ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 299

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
24 Lúnasa 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 299/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11117 — APOLLO / PLATINUM FALCON / UNIVAR) ( 1 )

1

2023/C 299/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11190 — CORAL REEF / MHI / EQUITY INMEUBLES) ( 1 )

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 299/03

Rátaí malairte an euro — 23 Lúnasa 2023

3


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 299/04

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11226 – DIGITALBRIDGE / OMERS / BEANFIELD) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

4


 

Ceartúcháin

 

Ceartúchán ar Fógra Comórtais Oscailte ( IO C 255, 20.7.2023 )

6


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

24.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 299/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11117 — APOLLO / PLATINUM FALCON / UNIVAR)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 299/01)

An 5 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11117. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


24.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 299/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11190 — CORAL REEF / MHI / EQUITY INMEUBLES)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 299/02)

An 18 Lúnasa 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11190. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

24.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 299/3


Rátaí malairte an euro (1)

23 Lúnasa 2023

(2023/C 299/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0805

JPY

yen na Seapáine

157,28

DKK

krone na Danmhairge

7,4531

GBP

punt steirling

0,85653

SEK

krona na Sualainne

11,9061

CHF

franc na hEilvéise

0,9524

ISK

króna na hÍoslainne

143,10

NOK

krone na hIorua

11,5730

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,132

HUF

forint na hUngáire

383,33

PLN

zloty na Polainne

4,4773

RON

leu na Rómáine

4,9408

TRY

lira na Tuirce

29,4080

AUD

dollar na hAstráile

1,6840

CAD

dollar Cheanada

1,4667

HKD

dollar Hong Cong

8,4716

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,8224

SGD

dollar Shingeapór

1,4677

KRW

won na Cóiré Theas

1 448,26

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,2097

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,8796

IDR

rupiah na hIndinéise

16 523,94

MYR

ringgit na Malaeisia

5,0313

PHP

peso na nOileán Filipíneach

61,351

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,936

BRL

real na Brasaíle

5,3306

MXN

peso Mheicsiceo

18,2457

INR

rúipí na hIndia

89,3258


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

24.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 299/4


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11226 – DIGITALBRIDGE / OMERS / BEANFIELD)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 299/04)

1.   

An 4 Lúnasa 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

OMERS Administration Corporation (‘OMERS’, Ceanada),

DigitalBridge Group, Inc. (‘DigitalBridge’, na Stáit Aontaithe),

Beanfield Technologies Inc. (‘Beanfield’, Ceanada), atá faoi rialú DigitalBridge.

Gheobhaidh OMERS agus DigitalBridge rialú comhpháirteach ar Beanfield de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá OMERS ina riarthóir ar Ontario Municipal Employees Retirement System Primary Pension Plan, ar ciste pinsin Ceanadach é a bunaíodh in 1962. Infheistíonn OMERS i réimse táirgí agus seirbhísí infheistíochta poiblí agus príobháideacha.

Is gnólacht infheistíochta bonneagair dhigitigh é DigitalBridge a infheistíonn, go díreach agus trína chuideachtaí punainne, i gcúig phríomhréimse: (i) lárionaid sonraí; (ii) crainn chumarsáide; (iii) líonraí snáithín; (iv) mionchealla; agus (v) bonneagar imeall-ríomhaireachta.

Déanann Beanfield roinnt gníomhaíochtaí i réimsí na cumarsáide leictreonaí agus na nascachta, amhail nascacht snáthoptaice, an t-idirlíon agus seirbhísí a bhaineann leis an idirlíon, óstáil néalríomhaireachta, seirbhísí lárionaid sonraí, comhshuíomh agus prótacal idirlín guthaithe, go príomha le haghaidh mhórlimistéir uirbeacha Cheanada.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

Cás M.11226 – DIGITALBRIDGE / OMERS / BEANFIELD

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


Ceartúcháin

24.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 299/6


Ceartúchán ar Fógra Comórtais Oscailte

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 255 an 20 Iúil 2023 )

(2023/C 299/05)

Ar leathanach 7:

in ionad:

‘Tá an fógra comórtais seo foilsithe i 24 theanga in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 254 A an 20 Iúil 2023 .’.

léitear:

‘Tá an fógra comórtais seo foilsithe i 24 theanga in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 255 A an 20 Iúil 2023 .’.