ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 202

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
9 Meitheamh 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

MOLTAÍ

 

An Banc Ceannais Eorpach

2023/C 202/01

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach an 2 Meitheamh 2023 do Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banca d’Italia (BCE/2023/14)

1


 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 202/02

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh ( 1 )

2

2023/C 202/03

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le substaintí gníomhacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh ( 1 )

14

2023/C 202/04

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Fógra chuig na páirtithe leasmhara maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus rialacha AE i réimse na státchabhrach

25


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 202/05

Rátaí malairte an euro — 8 Meitheamh 2023

30

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2023/C 202/06

Fógra de bhun Airteagal 13 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa a bhaineann le leachtú agus foirceannadh Baltic International Bank SE [Institiúid creidmheasa Laitviach atá faoi leachtú] ina dhiaidh sin

31

2023/C 202/07

Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh

32

2023/C 202/08

Nuashonrú ar an liosta de na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

33

2023/C 202/09

Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Forchur oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealta ( 1 )

47

2023/C 202/10

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( 1 )

48


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 202/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11078 — CONTARGO / ZIEGLER / SCHMID / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

49

2023/C 202/12

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10920 — AMAZON / IROBOT) ( 1 )

51

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 202/13

Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia

53

2023/C 202/14

Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona

76


 

Ceartúcháin

 

Ceartúchán ar an teachtaireacht maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún ( IO C 104, 4.3.2022 )

84


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

MOLTAÍ

An Banc Ceannais Eorpach

9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/1


MOLADH ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 2 Meitheamh 2023

do Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banca d’Italia

(BCE/2023/14)

(2023/C 202/01)

TÁ COMHLAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe BCE agus a fhormheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tháinig deireadh le sainordú na n-iniúchóirí seachtracha atá ag Banca d’Italia faoi láthair, Deloitte & Touche S.p.A., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2022. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh don bhliain airgeadais 2023.

(3)

Tá Deloitte & Touche S.p.A. roghnaithe ag Banca d’Italia mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2023 go 2027,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Moltar go gceapfaí Deloitte & Touche S.p.A mar iniúchóirí seachtracha ar Banca d’Italia do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 2 Meitheamh 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/2


Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 202/02)

Rinneadh an treoraíocht seo a fhorbairt i gcomhairle leis na Ballstáit. Ní bheartaítear léi aon éifeachtaí a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí de a bheith aici agus, de réir a cineáil, ní féidir dochar a dhéanamh d’aon bheart a dhéanann Ballstát i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ná in aon chásdlí a fhorbraítear a mhéid a bhaineann leis an bhforáil sin. Is í an Chúirt Bhreithiúnais amháin a chumhachtaítear dlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm.

Comhlíonann an Teachtaireacht seo ón gCoimisiún Pointe 6 den Réamhrá don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 lena bhforáiltear, chun críoch faisnéise agus comhchuibhithe, nach mór an liosta de na modhanna tástála agus na treoirdhoiciméid is ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is é an liosta thíos an liosta sin le haghaidh Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1440 (1) ón gCoimisiún, agus tabharfar cothrom le dáta é go tráthrialta.

I gcás ina gceanglaítear le forálacha Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 go nginfear sonraí bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013, liostaítear na modhanna tástála agus an treoir ábhartha sa Teachtaireacht ón gCoimisiún is ábhartha do chur chun feidhme Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 (i.e. maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha ceimiceacha).

Nuair a liostaítear doiciméad le haghaidh coda, ciallaíonn sé sin go bhfuil sé ábhartha do na fochodanna uile. I gcás nach liostaítear aon doiciméad le haghaidh coda, níl aon mhodh tástála comhaontaithe ná treoirdhoiciméad comhaontaithe ar fáil faoi láthair. Sna cásanna sin, ba cheart d’iarratasóirí féideartha tograí a phlé le linn an chruinnithe réamhaighneachta leis an mBallstát is rapóirtéir agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (ÚESB), e.g. tograí atá bunaithe ar dhréachtmhodhanna tástála.

Modhanna tástála

I gcás ina bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún (2) maidir le crostagairt do threoirlíne tástála ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (trína lua go bhfuil modh tástála macasamhlaithe, cosúil nó coibhéiseach le treoirlínte tástála ECFE), ní liostaítear ach treoirlíne tástála ECFE chun dúbláil a sheachaint.

Ní liostaítear ach modhanna tástála atá bailíochtaithe (i.e. a ndearna ECFE nó eagraíochtaí idirnáisiúnta choibhéise tástáil fáinne orthu). Modhanna tástála a bhfuil tuairisc orthu i bhfoilseacháin eolaíocha amháin, níor cuireadh san áireamh iad.

Ba cheart liostú modha tástála a mheas mar thagairt don leagan den mhodh tástála sin is mó atá cothrom le dáta atá ar fáil an tráth a chuirfear tús leis an staidéar.

I gcás táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaint ghníomhach ar miocrorgánach é, d’fhéadfadh go mbeadh gá le prótacail tástála ad hoc chun aghaidh a thabhairt ar roinnt ceanglais sonraí. Le linn na tréimhse réamhaighneachta (3), féadfaidh iarratasóirí, an Ballstát is rapóirtéir, agus ÚESB an cineál seo prótacal ad hoc a phlé, go háirithe i gcás inar féidir prótacail tástála a liostaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún is ábhartha do chur chun feidhme Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 a úsáid mar ionadaigh nó cé acu is féidir iad a oiriúnú le bheith níos oiriúnaí do tháirgí cosanta planda ina bhfuil substaint ghníomhach ar miocrorgánach é nó nach féidir.

D’fhonn tástáil ar ainmhithe veirteabracha a íoslaghdú, ba cheart na tástálacha a rinneadh cheana a mheas mar chuid den mheasúnú riosca dá bhforáiltear in Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Mar sin féin, le linn an chruinnithe réamhaighneachta, féadfaidh iarratasóirí, an Ballstát is rapóirtéir agus ÚESB a mheas an gá tástáil nua a dhéanamh bunaithe ar mhodhanna tástála níos nuaí, má bhíonn údar eolaíoch leis.

Sna cásanna uile, i gcomhréir le Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (4), Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (Aithrisí 11 agus 40, Airteagail 8.1(d), 18(b), 33.3(c) agus 62.1) agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún (5), ní mór tástáil neamhriachtanach ar ainmhithe a sheachaint. Go sonrach, le hAirteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, foráiltear nach ndéanfar tástáil ar ainmhithe veirteabracha chun formheas a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha le haghaidh táirgí cosanta plandaí ach amháin i gcás nach bhfuil aon mhodh eile ar fáil. Áirítear ar na modhanna malartacha tástáil in-vitro, modhanna in-silico nó cuir chuige eile amhail léamh-trasna, mar a shainítear, mar shampla, i dTuarascáil Stádais an Lárionaid Eorpaigh um Bailíochtú Modhanna Malartacha ó Shaotharlann Tagartha an Aontais maidir le modhanna agus cuir chuige mhalartacha a fhorbairt, a bhailíochtú agus glacadh leo go rialaitheach agus i dTuarascáil Stádais an Lárionaid Eorpaigh um Bailíochtú Modhanna Malartacha ó Shaotharlann Tagartha an Aontais maidir le modhanna neamhainmhithe san eolaíocht agus i rialáil (6). Thairis sin, infhaighteacht na dtreoirdhoiciméad maidir le tástáil neamhainmhithe agus prótacail an staidéir ar in–vitro atá bailíochtaithe agus iontaofa, ba cheart é sin a mheas mar bhonn eolaíoch bailí nuair a mheastar pointe 1.5 den Réamhrá don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013.

Má tá roinnt modhanna tástála ar fáil chun ceanglas sonraí a chomhlíonadh, luaitear tosaíocht in ord na modhanna tástála a liostaítear i gcás ina bhfuil gá le tástáil nua. Leis an ord, tugtar tosaíocht do mhodhanna nach bhfuil gá le hainmhithe tástála ina leith nó a bhfuil gá le níos lú ainmhithe tástála ina leith agus/nó i gcás nach bhfuil fulaingt na n-ainmhithe tástála chomh dian sin i gceist le modh ar leith. Mar sin féin, le linn an chruinnithe réamhaighneachta, ar chomhairle ÚESB agus an Bhallstáit is rapóirtéir, is féidir an t-ord tosaíochta a athrú nuair a bheidh údar eolaíoch ann (e.g. de bharr theorainneacha an réimse infheidhmeachta i gcás roinnt modhanna) chun cáilíocht eolaíoch an mheasúnaithe a áirithiú.

Doiciméid treorach

Bíonn doiciméid treorach incháilithe le bheith liostaithe nuair a bhaineann an méid seo a leanas leo:

d’fhormhuinigh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha iad roimh fhoilsiú na Teachtaireachta seo,

forbraíodh iad faoi choimirce comhlachta oifigiúil (e.g. ÚESB, an Coimisiún, údaráis náisiúnta) a bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar réimse áirithe measúnaithe riosca nó saincheisteanna nós imeachta, agus rinneadh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha, nó

d’fhormhuinigh eagraíocht idir-rialtasach iad (amhail ECFE, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) nó an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (EEMCP)) i gcás ina nglacann na Ballstáit páirt sa phróiseas formhuinithe.

Measadh na cineálacha treoirdhoiciméad seo a leanas lena liostú:

Treoirdhoiciméid theicniúla, lena n-áirítear treoirdhoiciméid de chineál cothrománach atá ábhartha do roinnt ranna de na ceanglais sonraí nó do ranna uile na gceanglas sonraí, lena n-áirítear cur chun feidhme phointe 1.5 den Réamhrá don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013;

Treoirdhoiciméid riaracháin/nós imeachta má tá siad ábhartha do chur chun feidhme na gceanglas sonraí;

Samhlacha nó uirlisí ríomha, má tá siad ábhartha do na ceanglais sonraí agus más féidir iad a nascadh le treoirdhoiciméad nó más tacaíocht iad do threoirdhoiciméad;

Tuairimí eolaíocha ó Phainéil ÚESB agus treoirdhoiciméid ón gCoiste Stiúrtha idirchriosach is ábhartha do na Ballstáit uile, liostaíodh iad tar éis iad a mheas ar bhonn cás ar chás, má tá siad ábhartha do chur chun feidhme ceanglas sonraí sonrach.

Doiciméid amhail treoirdhoiciméid chriosacha, ráitis ó ÚESB, foilseacháin a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu, tuarascálacha teicniúla, tuarascálacha eolaíocha, straitéisí, ní áirítear iad sa liosta thíos go hiondúil, cé is moite de chuid acu a cuireadh faoi réir comhairliúchán poiblí.

Ba cheart liostú treoirdhoiciméid a mheas mar thagairt don leagan den treoirdhoiciméad sin is mó atá cothrom le dáta atá ar fáil an tráth a chuirfear tús leis an staidéar.

A mhéid a bhaineann le caighdeáin EEMCP maidir leis an meastóireacht ar éifeachtúlacht táirgí cosanta plandaí, luaitear na caighdeáin is ábhartha sa liosta thíos. Mar sin féin, ní mór a mheas gur liosta é nach bhfuil uileghabhálach ós rud é go dtugtar bunachar sonraí domhanda EEMCP cothrom le dáta go tráthrialta agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le caighdeáin eile ar chur chuige cás ar chás. Dá bhrí sin, áirítear sa liosta bunachar sonraí domhanda EEMCP, Caighdeáin Ghinearálta na sraithe um meastóireacht ar éifeachtúlacht táirgí cosanta plandaí (PP1) maidir le caighdeáin EEMCP agus Caighdeáin Shonracha na sraithe PP1 maidir le caighdeáin EEMCP.

Tagairt do Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013

Modhanna tástála (7)

Doiciméid treorach (8)

Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta

 

EFSA Guidance on the use of the weight of evidence approach in scientific assessments (EFSA Journal 2017;15(8):4971)

Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta

 

ECHA Guidance on the Application of the CLP Criteria

Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta

 

OECD Guidance Document for the Use of Adverse Outcome Pathways in Developing Integrated Approaches to Testing and Assessment (IATA) No. 260

Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta

 

OECD Guidance Document on Good In Vitro Method Practices (GIVIMP)

1.

Céannacht an iarratasóra, céannacht an táirge cosanta plandaí agus an fhaisnéis faoin monarú

 

EU Guidance document for the assessment of the equivalence of technical grade active ingredients for identical microbial strains or isolates approved under Regulation (EC) No. 1107/2009 (SANCO/12823/2012)

1.4

Faisnéis mhionsonraithe cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh na hullmhóide

 

OECD Issue Paper on Microbial Contaminants Limits for Microbial Pest Control Products No. 65

1.4

Faisnéis mhionsonraithe cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh na hullmhóide

 

EU Guidance document on significant and non-significant changes of the chemical composition of authorised plant protection products under Regulation (EC) No 1107/2009 of the EU Parliament and Council on placing of plant protection products on the market and repealing Council Directives 79/117/EEC and 91/414/EEC (SANCO/12638/2011)

2.6

Cobhsaíocht stórála agus seilfré

 

OECD Issue Paper on Microbial Contaminants Limits for Microbial Pest Control Products No. 65.

2.6

Cobhsaíocht stórála agus seilfré

 

OECD Guidance document on storage stability of microbial pest control products. Series on Pesticides No. 85 (ENV/JM/MONO(2016)54)

2.6.2

Éifeachtaí na teochta agus an phacáistithe

CIPAC MT 39 Stability of liquid formulations at 0°C

 

2.6.2

Éifeachtaí na teochta agus an phacáistithe

CIPAC MT 46 Accelerated storage procedure

 

2.7.1

Infhliuchtacht

CIPAC MT 53 Wettability

 

2.7.2

Cúradh leanúnach

CIPAC MT 47 Persistent foaming

 

2.7.3

Acmhainn fuaidrithe, spontáineacht easraithe agus cobhsaíocht easraithe

CIPAC MT 41 Dilution stability of herbicide aqueous solutions

 

2.7.3

Acmhainn fuaidrithe, spontáineacht easraithe agus cobhsaíocht easraithe

CIPAC MT 160 Spontaneity of dispersion of suspension concentrates

 

2.7.3

Acmhainn fuaidrithe, spontáineacht easraithe agus cobhsaíocht easraithe

CIPAC MT 174 Dispersibility of water dispersible granules

 

2.7.3

Acmhainn fuaidrithe, spontáineacht easraithe agus cobhsaíocht easraithe

CIPAC MT 179 Dissolution degree and solution stability

 

2.7.3

Acmhainn fuaidrithe, spontáineacht easraithe agus cobhsaíocht easraithe

CIPAC MT 180 Dispersion stability Suspo-emulsions

 

2.7.3

Acmhainn fuaidrithe, spontáineacht easraithe agus cobhsaíocht easraithe

CIPAC MT 184 Suspensibility of formulations forming suspensions on dilution with water

 

2.7.3

Acmhainn fuaidrithe, spontáineacht easraithe agus cobhsaíocht easraithe

CIPAC MT 196 Solution Properties of Water Soluble Tablets

 

2.7.4

Tástáil le criathar tirim agus le criathar fliuch

CIPAC MT 170 Dry sieve analysis of water dispersible granules

 

2.7.4

Tástáil le criathar tirim agus le criathar fliuch

CIPAC MT 187 Particle size analysis by laser diffraction

 

2.7.4

Tástáil le criathar tirim agus le criathar fliuch

CIPAC MT 185 Wet sieve test

 

2.7.5

Méid-dáileachán na gcáithníní (púdair indeannóide agus infhliuchta, gráinníní), cion deannaigh/mínbhrus (gráinníní), cnaí agus brioscthacht (gráinníní)

CIPAC MT 170 Dry sieve analysis of water dispersible granules

 

2.7.5

Méid-dáileachán na gcáithníní (púdair indeannóide agus infhliuchta, gráinníní), cion deannaigh/mínbhrus (gráinníní), cnaí agus brioscthacht (gráinníní)

CIPAC MT 171 Dustiness of granular products

 

2.7.5

Méid-dáileachán na gcáithníní (púdair indeannóide agus infhliuchta, gráinníní), cion deannaigh/mínbhrus (gráinníní), cnaí agus brioscthacht (gráinníní)

CIPAC MT 178 Attrition resistance of granules

 

2.7.5

Méid-dáileachán na gcáithníní (púdair indeannóide agus infhliuchta, gráinníní), cion deannaigh/mínbhrus (gráinníní), cnaí agus brioscthacht (gráinníní)

CIPAC MT 185 Wet sieve test

 

2.7.5

Méid-dáileachán na gcáithníní (púdair indeannóide agus infhliuchta, gráinníní), cion deannaigh/mínbhrus (gráinníní), cnaí agus brioscthacht (gráinníní)

CIPAC MT 187 Particle size analysis by laser diffraction

 

2.7.5

Méid-dáileachán na gcáithníní (púdair indeannóide agus infhliuchta, gráinníní), cion deannaigh/mínbhrus (gráinníní), cnaí agus brioscthacht (gráinníní)

CIPAC MT 193 Attrition of tablets

 

2.7.5

Méid-dáileachán na gcáithníní (púdair indeannóide agus infhliuchta, gráinníní), cion deannaigh/mínbhrus (gráinníní), cnaí agus brioscthacht (gráinníní)

CIPAC MT 197 Disintegration of Tablets

 

2.7.6

Ineiblitheacht, ath-ineiblitheacht agus cobhsaíocht eibleachta

CIPAC MT 36 Emulsion characteristics of emulsifiable concentrates

 

2.7.7

Acmhainn sreafa, acmhainn doirte (acmhainn sruthlaithe) agus acmhainn púdraithe

CIPAC MT 148 Pourability of suspension concentrates

 

2.7.7

Acmhainn sreafa, acmhainn doirte (acmhainn sruthlaithe) agus acmhainn púdraithe

CIPAC MT 171 Dustiness of granular products

 

2.7.7

Acmhainn sreafa, acmhainn doirte (acmhainn sruthlaithe) agus acmhainn púdraithe

CIPAC MT 172 Flowability of water dispersible granules after heat test under pressure

 

2.8

Comhoiriúnacht fhisiceach agus cheimiceach le táirgí cosanta plandaí eile lena n-áirítear táirgí cosanta plandaí a bhfuil a úsáid leo le húdarú

ASTM E1518 – 05 Standard Practice for Evaluation of Physical Compatibility of Pesticides in Aqueous Tank Mixtures by the Dynamic Shaker Method

 

2.9

Greamú agus dáileadh le síolta

CIPAC MT 194 Adhesion to Treated Seed

 

2.9

Greamú agus dáileadh le síolta

CIPAC MT 175 Seed treatment formulations, liquid, determination of seed-seed uniformity of distribution

 

2.9

Greamú agus dáileadh le síolta

European Seed Association, 2011. Assessment of free floating dust and abrasion particles of treated seeds as a parameter of the quality of treated seeds: Heubach test. ESA STAT Dust Working Group

 

3.

Dáta ar an iarratas

 

EPPO Global Database (9)

3.3.

Feidhm, spriocorgánaigh, plandaí nó táirgí plandaí atá le cosaint agus bearta maolaithe riosca féideartha

 

EPPO PP 1/248 Harmonized classification and coding of the uses of plant protection products (10)

3.4.

An ráta leata

 

EPPO PP1/239 Dose expression of plant protection products

4.1.

Nósanna imeachta chun an trealamh leata a ghlanadh agus a dhí-éilliú

 

EPPO PP1/292 Cleaning pesticide application equipment (PAE) – efficacy aspects

5.1.

Modhanna maidir le hanailís ar an ullmhóid

 

EU Guidance document: Technical Active Substance and Plant protection products: Guidance for generating and reporting methods of analysis in support of pre- and post-registration data requirements for Annex (Section 4) of Regulation (EU) No 283/2013 and Annex (Section 5) of Regulation (EU) No 284/2013 (SANCO/3030/99)

5.1.

Modhanna maidir le hanailís ar an ullmhóid

 

OECD Issue Paper on Microbial Contaminants Limits for Microbial Pest Control Products No. 65

5.2.

Modhanna chun iarmhair a chinneadh agus a chainníochtú

 

Residues Analytical Methods for Risk Assessment and Post-approval Control and Monitoring Purposes (SANTE/2020/12830)

6.

Sonraí éifeachtúlachta

Caighdeáin shonracha na sraithe PP1 maidir le caighdeáin EEMCP (11)

 

6.

Sonraí éifeachtúlachta

 

EU guidance document on data requirements on efficacy for the dossier to be submitted for the approval of new active substances contained in plant protection products. (SANCO/10054/2013)

6.

Sonraí éifeachtúlachta

 

EU Guidance document on the efficacy composition of core dossier and national addenda submitted to support the authorization of plant protection products under regulation (EC) No 1107/2009 of the EU parliament and council on placing of plant protection products on the market. (SANCO/10055/2013)

6.

Sonraí éifeachtúlachta

 

General Standards of the EPPO standard series PP1 (12) (Efficacy evaluation of plant protection products), in particular: EPPO PP1/276 Principles of efficacy evaluation for microbial plant protection products, EPPO PP1/296 principles of efficacy evaluation for low-risk plant protection products, and, EPPO PP1/319 General principles for efficacy evaluation of plant protection products with a mode of action as plant defence inducers.

6.6.1.

Tionchar ar bharra i ndiaidh a chéile

OECD Guidelines for Testing of Chemicals No. 208 ‘Terrestrial Plant Test: Seedling Emergence and Seedling Growth Test’ (2006)

 

6.6.1.

Tionchar ar bharra i ndiaidh a chéile

 

EPPO PP1/207 Effects on succeeding crops

6.6.2.

Tionchar ar phlandaí eile, lena n-áirítear barra cóngaracha

 

EPPO PP1/256 Effects on adjacent crops

6.6.2.

Tionchar ar phlandaí eile, lena n-áirítear barra cóngaracha

 

OECD (2006) Guidelines for the Testing of Chemicals No. 227 ‘Terrestrial Plant Test: Vegetative Vigour Test’

6.6.2.

Tionchar ar phlandaí eile, lena n-áirítear barra cóngaracha

 

OECD (2006) Guidelines for Testing of Chemicals No. 208 ‘Terrestrial Plant Test: Seedling Emergence and Seedling Growth Test’

7.2.

Measúnú ar thocsaineacht fhéideartha an táirge cosanta plandaí

 

EFSA Guidance on the assessment of exposure of operators, workers, residents and bystanders in risk assessment for plant protection products (EFSA Journal 2022;20(1):7032)

7.3

Géarthocsaineacht

 

OECD (2016) Guidance Document on Considerations for Waiving or Bridging of Mammalian Acute Toxicity Tests Series on Testing & Assessment No. 237

7.3.1

Géarthocsaineacht béil

OECD Test Guideline 423: Acute Oral toxicity - Acute Toxic Class Method

 

7.3.1

Géarthocsaineacht béil

OECD Test Guideline 420: Acute Oral Toxicity - Fixed Dose Procedure

 

7.3.2.

Géarthocsaineacht dheirmeach

OECD Test Guideline 402: Acute Dermal Toxicity - Fixed Dose Procedure

 

7.3.3.

Géarthocsaineacht ionanálaithe

OECD Test Guideline 436: Acute Inhalation Toxicity – Acute Toxic Class Method

 

7.3.3.

Géarthocsaineacht ionanálaithe

OECD Test Guideline 403: Acute Inhalation Toxicity

 

7.3.4.

Greannú craicinn

OECD Test Guideline 439: In vitro Skin Irritation: Reconstructed Human Epidermis Test Method

 

7.3.4.

Greannú craicinn

OECD Test Guideline 404: Acute Dermal Irritation/Corrosion

 

7.3.4.

Greannú craicinn

OECD Test Guideline 430: In Vitro Skin Corrosion: Transcutaneous Electrical Resistance Test Method (TER)

 

7.3.4.

Greannú craicinn

OECD Test Guideline 431: In vitro skin corrosion: reconstructed human epidermis (RHE) test method

 

7.3.4.

Greannú craicinn

OECD Test Guideline 435: In vitro Membrane Barrier Test Method for Skin Corrosion

 

7.3.4.

Greannú craicinn

 

OECD Guidance Document on an Integrated Approach on Testing and Assessment (IATA) for Skin Corrosion and Irritation, No. 203

7.3.5.

Greannú súl

OECD Test Guideline 437: Bovine Corneal Opacity and Permeability Test Method for Identifying i) Chemicals Inducing Serious Eye Damage and ii) Chemicals Not Requiring Classification for Eye Irritation or Serious Eye Damage

 

7.3.5.

Greannú súl

OECD Test Guideline 438: Isolated Chicken Eye Test Method for Identifying i) Chemicals Inducing Serious Eye Damage and ii) Chemicals Not Requiring Classification for Eye Irritation or Serious Eye Damage

 

7.3.5.

Greannú súl

OECD Test Guideline 460: Fluorescein Leakage Test Method for Identifying Ocular Corrosives and Severe Irritants

 

7.3.5.

Greannú súl

OECD Test Guideline 491: Short Time Exposure In Vitro Test Method for Identifying i) Chemicals Inducing Serious Eye Damage and ii) Chemicals Not Requiring Classification for Eye Irritation or Serious Eye Damage

 

7.3.5.

Greannú súl

OECD Test Guideline 492: Reconstructed human Cornea-like Epithelium (RhCE) test method for identifying chemicals not requiring classification and labelling for eye irritation or serious eye damage

 

7.3.5.

Greannú súl

OECD Test Guideline 405: Acute eye irritation/corrosion

 

7.3.6.

Íogrú craicinn

OECD Test Guideline 442A: Skin Sensitisation – Local Lymph Node Assay: DA

 

7.3.6.

Íogrú craicinn

OECD Test Guideline 442B: Skin Sensitisation - Local Lymph Node Assay: BrdU-ELISA or –FCM

 

7.3.6.

Íogrú craicinn

OECD Test Guideline 442C: In Chemico Skin Sensitisation

 

7.3.6.

Íogrú craicinn

OECD Test Guideline 442D: In Vitro Skin Sensitisation

 

7.3.6.

Íogrú craicinn

OECD Test Guideline 442E: In Vitro Skin Sensitisation: In Vitro Skin Sensitisation Assays Addressing the Key Event on Activation of Dendritic Cells on the Adverse Outcome Pathway for Skin Sensitisation

 

7.3.6.

Íogrú craicinn

OECD Guideline No. 497: Defined Approaches on Skin Sensitisation

 

7.3.6.

Íogrú craicinn

OECD Test Guideline 406: Skin Sensitisation Guinea Pig Maximisation Test and Buehler Test

 

7.3.6.

Íogrú craicinn

OECD Test Guideline 429: Skin Sensitisation – Local Lymph Node Assay

 

7.5.

Sonraí maidir le teagmháil

OECD Test Guideline 428: Skin Absorption: In Vitro Method

 

7.5.

Sonraí maidir le teagmháil

OECD Test Guideline 427: Skin Absorption: In Vivo Method

 

7.5.

Sonraí maidir le teagmháil

 

EU Guidance on dermal absorption (SANTE/2018/10591)

7.5.

Sonraí maidir le teagmháil

 

EU Guidance document on the risk assessment of metabolites produced by microorganisms used as plant protection active substances (SANCO/2020/12258)

7.5.

Sonraí maidir le teagmháil

 

EFSA Guidance on the assessment of exposure of operators, workers, residents and bystanders in risk assessment for plant protection products (SANTE-10832-2015)

7.5.

Sonraí maidir le teagmháil

 

EFSA Guidance on dermal absorption (EFSA Journal 2017;15(6):4873)

7.5.

Sonraí maidir le teagmháil

 

FAO Operator exposure models and local risk assessment (13)

8.

Iarmhair i dtáirgí, bia agus beatha cóireáilte nó ar tháirgí, bia agus beatha cóireáilte

 

EU Guidance document on the risk assessment of metabolites produced by microorganisms used as plant protection active substances (SANCO/2020/12258)

8.

Iarmhair i dtáirgí, bia agus beatha cóireáilte nó ar tháirgí, bia agus beatha cóireáilte

 

EFSA Guidance on the establishment of the residue definition for dietary risk assessment (EFSA Journal 2016;14(12):4549)

8.

Iarmhair i dtáirgí, bia agus beatha cóireáilte nó ar tháirgí, bia agus beatha cóireáilte

 

EFSA Reporting data on pesticide residues in food and feed according to Regulation (EC) No 396/2005 (2018 data collection) (EFSA Journal 2019;17(4):5655)

10.

Éifeachtaí ar orgánaigh nach spriocorgánaigh iad

Modhanna tástála a luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún le haghaidh chur chun feidhme Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013, nó sa Teachtaireacht is ábhartha do chur chun feidhme Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún, féadfar iad a úsáid mar bhunús agus féadfar iad a athoiriúnú. Ní mór údar a thabhairt le hinfheidhmeacht na modhanna a roghnaíodh, nó le hoiriúnuithe na modhanna sin, i bhfianaise shonraíochtaí an cháis agus féadfar an tsubstaint a phlé ag cruinnithe réamhaighneachta.

 

10.

Éifeachtaí ar orgánaigh nach spriocorgánaigh iad

 

EU Guidance document on the risk assessment of metabolites produced by microorganisms used as plant protection active substances (SANCO/2020/12258)

10.

Éifeachtaí ar orgánaigh nach spriocorgánaigh iad

 

OECD Guidance to the environmental safety evaluation of microbial biocontrol agents, Series on Pesticides No. 67 (ENV/JM/MONO(2012)1)


(1)  Rialachán (AE) 2022/1440 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le cur isteach maidir le táirgí cosanta plandaí agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí a bhfuil miocrorgánaigh iontu (IO L 227, 1.9.2022, lch. 38).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1).

(3)  Airteagal 32a de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(4)  IO L 276, 20.10.2010, lch. 33.

(5)  IO L 93, 3.4.2013, lch. 1.

(6)  Le fáil ag https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/

(7)  Cé is moite de na modhanna a bhfuil tuairisc orthu i Rialachán (CE) Uimh. 440/2008, is i mBéarla amháin atá formhór na modhanna tástála a luaitear ar fáil (tá roinnt acu ar fáil i bhFraincis freisin). Faisnéis mhionsonraithe maidir leis na modhanna tástála:

Comharchomhairle Idirnáisiúnta Anailíseach Lotnaidicídí (CIPAC) http://www.cipac.org/

An Cumann Meiriceánach um Thástálacha agus um Ábhairhttp://www.astm.org/Standard/index.shtml

An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) http://www.iso.org/iso/home/store/catalogue_ics.htm

ECFE http://www.oecd.org/env/chemicalsafetyandbiosafety/testingofchemicals/

EEMCP http://www.eppo.int/STANDARDS/standards.htm

(8)  Formhór na dtreoirdhoiciméad a luaitear, is i mBéarla amháin atá siad ar fáil. Faisnéis mhionsonraithe maidir leis na treoirdhoiciméid:

An Coimisiún Eorpach: https://food.ec.europa.eu/plants/pesticides/approval-active-substances/guidelines-active-substances-and-plant-protection-products_en

ECFE http://www.oecd.org/env/chemicalsafetyandbiosafety/testingofchemicals/

EEMCP: http://www.eppo.int/STANDARDS/standards.htm

An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA): http://echa.europa.eu/support/guidance-on-reach-and-clp-implementation

ÚESB: http://www.efsa.europa.eu/en/publications.htm

An Fóram le haghaidh Chomhordú na Samhlacha Cinniúna Lotnaidicídí agus a nÚsáide: https://esdac.jrc.ec.europa.eu/projects/focus-dg-sante

(9)  https://gd.eppo.int/

(10)  Ná cuir san áireamh ach na húsáidí sin amháin a mheastar a bheith ábhartha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus ná cuir san áireamh na húsáidí sin atá in EEMCP PP 1/248 a thagraíonn d’éilimh bhithspreagthacha mar a shainítear faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 2019/1009 agus faoi na sonraíochtaí teicniúla CEN/TS 17724, CEN/TS 17700-1, CEN/TS 17700-2, CEN/TS 17700-3, CEN/TS 17700-4, CEN/TS 17700-5, fiú amháin má shainítear na bithspreagthaigh sin mar rialaitheoirí fáis plandaí in EEMCP PP1/248.

(11)  Tá caighdeáin EEMCP le fáil ag http://pp1.eppo.org/ - Le Caighdeáin EEMCP na sraithe PP1, tugtar tuairisc maidir leis an gcaoi le meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht táirgí cosanta plandaí. Tá Caighdeáin Ghinearálta agus Caighdeáin Shonracha sa tsraith. Ba cheart Caighdeáin Shonracha a úsáid in éineacht le Caighdeáin Ghinearálta ábhartha agus a mhalairt.

(12)  https://pp1.eppo.int/standards/general

(13)  http://www.fao.org/pesticide-registration-toolkit/registration-tools/assessment-methods/method-detail/en/c/1187029/


9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/14


Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le substaintí gníomhacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 202/03)

Rinneadh an treoraíocht seo a fhorbairt i gcomhairle leis na Ballstáit. Ní bheartaítear léi aon éifeachtaí a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí de a bheith aici agus, de réir a cineáil, ní féidir dochar a dhéanamh d’aon bheart a dhéanann Ballstát i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ná d'aon chásdlí a fhorbraítear a mhéid a bhaineann leis an bhforáil sin. Is í an Chúirt Bhreithiúnais amháin a chumhachtaítear dlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm.

Comhlíonann an Teachtaireacht seo ón gCoimisiún Pointe 6 den Réamhrá don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 283/2013 lena bhforáiltear, chun críoch faisnéise agus comhchuibhithe, nach mór an liosta de na modhanna tástála agus na treoirdhoiciméid is ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is é an liosta thíos an liosta sin le haghaidh Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 283/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1439 ón gCoimisiún (1) , agus tabharfar cothrom le dáta é go tráthrialta.

I gcás ina gceanglaítear le forálacha Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 go nginfear sonraí bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013, liostaítear na modhanna tástála agus an treoir ábhartha sa Teachtaireacht ón gCoimisiún is ábhartha do chur chun feidhme Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 (i.e. maidir le substaintí gníomhacha ceimiceacha).

Nuair a liostaítear doiciméad le haghaidh coda, ciallaíonn sé sin go bhfuil sé ábhartha do na fochodanna uile. I gcás nach liostaítear aon doiciméad le haghaidh coda, níl aon mhodh tástála comhaontaithe ná treoirdhoiciméad comhaontaithe ar fáil faoi láthair. Sna cásanna sin, ba cheart d’iarratasóirí féideartha tograí a phlé le linn an chruinnithe réamhaighneachta leis an mBallstát is rapóirtéir agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (ÚESB), e.g. tograí atá bunaithe ar dhréachtmhodhanna tástála.

Modhanna tástála

Ní liostaítear ach modhanna tástála atá bailíochtaithe (i.e. a ndearna an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) nó eagraíochtaí idirnáisiúnta choibhéise tástáil fáinne orthu). Modhanna tástála a bhfuil tuairisc orthu i bhfoilseacháin eolaíocha amháin, níor cuireadh san áireamh iad.

Ba cheart liostú modha tástála a mheas mar thagairt don leagan den mhodh tástála sin is mó atá cothrom le dáta atá ar fáil an tráth a chuirfear tús leis an staidéar.

I gcás substaintí gníomhacha ar miocrorgánaigh iad, d’fhéadfadh go mbeadh gá le prótacail tástála ad hoc chun aghaidh a thabhairt ar roinnt ceanglais sonraí. Le linn na tréimhse réamhaighneachta (2), féadfaidh iarratasóirí, an Ballstát is rapóirtéir, agus ÚESB an cineál seo prótacal ad hoc a phlé, go háirithe i gcás inar féidir prótacail tástála a liostaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún is ábhartha do chur chun feidhme Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 a úsáid mar ionadaigh nó cé acu is féidir iad a oiriúnú le bheith níos oiriúnaí do shubstaintí gníomhacha ar miocrorgánach iad nó nach féidir.

D’fhonn tástáil ar ainmhithe veirteabracha a íoslaghdú, ba cheart na tástálacha a rinneadh cheana a mheas mar chuid den mheasúnú riosca dá bhforáiltear in Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Mar sin féin, le linn an chruinnithe réamhaighneachta, féadfaidh iarratasóirí, an Ballstát is rapóirtéir agus ÚESB a mheas an gá tástáil nua a dhéanamh bunaithe ar mhodhanna tástála níos nuaí, má bhíonn údar eolaíoch leis.

Sna cásanna uile, i gcomhréir le Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (3), Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (Aithrisí 11 agus 40, Airteagail 8.1(d), 18(b), 33.3(c) agus 62.1) agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún (4), ní mór tástáil neamhriachtanach ar ainmhithe a sheachaint. Go sonrach, le hAirteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, foráiltear nach ndéanfar tástáil ar ainmhithe veirteabracha chun formheas a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha le haghaidh táirgí cosanta plandaí ach amháin i gcás nach bhfuil aon mhodh eile ar fáil. Áirítear ar na modhanna malartacha tástáil in-vitro, modhanna in-silico nó cuir chuige eile amhail léamh-trasna, mar a shainítear, mar shampla, i dTuarascáil Stádais an Lárionaid Eorpaigh um Bailíochtú Modhanna Malartacha ó Shaotharlann Tagartha an Aontais maidir le modhanna agus cuir chuige mhalartacha a fhorbairt, a bhailíochtú agus glacadh leo go rialaitheach agus i dTuarascáil Stádais an Lárionaid Eorpaigh um Bailíochtú Modhanna Malartacha ó Shaotharlann Tagartha an Aontais maidir le modhanna neamhainmhithe san eolaíocht agus i rialáil (5). Thairis sin, infhaighteacht na dtreoirdhoiciméad maidir le tástáil neamhainmhithe agus prótacail an staidéir ar in–vitro atá bailíochtaithe agus iontaofa, ba cheart é sin a mheas mar bhonn eolaíoch bailí nuair a mheastar pointe 1.5 den Réamhrá don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013.

Má tá roinnt modhanna tástála ar fáil chun ceanglas sonraí a chomhlíonadh, luaitear tosaíocht in ord na modhanna tástála a liostaítear i gcás ina bhfuil gá le tástáil nua. Leis an ord, tugtar tosaíocht do mhodhanna nach bhfuil gá le hainmhithe tástála ina leith nó a bhfuil gá le níos lú ainmhithe tástála ina leith agus/nó i gcás nach bhfuil fulaingt na n-ainmhithe tástála chomh dian sin i gceist le modh ar leith. Mar sin féin, le linn an chruinnithe réamhaighneachta, ar chomhairle ÚESB agus an Bhallstáit is rapóirtéir, is féidir an t-ord tosaíochta a athrú nuair a bheidh údar eolaíoch ann (e.g. de bharr teorainneacha an réimse infheidhmeachta i gcás roinnt modhanna) chun cáilíocht eolaíoch an mheasúnaithe a áirithiú.

Doiciméid treorach

Bíonn doiciméid treorach incháilithe le bheith liostaithe nuair a bhaineann an méid seo a leanas leo:

d’fhormhuinigh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha iad roimh fhoilsiú na Teachtaireachta seo,

forbraíodh iad faoi choimirce comhlachta oifigiúil (e.g. ÚESB, an Coimisiún, údaráis náisiúnta) a bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar réimse áirithe measúnaithe riosca nó saincheisteanna nós imeachta, agus rinneadh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha, nó

d’fhormhuinigh eagraíocht idir-rialtasach iad (amhail ECFE, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) nó an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (EEMCP)) i gcás ina nglacann na Ballstáit páirt sa phróiseas formhuinithe.

Measadh na cineálacha treoirdhoiciméad seo a leanas lena liostú:

Treoirdhoiciméid theicniúla, lena n-áirítear treoirdhoiciméid de chineál cothrománach atá ábhartha do roinnt ranna de na ceanglais sonraí nó do ranna uile na gceanglas sonraí, lena n-áirítear cur chun feidhme phointe 1.5 den Réamhrá don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013;

Treoirdhoiciméid riaracháin/nós imeachta má tá siad ábhartha do chur chun feidhme na gceanglas sonraí;

Samhlacha nó uirlisí ríomha, má tá siad ábhartha do na ceanglais sonraí agus más féidir iad a nascadh le treoirdhoiciméad nó más tacaíocht iad do threoirdhoiciméad;

Tuairimí eolaíocha ó Phainéil ÚESB agus treoirdhoiciméid ón gCoiste Stiúrtha idirchriosach is ábhartha do na Ballstáit uile, liostaíodh iad tar éis iad a mheas ar bhonn cás ar chás, má tá siad ábhartha do chur chun feidhme ceanglas sonraí sonrach.

Doiciméid amhail treoirdhoiciméid chriosacha, ráitis ó ÚESB, foilseacháin a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu, tuarascálacha teicniúla, tuarascálacha eolaíocha, straitéisí, ní áirítear iad sa liosta thíos go hiondúil, cé is moite de chuid acu a cuireadh faoi réir comhairliúchán poiblí.

Ba cheart liostú treoirdhoiciméid a mheas mar thagairt don leagan den treoirdhoiciméad sin is mó atá cothrom le dáta atá ar fáil an tráth a chuirfear tús leis an staidéar.

A mhéid a bhaineann le caighdeáin EEMCP maidir leis an meastóireacht ar éifeachtúlacht táirgí cosanta plandaí, luaitear na caighdeáin is ábhartha sa liosta thíos. Mar sin féin, ní mór a mheas gur liosta é nach bhfuil uileghabhálach ós rud é go dtugtar bunachar sonraí domhanda EEMCP cothrom le dáta go tráthrialta agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le caighdeáin eile ar chur chuige cás ar chás. Dá réir sin, áirítear bunachar sonraí domhanda EEMCP sa tábla thíos freisin.

Tagairt do Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013

Modhanna tástála (6)

Doiciméid treorach (7)

Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta

 

EFSA Guidance on submission of scientific peer-reviewed open literature for the approval of pesticide active substances under Regulation (EC) No 1107/2009 (EFSA Journal 2011;9(2):2092)

Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta

 

EFSA Guidance on the use of the weight of evidence approach in scientific assessments (EFSA Journal 2017;15(8):4971)

Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta

 

EU Guidance document on the assessment of new isolates of baculovirus species already included in Annex I of Council Directive 91/414/EEC (SANCO/0253/2008)

Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta

 

EFSA Statement on the requirements for whole genome sequence analysis of microorganisms intentionally used in the food chain (EFSA Journal 2021;19(7):6506)

Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta

 

OECD Guidance Document on Good In Vitro Method Practices (GIVIMP)

Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta

 

OECD Guidance Document for the Regulatory Framework for the Microorganism Group: Bacteriophages

Series on Pesticides No. 108

1.

Céannacht an iarratasóra, céannacht na substainte gníomhaí agus an fhaisnéis faoin monarú

 

EU Guidance Document for the assessment of the equivalence of technical grade active ingredients for identical microbial strains or isolates approved under Regulation (EC) No 1107/2009 (SANCO/12823/2012)

1.4.2.2.

Céannacht agus cion miocrorgánach éillitheach ábhartha

 

OECD Issue Paper on Microbial Contaminants Limits for Microbial Pest Control Products No. 65

2.7.

Cobhsaíocht ghéiniteach agus tosca a ndéanann difear di

 

EFSA Statement on the requirements for whole genome sequence analysis of microorganisms intentionally used in the food chain (EFSA Journal 2021;19(7):6506)

2.8

Faisnéis faoi mheitibilítí arb údar imní iad

 

EU Guidance document on the risk assessment of metabolites produced by microorganisms used as plant protection active substances (SANCO/2020/12258)

2.8

Faisnéis faoi mheitibilítí arb údar imní iad

 

EFSA Statement on the requirements for whole genome sequence analysis of microorganisms intentionally used in the food chain (EFSA Journal 2021;19(7):6506)

2.9.

Géinte frithsheasmhachta frithmhiocrobaí a bheith ann

 

EU Guidance document on the approval and low-risk criteria linked to ‘antimicrobial resistance’ applicable to microorganisms used for plant protection in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 (SANTE/2020/12260)

3.1

Feidhm agus spriocorgánach

 

EPPO PP1/248 Harmonized classification and coding of the uses of plant protection products (8)

3.3.

Barra nó táirgí cosanta nó cóireáilte

 

EPPO Global database (9)

3.3.

Barra nó táirgí cosanta nó cóireáilte

 

EPPO PP1/248 Harmonized classification and coding of the uses of plant protection product (10)

3.4.

Faisnéis faoin bhfrithsheasmhacht a d’fhéadfadh forbairt sa spriocorgánach/sna spriocorgánaigh

 

EPPO PP1/213: Anailís riosca frithsheasmhaí

3.5

Sonraí ón litríocht

 

EFSA Guidance on submission of scientific peer-reviewed open literature for the approval of pesticide active substances under Regulation (EC) No 1107/2009 (EFSA Journal 2011;9(2):2092 - including appendix (11))

4.1.

Modhanna maidir le hanailís ar an oibreán miocróbach um shrianadh lotnaidí mar a mhonaraítear é

 

EU Guidance document: Technical Active Substance and Plant protection products: Guidance for generating and reporting methods of analysis in support of pre- and post-registration data requirements for Annex (Section 4) of Regulation (EU) No 283/2013 and Annex (Section 5) of Regulation (EU) No 284/2013 (SANCO/3030/99)

4.1.

Modhanna maidir le hanailís ar an oibreán miocróbach um shrianadh lotnaidí mar a mhonaraítear é

 

OECD Issue Paper on Microbial Contaminants Limits for Microbial Pest Control Products No. 65

4.2.

Modhanna chun dlús an mhiocrorgánaigh a chinneadh agus iarmhair a chainníochtú

 

Residues Analytical Methods for Risk Assessment and Post-approval Control and Monitoring Purposes (SANTE/2020/12830) (12)

5.1.3.

Faisnéis faoin íogrú agus ailléirgineacht

US EPA OPPTS 885.3400 hypersensitivity Incidents

 

5.3.1.1.

Ionfhabhtaíocht agus pataigineacht ó bhéal

US EPA OPPTS 885.3050 Acute Oral Toxicity/ Pathogenicity

 

5.3.1.2.

Ionfhabhtaíocht agus pataigineacht iontraicéach/tríd an tsrón

US EPA OPPTS 885.3150 Acute pulmonary toxicity/ pathogenicity

 

5.3.1.3.

Teagmháil aonair infhéitheach, inpheireatóineach nó fo-chraicneach

US EPA OPPTS 885.3200 Microbial pesticide test guidelines. Tocsaineacht/pataigineacht ghéarinsteallta

 

5.3.2.

Staidéar ar shaothrán cille

US EPA OPPTS 885.3500 Cell culture

 

5.4.

Staidéir shonracha ionfhabhtaíochta agus pataigineachta ar an miocrorgánach

US EPA OPPTS 885.3600 Subchronic Toxicity/Pathogenicity

 

5.4.

Staidéir shonracha ionfhabhtaíochta agus pataigineachta ar an miocrorgánach

US EPA OPPTS 885.3650 Reproductive/fertility effects

 

5.5

Faisnéis agus staidéir thocsaineachta ar mheitibilítí

 

European Commission draft guidance document Guidance for the setting of an acute reference dose (ARfD) (7199/VI/99)

5.5

Faisnéis agus staidéir thocsaineachta ar mheitibilítí

 

ECHA Guidance on the application of the CLP criteria. Guidance to Regulation (EC) No 1272/2008 on classification, labelling and packaging (CLP) of substances and mixtures

5.5

Faisnéis agus staidéir thocsaineachta ar mheitibilítí

 

EFSA Guidance on the use of the Threshold of Toxicological Concern approach in food safety assessment (EFSA Journal 2019;17(6):5708)

5.5

Faisnéis agus staidéir thocsaineachta ar mheitibilítí

 

OECD Series on Testing and Assessment No. 124, Guidance for the Derivation of an Acute Reference Dose. (ENV/JM/MONO(2010)15)

6.1.

Meastachán ar theagmháil tomhaltóirí le hiarmhair

 

EFSA Guidance on the use of the Threshold of Toxicological Concern approach in food safety assessment (EFSA Journal 2019;17(6):5708)

7.1.1.

Dlús comhshaoil réamhthuartha an mhiocrorgánaigh

 

EFSA Guidance document on clustering and ranking of emissions of active substances of plant protection products and transformation products of these active substances from protected crops (greenhouses and crops grown under cover) to relevant environmental compartments, Section 2 (EFSA Journal 2014;12(3):3615)

7.1.1.1.

Ithir

 

EU Working document to the Environmental Safety Evaluation of Microbial Biocontrol Agents, section 3.1.2 (SANCO/12117/2012)

7.1.1.1.

Ithir

 

EFSA Guidance document for predicting environmental concentrations of active substances of plant protection products and transformation products of these active substances in soil, section 2.7 ‘Applicability of the tiered assessment scheme for microbial actives substances’ (EFSA Journal 2017;15(10):4982)

7.1.1.2.

Uisce

 

EU Working document to the Environmental Safety Evaluation of Microbial Biocontrol Agents, section 3.2.1 (SANCO/12117/2012)

7.2.1.

Tiúchan chomhshaoil réamhthuartha

 

Generic Guidance for Estimating Persistence and Degradation Kinetics from Environmental Fate Studies in Pesticides in EU Registration (based on –among others- Guidance Document on Estimating Persistence and Degradation Kinetics from Environmental Fate Studies on Pesticides in EU Registration - Final Report of the Work Group on Degradation Kinetics of FOCUS (Sanco/10058/2005); Guidance Document for evaluating laboratory and field dissipation studies to obtain DegT50 values of active substances of plant protection products and transformation products of these active substances in soil (SANCO/12117/2014))

7.2.1.

Tiúchan chomhshaoil réamhthuartha

 

Generic guidance for Tier 1 FOCUS Ground water assessments (based on –among others-the European Commission (2014) Assessing Potential for Movement of Active Substances and their Metabolites to Ground Water in the EU - Final Report of the Ground Water Work Group of FOCUS (Sanco/13144/2010); FOCUS (2000) ‘FOCUS groundwater scenarios in the EU review of active substances’ Report of the FOCUS Groundwater Scenarios Workgroup (Sanco/321/2000); Scientific Opinion of the Panel on Plant Protection Products and their Residues on a request from EFSA related to the default Q10 value used to describe the temperature effect on transformation rates of pesticides in soil.(doi: 10.2903/j.efsa.2008.622); Generic Guidance for Estimating Persistence and Degradation Kinetics from Environmental Fate Studies in Pesticides in EU Registration (including Guidance Document on Estimating Persistence and Degradation Kinetics from Environmental Fate Studies on Pesticides in EU Registration - Final Report of the Work Group on Degradation Kinetics of FOCUS (Sanco/10058/2005); Guidance Document for evaluating laboratory and field dissipation studies to obtain DegT50 values of active substances of plant protection products and transformation products of these active substances in soil (SANCO/12117/2014)); section 3.3.1 of European Food Safety Authority. Guidance Document for predicting environmental concentrations of active substances of plant protection products and transformation products of these active substances in soil (doi:10.2903/j.efsa.2017.4982); section 3.3 of Scientific report of EFSA on the ‘repair action’ of the FOCUS surface water scenarios (doi:10.2903/j.efsa.2020.6119))

8.

Staidéir éiceathocsaineolaíocha

D’fhéadfadh go mbeadh gá leis na modhanna ábhartha a léirítear faoin Roinn seo ar bhonn cás ar chás. Dá bhrí sin, ní mór údar a thabhairt le hinfheidhmeacht na modhanna a roghnaíodh, nó oiriúnuithe na modhanna sin, i bhfianaise shaintréithe bitheolaíocha agus éiceolaíocha na substainte gníomhaí a ndéanfar measúnú uirthi agus féadfar an tsubstaint a phlé ag cruinnithe réamhaighneachta.

 

8.

Staidéir éiceathocsaineolaíocha

 

EU Working document to the Environmental Safety Evaluation of Microbial Biocontrol Agents (SANCO/12117/2012)

8.

Staidéir éiceathocsaineolaíocha

 

US EPA 885.4000 (1996) Background for non-target organism testing of microbial pest control agents

8.

Staidéir éiceathocsaineolaíocha

 

Environment and Climate Change Canada (2016), guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS1/RM/44)

8.1.

Éifeachtaí ar veirteabraigh talún

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS1/RM/44), 14.1 Birds

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS1/RM/44), 14.1 Birds

8.1.

Éifeachtaí ar veirteabraigh talún

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 14.2 Small Mammals

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 14.2 Small Mammals

8.2.

Éifeachtaí ar orgánaigh uisceacha

 

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 11.1 Freshwater Fish

8.2.1.

Éifeachtaí ar éisc

OECD Test No. 203 (2019) Fish, Acute Toxicity Test

 

8.2.1.

Éifeachtaí ar éisc

OECD Test No. 210 (2013) Fish, Early-life Stage Toxicity Test

 

8.2.1.

Éifeachtaí ar éisc

US EPA OCSPP 885.4200 freshwater fish Tier I

 

8.2.1.

Éifeachtaí ar éisc

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 11.1 Freshwater Fish

 

8.2.2.

Éifeachtaí ar inveirteabraigh uisceacha

OECD Test No. 233 (2010) Sediment-Water Chironomid Life-Cycle Toxicity Test Using Spiked Water or Spiked Sediment

 

8.2.2.

Éifeachtaí ar inveirteabraigh uisceacha

US EPA OCSPP 885.4240 Freshwater invertebrate Tier I

 

8.2.2.

Éifeachtaí ar inveirteabraigh uisceacha

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 10.1 Freshwater Invertebrates

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 10.1 Freshwater Invertebrates

8.2.3.

Éifeachtaí ar algaí

OECD Test No. 201 (2011) Freshwater Alga and Cyanobacteria, Growth Inhibition Test

 

8.2.3.

Éifeachtaí ar algaí

US EPA OCSPP 885.4300 Non target plant studies Tier I

 

8.2.3.

Éifeachtaí ar algaí

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 9.1 Freshwater plants

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 9.1 Freshwater plants

8.2.4.

Éifeachtaí ar mhacraifítí uisceacha

OECD Test No. 221 (2006): Lemna sp. Growth Inhibition Test

 

8.2.4.

Éifeachtaí ar mhacraifítí uisceacha

OECD Test No. 239 (2014): Water-Sediment Myriophyllum Spicatum Toxicity Test

 

8.2.4.

Éifeachtaí ar mhacraifítí uisceacha

OECD Test No. 238 (2014): Sediment-Free Myriophyllum Spicatum Toxicity Test

 

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

OECD Test Guideline 213 Honeybees, Acute Oral Toxicity Test

 

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

OECD Test Guideline 214 Honeybees, Acute Contact Toxicity Test.

 

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

OECD Test Guideline 245 Honey Bee, Chronic Oral Toxicity Test

 

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

OECD guidance document 239 Honey Bee Larval Toxicity Test, Repeated Exposure

 

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

OECD guidance document 75: Honey Bee Brood Test Under Semi-Field Conditions

 

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

EPPO Bulletin (2019) 49 Oomen Bee Brood Feeding Test

 

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

EPPO Bulletin (2010) 40 Side-Effects On Honeybees

 

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

OECD Test No. 247 (2017) Bumblebee, Acute Oral Toxicity Test

 

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 13.2.1 Honey bees

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 13.2.1 Honey bees

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

US EPA OCSPP 885.4380 Honey bee Tier I

 

8.4.

Éifeachtaí ar artrapóidí nach spriocartrapóidí iad seachas beacha

US EPA OCSPP 885.4340 Non-target Insect Tier I

 

8.4.

Éifeachtaí ar artrapóidí nach spriocartrapóidí iad seachas beacha

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 13.3.1 Tests for Plant-Dwelling Invertebrates

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 13.3.1 Tests for Plant-Dwelling Invertebrates

8.5.

Éifeachtaí ar mhéisea-orgánaigh agus ar mhacra-orgánaigh nach spriocorgánaigh iad san ithir

OECD Test No. 222 (2016): Earthworm Reproduction Test (Eisenia fetida/Eisenia andrei)

 

8.5.

Éifeachtaí ar mhéisea-orgánaigh agus ar mhacra-orgánaigh nach spriocorgánaigh iad san ithir

OECD Test No. 232 (2016): Collembolan Reproduction Test in Soil

 

8.5.

Éifeachtaí ar mhéisea-orgánaigh agus ar mhacra-orgánaigh nach spriocorgánaigh iad san ithir

OECD Test No. 226 (2016): Predatory mite (Hypoaspis (Geolaelaps) aculeifer) reproduction test in soil

 

8.5.

Éifeachtaí ar mhéisea-orgánaigh agus ar mhacra-orgánaigh nach spriocorgánaigh iad san ithir

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 13.2.2 Springtails

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 13.2.2 Springtails

8.5.

Éifeachtaí ar mhéisea-orgánaigh agus ar mhacra-orgánaigh nach spriocorgánaigh iad san ithir

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 13.3.2 Earthworms

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 13.3.2 Earthworms

8.6.

Éifeachtaí ar phlandaí talún nach spriocphlandaí talún iad

OECD Test No. 227 (2006): Terrestrial Plant Test: Vegetative Vigour Test

 

8.6.

Éifeachtaí ar phlandaí talún nach spriocphlandaí talún iad

OECD Test No. 208 (2006): Terrestrial Plant Test: Seedling Emergence and Seedling Growth Test

 

8.6.

Éifeachtaí ar phlandaí talún nach spriocphlandaí talún iad

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 12.2 Terrestrial plants

Environment and Climate Change Canada (2016) Guidance document for testing the pathogenicity and toxicity of new microbial substances to aquatic and terrestrial organisms (EPS 1/RM/44), 12.2 Terrestrial plants


(1)  Rialachán (AE) 2022/1439 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 283/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach maidir le substaintí gníomhacha agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le miocrorgánaigh (IO L 227, 1.9.2022, lch. 8).

(2)  Airteagal 32a de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(3)  IO L 276, 20.10.2010, lch. 33.

(4)  IO L 93, 3.4.2013, lch. 1.

(5)  Le fáil ag https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/

(6)  Formhór na modhanna tástála a luaitear, is i mBéarla amháin atá siad ar fáil. Faisnéis mhionsonraithe maidir leis na modhanna tástála:

An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) http://www.iso.org/iso/home/store/catalogue_ics.htm

ECFE http://www.oecd.org/env/chemicalsafetyandbiosafety/testingofchemicals/

EEMCP http://www.eppo.int/STANDARDS/standards.htm

An Oifig um Chosc, Lotnaidicídí agus Substaintí Gníomhacha de Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Chaomhnú an Chomhshaoil https://www.epa.gov/

(7)  Formhór na dtreoirdhoiciméad a luaitear, is i mBéarla amháin atá siad ar fáil. Faisnéis mhionsonraithe maidir leis na treoirdhoiciméid:

An Coimisiún Eorpach: https://food.ec.europa.eu/plants/pesticides/approval-active-substances/guidelines-active-substances-and-plant-protection-products_en

ECFE http://www.oecd.org/env/chemicalsafetyandbiosafety/testingofchemicals/

EEMCP: http://www.eppo.int/STANDARDS/standards.htm

An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA): http://echa.europa.eu/support/guidance-on-reach-and-clp-implementation

ÚESB: http://www.efsa.europa.eu/en/publications.htm

(8)  Ná cuir san áireamh ach na húsáidí sin amháin a mheastar a bheith ábhartha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus ná cuir san áireamh na húsáidí sin atá in EEMCP PP 1/248 a thagraíonn d’éilimh bhithspreagthacha mar a shainítear faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 2019/1009 agus faoi na sonraíochtaí teicniúla CEN/TS 17724, CEN/TS 17700-1, CEN/TS 17700-2, CEN/TS 17700-3, CEN/TS 17700-4, CEN/TS 17700-5, fiú amháin má shainítear na bithspreagthaigh sin mar rialaitheoirí fáis plandaí in EEMCP PP 1/248.

(9)  https://gd.eppo.int/

(10)  Ná cuir san áireamh ach na húsáidí sin amháin a mheastar a bheith ábhartha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus ná cuir san áireamh na húsáidí sin atá in EEMCP PP 1/248 a thagraíonn d’éilimh bhithspreagthacha mar a shainítear faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 2019/1009 agus na sonraíochtaí teicniúla CEN/TS 17724, CEN/TS 17700-1, CEN/TS 17700-2, CEN/TS 17700-3, CEN/TS 17700-4, CEN/TS 17700-5, fiú amháin má shainítear iad mar rialaitheoirí fáis plandaí in EEMCP PP1/248.

(11)  https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/action/downloadSupplement?doi=10.2903/j.efsa.2011.2092&file=efs22092-sup-0001-Appendix.pdf

(12)  más ábhartha i gcás iarmhair meitibilítí ar ábhar imní iad.


9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/25


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Fógra chuig na páirtithe leasmhara maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus rialacha AE i réimse na státchabhrach

(2023/C 202/04)

An 1 Feabhra 2020, tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina ‘tríú tír’ feasta (1). Tá foráil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar (2) maidir le hidirthréimhse ar tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020. Tá foráil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar freisin, i gcásanna áirithe, maidir le forálacha idirscartha ag deireadh na hidirthréimhse.

Meabhraítear do na páirtithe leasmhara uile an staid dhlíthiúil is infheidhme ó dheireadh na hidirthréimhse (Cuid A thíos). Mínítear san fhógra seo freisin na rialacha is infheidhme i leith Thuaisceart Éireann ó dheireadh na hidirthréimhse (Cuid B thíos).

A.   Staid dhlíthiúil ó dheireadh na hidirthréimhse

1.   Nósanna imeachta Státchabhrach

Ag deireadh na hidirthréimhse, scoir rialú Státchabhrach an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir le haon státchabhair a dheonaigh an Ríocht Aontaithe ón dáta sin, ach amháin má dhéanann sé difear don trádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas Eorpach atá faoi réir an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (an ‘Prótacal’) (3) / Creat Windsor (4) . Dá bhrí sin, níl sé de chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach, lasmuigh d’fhorálacha sonracha Chreat Windsor (féach thíos), bearta a d’fhéadfadh a bheith ina Státchabhair arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe tar éis an dáta sin, níl sé de chumhacht aige iad a imscrúdú ná cinntí a dhéanamh ina dtaobh a thuilleadh. Dá thoradh sin, ní féidir le páirtithe leasmhara gearáin fhoirmiúla a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach faoi na bearta sin a thuilleadh.

Maidir le Státchabhair arna deonú ag an Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

De bhun Airteagal 92(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, leanfaidh an Coimisiún Eorpach de bheith inniúil chun leanúint ar aghaidh le haon nós imeachta atá ar siúl (5) maidir le Státchabhair arna deonú ag an Ríocht Aontaithe.

De bhun Airteagal 93(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, leanfaidh an Coimisiún Eorpach de bheith inniúil freisin chun imeachtaí riaracháin nua a thionscnamh maidir le Státchabhair arna deonú ag an Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse, má chuirtear tús leis na himeachtaí sin laistigh de 4 bliana ó dheireadh na hidirthréimhse.

De bhun Airteagal 95(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá cinntí an Choimisiúin Eorpaigh ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe ar an Ríocht Aontaithe sna cásanna sin.

Thairis sin, coinníonn an Coimisiún Eorpach an ceart chun caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le neamhchomhlíonadh na gcinntí sin ar feadh tréimhse 4 bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse nó dáta an chinnidh lena mbaineann, cibé acu is déanaí (6). Tá breithiúnais na Cúirte maidir leis na hábhair sin ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe ar an Ríocht Aontaithe i gcónaí.

Dá thoradh sin, is féidir le páirtithe leasmhara leanúint den Choimisiún Eorpach a chur ar an eolas – trí ghearáin fhoirmiúla nó ar shlí eile – faoi aon Státchabhair a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a dheonaigh an Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse. Áirítear leis sin cásanna nach ndéantar an chabhair sin a íoc amach nó a eisíoc ar shlí eile ach ag céim níos déanaí, ar choinníoll gur tugadh an ceart dlíthiúil don tairbhí an chabhair a fháil roimh dheireadh na hidirthréimhse.

2.   Forálacha substainteacha Státchabhrach

Go heisceachtúil, tagraíonn critéir chomhoiriúnachta áirithe a leagtar amach i dtreoirlínte Státchabhrach an Choimisiúin Eorpaigh do chomhar idir Ballstáit an Aontais agus/nó gné áirithe den Aontas nó LEE (7). Ó dheireadh na hidirthréimhse, níl an Ríocht Aontaithe le cur san áireamh a thuilleadh maidir leis na critéir sin, agus ní mór do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar an méid sin i gcás aon chabhair nua a dheonaítear faoi na forálacha ábhartha.

B.   na rialacha is infheidhme i leith Thuaisceart Éireann

1.   Cur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair faoi Airteagal 10 de Chreat Windsor

Ó dheireadh na hidirthréimhse, tá feidhm ag an bPrótacal, ar a dtugtar Creat Windsor feasta (8). Tá Creat Windsor faoi réir thoiliú tréimhsiúil Thionól Reachtach Thuaisceart Éireann, 4 bliana ar an iomlán tar éis dheireadh na hidirthréimhse atá i dtréimhse thosaigh an chur i bhfeidhm (9).

Foráiltear in Airteagal 10(1) de Chreat Windsor maidir leis ‘na forálacha i ndlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an bPrótacal seo, go mbeidh feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear maidir le bearta lena dtacaítear le táirgeadh táirgí talmhaíochta i dTuaisceart Éireann agus le trádáil sa chéanna, i ndáil le bearta lena ndéantar difear don trádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas atá faoi réir an Phrótacail seo’.

Ciallaíonn sé sin go leanfaidh rialacha Státchabhrach an Aontais d’fheidhm a bheith acu maidir le Ballstáit an Aontais, agus maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le cabhair a bhfuil tionchar aici ar an trádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas Eorpach atá faoi réir Chreat Windsor. Leanann sé d’fhorálacha eile Chreat Windsor, agus go háirithe Airteagail 5 agus 9 de, go bhfuil trádáil in earraí agus i leictreachas mórdhíola faoi réir Chreat Windsor (10).

Maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta agus iascaigh i dTuaisceart Éireann, foráiltear le hAirteagal 10(2) de Chreat Windsor do dhíolúine ó chur i bhfeidhm dhlí an Aontais suas le huasleibhéal bliantúil foriomlán tacaíochta arna chinneadh, ar choinníoll go gcomhlíonann céatadán íosta arna chinneadh den tacaíocht dhíolmhaithe sin forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht. Chinn an Comhchoiste (an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe) an uasleibhéal agus an céatadán íosta sin le Cinneadh Uimh. 05/2020 an 17 Nollaig 2020 (11). Gach beart a dhéantar chun tacú le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta agus iascaigh i dTuaisceart Éireann nach dtagann faoi raon feidhme na díolúine agus a bhfuil tionchar acu ar an trádáil ábhartha idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas, tagann siad faoi raon feidhme Airteagal 10(1) de Chreat Windsor.

Tá an Coimisiún Eorpach agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Chúirt Ghinearálta (‘Cúirteanna an Aontais’) fós inniúil a mhéid a bhaineann le cabhair den sórt sin a thagann faoi raon feidhme Airteagal 10(1) de Chreat Windsor (12).

An 17 Nollaig 2020, d’eisigh an tAontas dearbhú aontaobhach sa Chomhchoiste atá i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Sonraítear an méid seo a leanas sa dearbhú: ‘Agus Airteagal 107 CFAE á chur i bhfeidhm aige maidir le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Phrótacal, tabharfaidh an Coimisiún Eorpach aird chuí ar áit lárnach Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe. Cuireann an tAontas Eorpach i bhfios go láidir, i gcás ar bith, i gcás éifeacht atá faoi réir an Phrótacail seo ar thrádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas, nach féidir leis a bheith hipitéiseach, toimhdithe, nó gan nasc fírinneach díreach le Tuaisceart Éireann. Ní mór a shuí cén fáth a bhféadfadh tionchar den sórt sin a bheith ag an mbeart ar thrádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas, bunaithe ar fhíoréifeachtaí intuartha an bhirt.

Soiléirítear leis an dearbhú seo cur i bhfeidhm Airteagal 10(1) den Phrótacal, ar a dtugtar Creat Windsor anois. Mar sin féin, tá sé gan dochar do léirmhíniú an choincheapa ‘éifeacht ar thrádáil’ ag Cúirteanna an Aontais.

Rinneadh na coinníollacha faoina mbeidh fíornasc díreach le Tuaisceart Éireann ann, bunaithe ar fhíoréifeachtaí intuartha an bhirt, a mhíniú tuilleadh i nDearbhú Comhpháirteach ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe i gComhchoiste an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar an 24 Márta 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10(1) de Chreat Windsor mar a leanas:

An Dearbhú Comhpháirteach seo maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10(1) de Chreat Windsor, cuireann sé le Dearbhú Aontaobhach an Aontais, lena ndearbhaítear áit Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, agus lena n-áirithítear, an tráth céanna, go gcosnófar margadh inmheánach an Aontais. Soiléirítear ann na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10(1) de Chreat Windsor ina leagtar amach na himthosca ar leith inar dócha go gcuirfear ar úsáid é aon uair a dheonaítear fóirdheontais sa Ríocht Aontaithe, agus is féidir é a úsáid chun an fhoráil sin a léirmhíniú.

Chun go measfar go bhfuil nasc dílis díreach ag beart le Tuaisceart Éireann agus, dá bhrí sin, go mbeadh tionchar aige ar an trádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas atá faoi réir Chreat Windsor, ní mór fíoréifeachtaí intuartha a bheith ag an mbeart sin ar an trádáil sin. Ba cheart na fíoréifeachtaí intuartha ábhartha a bheith ann go fíor, agus gan iad a bheith ina n-éifeachtaí hipitéiseacha nó toimhdithe.

I dtaca le bearta a dheonaítear d’aon tairbhí atá lonnaithe sa Bhreatain Mhór, féadfar méid an ghnóthais, méid an fhóirdheontais, agus láithreacht mhargaidh an ghnóthais sa mhargadh ábhartha i dTuaisceart Éireann a bheith san áireamh sna tosca a bhaineann le hábharthacht. Cé nach leor, ann féin, earraí a chur ar mhargadh Thuaisceart Éireann chun fíornasc díreach a léiriú lena gcuirtear Airteagal 10(1) de Chreat Windsor ar obair, is dóchúla go mbeidh éifeachtaí ábhartha ag bearta a dheonaítear do thairbhithe atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann.

Maidir le bearta a dheonaítear d’aon tairbhí atá lonnaithe sa Bhreatain Mhór a bhfuil éifeacht ábhartha acu, ní mór a léiriú freisin go gcuirfí tairbhe eacnamaíoch an fhóirdheontais ar aghaidh go hiomlán nó go páirteach chuig gnóthas i dTuaisceart Éireann, nó trí na hearraí ábhartha a chuirtear ar an margadh i dTuaisceart Éireann, mar shampla trí dhíol faoi phraghas an mhargaidh, chun go mbeadh fíornasc díreach ann lena gcuirfear Airteagal 10(1) de Chreat Windsor ar obair.’

Mar a dhearbhaítear leis an Dearbhú Comhpháirteach, tá feidhm ag Airteagal 10(1) de Chreat Windsor maidir le bearta a dhéanann difear don trádáil ábhartha idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas, gan beann ar thairbhí a bheith lonnaithe i dTuaisceart Éireann agus/nó a bheith páirteach é féin sa trádáil ábhartha.

Is faoin gCoimisiún Eorpach atá sé a shuí go bhfuil fíornasc díreach suntasach ag beart le Tuaisceart Éireann, bunaithe ar na fíoréifeachtaí intuartha a ghabhfadh leis, le go dtiocfaidh an beart faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Airteagal 10(1) de Chreat Windsor. I ndáil leis sin, cuirfidh an Coimisiún Eorpach na nithe seo a leanas san áireamh:

Is dóchúla go mbeidh fíornasc díreach ag bearta a dheonaítear do thairbhithe atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann le Tuaisceart Éireann agus, dá bhrí sin, go gcuirfear Airteagal 10(1) de Chreat Windsor i bhfeidhm mar gheall orthu.

I gcás bearta a dheonaítear do thairbhithe atá lonnaithe in áiteanna eile den Ríocht Aontaithe seachas i dTuaisceart Éireann, ní mór don Choimisiún Eorpach fíornasc díreach le Tuaisceart Éireann a léiriú bunaithe ar fhíoréifeachtaí intuartha an bhirt:

Chun fíoréifeachtaí intuartha den sórt sin ar an trádáil ábhartha idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas a léiriú, measann an Coimisiún Eorpach nach mór aon éifeacht a bheadh ag beart a bheith ábhartha go leor. Chun a mheas an amhlaidh an cás, déanfaidh an Coimisiún Eorpach tagairt do shraith táscairí, bunaithe go háirithe ar mhéid an ghnóthais, ar mhéid an fhóirdheontais, agus ar láithreacht mhargaidh an ghnóthais i dTuaisceart Éireann.

Ní mór don Choimisiún Eorpach a léiriú freisin go gcuirfí tairbhe eacnamaíoch an bhirt ar aghaidh go hiomlán nó i bpáirt chuig gnóthas i dTuaisceart Éireann, nó trí na hearraí ábhartha a chuirtear ar an margadh i dTuaisceart Éireann, mar shampla trí dhíol faoi bhun phraghas an mhargaidh. I ndáil leis sin, cuirfidh an Coimisiún Eorpach san áireamh freisin aon choinníoll nó gné den bheart atá ceaptha chun a sheachaint go gcuirfear tairbhe eacnamaíoch den sórt sin ar aghaidh.

I gcás bearta i bhfabhar soláthraithe seirbhíse, ní mór don Choimisiún Eorpach a shuí go gcuirtear buntáiste ar aghaidh chuig gnóthais atá i mbun na trádála ábhartha in earraí idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas. Ní bhíonn buntáiste indíreach den sórt sin ann de ghnáth ach amháin má tá an beart deartha ar bhealach a threoraíonn a éifeachtaí tánaisteacha i dtreo gnóthas nó grúpaí gnóthas inaitheanta (13).

Chun an méid thuas a shoiléiriú trí bhíthin samplaí:

Scéim fóirdheontais atá dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil do mhonaróirí earraí atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann, tiocfaidh sí de ghnáth faoi chur i bhfeidhm Airteagal 10(1) de Chreat Windsor, a mhéid a cháilíonn sé mar státchabhair.

Fóirdheontas de mhéid teoranta arna sholáthar d’fhiontar beag atá lonnaithe lasmuigh de Thuaisceart Éireann agus gan láithreacht shuntasach mhargaidh ar mhargadh Thuaisceart Éireann, de ghnáth, ní bheadh éifeachtaí aige atá ábhartha go leor chun fíornasc díreach le Tuaisceart Éireann a léiriú bunaithe ar fhíoréifeachtaí intuartha.

Maidir le fóirdheontais shubstaintiúla do mhonaróirí móra atá lonnaithe i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe seachas i dTuaisceart Éireann, measfaidh an Coimisiún Eorpach an bhfuil tionchar ábhartha ar thrádáil le Tuaisceart Éireann, bunaithe ar shraith paraiméadar, mar shampla láithreacht mhargaidh an tairbhí i dTuaisceart Éireann. Sa bhreis air sin, má tá fíorbhaol ann go bhféadfaí tairbhe eacnamaíoch a chur ar aghaidh chun difear a dhéanamh do mhargadh Thuaisceart Éireann, is dócha go measfaidh an Coimisiún Eorpach go mbeidh feidhm ag Airteagal 10(1) de Chreat Windsor. De ghnáth, ní thiocfadh an Coimisiún Eorpach ar an gconclúid sin dá ndearfaí an beart ar bhealach nach mbeadh fíorbhaol ann go bhféadfaí an tairbhe eacnamaíoch a chur ar aghaidh chun difear a dhéanamh do mhargadh Thuaisceart Éireann.

Scéim fóirdheontais chun costais oiliúna áirithe ar sholáthraithe seirbhíse a chumhdach, ní thiocfadh sí, de ghnáth, faoi chur i bhfeidhm Airteagal 10(1) de Chreat Windsor, toisc nach mbeadh sí ceaptha éifeachtaí tánaisteacha a dhíriú ar ghnóthais nó ar ghrúpaí gnóthas inaitheanta atá ag gabháil don trádáil ábhartha idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas. Mar sin féin, d’fhéadfadh buntáiste indíreach a bheith i gceist le haghaidh gnóthais atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann atá ag gabháil do thrádáil earraí idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas le scéim fóirdheontais atá dírithe ar dhreasachtaí airgeadais a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhíse (e.g. san earnáil airgeadais) atá ceaptha chun laghdú a dhéanamh ar chostas na seirbhísí do na gnóthais sin.

2.   Airteagal 5(6) de Chreat Windsor

Dleachtanna custaim arna dtobhach ag an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Chreat Windsor, ní íoctar leis an Aontas iad. Luaitear in Airteagal 5(6) de Chreat Windsor go bhféadfaidh an Ríocht Aontaithe, faoi imthosca áirithe, fiachas taraife a tharscaoileadh nó trádálaithe a aisíoc (14). Tá na bearta sin, a mhéid is státchabhair iad agus a dhéanann siad difear don trádáil ábhartha idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas, faoi réir fhorálacha Airteagal 10 de Chreat Windsor maidir le Státchabhair. Má iarrtar air measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na mbeart sin, cuirfidh an Coimisiún Eorpach na himthosca i dTuaisceart Éireann san áireamh de réir mar is iomchuí (15).

Níl sé i gceist leis na mínithe a thugtar anseo a bheith uileghabhálach. Is é is cuspóir dóibh treoir a thabhairt do chúirteanna agus d’údaráis deonaithe Bhallstáit an Aontais agus na Ríochta Aontaithe maidir le coincheap na héifeachta ar thrádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas a chur i bhfeidhm. Cuirtear an fógra seo in ionad an fhógra a tugadh roimhe seo do pháirtithe leasmhara a foilsíodh an 10 Feabhra 2021.

Tá faisnéis ghinearálta faoi reachtaíocht an Aontais maidir le Státchabhair ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair (https://competition-policy.ec.europa.eu/state-aid_en). Foilseofar tuilleadh faisnéise ar na leathanaigh ghréasáin sin más gá.


(1)  Is éard atá i dtríú tír tír nach bhfuil ina ball den Aontas Eorpach.

(2)  Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’).

(3)  Le tuilleadh sonraí a fháil faoi na forálacha Státchabhrach i gCreat Windsor, féach Cuid B den fhógra seo.

(4)  De bhun Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe i gComhchoiste an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar an 24 Márta 2023, lena léirítear na socruithe a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste, ba cheart ‘Creat Windsor’ a thabhairt feasta ar an bPrótacal, arna leasú leis an gCinneadh sin ón gComhchoiste,. Dá bhrí sin, i gcás inarb ábhartha sa chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, tagrófar don Phrótacal, arna leasú le Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste, i gcomhréir le ceanglais na deimhneachta dlíthiúla, mar ‘Chreat Windsor’. Ina theannta sin, féadtar tagairt don Phrótacal, arna leasú le Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste, mar ‘Chreat Windsor’ i ndlí intíre an Aontais agus na Ríochta Aontaithe.

(5)  Tagraíonn an téarma ‘nósanna imeachta atá ar siúl’ do nósanna imeachta ar leithdháileadh cásuimhir inmheánach orthu roimh dheireadh na hidirthréimhse (féach Airteagal 92(3)(a) den Chomhaontú um Tharraingt Siar).

(6)  Féach Airteagal 87(1) agus (2) faoi seach den Chomhaontú um Tharraingt Siar.

(7)  Mar shampla, foráiltear le hionstraimí áirithe do dhéine cabhrach mhéadaithe i gcás comhar trasteorann idir Ballstáit an Aontais agus/nó le Páirtithe Conarthacha in LEE.

(8)  Airteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.

(9)  Airteagal 18 de Chreat Windsor.

(10)  Le míniú mionsonraithe a fháil ar an trádáil atá cumhdaithe ag Creat Windsor, féach Airteagail 5 go 9. Chun críche an Fhógra seo, áireofar le tagairt d’earraí an margadh leictreachais, de réir mar is cuí.

(11)  Cinneadh Uimh. 5/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire Agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 17 Nollaig 2020 lena gcinntear an t-uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht agus an céatadán íosta tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 443, 30.12.2020, lch. 13).

(12)  Féach Airteagal 12(4) de Chreat Windsor.

(13)  Ar mhaithe le coincheap an bhuntáiste indírigh, déantar tagairt do phointí 115 agus 116 den Fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1).

(14)  Aisíocann an Ríocht Aontaithe dleachtanna ar earraí a tugadh isteach i dTuaisceart Éireann; tarscaoileadh fiach custaim (ag an Ríocht Aontaithe) i leith earraí a tugadh isteach i dTuaisceart Éireann; bunú coinníollacha (ag an Ríocht Aontaithe) faoina n-aisíoctar dleachtanna custaim ar earraí ‘a léirítear nár tháinig siad isteach san Aontas’; agus chun ‘gnóthais a chúiteamh chun fritháireamh a dhéanamh’ ar chur i bhfeidhm na bhforálacha sin (ag an Ríocht Aontaithe).

(15)  Airteagal 5(6) de Chreat Windsor.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/30


Rátaí malairte an euro (1)

8 Meitheamh 2023

(2023/C 202/05)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0737

JPY

yen na Seapáine

149,98

DKK

krone na Danmhairge

7,4498

GBP

punt steirling

0,86113

SEK

krona na Sualainne

11,6480

CHF

franc na hEilvéise

0,9751

ISK

króna na hÍoslainne

149,50

NOK

krone na hIorua

11,7580

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,625

HUF

forint na hUngáire

368,65

PLN

zloty na Polainne

4,4788

RON

leu na Rómáine

4,9530

TRY

lira na Tuirce

25,0875

AUD

dollar na hAstráile

1,6061

CAD

dollar Cheanada

1,4342

HKD

dollar Hong Cong

8,4126

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7696

SGD

dollar Shingeapór

1,4460

KRW

won na Cóiré Theas

1 399,86

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,3284

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,6541

IDR

rupiah na hIndinéise

15 979,46

MYR

ringgit na Malaeisia

4,9589

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,228

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,408

BRL

real na Brasaíle

5,2866

MXN

peso Mheicsiceo

18,6188

INR

rúipí na hIndia

88,6170


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/31


Fógra de bhun Airteagal 13 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa a bhaineann le leachtú agus foirceannadh Baltic International Bank SE [Institiúid creidmheasa Laitviach atá faoi leachtú] ina dhiaidh sin

(2023/C 202/06)

Cuireadh chun éileamh a thaisceadh. Teorainneacha ama atá le hurramú.

Le Cinneadh ón gCúirt Gnóthaí Eacnamaíocha dar dáta an 24 Márta 2023 sa chás sibhialta Uimh. C75010823, aithníodh Baltic International Bank SE, uimhir chláraithe 40003127883, mar an institiúid a bhí le leachtú, agus cuireadh tús le próiseas a leachtaithe. Formheasadh Olavs Cers, aturnae faoi mhionn, ina leachtaitheoir ar Baltic International Bank SE.

Ní mór éilimh creidiúnaithe agus éilimh daoine eile, chomh maith le héilimh eile i gcoinne Baltic International Bank SE atá á leachtú, a chur faoi bhráid an leachtaitheora go dtí an 30 Meitheamh 2023. Déanfar éilimh creidiúnaithe a chuirfear isteach i ndiaidh an spriocdháta sonraithe a mheas agus a chomhlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta arna bhunú le Mír 3, Roinn 139.3 de Dhlí na nInstitiúidí Creidmheasa.

Is é ionad oibre an leachtaitheora ar Baltic International Bank SE le linn an phróisis leachtaithe ná Rīga, Grēcinieku iela 6, LV-1050, teileafón +371 67000444 nó +371 67365865 (laethanta oibre idir 9:00 a.m. agus 5:00 p.m.). Seoladh ríomhphoist le haghaidh cumarsáide bib.likvidators@cersjurkans.lv.

Ní mór iarratas an chreidiúnaí a dhréachtú sa Laitvis. Ní mór aistriúchán a bhfuil nótaireacht air go Laitvis a cheangal má dhéantar é a dhréachtú i dteanga eile. Ní mór na doiciméid bhunaidh a bheith ag gabháil le hiarratas an chreidiúnaí nó, ar thíolacadh na bunleaganacha, cóipeanna a bhfuil nótaireacht orthu de na bundoiciméid a bheith ag gabháil leis, a chomhlíonann ceanglais Choinbhinsiún na Háige 1961 lena gcuirtear deireadh leis an gCeangal Fíoraithe i gcás Doiciméad Poiblí Coigríche.

Ní mór do na creidiúnaithe méid iomlán a n-éileamh a ríomh in airgeadra eachtrach san éileamh agus é a shonrú in euro i gcomhréir leis an ráta malairte eachtraí arna shocrú ag an mBanc Ceannais Eorpach amhail an 12 Nollaig 2022.

Is féidir éilimh ó chreidiúnaithe Baltic International Bank SE atá á leachtú agus doiciméid tacaíochta a chur isteach ach iad a sheoladh chuig leachtaitheoir Baltic International Bank SE atá á leachtú, Olavs Cers:

tú féin i Ríge, Strēlnieku iela 9-4, ar laethanta oibre idir 9:00 a.m. agus 5:00 p.m.;

trína sheoladh sa phost mar phost cláraithe chuig an seoladh Strēlnieku iela 9-4, Rīga, LV-1010, an Laitvia;

trí éileamh creidiúnaí, arna dhréachtú i gcomhréir le Dlí um Dhoiciméid Leictreonacha na Laitvia i bhfoirm doiciméid leictreonaigh atá sínithe le ríomhshíniú slán agus a bhfuil stampa ama air, a sheoladh chuig seoladh ríomhphoist an leachtaitheora: bib.likvidators@cersjurkans.lv.

Má cheanglaíonn an creidiúnaí doiciméid dhíorthacha le héileamh an chreidiúnaí, beidh sé de cheart ag an leachtaitheoir a éileamh go ndéanfaidh na doiciméid bhunaidh a thíolacadh, agus beidh sé d’oibleagáid ar an gcreidiúnaí iad a chur faoina bhráid. Tá sé de cheart ag an leachtaitheoir doiciméid eile nó a ndíorthaigh a iarraidh más gá sin chun cinneadh a dhéanamh maidir le héileamh an chreidiúnaí.

Is féidir teacht ar eolas mionsonraithe faoi na ceanglais maidir le héileamh creidiúnaí a chomhdú ar shuíomh gréasáin Baltic International Bank SE atá á leachtú: https://www.bib.eu/en/news/03/29/notification-commencement-liquidation-baltic-international-bank-se-filing-creditors-claims-claims


9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/32


Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh

(2023/C 202/07)

I gcomhréir le hAirteagal 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), rinneadh cinneadh an t-iascach a iamh mar a leagtar síos sa tábla seo a leanas:

Dáta agus am an iaimh

18.5.2023

Fad tréimhse

18.5.2023 – 31.12.2023

Ballstát

An Phortaingéil

Stoc nó Grúpa stoc

JAX/08C. (lena n-áirítear coinníoll speisialta JAX/*09.)

Speiceas

An bolmán (Trachurus spp.)

Limistéar

8c

Cineálacha soithí iascaireachta

Uimhir thagartha

01/TQ194


(1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.


9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/33


Nuashonrú ar an liosta de na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)

(2023/C 202/08)

An liosta de na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.

Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.

LIOSTA DE NA POINTÍ TRASNAITHE TEORANN

AN GHEARMÁIN

Le cur in ionad na faisnéise a foilsíodh in IO C 286, 27.7. 2022, lch. 33.

Calafoirt ar an Muir Thuaidh

(1)

Borkum

(2)

Brake

(3)

Brunsbüttel

(4)

Büsum

(5)

Bützflether Sand

(6)

Bremen

(7)

Bremerhaven

(8)

Cuxhaven

(9)

Eckwarderhörne

(10)

Elsfleth

(11)

Emden

(12)

Fedderwardersiel

(13)

Glückstadt

(14)

Hamburg

(15)

Hamburg-Neuenfelde

(16)

Helgoland

(17)

Horumersiel

(18)

Husum

(19)

Leer

(20)

Lemwerder

(21)

List/Sylt

(22)

Norddeich

(23)

Nordenham

(24)

Norderney

(25)

Papenburg

(26)

Stadersand

(27)

Wangerooge

(28)

Wedel

(29)

Wewelsfleth

(30)

Wilhelmshaven

Calafoirt Mhuir Bhailt

(1)

Eckernförde (saoráidí calafoirt Chabhlach Cónaidhme na Gearmáine)

(2)

Calafort Flensburg

(3)

Calafort Greifswald-Ladebow

(4)

Jägersberg (saoráidí calafoirt Chabhlach Cónaidhme na Gearmáine)

(5)

Kiel

(6)

Kiel (saoráidí calafoirt Chabhlach Cónaidhme na Gearmáine)

(7)

Kiel-Holtenau

(8)

Lubmin

(9)

Lübeck

(10)

Lübeck-Travemünde

(11)

Mukran

(12)

Neustadt

(13)

Puttgarden

(14)

Rendsburg

(15)

Calafort Rostock (cónascadh de chalafoirt Warnemünde agus Rostock, ar calafoirt thar lear iad)

(16)

Sassnitz

(17)

Stralsund

(18)

Surendorf (saoráidí calafoirt Chabhlach Cónaidhme na Gearmáine)

(19)

Vierow

(20)

Wismar

(21)

Wolgast

ODERHAFF

(1)

Ueckermünde

Aerfoirt, aeradróim, aerpháirceanna

I STÁT CÓNAIDHME BADEN WÜRTTEMBERG

(1)

Aalen-Heidenheim-Elchingen

(2)

Baden Aerfort Karlsruhe Baden-Baden

(3)

Donaueschingen-Villingen

(4)

Freiburg/Brg.

(5)

Friedrichshafen-Löwental

(6)

Heubach (Ceantar Schwäb. Gmünd)

(7)

Lahr

(8)

Laupheim

(9)

Leutkirch-Unterzeil

(10)

Cathair Mannheim

(11)

Mengen

(12)

Niederstetten

(13)

Schwäbisch Hall

(14)

Stuttgart

I STÁT CÓNAIDHME NA BAVÁIRE

(1)

Aschaffenburg

(2)

Augsburg-Mühlhausen

(3)

Bayreuth – Bindlacher Berg

(4)

Coburg-Brandebsteinsebene

(5)

Giebelstadt

(6)

Hof-Plauen

(7)

Ingolstadt

(8)

Landshut-Ellermühle

(9)

Lechfeld

(10)

Memmingerberg

(11)

München ‘Franz Joseph Strauß’

(12)

Neuburg

(13)

Nürnberg

(14)

Oberpfaffenhofen

(15)

Roth

(16)

Straubing-Wallmühle

I STÁT CÓNAIDHME BHEIRLÍN

(1)

Beirlín-Tegel

I STÁT CÓNAIDHME BRANDENBURG

(1)

Beirlín Brandenburg ‘Willy Brandt’

(2)

Schönhagen

I STÁT CÓNAIDHME BREMEN

(1)

Bremen

I STÁT CÓNAIDHME HAMBURG

(1)

Hamburg

I STÁT CÓNAIDHME HESSE

(1)

Allendorf/Eder

(2)

Egelsbach

(3)

Frankfurt/Main

(4)

Fritzlar

(5)

Kassel-Calden

(6)

Reichelsheim

I STÁT CÓNAIDHME MECKLENBURG-POMERANIA THIAR

(1)

Neubrandenburg-Trollenhagen

(2)

Rostock-Laage

I STÁT CÓNAIDHME NA SACSAINE ÍOCHTARAÍ

(1)

Borkum

(2)

Braunschweig-Waggum

(3)

Bückeburg-Achum

(4)

Celle

(5)

Damme/Dümmer-See

(6)

Diepholz

(7)

Emden

(8)

Fassberg

(9)

Ganderkesee

(10)

Hannover

(11)

Leer-Nüttermoor

(12)

Nordholz

(13)

Osnabrück-Atterheide

(14)

Wangerooge

(15)

Wilhelmshaven-Mariensiel

(16)

Wittmundhafen

(17)

Wunstorf

I STÁT CÓNAIDHME NA RÉINE THUAIDH-VIOSTFÁILE

(1)

Aachen-Merzbrück

(2)

Arnsberg

(3)

Bielefeld-Windelsbleiche

(4)

Bonn-Hardthöhe

(5)

Dortmund-Wickede

(6)

Düsseldorf

(7)

Essen-Mülheim

(8)

Bonn Hangelar

(9)

Köln/Bonn

(10)

Marl/Loemühle

(11)

Mönchengladbach

(12)

Münster-Osnabrück

(13)

Nörvenich

(14)

Paderborn-Lippstadt

(15)

Porta Westfalica

(16)

Rheine-Bentlage

(17)

Siegerland

(18)

Stadtlohn-Wenningfeld

(19)

Weeze-Lahrbruch

I STÁT CÓNAIDHME DHÚICHE NA RÉINE AGUS NA PALAITÍNEACHTA

(1)

Büchel

(2)

Föhren

(3)

Hahn

(4)

Koblenz-Winningen

(5)

Mainz-Finthen

(6)

Pirmasens-Pottschütthöhe

(7)

Ramstein (Aerbhunáit de chuid na Stát Aontaithe)

(8)

Speyer

(9)

Spangdahlem (Aerbhunáit de chuid na Stát Aontaithe)

(10)

Zweibrücken

I STÁT CÓNAIDHME NA SÁRLAINNE

(1)

Saarbrücken-Ensheim

(2)

Saarlouis/Düren

I STÁT CÓNAIDHME NA SACSAINE

(1)

Dresden

(2)

Leipzig-Halle

(3)

Rothenburg/Oberlausitz

I STÁT CÓNAIDHME NA SACSAINE-ANHALT

(1)

Cochstedt

(2)

Magdeburg

I STÁT CÓNAIDHME SCHLESWIG-HOLSTEIN

(1)

Helgoland-Düne

(2)

Hohn

(3)

Kiel-Holtenau

(4)

Lübeck-Blankensee

(5)

Schleswig/Jagel

(6)

Westerland/Sylt

I STÁT CÓNAIDHME THURINGIA

(1)

Altenburg-Nobitz

(2)

Erfurt-Weimar

AN SPÁINN

Le cur in ionad na faisnéise a foilsíodh in IO C 420, 22.11.2014, lch. 9.

Teorainneacha aeir

(1)

Albacete

(2)

Alicante

(3)

Almería

(4)

Asturias

(5)

Badajoz

(6)

Barcelona

(7)

Bilbao

(8)

Burgos

(9)

Castellón

(10)

Ciudad Real

(11)

Fuerteventura

(12)

Gerona

(13)

Gran Canaria

(14)

Granada

(15)

Huesca-Pirineos

(16)

Ibiza

(17)

Jerez de la Frontera

(18)

La Coruña

(19)

La Palma

(20)

Lanzarote

(21)

León

(22)

Lleida-Alguaire

(23)

Logroño-Agoncillo

(24)

Maidrid-Barajas

(25)

Málaga

(26)

Matacán (Salamanca)

(27)

Menorca

(28)

Murcia

(29)

Palma de Mallorca

(30)

Pamplona

(31)

Reus

(32)

San Sebastián

(33)

Santander

(34)

Santiago

(35)

Sevilla

(36)

Tenerife Thuaidh

(37)

Tenerife Theas

(38)

Teruel

(39)

Valencia

(40)

Valladolid

(41)

Vigo

(42)

Vitoria

(43)

Zaragoza

Teorainneacha farraige

(1)

Algeciras (Cádiz)

(2)

Alicante

(3)

Almería

(4)

Arrecife (Lanzarote)

(5)

Avilés (Asturias)

(6)

Barcelona

(7)

Bilbao

(8)

Cádiz

(9)

Cartagena (Murcia)

(10)

Castellón

(11)

Ceuta

(12)

Ferrol (La Coruña)

(13)

Gijón

(14)

Huelva

(15)

Ibiza

(16)

La Coruña

(17)

La Línea de la Concepción

(18)

La Luz (Las Palmas)

(19)

Mahón

(20)

Málaga

(21)

Melilla

(22)

Motril (Granada)

(23)

Palma de Mallorca

(24)

Puerto del Rosario (Fuerteventura)

(25)

Puerto de Santa Cruz de La Palma (La Palma)

(26)

Sagunto (Provincia de Valencia)

(27)

San Sebastian

(28)

Santa Cruz de Tenerife

(29)

Santander

(30)

Sevilla

(31)

Tarifa

(32)

Tarragona

(33)

Valencia

(34)

Vigo

Teorainneacha talún

(1)

Ceuta

(2)

Melilla

(3)

La Seo de Urgel

(4)

La Línea de la Concepción (*)

(*)

Ní fhreagraíonn an post custaim agus an seicphointe póilíneachta ag ‘La Linea de la Concepción’ d’imlíne na teorann mar atá sainaitheanta ag an Spáinn i gConradh Utrecht.

AN FHRAINC

Le cur in ionad na faisnéise a foilsíodh in IO C 229, 14.6. 2022, lch. 8.

Teorainneacha aeir

(1)

Ajaccio-Napoléon-Bonaparte

(2)

Albert-Bray

(3)

Angers-Marcé

(4)

Angoulême-Brie-Champniers

(5)

Annecy-Methet

(6)

Auxerre-Branches

(7)

Avignon-Caumont

(8)

Bâle-Mulhouse

(9)

Bastia-Poretta

(10)

Beauvais-Tillé

(11)

Bergerac-Dordonge-Périgord

(12)

Béziers-Vias

(13)

Biarritz-Pays Basque

(14)

Bordeaux-Mérignac

(15)

Brest-Bretagne

(16)

Brive-Souillac

(17)

Caen-Carpiquet

(18)

Calais-Dunkerque

(19)

Calvi-Sainte-Catherine

(20)

Cannes-Mandelieu

(21)

Carcassonne-Salvaza

(22)

Châlons-Vatry

(23)

Chambéry-Aix-les-Bains

(24)

Châteauroux-Déols

(25)

Cherbourg-Mauperthus

(26)

Clermont-Ferrand-Auvergne

(27)

Colmar-Houssen

(28)

Deauville-Normandie

(29)

Dijon-Longvic

(30)

Dinard-Pleurtuit-Saint-Malo

(31)

Dôle-Tavaux

(32)

Epinal-Mirecourt

(33)

Figari-Sud Corse

(34)

Grenoble-Alpes-Isère

(35)

Hyères-le Palivestre

(36)

Istres-Le-Tubé

(37)

La Môle-Saint-Tropez (Oscailt bhliantúil ón 1 Iúil go dtí an 15 Deireadh Fómhair)

(38)

La Rochelle-Ile de Ré

(39)

La Roche-sur-Yon

(40)

Laval-Entrammes

(41)

Le Castellet (Oscailt bhliantúil ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Iúil. Oscailte go heisceachtúil ón 22 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022)

(42)

Le Havre-Octeville

(43)

Le Mans-Arnage

(44)

Le Touquet-Côte ďOpale

(45)

Lille-Lesquin

(46)

Limoges-Bellegarde

(47)

Lorient-Lann-Bihoué

(48)

Lyon-Bron

(49)

Lyon-Saint-Exupéry

(50)

Marseille-Provence

(51)

Metz-Nancy-Lorraine

(52)

Monaco-Héliport

(53)

Montpellier-Méditérranée

(54)

Nantes-Atlantique

(55)

Nice-Côte d’Azur

(56)

Nîmes-Garons

(57)

Orléans-Bricy

(58)

Orléans-Saint-Denis-de-l’Hôtel

(59)

Paris-Charles de Gaulle

(60)

Paris-Issy-les-Moulineaux

(61)

Paris-le Bourget

(62)

Paris-Orly

(63)

Pau-Pyrénées

(64)

Perpignan-Rivesaltes

(65)

Poitiers-Biard

(66)

Quimper-Pluguffan (ar oscailt ó thús mhí na Bealtaine go dtí tús mhí Mheán Fómhair)

(67)

Rennes Saint-Jacques

(68)

Rodez-Aveyron

(69)

Rouen-Vallée de Seine

(70)

Saint-Brieuc-Armor

(71)

Saint-Etienne Loire

(72)

Saint-Nazaire-Montoir

(73)

Salon de Provence (10 Bealtaine 2023–27 Bealtaine 2023)

(74)

Strasbourg-Entzheim

(75)

Tarbes-Lourdes-Pyrénées

(76)

Toulouse-Blagnac

(77)

Toulouse-Francazal

(78)

Tours-Val de Loire

(79)

Troyes-Barberey

(80)

Valence – Chabeuil ( ón 1 Meitheamh 2021)

(81)

Vélizy-Villacoublay

Teorainneacha mara

(1)

Ajaccio

(2)

Bastia

(3)

Bayonne

(4)

Bordeaux

(5)

Boulogne

(6)

Brest

(7)

Caen-Ouistreham

(8)

Calais

(9)

Cannes-Vieux Port

(10)

Carteret

(11)

Cherbourg

(12)

Dieppe

(13)

Douvres

(14)

Dunkerque

(15)

Granville

(16)

Honfleur

(17)

La Rochelle-La Pallice

(18)

Le Havre

(19)

Les Sables-d’Olonne-Port

(20)

Lorient

(21)

Marseille

(22)

Monaco-Port de la Condamine

(23)

Nantes-Saint-Nazaire

(24)

Nice

(25)

Port-de-Bouc-Fos/Port-Saint-Louis

(26)

Port-la-Nouvelle

(27)

Port-Vendres

(28)

Roscoff

(29)

Rouen

(30)

Saint-Brieuc

(31)

Saint-Malo

(32)

Sète

(33)

Toulon

Teorainneacha talún

(1)

Stáisiún traenach Bourg Saint Maurice (ar oscailt ó thús mhí na Nollag go dtí lár mhí Aibreáin)

(2)

Stáisiún traenach Moûtiers (ar oscailt ó thús mhí na Nollag go dtí lár mhí Aibreáin)

(3)

Stáisiún traenach idirnáisiúnta Ashford

(4)

Cheriton/Coquelles

(5)

Stáisiún traenach Chessy-Marne-la-Vallée

(6)

Stáisiún traenach Fréthun

(7)

Stáisiún traenach Lille-Europe

(8)

Stáisiún traenach Paris-Nord

(9)

Stáisiún traenach St-Pancras

(10)

Stáisiún traenach Ebbsfleet

(11)

Pas de la Case-Porta

(12)

Stáisiún traenach - aerfoirt Roissy TGV

AN CHRÓIT

Le cur in ionad na faisnéise a foilsíodh in IO C 242, 23.8.2013, lch. 2.

POBLACHT NA CRÓITE – AN BHOISNIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí le seirbhísí cigireachta i dtrácht ar bhóithre (PCT) (3):

1.

Stara Gradiška,

2.

Nova Sela.

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí i dtrácht ar bhóithre:

1.

Županja,

2.

Gunja,

3.

Slavonski Šamac,

4.

Slavonski Brod,

5.

Jasenovac,

6.

Maljevac,

7.

Ličko Petrovo Selo,

8.

Strmica,

9.

Kamensko,

10.

Vinjani Gornji,

11.

Vinjani Donji,

12.

Gornji Brgat,

13.

Klek,

14.

Zaton Doli.

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí i dtrácht iarnróid:

1.

Drenovci,

2.

Volinja,

3.

Ličko Dugo Polje,

4.

Slavonski Šamac,

5.

Metković.

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí i dtrácht ar bhóithre:

1.

Hrvatska Kostajnica,

2.

Užljebić,

3.

Aržano,

4.

Orah,

5.

Čepikuće,

6.

Prud,

7.

Metković,

8.

Mali Prolog,

9.

Dvor.

Pointí buana trasnaithe teorann do thrácht teorann áitiúil (4):

1.

Pašin Potok,

2.

Bogovolja,

3.

Kordunski Ljeskovac,

4.

Lička Kaldrma,

5.

Bili Brig,

6.

Aržano Pazar,

7.

Dvorine,

8.

Cera,

9.

Jovića Most,

10.

Sebišina,

11.

Slivno,

12.

Podprolog,

13.

Unka,

14.

Vukov Klanac,

15.

Imotica,

16.

Slano,

17.

Hrvatska Dubica,

18.

Gabela Polje.

POBLACHT NA CRÓITE – MONTAINÉAGRÓ

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí le seirbhísí cigireachta i dtrácht ar bhóithre (PCT) (5):

1.

Karasovići.

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí i dtrácht ar bhóithre:

1.

Vitaljina.

POBLACHT NA CRÓITE - POBLACHT NA SEIRBIA

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí le seirbhísí cigireachta i dtrácht ar bhóithre (PCT) (6):

1.

Bajakovo.

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí i dtrácht ar bhóithre:

1.

Batina.

2.

Erdut,

3.

Ilok,

4.

Principovac,

5.

Tovarnik,

6.

Principanovac II

7.

Ilok II

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí i dtrácht iarnróid:

1.

Tovarnik,

2.

Erdut.

Pointí trasnaithe teorann abhann

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí i dtrácht abhann:

1.

Osijek,

2.

Slavonski Brod,

3.

Sisak,

4.

Vukovar.

Pointí trasnaithe teorann Muirí

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí le seirbhísí cigireachta i dtrácht muirí (PCT) (7):

1.

Rijeka,

2.

Ploče.

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí i dtrácht muirí:

1.

Zadar,

2.

Šibenik,

3.

Split,

4.

Dubrovnik,

5.

Raša-Bršica.

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí i dtrácht muirí:

1.

Umag,

2.

Pula,

3.

Mali Lošinj,

4.

Ubli,

5.

Vis,

6.

Cavtat.

Pointí séasúracha trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí i dtrácht muirí:

Pointí trasnaithe teorann aerfoirt

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí le seirbhísí cigireachta in aerthrácht (PCT) (8):

1.

Ságrab.

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí in aerthrácht:

1.

Pula,

2.

Rijeka,

3.

Zadar,

4.

Split,

5.

Dubrovnik,

6.

Osijek.

Pointí buana trasnaithe teorann le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí in aerthrácht:

1.

Mali Lošinj,

2.

Brač.

Nóta:

Pointe buan trasnaithe teorann: pointe trasnaithe teorann atá ar oscailt 24 uair sa lá

Pointe séasúrach trasnaithe teorann: pointe trasnaithe teorann atá ar oscailt ón 1 Aibreán go dtí an 31 Deireadh Fómhair (Sa chás go dtosaíonn laethanta saoire na Cásca roimh an 1 Aibreán, caithfear an pointe trasnaithe teorann a luaitear a oscailt 7 lá roimh laethanta saoire na Cásca).

Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo

 

IO C 247, 13.10.2006, lch. 25.

 

IO C 77, 5.4.2007, lch. 11.

 

IO C 153, 6.7.2007, lch. 22.

 

IO C 164, 18.7.2008, lch. 45.

 

IO C 316, 28.12.2007, lch. 1.

 

IO C 134, 31.5.2008, lch. 16.

 

IO C 177, 12.7.2008, lch. 9.

 

IO C 200, 6.8.2008, lch. 10.

 

IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.

 

IO C 3, 8.1.2009, lch. 10.

 

IO C 37, 14.2.2009, lch. 10.

 

IO C 64, 19.3.2009, lch. 20.

 

IO C 99, 30.4.2009, lch. 7.

 

IO C 229, 23.9.2009, lch. 28.

 

IO C 263, 5.11.2009, lch. 22.

 

IO C 298, 8.12.2009, lch. 17.

 

IO C 74, 24.3.2010, lch. 13.

 

IO C 326, 3.12.2010, lch. 17.

 

IO C 355, 29.12.2010, lch. 34.

 

IO C 22, 22.1.2011, lch. 22.

 

IO C 37, 5.2.2011, lch. 12.

 

IO C 149, 20.5.2011, lch. 8.

 

IO C 190, 30.6.2011, lch. 17.

 

IO C 203, 9.7.2011, lch. 14.

 

IO C 210, 16.7.2011, lch. 30.

 

IO C 271, 14.9.2011, lch. 18.

 

IO C 356, 6.12.2011, lch. 12.

 

IO C 111, 18.4.2012, lch. 3.

 

IO C 183, 23.6.2012, lch. 7.

 

IO C 313, 17.10.2012, lch. 11.

 

IO C 394, 20.12.2012, lch. 22.

 

IO C 51, 22.2.2013, lch. 9.

 

IO C 167, 13.6.2013, lch. 9.

 

IO C 242, 23.8.2013, lch. 2.

 

IO C 275, 24.9.2013, lch. 7.

 

IO C 314, 29.10.2013, lch. 5.

 

IO C 324, 9.11.2013, lch. 6.

 

IO C 57, 28.2.2014, lch. 4.

 

IO C 167, 4.6.2014, lch. 9.

 

IO C 244, 26.7.2014, lch. 22.

 

IO C 332, 24.9.2014, lch. 12.

 

IO C 420, 22.11.2014, lch. 9.

 

IO C 72, 28.2.2015, lch. 17.

 

IO C 126, 18.4.2015, lch. 10.

 

IO C 229, 14.7.2015, lch. 5.

 

IO C 341, 16.10.2015, lch. 19.

 

IO C 84, 4.3.2016, lch. 2.

 

IO C 236, 30.6.2016, lch. 6.

 

IO C 278, 30.7.2016, lch. 47.

 

IO C 331, 9.9.2016, lch. 2.

 

IO C 401, 29.10.2016, lch. 4.

 

IO C 484, 24.12.2016, lch. 30.

 

IO C 32, 1.2.2017, lch. 4.

 

IO C 74, 10.3.2017, lch. 9.

 

IO C 120, 13.4.2017, lch. 17.

 

IO C 152, 16.5.2017, lch. 5.

 

IO C 411, 2.12.2017, lch. 10.

 

IO C 31, 27.1.2018, lch. 12.

 

IO C 261, 25.7.2018, lch. 6.

 

IO C 264, 26.7.2018, lch. 8.

 

IO C 368, 11.10.2018, lch. 4.

 

IO C 459, 20.12.2018, lch. 40.

 

IO C 43, 4.2.2019, lch. 2.

 

IO C 64, 27.2.2020, lch. 17.

 

IO C 231, 14.7.2020, lch. 2.

 

IO C 58, 18.2.2021, lch. 35.

 

IO C 81, 10.3.2021, lch. 27.

 

IO C 184, 12.5.2021, lch. 8.

 

IO C 219, 9.6.2021, lch. 9.

 

IO C 279, 13.7.2021, lch. 4.

 

IO C 290, 20.7.2021, lch. 10.

 

IO C 380, 20.9.2021, lch. 3.

 

IO C 483, 1.12.2021, lch. 19.

 

IO C 201, 18.5.2022, lch. 82.

 

IO C 229, 14.6.2022, lch. 8.

 

IO C 241, 24.6.2022, lch. 6.

 

IO C 286, 27.7.2022, lch. 33.

 

IO C 335, 2.9.2022, lch. 15.


(1)  Féach ar liosta na bhfoilseachán roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.

(2)  IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.

(3)  Pointe Cigireachta Teorann

(4)  Ar oscailt gach lá ó 06:00 go 22:00

(5)  Pointe Cigireachta Teorann

(6)  Pointe Cigireachta Teorann

(7)  Pointe Cigireachta Teorann

(8)  Pointe Cigireachta Teorann


9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/47


Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Forchur oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 202/09)

Ballstát

An Fhrainc

An t-aerbhealach lena mbaineann

La Rochelle (Ile de Ré) - Lyon (Saint Exupéry)

Dáta bunaidh theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí

1 Samhain 2005

Dáta theacht i bhfeidhm na modhnuithe

1 Samhain 2023

An seoladh ónar féidir an téacs agus aon fhaisnéis ábhartha agus/nó aon doiciméadacht ábhartha a bhaineann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí a fháil

Ordú an 30 Eanáir 2023 maidir le forchur oibleagáidí seirbhíse poiblí ar na haersheirbhísí idir La Rochelle agus Lyon

NOR : TREA2302709A

http://www.legifrance.gouv.fr/initRechTexte.do

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Direction Générale de l’Aviation Civile

DTA/SDS1

50 rue Henry Farman

75720 Paris cedex 15

AN FHRAINC

Teil. +33 158094321


9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/48


Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 202/10)

Ballstát

An Fhrainc

An t-aerbhealach lena mbaineann

La Rochelle (Ile de Ré) - Lyon (Saint Exupéry)

Tréimhse bhailíochta an chonartha

9 Nollaig 2023 – 31 Deireadh Fómhair 2027

Sprioc-am chun iarratais agus tairiscintí a chur isteach

9 Lúnasa 2023 ar 18.00, am Pháras

An seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus an fhaisnéis uile ábhartha agus/nó gach doiciméad ábhartha a fháil maidir leis an gcuireadh chun tairisceana agus leis an oibleagáid seirbhíse poiblí

Syndicat Mixte des Aéroports de La Rochelle – Ile de Ré et Rochefort – Charente Maritime

Rue du Jura

17 000 LA ROCHELLE

FRANCE

Teil. +33546428671

R-phost: comptabilite@larochelle.aeroport.fr

Próifíl an cheannaitheora: http://www.e-marchespublics.com


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/49


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11078 — CONTARGO / ZIEGLER / SCHMID / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 202/11)

1.   

An 31 Bealtaine 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Contargo GmbH & Co. KG (‘Contargo’), arna rialú ag Rhenus SE & Co. KG, a bhaineann le Rethmann-Group (AN GHEARMÁIN),

Ziegler Holding GmbH (‘Ziegler’, AN GHEARMÁIN),

SFI GmbH, arna rialú ag an Schmid Group (‘Schmid’, AN GHEARMÁIN).

Gheobhaidh Rhenus SE & Co. KG, Ziegler Holding GmbH agus SFI GmbH rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar JV.

Is trí cheannach scaireanna i gcuideachta nuabhunaithe, ar cuideachta í atá ina comhfhiontar, atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Contargo gníomhach i soláthar seirbhísí a bhaineann le hiompar lasta, lóistíocht chonartha, lóistíocht iompair agus loighistic chalafoirt;

Tá Ziegler gníomhach i soláthar seirbhísí a bhaineann le hiompar lasta, loighistic iompair;

Tá Schmid gníomhach i soláthar seirbhísí a bhaineann le hiompar lasta, loighistic iompair.

3.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó JV: láimhseáil coimeádán.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11078 — CONTARGO / ZIEGLER / SCHMID / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

an Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/51


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10920 — AMAZON / IROBOT)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 202/12)

1.   

An 31 Bealtaine 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Amazon.com, Inc. (‘Amazon’, na Stáit Aontaithe)

iRobot Corporation (‘iRobot’, Stáit Aontaithe Mheiriceá)

Gheobhaidh Amazon urlámhas aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar iRobot ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Oibríonn Amazon raon gnóthaí lena n-áirítear miondíol, siamsaíocht, leictreonaic do thomhaltóirí, agus seirbhísí teicneolaíocha. Cuireann sé seirbhísí idirghabhála ar líne ar fáil freisin do dhíoltóirí tríú páirtí trína mhargaí ar líne Amazon a ligeann do dhíoltóirí tríú páirtí táirgí a fhógairt agus a dhíol le custaiméirí.

Is monaróir domhanda de tháirgí cúraim urláir é iRobot, agus é gníomhach go príomha i ndearadh agus soláthar folúsghlantóirí róbat.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10920 — AMAZON / IROBOT

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/53


Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia

(2023/C 202/13)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MIONLEASÚ É AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar fhormheas a dhéanamh ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

’Parmigiano Reggiano'

Uimh. AE: PDO-IT-0016-AM06 — 2.12.2021

STFC (X) TGFC ( )

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

Consorzio del Formaggio Parmigiano-Reggiano [Cuibhreannas Cáise ‘Parmigiano Reggiano’]

Ceannoifig: Via J.F. Kennedy, 18

42124 Reggio Emilia (RE)

AN IODÁIL

Tel. +39 0522307741

Facs +39 0522307748

R-phost: staff@parmigianoreggiano.it

Tá Cuibhreannas Cáise ‘Parmigiano Reggiano’ comhdhéanta de cháiseoirí ‘Parmigiano Reggiano’. Tá an cumann i dteideal iarratas ar leasú a chur isteach faoi Airteagal 13(1) d’Fhoraithne Uimh. 12511 ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht, an 14 Deireadh Fómhair 2013.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

An modh táirgthe

Nasc

Lipéadú

Eile: pacáistíocht, Rialacha maidir le Beathú Bó

4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil incháilithe mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

5.   Leasú nó leasuithe

Tá an Caighdeán Cáiseoireachta deighilte ina airteagail chun é a dhéanamh níos struchtúrtha agus chun comhairliúchán a éascú, chomh maith le chun é a thabhairt i gcomhréir leis na Rialacha maidir le Marcálacha Aitheantais agus na Rialacha maidir le Beathú Bó, a bhí struchtúrtha ina n-airteagail cheana féin.

An ceannteideal ‘Tuairisc ar an Táirge’

An Caighdeán Cáiseoireachta

—   Airteagal 1

Sa chéad mhír, athraíodh an focal Iodáilise ar ‘bhearrtha’ ó scremato go decremato.

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.2 den doiciméad aonair.

Ciallaíonn an téarma a úsáideadh roimhe sin, parzialmente scremato, ‘leathbhearrtha’, rud a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint go bhfuil céatadán áirithe de chion saille riachtanach, ach is ar thaithí agus ar theicníc an cheardaí a bhunaítear an próiseas chun an t-uachtar a bhearradh ón mbainne chun cáis ‘Parmigiano Reggiano’ a dhéanamh, seachas ar luach sonrach.

Athraíodh an tagairt do ‘bha’ sa chéad mhír go ‘ba déiríochta’.

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointí 3.2 agus 3.3 den doiciméad aonair.

An aidhm a bhí leis sin ná an téarmeolaíocht a ailíniú le hAirteagal 1 de na Rialacha maidir le Beathú Bó, ina ndéantar tagairt don tréad déiríochta mar na ba bainne, ba tirime agus na bodóga ar fad ón séú mí iompair.

Rinneadh an abairt a leanas ón gcéad mhír: Níor cheart an bhainne a chur faoi aon chóireáil teasa agus níor cheart breiseáin a úsáid.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Níor cheart an bhainne a chur faoi aon chóireáil teasa, ná faoi aon chóireáil fhisiceach nó mheicniúil amhail lártheifneoiriú, toitriú baictéarach nó micreascagachán, agus níor cheart breiseáin a úsáid.

Cuireadh an leasú sin san áireamh, go páirteach, i bpointe 3.2 den doiciméad aonair.

Tá sé d’aidhm ag an athrú sin a shoiléiriú nár cheart an bhainne a chur faoi réir aon chóireála teasa, aon chóireála fisiciúla ná aon chóireála meicniúla trí chóireálacha fisiciúla agus meicniúla a lua go sainráite freisin agus trí roinnt samplaí de phróisis faoi thoirmeasc, lena chur i dtábhacht nach mór don bhainne a bheith amh agus neamhchóireáilte nuair a mbaintear úsáid aisti.

—   Airteagal 4

Sa chéad mhír:

An abairt a leanas: Tá na saintréithe a leanas ag ‘Parmigiano Reggiano’:

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Níor cheart ‘Parmigiano Reggiano’ a chur faoi aon chóireáil a chuireann isteach ar a shaintréithe ceimiceacha/fisiciúla nó orgánaileipteacha agus a bhfuil na saintréithe a leanas aige:

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.2 den doiciméad aonair.

Tá tagairtí ó bhéal nó tagairtí grafacha do ‘Parmigiano Reggiano’, PDO nó don ainm cosanta ‘Parmesan’ (Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Cás C-132/05, an 26 Feabhra 2008) le fáil ar lipéadú, i gcur i láthair nó i bhfógraíocht roinnt mhaith bianna réamh-phacáistithe, comhbhianna, bianna ullmhaithe agus bianna próiseáilte atá ar an margadh faoi láthair, go háirithe laistigh den Aontas. Tá méadú nach beag tagtha ar an úsáid a mbaintear as tagairtí den sórt sin, mar gheall ar an gcáil atá ar an ainm ‘Parmigiano Reggiano’ (nó ‘Parmesan’) agus mar gheall ar a ilúsáide atá an gcáis ‘Parmigiano Reggiano’ is féidir a úsáid i roinnt mhaith ullmhóidí bia. Cruthaítear roinnt fadhbanna leis na táirgí sin go minic, go háirithe mar gheall nach é ‘Parmigiano Reggiano’ an comhábhar dá ndéantar tagairt mar ‘Parmigiano Reggiano’ nó ‘Parmesan’, ach táirge leathchríochnaithe a dhéantar as ‘Parmigiano Reggiano’ ach nach bhfuil na saintréithe aige níos mó a éilítear le sonraíocht an táirge ós rud é gur cuireadh an cháis faoi chóireálacha sonracha amhail díhiodráitiú nó reothriomú, nó gur meascadh í le comhábhair eile.

Is gá cosc a chur ar dhúshaothrú an cháil atá ar ‘Parmigiano Reggiano’ tríd an ainm a úsáid chun breisluach a chur le táirge bia críochnaithe ina bhfuil táirge leathchríochnaithe déanta as ‘Parmigiano Reggiano’ agus chuige sin amháin. Faoi na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, áfach, bhí deacrachtaí i margadh an Aontais le hiarrachtaí a rinneadh chun deireadh a chur le húsáid an STFC ‘Parmigiano Reggiano’ nó an ainm chosanta ‘Parmesan’ do tháirgí nach gcomhlíonann an tsonraíocht táirge a thuilleadh, cé go bhfuil siad déanta as ‘Parmigiano Reggiano’. Dá réir sin, luaitear go sonrach sa téacs anois nár cheart ‘Parmigiano Reggiano’ a chur faoi aon chóireáil a chuireann isteach ar a shaintréithe ceimiceacha/fisiciúla nó orgánaileipteacha, agus an aidhm leis sin a shoiléiriú nach féidir tagairt a dhéanamh a thuilleadh d’aon táirge a dhéantar trí na cóireálacha sin a úsáid mar STFC ‘Parmigiano Reggiano’.

Rinneadh an leasú sin mar gheall ar dheacrachtaí sonracha a sainaithníodh agus na fadhbanna ar tugadh tuairisc orthu thuas á réiteach, mar gheall nach raibh aon fhoráil shoiléir i sonraíocht táirge an STFC ‘Parmigiano Reggiano’. Is gá an leasú mar gheall ar an iliomad uaireanta a úsáidtear STFC ‘Parmigiano Reggiano go neamhdhleathach ar mhargadh an Aontais de thoradh an cháil atá ar an táirge. Is é cuspóir an leasaithe seo, dá bhrí sin, ná cuidiú lena áirithiú go gcosnófar barántúlacht agus cáil STFC ‘Parmigiano Reggiano’ ar mhargadh an Aontais.

Sa chéad mhír, rinneadh leasuithe ar shaintréithe na cáise ‘Parmigiano Reggiano’:

An abairt a leanas: bíonn rothaí 35-45 cm ar trastomhas thar na n-aghaidheanna réidhe agus 20-26 cm ar airde;

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

rothaí idir 35-43 cm ar trastomhas trasna na-aghaidheanna réidhe agus 20-26 cm ar airde;

An abairt a leanas: cuma ar an taobh amuigh: craiceann ar dhath tuí nádúrtha;

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

dath an chraicinn: dath tuí nádúrtha, a bhféadfaidh athrú teacht air le himeacht ama;

Cuireadh na leasuithe sin san áireamh i bpointe 3.2 den doiciméad aonair.

Ar feadh na mblianta fada, bhíodh tuairim agus 40 kg meáchain, ar an meán, sna rothaí cáise a táirgeadh, meáchan a chomhfhreagair do thrastomhas 40 cm trasna na-aghaidheanna réidhe, agus b’annamh a bhí luachanna gar don uasteorainn. Le blianta beaga anuas, áfach, tá athrú méadaitheach ag teacht de réir a chéile ar mhéid na gcáiseanna a dhéantar, agus iad beagnach ag an trastomhas uasta a cheadaítear, 45 cm, i roinnt cásanna. Cé go bhfuil siad laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sa tsonraíocht táirge, bíonn tuairim is 50 kg meáchain sna cáiseanna ag na toisí uasta sin, rud a chruthaíonn fadhbanna tromchúiseacha ó thaobh iad a bhogadh, a ghlanadh agus a thaispeáint, mar is gnách gur do thoisí meánacha a dheartar an t-innealra a úsáidtear le haghaidh na bpróiseas sin. Dá bhrí sin, laghdaíodh trastomhas uasta na n-aghaidheanna réidhe ó 45 cm go 43 cm chun cosc a chur ar na fadhbanna in oibríochtaí den sórt sin de thoradh cáiseanna ar trastomhas atá gar don uasmhéid a cheadaítear faoi láthair leis an tsonraíocht táirge a bheith á ndéanamh. Leis an leasú sin, cuirfear laghdú thart ar 4 kg ar mheáchan roth cáise ‘Parmigiano Reggiano’, rud a chuirfidh laghdú thart ar 46 kg ar an meáchan iomlán, gan cur isteach ar a shaintréithe cáilíochta.

Cé go mbíonn dath tuí nádúrtha ar an gcraiceann de ghnáth, féadfaidh éagsúlacht teacht ar dhath an chraicinn thar an tréimhse aibithe íosta 12 mhí de thoradh luaineachtaí sna dálaí comhshaoil le linn an aibithe (bogthaise, teocht), na teicnící a úsáidtear chun cáiseanna a ghlanadh, agus cé chomh minic a ghlantar iad. Ciallaíonn sé sin gur seans nach mbeidh an dath aonfhoirmeach agus go bhféadfaidh éagsúlacht a bheith ann de bharr chúiseanna nádúrtha, agus tá an méid sin soiléir sa leasú.

Cuireadh an méid a leanas isteach mar an dara mír: Maidir le saintréithe uigeachta na cáise, ba cheart na catagóirí táirgí a shainítear sna Rialacha maidir le Marcálacha Aitheantais a cheadú.

Chun léamh níos córasaí ar an tsonraíocht táirge a áirithiú, sonraítear leis an téacs anois, sa bhreis ar shaintréithe na cáise ‘Parmigiano Reggiano’ ar a dtugtar tuairisc agus a liostaítear in Airteagal 5 den Chaighdeán Cáiseoireachta, ní mór na saintréithe uigeachta a chur san áireamh (in éineacht le haon fhabhtanna ceadaithe) a shainítear agus a chuirtear i gcatagóirí sa roinn Rialacha maidir le Marcálacha Aitheantais den tsonraíocht táirge agus, ar dhóigh níos sonraí, san iarscríbhinn Catagóirí Táirgí.

—   Airteagal 5

Rinneadh an chéad mhír: Ní mór ‘Parmigiano Reggiano’ grátáilte agus sciartha de (le craiceann nó gan craiceann) a phacáistiú laistigh den limistéar tionscnaimh chun cáilíocht, inrianaitheacht agus rialú a ráthú.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Grátáil ‘Parmigiano Reggiano’ (le craiceann nó gan craiceann), gearradh ina sciartha agus pacáistiú ina dhiaidh sin, ní mór é sin uile a dhéanamh laistigh den limistéar tionscnaimh chun cáilíocht, inrianaitheacht agus rialú a ráthú.

Leasaíodh an mhír sin chun na téarmaí atá úsáidte cheana féin sa dara mír i bpointe 3.5 den doiciméad aonair a mheaitseáil.

Rinneadh an tríú mír: Mar atá curtha ar bun cheana féin le Foraithne ón bPríomh-Aire an 4 Samhain 1991, féadtar an sonrúchán tionscnaimh ‘Parmigiano Reggiano’ a úsáid le haghaidh cháis ghrátáilte a fhaightear go heisiach ó cháis iomlán atá incháilithe don sonrúchán tionscnaimh sin, ar choinníoll go ndéantar an ghrátáil laistigh den limistéar cáiseoireachta, agus go ndéantar an cháis a phacáistiú láithreach, gan aon chóireáil agus gan aon tsubstaint a chur léi atá in ann a seilfré nó a saintréithe orgánaileipteach bunaidh a athrú.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Mar atá curtha ar bun cheana féin le Foraithne ón bPríomh-Aire an 4 Samhain 1991, féadtar an sonrúchán tionscnaimh ‘Parmigiano Reggiano’ a úsáid le haghaidh cháis ghrátáilte a fhaightear go heisiach ó cháis iomlán atá incháilithe don sonrúchán tionscnaimh sin, ar choinníoll go ndéantar an ghrátáil laistigh den limistéar cáiseoireachta, agus go ndéantar an cháis a phacáistiú láithreach, gan aon chóireáil agus gan aon tsubstaint a chur léi.

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.5 den doiciméad aonair.

Sa téacs a dhéanann tagairt do phacáistiú ‘Parmigiano Reggiano’ grátáilte, athraíodh an frása ‘gan aon tsubstaint a chur léi atá in ann a seilfré nó a saintréithe orgánaileipteach bunaidh a athrú’ go ‘gan aon tsubstaint a chur léi’. Is é is aidhm don athrú sin ar an bhfoclaíocht a shoiléiriú gan iomrall go bhfuil feidhm ag an toirmeasc maidir le substaintí a chur léi maidir le gach substaint.

Cuireadh mír nua leis, mar a leanas: Is ceadmhach ‘fuíollchiumhsóga’ a úsáid freisin faoi na coinníollacha a leagtar amach thuas, áfach.

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.5 den doiciméad aonair.

Tá an fhéidearthacht go n-úsáidfí ‘fuíollchiumhsóga’, chomh maith le cáiseanna iomlána, le haghaidh ‘Parmigiano Reggiano’ grátáilte, luaite go sainráite anois.

Tá an margadh ag athrú le blianta anuas i gcomhréir le ceanglais athraitheacha tomhaltóirí, rud a fhágann go bhfuil i bhfad níos mó formáidí agus cineálacha ‘Parmigiano Reggiano’ ina sciartha le fáil ar an margadh anois. Go háirithe, ní bhíodh ach aon mhéid sciar amháin le fáil, 1 kg, ach mar thoradh ar nósanna athraitheacha tomhaltóirí, tá éileamh ann anois ar fhormáidí atá ag éirí níos lú agus níos lú (meáchan seasta 150/200 g, mion-sciartha ‘sneaiceanna’ gan chraiceann, etc.). Agus na formáidí sin á ndéanamh as ‘Parmigiano Reggiano’, faightear i bhfad níos mó fuíollghearrthóga (aghaidheanna réidhe na rothaí cáise, an croí-sciar i lár an rotha, nó sciartha atá os cionn nó faoi bhun an mheáchain sheasta, mar shampla) nár cruthaíodh agus na formáidí móra á n-ullmhú.

Ní dhéantar na fuíollghearrthóga sin, ar a dtugtar ‘fuíollchiumhsóga’, a phacáistiú mar sciartha ach déanann oibreoirí iad a athúsáid laistigh den chóras rialaithe chun formáidí eile a chruthú, go háirithe ‘Parmigiano Reggiano’ de réir Airteagal 8. Ba é cuspóir an leasaithe sin, dá bhrí sin, a shoiléiriú go bhféadtar cáis ghrátáilte a fháil ó ‘fhuíollchiumhsóga’ chom maith le ó cháiseanna iomlána.

Sa chúigiú mír, rinneadh leasuithe ar shaintréithe na cáise grátáilte ‘Parmigiano Reggiano’:

An abairt a leanas: cion craicinn nach mó ná 18 %;

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

cion craicinn nach mó ná 18 % de réir meáchain;

An abairt a leanas: cuma aonchineálach, neamh-phúdrach, nach mó ná 25 % an cion cáithníní atá níos lú ná 0,5 mm ar trastomhas.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

cuma aonchineálach, neamh-phúdrach, nach mó ná 35 % an cion cáithníní atá níos lú ná 0,5 mm ar trastomhas.

Cuireadh an chéad cheann de na leasuithe sin san áireamh i bpointe 3.5 den doiciméad aonair.

Beartaíodh leis an bhfrása ‘de réir meáchain’ a chur leis an bealach a bhfuil an céatadán sin le ríomh a shoiléiriú.

Seachas paraiméadar cáilíochta táirge, tugadh an teorainn sin ar an gcainníocht cáithníní ‘míne’ i gcáis ghrátáilte isteach ar dtús, blianta ó shin, mar gheall ar an riosca go n-ullmhódh oibreoirí STFC ‘Parmigiano Reggiano’ ghrátáilte agus í comhdhéanta go páirteach nó go hiomlán de cháis thriomaithe (atá mín agus púdrach de réir a cineáil). Cuireadh teorainn ar bun, dá bhrí sin, ar cháithníní atá níos lú ná 0,5 mm ar trastomhas.

Tá tionchar ag roinnt tosca (taise, aibiú, an cineál grátálaí, brú grátála) ar mhéid na gcáithníní agus tá sé thar a bheith athraitheach dá bhrí sin.

Tá éabhlóid tagtha ar an margadh agus ar an teicneolaíocht táirgthe le blianta beaga anuas. Tá méadú ag teacht ar an éileamh ó oibreoirí ar cháis ghrátáilte níos míne agus níos aonchineálaí, go háirithe nuair atá sí le meascadh le comhábhair eile. Anuas air sin, tá níos mó agus níos mó tóir ag teacht ar cháis níos aibí (30 mí agus níos sine) agus ar cháis i bhformáidí beag (ciúbanna agus sciartha beaga). Trí na formáidí beaga sin a ullmhú, cruthaítear roinnt mhaith fuíollghearrthóg cáise (lena n-áirítear fuíollghearrthóga beaga), atá níos soghabhálaí do thriomú, agus i gcás ina bhfuil an cháis atá á grátáil an-aibí, bíonn sí níos frithsheasmhaí fós, rud a fhágann go bhfaightear méid cháithnín níos lú ach an brú céanna a chur ar an gcáis. Sin an fáth atá an céatadán cáithníní atá níos lú ná 0,5 mm ar trastomhas á athrú ó íosmhéid 25 % go híosmhéid 35 %, céatadán a thugann léiriú níos cruinne ar an ‘Parmigiano Reggiano’ ghrátáilte atá á táirgeadh faoi láthair, gan cur isteach ar a saintréithe cáilíochta.

—   Airteagal 7

Cuireadh mír nua leis, mar a leanas: Tagraítear d’fhuíollghearrthóga ‘Parmigiano Reggiano’, atá le húsáid ag oibreoirí laistigh den chóras rialaithe chun formáidí eile a ullmhú mar ‘fhuíollchiumhsóga’.

Cuireadh an leasú deireanach sin san áireamh i bpointe 3.5 den doiciméad aonair.

Mar a luadh cheana féin maidir le hAirteagal 5, agus ar na cúiseanna céanna, tugadh míniú ar an gcoincheap ‘fuíollchiumhsóga’.

An ceannteideal ‘modh táirgthe’

An Caighdeán Cáiseoireachta

—   Airteagal 3

Baineadh an riail a leanas ón tríú mír: Níor cheart an bhainne a chur faoi phróisis lártheifneoirithe. Is amhlaidh sin toisc gur bogadh í go dtí Airteagal 1 agus athraíodh an fhoclaíocht go dtí: Níor cheart an bhainne a chur faoi aon chóireáil teasa, ná faoi aon chóireáil fhisiceach nó mheicniúil amhail lártheifneoiriú [...]. Is iad na cúiseanna leis an leasú sin na cinn a tugadh leis an leasú ar Airteagal 1 faoin gceannteideal Tuairisc ar an táirge.

Rinneadh an cúigiú mír: Bearrtar bainne an tráthnóna go páirteach [ag úsáid an téarma Iodáilise scremato] trí ligean don uachtar éirí go nádúrtha go dtí an dromchla in umair chruaiche oscailte. Ar a seachadadh chuig an uachtarlann cháise, measctar bainne na maidine leis an mbainne atá bearrtha go páirteach [scremato] ón tráthnóna roimhe. Féadtar í a bhearradh go páirteach freisin [scrematura] trí ligean don uachtar éirí go nádúrtha go dtí an dromchla.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Bearrtar bainne an tráthnóna go páirteach [ag úsáid an téarma Iodáilise decremato] trí ligean don uachtar éirí go nádúrtha go dtí an dromchla in umair chruaiche oscailte atá aeráilte go nádúrtha. Ar a seachadadh chuig an uachtarlann cháise, measctar bainne na maidine leis an mbainne atá bearrtha go páirteach [decremato] ón tráthnóna roimhe. Féadtar í a bhearradh go páirteach freisin [decrematura] trí ligean don uachtar éirí go nádúrtha go dtí an dromchla.

Cuireadh isteach an focal ‘roimhe’ roimh an bhfocal ‘tráthnóna’ i bpointe 3.4 den doiciméad aonair, ar mhaithe le soiléireacht.

Dabhcha oscailte a bhí sna humair, go traidisiúnta, inar fágadh an bhainne le socrú ionas go n-éireodh an t-uachtar go dtí an dromchla. Forbraíodh teicneolaíochtaí nua le himeacht na mblianta, chun spás a laghdú agus chun monarchana a dhéanamh níos glaine agus níos éifeachtúla, agus tá suiteálacha il-leibhéil ag a bhfuil claibíní is féidir a oscailt curtha ina ionad na n-umar sin, agus dá bharr sin athraíodh an tuairisc ar na humair chruaiche ó ‘oscailte’ go dtí ‘oscailte atá aeráilte go nádúrtha’.

Athraíodh na téarmaí Iodáilise ar bhainne bhearrtha agus ar an bpróiseas bearrtha, scremato agus scrematura, go decremato agus decrematura i gcomhréir leis an leasú ar Airteagal 1 faoin gceannteideal Tuairisc ar an táirge .

Cuireadh an leasú deireanach sin san áireamh i bpointe 3.4 den doiciméad aonair.

Rinneadh an séú mír: Ní fhéadfaidh an cóimheas saille le cáiséin den bhainne sna dabhcha téimh, arna ríomh mar mheán ualaithe na mbaisceanna uile i ndabhcha lá táirgthe ar leith, bheith níos mó ná 1,1 + 12 %.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Ní fhéadfaidh an cóimheas saille le cáiséin den bhainne sna dabhcha téimh, arna ríomh mar mheán ualaithe na mbaisceanna uile i ndabhcha lá táirgthe ar leith, bheith níos mó ná 1,10 + 10 %.

Cuireadh an leasú deireanach sin san áireamh i bpointe 3.4 den doiciméad aonair.

Rinneadh athbhreithniú ar an gcóimheas saille le cáiséin; laghdaíodh an lamháltas ó 12 % go 10 %, agus athraíodh ‘1.1’ go ‘1.10’ ar mhaithe le soiléireacht.

Bunaithe ar staitisticí agus staidéir eolaíocha éagsúla, fuarthas gur thart ar 1,1. a bhí an meánluach tagartha don chóimheas saille le cáiséin in ‘Parmigiano Reggiano’, agus ós rud é, maidir leis na teicnící cáiseoireachta ceardaí a úsáidtear chun an cháis seo a dhéanamh, agus na difríochtaí sa chion saille sa bhainne a úsáidtear, a bhfuil tionchar air ag an séasúr agus ag an teicníc feirmeoireachta, go bhféadfaidh siad sin roinnt luaineachta a chur ar an gcóimheas sin, cuireadh lamháltas ar bun, agus measadh thart ar 10 % é ar dtús.

Cuireadh 2 % breise leis (ó 10 % go 12 %) chun cuntas a choinneáil ar éiginnteacht tomhais agus samplála, chomh maith leis na luaineachtaí dá ndéantar tagairt thuas, agus sin an fáth gur moladh cóimheas 1,1 + 12 % nuair a formheasadh mionleasú ar an tsonraíocht táirge (IO C 132, 13.4.2018, lch. 7).

I ndiaidh an fhormheasa sin, agus an plean rialaithe á leagan amach aige, sheol an comhlacht rialúcháin údaraithe (OCQPR Soc. Coop.) iarratas ar shoiléiriú chuig an Aireacht um Bheartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta, maidir leis an gcóimheas saille le cáiséin do ‘Parmigiano Reggiano’ an 23 Bealtaine 2018, ag fiafaí cé acu an raibh nó nach raibh éiginnteacht tomhais san áireamh sa cheanglas nach bhféadfaidh an cóimheas saille le cáiséin den bhainne sna dabhcha téimh [...] bheith níos mó ná 1,1 + 12 %.

Luadh sa fhreagra ón Aireacht um Bheartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta nach gcumhdaítear éiginnteacht tomhais leis an luach 1,1 + 12 % as féin, ag dá bharr sin ní mór laghdú 2 phointe céatadáin a chur ar an lamháltas chun an riail sa tsonraíocht táirge a ailíniú leis an bprionsabal a bhí mar bhun leis an gcinneadh bunaidh.

Rinneadh an seachtú mír: Féadtar suas le 15 % de bhainne na maidine a chur i leataobh le haghaidh cháiseoireacht an chéad lae eile. Sa chás seo, ní mór an bhainne, nach mór a choimeád san uachtarlann i gcoimeádáin chruaiche oiriúnacha ag teocht nach lú ná 10 °C, a fhágáil sna dabhcha bearrtha, in éineacht le bainne an tráthnóna, chun ligean don uachtar éirí go dtí an dromchla.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Féadtar suas le 15 % de bhainne na maidine a chur i leataobh le haghaidh cháiseoireacht an chéad lae eile. Féadtar níos mó ná 15 % a chur i leataobh ar choinníoll nach féidir ach roth cáise amháin a dhéanamh leis an gcainníocht sin. Ní mór an bhainne, nach mór a choimeád san uachtarlann i gcoimeádáin chruaiche oiriúnacha ag teocht nach lú ná 10 °C, a fhágáil sna dabhcha bearrtha, in éineacht le bainne an tráthnóna, chun ligean don uachtar éirí go dtí an dromchla.

Leis an téacs, ceadaítear do níos mó ná 15 % de bhainne na maidine a chur i leataobh le haghaidh cháiseoireacht an chéad lae eile, ar choinníoll go bhfuil gá le céatadán níos airde chun roth cáise amháin ar a mhéad a dhéanamh. Ba cheart go gceadódh an breiseán beag sin leis an téacs d’uachtarlanna beaga go leor bainne a bheith sa dabhach théimh ag amanna áirithe sa bhliain chun cáis iomlán a dhéanamh.

Rinneadh an t-ochtú mír: Déantar tosaitheoir meidhg leanúnach, saothrán nádúrtha de choipeoirí lachtacha a fhaightear trí mheadhg atá fágtha ó cháiseoireacht an lae roimhe a fhágáil le géarú go spontáineach, a chur leis an mbainne.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Déantar tosaitheoir meidhg leanúnach, saothrán nádúrtha de bhaictéir aigéid lachtaigh a fhaightear trí mheadhg ‘milis’ atá fágtha ó oibríochtaí cáiseoireachta roimhe a fhágáil le coipeadh go spontáineach i ndálaí teochtaí rialaithe, a chur leis an mbainne.

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.4 den doiciméad aonair.

Cuireadh an méid a leanas isteach sa mhír chéanna sin: Ní fhéadtar saothráin bhaictéir aigéid lachtaigh ar mhaithe le coigeartú nó neartú, ná breiseáin chothaitheacha a spreagann forbairt flóra lachtach, a chur leis an tosaitheoir meidhg leanúnach. Ní cheadaítear ach aon sciar bainne amháin a chur leis.

Sa tuairisc ar shaintréithe an tosaitheora meidhg leanúnach, athraíodh ‘coipeoirí lachtacha’ go ‘baictéir aigéid lachtaigh’, atá níos cruinne go teicniúil. Tá an toirmeasc ar chleachtais áirithe – saothráin bhaictéir aigéid lachtaigh a chur ann nó breiseáin chothaitheacha a spreagann forbairt baictéar aigéid lachtaigh nádúrtha – follasach freisin. Is é is aidhm don athrú sin, a shoiléiriú gur comhábhar nádúrtha é tosaitheoir meidhg leanúnach agus an ról atá aige i gcáiseoireacht ‘Parmigiano Reggiano’ a chur i dtábhacht: an nasc láidir idir an chríoch agus an táirge. Is é sin an fáth nach bhféadfaidh an tosaitheoir meidhg leanúnach a fháil ach ó choipeadh an mheidhg mhilis atá fágtha ó na hoibríochtaí cáiseoireachta roimhe sin. Baineadh an focal ‘lá’ d’fhonn an fhéidearthacht a thabhairt do cháiseoirí, agus iad ag cuimhneamh ar shaintréithe cheimiceacha, fhisiceacha agus micribhitheolaíocha an bhainne, cainníochtaí beaga tosaitheora meidhg leanúnaigh – an tosaitheoir céanna a chuirfear leis an mbainne sa dabhach téimh an lá dár gcionn – a chur le bainne an tráthnóna a fhágtar sna humair chun a ligean don uachtar teacht ar uachtar. Is é is cuspóir don chleachtas seo cur le flóra lachtach agus an bainne a ghéarú beagán thar oíche, rud a fhágann go mbíonn sé níos oiriúnaí don cháiseoireacht an lá dár gcionn.

Ar deireadh, cuireadh in iúl go follasach soiléir gur féidir sciar amháin de bhainne an déirí a chur isteach, cleachtas barántúil neamhathraitheach áitiúil ar thraidisiún seanbhunaithe é cheana féin. Mar gheall ar an gcleachtas sin, fágtar gur féidir cothaithigh a chuirfidh an fás chun cinn a sholáthar do na baictéir aigéid lachtaigh sa tosaitheoir meidhg.

Cuireadh an abairt a leanas isteach ag deireadh an tríú mír déag: Féadfar na cáiseanna a aibiú ar racaí adhmaid.

Cuireadh an leasú sin san áireamh, go páirteach, i bpointe 3.4 den doiciméad aonair.

Ar mhaithe le trédhearcacht, cuireadh an fhéidearthacht maidir le cáiseanna a aibiú ar racaí adhmaid in iúil go soiléir, toisc gur traidisiún seanbhunaithe, a bhfuil cruthúnas leis, nach féidir a athrú, é úsáid an adhmaid i siléir ‘Parmigiano Reggiano’. Toisc gur ardaíodh saincheisteanna féideartha maidir le sláinte nó sláinteachais mar gheall ar úsáid an adhmaid i roinnt margaí eachtracha (sna Stáit Aontaithe, go háirithe) le blianta beaga anuas, meastar go bhfuil sé tábhachtach é a dhéanamh soiléir sa tsonraíocht táirge gur ábhar fíor-riachtanach é an t-adhmad agus nár chúis le aon fhadhb sláinte é – toisc gur cuid de thraidisiún seanbhunaithe é.

An ceannteideal ‘Lipéadú’

An Caighdeán Cáiseoireachta

—   Airteagal 8

Cuireadh an mhír a leanas leis:

Ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad mar ‘fuíollchiumhsóga’, ní féidir an t-ainm ‘Parmigiano Reggiano’ a bheith ar fhuíollghearrthóga ó aghaidheanna nó taobhanna rothaí cáise (píosaí ar craiceann 18 % díobh).

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.6 den doiciméad aonair.

Sainmhínítear saintréithe cáilíochta ‘Parmigiano Reggiano’ sa tsonraíocht táirge, agus áirítear orthu tagairtí sonracha don taos cáise:

dea-bholadh agus blas sainiúil an taois: cumhra, éadrom agus blasta gan a bheith láidir;

uigeacht an taois: mínghráinneach agus screamhach.

Thairis sin, tá méid an chraicinn atá i gcáis ghrátáilte uasteorannaithe go 18 % ag an tsonraíocht táirge ó 1991 (Foraithne ón bPríomh-Aire an 4 Samhain 1991). Is don cháis ghrátáilte amháin a rinneadh difear le cur isteach an cheanglais sin, toisc go mbíonn comhpháirt an chraicinn níos lú ná 18 % sna formáidí ar a bhfuil craiceann (cáiseanna iomlána agus sciartha a bhfuil craiceann). Mar a thuairiscítear níos luaithe i ndáil le ‘fuíollchiumhsóga’, bíonn fuíollghearrthóga ó aghaidheanna nó taobhanna rothaí cáise (píosaí ar craiceann 18 % díobh) fágtha tar éis ullmhú formáidí díolacháin. Mura n-úsáidtear na fuíollghearrthóga sin chun ‘Parmigiano Reggiano’ grátáilte a ullmhú, cás ina gceartaítear an chothromaíocht idir taos agus craiceann nuair a chuirtear taos cáise leis, is féidir iad a dhíol. Tá go leor craicinn sna fuíollghearrthóga sin, áfach, agus, dá réir sin, níl go leor taos cáise iontu chun an sainmhíniú ar shaintréithe tipiciúla ‘Parmigiano Reggiano’ a chomhlíonadh. Dá réir sin, toisc nach gcomhlíonann siad an tsonraíocht táirge a thuilleadh, ní féidir iad a dhíol mar ‘Parmigiano Reggiano’.

Ar na cúiseanna thuas, chomh maith le faisnéis chruinn a thabhairt do thomhaltóirí agus iomaíocht chothrom a áirithiú idir oibreoirí, ní féidir an t-ainm ‘Parmigiano Reggiano’ STFC a úsáid i gcás fuíollghearrthóga ó aghaidheanna nó taobhanna rothaí cáise (píosaí ar craiceann 18 % díobh), mura n-úsáidtear mar ‘fuíollchiumhsóga’ iad.

—   Airteagal 9

An méid a leanas ón gcéad mhír: [...] an lógó a thaispeántar thíos, ina léirítear ding agus roth cháis ‘Parmigiano Reggiano’ agus scian bheag os cionn na bhfocal ‘PARMIGIANO REGGIANO’, ní mór iad a thaispeáint ar gach pacáiste. Ní mór an lógó sin a phriontáil in CMYK ag cloí leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos sa Chomhaontú cuibhreannais ábhartha.

Image 1

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

[...] an lógó a thaispeántar thíos, ina bhfuil léiriú stílithe de dhing agus roth cháis ‘Parmigiano Reggiano’ os cionn na bhfocal ‘PARMIGIANO REGGIANO’, ní mór iad a thaispeáint ar gach pacáiste.Ní mór an lógó sin a phriontáil i ndathanna ag cloí leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos sa Chomhaontú cuibhreannais ábhartha.

Image 2

Cuireadh an leasú sin san áireamh, go páirteach, i bpointe 3.6 den doiciméad aonair.

Athraíodh an lógó chun é a dhéanamh níos nua-aimseartha agus comhaimseartha ó thaobh na stíle de. Cuireadh é sin san áireamh i bpointe 3.6 den doiciméad aonair freisin.

An dara mír: Ionas go mbeidh fios ag na tomhaltóirí a aibí atá ‘Parmigiano Reggiano’, ní mór an t-am aibithe íosta a thabhairt ar lipéadú gach sciar réamhphacáistithe de bhreis agus 15 g a chuirtear ar an margadh.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Ionas go mbeidh sé indéanta a aibí atá ‘Parmigiano Reggiano’ a fháil amach, ní mór an t-am aibithe íosta a thabhairt ar lipéad gach sciar réamhphacáistithe de bhreis agus 15 g a chuirtear ar an margadh.

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.6 den doiciméad aonair.

Scriosadh an tagairt do ‘tomhaltóirí’, toisc nach mór feidhm a bheith ag an oibleagáid, maidir le haibíocht íosta na cáise a thabhairt, maidir leis an gcáis réamhphacáistithe uile i sciartha de bhreis agus 15 g, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil sé le díol le hoibreoirí tráchtála (cuideachtaí próiseála, gnólachtaí oll-lónadóireachta amhail bialanna, etc.), ní hamháin le tomhaltóirí deiridh. Is é is aidhm don leasú sin é sin a dhéanamh níos soiléire. Ar bhonn na sainmhínithe a bhunaítear in Airteagal 2(2)(i) agus (j) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, athraíodh ‘lipéadú’ go ‘lipéad’ toisc nach mór an t-am aibithe íosta a thabhairt ar an bpacáistíocht nó ar an gcoimeádán, agus d’fhéadfaí nach dtabharfaí sna doiciméid é.

Cuireadh an méid a leanas isteach mar thríú mír:

Toisc go n-athróidh dea-bholadh agus blas thaos ‘Parmigiano Reggiano’ le linn an phróisis aibithe, féadfar na haidiachtaí tuairisciúla a leanas a úsáid ar an lipéad, chomh maith leis an am aibithe, i gcás aicmí aibíochtaí áirithe, chun na saintréithe orgánaileipteacha a chur in iúl:

delicato [éadrom] (12-19 mí);

armonico [comhchuí] (thart ar 20-26 mhí);

aromatico [aramatach] (thart ar 27-34 mhí);

intenso [tréan] (thart ar 35-45 mhí).

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.6 den doiciméad aonair.

Nuair a tugadh isteach an ceanglas chun aibíocht íosta ‘Parmigiano Reggiano’ a chuirtear ar an margadh i sciartha de bhreis agus 15 g, bhí gá le measúnú orgánaileipteach a chur in iúl ag úsáid aidiachtaí ‘tuairisciúla’ a bhíonn éagsúil ag brath ar an aibíocht. Toisc go ndéantar ‘Parmigiano Reggiano’ a aibiú ar feadh tréimhse fhada, idir 12 agus breis agus 40 mí, athraíonn na dea-bholaithe agus blasanna le himeacht ama agus is é sin an fáth ar féidir aidiachtaí ‘tuairisciúla’ a úsáid ar lipéid, chun cabhrú le tomhaltóirí agus an táirge á roghnú acu.

An ceathrú mír: Níl sé éigeantach uimhir chlárúcháin nó ainm an déirí a chur ar an lipéadú ach amháin i gcás cáise grátáilte nó sciartha de thionscnamh cáiseanna a mharcáiltear mar ‘Cáis Phréimhe’ de bhun Airteagal 15 de na ‘Rialacha maidir le Marcálacha Aitheantais’.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Níl sé éigeantach uimhir chlárúcháin nó ainm an déirí a chur ar an lipéad ach amháin i gcás cáise grátáilte nó sciartha de thionscnamh cáiseanna a mharcáiltear mar ‘Cáis Phréimhe’ de bhun Airteagal 15 de na ‘Rialacha maidir le Marcálacha Aitheantais’.

Ar bhonn na sainmhínithe a bhunaítear in Airteagal 2(2)(i) agus (j) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, athraíodh ‘lipéadú’ go ‘lipéad’ toisc nach mór uimhir chlárúcháin nó ainm an déirí a thabhairt ar an bpacáistíocht nó ar an gcoimeádán, agus d’fhéadfaí nach dtabharfaí sna doiciméid é.

Rialacha maidir le Marcálacha Aitheantais

—   Airteagal 1: ‘Na marcálacha’

An dara mír: 2. Ní mór do gach déirí a cháiseanna a mharcáil leis an bhfaisnéis tionscnaimh trí bhíthin:

(a)

diosca cáiséine a cheangal de gach roth cáise in éineacht leis na cóid lena sainaithnítear é;

(b)

na focail ‘Parmigiano-Reggiano’ a phriontáil i litreoireacht poncanna bioráin (féach Íomhá 1), chomh maith le uimhir chlárúcháin an déirí agus bliain agus mí an táirgthe timpeall thaobhanna an rotha ag úsáid bandaí stionsalála.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

2.

Ní mór do gach déirí a cháiseanna a mharcáil leis an bhfaisnéis tionscnaimh trí bhíthin:

(a)

diosca cáiséine a cheangal de gach roth cáise nó córas comhionann a úsáid lena n-áirithítear sainaithint uathúil gach cáise (‘diosca’ nó ‘dioscaí’ anseo feasta);

(b)

na focail ‘Parmigiano-Reggiano’ a phriontáil i litreoireacht poncanna bioráin (féach Íomhá 1 agus Íomhá 1-bis), chomh maith le uimhir chlárúcháin an déirí, bliain agus mí an táirgthe agus an t-acrainm ‘DOP’ [STFC] timpeall thaobhanna an rotha ag úsáid bandaí stionsalála.

Cuireadh na leasuithe sin san áireamh i bpointe 3.6 den doiciméad aonair.

Toisc go bhféadfadh bealaí eile, chun cáiseanna ‘Parmigiano Reggiano’ a shainaithint, teach chun cinn le forbairtí teicneolaíochta sa todhchaí, sonraítear sa téacs anois gur féidir córais eile seachas dioscaí cáiséine a úsáid.

Cuireadh tagairt do ‘Íomhá 1-bis’ isteach, a cuireadh leis an roinn ‘Íomhánna Samplacha’.

Deirtear sa téacs anois nach mór a áireamh sna bandaí stionsalála, a úsáidtear chun comharthaí tionscnaimh a inphriontáil ar na cáiseanna, an t-acrainm DOP (STFC), toisc go bhfuil an t-acrainm sin á úsáid ar na stionsail a úsáidtear faoi láthair.

Rinneadh an tríú mír: 3. Déanfaidh Cuibhreannas Cáise ‘Parmigiano Reggiano’ na marcálacha roghnúcháin i gcomhréir le hAirt. 4, 5 6, 7 agus 8 thíos, a luaithe a bheidh na seiceálacha déanta ag an gcomhlacht rialúcháin údaraithe.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

3.

Déanfaidh Cuibhreannas Cáise ‘Parmigiano Reggiano’ na marcálacha roghnúcháin, mar a bhunaítear in Airteagail 4, 5 6, 7 agus 8 thíos, a luaithe a bheidh na seiceálacha déanta ag an gcomhlacht rialúcháin údaraithe.

Cuirtear an focal ‘Airteagail’, agus é litrithe amach ina iomláine, in ionad an ghiorrúcháin ‘Airt.’.

—   Airteagal 3: ‘Oibleagáidí na ndéirithe’

Rinneadh an chéad mhír: 1. Ní mór do na déirithe, a bhfuil sé i gceist acu cáis ‘Parmigiano Reggiano’ a dhéanamh, iarratas a chur faoi bhráid an Chuibhreannais ar a laghad 4 mhí sula dtosófar ar an ngníomhaíocht, iarratas ina ndearbhaítear gur cuireadh san áireamh iad sa chóras rialúcháin, chun go sannfar uimhir chlárúcháin dóibh agus chun bandaí stionsalála agus dioscaí cáiséine le haghaidh comharthaí tionscnaimh a iarraidh.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

1.

Ní mór do na déirithe, a bhfuil sé i gceist acu cáis ‘Parmigiano Reggiano’ a dhéanamh, iarratas a chur faoi bhráid an Chuibhreannais sula dtosófar ar an ngníomhaíocht, iarratas ina ndearbhaítear gur cuireadh san áireamh iad sa chóras rialúcháin, chun go sannfar uimhir chlárúcháin dóibh agus chun bandaí stionsalála agus dioscaí le haghaidh comharthaí tionscnaimh a iarraidh.

Baineadh an tagairt do ‘4 mhí’ toisc gur measadh gur achar ama rófhada sin. Scriosadh an focal ‘cáiséine’ i gcomhréir leis an leasú ar Airteagal 1.

An dara mír: 2. Tá na déirithe freagrach as úsáid chuí agus cothabháil bandaí stionsalála agus dioscaí cáiséine, a sholáthraítear dóibh ar bhonn iontaoibhe.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

2.

Tá na déirithe freagrach as cothabháil agus úsáid chuí bandaí stionsalála agus dioscaí, a sholáthraítear dóibh ar bhonn iontaoibhe.

Cuimsítear sa leasú sin friotal úr a chur ar an abairt maidir le cothabháil agus úsáid chuí bandaí stionsalála agus dioscaí chun go mbeidh ord níos loighciúla uirthi.

Rinneadh an cúigiú mír: 5. [...] I gcás neamhchomhlíontachta, ordóidh an Cuibhreannas tarraingt siar na mbandaí stionsalála agus na ndioscaí agus/nó gearradh pionóis, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunaítear sa phlean rialaithe.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

6.

[...] I gcás neamhchomhlíontachta, ordóidh an Cuibhreannas tarraingt siar na mbandaí stionsalála agus na ndioscaí agus/nó gearradh pionóis, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.

Soiléirítear nach mór aon tarraingt siar na mbandaí stionsalála nó na ndioscaí agus/nó gearradh pionós a dhéanfadh an Cuibhreannas a bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.

—   Airteagal 6: ‘Aicmiú cáise’

An dara mír: 2. Chun an próiseas iniúchta cáilíochta a dhéanamh a oibiachtúla is féidir, ní mór do na painéil iniúchta roth amháin cáise ar a laghad in aghaidh na baisce a ghearradh, agus níor cheart dóibh níos lú ná cáis amháin in aghaidh gach míle cáis nó cuid di a ghearradh, chun measúnú a dhéanamh ar na saintréithe uigeachta agus orgánaileipteacha. [...]

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

2.

Chun cabhrú leis na cigirí an measúnú a dhéanamh ar na cáiseanna, ní mór do na painéil iniúchta roth amháin cáise ar a laghad in aghaidh na baisce a ghearradh, agus in aon chás, a mhéid cáiseanna is gá chun measúnú a dhéanamh ar na saintréithe uigeachta agus orgánaileipteacha. [...]

Tugtar tuairisc níos cirte ar ghníomhaíocht na gcigirí agus measúnú á dhéanamh acu ar cháis ‘Parmigiano Reggiano’ toisc go sonraítear gurb é is cuspóir do ghearradh na gcáiseanna cabhrú leo sa phróiseas measúnúcháin cáilíochta. Thairis sin, in ionad tagairt a dhéanamh don líon íosta cáiseanna, nach mór do na painéil iniúchta iad a ghearradh, ceanglaítear orthu anois leis an téacs a mhéid cáiseanna is gá a ghearradh le haghaidh an mheasúnúcháin is fearr ar shaintréithe uigeachta agus orgánaileipteacha an taois cáise, a bhfeabhsaítear an measúnú dá thoradh sin.

—   Airteagal 7: ‘Stampáil dúigh’

Rinneadh an chéad mhír: Le linn na n-iniúchtaí cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 6, déanfar na cáiseanna a stampáil le dúch doscriosta le marcáil shealadach lena sanntar ceann de na catagóirí a leanas mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn:

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Le linn na n-iniúchtaí cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 6, déanfar na cáiseanna a stampáil le dúch doscriosta, nó úsáid a bhaint as córas comhionann, le marcáil shealadach lena sanntar ceann de na catagóirí a leanas mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn:

Tar éis an iniúchta cáilíocht agus an aicmithe, is é is cleachtas reatha do na cigirí na cáiseanna a mharcáil le stampa dúigh lena marcáiltear iad go sealadach leis an gcatagóir cáilíochta ar sannadh dóibh – a haon, a dó, nó a trí – go dtí go ndéantar an próiseas marcála ar na cáiseanna ina dhiaidh sin, próiseas is féidir a dhéanamh ó 7 lá tar éis an iniúchta, mar a shainordaíonn an comhlacht rialúcháin. De réir mar a thagann an teicneolaíocht chun cinn, is é is aidhm don leasú sin é a dhéanamh gur féidir sásraí éagsúla a úsáid le haghaidh sainaithint shealadach na gcáiseanna.

—   Airteagal 9: ‘Cealú marcálacha/comharthaí’

An mhír seo a leanas: Bainfidh foireann an Chuibhreannais na marcálacha de cháiseanna ó chatagóir a trí [...].

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Bainfidh foireann an Chuibhreannais na comharthaí tionscnaimh de thaobhanna na gcáiseanna ó chatagóir a trí [...].

Is éard atá sna comharthaí tionscnaimh ar na cáiseanna: (b) na focail ‘Parmigiano Reggiano’ i litreoireacht poncanna bioráin (chomh maith le uimhir chlárúcháin an déirí a rinne í, bliain agus mí an táirgthe, agus an giorrúchán DOP [STFC]) atá priontáilte timpeall thaobhanna an rotha cáise ag úsáid banda stionsalála; agus an diosca cáiséine chun críocha inrianaitheachta, diosca a bhíonn ceangailte d’aghaidh réidh an rotha de ghnáth. I gcás nach gcomhlíonann cáis na ceanglais chun STFC a úsáid, baintear na comharthaí tionscnaimh timpeall na dtaobhanna, lena n-áirítear na focail ‘Parmigiano-Reggiano’ i litreoireacht poncanna bioráin, ionas nach féidir a cháis a chur os comhair na dtomhaltóirí mar ‘Parmigiano Reggiano’, ach maidir leis an diosca cáiséine, a fhaightear ar cheann d’aghaidheanna réidhe an rotha cáise de ghnáth agus nach mór a choinneáil san áit a bhfuil sé chun inrianaitheacht a áirithiú, fágtar ceangailte é. Is é is cuspóir don leasú sin ná é a dhéanamh níos soiléire nach mbaineann cealú comharthaí tionscnaimh ach leis na comharthaí siúd timpeall thaobh an rotha cáise.

—   Airteagal 11: ‘Achomhairc’

Rinneadh an chéad mhír: 1. Féadfaidh na déirithe achomharc a dhéanamh in aghaidh fíorais iniúchta cáilíochta trí theagmháil a dhéanamh leis an gCuibhreannas i scríbhinn le seachadadh taifeadta suas le 4 lá tar éis dheireadh gach seisiúin iniúchta cáilíochta aonair.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

1.

Féadfaidh na déirithe achomharc a dhéanamh in aghaidh fíorais iniúchta cáilíochta trí theagmháil a dhéanamh leis an gCuibhreannas i scríbhinn suas le dhá (2) lá tar éis dheireadh gach seisiúin iniúchta cáilíochta aonair.

Laghdaíodh an tréimhse inar féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh fíoraisc iniúchta cáilíochta ó 4 lá go 2 lá. Chun an próiseas riaracháin a shimpliú, deirtear sa téacs anois nach mór achomhairc a chur isteach i scríbhinn, ach ní gá iad a sheoladh le seachadadh taifeadta.

—   Airteagal 12: ‘Ceartú comharthaí tionscnaimh a iarraidh’

Rinneadh an t-airteagal seo, a deir an méid a leanas faoi láthair: Más gá obair a dhéanamh ar an gcuid den gcraiceann a bhfuil an diosca chun fabhtanna, a d’fhorbair le linn an aibithe, a cheartú, iarrfaidh an déirí ar an gCuibhreannas stampa doscriosta a chur in ionad an diosca. Ní mór do na déirithe na dioscaí a bhaintear a choimeád agus iad a thabhairt don Chuibhreannas.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

1.

Mura ngreamaíonn diosca den cháis a thuilleadh tar éis aibithe, nó más gá obair a dhéanamh ar an gcuid den gcraiceann a bhfuil an diosca chun fabhtanna, a d’fhorbair le linn an aibithe, a cheartú, iarrfaidh an déirí go pras ar an gCuibhreannas stampa doscriosta a chur in ionad an diosca. Ní mór do na déirithe na dioscaí a bhaintear a choimeád agus iad a thabhairt don Chuibhreannas.

Sa téacs atá ann anois, ceanglaítear ar na déirithe a iarraidh ar an gCuibhreannas stampaí doscriosta a chur in ionad dioscaí i gcás nach ngreamaíonn an diosca den cháis i gceart a thuilleadh, agus sonraítear nach mór an iarraidh sin a dhéanamh go pras.

—   Airteagal 13 ‘Cealú comharthaí tionscnaimh a iarraidh’

Rinneadh an t-airteagal seo, a deir an méid a leanas faoi láthair: Má fhorbraíonn fabhtanna le linn an aibithe, fabhtanna atá a thromchúisí sin nach féidir le próiseas an aibithe leanúint ar aghaidh, tá sé de cheart ag déirithe a iarraidh, roimh an iniúchadh cáilíochta, ar an gCuibhreannas na comharthaí tionscnaimh na cáise a bhfuil difear déanta di a chealú nó go ndéanfaí an cháis sin a thabhairt ar láimh i gcomhréir le hAirteagal 9.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Má fhorbraíonn fabhtanna le linn an aibithe, fabhtanna atá a thromchúisí sin nach féidir le próiseas an aibithe íosta leanúint ar aghaidh, tá sé de cheart ag déirithe a iarraidh, roimh an iniúchadh cáilíochta, ar an gCuibhreannas na comharthaí tionscnaimh ar thaobhanna na cáise a bhfuil difear déanta di a chealú nó go ndéanfaí an cháis sin a thabhairt ar láimh i gcomhréir le hAirteagal 9.

Cuireadh ‘íosta’ leis ar mhaithe lena shoiléiriú go bhféadfaidh na déirithe cealú na gcomharthaí a iarraidh le linn na tréimhse aibithe íosta de 12 mhí. Thairis sin, i gcomhréir leis an leasú ar Airteagal 9 agus forálacha an airteagail sin, sonraítear nach mbaineann cealú comharthaí tionscnaimh ach leis na comharthaí siúd a fhaightear timpeall thaobhanna an rotha cáise.

—   Airteagal 16: Costais

Rinneadh an tríú mír: Ceanglófar ar na déirithe an costas a bhaineann le bandaí stionsalála nua a chur in ionad na mbandaí a bheidh caite roimh am nó a bheidh damáistithe ar shlí eile a chumhdach.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Féadfar a chur de cheangal ar na déirithe an costas a bhaineann le bandaí stionsalála nua a chur in ionad na mbandaí a bheidh caite roimh am nó a bheidh damáistithe ar shlí eile a chumhdach.

Athraíodh ‘ceanglófar’ go ‘féadfar’ toisc gur rogha í iarraidh ar íocaíocht na gcostas sin, in ionad oibleagáide.

Iarscríbhinn

Catagóirí táirge

I bpointe 3, a bhaineann le ‘Parmigiano Reggiano’mezzano [meán-aibithe], déantar an frása a leanas: ceartúcháin dhea-dhéanta arna ndéanamh do thaobhanna nó aghaidheanna réidhe an rotha atá beag go leor nach gcuirfidís isteach mórán ar chuma sheachtrach na cáise, gan aon fhabht boltanach.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

ceartúcháin arna ndéanamh do thaobhanna nó aghaidheanna réidhe an rotha atá beag go leor nach gcuirfidís isteach mórán ar chuma sheachtrach na cáise, gan aon fhabht boltanach.

Maidir le cur i bhfeidhm na nósanna agus na gcleachtas ábhartha i ndáil le sainmhíniú chatagóirí tráchtála cháis ‘Parmigiano Reggiano’, dá dtagraítear in Airteagal 6 sna Rialacha maidir le Marcálacha Aitheantais agus níos sonraí i bpointe (b) (Catagóirí rogha an mhargaidh 0-1) den cheannteideal Aicmiú cáise laistigh de roinn 4 (Cáis Parmigiano-Reggiano) de Provincial Compendium of Customs of the Reggio Emilia Chamber of Commerce, Craft Trades and Agriculture 1990 [Coimre Cúige Nósanna Chomhlachas Tráchtála, Ceirdeanna agus Talmhaíochta Reggio Emilia], féadfaidh ‘mioncheartúcháin dhea-dhéanta áirithe nó mionfhabhtanna, a bhfuil ceartúchán le déanamh orthu, nach bhfágfaidh an cháis a bheith míchumtha’ ag cáis de ‘chatagóir 0’. Cuimsítear faoin gcoincheap seo maidir le ‘ceartúchán’ fabhtanna aeistéitiúla atá ar chraiceann na cáise fós agus atá éagsúil i dtéarmaí a méide, a ndoimhne agus a gcion taise b’fhéidir (‘fabhtanna a bhfuil ceartúchán le déanamh orthu’), agus toradh an cheartúchán ar fhabht aeistéitiúil, le poncloscadh de ghnáth, chun an fhadhb a réiteach nó a laghdú nó an taise a bhaint (‘ceartúchán atá déanta’).

San iarscríbhinn Catagóirí Táirgí a ghabhann leis na Rialacha maidir le Marcálacha Aitheantais, ní dhéantar idirdhealú i bpointe 2 (‘Parmigiano Reggiano’, catagóir 0 agus catagóir 1), mír (a) (catagóir 0) idir ‘ceartúcháin déanta’ agus ‘fabhtanna a bhfuil ceartúchán le déanamh orthu’, ach déantar tagairt don fhíoras nach mór d’aon cheartúchán a bheith beag agus níor cheart go bhfágfaí an cháis míchumtha de thoradh an cheartúcháin sin.

Sa lá atá inniu ann is cleachtas coiteann é do na déirithe ‘fabhtanna a bhfuil ceartúchán le déanamh orthu’ a chur faoi bhráid an phainéil iniúchta cáilíochta, agus sa chás sin déantar an catagóir táirge is iomchuí de réir an fhabht a shannadh do na cáiseanna.

Toisc gur fhág an focal ‘dea-dhéanta’ nár cumhdaíodh leis an sliocht ach ‘ceartúcháin déanta’, baineadh an focal sin, rud a fhágann gur féidir cáiseanna de chatagóir 2 a chur isteach lena n-iniúchadh agus idir ‘ceartúcháin déanta’ agus ‘fabhtanna a bhfuil ceartúchán le déanamh orthu’ acu.

ÍOMHÁNNA SAMPLACHA

Tá íomhá de na focail ‘Parmigiano-Reggiano’ i litreoireacht poncanna bioráin timpeall thaobh an rotha de ‘Parmigiano Reggiano’ curtha san áireamh chun críoch léiriúcháin.

An ceannteideal ‘Eile’

An fo-cheannteideal ‘Pacáistiú’

An Caighdeán Cáiseoireachta

—   Airteagal 6

An mhír: Féadfar sciartha ‘Parmigiano Reggiano’ a phacáistiú le haghaidh díol láithreach ar an láthair ag an ngnólacht chéanna a ghearr an sciar.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Féadfar grátáil, roinnt i sciartha agus réamhphacáistiú le haghaidh díol díreach a dhéanamh ag an asraon miondíola chun críoch díol leis an tomhaltóir deiridh agus chun na críche sin amháin.

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.5 den doiciméad aonair.

Déantar foráil sa leagan reatha den tsonraíocht táirge maidir leis an bhféidearthacht ‘Parmigiano Reggiano’ a roinnt ina sciartha agus a phacáistiú le haghaidh díol láithreach ar an láthair ag an asraon miondíola a ndéantar í a roinnt ina sciartha. Cuireadh an fhéidearthacht sin san áireamh ar bhonn na bprionsabal a léirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (mír 62 den bhreithiúnas an 20 Bealtaine 2003 i gCás C-469/00). Fágtar leis sin freisin gur féidir le gnólachtaí seirbhís a sholáthar do na tomhaltóirí deiridh, toisc gur próiseas fadálach é sciartha a ghearradh de na rothaí nó de chodanna de na rothaí cáise agus bheadh sé an-deacair do na díolphointí – go háirithe agus iad gnóthach – mura bhféadfaí na sciartha a ghearradh ar iarraidh ón tomhaltóir.

Toisc go ndéanann an Chúirt Bhreithiúnais tagairt don phróiseas grátála freisin, áirítear sa leasú sin an fhéidearthacht fhollasach an ghrátáil agus an pacáistiú a dhéanamh ag an asraon miondíola le haghaidh díol díreach leis an tomhaltóir deiridh ar na cúiseanna céanna a thugtar thuas. Tá gá leis an soiléiriú sin freisin mar gheall ar na hagóidí a ardaíodh go minic le blianta beaga anuas leis na comhlachtaí atá freagrach as seiceálacha i ndáil leis an bhféidearthacht ‘Parmigiano Reggiano’ a ghrátáil agus a phacáistiú ag asraonta miondíola le haghaidh díol díreach.

An ceannteideal ‘Rialacha maidir le Beathú Bó’

Rialacha maidir le Beathú Bó

—   Airteagal 1: Raon feidhme

Cuireadh an dara, an tríú agus an ceathrú mír le hAirteagal 1.

Deirtear sa dara mír:

Ní mór an bainne a tháirgeadh ar fheirmeacha atá suite sa limistéar tionscnaimh agus ní mór iad a áireamh sa chóras rialúcháin.

Cuireadh an abairt sin isteach i bpointe 3.3 den doiciméad aonair agus scriosadh an méid a leanas: an abairt ó phointe 3.3 a dúirt Tagann an bainne ó bha sa limistéar geografach sainithe; an abairt ó phointe 3.4 a dúirt Ní mór do na feirmeacha a thógann na ba déiríochta a bpróiseáiltear a mbainne mar ‘Parmigiano Reggiano’ a bheith suite laistigh den limistéar geografach sainithe sin; an tagairt don bhainne a bheith ‘táirgthe’ ó phointe 3.4 sa doiciméad aonair.

Cuirtear in iúl go soiléir nach mór an bainne bó a úsáidtear mar amhábhar a tháirgeadh sa limistéar geografach sainithe ar fheirmeacha atá faoi réir rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú.

Deirtear sa tríú mír:

Maidir le tógáil ba déiríochta a chuirtear in ionad bó eile (‘athstocáil’), ní mór é sin a dhéanamh sa limistéar tionscnaimh agus ní mór é a áireamh sa chóras rialúcháin mar ghníomhaíocht shonrach feirme déiríochta. Tá feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 9 maidir le beostoc de thionscnamh earnálacha táirgeachta eile.

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.3 den doiciméad aonair.

Sa téacs anois tá tagairt fhollasach do thógáil na mbó déiríochta a chuirtear in ionad bó eile (‘athstocáil’), i.e. tógáil laonna baineanna agus bodóga a rachaidh leis an tréad déiríochta sa todhchaí, in éineacht leis an tagairt is gá a léiríonn gur gníomhaíocht shonrach feirme déiríochta é sin. De bharr an naisc struchtúraigh fheidhmiúil sin leis an bhfeirmeoireacht déiríochta, ceanglaítear sa téacs anois nach mór don athstocáil tarlú sa limistéar geografach sainithe agus a bheith faoi réir rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú.

Ar deireadh, déantar tagairt d’Airteagal 9 de na Rialacha maidir le Beathú Bó, lena rialaítear teacht isteach beostoic ó shlabhraí táirgeachta seachas slabhra ‘Parmigiano Reggiano’ chuig feirmeacha déiríochta nó aonaid athstocála.

Deirtear sa cheathrú mír:

Féadfaidh feirmeacha déiríochta a raibh gníomhaíochtaí athstocála acu lasmuigh den limistéar tionscnaimh ar an 5 Eanáir 2021 leanúint den ghníomhaíocht sin a dhéanamh lasmuigh den limistéar tionscnaimh ar choinníoll go n-áirítear é sa chóras rialúcháin.

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.3 den doiciméad aonair.

Cuirtear san áireamh leis an leasú uiríll arna ndéanamh ag gnólachtaí áirithe a thógann beostoc agus a tháirgeann bainne, a bhfuil cáis ‘Parmigiano Reggiano’ le déanamh as, a bhfuil a gcuid timthriallta táirgthe féin á mbainistiú le fada acu – mar a cheadaítear leis an leagan reatha den tsonraíocht táirge – trí bhíthin aonad athstocála atá suite lasmuigh den limistéar geografach sainithe a úsáid. Is é an t-aon chuspóir amháin atá ag an ngníomhaíocht seo ná laonna baineanna agus bodóga a thógáil, a chuirfear in ionad bó déiríochta, nuair a bheidh siad aibí, ar fheirmeacha déiríochta faoi úinéireacht na ngnólachtaí céanna laistigh den limistéar geografach sainithe. Leis an leasú sin, dá bhrí sin, fágtar gur féidir leanúnachas samhla gnóthais a eagraítear ar an mbealach sin, cé go ndéanfaí é a fhrithchothromú trí bhíthin é a chur de cheangal ar ghníomhaíochtaí athstocála na ngnólachtaí sin atá suite lasmuigh den limistéar geografach sainithe a bheith faoi réir na gceanglas bunúsach a leagtar síos Airteagail 5 agus 9 de na Rialacha maidir le Beathú Bó agus rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na sonraíochta táirge sin a fhíorú, ar choinníoll go raibh na gníomhaíochtaí sin ar bun cheana féin nuair a foilsíodh an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil Phoblacht na hIodáile.

—   Airteagal 4: ‘Farae a cheadaítear’

An dara pointe den chéad mhír: Féadfar ba déiríochta a bheathú leis an méid a leanas:

[...]

seagalach farae, seagal farae, coirce farae, eorna farae, cruithneacht farae, arbhar Indiach farae [...];

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Féadfar ba déiríochta a bheathú leis an méid a leanas:

[...]

seagalach farae, seagal farae, coirce farae, eorna farae, cruithneacht farae, triteacál farae, arbhar Indiach farae [...];

Cuireadh triteacál farae, a bhfuil saintréithe aige atá cosúil le saintréithe barr farae eile a cheadaítear cheana féin (eorna, cruithneacht, seagal, etc.), san áireamh sa liosta farae a cheadaítear. Toisc go bhféadfadh leas faoi leith a bheith ag baint le húsáid triteacáil farae, úr nó triomaithe, in áiteanna cnocacha an limistéir gheografaigh shainithe, áit a bhfuil sé an-ábhartha, áirítear go sainráite sa téacs anois gur féidir é a úsáid chun an fhéidearthacht, farae ón limistéar áitiúil a úsáid, a uasmhéadú.

—   Airteagal 5: ‘Táirgí farae agus seachtháirgí a bhfuil toirmeasc orthu’

Rinneadh an chéad dá mhír:

D’fhonn a chosc nach ndéanfaí timpeallacht thithíocht an eallaigh, ina dtógtar laonna baineanna, bodóga suas go dtí an séú mí den tréimhse iompair agus ba déiríochta, a éilliú le sadhlas – lena n-áirítear éilliú tríd an ithir agus farae a chosc – toirmeasctar úsáid agus sealbhú sadhlas d’aon chineál.

Ní mór do na feirmeacha ar a dtógtar ba déiríochta a áirithiú go n-úsáidtear limistéir atá go hiomlán ar leithligh le haghaidh aon ghníomhaíocht feirmeoireachta ó shlabhraí táirgeachta eile (beithígh lena marú, díleáiteoirí, etc.). Féadfar sadhlas gránaigh agus seachtháirgí a choimeád agus a úsáid do na gníomhaíochtaí feirmeoireachta eile sin.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

D’fhonn a chosc nach ndéanfaí timpeallacht thithíocht an eallaigh a éilliú le sadhlas – lena n-áirítear éilliú tríd an ithir agus farae a chosc – agus chun a ligean do chogansacha na n-ainmhithe dul in oiriúint go fiseolaíoch d’aiste bia atá saor ó shadhlas, toirmeasctar feirmeacha déiríochta agus aonaid athstocála sadhlas d’aon chineál a úsáid agus a shealbhú.

Ní mór do na feirmeacha agus aonaid athstocála ar a dtógtar ba déiríochta a áirithiú go n-úsáidtear limistéir atá go hiomlán ar leithligh le haghaidh aon ghníomhaíocht feirmeoireachta ó shlabhraí táirgeachta eile (beithígh lena marú, díleáiteoirí, etc.). Féadfar sadhlas gránaigh agus seachtháirgí a choimeád agus a úsáid do na gníomhaíochtaí feirmeoireachta eile sin.

Cuireadh an leasú ar an gcéad mhír san áireamh i bpointe 3.3 den doiciméad aonair.

Is é is cuspóir don leasú sin, ar an gcéad dul síos, an tAirteagal a chur in oiriúint chun na leasuithe ar Airteagal 1 de na Rialacha maidir le Beathú Bó a léiriú, lena n-áirítear comhchuibhiú na téarmeolaíochta a úsáidtear, trína bhunú, mar a bhí i gcás feirmeacha déiríochta cheana féin, go dtoirmeasctar aonaid athstocála sadhlas d’aon chineál a úsáid agus a shealbhú freisin. Ar an dara dul síos, áirítear go sainráite sa leasú an dara cúis bhunúsach a bhaineann le toirmeasc shealbhú agus úsáid an tsadhlais, anuas ar chosc éilliú na timpeallachta tithíochta: an gá oiriúnú fiseolaíoch chogansacha na n-ainmhithe d’aiste bia atá saor ó shadhlas a cheadú (ó aois an-óg). I gcás an dara gné sin, féach ar na cúiseanna a thugtar le haghaidh na leasuithe ar Airteagal 9 de na Rialacha maidir le Beathú Bó.

Ar an gcaoi chéanna, díríonn an leasú ar an dara mír ar an airteagal a thabhairt i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh d’Airteagal 1 de na Rialacha maidir le Beathú Bó.

Scriosadh an tagairt do mholás i bhfoirm leachta (ach amháin i gcás ina gceadaítear a úsáid faoi Airteagal 6), an séú mír urchair faoi phointe (b) den cheathrú mí roimhe seo.

Baineadh an dearbhthoirmeasc ar úsáid moláis, a tugadh isteach i dtús báire mar gheall ar droch-cháilíocht mhinic agus saintréithe thar a bheith éagsúil an táirge sin, (cé go rialaítear a úsáid le hAirteagal 6) toisc gur féidir brath ar an táirge seo i gcónaí anois de bharr na teicneolaíochta táirgthe nua-aimseartha, a gceanglaítear a húsáid de réir an dlí. Moltar úsáid moláis i gcandaim áirithe fiú, amhail candaim bunaithe ar fhéar tirim, a bhfuil níos lú siúcra ná féar úr ann toisc go gcailltear cuid den chion siúcra sa choipeadh séimh a iompaíonn féar ina fhéar tirim.

Bainistítear tithíocht eallaigh ar bhealach thar a bheith difriúil sa lá atá inniu ann, rud a chiallaíonn gur féidir an riosca a bhaineann le trachanna agus trealamh feirme a shalú – a bhí ar cheann de na príomhchúiseanna a moladh a bheith thar a bheith cúramach agus molás á úsáid laistigh den tithíocht roimhe seo – a bhainistiú go héasca anois.

—   Airteagal 6: ‘Amhábhair i mbeatha ainmhithe nach beatha farae é’

An mhír seo a leanas: Féadfar an méid a leanas a úsáid i mbeatha cumaisc comhlántach freisin:

carúb suas go huasmhéid de 3 %;

molás suas go huasmhéid de 3 %.

Ceadaítear riar beatha ainmhithe i bhfoirm bloc moláis, lena n-áirítear i bhfoirm brúite, suas go huasmhéid de 1 kg in aghaidh an ainmhí in aghaidh an lae. Níl úsáid bloic mholáis comhoiriúnach d’úsáid beatha ainmhithe a bhfuil molás ann, áfach.

Ceadaítear, chomh maith leis sin, táirgí atá bunaithe ar shiúcra agus/nó gliocól próipiléine nó gliocról, i bhfoirm leachta nó cumaiscthe sa bheatha suas go huasmhéid de 300 g in aghaidh an ainmhí in aghaidh an lae.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Féadfaidh carúb, molás biatais agus cána, eastóscán braiche, gliocóil próipiléine agus gliocról a úsáid i mbeatha cumaisc comhlántach freisin suas go huasmhéid foriomlán de 6 %.

Maidir le húsáid táirgí atá bunaithe ar shiúcra, lena n-áirítear iad siúd i bhfoirm leachta nó moláis (molás cána nó biatais), eastóscán braiche, gliocóil próipiléine agus gliocról, in aiste bia bó bainne, cibé más do bha aonair a thugtar é nó sa chandam cumaiscthe iomlán a chuirtear é, tá an úsáid sin teoranta ar 800 g in aghaidh an ainmhí in aghaidh an lae. Ní fhéadfar na táirgí sin a thabhairt tríd an uisce óil.

Cumascann an t-airteagal na teorainneacha ar charúb agus molás (agus táirgí siúcra eile atá cosúil leis sin), a roinneadh mar 3 % de mholás + 3 % de charúb roimhe seo, ina teorainn fhoriomlán de 6 %.

Maidir le húsáid táirgí siúcra, lena n-áirítear molás, a raibh toirmeasc orthu roimhe seo le hAirteagal 5, leathnaíodh é ó bhloic mholáis amháin go grúpa níos leithne de tháirgí comhchosúla agus rialaítear í le socrú teorann laethúil uasta a mheastar a bheith iomchuí chun na candaim snáithín ard is saintréith de shlabhra táirgeachta ‘Parmigiano Reggiano’ a chomhlánú.

Tá úsáid na dtáirgí sin sa lá atá inniu ann an-oiriúnach i gcomparáid leis an tráth a ndearnadh an leagan roimhe seo den tsonraíocht táirge a dhréachtú, toisc go bhfuil úsáid á baint as an gcandam cumaiscthe iomlán go forleathan anois agus is féidir leor feidhm úsáideach a thabhairt i gcrích: cumascann siad an candam agus ní bhíonn sé a phúdraí céanna, as a leanann cumasc níos aonchineálaí agus timpeallacht tithíochta níos sláintí.

Rinneadh an cúigiú mír: Gan dochar d’Airteagal 8, féadfar táirgí agus beatha ainmhithe, a cheadaítear faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair lena n-úsáid le ba déiríochta, a úsáid faoi réir tástáil ó Chuibhreannas Cáise ‘Parmigiano Reggiano’, a thabharfaidh fógra do na comhlachtaí inniúla nuair a bheidh comhoiriúnacht táirgí agus beatha ainmhithe den sórt sin fíoraithe aige.

is í sin an ceathrú mír anois agus rinneadh í a leasú ionas go léifear mar a leanas í:

Gan dochar d’Airteagal 8, féadfar táirgí agus beatha ainmhithe, a cheadaítear faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair lena n-úsáid le ba déiríochta, a úsáid faoi réir measúnú ó Chuibhreannas Cáise ‘Parmigiano Reggiano’, a thabharfaidh fógra do na comhlachtaí inniúla nuair a bheidh comhoiriúnacht táirgí agus beatha ainmhithe den sórt sin fíoraithe aige i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 2.

I ndáil leis an toirmeasc ar úsáid amhábhar áirithe i mbeatha ainmhithe nach beatha farae é agus táirgí chun ba déiríochta a bheathú, athraíodh an téarma ‘tástáil’ go ‘measúnú’. Sonraítear anois nach mór an chomhoiriúnacht a sheiceáil in aghaidh na ‘Prionsabail ghinearálta lena rialaítear beatha’ a leagtar síos in Airteagal 2 de na Rialacha maidir le Beathú Bó.

—   Airteagal 7: ‘Úsáid beatha simplí agus beatha cumaisc comhlántaí, treisithe agus neamhthreisithe’

Scriosadh an ceathrú mír. Is éard a dúirt sé: Ní mór nach sáródh méid iomlán na hamh-saille ó tháirgí agus seachtháirgí soighe, lín, lus na gréine, ola ginidín arbhair indiaigh agus ginidín cruithneachta 300 g in aghaidh an ainmhí in aghaidh an lae.

Gan an réasúnaíocht atá faoi bhun an cheanglais shonraigh sin nó an chuir chuige fhoriomláin na sonraíochta táirge i leith úsáid na saille – nach mór a rialú go daingean – tá an modh a thuairiscítear sa mhír dheireanach curtha in ionadh an mhodha thuas maidir le cion saille comhábhar áirithe a úsáidtear chun beatha ainmhithe nach beatha farae í chun na seiceálacha a dhéanamh níos indéanta, toisc go bhfuil sé thar a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir saill a sholáthraítear le ‘táirgí agus seachtháirgí soighe, lín, lus na gréine, ola ginidín arbhair indiaigh agus ginidín cruithneachta’ amháin, agus go bhfuil sé i bhfad níos éasca an cion saille foriomlán a riartar a sheiceáil, i dtéarmaí páipéarachais (bunaithe ar bhileoga faisnéise beatha nó na comhábhair a chuirtear sa chumascóir candaim chumaiscthe iomláin) agus ó thaobh na hanailíse de freisin.

Bogadh an mhír a leanas, a bhí sa dara mír d’Airteagal 8 roimhe seo, anseo agus is í an ceathrú mír anois í: Ní féidir ba déiríochta a bheathú le haon ghallúnach nó saill de bhunadh ainmhíoch nó glasra (ola, geir, blonag, im), go díreach nó mar chomhábhar sa bheatha.

An tríú mír d'Airteagal 8: Féadfar lipid de bhunadh glasraí a úsáid chun micreachothaithigh a iompar agus a chosaint, suas go huasmhéid de 100 g in aghaidh an ainmhí in aghaidh an lae.

is í sin an cúigiú mír d’Airteagal 7 anois agus rinneadh í a leasú mar a leanas:

Ní fhéadfar olaí glasraí ná saill d’aon chineál ná d’aon fhoirm a úsáid ach amháin mar iompróirí réamh-mheascáin agus ar mhaithe le cosaint aimíonaigéad, vitimíní, mianraí agus cothaitheach eile suas go huasmhéid 50 g in aghaidh an ainmhí in aghaidh an lae.

Cuimsítear sna athraithe ar an téacs a bhíodh in Airteagal 8 athrú ‘lipid de bhunadh glasraí’ agus ‘micreachothaithigh’ go ‘olaí glasraí agus saill’ agus ‘aimíonaigéad, vitimíní, mianraí agus cothaitheach’ faoi seach, toisc gur téarmaí níos uileghabhálaí iad.

Laghdaítear an teorainn maidir le holaí ghlasraí agus saill a chuirtear isteach ‘mar atá’ in aon chineál ó 100 g go 50 g in aghaidh an ainmhí in aghaidh an lae toisc gurb í an t-aon fheidhm atá ag na substaintí sin aimíonaigéid, vitimíní, mianraí agus cothaithigh eile a chosaint, in ionad iad a úsáid ar bhealach ceilte eile chun saill a raibh toirmeasc orthu murach sin a chur isteach, cleachtas a fágadh nach raibh cuspóir aige nuair a laghdaíodh an méid foriomlán, fad a choinnítear a n-úsáid mar iompróir le haghaidh aimíonaigéad amhail meitiainín nó vitimíní amhail coilín.

Cuireadh an méid a leanas isteach mar shéú mír: D’fhonn nach gcuirfí isteach ar choipeadh cogansaí agus chun meath cháilíocht an bhainne a chosc, ní mór cloí leis an méid a leanas i ndáil le méid laethúil na lipide (a mheasúnaítear mar eastóscán éitir) a thugtar do bha bainne:

ní mór nach mbeadh sé níos mó ná 4,0 % den ábhar tirim iomlán;

ní mór nach mbeadh sé níos mó ná 700 g i dtéarmaí an méid a thugtar trí bheatha ainmhithe nach beatha farae í mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de na Rialacha seo.

Tá an teorainn laethúil uasta lipide is féidir a thabhairt do bha bainne tríd na táirgí a cheadaítear socraithe ag 4 % den ábhar tirim iomlán sa chandam. Baintear an teorainn fhoriomlán seo amach leis an teorainn ar shaill a thugtar trí bheatha ainmhithe nach beatha farae í. In ionad teorainn de 300 g ar shaill a d’fhéadfaí a thabhairt trí olashíolta (soighe, líon, lus na gréine, ola ginidín arbhair indiaigh agus ginidín cruithneachta), a bhí an-deacair le fíorú, cuirtear teorainn de 700 g de shaill is féidir a thabhairt i mbeatha ainmhithe nach beatha farae í tríd an tsaill a bhíonn sna hábhair bheatha go nádúrtha (lena n-áirítear grán Indiach freisin, dá bhrí sin, mar shampla).

—   Airteagal 8: ‘Ábhair beatha agus táirgí a bhfuil toirmeasc orthu’

Rinneadh an méid a leanas ón gcéad phointe urchair den chéad mhír: an bia uile de bhunadh ainmhíoch: min éisc, feoil, fuil, plasma, cleití, seachtháirgí éagsúla an mharaithe agus seachtháirgí bainne thriomaithe agus próiseála uibheacha;

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

an bia uile de bhunadh ainmhíoch: min éisc, feoil, fuil, plasma, cleití, seachtháirgí éagsúla an mharaithe chomh maith le seachtháirgí bainne thriomaithe agus próiseála uibheacha;

Cuireadh friotal úr ar an téacs trí chomh maith le a chur in ionad an chónaisc agus.

San ochtú pointe urchair den chéad mhír, athraíodh algaí saothraithe go algaí leis féin, toisc nach féidir a thionscnamh a fhíorú agus toisc go bhfuil na táirgí atá ar an margadh faoi láthair faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm lena ráthaítear leibhéil leordhóthanacha sábháilteachta foriomláine.

An méid a leanas ón dara pointe urchair den cheathrú mír: na frithocsaídeoirí hiodrocsanasóil bhúitilithe, hiodrocsatolúéin bhúitilithe agus eatocsacuin.

is é sin an dara pointe urchair den dara mír anois agus rinneadh í a leasú ionas go léifear mar a leanas í:

na frithocsaídeoirí hiodrocsanasól bhúitilithe, hiodrocsatolúéin bhúitilithe agus eatocsacuin, mura dtugtar iad le vitimíní chun críocha teicneolaíochta mar oibreáin chobhsaitheacha.

Cuireadh an frása ‘mura dtugtar iad le vitimíní chun críocha teicneolaíochta mar oibreáin chobhsaitheacha’ isteach toisc go raibh na frithocsaídeoirí a liostaítear in úsáid sa bheatha ar an mbealach sin i gcónaí, toisc go bhfuil siad sna réamh-mheascáin vitimíní a úsáideann muilte beatha ainmhithe chun an bheatha a tháirgeadh, chun cobhsaíocht agus cáilíocht vitimíní atá intuaslagtha i saill, amhail vitimín A (is féidir a ocsaídiú go héasca agus nach féidir a úsáid gan oibreáin chobhsaitheacha, dá bhrí sin) a áirithiú. Mar gheall ar leasuithe a rinneadh ar an reachtaíocht le déanaí, áfach, ciallaíonn sé nach mór na comhábhair a liostú ar an táirge deiridh, rud a chiallaíonn go bhféadfaidís a bheith ar bhileoga faisnéise, rud a thugann neamhchomhlíontacht le fios cé nár athraigh an cás i ndáiríre.

Dá bhrí sin, rinneadh an téacs a oiriúnú chun an fíoras, go gceanglaítear leis an dlí go liostófaí na táirgí sin sna bileoga faisnéise nuair a úsáidtear iad i réamh-mheascáin, a léiriú. Tá an toirmeasc ar na táirgí sin mar chomhábhair aonair sa bheatha ainmhithe fós ann, áfach, toisc gurb é atá beartaithe leis an dlí cosc a chur ar a n-úsáid mar réiteach ar fhadhbanna a eascraíonn as úsáid ábhar beatha de dhroch-cháilíocht.

—   Airteagal 9: ‘Beostoc de thionscnamh earnálacha táirgeachta eile’

Rinneadh an chéad dá mhír d’Airteagal 9:

Ní fhéadfar ba déiríochta ó shlabhraí táirgeachta seachas slabhra ‘Parmigiano Reggiano’ a thabhairt isteach sna timpeallachtaí a gcoinnítear na ba bainne agus na ba tirime sula mbeidh 4 mhí, ar a laghad, caite ón uair a tháinig siad chuig an ngabháltas.

Le linn na tréimhse sin, ní mór na ba déiríochta a bheathú i gcomhréir leis na Rialacha seo agus ní fhéadfar aon bhainne a tháirgfidh siad a sheachadadh chuig na déirithe cáise.

a leasú ionas go léifear mar a leanas é:

Ní mór beostoc ó shlabhraí táirgeachta seachas slabhra ‘Parmigiano Reggiano’, agus nach gcumhdaítear faoin gcóras rialúcháin, dá bhrí sin, a thabhairt isteach chuig feirmeacha déiríochta nó aonaid athstocála tráth nach déanaí ná an lá a bhaineann an t-ainmhí 10 mí d’aois amach.

Cuireadh an leasú sin san áireamh i bpointe 3.3 den doiciméad aonair.

Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomhghnéithe a fhágann go bhfuil cáis ‘Parmigiano Reggiano’ uathúil mar a leanas:

Críoch: ní mór é seo a thuiscint i dtéarmaí ithreach, aeir agus uisce agus tá sé fíor-riachtanach i ndáil lena cumas bia a ghiniúint don bheostoc agus an ‘dea’-mhicreaflóra atá ríthábhachtach i ndáil le déanamh agus aibiú na cáise a choimeád gníomhach. Go háirithe, sainaithnítear an toirmeasc ar úsáid sadhlas d’aon chineál le haghaidh bó déiríochta agus ról an fharae ón bhféarach amhail féarthalamh buan agus sealadach mar phríomhghnéithe chun an chríoch sin a chaomhnú. Ní féidir an chothromaíocht mhicribhitheolaíoch íogair a theastaíonn le haghaidh na cáiseoireachta a chaomhnú ach amháin le bainistiú cúramach na hithreach, na tithíochta eallaigh agus déirithe cáise.

Beostoc: bainistíocht beostoic, cothú ceart go háirithe, cabhraíonn sé le hainmhithe an cumas, na candaim a thugtar dóibh a athrú go bainne, a fhorbairt, a bhfreagairt táirgthe, sláinte agus fad saoil. Tá ciall leis, dá bhrí sin, go spreagfaí leis an tsonraíocht táirge go ndíreofaí níos mó ar na saincheisteanna sin, lena n-áirítear i gcás ina mbíonn fáil ar fhaisnéis nua.

‘Dea’-mhiocrorgánaigh don cháiseoireacht: measadh i gcónaí go raibh ról fíor-riachtanach acu sin chun cáis ‘Parmigiano Reggiano’ a dhéanamh uathúil.

Deartar rialacha uile na sonraíochta táirge reatha chun gnáthóg fabhrach micribhitheolaíoch a chur chun cinn ón bpáirc go dtí an fheirm go dtí an déirí. Go háirithe, maidir le toirmeasc an tsadhlais de gach cineál i dtógáil na laonna baineanna, na mbodóg suas go dtí an séú mí den tréimhse iompair agus na mbó déiríochta, chomh maith le haiste bia atá bunaithe ar fhéar tirim, is bunchlocha iad sin sa chur chuige maidir le roghnú an fhlóra atá is saintréith de limistéar táirgthe ‘Parmigiano Reggiano’, i dtéarmaí ‘dea’-fhlóra agus ‘droch’-fhlóra.

Ar bhonn na nithe bunúsacha sin, meastar go bhfuil sé tábhachtach go n-athraíonn an tsonraíocht táirge agus go leagtar síos rialacha maidir le bainistiú na laonna baineanna agus na mbodóg a tháirgfidh bainne chun cáis a dhéanamh as nuair a bheidh siad aibí. Le fada an lá anois, bhí feidhm ag na rialacha, maidir leis an aiste bia a thugtar do bha bainne sa tsonraíocht táirge, maidir le ba tirime agus bodóga ón séú mí den tréimhse iompair freisin. Ní hamháin go bhfuil na rialacha sin dírithe ar aon mheath ar shaintréithe cáilíocht an bhainne a chosc, toisc nach dtáirgeann an dá chatagóir dheireanacha bainne, ach chun treoir a thabhairt freisin (agus thar aon ní eile) do na táirgeoirí i dtreo samhail feirmeoireachta atá i gcomhréir leis na bunchlocha bunúsacha: an toirmeasc ar úsáid sadhlais, candaim bunaithe ar fhéar tirim, cumas cogansaí snáithín a phróiseáil agus fócas ar an eallach ar fad ar an bhfeirm. Mar a luaitear cheana féin, leathnaítear leis an tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair an toirmeasc ar úsáid agus sealbhú sadhlas de gach cineál i dtógáil na laonna baineanna agus na mbodóg suas go dtí an séú mí den tréimhse iompair.

Is é is príomhaidhm do leasú a iarraidh lena bhfágfaí, maidir le tabhairt isteach aon bheostoc ó shlabhraí táirgeachta chuig feirm déiríochta, nó chuig na haonaid, a liostaítear sa chóras rialúcháin, ar a ndéantar gníomhaíochtaí athstocála sonracha feirme déiríochta, nach mór iad a thabhairt isteach faoi aois 10 mí chun cumas na bó oiriúnú do shaol ghnáth-aiste bia na ngabháltas a chuimsítear faoi chóras rialúcháin ‘Parmigiano Reggiano’ STFC a fheabhsú agus a mhéadú, an aiste bia a thugtar do na ba a thógtar go díreach sa limistéar táirgthe cheana féin, le húsáid an fharae agus toirmeasc ar an mbeathú le sadhlas.

Cé gur cheart, go teoiriciúil, na hainmhithe sin a thabhairt chuig na gabháltais agus a luaithe a bheidh siad scoite ionas gur féidir leo dul in oiriúint do shaol ghnáth-aiste bia na bhfeirmeacha a chuimsítear faoin gcóras rialúcháin le haghaidh ‘Parmigiano Reggiano’ STFC, meastar gur luath go leor é 10 mí chun feabhas soiléir a bhaint amach sa chás faoin tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair. Léirítear leis an togra seo comhréiteach cóir, lena seachnaítear ualach mór eacnamaíoch orthu siúd a thógann beostoc óg lasmuigh de shlabhra táirgeachta ‘Parmigiano Reggiano’ STFC faoi láthair.

Thairis sin, ag féachaint don chlaonadh ginearálta a bodóga a inseamhnú ag aoiseanna a éiríonn níos óige i gcónaí, gar do 12 mhí i gcásanna áirithe, áiritheofar leis an gceanglas nach mór ainmhithe a thabhairt isteach faoi aois 10 mí go ndéantar an toirchiú ar fheirmeacha laistigh de shlabhra táirgeachta STFC agus feabhsú géiniteach d’fheidhm aige sin.

Nuair a cheanglaítear go ndéanfaí eallach a bheathú le haiste bia atá saor ó shadhlas ón 10 mí dá saol, is é is aidhm de sin a áirithiú go bhforbraíonn a gcogansacha le féar tirim, rud a chiallaíonn gur féidir coinne a bheith leis go bhforbróidh siad saintréithe anatamaíocha agus histeolaíocha atá níos oiriúnú don chéim ina dhiaidh sin den táirgeadh bainne, rud a chiallaíonn go n-éireoidh níos fearr leis na mba ar an gcineál sin aiste bia. Meastar go coitianta go bhfuil tionchar dearfach ag beathú na laonna baineanna agus na mbodóg le haiste bia atá bunaithe ar úsáid an fharae thirim go príomha, in ionad an tsadhlais, ar a bhforbairt mhoirfeolaíoch, as a dtagann doimhneacht bhoilg níos mó agus cumas ionghabhála méadaithe, agus laghdaítear an riosca de bhrat saille iomarcach (rud a d’fhéadfadh mí-úsáid sadhlais arbhair indiaigh a chruthú go háirithe).

Tá suite ag taighde le déanaí go bhfuil tairbhí ag baint le beathú na mbodóg le féar tirim i dtéarmaí iontógáil an ábhair thirim agus an fháis, agus go bhfuil tionchar dearfach ag ithe an fhéir thirim in ionad an tsadhlais ar chumas úsáide farae an ainmhí, de thoradh forbairt moirf-fheidhmiúil chogansach na bodóige agus í ag fás, is dócha. Ba cheart a lua freisin, maidir le húsáid candaim atá aigéadaigineach de bharr éagothroime a bhfuil go leor stáirse ann, toisc go mbíonn candaim atá bunaithe ar shadhlais arbhair (agus sadhlais arbhair indiaigh go háirithe) mar sin dé ghnáth, is féidir le húsáid an chandaim aigéadaiginigh sin a bheith ina chúis le damáiste fíocháin sa mhúcós cogansaí (creimeadh) agus san ae (easpaí). Mar gheall ar an damáiste sin, damáistithe nach féidir a leigheas, fágtar go mbíonn na hainmhithe níos soghabhálaí i leith galar eile agus nach mbíonn siad a éifeachtúla céanna i bpróiseáil na gcandam atá bunaithe ar shnáithín ard, farae toirtiúil, amhail na candaim atá bunaithe ar fhéar tirim a fhaightear sna feirmeacha a chuimsítear faoi chóras rialúcháin ‘Parmigiano Reggiano’ STFC. Tá an damáiste sin neamhchoitianta i measc ainmhithe a bhfuil a n-aiste bia bunaithe ar fharae nach bhfuil sadhlas déanta de, féar tirim go háirithe.

I gcomparáid le húsáid an tsadhlais, nuair a bheathaítear bodóga le farae úr agus féar tirim laghdaítear go mór an riosca a bhaineann le hionghabháil míceatocsainí ar féidir dochar a dhéanamh do chóras imdhíonachta an ainmhí, rud a fhágann go mbíonn sé níos soghabhálaí i leith galair agus a laghdaíonn fad a shaoil dá réir sin.

Chomh maith leis sin, féachann an leasú sin le feabhas a chur ar na rialuithe i gcóras táirgthe fíoraithe cháis ‘Parmigiano Reggiano’, rud a thugann dearbhú níos mó don tomhaltóir deiridh go gcomhlíonann an táirge an tsonraíocht táirge.

Toirmeasctar sa tsonraíocht táirge faoi láthair sadhlas d’aon chineál a úsáid ná a shealbhú i dtógáil laonna baineanna, bodóga suas go dtí an séú mí den tréimhse iompair agus bó déiríochta. Maidir leis an gceanglas i ndáil le ‘coraintín’ a leagtar síos in Airteagal 9 de na Rialacha maidir le Beathú Bó sa tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair, is é is aidhm shonrach de an riosca d’éilliú spór a laghdú sa timpeallacht ina gcoinnítear an t-eallach déiríochta, a n-úsáidtear a mbainne chun ‘Parmigiano Reggiano’ a dhéanamh, arb é sin an fáth a gceanglaítear ar oibreoirí, le linn na tréimhse ‘coraintín’ sin, na ba a leithscaradh go hiomchuí ó shlabhraí táirgeachta nach slabhra ‘Parmigiano Reggiano’ iad, an bainne a choinneáil ar leithligh agus na taifid feirme ábhartha a choinneáil.

Le himeacht ama, i ndáil leis na seiceálacha a dhéantar chun a chinntiú gur comhlíonadh na rialacha ‘coraintín’ i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge a bhí i bhfeidhm an tráth sin, nochtadh gur teipeadh roinnt uaireanta ar na táirgeoirí an ceanglas i ndáil le ‘coraintín’ a chomhlíonadh sa téarmaí a leagtar síos sa phlean rialúcháin le haghaidh ‘Parmigiano Reggiano’ STFC.

Go sonrach, d’aimsigh comhlacht rialúcháin údaraithe ‘Parmigiano Reggiano’ STFC 12 chás de ‘neamhchomhlíonadh mór’ i seiceálacha ar chomhlíonadh an cheanglais ‘coraintín’ idir 2012 agus 2017. Sna cásanna sin de ‘neamhchomhlíonadh mór’ lean na hiarmhairtí a leagtar síos sa ‘tábla rialúcháin’ a bhaineann le láimhseáil an amhábhair agus, go háirithe, eisiamh an táirge ó STFC, chomh maith le bearta feabhais a ghlac na hoibreoirí i gceist chun an chúis nó na cúiseanna a dhíothú. Le linn na tréimhse céanna, d’aimsigh an comhlacht rialúcháin údaraithe 639 gcás de ‘mion-neamhchomhlíonadh’ agus, dá bharr sin, ghlac na hoibreoirí i gceist bearta feabhais chun an chúis nó na cúiseanna a dhíothú.

Thairis sin, taispeántar sna cásanna de ‘neamhchomhlíonadh mór’ a taifeadadh in 2018 (5) agus 2019 (4) go raibh méadú comhréireach ann i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin (2012-2017), rud a thugann le fios go bhfuil sé ag éirí níos coitianta.

Ar an gcéad dul síos, dá gceanglófaí ar oibreoirí na ba a thabhairt isteach sa slabhra faoi aois 10 mí bheadh sé i bhfad níos éasca ar an gcomhlacht rialúcháin údaraithe an tseiceáil a dhéanamh, os rud é gur féidir aois an ainmhí (óna bhreith) a fháil i mbunachair sonraí, i gcomparáid leis na seiceálacha ‘coraintín’ atá ann faoi láthair a dhíríonn ar chéim de shaol na bó (séú mí den tréimhse iompair, den tréimhse bleáin, nó den tréimhse thirim) a bhíonn éagsúil ag brath ar an tráth ar tharla inseamhnú.

Thairis sin, ní bheadh gá le ‘coraintín’, mar a thuigtear é faoi láthair, toisc, mar a luadh cheana, ó aois 10 mí bheadh am leordhóthanach ag an mbó dul in oiriúint don ghnáth-aiste bia (toisc go dtógfaidh sé, ar an meán, thart ar 12-14 mhí eile sula dtosóidh sí ag táirgeadh bainne) agus ní bheadh aon riosca ann go ndéanfaí an t-oibreoir leithscaradh na n-ainmhithe ‘i gcoraintín’ agus a sreafaí bainne, rud a d’fhéadfadh fadhbanna a chruthú leis an gcáis (rud a d’fhéadfadh tarlú faoi láthair dá dtabharfadh bó a bheadh ag lachtadh cheana chuig an bhfeirm).

—   Airteagal 10: ‘Iontráil feirmeacha nua chuig an slabhra táirgeachta’

An tríú mír d'Airteagal 9: Níl gabháltais talmhaíochta nach mbaineann le slabhra táirgeachta ‘Parmigiano Reggiano’ údaraithe bainne a sholáthar go dtí 4 mhí ar a laghad tar éis na cuairte iniúchta.

is í sin Airteagal 10 anois, dar teideal ‘Iontráil feirmeacha nua chuig an slabhra táirgeachta’ agus rinneadh í a leasú mar a leanas:

Níl gabháltais talmhaíochta nach mbaineann le córas táirgeachta ‘Parmigiano Reggiano’ údaraithe bainne a sholáthar go dtí 4 mhí ar a laghad tar éis don chomhlacht rialúcháin údaraithe é a iniúchadh.

Sonraítear sa téacs anois gurb é an páirtí atá freagrach as comhlíonadh na gceanglas sin a sheiceáil an comhlacht rialúcháin.

—   Airteagal 11

Airteagal 11 atá in Airteagal 10 anois, agus coinníonn sé an teideal ‘Beathú candaim chumaiscthe iomlán’.

—   Airteagal 12: ‘Táirgí agus teicneolaíocht nua’

Airteagal 11: Maidir le húsáid aon táirge bia nach gcumhdaítear leis na Rialacha seo, éagsúlachtaí sna méideanna sainordaithe nó tabhairt isteach modhanna ullmhúcháin agus riaracháin nach leagtar síos iontu, tá siad faoi réir toradh dearfach sna tástálacha agus staidéir arna measúnú ag Cuibhreannas Parmigiano-Reggiano. Má bhíonn an toradh dearfach, féadfar iarratas a dhéanamh go hiomchuí chun go ndéanfaí an tsonraíocht táirge a leasú.

is é sin Airteagal 12 anois agus rinneadh é a leasú mar a leanas:

Maidir le húsáid aon táirge bia nach gcumhdaítear leis na Rialacha seo, éagsúlachtaí sna méideanna sainordaithe nó tabhairt isteach modhanna ullmhúcháin agus riaracháin nach leagtar síos iontu, tá siad faoi réir toradh dearfach sna tástálacha agus staidéir arna measúnú ag Cuibhreannas Cáise Parmigiano-Reggiano. Má bhíonn an toradh dearfach, agus má ghlactar é bunaithe ar fhorálacha Airteagal 6, ní mór é a chur leis an tsonraíocht táirge an chéad uair eile a dhéanfaí é a leasú.

Maidir le húsáid aon bheatha ainmhí nó teicneolaíocht nach gcumhdaítear leis na Rialacha maidir le Beathú Bó, éagsúlachtaí sna méideanna sainordaithe nó tabhairt isteach modhanna ullmhúcháin agus riaracháin, sonraítear nach mór toradh dearfach a bheith orthu sna tástálacha agus staidéir arna measúnú ag an gCuibhreannas. Má bhíonn an toradh dearfach, agus má ghlactar é bunaithe ar fhorálacha Airteagal 6, ní mór (in ionad ‘féadfar’) é a chur leis an tsonraíocht táirge an chéad uair eile a dhéanfaí é a leasú.

Ar deireadh, cuireadh an focal ‘Cáise’ isteach chun ainm dílis an Chuibhreannais a thabhairt dó.

DOICIMÉAD AONAIR

’Parmigiano Reggiano'

Uimh. AE: PDO-IT-0016-AM06 — 2.12.2021

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm(neacha)

Parmigiano Reggiano

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mBia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.3. Cáiseanna

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is éard atá in ‘Parmigiano Reggiano’ cáis chrua, grutha chócaráilte, mhall-aibithe a dhéantar as bainne amh bó, a dhéantar a bhearradh go páirteach, gníomh a ligean don uachtar teacht ar uachtar. Níor cheart an bainne a chur faoi aon chóireáil teasa, ná faoi aon chóireáil fhisiceach nó mheicniúil agus ní mór dó teacht as ba déiríochta a bheathaítear go príomha ar fharae ón limistéar tionscnaimh. Ní mór an cháis a aibiú ar feadh 12 mhí ar a laghad. Is féidir ‘Parmigiano Reggiano’ a dhíol ina rothaí iomlána, ina sciartha nó mar cháis ghrátáilte.

Níor cheart ‘Parmigiano Reggiano’ a chur faoi aon chóireáil a chuireann isteach ar a shaintréithe ceimiceacha/fisiciúla nó orgánaileipteacha agus a bhfuil na saintréithe a leanas aige:

rothaí cáise a bhfuil taobhanna beagán dronnach nó nach mór díreach acu, chomh maith le himeall atá beagán ardaithe ar na haghaidheanna réidhe;

toisí: bíonn rothaí idir 35-43 cm ar trastomhas thar na haghaidheanna réidhe agus 20-26 cm ar airde;

íosmeáchan : 30 kg in aghaidh an rotha;

dath an chraicinn: dath tuí nádúrtha, a bhféadfaidh athrú teacht air le himeacht ama;

tiús an chraicinn: thart ar 6 mm;

dath thaos na cáise: idir dath éadrom tuí nádúrtha agus dath tuí nádúrtha;

dea-bholadh agus blas sainiúil an taois: cumhra, éadrom agus blasta gan a bheith láidir;

Uigeacht an taois: mínghráinneach agus screamhach;

íoschion saille san ábhar tirim: 32 %;

gan bhreiseáin;

cóimheas aigéid shailligh chioglaprópáin: níos lú ná 22 mg in aghaidh 100 g saille (éiginnteacht tomhais curtha san áireamh cheana féin, arna cinneadh ag crómatagrafaíocht gháis-mais-speictriméadracht [CG-MS]).

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Maidir le tógáil ba déiríochta a chuirtear in ionad bó eile (‘athstocáil’), ní mór é sin a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe agus ní mór é a áireamh sa chóras rialúcháin mar ghníomhaíocht shonrach feirme déiríochta. Toirmeasctar úsáid agus sealbhú sadhlas d’aon chineál.

Ní mór beostoc ó shlabhraí táirgeachta seachas slabhra ‘Parmigiano Reggiano’, agus nach gcumhdaítear faoin gcóras rialúcháin, dá bhrí sin, a thabhairt isteach chuig feirmeacha déiríochta nó athstocála tráth nach déanaí ná an lá a bhaineann an t-ainmhí 10 mí d’aois amach.

Féadfaidh feirmeacha déiríochta a raibh gníomhaíochtaí athstocála acu lasmuigh den limistéar geografach sainithe ar an 5 Eanáir 2021 leanúint den ghníomhaíocht sin a dhéanamh lasmuigh den limistéar tionscnaimh ar choinníoll go n-áirítear é sa chóras rialúcháin.

Tá aiste bia na mbó déiríochta bunaithe ar fharae ón limistéar geografach sainithe agus sonraítear é de réir cainníochta agus cáilíochta.

Ní mór 75 % ar a laghad den ábhar tirim farae a tháirgeadh laistigh den limistéar geografach.

Ní fhéadfaidh beatha ainmhithe nach beatha farae í a bheith ionann le breis agus 50 % d’ábhar tirim an chandaim.

Toirmeasctar úsáid agus sealbhú sadhlas d’aon chineál.

Bainne bó, salann, binid laonna.

Ní mór an bainne a tháirgeadh ar fheirmeacha atá suite sa limistéar geografach sainithe agus ní mór iad a áireamh sa chóras rialúcháin.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Ní mór cáis a dhéanamh as an mbainne sa limistéar geografach sainithe. Seachadtar an bainne ó bhleán an tráthnóna agus ó bhleán na maidine chuig an déirí agus é amh gan chóireáil, ag teacht leis an tsonraíocht táirge. Cuirtear bainne na maidine i ndabhcha umha agus measctar é leis an mbainne ón tráthnóna roimhe, atá bearrtha go páirteach agus a ligeann don uachtar teacht ar uachtar. Ní fhéadfaidh an cóimheas saille le cáiséin den bhainne sna dabhcha téimh, arna ríomh mar mheán ualaithe na mbaisceanna uile i ndabhcha lá táirgthe ar leith, bheith níos mó ná 1,10 + 10 %. Déantar tosaitheoir meidhg leanúnach, saothrán nádúrtha de bhaictéir aigéid lachtaigh a fhaightear trí mheadhg ‘milis’ atá fágtha ó oibríochtaí cáiseoireachta roimhe a fhágáil le coipeadh go spontáineach i ndálaí teochtaí rialaithe, a chur leis an mbainne. Ní cheadaítear saothráin tús gabhála tráchtála a úsáid. Tar éis téachtadh, nach féidir ach binid laonna a úsáid ina leith, déantar na gruthanna a bhriseadh agus a scalladh. Nuair a bheidh an mhais cháise imithe go híochtar na daibhche, socraítear é i múnlaí. Marcáiltear na cáiseanna ansin. Tar éis roinnt laethanta, cuirtear na cáiseanna ar maos i sáile agus aibítear iad ar feadh 12 mhí ar a laghad. Féadfar na cáiseanna a aibiú ar racaí adhmaid.

Ní mór an tréimhse aibithe de 12 mhí a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.

Tar éis na tréimhse aibithe íosta, déantar iniúchadh cáilíochta chun comhlíonadh na sonraíochta táirge a sheiceáil.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Is féidir ‘Parmigiano Reggiano’ a dhíol ina rothaí iomlána, ina sciartha nó mar cháis ghrátáilte.

Ar mhaithe le cosaint an tomhaltóra, d’fhonn barántúlacht ‘Parmigiano Reggiano’ réamhphacáistithe, grátáilte nó roinnte i sciartha a ráthú nuair a chuirtear ar an margadh é, ní mór é a roinnt i sciartha agus a phacáistiú ina dhiaidh sin sa limistéar geografach sainithe. Is gá é sin a dhéanamh mar cailltear na comharthaí lena sainaithnítear cáis iomlán mar ‘Parmigiano Reggiano’ nuair a roinntear ina sciartha é, nó ní féidir iad a fheiceáil ar an gcáis ghrátáilte nó na sciartha, mar sin ní mór tionscnamh an táirge réamhphacáistithe a ráthú. Tá gá leis sin freisin toisc nach mór an cháis a phacáistiú go gasta tar éis í a roinnt ina sciartha ag úsáid nósanna imeachta a choisceann é a bheith díhiodráitithe nó ocsaídithe, nó cailleadh a shaintréithe orgánaileipteacha bunaidh ‘Parmigiano Reggiano’ a chosc. Nuair a ghearrtar isteach i roth cáise baineann sé an chosaint nádúrtha a thugann an craiceann di den cháis, craiceann – atá an-díhiodráitithe é féin – a inslíonn an cháis ón timpeallacht máguaird.

Ní fhéadfar ach cáiseanna iomlána ar a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Parmigiano Reggiano’ a ghrátáil. Ní mór í a phacáistiú go díreach tar éis í a ghrátáil agus ní fhéadfar é a bheith faoi réir aon phróiseála nó ní fhéadfar aon substaint a chur léi. Is ceadmhach ‘fuíollchiumhsóga’ a úsáid freisin faoi na coinníollacha a leagtar amach thuas, áfach. Ní ceadmhach an cion craicinn i gcáis ghrátáilte ‘Parmigiano Reggiano’ a bheith níos mó ná 18 % de réir meáchain.

Tagraítear d’fhuíollghearrthóga ‘Parmigiano Reggiano’, atá le húsáid ag oibreoirí laistigh den chóras rialaithe chun formáidí eile a ullmhú mar ‘fhuíollchiumhsóga’.

Féadfar grátáil, roinnt i sciartha agus réamhphacáistiú le haghaidh díol díreach a dhéanamh ag an asraon miondíola chun críoch díol leis an tomhaltóir deiridh agus chun na críche sin amháin.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ar na marcálacha aitheantais a fhaightear ar gach cáis ‘Parmigiano Reggiano’ tá na focail ‘Parmigiano Reggiano’ i litreoireacht poncanna bioráin in éineacht le uimhir chlárúcháin an déirí a rinne í, bliain agus mí an táirgthe, agus an giorrúchán DOP (STFC) atá priontáilte timpeall thaobhanna an rotha cáise ag úsáid banda stionsalála, stampa ubhchruthach ar a bhfuil na focail Parmigiano Reggiano Consorzio Tutela (‘Cuibhreannas Cosanta Parmigiano Reggiano’), diosca cáiséine nó córas comhionann lena n-áirithítear sainaithint uathúil gach cáise, agus, an stampa ‘catagóir 2’ i gcás cáiseanna ón gcatagóir sin.

Sainaithnítear cáis ‘Parmigiano Reggiano’ réamhphacáistithe, ghrátáilte agus roinnte ina sciartha le lógó ina bhfuil léiriú stílithe de dhing agus roth cháis ‘Parmigiano Reggiano’ os cionn na bhfocal ‘PARMIGIANO REGGIANO’.

Image 3

Ní mór an lógó sin, ar comhpháirt éigeantach den lipéadú é, a phriontáil i ndathanna ag cloí leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos sa Chomhaontú cuibhreannais ábhartha.

Ionas go mbeidh sé indéanta a aibí atá ‘Parmigiano Reggiano’ a fháil amach, ní mór an t-am aibithe íosta a thabhairt ar lipéad gach sciar réamhphacáistithe de bhreis agus 15 g a chuirtear ar an margadh.

Toisc go n-athróidh dea-bholadh agus blas thaos ‘Parmigiano Reggiano’ le linn an phróisis aibithe, féadfar na haidiachtaí tuairisciúla a leanas a úsáid ar an lipéad, chomh maith leis an am aibithe, i gcás aicmí aibíochtaí áirithe, chun na saintréithe orgánaileipteacha a chur in iúl:

delicato [éadrom] (12-19 mí);

armonico [comhchuí] (thart ar 20-26 mhí);

aromatico [aramatach] (thart ar 27-34 mhí);

intenso [tréan] (thart ar 35-45 mhí).

Ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad mar ‘fuíollchiumhsóga’, ní féidir an t-ainm ‘Parmigiano Reggiano’ a bheith ar fhuíollghearrthóga ó aghaidheanna nó taobhanna rothaí cáise (píosaí ar craiceann 18 % díobh).

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Cuimsítear sa limistéar geografach sainithe cuid de chúige Bologna ar chlé Abhainn Reno, cuid de chúige Mantua ar chlé Abhainn Po, agus cúigí Modena, Parma agus Reggio Emilia.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

I measc na dtosca nádúrtha is tábhachtaí tá saintréithe na hithreach a fhaightear laistigh den limistéar geografach sainithe – a shíneann ó dhroim na nAipiníní chuig an Po – chomh maith le tosca aeráide a imríonn tionchar díreach ar chomhdhéanamh an fhlóra nádúrtha agus na bpróiseas coipthe sa táirge. A mhéid a bhaineann le tosca daonna, chomh maith le tábhacht stairiúil na cáise don gheilleagar áitiúil, ba cheart a thabhairt faoi deara gur forbraíodh na hoibríochtaí casta a dhéantar ar cháis ‘Parmigiano Reggiano’ le himeacht na gcéadta de chleachtais thraidisiúnta cáiseoireachta laistigh den limistéar táirgthe, a seachadadh ó ghlúin go glúin i ndáil le cleachtais bharántúla áitiúla gan athrú.

Uigeacht mhínghráinneach agus screamhach, dea-bholadh cumhra, blas éadrom – lán blais gan a bheith láidir – agus is saintréithe de cháis ‘Parmigiano Reggiano’ iad intuaslagthacht agus díleáiteacht ard.

Léirítear leis na gnéithe sin tréithe uathúla an bhainne a úsáidtear don cháiseoireacht – déantar bainne amh a phróiseáil gach lá i ndabhcha umha agus a théachtadh ag úsáid binide laonna a bhfuil cion binide ard – agus na critéir a úsáidtear chun é a roghnú, chomh maith leis an gcleachtas na cáiseanna a chur ar maos i sáile sáithithe agus an tréimhse aibithe shínte.

Maidir le hairíonna sonracha fisiceacha, ceimiceacha agus micribhitheolaíocha an bhainne lena ráthaítear saintréithe sonracha agus cáilíocht cháis ‘Parmigiano Reggiano’, táthar ann mar gheall ar an aiste bia a thugtar do na ba déiríochta, bunaithe ar fharae ón limistéar tionscnaimh agus toirmeasc dian ar úsáid sadhlas d’aon chineál. Maidir leis an tréimhse aibithe íosta de 12 mhí nach mór tarlú laistigh den limistéar geografach sainithe – de bharr na ndálaí aeráide sonracha atá ann – is céim í a bhfuil gá léi chun na próisis shonracha einsíme a spreagadh, na próisis óna bhfaigheann an táirge a fhaightear nuair a phróiseáiltear an bainne a shaintréithe atá uathúil do ‘Parmigiano Reggiano’.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/76


Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona

(2023/C 202/14)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Terres du Midi’

PGI-FR-02484

An dáta a cuireadh an t-iarratas isteach: 28-9-2018

1.   Ainm(neacha) le clárú

Terres du Midi

2.   Ballstát

An Fhrainc

3.   Cineál táisc gheografaigh

TGFC – Tásc geografach faoi chosaint

4.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

5.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

Cumhdaítear fíonta dearga, rosé agus geala socra leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Terres du Midi’.

Baineann dea-bholaithe torthaíocha go sonrach leis na fíonta, agus bíonn a saintréithe agus a ndéine éagsúil de réir na cineálacha fíonchaoire agus na teicneolaíochtaí a úsáidtear.

Na fíonta dearga, a bhfuil doimhneacht mhaith an datha orthu (idir caordhearg agus dath an ghairnéid) agus a chumasctar chun struchtúr méith, bog agus comhchuí a fháil, nochtann siad blasanna torthaí dearga nó spíosracha.

Bíonn réimse dathanna ar na fíonta geala, ón dath glasbhuí go buí órga. Déanta as cumasc de chineálacha éagsúla freisin, léiríonn siad úire na dtorthaí a bhfuil bia bán iontu agus blasanna torthaí citris.

Tá cothrom iontach ag na fíonta rosé toisc go ndéantar de chumasc Grenache, Syrah agus uaireanta Cinsault agus Carignan iad, agus an dath ag éirí níos doimhne ó dhath na péitseoige go dath bándearg na sútha craobh mar thoradh air. Forbraíonn na fíonta úra rosé sin dea-bholaithe de thorthaí dearga agus bláthanna.

Maidir le cleachtais fhíoneolaíocha, ní mór do na fíonta ceanglais uile reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (% de réir toirte)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (% de réir toirte)

10

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Foriomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir):

 

6.   Cleachtais fhíoneolaíocha

a.   Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha

Maidir le cleachtais fhíoneolaíocha, ní mór do na fíonta ceanglais uile reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh.

b.   Táirgeacht uasta

Fíonta dearga, rosé agus geala TGFC ‘Terres du Midi’

120 heictilítear in aghaidh an heicteáir

7.   Limistéar geografach críochaithe

Ní mór na fíonchaora a úsáidtear chun fíonta a dhéanamh ar a bhfuil TGFC ‘Terres du Midi’ a bhuain agus na fíonta a dhéanamh agus a fhorbairt sa limistéar geografach, laistigh de chríoch na mbardas seo a leanas:

na bardais uile sna ranna Aude, Hérault, Gard agus Pyrénées-Orientales;

i roinn Lozère: Gorges du Tarn Causses, Ispagnac, La Malène, Massegros Causses Gorges, do chríoch an bhardais tharmligthe de Les Vignes amháin.

8.   Príomhchineál fíniúna (príomhchineálacha fíniúna)

Alicante Henri Bouschet N

Alphonse Lavallée N

Altesse B

Alvarinho – Albariño

Aramon N

Aramon blanc B

Aramon gris G

Aranel B

Arinarnoa N

Arvine B – Petite Arvine

Aubun N – Murescola

Auxerrois B

Baco blanc B

Bourboulenc B – Doucillon blanc

Cabernet Franc N

Cabernet-Sauvignon N

Caladoc N

Cardinal Rg

Carignan N

Carignan blanc B

Carmenère N

Chambourcin N

CHARDONNAY B

Chasan B

Chasselas B

Chasselas rose Rs

Chenanson N

Chenin B

Cinsaut N – Cinsault

Clairette B

Clairette rose Rs

Colombard B

Côt N - Malbec

Couderc noir N

Counoise N

Danlas B

Egiodola N

Fer N – Fer Servadou, Braucol, Mansois, Pinenc

Gamay N

Gamay de Chaudenay N

Gewurztraminer Rs

Grenache N

Grenache blanc B

Grenache gris G

Gros Manseng B

Jurançon blanc B

Landal N

Listan B – Palomino

Lival N

Lledoner pelut N

Macabeu B – Macabeo

Marsanne B

Marselan N

Mauzac B

Merlot N

Meunier N

Mondeuse N

Morrastel N – Minustellu, Graciano

Mourvèdre N – Monastrell

Muscadelle B

Muscat d’Alexandrie B – Muscat, Moscato

Muscat de Hambourg N – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Nielluccio N – Nielluciu

Négrette N

Parrellada B

Petit Manseng B

Petit Verdot N

Pinot gris G

Pinot Noir N

Portan N

Ravat blanc B

Riesling B

Rivairenc N – Aspiran noir

Rivairenc blanc B – Aspiran blanc

Roussanne B

Sauvignon B – Sauvignon Blanc

Sauvignon Gris G – Fié Gris

Savagnin rose Rs

Sciaccarello N

Semillon B

Servant B

Seyval B

Sylvaner B

Syrah N – Shiraz

Tannat N

Tempranillo N

Terret blanc B

Terret gris G

Terret noir N

Ugni blanc B

Verdelho B

Vermentino B – Rolle

Villard blanc B

Villard noir N

Viognier B

9.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

9.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Is i ndeisceart na Fraince, ar theorainn chósta na Meánmhuirí, atá TGFC ‘Terres du Midi’ lonnaithe, agus cumhdaíonn sé na ranna Gard, Hérault, Aude agus Pyrénées-Orientales, chomh maith le roinnt bardais ar cuid de Lozère iad. Cruthaítear le limistéar Bas Languedoc - ar bhealach níos sonraí na ranna Gard, Hérault agus Aude - críoch i stua na Meánmhara, ar a dtugtar ‘fíonghoirt Midi’, ina díríodh ar fhíonsaothrú beagnach go heisiach ó thús an 19ú céad.

Tá dálaí ithreach éagsúla ag an limistéar geografach sin, arb iad na dálaí is ionadaí siostaí aigéadacha ar na fánaí airde, ithreacha cailcreacha ar an ardchlár fíonsaothrúcháin agus na machairí agus léibhinn ghláracha chlochacha. Baineann gach ceann díobh sin le hithreacha tirime de thorthúlacht íseal atá oiriúnach d’fhíniúnacha agus lena gcumasaítear fréamhú domhain a tharlú. Ó na sléibhte Cévennes agus Montagne Noire, agus bunchnoic na bPiréiní go dtí cladaí an mhurlaigh, tá limistéar TGFC ‘Terres du Midi’ crosáilte ag aibhneacha Aude, Orb, Hérault, Vidourle agus Gardon agus cruthaítear leis coire mór os cionn na Meánmhara.

Baineann an limistéar sin tairbhe as aeráid Mheánmhara atá foirfe don fhíonsaothrú, le samhraí teo tirime agus geimhrí cineálta, chomh maith le dhá shéasúr na báistí san fhómhar agus san earrach.

Tá roinnt gaotha éagsúla sa limistéar. Scuabann ‘gaoth farraige’ tríd Murascaill an Leoin go tráthrialta agus go tréan uaireanta, le linn na tréimhse ina bhfuil na fíonchaora ag aibiú go háirithe. Tá éifeacht mhaolaithe ag an gcáitheadh a iompraíonn sé ar theochtaí ró-ard nó ró-íseal. Tá gaotha tirime agus láidre aduaidh nó aniar ann (Tramontane, Cers agus Mistral) a chuidíonn le stádas sláinte maith na bhfíonghort a áirithiú. Tá na gnéithe sin na haeráide fabhrach do chineálacha fíonchaoire a chur i dtimpeallachtaí éagsúla, lena mbaineann trí thimpeallacht sa limistéar sin: sléibhte agus ardchríocha, bunchnoic agus machairí idirmheánacha, agus ar deireadh, an machaire cósta. Is monashaothrú iad na fíniúnacha ó dheilt na Róine go dtí teorainn na Spáinne.

9.2.   Sainiúlacht an táirge

Is táirge é TGFC ‘Terres du Midi’ atá nasctha le stair Dheisceart na Fraince fíonsaothrúcháin. Tá fíon á tháirgeadh sa limistéar sin ó cuireadh na céad fhíonghoirt in Iarthar na hEorpa i mórthimpeall Agde, thart ar an mbliain 600 RCh.

Géarchéim san earnáil fhíonsaothrúcháin a bhain le gnéithe nasctha le táirgeadh fíona, saincheisteanna sóisialta agus geilleagar na bhfiontar fíonsaothrúcháin, tháinig buaicphointe uirthi in 1907. Spreag cánacha iolracha, rótháirgeadh, agus calaois an míshásamh. Thit praghsanna agus lagaíodh cáilíocht na bhfíonta. Agus neamhghéilliúlacht na n-údarás rompu, chuir saothróirí fíona Languedoc neart coistí cosanta fíona ar bun ag a raibh toscaireachtaí i bhformhór na mbardas i ndeisceart na Fraince. Athghrúpáladh go gasta iad sin faoin Confédération Générale des Vignerons du Midi (Cónaidhm Ghinearálta Shaothróirí Fíniúna ‘Midi’). Thosaigh an smaoineamh ‘Midi Viticole’ (i.e. Deisceart na Fraince fíonsaothrúcháin) a theacht i bhfeidhm nuair a d’aithin an Stát an Chónaidhm sin. D’fhág sé sin gur fhéad idirphlé a thosú arís agus réitigh a aimsiú chun dul i ngleic leis an ngéarchéim (cánach níos ísle, cosc ar chalaois, rialacha maidir le fíonta a dhearbhú agus a bhogadh, maithiúnas). Rinne an gníomhas lena mbunadh an gluaiseacht sin tagairt shoiléir do luí an ‘Midi Viticole’, ag cuimsiú na ceithre roinn fhíonshaothrúcháin Pyrénées-Orientales, Aude, Hérault agus Gard. Tá an talamh dírithe ar fhíonsaothrú beagnach go heisiach.

Rinneadh ‘vin de canton’ a shainiú go beacht agus go rialaitheach in 1964, ag tagairt d’fhíonta a bhaineann le limistéar táirgeachta riaracháin ina bhfuil sraith de shaintréithe ithreach agus aeráide. Is le foraithin in 1968 a athraíodh ‘vins de Canton’ go ‘vin de pays’ (fíonta réigiúnacha). Sainaithníodh fíonta réigiúnacha den chéad uair faoi ainm na roinne ina táirgeadh iad agus b’éigean dóibh a bheith comhréireach le critéir táirgeachta ar leith lena gceanglaítear leibhéal níos airde cáilíochta. De thoradh na céime sin, d’fhéad ‘vins du Midi’ tairbhe a bhaint as aitheantas sonrach as a tháinig TGFC ‘Terres du Midi’.

Táirgtear roinnt 100 000 heictilítear fíona i dtrí dhath faoi TGFC ‘Terres du Midi’. Fíonta dearga is mó a dhéantar (55 % den táirgeadh.). Tá fíonta rosé (35 %) ag éirí níos coitianta de réir a chéile agus fíonta dearga atá sa chuid eile de.

Léirítear TGFC ‘Terres du Midi’ go príomha trí chineálacha fíonchaoire a chumasc, ar cineálacha fíonchaoire iad a fhástar go traidisiúnta sa réigiún nó a thugtar isteach ó limistéir fíonsaothrúcháin eile.

Is de bharr shaineolas na saothróirí fíona maidir le fíniúnacha a fhás, ag baint leas as dálaí ithreach éagsúla sa limistéar geografach chun fíonchaora ar ardchaighdeán a tháirgeadh, gur féidir na cineálacha sin a bhunú. Tá an aeráid Mheánmhuirí te agus tirim ríthábhachtach chun a áirithiú go mbaineann na fíonchaora aibíocht iomlán amach i ngach limistéar agus le haghaidh gach cineáil, agus go gcaomhnaítear na príomh-dhea-bholaithe agus go neartaítear iad fiú. Mar sin is saintréithe na bhfíonta a dhéantar a gcáilíocht aramatach (torthaíoch agus bláthach), agus braitheann a ndéine agus a gcineál a athraítear ar na cineálacha a bhíonn sna cumaisc.

I gcás na bhfíonta dearga, as na cumaisc tagann na fíonta torthaíocha, boga ag a bhfuil tainniní úra, comhchuí a bhaineann go sonrach le fíonta ar a bhfuil an TGFC seo. Maidir leis na fíonta geala agus rosé, is féidir cothrom iontach a choinneáil mar gheall ar chumasc, ag caomhnú úire na bhfíonta agus a gcáilíocht aramatach, arb iondúil gur torthaíoch í i gcás na bhfíonta geala, ach bláthach chomh maith i gcás na bhfíonta rosé.

9.3.   Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

Tá an nasc le tionscnamh an táirge bunaithe ar shaintréithe an táirge. Díorthaítear é ón idirghníomhú idir na próifílí sonracha ithreach agus aeráide sa limistéar geografach agus na cineálacha fíonchaor a roghnaítear, ag a bhfuil tionchar mór ar na saintréithe sin.

A bhuí le tionchar fíor-riachtanach na haeráide Meánmhuirí dea-aeráilte, te agus tirim ar na cineálacha TGFC, baineann na fíonchaora aibíocht iomlán amach i ngach limistéar agus tá clú orthu mar gheall ar a ndea-bholaithe.

Léiríonn an t-ainm ‘Terres du Midi’ saintréithe an limistéir agus a dhálaí Meánmhuirí ithreach agus aeráide, atá fabhrach d’aibiú cineálacha éagsúla agus an léiriú dá bpríomh-dhea-bholaithe. Tá an t-ainm roinnte ag na saothróirí fíona a bhíonn páirteach, a sholáthraíonn fíonta aramatacha ag a bhfuil próifíl dheas gourmet ón limistéar sin atá dírithe ar fhíonsaothrú go príomha.

Ó na sléibhte Cévennes agus Montagne Noire, agus bunchnoic na bPiréiní go dtí cladaí an mhurlaigh, tá limistéar TGFC ‘Terres du Midi’ crosáilte ag aibhneacha Aude, Orb, Hérault, Vidourle agus Gardon agus cruthaítear leis coire mór os cionn na Meánmhara.

Cé go bhfuil dálaí ithreach éagsúla sa limistéar geografach, tá gnéithe coiteanna áirithe ag na hithreacha. Tá siad tirim agus tá torthúlacht íseal acu, lena gcumasaítear fréamhú domhain a chuireann ar a chumas roinnt mhaith cineálacha a bheith curtha. Fanann fuinneamh fásúil na bhfíniúnacha seasmhach dá bhrí sin, lena gcumasaítear barra tráthrialta fíonchaora méithe. Ráthaíonn rilíf an limistéir dhea-aeráilte sin, ag a bhfuil éifeacht mhaolaithe maidir le farasbarr teasa, ó na sléibhte go dtí an cósta grianmhar, dálaí maithe d’fhorbairt agus d’aibíocht na gcineálacha éagsúla fíniúnacha, agus dá réir sin caomhnaítear úire agus poitéinseal aramatach na bhfíonchaor ar tréithe is mó iad a bhaineann leis na fíonta ar a bhfuil an TGFC sin. I gcás na bhfíonta geala, maidir le tionchar dearfach na ngaoth ar na fíniúnacha a fhástar ar an machaire go príomha, cosnaíonn sé na fíonchaora ar thirimeacht agus is é sin a thugann blasanna úra, torthaíocha do na fíonta. Tá léiriú na bhfíonta dearga, arb ionann a saintréithe agus dea-bholaithe de thorthaí dearga nó spíosracha, agus cothrom maith idir tainniní agus alcól, de bharr thionchar na haeráide dea-aeráilte, tirime agus grianmhaire ar na cineálacha fíonchaor. Na fíonta rosé, atá úr, torthaíoch nó bláthach ag brath ar na cumaisc, tá a struchtúr atá cothromaithe idir cáilíocht aramatach agus úire, de bharr thionchar na gréine in éineacht le tionchar ghaoth na farraige.

Agus príomh-shaintréithe na gcineálacha (dath, dea-bholaithe, tainniní, beocht) mar a léirítear ag an terroir á gcumasc go healaíonta acu, caomhnaíonn na saothróirí fíona na tréithe sin sainiúla agus i gcónaí aramatacha, boga agus úra, i bpróifíl orgánaileipteach de gach dath fíona a tháirgtear. Tá doimhneacht datha idir caordhearg agus dath an ghairnéid ar na fíonta dearga a dhéantar as cineálacha láidre, daite. Tá blasanna de thorthaí dearga nó spíosracha ina gcumhracht. Nochtann a mblasanna blasanna tainneacha atá bog agus comhchuí. Bíonn réimse dathanna ar na fíonta geala, ón dath glasbhuí go buí órga. Déantar as cineálacha aramatacha agus aigéadacha iad, léiríonn siad úire na dtorthaí a bhfuil bia bán iontu agus nochtann siad blasanna torthaí citris. Déantar na fíonta rosé as cineálacha a bhfuil déine mhaith datha agus saintréithe torthaíocha acu, as a dtagann fíonta úra a bhfuil blasanna de thorthaí dearg agus imreacha bláthacha acu.

Na gnéithe sin, in éineacht leis an saineolas cumaisc agus eagar ‘Midi Vitcole’ i ndlúthstruchtúir fíonsaothrúcháin chomhchoiteann, is saintréithe iad uile de TGFC ‘Terres du Midi’.

Is bunús maith é sin le haghaidh fhorbairt an gheilleagair fíonsaothrúcháin sa réigiún seo. Is iad fíonsaothrú agus fíonóireacht an phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch i dtrí cheathrú na sráidbhailte tuaithe sna ranna i ndeisceart na Fraince.

10.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise

Lipéadú

Creat dlíthiúil:

 

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

 

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

 

Tá toirmeasc iomlán ar chineáil fíonchaoire amháin nó níos mó a lua.

Nuair a chuirtear an téarma traidisiúnta ‘Vin de Pays’ in ionad an téarma ‘Indication Géographique Protégée’ (‘Tásc Geografach Faoi Chosaint’), ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil:

 

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

 

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Cuimsítear leis an ‘limistéar díreach in aice láimhe’ arna shainmhíniú ag maolú le haghaidh táirgeadh agus forbairt fíonta atá incháilithe do TGFC ‘Terres du Midi’ na cantúin a roinneann teorainn leis na ranna Aude, Hérault, Gard agus Pyrénées-Orientales:

Arles, Avignon (Uimh 1, Uimh 2, Uimh 3), Haute-Ariège (na bardais Ax-les-Thermes, Artigues, Ascou, Carcanières, Ignaux, Mérens-les-Vals, Mijanès, Montaillou, Orgeix, Orlu, Ornolac-Ussat-les-Bains, Perles-et-Castelet, Le Pla, Prades, Le Puch, Quérigut, Rouze, Savignac-les-Ormeaux, Sorgeat, Tignac agus Vaychis), Collet de Dèze (na bardais Le Collet-de-Dèze, Barre-des-Cévennes, Bassurels, Cassagnas, Cans agus Cévennes do na críocha Saint-Julien-d’Arpaon, Fraissinet-de-Fourques, Gabriac, Moissac-Vallée-Française, Molezon, Le Pompidou, Saint-André-de-Lancize, Saint-Etienne-Vallée-Française, Saint-Germain-de-Calberte, Saint-Hilaire-de-Lavit, Saint-Julien-des-Points, Saint-Martin-de-Boubaux, Saint-Martin-de-Lansuscle, Saint-Michel-de-Dèze, Saint-Privat-de-Vallongue, Sainte-Croix-Vallée-Française agus Ventalon en Cévennes amháin), Bollène, Bourg-Saint-Andéol (na bardais Bourg-Saint-Andéol, Bidon, Gras, Larnas, Saint-Just-d’Ardèche, Saint-Marcel-d’Ardèche, Saint-Martin-d’Ardèche agus Saint-Montan), Causses-Rougiers (na bardais La Cavalerie, Arnac-sur-Dourdou, Brusque, Camarès, Le Clapier, Cornus, La Couvertoirade, Fayet, Fondamente, Gissac, L’Hospitalet-du-Larzac, Lapanouse-de-Cernon, Marnhagues-et-Latour, Mélargues, Montagnol, Peux-et-Couffouleux, Saint-Beaulize, Saint-Jean-et-Saint-Paul, Sainte-Eulalie-de-Cernon, Sauclières, Sylvanès, Tauriac-de-Camarès agus Viala-du-Pas-de-Jaux), Tarn et Causses (na bardais Campagnac, La Capelle-Bonance, La Cresse, Mostuéjouls, Peyreleau, Rivière-sur-Tarn, La Roque-Sainte-Marguerite, Saint-André-de-Vézines, Saint-Laurent-d’Olt, Saint-Martin-de-Lenne, Saint-Saturnin-de-Lenne agus Veyreau), Châteaurenard (na bardais Châteaurenard, Barbentane, Boulbon, Eyragues, Graveson, Saint-Pierre-de-Mézorgues, Noves, Rognonas agus Tarascon), Haute-Ardèche (na bardais Coucouron, Issanlas, Issarlès, Le Lac-d’Issarlès, Lachapelle-Graillouse, Lanarce, Lavillatte and Lespéron), La Montagne Noire, Le Pastel (na bardais Garrevaques, Palleville, Soual and Viviers-lès-Montagnes), Hautes Terres d’Oc (na bardais Lacaune, Anglès, Barre, Berlats, Escroux, Espérausses, Gijounet, Lamontélarié, Lasfaillades, Moulin-Mage, Murat-sur-Vèbre, Nages, Senaux agus Viane), Pays d’Olmes (na bardais Lavelanet, L’Aiguillon, Bélesta, Bénaix, Carla-de-Roquefort, Dreuilhe, Fougax-et-Barrineuf, Ilhat, Lesparrou, Leychert, Lieurac, Montferrier, Montségur, Nalzen, Péreille, Raissac, Roquefixade, Roquefort-les-Cascades, Saint-Jean-d’Aigues-Vives, Sautel agus Villeneuve-d’Olmes), Saint-Etienne-du-Valdonnez (na bardais Altier, Pied-de-Borne, Pont-de-Montvert-Sud Mont Lozère, Pourcharesses, Prévenchère, Saint-André-Capcèze, Vialas agus Villefort), Le Pontet (na bardais Le Pontet agus Vedéne), Cévennes Ardéchoises (na bardais Les Vans, Les Assions, Banne, Beaumont, Berrias-et-Casteljau, Chambonas, Dompnac, Gravières, Laboule, Loubaresse, Malarce-sur-la-Thines, Malbosc, Montselgues, Saint-André-de-Cruzières, Saint-Mélany, Saint-Paul-le-Jeune, Saint-Pierre-Saint-Jean, Saint-Sauveur-de-Cruzières, Sainte-Marguerite-Lafigère, Les Salelles agus Valgorge), Mazamet-1, Mazamet-2 Vallée du Thoré, Castres (an bardas Saint-Salvy-de-la-Balme), Florac (na bardais Gatuzières, Hures-la-Parade, Meyrueis, Le Rozier agus Saint-Pierre-des-Tripiers), Mirepoix, Escalquens (na bardais Auragne, Caignac, Calmont, Gibel, Mauvaisin, Monestrol, Montgeard, Nailloux, Saint-Léon agus Seyre), Millau-2 (na bardais Nant agus Saint-Jean-du-Bruel), Orange, Revel (na bardais Revel, Avignon-et-Lauragais, Beauteville, Bélesta-en-Lauragais, Cessales, Falga, Folcarde, Gardouch, Juzes, Lagarde, Lux, Mauremont, Maurens, Montclair-Lauragais, Montégut-Lauragais, Montesquieu-Lauragais, Montgaillard-Lauragais, Mourvilles-Hautes, Nogaret, Renneville, Rieumajou, Roumens, Saint-Félix-Lauragais, Saint-Germier, Saint-Julia, Saint-Rome, Saint-Vincent, Trébons-sur-la-Grasse, Vallègue, Vaudreuille, Vaux, Vieillevigne, Villefranche-de-Lauragais agus Villenouvelle), Les Portes d’Ariège (na bardais Saverdun, La Bastide-de-Lordat, Brie, Canté, Esplas, Gaudiès, Justiniac, Labatut, Lissac, Mazères, Montaut, Saint-Quirc, Trémoulet and Le Vernet), Sorgues, Salon de Provence-1 (na bardais Mas-Blanc-des-Alpilles agus Saint-Etienne-du-Grès), Vallon-Pont-d’Arc (na bardais Vallon-Pont-d’Arc, Balazuc, Bessas, Labastide-de-Virac, Lagorce, Organc-d’Aven, Pradons, Ruoms, Saint-Remèze, Salavas, Sampzon agus Vagnas), Vaison-la-Romaine (na bardais Camaret-sur-Aigues, Travaillan agus Violès).

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-e251ee13-3a0d-45e8-a272-733874b7a36a


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


Ceartúcháin

9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/84


Ceartúchán ar an teachtaireacht maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 104, an 4 Márta 2022 )

(2023/C 202/15)

Ar leathanach 39, an tríú mír:

in ionad:

‘Languedoc / Coteaux du Languedoc’,

léitear:

‘Languedoc’.

Ar leathanach 40, faoi phointe 1, Ainm/ainmneacha:

in ionad:

‘Languedoc

Coteaux du Languedoc’,

léitear:

‘Languedoc’.