ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 275

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
4 Lúnasa 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 275/01

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (ECI) 'Cuir Deireadh le Teascadh Eití – Cuir Deireadh leis an Trádáil'

1

2023/C 275/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11202 – FORTUM MARKETS / TELGE ENERGI) ( 1 )

13

2023/C 275/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11137 — EMIL FREY FRANCE / SACAPUCE / JAM PROD / GROUPE KERTRUCKS FINANCE) ( 1 )

14

2023/C 275/04

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11181 — MACQUARIE / BCI / ENDEAVOUR ENERGY) ( 1 )

15

2023/C 275/05

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11096 — MAPFRE / VAS / JV) ( 1 )

16


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2023/C 275/06

Fógra le haghaidh daoine agus eintitis áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

17

2023/C 275/07

Cinneadh ón gComhairle an 25 Iúil 2023 lena gceaptar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

18

2023/C 275/08

Cinneadh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh 98/481/CE lena bhformheastar iniúchóirí seachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh

19

2023/C 275/09

Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1592 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1591 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

21

2023/C 275/10

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

22

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 275/11

Rátaí malairte an euro — 3 Lúnasa 2023

24

2023/C 275/12

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

25

2023/C 275/13

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 28 Iúil 2023 maidir le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an t-iarratas ar chlárú an ainm Irish Grass Fed Beef (TGFC) dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

26


 

V   Fógairtí

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 275/14

Foilsiú iarratais ar leasú a dhéanamh ar théarma traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagail 28(3) agus 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, lipéadú agus cur i láthair — Vino generoso

33

2023/C 275/15

Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásic gheografaigh faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

36

2023/C 275/16

Foilsiú iarratais ar leasú a dhéanamh ar théarma traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagail 28(3) agus 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, lipéadú agus cur i láthair — Vino generoso de licor

42

2023/C 275/17

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

45


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/1


TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (ECI) 'Cuir Deireadh le Teascadh Eití – Cuir Deireadh leis an Trádáil'

(2023/C 275/01)

1.   RÉAMHRÁ: AN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH

Trí bhíthin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh faoi Airteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, féadfaidh milliún náisiúnach nó níos mó as seacht mBallstát den Aontas ar a laghad a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí, aon togra iomchuí a thíolacadh maidir le hábhar a measann siad go bhfuil gá le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

Is é ‘Cuir deireadh le Teascadh Eití – Cuir Deireadh leis an Trádáil’ (1) an t-ochtú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a bhain na tairseacha amach a cheanglaítear leis an gConradh agus le Rialachán (AE) Uimh. 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (Rialachán ECI) (2). Leis an tionscnamh, iarrtar ar an gCoimisiún gníomhú chun deireadh a chur le trádáil eití scaoilte siorcanna san Aontas, lena n-áirítear allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras eití, sna téarmaí seo a leanas:

Cé go bhfuil cosc ar eití siorcanna a bhaint ar bord shoithí an Aontais agus in uiscí an Aontais, agus cé gur gá siorcanna a thabhairt i dtír agus na heití orthu ó nádúr, tá an tAontas Eorpach ar cheann de na honnmhaireoirí is mó eití agus is mol idirthurais ollmhór é sa trádáil dhomhanda eití.

Is mórghníomhaí é an tAontas i ndúshaothrú siorcanna agus de bhrí go mbíonn ganntanas imscrúduithe mara ann, tá eití go fóill á gcoinneáil, á dtrasloingsiú nó á dtabhairt i dtír go neamhdhlíthiúil san Aontas.

Tá sé mar aidhm againn deireadh a chur le trádáil eití san Aontas, lena n-áirítear allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras eití mura bhfuil siad ar chorp an ainmhí ó nádúr.

Ós rud é go gcuireann teascadh eití siorcanna cosc ar bhearta caomhnaithe éifeachtacha i dtaca le siorcanna, iarraimid go leathnófaí RIALACHÁN (AE) Uimh. 605/2013 chun go gclúdófar trádáil eití leis agus mar sin de iarraimid ar an gCoimisiún rialachán nua a cheapadh, chun go gclúdófar faoi ‘eití orthu ó nádúr’ gach cineál trádála siorcanna agus roc san Aontas.

Chláraigh an Coimisiún an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh an 17 Nollaig 2019 (3). Ós rud é go raibh ráitis tacaíochta á mbailiú don tionscnamh le linn phaindéim COVID-19, ba stuama an rud é síneadh 12 mhí a chur leis an tréimhse bhailiúcháin rialála 12 mhí (i.e. bhíothas in ann, dá bhrí sin, sínithe a bhailiú ón 31 Eanáir 2020 go dtí an 31 Eanáir 2022) (4). Tar éis d’údaráis na mBallstát na sínithe arna mbailiú a fhíorú, chuir an lucht eagraithe a thionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin an 11 Eanáir 2023.

Mhínigh an lucht eagraithe cuspóirí an tionscnaimh go mion i gcruinniú leis an gcomhalta freagrach ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2023 agus in éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 27 Márta 2023.

Thionóil Parlaimint na hEorpa díospóireacht iomlánach maidir leis an tionscnamh an 11 Bealtaine 2023. Le linn na díospóireachta, dheimhnigh an Coimisiún go bhfuil na cúiseanna imní céanna aige is atá ag na saoránaigh, agus go mbíonn sé an-ghníomhach, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, i dtaca le siorcanna a chosaint agus iascaireacht siorcanna a dhéanamh go hinbhuanaithe. Mheabhraigh an Coimisiún an comhthéacs idirnáisiúnta – ina gcuireann an tAontas caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe siorcanna chun cinn go gníomhach sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha – chomh maith leis na rialacha Aontais atá i bhfeidhm cheana chun an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ a fhorfheidhmiú.

Leagtar amach sa Teachtaireacht seo measúnú dlíthiúil agus polaitiúil an Choimisiúin ar an tionscnamh, an ghníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh, na cúiseanna leis an ngníomhaíocht sin agus an amlíne atá beartaithe, i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán ECI.

2.   COMHTHÉACS

2.1.   Forbhreathnú ar an staid dhomhanda

Cuimsítear le siorcanna thart ar 500 speiceas éagsúil a bhfuil gnéithe éagsúla éiceolaíocha agus bitheolaíocha acu. Is grúpa tábhachtach iad sa bhithéagsúlacht mhuirí, agus ós rud é gur príomhchreachadóirí iad, tá ról ríthábhachtach acu maidir le cothromaíocht na n-éiceachóras muirí a choinneáil ar bun, éiceachórais atá fíor-riachtanach don mhaolú ar an athrú aeráide agus don oiriúnú don athrú aeráide. Mar gheall ar a saolré fhada go ginearálta agus an ráta íseal atáirgthe atá acu, is riosca do shiorcanna iad gníomhaíochtaí an duine, go háirithe an iascaireacht agus an caillteanas gnáthóige.

Is foinse bia iad freisin, fearacht iasc eile, agus tá dóigh bheatha an-chuid daoine ag brath ar shiorcanna. Tá siorcanna á ngabháil agus á n-ithe ag daoine leis na céadta bliain, ach le blianta beaga anuas, mar thoradh ar an domhandú eacnamaíoch agus an méadú atá tagtha ar an éileamh, is margadh domhanda amach is amach é an margadh d’iascaireacht agus do thomhaltas siorcanna. Sa lá atá inniu ann, cuireann cabhlaigh thionsclaíocha agus cheardaíochta ó gach cearn den domhan eití siorcanna ar fáil do mhargaí traidisiúnta na hÁise, agus san am céanna, tá feoil na siorcanna gafa céanna á hatreorú feadh bealaí soláthair ar leith chuig margaí a bhfuil fás ag teacht orthu, amhail margadh na Brasaíle.

D’ainneoin iarrachtaí chun feabhas a chur ar chaomhnú siorcanna le blianta beaga anuas, tá go leor pobal siorcanna i gcruachás. Is deacair measúnuithe domhanda a dhéanamh i bhfianaise líon ard na speiceas siorcanna agus toisc na n-éagsúlachtaí idir réigiúin ó thaobh pobal de. Mar sin féin, tá na measúnuithe ar phobail siorcanna á láidriú de réir a chéile i roinnt mhaith réigiún. Sa mheasúnú domhanda is déanaí ar Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt, meastar go bhfuil níos mó ná aon trian de speicis siorcanna i mbaol dul in éag (i.e. meastar go bhfuil siad i mbaol criticiúil, go bhfuil siad i mbaol, nó go bhfuil siad leochaileach) (5).

Dá bhrí sin, cuireann an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh in iúl, mar is ceart, go bhfuil sé tábhachtach aghaidh a thabhairt go práinneach ar staid na siorcanna ar fud an domhain, staid atá ina húdar imní, agus ar ról an éilimh ar eití siorcanna, ós rud é go bhfuil sé sin ag cur brú mhéadaithe ar an iascaireacht agus ag baint de na hiarrachtaí na speicis seo a chaomhnú.

2.2.   Iascach agus trádáil eití siorcanna

De réir sonraí ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) (6), tá méadú faoi thrí tagtha ar ghabhálacha domhanda siorcanna ó bhí 1950 ann, agus baineadh an buaicphointe amach in 2000 nuair a gabhadh 868 000 tona. Ó shin i leith, tá an líon gabhálacha ag dul i laghad, agus thit sé go 665 622 thona in 2020. De réir na sonraí céanna, bhí luach gar do 1 bhilliún in aghaidh na bliana ar an trádáil dhomhanda i dtráchtearraí siorca, agus thart ar 7 100 tona in 2021 le haghaidh eití siorcanna.

Maidir leis an Aontas Eorpach, is beag allmhairí d’eití siorcanna a chláraigh sé idir 2017 agus 2021, cé go raibh méid mór onnmhairí ón Aontas, is é sin, thart ar 2 300 tona agus EUR 170 milliún in aghaidh na bliana ar an meán (7). In 2021, ba é EUR 16 in aghaidh an kg meánphraghas na n-onnmhairí d’eití siorcanna, agus ba é EUR 1.43 in aghaidh an kg an meánphraghas ar fheoil siorca (8). Is í an Spáinn an príomhghníomhaí go mór fada i measc Bhallstáit an Aontais, i gcás allmhairí agus onnmhairí eití araon; is í a dhéanann breis agus 99 % d’onnmhairí iomlána an Aontais, agus is eití reoite siorcanna iad thart ar 96 % de na honnmhairí sin (9).

Le linn na tréimhse céanna, ba iad Singeapór (985 thona, EUR 13 mhilliún), an tSín (893 thona, EUR 11 mhilliún), agus Hong Cong (194 thona, EUR 7 milliún) na príomhthíortha cinn scríbe, ar an meán go bliantúil (10), le haghaidh onnmhairí eití siorcanna an Aontais. Seoltar thart ar 82 % d’onnmhairí an Aontais chuig Singeapór agus chuig an tSín, agus bíonn sreafaí trádála ábhartha eile ann le Hong Cong agus, le déanaí, leis an tSeapáin. Seoltar thart ar 85 % d’onnmhairí eití reoite siorcanna chuig Singeapór agus chuig an tSín.

Maidir le hiascach an Aontais, idir 2019 agus 2021, thuairiscigh soithí Aontais gabhálacha iomlána dar mhéid 248 392 thona de shiorcanna (11), is é sin, 82 797 dtona ar an meán in aghaidh na bliana. Ba é an Siorc Gorm (Prionace glauca) an speiceas aonair is tábhachtaí, agus siorcanna gorma a bhí in 56 % de na gabhálacha le linn na tréimhse sin. Ina dhiaidh sin, bhí an Catsúileach Ballach, an Roc Garbh agus an Mácó Biorshrónach (Isurus oxyrinchus), a bhí in 7 %, 6 % agus 3 % de na gabhálacha iomlána, faoi seach. I gcás go leor speiceas eile, ba lú ná 100 kg na gabhálacha iomlána le linn na tréimhse sin, rud a thabharfadh le fios nach raibh iontu ach gabhálacha de thaisme.

Tagann formhór na ngabhálacha ó bháid spiléireachta de chuid an Aontais in uiscí idirnáisiúnta sna haigéin uile, go háirithe an tAtlantach Theas agus an tAigéan Ciúin Theas. Gabhálacha in uiscí idirnáisiúnta is ea 60 % de mhéid na ngabhálacha. Is in uiscí idirnáisiúnta atá faoi shainchúram eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), go heisiach nach mór, a ghabhtar an siorc gorm agus an Mácó Biorshrónach, i gcás 87 % agus 88 % dá ngabhálacha, faoi seach (12).

I gcás ina ndéanann soithí de chuid an Aontais iascaireacht siorcanna nó i gcás ina ndéantar iascaireacht siorcanna in uiscí an Aontais, ní mór na siorcanna a thabhairt i dtír agus a n-eití fós ar a gconablach (féach roinn 2.3). Déantar iad a phróiseáil ar talamh agus, mar a thaispeántar sa staidreamh thuas, seoltar na heití agus na conablaigh chuig margaí éagsúla ina dhiaidh sin. Tá formhór mór na n-eití siorcanna ceaptha lena dtomhailt i dtíortha san Áise Thoir agus Thoir Theas. Idir an dá linn, tomhlaítear an fheoil agus na codanna eile de na conablaigh san Aontas, agus onnmhairítear cuid díobh chuig tríú tíortha, go háirithe chuig tíortha Mheiriceá Laidinigh.

2.3.   Creataí beartais agus dlíthiúla AE agus idirnáisiúnta atá ann faoi láthair

Iarrtar go sonrach sa tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh go leathnófaí Rialachán (AE) Uimh. 605/2013 chun an trádáil eití a chumhdach. Dá bhrí sin, iarrann sé ar an gCoimisiún an ceanglas ‘eití orthu ó nádúr’ a leathnú chuig an trádáil uile a dhéantar i siorcanna agus roic san Aontas. Maítear sa tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh gurb iad na heití an rud is mó a spreagann iascaireacht siorcanna toisc a luachmhaire atá siad i margadh na hÁise. Ina theannta sin, áitítear ann go bhfuil na córais um fhorfheidhmiú agus um chomhlíonadh ar fud an domhain rólag, san Aontas freisin, toisc nach leor na huirlisí rialaithe agus na hacmhainní a úsáidtear, ná oiliúint agus comhordú na n-údarás ábhartha, chun speicis a shainaithint ar bhonn a n-eití amháin, agus chun a áirithiú go bhfuil na rialacháin ábhartha á gcomhlíonadh feadh an tslabhra luacha. Dá bhrí sin, chun seiceálacha custaim a éascú agus chun stop a chur le trádáil eití siorcanna, iarrann na togróirí nach ndéanfaí ach an siorc iomlán a thrádáil, rud a chuirfeadh cosc, de facto, ar thrádáil codanna scaoilte siorcanna (eití nó conablaigh) san Aontas.

Cuireann an tAontas beartas agus creat dlíthiúil saibhir chun feidhme a mhéid a bhaineann le trádáil i siorcanna agus in iascach siorcanna.

Is é is aidhm don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) ainmhithe agus plandaí fiáine a chosaint ar róshaothrú mar thoradh ar thrádáil idirnáisiúnta. Is páirtí in CITES é an tAontas, agus cuireann sé cosaint speiceas muirí chun cinn go gníomhach. Ag an gComhdháil dheireanach de chuid na bPáirtithe i mí na Samhna 2022, cuireadh beagnach 100 speiceas breise de shiorcanna agus roic le haguisíní CITES. Ó thaobh na siorcanna de, rinne an tAontas comhurraíocht ar mholadh Phanama go ndéanfaí fine an tSiorca Charcairinidigh a liostú in Aguisín II de CITES, lena n-áirítear an Siorc Gorm. Tiocfaidh an liostú sin i bhfeidhm an 25 Samhain 2023. Ar an iomlán, liostaítear 174 speiceas de shiorcanna agus roic faoi CITES faoi láthair, a bhfuil an chuid is mó díobh i bhFoscríbhinn II, rud a chiallaíonn nach mór an trádáil a rialú chun leibhéal úsáide a sheachaint a chruthódh baol nach mairfidís.

San Aontas Eorpach, rialaítear trádáil speiceas cosanta agus speiceas atá i mbaol, lena n-áirítear speicis mhuirí, trí shraith rialachán lena gcuirtear CITES chun feidhme. Le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú (13), bunaítear sraith forálacha maidir le heiseamail de speicis, lena n-áirítear codanna nó díorthaigh, a allmhairiú, a onnmhairiú agus a athonnmhairiú, agus liostaítear an tsraith forálacha sna ceithre Iarscríbhinní a ghabhann leis. Áirítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán na speicis uile a liostaítear in CITES, chomh maith le speicis nach speicis CITES iad.

Tá teascadh eití siorcanna (14) ar cheann de na príomhbhagairtí ar chaomhnú siorcanna, agus ba é an tAontas a bhí chun tosaigh i dtaobh a mheas gur cleachtas iascaireachta do-ghlactha é. Ó bhí 2003 ann, le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 (An Rialachán maidir le Teascadh Eití Siorcanna(15), toirmeasctar teascadh eití siorcanna ar bord gach soithigh iascaireachta in uiscí an Aontais agus i ngach áit i gcás soithí atá faoi bhratach Bhallstáit den Aontas. Neartaíodh an Rialachán sin le beartas docht ‘eití orthu ó nádúr’ trí Rialachán (AE) Uimh. 605/2013 (16). Toirmeasctar leis eití siorcanna a bhaint ar bord soithí agus eití siorcanna a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír. Ciallaíonn sé sin nach féidir na heití a bhaint ach amháin ar thuirlingt.

Déanann Ballstáit an Aontais gníomhaíochtaí faireacháin agus rialaithe chun cur chun feidhme iomlán an Rialacháin maidir le Teascadh Eití Siorcanna a áirithiú. Ní mór do na Ballstáit tuairisciú faoin bhfaireachán ar an gcaoi a bhfuil an Rialachán á chomhlíonadh acu in uiscí an Aontais agus in uiscí neamh-Aontais. Ní mór faisnéis faoin méid seo a leanas a bheith sa tuarascáil: (i) líon na ngabhálacha de shiorcanna a tugadh i dtír; (ii) líon agus dáta na gcigireachtaí a rinneadh agus an áit ina ndearnadh iad; (iii) líon agus cineál na gcásanna de neamhchomhlíonadh a braitheadh, lena n-áirítear sainaithint iomlán an tsoithigh nó na soithí lena mbaineann agus an pionós a gearradh maidir le gach cás de neamhchomhlíonadh; (iv) líon iomlán na ngabhálacha arna dtabhairt i dtír de réir speicis (meáchan/líon) agus de réir calafoirt.

In 2016, thug an Coimisiún tuairisc uaidh ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Taisceadh Eití Siorcanna (17). Ba é conclúid an Choimisiúin gur chosúil nach raibh ach líon an-teoranta sáruithe ann, gur thabhaigh cur chun feidhme an bheartais ‘eití orthu ó nádúr’ costais bhreise i gcás na soithí lenar bhain, agus go raibh sé tábhachtach an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ a shaothrú i bhfóraim idirnáisiúnta. Ar a iarraidh sin don Choimisiún, rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) an t-athbhreithniú is déanaí in 2019 ar an Rialachán maidir le Teascadh Eití Siorcanna agus ar phlean gníomhaíochta an Aontais maidir le siorcanna (18). Ba é conclúid CETEI go raibh leibhéal íseal neamhchomhlíonta ann i measc na mBallstát úd a chuir tuairisc isteach, agus go raibh dul chun cinn déanta maidir le bearta caomhnúcháin agus bainistíochta le haghaidh siorcanna a chur chun feidhme. Mar sin féin, thug sé dá aire go raibh gá le faisnéis níos fearr maidir le gníomhaíochtaí a bhíonn a ndéanamh ag cabhlaigh an Aontais lasmuigh d’uiscí an Aontais.

Cuireann an tAontas an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ chun cinn go gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus ar bhonn níos ginearálta, cuireann sé i dtábhacht a thábhachtaí atá sé an tionchar a bhíonn ag an iascach ar shiorcanna a íoslaghdú. Leis na blianta, tá bearta ceangailteacha sonracha curtha chun feidhme ag na hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) a bhfuil an tAontas ina bhall díobh chun speicis siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú.

Rinneadh teascadh eití siorcanna a rialú ar dtús trí chóimheas idir eití agus conablach (FCR) a ghlacadh, rud a chiallaíonn nach bhféadfaidh, suas leis an gcéad tabhairt i dtír, níos mó ná 5 % den chonablach iomlán a thugtar i dtír a bheith comhdhéanta d’eití ar bord. Le himeacht na mblianta, bhí bunús eolaíoch agus éifeachtacht FCR á cheistiú agus bhí an tAontas ag éileamh ar bhonn leanúnach go nglacfaí an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ i ngach ERBI a bhfuil sé ina chomhalta de, ós é sin an bealach is éifeachtaí chun deireadh a chur le teascadh eití. A bhuí leis na hiarrachtaí sin, tá an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ glactha ag roinnt ERBInna mar an t-aon rogha (19) nó mar cheann de na roghanna (20) chun an toirmeasc ar theascadh eití a fhorfheidhmiú. Tá an tAontas fós ag dréim le deireadh a chur leis an gceanglas FCR i gcás ina bhfuil feidhm aige go fóill (21), agus an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ a chur ina áit sna ERBInna uile trí chéile.

Cé go bhfuil sé ina cheanglas an-chuid speiceas de shiorcanna a dhianchosaint, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí thoirmeasc ar choinneáil, is féidir speicis eile a iascach i gcomhréir leis na rialacha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, go háirithe i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag ERBInna. Déanann ERBInna bearta bainistíochta, amhail an líon iomlán gabhálacha ata incheadaithe, ar bhonn measúnuithe ar stoc agus comhairle eolaíoch arna soláthar ag a gcomhlachtaí eolaíocha féin, agus tuairiscíonn na soithí a ngabhálacha. Ní mór gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann idirghníomhaíochtaí le siorcanna a thuairisciú freisin i gcomhréir le nósanna imeachta comhfhreagracha na ERBInna um thuairisciú sonraí (lena n-áirítear meastacháin maidir le héisc mharbha aischurtha agus minicíochtaí méide). Tá na sonraí sin ar fáil i mbunachair sonraí na ERBInna éagsúla agus tacaíonn siad leis an gcomhairle eolaíoch atá ina bunús leis na cinntí bainistíochta a dhéantar maidir leis na speicis éagsúla. Mar sin féin, tá ceanglais mhíchothroma ann i measc na ERBInna éagsúla, agus tá laigí sa tuairisciú sonraí maidir le foghabhálacha siorcanna nach sprioc-siorcanna iad, go háirithe sonraí atá sainiúil don speiceas.

Chun an chomhairle eolaíoch in ERBInna a neartú, tacaíonn an tAontas leis an obair eolaíoch trí ranníocaíochtaí deonacha airgeadais atá dírithe ar mhodheolaíochtaí oiriúnacha a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar stádas caomhnaithe na bpríomhspeiceas siorcanna agus ar fheabhas a chur ar an gcreat rialála maidir le caomhnú siorcanna.

3.   MEASTÓIREACHT AR AN TOGRA SA TIONSCNAMH

3.1.   Freagairt ar an tionscnamh

Ardaíonn an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh saincheisteanna tábhachtacha atá ábhartha maidir le beartas an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an muirthimpeallacht a chosaint, acmhainní iascaigh a chosaint agus a chaomhnú agus iascaireacht inbhuanaithe a áirithiú san Aontas agus ar fud an domhain. Dá gcloífí leis an status quo, bheifí ag leanúint de na táirgí céanna a thrádáil agus dhéanfaí na gníomhaíochtaí a choinneáil ar bun le haghaidh chabhlach agus oibreoirí an Aontais. Mar sin féin, ní céim mhór eile chun tosaigh a bheadh ann maidir le líon domhanda na siorcanna a athbhunú agus, go sonrach, maidir le cur i gcoinne na n-éifeachtaí diúltacha a bhíonn ag trádáil eití siorcanna ar staid na bpobal siorcanna.

An toirmeasc ar eití scaoilte siorcanna a thrádáil san Aontas, bheadh feidhm aige maidir leis na speicis sin a bhíonn á n-iascach ag cabhlach an Aontais i gcomhréir leis na rialacha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, go háirithe i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag ERBInna. Is é trádáil eití siorcanna príomh-asraon chabhlach an Aontais a mbíonn siorcanna á n-iascach aige in uiscí idirnáisiúnta, agus is gníomhaí tábhachtach é an tAontas ar fud an domhain. Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ag toirmeasc ar thrádáil eití scaoilte go mbeadh líon níos lú siorcanna á iascach ag cabhlach an Aontais in uiscí idirnáisiúnta, rud a bheadh ina chúis le himní faoin tionchar socheacnamaíoch a bheadh aige. Ina theannta sin, mar gheall ar mhargaí ar leithligh a bheith ann le haghaidh eití siorcanna agus feoil siorca agus cineál na margaí sin, mar aon le saincheisteanna lóistíochta, ós rud é gur in uiscí idirnáisiúnta a rialaítear faoi shainchúram ERBInna is mó a bhíonn na speicis seo á ngabháil ag cabhlach an Aontais, d’fhéadfadh laghdú gníomhaíochta den chineál sin an bealach a réiteach le haghaidh cleachtais san iascach neamh-Aontais nach bhfuil chomh inbhuanaithe céanna. Dá bhrí sin, aon ghníomhaíocht a dhéantar ar leibhéal an Aontais, ní mór í a fhorlíonadh le gníomhaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta chun cothrom iomaíochta agus éifeachtaí dearfacha comhshaoil a áirithiú.

Aon toirmeasc de chuid an Aontais ar thrádáil eití scaoilte siorcanna, ní mór é a bheith comhoiriúnach le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT). Ní cheistíonn an Eagraíocht Dhomhanda Trádála an ceart atá ag tíortha gníomhaíochtaí a dhéanamh i ndáil le hábhair imní amhail caomhnú acmhainní nádúrtha neamh-inathnuaite nó leas ainmhithe, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Go sonrach, ní mór na bearta sin (a) ceann amháin de na cuspóirí a liostaítear in Airteagal XX de GATT 1994 a shaothrú dáiríre, (b) an rud ar a dtugtar an ‘tástáil riachtanais’ a shásamh, is é sin, nach bhfuil aon bheart eile lena gcuirtear níos lú srianta ar an trádáil ar fáil chun an cuspóir thuasluaite a bhaint amach, agus (c) a áirithiú go bhfuil an beart cothrom ó thaobh a dhearaidh de agus nach mbeidh idirdhealú dochosanta, gan bhunús ann dá bharr, sin nó srian ceilte ar an trádáil idirnáisiúnta.

Le Rialachán ECI, tá ceangal ar an gCoimisiún a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla a leagan amach, mar aon leis an ngníomhaíocht a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis dó an tionscnamh a fháil. Laistigh den tréimhse ama sin, ní raibh an Coimisiún in ann na sonraí uile a bhfuil gá leo a bhailiú agus an anailís iomchuí ar fad a dhéanamh chun meastóireacht iomlán a dhéanamh ar a ábhartha atá sé beart a thionscnamh amhail an beart ata á iarraidh leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Ina theannta sin, ba ghá measúnú tionchair a dhéanamh roimh aon togra reachtach maidir leis na héifeachtaí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith aige.

Dá bhrí sin, seolfaidh an Coimisiún, faoi dheireadh 2023, measúnú tionchair ar na hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le cur i bhfeidhm an bheartais ‘eití orthu ó nádúr’ maidir le siorcanna a chur ar an margadh san Aontas, bíodh sé sin lena dtomhailt laistigh den Aontas nó le haghaidh trádáil idirnáisiúnta (allmhairí agus onnmhairí). Leis an measúnú, ceadófar gníomhaíocht fhéideartha amach anseo, gníomhaíocht a mbeidh bonn eolais fúithi agus a bheidh bunaithe ar fhíricí (22). Áireofar leis sin anailís a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta a imreofar ar pháirtithe leasmhara an Aontais agus ar thríú tíortha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, athruithe a d’fhéadfadh teacht ar dhinimic an mhargaidh dhomhanda, na sochair chomhshaoil agus shocheacnamaíocha a bhaineann le pobail siorcanna atá faoi chosaint níos fearr, agus meastóireacht ar mhodhanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach, chomh maith le measúnú mionsonraithe ar an mbunús dlí agus ar an ionstraim is iomchuí. Ba cheart an measúnú tionchair a bheith ina chreat le haghaidh bhealach chun cinn an Choimisiúin i gcomhréir lena thosaíochtaí, go háirithe maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, geilleagar a fhóireann do na daoine, Eoraip níos láidre sa domhan agus an dóigh bheatha Eorpach.

Aithníonn an Coimisiún go bhfuil sé deacair bealaí tráchtála agus pointí trasnála a rianú toisc go bhfuil dí-chomhiomlánú neamhleor sonraí ann maidir le tabhairt i dtír agus trádáil feola siorca agus eití siorcanna ar leibhéal na speiceas. Mar gheall ar an easpa caighdeánaithe sin sa tacsanomaíocht, is dúshlán é anailís a dhéanamh ar threochtaí na dinimice i dtaca le gabhálacha agus trádáil ar scála domhanda. Tá sé aitheanta ag an gCoimisiún go bhfuil deis ann cur leis an bhfaisnéis faoi onnmhairí agus allmhairí a bhíonn á cur faoi bhráid na gcóras náisiúnta custaim ag oibreoirí. An fhaisnéis a ghintear trí dhearbhuithe custaim, chuideodh sí le hanailís a dhéanamh ar threochtaí na dinimice i dtaca le gabhálacha agus trádáil ar leibhéal níos mionsonraithe, agus le himscrúdú a dhéanamh ar na hardleibhéil calaoise líomhnaithe atá sainaitheanta ag lucht eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh.

Dá bhrí sin, scrúdóidh an Coimisiún, faoi dheireadh 2023, na modhanna dlíthiúla is fearr chun faisnéis níos mionsonraithe a iarraidh chun speicis siorcanna agus na táirgí a bhaineann le gach ceann díobh a shainaithint tráth a n-allmhairithe agus a n-onnmhairithe. Déanfaidh sé cinneadh maidir le teacht i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí.

3.2.   Gníomhaíochtaí a ghabhfaidh leis ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon

Baineann an tAontas leas as raon leathan gníomhaíochtaí lena ndírítear go díreach nó go hindíreach ar chaomhnú siorcanna agus ar bhainistiú inbhuanaithe. I ndáil leis an méid sin, tá aird tarraingthe ag an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar go leor ábhar tábhachtach ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí iarrachtaí breise a dhéanamh chun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus trí ghníomhaíocht a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta.

3.2.1.   Dlí an Aontais atá ann cheana a fhorfheidhmiú

Soláthraíonn an Comhbheartas Iascaigh (CBI) na huirlisí agus an creat chun bearta atá bunaithe ar an eolaíocht a ghlacadh le go laghdófaí tionchar diúltach gníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis agus ar ghnáthóga muirí (23). Ní mór é a bheith comhleanúnach (24) le cuspóir na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (25) lena áirithiú go mbainfidh farraigí an Aontais Dea-stádas Comhshaoil amach, lena n-áirítear leibhéil flúirse shláintiúla agus foghabháil incheadaithe gach speicis mhuirí a áirithiú (26), rud a chuimsíonn éisc nach ndéantar saothrú tráchtála orthu, amhail ealásmabrainciaigh. Déanann an Coimisiún faireachán ar staid na siorcanna agus, i gcomhréir le cuspóirí CBI, áirithíonn sé cur chuige comhleanúnach idir an beartas iascaigh inmheánach agus an beartas iascaigh seachtrach maidir le siorcanna.

Ó bhí 2009 ann, is é is aidhm do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Siorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (EUPOA um shiorcanna) (27), arna spreagadh ag an bPlean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta um Shiorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (féach roinn 3.2.2), an t-eolas faoi iascach siorcanna agus faoi speicis siorcanna, chomh maith lena ról san éiceachóras, a leathnú agus a áirithiú san am céanna go mbeidh an iascaireacht siorcanna inbhuanaithe agus go ndéanfar foghabhálacha siorcanna a thagann as iascach eile a rialáil mar is ceart. Cuireann sé bonn eolais faoin ngníomhaíocht a dhéantar ar leibhéal an Aontais (deiseanna iascaireachta, bearta teicniúla, teorainneacha iarrachta agus acmhainne, bailiú sonraí) agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon (ERBIanna, CITES, an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, coinbhinsiúin réigiúnacha farraige).

I gcás roinnt speiceas siorcanna, d’fhéadfadh riosca dá gcaomhnú a bheith ann fiú i gcás gníomhaíocht theoranta iascaireachta. Déantar speicis den chineál sin a chosaint faoi bhearta an Aontais. Leis na rialacháin bhliantúla leantacha maidir le deiseanna iascaireachta, amhail Rialachán (AE) Uimh. 2023/194, cuirtear toirmeasc ar shoithí iascaireachta an Aontais, agus ar shoithí ó thíortha nach tíortha den Aontas iad a bhíonn ag iascaireacht in uiscí an Aontais, iascaireacht a dhéanamh, speicis a liostaítear mar speicis thoirmiscthe a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír, lena n-áirítear speicis siorcanna (28). Ní mór na heiseamail ghafa a scaoileadh go pras gan iad a ghortú, rud a chuirfidh cosc breise ar eití speiceas atá i mbaol críochnú suas ar an margadh. Tá feidhm ag na forálacha céanna maidir le siorcanna domhainfharraige.

Cé go gceanglaítear dianchosaint i gcás roinnt speiceas siorcanna, is féidir roinnt díobh a iascach go hinbhuanaithe nuair atá tacaíocht eolaíochta lena aghaidh sin. I gcás na stoc sin, déantar gabhálacha a bhainistiú trí shraith Gabhálacha Iomlána Incheadaithe (TACanna) faoi na rialacháin maidir leis na deiseanna iascaireachta bliantúla in uiscí an Aontais agus le haghaidh shoithí an Aontais in uiscí neamh-Aontais. Tá TACanna, arna moladh ag an gCoimisiún agus arna nglacadh ag an gComhairle, bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus ar phrionsabal an réamhchúraim agus cuirtear gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha san áireamh leo.

I Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla (An Rialachán maidir le Bearta Teicniúla), (29) tá toirmeasc ginearálta ar iascaireacht siorcanna agus roc áirithe atá tearc/íogair (Airteagal 10(2) agus Iarscríbhinn I) (30), mar aon le forálacha lena gcuirtear srian le húsáid líonta éighníomhacha agus sruthlíonta chun go leor speiceas nó finte siorcanna a ghabháil (Airteagal 9(4) agus Iarscríbhinn III).

Tá sé curtha i dtábhacht ag lucht eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh go bhfuil deacrachtaí ann maidir le siorcanna agus táirgí siorcanna a rianú ar leibhéal na speiceas sna slabhraí trádála agus margaidh trí chéile. Is gné lárnach de bheartas an Aontais maidir le siorcanna é inrianaitheacht táirgí siorcanna agus faisnéis thrédhearcach do thomhaltóirí. Chun inrianaitheacht a áirithiú, bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (31) córas rialaithe Comhphobail le haghaidh an iascaigh, lena bhforchuirtear rialacha inrianaitheachta ar oibreoirí an Aontais. Ní mór an fhaisnéis inrianaitheachta seo a leanas ar a laghad a áireamh i ngach baisc de tháirgí iascaigh a thugann soithí an Aontais i dtír: i) uimhir aitheantais, uimhir aitheantais sheachtrach agus ainm an tsoithigh iascaireachta; ii) cód alfa 3 FAO gach speicis; iii) ainm tráchtála agus ainm Laidine an speicis; agus iv) an limistéar geografach ábhartha, an modh táirgthe, dáta na gabhála, agus cainníochtaí gach speicis. Ba cheart faisnéis den chineál sin a chur ar fáil ag aon chéim den slabhra luacha do na húdaráis atá i gceannas ar rialú agus forfheidhmiú, agus d’oibreoirí gnó. Tá forálacha breise maidir le faisnéis inrianaitheachta san áireamh in athbhreithniú leanúnach ar chóras rialaithe iascaigh an Aontais (32), athbhreithniú ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil ina leith i mí na Bealtaine 2023. Leagtar amach ann feabhsuithe sa tuairisciú ar ghabhálacha, ar ghníomhaíochtaí iascaigh agus ar sheiceálacha ar an slabhra soláthair, lena n-áirítear táirgí leasaithe agus ullmhaithe, chomh maith le táirgí allmhairithe, mar atá: sonraí gabhála a thaifeadadh go leictreonach, lena n-áirítear éisc aischurtha speiceas íogair a thuairisciú; agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaigh trí úsáid a bhaint as cianmhodhanna leictreonacha, lena n-áirítear TCInna.

Maidir le faisnéis do thomhaltóirí, leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (33) nár cheart faisnéis bhia a bheith míthreorach. Ina theannta sin, mar gheall ar fhorálacha sonracha in earnáil an iascaigh, áirithítear ardleibhéal faisnéise do thomhaltóirí. Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le Comheagrú na Margaí (CEM) i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (34) nach bhféadfar táirgí siorcanna nach bhfuil ullmhaithe ná leasaithe, lena n-áirítear filléid agus eití, a mhargú ach amháin in éineacht le hainmníocht tráchtála an speicis agus an t-ainm eolaíoch atá air. De réir cosúlachtaí, tá cur chun feidhme míchothrom ann maidir leis na ceanglais faisnéise éigeantacha faoi Airteagal 35 de Rialachán CEM, mar a thuairiscigh an Coimisiún tar éis comhairliúchán poiblí oscailte i dtaca le cur chun feidhme Rialachán CEM (35). Baineann an mhíchothroime sin le hainm eolaíoch agus tráchtála speicis a shainaithint. Cé gur saincheist é sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn, níl sé ábhartha go díreach dáiríre i gcomhthéacs teascadh eití, ach bheadh feabhsuithe ar chur chun feidhme na gceanglas lipéadaithe ina gcuidiú maidir le táirgí siorcanna a shainaithint níos fearr ar bhonn níos ginearálta.

Léirigh an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh gurb ann do thrádáil neamhdhleathach. Cé is moite de shonraí teoranta maidir le hurghabhálacha speiceas a liostaítear in CITES (36), níor bhailigh an Coimisiún fianaise faoina mhéid a bhíonn trádáil mhídhleathach líomhnaithe i speicis atá faoi bhagairt ag tarlú san Aontas. Mar sin féin, aithníonn sé gur saincheist thábhachtach é an gháinneáil ar fhiadhúlra, agus tá Plean Gníomhaíochta Aontais nua i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra (37) curtha chun tosaigh aige chun gníomhaíocht an Aontais i gcoinne an fheiniméin fhorleathain seo a neartú.

Ar bhonn níos ginearálta, léiríonn an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh gur gá an méid seo a leanas a dhéanamh chun feabhas a chur ar inrianaitheacht na ngabhálacha, tabhairt i dtír, allmhairí agus onnmhairí siorcanna agus eití ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta feadh an tslabhra luacha ina iomláine:

1)

forfheidhmiú dhlí an Aontais a neartú maidir leis an méid seo a leanas: i) faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus margaidh, ii) bearta rialaithe maidir le próiseáil, margú, iompar agus stóráil, iii) allmhairiú agus onnmhairiú táirgí siorcanna, lena n-áirítear eití go háirithe, i gcás na speiceas siorcanna lena mbaineann, agus iv) na rialacha inrianaitheachta agus lipéadaithe atá i bhfeidhm ar fud na mBallstát, agus

2)

a áirithiú go mbailítear faisnéis iomlán iontaofa maidir le hiascach agus trádáil.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

iarrann sé ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar rialú iomchuí ar cheadanna agus deimhnithe CITES agus iarrann sé orthu a áirithiú go bhfuil acmhainneachtaí leordhóthanacha i réimse an rialaithe agus na hinrianaitheachta maidir le siorcanna faoi chosaint agus táirgí na siorcanna sin, amhail na nithe seo a leanas: i) oiliúint ar speicis ábhartha siorcanna agus a dtáirgí a shainaithint; ii) teicneolaíochtaí, uirlisí (lena n-áirítear uirlisí digiteacha) agus prótacail anailíse DNA a fhorbairt agus a úsáid chun speicis siorcanna a shainaithint; iii) córais inrianaitheachta iomchuí; agus iv) dea-chleachtais a chomhroinnt (38);

seolfaidh sé, faoi dheireadh 2023, iarraidh ar chúnamh frithpháirteach chuig na Ballstáit faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (39) chun a n-aird a dhíriú ar tháirgí siorcanna;

déanfaidh sé idirchaidreamh le Europol, faoi dheireadh 2023, chun scrúdú a dhéanamh ar mhéid na trádála neamhdhleathaí in eití siorcanna isteach san Aontas agus amach as;

cuirfidh sé tús go pras leis an obair ar chur chun feidhme an rialacháin athbhreithnithe maidir le rialú, a luaithe a ghlacfar é, chun a áirithiú go mbeidh feidhm a luaithe is féidir ag na feabhsuithe atá san áireamh ann;

iarrann sé ar na Ballstáit an faireachán agus an forfheidhmiú a neartú maidir le rialacháin an Aontais um Rialú agus Teascadh Eití Siorcanna agus maidir le rialacha na ERBInna, agus céim fhíor-riachtanach den mhéid sin is ea feabhas a chur ar thaifeadadh agus ar thuairisciú gabhálacha siorcanna agus gabhálacha siorcanna de thaisme. Tá feidhm aige sin maidir le soithí de chuid an Aontais a bhíonn ag iascach in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta araon;

iarrann sé ar na Ballstáit (40) luachanna tairsí a leagan síos faoi dheireadh 2023 le haghaidh na n-uasleibhéal i dtaca le foghabhálacha éisc nach ndéantar saothrú tráchtála orthu, amhail speicis ealásmabrainciaigh, in uiscí an Aontais faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, agus bearta iomchuí um bainistiú iascaigh a ghlacadh chun na tairseacha sin a chomhlíonadh;

cuirfidh sé i bhfeidhm, ó 2024 ar aghaidh, bearta um rialú cáilíochta sonraí agus cros-seiceálacha idir na tuarascálacha míosúla ar ghabhálacha a sheolann na Ballstáit isteach faoin Rialachán um Rialú, ar thaobh amháin, agus sonraí maidir le tabhairt i dtír siorcanna a thuairiscítear go bliantúil, mar aon leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le Teascadh Eití Siorcanna, ar an taobh eile; agus

déanfaidh sé anailís, faoi dheireadh 2023, ar fhreagraí na mBallstát ar shuirbhé a seoladh le déanaí maidir le cur chun feidhme na gceanglas lipéadaithe faoin Rialachán maidir le CEM, agus aird ar leith á tabhairt ar an tsaincheist shonrach a bhaineann le mílipéadú ainm tráchtála speicis.

Is creataí tábhachtacha tacaíochta iad na tionscnaimh agus gníomhaíochtaí eile atá ar siúl faoi láthair ó thaobh beartas feabhsaithe Aontais maidir le siorcanna de.

Sa ‘Phlean Gníomhaíochta Muirí’ faoi Straitéis Bhithéagsúlachta 2030 (41), a ghlac an Coimisiún an 21 Feabhra 2023, tá iarrataí ar ghníomhaíocht, agus iad dírithe ar na Ballstáit, chun feabhas a chur ar chosaint speiceas íogair, lena n-áirítear speicis leochaileacha siorcanna áirithe, trí dhíriú ar ghabhálacha de thaisme san iascach a laghdú, cothú agus iasclanna na speiceas sin a chosaint, agus feabhas a chur ar na córais faireacháin lena ndéantar méid agus dáileadh na ngabhálacha de thaisme a shainaithint.

Is é is aidhm do thogra an Choimisiúin le haghaidh rialachán maidir le hathbhunú dúlra (42), a glacadh i mí an Mheithimh 2022, gnáthóga muirí díghrádaithe agus gnáthóga speiceas muirí aitheanta amhail deilfeanna agus muca mara, siorcanna agus éanlaith mhara a athbhunú, i measc nithe eile. An liosta speiceas siorcanna lena mbaineann, tá sé ar fáil in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an togra agus tá sé bunaithe ar Iarscríbhinn I (Liosta na speiceas toirmiscthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 2019/1241 maidir le Bearta Teicniúla.

Is é is aidhm do Mhisean an Aontais chun ár nAigéan agus ár nUiscí (43) a athbhunú sláinte ár n-aigéin agus ár n-uiscí a chosaint agus a athbhunú faoi 2030. Mar chuid dá chéad cholún, cosaint agus athbhunú, breathnóidh sé ar athbhunú gnáthóg agus ar thacú le chluichreáin speiceas, lena n-áirítear na creachadóirí a thacaíonn leo, amhail siorcanna. Tá gá le taighde sonrach lena gceadófar, ar bhealach níos tapa agus níos saoire, speicis a shainaithint ó eití siorcanna ar bhonn DNA chun gur féidir na rialuithe a fhorfheidhmiú agus, i dtionscadal Fís Eorpach (44) maidir le comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach agus éisc aischurtha, áirítear cheana féin mear-mheasúnacht bunaithe ar DNA le haghaidh rialú iascaigh.

Aithnítear sa straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc faoin gComhaontú Glas don Eoraip an nasc láidir idir daoine sláintiúla, sochaithe sláintiúla agus pláinéad sláintiúil agus an gá atá le slí bheatha na bpríomhtháirgeoirí a dheimhniú chun go n-éireoidh leis an aistriú chuig córas bia inbhuanaithe Aontais.

3.2.2.   Dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar an leibhéal domhanda

Is trádáil dhomhanda é an trádáil in eití siorcanna, mar aon le hiascaireacht siorcanna agus an meath suntasach atá tagtha ar líon na siorcanna. Sin an fáth ar glacadh an Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta um Shiorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (IPOA – Siorcanna (45)) in 1999 faoi choimirce Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO). Is é is príomhchuspóir dó siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú go hinbhuanaithe. Cuireann IPOA creat ar fáil a chuideoidh le pleananna gníomhaíochta náisiúnta, foréigiúnacha agus réigiúnacha a fhorbairt chun siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú. Chuir sé cosc den chéad uair ar theascadh eití siorcanna agus ba shamhail é le haghaidh pleananna gníomhaíochta idirnáisiúnta eile amhail an ceann Eorpach.

An Coinbhinsiúin maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (CMS), is conradh comhshaoil de chuid na Náisiún Aontaithe é. Tá forálacha ann maidir le speicis imirceacha, a ngnáthóga agus a mbealaí imirce a chaomhnú agus a bhainistiú. Geallann na páirtithe conarthacha ann cloí le prionsabail an Choinbhinsiúin (i.e. aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le speicis imirceacha, agus oibriú chun na speicis sin agus a ngnáthóg a chaomhnú) agus gníomhú láithreach chun speicis a chosaint trí chomhaontuithe idirnáisiúnta nó Meabhráin Tuisceana a shíniú. Shínigh an tAontas an Meabhrán Tuisceana maidir le Siorcanna Imirceacha a Chaomhnú agus molann sé taighde, iascaireacht inbhuanaithe, cosaint gnáthóige agus comhar idirnáisiúnta sa chomhthéacs sin.

Cé go ndéanann an tAontas eití siorcanna a onnmhairiú ó iascach siorcanna a bhíonn á bhainistiú, is minic nach amhlaidh atá i gcás go leor de na heití a onnmhairíonn tíortha eile isteach sna margaí tomhaltóirí is mó. Cé go bhfuil bearta caomhnúcháin agus bainistíochta le haghaidh siorcanna glactha agus curtha chun feidhme ag formhór na ERBInna agus ag an-chuid tíortha, tá gá le feabhas mór chun a áirithiú nach mbainfidh cleachtais trádála an bonn de na hiarrachtaí agus den dul chun cinn atá déanta maidir le go leor speiceas siorcanna a chaomhnú. Dá bhrí sin, is gá an toirmeasc éifeachtach ar theascadh eití siorcanna a chur chun cinn a thuilleadh ar fud an domhain, rialuithe éifeachtacha ar shreafaí trádála táirgí siorcanna ar fud an domhain a áirithiú, agus féachaint leis an éileamh ar na táirgí sin a shrianadh.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i rith 2023 agus ina dhiaidh:

tríú tíortha ábhartha a spreagadh chun liostaí siorcanna a chur chun feidhme go héifeachtach i bhfianaise chinntí CITES CoP19 a rinneadh le déanaí chun beagnach 100 speiceas breise de shiorcanna agus roic (agus a dtáirgí) a chur san áireamh i bhFoscríbhinn II a ghabhann le CITES;

tacú le Rúnaíocht CITES cur leis na hacmhainní atá ag Stáit raoin (46) liostaí CITES de shiorcanna agus de speicis mhuirí eile a chur chun feidhme;

dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Aontas i gcomhlachtaí réigiúnacha um bainistiú iascaigh chun bearta nua caomhnúcháin agus bainistíochta do speicis siorcanna a ghlacadh, agus/nó chun na bearta sin a neartú agus a chur chun feidhme go héifeachtach, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a glacadh agus na bearta rialaithe a neartú chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha atá ann faoi láthair i bhfeidhm agus go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú mar is cuí. Áirítear leis sin an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ a ghlacadh mar an modh is éifeachtaí chun deireadh a chur le teascadh eití;

i ngach comhlacht agus eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha eile, a mholadh do na Ballstáit tús a chur le plé faoi bhearta nua agus/nó bearta neartaithe atá ann faoi láthair maidir le caomhnú agus bainistiú speiceas siorcanna, chomh maith lena gcur chun feidhme éifeachtach trí a rialuithe a threisiú. Molfaidh an Coimisiún do na Ballstáit an tsaincheist a ardú ag an 19ú seisiún d’Fhochoiste FAO um Thrádáil Éisc, a bheidh ar siúl san Iorua i mí Mheán Fómhair 2023; agus

oibriú i gcomhar le tíortha nach tíortha den Aontas iad chun laghdú ar an éileamh ar eití siorcanna arna bhfoinsiú go neamhdhleathach a spreagadh, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí bhíthin tionscadal cistiúcháin, agus chun tacú le tríú tíortha tábhachtacha acmhainní a fhorbairt chun gáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac.

4.   CONCLÚIDÍ AGUS FORLÉARGAS

Leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ‘Cuir deireadh le Teascadh Eití – Cuir Deireadh leis an Trádáil’, léirítear na ceisteanna sochaíocha agus comhshaoil atá ina n-údar imní maidir le staid na siorcanna ar fud an domhain, agus an ról atá ag an éileamh ar eití siorcanna. Measann an Coimisiún go bhfuil sé ábhartha maidir le beartas an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an muirthimpeallacht a chosaint, acmhainní iascaigh a chosaint agus a chaomhnú agus iascaireacht inbhuanaithe a áirithiú san Aontas agus ar fud an domhain. Tá an tionscnamh seo ag teacht leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le gealltanas an Aontais maidir le héiceachórais mhuirí agus speicis atá i mbaol a chosaint ar fud an domhain agus rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a chur chun cinn.

Ba é an tAontas a bhí chun tosaigh i dtaobh a mheas gur cleachtas iascaireachta do-ghlactha é teascadh eití siorcanna. De réir dhlí an Aontais, i gcás ina ndéanann soithí de chuid an Aontais iascaireacht siorcanna nó i gcás ina ndéantar iascaireacht siorcanna in uiscí an Aontais, ní mór na siorcanna a thabhairt i dtír agus a n-eití fós ar an gconablach.

Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ag toirmeasc ar thrádáil eití scaoilte go mbeadh líon níos lú siorcanna á iascach ag cabhlach an Aontais in uiscí idirnáisiúnta, rud a bheadh ina chúis le himní faoin tionchar socheacnamaíoch a bheadh aige. Ina theannta sin, ós rud é gur in uiscí idirnáisiúnta a rialaítear faoi shainchúram ERBInna is mó a bhíonn na speicis seo á ngabháil ag cabhlach an Aontais, d’fhéadfadh laghdú gníomhaíochta den chineál sin an bealach a réiteach le haghaidh cleachtais san iascach neamh-Aontais nach bhfuil chomh inbhuanaithe céanna. Mar sin féin, is gá measúnú breise a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil níos leithne ar pháirtithe leasmhara an Aontais agus ar thríú tíortha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh. Chun cinntí eolasacha a dhéanamh, tá gá ag an gCoimisiún le tacar sonraí agus staidrimh níos iomláine agus níos mionsonraithe chun anailís a dhéanamh ar na treochtaí maidir le dinimic na gabhála agus na trádála.

Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

cuirfidh sé tús gan mhoill le hobair ullmhúcháin chun measúnú tionchair a sheoladh, faoi dheireadh 2023, ar na hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le cur i bhfeidhm an bheartais ‘eití orthu ó nádúr’ maidir le siorcanna a chur ar an margadh san Aontas, bíodh sé sin lena dtomhailt laistigh den Aontas nó le haghaidh trádáil idirnáisiúnta (allmhairí agus onnmhairí).

déanfaidh sé scrúdú, faoi dheireadh 2023, ar na modhanna dlíthiúla is fearr chun faisnéis níos mionsonraithe a iarraidh chun speicis siorcanna agus a dtáirgí a shainaithint tráth a n-allmhairithe agus a n-onnmhairithe, agus cinneadh a dhéanamh maidir le teacht i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí.

Tá aird tarraingthe leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar roinnt ábhar tábhachtach ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí iarrachtaí breise a dhéanamh chun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus trí ghníomhaíocht a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas san am céanna:

an chaoi a bhforfheidhmítear dlí an Aontais a neartú a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus margaidh, bearta rialaithe maidir le próiseáil agus margaíocht, allmhairiú agus onnmhairiú táirgí siorcanna, agus rialacha inrianaitheachta agus lipéadaithe.

gníomhaíocht bhreise a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta agus gníomhaíocht mhéadaithe a mholadh chun siorcanna atá i mbaol a chosaint agus chun a áirithiú go gcoinneofar na pobail siorcanna tráchtála sláintiúil. Díreoidh sé ar chosc éifeachtach a chur ar theascadh eití ar fud an domhain, lena n-áiritheofar rialuithe éifeachtacha ar shreafaí trádála táirgí siorcanna ar fud an domhain, agus lena gcuirfear srian ar an éileamh ar tháirgí siorcanna a thagann as iascach neamh-inbhuanaithe.


(1)  Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin ECI(2020)000001 (https://europa.eu/citizens-initiative/initiatives/details/2020/000001_en)

(2)  Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 130, 17.5.2019, lch. 55)

(3)  Cinneadh (AE) 2019/2252 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 maidir leis an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh dar teideal ‘Cuir deireadh le Teascadh Eití – Cuir deireadh leis an trádáil’ (fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2019) 9203) (IO L 336, 30.12.2019, lch. 312)

(4)  Rialachán (AE) 2020/1042 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos bearta sealadacha maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh na gcéimeanna bailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh i bhfianaise ráig COVID-19 (IO L 231, 17.7.2020, lch. 7); Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2200 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 maidir le síneadh a chur leis na tréimhsí chun ráitis tacaíochta a bhailiú le haghaidh tionscnaimh Eorpacha áirithe ó na saoránaigh de bhun Rialachán (AE) 2020/1042 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 434, 23.12.2020, lch. 56); Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/360 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2021 maidir le síneadh a chur leis na tréimhsí chun ráitis tacaíochta a bhailiú le haghaidh tionscnaimh Eorpacha áirithe ó na saoránaigh de bhun Rialachán (AE) 2020/1042 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 1121) (IO L 69, 26.2.2021, lch. 9)

(5)  Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt

(6)  Siorcanna | Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Caomhnú agus Bainistiú Siorcanna | Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (fao.org)

(7)  Féach an Iarscríbhinn

(8)  Foinse: Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA)

(9)  Foinse: Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA)

(10)  Foinse: Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA)

(11)  Foinse: Staidreamh Iascaigh Eurostat

(12)  Foinse: Tuarascálacha na mBallstát chuig an gCoimisiún. Ní thagann speicis roc faoin Rialachán maidir le Teascadh Eití Siorcanna, ach is in uiscí an Aontais a ghabhtar iad go heisiach, nach mór.

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1)

(14)  Is cleachtas é ‘teascadh eití siorcanna’ lena mbaintear na heití de shiorcanna ar bord soithí iascaireachta, agus lena ndéantar an chuid den siorc atá fágtha a aischur san fharraige le linn don soitheach a bheith ar muir.

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 167, 4.7.2003, lch. 1)

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 605/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 181, 29.6.2013, lch. 1)

(17)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Teascadh Eití Siorcanna (COM (2016) 207 final)

(18)  AN COISTE EOLAÍOCH, TEICNIÚIL AGUS EACNAMAÍOCH UM IASCACH (CETEI), Athbhreithniú ar chur chun feidhme an rialacháin maidir le teascadh eití siorcanna agus measúnú ar thionchar Phlean Gníomhaíochta 2009 an Chomhphobail Eorpaigh um Shiorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (CPOA) (STECF-19-17)

(19)  An Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC), an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CIGM), Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO)

(20)  An Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC), Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (SEAFO), CCSBT, an Coimisiún um Iascach an Aigéin Chiúin Iartharaigh agus an Aigéin Chiúin Láir (WCPFC), Coimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (NPFC)

(21)  An Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO), Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA), an Coinbhinsiún maidir le Beo-acmhainní Muirí san Antartach a chaomhnú (CCAMLR)

(22)  Féach Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin; Treoirlínte um Rialáil níos Fearr, SWD(2021) 305 final

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22). Is é is aidhm don Chomhbheartas Iascaigh a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainisteofar iad de réir spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta (Airteagal 2(1)). Cuireann sé cuir chuige réamhchúraim i bhfeidhm maidir le hiascach a bhainistiú, agus iad bunaithe ar éiceachórais (Airteagal 2(2) agus 2(3)).

(24)  Airteagal 2(5) j den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh

(25)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Chomhphobail sa réimse beartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19)

(26)  Tuairisceoir MSFD D1C1 de Chinneadh 2017/848 ón gCoimisiún maidir le ráta básmhaireachta speiceas muirí de réir foghabhála

(27)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le Plean Gníomhaíochta don Chomhphobal Eorpach maidir le Siorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (COM/2009/0040 final)

(28)  Aithrisí 19 agus 20 de Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta maidir le stoic éisc áirithe, a bheidh infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí neamh-Aontais áirithe, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc dhomhainfharraige áirithe (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1)

(29)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105)

(30)  Speicis a bhfuil toirmeasc ar a n-iascach, ar a gcoinneáil ar bord, ar a dtrasloingsiú, ar a dtabhairt i dtír, ar a stóráil, ar a dtaispeáint nó ar a dtairiscint lena ndíol.

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1)

(32)  Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1005/2008, agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar an iascach (COM/2018/368 final)

(33)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún ( IO L 304, 22.11.2011, lch. 18)

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1)

(35)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (COM(2023) 101 final), Athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra (COM(2022) 581 final)

(36)  In 2021, thuairiscigh Ballstáit an Aontais 3 urghabháil, agus 8 n-eití nó codanna díobh san iomlán.

(37)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú phlean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra (COM(2022) 581 final)

(38)  Féach Ábhair chun siorcanna a shainaithint | CITES

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1)

(40)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Gníomhaíochta: Cosaint agus athbhunú na n-éiceachóras muirí le haghaidh iascach inbhuanaithe athléimneach (COM/2023/102 final)

(41)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Gníomhaíochta an Aontais: Cosaint agus athbhunú na n-éiceachóras muirí le haghaidh iascach inbhuanaithe athléimneach (COM/2023/102 final)

(42)  Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hathbhunú dúlra (COM/2022/304 final)

(43)  Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú (europa.eu)

(44)  CL6-2023-FARM2FORK-01-8

(45)  1. PLEANANNA GNÍOMHAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA - SIORCANNA (fao.org)

(46)  Stát a bhfuil a chríoch laistigh den raon dáilte nádúrtha a bhaineann le speiceas.


IARSCRÍBHINN

Image 1


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/13


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11202 – FORTUM MARKETS / TELGE ENERGI)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 275/02)

An 31 Iúil 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11202. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/14


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11137 — EMIL FREY FRANCE / SACAPUCE / JAM PROD / GROUPE KERTRUCKS FINANCE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 275/03)

An 3 Iúil 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i bhFraincis amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11137. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/15


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11181 — MACQUARIE / BCI / ENDEAVOUR ENERGY)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 275/04)

An 26 Iúil 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11181. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/16


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11096 — MAPFRE / VAS / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 275/05)

An 28 Iúil 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11096. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/17


Fógra le haghaidh daoine agus eintitis áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

(2023/C 275/06)

Dírítear aird PAK Jae-gyong (uimh. 4), KIM Yong Chol (uimh. 7), HONG Sung-Mu (uimh. 10), JO Kyongchol (uimh. 11), PAK Jong-chon (uimh. 17), Kim Su Gil (uimh. 28), JON Il Ho (uimh. 29), YU Jin (uimh. 31), Yongbyon Nuclear Scientific Research Centre (uimh. 4), ar daoine agus eintiteas iad a luaitear i roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 (1) agus in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 (2), chomh maith le KIM Chang Hyok, dá ngairtear freisin: James Kim (uimh. 8), RYANG Su Nyo (uimh. 10), PYON Won Gun (uimh. 11), PAE Won Chol (uimh. 12), RI Sin Song (uimh. 13), KIM Sung Su (uimh. 14), KIM Pyong Chol (uimh. 15), O Yong Ho (uimh. 31), Pan Systems Pyongyang, dá ngairtear freisin Wonbang Trading Co.; Glocom; International Golden Services; International Global System (uimh. 4), Eritech Computer Assembly & Communication Technology PLC (uimh. 5), Korea General Corporation for External Construction (dá ngairtear freisin: KOGEN, GENCO) (uimh. 6), ar daoine agus eintitis iad a luaitear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBSE) 2016/849 ón gComhairle agus in Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509.

Tá sé ar intinn ag an gComhairle na bearta sriantacha i gcoinne na ndaoine agus na n-eintiteas thuasluaite a choinneáil bunaithe ar ráitis nua ar chúiseanna. Cuirtear in iúl do na daoine sin, leis seo, go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun na ráitis ar chúiseanna lena n-ainmniú atá beartaithe a fháil, roimh an 11 Lúnasa 2023, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu


(1)  OJ L 141, 28.5.2016, lch. 79.

(2)  OJ L 224, 31.8.2017, lch. 1.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/18


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Iúil 2023

lena gceaptar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

(2023/C 275/07)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (1) agus go háirithe Airteagal 158(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tiocfaidh deireadh le téarma oifige Stiúrthóir Feidhmiúcháin reatha Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Meán Fómhair 2023. Is gá, dá bhrí sin, Stiúrthóir Feidhmiúchán nua ar EUIPO a cheapadh.

(2)

I litir dar dáta an 6 Meitheamh 2023, chuir Bord Bainistíochta EUIPO liosta na n-iarrthóirí ar phost Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO faoi bhráid na Comhairle,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, ceaptar João Nuno MAROCO AMARAL NEGRÃO mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh ar feadh téarma 5 bliana.

2.   Cuirfear tús leis an téarma 5 bliana dá dtagraítear i mír 1 an 1 Deireadh Fómhair 2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PLANAS PUCHADES


(1)  IO L 154, 16.6.2017, lch. 1.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/19


CINNEADHÓN gCOMHAIRLE

an 14 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh 98/481/CE lena bhformheastar iniúchóirí seachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh

(2023/C 275/08)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1 de,

Ag féachaint do Mholadh BCE/2023/15 ón mBanc Ceannais Eorpach an 6 Meitheamh 2023 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, le hiniúchadh a dhéanamh ar chuntais BCE agus ar bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

In 2017, roghnaigh BCE Baker Tilly GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft mar iniúchóirí seachtracha BCE do na blianta airgeadais 2018 go 2022, agus an rogha ann síneadh a chur leis an sainordú go dtí na blianta airgeadais 2023 agus 2024 (2).

(3)

Tháinig deireadh le sainordú Baker Tilly GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2022. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2023.

(4)

Tá sé beartaithe ag BCE síneadh a chur le sainordú Baker Tilly GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft go dtí na blianta airgeadais 2023 agus 2024. Is i gcomhréir leis na socruithe conarthacha idir BCE agus Baker Tilly GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft ar féidir síneadh a chur leis an sainordú.

(5)

Mhol Comhairle Rialaithe BCE go gceapfaí Baker Tilly GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft mar iniúchóirí seachtracha BCE do na blianta airgeadais 2023 agus 2024.

(6)

Is iomchuí an moladh ó Chomhairle Rialaithe BCE a leanúint agus Cinneadh 98/481/CE (3) ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Chinneadh 98/481/CE:

‘Airteagal 1

Leis seo, déantar Baker Tilly GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft a fhormheas mar iniúchóirí seachtracha BCE do na blianta airgeadais 2023 agus 2024.’.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an lá a dtabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig BCE.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PLANAS PUCHADES


(1)  IO C 208,15.6.2023, lch. 1.

(2)  Moladh BCE/2017/42 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Nollaig 2017 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO C 444, 23.12.2017, lch. 1).

(3)  Cinneadh 98/481/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 lena bhformheastar iniúchóirí seachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO L 216, 4.8.1998, lch. 7).


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/21


Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1592 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1591 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

(2023/C 275/09)

Dírítear aird na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1592 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1591 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. Tugtar na forais leis na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 765/2006, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 30 Samhain 2023, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 285, 17.10.2012, lgh. 1.

(2)  IO L 195 I, 3.8.2023, lgh. 31.

(3)  IO L 134, 20.5.2006, lgh. 1.

(4)  IO L 195 I, 3.8.2023, lgh. 1.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/22


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

(2023/C 275/10)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála seo Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1592 (3) ón gComhairle, agus le Rialachán (AE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1591 ón gComhairle (5).

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh - agus Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um an gCaidreamh Seachtrach (RELEX) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son - rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo; is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2012/642/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1592, agus le Rialachán (AE) Uimh. 765/2006, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1591.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2012/642/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 765/2006.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann le forais an liostaithe.

Is iad na Cinntí ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 29 CAE agus na Rialacháin ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil is bunús dlí do láimhseáil sonraí pearsanta.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna gníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a fhaigheann na sonraí pearsanta.

Coimeádfar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs bhearta sriantacha uathrialacha an Aontais go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir reo sócmhainní nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coimeádann an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a chláraíonn sí chun críoch cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe arna dhéanamh ag an gComhairle nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta i ndáil le beartas an Aontais i dtaca le bearta sriantacha.

In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí, tá aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta bunaithe ar an gcoinníoll nó na coinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:

gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail;

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Níl aon chinnteoireacht uathoibrithe i gceist agus sonraí pearsanta an ábhair sonraí á bpróiseáil.

Tá an ceart chun faisnéise ag ábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an phróiseáil sin a shrianadh.

Is féidir le hábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a sheoladh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar a léirítear thuas.

I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad aitheantais (cárta aitheantais nó pas) a sholáthar chun a gcéannacht a dhearbhú. Ba cheart uimhir aitheantais, tír eisiúna, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad aitheantais, mar shampla grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).

Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús leis an scéal a leigheas trí dhul i dteagmháil leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh na hábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725(edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(3)  IO L 195 I, 3.8.2023, lch. 31.

(4)  IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.

(5)  IO L 195 I, 3.8.2023, lch. 1.


An Coimisiún Eorpach

4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/24


Rátaí malairte an euro (1)

3 Lúnasa 2023

(2023/C 275/11)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0932

JPY

yen na Seapáine

156,24

DKK

krone na Danmhairge

7,4517

GBP

punt steirling

0,86468

SEK

krona na Sualainne

11,7415

CHF

franc na hEilvéise

0,9579

ISK

króna na hÍoslainne

144,70

NOK

krone na hIorua

11,2765

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,034

HUF

forint na hUngáire

390,85

PLN

zloty na Polainne

4,4598

RON

leu na Rómáine

4,9390

TRY

lira na Tuirce

29,4774

AUD

dollar na hAstráile

1,6748

CAD

dollar Cheanada

1,4619

HKD

dollar Hong Cong

8,5331

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7985

SGD

dollar Shingeapór

1,4678

KRW

won na Cóiré Theas

1 422,79

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,3700

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,8397

IDR

rupiah na hIndinéise

16 582,02

MYR

ringgit na Malaeisia

4,9795

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,744

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,852

BRL

real na Brasaíle

5,2996

MXN

peso Mheicsiceo

18,8294

INR

rúipí na hIndia

90,4965


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/25


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 275/12)

Image 2

Aghaidh náisiúnta an bhoinn comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an gCróit

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: an Chróit

Ábhar an chomórtha: Tabhairt isteach an euro mar airgeadra oifigiúil na Cróite an 1 Eanáir 2023

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh tá inscríbhinní na tíre is eisitheoir ‘HRVATSKA’ (an Chróit) agus bliain na heisiúna ‘2023’, a léirítear go cothrománach, chomh maith leis na focail ‘ČLANICA EUROPODRUČJA’ (ball den limistéar euro), atá inscríofa ar feadh imeall sheachtrach chroí an bhoinn. Leis na hinscríbhinní sin, cruthaítear siombail stílithe den euro ‘€’ go siombalach. Is é príomh-mhóitíf eile an bhoinn siombail shainiúil agus inaitheanta na Cróite, clár táiplise na Cróite, a léiríonn cuid d’armas Phoblacht na Cróite.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 250 000

Dáta eisiúna: Meán Fómhair 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/26


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN GCOIMISIÚN

an 28 Iúil 2023

maidir le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an t-iarratas ar chlárú an ainm ‘Irish Grass Fed Beef’ (TGFC) dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2023/C 275/13)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 50(2)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an t-iarratas a thíolaic Éire ar chlárú an ainm ‘Irish Grass Fed Beef’ mar Thásc Geografach faoi Chosaint in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

An 21 Feabhra 2022, fuair an Coimisiún an fógra freasúra lena n-áirítear an ráiteas freasúra gaolmhar ón Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann). Measadh go raibh an freasúra inghlactha. Rinne Éire agus an Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann) comhairliúcháin iomchuí agus tháinig siad ar chomhaontú lena leasaítear go substaintiúil an doiciméad aonair.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, chuir Éire chuig an gCoimisiún na doiciméid agus an fhaisnéis a bhaineann leis an gcomhaontú ar thángthas air leis an Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann) sa nós imeachta freasúra a bhaineann leis an iarratas ar chlárú an ainm ‘Irish Grass Fed Beef’ mar thásc geografach faoi chosaint, lena n-áirítear an doiciméad aonair arna leasú go substaintiúil.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 50 agus 51(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarratas sin agus tháinig sé ar an gconclúid go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(5)

Chun go bhféadfar fógraí freasúra a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 50(2)(a) den Rialachán sin don ainm ‘Irish Grass Fed Beef’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Déanfar an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 don ainm ‘Irish Grass Fed Beef’ (TGFC) (AE Uimh: PGI-IE+UK(NI)-02647 - 27.11.2020) a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, leis an bhfoilseachán dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal, tabharfar an cead cur i gcoinne chlárú an ainm ‘Irish Grass Fed Beef’.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 492, 8.12.2021, lch. 12.


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD AONAIR

‘Irish Grass Fed Beef’

Uimh. AE: PGI-IE+UK(NI)-02647 – 27.11.2020

ATFC () TGFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha (ATFC nó TGFC)

‘Irish Grass Fed Beef’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

Éire

An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.1 Feoil (agus scairteach) úr

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is é ‘Irish Grass Fed Beef ’ an t-ainm a thugtar ar mhairteoil úr agus reoite ar an gcnámh agus gan chnámha, lena n-áirítear conablaigh, ceathrúna, gearrthacha ar an gcnámh, bunghearrthacha agus mairteoil mhionaithe de chuid na ngearrthacha sin, agus pacáistí miondíola.

Tá (i) leibhéil ísle saille (ii) dáileadh cothrom saille (mar mharmarú idirmhatánach); (iii) dath feola caordhearg; agus (iv) ardleibhéal uachtarúlacht/buí saille ag ‘Irish Grass Fed Beef’. Tá feoil shaibhir, chasta, fhéarach, agus shúmhar aige le fíorbhlas mairteola agus tá boige inti.

Ní mór conablaigh a bheith ón dá chatagóir seo a leanas:

i.

Daimh agus bodóga suas le 36 mhí d’aois a bhfuil cruth níos fearr orthu ná O- agus scór saille acu idir 2+ agus 4+;

ii.

Ba mairteola suas le 120 mí d’aois a bhfuil cruth níos fearr ná O+ agus scór saille acu idir 2+ agus 5.

Tá na tréithe go léir maidir le dath feola caordearg agus maidir le dath saille uachtair/buí, agus na leibhéil saille seachtracha mar a thuairiscítear i ‘Irish Grass Fed Beef’ ó chatagóir (i.).

Tá saill bhuí níos suntasaí fós agus dath feola níos deirge ná mar atá i gcatagóir na ndamh agus na mbodóg ag ‘Irish Grass Fed Beef’ a thuairiscítear i gcatagóir (ii.). Tá meánleibhéil saille níos airde ná mar atá i gcatagóir (i.). Sainaithnítear conablaigh le pH ard (> 5.8) agus eisiatar iad.

.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

Ní áirítear le ‘Irish Grass Fed Beef’ ach eallaí:

a)

a fhaigheann 90 % dá gcothú ar a laghad ón bhféar. Is féar innilte go príomha é sin, agus is le féar caomhnaithe a dhéantar an cothú geimhridh.

b)

a chaitheann 220 lá ar a laghad in aghaidh na bliana ar feadh a saolré ag innilt féaraigh. Gach bliain, a luaithe a fhágann na dálaí gur féidir sin, cuirtear eallaí ‘Irish Grass Fed Beef’ amach ar féarach agus caitheann siad suas le 10 mí, laethanta iomlána, ag innilt féir. De ghnáth, coinnítear eallaí faoi dhíon go déanach i mí na Samhna/go luath i mí na Nollag nuair nach n-éascaíonn aimsir agus dálaí talún fás gníomhach féir agus/nó innilt a thuilleadh. Ceadaítear lamháltas suas le 40 lá mar gheall ar imthosca maolaitheacha, arna sainmhíniú mar seo a leanas: i gcás ina gcuireann an aimsir, riocht na hithreach, dálaí comhshaoil eile nó cúinsí leasa ainmhithe bac ar thosca.

Ní thugtar Féar Caomhnaithe ach amháin le linn na tréimhse faoi dhíon ( (*1)145 lá ar a mhéid). Déanann gach táirgeoir measúnú ar cháilíocht chothaitheach an Fhéir Chaomhnaithe. Is féidir eallaí a chothú le foráiste nach féar é (e.g. Tuí; Biatas Farae; Arbhar Indiach; Gráin eile) agus beatha ainmhithe tiubhaithe ach tá sé seo teoranta do 10 % den chothú thar shaolré na n-ainmhithe. Ní úsáidtear an bheatha ainmhithe neamhfhéir sin ach amháin nuair is gá, e.g. agus ainmhithe á mbaint den diúl, le linn an gheimhridh, le linn eachtraí adhaimsire agus le linn na tréimhse bailchríochnaithe deiridh, ach amháin i gcás nach leor cáilíocht chothaitheach an fhéir/an fhoráiste féir chun an caighdeán itheacháin feola is fearr is féidir a áirithiú. Ní mór an féar caomhnaithe ar fad a bhuain sa limistéar geografach.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Ní mór eallaí a thabhairt chun saoil, a chothú ar fhéar, a bhailchríochnú, a mharú, a fhuarú agus a ghearradh ina gceathrúna laistigh den limistéar geografach.

An próiseas aibithe feola (3 lá ar a laghad nó i gcás gearrthacha monaraíochta speisialtachta, 2 lá) atá fíor-riachtanach chun cáilíocht itheacháin ‘Irish Grass Fed Beef’ a áirithiú, déantar é laistigh den limistéar geografach.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Táirgí a fhéadfar a lipéadú mar TGFC ‘Irish Grass Fed Beef’

Mairteoil úr agus reoite ar an gcnámh agus gan chnámha, lena n-áirítear conablaigh, ceathrúna, gearrthacha ar an gcnámh, bunghearrthacha gan chnámha, agus pacáistí miondíola, ó chatagóirí cáilitheacha eallaí mairteola.

Mairteoil mhionaithe ina bhfuil 100 % mairteoil a fuarthas ó chatagóirí cáilitheacha eallaí mairteola agus ina bhfuil 90 % ar a laghad de mhairteoil thrua de réir measúnú súl.

Táirgí mairteola mionaithe (e.g. Burgair) ina bhfuil 100 % mairteoil a fuarthas ó chatagóirí cáilitheacha eallaí mairteola agus ina bhfuil 90 % ar a laghad de mhairteoil thrua de réir measúnú súl.

Táirgí a fhéadfar a lipéadú ‘a dhíorthaítear’ ó TGFC ‘Irish Grass Fed Beef’

Táirgí ábhair chomhchodaigh ina bhfuil 100 % mairteoil a fuarthas ó chatagóirí cáilitheacha eallaí ‘Irish Grass Fed Beef’ agus ina bhfuil 90 % ar a laghad de mhairteoil thrua de réir measúnú súl.

Scairteach den chaighdeán is airde (Leicne, Eireaball, Scairt Thiubh agus Teanga) a fuarthas ó chatagóirí cáilitheacha eallaí ‘Irish Grass Fed Beef’.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is é an ceantar geografach oileán na hÉireann ina bhfuil Éire agus Tuaisceart Éireann (1).

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc cúisíoch idir an táirge agus an ceantar ina dtáirgtear é bunaithe ar a cháilíocht itheacháin ard chomhsheasmhach arb é an toradh atá air dea-cháil sheanbhunaithe. Tá dea-cháil bunaithe ag ‘Irish Grass Fed Beef’ i measc tomhaltóirí, miondíoltóirí, cócairí, iriseoirí agus ceannairí tuairimíochta na hEorpa, dea-cháil atá bunaithe ar chóras táirgthe féaraigh agus foráiste atá in úsáid chun catagóirí cáilitheacha na n-ainmhithe mairteola a ardú agus a ‘bhailchríochnú’, arna phróiseáil de réir phrótacal docht, arb é an toradh atá air feoil a bhfuil cuma dhifreáilte amhairc uirthi agus cáilíocht itheacháin cháiliúil.

Sainiúlachtaí an limistéir gheografaigh: tosca nádúrtha agus saineolas teicniúil

Leis na céadta bliain tá aitheantas á thabhairt do spleáchas uathúil oileán na hÉireann ar thalmhaíocht fhéarbhunaithe, agus a acmhainneacht maidir le féar. Tá tógáil eallaigh aitheanta le fada mar chuid lárnach de gheilleagar na hÉireann.

Bíonn aeráid mheasartha ag an limistéar geografach, bíonn an geimhreadh éadrom, agus is annamh a bhíonn sioc garg agus teochtaí arda sa samhradh. Le gaotha forleathana, taise aniar ó uiscí te Sruth na Murascaille, cinntítear go bhfuil aeráid shoiléir aigéanach ag an oileán le báisteach rialta (suas le 246 lá báistí in aghaidh na bliana) agus raon teochta bliantúil íseal (is annamh a bhíonn sé faoi bhun 0 °C nó níos airde ná 25 °C). Is féidir le féarthalamh na hÉireann cuid den táirgeacht luibhre neamhuiscithe is airde san Eoraip a tháirgeadh (12-16 t ábhar tirim (ÁT)/ha in aghaidh na bliana).

Tá difríocht idir tréad mairteola na hÉireann agus córais mairteola eile, ós rud é go ndéantar pórtha traidisiúnta (e.g Hereford, Angus agus Gearr-adharcadh) a thrasnú le pórtha déiríochta (le tréithe láidre máthartha) agus le pórtha mairteola Ilchríoch na hEorpa (e.g. Limousin, Charolais agus Simmental). An t-ainmhí crua, crosphóraithe atá mar thoradh air sin, tá sé in oiriúint go mór don bhailchríochnú ar dhálaí aeráide agus geografacha éagsúla an limistéir gheografaigh.

Le hoideachas talmhaíochta comhtháite agus tacaíocht láidir ar an bhfeirm, tugtar rochtain ar thaighde eolaíoch ceannródaíoch, rud a ligeann d’fheirmeoirí an buntáiste is mó is féidir a bhaint amach dá n-eallaí mairteola ón bhféarthalamh. Tá seirbhísí ar fáil do gach feirmeoir agus d’iontrálaithe nua san fheirmeoireacht. Is ionchur tábhachtach í an tacaíocht eolaíoch sin maidir le feabhas leanúnach a chur ar cháilíocht itheacháin ‘Irish Grass Fed Beef’. Cé go ndírítear go príomha ar tháirgeadh mairteoil atá sainiúil ó thaobh amhairc agus blais de, cabhraíonn tionscnaimh tionscail le déanaí le táirgeoirí ‘Irish Grass Fed Beef’ díriú ar lorg carbóin a bhfiontar mairteola a laghdú.

Tá feirmeacha ‘Irish Grass Fed Beef’ lárnach do thírdhreach agus do phobail tuaithe na hÉireann. Go stairiúil, tá an struchtúr bunaithe ar ghabháltais feirme chónaitheacha bheaga agus mheánmhéide, gabháltais a thagann anuas ó ghlúin go glúin. Sa struchtúr sin, tá an t-ionad feirme suite go lárnach sna limistéir innilte agus foráiste le haghaidh an bheostoic, rud a fhágann gur féidir measúnú súl rialta a dhéanamh ar an mbeostoc (‘buachailleacht’) agus fócas leanúnach ar fholláine na n-ainmhithe, rud a chuireann go mór le cáilíocht itheacháin feola.

Go dtí an lá atá inniu ann, is gné aitheanta de thírdhreach na hÉireann é an leagan amach tuaithe sin. Cé nach le feirmeacha teaghlaigh amháin a bhaineann ‘Irish Grass Fed Beef’ agus nach bhfuil iontrálaithe nua as an áireamh, is féidir níos mó ná 99 % d’fheirmeacha a rangú mar ‘fheirmeacha teaghlaigh’ (2)(3). Mar sin féin, dianoibríochtaí beatha lena n-úsáidtear modhanna feirmeoireachta tionsclaíocha, gan fhianaise ar fhéarach de chineál teaghlaigh ná ar chleachtais fhéarchothaithe, níl siad incháilithe chun ‘Irish Grass Fed Beef’ a tháirgeadh.

Tá córas traidisiúnta táirgthe mairteola bunaithe ar eallaí a thógáil ar fhéarach fairsing fós ar fheirmeacha ‘Irish Grass Fed Beef’. Léirítear sna sonraí gur mó ná 3,000 méadar cearnach an mheán-infhaighteacht talún in aghaidh an ainmhí. Tá an córas feirmeoireachta díorthaithe ó thréada a forbraíodh agus tugadh scileanna maidir leis an stoc anuas ó ghlúin go glún. Leis an bpróiseas sin, caomhnaíodh an t-eolas agus an taithí ar tháirgeadh mairteola, nithe a n-imríonn dálaí geografacha agus aeráide chomh maith le riachtanais maidir le leas na n-ainmhithe tionchar orthu. Mairteoil atá bunaithe ar fhéarach, samhlaítear í go hidirnáisiúnta le leas ainmhithe níos fearr, le níos lú struis agus le sláinte ainmhithe níos fearr.

Thairis sin, is ón limistéar geografach a thagann féar innilte agus gach foráiste geimhridh féarbhunaithe.

I gcórais táirgeachta ‘Irish Grass Fed Beef’, tugtar tús áite do na nithe seo a leanas:

an méadú meáchain is fearr is féidir ó fhéar innilte,

buaint féar samhraidh barrachais ag an gcéim fáis is fearr (mí na Bealtaine, mí an Mheithimh) chun beatha gheimhridh ardchaighdeáin a tháirgeadh, lena

n-uasmhéadaítear Díleáiteacht Ábhair Thirim an fhéir chaomhnaithe sin. Tá sé sin fíor-riachtanach chun a áirithiú gur féidir le sadhlas féir formhór mór riachtanais chothaitheacha gheimhridh na n-ainmhithe a sholáthar.

Deimhníodh i staidéir a rinneadh le déanaí go bhfuil tiúchan níos airde de mhianraí agus vitimíní tairbheacha ag ‘Irish Grass Fed Beef’, lena n-áirítear: Cailciam, Mangainéis, Iarann, Sinc, Seiléiniam, Sóidiam, Maignéisiam, Potaisiam, Fosfar agus Vitimín E ná córais bheatha ar bheagán féir nó córais nach bhfuil féar iontu.

Sonraíocht an Táirge

Léiríonn na naisc idir an talamh, daoine agus ainmhithe an tábhacht a bhaineann le haoireacht, leis an bhfeirm theaghlaigh bheag, saineolas teicniúil áitiúil agus bainistiú féarthailte ag feirmeoirí ‘Irish Grass Fed Beef’ agus tugann siad na sainiúlachtaí seo a leanas don fheoil.

Fuarthas amach go bhfuil airíonna cothaitheacha ar leith ag ‘Irish Grass Fed Beef’ a dhéanann idirdhealú idir iad agus córais bheatha ar bheagán féir nó córais neamhfhéir: Tá próifíl níos ísle aigéad sailleach sáithithe ag ‘Irish Grass Fed Beef’ agus leibhéil níos airde óimige 3 ná mairteoil a chothaítear ó chórais bheatha ar bheagán féir nó córais neamhfhéir. Fuarthas amach sa taighde freisin go gcuirtear blas féir ar leith ar mhairteoil féarchothaithe mar gheall ar na difríochtaí in ábhar aigéid shailligh agus go dtugtar cáilíochtaí cócaireachta ar leith di, amhail fo-nótaí níos casta, ‘ar bhlas cnónna’.

Tá an dá chatagóir ‘Irish Grass Fed Beef’ éagsúil de réir amhairc i dtéarmaí dath na feola agus na saille de ná mairteoil a tháirgtear i gcórais bheatha ar bheagán féir nó córais neamhfhéir.

Fuarthas amach i staidéar a rinneadh le déanaí go bhfuil saill fhochraicneach eallaí ‘Irish Grass Fed Beef’ thart ar 63 % níos buí ná saill na n-ainmhithe a chothaítear le tiúchán arbhair. Is féidir an buí níos airde sin a bheith bainteach le leibhéil is airde caraitéanóideach (e.g. béite-charaitéine agus lúitéin) san fhéarach ón limistéar geografach ná mar a fhaightear i dtiúcháin arbhair.

Tá dath na matán in ‘Irish Grass Fed Beef’ níos dorcha (dearg níos doimhne) de réir tuairisce ná dath na n-ainmnithe a chothaítear le tiúcháin arbhair.

An blas atá saibhir, casta, féarach agus súmhar agus na hairíonna atá ag ‘Irish Grass Fed Beef’, is toradh iad ar an gcóras innilte traidisiúnta féaraigh lasmuigh, den chuid is mó, ina gcaitheann ainmhithe os cionn 220 lá in aghaidh na bliana (4) ag innilt féaraigh agus ina gcaitheann siad os cionn 90 % dá n-aiste bia mar fhéar ón limistéar geografach.

Tá boige feola (uigeacht) ar cheann de na tréithe orgánaileipteacha is tábhachtaí a mbíonn tionchar acu ar inghlacthacht táirgí feola ag tomhaltóirí agus ar a shásta a bhíonn siad iad á n-ithe. Baintear amach an bhoige ard a bhaineann le ‘Irish Grass Fed Beef’ toisc go ndéanann feirmeoirí agus próiseálaithe na hÉireann treoirphlean beacht a leanúint go cúramach agus láimhseáil réamh-mharaithe beostoc agus fuarú agus aibiú conablach agus gearrthach tar éis seamlais á ndéanamh acu. Leis an treoirphlean sin, ceadaítear don phróiseas aibithe/dianscaoileadh snáithíní tarlú go nádúrtha, rud a fhágann go bhfuil an-bhoige agus blasanna nádúrtha na mairteola san fheoil. Baintear sin amach freisin a bhuí le teicneolaíocht feola cruthaithe agus le próiseas aibithe rialaithe lena bhfeabhsaítear boige agus lena ruaigtear an riosca go ndéantar na conablaigh a fhuarú go tapa. Sainaithnítear conablaigh le pH ard (> 5.8) agus eisiatar iad.

Nasc cúisíoch: Cáil

Na naisc idir an talamh, na daoine, agus na hainmhithe, mar aon leis na tosca daonna a bhaineann le haoireacht thraidisiúnta an réigiúin, le córas feirmeoireachta na hÉireann agus leis na teicnící bainistithe féarthailte a bhíonn á gcleachtadh ag feirmeoirí ‘Irish Grass Fed Beef’, sin na rudaí a chruthaíonn ‘Irish Grass Fed Beef’.

Is éard is toradh air sin mairteoil dhifreáilte bhog atá ar ardchaighdeán, mairteoil a bhfuil cuma, blas agus próifíl chothaitheach uathúil ag baint léi. Tá na hairíonna sin an-luachmhar do thomhaltóirí, do chócairí, agus do cheannaitheoirí bia.

Tá dhá phríomh-mhargadh ar leith bunaithe ag ‘Irish Grass Fed Beef’, bunaithe ar dhifríochtaí agus ar thosaíochtaí cócaireachta réigiúnacha áirithe:

i.

Tá éileamh ar ‘Irish Grass Fed Beef’ ó dhaimh agus ó bhodóga i margaí éagsúla lena n-áirítear san Ísiltír, sa Ghearmáin, sa Bheilg agus i Lucsamburg; tá sé ar na margaí sin ar phraghsanna arda.

ii.

Is é ‘Irish Grass Fed Beef’ ó bha cáilitheacha an rogha mairteola is fearr i gceantair na hEorpa ina mbíonn dúil ag daoine i mairteoil a bhfuil an-bhlas uirthi, blas atá níos saibhre, ó ainmhithe aibí (e.g. an Fhrainc agus Tuaisceart na Spáinne). Tá an margadh nideoige sin tar éis méadú go mór le déanaí, mar is léir ón treocht ard cócaireachta i dtreo mairteola ‘aibí’ (e.g. Gailísis) i measc phríomhchócairí na hEorpa.

Deimhnítear i dtaighde tomhaltóirí na difríochtaí soiléire de réir measúnú súl, blais agus comhdhéanaimh idir ‘Irish Grass Fed Beef’ agus mairteoil ó chórais beatha ar bheagán féir nó córais neamhfhéir. Rinneadh tástálacha blais in 2011 i dtrí mhargadh Eorpacha (an Ghearmáin, an Ísiltír agus an Iodáil) chun tuiscint na dtomhaltóirí ar cháilíocht itheacháin ‘Irish Grass Fed Beef’ a fháil amach, agus rinneadh í a mheas i gcoinne iomaitheoirí. Ar fud na dtrí mhargadh, bhí scór níos airde ag ‘Irish Grass Fed Beef’ i dtaca le déine an bhlais, leis an uigeacht, agus le cothromaíocht an chlúdaigh saille/marmaraithe san fheoil.

Cuireann gairmithe éagsúla síos ar ‘Irish Grass Fed Beef’ mar mhairteoil a bhfuil cáilíocht dhifreáilte agus shonrach itheacháin inti, chomh maith leis an méid seo a leanas:

‘blas saibhir’

‘súmhar’

‘ar chuid den mhairteoil is blasta ar domhan’.

Is maith leo an bhoige freisin:

‘chuaigh cáilíocht (agus) boige na feola seo i bhfeidhm orm’

‘tá an fheoil an-bhog’

Sa Chatagóir Féarchothaithe, bhuaigh stéigeanna na hÉireann níos mó bonn ná mar a bhuaigh aon tír eile in World Steak Challenge [Dúshlán Stéige an Domhain] na mblianta 2018 agus 2019. In 2019, rinne painéal saineolaithe maidir le blaiseadh measúnú ar stéig ó 25 thír, agus bhuaigh stéigeacha barrluain, súile easnacha agus filléad ‘Irish Grass Fed Beef’ 83 bhonn, curiarracht líon is mó ná aon tír eile a bhí san iomaíocht, lena n-áirítear an Filléad is Fearr ar Domhan. Buadh 85 bhonn sa bhreis air sin i nDúshlán Stéige an Domhain na bliana 2021, agus 52 bhonn díobh sin ina mboinn óir.

‘Ardmharmarú ó mhairteoil féarchothaithe - Ar fheabhas.’‘Boige agus lán blais, blas mar a bheadh cnónna éadroma ann, snáithíní gearra, aigéadacht íseal, an-súmhar - Go bhfóire Dia orainn’. Tráchtanna na moltóirí maidir le ‘Irish Grass Fed Beef’ faoi Chomórtas na Stéige is Fearr ar Domhan’ a bhaint, BEEF Magazine, 2009.

Tá ‘Irish Grass Fed Beef’ le feiceáil in go leor bialanna ceannródaíocha ar fud an domhain. Tá os cionn 100 cócaire rannpháirteach in Chefs Irish Beef Club [Cumann Cócairí um Mairteoil na hÉireann] agus tá naoi gcraobh san Eoraip agus go hidirnáisiúnta a roghnaigh ‘Irish Grass Fed Beef’ mar a rogha mairteola. Ag cruinniú Idirnáisiúnta de chuid chócairí an Chumainn Cócairí um Mairteoil na hÉireann agus buaiteoirí Bocuse d’Or (mí an Mheitheamh 2013), fuair ‘Irish Grass Fed Beef’ moladh go leor, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

Mario Corti, Cócaire, an Ghearmáin: ‘Is maith liom an mhairteoil féarchothaithe agus, i mo bharúil féin, is é mairteoil féarchothaithe na hÉireann an mhairteoil is fearr dá bhfuil ar fáil...’

Jean-Paul Jeunet, Cócaire: ‘Is mian liomsa an rogha is fearr a chur ar fáil do mo chuid aíonna agus in Éirinn tá an féar agus tá an aeráid agus tá na heallaí taobh amuigh ó thús deiridh na bliana - tá sé an-suimiúil.’

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://assets.gov.ie/202726/824a7d14-f441-4bf4-95d1-6b33a55af041.pdf


(*1)  Féach Roinn 3.3 b freisin)

(1)  Áirítear i dtagairtí don ‘oileán’ oileáin bheaga na hÉireann agus Thuaisceart Éireann.

(2)  In Éirinn, i Suirbhé Struchtúr Feirme 2016 a d’fhoilsigh Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann, rinneadh 99.6 % d’Fheirmeacha Éireannacha a rangú mar ‘Fheirmeacha teaghlaigh’. Oibrítear feirmeacha teaghlaigh mar fhiontair teaghlach-bhunaithe (lena n-áirítear aon fheirm atá cláraithe mar ghnóthas tráchtála). (Tag. an Phríomh-Oifig Staidrimh). Ní mór cleachtais bunaithe ar fhéarach de chineál feirme teaghlaigh agus cleachtais fhéarchothaithe a bheith soiléir chun críocha TGFC

(3)  I dTuaisceart Éireann, léiríodh i Suirbhéireacht an Aontais ar Struchtúr Feirme 2016 gur gnólachtaí atá á reáchtáil ag teaghlaigh go príomha iad feirmeacha, agus gur áititheoirí feirme, céilí agus baill teaghlaigh eile iad 99 % de bhainisteoirí feirme.

(4)  Féach Roinn 3.3 b freisin).


V Fógairtí

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/33


Foilsiú iarratais ar leasú a dhéanamh ar théarma traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagail 28(3) agus 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, lipéadú agus cur i láthair

‘Vino generoso’

(2023/C 275/14)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart agóid a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagail 22(1) agus 27(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún (1). Ní mór na ráitis agóide a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

IARRATAS AR LEASÚ MAIDIR LEIS AN TÉARMA TRAIDISIÚNTA

‘Vino generoso’

Dáta fála: An 5 Bealtaine 2023

Líon na leathanach (an ceann seo san áireamh): 4

Teanga an iarratais ar leasú: Spáinnis

Uimhir chomhaid: Ares(2023) 3171190

Téarma traidisiúnta a n-iarrtar an leasú ina leith: Vino generoso

Iarratasóir: Ard-Stiúrthóireacht an Tionscail Bhia, Aireacht na Spáinne um Thalmhaíocht, Iascach agus Bia

Seoladh iomlán (uimhir an tí agus ainm na sráide, baile/cathair agus cód poist, tír):

Po Infanta Isabel, 1

28071 Maidrid

ESPAÑA

Náisiúntacht: Spáinnis

Teileafón, facs, ríomhphost:

Teileafón: +34 913475397

Facs +34 913475410

R-phost: dgia@mapa.es; sgccala@mapa.es

Tuairisc ar an leasú

Leis an achoimre ar an sainmhíniú/na coinníollacha úsáide don téarma traidisiúnta ‘vino generoso’ in eAmbrosia, bunaítear an méid seo a leanas:

‘[Cuid B, pointe 8, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún] nó an fíon ag a bhfuil ATFC “Montilla-Moriles”, gona shainmhíniú a thugtar thuas, ar choinníoll nach gcuirtear aon alcól leis le linn an phróisis táirgthe, agus fíorneart alcóil de réir toirte aige gan bheith níos lú ná 15 % a bhaint amach go nádúrtha.’

Tá baint an sainmhíniú/na coinníollacha úsáide seo le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún, a aisghaireadh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún, lena leagtar síos rialacha maidir leis an téarma traidisiúnta ‘vino generoso’ ina Iarscríbhinn III, cuid B, pointe 8:

‘I gcás fíonta licéir, ní bhainfear úsáid as an ainm sonrach traidisiúnta “vino generoso” ach amháin le haghaidh fíonta licéir tirime a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint acu agus a fhorbraítear go hiomlán nó go páirteach faoi fhlór agus:

nach bhfaightear ach ó fhíonchaora bána a fhaightear ó na cineálacha fíniúna Palomino de Jerez, Palomino fino, Pedro Ximénez, Verdejo, Zalema agus Garrido Fino,

a chuirtear ar fáil ar an margadh tar éis iad a aibiú i mbairillí darach ar feadh meántréimhse dhá bhliain.

Ciallaíonn forbairt faoi fhlór dá dtagraítear sa chéad fhomhír an próiseas bitheolaíoch lena dtugtar saintréithe sonracha anailíseacha agus orgánaileipteacha don táirge, ar próiseas é a tharlaíonn nuair a fhorbraíonn scannán gnáthghiostaí go spontáineach ar shaordhromchla an fhíona tar éis choipeadh alcólach iomlán an úrfhíona.’

Cuireadh an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe/na gcoinníollacha úsáide:

‘Ní úsáidfear an t-ainm “vino generoso” ach amháin le haghaidh fíonta agus fíonta licéir thirime, i gcatagóirí táirgí fíniúna 1 agus 3 faoi Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013, gona hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Condado de Huelva”, “Jerez-Xérès-Sherry”, “Lebrija”, “Málaga”, “Manzanilla-Sanlúcar de Barrameda”, “Montilla-Moriles” agus “Rueda”:

1.

Nach dtáirgtear ach ó fhíonchaora bána a fhaightear ó na cineálacha fíniúna atá údaraithe do gach ceann de na hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint thuasluaite;

2.

Cuirtear ar fáil ar an margadh iad tar éis dóibh teacht in aois i mbairillí darach ar feadh meántréimhse dhá bhliain ar a laghad;

3.

Go bhforbróidh sé go spontáineach scannán de ghiostaí tipiciúla (ar a dtugtar an “flor” [plúr]) ar shaordhromchla an fhíona tar éis choipeadh alcólach iomlán an úrfhíona, lena dtugtar saintréithe sonracha anailíteacha agus orgánaileipteacha don táirge, cé is moite d’fhíonta traidisiúnta tirime de chuid ATFC “Málaga”;

4.

Tá neart alcóil iarbhír íosta 14 % de réir toirte aige i gcás chatagóir 1, agus 15 % de réir toirte i gcás chatagóir 3, seachas na heisceachtaí a leagtar síos i ndlí an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair;

5.

Tá uaschion siúcra dí-ocsaídithe ann (glúcós agus fruchtós) díobh seo a leanas:

a)

4 ghram in aghaidh an lítir;

b)

nó 9 ngram in aghaidh an lítir, ar choinníoll nach mó ná 2 ghram faoi bhun an chion siúcra iarmharaigh an aigéadacht iomlán arna sloinneadh mar ghraim d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir.

c)

nó, go heisiach i gcás fíonta licéir, an leibhéal a bhunaítear le haghaidh “tirim” sa tsonraíocht.’

Míniú ar na cúiseanna atá leis an modhnú

An téarma traidisiúnta ‘vino generoso’, tá sé le sonrú ina measc siúd is mó gradam agus traidisiún maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint na hAndalúise. Tagraíodh dó sna téacsanna dlíthiúla éagsúla lena n-aithnítear na ATFCanna.

Tá an téarma traidisiúnta faoi chosaint faoi láthair, agus déantar a úsáid a rialú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh faoi Airteagail 112(a) agus 113 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle.

Tá sé á shainiú i gCuid B, pointe 8, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, le cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, leis an íoschéatadán alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus le foilsiú comhad de chuid OIV. Ina theannta sin, cuireadh an téarma san áireamh i dtosach i mbunachar sonraí leictreonach an Choimisiúin Eorpaigh ‘e-Bacchus’, ar cuireadh an clár leictreonach ‘eAmbrosia’ ina ionad. An sainmhíniú a úsáideadh, tá sé bunaithe ar thagairt do Chuid B, pointe 8 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na catagóirí táirgí fíniúna, cleachtais fhíoneolaíocha agus na srianta is infheidhme, a aisghaireadh ina dhiaidh sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019, ina gcoinnítear ar bun na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2009.

Ar mhaithe le soiléireacht, trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil, tá téarmaí traidisiúnta áirithe d’fhíonta de hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint de chuid na hAndalúise faoi réir rialacháin faoi Ordú ón Aireacht Réigiúnach Talmhaíochta, Iascaigh, Uisce agus Forbartha Tuaithe an 22 Feabhra 2023, a foilsíodh in Iris Oifigiúil na hAndalúise (Boja) Uimh. 42 an 3 Márta 2023. Is é an tOrdú an ionstraim dlí iomchuí chun na téarmaí traidisiúnta a fhormheas agus chun iad a leasú ina dhiaidh sin i gclár an Aontais Eorpaigh. Chun aistriú dlíthiúil ó chreat reachtach reatha an téarma thraidisiúnta ‘vino generoso’ agus ó na téarmaí traidisiúnta gaolmhara faoi chosaint a áirithiú, bunaíodh agus foilsíodh an sainmhíniú. Sa sainmhíniú, déantar tuairisc ar ghnéithe shainiúla agus comhroinnte na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint lena mbaintear úsáid as an téarma traidisiúnta. Ar an gcaoi sin, is féidir iomaíocht chothrom a bheith ann idir táirgeoirí agus, san am céanna, tugtar faisnéis shoiléir do thomhaltóirí. Ceann de ghnéithe nua an tsainmhínithe nua is ea go sainaithnítear ann na hainmniúcháin tionscnaimh shonracha faoi chosaint a bhfuil sé de cheart acu an téarma traidisiúnta sin a úsáid. Chomh maith leis na sé ainmniúchán tionscnaimh ó Andalúis, sainaithnítear freisin ‘Rueda’ mar chuid dá shonraíocht mar baineadh úsáid an téarma thraidisiúnta maidir leis i gcónaí.

Ainm an tsínitheora: Ard-Stiúrthóir an Tionscail Bhia


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 46.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/36


Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásic gheografaigh faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

(2023/C 275/15)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE AINMNIÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT DE THIONSCNAMH BALLSTÁIT A CHUR IN IÚL

(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

‘Volailles de Licques’

Uimh. AE: PGI-FR-0162-AM01 - 11.5.2023

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm an táirge

‘Volailles de Licques’

2.   An Ballstát ina bhfuil an limistéar geografach

An Fhrainc

3.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

An Aireacht Talmhaíochta agus Biafhlaithis

4.   Tuairisc ar an leasú (na leasuithe) formheasta

1.   Roinn freagrach sa Bhallstát:

Cuireadh isteach sonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Cáilíochta agus Tionscnaimh (INAO), arb í an t-údarás inniúil sa Bhallstát í.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

2.   Grúpa Iarratasóra:

Soláthraítear sonraí teagmhála agus foirm dhlíthiúil QUALICNOR.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

3.   Tuairisc ar an táirge

Le haghaidh na dtáirgí atá cumhdaithe faoin TGFC, soláthraítear leis an leasú le haghaidh tháirgeadh na speiceas breise a leanas:

Poularde,

Cábún éanlaithe guine

Tá an dá speiceas á dtáirgeadh ag an ngrúpa iarratasóra sa limistéar le roinnt mhaith blianta. Téann clú an poularde siar go 1987, agus an cábún éanlaithe guine go 2010.

Cuireadh critéir chomhréireacha agus tuairisc orgánaileipteach le haghaidh gach speiceas leis an roinn.

Cuireadh íosreo agus foirmeacha féideartha éagsúla na pacáistíochta isteach. Beidh próiseálaithe in ann a raon cur i láthair a éagsúlú chun ionchais tomhaltóirí a chomhlíonadh agus cáilíocht táirge a áirithiú ag an am céanna.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

4.   Limistéar geografach

Is de bharr athruithe riaracháin é leasú an limistéir tar éis cumasc bardas sa limistéar a sainmhíníodh sa tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don limistéar geografach bunaidh.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

5.   Cruthúnas ar thionscnamh an táirge sa limistéar

Cuirtear isteach na páirteanna a leanas:

an chatagóir ‘oibreoirí a oibríonn sa limistéar geografach’;

an dearbhú aitheantais chun oibreoirí a údarú roimh thús na gníomhaíochta lena mbaineann;

tábla inrianaitheachta ó bhun aníos agus ó bharr anuas.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

6.   An modh táirgthe

Foroinn 5.2 ‘Tréithchineálacha a úsáidtear’

Sainmhínítear san fhoroinn sin na critéir chun tréithchineálacha nó tréithchineálacha hibrideacha a roghnú.

Fásann na tréithchineálacha uile go mall, agus tá siad oiriúnach do thógáil taobh amuigh. Faoi na coinníollacha beathaithe agus tógála a leagtar síos sna sonraíochtaí, ní mór go bhfágann na tréithchineálacha agus na tréithchineálacha hibrideacha gur féidir an meáchan íosta conablaigh a bhaint amach ag an aois íosta mharaithe. Ina theannta sin, cuireadh tábla ina ndéantar achoimre ar fheinitíopa gach speicis isteach.

Foroinn 5.3 ‘Modh tógála’

Cuireadh rialacha sonracha isteach le haghaidh cábúin agus cábúin éanlaithe guine a thógáil, lena dtarlaíonn coilleadh tráth nach déanaí ná 63 lá d’aois i gcás na gcábún agus tráth nach déanaí ná 91 lá i gcás na gcábún éanlaithe guine. Le linn an tréimhse ramhraithe, coinnítear cábúin taobh istigh ón, ar a luaithe, 125ú lá tógála agus suas le 4 seachtaine. Ní mór patrún soilse a shocrú i dtithe éanlaithe clóis.

Foroinn 5.4 ‘Cothú’

Laghdaíonn céatadán de ghránaigh ó 75 % de réir mheáchan na foirmle beatha go dtí 70 %.

Cuireadh liosta amhábhair isteach a d’fhéadfadh a bheith sa bheatha a sholáthraítear.

Foroinn 5.5 ‘Tithe éanlaithe clóis agus réimsí cearc’

Níl an tuairisc ar réimsí cearc san áireamh sa tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair. Ní mór crainn a bheith ar gach taobh de thithe éanlaithe clóis go hiondúil. Tugtar mionsonraí maidir le réimsí a chur (cineálacha agus líon crann). Soláthraítear achar réimse cearc íosta in aghaidh éin le haghaidh gach speicis, atá athraithe ó dháta bainte páirtí le haghaidh poularde agus cábún. Ní mór cloí le tréimhse dhíomhaoin idir gach baisc agus cuireadh oibleagáid maidir le cothabháil a dhéanamh ar na réimsí cearc isteach.

Maidir le héanlaith ghuine, cuireadh critéir shonracha isteach a bhaineann le suiteáil na héanlainne taobh amuigh agus faraí sna tithe éanlaithe clóis.

Leagtar síos critéir le haghaidh tógáil taobh istigh freisin. Go hiondúil, le haghaidh gach éanlaithe clóis, tarlaíonn tógáil bhaisce aonair i dteach éanlaithe clóis seasta nó soghluaiste. Níor cheart gach teach éanlaithe clóis a bheith os cionn 400 m2 i gcás tithe seasta agus 150 m2 i gcás tithe soghluaiste. Chun crích a chur leis an roinn, tá tábla ann a léiríonn uasdlús ainmhithe in aghaidh an fhoirgnimh:

Foroinn 5.6. ‘Ré dhíomhaoin íosta i dtithe éanlaithe clóis’

Cuireadh oibleagáid isteach nach mór glanadh agus díghalrú a dhéanamh a luaithe agus a imíonn an éanlaith chlóis an gabháltas agus ní mór tréimhse dhíomhaoin a bheith ann.

Foroinn 5.7 ‘Coinníoll le haghaidh bainte, iompair agus maraithe’

Cuireadh oibleagáid isteach lena dtarraingítear siar beatha na héanlaithe clóis 5 uair an chloig ar a laghad sula mbaintear iad.

Cuireadh oibleagáid isteach nár cheart am iompair a bheith níos mó ná 3 uair an chloig. Leagadh síos tréimhse athshlánaithe 30 nóiméad ag an seamlas chomh maith.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

7.   Nasc

Leasaíodh an roinn dar teideal ‘Nasc leis an limistéar geografach’ den tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair go cuimsitheach. Atheagraíodh ina trí phíosa í chun idirdhealú a dhéanamh idir saintréithe sonracha an limistéir gheografaigh, an táirge agus an nasc cúisíoch. Tá an fhoclaíocht níos gonta agus scriosadh go leor léaráidí agus tagairtí stairiúla.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

8.   Lipéadú

Tá an mhír atá ann faoi láthair scriosta agus cuireadh abairt ina hionad a thugann tuairisc ar eilimintí éigeantacha.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

9.   Comhlacht cigireachta

Soláthraítear anois sonraí teagmhála na n-údarás atá freagrach as iniúchtaí ar an leibhéal náisiúnta, i.e.: an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) agus Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, Gnóthaí Tomhaltóra agus Caolais a Chosc (DGCCRF). Is féidir teacht ar ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhniúcháin ar shuíomh gréasáin INAO agus ar bhunachar sonraí an Choimisiúin Eorpaigh.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

10.   Ceanglais náisiúnta

Tá an roinn sin i bhfoirm tábla na bpríomhphointí atá le seiceáil agus a modh meastóireachta.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMEAD AONAIR

Volailles de Licques

Uimh. AE: PGI-FR-0162-AM01 - 11.5.2023

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha [ATFC nó TGFC]

Volailles de Licques

2.   Ballstát nó tríú tír

An Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   Cineál táirge [mar atá sé in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Éin den ord Galliformes is ea iad ‘Volailles de Licques’. Is as tréithchineálacha láidre a fhásann go mall iad, lenar féidir tréimhse fhada thógála agus marú díreach roimh aibíocht ghnéasach.

Gnéithe ‘Volailles de Licques’:

cruth maith conablaigh;

conablaigh dea-ramhraithe, fheola, bia teann;

forbairt mhaith mhatán an bhrollaigh agus na gceathrúna.

Cuimsíonn ‘Volailles de Licques’ na cineálacha ainmhí seo a leanas:

Sicín: tógtha ar feadh 81 lá ar a laghad. Is ionann an meáchan conablaigh íosta agus 1,3 kg le cur i láthair ‘glanta’ agus 0,95 kg le cur i láthair ‘dí-innithe’ gan gibléidí, ullamh don oigheann.

Éanlaith ghuine: tógtha ar feadh 94 lá ar a laghad’. Is ionann an meáchan conablaigh íosta agus 1,1 kg agus é curtha i láthair ‘glanta’ agus 0,85 kg agus é curtha i láthair ‘dí-innithe’ i.e. gan gibléidí, ullamh don oigheann.

An Tuirc: tógtha ar feadh 140 lá ar a laghad. Is ionann an meáchan conablaigh íosta agus 2,7 kg agus é curtha i láthair ‘glanta’ agus 2,3 kg agus é curtha i láthair ‘dí-innithe’ i.e. gan gibléidí, ullamh don oigheann.

Cábún: tógtha ar feadh 150 lá ar a laghad. Is ionann an meáchan conablaigh íosta agus 2,9 kg agus é curtha i láthair ‘glanta’ agus 2,5 kg agus é curtha i láthair ‘dí-innithe’ i.e. gan gibléidí, ullamh don oigheann.

Poularde: tógtha ar feadh 120 lá ar a laghad. Is ionann an meáchan conablaigh íosta agus 1,95 kg agus é curtha i láthair ‘glanta’ agus 1,65 kg agus é curtha i láthair ‘dí-innithe’ i.e. gan gibléidí, ullamh don oigheann.

Cábún éanlaithe guine: tógtha ar feadh 150 lá ar a laghad. Is ionann an meáchan conablaigh íosta agus 1,80 kg agus é curtha i láthair ‘glanta’ agus 1,40 kg agus é curtha i láthair ‘dí-innithe’ i.e. gan gibléidí, ullamh don oigheann.

Díoltar ‘Volailles de Licques’ mar chonablaigh nó i bhfoirm spólaí, úr nó domhainreoite (seachas i gcás inar glanadh iad). Ní mór do na conablaigh na critéir le haghaidh chur i láthair Aicme A a chomhlíonadh. Ní mór do na spólaí critéir Aicme A a chomhlíonadh agus ní mór dóibh teacht ó chonablaigh a chomhlíonann an meáchan íosta ullamh don oigheann. Díoltar Volailles de Licques neamhphacáistithe nó crapchlúdaithe, folúsphacáilte nó i bpacáistíocht atmaisféir mhodhnaithe.

Cuirtear i láthair mar a leanas iad:

‘ullamh don oigheann’;

‘glanta’;

i bhfoirm spólaí.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Ní mór 70 % de ghránaigh agus de tháirgí díorthaithe a bheith sa bheatha a sholáthraítear ag an gcéim ramhraithe, a ríomhtar mar mheán ualaithe.

Ní bheidh cion táirgí grán-díorthaithe níos mó ná 15 % de réir mheáchan na foirmle beatha iomláine.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Tógáil éanlaithe clóis ag tosú ó thabhairt isteach na n-ainmhithe óga.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Tá ainm ‘Volailles de Licques’ agus siombail TGFC an Aontais Eorpaigh sa réimse radhairc chéanna ar an lipéadú.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Tá an limistéar geografach lonnaithe go hiomlán sa département (réigiún) Pas de Calais agus cuimsíonn sé na heintitis riaracháin seo a leanas:

na arrondissements (cúigí) iomlána: Boulogne-sur-Mer, Calais, Montreuil agus Saint-Omer

agus na communes (bardais) iomlána: Anvin, Aubrometz, Auchy-au-Bois, Aumerval, Auxi-le-Château, Bailleul-lès-Pernes, Beauvoir-Wavans, Bergueneuse, Blessy, Boffles, Bonnières, Boubers-sur-Canche, Bourecq, Bouret-sur-Canche, Bours, Boyaval, Buire-au-Bois, Conchy-sur-Canche, Conteville-en-Ternois, Eps, Equirre, Erin, Estrée-Blanche, Fiefs, Fleury, Floringhem, Fontaine-l’Etalon, Fontaine-lès-Boulans, Fontaine-lès-Hermans, Fortel-en-Artois, Frévent, Gennes-Ivergny, Ham-en-Artois, Haravesnes, Hestrus, Heuchin, Huclier, Isbergues, Lambres, Le Ponchel, Liettres, Ligny-lès-Aire, Ligny-sur-Canche, Linghem, Lisbourg, Marest, Mazinghem, Monchel-sur-Canche, Monchy-Cayeux, Nédon, Nédonchel, Noeux-lès-Auxi, Norrent-Fontes, Pernes, Prédefin, Pressy, Quoeux-Haut-Maînil, Quernes, Rely, Rombly, Rougefay, Sachin, Sains-lès-Pernes, Saint-Hilaire-Cottes, Tangry, Teneur, Tilly-Capelle, Tollent, Vacquerie-le-Boucq, Valhuon, Vaulx, Villers-l’Hôpital, Westrehem, Willencourt agus Witternesse.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc le tionscnamh TGFC ‘Volaille de Licques’ bunaithe ar thosca nádúrtha agus daonna sa limistéar timpeall [shráidbhaile] Licques, áit ina bhfuil saintréithe áirithe ag an táirgeadh éanlaithe clóis ar a tógadh a cháil le himeacht ama.

Is cuid mhór de département Pas de Calais i dtuaisceart na Fraince é an limistéar geografach. Tá teorainn ag an limistéar leis an Muir nIocht (ón teorainn le département la Somme go dtí cathair Calais) agus an Mhuir Thuaidh (ó Calais go dtí département Nord) san iarthar, agus sreabhann sé soir isteach i dtalamh feirme.

Tá aeráid an limistéir aigéanach. Tá an teochtraon cúng, le geimhrí agus samhraí séimhe, leoithní farraige agus báisteach tráthrialta (600 go 800 mm in aghaidh na bliana). Bíonn an mheánteocht bhliantúil thart ar 11 °C.

Fágtar leis an aeráid shéimh agus an t-easpa buaictheochtaí suntasacha go mbíonn an éanlaith chlóis taobh amuigh go tráthrialta.

Tá topagrafaíocht éagsúil sa limistéar, idir ardchláir agus gleannta, agus airde idir 0 agus 200 m os cionn leibhéal na mara. Tá na limistéir talmhaíochta agus nádúrtha éagsúil, le bocage (tírdhreach fáil sceiche) agus méid mór talún féaraigh. Tá líonra mór uiscebhealaí ann, lena n-áirítear Aibhneacha Authie, Canche, Ternoise, Liane, Scarpe, Lys agus Aa.

Saintréithe an limistéir gheografaigh is ea a raon barr agus beostoic, agus cloítear go forleathan fós lena thraidisiúin éanlaith chlóis a thógáil agus gránaigh a shaothrú. Cruthaíodh na gníomhaíochtaí sin éagsúlacht an tírdhreacha, a athraíonn idir limistéir nádúrtha, talamh feirme éagsúil agus foraoisí.

Tá neart réimsí cearc féarúla agus coillteacha taobh amuigh ar úsáid na héanlaithe clóis.

Is as tréithchineálacha láidre a fhásann go mall iad ‘Volaille de Licques’, lenar féidir tréimhse fhada thógála agus marú díreach roimh aibíocht ghnéasach. Tá siad oiriúnaithe don saol a chaitheamh faoin aer, agus tá rochtain acu ar réimsí cearc saor-raoin i bhféaraigh choillteacha.

Gnéithe ‘Volailles de Licques’:

cruth maith conablaigh,

conablaigh dea-ramhraithe, fheola, bia teann;

forbairt mhaith mhatán an bhrollaigh agus na gceathrúna.

Mar gheall ar an aeráid shéimh agus an airde íseal, tá an limistéar geografach an-oiriúnach d’éanlaith chlóis a thógáil, ar réimsí cearc féarúla go háirithe. Cineál aigéanach na haeráide, lena n-áirítear báisteach thráthrialta, tá sé fabhrach d’fhás seasta féir agus plandaí ilbhliantúla ar na réimsí cearc. Fágtar le raon cúng agus séimhe na dteochtaí gur féidir leis an éanlaith chlóis dul amach ar na réimsí cearc ar fud na bliana agus a cothú a fhorlíonadh dá bhrí sin. Tá na dálaí sin fabhrach do tháirgeadh gránach go tráthrialta, atá mar bhunús faoi bheatha éanlaithe clóis go stairiúil.

Chuaigh tógálaithe in oiriúint d’athruithe sa chomhshaol, agus mar sin tá a saineolas bunaithe ar:

thréithchineálacha a úsáid a fhásann go mall;

smacht a bheith acu ar an uair a théann na héin amach;

bheatha gránachbhunaithe a úsáid.

Is iad na modhanna traidisiúnta sin, a úsáidtear fós sa lá atá inniu ann, atá i gcroílár cháil ‘Volaille de Licques’.

Is féidir bunúis ‘Volaille de Licques’ a rianú siar go dtí Abbaye de Licques [Mainistir], a bunaíodh in 1051. Sa 13ú céad, cuireadh é ar iontaoibh na manach Prémontré, a ghlan na foraoisí agus a d’fhorbair feirmeoireacht éanlaithe clóis – lena n-áirítear turcaí, a raibh tóir air ag an am sin agus a bhfuil tóir air fós an lá atá inniu ann – agus a shaothraigh gránaigh.

Sna 17ú agus 18ú céadta, ba iad feirmeoirí beaga a sheas do 90 % den daonra agus tháirgidís a chaithidís. Chuir éanlaith chlóis ar a gcumas riachtanais a dteaghlach a chomhlíonadh agus airgeadra babhtála a bheith acu. De réir La vie agricole sous l’Ancien Régime dans le Nord de la France (Saol talmhaíochta sa seanam i dTuaisceart na Fraince) le Albéric de Callone ‘dhá, i dtíortha eile, maróidís in aon bhliain amháin an líon cábún, cearc agus sicíní a mharaíonn muid in aon lá amháin anseo, ní thógfaí ar aon duine imní a bheith air faoina bhfuil i ndán don speiceas.’

Le linn na 19ú agus 20ú céadta, d’fhorbair tógáil ‘Volaille de Licques’ taobh le feabhsú na mbarr arbhair (amhail cruithneacht agus eorna), a chuidigh ina sheal le feabhas a chur ar bheatha agus dá bhrí sin ar cháilíocht na feola. Thosaigh cáil ‘Volaille de Licques’ ag síneadh thar theorainneacha Pays de Licques, agus fiú a fhad agus Sasana, mar a tharraing Jean Tribondeau aird ina mhonagraf feirmeoireachta dar teideal ‘L’agriculture du Pas-de-Calais’ (Talmhaíocht in Pas de Calais): ‘Ní hamháin go bhfuil an-mheas ar thurcaí i réigiún Boulonnais, is ábhar do mhéid mór trádála le Sasana é chomh maith. ’

Mar sin féin, tá a chineál teaghlaigh, traidisiúnta coinnithe ag táirgeadh éanlaithe clóis, atá bunaithe ar stair an limistéir maidir le tógáil.

Ó na 1950idí ar aghaidh, tháinig athrú de réir a chéile ar an modh tógála mar gheall ar athruithe struchtúrtha sa chomhshaol tuaithe. Theastaigh ó tháirgeoirí ‘Volailles de Licques’ feirmeoireacht bheostoic fhairsing a choinneáil ar bun. Bhuail siad le chéile in 1965 faoi choimirce Cheardchumann Thógálaithe Licques d’fhonn táirgeadh traidisiúnta éanlaithe clóis a choinneáil ar bun.

Sa lá atá inniu ann, is foinse éagsúlaithe agus ioncaim breise do thógálaithe fós é táirgeadh ‘Volaille de Licques’.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-070fab1c-4223-4f7f-bacb-2218e19ecec7


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/42


Foilsiú iarratais ar leasú a dhéanamh ar théarma traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagail 28(3) agus 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, lipéadú agus cur i láthair

‘Vino generoso de licor’

(2023/C 275/16)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart agóid a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagail 22(1) agus 27(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún (1). Ní mór na ráitis agóide a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

IARRATAS AR LEASÚ MAIDIR LEIS AN TÉARMA TRAIDISIÚNTA

‘Vino generoso de licor’

Dáta fála: An 5 Bealtaine 2023

Líon na leathanach (an ceann seo san áireamh): 4

Teanga an iarratais ar leasú: Spáinnis

Uimhir chomhaid: Ares(2023) 3171348

Téarma traidisiúnta a n-iarrtar an leasú ina leith: Vino generoso de licor

Iarratasóir: Ard-Stiúrthóireacht na dTionscal Agraibhia, na Nuálaíochta agus Shlabhra an tSoláthair Bia in Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh, Uisce agus Forbartha Tuaithe na hAndalúise

Seoladh iomlán (uimhir an tí agus ainm na sráide, baile/cathair agus cód poist, tír):

C/Tabladilla, s/n,

41071 Seville

ESPAÑA

Náisiúntacht: Spáinnis

Teileafón, facs, ríomhphost:

Teileafón +34 955032278;

Facs +34 955032460;

R-phost: dgiica.capadr@juntadeandalucia.es

Tuairisc ar an leasú

Leis an achoimre ar an sainmhíniú/na coinníollacha úsáide don téarma traidisiúnta ‘vino generoso’ in eAmbrosia, bunaítear an méid seo a leanas:

‘(Cuid B, pointe 10, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún)’

Tá baint an sainmhíniú/na coinníollacha úsáide seo le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún, a aisghaireadh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún, lena leagtar síos rialacha maidir leis an téarma traidisiúnta ‘vino generoso de licor’ ina Iarscríbhinn III, cuid B, pointe 10:

‘An t-ainm traidisiúnta sonrach “Vino generoso de licor”, ní úsáidfear é ach amháin i gcás fíonta licéir a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint acu:

is ó “vino generoso” a fhaightear é, dá dtagraítear i bpointe 8, nó ó fhíon faoi “flor” as ar féidir fíon ar nós ‘vino generoso a tháirgeadh, ar cuireadh úrfhíon ó fhíonchaora rísínithe leis agus ar cuireadh alcól neodrach de thionscnamh fíniúna leis chomh maith chun cosc a chur ar choipeadh, nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe nó “vino dulce natural”,

cuirtear ar fáil ar an margadh iad tar éis dóibh teacht in aibíocht i mbairillí darach ar feadh meántréimhse dhá bhliain.’

Cuireadh an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe/na gcoinníollacha úsáide:

‘Ní úsáidfear an t-ainm “vino generoso de licor” ach amháin le haghaidh fíonta licéir de na hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Condado de Huelva”, “Jerez-Xérès-Sherry”, “Lebrija”, “Málaga” agus “Montilla-Moriles”:

1.

Fíonta a fhaightear ó:

a)

“Vino generoso”;

(b)

nó fíon a raibh scannán flor aige lenar féidir “vino generoso” den sórt sin a tháirgeadh;

(c)

nó fíon de chuid ATFC “Málaga” atá in ann “vino generoso” den sórt sin a tháirgeadh ar cuireadh ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas leis, ar choinníoll go bhfuarthas údarú chuige sin ón gCoimisiún Eorpach i gcás inar gá:

“vino dulce natural”,

fíon a chumhdaítear leis an maolú i gCuid II, pointe 1(b), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013, ar a dtugtar “vino tierno” go háitiúil,

úrfhíon fíonchaor leathchoipthe,

úrfhíon ó chaora rísínithe ar cuireadh alcól fíona nó alcól fíonchaor triomaithe leo ag ina bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 95 % de réir toirte agus nach mó ná 96 % de réir toirte, nó alcól neodrach de thionscnamh fíniúna ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 96 % de réir toirte,

úrfhíon fíonchaor tiubhaithe,

úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe,

úrfhíon fíonchaor tiubhaithe a fhaightear trí theas díreach, a chomhlíonann an sainmhíniú ar úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, ach amháin i gcás na hoibríochta sin.

2.

Cuirtear ar fáil ar an margadh iad tar éis dóibh teacht chun aibíochta i mbairillí darach ar feadh meántréimhse dhá bhliain.’

Míniú ar na cúiseanna atá leis an modhnú

An téarma traidisiúnta ‘vino generoso de licor’, tá sé le sonrú ina measc siúd is mó gradam agus traidisiún maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint na hAndalúise. Tagraíodh dó sna téacsanna dlíthiúla éagsúla lena n-aithnítear na ATFCanna.

Tá an téarma traidisiúnta faoi chosaint faoi láthair, agus déantar a úsáid a rialú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh faoi Airteagail 112(a) agus 113 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle.

Tá sé á shainiú i gCuid B, pointe 10, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, le cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, leis an íoschéatadán alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus le foilsiú comhad de chuid OIV. Ina theannta sin, cuireadh an téarma san áireamh i dtosach i mbunachar sonraí leictreonach an Choimisiúin Eorpaigh ‘e-Bacchus’, ar cuireadh an clár leictreonach ‘eAmbrosia’ ina ionad. An sainmhíniú a úsáideadh, bhí sé bunaithe ar an tagairt i gCuid B, pointe 10 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na catagóirí táirgí fíniúna, cleachtais fhíoneolaíocha agus na srianta is infheidhme, a aisghaireadh ina dhiaidh sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019, ina gcoinnítear ar bun na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2009.

Ar mhaithe le soiléireacht, trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil, tá téarmaí traidisiúnta áirithe d’fhíonta de hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint de chuid na hAndalúise faoi réir rialacháin faoi Ordú ón Aireacht Réigiúnach Talmhaíochta, Iascaigh, Uisce agus Forbartha Tuaithe an 22 Feabhra 2023, a foilsíodh in Iris Oifigiúil na hAndalúise (Boja) Uimh. 42 an 3 Márta 2023. Is é an tOrdú an ionstraim dlí iomchuí chun na téarmaí traidisiúnta a fhormheas agus chun iad a leasú ina dhiaidh sin i gclár an Aontais Eorpaigh.

Chun aistriú dlíthiúil ó chreat reachtach reatha an téarma thraidisiúnta ‘vino generoso de licor’ faoi chosaint a áirithiú, bunaíodh agus foilsíodh an sainmhíniú. Sa sainmhíniú, déantar tuairisc ar ghnéithe shainiúla agus comhroinnte na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint lena mbaintear úsáid as an téarma traidisiúnta. Ar an gcaoi sin, is féidir iomaíocht chothrom a bheith ann idir táirgeoirí agus, san am céanna, tugtar faisnéis shoiléir do thomhaltóirí.

Ainm an tsínitheora: Ard-Stiúrthóir na dTionscal Agraibhia, na Nuálaíochta agus Shlabhra an tSoláthair Bia


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 46.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/45


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 275/17)

Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an iarratais seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Ayaş Domatesi’

Uimh. AE: PDO-TR-02883 – 9.1.2023

STFC (x) TGFC ( )

1.   Ainm(neacha)

‘Ayaş Domatesi’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Tuirc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-ábhar

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is trátaí lagrhaiceann an-súmhar é ‘Ayaş Domatesi’ a fhástar ag baint úsáide as síolta agus síológa éicitíopa áitiúla i gceantar Ayaş i gcúige Ankara. Tá Ayaş Domatesi’ mór agus bog, dar meáchan 250-300 g tá dath bándearg-dearg murtallach ar a chraiceann. Ar chraiceann seachtrach an tráta, tá iomairí beaga ann. Tá paiste bán ar bhia na dtorthaí freisin nuair a roinntear ina dhá cheann é. Mar gheall ar a aigéadacht ard, tá dea-bholadh beagán goirt agus líomóide aige. Tá cion ard lícipéine ag ‘Ayaş Domatesi’, thart ar 5916 mg /100 g.

Airíonna fisiceacha agus ceimiceacha ‘Ayaş Domatesi’

Ábhar Tirim Intuaslagtha in Uisce (oBx)

 

4,20 ar a laghad

luach PH

 

4,20 -4,70 inti

Aigéadacht Iomlán (% Aigéad Citreach)

 

0,40  % ar a laghad

Luach Dath Hunter (íosta-uasta)

*L

28,0 -29,0

*a

14,0 -17,0

*(b)

8,0 -12,0

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainaitheanta

Ní mór gach céim sa táirgeadh a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, agus pacáistiú srl. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is é an limistéar geografach críochaithe ceantar Ayaş de chúige Ankara i Lár Anatolia sa Tuirc.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an t-iarratas ar chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh ‘Ayaş Domatesi’ bunaithe ar cháilíocht agus ar shaintréithe sonracha an táirge amháin, a eascraíonn as na gnéithe nádúrtha atá sa limistéar geografach.

Tá ‘Ayaş Domatesi’ tar éis fás in Ayaş ó na 1960idí. Is tráta lagchraicinn an-súmhar é ‘Ayaş Domatesi’, a fhástar ag baint úsáide as síolta agus síológa san éicitíopa áitiúil. Tá ‘Ayaş Domatesi’ mór agus bog, dar meáchan 250-300 g tá dath bándearg-dearg murtallach ar a chraiceann. Ar chraiceann seachtrach an tráta, tá iomairí beaga ann. Tá paiste bán ar bhia na dtorthaí freisin nuair a roinntear ina dhá cheann é. Mar gheall ar a aigéadacht ard, tá dea-bholadh beagán goirt agus líomóide aige. Braitheann cruth agus struchtúr torthaí ‘Ayaş Domatesi’ ar na síolta agus síológa áitiúla a aistrítear ó ghlúin go glúin sa limistéar geografach. Tá an ghné duille caol agus tá struchtúr abhcach ag an bplanda. Tá airde an phlanda thart ar 120 cm agus léiríonn sé forbairt go déanach sa séasúr. Tá duilleoga an tráta cumhdaithe le ribí a bhfuil dianchumhra trátaí acu, díreach cosúil leis an ngas. Tá foirm chumaisc agus mór ag na duilleoga. Cé go bhfuil tógáil ard gréine sa réigiún, ní bhaineann dó gréine do na torthaí mar gheall ar an lann duille mór agus duilleoga flúirseacha ‘Ayaş Domatesi’.

Tá ceantar Ayaş, atá suite i Réigiún Anatolia Láir, difriúil ó shaintréithe aeráide an réigiúin seo agus léiríonn sé tréithe aeráide miocraeráide. Tá an aeráid seo éifeachtach ar airíonna an táirge.

Feictear gnéithe tipiciúla na haeráide ilchríochaí in Ayaş, le geimhrí fuara agus samhraí teo tirime. Is í an airde ná 910 m. Is í an mheánteocht bhliantúil ná 11,4 °C, is é 54 % an mheán-taise choibhneasta. Baineann an mheánteocht is ísle de 0,5 °C le mí Eanáir agus baineann an mheánteocht is airde de 22,2 °C le mí Iúil agus mí Lúnasa.

Titeann an fhrasaíocht is airde i mí na Nollag le 57,2 mm agus an fhrasaíocht is ísle i mí Lúnasa le 9,6 mm. Déantar ‘Ayaş Domatesi’ a phailniú go hoscailte agus forbraíonn sé go déanach. Chun go bpéacfaidh ‘Ayaş Domatesi’ go rathúil tá gá le teochtaí pailnithe de 10oC agus níos airde, agus laghdaítear céatadán bhláthú na dtorthaí nuair a thiteann an teocht faoi bhun 15oC le linn aibithe. Is é an teocht is fearr le haghaidh péacadh pailine agus le haghaidh bhláthú na dtorthaí ná 18-26 °C agus bogthaise aeir choibhneasta 50-80 %. Ag teocht íseal, is beag deannach pailine a chruthaítear, tarlaíonn torthaí éagruthacha agus iad toirchithe go páirteach. Le linn an phróisis aipithe torthaí, ba chóir an teocht a bheith idir 18-26 °C. Is fearr substaintí datha agus dá bhrí sin lícipéin a shintéisiú ag an teocht seo chomh maith. Tá cion ard lícipéine ag ‘Ayaş Domatesi’, thart ar 5916 mg /100 g.

Soláthraíonn aeráid cheantar Ayaş na coinníollacha is oiriúnaí le haghaidh pailniú agus forbairt torthaí. Cuirtear síológa le spásáil 50-60 cm le haghaidh trátaí boird, spásáil sraithe 25-30 cm más don tionscal an táirge, agus fad 1.8-2.0 m idir dhá shraith. Tá cion ard potaisiam ag baint leis an modh plandála scáinte seo a úsáideann táirgeoirí agus le hithir na limistéar geografach agus méadaíonn cion iarainn an toradh agus méid na dtorthaí dá réir trí aerchúrsaíocht agus nochtadh na gréine a sholáthar.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

(an dara fomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo)


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.