ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 241

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
7 Iúil 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 241/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11163 – TRAFIGURA / MOTA-ENGIL / LAH / JV) ( 1 )

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 241/02

Rátaí malairte an euro — 6 Iúil 2023

2

2023/C 241/03

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 )  ( 1 )

3

2023/C 241/04

Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

4


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

7.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 241/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11163 – TRAFIGURA / MOTA-ENGIL / LAH / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 241/01)

An 27 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11163. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

7.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 241/2


Rátaí malairte an euro (1)

6 Iúil 2023

(2023/C 241/02)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0899

JPY

yen na Seapáine

156,57

DKK

krone na Danmhairge

7,4493

GBP

punt steirling

0,85310

SEK

krona na Sualainne

11,9045

CHF

franc na hEilvéise

0,9757

ISK

króna na hÍoslainne

148,30

NOK

krone na hIorua

11,6370

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,839

HUF

forint na hUngáire

382,95

PLN

zloty na Polainne

4,4753

RON

leu na Rómáine

4,9504

TRY

lira na Tuirce

28,3543

AUD

dollar na hAstráile

1,6308

CAD

dollar Cheanada

1,4489

HKD

dollar Hong Cong

8,5239

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7532

SGD

dollar Shingeapór

1,4712

KRW

won na Cóiré Theas

1 419,79

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,6276

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,8820

IDR

rupiah na hIndinéise

16 420,93

MYR

ringgit na Malaeisia

5,0811

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,543

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

38,168

BRL

real na Brasaíle

5,2926

MXN

peso Mheicsiceo

18,6009

INR

rúipí na hIndia

89,8490


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


7.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 241/3


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 241/03)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

An tagairt don chinneadh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2023) 4322

30 Meitheamh 2023

4-(1,1,3,3-teitrimheitiolbúitil)feanóil, eatocsaláite (‘4-treas-OPnEO’)

Uimh. CE.-; Uimh. CAS.-

Biokit S.A., Avinguda Can Montcau 7, 08186, Lliçà d’Amunt, an Spáinn

REACH/23/14/0

Úsáid thionsclaíoch mar ghlantach in ullmhú imoibreán lena n-ionchorprú i bhfeistí diagnóiseacha in-vitro- atá laitéisbhunaithe, ELISA agus CLIA

4 Eanáir 2031

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann a bheadh oiriúnach.

REACH/23/14/1

Úsáid ghairmiúil mar ghlantach le linn úsáid deiridh feistí laitéisbhunaithe in vitro bunaithe ar laitéis, ELISA agus CLIA

4 Eanáir 2033


(1)  IO L 396, 30.12.2006 , lch. 1.

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).


7.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 241/4


Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(2023/C 241/04)

De bhun Airteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

Ar leathanach 314

7318 15 35 go 7318 15 48

Gan chnogaí

Cuirtear an téacs seo a leanas isteach roimh an téacs atá ann cheana:

‘Áirítear leis na fo-cheannteidil seo earraí ag a bhfuil cuas scriúála/eang inmheánach nó seachtrach, mar shampla, earra ag a bhfuil cuas scriúála réaltchruthach sé phointe, ach nach bhfuil cnoga air a ghobann amach ó luiseag.’

Ar leathanach 314

Cuirtear an téacs seo a leanas isteach roimh an téacs atá ann cheana d’fho-cheannteideal 7318 15 95:

‘7318 15 52 go 7318 15 95

A bhfuil cnogaí orthu

Cumhdaítear leis na fo-cheannteidil seo scriúnna agus boltaí a bhfuil cnoga orthu a ghobann amach ó luiseag.’

7318 15 95

Eile

Cuirtear an téacs seo a leanas isteach tar éis an téacs agus na n-íomhánna atá ann cheana:

‘agus scriúnna ar bhfuil coiléar ar feadh na luisige, i gcás ina bhfuil feidhm an chnoga ag an gcoiléar:

Image 1


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(2)  IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.