|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 265 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 265/01 |
||
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
|
2023/C 265/02 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 265/03 |
||
|
2023/C 265/04 |
||
|
2023/C 265/05 |
||
|
2023/C 265/06 |
||
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 265/07 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11195 – ICI 3 / HCS GROUP) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 265/08 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
28.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 265/1 |
Rátaí malairte an euro (1)
27 Iúil 2023
(2023/C 265/01)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,1125 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
155,95 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4518 |
|
GBP |
punt steirling |
0,85885 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,4985 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9542 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
145,50 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,1275 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,032 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
379,03 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,4265 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9300 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
29,9773 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6383 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4654 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,6787 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7797 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4727 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 422,98 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
19,4838 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,9510 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 691,35 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
5,0307 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
60,709 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
37,925 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2667 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
18,6688 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
91,1385 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
|
28.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 265/2 |
An liosta calafort i mBallstáit an Aontais Eorpaigh ina gceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus ina bhfuil rochtain ag soithí iascaireachta tríú tír ar sheirbhísí calafoirt, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle; An liosta calafort i dTuaisceart Éireann ina gceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus ina bhfuil rochtain ag soithí iascaireachta tríú tír ar sheirbhísí calafoirt, i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
(2023/C 265/02)
Tá foilsiú an liosta seo i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (1).
|
Ballstát |
Calafoirt ainmnithe |
|
An Bheilg |
Oostende Zeebrugge |
|
An Bhulgáir |
Бургас (Burgas) Варна (Varna) |
|
An Danmhairg |
Aalborg Aarhus Esbjerg Fredericia Frederikshavn (2) , (14) , (15) Hanstholm Hirtshals København Skagen |
|
An Ghearmáin |
Bremerhaven Cuxhaven Rostock (ní cheadaítear trasloingsiú) Sassnitz/Mukran (ní cheadaítear trasloingsiú) |
|
An Eastóin |
Níl aon chalafort faoi láthair |
|
Éire |
Baile Chaisleáin Bhéarra (2) , (3) Bun an Ghaoith (2) , (8) , (13) (ní cheadaítear trasloingsiú) Ailt an Chorráin (2) , (8) , (9) (ní cheadaítear trasloingsiú) Dún Mór (2) , (8) , (10) (ní cheadaítear trasloingsiú) Gleann Gad (2) , (8) , (13) (ní cheadaítear trasloingsiú) An Caisleán Nua (2) , (8) , (13) (ní cheadaítear trasloingsiú) Binn Éadair (2) , (8) , (10) (ní cheadaítear trasloingsiú) Cionn Mhálanna (2) , (8) , (13) (ní cheadaítear trasloingsiú) Bun an Phobail (2) , (8) , (11) (ní cheadaítear trasloingsiú) Rinn Uí Choigligh (2) , (8) , (12) (ní cheadaítear trasloingsiú) |
|
An Ghréig |
Πειραιάς (Piraeus) Θεσσαλονίκη (Thessaloniki) |
|
An Spáinn |
A Coruña A Pobra do Caramiñal Alacant/Alicante Algeciras Almería Barcelona Bilbao Cádiz Cartagena Castelló de la Plana (El Grao) Gijón (El Musel) Huelva Las Palmas de Gran Canaria (Puerto de la Luz) Málaga Marín Ribeira Santa Cruz de Tenerife Santander Tarragona València Vigo (Área Portuaria) Vilagarcía de Arousa |
|
An Fhrainc |
An Fhrainc Dhúthach: Dunkerque Boulogne Le Havre Caen (2) Cherbourg en Cotentin (2) Barneville-Carteret Granville (2) Saint-Malo Roscoff (2) Brest Douarnenez (2) Concarneau (2) Lorient (2) Nantes - Saint-Nazaire (2) La Rochelle (2) Rochefort sur Mer (2) Port la Nouvelle (2) Sète Calafort Marseille Calafoirt Fhrancacha thar lear: Le Port (La Réunion) Fort de France (Martinique) (2) Port de Jarry (Guadeloupe) (2) Port du Larivot (Guyane) (2) |
|
An Chróit |
Ploče Rijeka Zadar – Gaženica Split – Sjeverna luka |
|
An Iodáil |
Ancona Brindisi Civitavecchia Fiumicino (2) Genova Gioia Tauro La Spezia Livorno Napoli Olbia Palermo Ravenna Reggio Calabria Salerno Taranto Trapani Trieste Venezia |
|
An Chipir |
Λεμεσός (Limassol) |
|
An Laitvia |
Rīga Ventspils |
|
An Liotuáin |
Klaipėda |
|
Málta |
Vaileite (Deepwater Quay, Laboratory Wharf, Magazine Wharf) Calafort Marsaxlokk (MT DIS Malta Freeport Distripark, MT MAR Marsaxlokk) |
|
An Ísiltír |
Vlissingen Scheveningen (2) Ijmuiden Harlingen Eemshaven Den Helder (2) Velsen (6) Amstardam (6) Rotterdam (6) Stellendam (7) Den Oever (7) Oudeschild (7) Urk (7) Lauwersoog (7) Yerseke (7) |
|
An Pholainn |
Gdańsk Gdynia Szczecin Świnoujście (2) |
|
An Phortaingéil |
Aveiro [PT AVE 1] (2) Caniçal [PT CNL 1] Horta [PT HOR 1] (2) Lisboa [PT LIS 1] Peniche [PT PEN 1] (2) Ponta Delgada [PT PDL 1] Porto [PT OPO 1] Setúbal [PT SET 1] (2) Sines [PT SIE 1] Viana do Castelo [PT VDC 1] (2) |
|
An Rómáin |
Constanța |
|
An tSlóivéin |
Níl aon chalafort faoi láthair |
|
An Fhionlainn |
Heilsincí (ní cheadaítear trasloingsiú) |
|
An tSualainn |
|
|
|
Ellös (2) , (3) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Karlskrona Handelshamnen (2) , (3) , (4) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Kungshamn (2) , (3) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Lysekil (2) , (3) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Nogersund (2) , (3) , (4) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Rönnäng (2) , (3) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Simrishamn (2) , (3) , (4) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Slite (2) , (3) , (4) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Smögen (2) , (3) , (4) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Strömstad (2) , (3) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Trelleborg (2) , (3) , (4) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Träslövsläge (2) , (3) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Västervik (2) , (3) , (4) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) |
|
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach |
Calafoirt ainmnithe |
|
Tuaisceart Éireann |
Doire Cill Chaoil Port an Bhogaigh Ard Ghlais An Pointe Beannchar (Co. an Dúin) Béal Feirste |
(1) IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.
(2) Ní Pointe Rialaithe Teorann de chuid an Aontais é seo
(3) Ceadaítear gach táirge iascaigh a thabhairt i dtír ó shoithí faoi bhratach na hIorua, na hÍoslainne, Andóra agus Oileáin Fharó
(4) Ní cheadaítear níos mó ná 10 dtona de scadáin arna ngabháil i limistéir lasmuigh de Mhuir Bhailt, de ronnaigh ná de bholmáin a thabhairt i dtír
(5) Ní cheadaítear tabhairt i dtír gabhálacha iasc reoite, ach amháin ó shoithí faoi bhratach na hIorua, na hÍoslainne, Andóra agus Oileáin Fharó má tá nóta (2) leo.
(6) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach amháin ó shoithí iascaireachta a bhfuil fad níos mó ná 59 m iontu nó tonnáiste íosta 1200 GT
(7) Ní ghlactar le soithí iascaireachta ón Ríocht Aontaithe ach amháin le haghaidh obair chothabhála agus tar éis formheas a fháil ó NVWA. Ní mór seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ar an mbolg aon lá ó Luan go hAoine idir 8:00 agus 17:00 i gcalafort nach n-ainmnítear le (7) ná (8)
(8) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach amháin ó shoithí Thuaisceart Éireann atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe
(9) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach: ó shoithí ina bhfuil fad iomlán <18 m idir 14:00 agus 20:00 ó Luan go hAoine agus ní ghlactar ach le speicis úra nach speicis TAC iad
(10) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha na speiceas grinnill uile ach ó shoithí ina bhfuil fad iomlán <26 m idir 10:00 agus 22:00 ó Luan go hAoine
(11) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha moileasc débhlaoscach beo atá díolmhaithe ó Rialacháin an Aontais maidir le hIascaireacht NNN ach ó shoithí ina bhfuil fad iomlán <18 m idir 14:00 agus 20:00 ar an Máirt agus ar an gCéadaoin i mí Feabhra, mí an Mhárta, mí Dheireadh Fómhair, mí na Samhna agus mí na Nollag
(12) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha moileasc débhlaoscach beo atá díolmhaithe ó Rialacháin an Aontais maidir le hIascaireacht NNN ach ó shoithí ina bhfuil fad iomlán <18 m idir 10:00 agus 20:00 ó Luan go hAoine agus idir 09:00 agus 17:00 ar an Satharn
(13) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha speiceas úr nach speicis TAC iad ach ó shoithí ina bhfuil fad iomlán <18 m idir 10:00 agus 20:00 ó Luan go hAoine agus idir 09:00 agus 17:00 ar an Satharn
(14) Ceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh úra a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus seirbhísí calafoirt
(15) Ní cheadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh reoite a thabhairt i dtír ná a thrasloingsiú, seachas ó shoithí atá faoi bhratach Oileáin Fharó, na hÍoslainne agus na hIorua
(16) Ní cheadaítear ach rochtain ar sheirbhísí calafoirt agus luchtú éisc.
(17) Ní cheadaítear ach rochtain ar sheirbhísí calafoirt.
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Coimisiún Eorpach
|
28.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 265/6 |
FÓGRA DE BHUN AIRTEAGAL 29(2) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE
Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Leas-Ardstiúrthóra
(Grád AD 15)
in Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta (AS SCIC)
COM/2023/10435
(2023/C 265/03)
Tá fógra folúntais (tagairt COM/2023/10435) fógartha ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh fheidhm an Leas-Ardstiúrthóra (Grád DG 15) in Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta (AS SCIC).
Chun téacs an fhógra folúntais a fheiceáil in 24 theanga agus chun d’iarratas a chur isteach, téigh chuig an leathanach gréasáin tiomnaithe seo ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: https://europa.eu/!fjVnxX
|
28.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 265/7 |
FÓGRA DE BHUN AIRTEAGAL 29(2) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE
Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Phríomhchomhairleora maidir le Fadbhreathnaitheacht Straitéiseach agus Nuálaíocht in Acmhainní Daonna
(Grád AD 14)
san Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil (AS HR)
COM/2023/10436
(2023/C 265/04)
Tá fógra folúntais (tagairt COM/2023/10436) fógartha ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh fheidhm an Phríomhchomhairleora maidir le Fadbhreathnaitheacht Straitéiseach agus Nuálaíocht in Acmhainní Daonna (Grád AD 14) san Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil (AS HR).
Chun téacs an fhógra folúntais a fheiceáil in 24 theanga agus chun d’iarratas a chur isteach, téigh chuig an leathanach gréasáin tiomnaithe seo ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh:https://europa.eu/!7DFQww
|
28.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 265/8 |
FÓGRA DE BHUN AIRTEAGAL 29(2) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE
Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Phríomhchomhairleora maidir le ‘Cláir Oibre G7 agus G20 don Fhorbairt Inbhuanaithe’
(Grád AD 14)
in Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (INTPA)
COM/2023/10437
(2023/C 265/05)
Tá fógra folúntais (tagairt COM/2023/10437) fógartha ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh fheidhm an Phríomhchomhairleora maidir le ‘Cláir Oibre G7 agus G20 don Fhorbairt Inbhuanaithe’ (Grád AD 14) in Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (INTPA).
Chun téacs an fhógra folúntais a fheiceáil in 24 theanga agus chun d’iarratas a chur isteach, téigh chuig an leathanach gréasáin tiomnaithe seo ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: https://europa.eu/!MTKMhk
|
28.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 265/9 |
FÓGRA DE BHUN AIRTEAGAL 29(2) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE
Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Phríomhchomhairleora maidir le ‘Deontóirí atá ag teacht chun cinn’
(Grád AD 14)
in Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (INTPA)
COM/2023/10438
(2023/C 265/06)
Tá fógra folúntais (tagairt COM/2023/10438) fógartha ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh fheidhm an Phríomhchomhairleora maidir le ‘Deontóirí atá ag teacht chun cinn’ (Grád AD 14) in Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (INTPA).
Chun téacs an fhógra folúntais a fheiceáil in 24 theanga agus chun d’iarratas a chur isteach, téigh chuig an leathanach gréasáin tiomnaithe seo ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: https://europa.eu/!9VhVrh
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
28.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 265/10 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11195 – ICI 3 / HCS GROUP)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 265/07)
1.
An 19 Iúil 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin.Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
International Chemical Investors 3 S.E. (‘ICI 3’) (Lucsamburg), ar leis an International Chemical Investors Group é, grúpa atá faoi rialú aonair duine phríobháidigh, |
|
— |
Haltermann Besitzgesellschaft GmbH, HCS Group GmbH, agus HCS Holding GmbH agus a ghnóthais ghaolmhara (an ‘HCS Group’) (an Ghearmáin), faoi rialú H.I.G. Capital LLC, gnólacht infheistíochta cothromais phríobháidigh. |
Gheobhaidh ICI 3 rialú aonair ar an HCS Group ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is grúpa tionsclaíoch cuideachtaí é ICI 3 a dhíríonn ar ghnólachtaí meánmhéide cógaisíochta agus ceimiceán, go háirithe míncheimiceáin, clóraivinilí agus comhdhúile, |
|
— |
Is soláthraí tuaslagóirí agus breiseán speisialtachta é HCS Group atá gníomhach ar fud an domhain. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11195 – ICI 3 / HCS GROUP
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
28.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 265/12 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2023/C 265/08)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Skedvi Bröd’
Uimh. AE: PGI-SE-02614 — 10.6.2020
STFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm nó ainmneacha TGFC
‘Skedvi Bröd’
2. Ballstát nó tríú tír
An tSualainn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. An cineál táirge
Aicme 2.3. Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in 1
Arán briosc cruinn traidisiúnta a bhfuil poll ann is ea ‘Skedvi Bröd’, atá déanta as arán caiscín seagail agus bácáilte ar theallach iarainn theilgthe in oigheann cloiche atá breoslaithe le hadhmad.
Déantar dhá leagan de ‘Skedvi Bröd’ a mhargú, ‘an bunchineál’ agus an cineál ar a dtugtar ‘extragräddat’, a bhácáiltear go pointí éagsúla.
Tá na saintréithe seo a leanas ag an dá leagan:
|
|
Cruth: Arán briosc cruinn a bhfuil poll beag sa lár ann |
|
|
Méid: 27-30 cm ar trastomhas |
|
|
Tiús: thart ar 6-8 mm |
|
|
Cuma: Tugann cruth beagán cruinneachánach an aráin bhriosc, mar aon leis an uigeacht dromchla agus éagsúlachtaí datha agus crutha, saintréith do ‘Skedvi Bröd’ agus léiríonn sé go ndéantar an t-arán de láimh agus é bácáilte in oigheann atá breoslaithe le hadhmad. |
|
|
Salann: 2-4 % |
|
|
Próitéin: 8-9 % |
|
|
Saill: 2,3-2,7 % |
|
|
Carbaihiodráití: 58-64 % |
|
|
Cion uisce: 3-4 % |
Bunchineál ‘Skedvi Bröd’:
|
|
Dath: Chuirfeadh sé coirt sprúis úr i gcuimhne duit. Éiríonn an dath níos dorcha ag imill an aráin bhriosc. S4020-Y20R go S4020-Y30R NCS [1] |
|
|
Boladh: Foraois péine tirime agus plúr rósta |
|
|
Blas: Blas láidir de phlúr rósta agus blasanna éadroma ann de charra mhilis, goirteamas dea-thomhaiste agus searbhas taitneamhach ann. Bíonn iarbhlas fada, láidir de phlúr rósta agus blasanna éadroma dóite ar Bhunchineál ‘Skedvi Bröd’. |
|
|
Uigeacht: Crua |
|
|
An blas sa bhéal: Arán briosc crua ar a mbíonn blas taitneamhach fiú tar éis é a chogaint cúpla uair |
‘Skedvi Bröd’ Extragräddat:
|
|
Dath: Chuirfeadh sé coirt sprúis úr i gcuimhne duit (dath S5030-Y20R go S4020-Y30R, NCS). Éiríonn an dath níos dúdhoinne ag imill an aráin bhriosc. |
|
|
Boladh: Boladh láidir na foraoise péine tirime agus bolaithe de choirt agus sú ann, bolaithe éadroma ann de luaith dhóite. |
|
|
Blas: Blas an-láidir de phlúr rósta agus searbhas suntasach. Bíonn an blas níos déine ag na himill, san áit is mó a mbíonn an t-arán bácáilte. Bíonn iarbhlas an-láidir fada ar ‘Skedvi Bröd’ Extragräddat agus tá blasanna dóite éadroma air. |
|
|
Uigeacht: An-chrua |
|
|
An blas sa bhéal: Arán briosc an-chrua ar a mbíonn blas ar leith fiú tar éis é a chogaint cúpla uair |
|
[1] |
Córas Datha Nádúrtha. |
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Amhábhair: Plúr caiscín seagail (Secale cereale) ina mbíonn líon íseal laghaitheach, salann (NaCl), giosta agus uisce
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór gach céim sa phróiseas táirgthe, ón taos a mheascadh go dtí an bhácáil go dtí iniúchadh a dhéanamh ar an arán briosc bácáilte, a dhéanamh sa limistéar geografach atá sainithe i bpointe 4.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór táirgí a dhíoltar faoin sonrúchán faoi chosaint ‘Skedvi Bröd’ a lipéadú leis an téacs ‘Bunchineál’ nó ‘Extragräddat’ ionas go léireofar méid na bácála go soiléir ar an bpacáistíocht.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Táirgtear ‘Skedvi Bröd’ i bparóiste Stora Skedvi i gCúige Dalarna.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an nasc idir saintréithe sonracha ‘Skedvi Bröd; agus an limistéar táirgthe bunaithe ar an traidisiún ceardaíochta a chaomhnaítear sa limistéar geografach ina ndéantar arán briosc cruinn a bhfuil poll ann de láimh agus ina ndéantar an t-arán a bhácáil ansin ar theallaigh iarainn theilgthe in oigheann atá breoslaithe le hadhmad.
Sainiúlacht an táirge
Tugann an próiseas bácála a dhéantar de láimh cuma ar leith d’arán briosc ‘Skedvi Bröd’ i gcás ina dtugann éagsúlachtaí datha, uigeacht dromchla agus cruinneachán cuma thréithiúil agus láidir don arán briosc inar féidir an próiseas déantúsaíochta de láimh a fheiceáil go soiléir.
Is tríd an arán briosc ‘Skedvi Bröd’ a bhácáil in oigheann atá breoslaithe le hadhmaid a fhaigheann sé a dhea-bholadh saintréitheach d’foraois péine tirime, agus a bholaithe spíonlach péine agus roisín, agus a bhlas saintréitheach láidir agus beagán searbh de phlúr rósta agus blasanna carra mhilis agus blasanna dóite.
Dá bhrí sin, tá saintréithe ‘Skedvi Bröd’ difriúil leis na saintréithe a bhaineann leis an arán briosc tionsclaíoch atá níos coitianta ar mhargadh na Sualainne, agus a bhácáiltear ar chrios iompair in oigheann leictreach.
Sainiúlacht an phróisis monaraíochta
Chun ‘Skedvi Bröd’ a dhéanamh, déantar plúr caiscín seagail a mheascadh le huisce, le giosta agus le salann. Déantar an taos a rolladh amach agus a phriocadh. Déantar ciorcail agus poll ina lár a stampáil ar an taos.
Bíonn tionchar ag raimhre an taois agus tiús an aráin briosc ar an bpróiseas bácála. D’fhonn an t-arán briosc a thriomú tar éis bácála gan é a fhilleadh nó a bhriseadh, tá an trastomhas teoranta do thart ar 30 cm.
Fágtar na fáinní taois ag ardú ar feadh leathuair an chloig sula ndéantar iad a bhácáil ar theallach iarainn theilgthe in oigheann atá breoslaithe le hadhmad sprúis agus adhmad péine agus an choirt fós air.
Sula dtosaíonn an báicéir ag bácáil, déanann sé an t-oigheann a théamh trí thine a lasadh ar an teallach iarainn theilgthe. Nuair a bheidh an t-oigheann te, cuirtear na ciorcail taois atá ardaithe ceann ar cheann ar an teallach san oigheann. Le linn na bácála, ní mór don bháicéir a áirithiú go gcoinnítear teocht an oighinn ag 350-400 ° C trí adhmad sprúis nó adhmad péine a chur le taobhanna an oighinn.
Féadtar 15 arán briosc a chur isteach i ngach oigheann bácála. Mar gheall ar mhéid an oighinn, beidh an teocht agus an ghaireacht don adhmad atá ag dó éagsúil ag brath ar an áit ina bhfuil an t-arán briosc san oigheann. Ionas nach ndéanfar an t-arán briosc a cócaráil go míchothrom, ní mór don bháicéir iad a bhogadh timpeall san oigheann dá bhrí sin le linn na bácála. Bogtar iad de réir patrún ar leith a ligeann don bháicéir freisin arán briosc atá réidh ar thaobh amháin den oigheann a bhaint agus arán briosc neamhchócaráilte a chur isteach ar an taobh eile.
Socraítear am na bácála le teocht an oighinn, a mbíonn tionchar ag an teocht chomhthimpeallach, ag taise an adhmaid agus má chuir an báicéir adhmad úr a chur san oigheann air ansin. Cinneann an báicéir nuair a bhíonn an t-arán briosc réidh bunaithe ar an boladh agus ar an gcuma a bhíonn orthu.
Crochtar an t-arán bácáilte, a bhíonn fós beagán bog ar shlata triomaithe atá snáithithe tríd an bpoll lárnach san arán, agus fágtar iad le triomú i seomraí triomúcháin.
Nasc cúisíoch
Tá arán briosc cruinn a bhfuil poll ann á dhéanamh ar an mbealach traidisiúnta céanna in Stora Skedvi ó bhí na 1950í ann. Tá an ceard a bhaineann leis an arán briosc clasaiceach a dhéanamh de láimh agus an teicníc speisialta a theastaíonn chun an t-arán a bhácáil in oigheann adhmaid fágtha le hoidhreacht ó bháicéirí níos sine aráin bhriosc a bhfuil taithí acu ar an gceird, chuig glúin nua báicéirí. Éilítear neart taithí le haghaidh máistreacht a fháil ar an modh traidisiúnta chun arán briosc a bhácáil ar theallach iarainn theilgthe in oigheann atá breoslaithe le hadhmad.
Le linn na bácála, ní mór an t-oigheann a bhreoslú ag baint úsáid as adhmad agus an choirt air. Bíonn tionchar ag luach ard calrach (18,7-19,8 MJ/kg d’ábhar tirim), aag an goirt mar aon leis na gáis dócháin agus an ghal san oigheann, ar an bpróiseas bácála, rud a tháirgeann an chuma, an uigeacht agus an blas saintréitheach ar ‘Skedvi Bröd’. Bíonn hidreacarbóin sho-ghalaithe éagsúla sa choirt freisin a chuireann leis an mblas agus a thugann dea-bholadh sainiúil na foraoise péine tirime don arán.
Mar thoradh ar an láimhseáil láimhe, déanfar cuid den arán briosc a bhácáil níos mó ná a chéile agus dá bhrí sin beidh a saintréithe difriúil, agus beidh dath níos dorcha, níos teo, uigeacht níos crua agus blas agus boladh níos casta agus blasanna dóite níos suntasaí ann.
Nuair a bhíonn an t-arán briosc bácáilte agus triomaithe á iniúchadh, déantar an t-arán briosc caighdeánach agus an t-arán briosc a bhacáiltear ar feadh tréimhse níos faide a dheighilt óna chéile. Déantar an t-arán briosc caighdeánach a mhargú mar Bhunchineál ‘Skedvi Bröd’, agus díoltar an t-arán briosc a bhácáiltear ar feadh tréimhse níos faide mar ‘Skedvi Bröd’ Extragräddat.
Tagairt d’fhoilsiú shonraíocht an táirge
https://www.livsmedelsverket.se/globalassets/foretag-regler-kontroll/livsmedelsinformation-markning-halsopastaenden/skyddade-beteckningar/produktspecifikation_skedvi_knackebrod-2022_08_10.pdf