ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 204

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
12 Meitheamh 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 204/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11097 – ROCKY / CENTERBRIDGE / INDUS REIT) ( 1 )

1

2023/C 204/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11046 – IBV / ACEN / ACRI / SINGAPORE JV / TAIWAN JV / PHILIPPINES JV) ( 1 )

2


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN BANC CEANNAIS EORPACH

2023/C 204/03

Tuairim ón mBanc ceannais eorpach an 26 Aibreán 2023 maidir le togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 maidir le neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír agus lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais agus togra le haghaidh treoir lena leasaítear Treoracha 2009/65/AE, 2013/36/AE agus (AE) 2019/2034 a mhéid a bhaineann le riosca comhchruinniúcháin a láimhseáil i leith contrapháirtithe lárnacha agus i leith an riosca contrapháirtí ar idirbhearta díorthach a imréitítear go lárnach (CON/2023/11)

3


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 204/04

Rátaí malairte an euro — 9 Meitheamh 2023

20

2023/C 204/05

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006)  ( 1 )

21

2023/C 204/06

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

27

2023/C 204/07

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

28

2023/C 204/08

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

29

2023/C 204/09

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

30

2023/C 204/10

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

31

2023/C 204/11

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

32

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2023/C 204/12

Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Glao ar thairiscintí i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( 1 )

33

2023/C 204/13

Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Forchur oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealta ( 1 )

34

2023/C 204/14

Bearta atheagrúcháin — Cinneadh maidir le bearta atheagrúcháin i ndáil leis an gcuideachta árachais EUROVITA SpA agus EUROVITA HOLDING SpA (Foilsiú de bhun Airteagal 271 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) agus Airteagal 237(2) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 209/2005)

35


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 204/15

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11163 — TRAFIGURA / MOTA-ENGIL / LAH / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

37

2023/C 204/16

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11140 – APG / CORSICA SOLE / MIROVA / DRIVECO) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

39

2023/C 204/17

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú — Cás M.11136 - PETRONAS / NPI / CANWIND agus NORTHWIND (Comhfhiontair)) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

41

2023/C 204/18

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11103 – PUBLIC POWER CORPORATION / ENEL ROMANIA) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

43


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11097 – ROCKY / CENTERBRIDGE / INDUS REIT)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 204/01)

An 10 Bealtaine 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11097. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11046 – IBV / ACEN / ACRI / SINGAPORE JV / TAIWAN JV / PHILIPPINES JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 204/02)

An 6 Meitheamh 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11046. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN BANC CEANNAIS EORPACH

12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/3


TUAIRIM ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 26 Aibreán 2023

maidir le togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 maidir le neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír agus lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais agus togra le haghaidh treoir lena leasaítear Treoracha 2009/65/AE, 2013/36/AE agus (AE) 2019/2034 a mhéid a bhaineann le riosca comhchruinniúcháin a láimhseáil i leith contrapháirtithe lárnacha agus i leith an riosca contrapháirtí ar idirbhearta díorthach a imréitítear go lárnach

(CON/2023/11)

(2023/C 204/03)

Réamhrá agus bunús dlí

An 31 Eanáir 2023 agus an 6 Feabhra 2023, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarrataí ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Pharlaimint na hEorpa, faoi seach, ar thuairim maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 648/2012, (AE) 575/2013 agus (AE) 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar contrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú (1) (dá ngairtear ‘an rialachán atá beartaithe’ anseo feasta’) agus maidir le togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2009/65/AE, 2013/36/AE agus (AE) 2019/2034 a mhéid a bhaineann le láimhseáil an riosca comhchruinniúcháin i leith CPLanna agus an riosca contrapháirtí ar idirbhearta díorthach a imréitítear go lárnach (2) (dá ngairtear an ‘treoir atá beartaithe’ anseo feasta).

Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ós rud é go bhfuil forálacha sa rialachán atá beartaithe agus sa treoir atá beartaithe lena ndéantar difear do na nithe seo a leanas: (1) bunchúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) beartas airgeadaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme agus oibriú rianúil córas íocaíochta a chur chun cinn de bhun na chéad fhleisce agus an cheathrú fleasc d’Airteagal 127(2) den Chonradh; (2) cúram CEBC rannchuidiú le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus maidir le cobhsaíocht an chórais airgeadais de bhun Airteagal 127(5) den Chonradh; agus (3) na cúraimí a chuirtear ar BCE maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim seo.

Barúlacha ginearálta

Tacaíonn BCE leis an bpacáiste atá molta ag an gCoimisiún Eorpach, a bhfuil sé d’aidhm aige córas lárnach imréitigh an Aontais a neartú trí fheabhsuithe spriocdhírithe ar an gcreat rialála a thabhairt isteach. Aontaíonn BCE go bhfuil contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) athléimneacha agus dea-fhorbartha ríthábhachtach le haghaidh Aontas Margaí Caipitil a fheidhmíonn go maith.

Ar an gcéad dul síos, is geal le BCE na céimeanna atá molta chun sábháilteacht agus athléimneacht imréiteach lárnach an Aontais a fheabhsú tríd an gcomhar i measc na n-údarás a neartú agus, i bhfianaise rioscaí airgeadais atá ag éabhlóidiú, trí cheanglais stuamachta do CPLanna agus neamhchosaintí na mbanc ar CPLanna a nuashonrú. Ar an dara dul síos, tacaíonn BCE leis na bearta atá beartaithe chun próisis mhaoirseachta CPL a chuíchóiriú d’fhonn cur ar chumas CPLanna an Aontais freagairt níos gasta d’fhorbairtí nua sa mhargadh. Ar an tríú dul síos, aontaíonn BCE go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise chun neamhchosaintí iomarcacha chliaint agus chomhaltaí imréitigh an Aontais ar CPLanna tríú tír a laghdú d’fhonn rioscaí a féideartha nach bhfuil smacht iomlán ag údaráis an Aontais orthu a theorannú.

Tá socruithe láidre lena n-áirithítear sábháilteacht agus éifeachtúlacht imréiteach lárnach an Aontais ríthábhachtach ó thaobh an Eurochórais mar bhanc ceannais eisiúna. D’fhéadfadh suaitheadh in CPL ag a bhfuil gnó suntasach arna ainmniú in euro tionchar diúltach a bheith aige ar shuíomh leachtachta institiúidí creidmheasa sa limistéar euro agus ar oibriú rianúil na gcóras íocaíochta, rud a d’fhágfadh go mbeadh rioscaí ann do tharchur éifeachtach na mbeartas airgeadaíochta agus, ar deireadh, do bhaint amach phríomhchuspóir an Eurochórais, is é sin cobhsaíocht praghsanna a choimeád (3). Tá córas imréitigh lárnach láidir de chuid an Aontais tábhachtach freisin don Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) mar gheall ar mhéid neamhchosaintí na n-institiúidí creidmheasa atá faoi mhaoirseacht SAM ar CPLanna an Aontais.

Barúlacha sonracha

1.    Comhar idir na húdaráis a fheabhsú

Tacaíonn BCE leis an gcomhar atá beartaithe a neartú i measc na n-údarás ar leibhéal an Aontais agus leis an ról leathnaithe atá ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) maidir le cóineasú maoirseachta a chothú, go háirithe trí vótáil agus trí thuairimí a thabhairt ar chúrsaí maoirseachta, chomh maith le comhordú a dhéanamh i gcásanna géarchéime. Creideann BCE gur céim sa treo ceart é sin, lena gcuirtear feabhas ar an maoirseacht ar imréiteach lárnach ar leibhéal an Aontais, agus aird á tabhairt ar fhás na hacmhainneachta imréitigh laistigh den Aontas agus ar an riosca gaolmhar a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis. Mar gheall ar thábhacht agus ar chastacht CPLanna an Aontais, a bhfuiltear ag dréim leis go dtiocfaidh méadú air de bharr chur chun feidhme an cheanglais maidir le cuntas gníomhach, agus mar gheall ar idirnascadh na CPLanna le hinstitiúidí creidmheasa suntasacha ina gcáil mar chomhaltaí imréitigh acu, ní mór maoirseacht níos láidre a bheith ann ar leibhéal an Aontaisagus tá gá atá le bainistiú a dhéanamh ar leathnú amach féideartha an riosca shistéamaigh i roinnt Ballstát.

1.1.   Coláistí

1.1.1.   Rannpháirtíocht leanúnach an choláiste: tuairimí agus próiseas athbhreithnithe bliantúil

Léiríodh gur bealach éifeachtach é creat na gcoláistí, arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (dá ngairtear ‘EMIR’ anseo feasta), chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha an imréitigh lárnaigh a eascraíonn as impleachtaí riosca suntasacha na CPLanna thar theorainneacha agus thar earnálacha. Cuireann coláistí ar chumas údarás ó dhlínsí éagsúla agus a bhfuil sainorduithe éagsúla acu faisnéis a mhalartú, ionchur a sholáthar, agus ábhair imní a tharraingt anuas maidir leis na cineálacha cur chuige bainistithe riosca agus an raon seirbhísí atá ag CPLanna an Aontais. Faoi láthair, eisíonn coláistí tuairimí i dtaobh, i measc nithe eile, údarú CPLanna, leathnú gníomhaíochtaí agus seirbhísí CPLanna agus athruithe suntasacha ar shamhlacha. Mar sin féin, ní dhéantar grinnscrúdú faoi láthair ar fhreagairtí bainistithe riosca na CPLanna ar fhorbairtí agus rioscaí margaidh atá ag éabhlóidiú i bpróisis fhoirmiúla na gcoláistí mura rud é go bhfuil athrú suntasach ar ghníomhaíochtaí nó ar shamhlacha riosca i gceist le gníomhaíochtaí na CPLanna sin.

D’fhonn rannpháirtíocht an choláiste a neartú ar bhonn leanúnach, tacaíonn BCE go hiomlán leis an togra ón gCoimisiún go gcuirfeadh údarás inniúil gach CPL tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid an choláiste, ar bhonn bliantúil ar a laghad, ina ndéanfar athbhreithniú ar chomhlíonadh fhorálacha EMIR ag an CPL agus ina ndéanfar meastóireacht ar na rioscaí a bhfuil an CPL neamhchosanta orthu (5). Is geal le BCE an togra ón gCoimisiún ceangal a chur ar an gcoláiste tuairimí breise a eisiúint maidir le heochairchinntí maoirseachta, amhail i ndáil le tuarascálacha ar athbhreithniú agus meastóireacht an CPL, ceanglais chorrlaigh agus aistarraingtí féideartha an údaraithe (6).

Faoin gcreat atá beartaithe, féadfar coinníollacha agus moltaí a mheasann an coláiste a bheith riachtanach chun maolú a dhéanamh ar aon easnaimh i mbainistiú riosca an CPL a áireamh i dtuairimí coláiste, chomh maith le comhaontú nó easaontú le cinntí áirithe maoirseachta a áireamh sna tuairimí sin (7). Is geal le BCE an rialachán atá beartaithe toisc go gcuireann sé ar chumas chomhaltaí an choláiste na breithnithe ar a bhfuil a vótaí bunaithe a shonrú agus na hábhair imní atá fós ann a léiriú. Chun an próiseas vótála a fheabhsú tuilleadh, ba cheart comhaltaí an choláiste a spreagadh freisin chun réasúnaíocht a thabhairt agus a vótaí á gcaitheamh acu i bpróiseas tuairime an choláiste, ionas go mbeidh údarás inniúil an CPL in ann leas níos mó a bhaint as dearcthaí éagsúla chomhaltaí an choláiste i dtuairim ó choláiste. Ar deireadh, tacaíonn BCE leis an oibleagáid atá beartaithe a chur ar údarás inniúil an CPL cúiseanna a shonrú, agus míniú iomlán á thabhairt aige, ina chinneadh, ar aon imeacht suntasach ó tuairim ón gcoláiste (8). Creideann BCE go gcuirfidh na bearta molta sin le rannpháirtíocht na gcoláistí ar bhonn leanúnach agus go gcuideoidh siad lena áirithiú go dtacóidh maoirseacht CPLanna le rannpháirtíocht éifeachtach leis na húdaráis ábhartha uile agus go mbainfidh an mhaoirseacht sin tairbhe as peirspictíochtaí na n-údarás ábhartha uile.

Tacaíonn BCE leis an bhforáil sa rialachán atá beartaithe go soláthródh comhaltaí an choláiste tuilleadh ionchuir maidir le seoladh an phróisis athbhreithnithe bhliantúil, agus molann sé nár cheart an t-ionchur sin a theorannú do mhinicíocht agus doimhneacht an athbhreithnithe bhliantúil a bhunú amháin ach gur cheart aghaidh a thabhairt leis freisin ar fhócas substainteach maoirseachta an athbhreithnithe sin.

1.1.2.   Comhar i gcomhfhoirne maoirseachta (‘joint supervisory teams’ (JSTanna))

Tacaíonn BCE go hiomlán leis an intinn atá mar bhunús leis an togra, is é sin JSTanna a thabhairt isteach i maoirseacht CPLanna údaraithe an Aontais. Céim i dtreo maoirseacht a neartú ar leibhéal an Aontais is ea rannpháirtíocht na gcomhaltaí coláiste a fheabhsú i bpróiseas na maoirseachta leanúnaí – go háirithe maidir leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm nósanna imeachta neamhagóide, cigireachtaí ar an láthair agus i gcomhthéacs an phróisis athbhreithnithe bhliantúil. Cuideoidh sé leis na comhaltaí coláiste tuiscint chomhroinnte níos doimhne a fháil ar na heochairfhorbairtí lena ndéantar difear do rioscaí agus do bhainistiú riosca CPLanna, rud a chuirfidh feabhas ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an idirphlé idir údaráis inniúla na CPLanna agus na comhaltaí coláiste ar fud an Aontais. Ina theannta sin, beifear in ann acmhainní údaráis inniúla agus choláistí na CPLanna a chomhthiomsú, rud a chuirfidh tuilleadh le cost-éifeachtúlacht mhaoirseacht CPLanna an Aontais, agus tairbhe le baint as ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus ag na comhaltaí coláiste araon.

Mar sin féin, ní mheasann BCE gur gá comhlacht nua maoirseachta a bhunú chun na críche sin, toisc go bhféadfadh castacht institiúideach níos mó a bheith mar thoradh air sin. Chun comhréireacht a áirithiú, molann BCE brath ar an gcomhar atá ann cheana laistigh den chreat coláiste. Ar an dul céanna, molann BCE cúraimí beartaithe na JSTanna a shannadh don choláiste mar ghníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha, agus na comhaltaí coláiste rannpháirteach ar bhonn deonach, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan iallach – gan toirmeasc’. I gcás nach dtiocfaidh aon chomhalta coláiste chun tosaigh chun rannpháirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhpháirteach mhaoirseachta i gcomhar leis an údarás inniúil, fágfaidh sé sin go nglacfaidh an t-údarás inniúil an cúram sin air féin amháin.

D’fhonn na gníomhaíochtaí comhpháirteacha maoirseachta a neadú sna próisis atá ag an gcoláiste cheana, molann BCE gné bhreise a chur le tuarascáil údaráis inniúla na CPLanna maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe bhliantúil (9), eadhon plean le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha maoirseachta le linn na tréimhse athbhreithnithe bhliantúil atá le teacht.

Sa bhreis ar chúraimí na JSTanna faoin rialachán atá beartaithe, molann BCE gníomhaíochtaí comhpháirteacha maoirseachta i ndáil le hionchur a sholáthar don nós imeachta neamhagóide a bhaineann le hathruithe ar shamhlacha corrlaigh an CPL a fhormheas, agus i ndáil le seoladh an athbhreithnithe bhliantúil agus na meastóireachta bliantúla arna ndéanamh ag údarás inniúil CPL an Aontais (10). Ba cheart freachnaimh fhéideartha dheisce a áireamh sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha maoirseachta freisin mar uirlis bhreise le haghaidh measúnuithe comhoibritheacha ar rioscaí agus nósanna imeachta bainistithe riosca an CPL. Chun gur féidir leis na húdaráis uile, lena n-áirítear an coláiste, a bheith rannpháirteach go héifeachtach i nósanna imeachta neamhagóide, molann BCE síneadh a chur leis an amlíne mheasúnaithe faoi seach (féach mír 3.2 thíos).

D’fhonn solúbthacht a chaomhnú le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha maoirseachta féideartha i ndáil le hábhair imní mhaoirseachta ad hoc a d’fhéadfadh teacht chun cinn, ba cheart go mbeifí in ann gníomhaíochtaí comhpháirteacha maoirseachta a leathnú chuig réimsí nár foráladh dóibh tráth an athbhreithnithe bhliantúil roimhe sin. Sa chomhthéacs sin, is geal le BCE go bhféadfadh údaráis inniúla CPLanna an Aontais cúnamh a iarraidh san obair mhaoirseachta leanúnach (11), i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan iallach – gan toirmeasc’.

Dá mbunófaí JSTanna, mar atá leagtha amach sa togra ón gCoimisiún, thacódh BCE le rannpháirtíocht mhaoirseoirí ábhartha na gcomhaltaí imréitigh in JSTanna, i bhfianaise a thábhachtaí atá an nasc idir na comhaltaí imréitigh agus CPLanna an Aontais, agus a thábhachtaí na bainc cheannais eisiúna ábhartha agus na maoirseoirí ábhartha, i bhfianaise a bpeirspictíochta sistéamaí níos leithne maidir le bainistiú riosca CPLanna.

1.2.   An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí

1.2.1.   Ról ESMA maidir le cóineasú maoirseachta agus maolú riosca trasteorann a chothú

Chun go mbeidh Aontas Margaí Caipitil ann atá ag feidhmiú go maith, tá gá le cleachtais atá ailínithe go dlúth i maoirseacht CPLanna an Aontais. D’fhonn cóineasú maoirseachta agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach EMIR a chur chun cinn tuilleadh in CPLanna an Aontais trí chéile, tacaíonn BCE leis na tograí chun ról ESMA, mar cheann de na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, a neartú. Ba cheart, go háirithe, ceart vótála a bheith ag ESMA sna coláistí agus ba cheart dó tuairimí a thabhairt maidir le dréachtchinntí maoirseachta a bhaineann leis an athbhreithniú agus meastóireacht bhliantúil, leis na ceanglais chorrlaigh agus le tarraingt siar an údaraithe. Tacaíonn BCE freisin leis an bpróiseas atá beartaithe do thuairimí ESMA atá dírithe ar údarás inniúil CPL an Aontais (12). Tá sé sin ag teacht go hiomlán le rannpháirtíocht chothrománach ESMA i ngach coláiste agus leis an acmhainneacht uathúil agus an ról tábhachtach atá aige dá bharr sin maidir le measúnú comhsheasmhach ar shaincheisteanna comhchoiteanna a chur chun cinn sna coláistí trí chéile.

1.2.2.   Comhordú trasteorann i ngéarchéimeanna

Aontaíonn BCE gur gá go neartófaí creat an Aontais le haghaidh comhordú idir na húdaráis ábhartha nuair a tharlaíonn staideanna struis a bhfuil tionchar acu, nó ar dócha go mbeidh tionchar acu, ar CPLanna an Aontais nó ar na margaí a imréitítear go lárnach ar bhonn níos ginearálta. Tá sé sin bunriachtanach d’fhonn teacht ar rioscaí tógálachta ar fud an Aontais agus aghaidh a thabhairt orthu, ar rioscaí iad a eascraíonn as staideanna struis ag CPLanna aonair de chuid an Aontais, ag céim luath agus chun freagairt dhea-chomhordaithe uile-Aontais ar éigeandálaí den sórt sin a bhaint amach ar fud an Aontais. Le creat níos sonraí le haghaidh staideanna éigeandála cabhrófar le hionchais na n-údarás agus na CPLanna ábhartha a shoiléiriú maidir leis na céimeanna praiticiúla atá le leanúint, le dlús a chur le freagairt an Aontais ar chásanna éigeandála den sórt sin agus le laghdú a chur ar an mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann go mbeadh cur chuige na n-údarás sin ag teacht salach ar a chéile.

Dá bhrí sin, is geal le BCE an t-athbhreithniú atá beartaithe ar na forálacha maidir le staideanna éigeandála (13), lena n-áirítear an sonrú ar staideanna éigeandála ábhartha, ról foirmiúil ESMA i dtaca le comhordú, an fhéidearthacht atá ag ESMA an fhaisnéis is gá don ról comhordúcháin sin a aisghabháil go díreach agus an chumhacht atá aige moltaí éigeandála a eisiúint d’údaráis inniúla i staideanna ina mbeadh tionchar ag an staid éigeandála ar níos mó ná CPL amháin de chuid an Aontais nó i gcás ina bhfuil tarlúintí ar fud an Aontais ag díchobhsú margaí trasteorann a imréitítear go lárnach.

Chun freagairt dhea-chomhordaithe a thabhairt ar theagmhais struis thromchúiseacha a mbíonn tionchar acu ar imréiteach lárnach san Aontas, tá gá le hidirghníomhú éifeachtach an Choiste Maoirseachta do CPLanna le húdaráis ábhartha eile. Dá bhrí sin, ba cheart cuireadh a thabhairt i gcónaí do na bainc cheannais eisiúna freastal ar chruinnithe den Choiste um Maoirseacht CPLanna a thionóltar nuair a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a bheith ag forbairtí sna margaí airgeadais ar leachtacht an mhargaidh, ar tharchur an bheartais airgeadaíochta nó ar oibriú rianúil na gcóras íocaíochta. D’áiritheofaí leis sin freisin comhsheasmhacht le cur chuige an rialacháin atá beartaithe, ina mbeadh baint ag bainc cheannais eisiúna le gach plé maidir le CPLanna an Aontais (féach mír 1.3.1 thíos).

1.3.   Comhar laistigh den Choiste um Maoirseacht CPLanna

1.3.1.   Rannpháirtíocht na mbanc ceannais eisiúna

Faoi láthair, tá rannpháirtíocht na mbanc ceannais eisiúna i bpléití ar leibhéal an Aontais maidir le CPLanna an Aontais thar a bheith neamhshiméadrach lena ról faoi seach maidir le CPLanna tríú tír ar Leibhéal 2, cé gurb ionann CPLanna an Aontais agus formhór an imréitigh in airgeadraí an Aontais agus na himpleachtaí riosca a eascraíonn as sin. Laistigh den Eurochóras, tá feidhm aige sin fiú i réimse na ndíorthach thar an gcuntar (‘over-the-counter’ (OTC)), áit a bhfuil an spleáchas is suntasaí ag comhaltaí imréitigh an Aontais ar CPLanna na Ríochta Aontaithe: Is ionann CPLanna an Aontais agus thart ar 60 % den chorrlach tosaigh arna bhreacadh ag comhaltaí imréitigh an Aontais chuig CPLanna an Aontais agus na Ríochta Aontaithe (14). Mar sin féin, cé go bhféadfaidh bainc cheannais eisiúna a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste um Maoirseacht CPLanna maidir le raon leathan saincheisteanna i ndáil le CPLanna tríú tír Leibhéal 2, tá a rannpháirtíocht faoi seach i gcás CPLanna an Aontais teoranta faoi láthair do na pléití a bhaineann le tástálacha struis CPL ar fud an Aontais agus le forbairtí ábhartha sa mhargadh (15).

I bhfianaise an mhéid sin, is díol mór sásaimh do BCE an togra chun cuireadh a thabhairt do bhainc cheannais eisiúna, mar chomhaltaí nach bhfuil vóta acu, chuig gach plé a dhéanann an Coiste an Aontais um Maoirseacht CPLanna maidir le CPLanna an Aontais (16). Cuirfidh sé sin ar chumas na mbanc ceannais eisiúna páirt a ghlacadh, mar shampla, i bpléití ar anailísí athbhreithnithe piaraí, i gcomhroinnt rialta faisnéise maidir le gníomhaíochtaí agus cinntí maoirseachta ábhartha agus i dtuairimí agus moltaí na gcoláistí uile.

1.3.2.   Rannpháirtíocht maoirseoirí stuamachta

Féadfaidh próifíl riosca CPL tionchar a imirt ar phróifíl riosca na ngnóthas atá ag gníomhú mar chomhaltaí imréitigh an CPL sin. Is institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta den chuid is mó iad na gnóthais sin (17). Tá méadú leanúnach ag teacht ar an neamhchosaint a eascraíonn as sin ó bhí géarchéim airgeadais dhomhanda 2008 ann agus ó cuireadh chun feidhme clár oibre G20 maidir le hathchóiriú rialála lena ndreasaítear imréiteach lárnach. Ní hamhlaidh amháin go gcuireann na hinstitiúidí a ghníomhaíonn mar chomhaltaí imréitigh an oibleagáid imréitigh chun feidhme dá dtrádálacha féin, is amhlaidh a fheidhmíonn siad freisin mar idirghabhálaí idir CPLanna agus rannpháirtithe eile sa mhargadh, a bhfuil sé de cheangal orthu, nó a roghnaíonn, na trádálacha sin a imréiteach go lárnach. Dá bhrí sin, tá an t-idirnasc idir institiúidí a ghníomhaíonn mar chomhaltaí imréitigh agus CPLanna ríthábhachtach agus táthar ag súil go bhfanfaidh sé amhlaidh amach anseo. I bhfianaise an idirnaisc sin, ní hamhlaidh amháin atá sé ríthábhachtach go gcuirfear na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí sin ar an eolas go hiomlán agus go tráthúil faoi na rioscaí arna mbainistiú ag CPLanna ach go mbeidh siad in ann a saineolas maoirseachta agus a bpeirspictíochtaí maoirseachta a chur ar fáil freisin.

Is féidir feabhas níos fearr a chur ar an gcomhar leis na maoirseoirí stuamachta ar leibhéal an Choiste um Maoirseacht CPLanna. Le cúraimí an Choiste um Maoirseacht CPLanna, go háirithe ullmhú dréachtchinntí maidir le hathruithe suntasacha ar shamhlacha riosca nó srathú riosca a bhailíochtú, nó maidir le freachnaimh tástála struis a chomhordú, tugtar léargas luachmhar ar phróifílí riosca CPLanna agus fágann siad gur féidir tuiscint chuimsitheach a fháil ar CPLanna. Dá réir sin, i bhfianaise na n-idirnasc thuasluaite idir institiúidí a ghníomhaíonn mar chomhaltaí imréitigh agus CPLanna, tá na pléití sin ábhartha freisin maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh na hinstitiúidí sin a thabhú mar gheall ar a neamhchosaintí ar CPLanna. Dá bhrí sin, ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta na n-institiúidí a dhéanann na trí ranníocaíocht is mó le ciste mainneachtana CPLanna an Aontais a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste um Maoirseacht CPLanna mar chomhaltaí nach bhfuil vóta acu. Ar an gcaoi sin, cuirfear maoirseoirí ar an eolas go tráthúil faoi rioscaí féideartha lena ndéanfaí difear d’institiúidí aonair, agus beidh siad in ann aghaidh a thabhairt orthu, más gá agus de réir mar is gá, laistigh de mhaoirseacht leanúnach. Ba cheart ballraíocht bhuan a dhéanamh den bhallraíocht sin, seachas í a bheith faoi réir cuireadh ad hoc.

1.4.   Sásra faireacháin trasearnálach a fhorbairt

1.4.1.   Comhdhéanamh

Eochairghné amháin den chreat maoirseachta do CPLanna an Aontais is ea an bhéim a leagtar ar CPLanna aonair, bunaithe ar mheascán de rialú tíre baile agus de chomhar trasteorann le húdaráis óstacha in earnálacha ábhartha éagsúla. I bhfianaise chineál comhtháite na margaí airgeadais laistigh den Aontas, agus na n-idirthuilleamaíochtaí suntasacha idir CPLanna an Aontais, ba cheart an mhaoirseacht ar CPLanna aonair a chomhlánú le socruithe comhfhreagracha ar leibhéal an Aontais lena dtabharfar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus ar leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud an Aontais. Mar shampla, de bharr na n-impleachtaí riosca a bhaineann le hidirthuilleamaíochtaí imréitigh lárnaigh agus de bharr an fhaireacháin ar chur chun feidhme cheanglas an chuntais ghníomhaigh, is léir go bhfuil gá le measúnú atá trasearnálach agus de chineál uile-Aontais araon.

I bhfianaise an mhéid sin, is geal le BCE an togra chun comhlachtaí de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le maoirseacht ar CPLanna, comhaltaí imréitigh agus cliaint – lena n-áirítear ionadaithe de chuid ESMA, an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE), an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC), an Choimisiúin, an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS), agus BCE, lena n-áirítear i gcomhthéacs a chúraimí faoi SAM – a thabhairt le chéile i Sásra Comhfhaireacháin (‘Joint Monitoring Mechanism’ (JMM)) nua (18). Ba cheart don JMM forléargas cuimsitheach a thabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh atá ábhartha don imréiteach laistigh den Aontas agus ar na rioscaí cothrománacha a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe na rioscaí sin a bhaineann le hidirnascthacht gníomhaithe airgeadais i roinnt dlínsí éagsúla.

Thairis sin, ós rud é go n-áirítear ar chúraimí an JMM faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme cheanglas an chuntais ghníomhaigh, molann BCE gur cheart do bhainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí ina n-ainmnítear conarthaí díorthach a chumhdaítear le ceanglas an chuntais ghníomhaigh a bheith rannpháirteach sa JMM.

1.4.2.   Sainordú agus caidreamh le húdaráis eile

Ó thaobh substainte de, aontaíonn BCE leis an togra chun fócas an JMM a choinneáil ar fhaireachán agus measúnú rioscaí cothrománacha agus ar thuairisciú d’institiúidí ábhartha an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh na cumhachtaí cinnteoireachta agus na próisis chinnteoireachta atá ann cheana le haghaidh maoirseacht CPLanna slán go hiomlán.

Ag an am céanna, bheadh sé ina chuidiú idirghníomhaíocht an JMM leis an gcreat maoirseachta atá ann cheana a shoiléiriú. Ar an gcéad dul síos, d’fhonn ionchur éifeachtach ó na húdaráis inniúla náisiúnta ar obair an JMM a áirithiú, molann BCE gur cheart tuarascáil bhliantúil an JMM maidir le torthaí a ghníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a ullmhú i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha. Ar an dara dul síos, chun tacú le hobair leantach éifeachtach ar thuarascálacha an JMM, ba cheart ceangal a bheith ar na húdaráis inniúla náisiúnta, ar na coláistí agus ar an gCoiste um Maoirseacht CPLanna, i gcomhthéacs a gcuid oibre féin, athbhreithniú agus breithniú a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíochtaí an JMM, a mhéid atá fionnachtana an JMM ábhartha maidir le gníomhaíochtaí, próifíl riosca nó bainistiú riosca CPL ar leith.

Thairis sin, ba cheart leathnú a dhéanamh ar raon feidhme chúram beartaithe an JMM faireachán a dhéanamh ar rioscaí comhchruinniúcháin. Tuigtear do BCE go ndírítear sa chúram sin faoi láthair ar aimsiú rioscaí comhchruinniúcháin a eascraíonn as spleáchas ar na soláthraithe seirbhíse céanna. Ní chumhdaítear gnéithe criticiúla breise den chomhchruinniú go sainráite ná go leordhóthanach sa rialachán atá beartaithe. Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh riosca comhchruinniúcháin teacht chun cinn i gcás ina mbeadh cliant amháin neamhchosanta go mór ar CPL de bharr úsáid a bhaint as comhaltaí imréitigh éagsúla de chuid an CPL sin, gan dochar do na cineálacha táirgí a imréitítear sa CPL céanna sin. Is riosca é sin a d’fhéadfadh a bheith ábhartha ar bhonn coincheapúil do roinnt CPLanna, d’ainneoin gur cheart anailís a dhéanamh ar an gcomhchruinniú sin ar leibhéal gach CPL. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh riosca comhchruinniúcháin teacht chun cinn i gcás ina gcarnann rannpháirtí sa mhargadh suíomhanna suntasacha ar an margadh le haghaidh táirge atá intrádála i margaí rialáilte agus i margaí thar an gcuntar araon. Is féidir an imní sin a dhéanamh níos measa i gcás ina ndéantar an táirge céanna nó táirge comhchosúil, nó fiú táirge atá an-chomhghaolaithe, a imréiteach i mbreis agus CPL amháin. Níl foirmeacha den sórt sin de riosca comhchruinniúcháin chomh feiceálach céanna faoi láthair, i gcás na n-údarás agus na rannpháirtithe sa mhargadh araon, in ainneoin na n-iarmhairtí suntasacha a d’fhéadfadh a bheith acu. Mar a tugadh chun suntais le linn géarchéimeanna le déanaí, d’fhéadfadh baol suntasach a bheith ann do shábháilteacht agus d’fhóntacht CPLanna an Aontais, do rannpháirtithe sa mhargadh agus don chobhsaíocht airgeadais i gcoitinne de thoradh na rioscaí sin. Dá bhrí sin, molann BCE go gcuirfí le gníomhaíochtaí faireacháin an JMM laistigh den rialachán atá beartaithe trí chumhdach níos forleithne ar riosca comhchruinniúcháin a thabhairt isteach, laistigh de chomhthéacs an imréitigh.

Ina theannta sin, i bhfianaise a úrnua atá an JMM, molann BCE go gcuirfí breis solúbthachta ar fáil don JMM maidir le raon feidhme a chuid oibre féideartha. Chuige sin, ba cheart foráil a thabhairt isteach lena gceadófaí, i gcás ina meastar í a bheith ina chabhair, an fhéidearthacht go gcomhaontaíonn beirt chomhaltaí JMM nó níos mó úsáid a bhaint as creat an JMM mar bhonn le hanailísí trasearnálacha a dhéanamh ar thopaicí breise leasa choitinn ar fud an Aontais agus ar thopaicí leasa choitinn a bhaineann le himréiteach lárnach.

1.5.   Maoirseacht ar CPLanna tríú tír aitheanta

Tacaíonn BCE go ginearálta leis na leasuithe lena dtugtar isteach tuilleadh comhréireachta i bpróiseas aitheantais CPLanna tríú tír chomh maith leis na leasuithe lena n-áirithítear go bhfaighidh ESMA an fhaisnéis uile is gá ó CPLanna tríú tír ar Leibhéal 2 chun críocha a ghníomhaíochtaí maoirseachta.

Molann BCE soiléiriú breise a dhéanamh ar raon feidhme an chomhairliúcháin leis an mbanc ceannais eisiúna i ndáil le gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta maoirseachta maidir le CPLanna tríú tír ar Leibhéal 2. Faoi láthair, tá raon feidhme an chomhairliúcháin teoranta do chomhlíonadh na gcúig réimse ábhartha ag an CPL ó pheirspictíocht an bhainc ceannais eisiúna de: corrlaigh, rialuithe ar riosca leachtachta, comhthaobhacht, socruithe socraíochta agus idir-inoibritheachta (19). Sa chleachtas, féadfaidh comhlíonadh na réimsí sin ag na CPLanna a bheith faoi réir cinntí foirmiúla arna ndéanamh ag ESMA de bhun forálacha áirithe (20) agus faoi réir measúnuithe agus nósanna imeachta maoirseachta sonracha de chuid ESMA agus an Choiste um Maoirseacht CPLanna. Ina theannta sin, rialaítear réimse na gceanglas corrlaigh le forálacha áirithe de chuid EMIR (21). Is den tábhacht é dul i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna maidir le cinntí i ndáil le hathbhreithniú ar shamhlacha, ar thástáil struis agus ar chúltástáil chun na samhlacha agus na paraiméadair arna nglacadh ag an CPL a bhailíochtú chun a cheanglais chorrlaigh, a ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana, a cheanglais chomhthaobhachta agus a bhearta rialaithe riosca eile faoi EMIR a ríomh (22). Dá bhrí sin, molann BCE go leanfaí de bheith ag díriú ar raon feidhme chomhairliúcháin na mbanc ceannais eisiúna maidir leis na cúig réimse sin, ach soiléiriú breise a thabhairt ar chineál na ngníomhartha de chuid ESMA inar cheart dul i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna (e.g. trí mheasúnuithe maoirseachta a chur san áireamh). Ina theannta sin, ba cheart a áireamh i raon feidhme an chomhairliúcháin forálacha ábhartha uile EMIR lena dtugtar de chumhacht do ESMA cinneadh a ghlacadh nó measúnú maoirseachta a dhéanamh laistigh de na réimsí sin.

2.    Ceanglais stuamachta a thabhairt cothrom le dáta

2.1.   Leasuithe ar cheanglais CPL

2.1.1.   Ceanglais maidir le rannpháirtíocht agus leithscaradh

Is geal le BCE an togra lena leasaítear na ceanglais iontrála arna mbunú ag CPLanna i ndáil le comhaltaí imréitigh. Tá gnéithe sonracha na gcontrapháirtithe neamhairgeadais i gcomhthéacs an imréitigh lárnaigh an-ábhartha, go háirithe i bhfianaise na taithí a fuarthas le déanaí i ndáil le glaonna móra ar chorrlaigh a eascraíonn as luaineacht an-ard sa mhargadh. Dá bhrí sin, ba cheart do CPLanna measúnú cúramach a dhéanamh ar phróifíl leachtachta ar leith na gcontrapháirtithe neamhairgeadais sula ligfear isteach iad mar rannpháirtithe díreacha. Ba cheart do CPLanna scrúdú a dhéanamh go háirithe i dtaobh an bhfuil contrapháirtithe neamhairgeadais in ann méaduithe a d’fhéadfadh teacht ar cheanglais chorrlaigh nó ar ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana a chomhlíonadh go tráthúil, fiú faoi dhálaí anáis sa mhargadh. Ina theannta sin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, b’fhiú sonraíochtaí breise a thabhairt go háirithe i ndáil le hidirghníomhú contrapháirtithe neamhairgeadais mar chomhaltaí imréitigh faoi EMIR (23) leis an gceanglas go dtabharfaí fógra do CPL mar chóras de bhun Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). Dá bhrí sin, molann BCE gur cheart gnéithe na gcritéar iontrála do chontrapháirtithe neamhairgeadais a shonrú sna dréachtchaighdeáin (25) theicniúla rialála ábhartha. Ina theannta sin, molann BCE comhaltaí CEBC a chur le liosta na n-údarás ar cheart do ESMA dul i gcomhairle leo agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt.

Ar deireadh, molann BCE go soiléireofaí go bhfuil an toirmeasc ar CPLanna a bheith rannpháirteach in CPL eile (26) gan dochar do na forálacha atá ann cheana maidir le socruithe idir-inoibritheachta lena n-áirithítear creat riosca iomchuí do sheirbhísí imréitigh tras-CPLanna (27).

2.1.2.   Ceanglais chorrlaigh agus trédhearcachta

Tacaíonn BCE le tapú na deise chun an t-athbhreithniú reachtach sin a dhéanamh chun ceachtanna a fhoghlaim ó thréimhsí a bhí ann le déanaí ina raibh luaineacht thar a bheith ard sa mhargadh, rud a léiríonn go bhféadfadh deis a bheith ann cleachtais um shocrú corrlaigh a fheabhsú. I dtuarascáil le déanaí ó Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB), ó Choiste um Íocaíochtaí agus um Bonneagar Margaidh an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (CPMI) agus ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) (28), sonraíodh réimsí ar fiú tuilleadh anailíse a dhéanamh orthu, go háirithe maidir le freagrúlacht agus trédhearcacht samhlacha corrlaigh CPL chomh maith le cleachtais maidir le corrlaigh athrúcháin. Táthar ag dréim leis go mbeidh moltaí ó lucht leagtha amach caighdeán idirnáisiúnta mar thoradh ar an anailís bhreise sin i gcomhthéacs chleachtais um shocrú corrlaigh, cineálacha cur chuige agus samhlacha na CPLanna.

I bhfianaise an mhéid sin, tacaíonn BCE leis na leasuithe atá beartaithe maidir le ceanglais um shocrú corrlaigh. Trí ghlaonna ar chorrlaigh ionlae a chur ar aghaidh (29), d’fhéadfaí leachtacht a sheoladh ar ais chuig na comhaltaí imréitigh. Uaireanta, áfach, d’fhéadfadh an cleachtas sin a bheith neamhphraiticiúil ní hamháin do CPLanna ach do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint freisin. Sa lá atá inniu ann, d’fhéadfadh roinnt CPLanna glaonna athrúcháin ionlae agus glaonna ar chorrlach tosaigh a mheascadh. Ciallaíonn sé sin go minic go bhféadfadh comhaltaí imréitigh agus a gcliaint roghnú glaonna ar chorrlaigh ionlae a chomhlíonadh le comhthaobhacht neamhairgid nó in airgeadra atá éagsúil leis an airgeadra ina n-ainmnítear an táirge. I gcás ina ndéanfaidh CPLanna cur ar aghaidh corrlach athrúcháin a thabhairt isteach, d’fhéadfadh sé go gcaillfí na solúbthachtaí sin ar thaobh na comhthaobhachta toisc gur ghá glaonna ionlae a dheighilt idir corrlaigh athrúcháin agus corrlaigh tosaigh. Ina theannta sin, is dócha nach nglacfar ach le hairgead tirim (i.e. airgeadra an táirge) mar chumhdach incháilithe le haghaidh corrlaigh athrúcháin. Dá bhrí sin, de réir mar a fhoráiltear sa rialachán atá beartaithe (30), ba cheart go mbeadh sé ina rogha i gcónaí corrlaigh athrúcháin a chur ar aghaidh, ar rogha í a bhreithneoidh agus a fhorbróidh CPL ar bhonn lándíchill, tar éis measúnú a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí uile i gcomhairle lena chomhaltaí imréitigh agus lena gcliaint. Tá an méid sin gan dochar do mholtaí a d’fhéadfadh teacht as an obair idirnáisiúnta leanúnach, a d’fhéadfaí a léiriú ar deireadh i ndréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais chorrlaigh (31).

Maidir le trédhearcacht agus nochtadh cleachtas um shocrú corrlaigh, tacaíonn BCE go láidir le leathnú a dhéanamh ar fhreagrachtaí na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant a imréitíonn idirbhearta thar ceann a gcliant faoi seach (i.e. soláthraithe seirbhísí imréitigh cliant). Ina theannta sin, b’fhiú sainordú a thabhairt do ESMA (32), i gcomhairle le ÚBE agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i ndáil leis na ceanglais trédhearcachta sin is infheidhme maidir le CPLanna agus maidir le soláthraithe seirbhísí imréitigh cliant. Chuirfeadh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála go mór le caighdeánú agus cáilíocht na nochtaí ábhartha. I gcomhthéacs na trédhearcachta agus an nochta, d’áiritheofaí leo freisin idirghníomhaíocht éifeachtach idir freagrachtaí na CPLanna agus na soláthraithe seirbhísí imréitigh cliant. Ar deireadh, d’fhéadfaí, ag céim níos déanaí agus a mhéid is ábhartha, forthoradh na hoibre idirnáisiúnta atá ar siúl faoi choimirce CBMB-CPMI-IOSCO (33) i ndáil le trédhearcacht corrlaigh a chur san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin.

2.1.3.   Ceanglais chomhthaobhachta

Go ginearálta, is fiú ligean do CPLanna glacadh le ráthaíochtaí poiblí agus le ráthaíochtaí bainc phoiblí mar chomhthaobhacht. Admhaíonn BCE iarrachtaí rialála an Aontais chun struis leachtachta eisceachtúla a mhaolú a eascraíonn as tréimhsí luaineachta margaidh nach raibh a leithéid ann roimhe seo. Chun aon amhras a sheachaint, áfach, agus toisc nach ndeirtear aon ní sa togra maidir le sainiúlachtaí ráthaíochtaí bainc tráchtála, cuireann BCE i bhfios go láidir nach dtacaíonn sé le ráthaíochtaí bainc tráchtála neamh-chomhthaobhaithe a cheadú mar chomhthaobhacht incháilithe ar bhonn buan (34). An glacadh atá le ráthaíochtaí bainc tráchtála neamh-chomhthaobhaithe, ba cheart dó a bheith ina bheart rialála sealadach nach bhfuil infheidhme ach maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais. An fhéidearthacht go nglacfaí le ráthaíochtaí bainc tráchtála neamh-chomhthaobhaithe ar bhonn buan, b’ionann é agus aistriú struchtúrach ar lamháltas an riosca rialála, rud a rachadh níos faide ná an cuspóir aghaidh a thabhairt ar struis eisceachtúla leachtachta neamhbhainc. Ina theannta sin, tugann BCE rabhadh i gcoinne cead a thabhairt do CPLanna glacadh le ráthaíochtaí bainc tráchtála ó gach comhalta imréitigh, lena n-áirítear institiúidí airgeadais, seachas ó chontrapháirtithe neamhairgeadais amháin mar atá amhlaidh faoi láthair.

Ar deireadh, molann BCE leathnú a dhéanamh ar raon feidhme na gcaighdeán teicniúil rialála arna bhforbairt ag ESMA, lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir glacadh le ráthaíochtaí bainc tráchtála mar chomhthaobhacht chun ráthaíochtaí poiblí agus ráthaíochtaí bainc poiblí a áireamh. Leis sin, bheadh ESMA in ann na ceanglais chomhthaobhachta ábhartha a shonrú tuilleadh maidir le ráthaíochtaí poiblí agus ráthaíochtaí bainc poiblí.

2.1.4.   Oibleagáid tuairiscithe

Tacaíonn BCE go láidir leis an togra deireadh a chur leis an díolúine ó cheanglais tuairiscithe i gcás idirbhearta inghrúpa lena mbaineann contrapháirtí neamhairgeadais (35). I gcomhthéacs thabhairt isteach na díolúine sin in 2017, shonraigh BCE roinnt iarmhairtí diúltacha do cháilíocht agus d’úsáideacht na sonraí a thuairiscítear faoi EMIR chomh maith le cumas na n-údarás faireachán a dhéanamh ar an gcobhsaíocht airgeadais i réimsí áirithe de na margaí airgeadais (36). Tá na hiarmhairtí sin ábhartha fós. Mar shampla, bhí an easpa faisnéise maidir le hidirbhearta áirithe inghrúpa ina bac ar BCE ó thaobh fheidhmiú na gcúraimí atá air a bhaineann leis an gcobhsaíocht airgeadais le linn shuaitheadh na margaí fuinnimh in 2022. Is ionann gníomhaíocht na gcuideachtaí neamhairgeadais agus cionmhaireacht an-mhór de mhargaí na ndíorthach fuinnimh. Mar thoradh air sin, ba bhearna ábhartha i gcumas BCE faireachán a dhéanamh ar an deighleog sin de mhargaí na ndíorthach an easpa sonraí maidir le hidirbhearta inghrúpa lena ngabhann contrapháirtí neamhairgeadais amháin ar a laghad. Ar bhonn níos ginearálta, i margaí na ndíorthach tráchtearraí, is cuid ábhartha de neamhchosaintí déthaobhacha iomlána idir rannpháirtithe sa mhargadh iad idirbhearta inghrúpa, agus lena sainaithint is féidir an tábhacht a bhaineann le hilchuideachtaí móra áirithe ó thaobh na cobhsaíochta airgeadais de a thabhairt chun solais. Cé gur ar dhíorthaigh tráchtearraí fuinnimh is mó a bhí tionchar ag an suaitheadh a bhí ann le déanaí, ní féidir cineál na ngéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a thuar. Go ginearálta, toisc gan léargas iomlán a bheith ann ar an margadh d’fhéadfaí bac a chur ar fhaireachán éifeachtúil na n-údarás inniúil ar dhinimic mhargaidh atá ag athrú go tapa. Sa chomhthéacs sin, is den tábhacht é a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon díolúine chomhchosúil i Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) chun tuairisciú a dhéanamh ar idirbhearta um chomhaontuithe athcheannaigh inghrúpa, ar idirbhearta um maoiniú urrús agus ar idirbhearta um iasachtú corrlaigh. Is beart tábhachtach é deireadh a chur leis an díolúine le haghaidh idirbhearta inghrúpa lena mbaineann contrapháirtí neamhairgeadais ó cheanglais tuairiscithe EMIR chun léargas iomlán ar an margadh a bhunú agus chun comhsheasmhacht a bhaint amach idir na rialacháin faoi seach.

2.1.5.   Riachtanais leachtachta a mheas

Measann BCE gur den tábhacht é go ndéanfadh CPLanna faireachán ar a neamhchosaintí ar na hairgeadraí is ábhartha de chuid an Aontais ar bhonn laethúil chun an riosca leachtachta a bhainistiú níos fearr, agus chun tuairisciú iomchuí i dtaca le hairgeadra ábhartha an Aontais a sholáthar dá n-údaráis inniúla. Ba cheart é sin a léiriú sa rialachán atá beartaithe d’fhonn a áirithiú go ndéanfar measúnú comhiomlán ar na hoibleagáidí íocaíochta is mó i ndáil leis na hairgeadraí uile agus, ar leithligh, i ndáil le gach ceann de na hairgeadraí is ábhartha de chuid an Aontais a ghabhann leis na hionstraimí airgeadais arna n-imréiteach.

2.2.   Tionchar ar an maoirseacht stuamachta a dhéantar ar institiúidí creidmheasa

2.2.1.   Díolúintí maidir le hidirbhearta inghrúpa

Leis an rialachán atá beartaithe, tugtar isteach athruithe ar an gcreat is infheidhme faoi láthair lena ndíolmhaítear trádálacha inghrúpa ó cheanglais imréitigh agus um shocrú corrlaigh (38) agus ó cheanglais chaipitil le haghaidh riosca coigeartúcháin luachála creidmheasa (39). Leis na hathruithe atá beartaithe, cuimsítear an creat le haghaidh measúnuithe coibhéise tríú tír, ar réamhchoinníoll é le haghaidh na ndíolúintí sin. I gcás EMIR, beartaítear creat simplithe a chur in ionad an chreata measúnaithe coibhéise atá ann faoi láthair. Ba cheart na díolúintí a bheith faoi réir coinníollacha lena n-áiritheofar nach gcuirfear sábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí, ná cobhsaíocht an chórais airgeadais i gcoitinne, i mbaol. Sa chomhthéacs sin, tá roinnt barúlacha ag BCE.

Ar an gcéad dul síos, chun idirbhearta inghrúpa a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le himréiteach agus maidir le socrú corrlaigh, ní leor an réamh-mheasúnú ar chreat an tríú tír ábhartha a theorannú do ghnéithe a bhaineann le frithsciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac amháin. Creideann BCE go daingean gur cheart measúnú a dhéanamh ar roinnt gnéithe eile, go háirithe coibhéis chreat rialála agus maoirseachta an tríú tír sin le raon feidhme leathan EMIR, sula mbeidh na díolúintí ar fáil d’institiúidí. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú eochaircheanglais maidir le teicnící maolaithe riosca le haghaidh trádálacha thar an gcuntar, mar a fhoráiltear cheana i gcreat reatha EMIR, ach níor cheart don mheasúnú a bheith teoranta dóibh sin amháin (40). Tacaíonn BCE le measúnú coibhéise níos cuimsithí toisc go dtugtar dearbhú leis go bhfuil contrapháirtithe atá lonnaithe i dtríú tíortha faoi réir creataí fónta rialála agus maoirseachta agus nach dtabhaíonn contrapháirtithe an Aontais rioscaí míchuí trí idirbhearta a dhéanamh le contrapháirtithe den sórt sin. De réir an rialacháin atá beartaithe, féadfaidh an Coimisiún measúnú níos cuimsithí a dhéanamh ar chreat tríú tír, agus d’fhéadfaí na gnéithe thuasluaite a áireamh sa mheasúnú sin. Níor cheart measúnú den sórt sin a bheith lánroghnach, áfach. Ina ionad sin, ba cheart an measúnú sin a dhéanamh agus a thabhairt i gcrích roimh ré, sula mbeidh contrapháirtithe an Aontais in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí thuasluaite. Mura ndéanfar amhlaidh, beidh rioscaí suntasacha le hiompar ag contrapháirtithe an Aontais maidir le líon mór idirbheart inghrúpa a dhéanamh nó a chothabháil le contrapháirtithe a bhféadfadh sé nach mbeidís faoi réir ceanglais rialála iomchuí agus/nó faoi réir maoirseacht leordhóthanach. Dá bhrí sin, measann BCE, in ionad an chreata shimplithe atá beartaithe, gur cheart an creat coibhéise is infheidhme faoi láthair a choimeád.

Ar an dara dul síos, tá tionchar díreach ag an togra ar chur i bhfeidhm ceanglas caipitil le haghaidh riosca coigeartúcháin luachála creidmheasa mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is éard is coigeartú luachála creidmheasa ann an riosca a bhaineann le caillteanais a tharlaíonn de bharr athruithe ar raon difríochta contrapháirtí idirbhirt díorthach de bharr athruithe ar a cháilíocht chreidmheasa. Tarlaíonn an coigeartú sin nuair a théann contrapháirtí an Aontais i mbun idirbheart díorthach le contrapháirtí eile, lena n-áirítear contrapháirtí laistigh den ghrúpa céanna. Ceann de na cúiseanna is coitianta a dtabhaíonn contrapháirtithe de chuid an Aontais an neamhchosaint riosca inghrúpa sin is ea chun tacú le cleachtais áirithinte ‘droim le droim’. San am a chuaigh thart (41), thug ECB chun suntais gur féidir le rioscaí stuamachta eascairt as cleachtais áirithinte áirithe laistigh de ghrúpaí idirnáisiúnta, go háirithe cleachtais áirithinte ‘droim le droim’. An t-idirbheart inghrúpa as a n-eascraíonn riosca coigeartúcháin luachála creidmheasa, bíodh sé ag tacú le cleachtas áirithinte ‘droim le droim’ nó ná bíodh, bíonn tionchar diúltach ag an riosca coigeartúcháin luachála creidmheasa a thagann as sin ar phróifíl riosca chontrapháirtí an Aontais. Dá bhrí sin, ní mór socruithe áitiúla leordhóthanacha agus foireann leordhóthanach a bheith ag contrapháirtithe an Aontais chun an riosca sin a bhainistiú mar is ceart agus caipiteal rialála a bheith ina seilbh acu chun é a chumhdach, mura rud é go bhfuil feidhm ag an díolúine ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (42). Níor cheart an díolúine sin a bheith ar fáil do chontrapháirtithe an Aontais ach amháin ar choinníoll go gcumhdaítear le measúnú coibhéise an tríú tír, i gcás ina bhfuil an contrapháirtí eile bunaithe, gach gné stuamachta ábhartha de rialacha an tríú tír sin agus go ndírítear leis go sonrach ar an riosca coigeartúcháin luachála creidmheasa ar bhealach cuimsitheach. Dá bhrí sin, is geal le BCE go bhfuiltear ag tabhairt isteach, sa rialachán atá beartaithe, sainordú chun measúnú a dhéanamh ar choibhéis tríú tír (43), ach molann sé go mbeadh sé dírithe go sonrach ar cheanglais stuamachta agus mhaoirseachta an tríú tír atá i gceist. Tacaíonn BCE leis go leagtar síos an sainordú i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Bheadh cinneadh coibhéise sonrach chun idirbhearta inghrúpa a dhíolmhú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 níos oiriúnaí mar d’fhágfadh sé go bhféadfaí díriú sa mheasúnú ar riosca coigeartúcháin luachála creidmheasa. Is é an toradh a bheadh air sin toradh níos stuama, i gcomparáid leis an status quo, fiú tar éis soiléirithe a fháil ó ÚBE – ar díol sásaimh iad seachas sin (44).

Ar deireadh, beag beann ar an gcreat is infheidhme maidir leis an measúnú coibhéise, tá BCE i gcoinne shannadh an mheasúnaithe ar incháilitheacht tríú tíortha don mhaoirseoir stuamachta, fiú ar bhonn sealadach, mar a bheartaítear sa rialachán atá beartaithe. Ó pheirspictíocht institiúideach, creideann BCE gurb é an Coimisiún is fearr atá in ann tabhairt faoin bhfreagracht as measúnú a dhéanamh ar choibhéis creataí rialála tríú tíortha, rud a éilíonn forléargas cuimsitheach ar rialáil agus maoirseacht i dtríú tíortha a fháil agus a choinneáil cothrom le dáta. Tá sé sin i gcomhréir le creat reatha an Aontais do sheirbhísí airgeadais, faoina ndéanann an Coimisiún measúnuithe coibhéise de ghnáth, bunaithe uaireanta ar chomhairle theicniúil ó na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (45).

2.2.2.   Deireadh a chur le bailíochtú maoirseachta i ndáil le samhlacha

Mar a tugadh faoi deara freisin le linn géarchéimeanna le déanaí, d’fhéadfadh rioscaí suntasacha teacht chun cinn as idirbhearta thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach, rud a dhéanann difear do shábháilteacht agus d’fhóntacht na gcontrapháirtithe a théann i mbun idirbhearta den sórt sin chomh maith le difear don chobhsaíocht airgeadais trí chéile. Is measa na rioscaí sin toisc go bhfuil líon na n-idirbheart thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach mór agus meastar go bhfanfaidh sé amhlaidh, d’ainneoin chur chun feidhme céimseach na hoibleagáide imréitigh tar éis athchóirithe rialála an G20. Dá bhrí sin, is den ríthábhacht é go gcuirfidh contrapháirtithe airgeadais na nósanna imeachta bainistithe riosca dá dtagraítear in EMIR (46) i bhfeidhm, ar nósanna imeachta iad atá fónta go teicniúil agus oiriúnach chun go mbainfear amach an cuspóir an riosca bunúsach ó na hidirbhearta ábhartha a laghdú. D’fhéadfadh úsáid samhlacha le haghaidh ríomh an chorrlaigh tosaigh a bheith i gceist leis sin. Chuige sin, tacaíonn BCE le soiléiriú a dhéanamh ar cheanglais mhaoirseachta do chontrapháirtithe an Aontais i ndáil le samhlacha corrlaigh tosaigh (47). I ndáil leis sin, tá BCE toilteanach breis comhréireachta agus breis solúbthachta a thabhairt isteach, amhail úsáid samhlacha a chumasú de réir lánrogha na gcontrapháirtithe agus cumhacht ghinearálta agóide ag údaráis inniúla a chur in ionad próiseas foirmiúil bailíochtúcháin. Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla beart a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na samhlacha sin téagartha go leor. Molann BCE go ndéanfadh na contrapháirtithe sin, go háirithe institiúidí creidmheasa, faisnéis leordhóthanach maidir le nósanna imeachta bainistithe riosca a thuairisciú dá n-údaráis inniúla faoi seach, lena n-áirítear faisnéis faoi fheidhmíocht na samhlacha a thacaíonn le ríomh an chorrlaigh tosaigh. Mar sin féin, níl faisnéis maidir le feidhmíocht na samhlacha corrlaigh tosaigh ar fáil laistigh den chreat rialála atá ann cheana i bhfoirm atá iomchuí chun críocha stuamachta. Má bhíonn an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis inniúla, beidh siad in ann meastóireacht a dhéanamh ar na nósanna imeachta bainistithe riosca sin, lena n-áirítear na samhlacha corrlaigh tosaigh, agus measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil gá le beart maoirseachta iomchuí a dhéanamh chun fóntacht a gcur i bhfeidhm a áirithiú. Molann BCE go ndéanfaí é sin a shainiú le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála seachas le treoirlínte, chun cóineasú a áirithiú.

Sa bhreis ar cheanglais faisnéise níos mionsonraithe na n-údarás inniúil, bhainfeadh rannpháirtithe sa mhargadh tairbhe freisin as rochtain a bheith acu féin ar fhaisnéis bhunriachtanach maidir leis na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na samhlacha corrlaigh tosaigh réamhluaite. D’áiritheofaí leis an rochtain sin trédhearcacht an bhainistithe riosca a dhéanann contrapháirtithe ar a n-idirbhearta thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach agus d’éascófaí leis freisin meastóireacht ag rannpháirtithe sa mhargadh ar an gcur chuige a úsáidtear. Dá bhrí sin, molann BCE ceanglas a thabhairt go gcaithfear nochtaí a dhéanamh ar fhaisnéis ardleibhéil maidir le húsáid samhlacha corrlaigh tosaigh laistigh de chreat EMIR.

3.    Próisis formheasa maoirseachta a shimpliú agus a luathú

3.1.   Nósanna imeachta maidir le seirbhísí a údarú agus a leathnú

Tacaíonn BCE leis an togra go ndéanfaí sruthlíniú ar na nósanna imeachta maidir le húdarú CPL agus leathnú gníomhaíochtaí agus seirbhísí d’fhonn feabhas a chur ar chumas CPLanna an Aontais freagairt d’fhorbairtí nua sa mhargadh ar bhealach tráthúil (48).

Is geal le BCE go háirithe gur cheart formáid agus lánas na doiciméadachta is gá le haghaidh iarratais CPL (49) a shonrú trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ESMA i ndlúthchomhar le CEBC. Le soiléiriú níos mionsonraithe ar na ceanglais mhaoirseachta faoi seach, cothófar trédhearcacht agus intuarthacht do CPLanna agus cuideofar le dlús suntasach a chur leis an bpróiseas formheasa maoirseachta.

Is geal le BCE freisin an moladh go gcoinneodh ESMA bunachar sonraí lárnach (50), a mbeadh rochtain air ag údaráis inniúla na CPLanna, ag ESMA agus ag comhaltaí na gcoláistí, agus ina n-iontrálfadh an CPL gach iarratas ar údarú, ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí a leathnú (51) agus ar athruithe (52) suntasacha a dhéanamh ar shamhlacha agus paraiméadair riosca (53). Éascófar leis sin rannpháirtíocht níos tapa na n-údarás inniúil ábhartha uile le linn na bpróiseas measúnaithe faoi seach.

Aontaíonn BCE freisin gur cheart amlíne dhaingean a shocrú chun an measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil iarratas comhlánaithe go hiomlán. Is den tábhacht é sin chun teorainn a chur le héiginnteachtaí agus moilleanna faoi seach agus le rioscaí comhfhreagracha do lúfaireacht agus d’iomaíochas CPLanna an Aontais. Mar sin féin, is díol imní do BCE go bhfuil an amlíne bheartaithe chun go ndeimhneodh údarás inniúil iomláine an iarratais ó CPL (54), is é sin dhá lá oibre, róghearr. Chun a áirithiú go mbeadh údarás inniúil in ann measúnú láidir a dhéanamh in imthosca ar bith, molann BCE an tréimhse sin a fhadú go deich lá oibre. Mura ndéanfar amhlaidh, d’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann teacht roimh an riosca go ndiúltófaí iarratais gan ghá, más rud é, i gcásanna eisceachtúla, go bhféadfadh sé nach raibh údarás inniúil náisiúnta in ann a dheimhniú laistigh de dhá lá go ndearnadh na doiciméid riachtanacha uile a sholáthar.

Chun tairbhe a bhaint as an eolas atá ag an údarás inniúil náisiúnta ar an CPL de bharr a ghníomhaíochtaí maoirseachta leanúnacha agus d’fhonn tacú le hidirphlé éifeachtach idir an t-údarás inniúil náisiúnta, ESMA agus an coláiste le linn an phróisis measúnaithe, molann BCE gur cheart dóthain ama a thabhairt don choláiste chun a mheasúnú a thabhairt chun críche tríd an dréacht-mheasúnú ón údarás inniúil náisiúnta agus dréacht-tuairim ESMA a chur san áireamh. Ba cheart don údarás inniúil náisiúnta agus do ESMA a ndréacht-mheasúnuithe a chomhroinnt leis an gcoláiste laistigh de 30 lá gnó. Ina dhiaidh sin, molann BCE 20 lá gnó breise a thabhairt do na geallsealbhóirí uile – na húdaráis inniúla náisiúnta, ESMA agus an coláiste – chun a measúnuithe a thabhairt chun críche.

3.2.   Nósanna imeachta neamhagóide le haghaidh athruithe neamhábhartha

Is geal le BCE gur moladh nós imeachta neamhagóide nua a thabhairt isteach chun go ndeonófaí iarraidh ar leathnú gníomhaíochtaí nó seirbhísí i gcás athruithe neamhábhartha ar sheirbhísí (55). D’áiritheofaí leis sin go mbeadh doimhneacht an athbhreithnithe maoirseachta comhréireach leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le gníomhaíocht nó seirbhís nua agus go dtacódh na próisis formheasa faoi seach le timpeallacht imréitigh lárnach dhinimiciúil de chuid an Aontais. Mar sin féin, ba cheart coimircí iomchuí le haghaidh grinnscrúdú maoirseachta a chaomhnú.

Na critéir choiteanna atá sa rialachán atá beartaithe maidir leis an éifeacht neamhábhartha atá ag athrú seirbhíse imréitigh nó gníomhaíochta imréitigh, is den tábhacht iad chun trédhearcacht agus comhsheasmhacht fhoriomlán na gcur chuige maoirseachta a chur chun cinn. Mar sin féin, bheadh na critéir sin ró-ard chun na tosca ábhartha uile a chuimsiú. I bhfianaise an mhéid sin, measann BCE gur cheart na coinníollacha breise atá beartaithe lena gcinntear cathain a fhéadfar an nós imeachta neamhagóide a chur i bhfeidhm (56) a cheangal le sainordú do ESMA treoir níos mionsonraithe a fhorbairt, i ndlúthchomhar le CEBC, bunaithe ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála. B’fhusa treoraíocht theicniúil bhreise den sórt sin a oiriúnú, ós rud é gur nós imeachta nua ar fad a bheadh sa nós imeachta neamhagóide a bhféadfadh oiriúnuithe a bheith ag teastáil ina leith tar éis taithí a fháil ar a chur i bhfeidhm praiticiúil.

Dá réir sin, is é tuairim BCE nár cheart aghaidh a thabhairt ar úsáid an nós imeachta neamhagóide i gcásanna ina gcuirfí airgeadra nua leis na seirbhísí atá ann cheana sa rialachán atá beartaithe féin ach i ndréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ESMA, agus iontu sin amháin, ós rud é go mbeadh an tionchar riosca ag brath ar thosca níos mionsonraithe, amhail méid na luachanna imréitigh réamh-mheasta agus an gá ionchasach le nósanna imeachta nua bainistithe riosca leachtachta nó socraíochta. Chun dóthain ama a thabhairt do na húdaráis uile atá rannpháirteach i nósanna imeachta neamhagóide (féach mír 1.1.2 thuas) chun measúnú substainteach a dhéanamh, molann BCE síneadh a chur leis an tréimhse faoi seach ó 10 lá oibre go 20 lá oibre.

Ar deireadh, níor cheart cead a bheith ag CPL de chuid an Aontais tús a chur le gníomhaíocht nó seirbhís nua sula mbeidh an nós imeachta maoirseachta neamhagóide curtha i gcrích ionas nach rachaidh an CPL i riosca míchuí le linn na hidirthréimhse. Ina theannta sin, is é is dóichí go mbeadh sé neamhtharraingteach ag CPL an Aontais tús a chur le gníomhaíochtaí nó seirbhísí nua gan ráthaíochtaí go n-aontódh maoirseoirí go leanfaí de na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin.

4.    Neamhchosaintí iomarcacha ar CPLanna tríú tír a laghdú

4.1.   Cuntas gníomhach

4.1.1.   Ceanglas cuntais ghníomhaigh

Leis an rialachán atá beartaithe tugtar isteach ceanglas ar chontrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh cionmhaireacht dá neamhchosaintí ar sheirbhísí a thairgeann CPLanna tríú tír agus a gcinntear go bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach ag baint leo a imréiteach ag CPL údaraithe de chuid an Aontais. Moltar leis freisin go ndéanfadh ESMA, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BERS, tar éis dó dul i gcomhairle le CEBC, leibhéal na gníomhaíochta imréitigh atá le coimeád i gcuntais ghníomhacha ag CPLanna an Aontais a chalabrú trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála. Leis an gcalabrú sin, ba cheart go n-áiritheofaí go mbeadh de thoradh ar athlonnú beartaithe na neamhchosaintí chuig CPLanna de chuid an Aontais nach measfar a thuilleadh go bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach ag baint leis na seirbhísí sin ó thaobh an mhéid a d’fhanfadh sa CPL tríú tír ábhartha.

Tacaíonn BCE leis an tuairim go mbaineann riosca do chobhsaíocht airgeadais an Aontais le neamhchosaintí iomarcacha ar CPLanna tríú tír agus le róspleáchas leanúnach orthu, ar riosca é nach mór aghaidh a thabhairt air trí laghdú a chur ar neamhchosaintí den sórt sin sna seirbhísí imréitigh uile a gcinntear go bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach ag baint leo. Dá bhrí sin, is díol mór sásaimh do BCE an beart sin, ar cheart go n-áiritheofaí leis go mbeidh cothromaíocht ann idir rioscaí sistéamacha agus rioscaí cobhsaíochta airgeadais don Aontas a theorannú agus go dtacófar le cruthú margaidh imréitigh atá athléimneach agus leachtach san Aontas de réir a chéile. Tá roinnt barúlacha ag BCE faoin gceanglas cuntais ghníomhaigh atá beartaithe.

Ar an gcéad dul síos, foráiltear leis an rialachán atá beartaithe gur cheart do ESMA breithniú a dhéanamh ar thréimhsí céimniúcháin isteach lena bhfágfar tréimhse oiriúnach chun an ceanglas cuntais ghníomhaigh a chur chun feidhme de réir a chéile. Tacaíonn BCE leis an togra seo, ós rud é gur gá aon tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag cur chun feidhme tobann an cheanglais sin ar rannpháirtithe sa mhargadh agus ar CPLanna an Aontais a sheachaint. Chun imréiteach lárnach atá sábháilte agus láidir a áirithiú, is den ríthábhacht é freisin an ceanglas sin a chalabrú de réir a chéile. Chuirfeadh sé sin ar chumas na gcontrapháirtithe a gceanglais imréitigh a chomhlíonadh de réir a chéile, ó thaobh na gcionmhaireachtaí dá neamhchosaintí a imréitítear i gcuntais in CPLanna de chuid an Aontais. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh ÚEUM a áirithiú, trí úsáid a bhaint as an deis athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin theicniúla rialála maidir le calabrú an cheanglais cuntais ghníomhaigh ar bhonn na faisnéise arna tíolacadh ag JMM (57), go bhféadfaí calabrú na cionmhaireachta den ghníomhaíocht imréitigh atá le coimeád i gcuntais ghníomhacha in CPLanna de chuid an Aontais a chur in oiriúint d’fhorbairtí sa mhargadh, nó d’aon imthosca ábhartha eile. Leis an gcalabrú céimseach sin, ba cheart go mbeifí in ann coigeartuithe éifeachtacha margadhbhunaithe a dhéanamh agus rioscaí féideartha don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú. Dá thoradh sin, d’fhorbrófaí margadh imréitigh de chuid an Aontais a bheadh níos tarraingtí agus níos láidre. Dá bhrí sin, molann BCE gur cheart cur chun feidhme céimseach den sórt sin a léiriú sa sainordú atá ag ESMA forbairt a dhéanamh ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar calabrú an cheanglais cuntais ghníomhaigh.

Ar an dara dul síos, tar éis an tréimhse don chéimniú isteach a thabhairt chun críche, ba cheart an ceanglas cuntais ghníomhaigh a chalabrú chuig spriocleibhéal deiridh i gcás nach bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach ag baint a thuilleadh le seirbhísí imréitigh ábhartha arna soláthar ag CPLanna tríú tír. Tugtar sainordú do ESMA, de bhun EMIR (58), na CPLanna nó na seirbhísí imréitigh a bhfuil an tábhacht shistéamach sin ag baint leo a chinneadh ar bhonn measúnú lán-réasúnaithe. Ós rud é go ndéanann ESMA measúnú den sórt sin trí úsáid a bhaint as meascán de tháscairí cainníochtúla agus d’anailís cháilíochtúil, ba cheart dó, chun an ceanglas cuntais ghníomhaigh a chalabrú, a mhachnamh a dhéanamh ar úsáid a bhaint as meascán de mhéadracht chainníochtúil agus cháilíochtúil fosta.

Ar an tríú dul síos, agus leibhéil na gníomhaíochta imréitigh á gcalabrú aige, ba cheart do ESMA an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag athlonnú de réir a chéile a chur san áireamh, agus na tairbhí agus na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus an dinimic athlonnaithe a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí imréitigh i leith tríú tíortha á gcur san áireamh. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí cheangal a chur ar ESMA anailís costais is tairbhe a dhéanamh nuair a bhíonn amlíne agus leibhéil riachtanacha ghníomhaíochta na tréimhse céimniúcháin isteach á gcinneadh, agus gach uair a bhíonn gá le hathchalabrú.

Ar an gceathrú dul síos, agus forbairt á déanamh aige ar an modheolaíocht chun na leibhéil gníomhaíochta imréitigh a ríomh, ba cheart do ESMA a áirithiú go bhformhíneoidh sé ar nithe le cois na cionmhaireachta comhiomláine den ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, rud a bheadh riachtanach chun a áirithiú go bhfuil an laghdú ar an imréiteach (59) de chineál a fhágann nach bhfuil tábhacht shistéamach a thuilleadh leis na seirbhísí in CPLanna tríú tír. Ba cheart do ESMA a áirithiú freisin go bhformhíneoidh sé na cionmhaireachtaí aonair de na gníomhaíochtaí a bheadh le coimeád ina gcuntais ghníomhacha in CPLanna de chuid an Aontais ag contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Tuigeann BCE gurb í an intinn reachtach atá ann go n-áireofar na cionmhaireachtaí aonair gníomhaíochta sin sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a luaitear sa rialachán atá beartaithe (60). Is amhlaidh atá toisc go bhfuil an ceanglas cuntais ghníomhaigh féin infheidhme go díreach agus go bhfuil sé dírithe ar chontrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Is bunaithe ar na cionmhaireachtaí siúd atá inchinntithe ar bhonn aonair, agus orthu siúd amháin, a bheidh gach contrapháirtí airgeadais agus neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh in ann na ceanglais cuntais ghníomhaigh a chomhlíonadh agus in ann forbairt a dhéanamh ar na pleananna gaolmhara atá beartaithe sna leasuithe atá beartaithe ar Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (61), atá sa treoir atá beartaithe.

Ar an gcúigiú dul síos, soiléirítear sa rialachán atá beartaithe nach mór do chontrapháirtithe atá faoi réir an cheanglais cuntais ghníomhaigh deimhniú a thabhairt ar bhonn bliantúil, trí thuairisciú d’údarás inniúil CPL an Aontais, go gcomhlíonann siad an ceanglas sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí díreacha ag minicíocht an tuairiscithe sin ar fhaireachán éifeachtach ar chomhlíonadh an cheanglais cuntais ghníomhaigh agus ar an riosca comhchruinniúcháin i leith CPLanna tríú tír aitheanta a thairgeann seirbhísí a shainaithnítear mar sheirbhísí lena ngabhann tábhacht shistéamach shuntasach. Dá bhrí sin, molann BCE minicíocht an tuairiscithe sin a mhéadú go tuairisciú ráithiúil, i gcomhréir leis an minicíocht a ghabhann leis an bhfaireachán ar thuairisciú maoirseachta rialta.

Ar an séú dul síos, soiléirítear sa rialachán atá beartaithe nach mór do chontrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais an tuairisciú sin a chur faoi bhráid údarás inniúil CPL an Aontais. I gcomhréir leis an treoir atá beartaithe, tuigtear do BCE go bhféadfaí a iarraidh ar údaráis eile, nach údarás inniúil CPL an Aontais iad, athbhreithniú a dhéanamh ar ailíniú na gcontrapháirtithe atá faoina maoirseacht le cuspóirí beartais ábhartha an Aontais nó le treochtaí trasdula níos leithne a bhaineann le húsáid an chuntais ghníomhaigh de bhun an rialacháin atá beartaithe. Sa chomhthéacs sin, is den ríthábhacht é go n-áireofaí na húdaráis sin i measc fhaighteoirí an tuairiscithe sin. Ina theannta sin, níor leor an fhaisnéis maidir leis an ngníomhaíocht imréitigh in CPLanna an Aontais amháin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais cuntais ghníomhaigh toisc go n-éilítear leis sin tuairim i dtaobh ghníomhaíocht dhomhanda na gcontrapháirtithe sna catagóirí ábhartha conarthaí díorthach. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis faoi idirbhearta arna n-imréiteach ag CPLanna údaraithe agus ag CPLanna tríú tír aitheanta a chuimsiú, ar leithligh, sa tuairisciú. Cuirfidh sé sin ar chumas na n-údarás inniúil cásanna de neamhchomhlíonadh an cheanglais cuntais ghníomhaigh a aimsiú, is é sin cásanna ina leanann contrapháirtithe atá faoi réir an cheanglais ghníomhaigh d’úsáid a bhaint as CPLanna tríú tír aitheanta, agus astu sin amháin, chun catagóirí áirithe conarthaí díorthach a imréiteach.

Ar an seachtú dul síos, is gá comhchuibhiú a dhéanamh ar an bhformáid tuairiscithe don fhaisnéis atá le tuairisciú ag gach contrapháirtí maidir le toradh an ríomha arna dhéanamh faoin gceanglas cuntais ghníomhaigh (62). D’áiritheofaí leis sin íosleibhéal inchomparáideachta ó thaobh na sonraí arna dtuairisciú ag contrapháirtithe atá faoi réir an cheanglais cuntais ghníomhaigh agus, dá bhrí sin, d’áiritheofaí faireachán fónta ar chomhlíonadh an cheanglais cuntais ghníomhaigh. Dá réir sin, ba cheart dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonraítear formáid na faisnéise atá le tuairisciú a bheith ag gabháil leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le calabrú an cheanglais cuntais ghníomhaigh.

Ar deireadh, leis an rialachán atá beartaithe, tugtar isteach athrú ar an modheolaíocht ríofa don oibleagáid imréitigh, lena gceanglaítear, nuair a bhíonn na suíomhanna i dtreo na dtairseach á ríomh, gan ach conarthaí díorthach nach bhfuil imréitithe ag CPL údaraithe de chuid an Aontais nó ag CPL tríú tír aitheanta a áireamh. I bhfianaise an naisc idir raon feidhme an chuntais ghníomhaigh agus raon feidhme na hoibleagáide imréitigh, iarrann BCE ar reachtóir an Aontais go gcuirfeadh sé san áireamh na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú ar an modheolaíocht ríofa ó thaobh raon feidhme an cheanglais cuntais ghníomhaigh, amhail an méadú a d’fhéadfadh teacht air, agus ó thaobh chumas an chuntais ghníomhaigh aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann le neamhchosaintí iomarcacha chomhaltaí imréitigh agus chliaint an Aontais ar CPLanna tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh a shonraítear mar sheirbhísí lena ngabhann tábhacht shistéamach shuntasach.

4.1.2.   Leasuithe atá beartaithe ar Threoir 2013/36/AE

Leis na leasuithe atá beartaithe ar Threoir 2013/36/AE, ceanglaítear ar institiúidí agus ar údaráis inniúla aghaidh a thabhairt ar aon riosca comhchruinniúcháin a d’fhéadfadh teacht as a neamhchosaintí ar CPLanna, go háirithe CPLanna tríú tír a thairgeann seirbhísí lena ngabhann shistéamach shuntasach don Aontas. Sa chomhthéacs sin, táthar ag súil go ndéanfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Threoir 2013/36/AE measúnú agus faireachán ar ailíniú na n-institiúidí atá faoina maoirseacht le cuspóirí beartais ábhartha an Aontais, i gcomhréir leis an gceanglas cuntais ghníomhaigh a leagtar amach sa rialachán atá beartaithe. Moltar leasuithe ar an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta. Ina theannta sin, leis an treoir atá beartaithe, tugtar isteach cumhacht mhaoirseachta nua i dTreoir 2013/36/AE lena gceadaítear d’údaráis inniúla measúnú sonrach a dhéanamh ar riosca iomarcach comhchruinniúcháin a eascraíonn as neamhchosaintí institiúidí atá faoina maoirseacht ar CPLanna tríú tír a thairgeann seirbhísí lena ngabhann tábhacht shistéamach shuntasach don Aontas agus an riosca iomarcach comhchruinniúcháin sin a leigheas. Tá roinnt barúlacha ag BCE ina leith sin.

Ar an gcéad dul síos, tá gá leis na leasuithe atá beartaithe ar an gcreat maoirseachta chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla measúnú agus faireachán níos spriocdhírithe a dhéanamh ar an riosca comhchruinniúcháin a eascraíonn as neamhchosaintí ar CPLanna, go háirithe iad siúd a thairgeann seirbhísí lena ngabhann tábhacht shuntasach shistéamach don Aontas. Leis na forálacha atá ann cheana faoi Threoir 2013/36/AE (63), ní cheanglaítear ar údaráis inniúla aghaidh a thabhairt ar riosca comhchruinniúcháin den sórt sin ach amháin i gcomhthéacs ina bhfuil claonadh bunúsach in CPLanna comhchruinniú mórscála a dhéanamh chun tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála agus as éifeachtaí gréasáin. Dá bhrí sin, is geal le BCE an soiléiriú a thugtar leis an gceanglas cuntais ghníomhaigh maidir le coincheap an chomhchruinniúcháin. Leis an soiléiriú sin, mar a léirítear é sa treoir atá beartaithe, áirithítear go mbeidh creat maoirseachta níos spriocdhírithe ag na húdaráis inniúla chun gníomhartha a dhéanamh, i gcomparáid leis an bhféidearthacht atá ag na húdaráis inniúla cheana ceanglais cistí dílse breise a fhorchur i ndáil le rioscaí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis na ceanglais chaipitil atá ann cheana faoi Threoir 2013/36/AE (64).

Ar an dara dul síos, ba cheart do na húdaráis inniúla, agus aghaidh á tabhairt acu ar riosca comhchruinniúcháin institiúidí, díriú go príomha ar chás aonair gach institiúide. I ndáil leis an méid sin, ba cheart, go fóill féin, gurbh é sábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí an príomhchuspóir a bheadh ag na húdaráis inniúla a fheidhmíonn maoirseacht stuamachta faoi Threoir 2013/36/AE.

Ar an tríú dul síos, ós rud é go bhfuil na leasuithe atá beartaithe ar Threoir 2013/36/AE nasctha leis an gceanglas cuntais ghníomhaigh, níor cheart a bheith ag dréim leis go bhfeidhmeoidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí atá beartaithe sula ndéanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BERS agus tar éis dul i gcomhairle le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir leis an gcuntas gníomhach. Is amhlaidh atá toisc go dteastaíonn critéir shoiléire ó údaráis inniúla chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh cad iad na himthosca faoina bhféadfadh neamhchosaint comhalta imréitigh nó cliaint faoina mhaoirseacht a bheith ina chúis imní. Ina theannta sin, tá faireachán éifeachtach ar an gceanglas cuntais ghníomhaigh ag brath ar thuairisciú leordhóthanach. Dá bhrí sin, molann BCE gur cheart an tuairisciú faoin rialachán atá beartaithe (65) a chur go díreach faoi bhráid údarás inniúil CPL an Aontais agus faoi bhráid údarás inniúil na hinstitiúide atá faoi réir an cheanglais tuairiscithe.

Ar an gceathrú dul síos, mar a luaitear thuas, cuirtear de chúram ar an JMM faireachán a dhéanamh ar an gceanglas cuntais ghníomhaigh, chomh maith le faireachán níos leithne a dhéanamh ar aon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear rioscaí comhchruinniúcháin, a eascraíonn as idirnascthacht na ngníomhaithe airgeadais. D’fhéadfadh údaráis inniúla toradh an fhaireacháin sin a chur san áireamh ina measúnú ar an riosca comhchruinniúcháin a eascraíonn as neamhchosaintí na n-institiúidí atá faoina maoirseacht ar CPLanna (66).

Ina theannta sin, leis an treoir atá beartaithe, ceanglaítear ar ÚBE, i gcomhar le ESMA, forbairt a dhéanamh ar threoirlínte lena n-áiritheofar modheolaíocht chomhsheasmhach chun an riosca comhchruinniúcháin a eascraíonn as neamhchosaintí ar CPLanna an Aontais a chomhtháthú sa tástáil struis maoirseachta (67). Is é is aidhm do Threoir 2013/36/AE (68) a áirithiú go ndéanfaidh údaráis inniúla tástálacha struis maoirseachta ar institiúidí faoi mhaoirseacht, ag baint úsáid as modheolaíochtaí coiteanna a shainítear i dtreoirlínte ÚBE. Ina theannta sin, ós rud é nach bhfuil Treoirlínte ÚBE sonrach ó thaobh riosca de, níor cheart go mbeadh gá le treoirlínte neamhspleácha breise chun riosca ar leith nó gnéithe riosca ar leith a chumhdach. D’fhéadfaí aon riosca ar leith a chomhtháthú go córasach sna treoirlínte atá ann cheana.

4.2.   Faisnéis faoi sheirbhísí imréitigh

Leis an rialachán atá beartaithe, ceanglaítear ar chomhaltaí imréitigh agus ar chliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh in CPLanna údaraithe de chuid an Aontais agus in CPLanna tríú tír aitheanta araon a gcliaint a chur ar an eolas faoin bhféidearthacht conradh díorthach a imréiteach in CPL de chuid an Aontais (69). Tacaíonn BCE leis an gceanglas sin, ar cheart dó rannchuidiú le cuspóirí beartais ábhartha an Aontais a bhaint amach ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos, tuigtear do BCE go bhfuil raon feidhme an cheanglais sin níos leithne ná raon feidhme an cheanglais cuntais ghníomhaigh, ós rud é go gcuimsítear ann freisin idirbhearta nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh agus go gceanglaítear leis ar chomhaltaí imréitigh ábhartha agus ar chliaint roghanna malartacha imréitigh de chuid an Aontais a mholadh go córasach fiú amháin de rogha ar sheirbhísí nach sonraíonn ESMA go bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach ag baint leo. Ar an dara dul síos, ba cheart an ceanglas sin a bheith ina dhreasacht do chliaint deiridh a n-imréiteach a dhéanamh in CPLanna atá údaraithe san Aontas.

Ina theannta sin, tugtar isteach leis an rialachán atá beartaithe ceanglas ar chomhaltaí imréitigh ábhartha agus ar chliaint ábhartha raon feidhme a ngníomhaíochtaí imréitigh in CPLanna tríú tír aitheanta a thuairisciú (70). Is geal le BCE an ceanglas sin, lena n-áirithítear go mbeidh rochtain ag údaráis inniúla agus ag an JMM ar an bhfaisnéis is gá chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí imréitigh in CPLanna tríú tír aitheanta. Ina theannta sin, tacaíonn BCE go láidir leis gur cheart do ESMA, a bhfuil sainordú aige forbairt a dhéanamh ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear lánas an tuairiscithe sin, faisnéis atá ar fáil cheana faoin gcreat tuairiscithe atá ann cheana a chur san áireamh. Le hiomarcaíochtaí sa tuairisciú cruthaítear ualaí míchuí ar institiúidí. Leis na saincheisteanna sin féadfar difear a dhéanamh ní hamháin do chostais tuairiscithe na n-institiúidí, ach do cháilíocht agus sláine na sonraí a sholáthraítear do na húdaráis inniúla freisin.

Tá roinnt barúlacha ag BCE maidir leis an tuairisciú sin ar ghníomhaíochtaí imréitigh.

Ar an gcéad dul síos, chun feabhas a chur ar chumas na n-údarás inniúil agus an JMM forléargas cuimsitheach a fháil ar fhorbairtí sa mhargadh atá ábhartha d’imréiteach san Aontas, ba cheart go bhfaighidís an fhaisnéis is gá lena gcumhdaítear CPLanna údaraithe de chuid an Aontais agus CPLanna tríú tír aitheanta araon. Dá bhrí sin, molann BCE raon feidhme an cheanglais tuairiscithe a mhéadú chun neamhchosaintí ar CPLanna údaraithe de chuid an Aontais a chumhdach. Ní mór an leathnú sin ar an raon feidhme a léiriú go comhréireach i sainordú ESMA forbairt a dhéanamh ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme ina sonrófar lánas agus formáid an tuairiscithe sin.

Ar an dara dul síos, soiléirítear sa rialachán atá beartaithe nach mór an tuairisciú a dhéanann comhaltaí imréitigh agus cliaint ar ghníomhaíochtaí imréitigh a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil ar bhonn bliantúil. D’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí díreacha ag minicíocht an tuairiscithe sin ar fhaireachán éifeachtach ar na gníomhaíochtaí imréitigh sin, go háirithe i gcomhthéacs an cheanglais cuntais ghníomhaigh agus i gcomhthéacs an fhaireacháin ar an riosca comhchruinniúcháin i leith CPLanna. Dá bhrí sin, molann BCE minicíocht an tuairiscithe sin a mhéadú go tuairisciú ráithiúil, i gcomhréir leis an minicíocht a ghabhann le tuairisciú maoirseachta rialta.

Ar an tríú dul síos, soiléirítear sa rialachán atá beartaithe nach mór do chomhaltaí imréitigh agus cliaint an tuairisciú a chur faoi bhráid a n-údarás inniúil. I gcomhréir le EMIR (71), Treoir 2013/36/AE (72), agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (73), féadfaidh na húdaráis inniúla sin a bheith éagsúil le chéile i ndáil le comhaltaí imréitigh agus le cliaint. Dá bhrí sin, de ghrá na soiléireachta, ba cheart leasú a chur leis an rialachán atá beartaithe chun an pointe sin a léiriú agus chun a áirithiú go bhfaighidh údaráis inniúla an tuairisciú sin i gcomhréir lena sainorduithe maoirseachta de réir an chreata is infheidhme faoi láthair.

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an rialachán atá beartaithe agus an treoir atá beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh, agus téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 26 Aibreán 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2022) 697 final.

(2)  COM(2022) 698 final.

(3)  Féach Barúlacha ginearálta ar Thuairim CON/2017/39 ó BCE an 4 Deireadh Fómhair 2017 maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint (IO C 385, 15.11.2017, lch. 3). Tá gach tuairim ó BCE le fáil ar EUR-Lex.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, CPLanna agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(5)  Féach Airteagal 1, pointe (16)(b), den rialachán atá beartaithe.

(6)  Féach Airteagal 1, pointe (12), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 17b(1), pointe (b) nua in EMIR.

(7)  Féach Airteagal 1, pointe (12), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 17b(2), pointe (c) nua in EMIR.

(8)  Féach Airteagal 1, pointe (12), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 17b(3) nua in EMIR.

(9)  Féach Airteagal 1, pointe (16), den rialachán atá beartaithe.

(10)  Féach Airteagal 1, pointe (16), den rialachán atá beartaithe, lena leasaítear Airteagal 21 de EMIR.

(11)  Féach Airteagal 1, pointe (18), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 23b(2d) nua in EMIR.

(12)  Féach Airteagal 1, pointí (12) agus (17), den rialachán atá beartaithe.

(13)  Féach Airteagal 1, pointe (19), den rialachán atá beartaithe.

(14)  Ríomhanna fhoireann BCE don tréimhse ó mhí na Nollag 2021 go mí Lúnasa 2022, bunaithe ar shonraí Ollstór Sonraí DTTC.

(15)  Féach mír 6 agus mír 7 de Thuairim CON/2017/39.

(16)  Féach Airteagal 1, pointe (20)(a), den rialachán atá beartaithe, lena leasaítear Airteagal 24a(2), pointe (d)(ii), de EMIR.

(17)  Féach Airteagal 4, pointí (1) agus (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(18)  Féach Airteagal 1, pointe (18), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear Airteagal 23c nua isteach in EMIR.

(19)  Féach Airteagail 41, 44, 46, 50 agus 54 de EMIR.

(20)  Féach Airteagail 25(2b) agus 25b(1) de EMIR.

(21)  Féach Airteagail 41 agus 49 de EMIR.

(22)  Féach Airteagal 49 de EMIR; féach mír 2.3 de Thuairim CON/2017/39.

(23)  Féach Airteagal 17(4) de EMIR.

(24)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 Bealtaine maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(25)  Féach Airteagal 1, pointe (29)(c), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear mír 7 nua le hAirteagal 37 de EMIR.

(26)  Féach Airteagal 1, pointe (29)(a), den rialachán atá beartaithe, lena leasaítear Airteagal 37(1) de EMIR.

(27)  Féach Teideal V de EMIR.

(28)  Féach Review of margining practices [Athbhreithniú ar chleachtais um shocrú corrlaigh], CBMB, CPMI agus IOSCO, Meán Fómhair 2022. Ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta ag www.bis.org.

(29)  Ní fhéadfaidh baint a bheith ag cur ar aghaidh glaonna ar chorrlaigh ionlae ach le corrlaigh athrúcháin, rud a chiallaíonn corrlaigh a bhailítear nó a íoctar amach chun neamhchosaintí reatha a léiriú a eascraíonn as athruithe iarbhír ar phraghsanna margaidh (féach Airteagal 1, pointí (4) agus (6), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha (IO L 52, 23.2.2013, lch. 41)).

(30)  Féach Airteagal 1, pointe (31), den rialachán atá beartaithe, lena leasaítear Airteagal 41(3) de EMIR.

(31)  Féach Airteagal 41 de EMIR.

(32)  Chuige sin, bheadh gá le hAirteagal nua sa rialachán atá beartaithe, lena gcuirfí isteach mír 9 nua in Airteagal 38 de EMIR.

(33)  Féach Review of margining practices [Athbhreithniú ar chleachtais um shocrú corrlaigh], CBMB, CPMI agus IOSCO, Meán Fómhair 2022. Ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta ag www.bis.org.

(34)  Féach Airteagal 1, pointe (33)(a), den rialachán atá beartaithe, lena leasaítear Airteagal 46(1) de EMIR.

(35)  Féach Airteagal 1, pointe (5)(a), den rialachán atá beartaithe.

(36)  Féach míreanna 2.2.1 go 2.2.3 de Thuairim CON/2017/42 ón mBanc Ceannais Eorpach an 11 Deireadh Fómhair 2017 maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach, le clárú agus maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO C 385, 15.11.2017, lch. 10).

(37)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(38)  Féach Airteagail 4 agus 11 de EMIR.

(39)  Féach Airteagal 382(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(40)  Féach Airteagal 11 de EMIR.

(41)  Féach ‘Ionchais mhaoirseachta maidir le samhlacha áirithinte’, BCE, Lúnasa 2018, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE um Maoirseacht ar Bhaincéireacht ag www.bankingsupervision.europa.eu.

(42)  Féach Airteagal 382(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(43)  Féach Airteagal 2 den rialachán atá beartaithe.

(44)  Féach ‘Question & Answer 2022_6495’, ÚBE, Meán Fómhair 2022, le fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE ag www.eba.europa.eu.

(45)  Féach Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, EU equivalence decisions in financial services policy: an assessment, [Cinntí coibhéise AE i mbeartas seirbhísí airgeadais: measúnú] SWD(2017) 102 final.

(46)  Féach Airteagal 11(3) de EMIR.

(47)  Féach mír 4.1 de Thuairim CON/2017/42.

(48)  Féach Airteagal 1, pointí (9), (10) agus (11) den rialachán atá beartaithe.

(49)  Féach Airteagal 1, pointí (9) agus (10), den rialachán atá beartaithe.

(50)  Féach Airteagal 1, pointe (11), den rialachán atá beartaithe.

(51)  Féach Airteagal 1, pointe (9), den rialachán atá beartaithe.

(52)  Féach Airteagal 1, pointe (10), den rialachán atá beartaithe.

(53)  Féach Airteagal 1, pointe (34), den rialachán atá beartaithe.

(54)  Féach Airteagal 1, pointí (9) agus (10), den rialachán atá beartaithe.

(55)  Féach Airteagal 1, pointe (12), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear Airteagal 17a nua isteach in EMIR.

(56)  Féach Airteagal 1, pointe (12), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 17a(2) nua in EMIR.

(57)  Féach Airteagal 1, pointe (18), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 23c(5) nua in EMIR.

(58)  Féach Airteagal 25(2c) de EMIR.

(59)  Féach Airteagal 1, pointe (4), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 7A(5) nua in EMIR.

(60)  Féach Airteagal 1, pointe (4), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 7A(5) nua in EMIR.

(61)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(62)  Féach Airteagal 1, pointe (4), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 7a(4) nua in EMIR.

(63)  Féach Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE.

(64)  Féach Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE.

(65)  Féach Airteagal 1, pointe (4), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 7A(4) nua in EMIR.

(66)  Féach Airteagal 2, pointe (3), den treoir atá beartaithe, lena leasaítear Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE.

(67)  Féach Airteagal 2, pointe (4) den treoir atá beartaithe.

(68)  Féach Airteagal 100 de Threoir 2013/36/AE.

(69)  Féach Airteagal 1, pointe (4), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 7b(1) nua in EMIR.

(70)  Féach Airteagal 1, pointe (4), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 7b(2) nua in EMIR.

(71)  Féach Airteagal 2, pointe (13), de EMIR.

(72)  Féach Airteagal 4 de Threoir 2013/36/AE.

(73)  Féach Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/20


Rátaí malairte an euro (1)

9 Meitheamh 2023

(2023/C 204/04)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0780

JPY

yen na Seapáine

150,24

DKK

krone na Danmhairge

7,4505

GBP

punt steirling

0,85795

SEK

krona na Sualainne

11,6730

CHF

franc na hEilvéise

0,9716

ISK

króna na hÍoslainne

149,50

NOK

krone na hIorua

11,6120

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,666

HUF

forint na hUngáire

368,73

PLN

zloty na Polainne

4,4605

RON

leu na Rómáine

4,9566

TRY

lira na Tuirce

25,1244

AUD

dollar na hAstráile

1,6023

CAD

dollar Cheanada

1,4362

HKD

dollar Hong Cong

8,4493

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7627

SGD

dollar Shingeapór

1,4480

KRW

won na Cóiré Theas

1 391,11

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,1806

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,6839

IDR

rupiah na hIndinéise

15 996,72

MYR

ringgit na Malaeisia

4,9739

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,426

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,277

BRL

real na Brasaíle

5,2965

MXN

peso Mheicsiceo

18,7356

INR

rúipí na hIndia

88,8900


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/21


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 204/05)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

An tagairt don chinneadh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2023) 3532

5 Meitheamh 2023

4-(1,1,3,3-teitrimeitiolbúitil)feanól, eatocsailithe (‘4-treas-OPnEO’)

Uimh. CE.-; Uimh. CAS.-

4-Naoinilfeanól, brainseach agus líneach, eatocsailithe (4-NPnEO)

Uimh. CE.-; Uimh. CAS.-

Beckman Coulter Ireland Inc, Lios Mhiacháin, Muileann Uí Cheallacháin, Co. an Chláir, Éire

Immunotech S.R.O., Radiova 1, 10227 Prague 10, Poblacht na Seice

Immunotech S.A.S, 130, Avenue de Lattre de Tassigny 13009 Marseille, An Fhrainc

Beckman Coulter Ireland Inc, Lios Mhiacháin, Muileann Uí Cheallacháin, Co. an Chláir, Éire

Beckman Coulter Ireland Inc, Lios Mhiacháin, Muileann Uí Cheallacháin, Co. an Chláir, Éire

Immunotech S.R.O., Radiova 1, 10227 Prague 10, Poblacht na Seice

Beckman Coulter France S.A.S, 130 Avenue de Lattre de Tassigny - BP 177, 13276 Marseille Cedex 9, An Fhrainc

Beckman Coulter Ceská republika s.r.o., Radiová 1, 102 27 Prague, Poblacht na Seice

Beckman Coulter, S.L.U., Plaza Europa 41-43 L’Hospitalet de Llobregat 08902 Barcelona, An Spáinn

Beckman Coulter SPA Italy, Via Roma 108 20060 Cassina de’ Pecchi, An Iodáil

BC Distribution B.V., Bijsterhuizen 3140 6604 LV Wuchen, An Ísiltír

Beckman Coulter Ireland Inc, Lios Mhiacháin, Muileann Uí Cheallacháin, Co. an Chláir, Éire

Immunotech S.R.O., Radiova 1, 10227 Prague 10, Poblacht na Seice

Immunotech S.A.S, 130, Avenue de Lattre de Tassigny 13009 Marseille, An Fhrainc

Beckman Coulter France S.A.S, 130 Avenue de Lattre de Tassigny - BP 177, 13276 Marseille Cedex 9, An Fhrainc

Beckman Coulter Ceská republika s.r.o., Radiová 1, 102 27 Prague, Poblacht na Seice

Beckman Coulter, S.L.U., Plaza Europa 41-43 L’Hospitalet de Llobregat 08902 Barcelona, An Spáinn

Beckman Coulter SPA Italy, Via Roma 108 20060 Cassina de’ Pecchi, An Iodáil

BC Distribution B.V., Bijsterhuizen 3140 6604 LV Wuchen, An Ísiltír

Beckman Coulter Ireland Inc, Lios Mhiacháin, Muileann Uí Cheallacháin, Co. an Chláir, Éire

Immunotech S.R.O., Radiova 1, 10227 Prague 10, Poblacht na Seice

Immunotech S.A.S, 130, Avenue de Lattre de Tassigny 13009 Marseille, An Fhrainc

Beckman Coulter France S.A.S, 130 Avenue de Lattre de Tassigny - BP 177, 13276 Marseille Cedex 9, An Fhrainc

Beckman Coulter Ceská republika s.r.o., Radiová 1, 102 27 Prague, Poblacht na Seice

Beckman Coulter, S.L.U., Plaza Europa 41-43 L’Hospitalet de Llobregat 08902 Barcelona, An Spáinn

Beckman Coulter SPA Italy, Via Roma 108 20060 Cassina de’ Pecchi, An Iodáil

BC Distribution B.V., Bijsterhuizen 3140 6604 LV Wuchen, An Ísiltír

Beckman Coulter Ireland Inc, Lios Mhiacháin, Muileann Uí Cheallacháin, Co. an Chláir, Éire

Beckman Coulter GmbH, Europark Fichtenhain B13 47807 Krefeld, An Ghearmáin

Beckman Coulter Ireland Inc, Lios Mhiacháin, Muileann Uí Cheallacháin, Co. an Chláir, Éire

Beckman Coulter GmbH, Europark Fichtenhain B13 47807 Krefeld, An Ghearmáin

Beckman Coulter France S.A.S, 130 Avenue de Lattre de Tassigny - BP 177, 13276 Marseille Cedex 9, An Fhrainc

Beckman Coulter Ceská republika s.r.o., Radiová 1, 102 27 Prague, Poblacht na Seice

Beckman Coulter, S.L.U., Plaza Europa 41-43 L’Hospitalet de Llobregat 08902 Barcelona, An Spáinn

Beckman Coulter SPA Italy, Via Roma 108 20060 Cassina de’ Pecchi, An Iodáil

BC Distribution B.V., Bijsterhuizen 3140 6604 LV Wuchen, An Ísiltír

Beckman Coulter Ireland Inc, Lios Mhiacháin, Muileann Uí Cheallacháin, Co. an Chláir, Éire

Beckman Coulter GmbH, Europark Fichtenhain B13 47807 Krefeld, An Ghearmáin

Beckman Coulter France S.A.S, 130 Avenue de Lattre de Tassigny - BP 177, 13276 Marseille Cedex 9, An Fhrainc

Beckman Coulter Ceská republika s.r.o., Radiová 1, 102 27 Prague, Poblacht na Seice

Beckman Coulter, S.L.U., Plaza Europa 41-43 L’Hospitalet de Llobregat 08902 Barcelona, An Spáinn

Beckman Coulter SPA Italy, Via Roma 108 20060 Cassina de’ Pecchi, An Iodáil

BC Distribution B.V., Bijsterhuizen 3140 6604 LV Wuchen, An Ísiltír

REACH/23/15/0

REACH/23/15/1

REACH/23/15/2

REACH/23/15/5

REACH/23/15/6

REACH/23/15/7

REACH/23/15/8

REACH/23/15/9

REACH/23/15/10

REACH/23/15/11

REACH/23/15/12

REACH/23/15/20

REACH/23/15/21

REACH/23/15/22

REACH/23/15/23

REACH/23/15/24

REACH/23/15/25

REACH/23/15/26

REACH/23/15/27

REACH/23/15/35

REACH/23/15/36

REACH/23/15/37

REACH/23/15/38

REACH/23/15/39

REACH/23/15/40

REACH/23/15/41

REACH/23/15/42

REACH/23/15/3

REACH/23/15/4

REACH/23/15/13

REACH/23/15/14

REACH/23/15/15

REACH/23/15/16

REACH/23/15/17

REACH/23/15/18

REACH/23/15/19

REACH/23/15/28

REACH/23/15/29

REACH/23/15/30

REACH/23/15/31

REACH/23/15/32

REACH/23/15/33

REACH/23/15/34

Foirmliú tuaslagáin 4-treas-OPnEO ar láithreacha Eorpacha lena n-úsáid mar tháirgí saotharlainne. Baintear úsáid as táirgí saotharlainne mar réitigh idirmheánacha chun táirgí saotharlainne críochnaithe a ullmhú (earraí críochnaithe) nó lena n-úsáid le linn próisis

Úsáid táirgthe a bhaint as 4-treas-OPnEO le linn próisis mar mhaolán níocháin a úsáidtear chun cáithníní imdhíonmheasúnachta diagnóiseacha a chruthú in vitro

Úsáid iartheachtach a bhaint as 4-treas- OPnEO ina bhfuil táirgí saotharlainne cliniciúla lena gceanglaítear clárú, ceadúnú, formheas agus faireachán ag údaráis sláinte thírbhunaithe, atá deartha lena n-úsáid in ionstraimí agus measúnachtaí saotharlainne, paiteolaíochta ceimicí, imdhíoneolaíochta, haemaiteolaíochta agus cítimhéadrachta sreibhe

Úsáid iartheachtach a bhaint as 4-treas- OPnEO ina bhfuil táirgí saotharlainne atá deartha lena n-úsáid i gcítiméadracht sreibhe, géanómaíocht agus in ionstraimí agus measúnachtaí saintréithrithe cáithníní le haghaidh rialú cáilíochta agus taighde agus forbairt

Táirgí saotharlainne ina bhfuil 4-treas-OPnEO ón margadh a bhaint ón margadh de réir a chéile de bharr dífheidhmeachta nó foirmlithe na chéad ghlúine eile

Foirmliú 4-treas-OPnEO ar láithreacha Eorpacha lena n-úsáid mar tháirgí saotharlainne. Baintear úsáid as táirgí saotharlainne mar réitigh idirmheánacha chun táirgí saotharlainne críochnaithe a ullmhú (earraí críochnaithe) nó lena n-úsáid le linn próisis

Úsáid iartheachtach a bhaint as 4-NPnEO ina bhfuil táirgí saotharlainne cliniciúla lena gceanglaítear clárú, ceadúnú, formheas agus faireachán ag údaráis sláinte thírbhunaithe, atá deartha lena n-úsáid in ionstraimí agus measúnachtaí saotharlainne, paiteolaíochta ceimicí, imdhíoneolaíochta, haemaiteolaíochta agus cítimhéadrachta sreibhe

Úsáid iartheachtach a bhaint as 4-NPnEO ina bhfuil táirgí saotharlainne atá deartha lena n-úsáid i gcítiméadracht sreibhe, géanómaíocht agus in ionstraimí agus measúnachtaí saintréithrithe cáithníní le haghaidh rialú cáilíochta agus taighde agus forbairt

an 4 Eanáir 2033

an 4 Eanáir 2033

an 4 Eanáir 2033

an 4 Eanáir 2028

an 4 Eanáir 2026

an 4 Eanáir 2033

an 4 Eanáir 2033

an 4 Eanáir 2028

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann a bheadh oiriúnach.


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Authorisation. (europa.eu).


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/27


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 204/06)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an mBeilg

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: an Bheilg

Ábhar an chomórtha: An ‘bhliain art nouveau’ a bheidh ar siúl sa Bheilg in 2023

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear leis an dearadh sonra maisiúil ó aghaidh an ‘Hotel Van Eetvelde’, teach cathrach sa Bhruiséil a dhear ailtire ealaíne art nouveau na Beilge Victor Horta agus a bhfuil aitheantas tugtha dó mar Oidhreacht Domhanda UNESCO. Léirítear le línte neamhshiméadracha cuartha an tsonra mhaisiúil seo stíl shainiúil nádúr-spreagtha na gluaiseachta art nouveau. Líontar an leath íochtarach den bhonn leis an sonra sin rud a fhágann go bhfuil spás folamh ar an leath uachtarach a líontar leis an tuairisc ‘ART NOUVEAU’. Is ar thaobh na láimhe deise ar fad atá inisealacha an dearthóra, Iris Bruijns. Ós rud é gurb é Mionta Ríoga na hÍsiltíre a bhuailfidh na boinn, tá bachall Mhearcair, marc mionta Utrecht, suite ar chlé ar fad in éineacht le marc mionta stiúrthóir mhionta na Beilge, bláth astair os comhair fleasc Erlenmeyer amach, an cód tíre BE agus marc na bliana 2023.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 155 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/28


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 204/07)

Image 2

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag San Marino

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: San Marino

Ábhar an chomórtha: Comóradh 500 bliain ar bhás Luca Signorelli

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear aingeal i lár an deartha, sonra ón bpictiúr ‘Il Paradiso’ le Luca Signorelli, a choinnítear i séipéal San Brizio in Ardeaglais Orvieto. Ar thaobh na láimhe clé tá an litir ‘R’ lena sainaithnítear mionta na Róimhe. Sa leathchiorcal ag an mbun ar chlé tá an focal ‘SIGNORELLI’. Ar thaobh na láimhe deise tá ainm na tíre is eisitheoir ‘San MARINO’ agus ag an mbarr na blianta ‘1523 2023’. Sa lár íochtarach tá inisealacha an údair Marta Bonifacio, MB.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 56 000

Dáta eisiúna measta: Meán Fómhair 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/29


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 204/08)

Image 3

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an gCipir

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: an Chipir

Ábhar an chomórtha: Comóradh 60 bliain ar bhunú Bhanc Ceannais na Cipire

Tuairisc ar an dearadh: Ar an dearadh léirítear uirlisí ar mhicrishlis rud atá ina shiombail ar chobhsaíocht an gheilleagair sa ré thionsclaíoch dhigiteach nua-aimseartha atá urraithe ag Banc Ceannais na Cipire, a bhfuil 60 bliain ar an bhfód á cheiliúradh aige. Tá ainm na tíre is eisitheoir ‘ΚYΠΡΟΣ KIBRIS’ agus na dátaí ‘1963-2023’ ag an mbun. Ina theannta sin, tá an frása ‘60 ΧΡOΝΙΑ ΑΠO ΤΗΝ IΔΡΥΣΗ ΤΗΣ ΚΕΝΤΡΙKHΣ ΤΡAΠΕΖΑΣ ΤΗΣ ΚYΠΡΟΥ’ (i.e. 60 bliain ón uair a bunaíodh Banc Ceannais na Cipire) inscríofa ar an gcuid istigh de thaobh náisiúnta an bhoinn. Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 412 000

Dáta eisiúna: An dara/tríú ráithe de 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/30


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 204/09)

Image 4

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag Málta

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: Málta

Ábhar an chomórtha: Teacht na bhFrancach go Málta in 1798

Tuairisc ar an dearadh: I mí an Mheithimh 1798, chuir Napoleon Bonaparte deireadh le riail Ord Eoin i Málta. Le linn na tréimhse gairide a chaith Napoleon i Málta bhunaigh sé Rialtas Poblachtach agus rinne sé athchóiriú iomlán ar dhlíthe agus institiúidí Mhálta. I measc nithe eile, cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht agus le pribhléidí na n-uasal. Bunaíodh stát tuata agus dúnadh an chúirt ionchoisne. Ag an am sin, níor ghlac muintir Mhálta ina n-iomláine leis na hathchóirithe dlí cuimsitheacha sin, agus níorbh fhada go raibh éirí amach ann.

Léirítear ar an dearadh pearsantú de Phoblacht na Fraince mar a léirítí ar chinn litreach na tréimhse sin. Ar an taobh clé tá an inscríbhinn ‘225th ANNIVERSARY’ [Comóradh 225 Bhliain] agus ina dhiaidh sin ón mbarr go dtí an taobh clé, i leathchiorcal, tá an inscríbhinn ‘ARRIVAL OF THE FRENCH IN MALTA’ [TEACHT NA BHFRANCACH GO MÁLTA]. Ag an mbun tá bliain na heisiúna ‘2023’. Tá na hinscríbhinní ‘Liberté’ [Saoirse] agus ‘Egalité’ [Comhionannas] ar an taobh clé agus an taobh deas den íomhá faoi seach. Os cionn na hinscríbhinne ‘Egalité’ ar chlé tá na blianta ‘1798-2023’.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 85 500

Dáta eisiúna: Meitheamh 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/31


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 204/10)

Image 5

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag San Marino

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: San Marino

Ábhar an chomórtha: Comóradh 500 bliain ar bhás Perugino

Tuairisc ar an dearadh: I lár an deartha léirítear an Mhaighdean Mhuire agus an Leanbh Íosa farae, sonra as an bpictiúr ‘An Mhaighdean Mhuire agus an Leanbh Íosa, San Sebastián agus Eoin Baiste farae’ le Perugino, a choinnítear i ndánlanna Uffizi (Floráns). Ar an taobh clé tá an inscríbhinn ‘PERUGINO’, na dátaí ‘1523’ agus ‘2023’ agus an marc mionta ‘R’. Ar thaobh na láimhe deise tá ainm na tíre is eisitheoir ‘San MARINO’ agus ag an mbun ar dheis tá inisealacha an údair Maria Angela Cassol, MAC.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 56 000

Dáta eisiúna: Aibreán 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/32


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 204/11)

Image 6

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag Málta

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: Málta

Ábhar an chomórtha: Comóradh 550 bliain ar bhreith Nicolaus Copernicus

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh portráid phróifíle de Copernicus, mar aon le léiriú stílithe héilealárnach ar an gcruinne mar a mhol Copernicus. Ag an mbarr ar an taobh clé tá an inscríbhinn ‘NICOLAUS COPERNICUS 1473 – 1543’ agus ag an mbun ar chlé tá ainm na tíre is eisitheoir ‘MÁLTA’ agus ansin bliain na heisiúna ‘2023’. Ag an mbun freisin tá síniú an ealaíontóra Daniel Fusco ‘FUSCO’.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 95 500

Dáta eisiúna: Meitheamh 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/33


Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Glao ar thairiscintí i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 204/12)

Ballstát

An Fhrainc

An t-aerbhealach lena mbaineann

Strasbourg - Beirlín

Tréimhse bhailíochta an chonartha

Ón 16 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 8 Aibreán 2025

Sprioc-am chun iarratais agus tairiscintí a chur isteach

16 Lúnasa 2023, roimh 17.00 am Pháras (an Fhrainc)

An seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus aon fhaisnéis agus/nó doiciméadacht ábhartha a fháil maidir leis an tairiscint phoiblí agus leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí

Direction Générale de l’Aviation civile - Direction du Transport aérien

Sous-direction des services aériens (SDS1)

50 rue Henry Farman

75720 Paris CEDEX 15

An Fhrainc

Teileafón +33 388594141

Facs +33 388594146

R-phost: https://www.ecologie.gouv.fr

Próifíl an cheannaitheora (suíomh gréasáin): https://www.marches-publics.gouv.fr


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/34


Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Forchur oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 204/13)

Ballstát

An Fhrainc

An t-aerbhealach lena mbaineann

Strasbourg - Beirlín

Dáta theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí

1 Meán Fómhair 2023

An seoladh ónar féidir an téacs agus aon fhaisnéis ábhartha agus/nó aon doiciméadacht ábhartha a bhaineann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí a fháil

Ordú an 18 Aibreán 2023 lena bhforchuirtear oibleagáidí seirbhíse poiblí ar na haersheirbhísí sceidealta idir Strasbourg agus Beirlín

NOR : TREA2306442A

http://www.legifrance.gouv.fr/initRechTexte.do

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Direction Générale de l’Aviation Civile

DTA/SDS1

50 rue Henry Farman

75720 Paris CEDEX 15

AN FHRAINC

Teil. +33 158094321


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/35


Bearta atheagrúcháin — Cinneadh maidir le bearta atheagrúcháin i ndáil leis an gcuideachta árachais EUROVITA SpA agus EUROVITA HOLDING SpA

(Foilsiú de bhun Airteagal 271 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) agus Airteagal 237(2) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 209/2005)

(2023/C 204/14)

Cuideachta árachais

Máthair-chuideachta dheiridh de bhun Airteagal 210 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 209/2005

EUROVITA SpA

Via Fra’ Pampuri 13

20141 Milano MI

AN IODÁIL

Uimhir aitheantais chánach, Uimhir aitheantais CBL agus Uimhir i gClár Cuideachtaí Milano 03735041000

Aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) 529900LM125KCD508F59

EUROVITA HOLDING SpA

Via Fra’ Pampuri 13

20141 Milano MI

AN IODÁIL

Uimhir aitheantais chánach, Uimhir aitheantais CBL agus Uimhir i gClár Cuideachtaí Milano 05469690969

Aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) 52990094QK5Q0NND9A42

Dáta, teacht i bhfeidhm agus cineál an chinnidh

Foraithne ón Aire um Chuideachtaí agus um ‘Made in Italy’ an 29 Márta 2023, arna ghlacadh ar bhonn togra ó IVASS – Díscaoileadh chomhlachtaí riaracháin agus faireacháin EUROVITA SpA agus EUROVITA HOLDING SpA agus cur na gcuideachtaí i nglacadóireacht ar feadh tréimhse uasta aon bhliana amháin ó dháta eisiúna na foraithne, de bhun Airteagail 231 agus 275 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 209/2005. Tugadh fógra do IVASS an 30 Márta 2023.

Beart IVASS Uimh. thag. 0075798/23 an 30 Márta 2023 – Ceapadh na gcomhlachtaí le haghaidh nósanna imeachta glacadóireachta de bhun Airteagal 233 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 209/2005.

Údaráis inniúla

An tAire um Chuideachtaí agus um ‘Made in Italy’

Via Molise 2

00187 Roma RM

AN IODÁIL

IVASS – Istituto per la Vigilanza sulle Assicurazioni [An Institiúid um Maoirseacht ar Árachas]

Via del Quirinale 21

00187 Roma RM

AN IODÁIL

An t-údarás maoirseachta

IVASS – Istituto per la Vigilanza sulle Assicurazioni [An Institiúid um Maoirseacht ar Árachas]

Via del Quirinale 21

00187 Roma RM

AN IODÁIL

Riarthóir Speisialta, arna cheapadh sa dá chuideachta

Alessandro Santoliquido

Coiste Faireacháin, arna cheapadh sa dá chuideachta

Antonio Blandini

Sandro Panizza

Monica Biccari

An dlí is infheidhme

Dlí na hIodáile

Airteagail 231, 233 agus 275 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 209/2005


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/37


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11163 — TRAFIGURA / MOTA-ENGIL / LAH / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 204/15)

1.   

An 5 Meitheamh 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Trafigura Lobito Investments PTE Ltd (‘Trafigura’, Singeapór), fochuideachta de chuid Trafigura Group PTE Ltd, arb é príomhchuideachta shealbhaíochta Trafigura Group,

Me Lobito SGPS, LDA (‘Mota-Engil’, an Phortaingéil), fochuideachta de chuid Mota-Engil SGPS S.A., arb é príomhchuideachta shealbhaíochta Mota-Engil Group,

Lobito Atlantic Holdings SGPS, LDA (‘LAH’, an Phortaingéil), eintiteas nua atá faoi rialú comhpháirteach.

Gheobhaidh Trafigura agus Mota-Engil rialú comhpháirteach ar LAH de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann agus an eintitis nua atá faoi rialú comhpháirteach:

Is trádálaí tráchtearraí neamhspleách é Trafigura Group a dhéanann speisialtóireacht i margaí na hola, na mianraí agus na miotal. Tá dhá phríomhlíne ghnó ag Trafigura Group, mar atá trádáil fhisiceach tráchtearraí agus lóistíocht ghaolmhar, lena n-áirítear loingseoireacht agus cairtfhostú, agus gníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann le bonneagar tionsclaíoch,

Is corparáid ilnáisiúnta é Mota-Engil Group ag a bhfuil oibríochtaí dírithe ar thógáil agus ar bhainistiú bonneagair in earnálacha na hinnealtóireachta agus na tógála, an chomhshaoil agus na seirbhísí, na lamháltas iompair agus an fhuinnimh. Feidhmíonn Mota-Engil Group in 22 thír san Eoraip, i Meiriceá Laidineach agus san Afraic,

Tógfaidh LAH, trína fhochuideachta oibriúcháin Lobito Atlantic Railway, S.A. an líne iarnróid Lobito-Luau atá suite in Angóla, déanfaidh sé cothabháil ar an líne agus oibreoidh sé í, chun earraí a iompar idir Lobito, cathair chalafort in Angóla, agus na ceantair máguaird, amhail réigiún Copperbelt na Saimbia agus Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11163 — TRAFIGURA / MOTA-ENGIL / LAH / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/39


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11140 – APG / CORSICA SOLE / MIROVA / DRIVECO)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 204/16)

1.   

An 2 Meitheamh 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Stichting Depositary APG Infrastructure Pool 2020-2021 (le haghaidh riosca agus chuntas APG Infrastructure Pool 2020-2021) (‘APG’, an Ísiltír), faoi rialú Stichting Pensioenfonds ABP (‘ABP’, an Ísiltír),

Corsica Sole SAS (‘Corsica Sole’, an Fhrainc),

Mirova S.A. (‘Mirova’, an Fhrainc), faoi úinéireacht an ghrúpa BPCE (‘BPCE’, an Fhrainc),

Driveco SAS (an Fhrainc), faoi rialú Corsica Sole agus Mirova.

Gheobhaidh APG, Corsica Sole agus Mirova rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Driveco.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is taisclann é APG le haghaidh ciste infheistíochta arb é a úinéir tairbhiúil deiridh ABP, ar eagraíocht riaracháin pinsean de chuid na hÍsiltíre é a dhéanann speisialtóireacht sa réimse comhphinsean san earnáil phoiblí,

Tá Corsica Sole gníomhach i dtáirgeadh fuinnimh in-athnuaite trí fheirmeacha gréine sa Fhrainc ar an Mór-roinn, agus i ranna éagsúla Francacha thar lear chomh maith (amhail an Chorsaic, La Réunion, Guadalúip, an Ghuáin agus Martinique). Chomh maith leis sin, tugann sé comhairle agus cuireann sé chun feidhme bearta inbhuanaitheachta ar áitreabh an chliaint, amhail grianphainéil dín nó grianphainéil charrchlóis,

Is é Mirova, a ghníomhaíonn mar chuideachta bainistíochta Mirova Eurofideme 4, brainse Natixis atá speisialaithe san infheistíocht fhreagrach. Díríonn a ghníomhaíochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta ar réitigh um fhorbairt inbhuanaithe sna hearnálacha soghluaisteachta, fuinnimh, foirgneamh agus cathracha, tomhaltais, acmhainní, sláinte, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus airgeadais. Is faoi rialú deiridh BPCE Group atá sé, grúpa ag a bhfuil líonra baincéireachta atá gníomhach sna hearnálacha seo a leanas: baincéireacht infheistíochta, baincéireacht mhiondíola agus tráchtála, árachas agus seirbhísí réadmhaoine,

Soláthraíonn Driveco réitigh lándéanta agus shaincheaptha le haghaidh luchtú leictreach sa Fhrainc agus sa Bheilg. Tá sé gníomhach i bhforbairt, monarú, suiteáil, cothabháil agus oibriú a phointí athluchtaithe.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11140 – APG / CORSICA SOLE / MIROVA / DRIVECO

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/41


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

Cás M.11136 - PETRONAS / NPI / CANWIND agus NORTHWIND (Comhfhiontair))

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 204/17)

1.   

An 2 Meitheamh 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Northland Power International Holdings B.V. (‘NPIH’) fochuideachta ar lánúinéireacht de chuid Northland Power, Inc. (‘NPI’),

Gentari International Renewables Pte. Ltd (‘GIRPL’), fochuideachta ar lánúinéireacht de chuid Gentari Sdn. Bhd. (‘Gentari’) atá é féin ina fhochuideachta ar lánúinéireacht de chuid Petroliam Nasional Berhad (‘PETRONAS’),

NP Taiwan Project CanWind Holdings B.V. (‘CanWind’) agus NP Taiwan Project NorthWind Holdings B.V. (‘NorthWind’), 2 chuideachta atá faoi lánúinéireachta NPI faoi láthair (go hindíreach trí NPIH) (na ‘comhfhiontair’).

Gheobhaidh NPI agus PETRONAS rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar CanWind agus NorthWind ina n-iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is tairgeoir cumhachta domhanda NPI atá tiomanta do shócmhainní bonneagair cumhachta domhanda atá glan agus glas a fhorbairt, a thógáil, a oibriú agus na sócmhainní sin a bheith faoina úinéireacht san Áise, san Eoraip, i Meiriceá Laidineach agus i Meiriceá Thuaidh,

Is é PETRONAS cuideachta ola agus gáis náisiúnta na Malaeisia. Cuireann Gentari réitigh charbóin íseal ar fáil trí thrí chroícholúin tosaigh – Fuinneamh Inathnuaite, Hidrigin, agus Soghluaisteacht Ghlas.

3.   

Is iad gníomhaíochtaí gnó na gComhfhiontar feirmeacha gaoithe amach ón gcósta atá beartaithe a fhorbairt agus a thógáil sa Téaváin, agus ina dhiaidh sin, úinéireacht agus oibriú na bhfeirmeacha gaoithe sin atá beartaithe.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11136 – PETRONAS / NPI / CANWIND agus NORTHWIND (Comhfhiontair)

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 204/43


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11103 – PUBLIC POWER CORPORATION / ENEL ROMANIA)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 204/18)

1.   

An 31 Bealtaine 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Public Power Corporation S.A. (‘PPC’, an Ghréig),

Oibríochtaí Enel S.p.A. (‘Enel’, an Iodáil) sa Rómáin (‘Enel Romania’).

Gheobhaidh PPC rialú aonair ar Enel Romania, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, arb é atá in Enel Romania na heintitis seo a leanas (atá go léir ionchorpraithe sa Rómáin): Enel Romania S.A., E-Distributie Muntenia S.A., Enel Energie Muntenia S.A., E-Distributie Dobrogea S.A., E-Distributie Banat S.A., Enel Energie S.A., Enel Green Power Romania S.R.L., Enel X Romania S.R.L., Enel X Way Romania S.R.L, agus a bhfochuideachtaí.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá PPC gníomhach i nginiúint, i soláthar agus i ndáileadh leictreachais, go príomha sa Ghréig,

Tá Enel Rómáin gníomhach i nginiúint, i ndáileadh agus i soláthar leictreachais sa Rómáin, chomh maith le soláthar gáis nádúrtha sa Rómáin agus soláthar seirbhísí gaolmhara.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11103 – PUBLIC POWER CORPORATION / ENEL ROMANIA

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.