|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
|
2023/C 278/01 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE |
|
|
|
Cúirt Bhreithiúnais |
|
|
2023/C 278/02 |
||
|
2023/C 278/03 |
||
|
2023/C 278/04 |
||
|
2023/C 278/05 |
||
|
2023/C 278/06 |
||
|
2023/C 278/07 |
||
|
2023/C 278/08 |
||
|
2023/C 278/09 |
||
|
2023/C 278/10 |
||
|
2023/C 278/11 |
||
|
2023/C 278/12 |
||
|
2023/C 278/13 |
||
|
2023/C 278/14 |
||
|
2023/C 278/15 |
||
|
2023/C 278/16 |
||
|
2023/C 278/17 |
||
|
2023/C 278/18 |
||
|
2023/C 278/19 |
||
|
2023/C 278/20 |
||
|
2023/C 278/21 |
||
|
2023/C 278/22 |
||
|
2023/C 278/23 |
||
|
2023/C 278/24 |
||
|
2023/C 278/25 |
||
|
2023/C 278/26 |
||
|
|
Chúirt Ghinearálta |
|
|
2023/C 278/27 |
||
|
2023/C 278/28 |
||
|
2023/C 278/29 |
||
|
2023/C 278/30 |
||
|
2023/C 278/31 |
||
|
2023/C 278/32 |
||
|
2023/C 278/33 |
||
|
2023/C 278/34 |
||
|
2023/C 278/35 |
Cás T-291/23: Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 — Sber v BRA |
|
|
2023/C 278/36 |
Cás T-326/23: Caingean arna tabhairt an 15 Meitheamh 2023 — D’Agostino v an Banc Ceannais Eorpach |
|
|
2023/C 278/37 |
Cás T-342/23: Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2023 – Aquind v ACER |
|
|
2023/C 278/38 |
Cás T-343/23: Caingean arna tabhairt an 23 Meitheamh 2023 – Katjes Fassin v EUIPO (Beyond Chocolate) |
|
|
2023/C 278/39 |
||
|
2023/C 278/40 |
||
|
2023/C 278/41 |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/1 |
Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
(2023/C 278/01)
Foilseachán deiridh
Foilseacháin stairiúla
Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo: EUR-Lex:
http://eur-lex.europa.eu
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE
Cúirt Bhreithiúnais
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/2 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Utrecht — an Ísiltír) – X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid
(Cás C-459/20 (1), Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (mionaoiseach de chuid na hÍsiltíre ar Téalannach í an mháthair))
(Tarchur chun réamhrialú - Saoránacht an Aontais Eorpaigh - Airteagal 20 CFAE - An ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát - Cinneadh ó Bhallstát lena ndiúltaítear cead fanachta a dheonú do náisiúnach tríú tír ar tuismitheoir linbh mhionaoisigh é nó í, ar náisiúnach den Bhallstát sin é an leanbh - Leanbh atá lasmuigh de chríoch an Aontais Eorpaigh agus nach raibh cónaí air nó uirthi riamh ar chríoch an Aontais Eorpaigh)
(2023/C 278/02)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Utrecht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X
Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie agus Veiligheid
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Ní mór Airteagal 20 CFAE a léiriú amhail, de bharr nach raibh cónaí ar leanbh mionaoiseach, ar saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh agus náisiúnach de chuid Ballstáit é nó í a rugadh lasmuigh de chríoch an Bhallstáit sin, ar chríoch an Aontais Eorpaigh riamh, nach féidir le duine dá thuismitheoirí nó dá tuismitheoirí, ar náisiúnach tríú tír é nó í, ar a bhfuil an leanbh sin cleithiúnach, tairbhe a bhaint as ceart cónaithe díorthaithe ar bhonn an Airteagail sin, ar choinníoll go suitear go dtiocfaidh an leanbh sin isteach agus go mbeidh cónaí air nó uirthi i gcríoch an Bhallstáit ar náisiúnach dá chuid é nó í leis an tuismitheoir sin. |
|
2) |
Ní mór Airteagal 20 CFAE a léiriú, maidir le Ballstát ar ina leith atá iarratas ar cheart cónaithe díorthaithe déanta ag náisiúnach tríú tír a bhfuil leanbh mionaoiseach aige nó aici agus ar saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh agus náisiúnach de chuid Ballstáit é an leanbh, atá cleithiúnach air nó uirthi, agus a bhfuil cónaí air nó uirthi sa tríú tír sin ó rugadh sé nó sí gan cónaí air nó uirthi riamh ar chríoch an Aontais Eorpaigh, amhail nach féidir leis an mBallstát sin diúltú don iarratas sin ar an bhforas nach bhfuil aistriú chuig an mBallstát sin, ar réamhchoinníoll é chun go bhfeidhmeoidh an leanbh sin a chearta mar shaoránach de chuid an Aontais, chun leas iarbhír nó sochreidte an linbh sin. |
|
3) |
Ní mór Airteagal 20 CFAE a léiriú amhail, chun a fháil amach an bhfuil leanbh mionaoiseach ar saoránach den Aontas Eorpach é nó í ag brath ar a thuismitheoir nó a tuismitheoir ar náisiúnach tríú tír é nó í, go gceanglaítear ar an mBallstát lena mbaineann na himthosca ábhartha uile a chur san áireamh, gan aird a thabhairt ar an bhfíoras nach ndearna an tuismitheoir ar náisiúnach tríú tír é nó í aire a thabhairt i gcónaí don leanbh sin ar bhonn laethúil ach go bhfuil coimeád aonair an linbh sin aige nó aici anois, nó ar an bhfíoras go bhféadfadh an tuismitheoir eile, saoránach de chuid an Aontais, cúram laethúil éifeachtach an linbh sin a ghlacadh chuige nó chuici féin. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 — Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (C-6/21 P), Poblacht na hEastóine (C-16/21 P) v Pharma Mar SA, an Coimisiún Eorpach
(Cásanna Uamtha C-6/21 P agus C-16/21 P) (1)
(Achomharc - Sláinte phoiblí - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 - Diúltú údarú margaíochta a dheonú le haghaidh táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine - Aplidin – plitidepsine - An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) - Neamhchlaontacht saineolaithe de chuid grúpa comhairleach eolaíoch (GSC) - Beartas na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí maidir le leasanna iomaíocha de chuid chomhaltaí na gcoistí agus saineolaithe eolaíocha a láimhseáil - An coincheap ‘cuideachta chógaisíochta’ - Raon feidhme an eisiata i bhfabhar ‘institiúidí taighde’ - An coincheap ‘táirgí in iomaíocht’)
(2023/C 278/03)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóirí: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (C-6/21 P) (ionadaithe: J. Möller agus S. Heimerl ar dtús, agus ag J. Möller agus P.-L. Krüger, Gníomhairí, ina dhiaidh sin), Poblacht na hEastóine (C-16/21 P) (ionadaí: N. Grünberg, Gníomhaire)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Pharma Mar SA (ionadaithe: M. Merola agus V. Salvatore, avvocati), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Haasbeek agus A. Sipos, Gníomhairí)
Idiragraithe mar thaca leis an achomharcóir (C-6/21 P): Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. K. Bulterman, J. Langer agus C.S. Schillemans, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) (ionadaithe: S. Drosos, H. Kerr agus M. S. Marino, Gníomhairí)
Idiragraithe mar thaca leis an iarratasóir (C-16/21 P): Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus S. Heimerl ar dtús, agus ag J. Möller agus D. Klebs ina dhiaidh sin, agus, ar deireadh, J. Möller agus P.-L. Krüger, Gníomhairí), Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. K. Bulterman, J. Langer agus C.S. Schillemans, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) (ionadaithe: S. Drosos, H. Kerr agus M. S. Marino, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 28 Deireadh Fómhair 2020, Pharma Mar v an Coimisiún (T-594/18, nár foilsíodh, EU:T:2020:512), ar neamhní. |
|
2) |
Déantar Cás T-594/18 a tharchur ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh. |
|
3) |
Forchoimeádtar na costais. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht — an Ghearmáin) – LD v ALB FILS Kliniken GmbH
(Cás C-427/21 (1), ALB FILS KLINIKEN)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Obair ghníomhaireachta shealadach - Treoir 2008/104/CE - Airteagal 1 - Raon feidhme - An coincheap ‘cur ar fáil go sealadach’ - Aistriú na bhfeidhmeanna a dhéanann oibrí óna fhostóir chuig tríú gnóthas - An t-oibrí sin a chur ar fáil go buan agus a chonradh fostaíochta tosaigh á chothabháil aige)
(2023/C 278/04)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesarbeitsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: LD
Cosantóir: ALB FILS Kliniken GmbH
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(1)(b) go (e) de,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
níl feidhm ag an Treoir sin i gcás ina ndéanann fostóir, ar thaobh amháin, na feidhmeanna a chomhlíonann fostaí a aistriú go cinntitheach chuig tríú gnóthas agus, ar an taobh eile, ina bhféadfar a cheangal ar an oibrí sin, a gcoinnítear a chaidreamh fostaíochta leis an bhfostóir sin toisc gur fheidhmigh an fostaí sin a cheart chun cur i gcoinne aistriú an chaidrimh fostaíochta sin chuig an tríú gnóthas sin, ar iarraidh ón bhfostóir sin, an obair atá dlite go conarthach leis an tríú gnóthas sin a sholáthar go buan agus, sa chomhthéacs sin, a bheith faoi réir chumhacht bainistíochta an ghnóthais sin i dtéarmaí eagrúcháin agus teicniúla araon.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/4 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 — DI v an Banc Ceannais Eorpach
(Cás C-513/21 P) (1)
(Achomharc - Státseirbhís - Foireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) - Coinníollacha fostaíochta - Imeachtaí araíonachta - Údarás inniúil - Tarmligean - Cinnteacht dhlíthiúil - Teorainn ar ghníomhaíocht araíonachta - Toimhde na neamhchiontachta - Imeachtaí coiriúla - Saobhadh - Easpa)
(2023/C 278/05)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: DI (ionadaí: L. Levi, avocate)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Banc Ceannais Eorpach (ECB) (ionadaithe: F. von Lindeiner, F. Malfrère agus M. Van Hoecke, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Rechtsanwalt)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
|
2) |
Ordaítear do DI a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an mBanc Ceannais Eorpach a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/5 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Itä- Suomen hallinto-oikeus — an Fhionlainn) — caingean arna tabhairt ag J.M.
(Cás C-579/21 (1) Pankki S)
(Tarchur chun réamhrialú - Sonraí pearsanta a phróiseáil - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagail 4 agus 15 - Raon feidhme an chirt um rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 - Faisnéis atá i gcomhaid loga arna nginiúint ag córas próiseála (log data) - Airteagal 4 - An coincheap ‘sonraí pearsanta’ - An coincheap ‘faighteoirí’ - Cur i bhfeidhm san am)
(2023/C 278/06)
Teanga an cháis: an Fhionlainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Itä-Suomen hallinto-oikeus
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: J.M.
Páirtithe leasmhara: Apulaistietosuojavaltuutettu, Pankki S
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), arna léamh i bhfianaise Airteagal 99(2) den Rialachán sin, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: tá feidhm aige maidir le hiarraidh ar rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san fhoráil sin i gcás ina ndearnadh na hoibríochtaí próiseála a mbaineann an iarraidh sin leo roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, ach go ndearnadh an iarraidh tar éis an dáta sin. |
|
2) |
Maidir le hAirteagal 15(1) de Rialachán 2016/679, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: is éard atá i bhfaisnéis a bhaineann le hoibríochtaí chun breathnú ar shonraí pearsanta duine, a bhaineann le dátaí agus críocha na n-oibríochtaí sin, ná faisnéis a bhfuil sé de cheart ag an duine sin í a fháil ón rialaitheoir faoin bhforáil sin. Mar sin féin, leis an bhforáil sin, ní fhoráiltear dá leithéid de cheart i ndáil le faisnéis a bhaineann le féiniúlacht fhostaithe de chuid an rialaitheora sin a rinne na hoibríochtaí sin faoi údarás an rialaitheora agus i gcomhréir lena threoracha, murab ea go bhfuil an fhaisnéis sin bunriachtanach ionas go bhféadfaidh an duine is ábhar do na sonraí na cearta a thugtar dó leis an Rialachán sin a fheidhmiú go héifeachtach agus ar choinníoll go gcuirtear cearta agus saoirsí na bhfostaithe sin san áireamh. |
|
3) |
Maidir le hAirteagal 15(1) de Rialachán 2016/679, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: más rud é go saothraíonn an rialaitheoir gníomhaíocht bhaincéireachta i gcomhthéacs cúram rialaithe agus go raibh an duine a ndearnadh a shonraí pearsanta a phróiseáil ina cháil mar chustaiméir an rialaitheora fostaithe ag an rialaitheoir sin freisin, ní dhéantar aon difríocht, i bprionsabal, do raon feidhme an chirt a bhí ag an duine sin faoin bhforáil sin. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/6 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Meitheamh 2023. (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal correctionnel de Villefranche-sur-Saône – an Fhrainc) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne K.B., F.S.
[Cás C-660/21 (1), K.B. agus F.S.]
(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Treoir 2012/13/AE - Airteagail 3 agus 4 - Oibleagáid ar na húdaráis inniúla daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe a chur ar an eolas go pras maidir lena gceart bheith ina dtost - Airteagal 8(2) - An ceart chun sárú na hoibleagáide sin a agairt - Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear ar bhreitheamh na trialach coiriúla sárú den sórt sin a ardú ex officio - Airteagail 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)
(2023/C 278/07)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal correctionnel de Villefranche-sur-Saône
Páirtithe sna príomhimeachtaí coiriúla
K.B., F.S.
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagail 3 agus 4 chomh maith le hAirteagal 8(2) de Threoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla arna léamh i bhfianaise Airteagail 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear rialú na cúirte trialach in ábhair choiriúla, ex officio, chun na himeachtaí a chur ar neamhní, sárú ar an oibleagáid atá ar na húdaráis inniúla, faoi na hAirteagail 3 agus 4 sin, daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine cúisithe a chur ar an eolas go pras faoin gceart atá acu bheith ina dtost, i gcás nár baineadh an fhéidearthacht nithiúil éifeachtach díobh rochtain a bheith acu ar dhlíodóir i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí a bhaineann le barántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart tríú páirtí a chur ar an eolas ar chailleadh saoirse agus cumarsáid a dhéanamh le tríú páirtithe agus le húdaráis chonsalacha nuair a chailltear an tsaoirse, más gá, trí dhul ar iontaoibh cúnaimh dhlíthiúil faoi na coinníollacha a leagtar síos le Treoir 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlíthiúil do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí a bhaineann le barántas gabhála Eorpach, agus i gcás ina bhfuil an ceart acu, de réir mar a bheidh, rochtain a bheith acu ar a gcomhad agus an sárú sin a agairt laistigh de thréimhse réasúnach ama, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Threoir 2012/13.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/6 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 (iarrataí ar réamhrialú ón Conseil d’État — an Bheilg) — XXX (C-711/21), XXX (C-712/21) v État belge, arna ionadú ag an Secrétaire d’État à l’Asile et la Migration
(Cásanna Uamtha C-711/21 agus C-712/21 (1), État belge (Gnéithe tar éis an chinnidh um fhilleadh) agus páirtithe eile)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 267 CFAE - Inghlacthacht - Leas in imeachtaí a thionscnamh a bheith ann sna príomhimeachtaí - Oibleagáid ar an gcúirt a rinne an tarchur chun fíorú)
(2023/C 278/08)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d’État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: XXX (C-711/21), XXX (C-712/21)
Cosantóir: État belge, arna ionadú ag an Secrétaire d’État à l’Asile et la Migration
An chuid oibríochtúil
Tá na hiarrataí ar réamhrialú ón Conseil d’État (Comhairle Stáit na Beilge), a rinneadh le cinntí an 4 Samhain 2021, do-ghlactha.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/7 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 – YG v an Coimisiún Eorpach
(Cás C-818/21 P) (1)
(Achomharc - Seirbhís sibhialta - Seirbhíseach sibhialta - Ardú céime - Ardú céime 2019 - Cinneadh gan an t-iarratasóir a ardú do ghrád AST 9 - Airteagal 45(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh - Buanna a chur i gcomparáid - Saobhadh fianaise - Forais an iarratais ag an gcéad chéim a shárú agus a shaobhadh - Sárú ar chearta na cosanta - Sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú)
(2023/C 278/09)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: YG (ionadaithe: A. Champetier agus S. Rodrigues, avocats)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Radu Bouyon agus L. Vernier, i gcáil Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
(1) |
Diúltaítear don achomharc. |
|
(2) |
Ordaítear do YG a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/7 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 – an Coimisiún Eorpach v an Ungáir
(Cás C-823/21) (1)
(Mainneachtain Stáit - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Beartais maidir le seiceálacha ar theorainneacha, le tearmann agus le hinimirce - Nósanna imeachta um chosaint idirnáisiúnta a dheonú - Treoir Uimh. 2013/32/UE - Airteagal 6 - Rochtain éifeachtach - Iarratas a thíolacadh - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do na bearta riaracháin atá le déanamh roimh ré lasmuigh de chríoch an Bhallstáit - Cuspóir na sláinte poiblí)
(2023/C 278/10)
Teanga an cháis: an Ungáiris
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Azéma, L. Grønfeldt, A. Tokár agus J. Tomkin, i gcáil Gníomhairí)
Cosantóir: an Ungáir (ionadaithe: M. Z. Fehér agus M. M. Tátrai, i gcáil Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
(1) |
Mhainnigh an Ungáir na hoibleagáidí atá uirthi a chomhlíonadh de réir Airteagal 6 de Threoir Uimh. 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, trína chur de choinníoll leis an bhféidearthacht iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chur isteach, ag roinnt náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá i gcríoch na hUngáire nó ag teorannacha an Bhallstáit sin, go ndéanfaí dearbhú intinne a thaisceadh roimh ré le hambasáid de chuid na hUngáire atá lonnaithe i dtríú tír roimh ré agus faoi réir comhdú roimh ré de dhoiciméad taistil lena dtugtar cead iontrála i gcríoch na hUngáire dóibh. |
|
(2) |
Ordaítear don Ungáir a costais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/8 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Nacional – an Spáinn) – Endesa Generación SAU v Tribunal Económico Administrativo Central
(Cás C-833/21, Endesa Generación) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas - Treoir Uimh. 2003/96/CE - Airteagal 14(1)(a) - Táirgí fuinnimh a dhíolmhú a úsáidtear le leictreachas a thairgeadh - Maolú - Cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh ar ‘chúiseanna a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil’ - Raon feidhme)
(2023/C 278/11)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Audencia Nacional
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Endesa Generación SAU
Cosantóir: Tribunal Económico Administrativo Central
An chuid oibríochtúil
Maidir leis an dara habairt d’Airteagal 14(1)(a) de Threoir Uimh. 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003, lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
comhlíontar le reachtaíocht náisiúnta, lena bhforáiltear do cháin a ghearradh ar ghual a úsáidtear chun leictreachas a thairgeadh, an choinníoll, atá san fhoráil sin, ar dá réir nach mór cáin a bheartú ‘ar chúiseanna a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil’, i gcás ina bhfuil ceangal díreach idir úsáid ioncaim agus cuspóir an chánachais i gceist nó i gcás ina gceaptar an cháin sin, gan cuspóir a shaothrú atá buiséadach amháin, i ndáil lena struchtúr, go háirithe i ndáil leis an ábhar inchánach nó leis an ráta cánach, ar bhealach lena n-imrítear tionchar ar iompar na ndaoine inchánach amhail go ndéantar go bhféadfaí caomhnú níos fearr ar an gcomhshaol a áirithiú.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/9 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Noord-Holland – an Ísiltír) – PR Pet BV v Inspecteur van de Belastingdienst/Douane, kantoor Eindhoven
(Cás C-24/22, PR Pet) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhtharaif chustaim - Aicmiú earraí - Ainmníocht Chomhcheangailte - Teideal 9403 - Táirgí ar struchtúir iad, a bheartaítear le haghaidh cat, ar struchtúir iad a thugtar ‘crainn cait’ orthu - Earraí atá déanta d’ábhair éagsúla - Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1229/2013 agus (AE) Uimh. 350/2014)
(2023/C 278/12)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Noord-Holland
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: PR Pet BV
Cosantóir: Inspecteur van de Belastingdienst/Douane, kantoor Eindhoven
An chuid oibríochtúil
Maidir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte in Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987, maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, sa leagan a eascraíonn as Rialachán Cur Feidhme (AE) 2016/1821 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2016,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní thagann táirge faoi theideal 9403 den Ainmníocht Chomhcheangailte sin atá ina struchtúr clúdaithe le hábhair éagsúla de réir mar a bheidh, a bheartaítear chun áit dá gcuid féin a sholáthar do chait agus a bhféadfaidís, go háirithe, a bheith ina suí, ag súgradh agus ag crúcáil air, ar struchtúr é a thugtar ‘crann cait’ air. Ní mór a leithéid de tháirge a aicmiú faoin teideal den Ainmníocht Chomhcheangailte sin a fhreagraíonn don ábhar, i measc na n-ábhar lena gclúdaítear í, atá in úsáid sa struchtúr den chuid is mó, rud atá le socrú ag an gcúirt a rinne an tarchur. I gcás inarb ionann an méid de na hábhair sin atá inti, ní mór an táirge sin a aicmiú faoin teideal atá san áit dheireanach in ord uimhreach i measc na dteidil atá inchurtha san áireamh go bailí.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/9 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 – Gmina Miasto Gdynia, Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo sp. z o.o. w likwidacji v an Coimisiún Eorpach, Poblacht na Polainne
(Cás C-163/22 P) (1)
(Achomharc - Státchabhair - Bonneagar aerfoirt - Maoiniú poiblí arna thabhairt d’aerfort Gdynia-Kosakowo - Cinneadh lena ndearbhaítear nach luíonn an beart cabhrach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear é a aisghabháil - Aithint an leasa arna bhaint aisti agus socrú an mhéid chabhrach atá le haisíoc - Prionsabail an ionchais dhlisteanaigh, na deimhneachta dlíthiúla, na cosanta idirnáisiúnta éifeachtaí, an dea-riaracháin agus an chomhair dhílis - Cearta nós imeachta na n-achomharcóirí)
(2023/C 278/13)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Achomharcóirí: Gmina Miasto Gdynia, Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo sp. z o.o. w likwidacji (ionadaithe: K. Gruszecka-Spychała agus P. K. Rosiak, radcowie prawni)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Herrmann, S. Noë agus J. Zieliński, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, I gcáil Gníomhaire)
An chuid oibríochtúil
|
(1) |
Diúltaítear don achomharc. |
|
(2) |
Ordaítear do Gmina Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo sp. z o.o. w likwidacji, a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
|
(3) |
Ordaítear do Phoblacht na Polainne a costais féin a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/10 |
Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof – an Ghearmáin) – Finanzamt Hannover-Nord v H Lebensversicherung
(Cás C-258/22 (1), H Lebensversicherung)
(Tarchur chun réamhrialú - Saorghluaiseacht caipitil - Airteagal 63 CFAE - Cáin trádála - An méid inchánach don cháin sin a ríomh - Modhanna ríofa - Díbhinní arna ndíorthú ó shealúchais de níos lú ná 10 % i gcuideachtaí cónaithe agus neamhchónaithe - Iad a áireamh sa mhéid inchánach don cháin trádála - An tráth a chuirtear iad san áireamh - Difríocht sa chóireáil - Srian - Easpa)
(2023/C 278/14)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesfinanzhof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Finanzamt Hannover-Nord
Freagróir ar an achomharc: H Lebensversicherung
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 63 CFAE a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Bhallstáit lena bhforáiltear, agus méid inchánach na cánach trádála de chorparáid á chinneadh, nach mór díbhinní arna ndíorthú ó shealúchais de níos lú ná 10 % i gcuideachtaí neamhchónaithe a aischur leis an méid inchánach sin, a mhéid go ndearnadh na díbhinní sin a asbhaint ón méid inchánach sin ag céim roimhe sin den ríomh sin, más rud é go ndearnadh sin, cé go ndéantar díbhinní arna ndíorthú ó shealúchais inchomparáide i gcuideachtaí caipitil cónaithe a chur sa mhéid inchánach sin ón tús, gan iad a bheith asbhainte ón méid inchánach sin ná, dá réir sin, aischurtha sa mhéid inchánach céanna.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/11 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 – Arysta LifeScience Great Britain Ltd v an Coimisiún Eorpach, Taminco BVBA
(Cás C-259/22 P) (1)
(Achomharc - Táirgí fíteacógaisíochta - Substaint ghníomhach - Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 - Airteagal 4(5) - Airteagal 14(1) - Airteagal 20(1) - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 - Airteagal 12(3) - Airteagal 14(1) - Gan athnuachan a dhéanamh ar fhormheas na substainte gníomhaí tiaram ar mhaithe lena chur ar an margadh - Cearta na cosanta - Prionsabal an réamhchúraim - Cóir chomhionann)
(2023/C 278/15)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Arysta LifeScience Great Britain Ltd (ionadaí: C. Mereu, avocat)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Koleva agus M. ter Haar, i gcáil Gníomhairí), Taminco BVBA (ionadaí: C. Mereu, avocat)
An chuid oibríochtúil
|
(1) |
Diúltaítear don achomharc. |
|
(2) |
Ordaítear do Arysta LifeScience Great Britain Ltd na costais a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/11 |
Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel – an Bheilg) – Vitol SA v Stát na Beilge
(Cás C-268/22 (1), VITOL)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas tráchtála - Toirmeasc ar chleachtais dumpála - Allmhairiú bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne agus na hIndinéise - Bailíocht Rialachán (AE) Uimh. 1194/2012 - Inghlacthacht - Gan caingean le haghaidh neamhniú a bheith taiscthe ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí - Allmhaireoir - Cinneadh an bhfuil dumpáil ann - Fachtóirí le cur san áireamh)
(2023/C 278/16)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Vitol SA
Cosantóir: Stát na Beilge
An chuid oibríochtúil
Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1194/2013 ón gComhairle an 19 Samhain 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne agus na hIndinéise, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1578 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2017 neamhbhailí, a mhéid a sháraítear leis na ceanglais a leanann ó Airteagal 2(5) agus Airteagal 3(4), (6) agus (7) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den [Aontas] Eorpach iad.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/12 |
Achomharc arna thabhairt an 23 Samhain 2022 ag QN i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 14 Meán Fómhair 2022 i gCás T-179/21, QN v an Coimisiún
(Cás C-720/22 P)
(2023/C 278/17)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: QN (ionadaithe: N. Flandin agus L. Levi, avocates)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
Le hordú an 27 Meitheamh 2023, rinne an Chúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an t-achomharc a dhíbhe toisc é a bheith, i bpáirt, doghlactha go follasach agus, i bpáirt, gur léir nach raibh aon bhunús leis agus d’ordaigh sí go n-íocfaidh QN a chostais féin.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/12 |
Achomharc arna thabhairt an 25 Eanáir 2023 ag Grupa ‘Lew’ S.A. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (An Séú Dlísheomra) an 8 Samhain 2022 i gCás T-672/21, Grupa ‘Lew’ S.A. v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
(Cás C-38/23 P)
(2023/C 278/18)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Achomharcóir: Grupa ‘Lew’ S.A. (ionadaithe: A. Korbela, Radca prawny, M. Besler, Rzecznik patentowy)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Lechwerke AG
Le hordú an 13 Meitheamh 2023, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) gan ligean don achomharc dul ar aghaidh agus go n-íocfaidh an t-achomharcóir as a chostais féin.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/12 |
Achomharc arna thabhairt an 13 Feabhra 2023 ag Haskovo Chamber of Commerce and Industry i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 14 Nollaig 2022 i gCás T-526/20, Devin v EUIPO —Haskovo Chamber of Commerce and Industry
(Cás C-77/23 P)
(2023/C 278/19)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Haskovo Chamber of Commerce and Industry (ionadaithe: D. Dimitrova, agus I. Pakidanska, Dlíodóirí)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Devin EAD
Le hordú an 27 Meitheamh 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart do Haskovo Chamber of Commerce and Industry a chostais féin a íoc.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/13 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Olt (an Rómáin) a taisceadh an 17 Márta 2023 – Prysmian Cabluri și Sisteme SA v Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice Craiova – Direcția Regională Vamală Craiova Autoritatea Vamală Română Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală de Administrare a Marilor Contribuabili
(Cás C-168/23, Prysmian Cabluri și Sisteme)
(2023/C 278/20)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunalul Olt
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Prysmian Cabluri și Sisteme SA
Cosantóirí: Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice Craiova – Direcția Regională Vamală Craiova Autoritatea Vamală Română Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală de Administrare a Marilor Contribuabili
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
Agus an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) á léiriú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (1) ón gComhairle le tagairt do na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte na gComhphobal Eorpach, sa leagan atá i bhfeidhm ó dháta Teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach [maidir leis na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte na gComhphobal Eorpach (2007/C 296/02) (IO 2007 C 296, lch. 4), an féidir táirge comhdhéanta de chroíleacáin optúla [core] agus cumhdach optúil atá clúdaithe ag an gcéad bratú inmheanaigh le aicrioláit bhog agus ag an dara clúdú crua-aicrioláit daite seachtrach, córas brataithe (ar a dtugtar ColorLock), teacht faoi cheannteideal 8544 70 00 de? |
|
2) |
I gcás freagra diúltach ar an gcéad cheist, an féidir leis na húdaráis chustaim náisiúnta, agus prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus cosaint ionchais dhlisteanacha á léiriú acu, neamhaird a thabhairt ar chinntí a rinne údarás custaim an Stáit sin nár chuir aicmiú an táirge sin faoi cheannteideal 8544 70 00 faoi cheist agus cinntí BTI freisin (lena n-áirithítear díolúine ó dhleachtanna custaim agus CBL) arna n-eisiúint ag údaráis chustaim eile, nó fiú ag cúirteanna i mBallstáit eile an Aontais Eorpaigh, de réir bhrí an aicmithe sin, gan an t-iompar sin a bheith ag sárú na bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an aicmithe taraife, mar atá leagtha amach in Airteagal 28 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus le cosaint ionchais dhlisteanacha arna n-aithint ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcur i bhfeidhm an dlí Eorpaigh? |
|
3) |
I gcás freagra diúltach ar an dara ceist, agus Airteagal 114 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á léiriú, i bhfianaise na prionsabail a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil agus le hionchais dhlisteanacha a chosaint, an féidir aon easpa soiléireachta sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le [hAinmníocht Chomhcheangailte na gComhphobal Eorpach], sa leagan atá i bhfeidhm ó dháta Teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach [maidir leis na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte na gComhphobal Eorpach] (2007/C 296/02) (IO 2007 C 296, lch. 4), agus soiléiriú ina dhiaidh sin, dliteanais choimhdeacha chánach a bheith ann do cháiníocóir i mBallstát, go háirithe ós rud é go ndearnadh cinntí le-himeacht ama ó údarás custaim an Stáit sin nár chuir aicmiú an táirge sin faoi cheannteideal 8544 70 00 faoi cheist agus cinntí BTI freisin arna n-eisiúint ag údaráis chustaim eile nó ag cúirteanna i mBallstáit eile an Aontais Eorpaigh, de réir bhrí an aicmithe sin? |
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 1987 L 256, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (athmhúnlú) (IO 2013 L 269, lch. 1).
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Specializat Mureș (an Rómáin) a taisceadh an 21 Márta 2023 – UG v SC Raiffeisen Bank SA
(Cás C-176/23, Raiffeisen Bank)
(2023/C 278/21)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunalul Specializat Mureş
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir agus Iarratasóir ag an gcéadchéim: UG
Freagróir agus Cosantóir ag an gcéadchéim: SC Raiffeisen Bank SA
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
Agus Airteagal 1(2) de Threoir 93/13/CEE (1) á chur i bhfeidhm, arna thrasuí sa dlí náisiúnta le forálacha Airteagal 3(2) de Legea nr. 193/2000, republicată, privind clauzele abuzive în contractele încheiate între profesioniști și consumatori (Dlí Uimh. 193/2000, arna athfhoilsiú, maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí a tugadh i gcrích idir díoltóirí/soláthróirí agus tomhaltóirí), i bhfianaise, go háirithe, an dara haithris déag agus an tríú haithris déag sa bhrollach a ghabhann leis an Treoir sin, ach forálacha Airteagail 80 agus 81 de Ordonanța de urgență a Guvernului (OUG) nr. 50/2010 privind contractele de credit pentru consumatori (Ordú Éigeandála Uimh. 50/2010 ón Rialtas maidir le comhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí, ‘OUG Uimh 50/2010’) á gcur san áireamh freisin, an gá iad a léiriú sa chaoi nach gcuirtear as an áireamh go bhféadfadh na cúirteanna náisiúnta scrúdú a dhéanamh freisin ar an amhras maidir le héagothroime téarmaí conarthacha atá san aguisín a ghabhann le comhaontuithe creidmheasa arna dtabhairt i gcrích ag díoltóirí nó soláthraithe le tomhaltóirí roimh theacht i bhfeidhm an dlí sin, is é sin le rá, ar bhonn fhorálacha Airteagal 95 de OUG Uimh. 50/2010, is cuma cé acu ar ghlac an tomhaltóir leo go sainráite ar an mbealach dá bhforáiltear le forálacha Airteagal 40(1) de OUG Uimh. 50/2010, nó ar glacadh leo go hintuigthe, ar an mbealach a fhorordaítear le hAirteagal 40(3) de OUG Uimh. 50/2010? |
|
2) |
I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist, fiafraíonn an chúirt náisiúnta chomh maith an bhfuil sé contrártha, [leis an bhféidearthacht dá dtagraítear sa chéad cheist], i bhfianaise an mhéid a leagtar amach thuas agus in imthosca an cháis atá ar feitheamh os a chomhair, go mbeadh cásdlí de chuid na gcúirteanna náisiúnta a bheith ann lena suitear go nglacfar go sainráite leis an gcomhaontú forlíontach arna dtarraingt suas ar bhealach dá bhforáiltear le forálacha Airteagal 40(1) agus de bhun fhorálacha Airteagal 95 de OUG Uimh. 50/2010 maidir le comhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí intuigthe go huathoibríoch gur caibidlíodh é agus, dá bhrí sin, go bhfuil na téarmaí a leagtar amach ann eisiata ó scrúdú a dhéanamh ar aon amhras go bhfuil siad éagórach? |
(1) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Specializat Mureș (an Rómáin) a taisceadh an 21 Márta 2023 – ERB New Europe Funding II v YI
(Cás C-178/23, ERB New Europe Funding II)
(2023/C 278/22)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunalul Specializat Mureş
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ERB New Europe Funding II
Cosantóir: YI
An cheist a tharchuirtear
Agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE (1) á chur i bhfeidhm, i bhfianaise, go háirithe, an tríú haithris is fiche sa bhrollach a ghabhann leis an Treoir sin agus prionsabal na héifeachtachta, an gá na forálacha sin a léiriú sa chiall nach gcuirtear cosc ar an bhféidearthacht go scrúdóidh cúirt náisiúnta amhras maidir le héagothroime téarmaí conarthacha i gconradh a tugadh i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir, fiú i gcás ina ndearna cúirt náisiúnta eile scrúdú roimhe sin ar na téarmaí sin in imeachtaí breithiúnacha ag an gcéad chéim iarratas ón tomhaltóir nár fhreastail ar an éisteacht ghaolmhar agus nach bhfuair cúnamh nó ionadaíocht chuí ó dhlíodóir, agus ar diúltaíodh dóibh ag cinneadh breithiúnach nár chuir an tomhaltóir agóid ina choinne riamh – [agus] a bhfuil, dá bhrí sin, feidhm res judicata bainte amach, san ord nós imeachta náisiúnta, – más dealraitheach, ó imthosca áirithe an cháis, ar mhodh inchreidte agus réasúnach, nár bhain an tomhaltóir sin úsáid as an leigheas dlíthiúil sna chéad imeachtaí breithiúnacha sin mar gheall ar an eolas nó an t-eolas atá aige?
(1) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/15 |
Achomharc arna thabhairt an 27 Márta 2023 ag Zielonogórski Klub Żużlowy Sportowa S.A. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 25 Eanáir 2023 i gCás T-703/21, Zielonogórski Klub Żużlowy Sportowa v EUIPO – Falubaz Polska (FALUBAZ)
(Cás C-199/23 P)
(2023/C 278/23)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Achomharcóir: Zielonogórski Klub Żużlowy Sportowa S.A. (ionadaí: T. Grucelski, adwokat)
Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Trí ordú an 15 Meitheamh 2023, chinn an Chúirt (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/16 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 26 Aibreán 2023 – A. S.A. v Dyrektor izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy
(Cás C-266/23, Dyrektor izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy)
(2023/C 278/24)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: A. S.A.
Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An gcaithfear a Airteagal 17(1)(a) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1) a léiriú sa chaoi nach mór a áireamh i gcostas iarbhír an fhuinnimh a cheannaítear ach praghas ceannaigh an leictreachais féin, d’eisiamh aon mhuirir bhreise, mar shampla muirear dáilte, nach mór a íoc faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm i mBallstát chun leictreachas a cheannach? |
|
2. |
An gcaithfear Airteagal 17(1)(a) de Threoir 2003/96 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar dhíolúine ó dhleacht mháil a eisiamh maidir le leictreachas a cheannach le haghaidh gnó dianfhuinnimh [Airteagal 31d(1) de Ustawa z 6 grudnia 2008 r. o podatku akcyzowym (Dlí an 6 Nollaig 2008 maidir le dleacht mháil (Dz. U. 2022, mír 143)] i gcás ina dtairbhíonn an gnó sin de dhíolúine o dhleacht mháil a bhaineann go sonrach le réad faoi reachtaíocht náisiúnta (Airteagal 30(7a) den Dlí maidir le dleacht mháil), nuair a léiríonn an gnólacht sin, i ndáil leis an bhfuinneamh céanna, nach dtairbhíonn sé den dá dhíolúine sin ag an am céanna, agus ag glacadh leis nach mó méid iomlán na ndíolúintí ná méid na dleachta máil a íocadh don tréimhse ama chéanna? |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/16 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Bheilg) a taisceadh an 2 Bealtaine 2023 – FB, JL v Procureur du Roi près du Tribunal de Première Instance d’Eupen
(Cás C-283/23, Marhon (1))
(2023/C 278/25)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: FB, JL
Cosantóir: Procureur du Roi près du Tribunal de Première Instance d’Eupen
An cheist a tharchuirtear:
An bhfuil feidhm ag Airteagal 1, Airteagal 2.3 agus Airteagal 3 de Threoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (2) maidir le húsáid uirlisí neamh-uathoibríocha meáite ag na húdaráis bhreithiúnacha nó phóilíneacha chun críocha meáchan feithiclí a chinneadh ionas go gcuirfí reachtaíocht nó rialachán naisiúnta i bhfeidhm, lena bhféadfaí pionóis choiriúla a fhorchur, agus lena dtoirmeasctar feithiclí a sáraíonn a meáchan tomhaiste an t-uasmheáchan arna údarú a chur i seirbhís faoi leithéidí Airteagal 41(3), 1o, agus Airteagal 43(3), 1o de Dhlí an 15 Iúil 2013 maidir le tarlú earraí de bhóthar lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (3), agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (4) agus leithéidí Airteagal 21, an chéad fhomhír, 5o, agus Airteagal 35, 4o d’Fhoraithne Ríoga an 22 Bealtaine 2014 maidir le tarlú earraí de bhóthar?
(1) Ainm dlisteanach atá in ainm an cháis seo. Ní thagraítear d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/17 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Gießen (an Ghearmáin) a taisceadh an 26 Bealtaine 2023 – GM v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
(Cás C-333/23, Habonov (1))
(2023/C 278/26)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgericht Gießen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: GM
Cosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, arna hionadú ag an Bundesamt für Migration und Flüchtlinge
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An gcaithfear Airteagal 19 CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar na forálacha maidir le luach saothair breithiúna i bhfeidhm i mBallstát na cúirte a rinne an tarchur, amhail na forálacha sa Gesetz zur weiteren Anpassung der Besoldung und Versorgung im Jahr 2023 sowie im Jahr 2024 (an Dlí maidir le coigeartú breise ar luach saothair agus pinsin Státseirbhíseach in 2023 agus 2024) de Land Hesse (Drucksache 20/9499 de Landtag Hesse), más é, ag deireadh tréimhse arna cinneadh ag an gCúirt Bhreithiúnais a thosaíonn ar dháta fógartha a cinnidh, nach bhfuil reachtaíocht maidir le luach saothair breithiúna glactha ag Land Hesse atá i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha? |
|
2. |
An gcaithfear Airteagal 19 CAE agus Airteagal 47 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 2, 3 agus 6 de Threoir 2000/78/CE (2), a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar nasc a bheith idir luach saothair breithiúna ag Grád R 6 den Bundesbesoldungsgesetz (an Dlí Cónaidhme maidir le luach saothair státseirbhísigh) i mBallstát na cúirte a rinne an tarchur agus 35 bliana d’aois a bheith bainte amach, agus an toradh air sin ná nach mór breithiúna an Bhallstáit sin a raibh luach saothair á fháil acu a bhí níos lú ná luach saothair de Ghrád R 6 den Bundesbesoldungsgesetz a íoc ar leibhéal Ghrád R 6 agus go bhféadfadh breithiúna an Bhallstáit sin a chuir isteach, faoi reachtaíocht náisiúnta, ar luach saothair atá oiriúnach dá ról nó a thionscain caingean i ndáil lena luach saothair mí-oiriúnach le haghaidh blianta airgeadais roimhe sin an difríocht sa luach saothair i gcomparáid le Grád R 6 den Bundesbesoldungsgesetz a lorg le haghaidh na mblianta roimhe sin ina raibh siad gníomhach ina leith sin? |
(1) Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.
(2) Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).
Chúirt Ghinearálta
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/18 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meitheamh 2023 – IMG v an Coimisiún
(Cás T-752/20) (1)
(Dliteanas neamhchonarthach - Imscrúduithe OLAF - Sceitheadh sna meáin - Caillteanas ábhartha agus neamhábhartha - Nasc cúisíoch - Sceitheadh a bheith inchurtha - Sárú sách tromchúiseach ar riail dlí lena ndeonaítear cearta do dhaoine aonair - Rúndacht tuairimí dlí)
(2023/C 278/27)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: International Management Group (IMG) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: L. Levi agus J.-Y. de Cara, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz, J.-F. Brakeland agus S. Delaude, Gníomhairí)
Maidir le
Lena caingean bunaithe ar Airteagal 268 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh as caillteanas ábhartha agus neamhábhartha a mhaíonn sí a bhain di mar gheall ar iompar neamhdhleathach an Choimisiúin Eorpaigh agus na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) i ndiaidh tuarascáil ón Oifig sin ina taobh.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Baintear den chomhad an doiciméad a thug International Management Group (IMG) ar aird, mar Iarscríbhinn A.21 leis an iarratas. |
|
2) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
3) |
Ordaítear do IMG na costais a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/18 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2023 – Região Autónoma da Madeira v an Coimisiún
(Cás T-131/21) (1)
(Státchabhair - Scéim cabhrach arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil - Saorlimistéar Mhaidéara - Cinneadh lena n-aithnítear nach gcomhlíonann an scéim Cinntí C(2007) 3037 final agus C(2013) 4043 final lena ndearbhaítear go bhfuil an scéim sin ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear an chabhair a deonaíodh agus í á cur i bhfeidhm a aisghabháil - Caingean le haghaidh neamhniú - Locus standi - Inghlacthacht - An coincheap ‘státchabhair’ - Cabhair atá ann cheana de réir bhrí Airteagal 1(b)(i) agus (ii) de Rialachán (AE) 2015/1589 - Aisghabháil - Ionchas dlisteanach - Deimhneacht dhlíthiúil - Prionsabal an dea-riaracháin - Dodhéantacht iomlán forghníomhaithe - Tréimhse theorann - Airteagal 17 de Rialachán 2015/1589)
(2023/C 278/28)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: Região Autónoma da Madeira (ionadaithe: M. Gorjão-Henriques agus A. Saavedra, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Barcew agus P. Caro de Sousa, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear Airteagal 1 agus Airteagail 4 go 6 de Chinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún Eorpach an 4 Nollaig 2020 maidir le scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil do shaorlimistéar Mhaidéara (Zona Franca da Madeira – ZFM) – Scéim III (IO 2022, L 217, lch. 49) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Região Autónoma da Madeira na costais a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/19 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meitheamh 2023 – Polynt v ECHA
(Cás T-207/21) (1)
(REACH - Measúnú substaintí - Ainhidríd heicsihidri-4-meitioltalach - Cinneadh ECHA lena n-iarrtar tástáil bhreise amháin nó níos mó a dhéanamh - Airteagal 40 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 - Achomharc arna dhéanamh os comhair an Bhoird Achomhairc - Earráid dlí)
(2023/C 278/29)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Polynt SpA (Scanzorosciate, an Iodáil) (ionadaithe: C. Mereu, P. Sellar agus I. Zonca, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaithe: N. Herbatschek, T. Basmatzi agus M. Goodacre, Gníomhairí)
Maidir le
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cinneadh A-015-2019 ó bhord achomhairc na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) an 9 Feabhra 2021, lenar dhiúltaigh sí dá achomharc i gcoinne an chinnidh maidir le togra tástálacha a cuireadh isteach sa chomhad clárúcháin don tsubstaint ainhidríd heicsihidri-4-meitioltalach.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Polynt SpA na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis an nós imeachta idirlinne. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/19 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meitheamh 2023 – Dana Astra v an Chomhairle
(Cás T-239/21) (1)
(An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha mar gheall ar an staid sa Bhealarúis - Reo cistí - Ainm an iarratasóra a choimeád ar liostaí na ndaoine na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann - Earráid mheasúnaithe)
(2023/C 278/30)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Dana Astra IOOO (Mionsc, an Bhealarúis) (ionadaithe: M. Lester, BL, P. Sellar agus J. Beck, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Van Overmeire agus T. Haas, Gníomhairí)
Maidir le
Lena caingean, bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir
|
— |
Cinneadh (CBES) 2021/353 ón gComhairle an 25 Feabhra 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO 2021 L 68, lch. 189), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/339 ón gComhairle an 25 Feabhra 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO 2021 L 68, lch. 29), |
|
— |
Cinneadh (CBES) 2022/307 ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2022 L 46, lch. 97) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/300 ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2022 L 46, lch. 3), a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin léi. |
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Dana Astra, chomh maith lena costais féin, na costais a thabhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/20 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2023 — Guangdong Haomei New Materials agus Guangdong King Metal Light Alloy Technology v an Coimisiún
(Cás T-326/21) (1)
(Dumpáil - Allmhairí d’easbhrúnna alúmanaim de thionscnamh na Síne - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/546 - Dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur - Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 - Sainmhíniú ar an táirge lena mbaineann - Gnáthluach a chinneadh - Airteagal 2(6a) de Rialachán 2016/1036 - Tuarascáil ina ndearbhaítear gurb ann do shaobhadh suntasach sa tír onnmhairiúcháin - Ualach cruthúnais - Tagairt do thír ionadaíoch - Airteagal 3(1), (2), (3), (5) agus (6) de Rialachán 2016/1036 - Díobháil - Tosca agus innéacsanna eacnamaíocha a bhfuil tionchar acu ar staid thionscal an Aontais - Cearta cosanta - Prionsabal an dea-riaracháin)
(2023/C 278/31)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóirí: Guangdong Haomei New Materials Co. Ltd (Qingyuan, an tSín), Guangdong King Metal Light Alloy Technology Co. Ltd (Yuan Tan Town, an tSín) (ionadaithe: M. Maresca, C. Malinconico, D. Guardamagna, M. Guardamagna, D. Maresca, A. Cerruti, A. Malinconico agus G. Falla, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo, P. Němečková agus A. Spina, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis na hiarratasóirí: Airoldi Metalli SpA (Molteno, an Iodáil) (ionadaithe: M. Campa, M. Pirovano, D. Rovetta agus V. Villante, Dlíodóirí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: A. Neergaard, M. Peternel agus L. Stefani, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean, iarrann na hiarratasóirí, go príomha, ar an gcéad dul síos, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/546 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’easbhrúnna alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO 2021 L 109, lch. 1) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leo agus, mar mhalairt air sin, Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016 L 176, lch. 21) a chur ar neamhní, agus, ar an dara dul síos, ar bhonn Airteagal 268 CFAE, cúiteamh as an damáiste a líomhnaítear a baineadh dóibh mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin atá á chonspóid agus an bhun-Rialacháin.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Íocfaidh Guangdong Haomei New Materials Co. Ltd agus Guangdong King Metal Light Alloy Technology Co. Ltd as a gcostais féin agus íocfaidh siad as na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach. |
|
3) |
Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa agus do Airoldi Metalli SpA a gcostais féin a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/21 |
Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 19 Meitheamh 2023 – PS v SEAE
(Cás T-327/22) (1)
(Státseirbhís - Baill foirne ar chonradh - Athrú ar an áit fostaíochta - Aguisín leis an gconradh fostaíochta - Beart go hiomlán dearbhaithe - Neamh-inghlacthacht)
(2023/C 278/32)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: PS (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)
Cosantóir: an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: A. Ireland agus S. Falek, Gníomhairí)
Ábhar:
Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an aguisín lena chonradh fostaíochta a síníodh an 23 Iúil 2021 ar neamhní agus, a mhéid is gá, go gcuirfí cinneadh na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) an 22 Feabhra 2022 ag diúltú dá ghearán an 20 Deireadh Fómhair 2021 ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith neamh-inghlactha |
|
2. |
Ordaítear do PS na costais a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/22 |
Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 21 Meitheamh 2023 – Repasi v an Coimisiún
(Cás T-628/22) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Comhshaol - Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 - Tacsanomaíocht - Gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le gás iontaise agus fuinneamh núicléach - Cuimsiú i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe - Feisire Parlaiminte - Easpa cúraim dhírigh - Neamh-inghlacthacht))
(2023/C 278/33)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: René Repasi (Karlsruhe, an Ghearmáin) (ionadaithe: H.-G. Kamann, D. Fouquet, Dlíodóirí, F. Kainer agus M. Nettesheim, Ollúna)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Erlbacher, A. Nijenhuis agus G. von Rintelen, Gníomhairí)
Ábhar:
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha áirithe fuinnimh agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú go sonrach le haghaidh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO 2022 L 188, Ich. 1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith neamh-inghlactha |
|
2) |
Dearbhaítear nach gá a thuilleadh breithniú a dhéanamh ar an iarratas idirghabhála a thíolaic Poblacht na Fraince |
|
3) |
Ordaítear don iarratasóir a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc; |
|
4) |
Ordaítear do Phoblacht na Fraince a costais féin a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/22 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 20 Meitheamh 2023 – NO v An Coimisiún
(Cás T-771/22) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Státchabhair - Earnáil dlí na hÉireann - Táillí an iar-aturnae a bhí ag cliaint á n-íoc ag aturnae nua an chliaint sin - Diúltú gearáin - Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil Státchabhair i gceist - Acmhainní an Stáit - Do-ghlacthacht fhollasach pháirteach - Caingean atá i bpáirt gan aon bhunús dlí go follasach)
(2023/C 278/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: NO (ionadaí: E. Smartt, Aturnae)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Barcew agus L. Nicolae, Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 27 Meán Fómhair 2022 a chur ar neamhní, lenar diúltaíodh a ghearán an 12 Meán Fómhair 2022.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear an chaingean i bpáirt as bheith do-ghlactha go follasach agus i bpáirt as bheith gan bunús go follasach. |
|
2. |
Ordaítear do NO na costais a íoc. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/23 |
Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 — Sber v BRA
(Cás T-291/23)
(2023/C 278/35)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sber Vermögensverwaltungs AG (Vín, an Ostair) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)
Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (BRA)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
ar an gcéad dul síos, cinneadh BRA an 19 Lúnasa 2022, maidir le hiarraidh an iarratasóra ar rochtain ar dhoiciméid, a chur ar neamhní; |
|
— |
ar an dara dul síos, cinneadh an 8 Márta 2023 ó Phainéal Achomhairc BRA i gcás 6/2022 a chur ar neamhní, sa mhéid is go bhfuil torthaí díobhálacha don iarratasóir sa chinneadh sin; |
|
— |
an tríú dul síos, an freagra diúltach, de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, (1) cúig lá oibre dhéag tar éis Chinneadh an Phainéil Achomhairc, a chur ar neamhní. |
|
— |
a ordú do BRA costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil cinneadh BRA dar dáta an 19 Lúnasa 2022 i ndáil le hiarraidh an iarratasóra ar rochtain ar dhoiciméid (‘an cinneadh bunaidh’) neamhdhleathach.
|
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil Cinneadh an Phainéil Achomhairc mídhleathach ar na cúiseanna seo a leanas.
|
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht an fhreagra diúltach intuigthe.
|
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/24 |
Caingean arna tabhairt an 15 Meitheamh 2023 — D’Agostino v an Banc Ceannais Eorpach
(Cás T-326/23)
(2023/C 278/36)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Aldo D’Agostino (Napoli, an Iodáil) (ionadaí: M. De Siena, Dlíodóir)
Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
dliteanas neamhchonarthach an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) a ndéanann an tUachtarán Christine Lagarde ionadaíocht thar a cheann, a fháil amach agus a dhearbhú:
Dá bhrí sin:
|
|
— |
mar mhalairt air sin, an t-iarratasóir a chúiteamh trí ordú do BCE, ag gníomhú dó trína Uachtarán, pro tempore, suimeanna de mhéideanna éagsúla arna gcinneadh le linn na n-imeachtaí a íoc Aldo D’Agostino, i leith na gcineálacha damáiste a liostaítear thuas, a mhéid a mheastar a bheith cóir, lena n-áirítear trí bhíthin tuarascála ó shaineolaí atá le heisiúint ag an gCúirt Ghinearálta, de bhun Airteagal 70 de Rialacha Nós Imeachta Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh; íocaíocht an úis mhainneachtana le ríomh ón 12 Márta 2020, dáta an teagmhais dhíobhálaigh, go dtí cúiteamh éifeachtach. |
|
— |
a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí:
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil BCE faoi dhliteanas faoi Airteagal 340 (3) CFAE agus Airteagal 2043 de Chód Sibhialta na hIodáile maidir leis an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a bhain don iarratasóir, agus méid an damáiste a bhain dó á léiriú; |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena mínítear tábhacht an damáiste ábhartha, neamhábhartha agus caillteanais deiseanna a mhaíonn an t-iarratasóir a bheith fulaingthe aige agus míníonn sé na prionsabail a cuireadh i bhfeidhm chun iad a chinneadh; |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear na prionsabail a leagtar amach i gcásdlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe i mbreithiúnas an 28 Deireadh Fómhair 2021, Vialto Consulting v an Coimisiún, C-650/19 P, an 9 Feabhra 2022, QI agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BCE, T-868/16, agus an 21 Eanáir 2014, Klein v an Coimisiún, T-309/10. Leagtar amach iontu na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh chun go dtabhódh institiúid Eorpach dliteanas neamhchonarthach i leith saoránaigh den Aontas Eorpach agus braitheann siad ar an bhfíorú dearfach, arna dhéanamh freisin ag an gcomhairleoir teicniúil sa tuarascáil faoi mhionn a ghabhann leis an iarratas, go gcomhlíontar na coinníollacha sin trí chomparáid a dhéanamh idir an reachtaíocht Eorpach a rialaíonn BCE, na comhlachtaí agus a bhfeidhmeanna. Leagtar béim ar sháruithe BCE ar dhlí príomha agus tánaisteach an Aontais agus ar na sáruithe agus an mhí-úsáid cumhachta a rinne Uachtarán BCE. Líomhnaíonn an t-iarratasóir gur sháraigh BCE ar an 12 Márta 2020, ag gníomhú dó trína Uachtarán, Airteagail 127 CFAE, Caibidil 2, dar teideal ‘Beartas Airgeadaíochta’, ar Airteagail 3, 10, 11, 12, 13 agus 38 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus ar Airteagal 17.2 agus Airteagal 17.3 de na Rialacha Nós Imeachta a glacadh le cinneadh ón BCE an 19 Feabhra 2004. (1) |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear, bonn cirt an damáiste ábhartha a d’fhulaing an t-iarratasóir (damáiste iarbhír agus caillteanas brabúis) a chainníochtú, a mhíniú agus a dhoiciméadú. |
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear, bonn cirt an damáiste shíceolaíoch agus damáiste do chlú, d’fhéiniúlacht phearsanta agus ghairmiúil a d’fhulaing an t-iarratasóir a chainníochtú, a mhíniú agus a dhoiciméadú. |
|
6. |
An séú saincheist dlí, maidir le míniú, cúiseanna agus fianaise ar an toimhde agus ríomh na dóchúlachta go gcaillfear deiseanna agus iarraidh go ndéanfaí é sin a ríomh ar phrionsabail chothromais. |
|
7. |
An seachtú saincheist dlí maidir leis na bprionsabal atá leagtha amach i gcásdlí an Aontais Eorpaigh maidir le damáiste neamhábhartha a rinne na hinstitiúidí Eorpacha do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, go háirithe i mbreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 12 Meán Fómhair 2007 i gCás T-250/04 Combescot v an Coimisiún. |
(1) Cinneadh 2004/257/EC ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Feabhra 2004 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (ECB/2004/2) (IO L 80, 18.3.2004, lch. 33) arna leasú le Cinneadh BCE/2014/1 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2014 (IO 2014 L 95, lch. 56).
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/26 |
Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2023 – Aquind v ACER
(Cás T-342/23)
(2023/C 278/37)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Aquind Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: S. Goldberg, Solicitor, E. White agus J. Bille, Dlíodóirí)
Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
a chinneadh (i) go raibh gníomhartha áirithe de chuid na Gníomhaireachta neamhdhleathach agus go ndearna gníomhartha den sórt sin damáiste don iarratasóir a bhfuil sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht cúiteamh a dhéanamh ina leith; nó (ii) de rogha air sin, go ndearna cinneadh na Gníomhaireachta damáiste don iarratasóir go bhfuil sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht cúiteamh a dhéanamh ina leith; mar thoradh air sin, a chinneadh go mbeidh an Ghníomhaireacht faoi dhliteanas cúiteamh a thabhairt don iarratasóir as an damáiste a rinne iompar neamhdhleathach na Gníomhaireachta d’Idirnascaire AQUIND, lena n-áirítear:
|
|
— |
a ordú do na páirtithe comhaontú a lorg maidir le méid beacht na ndamáistí laistigh de thrí mhí nó iad a chur ar ais chun na Cúirte mar aon lena meastacháin faoi seach, chun a cheadú don Chúirt méid an chúitimh a bheidh le híoc ag an nGníomhaireacht a shuíomh; agus |
|
— |
a ordú don Ghníomhaireacht costais an nós imeachta reatha a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleathacht an diúltaithe díolúine a dheonú d’Idirnascaire AQUIND sa chinneadh ón nGníomhaireacht (Cinneadh Uimh. 05/2018 an 19 Meitheamh 2018). Tíolacann an t-iarratasóir go bhfuil neamhdhleathacht bunaithe leis an gceathrú foras le neamhniú i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-735/18 (1), mar a sheas an Chúirt Bhreithiúnais leis i gCás C-46/21 P (2). Sháraigh an Ghníomhaireacht d’aon turas teorainneacha a discréide trí choinníoll breise a fhorchur maidir le díolúine a dheonú de bhun Rialachán (CE) 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (3) Sháraigh iompar na Gníomhaireachta prionsabail an ionchais dhlisteanaigh, na deimhneachta dlíthiúla agus na córa comhionainne freisin. |
|
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleathacht chinneadh an Bhoird Achomhairc (Cinneadh A-001-2018 an 17 Deireadh Fómhair 2018) seasamh le cinneadh na Gníomhaireachta. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleachtacht mainneachtain na Gníomhaireachta athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh na Gníomhaireachta a luaithe a chaill idirnascaire AQUIND a stádas mar Thionscadal Leasa Choitinn, de shárú ar phrionsabal an dea-riaracháin a ráthaítear le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear nár chomhlíon an Ghníomhaireacht breithiúnas na Cúirte Ginearálta go pras i gCás T-735/18 de shárú ar Airteagal 266 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 29 de Rialachán 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (4) |
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleathacht na moille d’aon ghnó agus gan údar maidir le himeachtaí a athoscailt tar éis bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta. Líomhnaíonn an t-iarratasóir go ndearna an tsraith seo d’iompar neamhdhleathach damáiste áirithe, sonrach agus inchainníochtaithe don iarratasóir. |
(1) Breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, EU:T:2020:542).
(2) Breithiúnas an 9 Márta 2023, ACER v Aquind (C-46/21 P, EU:C:2023:182).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO 2009 L 211, lch. 15).
(4) Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO 2019 L 158, lch. 54).
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/27 |
Caingean arna tabhairt an 23 Meitheamh 2023 – Katjes Fassin v EUIPO (Beyond Chocolate)
(Cás T-343/23)
(2023/C 278/38)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Katjes Fassin GmbH & Co. KG (Emmerich am Rhein, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Renck agus C. Stöber, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Beyond Chocolate’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 578 274
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 11 Aibreán 2023 i gCás R 2352/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/28 |
Caingean arna tabhairt an 22 Meitheamh 2023 – Finastra International v EUIPO – Fenestrae (FINASTRA)
(Cás T-346/23)
(2023/C 278/39)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Finastra International Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: S. Malynicz, Abhcóide)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Fenestrae BV (‘-s-Gravenhage, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le focalmharc an Aontais Eorpaigh ‘FINASTRA’ – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 405 804
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 12 Aibreán 2023 i gCás R 1296/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO (agus an t-idiragraí, i gcás ina nglacfaidh sé páirt sna himeachtaí sin) chomh maith lena gcostais féin, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Léirmhíniú mícheart ar na hearraí agus seirbhísí sonraithe; |
|
— |
Sainaithint mhícheart an phobail ábhartha; |
|
— |
Mainneachtain riail na frithghnímh choincheapúil a chur i bhfeidhm maidir le pobal speisialaithe. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/29 |
Caingean arna tabhairt an 26 Meitheamh 2023 – EvivaMed Distribution v EUIPO – Galenica (VIVORA)
(Cás T-347/23)
(2023/C 278/40)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: EvivaMed Distribution GmbH (Wenzenbach, an Ghearmáin) (ionadaí: K. Landes, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Galenica AG (Beirn, an Eilvéis)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘VIVORA’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 255 604
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 26 Aibreán 2023 i gCás R 1556/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus, más iomchuí, a leasú a mhéid a glacadh leis an achomharc agus leis an bhfreasúra agus gur diúltaíodh an t-iarratas ar chlárú an trádmhairc de chuid an Aontais ‘VIVORA’ maidir le hearraí agus seirbhísí in Aicmí 5, 41, 42 agus 44; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
7.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 278/29 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 20 Meitheamh 2023 – Marico v EUIPO – Regal Impex (SAFFOLA)
(Cás T-611/22) (1)
(2023/C 278/41)
Teanga an cháis: an Béarla
D’ordaigh Uachtarán an Triú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.