|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 211 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 211/01 |
||
|
2023/C 211/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11107 — EDF / SEKG / NEBRAS / QUWATT / SCE-QUVVAT) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 211/03 |
||
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
|
2023/C 211/04 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006) ( 1 ) |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 211/05 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
16.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 211/1 |
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN
maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme forálacha dlíthiúla áirithe de Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht agus naisc leis an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaitheachta
(2023/C 211/01)
Is é is aidhm don doiciméad Ceisteanna Coitianta seo roinnt soiléirithe a thabhairt i dtaca leis an gcaoi ar cheart d’oibreoirí breithniú ar na ceanglais maidir le comhlíonadh coimircí íosta faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (dá ngairtear ‘an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’ anseo feasta). Tá sé d’aidhm ag an doiciméad seo freisin soiléiriú a dhéanamh ar stádas infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí agus i sócmhainní eacnamaíocha atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht faoi Rialachán (AE) 2019/2088, i.e. an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaitheachta (dá ngairtear ‘SFDR’ anseo feasta) (2).
Leis na ceisteanna coitianta sa doiciméad seo, soiléirítear na forálacha atá ann cheana sa reachtaíocht is infheidhme. Ní leathnaítear leo ar aon bhealach na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an reachtaíocht sin ná ní thugtar isteach leo aon cheanglas breise le haghaidh na n-oibreoirí lena mbaineann ná le haghaidh na n-údarás inniúil. Níl sé d’aidhm ag na ceisteanna coitianta ach cabhrú le gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais na forálacha dlíthiúla ábhartha a chur chun feidhme. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus í sin amháin, atá inniúil ar dhlí an Aontais a léirmhíniú. Leis na tuairimí a léirítear san Fhógra seo, ní féidir réamhbhreith a dhéanamh ar an seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach a ghlacadh os comhair an Aontais Eorpaigh agus os comhair na gcúirteanna náisiúnta.
Clár na n-ábhar
| Coimircí íosta faoi Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht | 2 |
|
1. |
Cén ról atá ag na coimircí íosta i Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht? | 2 |
|
2. |
Cén chaoi a sainítear na coimircí íosta faoi Airteagal 18 den Tacsanomaíocht AE? | 2 |
|
3. |
Cé na príomhionchais atá ag gnóthais faoi Airteagal 18 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht? | 3 |
| Idirghníomhaíochtaí le SFDR | 5 |
|
4. |
An gcáilíonn infheistíochtaí ailínithe leis an Tacsanomaíocht mar ‘infheistíocht inbhuanaithe’ faoi SFDR? | 5 |
Coimircí íosta faoi Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht
1. Cén ról atá ag na coimircí íosta i Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht?
Foráiltear leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht nach féidir le gníomhaíocht eacnamaíoch cáiliú mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ach amháin, sa bhreis ar cheanglais eile in Airteagal 3 a chomhlíonadh (3), go ndéantar í i gcomhréir leis na coimircí íosta a leagtar síos in Airteagal 18’. Tá an méid sin i gcomhréir leis na prionsabail a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta chun tacú le fás inbhuanaithe cuimsitheach, agus leis na híoschaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus cearta saothair.
Dá bhrí sin, is cuid dhílis den Tacsanomaíocht iad na coimircí íosta agus tá siad ar cheann de na ceithre chritéar a leagtar síos in Airteagal 3 nach mór a chomhlíonadh chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mheas a bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Le coimircí íosta a chuimsiú sa chreat Tacsanomaíochta, féachtar lena áirithiú, maidir le heintitis a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mheastar a bheith ailínithe leis an Tacsanomaíocht, go gcomhlíonfaidh siad íoschaighdeáin shóisialta agus rialachais áirithe.
Is é sin le rá, is é cuspóir na gcoimircí íosta faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht cosc a chur ar ghníomhaíochtaí agus infheistíochtaí a mheas a bheith ‘inbhuanaithe’ má bhaineann siad le sáruithe ar phríomhphrionsabail shóisialta agus ar chearta an duine agus ar chearta saothair nó mura bhfuil siad ailínithe leis na caighdeáin íosta maidir le hiompar gnó freagrach.
2. Cén chaoi a sainítear na coimircí íosta faoi Airteagal 18 den Tacsanomaíocht AE?
Leagtar síos le hAirteagal 18 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht ceanglais shonracha maidir le coimircí íosta lena dtagraítear do chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiompar gnó freagrach faoi Airteagal 18(1) agus do phrionsabal SFDR ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (4) faoi Airteagal 18(2).
Faoi Airteagal 18(1), tá coimircí íosta le tuiscint mar nósanna imeachta díchill chuí agus réitigh arna gcur chun feidhme ag cuideachta a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch chun ailíniú a áirithiú leis na Treoirlínte ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta maidir le Fiontair Ilnáisiúnta (FINanna ECFE) agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (Prionsabail Threoracha NA (PTNAnna). Áirítear leis na PTNAnna na prionsabail agus na cearta a leagtar amach in ocht gcinn de na deich gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair (5) agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine (6).
Tugtar le chéile i dTreoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta na réimsí téamacha uile a bhaineann le hiompar gnó freagrach agus bainistiú freagrach slabhra soláthair. Chomh maith leis sin, moltar d’fhiontair dea-chleachtais rialachais chorparáidigh a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear dícheall cuí (7) mar a leagtar amach i bPrionsabail ECFE um Rialachas Corparáideach.
Le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (i)sonraítear caighdeán iompair do ghnólachtaí chun sáruithe ar chearta an duine a chosc; agus (ii) tugtar aghaidh ar aon riosca a d’fhéadfadh teacht as na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanann gnólachtaí. Tagraíonn an fhreagracht atá ar eintitis ghnó cearta an duine a urramú do chearta a aithnítear go hidirnáisiúnta a thuigtear, ar a laghad, mar na cearta a léirítear in ocht gcinn de na deich gcoinbhinsiún bhunúsacha de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine
Le hAirteagal 18(2) tugtar isteach nasc díreach leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ dá dtagraítear in Airteagal 2(17) de SFDR. Cinntíonn sé sin go sainítear íoschaighdeáin shóisialta ar an leibhéal Eorpach, agus go bhfuil comhsheasmhacht sa reachtaíocht Eorpach.
Sonraítear mionsonraí an phrionsabail de SFDR ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 a ghlac an Coimisiún Eorpach i mí Aibreáin 2022. De réir an rialacháin sin, chomh maith lena nochtadh an bhfuil an infheistíocht inbhuanaithe ailínithe le FINanna ECFE agus le Prionsabail Threoracha NA, ní mór liosta de tháscairí díobhálacha príomha a bhreithniú chun prionsabal SFDR gan dochar suntasach a dhéanamh a chur chun feidhme. Measann an Coimisiún Eorpach, i gcomhthéacs Airteagal 18(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, go bhfuil an nasc idir na coimircí íosta agus prionsabal SFDR gan dochar suntasach a dhéanamh, le tuiscint, ar a laghad, trí tháscairí drochthionchair phríomha SFDR le haghaidh ábhair shóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, ábhair frithéillithe agus ábhair frithbhreabaireachta a liostaítear i dtábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe SFDR (8).
|
Táscaire drochthionchair inbhuanaitheachta Tábla 1 |
Méadrach |
|
Sáruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus ar Threoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta |
An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a raibh baint acu le sáruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe nó ar Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta |
|
Easpa próiseas agus sásraí comhlíontachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le prionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta |
An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil beartais acu chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le prionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe nó le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta ná sásraí láimhseála casaoidí/ gearán chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe nó ar Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta |
|
Bearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní |
Meánbhearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní de chuid cuideachtaí infheistiúcháin |
|
Éagsúlacht inscne an bhoird |
An meánchóimheas idir comhaltaí boird baineanna agus comhaltaí boird fireanna i gcuideachtaí infheistiúcháin, arna shloinneadh mar chéatadán de na comhaltaí boird uile |
|
Neamhchosaint ar airm chonspóideacha (mianaigh frithphearsanra, cnuasmhuinisin, airm cheimiceacha agus airm bhitheolaíocha) |
An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a bhfuil baint acu le monarú nó díol arm conspóideach |
3. Cé na príomhionchais atá ag gnóthais faoi Airteagal 18 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht?
Beidh ar ghnóthais a nochtann a n-ailíniú leis an Tacsanomaíocht a mheasúnú an gcomhlíonann siad coimircí íosta na Tacsanomaíochta faoi Airteagal 18(1) agus Airteagal 18(2) araon.
Faoi Airteagal 18(1), maidir le gnóthais a bhfuil a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha le meas a bheith ailínithe leis an Tacsanomaíocht, ní mór dóibh nósanna imeachta díchill chuí agus nósanna imeachta réitigh a bheith curtha chun feidhme acu chun an t-ailíniú a áirithiú leis na caighdeáin maidir le hiompar gnó freagrach a luaitear i dTreoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (féach ceist 2). Leagtar amach go forleathan sa dá théacs sin conas is féidir prionsabail agus feidhmiú an díchill chuí a chur chun feidhme.
Is é atá sa cheanglas lárnach faoi Airteagal 18(1) nach mór do ghnóthas nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta chun drochthionchair ábhartha iarbhír agus fhéideartha a bhaineann lena n-oibríochtaí féin, lena slabhraí luacha agus lena gcaidrimh ghnó féin a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó a leigheas ar bhonn leanúnach chun a áirithiú go ndéanfar a ngníomhaíochtaí i gcomhréir leis na caighdeáin sin.
Uaireanta, d’ainneoin na nósanna imeachta iomchuí go léir a chur chun feidhme, ní féidir le gnóthas aghaidh a thabhairt ar rioscaí áirithe ná deireadh a chur le tionchair dhiúltacha áirithe. Ní gá go gciallaíonn sé sin nach gcomhlíonann an gnóthas na coimircí íosta,más rud é gur nocht an gnóthas na tionchair fhéideartha sin go soiléir agus gur mhínigh sé cad a rinne sé chun iad a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó a leigheas agus cén fáth nach bhféadfadh sé tionchair áirithe a dhíothú. Go deimhin, aithnítear go bhféadfadh cásanna a bheith ann, d’ainneoin bearta díchill chuí réasúnta, go bhféadfadh sé nach mbeadh gnóthais fós in ann drochthionchair a chosc, a stopadh ná a mhaolú a mhéid a bhaineann leis na drochthionchair i slabhra luacha an ghnóthais.
Mar chuid de na nósanna imeachta díchill chuí agus réitigh sin, ceanglaítear ar chuideachtaí faoi Airteagal 18(2) táscairí drochthionchair phríomha SFDR a bhaineann le hábhair shóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, ábhair frithéillithe agus ábhair frithbhreabaireachta dá dtagraítear faoi cheist 2 a chur san áireamh (9).
Is í an t-aon saincheist a chumhdaítear le hAirteagal 18(2) amhail ón lá inniu nach gcumhdaítear go sainráite le hAirteagal 18(1) an drochthionchar príomha a bhaineann le neamhchosaint ar airm chonspóideacha mar a shainmhínítear faoi Rialachán Tarmligthe SFDR (10) (mianaigh frithphearsanra, cnuasmhuinisin, airm cheimiceacha agus airm bhitheolaíocha). Dá bhrí sin, de bhua Airteagal 18(2), tá gnóthais lena áirithiú go bhfágann a nósanna imeachta díchill chuí agus réitigh gur féidir aon neamhchosaint iarbhír nó fhéideartha ar mhonarú nó ar dhíol arm conspóideach a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó a cheartú.
Lasmuigh d’fhorálacha Airteagal 18(2) a dtugtar tuairisc orthu thuas, sa mheasúnú ar choimircí íosta sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, níl tuilleadh breithnithe ann i dtaca le hairm nó trealamh agus teicneolaíochtaí a bhaineann le cosaint. Mar a luaitear sa Dréachtfhógra ón gCoimisiún maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme forálacha dlíthiúla áirithe de Ghníomh Tarmligthe an Aontais maidir le Tacsanomaíocht Aeráide (11), aithníonn an Coimisiún gur gá rochtain ar mhaoiniú agus ar infheistíocht a áirithiú, lena n-áirítear ón earnáil phríobháideach le haghaidh gach earnáil straitéiseach, an tionscal cosanta san áireamh. Aithnítear gur ríthábhachtach an rannchuidiú ón tionscal cosanta le hathléimneacht agus slándáil an Aontais agus, dá bhrí sin, leis an tsíocháin agus leis an inbhuanaitheacht shóisialta (12).
An liosta táscairí SFDR a bhaineann le hábhair shóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, ábhair frithéillithe agus ábhair frithbhreabaireachta, d’fhéadfadh athrú teacht ar an liosta sin de thairbhe athbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar an ngníomh tarmligthe SFDR. Sin é an fáth nach mór do ghnóthais aon saincheist a bhféadfaí aghaidh a thabhairt uirthi amach anseo le táscairí drochthionchair phríomha SFDR a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 18(2).
Cuideoidh an tuairisciú i gcomhréir leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáidí (13) (CSRD) le cuideachtaí measúnú a dhéanamh ar a gcomhlíonadh le ceanglais Airteagal 18 agus cabhróidh sé le hinfheisteoirí an fhaisnéis riachtanach a fháil ó chuideachtaí infheistiúcháin (14). Ní cheanglaítear nochtadh breise le hAirteagal 18 de Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht, dá bhrí sin níl aon dúbláil ann le ceanglais tuairiscithe CSRD.
Chun tuilleadh comhairle neamhfhoirmiúla a fháil maidir le dea-chleachtais, is féidir le húsáideoirí Final Report on Minimum Safeguards of the Platform on Sustainable Finance [Tuarascáil Deiridh maidir le Coimircí Íosta an Ardáin maidir le Maoiniú Inbhuanaithe] a cheadú, tuairisc a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2022.
Idirghníomhaíochtaí le SFDR
4. An gcáilíonn infheistíochtaí ailínithe leis an Tacsanomaíocht mar ‘infheistíocht inbhuanaithe’ faoi SFDR?
Soiléirítear in Aithris 19 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht go n-áirítear le ‘infheistíochtaí inbhuanaithe’ faoi SFDR infheistíochtaí i ‘ngníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil’ de réir bhrí an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht.
Agus an méid is gá chun gníomhaíocht a mheas mar ghníomhaíocht ‘inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de’ á leagan amach, déantar nasc, le hAirteagal 18(2), idir an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus SFDR trí cheann de na céimeanna riachtanacha den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht: comhlíontacht coimircí íosta. De réir na treoraíochta a thugtar faoi cheisteanna 1 agus 2 thuas, meastar go gcloítear le gnéithe sóisialta an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ ar leibhéal an eintitis maidir le gnóthas a nochtann gníomhaíochtaí mar ghníomhaíochtaí atá ‘inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de’ faoi Thacsanomaíocht an Aontais.
Thairis sin, de réir na treoraíochta a thugtar faoi cheisteanna 1 agus 2 thuas, maidir le prionsabal SFDR ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus an ceanglas chun a áirithiú go gcloíonn cuideachta infheistiúcháin le dea-chleachtais rialachais, meastar go gcloítear leo le haghaidh infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht toisc go gcomhlíonann siad coimircí íosta na Tacsanomaíochta. Leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2020/852, is féidir a mheas go sásaítear na ceithre ghné den dea-rialachas dá dtagraítear i bpointe 17 d’Airteagal 2 de SFDR (is iad sin struchtúir bhainistíochta fhónta, caidreamh fostaithe, luach saothair foirne agus comhlíonadh cánach (15)).
Dá bhrí sin, is féidir infheistíochtaí den sórt sin i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht agus ‘inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de’ a cháiliú go huathoibríoch mar ‘infheistíochtaí inbhuanaithe’ i gcomhthéacs na gceanglas maidir le nochtadh ar leibhéal an táirge faoi SFDR. Ciallaíonn sé sin gur féidir infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sonracha a mheas mar infheistíochtaí inbhuanaithe.
Mar sin féin, má infheistíonn rannpháirtí sa mhargadh airgeadais i ngnóthas atá ailínithe go pointe leis an tacsanomaíocht trí ionstraim chistiúcháin nach sonraíonn úsáid na bhfáltas, amhail cothromas ginearálta nó fiachas ginearálta, níor mhór don rannpháirtí sa mhargadh airgeadais gnéithe breise a sheiceáil fós faoi SFDR chun an infheistíocht iomlán sa ghnóthas sin a mheas mar infheistíocht inbhuanaithe. Ciallaíonn sé sin go mbeadh ar an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais an méid seo a leanas a dhéanamh go fóill: (i) seiceáil an gcomhlíonann gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile an ghnóthais na gnéithe comhshaoil de phrionsabal SFDR ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’; agus (ii) measúnú a dhéanamh an measann sé/sí gur leor an rannchuidiú leis an gcuspóir comhshaoil.
(1) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(2) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)
(3) Sna ceithre chritéar a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán Tacsanomaíochta, sonraítear go ndéanfar an méid seo a leanas le gníomhaíocht eacnamaíoch: (a) rannchuidíonn sí go substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 i gcomhréir le hAirteagail 10 go 16; (b) ní dhéanann sí dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 i gcomhréir le hAirteagal 17; (c) déantar i gcomhréir leis na coimircí íosta a leagtar síos in Airteagal 18 í; agus (d) comhlíonann sí critéir scagtha theicniúla a bhunaigh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2).
(4) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)
(5) Is iad seo a leanas príomhchoinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair: An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87) An Coinbhinsiún i dtaca leis an gceart eagrúcháin agus leis an gcómhargáil, 1949 (Uimh. 98) An Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) (agus Prótacal 2014 lena mbaineann); An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105) An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138); An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182); An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100) An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111)
(6) Áirítear leis sin: Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine (1948); An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (1966); agus an Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (1966).
(7) Féach freisin Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Gnó Freagrach (2018) agus treoir earnála ECFE, atá le fáil ag: https://mneguidelines.oecd.org/mneguidelines/, lena gcuirtear tacaíocht phraiticiúil ar fáil d’fhiontair maidir le cur chun feidhme Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta.
(8) Is féidir teacht ar an modheolaíocht chun na táscairí sin a ríomh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288. Comhfhreagraíonn an téarma ‘cuideachtaí infheistiúcháin’ i dtábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 do thagairtí do ‘gnóthais’ sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
(9) Is féidir teacht ar an modheolaíocht chun na táscairí sin a ríomh i dTáblaí 1 agus 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 (IO L 196, 25.7.2022, lch. 1).
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (IO L 196, 25.7.2022, lch. 1).
(11) Ceist 11 ‘Conas atá feidhm ag an gcreat maoinithe inbhuanaithe maidir le cistiú príobháideach le haghaidh an tionscail cosanta?’ lch. 16
(12) Féach an togra ón gCoimisiún le haghaidh Togra le haghaidh Gníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlón., COM(2023) 237 final.
(13) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáidí (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).
(14) Ceanglaítear le CSRD go mbeidh an fhaisnéis is gá do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais chun a n-oibleagáidí nochta a chomhlíonadh sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a cheanglaítear ar ghnóthais a úsáid chun a n-oibleagáidí nochta faoi SFDR a chomhlíonadh. Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin go gceanglófar ar ghnóthais an fhaisnéis atá ar aon dul leis an bhfaisnéis le haghaidh na dtáscairí drochthionchair phríomha a cheanglaítear faoi rialachán tarmligthe SFDR a thuairisciú. Airteagal 29b(5)(b) de Threoir 2013/34/AE
‘5. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh, a mhéid is féidir: […] b) an fhaisnéis atá ag teastáil ó rannpháirtithe margaidh airgeadais chun a n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin a chomhlíonadh’.
(15) Tugadh liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach cothrom le dáta i mí Feabhra 2023. Tá treoraíocht úsáideach le fáil ann chun tíortha a shainaithint nár chomhlíon a ngealltanais critéir dea-rialachais cánach a chomhlíonadh laistigh d’achar ama sonrach, agus tíortha a dhiúltaigh déanamh amhlaidh.
|
16.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 211/6 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11107 — EDF / SEKG / NEBRAS / QUWATT / SCE-QUVVAT)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 211/02)
An 12 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11107. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
16.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 211/7 |
Rátaí malairte an euro (1)
15 Meitheamh 2023
(2023/C 211/03)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0819 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
152,86 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4523 |
|
GBP |
punt steirling |
0,85555 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,6206 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9761 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
149,30 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,5025 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,751 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
376,03 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,4693 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9578 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
25,6112 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5924 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4415 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,4661 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7559 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4543 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 387,60 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
19,9252 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,7491 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 208,51 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
5,0049 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
60,638 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
37,693 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2244 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
18,5832 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
88,9825 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
|
16.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 211/8 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid
(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 211/04)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú
|
An tagairt don chinneadh (2) |
Dáta an Chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir an údaraithe |
Uimhir an údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
|
C(2023) 3646 |
9 Meitheamh 2023 |
4-(1,1,3,3-teitrimheitiolbúitil)feanóil, eatocsaláite (‘4-treas-OPnEO’) Uimh. CE.-; Uimh. CAS.- |
Alexion Pharma International Operations Unlimited Company, Páirc Gnó agus Teicneolaíochta an Choláiste, Baile Bhlainséir, D15 R925, Baile Átha Cliath 15, Éire |
REACH/23/18/0 |
Úsáid thionsclaíoch le haghaidh díghníomhachtú víreas i monarú Andexanet alfa chun cóireáil a chur ar othair aosach a chóireáiltear le coscaire díreach fhachtóir Xa (FXa) nuair a bhíonn gá le haisiompú antaithéachta mar gheall ar fhuiliú atá bagrach don bheatha nó neamhrialaithe |
31 Nollaig 2030 |
I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann a bheadh oiriúnach. |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
16.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 211/9 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus Airteagal (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2023/C 211/05)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
‘Gigondas’
STFC-FR-A0143-AM03
Dáta teachtaireachta: 20.4.2023
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Leasú eagarthóireachta ar an limistéar geografach agus an limistéar díreach in aice láimhe
I gCaibidil I den tsonraíocht, forlíonadh Roinn IV ‘Limistéar geografach’ agus ‘Limistéar díreach in aice láimhe’, gan aon athrú breise, le tagairt don Chód Geografach Oifigiúil, lena n-aithnítear agus lena liostaítear na comúin de réir roinne ar an leibhéal náisiúnta. Leis an leasú eagarthóireachta sin, ligtear don limistéar geografach a bheith aitheanta le tagairt do leagan 2022 den Chód Geografach Oifigiúil, a choinníonn an Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéar Eacnamaíoch (INSEE) cothrom le dáta agus a thugann deimhneacht dhlíthiúil don sainiú ar an limistéar geografach.
Cuireadh an tagairt chéanna leis an doiciméad aonair, faoi na ceannteidil ‘Limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise – limistéar díreach in aice láimhe’.
2. Dálaí táirgthe le haghaidh fíonta geala
Leathnaíodh an STFC le haghaidh táirgeadh fíonta geala ó chineálacha fíniúna liostaithe cheana sa tsonraíocht mar chineálacha fíonchaor geal le húsáid i dtáirgeadh fíonta dearga agus rosé a chumhdach. Mar a léirítear sna cartlanna agus i dtéacs éagsúla ar stair Gigondas, bhí fíonta geala i gcónaí á dtáirgeadh ag na saothróirí fíona.
Cuireadh na dálaí táirgthe agus tuairisc ar an bhfíon a tháirgtear leis an tsonraíocht agus an doiciméad aonair araon.
Leasaíodh na ranna seo a leanas den tsonraíocht:
|
— |
Roinn V ‘Cineálacha fíonchaoire’: cuireadh liosta de na cineálacha fíniúna leis ar féidir a úsáid le haghaidh fíonta geala a tháirgeadh. Cuireadh na cineálacha Clairette Blanc B, Bourboulenc B, Clairette Rose Rs, Grenache Blanc B, Grenache Gris, Marsanne B, Piquepoul Blanc B agus Roussanne B leis faoi ‘Cineálacha fíonchaor’ sa dhoiciméad aonair. Cuireadh na cineálacha Viognier B agus Ugni Blanc B leis faoi ‘Cineálacha tánaisteacha fíonchaor’ sa dhoiciméad aonair. |
|
— |
Roinn IX, pointe 1 ‘Meascáin de chineálacha fíonchaoire’: – Socraíodh cion Clairette Blanc sa chumasc ag íoschéatadán 70 %. Cuireadh an fhoráil sin leis sa doiciméad aonair freisin faoi ‘Tuairisc ar an bhfíon (na fíonta)’. |
|
— |
Roinn X ‘Nasc leis an limistéar geografach’: cuireadh tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta geala faoi phointe 2 ‘Faisnéis ar cháilíocht táirge’. Cuireadh an tuairisc sin leis sa doiciméad aonair freisin faoi ‘Tuairisc ar an bhfíon (na fíonta)’. |
|
— |
Roinn VII ‘Buaint na bhfíonchaor, iompar agus aibíocht’ lena leagtar amach cion siúcra íosta na gcineálacha fíonchaor geal a úsáidtear chun fíon geal a tháirgeadh ag 196 g/l. Ní dhéantar difear don doiciméad aonair leis an bhforáil sin. |
|
— |
Roinn VII den tsonraíocht lena leagtar amach freisin neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte de na fíonta geala ag 12 % toirte, agus cuireadh an fhoráil chéanna leis faoi ‘Tuairisc ar an bhfíon (na fíonta)’ sa dhoiciméad aonair. |
|
— |
I gCaibidil I den tsonraíocht, socraítear le Roinn IX ‘Próiseáil, táirgeadh’ aigéadacht luaineach na bhfíonta geala ag nach mó ná 17.30 milleachoibhéis in aghaidh an lítir. Cuireadh an paraiméadar sin leis sa doiciméad aonair freisin faoi ‘Tuairisc ar an bhfíon (na fíonta)’. |
|
— |
Roinn VIII ‘Táirgeacht’: socraíodh an táirgeacht maidir leis na fíonta geala ag uasmhéid de 44 hl/ha. Cuireadh an fhoráil sin leis sa doiciméad aonair freisin faoi ‘Uastáirgeacht’. |
3. Leasú ar na dálaí táirgthe le haghaidh fíonta dearga
|
— |
Rialacha prúnála; I gCaibidil I den tsonraíocht, leasaíodh pointe 1 de Roinn VI ‘Bainistíocht fíonghort’ chun na rialacha prúnála a fhorlíonadh ionas go gceadaítear prúnáil Guyot ar ghas amháin nó prúnáil dúbailte Guyot a úsáid le haghaidh na gcineálacha Syrah agus Viognier. Cuireadh na forálacha sin leis an doiciméad aonair freisin, faoi ‘Cleachtais fíonóireachta’. |
|
— |
Liosta na bpríomhchineálacha fíonchaoire: Bogadh Cinsaut In Roinn V ‘Cineálacha fíonchaoire’ de Chaibidil I den tsonraíocht, ó liosta na gcineálacha fíonchaoire tánaistí chuig liosta na bpríomhchineálacha fíonchaoire. Tá spéis ag táirgeoirí sa chineál seo toisc go dtugann sé fíneáltacht agus éadroime atá tarraingteach gan a bpróifíl orgánaileipteach a athrú. Rinneadh an leasú céanna ar an doiciméad aonair freisin, faoi ‘príomhchineálacha fíonchaor’. |
|
— |
Athrú ar na rialacha maidir le cumasc: I gCaibidil I den tsonraíocht, leasaíodh pointe 1 de Roinn IX faoi ‘Cineálacha fíonchaoire a chumasc’, toisc gur mhian leis an ngrúpa iarratasóra cion cineálacha eile a mhéadú sna fíonta dearga agus rosé trí chion íosta an chineál Grenache a laghdú go dtí 50 %. Socraíodh cion Clairette Blanc sna fíonta geala ag íoschéatadán 70 %. Cuireadh na forálacha céanna sin leis sa doiciméad aonair freisin faoi ‘Tuairisc ar an bhfíon (na fíonta)’. |
|
— |
Laghdú ar uasmhéid aigéid mhalaigh sna fíonta dearga ó 0,4 g/l go 0,3 g/l. Beidh se níos éasca leis an luach seo a chinneadh cén uair a bheidh coipeadh malalachtach críochnaithe. Tá sé sonraithe i Roinn IX ‘Próiseáil, táirgeadh’ de Chaibidil I den tsonraíocht agus leasaíodh é faoi ‘Tuairisc ar na fíonta dearga’ sa dhoiciméad aonair. |
|
— |
An ceanglas maidir le haibiú maidir le fíonta dearga agus rosé a bhaint: I gCaibidil I den tsonraíocht, leasaíodh pointe 2 ‘Forálacha maidir le gach táirge’ de Roinn IX chun na dátaí le haghaidh aibithe de na fíonta a bhaint, is é sin 1 Eanáir tar éis bhliain an bhuainte le haghaidh fíonta rosé agus 15 Eanáir tar éis bhliain an bhuainte le haghaidh fíonta dearga. Ba mhian leis an ngrúpa iarratasóra fáil réidh leis an gceanglas maidir le haibiú, nach bhfuil údar maith leis do tháirgeadh fíonta ar a bhfuil an sonrúchán seo, agus chun idirdhealú in aghaidh trádálaithe a chosc. Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair. |
|
— |
Athrú ar an dáta eisiúna le díol leis an tomhaltóir freisin: I gCaibidil I den tsonraíocht, le pointe 5 ‘Forálacha maidir le cúrsaíocht táirge agus eisiúint le díol leis an tomhaltóir’ de Roinn IX leagtar amach an dáta eisiúna le díol leis an tomhaltóir, is é sin 15 Eanáir tar éis bhliain an bhuainte le haghaidh fíonta rosé agus 31 Eanáir tar éis bhliain an bhuainte le haghaidh fíonta dearga. Toisc gur scriosadh an ceanglas maidir le haibiú, is mian leis an ngrúpa iarratasóra an dáta eisiúna le díol leis an tomhaltóir a thabhairt ar aghaidh go dtí an 15 Nollaig le haghaidh na bhfíonta rosé, ach ní bheidh aon athrú ar an dáta eisiúna le díol le haghaidh na bhfíonta dearga. Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair. |
4. Ceanglais maidir le dearbhú
I gCaibidil II den tsonraíocht, leasaíodh Roinn I ‘Ceanglais maidir le dearbhú’ mar a leanas:
|
— |
Tugadh an dearbhú maidir le pacáistíocht i gcomhréir leis an bplean iniúchta agus is féidir é a chur go díreach chuig an gcomhlacht cigireachta suas le 3 lá oibre i ndiaidh pacáistíochta. |
|
— |
Níl gá leis an dearbhú um tharraingt siar. Scriosadh é toisc nach féidir na fíonta a dhearbhú faoin sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint níos leithne ‘Côtes du Rhône’, toisc go bhfuil dálaí táirgthe difriúla ann. |
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Gigondas
2. An cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóir táirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Fíonta rosé neamhcharbónáitithe
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Tá neart alcóil nádúrtha íosta de 12,5 % de réir toirte ag na fíonta.
Ag tráth na pacáistíochta: níl an cion siúcra choipigh (glúcós + fruchtós) níos mó ná 3 g in aghaidh an lítir.
Tá na critéir anailíseacha eile i gcomhréir le rialacha an Aontais.
Táirgtear na fíonta dearga agus na fíonta rosé as na cineálacha Grenache N, Syrah N agus Mourvèdre N den chuid is mó. Tá cion Grenache N sna fíonta cothrom le 50 % ar a laghad.
Tugann Grenache N tainniní agus maothlach do na cumaisc. Le cainníocht mheasartha Syrah N neartaítear an dath agus an déine cumhra agus tugtar cumas aosúcháin níos fearr don fhíon, gan a tréithe a athrú. Comhlánaítear Grenache N.ar bhealach foirfe le Mourvèdre N, lena hacmhainn ard frithocsaídeora, feabhsaíonn sí castacht aramatach na fíona, cuireann sí blasanna spíosracha léi agus oireann sí go foirfe don aibiú in adhmad. Tá aire suntasach tuillte ag an bhfíon rosé, cé nach bhfuil inti ach céatadán beag den táirgeacht fhoriomlán, go háirithe mar gheall ar a tathag sa bhéal. Tá dath bándearg domhain uirthi le himreacha corcra. Bíonn cumhracht d’almóinní agus caora cócaráilte mar shaintréithe an bholaidh, agus bíonn sí láidir ach dea–chothromaithe sa bhéal.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
14,5 |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
14,28 |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Fíonta dearga neamhcharbónáitithe
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Tá neart alcóil nádúrtha íosta de 12,5 % de réir toirte ag na fíonta.
Ag tráth na pacáistíochta:
|
— |
Tráth an phacáistithe, ní bhíonn an cion aigéid mhalaigh níos mó ná 0,3 g in aghaidh an lítir; |
|
— |
bíonn an t-innéacs feanólach foriomlán ar a laghad 45; |
|
— |
ní bhíonn an cion siúcra choipigh (glúcós + fruchtós) níos mó ná 3 g in aghaidh an lítir. |
Tá na critéir anailíseacha eile i gcomhréir le rialacha an Aontais.
Táirgtear na fíonta dearga agus na fíonta rosé as na cineálacha Grenache N, Syrah N agus Mourvèdre N den chuid is mó. Tá cion Grenache N sna fíonta cothrom le 50 % ar a laghad.
Tugann Grenache N tainniní agus maothlach do na cumaisc. Le cainníocht mheasartha Syrah N neartaítear an dath agus an déine cumhra agus tugtar cumas aosúcháin níos fearr don fhíon, gan a tréithe a athrú. Comhlánaítear Grenache N.ar bhealach foirfe le Mourvèdre N, lena hacmhainn ard frithocsaídeora, feabhsaíonn sí castacht aramatach na fíona, cuireann sí blasanna spíosracha léi agus oireann sí go foirfe don aibiú in adhmad. Bíonn an fhíon dearg an-oiriúnach lena dtabhairt chun cineáil. Bíonn a dath lonrach dearg idir dath an rúibín agus dath an ghairnéid dhorcha. Láidir agus flaithiúil bíonn dea-bholaithe de thorthaí dearga agus dubha an-aibí aici ina hóige, ag forbairt blasanna fiáine de chasarnach agus strufail.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
14,5 |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
17,30 |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Fíonta geala neamhcharbónáitithe
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta de 12 % de réir toirte ag na fíonta geala.
Níl an cion siúcra choipigh (glúcós + fruchtós) níos mó ná 3 g in aghaidh an lítir.
Tá na critéir anailíseacha eile i gcomhréir le rialacha an Aontais.
Déantar na fíonta geala as fíonchaora nó fíonta ina mbíonn ar a laghad 70 % Clairette Blanc.
Táirgtear na fíonta geala i dtrí chrios. Léirítear ábhar mianaigh agus cothromaíocht leo agus tá dath éadrom gléigeal orthu le himreacha glasa, arbh fhéidir a bheith níos déine agus órga le haosú.
Ar an talamh ard, déantar na cineálacha fíonchaor geal, go príomha Clairette, a aibiú go mall, rud a thugann úire dóibh. Tagann an t-ábhar mianaigh, ón bhfostratam aolchloiche de réir a chéile. Tugtar cáilíocht aerach do na fíonta le meascán an dá eilimint sin.
Ar an gcón snaíochair, glacann na cineálacha fíonchaor geal struchtúr beagáinín níos tibhe, ag léiriú fós ag an am céanna gurb ann don aolchloch a bhíonn le fáil gach áit in Gigondas.
Ar an ngaineamh Méicéineach, taispeánann na cineálacha fíonchaor geal, go háirithe Clairette, salandacht agus castacht aramatach.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
14,5 |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
17,30 |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1. Treorú na bhfíniúnacha
An modh saothraithe
|
— |
Ní mór nach mó ná 2,50 m í an spásáil idir na línte fíniúnacha. |
|
— |
Níor cheart don achar atá ar fáil le haghaidh gach fíniúin a bheith níos mó ná 2,50 m2. Déantar an t-achar sin a ríomh tríd an fad idir rónna agus an fad idir fíniúnacha sa tsraith chéanna a iolrú. |
|
— |
Ní mór an fad idir na fíniúnacha sa tsraith chéanna a bheith idir 0,80 m agus 1,25 m. |
|
— |
Prúnáiltear na fíniúnacha go gearr (ag úsáid an mhodh cuachphrúnála nó tródam de Royat), agus bíonn sé spor ar a mhéad in aghaidh an phlanda i gceist. Bíonn dhá bhachlóg inchomhairthe ar a mhéad ar gach spor. |
|
— |
Tá an tréimhse chun an tródam de Royat a bhunú nó a athghiniúint teoranta do 2 bhliain. I rith na tréimhse sin, ceadaítear modh Guyot aonair á úsáid agus cána ar a mbíonn 8 mbachlóg inchomhairthe ar a mhéad agus spor amháin ar a mbíonn dhá bhachlóg inchomhairthe ar a mhéad, nó prúnáil dúbailte Guyot, ar a mbíonn dhá shlat agus cúig bhachlóg ar gach ceann acu agus dhá spor athsholáthair ar a mbíonn dhá bhachlóg ar gach ceann acu. |
|
— |
Is féidir modh Guyot aonair agus cána ar a mbíonn ocht mbachlóg inchomhairthe ar a mhéad agus spor amháin nó dhá spor ar a mbíonn dhá bhachlóg inchomhairthe ar a mhéad ar gach spor á úsáid le haghaidh na gcineálacha Syrah N and Viognier B. |
Féadfar uisciú a údarú.
2. Cleachtais fíonóireachta
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
|
— |
Toirmisctear aon chóireáil teasa ar bhuain na bhfíonchaor ag teocht os cionn 40 °C. |
|
— |
Toirmisctear úsáid sliseanna adhmaid. |
|
— |
Toirmisctear an gualach fíonóireachta a úsáid agus fíonta rosé á ndéanamh, bíodh sé leis féin nó measctha in ullmhúcháin. |
I dteannta leis na forálacha thuas, ní mór do na cleachtais fíonóireachta uile na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód um Ghnóthaí Tuaithe agus um Iascaireacht Mhuirí a chomhlíonadh freisin.
5.2. Uastáirgeacht
|
1. |
Fíon dearg agus fíon rosé 40 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
2. |
Fíonta geala 44 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a dhéanamh, a fhorbairt agus a thabhairt chun cineáil i gcomún Gigondas de roinn Vaucluse, ar bhonn Cóid Gheografaigh Oifigiúil 2022).
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
|
Bourboulenc B – Doucillon Blanc |
|
|
Cinsaut N – Cinsault |
|
|
Clairette B |
|
|
Clairette Rose Rs |
|
|
Grenache N |
|
|
Grenache Blanc B |
|
|
Grenache Gris G |
|
|
Marsanne B |
|
|
Mourvèdre N – Monastrell |
|
|
Piquepoul Blanc B |
|
|
Roussanne B |
|
|
Syrah N – Shiraz |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Tuairisc ar na tosca nádúrtha agus daonna is ábhartha don nasc
Lonnaithe i gcroílár na bhfíonghort theas Ghleann Rhône agus aitheanta mar Cru des Côtes du Rhône, tá an limistéar a shainmhínítear do tháirgeadh fíonta ar a bhfuil sonrúchán tionscnaimh cláraithe ‘Gigondas’ mar chuid lárnach de mhasaíf suntasach aolchloiche Dentelles de Montmirail, a rinneadh creimeadh a dhealbhú i gcruth suntasach mórthaibhseach. Tá an común Gigondas i roinn Vaucluse sa limistéar geografach críochaithe. Cuirtear na fíonghoirt ar airde idir 160 agus 400 méadar agus le treoshuíomh na talún mar sin bíonn siad cosanta ón iomarca ghrian an tsamhraidh. Lena suíomh taobh cnoic cosnaítear iad ó cheo agus ó shioc an earraigh, lena n-áirithítear buaint tráthrialta gach bliain. Aeráid tipiciúil de réigiún Provençale atá ann, aeráid ina mbíonn codarsnachtaí, brothall samhraidh na Meánmhara agus an ghaoth Mistral uafásach. Mar a tharlaíonn i ngach cuid de réigiún na Meánmhara, is féidir leis an mbáisteach a bheith iontach trom i dtrátha chónochtaí an earraigh agus an fhómhair.
Le 2 000 bliain anuas, rinne muintir Gigondas, sráidbhaile ag bun Dentelles de Montmirail, a bheatha a shaothrú go príomha ón bhfíonsaothrú. Meastar gur bunaíodh na céad eastáit fíonóireachta ag saighdiúirí an dara léigiún Rómhánach. Sa 19ú céad, tháinig méadú seasta ar tháirgeadh fíonta ‘Gigondas’, mar a tharla freisin leis an gclú a bhaineann leo. Ar bhonn na cáile sin tháinig ‘Gigondas’ chun bheith ina shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint in 1924, i gcomhréir leis an dlí an 6 Bealtaine 1919.
Cláraithe ar dtús faoin sonrúchán tionscnaimh cláraithe ‘Côtes du Rhône’ (aithníodh é i bhforaithne an 19 Samhain 1937), aithníodh fíonta ‘Gigondas’ go luath ina dhiaidh sin de bharr a gcáilíochta agus a saintréithe suntasacha. Dá thoradh sin, ó 1951 ceadaíodh ainm an chomúin a bheith ar an lipéad ar ndóigh le taobh an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe ‘Côtes du Rhône’. Ar an 6 Eanáir 1971, tugadh aitheantas do ‘Gigondas’ féin le foraithne mar sonrúchán tionscnaimh cláraithe, ag dul isteach, ar an gcaoi sin, fine fíonta Crus des Côtes du Rhône.
In 2009, cumhdaíodh 1 230 heicteár leis na fíonghoirt, agus meántáirgeacht de 32 500 heictilítear.
Táirgtear trí chineál fíona: bhí fíonta dearga mar 99 % den táirgeadh, agus cainníocht i bhfad níos lú fíonta rosé agus fíonta geala. Táirgtear 80 % de na fíonta ag fíonlanna príobháideacha.
8.2. Idirghníomhaíochtaí cúisíocha
Ba cheart go measfar Gigondas, ar a dtugadh jucunditas (an Laidin ar ‘an-lúcháir’) tráth mar shuíomh den scoth chun fíonta a tháirgeadh le féiniúlacht an-suaithinseach ar aithníodh a cáilíocht le fada.
Oireann an limistéar don fhíonóireacht go foirfe, agus i gcaitheamh na mblianta bhí muintir na háite in ann buntáiste uasta a bhaint as agus obair go cúramach leis an amhábhar uathúil, atá mar thoradh a gcuid saothair ar an talamh.
I dtimpeallacht ghalánta, i measc darach toilm agus crann olóige, le méasaeráid mhaith, cuirtear na fíonghoirt ar ithreacha tréscaoilteacha a laghdaíonn an creimeadh ar uisce a ritheann chun srutha is cúis leis agus a chuireann ar a gcumas do na dáileachtaí talún a roghnaíodh go cúramach a thriomú go tapa. Go ginearálta, comhcheanglaíonn na hithreacha seo maitrís chréúil, atá oiriúnach do bhainistíocht uisce rialaithe, le cion mór gairbhéil atá mar chuidiú leo triomú amach agus a bhfuil éifeacht thairbheach aige ar theochtaí agus na fíonchaora ag aibiú. Tá na fánaí lonnaithe ag airde 160 m go 400 m, os cionn ceo an Rhône, agus leis sin, i dteannta lena dtreoshuíomh (ó thuaidh siar ó thuaidh) cosnaítear na fíniúnacha ón iomarca gréine agus ó shioc an earraigh.
Dá réir sin, bíonn na buntáistí uile a bhaineann le haeráid de réigiún Provençale ar fáil le común Gigondas, i.e. flúirse na gréine agus an Mistral, gaoth fhuar thirim a chuidíonn le galair fhungasacha a laghdú agus le tiúcháin nádúrtha sna torthaí a mhéadú, gan na míbhuntáistí, a bhuí leis an gcosaint atá ar fáil ó shliabhraon Dentelles de Montmirail.
Thar thréimhse 2 000 bliain, mar gheall ar na tosca sin uile, chomh maith le hobair chrua agus saineolas na saothróirí fíniúna, atá le feiceáil go háirithe ina roghanna cineálacha fíonchaoire agus sórtáil éigeantach na dtorthaí, tháinig aitheantas agus clú ar na fíonta a táirgeadh faoin sonrúchán tionscnaimh cláraithe ‘Gigondas’ agus thar aon ní eile ligtear dóibh a saintréithe suntasacha a choinneáil.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh, forbairt agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na gcomún seo a leanas i Roinn Vaucluse, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2022:
Aubignan, Le Barroux, Beaumes-de-Venise, Beaumont-du-Ventoux, Bédarrides, Bollène, Buisson, Caderousse, Cairanne, Camaret-sur-Aigues, Caromb, Carpentras, Châteauneuf-du-Pape, Courthezon, Le Crestet, Entrechaux, Faucon, Jonquières, Lafare, Lagarde-Paréol, Lamotte-du-Rhône, Lapalud, Loriol-du-Comtat, Malaucène, Mazan, Mondragon, Mornas, Orange, Piolenc, Puymeras, Rasteau, Roaix, La Roque-Alric, Sablet, Sainte-Cécile-les-Vignes, Saint-Hippolyte-le-Graveyron, Saint-Léger-du-Ventoux, Saint-Marcellin-lès-Vaison, Saint-Romain-en-Viennois, Saint-Roman-de-Malegarde, Sarrians, Séguret, Sérignan-du-Comtat, Sorgues, Suzette, Travaillan, Uchaux, Vacqueyras, Vaison-la-Romaine, Vedène, Villedieu, Violès agus Visan.
Faisnéis lipéadaithe breise
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
|
(a) |
Féadfaidh ainm aonaid gheografaigh níos lú a bheith léirithe ar lipéid fíonta lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh cláraithe, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
Féadfar ainm aonad geografach níos leithne ‘Cru des Côtes du Rhône’ nó ‘Vignobles de la Vallée du Rhône’ a shonrú ar lipéid fíonta lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh cláraithe. Leagtar amach na rialacha lena rialaítear úsáid an aonaid gheografaigh níos leithne ‘Vignobles de la Vallée du Rhône’ sa chomhaontú a síníodh idir na comhlachtaí caomhnaithe agus bainistíochta lena mbaineann. |
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-ba4e714e-f1f5-476d-9097-07279359da1a