|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2023/C 222/12 |
||
|
2023/C 222/13 |
||
|
2023/C 222/14 |
||
|
2023/C 222/15 |
||
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 222/16 |
||
|
2023/C 222/17 |
||
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
|
2023/C 222/18 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 222/19 |
||
|
2023/C 222/20 |
||
|
2023/C 222/21 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/1 |
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN
maidir le treoirlínte léirmhínitheacha a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar
(2023/C 222/01)
1. RÉAMHRÁ
Mar a chuirtear in iúl sa Teachtaireacht uaidh maidir le Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (1), is gá gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun níos mó gníomhaíochta a aistriú go dtí modhanna iompair níos inbhuanaithe. Tá seirbhísí poiblí iompair ríthábhachtach chun go mbainfear amach spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe, chliste agus chuimsitheach. Chuige sin, tá infhaighteacht seirbhísí poiblí iompair atá tíosach ar acmhainní agus neamhdhíobhálach don chomhshaol thar a bheith tábhachtach. San earnáil talún, rialaítear na seirbhísí sin le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 1191/69 agus 1107/70 ón gComhairle (2) (‘Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007’ nó (an ‘Rialachán’).
I gcomhréir le Prótacal Uimh. 26 maidir le seirbhísí leasa ghinearálta, tá ról fíor-riachtanach ag údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus tá discréid leathan acu maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar, a choimisiúnú agus a eagrú. Seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí ar seirbhísí iad lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní féidir iad a oibriú ar bhonn tráchtála i gcónaí ach d’fhéadfadh tacaíocht airgeadais phoiblí a bheith de dhíth ina leith. Is faoi na Ballstáit atá sé riachtanais soghluaisteachta a gcuid saoránach agus an tacaíocht a bheadh de dhíth a shainaithint , más gá.
An tráth céanna, ba cheart tacaíocht airgeadais a bheith faoi réir coinníollacha lena n-áirithítear go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach gan saobhadh. Leagtar amach na coinníollacha sin i Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.
Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 i bhfeidhm an 3 Nollaig 2009. Leasaíodh é le Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 (3), faoi chuimsiú an Cheathrú Pacáiste Iarnróid (4).
Le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir seirbhísí poiblí iompair d’iarnród agus de bhóthar agus modhanna rianbhunaithe eile iompair a eagrú agus a mhaoiniú: tá feidhm aige go háirithe maidir le hiompar de bhus, de thram, de mheitreo agus d’iarnród. D’fhéadfadh feidhm a bheith aige maidir le huiscebhealaí intíre agus uiscí farraige náisiúnta má chinneann Ballstáit amhlaidh.
Baineann na coinníollacha, inter alia, leis an sainmhíniú ar oibleagáidí seirbhíse poiblí, le raon feidhme conarthaí seirbhíse poiblí, leis na módúlachtaí le haghaidh conarthaí den sórt sin a dhámhachtain agus leis an gcinneadh faoin gcúiteamh a íocfar le hoibreoirí seirbhísí poiblí. Má chomhlíontar forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, measfar an cúiteamh a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus gur ann do dhíolúine ón gceanglas fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún faoi Airteagal 108(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE nó an ‘Conradh’).
In 2014, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir le Treoirlínte Léirmhínitheacha a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 (5) (‘Treoirlínte Léirmhínitheacha 2014’) a ceapadh chun an tuiscint a bhí ag an gCoimisiún ar roinnt forálacha den Rialachán a chur in iúl do na geallsealbhóirí agus a ceapadh ar bhonn dea-chleachtais sna Ballstáit freisin.
Idir an dá linn rinneadh éabhlóid maidir leis an gcreat reachtach: in 2016, rinneadh leasú substaintiúil ar Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, go háirithe maidir le hearnáil an iarnróid a chuimsiú faoi phrionsabal na tairisceana iomaíche le haghaidh seirbhísí poiblí. Áiríodh leis an leasú idirthréimhse a thabhairt isteach arbh fhéidir fós go ndéanfaí conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go neamhchoinníollach agus go díreach lena linn agus suas go dtí an 24 Nollaig 2023 i ndáil le hiompar paisinéirí d’iarnród ionas go bhféadfaidh an earnáil sin ullmhú d’oscailt an mhargaidh.
Léirmhínigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘Cúirteanna an Aontais’) forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 freisin agus rialacha is infheidhme maidir leis na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Déantar difear do chur i bhfeidhm na rialacha sin go háirithe mar gheall ar an bhfíoras go dtugtar ceart rochtana ó 1 Eanáir 2019 i leith i ndáil le bonneagar iarnróid do ghnóthais iarnróid agus iad i mbun chur i bhfeidhm an Cheathrú Pacáiste Iarnróid, ar rud é lena gcumasaítear iad faoi dhlí an Aontais chun seirbhísí tráchtála a fhorbairt.
Is gá dathbhreithniú a dhéanamh ar Threoirlínte Léirmhínitheacha 2014 i bhfianaise na bhforbairtí sin, agus go háirithe cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla ullmhú le haghaidh dheireadh na hidirthréimhse is é sin an 24 Nollaig 2023. Ba cheart na treoirlínte athbhreithnithe sin a bheith fóinteach freisin i ndáil le tionscnaimh nua a sheoladh go hordúil, amhail seirbhísí poiblí idirnáisiúnta amhail iompar trasteorann paisinéirí d’iarnród mar rogha taistil tarraingteach ar thurais fhada.
Sular ghlac sé an Fógra seo ón gCoimisiún, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí a rinne ionadaíocht ar pháirtithe leasmhara, amhail comhlachais na hEorpa de chuid earnáil an iompair phoiblí, lena n-áirítear foirne iompair agus eagraíochtaí le haghaidh paisinéirí.
Leis an bhFógra seo ón gCoimisiún, nach gcumhdaítear ann ach forálacha roghnaithe de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, ní chruthaítear aon riail nua. Soláthraítear ann soiléiriú agus treoraíocht do na Ballstáit ar an gcaoi ina léirmhíníonn an Coimisiún forálacha an Rialacháin, ag féachaint do chásdlí ábhartha Chúirteanna an Aontais go háirithe. Is ag Cúirteanna an Aontais ar deireadh atá an tsainphribhléid i ndáil le léirmhíniú dhlí an Aontais.
2. TUISCINT AN CHOIMISIÚIN AR RIALACHÁN (CE) UIMH. 1370/2007
2.1. Raon Feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007
Sa Roinn seo soláthraítear treoraíocht léirmhínitheach ar an ngaolmhaireacht idir Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 agus na treoracha seo a leanas: Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (6) (‘Treoir 2014/24/AE’); Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (7) (‘Treoir 2014/25/AE’); agus Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (8) (‘Treoir 2014/23/AE’). Mínítear sa Roinn seo freisin an bealach chun Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chur i bhfeidhm ar uiscebhealaí intíre agus ar uiscí farraige náisiúnta. Thairis sin, soláthraítear treoraíocht ann freisin i ndáil le seirbhísí poiblí iompair idirnáisiúnta, oibleagáidí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí iompair lastais agus ilmhódacha chomh maith le modhanna iompair phoiblí speisialta.
2.1.1. Airteagal 5(1) agus Airteagal 1(3). An ghaolmhaireacht idir Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 agus na treoracha soláthair phoiblí agus lamháltais
Le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 rialaítear conarthaí seirbhíse poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (i) den rialachán sa réimse iompair phoiblí do phaisinéirí d’iarnród agus de mhodhanna iompair rianbhunaithe eile agus de bhóthar. Ag brath ar na saintréithe atá acu, áfach, d’fhéadfadh conarthaí seirbhíse poiblí teacht faoi raon feidhme na dtreoracha soláthair phoiblí (Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE) (9). Eisiatar lamháltais le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó raon feidhme Threoir 2014/23/AE (10).
Tá an t-idirdhealú idir conarthaí seirbhíse agus lamháltais seirbhíse tábhachtach chun cinneadh a dhéanamh maidir le cén ionstraim dlí a bhfuil feidhm aici maidir leis an dámhachtain.
Le hAirteagal 2(1), pointí (1), (2) agus (5) de Threoir 2014/25/AE sainmhínítear ‘conarthaí seirbhíse’ mar chonarthaí ar mhaithe le leas airgid arna dtabhairt i gcrích i scríbhinn idir eintiteas conarthach amháin nó níos mó, a shaothraíonn na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 14 den Treoir, agus oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó arb é is cuspóir dóibh seirbhísí a sholáthar. I gcás ina mbíonn baint ag ‘údaráis chonarthacha’ leis na conarthaí sin, de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/24/AE, ar údaráis iad nach bhfeidhmíonn na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 14 de Threoir 2014/25/AE, meastar gur ‘conarthaí seirbhíse poiblí’ iad i gcomhréir le hAirteagal 2(1), pointí 6 agus (9), de Threoir 2014/24/AE.
Le hAirteagal 5(1)(b) de Threoir 2014/23/AE maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain sainmhínítear ‘lamháltais seirbhíse’ mar chonarthaí ‘ar mhaithe le leas airgid arna dtabhairt i gcrích i scríbhinn ar trína mbíthin a chuireann údarás conarthach amháin nó níos mó nó eintitis chonarthacha ar iontaoibh oibreora eacnamaíoch amháin nó níos mó, seirbhísí a sholáthar agus a bhainistiú seachas na hoibreacha dá dtagraítear i bpointe (a) arb é an breithniúchán den mhéid sin an ceart chun na seirbhísí a shaothrú arb ábhar an chonartha iad agus é sin amháin nó an ceart sin in éineacht le híocaíocht’.
Le hAirteagal 5(1) sonraítear freisin go mbeidh i gceist le ‘dámhachtain lamháltais oibreacha nó seirbhísí aistriú riosca lamháltais chuig lamháltóir riosca oibriúcháin i saothrú na n-oibreacha nó na seirbhísí sin ag cuimsiú riosca éilimh nó soláthair nó iad araon. Meastar go bhfuil an lamháltóir ag glacadh le riosca oibriúcháin i gcás nach ráthaítear, i ngnáth-imthosca oibriúcháin, go bhforchúiteofar na hinfheistíochtaí a rinneadh ná na costais a tabhaíodh in oibriú na n-oibreacha nó na seirbhísí, arb iad ábhar an lamháltais. Beidh i gceist leis an gcuid den riosca a aistrítear chuig an lamháltóir fíor-nochtadh do ghuagáil an mhargaidh, sa chaoi nach ainmniúil nó diomaibhseach amháin a bheidh aon chaillteanas ionchasach measta arna thabhú ag an lamháltóir ’.
Tá an t-idirdhealú sin idir conarthaí seirbhíse poiblí agus lamháltais seirbhíse tábhachtach toisc, de réir Airteagal 10(3) de Threoir 2014/23/AE, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le lamháltais le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007. Dá bhrí sin, is le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 amháin a rialaítear dámhachtain na lamháltas seirbhíse le haghaidh na seirbhísí poiblí iompair sin do phaisinéirí, gan beann ar an modh iompair.
Maidir le conarthaí seirbhíse, áfach, tá an modh iompair ábhartha. Le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 sonraítear go rialaítear dámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí iompair de bhus nó de thram le Treoir 2004/17/CE (arna haisghairm agus arna hionadú le Treoir 2014/25/AE) agus Treoir 2004/18/CE (arna haisghairm agus arna hionadú le Treoir 2014/24/AE), ach amháin i gcás gur i bhfoirm lamháltas seirbhíse atá conarthaí den sórt sin. Mar sin, is leis na treoracha soláthair amháin (Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE) a rialaítear dámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí bus nó tram.
Ar an láimh eile, is le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 amháin a rialaítear dámhachtain conarthaí seirbhíse le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus meitreo (lena n-áirítear conarthaí a bhíonn i bhfoirm lamháltas) (agus eisiatar an dámhachtain sin ó raon feidhme Threoir 2014/24/AE, de réir aithris 27 agus Airteagal 10(i) di, Threoir 2014/25/AE, de réir aithris 35 agus Airteagal 21(g) di agus Threoir 2014/23/AE) de réir Airteagal 10(3) di). Déantar idirphlé ar na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí ilmhódacha a dhámhachtain i Roinn 2.1.5.
Maidir le lamháltais oibreacha, luaitear in Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ‘nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreacha de réir bhrí Airteagal 1(3)(a) de Threoir 2004/17/CE ná de réir bhrí Airteagal 1(3) de Threoir 2004/18/CE’. Tar éis theacht i bhfeidhm Threoir 2014/23/AE maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain, is leis an Treoir sin agus léi sin amháin a rialaítear lamháltais oibreacha le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de mhodhanna rianbhunaithe eile agus de bhóthar. Sainmhínítear an téarma ‘lamháltais oibreacha’ in Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2014/23/AE anois.
Tábla
Achoimre ar an mbunús dlí is infheidhme maidir le dámhachtainí conartha de réir chineál an tsocraithe chonarthaigh agus an mhodha iompair
|
Modh iompair |
Conarthaí seirbhíse poiblí mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE iad |
Lamháltais seirbhíse mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/23/AE iad |
|
Bus agus tram |
Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE |
Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 |
|
Iarnród agus meitreo |
Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 |
Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 |
Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil forálacha uile na dtreoracha soláthair phoiblí infheidhme i gcónaí maidir le conarthaí seirbhísí poiblí le haghaidh iompar de bhus agus tram (agus ní hamháin na forálacha maidir leis na nósanna imeachta dámhachtana). Tá feidhm aige sin, mar shampla, maidir leis na forálacha dá gcuid i ndáil le conarthaí a mhodhnú le linn a dtréimhsí ama (féach Roinn 2.5.5).
2.1.2. Airteagal 1(2). Cinntí náisiúnta chun Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chur i bhfeidhm maidir le huiscebhealaí intíre agus uiscí farraige náisiúnta
Luaitear in Airteagal 1(2) go bhféadfaidh na Ballstáit Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chur i bhfeidhm maidir le hiompar poiblí do phaisinéirí d’uiscebhealaí intíre agus, gan dochar do Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar d’iompar muirí á chur i bhfeidhm laistigh de na Ballstáit ar a n-uiscí farraige náisiúnta (cabatáiste muirí) (11).
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart gur ar bhealach trédhearcach, trí ghníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí de a ghlacfaí cinneadh ó Bhallstát Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chur i bhfeidhm maidir le hiompar poiblí do phaisinéirí d’uiscebhealaí intíre nó d’uiscí farraige náisiúnta. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé úsáideach Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí iompair do phaisinéirí d’uiscebhealaí intíre nó d’uiscí farraige náisiúnta go háirithe i gcás ina gcomhtháthaítear na seirbhísí sin isteach i ngréasán iompair phoiblí níos leithne do phaisinéirí.
I gcás nach ndéanfar cinneadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí iompair do phaisinéirí d’uiscebhealaí intíre, is faoi Airteagal 93 CFAE go díreach a dhéanfar maoiniú poiblí na seirbhísí sin a rialú. Sa Teachtaireacht uaidh maidir leis an léirmhíniú ar Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle (12), soláthraíonn an Coimisiún treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir le seirbhísí cabatáiste mhuirí.
2.1.3. Airteagal 1(2). Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí poiblí iompair idirnáisiúnta
Sonraítear le hAirteagal 1(2) go bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir le hoibriú idirnáisiúnta seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí freisin, agus, faoi réir chomhaontú údarás inniúil na mBallstát sin ar ina gcríocha a dhéantar na seirbhísí a sholáthar, féadfaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí baint a bheith acu le seirbhísí poiblí iompair ar an leibhéal trasteorann, lena n-áirítear na seirbhísí poiblí iompair sin lena gcumhdaítear riachtanais iompair áitiúla agus réigiúnacha.
Cé go dtagraítear go sonrach in Airteagal 1(2) do riachtanais iompair áitiúla agus réigiúnacha, cumhdaítear seirbhísí poiblí fadraoin do phaisinéirí le coincheap na seirbhíse poiblí idirnáisiúnta freisin. Is éard is réamhriachtanas le haghaidh seirbhís phoiblí idirnáisiúnta a bhunú an comhaontú ó údaráis inniúla na mBallstát sin ar ina gcríocha a dhéantar na seirbhísí a sholáthar. Bíonn na húdaráis inniúla sin fós saor chun cinneadh a dhéanamh faoi cé acu a thabharfaidh nó nach dtabharfaidh siad aitheantas do stádas seirbhíse poiblí na seirbhíse a mholtar a bhunú ar an gcríoch atá faoina ndlínse. D’fhéadfadh foirmeacha éagsúla a bheith ag an gcomhaontú atá faoi Airteagal 1(2). Ní féidir an comhaontú a cheanglaítear chun an tseirbhís phoiblí idirnáisiúnta a bhunú a theorannú d’fhoráil ghinearálta lena áirithítear rochtain ar an mbonneagar iompair, toisc go bhfuil an fhoráil ghinearálta ráthaithe cheana le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (13). Má thrasnaíonn seirbhís idirnáisiúnta Ballstát amháin go heisiach agus í faoi bhealach ann i gcónaí (i.e. ní ligtear aon phaisinéir isteach nó amach) ní cheanglaítear comhaontú Bhallstát idirthurais, toisc gur féidir a mheas nach soláthraítear aon seirbhís ar chríoch an Bhallstáit sin.
Tá discréid nach beag ag na húdaráis inniúla áfach a mhéid a bhaineann le hábhar an chomhaontaithe. Féadtar comhar trasteorann a chur chun feidhme ar bhealaí éagsúla amhail, mar shampla, trí chuibhreannas d’údaráis bhainteacha a chur le chéile bunaithe ar shocruithe conarthacha eatarthu (e.g. An Ghrúpáil Eorpach um Chomhar Críochach nó an ghrúpáil Eorpach um leas eacnamaíoch).
Ar choinníoll go gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla uile maidir le cén chríoch dá gcuid ar a soláthrófar an tseirbhís iompair phoiblí idirnáisiúnta, ní chuirfear bac, le haon ní, ar na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a shonrú maidir leis an tseirbhís iomlán, ná ar an gcúiteamh gaolmhar a bheidh le deonú, ag ceann amháin nó ag cuid de na húdaráis inniúla lena mbaineann.
Mura gcomhaontaíonn údarás inniúil leis an tseirbhís phoiblí idirnáisiúnta atá molta, ní féidir an tseirbhís sin a sholáthar mar sheirbhís phoiblí ar an gcríoch atá faoi dhlínse an Bhallstáit sin. I gcásanna den sórt sin, ní chuirtear toirmeasc le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ar sheirbhísí hibrideacha a bhunú, i gcás ina soláthraítear cuid de sheirbhís trasteorann ar bhonn tráchtála, agus cuid di mar sheirbhís phoiblí. Is faoi na Ballstáit a bheidh sé, a áirithiú áfach nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh mar gheall ar sheirbhísí den sórt sin agus, go háirithe, nach mbeidh ann d’aon tras-fhóirdheonú idir na codanna den turas a chúitítear agus na codanna tráchtála den turas. Mar shampla, féadfaidh siad faisnéis a iarraidh, faoi réir sonraí tráchtála íogair a chosaint, ar faisnéis iomlán agus trédhearcach ó oibreoirí í faoi na costais agus faoin ioncam a ghabhfaidh le gach cuid den turas, ag léiriú nach ann d’aon fhóirdheontais idir an chuid tráchtála den turas agus an chuid chúitithe de. Féadfaidh siad a cheangal freisin go roghnóidh an t-oibreoir a fhaigheann cúiteamh a chomhpháirtí tráchtála ar bhonn nós imeachta roghnúcháin atá cothrom agus trédhearcach, seachas ar bhonn caidreamh stairiúil.
2.1.4. Na hoibleagáidí seirbhíse poiblí atá ar sheirbhísí iompair lastais
Níl feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir le seirbhísí iompair lastais. Ní féidir seirbhísí iompair lastais a cháiliú mar sheirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta ach amháin nuair a shuíonn an Ballstát lena mbaineann go bhfuil gá dílis le seirbhísí den sórt sin nach bhfuil á chomhlíonadh sa mhargadh ná á chomhlíonadh go leordhóthanach ann (féach Roinn 2.2.3). Más mian leis na Ballstáit bearta tacaíochta a bhunú le haghaidh seirbhísí iompair lastais d’iarnród nach gcomhlíontar leo na coinníollacha atá sainmhínithe i mbreithiúnasAltmark (14) agus arb ionann iad agus Státchabhair, ní mór do na Ballstáit fógra faoi na bearta sin a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 108(3) CFAE.
2.1.5. Airteagal 1(2). Oibleagáidí seirbhíse poiblí ilmhódacha
De réir Airteagal 1(2) den Rialachán sin, tá feidhm ag an Rialachán maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de mhodhanna eile rianbhunaitheagus de bhóthar chomh maith. Má chinneann na Ballstáit amhlaidh, d’fhéadfadh feidhm a bheith aige freisin maidir le hiompar poiblí do phaisinéirí d’uiscebhealaí intíre agus d’uiscí farraige náisiúnta (féach Roinn 2.1.2). Féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh, mar sin, conarthaí seirbhíse poiblí a dheonú a ngabhfaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí leo lena gcumhdófar ceann amháin nó níos mó de na modhanna iompair faoin Rialachán. A mhéid a bhaineann le ré na gconarthaí ilmhódacha, foráiltear le hAirteagal 4(3) go mbeidh an ré sin teoranta do 15 bliana más ionann conradh iompair d’iarnród nó iompar rianbhunaithe eile agus níos mó ná 50 % de luach na seirbhísí i gceist. Tá dámhachtain conarthaí seirbhíse lena gcumhdaítear seirbhísí iompair phoiblí de bhus nó de thram araon chomh maith le de mheitreo nó d’iarnród faoi réir cheanglais na dtreoracha soláthair phoiblí i gcónaí (Treoir 2014/24/AE nó Treoir 2014/25/AE agus cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.
De réir aithris 17, tá údaráis inniúla saor chun critéir shóisialta agus cháilíochtúla a bhunú le haghaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí, lena n-áirítear i leith chosaint an chomhshaoil. Is féidir le húdaráis inniúla oibleagáidí seirbhíse poiblí a shonrú le haghaidh roinnt modhanna d’fhonn inbhuaine comhshaoil an iompair phoiblí ilchóraigh a chur chun cinn.
2.1.6. Airteagal 1(2). Modhanna speisialta iompair phoiblí
Chun feabhas a chur ar an tairiscint de sheirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí, go háirithe ar leibhéal an chéad mhíle/an mhíle dheireanaigh de ghníomhaíochtaí taistil paisinéirí, féadfaidh údaráis inniúla an tairiscint de sheirbhísí poiblí iompair atá sceidealaithe agus bunaithe ar bhealaí seasta a chomhlánú le seirbhísí poiblí iompair ar éileamh. Le seirbhísí ar éileamh den sórt sin, arna dtairiscint trí bhíthin feithiclí bóthair de ghnáth, cuirtear ar a gcumas do phaisinéirí turais a chur in áirithint trí chumarsáid leictreonach nó trí chumarsáid eile a úsáid chun paisinéirí a bhailiú agus a fhágáil, idir stadanna arna n-ainmniú ag oibreoir na seirbhíse ar éileamh nó stadanna iompair phoiblí sceidealaithe. Más cuspóir cirt eisiach agus/nó cúitimh mar mhalairt ar oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh iad seirbhísí poiblí iompair ar éileamh, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht éigeantach na seirbhíse, agus má chomhlíontar leo ceanglais Airteagal 2(a) den Rialachán, i.e. más don leas eacnamaíoch ginearálta iad agus má sholáthraítear don phobal iad ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus leantach, measann an Coimisiún go bhféadfadh sé go dtiocfaidís faoi raon feidhme Airteagal 1(2) den Rialachán.
Áiríonn roinnt údarás inniúil ina gcuid tairiscintí de sheirbhísí iompair phoiblí seirbhísí a sholáthraítear trí úsáid feithiclí a thiomáintear le cáblaí (e.g. gluaisteáin chábla, feithiclí cáblacha). Measann an Coimisiún go dtagann seirbhísí den sórt sin faoi raon feidhme Airteagal 1(2) den Rialachán fad is a sholáthraítear iad le feithiclí a mbíonn teagmháil leanúnach acu leis an mbóthar nó le rianta.
2.2. Sainmhíniú ar oibleagáidí seirbhíse poiblí agus rialacha ginearálta/clár na gconarthaí seirbhíse poiblí
Soláthraítear sa chaibidil seo treoraíocht léirmhínitheach maidir le saintréithe tábhachtacha rialacha ginearálta agus treoraíocht maidir leis an gcaoi a shainmhíníonn údaráis inniúla cineál agus méid oibleagáidí seirbhíse poiblí agus ceart eisiach i gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007. Thairis sin, tugtar aghaidh inti ar na coinníollacha faoinar féidir síntí ar ré na gconarthaí seirbhíse poiblí a dheonú, chomh maith leis na coinníollacha i gcomhair fochonraitheoireachta, lena n-áirítear i gcás oibreoirí inmheánacha.
2.2.1. Airteagal 2, pointe (i). Gnéithe de chomhdhéanamh conartha seirbhíse poiblí
Chun na córais éagsúla dlí agus na traidisiúin éagsúla sna Ballstáit a chur san áireamh, tá an sainmhíniú a sholáthraítear le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ar chonradh seirbhíse poiblí an-leathan agus áirítear cineálacha éagsúla gníomhartha ann atá ceangailteach ó thaobh an dlí de ach ní i bhfoirm conartha faoin dlí náisiúnta a bhíonn siad i gcónaí.
De réir Airteagal 2, pointe (i), is éard atá i gceist le conradh seirbhíse poiblí ‘gníomh nó gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de lena ndeimhnítear an comhaontú idir údarás inniúil agus oibreoir seirbhíse poiblí chun bainistíocht agus oibriú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a chur de chúram ar an oibreoir seirbhíse poiblí sin faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí’. D’fhéadfadh cinneadh arna ghlacadh ag údarás inniúil i bhfoirm gnímh leithligh reachtaíochta nó rialúcháin a bheith i gceist leis an gconradh freisin nó d’fhéadfadh coinníollacha a bheith ann faoina soláthróidh an t-údarás inniúil é féin na seirbhísí nó faoina gcuirfidh sé na seirbhísí sin de chúram ar oibreoir inmheánach. D’fhéadfadh teaglaim de ghníomh dlíthiúil lena sanntar oibriú na seirbhísí d’oibreoir in éineacht le gníomh riaracháin lena leagtar amach ceanglais seirbhíse mionsonraithe agus modh chun an cúiteamh a ríomh a bheith mar chomhdhéanamh conartha seirbhíse poiblí freisin. Cumhdaíonn an coincheap ‘conradh seirbhíse poiblí ’ mar a shainmhínítear le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 é lamháltais seirbhíse poiblí freisin.
2.2.2. Airteagal 2 pointe (l) agus Airteagal 3(2) agus (3). Rialacha ginearálta
Sainmhínítear rialacha ginearálta in Airteagal 2 pointe (l) mar bhearta a chuirtear i bhfeidhm ‘gan idirdhealú maidir le gach seirbhís iompair phoiblí do phaisinéirí den chineál céanna i limistéar geografach áirithe a bhfuil údarás inniúil freagrach as’. Is rialacha ginearálta dá bhrí sin iad bearta a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoirí de chineál amháin nó roinnt cineálacha seirbhísí poiblí iompair ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. D’fhéadfadh an beart a bheith srianta don limistéar geografach dá bhfuil údarás inniúil freagrach ach ní gá an limistéar iomlán geografach a bheith cumhdaithe aige.
Féadfaidh údarás inniúil cinneadh a dhéanamh rialacha ginearálta a úsáid chun caighdeáin shóisialta nó cháilíochtúla a bhunú i gcomhréir le haithris 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.
Féadfaidh Ballstáit agus/nó údaráis inniúla iompar poiblí a eagrú trí rialacha ginearálta amhail dlíthe, foraitheanta nó bearta rialála. Ní chumhdaítear le hAirteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ach amháin rialacha ginearálta atá i bhfoirm uastaraifí cúitithe le haghaidh na bpaisinéirí uile nó le haghaidh catagóirí áirithe paisinéirí. Maidir leis na rialacha ginearálta sin, ní ann d’oibleagáid chun conradh seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích.
Le hAirteagal 3(3) ceadaítear do na Ballstáit a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 rialacha ginearálta maidir le cúiteamh airgeadais i leith oibleagáidí seirbhíse poiblí lena mbunófar uastaraifí le haghaidh iompar daltaí, mac léinn, printíseach agus daoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu. Má chinneann Ballstát déanamh amhlaidh, ní mór do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé an ionann nó nach ionann cúiteamh a dheonaítear faoi na rialacha ginearálta sin agus Státchabhair. Más ionann, ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 108 CFAE.
Ní chuirtear bac ar na Ballstáit rialacha ginearálta eile a bhunú ar a n-áirítear oibleagáidí seirbhíse poiblí. I gcás ina mbíonn cúiteamh i gceist leo, tá sé d’oibleagáid conradh seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích, de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007. Ba cheart conarthaí den sórt sin a bheith ar fáil do na hoibreoirí uile, lena n-áirítear iontrálaithe nua.
2.2.3. Airteagal 2, pointe (e), agus Airteagal 2(a). Sainmhíniú ar chineál agus ar mhéid oibleagáidí seirbhíse poiblí agus ar raon feidhme conarthaí seirbhíse poiblí
– Prionsabail ghinearálta oibleagáidí seirbhíse poiblí agus sainmhínithe orthu
In Airteagal 14 CFAE agus Prótacal Uimh. 26 faoi sheirbhísí leasa ghinearálta atá i gceangal le CFAE leagtar síos na prionsabail ghinearálta maidir leis an gcaoi a sainíonn agus a soláthraíonn Ballstáit seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI). Mar a luadh cheana féin, i gcomhréir le Prótacal Uimh. 26, tá ról fíor-riachtanach ag údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus tá discréid leathan acu maidir le SGEInna a sholáthar, a choimisiúnú agus a eagrú agus iad saincheaptha a ghaire agus is féidir do riachtanais na n-úsáideoirí. Ní fhéadfaidh an Coimisiún sonraíocht oibleagáide seirbhíse poiblí a cheistiú ach amháin i gcás earráide follasaí (15).. Tá teorainn le cumhacht an Bhallstáit chun SGEI a shainiú, áfach, agus ní fhéadfar í a fheidhmiú ar bhonn treallach chun ceadú d’earnáil ar leith teacht timpeall ar chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta agus chun na críche sin amháin (16).
Le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 leagtar síos an creat dlíthiúil inar féidir le Ballstáit SGEInna a sholáthar, a choimisiúnú agus a eagrú i réimse an iompair phoiblí do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar. Sonraítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 gurb é is cuspóir dó ‘a chinneadh conas a fhéadfaidh na húdaráis inniúla gníomhú, i gcomhréir le rialacha dhlí an Chomhphobail, i réimse an iompair phoiblí do phaisinéirí chun a ráthú go soláthrófar seirbhísí leasa i gcoitinne a bheidh inter alia níos líonmhaire, níos sábháilte, de cháilíocht níos airde nó a chuirfear ar fáil ar chostas níos ísle ná mar a cheadódh fórsaí an mhargaidh amháin’.
Mar a luadh in Airteagal 2, pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, ciallaíonn oibleagáid seirbhíse poiblí ceanglas go n-áiritheofar go gcuirfear ar fáil seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí ar mhaithe leis an leas i gcoitinne nach nglacfadh oibreoir air féin dá mbeadh sé ag féachaint dá leas tráchtála féin nó nach nglacfadh sé air féin an oiread céanna ná faoi na coinníollacha céanna gan luach saothair (17).
Is gnách go leagann oibleagáidí seirbhíse poiblí ceanglais síos don oibreoir maidir le, mar shampla, minicíocht seirbhísí, cáilíocht seirbhíse, oibleagáidí maidir le taraifí agus soláthar seirbhísí go háirithe i stáisiúin bheaga idirmheánacha nó ag cinn scríbe nach mbeadh tarraingteach ar bhonn tráchtála, agus soláthar seirbhísí go luath ar maidin agus deireanach tráthnóna. D’fhéadfadh sé go leagfaí ceanglais eile síos.
Mar atá luaite in Airteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, is faoi na húdaráis inniúla é sonraíochtaí a leagan síos le haghaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí i gcomhréir le hAirteagal 2(e).
– Comhsheasmhacht le cuspóirí bheartas iompair phoiblí na mBallstát
Agus Airteagal 2a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 á chur i bhfeidhm, ní mór don údarás inniúil a áirithiú go bhfuil na sonraíochtaí seirbhíse poiblí i gcomhréir leis na cuspóirí beartais mar a luaitear iad i ndoiciméid bheartais don iompar poiblí sna Ballstáit. Tá go leor solúbthachta ag na Ballstáit maidir le hinneachar agus formáid na ndoiciméad sin agus na nósanna imeachta chun dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha a chinneadh. Ba cheart do na doiciméid sin cuspóirí an bheartas iompair phoiblí a shainiú, amhail, mar shampla, nascacht chríochach, lena n-áirítear naisc thrasteorann, agus forbairt iompair inbhuanaithe agus an bealach a shainaithint chun iad sin a bhaint amach ar fud na modhanna difriúla iompair. Mar a luadh in aithris 10 de Rialachán (AE) 2016/2338, féadfar a áireamh le páirtithe leasmhara a rachfar i gcomhairle leo oibreoirí iompair atá nó a d’fhéadfadh a bheith sa limistéar geografach lena mbaineann, bainisteoirí bonneagair, eagraíochtaí ionadaíocha do phaisinéirí, eagraíochtaí fostaithe agus eagraíochtaí comhshaoil.
– Fíorghá le hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bheith ann
Ba cheart Airteagal 2 pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a luaitear thuas a léamh i gcomhréir le dlí-eolaíocht chúirteanna an Aontais (18).
Eascraíonn sé ón dlí-eolaíocht sin, is é sin sula leagann sé síos sonraíochtaí le haghaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí, gur cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil fíorghá leis na seirbhísí iompair phoiblí atá beartaithe.
I gcomhréir leis an gcásdlí sin, chun measúnú a dhéanamh ar cé acu is ann nó nach ann don fhíorghá sin, ba cheart do na húdaráis inniúla:
|
1. |
measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil éileamh ó úsáideoirí; |
|
2. |
measúnú a dhéanamh ar cé acu is féidir nó nach féidir le hoibreoirí margaidh aghaidh a thabhairt, go páirteach fiú, ar an éileamh sin in éagmais oibleagáidí seirbhíse poiblí; agus |
|
3. |
tosaíocht a thabhairt don chur chuige is lú srian le haghaidh na saoirsí bunúsacha agus is lú díobháil d’fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh chun an gá a sainaithníodh a chomhlíonadh dá réir sin. |
De réir chúirteanna an Aontais, ‘féadfaidh éagmais fianaise, arna soláthar ag an mBallstát, go bhfuil [raon feidhme na hoibleagáide seirbhíse poiblí riachtanach agus comhréireach le fíor-riachtanas seirbhíse poiblí] a bheith ina earráid fhollasach measúnaithe nach mór don Choimisiún a chur san áireamh’ (19).
– Measúnú ex ante ar an éileamh ar sheirbhísí iompair phoiblí
I gcomhréir le hAirteagal 1 de Phrótacal Uimh. 26, tá discréid leathan ag na Ballstáit maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar, a choimisiúnú agus a eagrú ar bhealach a fhreagraíonn a oiread agus is féidir do riachtanais na n-úsáideoirí. Ba cheart seirbhísí iompair phoiblí a eagrú chun leasa na n-úsáideoirí.
Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar an éileamh ar iompar, féadfaidh údaráis inniúla ní hamháin an t-éileamh reatha agus ionchasach ó úsáideoirí a mheas, ach freisin an t-éileamh a bhfuil coinne leis a fhéadann eascairt go réasúnach ó chuspóirí beartais a shaothrú amhail iompar inbhuanaithe, nascacht réigiúnach, sláinte phoiblí nó comhtháthú sóisialta a chur chun cinn. Mar shampla, i bhfianaise chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, níl an ceanglas measúnú a dhéanamh ex-ante ar éileamh ar neamhréir leis an bhféidearthacht d’údaráis inniúla an tairiscint a leathnú le haghaidh iompair phoiblí do phaisinéirí i gcomhair iarnróid nó bóthair agus aistriú iompair a spreagadh, go háirithe ó charranna aonair, chuig seirbhísí níos glaise, lena n-áirítear ar leibhéal idirnáisiúnta i gcomhar le Ballstáit eile. Mar shampla is féidir an cuspóir seo a léiriú sna doiciméid bheartais don iompar poiblí dá dtagraítear in Airteagal 2a(1) den Rialachán seo.
Féadfar an measúnú ex-ante ar an éileamh ar sheirbhís iompair phoiblí a dhéanamh ar mhodhanna difriúla, amhail mar shampla úsáid a bhaint as sonraí stairiúla, pobalbhreitheanna ionadaíocha nó comhairliúchán poiblí leis na húsáideoirí d’fhonn a n-ionchais i ndáil leis na seirbhísí poiblí a shainaithint.
– Anailís ar an tairiscint mhargaidh
I gcomhréir le hAirteagail 1(1) agus Airteagal 2 pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, ní féidir fíorghá le seirbhís phoiblí a bheith ann más féidir le hoibreoirí freastal ar éileamh na n-úsáideoirí cheana féin in éagmais oibleagáide arna leagan síos ag na húdaráis phoiblí chuige sin (20).
Ní bheidh anailís ar an tairiscint mhargaidh ina ceangal ach amháin i gcás inar tugadh isteach cearta rochtana oscailte don chineál seirbhísí atá cumhdaithe leis an gconradh seirbhíse poiblí le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
Ba cheart, mar phrionsabal, an comhairliúchán le hoibreoirí maidir lena spéis na seirbhísí ábhartha a thairiscint trí sheirbhísí rochtana oscailte a áireamh sa mheasúnú ar an tairiscint mhargaidh, agus ba cheart measúnú a dhéanamh ar thorthaí an chomhairliúcháin sin. Féadfar dul i gcomhairle le hoibreoirí margaidh, mar shampla, maidir le cineál, méid agus minicíocht na seirbhísí a sholáthraíonn siad cheana féin nó atá beartaithe acu a sholáthar sa limistéar geografach lena mbaineann nó maidir leis an leibhéal taraifí a chuireann siad i bhfeidhm nó atá beartaithe acu a chur i bhfeidhm.
Nuair a sholáthraíonn oibreoir margaidh seirbhísí tráchtála nó nuair atá coinne leo nó nuair a fhógraíonn oibreoir margaidh iad le seoladh laistigh de sprioc-am réasúnta gearr (mar shampla i gcás iarnróid, i gcás inar chuir an t-oibreoir an comhlacht rialála agus an bainisteoir bonneagair ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige an tseirbhís a sheoladh de bhun Airteagal 38(4) de Threoir 2012/34/AE), ba cheart d’údaráis inniúla iad a chur san áireamh agus raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí á sonrú acu ach amháin i gcás ina bhfuil réasúnú oibiachtúil ann gan déanamh amhlaidh.
Féadfar seirbhísí iompair inchomparáide atá ann a sholáthraítear le modhanna iompair eile a chur san áireamh ach ní gá go gcuirfí san áireamh iad leis an measúnú ar an tairiscint mhargaidh. Sa mheasúnú sin ar inchomparáideacht modhanna iompair, féadfaidh na húdaráis inniúla sonraíochtaí gach córa iompair a chur san áireamh. I gcás iompar iarnróid, áirítear leis na sonraíochtaí sin saincheisteanna maidir leis an ualach infheistíochta agus maidir le costais bhonneagair (21). Féadfar na sochair chomhshaoil a ghabhann leis i gcomparáid le modhanna eile a chur san áireamh iontu freisin.
– An cur chuige is lú díobháil maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a roghnú
Agus breithniú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an srian is lú do na saoirsí bunúsacha ag baint leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí atá leagtha síos i gconradh seirbhíse poiblí agus go mbaineann an díobháil is lú leo d’fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh, féadfaidh an t-údarás inniúil bearta malartacha a mheas i gcomhréir le dlí an Aontais. Mar shampla, más é a chuspóir seirbhísí iompair inacmhainne a ráthú, féadfaidh an t-údarás inniúil breithniú a dhéanamh maidir le rialacha ginearálta i leith taraifí uasta a fhorchur in áit conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain d’oibreoir aonair. Ní cheanglófar an anailís sin ach amháin i gcás inar tugadh isteach cearta rochtana oscailte don chineál seirbhísí atá cumhdaithe leis an gconradh seirbhíse poiblí le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
– An fhéidearthacht seirbhísí a chumhdaíonn a gcostais a ghrúpáil le seirbhísí nach gcumhdaíonn a gcostais sa chonradh seirbhíse poiblí
Foráiltear le hAirteagal 2a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 go bhféadfaidh údaráis inniúla seirbhísí a chumhdaíonn a gcostais agus seirbhísí nach gcumhdaíonn a gcostais a ghrúpáil le chéile. Ní mór an téacs seo a léamh i gcomhpháirt leis an sainmhíniú ginearálta ar oibleagáid seirbhíse poiblí atá leagtha amach i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, ar dá réir gurb é atá i gceist le seirbhísí faoi oibleagáid seirbhíse poiblí seirbhísí nach nglacfadh oibreoir air féin nó nach nglacfadh sé air féin an oiread céanna dá mbeadh sé ag féachaint dá leas tráchtála féin. Dá réir sin, ní fhéadann údaráis inniúla seirbhísí a chumhdaíonn a gcostais a ghrúpáil le seirbhísí nach gcumhdaíonn a gcostais ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
Foráiltear le hAithris 8 de Rialachán (AE) 2016/2338 a spreagann an fhoráil seo, gur cheart do ‘shonraíochtaí na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí san iompar poiblí iarmhairtí dearfacha a ghiniúint sna gréasáin’. Dá réir sin, measann an Coimisiún gur cheart a léiriú freisin leis an gcinneadh seirbhísí a chumhdaíonn a gcostais a áireamh i raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí an cuspóir chun córas iompair comhtháite a áirithiú, go háirithe ar leibhéal geografach, agus tairbhe a bhaint as iarmhairtí dearfacha sna gréasáin, seachas díreach méid an chúitimh a theorannú.
I gcás ina bhfuil oibleagáidí seirbhíse poiblí á sonrú agus a raon feidhme á shainiú, tá na húdaráis inniúla faoi cheangal ag prionsabal na comhréireachta, i gcomhréir le dlí an Aontais, mar a mheabhraítear in Airteagal 2a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007. Ní mór do ghrúpáil na seirbhísí a chumhdaíonn a gcostais agus seirbhísí nach gcumhdaíonn a gcostais a bheith riachtanach agus comhréireach.
Mar chonclúid le Roinn 2.2.3, ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar chloí leis na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo chun nach nochtfaidh siad iad féin don riosca earráide follasaí maidir le sainmhíniú raon feidhme na hoibleagáide seirbhíse poiblí agus aisghabháil fhéideartha an chúitimh faoi na rialacha maidir le Státchabhair.
2.2.4. Airteagal 2, pointe (f), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1). Sainmhíniú ar chineál agus ar mhéid na gceart eisiach chun comhlíontacht le dlí an Aontais a áirithiú
Faoi Airteagal 3(1), faoi réir eisceachtaí teoranta Airteagal 3(2), ní mór conradh seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích i gcás ina gcinneann údarás inniúil ceart eisiach agus/nó cúiteamh, a dheonú d’oibreoir in éiric oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Sainmhínítear ceart eisiach in Airteagal 2 pointe (f) mar ‘ceart a thugann teideal d’oibreoir seirbhíse poiblí seirbhísí poiblí iompair áirithe do phaisinéirí a oibriú ar chonair áirithe nó ar ghréasán áirithe nó i limistéar áirithe, d’eisiamh gach oibreora eile den sórt sin’. Faoi Airteagal 4(1), ní mór na coinníollacha a shonrú sa chonradh seirbhíse poiblí maidir leis an gceart eisiach a fheidhmiú, go háirithe an cineál seirbhíse iompair dá dtagraíonn sé, a raon feidhme geografach agus ré an chirt eisiaigh. Cuireann foclaíocht an tsainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 pointe (f) teorainn le raon feidhme an chirt eisiaigh chuig seirbhísí poiblí iompair áirithe do phaisinéirí a oibriú ar chonair áirithe nó ar ghréasán áirithe nó i limistéar áirithe.
Tá impleachtaí ag gabháil le forbairt an mhargaidh aonair, agus go háirithe an ceart ag gnóthais iarnróid chun bonneagar a rochtain le seirbhísí rochtana oscailte a sholáthar ar mhargaí intíre na mBallstát, a tugadh isteach le hAirteagal 10 de Threoir 2012/34/AE, maidir leis an gcoincheap a bhaineann le cearta eisiacha a dheonú mar chineál cúitimh chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chur i gcrích.
Mínítear an t-idirghníomhú idir cearta eisiacha agus cearta rochtana in Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795 (22) ón gCoimisiún maidir leis an tástáil ar chothromaíocht eacnamaíoch: cé go bhféadfaidh na Ballstáit cearta eisiacha a dheonú, ní fhéadfaidh siad teorainn a chur leis an gceart atá ag oibreoirí eile chun rochtain a fháil ar an mbonneagar iarnróid lena mbaineann chun seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a sholáthar, mura ndéanfadh na seirbhísí sin dochar do chothromaíocht eacnamaíoch an chonartha seirbhíse poiblí, mar a leagtar síos in Airteagail 11 agus 11a de Threoir 2012/34/AE.
Cé is moite de chonarthaí seirbhíse poiblí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 11(5) de Threoir 2012/34/AE, ar féidir teorainn a chur gan choinníoll ar rochtain lena n-aghaidh, i ngach cás eile, áirithítear cosaint riachtanach na gconarthaí seirbhíse poiblí lena dheonaítear cearta eisiacha ó sheirbhísí rochtana oscailte go heisiach tríd an tástáil ar chothromaíocht eacnamaíoch, de bhun Airteagail 11 agus 11a de Threoir 2012/34/AE. Mar a shonraítear in Airteagal 6 de Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2018/1795 ón gCoimisiún ar an tástáil ar chothromaíocht eacnamaíoch, agus an tástáil á déanamh, ní mór don chomhlacht rialála aird chuí a thabhairt ar luach airgeadúil na gceart eisiach sin.
Féadfaidh Ballstáit cearta áirithe a dheonú a bhféadfadh an chuma a bheith air go mbeidís neamheisiach ach a chuirfeadh cosc de facto ar ghnóthais eile ó pháirt a ghlacadh sa mhargadh trí rialacha dlí nó trí chleachtais riaracháin. Mar shampla, maidir le socruithe riaracháin lena ndeonaítear údarú chun seirbhísí poiblí iompair a oibriú faoi réir critéar, amhail méid agus cáilíocht inmhianaithe seirbhísí, d’fhéadfadh go mbeadh sé mar éifeacht phraiticiúil acu go gcuirfí teorainn le líon na n-oibreoirí ar an margadh. Ní mór do na cearta eisiacha de facto sin Rialachán (CE) Uimh 1370/2007 a chomhlíonadh freisin.
2.2.5. Airteagal 4 agus Airteagal 8. Fad conarthaí seirbhíse poiblí agus coinníollacha faoinar féidir síneadh 50 % suas le 50 % de ré an chonartha seirbhíse poiblí a dheonú
In Airteagal 4 agus Airteagal 8 leagtar síos forálacha maidir le huasfhad conarthaí seirbhíse poiblí agus teorainneacha ama maidir lena ndeonú agus a n-éag.
Ní mór ‘ré an chonartha’ a chinneadh trí thagairt do thús oibríochtaí iompair. Comhthacaítear leis an léirmhíniú sin mar gheall go gcuirfear tús le cur i bhfeidhm phríomhfhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ón dáta sin amhail, mar shampla, na rialacha maidir leis an oibleagáid ar údaráis inniúla oibleagáidí seirbhíse poiblí a chúiteamh. Tá an Coimisiún den tuairim gurb amhlaidh i roinnt Ballstát go mbunaítear ‘ré an chonartha’ de réir conartha trí thagairt do thús oibríochtaí iompair.
D’fhéadfadh ‘céim slógtha’ tarlú sula ndéantar conradh seirbhíse poiblí a fheidhmiú, a n-ullmhaíonn an t-oibreoir seirbhíse poiblí lena linn le haghaidh tús oibríochtaí. D’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann maidir leis an am a theastaíonn chun acmhainní a chur in úsáid ag brath ar na difríochtaí idir na hoibleagáidí seirbhíse poiblí faoin seanchonradh agus faoin gconradh nua, idir cúpla seachtain le haghaidh dámhachtainí díreacha nach dteastaíonn go leor ullmhúcháin lena n-aghaidh, go 3 nó 4 bliana fiú le haghaidh oibreoirí iompair phoiblí nach mór dóibh neart infheistíochta a dhéanamh, mar shampla trí rothra nua a fháil chun na seirbhísí riachtanacha a sholáthar.
Ní áirítear an tréimhse slógtha idir an uair a thugtar feidhm do na hoibleagáidí conarthacha (a tharlaíonn de ghnáth ag an am céanna a shínítear an conradh) agus tús na n-oibríochtaí iompair, áfach, i bhfad an chonartha agus ba cheart go mbeadh an tréimhse sin i gcomhréir i gcónaí le gá inléirithe an oibreora le hullmhú le hoibríochtaí agus go mbeadh sé ag teacht leis an gcleachtas roimhe seo sa Bhallstát lena mbaineann. Níor cheart de thoradh uainiú na dámhachtana i ndáil le tús oibríochtaí go ngabhfaí timpeall ar fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir le céimniú amach dámhachtainí díreacha gan choinníoll, a chumhdaítear in Airteagal 8(2)(iii). D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh i gcás ina ndéanfaí conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach in athuair ar oibreoir a bhí ann cheana an-ghar don scoithdháta, an 25 Nollaig 2023 i ndáil le dámhachtainí díreacha agus ceanglais phoiblíochta, agus oibríochtaí faoin gconradh nua sceidealaithe le tosú i bhfad tar éis an dáta in éagmais boinn cirt oibiachtúil maidir le ré na tréimhse slógtha.
Is féidir réamhíocaíochtaí cúitimh a dhéanamh le linn tréimhse slógtha, ar choinníoll go n-urramaítear rialacha Státchabhrach freisin.
Ceadaítear le hAirteagal 4(4) síneadh d’uasmhéid 50 % a chur le ré conartha seirbhíse poiblí, más gá, agus ag féachaint do choinníollacha dímheasa sócmhainní. Féadfar síneadh den sórt sin a dheonú má sholáthraíonn an t-oibreoir seirbhíse poiblí sócmhainní, amhail rothra, saoráidí cothabhála nó bonneagar a bhfuil an tréimhse dímheasa lena n-aghaidh iontach fada, atá suntasach i ndáil le luach na sócmhainní uile is gá chun na seirbhísí iompair do phaisinéirí atá cumhdaithe leis an gconradh seirbhíse poiblí a chur i gcrích agus má tá siad nasctha den chuid is mó leis na seirbhísí iompair do phaisinéirí atá cumhdaithe leis an gconradh.
Mínítear freisin in Aithris 15 gur ‘gá foráil a dhéanamh chun síneadh a chur le conarthaí seirbhíse poiblí d’uasmhéid leath a dtréimhse tosaigh i gcás nach mór don oibreoir seirbhíse poiblí infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní a bhfuil tréimhse eisceachtúil dímheasa ag baint leo agus, mar gheall ar na saintréithe speisialta atá acu agus na srianta speisialta atá orthu, i gcás na réigiún is forimeallaí’, mar a shonraítear in Airteagal 349 CFAE.
Ós rud é gur eisceacht ar an riail ghinearálta maidir le ré conarthaí seirbhíse poiblí atá i gceist, ba cheart an fhéidearthacht maidir lena bhfad a shíneadh suas le 50 % a chur i bhfeidhm ar bhonn sriantach. Ar bhonn cás ar chás, ní mór don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar cé acu atá gá nó nach bhfuil gá le síneadh chun é a chur ar a chumas don oibreoir a chuid sócmhainní a amúchadh ag gnáthráta dímheasa nó ag ráta atá forordaithe leis an dlí agus cé acu atá nó nach bhfuil an fad breise comhréireach leis an gcuspóir sin. Nuair a bheidh an measúnú sin á dhéanamh, ní chuirfidh an t-údarás inniúil san áireamh ach amháin an sciar de na sócmhainní arna maoiniú ag an oibreoir féin, agus ní an sciar atá maoinithe ag cistí poiblí.
I bprionsabal, cinnfidh an t-údarás inniúil síneadh a chur le ré an chonartha sula ndámhfar conradh nua ionas go mbeidh fad an chonartha soiléir ón dáta a ndámhfar é. Ní fhéadfar síneadh a chur leis an bhfad agus an conradh i réim, ach faoi réir coinníollacha áirithe amháin. Ní mór údar a thabhairt go hoibiachtúil leis na hinfheistíochtaí beartaithe i rothra nua, mar shampla, i ngeall ar chúiseanna teicniúla a tháinig chun cinn ag céim níos déanaí. Ba cheart a léiriú, murach an síneadh, nár cheart go gceadódh fad iarmharach an chonartha amúchadh fóinteach ar an infheistíocht. Ba cheart féidearthacht agus coinníollacha an tsínidh sin a léiriú go soiléir sna doiciméid tairisceana agus sa chonradh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh síneadh den sórt sin difear do leibhéal an chúitimh, ar cheart é a choigeartú dá thoradh sin.
Agus Airteagal 8(2) á chur i bhfeidhm, ní féidir ré na gconarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le hAirteagal 5(6) idir an 3 Nollaig 2019 agus an 24 Nollaig 2023 a bheith níos faide ná 10 mbliana. Teorainn shonrach agus absalóideach é sin, atá dírithe ar éifeachtaí an scoithdháta den 24 Nollaig 2023 a choimeád agus ionas go mbeidh feidhm fós ar feadh tréimhse fada ama ag conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le hAirteagal 5(6) agus Airteagal 7(3). Dá bhrí sin, ní féidir síneadh a chur le ré na gconarthaí sin i bhfeidhmiú Airteagal 4(4).
2.2.6. Airteagal 4(7) agus Airteagal 5(2)(e). Coinníollacha na fochonraitheoireachta
Faoi Airteagal 4(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, ní mór a shonrú i gconradh seirbhíse poiblí cibé acu a d’fhéadfadh fochonraitheoireacht a bheith i gceist, agus má tá, agus an méid a d’fhéadfadh sé a bheith i gceist. Má dhéanfar fochonraitheoireacht, beidh sé de cheangal ar an oibreoir iompair phoiblí i gcónaí, ‘mórchuid’ de na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a dhéanamh é féin.
Féadfar conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain go díreach d’oibreoir inmheánach a chur amach ar fochonradh freisin, cé go ndéanfaí faoi choinníollacha níos doichte é. De bhun Airteagal 5(2)(e), ní mór don oibreoir inmheánach ‘an mhórchuid’ de na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a sholáthar. Leis an bhforáil sin, bhí sé beartaithe ag an reachtóir cosc a chur ar an oibreoir inmheánach níos mó ná sciar réasúnta beag de na seirbhísí iompair a ligean ar fochonradh le heintiteas eile, toisc sa chás sin nach mbeadh brí le coincheap an ‘oibreora inmheánaigh’ faoi smacht an údaráis inniúil.
Gan dochar d’anailís cás ar chás, is cosúil go mbeadh sé réasúnta a bhreithniú go mbeadh gá le húdar maith le níos mó ná aon trian de na seirbhísí iompair phoiblí a chur amach ar fochonradh, go háirithe i bhfianaise chuspóirí Airteagal 5(2)(e), amhail an iarracht bunú oibreoirí inmheánacha bréige a sheachaint. De ghnáth, déantar an cion de sheirbhísí iompair le cur amach ar fochonradh a thomhas i dtéarmaí luacha nó i gciliméadair amchláir (23).
Maidir le conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain faoin dara habairt de Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, i.e. i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoi na treoracha soláthair phoiblí, tá tosaíocht ag na rialacha maidir le fochonraitheoireacht a leagtar síos in Airteagal 4(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 orthu siúd a leagtar síos sna treoracha siúd (24).
I gcás ar bith, ní mór fochonraitheoireacht a dhéanamh agus an reachtaíocht ábhartha maidir le soláthar poiblí á hurramú.
Ar deireadh, ní chuirtear cosc le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ar an gconradh seirbhíse poiblí íoschéatadán de sheirbhísí iompair a shonrú i dtéarmaí luacha le cur amach ar fochonradh ag an oibreoir faoi chonradh seirbhíse poiblí. Féadfar é sin a shonrú sa chonradh, ar choinníoll go n-urramaítear forálacha an Rialacháin, go háirithe iad siúd maidir leis an sciar uasta de chonradh seirbhíse poiblí a fhéadfar a chur amach ar fochonradh.
2.3. Airteagal 4(4a), (4b), Airteagal (5) agus (6). Cosaint foirne i gcás athrú oibreora
Leagtar síos in Aithris 12 de Rialachán (AE) 2016/2338, agus an limistéar Eorpach aonair iarnróid á bhunú, gur cheart do na Ballstáit leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta a áirithiú d’fhoireann na n-oibreoirí seirbhíse poiblí. Meabhraíonn Airteagal 4(4a) agus (4b) na rialacha agus na hoibleagáidí ábhartha is infheidhme maidir le hoibríochtaí iompair phoiblí.
I gcomhréir le hAirteagal 4(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, agus mar a mhínítear in aithrisí 16 agus 17 de, tá na cásanna seo a leanas ann maidir le cosaint foirne i gcás athrú oibreora:
|
(i) |
I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le cearta fostaithe a chosaint i gcás ina n-aistrítear gnóthais, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó gnólachtaí (25) mar shampla, i gcás ina n-aistrítear sócmhainní inláimhsithe suntasacha amhail rothra ón oibreoir reatha chuig an oibreoir nua (26), díorthaítear cosaint chearta fostaithe, ina gcuimsítear, go háirithe, leanúnachas na gconarthaí fostaíochta, go díreach ón Treoir seo. |
|
(ii) |
I gcás nach ndéantar aistriú de réir bhrí Threoir 2001/23/CE, féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh, mar sin féin, é a chur de cheangal go n-aistreofaí an fhoireann a bhí earcaithe roimhe sin chun seirbhísí a sholáthar leis na cearta a mbeidís ina dteideal dá mba rud é go raibh feidhm ag Treoir 2001/23/CE. |
|
(iii) |
Féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh ceangal a chur ar an oibreoir iompair phoiblí caighdeáin shóisialta áirithe a urramú don fhoireann uile atá rannpháirteach i soláthar seirbhísí iompair phoiblí ‘chun téarmaí comórtais trédhearcacha agus inchomparáide idir oibreoirí a áirithiú agus chun baol na dumpála sóisialta a sheachaint’ mar a shonraítear in aithris 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007. D’fhéadfadh na caighdeáin sin a bheith ag baint le comhaontú comhchoiteann ar leibhéal na cuideachta nó le comhaontú comhchoiteann arna chur i gcrích do dheighleog ábhartha an mhargaidh, mar shampla. |
|
(iv) |
Féadfaidh údaráis inniúla meascán d’fhéidearthachtaí (ii) agus (iii) a chur i bhfeidhm. |
Foráiltear le hAirteagal 4(6) maidir le faisnéis faoi rialacha agus forálacha is infheidhme i réimse na cosanta foirne amhail cáilíocht agus caighdeáin shóisialta, cáilíocht agus critéir shóisialta, agus cearta agus oibleagáidí a bhaineann le foireann a aistriú i gcás athrú oibreora, gur ghá an fhaisnéis sin a áireamh sna doiciméid tairisceana agus sna conarthaí seirbhíse poiblí. D’fhéadfadh caighdeáin agus critéir den sórt sin a bheith ag baint le hinfhaighteacht saoráidí sóisialta agus sláintíochta, oiliúint tráthrialta agus leanúnach don fhoireann, pleananna chun ardú céime a thabhairt do mhná, d’fhostaithe scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, mar shampla, chomh maith le comhlíontacht le hoibleagáidí um an áit oibre agus sábháilteacht, agus le rialacha faoi rannpháirtíocht oibrithe.
2.4. Rochtain ar thosca táirgeachta fíor-riachtanacha agus ar fhaisnéis fhíor-riachtanach
Soláthraítear sa roinn seo treoraíocht léirmhínitheach faoi rochtain ar rothra, chomh maith le faisnéis atá fíor-riachtanach chun conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain.
2.4.1. Airteagal 5a. Rochtain ar rothra iarnróid
Tá rochtain ar rothra iarnróid fíor-riachtanach d’oibreoirí le go mbeidh siad in ann tairiscintí a chur isteach i nósanna imeachta le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go hiomaíoch, go háirithe i gcás inar iontrálaithe nua iad nach bhfuil flít mór rothra acu.
Faoi Airteagal 5a, ní mór d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le bearta chun rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach ar rothra oiriúnach a áirithiú. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh aige ar a mhéid atá rochtain éifeachtach ag oibreoirí ar rothra, ba cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar na bacainní ábhartha uile amhail, mar shampla, na bacainní airgeadais, teicniúla nó rialála a d’fhéadfadh bac a chur ar rochtain den sórt sin. Ba cheart soláthar ó chuideachtaí léasaithe, ó ghníomhaithe eile margaidh a sholáthraíonn rothra nó ó líonta rothra arna n-oibriú ag údaráis inniúla a chur san áireamh. Ba cheart an tréimhse slógtha a chur san áireamh sa mheasúnú freisin, i.e. an t-am a theastaíonn ó oibreoirí chun bheith in ann an rothra a úsáid le haghaidh oibríochtaí iompair. Agus breithniú á dhéanamh acu ar cé acu atá nó nach bhfuil an rochtain ar rothra neamh-idirdhealaitheach, ní mór d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá rochtain ag roinnt oibreoirí ar rothra faoi choinníollacha is lú fabhar ná na coinníollacha atá ag iomaitheoirí. Ar deireadh, ba cheart dóibh anailís a dhéanamh ar cé acu atá an rothra atá ar fáil oiriúnach, i.e. cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonn sé na ceanglais i dtéarmaí praghais, cáilíochta agus caighdeán teicniúil a fhorordaítear sa doiciméadacht tairisceana.
Ní mór an tuarascáil mheasúnaithe a chur ar fáil go poiblí luath go leor ionas go mbeidh deis ag na páirtithe leasmhara go léir freagairt. Is féidir cruinneas na tuarascála sin a chonspóidiú i gcomhthéacs athbhreithniú faoi Airteagal 5(7) freisin.
I gcás ina dtagtar ar an gconclúid sa tuarascáil go bhfuil gá le bearta chun rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach ar rothra oiriúnach a áirithiú, ní cheanglaítear ar údaráis inniúla bearta den sórt sin a dhéanamh faoi Airteagal 5a(2). Mar sin féin, más rud é nach nglacann údarás inniúil beartais iomchuí, beidh sé ina bhaol dó go ndéanfaí athbhreithniú ar dhámhachtain an chonartha seirbhíse poiblí faoi Airteagal 5(7), ar an bhforas nach raibh an nós imeachta um dhámhachtain cóir agus nár urramaigh sé prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe, i gcomhréir le hAirteagal 5(3).
Soláthraítear liosta beart le hAirteagal 5a(2) a fhéadfaidh údaráis inniúla a ghlacadh chun rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach ar rothra oiriúnach a áirithiú. Níl an liosta seo uileghabhálach. I measc beart féideartha eile, féadfaidh an t-údarás inniúil oibleagáid a thabhairt isteach sa chonradh seirbhíse poiblí chun an rothra a aistriú chuig an oibreoir nua ag deireadh an chonartha. I gcás inar ceannaíodh rothra den sórt sin le cistí poiblí i dtosach, ba cheart don phraghas ar a n-aistrítear é léiriú iomchuí a thabhairt ar an gcistiú poiblí a fuair an t-oibreoir a bhfuil deireadh lena chonradh.
2.4.2. Airteagal 4(8). Rochtain ar fhaisnéis ar faisnéis í atá fíor-riachtanach chun conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain
Ní mór d’údaráis inniúla an fhaisnéis a cheanglaítear chun tairiscintí a ullmhú do nósanna imeachta iomaíocha tairisceana a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir. Chuige sin, ní mór go mbeadh san áireamh i gconarthaí seirbhíse poiblí oibleagáid ar an oibreoir an fhaisnéis go léir a sholáthar don údaráis inniúil ar faisnéis í a cheanglaítear chun an chéad chonradh ionchais eile a dhámhachtain. I gcás nach bhfuil foráil den sórt sin i gconarthaí atá ann cheana, ba cheart iad a leasú dá réir. Ceanglaítear ar an údarás inniúil cosaint dhlisteanach faisnéise rúnda gnó a áirithiú.
Soláthraítear liosta in Airteagal 4(8) den fhaisnéis a chuireann na húdaráis inniúla ar fáil de ghnáth. Níl an liosta seo uileghabhálach. Is faoin údarás inniúil é a mheas, ar bhonn cás ar chás, cén fhaisnéis is gá, agus eilimintí ábhartha a chur san áireamh, amhail, mar shampla, saintréithe an chonartha atá le dámhachtain (e.g. conarthaí glanchostais nó ollchostais) agus cosaint dhlisteanach faisnéise rúnda gnó. Áirítear le míreanna faisnéise nach liostaítear san fhoráil seo, ach a fhéadtar a mheas mar fhíor-riachtanach do thairgeoirí, taifid chothabhála an rothra a fhéadtar a aistriú chuig an oibreoir seirbhíse poiblí nua, mar shampla.
2.5. Conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain
Soláthraítear sa roinn seo treoraíocht léirmhínitheach faoi roinnt forálacha a bhaineann le conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain. Sa treoraíocht, cuimsítear na coinníollacha faoina bhféadtar conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach chomh maith leis na ceanglais nós imeachta chun conarthaí a chur amach ar thairiscintí iomaíocha.
2.5.1. Airteagal 5(2)(b). Coinníollacha faoina bhféadtar conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach d’oibreoir inmheánach
Le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, ceadaítear d’údaráis áitiúla inniúla seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar a sholáthar iad féin nó conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach d’oibreoir inmheánach. I gcás ina roghnaíonn siad an dara rogha, áfach, ní mór dóibh roinnt rialacha agus coinníollacha diana a leagtar amach in Airteagal 5(2) a urramú. Tugann an Coimisiún an méid a leanas dá aire:
|
(i) |
Foráiltear le hAirteagal 5(2) go bhféadfaidh údarás inniúil áitiúil, nó grúpa údarás den sórt sin a sholáthraíonn seirbhísí poiblí comhtháite iompair do phaisinéirí, conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach d’oibreoirí inmheánacha. Ciallaíonn sé sin, maidir leis na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí faoi chonradh arna dhámhachtain go díreach ag grúpa údarás áitiúil inniúil, nach mór dóibh bheith comhtháite i dtéarmaí geografacha, iompair nó taraife ar fud na críche a bhfuil grúpa údarás den sórt sin freagrach aisti. Féadfaidh raon feidhme geografach seirbhísí den sórt sin a sholáthraítear faoi fhreagracht údaráis áitiúil inniúil nó grúpa údarás den sórt sin riachtanais cheirtleán uirbeach (27) agus sin amháin a chumhdach, nó limistéir thuaithe, nó an dá rud. |
|
(ii) |
Ní mór na rialacha ar rialú an oibreora inmheánaigh ag an údarás inniúil atá sainithe in Airteagal 2 pointe (j) agus atá sonraithe in Airteagal 5(2), a urramú in aon chás. Ní mór d’oibreoir inmheánach a bheith ina ‘eintiteas atá leithleach go dlíthiúil agus a ndéanann an t-údarás áitiúil inniúil, nó i gcás grúpa údarás ar a laghad údarás áitiúil inniúil amháin, rialú air is cosúil leis an rialú a dhéanann sé ar a ranna féin’. Leagtar síos sraith critéar i bpointe (a) d’Airteagal 5(2) a chuirfear san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar cé acu a rialaíonn údarás inniúil a oibreoir inmheánach go héifeachtach. Is éard atá sna critéir sin ‘grád na hionadaíochta ar chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, sonraíochtaí ina leith sin sna hairteagail chomhlachais, úinéireacht, tionchar éifeachtúil agus rialú éifeachtúil ar chinntí straitéiseacha agus ar chinntí bainistíochta leithleacha’. Ní mór an measúnú ar rialú a bhunú ar na critéir ábhartha go léir. Maidir leis an gcritéar faoi úinéireacht, ní cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ar na húdaráis inniúla 100 % de chaipiteal an oibreora inmheánaigh a bheith ina seilbh acu. D’fhéadfadh sin a bheith ábhartha i gcás comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha, mar shampla. I ndáil leis sin, tá coincheap an oibreora inmheánaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 níos leithne ná coincheap an oibreora ‘intí’ faoi chásdlí Chúirteanna an Aontais (28). Ní mór rialú éifeachtach ón údarás inniúil a chruthú le critéir eile, áfach, mar a luaitear in Airteagal 5(2)(a). |
|
(iii) |
Chun saofaí iomaíochta a laghdú, ceanglaítear le hAirteagal 5(2)(b), maidir le gníomhaíochtaí iompair oibreoirí inmheánacha agus aon eintiteas a n-imríonn an t-oibreoir sin fiú an tionchar is lú air, gur cheart na gníomhaíochtaí sin a theorannú go geografach laistigh de chríoch an údaráis inniúil nó an ghrúpa údarás inniúil. Ní fhéadfaidh an t-oibreoir inmheánach ná an t-eintiteas faoi thionchar an oibreora inmheánaigh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a oibriú, lena n-áirítear mar fhochonraitheoir, ná ní fhéadfaidh sé a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta tairisceana lasmuigh de chríoch an údaráis inniúil laistigh den Aontas, mar gheall ar éifeacht indíreach fhéideartha ar an margadh inmheánach áit éigin eile ar domhan. Is i dtéarmaí ginearálta a dréachtaíodh Airteagal 5(2)(b) chun cosc a chur ar struchtúir chorparáideacha a chruthú ar aidhm leo dul timpeall ar an teorannú geografach sin. Gan dochar do na forálacha maidir le línte a théann amach nó aon eilimint choimhdeach eile a théann isteach i gcríoch na n-údarás áitiúil inniúil comharsanach, mar a luadh i bpointe (v), ní mór an fhoráil sin maidir le teorannú geografach a chur i bhfeidhm go docht. |
|
(iv) |
Measann an Coimisiún, maidir le rannpháirtíocht oibreora inmheánaigh i nós imeachta iomaíoch tairisceana chun conradh seirbhíse iompair phoiblí a dhámhachtain, go bhféadfadh sin ceist a ardú faoi bhailíocht chonradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach ar an oibreoir sin (29) ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaí coinníollacha Airteagal 5(2)(c). |
|
(v) |
Le hAirteagal 5(2)(b), ceadaítear d’oibreoirí inmheánacha ‘línte a théann amach as an gcríoch sin ná aon eilimint choimhdeach eile den ghníomhaíocht sin a théann isteach i gcríoch na n-údarás áitiúil inniúil comharsanach’ a oibriú. Cuirtear roinnt solúbthachta ar fáil leis an bhforáil sin trí fhreastal ar iompar idir réigiúin chomharsanacha. Dá bhrí sin, féadfaidh oibreoirí inmheánacha seirbhísí a oibriú lasmuigh de chríoch a údaráis áitiúil inniúil go pointe áirithe. Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann na seirbhísí faoi chonradh seirbhíse poiblí an fhoráil sin, ba cheart na critéir seo a leanas a chur i bhfeidhm: cibé acu a nascann na seirbhísí sin críoch an údaráis inniúil i gceist le críoch chomharsanach, agus cibé acu an seirbhísí coimhdeacha iad seachas seirbhísí ar príomhchuspóir na ngníomhaíochtaí iompair phoiblí iad faoin gconradh seirbhíse poiblí. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu ar seirbhísí de chineál tánaisteach iad na gníomhaíochtaí iompair phoiblí trí chomparáid a dhéanamh idir a méid i gciliméadair feithicle nó traenach agus méid iomlán na ngníomhaíochtaí iompair phoiblí a chumhdaítear le conradh (conarthaí) an oibreora inmheánaigh. |
|
(vi) |
Níl feidhm ag Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir le conarthaí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí de bhus nó de thram a dhámhachtain go díreach, nach i bhfoirm lamháltais seirbhíse iad de réir bhrí Airteagal 5(1) de Threoir 2014/23/AE. Ní mór conarthaí den sórt sin a dhámhachtain go díreach d’oibreoir intí i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/24/AE nó i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 2014/25/AE (30). |
2.5.2. Airteagal 5(3). Prionsabal na tairisceana iomaíche le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí agus cheanglais nós imeachta
Sonraítear le hAirteagal 5(3), i gcás ina n-úsáideann údarás inniúil tríú páirtí seachas oibreoir inmheánach chun seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a sholáthar, go ndéanfaidh sé conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain trí nós imeachta iomaíoch tairisceana atá cóir, oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
Foráiltear le hAirteagal 5(3) go ndéanfaidh údaráis inniúla conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, seachas sna cásanna a shonraítear i míreanna 3a, 4, 4a, 4b, 5 agus 6. Bunaítear go soiléir leis an bhforáil sin, dá bhrí sin, gurb é an nós imeachta iomaíoch tairisceana faoi Airteagal 5(3) an prionsabal, agus go ndéantar foráil maidir le heisceachtaí ar an riail sin le míreanna 3a, 4, 4a, 4b, 5 agus 6. De réir an chásdlí, ba cheart aon mhaolú ó riail ghinearálta nó aon eisceacht ar riail ghinearálta a léirmhíniú ar bhealach cúng (31).
Tugtar roinnt mionsonraí eile le hAirteagal 5(3) freisin maidir leis na coinníollacha faoinar cheart nós imeachta iomaíoch tairisceana a eagrú. Mar a leagtar amach faoi phointe 2.5.1, ní mór do nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí a bheith deartha chun coinníollacha le haghaidh iomaíocht éifeachtach a chruthú. Le cur i bhfeidhm phrionsabail ghinearálta an Chonartha, amhail prionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe, tugtar le fios, mar shampla, nach mór na critéir mheasúnaithe maidir le roghnú tairiscintí a fhoilsiú in éineacht leis na doiciméid tairisceana. Na rialacha nós imeachta níos mionsonraithe i reachtaíocht an Aontais maidir le soláthar poiblí, amhail na rialacha a leagtar síos i dTreoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, nó i dTreoir 2014/23/AE maidir le lamháltais, cé nach gceanglaítear é, féadfar iad a chur i bhfeidhm más mian leis na Ballstáit é.
Chun Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chomhlíonadh, ní mór do nósanna imeachta soláthair phoiblí a bheith deartha chun na coinníollacha is fearr le haghaidh iomaíocht éifeachtach a chruthú. Nós imeachta um dhámhachtain a bhaineann le caibidlíocht idir an t-údarás inniúil agus na tairgeoirí, féadfaidh sé prionsabal an neamh-idirdhealaithe a chomhlíonadh, ar choinníoll go mbeadh an chaibidlíocht neamhchlaonta, cóir agus trédhearcach. Nós imeachta a bheadh caibidlithe amháin gan é a fhoilsiú roimh ré, mar shampla, sháródh sin prionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe a leagtar amach in Airteagal 5(3). Ar an gcaoi chéanna, nós imeachta tairisceana a chuirfeadh srian míchuí ar an líon tairgeoirí ionchasacha, ní chomhlíonfadh sé ceanglais Airteagal 5(3).
De réir Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, féadfaidh an t-údarás inniúil roghnú caibidlíocht a dhéanamh le páirtithe réamhroghnaithe freisin, i ndiaidh tairiscintí a réamhroghnú, i gcás ceanglas sonrach nó casta. Sampla de sin ná i gcás nach mór d’oibreoirí tairisceana teacht ar réitigh iompair lena mbaineann teicneolaíocht nuálach chun na ceanglais arna bhfoilsiú sna doiciméid tairisceana a chomhlíonadh. Fiú i gcás ina n-úsáidtear réamhroghnú agus caibidlíocht, ní mór don nós imeachta um roghnú agus dámhachtain na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 5(3) a chomhlíonadh.
Chun deiseanna córa agus comhionanna a sholáthar do thairgeoirí, ní mór go mbeadh fad iomchuí agus réasúnach leis an tréimhse idir seoladh an nós imeachta iomaíoch tairisceana agus cur isteach na dtairiscintí, chomh maith leis an tréimhse idir seoladh an nós imeachta iomaíoch tairisceana agus an tráth óna gcaithfear tús a chur le hoibriú na seirbhísí iompair.
2.5.3. Eisceachtaí ar phrionsabal na tairisceana iomaíche le haghaidh conarthaí seirbhísí poiblí
2.5.3.1. Airteagal 5(3a). Coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis inniúla conradh seirbhíse poiblí d’iarnród a dhámhachtain go díreach faoi imthosca eisceachtúla
A mhéid a bhaineann le conarthaí seirbhíse poiblí d’iompar d’iarnród, féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh conarthaí nua a dhámhachtain go sealadach agus go díreach i gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil bonn cirt leis an dámhachtain i ngeall ar imthosca eisceachtúla, go háirithe sna cásanna a leanas:
|
— |
tá roinnt nósanna imeachta iomaíocha tairisceana atá á reáchtáil cheana féin ag an údarás inniúil nó ag údaráis inniúla eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar líon agus ar cháilíocht na dtairiscintí is dóigh a gheofar má tá an conradh faoi réir nós imeachta iomaíoch tairisceana; nó |
|
— |
tá gá le hathruithe ar raon feidhme conartha seirbhíse poiblí amháin nó níos mó d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí a bharrfheabhsú. |
Áirítear le himthosca eisceachtúla den sórt sin cásanna inar mian le húdarás inniúil cumhdach geografach nó méid bhearta conarthaí a athdhearadh. Mar shampla, i gcásanna ina mbeartóidh údarás inniúil seirbhísí iompair phoiblí a sholáthar faoi aon chonradh amháin, agus ina bhfuil siad á soláthar faoi dhá chonradh atá ann cheana agus ag a bhfuil dátaí éagtha difriúla acu, d’fhéadfadh gur ghá an conradh ag a bhfuil an dáta éagtha is luaithe a dhámhachtain go sealadach agus go díreach ionas go bhféadfaidh an dá chonradh dul in éag ar an dáta céanna.
Cé gur liosta oscailte é an liosta de chásanna arb é atá iontu imthosca eisceachtúla dá ndéantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, is gá an téarma ‘imthosca eisceachtúla’ a léirmhíniú ar bhealach docht. Ar an gcúis sin, mar a luadh in aithris 21 de Rialachán (AE) 2016/2338, beartaítear an fhoráil sin a úsáid má ligeann sé d’údaráis inniúla a áirithiú go soláthrófar na seirbhísí ar an mbealach is costéifeachtaí. Beidh ré na gconarthaí arna ndámhachtain de bhun na forála sin teoranta don mhéid a dhealródh a bheith comhréireach leis an imthoisc eisceachtúil lena mbaineann agus ní rachaidh sé thar 5 bliana i gcás ar bith. Ní mór don údarás inniúil ceanglais áirithe trédhearcachta a urramú. Ní mór dó an Coimisiún a chur ar an eolas faoin gcinneadh chun conradh a dhámhachtain ar an mbonn sin go pras agus ní mór don chinneadh sin a bheith cuí-réasúnaithe. Seolfar na tagairtí foilseacháin mionsonraithe (e.g. an nasc chuig an suíomh gréasáin ábhartha) chuig Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair de chuid an Choimisiúin Eorpaigh (32) chun anailís agus obair leantach fhéideartha a dhéanamh. Ní chiallaíonn an ceanglas sin maidir le faisnéis go mbeidh an dámhachtain coinníollach ar chomhaontú a fháil ón gCoimisiún. Ní mór don údarás inniúil an conradh seirbhíse poiblí a fhoilsiú freisin. Ní fhéadfaidh údarás inniúil an rogha dhleathach sin a úsáid chun dhá chonradh seirbhíse poiblí lena gcumhdaítear na hoibleagáidí seirbhíse poiblí céanna a dhámhachtain as a chéile.
2.5.3.2. Airteagal 5(4). Coinníollacha faoin bhféadfaidh údarás inniúil conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach i gcás conartha ar mhéid beag nó oibreoirí beaga agus meánmhéide
I gcás conradh seirbhíse poiblí ar luach beag arna dhámhachtain go díreach (Airteagal 5(4)), féadfaidh an t-údarás inniúil an conradh a dhámhachtain gan nós imeachta iomaíoch tairisceana. Meastar go mbaineann luach beag le conradh seirbhíse poiblí i gcás ina measfar gur lú a meánluach bliantúil ná EUR 1 mhilliún nó i gcás ina mbainfidh sé le soláthar bliantúil seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí is lú ná 300 000 ciliméadar. I gcás conarthaí lena n-áirítear seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród, is iad meánluach bliantúil EUR 7.5 mhilliún agus 500 000 ciliméadar de sheirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí faoi seach iad an dá thairseach sin. I gcás conartha arna dhámhachtain d’fhiontar beag nó meánmhéide (‘FBM’) nach mó ná 23 an líon feithiclí a bheidh á n-úsáid aige, féadfar na tairseacha sin a mhéadú go dtí meánluach bliantúil a mheastar a bheith níos lú ná EUR 2 mhilliún nó i gcás ina mbainfidh siad le soláthar bliantúil seirbhísí poiblí iompair is lú ná 600 000 ciliméadar.
Ós rud é gur ann do thairseach a bhaineann go sonrach le FBManna a shainmhínítear i dtéarmaí ‘feithiclí bóthair’, tugtar le fios nach mbaineann an fhoráil sin ach le hiompar de bhus agus ní le hiompar de thrambhealach, meitreo ná traein. Ní mór an tairseach maidir le 23 fheithicil bhóthair a léirmhíniú ar bhealach docht i bhfianaise gné eisceachtúil Airteagal 5(4). Dá bhrí sin, ní mór na ‘feithiclí atá á n-oibriú’ a léirmhíniú mar thagairt don líon iomlán feithiclí atá á n-oibriú ag an oibreoir iompair phoiblí agus ní don líon feithiclí atá á n-oibriú le haghaidh seirbhísí a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí faoi leith. Tá feidhm ag critéir Mholadh an Aontais maidir le FBManna (33) maidir leis an sainmhíniú ar ghnóthais bheaga nó mheánmhéide.
Agus Airteagal 5(4) á chur i bhfeidhm acu, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh tairiscint iomaíoch a éileamh le haghaidh gach conartha, lena n-áirítear conarthaí ar luach beag agus conarthaí arna ndámhachtain ar oibreoirí beaga agus meánmhéide. Ar an tslí chéanna, féadfaidh siad a roghnú na tairseacha faoina mbeidh an dámhachtain dhíreach inghlactha a ísliú.
2.5.3.3. Airteagal 5(4 a). Coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis inniúla conradh seirbhíse poiblí le haghaidh iarnróid a dhámhachtain go díreach i gcás saintréithe áirithe struchtúracha agus geografacha den mhargadh agus den líonra agus d’fheabhsuithe feidhmíochta
Le hAirteagal 5(4a) tugtar cead don údarás inniúil conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród a dhámhachtain go díreach i gcás ina gcomhlíontar dhá choinníoll. Mar eisceacht ar phrionsabal an nós imeachta iomaíoch tairisceana le haghaidh conarthaí seirbhísí poiblí a dhámhachtain, ba cheart an fhoráil sin a léirmhíniú ar bhealach sriantach.
An chéad choinníoll ná go bhfuil bonn cirt leis an dámhachtain dhíreach i ngeall ar shaintréithe struchtúracha agus geografacha ábhartha an mhargaidh agus an líonra lena mbaineann, go háirithe a méid, a saintréithe éilimh, castacht an líonra, leithlisiú teicniúil agus geografach an líonra sin, agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an gconradh.
Ní liosta uileghabhálach é an liosta de na saintréithe sonracha. Dá bhrí sin, féadfaidh an t-údarás inniúil an gá le dámhachtain dhíreach a bhreithniú faoi threoir saintréithe eile seachas na cinn a liostaítear sa téacs freisin. I gcás ina measann údarás inniúil go bhfuil bonn cirt leis an dámhachtain dhíreach i ngeall ar shaintréithe an mhargaidh agus an líonra, ba cheart don tuairim sin a bheith bunaithe ar fhorais oibiachtúla. Maidir leis an dualgas a chruthú gur ann iarbhír d’imthosca a thugann údar le maolú, tá sé socraithe sa chásdlí gur ar an duine a fhéachann le brath ar na himthosca sin a bheidh an dualgas. Ar an gcúis sin, ina chinneadh cuí-réasúnaithe chun conradh a dhámhachtain faoi Airteagal 5(4a), ní mór don údarás inniúil fianaise leordhóthanach a sholáthar lena chruthú go gcomhlíonfar na coinníollacha a shonraítear san fhoráil sin de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.
Agus an réasúnaíocht le hAirteagal 5(4a) á cur san áireamh, i.e. i gcásanna áirithe, nach féidir cuspóirí an Rialacháin, i.e. seirbhísí ardcháilíochta atá éifeachtach ó thaobh costais de a sholáthar, a bhaint amach le tairiscint iomaíoch de bharr saintréithe áirithe margaidh agus gréasáin, is é an rud atá fíor-riachtanach, ní líon agus cineál na saintréithe arna n-agairt ag an mBallstát, ach a léiriú go dtugann na saintréithe sin bonn cirt oibiachtúil le dámhachtain dhíreach seachas tairiscint iomaíoch, sa chás sonrach sin.
Gan dochar don mheasúnú ar gach cás faoi leith, is ionann tuiscint an Choimisiúin ar bhrí agus ar thomhas na saintréithe ábhartha agus iad seo a leanas: ba cheart méid an mhargaidh a thomhas i gciliméadair thraenach agus ba cheart méid an ghréasáin a thomhas le fad an ghréasáin iarnróid. D’fhéadfadh roinnt mhaith mol idirmhódúil a bheith ann, i ngréasáin áitiúla nó fobhailteacha de ghnáth, a bheith ina saintréith de chastacht gréasán. D’fhéadfadh leithlisiú teicniúil tagairt a dhéanamh do chás ina n-imeodh príomh-chomhpháirteanna gréasáin ó chaighdeáin an Aontais amhail Sonraíochtaí Teicniúla na hIdir-inoibritheachta, mar shampla. D’fhéadfadh go gciallódh leithlisiú geografach líonraí nach bhfuil naisc fhisiciúla le líonraí comharsanacha acu, sa chás gur ar oileán atá siad suite, mar shampla. D’fhéadfadh ‘seirbhísí a chumhdaítear leis an gconradh’ tagairt a dhéanamh do ‘luach straitéiseach’ na seirbhísí, mar shampla.
An dara coinníoll atá le comhlíonadh chun údar a thabhairt le dámhachtain dhíreach faoi Airteagal 5(4a) ná nach mór go gcuirfeadh an conradh feabhas ar chaighdeán na seirbhísí nó ar an gcost-éifeachtacht, nó orthu araon, i gcomparáid leis an gconradh seirbhíse poiblí a dámhadh roimhe sin. Ní shonraítear corrlach an fheabhsaithe le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, agus mar sin is faoin údarás inniúil é sin a chinneadh. Mar sin féin, chun dul timpeall ar an oibleagáid i Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a sheachaint agus chun a héifeacht úsáideach a áirithiú, ba cheart don fheabhsúchán seirbhísí a bheith fiúntach.
Le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, ceanglaítear ar an údarás inniúil a chinneadh cuí-réasúnaithe chun an dámhachtain dhíreach a úsáid a fhoilsiú agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi laistigh de 1 mhí amháin ó dháta a fhoilsithe. Tá sin ceaptha a chur ar a gcumas do ghníomhaithe margaidh agus don Choimisiún úsáid an nós imeachta um dhámhachtain dhíreach agus an t-údar leis a thabhairt faoi deara. Seolfar na tagairtí foilseacháin mionsonraithe (e.g. an nasc chuig an suíomh gréasáin ábhartha) chuig Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair de chuid an Choimisiúin Eorpaigh (34) chun anailís agus obair leantach fhéideartha a dhéanamh. Ní chiallaíonn an ceanglas sin maidir le faisnéis go mbeidh an dámhachtain coinníollach ar chomhaontú a fháil ón gCoimisiún.
Maidir le Ballstáit ar lú ná 23 mhilliún ciliméadar traenach, an 24 Nollaig 2017, an méid margaidh bliantúil ina leith agus nach bhfuil ach an t-aon údarás inniúil amháin acu ar an leibhéal náisiúnta agus an t-aon chonradh seirbhíse poiblí amháin lena gcumhdaítear an gréasán iarnróid ina iomláine, measfar go gcomhlíonann siad an chéad choinníoll. Mar sin féin, ní mór an dara coinníoll maidir le dámhachtain dhíreach a chomhlíonadh freisin, sna Ballstáit sin. Dá bhrí sin, ní mór dóibh cinneadh cuí-réasúnaithe a fhoilsiú freisin agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi. Tá liosta de na Ballstáit ar lú ná 23 mhilliún ciliméadar traenach in aghaidh na bliana, an 24 Nollaig 2017, a bhí ina margadh paisinéirí iarnróid, san fhoscríbhinn leis na Treoirlínte seo.
Beidh ceanglais feidhmíochta shonracha lena gcumhdaítear gnéithe de cháilíocht seirbhíse agus de chost-éifeachtacht san áireamh sa chonradh. Ní mór do na ceanglais feidhmíochta a bheith intomhaiste, trédhearcach agus infhíoraithe. Beidh siad bunaithe go sainráite ar tháscairí a chuireann ar a chumas don údarás inniúil measúnuithe tréimhsiúla fianaiseacha a dhéanamh. Ní mór do na táscairí sin a bheith in ann léiriú gan débhrí a thabhairt ar an bhfeabhas ar chaighdeán na seirbhíse agus/nó ar chost-éifeachtacht an chonartha arna dhámhachtain go díreach i gcomparáid leis an gceann roimhe sin. Murach sin, maidir leis an gceanglas nach mór don chonradh feabhsúcháin a dhéanamh i gcomparáid leis an gceann roimhe sin, ní fhéadfaí é a chomhlíonadh go héifeachtach agus faireachán a dhéanamh air. Leis na ceanglais feidhmíochta, ba cheart poncúlacht na seirbhísí, minicíocht na n-oibríochtaí traenach, caighdeán an rothra agus toilleadh iompair do phaisinéirí a chumhdach go háirithe. Liosta oscailte é an liosta, rud a chiallaíonn nach mór na ceanglais cháilíochta a thugtar ann a bheith san áireamh sa chonradh seirbhíse poiblí mar íosmhéid; féadfaidh údaráis inniúla ceanglais bhreise a úsáid.
Tá sé d’oibleagáid ar an údarás inniúil measúnú tréimhsiúil, ar a laghad gach 5 bliana, a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas conarthach maidir le feabhas. Chun faireachán tairiseach agus fiúntach ar chomhlíontacht a áirithiú agus a bheith in ann neamhchomhlíontacht a bhrath go luath agus, más infheidhme, chun bearta a dhéanamh chun comhlíontacht a fháil ar ais, d’fhéadfadh gá a bheith le measúnuithe níos rialta. Ba cheart don údarás inniúil a áirithiú go mbeidh sé in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmíocht. Dá bhrí sin, ní mór dó a chinntiú – trí cheanglais chonarthacha, mar shampla, – go bhfaigheann sé go héifeachtach na sonraí ó ghníomhaithe ábhartha a chuireann ar a chumas measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht. Ní mór don údarás inniúil torthaí a mheasúnuithe tréimhsiúla a chur ar fáil don phobal.
Ní mór a áireamh sa chonradh freisin bearta éifeachtacha díspreagthacha a bheidh le forchur i gcás ina mainneoidh an gnóthas iarnróid na ceanglais feidhmíochta a chomhlíonadh. Ciallaíonn sé sin nach mór go mbeadh na ceanglais uile comhlíonta tráth na measúnuithe tréimhsiúla chun cur i bhfeidhm beart éifeachtach agus díspreagthach den sórt sin a sheachaint. Dá bhrí sin, níl an t-údarás inniúil i dteideal cur i bhfeidhm na mbeart sin a tharscaoileadh. Féadfaidh bearta den sórt sin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla agus féadfaidh fíneálacha a bheith san áireamh iontu.
Ar deireadh, féadfaidh an t-údarás inniúil an conradh a dámhadh go díreach ar bhonn Airteagal 5(4a) a fhionraí, go hiomlán nó go páirteach, nó é a fhoirceannadh am ar bith, i gcás ina dteipeann ar an oibreoir na ceanglais feidhmíochta a chomhlíonadh.
Conarthaí arna ndámhachtain ar bhonn Airteagal 5(4a), ní fhéadfaidh siad a bheith níos faide ná 10 mbliana, nó 15 bliana i gcás ina n-áirítear leo infheistíocht nach beag i gcomhréir le hAirteagal 4(4). Ní mór na conarthaí sin a fhoilsiú freisin.
2.5.3.4. Airteagal 5(5). Dámhachtainí éigeandála
I gcás ina gcuirtear isteach ar sheirbhísí iarbhír nó má tá baol láithreach ann go dtarlódh cás den sórt sin, cé acu a oibrítear nó nach n-oibrítear iad faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí, cumhachtaítear d’údaráis inniúla le hAirteagal 5(5) conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain, a fhorchur nó síneadh a chur leis go ceann tréimhse nach faide ná 2 bhliain.
Cumhdaítear le raon feidhme dámhachtainí éigeandála modhnuithe substainteacha ar chonarthaí, mar shampla, mar fhreagairt ar chásanna géarchéime amhail paindéim. Beidh na modhnuithe sin de chineál sealadach agus beidh siad teoranta do ré géarchéime, arb iad iarmhairtí na géarchéime sin a dtugann an dámhachtain éigeandála aghaidh orthu, agus ní bheidh siad níos mó ná 2 bhliain in aon chás. I gcás ina mbeidh an conradh tosaigh ar fionraí seachas é a bheith foirceanta agus i gcás nach mbeidh sé imithe in éag nuair a thiocfaidh deireadh leis na bearta éigeandála, beidh feidhm arís le téarmaí tosaigh an chonartha. Sonrófar sna conarthaí modhnaithe módúlachtaí chun filleadh ar an gconradh roimhe, i gcás inarb infheidhme.
Ní féidir conarthaí seirbhíse poiblí éigeandála a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach toisc nach mór inneachar na gconarthaí sin a shainmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4 sula gcuirtear i bhfeidhm iad. I gcás ina mbeidh an chúis le cur isteach iarbhír ar sheirbhísí, nó baol láithreach ina leith, fós ann ar dul in éag na mbeart éigeandála sin ag deireadh na tréimhse 2 bhliain, féadfaidh an t-údarás inniúil bearta éigeandála nua a ghlacadh faoi Airteagal 5(5) ar choinníoll go bhféadfaidh sé a thaispeáint nach raibh sé indéanta go hábhartha an conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain ar bhonn na bhforálacha eile de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla.
De bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, conarthaí seirbhíse poiblí mar a shainmhínítear iad sna Treoracha maidir le Soláthar Poiblí (Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE) agus a bhaineann le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí de bhus nó de thram, déantar iad a dhámhachtain i gcomhréir leis na Treoracha sin i gcás nach i bhfoirm conarthaí lamháltas seirbhíse arna sainmhíniú sna Treoracha sin a bheidh na conarthaí sin. Dá réir sin, níl Airteagal 5(5) de Rialachán Uimh. 1370/2007 infheidhme maidir le conarthaí den sórt sin a dhámhachtain. Mar sin féin, déantar foráil sna Treoracha maidir le Soláthar Poiblí maidir le nósanna imeachta sonracha chun dámhachtain phráinneach a dhéanamh, lena n-áirítear an fhéidearthacht nós imeachta caibidlithe a dhéanamh gan é a fhoilsiú in imthosca sonracha (35).
Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, i ndáil leis an oibleagáid chun faisnéis áirithe a fhoilsiú ar a laghad 1 bhliain amháin roimh an dámhachtain dhíreach agus Airteagal 7(2) á chur i bhfeidhm, nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás dhámhachtain éigeandála conartha seirbhíse poiblí faoi Airteagal 5(5). Measann an Coimisiún nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid sin ach oiread, de réir analaí, i gcás dhámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí iompair de bhus nó de thram ar bhonn na nósanna imeachta um dhámhachtain phráinneach a leagtar síos sna Treoracha maidir le Soláthar Poiblí, ós rud é go gcuirfeadh sí cosc ar dhámhachtain phráinneach den sórt sin.
2.5.3.5. Airteagal 5(6). Seirbhísí iarnróid a cháilíonn don nós imeachta um dhámhachtain dhíreach
Le hAirteagal 5(6), ceadaítear d’údaráis inniúla conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh iompair iarnróid a dhámhachtain go díreach, ‘seachas modhanna eile rianbhunaithe ar nós meitreo agus trambhealaí’.
I gcás ina ndéanann údarás conarthaí chun seirbhísí leasa ghinearálta a sholáthar do thríú páirtí a dhámhachtain, caithfidh sé prionsabail ghinearálta Conartha a urramú, amhail prionsabal na trédhearcachta agus le prionsabal na córa comhionainne (36). Conarthaí arna ndámhachtain go díreach faoi Airteagal 5(6), ní shaortar iad ó chomhlíontacht le prionsabail an Chonartha. Sin é an fáth a gceanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, go háirithe in Airteagal 7(2) agus (3), go ndéanfaidh údaráis inniúla faisnéis áirithe faoi chonarthaí seirbhíse poiblí d’iarnród arna ndámhachtain go díreach a fhoilsiú ar a laghad 1 bhliain amháin roimh an dámhachtain agus laistigh de 1 bhliain amháin di.
Ní mór an eisceacht ar an riail ghinearálta maidir le nós imeachta um dhámhachtain iomaíoch a chur i bhfeidhm ar bhealach sriantach freisin. Seirbhísí ionaid iarnróid, amhail seirbhísí iompair de bhus agus de chóiste a fhéadtar a cheangal ar an oibreoir seirbhíse poiblí ar bhonn conartha i gcás ina gcuirtear isteach ar an ngréasán iarnróid, ní fhéadtar iad a mheas mar sheirbhísí iompair iarnróid agus ní thagann siad faoi Airteagal 5(6) dá bharr sin. Ba cheart don ghnóthas iarnróid seirbhísí ionaid iarnróid de bhus agus de chóiste den sórt sin a ligean ar fochonradh de réir na reachtaíochta ábhartha maidir le soláthar poiblí.
Cibé acu an cineálacha áirithe córas iompair iarnróid uirbeach nó fo-uirbeach iad, amhail an S-Bahn (san Ostair, sa Ghearmáin agus sa Danmhairg) agus an RER (sa Fhrainc), nó modhanna iompair atá cosúil le ‘modhanna eile rianbhunaithe’ (seirbhísí meitreo nó tram, mar shampla), amhail seirbhísí tramthraenacha agus seirbhísí traenach uathoibríche áirithe arna n-oibriú faoi chórais treoraíochta optúla, cuirtear san áireamh iad sa díolúine iarnróid in Airteagal 5(6), agus ní mór measúnú a dhéanamh orthu ar bhonn cás ar chás, agus critéir oiriúnacha á gcur i bhfeidhm. Go háirithe, braithfidh sin ar thosca amhail cé acu atá nó nach bhfuil na córais i gceist idir-inoibritheach de ghnáth agus/nó a roinneann nó nach roinneann siad bonneagar leis an ngréasán iarnróid throm traidisiúnta. Cé go n-úsáideann seirbhísí tramthraenacha bonneagar iarnróid throm, ciallaíonn a saintréithe speisialta gur cheart iad a mheas mar ‘modhanna eile rianbhunaithe’ mar sin féin.
2.5.4. Airteagal 5(7). Athbhreithniú ar chinntí dámhachtana
Sonraítear leis an bhforáil sin nach mór do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhféadfar na cinntí a dhéantar de réir Airteagal 5(2) go (6) a athbhreithniú go héifeachtúil agus go tapa, ar iarraidh ó aon duine a bhfuil leas aige nó a raibh leas aige i gconradh áirithe a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó trí shárú líomhnaithe (‘páirtithe leasmhara’), ar na forais gur sháraigh na cinntí sin dlí an Aontais nó na rialacha náisiúnta a chuireann an dlí sin chun feidhme. Féadfaidh cáilíocht bhreithiúnach a bheith ag baint le comhlachtaí athbhreithnithe den sórt sin.
Sonraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5(7), maidir le cásanna ina ndéantar dámhachtain dhíreach a chumhdaítear le míreanna 4a agus 4b, nach mór go n-áireofaí le bearta den sórt sin an fhéidearthacht do pháirtithe leasmhara a iarraidh go ndéanfaí measúnú ar an gcinneadh cuí-réasúnaithe a rinne an t-údarás inniúil nó comhlacht neamhspleách arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann.
Mar a míníodh in Aithris 27 de Rialachán (AE) 2016/2338, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfar measúnú mar chuid d’athbhreithniú breithiúnach. Dá réir sin, féadfaidh an comhlacht neamhspleách ainmnithe an measúnú sin a sholáthar go sonrach, le húsáid i gcomhthéacs an nós imeachta athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 5(7), an chéad fhomhír. Measann an Coimisiún gur cheart don chomhlacht neamhspleách sin eolas iomchuí ar an margadh a bheith aige, agus rochtain ar an bhfaisnéis is gá chun measúnú saineolach a sholáthar. Ar na cúiseanna sin uile, is maith mar is féidir le comhlachtaí rialála iarnróid laistigh den bhrí a leagtar amach in Airteagal 55 de Threoir 2012/34/AE an fheidhm sin a sholáthar. I gcásanna ina gceapann Ballstát comhlacht neamhspleách seachas a chomhlacht rialála iarnróid, ba cheart a leibhéal neamhspleáchais a bheith leordhóthanach chun a áirithiú go bhfuil sé neamhspleách go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ar leasanna údaráis inniúla agus ghnóthais iarnróid agus a bheith ar a laghad cothrom le leibhéal neamhspleáchais an chomhlachta rialála iarnróid.
Ní mór toradh an mheasúnaithe sin a chur ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Tuigeann an Coimisiún nach mór ar a laghad pointí fíor-riachtanacha an mheasúnaithe a fhoilsiú agus an toradh críochnaitheach ina sonraítear cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-údar leis an gcinneadh dámhachtana rialacha Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.
Más rud é nach mbeidh cáilíocht bhreithiúnach ag baint leis na comhlachtaí a bheidh freagrach as nósanna imeachta athbhreithnithe, tabharfar cúis scríofa i gcónaí le gach cinneadh dá gcuid. Thairis sin, i gcás den sórt sin, ní mór dá gcinntí a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnaigh nó athbhreithniú comhlachta eile, ar cúirt nó binse é de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.
2.5.5. Modhnuithe ar chonarthaí seirbhíse poiblí
I gcás inar ghá conradh seirbhíse poiblí atá i réim a leasú, mar shampla, i gcás inar ghá méid na seirbhíse iompair agus an méid comhfhreagrach cúitimh a oiriúnú de bharr síneadh le líne meitreo, éireoidh ceist maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart don údarás inniúil nós imeachta um dhámhachtain nua a thosú nó cé acu is féidir nó nach féidir an conradh a leasú gan dámhachtain nua.
Chinn Cúirteanna an Aontais, i gcás mion-mhodhnuithe neamh-shubstaintiúla ar dhámhachtain nua go bhféadfadh sé nach gá a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail ghinearálta an Chonartha amhail trédhearcacht agus neamh-idirdhealú agus go bhféadfadh leasú simplí ar an gconradh a bheith leordhóthanach. Ar an taobh eile, de réir Chúirteanna an Aontais, chun trédhearcacht nósanna imeachta agus cóir chomhionann do thairgeoirí a áirithiú, i gcás ina ndéantar leasuithe substaintiúla ar fhorálacha fíor-riachtanacha conartha lamháltas seirbhíse nó ar chonarthaí atá faoi réir na dtreoracha maidir le soláthar poiblí, ceanglaítear go ndéanfar conradh nua a dhámhachtain i gcásanna áirithe. Is amhlaidh an cás, go háirithe, má tá na forálacha nua difriúil ó thaobh ábhair de, i gcomparáid leis an mbunchonradh agus dá bhrí sin go léiríonn siad go bhfuil rún ag na páirtithe téarmaí fíor-riachtanacha an chonartha sin a athchaibidliú (37).
De réir Chúirteanna an Aontais, féadtar leasú ar chonradh le linn a théarma a mheas mar shubstaintiúil i gcás ina dtugann sé isteach coinníollacha a cheadódh do thairgeoirí a ligean isteach seachas na cinn sin a ligeadh isteach i dtosach, nó a cheadódh do ghlacadh le tairiscint seachas an tairiscint ar glacadh léi i dtosach, dá mbeadh na coinníollacha sin mar chuid den nós imeachta bunaidh um dhámhachtain (38).
In éagmais forálacha sonracha i Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, tá feidhm ag prionsabail an chásdlí thuasluaite go hiomlán maidir le modhnuithe ar chonarthaí seirbhíse poiblí a chumhdaítear leis an Rialachán sin. Chun a chinneadh cad is modhnú neamh-shubstaintiúil ann, ceanglaítear measúnú cás ar chás bunaithe ar chritéir oibiachtúla (39).
Tá feidhm ag na prionsabail sin maidir le conarthaí a dhámhtar ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana. Thairis sin, i gcás ina ndéantar leasuithe substaintiúla ar fhorálacha fíor-riachtanacha conarthaí a dhámhtar faoi Airteagal 5(6) i ndiaidh an 24 Nollaig 2023, ba cheart go n-éileodh sin dámhachtain conartha nua.
Thairis sin, na rialacha sonracha a leagtar amach faoi Threoir 2014/24/AE agus faoi Threoir 2014/25/AE (40) faoi chonarthaí a mhodhnú le linn a dtéarma, tá feidhm acu maidir le conarthaí a dhámhtar i gcomhréir leis na Treoracha sin, de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.
2.6. Cúiteamh as seirbhísí poiblí
Rialacha an Aontais lena rialaítear na coinníollacha ar fúthu is cabhair é cúiteamh as seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta faoi Airteagal 107 CFAE, tá feidhm acu maidir le hiompar ar talamh. Níl feidhm ag Airteagal 106(2) CFAE maidir le cásanna inar Státchabhair é cúiteamh agus ina n-íoctar é le haghaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí in iompar ar talamh. Ina ionad sin, cumhdaítear cúiteamh den sórt sin le hAirteagal 93 CFAE. Dá réir sin, rialacha comhoiriúnachta an Aontais i ndáil le cúiteamh as seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (41) bunaithe ar Airteagal 106(2) CFAE, níl feidhm acu maidir le hiompar ar talamh (42).
Is é is aidhm do na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a áirithiú nach dtugtar róchúiteamh d’oibreoirí, agus brabús réasúnta á chur san áireamh, go n-áirithítear leis an gcúiteamh inbhuanaitheacht airgeadais an tsoláthair seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí san fhadtéarma (43) agus go spreagfaidh an córas éifeachtúlacht fhoriomlán. Le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, tugtar mionsonraí freisin faoi rialuithe ex ante agus ex post an Choimisiúin sa leibhéal cúitimh a dheonaítear.
Ar choinníoll go n-íocfar cúiteamh as seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, measfar cúiteamh den sórt sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus beidh sé díolmhaithe ón gceanglas maidir le fógra a thabhairt roimh ré a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin.
An toimhde sin maidir le comhoiriúnacht agus an díolúine ón gceanglas maidir le fógra a thabhairt, ní bheidh siad ábhartha ach amháin i gcás inar Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a bheidh sa chúiteamh. Cúiteamh seirbhíse poiblí a chomhlíonann na coinníollacha arna leagan síos ag Cúirteanna an Aontais i mbreithiúnas Altmark (44) , ní Státchabhair é agus dá bhrí sin níl sé faoi réir ag oibleagáid maidir le fógra a thabhairt roimh ré in aon chás. Mar sin féin, le dlí an Aontais a chomhlíonadh, bheadh ar chúiteamh seirbhíse poiblí den sórt sin na ceanglais eile i Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chomhlíonadh fós, ar ceanglais iad a bhaineann le heagrú na seirbhísí iompair ar talamh faoi rialacha an mhargaidh inmheánaigh, na forálacha maidir le ré conartha seirbhíse poiblí, cosaint na foirne, rochtain ar rothra, nósanna imeachta um dhámhachtain nó fochonraitheoireacht, mar shampla.
2.6.1. Conarthaí arna ndámhachtain ar bhonn tairisceana iomaíche
Déantar foráil le hAirteagal 4(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, maidir leis na conarthaí seirbhíse poiblí agus na rialacha ginearálta, go mbunóidh siad roimh ré, ar dhóigh oibiachtúil thrédhearcach, na paraiméadair a úsáidfear chun an íocaíocht chúitimh, más ann, a ríomh, agus cineál agus réim aon cheart eisiach a deonaíodh, ar bhealach a sheachnóidh an róchúiteamh.
Mar sin féin, ní fhorchuirtear coinníollacha sonracha le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir leis an mbealach nach mór cúiteamh seirbhíse poiblí a dhearadh i gcás ina ndámhtar an conradh seirbhíse poiblí gaolmhar ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana agus Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 á chur i bhfeidhm. Níl an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 (‘an Iarscríbhinn’) infheidhme maidir leis na conarthaí sin.
Nós imeachta iomaíoch tairisceana atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ba cheart dó, i bprionsabal, a áirithiú gurb ionann an praghas a íocann an t-údarás inniúil chun an tseirbhís phoiblí a dtugtar tuairisc uirthi i sonraíochtaí na tairisceana agus an costas is lú don phobal. Ba cheart d’údaráis inniúla a bheith an-airdeallach ar chomharthaí a thugann easpa iomaíochta éifeachtaí don tairiscint le tuiscint, áfach.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach n-áirithíonn tairiscint iomaíoch inti féin nach ndéanfar róchúiteamh, i.e. go mbeadh an cúiteamh a íocfar iarbhír le linn shaolré an chonartha níos mó ná an méid is gá chun cuid de na costais nó na costais uile arna dtabhú i gcomhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, agus na fáltais ábhartha agus brabús réasúnta as comhlíonadh na n-oibleagáidí sin de réir bhrí Airteagal 4(1)(b) de Rialachán 1370/2007 á gcur san áireamh.
2.6.2. Cúiteamh as conarthaí arna ndámhachtain go díreach
I gcás ina ndéantar conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), 5(3a), 5(4), 5(4a), 5(4b) 5(5) nó 5(6), nó i gcás ina bhforchuireann údarás inniúil rialacha ginearálta de réir bhrí Airteagal 3(2), ní mar thoradh ar fhórsaí iomaíocha an mhargaidh é an leibhéal cúitimh, ach ar chaibidlíocht dhíreach, é sin nó forchuireann an t-údarás inniúil go díreach é. Sna himthosca sin, i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 6(1), an mhodheolaíocht chun an t-uasmhéid cúitimh a ríomh a leagtar amach san Iarscríbhinn, ní mór í a chur i bhfeidhm chun róchúiteamh a sheachaint.
I gcás ina gcomhlíontar an Iarscríbhinn (anuas ar na forálacha ábhartha uile go léir de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007), meastar cúiteamh den sórt sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus, dá bhrí sin, tairbhíonn sé den bhlocdhíolúine faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.
2.6.3. Róchúiteamh
Is féidir foirmeacha difriúla a bheith ag an gconradh a chomhaontaítear idir an t-oibreoir seirbhíse poiblí agus an t-údarás inniúil, go háirithe maidir le socruithe comhroinnte riosca agus an t-uasleibhéal de bhrabús réasúnach a bhfuil an t-oibreoir i dteideal a choinneáil.
Is iondúil go mbeidh ar údaráis inniúla seiceálacha tráthrialta ex post a dhéanamh chun aon róchúiteamh a bhrath agus foráil a dhéanamh do shásraí aisghlámtha sna conarthaí seirbhíse poiblí lena ndéantar foráil d’aisghabháil aon mhéid róchúitimh.
Tá feidhm ag an bprionsabal sin maidir le conarthaí arna dtairiscint ar bhonn iomaíoch agus arna ndámhachtain go díreach, ós rud é go bhfuil feidhm ag an toirmeasc ar róchúiteamh a leagtar síos in Airteagal 4(1) maidir le gach conradh.
Molann an Coimisiún go ndéanfar seiceálacha le haghaidh róchúiteamh den sórt sin faoi threoir na gcostas agus na n-ioncam agus an uasleibhéal brabúis a chuirtear ar bun de ghnáth sa chonradh. Ba cheart éifeachtaí gréasáin a chur san áireamh freisin leis an modh a úsáidtear chun seiceálacha róchúitimh a dhéanamh, i gcás ina bhfuil siad inchainníochtaithe.
I gcás conarthaí lamháltais arna ndámhachtain ar bhonn iomaíoch, toimhdítear go mbeidh aon ghnóthachan éifeachtúlachta a bhfuil coinne ag an tairgeoir rathúil leis go ndéanfaidh sé le linn ré an chonartha curtha san áireamh aige sa tairiscint cheana féin. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhféadtar an ceanglas maidir le seiceáil ex post le haghaidh róchúitimh a oiriúnú do chonarthaí den sórt sin chun gnéithe sonracha na gconarthaí sin a chur san áireamh.
I ngach cás, beidh de shaoirse ag údaráis inniúla minicíocht agus méid na seiceálacha róchúitimh a shainmhíniú ag brath ar ré agus castacht an chonartha.
2.6.4. An coincheap maidir le ‘brabús réasúnta’
Déantar foráil le hAirteagal 4(1)(c) go bhféadfaidh ‘toradh oiriúnach ar chaipiteal’, i.e. brabús réasúnta, a bheith san áireamh sna costais atá le cur san áireamh i gconradh seirbhíse poiblí. Tá feidhm ag an bhforáil sin, cé acu a dhéantar na conarthaí a dhámhachtain go díreach nó a thairiscint ar bhonn iomaíoch.
Níl aon treoraíocht chruinn ann faoin mbealach le brabús réasúnta a shainmhíniú laistigh den Rialachán maidir le conarthaí arna dtairiscint ar bhonn iomaíoch, ná le conarthaí arna ndámhachtain go díreach.
I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le Státchabhair, sainmhínítear‘brabús réasúnta’ san Iarscríbhinn mar ‘ráta toraidh ar chaipiteal is gnách don earnáil i mBallstát áirithe agus a chuireann san áireamh an priacal nó an easpa priacail a thabhaigh an t-oibreoir seirbhíse poiblí de bhua idirghabháil an údaráis phoiblí’. Ní thugtar tuilleadh treoraíochta san Iarscríbhinn faoin mbealach leis an leibhéal brabúis sin a bhunú agus níl sí infheidhme in aon chás ach amháin maidir le conarthaí arna ndámhachtain go díreach.
Is féidir táscairí úsáideacha faoin mbealach le leibhéal iomchuí de bhrabús réasúnta a chinneadh ón Teachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, áfach.
Mínítear sa Teachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ‘i gcás inar ann do luach saothair margaidh a nglactar leis go ginearálta le haghaidh seirbhís faoi leith, is é an luach saothair margaidh sin a thugann an tagarmharc is fearr don chúiteamh in éagmais tairisceana’ (45). Sampla de sin is iad conarthaí margaidh san earnáil gníomhaíochta chéanna, ag a bhfuil saintréithe comhchosúla agus atá sa Bhallstát céanna.
Sa chás sin, is féidir an leibhéal de bhrabús réasúnta a chinneadh trí chomparáid a dhéanamh leis an gcorrlach brabúis a theastaíonn ó ghnóthas tipiciúil, dea-riartha atá gníomhach san earnáil chéanna chun an tseirbhís i gceist a sholáthar (46). Ní i gcónaí gur ann do thagarmhairc mhargaidh, áfach, (47) agus nuair is ann dóibh, d’fhéadfadh gur ghá iad a choigeartú, mura bhfuil a ngnéithe inchomparáide leis an idirbheart i gceist (48).
Is é atá sa tomhas caighdeánach ar an toradh ar chaipiteal i gconradh seirbhíse poiblí ná an ráta toraidh inmheánach (IRR) a dhéanann an chuideachta ar a caipiteal infheistithe thar shaolré an tionscadail, is é sin, an IRR ar shreabhadh airgid an chonartha. Mar sin féin, is féidir bearta cuntasaíochta amhail an toradh ar chothromas (ROE), an toradh ar chaipiteal arna úsáid (ROCE) nó táscairí eacnamaíocha eile a nglactar leo go ginearálta don toradh ar chaipiteal a úsáid freisin.
Ba cheart a thabhairt ar aird go bhféadfaidh na modhanna cuntasaíochta a úsáideann an t-oibreoir tionchar a imirt ar na táscairí agus d’fhéadfadh sé nach dtugtar léiriú ach ar staid an oibreora i mbliain ar leith agus sin amháin. Más amhlaidh an cás, ba cheart a bheith cúramach chun táscairí a úsáid lena léirítear fíorchásanna eacnamaíocha fadtéarmacha atá nasctha le feidhmiú an chonartha seirbhíse poiblí. Nuair is féidir, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an leibhéal de bhrabús réasúnta thar shaolré an chonartha. Ba cheart na difríochtaí i samhlacha eacnamaíocha iarnród, trambhealaí, meitreo agus iompar de bhus a chur san áireamh. Mar shampla, tá iompar iarnróid an-dian ar chaipiteal, ach is pearsanra an toisc phríomhúil maidir le costas iompair bhus, de ghnáth.
Ní mór don údarás inniúil an leibhéal leordhóthanach de bhrabús réasúnta a bhunú ar bhonn mheasúnú cás ar chás, is ceart a bheith comhdhéanta de chomparáid a dhéanamh idir leibhéal brabúis an chonartha le conarthaí inchomparáide sa mhargadh, go bunúsach. Ní mór don luach saothair sin an gnáthluach saothair margaidh le haghaidh seirbhísí comhchosúla agus an méid riosca a bhaineann leis an gconradh a chur san áireamh. Mar shampla, beidh níos lú riosca ag baint le conradh seirbhíse poiblí faoina bhféadtar an cúiteamh a choigeartú chun costais nach raibh coinne leo a chur san áireamh ná le conradh ina bhfuil an cúiteamh seasta. Ba cheart don bhrabús réasúnta a bheith níos ísle don chonradh lena mbaineann níos lú riosca, agus gach ní eile mar a chéile. Ba cheart don chonradh a thabhairt le fios go sainráite cé acu is féidir nó nach féidir an méid cúitimh a choigeartú chun forbairtí seachtracha ábhartha a léiriú, agus na tosca faoinar féidir sin a dhéanamh, ós rud é go measfar de ghnáth nach mbeidh ardú ar an gcúiteamh a imíonn ó na téarmaí conarthacha ex-ante ag comhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.
Ba cheart don sásra cúitimh éifeachtúlacht bainistíochta a spreagadh go ginearálta (49). Scéimeanna cúitimh lena gcumhdaítear costais arna dtabhú iarbhír, ní spreagann siad an t-oibreoir le héirí níos costéifeachtaí le himeacht ama. Níl sásraí den sórt sin inghlactha ach amháin i gcás ina bhfuil éiginnteacht mhór faoi chostais ann agus ina dteastaíonn méid mór cosanta ar éiginnteacht ón oibreoir iompair.
2.6.5. Airteagal 4(1) agus (2) agus an Iarscríbhinn. Tras-fhóirdheonú gníomhaíochtaí tráchtála a chosc
I gcás ina ndéanann soláthraí seirbhíse gníomhaíochtaí tráchtála eile chomh maith, ba cheart a áirithiú nach bhféadfaidh sé an cúiteamh poiblí a úsáid chun a staid iomaíoch i margaí eile ina n-oibríonn sé ar bhonn tráchtála a neartú. Chuige sin, forordaítear san Iarscríbhinn go ndéanfaí deighilt chuntasaíochta idir gníomhaíochtaí seirbhíse poiblí agus tráchtála, chomh maith le modh leithdháilte costais fónta lena léirítear na costais iarbhír a bhaineann leis an tseirbhís phoiblí a sholáthar.
Ceanglaítear le hAirteagal 4(1) agus (2), arna léamh le chéile leis an Iarscríbhinn, nach mór costais agus ioncaim an oibreora a leithdháileadh i gceart idir na seirbhísí poiblí (ar bhonn gach conartha aonair) agus na seirbhísí tráchtála (féach Roinn 2.5.2).
I gcás nach leithdháilfí costais na seirbhísí arna ndéanamh i stáisiúin don tseirbhís phoiblí agus gníomhaíochtaí tráchtála ach ar an tseirbhís phoiblí agus sin amháin, mar shampla, is tras-fhóirdheonú a bheadh ann a bheadh neamhréireach le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007. Cumhdaítear oibleagáidí sonracha maidir le deighilt cuntas ghnóthais iarnróid le Treoir 2012/34/CE (50) freisin.
Ba cheart go mbeadh rialacha sonracha maidir le cúiteamh i ngach conradh seirbhíse poiblí agus ba cheart d’iontrálacha cuntasaíochta sonracha eascairt astu. I gcás ina bhfuil roinnt conarthaí seirbhíse poiblí déanta ag gnóthas, ba cheart dá chuntais a chur ar a chumas an cúiteamh a fuarthas as oibleagáidí seirbhíse poiblí a fheidhmiú sna conarthaí seirbhíse poiblí éagsúla a shainaithint agus é deighilte ó ioncaim ó oibríochtaí sa mhargadh tráchtála. Ní mór na cuntais sin a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, ar iarraidh i scríbhinn ón gCoimisiún.
2.6.6. Airteagal 4(1). Dreasachtaí éifeachtúlachta
Luaitear in aithris 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, i gcas dámhachtana dírí nó rialacha ginearálta, gur cheart na paraiméadair le haghaidh cúitimh a shocrú ar bhealach ina mbeidh cúiteamh iomchuí agus ina léireofaí ‘gur mian leis go mbeadh an tseirbhís éifeachtach agus ar ardchaighdeán’. Sonraítear le pointe 7 den Iarscríbhinn gur cheart don mhodh cúitimh ‘caomhnú nó forbairt an bhainistithe éifeachtaigh ag an oibreoir seirbhíse poiblí a chur chun cinn, a fhéadfaidh a bheith ina hábhar do mheasúnacht oibiachtúil’.
Ciallaíonn sé sin gur cheart dreasachtaí le haghaidh soláthar na seirbhíse a bheadh éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a leabú sa sásra cúitimh. Ba cheart feabhas teacht ar an éifeachtúlacht le himeacht ama agus ba cheart do na feabhsuithe a bheith intomhaiste go hoibiachtúil.
Ba cheart éifeachtúlacht a thuiscint mar an gaol idir cáilíocht (nó leibhéal) na seirbhísí poiblí agus na hacmhainní a úsáidtear. Dá réir sin, is féidir dreasachtaí a dhearadh chun costais a laghdú agus/nó chun cáilíocht/leibhéal na seirbhíse a mhéadú. Mar sin féin, laghduithe ar chostais a bhaintear amach chun aimhleasa cáilíocht/leibhéal na seirbhíse, ní áirítear iad mar fheabhsuithe ar éifeachtúlacht.
Ba cheart do dhreasachtaí éifeachtúlachta a bheith réalaíoch, comhréireach agus sainmhínithe go beacht sa chonradh. Ba cheart gnóthachain éifeachtúlachta a roinnt go hiomchuí idir an t-oibreoir, na húdaráis phoiblí agus, i gcás inarb iomchuí, na húsáideoirí. Níor cheart a cheadú don oibreoir cuid dhíréireach de shochair den sórt sin a choimeád. Ní mór aon sásra den sórt sin chun feabhsuithe éifeachtúlachta a dhreasú a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla, intomhaiste a leagtar amach sa ghníomh iontaoibhe agus a bheith faoi réir ag measúnú trédhearcach ex post a dhéanfaidh an t-údarás inniúil.
2.6.7. Airteagal 6(1). Comhlíontacht le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a sheiceáil
Ceanglaítear ar údaráis inniúla seiceálacha tráthrialta a dhéanamh le linn shaolré an chonartha seirbhíse poiblí, go háirithe i gcás ina ndámhtar go díreach iad, ní hamháin chun comhlíontacht lena théarmaí a fhíorú, ach chun aon róchúiteamh a bhrath (agus a aisghlámadh) ag céim luath. Tá sé sin tábhachtach go háirithe maidir le conarthaí fadtéarmacha.
2.6.8. Airteagal 1(1) agus Airteagal 6(1). Ceanglas maidir le cúiteamh ‘iomchuí’ i leith oibleagáidí seirbhíse poiblí a íoc le hoibreoirí
De réir phointe 7 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán, ‘ní mó don mhodh cúitimh caomhnú nó forbairt […] soláthar seirbhísí iompair do phaisinéirí, ar seirbhísí iad atá ar chaighdeán sách ard, a chur chun cinn’. Cumhdaítear an prionsabal sin in Airteagal 2a(2)(b) freisin, ina luaitear nach mór don chúiteamh as an nglan-iarracht airgeadais le haghaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí soláthar an iompair phoiblí do phaisinéirí a chothabháil ó thaobh an airgeadais de go fadtéarmach.
Ciallaíonn sé sin gur cheart go gcuirfeadh an cúiteamh arna chur ar fáil ag údaráis inniúla ar a gcumas d’oibreoirí seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar ar bhonn atá inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de. Díghrádú ar cháilíocht na seirbhíse an toradh a bheadh ar thearc-chistiú. Ina theannta sin, i gcás conarthaí arna ndámhachtain ar bhonn iomaíoch, dhéanfadh cúiteamh ró-íseal tairgeoirí ionchasacha a dhíspreagadh ó bheith rannpháirteach i nósanna imeachta tairisceana.
2.7. Airteagal 7(2), (3) agus (4). Foilsiú agus trédhearcacht
Leis an treoraíocht léirmhínitheach a chuirtear ar fáil sa Roinn seo, cumhdaítear an oibleagáid atá ar na húdaráis inniúla trédhearcacht a áirithiú maidir le dámhachtain na gconarthaí seirbhíse poiblí roimh an nós imeachta um dhámhachtain agus ina dhiaidh.
Luaitear in Airteagal 7(2) go ndéanfaidh údaráis inniúla faisnéis áirithe faoin gconradh a bheartaítear a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar a laghad 1 bhliain amháin sula bhfoilseofar an t-iarratas ar thairiscintí nó roimh an dámhachtain dhíreach. Tá feidhm ag an oibleagáid chun an fhaisnéis sin a fhoilsiú freisin i gcás ina ndéantar conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain faoin dara habairt de Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoi na treoracha soláthair phoiblí, cé nach bhforáiltear d’fhoilsiú den sórt sin leis na treoracha sin (51).
Is é is cuspóir d’Airteagal 7(2), ar an gcéad dul síos, chun a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha freagairt do rúin an údaráis inniúil, go háirithe don chineál dámhachtana a bhfuil sé de rún aige dul ina muinín (iarratas ar thairiscintí nó dámhachtain dhíreach), agus ar an dara dul síos, chun am a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha ullmhú níos fearr d’iarratas ar thairiscintí. Dá thoradh sin, féadfaidh neamhniú an ghlao ar thairiscintí eascairt as mainneachtain an fhaisnéis de bhun Airteagal 7(2) a fhoilsiú i gcás inar chruthaigh an easpa faisnéise roimh ré míbhuntáiste nach beag d’oibreoirí i gcomparáid leis an oibreoir a fheidhmíonn an conradh atá ann faoi láthair, agus dá bhrí sin a bhfuil a shaintréithe uile ar eolas aige (52). Dhéanfadh mainneachtain den sórt sin an díolúine maidir le fógra a thabhairt de bhun Airteagal 108(3) CFAE a bhaint de na Ballstáit (53).
Luaitear in Airteagal 7(3) go ndéanfaidh údaráis inniúla faisnéis áirithe faoin gconradh arna dhámhachtain a fhoilsiú laistigh de 1 bhliain amháin de dhámhachtain dhíreach conartha seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí iarnróid.
Tá foirmeacha agus nósanna imeachta samplacha forbartha ag seirbhísí an Choimisiúin lena gceadaítear do na húdaráis inniúla na ceanglais sin maidir le foilsiú a chomhlíonadh. Ós rud é go bhfoilsítear an fhaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba cheart do na húdaráis inniúla an uirlis shonrach ‘eNotices’ (54)a úsáid chun fógraí a líonadh isteach agus a chur isteach lena bhfoilsiú ar ‘Tenders Electronic Daily’ (TED).
Foráiltear le hAirteagal 7(4), arna iarraidh sin do pháirtí leasmhar, go gcuirfidh údarás inniúil ar aghaidh chuige na fáthanna a bhí lena chinneadh conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach. Ní mór d’údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir lena rún conradh a dhámhachtain go díreach ar a laghad 1 bhliain amháin roimh ré, ós rud é nach mór an fhaisnéis sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (Airteagal 7(2), go háirithe fomhír (b)). Dá réir sin, tugtar deis do pháirtithe leasmhara ceisteanna a chumadh tamall fada roimh dhámhachtain an chonartha, nach mór a dhéanamh 1 bhliain amháin níos déanaí ar a luaithe. Chun cosaint dhlíthiúil éifeachtúil a thabhairt, ba cheart an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le hAirteagal 7(4) a sholáthar gan moill mhíchuí.
Ní cheanglaítear ar údarás inniúil, le hAirteagail 7(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, an fhaisnéis uile is gá a fhoilsiú ná a chur in iúl d’oibreoirí eacnamaíocha leasmhara chun a chur ar a gcumas tairiscint sách mionsonraithe a chur isteach a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ag measúnú comparáideach, ná measúnú comparáideach den sórt sin a dhéanamh ar na tairiscintí uile a d’fhéadfadh a bheith faighte i ndiaidh an fhaisnéis sin a fhoilsiú (55).
2.8. Socruithe idirthréimhseacha
Tugtar treoraíocht léirmhínitheach sa Roinn seo ar roinnt gnéithe de na forálacha maidir le socruithe aistrithe a bhaineann le conarthaí arna ndámhachtain roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 agus na cinn arna ndámhachtain le linn na dtréimhsí aistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 8.
2.8.1. Airteagal 8(3) (b) agus (c). Tréimhse uasta 30 bliain
Luaitear in Airteagal 8(3)(b) agus (c), go bhféadfaidh conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain ‘roimh an 26 Iúil 2000 ar bhonn nós imeachta seachas nós imeachta cóir iomaíoch tairiscintí’ nó arna ndámhachtain ‘ón 26 Iúil 2000 agus roimh an 3 Nollaig 2009 ar bhonn nós imeachta chóir iomaíoch tairiscintí […] leanúint go dtí go rachaidh siad in éag, ach ar feadh tréimhse nach faide ná 30 bliain’.
Cé nach sonraítear go sainráite san fhoráil sin an túsphointe óna gcaitear an tréimhse uasta 30 bliain a ríomh, chinn Cúirteanna an Aontais go ritheann an tréimhse sin ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 (56). Dá dheasca sin, ós rud é gur tháinig an Rialachán i bhfeidhm an 3 Nollaig 2009, gach conradh seirbhíse poiblí a thagann faoi fhorálacha Airteagal 8(3)(b) agus (c), féadfaidh sé leanúint go dtí an 3 Nollaig 2039, ar a dhéanaí.
2.8.2. Airteagal 8(3)(d). An bhrí atá le ‘ré theoranta a bheidh inchomparáide leis na réanna a shonraítear in Airteagal 4’
Luaitear in Airteagal 8(3)(d) go bhféadfaidh conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain ‘ón 26 Iúil 2000 agus roimh an 24 Nollaig 2017 ar bhonn nós imeachta seachas nós imeachta cóir iomaíoch tairiscintí […] leanúint go dtí go rachaidh siad in éag, ar choinníoll go mbeidh ré theoranta acu a bheidh inchomparáide leis na réanna a shonraítear in Airteagal 4’.
Measann an Coimisiún gur cheart an téarma ‘a bheidh inchomparáide leis na réanna a shonraítear in Airteagal 4’ a léirmhíniú ar bhealach sriantach, lena áirithiú go n-oibreoidh na Ballstáit i dtreo cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a bhaint amach ó dháta a theacht i bhfeidhm an 3 Nollaig 2009. Dá bhrí sin, is é tuairim an Choimisiúin gur chiallmhar a mheas gur cheart ré conarthaí seirbhíse poiblí a bheith an-chosúil leis na réanna a shonraítear in Airteagal 4.
(1) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste - iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí (COM/2020/789 final), 9.12.2020.
(2) IO L 315, 3.12.2007, lch. 1.
(3) Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt (IO L 354, 23.12.2016, lch. 22).
(4) Is foireann de 6 cinn de théacsanna reachtacha é an Ceathrú Pacáiste Iarnróid atá ceaptha chun an margadh aonair le haghaidh seirbhísí iarnróid a chomhlánú; féach https://transport.ec.europa.eu/transport-modes/rail/railway-packages/fourth-railway-package-2016_en.
(5) Communication from the Commission on interpretative guidelines concerning Regulation (EC) No 1370/2007 on public passenger transport services by rail and by road [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte léirmhínitheacha a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar] an 29 Márta 2014 (IO C 92, 29.3.2014, lch. 1).
(6) IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.
(7) IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.
(8) IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.
(9) Ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagraíonn Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 do Threoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE fós, ar aisghairmeadh idir an dá linn iad agus ar cuireadh Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE ina n-ionad. Ba cheart na tagairtí sin uile a thuiscint mar thagairtí a bhaineann leis na treoracha nua.
(10) Airteagal 10(3) de Threoir 2014/23/AE.
(11) IO L 364, 12.12.1992, lch. 7.
(12) Communication from the Commission on the interpretation of Council Regulation (EEC) No 3577/92 applying the principle of freedom to provide services to maritime transport within Member States (maritime cabotage) [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an léirmhíniú ar Rialachán (CCE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí)] (COM/2014/0232 final), 22.4.2014.
(13) IO L 343, 14.12.2012, lch. 32.
(14) Breithiúnas an 24 Iúil 2003, Altmark Trans, C-280/00, EU:C:2003:415(‘breithiúnas, Altmark’).
(15) Breithiúnas an 29 Samhain 2018, ARFEA v an Coimisiún Eorpach, T-720/16, EU:T:2018:853, mír 88; breithiúnas an 24 Samhain 2020, Viasat Broadcasting UK Ltd, C-445/19, EU:C:2020:952 mír 33.
(16) Breithiúnas an 12 Feabhra 2008, BUPA agus Eile v an Coimisiún Eorpach, t-289/03, EU:T:2008:29, mír 168.
(17) Tá an cur chuige sin ag teacht le cur chuige ginearálta an Choimisiúin maidir le Seirbhísí lena nGabhann Leas Eacnamaíoch Ginearálta in earnálacha eile. Féach, go háirithe, pointe 48 den Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta a sholáthar (an Teachtaireacht ‘SGEI’) (IO C 8, 11.1.2012, lch. 4).
(18) Féach, go háirithe, Breithiúnas an 1 Márta 2017, Société nationale maritime Corse Méditerranée (SNCM) v An Coimisiún Eorpach, T-454/13, EU:T:2017:134, mír 134 (an breithiúnas ‘SNCM’).
(19) Breithiúnas an 1 Márta 2017, Poblacht na Fraince v an Coimisiún Eorpach, T-366/13, ECLI:EU:T:2017:135, mír 105.
(20) Breithiúnas SNCM, mír 134.
(21) Breithiúnas an 18 Eanáir 2017, Andersen v An Coimisiún Eorpach, T-92/11 RENV, EU:T:2017:14, mír 70. Tagraíonn an Chúirt Ghinearálta do shonraíochtaí an iompair d’iarnród atá luaite in aithris 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007. Tagraítear san aithris sin do shaincheisteanna sonracha an ualaigh infheistíochta agus na gcostas infheistíochta.
(22) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 lena leagtar síos an nós imeachta agus na critéir chun an tástáil ar chothromaíocht eacnamaíoch a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 11 de Threoir 2012/34/AE (IO L 294, 21.11.2018, lch. 5).
(23) Maidir le cás tomhais i gciliméadair amchláir, féach Breithiúnas an 27 Deireadh Fómhair 2016, Hörmann Reisen, C-292/15, EU:C:2016:817 (‘BreithiúnasHörmann Reisen’).
(24) Féach, chuige sin, breithiúnas Hörmann Reisen , míreanna 34 go 48.
(25) IO L 82, 22.3.2001, lch. 16.
(26) I gcomhréir le cás-dlí Chúirteanna an Aontais, tá feidhm ag Treoir 2001/23/CE maidir le haistriú gnóthais a tharlaíonn tar éis nós imeachta tairisceana chun conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain. In earnálacha gníomhaíochta atá bunaithe ar shócmhainní inláimhsithe, amhail iompar bus nó iarnróid, tá feidhm ag Treoir 2001/23/CE má aistrítear sócmhainní inláimhsithe suntasacha. Ní choisctear aistriú a bheith ann de réir bhrí Threoir 2001/23/CE toisc nach n-aistrítear úinéireacht na sócmhainní inláimhsithe a d’úsáid aistreoir roimhe sin agus a ghlac aistrí ar láimh, i gcás nárbh lena réamhtheachtaí na sócmhainní inláimhsithe a ghlac an conraitheoir nua ar láimh, mar shampla, ach inarbh é an t-údarás conarthach a sholáthair iad; féach, chuige sin, Breithiúnas an 20 Samhain 2003, Abler, C-340/01, EU:C:2003:629; féach freisin Breithiúnas an 26 Samhain 2015, ADIF, C-509/14, EU:C:2015:781.
(27) D’fhéadfadh limistéir uirbeacha fheidhmiúla, ina bhfuil cathair agus a crios comaitéireachta, a bheith san áireamh leis sin.
(28) Breithiúnas an 13 Samhain 2008, Coditel Brabant, C-324/07, EU:C:2008:621, mír 30.
(29) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta a tugadh an 25 Deireadh Fómhair 2018 in Cásanna Uamtha C-350/17 agus C-351/17, Mobit, EU:C:2018:869, mír 104.
(30) Breithiúnas an 21 Márta 2019, Rhein-Sieg-Kreis, Cásanna Uamtha C-266/17 agus C-267/17, EU:C:2019:241.
(31) Féach, ex multis, Breithiúnas an 18 Eanáir 2001, Coimisiún na gComhphobal Eorpach v Ríocht na Spáinne, C-83/99, EU:C:2001:31, mír 19; agus Breithiúnas an 7 Iúil 2022, Pricoforest SRL v Inspectoratul de Stat pentru Controlul în Transportul Rutier (ISCTR), C-13/21, EU:C:2022:531, mír 30.
(32) MOVE-PSO-REGULATION@ec.europa.eu
(33) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(34) MOVE-PSO-REGULATION@ec.europa.eu
(35) Féach Airteagail 32 agus 72 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagail 50 agus 89 de Threoir 2014/25/AE.
(36) Féach mar shampla aithris 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007: ‘I gcás ina roghnóidh údarás poiblí seirbhís leasa ghinearálta a chur de chúram ar thríú páirtí, ní mór dó an t-oibreoir seirbhíse poiblí a roghnú i gcomhréir leis an dlí Comhphobail maidir le conarthaí poiblí agus lamháltais, mar a bhunaítear le hAirteagail 43 go 49 den Chonradh é, agus i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta agus le prionsabal na córa comhionainne’.
(37) Breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 2000, Coimisiún na gComhphobal Eorpach v Poblacht na Fraince, C-337/98, EU:C:2000:543, míreanna 44 agus 46; Breithiúnas an 19 Meitheamh 2008, pressetext Nachrichtenagentur, C-454/06, EU:C:2008:351, mír 34; agus Breithiúnas an 13 Aibreán 2010, Wall, C-91/08, EU:C:2010:182, míreanna 37 agus 38 (‘breithiúnas Wall’); Breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, T-Systems Magyarország Zrt., C-263/19, EU:C:2020:373, mír 61. Cuireadh cásdlí Chúirteanna an Aontais san áireamh freisin agus na coinníollacha á leagan amach faoina gceanglaítear nós imeachta soláthair nua faoi Airteagal 72 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 89 de Threoir 2014/25/AE mar thoradh ar mhodhnuithe ar chonradh le linn a fheidhmithe. Leagtar amach forálacha comhchosúla freisin faoi Airteagal 43 de Threoir 2014/23/AE.
(38) Breithiúnas an 19 Meitheamh 2008, pressetext Nachrichtenagentur, C-454/06, EU:C:2008:351, míreanna 35 go 37; Breithiúnas Wall, mír 38; Breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2016Finn Frogne, C-549/14, EU:C:2016:634, mír 28; Breithiúnasan 3 Deireadh Fómhair 2019, Delta Antrepriză de Construcţii şi Montaj 93, C-267/18, EU:C:2019:826, mír 33.
(39) Thug Cúirteanna an Aontais ar aird i gcás breithiúnais Wall go bhféadfadh athrú ar an bhfochonraitheoir, fiú má dhéantar foráil sa chonradh maidir leis an bhféidearthacht athrú a dhéanamh, a bheith ina leasú substaintiúil ar cheann de na forálacha fíor-riachtanacha i gconradh lamháltais i gcásanna eisceachtúla, i gcás inar toisc chinntitheach ab ea fochonraitheoir amháin seachas fochonraitheoir eile a úsáid, i bhfianaise saintréithe áirithe na seirbhísí i gceist, rud nach mór don chúirt tarchuir a chinneadh in aon chás.
(40) Airteagal 72 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 89 de Threoir 2014/25/AE.
(41) Go háirithe Cinneadh ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) CFAE maidir le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3) agus Creat an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí (IO C 8, 11.1.2012, lch. 15).
(42) Mar sin féin, Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 maidir le cabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a chuireann seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar fáil (IO L 114, 26.4.2012, lch. 8), tá feidhm aige maidir le cabhair arna deonú do ghnóthais a chuireann seirbhísí iompair ar talamh ar fáil, seachas cabhair arna deonú do ghnóthais a dhéanann iompar lasta de bhóthar ar fruiliú agus ar luaíocht (féach aithris 7 agus Airteagal 1(2)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 360/2012).
(43) Airteagal 2a (2).
(44) Féach breithiúnas Altmark, agus chomh maith leis sin, go háirithe, Roinn 3 den Teachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.
(45) Pointe 69 den Teachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.
(46) Tugtar tuilleadh treoraíochta sa Teachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta faoin rud a mheastar a bheith ina ‘ghnóthas tipiciúil, atá dea-riartha agus a soláthraítear modhanna ábhartha leordhóthanacha dó chun an ceanglas seirbhíse poiblí is gá a chomhlíonadh’. Féach go háirithe pointí 70-76.
(47) Tá difríochtaí móra leanúnacha ann idir margaí iarnróid náisiúnta (mar a cuireadh i dtábhacht leis an 7ú Tuarascáil faoi fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt an mhargaidh iarnróid arna foilsiú ag an gCoimisiún i mí Eanáir 2021) chomh maith le hidirghabhálacha suntasacha ón Stát a chuireann saobhadh ar an margadh sin. Féach https://ec.europa.eu/transport/modes/rail/market/market_monitoring_en.
(48) Ciallaíonn sé sin nach féidir an meánchorrlach brabúis san earnáil a úsáid mar thagarmharc i gcónaí. D’fhéadfadh sainiúlachtaí an chonartha agus go háirithe an riosca a bhaineann leis an gconradh a éileamh go ndéanfaí coigeartú ar an gcorrlach brabúis i gcás faoi leith, lena áirithiú go mbeadh an corrlach brabúis sin réasúnta i gcónaí.
(49) Go háirithe pointe 7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.
(50) Airteagal 6 maidir le deighilt cuntas ghnóthais iarnróid agus bhainisteoirí bonneagair iarnróid.
(51) Breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2018, Stefan Rudigier, C-518/17, EU:C:2018:757 (breithiúnas ‘Rudigier’).
(52) Mar a leagtar amach i mbreithiúnas Rudigier.
(53) Féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 1978, An Coimisiún agus an Bheilg, C-156/77, mír 10 agus Breithiúnas an 21 Iúil 2016, Dilly’s Wellnesshotel GmbH, C-493/14, ECLI:EU:C:2016:577, mír 38.
(54) Tá an uirlis sin le fáil i ngach teanga de chuid an Aontais ag an seoladh https://enotices.ted.europa.eu.
(55) Breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2019, Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato, C-515/18, EU:C:2019:893.
(56) Breithiúnas an 19 Márta 2020, Compañía de Tranvías de La Coruña, C-45/19, EU:C:2020:224.
IARSCRÍBHINN
Ballstáit ar lú ná 23 mhilliún ciliméadar traenach, i mí na Nollag 2017, an méid margaidh d’iompar do phaisinéirí iarnróid ina leith
An Bhulgáir
An Eastóin
An Ghréig
An Chróit
Éire
An Liotuáin
Lucsamburg
An Laitvia
An tSlóivéin
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/28 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10865 – ASTORG / IPCOM)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 222/02)
An 30 Lúnasa 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10865. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/29 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10886 – INEOS / SINOPEC / SHANGHAI SECCO PETROCHEMICAL)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 222/03)
An 25 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10886. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/30 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10958 – CARLYLE / GARNICA)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 222/04)
An 29 Samhain 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10958. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/31 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11101 — CEPSA / BOH / BWT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 222/05)
An 14 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11101. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/32 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10823 – CLEARLAKE / TA ASSOCIATES / EPHESOFT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 222/06)
An 12 Lúnasa 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10823. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/33 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10674 – INTERPARKING SERVIZI / OSR / PARKING LOT JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 222/07)
An 11 Bealtaine 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10674. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/34 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11110 — EFMS / PSPIB / RADIUS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 222/08)
An 7 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11110. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/35 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11030 – AWARE SUPER / ABP / DV4 / OMERS / REAL ESTATE JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 222/09)
An 13 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11030. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/36 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10879 – EMZ PARTNERS / IK INVESTMENT / OAKLEY CAPITAL / MR VALENTIN SCHÜTT / WISHCARD)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 222/10)
An 27 Meán Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10879. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/37 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11131 – PIERER / LEONI)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 222/11)
An 13 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11131. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/38 |
Fógra le haghaidh ‘RT Balkan’, ‘Oriental Review’, ‘Tsargrad’, ‘New Eastern Outlook’, ‘Kathehon’, maidir lena n-áireamh i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
(2023/C 222/12)
Chuimsigh an Chomhairle na heintitis thuasluaite in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (2) d’fhonn na bearta sin a chur i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2023 faoi réir cinneadh ón gComhairle tar éis di scrúdú a dhéanamh ar na fíricí ábhartha.
Leis seo, cuirtear in iúl do na heintitis lena mbaineann go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an fhaisnéis a bhaineann le háireamh den sórt sin a fháil chuig an seoladh seo a leanas, roimh 3 Iúil 2023:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/39 |
Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1218 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1216 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
(2023/C 222/13)
Dírítear aird na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1218 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1216 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tugtar na forais leis na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.
Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, chuig an seoladh seo a leanas roimh 14 Iúil 2023.
Comhairle an Aontais Eorpaigh
An Ardrúnaíocht
RELEX.1
Rue de la Loi/Wetstraat 175
1048 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.
(2) IO L 159 I, 23.6.2023, lch. 526.
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/40 |
Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1218 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1216 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
(2023/C 222/14)
Dírítear aird na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1218 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1216 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Ceanglaítear le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 nach mór do na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí sin tuairisc a thabhairt, roimh an 1 Meán Fómhair 2022 nó laistigh de 6 seachtaine tar éis dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I, cibé acu is déanaí, faoi na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leo iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin suite. Ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin. Aon mhainneachtain na hoibleagáidí sin a urramú, measfar gurb éard atá inti, imchéimniú na mbeart maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha.
Ní mór an fhaisnéis atá le tuairisciú a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, trína shuíomh gréasáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (5).
(1) IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.
(2) IO L 159 I, 23.6.2023, lch. 526.
(3) IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.
(4) IO L 159 I, 23.6.2023, lch. 335.
(5) An leagan comhdhlúite is déanaí ar fáil aghttps://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02014R0269-20230426
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/41 |
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
(2023/C 222/15)
Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála seo Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1218 ón gComhairle (3), agus le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1216 ón gComhairle (5).
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh - agus Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um an gCaidreamh Seachtrach (RELEX) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son - rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo; is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:
An tOifigeach Cosanta Sonraí
data.protection@consilium.europa.eu
Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2014/145/CBES, arna leasú le Cinntí (CBES) 2023/1218, agus le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1216.
Is daoine nádúrtha a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2014/145/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 iad na hábhair sonraí.
Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann le forais an liostaithe.
Is iad na Cinntí ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 29 CAE agus na Rialacháin ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil is bunús dlí do láimhseáil sonraí pearsanta.
Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna gníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.
Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725.
Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a fhaigheann na sonraí pearsanta.
Coimeádfar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs bhearta sriantacha uathrialacha an Aontais go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir reo sócmhainní nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coimeádann an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a chláraíonn sí chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe arna dhéanamh ag an gComhairle nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta i ndáil le beartas an Aontais i dtaca le bearta sriantacha.
In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí, tá aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta bunaithe ar an gcoinníoll nó na coinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:
|
— |
gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; |
|
— |
gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint. |
Níl aon chinnteoireacht uathoibrithe i gceist agus sonraí pearsanta an ábhair sonraí á bpróiseáil.
Tá an ceart chun faisnéise ag ábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an phróiseáil sin a shrianadh.
Is féidir le hábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a sheoladh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar a léirítear thuas.
I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad aitheantais (cárta aitheantais nó pas) a sholáthar chun a gcéannacht a dheimhniú. Ba cheart uimhir aitheantais, tír eisiúna, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad aitheantais, mar shampla grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.
Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús leis an scéal a leigheas trí dhul i dteagmháil leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.
Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh na hábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725(edps@edps.europa.eu).
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.
(3) IO L 159 I, 23.6.2023, lch. 526.
An Coimisiún Eorpach
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/43 |
Rátaí malairte an euro (1)
22 Meitheamh 2023
(2023/C 222/16)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0985 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
156,05 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4486 |
|
GBP |
punt steirling |
0,86115 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,7224 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9825 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
148,50 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,5990 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,683 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
369,43 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,4253 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9631 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
26,6249 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6194 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4463 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,5987 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7698 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4741 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 424,62 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
20,2575 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,8866 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 425,99 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
5,1091 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
61,133 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
38,535 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2331 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
18,8431 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
90,0300 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/44 |
Rátaí malairte an euro (1)
23 Meitheamh 2023
(2023/C 222/17)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0884 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
155,84 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4485 |
|
GBP |
punt steirling |
0,85479 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,6750 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9773 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
148,90 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,8565 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,654 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
369,90 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,4238 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9538 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
27,4781 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6285 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4380 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,5216 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7758 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4726 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 425,92 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
20,3652 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,8141 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 337,69 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
5,0899 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
60,696 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
38,323 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2235 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
18,7706 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
89,2205 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/45 |
An liosta calafort i mBallstáit an Aontais Eorpaigh ina gceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus ina bhfuil rochtain ag soithí iascaireachta tríú tír ar sheirbhísí calafoirt, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle; An liosta calafort i dTuaisceart Éireann ina gceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus ina bhfuil rochtain ag soithí iascaireachta tríú tír ar sheirbhísí calafoirt, i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
(2023/C 222/18)
Tá foilsiú an liosta seo i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 (1).
|
Ballstát |
Calafoirt ainmnithe |
|
|
|
|
An Bheilg |
Oostende Zeebrugge |
|
|
|
|
An Bhulgáir |
Бургас (Burgas) Варна (Varna) |
|
|
|
|
An Danmhairg |
Aalborg Aarhus Esbjerg Fredericia Hanstholm Hirtshals København Skagen |
|
|
|
|
An Ghearmáin |
Bremerhaven Cuxhaven Rostock (ní cheadaítear trasloingsiú) Sassnitz/Mukran (ní cheadaítear trasloingsiú) |
|
|
|
|
An Eastóin |
Níl aon chalafort faoi láthair |
|
|
|
|
Éire |
Baile Chaisleáin Bhéarra (2), (3) Bun an Ghaoith (2), (3), (8), (13) (ní cheadaítear trasloingsiú) Ailt an Chorráin (2), (3), (8), (9) (ní cheadaítear trasloingsiú) Dún Mór (2), (3), (8), (10) (ní cheadaítear trasloingsiú) Gleann Gad (2), (3), (8), (13) (ní cheadaítear trasloingsiú) An Caisleán Nua (2), (3), (8), (13) (ní cheadaítear trasloingsiú) Binn Éadair (2), (3), (8), (10) (ní cheadaítear trasloingsiú) Cionn Mhálanna (2), (3), (8), (13) (ní cheadaítear trasloingsiú) Bun an Phobail (2), (3), (8), (11) (ní cheadaítear trasloingsiú) Rinn Uí Choigligh (2), (3), (8), (12) (ní cheadaítear trasloingsiú) Ráth Maoláin (2), (3), (8), (9) (ní cheadaítear trasloingsiú) Ros an Mhíl (2), (3), (8), (10) (ní cheadaítear trasloingsiú) |
|
An Ghréig |
Πειραιάς (Piraeus) Θεσσαλονίκη (Thessaloniki) |
|
|
|
|
An Spáinn |
A Coruña A Pobra do Caramiñal Algeciras Alicante Almería Arrecife Barbate (2) (ní cheadaítear trasloingsiú ná tabhairt i dtír) Barcelona Bilbao Burela Cádiz Cartagena Castellón Celeiro Gijón Huelva Las Palmas de Gran Canaria Málaga Marín Palma de Mallorca (2) Pasaia (Pasajes) Puerto del Rosario Ribeira Santa Cruz de Tenerife Santander Tarragona Valencia Vigo (Área Portuaria) Vilagarcía de Arousa |
|
|
|
|
An Fhrainc |
An Fhrainc Dhúthach: Dunkerque Boulogne Le Havre Caen (2) Cherbourg en Cotentin (2) Barneville-Carteret Granville (2) Saint-Malo Roscoff (2) Brest Douarnenez (2) Concarneau (2) Lorient (2) Nantes - Saint-Nazaire (2) La Rochelle (2) Rochefort sur Mer (2) Port la Nouvelle (2) Sète Marseille Port Calafoirt Fhrancacha thar lear: Le Port (La Réunion) Fort de France (Martinique) (2) Port de Jarry (Guadeloupe) (2) Port du Larivot (Guyane) (2) |
|
|
|
|
An Chróit |
Ploče Rijeka Zadar – Gaženica Split – Sjeverna luka |
|
|
|
|
An Iodáil |
Ancona Brindisi Civitavecchia Fiumicino (2) Genova Gioia Tauro La Spezia Livorno Napoli Olbia Palermo Ravenna Reggio Calabria Salerno Taranto Trapani Trieste Venezia |
|
|
|
|
An Chipir |
Λεμεσός (Limassol) |
|
|
|
|
An Laitvia |
Rīga Ventspils |
|
|
|
|
An Liotuáin |
Klaipėda |
|
|
|
|
Málta |
Vaileite (Deepwater Quay, Laboratory Wharf, Magazine Wharf) Port Marsaxlokk (MT DIS Malta Freeport Distripark, MT MAR Marsaxlokk) |
|
|
|
|
An Ísiltír |
Vlissingen Scheveningen (2) Ijmuiden Harlingen Eemshaven Den Helder (2) Velsen (6) Amsterdam (6) Rotterdam (6) Stellendam (7) Den Oever (7) Oudeschild (7) Urk (7) Lauwersoog (7) Yerseke (7) |
|
|
|
|
An Pholainn |
Gdańsk Gdynia Szczecin Świnoujście (2) |
|
|
|
|
An Phortaingéil |
Aveiro [PT AVE 1] (2) Caniçal [PT CNL 1] Horta [PT HOR 1] (2) Lisboa [PT LIS 1] Peniche [PT PEN 1] (2) Ponta Delgada [PT PDL 1] Porto [PT OPO 1] Setúbal [PT SET 1] (2) Sines [PT SIE 1] Viana do Castelo [PT VDC 1] (2) |
|
|
|
|
An Rómáin |
Constanța |
|
|
|
|
An tSlóivéin |
Níl aon chalafort faoi láthair |
|
|
|
|
An Fhionlainn |
Heilsincí (ní cheadaítear trasloingsiú) |
|
|
|
|
An tSualainn |
|
|
|
Ellös (2), (3) , (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Karlskrona Handelshamnen (2), (3), (4), (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Kungshamn (2), (3), (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Lysekil (2), (3), (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Nogersund (2), (3), (4), (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Rönnäng (2), (3), (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Simrishamn (2), (3), (4), (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Slite (2), (3), (4), (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Smögen (2), (3), (4), (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Strömstad (2), (3), (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) Trelleborg (2), (3), (4), (5) (ní cheadaítear trasloingsiú) |
|
|
|
|
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach |
Calafoirt ainmnithe |
|
Tuaisceart Éireann |
Doire Cill Chaoil Port an Bhogaigh Ard Ghlais An Pointe Beannchar (Co. an Dúin) Béal Feirste |
(1) IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.
(2) Ní Pointe Rialaithe Teorann de chuid an Aontais é seo
(3) Ceadaítear gach táirge iascaigh a thabhairt i dtír ó shoithí faoi bhratach na hIorua, na hÍoslainne, Andóra agus Oileáin Fharó
(4) Ní cheadaítear níos mó ná 10 dtona de scadáin arna ngabháil i limistéir lasmuigh de Mhuir Bhailt, de ronnaigh ná de bholmáin a thabhairt i dtír
(5) Ní cheadaítear tabhairt i dtír gabhálacha iasc reoite, ach amháin ó shoithí faoi bhratach na hIorua, na hÍoslainne, Andóra agus Oileáin Fharó má tá nóta (3) leo.
(6) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach amháin ó shoithí iascaireachta a bhfuil fad níos mó ná 59 m iontu nó tonnáiste íosta 1200 GT
(7) Ní ghlactar le soithí iascaireachta ón Ríocht Aontaithe ach amháin le haghaidh obair chothabhála agus tar éis formheas a fháil ó NVWA. Ní mór seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ar an mbolg aon lá ó Luan go hAoine idir 8:00 agus 17:00 i gcalafort nach bhfuil ainmnithe le (6) ná (7)
(8) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach amháin ó shoithí iascaireachta atá faoi bhratach na Ríochta Aontaithe agus atá cláraithe i dTuaisceart Éireann
(9) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach ó shoithí ina bhfuil fad iomlán <18 m idir 14:00 agus 20:00 ó Luan go hAoine agus ní ghlactar ach le speicis úra nach speicis TAC iad
(10) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach ó shoithí ina bhfuil fad iomlán <26 m idir 10:00 agus 22:00 ó Luan go hAoine
(11) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach ó shoithí ina bhfuil fad iomlán <18 m agus ní ghlactar ach le moilisc dhébhlaoscacha beo atá díolmhaithe ó Rialacháin NNN an Aontais idir 14:00 agus 20:00 ar an Máirt agus ar an gCéadaoin i mí Feabhra, mí an Mhárta, mí Dheireadh Fómhair, mí na Samhna agus mí na Nollag
(12) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach ó shoithí ina bhfuil fad iomlán <18 m agus ní ghlactar ach le moilisc dhébhlaoscacha beo atá díolmhaithe ó Rialacháin NNN an Aontais idir 10:00 agus 20:00 ó Luan go hAoine agus idir 09:00 agus 17:00 ar an Satharn
(13) Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach ó shoithí ina bhfuil fad iomlán <18 m agus ní ghlactar ach le speicis úra nach speicis TAC iad idir 10:00 agus 20:00 ó Luan go hAoine agus idir 09:00 agus 17:00 ar an Satharn
(14) Ceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh úra a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus seirbhísí calafoirt
(15) Ní cheadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh reoite a thabhairt i dtír ná a thrasloingsiú, seachas ó shoithí atá faoi bhratach Oileáin Fharó, na hÍoslainne agus na hIorua
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/50 |
Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona
(2023/C 222/19)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Großräschener See’
PGI-DE-02660
Dáta cur i bhfeidhm: 25.2.2021
1. An tainm atá le clárú
Großräschener See
2. Cineál táisc gheografaigh
TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
|
5. |
Fíon súilíneach ardchaighdeáin |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Fíon: fíon geal tirim tathagach. CINEÁL FÍNIÚNA: Solaris
Cuma: idir buí agus órbhuí, agus imireacha oráiste ann
Boladh: torthaí aibí, buí, agus rian coimhthíoch ann
Blas: láidir, cumhracht thorthaíoch, meascán de thorthaí coimhthíocha cosúil le péitseog, lítsí, banana lánaibí agus blasanna luibhe-glasraí, iarbhlas beagáinín noitmige
Saintréithe anailíseacha:
I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Fíon: fíon geal tirim tathagach. CINEÁL FÍNIÚNA: Cabernet Blanc
Cuma: idir glas éadrom agus buí
Boladh: dea-bholaithe casta de phiorraí agus torthaí trópaiceacha, imireacha de bhláthanna troim agus piobar glas
Blas: mianraí ag teacht ón ithir tille oighrí agus dúrabhán gainmheach cailcreach inti, tathagach, saintréith thorthaíoch den scoth a bhaineann go sonrach leis an gcineál fíniúna, agus iarbhlas fada air.
Saintréithe anailíseacha:
I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Fíon: fíon geal tirim torthaíoch. CINEÁL FÍNIÚNA: Johanniter
Cuma: idir glas éadrom agus buí éadrom
Boladh: torthaí citris, piorraí nó mealbhacáin
Blas: mianraí ag teacht ón ithir tille oighrí agus dúrabhán gainmheach cailcreach inti, aigéadacht bheoga agus éadrom ann
Saintréithe anailíseacha:
I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
4. Fíon: fíon geal leath-thirim torthaíoch. CINEÁL FÍNIÚNA: Johanniter
Cuma: idir glas éadrom agus buí éadrom
Boladh: torthaí citris, piorraí nó mealbhacáin
Blas: mianraí ag teacht ón ithir tille oighrí agus dúrabhán gainmheach cailcreach inti, aigéadacht bheoga agus éadrom ann, idirghníomhú deas idir aigéadacht agus milseacht
Saintréithe anailíseacha:
I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Fíon: fíon rosé tirim torthaíoch. CINEÁL FÍNIÚNA: Pinotin
Cuma: dath an bhradáin, bándearg copair, dearg éadrom.
Boladh: torthaíoch, caora dearga cosúil le sútha talún, sú craobh
Blas: saintréith thorthaíoch, torthaí úra, comhchuí
Saintréithe anailíseacha:
I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
6. Fíon: fíon dearg torthaíoch, tathagach. CINEÁL FÍNIÚNA: Pinotin
Cuma: dath dearg an rúibín
Boladh: silíní dorcha, caora dorcha
Blas: caora fiáine, silíní dubha, láidir, tathagach, iarbhlas fada aige
Saintréithe anailíseacha:
I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
7. Fíon: fíon dearg torthaíoch, tathagach, arna aibiú i mbairillí darach. CINEÁL FÍNIÚNA: Pinotin
Cuma: dath an rúibín, dúdhearg; aibithe: scothdhearg-scothdhonn
Boladh: silíní dorcha, caora dorcha
Blas: caora fiáine, silíní dubha, blas seacláide air nuair a aibítear é ar feadh i bhfad, iarbhlas fada aige, tainniní dea-chomhtháite, blasanna fanaile bhoig
Saintréithe anailíseacha:
I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
8. Fíon súilíneach ar ardchaighdeán: fíon geal, bándearg torthaíoch. CINEÁL FÍNIÚNA: Johanniter, Solaris, Cabernet Blanc, Pinotin nó cumaiscthe
Cuma: buí éadrom, bándearg copair éadrom, bándearg, dearg éadrom
Boladh: torthaíoch
Blas: torthaíoch, boilgeoga leanúnacha, iontach so-ólta.
Saintréithe anailíseacha:
I gcás nach dtugtar aon fhigiúr maidir le saintréithe anailíseacha, tá feidhm ag an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
13,5 |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
11 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fhíoneolacha
a. Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha
1. Fíon
Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
Fíon geal, fíon rosé
Níl aon chleachtas fíoneolaíoch sonrach ann
Fíon dearg as Pinotin
Coipeadh laín ar feadh 3 lá ar a laghad
Fíon dearg Pinotin arna aibiú i mbairillí darach
Coipeadh laín ar feadh 3 lá ar a laghad
Aibiú i mbairillí adhmaid ar feadh idir 8 agus 24 mhí
2. Fíon súilíneach ar ardchaighdeán
Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
Ní féidir an dara coipeadh sa bhuidéal a dhéanamh ach trí choipeadh tánaisteach traidisiúnta.
b. Táirgeacht uasta
|
1. |
Fíon 90 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
2. |
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán 90 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Tá ‘Großräschener See’ a bhfuil TGFC aige mar chuid de Thásc Geografach faoi Chosaint ‘Brandenburger Landwein’, uimhir chlárúcháin PGI-DE-A1281.
Áirítear ‘Großräschener See’ a bhfuil TGFC aige limistéir ina bhféadfar finiúnacha a chur i gceantar Großräschen, áit a mbíonn tionchar ag Loch Großräschen, a bhfuil achar dromchla de thart ar 775 ha ann, ar an aeráid.
Tá limistéar ‘Großräschener See’ a bhfuil TGFC aige crioslaithe le dáileachtaí talún agus fodháileachtaí talún atá lonnaithe i limistéar Brandenburg a bhfuil TGFC aige. Tá na fodháileachtaí talún seo a leanas mar chuid de limistéar críochaithe ‘Großräschener See’ a bhfuil TGFC aige:
|
Sraithuimhir |
Ceantar |
Dáileacht talún |
Fodháileacht talún |
|
1 |
Großräschen |
5 |
1 260 |
|
2 |
Großräschen |
6 |
676 |
|
3 |
Großräschen |
6 |
579 |
|
4 |
Großräschen |
5 |
1 259 |
|
5 |
Großräschen |
6 |
707 |
7. Príomhchineál(acha) fíonchaor
Cabernet Blanc
Johanniter
Pinotin
Solaris
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
Baineann cáilíocht ar leith na bhfíonta leis an aeráid speisialta, nó bíonn 2 018 uair an chloig de sholas na gréine ann ar an meán in aghaidh na bliana, an timpeallacht gheolaíoch ar leith ann, an rogha cineálacha fíonchaoire atá oiriúnaithe don áit agus piocadh na bhfíonchaor de láimh. Tá difear idir na fíonta (catagóir 1) agus na fíonta súilíneacha (catagóir 5) agus fíonta Brandenburg a bhfuil TGFC acu mar gheall ar a gcáil a tuilleadh de bharr na ndea-bholaithe na-chasta, ilchineálacha a eascraíonn as an soilsiú uathúil ó Loch Großräschen chomh maith leis an ithir tille oighrí ón dara céim oighreach Saale. Déantar idirdhealú idir an limistéar geografach thuasluaite atá lonnaithe ar a ithir nádúrtha agus tírdhreach tánaisteach mianach dromchla agus ithreach dumpála agus an ithir ghainmheach, beagán gairbhéalach in Brandenburg.
Baineann limistéir ina bhfuil an aeráid faoi thionchar Loch Großräschen leas as miocraeráid speisialta, bíonn 51.1 lá samhraidh ann (laethanta >= 25°C) agus substráit de mhoiréan íochtair faoina bhfuil dúrabhán gainmheach cailcreach ina gcuimsítear till oighreach, a foirmíodh le linn an dara céim oighreach Saale. Tá pH de 7.2 ag an ithir atá saibhir in aol. Tá an t-imoibriú ithreach alcaileach ina réamhriachtanas le haghaidh coinníollacha fáis den scoth agus infhaighteacht cothaitheach. Mar gheall ar acmhainn mhaith na hithreach chun teas, cothaithigh agus taise a choinneáil, is féidir le dea-bholaithe na bhfíonchaor a fhorbairt go hiomlán agus ar an gcaoi sin áirithítear go mbíonn na fíonta tathagach.
Tá na limistéir faoi fhíniúnacha suite thart ar 100 m os cionn leibhéal na farraige agus baineann siad leas as aghaidh na gréine thoir theas nó theas. Tá grádán idir 30 % agus 33 % ag an bhfíonghort is géire atá suite go díreach in aice leis an loch agus tá sé nochtaithe do dhianghrian. Tá an chuid eile den limistéar suite ar thaobh cnoic atá cothrom agus ag a bhfuil grádán 5 %. Mar gheall ar na dálaí aeráide agus geografacha i gcomhar leis an rogha fíonchaoire, bíonn meáchain na n-úrfhíonta fíonchaor i bhfad níos airde ná mar a bhíonn sa réigiún táirgeachta atá mórthimpeall ar Brandenburg, ar a dtugtar ‘Landwein’ (íosmhéid nirt alcóil nádúrtha 9.5 % i gcomparáid le 5.9 % in Brandenburg Landwein).
Frithchaitheann Loch Großräschen fuinneamh teasa agus solais, agus gníomhaíonn sé mar idirghabháil i gcoinne luaineachtaí foircneacha sa teocht. Frithchaitear solas ó dhromchla an uisce, agus tá na-tábhacht ag baint leis sin i dtaca le fótaisintéis. Dá bhrí sin, bíonn tionchar suntasach ag an soilsiú ón uisce ar chomhshamhlú na nduilleog. Mar thoradh ar an gcomhshamhlú, ina dhiaidh sin, ionchorpraítear na dea-bholaithe, rud a fhágann go mbíonn dea-bholaithe ar leith ar na fíonta ón limistéar faoi thionchar Loch Großräschen agus go mbíonn siad antathagach. Áirithítear leis an till oighreach go mbíonn soláthar maith cothaitheach le fáil do na plandaí agus, murab ionann agus ithreacha gainmheacha Brandenburg den chuid is mó (ar a dtugtar ‘bosca gainimh Brandenburg’ freisin), is féidir leis an ithir sa limistéar críochaithe atá i gceist uisce a choinneáil ar feadh níos faide, agus bíonn tionchar dearfach aige sin ar na fíonta, mar a shonraítear thíos i leith gach táirge.
Tugann an t-idirghníomhú idir an aeráid agus an ithir saintréithe orgánaileipteacha ar leith don chineál fíonchaoire Solaris, saintréithe nach bhfaightear nuair a fhástar iad i limistéir gheografacha eile – ní fhaightear torthaí coimhthíocha cosúil le péitseog, lítsí agus banana lánaibí go sainiúil sa bhlas ach amháin sa limistéar geografach seo. Murab ionann agus nuair a fhástar é i limistéir gheografacha eile, bíonn meáchain úrfhíonta fíonchaor ag an Cabernet Blanc atá níos airde agus bíonn saintréithe blaiste ar leith ann de bhláthanna troim agus piorraí, agus blasanna fíneálta piobair ghlais san iarbhlas amháin. Bíonn mianraí ag an gcineál fíonchaoire Johanniter a thagann ón dúrabhán gainmheach cailcreach agus tugann sin leis idirghníomhú beoga idir aigéadacht agus milseacht. Tugann an aeráid agus an ithir ag Loch Großräschen na leibhéil aigéadachta uathúla do na cineálacha fíonchaoire gile tráth an fhómhair. Tá an ithir agus an aeráid na-oiriúnach leis an gcineál fíonchaoire Pinotin a fhás agus tugann siad diandath an rúibín agus dea-bholaithe casta na gcaor do na fíonta seo. Bíonn tionchar ag an ithir ar an gcothromaíocht ar phróifíl an dea-bholaidh fiú i bhfíonta óga Pinotin.
Pioctar gach fíonchaor go cúramach de láimh, rud a fhágann go mbíonn na fíonta an-ghléghlan. Cinntear dáta fhómhar na bhfíonchaor trí fhaireachán an-bheacht a dhéanamh ar aibíocht, leibhéal siúcra, aigéadacht agus luach PH na bhfíonchaor. Déantar fíonta geala agus rosé trí choipeadh fuar chun próifíl shainiúil an dea-bholaidh a bhaint amach. Bíonn dath dearg an rúibín ar na fíonta dearga mar gheall ar an méid ama a chaitheann siad i dtadhall leis an gcraiceann. Chun a mblas sainiúil caor fiáin agus silíní dubha a dhéanamh, aosaítear iad de pháirt in umair chruach dhosmálta. Aibítear cuid de na fíonta dearga i mbairillí chun fíonta níos blasta a tháirgeadh, ina mbíonn tainniní dea-chomhtháite, rud a thugann acmhainneacht mhaith aosaithe.
Catagóir 5: ag an am céanna, mar thoradh ar dhifríochtaí i dteochtaí i rith an lae agus i rith na hoíche, bíonn fómhar fíonchaor ann a bhfuil aigéadacht ard acu, rud a mbíonn tábhacht ar leith ag baint leis i dtáirgeadh fíona shúilínigh bhunúsaigh a úsáidtear le haghaidh fíona shúilínigh ardchaighdeáin. Tagann saintréithe speisialta an fhómhair fíonchaor le haghaidh fíona shúilínigh bhunúsaigh ón soilsiú ó Loch Großräschen, a mbíonn tionchar aige ar phrófíl an dea-bholaidh a fhaightear fiú i bhfómhair luatha ina mbíonn aigéadacht ard.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha breise
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Sainmhínítear an fhaisnéis atá le soláthar ar na lipéid agus ar an bpacáistiú leis na dlíthe agus na rialacháin atá i bhfeidhm san Aontas Eorpach, i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus i Stát Cónaidhme Brandenburg. Chun ‘Großräschener See’ a bhfuil TGFC aige a úsáid ar an lipéadú, ní mór an buidéalaí a bheith san áireamh i gcóras na gcigireachtaí bliantúla maidir le comhlíonadh na sonraíochta táirge.
Creat dlíthiúil:
Dlí AE
An cineál coinníll bhreise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar fíonta ‘Großräschener See’ a bhfuil TGFC acu a aosú sa tSacsain
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
www.ble.de/eu-qualitaetskennzeichen-wein
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/57 |
Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(2023/C 222/20)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
IARRATAS AR LEASÚ AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE
‘Graciosa’
PDO-PT-A1447-AM01
Dáta cur i bhfeidhm: 21.3.2017
1. Rialacha is infheidhme maidir leis an leasú
Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh.°1308/2013 – Modhnú nach mion
2. Tuairisc agus cúiseanna leis an leasú
2.1. Faisnéis a bhaineann leis an iarratasóir
Tuairisc: Faisnéis a bhaineann leis an iarratasóir a thabhairt cothrom le dáta.
Cúiseanna: Tá an fhaisnéis a bhaineann leis an iarratasóir as dáta agus is gá dá bhrí sin í a thabhairt cothrom le dáta. Is gá an leasú seo chun an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge a chur i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm, agus é beartaithe freisin an fhaisnéis a cuireadh ar fáil roimhe a fheabhsú agus a shoiléiriú.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ – Mionsonraí an iarratasóra.
2.2. Faisnéis a bhaineann leis na páirtithe leasmhara
Tuairisc: Faisnéis a bhaint a bhaineann leis na páirtithe leasmhara.
Cúiseanna: Ós rud é gur léirmhíníodh go mícheart brí ‘na bpáirtithe leasmhara’, cuireadh mionsonraí an iarratasóra san réimse sin de bhotún. Mar sin baineadh an fhaisnéis sin. Is gá an leasú seo chun an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge a chur i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm, agus é beartaithe freisin an fhaisnéis a cuireadh ar fáil roimhe a fheabhsú agus a shoiléiriú.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ – Páirtithe leasmhara.
2.3. Faisnéis a bhaineann leis na comhlachtaí faireacháin
Tuairisc: Faisnéis a bhaineann leis na comhlachtaí faireacháin a thabhairt cothrom le dáta.
Cúiseanna: Tá an fhaisnéis a bhaineann leis an iarratasóir as dáta agus is gá dá bhrí sin í a thabhairt cothrom le dáta. Is gá an leasú seo chun an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge a chur i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm, agus é beartaithe freisin an fhaisnéis a cuireadh ar fáil roimhe a fheabhsú agus a shoiléiriú.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ – Faisnéis maidir leis na comhlachtaí faireacháin.
2.4. Faisnéis a bhaineann leis na húdaráis faireacháin inniúla
Tuairisc: Faisnéis a bhaineann leis na húdaráis faireacháin inniúla a thabhairt cothrom le dáta.
Cúiseanna: Tá an fhaisnéis a bhaineann leis na húdaráis faireacháin inniúla as dáta agus is gá dá bhrí sin í a thabhairt cothrom le dáta. Is gá an leasú seo chun an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge a chur i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm, agus é beartaithe freisin an fhaisnéis a cuireadh ar fáil roimhe a fheabhsú agus a shoiléiriú.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ – Faisnéis faoi na húdaráis faireacháin inniúla.
2.5. Catagóir táirge – catagóir nua táirgí fíniúna a chur leis
Tuairisc: Cuireadh an chatagóir ‘Fíon licéir’ leis.
Cúiseanna: Is é cuspóir an leasaithe seo luach eacnamaíoch táirge atá sa réigiún cheana féin a mhéadú, trí aitheantas a thabhairt dó faoin STFC.
Tá an cineál sin fíona á dhéanamh cheana ag na táirgeoirí i gcomhréir leis na cleachtais thraidisiúnta sa réigiún agus clú air mar gheall ar a cháilíocht agus a shainiúlacht. Dá bhrí sin, trína chur san áireamh faoin STFC ‘Graciosa’, aithnítear a thábhacht agus a cháilíocht, agus an breisluach dá tháirgeoirí.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.
2.6. Catagóir táirge – catagóir nua táirgí fíniúna a chur leis
Tuairisc: Cuireadh an chatagóir ‘Fíon súilíneach’ leis.
Cúiseanna: Is é cuspóir an leasaithe seo chun luach eacnamaíoch táirge atá sa réigiún cheana féin a mhéadú, trí aitheantas a thabhairt dó faoin STFC.
Tá an cineál sin fíona á dhéanamh cheana ag na táirgeoirí i gcomhréir leis na cleachtais thraidisiúnta sa réigiún agus clú air mar gheall ar a cháilíocht agus a shainiúlacht. Dá bhrí sin, trína chur san áireamh faoin STFC ‘Graciosa’ aithnítear a thábhacht agus a cháilíocht, agus an breisluach dá tháirgeoirí.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.
2.7. Tuairisc ar na fíonta – catagóir ‘Fíon’
Tuairisc: Feabhsaíodh agus leasaíodh an tuairisc ar na fíonta.
Cúiseanna: Ós rud é gur suíodh an tuairisc ar na fíonta a bhí ann roimhe a bheith ilchineálach agus doiléir, ba cheart í a leasú chun na saintréithe atá bainteach le fíonta faoin STFC ‘Graciosa’ a leagan amach. Is gá an leasú seo chun an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge a chur i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Tuairisc ar na fíonta’ – catagóir ‘Fíon’.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Tuairisc ar na fíonta’ – catagóir ‘Fíon’.
2.8. Cleachtais fíonsaothrúcháin – uastáirgeachtaí
Tuairisc: An eisceacht a bhaint.
Cúiseanna: Socraíodh ceanglas soiléir agus oibiachtúil le haghaidh an pharaiméadair sin, agus ar an mbealach sin ráthaítear aonfhoirmeacht agus intuarthacht na ndálaí táirgthe.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.
2.9. Cleachtais fhíoneolaíocha – cleachtais fíoneolaíochta – catagóir ‘Fíon’
Tuairisc: Rinneadh na cleachtais fíoneolaíochta a bhí leagtha amach roimhe a chuíchóiriú agus a leasú. Baineadh an t-íoscheanglas teacht chun cineáil le haghaidh na bhfíonta sa chatagóir seo.
Cúiseanna: Rinneadh na ceanglais agus na srianta a bhí infheidhme roimhe seo maidir leis an gcatagóir táirge ‘Fíon’ a shimpliú agus a shoiléiriú, gan cur isteach ar na saintréithe atá bainteach le fíonta faoin STFC ‘Graciosa’. Baineadh an ceanglas na fíonta a thabhairt chun cineáil ar feadh íostréimhse, toisc nár cruthaíodh gur toisc shuntasach í chun saintréithe fíonta faoin STFC ‘Graciosa’ a áirithiú.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.
2.10. Cleachtais fhíoneolaíocha – cleachtais fíoneolaíochta – gach catagóir
Tuairisc: Srian a chur san áireamh maidir le fíonóireacht is infheidhme maidir le gach catagóir táirge: Ní mór go dtiocfadh 85 % de thoirt iomlán an úrfhíona ó na príomhchineálacha fíonchaor, agus féadfaidh an chuid eile teacht ó chineálacha tánaisteacha.
Cúiseanna: Mar thoradh ar liosta teoranta a bhunú de chineálacha fíonchaor atá fíor-riachtanach chun barántúlacht agus carachtar sainiúil na bhfíonta faoin STFC ‘Graciosa’ a ráthú, sainíodh íoschéatadán le haghaidh an toirt iomláin úrfhíona nach mór teacht ó na príomhchineálacha sin. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil na cineálacha tánaisteacha i measc na gcineálacha traidisiúnta a shaothraítear sa limistéar geografach freisin, ní dhéantar dochar do charachtar sainiúil fíonta faoin STFC ‘Graciosa’ má cheadaítear iad a úsáid ar bhealach teoranta.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’ – Srian maidir le fíonóireacht.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’ – Srian maidir le fíonóireacht.
2.11. Príomhchineálacha fíonchaor – modhnú/ailíniú ar an liosta cineálacha
Tuairisc: Ailíniú na gcineálacha fíonchaor i gcomhréir leis an liosta náisiúnta nua. Baint na gcineálacha Bical, Fernão Pires, Generosa, Malvasia, Rio Grande, Seara Nova agus Sercial. Cineálacha atá tagtha chun bheith ina gcineálacha tánaisteacha: Malvasia Fina (Boal).
Cúiseanna: Ba cheart an liosta de chineálacha fíonchaor a fhéadfar a úsáid chun fíonta a tháirgeadh i réigiún Graciosa a thabhairt cothrom le dáta agus a ailíniú leis an gcreat dlíthiúil nua ina bhfuil an liosta náisiúnta de chineálacha atá oiriúnach don fhíonsaothrú sa Phortaingéil.
Tháinig an srian ar na cineálacha a fhéadfar a úsáid chun cinn tar éis gur bunaíodh liosta teoranta de chineálacha atá fíor-riachtanach chun barántúlacht agus carachtar sainiúil na bhfíonta faoin STFC ‘Graciosa’ a ráthú. Mar thoradh ar an bpróiseas sin bogadh cineál amháin a mheastaí roimhe sin mar phríomhchineál chuig an liosta de chineálacha tánaisteacha.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Príomhchineálacha fíonchaoire’.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Príomhchineálacha fíonchaoire’.
2.12. Cuimsiú cineálacha fíonchaor tánaisteacha
Tuairisc: Bunaíodh dhá chineál thánaisteacha, mar atá Malvasia Fina (Boal), a baineadh de liosta na bpríomhchineálacha; agus Galego Dourado a cuireadh leis.
Cúiseanna: Ós rud é go bhfuil na cineálacha sin i measc na gcineálacha traidisiúnta a shaothraítear sa limistéar geografach freisin, ní dhéantar dochar do charachtar sainiúil fíonta faoin STFC ‘Graciosa’ má chuirtear san áireamh mar chineálacha tánaisteacha iad.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: Ní dhéantar aon difear don doiciméad aonair.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Cineálacha fíonchaor tánaisteacha’.
2.13. Nasc leis an limistéar geografach – gach catagóir
Tuairisc: Feabhsaíodh agus leasaíodh an tuairisc ar an nasc leis an limistéar geografach.
Cúiseanna: Ós rud é gur suíodh an tuairisc a bhí ann roimhe seo ar an nasc leis an limistéar geografach (catagóir: ‘Fíon’) a bheith ilchineálach agus doiléir, agus gur cheart tuairisc a dhéanamh freisin ar an nasc le haghaidh na gcatagóirí nua táirge (‘Fíon súilíneach’ agus ‘Fíon licéir’), rinneadh athbhreithniú ar ábhar an phointe sin agus cuireadh na catagóirí táirge uile san áireamh. Dá bhrí sin, rinneadh an t-ábhar níos cruinne, agus cuireadh san áireamh go gclúdaíonn an nasc leis an limistéar geografach gach catagóir.
Pointí leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Nasc leis an limistéar geografach’.
Pointí leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Nasc leis an limistéar geografach’.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm an táirge
Graciosa
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
|
3. |
Fíon licéir |
|
5. |
Fíon súilíneach |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
4.1. Fíonta
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta geala
Tá idir dath buí tréan agus dath buí éadrom ar na fíonta, agus dea-bholadh orthu ina measctar blasanna citris agus muirí le ruainnín de thorthaí trópaiceacha. Sa bhéal, tá goirte agus mianracht shuntasach orthu, chomh maith le seirbhe shuntasach, tá cion measartha alcóil iontu, agus fágann siad iarbhlas úr.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha iad.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
10,5 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
46,6 milleachoibhéis in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
18 |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
200 |
4.2. Fíonta licéir
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta geala
Bíonn idir dath ómra agus dath donn ar na fíonta le drithlí órga. Tá a gcumhracht sonrach mar gheall ar bhlasanna de chlochthorthaí agus d’fhéadfadh blasanna meala, caramail agus spíosraí a bheith san áireamh freisin. Féadann dea-bholaithe tóstáilte agus toite teacht chun cinn ó theacht chun cineáil i mbairillí.
Bíonn blas saibhir orthu, idir tirim agus leathmhilis, le haigéadacht agus salandacht inbhraite. Fíonta torthaíochta (clochthorthaí) iad a bhféadfadh blasanna de thorthaí triomaithe, mil, caramal agus spíosraí a bheith iontu chomh maith.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha iad.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
16 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
46,6 milleachoibhéis in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
30 |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
150 |
4.3. Fíonta súilíneacha
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta geala
Tá idir dath buí tréan agus dath buí éadrom ar na fíonta geala súilíneacha, agus dea-bholadh orthu ina measctar blasanna citris agus muirí le ruainnín de thorthaí trópaiceacha. Bíonn súilíní míne leanúnacha acu agus bíonn blas torthaíoch agus mianra orthu sa bhéal, chomh maith le blasanna muirí agus aigéadacht shuntasach, agus fágann siad iarbhlas úr.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha iad.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
11,5 |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
46,6 milleachoibhéis in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
18 |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
185 |
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1. Fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir – bainistíocht fíonghort agus ithreacha
Modhanna saothraithe
Ní mór go dtagann na fíonchaora a úsáidtear chun fíonta faoi STFC ‘Graciosa’ a tháirgeadh ó vinhas estremes (dáileachtaí fíonghoirt nach bhfuil níos mó ná 20 crann in aghaidh an heicteáir iontu), áit a dtreoraítear na fíniúnacha sa ghort agus na córais chuachphrúnála nó tródaim á n-úsáid.
Ní mór fíonghoirt atá beartaithe chun fíonta faoin STFC ‘Graciosa’ a tháirgeadh a chur ar ithreacha donna, andasalacha tanaí caighdeánacha nó ar ithreacha reigeasalacha a fhoirmítear den bhasalt nó ábhar pireaclastach atá suite thar bhasalt éadomhain.
2. Fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir – cleachtais thraidisiúnta
Srian maidir le fíonóireacht
Ní mór cloí leis na modhanna agus na cleachtais fíoneolaíochta thraidisiúnta agus fíonta faoin STFC ‘Graciosa’ á ndéanamh.
3. Fíonta - neart alcóil nádúrtha de réir toirte
Srian maidir le fíonóireacht
Ní mór neart alcóil nádúrtha íosta féideartha de 10 % de réir toirte a bheith ag na fíonta a úsáidtear.
4. Fíonta súilíneacha - neart alcóil nádúrtha de réir toirte
Srian maidir le fíonóireacht
Ní mór neart alcóil nádúrtha íosta féideartha de 9 % de réir toirte a bheith ag na húrfhíonta a úsáidtear le haghaidh bunfhíonta na bhfíonta súilíneacha.
5. Fíonta licéir - neart alcóil nádúrtha de réir toirte
Srian maidir le fíonóireacht
Ní mór neart alcóil nádúrtha íosta féideartha de 12 % de réir toirte a bheith ag na húrfhíonta a úsáidtear le haghaidh na bhfíonta licéir.
6. Fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir – cineálacha fíonchaor
Srian maidir le fíonóireacht
Agus fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir faoin STFC ‘Graciosa’ á ndéanamh, ní mór do na cineálacha fíonchaor atá sainaitheanta mar phríomhchineálacha a bheith cothrom le 85 % de thoirt iomlán an úrfhíona. Féadfar an chuid eile den toirt iomlán úrfhíona teacht ó chineálacha atá sa liosta de chineálacha tánaisteacha.
7. Fíonta licéir – tréimhse aosaithe
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní fhéadfar fíonta licéir ar a bhfuil STFC ‘Graciosa’ a bhuidéalú ach go dtí go bhfuil íostréimhse teacht chun cineáil 36 mhí thart.
5.2. Uastáirgeacht
Fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir
70 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Clúdaíonn limistéar geografach an STFC ‘Graciosa’ limistéir d’airde nach sáraíonn 150 méadar i bparóistí Santa Cruz, Guadalupe, Praia agus Luz i mbardas Santa Cruz.
7. Príomhchineál(acha) fíonchaor
|
|
Arinto dos Açores - Terrantez da Terceira |
|
|
Terrantez do Pico |
|
|
Verdelho |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
Fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir
Mionsonraí an limistéir gheografaigh:
Tá feidhm ag an bhfaisnéis sin maidir le fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir.
Tosca nádúrtha
Comhfhreagraíonn limistéar geografach an STFC ‘Graciosa’ d’oileán Graciosa. Tá achar dromchla aige de thart ar 61 km2, tá sé 12.5 km ar fhad agus tá uasleithead de 7.5 km aige. Oileán é Graciosa atá suite san iarthuaisceart is sia den Ghrúpa Láir d’oileánra na nAsór. Is lú an céatadán de thalamh shléibhtiúil ar Graciosa ná ar aon oileán eile de chuid na nAsór, agus uasairde de 402 mhéadar ann.
Mar gheall ar a thopagrafaíocht shainiúil tá níos lú scamall ann, agus mar sin bíonn an bháisteach níos ísle agus an bhogthaise choibhneasta níos ísle i gcomparáid le hoileáin eile an oileánra. Tá na dálaí sin tairbhiúil chun fíniúnacha a fhás agus chun fíonta a tháirgeadh ag a bhfuil féiniúlacht shuaithinseach.
Tá aeráid mhuirí mheasartha ag an oileán le teochtaí séimhe idir 16 °C agus 26 °C sa samhradh. Mar gheall ar thionchar Shruth na Murascaille bíonn teocht na farraige séimh freisin, agus í idir 14o C agus 22o C.
Ar an meán, bíonn thart ar 3 go 4 uair an chloig gréine in aghaidh an lae sa gheimhreadh, agus thart ar 7 go 8 n-uair an chloig sa samhradh. Bíonn an mheán-bhogthaise choibhneasta thart ar 75 %.
Titeann an bháisteach go tráthrialta ar feadh na bliana ach is gnách go mbíonn sí níos láidre agus níos minice sa gheimhreadh. I ngach ceann de na míonna is fliche (Deireadh Fómhair go mí an Mhárta), sáraíonn an bháisteach 100 mm, le meán de thart ar 20 lá báistí.
Gné thábhachtach den aeráid atá sa ghaoth, a tharlaíonn mar thoradh ar imbhualadh na n-aermhaiseanna Atlantacha, mar gheall ar an mbogthaise agus an tsalandacht a ghabhann léi.
Is de bhunús bolcánach na hithreacha agus díorthaítear go príomha ó bhasalt iad. Bíonn siad briste síos cuid mhaith, ach bíonn méid áirithe d’ábhar garbh (clochacht) iontu fós.
Tosca daonna
Mar oileán iargúlta agus tuaithe, tá Graciosa gafa go mór leis an talmhaíocht le fada an lá: chomh luath leis an 16ú céad, bhí an t-oileán ag ollmhairiú cheana roinnt táirgí talmhaíochta, agus fíon san áireamh. Go deimhin, aithníodh táirgeadh fíona mar bhuntáiste eacnamaíoch fós ar feadh na mblianta.
Cuirtear na fíniúnacha in áiteanna ina mbíonn siad cosanta go nádúrtha ar thionchar na farraige nó trí idirghabháil an duine, a dhéantar i bhfoirm shainiúil. I bhfocail eile, chun cosaint ar na gaotha Atlantacha a áirithiú, tógtar na dáileachtaí ina gcuirtear na fíniúnacha trí charraigeacha laibhe a bhaint chun an ithir a nochtadh agus úsáid á baint as na carraigeacha ansin chun ballaí na dáileachta a thógáil. Bíonn cuma an-uathúil ar an tírdhreach mar gheall ar na dáileachtaí sin – ar a dtugtar curraletas. Mar gheall ar rialtacht an tír-raoin, bíonn na struchtúir sin leagtha amach go slachtmhar ó thaobh na geoiméadrachta de.
Saintréithe sonracha an táirge atá bainteach leis an limistéar geografach:
Fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir
Príomh-shaintréithe na bhfíonta, na bhfíonta licéir agus na bhfíonta súilíneacha ar a bhfuil an STFC ‘Graciosa’ iad a mianracht agus a salandacht, rud a chiallaíonn go mbíonn siad difriúil le fíonta eile.
Bíonn fíonta, fíonta licéir agus fíonta súilíneacha ar a bhfuil an STFC ‘Graciosa’ úr agus cion measartha alcóil iontu agus cumhracht acu a chuireann i gcuimhne torthaí, chomh maith le haigéadacht shuntasach agus blasanna mianra.
Nasc leis an limistéar geografach:
Le forbairt dhearfach ithreacha Graciosa le himeacht ama, agus gan mórán carraigeacha móra (clochacht) iontu, spreagtar frithchaitheamh an teasa agus aibiú séimh na bhfíonchaor dá bharr sin, rud a chruthaíonn fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir atá úr agus, nuair a chuirtear i gcomparáid le fíonta as oileáin eile iad, atá beagáinín níos aigéadaí agus beagáinín níos lú alcóil iontu.
Cuireann na leibhéil arda de bháisteach agus de bhogthaise aeir le próiseas aibithe séimh, agus bíonn méid siúcra réasúnta íseal sna fíonchaora dá bharr, a mbíonn fíonta ina mbíonn cion measartha alcóil agus aigéadacht shuntasach mar thoradh air.
Is iad na hithreacha bolcánacha, in éineacht le tionchar láidir an Atlantaigh mar thoradh ar iargúltacht Graciosa, a thugann an mhianracht agus tsalandacht shaintréitheach d’fhíonta ar a bhfuil STFC ‘Graciosa’.
Tar éis traidisiúin a chaomhnú a théann siar na céadta bliain, léirítear an toisc dhaonna i dtógáil na ndáileachtaí (curraletas), atá fíor-riachtanach chun na fíniúnacha a chosaint ar ghaotha an Atlantaigh agus chun na dálaí fáis is fearr a chruthú. Ceadaíonn sé sin aibiú séimh na bhfíonchaor agus áirithítear leis cothrom na ndea-bholaithe sna fíonta, sna fíonta súilíneacha agus sna fíonta licéir a tháirgtear. Tá an líon teoranta de chineálacha fíniúnacha arb iad na cineálacha is fearr a oireann do dhálaí an limistéir gheografaigh ina thoisc chinniúnach agus shainiúil maidir le saintréithe cáilíochta fhíonta an limistéir (fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir) agus léiríonn sé an saineolas atá forbartha i gcaitheamh na mblianta.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha breise
Fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir
|
|
Creat dlíthiúil: |
|
|
Sa reachtaíocht náisiúnta. |
|
|
An cineál coinníll bhreise: |
|
|
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú. |
|
|
Tuairisc ar an gcoinníoll: |
|
|
Measúnú ar an lipéadú roimh mhargaíocht. |
|
|
Ní mór an lógó STFC a bheith ar an lipéad. |
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://www.ivv.gov.pt/np4/8617.html
|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/65 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú é ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2023/C 222/21)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1) .
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
‘Champagne’
PDO-FR-A1359-AM04
Dáta teachtaireachta: 31.3.2023
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Cineálacha fíniúna
I bpointe (1) de Roinn V de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, cuireadh na focail ‘- Príomhchineálacha fíniúna:’ leis chun Voltis B, cineál leasa a úsáidtear ar chríocha oiriúnaithe, a chur san áireamh.
Chinn coiste inniúil náisiúnta na hInstitiúide Náisiúnta um Thionscnamh agus Cáilíocht (INAO) an rogha a údarú, maidir le hainmniúcháin a chuireann iarratas isteach, cineálacha leasa a thabhairt isteach chun oiriúnú don athrú aeráide nó d’ionchais shochaíocha maidir le táirgí cosanta barr a úsáid. Tá rialacha áirithe ag baint leis an gcineál seo a chur i sonraíocht.
I bpointe (2) de Roinn V de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, cuirtear rialacha maidir le sciartha plandaithe leis.
|
a) |
Tá sciar na bpríomhchineálacha fíniúna níos mó ná nó cothrom le 95 % de na fíniúnacha a cuireadh. |
|
b) |
Tá sciar an chineáil Voltis B níos mó ná nó cothrom le 5 % de na fíniúnacha a cuireadh. |
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
2. Dlús plandála
I bpointe (1)(a) de Roinn VI de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, leasaíodh na rialacha ginearálta maidir le dlús chun spásáil idir na línte a mhéadú agus chun spásáil idir na plandaí a laghdú nuair a chuirtear na fíniúnacha.
Déanfaidh na rialacha nua sin, a cinneadh tar éis roinnt blianta turgnamhaíochta, rudaí i bhfad níos éasca do na fíonghoirt oiriúnú d’athrú aeráide agus na cleachtais agra-chomhshaoil atá i bhfeidhm. Leis an laghdú ar an íosmhéid spásála idir plandaí cúitítear, go pointe áirithe, an dlús plandaithe níos ísle.
Is gá pointe 5 den doiciméad aonair a leasú de bharr an athraithe sin.
3. Rialacha prúnála
Faoi phointe (1)(b) de Roinn VI de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, leasaíodh foclaíocht na modhanna prúnála – Chablis, Cordon de Royat, Vallée de la Marne agus Guyot (aonair nó dúbail) – chun na rialacha nua maidir le dlús a chur san áireamh.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
4. Cleachtais saothraithe eile
Cuireadh dhá chleachtas saothraithe le pointe (2) de Roinn VI de Chaibidil I den tsonraíocht táirge:
|
— |
Ní mór brat fásra nádúrtha nó plandaithe a bheith idir na línte ón 30 Samhain go dtí an 31 Eanáir den bhliain dár gcionn. |
|
— |
Cuirtear na fíniúnacha agus cuirtear plandaí ina n-áit, plandaí a bhfuil cóireáilte déanta ar a gcomhpháirteanna (beanguithe agus fréamhstoic) le huisce te sula ndéantar beangú orthu. I gcás eile, cuirtear uisce te ar na plandaí sula gcuirtear iad. Ní mór an chóireáil uisce the a dhéanamh ag stáisiún a d’fhormheas FranceAgriMer. |
Tá cuspóir agra-éiceolaíoch ag na rialacha nua seo.
Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.
5. Táirgeachtaí – solaid a bhaint
Faoi phointe (5)(a) de Roinn VIII de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, ní mór solaid a thagann as fáscadh a bhaint roimh an ‘31 Eanáir den bhliain tar éis an fhómhair’ in ionad an ‘15 Nollaig i mbliain an fhómhair’.
Cuireadh síneadh ama leis an sprioc-am chun solaid a bhaint de bharr deacrachtaí a bhí ag cuideachtaí a fhaigheann na solaid chun na haistrithe uile a chur i gcrích ar láthair an oibritheora faoin gcéad sprioc-am.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
6. Próiseáil
Cuireadh an riail seo a leanas san áireamh i bpointe (2)(c) de Roinn IX de Chaibidil I den tsonraíocht táirge:
Déantar na fíonta as cineál fíniúna amháin nó as níos mó ná cineál fíniúna amháin. Ní fhéadfar iad a dhéanamh as cineál leasa amháin chun críoch oiriúnaithe.
Tá sciar an phríomhchineáil (na bpríomhchineálacha) fíniúna níos mó ná nó cothrom le 90 % den chumasc.
Tá sciar an chineáil leasa a úsáidtear chun críche oiriúnaithe níos mó ná nó cothrom le 10 % den chumasc.
Le tabhairt isteach cineál leasa amháin nó níos mó a úsáidtear chun críoch oiriúnaithe, ceanglaítear nach mbeidh sna fíonta dá thoradh níos mó ná 10 % den chumasc sa táirge deiridh.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
7. Táirgeadh agus pacáistíocht
I bpointe (3)(a) de Roinn IX de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, leasaíodh na rialacha maidir le méid na mbuidéal a dtarlaíonn an coipeadh tánaisteach iontu agus ina ndíoltar na fíonta.
Úsáidtear an fhoclaíocht seo a leanas anois: ‘déantar agus díoltar na fíonta sna buidéil inar tharla an coipeadh tánaisteach, cé is moite d’fhíonta a dhíoltar i mbuidéil de thoirt níos lú ná 75 cl (in áit 37.5 cl) nó níos mó ná 150 cl (in áit 300 cl)’.
Tháinig méadú suntasach ar an éileamh ar leathbhuidéil ó tarraingíodh suas an chéad sonraíocht táirge. Cuireann na leasuithe ar na rialacha ar a gcumas do chuideachtaí freastal níos éasca ar an méadú sin.
Ní mór pointe 9 den doiciméad aonair a leasú de bharr an athraithe sin.
I gcomhréir leis na rialacha nua sin, leasaíodh na rialacha maidir le fíonta a chur i mbuidéal eile tar éis an choipthe thánaistigh.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
8. Rialacha léirithe agus lipéadaithe
I bpointe (b) de Roinn XII de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, leasaíodh an fhoclaíocht maidir leis na coinníollacha chun soiléiriú a thabhairt ar na hainmneacha atá údaraithe in aonaid gheografacha níos lú ar lipéadú fíonta atá cumhdaithe ag ainmniúchán tionscnaimh cláraithe, gan an bhrí a athrú.
Ní mór pointe 9 den doiciméad aonair a leasú de bharr na n-athruithe sin.
9. Tagairt don chomhlacht cigireachta
I Roinn II de Chaibidil III den tsonraíocht táirge, tugadh seoladh an chomhlachta cigireachta cothrom le dáta.
Athraíodh an fhoclaíocht sa dara mír agus scriosadh an tríú mír chun go gcomhlíonfar na rialacha nua maidir le dréachtú le haghaidh Roinn II den tsonraíocht.
Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm an táirge
Champagne
2. Cineál táisc gheografaigh
ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
|
5. |
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta súilíneacha geala agus rosé ar ardchaighdeán iad na fíonta seo.
Is é an neart alcóil nádúrtha de réir toirte a bhíonn acu ná 9 % ar a laghad.
Ní bhíonn neart alcóil iomlán de réir toirte na bhfíonta níos láidre ná 13 % tar éis saibhriú agus coipeadh tánaisteach.
Ní mór don aigéadacht luaineach, aigéadacht iomlán, dé-ocsaíd sulfair agus dé-ocsaíd charbóin a bheith laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht AE.
D’fhéadfadh na fíonta seo a bheith geal (déanta as meascán d’fhíonchaora bána agus dubha, nó déanta as fíonchaora bána amháin [blanc de blancs], nó déanta as fíonchaora dubha amháin [blanc de noirs]) nó rosé (déanta trí roinnt fíon dearg a chumasc leis nó trí theagmháil leis an gcraiceann le linn an choipthe). Déantar iad seo le fíonchaora a fhásann i mbardas amháin nó níos mó agus d’fhéadfaidís a bheith ina bhfíonta sárbhliana nó gan a bheith.
Bíonn rud amháin i gcomhpháirt leis na fíonta uile: aigéadacht, rud a chinntíonn úire agus oiriúnacht don tabhair chun cineáil. Sna fíonta is úire, bíonn blas thar a bheith úr ann: torthaí agus bláthanna geala, torthaí citris agus blasanna mianraí. Bíonn níos mó i gceist leis an bpailéad a bhaineann le fíonta aibí, bíonn dea-bholaithe de thorthaí bhuí ann, torthaí bruite agus spíosraí, agus tagann dea-bholaithe níos láidre ó thorthaí criostalaithe, casarnach san fhoraois agus róstadh chun cinn sna fíonta is aibí atá ann (ar a dtugtar de plénitude). Maireann na boilgeoga – saintréith an ‘Champagne’ – agus coinnítear iad go leanúnach i bhfíonta úra, agus éiríonn siad níos míne agus níos boige le haois.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt): |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1. Dlús fíniúnacha – rialacha ginearálta
An modh saothraithe
Cuirtear na fíniúna ionas nach mbeidh an spásáil idir na línte níos mó ná 2.00 mhéadar.
Bíonn an spásáil idir plandaí sa líne chéanna idir 0.70 agus 1.50 méadar.
Ní fhéadfaidh an spásáil iomlán idir na línte fíniúna agus an spásáil idir na plandaí sa líne chéanna a bheith níos mó ná 3.00 mhéadar.
Toirmeasctar aon athrú a dhéanamh ar dháileachtaí a chuireann athrú ar bith ar an dlús plandaithe go dtí go ndéantar grafadh ar na dáileachtaí.
2. Dlús fíniúnacha – rialacha speisialta
An modh saothraithe
Ionas go mbeidh rochtain ar innealra faoi leith air, ar dháileachtaí ina bhfuil:
|
— |
grádán fána níos mó ná 35 % |
|
— |
nó grádán fána níos mó ná 25 % i dteannta grádán crosfhána níos mó ná 10 %, féadfar cosán, atá idir 1.50 agus 3 mhéadar ar leithead, a fhágáil saor ag líne amháin ar a mhéad as gach sé líne. Sa chás sin, ní bheidh suim na spásála idir na línte eile agus na spásála idir plandaí sa líne chéanna níos mó ná 2.30 méadar. |
3. Rialacha prúnála
An modh saothraithe
Ní bheidh forluí idir na fíniúnacha difriúla agus níor cheart go mbeadh gais toraidh ag bualadh faoina chéile. Níor cheart níos mó ná 18 mbachlóg a bheith ar gach méadar cearnach. Ní mór na fíniúnacha a phrúnáil sula dtarlaíonn an chéim feineolaíochta ‘ceithre duilleoga oscailte’ (céim F, nó céim 12 ar scála Lorenz).
Ceadaítear na teicnící prúnála fíniúna seo a leanas:
|
— |
Prúnáil Chablis; |
|
— |
Prúnáil Cordon de Royat; |
|
— |
Prúnáil Vallée de la Marne; |
|
— |
Prúnáil Geota (aonair, dhúbailte nó neamhshiméadrach). |
Ní cheadaítear cleachtais a choisceann triopaill fíonchaor a bhaint ina n-iomláine.
4. Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní cheadaítear sliseanna adhmaid a úsáid.
Cuirtear uasteorainn leis an méid gur féidir toirt an úrfhíona fíonchaor méadú sa phróiseas saibhrithe ag 1.12 % do gach méadú 1 % sa neart alcóil.
Ní mór na cleachtais fíonóireachta a úsáidtear rialacha an Aontais agus an Cód Tuaithe a chomhlíonadh, chomh maith leis na forálacha thuas.
Déantar na fíonta trí choipeadh tánaisteach i mbuidéil ghloine amháin.
5.2. Uastáirgeacht
1. Teorainn táirgeachta uasta
15 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Ní mór na fíonchaora a bhaint, na fíonta a dhéanamh agus a fhorbairt sa limistéar geografach atá leagtha amach in Airteagal 17 den Acht ón 6 Bealtaine 1919 – lena n-áirítear gach próiseas fíonóireachta idir coipeadh agus buidéalú – agus ní mór na fíonta a chur i mbuidéil ansin.
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
|
Arbane B |
|
|
Chardonnay B |
|
|
Meunier N |
|
|
Petit Meslier B |
|
|
Pinot Blanc B |
|
|
Pinot Gris G |
|
|
Pinot Noir N |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Mionsonraí an limistéir gheografaigh – Tosca nádúrtha
- Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc
Tá an limistéar geografach suite in oirthuaisceart na Fraince, agus cumhdaíonn sé limistéir i ranna Aisne, Aube, Haute-Marne, Marne agus Seine-et-Marne.
Críochaítear go beacht na dáileachtaí ar féidir a mbarr a úsáid chun na fíonta a dhéanamh agus bíonn siad i measc na bhfíonghort ar thaobh an chnoic ina luí ar struchtúir gheomoirfeolaíocha shuntasacha ar an taobh thoir den Basis Paris ar a dtugtar cuaistí:
|
— |
Côte d’Ile-de-France i roinn Marne agus fánaí na ngleannta nasctha, arb iad na ceantair is ionadaíche, ag teacht aduaidh, ‘Montagne de Reims’, ‘Vallée de la Marne’ (a théann chomh fada le deisceart roinn Aisne agus le Seine-et-Marne), ‘Côte des Blancs’ agus ‘Côte de Sézanne’; |
|
— |
Côte de Champagne, le ceantar ‘Vitryat’ i roinn Marne agus ceantar ‘Montgueux’ i roinn Aube; |
|
— |
Côte des Bar, áit a bhfuil roinnt gleannta ag dul tríd, a chuimsíonn ceantar ‘Bar-sur-Aubois’ san oirthear agus ceantar ‘Bar Séquanais’ san iarthar, a théann chomh fada amach go dtí ranna Aube agus Haute-Marne. |
An tír-raon cuaiste tipiciúil sin, lena ghleannta in aice láimhe, tá fánaí a bhfuil a n-aghaidh soir agus ó dheas aige agus bíonn fánaí a bhfuil a n-aghaidh ó thuaidh uaireanta freisin amhail na fánaí i dtuaisceart ‘Montagne de Reims’ agus ar bhruach clé ‘Vallée de la Marne’.
Tá scaireanna crua aolchloiche nó cailce sna fánaí tosaigh, agus tá na cúlfhánaí cailceach, de mharla nó gainmheach, agus níos boige, agus d’fhág an creimeadh lom iad agus ansin clúdaíodh iad arís le snaíochar ón bhfána tosaigh ar an droim in aice láimhe.
Is réigiún é ‘Champagne’ atá suite i limistéar fíonóireachta ó thuaidh, agus bíonn tionchar ag dhá aeráid dhifriúla air:
|
— |
aeráid aigéanach a sholáthraíonn báisteach rialta, agus bíonn difríochtaí teoranta idir an teocht le gach séasúr, agus |
|
— |
aeráid ilchríochach, ina mbíonn sioc – uaireanta sioc an-trom – agus ansin grian thairbheach i rith an tsamhraidh. |
8.2. Mionsonraí an limistéir gheografaigh – Tosca daonna
Cuireadh fíniúnacha sa limistéar ‘Champagne’ ón gcianaois, agus bunaíodh i gceart iad sa naoú céad tar éis do na manaigh fíonóireacht a fhorbairt. Tosaíodh ar thurgnamhaíocht le fíonta geala a bhí súilíneach go nádúrtha agus coipeadh tánaisteach i dtreo dheireadh an seachtú céad déag. Ag deireadh an naoú céad déag, scríobh fíoneolaí mór le rá darbh ainm Weinmann an méid seo a leanas: ‘Is fíon an-choiptheach é an fíon a thagann as Champagne. Déanann sé a dhara coipeadh i mbealach i bhfad níos éasca, níos rialta agus níos fearr ná coipeadh ar bith eile’.
Cé go bhfeictear na chéad tagairtí don fhíon seo, ar tugadh saute-bouchon nó ‘pléiscín coirc’ air, sna dánta leis an ab Chaulieu in 1700, níor cuireadh an modh i scríbhinn go dtí gur foilsíodh saothar dar teideal Manière de cultiver la vigne et de faire le vin de Champagne [Conas fíniúnacha Champagne a fhás agus fíon Champagne a dhéanamh]; creditear gur obair sagairt darbh ainm Godinot a bhí ansin, in 1718. ‘Dá thúisce a fháisctear na fíonchaora i ndiaidh iad a ghearradh síos ón bhfíniúin, is é is gile a bheidh an fíon sa deireadh.’ Féachann saothróirí fíona dá réir sin le damáiste ar bith do na fíonchaora a sheachaint le linn bhaint an fhómhair, tugann siad aire iontach dóibh le linn iompair agus stórála, agus cinntíonn siad go mbíonn siad slán nuair a chuirtear san fháisceán iad. Ní mór don fháscadh a bheith bog agus ní mór an brú a mhéadú de réir a chéile, ionas go mbeidh na súnna scartha le linn na gcéimeanna difriúla sa phróiseas (an chéad cheann ná an sú is fearr ar a dtugtar an cuvée agus an sú ón bhfáscadh ina dhiaidh sin ar a dtugtar taille) le fíon a dhéanamh astu ar leithligh. Ní mór do na háiseanna fáscaidh, dá bhrí sin, cloí le rialacha diana agus bíonn siad faoi réir údarú géarsmachta.
Cuireadh barr feabhais ar na teicnící beachta sna mainistreacha. In 1866, rinne Jules Guyot suntas den tábhacht a bhaineann le cineálacha fíniúna difriúla nó fíonchaora a fhásann ar dháileachtaí éagsúla a chumasc. Ó thús an fichiú céad, roghnaíodh trí chineál fíniúna mar gheall ar a gcothromaíocht idir siúcra agus aigéad chomh maith lena n-oiriúnacht don choipeadh tánaisteach, is iad sin: na fíonchaora dubha Pinot Noir agus Meunier agus an cineál geal Chardonnay. Cuireann an déantóir fíona cumasc le chéile trí bhlaiseadh de na bunfhíonta difriúla. Cuirtear an cumasc sna buidéil ansin le haghaidh coipeadh tánaisteach agus don chéim teagmhála moirte – céim a chaithfidh a bheith sách fada, go háirithe do na fíonta sárbhliana.
Bhí tionchar ag an teocht agus an bhogthaise is oiriúnaí atá ar fáil sna siléir ina bhfuil ballaí cailce in Champagne ar an bhforbairt a rinneadh ar an bpróiseas coipthe thánaistigh sin. Nuair a bhíonn an chéim teagmhála moirte curtha i gcrích, cuirtear an mhoirt de réir a chéile sa scroig buidéil, i bpróiseas ar a dtugtar rilleán, ansin tógtar as an mbuidéal í le linn an dímhoirtithe. I ndiaidh an dímhoirtithe, déantar próiseas ar a dtugtar dáileogacht a chinntíonn cén cineál ‘Champagne’ a bheidh san fhíon toisc go bhfuil cúpla cineál ann.
Nuair a bhí an próiseas coipthe thánaistigh tugtha chun foirfeachta, scaipeadh an ‘modh champagne’ agus, go luath ina dhiaidh sin, bhí an teideal ‘Champagne’ á n-úsáid taobh amuigh de limistéar an táirgthe. Chuir na tithe Champagne comhlachas le chéile ar dtús (Union des Maisons de Champagne nó ‘Cumann na dTithe Champagne’) chun imeachtaí dlí a thionscnamh in 1882 agus, díreach sular achtaíodh an tAcht um Chalaois agus Falsú an 1 Lúnasa 1905, rialaigh cúirt sa Fhrainc nár cheart d’fhíonta ar bith eile seachas na fíonta a dhéantar as fíonchaora a bhaintear i réigiún Champagne an t-ainm ‘Champagne’ a úsáid, rud a chosain ainmniúchán tionscnaimh den chéad uair riamh. Cuireadh tús leis an bpróiseas chun an limistéar geografach a chríochú in 1908. Bhí táirgeoirí Champagne ar aon fhocal, agus chuir siad a dlúthpháirtíocht in iúl trí eagraíochtaí gairmiúla tábhachtacha.
8.3. Faisnéis maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge
D’fhéadfadh na fíonta seo a bheith geal (déanta as meascán d’fhíonchaora bána agus dubha, nó déanta as fíonchaora bána amháin [blanc de blancs], nó déanta as fíonchaora dubha amháin [blanc de noirs]) nó rosé (déanta trí roinnt fíon dearg a chumasc leis nó trí theagmháil leis an gcraiceann le linn an choipthe). Déantar iad seo le fíonchaora a fhásann i mbardas amháin nó níos mó agus d’fhéadfaidís a bheith ina bhfíonta sárbhliana nó gan a bheith.
Bíonn rud amháin i gcomhpháirt leis na fíonta uile: aigéadacht, rud a chinntíonn úire agus oiriúnacht don tabhair chun cineáil.
Sna fíonta is úire, bíonn blas thar a bheith úr ann: torthaí agus bláthanna geala, torthaí citris agus blasanna mianraí. Bíonn níos mó i gceist leis an bpailéad a bhaineann le fíonta aibí, bíonn dea-bholaithe de thorthaí bhuí ann, torthaí bruite agus spíosraí, agus tagann dea-bholaithe níos láidre ó thorthaí criostalaithe, casarnach san fhoraois agus róstadh chun cinn sna fíonta is aibí atá ann (ar a dtugtar de plénitude).
Maireann na boilgeoga – saintréith an ‘Champagne’ – agus coinnítear iad go leanúnach i bhfíonta úra, agus éiríonn siad níos míne agus níos boige le haois.
8.4. Idirghníomhaíochtaí cúisíocha
Toisc go bhfuil na tírdhreacha a chruthaíonn na trí chuaiste, ar na machairí agus sna gleannta, chomh hoscailte agus nochta sin bíonn dóthain solais gréine ag na fíniúnacha chun go mbeadh na caora in ann aibiú i gceart, fiú sna fíonghoirt a bhfuil a aghaidh ó thuaidh. Chomh maith leis sin, coisceann sé aer fuar a stálú, agus laghdaíonn sé an baol seaca.
Cinntíonn fána na bhfíonghort ar thaobh cnoic go mbíonn draenáil nádúrtha den scoth ann, rud a chinntíonn na cisil éagsúla sa phróifíl ithreach freisin, agus a dhéanann soláthar uisce na bhfíniúnacha a rialú. Baineann póiriúlacht agus tréscaoilteacht na cailce aon uisce sa bhreis, agus cinntíonn gníomhú ribeach go mbíonn an ithir ath-hiodráitithe nuair a bhíonn an aimsir thirim. Ceanglaíonn na cineálacha bunsraithe eile a fheictear sa cheantar sraitheanna marla, a sholáthraíonn anaclann uisce, le sraitheanna cailcreacha nó gaineamh carbónáite, a ligeann don uisce breise ó thréimhsí fliucha dul tríd an ithir. Bhí tionchar ag an gcineál bunsraithe sin agus ag an aimsir bhog ar na cineálacha fíniúnacha a cuireadh i réigiún dhifriúla an limistéir fíonsaothrúcháin seo.
Tugann an aeráid faoi leith i réigiún Champagne leibhéal aigéadachta nádúrtha do na fíonchaora, agus don úrfhíon a fhaightear uathu, agus is iad is oiriúnaí mar sin chun na fíonta súilíneacha is fearr a dhéanamh. Mar gheall ar an gcothromaíocht idir an aigéadacht sin – rud a thugann úire atá fíor-riachtanach – agus aibíocht na bhfíonchaor, táirgtear na fíonta sárbhliana is fearr agus fíonta a bhfuil cumas maith teacht chun cineáil acu.
Leis na dálaí nádúrtha uile cruthaítear ‘mósáic’ a úsáideann an curadóir ar an leibhéal dáileachta, curadóir ar saineolaí é ar na cleachtais fáis uile atá riachtanach chun saintréith na bhfíonchaor a fhorbairt.
Aon damáiste do na fíonchaora a sheachaint ón nóiméad a bhaintear iad, iad a fháisceadh go bog agus na súnna ó na céimeanna fáiscthe difriúla a choimeád scartha ó chéile lena áirithiú nach mbeadh dath ar bith ar an sú, tá an méid sin fíor-riachtanach ó thaobh chaighdeán an chúir de. Cuireann an próiseas a bhaineann leis na súnna ó na céimeanna fáiscthe difriúla a scaradh leibhéal castachta dea-bholaidh eile leis.
Bíonn dea-bholadh úr agus spleodrach ag an cuvée nó an sú ón gcéad fháisceadh, a bhíonn sáite le haigéadacht. Trína chur le cumaisc, is féidir na dea-bholaithe treasacha a fhorbraítear le linn teacht chun cineáil ar an moirt a thabhairt chun cinn ina n-iomláine.
Bíonn an taille nó an sú ón bhfáisceadh ina dhiaidh sin níos torthúla agus níos saibhre le tainnin.
Tugann ‘fíon coimeádta’ a cuireadh ar leataobh sna blianta roimhe sin saintréithe níos aibí na bhfíonta forbartha don chumasc (ní úsáidtear fíon coimeádta i bhfíonta sárbhliana). Léirítear ceird an déantóra fíona ó thaobh na fíonta a roghnú don chumasc inmhianaithe tríd an tabhairt chun cineáil ar mhoirt chun an táirge deiridh ‘Champagne’ a dhéanamh. D’fhéadfadh an próiseas leanúnach tabhairt chun cineáil sin, le haghaidh na bhfíonta is clúití, leanúint ar aghaidh ar feadh na scórtha blianta i siléir Champagne, mar gheall ar an teocht measartha fuar a bhíonn iontu a chinntíonn coipeadh tánaisteach maith.
Teastaíonn bonneagar faoi leith atá costasach ón bpróiseas táirgthe ‘Champagne’ toisc gur próiseas thar a bheith teicniúil atá ann. Bíonn na háiseanna fíonóireachta, láimhseála agus pacáistíochta suite gar do na fíonghoirt.
Cé go dtéann limistéar fíonsaothrúcháin Champagne siar go dtí tús ár linne, tháinig tóir ar an ainm ‘Champagne’ mar dheoch na n-uaisle sa seachtú céad déag go háirithe, nuair a tugadh an teicníc coipthe thánaistigh chun foirfeachta de réir a chéile. Faoi dheireadh an chéid sin, bhí táirgeoirí ‘Champagne’ ag cur a bhfíonta i mbuidéil seachas a bheith á n-iompar i mbairillí chun a gcáilíocht agus a saintréithe a chaomhnú ina n-iomláine.
Bhí rath láithreach ar an bhfíon seo toisc go ndeachaigh an cúr agus na boilgeoga míne ón mbuidéal go gloine an óltóra. Mhol na huaisle óga – daoine a bhí an-tógtha leis an rud is nuaí – an ‘Champagne’, bhí na filí an-tógtha leis chomh maith agus chuir scríbhneoirí é san áireamh ina gcuid saothar. Ba é sin an deoch ba choitianta ag cúirt na Leasríochta, Louis XV agus Madame de Pompadour. Rinne airgeadaithe agus oifigigh bhaile aithris ar na huaisle; rinne na cúigí aithris ar an bpríomhchathair. D’éirigh go maith le tionscal an fhíona faoi cheannasaíocht Louis XV agus Louis XVI, agus tháinig fás mór ar an gcáil a bhí ar Champagne, sa Fhrainc agus ar an gcoigríoch. D’fhás éileamh ar an bhfíon súilíneach áit ar bith a mbíodh tóir ar fhaisean na Fraince, agus le linn an ochtú céadú déag san Eoraip, bhíodh ‘Champagne’ le fáil ag cóisirí agus féilte. Tá an cháil sin fós air sa lá atá inniu ann. Leanann na saothróirí fíona, na comharchumainn agus tithe Champagne lena gcuid iarrachtaí na rialacha comhchoiteanna a fheabhsú d’fhonn ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Champagne’ – a n-oidhreacht chomhroinnte – a chur chun cinn, ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach agus a chinntiú go mbeadh meas ar ainm agus saintréith an fhíona.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Lipéadú
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Ní cheart aon buidéal a iompar – seachas idir dhá láthair den oibreoir céanna nó idir dhá oibreoir – go dtí go bhfuil sé críochnaithe, scragall curtha timpeall an choirc, agus lipéadaithe i gcomhréir leis na rialacha ábhartha.
Ní mór na buidéil ina bhfuil na fíonta a bheith dúnta le corc agus an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ar an gcuid laistigh den scroig buidéil. I gcás buidéal ina bhfuil méid ainmniúil 0.20 lítear nó níos lú, féadfar an t-ainm a léiriú ar phíosa inmheánach eile den dúntóir.
Ní mór an fhaisnéis clárúcháin a léiríonn an t-oibritheoir a bheith ar na lipéid agus sa páipéarachas tráchtála de réir mar a éilíonn Comité Interprofessionnel du Vin de Champagne (‘an Coiste Idirghairme le haghaidh Fhíon Champagne’).
Ní mór ainm iomlán an déantóra fíona a bheith ar an lipéad i gcló soiléir agus inléite, chomh maith le ainm an bhardais ina ndearnadh an fíon más rud é go bhfuil ceanncheathrú an déantóra fíona lonnaithe taobh amuigh den limistéar táirgeachta.
Féadfaidh fíonta a chumhdaítear leis an ainmniúchán tionscnaimh cláraithe a bheith lipéadaithe le ceann de na haonaid gheografacha níos lú a leanas i gcás na gcoinníollacha a leanas:
|
— |
logainm luaite ar chlárlann na talún; |
|
— |
ainm bardais. |
Ní mór an logainm nó ainm an bhardais a bheith le feiceáil ar an dearbhú buainte.
Ní mór go dtiocfadh na fíonchaora uile a úsáidtear chun an bunfhíon a tháirgeadh ón mbardas nó logainm i dtrácht.
Féadfaidh na focail ‘Premier Cru’ nó ‘Grand Cru’ [teideal atá ar bhailte áirithe a aithnítear go bhfuil fíonghoirt d’ardchaighdeán acu] a bheith le feiceáil le hainm an bhardais faoi na coinníollacha a leagtar síos i Roinn II(b) agus (c) de Chaibidil I den tsonraíocht táirge.
Seachas i gcás na mbardas a chumhdaítear sa phointe roimhe, ní mór tagairt don bardas a bheith le feiceáil leis na focail ‘Vigne de’ nó ‘Vignoble de’ [‘fíniúnacha ó...’].
Ní fhéadfaidh na carachtair a úsáidtear chun logainmneacha agus ainm bardais a léiriú a bheith níos airde ná níos leithne ná na carachtair a úsáidtear don ainmniúchán tionscnaimh cláraithe.
Nuair a lipéadaítear fíon le hainm an bhardais i gcomhréir leis na rialacha thuas, d’fhéadfaí ainm an bhardais a lua arís in ainm an cuvée [cumasc nó coinsíneacht].
An cineál fíniúna a shonrú
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar an cineál fíniúna a lua i gcarachtair nach bhfuil níos mó ná 3 mm ar airde, ná níos mó ná 3 mm ar leithead, agus nach bhfuil níos mó ná leath de thomhas na gcarachtar a úsáidtear chun an t-ainmniúchán tionscnaimh a léiriú. Ní fhéadfadh an cineál fíniúna a lua ach amháin nuair a úsáidtear na cineálacha fíonchaoire céanna chun na bunfhíonta a tháirgeadh.
An bhliain fíona a shonrú
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Má shonraítear bliain fíona, ní mór é a bheith le feiceáil ar an gcorc – nó ar dhúntóir oiriúnach eile i gcás buidéal ina bhfuil cion ainmniúil 0.20 lítear nó níos lú – agus ar an lipéad. Ní mór an bhliain fíona a lua freisin ar shonraisc agus ar aon doiciméad lena ngabhann.
Pacáistiú
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Déantar agus díoltar na fíonta sna buidéil ina dtarlaíonn an coipeadh tánaisteach, cé is moite d’fhíonta a dhíoltar i mbuidéil de thoirt níos lú ná 75 cl nó níos mó ná 150 cl.
Ní mór na fíonta a thabhairt chun cineáil ar feadh 15 mhí ar a laghad ón dáta buidéalaithe, nó ar feadh 36 mhí d’fhíonta sárbhliana, sular féidir iad a mhargú do thomhaltóirí.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-3b36a01e-8edd-4742-ade7-fbd3251816c4