ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
Clár |
Leathanach |
|
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
2023/C 286/01 |
||
|
Chúirt Ghinearálta |
|
2023/C 286/02 |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais |
|
2023/C 286/03 |
||
2023/C 286/04 |
||
2023/C 286/05 |
||
2023/C 286/06 |
||
2023/C 286/07 |
||
2023/C 286/08 |
||
2023/C 286/09 |
||
2023/C 286/10 |
||
2023/C 286/11 |
||
2023/C 286/12 |
||
2023/C 286/13 |
||
2023/C 286/14 |
||
2023/C 286/15 |
||
2023/C 286/16 |
||
2023/C 286/17 |
||
2023/C 286/18 |
||
2023/C 286/19 |
||
2023/C 286/20 |
||
2023/C 286/21 |
||
2023/C 286/22 |
||
2023/C 286/23 |
||
2023/C 286/24 |
||
2023/C 286/25 |
||
2023/C 286/26 |
||
2023/C 286/27 |
||
2023/C 286/28 |
||
2023/C 286/29 |
||
2023/C 286/30 |
||
2023/C 286/31 |
||
2023/C 286/32 |
||
|
Chúirt Ghinearálta |
|
2023/C 286/33 |
||
2023/C 286/34 |
||
2023/C 286/35 |
||
2023/C 286/36 |
||
2023/C 286/37 |
||
2023/C 286/38 |
||
2023/C 286/39 |
||
2023/C 286/40 |
Cás T-305/23: Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2023 – Fest v an Pharlaimint |
|
2023/C 286/41 |
||
2023/C 286/42 |
Cás T-319/23: Caingean arna tabhairt an 8 Meitheamh 2023 — Net Technologies Finland v an Coimisiún |
|
2023/C 286/43 |
Cás T-327/23: Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2023 — Biogen Netherlands v an Coimisiún |
|
2023/C 286/44 |
Cás T-329/23: Caingean arna tabhairt an 15 Meitheamh 2023 – Poblacht na Seice v an Coimisiún |
|
2023/C 286/45 |
||
2023/C 286/46 |
Cás T-332/23: Caingean arna tabhairt an 19 Meitheamh 2023 – Azaconsa v EUIPO – Lugar da Veiga (SHIP) |
|
2023/C 286/47 |
||
2023/C 286/48 |
||
2023/C 286/49 |
||
2023/C 286/50 |
||
2023/C 286/51 |
||
2023/C 286/52 |
||
2023/C 286/53 |
||
2023/C 286/54 |
Cás T-351/23: Caingean arna tabhairt an 29 Meitheamh 2023 – Kern Pharma v an Coimisiún |
|
2023/C 286/55 |
Cás T-75/23: Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 27 Meitheamh 2023 – RT France v an Chomhairle |
|
2023/C 286/56 |
Cás T-169/23: Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 26 Meitheamh 2023 – RT France v an Chomhairle |
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/1 |
Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
(2023/C 286/01)
Foilseachán deiridh
Foilseacháin stairiúla
Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:
EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu
Chúirt Ghinearálta
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/2 |
Critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí
(2023/C 286/02)
Le linn a comhdhála iomlánaí an 12 Iúil 2023, leag an Chúirt Ghinearálta síos, i gcomhréir le hAirteagal 25 de na Rialacha Nós Imeachta, na critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí.
Is iad seo a leanas na critéir:
1. |
Sannfar na cásanna chomh luath agus is féidir tar éis an t-iarratas a thaisceadh, gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 28 de na Rialacha Nós Imeachta tráth níos déanaí, ar na Dlísheomraí comhdhéanta de thriúr Breithiúna. |
2. |
Leithdháilfear cásanna maidir leis an tseirbhís shibhialta, eadhon cásanna a eascraíonn as an gcaidreamh fostaíochta idir an tAontas Eorpach agus a fhoireann, ar na ceithre Dhlísheomra atá ainmnithe go sonrach chun na críche sin sa Chinneadh lena sanntar na Breithiúna ar na Dlísheomraí, de réir uainíocht arna cinneadh de réir ord cláraithe na gcásanna sa Chlárlann. |
3. |
Leithdháilfear cásanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear i dTeideal IV de na Rialacha Nós Imeachta ar na sé Dhlísheomra atá ainmnithe go sonrach chun na críche sin sa chinneadh lena sanntar na Breithiúna ar na Dlísheomraí, de réir uainíocht arna cinneadh de réir ord cláraithe na gcásanna sa Chlárlann. |
4. |
Leithdheáilfear cásanna nach iad na cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 ar na Dlísheomraí de réir dhá uainíocht éagsúla ar leith arna leagan síos de réir ord cláraithe na gcásanna sa Chlárlann:
|
5. |
Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta maolú ó na huainíochtaí dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 chun ceangal idir cásanna áirithe a chur san áireamh nó chun leithdháileadh cothrom an ualaigh oibre a chinntiú. |
6. |
Leagtar síos na critéir chun cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí a liostaítear thuas don tréimhse ón 12 Iúil 2023 go dtí an 31 Lúnasa 2025. |
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE
Cúirt Bhreithiúnais
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/3 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 – an Coimisiún Eorpach v Éire
(Cás C-444/21) (1)
(Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Comhshaol - Treoir 92/43/CCE - Gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú - Limistéir chaomhantais speisialta - Réigiún bithgheografach an Atlantaigh - Airteagail 4(4) agus 6(1) - Mainneachtain limistéir chaomhantais speisialta a ainmniú agus cuspóirí caomhnaithe a leagan síos - Neamhláithreacht nó neamhdhóthanacht beart caomhnaithe)
(2023/C 286/03)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Hermes agus M. Noll-Ehlers, Gníomhairí)
Cosantóir: Éire (ionadaithe: M. Browne, A. Joyce, M. Lane agus J. Quaney, Gníomhairí, le cúnamh ó E. Barrington, Abhcóide Sinsir, A. Carroll, Abhcóide Dlí, agus M. Gray, Abhcóide Sinsir)
Idirghabháil chun tacú leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus A. Hoesch, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1) |
Trí mhainneachtain a ainmniú mar limistéir chaomhantais speisialta, a luaithe is féidir agus laistigh de shé bliana ar a mhéad, tá 217 de na 423 láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo atá sa liosta a bunaíodh le Cinneadh 2004/813/CE ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2004 lena nglactar, de bhun Threoir 92/43/CEE ón gComhairle, liosta de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo do réigiún bithgheografach an Atlantaigh, arna nuashonrú le Cinneadh 2008/23/CE ón gCoimisiún, an 12 Samhain 2007 lena nglactar, de bhun Threoir 92/43/CEE ón gComhairle, an chéad liosta nuashonraithe de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo do réigiún bithgheografach an Atlantaigh agus le Cinneadh 2009/96/CE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2008 lena nglactar, de bhun Threoir 92/43/CEE ón gComhairle, liosta nuashonraithe eile de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo do réigiún bithgheografach an Atlantaigh, theip ar Éirinn a hoibleagáidí faoi Airteagal 4(4) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú, arna leasú le Treoir 2013/17/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013. |
2) |
Trí mhainneachtain cuspóirí mionsonraithe caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán a shainiú do 140 de na 423 láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo dá dtagraítear i bpointe 1 den chuid oibríochtúil, theip ar Éirinn a hoibleagáidí faoi Airteagal 4(4) de Threoir 92/43, arna leasú le Treoir 2013/17, a chomhlíonadh. |
3) |
Trí mhainneachtain na bearta caomhnaithe is gá a chomhlíonann ceanglais éiceolaíocha na gcineálacha gnáthóg nádúrtha a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na speiceas dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43, arna leasú le Treoir 2013/17, atá i láthair ar na 423 láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo dá dtagraítear i bpointe 1 den chuid oibríochtúil a ghlacadh, theip ar Éirinn a hoibleagáidí faoi Airteagal 6(1) de Threoir 92/43, arna leasú, a chomhlíonadh. |
4) |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean. |
5) |
Ordaítear d'Éirinn a costais féin agus iad siúd arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
6) |
Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a costais féin a íoc. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/4 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – Verband Sozialer Wettbewerb eV v famila-Handelsmarkt Kiel GmbH & Co. KG
(Cás C-543/21 (1), Verband Sozialer Wettbewerb (Coimeádáin ar a ngearrtar éarlais))
(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Praghsanna táirgí a léiriú - Treoir 98/6/CE - Airteagal 2(a) - An coincheap praghas díola” - Táirgí a dhíoltar i gcoimeádáin in-aiscurtha - Reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear méid na héarlaise a léiriú ar leithligh ón bpraghas díola)
(2023/C 286/04)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Verband Sozialer Wettbewerb eV
Cosantóir: famila-Handelsmarkt Kiel GmbH & Co. KG
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 2(a) de Threoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobhpraghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní áirítear leis an gcoincheap ‘praghas díola’, dá bhforáiltear san fhoráil sin, méid na héarlaise a cheanglaítear ar an tomhaltóir a íoc agus táirgí atá i gcoimeádáin in-aiscurtha á gceannach aige.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/5 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dhlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt – Éire) – X v International Protection Appeals Tribunal, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Éire, an tArd-Aighne
(Cás C-756/21 (1), International Protection Appeals Tribunal agus páirtithe eile (Ionsaí sa Phacastáin))
(Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas maidir le tearmann agus cosaint choimhdeach - Treoir 2004/83/CE - Caighdeáin íosta maidir le cáilíocht agus coinníollacha i ndáil le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a dheonú - An dara habairt d'Airteagal 4(1) - Comhar an Bhallstáit leis an iarratasóir chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe ábhartha a iarratais - Raon feidhme - Creidiúnacht ghinearálta iarratasóra - Airteagal 4(5)(e) - Critéir mheasúnaithe - Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú - Treoir 2005/85/CE - Scrúdú iomchuí - Airteagal 8(2) agus (3) - Athbhreithniú breithiúnach - Airteagal 39 - Raon feidhme - Uathriail nós imeachta na mBallstát - Prionsabal na héifeachtachta - Am réasúnach chun cinneadh a ghlacadh - Airteagail 23(2) agus 39(4) - Iarmhairtí aon mhainneachtana comhlíonadh)
(2023/C 286/05)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
An Ard-Chúirt (Éire)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X
Cosantóirí: International Protection Appeals Tribunal, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Éire, an tArd-Aighne
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2004/83/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le caighdeáin íosta do cháilíocht agus do stádas náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu murach sin agus inneachar na cosanta a dheonaítear, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
|
2) |
Ní mór dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 23(2) agus Airteagal 39(4) de Threoir 2005/85/CE ón gComhairle an 1 Nollaig 2005 maidir le caighdeáin íosta i ndáil le nósanna imeachta i mBallstáit chun stádas dídeanaí a dheonú agus a tharraingt siar, a léiriú mar seo a leanas:
|
3) |
Maidir le hAirteagal 4(5)(e) de Threoir 2004/83 ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: maidir le ráiteas bréagach san iarratas tosaigh ar chosaint idirnáisiúnta, a mhínigh agus a tharraing an t-iarrthóir tearmainn siar a luaithe a tháinig an deis chun cinn, níl sé de chineál a choiscfeadh, ann féin, a chreidiúnacht ghinearálta a bhunú, de réir bhrí na forála sin. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/6 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 – TUIfly GmbH v an Coimisiún Eorpach
(Cás C-763/21 P) (1)
(Achomharc - Státchabhair - Bearta arna gcur chun feidhme ag Poblacht na hOstaire i bhfabhar aerfort Klagenfurt, Ryanair agus aerlínte eile a úsáideann an t-aerfort sin - Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil na bearta cabhrach ar neamhréir go páirteach leis an margadh inmheánach - Airteagal 107(1) CFAE - Infheisteoir príobháideach a oibríonn i ngeilleagar margaidh - Anailís ex ante ar bhrabúsacht imeallach - Brabúsacht fhadtéarmach an aerfoirt - Infheidhmeacht - Airteagal 107(3)(c) CFAE - Cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéir eacnamaíocha áirithe a éascú - Critéar measúnaithe atá ábhartha chun comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach a mheasúnú - Brabúsacht aerbhealaí nua)
(2023/C 286/06)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomarcóir: TUIfly GmbH (ionadaithe: L. Giesberts, D agus J. Westarp, Rechtsanwälte)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Blanck, A. Bouchagiar agus J. Ringborg, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do TUIfly GmbH na costais a íoc. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/7 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 (iarrataí ar réamhrialú ón Hessischer Verwaltungsgerichtshof (C-829/21) agus ón Verwaltungsgericht Darmstadt (C-129/22) – an Ghearmáin) – TE, RU, arna ionadú chun críocha dlíthiúla ag TE (C-829/21), EF (C-129/22) v Stadt Frankfurt am Main (C-829/21), Stadt Offenbach am Main (C-129/22)
(Cásanna uamtha C-829/21 agus C-129/22 (1), Stadt Frankfurt am Main (Athnuachan ceada cónaithe sa dara Ballstát) agus páirtithe eile)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas inimirce - Stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad - Treoir 2003/109/CE - Airteagal 9(4), an dara fomhír, Airteagal 14(1), Airteagal 15(4), an dara fomhír, Airteagal 19(2), agus Airteagal 22 - Ceart náisiúnach tríú tír chun stádas cónaitheach fadtéarmach i mBallstát - Deonú ‘cead cónaithe fadtéarma – AE’ ar feadh tréimhse neamhtheoranta ag an gcéad Bhallstát - Náisiúnach tríú tír as láthair ó chríoch an chéad Bhallstáit ar feadh tréimhse níos faide ná sé bliana - Caillteanas comhleanúnach ar an gceart chun stádas cónaitheach fadtéarmach - Iarratas ar athnuachan ar chead cónaithe arna eisiúint ag an dara Ballstát faoi fhorálacha Chaibidil III de Threoir 2003/109/CE - Diúltú don iarraidh mar gheall ar chaillteanas an chirt sin ag an dara Ballstát - Coinníollacha)
(2023/C 286/07)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Na cúirteanna a rinne na tarchuir
Hessischer Verwaltungsgerichtshof, Verwaltungsgericht Darmstadt
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: TE, RU, arna ionadú chun críocha dlíthiúla ag TE (C-829/21), EF (C-129/22)
Cosantóirí: Stadt Frankfurt am Main (C-829/21), Stadt Offenbach am Main (C-129/22)
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003, maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, arna leasú ag Treoir 2011/51/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011, agus go háirithe Airteagal 22(1)(b) de, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: féadfaidh Ballstát diúltú cead cónaithe a dheonaigh sé do náisiúnach tríú tír faoi fhorálacha Chaibidil III den treoir sin, arna leasú, ar an bhforas dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 9(4) den treoir sin, arna leasú, i gcás ina raibh sé as láthair ó chríoch an Bhallstáit a dheonaigh stádas cónaitheora fhadtéarmaigh dó ar feadh tréimhse níos faide ná sé bliana agus nár bhain an Ballstát sin úsáid as an rogha dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 9(4), arna leasú, gur chaill an náisiúnach sin an ceart chun an stádais sin sa Bhallstát sin, ar choinníoll gur sroicheadh an tréimhse sé bliana ar a dhéanaí an dáta a tíolacadh an t-iarratas ar athnuachan an cheadúnais sin agus gur iarradh ar an náisiúnach sin ar dtús cruthúnas a thabhairt go raibh sé i láthair ar an gcríoch sin le linn na tréimhse sin. |
2) |
Maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 9(4), agus le hAirteagal 22(1)(b) de Threoir 2003/109, arna leasú ag Treoir 2011/51, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: déanann an dara Ballstát a chuireann na forálacha sin chun feidhme iad a thrasuí go cuí sa dlí náisiúnta trí bhíthin dhá fhoráil ar leith i gcás ina leagtar amach sa chéad fhoráil an foras as a dtagann cailleadh an chirt chun stádas cónaitheora fhadtéarmaigh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 9(4) den treoir sin, arna leasú, agus ina bhforáiltear leis an dara foráil nach mór cead cónaithe faoi fhorálacha Chaibidil III den treoir sin, arna leasú, a chúlghairm más rud é gur chaill an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a cheart chun stádas mar chónaitheoir fadtéarmach sa Bhallstát a d’eisigh é, gan tagairt nithiúil a bheith san fhoráil sin do cheann de na forais chun an ceart sin a chailleadh dá dtagraítear in Airteagal 9 den treoir sin, arna leasú. |
3) |
Maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 15(4) de Threoir 2003/109, arna leasú ag Treoir 2011/51, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní fhéadfaidh an Ballstát ina bhfuil iarratas ar chead cónaithe déanta ag an náisiúnach tríú tír faoi fhorálacha Chaibidil III den treoir sin, arna leasú, nó ar athnuachan ceada den sórt sin, an t-iarratas sin a dhiúltú ar an bhforas nach bhfuil doiciméid tacaíochta curtha ag an náisiúnach sin lena iarratas chun a shuíomh go bhfuil cóiríocht iomchuí aige, i gcás nach bhfuil an fhoráil sin curtha chun feidhme ag an mBallstát sin. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/8 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny – an Pholainn) – Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej v C. sp. z o.o., faoi leachtú
(Cás C-108/22 (1), Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej (CBL – Comhbhailitheoir seirbhísí óstán))
(Tarchur chun réamhrialú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Scéim speisialta do ghníomhairí taistil - Raon feidhme - Comhbhailitheoir seirbhísí óstála a cheannaíonn seirbhísí den sórt sin ar a chuntas féin agus iad a athdhíol le daoine gairmiúla eile gan seirbhísí breise)
(2023/C 286/08)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej
Cosantóir: C. sp. z o.o., faoi leachtú
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 306 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006, maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
tagann an tseirbhís a sholáthraíonn duine inchánach, arb é atá inti seirbhísí cóiríochta a cheannach ó dhaoine inchánach eile agus iad a athdhíol le hoibreoirí eacnamaíocha eile, faoi na socruithe speisialta maidir le cáin bhreisluacha is infheidhme maidir le gníomhairí taistil, cé nach bhfuil seirbhísí breise ag gabháil leis na seirbhísí sin.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/9 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa – an Phortaingéil) – Super Bock Bebidas SA, AN, BQ v Autoridade da Concorrência
(Cás C-211/22 (1), Super Bock Bebidas)
(Tarchur chun réamhrialú - Iomaíocht - Cairtéil - Airteagal 101 CFAE - Comhaontuithe ingearacha - Praghsanna athdhíola íosta socraithe ag soláthraí dá dháileoirí - Coincheap ‘srianadh iomaíochta de réir cuspóra’ - Coincheap ‘comhaontú’ - Cruthúnas ar chomhréireacht tola idir an soláthraí agus a dháileoirí - Cleachtais a chlúdaíonn beagnach críoch iomlán Ballstáit - Éifeacht ar thrádáil idir na Ballstáit - Rialachán (CE) Uimh. 2790/1999 agus Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 - Cruashrian)
(2023/C 286/09)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal da Relação de Lisboa
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Super Bock Bebidas SA, AN, BQ
Cosantóir: Autoridade da Concorrência
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 101(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas: ní fhéadfaidh a chinneadh go bhfuil ‘srianadh iomaíochta de réir cuspóra’ i gceist le comhaontú ingearach lena socraítear praghsanna athdhíola íosta ach amháin tar éis a chinneadh go ndéantar leis an gcomhaontú sin leibhéal leordhóthanach díobhála don iomaíocht, ag cur san áireamh ábhar a fhorálacha, na cuspóirí arb é is aidhm dó a bhaint amach agus na heilimintí go léir a léiríonn an comhthéacs eacnamaíoch agus dlíthiúil ar cuid de é. |
2) |
Maidir le hAirteagal 101(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas: tá ‘comhaontú’ ann, de réir bhrí an airteagal sin, nuair a fhorchuireann soláthróir praghsanna athdhíola íosta ar a dháileoirí ar na táirgí a dhíolann sé, a mhéid a léirítear le forchur na bpraghsanna sin ag an soláthraí agus urramú na bpraghsanna sin ag na dáileoirí comhréireacht tola na bpáirtithe sin. Féadfaidh an chomhréireacht tola sin teacht ó théarmaí an chonartha dáileacháin atá i gceist, i gcás ina bhfuil cuireadh sainráite ann praghsanna athdhíola íosta a urramú nó, ar a laghad, ina n-údaraítear don soláthróir praghsanna den sórt sin a fhorchur, agus ó iompar na bpáirtithe agus, go háirithe, mar thoradh ar thoiliú a d'fhéadfadh a bheith ann, follasach nó intuigthe, ar thaobh dáileoirí do chuireadh praghsanna athdhíola íosta a urramú. |
3) |
Maidir le hAirteagal 101(1) CFAE, arna léamh i gcomhar le prionsabal na héifeachtachta, ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas: féadfaidh ‘comhaontú’ a bheith ann, de réir bhrí an airteagail sin, idir soláthróir agus a dháileoirí, ní hamháin trí bhíthin cruthúnas díreach, ach freisin trí bhíthin innéacsanna oibiachtúla agus comhsheasmhacha óna bhféadfar tátal a bhaint as go bhfuil comhaontú den sórt sin ann. |
4) |
Maidir le hAirteagal 101(1) CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas: ós rud é go gcumhdaíonn comhaontú ingearach lena socraítear praghsanna athdhíola íosta beagnach, ach ní ar fad, gach críoch de chuid Ballstáit, ní chuirtear cosc leis sin ar an gcomhaontú sin dochar a dhéanamh do thrádáil idir na Ballstáit. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/10 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile
(Cás C-220/22) (1)
(Mainneachtain Stáit - Comhshaol - Treoir Uimh. 2008/50/CE - Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh - Sárú córasach seasmhach ar an teorainnluach bliantúil arna shocrú le haghaidh dé-ocsaíd nítrigine (NO2) - Bearta iomchuí - Tréimhse sáraithe is giorra is féidir)
(2023/C 286/10)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Melo Sampaio agus M. Noll-Ehlers, i gcáil Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht na Portaingéile (ionadaithe: H. Almeida, P. Barros da Costa agus J. Reis Silva, i gcáil Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
(1) |
Mhainnigh Poblacht na Portaingéile na hoibleagáidí atá uirthi:
|
(2) |
Ordaítear do Phoblacht na Portaingéile na costais a íoc. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/10 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Cour d’appel de Liège – an Bheilg) – Cabot Plastics Belgium SA v État belge
(Cás C-232/22, Cabot Plastics Belgium) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir Uimh. 2006/112/CE - Airteagal 44 - Áit soláthair seirbhísí - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 - Airteagal 11(1) - Soláthar seirbhísí - Áit sainchónaithe chun críoch cánach - An coincheap ‘buanbhunaíocht ghnó’ - Struchtúr iomchuí ó thaobh acmhainní daonna agus teicniúla de - Cáilitheacht chun seirbhísí a fháil agus a úsáid faoi choinne riachtanais na buanbhunaíochta gnó féin - Soláthar seirbhísí dolaphróiseála agus seirbhísí coimhdeacha - Gealltanas conarthach eisiach idir cuideachta is soláthróir i mBallstát agus an chuideachta is faighteoir atá bunaithe i dtríú Stát - Cuideachtaí atá neamhspleách go dlíthiúil)
(2023/C 286/11)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour d’appel de Liège
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Cabot Plastics Belgium SA
Cosantóir: État belge
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 44 de Threoir Uimh. 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir 2008/8/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 agus Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2006/112,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
níl ag duine inchánach is faighteoir seirbhísí, a bhfuil a cheanncheathrú gnó bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, buanbhunaíocht ghnó sa Bhallstát ina bhfuil soláthróir na seirbhísí lena mbaineann bunaithe atá éagsúil go dlíthiúil leis an bhfaighteoir sin, i gcás nach bhfuil ag an duine inchánach sin struchtúr iomchuí ó thaobh acmhainní daonna agus teicniúla de a d’fhéadfadh a bheith ina bhuanbhunaíocht ghnó sin, fiú i gcás ina ndéanann an duine inchánach is soláthróir seirbhísí dolaphróiseála, agus gealltanas conarthach eisiach á chur chun feidhme aige, chomh maith le sraith seirbhísí coimhdeacha nó breise, rud lena gcuirtear le gníomhaíocht eacnamaíochta an duine inchánach is faighteoir sa Bhallstát sin.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/11 |
Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (an Naoú Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 – Airoldi Metalli SpA v an Coimisiún Eorpach
(Cás T-467/22 P) (1)
(Achomharc - Dumpáil - Allmhairí táirgí alúmanaim easbhrúite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne - Dleacht frithdhumpála chinntitheach - Caingean le haghaidh neamhniú - Locus standi - Ceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE - Coinníoll ar dá réir nach mór baint leithleach a bheith ag achomharcóir - Gníomh reachtach nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag baint leis)
(2023/C 286/12)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Airoldi Metalli SpA (ionadaithe: M. Campa, M. Pirovano, D. Rovetta, V. Villante, avvocati, agus P. Gjørtler, advokat)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
(1) |
Diúltaítear don achomharc. |
(2) |
Ordaítear do Airoldi Metalli SpA, chomh maith lena costais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/12 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 (iarrataí ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Association interprofessionnelle des fruits et légumes frais (Interfel) v Ministre de l’Agriculture et de la Souveraineté alimentaire)
(Cásanna Uamtha C-501/22 go C-504/22, Interfel agus páirtithe eile) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Talmhaíocht agus iascach - Comheagrú an mhargaidh - Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 - Airteagal 164(1) agus (4) - Caighdeáin mhargaíochta - Comhaontú idir-chraoibhe a shíneadh - Comhaontú lena bhforáiltear do rialacha atá níos doichte ná reachtaíocht an Aontais Eorpaigh)
(2023/C 286/13)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d’État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Association interprofessionnelle des fruits et légumes frais (Interfel)
Cosantóir: Ministre de l’Agriculture et de la Souveraineté alimentaire
An chuid oibríochtúil
(1) |
Maidir le hAirteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: tagann socrú dátaí fómhair nó dátaí margaithe táirgí talmhaíochta trí chomhaontú, trí chinneadh nó trí chleachtas comhbheartaithe arna nglacadh i gcomhthéacs eagraíocht aitheanta táirgeoirí, comhlachas aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíocht aitheanta idir-chraoibhe faoi raon feidhme an Airteagail sin. |
(2) |
Maidir le hAirteagal 164(1) agus (4) de Rialachán Uimh. 1308/2013, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: féadfaidh Ballstát, ar iarraidh ó eagraíocht aitheanta táirgeoirí, ó chomhlachas aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí nó ó eagraíocht aitheanta idir-chraoibhe atá ag feidhmiú i limistéar sonrach eacnamaíoch nó limistéir shonracha eacnamaíocha den Bhallstát sin agus a mheastar a bheith ionadaíoch de tháirgeadh, trádáil agus próiseáil táirge ar leith, comhaontuithe áirithe, cinntí áirithe nó cleachtais chomhbheartaithe arna nglacadh i gcomhthéacs na heagraíochta táirgeoirí sin, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí sin nó na eagraíochta idir-chraoibhe sin a chur de cheangal ar oibreoirí eile atá ag feidhmiú sna limistéir eacnamaíocha sin agus nach baill iad den eagraíocht táirgeoirí sin, den chomhlachas eagraíochtaí sin nó den eagraíocht idir-chraoibhe sin, i gcás ina bhfuil na rialacha dá dtagraítear leis na comhaontuithe sin, na cinntí sin nó na cleachtais chomhbheartaithe sin níos doichte ná na rialacha dá bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh nó leis na caighdeáin arna nglacadh ag Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CENAE), ar comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe iad a bhaineann le rud amháin nó níos mó a liostaítear i mír 4(a) agus (c) go (n) den Airteagal sin. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/13 |
Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 18 Aibreáin 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Alba Iulia – an Rómáin) – Vantage Logistics SRL v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Alba, Auto Help Alba SRL, Banca Transilvania SA, BRD – Groupe Société Générale SA, SC Croma SRL, SC Polaris M.Holding, SC Elit România Piese Auto Originale SRL
(Cás C-200/22 (1), Vantage Logistics)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Imeachtaí dócmhainneachta - Plean athstruchtúraithe - Treoir (AE) 2019/1023 - Infheidhmeacht ratione temporis agus ratione materiae - Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Easpa shoiléir dlínse na Cúirte Breithiúnais)
(2023/C 286/14)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Alba Iulia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Vantage Logistics SRL
Cosantóirí: Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Alba, Auto Help Alba SRL, Banca Transilvania SA, BRD – Groupe Société Générale SA, SC Croma SRL, SC Polaris M.Holding, SC Elit România Piese Auto Originale SRL
Idiragraithe: SC Nedo Auto Service SRL, CH Insolvency IPURL, i gcáil leachtaitheoir arna cheapadh ag an gcúirt ar SC Nedo Auto Service SRL
An chuid oibríochtúil
Is léir nach bhfuil aon dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an cheist a tharchuir Curtea de Apel Alba Iulia (Cúirt Achomhairc Alba Iulia, an Rómáin) le haghaidh réamhrialú, le cinneadh an 22 Feabhra 2022, a fhreagairt.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/13 |
Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 17 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Commissione tributaria regionale per il Friuli Venezia Giulia – an Iodáil) – Ferriere Nord SpA, SIAT – Società Italiana Acciai Trafilati SpA, Acciaierie di Verona SpA v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato (AGCM), Agenzia delle entrate – Riscossione
(Cás C 560/22 (1), Ferriere Nord agus Páirtithe Eile)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Údaráis iomaíochta náisiúnta - Ranníocaíocht a fhorchur chun na húdaráis sin a mhaoiniú - Easpa naisc le dlí an Aontais Eorpaigh - Easpa shoiléir dlínse na Cúirte - Easpa sonraí leordhóthanacha - Do-ghlacthacht fhollasach)
(2023/C 286/15)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Commissione tributaria regionale per il Friuli Venezia Giulia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Ferriere Nord SpA, SIAT – Società Italiana Acciai Trafilati SpA, Acciaierie di Verona SpA
Cosantóirí: Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato (AGCM), Agenzia delle entrate – Riscossione
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú ón Commissione tributaria regionale per il Friuli Venezia Giulia (an Chúirt Chánach Réigiúnach, Friuli Venezia Giulia, an Iodáil), a rinneadh le cinneadh an 30 Meitheamh 2022, do-ghlactha go follasach.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/14 |
Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 26 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Förvaltningsrätten i Göteborg – an tSualainn) – A.L. v Migrationsverket
(Cás C-629/22 (1), Migrationsverket)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - An beartas inimirce - Treoir 2008/115/CE - Caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh - Airteagal 6(2) - Cinneadh um fhilleadh lena ngabhann toirmeasc ar dhul isteach trí bliana - Náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead cónaithe bailí arna eisiúint ag Ballstát eile - Mainneachtain an údaráis póilíneachta náisiúnta cead a thabhairt don náisiúnach sin dul go críoch an Bhallstáit eile sin sula nglacfaidh sé an cinneadh sin um fhilleadh i ndáil leis an náisiúnach sin)
(2023/C 286/16)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Förvaltningsrätten i Göteborg
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: A.L.
Cosantóir: Migrationsverket
An chuid oibríochtúil
1. |
Maidir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ceanglaítear ar údaráis inniúla Ballstáit cead a thabhairt do náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit sin agus ag a bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú bailí eile lena dtugtar ceart fanachta arna eisiúint ag Ballstát eile dul chuig an mBallstát eile sin sula nglacfaidh siad cinneadh um fhilleadh, más gá sin sna himthosca, i ndáil leis an náisiúnach sin, cé go measann na húdaráis sin gur dócha nach gcomhlíonfaidh an náisiúnach sin iarraidh chun dul chuig an mBallstát eile sin. |
2. |
Maidir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2008/115, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: sa mhéid a cheanglaíonn sé ar na Ballstáit cead a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch dul go dtí an Ballstát a d’eisigh cead cónaithe bailí nó údarú eile dóibh lena dtugtar ceart fanachta dóibh sula nglacfaidh na Ballstáit sin cinneadh um fhilleadh, más gá sin sna himthosca, i ndáil leis na náisiúnaigh sin, tá éifeacht dhíreach ag an bhforáil sin agus féadfaidh daoine aonair í a agairt dá réir sin os comhair na gcúirteanna náisiúnta. |
3. |
Maidir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2008/115, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: nuair, murab ionann agus an fhoráil sin, nach gceadaíonn Ballstát do náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch dul láithreach chuig an mBallstát a d’eisigh cead cónaithe bailí nó údarú eile dó lena dtugtar ceart fanachta dó sula nglacann sé cinneadh um fhilleadh i ndáil leis an náisiúnach sin, ceanglaítear ar na húdaráis inniúla náisiúnta, lena n-áirítear cúirteanna náisiúnta a bhfuil achomharc i gcoinne an chinnidh sin um fhilleadh agus an toirmisc ar dhul isteach a ghabhann leis os a gcomhair, gach beart is gá a dhéanamh chun mainneachtain údaráis náisiúnta oibleagáidí a eascraíonn as an bhforáil sin a chomhlíonadh a leigheas. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/15 |
Ordú na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 27 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Finalgarve – Sociedade de Promoção Imobiliária e Turística SA v Ministerio do Planeamento e das Infraestruturas
(Cás C-24/23 (1), Finalgarve)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Ceanglas comhthéacs dlíthiúil na díospóide sna príomhimeachtaí agus na cúiseanna go bhfuil gá le freagra ar na ceisteanna arna dtarchur a leagan amach - Easpa sonraí leordhóthanacha - Do-ghlacthacht fhollasach)
(2023/C 286/17)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Supremo Tribunal Administrativo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Finalgarve – Sociedade de Promoção Imobiliária e Turística SA
Cosantóir: Ministerio do Planeamento e das Infraestruturas
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo(Cúirt Riaracháin Uachtarach, an Phortaingéil), a rinneadh le cinneadh an 15 Nollaig 2022, do-ghlactha go follasach.
(1) Dáta na taiscthe: 18/01/2023
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/15 |
Achomharc arna thabhairt an 2 Márta 2023 ag Vialto Consulting Kft. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) an 21 Nollaig 2022 i gCás T-537/18 Vialto Consulting Kft. v an Coimisiún
(Cás C-130/23 P)
(2023/C 286/18)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Achomharcóir: Vialto Consulting Kft (ionadaithe: P. Paliou agus A. Skoulikis, dikigoroi)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Nollaig 2022 a chur i leataobh i gCás T-537/18 (1). |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Chun tacú leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir trí shaincheist dlí:
An chéad saincheist dlí: cuirtear ó bhail an breithiúnas atá faoi achomharc mar gheall ar earráid dlí agus saobhadh ar na bhfíoras maidir le foilsiú chinneadh eisiaimh an achomharcóra ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Chinn an Chúirt Ghinearálta gur chomhlíon foilsiú an chinnidh maidir le heisiamh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin prionsabal na comhréireachta, in ainneoin nach raibh na cúiseanna a thug an Coimisiún chun údar a thabhairt le foilsiú den sórt sin sainiúil ná éagsúil ó na cúiseanna a tugadh chun údar a thabhairt leis an eisiamh, mar a cheanglaítear le hAirteagal 106(16) de Rialachán Uimh. 966/2012. (2)
An dara saincheist dlí: cuirtear ó bhail an breithiúnas atá faoi achomharc mar gheall ar earráid dlí i ndáil leis an mainneachtain an ceanglas fáisnéise atá leagtha síos in Airteagal 106(16) de Rialachán Uimh. 966/2012 a chomhlíonadh. Iarrann an t-achomharcóir go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail trí earráid dlí sa mhéid gur chinn sé nach ceanglas nós imeachta riachtanach é an mhainneachtain a lua i bhfoilsiú an eisiaimh nach ndearnadh aon bhreithiúnas críochnaitheach ná aon chinneadh críochnaitheach de, mar a cheanglaítear le hAirteagal 106(16) de Rialachán Uimh. 966/2012, agus nach ndéanann sé difear do staid dhlíthiúil agus fhíorasach an achomharcóra.
An tríú saincheist dlí: cuirtear ó bhail an breithiúnas atá faoi achomharc mar gheall ar earráid dlí i ndáil leis an éileamh ar dhamáistí a dhiúltú. Ós rud é go bhfuil cinntí na Cúirte Ginearálta nár sháraigh an Chúirt Ghinearálta prionsabal na comhréireachta maidir le heisiamh an achomharcóra a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin curtha ó bhail mar gheall ar earráid dlí agus nach mór iad a chur ar neamhní, ní mór míreanna an bhreithiúnais atá faoi achomharc a chur ar ceal freisin, ar míreanna iad lenar dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta d’éileamh an achomharcóra ar chúiteamh ar an bhforas nár suíodh aon neamhdhleathacht ar thaobh an Choimisiúin.
(1) ECLI:EU:T:2022:852.
(2) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle. IO 2012 L 298, lch. 1.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/16 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Cour d’appel d’Amiens (an Fhrainc) a taisceadh an 27 Márta 2023 – Air France SA v M.L. céile G, X. G., C. G., R. G., L. G.
(Cás C-194/23 Air France)
(2023/C 286/19)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour d’appel d’Amiens
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Air France SA
Cosantóirí: M.L. céile G, X. G., C. G., R. G., L. G.
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gá an coincheap ‘nasceitilt’ dá dtagraítear in Airteagal 2(h) de Rialachán Uimh. 261/2004 (1) a léiriú sa chiall gur coinníoll riachtanach é go bhfuil an áirithint aonair eitiltí ann nó nach bhfuil iontu ach ceann amháin i measc nithe eile, ionas gur féidir leis na cúirteanna náisiúnta, i gcás áirithintí ar leith, eilimintí eile a lorg a bheadh in ann sraith eitiltí a shaintréithriú? |
2. |
Más féidir an coincheap ‘nasceitilt’ a úsáid i gcás áirithintí ar leith, an gá an coincheap sin a léiriú sa chiall go n-eisiatar sraith eitiltí mar choinníollacha an stad, mar atá sa chás seo, dar fad 19 n-uaire an chloig agus oíche amháin curtha in áirithe in óstán lasmuigh den aerfort? |
3. |
Más rud é go bhfuil an coincheap ‘nasceitilt’ le heisiamh, an gá an coincheap ‘cúiteamh breise’ dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán Uimh. 261/2004 a léiriú sa chiall go gcuimsítear leis cúiteamh as costais iompair nach bhfuil aon chuspóir leo anois agus nach féidir a aisíoc ar bhonn Airteagal 8 den Rialachán sin? |
4. |
An gá an coincheap ‘cúiteamh breise’ dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán Uimh. 261/2004 a léiriú mar choincheap lena gcumhdaítear gach damáiste a eascraíonn as sárú conartha, gan é a theorannú do na teorainneacha a leagtar síos leis an dlí náisiúnta amhail réamhthuarthacht an damáiste faoi dhlí na Fraince? |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/17 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Amsterdam (An Ísiltír) a taisceadh an 24 Aibreán 2023 – Booking.com BV, Booking.com (Deutschland) GmbH v 25hours Hotel Company Berlin GmbH agus páirtithe eile
(Cás C-264/23, Booking.com agus Booking.com [Deutschland])
(2023/C 286/20)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Amsterdam
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Booking.com BV, Booking.com (Deutschland) GmbH
Cosantóirí: 25hours Hotel Company Berlin GmbH, Aletto Kudamm GmbH, Air-Hotel Wartburg Tagungs- & Sporthotel GmbH, Andel’s Berlin Hotelbetriebs GmbH, Angleterre Hotel GmbH & Co. KG, Atrium Hotelgesellschaft mbH, Azimut Hotelbetrieb Köln GmbH & Co. KG, Barcelo Cologne GmbH, Business Hotels GmbH, Cocoon München GmbH, DJC Operations GmbH, Dorint GmbH, Eleazar Novum GmbH, Empire Riverside Hotel GmbH & Co. KG, Explorer Hotel Fischen GmbH & Co. KG, Explorer Hotel Nesselwang GmbH & Co. KG, Explorer Hotel Schönau GmbH & Co. KG, Fleming’s Hotel Management und Servicegesellschaft mbH & Co. KG, G. Stürzer GmbH Hotelbetriebe, Hotel Bellevue Dresden Betriebs GmbH, Hotel Europäischer Hof W.A.L. Berk GmbH & Co KG, Hotel Hafen Hamburg. Wilhelm Bartels GmbH & Co. KG, Hotel John F GmbH, Hotel Obermühle GmbH, Hotel Onyx GmbH, Hotel Rubin GmbH, Hotel Victoria Betriebs- und Verwaltungs GmbH, Hotel Wallis GmbH, i31 Hotel GmbH, IntercityHotel GmbH, ISA Group GmbH, Kur-Cafe Hotel Allgäu GmbH, Lindner Hotels AG, M Privathotels GmbH & Co. KG, Maritim Hotelgesellschaft mbH, MEININGER Shared Services GmbH, Oranien Hotelbetriebs GmbH, Platzl Hotel Inselkammer KG, prize Deutschland GmbH, Relexa Hotel GmbH, SANA BERLIN HOTEL GmbH, SavFra Hotelbesitz GmbH, Scandic Hotels Deutschland GmbH, Schlossgarten Hotelgesellschaft mbH, Seaside Hotels GmbH & Co. KG, SHK Hotel Betriebsgesellschaft mbH, Steigenberger Hotels GmbH, Sunflower Management GmbH & Co. KG, The Mandala Hotel GmbH, The Mandala Suites GmbH, THR Hotel am Alexanderplatz Berlin Betriebs- und Management GmbH, THR III Berlin Prager-Platz Hotelbetriebs- und Beteiligungsgesellschaft mbH, THR München Konferenz und Event Hotelbetriebs- und Management GmbH, THR Rhein/Main Hotelbetriebs- und Beteiligungs-GmbH, THR XI Berlin Hotelbetriebs- und Beteiligungsgesellschaft mbH, THR XXX Hotelbetriebs- und Beteiligungs-GmbH, Upstalsboom Hotel + Freizeit GmbH & Co. KG, VI VADI HOTEL Betriebsgesellschaft mbH & Co. KG, Weissbach Hotelbetriebsgesellschaft mbH, Wickenhäuser & Egger AG, Wikingerhof GmbH & Co. KG, Hans-Hermann Geiling (Hotel Präsident), Karl Herfurtner (Hotel Stadt München e.K.)
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An ionann clásail leathna agus chúnga phaireachta agus srian coimhdeach i gcomhthéacs Airteagal 101(1) CFAE? |
2. |
Má tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 (1), conas ba chóir an margadh ábhartha a shainiú sa chás go ndéantar idirbhearta trí mheán ardáin gníomhaireachta taistil ar líne, ar ardán é lenar féidir le bunaíochtaí lóistín seomraí a thairiscint agus dul i dteagmháil le taistealaithe, ar féidir leo seomra a chur in áirithe tríd an ardán? |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe (IO 2010 L 102, lch. 1).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/18 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Sjonowy Katowice — Zachód w Katowicach (an Pholainn) a taisceadh an 28 Aibreán 2023 — Skarb Państwa – Dyrektor Okręgowegogo Urzędu Miar w K. v Z. sp.j.
(Cás C-279/23, Skarb Państwa)
(2023/C 286/21)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy Katowice – Zachód w Katowicach
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Skarb Państwa — Dyrektor Okręgowegogogogo Urzędu Miar w K.
Cosantóir: Z. sp.j.
An ceist a tharchuirtear
An gcuirtear le hAirteagal 6(1) de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (1) bac ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfaidh cúirt náisiúnta caingean le haghaidh cúitimh as na costais aisghabhála dá dtagraítear san fhoráil sin a dhíbhe ar an bhforas nach suntasach a bhí moill an fhéichiúnaí ar íocaíocht nó ar an bhforas gur bheag an méid a bhí an féichiúnaí déanach ag íoc?
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/18 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Arbeitsgericht Mainz (an Ghearmáin) a taisceadh an 2 Bealtaine 2023 – TC v Firma Haus Jacobus Alten- und Altenpflegeheim gGmbH
(Cás C-284/23, Haus Jacobus)
(2023/C 286/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Arbeitsgericht Mainz
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: TC
Cosantóir: Firma Haus Jacobus Alten- und Altenpflegeheim gGmbH
An cheist a tharchuirtear
Iarrtar ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 267 CFAE, réamhrialú a thabhairt ar an gceist an bhfuil forálacha náisiúnta na Gearmáine i Míreanna 4 agus 5 den Kündigungsschutzgesetz (An Dlí maidir le cosaint in aghaidh dífhostú, ‘KSchG’) faoina bhfuil ar bhean, ar bean í atá ag iompar clainne, ag a bhfuil cosaint speisialta i gcoinne dífhostú, caingean a thabhairt go héigeantach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sna forálacha sin d’fhonn an chosaint sin a choimeád, i gcomhréir le Treoir 92/85/CEE (1).
(1) Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO 2006 L 376, lch. 36).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/19 |
Iarratas ar réamhrialú ón Curtea de Apel Brașov (an Rómáin) a taisceadh an 3 Bealtaine 2023 – Asociația Crescătorilor de Vaci ‘Bălțată Românească’ Tip Simmental v Genetica din Transilvania Cooperativă Agricolă and Agenția Națională pentru Zootehnie ‘Prof. Dr. G.K. Constantinescu’
(Cás C-286/23, Asociația Crescătorilor de Vaci ‘Bălțată Românească’ Tip Simmental)
(2023/C 286/23)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Brașov
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Asociația Crescătorilor de Vaci ‘Bălțată Românească’ Tip Simmental
Cosantóirí: Genetica din Transilvania Cooperativă Agricolă and Agenția Națională pentru Zootehnie ‘Prof. Dr. G.K. Constantinescu’
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gá Airteagal 4(3)(b) de Rialachán (AE) 2016/1012 (1), arna léamh i gcomhar le pointe A(4) de Chuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán sin agus le haithris 24 de a léiriú sa chiall go bhféadfar cumann póir a aithint fiú más rud é go bhfuil sé ar intinn aige ach póraitheoirí atá cláraithe cheana féin i gclár pórúcháin ceadaithe eile de chuid cumann eile a mhealladh trí iarratais nó gealltanais a shíniú chuige sin, nó an bhfuil sé riachtanach na póraitheoirí sin a bheith ina gcuid de phunann na cuideachta a bhfuil iarratas á dhéanamh aici ar aitheantas tráth an iarratais ar aitheantas? |
2. |
An gá Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1012 agus pointe B(2)(a) de Chuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis [an rialachán sin], arna léamh i gcomhar le haithris 24 de a léiriú sa chiall go gceadaítear saoirse rogha do phóraitheoirí idir cláir phóraithe feabhsú an phóir a gcláraítear ainmhithe pórúcháin folaíochta chucu, agus, más amhlaidh atá, gur féidir an tsaoirse sin a theorannú mar gheall ar an ngá atá ann gan difear a dhéanamh do chlár póraithe ina bhfuil na póraitheoirí sin rannpháirteach cheana, ná iad a chur i mbaol, trí aistriú nó gealltanas a n-aistriú go clár póraithe eile, atá fós le formheas? |
3. |
An gá Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2016/1012 arna léamh i gcomhar le haithris 21 de a léiriú sa chiall, i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) go (c) d’Airteagal 10(1) den Rialachán sin, go gceanglaítear ar an údarás inniúil a thug aitheantas don chumann póir diúltú formheas a dhéanamh ar an gclár póraithe a d’fhéadfadh clár eile den sórt sin a chur i mbaol ina leith sin, nó an gciallaíonn úsáid na habairte ‘… féadfar diúltú …’ go dtugtar corrlach lánroghnach don údarás ina leith sin? |
4. |
An gá Airteagail 8 agus 10 de Rialachán (AE) 2016/1012 arna léamh i gcomhar le haithris 21 de a léiriú sa chiall, i gcás ina bhfuil clár póraithe i bhfeidhm cheana i mBallstát, a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige an pór a fheabhsú, go bhfuil sé incheadaithe clár póraithe nua a fhormheas don phór céanna sa Stát céanna (don limistéar geografach céanna), arb é an príomhchuspóir atá leis feabhas a chur ar an bpór, ar féidir ainmhithe pórúcháin a roghnú i gcomhthéacs an chláir phóraithe atá i bhfeidhm cheana féin? |
(1) Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (‘an Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe’) (IO 2016 L 171, lch. 66).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/20 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin), a taisceadh an 9 Bealtaine 2023 – ENGIE Deutschland GmbH v Landesregulierungsbehörde beim Sächsischen Staatsministerium für Wirtschaft, Arbeit und Verkehr
(Cás C-293/23, ENGIE Deutschland)
(2023/C 286/24)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ENGIE Deutschland GmbH
Cosantóir: Landesregulierungsbehörde beim Sächsischen Staatsministerium für Wirtschaft, Arbeit und Verkehr
Páirtithe eile sna himeachtaí: Zwickauer Energieversorgung GmbH, Bundesnetzagentur für Elektrizität, Gas, Telekommunikation, Post und Eisenbahnen
An cheist a tharchuirtear:
An gcuirtear cosc le hAirteagal 2, pointí (28) agus (29), agus le hAirteagal 30 et seq. de Threoir 2019/944 (1) ar fhoráil amhail Airteagal 3(24a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(16), den Energiewirtschaftsgesetz (Dlí maidir le bainistiú fuinnimh, ‘EnWG’), ar dá réir nach bhfuil oibreoir saoráide fuinnimh um sholáthar fuinnimh faoi réir oibleagáidí oibreora córais dáileacháin má thógann sé agus má fheidhmíonn sé an tsaoráid fuinnimh seachas an córas dáileacháin atá ann cheana d’fhonn, le leictreachas arna ghiniúint i stáisiún cumhachta agus teasa, roinnt foirgnimh árasáin a sholáthar, foirgnimh ina bhfuil suas le 200 aonad cónaithe faoi chíos agus ina bhfuil méid bliantúil fuinnimh tarchurtha suas le 1 000 MWh, agus na costais a bhaineann le tógáil agus oibriú na saoráide fuinnimh á n-íoc ag na tomhaltóirí deiridh (tionontaí) mar chuid den bhuntáille mhíosúil chaighdeánach atá iníoctha as an teas arna soláthar agus go ndíolann an t-oibreoir an leictreachas a ghintear leis na tionontaí?
(1) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO 2019 L 158, lch. 125).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/20 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Bayerischer Anwaltsgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 9 Bealtaine 2023 – Halmer Rechtsanwaltsgesellschaft UG v Rechtsanwaltskammer München
(Cás C-295/23, Halmer Rechtsanwaltsgesellschaft)
(2023/C 286/25)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bayerischer Anwaltsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Halmer Rechtsanwaltsgesellschaft UG
Cosantóir: Rechtsanwaltskammer München
Páirtithe leasmhara: SIVE Beratung und Beteiligung GmbH, an Dr. Daniel Halmer, Rechtsanwalt
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gcuirtear srian neamhdhleathach ar an gceart chun saorghluaiseacht caipitil faoi Airteagal 63(1) CFAE más rud é, faoi dhlíthe Ballstáit, go bhfuil an cead chun dlíchleachtadh atá ag cuideachta dlí le tarraingt siar i gcás: |
1.1. |
ina n-aistrítear scair sa chuideachta dlí chuig duine nach sásaíonn na ceanglais phroifisiúnta speisialta a rialaíonn éadáil scaire faoi dhlí an Bhallstáit? Faoi na forálacha sin, ní cheadaítear scair i gcuideachta dlí a fháil ach do dhlíodóir nó ball eile de chumann barra, gníomhaire paitinní, comhairleoir cánach, ionadaí cánach, iniúchóir nó cuntasóir deimhnithe, duine den lucht dlí ó Stát eile atá údaraithe chun comhairle dlí a chur ar fáil sa chríoch náisiúnta, nó gníomhaire paitinní, comhairleoir cánach, ionadaí cánach, iniúchóir nó cuntasóir deimhnithe i Stát eile atá údaraithe chun an ghníomhaíocht sin a shaothrú sa chríoch náisiúnta nó dochtúir nó poitigéir? |
1.2. |
ina sásaíonn comhpháirtí na ceanglais speisialta a leagtar amach i bpointe 1.1 ach nach bhfuil sé gníomhach go gairmiúil sa chuideachta dlí? |
1.3. |
nach bhfuil formhór na scaireanna nó na gceart vótála i seilbh dlíodóirí a thuilleadh, toisc gur aistríodh scair nó ceart vótála amháin nó níos mó? |
2. |
An srian neamhdhleathach ar an gceart chun saorghluaiseachta caipitil faoi Airteagal 63(1) CFAE é i gcás nach bhfuil ceart vótála ag comhpháirtí nach bhfuil i dteideal gairm a chleachtadh de réir bhrí phointe 1.1, cé go bhfuil clásail i mbunreacht na cuideachta ar mhaithe le neamhspleáchas ghairmithe dlí agus ghníomhaíochtaí dlíthiúla na cuideachta a chosaint, faoina ráthaítear go ndéanann dlíodóirí amháin ionadaíocht ar an gcuideachta mar stiúrthóirí bainistíochta nó oifigigh údaraithe, go gcuirtear cosc ar chomhpháirtithe agus cruinnithe na gcomhpháirtithe dul i gcion ar an mbord bainistíochta trí threoracha nó go hindíreach trí bhagairt míbhuntáistí, agus go mbaintear an fheidhm de rúin na gcomhpháirtithe dá mhalairt agus go leathnaítear an oibleagáid maidir le rúndacht dhlíthiúil chuig comhpháirtithe agus daoine atá ag gníomhú ar a son? |
3. |
An gcomhlíonann na srianta a luaitear i gCeisteanna 1 agus 2 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 15(3)(a) go (c) de Threoir 2006/123/CE (1) (‘An Treoir um Sheirbhísí’) maidir le cur isteach inghlactha ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar? |
4. |
Más rud é, dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, nach mbeadh tionchar ar cheart an iarratasóra chun saorghluaiseachta caipitil (Ceisteanna 1 agus 2) agus nach mbeadh sárú ar an Treoir um Sheirbhísí i gceist (Ceist 3): An sáraítear leis na srianta a luaitear i gCeisteanna 1 agus 2 ceart an chéad pháirtí leasmhair (S-GmbH) chun saoirse bunaíochta de réir bhrí Airteagal 49 CFAE? |
(1) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO 2006 L 376, lch. 36).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/21 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Nederlandstalige Ondernemingsrechtbank Brussel (an Bheilg), a taisceadh an 8 Bealtaine 2023 – Inter IKEA Systems BV v Algemeen Vlaams Belang VZW agus páirtithe eile
(Cás C-298/23, Inter IKEA Systems)
(2023/C 286/26)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Nederlandstalige Ondernemingsrechtbank Brussel
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Inter IKEA Systems BV
Cosantóirí: Algemeen Vlaams Belang VZW, S, T, U, V, Vrijheidsfonds VZW
Na ceisteanna a tharchuirtear
An féidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí polaitiúla agus scigaithris pholaitiúil a chur in iúl, mar a ráthaítear in Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus in Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a bheith ina ‘chúis chuí’ chun comhartha a úsáid, atá comhionann nó cosúil le trádmharc aitheanta de réir bhrí Airteagal 9(2)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 10(2)(c) agus Airteagal 10(6) de Threoir (AE) 2015/2436 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna?
Más ea, cad iad na critéir ba cheart don chúirt náisiúnta a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an gcothromaíocht idir na cearta bunúsacha sin agus cén tábhacht ba cheart a thabhairt do gach ceann de na critéir sin?
Go háirithe, an bhféadfaidh an chúirt náisiúnta na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus/nó an bhfuil critéir bhreise ann:
— |
a mhéid atá gné nó cuspóir tráchtála ag baint leis an méid a chuirtear in iúl; |
— |
a mhéid a bhfuil ról ag rúin iomaíochta idir na páirtithe; |
— |
a mhéid atá leas poiblí ag baint leis an méid a chuirtear in iúl, a mhéid atá sé ábhartha don tsochaí nó a mhéid a spreagann sé díospóireacht, |
— |
an gaol idir na critéir thuasluaite; |
— |
leibhéal clú an trádmhairc arna agairt; |
— |
méid na húsáide sáraithí, déine na húsáide agus cineál córasach na húsáide chomh maith le méid an dáileacháin, de réir limistéir, ama agus méid, á chur san áireamh freisin a mhéid atá sin i gcomhréir leis an teachtaireacht a bhfuiltear ag iarraidh a thabhairt leis an méid a chuirtear in iúl; |
— |
a mhéid a théann an méid a chuirtear in iúl, agus na himthosca a ghabhann leis, amhail a ainm agus a chur chun cinn, chun dochair do chlú, do shaincháilíocht agus d’íomhá na dtrádmharcanna arna n-agairt (‘an fheidhm fógraíochta’). |
— |
a mhéid a bhfuil ábhar úrnua ag baint leis an méid a chuirtear in iúl agus a mhéid a rinneadh iarracht mearbhall nó comhcheangal leis na trádmharcanna arna n-agairt a sheachaint, nó an chuma go bhfuil ceangal tráchtála nó ceangal eile idir an méid a chuirtear in iúl agus dílseánach an trádmhairc (‘an fheidhm thionscnaimh’), á chur san áireamh freisin an chaoi ina bhfuil íomhá agus clú bainte amach ag dílseánach an trádmhairc i réimse na fógraíochta agus na cumarsáide? |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/22 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy Katowice — Wschód w Katowicach (an Pholainn) a taisceadh an 10 Bealtaine 2023 – M. J. v C. J. J.
(Cás C-302/23, Piekiewicz (1))
(2023/C 286/27)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy Katowice – Wschód w Katowicach
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: M. J. J.
Cosantóir: C. J.
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 2(1) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE, (2) i gcomhar le hAirteagal 25(1) agus (2) de, agus aithrisí 12, 13, 18, 21, 22 agus 49 de, a léiriú sa chaoi go bhfuil sé d’oibleagáid ar chúirt Ballstáit glacadh le doiciméad nóis imeachta arna thaisceadh leis an gcúirt sin agus arna shíniú le síniú leictreonach, dá dtagraítear in Airteagal 3(10) den rialachán, i gcás nach bhforáiltear i ndlí náisiúnta an Bhallstáit d’aon fhéidearthacht doiciméid nóis imeachta a thaisceadh leis an gcúirt le ríomhshíniú seachas trí chóras TFC?
(1) Tugadh ainm dlítheanach don chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm cheachtar de na páirtithe sna himeachtaí.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/23 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Augstākā tiesa (Senāts – an Laitvia) a taisceadh an 31 Bealtaine 2023 – Pārtikas drošības, dzīvnieku veselības un vides zinātniskais institūts BIOR v Valsts ieņēmumu dienests
(Cás C-344/23, BIOR)
(2023/C 286/28)
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Augstākā tiesa (Senāts)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir ag an gcéadchéim agus freagróir ar an achomharc ar phointe dlí: Pārtikas drošības, dzīvnieku veselības un vides zinātniskais institūts BIOR
Cosantóir ag an gcéadchéim agus achomharcóir ar phointe dlí: Valsts ieņēmumu dienests
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An gcaithfear an téarma ‘ionstraim nó gaireas eolaíochta’ i bpointe (a) d’Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear Córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim (1), a léiriú sa chaoi go bhféadfadh réada a bheith san áireamh ann a fheidhmíonn, de bhua a struchtúir theicniúil agus a bhfeidhmithe ar leith, iad féin go díreach mar mhodh taighde eolaíoch? |
2. |
An gcaithfear an ainmníocht chomhcheangailte in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (2), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1925 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2017 (3), a léiriú sa chaoi go bhféadfar clibeanna éisc atá déanta as plaisteach a áireamh i bhfo-cheannteideal 3926 90 92 90 den ainmníocht chomhcheangailte? |
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1925 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 2017 L 282, lch. 1).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/24 |
Ordú ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 10 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Bihor – an Rómáin) – F.O.L. v Tribunalul Cluj, tríú páirtí: Consiliul Naţional pentru Combaterea Discriminării
(Cás C-643/21, Tribunalul Cluj) (1)
(2023/C 286/29)
Teanga an cháis: an Rómáinis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/24 |
Ordú Uachtarán na Cúirte an 10 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Bihor – an Rómáin) – C.C.C., C.R.R., U.D.M. v Tribunalul Cluj, Tribunalul Satu Mare, Tribunalul Bucureşti, Tribunalul Bistriţa Năsăud, Tribunalul Maramureş, Tribunalul Sibiu, páirtithe eile: Consiliul Naţional pentru Combaterea Discriminării
(Cás C 645/21 (1), Tribunalul Cluj agus páirtithe eile)
(2023/C 286/30)
Teanga an cháis: an Rómáinis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/24 |
Ordú Uachtarán na Cúirte an 18 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht Koblenz – an Ghearmáin) – BZ v DKV Deutsche Krankenversicherung AG
(Cás C-672/22 (1), DKV)
(2023/C 286/31)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/24 |
Ordú Uachtarán na Cúirte an 24 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Amtsgericht Steinfurt – an Ghearmáin) – UE v Deutsche Lufthansa AG
(Cás C-78/23 (1), Deutsche Lufthansa)
(2023/C 286/32)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.
Chúirt Ghinearálta
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/25 |
Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meitheamh 2023 – CEDC International v EUIPO – Underberg (Cruth brobh féir i mbuidéal)
(Cás T-145/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar thrádmharc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh - Cruth brobh féir i mbuidéal - Trádmharcanna náisiúnta níos luaithe - Foras coibhneasta le diúltú - Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 [Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] - An coincheap ‘gníomhaire’ nó ‘ionadaí’ - Ceanglas maidir le comhaontú conarthach díreach)
(2023/C 286/33)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: CEDC International sp. z o.o. (Oborniki Wielkopolskie, an Pholainn) (ionadaí: M. Fijałkowski, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova-Valchanova agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Underberg AG (Dietlikon, an Eilvéis) (ionadaithe: A. Renck agus C. Stöber, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena caingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Nollaig 2021 (Cás R 1954/2020-5).
An chuid oibríochtúil
(1) |
Diúltaítear don chaingean. |
(2) |
Ordaítear do CEDC International sp. z o.o. na costais a íoc. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/25 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meitheamh 2023 – Hofmeir Magnetics v EUIPO – Healthfactories (Hofmag)
(Cás T-452/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Hofmag - Focalmharc neamhchláraithe níos luaithe HOFMAG - Foras coibhneasta le diúltú - Easpa úsáide a bhaint as comhartha nach bhfuil a raon feidhme áitiúil amháin i gcúrsaí trádála - Airteagal 8(4) agus Airteagal 60(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 286/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hofmeir Magnetics Ltd (Witney, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: S. Baur, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirgairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Healthfactories GmbH (Saaldorf-Surheim, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Vischer, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d'Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Bealtaine 2022 (Cás R 1367/2021-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Hofmeir Magnetics Ltd a chostais féin agus iad siúd arna dtabhú ag Healthfactories GmbH a íoc. |
3. |
Ordaítear d'Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/26 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meitheamh 2023 – UGA Nutraceuticals v EUIPO – BASF (OMEGOR)
(Cás T-495/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Nós imeachta freasúra - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Focalmharc OMEGOR - Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh OMACOR - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))
(2023/C 286/35)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: UGA Nutraceuticals Srl (Gubbio, an Iodáil) (ionadaithe: M. Riva, J. Graffer agus A. Ottolini, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Chylińska agus T. Frydendahl, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: BASF AS (Osló, an Iorua)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Meitheamh 2022 (Cás R 1168/2021-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do UGA Nutraceuticals Srl agus d'Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/27 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meitheamh 2023 – UGA Nutraceuticals v EUIPO – BASF (OMEGOR VITALITY)
(Cás T-496/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh OMEGOR VITALITY - Trádmharc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh OMACOR - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001))
(2023/C 286/36)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: UGA Nutraceuticals Srl (Gubbio, an Iodáil) (ionadaithe: M. Riva, J. Graffer agus A. Ottolini, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Chylińska agus T. Frydendahl, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: BASF AS (Osló, an Iorua)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an inneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Meitheamh 2022 (Cás R 1200/2021-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do UGA Nutraceuticals Srl agus d'Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/27 |
Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meitheamh 2023 – C. & S. v EUIPO – Scuderia AlphaTauri (CS jeans your best fashion partner)
(Cás T-645/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘CS jeans your best fashion partner’ - Gan fíor-úsáid a bhaint as an trádmharc - Cineál úsáide - Gan úsáid a bhaint as na táirgí ar cláraíodh an trádmharc ina leith - Airteagal 58(1) de Rialachán (CE) 2017/1001)
(2023/C 286/37)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: C. & S. Srl (Umbertide, an Iodáil) (ionadaí: E. Montelione, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Scuderia AlphaTauri SpA (Faenza, an Iodáil) (ionadaithe: A. Renck agus S. Petivlasova, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena caingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 4 Lúnasa 2022 (Cás R 182/2022-1).
An chuid oibríochtúil
(1) |
Diúltaítear don chaingean. |
(2) |
Ordaítear do C. & S. Srl a costais féin a íoc mar aon leo siúd arna dtabhú ag Scuderia AlphaTauri SpA. |
(3) |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a chostais féin a íoc. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/28 |
Caingean arna tabhairt an 10 Bealtaine 2023 — Maud Tea & Seed and Fresh Produce Consortium of Kenya v an Coimisiún
(Cás T-247/23)
(2023/C 286/38)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Maud Tea & Seed Co. Ltd (Kolkata, an India), Fresh Produce Consortium of Kenya Ltd (Nairobi, An Chéinia) (ionadaithe: D. Waelbroeck agus I. Antypas, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi; |
— |
an Rialachán (1) atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine, nó, de rogha air sin, an Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní sa mhéid go ndéantar uasleibhéal iarmhar clothianidin agus thiameatocsam a ísliú leis i dtaenna agus i dtorthaí agus glasraí úra, nó orthu; |
— |
a ordú don Choimisiún na costais agus na speansais uile a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
1. |
An chéad shaincheist dlí, lena n-éilítear gurb ionann an Rialachán atá faoi chonspóid agus dlínse seach-chríochach a bheith á feidhmiú ag an gCoimisiún de shárú ar na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún faoi Rialachán MRL (2) agus de shárú ar Chonarthaí an Aontais chomh maith le rialacha ginearálta an dlí phoiblí idirnáisiúnta. |
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid raon feidhme na gcumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún faoi Rialachán MRL go follasach; go tánaisteach, má fhaightear amach go bhfuil Rialachán MRL ina bhunús dlí leordhóthanach don Rialachán atá faoi chonspóid, tá Rialachán MRL féin ultra vires toisc go sáraíonn sé raon feidhme ceadaithe na gcumhachtaí tarmligthe faoi Chonarthaí an Aontais. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid roinnt forálacha de Rialachán MRL. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid prionsabal na comhréireachta. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na trédhearcachta. |
(1) Rialachán (AE) 2023/334 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar clothianidin agus thiameatocsam i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe, IO 2023, L 47, lch. 29.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO 2005 L 70, lch. 1).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/29 |
Caingean arna tabhairt an 29 Bealtaine 2023 – Tsakiris v EUIPO – Tsakiris-Protypos Viomichania Trofimon-Snacks AVEE (Le Petit Déjeuner TSAKIRIS FAMILY)
(Cás T-303/23)
(2023/C 286/39)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghréigis
Páirtithe
Iarratasóir: Tsakiris AE Paragogis & Emporias Trofimon (Thessaloniki, an Ghréig) (ionadaí: A. Papaspyropoulos, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Tsakiris-Protypos Viomichania Trofimon- Snacks- AVEE (Atalanti, an Ghréig)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: an t-iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh, Le Petit Déjeuner TSAKIRIS FAMILY
Nós imeachta os chomhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 16 Márta 2023 i gCás R 1012/2020-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí
— |
Sárú ar Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/29 |
Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2023 – Fest v an Pharlaimint
(Cás T-305/23)
(2023/C 286/40)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Nicolaus Fest (Ságrab, an Chróit) (ionadaí: G. Seidel, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil an Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2023 (P9_TA(2023) 0061) maidir leis an hiarraidh ar dhíolúine Nicolaus Fest a tharscaoileadh [2022/2056 (IMM)] lena bhformheastar an tuarascáil (A9-0055/2023) arna dréachtú ag Ilana Cicurel ar neamhní. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
Sárú ar Airteagal 8 den Phrótacal maidir le díolúintí agus pribhléidí fheisirí na Parlaiminte (1) Áitíonn an t-iarratasóir go ndearnadh na ráitis a chuirtear ina leith mar chuid de dhíospóireacht pharlaiminte maidir le cosaint leanaí a reáchtáladh le linn seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa agus go dtagann siad faoin leas ginearálta agus faoin tsaoirse chun tuairimí a nochtadh atá ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa. Is freagra í an tvuít a chuirtear ina leith ar tvuít a rinne iar-Fheisire de Bundestag na Gearmáine, a raibh a tvuít bainteach go díreach le líomhain a rinne an t-iarratasóir i ndíospóireacht pharlaiminte. Measann an t-iarratasóir nár chóir do Pharlaimint na hEorpa a dhíolúine a tharscaoileadh ar na forais sin. |
2. |
Fumus persecutionis a bheith ann Tá amhras ar an iarratasóir nach bhfuil Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Bheirlín, trína bhfuil an t-ionchúiseamh á dhéanamh, i mbun an cháis sin ach chun dochar a dhéanamh do chéile comhraic polaitiúil nó díoltas a fháil as ábhar náire in imeachtaí níos luaithe. |
(1) Prótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh (IO 2012 C 326, lch. 266).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/30 |
Caingean arna tabhairt an 26 Bealtaine 2023 – British American Tobacco Polska Trading v an Coimisiún
(Cás T-311/23)
(2023/C 286/41)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: British American Tobacco Polska Trading sp. z o.o. (Vársá, an Pholainn) (ionadaithe: L. Van den Hende, M. Schonberg agus J. Penz-Evren, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh ón gCoimisiúin Eorpach an 20 Márta 2023 lenar diúltaíodh go hintuigthe d’iarrataí an iarratasóra ar rochtain ar dhoiciméid san iarraidh EASE 2022/6296 a chur ar neamhní, arna dhéanamh de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (1); |
— |
a ordú don chosantóir costais an iarratasóra sna himeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraíonn an beart atá faoi chonspóid Airteagail 2(1) agus 2(3) de Rialachán 1049/2001 ar an bhforas gur mhainnigh an Coimisiún Eorpach rochtain a thabhairt ar na doiciméid uile a thagann faoi raon feidhme na n-iarrataí ón iarratasóir, eadhon:
|
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear mainneachtain réasúin a shonrú, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 296 CFAE. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).
(2) Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO 2014 L 127, lch. 1).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/31 |
Caingean arna tabhairt an 8 Meitheamh 2023 — Net Technologies Finland v an Coimisiún
(Cás T-319/23)
(2023/C 286/42)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Net Technologies Finland Oy (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaithe: S. Pappas agus A. Pappas, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 299 CFAE dar dáta an 27.3.2023 (agus a cuireadh in iúl don iarratasóir an 29.3.2023) maidir le EUR 188 477,27 a aisghabháil ó Net Technologies Finland Oy a chur ar neamhní; agus, |
— |
a ordú don chosantóir a chostais a íoc chomh maith le costais an iarratasóra le haghaidh na n-imeachtaí reatha. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Leis an gcaingean le haghaidh neamhniú seo, áitítear go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid mídhleathach toisc go bhfuil a spreagadh neamhdhleathach. Agus tá a spreagadh neamhdhleathach toisc go bhfuil sé bunaithe ar nótaí dochair an 7 Bealtaine 2020 agus ar thorthaí na tuarascála iniúchóireachta deiridh atá neamhdhleathach. Chuige sin, cuirtear dhá phléadáil le haghaidh neamhniú chun cinn.
1. |
Tá an chéad phléadáil le haghaidh neamhniú roinnte ina dhá chuid:
|
2. |
I gcomhthéacs an dara pléadáil le haghaidh neamhniú, áitítear, ag glacadh leis go raibh critéir Threoir FP7 infheidhme, gur cuireadh i bhfeidhm go mícheart iad. Is é sin le rá, cuirtear torthaí na tuarascála iniúchóireachta deiridh agus na nótaí dochair a glacadh ar a bonn ó bhail trí earráidí measúnaithe. Trína bheith ag brath ar na heilimintí sin, cuirtear an cinneadh atá faoi chonspóid ó bhail freisin ag na hearráidí measúnaithe céanna agus sáraíonn sé an oibleagáid, a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha, gnéithe uile an cháis a scrúdú go cúramach. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/32 |
Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2023 — Biogen Netherlands v an Coimisiún
(Cás T-327/23)
(2023/C 286/43)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaithe: C. Schoonderbeek agus B. Jong, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh (C(2023)1211 (final)) dar dáta an 15 Feabhra 2023 ón gCoimisiún Eorpach, an Cosantóir, a chur ar neamhní, lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (1) le haghaidh ‘Fúmaráit Démheitil Accord — fúmaráit dé-mheitil’ ar táirge íocshláinte é lena úsáid ag an duine; agus, |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist aonair dlí, lena n-éilítear léiriú earráideach ar choincheap an údaraithe margaíochta dhomhanda mar a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 6(1) den Treoir (2) agus cur i bhfeidhm earráideach den choincheap sin maidir leis na táirgí íocshláinte Tecfidera agus Fumaderm, arb é an toradh air sin ná conclúid earráideach sa Chinneadh atá faoi chonspóid go raibh cosaint rialála sonraí do Tecfidera imithe in éag ag an am ábhartha.
(1) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1).
(2) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/32 |
Caingean arna tabhairt an 15 Meitheamh 2023 – Poblacht na Seice v an Coimisiún
(Cás T-329/23)
(2023/C 286/44)
Teanga an cháis: an tSeicis
Páirtithe sna himeachtaí
Iarratasóir: Poblacht na Seice (ionadaithe: M. Smolek, J. Vláčil agus L. Halajová, Gníomhairí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a ordú don Aontas Eorpach, arna ionadú ag an gCoimisiún Eorpach, saibhriú éagórach de luach CZK 61 111 077,21 a íocadh go míchuí le cuntas an Choimisiúin Eorpaigh a íoc le Poblacht na Seice; |
— |
a ordú don Aontas Eorpach, arna ionadú ag an gCoimisiún Eorpach, na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna seo a leanas:
Baineann an díospóid le hallmhairí soláthairtí áirithe de theicstílí, de choisbhearta agus de spéaclaí gréine i Mí na Samhna agus i Mí na Nollag 2011 faoin nGníomh Lascaine maidir le hallmhairí neamhluacháilte ón Áise. Freagraíonn an méid atá faoi dhíospóid don difríocht idir an dleacht arna bailiú ar bhonn luach custaim fógartha na n-earraí agus an dleacht ba cheart a thobhach, dar leis an gCoimisiún Eorpach, ar bhonn luach staidrimh na n-earraí a aicmítear faoin gcód TARIC céanna, lúide costais aisghabhála. D’iarr an Coimisiún Eorpach ar dtús go n-íocfaí an difríocht ar bhonn 50 % den luach staidrimh agus, dá bhrí sin, íocadh méid CZK 28 307 935,78 le cuntas an Choimisiúin Eorpaigh ar bhonn coinníollach an 15 Meitheamh 2018 chun méadú ar ús mainneachtana a sheachaint. Tar éis roinnt blianta, d’iarr an Coimisiún Eorpach go n-íocfaí an difríocht suas le 100 % den luach staidrimh agus, dá bhrí sin, íocadh an méid CZK 33 444 448,24 ar ais i gcuntas an Choimisiúin Eorpaigh an 20 Nollaig 2022. Idir an dá linn, cheadaigh an Coimisiún Eorpach do Phoblacht na Seice, trí fhritháireamh, an méid CZK 641 306,81 a aisghabháil le haghaidh roinnt soláthairtí arna gcur san áireamh go hearráideach.
Dá réir sin, baineadh dliteanas neamhchonarthach ón Aontas Eorpach leis an iompar sin ag an gCoimisiún Eorpach. Ní raibh aon chúis dhlíthiúil ann na suimeanna lena mbaineann a íoc le cuntas an Choimisiúin Eorpaigh. Chomhlíon Poblacht na Seice na hoibleagáidí uile faoi dhlí an Aontais trí scrúdú críochnúil a dhéanamh, i gcás na n-allmhairí uile lena mbaineann, ar na hearraí agus ar an doiciméadacht a bhaineann leo agus, tar éis di cinntí na cigireachta sin a fháil, trí na dleachtanna custaim a chinneadh agus a bhailiú ar bhonn luach custaim fógartha. Ag an am céanna, dearbhaíonn sé, fiú dá dtabharfaí an luach custaim fógartha faoi cheist, nárbh fhéidir, dar léi, an dleacht a bhailiú ar bhonn luach staidrimh. Ba chóir don luach custaim a bheith cinnte i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail agus i Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail, i.e. go príomha ar bhonn luach custaim earraí comhionanna nó comhchosúla. In aon chás, chuir an Coimisiún ráta malairte mícheart EUR i bhfeidhm ar CZK i gcás na n-allmhairí arna ndeánamh i Mí na Samhna 2011, rud a rinne rómheas go mícheart ar an méid a éilíodh.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/33 |
Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2023 – Importaciones Origen Pacífico v EUIPO – Molinos Nacionales (Juana de Origen)
(Cás T-331/23)
(2023/C 286/45)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Importaciones Origen Pacífico SL (València, an Spáinn) (ionadaí: Á. Pérez Lluna, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Molinos Nacionales C.A. (Puerto Cabello, Veiniséala)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Juana de Origen’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 16 517 948
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Márta 2023 i gCás R 818/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. |
— |
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí seo a íoc agus a ordú don pháirtí eile na costais arna dtabhú sna himeachtaí maidir le cealú agus sa chaingean os comhair EUIPO a íoc. |
Saincheisteanna dlí
— |
Éag na dtrádmharcanna ar a mbunaítear an cealú. |
— |
Gan fíor-úsáid arna baint as na trádmharcanna ar a mbunaítear an cealú, i gcomhréir le hAirteagal 64(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
— |
Éagmais cruthúnais ar mheon mímhacánta an iarratasóra, Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/34 |
Caingean arna tabhairt an 19 Meitheamh 2023 – Azaconsa v EUIPO – Lugar da Veiga (SHIP)
(Cás T-332/23)
(2023/C 286/46)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Azaconsa SL (Alicante, an Spáinn) (ionadaithe: L. Broschat García agus L. Polo Flores, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Lugar da Veiga SLL (Lugo, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘SHIP’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 124 707
Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 18 Aibreán 2023 i gCás R 1465/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. |
— |
clárú an trádmhairc faoi cheist in Aicme 35 a cheadú. |
— |
a ordú d’aon pháirtí a chuireann i gcoinne na caingne seo na costais a íoc. |
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/35 |
Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2023 — Nehera agus agus páirtithe eile v EUIPO — Zdút (nehera)
(Cás T-334/23)
(2023/C 286/47)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Isabel Nehera (Sutton, Ontario, Ceanada), Natacha Sehnal (Montferrier-sur-Lez, an Fhrainc), Jean-Henri Nehera (Burnaby, British Columbia, Ceanada) (ionadaí: W. Woll, dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ladislav Zdút (an Bhratasláiv, an tSlóvaic)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc i gceist: Marc fíortha an Aontais Eorpaigh nehera — trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 11 794 112
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Aibreán 2023 i gCás R 1216/2020-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a a chur ar neamhní; |
— |
a ordú go n-íocfaidh EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, lena n-áirítear na costais riachtanacha arna dtabhú sna himeachtaí achomhairc os comhair an Bhoird Achomhairc; |
— |
a ordú go n-íocfaidh EUIPO, sa bhreis ar a chostais féin, na costais arna dtabhú ag na hiarratasóirí. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar an gceart chun triail chóir a fháil; |
— |
Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/35 |
Caingean arna tabhairt an 17 Meitheamh 2023 — Nehera agus páirtithe eile v EUIPO — Zdút (NEHERA)
(Cás T-335/23)
(2023/C 286/48)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Isabel Nehera (Sutton, Ontario, Ceanada), Natacha Sehnal (Montferrier-sur-Lez, an Fhrainc), Jean-Henri Nehera (Burnaby, British Columbia, Ceanada) (ionadaí: W. Woll, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ladislav Zdút (an Bhratasláiv, an tSlóvaic)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi ceist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘NEHERA’ — Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 12 812 319
Nós imeachta roimh EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Aibreán 2023 i gCás R 1217/2020-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú go n-íocfaidh EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, lena n-áirítear na costais riachtanacha arna dtabhú sna himeachtaí achomhairc os comhair an Bhoird Achomhairc; |
— |
a ordú go n-íocfaidh EUIPO, sa bhreis ar a chostais féin, na costais arna dtabhú ag na hiarratasóirí. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar an gceart chun triail chóir a fháil; |
— |
Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/36 |
Caingean arna tabhairt an 17 Meitheamh 2023 — Nehera agus páirtithe eile v EUIPO — Zdút (NEHERA PRAGUE)
(Cás T-336/23)
(2023/C 286/49)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Isabel Nehera (Sutton, Ontario, Ceanada), Natacha Sehnal (Montferrier-sur-Lez, an Fhrainc), Jean-Henri Nehera (Burnaby, British Columbia, Ceanada) (ionadaí: W. Woll, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ladislav Zdút (an Bhratasláiv, an tSlóvaic)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘NEHERA PRAGUE’ — trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 12 671 681
Nós imeachta roimh EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ó gCeathrú Bhord Achomhairc de EUIPO an 17 Aibreán 2023 i gCás R 1218/2020-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá á chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú go n-íocfaidh EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, lena n-áirítear na costais riachtanacha arna dtabhú sna himeachtaí achomhairc os comhair an Bhoird Achomhairc; |
— |
a ordú go n-íocfaidh EUIPO, sa bhreis ar a chostais féin, na costais arna dtabhú ag na hiarratasóirí. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar an gceart chun triail chóir a fháil; |
— |
Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/37 |
Caingean arna tabhairt an 17 Meitheamh 2023 — Nehera agus páirtithe eile v EUIPO — Zdút (NEHERA)
(Cás T-337/23)
(2023/C 286/50)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Isabel Nehera (Sutton, Ontario, Ceanada), Natacha Sehnal (Montferrier-sur-Lez, an Fhrainc), Jean-Henri Nehera (Burnaby, British Columbia, Ceanada) (ionadaí: W. Woll, dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ladislav Zdút (an Bhratasláiv, an tSlóvaic)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh NEHERA — Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 16 799 678
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Aibreán 2023 i gCás R 1219/2020-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú go n-íocfaidh EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, lena n-áirítear na costais riachtanacha arna dtabhú sna himeachtaí achomhairc os comhair an Bhoird Achomhairc; |
— |
a ordú go n-íocfaidh EUIPO, sa bhreis ar a chostais féin, na costais arna dtabhú ag na hiarratasóirí. |
Pléadálacha sa dlí
— |
Sárú ar an gceart chun triail chóir a fháil; |
— |
Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/38 |
Caingean arna tabhairt an 20 Meitheamh 2023 — Barry’s Bootcamp v EUIPO — Hummel (Seift ar dhá rachtán ag díriú anuas í)
(Cás T-340/23)
(2023/C 286/51)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Barry’s Bootcamp Holdings LLC (Miami, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: M. Hawkins, T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Hummel Holding A/S (Aarhus, an Danmhairg)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an marc fíortha (Seift ar dhá chevron ag díriú anuas í) — Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 915 962
Nós imeachta roimh EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chionspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Márta 2023 i gCás R 1422/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don chosantóir agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcás ina ndéanfadh sé idirghabháil, costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/38 |
Caingean arna tabhairt an 23 Meitheamh 2023 – Sergio Rossi v EUIPO – Stefano Ricci (sr 1)
(Cás T-344/23)
(2023/C 286/52)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Sergio Rossi SpA (San Mauro Pascoli, an Iodáil) (ionadaí: C. Sala, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Stefano Ricci SpA (Fiesole, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘sr 1’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 15 861 248
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 2 Bealtaine 2023 i gCás R 89/2021-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO agus an páirtí eile sna himeachtaí costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheisteanna dlí
— |
Sárú ar Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir le sárú ar oibleagáid an riaracháin cúiseanna lena chinntí a lua; |
— |
Mí-úsáid cumhachta agus easpa dlínse sa mheasúnú ar shaincháilíocht na marcanna níos luaithe ag Bord Achomhairc de EUIPO; |
— |
Mainneachtain cúiseanna a lua maidir le pointe cinntitheach sa díospóid (sárú ar Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh) agus sárú ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabail na dlíthiúlachta, na córa comhionainne agus an dea-riaracháin; |
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 17(3) de Rialachán Tarmligthe 2018/625 ón gCoimisiún agus Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le measúnú ar shaincháilíocht trádmharcanna náisiúnta agus trádmharcanna nach trádmharcanna de chuid an Aontais iad, sainaithint an phobail ábhartha agus an anailís ina dhiaidh sin ar chineál comhchosúlacht na gcomharthaí. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/39 |
Caingean arna tabhairt an 26 Meitheamh 2023 — AC Marca Brands v EUIPO — den Ouden (SANITIEN)
(Cás T-345/23)
(2023/C 286/53)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: AC Marca Brands, SL (Madrid, an Spáinn) (arna ionadú ag: D. Pellisé Urquiza agus J. C. Quero Navarro, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Julia den Ouden (Amstardam, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘SANITIEN’ — Iarratas ar chlárú Uimh. 18 384 320
Nós imeachta roimh EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 19 Aibreán 2023 i gCás R 1733/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO agus/nó do Julia den Ouden costais na gníomhaíochta seo agus na n-imeachtaí freasúra agus achomhairc os comhair EUIPO a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1) agus (5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/40 |
Caingean arna tabhairt an 29 Meitheamh 2023 – Kern Pharma v an Coimisiún
(Cás T-351/23)
(2023/C 286/54)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Kern Pharma, SL (Barcelona, an Spáinn) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck agus C. Dumont, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil a iarraidh ar neamhniú inghlactha agus bunús maith léi; |
— |
cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)3067 (final) ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2023 (a foilsíodh an 4 Bealtaine 2023) lena leasaítear an t-údarú margaíochta arna dheonú le Cinneadh C(2014)601 (final) le haghaidh ‘Tecfidera – Fúmaráit dé-mheitil’, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní, chomh maith le haon chinneadh ina dhiaidh sin, a mhéid a bhuanaíonn siad agus/nó a ionadaíonn siad an cinneadh sin lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí rialála leantacha, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; |
— |
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ocht saincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún Eorpach cloí leis an teorainn ama chun síneadh a fháil ar chosaint margaidh mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(11) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún Eorpach earráid fhollasach agus breithiúnas an 16 Márta 2023, an Coimisiún agus Páirtithe Eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C-438/21 P go C-440/21 P, EU:C:2023:213) á léiriú agus á chur i bhfeidhm, agus go háirithe trí thuarascáil mheasúnaithe ad hoc an 11 Samhain 2021 a mheas mar bheith neamhábhartha. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún Eorpach earráid fhollasach agus an cinneadh atá faoi chonspóid á bhunú aige ar na fíricí eolaíocha míchearta a bhí ar fáil tráth an chinnidh sin. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-agraítear pléadáil neamhdhleathachta i gcoinne údarú margaíochta Biogen arna dheonú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2014)601 (final) ón gCoimisiún (2) agus lena n-iarrtar go gcuirfí an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní dá bharr. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra agus go háirithe, an ceart chun triail chóir a fháil, an ceart cosanta, an ceart chun éisteacht a fháil, agus an ceart chun bunús dlí de bhun Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
6. |
An séú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraíonn an cinneadh atá faoi chonspóid deimhneacht dhlíthiúil an iarratasóra trí údarú margaidh an iarratasóra arna dheonú go neamhchoinníollach a tharraingt siar de facto, gan measúnú a dhéanamh ar neamhdhleathacht an údaraithe margaíochta a deonaíodh. |
7. |
An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraíonn an cinneadh atá faoi chonspóid ionchais dhlisteanacha an iarratasóra toisc nach gcuirtear san áireamh cearta an iarratasóra agus an tríú páirtí a fuarthas ar bhonn údarú margaidh a deonaíodh go neamhchoinníollach. |
8. |
An t-ochtú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraíonn an cinneadh atá faoi chonspóid ceart chun maoine an iarratasóra, a leagtar síos in Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus prionsabal na comhréireachta. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1).
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2014)601 (final) ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2014 lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh ‘Tecfidera – Fúmaráit dé-mheitil’, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/41 |
Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 27 Meitheamh 2023 – RT France v an Chomhairle
(Cás T-75/23) (1)
(2023/C 286/55)
Teanga an cháis: an Fhraincis
D’ordaigh Uachtarán an Chéad Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/41 |
Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 26 Meitheamh 2023 – RT France v an Chomhairle
(Cás T-169/23) (1)
(2023/C 286/56)
Teanga an cháis: an Fhraincis
D’ordaigh Uachtarán an Chéad Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.