas ar chúiseanna i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 296 CFAE.

9.

An naoú saincheist dlí: neamhdhleathacht Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 mar bhunús dlí do Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81, agus dá bhrí sin, don chinneadh atá faoi chonspóid.

Mar mhalairt rogha, maíonn an t-iarratasóir go bhfuil forálacha Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 lena bhforáiltear don chóras ranníocaíochta arna chur chun feidhme le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 agus lena ndeonaítear cumhachtaí lánroghnacha forleathana don chosantóir, neamhdhleathach. A mhéid nach bhféadfaí na forálacha sin, go háirithe Airteagal 69(1) agus (2), Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus Airteagal 102(1) agus (2) de Threoir 2014/59/AE, a léiriú i gcomhréir leis an dlí príomha, tá siad ar neamhréir leis an bprionsabal cúiseanna a lua le gníomhartha dlí, le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, agus leis na Conarthaí (go háirithe an dara mír d’Airteagal 1 CAE agus Airteagail 15, 296 agus 298 CFAE) agus leis an gCairt (go háirithe Airteagail 16, 17, 41, 42 agus 47 di).


(1)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1)

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante le socruithe um maoiniú réitigh (IO 2015 L 11, lch. 44).

(4)  Breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v Landesbank Baden-Württemberg agus BRA, C-584/20 P agus C-621/20 P, EU:C:2021:601.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 an 19 Nollaig 2014 ón gComhairle lena sonraítear coinníollacha aonfhoirmeacha chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair (IO 2015 L 15, lch. 1)


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/13


Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2023 – Volkskreditbank v BRA

(Cás T-374/23)

(2023/C 314/15)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Volkskreditbank AG (Linz, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A. Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an Bhoird Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante le haghaidh 2023 chuig an gCiste Réitigh Aonair (SRB/ES/2023/23) in éineacht leis na hiarscríbhinní, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí arb ionann iad agus na saincheisteanna dlí arna maíomh i gCás T-369/23, Hypo Vorarlberg Bank v BRA.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/14


Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2023 – Hypo-Bank Burgenland v BRA

(Cás T-386/23)

(2023/C 314/16)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Hypo-Bank Burgenland AG (Eisenstadt, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A. Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, an chaingean seo le haghaidh neamhniú a uamadh le cás den chineál céanna T-387/23, Schelhammer Capital BankBRA atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna aici, chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí atá comhionann leo siúd arna maíomh i gCás T-369/23, Hypo Vorarlberg BankBRA.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/14


Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2023 – Schelhammer Capital Bank v BRA

(Cás T-387/23)

(2023/C 314/17)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Schelhammer Capital Bank AG (Vín, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A. Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, an chaingean seo le haghaidh neamhniú a uamadh le cás den chineál céanna T-386/23, Hypo-Bank BurgenlandBRA atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna aici, chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí atá comhionann leo siúd arna maíomh i gCás T-369/23, Hypo Vorarlberg BankBRA.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/15


Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2023 – Barry’s Bootcamp v EUIPO – Hummel (Léiriú ar dhá rachtán chothrománacha dhubha)

(Cás T-390/23)

(2023/C 314/18)

An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Barry’s Bootcamp Holdings LLC (Miami, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: M. Hawkins, T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Hummel Holding A/S (Aarhus, an Danmhairg)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eoroaigh (Léiriú ar dhá rachtán chothrománacha dhubha) — Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 015 377

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 5 Aibreán 2023 i gCás R 1423/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

ordú a thabhairt don chosantóir agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcás ina ndéanfadh sé idirghabháil, costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/16


Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Imerys Aluminates Groupe v an Coimisiún

(Cás T-391/23)

(2023/C 314/19)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Imerys Aluminates Groupe (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: Y. Martinet, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a chinneadh gur ghlac an Coimisiún Eorpach, trí dhoiciméad dar teideal ‘Frequently Asked Questions on Free Allocation Rules for the EU ETS post 2020’ (Ceisteanna Coitianta faoi Rialacha maidir le Leithdháileadh Saor in Aisce do CTA an Aontais i ndiaidh 2020), dar dáta an 22 Iúil 2019, léiriú lena ndéantar dochar don iarratasóir agus atá de cheangal ar na Ballstáit, mar a rinne an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc) (cúirt náisiúnta céime deiridh) léiriú air;

a ordú don Choimisiún Eorpach go gcúiteodh sé an dochar a bhain don chuideachta Imerys Aluminates trí ghlacadh an doiciméid dar teideal ‘Frequently Asked Questions on Free Allocation Rules for the EU ETS post 2020’ (Ceisteanna Coitianta faoi Rialacha maidir le Leithdháileadh Saor in Aisce do CTA an Aontais i ndiaidh 2020), dar dáta an 22 Iúil 2019, arb ionann é agus EUR 40 075 347;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

(1)

An chéad saincheist dlí: cion déanta ag an gCoimisiún de dheasca doiciméad a ghlacadh an 22 Iúil 2019 dar teideal ‘Frequently Asked Questions on Free Allocation Rules for the EU ETS post 2020’ (Ceisteanna Coitianta faoi Rialacha maidir le Leithdháileadh Saor in Aisce do CTA an Aontais i ndiaidh 2020, ‘Ceisteanna Coitianta’). Tá trí chuid sa tsaincheist seo:

An chéad chuid: sárú ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh.

An dara cuid: sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

An tríú cuid: sárú ar Airteagal 6 de Choinbhinsiún Aarhus.

(2)

An dara saincheist dlí: sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla i gcás ina ndéanfaí léiriú ar Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/4471 (1) amhail go leagtar amach go hintuigthe ann na rialacha um léiriú a leagtar amach go sainráite sna Ceisteanna Coitianta dar dáta an 22 Iúil 2019.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir Uimh. 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2021 L 87, lch. 29).


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/16


Caingean arna tabhairt an 14 Iúil 2023 – Stada Arzneimittel v EUIPO – Bioiberica (DAOgest)

(Cás T-396/23)

(2023/C 314/20)

An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Stada Arzneimittel AG (Bad Vilbel, an Ghearmáin) (ionadaithe: J.-C. Plate, R. Kaase agus K. Schmid-Burgk, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Bioiberica, SAU (Palafolls, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘DAOgest’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 332 942

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 25 Aibreán 2023 i gCás R 1384/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/17


Caingean arna tabhairt an 14 Iúil 2023 – Bodegas Aguiuncho v EUIPO – Mar de Frades (ALBARIÑO mar de ons)

(Cás T-398/23)

(2023/C 314/21)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Bodegas Aguiuncho, SL (Sanxenxo, an Spáinn) (ionadaí: J. M. Diez Roig, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mar de Frades, SL (Cartagena, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘ALBARIÑO mar de ons’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 408 426

Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 18 Bealtaine 2023 i gCás R 0164/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a leasú;

an cinneadh a dhéanamh go ngéillfí don iarratas ar an trádmharc faoi cheist in Aicme 33 den Aicmiú, mar aon leis na héifeachtaí ag dul lena leithéid de dhearbhú.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Leas infhaighteachta.

Cómhaireachtáil shítheach trádmharcanna.

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Sárú ar an méid a cinneadh i mbreithiúnas an 24 Meitheamh 2014, Rani Refreshments v OHIM — Global-Invest Bartosz Turek (Sani), T-523/12, nár foilsíodh, EU:T:2014:571.

Sainiúlacht an léirithe ghrafaigh.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/18


Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2023 – Erste Group Bank v BRA

(Cás T-400/23)

(2023/C 314/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Erste Group Bank AG (Vín, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, na cásanna seo a leanas den chineál céanna, atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna acu, a uamadh chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta: T-400/23, Erste Group Bank v BRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen Sparkassen v BRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse Bank v BRA, T-404/23, Kärntner Sparkasse v BRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte West v BRA, T-406/23, Tiroler Sparkasse v BRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse Bank v BRA, T-408/23, Sparkasse Oberösterreich Bank v BRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir an tsaincheist dlí seo a leanas:

Leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, sáraítear Airteagal 102 de Threoir 2014/59/AE (1), Airteagal 69 agus Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (2), Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 (3) agus prionsabal na comhréireachta de bharr cinneadh mícheart maidir leis an spriocleibhéal, toisc gur shocraigh an cosantóir spriocleibhéal iomarcach atá contrártha do chreat dlí an Aontais.


(1)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante le socruithe um maoiniú réitigh (IO 2015 L 11, lch. 44).


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/19


Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2023 – Erste Bank der österreichischen Sparkassen v BRA

(Cás T-401/23)

(2023/C 314/23)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Erste Bank der österreichischen Sparkassen AG (Vín, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A. Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfí ar neamhní Cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23) agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir ar a laghad, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais go léir a íoc.

Chomh maith leis sin, iarrann an t-iarratasóir go n-uamfaí na cásanna comhchosúla seo a leanas chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an bhreithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta ar an bhforas go bhfuil baint acu le chéile agus go bhfuil aon ábhar amháin acu: T-400/23, Erste Group Bank v BRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen Sparkassen v BRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse Bank v BRA, T-404/23, Kärntner Sparkasse v BRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte West v BRA, T-406/23, Tiroler Sparkasse v BRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse Bank v BRA, T-408/23, Sparkasse Oberösterreich Bank v BRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Bunaítear an chaingean ar aon saincheist dlí amháin, arb ionann í agus an tsaincheist arna hardú i gCás T-400/23, Erste Group Bank v BRA.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/20


Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA

(Cás T-402/23)

(2023/C 314/24)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Steiermärkische Bank und Sparkassen AG (Graz, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A. Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, na cásanna seo a leanas den chineál céanna, atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna acu, a uamadh chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta: T-400/23, Erste Group BankBRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen SparkassenBRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und SparkasseBRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse BankBRA, T-404/23, Kärntner SparkasseBRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte WestBRA, T-406/23, Tiroler SparkasseBRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse BankBRA, agus T-408/23, Sparkasse Oberösterreich BankBRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 102 de Threoir 2014/59/AE (1), Airteagal 69 agus Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (2), Airteagal 3 agus Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 (3) agus prionsabal na comhréireachta de bharr cinneadh mícheart maidir leis an spriocleibhéal, toisc gur shocraigh an cosantóir spriocleibhéal iomarcach atá contrártha do chreat dlí an Aontais.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

Sáraítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid an oibleagáid cúiseanna a lua dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt, toisc nár comhlíonadh na ceanglais maidir le raon feidhme na hoibleagáide cúiseanna a lua arna leagan síos ag an gCúirt Bhreithiúnais i gCás C-584/20 P (4).

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua i ndáil le cumhachtaí lánroghnacha suntasacha an chosantóra a fheidhmiú.

Sáraítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE agus in Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt, toisc, maidir le cumhachtaí lánroghnacha an chosantóra, nár cuireadh in iúl na measúnuithe a rinne an cosantóir ná na cuiseanna leo. Dá bhrí sin, ní fhéadfar a chur as an áireamh gur bhain an cosantóir leas as an discréid sin go treallach.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta de bharr easpa éisteachta agus nár comhlíonadh an ceart chun éisteacht chóir a fháil.

Contrártha le hAirteagal 41(1) agus (2)(a) den Chairt, níor tugadh an ceart don iarratasóir éisteacht a fháil sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid nó sular eisíodh an fógra ranníocaíochtaí bunaithe ar an gcinneadh sin. Níorbh fhéidir barúlacha éifeachtacha agus cuimsitheacha maidir le ríomh sonrach na ranníocaíochta a chur isteach ach oiread mar chuid den chomhairliúchán a rinne an cosantóir.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleathacht Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 mar bhunús dlí don chinneadh atá faoi chonspóid, neamhdhleathacht an mhodha coigeartaithe riosca dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 agus na gcumhachtaí lánroghnacha a tugadh do BRA.

Le hAirteagail 4 go 7, 9, 17 agus 20 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63, mar aon le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann leis, ar a bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe, cruthaítear córas nach bhfuil trédhearcach ná oibiachtúil chun ranníocaíochtaí a shocrú atá contrártha d’Airteagail 16, 17, 41 agus 47 den Chairt agus nach n-áirithítear leis go gcomhlíontar Airteagail 20 agus 21 den Chairt nó go gcomhlíontar prionsabail na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla.

6.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleathacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 (5) mar bhunús dlí don chinneadh atá faoi chonspóid.

Sáraítear na Conarthaí leis an gcinneadh atá faoi chonspóid toisc go sáraíonn Airteagal 8 de Rialachán Cur Chur Feidhme (AE) 2015/81 na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 70(7) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, arna léamh in éineacht le hAirteagal 291 CFAE, agus nach bhfuil cúiseanna cuí leis an Rialachán Cur Chun Feidhme ná leis an mbunús dlí i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 296 CFAE.

7.

An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleathacht Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 mar bhunús dlí le haghaidh Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 agus le haghaidh an chinnidh atá faoi chonspóid dá réir sin.

Mar mhalairt air sin, maíonn an t-iarratasóir go bhfuil forálacha Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, lena leagtar síos córas na ranníocaíochtaí a chuirtear chun feidhme le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 agus lena ndeonaítear cumhachtaí lánroghnacha róleathan don chosantóir, neamhdhleathach. A mhéid nach féidir na forálacha sin, go háirithe Airteagal 69(1) agus (2) agus Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus Airteagal 102(1) agus (2) de Threoir 2014/59/AE, a léiriú mar fhorálacha atá i gcomhréir leis an dlí phríomha, tá siad contrártha don oibleagáid cúiseanna a lua le gníomhartha dlíthiúla, do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus do na Conarthaí (go háirithe an dara mír d’Airteagal 1 CAE agus Airteagail 15, 296 agus 298 CFAE) agus don Chairt (go háirithe Airteagail 16, 17, 41, 42 agus 47 di).


(1)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante leis na socruithe um maoiniú réitigh (IO 2015 L 11, lch. 44).

(4)  Breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v Landesbank Baden-Württemberg agus BRA, C-584/20 P agus C-621/20 P, EU:C:2021:601.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 ón gComhairle an 19 Nollaig 2014 lena sonraítear coinníollacha aonfhoirmeacha chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair (IO 2015 L 15, lch. 1).


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/21


Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Dornbirner Sparkasse Bank v BRA

(Cás T-403/23)

(2023/C 314/25)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Dornbirner Sparkasse Bank AG (Dornbirn, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, na cásanna seo a leanas den chineál céanna, atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna acu, a uamadh chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta: T-400/23, Erste Group Bank v BRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen Sparkassen v BRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse Bank v BRA, T-404/23, Kärntner Sparkasse v BRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte West v BRA, T-406/23, Tiroler Sparkasse v BRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse Bank v BRA, T-408/23, Sparkasse Oberösterreich Bank v BRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí atá comhionann leo siúd arna maíomh i gCás T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/22


Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Kärntner Sparkasse v BRA

(Cás T-404/23)

(2023/C 314/26)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Kärntner Sparkasse AG (Klagenfurt, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, na cásanna seo a leanas den chineál céanna, atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna acu, a uamadh chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta: T-400/23, Erste Group Bank v BRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen Sparkassen v BRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse Bank v BRA, T-404/23, Kärntner Sparkasse v BRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte West v BRA, T-406/23, Tiroler Sparkasse v BRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse Bank v BRA, T-408/23, Sparkasse Oberösterreich Bank v BRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí atá comhionann leo siúd arna maíomh i gCás T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/23


Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Sparkasse Niederösterreich Mitte West v BRA

(Cás T-405/23)

(2023/C 314/27)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Sparkasse Niederösterreich Mitte West AG (St. Pölten, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A. Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an Bhoird Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante le haghaidh 2023 chuig an gCiste Réitigh Aonair (SRB/ES/2023/23) in éineacht leis na hiarscríbhinní, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Maíonn an t-iarratasóir, thairis sin, mar gheall ar an nasc idir na cásanna seo a leanas agus an t-ábhar céanna atá iontu, gur chóir iad a uamadh don chéim i scríbhinn nó don chéim ó bhéal den nós imeachta agus den chinneadh, faoi Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta: T-400/23, Erste Group BankBRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen SparkassenBRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und SparkasseBRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse BankBRA, T-404/23, Kärntner SparkasseBRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte WestBRA, T-406/23, Tiroler SparkasseBRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse BankBRA, T-408/23, Sparkasse Oberösterreich BankBRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí arb ionann iad agus na saincheisteanna dlí arna maíomh i gCás T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/23


Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Tiroler Sparkasse v BRA

(Cás T-406/23)

(2023/C 314/28)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Tiroler Sparkasse Bankaktiengesellschaft Innsbruck (Innsbruck, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, na cásanna seo a leanas den chineál céanna, atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna acu, a uamadh chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta: T-400/23, Erste Group Bank v BRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen Sparkassen v BRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse Bank v BRA, T-404/23, Kärntner Sparkasse v BRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte West v BRA, T-406/23, Tiroler Sparkasse v BRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse Bank v BRA, T-408/23, Sparkasse Oberösterreich Bank v BRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin atá comhionann leis an tsaincheist dlí arna maíomh i gCás T-400/23, Erste Bank v BRA.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/24


Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Salzburger Sparkasse Bank v BRA

(Cás T-407/23)

(2023/C 314/29)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Salzburger Sparkasse Bank AG (Salzburg, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A. Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, na cásanna seo a leanas den chineál céanna, atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna acu, a uamadh chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta: T-400/23, Erste Group BankBRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen SparkassenBRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und SparkasseBRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und SparkasseBRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse BankBRA, T-404/23, Kärntner SparkasseBRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte WestBRA, T-406/23, Tiroler SparkasseBRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse BankBRA, agus T-408/23, Sparkasse Oberösterreich BankBRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin atá comhionann leis an tsaincheist dlí arna maíomh i gCás T-400/23, Erste Group BankBRA.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/25


Caingean arna tabhairt an 17 Iúil 2023 – Sparkasse Oberösterreich Bank v BRA

(Cás T-408/23)

(2023/C 314/30)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Sparkasse Oberösterreich Bank AG (Linz, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, na cásanna seo a leanas den chineál céanna, atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna acu, a uamadh chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta: T-400/23, Erste Group Bank v BRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen Sparkassen v BRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse Bank v BRA, T-404/23, Kärntner Sparkasse v BRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte West v BRA, T-406/23, Tiroler Sparkasse v BRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse Bank v BRA, T-408/23, Sparkasse Oberösterreich Bank v BRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí atá comhionann leo siúd arna maíomh i gCás T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA.


4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/25


Caingean arna tabhairt an 26 Iúil 2023 – Essity Hygiene and Health AB v EUIPO (Léiriú ar dhuilleog)

(Cás T-434/23)

(2023/C 314/31)

Teanga an cháis: an tSualainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Essity Hygiene and Health AB (Göteborg, an tSualainn) (ionadaí: U. Wennermark, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar chlárú mairc fhíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar dhuilleog) – Iarratas Uimh. 16 709 305

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Bealtaine 2023 i gCás R 2196/2017-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta go príomha:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid ar diúltaíodh don iarratas (pointe 2 den chinneadh);

an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú trí sheasamh leis an achomharc in aghaidh chinneadh an scrúdaitheora i ndáil leis na hearraí in Aicme 16 a bhaineann an t-iarratas leo;

a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair EUIPO agus na Cúirte Ginearálta a íoc.

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta mar mhalairt air sin:

a ordú do EUIPO, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta mar mhalairt eile:

a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú aige os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.