ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 268

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
31 Iúil 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2023/C 268/01

Fógra le haghaidh daoine agus eintiteas áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

1

2023/C 268/02

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1567 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1564 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

2

2023/C 268/03

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí sin a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

3

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 268/04

Rátaí malairte an euro — 28 Iúil 2023

5


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 268/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11170 – VERITAS / EIM / PATIENT SQUARE / SYNEOS HEALTH) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

6

2023/C 268/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11210 – ACCIONA CONCESIONES / COBRA / ENDEAVOUR / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

8

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 268/07

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú é ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

10

2023/C 268/08

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

18


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 268/1


Fógra le haghaidh daoine agus eintiteas áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

(2023/C 268/01)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas chuig Rosario María MURILLO Zambrana, dá ngairtear freisin: Rosario María MURILLO DE ORTEGA (uimh. 7), Gustavo Eduardo PORRAS CORTÉS (uimh. 8), Fidel de Jesús DOMÍNGUEZ ÁLVAREZ (uimh. 11), Brenda Isabel ROCHA Chacón (uimh. 17), Cairo Melvin AMADOR ARRIETA (uimh. 18), Lumberto Ignacio CAMPBELL HOOKER (uimh. 19), Nicaraguan Institute of Telecommunications and Postal Services (uimh. 3), daoine agus eintiteas atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720 (1) ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 (2) ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

Tá sé ar intinn ag an gComhairle na bearta sriantacha i gcoinne na ndaoine agus an eintitis thuasluaite a choinneáil bunaithe ar ráitis leasaithe ar chúiseanna. Cuirtear in iúl do na daoine agus don eintiteas sin, leis seo, go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an ráiteas ar chúiseanna atá beartaithe lena n-ainmniú a choinneáil a fháil, faoin 7 Lúnasa 2023, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Féadfaidh na daoine agus an t-eintiteas lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chuig an seoladh thuas, maille le haon doiciméadacht tacaíochta, go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh iad a chur agus a choinneáil ar an liosta. Déanfar na hiarrataí sin a mheas ach a bhfaighfear iad. I ndáil leis an méid sin, tugtar ar aird na ndaoine lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta de réir Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle.


(1)  IO L 262, 15.10.2019, lch. 58.

(2)  IO L 262, 15.10.2019, lch. 1.


31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 268/2


Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1567 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1564 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

(2023/C 268/02)

Dírítear aird na ndaoine a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1567 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán (AE) 2023/1564 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine sin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/788/CBES agus i Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Tugtar na forais leis na daoine sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 1 Meán Fómhair 2023, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË/AN BHEILG

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críche an chéad athbhreithnithe eile ón gComhairle, de bhun Airteagal 9 de Chinneadh 2010/788/CBES.

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 336, 21.12.2010, lch. 30.

(2)  IO L 190I, 28.7.2023, lch. 28.

(3)  IO L 193, 23.7.2005, lch. 1.

(4)  IO L 190I, 28.7.2023, lch. 9.


31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 268/3


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí sin a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

(2023/C 268/03)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála seo Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle (2), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1567 ón gComhairle (3), agus Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1564 ón gComhairle (5) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh – agus Ard-Stiúrthóir RELEX (Gnóthaí Eachtracha) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son – rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo; is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2010/788/CBES, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1567 agus Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1564.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2010/788/CBES agus i Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis na forais maidir leis an liostú.

Is iad na Cinntí ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 29 CAE agus Rialacháin ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil is bunús dlí do láimhseáil sonraí pearsanta.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna gníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán(AE) 2018/1725.

Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faighteoirí na sonraí pearsanta.

Coimeádfar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs bhearta sriantacha uathrialacha an Aontais go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir reo sócmhainní nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coimeádann an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a chláraíonn an Chomhairle chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe arna dhéanamh ag an gComhairle nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta i ndáil le beartas an Aontais i dtaca le bearta sriantacha.

In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí, tá aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta bunaithe ar an gcoinníoll nó na coinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:

gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí;

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Níl aon chinnteoireacht uathoibrithe i gceist agus sonraí pearsanta an ábhair sonraí á bpróiseáil.

Tá an ceart chun faisnéise ag ábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an phróiseáil sin a shrianadh.

Is féidir le hábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a sheoladh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar a léirítear thuas.

I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad aitheantais (cárta aitheantais nó pas) a sholáthar chun a gcéannacht a dheimhniú. Ba cheart uimhir aitheantais, tír eisiúna, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad aitheantais, mar shampla grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).

Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús leis an scéal a leigheas trí dhul i dteagmháil leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 336, 21.12.2010, lch. 30.

(3)  IO L 190 I, 28.7.2023, lch. 28.

(4)  IO L 193, 23.7.2005, lch. 1.

(5)  IO L 190 I, 28.7.2023, lch. 9.


An Coimisiún Eorpach

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 268/5


Rátaí malairte an euro (1)

28 Iúil 2023

(2023/C 268/04)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1010

JPY

yen na Seapáine

153,35

DKK

krone na Danmhairge

7,4527

GBP

punt steirling

0,85560

SEK

krona na Sualainne

11,5545

CHF

franc na hEilvéise

0,9554

ISK

króna na hÍoslainne

144,90

NOK

krone na hIorua

11,1680

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,028

HUF

forint na hUngáire

383,26

PLN

zloty na Polainne

4,4113

RON

leu na Rómáine

4,9308

TRY

lira na Tuirce

29,6771

AUD

dollar na hAstráile

1,6508

CAD

dollar Cheanada

1,4553

HKD

dollar Hong Cong

8,5865

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7855

SGD

dollar Shingeapór

1,4653

KRW

won na Cóiré Theas

1 406,73

ZAR

rand na hAfraice Theas

19,4309

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,8799

IDR

rupiah na hIndinéise

16 620,44

MYR

ringgit na Malaeisia

5,0145

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,405

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,852

BRL

real na Brasaíle

5,1996

MXN

peso Mheicsiceo

18,3975

INR

rúipí na hIndia

90,5010


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 268/6


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11170 – VERITAS / EIM / PATIENT SQUARE / SYNEOS HEALTH)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 268/05)

1.   

An 20 Iúil 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Veritas Capital Fund Management, L.L.C (‘Veritas’, na Stáit Aontaithe), faoi ralú Veritas Manager Holdings,

Elliott Investment Management L.P. (‘EIM’, na Stáit Aontaithe),

Patient Square Capital L.P. (‘Patient Square’, na Stáit Aontaithe),

Syneos Health, Inc. (‘Syneos Health’, na Stáit Aontaithe).

Gheobhaidh Veritas, EIM agus Patient square comhrialú ar Syneos Health de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is ciste cothromais phríobháidigh é Veritas a infheistíonn i gcuideachtaí a sholáthraíonn táirgí criticiúla, bogearraí agus seirbhísí, go príomha teicneolaíocht agus réitigh teicneolaíocht-chumasaithe, do rialtais agus custaiméirí tráchtála ar fud an domhain,

Is cuideachta bainistíochta infheistíochta é EIM a gcuimsítear cothromas príobháideach agus creidmheas príobháideach, urrúis shuaite, fiachas neamhbhroide, falúchán/arbatráiste, urrúis a bhaineann le heastát réadach, trádáil tráchtearraí agus cosaint luaineachta punainne ina straitéisí trádála atá dírithe ar chothromas,

Is gnólacht infheistíochta tiomnaithe i gcúram sláinte é Patient Square,

Is eagraíocht dhomhanda taighde ar conradh agus tráchtálaithe seachfhoinsithe é Syneos Health a sholáthraíonn seirbhísí do ghnólachtaí cógaisíochta agus do ghnólachtaí biteicneolaíochta.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11170 – VERITAS / EIM / PATIENT SQUARE / SYNEOS HEALTH

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 268/8


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11210 – ACCIONA CONCESIONES / COBRA / ENDEAVOUR / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 268/06)

1.   

An 24 Iúil 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Acciona Concesiones S.L. (‘Acciona Concesiones’, an Spáinn), cuid den ghrúpa Acciona S.A. (an Spáinn),

Cobra Instalaciones y Servicios, S.A. (‘Cobra’, an Spáinn), atá faoi rialú deiridh Vinci S.A. (an Fhrainc),

Endeavour Energy (‘Endeavour’, an Astráil),

Cuideachta nuachruthaithe (‘JV’, an Astráil).

Gheobhaidh Acciona Concesiones, Cobra agus Endeavour rialú comhpháirteach ar JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is é Acciona Concesiones brainse infheistíochta Acciona atá speisialaithe i bhforbairt, tógáil, oibriú agus cothabháil tionscadal comhpháirtíochta poiblí príobháidí bonneagair faoi shocruithe maidir le lamháltas in earnálacha, mar shampla, earnáil an iompair, earnáil an chúraim sláinte, earnáil na hinbhuanaitheachta, agus earnáil na teileachumarsáide,

Soláthraíonn Cobra réitigh chomhtháite i réimsí an fhuinnimh, na hinnealtóireachta tionsclaíche, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh in-athnuaite, agus go háirithe i bhforbairt tarchuir, san Eoraip go príomha,

Tá Endeavour gníomhach san earnáil dáileacháin leictreachais san Astráil.

3.   

Is iad na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheidh i ngníomhaíochtaí gnó an JV nuabhunaithe:

Tionscadal a chur i gcrích a bhaineann le dearadh, tógáil, maoiniú, oibriú, cothabháil, bainistiú sócmhainní agus aischur bonneagair líonra tarchurtha leictreachais don Chrios Fuinnimh In-athnuaite Lár-Iarthar Orana in New South Wales (an Astráil).

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11210 – ACCIONA CONCESIONES / COBRA / ENDEAVOUR / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 268/10


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú é ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2023/C 268/07)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiú (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

‘Ribera del Duero’

PDO-ES-A0626-AM06

Dáta teachtaireachta: 23 Bealtaine 2023

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Leasú ar na saintréithe orgánaileipteacha

Tuairisc

Rinneadh roinnt leasuithe ar thuairiscí orgánaileipteacha na bhfíonta cosanta a tháirgtear agus a chuirtear ar an margadh. Ina theannta sin, tháinig méadú ar líon na gcineálacha fíonta, agus na cineálacha sin éagsúil óna chéile i dtéarmaí orgánaileipteacha go docht.

Leasaíodh Roinn 2(b) den tsonraíocht agus pointe 4 den doiciméad aonair.

Is leasú caighdeánach é seo. Ní bhaineann sé le hathrú ar shaintréithe an táirge a leagtar amach sa roinn Nasc. Ní dhearnadh ach feabhas a chur ar thuairisc ar an saintréithe sin. Ní chomhfhreagraíonn an leasú sin d’aon chineál leasuithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 105(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, CMO aonair.

Cúis

Rinneadh an tuairisc níos beaichte chun na saintréithe orgánaileipteacha sa tsonraíocht a chumhdach, saintréithe atá sna fíonta a tháirgtear agus a chuirtear ar an margadh. Is é is aidhm dó anailís chéadfach a éascú agus critéir ISO 17025 á n-úsáid.

2.   Ceartúchán ar earráid sa roinn maidir le cleachtais fíoneolaíochta (Coinníollacha le haghaidh fíonta a aosú)

Tuairisc

Cuimsiú an téarma traidisiúnta ‘Crianza’ sa roinn a bhaineann le tús na tréimhse aosaithe íosta is gá chun an téarma sin a úsáid.

Leasaíodh Roinn 3(b)(2) den tsonraíocht. Ní dhéantar aon difear don doiciméad aonair.

Is leasú caighdeánach é toisc nach ndéantar ach easnamh neamhbheartaithe a cheartú. Ní chomhfhreagraíonn sé d’aon chineál leasuithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 105.2 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, CMO aonair.

Cúis

Ceartúchán ar easnamh i leagan na sonraíochta roimhe seo.

3.   Leasú ar na cleachtais fíoneolaíochta (Srianta maidir le fíonóireacht)

Tuairisc

Scriosadh an ceanglas go mbeadh 95 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear chun fíonta dearga a tháirgeadh de chineálacha dearga. Dá dheasca sin, níl méid chineál geal Albillo Mayor teoranta a thuilleadh do 5 %. Ina ionad sin, is féidir suas le 25 % de na fíonchaora a úsáidtear chun fíonta dearga a dhéanamh a bheith den chineál sin. Leanann an íosmhéid de 75 % don phríomhchineál: Tempranillo, Tinto Fino nó Tinta del País. Ar an mbealach sin, coinnítear saintréithe an táirge a leagtar amach sa tsonraíocht.

Leasaíodh Roinn 3(c) den tsonraíocht agus pointe 5.1 den doiciméad aonair.

Níor athraigh bun-saintréithe an táirge mar a leagtar amach sa tsonraíocht, atá de thoradh na hidirghníomhaíochta idir tosca nádúrtha agus daonna. Dá bhrí sin, ní chomhfhreagraíonn an leasú sin d’aon chineál leasuithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 105(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, CMO aonair.

Cúis

Meastar gur feabhsú i dtéarmaí fíoneolaíochta é, chun saintréithe orgánaileipteacha áirithe fíonta dearga a fheabhsú, saintréithe a bhaineanna lena ndea-bholaithe agus lena mblasanna.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Ribera del Duero

2.   Cineál táisc gheografaigh

ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

1.   ‘VINO TINTO JOVEN’ agus ‘JOVEN ROBLE’

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

‘JÓVENES’ [óg] (gan aosú nó aosú agus/nó coipeadh sa bhairille ar feadh níos lú ná 3 mhí). Cuma: glan, agus déine datha mheasartha ar a laghad agus imireacha idir corcra-dhearg agus corcairghorm-dhearg. Dea-bholadh: láithreacht dea-bholaithe torthaí dearga agus/nó dubha úra de dhéine mheasartha. Blas: cothromaithe agus úr a bhuí leis an aigéadacht, agus tathag éadrom nó measartha. Méid áirithe marthanachta i gcónaí.

‘JÓVENES’ NÍOS MÓ NÁ 2 BHLIAIN D’AOIS. Cuma: glan agus imireacha idir corcairghorm-dhearg agus dearg an ghairnéid. Dea-bholadh: láithreacht dea-bholaithe torthaí dearga agus/nó dubha úra de dhéine mheasartha. Blas: cothromaithe agus úr a bhuí leis an aigéadacht, agus tathag éadrom nó measartha. Méid áirithe marthanachta i gcónaí.

‘JÓVENES ROBLE’ (le haosú agus/nó coipeadh sa bhairille ar feadh níos mó ná 3 mhí). Cuma: glan, agus déine datha mheasartha ar a laghad agus imireacha idir dearg an ghairnéid agus corcairghorm-dhearg. Dea-bholadh: láithreacht dea-bholaithe torthaí dearga agus/nó dubha in éineacht le dea-bholaithe ó aosú darach. Blas: cothromaithe agus úr a bhuí leis an aigéadacht, agus tathag measartha ar a laghad. Méid áirithe marthanachta i gcónaí.

(*)

0,833 milleachoibhéis in aghaidh an lítir in aghaidh gach céim de neart alcóil le haghaidh fíonta atá suas le bliain amháin d’aois. Níor cheart d’fhíonta atá níos mó ná bliain d’aois an teorainn a ríomhtar mar a leanas a shárú: 1 ghram amháin in aghaidh an lítir suas go 10 % neart alcóil, ag méadú 0,06 gram in aghaidh an lítir in aghaidh gach céim os cionn 10 %.

In aon chás, ní mór do na paraiméadair fhisiceacha agus cheimiceacha a shuitear sa roinn seo na teorainneacha bunaithe i rialacha an Aontais a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11,5

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

2.   FÍON DEARG ‘CRIANZA’

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

‘CRIANZA’. Cuma: glan, agus déine datha mheasartha ar a laghad agus imireacha idir dearg an ghairnéid agus corcairghorm-dhearg. Gan dé-ocsaíd charbóin. Dea-bholadh: láithreacht dea-bholaithe torthaí dearga agus/nó dubha in éineacht le dea-bholaithe ó aosú darach, go céim mheasartha ar a laghad. Blas: cothromaithe, agus úire leordhóthanach aigéid, tathag idir measartha agus lán agus iarbhlas idir measartha agus fada.

FÍONTA ‘CRIANZA’ ATÁ NÍOS MÓ NÁ 3 BLIANA D’AOIS. Cuma: glan agus imireacha idir dath an rúibín agus scothdhearg-chorcra. Gan dé-ocsaíd charbóin. Dea-bholadh: láithreacht dea-bholaithe torthaí dearga agus/nó dubha in éineacht le dea-bholaithe ó aosú darach, go céim mheasartha ar a laghad. Blas: cothromaithe, agus úire leordhóthanach aigéid, agus méid áirithe tathaig agus faid ar a laghad.

(*)

Níor cheart d’fhíonta atá níos mó ná bliain d’aois an teorainn a ríomhtar mar a leanas a shárú: 1 ghram amháin in aghaidh an lítir suas go 10 % neart alcóil, ag méadú 0.06 gram in aghaidh an lítir in aghaidh gach céim os cionn 10 %.

In aon chás, ní mór do na paraiméadair fhisiceacha agus cheimiceacha a shuitear sa roinn seo na teorainneacha bunaithe i rialacha an Aontais a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11,5

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

3.   FÍONTA DEARGA ‘RESERVA’ AGUS ‘GRAN RESERVA’ AGUS FÍONTA DEARGA EILE ATÁ NÍOS MÓ NÁ 2 BHLIAIN D’AOIS

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

‘RESERVA’ AGUS ‘GRAN RESERVA’. Cuma: glan nó beagán moirtiúil, agus déine datha mheasartha ar a laghad agus imireacha idir donnrua agus scothdhearg-chorcra. Gan dé-ocsaíd charbóin. Dea-bholadh: dea-bholaithe ó aosú darach go céim measartha, agus láithreacht féideartha torthaí. Blas: cothromaithe, agus úire leordhóthanach aigéid agus tathag idir measartha agus lán agus iarbhlas idir measartha agus fada.

‘RESERVA’ NÍOS MÓ NÁ 5 BLIANA D’AOIS AGUS ‘GRAN RESERVA’ NÍOS MÓ NÁ 7 mBLIANA D’AOIS. Cuma: glan nó beagán moirtiúil, agus imireacha idir donnrua agus scothdhearg-chorcra. Gan dé-ocsaíd charbóin. Dea-bholadh: dea-bholaithe ó aosú darach go céim measartha, agus láithreacht féideartha torthaí. Blas: cothromaithe, agus aigéadacht leordhóthanach, agus méid áirithe tathaig agus faid ar a laghad.

FÍONTA EILE ATÁ NÍOS MÓ NÁ 2 BHLIAIN D’AOIS (le haosú agus/nó coipeadh sa bhairille ar feadh níos mó ná 3 mhí). Cuma: glan nó beagán moirtiúil, agus imireacha idir donnrua agus corcairghorm-dhearg. Dea-bholadh: láithreacht dea-bholaithe ó aosú darach. Blas: cothromaithe, agus méid áirithe tathaig agus faid ar a laghad.

(*)

Níor cheart d’fhíonta atá níos mó ná bliain d’aois an teorainn a ríomhtar mar a leanas a shárú: 1 ghram amháin in aghaidh an lítir suas go 10 % neart alcóil, ag méadú 0,06 gram in aghaidh an lítir in aghaidh gach céim os cionn 10 %.

In aon chás, ní mór do na paraiméadair fhisiceacha agus cheimiceacha a shuitear sa roinn seo na teorainneacha bunaithe i rialacha an Aontais a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11,5

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

4.   FÍON ROSÉ/CLARETE

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

GAN AOSÚ NÁ COIPEADH SA BHAIRILLE. Cuma: glan agus imireacha idir dath chraiceann an oinniúin agus caordhearg. Dea-bholadh: láithreacht dea-bholaithe de thorthaí dearga agus/nó torthaí eile. I gcás na bhfíonta rosé atá níos mó ná 2 bhliain d’aois, féadann na torthaí a bheith úr nó i gcompóit. Blas: cothromaithe agus úr agus aigéadacht measartha nó ard agus tathag éadrom nó measartha.

LE COIPEADH AGUS/NÓ AOSÚ SA BHAIRILLE. Cuma: glan agus imireacha idir dath chraiceann an oinniúin agus caordhearg. Dea-bholadh: láithreacht dea-bholaithe de thorthaí dearga agus/nó torthaí eile agus dea-bholaithe ón mbairille. I gcás fíonta ‘Reserva’ agus ‘Gran Reserva’, is féidir go mbeadh láithreacht torthaí ann nó nach mbeadh. Blas: cothromaithe agus úr agus aigéadacht measartha nó ard agus tathag éadrom nó measartha.

(*)

0.833 milleachoibhéis in aghaidh an lítir in aghaidh gach céim de neart alcóil le haghaidh fíonta atá suas le bliain amháin d’aois. Níor cheart d’fhíonta atá níos mó ná bliain d’aois an teorainn a ríomhtar mar a leanas a shárú: 1 ghram amháin in aghaidh an lítir suas go 10 % neart alcóil, ag méadú 0.06 gram in aghaidh an lítir in aghaidh gach céim os cionn 10 %.

In aon chás, ní mór do na paraiméadair fhisiceacha agus cheimiceacha a shuitear sa roinn seo na teorainneacha bunaithe i rialacha an Aontais a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,3 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

180

5.   FÍON GEAL

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

GAN AOSÚ NÁ COIPEADH SA BHAIRILLE. Cuma: glan agus imireacha buí ar dhath na tuí le déine éagsúil. Dea-bholadh: láithreacht dea-bholaithe de ‘thorthaí eile’. Blas: cothromaithe agus úr agus aigéadacht measartha nó ard agus tathag éadrom nó measartha.

LE COIPEADH AGUS/NÓ AOSÚ SA BHAIRILLE. Cuma: glan agus imireacha idir dath buí amhail tuí agus buí órga. Le haghaidh fíonta ag a bhfuil na téarmaí traidisiúnta ‘Crianza’, ‘Reserva’ agus ‘Gran Reserva’, d’fhéadfaí lí sheanóir a bheith ar an dath buí. Tá feidhm aige sin freisin le haghaidh fíonta geala den chatagóir sin atá níos mó ná 3 bliana d’aois. Dea-bholadh: láithreacht dea-bholaithe de ‘thorthaí eile’ agus dea-bholaithe ón mbairille. I gcás fíonta ‘Reserva’ agus ‘Gran Reserva’, is féidir go mbeadh láithreacht torthaí ann nó nach mbeadh. Blas: cothromaithe agus úr agus aigéadacht measartha nó ard agus tathag éadrom nó measartha.

(*)

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta: 0,65 gram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta nár coipeadh iad ná nár aosaíodh sa bhairille iad (10,83 milleachoibhéis in aghaidh an lítir); 0,80 gram in aghaidh an lítir le haghaidh fíonta ar coipeadh iad nó ar aosaíodh sa bhairille iad (13,33 milleachoibhéis in aghaidh an lítir).

In aon chás, ní mór do na paraiméadair fhisiceacha agus cheimiceacha a shuitear sa roinn seo na teorainneacha bunaithe i rialacha an Aontais a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

180

5.   Cleachtais fíon oireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

An modh saothraithe

Chun bheith oiriúnach fíonchaora a tháirgeadh faoi ATFC ‘Ribera del Duero’, ní mór do dháileachtaí fíonghoirt a bheith ina dtríú timthriall fáis ar a laghad ó chur.

Ní mór an dlús plandaithe íosta 2 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir a bheith ann le haghaidh plandaí nua.

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Neart íosta nádúrtha na bhfíonchaor: 9.1 céim Brix (11 céim Beaumé) le haghaidh na cineálacha dearga agus 17.9 céim Brix (10.5 céim Beaumé) le haghaidh na cineálacha geala.

72 lítear fíona nó úrfhíon in aghaidh gach 100 cileagram fíonchaor a bhuaintear ar a mhéad.

‘CRIANZA’. Fíonta dearga: íostréimhse aosaithe de 24 mhí, lena n-áirítear 12 mhí ar a laghad nach mór a bheith i mbairillí darach. Fíonta rosé/claretes agus fíonta geala: íostréimhse aosaithe de 18 mhí, lena n-áirítear 6 mhí ar a laghad nach mór a bheith i mbairillí darach.

‘RESERVA’. Fíonta dearga ag a bhfuil íostréimhse aosaithe de 36 mhí, lena n-áirítear 12 mhí ar a laghad nach mór a bheith i mbairillí darach, agus an chuid eile sa bhuidéal. Fíonta rosé/claretes agus fíonta geala: íostréimhse aosaithe de 24 mhí, lena n-áirítear 6 mhí ar a laghad nach mór a bheith i mbairillí darach, agus an chuid eile sa bhuidéal.

‘GRAN RESERVA’. Fíonta dearga: íostréimhse aosaithe de 60 mí, lena n-áirítear 24 mhí ar a laghad nach mór a bheith i mbairillí darach, agus an chuid eile sa bhuidéal. Fíonta rosé/claretes agus fíonta geala: íostréimhse aosaithe de 48 mí, lena n-áirítear 6 mhí ar a laghad nach mór a bheith i mbairillí darach, agus an chuid eile sa bhuidéal.

Fíonta ar a dtugtar ‘ROBLE/BARRICA’. Fíonta dearga, rosé/clarete agus geala: íostréimhse aosaithe de 3 mhí sa bhairille.

Le haghaidh fíonta ar a dtugtar ‘CRIANZA’, ‘RESERVA’ agus ‘GRAN RESERVA’, bairillí darach ag a bhfuil toilleadh uasta de 330 lítear; le haghaidh fíonta ar a dtugtar ‘ROBLE/BARRICA’, uasthoilleadh 600 lítear.

Srian maidir le fíon a dhéanamh

Fíonta a chumhdaítear le ATFC ‘RIBERA DEL DUERO’, ní mór dóibh cionta na gcineálacha seo a leanas a chomhlíonadh le haghaidh na bhfíonta de chineálacha éagsúla a tháirgeadh.

Fíonta dearga: ní mór do 75 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear teacht as na cineálacha Tempranillo, Tinto Fino nó Tinta del País.

Fíonta rosé/clarete: ní mór do 50 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear teacht as na cineálacha dearga a údaraítear sa tsonraíocht seo.

Fíonta geala: ní mór do 75 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear teacht as an gcineál Albillo Mayor.

5.2.   Uastáirgeacht

 

CINEÁLACHA DEARGA

 

7 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

 

50,4 heictilítear in aghaidh an heicteáir

 

CINEÁLACHA BÁNA

 

9 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

 

68,4 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

CÚIGE BURGOS: ADRADA DE HAZA, ANGUIX, ARANDA DE DUERO (LA AGUILERA agus SINOVAS), BAÑOS DE VALDEARADOS, BERLANGAS DE ROA, CALERUEGA, CAMPILLO DE ARANDA, CASTRILLO DE LA VEGA, LA CUEVA DE ROA, FRESNILLO DE LAS DUEÑAS, FUENTECEN, FUENTELCESPED, FUENTELISENDO, FUENTEMOLINOS, FUENTENEBRO, FUENTESPINA, GUMIEL DE IZÁN, GUMIEL DE MERCADO, HAZA, HONTANGAS, HONTORIA DE VALDEARADOS, LA HORRA, HOYALES DE ROA, MAMBRILLA DE CASTREJÓN, MILAGROS, MORADILLO DE ROA, NAVA DE ROA, OLMEDILLO DE ROA, PARDILLA, PEDROSA DE DUERO (BOADA DE ROA, GUZMÁN, QUINTANAMANVIRGO y VALCABADO DE ROA), PEÑARANDA DE DUERO (CASANOVA), QUEMADA, QUINTANA DEL PIDIO, ROA, SAN JUAN DEL MONTE, SAN MARTÍN DE RUBIALES, SANTA CRUZ DE LA SALCEDA, LA SEQUERA DE HAZA, SOTILLO DE LA RIBERA (PINILLOS DE ESGUEVA), TERRADILLOS DE ESGUEVA, TORREGALINDO, TÓRTOLES DE ESGUEVA (VILLOVELA DE ESGUEVA), TUBILLA DEL LAGO, VADOCONDES, VALDEANDE, VALDEZATE, LA VID Y BARRIOS (GUMA agus ZUZONES), VILLAESCUSA DE ROA, VILLALBA DE DUERO, VILLALBILLA DE GUMIEL, VILLANUEVA DE GUMIEL, VILLATUELDA agus ZAZUAR.

CÚIGE SEGOVIA: ALDEHORNO, HONRUBIA DE LA CUESTA, MONTEJO DE LA VEGA DE LA SERREZUELA agus VILLAVERDE DE MONTEJO (VILLALVILLA DE MONTEJO).

CÚIGE SORIA: ALCUBILLA DE AVELLANEDA (ALCOBA DE LA TORRE agus ZAYAS DE BÁSCONES), (ALCUBILLA DEL MARQUÉS), CASTILLEJO DE ROBLEDO, LANGA DE DUERO (ALCOZAR, BOCIGAS DE PERALES, VALDANZO, VALDANZUELO agus ZAYAS DE TORRE), MIÑO DE SAN ESTEBAN y SAN ESTEBAN DE GORMAZ (ALDEA DE SAN ESTEBAN, ATAUTA, INES, MATANZA DE SORIA, OLMILLOS, PEDRAJA DE SAN ESTEBAN, PEÑALBA DE SAN ESTEBAN, QUINTANILLA DE TRES BARRIOS, REJAS DE SAN ESTEBAN, SOTO DE SAN ESTEBAN, VELILLA DE SAN ESTEBAN agus VILLÁLVARO).

CÚIGE VALLADOLID: BOCOS DE DUERO, CANALEJAS DE PEÑAFIEL, CASTRILLO DE DUERO, CURIEL DE DUERO, FOMPEDRAZA, MANZANILLO, OLIVARES DE DUERO, OLMOS DE PEÑAFIEL, PEÑAFIEL (ALDEAYUSO, MÉLIDA agus PADILLA DE DUERO), PESQUERA DE DUERO, PIÑEL DE ABAJO, PIÑEL DE ARRIBA, QUINTANILLA DE ARRIBA, QUINTANILLA DE ONÉSIMO, RÁBANO, ROTURAS, TORRE DE PEÑAFIEL (MOLPECERES), VALBUENA DE DUERO (SAN BERNARDO) agus VALDEARCOS DE LA VEGA.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

 

ALBILLO MAYOR

 

TEMPRANILLO - TINTA DEL PAIS

 

TEMPRANILLO - TINTO FINO

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

1.-

Tugann terroir agus dálaí aeráide an limistéir gheografaigh a shainmhínítear i bpointe 5 a bpearsantacht féin d’fhíonta an limistéir. Úsáidtear comhchiallaigh le haghaidh na bpríomhchineálacha fíonchaor sa limistéar. Is fianaise iad go bhfuil difríochtaí fíneálta idir na fíonchaora a tháirgtear sa limistéar as a tháinig ainmneacha éagsúla lena dtagraítear dóibh.

Léirítear na saintréithe atá sonrach in aigéadacht nádúrtha chothromaithe na bhfíonta in éineacht leis, i gcás na bhfíonta dearga, an cion feanólach ard, go háirithe na toin scothghorma ó antóiciaininí agus vitisíní, agus na tainniní atá an-pholaiméireach.

2.-

Tá an-tionchar ag an aeráid ar na fíonchaora, mar gheall ar mheán-airde ard an limistéir go háirithe. Ar deireadh, áfach, is mar gheall ar an aibiú mall mar a thugtar tuairisc thuas, in éineacht leis na hathruithe suntasacha i dteocht idir lá agus oíche, a fhorbraíonn comhdhúile úsáideacha go sármhaith le linn an lae, agus a íoslaghdaíonn dóchán meitibileach na gcomhdhúl sin le linn na hoíche. Bogann an t-aibiú fada na tainniní go nádúrtha freisin.

3.-

Dá dheasca sin, is féidir le limistéar táirgthe ATFC ‘RIBERA DEL DUERO’ fíonta ar ardchaighdeán a tháirgeadh, ar choinníoll go gcuirtear teorainn ar tháirgeacht an fhíonghoirt agus nach n-úsáidtear cineálacha déanacha. Faigheann an limistéar go leor gréine: níos mó ná 2 400 uair an chloig gréine gach bliain. Bíonn sé te sa samhradh agus le linn thús an aibithe agus aibithe, agus tá gá leis sin le haghaidh cion maith polaifeanóil.

I mbeagán focal, is tír-raon deacair é sin a d’fhéadfadh fíonta ar ardchaighdeán a tháirgeadh leis na hoiriúnuithe is gá i dtéarmaí suíomhanna plandála, cineálacha, fuinneamh plandaí, cleachtais fáis, etc.

4.-

Leis na dálaí nádúrtha sa limistéar táirgthe, a bhaineann le rilíf, le haeráid agus le cineálacha ithreach, is féidir forbairt optamach a dhéanamh ar na fíonghoirt a d’oiriúnaigh go sármhaith do limistéar Ribera del Duero i gcaitheamh na mblianta.

In éineacht le dálaí speisialta an limistéir mar a thugtar tuairisc orthu thuas, forbraíonn cineál Tinto Fino a shaintréithe féin sa limistéar sin, lena dtugtar do na fíonta a bpearsantacht uathúil féin. As na hoiriúnuithe a tháinig ar an gcineál sin, rinneadh cineál áitiúil a bheag nó a mhór ag a bhfuil gnéithe ar leith mar amhábhar le haghaidh fíonta fíneálta a tháirgeadh. Táirgtear fíonta leis a bhfuil cáilíochtaí coinneála an-mhaith acu, mar ba shoiléir leis na céadta i dtosaíochtaí tomhaltóirí agus sa mhargadh reatha le haghaidh fíonta ag a bhfuil stádas cosanta.

Is féidir cineál Albillo Mayor a mheas mar phríomhchineál áitiúil geal an limistéir toisc, go stairiúil, ba é an cineál ab fhairsinge a cuireadh sa réigiún. Anuas air sin, táirgeadh na fíonta geala go traidisiúnta sa limistéar ón gcineál sin i gcónaí.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Buidéalú laistigh den limistéar críochaithe

Creat dlíthiúil :

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise :

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll :

Áirítear sa phróiseas fíonóireachta buidéalú agus aosú na bhfíonta ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ní féidir na saintréithe orgánaileipteacha, fisiceacha agus ceimiceacha ar a dtugtar tuairisc sa tsonraíocht seo a ráthú ach amháin má tharlaíonn gach ceann de na hoibríochtaí láimhseála fíona laistigh den limistéar táirgthe. Tá buidéalú na bhfíonta a chumhdaítear faoi ATFC ‘Ribera del Duero’ ar cheann de na tosca atá criticiúil chun na saintréithe a leagtar amach sa tsonraíocht a bhaint amach. Mar iarmhairt air sin, agus chun an cháilíocht a áirithiú, ráthaíocht a sholáthar maidir le tionscnamh agus rialú a éascú, ní mór buidéalú a dhéanamh i siléir atá lonnaithe i monarchana buidéalaithe cláraithe sa limistéar táirgthe.

Ceanglais maidir le lipéadú

Creat dlíthiúil :

Dlí an Aontais

Cineál an choinníll bhreise :

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll :

Ní mór ainmniúchán geografach ‘RIBERA DEL DUERO’ a bheith ar lipéad na bhfíonta cosanta uile.

Is é ‘Denominación de Origen’ (DO) [Ainmniúchán Tionscnaimh] an téarma traidisiúnta a chuirtear in ionad ‘ATFC’.

Féadfar na téarmaí ‘ROBLE/BARRICA’ a úsáid ar fhíonta cosanta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha aosaithe a leagtar síos sa tsonraíocht (roinn 3(b)(2)) agus na ceanglais eile a bunaíodh sa reachtaíocht is infheidhme atá i bhfeidhm.

Féadfar ceachtar den dá théarma a bhaineann le dath, ‘rosé’ nó ‘clarete’ a úsáid leis na fíonta rosé nó clarete, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme atá i bhfeidhm.

Mar théarma roghnach, féadfar ainm geografach aon aonaid gheografaigh níos lú (lonnaíochtaí) a liostaítear i bpointe 4 den tsonraíocht a úsáid leis na fíonta cosanta, ar choinníoll go dtagann 85 % de na fíonchaora a úsáidtear chun an fíon a dhéanamh as dáileachtaí lonnaithe sa suíomh geografach níos lú a luaitear.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

www.itacyl.es/documents/20143/342640/PCC+DOP+RIBERA+Rev+6_Pppt+mod.docx/566e4fbd-a6e9-c063-3427-ef7073800533


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 268/18


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 268/08)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Poulet du Bourbonnais’

Uimh. AE: PDO-FR-02865 – 13.9.2022

ATFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm(neacha)

‘Poulet du Bourbonnais’

2.   Ballstát nó tríú tír

An Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Faightear ‘Poulet du Bourbonnais’ trí choileach Bourbonnais a chrosphórú le:

cearc Bourbonnais

nó le cearc chúlaitheach, lena gcumasaítear léiriú fheinitíopa an choiligh sa sliocht.

Bíonn íosmheáchan na gconablach 1.4 kg ar a laghad agus é dí-innithe go páirteach, 1.2 kg ar a laghad agus é ullamh don oigheann le ceann agus cleití muiníl agus le cosa nó gan chosa, nó 1.1 kg ar a laghad agus é ullamh don oigheann.

Bíonn cuma ghinearálta an chonablaigh fadaithe go tipiciúil. Bíonn cnámh an uchta starrach. Bíonn bia éadrom, teann ag na filléid. Tá na matáin chosa teann. Tá an conablach feolmhar agus an chnámh droma folaithe ag an gcumhdach saille. Bíonn uigeacht agus snáithe an-mhín agus éadrom ag an gcraiceann, tá an tsaill ionmhatánach sna matáin dhearga forbartha go maith, agus an tsaill fho-chraicneach dlúth, teann agus scaipthe go cothrom trasna an droma.

Cuirtear na sicíní maraithe ar fáil agus iad úr, mar éin iomlána nó i ngearrthacha. Bíonn éin iomlána dí-innithe go páirteach (le scairteach, ceann, cleití muiníl agus cosa), iomlán ullamh don oigheann, nó ullamh don oigheann le ceann, cleití muiníl agus le cosa nó gan chosa.

Maidir le héin atá dí-innithe go páirteach, cuirtear na cinn fhireanna i láthair agus an taobh droma infheicthe agus na cosa ina luí ar na sciatháin, agus cuirtear na cinn bhaineanna i láthair agus an taobh tarrach infheicthe agus na cosa casta taobh thiar den éan.

Cuirtear na gearrthacha i láthair mar a leanas:

filléad: píosa de bhrollach sicín le craiceann nó gan chraiceann,

coffre: filléad ar an gcnámh, lena n-áirítear cnámh an uchta, easnacha agus sciatháin agus leis an gcraiceann ceangailte, curtha i láthair ina iomláine nó roinnte ina dhá phíosa,

cos: féimear, tibia agus fiobúl agus na matáin thart timpeall, agus an craiceann ceangailte,

feoil cosa: cos gan chnámha,

curadhmhír: leathbhrollach leis an chéad spóla den sciathán ceangailte, le craiceann.

Tar éis cócaireachta, bíonn matáin dhearga mharmaracha ag ‘Poulet du Bourbonnais’ agus matáin bhána de dhath éadrom, agus saill fho-chraicneach. Bíonn boladh domhain agus marthanach aige. Bíonn a uigeacht, roimh bhlaiseadh, teann agus dlúth, agus bíonn a uigeacht sa bhéal teann agus bog. Bíonn blas domhain agus marthanach aige le blas suaithinseach de stoc sicín. Tá blas cothromaithe aige gan an iomarca aigéadachta nó searbhais.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

I dteannta na n-acmhainní a chuirtear ar fáil leis an raon, tá na rudaí seo a leanas i réim bia na sicíní, ó thaobh ábhair thirim, a sloinneadh mar chéatadán de mheáchan iomlán na foirmle:

ag an gcéim thosaigh, ó lá 1 go dtí lá 34 ar a dhéanaí: 50 % de ghráin ghráinigh ar a laghad;

le linn na tréimhse ramhraithe, i.e. tráth nach déanaí ná lá 35 go dtí tráth a maraithe: 70 % de ghráin ghráinigh ar a laghad;

tráth nach déanaí ná an 86ú lá tógála: 70 % de ghráin ghráinigh ar a laghad; agus 9–11 % táirgí déiríochta agus 1–3 % giosta bríbhéireachta curtha leis.

Leagtar amach na hamhábhair agus na breiseáin údaraithe i réim bia na sicíní ar liosta dearfach.

Tá an beatha saor ó OGM.

Bíonn rochtain laethúil ag na héin ar raon féarúil le brat crann tráth nach déanaí ná ón 42ú lá tógála agus go dtí tús na tréimhse críochnaithe.

Críochnaítear na héin faoi ghaibhniú ar feadh an 2 sheachtain dheireanacha ar a laghad roimh marú, ó lá 87 ar a luaithe, ach nach mó ná 3 seachtaine.

Tagann na ghráin ghráinigh uile ón limistéar geografach, arb ionann iad agus 67 % ar a laghad de réim bia ‘Poulet du Bourbonnais’. Ní gá na hamhábhair eile teacht ón limistéar geografach, mar nach bhfuil acmhainní talmhaíochta leordhóthanach ag an limistéar. Ní dhéantar difear do shaintréithe an táirge ag an bhfíoras nach dtagann cuid bheag den bheatha ón limistéar geografach.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Beirtear na héin óga, agus tógtar agus maraítear ‘Poulet du Bourbonnais’ sa limistéar geografach.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór do búistéireacht agus pacáistíocht ‘Poulet du Bourbonnais’ tarlú sa limistéar geografach. Ní mór cuma na ngearrthacha critéir Aicme A a chomhlíonadh.

Ní mór na céimeanna sin tarlú sa limistéar geografach ar na cúiseanna seo a leanas:

Chun saintréithe cáilíochta an táirge a chaomhnú trí bhúistéireacht a dhéanamh air go pras, nach mó ná 72 uair an chloig i ndiaidh an mharaithe. Nuair a dhéantar búistéireacht níos praise ar fheoil, ní bhíonn sí chomh tirim céanna, agus bíonn teannáin agus matáin níos solúbtha aici, rud a fhágann gur féidir gearradh ar cháilíocht níos fearr a bhaint amach. Le tráthchláir ghairide, ní thagann an fheoil in aibíocht an iomarca, rud a chuirfeadh as do cháilíocht an táirge.

Chun inrianaitheacht aonair a áirithiú trí bhíthin córas ina dtugtar uimhir aitheantais aonair do gach aonad a chuirtear ar an margadh, agus dá réir sin rianú níos fearr an táirge a áirithiú.

Chun an saineolas is gá le haghaidh búistéireacht bheacht de láimhe a rathú, oiriúnaithe don anatamaíocht gach conablaigh.

Leis an gceanglas seo ní dhéantar difear do ghearradh agus pacáistiú le haghaidh díol díreach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

I dteannta na gceanglas lipéadaithe sainordaitheacha is infheidhme maidir le feoil éanlaithe clóis, ní mór an méid seo a leanas a bheith ar lipéadú táirgí ar a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Poulet du Bourbonnais’:

lógó ATFC an Aontais Eorpaigh sa réimse amhairc céanna le hainm ATFC,

an uimhir aitheantais aonair.

Maidir le sicíní a dhíoltar ina n-iomláine, ní mór ainm an fheirmeora agus an bardas inar tógadh an sicín a léiriú ar an lipéad freisin.

Ní mór an lipéad ar a bhfuil ainm an táirge a thaispeáint i lár dromchla infheicthe den sicín iomlán nó an gearradh sicín margaithe.

Ní mór an lipéad ar a bhfuil ainm an táirge greamaithe ar gach sicín agus gach gearradh sicín margaithe a bheith i gcomhréir leis an tsamhail a shainmhíníonn an grúpa:

a n-áirítear ann lógó ‘Poulet du Bourbonnais’ a thaispeántar thíos, an ais is faide ar mhéid:

10 cm ar a laghad le haghaidh sicíní iomlána;

dhá thrian de leithead an lipéid ar a laghad le haghaidh gearrthaca sicín;

Image 1

a chloíonn le scéim dhathanna armais de Dhiúcacht Bourbon, is é sin gorm, dearg agus buí, agus cuireadh an dath bán leis sin freisin.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Tá na críocha seo a leanas i roinn Allier sa limistéar geografach:

cantúin Bellerive-sur-Allier, Commentry, Cusset, Moulins-1, Moulins-2, Saint-Pourçain-sur-Sioule, Souvigny, Vichy-1, Vichy-2 agus Yzeure ina n-iomláine;

agus na bardais Andelaroche, Barberier, Barrais-Bussolles, Bellenaves, Billezois, Biozat, Bizeneuille, Le Bouchaud, Bourbon-l’Archambault, Le Breuil, Buxières-les-Mines, Chantelle, La Chapelle-aux-Chasses, Chareil-Cintrat, Charmes, Charroux, Chevagnes, Chezelle, Chézy, Chouvigny, Cosne-d’Allier, Couleuvre, Couzon, Deneuille-lès-Chantelle, Dompierre-sur-Besbre, Le Donjon, Droiturier, Etroussat, Fleuriel, Fourilles, Franchesse, Gannat, Haut-Bocage, Hérisson, Isserpent, Jenzat, Lalizolle, Lapalisse, Lenax, Limoise, Loddes, Louroux-Bourbonnais, Lurcy-Lévis, Lusigny, Le Mayet-d’Ecole, Mazerier, Monestier, Monétay-sur-Loire, Montaiguët-en-Forez, Montcombroux-les-Mines, Monteignet-sur-l’Andelot, Moulins, Nades, Naves, Néris-les-Bains, Neuilly-en-Donjon, Neure, Paray-le-Frésil, Périgny, Le Pin, Poëzat, Pouzy-Mésangy, Saint-Aubin-le-Monial, Saint-Bonnet-de-Rochefort, Saint-Christophe, Saint-Didier-en-Donjon, Saint-Etienne-de-Vicq, Saint-Germain-de-Salles, Saint-Hilaire, Saint-Léopardin-d’Augy, Saint-Plaisir, Saint-Pourçain-sur-Besbre, Saint-Prix, Saligny-sur-Roudon, Saulzet, Sauvagny, Servilly, Target, Taxat-Senat, Theneuille, Thiel-sur-Acolin, Tortezais, Ussel-d’Allier, Valignat, Vaumas, Venas, Le Veurdre, Vichy, Vicq, Vieure, Le Vilhain, Villebret, Voussac agus Ygrande.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tháinig ‘Poulet du Bourbonnais’ chun cinn i gcomhthéacs socheacnamaíoch a bhí fabhrach d’fhorbairt na feirmeoireachta éanlaithe clóis. Taispeánann sé feinitíopa de phór ársa Bourbonnais agus tá sé in oiriúint do dhálaí nádúrtha comhshaoil an limistéir gheografaigh. Fothaíonn sé ar acmhainní gránaigh áitiúil, a chuireann sé leis trí dhul ar thóir foráiste ar raon féarúil agus cosanta. Tugtar don táirge leis an gcleachtas tógála go mall faoin aer seo, in éineacht le críochnú faoi ghaibhniú ar tháirgí déiríochta, bia teann atá bog sa bhéal, agus blas domhain agus marthanach.

Tá an limistéar geografach lonnaithe i lár na Fraince, i roinn Allier, agus tá cnoic ísle réchnocacha ann den chuid is mó, le hairde réasúnta go ginearálta (200–500 m). Teorannaítear ó dheas é le bunchnoic a bhíonn mar chomhartha thús an Massif Central, atá foraoisithe an iomarca agus atá ró-ard le gur féidir sicíní a thógáil faoin aer. Cruthaítear teorainn eile leis na limistéir choillteacha siar ó thuaidh, mar gheall ar láithreacht nádúrtha creachadóirí.

Cuirtear fíorshrianta ar thalmhaíocht leis an aeráid, mar bhíonn sé fliuch san earrach agus san fhómhar, agus in amanna bíonn sioc ann, bíonn na geimhrí measartha crua agus sneachtúil, agus na samhraí tirim.

I dtéarmaí geomoirfeolaíocht ithreach, tá an limistéar geografach ar bhonnlach criostalta nó meiteamorfach agus tá an iomadúlacht ithreacha talmhaíochta dona a úsáidtear go príomha le haghaidh meascán d’fheirmeoireacht barr agus beostoc dírithe ar eallach mar shaintréith de, le limistéar mór de ghrán ag fás ar mhachaire Limagne, a thrasnaíonn lár an limistéir gheografaigh ón taobh theas go dtí an taobh thuaidh.

Is iomaí muileann a tógadh toisc go raibh roinnt mhaith aibhneacha ann, agus bhí sé seo an-tábhachtach chun struchtúr na hearnála éanlaithe clóis sa Bourbonnais a chinneadh, mar gheall ar an dinimic a bhaineann le gránach a fhás, atá ina phríomhfhoinse beatha do na héanlaithe clóis.

Bunaíodh méiteagáiste mar mhodh bainistíochta talún go háirithe bunaithe sa Bourbonnais sa 19ú céad. Conclúid a chur le conarthaí idir úinéirí agus feirmeoirí a bhí i gceist ansin nár chuir táirgeadh bainne nó táirgeadh éanlaithe clóis (sa chúlchlós) san áireamh ach ar éigean. Dá réir sin, bhí díol éanlaithe clóis ag mná chéile scairshaothraithe talún go háitiúil i mbaile spá Vichy ina fhoinse thábhachtach d’ioncam tánaisteach. Tréimhse atá ann a bhfuil a lorg fós ar an tírdhreach inniu, agus ailtireacht uathúil ina bhfuil chateaux beaga agus tithe feirme fada, caola atá tipiciúil den limistéar geografach.

Cuireadh leis an saineolas trí tháirgí a bhí ar fáil go háitiúil (bainne agus gránaigh) a úsáid chun na héin a bheathú, chomh maith leis an líon mór raonta féarúla agus faoi chrainn a bhí mórthimpeall na bhfeirmeacha. In 1961, rinneadh é seo a aithint trí bhíthin ainmniúchán tionscnaimh dhlíthiúil nach bhfuil ann a thuilleadh.

Ina theannta sin, tháinig gluaiseacht chun cinn ag tús an 20ú céad maidir le haitheantas Bourbonnais as ar tháinig buanú chultúr the Bourbonnais agus, in 1919, pór Bourbonnais a aithint, a chrosphóraítear anois go ginearálta le cearca cúlaitheacha (lena gceadaítear feinitíopa Bourbonnais a léiriú) chun ‘Poulet du Bourbonnais’ a tháirgeadh.

Tá na dálaí táirgthe faoi láthair i gcomhréir leis na cleachtais traidisiúnta:

Tá féarthalamh buan sna raonta. Cuireann siad foscadh ar fáil i bhfoirm fáluithe, tor agus crann, lena gcosnaítear na sicíní ón ngaoth, ón ngrian agus ó chreachadóirí. Tá foirgnimh adhmaid bheaga ann, a bhfuil urlár acu ag scaradh na hainmhithe ón talamh, a rinneadh iad a dhearadh agus a tháirgeadh go háitiúil. Tá na foirgnimh agus an foscadh a chuirtear ar fáil ag an bhfásra suite ar bhealach chun go spreagtar na sicíní an raon uile a thaiscéaladh.

Tá an bheatha bunaithe ar gránaigh ón limistéar geografach, cuirtear leis seo leis an méid ar féidir na sicíní a fháil trí dhul ar thóir foráiste ar an raon agus trí tháirgí déiríochta le linn na céime críochnaithe. Tarlaíonn an críochnú faoi ghaibhniú ar feadh coicíse ar a laghad roimh an marú.

Tá gá ann ar thaobh na hoibreoirí le saineolas maidir le marú agus búistéireacht chun cáilíochtaí an táirge a chaomhnú: na céimeanna maraithe a oiriúnú do mhéid an ainmhí, sicíní dí-innithe go páirteach a fhuiliú de láimhe, a bheith cúramach leis an gcur i láthair, agus búistéireacht a dhéanamh de láimhe go luath i ndiaidh an mharaithe.

Tá saintréithe feinitíopacha sonracha ag ‘Poulet du Bourbonnais’, amhail cleití muiníl a bhfuil patrún eirmín orthu, cosa fada agus droim fada.

Maraítear é ag 101 lá ar a laghad. Bíonn bia éadrom, teann ag na filléid. Bíonn matáin theanna dhearga ag na cosa agus saill ionmhatánach dea-fhorbartha. Bíonn an tsaill fho-chraicneach dlúth, teann agus scaipthe go cothrom trasna an droma. Go traidisiúnta cuirtear i láthair é dí-innithe go páirteach, leis an scairteach, ceann, cleití muiníl agus cosa.

Bíonn uigeacht theann, dhlúth ag ‘Poulet du Bourbonnais’ cócaráilte roimh bhlaiseadh, agus saill fho-chraicneach. Sa bhéal, bíonn uigeacht theann bhog aige agus blas dian agus marthanach le blas suaithinseach de stoc sicín.

Mar gheall ar na dálaí comhshaoil shonraigh den limistéar geografach tháinig feirmeoireacht beostoc agus mheasctha chun cinn, gar do limistéar ina bhfástar gránach, áit a mbíonn feirmeoirí éanlaithe clóis in ann úsáid a bhaint as na táirgí bia atá ar fáil don chlós éanlaithe clóis agus saoirse a cheadú do na sicíní chun cuidiú lena n-aiste bia a éagsúlú.

Tá ‘Poulet du Bourbonnais’, a fhaightear trí fhireannaigh Bourbonnais a chrosphórú le baineannaigh chúlaitheacha, rud lena mbítear in ann saintréithe an phóir ársa seo a léiriú, oiriúnaithe do dhálaí nádúrtha an limistéir gheografaigh. Lena chruth conablaigh, cleití muiníl tiubha, cosa fada agus droim fada, is féidir leis dul i ngleic le tréimhsí fuara agus fliucha. Léiríonn sé patrúin shonracha iompraíochta lena spreagtar é chun an raon a thaiscéaladh agus dhul ar thóir foráiste le haghaidh cuid d’aiste bia ansin.

Le comhdhéanamh an raoin, a sholáthraíonn foinsí bia agus foscadh nádúrtha scaipthe amach trasna an limistéir araon, déantar an iompraíocht sin agus an córas matánchnámharlaigh a spreagadh, ag cur ar an gcaoi sin le bia teann ‘Poulet du Bourbonnais’.

Le húsáid thraidisiúnta táirgí déiríochta in aiste bia ‘Poulet du Bourbonnais’ ag an gcéim chríochnaithe, anuas ar ghránaigh a tháirgtear sa limistéar geografach, cuirtear le dath éadrom na bhfilléad agus leis an uigeacht bhog sa bhéal.

Le críochnú faoi ghaibhniú is féidir saill ionmhatánach sna matáin dhearga agus sa tsaill fho-chraicneach, lena dtugtar blas domhain agus marthanach agus blas suaithinseach de stoc sicín don táirge.

Le marú déanach na sicíní, ag 101 lá ar a laghad, is féidir leo fás go mall agus feabhsaítear a saintréithe orgánaileipteacha sonracha.

Ar deireadh, leis an gcúram ar leith a thugtar le linn maraithe, búistéireachta agus ullmhúcháin an tsicín, caomhnaítear agus tugtar amach saintréithe ‘Poulet du Bourbonnais’. Cuirtear ‘Poulet du Bourbonnais’ i láthair go traidisiúnta lena chleití muiníl a bhfuil patrún eirmín orthu, rud a fhágann gur féidir é a aithint go soiléir ar na stallaí.

Léirítear le cáil ‘Poulet du Bourbonnais’ an tábhacht stairiúil a bhaineann le feirmeoireacht éanlaithe clóis sa limistéar geografach.

Tá leas bainte aige le tamall fada as aitheantas ar an margadh agus tá sé faoi chomaoin ag na seónna éanlaithe clóis agus na marchés primés, a dhíolann éin ramhraithe ag deireadh na bliana, gan díolacháin do mhuintir bhailte spa Auvergne, amhail Vichy a lua.

Tá aitheantas ag an bpreas stairiúil (cumhdach tosaigh den iris Rustica in 1935, ar a raibh pór Bourbonnais agus a sicíní éadroma agus bia bán acu i lár an aonaigh) agus comhaimseartha (preas príomhshrutha, irisí cócaireachta, etc.).

Bhíodh an-tóir ar ‘Poulet du Bourbonnais’ le búistéirí agus bialannaithe, mar a léirítear go háirithe i gcomhfhreagras na n-óstán Carlton agus Thermal in Vichy ó na 1960idí. Spreagann sé cócairí comhaimseartha freisin, a chruthaigh béilí bunaidh.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://extranet.inao.gouv.fr/fichier/CDC-PouletBbnaisQCOMUE1.pdf


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.