|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 237/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11105 — GOLDMAN SACHS / PLATINUM SPRING / DAIWA RESORT) ( 1 ) |
|
|
2023/C 237/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11140 – APG / CORSICA SOLE / MIROVA / DRIVECO) ( 1 ) |
|
|
2023/C 237/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11113 — SADCO / DPDHL / JV) ( 1 ) |
|
|
2023/C 237/04 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11142 — BROOKFIELD / TRITON) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 237/05 |
||
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
|
2023/C 237/06 |
||
|
2023/C 237/07 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 237/08 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
5.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11105 — GOLDMAN SACHS / PLATINUM SPRING / DAIWA RESORT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 237/01)
An 12 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11105. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
5.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11140 – APG / CORSICA SOLE / MIROVA / DRIVECO)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 237/02)
An 26 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11140. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
5.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/3 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11113 — SADCO / DPDHL / JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 237/03)
An 28 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11113. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
5.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/4 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11142 — BROOKFIELD / TRITON)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 237/04)
An 28 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11142. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
5.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/5 |
Rátaí malairte an euro (1)
4 Iúil 2023
(2023/C 237/05)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0895 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
157,34 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4479 |
|
GBP |
punt steirling |
0,85673 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,8120 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9762 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
149,10 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,5958 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,695 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
375,39 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,4215 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9485 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
28,3858 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6286 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4403 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,5314 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7604 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4694 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 414,61 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
20,3147 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,8646 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 357,26 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
5,0684 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
60,165 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
38,034 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2293 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
18,5663 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
89,3580 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
|
5.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/6 |
Scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (1)
(2023/C 237/06)
|
Teideal na scéime |
Modhanna ríomh-shainaitheantais faoin scéim ar tugadh fógra fúithi |
Ballstát a thugann fógra |
An leibhéal dearbhaithe |
An t-údarás atá freagrach as an scéim |
Dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
||||||||||||||||||||||||
|
Córas ríomh-shainaitheantais na Gearmáine bunaithe ar Rialú Rochtana Breisithe |
Cárta Aitheantais Náisiúnta Ríomhchead Cónaithe Cárta ríomh-shainaitheantais le haghaidh Saoránaigh den Aontas agus Náisiúnaigh LEE |
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine |
Ard |
+49 30 186810 |
26.9.2017 14.12.2020 |
||||||||||||||||||||||||
|
SPID – An Córas Poiblí um Chéannacht Dhigiteach |
|
An Iodáil |
Ard Substaintiúil Íseal |
eidas-spid@agid.gov.it +39 06 85264 407 |
10.9.2018 |
||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
13.9.2019 |
|||||||||||||||||||||||||
|
An Córás Náisiúnta um Aithint agus Fíordheimhniú (NIAS) |
Cárta Aitheantais Pearsanta (eOI) |
Poblacht na Cróite |
Ard |
e-gradjani@uprava.hr |
7.11.2018 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Cárta aitheantais Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Cárta RP Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Digi-ID Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: e-Residency Digi-ID Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Mobiil-ID Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: cárta aitheantais taidhleoireachta |
|
Poblacht na hEastóine |
Ard |
eid@politsei.ee +372 612 3000 |
7.11.2018 |
||||||||||||||||||||||||
|
Documento Nacional de Identidad electrónico (DNIe) |
Cárta aitheantais na Spáinne (DNIe) |
Ríocht na Spáinne |
Ard |
divisiondedocumentacion@policia.es |
7.11.2018 |
||||||||||||||||||||||||
|
Cárta aitheantais náisiúnta Lucsamburg (cárta ríomh-shainaitheantais) |
Cárta ríomh-shainaitheantais Lucsamburg |
Ard-Diúcacht Lucsamburg |
Ard |
minint@mi.etat.lu secretariat@ctie.etat.lu +352 2478 4600 |
7.11.2018 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantai FAS / ríomhchártaí na Beilge |
Cárta ríomh-shainaitheantais do shaoránaigh den Bheilg Cárta ríomh-shainaitheantais d’eachtrannaigh |
Ríocht na Beilge |
Ard |
eidas@bosa.fgov.be |
27.12.2018 |
||||||||||||||||||||||||
|
Cartão de Cidadão (CC) |
Cárta aitheantais náisiúnta na Portaingéile (cárta ríomh-shainaitheantais) |
Poblacht na Portaingéile |
Ard |
ama@ama.pt +351 217 231 200 |
28.2.2019 |
||||||||||||||||||||||||
|
Ríomh-shainaitheantas na hIodáile bunaithe ar an gcárta Aitheantais Náisiúnta (CIE) |
Carta di Identità Elettronica (CIE) |
An Iodáil |
Ard |
segreteriaservizidemografici@interno.it +39 06 465 27751 |
13.9.2019 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim sainaitheantais náisiúnta Phoblacht na Seice |
Cárta ríomh-shainaitheantais na Seice |
Poblacht na Seice |
Ard |
eidas@mvcr.cz |
13.9.2019 |
||||||||||||||||||||||||
|
Creat Iontaoibhe na hÍsiltíre maidir le Ríomh-Shainaithint (Afsprakenstelsel Elektronische Toegangsdiensten) |
Modhanna a eisítear faoi eHerkenning (le haghaidh gnólachtaí) |
Ríocht na hÍsiltíre |
Ard Substaintiúil |
info@eherkenning.nl |
13.9.2019 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais na Slóvaice |
Cárta ríomh-shainaitheantais na Slóvaice |
Poblacht na Slóvaice |
Ard |
eidas@vicepremier.gov.sk +421 2 2092 8177 |
18.12.2019 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais na Laitvia |
eID karte eParaksts karte eParaksts karte+ eParaksts |
An Laitvia |
Ard Substaintiúil |
rigas.1.nodala@pmlp.gov.lv
eparaksts@eparaksts.lv |
18.12.2019 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais FAS / itsme® na Beilge |
Aip mhóibíleach itsme® |
Ríocht na Beilge |
Ard |
eidas@bosa.fgov.be |
18.12.2019 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais na Danmhairge (NemID) |
Eochairchárta NemID Aip mhóibíleach NemID Ceadchomhartha NemID NemID ar chrua-earraí NemID IVR Cárta NemID Magna (eochairchárta) |
Ríocht na Danmhairge |
Substaintiúil |
digst@digst.dk +45 3392 5200 |
8.4.2020 |
||||||||||||||||||||||||
|
Chave Móvel Digital (CMD) |
Eochair Dhigiteach Mhóibíleach (eID móibíleach) |
Poblacht na Portaingéile |
Ard |
ama@ama.pt +351217231200 |
8.4.2020 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais na Liotuáine (ATK - Asmens tapatybės kortelė) |
Cárta Aitheantais Náisiúnta na Liotuáine |
Poblacht na Liotuáine |
Ard |
bendrasisd@vrm.lt +37052717130 |
21.8.2020 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais na hÍsiltíre (DigiD) |
DigiD |
Ríocht na hÍsiltíre |
Substaintiúil Ard |
logiussecretariaatproductiehuis@logius.nl |
21.8.2020 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais Mhálta (Gníomhaireacht ‘Identity Malta’) |
Ríomhchárta aitheantais (Cárta ríomh-shainaitheantais) Doiciméad cónaithe (Cárta e-RP) |
Poblacht Mhálta |
Ard |
enquiries@identitymalta.com +35625904900 |
10.12.2021 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais na Fraince (FranceConnect+ / L’Identité Numérique La Poste) |
L’Identité numérique La Poste (Aip Mhóibíleach La Poste) |
Poblacht na Fraince |
Substaintiúil |
eidas@franceconnect.gouv.fr |
10.12.2021 |
||||||||||||||||||||||||
|
Ríomh-shainaitheantas na Sualainne (Svensk e-legitimation) |
Freja eID Plus |
Ríocht na Sualainne |
Substaintiúil |
e-legitimation@digg.se + +46 77 111 44 00 |
18.2.2022 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais (ID na hOstaire) |
ID na hOstaire |
ID na hOstaire |
An Ostair |
post.szrb@bmf.gv.at +43 151433 - 0 |
27.4.2022 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais MitID na Danmhairge |
Aip Mhóibíleach MitID Aip MitID Slis MitID le slándáil fheabhsaithe Taispeáint cóid MitID Léitheoir cóid fuaime MitID Pasfhocal MitID |
Ríocht na Danmhairge |
Substaintiúil Ard |
digst@digst.dk/ eIDAS@digst.dk + 45 33925200 |
24.10.2022 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais na hIorua BankID |
BankID |
Ríocht na hIorua |
Ard |
Post@Digdir.no + 47 22 45 10 00 |
24.10.2022 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais na hIorua Buypass ID |
Buypass ID |
Ríocht na hIorua |
Ard |
Post@Digdir.no + 47 22 45 10 00 |
24.10.2022 |
||||||||||||||||||||||||
|
Córas Ríomh-Shainaitheantais Phoiblí na Polainne (Publiczny System Identyfikacji Elektronicznej) |
Próifíl iontaofa Próifíl phearsanta |
Poblacht na Polainne |
Substaintiúil Ard |
kontakt@kprm.gov.pl +48222500110 |
19.4.2023 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais Lichtinstéin (eID.li Aicme A) |
eID.li Aicme A |
Prionsacht Lichtinstéin |
Ard |
9490 Vaduz Lichtinstéin info@eid.li +423 236 61 41 |
19.4.2023 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim ríomh-shainaitheantais Lichtinstéin (eID.li Aicme B) |
eID.li Aicme B |
Prionsacht Lichtinstéin |
Substaintiúil |
info@eid.li +423 236 61 41 |
19.4.2023 |
||||||||||||||||||||||||
|
Scéim cárta ríomh-shainaitheantais na Slóivéine |
Cárta ríomh-shainaitheantais SI |
Poblacht na Slóivéine |
Ard |
gp.mdp@gov.si +386 1 555 58 00 |
17.5.2023 |
||||||||||||||||||||||||
|
Ríomh-shainaitheantais Evrotrust |
Evrotrust |
Poblacht na Bulgáire |
Substaintiúil, Ard |
mail@egov.government.bg +359 (2) 949 20 40 |
5.7.2023 |
|
5.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/12 |
Imeachtaí Foirceanta
Cinneadh maidir le himeachtaí féimheachta a thionscnamh do Societatea EUROINS ROMÂNIA ASIGURARE-REASIGURARE — S.A.
(Arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 280 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú)
(2023/C 237/07)
|
Gnóthas árachais |
Oifig chláraithe na cuideachta EUROINS ROMNIA ASIGURARE REASIGURARE — S.A.: Strada Jiului No 8, J8 Office Park, corp A, etaj 2, Roinn 1, Búcairist, ONRC [Oifig Náisiúnta na Clárlainne Tráchtála] uimhir chlárúcháin J40/1671/2022, cód clárúcháin uathúil 5328123 agus ASF [Údarás Maoirseachta Airgeadais] cód clárúcháin RA-010/04.10.2003. |
|
Dáta, teacht i bhfeidhm agus cineál an chinnidh |
Cinneadh Uimh. 262/2023 maidir le ceadúnas oibríochta ‘Societatea Euroins România Asigurare-Reasigurare — S.A.’ a tharraingt siar, ina ndéantar a dhócmhainneacht a dhearbhú agus ina gcuirtear isteach iarratas ar imeachtaí féimheachta a thionscnamh ina aghaidh; Leasú Eatramhach Uimh. 2920/2023 ó Chúirt Bhúcairist an 9 Meitheamh 2023 lena dtionscnaítear imeachtaí féimheachta in aghaidh Euroins România Asigurare-Reasigurare — S.A. |
|
Údaráis inniúla |
‘Autoritatea de Supraveghere Financiară’ (ASF) [An tÚdarás Maoirseachta Airgeadais], ceannoifig: Splaiul Independenței No 15, Roinn 5, Búcairist, an Rómáin |
|
An t- údarás maoirseachta |
‘Autoritatea de Supraveghere Financiară’ (ASF) [An tÚdarás Maoirseachta Airgeadais], ceannoifig: Splaiul Independenței No 15, Roinn 5, Búcairist, an Rómáin |
|
Leachtaitheoir arna cheapadh |
Leachtaitheoir arna cheapadh ag an gcúirt — Citr Filiala București (Citr, brainse Bhúcairist) Sonraí teagmhála an leachtaitheora arna cheapadh ag an gcúirt: Búcairist, Strada Gara Herăstrău, Uimh. 4, An Chúirt Ghlas, Clădirea A etaj 3, Roinn 2 |
|
An dlí is infheidhme |
an Rómáin Ordú Éigeandála an Rialtais Uimh. 93/2012 maidir leis an Údarás Maoirseachta Airgeadais a bhunú, a eagrú agus a fheidhmiú, arna fhormheas le leasuithe le Dlí Uimh. 113/2013, arna leasú; Dlí Uimh. 503/2004 maidir le téarnamh airgeadais, féimheacht, agus díscaoileadh agus foirceannadh deonach sa ghnó árachais, athfhoilsithe; Dlí Uimh. 237/2015 maidir le húdarú agus maoirseacht gníomhaíochtaí árachais, arna leasú; Dlí Uimh. 85/2014 maidir le himeachtaí dócmhainneachta agus dócmhainneachta, arna leasú. |
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
5.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/13 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2023/C 237/08)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Tome fraîche de l’Aubrac’
Uimh. AE: PGI-FR-02839 – 25.4.2022
ATFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm(neacha)
‘Tome fraîche de l’Aubrac’
2. Ballstát nó tríú tír
An Fhrainc
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia
3.1. An cineál táirge
Rang 1.3 – Cáiseanna
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is cáis bhrúite, neamhchócaráilte, neamhshaillte, neamhaibí é ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ déanta as bainne bó iomlán amh (neamhchaighdeánaithe i dtéarmaí próitéine agus saille). Cumhdaítear é leis an TGFC tar éis na céime aibithe.
Tá íosmhéid 50 g saille in aghaidh 100 g cáise ann tar éis triomú iomlán a dhéanamh agus ní fhéadfaidh a ábhar tirim a bheith níos lú ná 50 g in aghaidh 100 g cáise.
Bíonn dath idir uachtar agus bánbhuí ag ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ agus poill bheaga ann ó am go chéile. Is saintréithe dá chuid uigeacht atá solúbtha ach daingean ar an lámh. Leánn sé sa bhéal, tá sé ‘díoscánach’ agus greim á bhaint as agus tá sé beagán aigéadach. Tá dea-bholaithe ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ bainniúil, úr agus ar nós ime go príomha, agus tá déine maith ann, i dtéarmaí an bholaidh agus bhlais araon. Maireann siad sa bhéal.
Tar éis cócaireachta ag teocht ard, éiríonn ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ an-sreangach, leaisteach, comhsheasmhach agus tá cuma mhín air, tréithe fíor-riachtanacha a chuireann lena cháil.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Is é farae ón limistéar geografach a sholáthraíonn bunchiondáil bheatha an tréada déiríochta. Tá an t-aon gharbhfharae atá údaraithe comhdhéanta de fhlóra áitiúil ó fhéarthalamh agus ó fhéaraigh nádúrtha nó buana agus d’fhéara agus léagúim foráiste a shaothraítear ar fhéarthalamh sealadach. Toirmisctear sadhlas arbhair Indiaigh, sadhlas féir, cumhdach nó aon fharae fliuch-leasaithe eile a bheith ann sa chiondáil bunúsach den tréad déiríochta. Ní mór na ba déiríochta a chur amach ar féarach ar feadh 170 lá sa bhliain ar a laghad.
Tá teorainn 6kg ar an meán leis an méid beatha comhlántaí a chuirtear leis an mbunchiondáil in aghaidh na bó lachtaithe in aghaidh an lae i gcás na mba déiríochta lachtaithe uile thar thréimhse 1 bhliain amháin.
Ní údaraítear sa bheatha ainmhithe ach plandaí, seachtháirgí agus beatha chomhlántach a dhíorthaítear ó tháirgí neamh-thrasghéineacha.
Ní údaraítear ach amhábhair agus breiseáin atá sonraithe ar liosta dearfach sa bheatha chomhlántach den tréad déiríochta.
Déantar ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ go heisiach as bainne bó iomlán amh atá neamhchaighdeánaithe i dtéarmaí saille agus próitéine. Toirmisctear gach próiseáil fhisiceach (gan macrascagadh a áireamh).
Ní mór don bhainne a úsáidtear chun ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ a dhéanamh teacht go heisiach ó thréada déiríochta ina bhfuil ba de na pórtha Simmental française (cód póir 35) nó Aubrac (cód póir 14) nó ba a fhaightear tríd an dá phór seo de shliocht deimhnithe a chrosphórú. A mhéid a bhaineann leis an dara ceann, tar éis an chéad ghlúin, ní cheadaítear ach ba a fhaightear trí chrosphórú le fireannach den phór Aubrac (cód pórtha 14) sa tréad déiríochta.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Déantar an bainne a tháirgeadh agus déantar ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ a mhonarú agus a aibiú sa limistéar geografach.
Tá údar maith le bainne atá ceaptha do tháirgeadh ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ a tháirgeadh sa limistéar geografach de bharr na bhfoinsí móra farae sa limistéar, a úsáidtear chun cáiseanna a tháirgeadh. Tagann an ithir, an aeráid agus an airde le chéile chun cáilíochtaí suntasacha thabhairt do na féaraigh, go háirithe flóra saibhir, aramatach agus flúirseach. Má chuirtear srian ar an mbeatha chomhlántach a chuirtear isteach, áirithítear gur ón limistéar geografach sainithe a thagann formhór an ábhair thirim a ionghabhann na ba déiríochta. Cuireann na tosca seo leis an nasc idir saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Déantar ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ a dhíol ina sciartha nó ina mhionbhruar. Anuas ar a bheith ar díol ag cuntair cháise, féadfar é a dhíol i bpacáistiú scannán-chumhdaithe, folúsphacáilte nó i bpacáistiú atmaisféir-mhodhnaithe. D’fhéadfaí ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ mionbhrúite a dhíol go domhainreoite.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Anuas ar an bhfaisnéis éigeantach a cheanglaítear leis na rialacha maidir le lipéadú agus cur i láthair táirgí bia, ní mór an réimse radhairc céanna a áireamh sa lipéadú ‘Tome fraîche de l’Aubrac’:
|
— |
Ainm cláraithe an TGFC i gcarachtar dhá thrian ar a laghad de mhéid na gcarachtar is mó ar an lipéad; |
|
— |
Na focail ‘cáis neamhaibithe’ cóngarach don ainm cláraithe, inléite go soiléir agus i gcarachtair 50 % ar a laghad de mhéid charachtair an ainm chláraithe; |
|
— |
Siombail ‘TGFC’ an Aontais Eorpaigh. |
Féadfar an focal ‘buron’ a úsáid ar an lipéadú agus i bhfógraíocht, ar shonraisc nó ar dhoiciméid tráchtála, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: ní úsáidtear an focal ‘buron’ ach amháin le haghaidh cáiseanna a dhéantar as bainne ó thréad aonair a bhleántar le linn na tréimhse buailteachais (25 Bealtaine go 13 Deireadh Fómhair) agus le haghaidh féarach le linn na tréimhse sin i limistéir féarthalamh ard ag airde os cionn 1 000 méadar. Chun a bheith cáilithe leis an bhfocal seo, ní mór na cáiseanna a tháirgeadh i bhfoirgnimh a cheaptar le haghaidh cáiseoireachta agus a tógadh sna limistéir féarthailte sin lena n-úsáid ag tréad amháin in aghaidh na ceardlainne. Ní údaraítear struchtúir soghluaiste nó éadroma, amhail foscadáin déanta as cláir.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Tá an limistéar geografach teorannaithe ag na bardais nó na codanna bardais seo a leanas:
Roinn Aveyron: Na bardais Argences en Aubrac, Campouriez, Cantoin, Cassuéjouls, Castelnau-de-Mandailles, Le Cayrol, Condom-d’Aubrac, Coubisou, Curières, Entraygues-sur-Truyère (bruach deas den Lot agus bruach clé den Truyère in aghaidh an tsrutha de chomhchumar an dá cheann), Espalion (bruach deas an Lot), Estaing, Florentin-la-Capelle, Huparlac, Laguiole, Montézic, Montpeyroux, Le Nayrac, Pomayrols, Prades-d’Aubrac, Saint-Amans-des-Cots, Saint-Chély-d’Aubrac, Saint-Côme-d’Olt (bruach deas an Lot), Saint Geniez d’Olt et d’Aubrac (bruach deas an Lot), Saint-Laurent-d’Olt (bruach deas an Lot), Saint-Symphorien-de-Thénières, Sainte-Eulalie-d’Olt (bruach deas an Lot) agus Soulages-Bonneval.
Roinn Cantal: Na bardais d’Anterrieux, Chaudes-Aigues, Deux-Verges, Espinasse, Fridefont, Jabrun, Lieutadès, Maurines, Saint-Martial, Saint-Rémy-de-Chaudes-Aigues, Saint-Urcize agus La Trinitat.
Roinn Lozère: Na bardais Banassac-Canilhac (bruach deas an Lot), Les Bessons, Brion, Le Buisson, Chauchailles, La Fage-Montivernoux, La Fage-Saint-Julien, Fournels, Grandvals, Les Hermaux, Marchastel, Nasbinals, Noalhac, Peyre en Aubrac (críoch na mbardas tarmligthe Aumont-Aubrac, La Chaze-de-Peyre, Fau-de-Peyre, Sainte-Colombe-de-Peyre amháin), Prinsuéjols-Malbouzon, Recoules-d’Aubrac, Saint-Chély-d’Apcher, Saint-Germain-du-Teil, Saint-Juéry, Saint-Laurent-de-Muret, Saint-Laurent-de-Veyrès, Saint-Pierre-de-Nogaret, Les Salces, Termes agus Trélans.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an nasc idir ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ agus a limistéar geografach bunaithe ar a cháilíocht shonrach.
Tá an limistéar geografach TGFC ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ teoranta don Aubrac, limistéar mór comhdhéanta de shléibhte agus ardchlár atá suite i ranna Aveyron, Cantal agus Lozère. Tá an chríoch seo marcáilte ag gnéithe sainiúla a bhaineann le cineál a ithreach, a aeráide, a airde agus a teorainneacha nádúrtha de bhua an tírdhreacha. Tá a hithir saibhir i mbasalt agus eibhear. Eascraíonn an aeráid éagsúil agus gharbh as an gcoimhlint idir tionchair ilchríochacha agus sléibhe an Auvergne, ard iad seo na cúiseanna atá taobh thiar de na geimhrí fada, fuara (meánteocht bhliantúil 8 °C in Laguiole), gaofara agus sneachtúla go minic, agus tionchair ilchríochacha agus sléibhe an Midi, a thugann teas agus báisteach throm (os cionn 1 000 mm in aghaidh na bliana). I gcroílár an limistéir, cruthaíonn sléibhte an Aubrac ardchlár ar mheán-airde 1 000 méadar. Ar an taobh thiar agus ó dheas, tá an limistéar geografach teorannaithe go nádúrtha ag na haibhneacha Truyère agus Lot.
Tagann an ithir, an aeráid agus an airde le chéile chun cáilíochtaí suntasacha a bhronnadh ar na féaraigh, go háirithe flóra saibhir, aramatach agus flúirseach. I bhfad níos minice ná i limistéir eile, is féidir plandaí atá saibhir i móilíní aramatacha (teirpéiní) a aimsiú ann, e.g. Apiaceae, amhail spignel (Meum athamanticum), astair (Achillea, Centaurea) agus Labiatae (Prunella grandiflora, Thymus).
Tá bunús ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ curtha i leith na manaigh a bhí ina gcónaí ar ardchlár Aubrac sa 12ú chéad. Chothaigh an cáis oilithrigh agus iad ag taisteal feadh Bhealach San Séamas go Santiago de Compostela. Lean na buronniers, cáiseoirí a d’oibrigh ar fhéaraigh sléibhe an Aubrac, lena dtáirgeadh le linn na tréimhse buailteachais. Deimhníonn taighde stairiúil agus sanasaíoch go ndearna ‘Tome fraîche de l’Aubrac’, litrithe le ‘m’ amháin, tagairt do cháis ‘neamhchríochnaithe’, i.e. neamhshaillte, gan a bheith múnlaithe agus neamhaibí. I ndeireadh na 1950idí, bhí tionchar mór ag tréigean na tuaithe agus athruithe ar chleachtais talmhaíochta ar tháirgeadh sna burons. Rinneadh táirgeadh ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ a athbheochan ó 1960 ar aghaidh a bhuíochas do ghrúpa feirmeoirí óga a bhunaigh comharchumann cáise.
Déantar an cháis ó bhainne iomlán amh a fhaightear ó bha de na pórtha Simmental française agus Aubrac, ar phóir chrua iad araon a thagann ó shléibhte lár-raoin. Tá méadú tagtha ar chion próitéine an bhainne i ndáil lena shaill de bharr táirgeadh bliantúil bainne in aghaidh na bó a theorannú agus roghnú géiniteach a chleachtadh, rud a thugann sárchumas déanta cáise dó. Toisc eile a chuireann leis seo freisin ná go gcothaítear na ba ar fhéarach agus ar fhéar tirim a tháirgtear sa limistéar geografach, gan farae coipthe, agus go bhfuil teorainn le beatha chomhlántach. Le linn na táirgeachta, déantar an cháis a dhraenáil i bpreas tomme. Ina dhiaidh sin tá próiseas aibithe a cheadaíonn aigéadú coipthe an tomme, rud atá riachtanach chun a shaintréithe deiridh a fhorbairt.
Is as bainne bó iomlán amh go heisiach a dhéantar ‘Tome fraîche de l’Aubrac’. Tá sé neamhshaillte agus neamhaibí. Tá boladh agus dea-bholaithe ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ bainniúil, úr agus ar nós ime. Tá ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ tréithrithe ag uigeacht atá solúbtha ach daingean don lámh, le poill ó am go chéile. Tar éis cócaireachta ag teocht ard, éiríonn ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ an-shreangánach, leaisteach, comhsheasmhach agus le cuma réidh.
Is toradh é ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ ar shaineolas a tháinig anuas ó na buronniers den Aubrac. Thar na blianta, d’éirigh an cháis seo chun a bheith ina bunús le speisialtachtaí íocónacha cócaireachta ón réigiún Aubrac, amhail aligot. Sa lá atá inniu ann, áirithíonn táirgeoirí ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ go leanfar le gníomhaíochtaí traidisiúnta talmhaíochta agus ceardaíochta, agus rannchuidíonn siad le geilleagar áitiúil cothrom a bhaint amach.
Bíonn tionchar díreach ag coinníollacha táirgthe ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ ar a cháilíochtaí deiridh. Is mar gheall ar éifeacht chomhcheangailte rogha na bpórtha, aiste bia na mbó déiríochta agus easpa cóireála teasa nó próiseála fisiceach (úsáideann táirgeadh bainne amh agus bainne iomlán) go háirithe go bhfuil ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ sreangánach i ndiaidh dó a bheith cócaráilte. Chun saintréithe ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ a ráthú, tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go dtáirgtear an bainne sa limistéar geografach.
Tá ba déiríochta de na pórtha Simmental française agus Aubrac dea-oiriúnaithe go háirithe do dhálaí comhshaoil an limistéir gheografaigh. A bhuí lena n-acmhainn, baineann siad lántairbhe as táirgeadh farae sa limistéar d’ainneoin na srianta a chuireann na geimhrí fada agus crua orthu. Tá an féar agus an farae tirim ar a gcothaíonn siad éagsúil agus saibhir i bplandaí aramatacha, rud a thugann cumhrán don bhainne.
Mar gheall ar rogha na bpórtha Simmental française agus Aubrac is féidir bainne a tháirgeadh a bhfuil cothromaíocht mhaith próitéine agus saille ann, rud atá fíor-riachtanach chun bainne iomlán a tháirgeadh. I dteannta leis an nasc leis an limistéar geografach a neartú trí ghnáthchleachtais feirmeoireachta a choinnigh ar bun, trí theorannú a dhéanamh ar an táirgeacht bhliantúil in aghaidh na mbó déiríochta agus trí chosc a chur ar fharae coipthe i mbeatha feabhsaítear acmhainn déanta cáise an bhainne. A mhéid a bhaineann leis an bpróiseáil, trí chion saille an bhainne a theorannú go dtí an méid a tháirgtear go nádúrtha in úth na bó, áirithítear rialú na céime draenála, rud atá tábhachtach i dtáirgeadh ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ ós rud é nach bhfuil sé saillte nó aibithe.
Níl an bainne a úsáidtear chun an cáis a dhéanamh faoi réir cóireála teasa. Caomhnaíonn sé seo cothromaíocht mianraí an bhainne agus daingne a líonra próitéine, ag cur le struchtúr fisiciúil sreangánach ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ i ndiaidh cócaireachta (an-sreangánach, leaisteach, comhsheasmhach agus le cuma réidh). Thairis sin, ciallaíonn táirgeadh ag baint úsáide as bainne amh nach mór do na cáiseoirí cur chuige speisialta a chur i bhfeidhm, ag baint úsáide as a gcuid saineolais chun oiriúnú don amhábhar a bhfuil siad ag obair leis, ag leanúint cleachtais stairiúla.
Le linn aibithe, gineann aigéadú coipthe an tomme, a dhéantar as bainne atá saibhir i bpróitéin go háirithe, an cháilíocht shreangánach a léiríonn an cháis i ndiaidh di a bheith cócaráilte. Is mar gheall ar chéim an aibithe a dhéanann an cáiseoir freisin go bhfuil cuma ar leith agus uigeacht sholúbtha agus dhaingean ag an gcáis, chomh maith le láithreacht comhdhúile aramatacha bainniúla, úra agus ar nós ime.
Úsáidtear ‘Tome fraîche de l’Aubrac’ go príomha mar chomhábhar, go háirithe le haghaidh speisialtachtaí íocónacha cócaireachta ón réigiún Aubrac. Cuirtear i láthair é freisin in oidis éagsúla a mholtar ar shuíomhanna gréasáin nó ar bhlaganna a bhaineann le cócaireacht. Tá a cháil mar gheall ar a chumas éirí níos sreangánaí i ndiaidh cócaireachta. Aithníonn a úsáideoirí go forleathan é, cibé acu an tomhaltóirí, dáileoirí, bialannaithe nó oibrithe déiríochta-cáiseoirí iad, agus cuirtear i dtábhacht é sa litríocht agus sa phreas (Inventaire du patrimoine culinaire de la France - Région Midi-Pyrénées [Fardal ar oidhreacht chócaireachta na Fraince - Réigiún Midi-Pyrénées], 1996; Ouest-France, 1990; Terroirs de France Uimh.°4, 2014).
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-d5aa5390-66d3-4539-8727-0fb5d16e421b