|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 218 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí |
|
|
|
TUAIRIMÍ |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 218/01 |
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 218/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11088 — LIBERTY GLOBAL / NRJ GROUP / MEDIAHUIS / VLAANDEREN EEN) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2023/C 218/03 |
||
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 218/04 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 218/05 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11084 – SMRP / SAS AUTOSYSTEMTECHNIK) ( 1 ) |
|
|
2023/C 218/06 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11116 – HEDIN / DELTA AUTO) ( 1 ) |
|
|
2023/C 218/07 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11137 – EMIL FREY FRANCE / SACAPUCE / JAM PROD / GROUPE KERTRUCKS FINANCE) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí
TUAIRIMÍ
An Coimisiún Eorpach
|
21.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 218/1 |
TUAIRIM ÓN GCOIMISIÚN
an 16 Meitheamh 2023
a bhaineann leis an bplean modhnaithe maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as díchóimeáil ghléasra cumhachta núicléiche Brennilis (B-NPS) i Roinn Finistère, an Fhrainc (Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)
(2023/C 218/01)
Déantar an measúnú thíos faoi fhorálacha Chonradh Euratom, gan dochar d’aon mheasúnú breise atá le déanamh faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná do na hoibleagáidí a eascraíonn as agus as an reachtaíocht thánaisteach (1).
An 22 Meitheamh 2022 fuair an Coimisiún Eorpach ó Rialtas na Fraince, i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chonradh Euratom, na Sonraí Ginearálta a bhaineann leis an bplean modhnaithe maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí (2) a eascraíonn as díchóimeáil ghléasra cumhachta núicléiche Brennilis.
Ar bhonn na sonraí sin agus na faisnéise breise a d’iarr an Coimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2022 agus a chuir údaráis na Fraince ar fáil an 9 Feabhra 2023, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe, tá an tuairim seo a leanas tarraingthe suas ag an gCoimisiún:
|
1. |
Is é 468 km an t-achar idir an láithreán agus an teorainn is gaire le Ballstát eile, sa chás seo Éire. |
|
2. |
Baineann an plean modhnaithe le méadú ar na teorainneacha sceite údaraithe d’eisiltigh radaighníomhacha aerbheirthe. Ní údaraítear aon eisilteach radaighníomhach leachtach. |
|
3. |
Faoi ghnáthoibríochtaí díchóimeála, ní dócha go mbeidh sceitheadh eisilteach radaighníomhach gásach ina chúis nochta don daonra i mBallstát eile a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de, i leith na dteorainneacha dáileoige a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta (3). |
|
4. |
I gcás ina ndéanfaí eisiltigh radaighníomhacha a scaoileadh gan é sin a bheith pleanáilte de thoradh timpiste den chineál agus den mhéid a mheastar sa phlean modhnaithe, ní dócha gurb é an toradh a bheadh ar an scaoileadh sin éilliú radaighníomhach an uisce, na hithreach nó an aerspáis i mBallstát eile a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de, i gcomhréir le forálacha na Treorach maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta. |
Mar fhocal scoir, i dtaca le cur chun feidhme an phlean mhodhnaithe maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí i cibé foirm, a eascraíonn as díchóimeáil ghléasra cumhachta núicléiche Brennilis (B-NPS), atá lonnaithe i Roinn Finistère, an Fhrainc, sa ghnáthoibriú agus i gcás tionóiscí den chineál agus den mhéid a mheastar sna Sonraí Ginearálta araon, tá an Coimisiún den tuairim nach dócha go mbeidh an cur chun feidhme sin ina chúis le héilliú radaighníomhach an uisce, na hithreach nó an aerspáis i mBallstát eile a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de, i leith na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) Mar shampla, faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart na gnéithe comhshaoil a mheasúnú a thuilleadh. Mar sin de, ba mhaith leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar fhorálacha Threoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE; ar Threoir 2001/42/CE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol, agus ar Threoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú agus ar Threoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat le haghaidh ghníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.
(2) Diúscairt dramhaíola radaighníomhaí de réir bhrí phointe 1 de Mholadh 2010/635/Euratom ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37 de Chonradh Euratom (IO L 279, 23.10.2010, lch. 36).
(3) Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
21.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 218/3 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11088 — LIBERTY GLOBAL / NRJ GROUP / MEDIAHUIS / VLAANDEREN EEN)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 218/02)
An 13 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11088. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
21.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 218/4 |
CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE
lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023
(2023/C 218/03)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Rinneadh an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 a ghlacadh an 19 Meitheamh 2023.
Tá an téacs iomlán ar fáil le haghaidh comhairliúcháin nó le híoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: https://www.consilium.europa.eu/ga/documents-publications/public-register/public-register-search/
Arna dhéanamh sa Lucsamburg, an 19 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. BUSCH
An Coimisiún Eorpach
|
21.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 218/6 |
Rátaí malairte an euro (1)
20 Meitheamh 2023
(2023/C 218/04)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0933 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
154,51 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4491 |
|
GBP |
punt steirling |
0,85705 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,7580 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9808 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
149,10 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,7155 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,756 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
372,55 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,4463 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9629 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
25,7687 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6120 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4473 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,5560 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7714 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4688 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 406,33 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
19,9724 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,8462 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 410,11 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
5,0729 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
60,763 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
37,981 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2376 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
18,6991 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
89,7525 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
21.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 218/7 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11084 – SMRP / SAS AUTOSYSTEMTECHNIK)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 218/05)
1.
An 14 Meitheamh 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Samvardhana Motherson Automotive Systems Group B.V. (‘SMRP,’ an Ísiltír), atá faoi lánúinéireacht Samvardhana Motherson International Limited (‘SAMIL,’ an India), |
|
— |
SAS Autosystemtechnik GmbH (‘SAS,’ an Ghearmáin), fochuideachta indíreach atá faoi lánúinéireacht Faurecia SE (‘Faurecia,’ an Fhrainc). |
Gheobhaidh SMRP rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar SAS ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is soláthraí domhanda comhpháirteanna mótarfheithiclí é SMRP, is iad sin painéil ionstraimí, painéil dorais, consóil láir agus cóirithe maisiúla, agus cóimeáil mhodúil chró an phíolóta, |
|
— |
Tá SAS speisialaithe i gcóimeáil mhodúil chró an phíolóta, consól láir agus modúl inmheánach eile le haghaidh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11084 – SMRP / SAS AUTOSYSTEMTECHNIK
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
|
21.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 218/9 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11116 – HEDIN / DELTA AUTO)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 218/06)
1.
An 14 Meitheamh 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Hedin Automotive Oy (‘Hedin’, an Fhionlainn), a bhaineann le Hedin Mobility Group AB (an tSualainn), |
|
— |
Delta Auto Oy (‘Delta Auto’, an Fhionlainn). |
Gheobhaidh Hedin rialú aonair ar Delta Auto de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá Hedin gníomhach i miondíol gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua agus athláimhe, i soláthar seirbhísí deisithe agus cothabhála agus i miondíol páirteanna spártha trealaimh bhunaidh san Fhionlainn, |
|
— |
Tá Delta Auto gníomhach i miondíol gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua agus athláimhe, i soláthar seirbhísí deisithe agus cothabhála agus i miondíol páirteanna spártha trealaimh bhunaidh san Fhionlainn. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11116 – HEDIN / DELTA AUTO
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
|
21.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 218/10 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11137 – EMIL FREY FRANCE / SACAPUCE / JAM PROD / GROUPE KERTRUCKS FINANCE)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 218/07)
1.
An 9 Meitheamh 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Emil Frey France (‘Emil Frey’, an Eilvéis), faoi úinéireacht an ghrúpa Emil Frey, |
|
— |
Sacapuce (an Fhrainc), |
|
— |
Jam Prod (an Fhrainc), agus |
|
— |
Groupe Kertrucks Finance (‘GKF’, an Fhrainc). |
Gheobhaidh Emil Frey, Sacapuce agus Jam Prod rialú comhpháirteach ar GKF de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna a dhéanfar an comhchruinniú.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá Emil Frey gníomhach sa Fhrainc i miondíol mótarfheithiclí nua agus dara láimhe, |
|
— |
Is cuideachta sealbhaíochta airgeadais í Sacapuce, |
|
— |
Is cuideachta sealbhaíochta airgeadais í Jam Prod, |
|
— |
Is í GKF cuideachta sealbhaíochta Groupe Kertrucks. Tá Groupe Kertrucks gníomhach i bhfeithiclí tionsclaíocha a dhíol agus a ligean ar cíos chomh maith le soláthar seirbhísí gaolmhara. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11137 – EMIL FREY FRANCE / SACAPUCE / JAM PROD / GROUPE KERTRUCKS FINANCE
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).