ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 245

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
12 Iúil 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 245/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11136 — PETRONAS / NPI / CANWIND and NORTHWIND (JVs)) ( 1 )

1

2023/C 245/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10984 — MESSER / TOYOTA TSUSHO EUROPE / JV) ( 1 )

2

2023/C 245/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11183 — SSG / ORDINA) ( 1 )

3

2023/C 245/04

Imeachtaí a thionscnamh (Cás M.10920 — AMAZON / IROBOT) ( 1 )

4


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 245/05

Rátaí malairte an euro — 11 Iúil 2023

5

2023/C 245/06

Fógra maidir le cruthúnais bhailí ar thionscnamh do tháirgí de thionscnamh Ghána tráth a allmhaireofar isteach san Aontas Eorpach iad amhail ón 20 Lúnasa 2023 faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir an tAontas Eorpach agus Gána

6

 

An Chúirt Iniúchóirí

2023/C 245/07

Tuarascáil speisialta 19/2023: Iarrachtaí an Aontais le haghaidh ithir a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe – Caighdeáin neamh-uaillmhianacha agus spriocdhíriú teoranta

7


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 245/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11096 — MAPFRE / VAS / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

8

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 245/09

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

10


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

12.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 245/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11136 — PETRONAS / NPI / CANWIND and NORTHWIND (JVs))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 245/01)

An 27 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11136. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 245/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10984 — MESSER / TOYOTA TSUSHO EUROPE / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 245/02)

An 29 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M10984. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 245/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11183 — SSG / ORDINA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 245/03)

An 4 Iúil 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11183. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 245/4


Imeachtaí a thionscnamh

(Cás M.10920 — AMAZON / IROBOT)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 245/04)

An 6 Iúil 2023, chinn an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh sa chás thuasluaite tar éis dó cinneadh a dhéanamh go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha ann maidir leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi ó thaobh a chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach de. Le tionscnamh na n-imeachtaí cuirtear tús le himscrúdú dara céim i ndáil leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi, agus déantar sin gan dochar don chinneadh críochnaitheach maidir leis an gcás. Tá an cinneadh bunaithe ar Airteagal 6(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Chun go gcuirfear barúlacha san áireamh go hiomlán mar chuid den nós imeachta, ba cheart na barúlacha sin a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost chuig COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu nó tríd an bpost, agus é sin a dhéanamh faoin tagairt Uimh. M.10920 – AMAZON / IROBOT, chuig an seoladh seo a leanas:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

12.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 245/5


Rátaí malairte an euro (1)

11 Iúil 2023

(2023/C 245/05)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0989

JPY

yen na Seapáine

154,27

DKK

krone na Danmhairge

7,4529

GBP

punt steirling

0,85110

SEK

krona na Sualainne

11,7600

CHF

franc na hEilvéise

0,9693

ISK

króna na hÍoslainne

146,90

NOK

krone na hIorua

11,4520

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,855

HUF

forint na hUngáire

379,50

PLN

zloty na Polainne

4,4563

RON

leu na Rómáine

4,9490

TRY

lira na Tuirce

28,6897

AUD

dollar na hAstráile

1,6493

CAD

dollar Cheanada

1,4588

HKD

dollar Hong Cong

8,6023

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7766

SGD

dollar Shingeapór

1,4748

KRW

won na Cóiré Theas

1 422,26

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,4953

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,9143

IDR

rupiah na hIndinéise

16 678,24

MYR

ringgit na Malaeisia

5,1181

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,787

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

38,209

BRL

real na Brasaíle

5,3679

MXN

peso Mheicsiceo

18,7556

INR

rúipí na hIndia

90,5655


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


12.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 245/6


Fógra maidir le cruthúnais bhailí ar thionscnamh do tháirgí de thionscnamh Ghána tráth a allmhaireofar isteach san Aontas Eorpach iad amhail ón 20 Lúnasa 2023 faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir an tAontas Eorpach agus Gána

(2023/C 245/06)

Tá an fógra seo á eisiúint mar fhaisnéis d’údaráis chustaim, d’allmhaireoirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha, a bhfuil baint acu le táirgí de thionscnamh Ghána a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach.

I gcomhréir le hAirteagal 17(3) agus Airteagal 21(1) pointe (b) agus (c) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach, agus gan dochar do na díolúintí a leagtar síos in Airteagail 17(4) agus 26 den Phrótacal sin, amhail ón 20 Lúnasa 2023 ní bheidh cóir fhabhrach taraife an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhaigh ina sochar ag táirgí de thionscnamh Ghána tráth a allmhaireofar isteach san Aontas Eorpach iad ach amháin má chuirtear dearbhú tionscnaimh isteach arna tharraingt suas ag:

(i)

onnmhaireoir atá cláraithe i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí Ghána;

(ii)

aon onnmhaireoir i gcás aon choinsíneacht arb éard atá inti pacáiste amháin nó níos mó ina bhfuil táirgí tionscnaimh nach mó a luach iomlán ná EUR 6 000.


An Chúirt Iniúchóirí

12.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 245/7


Tuarascáil speisialta 19/2023:

‘Iarrachtaí an Aontais le haghaidh ithir a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe – Caighdeáin neamh-uaillmhianacha agus spriocdhíriú teoranta’

(2023/C 245/07)

Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tuarascáil a fhoilsiú dar teideal tuarascáil speisialta 19/2023: ‘Iarrachtaí an Aontais le haghaidh ithir a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe – Caighdeáin neamh-uaillmhianacha agus spriocdhíriú teoranta’.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/ga/publications/sr-2023-19


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

12.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 245/8


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11096 — MAPFRE / VAS / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 245/08)

1.   

An 4 Iúil 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Vittoria Assicurazioni S.p.A. (‘VAS’, an Iodáil), atá faoi rialú Yafa S.p.A. (an Iodáil),

MAPFRE Asistencia, Compañia Internacional de Seguros y Reaseguros S.A. (‘MAPFRE’, an Spáinn), atá faoi rialú Fundación MAPFRE (an Spáinn),

Cuideachta nuachruthaithe (‘NewCo’, an Iodáil).

Gheobhaidh VAS agus MAPFRE rialú comhpháirteach ar NewCo de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta Iodálach é VAS atá gníomhach i soláthar díreach agus indíreach árachais, atá i mbun táirgí árachais a sholáthar a bhaineann le gach aicme riosca rialála dá bhforáiltear le dlí na hIodáile, chomh maith le seirbhísí coimhdeacha,

Is cuideachta Spáinneach é MAPFRE atá gníomhach in earnáil an árachais agus an athárachais in 44 thír ar fud an domhain, agus tá sé á rialú ar deireadh ag Fundación MAPFRE, a dhéanann gníomhaíochtaí neamhbhrabúis leasa ghinearálta i sainréimsí, amhail cultúr, cur chun cinn na sláinte, cosc, sábháilteacht ar bhóithre, árachas agus cosaint shóisialta,

Is comhfhiontar úrnua é NewCo a bunaíodh chun seirbhísí cúnaimh a thairiscint san Iodáil i réimsí deisiúcháin gloine gluaisteán, agus seirbhísí áirithe do pheataí. Sa todhchaí, d’fhéadfadh NewCo seirbhísí cúnaimh a thairiscint freisin i réimse an bhaile agus i réimse na sláinte.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11096 — MAPFRE / VAS / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

12.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 245/10


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 245/09)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Salinate de Turda’

Uimh. AE: PGI-RO-02825 — 15.12.2021

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm

‘Salinate de Turda’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

an Rómáin

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is éard a léiríonn ‘Salinate de Turda’ táirge muiceola deataithe tirimleasaithe a dhéantar trí úsáid a bhaint as na gearrthacha anatamaíocha ar a dtugtar ceafă [muineál], cotlet [luan], piept [bolg] agus pulpă [cos], a chuirtear faoi sháile i sáile ó fhuarán nádúrtha (ar a dtugtar mărătoaremurătoare go háitiúil), in éineacht le meascán blastanais, siúcraí agus saothráin tús gabhála lachtacha, a aibítear ansin ar feadh 5-7 lá, a dheataítear le hadhmad crua (le feá) agus a aibítear/a dhéantar a thirimleasú ar feadh 20-28 lá.

Úsáidtear na comhábhair seo a leanas chun ‘Salinate de Turda’ a dhéanamh:

Muiceoil úr, fhuaraithe nó reoite ó chonablaigh muc sláintiúil, arna marú de réir an dlí (fuilithe go hiomlán agus arna bhfuarú láithreach), arna ngearradh agus arna ndíchnámhú chun na ceithre ghearradh anatamaíocha a thabhairt;

Sáile ó fhuarán nádúrtha, tuaslagán sáile aonchineálach arb ann dó go nádúrtha i gcontae Cluj. Ní mór rialú cáilíochta a dhéanamh nuair a sheachadtar an sáile chuig an tsaoráid táirgthe chun a áirithiú go bhfuil an cion NaCl idir 20 % agus 35 %, ag brath ar an séasúr. Feabhsaítear seilfré, uigeacht, blas, boladh agus dath ‘Salinate de Turda’ trí úsáid a bhaint as sáile ó fhuarán nádúrtha ag tiúchan 18-22 %;

Meascán blastanais (salann, mustard, aitil, piobar, duilleoga labhrais, gairleog, ilspíosra, cainéal), siúcraí, saothrán tús gabhála lachtaigh.

Is iad seo a leanas saintréithe cáilíochta ‘Salinate de Turda’:

bíonn an chuma ar an taobh amuigh ag brath ar shaintréithe an ghearrtha anatamaíoch muiceola a úsáidtear mar amhábhar, a bhfuil dath seachtrach dúdhearg air, cuma aonfhoirmeach agus dath dúdhearg air den chuid mó i gcás an pulpă, bíonn cuma nach bhfuil chomh haonfhoirmeach agus dath dearg éadrom den chuid is mó ar an piept, dath scothdhearg agus rian den mharmarú (bricíní beaga saille scaipthe tríd an matán) i gcás an ceafă, agus dathú dúdhearg aonfhoirmeach gan aon saill ann in aon chor i gcás an cotlet; ní bhíonn a dhromchla bealaithe agus bíonn sé saor ó mhúscán nó ó aon ábhar coimhthíoch;

ina thrasghearradh, bíonn raon dathanna ann idir dúdhearg agus dearg éadrom, cé go mbíonn a chomhsheasmhacht daingean agus beagán lingeach agus ní thiteann sé ó chéile nuair a ghearrtar é;

bíonn blas agus boladh goirt air ar saintréith é den phróiseas táirgthe, agus bíonn an dea-bholadh air atá tipiciúil de tháirgí feola atá deataithe ar chrua-adhmad;

i dtéarmaí saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha, tá uaschion 9 % NaCl aige, uaschion taise 55 %, íoschion iomlán 15 % próitéine agus uaschion 48 % saille aige.

Déantar ‘Salinate de Turda’ a phacáistiú ina iomláine nó i slisní.

Tá ceithre chineál ‘Salinate de Turda’ ann, ceann le haghaidh gach ceann de na gearrthacha anatamaíocha muiceola a úsáidtear mar amhábhar: ceafă, cotlet, pieptpulpă.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Déantar na céimeanna sonracha go léir i dtáirgeadh ‘Salinate de Turda’ sa limistéar geografach sainithe. Is iad na céimeanna seo a leanas: ullmhú na n-amhábhar/na gcomhábhar, gearradh, díchnámhú agus roghnú feola, á cur faoi sháile i sáile ó fhuarán nádúrtha sa limistéar geografach, blastanas a chur leis (iomlasc), an chéad aibiú (5-7 lá ag teocht idir 2 °C agus 8 °C go dtí go bhfuil pH de 5,6-5,7 ag an táirge), tréimhse ghearr (60 nóiméad ar a mhéid) deataithe le hadhmad crua (le deannach deataithe feá) ag teocht de 45-50 °C, agus an dara haibiú (tirimleasú) i ndálaí rialaithe (teocht de 14 °C, bogthaise choibhneasta de 80 %) ar feadh 20-28 lá go dtí go bhfuil an pH thart ar 5,3-5,5.

3.5.   Rialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an t-ainm ‘Salinate de Turda’ agus na focail Indicaţie Geografică Protejată (tásc geografach faoi chosaint) nó an t-acrainm IGP (TGFC) a bheith ar na lipéid – curtha in oiriúint do theanga na tíre ina ndéantar an táirge a mhargú – mar aon le siombail an Chomhlachta Cigireachta agus Deimhnithe.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

I dtéarmaí riaracháin, is éard atá i limistéar ‘Salinate de Turda’ bardas Turda agus bardais Mihai Viteazu, Tureni agus Ploscoș i gcontae Cluj.

Image 1

EOCHAIR

HARTA JUDETULUI CLUJ

LÉARSCÁIL DE CHONTAE CLUJ

JUDETUL XXX

CONTAE XXX

EOLAS GINEARÁLTA

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

suprafața totală: 6 674,4 kmp

achar iomlán: 6 674,4 km2

populația județului: 703 267 locuitori

daonra an chontae: 703 267 áitritheoir

5 municipii

5 bhardas

un oraș

cathair amháin

75 de comune

75 bhardas

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Eascraíonn cáilíocht agus tréithe ‘Salinate de Turda’ as na gnéithe nádúrtha agus/nó daonna sa limistéar, agus tá go leor litríochta ann lena ndearbhaítear é sin.

Sainiúlacht an táirge

Is iad saintréithe orgánaileipteacha uathúla an táirge – agus go háirithe a shainbhlas agus a bholadh sonrach agus an uigeacht agus an chomhsheasmhacht de bharr sáile ó fhuarán nádúrtha a úsáid sa phróiseas táirgthe – rud a fhágann go bhfuil ‘Salinate de Turda’ uathúil. Is é an tairbhe a bhaineann lena chur faoi sháile ná go dtéann an salann isteach ar an bhfeoil níos tapúla agus ar shlí níos cothroime, agus déanann cáilíocht an tsáile an fheoil a mhaothú agus tugann sé comhcháilíocht shonrach don táirge (súmhaireacht, lingeacht agus uigeacht).

Is iad príomhthréithe mhodh táirgthe ‘Salinate de Turda’ ná go ndéantar é a chur faoi sháile ag baint úsáid as sáile ó na fuaráin nádúrtha atá in Micești (bardas in Tureni), Valea Florilor (bardas in Ploscoș) agus Valea Sărată (bardas Turda) i gcontae Cluj, seanchleachtas i limistéar Turda (áit a bhfuil go leor fuarán ann chun sáile a tharraingt le haghaidh úsáidí den sórt sin).

Ciallaíonn an próiseas cur faoi sháile, ag baint úsáid as sáile ó fhuarán nádúrtha sa limistéar geografach ina bhfuil cion suntasach cailciam agus maignéisiam (ar an meán bíonn cion cailciam de thart ar 500 mg/l agus cion maignéisiam de thart ar 130 mg/l i sáile ó fhuarán nádúrtha, i gcomparáid le 250 mg/l agus 6,5 mg/l, faoi seach, i sáile arna ullmhú go saorga trí shalann a thuaslagadh in uisce), go mbíonn clóiríd mhaignéisiam agus clóiríd chailciam ann in áit clóiríd sóidiam, rud a fhágann go mbíonn táirge feola tirimleasaithe ann atá níos ísle i gclóiríd sóidiam. Is fearr freisin na próisis bhithcheimiceacha shaintréitheacha maidir le próitéiní agus saillte a tharlaíonn le linn iomlaisc mar thoradh ar phróisis malartaithe ian a tharla mar gheall ar an méadú ar bhrú osmóiseach mar thoradh ar an sáile ó fhuarán nádúrtha. Spreagann cur faoi sháile gníomhaíocht sna heinsímí a tháirgeann baictéir aigéid lachtaigh atá frithsheasmhach in aghaidh salainn, a ndéantar na micreadhúile a theastaíonn uathu a sholáthar dóibh ó sháile ó fhuarán nádúrtha agus a chabhraíonn le próisis choipthe a bharrfheabhsú le linn aibithe. Faigheann an táirge a chóireáiltear agus a aibítear ar an mbealach seo saintréithe a dhéanann táirge ar leith as seachas na táirgí feola eile a dhéantar trí phróisis chomhchosúla a úsáid, go príomha maidir lena chomhcháilíocht shonrach (lingeacht, uigeacht, boige) agus a dhath, chomh maith le dáileadh aonfhoirmeach leachtanna (amhail taise agus tuaslagán salainn) san fhíochán.

Is éard atá sna céimeanna sonracha seo a leanas próiseas táirgthe ‘Salinate de Turda’: na hamhábhair/comhábhair a ullmhú, gearradh (ní mór go dtagann muiceoil a úsáidtear chun ‘Salinate de Turda’ a dhéanamh ó mhuca a bhfuil meáchan muiceola bainte amach acu, a bheag nó a mhór), díchnámhú agus roghnú na feola; cur faoi sháile i sáile ó fhuarán nádúrtha sa limistéar geografach; blastanas a chur leis (iomlasc); an chéad aibiú i ndálaí rialaithe (5-7 lá); tréimhse ghearr (60 nóiméad ar a mhéid) deataithe le hadhmad crua (le deannach deataithe feá) ag teocht de 45-50 °C; agus an dara haibiú (tirimleasú) i ndálaí rialaithe ar feadh 20-28 lá.

Tá deatú ar chrua-adhmad nádúrtha in úsáid leis na cianta. Tugann sé blas agus dea-bholadh ar leith do na táirgí freisin.

Ní céim shonrach sa phróiseas táirgthe é an táirge a ullmhú le seachadadh (slisniú, roinnt, pacáistiú) agus déantar é de réir riachtanais an mhargaidh agus an chustaiméara.

Sainiúlacht an tionscnaimh gheografaigh

Tosca nádúrtha

Plúraíonn fosú salainn faoi thalamh Tortónach le tiúchan clóiríd sóidiam (NaCl) de 98,1-99 % i limistéar Sărata agus Băile Turda in aice le cathair Turda.

Cuimsítear sa limistéar geografach ina ndéantar ‘Salinate de Turda’ na limistéir Turda, Mihai Viteazu, Ploscoș agus Tureni, áit a bhfuil an salann mar phríomhghné den fho-ithir.

I ngach ceann de na limistéir a ndearnadh staidéar orthu tá cúltaiscí ollmhóra salainn san fho-ithir, réasúnta gar don dromchla, agus creidtear go coitianta fiú go bhfuil na limistéir go léir atá i gceist nasctha leis an bhféith salainn chéanna. Tá neart fuarán sáile ann de bharr insíothlú uisce báistí isteach sna sléibhte salainn atá in Turda agus sna bardais in aice láimhe, an chuid is mó díobh i limistéir inar chruthaigh an creimeadh oscailtí sna sléibhte salainn (Valea Sărată Turda, Valea Florilor, Micești).

Tosca daonna

Mar gheall ar fhuaráin sáile a bheith ann bhí rochtain éasca i gcónaí ag muintir Turda agus sna bardais in aice láimhe ar sholáthar salainn. Is éard atá i gceist leis na bealaí traidisiúnta chun salann a úsáid, atá fós in úsáid inniu, sáile a úsáid (ar a dtugtar murătoare, saramură, slatinăsare lichidă [salann leachtach]) i mbia do dhaoine agus d’ainmhithe, chomh maith le galair áirithe a chóireáil.

Rinneadh taighde eitneagrafach agus é mar aidhm aige a dhéanamh amach conas a bhreathnaigh pobail na sráidbhailte ar thionchar fuarán sáile nádúrtha sa limistéar geografach a bhaineann le ‘Salinate de Turda’, ag cur síos ar an ‘tírdhreach eitneagrafach sonrach’ arna mhúnlú sna pobail sin trí fhoinsí salainn (fuaráin sáile) a bheith ann nó gan a bheith ann, agus ag taifeadadh na mbealaí traidisiúnta ina mbaineann muintir na sráidbhailte leas as foinsí salainn agus na bealaí ina bpróiseálann siad agus ina n-úsáideann siad an salann sa bhaile ina saol laethúil.

Tá go leor litríochta ann faoi dhaoine áitiúla ag baint úsáid as fuaráin sáile nádúrtha agus bia á ullmhú acu. Ón iliomad foinsí atá ar fáil, seo cuid díobh a chuireann síos ar fhuaráin sáile nádúrtha a bheith ann agus ar úsáidí a bhaintear as fuaráin sáile nádúrtha:

1.

‘I sráidbhaile Micești i gcontae Cluj, tá fuarán ina bhfuil sáile tiubhaithe ar a dtugtar mărătoare. Léirítear leis an bhfuarán sáile seo gurb ann do shliabh salainn faoi thalamh. Bailítear sáile ón bhfuarán i dtobar, atá líneáilte le plancanna tiubha adhmaid, agus tagann leibhéal an tsáile chuig an dromchla. Míniú amháin ar fheiniméan Micești is ea gurb é uisce báistí ag rith anuas ar an sliabh salainn is cúis leis nó go dtagann sé suas go dtí an dromchla ansin agus é an-salanda. De réir na ngairmithe, tá an t-uisce seo an-oiriúnach le húsáid sa chócaireacht. Bíonn an t-uisce seo ar scothchaighdeán lena úsáid i dtionscal an bhia. Bronntanas eile a thagann ón dúlra chuig muintir Micești is ea an láib a bhíonn thart ar na fuaráin, nó úsáideann siad í sin chun pian réamatach a mhaolú.’

2.

‘Is acmhainn faoi thalamh é an salann atá i mbardas Ploscoș, a shaothraítear ar an dromchla (trí mhianaigh bheaga), ar shaothraigh na Rómhánaigh é freisin. Is ann d’fhuaráin sáile in Ploscoș, agus tá an sáile a eascraítear uathu in úsáid ag muintir na háite leis na cianta. Tá sliabh salainn ubhchruthach Valea Florilor an-ghar don dromchla, é suite ag doimhneacht 0.5 méadar in áiteanna áirithe.’

3.

‘Is nós nó is traidisiún é úsáid an tsáile anois sa chuid is mó de na háiteanna seo, agus fiú sa lá atá inniu ann tá teaghlaigh ann fós nach n-úsáideann salann boird sa bhia in am ar bith, cé go bhfuil sé ar fáil sna siopaí. D’fhoghlaim na seanóirí luach an tsalainn a thuiscint mar nuair a bhí siadsan ina leanaí d’éistidís le scéalta a sinsir agus iad ag insint faoi cé chomh deacair is a bhí an saol nuair a bhíodh cosc nó srian ar rochtain ar shalann nó ar sháile. D’fhoghlaim siad freisin conas leas maith a bhaint as an sáile sa bhaile, agus measann siad gur fearr é ná aon salann a cheannaítear ar bhonn tráchtála: earra luachmhar bia, bronntanas ón dúlra.’

4.

‘Tá ceann de na fuaráin is salanda san Eoraip suite timpeall 20 ciliméadar ó Cluj-Napoca. Níor cheannaigh muintir Micești i gcontae Cluj oiread is gram amháin salainn le blianta fada, ó thángthas ar cheann de na fuaráin is salanda san Eoraip in aice leis an sráidbhaile. Úsáideann muintir an tsráidbhaile sáile chun bia a ullmhú dóibh féin agus dá mbeostoc. “Cuirtear dhá nó trí spúnóg den uisce seo isteach sa phota anraith,” a deir Vasile Todea, méara bhardas Tureni, an chríoch riaracháin lena mbaineann Micești. Déanann sé cur síos ar an gcaoi a dtugann sé bairille sáile abhaile leis gach bliain chun a theaghlach agus na hainmhithe clóis feirme a bheathú ar feadh na bliana ar fad. Úsáidtear sáile ó fhuarán nádúrtha freisin chun bia a chaomhnú, go háirithe muiceoil ó mharú na muc a tharlaíonn gach geimhreadh.’ (2007)

5.

‘Sa sráidbhaile seo tá fuarán ina bhfuil sáile tiubhaithe (mărătoare) arb ann dó mar thoradh ar shliabh salainn faoi thalamh. Bailítear sáile ón bhfuarán i dtobar, atá líneáilte le plancanna tiubha adhmaid, agus tagann leibhéal an tsáile chuig an dromchla. Dáileadh sáile as seo go córasach ar na sráidbhailte máguaird (Tureni, Ceanu Mic, Rediu, Martinești, Comsești, Vâlcelor, Petreștii de Jos, Deleni, Livada, Plaiuri, Agriș, Crăiești agus Săliste) agus úsáideadh é sa chócaireacht agus chun muiceoil a leasú. Ós rud é go raibh an fuarán san fhearann poiblí, bhíodh teacht ag muintir Micești air saor in aisce, agus gearradh táille orthu siúd a tháinig isteach ó shráidbhailte eile. D’fhan an cleachtas sin i bhfeidhm beagnach go dtí tús an Dara Cogadh Domhanda. Tá an fuarán sáile fós in úsáid sa lá atá inniu ann.’

6.

‘Is éard atá i líonra sruthchúrsa an bhardais roinnt sruthanna i limistéir phortaigh i stráice Boju-Valea Florilor-Ploscoş, agus sáile in imchuach Valea Florilor. Anseo freisin tá tír-raon cothrom atá clúdaithe le fásra a ndéanann an salann an-leas dó, fásra a bhaineann go sonrach leis an limistéar salanda seo. Tá an foirmiú salainn 300 méadar ar trastomhas agus tá sé suite in aice leis an dromchla – ag doimhneacht 4-5 mhéadar i roinnt áiteanna. I ndeisceart an limistéir tá tobar sáile in úsáid ag na daoine áitiúla chun críocha tí, mar a thuairiscigh méara bhardas Ploscoș, Truţa Aurel, in 2013.’

7.

‘San am sin, théadh páistí Turda ag snámh beagnach gach lá. In aice le Băi bhíodh fuarán ar a dtugtaí “fuarán an tsáile”, ina raibh sáile a thugadh roinnt daoine abhaile leo chun bia a chur faoi sháile ann don gheimhreadh. Bhí tiúchan salainn an-ard sa sáile sin agus chruthaítí criostail go tapa i mbuicéid mhuintir na háite. Thiocfadh daoine ó bhardais ar fud an bhaile chuig an bhfuarán freisin, a bhí, cosúil leis an gcuid eile den limistéar máguaird, suite ar fhosú salainn.’

8.

‘Acmhainn luachmhar don cheantar ar fad, agus go háirithe lena húsáid sa cócaireacht, ab ea fuarán an tsáile, a bhíodh dea-chóirithe agus a mbíodh garda ó oifig mhéara Turda ag faire air. Bhaintí úsáid as an uisce lán salainn chun bia a leasú, agus dá bhrí sin bhíodh ról fíor-riachtanach aige i marú traidisiúnta na muc. De réir an traidisiúin seo, úsáideann go leor daoine ó Turde an sáile ó fhuarán Micești fós ina ngníomhaíochtaí teaghlaigh toisc go bhfuil sé níos fearr chun muiceoil agus saille muiceola a mhaothú.’

Nasc cúisíoch

Tá an nasc ann idir táirgí feola ‘Salinate de Turda’ agus an limistéar táirgthe mar gheall ar an traidisiún áitiúil seanbhunaithe a bhaineann le cur faoi sháile agus deatú chun muiceoil a leasú le haghaidh mhíonna an gheimhridh tar éis marú traidisiúnta na muc, rud a bhfuil cur amach air leis na cianta. Úsáidtear sáile ó fhuarán nádúrtha a bhailítear ó fhuaráin sa limistéar áitiúil (Micești, Valea Florilor, Valea Sărată Turda) don phróiseas leasaithe seo.

I measc phríomhthréithe an mhodha táirgthe tá an fhíric go ndéantar cur faoi sháile ag baint úsáid as sáile ó fhuaráin nádúrtha atá le fáil sa limistéar geografach.

I dtéarmaí a shaintréithe orgánaileipteacha, is é boige agus súmhaireacht na feola, a chaomhnaítear trí na modhanna a úsáidtear le haghaidh cur faoi sháile nádúrtha, blastanas (iomlasc) agus aibiú i ndálaí rialaithe (bogthaise, teocht), a dhéanann táirge ar leith as an táirge seo ó na cinn eile dá samhail.

Eascraíonn cáilíocht agus tréithe ‘Salinate de Turda’ as na tosca nádúrtha agus/nó daonna sa cheantar, agus tá cruthúnas bibleagrafaíochta air sin.

Tá an modh a úsáidtear chun táirgí feola a ullmhú ag baint úsáid as sáile ó fhuarán nádúrtha tagtha anuas mar oidhreacht ó ghlúin go glúin agus barr feabhais curtha ar an gceird le himeacht ama. Ós rud go mbaintear úsáid chomh minic sin as sáile ó fhuarán nádúrtha, tá daoine tar éis an-chur amach a bheith acu ar na blasanna a thugann sé do tháirgí feola – agus ní amháin táirgí feola – agus maireann an traidisiún dá bharr.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.madr.ro/docs/ind-alimentara/2021/Salinate-de-Turda/caiet-de-sarcini-Salinate-de-Turda-2021.pdf


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.