ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
Clár |
Leathanach |
|
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
2023/C 271/01 |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais |
|
2023/C 271/02 |
||
2023/C 271/03 |
||
2023/C 271/04 |
||
2023/C 271/05 |
||
2023/C 271/06 |
||
2023/C 271/07 |
||
2023/C 271/08 |
||
2023/C 271/09 |
||
2023/C 271/10 |
||
2023/C 271/11 |
||
2023/C 271/12 |
||
2023/C 271/13 |
||
2023/C 271/14 |
||
2023/C 271/15 |
||
2023/C 271/16 |
||
2023/C 271/17 |
||
2023/C 271/18 |
||
2023/C 271/19 |
||
2023/C 271/20 |
||
2023/C 271/21 |
||
2023/C 271/22 |
||
2023/C 271/23 |
||
2023/C 271/24 |
||
2023/C 271/25 |
||
2023/C 271/26 |
||
2023/C 271/27 |
||
2023/C 271/28 |
||
2023/C 271/29 |
||
2023/C 271/30 |
||
|
Chúirt Ghinearálta |
|
2023/C 271/31 |
||
2023/C 271/32 |
||
2023/C 271/33 |
||
2023/C 271/34 |
||
2023/C 271/35 |
||
2023/C 271/36 |
||
2023/C 271/37 |
||
2023/C 271/38 |
||
2023/C 271/39 |
||
2023/C 271/40 |
||
2023/C 271/41 |
||
2023/C 271/42 |
||
2023/C 271/43 |
||
2023/C 271/44 |
Cás T-134/23: Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 – Institut Jožef Stefan v an Coimisiún |
|
2023/C 271/45 |
Cás T-282/23: Caingean arna tabhairt an 16 Bealtaine 2023 – WT v an Coimisiún |
|
2023/C 271/46 |
Cás T-290/23: Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 – Sber v BRA |
|
2023/C 271/47 |
Case T-325/23: Caingean arna tabhairt an 13 Meitheamh 2023 – Meta Platforms Ireland v BECS |
|
2023/C 271/48 |
Cás T-330/23: Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2023 – Tyczka v EUIPO (READYPACK) |
|
2023/C 271/49 |
||
2023/C 271/50 |
Cás T-338/23: Caingean arna tabhairt an 19 Meitheamh 2023 – Next Media Project v EFCA |
|
2023/C 271/51 |
Cás T-679/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 12 Meitheamh 2023 – Argyraki v an Coimisiún |
|
2023/C 271/52 |
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/1 |
Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
(2023/C 271/01)
Foilseachán deiridh
Foilseacháin stairiúla
Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:
EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE
Cúirt Bhreithiúnais
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/2 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 – Joshua David Silver, Leona Catherine Bashow, Charles Nicholas Hilary Marquand, JY, JZ, Anthony Styles Clayton, Gillian Margaret Clayton v Comhairle an Aontais Eorpaigh
(Cás C-499/21 P) (1)
(Achomharc - Caingean le haghaidh neamhniú - Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach - Cinneadh (AE) 2020/135 - Náisiúnaigh de chuid Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann - Iarmhairtí an chomhaontaithe sin ar stádas saoránaigh den Aontas Eorpach agus na cearta a ghabhann leis an stádas sin do na náisiúnaigh sin - An ceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE - Seasamh chun imeachtaí a thionscnamh - Coinníollacha - Leas in imeachtaí a thionscnamh)
(2023/C 271/02)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Joshua David Silver, Leona Catherine Bashow, Charles Nicholas Hilary Marquand, JY, JZ, Anthony Styles Clayton, Gillian Margaret Clayton (ionadaithe: P. Tridimas, dikigoros, D. Harrison agus A. von Westernhagen, Solicitors)
Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bauer, J. Ciantar agus R. Meyer, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
2) |
Ordaítear do Joshua David Silver, Leona Catherine Bashow, Charles Nicholas Hilary Marquand, JY, JZ, Anthony Styles Clayton agus Gillian Margaret Clayton na costais a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 – Harry Shindler, Christopher David Randolph, Douglas Edward Watson, Michael Charles Strawson, Hilary Elizabeth Walker, Sarah Caroline Griffiths, James Graham Cherrill, Anita Ruddell Tuttell, Joséphine French, William John Tobbin v Comhairle an Aontais Eorpaigh
(Cás C-501/21 P) (1)
(Achomharc - Caingean le haghaidh neamhniú - Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach - Cinneadh (AE) 2020/135 - Náisiúnaigh de chuid Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann - Iarmhairtí an chomhaontaithe sin ar stádas shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus ar na cearta a ghabhann leis an stádas sin do na náisiúnaigh sin - An ceathrú fomhír d'Airteagal 263 CFAE - Seasamh chun imeachtaí a thionscnamh - Coinníollacha - Leas in imeachtaí a thionscnamh)
(2023/C 271/03)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóirí: Harry Shindler, Christopher David Randolph, Douglas Edward Watson, Michael Charles Strawson, Hilary Elizabeth Walker, Sarah Caroline Griffiths, James Graham Cherrill, Anita Ruddell Tuttell, Joséphine French, William John Tobbin (ionadaí: J. Fouchet, avocat)
Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bauer, J. Ciantar agus R. Meyer, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
2) |
Ordaítear do Harry Shindler, Christopher David Randolph, Douglas Edward Watson, Michael Charles Strawson, Hilary Elizabeth Walker, Sarah Caroline Griffiths, James Graham Cherrill, Anita Ruddell Tuttell, Joséphine French agus William John Tobbin na costais a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 – David Price v Comhairle an Aontais Eorpaigh
(Cás C-502/21 P) (1)
(Achomharc - Caingean le haghaidh neamhniú - Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach - Cinneadh (AE) 2020/135 - Náisiúnaigh de chuid Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann - Iarmhairtí an chomhaontaithe sin ar stádas saoránaigh den Aontas Eorpach agus na cearta a ghabhann leis an stádas sin do na náisiúnaigh sin - An ceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE - Seasamh chun imeachtaí a thionscnamh - Coinníollacha - Leas in imeachtaí a thionscnamh)
(2023/C 271/04)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: David Price (ionadaí: J. Fouchet, avocat)
Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bauer, J. Ciantar agus R. Meyer, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
2) |
Ordaítear do David Price na costais a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/4 |
Breithiúnas na Cúirte Bhreithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy – Śródmieścia w Warszawie – an Pholainn) – Arkadiusz Szcześniak v Bank M. SA
(Cás C-520/21 (1) Bank M. (Iarmhairtí cealú conartha))
(Tarchur chun réamhrialú - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Treoir 93/13/CEE - Airteagail 6(1) agus 7(1) - Creidmheas morgáiste arna innéacsú d'airgeadra eachtrach - Clásail chomhshó - An ráta malairte idir an t-airgeadra eachtrach sin agus an t-airgeadra náisiúnta a chinneadh - Éifeachtaí dearbhaithe go bhfuil téarma éagórach - Éifeachtaí neamhniú conartha ina iomláine - An fhéidearthacht éilimh a dhearbhú a théann thar aisíocaíocht na méideanna a comhaontaíodh sa chonradh agus íocaíocht úis mhainneachtana - Aimhleas an tomhaltóra - Neamh-infhaighteacht mhéid na dtráthchodanna míosúla a íocadh leis an mbanc - Damáiste don bhanc - Neamh-infhaighteacht an mhéid caipitil a íocadh leis an tomhaltóir - Éifeacht dhíspreagthach an toirmisc ar théarmaí éagóracha - Cosaint éifeachtach tomhaltóirí - Léiriú breithiúnach ar reachtaíocht náisiúnta)
(2023/C 271/05)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla Warszawy – Śródmieścia w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Arkadiusz Szcześniak
Cosantóir: Bank M. SA
Tríú páirtí: Rzecznik Praw Obywatelskich, Rzecznik Finansowy, Prokurator Prokuratury Rejonowej Warszawa – Śródmieście w Warszawie, Przewodniczący Komisji Nadzoru Finansowego
An chuid oibríochtúil
I gcomhthéacs comhaontú iasachta morgáiste a chur ar neamhní ina iomláine ar an bhforas nach féidir leis leanúint ar aghaidh tar éis deireadh a chur le téarmaí éagóracha,
maidir le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóirí,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
— |
ní chuirtear cosc leo ar léiriú breithiúnach ar an dlí náisiúnta ar dá réir atá an tomhaltóir i dteideal cúiteamh a éileamh ón institiúid chreidmheasa a théann thar aisíocaíocht na dtráthchodanna míosúla a íocadh agus na gcostas a íocadh i leith chomhlíonadh an chonartha sin agus íocaíocht úis mhainneachtana ag an ráta reachtúil ó dháta an fhógra fhoirmiúil, ar choinníoll go n-urramaítear cuspóirí Threoir 93/13 agus prionsabal na comhréireachta, agus |
— |
cuirtear cosc leo ar léiriú breithiúnach ar an dlí náisiúnta ar dá réir atá an institiúid chreidmheasa i dteideal éileamh a dhéanamh ar chúiteamh do thomhaltóirí a théann thar aisíoc an chaipitil a íocadh i leith chomhlíonadh an chonartha sin agus íocaíocht úis mhainneachtana ag an ráta reachtúil ó dháta an fhógra fhoirmiúil. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/5 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón High Court (Éire) – Éire) – Eco Advocacy CLG v an Bord Pleanála
(Cás C-721/21 (1), Eco Advocacy)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Treoir 92/43/CEE - Gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú - Limistéir chaomhantais speisialta - Airteagal 6(3) - Réamhmheasúnú ar phlean nó ar thionscadal d'fhonn a chinneadh an bhfuil gá le measúnú cuí ar éifeachtaí an phlean nó an tionscadail sin ar limistéar faoi chaomhnú speisialta nó nach bhfuil - Ráiteas ar chúiseanna - Bearta a d'fhéadfaí a chur san áireamh - Tionscadal tógála tithíochta - Neamhspleáchas nós imeachta - Prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta - Rialacha nós imeachta faoina gcinntear ábhar na díospóide leis na pléadálacha a ardaíodh tráth tionscanta na caingne)
(2023/C 271/06)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
An Ard-Chúirt (Éire)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Eco Advocacy CLG
Cosantóir: an Bord Pleanála
Tríú Páirtí: Keegan Land Holdings, An Taisce – The National Trust for Ireland, ClientEarth AISBL
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le dlí an Aontais Eorpaigh, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar riail nós imeachta náisiúnta ar dá réir, ar an gcéad dul síos, a chaithfidh iarratas ar athbhreithniú breithiúnach, faoin dlí náisiúnta agus faoi fhorálacha dhlí an Aontais araon amhail Airteagal 4(2) go (5) de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011, agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 nó le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus fóra fiáine a chaomhnú, a bheith bunaithe ar ráiteas maidir leis na hiarrataí agus na pléadálacha dlí ar a bhfuil na hiarrataí sin bunaithe, ina leagfar amach go beacht gach ceann de na pléadálacha sin agus ina léireofar, i gcás gach pléadála, na fíorais nó na fianaise ar a bhfuiltear ag seasamh mar thaca léi agus, ar an dara dul síos, ní fhéadfaidh iarratasóir, ag an éisteacht, aon phléadáil dlí a chur ar aghaidh ná aon iarraidh a dhéanamh, seachas iad sin atá leagtha amach sa ráiteas sin. |
2) |
Maidir le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: más rud é, i gcás ina gcinnfidh údarás inniúil Ballstáit plean nó tionscadal a údarú a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do láithreán atá cosanta faoin Treoir sin gan gá le measúnú iomchuí de réir bhrí na forála sin, nach gceanglaítear ar an údarás sin freagra a thabhairt, sna cúiseanna lena chinneadh, ar na pointí dlí agus fíorais uile a ardaíodh le linn an nós imeachta riaracháin, ní mór dó, áfach, na cúiseanna a chuir ar a chumas a lua leis an gcaighdeán sula ndeonófar údarú den sórt sin, a bheith cinnte, in ainneoin aon tuairimí contrártha agus aon amhras réasúnach a chuirtear in iúl ann, go ndearnadh aon amhras réasúnach eolaíoch maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfadh an tionscadal seo difear suntasach don láithreán seo a eisiamh. |
3) |
Maidir le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: d'fhonn a chinneadh an gá measúnú iomchuí a dhéanamh ar éifeachtaí plean nó tionscadail ar láithreán, féadfar gnéithe den phlean nó den tionscadal sin lena mbaineann éilleáin a bhaint agus ar dócha, dá bhrí sin, go mbeidh sé d'éifeacht acu éifeachtaí díobhálacha an phlean nó an tionscadail sin ar an láithreán sin a laghdú, i gcás inar ionchorpraíodh na gnéithe sin sa phlean nó sa tionscadal céanna le gnéithe caighdeánacha, aon phlean nó tionscadal den sórt sin, beag beann ar aon tionchar ar an láithreán sin. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/6 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio – an Iodáil) – BM, NP v Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca – MIUR
(Cás C-132/22 (1), Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca (Rangú speisialta)]
(Tarchur chun réamhrialú - Saoirse gluaiseachta d'oibrithe - Airteagal 45 CFAE - Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 - Airteagal 3(1) - Constaic - Cóir chomhionann - Nós imeachta aicmithe maidir le leithdháileadh post i bhforais phoiblí náisiúnta áirithe - Coinníoll iontrála atá nasctha le taithí ghairmiúil a fuarthas roimhe sin laistigh de na bunaíochtaí sin - Reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn taithí ghairmiúil a fuarthas i mBallstáit eile a chur san áireamh - Réasúnú - Cuspóir chun dul i ngleic le neamhbhuaine)
(2023/C 271/07)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: BM, NP
Cosantóir: Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca – MIUR
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 45 CFAE agus Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach bhféadfar ach iarrthóirí a bhfuil taithí ghairmiúil áirithe faighte acu i bhforais phoiblí náisiúnta le haghaidh oiliúint ealaíne, ceoil agus cóiréagrafaíochta níos airde a ligean isteach i nós imeachta rollaithe ar na liostaí a tharraingítear suas le haghaidh earcaíochta trí bhíthin conarthaí fostaíochta a mhaireann ar feadh tréimhse éiginnte agus ar feadh tréimhse shocraithe, agus cuirtear cosc leo, ar an gcaoi sin, iad a chur san áireamh, chun críocha iad a ligean isteach sa nós imeachta sin, taithí oibre a fuarthas i mBallstáit eile.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/6 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Saint-Louis Sucre v Premier ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation, SICA des betteraviers d’Etrepagny
(Cás C-183/22 (1), Saint-Louis Sucre (Aitheantas d'eagraíocht táirgeoirí)]
(Tarchur chun réamhrialú - Talmhaíocht - Comheagrú na margaí - Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 - Reachtanna eagraíochtaí táirgeoirí - Airteagal 153(1)(b) - Riail lena rialaítear comhaltaí ar le heagraíocht táirgeoirí aonair iad - Raon feidhme - Airteagal 153(2)(c) - Rialú daonlathach ar an eagraíocht táirgeoirí agus ar chinntí a dhéanann comhaltaí táirgeoirí laistigh di - Rialú arna fheidhmiú ag duine ar chomhaltaí áirithe den eagraíocht táirgeoirí)
(2023/C 271/08)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d’État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Saint-Louis Sucre
Cosantóirí: Premier ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation, SICA des betteraviers d’Etrepagny
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 153(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 13 Nollaig 2017, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: tá feidhm ag an gceanglas maidir le bheith páirteach in eagraíocht táirgeoirí aonair go heisiach maidir le comhaltaí na heagraíochta sin ar táirgeoirí iad. |
2) |
Maidir le hAirteagal 153(2)(c) de Rialachán 1308/2013, arna leasú le Rialachán 2017/2393, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: chun a chinneadh an bhfuil rialacha i reachtanna eagraíochta táirgeoirí lena gcumasaítear do tháirgeoirí ar comhaltaí den eagraíocht sin grinnscrúdú a dhéanamh orthu, ar bhealach daonlathach, ar a n-eagraíocht agus ar chinntí na heagraíochta sin, ba cheart don údarás náisiúnta atá freagrach as aitheantas a thabhairt don eagraíocht sin:
|
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/7 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie – an Pholainn) – YQ, RJ v Getin Noble Bank S.A
(Cás C-287/22 (1), Getin Noble Bank (Comhaontú creidmheasa a chur ar fionraí nó a chomhlíonadh))
(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Treoir 93/13/CEE - Iasacht mhorgáiste atá innéacsaithe d’airgeadra eachtrach - Airteagal 6(1) - Airteagal 7(1) - Iarratas ar bhearta eatramhacha - Feidhmíocht an chomhaontaithe iasachta a chur ar fionraí - Lánéifeachtacht na héifeachta athdheimhnithí a áirithiú)
(2023/C 271/09)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: YQ, RJ
Cosantóir: Getin Noble Bank S.A.
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
sa chaoi go gcoisctear cásdlí náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh cúirt náisiúnta iarratas ar dheonú beart eatramhach arna thaisceadh ag tomhaltóir a bhfuil an fionraí á lorg aige a dhíbhe, go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir le neamhbhailíocht an chomhaontaithe iasachta arna thabhairt i gcrích ag an tomhaltóir sin ar an bhforas go bhfuil téarmaí éagóracha sa chomhaontú iasachta sin, íocaíocht na dtráthchodanna míosúla atá dlite faoin gcomhaontú iasachta sin, i gcás inar gá na bearta eatramhacha sin a dheonú chun éifeachtacht iomlán an chinnidh sin a áirithiú.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/8 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad – Varna – an Bhulgáir) – Teritorialna Direktsia Mitnitsa Varna v ‘NOVA Targovska KOMPANIA 2004’ AD
(Cás C-292/22 (1), Nova Targovska Kompania 2004)
(Tarchur chun réamhrialú - An t-aontas custaim - An Chomhtharaif Chustaim - Aicmiú earraí - Ainmníocht Chomhcheangailte - Ceannteidil 1511 agus 1517 - Ola phailme scagtha, tuartha agus díbholaithe - Gan aon mhodh a leagtar síos chun anailís a dhéanamh ar chomhsheasmhacht táirge)
(2023/C 271/10)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Administrativen sad – Varna
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Teritorialna direktsia Mitnitsa Varna
Cosantóir:‘NOVA TARGOVSKA KOMPANIA 2004’ AD
Idiragraí: Okrazhna prokuratura – Varna
An chuid oibríochtúil
1. |
Maidir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim, sna leaganacha a thagann as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1602 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 agus as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1776 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2019, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: tagann ullmhóid bia d’ola phailme nach gcumhdaítear le ceannteideal 1516 den ainmníocht sin agus ar cuireadh cóireáil uirthi seachas mínghlanadh faoi cheannteideal 1517 den ainmníocht sin, an cheist ar modhnaíodh an ullmhóid sin go ceimiceach mar thoradh ar an bpróiseáil sin a bheith neamhábhartha i ndáil leis sin. |
2. |
Maidir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 2658/87, sna leaganacha a thagann as Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1602 agus as Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/1776, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: in éagmais modhanna agus critéar a shainítear san ainmníocht sin chun a chinneadh ar cuireadh cóireáil seachas mínghlanadh ar ullmhóid den sórt sin, féadfaidh na húdaráis chustaim an modh iomchuí a roghnú chun na críche sin, ar choinníoll go mbeidh sé de chumas ag an modh sin torthaí a tháirgeadh a bheidh comhsheasmhach leis an ainmníocht sin agus is faoin gcúirt náisiúnta atá sé a fhíorú. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/9 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) –Thermalhotel Fontana Hotelbetriebsgesellschaft mbH
(Cás C-411/22 (1), Thermalhotel Fontana)
(Tarchur chun réamhrialú - Slándáil shóisialta - Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 - Airteagal 3(1)(a) - Coincheap an ‘tsochair breoiteachta’ - Raon feidhme - Saoirse gluaiseachta d’oibrithe - Airteagal 45 CFAE - Rialachán (CE) Uimh. 492/2011 - Airteagal 7(2) - Buntáistí sóisialta - Difríocht sa chóir - Réasúnuithe - COVID-19 - Leithlisiú fostaithe arna ordú ag an údarás náisiúnta sláinte - Cúiteamh na bhfostaithe sin ag an bhfostóir - Aisíoc an fhostóra ag an údarás inniúil - Eisiamh oibrithe trasteorann a cheanglaítear a leithlisiú faoi bheart arna ghlacadh ag údarás a n-áit chónaithe)
(2023/C 271/11)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Thermalhotel Fontana Hotelbetriebsgesellschaft mbH
Idiragraí: Bezirkshauptmannschaft Südoststeiermark
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 3(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: nach ‘sochar breoiteachta’, dá dtagraítear san fhoráil sin, cúiteamh arna mhaoiniú ag an Stát, arb é is cúis leis na míbhuntáistí airgid a tharla mar thoradh ar an mbac ar a bhfostaíocht le linn a leithlisithe mar dhaoine atá ionfhabhtaithe le COVID-19, a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad ionfhabhtaithe le COVID-19, nó a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad tógálach le COVID-19, agus nach dtagann sé, dá bhrí sin, faoi raon feidhme an Rialacháin sin. |
2) |
Maidir le Airteagal 45 CFAE agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas ní mór a léiriú mar seo a leanas: go gcoisctear reachtaíocht Ballstáit faoina bhfuil deonú cúitimh i leith caillteanas tuillimh a bhain d’oibrithe mar thoradh ar leithlisiú a ordaíodh tar éis toradh dearfach ar thástáil COVID-19 faoi réir an choinníll go ndéanfaidh údarás de chuid an Bhallstáit sin forchur an bhirt leithlisithe a ordú faoin reachtaíocht sin. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/10 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 31 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de Aragón – an Spáinn) – Asociación Estatal de Entidades de Servicios de Atención a Domicilio (ASADE) v Consejería de Sanidad de la Diputación General de Aragón
(Cás C-676/20, (1) ASADE)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Staid inmheánach amháin - Soláthar poiblí - Treoir 2014/24/AE - Airteagail 74 go 77 - Seirbhísí sóisialta agus sláinte a sholáthar - Comhaontuithe gníomhaíochta conarthaí a úsáid le heagraíochtaí príobháideacha neamhbhrabúis - Seirbhísí sa mhargadh inmheánach - Treoir 2006/123/CE - Raon feidhme - Airteagal 2(2)(f) agus (j))
(2023/C 271/12)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Superior de Justicia de Aragón
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Asociación Estatal de Entidades de Servicios de Atención a Domicilio (ASADE)
Cosantóir: Conejería de Sanidad de la Diputación General de Aragón
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 76 agus Airteagal 77 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforchoimeádtar an ceart d’eagraíochtaí neamhbhrabúis comhaontuithe a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le prionsabail na fógraíochta, na hiomaíochta agus na trédhearcachta, faoina soláthraíonn na heagraíochtaí sin seirbhísí sóisialta agus sláinte ar mhaithe le leas an phobail, mar mhalairt ar aisíocaíocht na gcostas a thabhaíonn siad, beag beann ar luach measta na seirbhísí sin, i gcás inarb é cuspóir na gcomhaontuithe sin cuspóirí dlúthpháirtíochta a bhaint amach, gan gá feabhas a chur ar oiriúnacht eacnamaíoch ná ar éifeachtúlacht sholáthar na seirbhísí sin maidir leis an gcóras is infheidhme go ginearálta maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí, ar choinníoll,
— |
ar an gcéad dul síos, go rannchuidíonn an creat dlíthiúil agus conarthach ina ndéantar gníomhaíocht na n-eagraíochtaí sin go héifeachtach le cuspóir sóisialta agus le cuspóirí na dlúthpháirtíochta agus na héifeachtúlachta buiséadaí ar a bhfuil an reachtaíocht sin bunaithe, agus |
— |
ar an dara dul síos, go n-urramaítear prionsabal na trédhearcachta, mar a shonraítear go háirithe in Airteagal 75 den Treoir sin. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/11 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 24 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Chúirt Riaracháin Veliko Tarnovo – an Bhulgáir) – DV v Direktor na Teritorialno podelenie na Natsionalnia osiguritelen institut – Veliko Tarnovo
(Cás C-30/22, (1) Direktor na Teritorialno podelenie na Natsionalnia osiguritelen institut-Veliko Tarnovo)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Oibrithe imirceacha - Dífhostaíocht - Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach - Slándáil shóisialta - Airteagal 30 - An ceart chun sochar dífhostaíochta a shocrú - Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 - Airteagal 65(2) - Saoránach Ballstáit a shaothraigh gníomhaíocht íoctha sa Ríocht Aontaithe - Foirceannadh a conartha fostaíochta i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse arna socrú leis an gcomhaontú sin - Ceart an shaoránaigh chun sochar dífhostaíochta faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin ar a filleadh ar an mBallstát sin)
(2023/C 271/13)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Administrativen sad Veliko Tarnovo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: DV
Cosantóir: Direktor na Teritorialno podelenie na Natsionalnia osiguritelen institut – Veliko Tarnovo
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 65(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 29 Aibreán 2004, maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 22 Bealtaine 2012,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní bhaineann sé le cás ina n-iarrann duine sochar fostaíochta ar údarás inniúil Ballstáit, ar Ballstát é nach bhfuil tréimhsí árachais, fostaíochta nó gníomhaíocht neamh-íoctha curtha di ann agus a fhilleann sí ar a chríoch le linn tréimhse árachais, fostaíochta nó gníomhaíocht neamh-íoctha a chur di i mBallstát eile, áit ina raibh sainchónaí uirthi, de réir na forála sin, le linn na tréimhse sin ar fad.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/11 |
Ordú ón gCúirt (an Séú Dlísheomra) an 27 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen Afdeling Gent – an Bheilg) – VN v Stát na Beilge
(Cás C-34/22 Stát na Beilge) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte - Saoirse chun seirbhísí a sholáthar - Saorghluaiseacht caipitil - Srianta - Reachtaíocht chánach - Cáin ioncaim - Díolúine cánach atá forchoimeádta i leith úis arna íoc ag bainc a chomhlíonann coinníollacha dlíthiúla áirithe - Idirdhealú indíreach - Institiúidí creidmheasa atá bunaithe sa Bheilg agus institiúidí atá bunaithe i mBallstát eile den Aontas Eorpach nó den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch)
(2023/C 271/14)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen Afdeling Gent
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: VN
Cosantóir: Stát na Beilge
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 56 CFAE agus Airteagal 36 de Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 2 Bealtaine 1992 a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear scéim díolúine ó cháin, cé go bhfuil sé infheidhme gan idirdhealú maidir le luach saothair i leith taiscí coigiltis arna sealbhú le hinstitiúidí creidmheasa náisiúnta agus eachtracha, lena ndéantar díolúine a thabhairt d’ioncam ó thaiscí coigiltis arna sealbhú le hinstitiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit eile den Aontas Eorpach nó den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha nach mór a bheith comhchosúil leo siúd a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta sin, ar coinníollacha iad a bhaineann go sonrach leis an margadh náisiúnta de facto.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/12 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 6 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Okresný súd Prešov – an tSlóvaic) – Rozhlas a televízia Slovenska v CI
(Cás C-669/22, (1) Rozhlas a televízia Slovenska)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Treoir Uimh. 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Raon feidhme - Ráiteas ar na cúiseanna go bhfuil gá le léiriú ón gCúirt Bhreithiúnais ar fhorálacha áirithe de dhlí an Aontais agus ar an gceangal idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme - Soiléiriú easnamhach - Do-ghlacthacht fhollasach)
(2023/C 271/15)
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
An chúirt a rinne an tarchur
Okresný súd Prešov
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Rozhlas a televízia Slovenska
Cosantóir: CI
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú arna déanamh ag Okresný súd Prešov (Cúirt Dúiche Prešov, an tSlóvaic), trí chinneadh an 8 Meán Fómhair 2022, do-ghlactha go follasach.
(1) Dáta taiscthe: 24.10.2022.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/12 |
Achomharc arna thabhairt an 13 Eanáir 2023 ag Autoramiksas UAB i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 10 Samhain 2022 i gCás T-374/22, Autoramiksas v an Coimisiún
(Cás C-12/23 P)
(2023/C 271/16)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Autoramiksas UAB (ionadaí: G. Valantiejus, advokatas)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
Le hordú an 19 Meitheamh 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) diúltú don achomharc toisc nach raibh bunús leis go follasach agus nach mór do Autoramiksas UAB a chostais féin a íoc.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/13 |
Achomharc arna thabhairt an 16 Feabhra 2023 ag XH i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 19 Nollaig 2022 i gCás T-522/21, XH v an Coimisiún
(Cás C-91/23 P)
(2023/C 271/17)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: XH (ionadaí: K. Górny, adwokat)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:
— |
an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal; |
— |
dá bhrí sin, leasa a iarratais a thabairt don achomharcóir i.e.
|
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir na saincheisteanna dlí seo a leanas: Earráid fhollasach mheasúnaithe, saobhadh fianaise agus earráid dlí – Sárú ar Airteagal 91 RF (1) agus Airteagal 270 CFAE. Sárú ar na Rialacha maidir le Cleachtas le haghaidh Chur Chun Feidhme Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ar Airteagail 102, 104 agus ar Iarscríbhinn 2, sárú ar Airteagail 76 agus 147, 148(9) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, i ndáil leis an méid seo a leanas:
— |
earráid fhollasach mheasúnaithe agus sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus na próise dlíthiúla córa; |
— |
seoltaí an Achomharcóra a úsáid ag Clárlann na Cúirte Ginearálta agus a chur in iúl; |
— |
mainneachtain in aithint bhuansheoladh iarbhír an Achomharcóra agus in aithint na n-athruithe a bhí air le linn na n-imeachtaí um chúnamh dlí; |
— |
earráid fhollasach mheasúnaithe; |
— |
mainneachtain i gceartú bhuansheoladh an Achomharcóra agus/nó ina rialtú; |
— |
seirbheáil chomhfhreagras an Achomharcóra don Chúirt Ghinearálta; |
— |
diúltú do chruthúnas poist de litreacha cláraithe arna seoladh ag an Achomharcóir chuig an gCúirt Ghinearálta; |
— |
comhfhreagras an Achomharcóra a chur as an áireamh ó chomhad na Cúirte Breithiúnais; |
— |
ábhar an chomhfhreagrais idir an tAchomharcóir agus an Chúirt Ghinearálta; |
— |
dáta chur ar fionraí na dteorannacha ama le hachomharc a thaisceadh; |
— |
údarú, mar a líomhnaítear, i leith sheirbheáil na n-orduithe ag seoladh sealadach an Achomharcóra thar lear, áit nach raibh sainchónaí ar an Achomharcóir (in ionad bhuansheoladh an Achomharcóra sa Bheilg); |
— |
údarú, mar a líomhnaítear, i leith sheirbheáil na n-orduithe ag seoladh sealadach an Achomharcóra sa Pholainn, áit nach raibh sainchónaí ar an Achomharcóir (in ionad bhuansheoladh an Achomharcóra sa Bheilg); |
— |
himthosca nárbh fhéidir a thuar nó force majeure a bheith ann; |
— |
hearráid inleithscéil a bheith ann; |
— |
héag don teorainn ama le caingean a thaisceadh. |
(1) Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO 1962 P 45, lch. 1385).
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Vrhovno sodišče Republike Slovenije (an tSlóivéin) a taisceadh an 9 Márta 2023 – KUBERA, trgovanje s hrano in pijačo, d.o.o. v Poblacht na Slóivéine
(Cás C-144/23 KUBERA)
(2023/C 271/18)
Teanga an cháis: an tSlóivéinis
An chúirt a rinne an tarchur
Vrhovno sodišče Republike Slovenije
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: KUBERA, trgovanje s hrano in pijačo, d.o.o.
Cosantóir: Poblacht na Slóivéine
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gcuirtear cosc leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE ar fhoráil de Zakon o pravdnem postopku (Cód an Nós Imeachta Shibhialta) in imeachtaí a bhaineann le cead a thabhairt chun achomhairc a dhéanamh ar phointe dlí (revizija), faoi nach ndéanann an Vrhovno sodišče (an Chúirt Uachtarach, an tSlóivéin) measúnú i dtaobh an bhfuil oibleagáid ann ceist a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le haghaidh réamhrialú de bharr na hiarrata ar réamhrialú arna thíolacadh ag páirtí chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh? |
I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist:
2. |
An gá Airteagal 47 den Chairt, a bhaineann leis an gceanglas cúiseanna a lua ar a bhfuil cinntí breithiúnacha bunaithe, a léiriú sa chiall gur ‘cinneadh breithiúnach’ é cinneadh nós imeachta lena ndiúltaítear iarratas páirtí ar chead chun achomharc a dhéanamh ar phointe dlí (revizija) faoin gCód Nós Imeachta Sibhialta agus nach mór na cúiseanna a lua cén fáth nár cheart iarratas an pháirtí go ndéanfaí tarchur chun réamhrialú chuig Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dheonú sa chás atá i gceist? |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bayerischen Verwaltungsgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 4 Aibreán 2023 – Hauser Weinimport GmbH v Freistaat Bayern
(Cás C-216/23, Hauser Weinimport)
(2023/C 271/19)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bayerischer Verwaltungsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Hauser Weinimport GmbH
Cosantóir: Freistaat Bayern
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An gcaithfear Airteagal 3(4)(c) de Rialachán (AE) 251/2014 (1) a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear freisin leis an téarma ‘alcól’ deoch ina bhfuil alcól nach táirge fíniúna de réir bhrí Airteagal 3(4)(a) den Rialachán sin é? |
2. |
An gciallaíonn ‘curtha léi’ de réir bhrí Airteagal 3(4)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 nach mór méadú a bheith ar neart alcóil an táirge deiridh i gcomparáid leis an táirge fíniúna arna úsáid faoi Airteagal 3(4)(a) den Rialachán sin? |
3. |
I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1, an gcaithfear an chéad abairt d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I(1)(b)(ii), a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an téarma ‘bia-ábhar blaisithe’ deoch a bhfuil alcól ann de réir bhrí Cheist 1? |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO 2014 L 84, lch. 14).
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Ekonomisko lietu tiesa (an Laitvia) a taisceadh an 3 Bealtaine 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne A, B, C, Z, F, AS Latgales Invest Holding, SIA METEOR HOLDING, METEOR Kettenfabrik GmbH, SIA Tool Industry agus AS Ditton pievadķēžu rūpnīca
(Cás C-285/23, Linte (1))
(2023/C 271/20)
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Ekonomisko lietu tiesa
Páirtithe sna príomhimeachtaí coiriúla
A, B, C, Z, F, AS Latgales Invest Holding, SIA METEOR HOLDING, METEOR Kettenfabrik GmbH, SIA Tool Industry agus AS Ditton pievadķēžu rūpnīca
idiragraí: Latvijas Investīciju un attīstības aģentūra
Na ceisteanna a tharchuirtear
(1) |
Maidir le hAirteagal 24(1) de Threoir Uimh. 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla, (2) an bhfuil léiriú le déanamh amhail go n-áirítear i láithreas an chúisí trí fhís-chomhdháil rannpháirtíocht an chúisí i dtriail cáis choiriúil i mBallstát eile trí fhís-chomhdháil óna Bhallstát cónaithe chomh maith? |
(2) |
Maidir le hAirteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla, (3) an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhféadfaí ceart an chúisí chun freastal ar an gcéim ó bhéal a ráthú le rannpháirtíocht an chúisí i dtriail cáis choiriúil atá ar siúl i mBallstát eile trí fhís-chomhdháil óna Bhallstát cónaithe? |
(3) |
An ionann rannpháirtíocht an chúisí i dtriail cáis atá ar siúl i mBallstát eile trí fhís-chomhdháil óna Bhallstát cónaithe agus láithreas fisiciúil ag an éisteacht os comhair chúirt an Bhallstáit ina bhfuil an cás á thabhairt? |
(4) |
Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist a tharchuirtear agus/nó ar an dara ceist a tharchuirtear, an iad údaráis inniúla an Bhallstáit amháin a bhféadfadh an fhís-chomhdháil a eagrú? |
(5) |
Má tá freagra diúltach ar an gceathrú ceist a tharchuirtear, an bhféadfadh cúirt an Bhallstáit a bhfuil an cás á thabhairt os a comhair dul i dteagmháil go díreach le cúisí atá i mBallstát eile agus an nasc a sheoladh chuige le ceangal leis an bhfís-chomhdháil? |
(6) |
An ea nach luíonn eagrú fís-chomhdhála nach bhfuil baint ag údaráis inniúla an Bhallstáit leis le caomhnú limistéar aonair saoirse, slándála agus ceartais an Aontais? |
(1) Tá ainm an cháis seo dlítheanach. Ní hionann é agus ainm aon pháirtí sna himeachtaí.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/16 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Bealtaine 2023 – LS v PL
(Cás C-291/23, Hantoch (1))
(2023/C 271/21)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Düsseldorf
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: LS
Cosantóir: PL
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil an léiriú ar Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 (2), maidir leis an gceist an raibh ann do shócmhainní de chuid an eastáit i mBallstát na cúirte a bhfuiltear os a comhair, bunaithe ar am an chomharbais nó ar an am a tionscnaíodh an chaingean?
(1) Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO 2012 L 201, lch. 107).
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/16 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 25 Bealtaine 2023 – DS v Pensionsversicherungsanstalt
(Cás C-323/23, Pensionsversicherungsanstalt)
(2023/C 271/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: DS
Cosantóir: Pensionsversicherungsanstalt
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 7 de Threoir 2004/38/CE (1) a léiriú sa chaoi nach bhfuil saoránach den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch i dteideal sochar cúnaimh shóisialta de réir bhrí na Treorach sin i gcás ina bhfuil sé ina chónaí sa Bhallstát óstach ar feadh níos mó ná trí mhí, ach níos lú ná cúig bliana, agus nach mbeadh a cheart cónaithe aige ach amháin go bhfuil sé ina chéile (Airteagal 2(2)(a) den Treoir) de shaoránach den Aontas atá fostaithe sa Bhallstát óstach (oibrí imirceach) (Airteagal 7(1)(d) den Treoir), cé nach bhfuil buncheart cónaithe aige féin faoi Airteagal 7(1)(a), (b) nó (c) den Treoir?
(1) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158, lch. 77).
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/17 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 25 Bealtaine 2023 – Sozialversicherungsanstalt der Selbständigen
(Cás C-329/23, Sozialversicherungsanstalt)
(2023/C 271/23)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Sozialversicherungsanstalt der Selbständigen
Páirtithe leasmhara: An Dr. W M, Bundesminister für Soziales, Gesundheit, Pflege und Konsumentenschutz
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An bhfuil rialacha dhlí an Aontais maidir leis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh i réimse na slándála sóisialta de réir Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (1), arna léamh i gcomhar le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (2), le cur i bhfeidhm maidir le cás ina dtugann saoránach den Aontas faoina ghníomhaíochtaí ceirde i mBallstát den Aontas Eorpach, i Stát CSTE LEE (Lichtinstéin) agus san Eilvéis ag an am céanna? I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1: |
2. |
An gciallaíonn cur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 883/2004, arna léamh i gcomhar le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, maidir le cás den sórt sin nach mór infheidhmeacht na reachtaíochta maidir le slándáil shóisialta a mheas ar bhonn leithleach i ndáil leis an ngaol idir Ballstát AE agus Stát CSTE LEE, ar thaobh amháin, agus i ndáil leis an gcaidreamh idir Ballstát AE agus an Eilvéis, ar an taobh eile, agus nach mór, dá réir sin, teastas ar leith a eisiúint maidir leis an reachtaíocht is infheidhme faoi leith? |
3. |
An bhfuil ann d’athrú sa ‘staid ábhartha’ de réir bhrí Airteagal 87(8) de Rialachán Uimh. 883/2004 i gcás ina gcuirtear tús le gníomhaíocht cheirde i Stát eile ina bhfuil an Rialachán sin infheidhme, fiú i gcás nach mbeadh ann d’athrú i dtaobh na reachtaíochta is infheidhme faoi Rialachán Uimh. 883/2004 ná faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (3) agus ina bhfuil an ghníomhaíocht chomh coimhdeach sin nach ndéantar ach tuairim is 3 % den ioncam iomlán aisti? An mbaineann sé le hábhar cé acu an gá, de réir bhrí an dara ceist, an comhordú ar an gcaidreamh déthaobhach idir na Stáit lena mbaineann roimhe seo, ar thaobh amháin, agus idir ceann de na Ballstáit lena mbaineann roimhe seo agus an Stát ‘eile’, ar an taobh eile, a dhéanamh ar bhonn leithleach? |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gCóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO 2009 L 284, lch. 1).
(3) Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle an 14 Meitheamh 1971 maidir le cur i bhfeidhm na gcóras slándála sóisialta maidir le daoine fostaithe agus a dteaghlaigh ag gluaiseacht dóibh sa Chomhphobal (IO 1971 L 149, lch. 2).
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/18 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 26 Bealtaine 2023 – MN v Qatar Airways
(Cás C-335/23, Qatar Airways)
(2023/C 271/24)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Frankfurt am Main
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir agus achomharcóir: MN
Cosantóir agus freagróir: Qatar Airways
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gcaithfear Rialachán (CE) 261/2004 (1) a léiriú sa chaoi go dtaistealaíonn an paisinéir saor in aisce faoin gcéad rogha in Airteagal 3(3) den Rialachán sin i gcás nach bhfuil air ach táillí agus cánacha eitlíochta amháin a íoc as an ticéad eitilte? |
2. |
I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1: An gcaithfear Rialachán (CE) 261/2004 a léiriú sa chaoi nach mbaineann sé le táille atá ar fáil (go hindíreach) don phobal de réir bhrí an dara rogha in Airteagal 3(3) den Rialachán i gcás inar cuireadh an eitilt in áirithe mar chuid d’fheachtas de chuid na haeriompróra a bhí teoranta ó thaobh ama agus cainníochta de agus nach raibh ar fáil ach do ghrúpa áirithe gairmiúil? |
3. |
I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 2 freisin agus go measfar go bhfuil Rialachán Uimh. 261/2004 infheidhme:
|
(1) Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/18 |
Caingean arna tabhairt an 30 Bealtaine 2023 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóvaice
(Cás C-341/23)
(2023/C 271/25)
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
Páirtithe sna himeachtaí
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Ioan agus R. Lindenthal, Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht na Slóvaice
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
a dhearbhú, toisc nár áirithigh Poblacht na Slóvaice, maidir leis an 11 líonadh talún dá dtagraítear san iarratas (Vlčie Hory, Bojná, Cuid B agus Cuid C — Céim I, Čadca –Podzávoz, Rajec – Šuja, Ružomberok – Biela Púť, Líonadh talún TKO Zubrohlava, Hnúšťa — Kotlište, Detva — Studienec Chéim II, Hontianske Tesáre, Hôrky — Pláne agus Stropkov — Chotča) gur cuireadh isteach na pleananna cóireála agus gach beart feabhais lena bhformheas ionas go bhféadfaí cinntí críochnaitheacha a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh oibriú an líonta talún leanúint ar aghaidh ar bhonn an phlean cóireála nó bearta a dhéanamh chun an líonadh talún a dhúnadh a luaithe ab fhéidir, nár chomhlíon sí a hoibleagáidí faoi Airteagal 14(a) agus (b) de Threoir 1999/31/CE (1) maidir le líonadh talún le dramhaíl; |
— |
a dhearbhú, toisc nár áirithigh Poblacht na Slóvaice gur glacadh bearta le haghaidh na ndeich líonadh talún a leagtar amach san iarratas a dhúnadh a luaithe agus ab fhéidir (Stupava – Žabáreň, Bobogdány, Prietrž, Veronika Dežerice, Landfill KO Duslo, Šahy – Holá Stráž, Židová – Vráble, Smutná, Hnúšťa – Branzová, Veľká Ves) nár chomhlíon Poblacht na Slóvaice a hoibleagáidí faoi Airteagal 14(b) de Threoir 1999/31/CE maidir le líonadh talún le dramhaíl; |
— |
a ordú do Phoblacht na Slóvaice na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí:
De réir Airteagal 14 de Threoir 1999/31, bhí ar Phoblacht na Slóvaice bearta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaí na láithreáin líonta talún atá ann cheana, i.e. ‘líonta talún ar deonaíodh ceadúnas ina leith nó a bhí i bhfeidhm cheana tráth thrasuí na Treorach seo’, a mheasúnú de réir cheanglais na Treorach agus go ndúnfaí iad a luaithe ab fhéidir nó go gcuirfí siad i gcomhréir leis an Treoir laistigh den idirthréimhse ocht mbliana a chuaigh in éag an 16 Iúil 2009.
Faoi Airteagal 14(a) den Treoir, ceanglaíodh ar Phoblacht na Slóvaice, laistigh de bhliain amháin ó theacht i bhfeidhm na reachtaíochta lena dtrasuitear an Treoir, a áirithiú go ndearna oibreoir an líonta talún plean cóireála don láithreán a ullmhú agus a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil lena fhormheas, lena n-áirítear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8, agus aon bhearta feabhais a mheasfaí a bheith riachtanach chun ceanglais na Treorach a chomhlíonadh. De bhun Airteagal 14(b) den Treoir, tar éis an plean cóireála sin don láithreán a chur isteach, ba cheart go mbeadh cinneadh críochnaitheach déanta ag na húdaráis inniúla, ar bhonn an phlean sin agus na Treorach, maidir le cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh oibriú an líonta talún leanúint ar aghaidh. Ina theannta sin, de bhun na habairte deiridh d’Airteagal 14(b) den Treoir, ba cheart go mbeadh na bearta is gá glactha ag Poblacht na Slóvaice, i gcomhréir le hAirteagal 7(g) agus Airteagal 13, chun na láithreáin líonta talún sin nár tugadh cead dóibh leanúint de bheith ag oibriú de bhun Airteagal 8 a dhúnadh a luaithe ab fhéidir.
Mhainnigh Poblacht na Slóvaice na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.
(1) Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO 1999 L 182, lch. 1).
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/19 |
Achomharc arna thabhairt an 8 Meitheamh 2023 ag Compagnie industrielle de la matière végétale (CIMV) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 29 Márta 2023 i gCás T-26/22, CIMV v an Coimisiún
(Cás C-366/23 P)
(2023/C 271/26)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: Compagnie industrielle de la matière végétale (CIMV) (ionadaithe: B. Le Bret, R. Rard agus P. Renié, avocats)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc seo in-ghlactha agus go bhfuil bunús leis; |
— |
an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní; |
— |
rialú críochnaitheach a thabhairt ar an tsubstaint, i gcomhréir le hAirteagal 61 de Reacht na Cúirte Breithiúnais agus, go príomha, an t-ordú atá á lorg ag CIMV sa chéad chéim a thabhairt nó, mar mhalairt rogha, Airteagal 3 den Chinneadh ón gCoimisiún a chur ar neamhní a mhéid a fhoráiltear leis do dhul i muinín forghníomhú riachtanach; |
— |
mar mhalairt rogha eile, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta; |
— |
a ordú don Choimisiún na costais go léir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena achomharc, ardaíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí:
Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus chuir sí na fíricí as a riocht agus measúnú á dhéanamh aici ar shárú ar phrionsabal chosaint an ionchais dhlisteanaigh, ós rud é gur cheart di a chinneadh go raibh an prionsabal sin á shárú ag an gCoimisiún Eorpach, i bhfianaise an ionchais dhlisteanaigh arna chruthú le freagra an Choimisiúin ar CIMV.
Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus chuir sí na fíricí as a riocht, ós rud é gur cheart di a chinneadh gur glacadh an cinneadh de shárú ar chearta na cosanta agus ar an gceart chun éisteacht a fháil, i bhfianaise gur mó a bhí idir scrúdú a dhéanamh ar an gcomhad, cumarsáid a dhéanamh go deireanach leis an achomharcóir agus glacadh an chinnidh.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/20 |
Ordú ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 17 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Stuttgart – an Ghearmáin) – Paypal (Europe) Sarl agus Cie, SCA v PQ
(Cás C-190/21 (1), PayPal)
(2023/C 271/27)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/20 |
Ordú ó Uachtarán an Dara Dlísheomra den Chúirt Bhreithiúnais an 16 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Cottbus – an Ghearmáin) – Stadt Frankfurt (Oder), FWA Frankfurter Wasser- und Abwassergesellschaft mbH v Landesamt für Bergbau, Geologie und Rohstoffe
(Cás C-723/21 (1), Stadt Frankfurt (Oder) agus FWA)
(2023/C 271/28)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/21 |
Ordú Uachtarán na Cúirte an 17 Márta 2023 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile
(Cás C-651/22) (1)
(2023/C 271/29)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/21 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 16 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóvaice
(Cás C-668/22) (1)
(2023/C 271/30)
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.
Chúirt Ghinearálta
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/22 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2023 – UG v an Coimisiún
(Cás T-571/17 RENV) (1)
(Státseirbhís - Baill foirne ar conradh - Conradh fostaíochta neamhiata - Foirceannadh conartha - Airteagal 47(c)(i) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach - Neamhinniúlacht ghairmiúil - Iompar sa tseirbhís agus dearcadh ar obair nach luíonn le leasanna na seirbhíse - Dualgas cúiseanna a lua - An ceart chun éisteacht a fháil - An ceart chun saoire tuismitheora - Airteagal 42a de na Rialacháin Foirne - Cur i bhfeidhm íoscheanglais Threoir 2010/18/AE agus Threoir 2002/14/CE - Airteagail 27, 30 agus 33 den Chairt um Chearta Bunúsacha - An ceart chun faisnéise agus comhairliúcháin le hoibrithe - Airteagal 24b de na Rialacháin Foirne - Earráid shoiléir mheasúnaithe - Cosaint i gcás dífhostú gan údar - Agóid teagmhasach i gcoinne gníomhartha cinntitheacha - Neamh-inghlacthacht - Prionsabal na comhréireachta - Mí-úsáid cumhachtaí - Dliteanas))
(2023/C 271/31)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: UG (ionadaí: M. Richard, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: L. Radu Bouyon, Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí an cinneadh an 17 Deireadh Fómhair 2016 lenar chuir an Coimisiún Eorpach deireadh lena chonradh mar chomhalta d'fhoireann an chonartha ar neamhní agus, ar an dara dul síos, go mbeadh cúiteamh aige as an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a mhaíonn sé a d'fhulaing sé mar thoradh ar an gcinneadh sin.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do UG agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc i gcásanna arna gclárú faoi T 571/17 agus C 249/20 P. |
3) |
I gcás uimhir T 571/17 RENV, ordaítear do UG a chostais féin agus trian de chostais an Choimisiúin a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/22 |
Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 14 Meitheamh 2023 – Stone Brewing v EUIPO – Molson Coors Brewing Company (UK) (STONE BREWING)
(Cás T-200/20) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh STONE BREWING - Focalmharc de chuid Aontais Eorpaigh níos luaithe STONES - Foras coibhneasta le diúltú - Fíorúsáid an mhairc níos luaithe - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) anois)
(2023/C 271/32)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Stone Brewing Co. LLC (Escondido, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: M. Kloth, R. Briske agus D. Habel, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Molson Coors Brewing Company (UK) Ltd (Burton Upon Trent, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: G. Orchison agus J. Abrahams, Dlíodóirí)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh Cheathrú Bord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 31 Eanáir 2020 (Cás R 1524/2018-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Stone Brewing Co. LLC chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Molson Coors Brewing Company (UK) Ltd a íoc. |
3. |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a chostais féin a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/23 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meitheamh 2023 –Polwax v an Coimisiún
(Cás T-585/20) (1)
(Iomaíocht - Comhchruinnithe - Margadh réamhtheachtach do chéir bhog - Margadh iartheachtach do chéiracha pairifín - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an tiúchan comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE - Easpa gealltanais i ndáil le soláthar céarach bhog - Éifeachtaí ingearacha - Foriamh an mhargaidh ionchuir)
(2023/C 271/33)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Polwax S.A. (Jasło, an Pholainn) (ionadaithe: E. Nessmann agus G. Duda, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: N. Khan, G. Meessen agus J. Szczodrowski, Gníomhairí)
Idiragraí mar thaca leis an gcosantóir: Polski Koncern Naftowy Orlen S.A. (Płock, an Pholainn) (ionadaí: M. Mataczyński, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCoimisiún an 14 Iúil 2020 (Cás M.9014) a chur ar neamhní, cinneadh a glacadh ar bhonn Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO 2004 L 24, lch. 1), lenar dhearbhaigh an Coimisiún Eorpach go bhfuil sé comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus d’Airteagal 57 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) maidir le comhchruinniú idir Polski Koncern Naftowy Orlen S.A. (‘Orlen’) agus Grupa Lotos S.A., faoi réir ghealltanais áirithe a bheith á gcomhlíonadh ag Orlen.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Polwax S.A. na costais a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/24 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meitheamh 2023 — Ryanair agus Airport Marketing Services Ltd v An Coimisiún
(Cás T-79/21) (1)
(Státchabhair - Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis an aerlíne Ryanair agus lena fhochuideachta Airport Marketing Services - Seirbhísí Margaíochta - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear go n-aisghabhálfaí í - Buntáiste - Critéir maidir le riachtanas iarbhír - Airteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha - An ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad - An ceart chun éisteacht a fháil)
(2023/C 271/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Ryanair DAC (Sord, Éire), Airport Marketing Services Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, F.-C. Laprévote, V. Blanc, S. Rating, I.-G. Metaxas-Maranghidis agus D. Pérez de Lamo, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, J. Carpi Badía agus C. Georgieva, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: Maceroni agus A.-L. Meyer, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh (AE) 2020/1671 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2019 maidir le Státchabhair SA.47867 2018/C (ex 2017/FC), arna cur chun feidhme ag an bhFrainc i bhfabhar Ryanair agus Airport Marketing Services ar neamhní (IO 2020 L 388, lch. 1).
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Ryanair DAC agus Airport Marketing Services Ltd a gcuid costas féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc; |
3) |
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a cuid costas féin a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/24 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meitheamh 2023 — Covington & Burling agus Van Vooren v An Coimisiún
(Cás T-201/21) (1)
(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha - Seasaimh ar leith arna nglacadh ag na Ballstáit - Diúltú rochtain a thabhairt - Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001 - Eisceacht maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta a chosaint - Coisteolaíocht - Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006)
(2023/C 271/35)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Covington & Burling LLP (Saint-Josse-ten-Noode, an Bheilg), Bart Van Vooren (Meise, an Bheilg) (ionadaí: P. Diaz Gavier, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: C. Ehrbar agus A. Spina, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí cinneadh intuigthe ón gCoimisiún Eorpach an 12 Márta 2021 agus cinneadh daingniúcháin C (2021) 2541 final an 7 Aibreán 2021 ón gCoimisiún ar neamhní, ar cinntí iad lenar diúltaíodh dá n-iarratas ar rochtain ar dhoiciméid a bhaineann le vótaí na mBallstát i nós imeachta coiste a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le speicis phlandaí ina bhfuil díorthaigh hiodrocsa-antraicéine.
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní gá breith a thabhairt a thuilleadh i leith an ordaithe atá á lorg sa chaingean le haghaidh neamhniú lena n-iarrtar go gcuirfí cinneadh intuigthe an 12 Márta 2021 lena ndiúltaítear rochtain ar neamhní; |
2) |
Cuirtear Cinneadh (2021) 2541 final ón gCoimisiún Eorpach an 7 Aibreán 2021 ar neamhní a mhéid a dhiúltaítear rochtain a thabhairt leis ar vótaí aonair ionadaithe na mBallstát de bhun an dara fomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin; |
3) |
Don chuid eile, déantar an chaingean a dhíbhe. |
4) |
Ordaítear don Choimisiún na costais a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/25 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meitheamh 2023 – Instituto Cervantes v an Coimisiún
(Cás T-376/21) (1)
(Conarthaí seirbhíse poiblí - Nós imeachta tairisceana - Seirbhísí oiliúna teanga a sholáthar d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh - Aicmiú tairgeora sa nós imeachta cascáide - Oibleagáid cúiseanna a lua - Codanna den tairiscint a bhfuil rochtain orthu trí nasc hipirtéacs - Earráidí follasacha measúnaithe - Mí-úsáid cumhachtaí)
(2023/C 271/36)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Instituto Cervantes (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: E. van Nuffel d’Heynsbroeck, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: M. Ilkova, Gníomhaire)
Idiragraí chun tacú leis an iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaí: I. Herranz Elizade, Gníomhaire)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 19 Aibreán 2021 lenar bhronn sé mír Uimh. 3 (Spáinnis) den chonradh a bhaineann le creatchonarthaí d’oiliúint teanga d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (HR/2020/OP/0014) sa chéad áit, ar an gcuibhreannas CLL Centre de Langues-Allingua agus sa dara háit ar an iarratasóir, a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Instituto Cervantes a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
3. |
Ordaítear do Ríocht na Spáinne a costais féin a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/26 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2023 — Hangzhou Dingsheng Industrial Group agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-748/21) (1)
(Dumpáil - Síneadh ar an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh na Síne chuig allmhairí scragall alúmanaim áirithe a choinsínítear ón Téalainn - Imscrúdú frith-imchéimniúcháin - Imchéimniú in aghaidh imchéimniúchán - Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1036 - Fianaise leordhóthanach - Earráid fhollasach measúnaithe - An oibleagáid cúiseanna a lua)
(2023/C 271/37)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Hangzhou Dingsheng Industrial Group Co., Ltd, (Hangzhou, an tSín), Dingheng New Materials Co., Ltd, (Rayong, an Téalainn), Thai Ding Li New Materials Co., Ltd, (Rayong), (ionadaithe: G. Coppo agus G. Pregno, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach, (ionadaí: P. Němečková, Gníomhaire),
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1474 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2021 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chuig allmhairí scragall alúmanaim áirithe a choinsínítear ón Téalainn, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Téalainne iad nó ná dearbhaítear a chur ar neamhní (IO 2021 L 325, lch. 6).
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean; |
2. |
Ordaítear do Hangzhou Dingsheng Industrial Group Co., Ltd, Dingheng New Materials Co., Ltd agus Thai Ding Li New Materials Co., Ltd, chun a gcostais féin a íoc agus chun na costais a thabhaíonn an Coimisiún Eorpach a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/26 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2023 – Ioulia and Irene Tseti Pharmaceutical Laboratories v EUIPO – Arbora & Ausonia (InterMed Pharmaceutical Laboratories eva intima)
(Cásanna Uamtha T-197/22 agus T-198/22) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharcanna fíoraithe de chuid an Aontais Eorpaigh InterMed Pharmaceutical Laboratories eva intima - Focalmharcanna níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh agus náisiúnta ‘EVAX’ - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 271/38)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Ioulia and Irene Tseti Pharmaceutical Laboratories SA (an Aithin, an Ghréig) (ionadaithe: C. Chrysanthis, P.-V. Chardalia agus A. Vasilogamvrou, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Arbora & Ausonia, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)
Ábhar:
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí na cinntí ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Márta 2022 (Cás R 1244/2021-1 agus Cás R 1245/2021-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Cuirtear cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Márta 2022 (Cás R 1244/2021-1) ar neamhní chomh fada agus a bhaineann sé leis na táirgí ‘ullmhóidí leithris; ullmhóidí glantacháin coirp; ullmhóidí glantacháin’ in Aicme 3, agus na táirgí ‘ullmhóidí sláinteachais; táirgí sláinteachais le haghaidh leighis’, in Aicme 5. |
2) |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean i gCás T-197/22. |
3) |
Cuirtear an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 1 Márta 2022 (Cás R 1245/2021-1) ar neamhní. |
4) |
Ordaítear do gach páirtí i gCás T-197/22 a chostais féin a íoc. |
5) |
I gCás T-198/22, ordaítear doEUIPO agus Arbora & Ausonia, SL na costais arna dtabhú ag Ioulia and Irene Tseti Pharmaceutical Laboratories SA a íoc; |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/27 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2023 – Rauch Furnace Technology v EUIPO – Musto et Bureau (Breogán)
(Cás T-347/22) (1)
(Dearadh comhphobail - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh Comhphobail lena léirítear breogán - Dearadh níos luaithe - Cúis lena neamhbhailiú - Easpa saincháilíochta - Easpa tuiscint fhoriomlán éagsúil - Nochtadh an dearaidh níos luaithe - Airteagail 6, 7 agus 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Fianaise a comhdaíodh i dteanga nach teanga an cháis í - Airteagal 29(1) agus (5) agus Airteagal 81(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 - Fíorais ar braitheadh orthu nó fianaise a cuireadh faoi bhráid an Bhoird Achomhairc den chéad uair - Airteagal 63 de Rialachán Uimh. 6/2002)
(2023/C 271/39)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Rauch Furnace Technology GmbH (Gmunden, an Ostair) (ionadaí: M. Traxler, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus D. Hanf, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Musto et Bureau Srl (Osteria Grande, an Iodáil) (ionadaí: F. De Sanzuane, Dlíodóir)
Ábhar:
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Márta 2022 (Cás R 1697/2021-3) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Rauch Furnace Technology GmbH a chostais féin agus iad siúd arna dtabhú ag Musto et Bureau Srl a íoc; |
3) |
Ordaítear d'Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/28 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2023 – International British Education XXI v EUIPO – Saint George’s School (IBE ST. GEORGE’S)
(Cás T-438/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘IBE ST. GEORGE’S’ - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe ‘ST. GEORGE’S SCHOOL’ - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 271/40)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: International British Education XXI SL (Madrid, an Spáinn) (ionadaí: N. Fernández Fernández-Pacheco, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Crespo Carrillo, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Saint George’s School SL (Fornells de la Selva, an Spáinn) (ionadaí: R. Guerras Mazón, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh an Cheathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Bealtaine 2022 (R 2226/2020-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear d’International British Education XXI SL a chuid costas féin agus na costais arna dtabhú ag Saint George’s School SL a íoc; |
3) |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a chuid costas féin a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/28 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meitheamh 2023 – Corver v EUIPO (CHR ME)
(Cás T-446/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh CHR ME - Dearbhfhoras neamhbhailíochta - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 271/41)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Serge-Paul Corver (Lanaken, an Bheilg) (ionadaí: C. König, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus M. Eberl, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Márta 2022 (Cás R 2082/2021-2) a chur ar neamhní i bpáirt.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Serge-Paul Corver agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/29 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2023 — Vitromed v EUIPO — Vitromed Healthcare (VITROMED Germany)
(Cás T-514/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais ‘VITROMED Germany’ - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an marc fíortha níos luaithe ‘VITROMED’ - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 271/42)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Vitromed GmbH (Jena, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Linß, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Walicka agus E. Nicolás Gómez, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Vitromed Healthcare (Jaipur, an India) (ionadaí: S. Eble, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh an Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Meitheamh 2022 (Cás R 1670/2021-2) a chur ar neamhní nó a athrú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
2) |
Ordaítear do Vitromed GmbH a chuid costas féin agus na costais arna dtabhú ag Vitromed Healthcare a íoc. |
3) |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a cuid costas féin a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/30 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Meitheamh 2023 – Spreewood Distillers v EUIPO – Radgonske gorice (STORK)
(Cás T-433//22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘STORK’ - Focalmharc náisiúnta níos luaithe ‘GOLDEN STORK’ - Cúis choibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Caingean gan bunús sa dlí go follasach)
(2023/C 271/43)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Spreewood Distillers GmbH (Schlepzig, an Ghearmáin) (ionadaithe: O. Spieker agus D. Mienert, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: N. Lamsters agus T. Frydendahl, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Radgonske gorice d.o.o. (Gornja Radgona, an tSlóivéin)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 de CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Bealtaine 2022 (Cás R 1782/2021-5).
An chuid oibríochtúil
(1) |
Diúltaítear don chaingean. |
(2) |
Ordaítear do gach páirtí a costais féin a íoc. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/30 |
Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 – Institut Jožef Stefan v an Coimisiún
(Cás T-134/23)
(2023/C 271/44)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Institut Jožef Stefan (Liúibleána, an tSlóivéin) (ionadaí: A. Bochon, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil an chaingean in-ghlactha; |
— |
go gcuirfí ar neamhní an cinneadh an 3 Eanáir 2023 arna ghlacadh ag Coiste Athbhreithnithe an Choimisiúin Eorpaigh lena ndiúltaítear do thogra an iarratasóra agus do thagairt EDF-2021-MCBRN-R-CBRNDIM-101075036-PANDORA air, arna thaisceadh i gcomhthéacs ghlao ar thograí EDF-2021-MCBRN-R faoi chlár an Chiste Eorpaigh Cosanta ar na forais go ndearna an Coimisiún Eorpach earráid fhollasach mheasúnaithe, gur sháraigh sé an oibleagáid réasúin a shonrú faoi Airteagal 296 CFAE, gur sháraigh sé prionsabal an dea-riaracháin agus gur sháraigh sé an ceart chun éisteacht a fháil; |
— |
a ordú don Choimisiún Eorpach costais dlí agus táillí an iarratasóra i leith na n-imeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
(1) |
An chéad saincheist dlí: earráid fhollasach mheasúnaithe:
|
(2) |
An dara saincheist dlí: sárú ar an oibleagáid réasúin a shonrú:
|
(3) |
An tríú saincheist dlí: sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin:
|
(4) |
An ceathrú saincheist dlí: sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil:
|
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/32 |
Caingean arna tabhairt an 16 Bealtaine 2023 – WT v an Coimisiún
(Cás T-282/23)
(2023/C 271/45)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: WT (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
An cinneadh lenar diúltaíodh an iarraidh ar chruinniú ranníocaíochta faoi Airteagal 11(2) agus (3) d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh arna n-eisiúint ag an Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla PMO/2 — Pinsin an 4 Lúnasa 2022 a chur neamhní trí ‘Tag. PMO 2, TFT IN, 2833610500, Pers. Nr: 336105’; |
— |
Cinneadh AECE (an tÚdarás ceapacháin agus an t-údarás arna chumhachtú chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích) an 13 Feabhra 2023, ar tugadh fógra ina leith an lá céanna, lena dhíbhtear don achomharc (Uimh. R/496/22) arna thabhairt faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, a chur ar neamhní i gcoinne chinneadh an 4 Lúnasa 2022; |
— |
A ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 11(II) d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh sa mhéid is go leagtar síos an tréimhse sé mhí go heisiach trí fhorálacha cur chun feidhme agus nach bhforchuirtear le haon fhoráil de na Rialacháin Foirne. Ardaíonn an t-iarratasóir saincheist neamhdhleathachta freisin faoi Airteagal 277 CFAE maidir le forálacha ginearálta cur chun feidhme ar an bhforas go bhfuil sé contrártha le rialacha níos airde. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí maidir le léirmhíniú choincheap force majeure agus forálacha airgeadais agus sárú ar an dualgas aird a thabhairt ar leas na n-oifigeach agus ar phrionsabal na comhréireachta. Ní féidir a shéanadh gurb ionann paindéim COVID-19 agus imeacht atá chomh aimhrialta agus nach féidir a thuar, as a n-eascraíonn fiú éifeachtaí eisginiúla suaiteacha ar bhainistiú agus ar phleanáil a ghníomhaíochtaí laethúla, lena n-áirítear, mar atá i gcás an iarratasóra, iarraidh ar chruinniú ranníocaíochta a chur isteach, tar éis na tréimhse sé mhí. Go deimhin, sa chás seo, is ann d’fhachtóirí suibiachtúla agus oibiachtúla araon, rud a fhágann gur féidir force majeure a agairt. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/32 |
Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 – Sber v BRA
(Cás T-290/23)
(2023/C 271/46)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sber Vermögensverwaltungs AG (Vín, an Ostair) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)
Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (BRA)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
ar an gcéad dul síos, cinneadh ó BRA an 28 Iúil 2022, i ndáil le hiarratas an iarratasóra ar rochtain ar dhoiciméid, a chur ar neamhní; |
— |
ar an dara dul síos, cinneadh ó Phainéal BRA um Achomharc an 8 Márta 2023 i gCás 4/2022 a chur ar neamhní, a mhéid a bhfuil cinntí sa chinneadh sin atá dochrach don iarratasóir; |
— |
ar an tríú dul síos, an freagra diúltach, de réir Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, (1) 15 lá oibre i ndiaidh Chinneadh an Phainéil um Achomharc, a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
(1) |
An chéad saincheist dlí: tá cinneadh BRA dar dáta an 28 Iúil 2022 i ndáil le hiarratas an iarratasóra ar rochtain ar dhoiciméid (‘an chéad chinneadh’) neamhdhleathach.
|
(2) |
An dara saincheist dlí: tá Cinneadh an Phainéil um Achomharc neamhdhleathach ar na cúiseanna seo a leanas.
|
(3) |
An tríú saincheist dlí: tá an freagra a bhí diúltach go hintuigthe neamhdhleathach.
|
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/34 |
Caingean arna tabhairt an 13 Meitheamh 2023 – Meta Platforms Ireland v BECS
(Case T-325/23)
(2023/C 271/47)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: H.-G. Kamann, F. Louis, M. Braun agus A. Vallery, Dlíodóirí, P. Nolan, B. Johnston, C. Monaghan, L. Joyce agus D. Breatnach, Aturnaetha, D. McGrath, SC, agus E. Egan McGrath, Abhcóide)
Cosantóir: an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
go gcuirfí ar neamhní ‘Cinneadh Ceangailteach 1/2023 maidir leis an díospóid arna taisceadh ag údarás maoirseachta na hÉireann maidir le haistrithe sonraí ag Meta Platforms Ireland Limited le haghaidh a sheirbhís Facebook (Airteagal 65 de RCGS)’ ó BECS arna ghlacadh an 13 Aibreán 2023, ina iomláine, nó, mar mhalairt rogha, na codanna ábhartha de; |
— |
a ordú don Chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí.
(1) |
An chéad saincheist dlí: sáraítear le hAirteagal 65(1)(a) de RCGS an smacht reachta, Airteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), agus Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) agus tá sé neamhdhleathach agus neamhbhailí mar sin. |
(2) |
An dara saincheist dlí: sháraigh BECS a inniúlacht faoi Airteagal 65 de RGCS. |
(3) |
An tríú saincheist dlí: sháraigh BECS an ceart chun dea-riaracháin a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt. |
(4) |
An ceathrú saincheist dlí: mhainnigh BECS gníomhú mar chomhlacht neamhchlaonta de shárú ar Airteagal 41 den Chairt. |
(5) |
An cúigiú saincheist dlí: maidir le treoir BECS do CCS a ordú do Meta Ireland oibríochtaí próiseála a chur ag luí le Caibidil V de RGCS (i) sáraítear leis an treoir sin na prionsabail impossibilium nulla obligatio est agus ultra posse nemo obligatur; (ii) sáraítear leis an treoir sin prionsabal na deimhneachta dlíthiúla; (iii) níl bunús dlí leis an treoir sin; (iv) sáraítear leis an treoir sin Airteagal 45(5) de RGCS agus Airteagal 288(4) CFAE; agus (v) sáraítear leis an treoir sin prionsabal na comhréireachta. |
(6) |
An séú saincheist dlí: sháraigh BECS an tsaoirse chun gnó a sheoladh atá ag Meta Ireland faoi Airteagal 16 den Chairt. |
(7) |
An seachtú saincheist dlí: sháraigh BECS an ceart chun maoine atá ag Meta Ireland faoi Airteagal 17 den Chairt. |
(8) |
An t-ochtú saincheist dlí: sháraigh BECS an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar atá ag Meta Ireland faoi Airteagal 56 CFAE. |
(9) |
An naoú saincheist dlí: sháraigh BECS Airteagal 83 de RGCS agus roinnt bunphrionsabail lena rialaítear socrú fíneálacha faoi RGCS. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/35 |
Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2023 – Tyczka v EUIPO (READYPACK)
(Cás T-330/23)
(2023/C 271/48)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Tyczka GmbH (Geretsried, an Ghearmáin) (Ionadaí: M. Knitter, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘READYPACK’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 512 637
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 17 Aibreán 2023 i gCás R 2274/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) agus Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) agus Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/35 |
Caingean arna tabhairt an 19 Meitheamh 2023 – MPM-Quality v EUIPO – Elton Hodinářská (PRIM)
(Cás T-333/23)
(2023/C 271/49)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an tSeicis
Páirtithe sna himeachtaí
Iarratasóir: MPM-Quality v.o.s. (Frýdek-Místek, Poblacht na Seice) (ionadaí: M. Kyjovský, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Elton Hodinářská a.s. (Nové Město nad Metují, Poblacht na Seice)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘PRIM’ – Iarratas ar chlárú Uimh 12 030 441
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh an Dara Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 27 Márta 2023 i gCásanna Uamtha R 1308/2022-2 agus R 1325/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
codanna oibríochtúla I., II., IV. agus V. den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/36 |
Caingean arna tabhairt an 19 Meitheamh 2023 – Next Media Project v EFCA
(Cás T-338/23)
(2023/C 271/50)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Next Media Project, SLU (Barcelona, an Spáinn) (ionadaithe: R. Simar agus L. Trefon, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach an 8 Meitheamh 2023, lenar dhiúltaigh sí do thairiscint Next Media Project, a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir gur mhainnigh an cosantóir déanamh de réir phointí 12.2 agus 29.3 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán 2018/1046, (1) lena shonraíochtaí (Airteagal 3.4.2 de shonraíochtaí speisialta EFCA/2022/OP/0004) agus de réir a dhualgais cúraim agus críochnúlachta; áitítear sa bhreis go ndearna an cosantóir earráid fhollasach mheasúnaithe.
— |
Féachtar leis an bhforas dlí le léiriú go raibh tairiscint an iarratasóra le cur san áireamh ag an bpáirtí freasúrach, toisc nach bhfuil an tairiscint sin faoi smál neamhrialtachta, de réir bhrí phointe 12.2 d’Iarscríbhinn 1 de Rialachán 2018/1046 thuasluaite. |
(1) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/36 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 12 Meitheamh 2023 – Argyraki v an Coimisiún
(Cás T-679/19) (1)
(2023/C 271/51)
Teanga an cháis: an Fhraincis
D’ordaigh Uachtarán an Deichiú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/37 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Meitheamh 2023 – D&G Laboratories v EUIPO – Holpindus (aleva NATURALS)
(Cás T-28/23) (1)
(2023/C 271/52)
Teanga an cháis: an Béarla
D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.