ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 236

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
4 Iúil 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 236/01

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin: 4,00 % an 1 Iúil 2023 — Rátaí malairte an euro

1

 

An Chúirt Iniúchóirí

2023/C 236/02

Tuarascáil speisialta 17/2023: An geilleagar ciorclach – Aistriú mall á dhéanamh ag na Ballstáit in ainneoin gníomhaíocht ón Aontas Eorpach

2

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2023/C 236/03

Foilsiú an nuashonraithe ar liosta na gcomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeánú Eorpach

3


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 236/04

Fógra tionscnaimh maidir le páirt-athbhreithniú eatramhach ar na bearta frith-dhumpála agus frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh

7

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 236/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11082 – ARP / GRI / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

13


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

4.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 236/1


Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (1):

4,00 % an 1 Iúil 2023

Rátaí malairte an euro (2)

3 Iúil 2023

(2023/C 236/01)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0899

JPY

yen na Seapáine

157,81

DKK

krone na Danmhairge

7,4468

GBP

punt steirling

0,85980

SEK

krona na Sualainne

11,8330

CHF

franc na hEilvéise

0,9800

ISK

króna na hÍoslainne

149,50

NOK

krone na hIorua

11,6945

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,711

HUF

forint na hUngáire

375,03

PLN

zloty na Polainne

4,4385

RON

leu na Rómáine

4,9532

TRY

lira na Tuirce

28,4225

AUD

dollar na hAstráile

1,6383

CAD

dollar Cheanada

1,4441

HKD

dollar Hong Cong

8,5402

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7755

SGD

dollar Shingeapór

1,4736

KRW

won na Cóiré Theas

1 425,74

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,4435

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,9007

IDR

rupiah na hIndinéise

16 412,60

MYR

ringgit na Malaeisia

5,0871

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,270

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

38,343

BRL

real na Brasaíle

5,2083

MXN

peso Mheicsiceo

18,6610

INR

rúipí na hIndia

89,3225


(1)  Ráta arna chur i bhfeidhm ar an oibríocht is déanaí a rinneadh roimh an lá léirithe. I gcás tairiscint a mbaineann ráta athraitheach léi, is ionann an ráta úis agus an ráta imeallach.

(2)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Chúirt Iniúchóirí

4.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 236/2


Tuarascáil speisialta 17/2023:

‘An geilleagar ciorclach – Aistriú mall á dhéanamh ag na Ballstáit in ainneoin gníomhaíocht ón Aontas Eorpach’

(2023/C 236/02)

Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tuarascáil a fhoilsiú dar teideal Tuarascáil speisialta 17/2023: ‘An geilleagar ciorclach – Aistriú mall á dhéanamh ag na Ballstáit in ainneoin gníomhaíocht ón Aontas Eorpach’.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/ga/publications/sr-2023-17


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

4.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 236/3


Foilsiú an nuashonraithe ar liosta na gcomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeánú Eorpach

(2023/C 236/03)

1.   AN BHEILG

NBN

Bureau de normalisation

Bureau voor Normalisatie

CEB/BEC

Comité électrotechnique belge

Belgisch Elektrotechnisch Comité

2.   AN BHULGÁIR

БИС

Български институт за стандартизация

КРС

Комисия за регулиране на съобщенията

3.   POBLACHT NA SEICE

ÚNMZ

Úřad pro technickou normalizaci, metrologii a státní zkušebnictví

4.   AN DANMHAIRG

DS

Fonden Dansk Standard

5.   AN GHEARMÁIN

DIN

Deutsches Institut für Normung e.V.

DKE

Deutsche Kommission Elektrotechnik Elektronik Informationstechnik im DIN und VDE

6.   AN EASTÓIN

EVS

Eesti Standardimis- ja Akrediteerimiskeskus

TTJA

Tarbijakaitse ja Tehnilise Järelevalve Amet

7.   ÉIRE

NSAI

National Standards Authority of Ireland

8.   AN GHRÉIG

ΕΣΥΠ / ΕΛΟΤ

ΕΘΝΙΚΟ ΣΥΣΤΗΜΑ ΥΠΟΔΟΜΩΝ ΠΟΙΟΤΗΤΑΣ / Αυτοτελής Λειτουργική Μονάδα Τυποποίησης ΕΛΟΤ

9.   AN SPÁINN

UNE

sociación Española de Normalización

10.   AN FHRAINC

AFNOR

Association française de normalisation

11.   AN CHRÓIT

HZN

Hrvatski zavod za norme

12.   AN IODÁIL

UNI

Ente Italiano di Normazione

CEI

Comitato elettrotecnico italiano

13.   AN CHIPIR

CYS

Κυπριακός Οργανισμός Τυποποίησης (Cyprus Organisation for Standardisation)

14.   AN LAITVIA

LVS

Latvijas standarts

15.   AN LIOTUÁIN

LST

Lietuvos standartizacijos departamentas

16.   LUCSAMBURG

ILNAS

Institut luxembourgeois de normalisation, de l’accréditation, de la sécurité et qualité des produits et services

17.   AN UNGÁIR

MSZT

Magyar Szabványügyi Testület

18.   MÁLTA

MCCAA

L-Awtorita’ ta’ Malta għall-Kompetizzjoni u għall-Affarijiet tal-Konsumatur

19.   AN ÍSILTÍR

NEN

Stichting Koninklijk Nederlands Normalisatie Instituut

NEC

Stichting Koninklijk Nederlands Elektrotechnisch Comité

20.   AN OSTAIR

ASI

Austrian Standards International – Standardisierung und Innovation

OVE

Österreichischer Verband für Elektrotechnik

21.   AN PHOLAINN

PKN

Polski Komitet Normalizacyjny

22.   AN PHORTAINGÉIL

IPQ

Instituto Português da Qualidade

23.   AN RÓMÁIN

ASRO

Asociaţia de Standardizare din România

24.   AN tSLÓIVÉIN

SIST

Slovenski inštitut za standardizacijo

25.   AN tSLÓVAIC

ÚNMS SR

Úrad pre normalizáciu, metrológiu a skúšobníctvo Slovenskej republiky

26.   AN FHIONLAINN

SFS

Suomen Standardisoimisliitto SFS ry

Finlands Standardiseringsförbund SFS rf

TRAFICOM

Liikenne- ja viestintävirasto Traficom

Transport- och kommunikationsverket Traficom

SESKO

Suomen Sähköteknillinen Standardisoimisyhdistys SESKO ry

Finlands Elektrotekniska Standardiseringsförening SESKO rf

27.   AN tSUALAINN

SIS

Swedish Institute for Standards

SSR

Svensk Elstandard

CCI

Informationstekniska standardiseringen

28.   AN ÍOSLAINN

IST

Staðlaráð Íslands (Icelandic Standards)

29.   AN IORUA

SN

Standard Norge

NEK

Norsk Elektroteknisk Komité

Nkom

Nasjonal kommunikasjonsmyndighet


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

4.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 236/7


Fógra tionscnaimh maidir le páirt-athbhreithniú eatramhach ar na bearta frith-dhumpála agus frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh

(2023/C 236/04)

1.   Imscrúdú ex officio

De bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 (1) maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad, agus Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 (2) maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad, rinne an Coimisiún Eorpach(‘an Coimisiún) cinneadh , ar a thionscnamh féin, tús a chur le hathbhreithniú ar an díolúine ó bhearta frithdhumpála agus frithchúitimh is infheidhme i dtaca le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte, arna leathnú chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh, a mhéid a bhaineann leis an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Tuirce Fibroteks Dokuma Sanayi Ve Ticaret AS (‘Fibroteks’).

2.   An táirge faoi athbhreithniú

Is é atá sa táirge faoi athbhreithniú fabraicí caisirníní agus/nó snáthanna de shnáithíní gloine filiméad leanúnach fite agus/nó fuaite a bhfuil eilimintí eile iontu nó nach bhfuil, gan táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe a áireamh, agus gan fabraicí mogaill oscailte a áireamh ag a bhfuil cealla oscailte is faide agus is leithne ná 1,8 mm araon agus a bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2 iontu, a aicmítear faoi láthair faoi na cóid AC ex 7019 61 00, ex 7019 62 00, ex 7019 63 00, ex 7019 64 00, ex 7019 65 00, ex 7019 66 00, ex 7019 69 10, ex 7019 69 90 agus ex 7019 90 00 (cóid TARIC 7019 61 00 81, 7019 61 00 84, 7019 62 00 81, 7019 62 00 84, 7019 63 00 81, 7019 63 00 84, 7019 64 00 81, 7019 64 00 84, 7019 65 00 81, 7019 65 00 84, 7019 66 00 81, 7019 66 00 84, 7019 69 10 81, 7019 69 10 84, 7019 69 90 81, 7019 69 90 84, 7019900081 agus 7019900084) a choinsínítear ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh (cóid TARIC 7019 61 00 83, 7019 62 00 83, 7019 63 00 83, 7019 64 00 83, 7019 65 00 83, 7019 66 00 83, 7019 69 10 83, 7019 69 90 83 agus 7019900083).

3.   Bearta atá ann cheana

Le Rialacháin (AE) 2020/492 (3) agus (AE) 2020/776 (4), d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála chinntitheach agus dleacht frithchúitimh chinntitheach, faoi seach, ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte.

Leathnaíodh na bearta sin le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 (5) agus (AE) 2022/1478 (6) ón gCoimisiún chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh.

4.   Foras an athbhreithnithe

Níor áiríodh Fibroteks ar liosta na gcuideachtaí díolmhaithe in Airteagal 1(1) de Rialacháin (AE) 2022/1477 agus (AE) 2022/1478 agus, dá bhrí sin, tá sé faoi réir na mbeart frithdhumpála agus frithchúitimh leathnaithe. Tar éis fhoilsiú an leathnaithe leis na bearta, chuaigh an táirgeoir as an Tuirc Fibroteks i dteagmháil leis an gCoimisiún chun díolúine a iarraidh ó na bearta arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 agus (AE) 2022/1478 ón gCoimisiún, agus líomhain sé gur fhíortháirgeoir fabraicí snáithíní gloine sa Tuirc é. Thug an chuideachta fianaise chun tacú leis an maíomh sin.

5.   Nós imeachta

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go raibh fianaise leordhóthanach ann chun údar maith a thabhairt le hathbhreithniú eatramhach páirteach a thionscnamh, athbhreithniú a bheidh teoranta don scrúdú ar an bhféadfaí díolúine a dheonú, a mhéid a bhaineann le Fibroteks, ó na bearta frithdhumpála agus frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte, arna leathnú arna leathnú chun allmhairí a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(3) den bhun-Rialachán frithdhumpála agus le hAirteagal 19 den bhun-Rialachán frithchúitimh.

San imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisiún, tabharfaidh sé aird ar leith ar ghaol Fibroteks leis na cuideachtaí atá faoi réir na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair chun a áirithiú nach mbainfear úsáid as an ngaol sin chun dul timpeall ar na bearta. Breithneoidh an Coimisiún freisin ar cheart coinníollacha áirithe faireacháin a fhorchur sa chás gurb é conclúid an imscrúdaithe go bhfuil údar maith leis an díolúine a dheonú.

5.1.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Cumhdóidh an t-imscrúdú an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2023 (‘tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin’).

5.2.   Barúlacha maidir leis an iarraidh agus tionscnamh an imscrúdaithe

Ní mór do na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt ar an iarraidh nó aon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7).

Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.3.   Nós imeachta um imscrúdú a dhéanamh ar Fibroteks

Chun an fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe a fháil, cuirfidh sé ceistneoir chuig Fibroteks. Ní mór don dhá chuideachta an ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mura sonraítear a mhalairt.

5.4.   Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán frithdhumpála agus Airteagal 28 den bhun-Rialachán frithchúitimh a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron. trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (8).

5.5.   Aighneachtaí eile i scríbhinn

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.6.   An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún. Maidir le hiarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le tionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tar éis sin, ní mór iarraidh ar éisteacht a chur isteach laistigh de na sprioc-amanna sonracha arna leagan síos ag an gCoimisiún le linn dó a bheith i dteagmháil leis na páirtithe.

I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua ábhartha a chur ar fáil tar éis na héisteachta.

5.7.   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san Fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘Íogair’ orthu (9). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus Airteagal 29(2) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara’. Ní mór do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cumhachtaí aturnae agus bileoga deimhniúcháin scanta. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide , nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1040 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Seoladh ríomhphoist: TRADE-R796-DUMPING@ec.europa.eu

6.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear i roinn 5 den Fhógra seo. Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach breise

7.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt den fhaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chur páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh críochnaitheach breise, barúlacha a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.

An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

8.   Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo

Níor cheart síneadh ar na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní cheadófar é ach amháin má tá údar cuí leis agus chúis mhaith léirithe.

In aon chás, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá.

Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra a chur isteach, ní rachaidh an síneadh thar 3 lá, mura léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.

9.   Neamh-chomhoibriú

I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. frith-dhumpála agus le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán frith-fhóirdheontais.

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. frith-dhumpála agus le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán frith-fhóirdheontais, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagairt a thíolacadh. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

10   An toifigeach éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus iarrataí ó thríú páirtithe ar éisteacht a fháil. Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteacht a eagrú le páirtí leasmhar aonair agus idirghabháil a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus tionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/

11   Sceideal an imscrúdaithe

De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán frithdhumpála agus Airteagal 22(1) den bhun-Rialachán frithchúitimh.

12   Próiseáil sonraí pearsanta

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing-markets/trade-defence/


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 108, 6.4.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 189, 15.6.2020, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena leathnaítear an frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (IO L 233, 8.9.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1478 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (IO L 233, 8.9.2022, lch. 18).

(7)  Is é a bheidh sna tagairtí uile d’fhoilsiú an Fhógra seo tagairtí d’fhoilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mura sonraítear a mhalairt.

(8)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála ach ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán +32 22979797.

(9)  Is doiciméad ‘Íogair’ doiciméad a meastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

4.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 236/13


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11082 – ARP / GRI / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 236/05)

1.   

An 27 Meitheamh 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Agencja Rozwoju Przemysłu S.A. (‘ARP’) (an Pholainn), atá faoi rialú deiridh Stát na Polainne,

GRI Renewable Industries, S.L. (‘GRI’) (an Spáinn), faoi chomhrialú deiridh Ghrúpa Acek agus Ghrúpa Mitsui.

Gheobhaidh ARP agus GRI rialú comhpháirteach ar an JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Áirítear i measc ghníomhaíochtaí domhanda ARP: a bheith ina chuideachta phunainne, bainistiú réadmhaoine agus caomhnú oidhreachta cultúrtha. Tá ARP, trí fhochuideachta, gníomhach freisin i dtáirgeadh agus i ndáileadh túir gaoithe ar talamh,

Tá GRI tiomanta do chomhpháirteanna miotail a mhonarú agus a sholáthar le haghaidh tuirbíní gaoithe, i.e. déanann GRI túir ghaoithe (ar talamh agus amach ón gcósta), feirí agus teilgin a mhonarú. Tá GRI gníomhach ar fud an domhain.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an JV: gléasra monaraíochta túir gaoithe amach ón gcósta atá lonnaithe in Gdańsk na Polainne a fhorbairt, a thógáil agus a oibriú.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11082 – ARP / GRI / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.