ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 200

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
8 Meitheamh 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 200/01

Rátaí malairte an euro — 7 Meitheamh 2023

1

2023/C 200/02

Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

2

2023/C 200/03

Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

3

 

An Chúirt Iniúchóirí

2023/C 200/04

Tuarascáil speisialta 14/2023 — An clársceidealú don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda — Cláir chuimsitheacha ach go bhfuil easnaimh sna modhanna chun cistí a leithdháileadh agus san fhaireachán ar an tionchar

4

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2023/C 200/05

Teachtaireacht ó Rialtas na Danmhairge maidir leis an gcuireadh chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnais chun sirtheoireacht a dhéanamh ar hidreacarbóin i limistéar sainithe den Mhuir Thuaidh agus chun iad a eastóscadh

5

 

FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 200/06

Sceideal maidir le leanúint ar aghaidh leis an éisteacht scrúdúcháin ghinearálta — Cás 05 KO.2016.672

7


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 200/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11129 — Bain Capital / Apfarge / WHI) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

8

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 200/08

Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

10

2023/C 200/09

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

20


 

Ceartúcháin

 

Ceartúchán ar an bhfógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( IO C 166, 11.5.2023 )

23


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/1


Rátaí malairte an euro (1)

7 Meitheamh 2023

(2023/C 200/01)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0717

JPY

yen na Seapáine

149,42

DKK

krone na Danmhairge

7,4494

GBP

punt steirling

0,85970

SEK

krona na Sualainne

11,6255

CHF

franc na hEilvéise

0,9704

ISK

króna na hÍoslainne

150,50

NOK

krone na hIorua

11,7975

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,625

HUF

forint na hUngáire

368,73

PLN

zloty na Polainne

4,4695

RON

leu na Rómáine

4,9586

TRY

lira na Tuirce

24,7925

AUD

dollar na hAstráile

1,6004

CAD

dollar Cheanada

1,4351

HKD

dollar Hong Cong

8,4029

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7640

SGD

dollar Shingeapór

1,4432

KRW

won na Cóiré Theas

1 394,04

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,3986

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,6235

IDR

rupiah na hIndinéise

15 901,74

MYR

ringgit na Malaeisia

4,9271

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,002

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,231

BRL

real na Brasaíle

5,2607

MXN

peso Mheicsiceo

18,6078

INR

rúipí na hIndia

88,4160


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/2


Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(2023/C 200/02)

De bhun Airteagal 9(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (1) ón gComhairle, leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

Ar leathanach 169, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an gceannteideal AC ‘3004 Íoca leighis (seachas earraí atá faoi cheannteideal 3002, 3005 nó 3006) arb é atá iontu táirgí measctha nó táirgí neamh-mheasctha chun úsáidí teiripeacha nó próifiolacsacha, atá cóirithe ina ndáileoga tomhaiste (lena n-áirítear iad siúd atá i bhfoirm córas riarachán trasdeirmeach) nó i bhfoirmeacha nó i bpacáistí lena miondíol’ , scriostar an séú agus an seachtú mír agus an tábla agus a fhotheideal ina dhiaidh sin agus cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

‘Áirítear leis an gceannteideal, inter alia, ullmhóidí ina bhfuil cainníocht leordhóthanach de shubstaintí gníomhacha in aghaidh na dáileoige laethúla (e.g. hormóin nó comhfhachtóirí) chun éifeachtaí teiripeacha nó próifiolacsacha in aghaidh galar nó breoiteacht shonrach a sholáthar. Is ar an lipéad, an pacáistiú nó sna treoracha don úsáideoir a ghabhann le táirgí den sórt sin atá an dáileog laethúil mholta le feiceáil.

Is ar an Innéacs de Cheimiceáin Theiripeacha Anatamaíocha (innéacs WHO ATC-DDD) (https://www.whocc.no/atc_ddd_index/), arna fhorbairt ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), a thaispeántar an Dáileog Laethúil Shainithe (DDD) lena sholáthraítear éifeacht theiripeach nó phróifiolacsach nuair a úsáidtear í i gcainníochtaí atá cothrom na méideanna a liostaítear san innéacs sin nó níos mó ná na méideanna sin.

Is sa tábla seo a leanas a thaispeántar an DDD le haghaidh na substaintí a liostaítear:

Ainm na substainte gníomhaí

Dáileog Laethúil Shainithe

Aonad

Bealach riartha

aigéad α-liopóch nóaigéad alfa-liopóch

0,6

g

tríd an mbéal

0,6

g

ullmhóid phaireintreach

Sulfáit ghlúcósaimín

1,5

g

tríd an mbéal

Léabhacarnaítín

2

g

tríd an mbéal

2

g

ullmhóid phaireintreach

Lovastatinum

45

mg

tríd an mbéal

Meileatoinin

2

mg

tríd an mbéal

N-aicéitilcistéin

0,5

g

tríd an mbéal

Iohimbín

15

mg

tríd an mbéal’


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(2)  IO C 119 29.3.2019, lch. 1 arna leasú le IO C 248, 24.7.2019, lch. 3.


8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/3


Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(2023/C 200/03)

De bhun Airteagal 9(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

Ar leathanach 179, tar éis an Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal AC ‘ 3401 30 00 Táirgí dromchla-ghníomhacha orgánacha agus ullmhóidí chun an craiceann a ghlanadh, atá i bhfoirm leachta nó uachtair agus atá cóirithe lena miondíol, bíodh gallúnach iontu nó ná bíodh ’, cuirtear an téacs seo a leanas isteach:

3402

Oibreáin dhromchla-ghníomhacha orgánacha (seachas gallúnach); ullmhóidí dromchla-ghníomhacha, ullmhóidí níocháin (lena n-áirítear ullmhóidí cúntacha níocháin) agus ullmhóidí glantacháin, bíodh gallúnach iontu nó ná bíodh, seachas na cinn faoi cheannteidil 3401


3402 50 10

agus

3402 50 90

Ullmhóidí atá cóirithe lena miondíol

Chun críocha na bhfo-cheannteideal seo, ciallaíonn an téarma “ullmhóidí atá cóirithe lena miondíol” ullmhóidí atá cóirithe i bpacáistíocht atá réidh lena miondíol go díreach le húsáideoirí deiridh (daoine príobháideacha, gairmithe, cuideachtaí, etc.) gan tuilleadh próiseála ná athphacáistithe. Ní mór treoracha soléite, infheicthe agus doscriosta a bheith ar an bpacáistíocht sin maidir le húsáid bheartaithe na n-ullmhóidí ag an úsáideoir deiridh (treoracha sábháilteachta, treoracha úsáide nó treoracha láimhseála, mar shampla). Ní leor an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar dhoiciméid a ghabhann leo, agus orthu sin amháin.’

Ar leathanach 190, sa Nóta Míniúcháin a ghabhann leis an gceannteideal AC ‘ 3808 Feithidicídí, creimiricídí, fuingicídí, luibhicídí, táirgí frithphéactha agus rialaitheoirí fáis plandaí, díghalráin agus táirgí comhchosúla, atá cóirithe i bhfoirmeacha nó i bpacáistí lena miondíol nó mar ullmhóidí nó mar earraí (bandaí, buacais agus coinnle sulfarchóirithe, agus cuilpháipéir, mar shampla) ’, cuirtear na míreanna nua seo a leanas isteach:

3808

‘Féach Nóta 1 (a) (2) a ghabhann le Caibidil 38 agus an Nóta Míniúcháin CC a ghabhann le ceannteideal 3808 , an ceathrú mír, (1), maidir leis an téarma “atá cóirithe i bpacáistí lena miondíol”.

Chun críocha an cheannteidil seo, is féidir eilimintí nó comhdhúile ar leith atá sainithe go ceimiceach a mheas mar “táirgí atá cóirithe i bpacáistí lena miondíol”, ar choinníoll go gcuirtear i bpacáistí iad ionas go bhfuil siad réidh lena miondíol go díreach le húsáideoirí deiridh (daoine príobháideacha, gairmithe, cuideachtaí, etc.) gan tuilleadh próiseála ná athphacáistithe. Ní mór treoracha soléite, infheicthe agus doscriosta a bheith ar na pacáistíochtaí sin maidir leis an úsáid bheartaithe ag an úsáideoir deiridh (treoracha sábháilteachta, treoracha úsáide nó treoracha láimhseála, mar shampla). Ní leor an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar dhoiciméid a ghabhann leo, agus orthu sin amháin.

Áirítear ullmhóidí faoin gceannteideal seo fiú mura bhfuil siad cóirithe lena miondíol.’


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(2)  IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.


An Chúirt Iniúchóirí

8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/4


Tuarascáil speisialta 14/2023

‘An clársceidealú don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda — Cláir chuimsitheacha ach go bhfuil easnaimh sna modhanna chun cistí a leithdháileadh agus san fhaireachán ar an tionchar’

(2023/C 200/04)

Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tuarascáil a fhoilsiú dar teideal tuarascáil speisialta 14/2023: ‘An clársceidealú don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda – Cláir chuimsitheacha ach go bhfuil easnaimh sna modhanna chun cistí a leithdháileadh agus san fhaireachán ar an tionchar’.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/ga/publications/sr-2023-14


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/5


Teachtaireacht ó Rialtas na Danmhairge maidir leis an gcuireadh chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnais chun sirtheoireacht a dhéanamh ar hidreacarbóin i limistéar sainithe den Mhuir Thuaidh agus chun iad a eastóscadh

(2023/C 200/05)

Mionghlao ar thairiscintí

Maidir le hAirteagal 3(2)(b) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht agus taiscéaladh a dhéanamh ar hidreacarbóin agus chun iad a tháirgeadh, cuirimid in iúl leis seo go bhféadfar, de bhun alt 12, an chéad mhír (a) den Acht maidir le húsáid fho-ithir na Danmhairge, cf. Acht Comhdhlúite Uimh. 1533 an 16 Nollaig 2019, arna leasú, iarratas a dhéanamh ar cheadúnais i limistéar a shainítear leis na comhordanáidí seo a leanas (comhordanáidí geografacha: Sonra Geodasach Eorpach 1950):

Pointe an chúinne

An domhanleithead

An domhanfhad

1

55° 43’ 7”

4° 25’ 47”

2

55° 43’ 7”

4° 23’ 38”

3

55° 46’ 18”

4° 17’ 32”

4

55° 50’ 49”

4° 17’ 30”

5

55° 50’ 59”

4° 19’ 4”

6

55° 50’ 56”

4° 29’ 55”

7

55° 44’ 42”

4° 29’ 55”

8

55° 44’ 41”

4° 25’ 47”

9

55° 43’ 7”

4° 25’ 47”

Tá an limistéar suite in Graben Láir sa Mhuir Thuaidh. Féach an léarscáil thíos. Is féidir teacht ar an ábhar ar fad a bhaineann leis an nglao ar thairiscintí, lena n-áirítear na téarmaí agus na critéir mheastóireachta, ag: https://www.ethics.dk/ethics/eo#/5a9f0ce5-ea68-42ee-9618-60ad329c86ff/homepage, agus is féidir teacht air freisin ag: www.ens.dk/en/miniround. Ba cheart iarratais a chur isteach trí thairseach tairisceana Ghníomhaireacht Fuinnimh na Danmhairge mar a léirítear thuas.

Na forálacha agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 94/22/CE, cf. freisin, Acht Comhdhlúite Uimh. 1533 an 16 Nollaig 2019 maidir le húsáid fho-ithir na Danmhairge, arna leasú, foilsítear iad freisin in Iris Oifigiúil na Danmhairge (Statstidende).

Is é an 1 Meán Fómhair 2023 ag 12:00 an sprioc-am réamhshocraithe.

Má bhíonn níos lú ná 90 lá sa tréimhse idir foilsiú na teachtaireachta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus an 1 Meán Fómhair 2023, féadfar iarratais a chur isteach go dtí 12:00 an 90ú lá tar éis lá a fhoilsithe san Iris Oifigiúil nó, más ar dheireadh seachtaine, lá saoire poiblí, Lá an Bhunreachta, Oíche Nollag nó Oíche Chinn Bhliana a thiteann an 90ú lá, go dtí 12:00 an lá oibre dár gcionn.

Gníomhaireacht Fuinnimh na Danmhairge

Carsten Niebuhrs Gade 43

1577 Copenhagen V

AN DANMHAIRG

Teil. +45 33926700

R-phost: ens@ens.dk

Suíomh gréasáin: http://www.ens.dk

Image 1

Limistéir lamháltais na Danmhairge amhail i mí na Bealtaine 2023.

Eochair: Gorm: na lamháltais atá ann faoi láthair, Oráiste: limistéir sa mhiontairiscint


FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch

An Coimisiún Eorpach

8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/7


Sceideal maidir le leanúint ar aghaidh leis an éisteacht scrúdúcháin ghinearálta

Cás 05 KO.2016.672

(2023/C 200/06)

Cuideachta fhéimheach:

Gable Insurance AG atá féimheach, Alvierweg 2, 9490 Vaduz

atá á ionadú ag: Batliner Wanger Batliner Rechtsanwälte AG, Am Schrägen Weg 2, 9490 Vaduz

maidir leis an méid seo a leanas:

Nós imeachta féimheachta

Leanfar ar aghaidh leis an éisteacht scrúdúcháin ghinearálta i ndáil leis na héilimh chláraithe An Aoine, 26.05.2023, 09:00 am, VS 4

is ea sceideal na cúirte sin. Cúirt na Prionsachta,

Vaduz, 21 Aibreán 2023.

Mag. Stefan ROSENBERGER

Breitheamh Chúirt na Prionsachta


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/8


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11129 — Bain Capital / Apfarge / WHI)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 200/07)

1.   

An 30 Bealtaine 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Bain Capital Investors, LLC (‘Bain Capital’, Stáit Aontaithe Mheiriceá).

Apfarge Investments Pte Ltd. (‘Apfarge’, Singeapór), atá faoi rialú deiridh CIG Group (Singeapór).

World Human Intelligence Co., Ltd (‘WHI’, an tSeapáin), atá faoi rialú aonair Bain Capital faoi láthair.

Gheobhaidh Bain Capital agus Apfarge rialú aonair ar WHI ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(2)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Bainisteoir cistí infheistíochta is ea Bain Capital, cistí a dhéanann infheistíocht i gcuideachtaí a bhfuil gníomhaíochtaí i dtionscail éagsúla, lena n-áirítear teicneolaíocht, na meáin agus teileachumarsáid, cúram sláinte, táirgí miondíola agus tomhaltóirí, seirbhísí airgeadais agus gnó, agus tionscal/monaraíocht.

Is ciste infheistíochta é Apfarge atá á bhainistiú ag CIG Group, a bhainistíonn punann dhomhanda éagsúlaithe d’infheistíochtaí i gcistí cothromais phríobháidigh, caipitil fiontair agus bonneagair, chomh maith le hinfheistíochtaí díreacha i gcuideachtaí príobháideacha.

Forbraíonn agus soláthraíonn WGI bogearraí pleanála acmhainní fiontraíochta, go háirithe bogearraí AD amhail bainistiú líon na ndaoine agus párolla, féinseirbhís fostaithe, bainistíocht tinrimh, agus réitigh bainistiú tallainne.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11129 — Bain Capital / Apfarge / WHI

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/10


Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2023/C 200/08)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

IARRATAS AR LEASÚ AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

‘Açores’

PGI-PT-A1447-AM01

Dáta cur i bhfeidhm: 22.3.2017

1.   Rialacha is infheidhme maidir leis an leasú

Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh.°1308/2013 – Modhnú nach mion

2.   Tuairisc agus cúiseanna leis an leasú

2.1.   Faisnéis a bhaineann leis an iarratasóir

Tuairisc: Faisnéis a bhaineann leis an iarratasóir a thabhairt cothrom le dáta.

Cúiseanna: Tá an fhaisnéis as dáta mar sin is gá í a thabhairt cothrom le dáta. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ - Sonraí an iarratasóra.

2.2.   Faisnéis a bhaineann le páirtithe leasmhara

Tuairisc: Faisnéis a bhaineann le páirtithe leasmhara a scriosadh.

Cúiseanna: Mar gheall ar mhíthuiscint, iontráladh sonraí an iarratasóra sa réimse sin trí bhotún. Tá an fhaisnéis sin scriosta anois. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ - Páirtithe leasmhara.

2.3.   Faisnéis a bhaineann le comhlachtaí rialála

Tuairisc: Faisnéis a bhaineann le comhlachtaí rialála a thabhairt cothrom le dáta.

Cúiseanna: Tá an fhaisnéis as dáta mar sin is gá í a thabhairt cothrom le dáta. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ – Faisnéis a bhaineann le comhlachtaí rialála.

2.4.   Faisnéis a bhaineann le húdaráis mhaoirseachta inniúla

Tuairisc: Faisnéis a bhaineann le húdaráis mhaoirseachta inniúla a thabhairt cothrom le dáta.

Cúiseanna: Tá an fhaisnéis as dáta mar sin is gá í a thabhairt cothrom le dáta. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh agus chun an tuairisc a cuireadh ar fáil cheana a shoiléiriú.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Faisnéis eile’ – Faisnéis a bhaineann le húdaráis mhaoirseachta inniúla.

2.5.   Catagóir táirge - catagóir nua táirgí fíniúna a chur leis

Tuairisc: Cuireadh an chatagóir ‘Fíon súilíneach’ leis.

Cúiseanna: Is é an rún luach eacnamaíoch táirge atá sa réigiún cheana féin a fheabhsú, trí iarratas a dhéanamh ar aitheantas dó faoi TGFC.

Tá an cineál sin táirge, a bhfuil clú air mar gheall ar a cháilíocht agus a shuaithinseacht, á dhéanamh ag na táirgeoirí cheana i gcomhréir leis na cleachtais thraidisiúnta sa réigiún. Leis an gcinneadh an táirge sin a áireamh faoi TGFC ‘Açores’, admhaítear a thábhacht agus a cháilíocht agus an luach a thugann sé do tháirgeoirí.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

2.6.   Catagóir táirge - catagóir nua táirgí fíniúna a chur leis

Tuairisc: Cuireadh an chatagóir ‘Fíon licéir’ leis.

Cúiseanna: Is é an rún luach eacnamaíoch táirge atá sa réigiún cheana féin a fheabhsú, trí iarratas a dhéanamh ar aitheantas dó faoi TGFC.

Tá an cineál sin táirge, a bhfuil clú air mar gheall ar a cháilíocht agus a shuaithinseacht, á dhéanamh ag na táirgeoirí cheana i gcomhréir leis na cleachtais thraidisiúnta sa réigiún. Leis an gcinneadh an táirge sin a áireamh faoi TGFC ‘Açores’, admhaítear a thábhacht agus a cháilíocht agus an luach a thugann sé do tháirgeoirí.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Catagóirí na dtáirgí fíniúna’, ‘Tuairisc ar na fíonta’, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’, ‘Nasc leis an limistéar geografach’ agus ‘Coinníollacha breise’.

2.7.   Tuairisc ar fhíonta – catagóir fíona

Tuairisc: Feabhsaíodh agus leasaíodh an tuairisc ar na fíonta.

Cúiseanna: Sainaithníodh gur tuairisc ghinearálta a bhí sa tuairisc a bhí ann roimhe agus nach raibh sí sonrach go leor, mar sin oiriúnaíodh í chun na saintréithe atá comhlachaithe le táirgí a chumhdaítear le TGFC ‘Açores’ a áireamh. Tá gá leis sin chun a áirithiú go ndéanann an doiciméad aonair agus an tsonraíocht an reachtaíocht is infheidhme a chomhlíonadh.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Tuairisc ar Fhíonta’ – Catagóir fíona.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Tuairisc ar Fhíonta’ – Catagóir fíona.

2.8.   Cleachtais fíonsaothrúcháin – Uastáirgeachtaí

Tuairisc: Uastáirgeacht leasaithe go 75 heictilítear; eisceacht scriosta.

Cúiseanna: Laghdaíodh an uastáirgeacht beagáinín chun an figiúr sin a thabhairt i gcomhréir le leibhéil táirgthe atá ann faoi láthair. Is é an rún critéir shoiléire, oibiachtúla a shocrú le haghaidh an pharaiméadair seo, rud a áiritheoidh aonfhoirmeacht agus intuarthacht na ndálaí táirgthe.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.

2.9.   Cleachtais fíonsaothrúcháin - Cleachtais fhíoneolaíocha - Catagóir fíona

Tuairisc: An tréimhse íosta aosaithe a scriosadh mar chleachtas fíoneolaíoch le haghaidh na catagóra Fíona.

Cúiseanna: Ós rud é nach coinníoll é a mbíonn tionchar suntasach aige ar shaintréithe fíona faoi TGFC ‘Açores’, scriosadh an ceanglas íosta aosaithe.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’.

2.10.   Príomhchineálacha fíonchaoire – leasú/oiriúnú ar an liosta cineálacha

Tuairisc: Tugadh ainmneacha [na gcineálacha fíonchaoire] i gcomhréir leis an liosta náisiúnta nua. Cineálacha curtha leis: Alicante Bouschet, Alvarinho, Arinto dos Açores, Bastardo, Caladoc, Grenache, Grüner-Veltliner, Loureiro, Malvarisco, Moscatel-Galego Branco, Petit Verdot, Roupeiro-Branco, Sauvignon, Síria, Syrah, Trincadeira, Verdejo, Verdelho Roxo, Vital.

Cúiseanna: Ba ghá na cineálacha atá sainithe maidir le táirge fíonta i réigiún TGFC ‘Açores’ a oiriúnú agus a thabhairt cothrom le dáta chun iad a thabhairt i gcomhréir le creat dlíthiúil nua an liosta náisiúnta cineálacha atá oiriúnach le haghaidh táirgeadh fíona sa Phortaingéil. Cuimsíodh leis sin cineálacha a bhíodh sa léarscáil chineálacha le haghaidh an limistéir gheografaigh, atá ábhartha maidir le saintréithe tháirgí TGFC ‘Açores’ a shainiú. Níl aon athrú ar shaintréithe suntasacha tháirgí TGFC ‘Açores’ i gceist leis an gcuimsiú sin; a mhalairt atá i gceist, is é an éifeacht a bhíonn aige go bhfeabhsaítear iad.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Príomhchineálacha fíonchaoire’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Príomhchineálacha fíonchaoire’.

2.11.   Nasc leis an limistéar geografach – gach catagóir

Tuairisc: Rinneadh oiriúnú ar an tuairisc ar an nasc leis an limistéar geografach agus feabhsaíodh í.

Cúiseanna: Ós rud é gur aithníodh an tuairisc a bhí ann roimhe ar an nasc ‘Catagóir fíona’ mar thuairisc ghinearálta nach raibh sonrach go leor, agus gur ghá catagóirí nua táirge (Fíon súilíneach agus Fíon licéir) a áireamh sa tuairisc ar an nasc, athscríobhadh ábhar na roinne seo chun na catagóirí táirge go léir a áireamh anois. Leis sin feabhsaítear oibiachtúlacht an ábhair, mar go mbaineann an nasc leis an limistéar geografach leis na catagóirí go léir.

Ranna leasaithe sa doiciméad aonair: ‘Nasc leis an limistéar geografach’.

Ranna leasaithe sa tsonraíocht táirge: ‘Nasc leis an limistéar geografach’.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Na hAsóir

2.   Cineál táisc gheografaigh

TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

4.

Fíon súilíneach

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Fíonta geala, fíonta rosé

Fíonta geala – I dtéarmaí cuma don tsúil, bíonn dath glasbhuí nó buí orthu, a éiríonn beagáinín níos tréine tar éis tréimhse aosaithe nó nuair a choiptear sa bhairille iad. Bíonn blasanna torthaíocha agus bláthacha ar na dea-bholaithe, ag brath ar na cineálacha fíniúna a úsáidtear. Tar éis tréimhse áirithe, d’fhéadfadh go dtiocfadh dea-bholaithe an aosaithe agus blas soiléir ocsaídiúcháin orthu. Sa bhéal, is iad a saintréithe aigéadacht mhaith, salandacht, mianracht shoiléir agus cothroime idir aigéadacht agus alcól; féadfaidh blais toite agus ocsaídiúcháin forbairt le haosú.

Fíonta rosé – Bíonn dath an bhradáin nó dath bándearg ar na fíonta rosé, agus dea-bholaithe torthaíocha orthu a mheascann go maith leis an tsalandacht; aigéadacht agus mianracht shuntasach sa bhéal. Fíonta úra a bhíonn iontu de ghnáth agus cothroime iontu idir aigéadacht agus alcól.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na teorainneacha dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

46,6  milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

200

2.   Fíonta dearga

Fíonta dearga - Bíonn dath dearg ar na fíonta sin, le dea-bholaithe torthaíocha agus blasanna beagáinín toite. Le haosú téann an blas deataigh i léig agus tagann na dea-bholaithe ón aosú chun tosaigh. Ó thaobh blais, tá siad úr le blasanna beagáinín toite agus cothroime iontu idir tainniní agus alcól.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na teorainneacha dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

46,6  milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

3.   Fíonta súilíneacha - fíonta geala agus rosé

Bíonn dath buí éadrom ar na fíonta geala súilíneacha. Bíonn dea-bholaithe torthaíochta orthu, le blasanna citris agus mianraigh agus blasanna beagáinín toite. Ag brath ar a n-am aosaithe, féadann dea-bholaithe tóstáilte teacht orthu. Sa bhéal, bíonn siad úr, tirim agus neart aigéadachta, salandachta agus mianrachta iontu, agus baineann tathag agus iarbhlas fada leo. Bíonn mús fíneáilte iontu, agus bolgáin mhíne iontu a mhaireann go fada.

Bíonn dath bándearg, dath chraiceann an oinniúin agus dath seadóige ar na fíonta súilíneacha rosé. Ó thaobh na ndea-bholaithe, is iad na torthaí dearga is treise, agus blasanna mianra iontu freisin. Ag brath ar a n-am aosaithe, féadann dea-bholaithe tóstáilte teacht orthu. Sa bhéal, bíonn siad úr, tirim agus neart aigéadachta, salandachta agus mianrachta iontu, agus baineann tathag agus iarbhlas fada leo. Bíonn mús fíneáilte iontu, agus bolgáin mhíne iontu a mhaireann go fada.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na teorainneacha dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

46,6  milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

185

4.   Fíonta súilíneacha – Dearga

Bíonn dath idir dhearg agus dath dearg an rúibín ar na fíonta dearga súilíneacha. Seo a leanas na dea-bholaithe: torthaí dearga, le blasanna toite agus mianra. Ag brath ar a n-am aosaithe, féadann dea-bholaithe tóstáilte teacht orthu. Sa bhéal, bíonn siad úr, tirim, le neart aigéadachta, salandachta agus mianrachta, le blas tainniní, tathag mheasartha agus iarbhlas fada. Bíonn mús fíneáilte iontu, agus bolgáin mhíne a fhoirmítear go tapa.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na teorainneacha dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

46,6  milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

185

5.   Fíonta licéir

Bíonn idir dath ómra agus dath donn órga ar na fíonta licéir. Ó thaobh dea-bholaithe, bíonn siad torthaíoch agus féadann siad blasanna meala, caramail, tóstáilte agus toite a áireamh, chomh maith le dea-bholaithe spíosraí de thoradh ar an am a chaitear ag aosú i mbairillí. Sa bhéal, bíonn siad tirim nó measartha tirim, le neart aigéadachta, salandachta, mianrachta, agus tathaig, torthaí triomaithe, toite, gnéithe den mhil agus iarbhlas fada.

Le haghaidh na bparaiméadar anailíseach eile, tá feidhm ag na teorainneacha dlíthiúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

16

Íosmhéid aigéadachta iomláine

46,6  milleachoibhéis in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

30

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

a.   Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha

1.   Fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir - cleachtais fíonsaothrúcháin agus ithreacha

Modhanna saothraithe

Na modhanna saothraithe a úsáidtear i bhfíonghoirt chun fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC ‘Açores’, ní mór iad a bheith ina modhanna atá traidisiúnta sa réigiún.

Ní mór fíniúnacha a bheartaítear chun táirgí fíniúna a dhéanamh a bheadh i dteideal TGFC ‘Açores’ a úsáid a chur nó ní mór go mbeidís ag fás cheana in ithreacha lena ngabhann na saintréithe seo a leanas:

Ithreacha liteacha agus liteasail neamh-húmasacha ar shubstráit chomhdhlúite basailt nó carraigeacha cosúla;

Ithreacha donna andasalacha caighdeánacha, atá tanaí nó sáithithe;

Reigeasail agus ithreacha reigealacha díorthaithe ó charraigeacha basailt, carraigeacha traicíte nó ábhar pireaclastach a luíonn ar bhasalt éadomhain;

Ithreacha nó mollasail.

2.   Fíonta - neart alcóil nádúrtha de réir toirte

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Maidir le húrfhíonta a bheartaítear chun fíonta a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC ‘Açores’ a úsáid ní mór neart alcóil nádúrtha íosta de 10 % de réir toirte a bheith acu.

3.   Fíonta súilíneacha - neart alcóil nádúrtha de réir toirte

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Maidir le húrfhíonta a bheartaítear chun fíonta súilíneacha a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC ‘Açores’ a úsáid ní mór neart alcóil nádúrtha íosta de 9 % de réir toirte a bheith acu.

4.   Fíonta licéir - neart alcóil nádúrtha de réir toirte

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Maidir le húrfhíonta a bheartaítear chun fíonta licéir a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC ‘Açores’ a úsáid ní mór neart alcóil nádúrtha íosta 10 % de réir toirte a bheith acu.

5.   Fíonta súilíneacha – modh

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Is é an modh teicneolaíoch atá le húsáid agus an fíon á dhéanamh ná coipeadh clasaiceach sa bhuidéal.

6.   Fíonta licéir – tréimhse aosaithe

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Déantar fíonta licéir a aosú ar feadh 12 mhí ar a laghad.

7.   Fíonta licéir – an modh táirgthe

Déantar fíonta licéir faoi TGFC ‘Açores’ d’úrfhíon fíonchaor a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh táirgeadh fíonta atá i dteideal TGFC ‘Açores’ a úsáid, a fhéadfar alcól neodrach fíona nó driogáit fíona a chur leo ar choinníoll go n-urramaítear na saintréithe atá leagtha síos sa reachtaíocht is infheidhme.

b.   Táirgeacht uasta

Fíonta TGFC ‘Açores’, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir

75 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tá an limistéar geografach ina dtáirgtear fíonta TGFC ‘Açores’ déanta suas de na hoileáin go léir in oileánra na nAsór.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

 

Agronómica

 

Alicante-Bouschet

 

Alvarinho

 

Aragonez - Tinta-Roriz; Tempranillo

 

Arinto - Pedernã

 

Arinto-dos-Açores - Terrantez-da-Terceira

 

Bastardo - Graciosa

 

Bical - Borrado-das-Moscas

 

Cabernet-Franc

 

Cabernet-Sauvignon

 

Caladoc

 

Castelão - João-de-Santarém(1); Periquita

 

Chardonnay

 

Complexa

 

Fernão-Pires - Maria-Gomes

 

Galego -Dourado

 

Generosa

 

Gewürztraminer

 

Gouveio

 

Grenache

 

Grüner-Veltliner

 

Loureiro

 

Malvarisco

 

Malvasia

 

Malvasia-Fina - Boal; Bual

 

Merlot

 

Moscatel-Galego-Branco - Muscat-à-Petits-Grains

 

Moscatel-Graúdo - Moscatel-de-Setúbal

 

Petit-Verdot

 

Pinot-Gris - Pinot-Grigio

 

Pinot-Noir

 

Riesling

 

Rio-Grande

 

Roupeiro-Branco

 

Rufete - Tinta-Pinheira

 

Sauvignon - Sauvignon-Blanc

 

Seara-Nova

 

Sercial - Esgana-Cão

 

Syrah - Shiraz

 

Síria - Roupeiro, Códega

 

Terrantez-do-Pico

 

Tinta -Barroca

 

Tinta Negra Mole, Saborinho

 

Touriga-Franca

 

Touriga-Nacional

 

Trincadeira - Tinta-Amarela, Trincadeira-Preta

 

Tália - Ugni-Blanc; Trebbiano-Toscano

 

Verdejo

 

Verdelho

 

Verdelho-Roxo

 

Vinhão - Sousão

 

Viosinho

 

Vital

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

Fíonta TGFC ‘Açores’, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir

Mionsonraí faoin limistéar geografach is ábhartha maidir leis an nasc

Baineann na sonraí sin le fíonta, fíonta licéir agus fíonta súilíneacha.

Tosca nádúrtha

Is de bhunús bolcánach oileánra na nAsór agus é suite san Atlantach ag fad 1 600 km siar ó chósta mhórthír na Portaingéile.

Tá an t-oileánra déanta suas de 9 n-oileán, a bhfuil achar idir 17 agus 749 km2 orthu, áit a dtrasnaíonn na plátaí teicteonacha Meiriceánacha, Eorpacha agus Afracacha a chéile.

Tá aeráid mhuirí mheasartha ag oileánra na nAsór le teochtaí séimhe idir 16 °C sa gheimhreadh agus 26 °C sa samhradh.

Mar gheall ar thionchar Shruth na Murascaille, bíonn teocht na farraige séimh freisin, agus é idir 14 agus 22 °C ar an meán.

Bíonn sé grianmhar ar feadh 3 nó 4 uair an chloig in aghaidh an lae sa gheimhreadh agus ar feadh 7 nó 8 n-uair an chloig in aghaidh an lae sa samhradh.

Bíonn sé ag cur báistí ar leibhéil éagsúla ar feadh na bliana, agus an bháisteach níos troime agus níos seasmhaí de ghnáth idir mí Dheireadh Fómhair agus mí an Mhárta. I ngach ceann de na míonna sin, sáraíonn an mheánbháisteach 100 mm agus bíonn sé ag cur báistí ar feadh thart ar 20 lá in aghaidh na míosa. Is gnách go dtiteann an bháisteach sna hAsóir i bhfoirm ceathanna a fhéadann a bheith trom uaireanta. Bíonn an bhogthaise choibhneasta aeir (meán bliantúil) ag thart ar 75 %.

De thoradh na n-aermhaiseanna ag bualadh faoina cheile, tá an ghaoth ina saintréith shuntasach den aeráid ar fud oileánra na nAsór. Is é is cúis leis sin an bhogthaise agus an tsalandacht a ghabhann léi, a shainítear ar bhealach ag an tír-raon agus an ghné den rilíf ar gach ceann de na hoileáin sin.

Mar gheall ar a mbunús geolaíoch bolcánach atá réasúnta deireanach, tá na hithreacha éadomhain agus flúirse eilimintí garbha (púróga) iontu, agus foirmítear go príomha iad ar charraigeacha basaltacha, traicíte agus aindéisíte.

Tosca daonna

Téann fíonsaothrú in oileánra na nAsór siar go dtí an tréimhse a tháinig lonnaitheoirí chun cónaí ann i lár an 15ú céad. Meastar gur bráithre Proinsiasacha a thug fíniúnacha isteach. Ón uair a tháinig siad chuig an gcríoch, thug na manaigh sin faoi deara go raibh cosúlachtaí idir na dálaí ithreach agus aeráide sa tSicil agus roinnt oileán san oileánra. Mar thoradh air sin thóg siad isteach cineálacha as an Iodáil, Verdelho go háirithe, a scaip go tapa.

Ón tús, ba ghá na limistéir ba mhó a bhí nochta do dhrochthionchar na ngaoth ón Atlantach a chur in oiriúint le go bhféadfaí na fíniúnacha a fhás. Múnlaíodh an tírdhreach leis sin, agus tógadh ‘currais’ nó ‘curraletas’ (dáileachtaí talún a críochaíodh le ballaí cloiche tirime). Bhí dhá chuspóir acu siúd: clocha iomarcacha a bhaint de na hithreacha agus cosaint a thabhairt ar an ngaoth.

D’aithin UNESCO an tírdhreach daonnúil sainiúil sin, a cruthaíodh mar gheall ar an ngá leis na fíonghoirt a chosaint ar na gaotha Atlantacha, mar Thírdhreach Cultúrtha Oidhreachta Domhanda.

Baineann saintréithe sonracha na dtáirgí leis an limistéar geografach:

 

Fíonta, fíonta licéir agus fíonta súilíneacha

Táirgí iad fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir TGFC ‘Açores’ a roinneann saintréithe uathúla, sainiúla, go háirithe a n-úire, a salandacht, a mianracht, a n-aigéadacht mhaith agus a ndea-bholaithe torthaíocha.

Nasc leis an limistéar geografach:

 

Fíonta, fíonta licéir agus fíonta súilíneacha

Tá dálaí sonracha an limistéir gheografaigh ríthábhachtach ó thaobh na saintréithe sainiúla a ghabhann le táirgí fíniúna TGFC ‘Açores’ a chinneadh.

Cuidíonn na leibhéil arda báistí agus bogthaise le haibiú na bhfíonchaor céim ar chéim, agus ar an mbealach sin cuireann siad le haigéadacht agus úire shuntasach fhíonta, fhíonta súilíneacha agus fhíonta licéir TGFC ‘Açores’.

Mar gheall ar an ábhar garbh san ithir méadaítear frithchaitheamh an teasa, rud atá fabhrach d’aibiú na bhfíonchaor agus léiriú na gcomhdhúl aramatach sna cineálacha fíonchaoire, as a dtagann fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir a mbíonn dea-bholaithe sainiúla orthu.

Is iad na hithreacha bolcánacha, in éineacht leis an tionchar láidir Atlantach mar gheall ar shuíomh an oileáin, a thugann an mhianracht agus an tsalandacht atá mar shaintréith ag táirgí fíniúna TGFC ‘Açores’.

Tá an toisc dhaonna, lena gcaomhnaítear an traidisiún atá ann ar feadh na n-aoiseanna, léirithe i dtógáil na ndáileachtaí (ar a dtugtar ‘currais’ agus ‘curraletas’), atá ríthábhachtach chun na fíniúnacha a chosaint ar nochtadh do na gaotha Atlantacha agus chun na dálaí fáis is fearr a chruthú le haghaidh na bhfíniúnacha, rud lena mbaineann tábhacht mhór ó thaobh na dálaí cearta a áirithiú le go bhféadann na fíonchaora aibiú, chomh maith le cur le cothroime na ndea-bholaithe sna fíonta, sna fíonta súilíneacha agus sna fíonta licéir a tháirgtear.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise

Fíonta TGFC ‘Açores’, fíonta súilíneacha agus fíonta licéir

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Measúnú ar lipéadú roimh chur ar an margadh.

Léiriú éigeantach ar an lipéad atá sa mharc.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.ivv.gov.pt/np4/8616.html


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/20


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 200/09)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Lajta sajt’

Uimh. AE: PGI-HU-02844 — 23.5.2022

STFC ( ) TGFC (x)

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

‘Lajta sajt’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Ungáir

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.3: Cáiseanna

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is cáis lánmhéathrais, bhog-uigeach, scagach é ‘Lajta sajt’ a dhéantar as bainne bó agus a aibítear ar feadh coicíse leis an bhflóra craicinn Brevibacterium linens. Atáirgeann an príomh-mhicreaflóra aibithe ar bhealach nádúrtha sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe 4.

Saintréithe fisiciúla agus ceimiceacha ‘Lajta sajt’

% Cainníocht a bhaineann go sonrach leis (g/100 g)

Cion ábhair thirim (íosta) 50,0

Cion saille in ábhar tirim 50,0 ± 2,5

Cion clóiríde sóidiam 1,5 ± 0,5

Saintréithe orgánaileipteacha ‘Lajta sajt’

Cuma: Bloc dronuilleogach (19-21 cm ar fad; 7-9 cm ar leithead; 5,5-7 cm ar airde), de mheáchan 1-1,2 kg. Tá an bun agus an barr cothrom agus tá na taobhanna ag bolgadh beagán. Tá an craiceann tanaí, solúbtha scagach agus tá dath scothdhearg-buí air go haonfhoirmeach.

Uigeacht: Tá dath scothbhuí-dearg aonfhoirmeach ar an gcorp, agus dáiltear scoilteanna go dlúth agus go cothrom ar an dromchla gearrtha. Tá sé éasca le gearradh agus measartha bog agus imíonn sé ina bhrus go héasca sa bhéal.

Boladh: Tá dea-bholadh suaithinseach air agus tá sé beagán spíosrach, beagán lachtach agus tá sé saor ó aon bholadh coimhthíoch.

Blas: beagán aigéadach, beagán spíosrach, blasta, deas goirt agus saor ó aon bhlas coimhthíoch.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Níl aon srianta críochacha ann maidir le beatha.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Déantar na céimeanna seo a leanas i dtáirgeadh na cáise laistigh den limistéar geografach sainithe :

Ullmhú agus téachtadh einsímeach an bhainne.

Gearradh agus próiseáil an ghrutha.

Múnlú agus brú na cáise.

Sailleadh na cáise.

Aibiú na cáise.

Cuimilt agus triomú na cáise.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

-

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an tásc ‘zsíros, belső érlelésű, rúzsflórás, félkemény sajtkülönlegesség’ [speisialtacht cáise lánmhéathrais, aibithe go hinmheánach, dearg-shaothraithe, leathchrua] a bheith ar an bpacáistíocht.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Contae Győr-Moson-Sopron

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir ‘Lajta sajt’ agus an limistéar geografach bunaithe ar cháilíocht agus ar cháil.

Baineann boladh agus blas aramatach go sonrach le ‘Lajta sajt’ mar gheall ar a fhlóra aibithe sonrach. Tá dath scothdhearg-buí ar an gcáis ag a bhfuil uigeacht beagán bog agus imíonn sé ina bhrus sa bhéal agus tá an dromchla gearrtha scagach.

Cuireann an tréimhse aibithe réasúnta gearr blas beagáinín aigéadach, deas aramatach agus sainiúil ar an gcáis. Tagann cineál na cáise as an bpróitéilíseas dian go príomha, a bhfuil a uigeacht bhrusach, beagán bog agus a éascaíocht díleáiteachta mar thoradh air. De réir uigeacht na cáise aibí is cáis idir bog agus leathchrua é.

Tá Contae Győr-Moson-Sopron taobh thiar thuaidh de réigiún traidisiúnta tháirgeadh déiríochta na hUngáire. Tá ‘Lajta sajt’ ainmnithe as an abhainn Lajta, a sreabhann isteach sa Danóib Moson ag Mosonmagyaróvár i gContae Győr-Moson-Sopron.

Sa réigiún seo, chonacthas i rith an chéad leath den 20ú céad comhchumar ámharach de tháirgeacht bhainne ardchaighdeáin agus bonn eolais intleachtúil den scoth, a léirigh an tAcadamh Talmhaíochta in Mosonmagyaróvár, Institiúid na hUngáire um Thaighde ar an bhFeirmeoireacht Déiríochta, an lárionad oideachais in Csermajor agus na déirithe in Mosonmagyaróvár, Csermajor agus Levél. D’eascair modh táirgthe uathúil ‘Lajta sajt’ as an mbonn eolais sin sna 1930idí, agus cuireadh an saineolas sonrach sin isteach i dteicneolaíocht táirgthe déiríochta sna 1950idí.

I dtéarmaí cháilíocht ‘Lajta sajt’, is céim ríthábhachtach an phróisis táirgthe é aibiú na cáise sa limistéar geografach. Mar gheall ar an mbogthaise choibhneasta ard de níos mó ná 90 % cruthaítear an príomh-mhicreaflóra aibithe (Brevibacterium linens), de thionscnamh na gclár péine a bhíonn timpeall na cáise go bunúsach, ar dhromchla na cáise ar lá 4-5 den phróiseas aibithe, rud is cúis leis an mbrat buí éadrom. Áirithítear leis an mbogthaise ard agus leis an aibiú ar chláir déanta go heisiach as adhmad péine go gcoinnítear an tréithchineál sonrach baictéir sin ann agus go bhforbraíonn ‘saothrán dearg’ ar an gcáis úr. Ar an mbealach sin, déantar dlúthnasc idir cáilíocht an táirge agus limistéar an táirgthe.

Tá saineolas speisialta de dhíth le haghaidh phróiseas aibíochta ‘Lajta sajt’. Castar na cáiseanna gach 3-4 lá agus glantar le sáile iad chun déine fhás na mbaictéar a mhéadú. Ní mór iad a chasadh agus a ghlanadh de láimh go han-chúramach agus níor cheart iad a chuimilt.

Aibíonn ‘Lajta sajt’ ar feadh coicíse, agus faoin am sin cumhdaíonn an saothrán dearg an dromchla go hiomlán. Ag tosú ón dromchla, bogann an t-aibiú dian go dtí an lár agus tagann deireadh leis faoin am a bhíonn ‘Lajta sajt’ aibí. Gné eile den aibiú is ea méadú gasta ar luach pH an chraicinn, a thagann as dianscaoileadh lachtáite (ina dé-ocsaíd charbóin agus uisce) ag giostaí airithe (e.g. Oospora lactis) a bhíonn ag fás go nádúrtha ar an dromchla. Is saintréith d’aibiú ‘Lajta sajt’ é díghrádú gasta fhormhór na bpróitéiní, a fhágann go bhfuil foirm pheiptídí in 50-60 % díobh, i bhfoirm chomhdhúile aimíonaigéid go páirteach, faoi sheachtain 2 den phróiseas aibithe. Tar éis trí seachtaine aibithe, tá an blas agus an boladh amóinia inbhraite agus an uigeacht ag éirí bog fós, ionas nach mór an cháis a stóráil ón tríú seachtain ar aghaidh ag teocht idir 2 °C agus 8 °C chun bheith inite agus chun a saintréithe a bhaineann go sonrach léi a choinneáil ar bun.

Tá cáil ‘Lajta sajt’ bunaithe ar a bhlas, a bhlastacht, a bholadh, a uigeacht bhrusach an-deas agus a cháilíocht atá aonfhoirmeach go huathúil. Bhí sé, agus tá sé fós, ar cheann de na cáiseanna is fearr le daoine gourmet a bhfuil dúil acu i gcáis agus, a bhuí leis an bpróitéilíseas dian, aicmítear é i measc na cineálacha cáise is inite.

Tagraíonn blag téamach maidir le cáiseanna do ‘Lajta sajt’ mar cháis Ungárach cháiliúil a bhfuil tóir i gceart uirthi, a aicmítear mar cheann de na cáiseanna a aibíonn le saothráin dhearga agus a dtugtar tuairisc uirthi mar a leanas: ‘Tá an craiceann tanaí, leaisteach agus tá dath dorcha scothbhuí-dearg air. Tá corp na cáise dlúth, agus súile beaga ann, agus tá blas sainiúil, aramatach agus deas géar air. Slistear agus grátáiltear go héasca é, rud a fhágann go bhfuil sé foirfe le haghaidh ceapairí agus le tósta, agus is féidir é a ithe le pasta. Mholfainn é le haghaidh aon mhias lena n-éilítear cáis.’ Foinse: https://sajtologia.blog.hu/2015/09/09/ha_lajta_van_rajta

Bhain ‘Lajta sajt’ aitheantas amach go minic ag comórtais cháise intíre agus idirnáisiúnta, ag gnóthú:

teastas óir ag Comórtas Cáise Náisiúnta na hUngáire 2011 in Csermajor;

an chéad duais glan amach i measc cháiseanna náisiúnta traidisiúnta 15 thír ag an gComórtas Cáise Náisiúnta a eagraíodh mar chuid den 22ú Féile Fíona Budavár in 2013;

an bonn óir ag Slógadh Cáise Náisiúnta 2018;

dara háit ag Féile Cháise Mikulov 2019 sa tSeicia;

an-éileamh mar aoi ag taispeántas cáise ‘Caseus Veneti’ 2021. Tá an taispeántas oscailte do dhéantóirí cáise ar scála beag a dhéanann táirgí uathúla ag a bhfuil saintréithe áitiúla. Foinse: https://www.padovaoggi.it/foto/eventi/caseus-veneti-piazzola-25-26-settembre-2021.html/

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://gi.kormany.hu/foldrajzi-arujelzok


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


Ceartúcháin

8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 200/23


Ceartúchán ar an bhfógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 166 an 11 Bealtaine 2023 )

(2023/C 200/10)

Ar leathanach 8, faoin gceannteideal ‘Sprioc-am chun iarratais agus tairiscintí a chur isteach’:

in ionad:

‘10 Iúil 2023, 12.00 (am Pháras)’,

léitear:

‘13 Iúil 2023, 12.00 (am Pháras)’.