ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 228

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
29 Meitheamh 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 578ú seisiún iomlánach de chuid CESE — seisiún athnuachana, 26.4.2023–27.4.2023.

2023/C 228/01

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Moltaí CESE maidir le hathchóiriú láidir ar an Seimeastar Eorpach (tuairim féintionscnaimh)

1

2023/C 228/02

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An ceart chun comhshaoil fholláin san Aontas Eorpach, go háirithe i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin (tuairim féintionscnaimh)

10

2023/C 228/03

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Iomaíochas digiteach an Aontais a fheabhsú tuilleadh (tústuairim)

17

2023/C 228/04

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — 30 Bliain den Mhargadh Aonair – conas feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú tuilleadh (tústuairim)

22

2023/C 228/05

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

28

2023/C 228/06

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An daonlathas ar láthair na hoibre (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

43

2023/C 228/07

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta (tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Spáinne)

58

2023/C 228/08

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Sualainne)

64

2023/C 228/09

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — an Cárta Míchumais Eorpach (tústuairim arna hiarraidh sin don Choimisiún Eorpach)

71

2023/C 228/10

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tionscnamh maidir le domhain fhíorúla, leithéid na meiteachruinne (tústuairim arna hiarraidh ag an gCoimisiún Eorpach)

76

2023/C 228/11

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An t-aistriú chuig córas iompair inbhuanaithe fadtéarmach (Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Sualainne)

81


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 578ú seisiún iomlánach de chuid CESE — seisiún athnuachana, 26.4.2023–27.4.2023.

2023/C 228/12

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (COM(2023) 38 final — 2023/0012 (NLE)) agus maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach: leas a bhaint as a chumas iomlán chun aistrithe córa a bhainistiú (COM(2023) 40 final)

87

2023/C 228/13

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API) a bhailiú agus a aistriú chun rialuithe ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/817 agus Rialachán (AE) 2018/1726, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/82/CE ón gComhairle (COM(2022) 729 final) agus — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 (COM(2022) 731 final)

97

2023/C 228/14

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 (COM(2022) 586 final — 2022/0365(COD))

103

2023/C 228/15

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leTogra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint [COM(2022) 732 final – 2022/0426(COD)] agus an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (an Ceathrú Tuarascáil) [COM(2022) 736 final]

108

2023/C 228/16

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904 agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (COM(2022) 677 final — 2022/0396 (COD)

114

2023/C 228/17

Tuairim — ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán [COM(2022) 748 final —2022/0432 (COD)]

121

2023/C 228/18

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — I dTreo Earnáil Láidir Inbhuanaithe Algaí san Aontas (COM(2022) 592 final)

126

2023/C 228/19

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Creat beartais maidir le plaistigh bhithbhunaithe, inmhúirínithe agus in-bhithdhíghrádaithe (COM(2022) 682 final)

132

2023/C 228/20

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha sonracha a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh Thuaisceart Éireann (COM(2023) 122 final — 2023/0064 (COD)

141

2023/C 228/21

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (COM(2023) 124 final — 2023/0062 (COD))

144

2023/C 228/22

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 [COM(2023) 31 final — 2023/0008 (COD)]

148

2023/C 228/23

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach (COM(2022) 701 final — 2022/0407 (CNS)) agus maidir leTogra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis na socruithe comhair riaracháin CBL is gá don ré dhigiteach (COM(2022) 703 final — 2022/0409 (CNS))

149

2023/C 228/24

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (COM (2023)126 final)

154

2023/C 228/25

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin — Evaluation of the State subsidy rules for health and social services of general economic interest (SGEIs) and of the SGEI de minimis Regulation [Meastóireacht ar na rialacha maidir le fóirdheontais Stáit le haghaidh seirbhísí sláinte agus sóisialta ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna) agus Rialachán SGEI de minimis] [SWD(2022) 388 final]

155


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

TUAIRIMÍ

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 578ú seisiún iomlánach de chuid CESE — seisiún athnuachana, 26.4.2023–27.4.2023.

29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/1


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Moltaí CESE maidir le hathchóiriú láidir ar an Seimeastar Eorpach

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 228/01)

Rapóirtéirí:

Gonçalo LOBO XAVIER

Javier DOZ ORRIT

Luca JAHIER

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

27.10.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

18.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

226/2/6

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

D’ainneoin a laigí, bhí ról tábhachtach ag an Seimeastar Eorpach maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú laistigh den Aontas. Mar sin féin, níor chuir na nósanna imeachta a ghabhann leis ar chumas na saoránach ná na ngníomhaithe náisiúnta, polaitiúla, eacnamaíocha ná sóisialta sna Ballstáit a bheith rannpháirteach ar bhonn sásúil sna próisis ná sna moltaí. Níl leibhéal rannpháirtíochta na sochaí sibhialta eagraithe sa Seimeastar leordhóthanach ná ar chaighdeán sách ard i bhformhór na mBallstát. Tháinig feabhas ar an gcomhairliúchán maidir leis na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta. Mar sin féin, níor comhdhlúthaíodh é seo agus baineadh céimeanna ar gcúl as roinnt tíortha le déanaí, ar chúiseanna polaitiúla, maidir le tacú leis an rannpháirtíocht sin.

1.2.

Tacaíonn (1) Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le teachtaireacht an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis na treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais (2), arb é is aidhm dó creat beartais fhioscaigh níos solúbtha agus níos éagsúla a bhunú a mbeidh gá le caibidlíocht agus comhaontuithe idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit ina leith. Beidh géarghá le freagracht náisiúnta ó thaobh an phróisis agus na dtiomantas de más mian linn go n-éireodh leis an méid sin. Is gá athchóiriú a dhéanamh ar nósanna imeachta agus ar amchláir an tSeimeastair Eorpaigh chun é sin a bhaint amach.

1.3.

Measann CESE nach n-éireoidh leis na Ballstáit freagracht a ghlacadh orthu ceal rannpháirtíocht nithiúil, struchtúrach na ngníomhaithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Tá CESE den tuairim nach mór rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith ar cheann de cholúin an tSeimeastair Eorpaigh athchóirithe, chomh maith le rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach. Ba cheart inniúlachtaí Pharlaimint na hEorpa a mhéadú chun gur féidir léi níos mó cearta comhchinnteoireachta a bheith aici maidir le treoirlínte beartais eacnamaíoch agus tograí de chineál Eorpach.

1.4.

Molann CESE an Seimeastar Eorpach a athchóiriú chun é a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos daonlathaí, chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe a neartú agus feidhmiú an tSeimeastair a dhéanamh níos éifeachtaí, i gcomhréir le cuspóirí an fháis eacnamaíoch agus na fostaíochta ardcháilíochta, an chomhtháthaithe shóisialta agus an chóineasaithe idir na Ballstáit, agus dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na córais táscairí atá ann cheana, agus iad a chomhlánú agus a chur i gcomhréir le chéile; dá ndéanfaí amhlaidh chuideofaí leis na nósanna imeachta meastóireachta a fheabhsú.

1.5.

Tá CESE den tuairim gur cheart tréimhse trí bliana a chumhdach le príomhionstraimí an tSeimeastair Eorpaigh, agus meastóireachtaí agus athbhreithnithe bliantúla a dhéanamh orthu. Tá an moladh seo comhsheasmhach leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus éascóidh sé na próisis a bhaineann leis an bhfreagracht náisiúnta agus le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe.

1.6.

Tá sé i gcomhréir leis na moltaí tírshonracha; a bhuí leis seo, is féidir measúnú a dhéanamh ar a bhailí agus ar a éifeachtaí atá an Seimeastar Eorpach. Dá bhrí sin, creideann CESE gurb é an dreasacht is iomchuí cur chun feidhme na moltaí sin a nascadh le buiséad an Aontais agus cuid de na cistí a fháil uaidh, rud a bheadh ar aon dul leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

1.7.

Molann CESE go dtabharfaí nós imeachta comhairliúcháin foirmiúil struchtúrtha isteach, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, le go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach; chumhdófaí leis seo na céimeanna dréachtaithe agus cinnteoireachta, mar aon leis na céimeanna a bhaineann leis an gcur chun feidhme agus an mheastóireacht. Is i gcomhlacht sonrach ar cheart an nós imeachta a chur i bhfeidhm, é sin nó i gcomhlacht atá ann cheana a bhfuil feidhmeanna den sórt sin sannta dó go dlíthiúil. Ba cheart ról ábhartha a bheith ag na comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta atá ann cheana sa phróiseas sin.

1.8.

Is i rialachán ar leith de chuid an Aontais a chreideann CESE gur cheart prionsabail agus saintréithe ginearálta a shainiú a bhaineann le rannpháirtíocht struchtúrtha bhuan na sochaí sibhialta eagraithe le linn chéimeanna éagsúla an tSeimeastair Eorpaigh, agus urraim á tabhairt, ag an am céanna, gur faoin reachtaíocht náisiúnta atá sé na nósanna imeachta agus na comhlachtaí ina ndéantar an comhairliúchán sin a shonrú tuilleadh, agus critéir maidir le hoscailteacht, le trédhearcacht agus le hionadaíocht á gcomhlíonadh.

1.9.

Dar le CESE, ba cheart critéir agus prionsabail bhunúsacha a bhunú leis an rialachán seo, a mhéid a bhaineann, inter alia, leis na saincheisteanna seo a leanas: amchláir (a nasctar le cláir na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus an tSeimeastair Eorpaigh), foirmiúlacht na gcruinnithe agus rochtain phoiblí ar dhoiciméadacht in am trátha agus i bhfoirm chuí, miontuairiscí, cumarsáid phoiblí maidir le tograí agus le freagairtí rialtais agus treochlár chun comhaontuithe a chur chun feidhme.

1.10.

Tá CESE den tuairim go bhfuil gá le díospóireacht níos doimhne a chur ar bun maidir le hacmhainneacht fhioscach agus acmhainní dílse an Aontais. Dar le CESE, beidh gá le hearraí coiteanna Eorpacha a fhorbairt agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin gheopholaitiúla, eacnamaíocha agus chomhshaoil a bheidh os comhair an Aontais sna blianta amach romhainn.

2.   Réamhrá

2.1.

Is é is cuspóir don tuairim seo a spreagadh go ndéanfaí machnamh agus go gcuirfí tograí le chéile le haghaidh athchóiriú láidir nósanna imeachta an tSeimeastair Eorpaigh chun go mbeidh rialachas eacnamaíoch an Aontais níos trédhearcaí, níos daonlathaí agus níos éifeachtaí, mar aon le ról níos éifeachtaí a thabhairt don tsochaí shibhialta eagraithe.

2.2.

Cuirtear san áireamh san anailís agus sna tograí ó CESE rialachas eacnamaíoch an Aontais, teachtaireacht an Choimisiúin lena leagtar amach treoshuímh le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, chomh maith leis an tuairim ó CESE maidir leis an teachtaireacht sin agus na rúin ón gCoiste maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (2021 agus 2022) (3).

2.3.

Mar an gcéanna le hullmhú na rún thuasluaite, chuaigh CESE i mbun comhairliúchán leathan le hionadaithe na sochaí sibhialta eagraithe, trí thoscaireachtaí náisiúnta an Ghrúpa um an Seimeastar Eorpach (a bhfuil triúr comhaltaí as gach tír ann – duine amháin in aghaidh an ghrúpa). Is éard a bhí i gceist leis an gcomhairliúchán seo ceistneoir agus cuairteanna ar 7 dtír (cruinnithe comhchéime). Leagtar amach torthaí an chomhairliúcháin san iarscríbhinn (4) agus déantar achoimre orthu i bpointe 5 den tuairim seo.

3.   Cúlra

3.1.

Tugadh an Seimeastar Eorpach isteach tar éis ghéarchéim 2008 mar ionstraim de rialachas eacnamaíoch an Aontais. Díríodh leis ar chobhsaíocht airgeadais na mBallstát i dtús báire, agus le himeacht ama cuireadh san áireamh ann saincheisteanna fostaíochta agus sóisialta, chomh maith le beartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha. Is éard atá i gceist leis inniu timthriall leathbhliantúil lena gcomhordaítear beartais eacnamaíocha, fostaíochta, shóisialta agus fhioscacha: cuireann na Ballstáit a mbuiséid agus a mbeartais eacnamaíocha ar comhchéim leis na cuspóirí agus na rialacha a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais. Tugadh isteach é in 2011 agus is fóram daingean é anois ina bpléitear na dúshláin a bhaineann le beartas fioscach, eacnamaíoch agus fostaíochta thíortha an Aontais faoi amlíne bhliantúil choiteann. Bhí gá le comhordú níos fearr idir na Ballstáit de dheasca iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na paindéime in 2020 agus i bhfianaise an chogaidh atá ar siúl faoi láthair de thoradh an ionraidh gan chúis gan údar a rinne an Rúis ar an Úcráin. Dá bhrí sin, rinneadh an Seimeastar Eorpach a oiriúnú in 2021 chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh ann. Tacóidh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta leis na cláir athchóirithe agus infheistíochta sna blianta amach romhainn. Is mó an tairbhe a bhaintear as an Seimeastar Eorpach agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta á gcur chun feidhme, a bhuí lena raon feidhme níos leithne agus lena fhaireachas iltaobhach.

3.2.

De réir Airteagal 18(4)(q) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (5), ba cheart achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin a sholáthar agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme, achoimre a dhéantar i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, mar aon le míniú gearr ar an gcaoi a léirítear ionchur na ngeallsealbhóirí sa phlean téarnaimh agus athléimneachta. I measc na ngeallsealbhóirí sin tá údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige agus eagraíochtaí eile. Mar sin féin, mar a léirigh CESE ina rún a glacadh i mí na Bealtaine 2022, meastar go ginearálta gur míshásúil í rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe go nuige seo, fiú agus na difríochtaí nádúrtha idir tíortha sna próisis chomhairliúcháin atá ann cheana á gcur san áireamh.

3.3.

Seo a leanas ceithre phríomhchuspóir an tSeimeastair Eorpaigh: (1) míchothromaíochtaí maicreacnamaíochta iomarcacha san Aontas a chosc; (2) maoiniú poiblí atá inbhuanaithe, fónta a áirithiú (an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis); (3) tacú le hathchóirithe struchtúracha atá dírithe ar an bhfás eacnamaíoch, ar an bhfostaíocht agus ar bheartais shóisialta a chothú (Eoraip 2020, an Comhaontú Glas, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta) agus (4) borradh a chur faoi infheistíochtaí. Ina theannta sin, tá sé mar chuspóir faireachán a dhéanamh ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta, tar éis ghéarchéim COVID-19 agus ó glacadh NextGenerationEU.

3.4.

D’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht i mí na Samhna 2022, inar leagadh amach treoshuímh le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais (6), inar moladh luachanna tagartha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (3 % den easnamh OTI agus 60 % den chóimheas fiachais-OTI) a choinneáil agus nósanna imeachta a bhunú le haghaidh laghdú fiachais a idirdhealaítear de réir tíre agus a caibidlíodh le rialtais na dtíortha sin (le pleananna náisiúnta meántéarmacha maidir le conair fhioscach). Creat athbhreithnithe níos simplí, níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí a bheadh ann, a mbeidh freagracht náisiúnta níos fearr agus forfheidhmiú níos fearr ina ndlúthchuid de. De réir an struchtúir athbhreithnithe sin, bhunófaí pleananna fioscacha na mBallstát is mó atá i bhfiacha ar feadh tréimhse ceithre bliana (agus d’fhéadfaí síneadh trí bliana breise a chur leis seo), agus ag an am céanna, bheadh siad faoi réir clár oibre sonrach maidir le hinfheistíocht agus athchóiriú a comhaontaíodh cheana, ar clár oibre é a ndéanfar faireachán ar chomhlíonadh air ar bhonn bliantúil. Léirítear “spiorad NextGenerationEU”, mar a thugtar air, sa togra seo. Tugtar faoi deara sna conclúidí ó Chomhairle Ecofin an 14 Márta 2023 (7) go bhfuil réimsí cóineasaithe tuairimí i measc na mBallstát agus go bhfuil roinnt réimsí ann ina bhfuil gá le tuilleadh oibre a dhéanamh ar chreat athbhreithnithe. Leis na conclúidí sin, cuirtear treoir pholaitiúil ar fáil maidir le hullmhú na dtograí reachtacha ábhartha ón Coimisiún. Go háirithe, chuir an Chomhairle in iúl gur cheart do na Ballstáit na comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus na geallsealbhóirí ábhartha eile a rannpháirtiú ar bhealach tráthúil fóinteach ag gach céim de thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh agus an cheaptha beartas, mar go bhfuil sé sin ríthábhachtach chun go n-éireoidh le comhordú agus cur chun feidhme an bheartais eacnamaíoch, fostaíochta agus shóisialta. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an méid seo an 23 Márta.

3.5.

Leis an ionstraim chomhordúcháin seo, tá iarracht leanúnach déanta ag CESE chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe a spreagadh i gcinntí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dó. Is é an cuspóir a bhí leis sin dlisteanacht dhaonlathach agus muinín na sochaí sibhialta in institiúidí an Aontais a neartú agus a áirithiú go gcuirfear na pleananna agus na cláir oibre náisiúnta thuasluaite chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí. Cuireadh an comhairliúchán sin ar bun, dá bhrí sin, chun moltaí na sochaí sibhialta eagraithe sna Ballstáit a shainaithint, agus neartaíodh an ról atá acu sna próisis sin dá réir. Cuireadh san áireamh sa chomhairliúchán na hathruithe leanúnacha a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach (is iad sin, cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, comhtháthú chaibidil REPowerEU agus an t-athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais).

4.   An mhodheolaíocht a úsáideadh sa chomhairliúchán seo

4.1.

Bailíodh na sonraí agus an fhaisnéis a bhí ag teastáil don tuarascáil seo idir mí na Nollag 2022 agus mí an Mhárta 2023. Fuarthas 23 aighneacht náisiúnta (freagraí ar na ceisteanna sa cheistneoir agus/nó aiseolas ó na cruinnithe comhchéime) ar an iomlán (8). Reáchtáladh na comhairliúcháin i bhfianaise an tsaineolais a bhí ag na comhaltaí féin agus bhí baint ag na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta leo. I dtíortha áirithe, bhí baint ag comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta nó a macasamhlacha de chomhlachtaí leo, agus i dtíortha eile chuathas i gcomhairle le hionadaithe rialtais freisin.

4.2.

Baineann an tuairim seo leas freisin as foinsí seachtracha, amhail foilseacháin ó mheithleacha machnaimh, staidéir taighde chomparáidigh agus díospóireachtaí náisiúnta. Ina theannta sin, seoladh an ceistneoir chuig roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta Eorpacha, chuig codanna den Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE agus chuig ionadaithe eile as na trí ghrúpa in CESE.

5.   Rudaí a tugadh faoi deara sna torthaí ar an gcomhairliúchán

Roinn I: Obair leantach ar an obair a rinneadh cheana ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta

5.1.   Ceist 1 – An staid mar atá maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe i gcur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta

Ar an iomlán, is beag athrú suntasach a rinneadh. Is iad seo a leanas na príomhchonstaicí: easpa toil pholaitiúil na rialtas, easpa cur chuige córasach agus aonfhoirmeach maidir le faireachán, agus easpa nósanna imeachta agus struchtúir bhuana agus fhoirmiúla le haghaidh faisnéise agus idirphlé. Molann an tsochaí shibhialta eagraithe ardán lárnach maidir leis an Seimeastar Eorpach a chruthú, lena n-áireofaí an fhaisnéis náisiúnta uile, sásraí caighdeánaithe comhairliúcháin agus faireacháin a chruthú a mbeadh ról níos gníomhaí acu do chomhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta (agus do chomhlachtaí coibhéiseacha).

Roinn II: Dearcthaí na sochaí sibhialta eagraithe ar an Seimeastar Eorpach

Ceist 2 – Comhairliúchán na sochaí sibhialta eagraithe faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

Meastar, tríd is tríd, nach leordhóthanach ná éifeachtach an comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta eagraithe i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus nach ann ach foirmiúlacht a bhfuil ráta glactha íseal ag na tograí a bhaineann leis. Is é seo a leanas a mholann na geallsealbhóirí náisiúnta a cuireadh faoi agallamh: timthriall comhairliúcháin sainithe agus rialta ina mbeadh rochtain níos fearr ar dhoiciméadacht agus trédhearcacht níos fearr, foilsiú na dtorthaí, amchlár a bheidh comhsheasmhach le timthriall an tSeimeastair Eorpaigh, agus infheictheacht an phróisis don phobal.

5.2.   Ceist 3 – Éifeachtacht agus dlisteanacht an tSeimeastair Eorpaigh mar uirlis chun beartais eacnamaíoch agus fhioscacha a chomhordú

Is mór ag formhór ionadaithe na sochaí sibhialta eagraithe ról an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhordú na mbeartas eacnamaíoch agus fostaíochta; cé go gcuireann na heasnaimh a léirítear cosc ar éifeachtacht agus ar dhlisteanacht níos fearr a bheith aige, measann siad go gcuireann an t-ualach riaracháin agus easpa modh comhairliúcháin struchtúrtha agus aonfhoirmeach bac ar idirghníomhaíocht an phróisis. Is údar cáinte dóibh freisin ráta glactha íseal na moltaí tírshonracha, mar aon le comhtháthú lag de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus táscairí sóisialta sna sásraí meastóireachta. Molann tromlach na n-ionadaithe tús áite a thabhairt do chuspóirí meántéarmacha agus fadtéarmacha agus an Seimeastar Eorpach á athchóiriú.

5.3.   Ceist 4 – Moltaí Tírshonracha

Is éard a thug formhór na bhfreagróirí le fios go bhfuil na moltaí tírshonracha i gcomhréir le dúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha; chuir siad in iúl, lena chois sin, go gcreideann siad go bhfuil na moltaí róghinearálta nó ró-dhírithe ar an inbhuanaitheacht fhioscach, go ndéantar faillí leo ar na saincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte, leis an oideachas agus leis an gcuimsiú sóisialta, agus nach léirítear leo ach go páirteach leasanna na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta. Chun feabhas a chur ar an gcomhlíonadh le moltaí tírshonracha, beidh gá le hailíniú níos fearr le tosaíochtaí an rialtais agus na saoránach, sásraí faireacháin agus meastóireachta atá níos trédhearcaí agus níos rannpháirtí, agus córas níos éifeachtaí de dhreasachtaí agus smachtbhannaí.

5.4.   Ceist 5 – Tús áite a thabhairt do neartú Cholú(i)n an tSeimeastair Eorpaigh

Treisíodh tosaíocht na n-athchóirithe struchtúracha agus an fháis de bharr na paindéime. Cuireann athchóirithe struchtúracha athléimneacht an gheilleagair chun cinn, rud nach féidir a dhéanamh ceal infheistíochta, arb é an dara tosaíocht é den Seimeastar Eorpach. Ba cheart d’infheistíochtaí tacú leis an bhforbairt eacnamaíoch agus leis an gcomhtháthú sóisialta. Ní mór neartú an idirphlé shóisialta agus rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Seimeastar a ráthú le gníomh reachtach Eorpach. Níor cheart inbhuanaitheacht riachtanach an airgeadais phoiblí a chur i gcoinne infheistíochtaí lena gcuirtear cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta aníos chun cinn.

5.5.   Ceist 7 – Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEnna)

Tá formhór na bhfreagróirí den tuairim gur gá an nasc idir CSIEnna agus cur chun feidhme na moltaí tírshonracha a neartú agus idirphlé polaitiúil agus sóisialta agus sineirgí idir comhlachtaí náisiúnta atá i gceannas ar an Seimeastar Eorpach agus ar CSIEnna a bhainistiú chun treochlár a chur i gcrích d’fhonn moltaí tírshonracha a chur chun feidhme. Ba cheart na nithe a leanas a chur chun cinn: comhtháthú agus cóineasú níos fearr na gcuspóirí, na mbeartas agus na n-acmhainní náisiúnta, nasc níos fearr idir cistí agus beartais Eorpacha agus úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní chun tacú le forbairt na réigiún is mídheisiúla.

Roinn III: Dearcthaí na sochaí sibhialta eagraithe ar rialachas eacnamaíoch na hEorpa

5.6.   Ceist 6 – Gnéithe atá le neartú chun feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear rialachas eacnamaíoch na hEorpa chun feidhme

Meastar gurb iad an trédhearcacht agus an chuntasacht na gnéithe is tábhachtaí chun feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear rialachas eacnamaíoch na hEorpa chun feidhme. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh rochtain ag na geallsealbhóirí uile ar fhaisnéis maidir le moltaí beartais eacnamaíoch agus maidir lena gcur chun feidhme, chun táscairí, tairseacha agus spriocanna soiléire maicreacnamaíochta a chruthú le go mbeidh creat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus an Seimeastar Eorpach níos mionsonraithe, níos dírithe agus níos inláimhsithe. Ina theannta sin, meastar gur cheart rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa, na bparlaimintí náisiúnta, na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú chun a áirithiú go léireofar riachtanais agus ábhair imní réimse leathan geallsealbhóirí le beartais eacnamaíocha.

6.   Barúlacha ginearálta

Athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh

6.1.

Tacaíonn CESE leis na tograí ón gCoimisiún maidir le hathchóiriú an rialachais eacnamaíoch (9) agus iarrann sé go nglacfaí na hionstraimí reachtacha go pras ionas gur féidir leo teacht i bhfeidhm in 2024, nuair a chuirfear deireadh le clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis freisin.

6.2.

Beidh athruithe ar nósanna imeachta an tSeimeastair Eorpaigh i gceist leis na hathruithe atá sa teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach, go háirithe na hathruithe a bhaineann le laghdú leibhéal an fhiachais phoiblí sna Ballstáit faoi phrionsabail na difreála agus na solúbthachta (10). Creideann CESE nach mór do rannpháirtíocht na ngníomhaithe náisiúnta polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta a bheith mar thoradh air sin freisin chun ionadaíocht dhaonlathach fhónta na sochaí ina hiomláine a chosaint. Ba cheart breithniú cuí a dhéanamh sa réimse tábhachtach seo den bheartas eacnamaíoch ar na tuairimí agus na leasanna éagsúla a ndéanann na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ionadaíocht ar leith orthu. Leagann an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá an fhreagracht náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go dtógfadh agus go neartódh pleananna meántéarmacha náisiúnta maidir leis an gconair fhioscach an méid a rinneadh i gcomhthéacs na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, i.e. trí airteagal atá cosúil le hAirteagal 18(4)(q) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh, lena gcruthaítear oibleagáid chun grinnscrúdú níos doimhne a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann na Ballstáit i gcomhairle le héilimh na sochaí sibhialta eagraithe agus a n-ionchorpraítear sna pleananna iad. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear san áireamh tuairimí na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe sna pleananna sin agus maidir lena gcur chun feidhme.

6.3.

Tá an Coimisiún tar éis teachtaireacht a fhoilsiú dar teideal A Green Deal Industrial Plan for the Net-Zero Age [Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Aois Glan-Nialasach] (11). Déantar plé ar an ngá atá le comhlíonadh chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a áirithiú, coincheap neamhspleáchas tionsclaíoch straitéiseach na hEorpa a chur chun feidhme agus bearta chun iomaíochas thionscal glas na hEorpa a neartú i bhfianaise iarmhairtí an Ghnímh um Laghdú Boilscithe arna chur chun cinn ag rialtas na Stát Aontaithe. Ceann de na moltaí i bplean tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais is ea Ciste Eorpach Ceannasachta a chruthú, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, chun infheistíocht a dhéanamh sna teicneolaíochtaí is nuálaí i réimse an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh “chun an comhtháthú agus an margadh aonair a chosaint ar na rioscaí a eascraíonn as infhaighteacht éagothrom státchabhrach” (12).

6.4.

Áirítear sa díospóireacht pholaitiúil agus acadúil ar rialachas eacnamaíoch an Aontais saincheisteanna amhail buanacmhainn lárnach fhioscach a fhorbairt don Aontas, mar aon le leibhéal agus cineál na n-acmhainní is ceart a bheith ag an Aontas. Ní hé is cuspóir don tuairim seo trácht a dhéanamh ar na saincheisteanna sin. Creideann CESE gur cheart d’institiúidí an Aontais dianmhachnamh a dhéanamh gan mhoill ar na saincheisteanna sin agus ar shamhlacha chun beartais airgeadaíochta, fhioscacha agus bhuiséadacha a chomhtháthú tuilleadh. Mar sin féin, creideann CESE go labhraíonn sé ar son fhormhór eagraíochtaí na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip nuair a thugann sé le fios go bhfuil sé ríthábhachtach teacht ar réitigh choiteanna Eorpacha agus earraí coiteanna Eorpacha a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin gheopholaitiúla, eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta atá os comhair an Aontais agus a Bhallstát agus chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur chun feidhme go rathúil d’fhonn samhail eacnamaíoch a áirithiú atá níos táirgiúla, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de. Dar le CESE, tá gá le comhbheartas tionsclaíoch Eorpach chun an bhearna theicneolaíoch leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín a dhúnadh agus chun slabhraí luacha a neartú. Tá na hinstitiúidí Eorpacha ag iarraidh neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach, i réimsí amhail an beartas eachtrach agus cosanta agus beartais thionsclaíocha, theicneolaíocha, trádála, sláinte, scileanna, taighde agus forbartha. Le go n-éireoidh leis seo, bheadh réitigh choiteanna Eorpacha agus earraí coiteanna Eorpacha de dhíth. Tá níos mó ná réitigh náisiúnta atá bunaithe ar acmhainneacht fhioscach gach Ballstáit ag teastáil, rud a d’fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh aonair, arb é ceann de na héachtaí is fearr atá bainte amach ag an Aontas Eorpach.

6.5.

Creideann CESE nach mór luí isteach ar leas iomchuí, éifeachtúil agus éifeachtach a bhaint as na hacmhainní airgeadais atá ann cheana agus an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní poiblí uile atá ar fáil agus as na hionstraimí maoiniúcháin agus infheistíochta poiblí príobháideacha atá ar fáil don Aontas chun earraí coiteanna Eorpacha a mhaoiniú. Chuige sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh an tsolúbthacht is mó is féidir ann i gcur chun feidhme na gclár agus sna sineirgí agus san aistriú cistí a dhéanfar eatarthu, in éineacht le cur i bhfeidhm dianchóras meastóireachta agus faireacháin. Más ann do rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, d’fhéadfadh an próiseas sin a bheith níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí.

6.6.

D’ainneoin a bhfuil thuas, beidh gá le cistiú breise Eorpach ó thaobh scála na riachtanas infheistíochta, ó thaobh earraí coiteanna agus tacaíocht don infheistíocht atá le déanamh ag na Ballstáit. Ina theannta sin, ní mór na coinníollacha cearta a chruthú freisin chun an infheistíocht phríobháideach iomchuí a áirithiú agus chun an creat rialála is iomchuí a áirithiú san fhadtéarma. Ba é sin an tuairim a chuir CESE in iúl sa rún thuasluaite (2022) maidir leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, pleananna atá nasctha le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach agus le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh. Ní mór a thuiscint go bhfuil cur chun feidhme rathúil na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta ina choinníoll riachtanach chun tús a chur le dul chun cinn a dhéanamh sa treo sin.

6.7.

Creideann CESE nach mór don dea-rialachas eacnamaíoch agus buiséadach saincheist chóras ioncaim an Aontais féin a réiteach a luaithe is féidir, agus nach mór na gealltanais a leagtar amach in CAI 2021-2027 agus NextGenerationEU a chomhlíonadh agus an dúshraith a leagan síos chun an buiséad Eorpach a neartú san fhadtéarma.

An Seimeastar Eorpach agus na nósanna imeachta a ghabhann leis

6.8.

D’ainneoin a laigí, bhí ról tábhachtach ag an Seimeastar Eorpach maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú. Mar sin féin, ní chuireann na nósanna imeachta a ghabhann leis ar chumas na saoránach ná na ngníomhaithe náisiúnta, polaitiúla, eacnamaíocha ná sóisialta sna Ballstáit a bheith rannpháirteach go soiléir ná go rialta sna próisis ná sna moltaí. Le linn mhórchúlú eacnamaíoch an chéid seo, bhí an Seimeastar Eorpach ina chonair tarchurtha do bheartais a bhí comhthimthriallach agus a d’eascair, ar ndóigh, as prionsabail an gheilleagair pholaitiúil ar dá réir a bainistíodh é. Ní hionann seo agus an freagra a thug na hinstitiúidí Eorpacha ar ghéarchéim COVID-19, inar cuireadh nósanna imeachta an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in ionad nósanna imeachta an tSeimeastair Eorpaigh. Is dreasacht dhearfach iad na deontais agus na hiasachtaí dá chuid, agus a bhuí leo cuireadh samhail shonrach de phleanáil tháscach d’infheistíochtaí agus d’athchóirithe struchtúracha i dtoll a chéile, samhail a cruthaíodh trí na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Nuair a thiocfaidh deireadh leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ní bheidh sé indéanta filleadh ar shamhail an tSeimeastair a bhí ann roimhe seo. Dá bhrí sin, tá gá leis an athchóiriú atá á mholadh ag CESE.

6.9.

Is éagsúil ó thaobh nádúir agus tromchúise iad na fadhbanna sna Ballstáit a shainaithin an tsochaí shibhialta eagraithe, ar fadhbanna iad a bhaineann le feidhmiú an tSeimeastair Eorpaigh agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Mar sin féin, is iad seo a leanas na gnéithe is mó a cáineadh:

ní leor cáilíocht ná trédhearcacht na cumarsáide leis na geallsealbhóirí ná leis an tsochaí;

ó thaobh rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe, is annamh a bhaintear leibhéal sách ard amach le gur féidir a aithint a áisiúla atá siad.

is deacair do na gníomhaithe náisiúnta polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta uile a bheith rannpháirteach agus na treoirlínte a áirítear sna pleananna náisiúnta um athchóiriú agus sna moltaí tírshonracha a chomhlíonadh de bharr na dtréimhsí ama cúnga atá ann don chomharliúchán laistigh de chreat an tSeimeastair Eorpaigh;

i roinnt mhaith cásanna, is lag é struchtúr na gcuspóirí agus na dtograí sna pleananna náisiúnta um athchóiriú agus sna moltaí tírshonracha agus is beag leas ar féidir a bhaint as a n-ábhar sóisialta;

tá leibhéal comhlíonta na moltaí tírshonracha easnamhach i roinnt tíortha agus is léir nach raibh an sásra smachtbhannaí éifeachtach.

6.10.

Chuir nósanna imeachta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta feabhas ar chúrsaí ar bhealaí áirithe. Cé go bhfuilimid fós ar tí an mheastóireacht mheántéarmach a dhéanamh (13), léirigh na comhairliúcháin a rinneadh don dá rún thuasluaite ó CESE agus don tuairim sin leibhéal suntasach comhlíonta leis na hathchóirithe is gá. Níl aon amhras ach go bhfuil baint aige sin leis an dreasacht dhearfach a sholáthraítear trí chistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a fháil. Mar sin féin, tá leibhéal cur chun feidhme na n-infheistíochtaí tite ar gcúl. Tháinig feabhas ar leibhéal rannpháirtíochta na sochaí sibhialta eagraithe sna luathchéimeanna de chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta i gcomparáid leis an leibhéal a baineadh amach le linn chéim an ullmhúcháin agus i gcomparáid le gnáthleibhéal an tSeimeastair. Níor tháinig feabhas ar bith air in 2022, áfach, agus tugadh céimeanna tromchúiseacha ar gcúl faoi deara i roinnt tíortha, i ngeall ar athruithe polaitiúla.

6.11.

Chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, mar a mhol an Coimisiún, ní mór an Seimeastar a oiriúnú. A bhuí le creat coiteann athbhreithnithe an bheartais fhioscaigh, beidh creat níos solúbtha agus níos éagsúla ar fáil, agus beidh caibidlíochtaí agus comhaontuithe idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit san áireamh. Tiocfaidh athruithe ar amchláir agus ar nósanna imeachta an tSeimeastair Eorpaigh dá bharr seo. Ionas go leanfaidh sé de bheith éifeachtach agus rathúil, beidh air freagracht náisiúnta ar an bpróiseas agus ar na gealltanais a rinneadh a éascú, rud nach féidir a bhaint amach ach amháin le rannpháirtíocht níos leithne ó ghníomhaithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta sa phróiseas. I ngeall ar an méid sin, creideann CESE gur gá do rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith ar cheann de cholúin an tSeimeastair Eorpaigh athbhreithnithe. Tá rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ríthábhachtach freisin.

6.12.

Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana féin gur mhaith leis go rialódh gníomh reachtach Eorpach rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Seimeastar Eorpach. D’fhéadfaí Airteagal 18(4)(q) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a mheas mar chuid lárnach den riail ba mhaith le CESE a thabhairt isteach. Ba cheart rialachán a bheith ann lena leagtar síos bunphrionsabail agus saintréithe na gcomhairliúchán le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ar an gcaoi sin, thabharfaí urraim sa rialachán do thraidisiúin agus do nósanna imeachta náisiúnta maidir le rannpháirtíocht shóisialta; bheadh ceangal ann freisin an rialachán céanna a chur i gcrích i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus leis na buntréithe a leagtar síos sa rialachán Eorpach.

6.13.

D’fhógair an Coimisiún Eorpach go bhfoilseofar teachtaireacht maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú, mar aon le moladh maidir le ról an idirphlé shóisialta ar an leibhéal náisiúnta. Creideann CESE, i gcás ina mbeadh achtú na reachtaíochta mar thoradh ar an tionscnamh sin, gur cheart é sin a bheith comhlántach leis an rialachán atá á iarraidh aige.

7.   Moltaí maidir le hathchóiriú ar an Seimeastar Eorpach

7.1.

Molann CESE an Seimeastar Eorpach a athchóiriú chun na prionsabail, na luachanna agus na treochtaí a leanas a neartú: an trédhearcacht, an daonlathas, rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, éifeachtúlacht a fheidhmithe agus fás na ngeilleagar agus na fostaíochta ardcháilíochta, rannchuidiú leis an gcomhtháthú sóisialta agus leis an gcothromaíocht idir na Ballstáit, agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach i ngeilleagar an Aontais a chur i gcrích.

7.2.

Chuige sin, ní mór na córais táscairí atá ann cheana – córais eacnamaíocha agus fostaíochta, sóisialta agus comhshaoil – a athnuachan, a fhorlíonadh agus a chur i gcomhréir le chéile, chun na nósanna imeachta meastóireachta a neartú, agus ba cheart na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach iontu freisin.

7.3.

Tá CESE go mór ar son Seimeastar Eorpach a chuirfidh gné shóisialta na gcinntí eacnamaíocha san áireamh i gcónaí agus geilleagair an Aontais á gcomhordú agus tograí á gceapadh chun borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe. Na bearta a chuirtear chun cinn sa Seimeastar, ní mór tús áite a thabhairt leo d’acmhainneacht nuálaíochta, d’fhás táirgiúlachta agus do chur chun feidhme aistrithe córa i gclaochlú glas agus digiteach gheilleagar na hEorpa agus do chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. “Inbhuanaitheacht iomaíoch an Aontais” a thugtar ar an gcothromaíocht thorthúil seo, mar a shainmhínítear sa dá thuairim dheireanacha maidir leis an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, agus tacaíonn CESE go hiomlán léi.

7.4.

Creideann CESE gur cheart tréimhse trí bliana a bheith i gceist le príomhionstraimí an tSeimeastair, i.e. an Straitéis Bhliantúil um Fhás Inbhuanaithe, na pleananna náisiúnta um athchóiriú agus na moltaí tírshonracha. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí próiseas rannpháirtíochta níos fearr a bheith ann do ghníomhaithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta, go méadófaí an fhreagracht náisiúnta agus go gcothófaí cur chun feidhme níos fearr na n-ionstraimí sin.

7.5.

Cuideoidh comhlíonadh na moltaí tírshonracha sa mheántéarma, rud atá á mholadh ag CESE, le measúnú a dhéanamh ar bhailíocht agus ar éifeachtacht an tSeimeastair Eorpaigh. Go háirithe, sainaithníodh sa chomhairliúchán a rinneadh i gcomhthéacs na tuairime seo dearcthaí na sochaí sibhialta eagraithe maidir le luach na smachtbhannaí i gcás neamhchomhlíonta agus maidir leis na cineálacha smachtbhannaí is éifeachtaí. Creideann CESE gurb é an cur chuige is iomchuí dreasachtaí le haghaidh comhlíonta a chur ar fáil chun gealltanais náisiúnta a chomhlíonadh trína nascadh le buiséad an Aontais agus trí chistí áirithe a bheith á bhfáil ag na Ballstáit, rud a bheadh ar aon dul le samhail na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Chun go mbeidh na gealltanais sin cothrom agus comhleanúnach le colúin uile an rialachais eacnamaíoch, tá sé ríthábhachtach go mbeidh próiseas na freagrachta náisiúnta daonlathach agus go mbeidh gníomhaithe polaitiúla agus sóisialta rannpháirteach ann.

7.6.

Is éard a bheadh i gceist le Seimeastar Eorpach níos daonlathaí comhlachtaí polaitiúla daonlathacha Eorpacha agus náisiúnta a bheith rannpháirteach ina nósanna imeachta agus, i gcásanna áirithe, ina chinntí. Tá tagairt á déanamh ag CESE do Pharlaimint na hEorpa agus do na parlaimintí náisiúnta, agus d’institiúidí polaitiúla áitiúla agus réigiúnacha chomh maith. Ní hé foirmlí ná inniúlachtaí sonracha a mholadh aidhm na tuairime seo. Mar sin féin, ba cheart a chur in iúl go gceanglaítear ar na hinstitiúidí náisiúnta sin ról tábhachtach a bheith acu maidir le pleananna agus moltaí a tharraingt suas agus maidir le meastóireacht a dhéanamh orthu, mar gheall ar an bpróiseas freagrachta náisiúnta a ghabhann le moltaí agus bearta an tSeimeastair, rud atá riachtanach ar mhaithe le héifeachtacht na moltaí agus na mbeart sin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart inniúlachtaí Pharlaimint na hEorpa a mhéadú chun gur féidir léi comhchinneadh a dhéanamh maidir le mór-threoirlínte beartais eacnamaíocha agus tograí de chineál Eorpach.

7.7.

Molann CESE go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí ionadaíocha na sochaí sibhialta rannpháirteach trí nós imeachta comhairliúcháin foirmiúil struchtúrtha ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart rannpháirtíocht a bheith ann ag céim dréachtaithe na dtreoirlínte, na moltaí agus na mbeart agus ag na céimeanna cur chun feidhme agus meastóireachta. Ba cheart comhlacht sonrach a bheith ann, a d’fhéadfadh a bheith ann cheana, a mbeadh sé de chúram air go foirmiúil agus go dlíthiúil comhairliúchán an tSeimeastair Eorpaigh a chur i gcrích agus ról a thabhairt don tsochaí shibhialta maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an Seimeastar Eorpach. D’fhéadfadh ról ábhartha a bheith ag comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta i gcomhairliúchán agus i meastóireacht an tSeimeastair Eorpaigh in a lán tíortha. Is faoi chúram na dtíortha aonair é seo, áfach, agus ní mór é a eagrú i gcomhréir le traidisiúin agus reachtaíocht gach Ballstát. I láthair na huaire, cinneann tíortha aonair freisin an mbeidh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach tríd an nós imeachta céanna agus tríd an gcomhlacht céanna nó trí phróisis ar leith.

7.8.

Creideann CESE gur cheart rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe i gcéimeanna éagsúla an tSeimeastair Eorpaigh a bhunú trí bhíthin rialachán de chuid an Aontais lena leagtar amach na luachanna, na prionsabail agus na príomhthréithe atá le hurramú, rud a d’fhágfadh gur gá na nósanna imeachta agus na comhlachtaí atá freagrach as iad a chur chun feidhme a shonrú i reachtaíocht náisiúnta. Tá CESE den tuairim gurb é an méid seo a leanas na príomhcheanglais chun próiseas comhairliúcháin fhoirmiúil éifeachtach a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta agus gur cheart próiseas den chineál sin a áireamh i rialachán den sórt sin:

Ní mór don phróiseas a bheith buan agus struchtúrtha agus ba cheart na sonraíochtaí a bheith faoi rialú ag an reachtaíocht náisiúnta; maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil reachtaíocht den sórt sin i bhfeidhm acu cheana, ba cheart an reachtaíocht a athbhreithniú agus a nuashonrú i gcomhréir le forálacha rialachán an Aontais.

Níor cheart próiseas aonuaire a bheith ann, atá teoranta do thréimhse nó bliain ar leith; ba cheart é a bhunú ar bhuansásra iomchuí comhairliúcháin agus malartaithe, lena gcumhdaítear na céimeanna éagsúla go léir, le struchtúir agus modhanna leordhóthanacha. Ba cheart tuarascálacha rialta ar an bpróiseas comhairliúcháin a fhoilsiú go bliantúil, iad a tharchur chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig na parlaimintí náisiúnta agus iad a chur ar fáil don tsochaí shibhialta eagraithe agus don phobal i gcoitinne i ngach Ballstát.

Ní mór do na nósanna imeachta critéir na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na hionadaíochta a chomhlíonadh. Ba cheart na doiciméid agus an staidreamh uile a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus leis an Seimeastar Eorpach a chumhdach le rochtain oscailte ar fhaisnéis, lena n-áirítear príomhshonraí maidir le tionscadail infheistíochta agus torthaí na scórchlár eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil. Ba cheart úsáid a bhaint as tairseacha gréasáin lena dtugtar le chéile iad ar bhealach atá struchtúrtha go hiomchuí i ngach Ballstát.

Ní mór do gach Ballstát an cineál comhlachta, nó comhlachtaí, trína gcuirfear an próiseas rannpháirtíochta i gcrích, a shonrú, mar aon leis na saintréithe ba cheart a bheith acu chun a áirithiú go mbeidh a gcomhaltaí ionadaíoch agus nach gcuirfear isteach ar an bpolaitíocht lena gceapachán. Ba cheart dul i gcomhairle go foirmiúil leis an tsochaí shibhialta eagraithe ag céim dréachtaithe phríomhdhoiciméid an tSeimeastair Eorpaigh – an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht agus na treoirlínte fostaíochta, na cláir náisiúnta um athchóiriú agus na moltaí tírshonracha, etc. – agus sna céimeanna cur chun feidhme agus meastóireachta. Ba cheart rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe a leathnú chuig na próisis athchóirithe a eascraíonn as na moltaí tírshonracha agus as an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíochta, nó as sásra athbhreithnithe an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch.

Ba cheart na hamchláir don phróiseas comhairliúcháin a bheith aonchineálach go leordhóthanach ar leibhéal an Aontais chun cóineasú a áirithiú maidir le próiseas comhchoiteann agus chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na cláir atá i bhfeidhm cheana féin agus leo siúd atá curtha in oiriúint do chomhtháthú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta sa Seimeastar Eorpach.

Tionólfar na cruinnithe in am trátha agus i bhfoirm chuí, agus seolfar na doiciméid agus an fhaisnéis is gá chuig na comhpháirtithe sóisialta agus chuig eagraíochtaí na sochaí sibhialta a ghlacfaidh páirt, rud a thabharfaidh dóthain ama d’ionadaithe ón tsochaí shibhialta eagraithe staidéar a dhéanamh orthu. Tógfar miontuairiscí ag na cruinnithe agus cuirfear na moltaí a dhéanfaidh ionadaithe ón tsochaí shibhialta eagraithe san áireamh iontu.

Ba cheart do na rialtais náisiúnta agus don Choimisiún freagairt go tráthúil do mholtaí na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-ionchorpraítear na tograí agus na freagairtí réasúnaithe i ndoiciméid oibre an tSeimeastair Eorpaigh, ina chéimeanna éagsúla. Ba cheart treochlár a chur san áireamh freisin chun tograí ar glacadh leo a chur chun feidhme.

Is féidir rannpháirtíocht toscairí ó eagraíochtaí ionadaíocha na sochaí sibhialta eagraithe agus comhairliúcháin struchtúrtha fhoirmiúla a chomhlánú le comhairliúcháin ar líne, bíodh sin oscailte nó leathoscailte; ní féidir an méid sin a chur in ionad na rannpháirtíochta sin riamh, áfach.

7.9.

Tá CESE den tuairim gur cheart critéir chomhchosúla a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta an idirphlé shóisialta agus idirphlé na sochaí sibhialta, mar aon leis na comhlachtaí a thacaíonn leo ar an leibhéal Eorpach. Tá éagsúlachtaí sa raon feidhme, san ábhar agus sna hamchláir, agus dá bharr sin, is soiléir go mbeadh gá le roinnt oiriúnuithe.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tuairim ó CESE Teachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh (IO C 146, 27.4.2023, lch. 53).

(2)  COM(2022) 583 final, Teachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh.

(3)  Rúin ó CESE maidir le Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – Cad a oibríonn agus cad nach n-oibríonn?, arna ghlacadh i mí Feabhra 2021 (IO C 155, 30.04.2021, lch. 1) agus Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – An féidir linn feabhas a chur uirthi?, arna ghlacadh i mí na Bealtaine 2022 (IO C 323, 26.08.2022, lch. 1).

(4)  Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuairim féintionscnaimh Moltaí CESE maidir le hathchóiriú láidir ar an Seimeastar Eorpach (europa.eu).

(5)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.02.2021, lch. 17).

(6)  COM(2022) 583 final.

(7)  An Seimeastar Eorpach 2023 – Tuarascáil sintéise ó Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (20.3.2023).

(8)  AT, BE, BG, CZ, IE, IT, EL, ES, FI, FR, HR, CY, LT, LU, HU, MT, NL, PL, RO, SI, SK, SE agus DK.

(9)  Tuairim ó CESE Teachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh (IO C 146, 27.4.2023, lch. 53).

(10)  Leag CESE moladh amach maidir leis an tsolúbthacht seo i bpointí 3.6 agus 3.7 den tuairim thuasluaite.

(11)  COM(2023) 62 final.

(12)  Ag labhairt di ag seisiún iomlánach CESE an 24.1.2023, thuairiscigh Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, gur EUR 677 mbilliún a bhí sa mhéid a leithdháil na Ballstáit ar chuideachtaí ó thús na paindéime; fuair an Ghearmáin 50 % den mhéid seo, agus fuair an Fhrainc 25 %.

(13)  Tuarascáil mheastóireachta CESE Meastóireacht mheántéarmach ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (le glacadh i mí Mheán Fómhair 2023).


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/10


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An ceart chun comhshaoil fholláin san Aontas Eorpach, go háirithe i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 228/02)

Rapóirtéir:

Ozlem YILDIRIM

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

27.10.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

13.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

162/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Rinneadh tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas den Úcráin an 23 Meitheamh 2022. Nuair a thiocfaidh an Úcráin isteach san Aontas, beidh sí ar an mBallstát is mó nó an dara Ballstát is mó san Aontas ó thaobh críche de. Tá éiceachórais éagsúla ar chríoch ollmhór na hÚcráine; de réir rúnaíocht an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht, cé nach bhfuil san Úcráin ach 6 % de chríoch na hEorpa, is ann atá 35 % de bhithéagsúlacht na hilchríche.

1.2.

Áirítear ar an damáiste don chomhshaol de bharr an chogaidh díghrádú éiceachórais, truailliú aeir agus uisce, agus éilliú tailte curaíochta agus féaraigh. De réir tuarascálacha, bhí 200 000 heicteár d’fhoraoisí buailte ag dóiteáin ó thosaigh an cogadh, chuaigh 680 000 tona de bhreoslaí iontaise faoi bharr lasrach, agus tá 180 000 méadar ciúbach ithreach éillithe ag armlón. Is é an cogadh is cúis leis an díghrádú a rinneadh ar limistéir faoi chosaint agus an scriosadh a rinne ar ghléasraí cóireála uisce. Breis agus 100 dóiteán foraoise a bhí mar thoradh ar an gcoimhlint, rud a scaoil 33 mhilliún tona CO2.

1.3.

Is cosúil gurb ionann gníomhaíochtaí na Rúise agus éiceaicíd, de réir an tsainmhínithe a mhol saineolaithe dlí agus a foilsíodh i mí an Mheithimh 2021. D’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go ndéanfaí “éiceaicíd”, mar atá sainithe ag an bPainéal Neamhspleách Saineolaithe maidir le Sainmhíniú Dlí ar Éiceaicíd, a chódú mar chion coiriúil faoi dhlí an Aontais. Mar thoradh ar aitheantas a thabhairt do choir na héiceaicíde i dTreoir athbhreithnithe an Aontais maidir le Coireacht Chomhshaoil, tiocfaidh forbairt ar an reachtaíocht lasmuigh den Aontas, go háirithe sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, rud a d’fhéadfadh cabhrú leis an Rúis a choinneáil cuntasach go pointe áirithe, agus an dochar comhshaoil agus éiceolaíoch a rinneadh á léiriú.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE):

1.4.

á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le cosaint an chomhshaoil a fheabhsú a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha san Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin. Tá cúrsaí ina leith sin dulta in olcas mar gheall ar an damáiste don chomhshaol arb é an cogadh san Úcráin ba chúis leis, lena n-áirítear dochar do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach an duine, díghrádú éiceachórais, truailliú aeir agus uisce, agus éilliú tailte curaíochta agus féaraigh. Dá thoradh na nithe sin, cuirtear táirgeadh talmhaíochta i mbaol agus léirítear a leochailí atá slándáil an tsoláthair dhomhanda bia.

1.5.

Tá aird á tarraingt ag CESE ar thionchar comhshaoil agus sóisialta ionradh na Rúise, ar a thábhachtaí agus a riachtanaí atá sé tacaíocht a chur ar fáil chun na hiarmhairtí sin a dhoiciméadú, a mhapáil agus a thomhas, cosaint dlí an chomhshaoil a shaothrú, cuntasacht a áirithiú, agus an bealach a réiteach le haghaidh téarnamh iarchogaidh a bheidh glas agus inbhuanaithe, agus chun cuidiú le measúnú a dhéanamh ar riachtanais airgeadais agus cistí á n-ath-leithdháileadh le haghaidh an téarnaimh ghlais.

1.6.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle bearta a dhéanamh chun drochthionchair chogadh neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an gcomhshaol, agus impleachtaí na dtionchar sin ar chearta an duine, a shainaithint. Ní mór don Choimisiún agus don Chomhairle tacú le hiarrachtaí na sochaí sibhialta chun an damáiste don chomhshaol, lena n-áirítear coireanna comhshaoil, arna dhéanamh ag an Rúis a dhoiciméadú, agus tacú le ról na sochaí sibhialta maidir le hatógáil na hÚcráine a mhúnlú.

1.7.

Áitíonn CESE nach mór don Aontas cuidiú le comhshaol na hÚcráine a chosaint agus an damáiste a rinneadh don chomhshaol de dheasca an chogaidh a dheisiú. Tá CESE den tuairim go ndéanfar gach iarracht atógála i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta EIS agus le prionsabal na coinníollachta sóisialta.

1.8.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach féidir sláinte an duine a scaradh ó cháilíocht an chomhshaoil. Tá dlúthnasc idir cáilíocht na n-éiceachóras, sláinte na n-ainmhithe agus sláinte na ndaoine agus ní mór don Aontas an ceart chun comhshaoil fholláin a chosaint. Is é díghrádú an chomhshaoil an phríomhchúis leis an drochshláinte. 12 000 bás in aghaidh na bliana a bhíonn mar thoradh ar thruailliú torainn, cuir i gcás. Tá idirnascacht an chomhshaoil agus shláinte an duine ríshoiléir, freisin, i réimse na slándála bia.

1.9.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle modhanna cigireachta bia agus talmhaíochta a neartú agus iad ag dul isteach sa mhargadh aonair, agus aird ar leith á tabhairt ar an truailliú comhshaoil arna spreagadh ag an gcogadh san Úcráin a bhrath chun sláinte shaoránaigh uile na hEorpa agus ár gcomhshaol a ráthú.

1.10.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhfuil an ceart chun comhshaoil fholláin ríthábhachtach do dhea-bhail sóisialta agus eacnamaíoch na ndaoine san Eoraip agus ar fud an domhain. Meastar go bhfuil thart ar 40 % de na poist ar fud an domhain ag brath ar aeráid agus éiceachóras sláintiúil. I bhfianaise an chreata dhlíthiúil idirnáisiúnta agus na fírinne loma sin, ní haon ionadh é gur glacadh roinnt mhaith píosaí reachtaíochta de chuid an Aontais chun éifeacht a thabhairt d’oibleagáid an Aontais urraim a áirithiú don cheart chun comhshaoil fholláin.

1.11.

Molann CESE do na Ballstáit uile agus d’institiúidí Eorpacha a n-iarrachtaí a threisiú chun feabhas a chur ar éifeachtacht na n-uirlisí dlíthiúla atá ann cheana, ós rud é gur minic a bhíonn easpa éifeachtachta ann sa chleachtas. Léiríonn an iliomad samplaí den dlíthíocht a bhaineann le teipeanna na mBallstát nó an Aontais féin i réimsí amhail aer glan, aeráid, iascaireacht, nó uisce a laghad a áirithíonn na húdaráis phoiblí urraim don cheart sin.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.   An ceart chun comhshaoil fholláin i gcomhthéacs an chogaidh atá curtha ag an Rúis ar an Úcráin agus aontachas na hÚcráine leis an Aontas Eorpach

2.1.1.

An 16 Márta 2022, rinne Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an Rúis a dhíbirt, rud a tháinig i bhfeidhm láithreach bonn (1). Mar sin, fad is bhí an tAontas i mbun caibidlíochta maidir lena aontachas leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (an Coinbhinsiún), an 16 Meán Fómhair 2022, scoir an Rúis de bheith faoi cheangal aige. Mar gheall air sin, tá laghdú as cuimse tagtha ar chumhdach chosaint chearta an duine ar fud mhór-roinn na hEorpa. Tráth an ionraidh, áfach, bhí an Rúis faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún, agus bhí go dtí an 16 Meán Fómhair 2022, agus in ainneoin gur tharraing an Rúis siar ó institiúidí idirnáisiúnta eile, bhí sí, agus tá sí fós, faoi réir réimse leathan oibleagáidí idirnáisiúnta. Baineann siad sin ní hamháin le cearta an duine (2) ach leis an gcomhshaol freisin: le fogha na Rúise faoin Úcráin, thug an Rúis neamhaird ar an gCreat-Choinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an Athrú Aeráide (3) agus an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht agus ar choinbhinsiúin eile nach iad.

2.1.2.

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcosnófar cearta an duine agus an comhshaol sa chuid eile den Eoraip – ní hamháin sna 27 mBallstát den Aontas Eorpach, áit a ndéanfar cosaint chearta an duine a threisiú le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún, ach sna 19 mBallstát eile de Chomhairle na hEorpa freisin, lena n-áirítear an Úcráin.

2.1.3.

Is tábhachtaí fós é sin ós rud é go ndearnadh tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas den Úcráin an 23 Meitheamh 2022. Nuair a thiocfaidh an Úcráin isteach san Aontas, beidh sí ar an mBallstát is mó nó an dara Ballstát is mó san Aontas ó thaobh críche de (4). Tá éiceachórais éagsúla ar chríocha ollmhóra na hÚcráine; de réir rúnaíocht an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht (5), cé nach bhfuil san Úcráin ach 6 % de chríoch na hEorpa, is ann atá 35 % de bhithéagsúlacht na hilchríche. Ina theannta sin, cuireadh brú millteanach le bliain anuas ar thalamh talmhaíochta na tíre (ar gné riachtanach den soláthar bia ar fud na cruinne í) agus ar bhonneagar forleathan breoslaí iontaise na tíre (a mbíonn Ballstáit chomharsanachta áirithe ag brath go mór air le haghaidh soláthairtí fuinnimh).

2.1.4.

Is cosúil gurb ionann gníomhaíochtaí na Rúise agus éiceaicíd, de réir an tsainmhínithe a mhol saineolaithe dlí agus a foilsíodh i mí an Mheithimh 2021 (6). Ó 2001 i leith, tá coir na héiceaicíde curtha san áireamh i gcód coiriúil na hÚcráine (7). I gcomhthráth leis an gcinneadh ó Pharlaimint na hEorpa (8), d’iarr CESE go ndéanfaí “éiceaicíd”, mar atá sainithe ag an bPainéal Neamhspleách Saineolaithe maidir le Sainmhíniú Dlí ar Éiceaicíd, a chódú mar chion coiriúil faoi dhlí an Aontais (9). Mar thoradh ar aitheantas a thabhairt do choir na héiceaicíde i dTreoir athbhreithnithe an Aontais maidir le Coireacht Chomhshaoil, tiocfaidh forbairt ar an reachtaíocht lasmuigh den Aontas, go háirithe sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, rud a d’fhéadfadh cabhrú leis an Rúis a choinneáil cuntasach go pointe áirithe, agus an dochar comhshaoil agus éiceolaíoch a rinneadh á léiriú.

2.1.5.

An 19 Eanáir 2023, ghlac Parlaimint na hEorpa rún inar iarradh go mbunófaí binse maidir le coir an fhogha faoin Úcráin, agus tacaíocht tugtha dó ó CESE ina sheisiún iomlánach i mí Feabhra (10). Déantar tagairt faoi dhó i dtéacs an rúin do chúrsaí comhshaoil. Ar an gcéad dul síos, aithnítear ann an nasc idir cogadh agus damáiste fadtéarmach don chomhshaol nádúrtha agus don aeráid. Ar an dara dul síos, iarrtar ann go mbunófar clár idirnáisiúnta ina ndéanfar taifead ar dhamáiste forleathan agus tromchúiseach don chomhshaol nádúrtha agus don aeráid, i measc nithe eile, chun cabhrú le cúiteamh a chinneadh amach anseo as an damáiste a dhéanfar. Sa chomhthéacs sin, tá sé riachtanach go leagfar béim ar a thromchúisí atá damáiste don chomhshaol mar arm cogaidh agus go n-ionchúiseofar lucht déanta na gcoireanna sin.

2.1.6.

Áirítear ar an damáiste don chomhshaol de bharr an chogaidh díghrádú éiceachórais, truailliú aeir agus uisce, agus éilliú tailte curaíochta agus féaraigh. Mar shampla, d’fhéadfadh sceitheadh gáis as dhá phíblíne de chuid na Rúise i Muir Bhailt tionchar nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a imirt ar an aeráid agus ar ghnéithe eile den chomhshaol (11). Bhí 200 000 heicteár d’fhoraoisí buailte ag dóiteáin ó thosaigh an cogadh, chuaigh 680 000 tona de bhreoslaí iontaise faoi bharr lasrach, agus tá 180 000 méadar ciúbach ithreach éillithe ag armlón. Is é an cogadh is cúis leis an díghrádú a rinneadh ar limistéir faoi chosaint agus an scriosadh a rinne ar ghléasraí cóireála uisce. Is mó fós an baol toisc an Úcráin a bheith ar an dara tír is mó a bhfuil foinsí núicléacha aici san Eoraip agus 15 imoibreoir aici. Breis agus 100 dóiteán foraoise a bhí mar thoradh ar an gcoimhlint, rud a scaoil 33 mhilliún tona CO2. Tá bithéagsúlacht na hÚcráine á scriosadh ag buamáil na Rúise. Measann saineolaithe ón Úcráin go bhfuil damáiste ar fiú EUR 24 bhilliún é déanta ag an Rúis don chomhshaol.

2.1.7.

Tá dúshláin chomhshaoil ann de dheasca an chogaidh san Úcráin, dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus a bheidh ann go fadtéarmach. Tá drochthionchar aige freisin ar shláinte fhisiciúil, ar mheabhairshláinte, ar shláine agus ar fholláine mhuintir na hÚcráine agus ar na glúnta atá le teacht. Is measa i bhfad na tionchair sin do ghrúpaí leochaileacha agus ní mór aird ar leith a thabhairt ar éifeacht shíceolaíoch an chogaidh agus ar shaincheisteanna meabhairshláinte. Is é an cogadh is cúis le héilliú aeir, uisce agus ithreach, chomh maith le truailliú torainn, a mbeidh tionchar acu ar fad ar íospartaigh an fhogha do na blianta fada amach romhainn. Is iomaí fadhb a théann thar theorainneacha na hÚcráine agus tá rioscaí tromchúiseacha ann don tsláinte phoiblí i gcoitinne. Cosúil le héifeachtaí cogaidh, tuigtear go mbíonn tionchar ag díghrádú an chomhshaoil, go háirithe éilliú aeir, ithreach agus uisce ar shláinte fhisiciúil agus ar mheabhairshláinte na nglúnta atá le teacht. Ní hamháin go mbeidh leanaí an lae inniu a bhfuil cónaí orthu san Úcráin nó atá tar éis teitheadh ón Úcráin thíos leis sin ach beidh tionchar aige ar ghlúnta eile amach anseo freisin.

2.1.8.

Is suntasach an ní é, mar sin, na hiarrachtaí arna ndéanamh ag gluaiseachtaí agus eagraíochtaí óige na hÚcráine guth a áirithiú don ghlúin óg. Tá sé tábhachtach go gcuirfí a nguthanna agus a dtuairimí san áireamh sna hiarrachtaí atógála.

2.1.9.

An damáiste dár n-éiceachóras comhroinnte, amhail díghrádú ithreach, is bagairt dhíreach ar tháirgeadh talmhaíochta na todhchaí é agus tá leochaileacht na slándála bia ar fud an domhain á nochtadh aige sin. Go háirithe, ní leor an toradh atá ar struchtúr reatha an mhargaidh tráchtearraí “maidir leis an ngeilleagar inbhuanaithe atá de dhíth orainn” ná maidir leis na cuspóirí atá nasctha leis an bhforbairt inbhuanaithe, leis an uaillmhian aeráide ná leis an aistriú cóir a chumhdaítear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Is a mhalairt atá fíor agus is dochar atá an struchtúr sin ag déanamh dóibh (12).

2.1.10.

Bhí ról lárnach ag an tsochaí shibhialta i gcosaint an chomhshaoil san Úcráin roimh an gcogadh. Ba mhór an tionchar a bhí ag an gcogadh ar chumas na sochaí sibhialta a cuid gníomhaíochtaí a dhéanamh. Bhí ar chuid mhaith cosantóirí comhshaoil teitheadh, é sin nó cur leis na hiarrachtaí cogaidh. Iad siúd atá fós in ann a gcuid oibre a dhéanamh, tá siadsan tar éis a n-aird a dhíriú ar iarmhairtí chogadh foghach na Rúise ar an gcomhshaol a dhoiciméadú (13). Beidh a rannpháirtíocht siúd ríthábhachtach chun timpeallacht na hÚcráine a atógáil agus chun a áirithiú go nglacfaidh an Úcráin dlí comhshaoil an Aontais ionas gur féidir léi aontachas leis an Aontas Eorpach a bhaint amach.

2.1.11.

Tá cosaint an chomhshaoil agus an tionchar atá ag an gcomhshaol ar an saol laethúil agus ar an tsláinte fós ina saincheisteanna tábhachtacha do mhuintir na hÚcráine. Thairis sin, de réir suirbhé poiblí, creideann 95,2 % de na freagróirí go mbeidh sé tábhachtach an dúlra a athchóiriú chun an Úcráin a atógáil tar éis an chogaidh (14).

2.1.12.

Má tá an tacaíocht idirnáisiúnta iomchuí ann, d’fhéadfaí an scrios a rinne an Rúis ar bhonneagar thionscal trom na hÚcráine a chur chun tairbhe don Úcráin trí leas a bhaint as acmhainneacht na gréine agus na gaoithe agus foinsí malartacha leictreachais a thógáil ar bhealach níos fearr agus níos glaise, rud a rachadh chun tairbhe dá saoránaigh agus dóibh siúd lasmuigh dá teorainneacha. Chuirfeadh an méid sin go mór le seasamh na hÚcráine ina caibidlíocht aontachais leis an Aontas.

2.1.13.

Tá cúrsaí faoi láthair éagobhsaí fós. Tá éiginnteachtaí tromchúiseacha ann maidir leis an todhchaí. Anuas ar an tubaiste uafásach dhaonna agus dhaonnúil, tiocfaidh ceisteanna chun cinn maidir leis an gcostas deiridh a bhainfidh leis an Úcráin a atógáil agus a mhéid is féidir an Rúis a chur faoi dhliteanas as an gcostas sin a iompar. Tá ról tábhachtach ag an Aontas Eorpach. Sa rún ó CESE An cogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige (15), thug CESE chun suntais, anuas ar na tionchair dhaonna, gur cúis mhór imní d’Úcránaigh, don Aontas agus dóibh siúd níos faide i gcéin iad tionchair chomhshaoil an chogaidh mar thoradh ar bhuamáil, sceitheadh ola agus gáis, agus teagmhais i monarchana ceimiceacha agus i ngléasraí núicléacha. Is cinnte go mbeidh iarmhairtí fadtéarmacha ag na tionchair sin ar an gcomhshaol do shláinte an duine agus do na héiceachórais. De réir shaineolaithe na Náisiún Aontaithe, is fíorbhaol don phobal é tionchar an chogaidh ar an gcomhshaol; d’fhéadfadh sé go mbeidh na blianta istigh sula n-éireoidh leo an réigiún a dhíthruailliú, rud a mhéadóidh an baol ailsí, galair riospráide agus moilleanna forbartha i leanaí (16). Is ábhar imní eile í an tsláinte atáirgthe. Chuir CESE i bhfios go láidir nach mór don Aontas cuidiú le comhshaol na hÚcráine a chosaint agus an damáiste a rinneadh don chomhshaol de dheasca an chogaidh a dheisiú. Tá CESE den tuairim go ndéanfar gach iarracht atógála i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta EIS agus le prionsabal na coinníollachta sóisialta. Tá sé molta ag CESE go dtabharfadh an tAontas freagairt trí chláir amhail RescEU agus clár LIFE, i gcomhar le sásraí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus i gcomhar leis an earnáil phríobháideach agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna).

2.1.14.

Cé go bhfuil an cogadh ar siúl fós, tá comhar trasteorann idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta, rialtais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta tábhachtach chun damáiste don chomhshaol de chineál trasteorann a mhapáil agus chun faireachán a dhéanamh air, chun measúnú a dhéanamh ar an méid damáiste a rinneadh agus na riachtanais airgeadais a bheidh ag teastáil, chun infheistíochtaí a spreagadh agus acmhainní a ath-leithdháileadh chun an Úcráin a athbhunú ar bhealach inbhuanaithe agus sóisialta. I gcás mapála, thacaigh EEA le hiarrachtaí chun an acmhainneacht bailithe faisnéise a fheabhsú d’fhonn staid an chomhshaoil roimh an gcogadh a léiriú, rud a d’fhéadfaí a úsáid mar bhonnlíne sna próisis faireacháin (17).

2.1.15.

Ní mór don Choimisiún agus don Chomhairle tacú le hiarrachtaí na sochaí sibhialta chun an damáiste don chomhshaol, lena n-áirítear coireanna comhshaoil, arna dhéanamh ag an Rúis a dhoiciméadú. Ní mór don Aontas a áirithiú freisin, mar thoradh ar a bhearta tacaíochta i dtaca le hatógáil na hÚcráine, go gcuirfear deireadh nó go laghdófar tionchar tubaisteach éiceolaíoch agus comhshaoil an chogaidh ar mhaithe le cearta an duine.

2.1.16.

Ní mór d’iarrachtaí an Aontais a áirithiú, freisin, nach mbeidh geilleagar na hÚcráine ná geilleagar an Aontais ag brath a thuilleadh ar bhreoslaí iontaise agus nach mbeidh na hiarrachtaí atógála bunaithe ar bhonneagar na mbreoslaí iontaise. Ní mór a áirithiú freisin, le hiarrachtaí an Aontais, go mbeidh an Úcráin in ann a chion féin a dhéanamh sa chóras domhanda bia, agus i ndáil le haontachas na hÚcráine leis an Aontas Eorpach, go gcuirfear ar chumas an Aontais a ghealltanais faoi Chomhaontú Pháras agus faoi Chomhaontú Kunming-Montreal a chomhlíonadh. Ba cheart don Aontas a áirithiú freisin go mbeidh tionchar dearfach ag a chláir smachtbhannaí ar an gcomhshaol. D’iarr ENRanna, cuir i gcás, go n-úsáidfí smachtbhannaí a chuirfeadh isteach ní hamháin ar chumas na Rúise a cogadh neamhdhleathach a shaothrú ach, chomh mhaith leis sin, ar a cumas tairbhe a bhaint as iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (18).

2.2.   Oibleagáid dhlíthiúil an Aontais an ceart chun comhshaoil fholláin a chosaint

2.2.1.

An 28 Iúil 2022, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún cinniúnach lena n-aithnítear an ceart chun comhshaoil ghlan, shláintiúil agus inbhuanaithe mar cheart an duine (19), agus lena n-iarrtar ar náisiúin, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, ar ghnólachtaí agus ar gach geallsealbhóir eile dlús a chur leis na hiarrachtaí chun comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe a áirithiú do chách. Vótáil 27 mBallstát an Aontais i bhfabhar an rúin, mar a rinne tromlach mór na náisiún. Ag teacht leis an Tuarascáil Faisnéise ó CESE in 2021 Cosaint an Chomhshaoil mar réamhriachtanas chun na cearta bunúsacha a urramú (20), aithnítear i rún na Náisiún Aontaithe “go bhfuil díghrádú comhshaoil, an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, gaineamhlú agus forbairt neamh-inbhuanaithe ar na bagairtí is práinní agus is tromchúisí ar chumas na nglúnta seo agus na nglúnta atá le teacht leas éifeachtach a bhaint as cearta uile an duine”. I measc nithe eile, iarrtar sa rún ar eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an tAontas Eorpach “comhar idirnáisiúnta a fheabhsú, fothú acmhainneachta a neartú agus leanúint de dhea-chleachtais a chomhroinnt chun dlús a chur leis na hiarrachtaí chun comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe a áirithiú do chách”.

2.2.2.

Leis an gceart chun comhshaoil fholláin, aithnítear an nasc bunúsach idir an comhshaol agus sláinte an duine. Ní féidir sláinte an duine a scaradh ó cháilíocht an chomhshaoil. Tá dlúthnasc idir cáilíocht na n-éiceachóras, sláinte na n-ainmhithe agus sláinte na ndaoine agus ní mór don Aontas an ceart chun comhshaoil fholláin a chosaint. Is é díghrádú an chomhshaoil an phríomhchúis leis an drochshláinte. Mar shampla, in 2019, mínábhar cáithníneach ba chúis le 307 000 bás anabaí, dé-ocsaíd nítrigine ba chúis le 40 400 bás, agus géarnochtadh ózóin ba chúis le 16 800 (21). Ar ndóigh, tá níos mó i gceist leis an bhfadhb ná cáilíocht an aeir amháin. 12 000 bás in aghaidh na bliana a bhíonn mar thoradh ar thruailliú torainn, cuir i gcás (22). Tá idirnascacht an chomhshaoil agus shláinte an duine ríshoiléir, freisin, i réimse na slándála bia.

2.2.3.

Tá dlíchóras an Aontais ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le haitheantas a thabhairt, ar leibhéal fornáisiúnta, don cheart chun comhshaoil fholláin. Beidh feidhm ag forálacha an Chonartha (Airteagal 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus Airteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) i dteannta fhorálacha eile na gConarthaí, go háirithe Airteagal 3(3) agus Airteagal 21(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (23), Airteagal 191 CFAE (24), agus forálacha éagsúla eile den Chairt, forálacha ina dtugtar aitheantas don cheart chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe nuair a léitear le chéile iad. De bhua Airteagal 51(1) den Chairt, tá institiúidí an Aontais faoi réir na hoibleagáide sin i gcónaí agus tá na Ballstáit faoina réir agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu (25). D’iarr Parlaimint na hEorpa go n-aithneofaí an ceart chun comhshaoil fholláin sa Chairt agus go mbeadh an tAontas Eorpach i gceannas ar an tionscnamh chun aitheantas a thabhairt do cheart comhchosúil go hidirnáisiúnta (26).

2.2.4.

De bhua Airteagal 52(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha, tá sé de cheangal ar an Aontas freisin forálacha an Choinbhinsiúin a urramú nuair a fhreagraíonn forálacha na Cairte d’fhorálacha an Choinbhinsiúin. Go háirithe tríd an gceart chun an saol príobháideach, an saol teaghlaigh agus an saol baile a urramú (Airteagal 7 den Chairt, Airteagal 8 den Choinbhinsiún), d’fhéadfaí a áitiú go bhfuil an ceart chun comhshaoil fholláin shábháilte aitheanta cheana féin ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (27). Ní oibleagáidí diúltacha amháin atá i gceist leis sin (an oibleagáid gan dochar a dhéanamh don cheart chun comhshaoil fholláin), ach oibleagáidí dearfacha freisin maidir le bearta a ghlacadh, amhail iad siúd a bhaineann le cáilíocht an aeir, chun a áirithiú go n-urramófar an ceart sin (28). Beifear in ann na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr fós a luaithe a aontóidh an tAontas don Choinbhinsiún, mar a cheanglaítear air le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ag teacht le Parlaimint na hEorpa, d’iarr Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa go mbeadh prótacal a ghabhfadh leis an gCoinbhinsiún lena n-aithneofaí go sainráite an ceart chun comhshaoil shábháilte, ghlan, shláintiúil agus inbhuanaithe (29). Chruthófaí leis sin ceart in-fhorfheidhmithe ar fud 27 mBallstát an Aontais agus na 19 dtríú tír atá ina mball de Chomhairle na hEorpa freisin.

2.2.5.

Aithnítear go forleathan freisin gur mór an tionchar atá ag an Aontas ar rialacháin chomhshaoil ar fud an domhain. Is sárshamplaí iad réimsí éagsúla de dhlí an Aontais a mbíonn tionchar acu ar an gceart chun comhshaoil fholláin – go háirithe na rialacha maidir le substaintí tocsaineacha faoi Rialachán REACH (30) – de “éifeacht na Bruiséile” (31) faoina ndéantar caighdeáin dhomhanda de rialacha an Aontais Eorpaigh.

2.2.6.

Tá an ceart chun comhshaoil fholláin ríthábhachtach do dhea-bhail sóisialta agus eacnamaíoch na ndaoine san Eoraip agus ar fud an domhain. Meastar go bhfuil thart ar 40 % de na poist ar fud an domhain ag brath ar aeráid agus éiceachóras sláintiúil (32). I bhfianaise an chreata dhlíthiúil idirnáisiúnta agus na fírinne loma sin, ní haon ionadh é gur glacadh roinnt mhaith píosaí reachtaíochta de chuid an Aontais chun éifeacht a thabhairt d’oibleagáid an Aontais urraim a áirithiú don cheart chun comhshaoil fholláin. Is sampla soiléir iad rialacha an Aontais maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh (Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33)). Chinn an tAbhcóide Ginearálta Kokott go sonraítear “ar bhealach nithiúil sna rialacha maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh oibleagáidí an Aontais cosaint a chur ar fáil mar thoradh ar an gceart bunúsach chun na beatha faoi Airteagal 2(1) den Chairt agus ar an ardleibhéal cosanta comhshaoil a cheanglaítear faoi Airteagal 3(3) CAE, Airteagal 37 den Chairt, agus Airteagal 191(2) CFAE (34)”.Ar mhaithe leis an gcosaint is mó is féidir a thabhairt do shláinte an duine, molann CESE caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a chur i gcomhréir go hiomlán le Treoirlínte nuashonraithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Cáilíocht an Aeir Dhomhanda faoi 2030.

2.2.7.

Tugtar níos mó aitheantais de réir a chéile don cheart chun comhshaoil fholláin i gCláir Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais a cheanglaítear faoi Airteagal 192(3) CFAE. Aithnítear go sainráite san 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol “gur coinníoll cumasúcháin é an ceart chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe a aithint, mar a leagtar amach i Rún 48/13 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chun cuspóirí tosaíochta 8ú CGC a bhaint amach (35)”.

2.2.8.

Is minic a bhíonn easpa éifeachtachta ann, áfach, ón taobh praiticiúil de (36), agus molann CESE do na Ballstáit uile agus d’institiúidí Eorpacha cur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun éifeachtacht na n-uirlisí dlíthiúla atá ann cheana a fheabhsú. Léiríonn an iliomad samplaí den dlíthíocht a bhaineann le teipeanna na mBallstát nó an Aontais féin i réimsí amhail aer glan, aeráid, iascaireacht, nó uisce a laghad a áirithíonn na húdaráis phoiblí urraim don cheart sin.

2.2.9.

I gcomhthéacs an chogaidh atá curtha ag an Rúis ar an Úcráin agus aontachas ionchasach na hÚcráine leis an Aontas Eorpach, tá sé níos tábhachtaí ná riamh don Aontas agus gona Bhallstáit an ceart chun comhshaoil fholláin a áirithiú. Is éard atá i gceist leis sin go dtabharfar an tosaíocht chéanna do chosaint an chomhshaoil agus a thugtar do réimsí eile dlí, amhail iomaíocht nó cosaint sonraí, i gcás inar samhail dhomhanda é an tAontas Eorpach sa teoiric agus sa chleachtas araon.

2.2.10.

Agus an méid sin á dhéanamh aige, tá an deis ag an Aontas aitheantas a thabhairt don tionchar idirghlúine a bhaineann leis an gceart chun comhshaoil fholláin.

2.2.11.

Ní haon ionadh é, mar sin, go bhfuil gluaiseachtaí óige ag labhairt amach agus cosaint an chomhshaoil á hiarraidh acu. Ó tharla tionchair dhiúltacha a bheith ag díghrádú an chomhshaoil ar shláinte atáirgthe, ní fios ach nach saolófar na glúnta atá le teacht, fiú. Ba cheart don Aontas cloí le sampla na mBallstát a bhfuil institiúidí curtha ar bun acu atá ceaptha leasanna na nglúnta atá le teacht a chosaint. Chuideodh institiúid den sórt sin ar leibhéal an Aontais lena áirithiú go mbainfeadh na glúnta atá le teacht leas as na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a bheidh mar thoradh ar chosaint an chomhshaoil sa lá atá inniu ann.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  CM/Del/Dec(2022) 1431/2.3, Consequences of the aggression of the Russian Federation against Ukraine.

(2)  Féach, mar shampla, Airteagal 11(2)(b) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha.

(3)  Féach, mar shampla, Airteagal 3(5), áit a ndeirtear gur cheart do na Páirtithe oibriú i gcomhar le chéile chun córas eacnamaíoch idirnáisiúnta tacúil agus oscailte a chur chun cinn a mbeadh fás agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe do na Páirtithe uile mar thoradh air.

(4)  Is lú gach Ballstát den Aontas ná an Úcráin. I measc na dtíortha is iarrthóirí atá ann faoi láthair, is í an Tuirc an t-aon tír amháin atá níos mó ná í.

(5)  An Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht: an Straitéis Náisiúnta Bhithéagsúlachta agus an Plean Gníomhaíochta.

(6)  “Gníomhartha neamhdhleathacha nó gníomhartha ainrianta arna ndéanamh agus fios ag lucht a ndéanta gur dóichí go mór go ndéanfar damáiste tromchúiseach don chomhshaol de dheasca na ngníomhartha sin cibé acu damáiste forleathan nó fadtéarmach é sin”, Stop Ecocide Foundation.

(7)  Cód Coiriúil na hÚcráine

(8)  Cinneadh an 29 Márta 2023.

(9)  Tuairim ó CESE Cosaint an chomhshaoil a fheabhsú tríd an dlí coiriúil, (IO C 290, 29.7.2022, lch. 143).

(10)  Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “an Úcráin: Bliain amháin ó thosaigh ionradh na Rúise – dearcadh shochaí shibhialta na hEorpa” (IO C 146, 27.4.2023, lch 1)

(11)  Nord Stream: Russian gas pipe leaks could have an “unprecedented” environmental impact | Euronews

(12)  Tuairim ó CESE Géarchéim maidir le praghsanna bia: ról na hamhantraíochta agus tograí nithiúla le haghaidh gníomhaíocht i ndiaidh chogadh na hÚcráine, (IO C 100, 16.3.2023, lch. 51).

(13)  Féach, mar shampla, obair EcoAction: Crimes against the environment after one month of Russia's war against Ukraine – Ecoaction.

(14)  How does the war change Ukrainians: public opinion poll about the war, the environment, post-war reconstruction and EU accession, Resource and Analysis Centre “Society and Environment”, 2023.

(15)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 1.

(16)  ECFE, Iúil 2022, Environmental impacts of the war in Ukraine and prospects for a green reconstruction (oecd.org).

(17)  ENI Shared Environmental Information System (SEIS)

(18)  Agence Europe, Europe Daily Bulletin No.13014, “Thirteen NGOs call for inclusion of Russian fishing vessels in upcoming EU sanctions against Putin’s regime”, 6 Meán Fómhair 2022.

(19)  Rún (A/76/L.75) – Leabharlann Dhigiteach na Náisiún Aontaithe.

(20)  Tuarascáil faisnéise ó CESE Cosaint an chomhshaoil mar réamhriachtanas chun na cearta bunúsacha a urramú.

(21)  An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, “Air Quality in Europe 2021: Health impacts of air pollution in Europe”, 15 Samhain 2021.

(22)  An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, “Health risks caused by environmental noise in Europe”, 14 Nollaig 2020.

(23)  Leagtar amach san Airteagal seo aidhmeanna bheartas comhshaoil an Aontais.

(24)  Go háirithe Airteagal 2 (an ceart chun na beatha), Airteagal 3 (an ceart chun sláine an duine), Airteagal 35 (ardleibhéal sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais), agus Airteagal 38 (cosaint tomhaltóirí).

(25)  “Tá forálacha na Cairte seo dírithe ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le hurraim chuí do phrionsabal na coimhdeachta, agus ar na Ballstáit an tráth a gcuireann siad dlí an Aontais chun feidhme, agus an tráth sin amháin”.

(26)  P9_TA(2021)0277, EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], mír 143.

(27)  Irmina Kotiuk, Adam Weiss agus Ugo Taddei, in The Journal of Human Rights and the Environment, Imleabhar 13, eagrán speisialta, Meán Fómhair 2022.

(28)  Maidir le hoibleagáidí dearfacha faoi Airteagal 8 den Choinbhinsiún (agus dá bhrí sin Airteagal 7 den Chairt), féach mar shampla, Fadeyeva v an Rúis, uimhir iarratais 55723/00, breithiúnas an 9 Meitheamh 2005.

(29)  Rún 2396 (2021), Anchoring the right to a healthy environment: need for enhanced action by the Council of Europe.

(30)  IO 396, 20.12.2006, lch. 1

(31)  Anu Bradford, The Brussels Effect: How the European Union Rules the World, Oxford University Press, 2020.

(32)  EIS: World employment and Social Outlook 2018 – Greening with jobs, 2018.

(33)  IO L 152, 11.6.2008, lch. 1

(34)  Cás C-723/17, Craeynest v Brussels Hoofdstedelijk Gewest, mír 53.

(35)  Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22)

(36)  Tuairim ó CESE Cur Chun Feidhme Reachtaíocht Chomhshaoil AE i Réimsí na Cáilíochta Aeir, an Uisce agus na Dramhaíola,(IO C 110, 22.3.2019, lch. 33) (níl leagan Gaeilge ann).


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/17


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Iomaíochas digiteach an Aontais a fheabhsú tuilleadh

(tústuairim)

(2023/C 228/03)

Rapóirtéir:

Gonçalo LOBO XAVIER

Comhrapóirtéir:

Philip VON BROCKDORFF

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí, 14.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

4.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

145/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) deimhin de go bhfuil an t-iomaíochas digiteach ríthábhachtach d’iomaíochas foriomlán an Aontais agus gur cheart breathnú ar an iomaíochas digiteach mar chuid ríthábhachtach de chlár oibre iomaíochais an Aontais mar a léiríodh i dtuarascálacha roimhe seo ó CESE. Tá gá le feabhsuithe suntasacha san iomaíochas ionas go n-éireoidh leis an Aontas sa timpeallacht iomaíoch dhomhanda. Chuige sin, d’iarr CESE go dtabharfaí isteach seiceáil ar iomaíochas, rud a bheadh i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus a chuirfí san áireamh i bpróiseas ceaptha beartas agus i bpróiseas reachtóireachta an Aontais. Ba cheart a áireamh sa tseiceáil sin measúnú cuimsitheach ar an tionchar a bheadh ag aon tionscnamh nua a bhaineann leis an iomaíochas agus ba cheart a áirithiú léi go ndéanfaí gnéithe iomaíochais a mheas go cuí sa chinnteoireacht. Creideann CESE go gcabhródh an dearcadh sin agus teachtaireachtaí soiléire leis na saoránaigh a rannpháirtiú sa phróiseas agus iad a spreagadh chun na spriocanna foriomlána a bhaint amach.

1.2.

Tacaíonn CESE leis an seasamh nach mór don Aontas timpeallacht fhabhrach ghnó a chur ar fáil, bunaithe ar straitéis chuimsitheach lena dtugtar le chéile agus lena n-ailínítear réimsí beartais éagsúla, agus an t-iomaíochas, an ghné shóisialta agus an tionchar atá ag gnólachtaí ar leas na saoránach chun tosaigh inti. Dar le CESE, ba cheart borradh a chur faoin iomaíochas digiteach trí fheabhas a chur ar na dálaí, ar thaobh amháin, chun go ndéanfaidh fiontair an Aontais réitigh dhigiteacha a fhorbairt agus a sholáthar, agus, ar an taobh eile, chun réitigh dhigiteacha a ghlacadh agus a úsáid ar fud réimse leathan gnólachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear earnálacha amhail monaraíocht, iompar agus lóistíocht, miondíol, talmhaíocht agus foirgníocht, díreach chun na cinn is ábhartha a lua.

1.3.

Ní mór do shaoránaigh na hEorpa a bheith rannpháirteach sa straitéis maidir le hiomaíochas digiteach agus ní mór dóibh muinín a bheith acu as ceann de na hábhair is ábhartha i dtaca le bailiúchán digiteach agus bailiúchán sonraí: an chibearshlándáil. Tá CESE den tuairim gur gá don Aontas geilleagar Eorpach sonraí a chur chun cinn trí infhaighteacht, inrochtaineacht agus aistriú sonraí a fheabhsú, mar aon le cosaint sonraí iomchuí. Chuige sin, tá cur chuige níos straitéisí de dhíth ar an Aontas chun cur ar chumas na ngeallsealbhóirí sonraí a bhailiú, a stóráil, a chomhthiomsú, a chomhroinnt agus a anailísiú ar bhealach slán. Tá sé ríthábhachtach dlús a chur le tionscnaimh i dtreo spásanna sonraí tras-Eorpacha a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith ionas gur féidir anailís níos fearr a dhéanamh ar shonraí agus úsáid níos fearr a bhaint astu ar mhaithe le sochaí na hEorpa, leis an Aontas Eorpach agus le hiomaíochas a ghnólachtaí. D’fhéadfadh na spásanna sonraí tús a chur le nuálaithe tionsclaíocha nua inscálaithe agus gnólachtaí nuathionscanta, agus borradh a chur fúthu. Tá margadh aonair dea-fheidhmiúil le haghaidh sonraí ríthábhachtach freisin toisc go bhfuil dlúthbhaint aige leis an margadh aonair earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine, agus le córais fuinnimh agus iompair.

1.4.

Dar le CESE, is bonn riachtanach d’aon fhorbairt dhigiteach í an infheistíocht i mbonneagar digiteach atá cuimsitheach, éifeachtach agus slán. Is féidir é sin a fheiceáil go soiléir i gceantair gheografacha eile atá ar thús cadhnaíochta i réimsí áirithe ar fud an domhain. Chomh maith le líonraí digiteacha, lárionaid sonraí, acmhainneacht ríomhaireachta etc., ní mór rochtain ar fhuinneamh ísealcharbóin agus ar na hamhábhair chriticiúla atá ag teastáil i dtáirgí agus i gcórais dhigiteacha a chumhdach freisin.

1.5.

Dá bhrí sin, ionas go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta i réimsí criticiúla amhail an chibearshlándáil, ní mór dó an chibearshlándáil a chur chun cinn agus tacú léi, ar thaobh amháin, agus borradh a chur faoi iomaíochas a ghnólachtaí, ar an taobh eile. I ndáil leis an méid sin, measann CESE gur gá deimhniú AE a choinneáil faoi stiúir an mhargaidh agus leanúint de bheith bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana. Ba cheart don Aontas leibhéil slándála a ardú trí scéimeanna náisiúnta um dheimhniú atá ann cheana a “Eorpú” chun margadh comhchuibhithe a chinntiú i measc na mBallstát, sula ndréachtófar scéimeanna iarrthacha nua faoin nGníomh um Chibearshlándáil. Chomh maith leis sin, ní mór don Aontas creat reachtach comhleanúnach agus comhchuibhithe a ráthú ar leibhéal an Aontais agus neamhréireachtaí i reachtaíocht an Aontais a sheachaint, e.g. an baol nach mbeidh ceanglais áirithe i gcomhréir le forálacha na cibearshlándála atá san áireamh i reachtaíocht ingearach sa Chreat Reachtach Nua.

1.6.

Is léir do CESE, má táthar chun barr feabhais a bhaint amach i bpríomhtheicneolaíochtaí, go mbeidh gá le méadú suntasach ar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon sa taighde agus sa nuálaíocht, i bhforbairt bonneagar TFN den chéad scoth, i mealladh tallainne agus i gcruthú éiceachóras atá bunaithe ar chomhar idir gnólachtaí, ollscoileanna agus institiúidí taighde. Cé go bhfuil sé tábhachtach feabhas a chur ar an nglacadh atá leis an intleacht shaorga, le teicneolaíochtaí candamacha agus le hardteicneolaíochtaí eile, ní mór a aithint freisin go mbíonn dúshláin mhóra ann do roinnt mhaith FBManna i dtaca le teicneolaíochtaí digiteacha bunúsacha fiú a ghlacadh. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit iarrachtaí sonracha a dhíriú ar thacú le digitiú FBManna agus ar an digitiú sin a éascú. Chuige sin, beidh FBManna rannpháirteach i moil nuálaíochta, i spásanna sonraí agus in éiceachórais ghnó. Is gá freisin feasacht FBManna a mhúscailt maidir leis na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an digitiú, maidir leis an tacaíocht atá ar fáil d’fhorbairt scileanna, agus maidir leis an saineolas teicniúil agus an treoir theicniúil atá ar fáil i dtaca leis an rialachán sa réimse sin.

1.7.

Arís eile, tá CESE den tuairim go bhfuil na daoine féin ar cheann de na sócmhainní Eorpacha is tábhachtaí a d’fhéadfadh luas na forbartha eacnamaíche agus sóisialta a athrú. Is gá do na Ballstáit infheistíocht chinntitheach a dhéanamh i gcórais oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear foghlaim ar feadh an tsaoil, chun freagairt do na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le huirlisí digiteacha agus réitigh dhigiteacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Ní mór don Aontas lucht saothair agus lucht tallainne a spreagadh agus a éascú chun teorainneacha a thrasnú, laistigh den Aontas agus i gcomhar le tríú tíortha araon. Tá CESE den tuairim freisin nach mór do sheanóirí a bheith bainteach leis an bpróiseas sin agus páirt a ghlacadh ann.

1.8.

Chun go gcuirfidh an creat rialála leis an iomaíochas digiteach, ní mór don Aontas a áirithiú go mbeidh rialacháin oiriúnach dá bhfeidhm, ní mór dó nuálaíocht agus infheistíocht a spreagadh, agus coinníollacha comhionanna agus cóir chomhionann a chur ar fáil sa mhargadh aonair. Ina theannta sin, ní mór don Aontas comhoibriú le tíortha atá ar aon intinn leis chun rialacha agus caighdeáin chomhchoiteanna idirnáisiúnta a fheabhsú. Agus ardchaighdeáin á gcoinneáil, ní mór do gach rialachán cur le digitiú agus iomaíochas gnólachtaí. Ní mór don earnáil phoiblí a cuid oibríochtaí agus seirbhísí féin a dhigitiú freisin, lena n-áirítear próisis riaracháin. Sampla amháin den ghéarghá leis an digitiú mar chuid den réiteach is ea dlús a chur leis na nósanna imeachta ceada le haghaidh infheistíochtaí agus oibríochtaí gnó eile.

1.9.

Tacaíonn CESE leis an smaoineamh go bhfuil rochtain ar mhaoiniú, cibé acu caipiteal fiontair, maoiniú poiblí nó aon fhoinse maoinithe eile, ina réamhriachtanas eile chun claochlú digiteach rathúil éifeachtúil a bhaint amach. Maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, ba cheart an cistiú le haghaidh an chláir don Eoraip Dhigiteach a mhéadú chun ról, infheictheacht agus inrochtaineacht na Mol Nuálaíochta Digití a neartú, mar shampla. Tá údar maith leis sin, ós rud é go bhfásann cuideachtaí digiteacha dhá uair go leith ar an meán níos tapúla ná cuideachtaí neamhdhigiteacha. Is léir nach bhfuil CESE ag iarraidh go mbeadh líne infheistíochta ar leith ann don “chlaochlú digiteach”: tá CESE ag iarraidh go mbeadh straitéis chomhcheangailte réasúnta ann maidir leis an bpróiseas cistiúcháin don digitiú chun dálaí oiriúnacha a chruthú do na geallsealbhóirí uile a bhfuil baint acu leis an éiceachóras nuálaíochta.

1.10.

Mar atá i roinnt mhaith réimsí éagsúla den gheilleagar agus den tsochaí (straitéis thionsclaíoch, córais sláinte, miondíol, etc.), iarrann CESE go mbeadh straitéis chliste agus chomhcheangailte ann maidir le scileanna. Tá tionscadail mhórscála á n-ullmhú cheana féin ag neart earnálacha maidir le hathsciliú agus uas-sciliú a lucht saothair bunaithe ar an digitiú agus ar an aistriú glas. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh clár comhordaithe ann i dtaca le scileanna a chuirfeadh ar chumas an lucht saothair atá ann cheana agus an lucht saothair nua na dúshláin atá i gceist a shárú. Ba cheart do na Ballstáit a ndóthain acmhainní a leithdháileadh chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin agus ní mór é sin a bheith ina thosaíocht láithreach bonn, go háirithe chun tacú le FBManna atá fós ag streachailt le deacrachtaí a bhaineann le géarchéim COVID-19 agus le fogha na Rúise faoin Úcráin.

1.11.

Creideann CESE go bhfuil príomhtháscairí feidhmíochta uaillmhianacha dúshlánacha bunriachtanach chun borradh a chur faoi iomaíochas digiteach an Aontais agus chun é sin a thomhas. Ba cheart na táscairí reatha (bunaithe ar an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach) agus na spriocanna a leagtar síos i gcomhthéacs an Chompáis Dhigitigh a mheasúnú agus a chomhlánú ó thaobh an iomaíochais dhigitigh de, chun faireachán a dhéanamh ní hamháin ar chumasóirí na forbartha digití ach ar thairbhí na forbartha digití freisin amhail táirgí digiteacha nua agus a sciar sna margaí, próisis táirgthe níos éifeachtúla agus an tionchar a ghabhann leis sin ar tháirgiúlacht, agus cur in úsáid réiteach digiteach ar dhúshláin shochaíocha (e.g. an tsláinte agus an aeráid). Leis an bhfaireachán a dhéanfar ar na táscairí, ní mór aghaidh a thabhairt ar an dul chun cinn san Aontas agus sna Ballstáit le himeacht ama agus ní mór comparáid a dhéanamh le hiomaitheoirí idirnáisiúnta. Tá sé tábhachtach freisin go spreagfaí saoránaigh trí chumarsáid níos fearr a dhéanamh leo agus trína rannpháirtíocht sa phróiseas.

2.   Cúlra

2.1.

Is freagairt í an tuairim seo ar an iarraidh ó Uachtaránacht na Sualainne ar an gComhairle tústuairim a fháil ó CESE i réimse an iomaíochais san Aontas, tuairim a leanfadh as tuairim CESE INT/1000 (1) maidir le Seiceáil ar Iomaíochas a glacadh ar iarratas ó Uachtaránacht na Seicia. D’iarr Uachtaránacht na Sualainne ar CESE féachaint Cad a bhfuil gá leis chun gur féidir leis an Aontas a iomaíochas digiteach a fheabhsú tuilleadh, agus go háirithe chun cur ar chumas gnólachtaí tairbhe a bhaint as an digitiú. Leis an tuairim seo, féachfar le béim a chur ar iomaíochas an Aontais i gcomhthéacs an aistrithe dhigitigh i dtreo samhail fáis eacnamaíoch níos inbhuanaithe. Tabharfar aghaidh ann ar na bearta agus ar na beartais is gá chun iomaíochas digiteach an Aontais a fheabhsú tuilleadh, agus go háirithe chun cur ar chumas gnólachtaí agus oibrithe tairbhe a bhaint as próiseas an digitithe.

2.2.

Tá sé tábhachtach a mheabhrú gur aithin CESE in INT/1000 gur thacaigh an margadh aonair agus samhail fáis eacnamaíoch mhargadh sóisialta an Aontais go mór leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an dea-bhail shóisialta ar fud an Aontais. Tá an bunús sin tábhachtach in aon togra atá dírithe ar an iomaíochas digiteach a fheabhsú agus is amhlaidh a bheidh sa chás áirithe seo.

2.3.

Tá sé tábhachtach a thuiscint freisin go bhfuil meath tagtha le blianta beaga anuas ar iomaíochas na hEorpa i gcomparáid leis na príomhthíortha atá in iomaíocht léi, rud a léirítear i bpríomhtháscairí eacnamaíocha maidir leis an iomaíochas agus méadú táirgiúlachta. Is réimse é an digitiú, áfach, ina bhfuil dul chun cinn tábhachtach déanta ag an Aontas agus a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le hiomaíochas méadaithe agus brabúsacht mhéadaithe do ghnólachtaí agus le dálaí oibre feabhsaithe d’oibrithe. Ní mór a bheith ag féachaint chun tosaigh sa mheántéarma chun an bealach chun cinn a leagan amach sa phróiseas i dtreo an aistrithe dhigitigh.

3.   An digitiú i gcomhthéacs an chláir oibre iomaíochais

3.1.

Tá iarrtha ag CESE ar an gCoimisiún go mbeadh an clár oibre iomaíochais ar cheann dá thosaíochtaí agus é mar phríomhchuspóir aige iomaíochas an Aontais a fheabhsú. Is é is aidhm do thionscnaimh an Choimisiúin i réimse an digitithe an t-aistriú digiteach a éascú i ngeilleagair agus i sochaithe ar fud an Aontais. Chun go n-éireoidh leis an aistriú, áfach, tá gá le tiomantas daingean gan staonadh ina thaobh ó na Ballstáit. Tá an tiomantas sin luaite cheana féin i mbearta Téarnaimh agus Athléimneachta ar leibhéal na mBallstát aonair ach creideann CESE go bhféadfadh sé nach bhfuil na Ballstáit uile ag bogadh i dtreo an digitithe ar an luas céanna agus leis an déine chéanna, rud atá ríthábhachtach má tá an tAontas le bheith níos iomaíche.

3.2.

Ní mór don Aontas brath níos mó ná riamh ar an Margadh Aonair ach tá sé chomh tábhachtach céanna dó díriú ar na nithe seo a leanas: rochtain ar mhargaí eachtracha; an infheistíocht agus an rochtain ar chistiúchán; córais chánach; taighde agus nuálaíocht; scileanna agus an margadh saothair a neartú; mar aon le MFBManna agus an dá aistriú, agus aird á tabhairt ar chreat an mhaoinithe inbhuanaithe agus an t-iomaíochas a bheith ag teacht le cuspóirí sóisialta agus comhshaoil (2). Tá an t-aistriú digiteach ríthábhachtach don mhéid sin ar fad ós rud é gur bonn é don nuálaíocht, don iomaíochas a mhéadú agus don mhargadh saothair a fhorbairt, agus deiseanna á gcur ar fáil ag an am céanna le haghaidh dálaí oibre níos fearr i gcomhthéacs an gheilleagair margaidh shóisialta.

3.3.

Creideann CESE go bhfuil an digitiú ina spreagadh chun acmhainneacht an Mhargaidh Aonair a bhaint amach. Tar éis 30 bliain de na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a eascraíonn as an Margadh Aonair, tá CESE den tuairim gur féidir i bhfad níos mó a bhaint amach, agus go ndéanfaidh an digitiú difear ollmhór do ghnólachtaí, d’oibrithe agus do shaoránaigh de gach aois agus de gach cúlra sóisialta má chuirtear chun feidhme go rathúil é agus leis an leibhéal céanna déine agus leis an gcuimsiú céanna ar fud an Aontais.

3.4.

Tá CESE den tuairim freisin, maidir le hiomaíochas na hEorpa a neartú, go bhfuil sé ríthábhachtach tacaíocht bheartais a thabhairt do gheilleagar fiontraíochta agus eolasbhunaithe ar féidir leis tallann a mhealladh agus a choinneáil, agus dálaí oibre feabhsaithe a chur ar fáil. Is é sin an tuiscint atá ag CESE ar phróiseas iomlán an aistrithe dhigitigh i réimse na fiontraíochta. Is léir do CESE gur gá don Aontas timpeallacht fhabhrach ghnó a chur ar fáil ina hiomláine, a bheidh bunaithe ar straitéis chuimsitheach lena dtabharfar le chéile réimsí beartais éagsúla a bheidh i gcomhréir le chéile.

3.5.

Aithníonn CESE an iliomad tionscnamh agus beartas a cuireadh i bhfeidhm chun an t-iomaíochas a mhéadú san am a chuaigh thart, a raibh dea-rúin ag baint leo gan amhras. Is é fírinne an scéil é, áfach, go bhfuil an tAontas Eorpach chun deiridh anois ar na Stáit Aontaithe agus ar an tSín a mhéid a bhaineann le táirgiúlacht. I bhfianaise an mhéid sin, cuireann an digitiú deis ar fáil chun an bhearna idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus an tSín araon a dhúnadh agus samhail fáis eacnamaíoch atá níos inbhuanaithe agus lena ndírítear ar fholláine eacnamaíoch agus shóisialta shaoránaigh an Aontais a chur i bhfeidhm ag an am céanna.

4.   Beartais chun tacú leis an digitiú i gcomhthéacs an chláir oibre iomaíochais

4.1.

Chuir CESE in iúl i roinnt tuairimí roimhe seo go bhfuil gá le hinfheistíocht bhreise níos spriocdhírithe i bhforbairt scileanna digiteacha chun an t-aistriú digiteach a dhéanamh. Tá cás láidir eacnamaíoch ann freisin ar son infheistíocht mhéadaithe in acmhainní daonna agus go sonrach sa nasc idir forbairt scileanna agus táirgiúlacht agus, go hindíreach, iomaíochas. Is gá raon scileanna digiteacha a fhorbairt chun tacú le nuálaíocht san ionad oibre. Measann CESE gur cheart iarrachtaí nuálaíochta san ionad oibre a dhíriú go háirithe ar mhodhanna chun obair a eagrú agus ar an gcaoi a n-úsáidtear agus a bhforbraítear scileanna san ionad oibre, agus ní ar sholáthar oibrithe amháin. Tá dálaí oibre agus fostaíochta chomh tábhachtach céanna le hinfheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht nua nó i dtrealamh nua. Dá bhrí sin, molann CESE gur cheart do ghnólachtaí agus don earnáil phoiblí machnamh a dhéanamh ar na cineálacha beartas agus cineálacha eagrúcháin oibre ar éirigh thar barr leo agus a chuir feabhas ar an nuálaíocht trí infheistíocht a dhéanamh i scileanna. D’fhéadfaí a mhacasamhail de scéalta ratha a chothú dá réir sin i ngnólachtaí eile.

4.2.

I dtuairimí roimhe seo, mhol CESE freisin go ndéanfaí infheistíocht sa bhonneagar atá riachtanach chun tacú leis an digitiú ar fud an Aontais. Arís eile, is é go díreach atá i gceist leis na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta ná an méid sin a dhéanamh. Is é an imní atá orainn go bhféadfadh sé go ndíreofaí an infheistíocht seo ar an earnáil phoiblí den chuid is mó. Aithníonn CESE go gcuireann an t-aistriú i dtreo seirbhísí poiblí digitithe, i measc na mbreithiúna mar shampla, leis an iomaíochas trí éifeachtúlacht fheabhsaithe. É sin ráite, tá leibhéal infheistíochta sách ard de dhíth ar fhiontair freisin agus, gan tacaíocht airgeadais a bheith ar fáil, d’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí ag gnólachtaí de gach méid, go háirithe FBManna, na heisíocaíochtaí is gá a dhéanamh chun a bpróisis oibre a dhigitiú agus infheistíocht a dhéanamh ina lucht saothair.

4.3.

Molann CESE athbhreithniú a dhéanamh ar na deiseanna cistiúcháin atá ann cheana don digitiú a chuireann eintitis stáit ar fáil ar fud an Aontais. Go ginearálta, scéimeanna atá dírithe ar thacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’fhiontair i réimse an digitithe, tá siad bunaithe ar thionscadail agus tá gá le próiseas foirmiúil iarratais agus formheasa sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí tionscadail chun an cistiú a fháil. Seachas na gnáthnósanna imeachta riaracháin réamhdhámhachtana a bhaineann le scéimeanna den sórt sin, a d’fhéadfadh a bheith ina n-ualach ar roinnt gnólachtaí (cé go bhfuil siad á sruthlíniú le himeacht ama), is iondúil go gcuireann na próisis reatha moill ar sheoladh tionscadal agus tionscnamh chun tacú leis an digitiú i ngnólachtaí.

4.4.

D’fhéadfadh sé seo a bheith dodhéanta ag gnólachtaí a dteastaíonn torthaí láithreacha uathu chun próisis mhargaíochta a sheoladh chun táirgí/seirbhísí/próisis a fheabhsú, rud a chuirfeadh ar a gcumas iomaíochas a chothú, díriú ar mhargaí nua, agus costais a laghdú, nó díreach chun freagairt do riachtanais an chustaiméara. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh scéimeanna den sórt sin atá dírithe ar thionscadail gnólachtaí príobháideacha a dhíspreagadh ó iarratas a dhéanamh ar chistiú. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh próiseas nua cistiúcháin ann, cé go mbeadh sé comhlántach, bunaithe ar ghníomhaíochtaí digiteacha seachas ar thionscadail amháin. Faoin gcur chuige sin, chuirfí creidmheasanna cánach nó íocaíochtaí in airgead tirim ar fáil do ghnólachtaí bunaithe ar a gcaiteachas tuairiscithe bliantúil ar ghníomhaíochtaí digiteacha, agus dhearbhófaí roimh ré caiteachas incháilithe chun gach rud a shoiléiriú. I measc na gcostas incháilithe d’fhéadfaí aon chaiteachas ar oiliúint agus forbairt foirne i réimse an digitithe a chur san áireamh.

4.5.

Cé go n-aithníonn CESE acmhainneacht an Aontais i réimse an digitithe agus dul chun cinn tábhachtach déanta sna gnéithe reachtacha agus teicneolaíocha araon, táimid den tuairim go bhfuil an infheistíocht dhíreach náisiúnta agus choigríche araon ríthábhachtach i gcónaí, go háirithe chun tacú le taighde agus nuálaíocht i réimse an digitithe. Dar linne, cuirfidh sé sin le hiomaíochas an Aontais sa mhargadh domhanda freisin. Is rud dearfach é gur mian leis an Aontas neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach i dtáirgeadh leathsheoltóirí, agus tá CESE den tuairim nach acmhainn don Aontas tuilleadh ganntanas a bheith aige a d’fhéadfadh cur isteach ar thionscail na hEorpa. Tá páirt an-tábhachtach le himirt ag leathsheoltóirí i mbeartas tionsclaíoch an Aontais arb é is aidhm dó uathriail straitéiseach a bhaint amach sa réimse digiteach. Cé gur gá na rioscaí sin a mhaolú, níl CESE i bhfabhar cur chuige caomhnaitheach a ghlacadh lena gcuirfí comhpháirtíochtaí taighde le cuideachtaí teicneolaíochta digití ar fud an domhain i mbaol.

4.6.

Ar mhaithe le rathúnas an Aontais, tá ríthábhacht le fás eacnamaíoch inbhuanaithe atá bunaithe ar aistriú digiteach rathúil. Tá sé sin i gcomhréir freisin le cuspóir an Aontais maidir le geilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar, arb é is aidhm dó lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta agus ardleibhéal cosanta agus feabhsaithe a chuirfidh le cáilíocht an chomhshaoil. Creideann CESE nach féidir an méid sin a bhaint amach ach amháin trí bhorradh a chur faoin méadú táirgiúlachta ó na leibhéil atá ann faoi láthair i ngach earnáil den gheilleagar. Tá CESE den tuairim go bhfuil ról lárnach á imirt ag an digitiú agus go gcuideoidh sin leis na cuspóirí eacnamaíocha agus sóisialta thuasluaite a bhaint amach san am atá romhainn. Maidir le hearnáil na monaraíochta, tugann CESE dá aire freisin gur i dtionscail arna spreagadh ag an teicneolaíocht atá an méadú táirgiúlachta is tapúla, rud a thacaíonn leis an tuairim gur féidir leis an digitiú cur le brabús na bhfiontar agus le fíorthuilleamh na n-oibrithe araon. Thairis sin, is bealach ríthábhachtach é an digitiú chun an t-aistriú glas a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna tríd an dá aistriú a chur chun cinn ag an am céanna.

4.7.

Chun fíoriomaíochas digiteach a bhaint amach sa gheilleagar agus sa tsochaí, iarrann CESE go mbeadh straitéis chliste agus chomhcheangailte ann maidir le scileanna. Tá tionscadail mhórscála á n-ullmhú cheana féin ag roinnt earnálacha maidir le hathsciliú agus uas-sciliú a lucht saothair bunaithe ar an digitiú agus ar an aistriú glas. Tá CESE ag iarraidh go mbeidh clár comhordaithe ann a bheidh dírithe ar scileanna a thabharfaidh tús áite do chumas an lucht saothair atá ann cheana agus an lucht saothair nua chun na dúshláin ábhartha a shárú.

5.   Seiceáil ar iomaíochas agus meastóireacht ar na cláir um dhigitiú

5.1.

Tá ról lárnach ag an iomaíochas digiteach in iomaíochas foriomlán an Aontais agus ba cheart go bhfeicfí sin mar chuid ríthábhachtach de chlár oibre iomaíochais an Aontais. Bheadh feabhsuithe suntasacha san iomaíochas ag teastáil chun go n-éireodh leis an Aontas i bhfianaise iomaíocht ghéar dhomhanda. Chuige sin, d’iarr CESE go dtabharfaí isteach seiceáil ar iomaíochas, rud a bheadh i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais agus a chuirfí san áireamh i bpróiseas ceaptha beartas agus i bpróiseas reachtóireachta an Aontais. Tá gá le struchtúir rialachais chuí freisin chun a áirithiú go mbeidh an tseiceáil ar iomaíochas agus an clár oibre ann ina n-iomláine sa chleachtas.

5.2.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE na treoirlínte atá ann faoi láthair maidir le Rialáil Níos Fearr agus an bosca uirlisí a ghabhann leo ach is mian leis a chur in iúl, mar a thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála le fios, gur léir an gá atá le feabhas a chur ar an scéal, go háirithe i dtaca le cur chun feidhme na mbeart is gá chun iomaíochas a mhéadú.

5.3.

Ar deireadh, iarrann CESE go mbainfí úsáid éifeachtach as na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí nuálaíochta agus taighde agus forbartha a bhaineann leis an bpróiseas digitithe. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach freisin meastóireacht a dhéanamh ar thionchar agus ar chur chun feidhme cuí na gclár atá ann cheana arbh fhéidir gur cruthaíodh iad don digitiú. D’fhéadfadh saoránaigh na hEorpa, go háirithe an tsochaí shibhialta eagraithe, féachaint ar an rochtain ar mhaoiniú mar bhuntáiste, maidir le hinfheistíocht phríobháideach agus infheistíocht phoiblí araon.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  IO C 100, 16.3.2023, lch. 76.

(2)  IO C 100, 16.3.2023, lch. 76.


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/22


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — 30 Bliain den Mhargadh Aonair – conas feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú tuilleadh

(tústuairim)

(2023/C 228/04)

Rapóirtéir:

Felipe MEDINA MARTÍN

Comhrapóirtéir:

Angelo PAGLIARA

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí, 14.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

tústuairim

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

4.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

137/1/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Measann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil an margadh inmheánach ar cheann de na héachtaí polaitiúla agus eacnamaíocha is mó a baineadh amach trí phróiseas lánpháirtíochta na hEorpa. Rinne sé leas mhuintir na hEorpa agus lucht gnó na hEorpa agus ba cheart breathnú air mar phróiseas leanúnach feabhsúcháin a bhíonn á chur in oiriúint go síoraí seasta do riachtanais nua de réir mar a thagann siad chun cinn. Is iomaí buntáiste a baineadh amach de thoradh an Mhargaidh Aonair le 30 bliain anuas, ach tá gá, mar sin féin, lena athbhreithniú go grinn agus lena fheabhsú arís, ní hamháin maidir leis an méid atá fós le baint amach, ach a mhéid a bhaineann leis na dúshláin nua nach mór aghaidh a thabhairt orthu freisin, paindéim COVID-19, an ghéarchéim fuinnimh nó ionradh na Rúise ar an Úcráin, cuir i gcás. Is mian le CESE rannchuidiú leis an bpróiseas feabhsúcháin sin agus molann sé na bearta a leanas chun an próiseas a neartú.

1.2.

Tá súil ag CESE maidir le “Clár an Mhargaidh Aonair 2021-2027”, arb é is aidhm dó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus iomaíochas agus inbhuanaitheacht gnólachtaí a fheabhsú, go mbeidh an méid a leanas ag gabháil leis freisin, mar atá, rialú leormhaith agus uirlisí cosanta maidir le cáilíocht na hoibre; cothrom iomaíochta le haghaidh gach gnólachta; cearta na saoránach; agus cosaint tomhaltóirí. Ag an am céanna, iarrann CESE go gcuirfí na bearta uile is gá i bhfeidhm chun gach cineál dumpála sóisialta agus fioscaí a shárú agus chun iomaíocht chóir agus feidhmiú ceart an Mhargaidh Aonair a áirithiú, agus, á dhéanamh sin, gach cineál saofa a sheachaint.

1.3.

Beidh tionchar ag na dúshláin gheopholaitiúla atá ann faoi láthair ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, ar chórais soláthair agus ar athléimneacht gheilleagar na hEorpa. Is díol sásaimh do CESE an iarracht chun spleáchais ríthábhachtacha ar thríú tíortha a laghdú agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach na bearta uile is gá a ghlacadh chun an beartas tionsclaíoch Eorpach a nuashonrú tríd an Margadh Aonair, agus buntáistí le haghaidh tomhaltóirí, oibrithe agus gnólachtaí, a chaomhnú agus a neartú.

1.4.

Léiríodh leis an ngéarchéim le déanaí gur cheart é a bheith ar an tosaíocht is mó atá ag an Margadh Aonair caighdeáin mhaireachtála agus dálaí oibre a fheabhsú tríd an bhfás agus an iomaíocht chóir a chur chun cinn, agus trí thimpeallacht atá fabhrach do ghnólachtaí agus don tsochaí a chruthú. Measann CESE gur ceann de bhunchlocha an Mhargaidh Aonair is ea í saorghluaiseacht daoine agus oibrithe, agus iarrann sé go gcuirfear dlús le haithint cáilíochtaí agus dioplómaí idir na Ballstáit. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar oibrithe iomarcacha.

1.5.

Tá CESE den tuairim go mbíonn ar ghnólachtaí na hEorpa aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann leis na heasnaimh sa Mhargadh Aonair agus go ndéanann na heasnaimh sin difear tromchúiseach don iomaíochas agus don inbhuanaitheacht. D’ainneoin na n-iarrachtaí ollmhóra a rinneadh maidir le cur chun feidhme rialacha an Mhargaidh Aonair, tá an chuid is mó den ualach rialála fós á ghiniúint ar an leibhéal náisiúnta. Chuige sin, agus a gcaighdeáin níos airde á n-áirithiú acu, ba cheart d’institiúidí an Aontais díriú ar chomhchuibhiú iomlán, agus ba cheart do na Ballstáit na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na ceanglais bhreise ar shláine agus ar fheidhmiú ceart an mhargaidh a chur san áireamh, agus ba cheart dóibh, más féidir, bearta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le saobhadh agus ilroinnt shuntasach a sheachaint. Molann CESE go ngníomhódh institiúidí an Aontais ar bhealach níos réamhghníomhaí agus níos tapa chun reachtaíocht a cheapadh in am trátha chun an comhchuibhiú a chothú. Tá sé fíor-riachtanach, a mhéid agus is féidir, teorainn a chur le tionscnaimh náisiúnta a d’fhéadfadh an margadh inmheánach agus na comhrialacha a ghabhann leis a chur i mbaol. Maidir leis sin, cuireann CESE i bhfáth gur cheart an Córas Faisnéise um Rialacháin Theicniúla (TRIS) a threisiú le go bhféadfar na coinníollacha a fhorbairt le haghaidh fíor-Mhargadh Aonair seachas coinníollacha éagsúla a bheith i bhfeidhm sna 27 mBallstát.

1.6.

Molann CESE go dtabharfar gealltanas láidir chun cáilíocht na reachtaíochta san Eoraip agus sna Ballstáit a fheabhsú. Creideann CESE gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ag réamhchéimeanna an phróisis reachtaíochta Eorpaí — measúnú tionchair éigeantach roimh aon tionscnamh dlí, agus comhairliúchán poiblí ina dhiaidh sin — le go mbeidh an tionscnamh níos trédhearcaí agus chun na cuspóirí atá ann a fheabhsú. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart díriú sa chlár oibre “Rialáil Níos Fearr” agus i gclár REFIT ar níos mó oscailteachta agus ar chomhtháthú níos fearr na margaí le haghaidh earraí agus seirbhísí, chun an tairbhe is mó a thabhairt do na saoránaigh agus do gheilleagar na hEorpa, anailís a dhéanamh le fáil amach an bhfuil reachtaíocht iomarcach ann agus díriú go príomha ar na réimsí sin ina bhfuil gá le comhchuibhiú agus an reachtaíocht atá ann cheana féin maidir leis an gcosaint shóisialta a fheabhsú.

1.7.

Measann CESE nach mór níos mó béime a chur ar an gcur chun feidhme, ar an simpliú agus ar an bhforfheidhmiú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit. Iarrann CESE orthu na comhrialacha a chur chun feidhme go docht agus tuilleadh rialacháin náisiúnta a sheachaint i gcásanna nach bhfuil gá leo (1).

1.8.

Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar gach rialachán maidir leis an méid a rannchuidíonn sé le hiomaíochas gnólachtaí agus le folláine na saoránach agus chun bacainní a shainaithint ar bacainní iad nach mór deireadh a chur leo go córasach.

1.9.

Na hionstraimí dlí iomadúla atá ar fáil ag an Aontas Eorpach chun a mhargadh inmheánach a chosaint, measann CESE gur leor a líon agus go bhfuil siad i gcomhréir leis na riachtanais. Is iad seo a leanas na hionstraimí sin: nós imeachta TRIS; aitheantas frithpháirteach na reachtaíochta; SOLVIT; an 28ú córas; an nós imeachta gearán; caighdeáin CEN-Cenelec, etc. Is ionstraimí fíor-riachtanacha iad sin chun an Margadh Aonair a chosaint, ach ní bhaintear an leas is mó agus is féidir astu i gcónaí agus mar sin ní mór iad a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos úsáidí.

1.10.

Maidir leis na dúshláin atá roimh an Margadh Aonair, measann CESE nach mór tús áite a thabhairt do neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a chur chun cinn i ndáil le soláthar agus trádáil san earnáil fuinnimh, in earnáil na n-amhábhar criticiúil agus, níos ginearálta, i gceannaireacht nuálaíochta, sa digitiú agus san ardtaighde. Molann CESE an comhar agus na comhaontuithe le tíortha atá ar aon intinn leis an Aontas a fheabhsú.

1.11.

I réimse na n-earraí agus na seirbhísí, aithníonn CESE an tionchar dearfach a bhíonn ag an gceannach comhpháirteach in earnálacha éagsúla amhail earnáil an gháis nó earnáil an mhiondíola. Is iomaí éifeacht dhearfach a bhíonn ag na comhghuaillíochtaí Eorpacha sin, éifeachtaí a chuireann leis an iomaíocht agus a thugann buntáiste soiléir do na tomhaltóirí. Mar sin, ní mór d’institiúidí an Aontais tacaíocht fhollasach a thabhairt do na comhghuaillíochaí sin.

1.12.

Maidir leis na dúshláin atá roimh an Margadh Aonair, dúshláin a eascraíonn as an aistriú digiteach, tá CESE suite de nach mór aghaidh a thabhairt orthu tríd an idirphlé sóisialta agus trí cheannródaíocht an Aontais i gcur i bhfeidhm na reachtaíochta comhroinnte chun na daoine is leochailí a chosaint agus chun a áirithiú nach mbainfidh an éifeachtúlacht atá ag teastáil an bonn den chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach ná den chobhsaíocht pholaitiúil.

1.13.

Níl an Margadh Aonair foirfe ach ní mór é a chur in oiriúint go leanúnach do dhálaí a bhíonn ag athrú d’fhonn an margadh a choinneáil ag feidhmiú fiú le linn géarchéime agus chun na saoirsí a bhaineann leis a chothú ar bhealach gníomhach. Tuigtear ón bpaindéim nach féidir talamh slán a dhéanamh den tsaorghluaiseacht. Dá bhrí sin, ba cheart breathnú ar an gcomóradh seo mar dheis chun an beartas sin a chur ar ais ar chlár oibre na hEorpa agus chun feabhsuithe atá le déanamh go luath a mholadh.

1.14.

Is cúis imní do CESE go gcruthófaí tuilleadh neamhshiméadrachtaí idir na Ballstáit de thoradh an mhaolaithe ar na rialacha maidir le státchabhair, sin mar fhreagairt ar an Inflation Reduction Act sna Stáit Aontaithe, agus go gcuirfí, ar an gcaoi sin, athléimneacht an Mhargaidh Aonair i mbaol. Creideann CESE freisin gurb é an bealach is fearr chun dlús nua a chur faoi bheartas tionsclaíoch na hEorpa agus faoin infheistíocht i dteicneolaíochtaí glasa Ciste le haghaidh Ceannasacht Eorpach a fhorbairt.

1.15.

Leagann CESE béim ar an tábhacht a bhaineann le rannchuidiú an Mhargaidh Aonair chun an chaomhnaitheacht a sheachaint agus cothrom iomaíochta a fhorbairt laistigh den Aontas. I ndáil leis sin, measann CESE nach mór mionanailís a dhéanamh ar na critéir chun státchabhair a leithdháileadh agus ar na héifeachtaí agus an fiúntas a bhaineann leo agus ar an seasmhacht atá iontu. Ní raibh earnálacha eacnamaíocha áirithe in ann rochtain a fháil riamh ar an gcineál sin cabhrach. Thairis sin, is cabhair í atá dáilte go míchothrom idir na Ballstáit, rud a chruthaíonn difríochtaí san iomaíochas laistigh den Aontas.

2.   Réamhrá

2.1.

Is é 2023 comóradh 30 bliain ceann de na héachtaí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta is mó atá bainte amach i bpróiseas lánpháirtíochta na hEorpa, is é sin an Margadh Aonair. Mar sin féin, ba cheart an comóradh a úsáid chun fealsúnacht an Mhargaidh Aonair a oiriúnú ó bhonn agus an fhealsúnacht sin a chur ag luí leis na dúshláin atá ann faoi láthair. Cuireadh tús leis an bpróiseas in 1986 nuair a síníodh an Ionstraim Eorpach Aonair. San ionstraim sin, cuireadh an cuspóir chun cinn comhrialacha, seachas rialacha náisiúnta, a ghlacadh i roinnt réimsí éagsúla trí na céadta beart reachtach straitéiseach a fhaomhadh agus trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun feidhme.

2.2.

Ní shéanann aon duine go mbaineann éifeachtaí dearfacha agus diúltacha leis an Margadh Aonair. Is féidir na héifeachtaí dearfacha a bhaineann leis an Margadh Aonair a mheas mar chomhpháirt fhíor-riachtanach den tsamhail Eorpach faoina gceadaítear d’earraí, do dhaoine, do sheirbhísí agus do chaipiteal gluaiseacht gan srian ar fud an Aontais Eorpaigh, ag éascú an tsaoil le haghaidh ghnólachtaí, institiúidí agus shaoránaigh an Aontais.

2.3.

Ní leis an dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta amháin a chuir an Margadh Aonair, ach chuir sé leis an dul chun cinn polaitiúil freisin, rud a chuir dlús leis an bpróiseas lánpháirtíochta. Bhí tionchar ag saorghluaiseacht daoine a bhuí leis an Margadh Aonair ar roinnt glúine Eorpacha a raibh an deis acu, trí chláir ar nós Erasmus, glacadh leis an meon Eorpach ó aois an-óg, sin de thoradh ceangail aontais agus tuisceana a bheith bunaithe acu cheana féin le neart daoine atá cosúil leo féin ach a thagann ó Bhallstáit éagsúla a bhfuil an dóigh bheatha Eorpach chéanna acu.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Léiríodh le linn na paindéime go bhfuil samhail nua eacnamaíoch agus gnó ag teastáil ón Aontas. Is fianaise iad na géarchéimeanna a bhí ann le déanaí, na teannais gheopholaitiúla atá ann faoi láthair, na dúshláin a bhaineann leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus faomhadh an Inflation Reduction Act sna Stáit Aontaithe, gur mithid an Margadh Aonair a thabhairt cothrom le dáta agus spreagadh nua a thabhairt dó, ag meabhrú, ag an am céanna, gur uirlis le haghaidh mhuintir na hEorpa is ea é an Margadh Aonair agus nach aidhm ann féin é.

3.2.

Tháinig athrú ar an Margadh Aonair de réir mar a rinneadh dul chun cinn ar phróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí. Cé gur díríodh i dtosach leis an Margadh Aonair ar dheireadh a chur le bacainní neamhtharaife agus le bearta a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu ar thrádáil earraí laistigh den Chomhphobal agus ar an reachtaíocht a chomhchuibhiú (margadh aonair na hEorpa), tá an raon feidhme a ghabhann leis níos leithne anois ós rud é go gcuimsítear réimsí nua ann amhail seirbhísí agus an geilleagar digiteach mar gheall ar riachtanais pholaitiúla agus uaillmhianta polaitiúla leanúnacha.

3.3.

Is mar gheall ar na hiarrachtaí ollmhóra a rinne na páirtithe leasmhara, na húdaráis agus na hoibreoirí eacnamaíocha agus sóisialta uile a baineadh amach an dul chun cinn sin ar fad. Mar sin féin, le blianta beaga anuas tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an Margadh Aonair ina thosaíocht pholaitiúil a thuilleadh agus nach gcuirtear an bhéim chéanna ar oscailt agus ar chomhtháthú mhargadh na n-earraí agus na seirbhísí ar an gclár oibre. Chuige sin, is é an chéad easnamh atá le tabhairt faoi deara an easpa gealltanais ó na Ballstáit le blianta beaga anuas. Gheall an Chomhairle arís agus arís eile an Margadh Aonair a fheabhsú agus a neartú, ach b’annamh a rinneadh beartais náisiúnta de na gealltanais sin. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gComhairle agus ar na Ballstáit bearta breise a dhéanamh chuige sin.

3.4.

Cuireann CESE in iúl nach mór an Margadh Aonair a bheith úsáideach chun cuideachtaí Eorpacha a dhéanamh níos iomaíche ar na margaí domhanda. Dearadh é chun bheith ina phróiseas a fhorbraíonn an t-am ar fad, rud atá ina laige agus ina riosca freisin, ach a thugann ról nua dó freisin, is é sin an athléimneacht. Tá an ról nua seo ann sa bhreis ar na róil thraidisiúnta, ar róil iad sin nach mór a choinneáil beo bríomhar agus nach féidir talamh slán a dhéanamh díobh.

3.5.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle na bearta uile is gá a ghlacadh chun rannchuidiú le beartais thionsclaíocha na hEorpa agus le gnólachtaí Eorpacha chun cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach trí na huirlisí atá ag an Aontas cheana a úsáid agus, más gá, tríd an togra chun Ciste le haghaidh Ceannasacht Eorpach a fhorbairt. Meabhraíonn sé do na Ballstáit agus don Choimisiún, áfach, gurb iomaí clár agus uirlis chistiúcháin atá ann cheana féin ar cheart lánleas a bhaint astu sula gcruthófar tuilleadh ionstraimí. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach ról a thabhairt do CESE sa phlé ar na rialacha maidir le státchabhair.

3.6.

Aontaíonn CESE (2) go bhfuil beartas digiteach atá láidir agus uaillmhianach ag teastáil ón Aontas chun leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an nuálaíocht dhigiteach chun an tAontas a dhéanamh níos iomaíche. Cuireann CESE i bhfáth go gcuirfidh fíor-Mhargadh Aonair agus reachtaíocht trasteorann ar chumas a lán earnálacha éilimh na dtomhaltóirí a shásamh agus dul in iomaíocht i dtimpeallacht iomaíoch dhomhanda a mbeidh níos mó den digitiú inti.

3.7.

D’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó fáis ann le haghaidh mhuintir na hEorpa agus lucht gnó na hEorpa dá ndéanfaí an Margadh Aonair a dhigitiú, agus go mbeadh bail níos fearr orthu. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach na bearta uile is gá a ghlacadh chun dlús a chur le hinfheistíochtaí chun an bhearna dhigiteach atá ann cheana idir réigiúin na hEorpa a dhúnadh. Tá sé ríthábhachtach do na Ballstáit níos mó infheistíochta a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint chun an Margadh Aonair Digiteach a fhorbairt agus a dhéanamh níos éifeachtúla. Ní mór é a bheith d’aidhm don ghníomhaíocht sin a áirithiú go bhfuil oibrithe oilte, gnólachtaí nuálacha agus poist ar ardchaighdeán ann, agus é sin a dhéanamh trí dhálaí oibre forbhásacha a chomhrac.

3.8.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach díriú ar na rioscaí a eascraíonn as táirgeadh, scaipeadh agus stóráil sonraí pearsanta agus sonraí íogaire a thagann ó phróisis an digitithe, chomh maith leis na rioscaí a eascraíonn as na sonraí sin a úsáid agus a rialú. Ag an am céanna, iarrann CESE ar an gCoimisiún na bearta uile is gá a ghlacadh chun an riosca sin a chosc agus chun conclúidí na caibidlíochta atá ar bun faoi láthair i ndáil leis an gComhaontú maidir leis an Intleacht Shaorga ó Chomhairle na hEorpa, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta (3) a chur san áireamh mar bhunús leis an gcreat rialála. Is é ar cheart a bheith d’aidhm don mhéid sin sonraí pearsanta, oibrithe agus tomhaltóirí a chosaint ach a n-úsáid a cheadú chun ligean do dhaoine leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua.

3.9.

Tá sé ríthábhachtach dlús a chur leis na tionscnaimh sin a bhaineann leis an digitiú agus spásanna sonraí tras-Eorpacha earnáilsonracha le go bhféadfar anailís níos fearr a dhéanamh ar shonraí agus úsáid níos fearr a bhaint astu ar mhaithe le sochaí na hEorpa agus iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa. Tá an seans ann go bhfásfadh na spásanna sonraí agus go gcuirfidís borradh faoi nuálaithe tionsclaíocha inscálaithe agus gnólachtaí nuathionscanta. Margadh Aonair dea-fheidhmiúil le haghaidh sonraí, is rud ríthábhachtach é sin mar gheall go bhfuil sé nasctha go dlúth leis an Margadh Aonair le haghaidh earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine, chomh maith leis an gcóras fuinnimh agus an córas iompair.

4.   An Margadh Aonair le haghaidh earraí agus seirbhísí

4.1.

Measann CESE nach mór anailís a dhéanamh fós ar na heasnaimh atá sa Mhargadh Aonair agus nach mór bearta a dhéanamh chun deireadh a chur leis na heasnaimh sin, go háirithe tríd an ualach rialála agus riaracháin nach bhfuil gá leis a shárú, chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht ghnólachtaí na hEorpa a éascú a fhad agus a dhéanfar an reachtaíocht atá ann cheana féin maidir leis an gcosaint shóisialta a chaomhnú.

4.2.

Cuireann CESE i dtábhacht na fadhbanna a chruthaíonn Ballstáit nuair a thagann siad roimh bearta coiteanna atá le glacadh ar an leibhéal Eorpach, agus an tionchar a bhíonn acu ar na réitigh choiteanna a fhaightear sa reachtaíocht Eorpach agus go dtreoraíonn siad na réitigh sin. I gcásanna áirithe, is amhlaidh an scéal mar gheall nár mhol an Coimisiún Eorpach bearta, ach uaireanta cruthaítear fadhbanna mar gheall go bhfuil Ballstáit chun tosaigh ar an togra Eorpach (e.g. lipéadú maidir le tionscnamh táirgí feola, lipéadú cothúcháin ar aghaidh pacáistí bia, an togra ó Éirinn maidir le rabhaidh sláinte le haghaidh deochanna alcólacha, etc.), agus cuireann sé sin isteach ar an bpróiseas comhchuibhithe agus ar shaorghluaiseacht earraí. Ar an gcúis sin, áitíonn CESE ar an gCoimisiún Eorpach teacht roimh na rialacháin náisiúnta nuair is gá lena sheachaint gur raidhse mhór rialachán náisiúnta lena ndéantar an Margadh Aonair a ilroinnt a bheadh ann.

4.3.

Is é a bhunaítear le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise atá ar fáil ag na Ballstáit. Foráiltear leis an mbeart reachtach sin gur féidir a cheangal ar Bhallstát glacadh dréachtrialacháin a chur siar 12-18 mí má tá tionscnamh de chuid an Aontais á ullmhú a bhféadfadh an riail náisiúnta baint dá éifeacht agus athnuachan á dhéanamh air freisin. Mar sin féin, is é a tharlaíonn sa chleachtas nach bhfoilsítear saincheart an Choimisiúin Eorpaigh d’fhonn é a fhorfheidhmiú, agus gurb iad na Ballstáit i ndeireadh na dála a théann i bhfeidhm ar reachtaíocht na hEorpa.

4.4.

Uirlis eile atá ar fáil is ea SOLVIT, uirlis a dearadh chun deireadh a chur le haon ghníomhaíocht atá contrártha don Mhargadh Aonair nó chun cur i gcoinne aon ghníomhaíocht den sórt sin. Is nós imeachta é sin a chuirtear i bhfeidhm i gcásanna nach gcuireann riarachán Ballstáit reachtaíocht Eorpach i bhfeidhm i gceart agus ina bhfágann sin go gcuirtear cosc ar fheidhmiú iomlán chearta na saoránach agus na ngnólachtaí ar an Margadh Aonair. Is éard atá ann córas idirghabhála idir na húdaráis náisiúnta, córas a bhíonn ag brath níos mó ar dhiongbháilteacht na n-údarás seachas ar an gcumhacht dhlíthiúil atá acu chun cás a réiteach agus, mar sin, measann CESE go bhfuil teorainn le héifeachtacht an chórais agus nach mór feabhas a chur air.

4.5.

Uirlis eile atá ar fáil is ea é an nós imeachta chun gearán a dhéanamh os comhair an Choimisiúin Eorpaigh. Measann CESE go bhfuil an uirlis sin thar a bheith éifeachtach toisc go bhfuil sí solúbtha agus trédhearcach, ach go bhfuil tacaíocht pholaitiúil láidir ag teastáil uaithi. Measann sé freisin gur cheart cur le héifeachtúlacht agus éifeachtacht an nós imeachta.

4.6.

In 2018 faomhadh straitéis chun na hearnálacha éagsúla Eorpacha a oscailt agus a fhorbairt. Mar sin féin, tá fadhbanna fós ann; leantar den idirdhealú agus ní thugann na Ballstáit uile fógra don Choimisiún Eorpach faoi Airteagal 15(7) den Treoir um Sheirbhísí.

4.7.

Tá CESE á chur in iúl go bhfuil earnálacha amhail na seirbhísí airgeadais nó an earnáil mhiondíola agus mhórdhíola an-ilroinnte ach go raibh siad in ann aontú agus iad féin a neartú ar an leibhéal Eorpach. Ghlac na hearnálacha miondíola agus mórdhíola le spiorad agus buntáistí doshéanta an Mhargaidh Aonair chun freastal ar thomhaltóirí na hEorpa ar bhealach níos fearr a bhuí le comhghuaillíochtaí ceannaigh agus an Margadh Aonair. Tá dúshláin mhóra fós ann i dtéarmaí chomhchuibhiú agus chur chun feidhme éifeachtach na saoirse bunaíochta i gcás na hearnála miondíola agus mórdhíola, earnáil nach bhfuil a straitéis “Earnáil Mhiondíola atá oiriúnach don 21ú hAois” curtha chun feidhme ina hiomláine go fóill. Anuas air sin, teastaíonn tacaíocht le haghaidh comhghuaillíochtaí ceannaigh in earnáil an mhiondíola le go bhféadfar cur le leas na dtomhaltóirí trí éifeacht a chuireann leis an iomaíocht ar an leibhéal Eorpach.

5.   An Margadh Aonair le haghaidh oibrithe

5.1.

I measc na ndúshlán atá roimh an Margadh Aonair, is mian le CESE aird a dhíriú ar chlaochlú na hoibre agus ar athmhúnlú an chaidrimh idir na páirtithe éagsúla ina dhiaidh sin, agus ar na rioscaí gaolmhara i dtéarmaí solúbthachta (uaireanta an chloig, suíomh agus seirbhísí), go háirithe a mhéid a bhaineann le hoibrithe ardáin agus, níos ginearálta, gairmeacha digiteacha agus cianoibrithe.

5.2.

Tuigtear ó ghéarchéimeanna a thit amach le déanaí gur cheart é a bheith ar an tosaíocht is mó atá ag an Margadh Aonair caighdeáin mhaireachtála agus dálaí oibre a fheabhsú a fhad agus a chuirtear an fás agus an iomaíocht chóir chun cinn agus a chruthaítear timpeallacht atá fabhrach do ghnólachtaí agus don tsochaí. In ainneoin an dul chun cinn a rinneadh, tá 21,7 % de dhaonra na hEorpa fós i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta (Eurostat, 2021).

5.3.

Measann CESE gur ceann de bhunchlocha an Mhargaidh Aonair is ea í saorghluaiseacht daoine agus oibrithe, agus iarrann sé go gcuirfear dlús le haithint cáilíochtaí agus dioplómaí idir na Ballstáit. Ní mór aird ar leith a thabhairt chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hoibrithe ar postú maidir le tuarastail agus dálaí oibre.

5.4.

Mar a fuarthas amach le linn na paindéime, bhí saorghluaiseacht gairmithe sláinte ina cúinse chóineasaithe agus féinchosanta ag an Aontas, ach go dtí seo tá a lán gairmeacha fós ar an imeall sa phróiseas sin (i réimse an dlí agus sa mhúinteoireacht, mar shampla). Iarrann CESE (5) go ndéanfaí bearta tacaíochta i leith fostaíochta agus scileanna a athdhearadh agus infheistíocht a dhéanamh i dtacair scileanna oibrithe sa todhchaí trí fheabhas a chur ar an ngairmoiliúint, ar an ngairmoideachas agus ar an bhfoghlaim aonair, trí thacaíocht den chineál sin a thabhairt do ghnólachtaí. Ba cheart aird ar leith a dhíriú ar phoist ghlasa.

5.5.

Tá bonneagar digiteach ríthábhachtach chun na buntáistí a bhaineann leis an Margadh Aonair a chur i bhfeidhm go rathúil i ngach limistéar agus réigiún san Eoraip, go háirithe sna limistéir agus réigiúin sin atá faoi bhun an mheáin. Nuair a bhíonn an bonneagar i réigiún chun deiridh ar na réigiúin eile, méadaítear ar an éagothromaíocht agus déantar difear do na deiseanna a bhíonn ag daoine agus gnólachtaí. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach na bearta uile is gá a ghlacadh chun infheistíochtaí a neartú d’fhonn an bhearna dhigiteach atá ann cheana féin san Aontas a dhúnadh. Tá gá le haird ar leith a thabhairt ar fhiontair, go háirithe FBManna.

6.   An bealach chun cinn. Dúshláin a bheidh roimh an Margadh Aonair sa todhchaí

6.1.

Ní mór d’institiúidí an Aontais an Margadh Aonair a neartú a thuilleadh chun leas iomlán a bhaint as an acmhainn atá ann chun fás, poist agus sochaí níos fearr a chruthú sa todhchaí.

6.2.

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag institiúidí an Aontais, agus na caighdeáin is airde agus is féidir á n-áirithiú acu, dlí an Aontais a chomhchuibhiú go hiomlán i ngach cás inar féidir, agus inar iomchuí, chun ilroinnt gan ghá sa Mhargadh Aonair a sheachaint, maidir le cánachas mar shampla. Cuireann CESE in iúl go n-áirítear ar na dúshláin atá roimh an Margadh Aonair leanúint de bheith ag bogadh i dtreo comhchuibhiú cánach idir na Ballstáit agus an dumpáil a sheachaint agus, sa mheántéarma, bogadh i dtreo chóineasú an phá, agus, ar an mbealach sin, cosc a chur ar an dumpáil shóisialta agus/nó ar an iomaíocht éagórach, go háirithe i gcás ina bhfuil infheistíocht á mealladh, fiontair á lonnú agus oibrithe á bhfostú.

6.3.

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh forfheidhmiú ann chun a chinntiú gurb iad an cur chun feidhme agus an simpliú an tosaíocht agus an treoirphrionsabal le haghaidh an Mhargaidh Aonair. Ní mór d’institiúidí an Aontais a áirithiú go ndéanfar ról an Choimisiúin mar chaomhnóir na gConarthaí a chosaint i dtimpeallacht Eorpach a bhfuil an pholaitíocht fite fuaite inti. Má chinneann reachtóirí náisiúnta – ag baint úsáid as a gcorrlach lánroghnach — cur leis na ceanglais ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus fógra a thabhairt don Choimisiún agus d’údaráis náisiúnta eile agus na cúiseanna lena gcinneadh a mhíniú i gcomhréir lena dtiomantas don Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Thairis sin, níor cheart smachtbhannaí laistigh den Aontas a bheith éagsúil le chéile.

6.4.

Is trí reachtaíocht ardcháilíochta a fhaightear reachtaíocht níos fearr. Ba cheart seiceáil ar iomaíochas a bheith san áireamh sa phróiseas ullmhúcháin chun beartas a cheapadh, maille le samhltú níos fearr ar na measúnuithe tionchair agus anailís níos doimhne ar an tionchar a bhíonn ag rialacháin ar an ualach carnach maorlathach atá ar ghnólachtaí, go háirithe an t-ualach a chuirtear ar FBManna.

6.5.

Bacainní náisiúnta nach bhfuil gá leo a bhaint: ba cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh le féachaint cé acu atá, nó nach bhfuil, na rialacha teicniúla náisiúnta fós oiriúnach dá bhfeidhm, slán i bhfad na haimsire agus comhréireach chun saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a fheabhsú.

6.6.

Ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit cothrom iomaíochta le haghaidh na n-oibreoirí uile a áirithiú, agus creat dlíthiúil láidir mar bhonn taca aige sin faoina n-áirithítear go gcomhlíonann na táirgí agus na seirbhísí uile a dhíoltar ar mhargadh an Aontais dlí an Aontais agus go bhfuil na táirgí agus na seirbhísí sin slán, d’fhonn iontaoibh agus sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú i gcomhréir leis an rialachán nua maidir le sábháilteacht táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear táirgí agus seirbhísí digiteacha.

6.7.

Ní mór d’institiúidí an Aontais aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar chaomhnaitheacht agus idirdhealú na mBallstát chun a áirithiú go bhfreastalaítear go cothrom ar leasanna tomhaltóirí san Aontas agus ar chinntí beartais náisiúnta.

6.8.

Feabhas a chur ar na huirlisí atá ar fáil chun rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le fógra a thabhairt (tréimhse ina nglactar le fógra aonair) a thabhairt do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí agus na próisis a dhéanamh níos úsáidí agus níos solúbtha, tríd an líonra gearán le haghaidh tomhaltóirí trasteorann a neartú, mar shampla. Molann CESE go mbunófaí líonraí de scéimeanna um réiteach díospóidí atá inrochtana go héasca, ós rud é go mbeadh muinín ag tomhaltóirí as an Margadh Aonair dá mbeidís in ann réiteach a fháil go héasca maidir le gnólachtaí atá bunaithe i mBallstáit eile.

6.9.

A mhéid a bhaineann le Margadh Aonair le haghaidh soláthar poiblí, is réimse é seo a bhfuil teorainneacha agus srianta náisiúnta ann le haghaidh gnólachtaí atá bunaithe i mBallstát eile, ar teorainneacha agus srianta iad a d’féadfadh gnáthfheidhmiú an Mhargaidh Aonair a shaobhadh, agus teastaíonn freagairt láidir ó institiúidí an Aontais ina leith sin chun an creat rialála a rannchuidíonn le dul chun cinn sóisialta na saoránach a chur i gcrích (6).

6.10.

Ba cheart don Choimisiún Eorpach, do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara eile comhoibriú chun pobail inbhuanaithe a áirithiú. Is idir bhagairt agus deis atá sa ghéarchéim aeráide: tá gá le hath-ailíniú tapa ar an Margadh Aonair chun na tosaíochtaí athraithe faoin gComhaontú Glas don Eoraip a chuimsiú ann. Ní mór úsáid teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn, agus ní mór oiliúint an lucht saothair a oiriúnú go tapa. D’fhéadfadh tréimhse fhada fáis ar mhargadh inmheánach an Aontais eascairt as infheistíochtaí glasa agus go rannchuideofaí ar bhealach tábhachtach leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 28.

(2)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 1.

(3)  Cinneadh (AE) 2022/2349 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ar choinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta (IO L 311, 2.12.2022, lch. 138).

(4)  IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.

(5)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 1.

(6)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 20.


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/28


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

(2023/C 228/05)

Rapóirtéir:

José Antonio MORENO DÍAZ

Comhairliúchán arna iarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne

Litir, 27.7.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

 

(Tústuairim)

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

158/73/12

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

De réir an rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Iúil 2017, is éard is obair fhorbhásach ann obair nach gcomhlíonann caighdeáin agus dlíthe AE, idirnáisiúnta agus náisiúnta nó nach gcuireann acmhainní leordhóthanacha ar fáil le haghaidh saol cuibhiúil nó cosaint shóisialta leordhóthanach.

1.2.

Is féidir leis an obair a bheith ina fachtóir i gcosaint na meabhairshláinte. San am céanna, is féidir léi cur le forbairt galar agus is é sin an fáth a measann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur deitéarmanant sóisialta den tsláinte í.

1.3.

De réir fianaise eolaíoch stóinsithe, cuireann obair fhorbhásach leis an seans go dtiocfadh meath ar mheabhairshláinte oibrithe. Mar shampla, cuireann leibhéal ard éiginnteachta leis an seans go mbeadh duine thíos le dúlagar, imní agus féinmharú; cuireann ardéilimh oibre agus easpa smachta leis an mbaol go mbeadh ar dhuine dul ar shaoire bhreoiteachta i ngeall ar neamhord meabhairshláinte diagnóisithe; nó, méadaíonn an teaglaim den dá riosca sin an dóchúlacht go mbeadh neamhord dúlagair ar dhuine.

1.4.

D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i measc na gcineálacha oibre forbhásaí: fostaíocht pháirtaimseartha neamhdheonach; tuarastal íseal nach gcumhdaíonn bunriachtanais; conarthaí gan íosmhéid uaireanta, conarthaí ar éileamh nó conarthaí sealadacha chun riachtanais struchtúracha a chumhdach; neamhchinnteacht leanúnach maidir le fad na fostaíochta, uaireanta oibre, tuarastal, cúraimí, etc.; easpa neamhspleáchais agus forbartha i bhfeidhmiú na hoibre agus éilimh iomarcacha as a n-eascraíonn uaireanta oibre fada nó diana agus coinbhleachtaí oibre-teaghlaigh. Is annamh a bhíonn na cineálacha oibre sin ina rogha dheonach ag oibrithe, cé go bhfuil oibrithe ann a roghnaíonn iad.

1.5.

Tá obair fhorbhásach níos forleithne i measc oibrithe a bhíonn i mbun obair láimhe, ban, daoine óga agus imirceach. I ngeall ar an méid sin, géaraítear ar neamhionannais shóisialta agus méadaítear an t-idirdhealú agus an grádán sóisialta a bhaineann le meabhairghalar.

1.6.

De réir a bhfuil i dTreoir 89/391/CEE ón gComhairle (1) maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gCairt Shóisialta na hEorpa, sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i bprionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sa phlean gníomhaíochta lena ngabhann, ní féidir sláinte agus sábháilteacht ag an obair a chur i mbaol mar thoradh ar ghiniúint agus méadú brabús corparáideach ná ar laghdú costas saothair ná ar ráthaíocht solúbthachta d’fhostóirí.

1.7.

Tagann an obair fhorbhásach salach ar ghnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe san Aontas.

1.8.

Má táthar chun an obair fhorbhásach agus leitheadúlacht na bhfadhbanna meabhairshláinte lena mbaineann a laghdú, creideann CESE gur gá a áirithiú go gcuirfear chun feidhme agus go gcuirfear i bhfeidhm an reachtaíocht Eorpach agus náisiúnta lena mbunaítear dálaí oibre agus fostaíochta atá ar ardcháilíocht agus sláintiúil chun go mbeifear in ann saol faoi dhínit a chaitheamh.

1.9.

Chuige sin, is é barúil CESE gur den ríthábhacht an faireachán agus an rialú ar chomhlíonadh na reachtaíochta sin a fhorfheidhmiú, faoina leithdháilfí acmhainní leordhóthanacha ar na húdaráis phoiblí inniúla (cóimheasa na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair [EIS]), agus smachtbhannaí iomchuí airgeadais a áirithiú i gcás neamhchomhlíonta.

1.10.

Molann CESE chomh maith cosc a chur ar chuideachtaí agus eagraíochtaí nach ráthaíonn comhlíonadh na reachtaíochta sin cur isteach ar thairiscintí poiblí agus státchabhair, rud a bheadh i gcomhréir leis na Treoracha reatha maidir le soláthar poiblí.

1.11.

Tá CESE á thabhairt dá aire an Teachtaireacht EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 [Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021–2027] (COM(2021) 323 final). Ina theannta sin, molann CESE reachtaíocht shonrach a ghlacadh maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc ar leibhéal an Aontais, chomh maith leis an Treoir maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair a fhorbairt agus a nuachóiriú (89/391/CEE), ionas go dtabharfar aghaidh ar rioscaí síceasóisialta ceirde ag an bhfoinse, agus go n-athrófar an chaoi a ndéantar an obair a dhearadh, a bhainistiú agus a eagrú, ós rud é go léirítear le fianaise eolaíoch gur gníomhaíocht choisctheach níos éifeachtaí í reachtaíocht náisiúnta shonrach sa réimse sin a laghdaíonn nochtadh do na rioscaí sin ar bhealach níos éifeachtaí. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí na tairbhí a bhaineann leis an reachtaíocht sin a leathnú chuig tíortha uile an Aontais trí Theoir a tharraingt suas.

1.12.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur céim chun tosaigh chun an mheabhairshláinte a chur chun cinn ag an obair é rioscaí sainaitheanta síceasóisialta a bhaineann leis an obair a chomhrac ag an bhfoinse, trí idirghabhálacha eagraíochtúla a úsáid chun dálaí oibre a athchóiriú, i gcomhréir leis an méid a leag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus EIS amach ina dtreoirlínte agus ina nóta beartais i mí Mheán Fómhair 2022 (2).

1.13.

Tá CESE á thabhairt dá aire an chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir le togra 2021 le haghaidh Treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin agus tacaíonn sé leis an gcaibidlíocht sin. Ar an gcaoi chéanna, molann CESE cineálacha cur chuige iomchuí a fhorbairt chun úsáid na hintleachta saorga ag an obair a bhainistiú ar bhealach ina gcuirtear cosc ar rioscaí ceirde agus ar an mbonn a bhaint de chearta saothair eile.

1.14.

Ar deireadh, iarrann CESE go ndearfaí beartas tionsclaíoch ar an leibhéal Eorpach chun poist ardcháilíochta a chruthú lena n-áiritheofar dálaí oibre sláintiúla agus lena bhfeabhsófar an t-iomaíochas.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Ar na tosaíochtaí atá ag rialtas na Spáinne agus é i mbun na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2023 tá an gá atá ann “aghaidh a thabhairt ar thionchar na héiginnteachta fostaíochta ar an meabhairshláinte”, óir is ríthábhachtach an méid sin a chur ina cheart “má táthar chun beartais nua saothair a shainiú trínar féidir bogadh i dtreo margaí saothair níos sláintiúla, níos cuimsithí agus níos cobhsaí atá bunaithe ar obair chuibhiúil” (3). Ar an ábhar sin, d’iarr sé ar CESE tústuairim a tharraingt suas chun na críche sin.

2.2.

Is rud í an obair fhorbhásach atá ar neamhréir le Spriocanna Forbartha Mílaoise na Náisiún Aontaithe do 2030 a bhaint amach, eadhon SDG 8 “obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch”, SDG 3 “sláinte agus dea-bhail” nó SDG 5 “comhionannas inscne” (4). De réir EDS (5), téann obair chuibhiúil chun leasa na meabhairshláinte agus cuireann droch-thimpeallachtaí oibre, lena n-áirítear an t-idirdhealú agus neamhionannais, ualaí oibre iomarcacha, smacht neamhleor ar shocruithe oibre agus an éiginnteacht fostaíochta an mheabhairshláinte i mbaol.

2.3.

De réir a bhfuil sa rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le dálaí oibre agus obair fhorbhásach (6), “is éard is obair fhorbhásach ann obair nach gcomhlíonann caighdeáin agus dlíthe AE, idirnáisiúnta agus náisiúnta nó nach gcuireann acmhainní leordhóthanacha ar fáil le haghaidh saol cuibhiúil nó cosaint shóisialta leordhóthanach”.

2.4.

De réir theasáras na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), is éard a chiallaíonn “obair fhorbhásach obair a bhfuil pá íseal ag gabháil léi, atá éiginnte agus neamhchosanta agus nach féidir le teaghlach maireachtáil uirthi” (7). Ina theannta sin, is é an sainmhíniú atá ag líonra idirnáisiúnta um thaighde ar obair fhorbhásach (PWR) ar an obair fhorbhásach ná gur “tógán ilghnéitheach í lena n-áirítear neamhshláine post, ioncam neamhleor agus easpa ceart agus cosanta sa chaidreamh fostaíochta, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibrithe neamhfhoirmiúla agus d’oibrithe foirmiúla araon”, ach nach bhfuil sí teoranta don mhéid sin amháin (8). Mar a thug Eurofound dá aire, níl sainmhíniú uilíoch ar obair fhorbhásach ach aithnítear go forleathan gur gá aghaidh a thabhairt uirthi chun dálaí oibre cuibhiúla agus sláintiúla a áirithiú, i gcomhréir le Clár Oibre EIS um Obair Chuibhiúil (9).

2.5.

I bhfianaise na gcoincheap sin, is féidir a mheas gur forbhásach iad cineálacha áirithe fostaíochta agus dálaí oibre lena gcruthaítear poist ar chaighdeán íseal. Áirítear an méid seo a leanas leis sin: fostaíocht pháirtaimseartha ainneonach, uaireanta oibre fada nó an oibleagáid maidir le bheith ar fáil i gcónaí, pá íseal nó neamh-intuartha, mí-úsáid conarthaí sealadacha, conarthaí gan íosmhéid uaireanta nó conarthaí ar éileamh, obair neamhchonarthach nó obair gan bearta coisctheacha.

2.6.

Seo a leanas an méid a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hobair fhorbhásach: uaireanta oibre níos faide déine; easpa neamhspleáchais agus forbartha ag an obair; laethanta agus uaireanta oibre dothuartha agus míshóisialta, as a bhféadfadh coinbhleacht oibre-teaghlaigh eascairt; uaireanta oibre agus pá neamhleor nach féidir bunriachtanais a chumhdach leo; neamhchinnteacht leanúnach i leith fhad na fostaíochta agus na ndálaí oibre (uaireanta oibre, pá, cúraimí, etc.); deacracht maidir le cearta saothair a fheidhmiú, lena n-áirítear gníomhaíocht chomhchoiteann, rud a laghdaíonn cumhacht chonarthach; leochaileacht mhéadaithe i leith mí-úsáide, idirdhealaithe agus ciaptha; agus éagumas duine saol faoi dhínit a chaitheamh ainneoin go bhfuil post aige (“working poor” [oibrithe atá bocht]).

2.7.

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an obair fhorbhásach ar réimsí éagsúla den saol laethúil, lena n-áirítear an tsláinte. Dar le EU-OSHA, “fuarthas amach i staidéir a rinneadh go mbíonn éifeachtaí diúltacha ag an obair fhorbhásach ar an tsábháilteacht agus an tsláinte ag an obair. Dá éagobhsaí atá an obair, is ea is mó an ráta galrachta nó básmhaireachta lena mbaineann” (10).

2.8.

Léirítear le samplaí sonracha atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch den chaighdeán is airde ina gcuirtear oibrithe nochta i gcomparáid le hoibrithe neamhnochta (staidéir fadaimseartha nó staidéir a bhfuil bunachair mhóra acu a fhágann gur féidir sonraí randamacha agus cúiseanna seachtracha agus inmheánacha eile laistigh agus lasmuigh den timpeallacht oibre a chur as an áireamh), go gcuireann an éiginnteacht fostaíochta, rud is sainghné den obair fhorbhásach é, leis an seans go mbeadh duine thíos le dúlagar (61 %), imní (77 %) (11) agus féinmharú (51 %) (12). Léirítear leo freisin go mbíonn méadú 23 % ar an líon cásanna de shaoire bhreoiteachta i ngeall ar neamhord meabhairshláinte diagnóisithe mar thoradh ar ardéilimh oibre, go mbíonn méadú 25 % (13) air sin mar thoradh an easpa smachta agus go mbíonn méadú 77 % air i gcás teaglaim den dá fhachtóir seo. Mar an gcéanna, bíonn méadú 14 % ar an seans go mbeidh dúlagar ar oibrí i ngeall ar uaireanta oibre fada (14).

2.9.

Dá gcuirfí deireadh le nochtadh do rioscaí síceasóisialta ceirde san Aontas, thiocfadh laghdú idir 17 % agus 35 % ar an dúlagar agus laghdú idir 5 % agus 11 % ar ghalair chardashoithíocha (15).

2.10.

Is annamh gur rogha dheonach iad cineálacha forbhásacha fostaíochta agus dálaí oibre. Léiríodh san fhianaise, arís is arís eile, gur forleithne an obair fhorbhásach agus dálaí oibre forbhásacha i measc oibrithe a bhíonn i mbun obair láimhe, ban, daoine óga agus imirceach (16). Sa chomhthéacs sin, géaraítear ar neamhionannais shóisialta ó thaobh aicme, inscne, aoise, náisiúntachta agus eitneachta de agus d’fhéadfadh méadú teacht, i ngeall air sin, ar an idirdhealú trasearnálach, neamhionannais sláinte atá ann cheana agus an grádán sóisialta a bhaineann le meabhairghalar. Cé gurb annamh a bhíonn na cineálacha oibre sin ina gcéadrogha ag oibrithe, tá oibrithe ann a roghnaíonn iad.

2.11.

Ní hionann leibhéal na hoibre forbhásaí i dtíortha an Aontais (17) agus in earnálacha gníomhaíochta. Is airde an leibhéal sin in earnálacha a bhaineann leis an obair tí agus an obair chúraim (an earnáil glantacháin, seirbhísí sóisialta agus sláinte, earnáil an fháilteachais, earnáil na slándála, earnáil an tseachadta baile, etc.) (18) agus is measa fós é de bharr phaindéim COVID-19. Mar sin féin, tá ann don obair fhorbhásach i ngach earnáil, lena n-áirítear san earnáil phoiblí, agus i ngach tír.

2.12.

De réir Threoir 89/391/CEE maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair, tá dualgas ar an bhfostóir sábháilteacht agus sláinte oibrithe a áirithiú i ngach gné a bhaineann leis an obair. De réir Airteagal 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá an ceart ag gach oibrí chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte, a shábháilteacht agus a dhínit. Ina theannta sin, tá an ceart ag gach oibrí teorainn a bheith leis an líon uasta uaireanta oibre, mar aon leis an gceart chun tréimhsí sosa laethúla agus seachtainiúla agus chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana, i measc nithe eile. Léirítear an méid sin freisin i gCairt Shóisialta na hEorpa, sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i bprionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sa phlean gníomhaíochta lena ngabhann. Ní féidir dochar a dhéanamh do shláinte agus sábháilteacht oibrithe mar thoradh ar ghiniúint agus méadú brabús corparáideach ná ar laghdú costas saothair ná ar ráthaíocht solúbthachta d’fhostóirí.

2.13.

Maidir leis an meabhairshláinte i gcoitinne, ba cheart a thabairt faoi deara go bhfuil ról tábhachtach ag na córais cúraim sláinte poiblí. Gan athruithe agus oiriúnuithe tapa/riachtanacha a dhéanamh sna córais cúraim sláinte poiblí agus gan cabhair shíceolaíoch agus shíciatrach a bheith ar fáil i gcás éigeandála, go cianda agus mar chóireáil theiripeach, ní hamháin nach n-éireoidh linn feabhas a chur ar mheabhairshláinte na bhfostaithe ach ní thabharfar aghaidh mar is ceart ach an oiread ar mheabhairshláinte shaoránaigh uile na hEorpa.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Is toisc riosca maidir leis an obair fhorbhásach í éagothroime na cumhachta idir caipiteal agus lucht saothair. Ní mór an éagothroime sin a chothromú trí dhlíthe, tríd an idirphlé sóisialta agus trí ghníomhaíocht ceardchumainn d’fhonn timpeallacht a chothú lena gcosnaítear oibrithe agus lena gcoinnítear san am céanna dálaí eacnamaíocha fabhracha. Ar an dóigh sin, seachnaítear an iomaíocht éagórach.

3.2.

Is follas gur gá breis comhlíontachta leis an reachtaíocht maidir le cearta oibrithe agus a nionadaithe a áirithiú agus an reachtaíocht sin a fhorbairt, óir is iad seo a leanas na trí chúis is mó a spreagann fostóirí san Aontas chun aghaidh a thabhairt ar an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair (OSH): chun reachtaíocht a chomhlíonadh (89,2 %), chun gníomhaíocht phionósach ón údarás saothair inniúil a sheachaint (79,4 %) agus chun freastal ar éilimh na noibrithe agus a nionadaithe (81,8 %) (19).

3.3.

Tá sampla a léiríonn a éifeachtaí atá an reachtaíocht maidir le héiginnteacht chonarthach a laghdú le feiceáil sa Spáinn: a bhuí leis an t-athchóiriú saothair a glacadh le déanaí, de bhun comhairliúchán sóisialta, laghdaíodh na rátaí arda neamhghnácha fostaíochta sealadaí sa mhargadh saothair.

4.   Moltaí

4.1.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil fianaise láidir ann go gcuireann an obair fhorbhásach leis an seans go mbeidh oibrí thíos le droch-mheabhairshláinte. Ar an gcúis sin, i gcomhréir le moltaí ó shaineolaithe i réimse na sláinte ceirde agus na sláinte poiblí agus na heipidéimeolaíochta ceirde, agus moltaí ó institiúidí idirnáisiúnta maidir le meabhairshláinte san áit oibre agus na cearta a leagtar amach i dTreoir 89/391/CEE maidir le cosc ag foinse na rioscaí ceirde á gcur san áireamh freisin, tá na bearta go léir a mholtar sa tuairim seo bunaithe ar chur chuige arb é is aidhm dó teorainn a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an obair fhorbhásach chun meath ar an meabhairshláinte a chosc. Ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór ó earnáil go chéile, agus fiú idir áiteanna oibre éagsúla laistigh den earnáil chéanna, idir na tosca riosca a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an meabhairshláinte, is minice ná a mhalairt gur tríd an idirphlé sóisialta ar leibhéal na hearnála nó na cuideachta is féidir teacht ar na réitigh is fearr lena gceadaítear cur chuige spriocdhírithe agus lena gcuirtear san áireamh na creataí dlíthiúla uile.

4.2.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur thug an Coimisiún le fios, ina chreat straitéiseach maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair (2021-2027) (20), go ndéanfaidh sé an méid seo a leanas, i measc nithe eile:

feachtas maidir le hionaid oibre shláintiúla de chuid EU-OSHA a sheoladh do na blianta 2023-2025 chun todhchaí dhigiteach shábháilte agus shláintiúil a chruthú, lena gcumhdófar rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíocha go háirithe;

tionscnamh neamhreachtach ar leibhéal an Aontais a ullmhú i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta, ar tionscnamh é a bhainfidh leis an meabhairshláinte ag an obair agus lena ndéantar measúnú ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn a mhéid a bhaineann le meabhairshláinte oibrithe, agus treoir maidir le gníomhaíocht a chur ar aghaidh roimh dheireadh 2022;

an bonn anailíse, ríomhuirlisí agus treoir a fhorbairt le haghaidh measúnuithe riosca a bhaineann le poist agus próisis ghlasa agus dhigiteacha, lena n-áirítear rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíochta go háirithe.

4.3.   Cur chun feidhme na reachtaíochta Eorpaí agus náisiúnta atá ann cheana lena mbunaítear fostaíocht agus dálaí oibre ar ardcháilíocht a áirithiú

4.3.1.

Tugann CESE dá aire go gcumhdaítear an méid seo a leanas leis na treoracha Eorpacha atá ann faoi láthair maidir le dálaí oibre, fostaíocht, ionadaíocht agus rannpháirtíocht: cearta, oibleagáidí agus freagrachtaí a bhaineann le heagrú an ama oibre (2003/88/CE (21)), cothromaíocht oibre is saoil (2019/1158/AE (22)), pá íosta cuibhiúil (2022/2041/AE (23)), an neamh-idirdhealú (2006/54/CE (24); 2000/78/CE (25); 2000/43/CE (26)), intuarthacht agus trédhearcacht dálaí oibre (2019/1152/AE (27)), rioscaí ag an obair a chosc, an tsláinte agus cinnteacht fostaíochta, (89/391/CEE agus na forbairtí sonracha lena mbaineann), agus oibrithe agus a n-ionadaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (2009/38/CE (28), 2003/72/CE (29), 2002/14/CE (30)). Ar an gcaoi chéanna, cosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an tsaoirse comhlachais, an tsaoirse chun dul i mbun cómhargála, an tsaoirse chun léirsiú a dhéanamh agus an tsaoirse chun dul ar stailc. Dá gcuirfí an corpas dlíthiúil sin chun feidhme go hiomlán, d’fhéadfaí a chur ar chumas oibrithe obair chuibhiúil a bheith acu, éiginnteacht a laghdú, agus an mheabhairshláinte a chur chun cinn.

4.3.2.

Mar sin féin, tugann CESE dá aire go bhféadfaí cur le cur chun feidhme, forfheidhmiú agus comhlíonadh na ndlíthe sin maidir le dálaí oibre, ar dlíthe iad arna leagan síos mar chearta íosta dlíthiúla, chomh maith le cur i bhfeidhm na reachtaíochta atá ann cheana.

4.4.

Is é sin an fáth a bhfuil an méid seo a leanas á mholadh ag CESE:

4.4.1.

faireachán agus forfheidhmiú na reachtaíochta saothair reatha atá cumhdaithe ag na Treoracha sin a mhéadú chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú. Chuige sin, beidh ar na Ballstáit acmhainní daonna leordhóthanacha a chur ar fáil don údarás saothair inniúil, de réir na gcóimheas arna moladh ag EIS (31);

4.4.2.

smachtbhannaí airgeadais iomchuí a áirithiú i gcás sáruithe ar na Treoracha sin;

4.4.3.

féachaint chuige nach mbeifear in ann cur isteach ar thairiscintí poiblí ná cúnamh poiblí Eorpach, náisiúnta nó áitiúil de chineál ar bith mura gcomhlíontar na Treoracha sin, i gcomhréir leis na Treoracha reatha maidir le soláthar poiblí;

4.4.4.

leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí a chuireann Coiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) ar fáil maidir le comhordú AE i dtaca le faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta dá dtagraítear i mír 4.3.1.

4.4.5.

Tacaíonn CESE leis an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir le togra 2021 le haghaidh Treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin agus tugann sé an chaibidlíocht leanúnach ar sheasamh na Comhairle dá aire, mar aon leis na leasuithe a mhol an Coiste Fostaíochta i bParlaimint na hEorpa i mí na Nollag 2022. Ar an gcaoi chéanna, molann CESE cineálacha cur chuige iomchuí a fhorbairt chun úsáid na hintleachta saorga ag an obair a bhainistiú ar bhealach ina gcuirtear cosc ar rioscaí ceirde agus ar an mbonn a bhaint de chearta saothair eile.

4.5.   Díriú ar rioscaí síceasóisialta ceirde a chosc (rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair)

4.5.1.

Tá CESE á thabhairt dá aire an Teachtaireacht Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021–2027 (COM(2021) 323 final). Ina theannta sin, molann CESE reachtaíocht shonrach a ghlacadh maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc ar leibhéal an Aontais, chomh maith leis an Treoir maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair a fhorbairt agus a nuachóiriú (89/391/CEE), ionas go dtabharfar aghaidh ar rioscaí síceasóisialta ceirde ag an bhfoinse, agus go n-athrófar an chaoi a ndéantar an obair a dhearadh, a bhainistiú agus a eagrú, ós rud é go léirítear le fianaise eolaíoch gur gníomhaíocht choisctheach níos éifeachtaí í reachtaíocht náisiúnta shonrach sa réimse sin a laghdaíonn nochtadh do na rioscaí sin ar bhealach níos éifeachtaí (32).

4.5.2.

Thairis sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur tugadh an ceart chun timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil isteach faoi chuimsiú na mbunphrionsabal agus na mbuncheart ag an obair de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ag an 110ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair i mí an Mheithimh 2022 agus gur céim bhunriachtanach chun an mheabhairshláinte a chur chun cinn ag an obair é rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair a chomhrac ag an bhfoinse, trí idirghabhálacha eagraíochtúla a úsáid chun dálaí oibre a athchóiriú, i gcomhréir leis an méid a chomhaontaigh EDS agus EIS sna treoirlínte agus sa nóta beartais uathu i mí Mheán Fómhair 2022 ina ndéanann siad cur síos ar straitéisí praiticiúla (33). Sa bhreis ar rioscaí síceasóisialta a chosc, molann na hinstitiúidí sin, mar dhara céim, feabhas a chur ar an meabhairshláinte ag an obair, í a chosaint agus a chur chun cinn, go háirithe trí oiliúint agus idirghabhálacha lena bhfeabhsaítear an litearthacht mheabhairshláinte. Is é an tríú céim tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu chun páirt iomlán agus cothrom a ghlacadh san obair trí bhearta réasúnta cóiríochta a chur i bhfeidhm agus trí chláir um fhilleadh ar an obair a chur ar bun. Ar deireadh, molann siad timpeallacht chumasúcháin a chruthú ina mbeidh bearta trasearnálacha chun feabhas a chur ar an meabhairshláinte ag an obair trí cheannaireacht, infheistíocht, cearta, lánpháirtiú, rannpháirtíocht, fianaise agus comhlíonadh a chur chun cinn.

4.5.3.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE, mar a luadh freisin i gcreat-chomhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais maidir leis an strus a bhaineann leis an obair, faoi Threoir Réime 89/391, go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar gach fostóir sábháilteacht agus sláinte ag an obair a chosaint. Áirítear leis an oibleagáid sin fadhbanna struis a bhaineann leis an obair toisc go mbaineann riosca don tsláinte agus don tsábháilteacht leo.

4.5.4.

Sa chomhthéacs sin, molann CESE, leis an Treoir faoi chaibidil, go gcuirfí le cosc príomhúil rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair trí chur chuige eagraíochtúil comhchoiteann. Chuige sin, rialófaí an méid seo a leanas:

4.5.4.1.

ceanglais cháilíochta le haghaidh na modhanna measúnaithe a úsáidtear (ceanglais arna mbailíochtú le sonraí sláinte lena dtomhaistear rioscaí síceasóisialta arna mbunú le fianaise eolaíoch a thomhas agus lena léirítear neamhionannais, etc.);

4.5.4.2.

i gcás inar gá, bunú, pleanáil agus cur chun feidhme beart coisctheach chun deireadh a chur leis na rioscaí sin nó chun iad a laghdú: 1) mar fhreagairt ar thorthaí an mheasúnaithe riosca shíceasóisialta; 2) chun athrú a dhéanamh ag an bhfoinse ar dhálaí oibre a mheastar a bheith díobhálach, agus idirghabhálacha eagraíochtúla á n-úsáid, sa chaoi is nach ndíreofar leis na bearta coisctheacha sin ach ar chumhachtú agus ar athshlánú;

4.5.4.3.

an oibleagáid ar fhostóirí féachaint le rioscaí ceirde a laghdú trí bhearta iomchuí a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta síceasóisialta a bhaineann leis an obair lena n-athraítear dálaí oibre. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin: an teicneolaíocht agus próisis táirgthe le haghaidh earraí agus seirbhísí a fheabhsú agus cur leis an líon foirne chun ualaí a laghdú; lá oibre a bheidh comhoiriúnach le hobair chúraim laistigh de theaghlaigh a áirithiú; úsáid modhanna oibre rannpháirteacha agus comhoibritheacha a chur chun cinn chun gur féidir le hoibrithe a mbarúil a chur in iúl agus chun tacaíocht fheidhmiúil idir comhghleacaithe agus bainisteoirí a mhéadú; nósanna imeachta cothroma a bhunú maidir le hearcú, sannadh oibre, oiliúint agus ardú céime chun cáilíocht na ceannaireachta a fheabhsú; tascanna fiúntacha a dhearadh chun gur féidir scileanna agus eolas nua a chur i bhfeidhm agus cinn nua a fhoghlaim; cobhsaíocht a chur chun cinn ó thaobh fostaíochta agus dálaí oibre de agus intuarthacht athruithe, ar gá iad a bheith réasúnach agus bonn cirt a bheith leo, d’fhonn éiginnteacht fostaíochta a sheachaint; pá cuibhiúil chun gur féidir saol faoi dhínit a chaitheamh, i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme, an t-idirphlé sóisialta agus comhaontuithe cómhargála. Ar an dóigh sin, chuideodh na bearta uile sin leis an obair fhorbhásach a laghdú agus an mheabhairshláinte a chosaint;

4.5.4.4.

an oibleagáid cuspóir coisctheach an mheasúnaithe a chur san áireamh go cuí d’fhonn bainistiú éifeachtúil na rioscaí sin a chur chun cinn, agus athmheasúnú maorlathach a sheachaint;

4.5.4.5.

na gníomhaíochtaí sin ar fad atá dírithe ar rioscaí síceasóisialta a chosc ag an bhfoinse, tá siad bunaithe ar rannpháirtíocht oibrithe agus a n-ionadaithe ar leibhéal na háite oibre nó ar leibhéal na cuideachta, agus sin ó dhearadh an mheasúnaithe, go dtí athruithe eagraíochtúla agus an faireachán ar a n-éifeachtacht maidir le rioscaí a laghdú. Ní mór é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le faisnéis agus comhairliúchán le hoibrithe agus/nó lena nionadaithe. Chun na críche sin, ní foláir a áirithiú i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta atá ann cheana gur ann do na comhlachtaí ábhartha agus go mbeidh siad gníomhaíoch nuair a fhoráiltear amhlaidh leis an reachtaíocht náisiúnta agus/nó le comhaontuithe cómhargála, eadhon coistí um shláinte agus sábháilteacht, oifigigh coisc, comhairlí oibreacha, etc., agus a chinntiú go mbeidh idirbheartaíocht idir ionadaithe ceardchumainn agus fostóirí i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis na comhaontuithe cómhargála.

4.6.   Beartas tionsclaíoch atá ceaptha chun tacú le poist ardcháilíochta a chruthú

4.6.1.

Bíonn tionchar ag beartas tionsclaíoch tíortha aonair, i measc tosca eile, ar chumas cuideachtaí poist ardcháilíochta oilte a chruthú i ngeilleagar ar leith. Dá bhrí sin, molann CESE go gcuirfí san áireamh, agus an beartas tionsclaíoch á cheapadh ar an leibhéal Eorpach, an aidhm atá ann poist do dhaoine ardcháilíochta agus oilte a chruthú lena n-áiritheofar dálaí oibre sláintiúla agus lena gcuirfear feabhas ar an iomaíochas. D’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe, i measc nithe eile, ar an méid seo a leanas:

4.6.1.1.

comhoibriú i bhfad níos gníomhaí idir na húdaráis phoiblí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí forbartha eacnamaíche poiblí, atá dírithe ar an mbonneagar is gá agus beartais ghníomhacha fostaíochta a chur ar fáil atá dírithe ar riachtanais shonracha na dtionscal is fearr is féidir poist áitiúla ardcháilíochta a chruthú. Chuige sin, is faoi chuideachtaí tairbhíocha atá sé íosmhéid na bpost sin a chur ar fáil;

4.6.1.2.

infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt a dhíriú ar theicneolaíochtaí a mhéadaíonn an táirgiúlacht agus atá fabhrach don lucht saothair, d’fhonn cur lena scileanna breisluacha ar dhóigh shineirgisteach;

4.6.1.3.

critéir chun rioscaí ceirde a chosc agus sláinte oibrithe a chosaint a chur san áireamh agus beartais thionsclaíocha á ndearadh;

4.6.1.4.

caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur san áireamh, lena n-áirithítear cearta saothair i gcomhaontuithe trádála idirnáisiúnta.

4.7.

Molann CESE go n-áireofaí sa churaclam idirdhisciplíneach le haghaidh oideachas éigeantach agus na gairmoiliúna i ngach tír eolas ar chearta saothair aonair agus comhchoiteanna agus scileanna fiontraíochta d’fhonn an t-eolas is gá ar an ábhar sin a thabhairt d’oibrithe agus d’fhostóirí amach anseo.

4.8.

Bunaithe ar na torthaí ar ar thángthas a bhuí le suirbhéanna agus sonraí Eurofound, EU-OSHA agus Eurostat, molann CESE na cineálacha oibre forbhásaí is forleithne agus na comhthéacsanna ina dtagann siad chun cinn (tíortha, earnálacha, etc.) a shainaithint go rialta, maille leis na grúpaí is mó a ndéantar difear dóibh (oibrithe a bhíonn i mbun obair láimhe, mná, daoine óga, etc.), agus faireachán a dhéanamh ar an dóigh a bhforbraíonn siad.

4.9.

Molann CESE borradh a chur faoin taighde ar cháilíocht na hoibre agus an mheabhairshláinte, ag tosú le feabhas a chur ar chórais faisnéise agus faireachas eipidéimeolaíoch sna réimsí sin.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

(2)  https://www.ilo.org/global/about-the-ilo/newsroom/news/WCMS_856821/lang--en/index.htm

(3)  An Dara Leas-Phríomh-Aire, an Aireacht Saothair agus Geilleagair Shóisialta: Iarraidh ar thústuairim.

(4)  Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, 70ú seisiún (2015), Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development, rún arna ghlacadh ag an Tionól Ginearálta an 25 Meán Fómhair 2015.

(5)  https://www.who.int/news-room/fact-sheets/detail/mental-health-at-work

(6)  https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-8-2017-0290_GA.html

(7)  https://osha.europa.eu/en/tools-and-resources/eu-osha-thesaurus/term/62001d

(8)  https://doi.org/10.1186/s13643-021-01728-z

(9)  https://www.eurofound.europa.eu/it/node/91840

(10)  EU-OSHA (2013), Priorities for occupational safety and health research in Europe: 2013-2020 [Tosaíochtaí don taighde maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair san Eoraip: 2013-2020]. Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. 10.2802/25457.

(11)  Niedhammer, I., Bertrais, S., & Witt, K. (2021). Psychosocial work exposures and health outcomes: a meta-review of 72 literature reviews with meta-analysis. Scandinavian Journal of Work, Environment & Health, 47(7), 489–508.

(12)  Blomqvist, S., Virtanen, M., LaMontagne, A. D., & Magnusson Hanson, L. L. (2022). Perceived job insecurity and risk of suicide and suicide attempts: a study of men and women in the Swedish working population. Scandinavian Journal of Work, Environment & Health, 48(4), 293–301.

(13)  Duchaine, CS et al. (2020). Psychosocial stressors at work and the risk of sickness absence due to a diagnosed mental disorder: a systematic review and meta-analysis. JAMA psychiatry, 77(8), 842-851.

(14)  Niedhammer, Bertrais, Witt (2021), (féach thuas).

(15)  Niedhammer I et al. (2022). Update of the fractions of cardiovascular diseases and mental disorders attributable to psychosocial work factors in Europe. International Archives of Occupational and Environmental Health, 95(1), 233-247.

(16)  https://oshwiki.osha.europa.eu/en/themes/precarious-work-definitions-workers-affected-and-osh-consequences

(17)  Matilla-Santander N. et al. (2019). Measuring precarious employment in Europe 8 years into the global crisis. J Public Health (Oxf), 41(2):259-267.

(18)  Eurofound (2021). Working conditions and sustainable work: An analysis using the job quality framework [Dálaí oibre agus obair inbhuanaithe: anailís ina n-úsáidtear an creat cáilíochta poist]. Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

(19)  https://visualisation.osha.europa.eu/esener/en/survey/datavisualisation/2019

(20)  Teachtaireacht Communication on the EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 – Occupational safety and health in a changing world of work [Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 – Sábháilteacht agus sláinte cheirde i ndomhan athraitheach oibre] (COM(2021) 323 final) (níl leagan Gaeilge ann).

(21)  Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

(22)  Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).

(23)  Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).

(24)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).

(25)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).

(26)  Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).

(27)  Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).

(28)  Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpacha a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).

(29)  Treoir 2003/72/CE ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena bhforlíontar an Reacht do Comharchumann Eorpach maidir le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 207, 18.8.2003, lch. 25).

(30)  Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo — Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe. (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).

(31)  https://www.ilo.org/global/topics/labour-administration-inspection/resources-library/publications/WCMS_844151/lang--en/index.htm, § 4.1.8.

(32)  Jain, A. et al (2022), The impact of national legislation on psychosocial risks on organisational action plans, psychosocial working conditions, and employee work-related stress in Europe. Social Science & Medicine 302.

(33)  https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/---ed_protect/---protrav/---safework/documents/publication/wcms_856976.pdf


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 60(2) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MINCHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 2.7

Pointe nua le cur isteach

tar éis phointe 2.6 atá ann cheana

Tuairim ón rannóg

Leasú

 

Leis an sainmhíniú a úsáidtear i rún Pharlaimint na hEorpa ó 2017  (12) , tugtar le fios, ar thaobh amháin, gurb éard is obair fhorbhásach ann obair nach gcomhlíonann an reachtaíocht is infheidhme. Mar sin féin, leis an sainmhíniú sin, tagraítear freisin d’obair nach gcuireann acmhainní leordhóthanacha ar fáil le haghaidh saol cuibhiúil nó cosaint shóisialta leordhóthanach. Ag an am céanna, tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach ann, de réir Eurofound, d’aon sainmhíniú ar choincheap na hoibre forbhásaí a bhfuil glacadh uilíoch leis ar fud na hEorpa, cé go n-aithnítear go forleathan gur gá aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan casta sin. De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), d’fhéadfadh rioscaí don mheabhairshláinte ag an obair, ar a dtugtar rioscaí síceasóisialta freisin, baint a bheith acu le hábhar an phoist, leis an sceideal oibre, le saintréithe sonracha an ionaid oibre nó le deiseanna maidir le forbairt gairme, i measc nithe eile. Chomh maith leis sin, cuireann EDS i bhfios gur féidir teacht ar rioscaí síceasóisialta i ngach earnáil, ach go bhfuil roinnt oibrithe ann ar mó an seans go ndéanfaidh na rioscaí sin difear dóibh, i ngeall ar an gcineál oibre a dhéanann siad nó an áit nó an chaoi ina n-oibríonn siad  (13) . Ina theannta sin, luaitear i gcomhaontú neamhspleách na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais maidir leis an strus go bhféadfadh tosca éagsúla a bheith ina gcúis le strus ag an obair, amhail ábhar na hoibre, eagrú na hoibre, an timpeallacht oibre nó drochchumarsáid, etc.  (14) Ciallaíonn sé sin nach mór a chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh ar an nasc idir an fhostaíocht fhorbhásach agus rioscaí meabhairshláinte, nach ann d’aon sainmhíniú a bhfuil glacadh uilíoch leis ar fud na hEorpa. Thairis sin, ní mór an méid seo a leanas a chur san áireamh sa mheasúnú:

Níl aon nasc cúisíoch uathoibríoch idir an méid a mheastar a bheith i gceist leis an obair fhorbhásach sa tuairim seo agus drochshláinte mheabhrach, ach tá an obair fhorbhásach ar cheann de na tosca riosca a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aici ar mheabhairshláinte oibrithe. Tá na pointí a ardaíodh i míreanna  (15) 1.3 agus 2.6 den tuairim seo ag teacht salach ar an mbreithniú sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach é.

Is é atá sa mheabhairshláinte meascán de chúinsí an duine, cúinsí an teaghlaigh agus cúinsí socheacnamaíocha, sin agus cúinsí comhshaoil, agus tá roinnt de na tosca riosca a bhaineann leis an meabhairshláinte le fáil in ionaid oibre agus sa tsochaí i gcoitinne freisin. Ní mór measúnú staide ar imthosca an duine aonair a úsáid i gcónaí d’fhonn éiginnteacht fostaíochta a chinneadh. Léirítear an méid sin freisin i gcreat-chomhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais maidir leis an strus  (16) , ina luaitear gur breithniú tábhachtach í éagsúlacht an lucht saothair agus aghaidh á tabhairt ar fhadhbanna a bhaineann leis an strus ag an obair agus nach mór a chur san áireamh go bhféadfadh dearcthaí éagsúla a bheith ag daoine éagsula i ndáil le cás ar leith agus go bhféadfadh dearcadh duine aonair i ndáil le cás ar leith athrú i gcaitheamh a shaoil nó a saoil. Tá na pointí a ardaíodh i míreanna 1.5 agus 2.6 den tuairim seo ag teacht salach ar na breithnithe sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach iad.

Ina theannta sin, tugtar aghaidh cheana féin ar roinnt mhaith de na saincheisteanna a bhaineann le cineálacha éagsúla fostaíochta i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, le ham oibre agus le gnéithe ábhartha eile. Tá na pointí a ardaíodh i míreanna 1.11, 2.6, 4.5.1, 4.5.4 agus 4.5.4.3 den tuairim seo ag teacht salach ar na breithnithe sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach iad.

Ag an am céanna, d’fhéadfadh na cineálacha oibre a mheastar a bheith forbhásach sa tuairim seo a bheith ina gcéim chun cinn freisin chun dul isteach sa mhargadh saothair agus chun fostaíocht níos buaine a bhaint amach de réir a chéile. Tá na pointí a ardaíodh i mír 1.5 den tuairim seo ag teacht salach ar an mbreithniú sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach é.

Toradh na vótála:

Ar son:

81

In aghaidh:

127

Staonadh:

13

LEASÚ 3

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MINCHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 4.5.1

Pointe nua le cur isteach

tar éis phointe 4.5 atá ann cheana

Tuairim ón rannóg

Leasú

 

Is le leas na sochaí ina hiomláine é an mheabhairshláinte agus an dea-bhail a chur chun cinn. I saol na hoibre, tá tábhacht le cur chun cinn na meabhairshláinte toisc gur féidir le fadhbanna meabhairshláinte a bheith ina gcúis le hísliú ar an táirgiúlacht oibre, le hísliú ar an bhfeidhmíocht oibre agus le hardú ar neamhláithreacht. Lena chois sin, tá baint ag dea-mheabhairshláinte le spreagadh agus táirgiúlacht a chothú. Aontaíonn CESE le cur chuige an Choimisiúin  (29) tionscnamh neamhreachtach maidir leis an meabhairshláinte ag an obair a ullmhú ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta, ina ndéanfar measúnú ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn maidir le meabhairshláinte oibrithe. Tacaíonn CESE freisin le cuspóir an Choimisiúin rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíocha a chuimsiú i bhfeachtas na n-ionad oibre sláintiúil. Measann CESE gur cheart aird bhreise a thabhairt ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus sna hionaid oibre freisin, ar bheartais agus/nó gníomhaíochtaí iomchuí chun go gcuirfí le cosc príomhúil rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair trí chur chuige eagraíochtúil comhchoiteann i gcás inarb iomchuí sin. Ní gá, áfach, reachtaíocht shonrach a mholadh ar leibhéal an Aontais maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc. Tá na pointí a ardaíodh i míreanna 1.11, 4.5.1, 4.5.4 agus 4.5.4.3 den tuairim seo ag teacht salach ar an mbreithniú sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach é.

Toradh na vótála:

Ar son:

91

In aghaidh:

127

Staonadh:

18

LEASÚ 4

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MINCHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 4.6.1

Pointe nua le cur isteach

tar éis phointe 4.6 atá ann cheana

Tuairim ón rannóg

Leasú

 

Mar gheall ar na hathruithe móra sa timpeallacht oibriúcháin, tá géarghá le beartas tionsclaíoch cuimsitheach agus cothrom le dáta a mhúnlú san Aontas, agus é bunaithe ar an nuálaíocht agus an barr feabhais. Cruthóidh cuideachtaí fostaíocht agus cuirfidh siad poist ar ardchaighdeán ar fáil nuair a bheidh timpeallacht fhabhrach rialála agus infheistíochta ann agus nuair is féidir leo a gcuid gnó a dhéanamh go brabúsach. Ciallaíonn sé sin nach féidir poist a phleanáil trí bheartas tionsclaíoch. Ar an gcuma chéanna, na cuideachtaí a dtéann an bonneagar nó beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair chun tairbhe dóibh, níl sé inbhuanaithe ná réasúnta é a chur de cheangal ar na cuideachtaí sin íoslíon post a chruthú. Ina theannta sin, tá an beartas tionsclaíoch ann i gcomhthráth leis an gcreat rialála náisiúnta agus AE is infheidhme maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair ach ní sholáthraíonn an beartas tionsclaíoch féin na critéir chun rioscaí ceirde a chosc. Ar deireadh, tá rochtain ar lucht saothair oilte ag teastáil ó chuideachtaí ach ní mór dóibh aghaidh a thabhairt ar ghanntanas saothair agus scileanna faoi láthair. Léiríonn sé sin an tábhacht a bhaineann le córais foghlama ar feadh an tsaoil atá éifeachtach agus oirchill níos fearr faoi chomhair riachtanais scileanna a bheidh ann amach anseo. Tá na pointí a ardaíodh i mír 4.6.1.1 agus i mír 4.6.1.3 den tuairim seo ag teacht salach ar na breithnithe sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach iad.

Toradh na vótála

Ar son:

89

In aghaidh:

139

Staonadh:

9

LEASÚ 5

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MINCHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 1.3

Pointe nua le cur isteach

tar éis phointe 1.2 atá ann cheana

Tuairim ón rannóg

Leasú

 

Mar shampla, luaitear i gcomhaontú neamhspleách na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais maidir leis an strus go bhféadfadh tosca éagsúla a bheith ina gcúis le strus ag an obair, amhail ábhar na hoibre, eagrú na hoibre, an timpeallacht oibre nó drochchumarsáid, etc.  (1) Ní mór a chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh ar an nasc idir an fhostaíocht fhorbhásach agus rioscaí meabhairshláinte, nach ann d’aon sainmhíniú ar an obair fhorbhásach a bhfuil glacadh uilíoch leis ar fud na hEorpa. Thairis sin, ní mór an méid seo a leanas a chur san áireamh sa mheasúnú:

Níl aon nasc cúisíoch uathoibríoch idir an méid a mheastar a bheith i gceist leis an obair fhorbhásach sa tuairim seo agus drochshláinte mheabhrach, ach tá an obair fhorbhásach ar cheann de na tosca riosca a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aici ar mheabhairshláinte oibrithe. Tá na pointí a ardaíodh i míreanna  (2) 1.3 agus 2.6 den tuairim seo ag teacht salach ar an mbreithniú sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach é.

Is é atá sa mheabhairshláinte meascán de chúinsí an duine, cúinsí an teaghlaigh agus cúinsí comhshaoil, agus tá roinnt de na tosca riosca a bhaineann leis an meabhairshláinte le fáil in ionaid oibre agus sa tsochaí i gcoitinne freisin. Ní mór measúnú staide ar imthosca an duine aonair a úsáid i gcónaí d’fhonn éiginnteacht fostaíochta a chinneadh. Tá na pointí a ardaíodh i míreanna 1.5 agus 2.6 den tuairim seo ag teacht salach ar na breithnithe sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach iad.

Ina theannta sin, tugtar aghaidh cheana féin ar roinnt mhaith de na saincheisteanna a bhaineann le cineálacha éagsúla fostaíochta i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, le ham oibre agus le gnéithe ábhartha eile. Tá na pointí a ardaíodh i míreanna 1.11, 2.6, 4.5.1, 4.5.4 agus 4.5.4.3 den tuairim seo ag teacht salach ar na breithnithe sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach iad.

Ag an am céanna, d’fhéadfadh na cineálacha oibre a mheastar a bheith forbhásach sa tuairim seo a bheith ina gcéim chun cinn freisin chun dul isteach sa mhargadh saothair agus chun fostaíocht níos buaine a bhaint amach de réir a chéile. Tá na pointí a ardaíodh i mír 1.5 den tuairim seo ag teacht salach ar an mbreithniú sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach é.

Toradh na vótála:

Ar son:

83

In aghaidh:

139

Staonadh:

15

LEASÚ 6

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MINCHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 1.4

Pointe nua le cur isteach

tar éis phointe nua 1.3 (féach leasú 5)

Tuairim ón rannóg

Leasú

 

Aontaíonn CESE le cur chuige an Choimisiúin  (3) tionscnamh neamhreachtach maidir leis an meabhairshláinte ag an obair a ullmhú ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta, ina ndéanfar measúnú ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn maidir le meabhairshláinte oibrithe. Measann CESE gur cheart aird bhreise a thabhairt ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus sna hionaid oibre freisin, ar bheartais agus/nó gníomhaíochtaí iomchuí chun go gcuirfí le cosc príomhúil rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair trí chur chuige eagraíochtúil comhchoiteann i gcás inarb iomchuí sin. Ní gá, áfach, reachtaíocht shonrach a mholadh ar leibhéal an Aontais maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc. Tá na pointí a ardaíodh i míreanna 1.11, 4.5.1, 4.5.4 agus 4.5.4.3 den tuairim seo ag teacht salach ar an mbreithniú sin nó ní léiríonn siad go leordhóthanach é.

Toradh na vótála:

Ar son:

91

In aghaidh:

141

Staonadh:

11


(12)   Téacsanna arna nglacadh – Working conditions and precarious employment [Dálaí oibre agus fostaíocht fhorbhásach] – Dé Máirt, 4 Iúil 2017 (europa.eu)

(13)   https://www.who.int/news-room/fact-sheets/detail/mental-health-at-work

(14)   Féach https://resourcecentre.etuc.org/agreement/framework-agreement-work-related-stress agus https://www.businesseurope.eu/sites/buseur/files/media/imported/2005-00679-EN.pdf

(15)   Tagraíonn an t-uimhriú a úsáidtear anseo d’uimhriú na míreanna mar atá sé sa tuairim ó rannóg SOC, mar a cuireadh faoi bhráid an tSeisiúin Iomlánaigh, agus mar atá sé i dtairseach na gComhaltaí do Chruinniú Iomlánach CESE an 26-27 Aibreán (d’fhéadfadh athruithe ar an uimhriú a bheith mar thoradh ar na leasuithe sin nó aon leasuithe eile a ghlacfar sa deireadh).

(16)   Féach https://resourcecentre.etuc.org/agreement/framework-agreement-work-related-stress agus https://www.businesseurope.eu/sites/buseur/files/media/imported/2005-00679-EN.pdf

(29)   COM(2021) 323 final (níl leagan Gaeilge ar fáil)

(1)   Féach https://resourcecentre.etuc.org/agreement/framework-agreement-work-related-stress agus https://www.businesseurope.eu/sites/buseur/files/media/imported/2005-00679-EN.pdf

(2)   Tagraíonn an t-uimhriú a úsáidtear anseo d’uimhriú na míreanna mar atá sé sa tuairim ó rannóg SOC, mar a cuireadh faoi bhráid an tSeisiúin Iomlánaigh, agus mar atá sé i dtairseach na gComhaltaí do Chruinniú Iomlánach CESE an 26–27 Aibreán (d’fhéadfadh athruithe ar an uimhriú a bheith mar thoradh ar na leasuithe sin nó aon leasuithe eile a ghlacfar sa deireadh).

(3)   Teachtaireacht ón gCoimisiún: the EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 – Occupational safety and health in a changing world of work [Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 – Sábháilteacht agus sláinte cheirde i ndomhan athraitheach oibre] COM(2021) 323 final.


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/43


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An daonlathas ar láthair na hoibre

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

(2023/C 228/06)

Rapóirtéir:

Reiner HOFFMANN

Comhrapóirtéir:

Krzysztof BALON

Iarratas ó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Litir 27.7.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

175/69/13

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Le himeacht na mblianta, tá córas téagartha á thabhairt chun cinn ag reachtaíocht na hEorpa fad a bhaineann le rannpháirtíocht na n-oibrithe ar láthair na hoibre, rud atá bunaithe ar dhlí agus ar chleachtais na mBallstát agus ar shaoirsí bunúsacha an Aontais Eorpaigh. An daonlathas ar láthair na hoibre, sin bunchloch chun samhail shóisialta na hEorpa a fhorbairt a thuilleadh i dtimpeallacht a bheidh inbhuanaithe iomaíoch.

1.2.

Ba léir nuair a bhí na géarchéimeanna ann le déanaí gur ag treisiú a chéile a bhíonn cearta na saoránach agus cearta na n-oibrithe nuair a dhéantar iad a fheidhmiú dáiríre. Neartaítear an comhtháthú sóisialta, bíonn creat daonlathach ár gcuid sochaithe níos cobhsaí, agus ní bhíonn an tsochaí chomh leochaileach céanna i gcoinne tuairimí pobalacha agus tuairimí forlámhacha.

1.3.

Na sásraí agus na hionstraimí dlí a fhónann do chuspóir an daonlathais ar láthair na hoibre, is amhlaidh a neartaíonn siad an athléimneacht atá sna cuideachtaí, is amhlaidh a chuireann siad leis an rath a bhíonn orthu ó thaobh an gheilleagair de, agus is amhlaidh is fearr is féidir leis na cuideachtaí fostaíocht agus obair chuibhiúil a chur ar fáil. Coincheap treorach an daonlathais ar láthair na hoibre, is coincheap é ba cheart gach oibrí agus gach cineál oibre a bheith á chlúdach aige, chomh maith le gach ionad oibre, idir phríobháideach, phoiblí agus sóisialta, gan beann ar mhéid an ionaid, ar an earnáil, ná ar ghnéithe eagraíochtúla eile. Ba cheart imthosca FBManna a chur san áireamh. Tá fianaise eimpíreach ann a léiríonn go mbíonn an tsolúbthacht agus an scóip is gá ann ar leibhéal an ionaid oibre chun oiriúnú a dhéanamh d’athruithe struchtúracha ach guth na n-oibrithe a bheith le cloisteáil.

1.4.

Tá saol na hoibre ag athrú go tapa, agus sin deis eile chun tuilleadh daonlathais a chur i réim. Ní mór rannpháirtíocht na bhfostaithe agus an t-idirphlé sóisialta a bheith níos gléiní sa chomhfhiosacht phoiblí, agus ní mór iad a neartú thar theorainneacha freisin ionas go bhféadfaidh an scéal a bheith amhlaidh. Creat dlíthiúil Eorpach iontaofa, creat lena dtreoraítear agus lena ndéantar córais náisiúnta faisnéise, comhairliúcháin agus rannpháirtíochta níos éifeachtaí agus tacaíocht aige ó chláir ghníomhaíochta a bhfuil iarmhairtí intuartha acu ar an leibhéal náisiúnta, sin rud ríthábhachtach chun na críche sin.

1.5.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach a bhí ann le déanaí maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú mar bhonn le tuilleadh daonlathais a bheith ar láthair na hoibre, chomh maith leis an ráiteas gur ar chultúr beoga na muiníne atá an t-idirphlé sóisialta bunaithe, cultúr ina bhfuil ról sonrach ag na comhpháirtithe sóisialta, agus gur eagraíochtaí na sochaí sibhialta eagraithe a bhíonn páirteach san idirphlé sibhialta, ar próiseas eile atá ann, ina bpléitear raon níos leithne ábhar, rud a mhúnlaíonn próisis an chlaochlaithe. Mar sin féin, ba cheart a aithint go bhfuil an margadh saothair ag athrú, e.g. tá go leor oibrithe fostaithe i bhfiontair bheaga agus i micrifhiontair, agus san am céanna san Aontas Eorpach tá tuairim is 13.6 milliún (1) duine fostaithe in eintitis an gheilleagair shóisialta. Ba cheart na hoibrithe sin go léir agus a gcuid fostóirí a chumhdach go hiomlán san idirphlé sóisialta institiúideach.

1.6.

Leis na déaga de bhlianta anuas, tá comaoin á cur ag Comhairlí Oibreacha Eorpacha ar na cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil atá ag na cuideachtaí go fadtéarmach. Chun a gcuid acmhainneachta agus a gcuid éifeachtachta a mhéadú, ní mór feabhas mór a chur ar a gcearta rannpháirtíochta agus ar a gcuid acmhainní: e.g. aon imchéimniú nó sárú ar chearta rannpháirtíochta EWC, ba cheart smachtbhannaí éifeachtacha a chur i bhfeidhm ina leith agus ba cheart rochtain ar cheartas a éascú. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol sásaimh do CESE an rún ó Pharlaimint na hEorpa le déanaí maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir leis na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, agus iarrann sé ar an gCoimisiún beart a dhéanamh gan mhoill.

1.7.

De chomhlánú ar an daonlathas ar láthair na hoibre, daonlathas atá bunaithe ar an dlí nó ar an idirphlé sóisialta, tá cineálacha eile de rannpháirtíocht dhaonlathach ann le haghaidh na n-oibrithe, cineálacha atá beo beathaíoch sa gheilleagar sóisialta, sna comharchumainn thar áit ar bith eile.

1.8.

Mar thoradh ar nuálaíochtaí teicneolaíochta, tá samhlacha nua gnó ann i ngeilleagar na n-ardán, agus gan ach fostaíocht mhíbhuan ag gabháil leo go minic, go háirithe i gcás na ndaoine atá ar an gcéad phost agus i gcás na n-imirceach. Is beag más ann don rochtain ar ionadaíocht choiteann ar chor ar bith, sin nó is rud é nach mbaintear a dóthain úsáid aisti. Is dóigh le CESE gur fónta an cuspóir atá le dréacht-treoir reatha an Aontais ar obair na n-ardán le cosc a chur ar an bhféinfhostaíocht bhréagach, go háirithe an sainmhíniú ar na fostóirí agus ar na fostaithe, sin agus aisiompú an dualgais cruthúnais. Neartódh sé sin an dúshraith atá faoi ghlór na n-oibrithe i ngeilleagar na n-ardán chomh maith i gcás ina gcomhlíonfaí na critéir leordhóthanacha maidir le stádas fostaíochta. Tugann CESE dá aire na Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm dhlí hiomaíochta an Aontais ar chomhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair. Molann CESE d’Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh aird a tharraingt ar an ngné sin den scéal, go háirithe nuair atá an Treoir á glacadh, agus aghaidh a thabhairt ar an rochtain a d’fhéadfadh a bheith ag na hoibrithe sin ar chumhdach cómhargála i gcomhréir leis an Treoir maidir le Pá Íosta.

1.9.

An fhorbairt mhire atá ag teacht ar an intleacht shaorga, is dúshlán nua í do chaighdeáin an daonlathais i saol na hoibre. Is mór an tionchar atá ag bainistiú na sonraí algartamacha ar riar na hoibre, ar na dálaí oibre, agus ar shlándáil na sonraí. Aontaíonn na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha gur ríthábhachtach go dtabharfaí an teicneolaíocht dhigiteach isteach go tráthúil i gcomhairle leis an lucht saothair maille lena gcuid ionadaithe, faoi chuimsiú na gcóras caidrimh thionsclaíoch, go háirithe an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil, ionas gur féidir iontaoibh a chothú sa phróiseas. Tacaíonn CESE le cearta cosanta sonraí na bhfostaithe a neartú ar bhealach a dhéanfaidh cearta comhchoiteanna oibrithe a dhaingniú, agus is mian leis go mbeadh rochtain dhigiteach leordhóthanach ag na ceardchumainn ar chuideachtaí agus ar a gcuid fostaithe chun idirphlé sóisialta éifeachtach a bhunú agus a chothú i réimse chur i bhfeidhm na hintleachta saorga sna hionaid oibre.

1.10.

Is rud é an dea-rialachas corparáideach a chiallaíonn go ndéantar cearta an duine agus cearta saothair a urramú, sin agus cuspóirí comhshaoil a urramú chomh maith ar feadh an tslabhra soláthair. Ní mór d’fhostóirí a léiriú go measann siad gur cuid éigeantach de bhainistíocht riosca an bhoird bainistíochta atá sa dícheall cuí. Ba cheart é a bheith de chuspóir ag an rialachas corparáideach inbhuanaithe obair chuibhiúil a chruthú ar fud an domhain. Dá bhrí sin, molann CESE sainiú a dhéanamh ar an ngá atá le rialachas corparáideach inbhuanaithe laistigh de chreat dlíthiúil na hEorpa. Ba cheart do na hoibrithe maille lena gcuid ionadaithe, chomh maith leis an tsochaí shibhialta (eagraíochtaí comhshaoil, eagraíochtaí um chearta an duine agus eagraíochtaí tomhaltóirí), a bheith rannpháirteach sa phróiseas sin go córasach.

1.11.

Mar sin féin, is cúis aiféala do CESE nach n-aithnítear rannpháirtíocht na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird sna cuideachtaí ina príomhghné den rialachas corparáideach inbhuanaithe. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE le hiarrachtaí iomchuí chun creat comhchuibhithe a bhunú le haghaidh rannpháirtíocht na bhfostaithe ar na boird bhainistíochta, agus na difríochtaí idir na Ballstáit san áireamh, agus chun a áirithiú nach ndéanfar rannpháirtíocht chorparáideach sna Ballstáit a sheachaint ná a chreimeadh mar thoradh ar dhlí Eorpach na gcuideachtaí.

1.12.

Tuilleadh daonlathais i saol na hoibre, sin rud atá ag brath ní hamháin ar na bunúis dlí ba ghá agus ab iomchuí a bheith ann, ach ar chomhar eolbhunaithe na ngeallsealbhóirí uile freisin, go háirithe i gcomhthéacs dhúshlán an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta (ESSanna) a oibríonn go réigiúnach nó go háitiúil i réimse na faisnéise, an oideachais agus an chumhachtaithe, agus institiúidí acadúla agus saineolaithe ó na gairmeacha liobrálacha, is eagraíochtaí iad a d’fhéadfadh tacú leis an gcomhar sin freisin trí bhíthin bearta spriocdhírithe atá in oiriúint do chúinsí áitiúla, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na húdaráis áitiúla. Ba cheart tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith ar fáil ó Chistí Struchtúracha na hEorpa.

1.13.

D’fhéadfadh ról oideachasúil na rannpháirtíochta san ionad oibre tacú le cleachtas daonlathach i gciall pholaitiúil agus shochaíoch ní ba leithne. Sa chiall sin, ba ríthábhachtach feasacht a mhúscailt agus oideachas a chur ar dhaoine óga maidir leis an daonlathas ar láthair na hoibre fiú sula mbíonn siad fostaithe. In éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh ESSanna atá ag obair i réimse an oideachais ról comhlántach a bheith acu, agus ba cheart tacú leo.

2.   An daonlathas ar láthair na hoibre: an ábharthacht shochpholaitiúil san Eoraip

2.1.

Is cuid bhuan sheasmhach den saol feasta na géarchéimeanna eisginiúla agus na dúshláin chlaochlaitheacha atá ann. Ní mór d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit sásraí freagartha éifeachtacha nua a chur i bhfeidhm ar feadh an ama, sásraí a chomhcheanglaíonn éifeachtúlacht eacnamaíoch le cuspóirí sóisialta, comhshaoil agus polaitiúla.

2.2.

Is iomaí réasún normatach agus eimpíreach le go mbeadh tuilleadh daonlathais i saol na hoibre (2). Dá bhrí sin, is fada atá CESE i bhfách le coincheap an daonlathais ar láthair na hoibre, mar aon leis na príomhghnéithe atá ag roinnt leis, an t-idirphlé sóisialta bríomhar, mar shampla, sin agus cothromaíocht chóir idir cearta agus freagrachtaí ar láthair na hoibre, a chur chun feidhme go cothrom, lena n-áirítear freisin cultúr na muiníne agus an comhar idir na fostóirí agus na hoibrithe a chur chun cinn, lena n-áirítear rannpháirtíocht na n-oibrithe. Ba cheart tacú leis na gnéithe sin i gcreat dlíthiúil agus in idirphlé sóisialta ar gach leibhéal, sin agus i ndea-chleachtas na gcuideachtaí.

2.3.

Ní hamháin go gcuireann an daonlathas ar láthair na hoibre le hathléimneacht an daonlathais féin, ach is rud ríthábhachtach é freisin le haghaidh an iomaíochais eacnamaíoch agus an rathúnais inbhuanaithe. Is rud é an rannpháirtíocht ar láthair na hoibre a chuireann le hoideachas agus le hoiliúint na saoránach i dtaca le cleachtais dhaonlathacha, le luachanna agus le cultúr polaitiúil. An té a bhfuil glacadh lena thuairim ar láthair na hoibre, an té atá páirteach i bpróiseas na cinnteoireachta, beidh sé páirteach dá réir in imeachtaí na sochaí, agus is dearfaí an dearcadh a bheidh aige i leith an daonlathais féin freisin.

2.4.

Is rud é atá á chur i bhfáth ag CESE riamh anall go bhfuil tábhacht le creat láidir Eorpach agus le dea-chleachtais i ndáil le rannpháirtíocht na n-oibrithe (guth na n-oibrithe(3) mar bhonn faoin idirphlé iontaofa idir lucht bainistíochta agus oibrithe ar gach leibhéal (trasteorann, náisiúnta, áitiúil), mar chuid de chreat bunúsach dlíthiúil dhaonlathas na hEorpa, agus is rud é atá á chur i bhfáth aige gur tábhachtach an treoir í le haghaidh geilleagar margaidh sóisialta atá iomaíoch. Ba cheart feidhm a bheith aige sin maidir le gach oibrí agus gach cineál oibre i ngach ionad oibre, idir phríobháideach, phoiblí agus sóisialta, gan beann ar mhéid an ionaid, ar an earnáil ná ar ghnéithe eagraíochtúla eile.

2.5.

Na rialtais, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta a bheith ar aon dearcadh polaitiúil le chéile, sin rud a fhágann go bhfuil aitheantas do ghuth na n-oibrithe in ionstraimí dlí éagsúla de chuid na hEorpa leis na déaga de bhlianta anuas (4). Ní mór an acmhainn éifeachtúil sin a chur chun feidhme i ngach tír agus i ngach comhlacht mar chuid luachmhar den iomlán, agus ní mór í a neartú agus a fheabhsú ar mhaithe leis an rath eacnamaíoch agus an comhtháthú sóisialta san Eoraip, agus í a neartú freisin áit a bhfuil bearnaí sa dlí nó i gcur chun feidhme an dlí, agus ní mór iad a fhorbairt a thuilleadh i gcomhréir leis na hathruithe atá ag teacht ar chúrsaí oibre. Sa chomhthéacs sin, molann CESE do na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar an staid mar atá ar an leibhéal náisiúnta agus tionscnaimh a fhorbairt le haghaidh creataí láidre faisnéise agus comhairliúcháin.

2.6.

Tugtar faoi deara gur saintréith de chuid ghuth na n-oibrithe i dtíortha an Aontais atá san iliomad institiúidí, “coibhéisí feidhmiúla” uaireanta, atá bunaithe ar chórais éagsúla caidrimh oibre, ar na cearta láidre faisnéise, comhairliúcháin agus caibidlíochta a bhaineann leis an obair agus leis na cuideachtaí, cuir i gcás, sin agus ar rannpháirtíocht na bhfostaithe in obair na mbord bainistíochta, ar chomhaontuithe cómhargála ar leibhéal na cuideachta, na hearnála agus ar an leibhéal trastionscail, ar thorthaí ceangailteacha an idirphlé shóisialta, agus ar chultúr na gcuideachtaí agus acmhainní bainistithe an athraithe.

2.7.

Ó d’iarr ábhar Uachtaránacht na Spáinne tústuairim ar CESE maidir leis an daonlathas ar láthair na hoibre, tá sé le sonrú go bhfuil an Spáinn ag cloí leis an gclaonadh atá sna institiúidí agus i rialtais an Aontais Eorpaigh “tuilleadh daonlathais ar láthair na hoibre” a áireamh ar cheann de na spriocanna polaitiúla atá ann i gcomhair “Todhchaí na hEorpa”, rud is díol suntais ann féin. Is léir seo:

Sa “Dearbhú maidir le Gealltanas Sóisialta” le linn Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto 2021, rinne rialtais na hEorpa agus na comhpháirtithe sóisialta athdhearbhú ar a dtiomantas do chur chun cinn agus do neartú an idirphlé shóisialta neamhspleách ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach, ar leibhéal na hearnála agus ar leibhéal na gcuideachtaí faoi seach (5).

I dtuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa le déanaí maidir leis an daonlathas ar láthair na hoibre, tugadh chun suntais nach mór athruithe móra a eascraíonn as an gComhaontú Glas don Eoraip agus as an digitiú a chur chun feidhme go cothrom. Tá spreagadh sa tuarascáil sin do chur chun cinn deiseanna dlíthiúla d’fhostaithe chun cur le cearta rannpháirtíochta na bhfostaithe (6). De bhrí an mheoin chéanna, d’iarr Parlaimint na hEorpa le déanaí go ndéanfaí athbhreithniú ar Threoir reatha an Aontais maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha agus bhí tromlach mór ar a shon sin (7).

Faoin Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas, tá sé de cheangal ar na Ballstáit uile bearta a dhéanamh chun cumhdach na cómhargála a mhéadú, tógáil agus neartú chumas na gcomhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn, mar shampla.

I dtogra le haghaidh moladh ón gComhairle le déanaí chun an t-idirphlé sóisialta a neartú, chuir an Coimisiún in iúl gur cheart do na Ballstáit ról sonrach eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus an t-idirphlé sibhialta á aithint mar phróiseas dealaithe ina mbeadh tacar níos leithne geallsealbhóirí páirteach agus raon níos leithne ábhar á phlé (8).

Leis an bPlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta, arna ghlacadh in 2021, gealltar go sonrach go mbeifear ag cur samhlacha gnó an gheilleagair shóisialta chun cinn, samhlacha a bhfuil an rialachas daonlathach rannpháirteach ar cheann de na príomhghnéithe sainaitheanta a bheidh iontu.

2.8.

Guth iontaofa éifeachtach dá gcuid féin a bheith ag na hoibrithe, measann CESE, mar a mheastar sa Phlean Gníomhaíochta, gur réamhriachtanas bunúsach a bheadh ina leithéid don rialachas corparáideach san Aontas, rialachas a bheadh “inbhuanaithe” agus a mbeadh rath air ó thaobh an gheilleagair de.

2.9.

Is cúis áthais do CESE freagra a bheith le tabhairt aige ar na ceisteanna a d’ardaigh Uachtaránacht na Spáinne, eadhon

Cén ról is féidir le rannpháirtíocht na n-oibrithe maille lena gcuid ionadaithe a imirt sa bhainistiú gnó chun claochlú cóir sóisialta agus glas a thabhairt i gcrích?

Cén gá atá le tuilleadh forbartha ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair i gcomhair rannpháirtíocht na bhfostaithe sna cinntí a dhéantar i réimse an ghnó, lena n-áirítear i gcuideachtaí ilnáisiúnta?

Conas a neartófar cearta rannpháirtíochta na bhfostaithe i gcomhthéacs an digitithe, áit a dtugtar aghaidh freisin ar gheilleagar na n-ardán agus ar shaincheisteanna i réimse chosaint na sonraí?

Cén tionchar a bhíonn ag teicneolaíochtaí nua ar chearta daonlathacha bunúsacha mar rannpháirtíocht na n-oibrithe?

2.10.

Thairis sin amach, is éard atá á dhéanamh ag CESE sa tuairim seo tuilleadh machnaimh ar ghnéithe eile den daonlathas i saol na hoibre a chur i láthair.

2.11.

Is díol sásaimh do CESE an Rún maidir le hobair chuibhiúil agus an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta a ghlac EIS ag Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair mhí an Mheithimh 2022, ina leagtar béim ar an ról bunúsach atá ag eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta maidir le “an méid a chuireann an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta leis an obair chuibhiúil, le geilleagair chuimsitheacha agus inbhuanaithe, leis an gceartas sóisialta, leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú do chách” chomh maith leis an Rún ó na Náisiúin Aontaithe maidir leis an ngeilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta a chur chun cinn don fhorbairt inbhuanaithe an 18 Aibreán 2023 (9). Léirítear leis na príomhrúin sin gur tábhachtach an ról atá ag eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta i bhforbairt an daonlathais ar láthair na hoibre trí rannchuidiú tábhachtach le tuilleadh daonlathais agus rannpháirtíochta sa gheilleagar agus i margadh an tsaothair; ba cheart é sin a léiriú d’fhonn eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta a chumhdach san idirphlé sóisialta institiúideach ar an leibhéal Eorpach freisin.

3.   Seasaimh CESE maidir leis an daonlathas ar láthair na hoibre

3.1.

Creideann CESE gur cheart rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile sa tsochaí a aithint ar cheann de phríomhcholúin an ghnó agus an gheilleagair, go háirithe guth na n-oibrithe, agus gur cheart an rannpháirtíocht sin a chur chun cinn mar réamhriachtanas chun gnólachtaí a dhéanamh níos sóisialta, agus chun iad a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche.

3.2.

I dtuairimí eile go leor, tuairimí a rinne tromlach mór a ghlacadh, bhí béim ag CESE ar an tairbhe atá le baint as ionstraimí ceangailteacha rannpháirtíochta na bhfostaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, agus chuir sé an méid seo a leanas i bhfáth:

ba cheart breathnú ar struchtúir dhaonlathacha ar láthair na hoibre mar ghné lárnach de mhúnla sóisialta na hEorpa (10);

an t-idirphlé sóisialta agus sibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, is rud ríthábhachtach é chun beartas eacnamaíoch, saothair agus sóisialta a áirithiú, beartas a chuideoidh le borradh a chur faoi dhálaí maireachtála agus dálaí oibre na ndaoine, agus is rud é a bhíonn ag cur le hiomaíochas na ngnólachtaí (11);

tíortha ag a bhfuil institiúidí idirphlé shóisialta seanbhunaithe agus córais éifeachtacha caidrimh thionsclaíoch acu dá réir, is fearr is féidir leo cuspóirí dearfacha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a chomhlíonadh;

rannpháirtíocht éifeachtach na n-oibrithe sa chinnteoireacht i saol an ghnó, is dearfach a rannchuidíonn sin leis an rath gnó agus le cur chun feidhme na dtionscadal aistrithe digitigh agus comhshaoil, mar aon le tionscadail atá neodrach ó thaobh na haeráide de;

Ní féidir poitéinseal iomlán na nuálaíochta a shaothrú go hiomlán gan na hoibrithe a bheith páirteach san obair agus gan spreagadh a bheith á thabhairt dóibh (12); sa chomhthéacs sin, is rud é guth na n-oibrithe laistigh de chuideachta a bhíonn ag cur leis an athrú dearfach;

bíonn foghlaim an daonlathais ag tarlú i saol na hoibre freisin, rud is fios go háirithe i gcás daoine óga agus nuatheachtaithe, agus d’fhéadfaí a áirithiú tríd an bhfoghlaim sin nach bhfágfaí an grúpa sin in áit na leithphingine sa phróiseas claochlaithe (13);

ba cheart tacú le heintitis an gheilleagair shóisialta, le comharchumainn atá ag obair i dtreo spriocanna fadtéarmacha, mar shampla, atá ag freastal go díreach ar na hoibrithe agus ar an bpobal;

is fearr is féidir athstruchtúrú de gach cineál a thuar agus a bhainistiú ach ionadaithe eagraithe na bhfostaithe (14) a bheith rannpháirteach ann ó thús, i gcás ina bhforáiltear sin, lena n-áirítear na boird bhainistíochta, gan bac a chur ar an spás riachtanach le haghaidh na cinnteoireachta i gcás athrú cuideachta nó i gcás athruithe ar eagrú na hoibre;

fiontair gan oidhre, nó fiontair atá i mbaol na dócmhainneachta, d’fhéadfaí iad a aistriú chuig fostaithe i bhfoirm comharchumainn, rud ba bhealach lena n-athstruchtúrú ina bhfiontair inbhuanaithe a bheadh á mbainistiú go daonlathach (15);

in aimsir an chlaochlaithe agus na géarchéime, nuair atá na hoibrithe agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach ar bhonn cultúr bríomhar na muiníne frithpháirtí, sin í an uair is mó a chuirtear athruithe struchtúracha agus eagraíochtúla chun feidhme, an uair is mó a bhíonn glacadh le hathruithe (16) dá sórt, rud arb é leas na slándála agus na cobhsaíochta é.

3.3.

Is mian le CESE béim a chur ar an bhfiúntas atá le ról na n-oibrithe sa nuálaíocht ar láthair na hoibre. Tionscnaimh na gcomhpháirtithe sóisialta chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht agus ar dhea-bhail na n-oibrithe ar leibhéal an ionaid oibre, is tionscnaimh iad ba cheart a chur chun cinn i gcomhthéacs leathan na hEorpa. Is díol sásaimh do CESE tionscnaimh agus taighde Eurofound (17) agus an Líonra Eorpaigh um Nuálaíocht san Ionad Oibre (EUWIN) a bheith ann, agus is éard atá sé a mholadh go ndéanfadh an tAontas Eorpach beart chun plé a fhorbairt idir na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile ar gach leibhéal i gcomhthéacs na gcineálacha cur chuige atá ann i gcomhair na rannpháirtíochta.

3.4.

Is rud é a chreideann CESE agus is rud é atá léirithe aige nach féidir go mbeadh geilleagair inbhuanaithe ann gan cuideachtaí ina n-oibríonn na geallsealbhóirí éagsúla le chéile, agus ina mbíonn comhar eatarthu chun féachaint le deiseanna gnó inbhuanaithe, iomaíochas eacnamaíoch, inbhuanaitheacht comhshaoil agus cothromaíocht shóisialta a chruthú. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh samhail rialachais chorparáidigh ann le cruthú luachanna fadtéarmacha a chur chun cinn, rud ba dhualgas ar na stiúrthóirí feidhmiúcháin, agus rud a tharlódh ach leasanna fadtéarmacha na cuideachta gona geallsealbhóirí a shaothrú (18).

3.5.

Sa díospóireacht maidir le creat dlíthiúil Eorpach um rialachas corparáideach inbhuanaithe a fhorbairt, ní mór tagairt do rúin, do thuairimí agus do thuarascálacha atá glactha ag CESE agus ag Parlaimint na hEorpa, sin agus d’fhoinsí ábhartha eile, comhaontuithe comhpháirtíochta sóisialta, mar shampla. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún a mhachnamh a dhéanamh ina gcuid clár oibre breise ar chreat rialachais chorparáidigh a bheadh ina thagairt do rialachas corparáideach níos inbhuanaithe agus níos daonlathaí lena gcuirtear guth na n-oibrithe in iúl go bunúsach agus dá n-ionadaithe i maoirseacht agus riarachán cuideachtaí ar gach leibhéal.

3.6.

Sa díospóireacht maidir le creat dlíthiúil Eorpach um rialachas corparáideach inbhuanaithe a fhorbairt, ní mór tagairt do rúin, do thuairimí agus do thuarascálacha atá glactha ag CESE agus ag Parlaimint na hEorpa, sin agus d’fhoinsí ábhartha eile, comhaontuithe comhpháirtíochta sóisialta, mar shampla.

3.7.

Na scileanna atá ann i láthair na huaire, sin agus an bonneagar eolaíochta agus tionsclaíocha, agus ghníomhachtú chultúir an gheilleagair shóisialta, sin iad na scileanna ba cheart a bheith ina dtúsphointe don tacaíocht a thabharfaidh an Eoraip don rannpháirtíocht dhaonlathach sa chlaochlú réamhbhreathnaitheach. Ar an dul sin, féadtar geilleagair áitiúla a nascadh i gceart leis an iomaíochas domhanda atá ag táirgí agus ag seirbhísí.

4.   Barúlacha sonracha maidir le héabhlóid an daonlathais i saol na hoibre

4.1.   Na caighdeáin atá ann i ndáil le rannpháirtíocht na bhfostaithe a áirithiú agus a neartú

4.1.1.

Cur chun cinn an daonlathais i saol na hoibre, ní mór dó dul níos sia leis an scéal ná cearta rannpháirtíochta ar leibhéal na gcuideachtaí chun córais chómhargála agus ionadaíochta earnála agus trasearnála agus an t-idirphlé sóisialta ar gach leibhéal a áireamh, chomh maith le hidirphlé leis an tsochaí shibhialta.

4.1.2.

Rinne CESE plé faoin ngá atá le meastóireacht ar chreat dlíthiúil reatha an Aontais agus ar an gcaoi ar cheart é a chur chun feidhme go héifeachtach sa dlí náisiúnta. Áirítear leis sin an rún atá ann le feabhas a chur dá réir sin ar na forálacha atá ann cheana.

4.1.3.

Mar shampla de sin, rinne CESE plé ar an ngá atá le creat AE maidir le rannpháirtíocht na n-oibrithe a mhéid a bhaineann le straitéis na gcuideachtaí a shocrú ar leibhéal an bhoird bainistíochta, agus na difríochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal gnó a urramú san am céanna (19).

Sa tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an daonlathas ag an obair (20), leagtar amach bealach le creat Eorpach den sórt sin a dhearadh, creat le haghaidh chearta na n-oibrithe chun faisnéise, comhairliúcháin agus ionadaíochta ar na boird bhainistíochta.

Thairis sin amach, ba ríthábhachtach go ndéanfaí na cearta rannpháirtíochta náisiúnta atá ann cheana a choimirciú faoi chreat rialála an Aontais, go háirithe rannpháirtíocht na bhfostaithe i gcomhlachtaí cinnteoireachta cuideachtaí. Maidir le dlí an Aontais Eorpaigh, an dlí a rialaíonn aistriú trasteorann oifigí cláraithe agus cumaisc gnólachtaí, an dlí faoina gcruthaítear na cineálacha cuideachtaí atá san Eoraip, ní ceart gur dhlí é a d’fhágfadh go ndéanfaí na cearta atá ann ar an leibhéal náisiúnta a sheachaint nó a chreimeadh, rannpháirtíocht na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird bainistíochta, mar shampla.

4.1.4.

Rud eile a rinne CESE a phlé an gá atá le comhdhlúthú ar na forálacha i ndlí an Aontais i leith rannpháirtíocht éigeantach na bhfostaithe, rud a bheadh le déanamh ar bhonn na gcaighdeán atá ann, agus an gá atá le caighdeánú ar na sainmhínithe ar fhaisnéis, ar chomhairliúchán agus ar rannpháirtíocht (21).

4.1.5.

Dearbhaíodh le déanaí i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach mór gnéithe de rannpháirtíocht na bhfostaithe ar leibhéal na cuideachta, comhdhéanamh na mbord bainistíochta, cuir i gcás, a chur san áireamh freisin nuair a chuirtear foirm dhlíthiúil Eorpach ar chuideachta, cuideachta Eorpach (SE), mar shampla (22). Ba cheart cinntiú i ndlí an Aontais go bhfuil an ghné sin inchomparáide ó thaobh feidhme de i ndlí na mBallstát. Chruthódh sé sin bonn gníomhaíochta a bheadh slán iontaofa ó thaobh an dlí de le haghaidh gach páirtí lena mbaineann sé.

4.1.6.

Chun cur le héifeachtacht obair na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, tá plé déanta ag CESE ar na feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh, go háirithe an ceart rannpháirtíochta, sin agus na hacmhainní riachtanacha a sholáthar, mar aon le bearta forfheidhmiúcháin a neartú, sainmhínithe a shoiléiriú chun imchéimniú a chosc, agus smachtbhannaí éifeachtacha i gcás gnólachtaí nach gcomhlíonann na forálacha ábhartha (23).

4.1.7.

Tá léargas ar na hiarrataí sin freisin sa rún is déanaí ó Pharlaimint na hEorpa faoin Treoir maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha, rún ina n-iarrtar ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir leis na Comhairlí Oibreacha Eorpacha d’fhonn na cuspóirí, na sainmhínithe agus na nósanna imeachta atá ann a shoiléiriú, agus chun neartú a dhéanamh ar cheart ionadaithe oibrithe agus ceardchumann chun faisnéise agus comhairliúcháin, go háirithe le linn próisis athstruchtúraithe (24). Measann CESE gurb úsáideach glaonna na Parlaiminte chun feabhas a chur ar an Treoir maidir leis na Comhairlí Oibreacha Eorpacha. Iarrann sé ar an gCoimisiún bearta dlíthiúla a dhéanamh gan mhoill, ag díriú ar bhearta chun forfheidhmiú éifeachtach na gceart Eorpach i gcleachtas gnó a chur chun cinn.

4.2.   Éilimh maidir le rannpháirtíocht i ngeilleagar na n-ardán

4.2.1.

Tá idir dheiseanna, dhúshláin agus rioscaí i ndáil le cúrsaí oibre ag gabháil le geilleagar na n-ardán, sin agus éiginnteacht agus neamhionannas (25), rud is dúshláin don daonlathas ar láthair na hoibre. Thar aon ní eile, is le deiseanna ionadaíochta comhchoitinne agus le cosaint na gceart coiteann (26) a bhaineann sin, cearta nach raibh ar fáil go nuige seo ach acu siúd a bhí fostaithe go díreach. Na dúshláin a bhíonn roimh na hoibrithe i ngeilleagar na n-ardán – daoine atá ar an gcéad phost agus imircigh den chuid is mó – is minic sárú na ndúshlán sin níos deacra ná sárú na ndúshlán a bhíonn roimh dhaoine eile fad atá dálaí oibre agus an tuarastal i gceist; i gcás ina gcomhlíonfaí na critéir leordhóthanacha ba cheart, dá bhrí sin, go gclúdóidh na cearta oibrithe iad agus go gcuirfí a nguth san áireamh le guth na n-oibrithe.

4.2.2.

Measann CESE gurb éard is aidhm don dréacht-treoir reatha maidir le hobair ardáin cosc a chur ar an bhféinfhostaíocht bhréagach. Sin rud a d’fhágfadh go bhféadfaí dualgas an chruthúnais a aistriú ó na hoibrithe chuig na hardáin, rud a chuirfeadh cosaint ar fáil d’oibrithe na n-ardán faoin dlí saothair agus sóisialta, lena n-áirítear cearta ionadaíochta agus rochtain níos éasca ar cheartas. Tugann CESE dá aire na Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm dhlí hiomaíochta an Aontais ar chomhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair.

4.2.3.

Tá CESE ag athdhearbhú na tuairime a chuir sé in iúl roimhe seo, is é sin go bhféadfaidh na comharchumainn an daonlathas a áirithiú ar láthair na hoibre, go háirithe i gcomhthéacs na n-ardáin digiteach (27). Thairis sin amach, tacaíonn CESE le seasamh Pharlaimint na hEorpa go bhféadfadh sé gur ionstraim thábhachtach a bheadh sna comharchumainn chun obair ardáin a eagrú ón mbun aníos (28).

4.2.4.

Ós ionann céatadán na ndaoine óga ar de chúlra leochaileach iad agus 55 % de na hoibrithe ardáin, ba ríthábhachtach oideachas a chur orthu faoin daonlathas ar láthair na hoibre fiú sula dtosaíonn siad ag obair, ionas gur féidir leo a gcearta a fhorghníomhú agus an leatrom agus an leithcheal a chomhrac. I dteannta na gcomhpháirtithe sóisialta, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag ESSanna atá ag obair i réimse an oideachais, agus ba cheart tacú le tionscadail chomhfhreagracha.

4.2.5.

Chomh maith leis sin, leanfaidh CESE gnéithe de ghuth na n-oibrithe i ngeilleagar na n-ardán, agus tabharfaidh sé aird ar chás na n-oibrithe ardáin féinfhostaithe go sonrach agus ar an gcumhdach a fhaigheann siad faoin gcómhargáil.

4.3.   Guth na n-oibrithe agus úsáid na hintleachta saorga, mar aon le cosaint sonraí pearsanta ar láthair na hoibre

4.3.1.

Ós féidir go mbeidh tionchar nach beag ag an intleacht shaorga ar chearta bunúsacha na n-oibrithe agus ar a gcuid dálaí oibre, sin agus ar an neamh-idirdhealú, ba cheart bonn láidir rialacha in-fhorfheidhmithe a chur fúithi chun na hoibrithe a chosaint ar thionchair dhiúltacha. Is rud é a chruthaíonn dúshláin nua freisin fad a bhaineann le caighdeáin an daonlathais ar láthair na hoibre. Ba cheart cosaint an phríobháideachais agus forfheidhmiú na ndlíthe ábhartha a bheith ar an bpríomhfhócas ann. Ina theannta sin freisin, ní mór a áirithiú go ndéanfar faireachán, rianú agus rialú ar algartaim na hintleachta saorga a bhíonn á n-úsáid ar láthair na hoibre. Tá ceist ann i ndáil leis seo faoi rochtain ar fhaisnéis a bheith ag na daoine is ábhar do na sonraí chun tuiscint a fháil ar fheidhmiú agus ar thionchar an algartaim ar riar na hoibre agus ar na dálaí oibre (29).

4.3.2.

Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach i ngach céim de scaipeadh agus d’úsáid na hintleachta saorga. I measc nithe eile, is sainráite an bhéim atá i gCreat-Chomhaontú Chomhpháirtithe Sóisialta na hEorpa maidir leis an Digitiú ó mhí an Mheithimh 2020 ar an ngá atá le réamhaíocht chuí agus le rannpháirtíocht thráthúil na n-oibrithe maille lena gcuid ionadaithe ar an leibhéal straitéiseach (30).

4.3.3.

Ceann de phríomhghnéithe na hintleachta saorga is ea na mórshonraí. Dá bhrí sin, ní mór comhlíonadh phrionsabal an Rialacháin Eorpaigh maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a bheith sna córais intleachta saorga chomh maith. Forchuireann Airteagal 88 de RGCS oibleagáidí sonracha ar fhostóirí i ndáil le cosaint shonraí na bhfostaithe. I bhfianaise na bhforbairtí dinimiciúla, agus i bhfianaise a chasta atá próiseáil na sonraí – agus é ag dul i gcastacht fós – is é an dearcadh atá ag CESE gur cheart fiosrú an gá na forálacha atá ann faoi láthair a fheabhsú chun neartú a dhéanamhh ar na cearta cosanta riachtanacha.

4.3.4.

Is mian le CESE go mbeadh rochtain dhigiteach leordhóthanach ag na ceardchumainn ar chuideachtaí agus ar a bhfostaithe chun idirphlé sóisialta éifeachtach a bhunú agus a chothú i réimse chur i bhfeidhm na hintleachta saorga sna hionaid oibre. Is rud a chaithfear a áirithiú nach cuid den chleachtas a bheidh ann RGCS a úsáid mar bhac ar fheidhmiú dlisteanach chearta coiteanna na n-oibrithe. Ní mór na smachtbhannaí iomchuí (31) a thabhairt i gceist le mí-úsáid na sonraí a chosc.

4.3.5.

De bhreis ar na tuairimí a glacadh cheana, beidh CESE ag cur leis an tuiscint atá aige ar an tionchar a imríonn an intleacht shaorga ar shaol na hoibre, agus díreoidh sé dá réir sin ar ghuth na n-oibrithe freisin.

4.4.   An rannpháirtíocht sa dícheall corparáideach cuí ar feadh an tslabhra soláthair

4.4.1.

Ina straitéis fáis inbhuanaithe don Aontas dó, ciallaíonn an Comhaontú Glas don Eoraip nach é an rath eacnamaíoch an t-aon sprioc a bhfuil tábhacht léi do na gnólachtaí ach spriocanna sóisialta agus comhshaoil chomh maith. Dá bhrí sin, ba cheart ról na ngeallsealbhóirí ábhartha uile, guth na n-oibrithe san áireamh, a ionchorprú i rialacha coiteanna a áiritheoidh go gcloífidh na corparáidí gona n-úinéirí leis an “dea-rialachas corparáideach”.

4.4.2.

Is gnéithe tábhachtacha den rialachas corparáideach inbhuanaithe iad comhlíonadh chearta an duine mar aon le cearta saothair agus cuspóirí comhshaoil ar feadh an tslabhra soláthair. Cruthú na “hoibre cuibhiúla” ar fud an domhain, sin sprioc a chaithfear a aithint nuair atá cinntí gnó á ndéanamh (32). Dá bhrí sin, is rud é atá aitheanta ag CESE go bhfuil gá le creat rialála aonair ar leibhéal an Aontais i gcomhair na ngnólachtaí (33). Ba cheart níos mó tábhachta a bheith leis na slabhraí soláthair sa bhainistiú rioscaí, lena n-áirítear i gcomhthéacs na hurraime do chearta an duine. Dá bhrí sin, ba loighciúil an rud an fhreagracht as na cearta sin a bheith ar leibhéal an bhoird bainistíochta.

4.4.3.

Tugann CESE dá aire go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag na fostaithe maille lena gceardchumann agus lena gcomhlacht ionadaíoch, ach d’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag eintitis eile freisin, eagrais a dhéanann leas na sochaí sibhialta, eagraíochtaí comhshaoil agus comhlachtaí um chearta an duine agus um chosaint na dtomhaltóirí, mar shampla, fad atá faireachán ar an dícheall cuí i gceist. Dá bhrí sin, is díol sásaimh dó gurb éard atá á bheartú sásraí a thabhairt isteach chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an díchill chuí chorparáidigh. Bíodh sin mar atá, tugann sé dá aire nach bhforáiltear don phlé idir na comhpháirtithe sóisialta, rud is údar imní dó.

4.4.4.

Moladh a rinne CESE cheana is ea creat dlíthiúil ceangailteach a bheith ann maidir leis an dícheall cuí agus an fhreagracht chorparáideach, guth na n-oibrithe san áireamh, agus ról tábhachtach a bheith ag an gcreat sin (34). Mar chuid den phróiseas cinnteoireachta leanúnach, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún forálacha a leagan síos sa téacs dlíthiúil atá á bheartú faoi rannpháirtíocht éigeantach éifeachtach na n-oibrithe agus gheallsealbhóirí na sochaí sibhialta araon i bpróiseas an díchill chuí i gcomhréir le gach is leas dóibh.

4.5.   Tuilleadh machnaimh ar an daonlathas i saol na hoibre agus ar chineálacha díreacha rannpháirtíochta

4.5.1.

Cur chuige seo an bhainistithe rannpháirtigh, is rud é a bhfuil tábhacht leis i réimsí nach bhfuil ach beagán forbartha déanta iontu ar ionadaíocht na bhfostaithe, gnólachtaí nuathionscanta, cuir i gcás, agus gnólachtaí daoine féinfhostaithe agus go leor FBManna. Is tábhachtach an ról atá ag an gcur chuige sin cheana féin i bhfiontair an gheilleagair shóisialta, go háirithe in ESSanna agus i gcomharchumainn atá gníomhach ó thaobh an gheilleagair de. Déanfaidh CESE malartú taithí ar scoth-chleachtais sa réimse sin a chothú, go mór mór i ndáil leis an idirghníomhaíocht idir an rannpháirtíocht reachtúil agus rannpháirtíocht na gceardchumann agus rannpháirtíocht den chineál díreach ar ghné den bhainistiú rannpháirteach.

4.5.2.

De chomhlánú ar an daonlathas ar láthair na hoibre, daonlathas atá bunaithe ar an dlí agus/nó ar an idirphlé sóisialta, tá cineálacha eile de rannpháirtíocht dhaonlathach ann le haghaidh na n-oibrithe, cineálacha atá beo beathaíoch sa gheilleagar sóisialta, sna comharchumainn thar áit ar bith eile.

4.5.3.

Chun athrú struchtúrach a mhúnlú go réigiúnach, agus chun comhaontú glas sóisialta a chruthú, tá ceist ann faoin mbealach ab fhearr le cineálacha éagsúla daonlathais ar láthair na hoibre a fhí in aon trilseán amháin le cineálacha éagsúla de dhaonlathas rannpháirtíochta lasmuigh den chuideachta, áit ina bhfuil eagraíochtaí pobail mar aon le heagraíochtaí comhshaoil agus sóisialta rannpháirteach sa chomhthéacs réigiúnach agus sa chomhthéacs áitiúil.

4.5.4.

Cur chun feidhme na gcineálacha éagsúla daonlathais i saol na hoibre, is rud é atá ag brath chomh maith céanna ar chomhar idir na páirtithe leasmhara go léir, comhar atá bunaithe ar eolas. ESSanna atá ag obair go réigiúnach nó go háitiúil i réimse na faisnéise, an oideachais agus an chumhachtaithe, féadfaidh siad tacú leis an gcomhar sin trí bhearta spriocdhírithe atá curtha in oiriúint do chúinsí áitiúla, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na húdaráis áitiúla. Sa chomhthéacs sin, i gcás cuid de na ESSanna sna Ballstáit, ina measc sin eagraíochtaí um chearta na dtomhaltóirí, mar aon le heagraíochtaí um chearta an duine, d’fhéadfadh ról comhlántach a bheith acu i gcumhachtú na n-oibrithe agus i ngríosú na bhfostóirí chun freagracht shóisialta chorparáideach a chleachtadh. Ba cheart fáltas éigin ó Chistí na hEorpa a bheith ann i gcomhair gníomhaíochtaí den chineál sin freisin.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Plean Gníomhaíochta curtha i láthair ag an gCoimisiún chun borradh a chur faoin ngeilleagar sóisialta agus chun poist a chruthú – 9.12.2021

(2)  Benchmarking Working Europe 2019, Caibidil 4.

(3)  Agus foirmeacha agus próisis éagsúla á gcur san áireamh fad atá ról na n-oibrithe maille lena gcuid ionadaithe sna Ballstáit i gceist, úsáidtear an téarma ginearálta “guth na n-oibrithe” sa tuairim seo nuair is iomchuí sin.

(4)  Le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, tá corpas á chruthú sa reachtaíocht thánaisteach Eorpach ina bhfuil beagnach 40 treoir, corpas a bhunaíonn creat leathan dlíthiúil le haghaidh fhaisnéisiú, chomhairliúchán agus rannpháirtíocht na n-oibrithe; Institiúid Eorpach na gCeardchumann, Fíricí & Figiúirí.

(5)  Gealltanas Sóisialta Porto 2021.

(6)  Tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa A9-0331/2021.

(7)  Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa P9_TA/ 2023, 0028.

(8)  Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach COM(2023) 38 final, lch. 14.

(9)  An Rún ina n-aithnítear an méid a rannchuidíonn an geilleagar dlúthpháirtíochta sóisialta le hobair chuibhiúil agus le geilleagair chuimsitheacha agus inbhuanaithe, le caighdeáin idirnáisiúnta saothair a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta bunúsacha ag an obair, le feabhas a chur ar an gcaighdeán maireachtála do chách agus leis an nuálaíocht shóisialta, lena n-áirítear i réimse an athscilithe agus an uas-scilithe

(10)  IO C 229, 31.7.2012, lch. 77.

(11)  IO C 10, 11.1.2021, lch. 14.

(12)  IO C 159, 10.5.2019, lch. 1, pointe 1.1.

(13)  Rún ó CESE maidir le Bliain Eorpach na hÓige, a glacadh an 8.12.2021, pointí 2.13 agus 2.14, IO C 100, 16.03.2023, lch. 1

(14)  IO C 229, 31.7.2012, lch 77, pointe 1.4. agus IO C 10, 11.1.2021, lch 14, pointe 5.5.

(15)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 13, pointe 1.6.

(16)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 23, pointe 2.6.

(17)  An Suirbhé ar Chuideachtaí na hEorpa 2019.

(18)  IO C 229, 31.7.2012, lch. 77, pointe 4.1., IO C 341, 24.8.2021, lch. 23, pointe 1.11, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14, pointe 5.1, IO C 106, 31.3.2020, lch. 1.

(19)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 23, pointe 1.14 agus pointe 3, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14, IO C 161, 6.6.2013, lch. 35, pointe 4.2.2 agus pointe 4.4.2.

(20)  Tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa A9-0331/2021.

(21)  Is é tagarmharc ba cheart a bheith ann Treoir 2009/38/CE maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha agus Treoir 2002/14/CE lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 80, 23.3.2022, lch. 29); féach IO C 161, 6.6.2013, lch 35, pointe 1.6 agus pointe 4.4.2.

(22)  Breithiúnas CBAE an 18/10/22, tag. C-677/20 (SAP), breithiúnas CBAE an 18/07/17, tag. C-566/15 (TUI).

(23)  IO C 10, 11.1.2021, lch. 14, pointe 1.10.

(24)  Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa P9_TA/ 2023, 0028.

(25)  Geilleagar na n-ardán agus an cur isteach ar an gcaidreamh i gcomhthéacs na fostaíochta.

(26)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 95.

(27)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 38.

(28)  Tuarascáil PE ar an togra le haghaidh Treoir maidir leis an obair ardáin, Aithris (nua) 39a.

(29)  Labour in the age of AI: why regulation is needed to protect workers.

(30)  European Social Partners Agreement on Digitalisation.

(31)  Staidéar de chuid European Cockpit Association (2021), Data Protection Law and the Exercise or Collective Labour Rights.

(32)  IO C 486, 21.12.2022, lch. 149, pointe 1.8 agus pointe 1.9.

(33)  IO C 486, 21.12.2022, lch. 149, pointe 1.11.

(34)  IO C 443, 22.11.2022, lch 81, pointe 1.7. agus IO C 341, 24.8.2021, lch 23, pointe 3.10.


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 3

SOC/746

An daonlathas ar láthair na hoibre

Pointe 4.1.3

Le leasú mar a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Mar shampla, phléigh CESE an gá atá le creat AE maidir le rannpháirtíocht na n-oibrithe a mhéid a bhaineann le cúrsa straitéiseach cuideachtaí a shocrú ar leibhéal an bhoird, agus difríochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal gnó (1) á n-urramú san am céanna.

Sa tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an daonlathas ag an obair (2), leagtar amach bealach le creat Eorpach den sórt sin a dhearadh, creat le haghaidh chearta na n-oibrithe chun faisnéise, comhairliúcháin agus ionadaíochta ar na boird bhainistíochta.

Thairis sin amach, ba ríthábhachtach go ndéanfaí na cearta rannpháirtíochta náisiúnta atá ann cheana a choimirciú faoi chreat rialála an Aontais, go háirithe rannpháirtíocht na bhfostaithe i gcomhlachtaí cinnteoireachta cuideachtaí. Maidir le dlí an Aontais Eorpaigh, an dlí a rialaíonn aistriú trasteorann oifigí cláraithe agus cumaisc gnólachtaí, an dlí faoina gcruthaítear na cineálacha cuideachtaí atá san Eoraip, ní ceart gur dhlí é a d’fhágfadh go ndéanfaí na cearta atá ann ar an leibhéal náisiúnta a sheachaint nó a chreimeadh, rannpháirtíocht na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird bainistíochta, mar shampla.

Mar shampla, phléigh CESE an gá atá le creat de chuid an Aontais maidir le rannpháirtíocht na n-oibrithe a mhéid a bhaineann le cúrsa straitéiseach cuideachtaí a shocrú ar leibhéal an bhoird, agus difríochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal gnó (1) á n-urramú san am céanna.

Sa tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an daonlathas ag an obair (2), leagtar amach bealach le creat Eorpach den sórt sin a dhearadh, creat le haghaidh chearta na n-oibrithe chun faisnéise, comhairliúcháin agus ionadaíochta ar na boird bhainistíochta.

Thairis sin amach, ba ríthábhachtach go ndéanfaí na cearta rannpháirtíochta náisiúnta atá ann cheana a choimirciú faoi chreat rialála an Aontais, go háirithe rannpháirtíocht na bhfostaithe i gcomhlachtaí cinnteoireachta cuideachtaí.

Cúis

Bunaítear aon chineál rannpháirtíochta corparáidí ar reachtaíocht nó ar chleachtais náisiúnta, agus dá réir sin, níor cheart tionchar ar bith a bheith ag dlí Eorpach na gcuideachtaí ar na córais rannpháirtíochta. Níl gá le haon rialachán nua ar leibhéal an Aontais chun fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann a réiteach pé scéal é.

Toradh na vótála:

Ar son:

98

In aghaidh:

130

Staonadh:

20

LEASÚ 4

SOC/746

An daonlathas ar láthair na hoibre

Pointe 4.1.5

Pointe le scriosadh

Tuairim ón rannóg

Leasú

Dearbhaíodh le déanaí i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach mór gnéithe de rannpháirtíocht na bhfostaithe ar leibhéal na cuideachta, comhdhéanamh na mbord bainistíochta, cuir i gcás, a chur san áireamh freisin nuair a chuirtear foirm dhlíthiúil Eorpach ar chuideachta, cuideachta Eorpach (SE)  (1) , mar shampla. Ba cheart cinntiú i ndlí an Aontais go bhfuil an ghné sin inchomparáide ó thaobh feidhme de i ndlí na mBallstát. Chruthódh sé sin bonn gníomhaíochta a bheadh slán iontaofa ó thaobh an dlí de le haghaidh gach páirtí lena mbaineann sé.

 

Cúis

Níor pléadh an cheist seo mar ba cheart sa Ghrúpa Staidéir ós rud é gur ceist dlí an-chasta í lena ngabhann roinnt gnéithe tírshonracha. I ndáil leis an méid sin, ní faoi CESE atá sé tátal a bhaint as breithiúnas CBAE.

Toradh na vótála:

Ar son:

100

In aghaidh:

136

Staonadh:

15

LEASÚ 5

SOC/746

An daonlathas ar láthair na hoibre

Pointe 4.1.7

Le leasú mar a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Tá léargas ar na hiarrataí sin freisin sa rún is déanaí ó Pharlaimint na hEorpa faoin Treoir maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha, rún ina n-iarrtar ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir leis na Comhairlí Oibreacha Eorpacha d’fhonn na cuspóirí, na sainmhínithe agus na nósanna imeachta atá ann a shoiléiriú, agus chun neartú a dhéanamh ar cheart ionadaithe oibrithe agus ceardchumann chun faisnéise agus comhairliúcháin, go háirithe le linn próisis athstruchtúraithe (1). Measann CESE gurb úsáideach glaonna na Parlaiminte chun feabhas a chur ar an Treoir maidir leis na Comhairlí Oibreacha Eorpacha. Iarrann sé ar an gCoimisiún bearta dlíthiúla a dhéanamh gan mhoill, ag díriú ar bhearta chun forfheidhmiú éifeachtach na gceart Eorpach i gcleachtas gnó a chur chun cinn.

Tá léargas ar na hiarrataí sin freisin sa rún is déanaí ó Pharlaimint na hEorpa faoin Treoir maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha, rún ina n-iarrtar ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir leis na Comhairlí Oibreacha Eorpacha d’fhonn na cuspóirí, na sainmhínithe agus na nósanna imeachta atá ann a shoiléiriú, agus chun neartú a dhéanamh ar cheart ionadaithe oibrithe agus ceardchumann chun faisnéise agus comhairliúcháin, go háirithe le linn próisis athstruchtúraithe (1). CESE á thabhairt dá aire glaonna na Parlaiminte chun feabhas a chur ar an Treoir maidir leis na Comhairlí Oibreacha Eorpacha. Iarrann sé ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh gan mhoill, ag díriú ar bhearta chun forfheidhmiú éifeachtach na gceart Eorpach i gcleachtas gnó a chur chun cinn. Tá CESE á thabhairt dá aire freisin gur sheol an Coimisiún an 11 Aibreán comhairliúchán céadchéime leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha maidir le hathbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Threoir EWC chun tuairimí na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha a bhailiú maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht AE a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le feabhas a chur ar Threoir EWC agus maidir leis an treo foriomlán ina leith sin. Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh sé seachtaine  (2) .

Cúis

Is éagsúlacht nach beag sna tuairimí atá ann maidir leis an tacaíocht don rún ó Pharlaimint na hEorpa agus ar a úsáidí a bheidh sé. Dá réir sin, agus ar mhaithe le comhréiteach, d’fhéadfaí an rún ó Pharlaimint na hEorpa a thabhairt faoi deara. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gur sheol an Coimisiún an 11 Aibreán comhairliúchán céadchéime leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha maidir le hathbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Threoir EWC chun tuairimí na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha a bhailiú i dtaca leis an ngá atá le gníomhaíocht AE a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le feabhas a chur ar Threoir EWC agus maidir leis an treo foriomlán ina leith sin. Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh sé seachtaine.

Toradh na vótála:

Ar son:

86

In aghaidh:

139

Staonadh:

18

LEASÚ 6

SOC/746

An daonlathas ar láthair na hoibre

Pointe 4.4.4

Le leasú mar a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Moladh a rinne CESE is ea creat dlíthiúil ceangailteach a bheith ann maidir leis an dícheall cuí agus an fhreagracht chorparáideach, guth na n-oibrithe san áireamh, agus ról tábhachtach a bheith ag an gcreat sin (1) . Mar chuid den phróiseas cinnteoireachta leanúnach, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún forálacha a leagan síos sa téacs dlíthiúil atá á bheartú faoi rannpháirtíocht éigeantach éifeachtach na n-oibrithe agus gheallsealbhóirí na sochaí sibhialta araon i bpróiseas an díchill chuí i gcomhréir le gach is leas dóibh .

Moladh a rinne CESE cheana is ea creat dlíthiúil ceangailteach a bheith ann maidir leis an dícheall cuí agus an fhreagracht chorparáideach, guth na n-oibrithe san áireamh, agus go mbeidh ról tábhachtach ag an gcreat sin (1).

Cúis

Is éard is aidhm don leasú seo údar níos beaichte a thabhairt d’aidhm na dtuairimí ó CESE maidir le dícheall cuí inbhuanaithe corparáideach.

Tá an togra ón gCoimisiún maidir le dícheall cuí ar feitheamh sa phróiseas reachtach, agus dá bhrí sin, níl gá le freagairtí ó CESE. Maidir lena luaitear san abairt, ní féidir tacú leis an iarraidh ar fhorálacha dlíthiúla maidir le rannpháirtíocht éigeantach toisc go mbainfí de fhreagrachtaí lucht bainistíochta agus úinéirí na cuideachta dá gcuirfí i bhfeidhm é.

Toradh na vótála:

Ar son:

89

In aghaidh:

148

Staonadh:

11

LEASÚ 1

SOC/746

An daonlathas ar láthair na hoibre

Pointe 1.6

Le leasú mar a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Ar feadh na ndéaga de bhlianta, chuir Comhairlí Oibreacha Eorpacha comaoin ar chuspóirí fadtéarmacha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na gcuideachtaí. Chun a gcuid acmhainneachta agus a gcuid éifeachtachta a mhéadú, ní mór feabhas suntasach a chur ar a gcearta rannpháirtíochta agus ar a n-acmhainní: e.g. aon imchéimniú nó sárú ar chearta rannpháirtíochta EWC, ba cheart smachtbhannaí éifeachtacha a chur i bhfeidhm ina leith agus ba cheart rochtain ar cheartas a éascú . Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CESE an rún ó Pharlaimint na hEorpa le déanaí maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir leis na Comhairlí Oibreacha Eorpacha, agus iarrann sé ar an gCoimisiún bearta dlíthiúla a dhéanamh gan mhoill.

Leis na déaga de bhlianta anuas, tá comaoin á cur ag Comhairlí Oibreacha Eorpacha ar na cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil atá ag na cuideachtaí go fadtéarmach. Chun a gcuid acmhainneachta agus a gcuid éifeachtachta a mhéadú, tá CESE den tuairim gur gá forfheidhmiú cuí a chur chun cinn tuilleadh, agus gur gá treoir a chur ar fáil a bheadh bunaithe ar uirlisí praiticiúla amhail tagarmharcáil leis na dea-chleachtais . Sa chomhthéacs sin, CESE á thabhairt dá aire an rún ó Pharlaimint na hEorpa le déanaí maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir leis na Comhairlí Oibreacha Eorpacha, agus iarrann sé ar an gCoimisiún na bearta iomchuí a dhéanamh le go spreagfar cur i bhfeidhm cuí na Treorach gan mhoill. Tá CESE á thabhairt dá aire freisin gur sheol an Coimisiún an 11 Aibreán comhairliúchán céadchéime leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha maidir le hathbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Threoir EWC chun tuairimí na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha a bhailiú i dtaca leis an ngá atá le gníomhaíocht AE a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le feabhas a chur ar Threoir EWC agus maidir leis an treo foriomlán ina leith sin. Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh sé seachtaine (1) .

Cúis

Tá an Treoir maidir leis na Comhairlí Oibreacha Eorpacha, a athmhúnlaíodh in 2009, oiriúnach don fheidhm agus ní gá tabhairt faoi athbhreithniú dlíthiúil fadálach útamálach. Ina ionad sin, agus de mheon an dea-chomhair, d’fhéadfaí forfheidhmiú na Treorach a fheabhsú trí iarrachtaí comhpháirteacha na gcomhpháirtithe sóisialta, cuir i gcás trí chód cleachtais a fhorbairt. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gur sheol an Coimisiún an 11 Aibreán comhairliúchán céadchéime leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha maidir le hathbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Threoir EWC chun tuairimí na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha a bhailiú i dtaca leis an ngá atá le gníomhaíocht AE a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le feabhas a chur ar Threoir EWC agus maidir leis an treo foriomlán ina leith sin. Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh sé seachtaine.

Toradh na vótála ar an leasú: nasctha le leasú 5

LEASÚ 2

SOC/746

An daonlathas ar láthair na hoibre

Pointe 1.11

Le leasú mar a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Mar sin féin, is cúis aiféala do CESE nach n-aithnítear rannpháirtíocht na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird sna cuideachtaí ina príomhghné den rialachas corparáideach inbhuanaithe. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE le hiarrachtaí iomchuí chun creat comhchuibhithe a bhunú le haghaidh rannpháirtíocht na bhfostaithe ar na boird bhainistíochta, agus na difríochtaí idir na Ballstáit san áireamh , agus chun a áirithiú nach ndéanfar rannpháirtíocht chorparáideach sna Ballstáit a sheachaint ná a chreimeadh mar thoradh ar dhlí Eorpach na gcuideachtaí .

Mar sin féin, is cúis aiféala do CESE nach n-aithnítear rannpháirtíocht na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird sna cuideachtaí ina príomhghné den rialachas corparáideach inbhuanaithe. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE le hiarrachtaí iomchuí chun tacú le rannpháirtíocht na bhfostaithe ar na boird bhainistíochta, agus na difríochtaí idir na Ballstáit san áireamh.

Cúis

Bíodh is go bhfuil creat cuimsitheach dlíthiúil ann ar leibhéal an Aontais maidir le faisnéis agus comhairliúchán le hoibrithe, bunaíodh na córais rannpháirtíochta ar chreataí dlíthiúla náisiúnta agus ar thraidisiúin dhaingne. Bhainfeadh rialáil ar leibhéal an Aontais d’fhorbairtí náisiúnta, chuirfeadh sí srian leo chomh maith, agus chuirfeadh sí isteach ar chórais náisiúnta dhlí na gcuideachtaí. Is réimse é seo, ach oiread le comhthéacs an rialachais chorparáidigh, inar fearr an rialáil a chur ar leataobh agus tabhairt faoin mbealach ab fhearr chun cinn, amhail malartú dea-chleachtas agus modhanna eile chun faisnéis a scaipeadh.

Bunaítear aon chineál rannpháirtíochta corparáidí ar reachtaíocht nó ar chleachtais náisiúnta, agus dá réir sin, níor cheart tionchar ar bith a bheith ag dlí Eorpach na gcuideachtaí ar na córais rannpháirtíochta. Níl gá le haon rialachán nua ar leibhéal an Aontais chun fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann a réiteach pé scéal é.

Toradh na vótála ar an leasú: nasctha le leasú 3


(1)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 23, pointe 1.14 agus pointe 3, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14, IO C 161, 6.6.2013, lch. 35, pointe 4.2.2 agus pointe 4.4.2.

(2)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa A9-0331/2021.

(1)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 23, pointe 1.14 agus pointe 3, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14, IO C 161, 6.6.2013, lch. 35, pointe 4.2.2 agus pointe 4.4.2.

(2)  Tuairisc ó Pharlaimint na hEorpa A9-0331/2021.

(1)   Breithiúnas CBAE an 18/10/22, tag. C-677/20 (SAP), breithiúnas CBAE an 18/07/17, tagairt C-566/15 (TUI).

(1)  Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa, P9_TA/2023, 0028

(1)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa P9_TA/2023, 0028.

(2)   Comhairliúchán céadchéime leis na comhpháirtithe sóisialta (europa.eu)

(1)  IO C 443, 22.11.2022, lch. 81, pointe 1.7. agus IO C 341, 24.8.2021, lch. 23, pointe 3.10.

(1)  IO C 443, 22.11.2022, lch. 81, pointe 1.7. agus IO C 341, 24.8.2021, lch. 23, pointe 3.10.

(1)   Comhairliúchán céadchéime leis na comhpháirtithe sóisialta (europa.eu)


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/58


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta

(tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Spáinne)

(2023/C 228/07)

Rapóirtéir:

Justyna Kalina OCHĘDZAN

Comhairliúchán arna iarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne

Litir, 27.7.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

234/7/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Creideann Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur cheart don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit forbairt a dhéanamh ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de d’fhonn cóineasú aníos a bhaint amach sna réimsí sin, agus ardleibhéal urraime do chearta an duine a bheith ag gabháil leis an bhforbairt sin. Baineann roinnt dúshlán leis na réimsí sin a fhorbairt ag an am céanna.

1.2.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur gá, i bhfianaise na ngéarchéimeanna iomadúla agus géarchéimeanna a d’fhéadfadh titim amach sa todhchaí, athmhachnamh a dhéanamh ar bhosca uirlisí an Aontais maidir le rialachas sóisialta d’fhonn cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach agus an éagothromaíocht a laghdú.

1.3.

Tá an cóineasú sóisialta aníos san Aontas i mbaol de dheasca géarchéimeanna iomadúla agus na n-éifeachtaí fadtéarmacha a bhaineann leo, ós rud é gur mó forbairt agus gur fearr comhordú an rialachas fioscach agus maicreacnamaíoch ná an rialachas sóisialta. Feictear do CESE gur deis atá sa Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta (NIES) chun comhordú iarrachtaí náisiúnta a fheabhsú d’fhonn cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach. Ba cheart úsáid níos fearr na struchtúr rialachais san Aontas teacht as sin freisin.

1.4.

Molann CESE NIES a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh mar chuid de chóras comhtháite beartas na mBallstát faoin Seimeastar Eorpach. Tá sé tábhachtach go gcomhlánófar le NEIS na próisis agus uirlisí faireacháin sin atá ann cheana agus go soláthrófar breisluach le NIES tríd an gcóineasú sóisialta aníos a éascú.

1.5.

Is é an bealach is fearr chun NIES a chur chun feidhme cur chuige céim ar chéim ina ndéantar, i gcás inarb iomchuí, tógáil ar na nósanna imeachta atá ann cheana féin agus an chur chuige sin leabaithe sna nósanna imeachta agus sna córais sin chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí sóisialta bunaithe ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann leis.

1.6.

Molann CESE go ndéanfar éagothroime shóisialta a shainmhíniú mar na cásanna criticiúla a shainaithneofar leis an scórchlár sóisialta agus mar imeacht shoiléir ón gconair i dtreo spriocanna an Phlean Ghníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart feabhas a chur ar cháilíocht na modheolaíochta chun torthaí sóisialta a thomhas ionas gur féidir prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus treochtaí ilbhliantúla a chur san áireamh go hiomlán.

1.7.

Molann CESE go ndéanfar NIES a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach, fud fad a chéimeanna éagsúla. Ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, na Tuarascálacha Tíre agus grinn-athbhreithnithe ad hoc a úsáid chun an éagothroime shóisialta a shainaithint agus chun dul i ngleic léi. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an éagothroime shóisialta ar a dtugtar tuairisc sa tuarascáil tíre i bpointe ar leith sa bhrollach le haghaidh na moltaí tírshonracha agus sna moltaí féin. Leis na moltaí sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh le hathchóirithe sonracha a chur chun feidhme, arb athruithe iad, de réir anailís an Choimisiúin agus mheasúnuithe na mBallstát, na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus na n-eagraíochtaí sóisialta, is mó is dócha a chuirfeadh feabhas ar an staid chriticiúil sna réimsí arna sainaithint. Mar fhreagairt air sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann na tionscnaimh agus na hathruithe sin a bheadh le cur chun feidhme a mholadh d’fhonn na cásanna criticiúla a shainaithnítear a fheabhsú. D’fhéadfaí a áireamh i bplean den sórt sin measúnú ar an gcomhsheasmhacht idir na tionscnaimh atá san áireamh agus na beartais mhaicreacnamaíocha a leanann na Ballstáit atá i gceist, d’fhonn an chothromaíocht cheart a áirithiú idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus buiséadacha.

1.8.

Ba cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana féin maidir le leithdháileadh cistí (lena n-áirítear CSIE, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile) a dhéanamh níos solúbtha ionas gur féidir iad a chur in oiriúint go tapa do na dúshláin shochaíocha atá ann cheana agus do na cásanna criticiúla a shainaithnítear i gcur chun feidhme NIES.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tá an tuairim seo ina freagairt ar iarraidh ó Uachtaránacht na Spáinne ar thústuairim ó CESE maidir leis an Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta (NIES). Is é an cúram atá ar CESE freagra a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas: (i) Cad é an bealach is fearr, dar le CESE, NIES a fhorbairt mar shásra sonrach chun éagothroime shóisialta atá ag dul i méid a bhrath agus faireachán a dhéanamh uirthi san Aontas Eorpach? (ii) Cad é an bealach is fearr chun NIES a leabú sa struchtúr agus sa scéimre institiúideach atá ann cheana féin don Seimeastar Eorpach agus an t-ualach riarachán a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena chur i bhfeidhm a laghdú? (iii) Conas is féidir Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a nascadh leis an gcóras faireacháin a thiocfaidh chun cinn le cruthú NIES? (iii) Conas is féidir an próiseas rialachais eacnamaíoch atá ann faoi láthair a úsáid chun an comhleanúnachas agus an comhchuibhiú a neartú idir gnéithe maicreacnamaíocha agus sóisialta an tSeimeastair Eorpaigh?

2.2.

Chun aistriú cóir glas agus digiteach a bhaint amach agus chun an tionchar diúltach a bhí ag COVID-19 a mhaolú, ba cheart don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit aird ar leith a thabhairt ar chúiseanna na héagothroime sóisialta agus ba cheart é a bheith d’aidhm acu forbairt eacnamaíoch a chothromú le forbairt shóisialta, nithe a fhabhraíonn an cuimsiú sóisialta, ar bhonn Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (1).

2.3.

Ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto i mí na Bealtaine 2021, mhol an Bheilg agus an Spáinn go ndéanfaí an scórchlár sóisialta athbhreithnithe a leathnú le sásra foláirimh a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí leantacha agus plé a spreagadh ar leibhéal an Choimisiúin agus ar leibhéal na n-airí, rud lena dtógfaí ar an gcur chuige i leith éagothroime mhaicreacnamaíoch atá sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh (2).

2.4.

Maidir leis an bplé inar díríodh ar an ngné shóisialta den Seimeastar Eorpach a neartú trí nós imeachta um éagothroime shóisialta (NIES) a thabhairt isteach, leanadh ar aghaidh leis ag Comhairle EPSCO i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag 2021, agus chuir Uachtaránacht na Fraince é san áireamh sa phlé agus sa clár oibre don chéad leath de 2022. Luadh na conclúidí a bhí ar an bplé sin le linn Chomhairle EPSCO i mí an Mheithimh 2022.

2.5.

I gcomhthéacs chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, chomhaontaigh an tAontas agus na Ballstáit Plean Gníomhaíochta le haghaidh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus 3 phríomhsprioc agus 3 sprioc thánaisteacha ag an bplean. Leag gach Ballstát a spriocanna féin síos chuige sin. Anuas air sin, déanfar faireachán ar chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta sna Ballstáit trí úsáid a bhaint as modheolaíocht an scórchláir shóisialta (3) agus na príomhtháscairí agus táscairí tánaisteacha a ghabhann léi. Ar bhonn an fhaireacháin sin, déantar cinneadh maidir le staid na mBallstát i gcomparáid leis an meán sna réimsí a chumhdaítear faoi na táscairí. Leis sin, is féidir réimsí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a dteastaíonn gníomhaíocht ina leith i dtíortha sonracha (staideanna atá criticiúil go sóisialta) a shainaithint.

2.6.

Is é an Seimistear Eorpach (4) an próiseas chun comhordú a dhéanamh ar bheartais an Aontais agus beartais na mBallstát maidir le hionstraimí chun cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach. Cuirtear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, an plean lena chur chun feidhme agus faireachán na dtorthaí sóisialta san áireamh sa Seimeastar freisin.

3.   I dtreo cóineasú sóisialta aníos

3.1.

Creideann CESE, i bhfianaise na ngéarchéimeanna iomadúla, géarchéimeanna a d’fhéadfadh titim amach sa todhchaí agus i bhfianaise na héagothroime eacnamaíche agus sóisialta freisin, gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar bhosca uirlisí an Aontais maidir le rialachas sóisialta d’fhonn cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach agus an éagothromaíocht a laghdú (5). In 2022, d’fhreagair níos mó daoine gur easaontaigh siad, nó gur easaontaigh siad go láidir leis an abairt go bhfaigheann daoine an méid atá tuillte acu ina dtír féin. Bhí an sciar daoine a d’easaontaigh nó a d’easaontaigh go láidir ag 37 % i gcomparáid leis an 35 % a d’aontaigh leis an abairt. (6)

3.2.

Dar le CESE, is dúshlán mór é cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach ag an am céanna mar chuid de chóineasú cuimsitheach aníos. Le blianta beaga anuas, forbraíodh nósanna imeachta maidir le rialachas fioscach agus comhshaoil agus maidir le rialachas comhshaoil chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus cuireadh comhordú eatarthu ar bun freisin. Tá an ghné shóisialta de rialachas an Aontais ag titim chun deiridh a mhéid a bhaineann le forbairt sna réimsí sin agus sa chomhordú eatarthu.

3.3.

Agus géarchéim a bhaineann le fuinneamh, imirce, cogadh, aeráid agus an tréimhse iar-COVID buailte linn, teastaíonn ceannaireacht láidir eacnamaíoch agus shóisialta ón Eoraip ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit araon. Dá bhrí sin, molann CESE NIES a chur chun feidhme mar shásra faireacháin agus comhordaithe, sásra a chabhródh le cuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaint amach agus le rannchuidiú leis an gcóineasú ar fud an Aontais ag an am céanna.

3.4.

Ba cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana féin maidir le leithdháileadh cistí (lena n-áirítear CSIE, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile) a dhéanamh níos solúbtha ionas gur féidir iad a chur in oiriúint go tapa do na dúshláin shochaíocha atá ann cheana agus do na cásanna criticiúla a shainaithnítear, inter alia, i gcur chun feidhme NIES. Tá gá le freagairtí náisiúnta níos fearr, agus i gcás inarb iomchuí, freagairtí níos fearr ar leibhéal an Aontais i bhfianaise COVID-19, an chogaidh san Úcráin, na ngéarchéimeanna costais maireachtála, na géarchéime aeráide agus na géarchéime imirce, má táthar chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí fadtéarmacha a bhaineann le géarchéimeanna agus cineálacha nua eisiata. An costas maireachtála atá ag dul i méid, is é sin an t-údar imní is mó atá ag 93 % de mhuintir na hEorpa faoi láthair, agus is iad an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta an t-údar imní is mó atá ag 82 % díobh. Fuarthas amach i suirbhé Eorabharaiméadair eile go gcreideann 78 % de mhuintir na hEorpa gur cheart caiteachas poiblí foriomlán ar bheartais shóisialta ríthábhachtacha a mhéadú (7)(8)

4.   Freagraí ar cheisteanna Uachtaránacht na Spáinne

4.1.

Molann CESE go ndéanfar éagothroime shóisialta a shainmhíniú mar na cásanna ina shainaithneofar leis an scórchlár sóisialta agus mar imeacht shoiléir ón gconair chun spriocanna an Phlean Ghníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart feabhas a chur ar cháilíocht na modheolaíochta chun torthaí sóisialta a thomhas ionas gur féidir prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus treochtaí ilbhliantúla a chur san áireamh go hiomlán. A mhéid a bhaineann le tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir le Spriocanna an Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach, níor cheart ach táscairí iontaofa agus inchomparáide amháin a mheas.

4.2.

Molann CESE NIES a chur chun feidhme agus é a fhorbairt tuilleadh mar chuid de chóras comhtháite beartas na mBallstát faoin Seimeastar Eorpach. Tá sé tábhachtach go gcomhlánófar le NEIS na próisis agus na huirlisí faireacháin atá ann cheana agus go soláthrófar breisluach leis tríd an gcóineasú sóisialta aníos a éascú. Ag an am céanna, ní mór ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a sheachaint chun braistint úinéireachta sna Ballstáit agus tiomantas uathu a áirithiú.

4.3.

Is é is aidhm do NIES comhordú idir an tAontas agus na Ballstáit a fheabhsú a mhéid a bhaineann le cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Glacann CESE leis go bhfuil sé curtha i bhfeidhm i bpáirt cheana féin laistigh de chreat Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sna spriocanna 2030 a ghabhann leis agus san fhaireachán ar na torthaí sóisialta. Mar sin féin, an easpa infheistíochta sóisialta agus athchóirithe sna Ballstáit sin a aithneofar mar a bheith i staid shóisialta chriticiúil de réir an Scórchláir Shóisialta, is cúis imní do CESE go gcuirfeadh na gnéithe sin bac ar na cuspóirí sin a bhaint amach. Déantar baint amach spriocanna Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus cóineasaithe shóisialta aníos a chur i mbaol leis na staideanna sin agus ba cheart aird ar leith a thabhairt orthu laistigh de NIES.

4.4.

Creideann CESE gur cheart NIES a chur ar aon leibhéal tábhachta leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis nó an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Le NIES, féadfar an méid atá bainte amach cheana féin maidir le rialachas sóisialta a fheabhsú trí úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na próisis agus na bealaí atá ann cheana chun cóineasú sóisialta a thomhas agus próisis agus bealaí nua a fhorbairt i gcás inarb iomchuí. Ba cheart an Clár Ilbhliantúil Táscach agus NIES a chomhordú agus níor cheart aon fhorluí a bheith eatarthu.

4.5.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil inniúlachtaí difriúla ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit chun beartas sóisialta maidir le hobair, oideachas, sláinte agus cosaint shóisialta a mhúnlú, ar réimsí iad a chumhdaítear le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Na príomhinniúlachtaí agus na príomhfhreagrachtaí sa réimse seo, luíonn siad sin leis na Ballstáit, is é sin rialtais mar aon le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus geallsealbhóirí éagsúla amhail ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Mar thoradh ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, tá an tAontas Eorpach ag tabhairt faoi go leor tionscnamh sna réimsí sin a bhaineann le comhordú, rialáil agus airgeadas, laistigh de chreat an bheartais chomhtháthaithe agus na dtosaíochtaí sóisialta a ghabhann leis.

4.6.

I dtuairim CESE, is féidir NIES a chur chun feidhme san Aontas leis an staid dhlíthiúil mar atá sí faoi láthair. Dá bhrí sin, cé go bhfuil cúraimí sóisialta tábhachtacha le déanamh ag an Aontas, agus go bhféadfaidh sé tabhairt fúthu trí dhearbhuithe (Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Plean Gníomhaíochta a ghabhann leis), moltaí, ionstraimí airgeadais (coinníollacht shóisialta agus tosaíochtaí sóisialta an bheartais chomhtháthaithe) agus ionstraimí comhordaithe (an Seimeastar Eorpach agus faireachán ar na torthaí sóisialta bunaithe ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta). Cuirtear san áireamh sa chur chuige sin inniúlachtaí sonracha ag leibhéil éagsúla chomh maith le ról na ngeallsealbhóirí éagsúla, i.e. eagraíochtaí fostóirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Le NIES, féadfar tacú le lucht ceaptha beartais ina n-iarrachtaí chun cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach agus éagothromaíochtaí a laghdú. Ba cheart a chur san áireamh ann na gnéithe sóisialta ábhartha arna sainiú go comhpháirteach leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí éagsúla.

4.7.

Má dhéantar NIES a nascadh i gceart le sásraí atá ann cheana féin, amhail an Seimeastar Eorpach agus go háirithe an scórchlár sóisialta, féadfaidh sé cuidiú le cur leis an méid a baineadh amach cheana féin, i.e. Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus faireachán ar na torthaí sóisialta bunaithe ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

4.8.

Agus na tosca thuas á gcur san áireamh, measann CESE gur cheart é a bheith mar chéad chéim i bhforbairt NIES na hathruithe a thabhairt isteach sna prionsabail lena dtreoraítear an Coimisiún Eorpach tráth a bhíonn tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht, tuarascálacha tíre agus moltaí tírshonracha á n-ullmhú aige laistigh den Seimeastar.

4.9.

Ba cheart fochaibidil ar leithligh a bheith mar chuid den tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht agus de na tuarascálacha tíre ina ndírítear ar éagothroime shóisialta a chuireann an cóineasú sóisialta aníos i mbaol, agus ina luaitear na réimsí a sainaithníodh mar réimsí criticiúla san fhaireachán ar an scórchlár sóisialta. Ní bheidh feidhm aige sin ach amháin maidir leis na Ballstáit sin ina sainaithnítear réimsí den sórt sin.

4.10.

Molann CESE go ndéanfar NIES a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach, fud fad a chéimeanna éagsúla. Ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, na Tuarascálacha Tíre agus grinn-athbhreithnithe ad hoc a úsáid chun an éagothroime shóisialta a shainaithint agus chun dul i ngleic léi.

4.11.

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an eagothroime shóisialta ar a dtugtar tuairisc sa tuarascáil tíre i bpointe ar leith sa bhrollach le haghaidh na moltaí tírshonracha agus sna moltaí féin. Leis na moltaí sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh le hathchóirithe sonracha a chur chun feidhme, arb athruithe iad, de réir anailís an Choimisiúin agus mheasúnuithe na mBallstát, na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus na n-eagraíochtaí sóisialta, is mó is dócha a chuirfeadh feabhas ar an staid chriticiúil sna réimsí arna sainaithint. Mar fhreagairt air sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, na tionscnaimh agus na hathchóirithe a mholadh d’fhonn na cásanna criticiúla a shainaithnítear a fheabhsú. Maidir le plean den sórt sin le haghaidh tionscnamh agus athchóirithe, d’fhéadfaí a áireamh ann measúnú ar an gcomhsheasmhacht idir na tionscnaimh atá san áireamh agus na beartais mhaicreacnamaíocha a leanann na Ballstáit lena mbaineann, d’fhonn an chothromaíocht cheart a áirithiú idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus buiséadacha.

4.12.

Ba cheart don Aontas ionstraimí nua agus ionstraimí atá maoinithe ar bhealach níos fearr a chur chun feidhme chun NIES agus moltaí an tSeimeastair a chur in iúl go díreach do phobail na mBallstát d’fhonn trédhearcacht agus an tionchar ar na cásanna sna Ballstáit a chruthú.

4.13.

Chun cosc a chur ar an gcóineasú anuas, ba cheart do Bhallstáit atá faoi réir an nós imeachta um easnamh iomarcach plean athchóirithe agus sóisialta a ghlacadh le haghaidh na réimsí a shainaithneofar mar réimsí criticiúla. Sa chás sin, ba cheart é a bheith de cheart ag na Ballstáit atá i gceist pleananna caiteachais cistí eile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a idirbheartú arís, i gcomhaontú leis an gCoimisiún.

4.14.

Is é an chéad chéim i bhforbairt NIES, mar a mholtar thuas, an t-ualach is lú is féidir i dtéarmaí obair bhreise anailíseach agus riaracháin a chur ar an Aontas agus ar na Ballstáit araon. Ní mholann CESE tuairisciú breise le haghaidh na mBallstát uile, agus ní mholann sé nósanna imeachta nua a chur i bhfeidhm i gcomhar faireacháin agus tuairiscithe anuas ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm cheana féin.

4.15.

An córas faireacháin reatha a forbraíodh le haghaidh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a bhfuil scórchlár shóisialta ag gabháil leis, tá sé bunaithe cheana féin agus é bunaithe ar mhodheolaíocht chasta chun tacar mór táscairí a léirmhíniú. Comhfhreagraíonn na táscairí sin do phríomhréimsí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Déantar faireachán freisin ar an dul chun cinn maidir le baint amach spriocanna Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach freisin. Ba cheart NIES a leabú sa phróiseas atá ann don Seimeastar Eorpach faoi láthair agus na táscairí (an Scórchlár Sóisialta) atá ann cheana a úsáid.

4.16.

Sa chéad chéim eile de chur i bhfeidhm NIES, ba cheart raon feidhme an tomhais agus na dtáscairí a fhorbairt i gcomhréir leis an sainmhíniú ar éagothroime shóisialta arna ghlacadh i gcomhthéacs an chóineasaithe shóisialta aníos.

4.17.

Ba cheart a áireamh san anailís agus sna comhairliúcháin a dhéanfar sa todhchaí ar NIES freagraí ar a mhéid a gcomhfhreagraíonn táscairí faireacháin an scórchláir do phrionsabail uile Cholún Eorpach na gCeart agus freagraí ar a mhéid a fhéadfaidh na réimsí a shainaithnófar mar réimsí criticiúla bac a chur ar an gcóineasú sóisialta aníos.

4.18.

Tá tionchar suntasach ag staid fhoriomlán na mBallstát, lena n-áirítear an ghné eacnamaíoch, ar scála agus ar dhinimic na bhfadhbanna sóisialta a dhéanann difear d’áitritheoirí na mBallstát agus ar an gcóineasú sóisialta aníos dá réir sin. Má éilítear dea-fheidhmíocht eacnamaíoch le haghaidh dea-fheidhmíocht shóisialta, beidh na sásraí comhordúcháin lena ráthaítear dea-fheidhmíocht shóisialta (Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus Clár Ilbhliantúil Táscach) ríthábhachtach don dea-fheidhmíocht shóisialta. Cuirtear an cur chuige thuas san áireamh sa chéad chéim a mholann CESE i bhforbairt NIES, is cur chuige é sin a bhfuil loighic rialachais fhioscaigh agus mhaicreacnamaíoch laistigh den Aontas mar bhonn taca faoi.

5.   Dúshláin agus tosaíochtaí maidir le forbairt NIES

5.1.

Ba cheart don Choimisiún, don Chomhairle, do na Ballstáit agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta grinnanailís agus plé níos grinne a dhéanamh ar NIES a fhorbairt tuilleadh mar chuid de chóras comhtháite comhordaithe beartais na mBallstát faoin Seimeastar Eorpach, agus ba cheart anailís a dhéanamh ar ionstraimí eile de chuid an Aontais, d’fhonn a rolladh amach i gcomhthráth leis an athchóiriú ar rialachas fioscach agus maicreacnamaíoch (9).

5.2.

Ba cheart scrúdú níos mionsonraithe a dhéanamh ar indéantacht pholaitiúil, riaracháin agus eacnamaíoch NIES a chur chun feidhme agus a fhorbairt. Ba cheart aird a thabhairt nach bhfuil aon dúbláil maidir le nósanna imeachta ann d’fhonn an maorlathas a choinneáil ag an íosmhéid agus chun na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thabhairt isteach sa phróiseas ar bhealach fiúntach.

5.3.

Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart ról na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí in NIES a fheabhsú chun tacaíocht pholaitiúil thorthaí na hionstraime a neartú. D’fhéadfaí rannpháirtíocht na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí a áirithiú trí na conclúidí ón gComhairle maidir le NIES a ghlacadh ag deaireadh an phróisis.

5.4.

Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach le haghaidh chur chun feidhme NIES go dtarraingítear ar chonclúidí praiticiúla sonracha a thagann ón bhfaireachán a dhéantar ar na torthaí sóisialta agus ar a mhéid a bhfuil cuspóirí sóisialta an Aontais bainte amach sna Ballstáit.

(a)

Baineann an chéad chonclúid le comhordú idir rialachas fioscach agus maicreacnamaíoch agus NIES. Ba cheart rabhadh soiléir go bhfuil an tAontas ag tacú le hathchóirithe agus infheistíochta sóisialta i réimsí sóisialta criticiúla a thabhairt do Bhallstáit atá faoi réir nósanna imeachta um easnamh iomarcach agus/nó i mbaol míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus iad siúd ag a bhfuil réimsí criticiúla ar an scórchlár sóisialta atá imithe ón gconair i dtreo spriocanna sóisialta a bhaint amach. Is de rogha ag gach Ballstát atá sé na réitigh agus na cuir chuige is iomchuí a mholadh chun réimsí criticiúla a leigheas.

(b)

Baineann an dara conclúid phraiticiúil le cur i bhfeidhm na chéad chonclúide i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (10). Ba cheart don Choimisiún Eorpach a chur san áireamh, i bhforoinn ar leithligh sna tuarascálacha tíre, anailís ar éagothroime shóisialta bunaithe ar fhaireachán ar na torthaí sóisialta agus dul chun cinn i dtreo cuspóirí sóisialta. Ba cheart dó na nithe sin a chur san áireamh sna moltaí tír-shonracha freisin, i mbrollach na moltaí agus sna moltaí féin.

Ba cheart ról na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí a dhaingiú sa phróiseas seo freisin.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 13.

(2)  Páipéar Leathoifigiúil ón mBeilg agus ón Spáinn roimh Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto.

(3)  Eurostat: https://ec.europa.eu/eurostat/web/european-pillar-of-social-rights/overview (IO C 353, 18.10.2019, lch. 39).

(4)  Tuairim ó CESE An Seimeastar Eorpach agus an beartas comhtháthaithe – i dtreo straitéise nua Eorpaí tar éis 2020 (níl leagan Gaeilge ann).

(5)  IO C 14, 15.1.2020, lch. 1.

(6)  Eorabharaiméadar, 2023, Cothromaíocht, Éagothromaíocht agus Soghluaisteacht Idirghlúine (Níl leagan Gaeilge ann).

(7)  Eorabharaiméadar, 2023, Cothromaíocht, Éagothromaíocht agus Soghluaisteacht Idirghlúine (níl leagan Gaeilge ann).

(8)  Suirbhé Fhómhar 2022 de chuid Pharlaimint na hEorpa (níl leagan Gaeilge ann).

(9)  Tuairim ó CESE Colún Eorpach na gCeart Sóisialta , (IO C 125, 21.4.2017, lch. 10).

(10)  Tuairim CESE An Seimeastar Eorpach agus an beartas comhtháthaithe — i dtreo straitéis nua Eorpach tar éis 2020 (tuairim féintionscnaimh) (níl leagan Gaeilge ann).


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/64


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Sualainne)

(2023/C 228/08)

Rapóirtéir:

Maria del Carmen BARRERA CHAMORRO

Comhrapóirtéir:

Justyna Kalina OCHĘDZAN

Iarraidh ó Uachtaránacht na Sualainne ar an gComhairle

Litir, 14.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

149/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tugann Coiste Eacnamaíoch agus Soisialta na hEorpa (CESE) dá aire gur ag dul i méid atá an neamhionannas i margadh an tsaothair de thoradh an chlaochlaithe dhigitigh. Go háirithe, tá laghdú tagtha ar phoist ar mheánphá a dteastaíonn meánleibhéal scileanna chucu i ngeall ar uathoibriú post. San am céanna tá méadú ag teacht ar phoist ar phá íseal nach dteastaíonn mórán scileanna chucu. Táthar á thuar freisin go gcruthófar poist ar phá ard a dteastaíonn ardleibhéal scileanna chucu agus go mbeidh leibhéal níos mó scileanna ag teastáil dá bharr sin (1). Tugann CESE dá aire freisin gur suntasaí fós an ganntanas saothair agus scileanna i raon leathan earnálacha. Tá CESE den bharúil gur ríthábhachtach an ní í rochtain éifeachtach ar oiliúint chun cabhrú le gnólachtaí agus le hoibrithe an dúshlán sin a shárú agus chun éagothroime sa mhargadh saothair atá mar thoradh ar an gclaochlú digiteach a chosc.

1.2.

Aithníonn CESE nár cheart aistrithe a dhéanamh trí iomarcaíocht nó trí bhearta a mbeadh tionchar suntasach acu ar an margadh saothair. Tathantaíonn sé ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit córais a bhunú lena gcúiteofar aistrithe inmheánacha (seachas aistrithe neamhsheachtracha), is é sin le rá, aistrithe ina gcuirfidh cuideachtaí oiliúint ar a n-oibrithe i scileanna riachtanacha seachas oibrithe nach bhfuil na scileanna sin acu a bhriseadh as a bpost.

1.3.

Is ceart daonna é an t-oideachas ar cheart a bheith ag an uile dhuine ar feadh an tsaoil. Ar an ábhar sin, agus i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, tá CESE ag tathant ar na Ballstáit cearta a leagan síos maidir leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil (agus córais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch agus cleachtais oideachais agus oiliúna á gcur san áireamh), cearta lena gcuirfear deiseanna foghlama agus forbartha pearsanta agus gairmiúla ar fáil do gach saoránach ionas gurb í príomhphrionsabal treorach na mbeartas oideachais agus oiliúna í.

1.4.

I bhfianaise na ndúshlán atá i gceist leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas, iarrann CESE go mbeadh an rochtain ar cháilíocht iomlán ina ceart ag an uile dhuine, agus an cháilíocht sin a bheith bunaithe ar oiliúint bhailíochtaithe agus dheimhnithe maidir le scileanna feasachta digiteacha, glasa agus comhshaoil. Chuige sin, ní foláir an oiliúint i scileanna a nascadh le saoire oiliúna íoctha, agus reachtaíocht agus comhaontuithe náisiúnta á gcur san áireamh san am céanna.

1.5.

Dar le CESE nach leor na tionscnaimh atá déanta ag an gCoimisiún go nuige seo ó thaobh scileanna digiteacha agus glasa de agus nach bhfuil ach líon beag comhpháirtithe sóisialta páirteach iontu. Ar an cúis sin, iarrann sé go ndéanfaí straitéisí éifeachtacha a ionchorprú i bPlean Gníomhaíochta an Aontais don Oideachas Digiteach do 2021-2027 chun feabhas a chur ar an oiliúint agus chun scileanna ball foirne fostaithe agus dífhostaithe i ngach earnáil a oiriúnú, gan beann ar mhéid an chuideachta, agus go mbeadh lámh ag na comhpháirtithe sóisialta san obair sin. Ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta leanúint den Chreat-Chomhaontú Eorpach maidir leis an digiteáil a chur chun feidhme (2). Is mian le CESE béim a leagan ar ról na cómhargála mar uirlis chun cláir oiliúna a mhúnlú agus a oiriúnú.

1.6.

Iarrann CESE go ndéanfadh na húdaráis inniúla an oiliúint i inniúlachtaí agus scileanna digiteacha agus glasa a dheimhniú agus seachas í a bhailíochtú amháin.

1.7.

Tá CESE ag áitiú ar an gCoimisiún táscaire bliantúil a thabhairt isteach faoi 2030 a thabharfaidh léargas ar líon na ndaoine fásta agus na bhfostaithe, go háirithe daoine óga, a thugann faoi chúrsaí oiliúna maidir le scileanna glasa, feasacht chomhshaoil agus freagracht éiceolaíoch agus chomhshaoil, agus aird á tabhairt ar uirlisí simplí saincheaptha do FBManna.

1.8.

Iarrann CESE go spreagfaí agus go n-éascófaí coigeartú na gclár foghlama atá ann cheana d’fhonn na scileanna is gá a ionchorprú san aistriú digiteach agus san aistriú glas.

1.9.

Tá CESE den tuairim gur ríthábhachtach tosú ar fhaireachán straitéiseach a dhéanamh maidir leis an gcumas atá ann na riachtanais a bheidh de dhíth ar an margadh saothair agus ar an tsochaí sna Ballstáit ó thaobh oiliúna de a réamh-mheas d’fhonn bearnaí glasa agus digiteacha a sheachaint agus iomaíochas an Aontais a neartú.

1.10.

Tugann CESE dá aire go bhfuil éagsúlacht mhór idir leibhéil bhunúsacha scileanna digiteacha, agus is iad grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus líon ard daoine fásta, agus go háirithe daoine scothaosta, is mó atá thíos leis sin. Is amhlaidh gur ann do bhearna dhigiteach agus, dá bhrí sin, ba cheart oiliúint do dhaoine scothaosta agus do ghrúpaí eile faoi mhíbhuntáiste a chur san áireamh agus scileanna digiteacha á bpleanáil, agus an oiliúint sin a chur in oiriúint dá riachtanais i gcás inar gá sin, lena áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár san aistriú digiteach agus san aistriú glas. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar mhná a chuimsiú san oiliúint sin, i bhfianaise na bearna idir na hinscní ó thaobh rochtain ar oiliúint de, chun cuidiú leo iad féin a chur in oiriúint don aistriú digiteach agus don aistriú glas.

1.11.

Má táthar chun aistriú cóir a bhaint amach, aithníonn CESE gur gá féachaint chuige go mbeidh sé ar acmhainn an uile dhuine cur leis na bunscileanna digiteacha atá acu chun cúraimí laethúla a chur i gcrích agus tuiscint a fháil ar an gcibearshlándáil, ar an gcumarsáid dhigiteach, ar shlándáil sonraí, ar chosaint sonraí pearsanta, ar phríobháideachas ar an idirlíon agus ar an gcontúirt a bhaineann leis an mbréagaisnéis.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tá uair an athraithe agus na n-aistrithe buailte linn. An tráth céanna atá géarchéimeanna ag titim amach ceann i gceann, tá mórdhúshláin le sárú ag gnólachtaí, ag an lucht saothair agus ag na saoránaigh chomh maith, ina measc, na hathruithe meara atá ag teacht ar an margadh saothair de thoradh an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais. San am céanna, tá réimse gairmeacha nua ag teacht chun cinn a bhfuil baint acu leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas, tá na poist atá ann faoi láthair ag athrú agus tá cinn nua á gcruthú. Ní foláir na huirlisí ábhartha a thabhairt d’oibrithe chun gur féidir leo na hathruithe sin a bhainistiú agus dul i ngleic leo agus, san am céanna, chun gur féidir le gnólachtaí leanúint de bheith táirgiúil agus iomaíoch.

2.2.

Tá na dúshláin sin le sonrú ag gach leibhéal agus ag gach céim den saol oibre. Ar an ábhar sin, tá dúshláin le sárú ag daoine óga agus ag daoine fásta araon agus is amhlaidh an cás do dhaoine ar bheagán oiliúna agus do dhaoine ardcháilithe freisin. Sa lá atá inniu ann, tá scileanna digiteacha de dhíth le haghaidh poist áirithe nach dteastaíodh mórán scileanna chucu roimhe seo óir tá athrú ag teacht ar an dóigh a bhfaightear rochtain ar phoist. Thairis sin, bíonn tionchar faoi leith ag an méid sin ar mhná, ós ag méadú fós an bhearna dhigiteach idir na hinscní. Is ó bhéal a chloistí faoi dheiseanna poist tráth dá raibh, nó trí mhodhanna traidisiúnta eile. Is ag bogadh i dtreo tairiscintí nach féidir teacht orthu ach amháin tríd an idirlíon nó trí ardáin dhigiteacha tiomnaithe atáthar anois, áfach. Ós amhlaidh atá, is gá oiliúint i mbunscileanna digiteacha a chur ar fáil don phobal ar fad.

2.3.

Tugann CESE dá aire go bhfuil an méadú ar an neamhionannas sa mhargadh saothair ar cheann de na héifeachtaí a bhí ag géarchéim COVID-19, agus sin toisc a choitianta a d’éirigh an teilea-obair, go háirithe (3). Mar shampla, iad siúd atá ag obair i ngairmeacha áirithe, gairmeacha a bhféadfadh fostaíocht ar phá íseal nach dteastaíonn mórán scileanna chuici a bheith i gceist leo, is annamh a bhíonn an teilea-obair mar rogha acu. Os a choinne sin, na daoine sin a bhfuil poist acu a dteastaíonn ardleibhéal scileanna chucu agus a mbíonn pá ard ag gabháil leo, go háirithe poist oifige, is minic a bhíonn an deis acu teilea-obair a dhéanamh. Is é sin an fáth nach mór a áireamh leis an teilea-obair an fhéidearthacht scileanna digiteacha agus comhshaoil a fhorbairt ionas nach méadófar neamhionannais agus chun go mbeidh rochtain ar an gcineál oiliúna sin ag daoine nach acmhainn dóibh teilea-obair a dhéanamh.

2.4.

Tugann CESE dá aire go bhfuil méadú ag teacht ar an éagothroime sa mhargadh saothair a bhaineann go sonrach leis an “deighilt mhór dhigiteach”, mar a thugtar uirthi. Is éard atá san fheiniméan sin laghdú ar phoist ar mheánphá a dteastaíonn meánleibhéal scileanna chucu i ngeall ar uathoibriú post. San am céanna tá méadú ag teacht ar phoist ar phá íseal nach dteastaíonn mórán scileanna chucu agus ar phoist ar phá ard a dteastaíonn ardleibhéal scileanna chucu. Cuireann CESE i bhfáth go gcuirtear cothabháil an stáit leasa i mbaol i ngeall ar an méadú atá ag teacht ar an neamhionannas.

2.5.

Tugann CESE dá aire go bhfuil dúshlán mór déimeagrafach le sárú ag an Eoraip agus go bhfuil laghdú ag teacht ar an daonra atá in aois oibre. Tá an méid sin ag cur le ganntanas suntasach saothair agus scileanna i ngach uile earnáil den gheilleagar agus ar leibhéil éagsúla scileanna. Ina fhianaise sin, tá daoine ag gach leibhéal scileanna de dhíth má táthar chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin, is gá uas-sciliú agus athsciliú oibrithe a ráthú agus rannpháirtíocht daoine neamhghníomhacha agus daoine dífhostaithe sa mhargadh saothair a spreagadh trí bheartais tionlacain. I ndáil leis sin, is riachtanach freisin an cur chuige i leith beartais imirce a mheas.

2.6.

Aithníonn CESE nár cheart aistrithe a dhéanamh trí iomarcaíocht nó trí bhearta a mbeadh tionchar díobhálach acu ar an margadh saothair. Ba cheart, trí bhíthin an chórais, aistrithe inmheánacha a chúiteamh, seachas aistrithe neamhsheachtracha, is é sin le rá, aistrithe ina gcuirfidh cuideachtaí oiliúint ar a n-oibrithe i scileanna riachtanacha seachas oibrithe nach bhfuil na scileanna sin acu a bhriseadh as a bpost. Is rud é sin atá thar a bheith deacair do FBManna, a bhfuil tacaíocht airgeadais ó na Ballstáit de dhíth orthu chun dul i mbun an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.

2.7.

Tugann CESE dá aire gur solúbtha anois é an margadh saothair ar bhonn domhanda a bhuíochas sin leis an líon níos mó daoine atá i mbun na teilea--oibre. Fágann sé sin nach féidir le hoibrithe Eorpacha dul san iomaíocht ó thaobh costais de, toisc na costais mhaireachtála agus an airgeadra a bheith níos ísle i dtíortha eile i gcomparáid le hairgeadraí na hEorpa. Dá bhrí sin, is éard atá le déanamh féachaint chuige go mbeidh scileanna agus inniúlachtaí níos mó agus níos fearr ag oibrithe Eorpacha chun gur féidir leo dul san iomaíocht le hoibrithe eile.

2.8.

Oibrithe a bhfuil cineálacha éagsúla conarthaí acu, is den tábhacht é go mbeadh rochtain acu ar oiliúint chun gur féidir leo a scileanna agus a n-infhostaitheacht a choinneáil i bhfianaise dhálaí iarbhír nua an mhargaidh saothair.

2.9.

Tugann CESE dá aire go bhfuil an t-am idir teacht chun cinn scile nua agus ardéileamh ar an scil sin sa mhargadh saothair ag éirí níos giorra. Chun coinneáil suas leis sin, is gá a bheith inoiriúnaithe, réamhghníomhach agus laghdú a dhéanamh ar an rómhaorlathas a bhaineann le rochtain ar oiliúint agus sciliú in institiúidí poiblí. Leagann sé béim freisin ar a thábhachtaí atá sé an curaclam oideachais agus oiliúna a thabhairt cothrom le dáta go tráthúil agus go héifeachtach chun freagairt don ghá atá le scileanna nua. Is tábhachtach sin freisin i bhfianaise an ghá atá le comhar níos láidre idir rialtais, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus an tsochaí shibhialta.

2.10.

Tugann CESE dá aire, i ngeall ar an líon mór gnáthphost agus post neamhchasta i margaí saothair na hEorpa, nach mbaineann 55 % d’oibrithe fásta san Aontas leas iomlán as a gcuid scileanna ag an obair agus go bhfuil cáilíochtaí níos airde ag 28 % díobh ná mar a theastaíonn chun a bpost a dhéanamh. Ní mór aird a thabhairt ar an bhfíoras go mbíonn caillteanas ioncaim agus folláine laghdaithe oibrithe mar thoradh ar acmhainneacht amú an chaipitil dhaonna. Tarraingítear aird i dtuarascálacha ón Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) go bhféadfadh sé gur léiriú iad fadhbanna earcaíochta agus míoiriúint scileanna ar dhroch-cháilíocht poist, i measc nithe eile (4).

2.11.

Agus aghaidh á tabhairt ar an dúshlán a bhaineann le claochlú digiteach an gheilleagair, níor cheart díriú ar an dóigh le cur le scileanna bunúsacha digiteacha gach oibrí, agus air sin amháin, b’fhiú díriú freisin ar na scileanna atá ag oibrithe cheana a dhigiteáil agus foghlaim scileanna digiteacha níos forbartha a éascú. Ní mór díriú ar scileanna clasaiceacha a athrú ó bhonn lena n-úsáid sa saol digiteach. Rud trasearnálach atá i gcoincheap na scileanna digitithe agus tagraíonn sé don chumas gnéithe digiteacha a chomhtháthú le scileanna eile. Chuige sin, teastaíonn inniúlachtaí agus eolas leordhóthanach faoin saol digiteach, agus sin sa bhreis ar oiliúint leordhóthanach i scileanna nithiúla gairmiúla.

2.12.

Ní haon dóithín é an claochlú glas ó thaobh an mhargadh saothair agus riachtanais scileanna de. Tiocfaidh athrú ar an dóigh a bhfeidhmíonn gach earnáil mar thoradh ar an dícharbónú, rud a bhfuil gá leis, agus ar oiriúnú samhlacha gnó do na riachtanais inbhuanaitheachta a bhfuil baint acu leis an gComhaontú Glas don Eoraip (5). Cuirtear i bhfáth sa Chomhaontú sin gur chóir aird a thabhairt sa straitéis tionsclaíochta ar an tionchar ar an lucht saothair agus, lena chois sin, ar oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú. Ba cheart anailís a dhéanamh ar na tionchair sin i gcomhpháirt leis na comhpháirtithe sóisialta agus é mar chuspóir i gcónaí éifeachtaí neamh-inmhianaithe ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar a thuar agus, ar an dóigh sin, iad a sheachaint.

2.13.

“Réabhlóid” atá san aistriú digiteach agus san aistriú glas, réabhlóid atá geall le réabhlóid thionsclaíoch an 20ú haois ó thaobh éifeachtaí de. An digiteáil agus na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh táirgeadh tionsclaíoch, ceardaíochta, talmhaíochta, tráchtála nó seirbhíse chomh glan agus is féidir, tá tionchar acu siúd ar gach uile ghairm, nó ní fada go mbeidh. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar FBManna agus ar mhicrifhiontair agus tacaíocht agus cúnamh a thabhairt dóibh, i dtéarmaí daonna agus airgeadais araon de.

2.14.

Measann CESE go mbeidh gá le hoiliúint agus oideachas i scileanna glasa má táthar chun aistriú cóir glas a bhaint amach i ngach earnáil den tionscal lena mbaineann. Seo a leanas trí phríomhdhúshlán atá le sárú:

na scileanna atá ag oibrithe cheana a chur in oiriúint do riachtanais na n-earnalácha agus iad i mbun an phróisis dícharbónaithe agus do na dúshláin a bhaineann le foinsí nua fuinnimh;

oiliúint i scileanna le haghaidh gach post inbhuanaithe glas;

feasacht a ardú chun an lorg carbóin san áit oibre a laghdú.

2.15.

D’fhonn aistriú cóir a bhaint amach, agus an t-aistriú sin a bheith i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart an rochtain chéanna a bheith ag an uile dhuine, laistigh den áit oibre agus lasmuigh di, ar oiliúint ardcháilíochta agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil maidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus glasa a bheidh in úsáid i ngairmeacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. I gcomhréir le cleachtais náisiúnta agus earnálacha na mBallstát, ní foláir tacaíocht éifeachtach a thabhairt d’oibrithe chun cur lena leibhéal oiliúna sna scileanna sin (cothromaíocht oibre is saoil, saoire oiliúna, etc.) agus tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghnólachtaí chun na críche sin.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

De bharr an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais, tá athrú ag teacht ar phoist atá ann faoi láthair agus tá cinn nua á gcruthú. Rudaí is riachtanas le haghaidh aistriú cóir is ea cáilíocht na bpost agus dálaí córa oibre agus pá, aistriú lena gcumasaítear digiteáil agus dícharbónú fadtéarmach maille le fás inbhuanaithe an gheilleagair, táirgiúlacht agus nuálaíocht. Tá tábhacht thar na bearta le scileanna mar ghné d’iomaíochas cuideachtaí chun tionscnaimh athoiliúna a chur le chéile agus chun rochtain éifeachtach ar oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe. Is é an t-aon bhealach trínar féidir na cuspóirí sin a bhaint amach an fhoghlaim ar feadh an tsaoil maidir le scileanna digiteacha agus digitithe nua, de bhreis ar scileanna glasa.

3.2.

Is ríthábhachtach an fhorbairt ghairmiúil ag gach uile aois chun aistriú cóir digiteach agus aistriú cóir glas a áirithiú. I dtaca leis de, iarrann CESE go áireofaí i bPlean Gníomhaíochta 2021-2027 an Aontais don Oideachas Digiteach agus sna tograí le haghaidh Moltaí ón gComhairle maidir le scileanna digiteacha agus oiliúint dhigiteach straitéisí éifeachtacha chun oiliúint agus oiriúnú scileanna na mball foirne fostaithe agus dífhostaithe a fheabhsú i ngach earnáil gan beann ar mhéid na gcuideachtaí. Ba cheart oiliúint i scileanna digiteacha a chur in oiriúint do riachtanais gach gairme agus earnála agus an chothromaíocht oibre is saoil á hurramú san am céanna.

3.3.

Is feasach do CESE nár cheart é a fhágáil faoi dhaoine aonair scileanna nua a fhoghlaim agus a scileanna a chur in oiriúint do dhúshláin nua dhigiteacha agus ghlasa, is freagracht chomhroinnte ar an tsochaí ina hiomláine an méid sin. I ndáil leis sin, tá sé tugtha le fios ag an gCoimisiún Eorpach go bhfuil 90 % den oiliúint arna cur ar fáil san áit oibre á maoiniú ag cuideachtaí (6). Ba cheart do na Ballstáit, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do ghnólachtaí, trína gcomhlachais earnála agus ar bhonn aonair chomh maith, straitéisí a cheapadh chun borradh a chur faoin digiteáil agus chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán glas agus ba cheart tacú leis uas-sciliú trí bhíthin na straitéisí sin freisin. Ba chóir anailís chríochnúil a dhéanamh ar dhea-shamplaí de shásraí cistiúcháin náisiúnta agus de straitéisí atá dírithe ar oiliúint i leith comhaontuithe comhchoiteanna agus iad a chur chun cinn mar dhea-chleachtais (7).

3.4.

Is díol sásaimh do CESE an Creat-Chomhaontú Eorpach maidir leis an digiteáil a síníodh idir Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, BusinessEurope, SGI Europe agus an Comhlachas Eorpach um Ghnóthais Cheardaíochta agus um Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide (SMEUnited) (8), ina luaitear, i gcás ina n-iarrann fostóir ar oibrí tabhairt faoi oiliúint a bhaineann leis an obair, oiliúint a bhfuil baint dhíreach aici le claochlú digiteach na cuideachta, gurb é an fostóir a íocfaidh as an oiliúint nó go mbeidh sí i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann nó cleachtas náisiúnta. D’fhéadfadh an oiliúint sin a bheith inmheánach nó seachtrach agus dhéanfaí í ag am cuí arna chomhaontú ag an bhfostóir agus an oibrí araon agus, a mhéid is féidir, le linn uaireanta oibre. I gcás ina n-eagrófaí an oiliúint lasmuigh d’uaireanta oibre, ba cheart an oibrí a chúiteamh go leordhóthanach as sin. Iarrann CESE go gcuirfí na prionsabail sin san áireamh agus an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 á fhorbairt.

3.5.

Má táthar chun aistriú cóir a bhaint amach, aithníonn CESE gur gá féachaint chuige go mbeidh sé ar acmhainn an uile dhuine cur leis na bunscileanna digiteacha atá acu chun cúraimí laethúla a chur i gcrích agus tuiscint a fháil ar an gcibearshlándáil, ar an gcumarsáid dhigiteach, ar shlándáil sonraí, ar chosaint sonraí pearsanta, ar phríobháideachas ar an idirlíon agus ar an gcontúirt a bhaineann leis an mbréagaisnéis. Sa chomhthéacs sin, iarrann CESE go ndéanfadh na húdaráis inniúla an oiliúint in inniúlachtaí agus scileanna digiteacha a aithint agus a dheimhniú.

3.6.

Aontaíonn CESE lena bhfuil sa Mholadh ón gComhairle maidir leis an bhfoghlaim le haghaidh na hinbhuaine comhshaoil (9) i ndáil le micridhintiúir dhigiteacha, ach tugann sé rabhadh gur gá na micridhintiúir a bheith comhlántach le dioplómaí agus deimhnithe iomlána. Ar a mhuin sin, tugann CESE dá aire gur gá a gcáilíocht a ráthú agus a dheimhniú, seachas iad a bhailíochtú amháin, i dtreo gur féidir ról ábhartha a bheith acu freisin maidir leis an bhfoghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú.

3.7.

Má táthar chun aistriú cóir a áirithiú, aithníonn CESE nach foláir an oiliúint i scileanna a nascadh le saoire oiliúna íoctha, agus an oiliúint sin a bheith i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta agus le comhaontuithe náisiúnta. Ar an dóigh sin, ba cheart go gcumasófaí rannpháirtíocht oibrithe i gcláir agus i gcúrsaí forbartha gairme a bhaineann le poist nua ghlasa agus dhigiteacha agus, san am céanna, go mbeadh daoine in ann freastal ar an obair agus ar an saol sa bhaile araon.

3.8.

Maidir le Creat Inniúlachta AE a chuir an Coimisiún Eorpach le chéile (10) chun cur le forbairt agus measúnú eolais, scileanna agus dearcthaí i leith an athraithe aeráide agus na forbartha inbhuanaithe, iarrann CESE ar an gCoimisiún réitigh phraiticiúla a chur ar bun chun go mbeidh rochtain éifeachtach ag cuardaitheoirí poist agus ag oibrithe ar ghairmoiliúint chuimsitheach ardcháilíochta a chabhróidh leo na scileanna a bheidh ag teastáil don aistriú glas agus don aistriú digiteach a fháil. I dtaca leis sin de, iarrann sé freisin go gcuirfí le héifeachtacht agus cáilíocht na hoiliúna chun oiliúint ardcháilíochta, chuimsitheach agus chothrom a áirithiú do chách.

3.9.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún táscaire bliantúil a thabhairt isteach faoi 2030 a thabharfaidh léargas ar líon na ndaoine fásta agus na bhfostaithe, go háirithe daoine óga, a thugann faoi chúrsaí oiliúna maidir le scileanna glasa, feasacht chomhshaoil agus scileanna agus freagracht éiceolaíoch agus chomhshaoil, agus aird á tabhairt ar uirlisí simplí saincheaptha do FBManna.

3.10.

Ní mór na cláir oiliúna arb ann dóibh cheana a chur in oiriúint do dhúshláin nua. Ar an gcúis sin, iarrann CESE go spreagfaí agus go n-éascófaí coigeartú na gclár foghlama atá ann cheana d’fhonn na scileanna is gá a ionchorprú san aistriú glas agus go gcuirfí oiliúint ar mhúinteoirí maidir leis na hábhair sin. Ba cheart oiliúint maidir le freagracht chomhshaoil agus feasacht i leith na haeráide a áireamh sa ghairmoiliúint. Is den ríthábhacht measúnú a dhéanamh ar chúrsaí oiliúna agus iad a dheimhniú. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach na Ballstáit a spreagadh chun na bearta is gá a chur i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh rochtain ag cuardaitheoirí poist agus ag oibrithe ar oiliúint ardcháilíochta dheimhnithe a bhfuil meastóireacht déanta uirthi.

3.11.

Tá gá le faisnéis agus le hinfheictheacht mhaith maidir le gach earnáil gníomhaíochta. D’fhéadfaí dea-chleachtais a shainaithint bunaithe ar an méid atá ann cheana san Eoraip agus i roinnt tíortha san Aontas ó thaobh faisnéise nó faireachlann maidir le poist agus scileanna chun measúnú a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo, feasacht a mhúscailt agus oibrithe agus gnólachtaí a thabhairt chun páirtíochta ar mhaithe leis na réimsí ina mbeidh gníomhaíochtaí ag teastáil amach anseo a shonraigh ar bhonn comhpháirteach agus le tallann nua a mhealladh.

3.12.

Tá CESE den tuairim gur ríthábhachtach tosú ar fhaireachán straitéiseach a dhéanamh ar riachtanais scileanna chun na riachtanais a bheidh de dhíth ar an margadh saothair agus ar an tsochaí sna Ballstáit ó thaobh oiliúna de a réamh-mheas d’fhonn bearnaí glasa agus digiteacha a sheachaint agus iomaíochas an Aontais a neartú. Ba cheart ról ceannasach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta, ag an tsochaí shibhialta agus ag na seirbhísí fostaíochta poiblí maidir le hanailís agus diagnóis a dhéanamh ar éilimh. Ba cheart lámh a bheith acu agus réamh-mheas á dhéanamh ar riachtanais scileanna agus ní mór dóibh a bheith ar an eolas faoin gcaoi a bhfreagraíonn an oiliúint a chuirtear ar fáil ar na scileanna a theastaíonn ó chuideachtaí agus ón margadh saothair, agus treochtaí á gcur san áireamh chomh maith, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

4.   Scileanna agus inniúlachtaí digiteacha agus glasa

4.1.

Molann CESE an fhorbairt inbhuanaithe a áireamh i mbeartais agus i gcláir a bhaineann leis an oideachas agus an oiliúint, dála mar a rinneadh i gcás an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, i gcomhréir le sprioc 4.7 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, i measc nithe eile. Is éard atá i gceist leis sin an t-oideachas agus an oiliúint i leith na forbartha inbhuanaithe a chur san áireamh in Erasmus+, CSE+ agus Fís Eorpach agus sineirgí a chruthú idir na cláir sin.

4.2.

Tugann CESE chun suntais go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus cur leis rochtain ar dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil agus atá sé infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí digiteacha, glasa agus inbhuanaithe.

4.3.

Tá CESE ag iarraidh ar an lucht déanta cinntí feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar do mhúinteoirí agus d’oideoirí maidir le teicneolaíochtaí digiteacha, glasa agus inbhuanaithe a chur i bhfeidhm i dtimpeallachtaí foghlama trí infheistíocht a dhéanamh ina bhforbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach agus sna scileanna agus inniúlachtaí digiteacha agus glasa atá acu.

4.4.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí infheistíocht i dtaighde fadaimseartha idirdhisciplíneach neamhchlaonta ar na gnéithe éagsúla de theicneolaíochtaí digiteacha san oideachas, lena nasctar eolaíocht oideachais, an oideolaíocht, an tsíceolaíocht, an tsocheolaíocht, eolaíocht néarchórais, an innealtóireacht agus an ríomhaireacht. Is tábhachtach an méid sin chun tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil intinn leanaí ag forbairt sa saol digiteach.

4.5.

Tá CESE ag iarraidh go nglacfaí cur chuige cuimsitheach maidir le straitéisí digiteacha lena gcuirtear forbairt bunscileanna chun cinn mar bhunchloch an chomhtháthaithe shóisialta.

4.6.

Is díol sásaimh do CESE Bliain Eorpach na Scileanna agus tarraingíonn sé aird ar an gcur chuige maidir le scileanna digiteacha agus glasa a fhorbairt ó dhearcadh níos leithne. Bíodh sin mar atá, is den ríthábhacht bearnaí bunúsacha i scileanna digiteacha a dhúnadh, óir níl na scileanna sin ach ag 54 % de mhuintir na hEorpa. Faoi spriocanna Dheacáid Dhigiteach na hEorpa, táthar ag iarraidh go mbeidh bunscileanna digiteacha ag 80 % de mhuintir na hEorpa, ar a laghad, faoi 2030. Aithníonn CESE gur gá tacú le forbairt scileanna chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le teicneolaíochtaí nua a chur in úsáid, amhail anailísí mórshonraí, an intleacht shaorga agus an chibearshlándáil.

4.7.

Dar le CESE gur réamhriachtanas é an tsaoránacht dhigiteach a fhorbairt má táthar chun rannpháirtíocht ghníomhach gach foghlaimeora sa tsochaí a áirithiú. I gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, ba chóir aird faoi leith a thabhairt ar an mbearna idir na hinscní a mhéid a bhaineann le rochtain ban ar oiliúint. Ní féidir formhór an daonra a fhágáil ar lár i ngeall ar easpa cur chuige inscne. Chuige sin, ba cheart an Creat Inniúlachta Digití AE (DigComp 2.0) a chur chun cinn ar dhóigh níos fearr lena áirithiú go nglacfaidh soláthraithe foghlama éagsúla agus geallsealbhóirí oideachais agus oiliúna leis. Ar an dóigh sin, cuirfear sraith níos leithne inniúlachtaí chun cinn, inniúlachtaí a theastaíonn chun bheith i do shaoránach digiteach.

4.8.

Tugann CESE dá aire go bhfuil baint ag na bearnaí sa rochtain ar acmhainní digiteacha agus i bhforbairt scileanna digiteacha leis an timpeallacht shocheacnamaíoch. Ba cheart bearnaí réigiúnacha agus socheacnamaíocha a dhúnadh trí thacaíocht spriocdhírithe a áirithiú do na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus trí aird a thabhairt ar cheantair thuaithe.

4.9.

Iarrann CESE go ndéanfaí prionsabail a bhaineann leis an idir-inoibritheacht agus le prótacail oscailte a chur chun cinn sna huirlisí digiteacha a úsáidtear chun spás foghlama ar líne níos daonlathaí agus uirlisí digiteacha a chothú a bheidh de rogha ar uirlisí seanbhunaithe traidisiúnta lenar féidir foghlaim agus ábhar a chomhchruthú.

4.10.

Ba cheart faireachán a dhéanamh ar fhorbairt scileanna digiteacha tríd an Seimeastar Eorpach agus tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun féachaint chuige go mbeidh beartais foghlama iomchuí arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoi scileanna digiteacha ina mbonn taca le haon chistiú a úsáidtear chun bearnaí sa bhonneagar digiteach a dhúnadh.

4.11.

Aithníonn CESE na deacrachtaí a bhíonn ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag FBManna dul in oiriúint don aistriú digiteach mura bhfuil na hacmhainní nó an oiliúint chuí acu chuige sin. Ba cheart tuilleadh deiseanna cistiúcháin, gníomhaíochtaí piarfhoghlama agus malartú acmhainní digiteacha san earnáil a éascú, ó tharla gur éascaitheoirí nó soláthraithe oideachais agus oiliúna do chách iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta. De bhreis air sin, ba cheart rochtain ar bhogearraí foinse oscailte a chur chun cinn chun saor-rochtain a áirithiú, spásanna ar líne a chomhchruthú ar bhealach daonlathach agus acmhainní digiteacha malartacha lena n-osclaítear an spás ar líne do chách a chur chun cinn.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  https://www.cedefop.europa.eu/en/news/more-employment-higher-skills-demand

(2)  https://www.businesseurope.eu/sites/buseur/files/media/reports_and_studies/2020-06-22_agreement_on_digitalisation_-_with_signatures.pdf

(3)  https://www.businessinsider.com/service-industry-work-from-home-remote-madrid-london-paris-berlin-2021-2?r=US&IR=T

(4)  https://www.cedefop.europa.eu/files/3092_en.pdf

(5)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

(6)  Adult Learning Statistical Report [Tuarascáil Staitistiúil maidir leis an bhFoghlaim Aosach], https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8337&furtherPubs=yes

(7)  Mar shampla, maoiniú Scuola Edile in earnáil na tógála san Iodáil tríd an gcomhaontú comhchoiteann don earnáil nó Fondi Interprofessionali, cistí sonracha chun gníomhaíochtaí oiliúna do FBManna a mhaoiniú, arna gcomhaontú ag na comhpháirtithe sóisialta sna comhaontuithe comhchoiteanna.

(8)  http://erc-online.eu/wp-content/uploads/2020/07/Final-22-06-20-with-signatures_Agreement-on-Digitalisation-2020.pdf

(9)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9242-2022-INIT/ga/pdf

(10)  https://joint-research-centre.ec.europa.eu/greencomp-european-sustainability-competence-framework_en


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/71


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — an Cárta Míchumais Eorpach

(tústuairim arna hiarraidh sin don Choimisiún Eorpach)

(2023/C 228/09)

Rapóirtéir:

Ioannis VARDAKASTANIS

Comhairliúchán

Tústuairim arna hiarraidh sin don Choimisiún Eorpach, 20.1.2023

Bunús dlí

Airteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

135/2/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh suaitheanta ón gCoimisiún Eorpach Cárta Míchumais Eorpach a sheoladh, rud a chuirfidh ar chumas daoine faoi mhíchumas an ceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe ar fud an Aontais a fheidhmiú trí aitheantas frithpháirteach ar stádas míchumais na sealbhóirí cárta a éascú. Tá Cárta Míchumais Eorpach á iarraidh le fada ag an ngluaiseacht um míchumas agus é mar thosaíocht thábhachtach di, ós rud é go bhfágann an faillí san aitheantas don mhíchumas go bhfuil teorainn leanúnach le cearta na saorghluaisteachta.

1.2.

Cuireann CESE i bhfios go láidir go gcuirtear bac ar infhaighteacht beart tacaíochta le haghaidh daoine faoi mhíchumas tráth nach n-aithnítear an míchumas go frithpháirteach, rud a chiallaíonn go ndiúltaítear an deis go lom díreach do na daoine sin a gcearta a fheidhmiú i dtaca le taisteal agus/nó bogadh chuig Ballstáit eile den Aontas.

1.3.

An feabhas sin ar shaorghluaiseacht de thoradh aitheantas frithpháirteach ar mhíchumas, tuigeann CESE go gcuirfeadh sé go mór le féiniúlacht choiteann Eorpach a thógáil agus beidh níos mó comhsheasmhachta ann le haghaidh daoine faoi mhíchumas, agus go ndéanfaí amhlaidh trí fheasacht a mhúscailt i measc soláthróirí seirbhíse faoin easpa inrochtaineachta agus go ndéanfaí rochtain a fheabhsú san fhadtéarma ar an mbealach sin. Rachaidh sé chun tairbhe do na soláthróirí sin freisin ag an tráth céanna ós rud é go dtiocfaidh méadú ar a líon cuairteoirí.

1.4.

Leis an gCárta Míchumais Eorpach, neartófar comhar idir údaráis náisiúnta agus gníomhaireachtaí rialtais éagsúla freisin chun feasacht a mhúscailt maidir le saincheisteanna míchumais, agus ar an mbealach sin tabharfar uirlis do dhaoine faoi mhíchumas dofheicthe chun rochtain ar bhuntáistí agus seirbhísí a éascú gan cur orthu a míchumas a mhíniú. Éascófar leis soláthar seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas ó Bhallstáit nach bhfuil cárta míchumais acu trí dhoiciméad a chur ar fáil dóibh is féidir a úsáid ar an leibhéal náisiúnta freisin mar chruthúnas ar a míchumas.

1.5.

Leagann CESE béim ar an tábhacht a bhaineann le seoladh an Chárta Míchumais Eorpaigh a chomhlánú le bearta, ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta, a dhíríonn ar inrochtaineacht ghinearálta na dtimpeallachtaí tógtha, an iompair, agus seirbhísí agus earraí a fheabhsú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), le rialacháin maidir le hinrochtaineacht iompair (3) agus le caighdeáin inrochtaineachta ghaolmhara.

1.6.

Is cúis áthais do CESE go bhfuil tionscnamh reachtach á mholadh ag an gCoimisiún le haghaidh Cárta Míchumais Eorpach, agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach rialachán a mholadh, ós rud é gurb iomchuí an ionstraim é chun lúfaireacht a áirithiú sa chur i bhfeidhm agus chun difríochtaí a sheachaint ar an leibhéal náisiúnta.

1.7.

Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a chur san áireamh sa Chárta Míchumais Eorpach an raon feidhme rochtana ar gach foirm seirbhíse, sochair agus lascaine a dheonaítear cheana féin ar an leibhéal náisiúnta, lena nglacann na soláthróirí seirbhísí uile a thairgeann coinníollacha fabhracha nó oiriúnuithe do dhaoine faoi mhíchumas, cibé acu eintitis phoiblí nó phríobháideacha a sholáthraíonn na seirbhísí sin.

1.8.

Molann CESE go soláthrófar leis an gCárta Míchumais Eorpach an fhéidearthacht chun rochtain a thabhairt ar bhonn sealadach ar shocair atá nasctha le beartais shóisialta phoiblí agus/nó le córais slándála sóisialta náisiúnta i gcás ina bhfuil duine faoi mhíchumas tar éis bogadh chuig Ballstát eile chun staidéar nó obair a dhéanamh ann, agus go ndéanfar amhlaidh a fhad agus a mhaireann an próiseas chun athmheasúnú agus deimhniú a dhéanamh ar an míchumas.

1.9.

Níl homaiginiú na múnlaí measúnaithe míchumais sna Ballstáit i gceist le haitheantas a thabhairt don mhíchumas tríd an gCárta Míchumais Eorpach ach cuirtear iallach ar na Ballstáit feabhas a chur ar na córais atá ann faoi láthair atá bunaithe go príomha ar chur chuige leighis ionas go mbeidh na córais i gcomhréir ar bhealach níos fearr le samhlacha a chloíonn le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD).

1.10.

Creideann CESE nach mór an cárta a bheith i bhfoirm fhisiciúil agus cumais dhigiteacha aige, agus nach mór é a bheith go hiomlán inrochtana, méid caighdeánach cárta aitheantais a bheith air, agus faisnéis a bheith le feiceáil air maidir leis an gcúnamh pearsanta a theastaíonn ó úinéir an chárta agus/nó faisnéis maidir leis an duine tionlacain.

1.11.

Molann CESE nach mór go mbeidh ina chuid den reachtaíocht maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach suíomh gréasáin ar leibhéal an Aontais atá go hiomlán inrochtana, air a bhfuil leagan soléite de agus freastal ar theangacha comharthaíochta, atá ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla Aontais agus lena gcuirtear faisnéis nithiúil ar fáil faoi gach tír. Ní mór feachtais múscailte feasachta uile-Aontais agus náisiúnta, i ngach teanga oifigiúil den Aontas, a dhíríonn ar an bpobal i gcoitinne, ar úsáideoirí féideartha cártaí agus ar sholáthraithe seirbhíse a bheith mar chuid di freisin.

1.12.

Tacaíonn CESE leis an togra chun an reachtaíocht nua maidir le Cárta Páirceála an Aontais Eorpaigh a fhorbairt in éineacht leis an togra le haghaidh Cárta Míchumais Eorpach. Mar sin féin, iarrann CESE ar an gCoimisiún a chur san áireamh nach mór an dá chárta a choinneáil scartha go fisiciúil óna chéile i ngach uile chás.

1.13.

Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh institiúidí an Aontais dlúthchomhar i gcónaí le daoine faoi mhíchumas, agus le heagraíochtaí ionadaíocha daoine faoi mhíchumas ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus an Cárta Míchumais Eorpach á fhorbairt, á chur chun feidhme agus measúnú á dhéanamh air ina dhiaidh sin.

1.14.

Tuigeann CESE go bhfuil an Cárta Míchumais Eorpach go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (4) agus go gcosnófar leis faisnéis phearsanta an úsáideora. Iarrann CESE ar an gCoimisiún leibhéal ard cosanta a ráthú maidir leis na sonraí sin, in éineacht le bearta slándála agus frith-ghóchumtha, agus é sin a dhéanamh tríd an reachtaíocht atá beartaithe agus trí dhearadh agus úsáid an Chárta Míchumais Eorpaigh.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (5) i gceist mar chuid de stádas saoránachta Eorpaí, mar a thugtar faoi deara in Airteagal 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Maidir le daoine faoi mhíchumas, tá an ceart sin cosanta ag UNCRPD, arna dhaingniú ag an Aontas Eorpach agus na 27 mBallstát, in Airteagal 18, ina socraítear an tsaoirse ghluaiseachta, an tsaoirse chun a n-áit chónaithe agus a saoránacht a roghnú, ar bhonn comhionann le daoine eile. Le tuiscint ar an míchumas mar shraith laguithe a d’fhéadfadh, in éineacht le bacainní éagsúla, bac a chur ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach na ndaoine sin sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile (6), tá sé de fhreagracht ar an tsochaí ina hiomláine, go háirithe trí bheartais phoiblí náisiúnta agus Eorpacha, feidhmiú an chearta sin a chosaint agus a chumasú go héifeachtach.

2.2.

Soláthar tacaíochta, cúnamh, bearta inrochtana, seirbhísí sonracha, freastal réasúnta, gníomhaíochtaí dearfacha agus foirmeacha sochair eile le haghaidh daoine faoi mhíchumas, is iad sin na huirlisí lena gcinntítear feidhmiú cothrom na gceart agus lena sáraítear bacainní faoin gcreat sin. Dá réir sin, i gcás nach n-aithnítear míchumas, cuirtear bac ar infhaighteacht na mbeart tacaíochta sin, rud a chiallaíonn go ndiúltaítear an deis go lom díreach do na 87 milliún duine faoi mhíchumas atá ina gcónaí san Aontas a gcearta a fheidhmiú i dtaca le taisteal agus/nó bogadh go dtí Ballstáit eile den Aontas.

2.3.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil tionscnamh reachtach á mholadh ag an gCoimisiún le haghaidh Cárta Míchumais Eorpach, agus molann sé go láidir go mbunófaí an Cárta Míchumais Eorpach trí rialachán a mbeidh feidhm leis sna Ballstáit uile ar bhealach pras, éifeachtach agus aonchineálach. Is oiriúnaí an ionstraim an rialachán chun lúfaireacht a áirithiú sa chur i bhfeidhm agus difríochtaí sa chur chun feidhme a sheachaint. Ní fhéadfaidh carachtar an mholta a bheith ag baint leis an reachtaíocht mar ní ligfeadh leis sin infheidhmeacht uilíoch agus aonchineálach an chárta. I gcás treorach, bheadh riosca ard ann go mbeadh gá le síneadh neamhshainithe ama chun í a thrasuí, agus d’fhéadfadh cásanna teacht chun cinn ina mbeadh stádas gníomhach ag Cártaí Míchumais Eorpacha i roinnt Ballstát agus nach mbeadh reachtaíocht chuí i bhfeidhm i mBallstáit eile chun na sochair a bhaineann leis a chur i bhfeidhm. Ar an taobh eile, bheadh éifeacht láithreach ag rialachán i ngach Ballstát.

2.4.

Leis an gCárta Míchumais Eorpach, trína éascófar baint bacainní ionas go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann gluaiseacht faoi shaoirse san Aontas, d’oibreodh sé mar Phas Míchumais Eorpach agus saintréithe phas mar sin aige, ag ceadú aitheantas ar na seirbhísí agus sochair uile a bhfuil ceart ag daoine faoi mhíchumas ina leith agus rochtain ar na seirbhísí agus na sochair sin ina dhiaidh sin.

2.5.

Creideann CESE gur léiríodh sa treoirthionscadail a seoladh idir 2016 agus 2019 in ocht mBallstát an fhéidearthacht a bhaineann leis an gcárta agus na deiseanna a ghabhann leis d’úsáideoirí, sa bhealach ina n-éascaítear soghluaisteacht níos éasca trí rochtain a dheonú ar choinníollacha tairbheacha maidir le seirbhísí áirithe atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas cheana féin sa Bhallstát óstach.

2.6.

Tugadh mioneolas ar an éifeachtúlacht sin sa mheasúnú a rinneadh ar an treoirthionscadal (7) a forbraíodh in 2021. Le húsáid an chárta, cuireadh le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sna hearnálacha cultúir agus fóillíochta, tháinig méadú ar shoghluaisteacht trasteorann agus chuir neart úsáideoirí feabhas ar a n-eispéiris tuarasóireachta ar an gcoigríoch, cuir i gcás.

2.7.

Mar sin féin, léiríodh sa mheasúnú freisin gur theastaigh a thuilleadh uaillmhéine ó na húsáideoirí agus go mbeadh a thuilleadh earnálacha san áireamh, lena n-áirítear an earnáil iompair, leis an gcárta, dhá rud a bhí teoranta sa ghníomhaíocht phíolótach. Measadh freisin go bhfuil géarghá le feachtais múscailte feasachta ionas go dtuigfidh úsáideoirí ionchasacha na féidearthachtaí nua a bhaineann leis an gcárta agus go n-aithneoidh soláthróirí seirbhíse an cárta chomh maith leis na lascainí agus na seirbhísí atá i gceist leis.

2.8.

Cuirtear na deiseanna in iúl go sainráite sa tuarascáil mheasúnachta, ach áirítear inti na hiarrataí ó dhaoine faoi mhíchumas agus na bearnaí a d’fhéadfadh teacht chun solais leis an gCárta Míchumais Eorpach mura gcumhdaítear ach líon teoranta earnálacha leis. Dá bhrí sin, tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rochtain a thabhairt ar gach cineál seirbhíse, sochair agus lascaine a thugtar cheana féin ar an leibhéal náisiúnta d’úsáideoirí an Chárta Míchumais Eorpaigh, lena nglacann na soláthróirí seirbhísí uile a thugann coinníollacha fabhracha nó oiriúnuithe do dhaoine faoi mhíchumas, cibé acu eintitis phoiblí nó phríobháideacha na heintitis a sholáthraíonn na seirbhísí sin. Creideann CESE nár cheart liosta teoranta earnálacha a leagan síos sa reachtaíocht ach go mbeadh feidhm aici maidir leis na seirbhísí uile ar mhargadh aonair an Aontais, ós rud é go mbeadh go leor eisceachtaí i gceist le hearnálacha a liostú agus choinneofaí leis sin an chuid is mó de na constaicí atá ann faoi láthair agus chuirfí teorainn le héifeachtúlacht an chárta ar an mbealach sin.

2.9.

Tuigeann CESE, a mhéid a bhaineann le cumhdach na sochar atá nasctha le beartais shóisialta agus/nó córais slándála sóisialta amhail tacaíocht eacnamaíoch dhíreach, soláthar cúnaimh phearsanta nó tacaíochta le haghaidh scoláirí nó sochair a bhaineann leis an obair le haghaidh cuideachtaí i gcásanna ina bhfostaíonn siad daoine faoi mhíchumas, ba cheart féidearthacht a sholáthar leis an gCárta Míchumais Eorpach seirbhísí den sórt sin a thabhairt ar bhonn sealadach i gcás inar bhog duine faoi mhíchumas chuig Ballstát chun staidéar nó obair a dhéanamh ann, agus ba cheart déanamh amhlaidh a fhad agus a mhaireann an próiseas chun athmheasúnú agus deimhniú a dhéanamh ar an míchumas. Maidir le daoine faoi mhíchumas a bhogann go Ballstát eile chun obair nó staidéar a dhéanamh ann (e.g. Clár Erasmus+), ciallaíonn sé sin go mbeidh an deis acu rochtain a fháil ar aon tacaíocht is gá chun obair nó staidéar a dhéanamh ar bhonn comhionann.

2.10.

Cuireann CESE i dtábhacht go bhfuil an Cárta Míchumais Eorpach go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGSC) agus go gcosnaítear leis faisnéis phearsanta an úsáideora, ós rud é, le húsáid an chárta sin chun rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar shocair, go gcosnaítear an duine ar an oibleagáid sonraí pearsanta a thaispeáint agus a chur in iúl, go háirithe an measúnú míchumais agus faisnéis sláinte pearsanta.

2.11.

Ba cheart a áireamh sa togra maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach seoladh chóras forfheidhmithe agus faireacháin, chun forfheidhmiú agus cur chun feidhme rianúil agus éifeachtach an chárta a áirithiú, chomh maith le struchtúr chun gearáin agus iarrataí ó úsáideoirí a theorannú agus a bhainistiú.

2.12.

Tuigeann CESE nach bhfuil aonchineálú na múnlaí measúnaithe míchumais sna Ballstáit éagsúla i gceist le haitheantas a thabhairt do mhíchumas tríd an gCárta Míchumais Eorpach. Mar sin féin, cuirtear iallach ar na Ballstáit leis feabhas a chur ar na córais atá ann cheana féin atá bunaithe go príomha ar chur chuige an leighis le go n-aistreofar i dtreo samhlacha a chloíonn le UNCRPD. De réir taighde a rinne Parlaimint na hEorpa le déanaí ar Disability assessment, mutual recognition and the EU Disability Card (an measúnú míchumais, an t-aitheantas frithpháirteach agus an Cárta Míchumais Eorpach), tá comhaontú láidir ann faoin ngá atá le feabhas a chur ar ghlacadh na bprionsabal comhchoiteann agus ar chomhchuibhiú níos fearr ar mheasúnuithe míchumais, sainmhínithe míchumais agus aitheantas frithpháirteach. Anuas air sin, tuigeann CESE gur díríodh níos mó sna córais mheasúnaithe roimhe seo ar shaintréithe aonair agus ní ar shaintréithe a bhaineann leis an timpeallacht, bhí siad ag brath ar eolas leighis nó ar thástálacha daoine agus iad ag feidhmiú as comhthéacs, seachas ar chur chuige níos iomlánaíche ina gcuirtear dálaí iarbhír shaol an duine san áireamh (8).

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Creideann CESE, a mhéid a bhaineann leis an bhformáid, nach mór an cárta a bheith i bhfoirm fhisiciúil agus cumais dhigiteacha aige. Ba mhaith an rud é cód QR agus/nó slis leictreonach a bheith ann a nascfadh leis na sonraí measúnaithe míchumais, mar shampla. Ní mór an cárta fisiciúil a bheith inrochtana go hiomlán, agus cur síos braille air agus é de mhéid caighdeánaithe le haghaidh cárta aitheantais.

3.2.

Ní mór suíomh gréasáin ar leibhéal an Aontais ar a soláthraítear sonraí praiticiúla faoi gach tír a bheith mar chuid de thionscadal an Chárta Míchumais Eorpaigh, agus áireofar faisnéis amhail an méid seo a leanas i measc na faisnéise sin a sholáthrófar ar an suíomh gréasáin: cén áit ar féidir an cárta a fháil agus an chaoi a n-oibríonn sé. Ba cheart suíomh gréasáin an Aontais a bheith ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais agus ní mór é a bheith inrochtana ag an leibhéal is airde comhréireachta (AAA) de réir na dTreoracha maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (9), agus formáidí soléite a bheith ar fáil air mar aon le freastal ar theangacha comharthaíochta, agus ba cheart gurbh ionann an scéal i gcás na suíomhanna gréasáin náisiúnta agus an phróisis iomláin a bhaineann leis an gcárta a fháil.

3.3.

Ba cheart faisnéis maidir le cúnamh pearsanta agus/nó daoine tionlacain úinéir an chárta a bheith san áireamh san fhaisnéis ar an gcárta, ionas go mbeidh siad san áireamh i raon feidhme na sochar agus na tacaíochta cibé áit is infheidhme. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl le siombail choincréiteach nó féadfar í a lua ar an gcárta fisiciúil.

3.4.

Creideann CESE nach mór úsáid an Chárta Míchumais Eorpaigh a bheith roghnach, agus é códaithe sa dlí gur féidir le gach duine faoi mhíchumas cinneadh a dhéanamh dó/di féin an mian leis/léi iarratas a dhéanamh ar an gcárta agus nár cheart é a bheith d’oibleagáid ar an duine cárta den sórt sin a bheith ina sheilbh aige/ina seilbh aici chun míchumas a chruthú.

3.5.

Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún ionstraim chistiúcháin a sholáthar chun an Cárta Míchumais Eorpach a bhunú i ngach Ballstát den Aontas lena n-áirítear suíomh gréasáin uile-Aontais. Ina dhiaidh sin, ní mór cistiú leanúnach a áirithiú chun an cárta a phriontáil agus a eisiúint, le haghaidh foirne, cumarsáide agus chothabháil an tsuímh ghréasáin agus na n-uirlisí gaolmhara, amhail feidhmchláir mhóibíleacha fhéideartha. Féadfar é sin a dhéanamh trí ionstraim chistiúcháin an Aontais a choinneáil ar bun agus/nó trí shruthanna cistiúcháin náisiúnta.

3.6.

Tá cumarsáid agus múscailt feasachta faoi Chárta Míchumais Eorpach ríthábhachtach chun a chinntiú go bhfaigheann na tairbhithe féideartha agus soláthróirí seirbhísí féideartha eolas faoi. Ba cheart feachtais múscailte feasachta uile-Aontais agus náisiúnta a dhéanamh tráth a sheolfar an cárta, agus iad spriocdhírithe ar an bpobal i gcoitinne, ionas gur féidir le húsáideoirí ionchasacha an chárta iarratas a dhéanamh agus go nglacfaidh soláthróirí seirbhíse páirt sa scéim, ionas go mbainfear an leas is fearr is féidir aisti, agus ba cheart na feachtais sin a reáchtáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais, i bhformáidí soléite agus freastal á dhéanamh ar na teangacha chomharthaíochta chun inrochtaineacht a áirithiú do chách. Ní mór iarracht ar leith a dhéanamh chun dul i dteagmháil le daoine faoi mhíchumas a bhféadfadh níos mó deacrachtaí a bheith acu rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir leis an gcárta a bheith ann, maidir leis na tairbhí a bhaineann leis an gcárta, agus maidir leis an bpróiseas lena fháil. Áirítear ar na daoine sin: daoine faoi mhíchumas síceasóisialta nó intleachta agus daoine a bhfuil córas teoranta tacaíochta acu, mar is amhlaidh an cás le haghaidh dídeanaithe faoi mhíchumas. Ba cheart cumarsáid a dhéanamh san Úcráinis freisin chun teagmháil níos fearr a dhéanamh le dídeanaithe ón Úcráin. I ndiaidh na bhfeachtas sin, ní mór cumarsáid tráthrialta a dhéanamh chun sealbhóirí an chárta agus an pobal i gcoitinne a choinneáil ar an eolas maidir le gnéithe nua de scéim an chárta agus de shochair an chárta go ginearálta, agus chun a áirithiú go bhfuil an tionscadal Aontais seo an-sofheicthe.

3.7.

Cuireann CESE i dtábhacht a ábhartha atá sé go ndéanfaidh institiúidí an Aontais dlúthchomhar i gcónaí le daoine faoi mhíchumas agus le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Ba cheart tabhairt faoin tionscadal le rannpháirtíocht iomlán ó dhaoine faoi mhíchumas agus ó na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas. Ba cheart é sin a dhéanamh ar leibhéal an bheartais a mhéid a bhaineann le forbairt an chárta agus ar leibhéal an fheidhmiúcháin a mhéid a bhaineann leis an gcárta a chur chun feidhme agus a leithdháileadh, agus cumarsáid a dhéanamh faoin gcárta. Ba cheart don Choimisiún malartuithe bliantúla a eagrú maidir le dúshláin, dul chun cinn agus dea-chleachtas i measc na mBallstát, agus daoine faoi mhíchumas agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas rannpháirteach sna malartuithe sin, d’fhonn raon feidhme agus úsáid an chárta a fheabhsú thar am.

3.8.

Ba cheart próiseas bailithe sonraí ar fhaisnéis faoi na tairbhithe, agus iad imdhealaithe faoi inscne agus faoi aois, a bheith mar chuid de chur chun feidhme an Chárta Míchumais Eorpaigh.

4.   Cárta Páirceála an Aontais Eorpaigh

4.1.

Tuigeann CESE an tábhacht a bhaineann le nuashonrú a dhéanamh ar an reachtaíocht lena ndéantar comhchuibhiú ar shaintréithe agus feidhmiú Chárta Páirceála an Aontais. Tá constaicí agus mífheidhmiú le haghaidh úsáideoirí fós i gceist leis na formáidí éagsúla ina gcuirtear an cárta chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil fiú. Mar sin féin, baineann an-tábhacht le húsáid an chárta sin le haghaidh neart daoine faoi mhíchumas, go háirithe ós rud é gurb é an t-aon réiteach é faoina gceadaítear rochtain ar limistéir uirbeacha shrianta, i bhfianaise nach rogha mhalartach é an t-iompar poiblí go minic mar gheall ar an easpa inrochtaineachta.

4.2.

Creideann CESE gur cheart an fhormáid, na saintréithe agus an nós imeachta a ghabhann le Cárta Páirceála an Aontais a chomhchuibhiú, ar bhealach atá ceangailteach ar na Ballstáit agus a chuirtear in iúl go soiléir d’úsáideoirí an chárta. Ba cheart na rialuithe maidir le húsáid chalaoiseach an chárta agus úsáid neamhdhleathach spásanna páirceála atá in áirithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas a neartú agus ba cheart bearta níos déine slándála agus frith-ghóchumtha a chur chun feidhme mar aon le fíneálacha níos airde agus níos éifeachtaí in aghaidh mí-úsáide agus brionnaithe. Ba cheart an feachtas múscailte feasachta a dhíriú ar an bpobal i gcoitinne a mhéid a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar úsáid neamhdhleathach spásanna páirceála forchoimeádta.

4.3.

Ba cheart na rialacha maidir le hincháilitheacht agus an nós imeachta eisiúna a chomhchuibhiú a thuilleadh leis an reachtaíocht maidir le Cárta Páirceála an Aontais Eorpaigh, ar bhealach atá ceangailteach ar na Ballstáit agus a chuirtear in iúl go soiléir d’úsáideoirí an chárta. Féadfaidh malartú dea-chleachtais idir na húdaráis náisiúnta a éascú leis an reachtaíocht trí ghrúpa oibre de chuid an Choimisiúin a bhunú ar an ábhar, rud a d’éascódh forbairt smaointe ar leibhéal an Aontais.

4.4.

Ní mór a chur san áireamh i bhforbairt na reachtaíochta nua le haghaidh Chárta Páirceála an Aontais, in éineacht leis an togra le haghaidh an Chárta Míchumais Eorpaigh, nach mór an dá chárta a bheith scartha go fisiciúil óna chéile i ngach uile chás. Ní féidir le gach uile dhuine faoi mhíchumas ar sealbhóirí ionchasacha an chárta mhíchumais iad feithicil a thiomáint, agus ar son cúiseanna praiticiúla, ní mór an cárta páirceála a choinneáil laistigh den fheithicil pháirceáilte, agus ní mór an Cárta Míchumais Eorpach fanacht i seilbh an úsáideora.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(2)  IO L 327, 2.12.2016, lch. 1.

(3)  IO L 204, 26.7.2006, lch. 1; IO L 46, 17.2.2004, lch. 1; IO L 334, 17.12.2010, lch. 1; IO L 123, 17.5.2003, lch. 18; IO L 315, 3.12.2007, lch. 14; IO L 356, 12.12.2014, lch. 110; IO L 55, 28.2.2011, lch. 1; IO L 42, 13.2.2002, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  IO C 115, 9.5.2008, lch 47 Airteagal 20, 2(a).

(6)  Na Náisiúin Aontaithe. (2006). An Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Sraith na gConarthaí, 2515, 3.

(7)  An Coimisiún Eorpach. 2021. Measúnú ar chur chun feidhme na gníomhaíochta píolótaí maidir le Cárta Míchumais an Aontais agus na socair a ghabhann leis. Tuarascáil Deiridh https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8407&furtherPubs=yes

(8)  Parlaimint na hEorpa, Disability assessment, mutual recognition and the EU Disability Card. Progress and opportunities. An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Parlaimint na hEorpa 739.397 — Samhain 2022.

(9)  Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.0 http://www.w3.org/TR/WCAG20/.


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/76


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tionscnamh maidir le domhain fhíorúla, leithéid na meiteachruinne

(tústuairim arna hiarraidh ag an gCoimisiún Eorpach)

(2023/C 228/10)

Rapóirtéir:

Martin BÖHME

Comhrapóirtéir:

Hervé JEANNIN

Comhairliúchán

20.1.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

 

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

19.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

153/1/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) deimhin de go mbeidh tionchar as cuimse ag an meiteachruinne, agus ag forbairt domhan fíorúil, ar an gcaoi a mairimid le chéile. Is cruinne dhigiteach fhíor-idirnasctha (spás fíorúil) atá sa mheiteachruinne ina n-úsáidtear an t-idirlíon, abhatáranna agus oibreáin bogearraí a chónasctar le chéile chun domhan nua fisiciúil agus fíorúil a chruthú. Beidh impleachtaí aige sin do thimpeallacht an ghnó, do dhálaí oibre agus d’fhorbairt na sochaí sibhialta. Beidh deiseanna ann de thoradh na n-athruithe sin ach beidh rioscaí ann freisin a mbeidh ar an tsochaí dul i ngleic leo. Tá gá fós le dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an nglacadh atá le húsáid na dteicneolaíochtaí nua sin, le go bhféadfar cur le sábháilteacht gach cineáil oibrí.

1.2.

Is é tuairim CESE go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú gur idirlíon oscailte nasctha a bheidh sa chéad ghlúin eile den idirlíon. Tá an mheiteachruinne suite os cionn bunsraith de dhomhain fhíorúla idirnasctha, domhain a chruthaítear trí theicneolaíochtaí éagsúla a úsáid, e.g. bogearraí samhaltaithe thríthoisigh (3T), Web 3.0, an réaltacht bhreisithe (AR)/an réaltacht fhíorúil (VR)/an réaltacht leathnaithe (XR), an intleacht shaorga/an mheaisínfhoghlaim, agus an ríomhaireacht dháilte. Is féidir le heagraíochtaí a shamhlú mar a d’fhéadfadh na teicneolaíochtaí sin feabhas a chur ar a samhlacha gnó, ach beidh orthu réiteach a fháil ar chruacheisteanna, e.g. conas treochtaí sa mhargadh a mheas, teacht ar chumais, rannpháirtíocht a thomhas, agus gnólachtaí a oiriúnú le go mbeidh siad iomaíoch i gcónaí. Tá sonraí breise faoi na deiseanna agus na dúshláin tugtha i mír 3.2 agus mír 3.3, agus tá roinnt samplaí sonracha as earnáil na tionscalaíochta luaite i mír 3.10. Is gá anailís leanúnach a dhéanamh féachaint an leor an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair chun na domhain fhíorúla a rialáil. Athdhearbhaíonn CESE an seasamh a ghlac Parlaimint na hEorpa le déanaí agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé stádas fostaíochta na ndaoine sin a bhfuil baint acu leis na domhain fhíorúla a chinneadh i gceart agus a áirithiú go meastar gur fostaithe nó gur daoine féinfhostaithe iad, ag brath ar a ndálaí oibre féin.

1.3.

Ní mór don reachtóir machnamh cúramach a dhéanamh ar fhorbairt na meiteachruinne le go bhféadfar a áirithiú gur timpeallacht shábháilte a bheidh inti. Tá gá le comhar leanúnach idir na geallsealbhóirí lena áirithiú go mbeidh an mheiteachruinne le leas na sochaí. Mar sin féin, tá baol i gceist freisin le domhain fhíorúla, leithéid na meiteachruinne, go háirithe i gcás leanaí agus grúpaí leochaileacha. Ní mór d’oibreoirí ardán diansásraí rialaithe a chur i bhfeidhm chun inneachar díobhálach a scagadh agus a bhaint de na hardáin agus coimircí a chruthú chun an ciapadh agus an mhí-úsáid a chosc.

1.4.

Is féidir leis an meiteachruinne tionchar a imirt ar dhálaí oibre agus ar an tsláinte agus an tsábháilteacht chomh maith. Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear bearta cuí i bhfeidhm le go mbeidh faisnéis leordhóthanach ann faoi na saincheisteanna sin, lena n-áirítear tríd an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil, chun sábháilteacht oibrithe a áirithiú agus rochtain ar oiliúint a chur ar fáil chun inniúlachtaí agus scileanna a fheabhsú. Ní mór don Aontas a ráthú go n-urramófar ar fud an domhain fhíorúil an reachtaíocht atá ann cheana a bhfuil feidhm aici san fhíorshaol agus, i gcás inar gá, go ndéanfar bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha a bhaineann leis an meiteachruinne a rialáil.

1.5.

Dar le CESE, tá úsáid na meiteachruinne sa tionsclaíocht faoi láthair dírithe ar oibríochtaí a bharrfheabhsú, sonraí a bhailiú agus cur leis an bhfeidhmíocht. Is léir ón gcleachtas gur uirlis luachmhar iad na leathchúplaí digiteacha a chabhraíonn le gnólachtaí na spriocanna sin a bhaint amach. Ní mór don mheiteachruinne réitigh a chur ar fáil ar fhadhbanna nárbh fhéidir a réiteach go fóill nó le go bhféadfar táirgí a mhonarú ar chostas níos ísle agus i dtréimhse níos giorra, an cháilíocht a fheabhsú, na rioscaí a laghdú agus cur leis an éifeachtúlacht.

1.6.

D’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag an meiteachruinne ar an gcomhshaol agus ar an athrú aeráide tríd an gcianobair a éascú ar leibhéal nua, rud a laghdaíonn an gá le taisteal a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, a íslíonn na hastaíochtaí carbóin. Ina theannta sin, is féidir an mheiteachruinne a úsáid chun cleachtais inbhuanaithe a ionsamhlú agus a thástáil, córais fuinnimh in-athnuaite agus cathracha cliste, cuir i gcás, sula gcuirtear chun feidhme san fhíorshaol iad. Mar sin féin, ní mór ídiú fuinnimh agus lorg carbóin na teicneolaíochta lena gcumhachtaítear an mheiteachruinne a chur san áireamh freisin. Le leathnú na ndomhan fíorúil, tiocfaidh méadú breise ar an éileamh fuinnimh domhanda. Dá thoradh sin, tiocfaidh méadú freisin ar an ngá le fuinneamh glas a ghiniúint.

1.7.

Measann CESE go bhfuil gá cheana féin le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le cánachas ar ghníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl sa mheiteachruinne. Tá dúshláin ag baint le saincheisteanna fioscacha sa mheiteachruinne, ós rud é go bhféadfadh sé nárbh iomchuí samhlacha cánach traidisiúnta agus go mbeadh gá le cineálacha cur chuige nua chun cánacha cothroma agus éifeachtacha a bhailiú.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Is idirlíon oscailte idirnasctha a bheidh sa chéad ghlúin eile den idirlíon, rud a chabhróidh leis an aistriú digiteach i saol an ghnó agus sa tsochaí. Na teicneolaíochtaí a bhaineann leis an meiteachruinne – AR/VR/XR agus leathchúplaí digiteacha – is féidir leo dlús a chur leis an rannpháirtíocht, an sóisialú, an comhar agus le heispéiris, trí bhealaí nua tumthacha a thabhairt d’úsáideoirí chun teacht ar tháirgí agus ar sheirbhísí.

2.2.

Tá deis ag eagraíochtaí machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirfidh an chéad ghlúin eile den idirlíon feabhas ar a gcuid táirgí agus seirbhísí. Ar na hábhair mhachnaimh sin tá tionchar na meiteachruinne ar an tráchtáil, an chaoi ar féidir le AR an oiliúint a fheabhsú, an chaoi le samhaltú 3T agus leathchúplaí digiteacha a úsáid go héifeachtach, agus an chaoi ar féidir le hearnáil na siamsaíochta leas a bhaint as VR. Mar sin féin, le teacht chun cinn na ndomhan fíorúil nua, leithéid na meiteachruinne, ardaítear roinnt cruacheisteanna freisin a mbeidh ar eagraíochtaí aird a thabhairt orthu go práinneach. Ar an gcéad dul síos, má theastaíonn uathu a bheith iomaíoch i gcónaí, beidh orthu deiseanna cuí a shamhlú agus meastóireacht a dhéanamh ar an margadh, ar riachtanais custaiméirí agus ar threochtaí. Ar an dara dul síos, beidh gá acu le próisis éifeachtacha chun teacht ar chumais, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí agus seachfhoinsiú. Ar an tríú dul síos, beidh sé ríthábhachtach tionchar na rannpháirtíochta agus na n-eispéireas a thomhas le go bhféadfar an fheidhmíocht agus sástacht custaiméirí a fheabhsú go leanúnach. Ar an gceathrú dul síos, le nach mbainfear d’iomaíocht na n-eagraíochtaí, beidh orthu a samhlacha gnó a chur in oiriúint do theicneolaíochtaí nua, do mhargaí nua, agus d’ionchais nua custaiméirí.

2.3.

Is gá machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfar na domhain fhíorúla agus an domhan fisiciúil (an fíorshaol) a chothromú lena áirithiú go dtógfar an mheiteachruinne go stuama. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú gur timpeallacht shábháilte do thomhaltóirí a bheidh sa mheiteachruinne agus go mbeidh sí ag teacht go mion leis an bhfís gur idirlíon oscailte a bheidh sa chéad ghlúin eile den idirlíon. Ní mór do thomhaltóirí a bheith ullamh lena húsáid agus oiliúint a fháil ina leith; i gcás leanaí agus déagóirí, b’fhearr an oiliúint sin a chur ar fáil ar scoil. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach a mheas an féidir leis an teicneolaíocht dul chun cinn tapa go leor a dhéanamh chun meiteachruinne ár samhlaíochta a thógáil. Leis na cruacheisteanna sin a réiteach, beidh gá le plé agus comhar leanúnach idir na geallsealbhóirí, lena n-áirítear lucht tionscail, lucht ceaptha beartas, na comhpháirtithe sóisialta agus líonraí na sochaí sibhialta, sin chun a áirithiú go mbeidh forbairt na meiteachruinne le leas na sochaí ina hiomláine.

2.4.

Is mian le CESE aird a dhíriú freisin ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe i gcás leanaí agus grúpaí leochaileacha amhail daoine faoi mhíchumas agus mionlaigh. Toisc gur cuid den domhan fíorúil an mheiteachruinne, bíonn sé níos éasca ag ciontóirí a n-ainm a cheilt agus teachtaireachtaí mailíseacha agus díobhálacha a scaipeadh ar úsáideoirí eile gan aon bhaol pionóis. An chibearbhulaíocht toradh amháin ar an méid sin. Is féidir le hinneachar a d’fhéadfadh a bheith díobhálach nó míchuí agus atá mí-oiriúnach do leanaí a bheith sa mheiteachruinne. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh oibreoirí ardán diansásraí rialaithe i bhfeidhm chun an t-inneachar sin a scagadh agus a bhaint de na hardáin. D’fhéadfadh sé fadhb a chruthú freisin sa mhéid go bhféadfadh stíl mhaireachtála neamhghníomhach a bheith mar thoradh ar dhianúsáid na meiteachruinne. Tá an cúram polaitiúil agus an fhreagracht ar an Aontas Eorpach na coinníollacha sábháilteachta maidir leis na domhain fhíorúla a shainiú sa dlí agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin.

2.5.

Tá CESE á chur i bhfáth gur féidir leis na domhain fhíorúla tionchar a imirt ar dhálaí oibre agus ar an tsláinte agus an tsábháilteacht. Is gá anailís leanúnach a dhéanamh féachaint an leor an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair chun na domhain fhíorúla a rialáil. Athdhearbhaíonn CESE an seasamh a ghlac Parlaimint na hEorpa le déanaí agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé stádas fostaíochta na ndaoine sin a bhfuil baint acu leis na domhain fhíorúla a chinneadh i gceart agus a áirithiú go meastar gur fostaithe nó gur daoine féinfhostaithe iad, ag brath ar a ndálaí oibre féin (1). Is tábhachtach an rud é a áirithiú go gcuirfear bearta cuí i bhfeidhm chun sábháilteacht na n-oibrithe a ráthú agus go gcuirfear na caighdeáin chéanna i bhfeidhm agus a chuirtear i bhfeidhm san fhíorshaol. Is uirlisí bunriachtanacha chun na bearta sin a dhéanamh an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil. Tá sé tábhachtach freisin oiliúint chuí a chur ar oibrithe, agus an t-eolas cuí a thabhairt dóibh, lena áirithiú gur féidir leo oibriú go sábháilte agus go héifeachtach sna domhain fhíorúla. Tá tábhacht thar na bearta leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil. Tá scagadh inniúlachtaí feadh gairmréime duine riachtanach chun na riachtanais oiliúna (uasghrádú scileanna agus athsciliú) a chomhlíonadh. Sa chás sin freisin, ní mór cur chuige comhchoiteann a chur ar fáil mar chuid den idirphlé sóisialta le go mbeidh rochtain ag gach oibrí ar an scagadh inniúlachtaí sin agus ar an oiliúint is gá chun inniúlachtaí agus scileanna a fheabhsú agus chun cur le neamhthuilleamaíocht na hEorpa i réimse na ndomhan fíorúil.

2.6.

Tá CESE den tuairim go mbeidh tionchar ag domhain fhíorúla, leithéid na meiteachruinne, ar an gcomhshaol agus ar ídiú acmhainní. Ar thaobh amháin, is féidir leo méid ollmhór fuinnimh a ídiú, go háirithe nuair a óstáiltear iad ar fhreastalaithe ardfheidhmíochta. D’fhéadfadh éileamh breise ar leictreachas teacht as sin agus, dá thoradh sin, d’fhéadfadh an lorg carbóin méadú. Ar an taobh eile, áfach, d’fhéadfadh domhain fhíorúla deis a thabhairt do dhuine dul ina muinín seachas eispéiris agus idirghníomhaíochtaí a lorg san fhíorshaol. Is féidir tionchar dearfach a bheith aige sin ar ídiú acmhainní, go háirithe má thagann laghdú ar an achar a bheadh ar dhuine taisteal agus ar líon na dtáirgí fisiceacha a bheadh ar dhuine a úsáid. Measann CESE go bhfuil gá le ceanglais rialála chun a áirithiú go ndéanfaidh oibreoirí na ndomhan fíorúil bearta chun an t-ídiú fuinnimh agus an t-ídiú acmhainní a laghdú. Ar na bearta sin tá úsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite amhail cumhacht na gréine nó cumhacht na gaoithe, freastalaithe agus crua-earraí a bharrfheabhsú chun an t-ídiú fuinnimh a laghdú, agus athchúrsáil agus athúsáid crua-earraí agus trealaimh a chur chun cinn.

2.7.

Creideann CESE nach mór do rialacha agus rialachas na ndomhan fíorúil a bheith faoi anáil na luachanna Eorpacha agus na fealsúnachta duinelárnaí. Ar an gcúis sin, ba cheart don Eoraip seasamh ceannasach a ghlacadh i bhforbairt na meiteachruinne. Tá sé de chúram ar rialtóir an Aontais Eorpaigh gníomhú, a mhéid is féidir, chun cothromaíocht mhaith a aimsiú ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le hidir-inoibritheacht na gcaighdeán, rud nach mór a shocrú i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, na comhpháirtithe sóisialta san áireamh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an ngné shóisialta, go háirithe ar dhaoine óga, maidir le fo-éifeachtaí na meiteachruinne. Ní mór freisin míchothromaíochtaí agus neamhionannais ó réigiún go chéile, ar difríochtaí sa bhonneagar digiteach ar fud na hEorpa is cúis leo, a sheachaint.

2.8.

Dúshlán casta is ea cáin a ghearradh ar ghnólachtaí sa mheiteachruinne, ós rud é nach leor a thuilleadh coincheapa traidisiúnta na dteorainneacha geografacha agus na suíomhanna fisiciúla. Beidh athailíniú ar bhonn cánachais ag teastáil chun ioncam inchánach a chinneadh, chun measúnú a dhéanamh ar shócmhainní digiteacha agus chun línte gnó a leagan amach. Beidh sé ríthábhachtach freisin sásraí rialála iomchuí a chruthú chun cleachtais cánach chothroma a áirithiú.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.   Bloic thógála na meiteachruinne

3.1.1.

Ón taobh teicniúil de, tá an mheiteachruinne suite os cionn bunsraith de dhomhain fhíorúla idirnasctha, agus is féidir le gach domhan díobh sin a bheith ina thimpeallacht nó ina eispéireas ar leith. Chun gur féidir le húsáideoirí na meiteachruinne idirghníomhaíocht agus cumarsáid a dhéanamh, úsáidtear prótacail agus caighdeáin éagsúla, amhail an Prótacal maidir le meiteachruinne idir-inoibritheach agus oscailte (OMI), rud a fhágann gur féidir idirghníomhaíocht rianúil a dhéanamh idir na domhain fhíorúla éagsúla. I measc na gcomhpháirteanna teicniúla eile tá prótacail líonraithe, córais aitheanta úsáideoirí agus algartaim na hintleachta saorga. Tá ceithre phríomh-chomhpháirt i gcarn teicneolaíochtaí na meiteachruinne: (1) inneachar agus eispéiris, (2) ardáin (amhail innill cluichí), (3) bonneagar agus crua-earraí (lena n-áirítear gléasanna agus líonraí), agus (4) soláthróirí (amhail córais íocaíochta agus slándáil). Tá deich sraith sna comhpháirteanna sin, trína gcuirtear ar fáil na bloic thógála riachtanacha ar a bhfuil gach eispéireas den mheiteachruinne bunaithe.

3.1.2.

Tá comhpháirteanna eacnamaíocha agus tráchtála sa mheiteachruinne freisin, amhail airgeadraí fíorúla, margaí fíorúla agus córais chun earraí agus seirbhísí fíorúla a cheannach agus a dhíol. Ceapadh na comhpháirteanna sin chun an tráchtáil agus an malartú luacha a éascú laistigh den mheiteachruinne, agus d’fhéadfadh sé go mbeidís ag brath ar theicneolaíochtaí blocshlabhra agus ar theicneolaíochtaí díláraithe eile chun an trédhearcacht agus an tslándáil a áirithiú.

3.2.   Deiseanna

3.2.1.

Is é tuairim CESE gur fiú a mheabhrú go bhfuil an iliomad diminsean i dtodhchaí na meiteachruinne, lena n-áirítear meiteachruinní na dtomhaltóirí, an lucht gnó agus an lucht tionscail. (i) Is é atá i meiteachruinne na dtomhaltóirí spás caithimh aimsire inar féidir le daoine cluichí VR a imirt agus caidreamh sóisialta a bheith acu le chéile. (ii) Cuireann meiteachruinne an lucht gnó ardán ar fáil ar ar féidir le gnólachtaí táirgí a dhearadh i gcomhar lena gcustaiméirí. (iii) Is é atá i meiteachruinne an lucht tionscail tairseach chun táirgí a mhonarú.

3.2.2.

Tá an-acmhainn i meiteachruinne an lucht tionscail do ghnólachtaí Eorpacha atá ag iarraidh a gcuid oibríochtaí a bharrfheabhsú, sonraí a bhailiú agus an fheidhmíocht a fheabhsú. Tá cruthúnas ann gur uirlis luachmhar é leathchúplaí digiteacha a úsáid in earnáil na tionsclaíochta le go bhféadfaidh gnólachtaí a n-oibríochtaí a bharrfheabhsú, sonraí a bhailiú agus an fheidhmíocht a fheabhsú, mar shampla trí dhearadh gan fréamhshamhlacha fisiceacha.

3.2.3.

Fágann an chuma shaoráideach a bhíonn ar an athrú idir na heispéiris agus na hidirghníomhaíochtaí san fhíorshaol agus an leagan breisithe nó leathnaithe díobh sna domhain fhíorúla ilmhódacha go gcruthaítear rogha fhairsing féidearthachtaí don duine aonair. Is mór an chabhair í an mheiteachruinne don earcaíocht, don ionduchtú, don oiliúint gan bhaol agus do sholáthar timpeallachtaí cianoibre comhoibríocha agus tumthacha lena meallfar an tallann a theastóidh leis an tionscal a fhorbairt.

3.3.   Dúshláin

3.3.1.

Is é an léamh atá ag CESE ar an gcás mar atá sé faoi láthair go bhfuil dul chun cinn le déanamh fós maidir leis an nglacadh atá le húsáid na dteicneolaíochtaí nua sin. Lena chois sin, ní fhéadfar an t-idirlíon nua seo a chur ar fáil ar an mórchóir don tomhaltóir ná don saoránach d’uireasa na nithe a leanas: an méadú cuí ar an leibhéal aibíochta a theastóidh le haghaidh an mheascáin den iliomad teicneolaíochtaí éagsúla, éabhlóid an bhonneagair, an acmhainneacht ríomha agus na líonraí cumarsáide.

3.3.2.

Tá dúshláin phráinneacha i gceist leis an meiteachruinne, dúshláin a bhfuil baint acu le gnólachtaí agus a bhfostaithe, agus le forbróirí neamhspleácha, cruthaitheoirí inneachair, rialtais agus tomhaltóirí. Beidh gá an chuid is mó den lucht saothair a athsciliú chun leas a bhaint as an meiteachruinne, agus ní chun dul san iomaíocht léi; beidh ar na cathracha agus na tíortha a bheith ina moil le haghaidh fhorbairt na meiteachruinne agus beidh orthu páirt a ghlacadh san iomaíocht dhomhanda chun tallann agus infheistíocht a mhealladh, agus chun oibrithe a choinneáil go buan. Beidh ar phróisis an idirphlé shóisialta agus na cómhargála na deiseanna uile is gá a chur ar fáil do na hoibrithe sin a bhfuil baint acu le timpeallachtaí oibre atá ag athrú.

3.3.3.

Tá CESE á chur i bhfáth go mbeidh ar gheallsealbhóirí éagsúla, ar leibhéal na sochaí, treochlár a shainiú maidir le heispéireas eiticiúil, sábháilte agus cuimsitheach den mheiteachruinne. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le treoirlínte freisin maidir le saincheisteanna éagsúla, e.g. an tslándáil, an eitic agus comhlíonadh na rialacha, an tsláinte coirp agus an tsábháilteacht, an inbhuanaitheacht agus an cothromas agus an chothroime. Is dúshlán ar leith iad, freisin, na ceanglais maidir le cosaint sonraí agus an Rialachán Ginearálta Eorpach maidir le Cosaint Sonraí a chur chun feidhme sa mheiteachruinne. Ní mór scrúdú a dhéanamh ar a leordhóthanaí atá na ceanglais atá ann fós.

3.3.4.

Tá sé thar a bheith tábhachtach machnamh a dhéanamh ar leithdháileadh an spáis fhíorúil sa mheiteachruinne mar go gcinnfear ar an gcaoi sin cé ag a mbeidh rochtain ar réimsí agus ar ábhar áirithe agus cé nach mbeidh an rochtain sin acu. Beidh ról tábhachtach ag oibreoirí na n-ardán mór ar nós Facebook, Google agus Microsoft i múnlú na meiteachruinne toisc láithreacht láidir a bheith acu cheana féin sa domhan fíorúil agus toisc na hacmhainní is gá a bheith acu chun an bonneagar a sholáthar. Tá sé tábhachtach go leanfaidh na cuideachtaí sin rialacha trédhearcacha cothroma maidir le rochtain ar an spás fíorúil chun domhan fíorúil oscailte agus éagsúil a chruthú. Ina theannta sin, ní mór deiseanna a chur ar fáil do ghníomhaithe margaidh beaga chun páirt a ghlacadh i gcruthú luacha tríd an spás fíorúil.

3.3.5.

Bíonn tuairisc á tabhairt ag úsáideoirí ar leibhéil mhéadaitheacha d’iompraíocht ionsaitheach agus neamh-inmhianaithe, lena n-áirítear ciapadh úsáideoirí, gnéasú idirghníomhaíochtaí abhatáranna, dúshaothrú sonraí agus cearrbhachas neamhrialáilte, bulaíocht, scaipeadh íomhánna glinne d’inneachar gnéasach, ciníochas, bagairtí foréigin, agus mealltóireacht mionaoiseach (CCDH, 2022). Thairis sin, tá sé tugtha le fios ag úsáideoirí éagsúla ar fud an domhain gur ábhar mór imní dóibh freisin ceist na handúile sa réaltacht ionsamhlaithe agus saincheisteanna príobháideachais agus meabhairshláinte (Statista, 2020).

3.4.

Tallann: tá gá le hinniúlachtaí ar leith chun meiteachruinní a thógáil le haghaidh gnólachtaí. Tá seans ann go mbeidh gá le róil nua a chruthú freisin, e.g. forbróirí comhpháirteanna, soláthraithe bonneagair, forbróirí seirbhíse agus óstaigh fhíorúla. Beidh ar an Eoraip a seacht ndícheall a dhéanamh le go mbeidh sí ina pobal fáilteach arís do thaighdeoirí agus d’innealtóirí agus le hoiliúint a chur ar an gcéad ghlúin eile díobh. Beidh gá tús áite a thabhairt d’uasghrádú scileanna agus d’athsciliú an lucht saothair atá ann cheana, i gcomhar leis na hollscoileanna agus le hinstitiúidí oideachais eile.

3.5.

Uirlisí: agus an mheiteachruinne á forbairt, tá géarghá le huirlisí lenar féidir inneachar a chruthú le haghaidh domhain iltoiseacha agus cód nó script ríomhchlárúcháin a leabú laistigh d’oibiachtaí fíorúla. Beidh na huirlisí sin bunriachtanach le go bhféadfar inneachar agus seirbhísí a chruthú agus a dháileadh sa mheiteachruinne. Ina theannta sin, beidh ar na huirlisí sin a bheith ar fáil go héasca ag réimse leathan cruthaitheoirí agus úsáideoirí, idir amaitéaraigh agus dearthóirí gairmiúla.

3.6.

Éiceachórais agus samhlacha: d’fhéadfadh gá a bheith le margaí agus ardáin nua chun teacht ar “oibiachtaí beo” (live objects) ar nós licíní neamh-idirmhalartacha (NFTanna) nó meiteachruinní iomlána. Is féidir na nithe sin a thairiscint mar tháirgí nó mar sheirbhísí, ach tá cinneadh fós le déanamh maidir le praghsanna, úinéireacht agus na samhlacha gnó. D’fhonn an chomhsheasmhacht a áirithiú, beidh gá le caighdeáin a bhunú chun an próiseas a threorú.

3.7.

Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil géarghá, dá bhrí sin, le machnamh a dhéanamh ar shásraí nua comhroinnte agus ceadúnúcháin lena bhféadfar inneachar agus seirbhísí a chruthú agus a dháileadh agus, ag an am céanna, an mhaoin intleachtúil, an mhaoin thionsclaíoch agus príobháideachas agus slándáil úsáideoirí a chosaint. Ní mór dearadh na meiteachruinne a bheith i gcomhréir leis na trádmharcanna, na cóipchearta agus le ceadúnais agus foirmeacha eile maoine intleachtúla agus tionsclaíche.

3.8.

Ó thaobh na teicneolaíochta agus na sochaí de, tá an caighdeánú ar cheann de na príomhdhúshláin a bhaineann leis an meiteachruinne a chur ar fáil ar an mórchóir. Is gá lear mór prótacal, caighdeán agus rialacha a bhunú maidir leis an gcibearshlándáil, le stóráil agus cosaint sonraí pearsanta, le cosaint daoine aonair, agus leis an gcomhrac i gcoinne na cibearstalcaireachta, na cibearchoireachta agus na breágaisnéise. Ní mór ról lárnach a bheith ag an Aontas Eorpach san obair sin ionas nach limistéir eile ar domhan a shocróidh na nithe sin. Dá bhrí sin, beidh air páirt a ghlacadh sna cuibhreannais idirnáisiúnta atá i gceannas na hoibre sin.

3.9.

Tá tionscal na ríomhchluichíochta go mór chun cinn ar thionscail eile a fhad a bhaineann sé le pobail ar líne a eagrú. Is é sin an tionscal freisin ina ndéanann a lán daoine, leanaí agus daoine óga go háirithe, teagmháil leis na domhain fhíorúla den chéad uair. Molann CESE, dá bhrí sin, gur cheart an tionscal sin, go háirithe, a choinneáil cuntasach agus páirt a bheith aige i bhforbairt na gcaighdeán cosanta tomhaltóirí.

3.10.   Cásanna úsáide de dhomhain fhíorúla atá ann faoi láthair i dtionscail éagsúla

3.10.1.

Is mian le CESE aird a dhíriú ar na meastacháin a rinne an monaróir gluaisteán Renault; d’fhógair Renault i mí na Samhna 2022 go bhféadfadh sé EUR 780 milliún a shábháil ag céimeanna éagsúla de thimthriall an táirgthe de thoradh na meiteachruinne (meiteachruinne lucht tionscail) atá aige. Faoi 2025, d’fhéadfaí EUR 320 milliún breise a shábháil, mar aon le coigilteas EUR 260 milliún de stoc a dhéanamh, agus laghdú 60 % ar an am a ghlactar le feithicil a sheachadadh, agus laghdú 50 % ar lorg carbóin na ngléasraí táirgthe.

3.10.2.

Sa chúram sláinte, tá Pfizer ag baint leas as réitigh oiliúna a úsáideann an réaltacht fhíorúil (VR) chun comhlíonadh prótacal a fheabhsú i gcomhair trialacha cliniciúla. Cuirtear oiliúint ar oiliúnaithe trí eispéireas réalaíoch tumthach i saotharlann fhíorúil inar féidir leo idirghníomhú agus tástálacha a dhéanamh go sábháilte, faoi dhálaí atá gar do dhálaí an fhíorshaoil. Tá teicneolaíochtaí den chineál céanna á n-úsáid ag Pfizer cheana féin chun oiliúint a chur ar a gcuid oibreoirí allamuigh sna láithreáin táirgthe. Maidir leis na fostaithe sin a bhfuil na seisiúin oiliúna thumthacha seo déanta acu, tá feabhas mór tagtha ar cé chomh maith agus a chomhlíonann siad prótacail agus rialacháin dhiana an tionscail, i réimse an taighde agus i réimse an táirgthe araon. Sa bhreis ar an sampla sin, is féidir athruithe forleathana ar an rochtain ar chúram sláinte agus ar cháilíocht an chúraim sin a bheith mar thoradh ar an meiteachruinne trí chuidiú le heasnaimh sna réimsí cúraim a shárú, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta.

3.10.3.

Maidir leis an earnáil aerloingseoireachta agus earnáil an spáis, tá Airbus agus Boeing ag baint úsáid cheana as coincheap na leathchúplaí digiteacha, is é sin an rud ar a bhfuil meiteachruinne an lucht tionscail bunaithe, mar ardán a bheidh acu sna blianta amach romhainn chun macasamhail 3T dá n-aerárthaí nua agus dá gcórais táirgthe a chruthú chun tacú le gníomhaíochtaí innealtóireachta agus ionsamhlúcháin.

3.10.4.

San earnáil airgeadais, tá bainc áirithe agus cuideachtaí árachais áirithe ag cur le heispéireas agus idirghníomhaíocht a gcustaiméirí trí leas a bhaint as réitigh thumthacha agus réitigh a bhaineann leis an meiteachruinne. Cheannaigh AXA, mar shampla, píosa fíorúil talún ar ardán de chuid Web 3.0 chun idirghníomhaíocht a dhéanamh le grúpaí de chustaiméirí nua agus chun gníomhaireacht fhíorúil a thógáil san fhadtéarma. Baineann Allianz leas as an réaltacht bhreisithe (AR) chun cur le feasacht an chustaiméara.

3.10.5.

Is mian le CESE a mheabhrú gur dócha gurbh é tionscal na dtomhaltóirí, na dtáirgí, an mhiondíola agus an dáileacháin (CPRD) an tionscal ina raibh an líon is mó tionscnamh le déanaí a bhain leis an meiteachruinne agus Web 3.0. Tá raidhse mhór cásanna úsáide ann, e.g. siopaí fíorúla 3T agus siopadóireacht shóisialta thumthach, abhatáranna, brandáil agus margaíocht, cineálacha nua rannpháirtíochta i measc an phobail agus cláir dhílseachta nua atá bunaithe ar theicneolaíochtaí NFT agus ar theicneolaíochtaí Web 3.0.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  https://www.europarl.europa.eu/news/ga/press-room/20221212IPR64513/digital-workers-better-working-conditions-and-protection-of-rights


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/81


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An t-aistriú chuig córas iompair inbhuanaithe fadtéarmach

(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Sualainne)

(2023/C 228/11)

Rapóirtéir:

Stefan BACK

Comhrapóirtéir:

Mateusz SZYMAŃSKI

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Sualainne, 14.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

14.12.2022

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

12.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

159/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Maidir le dlús a chur leis an aistriú chuig córas iompair inbhuanaithe fadtéarmach, ní mór é a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh go nglacfaidh saoránaigh agus gnólachtaí leis – lena n-áirítear lucht tionscail agus earnáil an iompair – agus go nglacfar freisin leis an gcuspóir maidir le hastaíochtaí a laghdú 90 % in earnáil an iompair faoi 2050 agus leis na bealaí agus na modhanna a úsáidfear chun an cuspóir sin a bhaint amach.

1.2.

Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór an t-aistriú a chur chun feidhme ar bhealach a léireoidh do shaoránaigh agus gnólachtaí gur rud inghlactha é ó thaobh airgeadais de, agus ar bhonn sóisialta agus praiticiúil. Sa chaoi sin, beidh siad réidh chun tacaíocht ghníomhach a thabhairt dó agus beidh siad sásta an méid sin a dhéanamh. Mura tharlóidh sé sin, beidh baol láidir ann ní hamháin go dteipfeadh air, ach go mbeadh míshuaimhneas sóisialta ann sa chás ba mheasa.

1.3.

Tá CESE den tuairim nach mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh chun go n-éireoidh leis an aistriú:

caithfidh nach mothóidh gnólachtaí amhail agus go bhfuil siad thíos leis an iomarca costas agus go bhféadfaidh siad a bheith iomaíoch i gcónaí, ní hamháin laistigh den Aontas;

ní mór taithí dhearfach a bheith san aistriú d’fhostaithe agus an deis a thabhairt dóibh dul in oiriúint do dhálaí nua oibre ar bhealach a bheidh inghlactha go sóisialta;

ní mór inrochtaineacht agus soghluaiseacht a áirithiú do shaoránaigh i gceirtleáin agus i gceantair thuaithe máguaird araon ar chostas réasúnta agus faoi chúinsí maithe ginearálta.

1.4.

Cé gur cosúil go bhfuil gach páirtí ar aon intinn faoi chuspóir 2050, ní cosúil go dtí seo gur féidir an rud céanna a rá faoi na bealaí agus modhanna chun an cuspóir sin a bhaint amach. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás an iompair thromshaothair , réimse inar cosúil go bhfuil na féidearthachtaí an-teoranta maidir le leictriú agus nach leor an soláthar breoslaí malartacha.

1.5.

Maidir le húsáid fuinnimh in-athnuaite sa chóras iompair, ba cheart na cineálacha éagsúla fuinnimh in-athnuaite agus a bhfoinsí éagsúla a chur san áireamh chun go bhféadfar a bheith neamhspleách ar sholáthraithe agus ar thíortha áirithe. Ba cheart spleáchais a bhaineann le hamhábhair agus comhpháirteanna a úsáidtear i dtáirgeadh na ngluaisteán leictreach a chur san áireamh freisin.

1.6.

Tá sé ríthábhachtach ilmhódúlacht a fhorbairt chun an leas is fearr a bhaint as gach modh iompair, lena n-áirítear na modhanna iompair nua atá saor ó astaíochtaí. Cuideoidh an digiteáil, barrfheabhsú agus comhordú na hacmhainneachta leis an gcóras iompair feidhmiú mar chóras comhleanúnach.

1.7.

Is réamhriachtanas iad bonneagar iompair, agus go háirithe bonneagar dáileacháin le haghaidh breoslaí malartacha, infheistíocht i mbonneagar agus éifeachtúlacht an bhonneagair chun athruithe a dhéanamh in earnáil an iompair, lena n-áirítear i ndáil le hinrochtaineacht iompair, breoslaí glana a úsáid, comhtháthú na modhanna iompair, agus nuálaíochtaí agus modhanna nua iompair a chur chun feidhme. Tá sé á chur chun suntais ag Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) nach bhfuil an t-amlíne maidir le húsáid bonneagar breoslaí malartacha agus hidrigine ag teacht leis na teorainneacha ama a leagtar síos chun gréasán TEN-T a chur chun feidhme, agus an chaoi nach luaitear i reachtaíocht an Aontais na limistéir thuaithe sin nach gcumhdaítear le gréasán TEN-T.

1.8.

Chun cuidiú leis na tíortha éagsúla a gcóras iompair féin a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe, ní mór a gcuid saintréithe agus sainroghanna éagsúla a chur san áireamh.

1.9.

D’fhéadfaí forbairt inbhuanaithe an chórais iompair, mar a leagtar amach i ndoiciméid de chuid an Aontais í, a chur i mbaol de bharr tosca seachtracha, ach ní mór spreagadh a thabhairt do na hathruithe atá beartaithe chun a áirithiú gur féidir na torthaí a bhaint amach ar bhealach inghlactha.

1.10.

Ní mór an t-iompar atá inbhuanaithe go sóisialta a bheith inrochtana, cuimsitheach agus inacmhainne chun fadhb na bochtaineachta soghluaisteachta a sheachaint. Tá CESE den tuairim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an iompar poiblí i bpróiseas an chlaochlaithe. Mar gheall ar a chuimsithí atá sé, is féidir cuspóirí comhshaoil agus sóisialta a bhaint amach.

1.11.

Ní éireoidh leis an gclaochlú gan rannpháirtíocht na bhfostaithe, rannpháirtíocht nach bhfuil róláidir faoi láthair san earnáil. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go n-aithnítear earnáil an iompair mar earnáil ina bhfuil poist ardcháilíochta, rud a mheallfadh daoine chun post a lorg ansin. Beidh ríthábhacht le hidirphlé sóisialta agus cómhargáil i ndáil leis an méid sin.

1.12.

Cuireann CESE béim ar a thábhachtaí a bheidh sé comhairliúcháin fhorleathana a dhéanamh leis na geallsealbhóirí uile lena mbaineann agus feasacht a mhúscailt le linn gach céime den aistriú.

2.   Cúlra

2.1.

Tá tústuairim iarrtha ag Uachtaránacht na Sualainne maidir leis an aistriú chuig córas iompair inbhuanaithe fadtéarmach.

Ba cheart breathnú ar an tuairim seo i bhfianaise chuspóirí uaillmhianacha an Chomhaontaithe Ghlais – laghdú 90 % ar astaíochtaí CO2 ón gcóras iompair faoi 2050 agus 55 % faoi 2030. Tosófar ar chur chun feidhme na gcuspóirí sin tríd an bpacáiste “Oiriúnach do 55”. Cuirfear feabhas ar shábháilteacht freisin agus na cuspóirí sin á saothrú.

2.2.

Mar a comhaontaíodh, beidh laghdú 55 % ar astaíochtaí CO2 le baint amach faoi 2030 i gcás gluaisteán agus laghdú 50 % i gcás veaineanna, agus laghdú 100 % ar na hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus veaineanna nua faoi 2035. Tá togra le cur i láthair ag an gCoimisiún go gceadófar feithiclí a bhaineann úsáid as breoslaí neodracha CO2 tar éis 2035 agus go ndéanfar measúnú ar éifeacht shóisialta agus eacnamaíoch an chomhaontaithe in 2026.

Tá príomhthograí eile ann atá ábhartha don chuid sin den phacáiste “Oiriúnach do 55” a bhaineann leis an iompar, ar thángthas ar chomhaontuithe tríthaobhacha ina leith. Baineann na príomhthograí sin le trádáil astaíochtaí, lena n-áirítear iompar de bhóthar, iompar eitlíochta agus iompar muirí, athbhreithniú ar an treoir maidir le breoslaí in-athnuaite agus ar an rialachán maidir le bonneagar dáileacháin le haghaidh breoslaí in-athnuaite (Rialachán AFIR).

2.3.

I mí na Nollag 2021, cuireadh i láthair togra le haghaidh athbhreithniú ar an rialachán ina mbeidh treoirlínte maidir leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) chun an gréasán a chur chun feidhme ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtúla agus an inbhuanaitheacht a chur chun cinn. Cuireadh i láthair freisin teachtaireacht maidir leis an tsoghluaisteacht sna cathracha agus togra maidir le cumarsáid TF. Comhaontaíodh cur chuige coiteann maidir le togra TEN-T i gComhairle na nAirí Iompair i mí na Nollag 2022.

2.4.

I gclár oibre an Choimisiúin do 2023, cuimsítear pacáiste maidir le hiompar lastais a ghlasú, ina mbeidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le hualaí agus le toisí i gcás feithiclí tromshaothair agus ar an Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte.

2.5.

I mí an Mhárta 2023, thíolaic an Coimisiún Teachtaireacht maidir le banc hidrigine Eorpach inar díríodh ar mhaoiniú.

2.6.

Tá teachtaireacht maidir le spás coiteann sonraí Eorpach don tsoghluaisteacht beartaithe do 2023.

2.7.

D’fhéadfadh na comhaontuithe ar ar thángthas sna cruinnithe tríthaobhacha leanúnacha maidir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” difear cinntitheach a dhéanamh do na féidearthachtaí maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a leagtar amach do 2050 a bhaint amach. Is amhlaidh atá freisin i gcás na dtograí thuasluaite atá beartaithe do 2023 agus is iad na comhreachtóirí a shocróidh a bhfuil i ndán do na tograí sin. Chun go n-éireoidh go maith leis an méid sin, beidh sé ríthábhachtach teacht ar bhealach éifeachtúil chun an idirthréimhse a bhainistiú, a mhéid a bhaineann le forbairt theicniúil, forbairt córas agus gnéithe sóisialta.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Baineann líon mór saincheisteanna leis an iompar, agus tá baint shonrach ag roinnt mhaith de na saincheisteanna sin le modhanna iompair ar leith. Is iad seo a leanas na gnéithe bunriachtanacha a bhaineann le haistriú an chórais iompair a chur chun feidhme agus dlús a chur leis de réir mar is iomchuí: laghdú astaíochtaí, forbairt na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, an digiteáil, éifeachtúlacht fheabhsaithe agus modhanna malartacha iompair sna cathracha. Dealraíonn sé go bhfuil na gnéithe sin, mar aon le hinfhaighteacht bonneagair leordhóthanaigh le haghaidh breoslaí, ábhartha i gcás na modhanna iompair uile agus iompar earraí agus paisinéirí. Is den tábhacht acmhainní leordhóthanacha – bídís príobháideach nó poiblí – a chur ar fáil i gcomhair taighde agus forbairt ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle, ar bhreoslaí in-athnuaite agus ar réitigh dhigiteacha maidir leis an iompar.

3.2.

Is den tábhacht an reachtaíocht ábhartha uile a bheith comhsheasmhach le cuspóirí an aistrithe ghlais, a mhéid is féidir, agus go ndéanfar laghdú astaíochtaí a chur chun cinn, ar bhealach nach ndéanfaidh dochar do leasanna sóisialta na n-oibrithe.

3.3.

Tá sé tábhachtach aird chuí a thabhairt ar na hiarmhairtí sóisialta tábhachtacha a bhaineann le claochlú an chórais iompair, don lucht saothair agus d’úsáideoirí araon, agus a chinntiú nach mbeidh éifeachtaí diúltacha ann ar oibrithe. Ní mór a áirithiú chomh maith go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar iompar inacmhainne freisin, chomh maith le slabhraí lóistíochta éifeachtúla ar phraghas réasúnta. Beidh tábhacht le réitigh leordhóthanacha i gcás na ngnéithe sin chun go nglacfaidh an lucht saothair, an pobal i gcoitinne agus gnólachtaí leis an aistriú.

3.4.

I bhfianaise ardleibhéal na huaillmhéine, agus é á chur san áireamh go meastar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar iompar (meastar go méadófar é faoi bhreis agus a dhó faoi 2050), beidh ríthábhacht le dea-bhainistiú iontaofa ar an aistriú. Ní mór a chur san áireamh freisin go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh na bearta cur chun feidhme indéanta, go bhféachfar orthu mar bhearta indéanta agus go gcuirfear na comharthaí cearta in iúl don mhargadh.

3.5.

Beidh an-tábhacht leis an iontaofacht freisin chun go mbeidh daoine sásta a nósanna agus stíl mhaireachtála a mhodhnú chun go gcuirfear an t-aistriú chun cinn, amhail a bheith toilteanach infheistíocht a dhéanamh i bhfeithiclí ina mbeidh córais tiomána nua, tús áite a thabhairt don roinnt gluaisteáin, úsáid níos mó a bhaint as an iompar comhchoiteann agus as modhanna gníomhacha iompair, amhail rothaíocht nó siúl, go háirithe i gcathracha, agus na cuideachtaí iompair lastais a bheith toilteanach faisnéis a mhalartú chun go bhféadfar feabhas a chur ar úsáid éifeachtúil acmhainní trí chomhroinnt acmhainne.

3.6.

Beidh tábhacht le múscailt feasachta, agus le hobair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin chun a dtionchar a áirithiú. Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí ábhartha tábhachtach sa chás seo.

3.7.

I ngeall ar an uirbiú agus forbairt na ríomhthráchtála, tiocfaidh athrú ar riachtanais agus ar phatrúin ó thaobh an iompair de, rud is léir mar shampla sa togra thuasluaite maidir le TEN-T agus sa teachtaireacht maidir le hiompar sna limistéir uirbeacha. Is maith an comhthéacs iad ceantair uirbeacha chun modhanna iompair gníomhacha agus glasa, agus réitigh ghlasa ar an iompar lastais, a chur chun cinn.

3.8.

Ó thaobh an Aontais Eorpaigh de, aontas ina bhfuil 27 mBallstát, agus iad an-éagsúil ó chéile, cuir i gcás ón dúlra, ón déimeagrafaíocht, ón dlús daonra, go dálaí maireachtála agus costais na ngnólachtaí, is féidir gur gá, ar chúiseanna praiticiúla agus indéantachta, a aithint nach ann d’aon réiteach amháin ann a oireann do gach cás agus, mar sin, nár mhór a bheith solúbtha agus glacadh le réitigh éagsúla ar bhealach nach gcuirfeadh isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. D’fhéadfadh méid foriomlán na gcónasc feithiclí a bheith ina shampla de sin, nó a mhéid is féidir bithbhreoslaí a dhéanamh as táirgí foraoiseachta, nó sciar na mbithbhreoslaí sa mhéid fuinnimh in-athnuaite a chuirtear ar fáil don iompar.

3.9.

Ba cheart an neodracht theicneolaíoch a bheith ina prionsabal uileghabhálach nuair a bheidh réitigh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta á gceapadh agus á gcur chun feidhme, chun go bhféadfar sainiúlachtaí náisiúnta a chur san áireamh.

3.10.

Le blianta beaga anuas, bhí an Eoraip neamhchosanta ar ghéarchéimeanna a bhí ag cur isteach ar fheidhmiú an chórais iompair, amhail paindéim COVID-19, a rinne difear d’iompar paisinéirí agus a chruthaigh dúshlán d’fheidhmiú na nasc iompair lastais. Tá éifeacht nach beag ag an gcogadh san Úcráin agus ag na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm dá bharr ar infhaighteacht agus ar phraghsáil fuinnimh, lena n-áirítear breoslaí iompair. Ní féidir a fhágáil as an áireamh go bhféadfadh tionchar a bheith ag na fadhbanna fuinnimh agus ag an bpraghsáil ar na féidearthachtaí maidir le breoslaí in-athnuaite a fhorbairt agus go bhféadfaí imthosca a chruthú freisin lena gcuirfear forbairt an iompair chomhchoitinn, mar shampla, chun cinn.

3.11.

Cuireann an méid sin chun suntais a thábhachtaí atá sé gan bheith ag brath ar an aon soláthraí amháin mar fhoinse fuinnimh.

Ceanglais CO2 – breoslaí in-athnuaite/modhanna tiomána – infhaighteacht agus roghanna

3.12.

Díríonn an Coimisiún Eorpach ar leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite agus ar hidrigin ghlas mar phríomhfhoinsí fuinnimh. Sa chomhaontú a rinneadh le déanaí i dtaca leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, leagtar síos sciar domhanda íosta 42,5 % d’fhoinsí in-athnuaite faoi 2030, a bhfuil 29 % díobh in earnáil an iompair, lena n-áirítear fo-sprioc chomhcheangailte cheangailteach de 5,5 % i gcás bithbhreoslaí ardfhorbartha agus breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, agus íoscheanglas 1 % i gcás breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch. Ardaítear na trí shaincheist seo a leanas leis an méid sin: na leasuithe ar an Rialachán maidir le húsáid talún agus an fhoraoiseacht (LULUCF) lena gcuirtear srian ar tháirgí foraoise a úsáid chun bithbhreoslaí a tháirgeadh, agus dramhaíl bhithmhaise ón talmhaíocht agus ó thionscail an bhia a úsáid chun breoslaí a tháirgeadh. Is cuid tábhachtach é seo de réiteach foriomlán le haghaidh soláthair fuinnimh, mar aon le féidearthachtaí fuinnimh gheoiteirmeigh agus breoslaí nua eitlíochta.

3.13.

Sa togra atá beartaithe maidir le srianta ar astaíochtaí CO2 i gcás feithiclí tromshaothair, tugtar teorainneacha féideartha na tiomána leictrí chun suntais, sa chianiompar go háirithe, agus an cheist maidir le leordhóthanacht an tsoláthair i gcás breoslaí malartacha le haghaidh feithiclí den sórt sin agus costas iomlán na húinéireachta a bhainfeadh leo. I bhfianaise an méid sin, ardaíodh ceist i dtionscal na ngluaisteán maidir le rogha eile a bheith ann maidir le breoslaí iontaise ísealcharbóin/ar bheagán astaíochtaí a fhorbairt chun astaíochtaí a laghdú gan athnuachan flíteanna feithiclí a bheith ina riachtanas agus gan bonneagar tiomnaithe a bheith ag teastáil. Is é is dóichí gur comhstraitéis, bunaithe ar an dá cholún, a thabharfaidh an réiteach is fearr chun an sprioc sin a bhaint amach: Leis an straitéis sin, d’fhéadfaí breoslaí astaíochtaí nialasacha agus ísle a fhorbairt gan mhoill, lena n-áirítear cineálacha éagsúla hidrigine, agus na féidearthachtaí a bhaineann le laghduithe ar astaíochtaí sna deighleoga iompair sin ina nach bhfuil an leictriú ina rogha faoi láthair.

3.14.

Molann CESE freisin modh níos cuimsithí chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí a mheas; is é sin go nglacfaí leis an modh “umar go roth” in áit an mhodha reatha “tainc go roth”, rud a chuirfeadh bonn níos fearr ar fáil le haghaidh astaíochtaí CO2 a mheas.

3.15.

Mórcheist is ea bonneagar a bheith ar fáil le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh agus dáileadh hidrigine, rud atá ríthábhachtach maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid sa chóras iompar, lena n-áirítear an ardacmhainneacht a bheidh ag teastáil i gcás feithiclí tromshaothair. Leagtar amach sa chomhaontú tríthaobhach maidir le Rialachán AFIR cuspóirí úsáide do ghluaisteáin, veaineanna agus feithiclí tromshaothair do chroíghréasán TEN-T agus do ghréasán cuimsitheach TEN-T, cuspóirí a gcuirfear tús leo in 2025 agus in 2030 le haghaidh hidrigine. Beidh cumhdach iomlán ann le haghaidh feithiclí tromshaothair faoi 2030. D’fhéadfadh sé sin fadhb a chruthú maidir le comhleanúnachas toisc go mbeidh croíghréasán TEN-T tugtha chun críche faoi 2040 ach ní thabharfar an gréasán cuimsitheach chun críche go dtí 2050. D’fhéadfadh fadhb a bheith ann freisin mar gheall ar an infhaighteacht i limistéir thuaithe nach gcumhdaítear le TEN-T. I gcás ar bith, mar gheall ar an moill a chuirtear go minic ar chur chun feidhme tionscadal bonneagair, cruthaítear gá lena áirithiú go ndéanfar tosaíocht den infheistíocht agus go ndéanfaí faireachán éifeachtach a áirithiú.

Éifeachtúlacht le haghaidh an aistrithe

3.16.

De bhíthin na héifeachtúlachta, feabhsaítear inbhuanaitheacht an chórais iompair. D’fhéadfaí an éifeachtúlacht a bhaint amach le hacmhainneacht luchtaithe níos fearr, le bonneagar feabhsaithe a chuirfidh le luas na modhanna iompair nó le bonneagar feabhsaithe críochfoirt a fhágfaidh go ndéanfar an luchtú/díluchtú nó athrú sa mhodh iompair ar bhonn níos tapúla. D’fhéadfaí an trácht uirbeach, go háirithe, a laghdú le nuatheicneolaíochtaí agus le bealaí nua chun modhanna iompair a úsáid, e.g. an roinnt gluaisteáin. Níor cheart féidearthachtaí maidir le leas a bhaint as saoráidí a chuireann feabhas ar an éifeachtúlacht a bheith coinníollach, mar shampla, ar cháilíochtaí comhshaoil feithicle, ós rud é go gcuirfeadh sé sin teorainn le raon feidhme na hinbhuanaitheachta feabhsaithe ábhartha.

3.17.

Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nár cheart cáilíochtaí comhshaoil feithicle, amhail astaíochtaí nialasacha, a bheith ina gcoinníoll don acmhainneacht luchtaithe feabhsaithe a eascraíonn as glacadh le feithiclí móra nó troma, agus/nó le cónaisc na bhfeithiclí sin agus nár cheart an acmhainneacht feabhsaithe sin a bheith nasctha le húsáid shonrach ach oiread.

3.18.

Tá sé chomh tábhachtach céanna, áfach, cothrom iomaíochta a thabhairt d’fheithiclí, d’eitleáin nó do longa astaíochtaí nialasacha agus ísle trína áirithiú, a mhéid is féidir, go n-áiritheofar le saintreoracha teicniúla go mbeidh an acmhainneacht luchtaithe chéanna acu atá ag feithiclí, longa agus eitleáin eile. Chun borradh a chur faoi úsáid breoslaí neamh-iontaise, tá gá le spriocanna uaillmhianacha chun slándáil a áirithiú d’infheisteoirí.

3.19.

Tá tábhacht leis an digiteáil freisin mar bhealach chun an éifeachtúlacht a fheabhsú. D’fhéadfadh malartú faisnéise idir gnólachtaí rannchuidiú le héifeachtúlacht níos fearr a áirithiú, comhtháthú modhanna iompair a chumasú, oibríochtaí a chomhordú agus, dá réir sin, an inbhuanaitheacht a fheabhsú.

Ilmhódúlacht agus aistriú

3.20.

Ós rud é gur príomhghné den Chomhaontú Glas é feabhas a chur ar inbhuanaitheacht gach modha, is féidir breathnú ar gach ceann acu mar chuid de chóras. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar chuspóir ilmhódúlacht éifeachtúil gan uaim a chur chun cinn sa dóigh is go n-éireodh chomh maith agus is féidir leis na modhanna iompair uile, rud a d’fhágfadh go gcuirfí feabhas ar an inbhuanaitheacht fhoriomlán. Cuideoidh an digiteáil, barrfheabhsú agus comhordú na hacmhainneachta leis an gcóras iompair feidhmiú mar chóras comhleanúnach. Ba cheart rochtain ar líonraí a bheith comhionann i gcás gach modha agus ba cheart don rochtain sin an ilmhódúlacht a éascú. Ba cheart caitheamh go cothrom le gach modh iompair agus ba cheart do na modhanna sin leas a bhaint as an nuachóiriú chun an éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun rannchuidiú leis an dícharbónú agus le hearnáil iompair níos inbhuanaithe agus níos athléimní a fhorbairt.

Cur chuige uileghabhálach

3.21.

Chun an inbhuanaitheacht a fheabhsú, ba cheart cur chuige bunúsach a ghlacadh ina mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na réitigh atá ar fáil agus a bhfuil rath orthu. Go deimhin, ní mór acmhainní a dhíriú ar réitigh nua agus nuálacha a fhorbairt, ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Tá sé chomh tábhachtach céanna gan bac a chur ar úsáid roghanna atá ar fáil cheana. Ní mór aistriú an chórais iompair a bheith inchreidte agus réalaíoch, agus torthaí intomhaiste a bhaint amach.

3.22.

Dá bhrí sin, na réitigh ar cheart oibriú orthu, ba cheart iad a bheith inchreidte agus inghlactha go sóisialta. Ciallaíonn sé sin nach mór pleananna nithiúla agus comhordaithe a dhéanamh agus iad a bheith faoi réir idirphlé sóisialta idir na páirtithe lena mbaineann, ar idirphlé sóisialta é a bhainfidh leis an lucht saothair a chumasú chun dul in oiriúint do cheanglais inniúlachta nua agus an dífhostaíocht a sheachaint san idirthréimhse.

3.23.

Tá sé tábhachtach go mbeadh réitigh inchreidte ó thaobh airgeadais de. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nach mór é a bheith ar a n-acmhainn ag na tomhaltóirí an costas a bhaineann le húsáid breoslaí astaíochtaí ísle nó breoslaí astaíochtaí nialasacha a íoc, agus nach mór é a bheith indéanta d’oibreoirí tráchtála oibríochtaí a dhéanamh ar leibhéal brabúis atá inghlactha. B’fhearr tacaíocht dhíreach airgeadais a sheachaint mar réiteach. Réiteach níos fearr is ea buntáistí cánach a dheonú do thomhaltóirí nó do ghnólachtaí a dhéanann infheistíocht i réitigh inbhuanaithe.

3.24.

Leagtar béim ar ról an chórais soláthair phoiblí mar bhealach chun cuspóirí inbhuanaithe a chur chun cinn i gcás infheistíochtaí poiblí. Ba cheart an rogha maidir le comhlíonadh dhlí an tsaothair a thabhairt isteach mar cheanglas sonrach a chur chun cinn. Ba cheart cómhaoiniú iompair an Aontais a ailíniú le beartais náisiúnta agus leis an bpleanáil náisiúnta, rud a bheadh ar aon dul le creat an Aontais.

3.25.

Tá an tsábháilteacht agus an tslándáil riachtanach d’aon chóras iompair inbhuanaithe. Bíonn tionchar acu ar gach úsáideoir iompair agus ar gach soláthraí seirbhíse. Dá bhrí sin, ní mór caighdeáin a fheabhsú ar bhonn leanúnach i ngach modh iompair.

Rannpháirtíocht agus comhairliúchán

3.26.

Tá sé tábhachtach go mbeadh rath ar an aistriú glas chun comhthoil a bhaint amach trí idirphlé sóisialta agus trí chomhairliúchán leathan leis na geallsealbhóirí uile agus leis an bpobal i gcoitinne. Cuideoidh an cur chuige sin le fadhbanna a shainiú, réitigh a aimsiú a bheidh inghlactha do na páirtithe uile lena mbaineann agus muinín a chothú sna bearta atá beartaithe agus tacaíocht ghinearálta a thabhairt dóibh. Ní mór breathnú air sin mar choinníoll fíorthábhachtach chun go n-éireoidh leis an gcaibidlíocht maidir leis an bpróiseas casta a bhaineann le hearnáil an iompair a athrú ó bhonn agus trédhearcacht na nósanna imeachta reachtacha agus cáilíocht na reachtaíochta a fheabhsú.

3.27.

Tá CESE ag leagan béim ar an ngá atá leis go leanfaidh an tsochaí shibhialta de bheith rannpháirteach go dlúth i dtionscnaimh lena gcuirtear iompar inbhuanaithe chun cinn agus molann sé an comhoibriú sna céimeanna luatha leis na geallsealbhóirí uile a fhorbairt tuilleadh.

4.   Barúlacha sonracha

Gnéithe sóisialta – inrochtaineacht iompair

4.1.

Ní mór an t-iompar atá inbhuanaithe go sóisialta a bheith inrochtana, cuimsitheach, sábháilte agus inacmhainne d’fhonn an bhochtaineacht soghluaisteachta a sheachaint. Ní mór dó freagairt do riachtanais shonracha grúpaí éagsúla – na mná mar shampla. Ciallaíonn inrochtaineacht, inter alia, pleanáil chríochach leordhóthanach, lena n-áirítear maidir leis an gcomhéadan idir ceirtleáin agus na ceantair thuaithe máguaird agus aird chuí á tabhairt ar réitigh dhílsithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta (cosáin bheo, traenacha cnoic etc.). Ba cheart feabhas a chur ar an iompar éiceolaíoch atá ar fáil don turasóireacht uirbeach. Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach mór pleananna iompair inbhuanaithe do limistéir uirbeacha a chur chun cinn agus a fhorbairt.

4.2.

Iarrann CESE go dtabharfaí aird ar leith ar úsáideoirí ban chun gur féidir rannchuidiú leis an gcomhionannas inscne trí bhíthin an chórais iompair, lena n-áirítear trí dhíriú ar an tsábháilteacht san iompar poiblí.

4.3.

Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’iompar comhroinnte agus gníomhach, go háirithe i gcathracha, lena n-áirítear modhanna glasa a chur chun cinn trí chórais chliste iompair a úsáid, trí choincheap na soghluaisteachta ar éileamh agus tríd an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Ní mór saincheisteanna maidir leis an gcáilíocht saoil a chur san áireamh, amhail an gá atá le truailliú torainn a laghdú.

4.4.

Tá CESE den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag an iompar poiblí i bpróiseas an chlaochlaithe. Mar gheall ar a chuimsithí atá sé, is féidir cuspóirí comhshaoil agus sóisialta a bhaint amach. Is féidir é a chomhlánú le réitigh micrea-shoghluaisteachta freisin.

4.5.

Ní mór praghsáil an iompair phoiblí a bheith inacmhainne agus cothrom, gan cur isteach ar líon na nasc nó na mball foirne agus aird chuí á tabhairt ar na geallsealbhóirí go léir. Ós rud é gur seirbhís phoiblí atá ann, níor cheart an t-iompar poiblí a bheith bunaithe ar an mbrabúsacht amháin, agus níor cheart eisiamh iompair a bheith mar thoradh air. Tuigtear as sin gur den riachtanas, agus é inchosanta ar bhonn sóisialta, naisc neamhbhrabúsacha a choinneáil ar bun freisin chun an comhtháthú sóisialta a áirithiú, mar shampla trí oibleagáidí seirbhíse poiblí. Ina fhianaise sin, d’fhéadfadh sé gur ghá dul i muinín modhanna iompair atá bunaithe ar innill dócháin tiomána chun leibhéal seirbhíse leordhóthanach a choinneáil.

Gnéithe sóisialta – an lucht saothair

4.6.

Is fadhb mhór in earnáil an iompair é an ganntanas acmhainní daonna, rud a d’fhéadfadh a bheith ina fhadhb maidir le forbairt na hearnála, lena n-áirítear san aistriú glas atá beartaithe. Sa chomhthéacs sin, ní mór aird a thabhairt ar a thábhachtaí atá sé dálaí oibre sásúla agus cothroma agus pá cothrom a áirithiú san earnáil, lena n-áirítear d’oibrithe ardáin. Cé go bhfuil an caidreamh tionsclaíoch fós ina inniúlacht náisiúnta, tá cúis ann mar sin féin le haird a tharraingt ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an gcómhargáil chun teacht ar chomhaontú maidir le dálaí tarraingteacha oibre in earnáil an iompair, lena n-áirítear pá agus sábháilteacht agus sláinte ceirde ar an leibhéal náisiúnta agus trasnáisiúnta.

4.7.

D’fhéadfadh teicneolaíochtaí nua deiseanna nua a chruthú i ndáil leis sin. Leagtar béim ar a thábhachtaí atá an oiliúint agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, go háirithe mar bhealach chun cur ar chumas an lucht saothair coinneáil suas le ceanglais nua inniúlachta a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar an aistriú glas, lena n-áirítear digiteáil na hearnála.

4.8.

Cruthóidh bearta amhail iad siúd a leagtar amach in 4.3 agus 4.5 thuas íomhá tharraingteach don earnáil agus meallfar daoine óga agus mná chuig earnáil an iompair.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 578ú seisiún iomlánach de chuid CESE — seisiún athnuachana, 26.4.2023–27.4.2023.

29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/87


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach

(COM(2023) 38 final — 2023/0012 (NLE))

agus maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach: leas a bhaint as a chumas iomlán chun aistrithe córa a bhainistiú

(COM(2023) 40 final)

(2023/C 228/12)

Rapóirtéir:

Pekka RISTELÄ

Comhrapóirtéir:

Mariya MINCHEVA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 8.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

179/52/17

1.   conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (“an Teachtaireacht”) agus an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (“an Moladh”).

1.2.

Tá ról ríthábhachtach ag an idirphlé sóisialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun beartais eacnamaíocha, saothair, agus shóisialta a mhúnlú, beartais lena spreagfar cóineasú aníos na ndálaí maireachtála agus na ndálaí oibre fud fad na mBallstát. Tá CESE go hiomlán ar aon fhocal leis an tuairim go bhféadfadh an t-idirphlé sóisialta a bheith ina uirlis thairbheach chun an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, an t-iomaíochas, agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a thiomáint chun cinn.

1.3.

Níor cheart talamh slán a dhéanamh de, mar sin féin, go mbeadh torthaí dearfacha ag an idirphlé sóisialta, óir tá i bhfad níos mó i gceist leis ná díreach ionstraim a chuirtear chun feidhme agus sin a bhfuil de. Ba cheart don Choimisiún breathnú ar na múnlaí rathúla náisiúnta, réigiúnacha agus earnála le fáil amach cén fáth a bhfuil ag éirí go maith leo.

1.4.

Aontaíonn CESE leis an Teachtaireacht gur gá níos mó a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun tacú leis an gcumhdach cómhargála. Ar an ábhar sin, cé go liostaítear gnéithe tábhachtacha sa Mholadh chun feabhas a chur ar an gcumhdach sin, tá pointe an-ábhartha ar fad a rinneadh sa Teachtaireacht fágtha ar lár ann, eadhon a thábhachtaí atá comhaontuithe comhchoiteanna earnála.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE gurb é is aidhm don Mholadh an t-idirphlé sóisialta trípháirteach ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon a fheabhsú, agus é ar an eolas nach bhfuil i gceist le gné thrípháirteach an idirphlé shóisialta i roinnt Ballstát ach foirmiúlacht, seachas gné fhóinteach. Creideann CESE go bhféadfadh sé go rachfaí i mbun comhairliúcháin éifeachtacha ardcháilíochta leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta ach creat éifeachtach comhchoiteann maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta a bhunú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit chomh maith toradh na gcomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta a cheangal leis na pleananna náisiúnta le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí. I gcás nach bhfuil aon rannpháirtíocht fhóinteach ann, ba cheart don Choimisiún dul i mbun gnímh.

1.6.

Is ábhar imní do CESE nach léir conas a dhéantar comhaontuithe comhpháirtithe sóisialta a chur chun feidhme ar bhonn treoracha ón gComhairle. Mura mbeidh soiléireacht, trédhearcacht, agus intuarthacht ann ó thaobh dhiscréid leathan an Choimisiúin Eorpaigh de i dtaobh na gcúrsaí sin, is dócha go mbeidh iarmhairt neamhbheartaithe ann, is é sin go gcuirfí as do na comhpháirtithe sóisialta na cineálacha comhaontuithe sin a chaibidliú. Tá sé á iarraidh an athuair ag CESE go ndéanfaidh an Coimisiún an tsaincheist sin a phlé leis na comhpháirtithe sóisialta.

1.7.

Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t-idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar. Ba cheart an t-idirdhealú sin a dhéanamh freisin maidir leis an tacaíocht fothaithe acmhainneachta a thugtar do na comhpháirtithe sóisialta agus an tacaíocht chéanna a thugtar don tsochaí shibhialta i gcoitinne.

2.   barúlacha ginearálta

2.1.

Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (“an Teachtaireacht”) agus an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (“an Moladh”).

2.2.

Mar a tugadh ar aird i dtuairim SOC/644 ó CESE (1), tá ról ríthábhachtach ag an idirphlé sóisialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun beartais eacnamaíocha, saothair, agus shóisialta a mhúnlú, beartais lena spreagfar cóineasú aníos na ndálaí maireachtála agus na ndálaí oibre fud fad na mBallstát, agus freisin chun freagairt do na dúshláin atá roimh an Eoraip i saol na hoibre.

2.3.

Mar a aithníodh sa Teachtaireacht, is ag na comhpháirtithe sóisialta atá scoth an eolais agus na taithí maidir le cúrsaí fostaíochta agus sóisialta “ar an láthair”. Ach cluas a thabhairt don saineolas sin atá acu, d’fhéadfaí an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leasanna oibrithe agus leasanna fostóirí agus d’fhéadfaí beartais agus reachtaíocht níos inghlactha agus níos éifeachtaí a chur ar bun. Chomh maith leis sin, tá sé á chur in iúl ag an gCoimisiún, mar is ceart, go bhfuil ról uathúil ag na comhpháirtithe sin i gcomparáid le geallsealbhóirí eile.

2.4.

Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t-idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar.

2.5.

Thug CESE le fios roimhe seo (2) gurb é ceann de phríomhfheidhmeanna an idirphlé shóisialta, go háirithe gné na cómhargála de, rannchuidiú leis an timpeallacht ghnó a mhúnlú agus na hathruithe sa saol oibre a bhainistiú trí fhaisnéis agus eolas roimh ré a thabhairt agus rannpháirtíocht agus éascaíocht a áirithiú chun iontaoibh fhrithpháirteach a chothú idir na comhpháirtithe sóisialta ar gach leibhéal.

2.6.

Tá CESE go hiomlán ar aon fhocal leis an tuairim go bhféadfadh an t-idirphlé sóisialta a bheith ina uirlis thairbheach chun an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, an t-iomaíochas, agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a thiomáint chun cinn. Mar sin féin, níor cheart talamh slán a dhéanamh de go mbeadh torthaí dearfacha ag an idirphlé sóisialta, óir tá i bhfad níos mó i gceist leis ná díreach ionstraim a chuirtear chun feidhme agus sin a bhfuil de. Ba cheart don Choimisiún breathnú ar na múnlaí rathúla náisiúnta, réigiúnacha agus earnála lena dhéanamh amach cén fáth a bhfuil ag éirí go maith leo. D’fhéadfaí feabhas a chur ar chúrsaí sna tíortha sin inar lag an t-idirphlé sóisialta freisin ach comhroinnt eolais agus athbhreithniú piaraí a bheith ann idir na Ballstáit.

2.7.

Má táthar chun tacú níos mó leis na comhpháirtithe sóisialta páirt a ghlacadh san idirphlé sóisialta, feabhas a chur ar an gcumhdach cómhargála, agus comhaontuithe idirphlé shóisialta a chur chun feidhme, bídís sin ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, tá sé tábhachtach rochtain a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta sin sna tíortha inar lag an t-idirphlé sóisialta ar thacaíocht bhreise fothaithe acmhainneachta. Baineann sé sin go háirithe le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+). Ina leith sin, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir tacaíocht fothaithe acmhainneachta do chomhpháirtithe sóisialta agus an tacaíocht chéanna don tsochaí shibhialta i gcoitinne. Ba cheart an t-idirdhealú sin a thabhairt isteach i Rialachán CSE+ agus i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh na chéad tréimhse airgeadais eile. Ag an am céanna, ba cheart teacht ar réitigh airgeadais níos fearr d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna).

2.8.

Faoi mar a d’aithin an Coimisiún Eorpach, bhí tionchar nach beag ag an idirphlé sóisialta ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na mbeartas lenar cuireadh srian le tionchair na paindéime i saol na hoibre. Tá ról tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta chomh maith maidir le dul i ngleic le tionchair fhorleathana fhogha na Rúise faoin Úcráin trína chur ar chumas daoine easáitithe ón Úcráin, mar aon le dídeanaithe agus imircigh eile, iad féin a lánpháirtiú sa mhargadh saothair. Tá ról ríthábhachtach eile ag na comhpháirtithe sóisialta: réitigh inbhuanaithe a aimsiú le tuarastail agus comhaontuithe comhchoiteanna a choigeartú chun freagairt do ghéarchéim na gcostas maireachtála agus do na leibhéil arda bhoilscithe.

2.9.

Tá sé aitheanta ag CESE (3) gur gá an méid seo a leanas a áireamh ar an idirphlé sóisialta má tá sé chun bheith éifeachtach:

comhpháirtithe sóisialta ionadaíocha dlisteanacha, ar féidir leo a bheith rannpháirteach toisc iad a bheith eolach, cumasach ó thaobh na teicneolaíochta de, agus in ann faisnéis ábhartha a rochtain in am trátha;

an toil pholaitiúil agus an tiomantas chun páirt a ghlacadh san idirphlé sóisialta;

urraim do shainchearta bunúsacha agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, don tsaoirse comhlachais, agus don cheart chun cómhargála, i dteannta creat dlíthiúil agus institiúideach cumasúcháin chun tacú le próisis idirphlé shóisialta le hinstitiúidí dea-fheidhmiúla.

Is mór ag CESE go bhfuil na gnéithe sin ar fad san áireamh sa tionscnamh seo ón gCoimisiún.

2.10.

Ag an am céanna, tá samplaí ann go fóill d’áiteanna ar fud an Aontais inar lag an t-idirphlé sóisialta agus ina bhfuil timpeallacht dhiúltach ina leith. Uaireanta, ní bhíonn solúbthacht sa chreat dlíthiúil sa chaoi nach mbíonn na comhpháirtithe sóisialta in ann dul i mbun caibidlíochta. Fágann sé sin gur laige seasamh na gcomhpháirtithe sóisialta agus nach mbíonn sé ar a gcumas, chomh maith céanna, dul i mbun cómhargála agus baill nua a mhealladh. Sna Ballstáit nach bhfuil traidisiúin sheanbhunaithe iontu go fóill, tá ríthábhacht le critéir oibiachtúla atá oscailte, trédhearcach, agus réamhbhunaithe, cinn nach mbaineann ualach iomarcach riaracháin leo agus a comhaontaíodh le heagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta, ar mhaithe le hionadaíochas na n-eagraíochtaí sin a chinneadh. Mar sin féin, tá réimse fada fairsing cleachtas náisiúnta ann cheana féin nach mór a urramú, lena n-áirítear aitheantas frithpháirteach idir eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta.

2.11.

Aontaíonn CESE leis an Teachtaireacht gur gá níos mó a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun tacú leis an gcumhdach cómhargála (4). I ndáil leis sin, is díol sásaimh dó go ndéantar tagairt sa Teachtaireacht do bhealaí éagsúla leis an méid sin a bhaint amach, mar shampla: bacainní institiúideacha nó dlíthiúla ar an idirphlé sóisialta agus ar an gcómhargáil lena gcumhdaítear cineálacha nua oibre nó fostaíochta neamhthipiciúla a bhaint; a áirithiú go mbeidh an tsaoirse ag na páirtithe caibidlíochta a chinneadh cé na saincheisteanna a phléifear; a áirithiú go gcomhaontóidh na comhpháirtithe sóisialta na cásanna ina bhféadfaí imeacht óna bhfuil sna comhaontuithe cómhargála agus go mbeidh srian leis na cásanna sin ó thaobh na gcoinníollacha a bhaineann leo; córas forfheidhmithe comhaontuithe comhchoiteanna a áirithiú agus a chur chun feidhme.

2.12.

Cé go liostaítear an méid sin sa Mholadh mar ghnéithe tábhachtacha chun an cumhdach cómhargála a fheabhsú, fágtar pointe an-ábhartha ar fad a rinneadh sa Teachtaireacht ar lár sa Mholadh, eadhon an tábhacht a bhaineann le comhaontuithe comhchoiteanna earnála. Mar a tugadh faoi deara sa Teachtaireacht, tá cumhdach cómhargála ard (os cionn 50 %) sna tíortha sin a bhfuil cineál éigin margála earnála iontu, agus sna tíortha sin amháin. Aithnítear é sin freisin sa Treoir a foilsíodh le déanaí maidir le pá íosta leordhóthanach (Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)). De réir na Treorach sin, cuirfidh na Ballstáit chun cinn forbairt agus neartú inniúlacht na gcomhpháirtithe sóisialta chun dul i mbun cómhargáil maidir le socrú pá, go háirithe ar leibhéal na hearnála agus ar an leibhéal trastionscail.

2.13.

San am céanna, tá sé tábhachtach cineál deonach na cómhargála a chaomhnú agus an timpeallacht cheart a chruthú chun go mbeidh an próiseas tarraingteach agus tairbheach don dá thaobh. Caithfidh an próiseas a bheith chomh cuimsitheach agus is féidir. Ba cheart córais éifeachtacha um réiteach díospóidí a bheith i bhfeidhm freisin. Ba cheart sásraí chun faireachán a dhéanamh ar chumhdach comhaontuithe comhchoiteanna a fhorbairt sna Ballstáit le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta.

2.14.

Is díol sásaimh do CESE gurb é is aidhm don Mholadh an t-idirphlé sóisialta trípháirteach ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta a fheabhsú. Tagraítear ann, i measc nithe eile, dá thábhachtaí atá sé a ndóthain ama a bheith ann le haghaidh comhairliúcháin sa phróiseas ceaptha beartas, creataí institiúideacha leordhóthanacha a áirithiú, agus rochtain a áirithiú ar an bhfaisnéis is gá chun páirt a ghlacadh san idirphlé sóisialta.

2.15.

I roinnt Ballstát, níl i gceist le gné thrípháirteach an idirphlé shóisialta ach foirmiúlacht, seachas gné fhóinteach. Tríd an Moladh a chur chun feidhme mar is ceart agus faireachán leordhóthanach a dhéanamh air, d’fhéadfadh sé a bheith ina chéim thábhachtach chun tosaigh chun an ghné sin a fheabhsú. Baineann tábhacht ar leith le hidirphlé trípháirteach ar an leibhéal Eorpach a chothú go háirithe maidir le réimse na fostaíochta agus na cosanta sóisialta. D’fhéadfaí an t-idirphlé trípháirteach sin a chothú, cuir i gcás, trí choistí comhairleacha trípháirteacha a bhunú i ndáil leis na saincheisteanna sin, tar éis machnamh cuí a dhéanamh.

2.16.

Mar shampla, mhol CESE i roinnt tuairimí dá chuid roimhe seo go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ar bhonn cuí i ndearadh agus i gcur chun feidhme pleananna téarnaimh náisiúnta, agus go mbeadh comhar níos fearr idir na comhpháirtithe sóisialta agus an Coimisiún Eorpach d’fhonn úsáid chomhsheasmhach acmhainní Eorpacha a áirithiú (6). Ba cheart a áirithiú freisin go mbeadh eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta rannpháirteach ar bhonn níos fearr.

2.17.

Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún go bhfuil comhaontuithe maidir leis an idirphlé sóisialta Eorpach i measc na dtorthaí is tábhachtaí dá bhféadfaí a bhaint amach as idirphlé sóisialta an Aontais. Tugann CESE dá aire freisin iarraidh an Choimisiúin go ndéanfaidh comhpháirtithe sóisialta Eorpacha tuilleadh comhaontuithe comhpháirtithe sóisialta a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, agus béim á leagan aige air gurb iad na comhpháirtithe sóisialta féin a chinnfidh caibidlíocht a dhéanamh nó gan caibidlíocht a dhéanamh, agus, i gcás caibidlíochta, cé na saincheisteanna atá ábhartha. Is gné bhunúsach dá neamhspleáchas é sin.

2.18.

Ag an am céanna, is ábhar imní do CESE nach léir conas a dhéantar comhaontuithe comhpháirtithe sóisialta a chur chun feidhme ar bhonn treoracha ón gComhairle. Mura mbeidh próiseas níos soiléire ann ó thaobh dhiscréid leathan an Choimisiúin Eorpaigh de i dtaobh na gcúrsaí sin, discréid a deonaíodh dó de bhun na mbreithiúnas a rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí (7), is dócha go mbeidh iarmhairt neamhbheartaithe ann, is é sin go gcuirfí as do na comhpháirtithe sóisialta na cineálacha comhaontuithe sin a chaibidliú.

2.19.

Ar an gcúis sin, tá sé á iarraidh an athuair ag CESE go ndéanfaidh an Coimisiún an tsaincheist sin a phlé leis na comhpháirtithe sóisialta, agus a neamhspleáchas á urramú aige agus é ag cloí le nós imeachta Airteagal 155 CFAE. Iarrann CESE an athuair freisin go gcuirfidh an Coimisiún critéir shoiléire agus thrédhearcacha ar fáil maidir le cur chun feidhme comhaontuithe earnála comhpháirtithe sóisialta (8).

3.   barúlacha sonracha

3.1.   Barúlacha sonracha faoin Teachtaireacht

3.1.1.

Sa Teachtaireacht, cuireann an Coimisiún tacaíocht agus comhairleoireacht dhlíthiúil ar fáil trína chuid seirbhísí do na comhpháirtithe sóisialta atá i mbun caibidlíochta, go háirithe maidir le cúrsaí a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar chur chun feidhme comhaontaithe trí bhíthin dhlí an Aontais. Tá sé ríthábhachtach go gcinnfeadh na comhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach má theastaíonn an chomhairle agus an tacaíocht sin uathu i dtaobh a gcaibidlíochtaí.

3.1.2.

Déanann an Coimisiún tagairt freisin, i measc nithe eile, don chleachtas a deimhníodh i mBreithiúnas C-928/19 ón gCúirt maidir le measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá sé an comhaontú a ndearna na comhpháirtithe sóisialta caibidlíocht air a chur chun feidhme trí dhlí an Aontais. Luann an Coimisiún go bhféadfadh sé go ndéanfaí measúnú tionchair i ndáil leis sin. Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún go gcuirfidh sé na comhpháirtithe sóisialta faoi seach ar an eolas laistigh de 3 mhí faoina réamhbhreithnithe, lena bhféadfaí a shonrú má tá sé chun measúnú tionchair a dhéanamh nó nach bhfuil.

3.1.3.

Cé go n-aithníonn CESE gur luachmhar an tacaíocht agus an chomhairle ón gCoimisiún, agus an gealltanas a thug sé maidir le srianta áirithe ama a chomhlíonadh agus measúnuithe á ndéanamh aige, ní leor na bearta sin sa mhéid nach mbeidh an próiseas chomh soiléir, trédhearcach ná intuartha agus a theastaíonn ó na páirtithe caibidlíochta.

3.1.4.

Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé creat tacaíochta leormhaith a bheith ann le haghaidh idirphlé sóisialta earnála agus tugann sé dá aire chomh maith an litir oscailte ó na comhpháirtithe sóisialta earnála Eorpacha (9). B’iomchuí breithniú cuí a dhéanamh ar ábhair imní na n-eagraíochtaí earnála maidir le maoiniú agus eagrú coistí um idirphlé sóisialta earnála.

3.1.5.

Maidir le hidirphlé sóisialta trípháirteach Eorpach a chur chun cinn, is díol sásaimh do CESE an fógra ón gCoimisiún go gceapfaidh sé Comhordaitheoir um Idirphlé Sóisialta i ngach seirbhís den Choimisiún. Dá mbeadh comhordaitheoirí den sórt sin in Ard-Stiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin agus i seirbhísí ábhartha eile, d’fhéadfadh sé go músclófaí feasacht agus go bhfeabhsófaí cáilíocht an idirphlé shóisialta, rud a chabhródh leis an gCoimisiún, dá bhrí sin, a thabhairt dá aire na tairbhí a bhaineann le hidirphlé trípháirteach dea-fheidhmiúil don cheapadh beartas san Eoraip.

3.1.6.

I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, arb é an creat maidir le comhordú an bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta é, is díol sásaimh do CESE go n-aithníonn an Coimisiún an ról tábhachtach a bhíonn ag na comhpháirtithe sóisialta nuair a bhíonn siad rannpháirteach go fóinteach agus go tráthúil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go ndéantar athchóirithe agus infheistíochtaí a dhearadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach. Mar sin féin, bíodh agus go n-eagraítear idirphlé struchtúrtha go rialta leis na comhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal Eorpach ag céimeanna tábhachtacha de thimthriall an tSeimeastair, is amhlaidh gur rómhinic a thugtar droim láimhe lena rannpháirtíocht ar leibhéal an rialtais náisiúnta agus go mbíonn éifeachtacht an idirphlé ar an leibhéal sin ag brath go mór ar dhea-thoil an rialtais, seachas ar chleachtais nó rialacha bunaithe.

3.1.7.

Aontaíonn CESE go bhfuil sé tábhachtach an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chur chun cinn i gcomhthéacs na caibidlíochta atá ar bun faoi láthair maidir le méadú freisin. Ina leith sin, is díol sásaimh dó an tacaíocht ón gCoimisiún le haghaidh tionscadail atá dírithe ar an idirphlé sóisialta a fheabhsú i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha. Is fíor sin freisin maidir le Beartas Comharsanachta na hEorpa agus comhpháirtíochtaí Global Gateway an Aontais. I ndáil leo sin, tá gealltanas tugtha ag an Aontas, mar is ceart, go bhféachfaidh sé chuige go mbeidh cearta an duine, cearta sóisialta, agus cearta oibrithe ar ardchaighdeán ann.

3.2.   Barúlacha sonracha faoin Moladh

3.2.1.

Is díol sásaimh do CESE go n-urramaítear sa Mholadh ról agus neamhspleáchas na gceardchumann agus na n-eagraíochtaí fostóirí ó thaobh na cómhargála de. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach a shoiléiriú go léirmhínítear coincheap na heagraíochta oibrithe, dá dtagraítear in aithris 12, i gcomhréir le cásdlí chomhlachtaí maoirseachta na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), go háirithe Coinbhinsiúin 98 agus 154 de, agus gur cheart na focail “go hiondúil” a bhaint den aithris sin. Anuas air sin, b’ábhartha tagairt a dhéanamh do Choinbhinsiún 98 EIS, i dteannta Choinbhinsiún 135, in aithris 13.

3.2.2.

Is díol sásaimh do CESE go n-iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go córasach agus go fóinteach i ndearadh agus i gcur chun feidhme beartas ar bhonn tráthúil, go háirithe beartais a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Creideann CESE go bhféadfadh sé go rachfaí i mbun comhairliúcháin éifeachtacha ardcháilíochta leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta ach creat éifeachtach comhchoiteann maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus ESSanna a bhunú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

3.2.3.

Ó thaobh an tSeimeastair Eorpaigh de, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit chomh maith toradh na gcomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta, mar aon lena seasamh/ionchur féin, a cheangal leis na pleananna náisiúnta le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí. Baineann sé sin freisin le CSE+ agus le cistí comhtháthaithe eile, de réir mar is iomchuí, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na comhpháirtíochta. I ngach cás eile, tá sé ríthábhachtach go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ar bhealach éifeachtach agus nach gcaithfí leis sin amhail is nach bhfuil ann ach foirmiúlacht. Thairis sin, i gcás nach bhfuil aon rannpháirtíocht fhóinteach ann, nó má tharlaíonn go mbainfí an bonn den idirphlé sóisialta ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart don Choimisiún dul i mbun gnímh. Mar shampla, d’fhéadfaí dréachtphleananna/dréachtchomhaontuithe comhpháirtíochta a fhágáil ar fionraí go dtí go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go héifeachtach sna próisis lena mbaineann.

3.2.4.

Aithnítear sna haithrisí sa Mholadh go gceanglaítear ar na Ballstáit de bhun Threoracha (10) an Aontais maidir le soláthar poiblí an ceart chun an eagraithe agus an ceart chun cómhargála a urramú. Measann CESE gur cheart an tsaincheist sin, atá nasctha go dlúth leis an aidhm maidir leis an gcumhdach cómhargála a mhéadú, a áireamh ar na fíormholtaí do na Ballstáit.

3.2.5.

Tugtar faoi deara sa Mholadh gur gá acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta i roinnt Ballstát a neartú, le féachaint chuige go gcuirfear comhaontuithe neamhspleácha comhpháirtithe sóisialta an Aontais chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Creideann CESE go mbeadh tacaíocht níos láidre chuige sin (lena n-áirítear trí CSE+) fóinteach chun torthaí idirphlé sóisialta an Aontais ar an leibhéal náisiúnta a chur chun cinn agus chun an próiseas cur chun feidhme ar an láthair a fheabhsú.

3.2.6.

Is díol sásaimh do CESE go dtugtar aird ar leith ar an gcistiú náisiúnta agus ar chistiú AE atá ar fáil chun tacú leis na comhpháirtithe sóisialta. Is ionstraim luachmhar é CSE+ chun cur le hacmhainn na gcomhpháirtithe sóisialta (lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht thar ceann FBManna agus micrifhiontar) páirt a ghlacadh san idirphlé sóisialta trípháirteach agus san idirphlé sóisialta dépháirteach agus freisin chun tacú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha arna ndéanamh ag na comhpháirtithe sóisialta agus aghaidh á tabhairt acu ar iarmhairtí fostaíochta agus sóisialta na ndúshlán a bhaineann le forbairtí éagsúla socheacnamaíocha, amhail, cuir i gcás, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus na hiarmhairtí sin á réamh-mheas agus á n-athrú acu. Ba cheart é sin a leagan amach go soiléir mar chuid de chur chuige tiomnaithe i dtaca le tacaíocht fothaithe acmhainneachta do na comhpháirtithe sóisialta faoi CSE+.

3.2.7.

Ba cheart tacaíocht faoi CSE+ a aithint ar an gcaoi chéanna agus a aithníonn an Coimisiún – agus an ceart aige – idirphlé sibhialta, i.e. mar phróiseas ar leith a mbaineann réimse níos leithne geallsealbhóirí leis. Ba cheart na línte buiséid atá tiomnaithe do na comhpháirtithe sóisialta agus do ESSanna a idirdhealú ó chéile ionas go leagfaí na róil shonracha amach ar bhealach níos fearr agus d’fhonn súil níos géire a choinneáil ar na torthaí. Chomh maith leis sin, teastaíonn tacar soiléir critéar le haghaidh tástálacha státchabhrach (arna bhformheas ag an gCoimisiún), óir tá an chuma ar an scéal gur fadhb é sin i roinnt Ballstát. Ba cheart na critéir sin a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh ag na húdaráis náisiúnta ar chomhoiriúnacht ghníomhaíochtaí tionscadail na gcomhpháirtithe sóisialta leis na rialacha maidir leis an státchabhair. Ba cheart a léiriú i ndearadh na gcritéar sin ról speisialta na gcomhpháirtithe sóisialta le go bhféadfaidís a bheith rannpháirteach ar bhealach níos fearr san idirphlé sóisialta agus rannchuidiú éifeachtach a dhéanamh leis ar leibhéil éagsúla (idirnáisiúnta, AE, náisiúnta, réigiúnach, earnála). Ba cheart rialacha comhchosúla a fhorbairt le haghaidh ESSanna.

3.2.8.

Dar le CESE go bhfuil sé tábhachtach forálacha faireacháin soiléire agus éifeachtacha a bheith ag gabháil leis an Moladh. Moltar do na Ballstáit liosta beart, arna tharraingt suas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 mí tar éis fhoilsiú an Mholta, chun an Moladh a chur chun feidhme. Ó thaobh an Choimisiúin de, tá rún aige táscairí arna gcomhaontú go comhchoiteann a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Mholta i gcomhpháirt leis an gCoiste Fostaíochta agus leis na comhpháirtithe sóisialta ábhartha. Ba cheart ról lárnach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta i bhforbairt na dtáscairí sin.

3.2.9.

Is díol sásaimh do CESE an ráiteas sa Mholadh gur cheart, de bhíthin an fhaireacháin sin, go gcuirfí ar chumas na gcomhpháirtithe sóisialta, i measc nithe eile, cásanna a shainaithint ina ndearnadh iad a eisiamh nó nach raibh baint leordhóthanach acu le comhairliúcháin ar an leibhéal náisiúnta maidir le beartas an Aontais agus beartas náisiúnta. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach freisin nós imeachta a fhorbairt mar bheart leantach i dtaca leis na cásanna sin, nós imeachta a mbeadh sé d’aidhm aige cúrsaí a chur ina gceart.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tuairim ó CESE Idirphlé sóisialta le haghaidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch,(IO C 10, 11.1.2021, lch. 14,))(níl leagan Gaeilge ann).

(2)  Tuairim ó CESE Idirphlé sóisialta don nuálaíocht sa gheilleagar digiteach, (IO C 159, 10.5.2019, lch. 1), (níl leagan Gaeilge ann).

(3)  Tuairim ó CESE Idirphlé sóisialta le haghaidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch, (IO C 10, 11.1.2021, lch. 14) (níl leagan Gaeilge ann).

(4)  Tuairim ó CESE Idirphlé sóisialta le haghaidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14, (níl leagan Gaeilge ann).

(5)  IO L 275, 25.10.2022, lch. 33

(6)  Tuairimí ó CESE Idirphlé sóisialta le haghaidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch, (IO C 10, 11.1.2021, lch. 14), (níl leagan Gaeilge ann) agus Treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát, (IO C 517, 22.12.2021, lch. 97).

(7)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Deireadh Fómhair 2019, T-310/18, agus Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 2 Meán Fómhair 2021 C-928/19 P.

(8)  Tuairim ó CESE Idirphlé sóisialta le haghaidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch, (IO C 10, 11.1.2021, lch. 14). (níl leagan Gaeilge ann).

(9)  Litir oscailte ó na comhpháirtithe sóisialta earnála Eorpacha – EuroCommerce.

(10)  Treoir 2014/24/AE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 65; Treoir 2014/25/AE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 243; agus Treoir 2014/23/AE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

SOC/764

An t-idirphlé sóisialta a neartú

Pointe 2.3

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Mar a aithníodh sa Teachtaireacht, is ag na comhpháirtithe sóisialta atá scoth an eolais agus na taithí maidir le cúrsaí fostaíochta agus sóisialta “ar an láthair”. Ach cluas a thabhairt don saineolas sin atá acu, d’fhéadfaí an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leasanna oibrithe agus leasanna fostóirí agus d’fhéadfaí beartais agus reachtaíocht níos inghlactha agus níos éifeachtaí a chur ar bun. Chomh maith leis sin, tá sé á chur in iúl ag an gCoimisiún, mar is ceart, go bhfuil ról uathúil ag na comhpháirtithe sin i gcomparáid le geallsealbhóirí eile.

Mar a aithníodh sa Teachtaireacht, le hionchur na gcomhpháirtithe sóisialta, d’fhéadfaí an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leasanna oibrithe agus leasanna fostóirí agus d’fhéadfaí beartais agus reachtaíocht níos inghlactha agus níos éifeachtaí a chur ar bun. Chomh maith leis sin, tá sé á chur in iúl ag an gCoimisiún, mar is ceart, go bhfuil ról uathúil ag na comhpháirtithe sin i gcomparáid le geallsealbhóirí eile. Mar sin féin, tá béim á cur ag CESE ar a luachmhaire atá an comhar agus an malartú tuairimí idir rannpháirtithe an idirphlé shóisialta agus rannpháirtithe an idirphlé shibhialta araon. Tá taithí uathúil agus eolas sonrach ag roinnt mhaith eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, a ghnóthaigh siad ón leibhéal is bunúsaí aníos. Is féidir an t-eolas sin a chur chun tairbhe lasmuigh den idirphlé sibhialta. Is fiú béim a leagan ar chleachtais roinnt Ballstát, mar shampla na Ballstáit ina bhfáiltíonn na comhpháirtithe sóisialta roimh ionadaithe eagraíochtaí sonracha na sochaí sibhialta go dtí cruinnithe a eagraítear mar chuid den idirphlé sóisialta, mar go dteastaíonn uathu éisteacht leo agus leas a bhaint as a gcuid eolais, saineolais agus taithí.

Cúis

A mhéid a bhaineann le cásanna sóisialta “ar an láthair”, bíonn eolas i bhfad níos fairsinge ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i roinnt mhaith de na cásanna sin, mar shampla an comhrac i gcoinne na bochtaineachta, tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas nó do ghrúpaí leochaileacha eile saoránach, lánpháirtiú imirceach, cearta mionlach eitneach agus cabhair do leanaí atá i mbaol eisiamh sóisialta. Ba cheart an méid sin a léiriú sa tústuairim ionas nach gceapfaí gurb iad na comhpháirtithe sóisialta amháin atá eolach i dtaobh an cháis shóisialta “ar an láthair”. I mBallstáit áirithe, tá a fhios ag na comhpháirtithe sóisialta go bhfuil an saineolas thuasluaite ag na heagraíochtaí sin. Mar sin, toisc go n-aithníonn siad agus go dtuigeann siad an méid sin, cuireann siad fáilte roimh ionadaithe ó eagraíochtaí sonracha na sochaí sibhialta ionas gur féidir leo bualadh leis na gníomhaithe i struchtúir idirphlé thrípháirteacha, d’fhonn cur lena gcuid eolais féin agus a saineolas a shaibhriú.

Toradh na vótála:

Ar son:

83

In aghaidh:

153

Staonadh:

9

LEASÚ 2

SOC/764

An t-idirphlé sóisialta a neartú

Pointe 2.4

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t-idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar.

Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t-idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhfuil gá le comhar agus malartú tuairimí idir rannpháirtithe an idirphlé shóisialta agus an idirphlé shibhialta, ós rud é gur eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta iad cuid mhaith díobh siúd is mó a dhéanann ionadaíocht ar leasanna mórán grúpaí sóisialta, seachas na comhpháirtithe sóisialta féin. Ina fhianaise sin, tá sé riachtanach a áirithiú nach ndéanfaidh na comhpháirtithe sóisialta comhaontuithe gan tuairimí agus argóintí eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta a chur san áireamh, óir déanann na heagraíochtaí sin ionadaíocht ar shaol mhuintir na hEorpa agus óir tá tionchar suntasach acu ar an saol sin.

Cúis

Is é is aidhm don leasú seo béim a leagan air nach mór leasanna grúpaí eile a chur san áireamh agus an t-idirphlé sóisialta ar bun, ar grúpaí iad sin nach “gcumhdaítear” go sonrach ag na comhpháirtithe sóisialta nó grúpaí arb iad eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta is mó a dhéanann ionadaíocht orthu.

Toradh na vótála:

Ar son:

79

In aghaidh:

157

Staonadh:

7

LEASÚ 3

SOC/764

An t-idirphlé sóisialta a neartú

Pointe 3.1.5

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Maidir le hidirphlé sóisialta trípháirteach Eorpach a chur chun cinn, is díol sásaimh do CESE an fógra ón gCoimisiún go gceapfaidh sé Comhordaitheoir um Idirphlé Sóisialta i ngach seirbhís den Choimisiún. Dá mbeadh comhordaitheoirí den sórt sin in Ard-Stiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin agus i seirbhísí ábhartha eile, d’fhéadfadh sé go músclófaí feasacht agus go bhfeabhsófaí cáilíocht an idirphlé shóisialta, rud a chabhródh leis an gCoimisiún, dá bhrí sin, a thabhairt dá aire na tairbhí a bhaineann le hidirphlé trípháirteach dea-fheidhmiúil don cheapadh beartas san Eoraip.

Maidir le hidirphlé sóisialta trípháirteach Eorpach a chur chun cinn, is díol sásaimh do CESE an fógra ón gCoimisiún go gceapfaidh sé Comhordaitheoir um Idirphlé Sóisialta i ngach seirbhís den Choimisiún. Dá mbeadh comhordaitheoirí den sórt sin in Ard-Stiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin agus i seirbhísí ábhartha eile, d’fhéadfadh sé go músclófaí feasacht agus go bhfeabhsófaí cáilíocht an idirphlé shóisialta, rud a chabhródh leis an gCoimisiún, dá bhrí sin, a thabhairt dá aire na tairbhí a bhaineann le hidirphlé trípháirteach dea-fheidhmiúil don cheapadh beartas san Eoraip. Ag an am céanna, tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur cheart comhordaitheoirí comhchosúla a thabhairt isteach i ngach Ard-Stiúrthóireacht sa Choimisiún, d’fhonn idirphlé sibhialta Eorpach a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún an dá idirphlé sin a neartú san am céanna le chéile, gan tosaíocht a thabhairt d’aon cheann acu thar a chéile.

Cúis

Tá sé á chur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach anois Comhordaitheoir um Idirphlé Sóisialta tiomnaithe a cheapadh i ngach Ard-Stiúrthóireacht agus i seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin. Tá sé an-suntasach ar fad an méid sin acmhainní daonna a thiomnú do neartú an idirphlé shóisialta, ina fhianaise gurb ionann agus 30 líon na nArd-Stiúrthóireachtaí amháin agus go bhfuil a lán seirbhísí eile ann. D’fhéadfaí amhras a chaitheamh ar cheapadh comhordaitheora speisialta um idirphlé sóisialta i roinnt de na hArd-Stiúrthóireachtaí sin ós rud é go mbaineann siad le réimsí gníomhaíochta a mbíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta, seachas na comhpháirtithe sóisialta, i bhfad níos gníomhaí iontu, mar shampla: an comhshaol, an aeráid, an talmhaíocht agus forbairt tuaithe, an t-oideachas, an óige, spórt agus cultúr, an ceartas agus tomhaltóirí. Tá gníomhaíochtaí comhuaineacha de dhíth chun tacú leis an idirphlé sibhialta. Níl aon bhonn leis go gcaithfeadh an Coimisiún Eorpach leis an aon chineál idirphlé amháin, agus acmhainní daonna suntasacha (os cionn 50 duine, b’fhéidir) á leithdháileadh aige chun é a neartú.

Toradh na vótála:

Ar son:

78

In aghaidh:

156

Staonadh:

7

LEASÚ 4

SOC/764

An t-idirphlé sóisialta a neartú

Pointe 1.7

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t-idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar. Ba cheart an t-idirdhealú sin a dhéanamh freisin maidir leis an tacaíocht fothaithe acmhainneachta a thugtar do na comhpháirtithe sóisialta agus an tacaíocht chéanna a thugtar don tsochaí shibhialta i gcoitinne.

Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t-idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar. Ba cheart an t-idirdhealú sin a dhéanamh freisin maidir leis an tacaíocht fothaithe acmhainneachta a thugtar do na comhpháirtithe sóisialta agus an tacaíocht chéanna a thugtar don tsochaí shibhialta i gcoitinne. Ag an am céanna, tá béim á cur ag CESE ar a luachmhaire atá an comhar agus an malartú tuairimí idir rannpháirtithe an idirphlé shóisialta agus rannpháirtithe an idirphlé shibhialta araon. Tá taithí uathúil agus eolas sonrach ag roinnt mhaith eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, a ghnóthaigh siad ón leibhéal is bunúsaí aníos. Is féidir an t-eolas sin a chur chun tairbhe lasmuigh den idirphlé sibhialta.

Cúis

Chun go mbeadh sé ag teacht le príomhchorp an téacs.

Toradh na vótála:

Ar son:

83

In aghaidh:

153

Staonadh:

9


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/97


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API) a bhailiú agus a aistriú chun rialuithe ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/817 agus Rialachán (AE) 2018/1726, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/82/CE ón gComhairle

(COM(2022) 729 final)

agus — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818

(COM(2022) 731 final)

(2023/C 228/13)

Rapóirtéir:

Tymoteusz Adam ZYCH

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 8.2.2023

Bunús dlí

Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

137/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na tograí ón gCoimisiún Eorpach maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API) (1) mar is gá sonraí API agus sonraí PNR (Taifid Ainmneacha Paisinéirí) a bhailiú agus a aistriú go héifeachtach le haghaidh bainistiú teorann, an chomhraic i gcoinne na himirce neamhdhleathaí, agus cúrsaí slándála chomh maith, ar a n-áirítear an gá leis an sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chosc agus a chomhrac.

1.2.

Tá CESE lánchinnte go mbeidh difríochtaí neamh-inmhianaithe i gcur chun feidhme an dá Threoir (API (2) & PNR (3)) ar an leibhéal náisiúnta a fhad agus a bheidh sonraí API agus sonraí PNR mar ábhar na dTreoracha sin.

1.3.

Ar mhaithe le cur chun feidhme an dá Threoir a chomhchuibhiú, agus le go mbaileofaí agus go n-aistreofaí sonraí API agus sonraí PNR ar bhonn níos éifeachtúla, tá gá leis na Rialacháin dá bhforáiltear sna tograí mar, ar a mbonn sin, ní bheidh aon difríochtaí ann a thuilleadh a mhéid a bhaineann le cleachtais éagsúla na mBallstát, beidh breis deimhneacht dhlíthiúil ann, cuirfear dlús le sreabhadh na bpaisinéirí, agus laghdófar na deacrachtaí riaracháin atá ag aeriompróirí.

1.4.

Tá CESE ag leagan béim ar a thábhachtaí atá Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) agus an dá thogra le haghaidh Rialacháin á gcur i bhfeidhm. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar chearta grúpaí leochaileacha, daoine faoi mhíchumas go háirithe.

1.5.

Argóint thábhachtach ar son ghlacadh na dtograí sin is ea go bhfaightear locht ar an dá Threoir atá ann faoi láthair, i.e. Treoir API agus Treoir PNR, óir ní chomhlíontar na caighdeáin reatha maidir le cosaint sonraí iontu.

1.6.

Feictear do CESE gur gá na costais a bhaineann le eu-LISA, a eascraíonn as dearadh, forbairt, óstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire, a íoc as buiséad ginearálta an Aontais, mar aon leis na costais arna dtabhú ag na Ballstáit maidir lena naisc agus lena gcomhtháthú siúd leis an ródaire.

1.7.

Mar sin féin, tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil athruithe suntasacha dlíthiúla i gceist leis an dá thogra le haghaidh Rialacháin, i dteannta modhnuithe forleathana ar an gcóras atá ann faoi láthair, ar córas dea-fheidhmiúil an córas sin ón taobh teicniúil de. Dá bhrí sin, is gá faireachán leanúnach críochnúil a dhéanamh ar chreat API agus creat PNR, faireachán a bheidh le déanamh ar leibhéal na mBallstát agus freisin ag an gCoimisiún, na haeriompróirí, na húdaráis inniúla, agus eu-LISA chomh maith, go háirithe a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta. Ar an gcúis sin, tá sé á chur chun suntais ag CESE gur gá go mór feachtas faisnéise a eagrú maidir leis an reachtaíocht nua, chomh maith le hoiliúint d’aeriompróirí. Is inmholta freisin iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn níos minice, chomh maith le breithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta breise a bhunú i ndáil le faireachán ar fheidhmiú na gcreataí nua chun sonraí API agus sonraí PNR a bhailiú agus a tharchur.

1.8.

Is eol do CESE nach gcumhdófar gach paisinéir a thrasnóidh teorainneacha seachtracha an Aontais faoi raon feidhme na dtograí le haghaidh Rialacháin. Mar sin féin, i dtaca le prionsabal na comhréireachta agus cineál sonrach an aeriompair, is amhlaidh atá údar leis na tograí a theorannú don aerthaisteal amháin ag an tráth seo. Nuair a dhéanfar measúnú tionchair ex post ar na Rialacháin, is inmholta don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena raon feidhme a leathnú d’fhonn modhanna eile iompair a chur san áireamh, go háirithe an muiriompar.

1.9.

Ina theannta sin, tuigeann CESE gur ábhar imní é cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar amach sna tograí. Molann sé go dtabharfaí soiléiriú breise ar na noirm a bhaineann le pionóis a ghearrtar ar oibreoirí príobháideacha i dtionscal na heitlíochta. Agus é á chur san áireamh nach bhféadfaí, le fírinne, sonraí API atá go hiomlán cruinn a áirithiú, b’inmholta freisin machnamh a dhéanamh ar “tairseach lamháltais” ar leibhéal an Aontais i ndáil le hearráidí arna ndéanamh agus na sonraí á mbailiú agus á dtarchur. B’inmholta a shoiléiriú freisin go ngearrtar pionóis ar iompróirí neamh-chomhoibríocha agus orthu sin amháin nó nach ngearrtar pionóis in aon chor ach i gcás neamhchomhlíonadh an íosleibhéil cáilíochta is inghlactha ó thaobh shonraí API de (mar a shainítear ar leibhéal an Aontais).

2.   Réamhrá

2.1.

Dírítear sa tuairim seo go mór mór ar an togra le haghaidh Rialachán maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API) a bhailiú agus a aistriú chun rialuithe ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú (“an chéad togra le haghaidh Rialacháin”) (4). Anuas air sin, tugtar sracshúil i mír 7 thíos ar an togra le haghaidh Rialachán maidir le réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (“an dara togra le haghaidh Rialacháin”) (5). Baineann an dara togra sin leis na hathruithe atá beartaithe ar shonraí API.

2.2.

Baineann na tograí le haghaidh Rialacháin leis an aeriompar agus leis sin amháin; ní phléitear na cineálacha eile iompair iontu, amhail an muiriompar agus an t-iompar de thalamh. Baineann na tograí le cairteitiltí agus le heitiltí gnó araon.

2.3.

Aisghairfear Treoir reatha API de bhun na Rialachán dá bhforáiltear sna tograí. Nuair a ghlacfar na Rialacháin, beidh siad mar chuid de acquis Schengen.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Toisc méadú a bheith tagtha ar an éileamh ar aerthaisteal, tuigeann CESE nach éifeachtach a ndóthain na córais seirbhísí atá ann faoi láthair do phaisinéirí agus nach mór iad a fheabhsú, go háirithe chun sreabhadh rianúil paisinéirí a áirithiú. Thuairiscigh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta in 2019 gur thaistil 4,5 billiún paisinéir d’aer ar sheirbhísí sceidealaithe, agus go dtagann níos mó ná leathbhilliún paisinéir isteach san Aontas Eorpach nó amach as gach bliain. Gan bhail gan buíochas do phaindéim COVID-19 agus d’fhogha na Rúise faoin Úcráin, níl athrú tagtha ar an scéal sin, rud a fhágann go gcaithfear teacht ar réitigh nuálacha chun dlús a chur leis an bpróiseas maidir le rialú teorann agus an próiseas sin a fheabhsú. D’ainneoin gur thit an córas aeriompair as a chéile idir 2020 agus 2021 mar gheall ar phaindéim COVID-19, tá an t-aerthaisteal i mbun téarnaimh.

3.2.

Ar an taobh eile de sin, dá éifeachtúla iad na seiceálacha agus dá thapa í an tseirbhís i dtaca le haerphaisinéirí, is eol do CESE go dteastaíonn ionstraimí éifeachtacha chun cur i gcoinne fheiniméan na himirce neamhdhleathaí agus chun teorainneacha an Aontais a dhaingniú chomh maith.

3.3.

Dar le CESE, d’fhéadfadh buntáistí suntasacha a bheith ag baint le córais uathoibrithe bailithe sonraí a úsáid, lena n-áirítear méadú ar éifeachtúlacht, forbairt theicneolaíoch, cáilíocht fheabhsaithe, agus bailiú sonraí ar bhonn níos tapúla.

3.4.

Dála gach teicneolaíochta nuálaí, bíonn rioscaí agus dúshláin chasta ann ó thaobh cúrsaí beartais de agus uathoibriú á dhéanamh ar bhailiú agus aistriú sonraí, i réimsí amhail an tslándáil, an tsábháilteacht, agus an faireachán, agus a mhéid a bhaineann le cúrsaí socheacnamaíocha, eitice agus príobháideachais, iontaofachta, agus tuilleadh nach iad.

3.5.

Is tacar faisnéise aitheantais iad sonraí API maidir le paisinéirí atá ina ndoiciméid taistil in éineacht le faisnéis eitilte a bhailítear ag an tseiceáil isteach agus a aistrítear ansin chuig údaráis teorann na tíre cinn scríbe. Áirítear ar fhaisnéis API sonraí beathaisnéiseacha na bpaisinéirí, a ghabhtar más féidir sin ón gCrios Meaisín-Inléite dá ndhoiciméid taistil, i dteannta roinnt eolais a bhaineann lena n-eitilt.

3.6.

Leis an gcóras atá ann chun sonraí API a bhailiú agus a aistriú, bítear ag brath air go n-aistrítear na sonraí chuig na húdaráis inniúla roimh theacht eitilte le go bhféadfaidh na húdaráis sin scagadh a dhéanamh roimh ré, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme, ar phaisinéirí i gcoinne próifílí riosca, liostaí faire agus bunachair sonraí.

3.7.

Tá a fhios ag CESE go bhforchuirtear oibleagáid de bhun Threoir reatha API ar aeriompróirí sonraí API a aistriú, arna iarraidh sin orthu, chuig údaráis teorann na tíre cinn scríbe sula n-éirí an eitilt de thalamh. Ní fhorchuirtear léi, áfach, oibleagáid ar na Ballstáit sonraí API a iarraidh ar aeriompróirí. Fágann sé sin go mbíonn neamhréireachtaí idir na húdaráis ó Bhallstát go Ballstát, mar shampla bíonn sonraí API á lorg ag roinnt díobh agus ní bhíonn ag roinnt eile. De réir an mheabhráin míniúcháin (a ghabhann leis an gcéad togra le haghaidh Rialacháin), meastar go mbailítear sonraí API ar 65 % d’eitiltí isteach, rud a fhágann go mbíonn sé éasca i ndáiríre dul taobh thall den rialú agus de na seiceálacha. Thairis sin ar fad, faoi mar a tugadh chun léire sa mheastóireacht (6) a rinne an Coimisiún ar Threoir API, fiú sa chás ina n-iarrann Ballstát sonraí API, ní hionann i gcónaí ó Bhallstát go Ballstát an chaoi a n-úsáideann na húdaráis náisiúnta na sonraí sin.

3.8.

Tá CESE ar an eolas faoi laigí an chórais reatha, córas a bunaíodh faoin Treoir. Mar a léiríodh sa mheastóireacht, is lú na buntáistí a bhaineann le próiseáil shonraí API i ngeall ar a laghad caighdeánaithe agus comhchuibhithe atá ann, rud a fhágann go bhfuil ualach ar na páirtithe leasmhara agus go bhfuil leibhéal áirithe éiginnteachta dlíthiúla ann.

3.9.

Feictear do CESE chomh maith go bhféadfadh úsáid córas uathoibrithe bailithe sonraí milleadh faoi sheasamh fostaithe i dtionscal na heitlíochta. Mar sin, creideann CESE gur gá oiliúint a eagrú le haghaidh na bhfostaithe sin, rud ba chuidiú seans le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar chur chun feidhme na Rialachán dá bhforáiltear sna tograí.

3.10.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE, áfach, nár cheart go mbeadh tionchar diúltach ag an gcéad togra le haghaidh Rialacháin ar leibhéal na fostaíochta ná ar staid na bhfostaithe. An t-aon rud amháin is dócha a bheadh de thoradh air ná méadú ar éifeachtúlacht agus ar iontaofacht an bhailithe sonraí agus na modhanna aistrithe, a chuirtear chun feidhme cheana féin agus úsáid á baint as nósanna imeachta uathoibrithe.

4.   Tábhacht an chéad togra le haghaidh Rialacháin: rialú teorann a éascú agus a fheabhsú

4.1.

Agus iarrachtaí á ndéanamh Treoir reatha API a chur i bhfeidhm agus meastóireacht a dhéanamh uirthi, tugadh faoi deara go bhfuil an iliomad easnamh sa chóras reatha, lena n-áirítear a neamhéifeachtúla atá an córas, na costais arda a ghabhann leis, agus na deacrachtaí foirmiúla agus riaracháin d’iompróirí. Lena chois sin, tá roinnt de na forálacha sa Treoir doiléir agus fágann siad go bhfuil amhras ann maidir lena léirmhíniú agus neamhréireachtaí maidir lena gcur i bhfeidhm sna Ballstáit, mar aon le neamhréireachtaí idir an Treoir agus forálacha eile de dhlí an Aontais.

4.2.

Seo a leanas príomheasnaimh na Treorach reatha:

sa lá atá inniu ann, tá sé d’oibleagáid ar aeriompróirí córais náisiúnta na mBallstát éagsúil maidir le haistriú shonraí API a thuiscint agus oiriúnú dóibh;

faoi láthair, i roinnt cásanna, tá sé d’oibleagáid ar iompróirí na sonraí céanna a sheoladh chuig údaráis éagsúla;

mar atá cúrsaí faoi láthair, tá difríochtaí freisin ar fud na mBallstát maidir le líon agus cineál na n-eilimintí sonraí a theastaíonn ó na húdaráis fhreagracha;

tá liosta neamh-uileghabhálach d’eilimintí sonraí in Airteagal 3(2) den Treoir, liosta nach bhfuil i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta;

de bhun Airteagal 6(1) den Treoir chéanna, is ceadmhach sonraí a aistriú go leictreonach nó, i gcás teipe, trí aon mhodh iomchuí eile. Fágann sé sin nach bhfuil aon sainordú ann i ndáil le prótacal ná formáid shonrach cur teachtaireachtaí. Ní hamháin go gcuireann sé sin ualach breise ar iompróirí, i.e. go mbíonn orthu cloí leis na formáidí éagsúla a éilíonn na húdaráis fhreagracha chun sonraí a tharchur, ach bíonn tionchar ag an méid sin freisin ar a úsáidí atá sonraí API ós rud é go gcuirtear isteach ar a dtráthúlacht agus ar a gcáilíocht;

maidir leis na nósanna imeachta oibríochtúla chun sonraí API a ghabháil, a tharchur, a phróiseáil agus a anailísiú, tá éagsúlachtaí sna nósanna imeachta sin idir na Ballstáit ó thaobh a modhanna, a n-uainithe, agus a bhformáide de, agus a mhéid a bhaineann lena mhinice a dhéanann siad an tarchur sin;

ní leagtar síos coimircí mionsonraithe sa Treoir féin le haghaidh sonraí pearsanta a chosaint, cé is moite d’Airteagal 6(1) lena bhforáiltear nach mór do na húdaráis, chun críoch rialaithe teorann agus imirce, sonraí API a scriosadh laistigh de 24 uair an chloig tar éis an tarchuir. Áirítear tuilleadh sonraí maidir le cosaint sonraí i bhforálacha comhchosúla i ngníomhartha dlíthiúla eile, áfach, amhail an Rialachán lena mbunaítear an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES, Caibidil VII, Airteagail 51-59), an Rialachán lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS, Caibidil XII, cosaint sonraí, Airteagail 59-70), agus an Treoir maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR, Airteagail 12 agus 13).

4.3.

Argóint thábhachtach ar son ghlacadh an chéad togra le haghaidh Rialacháin is ea go bhfaightear locht ar Threoir reatha API óir ní chomhlíontar léi na caighdeáin reatha maidir le cosanta sonraí. Ar an gcéad dul síos, is féidir amhras a chaitheamh ar an Treoir sin i ngeall ar an méid seo a leanas:

ní liosta uileghabhálach é an liosta de shonraí API atá ag teastáil ó aeriompróirí, rud atá i gcoinne an phrionsabail maidir le híoslaghdú sonraí;

ní léir an fáth a mbailítear sonraí API, a mhéid a bhaineann le rialú teorann agus/nó forfheidhmiú an dlí;

ó thaobh ceanglais maidir le rialú teorann de, tá an t-am coinneála 24 uair an chloig le haghaidh sonraí róghairid agus níl sé praiticiúil;

ní shainítear na rialacha maidir le coinneáil sonraí ná a n-úsáid iardain go leormhaith agus níl siad soiléir.

4.4.

Chun cur i gcoinne na n-easnamh a sainaithníodh, foráiltear leis an gcéad togra le haghaidh Rialacháin go mbunófar ródaire lárnach API d’fhonn seiceálacha réamh-eitilte ag na teorainneacha seachtracha ábhartha a fheabhsú trí bhíthin sonraí API ardcháilíochta agus iomlána, agus freisin d’fhonn sreabhadh rianúil taistealaithe a áirithiú.

5.   Raon feidhme agus ábhar an chéad togra le haghaidh Rialacháin

5.1.

I bhfianaise na dtorthaí thuasluaite, is é barúil CESE, dá dtabharfaí isteach córas comhionann ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit uile, go mbeifí in ann cur chuige “ionad ilfhreastail” a fhorbairt, i measc nithe eile. Is éard a bheadh i gceist leis an ionad ilfhreastail sin lárú a dhéanamh ar bhailiú na sonraí uile ó iompróirí agus iad a aistriú chuig na húdaráis ábhartha. Dá mbeadh córas comhionann ann, bheifí in ann cáilíocht na sonraí a fhaightear a fheabhsú mar aon le huathoibriú iomlán a dhéanamh ar an bpróiseas trí chéile, rud a d’fhágfadh go laghdófaí na costais a chuirtear ar na heintitis phoiblí, na hiompróirí, agus na taistealaithe féin.

5.2.

Is é sprioc an chéad togra sin le haghaidh Rialacháin na nósanna imeachta maidir le bailiú agus aistriú shonraí API a thabhairt le chéile san aon chóras comhionann amháin agus iad a shimpliú, rud a rachadh chun tairbhe d’údaráis na mBallstát, agus a rachadh chun tairbhe, thar aon ní eile, do thionscal na heitlíochta chomh maith, bíodh go gcuirfí d’oibleagáid ar na húdaráis sin dá bharr sonraí API a bhailiú agus a aistriú i dtaca le gach eitilt isteach san Aontas. Mar sin féin, bheadh tuilleadh deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthachta ann a bhuíochas ar an togra sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh méadú ar chomhlíonadh ó thaobh na n-aeriompróirí de.

5.3.

Creideann CESE gurb é an bealach is fearr lena ráthú go mbainfear amach cuspóirí Threoir API an chéad togra le haghaidh Rialacháin a ghlacadh. Na tairbhí ar baineadh amach iad sna tíortha a chuir córais API chun feidhme, is é is dóichí ná nach mbainfí na tairbhí sin amach murach an idirghabháil ón Aontas. A fhad ar a ghiorracht, mar sin, is é an smaoineamh atá taobh thair den chéad togra le haghaidh Rialacháin gur constaic sa bhealach ar éifeachtacht agus ar chomhleanúnachas Threoir API í an easpa comhchuibhithe maidir lena cur chun feidhme.

5.4.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE freisin gur gá leasú a dhéanamh ar an Treoir i bhfianaise an méid ama atá caite ó tháinig sí i bhfeidhm, agus, go háirithe, i bhfianaise na bhforbairtí atá tagtha ar na teicneolaíochtaí faisnéise ó bhí 2004 ann. De réir an chéad togra le haghaidh Rialacháin, bheadh an córas nua go hiomlán comhoiriúnach leis na réitigh atá in úsáid cheana, i.e. Córas Faisnéise Schengen (CFS), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), córas Eurodac, EES, ETIAS, agus an córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (córas ECRIS-TCN).

6.   Éifeachtúlacht na réiteach atá beartaithe

6.1.

Tacaíonn CESE le réitigh a ghlacadh lena gcinnteofar rialú éifeachtach ag teorainneacha seachtracha agus cur chuige comhleanúnach ar fud limistéar Schengen ina iomláine, lena n-áirítear i ndáil leis an bhféidearthacht seiceáil réamh-eitilte a dhéanamh ar thaistealaithe trí shonraí API a úsáid.

6.2.

In ainneoin na tacaíochta foriomláine atá ann i ndáil leis an gcéad togra le haghaidh Rialacháin, áfach, is ábhar imní do CESE na rioscaí mí-úsáide a bhaineann le lárú a dhéanamh ar an bpróiseas chun sonraí API a bhailiú agus a aistriú, sonraí pearsanta go háirithe. Tá údar leis an imní sin freisin sa mhéid go bhfuil an ródaire trína dtarchuirfear na sonraí sin fós ag céim na pleanála – tarmligeadh chuig gníomhaireacht eu-LISA an cúram maidir an ródaire sin a dhearadh, a thógáil, a fhorbairt, a bhainistiú agus a chothabháil ón taobh teicniúil de.

6.3.

Tuigtear do CESE go mbeadh tionchar ag glacadh an chéad togra le haghaidh Rialacháin ar riachtanais eu-LISA agus riachtanais údaráis teorann inniúla na mBallstát ó thaobh a mbuiséid agus a bhfoirne de. Meastar go n-áireofar ar na costais bhreise sin EUR 45 mhilliún (33 mhilliún faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha) chun an ródaire a chur i bhfearas, EUR 9 milliún in aghaidh na bliana ó 2029 amach le haghaidh bhainistiú teicniúil an ródaire sin, agus tuairim is EUR 27 milliún do na Ballstáit, a d’íocfaí as buiséad an Aontais.

6.4.

Is mór ag CESE go sainítear go beacht agus go cuimsitheach in Airteagal 4 (2) agus (3) den chéad togra le haghaidh Rialacháin na sonraí a áirítear i measc shonraí API ar mhaithe le rialú ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú.

6.5.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go gcuirfí ar chumas an Choimisiúin, tríd an gcéad togra le haghaidh Rialacháin, soiléiriú a thabhairt ar an iliomad saincheisteanna mionsonraithe, go háirithe saincheisteanna teicniúla, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a d’eiseofaí tráth níos faide anonn. Dá bhrí sin, braitheann an measúnú deiridh ar an gcéad togra le haghaidh Rialacháin ar fhorálacha mionsonraithe a d’eiseofaí lá is faide anonn, agus ar cháilíocht na réiteach teicniúil a ghlacfaí freisin.

6.6.

Mar thoradh air sin, tá sé d’oibleagáid ar CESE béim a leagan ar na hábhair imní slándála atá ann ó thaobh cosaint sonraí de. Dar le CESE, ní mór smaoineamh ar chosaint éifeachtach sonraí go háirithe i gcomhthéacs chosaint na gceart bunúsach, go mór mór an ceart chun príobháideachais agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear an ceart chun faisnéise maidir le bailiú, stóráil agus próiseáil sonraí pearsanta. Agus an cás sin amhlaidh, tacaíonn CESE go hiomlán le hoibleagáid nua iniúchtaí rialta a dhéanamh ar chosaint sonraí pearsanta. San am céanna, tá sé á mholadh ag an CESE smaoineamh a dhéanamh faoi cibé ar cheart do na húdaráis náisiúnta ábhartha um chosaint sonraí a áirithiú go ndéanfar próiseáil shonraí API ar sonraí pearsanta iad a iniúchadh ar bhonn níos minice ná uair sna ceithre bliana.

6.7.

D’fhonn sárfheidhmiú an ródaire a áirithiú, caithfear a áirithiú go rachaidh eu-LISA, na Ballstáit agus na haeriompróirí i gcomhar le chéile. Ina fhianaise sin, céim chun cinn is ea an oibleagáid atá ar eu-LISA oiliúint a chur ar fáil dóibh siúd ar spéis leo úsáid theicniúil an ródaire.

6.8.

Agus aird á tabhairt aige ar phrionsabal na comhréireachta agus ar uaschosaint sonraí pearsanta, tacaíonn CESE le sonraí amhail náisiúntacht, inscne, agus dáta breithe a dhíolmhú ón oibleagáid sonraí a sholáthar chun críche staidrimh.

7.   Tábhacht an dara togra le haghaidh Rialacháin: sonraí PNR

7.1.

Feictear do CESE gurb é atá i gceist leis an dara togra le haghaidh Rialacháin modhnú riachtanach agus comhsheasmhach a dhéanamh ar an gcóras maidir le sonraí PNR a bhailiú agus a tharchur, i gcomhréir leis an athchóiriú ar shonraí API.

7.2.

Leis sin, dá mbunófaí córas comhionann tríd an dá thogra le haghaidh Rialacháin a ghlacadh ar leibhéal an Aontais agus trí ródaire faoi bhainistiú ag eu-LISA a chruthú, d’fhágfadh sin go dtiocfadh méadú freisin ar chúrsaí slándála trí phróiseas níos éifeachtaí chun taistealaithe ardriosca a shainaithint agus trí phatrúin taistil daoine aonair a bhfuil amhras fúthu a dheimhniú.

8.   Costas na dtograí le haghaidh Rialacháin

8.1.

Is é tátal CESE, dá nglacfaí na tograí le haghaidh Rialacháin, go nginfí costais do bhuiséad an Aontais, speansais do na Ballstáit, agus riachtanais infheistíochta do thionscal na heitlíochta (dar luach tuairim is EUR 75 mhilliún, de réir an mheasúnaithe tionchair). Ar an taobh eile de sin, áfach, is mó na tairbhí a bheadh ann ná na costais, óir chúiteofaí na costais sin a bhuíochas ar chur chuige cuíchóirithe láraithe i dtaobh faisnéis a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta inniúla.

8.2.

Leis na tograí le haghaidh Rialacháin, laghdófaí na costais oibriúcháin mar aon leis na pionóis a ghearrtar de ghnáth mar gheall ar dhrochshonraí taistil nó ar shonraí taistil a bheith ar iarraidh. Thairis sin, le teacht i bhfeidhm na Rialachán dá bhforáiltear sna tograí, d’fheabhsófaí an faireachas ar thrasnú teorainneacha, d’fheabhsófaí obair seirbhísí aerfoirt agus na n-údarás náisiúnta teorann, agus chuirfí leis an iarracht cúrsaí slándála a fheabhsú agus an imirce neamhdhleathach a mhaolú. Agus an méid sin thuas ar fad á chur san áireamh aige, tá CESE den tuairim go bhfuil údar leis an dá thogra le haghaidh Rialacháin i bhfianaise an mheasúnaithe dhearfaigh costais agus tairbhe, rud atá sonraithe sa mheasúnú tionchair ón gCoimisiún.

9.   Barúlacha sonracha

9.1.

Tá an Coiste ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an Chairt don phróiseas chun an dá thogra le haghaidh Rialacháin a chur i bhfeidhm, agus béim ar leith á leagan aige ar ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas. Ar an ábhar sin, ba cheart cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus comhthéacs na gcásanna atá ar feitheamh faoi láthair a chur san áireamh.

9.2.

Tá tábhacht ar leith le cásdlí CBAE i dtaobh na rialacha nua maidir le sonraí PNR a bhailiú agus a aistriú mar chuid den chreat institiúideach atá beartaithe, go háirithe an rialú i gcás C-817/19. Tá sé á mholadh ag CESE freisin go gcuirfí cásdlí seanbhunaithe CBAE san áireamh sa téarmaíocht a úsáidtear sa dá thogra le haghaidh Rialacháin.

9.3.

Mar a luaitear i mír 1.6 thuas, measann CESE go bhfuil údar le raon feidhme na dtograí ag an tráth seo. Nuair a dhéanfar measúnú tionchair ex post ar na Rialacháin, áfach, is inmholta don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena raon feidhme a leathnú d’fhonn modhanna eile iompair a chur san áireamh, go háirithe an muiriompar. Sa mheasúnú sin, ba cheart a chur san áireamh cineál sonrach gach modha iompair, an t-ualach riaracháin a fhorchuirtear ar iompróirí, agus a éifeachtúla agus a éifeachtaí atá an próiseas lena ndaingnítear teorainneacha an Aontais.

9.4.

Mar a luaitear i mír 1.7 thuas, tá sé á mholadh ag CESE go dtabharfaí soiléiriú breise maidir leis na pionóis a ghearrtar ar oibreoirí príobháideacha i dtionscal na heitlíochta, go ndéanfaí machnamh ar “tairseach lamháltais” ar leibhéal an Aontais i ndáil le hearráidí arna ndéanamh agus na sonraí á mbailiú agus á dtarchur, agus nach ngearrfaí pionóis ach amháin faoi choinníollacha áirithe.

9.5.

Tá sé á chur in iúl ag CESE gur cheart feachtas leathan faisnéise a sheoladh agus an dá Rialachán ag teacht i bhfeidhm, rud a chabhródh b’fhéidir le haidhmeanna na Rialachán a chur in iúl don phobal agus a d’fhágfadh gur lú an seans go dtiocfadh cúinsí nach raibh súil leo chun cinn agus na forálacha nua á gcur chun feidhme.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Eadhon an dá thogra seo a leanas: (a) togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API) a bhailiú agus a aistriú chun rialuithe ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/817 agus Rialachán (AE) 2018/1726, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/82/CE ón gComhairle; agus (b) togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818.

(2)  Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (IO L 261, 6.8.2004, lch. 24).

(3)  Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132).

(4)  COM(2022) 729 final.

(5)  COM(2022) 731 final.

(6)  An Coimisiún Eorpach, Doiciméad Inmheánach Oibre, Evaluation of the Council Directive 2004/82/EC on the obligation of carriers to communicate passenger data (API Directive), [Meastóireacht ar Threoir 2004/82/CE ón gComhairle maidir leis an oibleagáid atá ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (Treoir API)], an Bhruiséil, 8.9.2020, SWD(2020)174 final.


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/103


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009

(COM(2022) 586 final — 2022/0365(COD))

(2023/C 228/14)

Rapóirtéir:

Bruno CHOIX

Comhrapóirtéir:

Guido NELISSEN

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 15.12.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 21.12.2022

Bunús Dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

27.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

140/1/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá tionscal na mótarfheithiclí i mbun an chlaochlaithe is mó dá stair faoi láthair, eadhon dícharbónú agus digitiú an iompair de bhóthar. Beidh tionchar tábhachtach ag an bparaidím nua seo ar struchtúr an tionscail agus ar líon agus ar cháilíocht na bpost. I bhfianaise scála an aistrithe, iarrann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go mbeadh beartas tionsclaíoch cuimsitheach ann lena gcomhtháthófar na trí ghné den fhorbairt inbhuanaithe: an ghné eacnamaíochta, an ghné chomhshaoil agus an ghné shóisialta. Ní mór aghaidh a thabhairt ar ghné na fostaíochta trí iarrachtaí breise a dhéanamh maidir le gairmoiliúint, uas-sciliú/athsciliú an lucht saothair, cláir réigiúnacha/áitiúla d’ath-thiontú eacnamaíoch agus athaicmiú gairmiúil. Ní mór tacú leis seo trí idirphlé sóisialta seanbhunaithe agus tríd an uaillmhian chun caomhnú/cruthú post cuibhiúil a áirithiú san earnáil.

1.2.

Tacaíonn CESE le go dtabharfaí caighdeáin astaíochtaí Euro 7 isteach, rud a bheadh ina ghné thábhachtach chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh. Ag an am céanna, cuirfidh sé sin ar chumas an Aontais a cheannaireacht thionsclaíoch i dteicneolaíochtaí mótarfheithiclí glana a choinneáil.

1.3.

Is díol sásaimh do CESE an iliomad feabhsuithe a rinneadh ar an togra le haghaidh rialacháin: crioscaíl a chosc, teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid, castacht a laghdú agus feithiclí leictreacha agus astaíochtaí nach astaíochtaí sceite iad a chur san áireamh.

1.4.

Is ar chúiseanna éagsúla go n-iarrann CESE go nglacfar cur chuige “réalaíoch” agus “costéifeachtach” agus caighdeáin nua astaíochtaí á socrú:

1.4.1.

Prionsabal na comhréireachta: is baol go mbeidh innill dócháin inmheánaigh ina dteicneolaíocht as dáta ó 2035 ar aghaidh, agus dá bhrí sin, ní bheidh na buiséid is gá chun na caighdeáin nua a chomhlíonadh ar fáil a thuilleadh chun infheistíocht dhíreach a dhéanamh i ngléasraí cumhachta glana;

1.4.2.

Ní mór an tsoghluaisteacht aonair gluaisteán a bheith inacmhainne i gcónaí chun “bochtaineacht soghluaisteachta” a sheachaint (is annamh a bhíonn roghanna leordhóthanacha iompair eile ar fáil lasmuigh de cheirtleáin uirbeacha);

1.4.3.

Is baol gur fritorthúil an costas ró-ard a bhaineann le caighdeáin astaíochtaí Euro 7 ós rud é go gcuirfeadh tomhaltóirí athsholáthar a ngluaisteán ar athló agus go leanfaidís de bheith ag tiomáint feithicil níos truaillithe, rud a chuirfeadh teorainn leis na tairbhí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ag baint le caighdeáin astaíochtaí Euro 7.

1.5.

Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbunófaí gach gné den Rialachán nua ar mheasúnú eolaíoch costais agus tairbhe. I ndáil leis sin, ní mór do na geallsealbhóirí go léir an tuiscint chéanna a bheith acu ar an gcaoi a ríomhtar costais na gcaighdeán nua.

1.6.

Creideann CESE go gcuirfí dlús le hathnuachan an fhlít gluaisteán dá dtabharfaí dreasachtaí do thomhaltóirí agus go mbeadh tairbhí suntasacha sláinte ag baint leo, toisc go dtiocfadh laghdú 80 % ar astaíochtaí NOx dá gcuirfí feithiclí Euro 6/VI in ionad feithiclí Euro 1/I go 5/V.

1.7.

Tá CESE ag éileamh go nglacfaí an rialachán go pras agus tréimhse ama de dhá bhliain ar a laghad a leagan síos i gcás gluaisteán/feithiclí saothair, agus trí bliana i gcás busanna agus feithiclí tromshaothair, chun inmharthanacht theicniúil agus eacnamaíoch an rialacháin atá beartaithe a áirithiú.

2.   Cúlra an togra

2.1.

Is in earnáil na mótarfheithiclí atá thart ar 10 % den bhreisluach a ghineann an tionsclaíocht laistigh den Aontas agus tá 13 mhilliún Eorpach fostaithe san earnáil sin, is é sin, 7 % de dhaonra gníomhach an Aontais.

2.2.

Tá tionscal na mótarfheithiclí ag fás le céad bliain anuas, agus ó bhí 2018 ann tá cúlú eacnamaíoch, mar aon le géarchéim maidir lena shamhail eacnamaíoch, ag bagairt air. Tá fadhb na ngéarchéimeanna ann i gcónaí, agus dá thoradh sin, rinneadh na meastacháin ar na hionchais maidir le téarnamh tháirgeadh domhanda na mótarfheithiclí a laghdú, go háirithe san Eoraip.

2.3.

Ag an am céanna, ba cheart do ghníomhaithe thionscal na mótarfheithiclí a bheith meáite ar athruithe móra a chur i bhfeidhm, arb iad na hathruithe is mó a bhfacthas in earnáil na mótarfheithiclí ó tháinig an gluaisteán ar an bhfód: is é sin an gléasra cumhachta a leictriú agus feithiclí a dhigitiú.

2.4.

I bhfianaise an aistrithe struchtúraigh sin, tá tionscal na mótarfheithiclí i mbun céim mhór infheistíochta, céim a bhfuil brú á chur aici ar a shamhail eacnamaíoch agus a mhaoinítear tríd an laghdú atá tagtha ar infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí traidisiúnta (lena n-áirítear innill dócháin inmheánaigh) agus ar chostais táirgthe.

2.5.

Ina theannta sin, tá leictreonaic chumhachta agus an teicneolaíocht dhigiteach á dtabhairt isteach, rud a chiallaíonn go mbeidh deis ag iomaitheoirí nua teacht ar an bhfód, go n-athrófar an tionscal ó bhonn agus go mbainfear suaitheadh as seasamh na soláthraithe atá ann cheana. Is gné thábhachtach é an t-aistriú céanna agus cruth nua á chur ar chúrsaí fostaíochta.

2.6.

Ó thaobh cainníochta de, tá laghdú ag teacht ar fhostaíocht san earnáil thionsclaíoch seo, rud atá i gcomhréir le laghdú cumais agus le simpliú na gcóras nua tarraingthe. Ó thaobh cáilíochta de, tá athrú suntasach ag teacht ar chúrsaí fostaíochta: tá riachtanais ar leith ag baint leis an leictriú agus leis an digitiú agus, chuige sin, ní mór an fios gnó a neartú i réimsí nua inniúlachta laistigh de thionscal na mótarfheithiclí.

2.7.

Tá na hathruithe céanna ó thaobh fostaíochta de le thabhairt faoi deara in earnáil na seirbhísí mótarfheithiclí chomh maith: i ngeall ar na córais nua tarraingthe, laghdaítear an gá cothabháil a dhéanamh agus éilítear athrú scileanna.

2.8.

Is sa chomhthéacs sin a foilsíodh an togra ón gCoimisiún Eorpach an 10 Samhain 2022, togra ar cuireadh moill i ndiaidh moille ar a fhoilsiú, maidir leis na caighdeáin nua astaíochtaí Euro 7 le haghaidh carranna, feithiclí saothair, leoraithe agus busanna.

2.9.

Tá an togra le haghaidh caighdeáin nua astaíochtaí Euro 7 mar chuid de shraith beartas ón Aontas atá i bhfad níos leithne, beartais arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le truailliú aeir a bhaineann le hiompar. Léiríonn na rialacháin Eorpacha uile maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh, tástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta, astaíochtaí CO2, cáilíocht breosla, bonneagar breoslaí malartacha, feithiclí glana agus Eoraifínéad an gá atá ann go laghdófar go suntasach an truailliú aeir a bhaineann le hiompar. Comhlánaíonn na rialacháin sin a chéile chun uaillmhian aeráide agus neamhthruaillithe an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus chun rannchuidiú leis an aistriú i dtreo soghluaisteacht inbhuanaithe.

2.10.

Is dócha gurb iad na caighdeáin nua Euro 7 na caighdeáin dheireanacha do charranna innill dócháin inmheánaigh, ós rud é gur socraíodh sa chlár “Oiriúnach do 55” in 2021 go gcuirfí dlús le dícharbónú na hearnála mótarfheithiclí, rud a d’fhág gur tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle (an 27 Deireadh Fómhair 2022) ar chomhaontú chun astaíochtaí CO2 ó charranna a laghdú 55 % faoi 2030 agus chun cosc a chur ar charranna nua le hinnill dócháin (lena n-áirítear carranna hibrideacha) a dhíol ó 2035 ar aghaidh.

3.   Ábhar an togra

Is iad seo a leanas na príomhathruithe a mholtar sa rialachán:

feidhm a bheith ag teorainneacha astaíochta níos déine ar ghluaisteáin agus leoraithe díosail agus peitril (cé go bhfanfaidh teorainneacha NOx do charranna ar an leibhéal céanna);

na coinníollacha tástála a leathnú le haghaidh astaíochtaí fíorthiomána agus fáil réidh leis na fachtóirí comhréireachta;

béim níos mó a leagan ar thurais níos giorra: laghdófar an t-achar ar a ríomhtar buiséad na n-astaíochtaí fuarthosaithe ó 16 km go 10 km;

astaíochtaí nach astaíochtaí sceite iad a scaoileann cáithníní coscáin agus micreaphlaistigh i mboinn a thomhas agus a rialú;

na ceanglais mharthanachta a threisiú: 200 000 km nó 10 mbliana do ghluaisteáin/d’fheithiclí saothair agus 875 000 km gan teorainn ama do leoraithe/do bhusanna;

faireachán leanúnach a dhéanamh ar astaíochtaí trí fhaireachán ar bord: déanfaidh braiteoirí fíorastaíochtaí a thomhas i rith saolré feithicle;

fad saoil ceallraí a mheasúnú trí athruithe ar a n-acmhainneacht a sheiceáil de réir mar a mhéadóidh an míleáiste;

cinnteoidh rialacha níos déine nach ndéanfar crioscaíl ar na feithiclí;

teorainneacha astaíochtaí a leagan síos do na truailleáin nár rialaíodh go nuige seo (is iad sin, amóinia le haghaidh gluaisteán agus formaildéad i gcás leoraithe). Den chéad uair riamh, rialófar leis na teorainneacha na hastaíochtaí arb é galú is cúis leo, a scaoiltear le linn athbhreoslú.

4.   Barúlacha ginearálta

4.1.

Cé gur tháinig laghdú 33 % sna 27 mBallstát ar líon na mbásanna anabaí arbh í an teagmháil le truailleáin aeir ba cúis leo in 2019 i gcomparáid le 2005, tá gá fós le teorainneacha atá níos uaillmhianaí. I ndáil leis sin, is é an t-iompar de bhóthar is cúis le 37 % d’iomlán na n-astaíochtaí NOx agus meastar gurb iad mínábhair cháithníneacha agus ocsaídí nítrigine ó thrácht ar bhóithre is cúis le níos mó ná 70 000 bás anabaí sna 27 mBallstát.

4.2.

Roghnaigh an Coimisiún cur chuige “réalaíoch” chun na rialacha nua a bhunú. Beidh gluaisteáin a bhfuil innill dócháin inmheánaigh acu inacmhainne i gcónaí cé gur dócha go gcuirfidh na caighdeáin díosail níos doichte dlús leis an laghdú ar sholáthar inneall dócháin inmheánaigh. Ba cheart a mheabhrú freisin go mbeidh tionchar ag na caighdeáin nua CO2 ar phraghas ceannaigh feithiclí freisin.

4.3.

Cé nach bhfuil caighdeán Euro 7 chomh huaillmhianach céanna lena rabhthas ag súil ó thaobh luachanna astaíochtaí a shocrú, is athbhreithniú mór é lena dtugtar aghaidh ar roinnt laigí i gcaighdeán Euro 6, laigí amhail an baol crioscaíola, castacht na rialacha, aosú feithiclí agus fíorastaíochtaí. Tá cur chuige i bhfad níos leithne ag baint leis freisin ós rud é go gcuirtear san áireamh leis feithiclí leictreacha agus astaíochtaí nach astaíochtaí sceite iad.

4.4.

De bharr an bhrú rialála ó chaighdeáin astaíochtaí Euro chomhleanúnacha, cothaíodh nuálaíocht i ndearadh córas rialaithe astaíochtaí agus gléasraí cumhachta agus rannchuidíodh le ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais. Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach go mbeidh caighdeáin an Aontais chun tosaigh ar fhorbairt na gcaighdeán sna príomh-mhargaí. Is buntáiste suntasach é a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le comhtháthú na dteicneolaíochtaí digiteacha agus glana chun rochtain a fháil ar mhargaí idirnáisiúnta. I ndáil leis sin, ba cheart díriú ar chaighdeáin níos uaillmhianaí freisin, amhail na ceanglais inbhuanaitheachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá (240 000 km nó 15 bliana).

4.5.

Creideann CESE go gcuirfí dlús le hathnuachan an fhlít gluaisteán dá dtairgfí dreasachtaí do thomhaltóirí, agus go mbeadh tionchar soiléir aige sin ar cháilíocht an aeir agus ar laghdú astaíochtaí. Dá ndéanfaí na feithiclí is déanaí atá comhlíontach le Euro 6 a chur in ionad an tseanfhlít, agus dá leanfaí ar aghaidh leis an leictriú, thiocfadh laghdú suntasach (80 %) ar astaíochtaí NOx ó iompar de bhóthar faoi 2035.

4.6.

Iarrann CESE go gcuirfí measúnú fónta agus eolaíoch costais agus tairbhe ar fáil do gach ceann de na gnéithe nua atá le rialáil, chun a shoiléiriú a mhéid a d’fhéadfadh na ceanglais sin, dá dtógfaí ceann ar cheann iad, rannchuidiú le hastaíochtaí a laghdú ar bhonn costéifeachtach. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach go mbeadh an tuiscint chéanna ag na geallsealbhóirí uile ar an anailís a rinneadh ar na costais bhreise a bhaineann le cur chun feidhme chaighdeán Euro 7.

4.7.

Tá CESE suite de gur cheart an tsoghluaisteacht aonair gluaisteán fanacht inrochtana agus inacmhainne do chách, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil rochtain acu ar iompar poiblí ar ardchaighdeán (ná ar réitigh iompair eile). Dá bhrí sin, iarrann CESE ar thionscal na mótarfheithiclí leanúint ar aghaidh leis an soláthar d’fheithiclí bunleibhéil atá inrochtana do chách. Tá praghsanna gluaisteán ag ardú i bhfad níos tapúla ná an chumhacht ceannaigh agus ní chuirtear rogha mhalartach bhailí ar fáil go fóill leis na seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte; dá bharr sin, tá CESE suite de go bhfuil sé thar am aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le “bochtaineacht soghluaisteachta”.

4.8.

Go ginearálta, tá CESE den tuairim gur cheart cothromaíocht a bhaint amach idir na trí ghné den fhorbairt inbhuanaithe. Dá ndéanfaí infheistíocht san aistriú chuig feithiclí leictreacha agus in athstruchtúrú an innill dócháin inmheánaigh, d’fhéadfadh míbhuntáistí iomaíochta teacht chun cinn do thionscal mótarfheithiclí na hEorpa i gcomparáid le monaróirí nach dtáirgeann ach feithiclí leictreacha, nó monaróirí gluaisteán eachtracha nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí céanna. Ina theannta sin, ní mór a sheachaint nach n-athsholáthróidh na tomhaltóirí a gcarranna a dhéanann níos mó truaillithe de bharr na bpraghsanna ar charranna a chomhlíonann caighdeán Euro 7 a bheith as cuimse ard. Laghdódh sé sin go mór na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le caighdeán Euro 7, agus ag an am céanna, spreagfaí athstruchtúrú tionsclaíoch de thoradh chliseadh na ndíolachán.

4.9.

I bhfianaise scála an chlaochlaithe, tá CESE ag iarraidh go mbeadh beartas tionsclaíoch comhleanúnach ann, beartas lena mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar na trí mhórdhúshlán atá ag bagairt ar thionscal na mótarfheithiclí:

an comhshaol: rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus caighdeáin nua astaíochtaí na Treorach maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh a bhaint amach;

an geilleagar: ceannaireacht thionsclaíoch a choinneáil, slabhra soláthair na ngluaisteán san Aontas a chaomhnú, éiceachóras láidir a fhorbairt do ghluaisteáin leictreacha;

an ghné shóisialta: creat aistrithe chóir, faisnéis agus comhairliúchán roimh ré/idirphlé sóisialta chun an t-aistriú a réamh-mheas agus a bhainistiú, pleananna réigiúnacha athoiliúna agus athsciliú agus poist ardcháilíochta a chothabháil.

5.   Barúlacha sonracha

5.1.

Tá dhá dháta maidir le cur chun feidhme leagtha síos ag an gCoimisiún: mí Iúil 2025 le haghaidh feithiclí saothair éadroim agus mí Iúil 2027 le haghaidh feithiclí tromshaothair. Sa dá chás, is ionann an dáta agus an dáta a mbeidh ar na Ballstáit diúltú feithiclí nach gcomhlíonfaidh rialacha Euro 7 a chlárú.

Tá amhras ann faoi rogha na ndátaí thuas, go háirithe maidir le feithiclí saothair éadroim.

5.1.1.

Is cosúil nach bhfuil an moladh maidir le mí Iúil 2025 réalaíoch. Beidh ar mhonaróirí an táirgeadh a athrú roinnt míonna roimh an spriocdháta sin ionas nach dtáirgfear stoic d’fheithiclí Euro 6 nach mbeidh inchláraithe a thuilleadh. De ghnáth, bíonn níos mó ná bliain ag teastáil chun an flít iomlán a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart tús a chur leis na formheasanna ag tús 2024, is é sin, díreach tar éis ghlacadh Rialachán Euro 7, agus b’fhéidir roimh fhoilsiú a reachtaíochta cur chun feidhme.

D’fhéadfadh sé gur moladh níos oiriúnaí é mí Iúil 2027 le haghaidh feithiclí tromshaothair, ach ní mór an t-am is gá a chur san áireamh chun réitigh theicniúla nuálacha a fhorbairt, amhail catalaíoch a théitear go leictreach, rud a bheidh riachtanach chun na teorainneacha astaíochtaí atá beartaithe a bhaint amach. Dá bhrí sin, creideann CESE gur gá an rialachán a ghlacadh go pras agus tréimhse ama de dhá bhliain (tar éis a ghlactha) ar a laghad a leagan síos i gcás gluaisteán/feithiclí saothair agus trí bliana i gcás busanna/feithiclí tromshaothair chun inmharthanacht theicniúil agus eacnamaíoch an rialacháin atá beartaithe a áirithiú.

5.2.

Ó thaobh feithiclí saothair éadroim de, déanfar foráil sa rialachán atá beartaithe maidir leis na teorainneacha astaíochta éagsúla d’fheithiclí saothair de réir a maise a bheidh le cur in ionad tacar aonair luachanna lena gcumhdaítear gach feithicil saothair, ar choinníoll go bhfanfaidh an cóimheas cumhachta le meáchan faoi bhun 35 kW/t. Is inmholta an iarracht sin chun cúrsaí a shimpliú, ach is dócha go mbeidh tionchar suntasach aici ar ghníomhaíocht earnáil na bhfeithiclí saothair éadroim, go háirithe i gcás feithiclí próiseáilte, ós rud é nach ionann na dátaí cur i bhfeidhm a bhaineann le feithiclí saothair éadroim agus le feithiclí tromshaothair. Sa chomhthéacs sin, iarrann CESE maoluithe agus solúbthacht maidir leis an gcur i bhfeidhm, mar shampla i gcás feithicle éadrom de chatagóir N1 (mais faoi bhun 3 500 kg) a thiontú go mionbhus de chatagóir M2 (mais faoi bhun 5 000 kg).

5.3.

Mar chuid d’uaillmhian dhigiteach an Chomhaontaithe Ghlais, molann an Coimisiún feiste nuálach ar a dtugtar OBM (“Faireachán ar Bord”) a thabhairt isteach i bhfeithiclí saothair éadroim agus i bhfeithiclí tromshaothair, ar feiste í a dearadh chun leibhéal na n-astaíochtaí truailleán ar bord na feithicle a thaifeadadh go leanúnach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

astaíochtaí iomarcacha nach mbraitear le córas diagnóisice ar bord a shainaithint;

luachanna astaíochtaí a tharchur go tréimhsiúil chuig freastalaithe chun gníomhaíochtaí faireachais margaidh, seiceálacha comhréireachta inseirbhíse agus tástáil ródacmhainneachta a éascú.

Cé gur féidir le córas den sórt sin cabhrú le próisis faireacháin a shimpliú, ní mór rialacháin theicniúla a chruthú go tapa chun é a fhorbairt, d’fhonn a áirithiú go sonraítear na crua-earraí a bheidh ag teastáil (braiteoirí, bogearraí, etc.). D’fhéadfadh tionchar láidir a bheith ag an bhforbairt sin ar úsáideoirí, agus beidh gá le tréimhse trí bliana tar éis fhoilsiú na rialacha teicniúla chun í a chur chun feidhme.

5.4.

Maidir le feithiclí saothair éadroim, d’fhéadfadh sé nach bhfuil na luachanna teorann arna moladh ag an gCoimisiún ag freagairt, i bprionsabal, don chomhchuibhiú ar an luach is ísle dá bhforáiltear i rialacha Euro 6 le haghaidh innill pheitril agus díosail. Mar sin féin, tá sé tábhachtach an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara:

sna hiarscríbhinní a ghabhann leis, déantar foráil sa dréachtrialachán maidir le hathshainmhíniú ar na coinníollacha lena ráthaítear go dtugtar léargas ar ghnáthúsáid na feithicle leis an tástáil ar an mbóthar, rud a chuirfidh iallach ar mhonaróirí na córais iarchóireála a athrú;

de thoradh chomhchuibhiú na dteorainneacha ar an míleáiste, tagann méadú ar na srianta atá ar innill pheitril (teorainn laghdaithe 50 % ar CO le haghaidh gluaisteáin phaisinéirí pheitril) agus ar dhíosail (teorainn NOx laghdaithe 40 % d’fheithiclí tromshaothair díosail);

murab ionann agus Rialachán Euro 6, tá sé beartaithe gan aon lamháltas a dheonú a thuilleadh i Rialachán Euro 7, a mbeidh an tástáil ar an mbóthar mar bhonn dó.

5.5.

Ós rud é go bhfuil micreaphlaistigh i mboinn ar cheann de na rudaí is mó a chuireann le truailliú na n-aigéan agus nach bhfuil aon teorainn socraithe fós mar gheall ar easpa nós imeachta de chuid na Náisiún Aontaithe, tá géarghá le nós imeachta den sórt sin a fhorbairt a luaithe is féidir.

5.6.

Tá an Coiste in amhras faoin ngá atá le caighdeáin astaíochtaí amóinia a thabhairt isteach do ghluaisteáin. Ós rud é gurb í earnáil an iompair is cúis le níos lú ná 1 % d’astaíochtaí amóinia na hEorpa, is cosúil nach bhfuil costas an bhirt seo comhréireach leis na buntáistí. Ina theannta sin, ardaíonn an Coiste ceisteanna maidir lena hiomchuí a bheadh sé córas a fhorchur ar fheithiclí chun astaíochtaí galaithe a scaoiltear le linn athbhreoslú a theorannú, ós rud é go bhfuil gléas súite curtha ar bun ag an Eoraip cheana féin do chaidéil soláthair breosla.

5.7.

Maidir leis na feithiclí tromshaothair, tagann na luachanna teorann a mhol an Coimisiún salach ar luachanna rialachán Euro 6, a mbaineann na spriocanna a leanas maidir le laghdú leo: - 80 % maidir le NOx agus leis an líon cáithníní agus suas go – 95 % maidir le CO. Ina theannta sin, agus i gcomhréir leis an tionchar a imríonn siad ar an iarmhairt ceaptha teasa, molann an Coimisiún go ndéanfaí rialú ar thairseacha de CH4 (meatán) agus de N2O (ocsaíd nítriúil), ag leibhéal an-íseal don dara cheann acu. Ar ndóigh, beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha chun na hathruithe sin a chur san áireamh sa phlé a dhéanfar amach anseo ar chonair CO2 na bhfeithiclí tromshaothair (1).

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  COM(2023) 88 final.


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/108


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leTogra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint

[COM(2022) 732 final – 2022/0426(COD)]

agus an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (an Ceathrú Tuarascáil)

[COM(2022) 736 final]

(2023/C 228/15)

Rapóirtéir:

José Antonio MORENO DÍAZ

Comhrapóirtéir:

Pietro Vittorio BARBIERI

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 8.2.2023

Bunús Dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

125/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is gráiniúil an choir í an gháinneáil ar dhaoine agus is sárú tromchúiseach í ar chearta bunúsacha an duine. Sainaithnítear i Straitéis Slándála an Aontais Eorpaigh 2020 ról na coireachta eagraithe sa gháinneáil ar dhaoine agus an costas pearsanta a bhaineann leis sin.

1.2.

In 2011 a glacadh Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint. In 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Straitéis an Aontais maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac 2021-2025. Tá sé ráite aige cheana gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach d’fhonn feabhas a chur air sin.

1.3.

Is díol sásaimh do CESE ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an ceathrú tuarascáil ar dhul chun cinn ina leagtar béim ar éabhlóid na bhfeiniméan, maille leis an togra chun leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac. Féachtar sa Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac an gháinneáil sin a chomhrac agus a chosc agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint. Chun na críche sin, tá an togra dírithe ar thrí chreat gníomhaíochta: (i) coiriúlú, imscrúdú agus ionchúiseamh na gáinneála ar dhaoine, lena n-áirítear sainiú cionta, pionóis agus smachtbhannaí; (ii) cúnamh, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine; agus (iii) cosc na gáinneála ar dhaoine.

1.4.

Is geal le CESE go bhfuil an sainmhíniú ar na cineálacha éagsúla saothraithe á leathnú. Aontaíonn CESE leis an mbarúil nár cheart na coireanna sin a thuiscint mar liosta iomlán ós rud é, faraor, go dtagann gnéithe nua de chineálacha an dúshaothraithe chun cinn gach lá. Ar an ábhar sin, is é a mheas gur cheart do na Ballstáit tuiscint a fháil ar shaincheist na gáinneála agus, ar an dóigh sin, forléargas cuimsitheach a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann leis an dúshaothrú.

1.5.

Measann CESE gur gá an ghné inscne a neartú a mhéid a bhaineann le hábhar agus cur chun feidhme na Treorach i bhfianaise gur mná agus cailíní iad formhór mór íospartaigh na gáinneála. Ar an dóigh chéanna, ba cheart aird a thabhairt ar chásanna leochaileachta ina bhféadfaí earcú agus dúshaothrú ag líonraí coiriúla agus ag grúpaí eile a éascú. De bhreis air sin, ní mór níos mó airde a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha eile, lena n-áirítear dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn, agus daoine gan doiciméid nó daoine a bhfuil stádas cónaitheora forbhásach acu.

1.6.

Dar le CESE, is dearfach an rud í an tagairt shainráite do ghné ar líne na gcionta gáinneála ar dhaoine. De dheasca úsáid teicneolaíochtaí nua, spreagadh cionta gáinneála ar dhaoine, rud a éascaíonn agus a cheadaíonn rochtain níos mó ar íospartaigh agus dúshaothrú na n-íospartach agus a chruthaíonn deacrachtaí breise maidir le faireachán a dhéanamh ar fháltais na gcoireanna sin.

1.7.

Tá CESE i bhfách le forbairt córais smachtbhannaí níos fearr ag an gCoimisiún. Ós rud é gur léiríodh sa mheastóireacht nach bhfuil bearta roghnacha smachtbhannaí forbartha ag formhór na mBallstát, treisítear leis an gcóras nua éigeantach, lena ndéantar idirdhealú idir gnáthchionta agus cionta troma, an comhrac i gcoinne cionta gáinneála.

1.8.

Is údar sásaimh do CESE freisin go bhféadfar pionós a ghearradh ar dhaoine dlítheanacha lenar féidir iad a eisiamh ó chúnamh poiblí nó ó thacaíocht, bunaíochtaí a dhúnadh ar bhonn sealadach nó buan nó cosc sealadach nó buan a chur orthu a bheith i mbun gníomhaíochtaí tráchtála. Measann CESE go bhféadfaí úsáid chomhfhiosach na seirbhísí oibriúcháin a nascadh leis an Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach sa chaoi is gur féidir cuideachtaí a bhaineann tairbhe as cineálacha éagsúla dúshaothraithe a choinneáil cuntasach.

1.9.

Creideann CESE gur cheart aird níos mó a thabhairt sa Treoir ar íospartaigh na gáinneála agus ba mhian leis a thabhairt chun cuimhne an oibleagáid atá ar na Ballstáit aire a thabhairt dóibh siúd, iad a chosaint agus a gcuimsiú sóisialta áirithiú a mhéid is féidir. De bhreis ar a mheabhrú nár cheart pionós a ghearradh ar íospartaigh na gáinneála, ba cheart sásraí agus ionstraimí a neartú trí bhíthin na Treorach chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh, agus go háirithe do ghrúpaí leochaileacha.

1.10.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áireamh ina thogra le haghaidh Treorach gur gá cloí le Treoir 2004/81/CE (2) maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó a bhí faoi réir gníomhaíochta chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla.

1.11.

Athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá sé dícheall a dhéanamh chun an gháinneáil a chosc, agus béim á leagan aige ar an ngá atá ann an t-éileamh ar gach cineál dúshaothraithe a mhaolú. Faoi mar a luaitear sa tuarascáil, is ag síor-mhéadú atá an t-éileamh ar shaothar saor nó ar striapachas, bíodh is gur minic a bhíonn baint acu le cionta gáinneála ar dhaoine.

1.12.

Aontaíonn CESE leis an mbarúil nach foláir feabhas a chur ar bhailiú sonraí, agus freisin ar na hionstraimí trína ndéantar na coireanna sin a shainaithint ar dhóigh níos fearr. Mar a léirítear sa tuarascáil, is follas go bhfuil líon suntasach cásanna neamhthuairiscithe ann, rud is gá a chur ina cheart agus freagairt dó trí chomhordú agus comhar leis na Ballstáit, agus leis na hinstitiúidí Eorpacha chomh maith.

1.13.

Creideann CESE gur cheart leas a bhaint as cur i láthair an togra seo le haghaidh Treorach chun feasacht a mhúscailt agus chun é a chur in iúl ar dhóigh níos fearr gur gá cur leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine a neartú. Is freagairt chuimsitheach ilghnéitheach atá ag teastáil má táthar chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar chearta a eascraíonn as cineálacha éagsúla dúshaothraithe, agus ní mór baint a bheith ag na saoránaigh leis an gcomhrac i gcoinne na saoirse ó phionós agus normalú na mí-úsáidí sin.

1.14.

Tugann CESE chun cuimhne gur iomaí fachtóir a mbíonn tionchar acu ar an ngáinneáil ar dhaoine, ina measc: baineannú na bochtaineachta, rochtain éagsúil ar staidéar agus ar acmhainní d’fhir agus do mhná; neamhionannais leighis agus sláinte; leathadh an fhoréigin inscnebhunaithe ar fud an domhain; agus éagothromaíocht shóisialta níos ginearálta idir fir agus mná.

1.15.

Is céim thábhachtach riachtanach é ceapadh sásraí breise tarchuir náisiúnta ag na Ballstáit, sásraí lena dtabharfar ról d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le sainaithint íospartach agus soláthar seirbhísí tacaíochta. D’fhéadfaí sásra breise a bhunú do gach Ballstát faoi leith, mar atá, comhlacht neamhspleách faireacháin agus dearbhaithe ina mbeidh rapóirtéir náisiúnta a dhéanann faireachán ar éifeachtacht na mbeart a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit chun an gháinneáil a chomhrac, a dhéanann taighde agus a bheadh i dteagmháil le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha a bhíonn ag plé leis an bhfeiniméan ar leibhéil éagsúla.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Thug na Náisiúin Aontaithe sainmhíniú ar an ngáinneáil ar dhaoine ar bhonn idirnáisiúnta sa bhliain 2000 agus seo an méid a luaitear ann:

Ciallóidh “gáinneáil ar dhaoine” earcú, iompar, aistriú, tearmannú nó glacadh daoine, trí úsáid a bhaint as bagairt, lámh láidir nó cineálacha eile comhéigin, fuadaigh, calaoise, meabhlaireachta, mí-úsáide cumhachta nó staide leochaileachta, nó deonú nó fáil íocaíochtaí nó sochar chun toiliú a fháil ó dhuine a bhfuil duine eile faoina rialú, chun críoch dúshaothraithe (Airteagal 3 – Prótacal Gáinneála na Náisiún Aontaithe – 2000).

Ciallóidh “dúshaothrú” dúshaothrú striapachais daoine eile nó cineálacha eile dúshaothraithe ghnéasaigh, saothair nó seirbhísí éignithe, sclábhaíocht nó cleachtais atá cosúil le sclábhaíocht, daoirse nó baint orgán.

2.2.

Is gráiniúil an choir í an gháinneáil ar dhaoine agus is sárú tromchúiseach í ar chearta bunúsacha an duine. Sainaithnítear i Straitéis Slándála an Aontais Eorpaigh 2020 ról na coireachta eagraithe sa gháinneáil ar dhaoine agus an costas pearsanta a bhaineann leis sin.

2.3.

In 2011 a glacadh Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (an Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac). Céim thábhachtach a bhí i nglacadh na Treorach sin i dtreo chomhchuibhiú na rialacha idir na Ballstáit. In 2021, ghlac an Coimisiún Straitéis an Aontais maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac 2021-2025. Tá sé ráite aige cheana gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach d’fhonn feabhas a chur ar a cur chun feidhme.

2.4.

Cumhdaítear sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún tréimhse thrasuí na Treorach (Aibreán 2013) go dtí seo (Márta 2022) agus baineadh úsáid as sonraí a bailíodh ar an leibhéal Eorpach agus as faisnéis cháilíochtúil a tháinig chun cinn de thoradh an phlé a bhí ann le saineolaithe agus le heintitis speisialaithe.

2.5.

Leagadh béim i meastóireacht inmheánach an Choimisiúin ar a dheacra atá sé líon iarbhír na n-íospartach a dhéanamh amach go cruinn. Sainaithníodh 55 314 íospartach idir 2013-2022, figiúr a mheastar a bheith ina mheastachán faoina luach. Tá dúshaothrú gnéasach fós ar an gcineál dúshaothraithe is forleithne dá bhfuil ann i réimse na gáinneála ar dhaoine – 55,7 % de na cásanna a tuairiscíodh in 2021 – ach is ag méadú atá an dúshaothrú saothair, go háirithe in earnálacha amhail earnáil na talmhaíochta, earnáil na tógála agus earnáil na seirbhísí cúraim. Is íospartaigh ar leanaí iad 21 % den líon foriomlán íospartach, agus is mná agus cailíní iad 75 % díobh.

2.6.

Déantar trácht sa mheastóireacht agus sa tuarascáil ar an bhfíoras gur an-íseal ar fad leibhéal na n-ionchúiseamh agus na gciontuithe, rud a d’fhéadfadh cur le cultúr na saoirse ó phionós i measc gáinneálaithe. De bharr na meán sóisialta, tá deiseanna nua ar fáil anois ag líonraí coiriúla atá ag feidhmiú san Aontas Eorpach, a bhfuil baint ag a bhformhór acu leis an ngáinneáil ar dhaoine. Is féidir an méadú ar smuigleáil agus ar gháinneáil ar dhaoine a bheith mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin. Is coir íseal-riosca fós í an gháinneáil ar dhaoine ach tá ardbhrabús ag baint léi.

2.7.

Bíodh is gur éirigh leis an Treoir creat coiteann reachtaíochta a bhunú maidir le gáinneáil a chomhrac, leagadh béim inti freisin ar na deacrachtaí a bhaineann le dul chun cinn a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne cineálacha áirithe dúshaothraithe nach gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar gháinneáil agus ar choireanna trasteorann. Sainaithnítear sa Treoir freisin réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar phróisis um imscrúdú agus ionchúiseamh gáinneálaithe, maille leis an ngá atá ann feabhas a chur ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar acmhainneachtaí breithiúnacha d’fhonn is gur féidir imscrúduithe airgeadais a bhaineann le gáinneáil a dhéanamh.

2.8.

Cé go ndírítear sa Treoir freisin ar chosaint i gcoinne na gáinneála, léirítear sa mheastóireacht gur féidir feabhsuithe a dhéanamh, inter alia, a mhéid a bhaineann le saincheisteanna amhail cur i bhfeidhm phrionsabail an neamh-ionchúisimh agus neamhchoiriúlú na n-íospartach. Dírítear freisin ar chosaint na n-íospartach i bpróisis imscrúdaithe nó bhreithiúnacha agus ar sholáthar cúnaimh leordhóthanaigh a fhreastalaíonn ar shaintréithe agus riachtanais na n-íospartach, agus go háirithe leanaí agus grúpaí leochaileacha. Fadhb eile is ea a neamhleoire atá an bailiú agus an phróiseáil sonraí.

2.9.

Aithnítear sa mheastóireacht a thábhachtaí atá an Treoir ós cor cinniúnach í sa chomhrac i gcoinne na gáinneála san Aontas Eorpach. San am céanna, tarraingítear aird inti freisin ar an ngná atá ann dul chun cinn a dhéanamh maidir le huirlisí a cheapadh chun cur le cosc, imscrúdú agus ionchúiseamh na gáinneála agus na ngáinneálaithe agus leis an bhfaireachán orthu, mar aon le feabhas a chur ar an gcúnamh a thugtar d’íospartaigh.

2.10.

Sa chomhthéacs sin, is éard atá sa togra arna chur chun cinn ag an gCoimisiún togra chun leasú a dhéanamh ar an Treoir. Is é is aidhm don togra sraith beart a chur ar fáil chun feabhas a chur ar chosc agus ar chomhrac na gáinneála ar dhaoine san Aontas Eorpach, maille le cosaint na n-íospartach a fheabhsú.

3.   I dtaca leis an Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac

3.1.

Féachtar sa togra le haghaidh Treoir maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac an gháinneáil sin a chomhrac agus a chosc agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint. Chun na críche sin, tá an togra dírithe ar thrí chreat gníomhaíochta: (i) coiriúlú, imscrúdú agus ionchúiseamh na gáinneála ar dhaoine, lena n-áirítear sainiú cionta, pionóis agus smachtbhannaí; (ii) cúnamh, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine; agus (iii) cosc na gáinneála ar dhaoine.

3.2.

Is díol sásaimh do CESE gur tíolacadh an togra chun an Treoir sin a leasú, óir aontaíonn sé leis an mbarúil gur gá tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh agus feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine agus ar chosaint na n-íospartach. Is é a bharúil freisin gur bagairt níos mó anois í coir na gáinneála ar dhaoine agus is dúshlánaí fós an comhthéacs ná mar a bhí in 2011.

3.3.

Is geal le CESE go bhfuil an sainmhíniú ar na cineálacha éagsúla saothraithe á leathnú agus go ndéantar tagairt do na cineálacha éagsúla sin sa tuarascáil. Bíodh is go bhfuil an dúshaothrú gnéasach fós ar an gcineál dúshaothraithe is coitianta dá bhfuil ann, agus an dúshaothrú saothair ina dhiaidh sin, is ann fós do chineálacha eile dúshaothraithe arna gcumhdach leis an Treoir (dúshaothrú déircínteachta chun críoch gníomhaíochtaí coiriúla nó na gáinneála ar orgáin), agus is ag dul i méid atá cuid de na cineálacha dúshaothraithe sin le roinnt blianta anuas. Ar an gcaoi chéanna, tá cineálacha eile dúshaothraithe tagtha chun cinn nach gcumhdaítear sa Treoir ach a bhféadfaí breathnú orthu mar chineálacha gáinneála freisin, amhail póstaí éigeantais, máthairionadaíocht nó uchtú neamhdhleathach. Ba dhíol sásaimh do CESE dá gcuirfí isteach tagairt do dhálaí oibre saothraithe ar leith, mar a léirítear i dTreoir an Aontais maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóirí. Creideann CESE go bhfuil gá le tuilleadh treorach ón gCoimisiún maidir le sainmhínithe a thabhairt ar na cineálacha éagsúla gáinneála uile sin a d’fhéadfadh a bheith ann lena áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm ar bhealach níos aonfhoirmí iad.

3.4.

Aontaíonn CESE leis an mbarúil nár cheart na coireanna sin a thuiscint mar liosta iomlán ós rud é, faraor, go dtagann gnéithe nua de chineálacha an dúshaothraithe chun cinn gach lá. Ar an ábhar sin, is é a mheas gur cheart do na Ballstáit tuiscint a fháil ar shaincheist na gáinneála agus, ar an dóigh sin, forléargas cuimsitheach a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann leis an dúshaothrú.

3.5.

Measann CESE gur gá an ghné inscne a neartú a mhéid a bhaineann le hábhar agus cur chun feidhme na Treorach i bhfianaise gur mná agus cailíní iad formhór mór íospartaigh na gáinneála. Ar an dóigh chéanna, ba cheart aird a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha áirithe, lena n-áirítear dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus daoine gan doiciméid, agus ar chásanna leochaileachta ina bhféadfaí earcú agus dúshaothrú ag líonraí coiriúla a éascú. Tugann CESE le fios gur iomaí fachtóir a mbíonn tionchar acu ar an ngáinneáil ar dhaoine, ina measc: baineannú na bochtaineachta, rochtain éagsúil ar staidéar agus ar acmhainní d’fhir agus do mhná; neamhionannais leighis agus sláinte; leathadh an fhoréigin inscnebhunaithe ar fud an domhain; agus éagothromaíocht shóisialta níos coitianta idir fir agus mná.

3.6.

Dar le CESE, is dearfach an rud í an tagairt shainráite do ghné ar líne na gcionta gáinneála ar dhaoine. De dheasca úsáid teicneolaíochtaí nua, spreagadh cionta gáinneála ar dhaoine, rud a éascaíonn agus a cheadaíonn rochtain níos mó ar íospartaigh agus dúshaothrú na n-íospartach agus a chruthaíonn deacrachtaí breise maidir le faireachán a dhéanamh ar fháltais na gcoireanna sin. De bharr na meán sóisialta, éascaíodh earcú agus dúshaothrú íospartach agus ionchorpraíodh cineálacha nua mí-úsáide i gcásanna dúshaothraithe, amhail íomhánna, físeáin, etc. a dháileadh.

3.7.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil córas smachtbhannaí níos fearr forbartha ag an gCoimisiún. Ós rud é gur léiríodh sa mheastóireacht nach bhfuil bearta roghnacha smachtbhannaí forbartha ag formhór na mBallstát, treisítear leis an gcóras nua éigeantach, lena ndéantar idirdhealú idir gnáthchionta agus cionta troma, an comhrac i gcoinne cionta gáinneála.

3.8.

Is údar sásaimh do CESE freisin go bhféadfar pionós a ghearradh ar dhaoine dlítheanacha lenar féidir iad a eisiamh ó chúnamh poiblí nó ó thacaíocht, bunaíochtaí a dhúnadh ar bhonn sealadach nó buan nó cosc sealadach nó buan a chur orthu a bheith i mbun gníomhaíochtaí tráchtála. Measann CESE go bhféadfaí úsáid chomhfhiosach na seirbhísí oibriúcháin a nascadh leis an Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach sa chaoi is gur féidir cuideachtaí a bhaineann tairbhe as cineálacha éagsúla dúshaothraithe a choinneáil cuntasach. Pointe tagartha is ea an taithí ar chásanna dúshaothraithe saothair.

3.9.

Creideann CESE gur céim chun cinn atá sa leasú atá beartaithe lena ndéantar úsáid seirbhísí nó gníomhaíochtaí de thionscnamh dúshaothraithe a choiriúlú agus an t-eolas ann gur íospartach na gáinneála é an duine a sholáthraíonn an tseirbhís nó an ghníomhaíocht, i.e. úsáid chomhfhiosach seirbhísí dúshaothraithe. D’fhéadfadh na Ballstáit bearta níos déine a ghlacadh i ndáil leis sin. Measann CESE gur tábhachtach tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit ó thaobh cur chun feidhme de i dtaca leis sin agus measúnú a dhéanamh ar thionchar an phointe seo ar an ngáinneáil a chosc agus a ionchúiseamh sa tuarascáil maidir le trasuí a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle lena áirithiú nach mbeidh éifeachtaí díobhálacha aici ar íospartaigh nó grúpaí leochaileacha agus go bhfuil dul chun cinn déanta i gcoinne “cultúr na saoirse ó phionós” i gcás na gcoireanna sin.

3.10.

Dar le CESE gurb iomchuí don Choimisiún an creat rialála agus smachtbhannaí a chur in oiriúint don saol ar líne. I ndáil leis sin, tá sé thar a bheith dearfach go n-áirítear reo agus coigistiú sócmhainní sa Treoir, i gcomhréir leis na creataí rialála arna mbunú ag an Aontas Eorpach i ndáil leis sin. Ba cheart sócmhainní arna n-aisghabháil ó lucht déanta coireanna a chur ar fáil chun íospartaigh a chúiteamh, agus ba cheart tosaíocht a thabhairt d’íospartaigh i rangú na gcreidiúnaithe.

3.11.

Is geal le CESE go bhfuil béim leagtha ag an gCoimisiún ar an ngá atá ann cur leis an gcomhar idir na Ballstáit éagsúla a mhéid a bhaineann le cionta gáinneála. Is ríthábhachtach an ní é an comhar trasteorann agus is féidir é a fheabhsú trí mhalartú faisnéise nó trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus trí oiliúint a chur ar fhoireann ghairmiúil a bhíonn ag plé le híospartaigh trasteorann, go háirithe seirbhísí forfheidhmithe dlí.

3.12.

Is céim thábhachtach riachtanach é ceapadh sásraí breise tarchuir náisiúnta ag na Ballstáit, sásraí lena dtabharfar ról d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le sainaithint íospartach agus soláthar seirbhísí tacaíochta. Is é tuairim CESE gur cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit na hionstraimí sin a chruthú nó a neartú, ar féidir iad a chomhordú ar an leibhéal Eorpach chun cúram agus cosaint íospartaigh na gáinneála a fheabhsú. Bheadh gá dul chun cinn a dhéanamh maidir le hionstraim tarchuir Eorpach a cheapadh chun feabhas a chur ar an gcomhchuibhiú a mhéid a bhaineann le cúram agus cúnamh d’íospartaigh agus le córais tacaíochta a fhorbairt d’íospartaigh. D’fhéadfaí sásra breise a bhunú do gach Ballstát faoi leith, mar atá, comhlacht neamhspleách faireacháin agus dearbhaithe ina mbeidh rapóirtéir náisiúnta a dhéanann faireachán ar éifeachtacht na mbeart a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit chun an gháinneáil a chomhrac, a dhéanann taighde agus a bheadh i dteagmháil le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha a bhíonn ag plé leis an bhfeiniméan ar leibhéil éagsúla.

3.13.

Creideann CESE gur cheart aird níos mó a thabhairt sa Treoir ar íospartaigh na gáinneála agus ba mhian leis a thabhairt chun cuimhne an oibleagáid atá ar na Ballstáit aire a thabhairt dóibh siúd, iad a chosaint agus a gcuimsiú sóisialta áirithiú a mhéid is féidir. De bhreis ar a mheabhrú nár cheart pionós a ghearradh ar íospartaigh na gáinneála, ba cheart sásraí agus ionstraimí a neartú trí bhíthin na Treorach chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh, agus go háirithe do ghrúpaí leochaileacha amhail mionaoisigh, mionlaigh, dídeanaithe nó imircigh gan doiciméid. Lena chois sin, ba cheart uirlisí sásaimh agus coiscthe d’íospartaigh a fhiosrú agus a neartú a thuilleadh, lena n-áirítear sásraí sábháilte tuairiscithe agus gearán agus cistí cúitimh.

3.14.

Lánpháirtiú sa tír cinn scríbe, is rud é sin is féidir a bhaint amach ach tacaíocht shaincheaptha, faisnéis, oideachas agus tionscadail chumhachtaithe a chur ar fáil d’íospartaigh na gáinneála tríd an méid seo a leanas: íospartaigh a ghlacadh i struchtúir shonracha faoi chosaint; éisiúint éigeantach ceadaithe cónaithe mar sine qua non maidir le héalú ón ngáinneáil; cúnamh sláinte, faisnéis agus cosc; tacaíocht shíceolaíoch agus idirghabháil chultúrtha; faisnéis agus tacaíocht shóisialta agus dhlíthiúil; cúrsaí teanga agus litearthachta; measúnú ar scileanna agus ar inniúlachtaí; treoir ghairme agus oiliúint ghairmiúil; imeascadh i margadh an tsaothair.

3.15.

Ní thugtar aghaidh sa Treoir ar athruithe reachtacha ar chosaint chearta na n-íospartach, ná ar chúnamh agus tacaíocht do dhaoine a ndéantar gáinneáil orthu. D’fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur ar chúrsaí fós i dtaca leis sin de. Meabhraíonn CESE go dtugtar aghaidh i dTreoir 2012/29/AE (3) lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh uile na coireachta, inter alia, ar riachtanais shonracha catagóirí áirithe d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, na mí-úsáide gnéasaí, an dúshaothraithe ghnéasaigh agus na pornagrafaíochta leanaí.

3.16.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áireamh ina thogra chun an Treoir a leasú gur gá cloí le Treoir 2004/81/CE maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó a bhí faoi réir gníomhaíochta chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla.

3.17.

Ba cheart “comhar an íospartaigh” a thuiscint mar an fonn atá air páirt a ghlacadh i dtionscadal aonair um lánpháirtiú sóisialta agus um éalú ón dúshaothrú. Ní féidir cead cónaithe a dheonú ach dóibh siúd a chinneann oibriú i gcomhar le húdaráis bhreithiúnacha, ós rud é go dteastaíonn cead cónaithe i gcás roghanna malartacha ar gháinneáil, i.e. rochtain ar sheirbhísí críochacha oiliúna agus cumhachtaithe.

3.18.

Bíonn drogall ar íospartaigh fianaise a thabhairt i gcoinne a ngáinneálaithe. Is minic a bhíonn siad thíos le síor-dhúmháil agus cuirtear iad agus a dteaghlach i mbaol nuair a bhíonn orthu fianaise a thabhairt. I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú nach gcuirtear san áireamh toiliú íospartaigh na gáinneála ar dhaoine le dúshaothrú (Airteagal 3(b) – Prótacal Gáinneála na Náisiún Aontaithe – 2000).

3.19.

Ina theannta sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na moltaí atá san fhoilseachán uaidh dar teideal The EU rights of victims of trafficking in human beings [Cearta íospartaigh na gáinneála ar dhaoine san Aontas Eorpach] (4) ionas go ndéanfaidh na Ballstáit ceadanna cónaithe a dheonú i gcónaí d’íospartaigh na gáinneála sna cásanna seo a leanas:

más gá an t-íospartach a bheith i láthair don imscrúdú nó do na himeachtaí breithiúnacha;

má tá sé léirithe ag an íospartach go bhfuil sé soiléir go bhfuil sé toilteanach comhoibriú;

más rud é gur bhris an t-íospartach aon chaidreamh le déantóir(í) chion na gáinneála;

mura gcuireann an t-íospartach an beartas poiblí nó an tslándáil i mbaol.

Chomh maith leis sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit úsáid níos mó a bhaint as an deis chun ceadanna cónaithe a thairiscint d’íospartaigh ar chúiseanna daonnúla nó pearsanta, fiú i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha thuas.

3.20.

Athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá sé dícheall a dhéanamh chun an gháinneáil a chosc, agus béim á leagan aige ar an ngá atá ann an t-éileamh ar gach cineál dúshaothraithe a mhaolú. Is ag síor-mhéadú atá an t-éileamh ar shaothar saor nó ar striapachas, bíodh is gur minic a bhíonn baint acu le cionta gáinneála ar dhaoine.

3.21.

Measann CESE gur cheart cur leis an iliomad gníomhaíochtaí lena bhféachtar le feabhas a chur ar fhaisnéis agus ar fheasacht maidir leis na saincheisteanna sin, lena n-áirítear trí uirlisí cumarsáide nua, oiliúint, cláir oideachais agus feachtais múscailte feasachta a fhiosrú d’fhonn an comhrac i gcoinne na gáinneála a neartú sna Ballstáit ar fad.

3.22.

Aontaíonn CESE leis an mbarúil nach foláir feabhas a chur ar bhailiú sonraí, agus freisin ar na hionstraimí trína ndéantar na coireanna sin a shainaithint ar dhóigh níos fearr. Is follas go bhfuil líon suntasach cásanna neamhthuairiscithe ann, rud is gá a chur ina cheart agus freagairt dó trí chomhordú agus comhar leis na Ballstáit, agus leis na hinstitiúidí Eorpacha chomh maith. Féadfaidh sé gur cuidiú a bheidh sa togra le haghaidh tuarascáil staidrimh bhliantúil ar thrácht chun sonraí níos fearr a fháil, gníomhaíocht a fheabhsú agus feasacht an phobail ar na cionta sin a ardú.

3.23.

Ar an dóigh chéanna, is díol sásaimh do CESE an measúnú a rinne an Coimisiún ar an ngá atá ann tuarascáil bhliantúil ar obair na mBallstát i ndáil le gníomhaíochtaí i gcoinne na gáinneála ar dhaoine a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí, tuarascáil ina leagfaí béim ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus ar thionchar na ngníomhaíochtaí sin.

3.24.

Creideann CESE gur cheart leas a bhaint as cur i láthair an togra seo chun an Treoir a leasú chun feasacht a mhúscailt agus chun é a chur in iúl ar dhóigh níos fearr gur gá cur leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine a neartú. Is freagairt chuimsitheach ilghnéitheach atá ag teastáil má táthar chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar chearta a eascraíonn as cineálacha éagsúla dúshaothraithe, agus ní mór baint a bheith ag na saoránaigh leis an gcomhrac i gcoinne na saoirse ó phionós agus normalú na mí-úsáidí sin.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  IO L 101, 15.4.2011, lch. 1.

(2)  IO L 261, 6.8.2004, lch. 19.

(3)  IO L 315, 14.11.2012, lch. 57.

(4)  The EU rights of victims of trafficking in human beings [Cearta íospartaigh na gáinneála ar dhaoine san Aontas Eorpach].


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/114


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904 agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE

(COM(2022) 677 final — 2022/0396 (COD)

(2023/C 228/16)

Rapóirtéir:

István KOMORÓCZKI

Comhrapóirtéir:

Panagiotis GKOFAS

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 13.3.2023

An Chomhairle, 8.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

13.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

153/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

An dramhaíl atá á giniúint ag an bpacáistíocht, is rud é a bhfuil méadú air ar fud an domhain, agus is baol mór é sin dár sláinte, dár saol, dár ngeilleagair agus don phláinéad, nuair nach ndéantar í a bhainistiú i gceart. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an tionscnamh seo agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le pacáistíocht, le dramhaíl ó phacáistíocht agus le beartais phacáistíochta ar bhealach comhordaithe agus na rialacha a chomhchuibhiú ar fud an Aontais.

1.2.

Tá gá le bearta beartais fianaisebhunaithe má táthar chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach ó thaobh an chomhshaoil de. Deis atá i ndúshláin an athraithe aeráide don Aontas Eorpach bonn tionsclaíoch inbhuanaithe a thógail a bheidh dírithe ar an todhchaí. Molann CESE gach tionscnamh beartais atá ar na bacáin a bhunú ar fhianaise eolaíoch agus tuiscint fhónta ar an tionchar iarbhír a bheidh acu ar an gcomhshaol. Is cabhair straitéiseach é úsáid mhodheolaíocht an Mheasúnaithe Saolré a mholadh mar uirlis chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn táirgí ar an gcomhshaol i rith a saolré iomláine.

1.3.

Tá CESE i bhfách leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh faoi láthair chun dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú, ós rud é go bhfuil tionchar an-diúltach aici ar an gcomhshaol. Ag an am céanna, is oth leis nach n-áirítear sa togra anailís chríochnúil ar na tionchair a mheasfar a bheidh aici ar an gcomhshaol, ar shláinte an duine agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Tá ról lárnach ag an bpacáistiú maidir le sábháilteacht, sláinte agus cáilíocht bia a áirithiú. Ón taobh sin de, ba cheart aghaidh a thabhairt ar chosaint an chomhshaoil agus ar shábháilteacht tomhaltóirí leis an rialachán nua.

1.4.

Cuireann CESE i bhfios go láidir nach iad an athúsáid agus an t-athlíonadh na roghanna is fearr ná baol air, ó thaobh an athraithe aeráide agus an chomhshaoil de. Mar gheall ar an achar fada atá le dul i gcomparáid leis an mbailiú agus athchúrsáil áitiúil, beidh tionchar diúltach ag an lóistíocht mhéadaithe ar chúrsaí. Trí bhuidéil in-athlíonta nó earraí boird in-athúsáidte a ghlanadh, méadaítear ídiú fuinnimh, astaíochtaí agus úsáid an uisce. Arís eile is oth le CESE nach ndearnadh measúnú tionchair cuí.

1.5.

Is léir go mbeidh an tionchar eacnamaíoch ag brath ar fhoclaíocht bheacht na ngníomhartha tarmligthe atá beartaithe, gníomhartha a ghlacfar faoi cheann cúig bliana tar éis ghlacadh an rialacháin, agus faoi cheann an ama sin amháin. Ós rud é nach mbeifear ar an eolas faoi pharaiméadair nithiúla na rialacha go dtí go nglacfar an rialachán atá beartaithe, cruthaítear a lán éiginnteachta i gcúrsaí gnó agus riosca tromchúiseach don timthriall infheistíochta agus nuálaíochta.

1.6.

Tá an Coiste ag iarraidh ar na geallsealbhóirí ábhartha uile, amhail comhpháirtithe an idirphlé shóisialta, oibreoirí eacnamaíocha, oibrithe, tomhaltóirí, eagraíochtaí cosanta tomhaltóirí, eagraíochtaí comhshaoil agus Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme an rialacháin nua. Níor cheart ualaí riaracháin nó oibríochtúla nach bhfuil gá leo a chur ar FBManna mar gheall ar thrasuí an rialacháin nuashonraithe ina reachtaíocht náisiúnta. I ndáil leis an méid sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh na spriocdhátaí don chur chun feidhme agus don teacht i bhfeidhm leordhóthanach. Tá sé á chur in iúl ag CESE go gcuireann an rialachán Airteagal 26 in ionad ról na hathchúrsála a bunaíodh leis an bpacáiste um an ngeilleagar ciorclach, airteagal a chuirtear i bhfeidhm go díreach maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha uile, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil sé éifeachtúil ó thaobh an chomhshaoil de, mar aon le srian forfheidhmithe ar úsáid pacáistíochta, beag beann ar cibé acu a bheidh nó nach mbeidh guais ann don tsláinte nó meath ar an gcomhshaol mar thoradh air.

1.7.

Maidir leis an gcritéar “athchúrsáil ar scála”, molann CESE céatadán atá beartaithe maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a athchúrsáiltear ar scála (pacáistíocht a bhailítear, a shórtáiltear agus a athchúrsáiltear sna Ballstáit) a ardú ó 75 % go 90 % de dhaonra an Aontais, agus, ag an am céanna, dhá thrian de Bhallstáit an Aontais ar a laghad a chumhdach faoi 2030 d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach a bhaint amach. Tá an Coiste i bhfách freisin le cur chun feidhme grád feidhmíochta in-athchúrsáilteachta agus le deireadh a chur de réir a chéile faoi 2030 leis an bpacáistíocht Grád E is measa feidhmíocht.

1.8.

Molann CESE nár cheart cuimhneamh ar spriocanna éigeantacha maidir le hábhar athchúrsáilte a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le hábhar sonrach pacáistíochta, i gcás ina mbainfí breis úsáide as ábhar athchúrsáilte (e.g. plaistigh) dá bharr. I gcás pacáistíocht cruach, bheadh spriocanna éigeantacha maidir le hábhar athchúrsáilte an-díobhálach agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar mhargadh na dramhaíola cruach dá bharr. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sna critéir maidir le hin-athchúrsáilteacht pacáistíochta na ceanglais maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála, bailiú ar leithligh, sórtáil éifeachtach, agus in-athchúrsáilteacht an ábhair arís agus arís eile. Ina theannta sin, ba cheart aon spriocanna laghdaithe dramhaíola atá beartaithe a leagtar síos sa rialachán a shocrú in aghaidh an ábhair (spriocanna a bhaineann go sonrach le hábhar), agus a sainiúlachtaí agus a rátaí athchúrsála á gcur san áireamh.

1.9.

Tá CESE in amhras freisin faoina éifeachtaí a bheadh sprioc chothrom 15 %, ós rud é go mbeadh tionchar idirdhealaitheach aige sin ar thomhaltóirí ó thíortha a bhfuil táirgeadh réasúnta íseal in aghaidh an duine acu maidir le dramhaíl ó phacáistíocht. Léiríonn figiúirí staidrimh go bhfuil an táirgeadh dramhaíola ó phacáistíocht i dtíortha ina bhfuil tomhaltas níos airde, suas le trí oiread níos airde ná mar atá i dtíortha ina bhfuil an ráta tomhaltais íseal, ach meastar go laghdóidh gach tír scun scan an méid pacáistíochta in aghaidh an tomhaltóra faoi 15 %. Ina ionad sin, ba cheart an sprioc a ríomh ar bhonn líon na n-áitritheoirí, na gníomhaíochta eacnamaíche, an táirgthe thionsclaíoch agus ioncam na n-áitritheoirí.

1.10.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí scéimeanna cosanta agus tacaíochta (oideachas poiblí, oiliúint, cómhargáil, scéimeanna cúitimh, agus aistrithe chuig tionscail eile) a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú le haghaidh oibrithe atá fostaithe sna tionscail sin atá ag athrú agus a ndéanfaidh cur chun feidhme an rialacháin athbhreithnithe difear dóibh go luath.

1.11.

Molann CESE do na Ballstáit straitéisí a sheoladh lena dtionscail deisiúcháin agus a siopaí deisiúcháin a fhorbairt trí dhreasachtaí a chur ar fáil chun infheistíocht a dhéanamh i meaisíní deisiúcháin, trí phraghas na bpáirteanna spártha a laghdú, agus trí shineirgí a chruthú in earnálacha éagsúla.

1.12.

Is tionscal atá ag forbairt go tapa é tionscal na pacáistíochta agus lear mór daoine fostaithe ann. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go ndéanfaí measúnuithe tionchair agus faireachán dícheallach ar na rialacháin nua ar bhonn rialta sna Ballstáit, bíodh sin ar leibhéal an rialtais láir nó ar leibhéal an rialtais áitiúil, ós rud é go bhfuil siad ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair ar inmharthanacht eacnamaíoch, ar áiteanna oibre agus ar inbhuanaitheacht comhshaoil.

1.13.

Iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach creat difreáilte saincheaptha a ghlacadh chun straitéisí pacáistíochta le haghaidh táirgí éagsúla a mheas, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a chur i gcomparáid le chéile. Chun méid na dramhaíola ó phacáistíocht a laghdú, ba cheart measúnú rialta a dhéanamh ar an ngá iarbhír atá le pacáistiú, agus ba cheart athmhachnamh a dhéanamh ar na réitigh bharrfheabhsaithe. Maidir leis na córais náisiúnta aisíoca éarlaise atá ag feidhmiú go maith, ba thábhachtach teacht ar bhealaí ina bhféadfaí leanúint d’úsáid bharrachóid nua an Aontais agus na mbarrachód náisiúnta atá ann cheana, agus iad a bheith ag feidhmiú taobh le chéile.

1.14.

Ba cheart do thomhaltóirí a bheith rannpháirteach in athúsáid, i dtabhairt ar ais, agus in athchúrsáil ábhair pacáistíochta ar an mbealach is fearr agus ba cheart iad a dhreasú chun an méid sin a dhéanamh trí shásraí cúitimh dearfacha agus diúltacha. Beidh ról tábhachtach ag tomhaltóirí sa chóras aisíoca éarlaise, in athúsáid agus in athlíonadh, agus tá CESE ag iarraidh feachtais oideachais agus múscailte feasachta a chuirfidh ar chumas tomhaltóirí a ról a fheiceáil agus a thuiscint ar bhealach níos fearr.

1.15.

Tá CESE ag iarraidh ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa oibriú i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le hoibreoirí eacnamaíocha chun teacht ar na bealaí is fearr chun an córas lipéadaithe a chur i bhfeidhm.

1.16.

Braitheann cáilíocht na dramhaíola agus an méid dramhaíola ar an acmhainneacht athchúrsála atá inti. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar impleachtaí comhshaoil agus eacnamaíochta na ngníomhaíochtaí bainistithe dramhaíola le linn chéim na pleanála.

1.17.

Maidir le prionsabail reachtacha, is éard a dhéantar sa rialachán norm a mbíonn tionchar díreach aige ar oibreoirí eacnamaíocha aonair a mheascadh le treoir lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí creata do na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart é a roinnt ina dhá ghníomh reachtacha. Is éard a bheadh sa chéad ghníomh treoir lena mbunaítear na spriocanna do na Ballstáit maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht a bhainistiú. Is éard a bheadh sa dara ceann rialachán maidir le buncheanglais le haghaidh pacáistíochta agus ceanglais maidir lena n-athchúrsáilteacht agus lena lipéadú.

1.18.

Maidir le laghdú dramhaíola, molann CESE go mbeadh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Líonadh Talún (Treoir ón gComhairle 1999/31/CE (1)) ag gabháil leis an athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistíocht, chun méid na dramhaíola a chuirtear i líonadh talún a laghdú.

2.   Cúlra agus gnéithe bunúsacha

An riachtanas atá le breithniú leanúnach a dhéanamh ar thionchair na pacáistíochta ar an gcomhshaol

2.1.

Ar fud an domhain, is táirge aon úsáide í an phacáistíocht den chuid is mó agus caitear amach nó athchúrsáiltear í in ionad í a athúsáid. Measann údaráis chomhshaoil na náisiún mór tionsclaithe gur bia agus ábhair a úsáidtear i bpacáistíocht bhia atá i gceist le nach mór aon leath den dramhaíl sholadach chathrach (2).

2.2.

Mar gheall ar chur amú acmhainní luachmhara agus an truailliú de bharr an chórais tomhaltais agus diúscartha sin, tá ár sláinte, an comhshaol, an inbhuanaitheacht agus an aeráid dhomhanda i mbaol tromchúiseach.

2.3.

Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Coimisiún Eorpach faireachán rialta ar dhramhaíl ó phacáistíocht, chomh maith lena bailiú, lena bainistiú agus lena hathúsáid, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir.

2.4.

Meastar go mbeidh deacrachtaí móra agus caillteanais ioncaim nó post le sárú ag na tionscail sin atá ag athrú, chomh maith le fostaithe agus úinéirí beaga i roinnt earnálacha atá faoi ghrinnscrúdú, mar gheall ar laghdú ar láimhdeachas iomlán mar thoradh ar an éifeacht ionadaíochta. D’fhéadfadh scéimeanna cosanta sóisialta agus tionscnaimh athoiliúna an tionchar sin a laghdú.

2.5.

Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh roinnt réigiún atá ag brath ar theicneolaíochtaí pacáistithe áirithe agus ar tháirgeadh tionsclaíoch a bheith thíos sa ghearrthéarma le cailliúint post agus imirce oibrithe ardspeisialaithe mar aon le hoibrithe nach bhfuil chomh speisialaithe céanna. Tá beartais shaincheaptha ar an leibhéal áitiúil ríthábhachtach chun imirce daoine oilte agus fairsingiú fásaigh i limistéir thuaithe agus thionsclaíocha a sheachaint.

2.6.

Tá sé ríthábhachtach faireachán a dhéanamh ar thionchar chur chun feidhme na reachtaíochta trí bhuansásra measúnaithe d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar thaifid gach tíre, dea-chleachtais a mhalartú agus athbhreithnithe paraiméadracha a mholadh. Ní mór aon uasghrádú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chumas teicneolaíoch na dtionscal chun ábhair shonracha a athúsáid agus a athchúrsáil a chur san áireamh (e.g. plaistigh in-bhithdhíghrádaithe), agus béim ar leith á leagan ar an tsláinte phoiblí agus ar thionchair fhadtéarmacha ar an gcomhshaol.

Ionstraimí a dtacaíonn an Coimisiún Eorpach leo chun saincheisteanna pacáistíochta agus ábhar pacáistíochta a bhainistiú

2.7.

Sonraítear sa dréachtrialachán ón gCoimisiún na príomhróil atá ag an digitiú agus ag an inbhuanaitheacht maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú. Tá sé ríthábhachtach an dá rud sin a chomhchuibhiú, ós rud é go bhfuil siad ríthábhachtach chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach agus chun athléimneacht, rathúnas, agus inbhuanaitheacht na hEorpa amach anseo a fheabhsú.

Acmhainní nádúrtha agus fuinnimh le haghaidh pacáistíochta – ábhair imní agus réitigh

2.8.

A bhuí le pacáistíocht nua-aimseartha bhia, ar mórúsáid ábhar pacáistíochta í sin, cuirtear bealach ar fáil chun bia iontaofa, sláintiúil, fadré agus sábháilte a sholáthar. Mar sin féin, is táirgí aon úsáide atá i bhformhór na pacáistíochta bia fós, agus mura mbí codáin ábhair ann le hiad a choinneáil glan ar a chéile, agus muna mbailítear iad, ní féidir iad a athchúrsáil go hiomlán, toisc go bhfuil siad salaithe le bia, róbheag, nó go bhfuil ábhair ilsrathacha iontu.

2.9.

Bíonn éileamh ar acmhainní le haghaidh gach cineáil pacáistíochta, lena n-áirítear fuinneamh, uisce, ceimiceáin, peitriliam, mianraí, adhmad agus teicstílí. Ina theannta sin, mar thoradh ar tháirgeadh pacáistíochta, is minic a bhíonn fuíolluisce agus sloda ann le ceimiceáin dhíobhálacha, agus astaíonn gás ceaptha teasa, miotail throma agus cáithníní san aer.

2.10.

Chun pacáistíocht nua-aimseartha bhia a chruthú, úsáidtear ábhair éagsúla de dhéantús an duine agus ábhair éagsúla shintéiseacha, lena n-áirítear ábhair cheirmeacha, gloine, miotal, páipéar, páipéarchlár, cairtchlár, céir, adhmad agus plaistigh. Tá an chuid is mó den phacáistíocht seo déanta as gloine, plaisteach righin, páipéar agus cairtchlár. Cé, in amanna, go gcruthaítear plaisteach le déanaí as arbhar agus as ábhair plandaí eile, déantar an chuid is mó de as peitriliam fós a mbíonn breiseáin ann amhail polaiméirí.

2.11.

Tá sé ríthábhachtach go leagfadh an Coimisiún Eorpach amach sa togra cion íosta éigeantach bithbhunaithe 60 % ar a laghad le haghaidh pacáistíocht inmhúirínithe. Is minic a bhíonn cairtchláir línithe le plaisteach nach bhfuil le feiceáil, agus déantar a lán cineálacha éagsúla pacáistíochta a lipéadú le téacs a mbíonn dúigh chlódóra á n-úsáid ann.

2.12.

Cuireann an méadú ar na cineálacha éagsúla pacáistíochta a úsáidtear, mar aon le rátaí ísle athúsáide agus athchúrsála, bac orainn geilleagar ciorclach ísealcharbóin a chruthú san Aontas.

2.13.

Tá CESE den tuairim gurb í an phacáistíocht inmhúirínithe is sábháilte ó thaobh teagmháil le bia de agus gurb í an réiteach is oiriúnaí í dá bharr, agus go bhfuil ról lárnach aici chun a áirithiú go mbeidh níos mó dramhaíola in-bhithdhíghrádaithe ann. Laghdódh sí freisin méid na bplaisteach do-bhithdhíghrádaithe a thruailleodh an múirín murach sin.

3.   An phacáistíocht phlaisteach

3.1.

D’aithin na Náisiúin Aontaithe gur tubaiste dhomhanda é truailliú plaisteach na n-aigéan, go príomha mar gheall ar an méid pacáistíochta bia a dhéantar as plaisteach a shruthaíonn isteach in aibhneacha (3). Is cúis imní é sin do na speicis uisceacha uile.

3.2.

Beidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chur chuige nua maidir le plaistigh atá bunaithe ar an ngeilleagar ciorclach. D’fhéadfaidís roghanna maidir le pacáistíocht chiorclach a chur chun cinn trí ábhair shonracha pholaiméireacha a roghnú chun leibhéal in-athchúrsáilteachta i bhfad níos fearr a áirithiú. I gcás nach féidir plaistigh a athchúrsáil, ba cheart iad a úsáid chun bithbhreosla a ghiniúint.

4.   Ábhair bhuana, sonraí athchúrsála agus saincheisteanna a bhaineann leis na spriocanna maidir le buidéil deochanna alcólacha a athlíonadh

4.1.

Tá tréithe agus airíonna difriúla ag na hábhair éagsúla a úsáidtear sa phacáistíocht bhia, rud a dhéanann difear d’acmhainn in-athchúrsáilte na pacáistíochta sin. Meastar gur buanábhair iad ábhair amhail alúmanam, gloine agus cruach, rud a fhágann gur beag a thugtar a ndíghrádú faoi deara le linn a ré feidhme agus gur féidir iad a athchúrsáil arís agus arís eile, gan baol a bheith ann go gcaillfidís an cháilíocht ná na hairíonna intreacha atá acu.

4.2.

Tá méadú suntasach tagtha ar an spéis a léirítear i mbuanábhair, rud atá ar aon dul le smaointeoireacht an gheilleagair chiorclaigh. Ní mór na hábhair sin a aithint mar is ceart sa reachtaíocht a bheidh ann amach anseo, agus beartais a fhorbairt chun tacú go héifeachtúil lena n-athchúrsáil.

4.3.

Is féidir pacáistíocht atá bunaithe ar shnáithín nó ábhar nádúrtha eile tacú le fás atá díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Is as ábhair inathnuaite a dhéantar an snáithín ar rud é atá marthanach, tarraingteach, in-athchúrsáilte agus in-bhithdhíghrádaithe. Tugadh le fios i staidéir a rinneadh le déanaí gur féidir pacáistíocht snáithíní a athchúrsáil os cionn 25 huaire, rud a léiríonn gur cuid riachtanach den gheilleagar ciorclach í.

4.4.

Shroich an ráta athchúrsála do phacáistíocht ghloine 76 % (4) ar an meán san Aontas in 2020. Mar sin féin, d’fhéadfaí feabhas a chur fós féin ar scéimeanna bailiúcháin agus ar an tsórtáil i roinnt Ballstát. Seo a leanas na rátaí sin mar a bhí in 2017: 95 % sa tSualainn, 88,4 % sa Ghearmáin, 78 % san Iodáil agus 61 % sa Fhrainc (5).

4.5.

Leagtar síos sa togra spriocanna éigeantacha maidir le buidéil deochanna alcólacha a athúsáid agus a athlíonadh. Mar sin féin, tá príomhoibreoirí eacnamaíocha den tuairim láidir go bhféadfadh dúshláin shuntasacha a bheith ag baint leis na spriocanna sin, ó thaobh soláthair agus rioscaí sláinte de araon, ós rud é go n-úsáideann tomhaltóirí buidéil de ghnáth le haghaidh cúiseanna praiticiúla eile. D’fhéadfadh an athúsáid éigeantach sin fadhbanna a chruthú, go páirteach mar gheall ar ionfhabhtú i ngeall ar na pataiginí agus na baictéir, i measc nithe eile.

5.   Truailliú uisce agus talún i ngeall ar an bpacáistíocht bhia

5.1.

Nuair a dhiúscraítear pacáistíocht i láithreáin líonta talún, go háirithe pacáistíocht phlaisteach, i dteannta éilliú trom neamh-inghlactha sa talamh agus sa chomhshaol, is féidir le ceimiceáin ó na hábhair, amhail dúigh agus dathanna ó na lipéid, sceitheadh isteach sa screamhuisce agus san ithir.

5.2.

Is minic a chríochnaíonn dramhaíl phlaisteach sna réigiúin sin is iargúlta ar domhan, rud a chuireann beatha an duine, na n-éan agus na mara i mbaol. Tá truailliú plaisteach na n-aigéan chomh dona sin gur thug ceann gnóthaí aigéin na Náisiún Aontaithe géarchéim ar leibhéal an phláinéid air.

5.3.

Níl in éilliú na n-aigéan ach ceann amháin de na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag ábhar plaisteach ar an éiceachóras. De réir staidéar amháin, caitear amach aon trian den phlaisteach ar fad dá bhfuil ann agus críochnaíonn sé sna huiscebhealaí nó san ithir. Léiríonn staidéir eile go bhfuil an méid truaillithe micreaphlaistigh san ithir ar fud an domhain idir 4 agus 23 huaire níos measa ná an méid truaillithe micreaphlaistigh inár n-aigéin.

5.4.

Beidh tionchar diúltach ag micreaphlaistigh san ithir ar iompraíocht ainmhithe na hithreach (amhail péisteanna talún), agus dá bhrí sin scaipfidh siad tinnis agus beidh tionchair dhíobhálacha eile acu. Thángthas freisin ar mhicreaphlaistigh i gcorp leanaí nuabheirthe. Ina theannta sin, ionsúnn plaistigh indíghrádaithe substaintí díobhálacha, amhail déchlóraidhéfheiniltríchlóireatán (DDT), nuair a bhíonn siad sa talamh agus in uiscebhealaí.

6.   Truailliú aeir agus truailliú na n-aigéan i ngeall ar an bpacáistíocht bhia

6.1.

Is minic a chríochnaíonn dramhaíl ó phacáistíocht bhia nach féidir a mhúiríniú ná a athchúrsáil i líonadh talún, rud is cúis le hastaíochtaí aeir, an gás ceaptha teasa san áireamh. Eascraíonn meatán, amóinia agus suilfíd hidrigine as láithreáin líonta talún. Os a choinne sin, scaoileann loisceoirí mearcair, luaidhe, clóiríd hidrigine, dé-ocsaídí sulfair, ocsaídí nítriúla, ábhar cáithníneach agus dé-ocsainí, arb iad na comhdhúile is contúirtí iad.

6.2.

Déantar an chuid is mó de chupáin chaife agus claibíní, cochaill chaife, coimeádáin Styrofoam, buidéil phlaisteacha agus caipíní, clúdaigh phlaisteacha, coimeádáin sé-phaca, agus málaí grósaera plaisteacha le haghaidh aon úsáid amháin. Mura ndéantar athchúrsáil orthu, áfach, éireoidh ár n-uiscebhealaí tachta, áit a gceapann ainmhithe gur bia atá sna cupáin nó téann siad i bhfostú iontu.

6.3.

Tá na plaistigh uile atá ar snámh timpeall na n-aigéan thar a bheith díobhálach d’ainmhithe. De réir na heagraíochta Ocean Conservatory (6), fuarthas plaisteach in 59 % d’éin mhara amhail albatrais agus peileacáin, in 100 % de na speicis turtar mara agus i níos mó ná 25 % de na héisc a sampláladh ó mhargaí bia mara.

6.4.

Cé go ndéantar na billiúin punt de phlaisteach de na trilliúin píosaí atá ar snámh timpeall na n-aigéan agus atá á n-iompar ag na sruthanna, ní bhíonn ach 5 % den charn plaisteach sin le feiceáil ar bharr an aigéin; fanann an chuid eile de ar snámh thíos faoin uisce nó fanann sé ar ghrinneall an aigéin.

6.5.

Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go spreagfaí athchúrsáil orgánach na dramhaíola bia agus na dramhaíola ó phacáistíocht bia inmhúirínithe, á chur san áireamh freisin go mbeidh bailiú ar leithligh le haghaidh athchúrsáil orgánach dramhaíola bia éigeantach ón 31 Nollaig 2023. Maidir leis na fuíll a bhíonn ann de bharr an bheostoic, aoileach agus sciodar, mar shampla, d’fhéadfaí leasachán orgánach, bithghás nó bithmheatán a ghiniúint.

7.   Barúlacha ginearálta

7.1.

Tacaíonn CESE le huaillmhian an Choimisiúin Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, chun teorainn a chur le cainníocht, méid agus meáchan na pacáistíochta ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh, cosc a chur le táirgeadh dramhaíola ó phacáistíocht nach bhfuil riachtanach, tacú le hathchúrsáil ardcháilíochta, agus méadú a dhéanamh ar in-athchúrsáilteacht agus in-athúsáidteacht pacáistíochta.

7.2.

Ba cheart aon athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht a ailíniú go hiomlán le cuspóirí uileghabhálacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (i.e. aeráidneodracht, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, agus cosaint an chomhshaoil), agus ba cheart na hathbhreithnithe sin a bheith comhsheasmhach le reachtaíocht ghaolmhar, amhail an plean gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach, an Treoir Réime Dramhaíola, an Treoir maidir le plaistigh aon úsáide, an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht, agus reachtaíocht an Aontais maidir le hábhair a bhíonn i dteagmháil le bia.

7.3.

Leagann CESE béim ar an ngá atá le dianchritéir maidir le hin-athchúrsáilteacht pacáistíochta. Ba cheart pacáistíocht a rangú mar ábhar in-athchúrsáilte i gcás inar féidir í a athchúrsáil arís agus arís eile i mbuanchóras lúbiata, agus ní hamháin i gcás ina gcomhlíontar na critéir deartha agus ina bhfuil bailiú ar leithligh ann do na hábhair agus ina ndéantar iad a shórtáil gan éilliú.

7.4.

Creideann CESE gur cheart na critéir chéatadáin le haghaidh pacáistíocht atá le hathchúrsáil ar scála a chomhlánú le ceanglas cainníochtúil lena gcumhdaítear líon leordhóthanach Ballstát den Aontas.

7.5.

Tacaíonn an Coiste le cur chun feidhme na ngrád feidhmíochta in-athchúrsáilteachta, bunaithe ar na critéir “dearadh le haghaidh athchúrsála” do chatagóirí pacáistíochta. Is díol sásaimh do CESE go bhfuiltear leis na hábhair uile a chomhchuibhiú agus tá súil aige go gcuirfí deireadh leis an bpacáistíocht de réir a chéile agus go mbronnfaí Grád Feidhmíochta E ar an bpróiseas sin faoi 2030.

7.6.

In 2020, shroich an meánráta athchúrsála ar fud an Aontais 85,5 % le haghaidh pacáistíocht chruach, 74 % le haghaidh pacáistíocht ghloine, agus 82 % le haghaidh pacáistíocht pháipéir. Tá na córais lúbiata chiorclacha do na hábhair sin réasúnta éifeachtach. Mar sin féin, dá nglacfaí sprioc maidir le hábhar athchúrsáilte le haghaidh pacáistíocht chruach, mar shampla, d’fhéadfaí margadh na n-amhábhar tánaisteach a dhíchobhsú agus a ilroinnt, agus d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar an gcomhshaol. Níor cheart na spriocanna éigeantacha maidir le hábhar athchúrsáilte a theorannú do ghrúpaí sonracha pacáistíochta agus ábhar amháin, óir d’fhéadfadh sé go gcuirfí feabhas ar an margadh agus go mbainfí úsáid as ábhair athchúrsáilte (e.g. plaistigh) ar bhonn níos minice mar thoradh ar na spriocanna sin a ghlacadh.

7.7.

Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart na sciartha den mhargadh a bhaineann le hábhair phacáistíochta éagsúla i dtaca le méid foriomlán na dramhaíola ó phacáistíocht sna Ballstáit a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na deiseanna atá ann an dramhaíl a laghdú. Ba cheart spriocanna maidir le laghdú a shocrú do gach ábhar pacáistíochta (plaisteach, páipéar, miotail fheiriúla, alúmanam, etc.), agus éabhlóid na rátaí athchúrsála le himeacht ama á cur san áireamh, chun cothrom iomaíochta a áirithiú agus chun cosc a chur le hábhair phacáistíochta áirithe a bhfuil leibhéal íseal in-athchúrsáilteachta ag baint leo a chur in ionad ábhair phacáistíochta eile nuair nach gá é sin a dhéanamh.

7.8.

Ba cheart Ballstáit an Aontais a dhreasú go héifeachtach chun tacú le hinfheistíochtaí nua i mbonneagar agus i dteicneolaíochtaí athchúrsála, agus i dtaighde agus i bhforbairt, chomh maith.

7.9.

Creideann CESE gur cheart athbhreithniú ar an Treoir maidir le Líonadh Talún a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht freisin, chun diúscairt dramhaíola ó phacáistíocht i líonadh talún a laghdú. Bheadh laghdú ar an méid dramhaíola a chríochnaíonn i líonadh talún i gcomhréir le tiomantas an Aontais don athchúrsáil agus do laghdú dramhaíola.

7.10.

Ní mór prionsabal na neodrachta, ó thaobh na n-ábhar de, a urramú agus a chur i bhfeidhm sa rialachán athbhreithnithe, i.e. solúbthacht a bheith ann chun ábhar pacáistíochta a roghnú bunaithe ar a oiriúnacht d’úsáid ar leith, ar a shaintréithe teicniúla agus struchtúracha agus ar a phróifíl fhoriomlán chomhshaoil.

8.   Barúlacha sonracha

8.1.

Sa bhreis ar an reachtaíocht atá beartaithe, lena n-áirítear maidir le lipéadú, cumarsáid, bailiú, sórtáil agus in-athúsáidteacht, creideann CESE gur cheart do na Ballstáit cuimhneamh ar shrianta a thabhairt isteach maidir le táirgeadh ábhar pacáistíochta, le cois ionstraimí fioscacha, b’fhéidir, chun spriocdhátaí an Chomhaontaithe Ghlais a chomhlíonadh.

8.2.

Molann CESE go dtacódh an tAontas agus na Ballstáit, ar gach uile bhealach dá bhfuil ann, le hin-athchúrsáilteacht agus in-athúsáidteacht pacáistíochta, trí dhreasachtaí a chur ar fáil chun roghanna malartacha ábhair in-athchúrsáilte nó in-athnuaite a úsáid nó trí dhídhreasú a dhéanamh ar ábhair phacáistíochta nach bhfuil ag roinnt leo ach saintréithe in-athchúrsáilte ísle.

8.3.

Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht airgeadais a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha sa phróiseas aistrithe, ar oibreoirí iad a bhfuil baint acu leis an earnáil thábhachtach sin, agus a bhfuil mórfhreagrachtaí orthu a mhéid a bhaineann le fostaithe agus lena n-áiteanna oibre.

8.4.

Ba cheart beartais shoiléire náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhunú chun táirgeoirí dramhaíola a n-iompraítear a gcuid dramhaíola chuig Ballstáit eile a shainaithint.

8.5.

Ba cheart do na Ballstáit na geallsealbhóirí a spreagadh chun smaointe nua a fhorbairt maidir le pacáistíocht agus lipéadú cuí chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach agus chun aon chalaois a bhaineann le táirgí de thionscnamh Eorpach a sheachaint.

8.6.

Ba cheart ról na mbardas i mbailiú dramhaíola agus i mbainistiú dramhaíola a shainiú go soiléir ionas nach mbeidh an iliomad nósanna imeachta agus bonneagair éagsúil ann maidir le bainistiú dramhaíola.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  IO L 182, 16.7.1999, lch. 1

(2)  https://foodprint.org/issues/the-environmental-impact-of-food-packaging/.

(3)  https://www.newscientist.com/article/mg25333710-100-pollution-is-the-forgotten-global-crisis-and-we-need-to-tackle-it-now/.

(4)  https://www.statista.com/statistics/1258851/glass-recycling-rate-in-europe/.

(5)  https://feve.org/glass_recycling_stats_2018/.

(6)  https://oceanconservancy.org/about/.


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/121


Tuairim — ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán

[COM(2022) 748 final —2022/0432 (COD)]

(2023/C 228/17)

Rapóirtéir:

John COMER

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 13.2.2023

An Chomhairle, 10.2.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

13.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

145/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

Seo Seasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

1.1.

Siúd is go bhfuil sé de rogha ag an Aontas Eorpach nuashonrú ar Chóras Comhchuibhithe Domhanda na Náisiún Aontaithe a mholadh i gcomhréir leis an leagan athbhreithnithe de Rialachán CLP atá beartaithe, ní féidir talamh slán a dhéanamh de go nglacfaidh na páirtithe uile leis an togra ón Aontas. An neamhréir shealadach seo, tá an baol ann gur fadhb bhuan a thiocfaidh di i bhfad na haimsire. Is cosúil go mba dhodhéanta, geall leis de, na tograí nua maidir le díolacháin ar líne nach de thionscnamh an Aontais Eorpaigh iad a chur chun feidhme mura nglacfaidh Córas Comhchuibhithe Domhanda na Náisiún Aontaithe leo.

1.2.

Tá CESE den tuairim gur den mhórthábhacht a dóthain acmhainní, saineolais agus foirne a bheith ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán chun gur féidir di an leagan athbhreithnithe den Rialachán a chur chun feidhme. Thar aon ní eile, beidh ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit cur lena bhfuil d’acmhainní acu chun déileáil go sonrach leis an ualach oibre méadaithe.

1.3.

Is oth le CESE nach ann d’fhoráil shonrach lena dtabharfaí rabhadh don tomhaltóir i gcás ina n-athrófaí na comhábhair cheimiceacha i dtáirge brandáilte ach gan athrú a theacht ar an ainm branda. I gcás branda a bhfuil taithí ag tomhaltóirí air, ní sheiceálfaidh siad é ach amháin má chuirtear foláireamh speisialta ar lipéad an bhranda sin. Is minic a athraíonn monaróirí glantach tí a gcuid comhábhar, mar shampla na heinsímí agus na tuaslagóirí iontu a athrú. Ba cheart an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na hathruithe sin i gcás nach n-athraítear ainm an bhranda dá n-ainneoin sin.

1.4.

Molann CESE gur gá don chreat atá curtha ar bun ag an gCoimisiún chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an leagain athbhreithnithe de Rialachán CLP meastóireacht chúramach a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh ann do luachshlabhraí bunriachtanacha a mbaineann ceimiceáin leo ionas nach gcuirfear isteach ar na slabhraí sin. Dar leis an gComhairle Eorpach um Thionscal Ceimiceán (CEFIC) go bhfuil an baol ann go mbainfidh na hathruithe atá beartaithe ar Rialachán CLP agus ar an gcur chuige cineálach maidir le bainistiú riosca le 12 000 substaint, nach mór. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh fáil ar an margadh a thuilleadh ar go leor táirgí a úsáideann tomhaltóirí agus gairmithe de ghnáth.

1.5.

Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar fholláine na ndaoine a oibríonn i dtionscal na gceimiceán. Ní foláir tús áite a thabhairt i gcónaí don tsláinte agus don tsábháilteacht. Ní mór dianoiliúint a chur orthu siúd atá ag obair i dtionscal na gceimiceán ionas go mbeidh tuiscint iomlán acu ar na ceimiceáin a theagmhaíonn leo ina gcuid oibre. Ní mór an uile chuid den trealamh a chothabháil i gceart. Tá sé le baint as sonraí ón gCóras um Thuairisciú Mórthionóiscí (eMARS) go dtarlaíonn os cionn 30 tionóisc thionsclaíoch in aghaidh na bliana ar an meán sna 12 000 bunaíocht thionsclaíoch ardghuaise atá cláraithe san Aontas Eorpach.

1.6.

Tá CESE ag leagan béim air gur mór an tábhacht atá leis an gcur chuige réamhchúraim i gcosaint na sláinte agus an chomhshaoil óir baintear úsáid as sonraí atá ann cheana maidir le ceimiceáin atá gaolmhar ó thaobh struchtúir de, rud a fhágann gur féidir cinneadh réamhchúraim a dhéanamh sula mbeidh fianaise eolaíoch iomlán ann ar riosca.

1.7.

Tugann CESE dá aire gur aithníodh sa tuarascáil maidir leis an reachtaíocht i réimse na gceimiceán a d’fhoilsigh an Biúró Eorpach Comhshaoil (BEC) (Iúil 2022) gur ann do thrí phríomhscrogall i bpróiseas rialála na gceimiceán de bharr:

grúpaí ó earnáil na gceimiceán a bheith ag cur sainchomhaid isteach gan sonraí iomlána nó iontaofa leo;

nár éirigh le heolaithe an Aontais gníomhú go cinntitheach ar bhonn réamhchúraim;

moill ar phróiseáil sainchomhad, moill a rinne an Coimisiún féin d’ainneoin oibleagáid dhlíthiúil a bheith air cinntí a dhréachtú laistigh de thrí mhí.

2.   An togra ón gCoimisiún

2.1.

Tá athbhreithniú á mholadh ag an gCoimisiún ar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (Rialachán CLP).

Is éard is cuspóir do Rialachán CLP ardleibhéal cosanta sláinte agus comhshaoil a leagan síos chomh maith le saorghluaiseacht substaintí ceimiceacha, meascán agus earraí áirithe a éascú. Le Rialachán CLP cuirtear de cheangal ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar úsáideoirí foghabhálacha substaintí ceimiceacha agus meascán, ceimiceáin ghuaiseacha a lipéadú agus a phacáistiú sula gcuirfidh siad ar an margadh iad. Leagtar síos le Rialachán CLP na rialacha atá ceangailteach ó thaobh dlí de a bhaineann le sainaithint guaise agus aicmiú guaise. Leagtar amach sa Rialachán seo na rialacha comhchoiteanna maidir le lipéadú d’fhonn na tomhaltóirí agus na hoibrithe a chur ar an eolas i gceart faoi úsáid táirgí contúirteacha.

2.2.

Tá sé dearbhaithe ag an gCoimisiún gur éirigh leis an Aontas margadh aonair éifeachtúil a chruthú do cheimiceáin.

Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán CLP, dar leis an gCoimisiún, mar gheall ar laigí agus bearnaí dlíthiúla áirithe a bheith sa leagan de Rialachán CLP atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Déantar foráil sna tograí do na nithe seo a leanas: aicmí guaise nua a thabhairt isteach le haghaidh suaiteoirí inchríneacha agus ceimiceáin chontúirteacha eile (trí bhíthin gníomh tarmligthe), rialacha sonracha maidir le ceimiceáin arna ndíol i gcoimeádáin in-athlíonta, feabhas a chur ar chúrsaí cumarsáide, ar a n-áirítear an chumarsáid ar líne, a bhuí sin le lipéadú níos soiléire agus níos inléite, deis a thabhairt don Choimisiún tograí maidir le haicmiú a thabhairt chun cinn, maille le próisis fheabhsaithe thapa.

2.3.

Tá an tAontas tiomanta do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna). Creideann an Coimisiún go rannchuideoidh an t-athbhreithniú sin ar Rialachán CLP le SDGanna áirithe a chur i gcrích, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar an dea-shláinte agus an fholláine a áirithiú mar aon le patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe agus uisce glan agus sláintíocht. I bpáirt an Choimisiúin de, is “toradh tábhachtach” é an t-athbhreithniú seo freisin ar an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (ar cuid den Chomhaontú Glas í).

2.4.

Tá sé dearbhaithe ag an gCoimisiún gur gá ceimiceáin ghuaiseacha a shainaithint agus a aicmiú ar bhealach níos fearr mar gheall ar an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol a ghabhann leo. Ní mór aghaidh a thabhairt ar a bhfuil de neamhéifeachtúlachtaí sna nósanna imeachta agus ar na heasnaimh ar an gcumarsáid a dhéantar faoi cheimiceáin ghuaiseacha. Is ann do líon suntasach aicmithe substaintí atá earráideach nó imithe i léig i bhfardal na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Is iomaí cúis atá leis seo, ina measc an mhainneachtain athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar aicmithe agus athruithe ar aicmiú comhchuibhithe na substaintí comhábhair. Tá an baol ann freisin go dtiocfaidh fadhbanna chun cinn de dheasca “bileoga sonraí sábháilteachta” míchruinne. Is féidir leis an bhfaisnéis i mbileog sonraí sábháilteachta éifeachtaí iartheachtacha an-tromchúiseach a bheith aici, go háirithe más faisnéis mhíchruinn atá inti. Ar a mhuin sin, is féidir go ndéanfar substaintí a sainíodh tráth ina substaintí neamhghuaiseacha a athshainiú ina substaintí guaiseacha de bharr taighde nua a theacht chun solais. Mar shampla, rinneadh aigéad bórach a chatagóiriú lá den saol mar shubstaint neamhghuaiseach. Ina dhiaidh sin, áfach, rinneadh é a chatagóiriú mar shubstaint an-ghuaiseach (de thoradh a tocsaineachta atáirgthe), rud a d’fhág go raibh gá le bileoga sonraí sábháilteachta nua.

2.5.

Mar chuid den phacáiste maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán CLP, tá gníomh tarmligthe á mholadh ag an gCoimisiún faoinar féidir substaintí agus meascáin ag a bhfuil airíonna suaiteoir inchríneach (“ED”), airíonna marthanacha, bithcharnacha agus tocsaineacha (“PBT”), airíonna an-mharthanach agus an-bhithcharnach (“vPvB”), airíonna marthanacha, soghluaiste agus tocsaineacha (“PMT”), nó airíonna an-mharthanach agus an-soghluaiste (“vPvM”) a aicmiú in aicmí nua guaise atá le leagan síos.

2.6.

Moltar san athbhreithniú é a chur ar a chumas don Choimisiún sainchomhaid aicmiúcháin níos comhchuibhithe ná riamh a thionscnamh agus a mhaoiniú.

2.7.

Tá sé beartaithe feabhas a chur ar an modh trína n-aicmíonn cuideachtaí substaintí, lena n-áirítear trí oibleagáid a chruthú cúiseanna a thabhairt le haicmithe éagsúla ar tugadh fógra fúthu nach bhfuil de réir a chéile i bhfardal na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán agus trí bhíthin sprioc-am luath faoina gcaithfear fógraí a thabhairt cothrom le dáta.

2.8.

Tiocfaidh feabhas ar thrédhearcacht agus intuarthacht na dtograí a bhfuil sé beartaithe ag na gníomhaithe éagsúla a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán ós rud é go mbeidh oibleagáid orthu a bhfuil ar intinn acu a chur in iúl don Ghníomhaireacht.

2.9.

Moltar san athbhreithniú feabhas a chur ar an gcumarsáid maidir le ceimiceáin ghuaiseacha mar leanas:

is éard is aidhm don togra an lipéadú a thabhairt chun soiléireachta agus chun sothuigtheachta ar mhaithe le tomhaltóirí, agus an t-ualach ar sholáthróirí maidir le lipéadú a laghdú chomh maith leis an bhforfheidhmiú lena mbaineann a éascú. Beidh rialacha éigeantacha ann maidir le formáidiú, rud a chuirfidh le hinléiteacht na lipéad, ina measc riail maidir le clómhéid íosta. Ceadófar úsáid níos leithne a bhaint as lipéid infhillte thar mar a dhéantar faoi láthair;

beidh rialacha sonracha ann maidir le ceimiceáin a dhíol i gcoimeádáin in-athlíonta. Beidh an córas seo teoranta do cheimiceáin ina bhfuil guaiseacha nach bhfuil chomh dian sin;

ceadófar an lipéadú digiteach deonach ar cheimiceáin ach ní mór faisnéis faoi chosaint na sláinte agus faoi chosaint an chomhshaoil a choinneáil ar an lipéad ar an bpacáiste;

tabharfar isteach maoluithe maidir le ceimiceáin a dhíoltar le tomhaltóirí ar an mórchóir, cuir i gcás breosla agus earraí a dhíoltar i bpacáistíocht an-bheag, mar shampla ionstraimí scríbhneoireachta.

2.10.

Ina theannta sin, tugtar aghaidh sa togra maidir le hathbhreithniú ar bhearnaí dlíthiúla agus débhríochtaí is infheidhme maidir le fógraí díolacháin ar líne agus lárionaid nimhe.

2.11.

I gcás gach díolacháin ar líne, beidh ar sholáthróir a chinntiú go gcomhlíonann substaint nó meascán a chuirtear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh ceanglais CLP agus áireofar air sin díolacháin ar líne ón taobh amuigh den Aontas.

2.12.

Soiléireofar an fhoráil maidir le fógra a thabhairt do lárionaid nimhe. Beidh ar na gníomhaithe ábhartha uile a chinntiú go gcuirfidh siad a bhfuil de lárionaid nimhe fud fad an Aontais ar an eolas.

2.13.

Moltar athrú tábhachtach a dhéanamh, lena chois sin, i réimse na fógraíochta. Beidh oibleagáid ar na gníomhaithe i gceist a chinntiú go mbeidh an fhaisnéis uile is tábhachtaí maidir le sábháilteacht agus le cosaint an chomhshaoil áirithe san fhógraíocht faoi shubstaintí guaiseacha agus meascáin ghuaiseacha. Ba chóir an aicme ghuaise, na ráitis ghuaise agus na picteagraim a áireamh san fhógra.

2.14.

Áirítear ar na príomhghníomhaíochtaí atá liostaithe sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht agus a bhfuil sé d’aidhm ag an gCoimisiún díriú orthu sa togra seo córas atá ceangailteach ó thaobh dlí de a bhunú chun guaiseacha suaiteoirí inchríneacha a shainaithint (bunaithe ar shainmhíniú na hEagraíochta Domhanda Sláinte), ag tógáil dó ar chritéir a tugadh chun cinn cheana le haghaidh lotnaidicídí agus bithicídí, agus á gcur i bhfeidhm ar fud na reachtaíochta uile. Tá na haicmí guaise nua agus critéir nua ceaptha ar chuma a ligfidh dóibh aghaidh a thabhairt sa tslánchruinne ar thocsaineacht, marthanacht, soghluaisteacht agus bithbhailiú sa chomhshaol.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE an t-athbhreithniú spriocdhírithe atá beartaithe ar Rialachán CLP arb é is aidhm dó a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Rialachán sin go héifeachtach agus go héifeachtúil.

3.2.

Is mór an sásamh do CESE freisin an gníomh tarmligthe atá beartaithe chun aicmí guaise nua a bhunú maidir le suaiteoirí inchríneacha, agus maidir le substaintí agus táirgí nach lobhann sa chomhshaol agus ar féidir leo bailiú chucu féin in orgánaigh bheo nó dul isteach sa chóras uisce, ar a n-áirítear in uisce óil.

3.3.

Easnamh mór ar an leagan reatha de Rialachán CLP is ea nach gcomhlíonann roinnt mhaith ceimiceán a dhíoltar ar líne san Aontas ceanglais dhlíthiúla CLP. Cuirtear sláinte an duine agus an comhshaol araon i mbaol dá dheasca sin. Is díol sásaimh do CESE an togra seo óir déantar iarracht ann an t-easnamh réamhráite a chur ina cheart.

3.4.

Ní léir conas a fhorfheidhmeofar an t-athrú atá beartaithe ar na rialacha a bhaineann le fógraíocht. An amhlaidh a bheidh an t-eintiteas a fhoilseoidh fógra atá de shárú ar na rialacha i mbaol smachtbhannaí agus an mar sin freisin do dhíoltóir an táirge a d’iarr an fógra an chéad lá?

3.5.

I bpáipéar leathoifigiúil a foilsíodh i mí na Bealtaine 2022, maíonn an BCE go ndéanann cuideachtaí sonraí neamhiomlána nó lochtacha a chur isteach go rialta maidir le héifeachtaí guaiseacha a gceimiceán, ach go dtugtar rochtain ar an margadh dóibh, ar a shon sin (rud a chuireann an riail “mura bhfuil sonraí ann, ní bheidh margadh ann” ó rath). Dá thoradh sin, bac suntasach ar an rialáil is ea drochcháilíocht na sainchomhad clárúcháin arna gcur isteach ag lucht an tionscail féin.

3.6.

I litir chomhpháirteach chuig an gCoimisiún dar dáta an 27 Feabhra 2023, dúirt an Biúró Eorpach Comhshaoil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha éagsúla gur dheis ríthábhachtach iad na hathchóirithe atá le déanamh ar chórais rialála REACH agus CLP chun na bearnaí sonraí doshéanta atá ann faoi láthair a dhúnadh agus chun deifir a chur leis an ngníomhaíocht rialála maidir le ceimiceáin dhíobhálacha, rud is riachtanas. Leis an litir seo, is mian linn a chur in iúl gur cúis mhór imní dúinn na bearnaí sin sna sonraí, rud a chuireann bac ar shainaithint éifeachtach agus ar bhainistiú riosca na gceimiceán is mó is cás linn.

3.7.

Is ag comhlánú a chéile atá an t-athbhreithniú ar Rialachán REACH agus ar Rialachán CLP. Mar shampla, fágfaidh na ceanglais nua faisnéise faoin leagan athbhreithnithe de Rialachán REACH go mbeidh faisnéis ar fáil maidir le hairíonna intreacha substaintí, rud a éascóidh a n-aicmiú faoi na haicmí guaise nua sa leagan athbhreithnithe de Rialachán CLP.

3.8.

Ionas nach sárófar dlí na hiomaíochta, mhol an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán do na cuideachtaí lena mbaineann faisnéis a mhalartú le chéile go cúramach, rud a fhágann nár ghá a mhalartú ach an fhaisnéis is fíor-riachtanach chun dúbailt chostasach tástálacha a sheachaint.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

An 11 Iúil 2022, d’fhoilsigh an Biúró Eorpach Comhshaoil tuarascáil maidir leis an reachtaíocht i réimse na gceimiceán agus aithníodh inti gur ann do thrí phríomhscrogall i bpróiseas rialála na gceimiceán de bharr:

grúpaí ó earnáil na gceimiceán a bheith ag cur sainchomhaid isteach gan sonraí iomlána nó iontaofa leo;

nár éirigh le heolaithe an Aontais gníomhú go cinntitheach ar bhonn réamhchúraim;

moill ar phróiseáil sainchomhad, moill a rinne an Coimisiún féin d’ainneoin oibleagáid dhlíthiúil a bheith air cinntí a dhréachtú laistigh de thrí mhí.

4.2.

Mhol an Biúró Eorpach Comhshaoil gur cheart spriocdhátaí ceangailteacha a thabhairt isteach le haghaidh cinntí, smachtbhannaí nua a ghearradh ar eagraíochtaí nach soláthraíonn na sonraí uile is gá agus cur chuige réamhchúraim a leanúint i gcás na rialála a dhéantar ar cheimiceáin.

4.3.

Tá spriocdhátaí leagtha síos san athbhreithniú faoina gcaithfear lipéid a thabhairt cothrom le dáta tar éis athrú a theacht ar aicmiú, agus moltar ann gur cheart feidhm a bheith ag an spriocdháta sé mhí i gcás ina mbeidh guais nua le háireamh ar mhuin guais atá ann cheana. I gcás ina bhfuil éagsúlachtaí idir na haicmithe is déanaí agus aicmithe atá imithe i léig, ba cheart a chur de cheangal ar fhógróirí a bhfógraí a thabhairt cothrom le dáta laistigh de shé mhí tar éis athrú a theacht ar aicmiú.

4.4.

Deir an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán sa tuarascáil a chuir sí amach i mí an Mheithimh 2022 gur gá guaiseacha a dheimhniú sula bhféadfar tús a chur le gníomhaíochtaí bainistithe riosca agus nach annamh tuilleadh sonraí de dhíth i dtosach báire, rud a fhágann gur gá do chuideachtaí a gclárúcháin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn réamhghníomhach trí fhaisnéis atá cothrom le dáta a chur leo.

4.5.

Is mór go léir an tábhacht atá le faisnéis cothrom le dáta má tá rath le bheith ar an bpróiseas seo agus, dá bhrí sin, ní mór don uile ghníomhaí cur leis an bpróiseas sin ar mhaithe le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol. Ba cheart feidhm a bheith ag smachtbhannaí nuair is ann d’fhianaise ghlan go bhfuil moill mhíchuí á déanamh nó i gcásanna ina gcuirtear sonraí isteach nach leor.

4.6.

Beidh ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán cur leis an líon foirne atá aici más uaithi an Rialachán nua seo atá beartaithe a chur chun feidhme go héifeachtúil. Ina theannta sin, tá cuid mhaith de na Ballstáit ar bheagán acmhainní, rud a chuireann srian orthu sainchomhaid a chur isteach.

4.7.

Faoi na húdaráis náisiúnta atá sé Rialachán CLP a fhorfheidhmiú agus is cuid den chúram sin é a sheiceáil ar cláraíodh nó ar réamhchláraíodh an tsubstaint i gceist agus cruinneas na mbileog sonraí sábháilteachta lena mbaineann a dheimhniú. Níl an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán freagrach ar mhodh ar bith as an bhforfheidhmiú. Mar sin féin, óstálann an Ghníomhaireacht fóram le haghaidh malartú faisnéise idir na Ballstáit a fhad a bhaineann le forfheidhmiú.

4.8.

Tá creat á fhorbairt ag an gCoimisiún faoi láthair arb é is aidhm dó faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an leagain athbhreithnithe den Rialachán. Tá sé ríthábhachtach a chur san áireamh sa phróiseas faireacháin an tionchar a imreofar ar luachshlabhraí ar ar cheimiceáin a bhíonn a mbrath, ní áirím an tionchar foriomlán ar mhargadh aonair na gceimiceán.

4.9.

Ceanglaítear leis na forálacha nua maidir le díolacháin ar líne go bhfuil soláthróir bunaithe san Aontas ar air a thiteann sé a áirithiú go gcomhlíonann an tsubstaint cheimiceach ceanglais an rialacháin. Is é an dála céanna ag díolacháin ar líne ón taobh amuigh den Aontas Eorpach isteach san Aontas é. Is éard is aidhm don togra seo cosc a chur ar thomhaltóirí a bheith ina n-allmhaireoirí de jure agus de facto ón taobh amuigh den Aontas. Ní dhearnadh aon togra soiléir, áfach, maidir le conas é sin a chur chun feidhme go rathúil. Go deimhin, dealraíonn sé gur dodhéanta an ní é, geall leis de, an socrú sin a chur chun feidhme go dtí go dtabharfar leagan athbhreithnithe de Rialachán CLP i gcomhréir le Córas Comhchuibhithe Domhanda na Náisiún Aontaithe um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú.

4.10.

Monaróirí a athraíonn na comhábhair i dtáirge brandáilte gan athrú a dhéanamh ar an ainm branda, ba cheart a chur de cheangal orthu foláireamh faoi leith a chur ar an lipéad d’fhonn an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na hathruithe ceimiceacha atá sa táirge.

4.11.

Creideann an Chomhairle Eorpach um Thionscal na gCeimiceán (2) go bhfágfaidh na hathruithe ar Rialachán CLP a rian ar lúba na luachshlabhraí uile agus gur den ghéar-riachtanas go ndéanfaidh an Coimisiún anailís cháiréiseach d’fhonn a fháil amach an bhféadfadh droch-thionchar a bheith ag an athbhreithniú ar Rialachán CLP ar luachshlabhraí straitéiseacha bunriachtanacha agus, más ea, conas sin.

4.12.

Ós rud é go dtugtar le fios le prionsabal an réamhchúraim gur chóir cur chun gnímh ar mhaithe leis na rioscaí ó cheimiceáin a laghdú i gcás ina bhfuiltear in amhras air, más go héideimhin féin é, gur ann do rioscaí díobhála, ba cheart, dá réir sin, gníomh a dhéanamh sula mbeidh cruthúnas iomlán eolaíoch ar an riosca ann.

4.13.

Tá tábhacht thar na bearta le sábháilteacht na ndaoine a oibríonn i dtionscal na gceimiceán. Ba cheart measúnú a dhéanamh go rialta ar an tsábháilteacht san ionad oibre, agus deimhin a dhéanamh de, san am céanna, go gcuirtear gach prótacal sláinte agus sábháilteachta chun feidhme go hiomlán agus mar is cuí.

4.14.

Is fadhbanna tromchúiseacha iad ceimiceáin a bheith á láimhseáil go míchuí agus gan measúnuithe leordhóthanacha riosca a bheith ar siúl, fadhbanna nach foláir béim a leagan orthu san ionad oibre. Ní mór dianoiliúint a chur orthu siúd atá ag obair i dtionscal na gceimiceán ionas go mbeidh tuiscint iomlán acu ar na ceimiceáin a theagmhaíonn leo ina gcuid oibre. Is den riachtanas é go ndéanfar an uile chuid den trealamh i ngléasraí ceimiceacha a chothabháil i gceart ionas gur féidir oibrithe a chosaint ar ghortú nó ar an mbás féin de dheasca trealamh fabhtach. Tá sé le baint as sonraí ón gCóras um Thuairisciú Mórthionóiscí (eMARS) go dtarlaíonn os cionn 30 tionóisc thionsclaíoch in aghaidh na bliana ar an meán sna 12 000 bunaíocht thionsclaíoch ardghuaise atá cláraithe san Aontas Eorpach. Níl san áireamh sna sonraí sin tionóiscí a tharlaíonn i saoráidí guaiseacha nach bhfuil cumhdaithe le Treoir Seveso. Níl tionóiscí píblínte nó iompair san áireamh iontu ach chomh beag.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1

(2)  www.cefic.org.


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/126


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — I dTreo Earnáil Láidir Inbhuanaithe Algaí san Aontas

(COM(2022) 592 final)

(2023/C 228/18)

Rapóirtéir:

Zsolt KÜKEDI

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 8.2.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

27.4.2023

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

13.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

147/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol mór sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Teachtaireacht ón gCoimisiún arb é is aidhm di earnáil láidir inbhuanaithe algaí a bhunú san Aontas. Is iomaí bealach atá ann inar féidir le halgaí cuidiú le héifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus leis an domhan mór daoine, domhan atá ag éirí níos mó fós, a chothú agus fuinneamh a sholáthar dó.

1.2.

Níl gach duine san Eoraip ar aon fhocal faoi cheist na n-algaí. Go háirithe sna limistéir sin atá in aice le huiscí truaillithe, meastar gur ábhar imní é leathadh na n-algaí. San am céanna, áfach, meastar go bhféadfadh na halgaí fadhbanna a réiteach i roinnt tíortha, a bhuíochas, i bpáirt, ar nuálaíocht na hEorpa. Maidir le hearnáil algaí a chruthú, tá sé á chur in iúl ag CESE gur gá muinín a chothú sna táirgí agus tuilleadh airde a thabhairt ar a áirithiú go bhfuil siad sábháilte.

1.3.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach gcuirtear a dóthain béime sa Teachtaireacht ar a fhéideartha atá sé foinse bia a chruthú i ndálaí fionnuisce. Thairis sin, ní i ndálaí fionnuisce amháin a d’fhéadfadh algaí a bheith ina bhfoinse bia, mar d’fhéadfaidís a bheith ina bhfoinse bia freisin in uisce eotrófaithe, i bhfuíolluisce ó fholcadáin theirmeacha, agus i bhfuíolluisce eile, mar a bhféadfaidís feidhmiú chun críoch comhshaoil nó críoch fuinnimh freisin. Ba cheart an acmhainn ollmhór thearcshaothraithe sin a chur chun tairbhe d’fhorbairt na hEorpa, go háirithe ceantair thuaithe an Aontais.

1.4.

D’fhéadfadh na macralgaí atá sna huiscí cósta mara a bheith ina bhfoinsí ioncaim bhreise d’fhiontair iascaireachta. Ach na macralgaí sin a bhaint, laghdódh an t-eotrófú agus d’fhéadfadh sé go nginfí táirgí agus seirbhísí luachmhara san éiceachóras, go háirithe trí ghnáthóga nua a sholáthar do speicis áirithe. Níl earnáil na macralgaí fionnuisce ach tar éis a tosaithe agus ba cheart í a chur san áireamh i ndoiciméid bheartais atá ar na bacáin.

1.5.

San Aontas Eorpach, is i mbith-imoibreoir iata a shaothraítear miocralgaí go príomha, rud a dteastaíonn an t-uafás caipitil chuige. Mar sin féin, is cur chuige an-táirgiúil agus an-iontaofa é sin agus tuigtear gur den ardcháilíocht é. Ní féidir miocralgaí a shaothrú ach amháin i bhfionnuiscí agus i lochanna i ndeisceart na hEorpa.

1.6.

I roinnt Ballstát nach bhfuil cósta acu, amhail an Ungáir, an tSeicia agus an tSlóvaic, tá an chuma air gurb é tairgeadh miocralgaí an t-aon rogha atá ar fáil dóibh. San am céanna, tá ardleibhéal eolais i réimse na heolaíochta agus i réimse na teicneolaíochta ag roinnt de na tíortha sin agus ba cheart leas a bhaint as an eolas sin agus earnáil algaí na hEorpa á cruthú.

1.7.

Baineann féidearthachtaí an-leathan le macralgaí agus le miocralgaí agus tá saintréithe agus impleachtaí éagsúla acu, maille le riachtanais éagsúla maidir le rialú, rud a fhágann nár cheart caitheamh leo ar fad ar an mbealach céanna. Tuigeann CESE go bhfuil cothromaíocht measartha maith idir macralgaí agus miocralgaí sa Teachtaireacht, ach molann sé scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an ghné fionnuisce in earnáil na n-algaí dul chun tairbhe do Bhallstáit áirithe (i.e. iad siúd nach bhfuil cósta acu). Molann CESE cur chuige a ghlacadh atá níos cothroime agus níos comhtháite sna hearnálacha lena mbaineann, dealú soiléir a dhéanamh idir inniúlachtaí an Aontais agus inniúlachtaí na mBallstát, agus, más gá, an margadh inmheánach a chosaint ar allmhairí saora.

1.8.

Níl an soláthar bia ina fhadhb san Aontas go fóill. Is fadhbanna iad, áfach, infhaighteacht agus praghsanna fuinnimh (ó thaobh a tháirgthe agus a allmhairithe de araon), infhaighteacht agus praghsanna leasachán agus comhábhar beathaithe ainmhithe, i dteannta an mhéadaithe ar an dramhaíl orgánach agus an laghdaithe ar thailte arúla. B’fhiú tacú go mór le teicneolaíochtaí lenar féidir aghaidh a thabhairt i gcoiteann ar na fadhbanna práinneacha sin, táirgeadh agus saothrú algaí ina measc.

1.9.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go n-aithnítear sa Teachtaireacht go mbaineann an-acmhainneacht le halgaí ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de, ach gur mó fós an acmhainneacht a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena saothrú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go bhféadfaí freagairt don éileamh atá ag dul i méid a bhuíochas ar an saothrú sin. Mar sin féin, d’fhéadfaí cistí Eorpacha a úsáid le haghaidh réitigh eacnamaíocha inmharthana inbhuanaithe agus, dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar éifeachtúlacht eacnamaíoch an táirgthe algaí, agus ar na gnéithe comhshaoil agus sóisialta chomh maith.

1.10.

Faoi mar a mhol CESE, ní mór eolas agus feasacht maidir leis an tionscal nua sin a chur chun cinn agus an tionscal á chur ar bun ar mhaithe lena áirithiú go nglacfaidh an tsochaí agus an margadh leis. Chuige sin, tá sé á iarraidh ag CESE ar an gCoimisiún béim ar leith a leagan ar an mbeart atá beartaithe trí bhíthin suirbhéanna ionadaíocha, pleananna gníomhaíochta tírshonracha, agus trí ról a thabhairt d’eagraíochtaí earnála, nó trína gcruthú, fiú.

1.11.

Tá CESE ag moladh don Choimisiún Eorpach, do na Ballstáit lena mbaineann agus d’earnáil na n-algaí féin machnamh a dhéanamh ar na moltaí seo a leanas, a mhéid a bhaineann le hearnáil algaí a chruthú:

táirgeadh algaí a chomhtháthú sna slabhraí luacha atá ann cheana le haghaidh táirgí agraibhia, beathú ainmhithe, agus amhábhair thionsclaíocha agus fuinnimh;

tuilleadh béime a chur sa Teachtaireacht ar tháirgeadh algaí i bhfionnuisce;

próiseas maidir le caighdeánú a sheoladh lena gcumhdófar gach cineál alga, lena n-áireofar straitéis chomhtháite a fhorbairt freisin le haghaidh bia mara;

an ilroinnt sa reachtaíocht a leigheas ar bhonn dea-chleachtais riaracháin agus trí algaí a chuimsiú faoi na sásraí údarúcháin atá ann;

na speicis éagsúla algaí a áireamh i gcatalóg bianna an Aontais;

na bearnaí atá ann ó thaobh eolas teicniúil de, agus freisin ó thaobh na teicneolaíochta agus na nuálaíochta de, a dhúnadh trí chlár uaillmhianach chun an taighde gearrthéarmach agus an taighde meántéarmach a mhaoiniú;

bainc a chur ar bun ina bhfuil ábhair iomadaithe algaí, oibriú na mbanc sin a mhaoiniú agus a áirithiú go bhfuil amhábhair ar fáil ar phraghsanna réasúnta do tháirgeoirí algaí agus do thionscadail taighde agus forbartha;

scrúdú a dhéanamh ar na gnéithe eacnamaíocha den phróiseas táirgthe agus ar na húsáidí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann d’fhonn earnáil algaí a chruthú atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de; an margadh inmheánach a chosaint ar allmhairí saora.

1.12.

Tá CESE ag iarraidh ar institiúidí an Aontais tosú ag caitheamh le saincheist an uisce mar ábhar tosaíochta agus “Comhaontú Gorm don Eoraip” a fhorbairt chun acmhainní uisce a chaomhnú, a úsáid ar bhealach níos fearr agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leo ar bhonn leormhaith. I ndáil leis sin, is céim thábhachtach é earnáil algaí a chruthú san Aontas.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

An 15 Samhain 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Teachtaireacht “I dTreo Earnáil Láidir Inbhuanaithe Algaí san Aontas Eorpach” (1). Moltar sa Teachtaireacht bealaí nua agus inbhuanaithe a fhorbairt chun an domhan mór daoine, domhan atá ag fás go tapa, a chothú agus chun fuinneamh inbhuanaithe a sholáthar dó. Leagtar béim air sa Teachtaireacht nach mór dúinn, má táimid chun slándáil an tsoláthair amhábhar agus fuinnimh a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht algaí mar acmhainn in-athnuaite san Eoraip.

2.2.

Tá ciall leis an Teachtaireacht sin ón gCoimisiún Eorpach agus tá sí mar chuid de shraith doiciméad ina n-aithnítear an acmhainneacht shuntasach eacnamaíoch, chomh maith leis na tairbhí sóisialta agus comhshaoil, a bhaineann le saothrú miocralgaí agus macralgaí ar mhórscála san Aontas. Sainaithnítear 23 ghníomhaíocht inti agus é d’aidhm acu sin: feabhas a chur ar an gcreat rialachais agus ar an reachtaíocht; an timpeallacht ghnó a fheabhsú ó thaobh algaí de; feabhas a chur ar an bhfeasacht shóisialta agus ar an nglacadh atá ag tomhaltóirí le halgaí agus táirgí algaí; chomh maith leis na bearnaí a dhúnadh ó thaobh eolais, taighde, agus teicneolaíochta de.

2.3.

Trí bhíthin bheartais na hEorpa, amhail an Comhaontú Glas don Eoraip (2) nó an Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” (3), tugadh chun léire acmhainneacht na n-algaí (feamainn) agus na dtáirgí eile mara a fuarthas de bhíthin an dobharshaothraithe mar fhoinse ísealcharbóin próitéine le haghaidh bia don duine agus beatha ainmhithe. Sa Teachtaireacht “Treoirlínte straitéiseacha maidir le dobharshaothrú AE a bheidh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021-2030” (4), cuirtear i bhfáth gur gá díriú ar an saothrú algaí, idir mhacralgaí (feamainn) agus mhiocralgaí araon, chun cabhrú le roinnt cuspóirí de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Ina Theachtaireacht maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe (5), aithníonn an Coimisiún acmhainneacht na n-algaí le haghaidh an gheilleagair carbóin ghoirm. Déantar tagairt sa Teachtaireacht maidir le geilleagar gorm inbhuanaithe (6) freisin d’acmhainneacht na n-algaí a mhéid a bhainean le córas inbhuanaithe bia agus slándáil an tsoláthair dhomhanda bia a áirithiú.

2.4.

Ní hamháin gur amhábhar nach bhfuil díobhálach don chomhshaol iad algaí (agus atá “glas”, dá bhrí sin), ach tá a n-úsáid i gcórais feirmeoireachta i gcomhréir le ceann de bhunphrionsabail an gheilleagair ghoirm maidir leis an laghdú is mó is féidir a dhéanamh ar an dramhaíl, rud a fhágann gur féidir leo a bheith “gorm” agus “glas” ag an am céanna.

2.5.

Baineann breisluach le saothrú algaí le haghaidh nach mór gach gné den Chomhaontú Glas don Eoraip, mar atá:

an chosaint aeráide tríd an dícharbónú;

táirgeadh bithgháis agus bithbhreoslaí le fuinneamh a sholáthar;

geilleagar ciorclach a bhaint amach trí bhainistiú dramhaíola agus truailliú nialasach;

córas bia atá sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn;

na héiceachórais agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú, chomh maith le seirbhísí comhshaoil a fhorbairt;

an sprioc maidir le truailliú nialasach.

Ach géarú ar an táirgeadh algaí, d’fhéadfadh na deiseanna nithiúla seo a leanas teacht chun cinn (7):

táirgeadh inbhuanaithe bia (lena n-áirítear bia do naíonáin) nó forbhianna (e.g. vitimíní nó carraigínin), gan gá le talamh arúil a úsáid;

bithghás agus bithbhreoslaí nua-aimseartha a tháirgeadh;

táirgeadh cosmaidí, táirgí sláinte (eastóscáin chógaisíochta, líocha, talasaiteiripe) agus amhábhar tionsclaíoch (laíon páipéir/snáithíní bithbhunaithe) a mbaineann breisluach ard leo;

táirgeadh forbhianna (táirgeacht fheabhsaithe/táirgeacht ar cháilíocht níos fearr, laghdú ar an ngá le min soighe/éisc);

táirgeadh bithspreagthach (feabhsaitheoirí ithreach, leasachán duilleach);

sochair chomhshaoil (cóireáil fuíolluisce, tomhas ar cháilíocht an uisce, cuótaí astaíochtaí carbóin).

2.6.

Amharctar sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “ar acmhainneacht algaí san Aontas agus leagtar amach inti cur chuige comhsheasmhach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sprioctha, chun tacú le méadú ó scála de shaothrú agus de tháirgeadh athghiniúnach algaí ar fud an Aontais, agus chun na margaí le haghaidh feidhmeanna algaí i dtaobh earraí bia agus earraí nach bia iad a fhorbairt agus a phríomhshruthú”.

2.7.

Le “saothrú agus táirgeadh athghiniúnach algaí”, ní hamháin gur féidir an grianfhuinneamh agus a chothaithigh a aistriú ina mbithmhais plandaí agus tacú le hathchóiriú na n-éiceachóras, ach “le saothrú feamainne [is féidir freisin] earraí agus seirbhísí luachmhara éiceachórais a sholáthar, lena n-áirítear gnáthóga nua a sholáthar d’éisc agus do speicis inveirteabracha ghluaisteacha”.

2.8.

Faoi láthair, bíodh agus gur acmhainn ollmhór iad na farraigí agus na haigéin, ní úsáidtear iad ach an beagán, agus “gan iad ina bhfoinse ach ar suas le 2 % de bhia an chine daonna faoi láthair, in ainneoin go gcumhdaítear os cionn 70 % de dhromchla an Domhain leo”. San am céanna, ní hiad na farraigí agus na haigéin an t-aon acmhainn atá ar fáil le haghaidh shaothrú na dtimpeallachtaí uisce, agus d’fhéadfaí féachaint freisin chuig fionnuisce eotrófach (cuir i gcás aibhneacha agus lochanna nó taiscumair de dhéantús an duine, cainéil uiscithe, etc.), fuíolluisce ó fholcadáin theirmeacha, agus fuíolluisce eile.

2.9.

Trí bhíthin na n-algaí, d’fhéadfaí maolú a dhéanamh go héifeachtach agus go hinbhuanaithe ar an bhfadhb atá ann maidir le hinfhaighteacht leasachán, comhábhar beathaithe ainmhithe, agus fuinnimh, ar fadhb í sin a d’eascair as fogha na Rúise faoin Úcráin (8).

2.10.

Tá acmhainneacht ollmhór fáis ag baint leis an éileamh ar algaí (9): cé gurbh ionann an t-éileamh Eorpach ar fheamainn agus thart ar 270 000 tona in 2019, d’fhéadfadh sé méadú go 8 milliún tona faoi 2030, arbh fhiú an méid sin agus EUR 9 mbilliún. Mar thoradh ar an méadú sin, d’fhéadfadh sé go gcruthófaí thart ar 85 000 post, go mbainfí na mílte tona d’fhosfar agus de nítrigin as farraigí na hEorpa gach bliain, go ndéanfaí laghdú chomh mór le 5,4 milliún tona in aghaidh na bliana ar astaíochtaí CO2, agus go laghdófaí an brú ar úsáid talún. Tugann CESE dá aire gur mó an acmhainneacht a d’fhéadfadh a bheith ag baint le saothrú algaí ná an t-éileamh atá ann faoi láthair agus, dá bhrí sin, gur féidir cos a choinneáil leis an éileamh atá ag dul i méid a bhuí leis an bpróiseas sin.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Ar an meán, is gnách dearcadh diúltach a bheith ag an ngnáthdhuine san Eoraip agus ag gnólachtaí Eorpacha i dtaobh algaí, is é sin le rá nach samhlaíonn siad ach tránna clúdaithe le feamainn nó lochanna fionnuisce a bhfuil athrú ar dhath an uisce iontu i ngeall ar bhláis algacha. Mar sin féin, an struchtúr fisiciúil agus an modh maireachtála atá ag algaí, fágann sé sin gur orgánaigh bheo uathúla fhiúntacha iad.

3.2.

Go deimhin, tagann grúpa de thart ar 72 500 speiceas d’orgánaigh uisceacha fhótaisintéiseacha faoin téarma “algaí” (10). Is macralgaí móra ilcheallacha iad 20 % de na speicis sin agus faightear i bhfarraigí de ghnáth iad, agus is miocralgaí iad an chuid eile is féidir a fhás go héifeachtúil i gcórais shaorga agus a bhfuil breis úsáidí acu, bíodh agus go bhfuil sé níos costasaí iad a tháirgeadh. Tá cothromaíocht measartha maith idir macralgaí agus miocralgaí sa tionscnamh, mar go dtáirgtear 36 mhilliún tona de mhacralgaí agus 0,05 milliún tona de mhiocralgaí ar fud an domhain faoi láthair.

3.3.

Sa Teachtaireacht, leagtar amach peirspictíochtaí réadúla, dá uaillmhianaí atá siad, le haghaidh earnáil algaí na hEorpa. Tá an anailís ar an earnáil algaí agus ar na féidearthachtaí agus na teorainneacha a bhaineann léi cruinn den chuid is mó, tá an clár comhleanúnach, agus tá an chuma air gur bearta sonracha agus ábhartha iad, a bheag nó a mhór, chun earnáil algaí na hEorpa a fhorbairt sna laethanta beaga amach romhainn. Mar sin féin, caithfear soiléiriú agus míniú breise a dhéanamh ar eilimintí áirithe. Ba cheart an cur chun feidhme a bheith comhsheasmhach leis na hearnálacha eile, amhail earnáil thraidisiúnta an agraibhia agus earnálacha an bhia mara (iascaireacht agus dobharshaothrú ainmhithe).

3.4.

Faoi láthair, níl aon bhaint ag an earnáil táirgthe algaí le hearnálacha táirgthe talmhaíochta eile. Mar sin féin, tá sé tábhachtach nach ndéanfaí an earnáil algaí a mheas go hiomlán ar leithligh ó earnálacha eile, ach mar earnáil atá comhtháite sna slabhraí luacha atá ann cheana le haghaidh bia talmhaíochta agus beathú ainmhithe, agus freisin le haghaidh amhábhair thionsclaíocha agus fuinnimh. Tá sé á chur i bhfios go mór ag CESE gur gá táirgeadh algaí agus gníomhaíochtaí gaolmhara eile a rialáil mar chomhchóras, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

an earnáil gléasraí cumhachta agus an earnáil cóireála fuíolluisce (cóireáil chasta fuíolluisce, aisghabháil dramhtheasa agus aisghabháil CO2);

monarchana ina dtáirgtear bithghás talmhaíochta a chomhtháthú le táirgeadh/úsáid algaí (e.g. úsáid sciodair, laghdú ar an éileamh ar thalamh talmhaíochta, úsáid algaí mar chomh-shubstráit chun bithghás a tháirgeadh);

cuid de na riachtanais beatha próitéine le haghaidh feirmeoireacht beostoic a shásamh (taighde gaolmhar ar chúrsaí cothaithe agus diaitéitice);

éiceachórais bánuisce eotrófaithe a athchóiriú ar bhealach inbhuanaithe.

3.5.

Ós rud é gur earnáil nua thearcfhorbartha í seo, ba cheart iarracht ar leith a dhéanamh lena forbairt a spreagadh agus ba cheart próiseas caighdeánaithe a sheoladh. Ina theannta sin, d’fhéadfaí straitéis chomhtháite bia mara agus bianna eile a bhaintear as foinsí uisce eile a fhorbairt lena gcumhdófaí gníomhaíochtaí amhail an iascaireacht, saothrú orgánach fiáin, agus dúshaothrú ainmhithe, agus aghaidh a thabhairt freisin, anuas ar earnáil an bhia, ar shaincheist na mbithbhreoslaí algacha. D’fhéadfadh feirmeoireacht feamainne a bheith ina rogha mhalartach d’iascairí. Is amhlaidh go bhfuil laghdú ar amhábhair eile ag bagairt ar iascairí agus go bhfuil siad thíos le praghsanna atá ag dul i méid, rud a fhágann go bhféadfadh sé go mbeadh orthu a ngníomhaíochtaí traidisiúnta a athrú. Is ar éigean tagairt ar bith don chur chuige comhtháite sin sa Teachtaireacht.

3.6.

Tá roinnt de na bearta dá bhforáiltear dírithe go príomha ar an bhfeirmeoireacht amach ón gcósta. Tá ciall leis an gcur chuige sin i bhfianaise na rátaí reatha táirgthe macraglaí agus miocralgaí agus toisc go bhfuil táirgeadh macralgaí tearcfhorbartha go fóill san Eoraip, ba cheart gach cineál alga a chumhdach leis an gcuspóir forbartha. Is féidir feamainn a fhás i dtíortha a bhfuil cósta acu agus ar oileáin, faoi dhálaí nádúrtha de ghnáth, ag brath ar an speiceas agus ar an úsáid a bhaintear as. Ar an taobh eile de sin, níor cheart a ligean i ndearmad go bhfuil tábhacht mhór le saothrú miocralgaí, ar tír a dhéantar é de ghnáth, go háirithe le haghaidh táirgeadh próitéine agus lipidí. Áirítear air sin macralgaí agus miocralgaí fionnuisce agus an saothrú a dhéantar i bhfuíolluisce. Is foinse maith bithmhaise é fuíolluisce a úsáidtear le haghaidh bunábhar orgánach agus chun struchtúr eacnamaíoch na limistéar iargúlta bánaithe a éagsúlú, rud a chuireann leis an bhfís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais (11).

3.7.

Ar cheann de na constaicí is mó atá ar eolas in earnáil an táirgthe — go háirithe i gcás na macralgaí, ar muir agus ar tír araon –— tá ilroinnt na reachtaíochta maidir le halgaí agus éagsúlacht leathan na reachtaíochta sin idir na Ballstáit agus fiú idir na réigiúin laistigh de na Ballstáit, agus sin más ann don reachtaíocht sin in aon chor. Tá an scéal sin amhlaidh toisc gur le haghaidh ainmhithe uisceacha (éisc, sliogéisc, etc.) a dheartar na sásraí údarúcháin de ghnáth. Is minic nach n-áirítear algaí ar na foirmeacha a úsáidtear le haghaidh nósanna imeachta na sásraí údarúcháin agus, mar sin, níltear in ann údarú le haghaidh saothrú algaí a iarraidh fiú. Molann CESE forléargas iomlán uile-Eorpach a chur le chéile ar an reachtaíocht trí chéile agus ar na nósanna imeachta riaracháin uile i ndáil le gach céim den saothrú algaí agus le gach réimse feidhme a bhaineann leo, mar shampla bia don duine, beatha ainmhithe, bithbhreoslaí, cosmaidí, táirgí cógaisíochta, etc. Molann sé freisin sampla a dhéanamh den fhorléargas sin chun go bhforbródh na Ballstáit dea-chleachtais riaracháin agus chun go mbeadh cothrom iomaíochta ann don trádáil laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach.

3.8.

D’fhonn earnáil bia algaí fíor-Eorpach a fhorbairt, tá sé ríthábhachtach go spreagfaí cuimsiú speiceas nó grúpaí algaí i gcatalóg bianna an Aontais. Cuid mhaith de na speicis atá aitheanta faoi láthair, is ó áiteanna taobh amuigh den Eoraip iad (ón Áise go háirithe) agus cruthaíonn sé sin fadhbanna go mór mór do chuideachtaí agus d’infheisteoirí beaga ar mian leo speicis Eorpacha a bhfuil gaol acu leis na speicis Áiseacha nó atá cosúil leo a fhás. Chuige sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na codanna den chatalóg bianna a bhaineann le halgaí agus cuimsiú speiceas nó géineas nua sna codanna sin a chur chun cinn.

3.9.

Ceal eolais, tá col glactha ag an tsochaí le halgaí, cé nach bhfuil bunús leis sin. Dá bharr sin, ba cheart eolas agus feasacht maidir leis an tionscal nua sin a chothú ar gach leibhéal riaracháin, agus maidir lena chomhtháthú agus a fheidhmeanna córasacha chomh maith. Ba cheart an sprioc sin a léiriú sna bearta atá beartaithe. Ar mhaithe leis sin a dhéanamh, d’fhéadfaí na céimeanna seo a leanas a dhéanamh:

suirbhéanna aonfhoirmeacha a bheadh ionadaíoch ar an leibhéal náisiúnta, i measc an phobail i gcoitinne agus i measc na ngnólachtaí, ina mbeadh ceisteanna agus modheolaíocht aonchineálach;

ar an mbonn sin, pleananna gníomhaíochta a fhorbairt i ngach tír chun iompraíocht daoine a fheabhsú;

eagraíochtaí earnála a chruthú.

3.10.

Ós rud é gur earnáil nua don Eoraip í an earnáil algaí, tá bearnaí suntasacha ann ó thaobh eolas gairmiúil, teicneolaíochta agus nuálaíochta de. Sainaithníodh mórán bearnaí eolais, ach is gá anois aghaidh a thabhairt orthu trí chlár uaillmhianach chun taighde gearrthéarmach agus meántéarmach a mhaoiniú. Chun na bearnaí sin a dhúnadh, tá taighde bunúsach (straitéiseach) agus taighde feidhmeach araon ríthábhachtach ar gach leibhéal den saothrú algaí:

ba ghá tacú leis an taighde bunúsach mar ábhar tosaíochta. Ó thaobh miocralgaí de, baineann an cineál taighde seo go príomha le teicneolaíocht an tsaothraithe. Ó thaobh macralgaí de, baineann an taighde seo go príomha le héifeacht bhaint na n-algaí agus le staidéir ar an réimse speiceas sna huiscí mara i dtíortha éagsúla. Áirítear ar an taighde sin freisin na húsáidí uile a bhaineann le gach speiceas algaí;

an timpeallacht mhargaidh a fheabhsú le haghaidh forbairtí feidhmeacha a mbaineann luach breise ard leo (táirgí cógaisíochta, cosmaidí, leasachán duilleach, bia).

3.11.

Ní féidir cáilíocht iontaofa (an réimse speiceas) ná ardtáirgeacht algaí a bhaint amach ach amháin i gcórais dhúnta nó leathdhúnta. Is córais iad sin a dteastaíonn ábhar glan iomadaithe chucu agus ní bhíonn brabús le déanamh orthu i gcórais thionsclaíocha. Ina fhianaise sin uile, is gá líon leordhóthanach banc ina bhfuil ábhar iomadaithe a chur ar bun le haghaidh algaí, oibriú na mbanc sin a mhaoiniú agus a áirithiú go bhfuil amhábhair ar fáil ar phraghsanna réasúnta do tháirgeoirí algaí agus do thionscadail taighde agus forbartha.

3.12.

Tá acmhainn shuntasach san earnáil algaí chun poist a chruthú, poist a mbeadh pá maith le déanamh astu agus dálaí oibre cuibhiúla ag gabháil leo. Ba cheart go mbeadh tairbhí ann don earnáil algaí go háirithe, a mhéid a bhaineann leis na hinniúlachtaí a thógáil atá de dhíth chun Comhaontú Gorm don Eoraip a chruthú; tá tábhacht le hinfheistíochtaí san oiliúint chuige sin. Níor cheart bacainní a bheith ann ar theacht isteach FBManna sa timpeallacht ghnó sin. Is díol sásaimh do CESE na slabhraí táirgeachta feamainne a cruthaíodh nach mbaineann cleachtais éagóracha leo.

3.13.

Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó ar mhaithe le fás éifeachtúil na hearnála algaí. Ba cheart scrúdú cúramach a dhéanamh ar na gnéithe eacnamaíocha den phróiseas táirgthe agus ar na húsáidí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann, agus freisin ar conas a d’fhéadfaí feabhas a chur ar na gnéithe sin. Mar shampla, baineann gníomhaíocht uimh. 7 le beatha de bhunús algaí a úsáid in ionad beatha de bhunús éisc le haghaidh ainmhithe (sa dobharshaothrú). Maidir le beatha le haghaidh iasc, tá sé éasca comhábhair de bhunús algaí (próitéiní, aigéid shailleacha, etc.) a chur in ionad beagnach gach comhábhar de bhunús éisc, ach tá sé i bhfad níos costasaí iad a tháirgeadh ná táirgí de bhunús éisc nó soighe a bhfuil tréithe comhchosúla acu. Ós rud é, i gcás táirgeoirí éisc, go bhfuil an bheatha le haghaidh iasc ar cheann de na príomhchostais táirgthe a bhíonn orthu agus nach mórán de chorrlach brabúis a bhíonn acu, ní hacmhainn dóibh beatha de bhunús algaí a cheannach, agus sin a bhfuil de. Dá bhrí sin, ba cheart bearta a phleanáil chun costais táirgthe na gcomhábhar de bhunús algaí a laghdú agus féachaint chuige nach mbeadh riachtanais níos déine faireacháin agus caighdeánaithe ann le haghaidh algaí ná mar a bhíonn ann le haghaidh táirgí talmhaíochta eile. Ba cheart caitheamh go cothrom le gach táirgeoir bia (agus comhábhair bia) d’fhonn cothrom iomaíochta a áirithiú ar an margadh. Má chruthaítear go bhfuil comhábhair de bhunús algaí níos inbhuanaithe, d’fhéadfadh sé go mbeifí in ann a n-úsáid a nascadh le deimhniúchán comhshaoil (éicilipéad), rud a d’fhéadfadh tomhaltóirí a spreagadh praghas níos airde a íoc ar tháirge níos inbhuanaithe.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  I dTreo Earnáil Láidir Inbhuanaithe Algaí san Aontas, COM(2022) 592 final, an 15 Samhain 2022.

(2)  The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], COM(2019) 640 final, an 11 Nollaig 2019 (níl leagan Gaeilge ann).

(3)  A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM(2022) 381 final, an 20 Bealtaine 2020 (níl leagan Gaeilge ann).

(4)  Strategic guidelines for a more sustainable and competitive EU aquaculture for the period 2021 to 2030 [Treoirlínte straitéiseacha maidir le dobharshaothrú AE a bheidh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021-2030], COM(2021) 236 final, an 12 Bealtaine 2021 (níl leagan Gaeilge ann).

(5)  Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe, COM(2021) 800 final, an 15 Nollaig 2021.

(6)  Transforming the EU’s Blue Economy for a Sustainable Future [Geilleagar gorm an Aontais a chlaochlú ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe], COM(2021) 240 final, an 17 Bealtaine 2021 (níl leagan Gaeilge ann).

(7)  Atsauce un citas iespējas: Babich u.c., “Algae: Study of Edible and Biologically Active Fractions, Their Properties and Applications”, Plants 2022, 11(6), 780; https://doi.org/10.3390/plants11060780, kā arī Poonam Sharma, Nivedita Sharma (2017), “Industrial and Biotechnological Applications of Algae: A Review”, Journal of Advances in Plant Biology – 1(1):01-25. DOI 10.14302/issn.2638-4469.japb-17-1534, https://openaccesspub.org/article/530/japb-17-1534.pdf

(8)  Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 23 agus 24 Meitheamh 2022.

(9)  Is meastacháin iad sin a rinne an chomhghuaillíocht Seaweed for Europe sa staidéar Hidden Champion of the Ocean: Seaweed as a Growth Engine for a Sustainable European Future.

(10)  Sa staidéar “How many species of algae are there?” le Michael D. Guiry, meastar gur ann do 1 mhilliún speiceas algaí. Dar leis an mbunachar sonraí tacsanomaíoch ar líne AlgaeBase, áfach, níl ann ach do 72 500 speiceas. Féach Guiry (2012), https://pubmed.ncbi.nlm.nih.gov/27011267/, DOI: 10.1111/j.1529-8817.2012.01222.x.

(11)  COM(2021)345 A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (níl leagan Gaeilge ann) agus NAT/839 IO C 290, 29.7.2022, lch. 137.


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/132


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Creat beartais maidir le plaistigh bhithbhunaithe, inmhúirínithe agus in-bhithdhíghrádaithe

(COM(2022) 682 final)

(2023/C 228/19)

Rapóirtéir:

András EDELÉNYI

Comhrapóirtéir:

Alessandro MOSTACCIO

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 8.2.2023

Bunús Dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

13.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

134/0/4

1.   Conclúidí agus moltaí

Seo seasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE):

1.1.

Is díol mór sásaimh í an teachtaireacht maidir le creat beartais an Aontais i ndáil le plaistigh bhithbhunaithe, inmhúirínithe agus in-bhithdhíghrádaithe: is earnáil í seo ina gcuirtear roghanna nua ar fáil d’fhonn is gur fearr is féidir spriocanna na hinbhuanaitheachta agus na ciorclaíochta a bhaint amach. Má dhéantar iad a rialú mar is ceart, is féidir leas a bhaint as bithphlaistigh mar uirlisí san fhorbairt “ghlas” (laghdú ar an tomhaltas iontaise agus ar an truailliú plaisteach, méadú ar an mbailiú dramhaíola go leithleach).

1.2.

Tá CESE á thabhairt chun suntais go bhfuil an Eoraip, ar an dea-uair, ar thús cadhnaíochta in earnáil na mbithphlaisteach agus i dtaca le forbairt na bplaisteach in-bhithdhíghrádaithe agus, ó 2007 go 2020, rinne sí maoiniú dar luach EUR 1 bhilliún (1) ar os cionn 130 tionscadal taighde. Is é an tAontas Eorpach an dara táirgeoir is mó ar domhan ó thaobh táirgeadh bithphlaisteach de agus ba cheart dó díriú ar na táirgí a bhfuil an breisluach is mó ag gabháil leo d’fhonn cur lena sheasamh domhanda, i.e. díriú ar tháirgí atá bithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe (táirgí inmhúirínithe nach bhfuil in-athnuaite is ea a tháirgtear san Áise den chuid is mó).

1.3.

Tá CESE den tuairim go mbeimid in ann cur le caighdeán na hiomaíochta domhanda trí na tairbhí comhshaoil is mó is féidir a bhaint amach, ach an rogha a bheith ann sa chreat nua rialála na feidhmeanna tionsclaíocha is mó breisluach comhshaoil a roghnú agus faisnéis shoiléir fhírinneach a chur ar gach táirge nua a sheoltar ar an margadh, rud a chuirfidh ar a gcumas do thomhaltóirí a bheith réamhghníomhach san aistriú i dtreo an gheilleagair chiorclaigh.

1.4.

Molann CESE don Choimisiún tátal a bhaint ar bhonn anailís chomparáideach ar na tairbhí a bhaineann le plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe i gcomparáid le plaistigh atá bunaithe ar iontaise. Is baolach nach dtiocfaidh aon taighde, nuálaíocht ná gníomhaíochtaí nua infheistíochta a bhfuil treoir leordhóthanach ag gabháil leo chun cinn má théitear i muinín moltaí neamhchomparáideacha atá rócháiréiseach. Is baolach go gcuirfidh sé sin bac ar an dul chun cinn agus go ndéanfar dochar do bhuntáiste iomaíoch an Aontais.

1.5.

Molann CESE go ndéanfaí athbhreithniú córasach ar na bearta ar fad a imríonn tionchar, cibé acu tionchar díreach nó indíreach é sin, ar an timpeallacht ghaolmhar reachtach agus normatach i gcomhréir leis na torthaí eolaíochta is déanaí. D’fhéadfadh sé seo ábhair mhearbhaill a mhaolú agus úsáideoirí a chosaint.

1.6.

Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí an córas tosaíochta atá ordlathach, cascáideach i bhfeidhm ar an meastóireacht a dhéantar ar ábhair, ar tháirgí agus ar phróisis, lena n-áirítear gnéithe den chiorclaíocht agus den inbhuanaitheacht. Baineann sin le hábhar i gcás amhábhar, bithmhaise agus biashlabhraí, agus i gcás cascáidí athchúrsála chomh maith. Nuair a chuirfear an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED III) i bhfeidhm, cuirfear ar bun an tsraith ina dtugtar tosaíocht d’athúsáid/athchúrsáil an ábhair (in-athnuaite) thar athúsáid chun críoch fuinnimh (fuinnimh in-athnuaite).

1.7.

Tá CESE lánchinnte gur uirlis den scoth é an Measúnú Saolré chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den inbhuanaitheacht a bhaineann le táirgí, agus dá bhrí sin is cuidiú é freisin chun gníomhaíochtaí taighde, infheistíochta nó nuálaíochta atá beartaithe nó atá ar siúl a threorú. Mar sin féin, tá gá le hiarracht shuntasach bhreise chun na heasnaimh a bhaineann leis na modhanna atá in úsáid faoi láthair a laghdú, d’fhonn laghdú a dhéanamh dá réir ar a bhfuil d’éiginnteachtaí ann de thoradh na neamhairde a thugtar ar an mbuntáiste a ghabhann le carbón bithghineach (2) agus de thoradh an tionchair ar an gcaipiteal nádúrtha.

1.8.

Tá CESE den tuairim nach n-éiríonn le formhór na modhanna cuntasaíochta ná praghsála a úsáidtear faoi láthair an tionchar a imríonn na comhpháirteanna breise a aithint ná a inmheánú, ar comhpháirteanna iad a dhéantar a athchúrsáil ar ais isteach sa lúb táirgeachta i gcomhthéacs an chaiteachais agus na ngnóthachan a eascraíonn as sin. A bhuí le Scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora, atá réalaíoch, bunaithe ar an Measúnú Saolré agus curtha in oiriúint do na riachtanais shonracha, d’fhéadfaí an t-iomaíochas díobhálach praghsanna a bhaineann le táirgí bithpholaiméire a atreorú agus a cheartú.

1.9.

Creideann CESE gurbh fhusa a d’fhéadfaí na coisc atá ag cur bac ar an dul chun cinn mear a aithint agus a réiteach ach sraith áirithe réimsí idirghabhála a bheith ann ar cheart dóibh teacht faoi shainchúram “Breisluach na hEorpa” (3). Baineann sin le hábhar go háirithe maidir le sonraí, le faireachán agus le plé, agus leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil don taighde agus don nuálaíocht.

1.10.

Molann CESE don Choimisiún leanúint leis na hathbhreithnithe timthriallacha ar na mórfhorbairtí san éiceachóras bithpholaiméire. Is bealach maith iad na modhanna agus na huirlisí comhairliúcháin phoiblí le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a chinntiú, thar aon ní eile trína áirithiú go mbeidh an tsochaí shibhialta rannpháirteach trí bhíthin na gcumann ionadaíoch éagsúil.

1.11.

Molann CESE do na Ballstáit céatadáin éigeantacha maidir le cion plaisteach bithbhunaithe a thabhairt isteach le haghaidh plaistigh bhithbhunaithe agus inmhúirínithe araon. Moltar gach taca taispeána (an mhargaíocht, an bhrandáil, etc.) a bheith bunaithe ar chaighdeáin agus ar noirm chinntitheacha. I gcás an chion dheimhnithe de charbón bithghineach, is é an modh radacarbóin (carbón-14) a úsáidtear. Is féidir dul i muinín an mhodha maischothromaíochta nuair a bhíonn an cion bithmhaise ar leibhéil éagsúla athchúrsála á shloinneadh, cibé acu leibhéal casta, il-leibhéal nó leibhéal idirghabhála é sin, ach fógra a thabhairt do thomhaltóirí faoi.

1.12.

Cé go dtugann CESE dá aire an Rialachán maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a thoirmeasc, molann sé na sainmhínithe ar a raon feidhme agus an fhoclaíocht atá ann a thabhairt chun cruinnis ar an ábhar nár cheart, dar leis, a fhágáil as an áireamh leis an Rialachán líon táirgí plaisteacha agus feidhmeanna plaisteach nach mbaineann ach aon úsáid amháin leo agus nach bhfuil in-aischurtha, i.e. ar táirgí agus feidhmeanna iad nach féidir a athúsáid nó a athchúrsáil go meicniúil. Sna cásanna sin, tá údar maith le plaistigh bhithbhunaithe agus/nó plaistigh in-bhithdhíghrádaithe inmhúirínithe a úsáid.

1.13.

Cuireann CESE i bhfáth gur minic a bhíonn buntáiste ag baint leis an athchúrsáil mheicniúil (ghearr-lúibe) mar gheall ar a shimplí atá sí, ach tá easnaimh ag roinnt léi, áfach: an íoschúrsáil de thoradh athchúrsáil mheasctha, teorainneacha tiúis, an toradh a bheidh air agus na riachtanais fuinnimh. D’fhéadfadh sé teacht chun solais de thoradh comparáid chasta inbhuanaitheachta gurbh fhearr polaiméirí bithbhunaithe nó conairí athchúrsála eile a úsáid (i.e. conairí orgánacha agus/nó ceimiceacha). Sa chás sin, is é an rogha is oiriúnaí ná úsáid a bhaint as plaistigh atá bithbhunaithe agus inmhúirínithe araon. Tá teicnící deighilte le haghaidh scragaill thanaí le forbairt i gcónaí.

1.14.

Maidir le plaistigh in-bhithdhíghrádaithe a deimhníodh i gcomhréir le caighdeáin an Aontais, tá CESE den tuairim gur féidir leas a bhaint astu chun an truailliú plaisteach a mhaolú trí charnadh dramhaíola micreaphlaisteach agus nanaphlaisteach a laghdú, rud a laghdóidh an dochar a dhéanann ábhar do-bhithdhíghrádaithe dá réir. I láthair na huaire, cuirtear líon beag feidhmeanna ar fáil le haghaidh bith-dhíghrádú rialaithe i dtimpeallachtaí nádúrtha, oscailte ar leith, agus bíodh is gur líon beag atá i gceist, is líon tábhachtach é, mar sin féin. Tá gá le tuilleadh iarrachta chun modhanna sistéamacha a fhorbairt a chomhcheanglóidh airíonna agus dálaí na n-ábhar d’fhonn leas a bhaint as na roghanna maidir le bith-dhíghrádú san ithir agus i dtimpeallachtaí oscailte sonracha eile.

1.15.

Tá CESE suite de gur bealach iontach é an múiríniú tionsclaíoch agus úsáid polaiméirí plaisteach inmhúirínithe chun bailiú agus úsáid dramhbhia a fheabhsú. A bhuí leis na teicnící seo, is féidir dramhbhia agus an phacáistíocht lena mbaineann (nó feidhmeanna inmhúirínithe eile) a dhiúscairt agus a athchúrsáil le cois carbón a chur ar ais san ithir. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh agus cúnamh a thabhairt dóibh bailiú éigeantach dramhaíola go leithleach a thabhairt isteach ó 2024 ar aghaidh. Ba cheart plaistigh inmhúirínithe, amhail málaí agus feidhmeanna eile a bhaineann le bia, mar aon le bonneagar, cúrsaí eagrúcháin agus feachtais feasachta a ullmhú don chéim seo.

1.16.

Tá CESE ag iarraidh nach ndéanfaí na feidhmeanna a bhaintear as plaistigh inmhúirínithe a theorannú do na feidhmeanna a liostaítear sa togra ón gCoimisiún maidir le pacáistíocht agus le dramhaíl ó phacáistíocht. Is léir ó thaithí agus ó dhea-chleachtas gur mór an tairbhe a bhaineann le ról na bplaisteach inmhúirínithe ina lán réimsí éagsúla, go háirithe i ndáil leis an teagmháil bia, le lúba dúnta agus le scragaill thanaí.

2.   Cúlra na tuairime, an ghluais agus an staid mar atá san earnáil

2.1.   Sainmhínithe ar phlaistigh in-athnuaite:

Is téarma comhchoiteann, cineálach é “bithphlaistigh” agus ní ceart é a úsáid agus plaistigh á gcur ar fáil ar an margadh ná le feidhmeanna, óir tá an baol ann go mbainfí mí-úsáid as agus/nó go mbeadh sé míthreorach, nó d’fhéadfaí nithe diúltacha a shamhlú leis. “Plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe, inmhúirínithe” is brí leis sa chomhthéacs seo.

Plaistigh bhithbhunaithe (plaistigh phlanda-bhunaithe): is plaistigh iad seo a dhéantar as amhábhair neamh-iontaise, in-athnuaite (4). Tá plaistigh bhithbhunaithe ann atá in-bhithdhíghrádaithe, agus cinn eile nach bhfuil. Tá plaistigh bhithbhunaithe inionadaithe comhionann lena macasamhail atá bunaithe ar iontaise. Is é an sainmhíniú a fheileann do phlaistigh “bhithdháilte” plaistigh a bhfuil cion bithbhunaithe leithdháilte iontu.

Plaistigh in-bhithdhíghrádaithe: plaistigh a ndéanann miocrorgánaigh lobhadh orthu ag deireadh a saolré, agus go ngintear uisce, bithmhais, salann mianrach agus dé-ocsaíd charbóin (CO2) dá thoradh (nó meatán i gcás bith-dhíghrádú anaeróbach). Is féidir gur as bunábhar bithbhunaithe nó as bunábhar bunaithe ar iontaise a bhíonn siad déanta.

Plaistigh inmhúirínithe: fothacar de phlaistigh in-bhithdhíghrádaithe (BDCP an t-acrainm comhpháirteach a ghabhann leo) ina dtarlaíonn próiseas an bhith-dhíghrádaithe faoi dhálaí rialaithe agus ina n-úsáidtear miocrorgánaigh chun iarmhair orgánacha chobhsaithe, mar aon le huisce agus CO2, a ghineadh i láthair ocsaigine nó meatáin nó d’éagmais ocsaigine, agus is féidir an dá ghás deiridh sin a bhailiú. Déantar múiríniú caighdeánaithe, dianrialaithe i ngléasraí múirínithe (gléasraí athchúrsála orgánaí) de réir na gceanglas a leagadh síos in EN 13432 (5), ceanglas a áirithíonn úsáid breiseán bithbhách freisin. Níl an múiríniú baile faoi réir dálaí diana den sórt sin, agus ní ghintear táirge deiridh atá réamhshainithe dá réir.

Maidir le cumaisc de, is fearr, ar ndóigh, más plaisteach bithbhunaithe agus in-bhithdhíghrádaithe atá ann, lena n-áirítear foirm inmhúirínithe de, mar atá amhlaidh i gcás aigéad polalachtach (PLA) a úsáidtear go forleathan.

2.2.   Earnáil na bplaisteach

Táirgeadh plaisteach/bithphlaisteach ar an leibhéal domhanda

Sonraí 2021-2022 – Táirgeadh domhanda plaisteach agus bithphlaisteach  (6)

Bliain

Plaistigh iontaise

[Mt]

Bithphlaistigh

[Mt]

Bithphlaistigh

[%]

Plaistigh bhithbhunaithe

[Mt; (%)]

Plaistigh in-bhithdhíghrádaithe inmhúirínithe

[Mt; (%)]

2021

367

1,80

0,49

0,74 ; (41,2 )

1,05 ; (58,7 )

2022 (*1)

390

2,22

0,57

1,07 ; (48,2 )

1,14 ; (51,3 )

Bunaithe ar: Bithplaistigh san Eoraip, na Firicí agus na Figiúirí: https://www.european-bioplastics.org/market/

Cothrom le 1 % de tháirgeadh iomlán plaisteach an domhain atá i gceist le bithphlaistigh.

Nuair a bheidh 2027 ann, áfach, meastar go dtiocfaidh méadú ar bhithphlaistigh ó 1,8 go 6,2 milliún tonna.

2.2.1.   Bithphlaistigh ar fud an domhain

Is í an Áise (agus an tSín go háirithe) an mhór-roinn ina bhfuil an príomh-mhol táirgthe le haghaidh bithphlaisteach (41,4 % in 2022), tá an tAontas Eorpach sa dara háit (26,5 %) agus na Stáit Aontaithe sa tríú háit (18,9 %).

Faoi 2027, meastar go dtiocfaidh méadú go 63 % ar sciar na hÁise, agus ar an dul céanna tiocfaidh laghdú suntasach ar sciar an Aontais mura gcuirfear bearta tacaíochta i bhfeidhm.

2.2.2.   An t-éileamh ar bhithphlaistigh san Eoraip

San Aontas Eorpach, tháinig méadú mór ar an éileamh ar bhithphlaistigh ó 210 000 tona in 2019 go cothrom le 320 000 tona in 2021 (7). Breis is 23 % an ráta fáis bliantúil a bhí ann. Tá an t-éileamh san Eoraip thart ar 18 %, i gcomparáid le táirgeadh bithphlaisteach ar fud an domhain. Tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta ó thaobh cothromaíocht trádála eachtraí agus nuálaíocht theicniúil de.

Is rud ríthábhachtach feasacht na dtomhaltóirí a mhéadú i ndáil leis an dealú idir plaistigh atá bunaithe ar iontaisí agus úsáid optamach na mbithphlaisteach.

2.3.   Na dúshláin chomhshaoil a bhaineann le plaistigh

2.3.1.   Tionchar ar an aeráid

Cuireann slabhra luacha na bplaisteach, go pointe áirithe, le gáis ceaptha teasa (GCTanna) i gcomparáid le slabhraí luacha eile amhail fuinneamh, ceimiceáin agus roinnt ábhar eile. Is é 208 milliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin (CO2-eq) iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar a gineadh i slabhra luacha na bplaisteach san Aontas in 2018. Polaiméirí plaisteach ba chúis leis an gcuid is mó díobh (63 %). 22 % an sciar sin nuair a thiontaítear na polaiméirí seo ina dtáirgí agus cuireann cóireáil dramhaíola plaisteach ag deireadh saolré 15 % sa bhreis leis sin: is é an loscadh is cúis leis sin den chuid is mó (8).

2.3.2.   Tionchar ar an gcaipiteal nádúrtha

Anuas ar an tionchar ar an aeráid, tá ráta athchúrsála na bplaisteach fós ró-íseal. Thairis sin, cuireann sin isteach ar an gcomhshaol agus ar chaipiteal nádúrtha an domhain (an lorg) trí úsáid a bhaint as stoc teoranta na n-acmhainní nádúrtha, agus déanann sé seo dochar d’éiceachórais an domhain, amhail ithir, talamh, uisce, orgánaigh bheo, agus ar an dul sin do shláinte agus folláine an duine dhaonna. Saincheist ar leith is ea an carnadh cáithníní micreaphlaisteacha i bhfionnuisce agus in uisce mara.

2.3.3.   Iarrachtaí chun an fhadhb a mhaolú

Is féidir le slabhra luacha na mbithphlaisteach astaíochtaí CO2 a laghdú i ngeall ar CO2 bithghineach nó ar CO2 a ceapadh má thagann méadú suntasach ar an úsáid agus má dhéantar an dramhaíl plaisteach bithbhunaithe a athchúrsáil seachas í a loscadh. Tá roinnt buntáistí, i gcomparáid le plaistigh thraidisiúnta, ag baint le plaistigh a dhéanamh de bhithmhais agus/nó lena áirithiú gur féidir do tháirgí plaisteacha bithghrádú i dtimpeallachtaí áirithe; is gá, áfach, na buntáistí sin a aithint agus a chur san áireamh. Rinneadh ríomh cáis (Tuarascáil Eionet – ETC/WMGE 2021/3) inar cuireadh plaistigh bhithbhunaithe in ionad na bplaisteach uile atá bunaithe ar iontaise dá bhfuil san Aontas, agus tharla, mar thoradh air sin, go raibh astaíochtaí gás ceaptha teasa 146 mhilliún tonna CO2-eq ann do phlaistigh bhithbhunaithe, 30 % níos lú ná na 208 milliún tonna d’astaíochtaí CO2-eq ón slabhra luacha iontaise-bhunaithe (9).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Gnéithe coiteanna a bhaineann le bithphlaistigh is ea go bhfuil an-acmhainneacht iontu timthriall inbhuanaithe cothrom carbóin a fheabhsú agus a chaomhnú. Dá réir sin, rannchuidíonn siad le glantionchar nialasach ar an aeráid agus ar an gcaipiteal nádúrtha a áirithiú. Is ina gceann agus ina gceann, áfach, ba cheart an dá phríomhghrúpa a láimhseáil. Is ó phlandaí a fhaightear plaistigh bhithbhunaithe agus is a bhuí leo gur féidir an t-aistriú ó gheilleagar bunaithe ar iontaise go geilleagar atá bunaithe ar phlaistigh bhithmhais-bunaithe a chur i gcrích. Maidir le plaistigh in-bhithdhíghrádaithe inmhúirínithe, tá tairbhí ar leith ag baint leo maidir le bainistiú táirgí a bhfuil a ré caite agus ó thaobh na spriocanna a bhaineann leis an gComhaontú Glas a bhaint amach (is é sin, an cur amú bia a laghdú, an tomhaltas inbhuanaithe agus an táirgeacht inbhuanaithe)

Luíonn sé le réasún plaistigh bhithbhunaithe agus inmhúirínithe a úsáid chun an glanchomhardú gás ceaptha teasa a laghdú faoin méid CO2 a ceapadh ón timpeallacht.

3.2.

Tugtar anailís dhomhain, chuimsitheach ar earnáil na bplaisteach bithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe sa teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach ina ndéantar athbhreithniú ar na sonraí atá ar fáil. Tá na conclúidí agus na moltaí rócháiréiseach i gcás pointí áirithe agus is baolach gur dídhreasú chun nuálaíochta agus infheistíochta i bpríomhréimsí áirithe iad. Anailís chomparáideach ba cheart a bheith ann, ina gcuirtear plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe i gcomórtas leis an leagan bunaithe ar iontaise atá ann faoi láthair, cé nach rogha inmharthana i gcás ar bith é ionadú 1:1 plaistigh le bithphlaistigh a dhéanamh.

3.3.

Tá dearcadh na sochaí i gcoitinne ina leith mar aon leis an nglacadh atá le hábhair inbhuanaithe agus táirgí inbhuanaithe maille lena n-úsáid cuibheasach ard: bíonn glacadh ag 80-90 % de na freagróirí leo sna pobalbhreitheanna, de ghnáth. I gcás 25 % de na tomhaltóirí a thug freagra, bheidís sásta préimhphraghas a íoc dar luach 20 % os cionn an phraghais a ghearrfaí ar tháirgí comhionanna atá déanta as plaistigh atá bunaithe ar iontaise, agus bheadh 4 % díobh sásta 50 % sa bhreis a íoc ar tháirgí déanta as bithpholaiméirí inbhuanaithe.

3.4.

Is iad na nithe seo a leanas a bheidh de dhíth má táthar chun creat straitéiseach réalaíoch a cheapadh agus a chur chun feidhme:

sainmhínithe agus aicmithe atá soiléir agus gan débhrí ar na cineálacha bithpholaiméirí, ar na saintréithe a bhaineann leo agus ar na limistéir feidhme is fearr;

go dtuigfidh daoine go dtagraíonn “bithbhunaithe” don fhoinse as ar tháinig an bonn amhábhar agus dó sin amháin: is saintréith shistéamach iad na cáilíochtaí “in-bhithdhíghrádaithe” agus “in-athchúrsáilte” agus braitheann siad ar an ábhar agus ar an timpeallacht/na dálaí a bhaineann le deireadh saolré feidhmeach;

athbhreithniú agus ailíniú córasach ar an timpeallacht reachtach lena rialaítear cúrsaí dearaidh, monaraithe, úsáide agus athshruthlaithe, i.e. saolré iomlán na n-earraí plaisteacha;

na caighdeáin agus an lipéadú nasctha atá thart timpeall air a ailíniú, agus na torthaí a fuarthas le déanaí maidir le taighde, na forbairtí teicniúla agus na nuálaíochtaí a chur san áireamh;

eolas a cruthaíodh go heolaíoch a chur ar fáil do na tomhaltóirí agus bonneagar éifeachtach a chur i bhfeidhm d’fhonn a áirithiú go mbeidís mar chuid den phróiseas maidir le spriocanna inbhuanaitheachta a bhaint amach, ar spriocanna iad a comhaontaíodh go comhchoiteann, agus leanúint de staidéar a dhéanamh ar an tionchar atá ag bithphlaistigh ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol.

3.5.

Is córas tosaíochta atá ordlathach, cascáideach a chaithfidh a bheith sa chreat ó thús go deireadh, lena n-áirítear plaistigh a laghdú ag an bhfoinse agus roimhe sin. Leis seo, ní mór an slabhra luacha a chumhdach agus ní mór cloí leis na prionsabail a bhaineann le hearraí a chaomhnú, a athúsáid, a athchúrsáil agus a aisghabháil chun na comhpháirteanna a choinneáil sa lúb. Chomh fada agus is féidir, ní mór an stoc carbóin, an sreabhadh carbóin agus an timthriall ina iomláine a rialú: áirítear leis sin an carbón tiubhaithe in amhábhar (gual, ola, gás); carbón a ndearnadh monarú air, nó a próiseáladh, nó a ceapadh (CO2), nó a bailíodh (mar dhramhaíl) nó a ndearnadh athchúrsáil air, agus an carbón scaipthe atá le fáil i dtáirgí a úsáideadh, san ithir nó san aer. I measc na roghanna athchúrsála tá conairí gearr-lúibe (meicniúil), lár-lúibe (fisiceach/ceimiceach agus/nó ceimiceach) agus lán-lúibe (bithcheimiceach), agus iad uile optamaithe ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, ag brath ar an gcaoi ar féidir na substaintí éagsúla a chur ar ais sa lúb.

3.6.

Tá raon leathan dúshlán nua ag roinnt leis na ceanglais thuasluaite don innealtóireacht éicidhearthóireachta. Chomh maith leis na cúraimí traidisiúnta a bhaineann le feidhmiúlacht, indéantacht agus aeistéitic, ní mór do na hinnealtóirí éicidhearthóireachta an foinsiú amhábhar, marthanacht, réamhaisnéis deireadh saolré, ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht bharrfheabhsaithe a chur san áireamh chomh maith.

3.7.

Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an bhfoinsiú inbhuanaithe bunábhar: an sciar de phlaistigh bhithbhunaithe dar luach 1 % i margadh na bplaisteach, is ionann an luach atá leis agus 0,02 % den talamh arúil. Dá ndéanfaí plaistigh bhithbhunaithe a úsáid 100 % in áit plaistigh atá bunaithe ar iontaise (ar meastachán teoiriciúil seachas meastachán réalaíoch é), bheadh gá le 4-5 % den talamh arúil chuige sin. Faoi láthair, is barra (siúcra, stáirse, olaí) atá in dhá thrian de na foinsí bunábhair agus is barra neamh-inite (adhmad, ola ricne) atá sa trian eile. In ainneoin an sciar ísil talún a úsáidtear, is é an sprioc a bheidh ann úsáid na gcascáidí bia agus bithmhaise a laghdú, i.e. an foinsiú a aistriú ó bharr/bia go fotháirgí (e.g. tuí, dramh-adhmad) agus dramhaíl in-athchúrsáilte (ligniceallalós orgánach, carbaihidrigin agus dramhaíl carbaihiodráite) sula ndéanfar fuinneamh a aisghabháil. Is é an dála céanna freisin é ag tionscnaimh nua maidir le bunábhair amhail dramhaíl algaí.

3.8.

teicneolaíochtaí monaraíochta i bhfeidhm den chuid is mó agus is féidir na teicneolaíochtaí le haghaidh plaistigh iontaise a chur i bhfeidhm i dtaca le claochlú. A mhéid a bhaineann leis an slabhra ciorclach, áfach, ní mór céimeanna breise a chur leis an dá chuid den phróiseas líneach: an táirgeadh bunábhar agus an bhithscaglann chomh maith le bailiú agus cóireáil dramhaíola, agus an athchúrsáil nó aisghabháil a dhéantar ina dhiaidh sin. Leis seo, cuirtear líon níos mó de shreafaí ábhair atá níos scaipthe san áireamh. Ba cheart úsáid a bhaint as próisis láraithe chun dé-ocsaíd charbóin a ghabháil, sa chás inar gá agus inarb indéanta sin.

3.9.

Ba cheart díriú sa taighde ar na hábhair agus san innealtóireacht ábhartha ar an gcaoi leis an speictream a bhaineann le feidhmeanna bithpholaiméirí nua nó meascáin a leathnú trí na cumaisc a dhéantar idir saintréithe fisiceacha, ceimiceacha, feidhmiúla agus díghrádaithe a chur leis, a fhad a bhaineann le saintréithe an ábhair agus na dálaí araon.

3.10.

Ní dhearnadh anailís dhomhain ar na gnéithe saothair go fóill. Tugann meastacháin áirithe le fios go gcruthófar ó 175 000 go 215 000post breise sa réimse seo faoi 2030 (fonóta 16). Bíonn gá le scileanna nua nuair a thagann teicneolaíochtaí nua ar an bhfód, go háirithe ó thaobh próiseáil bunábhar, athchúrsála agus innealtóireacht éicidhearthóireachta de. Ní foláir pleananna forbartha agus infheistíochta a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na héilimh sin, mar aon le cláir oiliúna, oideachais, athscilithe agus uas-scilithe. Tá méadú ag teacht ar an sásamh a bhaintear as an obair seo agus ar an ngradam sóisialta a bhaineann léi, ach má tá féin, ba cheart an aird chéanna a thabhairt ar dhálaí oibre fónta a thabhairt chun cinn.

3.11.

Is é an cur chuige traidisiúnta nó líneach “cliabhán go geata” an cur chuige is mó a úsáidtear i samhlacha príomhshrutha cuntasaíochta agus praghsála an lae inniu. Sa chomparáid seo, is iad na bithpholaiméirí is mó atá thíos leis toisc na costais arda atá ar amhábhair, an rochtain scaoilte ar bhunábhar, na léiriúcháin srathacha níos lú agus an cuar foghlama. D’fhéadfaí athrú ó bhonn a chur air sin a bhuí leis an bparaidím “cliabhán go cliabhán”, ina n-inmheánaítear na costais a bhaineann le hathshruthú inbhuanaithe. D’fhéadfaí an bhearna a fhritháireamh dá gcuirfí na modhanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora i bhfeidhm mar ba cheart.

3.12.

Úsáidtear modhanna agus ríomhanna a bhaineann leis an Measúnú Saolré le lorg comhshaoil na n-earraí agus na n-ábhar a úsáideadh a mheas. Rinneadh iarrachtaí suntasacha go nuige seo leis an tionchar seo a shainiú agus a chainníochtú, arna sloinneadh mar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcoibhéis CO2. Beidh tuilleadh taithí, mar aon le tuilleadh taighde agus samhaltaithe ag teastáil chun an Lorg Comhshaoil Táirge a fhorbairt toisc nach leor iad maidir leis an mbuntáiste a ghabhann le carbón bithghineach a bhunú ná maidir le cainníochtú a dhéanamh ar na tionchair ar athrú ar thalamhúsáid agus ar chaipiteal nádúrtha, rud nach furasta a mheas. Is réamhriachtanas é Measúnú Saolré atá réalaíoch agus a bhfuil glacadh leis do chóras Freagrachta Leathnaithe Táirgeora atá inchreidte agus modúlach. Laghdófar rioscaí a bhuí le scagthástáil agus réamhaisnéisí atá bunaithe ar Mheasúnú Saolré ach na cinntí a bhaineann leis an luath-thaighde, an nuálaíocht agus an infheistíocht a stiúradh.

3.13.

Is mór idir na cleachtais agus an reachtaíocht atá i bhfeidhm ó Bhallstát go chéile. Dá réir sin, ar mhaithe le “Breisluach na hEorpa” (10), ba cheart díriú ar na nithe seo a leanas: tacú leis na réimsí a bhaineann leis an mbailiú sonraí agus leis an trédhearcacht; na dea-chleachtais a shainaithint agus a scaipeadh; monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn eolaíoch, eacnamaíoch agus sóisialta; scrogaill a shainaithint agus cuidiú a thabhairt deireadh a chur leo nó iad a chur ina gceart d’fhonn iomaíochas an Aontais san earnáil seo a thabhairt slán.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.   Réamhrá

4.1.1.

I líon áirithe cásanna, ní indéanta an rud an athchúrsáil mheicniúil mar gheall ar an bpacáistíocht a bheith éillithe ag bia nó toisc nach bhfuil sé indéanta agus/ná áisiúil pacáistíocht bheag nó thanaí a athchúrsáil go meicniúil. Sna cásanna sin, is maith an réiteach iad plaistigh inmhúirínithe a úsáid toisc gur féidir dramhaíl bia agus pacáistíocht bia a dhiúscairt agus a athchúrsáil ar bhonn comhpháirteach.

4.2.   Plaistigh bhithbhunaithe

4.2.1.

Ba cheart íosmhéid éigeantach d’ábhar bithbhunaithe agus athchúrsáilte do phlaistigh bhithbhunaithe a shonrú sa chreat beartais, ag tosú leis an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an bpacáistíocht agus an dramhaíl ó phacáistíocht (30.11.2022). D’fhéadfaí an cion seo de phlaistigh bhithbhunaithe a chur in ionad an íoschion athchúrsáilte, nó é a chomhlánú leis. D’fhonn cloí leis na caighdeáin um shábháilteacht bia, éilítear go n-úsáidfear ábhar íon nó ábhar a athchúrsáladh go ceimiceach i bhfeidhmeanna a bhaineann le teagmháil bia (sceanra, cupáin, tráidirí, scannán cumhdaigh); ní cheadaítear ach buidéil agus tráidirí TPE (teireataláit phoileitléine) a athchúrsáil go meicniúil agus a athphróiseáil ina bplaistigh a mbeidh teagmháil dhíreach le bia acu.

4.2.2.

Is ann do scéimeanna deimhniúcháin maidir le cion bithbhunaithe cheana, dála na scéime bithbhunaithe TÜV Austria OK (11) agus na scéime bithbhunaithe DIN CERTCO (12). Tá caighdeáin shonracha Eorpacha agus idirnáisiúnta ann freisin (13), lena n-áirítear cineálacha cur chuige atá deimhnithe ag tríú páirtí agus bunaithe ar mhaischothromaíocht. Thairis sin, tá leibhéil éigeantacha socraithe ag roinnt Ballstát maidir le hábhar athchúrsáilte agus ábhar bithbhunaithe. A fhad a bhaineann le deimhniú, ba cheart úsáid a bhaint as modheolaíocht radaiceimiceach carbón-14 chun an cion carbóin a shainiú. Bheadh glacadh leis an modh “cion de réir maise”, freisin, do tháirgí neamh-homaigineacha a ndearnadh athchúrsáil orthu líon mór babhtaí agus do phlaistigh bhithbhunaithe a bhfuil plaistigh iontu.

4.2.3.

A bhuí le modhanna líne chúraim áirithe, is féidir bunábhair bhithbhunaithe a úsáid in idirmheánaigh nó i dtáirgí i gcás nach féidir leithscaradh (14) a dhéanamh fós orthu mar gheall ar a chasta atá na slabhraí luachra nó leibhéal an scála.

4.2.4.

Tagraíonn an creat beartais do mhodh de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, “Measúnú Saolré na bPlaisteach” (15), ar modh é a chuireann le Modh an Aontais um Lorg Comhshaoil Táirge mar an modh is comhchuibhithe dá bhfuil ar fáil. Ní leor modh an Aontais um Lorg Comhshaoil Táirge, áfach, chomh fada agus a bhaineann le haird chuí a thabhairt ar an gcarbón bithghineach agus ar athrú ar úsáid talún (rud a thagann salach fiú ar chaighdeáin áirithe a nglactar leo go forleathan (16) maidir leis an nglacadh tosaigh ar charbón bithghineach i dtáirgí agus i bplaistigh bhithbhunaithe).

4.3.   Plaistigh in-bhithdhíghrádaithe inmhúirínithe

Ní gnéithe diúltacha iad na hairíonna a bhaineann le hin-bhithdhíghrádaitheacht ná le hinmhúirínitheacht, gnéithe a mbíonn méadú ar bhruscar mar thoradh orthu. Ní ann do ruainne fianaise, staidéar ná taispeánadh a thugann le fios gur baolach go n-imreodh an in-bhithdhíghrádaitheacht aon drochthionchar ar bhruscar. Is féidir córas lipéadaithe a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist, mar a tugadh isteach san Iodáil cheana féin. Ní ceart caitheamh le hábhar ar bith mar a bheadh bruscar ann: ní mór na hábhair ar fad a bhailiú, a shórtáil agus a athchúrsáil.

4.3.1.   Plaistigh in-bhithdhíghrádaithe

Ní uirlis bainistithe dramhaíola í in-bhithdhíghrádaitheacht na bplaisteach sa timpeallacht oscailte. Os a choinne sin, agus i gcomhréir le Treoir 94/62 (17) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le caighdeán EN 13432, ní foláir plaistigh inmhúirínithe a athchúrsáil i dteannta dramhaíl bhia go horgánach nó le haoileach beostoic agus sciodar, agus ba cheart sin a dhéanamh i ngléasraí múirínithe d’fhonn múirín orgánach a dhéanamh, múirín is féidir a úsáid mar leasachán orgánach chun ithir a chóireáil agus a fheabhsú. Is é an aidhm atá ann úsáid a bhaint as na hábhair seo i gcás ina bhfuil tairbhí cruthaithe ó thaobh na hinbhuanaitheachta de ag gabháil leo, mar atá i gcás feidhmeanna a bhaineann le bia. Dá mbainfí úsáid as plaistigh inmhúirínithe ar an gcaoi sin, bheadh sé ina rannchuidiú le leibhéil bailithe dramhaíola orgánaí a ardú agus le héilliú dramhaíola orgánaí de bharr ábhair phlaisteacha thraidisiúnta a laghdú.

4.3.1.1.

Ba cheart tuilleadh diantaighde a dhéanamh ar ábhair agus dálaí sistéamacha optamaithe le haghaidh bithdhíghrádú rialaithe i dtimpeallachtaí oscailte, nádúrtha faoi leith. Samplaí maithe is ea greimlíní in-dhíghrádaithe in uisce nó clúdaigh polaiméire in-dhíghrádaithe in ithir ina bhfuil leasacháin mhallghníomhacha nó leasacháin a bhfuil a ngníomhú faoi rialú. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun an díghrádú a chothú toisc gur mór an leas is féidir a bhaint as sin chun cosc a chur le truailliú micreaphlaisteach agus nanaphlaisteach trí charnadh, agus é a mhaolú chomh maith.

4.3.1.2.

Is tábhachtach an ról atá ag na plaistigh in-bhithdhíghrádaithe in earnáil na talmhaíochta, rud atá aitheanta sa teachtaireacht ón gCoimisiún. San earnáil seo, is ábhar malartach fónta iad na plaistigh in-bhithdhíghrádaithe toisc go mbithghrádaíonn siad san ithir uathu féin gan micreaphlaistigh a chruthú. Ina theannta sin, cuireann siad bac ar chreimeadh na hithreach, rud a tharlódh murach sin dá n-úsáidfí na screamha móta plaisteacha traidisiúnta atá an-tanaí ar fad (< 25 μm).

4.3.2.   Plaistigh is féidir a mhúiríniú go tionsclaíoch

4.3.2.1.

Cuireann CESE i bhfáth an ról lárnach atá ag plaistigh inmhúirínithe i bhformhór an ábhair teagmhála bia (i riocht pacáistíochta nó eile), rud atá i gcomhréir leis na hábhair a luaigh an Coimisiún, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin (greamáin ar thorthaí agus ar ghlasraí, málaí tae agus steallta caife scagtha, mar aon le málaí siopadóireachta plaisteacha atá an-éadrom). Dá bhrí sin, na mórfhormáidí pacáistíochta agus neamhphacáistíochta inmhúirínithe eile, amhail sceanra, cupáin, tráidirí agus scannán cumhdaigh (in imeachtaí, i bhfeidhmeanna agus in áiteanna lúibe dúnta chomh maith), ba cheart a n-úsáid a chur chun cinn in ionad cosc a chur uirthi faoi Airteagal 22 i gcomhcheangal le hIarscríbhinn V den togra maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ón bpacáistíocht. Níl sé sin i gcomhréir leis an riail a leanas: ón 31 Nollaig 2023 ar aghaidh, ní foláir bithdhramhaíl a bhailiú nó a athchúrsáil ag an bhfoinse go leithleach i ngach tír de chuid an Aontais (18); tá ról lárnach ag plaistigh inmhúirínithe maidir le ráta níos airde gabhála bithdhramhaíola agus le laghdú ar éilliú múirín ó phlaistigh dho-bhithdhíghrádaithe a bhaint amach.

Tá roinnt plaistigh inmhúirínithe agus bhithbhunaithe le fáil ar an margadh cheana féin, agus dá réir sin is cosúil gurb é an rogha is fearr cion bithbhunaithe íosta i leith plaistigh inmhúirínithe a éileamh, rud a bheadh i gcomhréir le roinnt reachtaíocht náisiúnta (san Iodáil agus sa Fhrainc, cuir i gcás).

4.3.2.2.

Léirítear go soiléir san athbhreithniú ar Threoir ar Leasachán go bhfuil éagothromaíocht ann ó thaobh nósanna leasacháin san Eoraip: tá an baol ann go ndéanfar eotrófú san uisce de bharr ró-úsáid cothaitheach sintéiseach atá díorthaithe ó nítrigin, fosfar agus potaisiam, agus tá an baol ann go laghdófar ar chion an charbóin san ithir de dheasca easpa leasacháin orgánacha, amhail aoileach, múirín ó dhramhaíl, ó shloda, etc.

4.3.2.3.

Dar leis an teachtaireacht ón gCoimisiún is argóint í ceist an traséillithe a fhágann bonn fúinn le srian a chur le húsáid plaisteach inmhúirínithe. Tá ábhair eile i gceist leis an traséilliú seachas na plaistigh inmhúirínithe (dála na miotal atá sna sruthanna plaisteach agus na plaistigh neamh-inmhúirínithe atá le fáil i mbithdhramhaíl). Is ann don traséilliú i sruthanna plaisteach freisin, mar gur cheart scagadh a dhéanamh ar na polaiméirí éagsúla sula rachaidh siad isteach i bhformhór na bpróiseas athchúrsála chun an íoschúrsáil a sheachaint. Is beag cruthúnas atá le fáil faoin gceist go ndéanann bithphlaistigh traséilliú ar shruthanna plaisteach, áfach: tugann sonraí as an Iodáil le fios go bhfuil líon na bplaisteach inmhúirínithe i sruthanna plaisteach faoi bhun 1 %. Is amhlaidh atá de bharr go bhfuil táirgí ann nach féidir a dhéanamh ach amháin de phlaistigh inmhúirínithe (málaí plaisteacha/sceanra/plátaí aonúsáide). Is amhlaidh atá freisin de bharr go bhfuil córas soiléir lipéadaithe ann do phlaistigh inmhúirínithe agus domhúirínithe, rud is cuidiú do thomhaltóirí ar mian leo scagadh a dhéanamh eatarthu agus iad a chur de láimh sa chóras athchúrsála iomchuí (bithdhramhaíl más plaistigh inmhúirínithe atá ann, nó plaisteach do phlaistigh neamh-inmhúirínithe). Dá thoradh sin, ní ann don traséilliú ná don mhearbhall i measc tomhaltóirí sna tíortha sin a bhfuil córais iomchuí bainistithe dramhaíola do phlaistigh inmhúirínithe acu (19). D’fhéadfadh córais bainistithe dramhaíola agus córais lipéadaithe a bheith ina ndea-chleachtais do na tíortha úd agus do na creataí reachtacha atá iontu.

Is féidir caighdeán EN 13432 a nuashonrú ach ní aithnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún go bhfuil na gléasraí múirínithe a chomhlíonann na cleachtais agus na teicneolaíochtaí is fearr dá bhfuil ann, go háirithe ó thaobh na n-amanna is fearr chun múirín a dhéanamh, go bhfuil na gléasraí sin i riocht plaistigh agus dramhaíl bia inmhúirínithe a chóireáil sa tslánchruinne, rud a thugtar le fios sna hagallaimh a rinne Biorepack i gcuid dá ghléasraí múirínithe (20). Ní hiad na bithphlaistigh féin ná an caighdeán EN 13432 is ciontach mura leantar an cur chuige ceart ó thaobh múirín a dhéanamh ná an t-uainiú ceart, go háirithe más Ballstáit den Aontas atá i gceist nach bhfuil córais bainistithe dramhaíola bia chomh éifeachtúil céanna acu. Níl ann ach gur gá uasghrádú a dhéanamh ar na gléasraí múirínithe sin.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  An Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach.

(2)  Ba cheart ceapadh carbóin bhithghinigh a bhaint ó na hastaíochtaí carbóin nuair a dhéantar an lorg comhshaoil a ríomh, is é sin an tionchar comhshaoil i.e. féachfar air mar “sochar” i gcomhardú an tionchair aeráide.

(3)  Na réimsí inar féidir leis an Aontas breisluach a chothú i dteannta a chéile, in áit na mBallstát aonair a bheith ag gníomhú ar a gconlán féin gan chomhordú, gan acmhainní comhchoiteanna.

(4)  D’fhéadfaí plaistigh “bhithdháilte” a bheith san áireamh sa ghrúpa plaisteach bithbhunaithe freisin; is éard a thuigtear leo siúd ná plaistigh a bhfuil cion bithbhunaithe leithdháilte iontu (is féidir an cion bithbhunaithe a chinneadh trí leithdháileadh an bhunábhair).

(5)  IO L 190, 12.7.2001, lch. 21.

(*1)  Réamh-iarmhéid

(6)  Foinse: World plastics production 2020, Plastics Europe, 2021. Bithphlaistigh san Eoraip, na Firicí agus na Figiúirí (https://www.european-bioplastics.org/market/).

(7)  Plastic Consult, Bithphlaistigh san Eoraip, Nuashonrú ar an margadh, 23.9.2022.

(8)  Tuarascáil Eionet – ETC/WMGE 2021/3.

(9)  Tuarascáil Eionet – ETC/WMGE 2021/3.

(10)  Tá sé seo glanchontrártha leis an gcoincheap “Costais na Neamh-Eorpa” óir tagraíonn sé do na tairbhí a bhaineann le gníomhú i sineirgíocht le chéile seachas ina n-aonar.

(11)  https://www.tuv-at.be/green-marks

(12)  https://www.dincertco.de

(13)  CEN/TS 16640; ASTM D6866.

(14)  I bpróisis thionsclaíocha chasta agus fhada ina n-úsáidtear an iliomad bunábhar, bheadh gá le hinfheistíochtaí neamh-inbhuanaithe chun leithscaradh fisiceach a dhéanamh (idir iontaise agus bith- nó idir “úr” agus athchúrsáilte) Le modhanna líne chúraim, is féidir cuntasaíocht iontaofa thrédhearcach agus lipéadú soiléir agus léirchiallach a dhéanamh maidir le hinneachar táirge feadh an tslabhra luacha.

(15)  https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC125046

(16)  ISO 22526-1, 2 agus 3, EN 16760, ISO, EN 15804, ISO 14067.

(17)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(18)  Airteagal 22 de Threoir 2008/98.

(19)  Féach scéimeanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora “Biorepack” maidir le plaistigh inmhúirínithe san Iodáil, https://eng.biorepack.org

(20)  https://eng.biorepack.org/communication/news/composting-plants-talk.kl


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/141


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha sonracha a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh Thuaisceart Éireann

(COM(2023) 122 final — 2023/0064 (COD)

(2023/C 228/20)

Rapóirtéir-Ginearálta:

Jack O'CONNOR

Comhairliúchán

An Chomhairle, 9.3.2023

Parlaimint na hEorpa, 13.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

154/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Aontaíonn Coiste Eacanamaíochta agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur Rialachán an ionstraim iomchuí chun éifeacht a thabhairt do na réitigh a comhaontaíodh go comhpháirteach agus is díol sásaimh dó gur chuir an Coimisiún an Rialachán atá beartaithe chun cinn go tráthúil.

1.2.

Aontaíonn CESE leis an méid seo a leanas:

go bhfuil forálacha an Rialacháin atá beartaithe teoranta go hiomchuí don réimse beartais ábhartha agus nach gá measúnú a dhéanamh ar a chomhsheasmhaí atá siad le beartais eile de chuid an Aontais,

go n-úsáidtear sa togra forálacha Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar bhunús dlí,

go bhfuil na bearta atá beartaithe i gcomhréir leis na cuspóirí atá le baint amach;

go bhfuil sásraí coimirce leordhóthanacha sa togra freisin chun cosaint mhargadh aonair an Aontais a áirithiú,

go bhfuil an Rialachán atá beartaithe díolmhaithe ó mheasúnú tionchair, i bhfianaise phráinn agus íogaireacht an cháis.

1.3.

Tacaíonn CESE le glacadh agus le cur chun feidhme luath an Rialacháin atá beartaithe, lena n-áiritheofaí leanúnachas soláthair táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine i dTuaisceart Éireann agus lena bhfeabhsófaí na hionchais i dtaca leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a chur chun feidhme, agus lena rannchuideofaí le Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta a chosaint.

1.4.

Le hAirteagal 9 agus Airteagal 10 den Rialachán atá beartaithe, is féidir leis an gCoimisiún na rialacha sonracha a chur ar fionraí i gcás nach gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe a cuid oibleagáidí. Aontaíonn CESE go bhfuil foráil den sórt sin ríthábhachtach. Mar sin féin, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá an comhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe atá beartaithe in Airteagal 9(3), agus leis na saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát in Airteagal 10(4) sula gcuirfear fionraí den sórt sin i bhfeidhm.

1.5.

Molann CESE comhairliúchán leanúnach a dhéanamh leis na príomhpháirtithe leasmhara chun cur chun feidhme tráthúil a áirithiú, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar aon riosca a bheidh ann amach anseo maidir le cuspóirí an rialacháin atá beartaithe a bhaint amach. I ndáil leis an méid sin, ba cheart, freisin, na hinstitiúidí Eorpacha a chur ar an eolas ó am go chéile maidir leis an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme roimh mhí Eanáir 2025.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tagann an rialachán atá beartaithe chun cinn i gcomhthéacs na réiteach a comhaontaíodh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i gCreat Windsor.

2.2.

Tagann an rialachán atá beartaithe chun cinn i gcomhthéacs tacar cuimsitheach réiteach comhpháirteach a comhaontaíodh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a liostaítear i Meabhrán Míniúcháin an rialacháin atá beartaithe. Baineann sé le glacadh rialacha sonracha maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh Thuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Tá siad ceaptha foráil a dhéanamh maidir le rialacha sonracha i ndáil leis na forálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 2 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (Prótacal), lena rialaítear gníomhaíochtaí in earnáil na dtáirgí íocshláinte.

2.3.

Na deacrachtaí a dtabharfar aghaidh orthu sa Rialachán atá beartaithe, tháinig siad chun cinn tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail an 1 Eanáir 2021, geall leis. B’ann i gcónaí dóibh, fiú nuair a tháinig deireadh leis an idirthréimhse a leagadh amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, agus bhain siad go háirithe le táirgí íocshláinte de dhéantús na Breataine Móire a bheith ar fáil i dTuaisceart Éireann, de bharr na timpeallachta rialála nua casta. Chun soláthar gan bhriseadh cógas as an mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann a áirithiú, ghlac an tAontas Treoir (AE) 2022/642 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an 12 Aibreán 2022, lenar tugadh isteach maoluithe ar oibleagáidí áirithe maidir le táirgí íocshláinte áirithe lena n-úsáid ag an duine a cuireadh ar fáil sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

2.4.

Go bunúsach, chuir na maoluithe sin ar chumas mhonaróirí na Ríochta Aontaithe baisc-thástáil agus feidhmeanna rialála a choinneáil ar bun i gcodanna den Ríocht Aontaithe seachas i dTuaisceart Éireann. A bhuí leo, éascaíodh soláthar cógas núíosach, freisin, trí chead a thabhairt d’údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe an soláthar sin a údarú d’othair i dTuaisceart Éireann ar feadh tréimhse theoranta, cé nach mbeadh aon údarú margaíochta deonaithe go fóill don chógas céanna san Aontas.

2.5.

Ba léir ó thaithí a fuarthas ina dhiaidh sin go raibh fadhbanna praiticiúla áirithe ag baint leis na réitigh sin. An ceanglas a bheadh ann pacáistí ar leith agus bileoga eolais ar leith a chur ar fáil don Bhreatain Mhór agus do Thuaisceart Éireann, chuirfeadh sé ualach suntasach eacnamaíoch ar mhonaróirí i gcomhthéacs a laghad atá an margadh i dTuaisceart Éireann. Léiríodh imní freisin go gcruthófaí éiginnteacht dhlíthiúil maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le cógais leighis ós rud é go bhféadfaí údaruithe margaíochta éagsúla maidir leis an gcógas céanna a bheith ann don Bhreatain Mhór agus do Thuaisceart Éireann. Bhain saincheisteanna eile le castacht na rialachán a ghabhann le honnmhairiú agus athallmhairiú cógas, ar thug an Coimisiún aghaidh orthu i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/315 ón gCoimisiún (3), lena ndéantar foráil maidir le maolú trí bliana ar an oibleagáid atá ar mhórdhíoltóirí.

2.6.

Ceapadh na réitigh chomhpháirteacha a comhaontaíodh ina dhiaidh sin idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun réiteach inbhuanaithe a chur ar fáil ar na saincheisteanna sin. Foráiltear leo an méid seo a leanas:

cógais nua agus nuálacha a chuirtear ar an margadh go dleathach i dTuaisceart Éireann, cumhdófar iad faoi údarú margaíochta bailí arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe agus faoi sin amháin,

ní bheidh gnéithe sábháilteachta an Aontais ar phacáistí cógas i dTuaisceart Éireann,

cógais a chuirtear ar an margadh i dTuaisceart Éireann, ní chuirfear ar fáil iad in aon Bhallstát den Aontas,

beidh lipéad “UK Only” ar phacáistí de chuid na Ríochta Aontaithe,

déanfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe faireachán leanúnach ar ghníomhaíocht sa mhargadh chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a áirithiú,

féadfaidh an Coimisiún na rialacha nua a chur ar fionraí go haontaobhach i gcás nach gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe a cuid oibleagáidí.

2.7.

Ceapadh an togra chun éifeacht reachtach a thabhairt don tacar seo de réitigh chomhpháirteacha.

2.8.

Aontaíonn CESE gur Rialachán an ionstraim iomchuí chun éifeacht a thabhairt do na réitigh a comhaontaíodh go comhpháirteach agus is díol sásaimh dó gur chuir an Coimisiún an Rialachán atá beartaithe chun cinn go tráthúil.

2.9.

Aontaíonn CESE leis an méid seo a leanas:

go bhfuil forálacha an Rialacháin atá beartaithe teoranta go hiomchuí don réimse beartais ábhartha agus nach gá measúnú a dhéanamh ar a chomhsheasmhaí atá siad le beartais eile de chuid an Aontais,

go n-úsáidtear sa togra forálacha Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar bhunús dlí,

go bhfuil na bearta atá beartaithe i gcomhréir leis na cuspóirí atá le baint amach;

go bhfuil sásraí coimirce leordhóthanacha sa togra freisin chun cosaint mhargadh aonair an Aontais a áirithiú,

go bhfuil an Rialachán atá beartaithe díolmhaithe ó mheasúnú tionchair, i bhfianaise phráinn agus íogaireacht an cháis.

2.10.

Ós rud é gur tháinig comhairliúcháin fhorleathana le comhlachtaí tionsclaíochta agus páirtithe leasmhara eile roimh an bplé leis an Ríocht Aontaithe sular glacadh an chéad tacar réiteach i mí Aibreáin 2022 agus nach bhfreagraíonn an tacar breise sin de réitigh chomhpháirteacha ach do roinnt saincheisteanna breise a tháinig chun cinn idir an dá linn, aontaíonn CESE nach bhfuil gá le comhairliúchán poiblí oscailte sula nglacfar é. Mar sin féin, molann CESE comhairliúchán leanúnach a dhéanamh leis na príomhpháirtithe leasmhara chun cur chun feidhme tráthúil a áirithiú, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le cuspóirí an Rialacháin atá beartaithe a bhaint amach. I ndáil leis an méid sin, ba cheart, freisin, na hinstitiúidí Eorpacha a chur ar an eolas ó am go chéile maidir leis an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme roimh mhí Eanáir 2025.

2.11.

Tacaíonn CESE le glacadh agus le cur chun feidhme luath an rialacháin atá beartaithe, lena n-áiritheofaí leanúnachas soláthair táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine i dTuaisceart Éireann agus lena bhfeabhsófaí na hionchais i dtaca leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a chur chun feidhme, agus lena rannchuideofaí le Comhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta) a chosaint.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.

(2)  Treoir (AE) 2022/642 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Treoracha 2001/20/CE agus 2001/83/CE a mhéid a bhaineann le maoluithe ar oibleagáidí áirithe i dtaca le táirgí íocshláinte áirithe lena n-úsáid ag an duine a chuirtear ar fáil sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Chipir, in Éirinn agus i Málta (IO L 118, 20.4.2022, lch. 4).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/315 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/161 a mhéid a bhaineann leis an maolú ó oibleagáid na mórdhíoltóirí i dtaobh aitheantóirí uathúla na dtáirgí íocshláinte arna n-onnmhairiú chuig an Ríocht Aontaithe a dhíchoimisiúnú (IO L 55, 28.2.2022, lch. 33).


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/144


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann

(COM(2023) 124 final — 2023/0062 (COD))

(2023/C 228/21)

Rapóirtéir ginearálta:

Klaas Johan OSINGA

Comhairliúchán

An Chomhairle, 10.3.2023

Parlaimint na hEorpa, 13.3.2023

Bunús dlí

Airteagail 43(2), 114, 168(4)(b) agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

An Rannóg um Chaidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

147/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil Creat Windsor (1) ina chruthúnas gur féidir leis an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach teacht le chéile de mheon macánta chun réitigh arna gcomhaontú go frithpháirteach a aimsiú agus gur féidir torthaí nithiúla a bhaint amach don tsochaí shibhialta sa dá pháirtí de thoradh an chaidrimh dhéthaobhaigh sin.

1.2.

Tacaíonn CESE leis an Rialachán atá beartaithe ón gCoimisiún (2) chun rialú a dhéanamh ar theacht isteach i dTuaisceart Éireann earraí talmhaíochta áirithe — lena n-áirítear plandaí le haghaidh plandú, innealra agus feithiclí a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, agus prátaí síl — agus ar chur ar an margadh na n-earraí sin agus chun gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, cat agus firéad isteach i dTuaisceart Éireann agus ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe (an Bhreatain Mhór) a rialú freisin.

1.3.

Aithníonn CESE a phráinní agus a theicniúla atá an Rialachán atá beartaithe agus na hábhair atá sé beartaithe a rialú leis. Aithníonn sé freisin an iarracht shuntasach a rinneadh chun réiteach a dhéanamh idir nósanna imeachta a éascú, sláine mhargadh inmheánach an Aontais a chaomhnú, agus sláinte an phobail, na n-ainmhithe agus na bplandaí a chosaint.

1.4.

Maidir leis an sprioc-am dá ndéantar foráil maidir le margaíocht na n-earraí miondíola réamhphacáilte a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór, tugann CESE dá aire go bhféadfadh sé go mbainfeadh dúshláin leis i gcás roinnt gnólachtaí sa Ríocht Aontaithe, go háirithe iad siúd a bhfuil srianta airgeadais agus teicniúla níos déine acu – cuir i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

1.5.

Tá CESE á chur in iúl gur ábhar imní dó, ar an dóigh chéanna, an tacar sonraí aonair arna fhorbairt le haghaidh gnólachtaí sa Bhreatain Mhór chun na ceanglais sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS) mar aon leis na ceanglais chustaim a chomhlíonadh agus earraí á soláthar acu do chustaiméirí i dTuaisceart Éireann. Tugann sé dá aire go bhféadfadh seiceálacha céannachta níos faide i gcomparáid leo siúd dá ndéantar foráil sa Rialachán féin a bheith mar thoradh ar aon mhoill i ndiaidh an sprioc-ama bheartaithe.

1.6.

Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún réitigh a shoiléiriú a thuilleadh agus a sholáthar maidir leis na réimsí ina bhfuil an neamhréir níos soiléire idir caighdeáin SPS sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas, agus aird ar leith á tabhairt ar úsáid táirgí cosanta plandaí i dTuaisceart Éireann. Tugann sé dá aire gurbh ionann éiginnteacht leanúnach agus idirdhealú in aghaidh fheirmeoirí Thuaisceart Éireann.

1.7.

Tá roinnt ceisteanna le freagairt fós maidir le gluaisteacht ainmhithe beo agus ábhar plandaí ó Thuaisceart Éireann agus chuig Tuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór agus ón Aontas. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na ceisteanna sin a réiteach a luaithe agus is féidir ós rud é go dteastaíonn soiléireacht ó na hoibreoirí.

1.8.

Na himpleachtaí a bhaineann leis an dréachtleagan de Border Target Operating Model (An Dréacht-Spriocshamhail Oibriúcháin Teorann) a d’fhoilsigh an Ríocht Aontaithe atá le tabhairt isteach ó mhí Dheireadh Fómhair 2023, agus ina leagtar amach samhail nua le haghaidh allmhairí isteach sa Bhreatain Mhór, lena n-áirítear rialuithe SPS, tá baol ann go gcuirfeadh na himpleachtaí sin leis an éiginnteacht, ar rud é sin nach mór a sheachaint ar ais nó ar éigean. Tá éiginnteacht ann cheana féin maidir le cur chun feidhme an Bhille um Dhlí an Aontais Eorpaigh atá Coinnithe.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Leagtar síos leis an Rialachán atá beartaithe rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach coinsíneachtaí earraí miondíola áirithe i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór lena gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann, chomh maith le coinsíneachtaí áirithe plandaí le haghaidh plandú, innealra agus feithiclí a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, agus prátaí síl lena gcur ar an margadh agus lena n-úsáid i dTuaisceart Éireann.

2.2.

Leagtar síos leis an Rialachán rialacha sonracha freisin maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, cat agus firéad isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe. Leagtar síos leis freisin rialacha maidir le cur i bhfeidhm rialacha sonracha an Rialacháin a chur ar fionraí.

2.3.

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag roinnt gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais i ndáil le bearta SPS maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse a leagtar amach sa Comhaontú um Tharraingt Siar.

2.4.

Dá réir sin, maidir le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór coinsíneachtaí áirithe táirgí de thionscnamh ainmhíoch nó plandaí, lena n-áirítear beatha ainmhithe, plandaí le haghaidh plandú, innealra agus feithiclí chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta agus prátaí síl, tagann sé sin faoi raon feidhme na ngníomhartha sin agus tá sé faoi réir rialuithe oifigiúla, ceanglais deimhniúcháin agus toirmeasc. Tá feidhm aige sin freisin maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe.

2.5.

Chuir an Ríocht Aontaithe agus geallsealbhóirí atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe in iúl gur údar mór imní dóibh go gcuireann an Comhaontú um Tharraingt Siar ualach ard riaracháin atá díréireach ar theacht isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór earraí áirithe atá faoi réir bhearta SPS, arb earraí iad atá ceaptha do chustaiméirí deiridh i dTuaisceart Éireann. Bhainfeadh sé sin an bonn de stádas Thuaisceart Éireann mar chuid de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe.

2.6.

Ar an mbonn sin, chomhaontaigh an Coimisiún agus an Ríocht Aontaithe sraith chuimsitheach réiteach comhpháirteach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna laethúla a bhaineann leis na pobail uile i dTuaisceart Éireann, ar réitigh iad lena gcosnaítear sláinte mhargadh inmheánach an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:

simpliú ar cheanglais agus nósanna imeachta maidir le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór earraí miondíola áirithe atá faoi réir ghníomhartha SPS an Aontais arb earraí iad atá ceaptha do chustaiméirí deiridh i dTuaisceart Éireann,

réiteach nua maidir le teacht isteach táirgí luachmhara i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór lena n-áirítear prátaí síl, plandaí le haghaidh plandú agus feithiclí chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta,

caighdeáin sláinte poiblí agus cosanta tomhaltóirí na Ríochta Aontaithe a chur i bhfeidhm maidir le hearraí miondíola a iompraítear go Tuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór agus a ídítear i dTuaisceart Éireann,

doiciméadacht taistil shimplithe le haghaidh gluaiseacht neamhthráchtála peataí ainmhithe atá in éineacht le daoine atá ag taisteal ó Thuaisceart Éireann chuig an mBreatain Mhór.

2.7.

Dhéanfaí foráil sna réitigh sin uile maidir le cosaint iomchuí a thabhairt do shláinte an phobail, na n-ainmhithe, agus na bplandaí agus maidir le sláine mhargadh inmheánach an Aontais a chaomhnú.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Maidir le hearraí miondíola a lipéadú, in Airteagal 4(1)(a) den Rialachán atá beartaithe, maidir le hearraí miondíola réamhphacáilte a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór agus atá le caitheamh nó le húsáid i dTuaisceart Éireann, foráiltear gur gá “Ní táirge do AE é seo” a mharcáil ar na hearraí sin, mar atá sonraithe in Airteagal 6.

3.2.

Fágann Airteagal 6(1)(a) go mbeidh an mharcáil sin infheidhme ón 1 Deireadh Fómhair 2023. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair ar roinnt gnólachtaí sa Bhreatain Mhór a sholáthraíonn earraí do thomhaltóirí i dTuaisceart Éireann cloígh leis an amscála sin. Go háirithe i gcás FBManna, tá seans ann nach mbeadh na hacmhainní is gá acu, idir acmhainní teicniúla agus acmhainní airgeadais, chun an sprioc-am sin a chomhlíonadh nó d’fhéadfadh sé nach mbeadh údar cuí leis an infheistíocht a theastaíonn bunaithe ar an méid gnó a dhéanann siad.

3.3.

D’fhéadfadh sé go gcruthódh an sprioc-am docht sin dúshláin maidir le bainistiú sonraí freisin. Na tacair sonraí nach mór a bheith ag gnólachtaí i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe chun na ceanglais SPS agus chustaim a chomhlíonadh i gcás ina bhfuil earraí á soláthar acu do chustaiméirí i dTuaisceart Éireann, tá na tacair sonraí sin cosúil lena chéile. Bheadh buntáiste ag baint le tacar sonraí amháin a bheith ann, ní hamháin ó thaobh na ngnólachtaí de ach i dtaca le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas SPS agus custaim freisin. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair tacar sonraí den sórt sin a chur le chéile faoin 1 Deireadh Fómhair 2023.

3.4.

Mura féidir Airteagal 6(1)(a) a chur chun feidhme ar an 1 Deireadh Fómhair 2023, d’fhéadfadh sé go mbeadh an leibhéal ar a gcuirfí seiceálacha céannachta i bhfeidhm ar choinsíneachtaí a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór ní b’airde ná an leibhéal a shonraítear in Airteagal 4(3). Ní léir ach oiread, ón taobh praiticiúil de, conas a d’fhéadfaí lipéad “Ní táirge do AE é seo” a chur ar earraí miondíola réamhphacáistithe de thionscnamh an Aontais ag ionaid dáileacháin miondíola ollmhargaidh a sholáthraíonn earraí do Thuaisceart Éireann agus d’Éirinn araon.

3.5.

D’fhéadfadh fadhb eile teacht chun cinn maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí i dTuaisceart Éireann, rud a chuireann i dtábhacht na himpleachtaí a bhaineann leis an neamhréir idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. I dTuaisceart Éireann, úsáidtear formhór na dtáirgí cosanta plandaí le haghaidh féarthailte, agus is ón Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a fhaightear iad faoi láthair. Tá na huasleibhéil iarmhar sonrach le haghaidh gach táirge cosanta plandaí, agus tá difríochtaí ó thaobh na leibhéal sin de i roinnt cásanna idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Fágann sé sin i bponc feirmeoirí Thuaisceart Éireann agus b’fhiú athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras dá bharr sin.

3.6.

Gné eile nach mór a chur san áireamh is ea na himpleachtaí a bhaineann leis an Dréacht-Spriocshamhail Oibriúcháin Teorann a d’fhoilsigh an Ríocht Aontaithe ar an 5 Aibreán 2023 ina leagtar amach samhail nua le haghaidh allmhairí isteach sa Bhreatain Mhór, lena n-áirítear rialuithe SPS. Tabharfar an tsamhail sin isteach ó dheireadh Dheireadh Fómhair 2023. Cuireann na gnéithe sin leis an éiginnteacht ó thaobh na n-oibreoirí de a chruthaítear leis an mBille um Dhlí an Aontais Eorpaigh atá Coinnithe, rud a chiallaíonn go bhféadfadh sé go gcuirfear deireadh leis na mílte dlíthe de chuid an Aontais faoi dheireadh 2023.

3.7.

Cé gur leasaigh an tAontas a “rialachán tarmligthe” chun gluaiseacht eallaí agus caorach lasmuigh de chrios rialála an Aontais a cheadú – agus lasmuigh de Thuaisceart Éireann dá bhrí sin — fad is a thugtar ar ais iad laistigh de 15 lá, is dúshlán do phóraitheoirí eallaigh i dTuaisceart Éireann é sin fós.

3.8.

Ceanglaítear ar mhargaí beostoic sa Bhreatain Mhór a bheith ina n-ionaid easpórtála atá formheasta ag an nGníomhaireacht Sláinte Ainmhithe agus Plandaí (APHA), agus go mbeadh an stádas sláinte céanna ag na hainmhithe uile a úsáideann na hionaid sin. A bhuí le stádas oifigiúil na hAlban mar áit atá saor ón eitinn, díolmhaítear ionaid na hAlban ón gceanglas ainmhithe a thástáil sula ndíoltar iad sa Bhreatain Mhór nó sula gcuirtear i seó ann iad, ach bheadh ar phóraitheoirí ó Shasana agus ón mBreatain Bheag tástáil a dhéanamh sula ndíolfaidís ainmhithe sa Bhreatain Mhór nó sula gcuirfidís ainmhithe i seó ann. Ós rud é gur beag an t-éileamh atá ann, i gcomhthéacs na Breataine Móire, ar ionaid easpórtála atá formheasta ag APHA nó nach bhfuil aon éileamh ann ar chor ar bith, is é Carlisle an t-aon mharglann atá formheasta ag APHA agus, dá bhrí sin, is é an t-aon mharglann é inar féidir eallach ó Thuaisceart Éireann a dhíol agus inar féidir leas a bhaint as rialachán tarmligthe an Aontais. Ciallaíonn sé sin maidir le hainmhithe ó Thuaisceart Éireann a thairgtear lena ndíol ag marglann nach bhfuil formheasta ag APHA agus nach ndíoltar iad, ní mór dóibh fanacht sa Bhreatain Mhór ar feadh sé mhí sula bhfilleann siad ar Thuaisceart Éireann, rud a fhágann nach bhfuil sé inmharthana ó thaobh airgid de déanamh amhlaidh.

3.9.

Maidir le hathchlibeáil beostoic a gluaiseadh go Tuaisceart Éireann ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe, ní léir faoi láthair cén chaoi ar cheart é sin a fheidhmiú. Faoi láthair, ní mór clib easpórtála breise ón mBreatain Mhór a bheith ar eallach a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór de bhreis ar an dá chlib easpórtála ón Ríocht Aontaithe. Ní mór dhá chlib ó Thuaisceart Éireann a chur orthu ansin laistigh de 20 lá tar éis dóibh dul isteach i dTuaisceart Éireann de bhreis ar na clibeanna eile sin. Is nós imeachta an-neamhphraiticiúil é sin agus d’fhéadfadh sé go mbainfeadh impleachtaí maidir le leas na n-ainmhithe leis freisin mura mbaintear cuid de na clibeanna.

3.10.

Maidir le hábhair iomadaithe plandaí, amhail prátaí síl, ligeann an creat dá ngluaiseacht isteach i dTuaisceart Éireann ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe agus ón Aontas Eorpach freisin. Éascaíonn sé sin leanúnachas sa trádáil idir Albain, go háirithe, agus Tuaisceart Éireann, a forbraíodh sna blianta fada roimh Brexit.

3.11.

Ní dócha go gcruthófar fadhbanna do ghnólachtaí leis an doiciméadacht agus na seiceálacha atá beartaithe le bheith ag gabháil le gluaiseacht prátaí síl. Is féidir na barra ó phrátaí síl sin ó Thuaisceart Éireann a dhíol le saothróirí laistigh den mhargadh aonair agus sa Bhreatain Mhór. Is féidir prátaí margaidh a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ón margadh aonair lena bpróiseáil agus lena ndíol ar aghaidh sa chuid eile den Ríocht Aontaithe.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/fs_23_1272

(2)  COM(2023) 124 final


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/148


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013

[COM(2023) 31 final — 2023/0008 (COD)]

(2023/C 228/22)

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 15.2.2023

Bunús dlí

Airteagal 338(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

142/0/1

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 formhuinithe ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé, ag an 578ú seisiún iomlánach an 26 agus an 27 Aibreán 2023 (cruinniú an 27 Aibreán 2023), le 142 vóta ar son, 0 vóta in aghaidh agus 1 staonadh, tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/149


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach

(COM(2022) 701 final — 2022/0407 (CNS))

agus maidir leTogra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis na socruithe comhair riaracháin CBL is gá don ré dhigiteach

(COM(2022) 703 final — 2022/0409 (CNS))

(2023/C 228/23)

Rapóirtéir:

Philip VON BROCKDORFF

Comhrapóirtéir:

Krister ANDERSSON

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 10.2.2023 agus 13.2.2023

Bunús dlí

Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

18.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

145/0/0

1.   Achoimre agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta ma hEorpa (CESE) an tionscnamh ón gCoimisiún, tionscnamh a bhfuil sé d’aidhm aige na rialacha maidir le cáin bhreisluacha (CBL) atá 30 bliain d’aois a thabhairt cothrom le dáta chun go bhfeidhmeoidh an margadh aonair níos fearr, an ilroinnt atá ann a laghdú, agus é a chur in oiriúint don ré dhigiteach.

1.2.

Tá CESE den tuairim gur cheart an méid seo a leanas a bheith ina phríomhchuspóir den togra, is é sin, córas CBL atá curtha in oiriúint níos fearr d’fhorbairtí reatha an gheilleagair dhigitigh, chun go gcuirfear feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Ina theannta sin, ba cheart an bailiú cánach a bheith éifeachtúil agus tráthúil, rud a laghdóidh an caolais CBL agus, dá réir sin, an bhearna CBL.

1.3.

Chun go mbainfidh gnólachtaí leas iomlán as an margadh aonair, ní mór na rialacha CBL a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. Ní bhainfear é seo amach ach amháin má dhéanfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, gníomhaíocht a chuirfidh cosc ar an rómhaorlathas, ar neamhréireachtaí agus ar lúba ar lár sna rialacha CBL is infheidhme. Molann CESE don Choimisiún leanúint den obair chun an cur chun feidhme a bhaint amach agus tá béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá nótaí míniúcháin nó a macasamhail de threoir chun an aonfhoirmeacht a áirithiú.

1.4.

Na rialacha atá beartaithe maidir leis na hardáin dhigiteacha agus an ról a chuimsíonn siad ó thaobh bailiú CBL de, is díol sásaimh do CESE go bhfuil siad comhsheasmhach leis na tionscnaimh ón gCoimisiún maidir leis an ngeilleagar digiteach a tugadh isteach roimhe seo.

1.5.

Is mór ag CESE go mbeidh an sásra aistrithe táillí intíre infheidhme a mhéid a bhaineann le soláthairtí earraí agus seirbhísí. Tá CESE á thabhairt le fios gur éagsúil an bealach a chaitear le hearraí agus le seirbhísí sa trádáil laistigh den Aontas sa chóras atá ann faoi láthair. Is oth le CESE nach dtapaítear an deis cóireáil CBL idir earraí agus seirbhísí a chur in oiriúint le chéile sa togra cuimsitheach ón gCoimisiún. Dá dtabharfaí a leithéid isteach, thiocfadh laghdú ar an ualach riaracháin atá ar ghnólachtaí, go háirithe ar FBManna.

1.6.

Dar le CESE tá an dá lá a moladh maidir le tuairisciú a dhéanamh ar sholáthair earraí agus seirbhísí laistigh den Aontas i bhfad ró-ghearr. Is díol imní do CESE gur baol an teorainn ama dhá lá maidir le sonraisc leictreonacha agus tuairisciú a bheith ina bacainn a mhéid a bhaineann le trádáil laistigh den Aontas, go háirithe de bharr gurb iomaí FBM atá ag streachailt leis an teorainn ama i bhfad níos faide atá laistigh den chreat rialála atá ann faoi láthair.

1.7.

Molann an Coimisiún go gcuirfí deireadh leis an bhféidearthacht sonraisc achoimre a eisiúint faoin togra. Measann CESE nár cheart deireadh a chur le sonraisc achoimre mar gheall go gcruthófaí fadhbanna ina lán earnálacha dá ndéanfaí amhlaidh. Ba cheart úsáid sonrasc achoimre a cheadú i gcónaí a mhéid a bhaineann le hidirbhearta intíre. I gcás idirbhearta laistigh den Aontas, tá CESE á thabhairt dá aire féidearthacht eile, is é sin, teorainn a chur le húsáid sonrasc achomair, e.g. teorainn seacht lá a chur leo.

1.8.

Molann CESE don Choimisiún leanúint de bheith ag obair chun go mbeidh asbhaintí CBL curtha san áireamh san Ionad Ilfhreastail (OSS) a luaithe is féidir, mar aon le haisíocaíochtaí CBL tráthúla a sholáthar.

1.9.

Is ábhar imní do CESE go bhféadfadh praghsanna níos airde do thomhaltóirí teacht chun cinn de thoradh na gcostas suntasach cur chun feidhme a bhaineann leis na bearta a leagtar amach sa phacáiste cuimsitheach maidir le CBL.

1.10.

Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún go bhfuil gá le hidirghabháil ón Aontas i ndáil le calaois CBL laistigh den Aontas, i gcomhréir le cur i bhfeidhm cuí phrionsabal na coimhdeachta.

1.11.

Tá CESE á chur in iúl go bhféadfadh sonraí pearsanta, mar aon le sonraí íogaire gnó, a bheith sna sonraí a bhailítear agus a mhalartaítear idir na húdaráis chánach. Ní mór sonraí den sórt sin a chosaint agus a láimhseáil go dianchúramach chun go gcaomhnófar sláine na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí.

2.   Réamhrá agus cúlra

2.1.

D’fhoilsigh an Coimisiún pacáiste beart (1) an 8 Nollaig 2022 arb é is aidhm dó an Cháin Bhreisluacha (CBL) san Aontas a nuachóiriú; lena chois sin, tá sé de chuspóir aige an córas CBL a thabhairt cothrom le dáta don ré dhigiteach agus é a dhéanamh níos athléimní ó thaobh calaoise de, rud a laghdóidh an bhearna CBL atá ann faoi láthair (is é EUR 93 bhilliún an luach a mheastar a bheith sa bhearna sin) (2).

2.2.

Go sonrach, tá trí bheart reachtacha sa phacáiste seo: (i) togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2006/112/CE ón gComahirle maidir le rialacha CBL sa ré dhigiteach (3); (ii) togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (4) ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na socruithe comhair riaracháin CBL; (iii) togra le haghaidh Rialachán cur chun feidhme, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise le haghaidh scéimeanna áirithe CBL (5).

2.3.

Tá trí chinn de phríomhaidhmeanna ag an bpacáiste reachtach: (i) oibleagáidí tuairiscithe CBL a nuachóiriú, trí cheanglais maidir le tuairisciú digiteach (CTDanna) a thabhairt isteach; (ii) aghaidh a thabhairt ar na dúshláin CBL a bhaineann leis an “geilleagar ardán”, mar a thugtar air, trí na rialacha is infheidhme a shoiléiriú chun cóir chomhionann idir na hoibreoirí a áirithiú agus trí ról na n-ardán i mbailiú CBL a fheabhsú; (iii) an gá atá le clárúcháin CBL iomadúla a sheachaint san Aontas trí Chlárú Aonair CBL a thabhairt isteach.

2.4.

Bunófar córas éigeantach tuairiscithe idirbheart ar idirbheart a bhainfidh le hidirbhearta laistigh den Aontas d’fhonn faisnéis mhear a chur ar fáil do na Ballstáit. Tabharfar solúbthacht do na Ballstáit más mian leo a leithéid de chóras tuairiscithe a thabhairt isteach le haghaidh idirbhearta intíre. Beidh ról ríthábhachtach ag an ríomhshonrascadh laistigh den scéim nua tuairiscithe, agus úsáidfear é mar an gcóras réamhshocraithe chun sonraisc a eisiúint, agus beidh sé ina bhonn den tuairisciú digiteach chomh maith.

2.5.

Beidh cead ag na daoine inchánacha uile na sonraí a bhaineann le sonraisc leictreonacha, sonraí a chomhlíonann an caighdeán Eorpach, a thuairisciú. Beidh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir le tarchur sonraí óna sonraisc leictreonacha arna n-eisiúint i bhformáid eile, fad is go gceadófar úsáid an chaighdeáin Eorpaigh leo freisin. Na formáidí sonraí a d’údaraigh na Ballstáit, ní mór an idir-inoibritheacht leis an gCaighdeán Eorpach maidir le hidirbhearta laistigh den Aontas a ráthú leo.

2.6.

Cuirfear tús le córas maidir le “soláthróir measta” (trína dtabharfaidh ardáin cuntas ar an CBL ar an soláthar foluiteach i gcás nach ngearrann an soláthróir aon CBL) sna hearnálacha i ngeilleagar na n-ardán a bhaineann le cóiríocht ghearrthéarmach ar cíos agus iompar paisinéirí.

2.7.

Cuireadh OSS agus an tIonad Ilfhreastail Allmhairiúcháin (IOSS) chun feidhme go rathúil, rud a laghdaíonn castacht. Mar sin féin, tá roinnt soláthairtí earraí agus seirbhísí nach bhfuil faoi réir scéim simplithe OSS. Saothrófar leathnú ar raon feidhme OSS atá ann faoi láthair chun a áirithiú go dtiocfaidh laghdú breise ar an ngá le clárúcháin CBL iomadúla san Aontas. Thairis sin, beidh IOSS ina chuid éigeantach d’ardáin chun próiseas allmhairithe na n-earraí ríomhthráchtála a shimpliú tuilleadh agus chun é a dhéanamh níos seasmhaí ar chalaois.

2.8.

De réir an mheasúnaithe tionchair (6), baineann na trí thogra a cuireadh ar aghaidh an chothromaíocht is fearr amach idir na roghanna rialála uile atá ar fáil ó thaobh éifeachtachta, comhréireachta agus coimhdeachta de. Meastar san anailís tionchair go nginfidh na bearta a cuireadh chun feidhme idir EUR 172 bhilliún agus EUR 214 bhilliún de ghlanghnóthachain, idir 2023 agus 2032, lena n-áirítear EUR 51 bhilliún i gcoigilteas (EUR 41,4 billiún ó thuairisciú CBL; EUR 0,5 billiún ó shruthlíniú agus soiléiriú i ngeilleagar na n-ardán; agus EUR 8,7 billiún ó dheireadh a chur le hoibleagáidí maidir le clárú CBL).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún, tionscnamh a bhfuil sé d’aidhm aige na rialacha CBL atá 30 bliain d’aois a thabhairt cothrom le dáta chun go bhfeidhmeoidh an margadh aonair níos fearr, an ilroinnt atá ann a laghdú, agus é a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Is céim í a bhfuil coinne léi le fada laistigh den phlean gníomhaíochta maidir le CBL a chuir an Coimisiún chun feidhme le blianta beaga anuas. Measann CESE freisin gur céim thábhachtach é an togra seo chun tacú leis an margadh aonair trí chomhar feabhsaithe agus aonfhoirmeacht a bhaint amach ar fud na n-údarás cánach.

3.2.

Tá CESE den tuairim gur cheart an méid seo a leanas a bheith ina phríomhchuspóir den togra, is é sin, córas CBL atá curtha in oiriúint níos fearr d’fhorbairtí reatha an gheilleagair dhigitigh, chun go gcuirfear feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Ina theannta sin, ba cheart an bailiú cánach a bheith éifeachtach agus tráthúil, rud a laghdóidh an caolais CBL agus a áiritheoidh cothrom iomaíochta.

3.3.

Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún go bhfuil gá le hidirghabháil ón Aontas i ndáil le calaois CBL laistigh den Aontas, i gcomhréir le cur i bhfeidhm cuí phrionsabal na coimhdeachta. Léirítear leis an mbearna CBL atá ann faoi láthair nach leor ionstraimí náisiúnta chun dul i ngleic le calaois trasteorann.

3.4.

Cabhróidh rialacha comhchuibhithe maidir le tuairisciú CBL le feidhmiú níos fearr agus comhdhlúthú méadaithe an mhargaidh aonair. Tagann ualaí riaracháin ar ghnólachtaí chun cinn de dheasca na hilroinnte agus na gcóras tuairiscithe éagsúla sna Ballstáit éagsúla, rudaí a d’fhéadfadh a bheith ina mbacainn ar an díolachán trasteorann sa mhargadh aonair. Tuigeann CESE go raibh na Ballstáit gníomhach maidir lena gcórais tuairiscithe féin a bhunú agus nach bhfuil an margadh aonair ag feidhmiú chomh héifeachtach céanna de bharr na gcineálacha éagsúla córas. Chun an ilroinnt sin a laghdú, b’inmhianaithe cur chuige coiteann a ghlacadh. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí deireadh leis na ráitis achoimreacha de thoradh na hoibleagáide nua tuairiscithe.

3.5.

Chun go mbainfidh gnólachtaí leas iomlán as an margadh aonair, ní mór na rialacha CBL a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais, seachas iallach a bheith orthu cur chun feidhme éagsúil i ndáil leis na rialacha comhchoiteanna a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta. Gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais is ea an t-aon bhealach leis seo a áirithiú, gníomhaíocht a chuireann cosc ar an rómhaorlathas, ar neamhréireachtaí agus ar lúba ar lár sna rialacha CBL is infheidhme. Molann CESE don Choimisiún leanúint den obair chun cur chun feidhme aonfhoirmeach a bhaint amach agus tá béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá nótaí míniúcháin nó a macasamhail de threoir chun an aonfhoirmeacht a áirithiú.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Meabhraíonn CESE go mbeidh costais shuntasacha ar ghnólachtaí, agus ar FBManna go háirithe, mar gheall ar an ualach breise riaracháin a eascróidh as tabhairt isteach CTDanna. Cé go bhfuil na costais sin riachtanach chun an córas reatha a nuachóiriú go héifeachtach, ba cheart na costais chomhlíonta do ghnólachtaí a bheith chomh híseal agus is féidir, agus faireachán leanúnach a dhéanamh orthu le linn an phróisis cur chun feidhme chun ualach an chomhlíonta a mheasúnú.

4.2.

Tá CESE á thabhairt dá aire freisin go mbeidh costais mheasta an chur chun feidhme an-suntasach do ghnólachtaí ar fud an Aontais (7). Tá rabhadh á thabhairt ag CESE go bhféadfadh sé go n-íocfadh tomhaltóirí praghsanna níos airde de thoradh na gcostas breise, ar costais iad a bhaineann go háirithe le gnólachtaí, mar is léir ó staidéar a chruthaíonn go bhfuil comhghaol dlúth idir an (ró)rialáil agus praghsanna i roinnt mhaith gnólachtaí (8).

4.3.

Tá sé á thabhairt le fios ag CESE, cé nach dtagraíonn na hoibleagáidí tuairiscithe d’idirbhearta laistigh den Aontas ach d’idirbhearta gnólacht le gnólacht (B2B), go bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith san áireamh sna sonraí a bhailítear agus a mhalartaítear idir na húdaráis chánach, agus go stórálfar na sonraí sin ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad. Is é is dóichí ná a mhalairt go n-áireofar sna sonraí a bhaileofar sonraí íogaire gnó nach mór a chosaint chomh maith. I ndáil leis sin, tá béim á leagan ag CESE ar an bprionsabal maidir le híoslaghdú sonraí agus ar an ngá atá leis na sonraí sin a chosaint go hiomlán. Ba cheart é sin a áirithiú agus faireachán a dhéanamh air le himeacht ama.

4.4.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil na rialacha atá beartaithe maidir le hardáin dhigiteacha agus an ról atá acu chun cabhrú le CBL a bhailiú comhsheasmhach le tionscnaimh ón gCoimisiún roimhe seo maidir leis an ngeilleagar digiteach, lena n-áirítear an togra le haghaidh treoir chun dálaí daoine a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha a fheabhsú. Ina theannta sin, tá CESE á thabhairt dá aire go rachaidh sé chun tairbhe do thomhaltóirí dá mbeadh IOSS éigeantach toisc go mbeadh sé níos éasca earraí a cheannach ó na hardáin, agus ag an am céanna, go bhfeabhsófaí bailiú CBL ar na ceannacháin sin.

4.5.

Tá CESE á thabhairt le fios go bhfuil cur chuige difriúil sa chóras atá ann faoi láthair a mhéid a bhaineann le hearraí agus seirbhísí sa trádáil laistigh den Aontas, is é sin, is iad seirbhísí an t-aon rud atá faoi réir an tsásra aistrithe táillí. Is oth le CESE nach dtapaítear an deis cóireáil CBL idir earraí agus seirbhísí a chur in oiriúint le chéile sa togra cuimsitheach ón gCoimisiún. Dá ndéanfaí na rialacha a thabhairt cothrom le dáta ar an gcaoi sin, dhéanfaí na rialacha a ailíniú leis an réaltacht eacnamaíoch atá ann faoi láthair, ina gceannaíonn custaiméirí pacáistí réitigh de ghnáth seachas earraí nó seirbhísí. Laghdódh athrú den sórt sin an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí, agus ar FBManna go háirithe, gnólachtaí nach mór dóibh idirdhealú a dhéanamh feasta idir comhpháirteanna ar leith de sholáthairtí ilchodacha de bharr na rialacha CBL.

4.6.

Tacaíonn CESE le cuspóir ginearálta an Choimisiúin, is é sin, ról níos mó a bheith ag ardáin laistigh de chreat rialála CBL. Is féidir breathnú ar na tograí mar chur chuige éifeachtach chun dul i ngleic le saobhadh iomaíochta. Dá bhrí sin, tugadh aghaidh go hiomchuí agus go leordhóthanach ar na hábhair imní is bun leis na tograí maidir le Cáin ar Sheirbhísí Digiteacha.

4.7.

Is díol sásaimh do CESE an méadú atá tagtha ar an úsáid a bhaintear as OSS. Is é an toradh a bheidh air sin go dtiocfaidh laghdú ar líon na gclárúchán eachtrach CBL atá ann do chuideachtaí, rud a fhágfaidh go laghdófar an t-ualach agus an costas a bhaineann le comhlíonadh, go háirithe do FBManna.

4.8.

Tá an tuairisciú fíor-ama atá beartaithe bunaithe ar ríomhshonrascadh. Cé gur díol sásaimh do CESE an úsáid a bhaintear as digitiú i réimse an chánachais, ba mhaith leis a chur in iúl go bhfuil éagsúlachtaí móra ó thaobh leibhéal an ríomhshonrasctha idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha go dtabharfadh an Coimisiún dá aire an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le tacaíocht theicniúil sna Ballstáit éagsúla, agus féachaint an bhféadfadh sé agus na Ballstáit tacaíocht den sórt sin a sholáthar do ghnólachtaí. Thairis sin, measann CESE gur cheart don Choimisiún a bheith níos soiléire maidir leis an gcaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus i ndáil leis an athrú a thiocfaidh air le himeacht ama. Molann CESE don Choimisiún an caighdeán Eorpach a fhoilsiú gan mhoill ionas gur féidir le cuideachtaí tosú ag ullmhú do na hathruithe.

4.9.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go leathnaítear na ceanglais faisnéise le haghaidh sonrasc a bhuí leis an togra, ós rud é gur gá tuairisciú a dhéanamh ar an uimhir idirnáisiúnta cuntais bainc (IBAN) nó ar a choibhéis agus ar dháta na híocaíochta. Dá méadófaí na ceanglais maidir le sonraisc, d’fhéadfadh éiginnteachtaí agus costais riaracháin níos airde a bheith ann do ghnólachtaí. Ina theannta sin, tá CESE á thabhairt dá aire gur coitianta an nós é roinnt uimhreacha IBAN a bheith ar shonraisc na ngnólachtaí agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le soiléiriú breise maidir leis an méid is gá a thuairisciú. Molann CESE don Choimisiún féachaint an féidir na riaracháin chánach an fhaisnéis sin a úsáid chun bailiú CBL a áirithiú. Mura féidir an fhaisnéis a úsáid i mbailiú agus i rialú CBL, ní bheidh ann ach ualach breise do ghnólachtaí.

4.10.

Dar le CESE tá an dá lá a moladh maidir le tuairisciú a dhéanamh ar sholáthair earraí agus seirbhísí laistigh den Aontas i bhfad ró-ghearr. Is baol le CESE go mbeadh an teorainn ama dhá lá ina bacainn ar an teacht isteach sa mhargadh aonair, go háirithe de bharr gurb iomaí FBM atá ag streachailt leis an teorainn ama i bhfad níos faide atá laistigh den chreat rialála atá ann faoi láthair.

4.11.

Tá CESE á chur in iúl go bhféadfadh sé go mbeadh an teorainn ama dhá lá ina hualach rómhór don cheannaitheoir. Ba cheart, dá bhrí sin, cur leis an teorainn ama go suntasach, agus méid na ngnólachtaí lena mbaineann a chur san áireamh, agus machnamh a dhéanamh ar dhíolúintí a bheith ann do na fiontair is lú. Ina theannta sin, tá CESE á thabhairt dá aire gur minic a bhíonn níos mó botún agus ceartuithe cúlghabhálacha mar thoradh ar dhátaí dlite níos doichte, a ngearrtar pionóis orthu ar bhealaí éagsúla sna Ballstáit. Dá bhrí sin, molann CESE don Choimisiún comhairle a chur ar na Ballstáit maidir le teorannú na smachtbhannaí agus na rátaí úis, go háirithe sna luathbhlianta ina nglacfar iad.

4.12.

Molann an Coimisiún go gcuirfí deireadh leis an bhféidearthacht sonraisc achoimre a eisiúint leis an togra. Measann CESE go bhféadfadh sé sin a bheith an-deacair d’fheidhmiú earnálacha áirithe, agus molann sé don Choimisiún agus don Chomhairle breathnú níos géire ar na tairbhí a bhaineann leis an bhféidearthacht sin a dhíothú, agus í a chur i gcomparáid leis na costais agus na fadhbanna a thagann chun cinn d’earnálacha éagsúla agus an díothú sin á dhéanamh. Ba cheart úsáid sonrasc achoimre a cheadú i gcónaí a mhéid a bhaineann le hidirbhearta intíre. I gcás idirbhearta laistigh den Aontas, tá CESE á thabhairt dá aire féidearthacht eile, is é sin, teorainn a chur le húsáid sonrasc achomair, e.g. teorainn seacht lá a chur leo.

4.13.

Tá asbhaintí CBL ar ionchur ina bpríomhghné de chóras CBL dea-fheidhmiúil agus a bhuí leo, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir CBL agus cáin ar sheirbhísí agus ar earraí (GST) nó cánacha indíreacha eile. Cé go dtuigeann CESE gur cuireadh bac ar an gCoimisiún, i ngeall ar an staid reatha sna Ballstáit, moladh a dhéanamh maidir le hasbhaintí CBL ar ionchur a chur san áireamh in OSS, molann sé don Choimisiún leanúint dá chuid oibre ar an ábhar sin. Fiú mura bhféadfaí asbhaintí CBL a ionchorprú in OSS láithreach bonn, molann CESE don Choimisiún féachaint an bhféadfaí aisíocaíochtaí CBL a thabhairt ar bhonn níos tapúla do chuideachtaí a chomhlíonann na rialacha a bhaineann le córas OSS. Dá ndéanfaí aisíocaíochtaí CBL ar bhonn níos tapúla, bheadh feidhmiú an mhargaidh aonair níos fearr. Ina theannta sin, molann CESE don Choimisiún leanúint de bheith ag obair chun asbhaintí CBL a bhaint amach in OSS amach anseo agus é seo a bheith mar sprioc fhadtéarmach aige.

4.14.

Is ábhar imní do CESE go bhféadfadh praghsanna níos airde do thomhaltóirí teacht chun cinn de thoradh na gcostas ard cur chun feidhme a bhaineann leis na bearta a leagtar amach sa phacáiste cuimsitheach maidir le CBL. Dá bhrí sin, tá sé an-tábhachtach an chastacht agus na costais riaracháin do ghnólachtaí a laghdú a mhéid is féidir trí chóras aonfhoirmeach tuairiscithe agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na rialacha a áirithiú sna Ballstáit uile.

4.15.

Is údar imní do CESE na hamlínte a mhol an Coimisiún freisin. Moltar na mórathruithe a chur i bhfeidhm in 2028. Mar sin féin, moltar go gcuirfí réimsí áirithe eile den togra i bhfeidhm in 2024 cheana féin. Tá CESE á mheabhrú don Choimisiún go bhfuil gá le dóthain ama chun an cur chun feidhme cuí a áirithiú. Dá bhrí sin, molann CESE don Choimisiún an amlíne a leasú agus níos mó ama a chur léi ionas go mbeidh bliain amháin ar a laghad ann don chur chun feidhme, tar éis don Chomhairle teacht ar chomhaontú maidir leis an togra.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Pacáiste Reachtach maidir le CBL don ré dhigiteach, 8.12.2022.

(2)  Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur an-éagsúil an bhearna CBL ó Bhallstát go Ballstát.

(3)  COM(2022) 701 final.

(4)  IO L 268, 12.10.2010, lch. 1.

(5)  COM(2022) 704 final

(6)  SWD(2022) 393 final (níl leagan Gaeilge ann).

(7)  Meastar gurb é EUR 11,3 billiún an costas cur chun feidhme do ghnólachtaí agus gurb é EUR 2,2 billiún an costas cur chun feidhme do na húdaráis chánach.

(8)  Regulations could be increasing consumer prices.


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/154


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre

(COM (2023)126 final)

(2023/C 228/24)

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 16.3.2023

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 23.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 91(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

133/0/0

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe go huile agus go hiomlán ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/155


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin — Evaluation of the State subsidy rules for health and social services of general economic interest (“SGEIs”) and of the SGEI de minimis Regulation [Meastóireacht ar na rialacha maidir le fóirdheontais Stáit le haghaidh seirbhísí sláinte agus sóisialta ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta (“SGEInna”) agus Rialachán SGEI de minimis]

[SWD(2022) 388 final]

(2023/C 228/25)

Rapóirtéir:

Giuseppe GUERINI

Comhrapóirtéir:

Paulo BARROS VALE

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 8.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

4.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

138/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tugann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) dá aire gur gá seirbhísí sláinte agus sóisialta a threisiú ar fud an Aontais toisc go bhfuil an daonra ag dul in aois agus go bhfuil líon mór daoine atá faoi mhíchumas agus faoi mhíbhuntáiste a dteastaíonn cúnamh iomchuí uathu. I ngeall air sin, tá gá le tuilleadh seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh agus tuilleadh tacaíochta, a mbeidh infheistíochtaí poiblí ábhartha, gnólachtaí agus an tsochaí shibhialta ina mbonn taca leo, chun nuálaíocht shóisialta a bhaint amach agus chun freagairt leordhóthanach ar na dúshláin atá ann faoi láthair a spreagadh.

1.2.

Tá CESE á thabhairt le fios gur gá tacú leis an iarracht maidir le seirbhísí sóisialta agus sláinte leordhóthanacha a áirithiú trí acmhainní airgeadais oiriúnacha, a dháilfear mar infheistíochtaí poiblí leordhóthanacha, mar aon le Státchabhair shonrach atá dírithe ar na hearnálacha ábhartha a chur ar fáil. Ba ghá, dá bhrí sin, na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le Státchabhair, rialacha a formheasadh in 2012, a oiriúnú chun iomaíocht chóir a áirithiú agus chun cuspóirí leasa ghinearálta a bhaint amach. Mar sin féin, tugann CESE dá aire gur éirigh go maith leis an bpacáiste státchabhrach maidir le SGEInna, a formheasadh in 2012, maidir leis an gcreat dlíthiúil a bhí ann roimhe, creat a leagadh síos in 2005, a dhéanamh níos simplí agus níos intuartha.

1.3.

Faoi mar a tugadh faoi deara i dtuairim roimhe seo (1), athdhearbhaíonn CESE gur cheart an uasteorainn a mhéadú do chabhair de minimis atá ann faoi láthair d’earnáil na SGEInna, ar uasteorainn í a leagtar amach i Rialachán Uimh. 360/2012 (2) ón gCoimisiún agus dar luach EUR 500 000 thar trí bliana airgeadais. Ba cheart díriú go háirithe ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte agus an tionchar a d’imir an boilsciú san am atá thart agus a imreoidh sé amach anseo a chur san áireamh, mar aon leis an ról ar leith atá ag na seirbhísí a chabhraíonn leis an sciar is leochailí den daonra agus leis an gcomhtháthú sóisialta.

1.4.

Dá bhrí sin, molann CESE síneadh suntasach a chur leis an uasteorainn de minimis do na seirbhísí sóisialta agus sláinte, agus gur cheart an síneadh sin a bheith níos mó ná mar a beartaíodh le déanaí sa leasú atá molta i ndáil leis an uasteorainn de minimis a leagtar amach i Rialachán Uimh. 1407/2013, agus a chuireann an ról straitéiseach méadaitheach atá ag na seirbhísí sláinte agus sóisialta ar fud an Aontais san áireamh, mar is cuí. (3)

1.5.

Thairis sin, molann CESE go ndéanfaí roinnt soiléirithe maidir leis an méid seo a leanas, le cois an mhodhnaithe ar na huastairseacha de minimis: (i) sainmhíniú níos fairsinge ar a bhfuil i gceist le tithíocht shóisialta; ii) sainmhíniú níos beaichte ar choincheap “an chorrlaigh réasúnta ar bhrabús” chun idirdhealú a mheas maidir le fiontair an gheilleagair shóisialta a bhfuil a gcuid corrlaigh eacnamaíocha nasctha le críoch shóisialta; (iii) coincheap an chliste margaidh.

1.6.

Tugann CESE dá aire, maidir le coincheap an chorrlaigh réasúnta ar bhrabús, go mbeadh sé úsáideach dá sainaithneodh an Coimisiún na critéir agus na táscairí a mbeidh cead ag na hoibreoirí eacnamaíocha iad a úsáid chun an corrlach brabúis a shocrú, i gcomhréir lena gcumas cuspóirí leasa ghinearálta a bhaint amach, rud a chrúthódh tionchair shóisialta dhearfacha.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Sa doiciméad oibre “Meastóireacht ar na rialacha maidir le fóirdheontais Stáit le haghaidh seirbhísí sláinte agus sóisialta ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta (‘SGEInna’) agus Rialachán SGEI de minimis”, déanann an Coimisiún achoimre ar thorthaí a mheastóireachta ar phacáiste Almunia, atá i bhfeidhm ó bhí 2012 ann.

2.2.

Ba iad seo a leanas príomhchuspóirí phacáiste 2012 maidir leis na seirbhísí sláinte agus sóisialta (i) na critéir chomhoiriúnachta a shimpliú; agus (ii) an t-ualach riaracháin a laghdú do na Ballstáit atá toilteanach cúiteamh a thabhairt do ghnóthais ar cuireadh de chúram orthu SGEI a chur ar fáil don chuid leochaileach den daonra ar choinníollacha córa inacmhainne.

2.3.

Dá bhrí sin, is é is aidhm don mheastóireacht a rinne an Coimisiún a fháil amach a mhéid a bhain na rialacha maidir leis na seirbhísí sláinte agus sóisialta a gcuid cuspóirí amach, agus an bhfuil na rialacha céanna oiriúnach i gcónaí i bhfianaise cúrsaí sóisialta agus eacnamaíocha mar atá siad faoi láthair.

2.4.

Go sonrach, is éard atá sa mheastóireacht ón gCoimisiún measúnú ar an éifeachtúlacht, ar an éifeachtacht, ar an gcomhleanúnachas agus ar bhreisluach Eorpach na rialacha maidir le SGEInna a cuireadh i bhfeidhm sna seirbhísí sláinte agus sóisialta le 10 mbliana anuas, agus a dhíríonn ar bhrí a bhaint as na saincheisteanna atá le sárú ag na Ballstáit agus na rialacha maidir le SGEInna á gcur i bhfeidhm acu go dtí seo. Féachtar sa mheastóireacht freisin le tomhas a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh Rialachán SGEI de minimis i bhfeidhm.

2.5.

Tugtar le fios san anailís ón gCoimisiún go bhfuil Pacáiste SGEI 2012 éifeachtach go leor ó thaobh soiléiriú agus simpliú de, ós rud é gur simplíodh leis pacáiste SGEI 2005 inar tugadh isteach, cuir i gcás, rialachán de minimis a bhí sonrach ó thaobh SGEInna. Thairis sin, soiléiríodh agus beachtaíodh coincheapa bunúsacha áirithe a bhaineann leis na rialacha maidir le SGEInna a chur i bhfeidhm.

2.6.

Mar sin féin, tugtar le fios sa mheastóireacht go bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur leis fós, go háirithe ó thaobh soiléiriú ar phríomhchoincheapa áirithe a bhaineann le raon feidhme Airteagal 107 CFAE agus leis an gcreat dlíthiúil a bhaineann go sonrach le SGEInna, amhail: (i) gníomhaíocht eacnamaíoch/neamheacnamaíoch; (ii) tionchar ar thrádáil; (iii) brabús réasúnta; (iv) cliseadh margaidh; (v) tithíocht shóisialta. Leagtar béim sa mheastóireacht freisin ar mhéadú a dhéanamh ar an uasteorainn de minimis SGEI is infheidhme faoi láthair agus ar an gcomhdhearcadh forleathan i measc na ngeallsealbhóirí i ndáil leis sin.

2.7.

Ó thaobh éifeachtúlachta de, tugtar le fios sa mheastóireacht gur éirigh le Rialachán SGEI de minimis agus leis an modhnú a rinneadh ar an gCinneadh maidir le SGEInna (a cuireadh chun feidhme in 2012) an t-ualach riaracháin ar údaráis phoiblí a laghdú; bíodh sin mar atá, áfach, d’fhéadfaí an t-ualach seo a laghdú tuilleadh. Tugtar le fios san fhianaise eile a bailíodh gur cheart na costais a bhaineann le cur i bhfeidhm na gceanglas atá bunaithe ar rialacha maidir le SGEInna a laghdú.

2.8.

Ó thaobh comhleanúnachais de, tugtar le fios sa mheastóireacht go bhfuil na rialacha a bhaineann le Státchabhair (a chumhdaítear i bPacáiste SGEI 2012) comhleanúnach go hinmheánach agus gur féidir, a bhuí leo, na tascanna a roinnt ar bhealach níos fearr idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Tiocfaidh breisluach Eorpach chun cinn dá thoradh seo, rud a d’aithin na geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha.

2.9.

Go ginearálta, tá comhdhearcadh ann gur éirigh le Pacáiste SGEI 2012 timpeallacht chobhsaí dhlíthiúil a áirithiú do na Ballstáit agus go bhfuil an timpeallacht sin iomchuí chun freastal ar riachtanais laistigh den Aontas Eorpach. Is oth le CESE, áfach, nárbh fhéidir meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an tionchar ná ar na héiginnteachtaí de dheasca phaindéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus is mó seans go ndéanfar tuilleadh oibre ar nithe ar féidir feabhas a chur orthu amach anseo.

2.10.

Ar an gcéad dul síos, ba cheart córais leasa agus córais cosanta sláinte ar fud an Aontais a ráthú agus ba cheart tacú leo le hinfheistíochtaí poiblí leordhóthanacha, mar aon le ról méadaitheach na n-oibreoirí eacnamaíocha príobháideacha agus eintitis an gheilleagair shóisialta. Ba cheart do na gníomhaithe uile, cibé acu poiblí nó príobháideach, a bhfuil baint acu le seirbhísí sóisialta agus sláinte a sholáthar, caighdeáin agus critéir leordhóthanacha a chomhlíonadh lenar féidir an iomaíocht agus cuspóirí leasa ghinearálta a thabhairt le chéile.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Is mór ag CESE an comhairliúchán a rinne an Coimisiún, mar aon leis obair meastóireachta a rinne sé ina dhiaidh sin agus é ag iarraidh tionchar agus éifeachtaí reatha na rialacha ó 2012 maidir le Státchabhair a mheas chun cúiteamh a thabhairt do SGEInna agus béim ar leith a leagan ar na seirbhísí sláinte agus sóisialta.

3.2.

Is díol sásaimh do CESE gur chuir an Coimisiún san áireamh an tuairim féintionscnaimh uaidh Rialacha státchabhrach maidir leis na seirbhísí sláinte agus sóisialta – seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI) tar éis paindéime. Smaointe agus tograí maidir leis an meastóireacht ón gCoimisiún chun pacáiste reachtach 2012 a leasú (4), mar aon leis an obair a rinne Coiste na Réigiún ar an ábhar céanna.

3.3.

Is mór ag CESE an comhairliúchán poiblí a rinne an Coimisiún idir an 31 Iúil 2019 agus an 4 Nollaig 2019 agus an staidéar saineolaithe a d’fhorbair sé idir mí an Mheithimh 2020 agus mí na Bealtaine 2021. A bhuí leis na comhairliúcháin sin, rinneadh an próiseas meastóireachta níos trédhearcaí agus níos daonlathaí, d’aineoinn a theicniúla a bhí an t-ábhar a bhí idir lámha.

3.4.

Ba mhaith le CESE a chur i bhfáth go láidir an athuair go raibh pacáiste Almunia 2012, inar leagadh síos na rialacha maidir le Státchabhair i ndáil le SGEInna, úsáideach a mhéid a bhain leis na rialacha a bhí ann roimhe (a leagadh síos in 2005) a uasdátú agus a shimpliú. Ba cheart, dá bhrí sin, an cur chuige rialála a ghlactar sa phacáiste sin a choimeád amach anseo, gan ach ábhair áirithe a thabhairt cothrom le dáta agus iarracht a dhéanamh tuilleadh simplithe, soiléirithe agus deimhneacht dhlíthiúil a bhaint amach.

3.5.

Is é tuairim CESE gur éascaíodh soláthar na SGEInna sláinte agus sóisialta ar an leibhéal náisiúnta de thoradh an tsínidh a cuireadh leis an tairseach díolúine maidir le seirbhísí sóisialta áirithe a cuireadh i bhfeidhm i gCinneadh Uimh. 21/2012/AE (5) ón gCoimisiún– soláthar a ndearna an Coimisiún meastóireacht air ina dhoiciméad oibre. Go deimhin, laghdaíodh an t-ualach riaracháin ar na húdaráis phoiblí, agus áirithíodh go mbeadh níos mó intuarthacht dhlíthiúil agus níos mó solúbthachta ann d’fhiontair. Le síneadh den chineál sin, tugtar le fios go praiticiúil gur geall le foghrúpa iad na seirbhísí sláinte agus sóisialta don Choimisiún, foghrúpa a bhfuil gnéithe uathrialacha ag gabháil leis laistigh de chreat níos leithne SGEI.

3.6.

Tá CESE den tuairim gur cheart tuilleadh a chur leis an sainmhíniú ar “tithíocht shóisialta”. Is é an méid seo a leanas atá sa sainmhíniú atá ann faoi láthair: na gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta, lena n-áirítear soláthar na tithíochta sóisialta do shaoránaigh atá faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí nach bhfuil na buntáistí sóisialta céanna acu, nach bhfuil in ann, mar gheall ar shrianta sócmhainneachta, tithíocht a fháil faoi dhálaí an mhargaidh, ba cheart dóibh a bheith in ann leas a bhaint as an díolúine ón gceangal maidir le réamhfhógra a thabhairt dá bhforáiltear sa chinneadh seo. Dá bhrí sin, bheadh sé tábhachtach cásanna tromchúiseacha eile, atá infhíoraithe mar is cuí, a chur san áireamh a bhainfeadh le daoine nach bhfuil faoi mhíbhuntáiste go baileach nó nach bhfuil na buntáistí céanna acu, nó daoine nach bhfuil dócmhainneach go teicniúil nó nach bhfuil srianta sócmhainneachta ag cur as dóibh, amhail daoine leochaileacha, lena n-áirítear mná a bhfuil an foréigean teaghlaigh ag cur isteach orthu, mar aon le daoine scothaosta. Thairis sin, is coinníoll riachtanach í an rochtain ar thithíocht chun an cuimsiú sóisialta a áirithiú, agus bheadh staid na ndaoine óga san Eoraip ina húdar maith chun beartais infheistíochta poiblí a bhunú.

3.7.

Tá CESE á athdhearbhú an athuair go n-iarrann sé tuilleadh soiléirithe faoi choincheap an chorrlaigh réasúnta ar bhrabús is féidir le soláthróirí SGEI a fháil sa bhreis ar an gcúiteamh ar na costais a ghearrtar agus an tseirbhís á soláthar acu. Maidir leis an bpointe seo, tá CESE ar aon intinn le barúil Choiste na Réigiún nach mbíonn dóthain acmhainní ag na húdaráis chun na pointí tagartha a chinneadh ar mhaithe le brabús réasúnta. Anuas ar an soiléiriú breise i ndáil le coincheap an chorrlaigh réasúnta ar bhrabús, d’fhéadfadh an Coimisiún treoir bhreise a chur ar fáil ar an ábhar seo, ar mhaithe le tacú leis na húdaráis phoiblí. Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeidh na húdaráis phoiblí ar an eolas faoi na rialacha, agus go mbeidh sé ar a gcumas iad a bhainistiú go soiléir agus go héasca. Agus é á mheas cad is corrlach réasúnta ar bhrabús ann, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an méid a rannchuidíonn na fiontair a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí sóisialta agus sláinte leis an leas ginearálta.

3.8.

Mar a léiríodh sa mheastóireacht ón gCoimisiún, tá cruth níos measa ar chúrsaí de bharr gur thug Ballstáit áirithe le fios nach ligeann siad do sholáthraithe SGEInna brabús réasúnta a bhreith mar chuid den chúiteamh, de bharr a chasta atá an coincheap.

3.9.

Measann CESE gur cheart idirdhealú a dhéanamh sa sainmhíniú ar an gcorrlach réasúnta ar bhrabús, idirdhealú a rachadh chun sochair d’fhiontair an gheilleagair shóisialta. Tá sé de cheangal ar na fiontair sin na corrlaigh eacnamaíocha a ghintear ina ngníomhaíochtaí reachtúla féin a infheistiú an athuair, rud a spreagann fás sa gheilleagar agus rud ar cheart tacú leis agus é a spreagadh.

3.10.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur gá an cásdlí is déanaí de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le coincheap na gníomhaíochta eacnamaíche a chur san áireamh chun na rialacha a bhaineann le pacáiste SGEI 2012 a chur chun feidhme amach anseo, agus tá sé á chur i bhfáth aige go mb’fhéidir nach de chineál eacnamaíoch iad na gníomhaíochtaí sonracha a bhaineann leis na seirbhísí sláinte agus sóisialta. I gcás ina ndéanann eintiteas gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus neamheacnamaíocha ag an am céanna, is uirlis an-úsáideach í cuntasaíocht dheighilte agus shoiléir chun an trédhearcacht a áirithiú agus an tras-fhóirdheonú a sheachaint.

3.11.

Ba mhaith le CESE a athdhearbhú gur de réir réigiúin, contae nó baile, fiú, a eagraítear seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta laistigh de na Ballstáit. Ciallaíonn sé sin go bhfuil soghluaisteacht úsáideoirí idir réigiúin nó contaetha i dtír ar leith an-teoranta, rud a fhágann go n-eisiatar éifeacht inchreidte ar thrádáil idir na Ballstáit.

3.12.

Tugann seirbhísí an Choimisiúin dá n-aire sa mheastóireacht a rinne siad go bhfuil sé deacair, i ngeall air sin, an éifeacht ar thrádáil do gach seirbhís sláinte agus sóisialta a chur as an áireamh agus go mb’fhéidir nach ndéanfadh an méid beag de chabhair nó méid measartha beag an ghnóthais is faighteoir difear don trádáil idir na Ballstáit. Tá seasamh an Choimisiúin intuigthe agus i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ach mar sin féin, tá CESE á thabhairt le fios go bhféadfaí an iomaíocht agus infheistíochtaí idir stáit a áirithiú trí mhaoiniú cobhsaí na seirbhísí sláinte agus sóisialta ar an leibhéal áitiúil agus, ag an am céanna, dreasachtaí poiblí a choimeád ar oscailt ar bhonn neamh-idirdhealaitheach d’eintitis ar mian leo dul isteach i margadh ar leith de chuid Ballstát eile.

3.13.

Bhí líon mór geallsealbhóirí den tuairim gur furasta na rialacha SGEI a bhaineann leis na seirbhísí sláinte agus sóisialta a chomhlíonadh, go páirteach ar a laghad, a bhuí leis an soiléiriú a rinneadh ar an gcoincheap “cliseadh margaidh” a cumhdaíodh i bpacáiste 2012. I ndáil leis an méid seo, ba mhian le CESE a thabhairt dá aire gur féidir cliseadh margaidh a chur in iúl más ea nach soláthraítear an tseirbhís áirithe sa mhargadh, agus go háirithe más ea nach n-éiríonn leis an margadh an caighdeán leordhóthanach ná rochtain atá cothrom, inacmhainne a sholáthar do gach duine sa tseirbhís, agus go n-imrítear drochthionchar ar an gcuimsiú sóisialta agus ar an gcomhionannas deiseanna dá dheasca.

3.14.

Tacaíonn CESE leis an tuairim atá ag tromlach na ngeallsealbhóirí a ndeachaigh an Coimisiún i gcomhairle leo, toisc nach leor an uasteorainn de EUR 500 000 atá ann faoi láthair a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 do na riachtanais mhaoinithe reatha maidir le SGEInna a fheidhmiú, de bharr gur cosúil gur furasta an uasteorainn de minimis a bhaint amach ina lán cásanna, agus gur tháinig méadú suntasach ar mheánmhéid na tacaíochta Stáit ó 2012 i leith. Ba cheart tairseach den sórt sin a mhéadú tuilleadh i gcás eintitis a gceanglaítear orthu, i gcomhréir lena reachtanna agus leis an dlí, na hioncaim a fhaightear a athinfheistiú i gcomhréir leis an gcuspóir sóisialta atá á shaothrú acu, mar is amhlaidh i gcás fiontair shóisialta (6).

3.15.

Agus an t-ábhar atá idir lámha á mheas, tá CESE á chur i bhfáth an tionchar a d’imir paindéim COVID-19 ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte, agus tionchar an bhoilscithe chomh maith, rud a bhfuil méadú mór tagtha air le trí bliana anuas. Dá réir sin, bheadh údar le méadú níos mó a chur i bhfeidhm ar an uasteorainn de minimis ná an ceann a beartaíodh le déanaí, mar aon le Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 a oiriúnú i bhfianaise an róil straitéisigh a imríonn na seirbhísí sláinte agus sóisialta ar fud an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur san áireamh, cé go raibh an gnáthteorainn faoi Rialachán Uimh. (AE) 1407/2013 i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide.

3.16.

Tá CESE á thabhairt dá aire go dtabharfadh méadú na dtairseach de minimis atá socraithe faoi láthair ag EUR 500 000 thar thréimhse trí bliana airgeadais deimhneacht dhlíthiúil d’oibreoirí, agus do riaracháin áitiúla agus d’údaráis áitiúla atá toilteanach tacú le bonneagar sóisialta agus leighis. Is díol imní é an cheist maidir le rochtain ar chúram i roinnt mhaith Ballstát agus ní mór don Choimisiún tacú le hiarrachtaí na mBallstát ar mian leo infheistíocht a dhéanamh i réimsí den chineál sin.

3.17.

Mar a cuireadh in iúl sa tuairim Plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta (7), leag CESE béim ar a thábhachtaí atá an geilleagar sóisialta do na seirbhísí sláinte agus sóisialta, ar cheart tacú lena ghníomhaíocht trí shoiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais rochtana maidir le hearnáil na SGEInna, mar aon leis an méid tacaíochta atá ar fáil faoin Státchabhair d’eintitis an gheilleagair shóisialta.

3.18.

Tá CESE á thabhairt le fios nach ndéantar anailís iomlán sa doiciméad oibre ón gCoimisiún ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 ná ar chogadh foghach na Rúise san Úcráin i bpacáiste 2012 maidir le SGEInna, ach go gcuirtear san áireamh iad nuair is ábhartha sin. I ndáil leis sin, is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil ról na seirbhísí sláinte agus sóisialta níos ábhartha agus níos tábhachtaí fós (8) de dheasca phaindéim COVID-19 agus an ionraidh a rinneadh ar an Úcráin, dhá rud a d’imir drochthionchar ar ghníomhaíocht agus ar fheidhmiú na ngníomhaithe atá bainteach le soláthar na seirbhísí sin. Dá bhrí sin, tá géarghá le creat dlíthiúil lenar féidir maoiniú poiblí atá cobhsaí, éifeachtach agus simplí a áirithiú do sheirbhísí sóisialta agus sláinte.

3.19.

Ar deireadh, tá CESE á thabhairt dá aire gur thosaigh an Coimisiún Eorpach ag obair ar chreat dlíthiúil atá níos solúbtha agus níos éifeachtaí maidir leis an aistriú glas a mhaoiniú d’fhonn beartais an Aontais a chur in oiriúint don Ghníomh um Laghdú Boilscithe, gníomh a chur na Stáit Aontaithe chun cinn. Is cinnte gur cúis mhaith í iomaíocht idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh chun an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair maidir le státchabhair a oiriúnú. Ar an gcaoi chéanna, bheadh údar cuí le hoiriúnú agus le simpliú leordhóthanach na seirbhísí sláinte agus sóisialta, agus is cinnte go gcuideoidh sé sin le seirbhísí níos fearr do dhaoine a chur ar fáil, i bhfianaise na riachtanas cúnaimh atá ag dul i méid, rud a tugadh le fios sna doiciméid a bhaineann leis an Straitéis Cúraim Eorpach le haghaidh cúramóirí agus faighteoirí cúraim (9).

3.20.

Mar fhocal scoir, athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá sé faireachán cúramach a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an Státchabhair i réimse na seirbhísí sláinte agus sóisialta d’fhonn neamhrialtachtaí nó mí-úsáid a d’fhéadfadh oibreoirí eacnamaíocha a dhéanamh sna hearnálacha tábhachtacha seo a sheachaint.

An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 131.

(2)  IO L 114, 26.4.2012, lch. 8.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1).

(4)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 8.

(5)  IO L 7, 11.1.2012, lch. 3.

(6)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 131.

(7)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 38.

(8)  Mar a léiríodh leis an méadú ar chaiteachas na mBallstát ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte le blianta beaga anuas, rud a cuireadh in iúl i meastóireacht an Choimisiúin.

(9)  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=en&catId=89&furtherNews=yes&newsId=10382#navItem-relatedDocuments