|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 227/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10659 — VITERRA / GAVILON AGRICULTURE INVESTMENT) ( 1 ) |
|
|
2023/C 227/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10917 — SCHÜCO / METALLINVEST / RSFB / AWB) ( 1 ) |
|
|
2023/C 227/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11102 – SILVER FAWN / MHI / AYOSA HOTELES / EVERTMEL / JAMAICA DEVCO) ( 1 ) |
|
|
2023/C 227/04 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11129 — BAIN CAPITAL / APFARGE / WHI) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
Parlaimint na hEorpa |
|
|
2023/C 227/05 |
||
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 227/06 |
||
|
2023/C 227/07 |
||
|
2023/C 227/08 |
||
|
|
An Chúirt Iniúchóirí |
|
|
2023/C 227/09 |
||
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
|
2023/C 227/10 |
Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 227/11 |
||
|
2023/C 227/12 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10659 — VITERRA / GAVILON AGRICULTURE INVESTMENT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 227/01)
An 28 Iúil 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10659. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10917 — SCHÜCO / METALLINVEST / RSFB / AWB)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 227/02)
An 2 Bealtaine 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i nGearmáinis amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M10917. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/3 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11102 – SILVER FAWN / MHI / AYOSA HOTELES / EVERTMEL / JAMAICA DEVCO)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 227/03)
An 14 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11102. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/4 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11129 — BAIN CAPITAL / APFARGE / WHI)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 227/04)
An 21 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11129. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Parlaimint na hEorpa
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/5 |
CINNEADH Ó BHIÚRÓ PHARLAIMINT NA hEORPA
an 12 Meitheamh 2023
lena leasaítear na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa
(2023/C 227/05)
TÁ BIÚRÓ PHARLAIMINT NA hEORPA,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 223(2) de,
ag féachaint do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (1),
ag féachaint do Riail 25 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bhí Feisirí de Pharlaimint na hEorpa in ann dul isteach i scéim pinsin breise ar bhonn deonach ó 1989 go dtí deireadh an séú téarma parlaiminteach (2004 go 2009) (an Scéim Pinsin Breise (Deonach) - ‘an Scéim’). Liostaítear na cearta agus na hoibleagáidí faoin Scéim sin in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacha lena rialaítear Íocaíocht Speansas agus Liúntais le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (rialacha PEAM), dá dtagraítear in Airteagal 76 de na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (2) (‘na Bearta Cur Chun Feidhme’). Tá an Scéim sin á maoiniú leis an gCiste Pinsean Breise (Deonach) (‘an Ciste’) atá i staid an-deacair anois ó thaobh airgeadais de. De réir tuarascáil achtúireach ón gCiste an 17 Feabhra 2023, amhail ón 31 Nollaig 2022, faoi na rialacha lena rialaítear an Scéim faoi láthair, meastar gurb ionann na híocaíochtaí pinsin bliantúla agus EUR 22 go 23 mhilliún ar an meán in aghaidh na bliana go dtí 2030, agus meastar go bhfanfaidh íocaíochtaí pinsin bliantúla os cionn EUR 10 milliún go dtí 2047, agus os cionn EUR 100 000 go dtí 2073, an bhliain sin san áireamh. Sócmhainní iarmharacha an Chiste, ar fiú EUR 52,8 milliún iad ina dhréachtchuntais bhliantúla amhail ón 31 Nollaig 2022, measadh gurbh ionann iad agus EUR 43 go 44 mhilliún faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2023 agus go leanfadh siad de bheith ag dul i léig go tapa, ós rud é, in 2023, go mbeidh gá le thart ar EUR 1,9 milliún in aghaidh na míosa chun íocaíochtaí pinsin míosúla a sheirbhísiú. Sócmhainní iarmharacha an Chiste, a bhfuil sé beartaithe leo an Scéim a mhaoiniú, d’fhéadfaidís a bheith ídithe cheana féin in 2024, ag brath ar na margaí airgeadais, agus beidh siad ídithe in 2025 ar a dhéanaí, rud a mheastar a fhágfaidh easnamh achtúireach neamh-mhaoinithe ann arb ionann é agus thart ar EUR 310 milliún san iomlán. |
|
(2) |
Ag na cruinnithe a bhí aige an 17 Aibreán agus an 22 Bealtaine 2023, phléigh an Biúró staid airgeadais an Chiste mar aon le roghanna agus bearta éagsúla arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar fhadhb leachtachta an-tromchúiseach an Chiste agus ar a easnamh achtúireach a laghdú, d’fhonn an Ciste a chosaint sa ghearrthéarma, ar mhaithe le tairbhithe uile na Scéime atá ann faoi láthair agus leo siúd a bheidh ann amach anseo agus iarmhairtí diúltacha do cháiníocóirí na hEorpa a sheachaint nó, ar a laghad, a dhéanamh níos lú. Tháinig an Biúró ar an gconclúid, i bhfianaise na n-aidhmeanna sin, gur cheart roinnt beart atá dosheachanta ó thaobh na heacnamaíochta de a dhéanamh. |
|
(3) |
Ar an gcéad dul síos, ba cheart pinsin bhreise nach bhfuil iníoctha fós a bheith faoi réir coinníollacha agus maoluithe breise. Go háirithe, ba cheart an aois scoir a ardú ón aois reatha 65 bliana go 67 mbliana d’aois. De réir ionsamhlú achtúireach a d’iarr seirbhísí de chuid na Parlaiminte, meastar go mbeidh coigilteas iomlán EUR 2 mhilliún mar thoradh ar an mbeart sin. |
|
(4) |
Ar an dara dul síos, ós rud é nach leor an aois a ardú chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb leachtachta an-tromchúiseach an Chiste agus chun a easnamh achtúireach a laghdú, ba cheart méid na bpinsean faoin Scéim a laghdú 50 % agus níor cheart na pinsin sin a uasdátú a thuilleadh. I bhfianaise mhéid mhór fhadhb leachtachta an Chiste i gcomparáid lena oibleagáidí fadtéarmacha, agus i bhfianaise a easnaimh achtúireach, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin ní hamháin maidir le tairbhithe amach anseo a bhfuil cearta pinsin acu sa phróiseas atá á bhfáil ach freisin maidir le tairbhithe reatha a bhfuil cearta pinsin faighte acu cheana féin. De réir ionsamhlú achtúireach a d’iarr seirbhísí de chuid na Parlaiminte, meastar go sábhálfar EUR 181,4 milliún de phinsin agus go scoirfear de phinsin a thabhairt cothrom le dáta go coigilteas EUR 40,4 milliún. |
|
(5) |
Mar thoradh ar na bearta comhcheangailte chun an aois scoir a ardú, chun méid na bpinsean faoin Scéim a laghdú 50 % agus chun scor de phinsin a uasdátú, meastar go dtiocfaidh laghdú ar oibleagáidí pinsin amach anseo ó EUR 362,7 milliún go EUR 139 milliún (amhail ón 31 Nollaig 2022), rud a fhágfaidh go gcuirfear síneadh dhá bhliain nó trí bliana le saolré ionchasach an Chiste, go dtí 2027, agus a fhágfaidh go laghdófar easnamh achtúireach an Chiste ó thart ar EUR 310 milliún go tuairim is EUR 86 mhilliún. |
|
(6) |
Tá na bearta comhcheangailte sin riachtanach i bhfianaise an ghá atá leis na cuspóirí maidir leis an gCiste a chosaint sa ghearrthéarma a bhaint amach agus iarmhairtí diúltacha don cháiníocóir Eorpach a sheachaint nó, ar a laghad, a dhéanamh níos lú, agus tá siad comhréireach. Nuair a bhíothas ag teacht ar an gconclúid sin, tugadh aird, go háirithe, ar an meathlú ar inbhuanaitheacht airgeadais an Chiste mar gheall, inter alia, ar na hiarmhairtí ar na margaí airgeadais a bhí ag géarchéim airgeadais 2007-2008 agus ag an gcogadh san Úcráin, ar mhéid fhadhb na leachtachta agus ar easnamh achtúireach an Chiste agus ar leasanna thairbhithe reatha na Scéime agus leasanna thairbhithe na Scéime amach anseo. Rinne an Biúró bearta eile nach raibh chomh suaiteach sin a chur san áireamh go cuí agus dhiúltaigh sé dóibh mar bhearta neamhleora. Maidir le tairbhithe reatha na Scéime a bhfuil cearta faighte acu, chuir an Biúró san áireamh freisin an cóimheas idir méid iomlán na n-íocaíochtaí pinsin a fuair siad ina n-aonar faoin Scéim i gcomparáid lena ranníocaíochtaí aonair iomlána, cóimheas arb ionann é, ar an meán, agus 4,7:1, agus suas le 14,3:1 i gcás 16 % de na pinsinéirí reatha. Cásanna aonair cruatain, ina mbaintear go tromchúiseach de chumas iar-Fheisire nó iarthairbhí eile freastal ar a riachtanais, ba cheart na cásanna sin a chumhdach le clásal cruatain. |
|
(7) |
I bhfianaise na n-athruithe ar choinníollacha na Scéime agus na neamhchinnteachtaí a bhaineann le todhchaí an Chiste agus na Scéime araon, ba cheart an deis a bheith ag Feisirí agus iar-Fheisirí iarratas a dhéanamh, ar bhonn deonach agus ar feadh tréimhse teoranta, ar íocaíocht an phinsin breise i bhfoirm cnapshuime deiridh aonuaire. Ba cheart dreasachtaí a chur ar fáil chun iarratais den sórt sin a spreagadh, ós rud é go bhfuiltear ag súil go laghdóidh siad na hoibleagáidí íocaíochta foriomlána a bheidh ann amach anseo agus an t-easnamh achtúireach. Ag an am céanna, ba cheart íocaíochtaí atá faighte cheana féin faoin Scéim a chur san áireamh. |
|
(8) |
I bhfianaise a thromchúisí atá fadhb na leachtachta agus easnamh achtúireach an Chiste, ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha agus ag na maoluithe nua ón 1 Iúil 2023, gan aon chóras idirthréimhseach a bheith i bhfeidhm, ós rud é go gcuirfeadh sé na héifeachtaí airgeadais atá beartaithe leis na bearta a glacadh go mór i mbaol, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 76 de na Bearta Cur Chun Feidhme mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Déanfar pinsean breise a thiocfaidh chun bheith iníoctha ón 1 Iúil 2023 a íoc le hiar-Fheisirí nó le hiarthairbhithe eile de bhun Airteagail 1, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM faoi réir na gcoinníollacha agus na maoluithe seo a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear isteach na míreanna seo a leanas: ‘1a. Maidir leis na pinsin a tháinig chun bheith iníoctha le hiar-Fheisirí nó le hiarthairbhithe eile de bhun Airteagail 1, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM roimh an 1 Iúil 2023, déanfar na méideanna a bheidh dlite ón lá sin i leith a laghdú agus a choigeartú mar a leanas:
1b. Más rud é, de bharr chur i bhfeidhm mhír 1, pointí (a) agus/nó (b), nó mhír 1a, pointí (a) agus/nó (b), go mbeadh ar an iar-Fheisire nó ar an iarthairbhí eile maireachtáil faoi bhun nó níos mó faoi bhun na tairsí is déanaí atá ar fáil faoina mbeifí i mbaol bochtaineachta don Stát ina bhfuil buanchónaí air nó uirthi, féadfaidh sé nó sí iarratas ar mhéadú ar phinsean a chur faoi bhráid na gCaestóirí. Is í an tairseach sin an tairseach a chinnfidh Eurostat, más infheidhme. Beidh an fhaisnéis ábhartha agus na doiciméid tacaíochta uile ag gabháil leis an iarratas sin chun go mbeidh an Pharlaimint in ann measúnú a dhéanamh ar ioncaim eile an iar-Fheisire nó an tairbhí eile agus ar a staid airgeadais, amhail deimhniú arna eisiúint ag údarás náisiúnta inniúil lena bhfianaítear ioncaim agus staid airgeadais eile an iar-Fheisire nó an tairbhí eile. Agus ioncam agus staid airgeadais eile an iar-Fheisire nó an iarthairbhí eile á gcur san áireamh, féadfaidh na Caestóirí méadú ar an bpinsean a dheonú ionas go mbainfidh sé amach an tairseach faoina mbeifí i mbaol bochtaineachta. Mar sin féin, ní bheidh méid an phinsin tar éis an mhéadaithe sin níos airde ná an pinsean a sholáthrófaí de bhun Airteagail 1 go 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, de réir mar is infheidhme an 30 Meitheamh 2023. Agus méadú ar an bpinsean deonaithe ag na Caestóirí, déanfaidh an t-iar-Fheisire nó an t-iarthairbhí eile lena mbaineann, ar bhonn bliantúil, uasdátú ar na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi bhráid sheirbhís inniúil Pharlaimint na hEorpa, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh le himeacht ama na gcoinníollacha maidir leis an méadú a dheonú. I gcás, mar thoradh ar an measúnú bliantúil, gur gá an cinneadh tosaigh a aisghairm nó an pinsean a mhéadú i gcomparáid leis an bpinsean a deonaíodh ar dtús, déanfaidh seirbhís inniúil Pharlaimint na hEorpa togra chuige sin a chur faoi bhráid na gCaestóirí chun go ndéanfaidh siadsan cinneadh. Is í seirbhís inniúil Pharlaimint na hEorpa a chinnfidh gach coigeartú eile ar an méadú a deonaíodh ar dtús. Mura n-aontóidh an t-iar-Fheisire nó an t-iarthairbhí eile le cinneadh arna ghlacadh ag na Caestóirí faoin dara nó faoin tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh sé nó sí, laistigh de dhá mhí tar éis don chinneadh a bheith fógartha, a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig an mBiúró, i gcomhréir le hAirteagal 72(3).’ |
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Aon phinsean breise de bhun Airteagal 1 agus Airteagal 2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, nach bhfuil iníoctha fós an 1 Eanáir 2019, beidh sé faoi réir tobhach speisialta arb ionann é agus 5 % de mhéid ainmniúil an phinsin. Beidh an tobhach iníoctha go díreach leis an gCiste Pinsin (Deonach) Breise.’ |
|
(4) |
cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘5. Gan dochar d’Airteagal 1(6) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, ar feadh tréimhse sé mhí ón 1 Iúil 2023, féadfaidh Feisire nó iar-Fheisire a chuaigh isteach sa Scéim Pinsin Bhreise (Deonach) de réir bhrí Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM iarratas a thaisceadh chun tarraingt siar ón Scéim Pinsin Bhreise (Deonach) agus chun an pinsean breise a fháil i bhfoirm cnapshuime deiridh aonuaire. Déanfaidh an Feisire nó an t-iar-Fheisire an t-iarratas sin a shíniú agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa é. A luaithe a bheidh iarratas comhshínithe ag an Ard-Rúnaí, beidh sé ceangailteach agus neamh-inchúlghairthe. Féadfaidh an tArd-Rúnaí an chumhacht chun comhshíniú a tharmligean chuig ionadaí de chuid sheirbhís inniúil Pharlaimint na hEorpa. Is í seirbhís inniúil Pharlaimint na hEorpa a shuífidh méid na híocaíochta deiridh aonuaire le cnapshuim amhail ag deireadh na míosa a gheobhaidh sí an t-iarratas dá dtagraítear faoin gcéad fhomhír. Ríomhfar é mar shuim dhá mhéid. Comhfhreagróidh an chéad mhéid d’iomlán na ranníocaíochtaí i luach ainmniúil arna dtabhairt ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire lena mbaineann chuig an Scéim Pinsin Breise (Deonach), tar éis na híocaíochtaí pinsin atá faighte aige nó aici cheana féin, de réir luacha ainmniúil, a asbhaint. Ní rachaidh an asbhaint sin thar mhéid iomlán na ranníocaíochtaí arna dtabhairt aige nó aici don Scéim Pinsin Breise (Deonach). Freagróidh an dara méid do 20 % d’iomlán na ranníocaíochtaí i luach ainmniúil arna dtabhairt ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire lena mbaineann don Scéim Pinsin Breise (Deonach). Is in euro a íocfar na méideanna go léir. Déanfar na cearta agus/nó na teidlíochtaí uile a fuarthas i scéim pinsin an Fheisire, an iar-Fheisire nó tairbhí eile a bheidh ann amach anseo a shocrú go cinntitheach faoi dheireadh na míosa a gheofar an t-iarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Go háirithe, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag na teidlíochtaí a leagtar síos in Airteagail 1, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, agus ní bheidh feidhm ag mír 1b den Airteagal seo maidir leis an bhFeisire, an t-iar-Fheisire nó tairbhí eile lena mbaineann a bheidh ann amach anseo. Íocfar an íocaíocht deiridh aonuaire le cnapshuim ar a dhéanaí trí mhí tar éis don Pharlaimint an t-iarratas dá dtagraítear faoin gcéad fhomhír a fháil.’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 den Chinneadh seo ón 1 Iúil 2023.
Don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2023, leanfaidh Airteagal 76 de na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, arna leasú le Cinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 (3)de bheith infheidhme.
(1) Cinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 ag glacadh Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO L 262, 7.10.2005, lch. 1).
(2) Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 maidir le bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO C 159, 13.7.2009, lch. 1).
(3) Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 10 Nollaig 2018 lena leasaítear na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO C 466, 28.12.2018, lch. 8).
An Coimisiún Eorpach
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/9 |
Rátaí malairte an euro (1)
28 Meitheamh 2023
(2023/C 227/06)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0938 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
157,82 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4469 |
|
GBP |
punt steirling |
0,86420 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,7950 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9822 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
148,50 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,8395 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,683 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
371,73 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,4763 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9604 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
28,5166 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6525 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4491 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,5667 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7992 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4799 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 434,33 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
20,4828 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,9262 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 398,98 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
5,1097 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
60,400 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
38,950 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2940 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
18,6835 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
89,7465 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/10 |
CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Bealtaine 2023
lena gceartaítear Cinneadh C(2023) 2678 final maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh athruithe ar thábla náisiúnta leithdháilte eitlíochta na hIodáile le haghaidh 2022 agus 2023 a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh
(2023/C 227/07)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1),
Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (2), agus go háirithe Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tar éis a Chinneadh C(2023) 2678 final (3) a ghlacadh, shainaithin an Coimisiún earráid san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, sa mhéid is gur luadh méid mícheart lamháltas saor in aisce a leithdháileadh ar ETSID 48643 le haghaidh na bliana 2023. Tá gá le ceartú chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh C(2023) 2678 final a cheartú dá réir, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Sa tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh C(2023) 2678 final, sa ró le haghaidh ETSID 48643, an ceathrú colún, cuirtear an figiúr ‘590 698’ in ionad an fhigiúir ‘604 612’.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Frans TIMMERMANS
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.
(2) IO L 177, 2.7.2019, lch. 3.
(3) Cinneadh C(2023) 2678 final ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2023 maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh athruithe ar thábla náisiúnta leithdháilte eitlíochta na hIodáile le haghaidh 2022 agus 2023 a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh (IO C 226, 28.6.2023, lch. 6.).
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/11 |
Ráiteas ón gCoimisiún tráth a glacadh Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(2023/C 227/08)
‘Agus measúnú á dhéanamh aige ar na critéir in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar chatagóirí táirgí a dtarlaíonn líon suntasach tionóiscí agus básanna ina leith.
(1) Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le hinnealra agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (IO L 165, 29.6.2023, lch. 1).
An Chúirt Iniúchóirí
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/12 |
Tuarascáil speisialta 18/2023:
‘Spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais – Baineadh amach na spriocanna do 2020, ach is beag léiriú atá ann gur leor gníomhaíochtaí chun na spriocanna do 2030 a bhaint amach’
(2023/C 227/09)
Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tuarascáil a fhoilsiú dar teideal Tuarascáil speisialta 18/2023: ‘Spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais – Baineadh amach na spriocanna do 2020, ach is beag léiriú atá ann gur leor gníomhaíochtaí chun na spriocanna do 2030 a bhaint amach’.
Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/ga/publications/sr-2023-18
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/13 |
Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh
(2023/C 227/10)
I gcomhréir le hAirteagal 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), rinneadh cinneadh an t-iascach a iamh mar a leagtar síos sa tábla seo a leanas:
|
Dáta agus am an iaimh |
30.5.2023 |
|
Fad tréimhse |
30.5.2023 – 31.12.2023 |
|
Ballstát |
an Phortaingéil |
|
Stoc nó Grúpa stoc |
BET/ATLANT (lena n-áirítear BET/*ATLLL agus BET/*ATLPS) |
|
Speiceas |
Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus) |
|
Limistéar |
an tAigéan Atlantach |
|
Cineálacha soithí iascaireachta |
— |
|
Uimhir thagartha |
02/TQ194 |
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/14 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus Airteagal (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2023/C 227/11)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS LEASÚ CAIGHDEÁNACH
‘Languedoc’
PDO-FR-A0922-AM08
Dáta teachtaireachta: 31.3.2023
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Limistéir agus áiteanna ina ndéantar na hoibríochtaí éagsúla
I gCaibidil I den tsonraíocht, leasaíodh roinn IV ‘Limistéir agus áiteanna ina ndéantar na hoibríochtaí éagsúla’ chun liosta na mbardas a chomhdhéanann an limistéar geografach agus an limistéar díreach in aice láimhe a thabhairt cothrom le dáta:
|
— |
I bpointe 1 ‘Limistéar geografach’, déantar liosta na mbardas a thabhairt i gcomhréir, gan athruithe, le Cód Geografach Oifigiúil Eanáir 2022. |
|
— |
I bpointe 3 ‘Limistéar díreach in aice láimhe’, déantar liosta na mbardas a thabhairt i gcomhréir, gan athruithe, le Cód Geografach Oifigiúil Eanáir 2022. |
Leis an leasú eagarthóireachta sin, ligtear don limistéar geografach a bheith aitheanta le tagairt do leagan 2022 den Chód Geografach Oifigiúil, a choinníonn an Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéar Eacnamaíoch (INSEE) cothrom le dáta agus a thugann deimhneacht dhlíthiúil don sainiú ar an limistéar geografach. Tá an tagairt chéanna curtha isteach sa doiciméad aonair faoi na ceannteidil ‘Limistéar geografach’ agus ‘Limistéar díreach in aice láimhe’.
I Roinn VI ‘Bainistíocht fíonghoirt’, i bpointe 1(b) ‘Rialacha prúnála’, déantar liosta na mbardas a thabhairt cothrom le dáta freisin chun é a chur i gcomhréir le Cód Geografach Oifigiúil 2022: déantar liosta na mbardas ina bhfuil fíonghoirt a bhfuil ainmniúchán geografach forlíontach acu suite a thabhairt cothrom le dáta, gan athruithe, i gcomhréir leis an gCód Geografach Oifigiúil.
Ní dhéanann an nuashonrú sin difear don doiciméad aonair.
2. Limistéar dáileachta críochaithe den ainmniúchán geografach forlíontach ‘Saint Drézery’
Forlíonadh Caibidil I den tsonraíocht, Roinn IV ‘Limistéir agus áiteanna ina ndéantar na hoibríochtaí éagsúla’, pointe 2 ‘Limistéar dáileachta críochaithe’ chun na bardais a chuimsíonn críochú dáileachta sonrach an ainmniúcháin gheografaigh fhorlíontaigh ‘Saint-Drézéry’ a áireamh agus rinne an t-údarás inniúil é a fhormheas i mí an Mheithimh 2022. Tagann fíonta ar a bhfuil an ainmniúchán forlíontach ‘Saint Drézéry’ ó fhíonchaora ó dháileachtaí atá suite sa limistéar dáileachtaí atá ainmnithe le haghaidh táirgthe. Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
3. Bainistiú fíonghort
I gCaibidil I den tsonraíocht, Roinn VI ‘Bainistíocht fíonghort’, pointe 2 ‘Modhanna eile saothraithe’, forlíontar na rialacha ginearálta leis na forálacha agra-chomhshaoil seo a leanas:
‘Ag am an bhuainte, ní bhíonn triopaill neamhshaothraithe i dteagmháil le planda ar bith seachas an fhíniúin.
|
— |
Toirmisctear mótú plaisteach. |
|
— |
Chun saintréithe an chomhshaoil fhisiciúil agus bhitheolaíoch, atá mar chuid bhunúsach den terroir, a chaomhnú:
|
Tugadh na forálacha nua seo anonn go dtí an roinn ‘Cleachtais fíonóireachta’ den doiciméad aonair.
4. Beart idirthréimhseach maidir le teorannú na dáileachta ar an ainmniúchán forlíontach ‘Saint-Drézéry’
I gCaibidil I den tsonraíocht, forlíontar Roinn XI ‘Bearta idirthréimhseacha’ tar éis obair a dhéanamh ar theorannú na dáileachta sonrach ar an sonrúchán forlíontach den ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Languedoc’ - Saint-Drézéry. D’iarr comhlacht cosanta agus bainistíochta an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe ‘Languedoc’ go n-áireofaí beart idirthréimhseach sa tsonraíocht chun go bhféadfar an t-ainmniúchán forlíontach ‘Saint-Drézéry’ a úsáid go dtí buaint 2030 le haghaidh fíonta ó fhíonchaora a bhaintear i ndáileachtaí a bhaineann le limistéar críochaithe ‘Languedoc’ i mbardas Saint-Drézéry ach nach bhfuil ar áireamh i dteorannú dáileachta an ainmniúcháin tionscnaimh cláraithe ‘Languedoc’ - aithníodh Saint-Drézéry i mí an Mheithimh 2021.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Languedoc
2. Cineál an táisc gheografaigh
STFC — Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóir na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Saintréithe anailíseacha
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Is fíonta socra iad fíonta ‘Languedoc’ ATFC, fíonta tirime atá dearg, rosé nó geal. - Is é 11,5 % an íosmhéid nirt alcóil nádúrtha de réir toirte atá sna fíonta. - Tá cion aigéid malach níos lú ná 0,4 g/l nó cothrom leis sna fíonta dearga agus iad réidh le cur ar an margadh ar an mórchóir nó le bheith pacáistithe, ach amháin fíonta atá incháilithe do na téarmaí ‘primeur’ (luath) nó ‘nouveau’ (nua). - Tá an méid siúcra inchoipthe seo a leanas (glúcós agus fruchtós) sna fíonta agus iad réidh le cur ar an margadh ar an mórchóir nó le bheith pacáistithe: Uasmhéid inchoipthe siúcra: - Fíonta geala, rosé agus dearga a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte acu ar mó é ná 14 %: 4 g/l - Fíonta dearga a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte níos lú ná 14 % nó cothrom leis acu: 3 g/l - Fíonta arna n-ainmniú mar ‘primeur’ nó ‘nouveau’: 2 g/l - Tá aigéadacht luaineach níos lú ná 10,2 meq/l nó cothrom leis ag fíonta neamhphacáistithe arna n-ainmniú mar ‘primeur’ nó ‘nouveau’. - Tá aigéadacht iomlán agus aigéadacht luaineach fíonta nach bhfuil ainmnithe mar ‘primeur’ agus an cion iomlán dé-ocsaíde sulfair mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
13 |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Saintréithe orgánaileipteacha
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
|
— |
Bíonn dath measartha dian go domhain dian ar na fíonta dearga, a bhíonn ina meascán de chineálacha éagsúla i gcónaí, pailéad dea-bholaithe ó thorthaí dearga agus dubha go blasanna spíosraithe agus rósta, agus struchtúr soladach le tainniní aibí. Is féidir iad a choinneáil ar feadh idir 2 agus 5 bliana ar an meán, ach amháin fíonta ‘primeur’ nó ‘nouveau’, ar cheart iad a ithe sna míonna tar éis an táirgthe. |
|
— |
Is meascán iad na fíonta rosé de dhá chineál ar a laghad, is iad na príomhchineálacha Syrah N, Cinsaut N agus Grenache N. Déantar na fíonta trí bhrú díreach, maothú gearr nó an modh saignée agus bíonn dath nádúrtha geal orthu. Tá dea-bholaithe casta acu agus tá siad úr agus cruinn ar an gcarball. |
|
— |
Bíonn na fíonta geala tirim freisin. Déantar iad a tháirgeadh trí chumasc. Is gnách go mbíonn dath meathbhán orthu agus bíonn an cruinneas a bhaineann le Languedoc acu de ghnáth agus dea-bholaithe atá cosúil le torthaí trópaiceacha, citris, bláthanna bána nó torthaí triomaithe.
|
||||||||||||
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1. Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
|
— |
Agus fíonta rosé á ndéanamh acu, féadfaidh déantóirí fíona gualach fíonóireachta a úsáid, ina aonar nó measctha in ullmhóidí, go heisiach le haghaidh úrfhíonta fáisceáin agus fíonta atá fós faoi choipeadh, i gcion nach mó ná 20 % de thoirt an fhíona rosé a tháirgeann an déantóir fíona lena mbaineann le haghaidh buaint faoi leith agus ag dáileog nach mó ná 30 g/hl den toirt a chóireáiltear. |
|
— |
I dteannta naforála thuas, ní mór do na cleachtais fíonóireachta uile na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód um Ghnóthaí Tuaithe a chomhlíonadh freisin. |
2. Modh bainistíochta
An modh saothraithe
Is é dlús plandaithe íosta na bhfíniúnacha 4 000 planda in aghaidh an heicteáir. Níor cheart an fad idir na sraitheanna a bheith níos mó ná 2,50 m.
Níor cheart don achar atá ar fáil le haghaidh gach fíniúin a bheith níos mó ná 2,50 m2. Déantar an t-achar sin a ríomh tríd an fad idir rónna agus an fad idir fíniúnacha sa tsraith chéanna a iolrú.
Déantar prúnáil roimh chéim E — scaiptear trí dhuilleog thar an gcéad dá bhachlóg inchomhairthe. Déantar prúnáil spoir ar na fíniúnacha ar a mbíonn 12 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh na fíniúna. Bíonn dhá bhachlóg ar a mhéad ar gach spor.
|
— |
Féadfar prúnáil Guyot aonair a úsáid don chineál Syrah N, le 10 mbachlóg inchomhairthe in aghaidh an fhíniúna ar a mhéad, gan níos mó ná sé cinn díobh sin ar an gcána, agus spor athsholáthair amháin nó dhó a bhfuil bachlóg inchomhairthe amháin nó dhó ar a mhéad an ceann acu; |
|
— |
Maidir leis an gcineál Grenache N, is féidir fíniúnacha atá thíos le smiotaíl a phrúnáil chun go mbeadh siad ina gcána ar a bhfuil cúig bhachlóg inchomhairthe ar a mhéad. |
Féadfar uisciú a údarú i gcomhréir le hAirteagal D. 645-5 den Chód um Ghnóthaí Iascaigh Tuaithe agus Muirí.
3. Modh bainistíochta
An modh saothraithe
Ag am na buainte, ní bhíonn triopaill neamhshaothraithe i dteagmháil le haon phlanda seachas an fhíniúin.
|
— |
Toirmisctear mótú plaisteach. |
|
— |
Chun saintréithe an chomhshaoil fhisiciúil agus bhitheolaíoch, atá mar chuid bhunúsach den terroir, a chaomhnú:
|
5.2. Uastáirgeacht
|
1. |
Táirgeacht fíona dheirg agus fíona rosé 60 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
2. |
Táirgeacht fíona ghil 70 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
|
a) |
Baintear na fíonchaora agus déantar na fíonta dearga agus rosé a tháirgeadh agus a fhorbairt sna bardais seo a leanas ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil an 1 Eanáir 2022:
|
|
b) |
Maidir le fíonta geala, baintear na fíonchaora agus déantar agus forbraítear na fíonta sna bardais atá liostaithe i gcomhair fíonta dearga agus fíonta rosé, móide na bardais seo a leanas i roinn Hérault: Castelnau-de-Guers, Florensac, Mèze, Pinet, Pomerols. |
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
|
Bourboulenc B — Doucillon blanc |
|
|
Clairette B |
|
|
Grenache N |
|
|
Grenache blanc B |
|
|
Lledoner pelut N |
|
|
Marsanne B |
|
|
Mourvèdre N — Monastrell |
|
|
Piquepoul blanc B |
|
|
Roussanne B |
|
|
Syrah N — Shiraz |
|
|
Tourbat B |
|
|
Vermentino B — Rolle |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
Ó cuireadh tús le fíonsaothrú sa réigiún Languedoc, bíonn fíniúnacha curtha i gcónaí ar na leicinn chnoic thirime agus chlochacha.
Ón ré Rómánach ar aghaidh, chuir guagaíl na staire, tionchar na mainistreacha agus na n-abthithe, srianta eacnamaíocha na bhfíonghort ar leicinn chnoic agus na hathruithe ar ghrúpaí daonra uile le héagsúlacht agus forbairt na dtáirgí, as a d’eascair, le himeacht ama, táirgeadh fíonta milse, fíonta treisithe, fíonta tirime dearga agus geala agus fíonchaora boird, agus éilíonn gach ceann acu go mbeidh na fíonchaora lán aibí.
Mar sin, i gcaitheamh na nglún, tá raon iomlán de shuíomhanna sonracha tagtha chun cinn a aithnítear as cáilíocht agus úrnuacht a gcuid fíonta.
Tá fíniúnacha á bhfás ar na leicinn chnoic ghrianmhara idir Collioure agus geataí Nîmes le breis agus 2 000 bliain, agus tá roinnt mhaith cuntas ann ina ndearbhaítear cáilíocht agus carachtar na bhfíonta a tháirgtear.
Thar thréimhse a staire, bhain na fíonta a thagann ó na leicinn chnoic seo cáil amach a bunaíodh go minic ar cháil na mainistreacha (Caunes-Minervois, Valmagne, Lagrasse, Fontfroide, etc.). Mar sin, is le compánach Naomh Beinidict d’Aniane a luíonn bunús Saint-Saturnin agus Cabrières. Áit chónaithe faoi úinéireacht easpaig Montpellier ón 14ú céad ar aghaidh a bhí i Montpeyroux, agus sholáthraíodh ann fíonta ard-mheasa dóibh. Tá an rud céanna fíor i gcás Saint-Aignan (Saint-Chinian), mar a scríobh Jean Clavel ina leabhar Histoire et avenir des vins en Languedoc [Stair agus todhchaí an fhíona i Languedoc] (Eagrán Privat, 1985).
I dtuarascáil don Rí sa bhliain 1788, scríobh an t-ardoifigeach, Baron de Ballainvilliers, mar a leanas: ‘Is fíonta iad seo uile a bhfuil ainmniúchán acu, a raibh ardmheas orthu ar chúis mhaith, faoin ainm cineálach vins de Narbonne, lasmuigh den chúige agus lasmuigh den Fhrainc, go háirithe fíonta Lapalme, Leucate, Fitou ...’
In 1816, in Topographie de tous les vignobles connus [Topagrafaíocht na bhfíonghort aitheanta uile], chuir André Jullien i dtábhacht an cháilíocht shonrach atá ag na fíonta mar gheall ar a n-áit tionscnaimh agus luaigh sé na fíonghoirt atá suite ó thuaidh den abhainn Têt, chomh fada le Espira-de-l’Agly agus Rivesaltes, agus fíonta ‘Saint-Christol’, ‘Saint-Georges d’Orques’ agus ‘Saint-Drézéry’: ‘Bíonn blas taitneamhach, glan ar na fíonta, bíonn siad tathagach agus biotáilleach, agus bíonn siad an-aitheanta tar éis 5 nó 6 bliana d’aosú’.
Baintear amach an cháilíocht shonrach sin atá inchurtha i leith áit tionscnaimh na bhfíonta toisc go bhfuil an limistéar dáileachta críochaithe chun na fíonchaora a bhaint comhdhéanta de dháileachtaí le hithreacha nach gcuireann srian ar fhás fréamhacha agus atá in ann soláthar uisce measartha agus tráthrialta a sholáthar do na plandaí ionas gur féidir leo na samhraí te, tirime a sheasamh. Tá an limistéar comhdhéanta de dháileachtaí le hoscailteacht mhaith, ag síneadh ón bhfarraige go dtí airde 400 m.
Tá an chuid is mó de na dáileachtaí suite ar leicinn chnoic in aice leis an bhfarraige nó ar fhánaí níos géire an chrios foshléibhe, uaireanta eagraithe i léibheann.
Cuimsíonn achar dromchla an limistéir seo atá críochaithe go beacht níos lú ná an tríú cuid d’achar iomlán fhíonghoirt an réigiúin, agus táirgtear níos lú ná 15 % de thoirt an fhíona a tháirgtear sa réigiún ann.
Is é an aeráid agus an cineál ithreach a chinneann rogha na gcineálacha fíniúna agus an suíomh plandála. Tá timthriall fáis measartha fada ag na cineálacha agus friotaíocht leordhóthanach in aghaidh triomaigh agus teasa agus rathaíonn siad i dteochtaí carnacha arda. Áirithíonn bainistíocht táirgeachta, a mbíonn táirgeadh measartha mar thoradh uirthi, go mbíonn an bhuaint go hiomlán aibí sula dtagann báisteach an fhómhair, agus cuidíonn an ghaoth leis na fíonchaora a choimeád sláintiúil.
Ligeann aeráid shonrach te, thirim na Meánmhara tainniní aibí a fhorbairt sna fíonta dearga agus léiríonn sé cruinneas sainiúil na bhfíonta rosé agus geala.
Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, b’éigean roinnt mhaith de na fíonghoirt ar leicinn chnoic a athphlandáil, rud a neartaigh greim na gcineálacha traidisiúnta. Léirigh athphlandáil na bhfíonghort tús le gluaiseacht chomhchoiteann i dtreo fíonsaothrú stairiúil an réigiúin a athchruthú, ag tabhairt le chéile na comharchumainn fíona agus comhlachais na n-eastát neamhspleách.
Tá athrú tagtha ar mhodhanna saothraithe de bharr tabhairt isteach an mheicniúcháin agus saothrú níos forleithne de chineálacha craobhacha fada, amhail Syrah N, nach mór treilís a chur orthu. Cuireadh dáileachtaí a bhíodh curtha i gcearnóga gan treilísiú den chuid is mó in ionad na ndáileachtaí fíonghoirt nuair nach mó an fad idir na sraitheanna ná 2,50 m agus gurb é 4 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir an dlús plandaithe íosta. D’fhan an modh prúnála mar an gcéanna, áfach: go príomha gearr, agus i gcónaí le líon teoranta bachlóg inchomhairthe in aghaidh an fhíniúna.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Lipéadú
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
|
— |
Féadfar an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Languedoc’ a fhorlíonadh leis na téarmaí ‘primeur’ nó ‘nouveau’, agus ní mór bliain fhómhar an fhíona a bheith ag gabháil leo. |
|
— |
Maidir le fíonta arna gcumhdach ag ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Languedoc’ agus lena mbronntar an t-ainmniúchán sin, bíodh na hainmneacha geografacha forlíontacha ‘Cabrières’, ‘Grés de Montpellier’, ‘La Méjanelle’, ‘Montpeyroux’, ‘Pézenas’‘Quatourze’, ‘Saint-Christol’, ‘Saint-Drézéry’, ‘Saint-Georges-d’Orques’, ‘Saint-Saturnin’ nó ‘Sommières’ ag gabháil leo nó nach mbíodh’, ní féidir iad a dhearbhú tar éis na buainte, a thairiscint don phobal, a sheoladh, a mhargú nó a dhíol mura bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe, agus aon ainmneacha geografacha forlíontacha ag gabháil leis i gcás inar gá, le feiceáil sna doiciméid a ghabhann leis, sa dearbhú stoic, i bhfógráin, i gcatalóga agus ar aon lipéad, sonrasc nó coimeádán. |
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Cuimsíonn an limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú trí mhaolú chun na fíonta a dhéanamh agus a phróiseáil, críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022:
|
— |
Roinn Aude: Alaigne, Arques, Arzens, Auriac, Belcastel-et-Buc, Berriac, La Bezole, Bourigeole, Bram, Brousses-et-Villaret, Brugairolles, Bugarach, Camps-sur-l’Agly, Carcassonne, Castans, Caudebronde, Caunette-sur-Lauquet, Caux-et-Sauzens, Citou, Clermont-sur-Lauquet, Couffoulens, Coursan, Courtauly, Cubières-sur-Cinoble, Cuxac-Cabardès, Cuxac-d’Aude, Donazac, Fajac-en-Val, Fontiers-Cabardès, Granès, Greffeil, Labastide-Esparbairenque, Lairière, Lauraguel, Lespinassière, Leuc, Malviès, Marcorignan, Mas-Cabardès, Mas-des-Cours, Massac, Miraval-Cabardès, Missègre, Montclar, Monthaut, Montjardin, Montjoi, Montréal, Moussan, Mouthoumet, Ouveillan, Palaja, Pomy, Pradelles-Cabardès, Preixan, Puilaurens, Puivert, Quillan, Raissac-d’Aude, Raissac-sur-Lampy, Rennes-le-Château, Rennes-les-Bains, Roquefère, Routier, Saint-Benoît, Saint-Denis, Saint-Ferriol, Saint-Jean-de-Paracol, Saint-Louis-et-Parahou, Saint-Marcel-sur-Aude, Saint-Martin-des-Puits, Saint-Martin-de-Villereglan, Saint-Martin-le-Vieil, Saissac, Sallèles-d’Aude, Salza, Soulatgé, Terroles, Val du Faby (don chuid a chomhfhreagraíonn do chríoch bhardas tarmligthe Rouvenac), Valmigère, Véraza, Verzeille, Villarzel-du-Razès, Villedaigne, Villefloure, Villefort, Villesèquelande. |
|
— |
Roinn Gard: Aigremont, Aigues-Mortes, Aigues-Vives, Aimargues, Aubais, Bernis, Boissières, Bouillargues, Bragassargues, Caissargues, La Calmette, Caveirac, Clarensac, Congénies, Cros, Dions, Domessargues, Durfort-et-Saint-Martin-de-Sossenac, Fons, Gajan, Gallargues-le-Montueux, Générac, Marguerittes, Milhaud, Monoblet, Montagnac, Mus, Parignargues, Pompignan, Poulx, Puechredon, Quissac, Rodilhan, Rogues, La Rouvière, Sainte-Anastasie, Saint-Côme-et-Maruéjols, Saint-Dionisy, Saint-Gilles, Saint-Roman-de-Codières, Saint-Théodorit, Sauve, Sumène, Uchaud, Vergèze. |
Limistéar díreach in aice láimhe (ar lean)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Cuimsíonn an limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú trí mhaolú chun na fíonta a dhéanamh agus a phróiseáil, críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022:
|
— |
Roinn Aude: Alaigne, Arques, Arzens, Auriac, Belcastel-et-Buc, Berriac, La Bezole, Bourigeole, Bram, Brousses-et-Villaret, Brugairolles, Bugarach, Camps-sur-l’Agly, Carcassonne, Castans, Caudebronde, Caunette-sur-Lauquet, Caux-et-Sauzens, Citou, Clermont-sur-Lauquet, Couffoulens, Coursan, Courtauly, Cubières-sur-Cinoble, Cuxac-Cabardès, Cuxac-d’Aude, Donazac, Fajac-en-Val, Fontiers-Cabardès, Granès, Greffeil, Labastide-Esparbairenque, Lairière, Lauraguel, Lespinassière, Leuc, Malviès, Marcorignan, Mas-Cabardès, Mas-des-Cours, Massac, Miraval-Cabardès, Missègre, Montclar, Monthaut, Montjardin, Montjoi, Montréal, Moussan, Mouthoumet, Ouveillan, Palaja, Pomy, Pradelles-Cabardès, Preixan, Puilaurens, Puivert, Quillan, Raissac-d’Aude, Raissac-sur-Lampy, Rennes-le-Château, Rennes-les-Bains, Roquefère, Routier, Saint-Benoît, Saint-Denis, Saint-Ferriol, Saint-Jean-de-Paracol, Saint-Louis-et-Parahou, Saint-Marcel-sur-Aude, Saint-Martin-des-Puits, Saint-Martin-de-Villereglan, Saint-Martin-le-Vieil, Saissac, Sallèles-d’Aude, Salza, Soulatgé, Terroles, Val du Faby (don chuid a chomhfhreagraíonn do chríoch bhardas tarmligthe Rouvenac), Valmigère, Véraza, Verzeille, Villarzel-du-Razès, Villedaigne, Villefloure, Villefort, Villesèquelande. |
|
— |
Roinn Gard: Aigremont, Aigues-Mortes, Aigues-Vives, Aimargues, Aubais, Bernis, Boissières, Bouillargues, Bragassargues, Caissargues, La Calmette, Caveirac, Clarensac, Congénies, Cros, Dions, Domessargues, Durfort-et-Saint-Martin-de-Sossenac, Fons, Gajan, Gallargues-le-Montueux, Générac, Marguerittes, Milhaud, Monoblet, Montagnac, Mus, Parignargues, Pompignan, Poulx, Puechredon, Quissac, Rodilhan, Rogues, La Rouvière, Sainte-Anastasie, Saint-Côme-et-Maruéjols, Saint-Dionisy, Saint-Gilles, Saint-Roman-de-Codières, Saint-Théodorit, Sauve, Sumène, Uchaud, Vergèze. |
|
— |
Roinn Hérault: Abeilhan, Agde, Agonès, Les Aires, Aumes, Baillargues, Balaruc-le-Vieux, Bédarieux, Bélarga, Bessan, Boisset, La Boissière, Bouzigues, Brenas, Buzignargues, Campagnan, Candillargues, Capestang, Cazilhac, Cazouls-d’Hérault, Celles, Cers, Clapiers, Colombiers, Coulobres, Le Crès, Le Cros, Dio-et-Valquières, Espondeilhan, Fabrègues, Ferrals-les-Montagnes, Ferrières-les-Verreries, Frontignan, Galargues, Ganges, Gigean, Gorniès, Grabels, La Grande-Motte, Hérépian, Jacou, Lansargues, Laroque, Lattes, Lespignan, Lézignan-la-Cèbe, Lieuran-lès-Béziers, Lignan-sur-Orb, Loupian, Lunas, Maraussan, Marseillan, Marsillargues, Mas-de-Londres, Maureilhan, Mireval, Mons, Montady, Montaud, Montels, Montferrier-sur-Lez, Mudaison, Notre-Dame-de-Londres, Olargues, Pailhès, Palavas-les-Flots, |
Limistéar díreach in aice láimhe (ar lean)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
|
— |
Roinn Hérault (ar lean): Pardailhan, Pérols, Pézènes-les-Mines, Les Plans, Poilhes, Popian, Portiragnes, Le Pouget, Pouzols, Puilacher, Puimisson, Puissalicon, Rieussec, Riols, Les Rives, Romiguières, Roqueredonde, Rouet, Saint-Bauzille-de-Putois, Saint-Brès, Saint-Étienne-d’Albagnan, Saint-Étienne-de-Gourgas, Saint-Félix-de-l’Héras, Saint-Geniès-de-Fontedit, Saint-Guilhem-le-Désert, Saint-Hilaire-de-Beauvoir, Saint-Jean-de-Cornies, Saint-Jean-de-Védas, Saint-Just, Saint-Martin-de-Londres, Saint-Maurice-Navacelles, Saint-Michel, Saint-Nazaire-de-Pézan, Saint-Paul-et-Valmalle, Saint-Pierre-de-la-Fage, Saint-Pons-de-Thomières, Salasc, Saussan, Saussines, Sète, Teyran, Thézan-lès-Béziers, Tourbes, Tressan, Usclas-d’Hérault, La Vacquerie-et-Saint-Martin-de-Castries, Valergues, Valras-Plage, Valros, Vélieux, Vendargues, Vias, Vic-la-Gardiole, Villeneuve-lès-Béziers, Villetelle, Viols-en-Laval, Viols-le-Fort. |
|
— |
Roinn Pyrénées-Orientales: L’Albère, Alénya, Arles-sur-Tech, Baillestavy, Le Barcarès, Bompas, Boule-d’Amont, Calmeilles, Campoussy, Casefabre, Eus, Fenouillet, Glorianes, Los Masos, Molitg-les-Bains, Montbolo, Mosset, Le Perthus, Prunet-et-Belpuig, Rabouillet, Saint-Laurent-de-Cerdans, Saint-Laurent-de-la-Salanque, Sainte-Marie-la-Mer, Saint-Marsal, Taurinya, Théza, Torreilles, Valmanya, Villelongue-de-la-Salanque, Vira. |
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-8ef49dd4-fc13-4e4b-bec0-611b3003b9c1
|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/24 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2023/C 227/12)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Aceite Villuercas Ibores Jara’
Uimh. AE: PDO-ES-02828 — 3.2.2022
ATFC (X) TGFC ( )
1. Ainmneacha [ATFC nó TGFC]
‘Aceite Villuercas Ibores Jara’
2. Ballstát nó Tríú Tír
An Spáinn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.5. Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is éard atá sa táirge a chumhdaítear leis an ATFC seo ola olóige úríon a fhaightear ó thorthaí an chrainn ológ (Olea europaea L.) trí mhodhanna meicniúla nó modhanna fisiceacha eile nach n-athraíonn an ola agus a chaomhnaíonn blas, dea-bholadh agus saintréithe na dtorthaí óna dtáirgtear í.
Is féidir le hola ‘Aceite Villuercas Ibores Jara’ a bheith aonchineálach nó ilchineálach, agus faightear í go heisiach nó den chuid is mó (≥ 75,00 %) ó na príomhchineálacha olóige sa cheantar, i.e. Cornicabra, Manzanilla Cacereña agus/nó Picual.
Le bheith incháilithe lena ndeimhniú, ní mór 75 % (≥ 75,00 %) ar a laghad de chomhdhéanamh na n-olaí a theacht ó na príomhchineálacha (Cornicabra, Manzanilla Cacereña agus/nó Picual). Is féidir níos lú ná 25 % (<25,00 %) a fháil ó chineálacha eile (Verdial de Badajoz, Arbequina agus/nó Morisca) a fhástar sna limistéir a chuimsítear sa ATFC.
Na paraiméadair uasta is ceadmhach maidir le holaí olóige úríona leis an sonrúchán tionscnaimh ‘Aceite Villuercas Ibores Jara’:
|
Aigéadacht (%) |
Nach mó ná 0,6 % |
|
Luach sárocsaíde (meq O2/kg) |
Méid nach mó ná 16 meq O2/kg |
|
K232 |
2,20 ar a mhéad |
|
K270 |
Méid nach mó ná 0,20 |
|
Meastóireacht chéadfach |
|
|
Scór airmheánach as lochtanna |
Md=0 |
|
Scór airmheánach as torthúlacht |
Mf≥2,0 |
Léiríonn tástálacha orgánaileipteacha ar an táirge ‘Aceite Villuercas Ibores Jara’ próifíl chéadfach ina bhfuil trí thuairisceoir ar a laghad, lena n-áirítear dea-bholaithe boltanacha (i gcúl na sróine) díreacha agus indíreacha, agus is iad dea-bholaithe ológ, luibheanna, duilleog olóige, úll agus trátaí na buaicphointí. Is é Mf ≥ 2,0 an scór a bhaineann déine a thorthúlachta amach. Tá an t-airmheán maidir le searbhas agus le láidreacht os cionn 1,5 agus faoi bhun 4,5.
75 % nó níos airde atá i luachanna an aigéid shailligh mhonai-neamhsháithithe, fad atá aigéid shailleacha pholai-neamhsháithithe faoi bhun 11 %.
Is gá go mbeadh na luachanna nach gcuirtear ar fáil laistigh de na teorainneacha dlíthiúla, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Ní mór na hológa a tháirgeadh sa limistéar a dtugtar tuairisc air i bpointe 4.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
Ní mór gach céim sa táirgeadh a dhéanamh sa limistéar geografach a dtugtar tuairisc air i bpointe 4.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
D’fhonn gnáth-shaintréithe an táirge a chaomhnú ag gach céim agus cáilíocht na n-olaí a chumhdaítear leis an ainmniúchán a áirithiú, ní mór an próiseas pacáistithe a dhéanamh laistigh den limistéar geografach críochaithe a leagtar amach i bpointe 4. Ar an mbealach sin, is féidir smacht iomlán a bheith ag na comhlachtaí iniúchta ar tháirgeadh agus leanann láimhseáil deiridh an táirge de bheith i lámha tháirgeoirí an limistéir. Is iad sin na daoine is fearr a bhfuil a fhios acu conas a théann na próisis phacáistithe éagsúla i bhfeidhm ar na holaí a tháirgtear sa cheantar, mar shampla an t-am agus na modhanna scinceála is tipiciúil, an t-imoibriú ar an bhfuacht is gnách sa cheantar, agus na coinníollacha stórála is fearr dóibh. Is é an sprioc solaid ar fionraí agus taise a d’fhéadfadh a bheith iontu a bhaint mar iarracht baint den am scinceála agus de chaillteanas dea-bholaithe mar gheall ar dhianscagachán. An modh sin lena chinntiú go mbíonn na holaí soiléir, cuidíonn sé leis an gcaillteanas ar dhéine na dtréithe dearfacha (searbhas agus láidreacht) a laghdú, agus an tráth céanna maolaíonn sé ar chaillteanas rioscaí cáilíochta. Mura ndéanfaí é chruthófaí dríodair, as a n-eascródh coipeadh anaeróbach agus cáilíochtaí laghdaithe céadfacha agus cothaitheacha.
Féadfar an ola a phacáistiú i ngach coimeádán ina bhfuil toilleadh 5 lítear nó níos lú a cheadaítear leis an reachtaíocht is infheidhme: coimeádáin ghloine, miotal brataithe biaghráid, poileitéin, teireataláit phoileitléine, ceirmeach gloinithe, Tetra Brik, málaí alúmanaim, etc.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Chomh maith leis an trádainm, ní mór lógó an ainmniúcháin faoi chosaint i dteannta na bhfocal ‘Denominación de Origen Protegida (nó D.O.P.) Aceite Villuercas Ibores Jara’ [An t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (nó ATFC) ‘Aceite Villuercas Ibores Jara’] agus an mharcáil chomhréireachta arna heisiúint ag an gcomhlacht deimhnithe táirgí ar leis an gcomhlacht iniúchta é a bheith ar na lipéid ar na coimeádáin ola.
Ní mór marcáil chomhréireachta a bheith ar an táirge freisin ar a dtugtar lipéad tánaisteach, a aithnítear le cód alfa-uimhriúil, atá le greamú sa ghléasra pacála ar bhealach nach féidir é a athúsáid agus lenar féidir inrianaitheacht a ráthú.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Tá ceantar Villuercas Ibores Jara suite in oirdheisceart chúige Cáceres. Tá teorainn aige le cúige Toledo ar an taobh thoir, ceantar Campo Arañuelo ó thuaidh, Vegas Altas del Guadiana agus La Siberia ó dheas, agus Miajadas-Trujillo ar an taobh thiar. Tá trí chríoch sa cheantar, Jara san oirthuaisceart, Los Ibores san iarthuaisceart agus Villuercas. Aonad geografach atá sainiúil agus aonchineálach go fisiceach atá sna trí fho-aonad sin toisc gur raon sléibhtiúil atá iontu atá sainithe go foirfe agus atá suite idir aibhneacha an Tagus agus an Guadiana.
Liosta na mbardas:
|
|
Aldeacentenera |
|
|
Alía (ina bhfuil Guadisa, Puerto del Rey, Pantano de Cíjara agus La Calera) |
|
|
Berzocana |
|
|
Cabañas del Castillo (ina bhfuil Solana, Retamosa agus Roturas) |
|
|
Campillo de Deleitosa |
|
|
Cañamero |
|
|
Carrascalejo |
|
|
Castañar de Ibor |
|
|
Deleitosa |
|
|
Fresnedoso de Ibor |
|
|
Garvín |
|
|
Guadalupe |
|
|
Logrosán |
|
|
Navalvillar de Ibor |
|
|
Navezuelas |
|
|
Peraleda de San Román |
|
|
Robledollano |
|
|
Valdelacasa de Tajo |
|
|
Villar del Pedroso (le Navatrasierra mar údarás áitiúil ar leibhéal níos ísle ná bardas) |
5. Nasc leis an limistéar geografach
5.1. Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Tosca nádúrtha
Le linn a staire, bhí an ceantar leithlisithe mar gheall ar a rilíf shléibhtiúil agus a shuíomh lasmuigh de na príomhbhealaí cumarsáide, i bhfad ó na príomhchathracha. Dá bhrí sin, caomhnaíodh a oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha go han-mhaith. Tá sé sin cruthaithe ag an bhfíric go léiríonn tástálacha géiniteacha a rinneadh ar phríomhchineálacha na gcrann ológ a fhástar in Extremadura go bhfuil na cineálacha Manzanilla Cacereña agus Cornicabra a fhástar in Villuercas Ibores Jara difriúil leo siúd a fhástar i limistéir eile fásta ológ ina bhfaightear na cineálacha céanna.
Tá an talamh talmhaíochta sa cheantar roinnte ina ghabháltais bheaga, ina bhfuil meánmhéid na ndáileachtaí níos lú ná 1,06 ha agus crainn ológ os cionn 50 bliain d’aois a cuireadh troigh óna chéile i leagan amach leathan (9x10). Tugtar scil na saothróirí ológ maidir le láimhseáil an bharra ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Tá na cineálacha Manzanilla Cacereña agus Cornicabra á bhfás ann le chéile ón gcianaois, go minic laistigh den dáileacht chéanna, chun an bhuain a chéimniú agus ar mhaithe le cúiseanna éagsúla cócaireachta.
Tá úinéireacht an talaimh scaipthe go forleathan. Mar gheall air sin bíonn fás na n-ológ thar a bheith sóisialta, le teaghlaigh ag déanamh obair ar fad na feirme, go háirithe an bhuain. Tá a n-ola olóige áitiúil féin á hithe ag áitritheoirí an cheantair le breis agus 300 bliain. Sa chéad seo caite, de réir mar a leathnaigh saothrú ológ isteach i dtalamh a úsáideadh roimhe sin le haghaidh fíonghort agus barra gráin, cuireadh níos mó ola olóige ó Villuercas Ibores Jara ar an margadh mar thoradh ar an táirgeacht níos airde agus ar eisimirce daonra.
I dtéarmaí rilífe, tá an limistéar comhdhéanta d’fhoirmeacha talaimh ina bhfuil fillte cosúil leo siúd a fhaightear sna Sléibhte Apaláiseacha, rud atá uathúil sa Spáinn, ar foirmeacha iad ina bhfuil réimse comhthreomhar sliabhraonta agus gleannta a théann ón Iarthuaisceart go dtí an Oirdheisceart. D’fhorbair an rilíf iarmharach an-ársa sin agus filleadh í le linn na Ré Pailéasóiche agus rinneadh í a chreimeadh sna tréimhsí ina dhiaidh sin, inar ghlac sí an chuma atá uirthi faoi láthair lena círíní grianchloichíte ina bhfuil airde mhaorga agus na gleannta doimhne saothraithe slinne atá eatarthu. Geolaíocht shaibhir an limistéir ba chúis lena dhearbhú mar Gheopháirc Dhomhanda de chuid UNESCO an 17 Meán Fómhair 2011.
Tá tionchar mór ag geolaíocht uathúil limistéar Villuercas Ibores Jara ar an gcaoi a bhfuil na haonaid tírdhreacha cumraithe, mar thoradh ar éifeachtaí na bpróiseas geomoirfeolaíoch ar an tsubstráit gheolaíoch le linn a staire geolaíche.
Braitheann an t-athrú míosúil ar theochtaí i gceantar Villuercas Ibores Jara ar an dúiche, ach de ghnáth bíonn sé sa raon idir 8,2 °C agus 24,1 °C. De ghnáth bíonn tionchar ag a ionradantas mór gréine ar theochtaí sa cheantar, le samhraí te agus geimhrí séimhe. Bíonn thart ar 3 000 uair an chloig gréine in aghaidh na bliana. Bíonn an mheánteocht sa cheantar idir 6,3 °C ar a laghad i mí Eanáir agus 25,7 °C i mí Iúil.
Tá an ceantar suite sa limistéar ar a dtugtar ‘Extremadura bogthais’, áit a mbíonn thart ar 600-700 mm frasaíochta in aghaidh na bliana sna ceantair ina bhfuil fánaí níos ísle, méid a ardaíonn go 700-850 mm in aghaidh na bliana i masaíf Sierra de las Villuercas. Tá sé tábhachtach an difríocht idir limistéir éagsúla an cheantair a thabhairt faoi deara, toisc go dtaifeadtar an fhrasaíocht is airde san iarthuaisceart agus an fhrasaíocht is ísle (400-600 mm) san oirthear.
Tosca stairiúla agus daonna
Is cuid de thírdhreach cheantar Villuercas Ibores Jara iad na crainn ológ le breis agus 600 bliain, mar phríomhbharra a fhástar le haghaidh ológa boird agus táirgeadh ola olóige araon. Tá níos mó plandálacha ológ ná riamh sa cheantar, agus 12 416 heicteár fúthu, mar go bhfuil talamh a úsáideadh sna blianta roimhe seo le haghaidh fíniúnacha nó gráin á úsáid anois le haghaidh an bhairr níos iomaíche seo.
Tá na plandálacha sin tar éis oiriúnú ón gcianaois don tír-raon in Villuercas Ibores Jara, i dtéarmaí mhéid na ndáileachtaí, na gcineálacha a shaothraítear agus mheicniú na gcleachtas saothraithe. In ‘Libro de los Oficios del Monasterio de Guadalupe’ [Leabhar Ghairmeacha Mhainistir Guadalupe], ina gcuirtear síos ar na príomhchineálacha oibre a rinneadh i ndáil le gníomhaíochtaí na mainistreach ag tús an 16ú haois, tá moltaí maidir le conas ológa a fhás agus a phróiseáil. Lean na cleachtais sin ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann. Is féidir an rud céanna a rá faoi na dátaí buaine a mholtar le haghaidh gach cineáil, rud a chuireann san áireamh go n-aibíonn na hológa níos moille ná i limistéir eile fásta ológ.
Ar an gcaoi chéanna, leis na cleachtais fáis atá in úsáid sna garráin ológ ón gcianaois i leith, féachadh lena bhfás a chur in oiriúint don ithir, don aeráid agus don tír-raon, agus lotnaidí agus galar á gcosc, próiseas na buaine á dhéanamh níos éasca agus aibiú cothrom na n-ológ á chinntiú. De ghnáth bíonn trí nó ceithre phríomhchraobh ar na crainn ológ idir 1,0 agus 1,5 méadar os cionn an talaimh agus iad ar chomhairde, agus roinnt craobhacha tánaisteacha tiubha ina dhiaidh sin. Bíonn an duilliúr gann agus ní bhíonn sé an-dlúth, le líon íseal brat. Tá sé sin amhlaidh d’fhonn nochtadh ar ghathanna na gréine a áirithiú, rud a chuidíonn le buain a dhéanamh de láimh, a cheadaíonn cion níos airde saille sna hológa agus a laghdaíonn an gá a bhíonn le táirgí fíteashláintíochta.
5.2. Sainiúlacht an táirge
Den chuid is mó faightear na holaí olóige a tháirgtear in Villuercas Ibores Jara ó na cineálacha Manzanilla Cacereña, Cornicabra agus Picual, as a dtagann 75,00 % ar a laghad den ola ar bhonn aonair nó cumaisc. Tiocfaidh 25,00 % ar a mhéad ón gcineál Arbequina, amhail cineálacha mionlaigh eile (Morisca agus Verdial de Badajoz) a úsáidtear go traidisiúnta i ndúichí áirithe sa cheantar.
An nasc atá le feiceáil i saintréithe na hola olóige ó Villuercas Ibores Jara, is féidir é a bhrath freisin ar a hairíonna céadfacha. Tá próifíl chasta orgánaileipteach ag ‘Aceite Villuercas Ibores Jara’, le trí thuairisceoir inaitheanta ar a laghad i dtéarmaí torthúlachta (torthaíoch go duilleog na holóige glaise, úll agus tráta, de ghnáth). Is é Mf ≥ 2,0 an scór a bhaineann déine a thorthúlachta amach. Tá an t-airmheán maidir le searbhas agus le láidreacht os cionn 1,5 agus faoi bhun 4,5.
Tá na dálaí ithreach agus aeráide, a raibh difreáil ghéiniteach le limistéir eile mar thoradh orthu, ina gcúis le freagairt fhiseolaíoch sna crainn ológ, rud a chuireann le déine na dtuairisceoirí céadfacha agus comhdhéanamh feanóil agus aigéid shailligh mar a tuairiscíodh sa staidéar tacaíochta.
5.3. Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge (maidir le ATFC) nó cáilíocht shonrach an táirge, an cháil atá air nó saintréith eile atá ann (maidir le TGFC)
Tá táirge sainiúil le hairíonna fisiceacha agus ceimiceacha inaitheanta ann mar thoradh ar an idirghníomhú idir na fachtóirí nádúrtha (ithir agus aeráid), ar phróifílí géiniteacha uathúla na gcineálacha a shaothraítear tríd an ábhar géiniteach a roghnaigh ár saothróirí ológ agus an t-iomadú fásúil a rinne siad i gcaitheamh na gcéadta blianta agus ar bhainistiú na ngarrán ológ.
Cuidíonn na coinníollacha teirmeacha freisin le fadhbanna sláinte a sheachaint sna plandaí, a mhéid céanna ar a laghad a sheachnaítear iad i gceantair chomharsanachta, agus spreagann siad próiseas mall aibithe a chuidíonn le dea-cháilíocht na n-ológ buainte a áirithiú. Bíonn séasúr fómhair an-fhada ann mar gheall air sin idir mí Dheireadh Fómhair agus mí Eanáir, rud a chiallaíonn gur féidir le saothraithe ológ agus táirgeoirí ola an séasúr buainte ológ a phleanáil.
An cion ard d’aigéad oiléach a tuairiscíodh sa staidéar tacaíochta, léiríonn sé go mbíonn cion níos airde d’aigéad sailleach monai-neamhsháithithe sna holaí aonchineálacha a dhéantar as na cineálacha Manzanilla Cacereña agus Cornicabra i gceantar Villuercas Ibores Jara, go sonrach a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas oiléach/(pailmíteach + líonoiléach), ná mar a bhíonn sna holaí a fhaightear ó shamplaí de na cineálacha céanna ológ a thógtar ó dhúichí eile ina bhfástar na cineálacha sin de ghnáth.
Chomh maith leis an toradh sin, luaitear freisin dhá thionscadal T&F neamhspleácha ina ndearnadh anailís ar chomhdhéanamh na n-olaí a táirgeadh sna muilte sa cheantar in 2014-15 agus ar chomhdhéanamh aigéid shailligh na muilte ola éagsúla in Villuercas Ibores Jara. Léiríonn na staidéir sin go gcruthaíonn samplaí a tógadh ó na muilte ológ go bhfuil comhdhéanamh ann mar thoradh ar na dálaí ithreach agus aeráide sa cheantar atá éagsúil le comhdhéanamh olaí a dhéantar ó na cineálacha céanna i réigiúin eile in aice láimhe.
A mhéid a bhaineann leis na comhdhúile feanólacha, cuidíonn ithreacha éadoimhne aigéadacha bochta an limistéir ina bhfuil cumas íseal coinneála uisce le carnadh feanól agus comhdhúl so-ghalaithe sna hológa. Fachtóir eile is ea an modh prúnála tipiciúil a úsáidtear, trína ndéantar na duilleoga a thanú chun na torthaí a nochtadh níos fearr ar sholas na gréine, rud as a n-eascraíonn carnadh feanól agus a mbíonn cion níos airde d’aigéad oiléach mar thoradh air sna torthaí. Tagann na fachtóirí sin go léir le chéile chun ola olóige a tháirgeadh ar a bhfuil comhdhéanamh sainiúil agus próifíl chéadfach.
Is iad aibíocht na n-ológ nuair a bhuantar iad, an airde, na dálaí aeráide, an gheolaíocht uathúil, bainistiú na ngarrán ológ agus an phróiseáil optamach na fachtóirí a théann i bhfeidhm ar chomhdhéanamh aigéid oiléaigh ‘Aceite Villuercas Ibores Jara’, rud a chinntíonn cion ard d’aigéad oiléach (de bhreis ar 75,00 %) agus próifíl céadfach ar leith (i dtéarmaí dea-bholaidh, blais agus dearcadh tadhlach). Tá dlúthbhaint idir na fachtóirí sin go léir agus saineolas na muilte ológ, mar go n-áirithítear cosaint agus coinneáil ar bun shaintréithe orgánaileipteacha na n-olaí toisc go n-eastósctar an ola ag teochtaí ísle, go gcoinnítear an céatadán uisce a úsáidtear sa phróiseas íseal agus go gcaomhnaítear na holaí i gcoimeádáin oiriúnacha atá go hiomlán támh.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://www.juntaex.es/documents/77055/621148/Pliego+condiciones+DOP+Aceite+Villuercas+Ibores+Jara.pdf