ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 223

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
26 Meitheamh 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2023/C 223/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2023/C 223/02

Cás C-620/21, MOMTRADE RUSE: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – MOMTRADE RUSE OOD v Direktor na Direktsia Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika Varna pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite (Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 132(1)(g) – Díolúintí do sheirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu leis an leas sóisialta agus leis an tslándáil shóisialta a sholáthraíonn comhlachtaí a n-aithnítear iad a bheith tiomanta don dea-bhail shóisialta ag an mBallstát lena mbaineann – Soláthar seirbhísí do dhuine neamh-inchánach i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe – Measúnú ar chineál na seirbhísí agus ar riocht comhlachta a aithnítear mar chomhlacht de chineál sóisialta – An dlí náisiúnta ábhartha a chinneadh – An coincheap an Ballstát lena mbaineann)

2

2023/C 223/03

Cás C-817/21, Inspecţia Judiciară: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Bucureşti – an Rómáin) – R.I. v Inspecţia Judiciară, N.L. (Tarchur chun réamhrialú – An smacht reachta – Neamhspleáchas breithiúnach – An dara fomhír d'Airteagal 19(1) CAE – Cinneadh 2006/928/CE – Neamhspleáchas na mbreithiúna – Nós imeachta araíonachta – Cigireacht bhreithiúnach – Príomhchigire ag a bhfuil cumhachtaí rialála, roghnóireachta, measúnaithe, ceapacháin agus araíonachta)

3

2023/C 223/04

Cás C-101/22 P: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 – an Coimisiún Eorpach v Sopra Steria Benelux, Unisys Belgium (Achomharc – Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Airteagal 169 – Achomharc i gcoinne na coda oibríochtúla de chinneadh na Cúirte Ginearálta – Conarthaí seirbhíse poiblí – Nós imeachta tairisceana – Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 – Airteagal 170(3) – Mír 23 d’Iarscríbhinn I – Tairisceoir díshealbhaithe ag tabhairt aird an Choimisiúin Eorpaigh ar leideanna maidir le nádúr thar a bheith íseal na tairisceana a roghnaíodh – Raon feidhme na hoibleagáide cúiseanna a lua atá ar an údarás conarthach)

4

2023/C 223/05

Cás C-155/22, Bezirkshauptmannschaft Lilienfeld: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Niederösterreich – an Ostair) – RE v Bezirkshauptmannschaft Lilienfeld (Tarchur chun réamhrialú – Iompar de bhóthar – Rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh – Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 – Airteagail 6 agus 22 – Rialacháin náisiúnta lena gceadaítear aistriú dliteanas coiriúil i leith cionta tromchúiseacha a bhaineann le ham tiomána agus tréimhsí scíthe do thiománaithe – Mainneachtain na pionóis a ghearrtar as na cionta seo a chur san áireamh agus dea-cháil an ghnóthais iompair de bhóthar á measúnú)

4

2023/C 223/06

Cásanna Uamtha C-156/22 go C-158/22, TAP Portugal (Bás an chomhphíolóta) agus páirtithe eile: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarrataí ar réamhrialú ó Landgericht Stuttgart – an Ghearmáin) – TAP Portugal v flightright GmbH (C-156/22), Myflyright GmbH (C-157/22 agus C-158/22) (Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Cúiteamh do phaisinéirí aeir i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal – Airteagal 5(3) – Díolúine ón oibleagáid chun cúiteamh a íoc – An coincheap imthosca urghnácha – Neamhláithreacht nach rabhthas ag súil leis, mar gheall ar bhreoiteacht nó bás, de bhall foirne atá riachtanach don eitilt)

5

2023/C 223/07

Cásanna Uamtha C-407/22 agus C-408/22, Manitou BF agus páirtithe eile: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarrataí ar réamhrialú ón Conseil d'État – an Fhrainc) – Ministre de l’Économie, des Finances et de la Relance v Manitou BF SA (C-407/22), Bricolage Investissement France SA (C-408/22) (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Airteagal 49 TFUE – Saoirse bunaíochta – Cáin chorparáide – Cánachas ghrúpaí (intégration fiscale Fraincise) – Díolúine ó dhíbhinní arna n-íoc ag fochuideachtaí a bhaineann leis an ngrúpa cánach comhtháite Máthairchuideachta chónaitheach – Naisc chaipitil le cuideachtaí cónaitheacha agus neamhchónaitheacha gan grúpa cánach comhtháite a bhunú – Díolúine ó dhíbhinní arna n-íoc ag fochuideachtaí neamhchónaitheacha – Costais agus speansais neamh-asbhainteach a bhaineann leis an rannpháirtíocht – Easpa neodraithe maidir le hathchomhtháthú na gcostas agus na speansas sin)

6

2023/C 223/08

Cás C-482/22, Associazione Raggio Verde: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – GO agus páirtithe eile v Regione Lazio (Tarchur chun réamhrialú – Airteagail 53 agus 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Airteagal 267 CFAE – Raon feidhme na hoibleagáide atá ar chúirteanna náisiúnta a bhreithníonn ag an gcéim dheiridh tarchur a dhéanamh – Eisceachtaí ar an oibleagáid sin – Critéir – Cásanna ina bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais Eorpaigh chomh soiléir sin nach bhfágann sé aon amhras réasúnta – Coinníoll chun go sásóidh an chúirt náisiúnta atá ag breithniú ag an gcéim dheiridh go mbeadh sé chomh soiléir céanna do na cúirteanna den chéim dheiridh de chuid na mBallstát agus don Chúirt Bhreithiúnais)

6

2023/C 223/09

Cás C-495/22, Ministero della Giustizia (Comórtas do nótairí): Ordú na Cúirte Breithúnais (an Séú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Ministero della Giustizia v SP (Tarchur chun réamhrialú – Airteagail 53 agus 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Airteagal 267 CFAE – Raon feidhme na hoibleagáide atá ar chúirteanna náisiúnta a bhreithníonn ag an gcéim dheiridh tarchur a dhéanamh – Eisceachtaí ar an oibleagáid sin – Critéir – Cásanna ina bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais Eorpaigh chomh soiléir sin nach bhfágann sé aon amhras réasúnta – Coinníoll chun go sásóidh an chúirt náisiúnta atá ag breithniú ag an gcéim dheiridh go mbeadh sé chomh soiléir céanna do na cúirteanna den chéim dheiridh de chuid na mBallstát agus don Chúirt Bhreithiúnais)

7

2023/C 223/10

Cás C-596/22, Kreis Gütersloh: Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 28 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Minden – an Ghearmáin) – Herr J. O. v Kreis Gütersloh (Tarchur chun réamhrialiú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Comhshaol – Measúnú ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol – Treoir 2011/92/AE – Oibleagáid measúnú tionchair comhshaoil nó scrúdú de réir an cháis a dhéanamh – Éifeachtaí carnacha tionscadal – Foirgneamh beostoic d’éanlaith chlóis a thógáil i ngarchomharsanacht foirgneamh comhchosúil)

8

2023/C 223/11

Cás C-712/22 P: Achomharc arna thabhairt an 18 Samhain 2022 ag WT i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 7 Meán Fómhair 2022 i gCás T-91/20, WT v an Coimisiún

9

2023/C 223/12

Cás C-776/22 P: Achomharc arna thabhairt an 20 Nollaig 2022 ag Studio Legale Ughi e Nunziante i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) an 10 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-389/22, Studio Legale Ughi e Nunziante v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

9

2023/C 223/13

Cás C-15/23 P: Achomharc arna thabhairt an 17 Eanáir 2023 ag Arne-Patrik Heinze i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 9 Samhain 2022 i gCás T-610/21, L’Oréal v EUIPO – Heinze (K K WATER)

10

2023/C 223/14

Cás C-116/23, Sozialministeriumservice: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ostair) a taisceadh an 27 Feabhra 2023 – XXXX

10

2023/C 223/15

Cás C-159/23, Sony Computer Entertainment Europe: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Márta 2023 – Sony Computer Entertainment Europe Ltd v Datel Design and Development Ltd, Datel Direct Ltd, JS

11

2023/C 223/16

Cás C-173/23, Eventmedia Soluciones: Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Mercantil no 1 de Palma de Mallorca (an Spáinn) an 20 Márta 2023 – Eventmedia Soluciones SL v Air Europa Líneas Aéreas SAU

12

2023/C 223/17

Cás C-174/23, Twenty First Capital: Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 21 Márta 2023 – HJ, IK, LM v Twenty First Capital SAS

13

2023/C 223/18

Cás C-183/23, Credit Agricole Bank Polska: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Śródmieścia w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 22 Márta 2023 – Agricole Bank Polska SA v AB

14

2023/C 223/19

Cás C-195/23, Partena: Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal du travail francophone de Bruxelles (an Bheilg) a taisceadh an 27 Márta 2023 – GI v Partena Assurances Sociales pour Travailleurs Indépendants ASBL

14

2023/C 223/20

Cás C-200/23, Agentsia po vpisvaniyata: Iarraidh ar réamhrialú ó Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir), a taisceadh an 28 Márta 2023 – Agentsia po vpisvaniyata v OL

15

2023/C 223/21

Cás C-222/23, Toplofikatsia Sofia: Iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 7 Aibreán 2023 – Toplofikatsia Sofia EAD

16

2023/C 223/22

Cás C-284/22, Familienkasse Bayern Nord: Ordú ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 24 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Sozialgericht Nürnberg – an Ghearmáin) – CK v Familienkasse Bayern Nord

17

2023/C 223/23

Cás C-417/22, Disziplinarrat der Österreichischen Apothekerkammer: Ordú ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 27 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – AB v Disziplinarrat der Österreichischen Apothekerkammer, os comhair: Bundesminister für Soziales, Gesundheit, Pflege und Konsumentenschutz

17

 

Chúirt Ghinearálta

2023/C 223/24

Cásanna Uamtha T-34/21 agus T-87/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 – Ryanair agus Condor Flugdienst v an Coimisiún (Lufthansa; COVID-19) (Státchabhair – Margadh aeriompair na Gearmáine – Cúnamh arna dheonú ag an nGearmáin d’aerlíne i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 – Athchaipitliú Deutsche Lufthansa – Cinneadh gan agóidí a dhéanamh – Creat Sealadach do Bhearta Státchabhrach – Caingean le haghaidh neamhniú – Locus standi – Éifeacht shubstaintiúil ar an staid iomaíoch – Inghlacthacht – Cumhacht shuntasach sa mhargadh – Bearta breise chun iomaíocht éifeachtach a chaomhnú sa mhargadh – Oibleagáid cúiseanna a lua)

18

2023/C 223/25

Cás T-102/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 Bastion Holding agus páirtithe eile v an Coimisiún (Státchabhair – Bearta tacaíochta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 san Ísiltír – Cinneadh gan agóidí a tharraingt anuas – Creat sealadach maidir le bearta státchabhrach – Oibleagáid cúiseanna a lua)

19

2023/C 223/26

Cás T-238/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 – Ryanair v an Coimisiún (SAS II; COVID-19) (Státchabhair – Margaí aeriompair na Danmhairge agus na Sualainne – Cabhair arna deonú ag an Danmhairg agus ag an tSualainn d’aerlíne i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 – SAS a athchaipitliú – Cinneadh gan agóidí a dhéanamh – Caingean le haghaidh neamhniú – Cúram leithleach – Éifeacht shubstaintiúil ar an staid iomaíoch – Inghlacthacht – Creat Sealadach le haghaidh bearta státchabhrach – Beart atá ceaptha chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas – Ceanglais an Chreata Shealadaigh a chomhlíonadh)

19

2023/C 223/27

Cás T-249/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 – SN v An Pharlaimint (Dlí institiúideach – Rialacha ar speansais agus liúntais na bhFeisirí – Liúntas um chúnamh parlaiminteach – Aisghabháil suimeanna a íocadh go míchuí – Dualgas cúiseanna a lua – Neamhspleáchas na bhFeisirí – Earráid mheasúnaithe)

20

2023/C 223/28

Cás T-289/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 Bastion Holding agus páirtithe eile v an Coimisiún (Státchabhair – Bearta tacaíochta d’fhiontair i gcomhthéacs phaindéime COVID-19 san Ísiltír – Cinneadh gan agóidí a tharraingt anuas – Creat sealadach maidir le bearta státchabhrach – Oibleagáid cúiseanna a lua)

21

2023/C 223/29

Cás T-513/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 – Bastion Holding agus páirtithe eile v an Coimisiún (Státchabhair – Bearta tacaíochta do ghnóthais i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 san Ísiltír – Cinneadh gan agóidí a dhéanamh – Creat sealadach le haghaidh bearta státchabhrach – Oibleagáid cúiseanna a lua)

21

2023/C 223/30

Cás T-7/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 – FFI Female Financial Invest v EUIPO – MLP Finanzberatung (Financery) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Financery – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe Financify – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

22

2023/C 223/31

Cás T-52/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Chambre de commerce et d’industrie territoriale de la Marne en Champagne v EUIPO — Ambrosetti Group (TEHA) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais TEHA – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe tema – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) – Easpa fíorúsáid an mhairc – Airteagal 42(2) agus Airteagal 42(3) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Anois Airteagal 47(2) agus Airteagal 47(3) de Rialachán 2017/1001) – Úsáid i bhfoirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe lena n-athraítear saincháilíocht an mhairc – Airteagal 15(1), an dara fomhír de, pointe (a), de Rialachán Uimh. 207/2009 (anois pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001)

23

2023/C 223/32

Cás T-60/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Chambre de commerce et d’industrie territoriale de la Marne en Champagne v EUIPO — Ambrosetti Group (TEHA) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe TEHA – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) – Easpa fíorúsáide an mhairc – Airteagal 42(2) agus Airteagal 42(3) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Anois Airteagal 47(2) agus Airteagal 47(3) de Rialachán 2017/1001) – Úsáid i bhfoirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe lena n-athraítear saincháilíocht an mhairc – Airteagal 15(1), an dara fomhír de, pointe (a), de Rialachán Uimh. 207/2009 (anois pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001)

23

2023/C 223/33

Cás T-106/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi v EUIPO — M. J. Dairies (BBQLOUMI) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais BBQLOUMI – Comhfhocalmharc níos luaithe de chuid an Aontais HALLOUMI – Forais choibhneasta le neamhbhailíocht – Dóchúlacht mearbhaill – Dochar do chlú – Airteagal 8(1)(b), Airteagal 8(5) agus Airteagal 53(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (anois Airteagal 8(1)(b), Airteagal 8(5) agus Airteagal 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001))

24

2023/C 223/34

Cás T-168/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi v EUIPO — Fontana Food (GRILLOUMI) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais GRILLOUMI – Comhfhocalmharc níos luaithe de chuid an Aontais HALLOUMI – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Dochar do chlú – Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 8(5) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (anois Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001))

25

2023/C 223/35

Cás T-303/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Dicofarm v EUIPO — Marco Viti Farmaceutici (Vitis pharma Dicofarm Group) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Vitis pharma Dicofarm Group – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe viti DREN – Foras coibhneasta le neamhbhailíocht – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Méid beag cosúlachta d’earraí agus de sheirbhísí – Easpa dóchúlacht mearbhaill)

25

2023/C 223/36

Cás T-437/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 – Vanhove v EUIPO – Aldi Einkauf (bistro Régent) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh bistro Régent – Focalmharc náisiúnta níos luaithe REGENT – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe – An dara fomhír d’Airteagal 18(1)(a) agus Airteagal 47(2) de Rialachán 2017/1001 – Cruth atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn an tsaintréith)

26

2023/C 223/37

Cás T-459/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Laboratorios Ern v EUIPO — Biolark (BIOLARK) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí freasúra – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Marc fíortha BIOLARK – Focalmharc náisiúnta níos luaithe BIOPLAK – Éagmais dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

27

2023/C 223/38

Cás T-562/19 RENV: Ordú na Cúirte Ginearálta an 25 Aibreán 2023 – Klein v an Coimisiún (Caingean maidir le mainneachtain gníomhú – Feistí leighis – Airteagal 8(1) agus (2) de Threoir 93/42/CEE – Nós imeachta um chlásal coimirce – Fógra ó Bhallstát maidir le cinneadh lena gcoisctear feiste leighis a chur ar an margadh – Easnamh cinnidh ón gCoimisiún – Aisghairm Threoir 93/42 – Airteagail 94 go 97 de Rialachán (AE) 2017/745 – Bearta um fhaireachas margaidh – Caingean a bhfuil bunús léi go follasach)

28

2023/C 223/39

Cás T-618/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 4 Bealtaine 2023 – Amazonen-Werke H. Dreyer v EUIPO (Meascán de na dathanna glas agus oráiste) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Trádmharc arb é atá ann meascán de na dathanna glas agus oráiste – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

28

2023/C 223/40

Cás T-6/23 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – UC v an Chomhairle (Nós imeachta eatramhach – Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha a rinneadh i dtaca leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Reo na gcistí – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

29

2023/C 223/41

Cás T-11/23: Caingean arna tabhairt an 24 Aibreán 2023 – XH v An Coimisiún Eorpach

29

2023/C 223/42

Cás T-38/23: Caingean arna tabhairt an 1 Bealtaine 2023 – IB v EUIPO

30

2023/C 223/43

Cás T-183/23: Caingean arna tabhairt an 7 Aibreán 2023 – Ballmann v EDPB

31

2023/C 223/44

Cás T-199/23: Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2023 – Hansol Paper v an Coimisiún

32

2023/C 223/45

Cás T-216/23: Caingean arna tabhairt an 23 Aibreán 2023 – VT v an Coimisiún

33

2023/C 223/46

Cás T-217/23: Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2023 – VU v an Coimisiún

34

2023/C 223/47

Cás T-220/23: Caingean arna tabhairt an 26 Aibreán 2023 – Casal sport v EUIPO – Tennis d’Aquitaine (CITY STADE)

35

2023/C 223/48

Cás T-223/23: Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2023 – VZ v an Pharlaimint

36

2023/C 223/49

Cás T-227/23: Caingean arna tabhairt an 2 Bealtaine 2023 – Mylan Ireland v An Coimisiún Eorpach

37

2023/C 223/50

Cás T-230/23: Caingean arna tabhairt an 2 Bealtaine 2023 – Hitit Seramik v an Coimisiún

38

2023/C 223/51

Cás T-231/23: Caingean arna tabhairt an 3 Bealtaine 2023 – Akgün Seramik agus páirtithe eile v an Coimisiún

38

2023/C 223/52

Cás T-233/23: Caingean arna tabhairt an 4 Bealtaine 2023 – Gutseriev v an Chomhairle

39

2023/C 223/53

Cás T-239/23: Caingean arna tabhairt an 7 Bealtaine 2023 – Comité interprofessionnel du vin de Champagne agus INAO v EUIPO – Óstáin Nero (NERO CHAMPAGNE)

40

2023/C 223/54

Cás T-243/23: Caingean arna tabhairt an 11 Bealtaine 2023 – Quality First v EUIPO (MORE-BIOTIC)

41


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2023/C 223/01)

Foilseachán deiridh

IO C 216, 19.6.2023

Foilseacháin stairiúla

IO C 205, 12.6.2023

IO C 189, 30.5.2023

IO C 173, 15.5.2023

IO C 164, 8.5.2023

IO C 155, 2.5.2023

IO C 134, 17.4.2023

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/2


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – MOMTRADE RUSE OOD v Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Varna pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite

(Cás C-620/21 (1), MOMTRADE RUSE)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 132(1)(g) - Díolúintí do sheirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu leis an leas sóisialta agus leis an tslándáil shóisialta a sholáthraíonn comhlachtaí a n-aithnítear iad a bheith tiomanta don dea-bhail shóisialta ag an mBallstát lena mbaineann - Soláthar seirbhísí do dhuine neamh-inchánach i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe - Measúnú ar chineál na seirbhísí agus ar riocht comhlachta a aithnítear mar chomhlacht de chineál sóisialta - An dlí náisiúnta ábhartha a chinneadh - An coincheap “an Ballstát lena mbaineann”)

(2023/C 223/02)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: MOMTRADE RUSE OOD

Cosantóir: Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Varna pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 132(1)(g) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir le 2008/8/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ar an gcéad dul síos, féadfaidh soláthar seirbhísí sóisialta do dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil a ghnó nó a gnó bunaithe ag an soláthraí a bheith díolmhaithe faoin bhforáil sin agus, ar an dara dul síos, níl sé ábhartha maidir leis sin gur bhain an soláthraí úsáid as cuideachta atá bunaithe sa Bhallstát eile sin chun dul i dteagmháil lena chustaiméirí.

2)

Maidir le hAirteagal 132(1)(g) de Threoir 2006/112, arna leasú le Treoir 2008/8,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina soláthraíonn cuideachta seirbhísí sóisialta do dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil a gnó bunaithe, ní mór cineál na seirbhísí sin agus saintréithe na cuideachta sin, chun a chinneadh an dtagann na seirbhísí sin faoin gcoincheap “soláthar seirbhísí […] a bhfuil dlúthbhaint acu leis an gcabhair shóisialta agus leis an tslándáil shóisialta […] a sholáthraíonn […] [comhlacht a aithnítear é] a bheith tiomanta don dea-bhail shóisialta ag an mBallstát lena mbaineann”, de réir bhrí na forála sin, a scrúdú i gcomhréir leis an dlí, lena dtrasuítear Treoir 2006/112, arna leasú, ón mBallstát ina bhfuil a ghnó bunaithe ag cuideachta.

3)

Maidir le hAirteagal 132(1)(g) de Threoir 2006/112, arna leasú le Treoir 2008/8,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní leor é go bhfuil cuideachta a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta cláraithe le comhlacht poiblí sa Bhallstát cánachais mar sholáthraí seirbhísí sóisialta i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin chun a mheas go dtagann an chuideachta sin faoin gcoincheap “[comhlacht a aithnítear é] a bheith tiomanta don dea-bhail shóisialta ag an mBallstát lena mbaineann”, de réir bhrí na forála sin, mura rud é go bhfuil an clárú sin faoi réir fíorú roimh ré ag na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le cineál sóisialta na cuideachta sin chun críocha na forála sin.


(1)  IO C 24, 17.1.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/3


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Bucureşti – an Rómáin) – R.I. v Inspecţia Judiciară, N.L.

(Cás C-817/21 (1), Inspecţia Judiciară)

(Tarchur chun réamhrialú - An smacht reachta - Neamhspleáchas breithiúnach - An dara fomhír d'Airteagal 19(1) CAE - Cinneadh 2006/928/CE - Neamhspleáchas na mbreithiúna - Nós imeachta araíonachta - Cigireacht bhreithiúnach - Príomhchigire ag a bhfuil cumhachtaí rialála, roghnóireachta, measúnaithe, ceapacháin agus araíonachta)

(2023/C 223/03)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Bucureşti

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: R.I.

Cosantóirí: Inspecţia Judiciară, N.L.

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 2 agus an dara fomhír d'Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le Cinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta:

lena dtugtar an chumhacht do stiúrthóir comhlachta atá inniúil imscrúduithe a sheoladh agus caingean araíonachta a dhéanamh i gcoinne breithiúna agus ionchúisitheoirí gníomhartha rialála agus aonair a ghlacadh a bhaineann, inter alia, le heagrú an chomhlachta sin, le roghnú a fhoireann, lena measúnú, le comhlíonadh a gcuid oibre agus ceapadh leas-stiúrthóra,

agus, ar an gcéad dul síos, na baill foirne sin agus an leas-stiúrthóir amháin atá inniúil chun imscrúdú araíonachta a sheoladh i gcoinne an stiúrthóra sin, ar an dara dul síos, braitheann a ngairmeacha, go mór, ar chinntí an stiúrthóra agus, ar deireadh, tiocfaidh deireadh le téarma oifige an leas-stiúrthóra ag an am céanna le téarma oifige an stiúrthóra,

i gcás nach bhfuil an reachtaíocht sin ceaptha ar bhealach nach féidir léi a bheith ina chúis le haon amhras dlisteanach in aigne dhlíthithe maidir le húsáid shainchumais agus feidhmeanna an chomhlachta sin mar uirlis bhrú ar ghníomhaíocht na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí sin nó rialú polaitiúil ar an ngníomhaíocht sin.


(1)  IO C 165, 19.4.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/4


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 – an Coimisiún Eorpach v Sopra Steria Benelux, Unisys Belgium

(Cás C-101/22 P) (1)

(Achomharc - Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 169 - Achomharc i gcoinne na coda oibríochtúla de chinneadh na Cúirte Ginearálta - Conarthaí seirbhíse poiblí - Nós imeachta tairisceana - Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 - Airteagal 170(3) - Mír 23 d’Iarscríbhinn I - Tairisceoir díshealbhaithe ag tabhairt aird an Choimisiúin Eorpaigh ar leideanna maidir le nádúr thar a bheith íseal na tairisceana a roghnaíodh - Raon feidhme na hoibleagáide cúiseanna a lua atá ar an údarás conarthach)

(2023/C 223/04)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. André, M. Ilkova, O. Verheecke, i gcáil Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Sopra Steria Benelux, Unisys Belgium (ionadaithe: L. Masson, G. Tilman, avocats)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.


(1)  IO C 207, 23.5.2022


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/4


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Niederösterreich – an Ostair) – RE v Bezirkshauptmannschaft Lilienfeld

(Cás C-155/22 (1), Bezirkshauptmannschaft Lilienfeld)

(Tarchur chun réamhrialú - Iompar de bhóthar - Rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh - Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 - Airteagail 6 agus 22 - Rialacháin náisiúnta lena gceadaítear aistriú dliteanas coiriúil i leith cionta tromchúiseacha a bhaineann le ham tiomána agus tréimhsí scíthe do thiománaithe - Mainneachtain na pionóis a ghearrtar as na cionta seo a chur san áireamh agus dea-cháil an ghnóthais iompair de bhóthar á measúnú)

(2023/C 223/05)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesverwaltungsgericht Niederösterreich

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: RE

Cosantóir: Bezirkshauptmannschaft Lilienfeld

Idiragraí: Arbeitsinspektorat NÖ Wald- und Mostviertel

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(1) de Rialachán Uimh. 1071/2009, arna leasú,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoinar féidir le duine a thabhaíonn dliteanas coiriúil i leith cionta a dhéantar laistigh de ghnóthas iompair de bhóthar agus a gcuirtear a iompar san áireamh chun críocha dea-cháil an ghnóthais sin a mheasúnú, duine a ainmniú mar an t-oifigeach a bheidh freagrach as forálacha dhlí an Aontais maidir le ham tiomána agus tréimhsí scíthe do thiománaithe a chomhlíonadh agus ar an gcaoi sin dliteanas coiriúil a aistriú chuig an duine sin i leith sáruithe ar na forálacha sin de dhlí an Aontais, nuair nach gceadaítear leis an dlí náisiúnta na cionta a chuirtear i leith an oifigigh sin a chur san áireamh chun a mheas an gcomhlíonann an gnóthas sin ceanglas an dea-cháil.


(1)  IO C 222, 7.6.2022


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/5


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarrataí ar réamhrialú ó Landgericht Stuttgart – an Ghearmáin) – TAP Portugal v flightright GmbH (C-156/22), Myflyright GmbH (C-157/22 agus C-158/22)

(Cásanna Uamtha C-156/22 go C-158/22 (1), TAP Portugal (Bás an chomhphíolóta) agus páirtithe eile)

(Tarchur chun réamhrialú - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Cúiteamh do phaisinéirí aeir i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal - Airteagal 5(3) - Díolúine ón oibleagáid chun cúiteamh a íoc - An coincheap “imthosca urghnácha” - Neamhláithreacht nach rabhthas ag súil leis, mar gheall ar bhreoiteacht nó bás, de bhall foirne atá riachtanach don eitilt)

(2023/C 223/06)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Stuttgart

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: TAP Portugal

Cosantóirí: flightright GmbH (C-156/22), Myflyright GmbH (C-157/22 agus C-158/22),

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní thagann neamhláithreacht nach rabhthas ag súil leis, mar gheall ar bhreoiteacht nó bás, de bhall foirne atá riachtanach don eitilt, a tharla go gairid roimh imeacht sceidealta na heitilte sin, faoin gcoincheap “imthosca urghnácha” de réir bhrí na forála sin.


(1)  IO C 222, 7.6.2022


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/6


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarrataí ar réamhrialú ón Conseil d'État – an Fhrainc) – Ministre de l’Économie, des Finances et de la Relance v Manitou BF SA (C-407/22), Bricolage Investissement France SA (C-408/22)

(Cásanna Uamtha C-407/22 agus C-408/22 (1), Manitou BF agus páirtithe eile)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Airteagal 49 TFUE - Saoirse bunaíochta - Cáin chorparáide - Cánachas ghrúpaí (“intégration fiscale” Fraincise) - Díolúine ó dhíbhinní arna n-íoc ag fochuideachtaí a bhaineann leis an ngrúpa cánach comhtháite Máthairchuideachta chónaitheach - Naisc chaipitil le cuideachtaí cónaitheacha agus neamhchónaitheacha gan grúpa cánach comhtháite a bhunú - Díolúine ó dhíbhinní arna n-íoc ag fochuideachtaí neamhchónaitheacha - Costais agus speansais neamh-asbhainteach a bhaineann leis an rannpháirtíocht - Easpa neodraithe maidir le hathchomhtháthú na gcostas agus na speansas sin)

(2023/C 223/07)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d'État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Ministre de l’Économie, des Finances et de la Relance

Cosantóirí: Manitou BF SA (C-407/22), Bricolage Investissement France SA (C-408/22)

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 49 CFAE a léiriú amhail go gcuirtear cosc ar reachtaíocht Ballstáit maidir le córas comhtháite cánach faoina

bhféadfaidh máthairchuideachta chónaitheach a roghnaigh comhtháthú cánach le cuideachtaí cónaitheacha leas a bhaint as neodrú ath-chomhtháthaithe ar scair na gcostas agus na speansas arna shocrú ag ráta comhréidh 5 % de ghlanmhéid na ndíbhinní arna bhfáil aici ó fhochuideachtaí atá bunaithe i mBallstáit eile, a bheadh incháilithe go hoibiachtúil, dá mba rud é go raibh siad ina gcónaitheoirí ann,

ndiúltaítear do neodrú den sórt sin do mháthairchuideachta chónaitheach nár roghnaigh comhdhlúthú cánach den sórt sin d’ainneoin naisc chaipitil a bheith ann le cuideachtaí cónaitheacha eile lena gceadaítear é.


(1)  IO C 340, 5.9.2022


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/6


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – GO agus páirtithe eile v Regione Lazio

(Cás C-482/22 (1), Associazione Raggio Verde)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagail 53 agus 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 267 CFAE - Raon feidhme na hoibleagáide atá ar chúirteanna náisiúnta a bhreithníonn ag an gcéim dheiridh tarchur a dhéanamh - Eisceachtaí ar an oibleagáid sin - Critéir - Cásanna ina bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais Eorpaigh chomh soiléir sin nach bhfágann sé aon amhras réasúnta - Coinníoll chun go sásóidh an chúirt náisiúnta atá ag breithniú ag an gcéim dheiridh go mbeadh sé chomh soiléir céanna do na cúirteanna den chéim dheiridh de chuid na mBallstát agus don Chúirt Bhreithiúnais)

(2023/C 223/08)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: GO, UL, KC, PE, HY, EM, Associazione Raggio Verde

Cosantóir: Regione Lazio

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 267 CFAE a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh cúirt náisiúnta nach bhfuil a cinntí faoi réir athbhreithniú breithiúnach faoin dlí baile staonadh ó cheist maidir le léiriú ar dhlí an Aontais a chur faoi bhráid na Cúirte agus í a réiteach ar a freagracht féin i gcás ina bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais chomh soiléir sin nach bhfágtar aon amhras réasúnta. Ní mór measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht sin a bheith ann i bhfianaise shaintréithe sonracha dhlí an Aontais Eorpaigh, na ndeacrachtaí ar leith a bhaineann lena léiriú agus an riosca go mbeadh éagsúlachtaí sa chásdlí laistigh den Aontas Eorpach.

Ní cheanglaítear ar an gcúirt náisiúnta sin a chruthú go mion go ndéanfadh cúirteanna eile na rogha deiridh de chuid na mBallstát agus an Chúirt an léiriú céanna, ach ní mór, ar bhonn measúnaithe ina gcuirtear na tosca sin san áireamh, tagtha ar an gcreideamh go mbeadh sé chomh soiléir céanna do na cúirteanna náisiúnta eile sin agus don Chúirt Bhreithiúnais.


(1)  Dáta taiscthe: 14.7.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/7


Ordú na Cúirte Breithúnais (an Séú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Ministero della Giustizia v SP

(Cás C-495/22 (1), Ministero della Giustizia (Comórtas do nótairí))

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagail 53 agus 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 267 CFAE - Raon feidhme na hoibleagáide atá ar chúirteanna náisiúnta a bhreithníonn ag an gcéim dheiridh tarchur a dhéanamh - Eisceachtaí ar an oibleagáid sin - Critéir - Cásanna ina bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais Eorpaigh chomh soiléir sin nach bhfágann sé aon amhras réasúnta - Coinníoll chun go sásóidh an chúirt náisiúnta atá ag breithniú ag an gcéim dheiridh go mbeadh sé chomh soiléir céanna do na cúirteanna den chéim dheiridh de chuid na mBallstát agus don Chúirt Bhreithiúnais)

(2023/C 223/09)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Ministero della Giustizia

Cosantóir: SP

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 267 CFAE a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh cúirt náisiúnta nach bhfuil a cinntí faoi réir athbhreithniú breithiúnach faoin dlí baile staonadh ó cheist maidir le léiriú ar dhlí an Aontais a chur faoi bhráid na Cúirte agus í a réiteach ar a freagracht féin i gcás ina bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais chomh soiléir sin nach bhfágtar aon amhras réasúnta. Ní mór measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht sin a bheith ann i bhfianaise shaintréithe sonracha dhlí an Aontais Eorpaigh, na ndeacrachtaí ar leith a bhaineann lena léiriú agus an riosca go mbeadh éagsúlachtaí sa chásdlí laistigh den Aontas Eorpach.

Ní cheanglaítear ar an gcúirt náisiúnta sin a chruthú go mion go ndéanfadh cúirteanna eile na rogha deiridh de chuid na mBallstát agus an Chúirt an léiriú céanna, ach ní mór, ar bhonn measúnaithe ina gcuirtear na tosca sin san áireamh, tagtha ar an gcreideamh go mbeadh sé chomh soiléir céanna do na cúirteanna náisiúnta eile sin agus don Chúirt Bhreithiúnais.


(1)  Dáta taiscthe: 22.7.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/8


Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 28 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Minden – an Ghearmáin) – Herr J. O. v Kreis Gütersloh

(Cás C-596/22 (1), Kreis Gütersloh)

(Tarchur chun réamhrialiú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Comhshaol - Measúnú ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol - Treoir 2011/92/AE - Oibleagáid measúnú tionchair comhshaoil nó scrúdú de réir an cháis a dhéanamh - Éifeachtaí carnacha tionscadal - Foirgneamh beostoic d’éanlaith chlóis a thógáil i ngarchomharsanacht foirgneamh comhchosúil)

(2023/C 223/10)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Minden

Páirtithe

Iarratasóir: Herr J. O.

Cosantóir: Kreis Gütersloh

I láthair: W.D.

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 4(3) de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014, arna léamh i gcomhar le mír 1(b) agus mír 3(g) d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/92, arna leasú,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar reachtaíocht Ballstáit faoina bhfuil an oibleagáid scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag tionscadal i gcomhpháirt le tionscadail eile teoranta do chásanna ina bhfuil an tionscadal suiteála sin agus na tionscadail eile sin nasctha le suiteálacha is coiteann dóibh.

2)

Maidir le Treoir 2011/92, arna leasú le Treoir 2014/52,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leis ar reachtaíocht Ballstáit nach ndéantar foráil inti ach amháin maidir le scrúdú de réir an cháis, de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) de Threoir 2011/92, arna leasú, i ndáil le tionscadal nach gcomhlíonann, ina aonar, an tairseach a leagtar síos i mír 17(a) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/92, arna leasú, ach baintear amach é nuair a bhreithnítear é i gcomhar le tionscadail eile.

I gcomhthéacs an scrúdaithe de réir an cháis sin, d'fhéadfadh sé, mar sin féin, gur dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag an tionscadal sin ar an gcomhshaol, de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92, arna leasú, má shroicheann tionscadal den sórt sin an tairseach sin nuair a thógtar é in éineacht le tionscadail eile.


(1)  IO C 463, 5.12.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/9


Achomharc arna thabhairt an 18 Samhain 2022 ag WT i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 7 Meán Fómhair 2022 i gCás T-91/20, WT v an Coimisiún

(Cás C-712/22 P)

(2023/C 223/11)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: WT (ionadaithe: D. Birkenmaier, Rechtsanwalt; D. Rovetta agus V. Villante, avvocati)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

Le hOrdú an 4 Bealtaine 2023, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) don achomharc toisc é a bheith do-ghlactha go follasach go páirteach agus a bheith gan bhunús go follasach go páirteach, agus d’ordaigh sí do WT a costais féin a íoc.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/9


Achomharc arna thabhairt an 20 Nollaig 2022 ag Studio Legale Ughi e Nunziante i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) an 10 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-389/22, Studio Legale Ughi e Nunziante v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

(Cás C-776/22 P)

(2023/C 223/12)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Achomharcóir: Studio Legale Ughi e Nunziante (ionadaithe: A. Clemente, L. Cascone, A. Marega, F. de Filippis, avvocati)

Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh – EUIPO

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

1)

go príomhúil, – agus an chéad fhoras agus/nó an dara foras achomhairc san achomharc seo á chaomhnú – gur cheart an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar neamhní agus gur cheart ionadaíocht dhlíthiúil an chomhlachais achomharcóra ag na dlíodóirí atá bunaithe sa chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta a bheith bailí, agus gur cheart, dá bhrí sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a thabhairt ar an tsubstaint;

2)

Mar mhalairt air sin – agus an tríú foras achomhairc sa chás seo á chaomhnú – gur cheart an t-ordú a chur ar neamhní, agus go bhfuil an Associazione Ughi e Nunziante – Studio Legale (Comhlachas Ughi agus Nunziante – Gnólacht dlí) i dteideal leanúint leis na himeachtaí ag dlíodóir nach mbaineann leis an gcomhlachas gairmiúil is iarratasóir agus, dá réir sin, go dtarchuirfí an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a thabhairt ar an tsubstaint;

3)

a ordú do EUIPO costais agus caiteachais na n-imeachtaí achomhairc seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú leis an achomharc, braitheann an t-achomharcóir ar thrí fhoras achomhairc.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagail 119 agus 126 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Sháraigh an Chúirt Ghinearálta an oibleagáid cúiseanna a lua trí thagairt a dhéanamh ar an gcéad dul síos do chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le “féinionadaíocht” agus ansin bogadh ar aghaidh chuig an tsaincheist atá go hiomlán difriúil maidir le neamhspleáchas an dlíodóra.

Ní dhearna an Chúirt Ghinearálta maíomh chun bonn cirt a thabhairt d’infheidhmeacht an cheanglais maidir le neamhspleáchas dlíodóra i gcás gur gnólacht dlí atá i gcomhlachas an t-achomharcóir, nó mar bhonn lena sheasamh go mbainfear amach neamhspleáchas na dlíodóirí a thionscain an chaingean mar bhí siad ina gcomhaltaí den chomhlachas.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú agus/nó mífheidhmiú Airteagal 51 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta agus Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Rinne an t-iarratasóir na doiciméid uile a cheanglaítear leis an dara mír d’Airteagal 51 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta a chomhdú go cuí, ar doiciméid iad a thaispeánann go hiomlán go bhfuil dlíodóirí údaraithe chun cleachtadh san Iodáil; dá bhrí sin, ní dhearnadh aon sárú líomhnaithe ar an gceathrú mír d’Airteagal 19 de na Rialacháin Foirne.

Maidir leis an sárú líomhnaithe ar an tríú mír d’Airteagal 19 den Reacht, bhí an léiriú ar cheanglas neamhspleáchas na ndlíodóirí faoi réir roinnt rialuithe a rinne an Chúirt Bhreithiúnais le déanaí, rialuithe ar imigh an t-ordú faoi achomharc uathu. Sa chás seo, ní léir nach bhfuil comhaltaí an ghnólachta in ann a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh ar mhaithe le leas an chliaint.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 47 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, de réir mar a bheidh, ar an gceathrú mír d’Airteagal 51 agus ar an gcéad mhír d’Airteagal 55 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Tar éis di an easpa neamhspleáchais líomhnaithe a chinneadh, níor chinn an Chúirt Ghinearálta ach nár foráladh go sainráite i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta do leigheasanna ar an locht sin agus, dá bhrí sin, dhearbhaigh sí go huathoibríoch go raibh an chaingean neamh-inghlactha.

Mhainnigh an Chúirt Ghinearálta a chur san áireamh gur ábhar cásdlí é ceanglas an neamhspleáchais; ní fhoráiltear go sainráite don leigheas toisc nach bhforáiltear go sainráite don cheanglas líomhnaithe in aon fhoráil. Mar thoradh ar léirmhíniú foirmiúil na Cúirte Ginearálta, rinneadh sárú tromchúiseach doleigheasta ar chearta an pháirtí, de shárú ar Airteagal 47 agus Airteagal 52 den Chairt.

Cead chun achomharc a dhéanamh

Le hordú ón gCúirt (ag cinneadh ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) an 8 Bealtaine 2023, ceadaíodh an t-achomharc i bpáirt. Díreoidh an freagra ar an dara foras agus ar an tríú foras achomhairc.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/10


Achomharc arna thabhairt an 17 Eanáir 2023 ag Arne-Patrik Heinze i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 9 Samhain 2022 i gCás T-610/21, L’Oréal v EUIPO – Heinze (K K WATER)

(Cás C-15/23 P)

(2023/C 223/13)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Arne-Patrik Heinze (ionadaí: N. Dauskardt, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: L'Oréal, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Le hOrdú an 11 Bealtaine 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí do Arne-Patrik Heinze a chostais féin a íoc.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/10


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ostair) a taisceadh an 27 Feabhra 2023 – XXXX

(Cás C-116/23, Sozialministeriumservice)

(2023/C 223/14)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XXXX

Páirtí eile: Sozialministeriumservice

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An ionann liúntas saoire cúraim agus sochar breoiteachta de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (1) nó, murab ionann, an sochar eile é faoi Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 883/2004?

2.

I gcás ina bpléitear leis mar shochar breoiteachta, an ionann an liúntas saoire cúraim agus sochar airgid thirim de réir bhrí Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 883/2004?

3.

An bpléitear le liúntas saoire cúraim mar shochar do chúramóirí nó don té a bhfuil riachtanas cúraim aige?

4.

Dá bhrí sin, an dtagann cás ina ndearna iarratasóir ar liúntas saoire cúraim, ar náisiúnach de chuid na hIodáile é, atá ina chónaí go buan i gcúige na hOstaire Uachtaraí, san Ostair, ón 28 Meitheamh 2013, agus atá ag obair leis an bhfostóir céanna sa chúige céanna san Ostair ón 1 Iúil 2013 ar aghaidh – gan aon fhianaise a bheith ann gur oibrí imeallchríche an t-iarratasóir – comhaontú lena fhostóir saoire cúraim a ghlacadh chun aire a thabhairt dá athair, ar saoránach Iodálach é a bhí ina chónaí go buan san Iodáil (Sassuolo) le linn na tréimhse ábhartha ón 1 Bealtaine 2022 go dtí an 13 Meitheamh 2022 agus a rinne iarratas leis an údarás is cosantóir ar liúntas saoire cúraim, faoi raon feidhme de Rialachán Uimh. 883/2004?

5.

An gcuirtear cosc le hAirteagal 7 de Rialachán Uimh. 883/2004 nó leis an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos i bhforálacha éagsúla de dhlí an Aontais (mar shampla, Airteagal 18 CFAE, Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, etc.) ar fhoráil náisiúnta a chuireann deonú liúntas saoire cúraim faoin gcoinníoll go bhfuil an té a bhfuil riachtanas cúraim aige ag fáil liúntas cúraim Ostarach ar leibhéal 3 nó níos airde?

6.

An gcuirtear cosc le prionsabal na héifeachtachta nó prionsabal an neamh-idirdhealaithe faoi dhlí an Aontais, a leagtar síos i bhforálacha éagsúla de dhlí an Aontais (mar shampla, Airteagal 18 CFAE, Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, etc.), in imthosca amhail iad siúd sa chás seo, ar reachtaíocht náisiúnta nó cásdlí bunaithe náisiúnta a chur i bhfeidhm nach bhfágann aon fhéidearthacht “iarratas ar liúntas saoire cúraim” a athaicmiú mar “iarratas ar shaoire teaghlaigh ospíse”, nuair is léir gur úsáideadh foirm um “iarratas ar liúntas saoire cúraim” seachas “iarratas ar shaoire teaghlaigh ospíse”, agus inar léir freisin go ndearnadh comhaontú leis an bhfostóir ina dtagraítear do “chúram do gharghaol” seachas do “chúram deiridh saoil”, cé go sásódh na fíorais lena mbaineann freisin, i bprionsabal – ós rud é go bhfuair an t-athair a raibh cúram ag teastáil uaidh bás ó shin – na ceanglais le haghaidh liúntas saoire cúraim faoi “shaoire teaghlaigh ospíse” dá mbeadh comhaontú difriúil déanta leis an bhfostóir agus iarratas difriúil curtha isteach leis an údarás?

7.

An gcuirtear cosc le hAirteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 nó foráil eile de dhlí an Aontais (mar shampla, Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha) ar fhoráil náisiúnta (Mír 21c(1) den Bundespflegegeldgesetz (an Dlí feidearálach maidir le liúntas cúraim, “BPGG”)), a chuireann deonú liúntais saoire cúraim faoin gcoinníoll go bhfuil liúntas cúraim Ostarach ar leibhéal 3 nó níos airde ag an té a bhfuil riachtanas cúraim aige, ach i gcomhthéacs foráil náisiúnta eile (Mír 21c(3) de BPGG), nuair a chuirtear í i bhfeidhm sna fíorais chéanna, nach gcuirtear an deonú faoi choinníoll comhchosúil?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/11


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Márta 2023 – Sony Computer Entertainment Europe Ltd v Datel Design and Development Ltd, Datel Direct Ltd, JS

(Cás C-159/23, Sony Computer Entertainment Europe)

(2023/C 223/15)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí: Sony Computer Entertainment Europe Ltd

Cosantóirí agus freagróirí ar phointe dlí: Datel Design and Development Ltd, Datel Direct Ltd, JS

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An sáraítear an chosaint a thugtar do ríomhchlár faoi Airteagal 1(1) go (3) de Threoir 2009/24/CE (1) nuair nach é an cód aidhme ná cód foinseach ríomhchláir, ná a atáirgeadh, a athraítear, ach go n-athraíonn ríomhchlár eile a ritear ag an am céanna leis an ríomhchlár cosanta inneachar athróg a d’aistrigh an ríomhchlár cosanta chuig an gcuimhne fheidhmiúil agus go n-úsáideann sé sin agus an ríomhchlár á rith?

2.

An bhfuil athrú de réir bhrí Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2009/24 i gceist nuair nach é an cód aidhme ná cód foinseach ríomhchláir, ná a atáirgeadh, a athraítear, ach go n-athraíonn ríomhchlár eile a ritear ag an am céanna leis an ríomhchlár cosanta inneachar athróg a d’aistrigh an ríomhchlár cosanta chuig an gcuimhne fheidhmiúil agus go n-úsáideann sé sin agus an ríomhchlár á rith?


(1)  Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí na gclár ríomhaireachta (leagan códaithe) (IO 2009 L 111, lch. 16).


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/12


Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Mercantil no 1 de Palma de Mallorca (an Spáinn) an 20 Márta 2023 – Eventmedia Soluciones SL v Air Europa Líneas Aéreas SAU

(Cás C-173/23, Eventmedia Soluciones)

(2023/C 223/16)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Mercantil no 1 de Palma de Mallorca

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Eventmedia Soluciones SL

Cosantóir: Air Europa Líneas Aéreas SAU

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (1) a léiriú sa chaoi nach mór don chúirt náisiúnta a bhfuil caingean os a comhair maidir le cúiteamh i leith damáiste mar gheall ar mhoill ar iompar bagáiste faoi Airteagal 19 de Choinbhinsiún Montréal rialú ex officio a dhéanamh ar an gcineál éagórach a d’fhéadfadh a bheith ar chlásal a cuireadh isteach sa chonradh iompair nach gceadaíonn don phaisinéir a chearta a aistriú mar gheall air, nuair is é an t-aistrí a thionscnaíonn an chaingean, aistrí nach bhfuil, murab ionann agus an t-aistreoir, ina thomhaltóir nó úsáideoir?

2)

I gcás go bhfuil sé oiriúnach an rialú ex officio a dhéanamh, an féidir an ceanglas chun an tomhaltóir a chur ar an eolas agus a shuí an agraíonn sé cineál éagórach an chlásail nó an nglacann sé lena fhágáil ar lár i bhfianaise an ghnímh chríochnaithigh dá éileamh a aistriú de shárú ar an téarma a d’fhéadfadh a bheith éagórach nár ceadaíodh aistriú an éilimh mar gheall air?


(1)  IO 1993 L 95, lch. 29.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/13


Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 21 Márta 2023 – HJ, IK, LM v Twenty First Capital SAS

(Cás C-174/23, Twenty First Capital)

(2023/C 223/17)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: HJ, IK, LM

Cosantóir: Twenty First Capital SAS

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

a)

Maidir le hAirteagail 13 agus 61(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (1), an gcaithfear iad a léiriú amhail go gceanglaítear ar BCIManna a dhéanann gníomhaíochtaí faoin Treoir roimh an 22 Iúil 2013 na hoibleagáidí a bhaineann le beartais agus cleachtais luacha saothair a chomhlíonadh:

i)

ar dhul in éag don tréimhse a fhorordaítear chun an Treoir sin a thrasuí,

ii)

ar dháta theacht i bhfeidhm na bhforálacha lena dtrasuítear an Treoir sa dlí náisiúnta;

iii)

ó dhul in éag na tréimhse bliana dar críoch an 21 Iúil 2014 a leagtar síos in Airteagal 61(1), nó

iv)

ón tráth a fhaightear an t-údarú mar BCIM faoin Treoir?

b)

An mbraitheann freagra na ceiste sin ar cibé ar comhaontaíodh an luach saothair a d'íoc bainisteoir an chiste infheistíochta mhalartaigh le fostaí nó le stiúrthóir cuideachta roimh nó tar éis:

i)

dul in éag an spriocdháta chun an Treoir a thrasuí;

ii)

dáta theacht i bhfeidhm na bhforálacha lena dtrasuítear an Treoir sa dlí náisiúnta;

iii)

dul in éag an 21 Iúil 2014 den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 61(1) den Treoir;

iv)

dáta an údaraithe ag an mbainisteoir cistí infheistíochta malartacha?

2.

Ag glacadh leis go léirítear sa fhreagra ar cheist (1), tar éis thrasuí na Treorach sa dlí náisiúnta, nach gceanglaítear ar bhainisteoir na gcistí infheistíochta malartacha, ar feadh tréimhse áirithe, ach na hiarrachtaí is fearr a dhéanamh chun an reachtaíocht náisiúnta a eascraíonn as an Treoir sin a chomhlíonadh, an gcomhlíonann sé an oibleagáid sin más rud é, le linn na tréimhse sin, go bhfostaíonn sé fostaí nó má cheapann sé oifigeach cuideachta faoi choinníollacha luach saothair nach gcomhlíontar le ceanglais na forála náisiúnta lenar trasuíodh Airteagal 13 den Treoir?


(1)  IO 2011 L 174, lch. 1.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Śródmieścia w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 22 Márta 2023 – Agricole Bank Polska SA v AB

(Cás C-183/23, Credit Agricole Bank Polska)

(2023/C 223/18)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy dla Warszawy-Śródmieścia w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Credit Agricole Bank Polska SA

Cosantóir: AB

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An bhfuil Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú) (1) le léiriú mar ní a chiallaíonn go bhfuil feidhm ag forálacha an Rialacháin sin maidir le dlínse a chinneadh i gcás i gcoinne tomhaltóra in absentia nach náisiúnach d’aon Bhallstát é agus go bhfuil, ar an gcéad dul síos, a áit chónaithe is deireanaí is eol i mBallstát agus, ar an dara dul síos, go bhfuil fianaise inchreidte ann nach bhfuil sainchónaí air a thuilleadh i gcríoch an Bhallstáit sin, i gcás nach bhfuil aon fhianaise inchreidte ann a thugann le tuiscint gur fhág sé críoch an Aontais Eorpaigh chun filleadh ar an Stát ar náisiúnach de é?

2.

An bhfuil Airteagal 26(1) agus (2) de [Rialachán Uimh. 1215/2012] le léiriú mar ní a chiallaíonn go dtagann láithreas arna iontráil ag ionadaí arna cheapadh i gcomhréir le dlí náisiúnta Ballstáit chun ionadaíocht a dhéanamh ar an tomhaltóir sin in absentia in ionad láithreas an tomhaltóra agus gur féidir toimhde a dhéanamh ar an mbonn sin go bhfuil dlínse ag cúirt an Bhallstáit sin d’ainneoin fianaise inchreidte a bheith ann nach bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir a thuilleadh i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann?


(1)  IO 2012 L 351, lch. 1.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/14


Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal du travail francophone de Bruxelles (an Bheilg) a taisceadh an 27 Márta 2023 – GI v Partena Assurances Sociales pour Travailleurs Indépendants ASBL

(Cás C-195/23, Partena)

(2023/C 223/19)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal du travail francophone de Bruxelles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: GI

Cosantóir: Partena Assurances Sociales pour Travailleurs Indépendants ASBL

An cheist a tharchuirtear:

Maidir le Prótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 14 de, prionsabal scéime aonair slándála sóisialta is infheidhme maidir le daoine fostaithe nó féinfhostaithe, gníomhach nó ar scor, agus prionsabal an chomhair dhílis mar atá leagtha síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an gcuirtear cosc leo ar Bhallstát dliteanas a fhorchur ar scéim náisiúnta slándála sóisialta agus a cheangal go n-íocfar ranníocaíochtaí slándála sóisialta le hoifigeach a shaothraíonn, i dteannta a ghníomhaíochta i seirbhís institiúide Eorpaí, gníomhaíocht mhúinteoireachta choimhdeach, le húdarú na hinstitiúide sin, nuair atá an t-oifigeach sin cheana féin, faoi na Rialacháin Foirne, faoi réir na scéime slándála sóisialta is coiteann d'institiúidí an Aontais Eorpaigh?


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/15


Iarraidh ar réamhrialú ó Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir), a taisceadh an 28 Márta 2023 – Agentsia po vpisvaniyata v OL

(Cás C-200/23, Agentsia po vpisvaniyata)

(2023/C 223/20)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Agentsia po vpisvaniyata

Freagróir ar phointe dlí: OL

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An féidir Airteagal 4(2) de Threoir 2009/101/CE (1) a léiriú sa chaoi go leagtar oibleagáid ar Bhallstát nochtadh bunreachta cuideachta atá faoi réir clárú de bhun Airteagal 119 den Targovski zakon (Cód Tráchtála) a cheadú, i gcás ina bhfuil ní hamháin ainmneacha na gcomhpháirtithe ann, nach mór a chur ar fáil go poiblí de réir Airteagal 2(2) den Zakon za targovskia registar i registara na yuriditcheskite litsa s nestopanska tsel (an Dlí maidir leis an gclár tráchtálaagus clár na ndaoine dlíthiúla seachbhrabúsacha), ach sonraí pearsanta eile freisin? Agus freagra á thabhairt ar an gceist sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an ghníomhaireacht cláraithe ina comhlacht den earnáil phoiblí, ar féidir, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, forálacha na Treorach a bhfuil éifeacht dhíreach acu a agairt ina choinne (breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2006, Vassallo, C-180/04, EU:C:2006:518, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

2.

I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1, an féidir toimhde a dhéanamh, sna himthosca inar tionscnaíodh na príomhimeachtaí, gur gá don ghníomhaireacht cláraithe na sonraí pearsanta a phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 6(1)(e) de Rialachán (AE) 2016/679 (2)?

3.

I gcás ina dtabharfar freagraí dearfacha ar an gcéad dá cheist, an féidir a mheas go gceadaítear foráil náisiúnta amhail Airteagal 13(9) den Zakon za targovskia registar i registara na yuriditcheskite litsa s nestopanska tsel (an Dlí maidir leis an gclár tráchtála agus clár na ndaoine dlíthiúla seachbhrabúsacha), lena bhforáiltear, i gcás ina dtugtar sonraí pearsanta nach bhfuil riachtanach de réir dlí in iarratas nó sna doiciméid leis an iarratas sin, go ndéantar toimhde gur thoiligh an té a chuir na sonraí sin ar fáil go ndéanfaidh an ghníomhaireacht na sonraí sin a phróiseáil agus a chur ar fáil don phobal, in ainneoin aithrisí 32, 40, 42, 43 agus 50 de Rialachán 2016/679, mar shoiléiriú i ndáil leis an bhféidearthacht “nochtadh saorálach” de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2009/101/CE, fiú i ndáil le sonraí pearsanta?

4.

Maidir leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 3(7) de Threoir 2009/101/CE a thrasuí, lena bhforáiltear go gcaithfidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun neamhréireachtaí idir an fhaisnéis arna nochtadh faoi mír 5 agus an fhaisnéis sa chlár nó sa chomhad a chosc, agus ag féachaint don leas atá ag tríú páirtithe teacht ar bhundoiciméid na cuideachta agus ar shonraí eile lena mbaineann, a luaitear in aithris 3 den Treoir sin, an gceadaítear forálacha náisiúnta lena leagtar síos riail nós imeachta (foirmeacha iarratais, cóipeanna de dhoiciméid ina bhfuil sonraí pearsanta scriosta a thíolacadh) i dtaobh fheidhmiú an chirt atá ag daoine nádúrtha faoi Airteagal 17 de Rialachán 2016/679 go ndéanfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leo a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí, sa chás go bhfuil na sonraí pearsanta a bhfuiltear ag iarraidh a léirscriosadh mar chuid de dhoiciméid a nochtadh go poiblí (curtha ar fáil don phobal) a chuir duine eile ar fáil don rialaitheoir, i gcomhréir le nós imeachta comhchosúil, a chinn críoch na próiseála, ar chuir sé tús leis, dá réir sin?

5.

An ngníomhaíonn an ghníomhaireacht cláraithe, sa chás lena mbaineann na príomhimeachtaí, mar rialaitheoir amháin i ndáil leis na sonraí pearsanta nó an bhfuil sí mar fhaighteoir ina leith chomh maith, i gcás inar chinn rialaitheoir eile críocha na próiseála mar chuid de na doiciméid a tíolacadh chun iad a chur ar fail don phobal?

6.

An ionann síniú lámhscríofa duine nádúrtha agus faisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta, arb ionann í agus “sonraí pearsanta” de réir bhrí Airteagal 4, pointe 1, de Rialachán 2016/679?

7.

An gcaithfear an téarma “damáiste neamhábhartha” de réir bhrí Airteagal 82(1) de Rialachán 2016/679 a léiriú sa chaoi gur gá míbhuntáiste suntasach agus go gcuirfear isteach go follasach agus go hoibiachtúil ar a leasanna pearsanta a bheith i gceist le damáiste neamhábhartha nó an leor nach bhfuil smacht ag an ábhar sonraí ar a chuid sonraí ar feadh tamall beag toisc gur foilsíodh iad i gclár tráchtála nach bhfuil aon iarmhairtí suntasacha ná diúltacha i gceist leis dó?

8.

An féidir a mheas gurb ionann Tuairim Uimh. 01-116(20)/01.02.2021, a d’eisigh an t-údarás maoirseachta náisiúnta, an Komisia za zashtita na lichnite danni (an Coimisiún um Shonraí Pearsanta a Chosaint), faoi Airteagal 58(3)(b) de Rialachán 2016/679, ar dá réir nach bhfuil aon fhéidearthacht dhlíthiúil ná cumhacht ag an ngníomhaireacht cláraithe, ag gníomhú dá tionscnamh féin nó ar bhonn iarratas ón ábhar sonraí, próiseáil ar shonraí a nochtadh cheana a shrianadh, agus cruthúnas, chun críoch Airteagal 82(3) de Rialachán 2016/679, nach bhfuil freagracht ar bith ar an ngníomhaireacht cláraithe maidir leis an imthoisc is cúis leis an damáiste a bhain don duine nádúrtha?


(1)  Treoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le comhordú coimircí a cheanglaíonn Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 48 den Chonradh, ar mhaithe le leasanna comhaltaí agus tríú páirtithe a chosaint, d’fhonn coimircí den sórt sin a dhéanamh coibhéiseach (IO 2009 L 258, lch. 11).

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO 2016 L 119, lch. 1).


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/16


Iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 7 Aibreán 2023 – “Toplofikatsia Sofia” EAD

(Cás C-222/23, Toplofikatsia Sofia)

(2023/C 223/21)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir sna himeachtaí a bhaineann le horduithe íocaíochta:“Toplofikatsia Sofia” EAD

An chúirt a rinne an tarchur

1.

An gcaithfear Airteagal 62(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (1), arna léamh i gcomhar leis an gcéad mhír d’Airteagal 18 agus le hAirteagal 21 CFAE, a léiriú sa chaoi nach bhféadfaí an coincheap i ndáil le “sainchónaí” duine nádúrtha a dhíorthú ó fhorálacha sa dlí náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil an seoladh buan atá ag náisiúnaigh an Stáit ar tugadh ábhar os comhair a chúirteanna i gcónaí sa Stát sin agus nach bhféadfaí é a aistriú go dtí áit eile san Aontas Eorpach?

2.

An gcaithfear Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, arna léamh i gcomhar leis an gcéad mhír d’Airteagal 18 agus le hAirteagal 21 CFAE, a léiriú sa chaoi go gceadaítear reachtaíocht náisiúnta agus cásdlí náisiúnta ar dá réir nach bhféadfaidh cúirt i Stát diúltú ordú íocaíochta a eisiúint i gcoinne féichiúnaí atá ina náisiúnach den Stát sin agus a bhfuil tuairim réasúnta ina leith nach dtagann sé faoi dhlínse idirnáisiúnta na cúirte toisc gur dócha go bhfuil sainchónaí ag an bhféichiúnaí i mBallstát eile den Aontas, rud is léir ó dhearbhú an fhéichiúnaí don údarás inniúil go bhfuil seoladh cláraithe aige sa Stát sin? Más ea, an mbaineann an dáta a rinneadh an dearbhú sin le hábhar?

3.

I gcás go n-eascraíonn dlínse idirnáisiúnta na cúirte ar tugadh ábhar os a comhair ó fhoráil nach Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 í, an gcaithfear an chéad mhír d’Airteagal 18 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta agus cásdlí náisiúnta ar dá réir, cé nach bhfuil sé ceadaithe ordú íocaíochta a eisiúint ach amháin i gcoinne duine nádúrtha a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát ar tugadh ábhar os comhair a chúirteanna, nach bhféadfadh an cinneadh gur shuigh an féichiúnaí, más náisiúnach den Stát sin é, go bhfuil cónaí air i Stát eile a bheith bunaithe ar an bhfíoras amháin gur thug sé don chéad Stát seoladh cláraithe (seoladh “reatha”) atá i Stát eile den Aontas Eorpach, i gcás nach bhfuil an féichiúnaí in ann a léiriú gur bhog sé go hiomlán go dtí an Stát eile sin agus nach bhfuil aon seoladh aige i gcríoch an Stáit a bhfuil ábhar os comhair a chúirteanna? Más ea, an mbaineann an dáta a rinneadh an dearbhú maidir leis an seoladh reatha le hábhar?

4.

Más é freagra an chéad chuid den tríú ceist ná go bhfuil sé ceadaithe ordú íocaíochta a eisiúint, an gceadaítear faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, arna léamh i gcomhar leis an léiriú ar Airteagal 22(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (2) arna dhéanamh sa bhreithiúnas i gCás C-325/11, Alder(3) agus i gcomhar leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais agus an neamhspleáchas náisiúnta á fheidhmiú maidir le nósanna imeachta de, do chúirt náisiúnta i Stát nach féidir náisiúnaigh a seoltaí cláraithe i gcríoch an Stát sin a thabhairt suas agus a aistriú go Stát eile, i gcás ina bhfuil iarratas i ndáil le hordú íocaíochta a eisiúint os a comhair in imeachtaí nach bhfuil an féichiúnaí páirteach iontu, faisnéis a fháil de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2020/1784 ó na húdaráis sa Stát ina bhfuil seoladh cláraithe ag an bhféichiúnaí faoina sheoladh sa Stát sin agus faoin dáta cláraithe ann, d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le gnáthchónaí iarbhír an fhéichiúnaí sula n-eisíonn sí an cinneadh críochnaitheach sa chás?


(1)  IO 2012 L 351, lch. 1.

(2)  IO 2020 L 405, lch. 40.

(3)  ECLI:EU:C:2012:824.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/17


Ordú ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 24 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Sozialgericht Nürnberg – an Ghearmáin) – CK v Familienkasse Bayern Nord

(Cás C-284/22 (1), Familienkasse Bayern Nord)

(2023/C 223/22)

Teanga an cháis: am Ghearmáinis

D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 276, 18.7.2022


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/17


Ordú ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 27 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – AB v Disziplinarrat der Österreichischen Apothekerkammer, os comhair: Bundesminister für Soziales, Gesundheit, Pflege und Konsumentenschutz

(Cás C-417/22 (1), Disziplinarrat der Österreichischen Apothekerkammer)

(2023/C 223/23)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 326, 29.8.2022


Chúirt Ghinearálta

26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/18


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 – Ryanair agus Condor Flugdienst v an Coimisiún (Lufthansa; COVID-19)

(Cásanna Uamtha T-34/21 agus T-87/21) (1)

(Státchabhair - Margadh aeriompair na Gearmáine - Cúnamh arna dheonú ag an nGearmáin d’aerlíne i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 - Athchaipitliú Deutsche Lufthansa - Cinneadh gan agóidí a dhéanamh - Creat Sealadach do Bhearta Státchabhrach - Caingean le haghaidh neamhniú - Locus standi - Éifeacht shubstaintiúil ar an staid iomaíoch - Inghlacthacht - Cumhacht shuntasach sa mhargadh - Bearta breise chun iomaíocht éifeachtach a chaomhnú sa mhargadh - Oibleagáid cúiseanna a lua)

(2023/C 223/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir i gCás T-34/21: Ryanair DAC (Sord, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, F.-C. Laprévote, S. Rating, I.-G. Metaxas-Maranghidis agus V. Blanc, Dlíodóirí)

Iarratasóir i gCás T-87/21: Condor Flugdienst GmbH (Neu-Isenburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Israel, J. Lang agus E. Wright, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, S. Noë agus F. Tomat, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir i gCás T-34/21: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus P.-L. Krüger, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stéhelin, J.-L. Carré agus P. Dodeller, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí mar thaca leis an gcosantóir i gCásanna T-34/21 agus T-87/21: Deutsche Lufthansa AG (Köln, an Ghearmáin) (ionadaithe: H.-J. Niemeyer agus J. Burger, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena gcaingne faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh C(2020) 4372 final ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2020 maidir le Státchabhair SA 57153 (2020/N) – an Ghearmáin – COVID-19 – Cabhair do Lufthansa.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear Cinneadh C(2020) 4372 final ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2020 maidir le Státchabhair SA 57153 (2020/N) – an Ghearmáin – COVID-19 – Cabhair do Lufthansa, arna cheartú le Cinneadh C(2021) 9606 final ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021, ar neamhní.

2)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Ryanair DAC i gCás T-34/21 agus ag Condor Flugdienst GmbH i gCás T-87/21 a íoc.

3)

Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince agus Deutsche Lufthansa AG a gcostais féin a íoc i gCás T-34/21.

4)

Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Deutsche Lufthansa a gcostais féin a íoc i gCás T-87/21.


(1)  IO C 79, 8.3.2021.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/19


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 Bastion Holding agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-102/21) (1)

(Státchabhair - Bearta tacaíochta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 san Ísiltír - Cinneadh gan agóidí a tharraingt anuas - Creat sealadach maidir le bearta státchabhrach - Oibleagáid cúiseanna a lua)

(2023/C 223/25)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Bastion Holding BV (Amstardam, an Ísiltír), agus na 35 iarratasóir eile a bhfuil a gcuid ainmneacha luaite san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaithe: B. Braeken, X.Y.G. Versteeg, L. Elzas agus T. Hieselaar, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: V. Bottka agus M. Farley, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman agus J. Langer, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí Cinneadh C(2020) 8286 final ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020, maidir le státchabhair SA.59535 (2020/N) – an Ísiltír – Leasú ar an scéim cabhrach SA.57712 – COVID-19: scéim fóirdheontais dhírigh mar thacaíocht i leith costais sheasta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i gcomhthéacs phaindéim COVID-19.

An chuid oibríochtúil

1.

Díbhtear an chaingean.

2.

Ordaítear do Bastion Holding BV agus na hiarratasóirí eile a bhfuil a gcuid ainmneacha luaite san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas a gcostais féin a íoc chomh maith leo sin arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach.

3.

Ordaítear do Ríocht na hÍsiltíre a costais féin a íoc.


(1)  IO C 182, 10.5.2021.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/19


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 – Ryanair v an Coimisiún (SAS II; COVID-19)

(Cás T-238/21) (1)

(Státchabhair - Margaí aeriompair na Danmhairge agus na Sualainne - Cabhair arna deonú ag an Danmhairg agus ag an tSualainn d’aerlíne i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 - SAS a athchaipitliú - Cinneadh gan agóidí a dhéanamh - Caingean le haghaidh neamhniú - Cúram leithleach - Éifeacht shubstaintiúil ar an staid iomaíoch - Inghlacthacht - Creat Sealadach le haghaidh bearta státchabhrach - Beart atá ceaptha chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas - Ceanglais an Chreata Shealadaigh a chomhlíonadh)

(2023/C 223/26)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ryanair DAC (Sord, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, F.-C. Laprévote, V. Blanc, S. Rating agus I.-G. Metaxas-Maranghidis, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, J. Carpi Badía agus A. Bouchagiar, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na Danmhairge (ionadaithe: M. Søndahl Wolff, C. Maertens agus C. Grønbech Jensen, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó R. Holdgaard, Dlíodóirí), Ríocht na Sualainne (ionadaithe: C. Meyer-Seitz, H. Shev, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson, H. Eklinder agus O. Simonsson, i gcáil Gníomhairí), SAS AB (Stócólm, an tSualainn) (ionadaithe: F. Sjövall agus A. Lundmark, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2020) 5750 final ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2020 maidir le Státchabhair SA.57543 (2020/N) – an Danmhairg agus SA.58342 (2020/N) – an tSualainn, maidir le hathchaipitliú SAS AB i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear Cinneadh C(2020) 5750 final ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2020 maidir le Státchabhair SA.57543 (2020/N) – an Danmhairg agus SA.58342 (2020/N) – an tSualainn, maidir le hathchaipitliú SAS AB i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 ar neamhní.

2)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Ryanair DAC a íoc, cé is moite dóibh siúd a bhaineann leis na hidirghabhálacha.

3)

Ordaítear do Ríocht na Danmhairge, Ríocht na Sualainne agus SAS a gcostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Ryanair mar thoradh ar a n-idirghabhálacha faoi seach a íoc.


(1)  IO C 242, 21.6.2021.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/20


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 – SN v An Pharlaimint

(Cás T-249/21) (1)

(Dlí institiúideach - Rialacha ar speansais agus liúntais na bhFeisirí - Liúntas um chúnamh parlaiminteach - Aisghabháil suimeanna a íocadh go míchuí - Dualgas cúiseanna a lua - Neamhspleáchas na bhFeisirí - Earráid mheasúnaithe)

(2023/C 223/27)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: SN (ionadaí: P. Eleftheriadis, Barrister)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: N. Görlitz, T. Lazian agus M. Ecker, Gníomhairí)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ó Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa an 21 Nollaig 2020 maidir le méid EUR 196 199,84 a íocadh go míchuí mar liúntas um chúnamh parlaiminteach agus an nóta dochair comhfhreagrach an 15 Eanáir 2021 a aisghabháil.

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear an Cinneadh ó Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa an 21 Nollaig 2020 maidir le méid EUR 196 199,84 a íocadh go míchuí mar liúntas um chúnamh parlaiminteach agus an nóta dochair comhfhreagrach an 15 Eanáir 2021 ar neamhní sa mhéid a bhaineann siad le suimeanna a íocadh do Bhealtaine, Iúil agus Samhain 2016, Meitheamh 2017 agus Márta, Aibreán agus Samhain 2018.

2.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3.

Ordaítear do SN agus don Pharlaimint a gcostais féin a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha.


(1)  IO C 278, 12.7.2021.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/21


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 Bastion Holding agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-289/21) (1)

(Státchabhair - Bearta tacaíochta d’fhiontair i gcomhthéacs phaindéime COVID-19 san Ísiltír - Cinneadh gan agóidí a tharraingt anuas - Creat sealadach maidir le bearta státchabhrach - Oibleagáid cúiseanna a lua)

(2023/C 223/28)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Bastion Holding BV (Amstardam, an Ísiltír), agus na 35 iarratasóir eile a bhfuil a gcuid ainmneacha luaite san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaithe: B. Braeken, X.Y.G. Versteeg, L. Elzas agus T. Hieselaar, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: V. Bottka agus M. Farley, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: J. Langer agus M. Bulterman, Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí Cinneadh C(2021) 1872 final ón gCoimisiún an 15 Márta 2021, – Státchabhair SA.59535 (2021/N) – an Ísiltír – An tríú leasú ar an scéim fóirdheontais dhírigh lena bhféachtar chun tacaíocht a thabhairt i leith costais sheasta d’fhiontair i gcomhthéacs phaindéim COVID-19.

An chuid oibríochtúil

1.

Díbhtear an chaingean.

2.

Ordaítear do Bastion Holding BV agus na hiarratasóirí eile a bhfuil a gcuid ainmneacha luaite san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas a gcostais féin a íoc chomh maith leo sin arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach.

3.

Ordaítear do Ríocht na hÍsiltíre a costais féin a íoc.


(1)  IO C 278, 12.7.2021.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/21


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 – Bastion Holding agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-513/21) (1)

(Státchabhair - Bearta tacaíochta do ghnóthais i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 san Ísiltír - Cinneadh gan agóidí a dhéanamh - Creat sealadach le haghaidh bearta státchabhrach - Oibleagáid cúiseanna a lua)

(2023/C 223/29)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Bastion Holding BV (Amstardam, an Ísiltír), agus na 35 iarratasóir eile atá ainmnithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaithe: B. Braeken, T. Hieselaar agus L. Elzas, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: V. Bottka agus M. Farley, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh C(2021) 4735 final ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2021 – Státchabhair SA.63257 (2021/N) – An Ísiltír – An ceathrú leasú ar an scéim fóirdheontais dhírigh chun tacú le costais sheasta do ghnóthais a bhfuil tionchar ag an bpaindéim COVID-19 orthu.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Bastion Holding BV agus do na hiarratasóirí eile atá ainmnithe san Iarscríbhinn a gcostas féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.


(1)  IO C 462, 15.11.2021.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/22


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 – FFI Female Financial Invest v EUIPO – MLP Finanzberatung (Financery)

(Cás T-7/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Financery - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe Financify - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 223/30)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: FFI Female Financial Invest GmbH (Düsseldorf, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Gramsch, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus E. Nicolás Gómez, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: MLP Finanzberatung SE (Wiesloch, an Ghearmáin) (ionadaí: G. Hodapp, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 1820/2020-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do FFI Female Financial Invest GmbH na costais a íoc.


(1)  IO C 84, 21.2.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Chambre de commerce et d’industrie territoriale de la Marne en Champagne v EUIPO — Ambrosetti Group (TEHA)

(Cás T-52/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais TEHA - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe tema - Foras coibhneasta le diúltú - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) - Easpa fíorúsáid an mhairc - Airteagal 42(2) agus Airteagal 42(3) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Anois Airteagal 47(2) agus Airteagal 47(3) de Rialachán 2017/1001) - Úsáid i bhfoirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe lena n-athraítear saincháilíocht an mhairc - Airteagal 15(1), an dara fomhír de, pointe (a), de Rialachán Uimh. 207/2009 (anois pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001)

(2023/C 223/31)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Chambre de commerce et d’industrie territoriale de la Marne en Champagne (Châlons-en-Champagne, an Fhrainc) (ionadaí: T. de Haan, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Ambrosetti Group Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: G. Guglielmetti, Dlíodóir)

Maidir le:

Leis an gcaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Samhain 2021 (Cás R 837/2021-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Chambre de commerce et d’industrie territoriale de la Marne en Champagne na costais a íoc.


(1)  IO C 128, 21.3.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Chambre de commerce et d’industrie territoriale de la Marne en Champagne v EUIPO — Ambrosetti Group (TEHA)

(Cás T-60/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe TEHA - Foras coibhneasta le diúltú - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) - Easpa fíorúsáide an mhairc - Airteagal 42(2) agus Airteagal 42(3) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Anois Airteagal 47(2) agus Airteagal 47(3) de Rialachán 2017/1001) - Úsáid i bhfoirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe lena n-athraítear saincháilíocht an mhairc - Airteagal 15(1), an dara fomhír de, pointe (a), de Rialachán Uimh. 207/2009 (anois pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001)

(2023/C 223/32)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Chambre de commerce et d’industrie territoriale de la Marne en Champagne (Châlons-en-Champagne, an Fhrainc) (ionadaí: T. de Haan, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Ambrosetti Group Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: G. Guglielmetti, Dlíodóir)

Maidir le:

Leis an gcaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Samhain 2021 (Cás R 839/2021-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Chambre de commerce et d’industrie territoriale de la Marne en Champagne na costais a íoc.


(1)  IO C 128, 21.3.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/24


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi v EUIPO — M. J. Dairies (BBQLOUMI)

(Cás T-106/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais BBQLOUMI - Comhfhocalmharc níos luaithe de chuid an Aontais HALLOUMI - Forais choibhneasta le neamhbhailíocht - Dóchúlacht mearbhaill - Dochar do chlú - Airteagal 8(1)(b), Airteagal 8(5) agus Airteagal 53(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (anois Airteagal 8(1)(b), Airteagal 8(5) agus Airteagal 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001))

(2023/C 223/33)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi (An Niocóis, an Chipir) (ionadaithe: S. Malynicz agus C. Milbradt, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Gája agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: M. J. Dairies EOOD (Sóifia, an Bhulgáir) (ionadaithe: I. Pakidanska agus D. Dimitrova, Dlíodóirí)

Maidir le:

Leis an gcaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Nollaig 2021 (Cás R 656/2021-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi na costais a íoc.


(1)  IO C 165, 19.4.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/25


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi v EUIPO — Fontana Food (GRILLOUMI)

(Cás T-168/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais GRILLOUMI - Comhfhocalmharc níos luaithe de chuid an Aontais HALLOUMI - Forais choibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mearbhaill - Dochar do chlú - Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 8(5) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (anois Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001))

(2023/C 223/34)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi (An Niocóis, an Chipir) (ionadaithe: S. Malynicz agus C. Milbradt, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Gája agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc,: Fontana Food AB (Tyresö, an tSualainn)

Maidir le:

Leis an gcaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Eanáir 2022 (Cás R 1612/2021-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi na costais a íoc.


(1)  IO C 207, 23.5.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/25


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Dicofarm v EUIPO — Marco Viti Farmaceutici (Vitis pharma Dicofarm Group)

(Cás T-303/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí neamhbhailíochta - Marc fíortha de chuid an Aontais Vitis pharma Dicofarm Group - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe viti DREN - Foras coibhneasta le neamhbhailíocht - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Méid beag cosúlachta d’earraí agus de sheirbhísí - Easpa dóchúlacht mearbhaill)

(2023/C 223/35)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Dicofarm SpA (An Róimh, an Iodáil) (ionadaithe: F. Ferrari, L. Goglia agus G. Rapaccini, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Capostagno agus R. Raponi, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Marco Viti Farmaceutici SpA (an Veinéis, an Iodáil) (ionadaithe: F. Celluprica, F. Fischetti agus F. De Bono, Dlíodóirí)

Maidir le:

Leis an gcaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Márta 2022 (Cás R 1050/2021-2) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Márta 2022 (Cás R 1050/2021-2) ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis na nithe seo a leanas:

aicme 3: “Ungthaí, uachtair, ío, lóiseanna, glóthacha agus ullmhóidí eile chun críoch cosmaideacha uile; ullmhóidí glantacháin le haghaidh úsáid phearsanta; díbholaígh le haghaidh cúram coirp; cosmaidí neamhleighis, gan folcadh béil a áireamh; ullmhóidí folctha; cumhráin, blátholaí”;

aicme 29: “Pailin arna n-ullmhú le haghaidh beatha”;

aicme 30: “Mil; gliú beach; gliú beach lena gcaitheamh ag an duine [táirge beachadóireachta]; Glóthach ríoga; taenna luibhe neamhleighis; taenna luibhe chun críoch neamhleighis; deochanna luibheanna neamh-leighis; úsc tae; tae; mil”;

aicme 40: “Monarú táirgí cógaisíochta ar ordú; monaraíocht cois leapa bithchógaisíochta; próiseáil ábhar bithchógaisíochta; na seirbhísí uile réamhráite ach amháin seirbhísí béil agus fiaclóireachta”;

aicme 42: “Taighde eolaíoch; seirbhísí comhairleacha maidir le taighde eolaíochta; seirbhís um fhaisnéis eolaíoch; taighde bitheolaíoch; seirbhísí taighde agus anailíse ceimiceán; taighde agus tástáil ghéiniteach; taighde ar chosmaidí; taighde i réimse an bheatha; taighde bia; taighde ar chógaisíocht, gan taighde a bhaineann le sláinte béil ná le fiaclóireacht a áireamh; taighde agus forbairt i réimse na biteicneolaíochta; taighde agus forbairt táirgí, gan taighde agus forbairt i réimse shláinte an bhéil agus i réimse na fiaclóireachta a áireamh; seirbhísí eolaíochta agus teicneolaíochta chomh maith le seirbhísí taighde agus seirbhísí dearthóireachta a bhaineann leis sin; seirbhísí anailíse agus taighde tionsclaíche; ríomhairí agus bogearraí a dhearadh agus a fhorbairt”.

2)

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3)

Ordaítear do Dicofarm SpA, EUIPO agus Marco Viti Farmaceutici SpA a gcuid costas féin a íoc.


(1)  IO C 276, 18.7.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/26


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2023 – Vanhove v EUIPO – Aldi Einkauf (bistro Régent)

(Cás T-437/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh bistro Régent - Focalmharc náisiúnta níos luaithe REGENT - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe - An dara fomhír d’Airteagal 18(1)(a) agus Airteagal 47(2) de Rialachán 2017/1001 - Cruth atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn an tsaintréith)

(2023/C 223/36)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vanhove (Bordeaux, an Fhrainc) (ionadaí: N. Castagnon, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus T. Klee, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Aldi Einkauf SE & Co. OHG (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: N. Lützenrath, C. Fürsen, M. Minkner agus A. Starcke, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 18 Bealtaine 2022 (Cás R 1113/2021-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Vanhove a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Aldi Einkauf SE & Co. OHG, a íoc.

3)

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.


(1)  IO C 326, 29.8.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/27


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Bealtaine 2023 — Laboratorios Ern v EUIPO — Biolark (BIOLARK)

(Cás T-459/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí freasúra - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Marc fíortha BIOLARK - Focalmharc náisiúnta níos luaithe BIOPLAK - Éagmais dóchúlacht mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 223/37)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Laboratorios Ern, SA (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: S. Correa Rodríguez, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus A. Ringelhann, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Biolark, Inc. (San Diego, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá)

Maidir le:

Leis an gcaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Aibreán 2022 (Cás R 1234/2021-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas go ndearbhófar nach gá breith a thabhairt arna thíolacadh ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO);

2)

Diúltaítear don chaingean.

3)

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 340, 5.9.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/28


Ordú na Cúirte Ginearálta an 25 Aibreán 2023 – Klein v an Coimisiún

(Cás T-562/19 RENV) (1)

(Caingean maidir le mainneachtain gníomhú - Feistí leighis - Airteagal 8(1) agus (2) de Threoir 93/42/CEE - Nós imeachta um chlásal coimirce - Fógra ó Bhallstát maidir le cinneadh lena gcoisctear feiste leighis a chur ar an margadh - Easnamh cinnidh ón gCoimisiún - Aisghairm Threoir 93/42 - Airteagail 94 go 97 de Rialachán (AE) 2017/745 - Bearta um fhaireachas margaidh - Caingean a bhfuil bunús léi go follasach)

(2023/C 223/38)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Christoph Klein (Großgmain, an Ostair) (ionadaí: H. J. Ahlt, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Hermes, E. Sanfrutos Cano agus F. Thiran, Gníomhairí)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 265 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta a dhearbhú gur staon an Coimisiún Eorpach go neamhdhleathach ó ghníomhú sa nós imeachta um chlásal coimirce arna bunú ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine an 7 Eanáir 1998 agus ar mhainneachtain dó cinneadh a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí leighis (IO 1993, L 169, lch. 1), i leith na feiste Inhaler Broncho Air®.

An chuid oibríochtúil

1.

Mhainnigh an Coimisiún Eorpach na oibleagáidí faoina bhfuil sé i bhfianaise Airteagal 8(2) de Threoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí leighis, ar staonadh dó gníomhú sa nós imeachta um chlásal coimirce arna thionscnamh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine an 7 Eanáir 1998 agus ar mhainneachtain dó cinneadh a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 93/42, arna hionadú le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42, i leith na feiste Inhaler Broncho Air®.

2.

Ordaítear don Choimisiún na costais a bhaineann leis na himeachtaí achomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais a íoc, i gcomhthéacs Chás C-430/20 P, mar aon leo sin a bhaineann leis na himeachtaí tosaigh, i gcomhthéacs chás T-562/19, agus na himeachtaí achomhairc, i gcomhthéacs Chás T-562/19 RENV, os comhair na Cúirte Ginearálta.


(1)  IO C 337, 7.10.2019.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/28


Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 4 Bealtaine 2023 – Amazonen-Werke H. Dreyer v EUIPO (Meascán de na dathanna glas agus oráiste)

(Cás T-618/22) (1)

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Trádmharc arb é atá ann meascán de na dathanna glas agus oráiste - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

(2023/C 223/39)

Teanga an cháis: an Bhéarla

Páirtithe

Iarratasóir: Amazonen Werke H. Dreyer SE & Co. KG (Hasbergen Gaste, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Neuhierl, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, Gníomhaire)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go gcuirfear an chinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de chuid Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Iúil 2022 (Cás R 2006/2021-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 441, 21.11.2022.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/29


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – UC v an Chomhairle

(Cás T-6/23 R)

(Nós imeachta eatramhach - Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha a rinneadh i dtaca leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)

(2023/C 223/40)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: UC (ionadaithe: P. Bekaert agus S. Bekaert, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: B. Driessen agus M.-C. Cadilhac, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena iarratas atá bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar fionraí Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2398 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2022 L 316 I, lch. 7), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2397 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2022 L 316 I, lch. 1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha seo leis an iarratasóir.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2)

Forchoimeádtar na costais.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/29


Caingean arna tabhairt an 24 Aibreán 2023 – XH v An Coimisiún Eorpach

(Cás T-11/23)

(2023/C 223/41)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: XH (ionadaí: K. Górny, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh Uimh. R/404/22 lenar seasadh le nóta an 31 Bealtaine 2022 maidir le cur chun feidhme bhreithiúnas T-511/18 (1) maidir le neamh-áireamh ainm an iarratasóra ar liosta na n-oifigeach ardaithe céime in 2017 mar atá sainmhínithe i nóta an 13 Samhain 2017 (IA Uimh. 25-2017) a chur ar neamhní;

caillteanas agus damáistí an iarratasóra a chúiteamh (EUR 25 000 i gcás caillteanas neamhábhartha agus EUR 50 000 i gcás damáiste ábhartha);

a ordú don chosantóir na costais agus na caiteachais go léir a íoc de bhun Airteagal 268 CFAE.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí: earráid dlí agus neamhrialtacht an nós imeachta um ardú céime 2021 atá faoi chonspóid: sárú ar Chinneadh C(2013) 8968 lena leagtar síos forálacha ginearálta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 45 de na Rialacháin Foirne; sárú ar Airteagal 45(1) de na Rialacháin Foirne i bhfianaise Airteagail 7, 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus easpa comparáide déanta go hiarbhír idir na tuillteanais.

2.

An dara saincheist dlí: earráid fhollasach measúnaithe agus na critéir um ardú céime dá bhforáiltear in Airteagal 45 de na Rialacháin Foirne á gcur i bhfeidhm, i bhfianaise Airteagail 7, 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

3.

An tríú saincheist dlí: agus na cúiseanna sin á n-éileamh aige, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh ar chaillteanas ábhartha agus neamhábhartha a éilíonn an t-iarratasóir a d’fhulaing sé tar éis/mar thoradh ar na cinntí thuasluaite, arbh é an toradh a bhí orthu gur cuireadh moill ar cheartú chomhad pearsanta an iarratasóra a cuireadh san áireamh sa chleachtadh um ardú céime; mar thoradh ar eilimintí neamhrialta a bheith i gcomhad um ardú céime an iarratasóra agus earráidí measúnaithe follasacha le linn na gcleachtaí um ardú céime níor breithníodh tuillteanais chomparáideacha an iarrthóra agus neamhchur chun feidhme bhreithiúnas na Cúirte mar gheall ar mhainneachtain cleachtadh um ardú céime 2017 a dhéanamh arís ina iomláine, i ngnáth nós imeachta, a mbeadh tionchar diúltach aige ar an gcleachtadh um ardú céime 2021.


(1)  Breithiúnas an 25 Meitheamh 2020, XH v An Coimisiún Eorpach (Cás T-511/18; EU:T:2020:291).


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/30


Caingean arna tabhairt an 1 Bealtaine 2023 – IB v EUIPO

(Cás T-38/23)

(2023/C 223/42)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: IB (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú agus a chinneadh,

cinneadh Stiúrthóir na Roinne Acmhainní Daonna de chuid EUIPO an 11 Aibreán 2022 ag iarraidh go ndéanfaí breithiúnas T-22/20 an 13 Deireadh Fómhair 2021 a fhorghníomhú faoi Airteagal 266 CFAE agus lena ndiúltaítear táthcheangal na n-imeachtaí easláine a bhaineann leis an iarratasóir a chur ar neamhní;

a mhéid is gá, a mhéid a mheastar go soláthraítear faisnéis bhreise leis, cinneadh an 2 Samhain 2022 lena ndiúltaítear don ghearán arna thaisceadh ar bhonn Airteagal 90, mír 2, de na Rialacháin Foirne an 8 Iúil 2022 a chur ar neamhní;

tríú dochtúir a cheapadh don oifig;

ar a laghad, a ordú don chosantóir:

an nós imeachta easláine a atosú ag an bpointe go gceaptar coiste easláine;

idir an dá linn agus go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir le heasláine an iarratasóra, an t-íosmhéid a ráthaítear faoi Airteagal 9(4) d'Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a íoc leis móide liúntais teaghlaigh agus ús arna ríomh ag an ráta arna shocrú ag BCE móide dhá phointe;

an t-iarratasóir a chlárú go haisghníomhach le JSIS.

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí: droch-fhorghníomhú an údaráis riaracháin ar bhreithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2021 de shárú ar Airteagal 266 CFAE, toirmeasc ar phionóis dhúbailte de réir bhrí Iarscríbhinn IX de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus earráid dlí.

2.

An dara saincheist dlí: sárú ar an dualgas cúraim, sárú ar an gceart chun dínit an duine, easpa réasúnaíocht leordhóthanach chun leas na seirbhíse faoi phribhléid a thuiscint, sárú ar dhualgas an údaráis riaracháin leas a státseirbhíseach agus a n-iar-státseirbhíseach a chur san áireamh.

3.

An tríú saincheist dlí: earráidí follasacha measúnaithe a rinneadh le linn an nós imeachta a scrúdú, le linn ról an údaráis ceapacháin a mheasúnú, ról an Choiste Easláine agus dáileadh na gcumhachtaí eatarthu, na contrárthachtaí sna gnéithe réasúnaíochta agus sárú ar dhualgas an dea-riaracháin.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/31


Caingean arna tabhairt an 7 Aibreán 2023 – Ballmann v EDPB

(Cás T-183/23)

(2023/C 223/43)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Lisa Ballmann (Innsbruck, an Ostair) (ionadaí: F. Mikolasch, Dlíodóir)

Cosantóir: An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (“EDPB”) an 7 Feabhra 2023 lena ndiúltaítear rochtain ag an iarratasóir ar an gcomhad a bhaineann le Cinneadh Ceangailteach 3/2022 ó EDPB maidir leis an díospóid a chuir Údarás Maoirseachta na hÉireann maidir le Meta Platforms Ireland Limited agus a sheirbhís Facebook (Airteagal 65 den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (“RGCS”) (1)), de bhun Airteagal 41(2)(b) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur ar neamhní; agus

a ordú do EDPB costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin lena n-éilítear gur sháraigh EDPB Airteagal 41(2)(b) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”)

Sháraigh EDPB Airteagal 41(2)(b) den Chairt nuair a dhiúltaigh sé d’iarratas an iarratasóra rochtain a fháil ar an gcomhad a bhaineann le Cinneadh Ceangailteach 3/2022 ó EDPB ar na forais nach bhfuil na gearánaigh (an t-iarratasóir agus a hionadaí faoi Airteagal 80(1) RGCS an t-ionad neamhbhrabúis NOYB-European Center for Digital Rights) i dteideal ceart rochtana ar an gcomhad toisc nár dhócha go ndéanfadh Cinneadh Ceangailteach 3/2022 difear dóibh;

Seachas faoi Airteagal 41(2)(a) den Chairt, ní gné d’Airteagal 41(2)(b) den Chairt é “dochar” agus, dá bhrí sin, ní gá é a chomhlíonadh;

Lorgaíonn an t-iarratasóir rochtain ar “a comhad” faoi Airteagal 41(2)(b) den Chairt. Déileálann an cás go díreach lena gearán pearsanta faoi Airteagal 77 RGCS i gcoinne Meta ar a sonraí pearsanta. Tagraítear le Cinneadh Ceangailteach 3/2022 don “ghearán” agus don “ghearánach” níos mó ná 160 uair. Is é tuairim EDPB féin i gCinneadh Ceangailteach 3/2022 go mbaineann an Dréacht-Chinneadh atá i gceist le “fiosrúchán bunaithe ar ghearán”, cé gur thaisc an t-iarratasóir an gearán. Tagraítear le Cinneadh Ceangailteach 3/2022 don iarratasóir agus don ionad neamhbhrábúis NOYB – European Center for Digital Rights araon, a rinne ionadaíocht di faoi Airteagal 80(1) RGCS, mar “ghearánach”;

Is ceart neamhspleách é an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad d'Airteagal 41(2)(b). Le hAirteagal 41 den Chairt, déantar idirdhealú soiléir idir an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad agus an ceart chun éisteacht a fháil. Tá raon feidhme agus cuspóir na gceart seo difriúil. Is ceart cosantach den chuid is mó é an dara ceann. Ar an taobh eile, is gné den chomhionannas arm agus den cheart chun leigheas éifeachtach é an ceart rochtain a fháil ar an gcomhad. Tugann an Chúirt Bhreithiúnais féin aghaidh ar an teidlíocht do gach ceann den dá cheart ar leith agus ní chuireann sí coinníoll maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad i ndáil leis an gceart chun éisteacht a fháil;

Fiú dá mbeadh “dochar” mar ghné d’Airteagal 41(2)(b) den Chairt (rud nach bhfuil) chomhlíonfaí an coinníoll seo, ós rud é:

nár cinneadh go páirteach ach ar éileamh amháin as naoi n-éileamh ón ngearánach an 9 Meán Fómhair 2019 (bhí an t-éileamh teoranta ó “fhógraíocht” de chineál ar bith go “fógraíocht iompraíochta” amháin) ag Cinneadh Ceangailteach 3/2022 ó EDPB agus níor thug EDPB aghaidh na héilimh eile ón ngearán;

go bhfuil aighneas beo anois idir údaráis maoirseachta na hOstaire agus na hÉireann maidir le cibé an bhfuil na hábhair fós ar feitheamh os a gcomhair, EDPB nó an raibh na héilimh sin diúltaithe ag leibhéal éigin den phróiseas, agus an bhfuil dlíthíocht bheo idir an gearánach agus na húdaráis maoirseachta ar an ábhar seo os comhair chúirteanna na hÉireann agus na hOstaire; agus

nach féidir leis an ngearánach a thuiscint cén nós imeachta a d’fhág nach ndearna EDPB ach cinneadh a thabhairt go páirteach ar éileamh amháin gan rochtain a bheith aige ar na comhaid, fad a bhíonn údaráis maoirseachta na hOstaire agus na hÉireann ag brath ar an gcinneadh ó EDPB.


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO 2016 L 119, lch. 1).


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/32


Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2023 – Hansol Paper v an Coimisiún

(Cás T-199/23)

(2023/C 223/44)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Hansol Paper Co. Ltd (Súl, an Chóiré Theas) (ionadaithe: J.-F. Bellis agus B. Servais, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an dleacht frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/593 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena n-athchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéar teirmeach éadrom áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré maidir le grúpa Hansol agus lena leasaítear an dleacht iarmharach (IO 2023 L 79, lch. 54) a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir a chur ar neamhní;

a ordú a thabhairt don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí: sárú ar Airteagal 2(11) agus ar an dara fomhír d'Airteagal 9(4) den bhun-rialachán.

De réir an iarratasóra, ní cheartaíonn na ríomhanna a rinne an Coimisiún chun an dleacht frithdhumpála athbhreithnithe EUR 103,16 in aghaidh an ghlantona a ríomh sa rialachán atá faoi chonspóid an earráid ualaithe arna bunú ag an gCúirt Ghinearálta i mír 85 agus i mír 86 dá breithiúnas i gCás T-383/17 agus arna dhaingniú ag an gCúirt i míreanna 62 go 64 dá breithiúnas i gCás C-260/20 P, agus dá bhrí sin sáraítear airteagal 2(11) agus an dara fomhír d'Airteagal 9(4) den bhun-rialachán.

2.

An dara saincheist dlí: sárú ar an dara fomhír d'Airteagal 2(1) den bhun-rialachán.

Éilíonn an t-iarratasóir, i ndáil leis sin, go sáraítear leis an an modheolaíocht a úsáidtear chun gnáthluach Artone a ríomh do chineál áirithe táirge lena mbaineann an dara fomhír d'Airteagal 2(1) den bhun-rialachán sa mhéid gur thóg an Coimisiún gnáthluach Artone don chineál táirge sin in ionad gnáthluach a bhunú ar phraghsanna díolacháin intíre an iarratasóra i ngnáthchúrsa trádála don chineál táirge sin atá á bhreithniú de réir bhrí Airteagal 2(1)(1) den dara fomhír den bhun-rialachán.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/33


Caingean arna tabhairt an 23 Aibreán 2023 – VT v an Coimisiún

(Cás T-216/23)

(2023/C 223/45)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: VT (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 5 Bealtaine 2022 lenar dhiúltaíodh an iarratasóir a chur ar an liosta ionadaithe do chomórtais EPSO/AD/380/19-AD7 agus EPSO/AD/380/19-AD9 a chur ar neamhní;

Cinneadh an 15 Iúil 2022 lena ndiúltaítear an iarraidh ar athscrúdú ar an liosta ionadaithe de chomórtais EPSO/AD/380/19-AD7 agus EPSO AD/380/19-AD9 a chur ar neamhní;

Cinneadh an údaráis ceapacháin an 10 Feabhra 2023 a chur ar neamhní, cinneadh a eisíodh go bréagach mar thoradh ar thost EPSO ar feadh níos mó ná ceithre mhí, lena ndearnadh an chaingean a tugadh an 10 Deireadh Fómhair 2022 faoi Airteagal 90 (II) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) a dhiúltú;

A ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomh-argóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh na forálacha dlí lena gcinntear na teangacha atá le húsáid sna hinstitiúidí Eorpacha. Nuair a rinneadh an triail scríofa agus an triail ó bhéal i dteanga eile seachas a mháthairtheanga (Béarla agus Fraincis), níorbh fhéidir measúnú ceart a dhéanamh ar a chumas, toisc go raibh leibhéal na hinniúlachta teanga ag brath freisin ar na trialacha. Sháraigh sé freisin Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal na córa comhionainne idir na hiarrthóirí, nach ndearnadh measúnú oibiachtúil ar iarrthóirí (Cás Glantenay) agus gur sáraíodh Airteagal 5(1) agus (3) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Rinne cuid acu na trialacha scríofa arís agus arís eile, rud a chuir leibhéal deacrachta i bhfad níos ísle i láthair. Athraíodh an chomparáid idir na hiarrthóirí le linn thrialacha an ionaid measúnaithe toisc nár dheimhnigh an bord roghnúcháin fírinneacht na ráiteas sa Talent Screener roimhe sin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua agus ar phrionsabal gaolmhar chomhionannas na bpáirtithe sna himeachtaí (Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), toisc nach raibh an t-iarratasóir in ann na cúiseanna iomlána lena eisiamh ón gcomórtas sular tionscnaíodh an chaingean. Mar thoradh air sin freisin, sáraíodh prionsabal an chomhionannais na n-arm sa phróiseas.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagail 5, V, VI, Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, sa mhéid nár chuir an bord roghnúcháin dhá oiread iarrthóirí ar a laghad ar an bpainéal i gcomparáid leis na poist a cuireadh sa chomórtas.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh an fógra comórtais, Airteagal 5.1, Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus an earráid fhollasach measúnaithe ina dhiaidh sin, toisc gur measúnaíodh ceannaireacht na n-iarrthóirí freisin i gcomórtas AD 7, cé nár cuireadh an paraiméadar sin in áirithe ach do AD9.

6.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh na prionsabail atá leagtha síos in Di Prospero v an Coimisiún agus gur sáraíodh Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne agus prionsabal an chomhionannais, sa mhéid nár ceadaíodh leis an bhfógra comórtais rannpháirtíocht sa dá chomórtas do AD7 agus AD9 araon, cé gur chuir sé isteach go huathoibríoch iarrthóirí a rinne iarratas ar AD9 ar liosta ionadaithe AD7.

7.

An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal an chomhionannais idir na hiarrthóirí agus go bhfuil easpa oibiachtúlachta sna measúnuithe, mar gheall ar easpa cobhsaíochta an bhoird roghnúcháin, mar gheall ar luaineachtaí rialta i gcomhdhéanamh an bhoird roghnúcháin agus easpa “shadowing” ó thaobh an Uachtaráin de.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/34


Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2023 – VU v an Coimisiún

(Cás T-217/23)

(2023/C 223/46)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: VU (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 5 Bealtaine 2022 lenar dhiúltaíodh an iarratasóir a chur ar an liosta ionadaithe do chomórtais EPSO/AD/380/19-AD7 agus EPSO/AD/380/19-AD9 a chur ar neamhní;

Cinneadh an 15 Iúil 2022 lena ndiúltaítear an iarraidh ar athscrúdú ar an liosta ionadaithe de chomórtais EPSO/AD/380/19-AD7 agus EPSO AD/380/19-AD9 a chur ar neamhní;

Cinneadh an údaráis ceapacháin an 10 Feabhra 2023 a chur ar neamhní, cinneadh a eisíodh go bréagach mar thoradh ar thost EPSO ar feadh níos mó ná ceithre mhí, lena ndearnadh an chaingean a tugadh an 10 Deireadh Fómhair 2022 faoi Airteagal 90 (II) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) a dhiúltú;

A ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomh-argóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh na forálacha dlí lena gcinntear na teangacha atá le húsáid sna hinstitiúidí Eorpacha. Nuair a rinneadh an triail scríofa agus an triail ó bhéal i dteanga eile seachas a mháthairtheanga (Béarla agus Fraincis), níorbh fhéidir measúnú ceart a dhéanamh ar a chumas, toisc go raibh leibhéal na hinniúlachta teanga ag brath freisin ar na trialacha. Sháraigh sé freisin Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal na córa comhionainne idir na hiarrthóirí, nach ndearnadh measúnú oibiachtúil ar iarrthóirí (Cás Glantenay) agus gur sáraíodh Airteagal 5(1) agus (3) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Rinne cuid acu na trialacha scríofa arís agus arís eile, rud a chuir leibhéal deacrachta i bhfad níos ísle i láthair.

Athraíodh an chomparáid idir na hiarrthóirí le linn thrialacha an ionaid measúnaithe toisc nár dheimhnigh an bord roghnúcháin fírinneacht na ráiteas sa Talent Screener roimhe sin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua agus ar phrionsabal gaolmhar chomhionannas na bpáirtithe sna himeachtaí (Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), toisc nach raibh an t-iarratasóir in ann na cúiseanna iomlána lena eisiamh ón gcomórtas sular tionscnaíodh an chaingean. Mar thoradh air sin freisin, sáraíodh prionsabal an chomhionannais na n-arm sa phróiseas.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagail 5, V, VI, Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, sa mhéid nár chuir an bord roghnúcháin dhá oiread iarrthóirí ar a laghad ar an bpainéal i gcomparáid leis na poist a cuireadh sa chomórtas.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh an fógra comórtais, Airteagal 5.1, Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus an earráid fhollasach measúnaithe ina dhiaidh sin, toisc gur measúnaíodh ceannaireacht na n-iarrthóirí freisin i gcomórtas AD 7, cé nár cuireadh an paraiméadar sin in áirithe ach do AD9.

6.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh na prionsabail atá leagtha síos in Di Prospero v an Coimisiún agus gur sáraíodh Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne agus prionsabal an chomhionannais, sa mhéid nár ceadaíodh leis an bhfógra comórtais rannpháirtíocht sa dá chomórtas do AD7 agus AD9 araon, cé gur chuir sé isteach go huathoibríoch iarrthóirí a rinne iarratas ar AD9 ar liosta ionadaithe AD7.

7.

An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal an chomhionannais idir na hiarrthóirí agus go bhfuil easpa oibiachtúlachta sna measúnuithe, mar gheall ar easpa cobhsaíochta an bhoird roghnúcháin, mar gheall ar luaineachtaí rialta i gcomhdhéanamh an bhoird roghnúcháin agus easpa “shadowing” ó thaobh an Uachtaráin de.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/35


Caingean arna tabhairt an 26 Aibreán 2023 – Casal sport v EUIPO – Tennis d’Aquitaine (CITY STADE)

(Cás T-220/23)

(2023/C 223/47)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Sports et loisirs (Casal sport) (Altorf, an Fhrainc) (ionadaí: C. Pecnard, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Tennis d’Aquitaine SAS (Ambares, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh CITY STADE sna dathanna dearg agus bán – Iarratas ar chlárú Uimh. 11 945 581

Nós imeachta os comhair EUIPO: Nós imeachta cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Feabhra 2023 i gCás R 179/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus trádmharc an Aontais Eorpaigh CITY STADE Uimh. 11 945 581 a chúlghairm i ndáil leis na hearraí go léir;

mar mhalairt air sin, tar éis an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, an cás a tharchur ar ais chuig an Dara Bord Achomhairc de chuid EUIPO;

a ordú don sealbhóir costais an iarratais reatha a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú sna himeachtaí os comhair EUIPO.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 58(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/36


Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2023 – VZ v an Pharlaimint

(Cás T-223/23)

(2023/C 223/48)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: VZ (ionadaí: J.-M. Benítez de Lugo Guillen, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2023 agus Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2023 a chur ar neamhní, cinntí lenar aicmíodh iompar an iarratasóra i leith trí cinn dá cúntóirí parlaiminteacha mar chiapadh síceolaíoch agus lenar forchuireadh na pionóis seo a leanas ar an iarratasóir: a) cailliúint an chirt chun liúntas le haghaidh speansais chothaithe ar feadh 5 lá agus fionraí sealadach ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí na Parlaiminte ar feadh 5 lá, a bhaineann leis an gciapadh síceolaíoch a d’fhulaing cúntóir parlaiminteach A, b) cailliúint an chirt chun liúntas le haghaidh speansais chothaithe ar feadh 15 lá agus fionraí sealadach ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí na Parlaiminte ar feadh 15 lá, a bhaineann leis an gciapadh síceolaíoch a d’fhulaing cúntóir parlaiminteach B, c) cailliúint an chirt chun liúntas le haghaidh speansais chothaithe ar feadh 10 lá agus fionraí sealadach ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí na Parlaiminte ar feadh 10 lá, a bhaineann leis an gciapadh síceolaíoch a d’fhulaing cúntóir parlaiminteach C;

Aon ghníomh a tháinig roimh, a bhaineann le, nó atá mar thoradh ar na pionóis a gearradh ar an iarratasóir a chur ar neamhní;

A ordú do Pharlaimint na hEorpa na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear mainneachtain na teorainneacha ama nós imeachta a chomhlíonadh, mar gheall ar shárú ar Airteagail 4.2 agus 11.1 de Chinneadh ón mBiúró an 2 Iúil 2018 maidir le feidhmiú an choiste chomhairligh um ghearáin maidir le ciapadh a bhaineann le feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus na nósanna imeachta chun déileáil leis na gearáin sin.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta na cosanta, an ceart chun leighis éifeachtaigh, comhionannas na n-arm agus rochtain ar na comhaid faoi Airteagal 41, 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun toimhde na neamhchiontachta faoi Airteagal 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/37


Caingean arna tabhairt an 2 Bealtaine 2023 – Mylan Ireland v An Coimisiún Eorpach

(Cás T-227/23)

(2023/C 223/49)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Mylan Ireland Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck agus M. Van Nieuwenborgh, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil a iarratas ar neamhniú inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

an Cinneadh ón gCoimisiún atá ina litir an 17 Márta 2023 a chur ar neamhní [tag. SANTE.DDG1.B.5/AL/mmc (2023) 2914698], chomh maith le haon chinneadh níos déanaí a mhéid a bhuanfar agus/nó a ionadaítear an cinneadh sin leo, lena n-áirítear aon ghníomh rialála leantach, a mhéid a bhaineann siad leis an t-iarratasóir, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí: easpa inniúlachta agus mí-úsáid cumhachta leis an gCinneadh thuasluaite ón gCoimisiún an 17 Márta 2023 (“an cinneadh atá faoi chonspóid”) údarú margaíochta deonaithe an iarratasóra a leasú agus/nó a tharraingt siar.

2.

An dara saincheist dlí: sárú ar an gceanglas nós imeachta sár-riachtanach, toisc nach bhfuil bunús dlí leis an gcinneadh atá faoi chonspóid agus gur sáraíodh leis ceart an iarratasóra éisteacht a fháil de bhun Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

3.

An tríú saincheist dlí: sárú ar na Conarthaí nó ar aon riail dlí a bhaineann lena gcur i bhfeidhm:

cuireann an cinneadh atá faoi chonspóid an dlí i bhfeidhm go mícheart, mar go ndearna an Coimisiún earráid maidir le raon feidhme bhreithiúnas inter partes na Cúirte Breithiúnais an 16 Márta 2023, an Coimisiún agus Páirtithe Eile v Pharmaceutical Works Polpharma (C-438/21 P go C-440/21 P, EU:C:2023:213), agus tugtar neamhaird leis ar athbhreithniú an Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine;

sáraítear an ceart cosanta agus an ceart chun triail chóir a fháil de bhun Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, toisc go bhfuil roinnt cásanna a bhfuil an t-iarratasóir ina pháirtí iontu ar feitheamh faoi láthair (T-730/20, T-279/22 agus T-268/22);

sáraítear an deimhneacht dhlíthiúil leis an gcinneadh atá faoi chonspóid;

sáraítear ionchais dhlisteanacha an iarratasóra, lena n-áirítear na hoibleagáidí iomadúla atá ar údaráis phoiblí, ar tháirgeoirí, ar sholáthraithe, ar chuideachtaí iompair agus ar ospidéil, maidir le táirgí cineálacha fúmaráit démheitil a sholáthar, agus le hothair leis an gcinneadh atá faoi chonspóid;

sáraítear an ceart chun maoine a leagtar síos in Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/38


Caingean arna tabhairt an 2 Bealtaine 2023 – Hitit Seramik v an Coimisiún

(Cás T-230/23)

(2023/C 223/50)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Hitit Seramik Sanayi ve Ticaret AŞ (Maslak, an Túirc) (ionadaithe: A. Willems agus B. Natens, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce (1) a neamniú agus

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear, trí úsáid a bhaint as costais táirgeachta saofa chun gnáthluach a chruthú do tháirgí áirithe, sárú ar Airteagail 2(3), an chéad mhír de 2(5), agus an chéad abairt de 2(10) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) le Rialachán 2023/265 agus go bhfuil sé curtha ó bhail mar gheall ar earráid fhollasach measúnaithe.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear, de bharr mainneachtain gnáthluach boilscithe a choigeartú, sárú ar Airteagail 2(10)(k) agus an chéad abairt de 2(10) de Rialachán 2016/1036 le Rialachán 2023/265 agus go bhfuil sé curtha ó bhail mar gheall ar earráid fhollasach measúnaithe.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear, trí chorrlach dumpála iomarcach a ríomh agus dleacht frithdhumpála iomarcach a fhorchur, sárú ar Airteagail 2(12) agus an dara mír de 9(4) de Rialachán 2016/1036 le Rialachán 2023/265.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear, trí chonclúidí a bhaint amach nach bhfuil na fíricí ag tacú leo, sárú ar Airteagail 3(2), 3(5) agus 3(6), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17(1) de Rialachán 2016/1036 le Rialachán 2023/265 agus go bhfuil sé curtha ó bhail mar gheall ar earráid fhollasach measúnaithe.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce (IO 2023 L 41, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016 L 176, lch. 21).


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/38


Caingean arna tabhairt an 3 Bealtaine 2023 – Akgün Seramik agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-231/23)

(2023/C 223/51)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Akgün Seramik Sanayi ve Ticaret AŞ (Pazaryeri, an Túirc) agus 14 eile (ionadaithe: F. Di Gianni, A. Scalini agus G. Coppo, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce (1) (an Rialachán atá faoi chonspóid) a neamhniú a mhéid a bhaineann leis na hiarratasóirí;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (Bunrialachán) leis an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a rinne an Coimisiún earráid fhollasach measúnaithe le teacht ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 4(1) den Bhunrialachán leis an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a rinne an Coimisiún earráid fhollasach measúnaithe le teacht ar an gconclúid gur baineadh díobháil do thionscal ceannasach de chuid an Aontais le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 4(1) den Bhunrialachán leis an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a rinne an Coimisiún anailís díobhála nach raibh bunaithe ar an mórchéatadán de tháirgeadh iomlán an Aontais de réir bhrí Airteagal 4(1) den Bhunrialachán, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1) de Chomhaontú Frithdhumpála EDT.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 2(9) agus 2(10) den Bhunrialachán leis an Rialachán atá faoi chonspóid sa mhéid (i) gur asbhain an Coimisiún go hearráideach speansais díolacháin, ginearálta agus riaracháin agus brabús trádálaí gaolmhara Bien & Qua ón bpraghas onnmhairiúcháin, agus ina mhalairt de chás (ii) trí mhainneachtain na hasbhaintí céanna a chur i bhfeidhm ar an ngnáthluach, ní dhearna an Coimisiún comparáid chothrom.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce (IO 2023 L 41, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016 L 176, lch. 21).


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/39


Caingean arna tabhairt an 4 Bealtaine 2023 – Gutseriev v an Chomhairle

(Cás T-233/23)

(2023/C 223/52)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Mikail Safarbekovich Gutseriev (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: B. Kennelly agus J. Pobjoy, Abhcóidí and D. Anderson, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

De bhun Airteagal 263 CFAE, (i) Cinneadh (CBES) 2023/421 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023 L 61, lch. 41) a neamhniú, mar aon le (ii) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/419 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8(a) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023 L 61, lch. 20), a mhéid a bhfuil feidhm acu i leith an iarratasóra (“Gníomhartha atá faoi Chonspóid, 2023”, arna dtógáil in éineacht);

De bhun Airteagal 277 CFAE, a dhearbhú nach bhfuil feidhm ag Airteagal 4(1) de Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 (arna leasú) ná ag Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 (arna leasú), a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, mar gheall ar neamhdhleathacht agus, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, Gníomhartha atá faoi Chonspóid, 2023, a chur ar neamhní dá réir sin;

a ordú don Chomhairle costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráid fhollasach measúnaithe trína mheas go gcomhlíontar an critéar chun an t-iarratasóir a áireamh faoi na bearta atá faoi chonspóid.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Chomhairle cearta bunúsacha an iarratasóra, lena n-áirítear an ceart chun saoil phríobháidigh, an ceart chun maoine agus saoirse fiontraíochta.

3.

An tríú saincheist dlí, mar rogha mhalartach, lena n-éilítear mhídhleathacht má tá an critéar ainmniúcháin in Airteagal 4(1) de Chinneadh 2012/642 ón gComhairle agus in Airteagal 2(5) de Rialachán 765/2006 ón gComhairle le léirmhíniú amhail go gcumhdaítear aon chineál tacaíochta nó aon chineál sochair leis.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/40


Caingean arna tabhairt an 7 Bealtaine 2023 – Comité interprofessionnel du vin de Champagne agus INAO v EUIPO – Óstáin Nero (NERO CHAMPAGNE)

(Cás T-239/23)

(2023/C 223/53)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Comité interprofessionnel du vin de Champagne (Épernay, an Fhrainc), Institut national de l’origine et de la qualité (INAO) (Montreuil, an Fhrainc) (ionadaithe: E. Varese, G. Righini agus V. Mazza, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Nero Hotels Srl (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh NERO CHAMPAGNE – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 024 731

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Feabhra 2023 i gCás R 531/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, ach amháin a mhéid a diúltaíodh freisin don iarratas ar an trádmharc atá faoi cheist le haghaidh seirbhísí in Aicme 35;

diúltú don iarratas ar an trádmharc atá faoi cheist le haghaidh na n-earraí agus na seirbhísí lena mbaineann in Aicmí 33, 35 agus 41 nó, mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig Bord Achomhairc eile lena athbhreithniú;

a ordú don chosantóir agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, má dhéanann an Bord Achomhairc idiragairt os comhair na Cúirte, a gcostais féin a íoc, mar aon le táillí agus costais na n-iarratasóirí arna dtabhú sna himeachtaí os comhair an Rannáin Fhreasúra agus an Dara Bord Achomhairc, i gcomhréir le hAirteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 103(2)(a)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 103(2)(a)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagail 263 agus 296 CFAE agus ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an dea-riaracháin.


26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/41


Caingean arna tabhairt an 11 Bealtaine 2023 – Quality First v EUIPO (MORE-BIOTIC)

(Cás T-243/23)

(2023/C 223/54)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Quality First GmbH (Elmshorn, an Ghearmáin) (Iondaithe: J. Schneider agus M. Kleinn, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh “MORE-BIOTIC” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 634 806

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Feabhra 2023 i gCás R 1708/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

cosaint a dheonú don trádmharc atá faoi cheist trína chlárú san Aontas Eorpach;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid atá “MORE-BIOTIC” doiléir agus éiginnte agus go bhfuil sé sainiúil dá bhrí sin;

Is comhfhocal neamhghnách agus sainiúil é “MORE-BIOTIC”.

Ní teachtaireacht bolscaireachta amháin atá in “MORE-BIOTIC”

Ní tuairisc dhíreach ar earraí agus seirbhísí atá i gceist;

Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.