ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 249

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
14 Iúil 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 249/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11104 – HUTCHISON PORTS SOKHNA / GOLDEN CHANCE INVESTMENT ENTERPRISE / CMA TERMINALS / JV) ( 1 )

1

2023/C 249/02

Ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór arna n-ainmniú de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)

2


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN BANC CEANNAIS EORPACH

2023/C 249/03

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 6 Meitheamh 2023 maidir leis an togra le haghaidh treoir maidir le dícheall cuí i gcomhair inbhuanaitheacht chorparáideach (CON/2023/15)

3


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 249/04

Rátaí malairte an euro — 13 Iúil 2023

7


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 249/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (M.11147 – NESTLE / PAI PARTNERS / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

8

2023/C 249/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11173 – HEDIN/TORPEDO) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

10

2023/C 249/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11202 – FORTUM MARKETS / TELGE ENERGI) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

12

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 249/08

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

13

2023/C 249/09

Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ar shonraíocht táirge tásic gheografaigh in earnáil na ndeochanna biotáilleacha, dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2021/1235 ón gCoimisiún

20


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 249/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11104 – HUTCHISON PORTS SOKHNA / GOLDEN CHANCE INVESTMENT ENTERPRISE / CMA TERMINALS / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 249/01)

An 7 Iúil 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11104. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 249/2


Ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór arna n-ainmniú de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (1)

(2023/C 249/02)

Seirbhís ainmnithe

Cineál

Dáta an chinnidh ainmniúcháin

Dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

AliExpress

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Amazon Store

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

App Store

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Bing

Inneall cuardaigh an-mhór

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Booking.com

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Facebook

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Google Maps

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Google Play

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Google Search

Inneall cuardaigh an-mhór

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Google Shopping

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Instagram

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

LinkedIn

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Pinterest

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Snapchat

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

TikTok

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Twitter

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

YouTube

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Wikipedia

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023

Zalando

Ardán an-mhór ar líne

25 Aibreán 2023

14 Iúil 2023


(1)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN BANC CEANNAIS EORPACH

14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 249/3


TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 6 Meitheamh 2023

maidir leis an togra le haghaidh treoir maidir le dícheall cuí i gcomhair inbhuanaitheacht chorparáideach

(CON/2023/15)

(2023/C 249/03)

Réamhrá agus bunús dlí

An 23 Feabhra 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an togra le haghaidh treoir maidir le dícheall cuí i gcomhair inbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (1) (dá ngairtear an ‘treoir atá beartaithe’ anseo feasta).

Tá cinneadh déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin maidir leis an treoir atá beartaithe. Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ós rud é go bhfuil forálacha sa treoir atá beartaithe lena ndéantar difear do chúraimí BCE maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 127(6) den Chonradh agus do rannchuidiú an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 127(5) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim seo.

1.   Barúlacha ginearálta

1.1.

Leis an treoir atá beartaithe, forchuirtear oibleagáidí ar chuideachtaí móra áirithe dícheall cuí maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol a dhéanamh (2), lena n-áirítear drochthionchair iarbhír agus fhéideartha a aimsiú (3), dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais cuideachtaí (4), drochthionchair a chosc nó a mhaolú (5), nós imeachta gearán a bhunú (6), faireachán a dhéanamh ar bhearta agus ar bheartais (7), agus tuairisciú (8). Chun na críche sin, sainmhínítear sa treoir atá beartaithe ‘cuideachta’ agus faoin sainmhíniú sin sonraítear go n-áirítear leis gnóthas airgeadais rialáilte’ (9), lena n-áirítear, ansin, i measc nithe eile, institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (dá ngairtear ‘institiúid creidmheasa’ anseo feasta, agus, san iolra, ‘institiúidí creidmheasa’).

1.2.

Thairis sin, leis an treoir atá beartaithe, ceanglaítear ar chuideachtaí a bhfuil feidhm aici maidir leo bearta iomchuí a dhéanamh chun sonrú a dhéanamh ar dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine agus ar dhrochthionchair chomhshaoil a eascraíonn as a n-oibríochtaí féin nó as oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina mbaineann siad lena luachshlabhraí, óna gcaidrimh ghnó bhunaithe (11). I gcás gnóthais airgeadais rialáilte, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa, sainmhínítear an téarma ‘luachshlabhra’ sa treoir atá beartaithe mar théarma lena n-áirítear gníomhaíochtaí de chuid cliant a fhaigheann seirbhísí iasachta, seirbhísí creidmheasa agus seirbhísí airgeadais eile (12). Cé nach dtagann dícheall cuí um chearta an duine agus dícheall cuí comhshaoil faoi réimsí inniúlachta BCE, d’fhéadfadh impleachtaí praiticiúla tábhachtacha a bheith ag an treoir atá beartaithe d’institiúidí creidmheasa. Ón taobh sin de, moltar socruithe a bheartú sa treoir atá beartaithe maidir le comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-institiúidí creidmheasa leis an treoir atá beartaithe agus na húdaráis atá freagrach as maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, lena n-áirítear BCE. I ndáil leis sin, tugann BCE dá aire go bhfuil socruithe bunaithe ag comhreachtóirí an Aontais maidir le comhar agus malartú faisnéise idir údaráis mhaoirseachta stuamachta ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, na húdaráis mhaoirseachta inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-institiúidí creidmheasa le reachtaíocht an Aontais lena rialáiltear réimsí eile gníomhaíochta nach dtagann faoi inniúlachtaí BCE maidir le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa. Bunaíodh socruithe den sórt sin, mar shampla, i réimsí na gceanglas um fhrithsciúradh airgid agus um maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (13), margaí in ionstraimí airgeadais (14), agus bonneagair mhargaidh (15).

1.3.

Leis an treoir atá beartaithe, tugtar isteach dliteanas sibhialta do chuideachtaí nach gcomhlíonann na hoibleagáidí atá orthu drochthionchair fhéideartha a chosc agus deireadh a chur le drochthionchair iarbhír, má tharlaíonn damáistí de thoradh na mainneachtana sin (16). Cé gur gá mionsonraí breise maidir leis an gcóras dliteanais shibhialta (mar shampla, an sainmhíniú ar dhamáistí cumhdaithe agus ar an dualgas cruthúnais) a shainiú, táthar ag dréim leis go bhféadfadh méadú suntasach teacht ar rioscaí dlíthíochta na mbanc de thoradh an chórais dliteanais sin. Tá BCE ag dréim leis go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa faoi mhaoirseacht na rioscaí sin a bhainistiú i gcomhréir le hionchais mhaoirseachta stuamachta BCE arna gcur in iúl ag BCE. Tugtar faoi deara sa chomhthéacs sin go bhfuil cur chuige rioscabhunaithe glactha ag BCE go dtí seo agus measúnú á dhéanamh aige ar an neamhchosaint atá ag banc ar rioscaí rialachais shóisialta comhshaoil (ESG). Mar shampla, chuir BCE in iúl gur gá do na bainc tuiscint a fháil ar na hiarmhairtí a ghabhann leis an aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe ó thaobh a gcuid idirbheart agus a gcuid neamhchosaintí, agus gur gá dóibh na rioscaí sin a léiriú ina straitéis fhoriomlán bainistithe riosca (17). Ón taobh sin de, maidir le iasachtú leanúnach chun gníomhaíochtaí atá neamhchosanta ar ardrioscaí aistrithe a chistiú, ní féidir a mheas go bhfuil an t-iasachtú sin comhsheasmhach le bainistiú fónta riosca ach amháin má tá plean inchreidte eolaíochtbhunaithe aistrithe, atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ag an iasachtaí, (18) chun a riosca aistrithe a bhainistiú agus a laghdú le himeacht ama. Go háirithe, tagann bainistiú fónta ar an riosca dlíthíochta faoi chuimsiú bainistiú fónta ar riosca an aistrithe freisin. Sa chomhthéacs sin, cuireann BCE i bhfáth nár mhór ról phleanáil an aistrithe i gcorparáidí a chur san áireamh agus aitheantas a thabhairt don ról sin dá dtabharfaí isteach dliteanas sibhialta a bhaineann le drochthionchar an iasachtaithe sin. I gcomhréir leis an gcur chuige maoirseachta thuasluaite, féadfar a mheas, mar sin féin, maidir le hiasachtú chun gníomhaíochtaí atá neamhchosanta ar ardrioscaí aistrithe a chistiú, go bhfuil an t-iasachtú sin comhsheasmhach le cuir chuige fhónta bainistithe riosca, ar choinníoll go leanann rannchuidiú imeallach na ngníomhaíochtaí atá beartaithe nó curtha i gcrích de bheith comhleanúnach le pleananna inchreidte aistrithe. Tá sé sin ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh bainc in ann iarrachtaí aistrithe a mhaoiniú do chliaint nach bhfuil ailínithe go fóill – ach a bhfuil sé beartaithe acu a bheith ailínithe – le spriocanna aeráide an Aontais agus le comhaontú Pháras.

1.4.

Leis an treoir atá beartaithe, forchuirtear oibleagáid ar na cuideachtaí sin a bhfuil feidhm aici maidir leo plean aistrithe a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil samhail ghnó agus straitéis ghnó na cuideachta comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus le teorannú an téimh dhomhanda go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras (19). Go sonrach, ní mór do chuideachta cuspóirí laghdaithe astaíochtaí a áireamh ina plean má shonraíonn an chuideachta gur príomhriosca é an t-athrú aeráide. Cé go bhforchuirtear leis an treoir atá beartaithe an oibleagáid plean aistrithe a ghlacadh, leagtar síos ar leithligh i dTreoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) (dá ngairtear ‘an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach’ nó ‘CSRD’ anseo feasta) an lánas agus na ceanglais phraiticiúla a ghabhann le plean aistrithe a nochtadh. Tá comhordú agus comhleanúnachas dlúth idir sainmhínithe agus ceanglais na treorach atá beartaithe agus CSRD ríthábhachtach dá bhrí sin. Leagann BCE béim ar an ngá atá ann go n-áiritheofaí comhsheasmhacht agus idir-inoibritheacht na bpleananna aistrithe faoin dá phíosa reachtaíochta sin. Is den tábhacht é go dtabharfaí faoi deara go bhféadfadh aidhmeanna agus cuspóir na bpleananna aistrithe mar a cheanglaítear faoin treoir atá beartaithe agus faoi CSRD a bheith éagsúil le pleananna aistrithe a cheanglaítear ó thaobh na stuamachta de faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) (dá ngairtear ‘an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil’ nó ‘CRD’ anseo feasta), atá á athbhreithniú faoi láthair. Is é is aidhm do CRD a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa measúnú cuimsitheach ar rioscaí ESG agus go ndéanfaidh siad tosca réamhbhreathnaitheacha maidir leis na priacail sin a neadú ina straitéisí, ina bpraghsáil, ina bhfaireachán leanúnach ar riosca, agus ina mbainistiú, d’fhonn athléimneacht na hinstitiúide creidmheasa a áirithiú.

1.5.

Leis an treoir atá beartaithe, tugtar sainordú do na Ballstáit údarás maoirseachta amháin nó níos mó a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos inti (22). Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí údaráis atá ainmnithe faoi láthair mar údaráis inniúla chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthais airgeadais rialáilte a ainmniú freisin mar údaráis mhaoirseachta chun críocha na treorach atá beartaithe i ndáil leis na gnóthais airgeadais sin a thagann faoi raon feidhme na treorach atá beartaithe (23). Cuireann BCE i bhfáth gurb ionann an mhaoirseacht ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa treoir atá beartaithe agus cúram atá éagsúil le cúraimí stuamachta na n-údarás inniúil náisiúnta (ÚINanna) laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) (24). Más rud é go n-ainmneoidh na Ballstáit ÚINanna laistigh de SAM mar údarás maoirseachta faoin treoir atá beartaithe, ba cheart an chóir agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil dóibh chun na cúraimí nua sin a dhéanamh gan dochar dá bhfreagrachtaí stuamachta reatha. Thairis sin, athdhearbhaíonn BCE go bhfuil gá le socruithe cuí maidir le comhordú, comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí ag institiúidí creidmheasa faoin treoir atá beartaithe ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, na húdaráis atá freagrach as maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, lena n-áirítear BCE. Ba cheart go gcuideodh socruithe den sórt sin le cosc a chur, a mhéid is féidir, le ceanglais tuairiscithe dhúbailte nach bhfuil gá leo agus le cinnteoireacht neamhréireach i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa faoi mhaoirseacht.

1.6.

Bunóidh an Coimisiún Líonra Eorpach Údarás Maoirseachta ar a mbeidh ionadaithe ó na húdaráis mhaoirseachta arna n-ainmniú ag na Ballstáit, agus féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do ghníomhaireachtaí Eorpacha a bheith rannpháirteach ann chun faisnéis a mhalartú, cúnamh frithpháirteach a sholáthar agus bearta a bhunú le haghaidh comhar éifeachtach (25). Leis an treoir atá beartaithe, eisiatar an fhéidearthacht, mar is ceart, go mbeadh sé de chúram ar BCE maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na treorach atá beartaithe ag na hinstitiúidí creidmheasa suntasacha sin atá faoina mhaoirseacht dhíreach. Tá sé sin comhsheasmhach le tuiscint BCE nach dtagann an cúram sin faoi raon feidhme na gcúraimí maoirseachta stuamachta a fhéadfar a thabhairt do BCE faoi Airteagal 127(6) den Chonradh. Mar sin féin, measann BCE gur den ríthábhacht é go ndéanfaí an Líonra Eorpach Údarás Maoirseachta atá beartaithe a leathnú chun BCE ina cháil mar mhaoirseoir stuamachta ar institiúidí creidmheasa a chuimsiú ann. Leis sin d’áiritheofaí comhordú agus chuirfí bunús fónta dlí ar fáil chun socruithe comhair agus malartaithe faisnéise a bhunú idir BCE agus na húdaráis mhaoirseachta arna n-ainmniú faoin treoir atá beartaithe, go háirithe maidir leis na gnóthais airgeadais rialáilte sin a thagann faoi mhaoirseacht dhíreach stuamachta BCE (i.e. institiúidí creidmheasa suntasacha), ach a bheadh freisin faoi réir mhaoirseacht na n-údarás maoirseachta náisiúnta arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun críocha na treorach atá beartaithe.

1.7.

Leis an treoir atá beartaithe, tugtar sainmhíniú ar luachshlabhra na ngnóthas airgeadais rialáilte. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar chreataí rialála amach anseo, mar shampla, na Caighdeáin Eorpacha um Thuairisciú Inbhuanaitheachta arna n-ullmhú ag an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (26), atá le glacadh ag an gCoimisiún i gcomhthéacs CSRD. Ba cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar an sainmhíniú i gcomhthéacs creataí rialála stuamachta, toisc go bhféadfadh sé nárbh iomchuí úsáid a bhaint as i gcreataí rialála stuamachta. Is amhlaidh atá toisc gur den tábhacht é, ó thaobh na maoirseachta stuamachta de, go mbeadh forléargas cuimsitheach ag gnóthais airgeadais rialáilte ar na rioscaí aistrithe is gné dhílis dá luachshlabhra. Dá réir sin, b’fhéidir gur ghá anailís níos doimhne agus breithniú breise a dhéanamh ar an sainmhíniú ar an luachshlabhra a mhéid a bhaineann sé le gnóthais airgeadais rialáilte.

1.8.

Ar deireadh, leagann BCE béim ar a thábhachtaí atá sé go dtiocfadh an treoir atá beartaithe i bhfeidhm de réir a chéile agus go hordúil chun go mbeidh cuideachtaí in ann a bpróisis inmheánacha agus a gcaidrimh ghnó a choigeartú chun freastal ar na ceanglais nua. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ionas go mbeidh gnóthais airgeadais rialáilte in ann athmheasúnú ordúil ar rioscaí a áirithiú agus fanacht glan ar éifeachtaí aille lena bhféadfaí foirceantaí tobanna seirbhísí airgeadais a chruthú, rud a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar an gcobhsaíocht airgeadais.

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an treoir atá beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 6 Meitheamh 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM (2022) 71 final.

(2)  Féach Airteagal 4 den treoir atá beartaithe.

(3)  Féach Airteagal 6 den treoir atá beartaithe.

(4)  Féach Airteagal 5 den treoir atá beartaithe.

(5)  Féach Airteagal 7 agus Airteagal 8 den treoir atá beartaithe.

(6)  Féach Airteagal 9 den treoir atá beartaithe.

(7)  Féach Airteagal 10 den treoir atá beartaithe.

(8)  Féach Airteagal 11 den treoir atá beartaithe.

(9)  Féach Airteagal 3, pointe (a)(iv), den treoir atá beartaithe.

(10)  Féach pointe 1 d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(11)  Féach Airteagal 6(1) den treoir atá beartaithe.

(12)  Féach Airteagal 3, pointe (g), den treoir atá beartaithe.

(13)  Féach Airteagal 49 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73); míreanna 3.1 go 3.8 de Thuairim CON/2022/4 ó BCE. Tá gach tuairim ó BCE le fáil ar EUR-Lex.

(14)  Féach Airteagal 79 de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014 lch. 349).

(15)  Féach Airteagal 84 Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(16)  Féach Airteagal 22 den treoir atá beartaithe.

(17)  Féach ‘Guide on climate-related and environmental risks’ (Treoir maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil) ó BCE, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE maidir le maoirseacht baincéireachta ag www.bankingsupervision.europa.eu. Féach freisin an phreaseisiúint ‘ECB sets deadlines for banks to deal with climate risks’ (Socraíonn BCE spriocdhátaí do bhainc chun dul i ngleic le rioscaí aeráide) atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE maidir le maoirseacht baincéireachta ag www.bankingsupervision.europa.eu

(18)  Féach an óráid a thug Frank Elderson, Running up that hill’ – how climate-related and environmental risks turned mainstream in banking supervision and next steps for banks (Ag rith in aghaidh an aird’ – an chaoi a ndearnadh rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil a phríomhshruthú sa mhaoirseacht ar bhaincéireacht agus na chéad chéimeanna eile do na bainc) atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(19)  Féach Airteagal 15 den treoir atá beartaithe.

(20)  Féach Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).

(21)  Féach Airteagal 76 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(22)  Airteagal 17(1) den treoir atá beartaithe.

(23)  Airteagal 17(5) den treoir atá beartaithe.

(24)  Féach Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón an gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(25)  Airteagal 21 den treoir atá beartaithe.

(26)  Féach an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, First Set of draft ESRS (An Chéad Sraith de dhréacht-ESRS), Samhain 2022, atá le fáil ar shuíomh gréasáin EFRAG ag www.efrag.org


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 249/7


Rátaí malairte an euro (1)

13 Iúil 2023

(2023/C 249/04)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1182

JPY

yen na Seapáine

154,84

DKK

krone na Danmhairge

7,4523

GBP

punt steirling

0,85553

SEK

krona na Sualainne

11,5100

CHF

franc na hEilvéise

0,9644

ISK

króna na hÍoslainne

146,90

NOK

krone na hIorua

11,2480

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,752

HUF

forint na hUngáire

375,15

PLN

zloty na Polainne

4,4323

RON

leu na Rómáine

4,9433

TRY

lira na Tuirce

29,2478

AUD

dollar na hAstráile

1,6299

CAD

dollar Cheanada

1,4714

HKD

dollar Hong Cong

8,7481

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7580

SGD

dollar Shingeapór

1,4816

KRW

won na Cóiré Theas

1 418,67

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,2148

CNY

renminbi-yuan na Síne

8,0098

IDR

rupiah na hIndinéise

16 727,49

MYR

ringgit na Malaeisia

5,1280

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,780

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

38,667

BRL

real na Brasaíle

5,3747

MXN

peso Mheicsiceo

18,9248

INR

rúipí na hIndia

91,7935


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 249/8


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(M.11147 – NESTLE / PAI PARTNERS / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 249/05)

1.   

An 3 Iúil 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

PAI Partners S.à.r.l. (‘PAI Partners’, Lucsamburg), faoi rialú PAI Partners S.A.S. (an Fhrainc),

Nestlé S.A. (‘Nestlé’, an Eilvéis),

Gnó pizza reoite Nestlé (‘JV’, Lucsamburg), faoi rialú Nestlé.

Gheobhaidh PAI Partners agus Nestlé rialú comhpháirteach ar JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

PAI Partners: bainistíonn sé cistí cothromais phríobháidigh a fhaigheann cuideachtaí atá gníomhach sna hearnálacha seo a leanas: seirbhísí gnó, bia agus tomhaltóirí, tionscail ghinearálta, agus cúram sláinte,

Nestlé: táirgeann agus díolann sé réimse mór táirgí bia agus dí, lena n-áirítear táirgí déiríochta; deochanna caife; uisce pacáistithe; gránaigh; táirgí cócaireachta lena n-áirítear bia ullmhaithe, tarsainn, anlainn agus pasta tirim; uachtar reoite; seacláid agus deochanna tae; táirgí milseogra, sneaiceanna agus bia peataí, táirgí cothaithe cúraim sláinte,

an JV: táirgeann sé agus dáileann sé pizza reoite in Andóra, sa Bheilg, sa tSeicia, sa Danmhairg, sa Ghearmáin, sa Ghréig, san Ungáir, san Íoslainn, san Iodáil, i Lucsamburg, i Málta, san Ísiltír, sa tSlóvaic, sa tSualainn, sa Ríocht Aontaithe.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11147 – NESTLE / PAI PARTNERS / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 249/10


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11173 – HEDIN/TORPEDO)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 249/06)

1.   

An 7 Iúil 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Hedin Mobility Group AB (‘Hedin’, an tSualainn), atá faoi rialú deiridh Anders Hedin,

ocht gcuideachta (2) (dá ngairtear le chéile ‘Torpedo’, gach ceann acu lonnaithe sa Ghearmáin) atá ag Torpedo-Garage Ansorg, Hermann und Thomas GmbH u. Co KG agus Torpedo LT Investment GmbH (an Ghearmáin) faoi láthair.

Gheobhaidh Hedin rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Torpedo ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Hedin gníomhach i ndáileadh mórdhíola agus miondíola gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua agus athláimhe, i ndáileadh miondíola trucailí, i ndáileadh mórdhíola agus miondíola buntrealaimh (‘OE’) agus páirteanna spártha neamh-OE, i soláthar seirbhísí deisithe agus cothabhála, agus i soláthar seirbhísí cíosa, léasaithe agus maoinithe gluaisteán in LEE,

Tá Torpedo gníomhach i ndáileadh miondíola gluaisteán paisinéirí nua agus athláimhe, feithiclí tráchtála éadroma, trucailí, agus páirteanna spártha OE agus neamh-OE agus cuireann sé seirbhísí deisithe agus cothabhála gluaisteán ar fáil do mhótarfheithiclí sa Ghearmáin go príomha.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (3), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11173 – HEDIN/TORPEDO

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  Is éard atá sa sprioc-chuideachta ocht gcuideachta atá i seilbh Torpedo-Garage Ansorg, Hermann und Thomas GmbH u. Co KG agus Torpedo LT Investment GmbH, i.e. (i) Torpedo Garage Südwest GmbH, (ii) Torpedo Garage Saarland GmbH, (iii) TG Autohandelsgesellschaft mbH, (iv) TG Automobile GmbH, (v) Torpedo-Rent GmbH, (vi) Torpedo Logistik & Service GmbH, (vii) Torpedo Services GmbH, (viii) Torpedo eMobility GmbH.

(3)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 249/12


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11202 – FORTUM MARKETS / TELGE ENERGI)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 249/07)

1.   

An 6 Iúil 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Fortum Markets AB (‘Fortum Markets,’ An tSualainn),

Telge Energi AB (‘Telge Energi’, an tSualainn).

Gheobhaidh Fortum comhrialú ar iomlán Telge Energi de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Fortum Markets ina chuid den ghrúpa fuinnimh Fortum atá lonnaithe san Fhionlainn, grúpa atá faoi rialú aonair stát na Fionlainne, atá gníomhach i nginiúint cumhachta, i miondíol fuinnimh le tomhaltóirí agus le fiontair, agus i ngnó na réiteach ciorclach,

Tá Telge Energi ina chuid de ghrúpa Telge na Sualainne atá faoi úinéireacht bhardas Södertälje faoi láthair, agus tá sé gníomhach i miondíol leictreachais a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite le custaiméirí beaga tionsclaíocha agus tráchtála agus le teaghlaigh.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11202 – FORTUM / TELGE ENERGI

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

an Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 249/13


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2023/C 249/08)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

‘Izsáki Arany Sárfehér’

PDO-HU-A1341-AM03

Dáta teachtaireachta: 25.4.2023

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Leasú ar an tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta súilíneacha

Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: TUAIRISC AR NA FÍONTA

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Cúiseanna: Leasaíodh saintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta súilíneacha de thoradh úsáid teicnící fíonóireachta nua-aimseartha.

2.   Scriosadh an mhodha buainte

Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: CLEACHTAIS FHÍONEOLAÍOCHA SHONRACHA

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Cúiseanna: Scriosadh an ceanglas buaint de láimh a dhéanamh. Is é is aidhm dó buaint a thabhairt i gcomhréir le cleachtas laethúil de thoradh an chlaochlaithe i dteicnící táirgthe-fíonchaor agus an laghdú in úsáid obair láimhe san earnáil.

3.   Simplíodh agus caighdeánaíodh an rialú maidir le coipeadh fíona shúilínigh agus le teicnící aosaithe.

Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: CLEACHTAIS FHÍONEOLAÍOCHA SHONRACHA

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Cúiseanna: Simplíodh na rialacha iomarcacha a cuireadh i bhfeidhm ar phróisis táirgthe an táirge sin.

4.   Soiléiriú ar chórais treoraithe fíniúnacha

Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: CLEACHTAIS FHÍONEOLAÍOCHA SHONRACHA

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Cúiseanna: Sainmhíníodh na córais treoraithe i gcomhréir leo siúd a leagadh amach sa phlean athstruchtúrúcháin le haghaidh an réigiún fíona.

5.   Athrú ar an bhfocal ‘machaire’ go ‘móinéar’ sa tuairisc ar an nasc

Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: NASC LEIS AN LIMISTÉAR GEOGRAFACH

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair

Cúiseanna: Ceartaíodh an cineál ithreach.

6.   Scriosadh na tagartha don chion siúcra faoin ‘Nasc leis an limistéar geografach’ le haghaidh fíon súilíneach

Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: NASC LEIS AN LIMISTÉAR GEOGRAFACH

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair

Cúiseanna: Mar gheall ar athrú ar na saintréithe orgánaileipteacha, bhí údar cuí freisin leis an tagairt don chion siúcra faoin nasc a scriosadh.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm nó ainmneacha le clárú

Izsáki Arany Sárfehér

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

4.

Fíon súilíneach

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Fíon geal

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon geal neodrach is ea é ar a bhfuil dath glas éadrom nó dath éadrom na tuí agus dea-bholaithe discréideacha de thorthaí (cainche agus piorra fiáin) agus de bhláthanna fiáine, boladh tipiciúil den limistéar táirgthe, den chineál fíonchaor agus den mhodh táirgthe, agus aigéadacht shainiúil agus neart alcóil measartha. Fíon tirim nó leath-thirim, ag brath ar an méid siúcra.

*

Tá feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomláin agus maidir leis an uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9,87

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4,5  g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

200

2.   Fíon geal súilíneach

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Dath glas éadrom, dath buí na tuí, agus láithreacht sheasmhach, chothrom dé-ocsaíde carbóin. Dea-bholaithe éadroma, discréideacha de thorthaí amhail cainche, piorra fiáin nó torthaí citris; d’fhéadfadh ruainníní bláthanna a bheith ann freisin. Sa bhéal, mar aon leis na haigéid úra, tá tathag éadrom, measartha aige agus dáileadh cothrom dé-ocsaíde carbóin, agus fad measartha, agus d’fhéadfadh blasanna torthaíocha an dhea-bholaidh a bheith ann go discréideach sa bhéal.

*

Tá feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomláin agus maidir leis an uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9,87

Íosmhéid aigéadachta iomláine

5,0  g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

235

5.   Cleachtais fíoneolaíochta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Ceanglais maidir le fíonóireacht

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

FÍON

ní mór na fíonchaora a phróiseáil an lá a bhuantar iad,

ní féidir fáisceadh a dhéanamh ach amháin i bhfáisceáin bhaisce,

an t-úrfhíon a íonú,

coipeadh rialaithe an úrfhíona

FÍON SÚILÍNEACH

coipeadh ar feadh 3 mhí,

coipeadh breise an fhíona shúilínigh ar feadh 6 mhí ar a laghad

Ní mór céimeanna uile na gcleachtas fíoneolaíochta a liostaítear le haghaidh FÍON SÚILÍNEACH a dhéanamh go comhleanúnach san ord is infheidhme.

2.   Córas treoraithe fíniúnacha, spásáil agus lód bachlóg

Córas treoraithe fíniúnacha

Féadfar na córais treoraithe a leanas a úsáid: ceann-threorú, Moser, Moser modhnaithe, scáth-threorú agus prúnáil Sylvoz.

Dlús fíniúnacha: 4 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir ar a laghad

Ní fhéadfar ach gearrthóga fréamhaithe a úsáid mar ábhar iomadaithe nuair a bheidh fíonghort á bhunú agus nuair a chuirfear fíniúnacha nua in ionad na bhfíniúnacha caillte.

Níor cheart ráta na bhfíniúnacha atá in easnamh agus cion na bhfíniúnacha eachtracha go hiomlán ar fhíonghort a bheith níos mó ná 10 % de líon na bhfíniúnacha tráth na plandála.

Dáta na buainte a shocrú

(a)

Socraíonn comhairle phobal fíona Izsák an dáta ar a thosaítear an bhuaint ar bhonn buainte tástála a dhéantar gach seachtain ón 1 Lúnasa ar aghaidh.

(b)

Ní féidir deimhniú tionscnaimh a dheonú d’aon táirge a dhéantar as fíonchaora buainte roimh an dáta tosaigh a shocraíonn an pobal fíona le haghaidh fíona ar a bhfuil an lipéad ATFC Izsák agus ní féidir é a chur ar an margadh ag úsáid lipéad ATFC Izsák.

(c)

Fógraítear dáta na buainte i bhfoirm fógra ag na pobail fíona.

FÍON

Is ionann cion siúcra nádúrtha íosta na bhfíonchaor agus 16,0 MM° [grád úrfhíona na hUngáire].

Is ionann neart alcóil féideartha íosta na bhfíonchaor agus 9,87 % de réir toirte.

FÍON SÚILÍNEACH

Is ionann cion siúcra nádúrtha íosta na bhfíonchaor agus 14,0 MM° [grád úrfhíona na hUngáire].

Is ionann neart alcóil féideartha íosta na bhfíonchaor agus 8,42 % de réir toirte.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Fíon

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Fíon

14 300 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

3.

Fíon súilíneach

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

4.

Fíon súilíneach

14 300 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an limistéar críochaithe

Limistéir na mbardas seo a leanas a aicmítear in aicme I agus aicme II de réir chadastar an fhíonghoirt: Ágasegyháza, Ballószög, Fülöpháza, Fülöpszállás, Helvécia, Izsák, Kunszentmiklós, Orgovány, Páhi agus Szabadszállás

7.   Cineál fíonchaoire (cineálacha fíonchaoire)

Arany Sárfehér - Huszár Szőlő

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   Fíon

1.   Tuairisc ar an limistéar críochaithe

(a)   Tosca nádúrtha agus cultúrtha:

Tá an limistéar críochaithe suite idir abhainn na Danóibe agus abhainn Tisza. Den chuid is mó, is é a shuíomh machaire ísealchríche a chinneann gnéithe comhshaoil an limistéir táirgthe. Tá an chuid is mó den limistéar níos lú ná 120 m os cionn leibhéal na mara. Tá an tír-raon cothrom, nach bhfuil difríochtaí airde níos mó ná 10-15 m ann.

Is beag éagsúlacht in ithir an limistéir táirgthe, le formhór an limistéir comhdhéanta d’ithreacha gainmheacha cailcreacha (húmas agus gaineamh séidte ag an ngaoth), ithir mhóinéir fhorluitigh agus corrdháileachtaí lóis cailcrigh. Téann na hithreacha gainmheacha go tapa go hiondúil, a ndathanna gléineacha ag frithchaitheamh sholas na gréine ar bhealach níos fearr, a chuidíonn le haibiú na bhfíonchaor; mar gheall ar a gcion grianchloiche, ar mó é ná 75 %, tá na hithreacha imdhíonach ar phylloxera. Tá a dtoilleadh cothaitheach agus a gcion mianrach níos ísle.

Cinntíonn an aeráid ilchríochach dálaí aeráide an limistéir táirgthe, lena mbaineann samhraí teo agus geimhrí fuara go sonrach thar aon ní eile. Mar gheall ar na dálaí aeráide agus ar an gcothroime agus an airde measartha íseal araon, féadfar sioc an gheimhridh a bheith ann i mblianta fíona áirithe, cé gur féidir sioc a tharlú san earrach agus san fhómhar freisin. Bíonn an mheánteocht thart ar 10-11 °C. Is ionann meánlíon uaireanta gréine agus 2 000 uair an chloig in aghaidh na bliana. Is ionann meánfhrasaíocht bhliantúil agus 450-500 mm, a chomhlíonann riachtanais na bhfíonchaor den chuid is mó, cé go mbíonn an dáileadh bliantúil míchothrom. Tá soláthar maith uisce ag an limistéar agus tá an maoschlár gar don dromchla, ar a dhéanann Loch Kolon cúiteamh, ar príomhthoisc é chun infhaighteacht screamhuisce a chinntiú.

(b)   Tosca daonna:

Is é Arany Sárfehér an cineál fíonchaoire atá tipiciúil don limistéar críochaithe, a roghnaíodh ó fhíonghort áitiúil in 1873. Athraíodh ainm an chineáil roinnt uaireanta (Izsáki Sárfehér - 1873, Izsáki - 1967, Arany Sárfehér - 1999).

Forbraíodh córas treoraithe atá sainoiriúnaithe don chineál. Tá na fíniúnacha ceann-treoraithe, tá lód íseal orthu agus déantar prúnáil spoir ghearr mhín orthu. Chun go dtreoraítear ar an mbealach sin iad, ní mór do na fíniúnacha a bheith i riocht maith, agus déantar cothabháil air sin trí leasachán orgánach a chur go tráthrialta. Úsáidtear an córas treoraithe tródaim aird ar na fánaí a shíneann aníos ón machaire; is anseo atá srian ar an táirgeacht agus is ann a bhaintear úsáid as prúnáil spoir shláin.

2.   Tuairisc ar na fíonta:

Dath glas éadrom nó dath éadrom na tuí, agus dea-bholadh sonrach a thugann an cineál fíonchaor a chuireann cainche, piorra fiáin nó plandaí leighis i gcuimhne.

Tá blas saibhir, fíoraigéadach ag an bhfíon, agus tá neart alcóil measartha aige agus tá sé neodrach.

3.   Cur i láthair agus léiriú an naisc chúisigh:

Mar gheall ar an maoschlár gar don dromchla agus ar shonraíochtaí na n-ithreacha gainmheacha go príomha, tá an-tionchar ag an gcomhshaol ar shaintréithe na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora Arany Sárfehér. Fágtar leis an tsuaithinseacht sin thar aon ní eile fíonta ag a bhfuil comhdhéanamh aigéid sonrach agus aigéadacht ard, agus neart alcóil measartha.

Tá cion mianra níos ísle ag na fíonta atá tipiciúil d’ithreacha gainmheacha.

Ainmnítear fíonta an limistéir táirgthe go príomha mar fhíonta gearr-aibithe.

Tá na traidisiúin atá bainteach le Arany Sárfehér, mar chineál fíonchaor an limistéir táirgthe is tábhachtaí, mar gheall ar áitiúlachas paiseanta, ar dhíograis agus ar dhianseasmhacht mhuintir Izsák agus, den chuid is mó, ar an obair shármhaith, thairbheach a rinne László Kostka.

Is féidir teicneolaíochtaí réaduchtacha a chur in úsáid a bhuí le forbairtí teicneolaíochta leanúnacha a rinneadh i bhfiontair Izsák ina dtáirgtear fíon.

Tá an cineál an-oiriúnach do chomhshaol an limistéir; soláthraíonn a thorthúlacht agus cáilíocht na buainte an bonn d’fhostaíocht agus do shlí bheatha na ndaoine áitiúla.

8.2.   Fíon súilíneach

1.   Tuairisc ar an limistéar críochaithe

(a)   Tosca nádúrtha agus cultúrtha:

Tá an limistéar críochaithe suite idir abhainn na Danóibe agus abhainn Tisza. Den chuid is mó, is é a shuíomh machaire ísealchríche a chinneann gnéithe comhshaoil an limistéir táirgthe. Tá an chuid is mó den limistéar níos lú ná 120 m os cionn leibhéal na mara. Tá an tír-raon cothrom, nach bhfuil difríochtaí airde níos mó ná 10-15 m ann. Is beag éagsúlacht in ithir an limistéir táirgthe, le formhór an limistéir comhdhéanta d’ithreacha gainmheacha cailcreacha (húmas agus gaineamh séidte ag an ngaoth), ithir mhóinéir fhorluitigh agus corrdháileachtaí lóis cailcrigh. Téann na hithreacha gainmheacha go tapa go hiondúil, a ndathanna gléineacha ag frithchaitheamh sholas na gréine ar bhealach níos fearr, a chuidíonn le haibiú na bhfíonchaor; mar gheall ar a gcion grianchloiche, ar mó é ná 75 %, tá na hithreacha imdhíonach ar phylloxera. Tá a dtoilleadh cothaitheach agus a gcion mianrach níos ísle.

Cinntíonn an aeráid ilchríochach dálaí aeráide an limistéir táirgthe, lena mbaineann samhraí teo agus geimhrí fuara go sonrach thar aon ní eile. Mar gheall ar na dálaí aeráide agus ar an gcothroime agus an airde measartha íseal araon, féadfar sioc an gheimhridh a bheith ann i mblianta fíona áirithe, cé gur féidir sioc a tharlú san earrach agus san fhómhar freisin. Bíonn an mheánteocht thart ar 10-11 °C. Is ionann meánlíon uaireanta gréine agus 2 000 uair an chloig in aghaidh na bliana. Is ionann meánfhrasaíocht bhliantúil agus 450-500 mm, a chomhlíonann riachtanais na bhfíonchaor den chuid is mó, cé go mbíonn an dáileadh bliantúil míchothrom. Tá soláthar maith uisce ag an limistéar agus tá an maoschlár gar don dromchla, ar a dhéanann Loch Kolon cúiteamh, ar príomhthoisc é chun infhaighteacht screamhuisce a chinntiú.

(b)   Tosca daonna:

Lena chomhdhéanamh aigéid sonrach, aigéadacht ard, neodracht agus neart alcóil measartha, tá an fíon an-oiriúnach chun fíon súilíneach a tháirgeadh. Táirgtear fíon súilíneach anseo ó bhí 1972 ann. Is iad na fíonta súilíneacha a tháirgtear anseo fíon súilíneach IZSÁKI ARANY SÁRFEHÉR, a dhéantar go hiomlán as fíon a tháirgtear as Arany Sárfehér, ar cineál fíonchaor sainiúil é a fhástar sa limistéar.

2.   Tuairisc ar na fíonta

Fíon súilíneach lonrach, glan ar a bhfuil dath glas éadrom nó dath éadrom na tuí, agus boladh, struchtúr thar a bheith aigéadach agus éadroime aerach atá tipiciúil don chineál, blas agus dea-bholadh torthaíoch a bhaineann go sonrach leis, úire, dé-ocsaíd charbóin dáilte go mín, agus súilíní buana.

3.   Cur i láthair agus léiriú an naisc chúisigh

Mar gheall ar an maoschlár gar don dromchla agus ar shonraíochtaí na n-ithreacha gainmheacha go príomha, tá an-tionchar ag an ithir agus ag an aeráid ar shaintréithe na bhfíonta súilíneacha a dhéantar as fíonchaora Arany Sárfehér.

Tugann an ithir chailcreach comhdhéanamh den scoth atá thar a bheith aigéadach don fhíon súilíneach.

Tá an fíon súilíneach aerach agus éadrom mar gheall ar an screamhuisce gar don dromchla atá le fáil san ithir ghainmheach.

Cuidíonn an tsuim theasa a thomhaistear le linn na tréimhse fásra agus éifeacht dearfach an lín uaireanta gréine le haibiú na bhfíonchaor, as a thagann saintréith thorthaíoch an fhíona shúilínigh.

Ní hamháin go gcoimeádtar dea-bholaithe úra an chineáil trí phróiseáil na bhfíonchaor agus teicneolaíocht réaduchtach, tapa á húsáid, ach soláthraítear leis a dhath galánta freisin.

Tá an dea-bholadh uathalaithe a chruthaítear le linn tháirgeadh an fhíona shúilínigh discréideach.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Rialacha maidir le comharthú

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar an téarma traidisiúnta ‘fíon tionscnaimh chosanta’ a úsáid.

Níor cheart ainm an bhardais mar aonad geografach níos lú a bheith ar an lipéad.

Féadfar ainmneacha fíonghort a bheith ann in éineacht le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint Izsáki Arany Sárfehér.

Izsák – Gedeon

Izsák – Szajor

Izsák – Kisizsák

Izsák – Páskom

Izsák – Osztály

Ní fhéadfar ainm an fhíonghoirt a úsáid ach amháin má tháirgtear 100 % den fhíon san fhíonghort sin.

Ní mór don mharc deimhniúcháin a eisíonn pobal fíona Izsák a bheith sa chur i láthair.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://boraszat.kormany.hu/download/c/06/13000/Term%C3%A9kle%C3%ADr%C3%A1s%20Izsaki%20Arany%20Sarfeher%20v3%20m%C3%B3dos%C3%ADt%C3%A1sok%20jel%C3%B6l%C3%A9s%C3%A9vel.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 249/20


Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ar shonraíocht táirge tásic gheografaigh in earnáil na ndeochanna biotáilleacha, dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2021/1235 ón gCoimisiún

(2023/C 249/09)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2021/1235 ón gCoimisiún (1).

‘Pacharán navarro’

Uimh. AE: PGI-ES-01878-AM01

Seolta an 30 Eanáir 2023

1.   Leasú

1.1.   Míniú go dtagann an leasú (na leasuithe) faoi shainmhíniú an leasaithe chaighdeánaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/787

Is leasuithe caighdeánacha iad toisc nach gcomhfhreagraíonn siad d’aon cheann de na himthosca a leagtar amach in Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, cosaint tásc geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

1.2.   Tuairisc ar na cúiseanna leis an leasú

1.   ATHRUITHE AR NA TEORAINNEACHA IONSÚITEACHTA

Tuairisc

Roinn (c) Leasaíodh an tuairisc ar an deoch bhiotáilleach i bhforoinn (c2) Paraiméadair cháilíochta. Sa roinn seo, leasaíodh na luachanna ionsúiteachta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar dhath na dí biotáillí.

Achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis an leasú

Is léiriú níos fearr iad na luachanna atá beartaithe ar an tsaintréith a ndéantar meastóireacht uirthi, agus cáilíocht an pacharán faoi chosaint á treisiú agus idirdhealú á dhéanamh idir é agus deochanna eile den sórt sin nach bhfuil faoi réir aon cheann de na ceanglais seo:

Tá dath níos déine comhchiallach le cáilíocht táirgí níos airde, agus mar sin b’ionann na huasluachanna ionsúiteachta a tugadh do na tonnfhaid a shainíonn dath an pacharán faoi chosaint agus teorannú ar cháilíocht an táirge agus dá bhrí sin scriosadh iad.

Mar a luaitear i dtuairisc an táirge, ‘tá dath an ghairnéid nó dath caordhearg an-gheal agus an-dian ar Pacharán Navarro ag a bhfuil himreacha vialaite agus/nó toin vialaite’, agus mar sin méadaíodh an luach ionsúiteachta íosta ag 520 nm (dearg) ó 0,40 go 0,50.

Ar mhaithe le cáilíocht an táirge, tá luach curtha leis chun ocsaídiú a sheiceáil: lí (T), arna sloinneadh mar theorainn 1,8 ar an gcóimheas ionsúiteachta 420/ionsúiteachta 520.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

2.   TAGAIRTÍ DLÍTHIÚLA A THABHAIRT COTHROM LE DÁTA

Tuairisc

Athbhreithniú ar shonraíocht an táirge mar gheall ar theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787

Achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis an leasú

Tá athbhreithniú déanta ar shonraíocht an táirge chun an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair a chomhlíonadh: athraíodh an téarma ‘comhad teicniúil’ go ‘sonraíocht táirge’ agus athraíodh na tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, a aisghaireadh, chun tagairt a dhéanamh do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019.

I Roinn (a) Ainm agus catagóir, athraíodh catagóir na ndeochanna biotáilleacha go ‘32’, an chatagóir de réir Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/787, atá i bhfeidhm anois.

Ní thugann sé sin le tuiscint aon athrú ar ainm dlíthiúil ná ar shainmhíniú na catagóire sin ná ar an táirge faoi chosaint. Is é an t-aon athrú uimhir na catagóire agus an tagairt don Rialachán is infheidhme.

Tá an chuid seo roinnte ina dhá cheannteideal ar leith freisin – (a) Ainm agus (b) Catagóir – i gcomhréir leis an struchtúr a bunaíodh in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/787.

Tagraítear le Roinn (f) Reachtaíocht anois don Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair, Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

2.   Doiciméad Aonair

2.1.   Ainm(neacha)

Pacharán navarro

2.2.   Catagóir nó catagóirí na dí biotáillí

32.

Deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó pacharán

2.3.   Stát iarrthach (Stáit iarrthacha)

An Spáinn

2.4.   Teanga an iarratais

Spáinnis

2.5.   Tuairisc na dí biotáillí

Saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha chomh maith le saintréithe sonracha an táirge i gcomparáid le deochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna

Is deoch bhiotáilleach ar dhath dearg é ‘Pacharán navarro’ a bhfuil blas suntasach airne air, a dhéantar trí chaora airne (Prunus spinosa L.) a mhaothú in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta mar aon le siúcra agus bláthola ainíse íon, ar a bhfuil neart alcóil deiridh idir 25 % agus 30 % de réir toirte.

Paraiméadair fhisiciúla agus cheimiceacha:

Neart alcóil: idir 25 % agus 30 % de réir toirte.

Iomlán na siúcraí: idir 80 g/l agus 250 g/l, arna shloinneadh mar shiúcrós.

Paraiméadair a bhaineann le cáilíocht:

Dath: Tá dath an ghairnéid nó dath caordhearg an-gheal agus an-dian ar pacharán ag a bhfuil himreacha vialaite agus/nó toin vialaite. Déantar an dath a mheasúnú trí ionsúiteacht a bhunú ag trí thonnfhad, ag baint úsáid as na híosluachanna seo a leanas:

Ionsúiteacht íosta ag 420 nm:

0,50.

Ionsúiteacht íosta ag 520 nm:

0,50.

Ionsúiteacht íosta ag 620 nm:

0,05.

Ocsaídiú: sainithe mar thomhas lí (T), arna shloinneadh mar chóimheas na hionsúiteachta ag 420 le hionsúiteacht ag 520:

 

Ton: nach mó ná 1,80

Cuma: ní mór dó a bheith ag drithliú, ar comhartha é sin go bhfuil sé óg agus gléghlan. Déantar é sin a thomhas ag baint úsáid as moirtiúlacht.

Moirtiúlacht: nach mó ná 10 n-aonad mhoirtiúlachta neifiliméadracha (NTUnna).

2.6.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is é an limistéar geografach le haghaidh táirgeadh an pacharán atá cumhdaithe ag an TG ‘Pacharán navarro’ é críoch Chomhphobal Féinrialaitheach Navarra.

2.7.   Limistéir NUTS

1.

ES2 — An tOirthuaisceart

2.

ES220 — Navarra

3.

ES22 — Navarra

2.8.   Modh táirgthe na dí biotáillí

Ní mór an pacharán a chumhdaítear leis an tásc geografach seo a dhéanamh trí chaora airne a mhaothú in alcól de thionscnamh talmhaíochta, le bláthola ainíse íon agus siúcra curtha leo roimh an maothú nó ina dhiaidh.

Bíonn an t-am maothúcháin sa raon idir 1 mhí amháin (íosmhéid) agus 8 mí (uasmhéid).

Éilíonn ‘Pacharán Navarro’ idir 125 g agus 300 g de chaora airne (Prunus spinosa L.) in aghaidh an lítir den táirge deiridh.

Is iad olaí Pimpinella anisum, L. (ainís nó ainíse, ar a dtugtar sa limistéar táirgthe na hainmneacha coitianta anís verde, matalahúga, matalahúva, simientehierba dulce) agus/nó Illicum verum L. (réalt-ainís, ar a dtugtar sa limistéar táirgthe na hainmneacha coitianta anís estrellado, badiánbadiana) agus na holaí sin amháin, na blátholaí íona a úsáidtear.

Ní mór neart alcóil de réir toirte 96 % ar a laghad a bheith ag an alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a úsáidtear chun an táirge seo a dhéanamh agus na ceanglais eile atá bunaithe sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair a chomhlíonadh. De bharr chur an uisce óil leis agus an próiseas maothúcháin, fágtar an neart alcóil idir 26 % agus 60 % de réir toirte.

Tar éis an próiseas maothúcháin a bheith críochnaithe, scinceáiltear an leacht agus ansin scagtar é sula leanann an táirgeadh ar aghaidh.

Le linn an phróisis táirgthe déantar an neart alcóil a laghdú go dtí an neart a theastaíonn sa táirge deiridh go hiarbhír, nach mór a bheith idir 25 % agus 30 % de réir toirte.

Cleachtais thoirmiscthe:

Ní cheadaítear breiseáin ná comhábhair ar bith seachas na cinn atá liostaithe thuas a úsáid.

Ní cheadaítear baisc de chaora airne a athúsáid don dara maothú.

2.9.   Rialacha lipéadaithe sonracha

2.9.1.   Pacáistiú

Chun cáilíocht an táirge a chaomhnú:

Ní mór an táirge a chur i mbuidéil ag an áitreabh céanna ina ndéantar é.

Ní mór gur buidéil ghloine nó cheirmeacha a bheidh sa phacáistíocht ach amháin i gcás coimeádáin níos lú ná 100 ml, ar féidir ábhair eile atá ceadaithe ag an Aontas le haghaidh úsáide bia a úsáid ina leith.

Is é 3 lítear toilleadh uasta buidéil amháin.

Ní fhéadfaidh caora airne ná torthaí ar bith eile a bheith sna buidéil ina gcuirtear ‘Pacharán Navarro’ ar fáil ar an margadh.

2.9.2.   Lipéadú

Ní mór na buidéil a lipéadú le:

an tásc geografach ‘Pacharán Navarro’;

ainm gnólachta agus/nó uimhir chláraithe an táirgeora.

Ní mór an mharcáil chomhréireachta TG ‘Pacharán Navarro’ – ar a bhfuil an lógó TG lena n-áirítear na focail Indicación Geográfica Pacharán Navarro agus sraithuimhir arna heisiúint ag an gcomhlacht rialúcháin, atá le greamú le linn an phróisis lipéadaithe – a thaispeáint ar gach aonad díolacháin chuig an tomhaltóir deiridh (i.e. ar gach buidéal).

2.10.   Tuairisc ar an nasc idir an deoch bhiotáilleach agus a tionscnamh geografach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, gnéithe sonracha tuairisce an táirge nó modh táirgthe lena dtugtar údar leis an nasc

Tá an táirge nasctha leis an limistéar geografach mar a leanas:

 

Ós rud é go bhfuil an t-ainm pacharán – a bhfuil dhá bhunús shanasaíocha fhéideartha aige sa Bhascais, teanga dhúchais an limistéir gheografaigh shainithe – chomh mór sin ar eolas agus, a bhuí le cáil an táirge áitiúil, go bhfuil stádas ainm chineálaigh don chineál seo biotáille bainte amach aige, ar dtús sa Spáinn agus anois san Eoraip;

Traidisiún fadbhunaithe na biotáille seo a dhéanamh agus a ól in Navarra, le tagairtí di sa litríocht ón Meánaois go dtí an lá atá inniu ann.

Sa deireadh tháinig an táirgeadh tionsclaíoch pacharán isteach sa chéad leath den naoú céad déag mar thoradh ar an traidisiún sin. Téann trí chuideachta atá fós ag feidhmiú inniu siar go dtí an tráth sin agus bunaíodh dhá cheann eile sa dara leath den chéad céanna.

Mar gheall ar thraidisiún agus cáil an táirge bhronn Roinn Talmhaíochta agus Comhshaoil Nádúrtha Rialtas Navarra ‘Ainmniúchán Cáilíochta Navarra’ air trí Ordú Réigiúnach dar dáta 22 Meitheamh 1987. Ó shin i leith leanadh lena aithint faoi scéimeanna cáilíochta éagsúla náisiúnta agus de chuid an Aontais (Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle; Rialachán (CE) Uimh. 110/2008).

Léiríonn an iliomad foilseachán clú agus traidisiún áitiúil pacharán in Navarra, lena n-áirítear leabhair, treoraithe bialainne, treoraithe taistil, agus mar sin de.

Fásann caora airne, a thugann a saintréithe orgánaileipteacha do pacharán, ar an draighean (ainm eolaíoch Prunus spinosa L.), planda fiáin a bhaineann leis na crainn silíní agus plumaí. Tagtar ar dhraighin ar fud na hEorpa ach tá siad an-fhorleathan i sléibhte Navarra.

Mar gheall ar thraidisiún láidir áitiúil pacharán a dhéanamh, in 1987 cuireadh tús le hobair ar an draighean a shaothrú, agus is é Navarra an t-aon áit san Eoraip ina mbíonn sé ag fás go fiáin agus ina saothraítear chomh maith é.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://cutt.ly/Ssm5peS


(1)  IO L 270, 29.7.2021, lch. 1.