|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 199 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 199/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11099 — CINVEN / MBCC DIVESTMENT BUSINESS) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2023/C 199/02 |
||
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 199/03 |
||
|
|
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí |
|
|
2023/C 199/04 |
||
|
2023/C 199/05 |
||
|
2023/C 199/06 |
||
|
2023/C 199/07 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 199/08 |
||
|
2023/C 199/09 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 199/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11099 — CINVEN / MBCC DIVESTMENT BUSINESS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 199/01)
An 20 Aibreán 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11099. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 199/2 |
CINNEADHÓN gCOMHAIRLE
an 1 Meitheamh 2023
lena gceaptar comhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair d’Éirinn
(2023/C 199/02)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,
Ag féachaint do liostaí na n-iarrthóirí a chuir Rialtais na mBallstát faoi bhráid na Comhairle,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 24 Feabhra 2022 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 1 Márta 2022 go dtí an 28 Feabhra 2025. |
|
(2) |
Tá ainmniúcháin bhreise tíolactha ag Rialtas na hÉireann i dtaca le post atá le líonadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar, leis seo, an duine seo a leanas ina chomhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse dar críoch an 28 Feabhra 2025:
I. IONADAITHE RIALTAIS
|
Ballstát |
Comhalta |
|
Éire |
Adrienne DUFF |
Airteagal 2
Ceapfaidh an Chomhairle na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha nár ainmníodh fós tráth níos déanaí.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 1 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. CARLSON
(1) IO C 218, 13.9.2003, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 92, 25.2.2022, lch. 1).
An Coimisiún Eorpach
|
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 199/4 |
Rátaí malairte an euro (1)
6 Meitheamh 2023
(2023/C 199/03)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0683 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
149,09 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4494 |
|
GBP |
punt steirling |
0,86103 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,6215 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9698 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
151,10 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,8775 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,520 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
368,63 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,4915 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9592 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
22,9762 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6038 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4342 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,3777 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7579 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4411 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 388,93 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
20,5593 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,6040 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 891,22 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,9222 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
60,064 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
37,161 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2538 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
18,6436 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
88,2295 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
|
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 199/5 |
Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais
(2023/C 199/04)
(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECShttps://edps.europa.eu)
Leis an Tuairim seo, arna heisiúint de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), cuireann MECS moltaí chun cinn maidir leis an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais ag féachaint (2) do na cearta bunúsacha chun príobháideachta agus do chosaint sonraí pearsanta (‘an Togra’).
Is díol sásaimh do MECS na cuspóirí a shaothraítear leis an Togra, go háirithe chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag riaracháin chánach ar an bhfaisnéis is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtach agus chun comhlíonadh ginearálta fhorálacha Threoir 2011/16/AE a neartú. I bhfianaise an mhéid sin, déanann MECS roinnt moltaí arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Togra go hiomlán an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le cosaint sonraí.
Ní fhéadfaidh údarás inniúil Ballstáit sonraí pearsanta a athúsáid chun críche eile a cheadú ach amháin má tá sé bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí an Bhallstáit ar an mbonn lena n-údaraítear próiseáil bhreise go dleathach, ar beart riachtanach comhréireach i sochaí dhaonlathach chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) RGCS a choimirciú. Chun leibhéal níos airde comhchuibhithe agus deimhneachta dlíthiúla a sholáthar, measann MECS gur cheart liosta (uileghabhálach) a sholáthar sa Togra de na cuspóirí a bhféadfaí sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh ina leith.
Maidir le rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a thaifeadtar san eolaire lárnach maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais, molann MECS soiléiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí sonracha atá ar an gCoimisiún faoin Treoir lena gceanglaítear rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a thaifeadtar san eolaire lárnach agus cuspóir na rochtana sin a shonrú go soiléir.
Is díol sásaimh do MECS, mar phrionsabal, go bhfuil sé mar aidhm ag an Togra róil agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin a shoiléiriú tuilleadh de réir bhrí an dlí maidir le cosaint sonraí. Ag an am céanna, tugann MECS dá aire go sainítear ar bhealach cothrománach le hAirteagal 25(3) de Threoir 2011/16/AE (ina fhoirm reatha agus mar a leasófaí é leis an Togra) róil na mBallstát agus an Choimisiúin faoi seach de réir bhrí an dlí maidir le cosaint sonraí. Chun dúbailt nach bhfuil gá léi a sheachaint, molann MECS go scriosfaí an dá abairt dheireanacha d’Airteagal 8ad(10) dá bhforáiltear in Airteagal 1(6) den Togra. Maidir le hAirteagal 25(3) mar a leasófaí é leis an Togra, molann MECS a léiriú go soiléir cad iad na cásanna ina measfar na heintitis a bhfuil baint acu leis an bpróiseáil sonraí mar rialaitheoir (ina aonar) agus cad iad na cásanna ina measfar iad a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha.
Ar deireadh, measann MECS gur cheart don Togra foráil a dhéanamh, ní hamháin d’íostréimhse, ach d’uastréimhse stórála freisin. Ina theannta sin, ba cheart a shonrú sa Togra gur gá taifid na faisnéise a fhaightear trí mhalartú faisnéise a scriosadh tar éis na huastréimhse coinneála sonraí, nó níos luaithe, mura bhfuil gá leo a thuilleadh.
1. RÉAMHRÁ
|
1. |
An 8 Nollaig 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Treoir (AE) ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (‘an Togra’) (3). |
|
2. |
Is é an méid seo a leanas cuspóirí an togra (4):
|
|
3. |
Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 9 Feabhra 2023, de bhun Airteagal 42(1) RCSAE. Is díol sásaimh do MECS an tagairt don chomhairliúchán seo in aithris 43 den Togra. Sonraíonn MECS go dearfach freisin go ndeachthas i gcomhairle leis ar bhonn neamhfhoirmiúil roimhe de bhun aithris 60 RCSAE. |
4. CONCLÚIDÍ
|
32. |
I bhfianaise an mhéid thuasluaite, déanann MECS na príomh-mholtaí seo a leanas:
|
An Bhruiséil, 3 Aibreán 2023.
Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39).
(2) Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lgh. 1).
(3) COM(2022) 707 final.
(4) COM (2022) 707 final, lgh. 1.
|
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 199/7 |
Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an sainordú caibidlíochta chun comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis forfheidhmithe dlí Eacuadór
(2023/C 199/05)
(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)
An 22 Feabhra 2023 d’eisigh an Coimisiún Eorpach Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht ar chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
Is é cuspóir an Togra tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Eacuadór chun comhaontú idirnáisiúnta a shíniú agus a thabhairt i gcrích lena gcumasófar malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Togra treoracha caibidlíochta na Comhairle don Choimisiún, i.e. ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an gCoimisiún na cuspóirí a bhaint amach thar ceann an Aontais le linn na gcaibidlíochtaí sin.
D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag aistrithe sonraí pearsanta arna mbailiú i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla agus arna bpróiseáil tuilleadh ag Europol chun faisnéis choiriúil a tháirgeadh ar shaol na ndaoine aonair lena mbaineann. Ar an gcúis sin, ní mór a áirithiú leis an gcomhaontú idirnáisiúnta nach mbeidh feidhm ag na teorainneacha ar na cearta chun na príobháideachta agus chun na cosanta sonraí i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta ach amháin a mhéid a mbíonn fíorghá leis.
Tugann MECS dá aire go dearfach go bhfuil tacar cuspóirí dea-struchtúrtha (Treoracha caibidlíochta) bunaithe ag an gCoimisiún faoin am seo, bunaithe ar roinnt moltaí ó Thuairimí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí roimhe seo maidir leis an ábhar seo, lena n-ionchorpraítear prionsabail bhunúsacha maidir le cosaint sonraí, a bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún iad a bhaint amach thar ceann an Aontais le linn caibidlíochtaí idirnáisiúnta chun comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis forfheidhmithe dlí tríú tíortha.
I ndáil leis an méid sin, tá na moltaí sa Tuairim seo dírithe ar na coimircí agus ar na rialuithe sa Chomhaontú a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus Eacuadór maidir le cosaint sonraí pearsanta a shoiléiriú agus, i gcás inar gá, a fhorbairt tuilleadh. Sa chomhthéacs sin, molann MECS go leagfaí síos go sainráite sa Chomhaontú a bheidh ann amach anseo liosta na gcionta coiriúla a bhféadfaí sonraí pearsanta a mhalartú ina leith; foráiltear d’athbhreithniú tréimhsiúil ar an ngá atá leis na sonraí pearsanta arna n-aistriú a stóráil chomh maith le bearta iomchuí eile lena n-áirithítear go gcloítear leis na teorainneacha ama; tugann sé coimircí breise ar aird maidir le haistriú catagóirí speisialta sonraí; áirithíonn sé nach ndéanfaí aon chinneadh uathoibrithe bunaithe ar na sonraí a fuarthas faoin gComhaontú gan an deis a bheith ag an duine idirghabháil a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus fóinteach; leagtar síos leis rialacha soiléire agus mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis ba cheart a chur ar fáil do na hábhair sonraí.
Meabhraíonn MECS, de bhun Airteagal 8(3) den Chairt, gur gné bhunriachtanach den cheart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint é an rialú a dhéanann údarás neamhspleách. Dá bhrí sin, molann MECS don Choimisiún aird ar leith a thabhairt, le linn na caibidlíochta, ar mhaoirseacht ag comhlachtaí poiblí neamhspleácha atá freagrach as cosaint sonraí ag a bhfuil cumhachtaí éifeachtacha i dtaca le forfheidhmiú an dlí agus údaráis inniúla eile Phoblacht Eacuadór a úsáidfidh na sonraí pearsanta aistrithe. Ina theannta sin, chun cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú, molann MECS freisin go ndéanfadh na Páirtithe faisnéis a mhalartú ar bhonn rialta maidir le feidhmiú cearta ag ábhair sonraí chomh maith le faisnéis ábhartha maidir le húsáid na sásraí maoirseachta agus sásaimh a bhaineann le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
1. RÉAMHRÁ
|
1. |
An 22 Feabhra 2023 d’eisigh an Coimisiún Eorpach Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht ar chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (1) (‘an Togra’). Tá Iarscríbhinn faoi seach ag gabháil leis an Togra. |
|
2. |
Is é cuspóir an Togra tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Eacuadór chun comhaontú idirnáisiúnta a shíniú agus a thabhairt i gcrích lena gcumasófar malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Togra treoracha caibidlíochta na Comhairle don Choimisiún, i.e. ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an gCoimisiún na cuspóirí a bhaint amach thar ceann an Aontais le linn na gcaibidlíochtaí sin. |
|
3. |
Sa Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann leis an Togra, measann an Coimisiún gur bagairt thromchúiseach iad grúpaí coireachta eagraithe Mheiriceá Laidineach do shlándáil inmheánach an Aontais toisc go mbíonn a ngníomhaíochtaí nasctha níos mó ná riamh le sraith coireanna laistigh den Aontas, go háirithe i réimse na gáinneála ar dhrugaí (2). I Measúnú an Aontais Eorpaigh 2021 ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (‘SOCTA’) ó Europol, léirítear go ndéantar gáinneáil ar chainníochtaí drugaí aindleathacha nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ó Mheiriceá Laidineach go dtí an tAontas, rud a ghineann brabús sna hilbhilliún euro a úsáidtear chun réimse éagsúil eagraíochtaí coiriúla a mhaoiniú (idir coireacht idirnáisiúnta agus coireacht laistigh den Aontas) agus chun riail an dlí san Aontas a lagú (3). |
|
4. |
Iompraítear formhór na ndrugaí a urghabhtar san Aontas ar muir, go príomha i gcoimeádáin loingseoireachta mhuirí (4), agus seoltar iad chuig an Aontas go díreach ó thíortha a dtáirgthe agus ó thíortha imeachta comharsanachta i Meiriceá Laidineach, lena n-áirítear ó Phoblacht Eacuadór (5). Bunaithe ar chainníochtaí cócaoin a urghabhtar i gcalafoirt na hEorpa agus i gcalafoirt in áiteanna eile ar an mbealach chun na hEorpa, bhí Eacuadór (le hurghabháil cócaoin de thart ar 67.5 tona) ar cheann de na príomhphointí imeachta in 2020, mar a bhí sé le roinnt blianta (6). |
|
5. |
Ina Dhoiciméad Clársceidealaithe 2022-2024, chuir Europol in iúl go bhfuil bonn cirt, i measc nithe eile, leis an éileamh méadaitheach ar dhrugaí agus leis an méadú ar bhealaí gáinneála ar dhrugaí isteach san Aontas, ar an ngá atá le comhar feabhsaithe le tíortha Mheiriceá Laidineach (7). Sa chiall sin, i mí na Nollag 2022, áiríodh Poblacht Eacuadór ar liosta Europol de chomhpháirtithe tosaíochta lena bhféadfaidh an ghníomhaireacht Socruithe Oibre a thabhairt i gcrích. Ar an gcaoi chéanna, tá Eacuadór aitheanta ag an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) mar phríomh-chomhpháirtí idirnáisiúnta chun an soláthar domhanda cócaoin a laghdú (8). |
|
6. |
Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 22 Feabhra 2023, de bhun Airteagal 42(1) RCSAE. Is díol sásaimh do MECS go ndeachthas i gcomhairle leis maidir leis an Togra agus tá sé ag súil go gcuirfear tagairt don Tuairim seo san áireamh i mbrollach an Chinnidh ón gComhairle. Ina theannta sin, is díol sásaimh do MECS an tagairt, in Aithris 4 den Togra, d’Aithris 35 de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (‘Rialachán Europol’), lena bhforáiltear gur cheart don Choimisiún a bheith in ann dul i gcomhairle le MECS freisin le linn na gcaibidlíochtaí maidir leis an gComhaontú agus, ar chaoi ar bith, sula dtabharfar an Comhaontú i gcrích. |
11. CONCLÚIDÍ
|
38. |
I bhfianaise an méid thuas, molann MECS an méid seo a leanas:
|
An Bhruiséil, 19 Aibreán 2023.
Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI
(1) COM(2023) 97 final.
(2) Féach lch. 2 den Togra.
(3) Measúnú an Aontais Eorpaigh ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe: Tionchar Éillitheach: Insíothlú gheilleagar agus shochaí na hEorpa tríd an gcoireacht eagraithe agus an bonn a bhaint díobh.
(4) Europol agus an trádáil dhomhanda cócaoin, ar fáil ag https://www.emcdda.europa.eu/publications/eu-drug-markets/cocaine/europe-and-global-cocaine-trade_en
(5) Europol agus an trádáil dhomhanda cócaoin, ar fáil ag https://www.emcdda.europa.eu/publications/eu-drug-markets/cocaine/europe-and-global-cocaine-trade_en
(6) Margadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon lch. 24, ar fáil ar Mhargadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon | www.emcdda.europa.eu
(7) Doiciméad Clársceidealaithe Europol 2022-2024, lch. 150.
(8) Margadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon, ar fáil ar Mhargadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon, www.emcdda.europa.eu
(9) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a thagann in ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
|
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 199/10 |
Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an sainordú caibidlíochta chun comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis forfheidhmithe dlí na Brasaíle
(2023/C 199/06)
(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)
An 22 Feabhra 2023 d’eisigh an Coimisiún Eorpach Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht ar chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis na Brasaíle atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
Is é cuspóir an Togra tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an mBrasaíl chun comhaontú idirnáisiúnta a shíniú agus a thabhairt i gcrích lena gcumasófar malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis na Brasaíle atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Togra treoracha caibidlíochta na Comhairle don Choimisiún, i.e. na cuspóirí ba chóir don Choimisiún a iarraidh a bhaint amach thar ceann an AE le linn na gcaibidlíochtaí sin.
D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag aistrithe sonraí pearsanta arna mbailiú i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla agus arna bpróiseáil tuilleadh ag Europol chun faisnéis choiriúil a tháirgeadh ar shaol na ndaoine aonair lena mbaineann. Ar an gcúis sin, ní mór a áirithiú leis an gcomhaontú idirnáisiúnta nach mbeidh feidhm ag na teorainneacha ar na cearta chun na príobháideachta agus chun na cosanta sonraí i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta ach amháin a mhéid a mbíonn fíorghá leis.
Tugann MECS dá aire go dearfach go bhfuil tacar cuspóirí dea-struchtúrtha (treoracha caibidlíochta) bunaithe ag an gCoimisiún faoin am seo, bunaithe ar roinnt moltaí ó Thuairimí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí roimhe seo maidir leis an ábhar seo, lena n-ionchorpraítear prionsabail bhunúsacha maidir le cosaint sonraí, a bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún iad a bhaint amach thar ceann an Aontais le linn caibidlíochtaí idirnáisiúnta chun comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis forfheidhmithe dlí tríú tíortha.
I ndáil leis an méid sin, tá na moltaí sa Tuairim seo dírithe ar na coimircí agus ar na rialuithe sa Chomhaontú a bheidh ann amach anseo idir an AE agus an Bhrasaíl maidir le cosaint sonraí pearsanta a shoiléiriú agus, i gcás inar gá, a fhorbairt tuilleadh. Sa chomhthéacs sin, molann MECS go leagfaí síos go sainráite sa Chomhaontú a bheidh ann amach anseo liosta na gcionta coiriúla a bhféadfaí sonraí pearsanta a mhalartú ina leith; foráiltear d’athbhreithniú tréimhsiúil ar an ngá atá leis na sonraí pearsanta arna n-aistriú a stóráil chomh maith le bearta iomchuí eile lena n-áirithítear go gcloítear leis na teorainneacha ama; tugann sé coimircí breise ar aird maidir le haistriú catagóirí speisialta sonraí; áirithíonn sé nach ndéanfaí aon chinneadh uathoibrithe bunaithe ar na sonraí a fuarthas faoin gComhaontú gan an deis a bheith ag an duine idirghabháil a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus fóinteach; leagtar síos leis rialacha soiléire agus mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis ba cheart a chur ar fáil do na hábhair sonraí.
Meabhraíonn MECS, de bhun Airteagal 8(3) den Chairt, go bhfuil an rialú a dhéanann údarás neamhspleách ina ghné bhunriachtanach den cheart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Sa chomhthéacs sin, tugann MECS dá aire go dearfach gur bunaíodh údarás neamhspleách cosanta sonraí sa Bhrasaíl le déanaí, Údarás Maoirseachta na Brasaíle um Chosaint Sonraí (Autoridade Nacional de Proteção de Dados – ANPD). Ina theannta sin, chun cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú, molann MECS freisin go ndéanfadh na Páirtithe faisnéis a mhalartú ar bhonn rialta maidir le feidhmiú cearta ag ábhair sonraí chomh maith le faisnéis ábhartha maidir le húsáid na sásraí maoirseachta agus sásaimh a bhaineann le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
1. RÉAMHRÁ
|
1. |
An 9 Márta 2023 d’eisigh an Coimisiún Eorpach Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht ar chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Brasaíle atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (1) (‘an Togra’). Tá Iarscríbhinn faoi seach ag gabháil leis an Togra. |
|
2. |
Is é cuspóir an Togra tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (‘an Bhrasaíl’ anseo feasta) chun comhaontú idirnáisiúnta a shíniú agus a thabhairt i gcrích lena gcumasófar malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis um fhorfheidhmiú dlí na Brasaíle atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Togra treoracha caibidlíochta na Comhairle don Choimisiún, i.e. na cuspóirí ba chóir don Choimisiún a iarraidh a bhaint amach thar ceann an AE le linn na gcaibidlíochtaí sin. |
|
3. |
Sa Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann leis an Togra, measann an Coimisiún gur bagairt thromchúiseach iad grúpaí coireachta eagraithe Mheiriceá Laidineach do shlándáil inmheánach an AE toisc go mbíonn a ngníomhaíochtaí nasctha níos mó ná riamh le sraith coireanna laistigh den Aontas, go háirithe i réimse na gáinneála ar dhrugaí (2). I Measúnú an Aontais Eorpaigh 2021 ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (‘SOCTA’) ó Europol, léirítear go ndéantar gáinneáil ar chainníochtaí drugaí aindleathacha nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ó Mheiriceá Laidineach go dtí an tAontas, rud a ghineann brabús sna hilbhilliún euro a úsáidtear chun réimse éagsúil eagraíochtaí coiriúla a mhaoiniú (idir coireacht idirnáisiúnta agus coireacht laistigh den Aontas) agus chun riail an dlí san AE a lagú (3). Tá eagraíochtaí coireachta eagraithe atá bunaithe i Meiriceá Laidineach gníomhach freisin i réimsí eile coireachta a thagann faoi shainordú Europol, amhail cibearchoireacht, sciúradh airgid agus coireanna comhshaoil. |
|
4. |
Iompraítear formhór na ndrugaí a urghabhtar san AE ar muir, go príomha i gcoimeádáin loingseoireachta mhuirí (4), agus seoltar iad chuig an AE go díreach ó thíortha a dtáirgthe agus ó thíortha imeachta comharsanachta i Meiriceá Laidineach, lena n-áirítear ón mBrasaíl (5). Is comhpháirtithe iad eagraíochtaí coireachta eagraithe na Brasaíle i líonraí coiriúla na Colóime agus cheannaíonn siad cócaon a tháirgtear sa Bholaiv agus i bPeiriú freisin. Chomh maith lena ngníomhaíochtaí gáinneála, is soláthraithe seirbhíse iad na líonraí sin le haghaidh líonraí coiriúla a fheidhmíonn ar fud an domhain agus a úsáideann calafoirt na Brasaíle chun gáinneáil ar chócaon (6). Bunaithe ar chainníochtaí cócaoin a urghabhtar i gcalafoirt na hEorpa agus i gcalafoirt in áiteanna eile ar an mbealach chun na hEorpa, bhí an Bhrasaíl, le hurghabháil cócaoin de thart ar 71 tona, ar cheann de na príomhphointí imeachta in 2020, mar a bhí sé le roinnt blianta (7). |
|
5. |
Ina Dhoiciméad Clársceidealaithe 2022-2024, chuir Europol in iúl go bhfuil bonn cirt, i measc nithe eile, leis an éileamh méadaitheach ar dhrugaí agus leis an méadú ar bhealaí gáinneála ar dhrugaí isteach san AE, ar an ngá atá le comhar feabhsaithe le tíortha Mheiriceá Laidineach (8). Ar an gcaoi chéanna, tá an Bhrasaíl aitheanta ag an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) mar phríomh-chomhpháirtí idirnáisiúnta chun an soláthar domhanda cócaoin a laghdú (9). Faoi láthair, tá an comhar idir Europol agus an Bhrasaíl bunaithe ar Chomhaontú maidir le Comhar Straitéiseach a síníodh i mí Aibreáin 2017 (10), nach soláthraíonn bunús dlí bailí faoi dhlí an Aontais maidir le malartú sonraí pearsanta. |
|
6. |
Eisítear an Tuairim reatha ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach ar an 9 Márta 2023, de bhun Airteagal 42(1) RCSAE. Is díol sásaimh do MECS go ndeachthas i gcomhairle leis maidir leis an Togra agus tá sé ag súil go gcuirfear tagairt don Tuairim seo san áireamh i mbrollach an Chinnidh ón gComhairle. Ina theannta sin, is díol sásaimh do MECS an tagairt, in Aithris 4 den Togra, d’Aithris 35 de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (‘Rialachán Europol’), lena bhforáiltear gur cheart don Choimisiún a bheith in ann dul i gcomhairle le MECS freisin le linn na gcaibidlíochtaí maidir leis an gComhaontú agus, ar chaoi ar bith, sula dtabharfar an Comhaontú i gcrích. |
|
7. |
Meabhraíonn MECS go raibh an deis aige cheana féin barúil a thabhairt in 2018 agus in 2020 maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis forfheidhmithe dlí tríú tíortha ar bhonn Rialachán Europol (12). |
|
8. |
Tugann MECS dá aire go dearfach go bhfuil tacar cuspóirí dea-struchtúrtha (treoracha caibidlíochta) bunaithe ag an gCoimisiún faoin am seo, bunaithe ar roinnt moltaí ó Thuairimí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí roimhe seo maidir leis an ábhar seo, lena n-ionchorpraítear prionsabail bhunúsacha maidir le cosaint sonraí, a bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún iad a bhaint amach thar ceann an Aontais le linn caibidlíochtaí idirnáisiúnta chun comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis forfheidhmithe dlí tríú tíortha. |
|
9. |
Sa chomhthéacs sin, tá na moltaí sa Tuairim seo dírithe ar na coimircí agus ar na rialuithe sa Chomhaontú a bheidh ann amach anseo idir an AE agus an Bhrasaíl maidir le cosaint sonraí pearsanta a shoiléiriú agus, i gcás inar gá, a fhorbairt tuilleadh. Tá siad gan dochar d’aon mholtaí breise a d’fhéadfadh MECS a dhéanamh ar bhonn tuilleadh faisnéise atá ar fáil agus forálacha an dréacht-chomhaontaithe le linn na caibidlíochta. |
11. CONCLÚIDÍ
|
37. |
I bhfianaise an méid thuas, molann MECS an méid seo a leanas:
|
An Bhruiséil, 3 Bealtaine 2023.
Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI
(1) COM(2023) 132 final.
(2) Féach leathanach 2 den Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann leis an Moladh.
(3) Measúnú an Aontais Eorpaigh ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe: Tionchar éillitheach: Insíothlú gheilleagar agus shochaí na hEorpa tríd an gcoireacht eagraithe agus an bonn a bhaint díobh, leathanach 12.
(4) Europol agus an trádáil dhomhanda cócaoin, ar fáil ag https://www.emcdda.europa.eu/publications/eu-drug-markets/cocaine/europe-and-global-cocaine-trade_en
(5) Europol agus an trádáil dhomhanda cócaoin, ar fáil ag https://www.emcdda.europa.eu/publications/eu-drug-markets/cocaine/europe-and-global-cocaine-trade_en
(6) Margadh Drugaí an AE: Cócaon lch. 47, ar fáil ar Mhargadh Drugaí an AE: Cócaon | www.emcdda.europa.eu
(7) Margadh Drugaí an AE: Cócaon lch. 24, ar fáil ar Mhargadh Drugaí an AE: Cócaon. | www.emcdda.europa.eu
(8) Doiciméad Clársceidealaithe Europol 2022-2024, lch. 150.
(9) Margadh Drugaí an AE: Cócaon, ar fáil ar Mhargadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Cócaon, www.emcdda.europa.eu
(10) https://www.europol.europa.eu/partners-agreements/strategic-agreements
(11) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a thagann in ionad na gCinntí sin, IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.
(12) Féach Tuairim 2/2018 ó MECS maidir le hocht sainordú caibidlíochta chun comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích lena gceadaítear malartú sonraí idir Europol agus tríú tíortha, a glacadh an 14 Márta 2018, https://edps.europa.eu/sites/edp/files/publication/18-03-19_opinion_international_agreements_europol_en.pdf agus Tuairim 1/2020 ó MECS maidir leis an sainordú caibidlíochta chun comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis forfheidhmithe dlí na Nua-Shéalainne, a eisíodh an 31 Eanáir 2020 https://edps.europa.eu/sites/default/files/publication/20-01-31_opinion_recommendation_europol_en.docx.pdf
|
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 199/13 |
Achoimre ar an Tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisgheartar Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún
(2023/C 199/07)
(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECShttps://edps.europa.eu)
An 1 Márta 2023 d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún (1) (‘an Togra’).
Is iad cuspóirí ginearálta an Togra, mar a luaigh an Coimisiún, sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, saorghluaiseacht a éascú agus freagairt don ghá atá le hinbhuanaitheacht mhéadaithe agus claochlú digiteach an iompair de bhóthar.
Aithníonn MECS gur cuspóirí dlisteanacha iad na cuspóirí a bhfuil sé mar aidhm ag an Togra iad a bhaint amach, go háirithe sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn agus saorghluaiseacht daoine aonair a éascú, ar cuspóirí iad a cháilíonn mar chúraimí a bhaineann le leas an phobail. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú gur uirlis iomchuí iad na bearta atá beartaithe maidir leis na cuspóirí a shaothraítear leis an Togra.
Is díol sásaimh don MECS go bhfuil sé beartaithe an Togra a ailíniú le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí. Is díol sásaimh do MECS freisin na coimircí breise dá bhforáiltear leis an Togra chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus cearta tiomána shealbhóir an cheadúnais tiomána á bhfíorú. Tá sé dearfach freisin an soiléiriú nach gcuirfeadh an Togra bunús dlí ar fáil chun bunachair sonraí a bhunú nó a chothabháil ar leibhéal an AE/ar an leibhéal náisiúnta chun sonraí bithmhéadracha a stóráil.
Ag an am céanna, is oth le MECS nach ndearnadh measúnú sonrach ar an ngá agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le húsáid an líonra le haghaidh malartú faisnéise a bhaineann le ceadúnais tiomána idir na húdaráis náisiúnta (RESPER) a leathnú chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú agus molann sé próiseáil sonraí ceadúnais tiomána a theorannú do chionta a bhaineann le trácht ar bhóithre.
Ina theannta sin, measann MECS, maidir le hiarratais leictreonacha a úsáid chun ceadúnais tiomána soghluaiste a fhíorú, gur cheart a áirithiú nach n-úsáidfear chun na críche sin aon sonraí pearsanta seachas na sonraí sin is gá chun cearta tiomána shealbhóir an cheadúnais tiomána soghluaiste a fhíorú. Ar deireadh, molann MECS go mbeadh úsáid Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí roghnach chun críche an aip a chur chun feidhme ina mbeadh an ceadúnas digiteach.
1. RÉAMHRÁ
|
1. |
An 1 Márta 2023 d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún (2) (‘an Togra’). |
|
2. |
Is cuid de phacáiste reachtach níos mó é an Togra, dá ngairtear an ‘Pacáiste um Shábháilteacht ar Bhóithre’, ina gcuimsítear freisin:
|
|
3. |
Fógraíodh an Togra seo i gClár Oibre an Choimisiúin 2022, Iarscríbhinn II (tionscnaimh REFIT), faoin gceannteideal ‘A New Push for European Democracy’ (5). |
|
4. |
Is iad cuspóirí ginearálta an Togra, mar a luaigh an Coimisiún, sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, saorghluaiseacht a éascú agus freagairt don ghá atá le hinbhuanaitheacht mhéadaithe agus claochlú digiteach an iompair de bhóthar (6). I ndáil leis sin, leagtar síos sa Togra bearta chun scileanna tiomána, eolas agus taithí a fheabhsú chomh maith le hiompar contúirteach a laghdú agus a phionósú; folláine fhisiceach agus mheabhrach leordhóthanach na dtiománaithe ar fud an AE a áirithiú; deireadh a chur le bacainní neamhleora nó neamhriachtanacha a dhéanann difear d’iarratasóirí agus do shealbhóirí ceadúnas tiomána. |
|
5. |
Tá an Togra nasctha le spriocanna beartais roinnt doiciméad straitéiseach:
|
|
6. |
Eisítear an Tuairim reatha ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach ar an 1 Márta 2023, de bhun Airteagal 42(1) RCSAE (12). Cuireann MECS fáilte roimh an tagairt don chomhairliúchán seo in Aithris 42 den Togra. |
6. CONCLÚIDÍ
|
27. |
I bhfianaise an mhéid thuasluaite, déanann MECS na príomh-mholtaí seo a leanas:
|
An Bhruiséil, 25 Aibreán 2023.
Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI
(1) COM(2023)127 final.
(2) COM(2023) 127 final.
(3) COM(2023) 126 final.
(4) COM(2023) 128 final.
(5) COM(2021) 645 final, Iarscríbhinn II, lch.11.
(6) COM(2023) 127 final, lch. 4.
(7) COM(2018) 293 final, Iarscríbhinn I, An Eoraip ag Gluaiseacht. Soghluaisteacht Inbhuanaithe don Eoraip: sábháilte, nasctha agus glan.
(8) SWD(2019) 283 final.
(9) Conclúidí ón gComhairle maidir le an tsábháilteacht ar bhóithre, lena bhformhuinítear Dearbhú Vaileite (Vaileite, 28 – 29 Márta 2017) 9994/17.
(10) COM(2020) 789 final.
(11) https://cdn.who.int/media/docs/default-source/documents/health-topics/road-traffic-injuries/global-plan-for-road-safety.pdf?sfvrsn=65cf34c8_35&download=true
(12) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 199/16 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair
(2023/C 199/08)
Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Meso turopoljske svinje’
Uimh. AE: PDO - HR -02858 — 2.8.2022
STFC (X) TGFC ( )
1. Ainm(neacha) [STFC nó TGFC]
‘Meso turopoljske svinje’
2. Ballstát nó Tríú Tír
Poblacht na Cróite
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is éard atá i gceist le ‘Meso turopoljske svinje’ feoil úr agus codanna inite eile de chonablach na gcollach coillte agus na gcránach de phór muc uatheascarthach Turopolje, a rugadh, a tógadh agus a maraíodh sa limistéar geografach atá sainithe i bpointe 4.
Déantar ‘Meso turopoljske svinje’ a mhargú mar fheoil úr nó reoite ina cliatháin ullmhaithe, ina codanna de chliatháin leis an gcnámh (bunghearrthacha) agus mar fheoil dhíchnámhaithe (de réir an phíosa nó slisnithe, ar an mórchóir nó pacáistithe).
Is é 12 mhí ar a laghad aois na muc tráth a maraithe. Ní féidir ach conablaigh ullmhaithe de chatagóir T1 (muca ramhraithe) agus T2 (muca ramhraithe a bhfuil meáchan deiridh níos airde acu) a úsáid. Ní mór an tsaill droma a bheith 30 mm ar tiús ar a laghad, arna thomhas thar an M. gluteus medius de réir an mhodha ZP (dhá phointe).
Tá luach pH na feola (arna thomhas ar an M. longissimus dorsi) laistigh de theorainneacha na gnáthcháilíochta le haghaidh muiceola (pH1 > 6.0 agus pH2 idir 5.5 agus 6.1), agus dath na feola CIE L* < 50 agus CIE a*> 15.
Tá dath níos doirche, níos deirge ar ‘Meso turopoljske svinje’, uigeacht matáin níos dlúithe agus níos lú tál dromchla ná muiceoil de tháirgeadh caighdeánach. Tá leibhéal níos airde de carnadh saille aici ó nádúr, go háirithe sa chuid fho-chraicneach agus idir na matáin. Tá an fíochán saille fuaraithe daingean, agus tá dath bán niamhrach air.
Nuair a itear an fheoil chócaireáilte, tá uigeacht leaisteach, súmhar aici, tá sí lán de bhlas agus cumhra sonrach ó shaill leáite na feola.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Le linn na tréimhse diúil, ó 3 seachtaine d’aois go dtí thart ar 10 lá tar éis scoite, féadfar meascán beatha réamhdhéanta a thabhairt do na bainbh in éineacht le próitéin amh 18 % ar a laghad, agus le próitéin amh 16 % ar a laghad go dtí tús an ramhraithe. Tar éis iad a scoitheadh, go dtí go dtosófar ar ramhrú, féadfar beatha chumaisc a tháirgtear ar an bhfeirm a úsáid freisin chun na bainbh a bheathú. Beidh gránaigh (arbhar Indiach, eorna, cruithneacht, triteacál) mar bhonn aici (70 % ar a laghad), mar aon le forlíonadh próitéine agus mianraí vitimín atá riachtanach le haghaidh aiste bia cothroime. Tugtar béilí do na bainbh, agus ní mór soláthar leordhóthanach uisce óil úr a bheith ar fáil dóibh i gcónaí. Le linn na tógála, ní mór rochtain a bheith ag na bainbh ar fhodar garbh.
Tosaíonn an aiste bia idir 4 go 6 mhí d’aois. Tugtar meascán d’fhéar agus d’fhoinsí nádúrtha bia eile atá ar fáil go háitiúil do na muca atá á ramhrú (luibheanna, torthaí crainn, torthaí fiáine, fréamhacha, tiúbair, beacáin, feithidí, péisteanna, seilidí, sliogáin, etc.), a aimsíonn siad trí innilt agus tochailt, in éineacht le forlíonadh laethúil beatha chun ramhrú a fhorlíonadh. Caithfidh 75 % ar a laghad den fhorlíonadh tiubhaithe a bheith comhdhéanta de ghránaigh, in éineacht le forlíonadh próitéine agus mianraí vitimín atá riachtanach le haghaidh aiste bia cothroime (próitéin amh 12 % ar a laghad). Tá teorainn 2 % de bheomheáchan an ainmhí le hiontógáil laethúil uasta beatha den sórt sin, nó go heisceachtúil suas le 3 % i gcás tubaistí nádúrtha (triomaigh, tuilte, stoirmeacha cloichshneachta, etc.) nuair nach féidir féarach a dhéanamh. Ní mór forlíonadh d’fharae garbh a bheith ar fáil do na muca atá ag ramhrú: alfalfa úr agus féar alfalfa, meascáin seimre agus féir, fearlas, puimcín, tornapa, glasraí brasacacha, prátaí, neantóga, torthaí agus glasraí, bran cruithneachta, agus laíon biatais.
Caithfidh gach beatha – seachas beatha nach féidir méid leordhóthanach (forlíontaí próitéine, mianraí agus vitimín) a tháirgeadh díobh mar gheall ar shrianta áitiúla, nó nach féidir a fháil go háitiúil de dheasca thubaistí nádúrtha – teacht ón limistéar táirgthe geografach. Go heisceachtúil, i gcás tubaistí nádúrtha (triomaigh, tuilte, stoirmeacha cloichshneachta) a chuireann cosc ar tháirgeadh na beatha riachtanaí sa limistéar sainithe, féadfar an cineál céanna beatha a fháil ó limistéir eile. Ní mór don úinéir fianaise dhoiciméadach a sholáthar ina leith sin. Ní rachaidh uasmhéid na beatha a fhéadfaidh teacht áiteanna lasmuigh den limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe 4 thar 50 % den ábhar tirim ar bhonn bliantúil….
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
Ní mór gach céim de tháirgeadh ‘Meso turopoljske svinje’, lena n-áirítear breith agus tógáil banbh, ramhrú agus marú na muc, a dhéanamh laistigh den limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe 4.
Go heisceachtúil, féadfaidh ainmhithe pórúcháin teacht ó áiteanna lasmuigh den limistéar sainithe má tá ceanglais zóiteicniúla bailí ann (e.g. úrúcháin fola).
Ní mór gach bunaíocht chláraithe nó fhormheasta a bhfuil baint aici le slabhra táirgthe ‘Meso turopoljske svinje’ (feirmeacha agus seamlais) a bheith suite laistigh den limistéar geografach sainithe.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Féadfar ‘Meso turopoljske svinje’ a dhíol mar fheoil fhuaraithe (úr) nó reoite, de réir an phíosa nó de réir slisnithe, ar an mórchóir nó pacáistithe.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Nuair a chuirtear ar an margadh é ina chliatháin agus ina bhunghearrthacha, agus i gcás gach cineál pacáistíochta miondíola, ní mór go n-áireofaí ar an lipéad táirge, de bhreis ar na sonraí a leagtar síos sa reachtaíocht, ainm an tsonrúcháin tionscnaimh agus an tsiombail choiteann le haghaidh ‘Meso turopoljske svinje’.
Léaráid den tsiombail choiteann:
Tá sé de cheart ag gach úsáideoir an tsonrúcháin tionscnaimh ‘Meso turopoljske svinje’ a chuireann táirge ar an margadh atá i gcomhréir lena shonraíocht táirge an tsiombail choiteann a úsáid, faoi na coinníollacha céanna.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Tá limistéar táirgthe ‘Meso turopoljske svinje’ teoranta do limistéar mhór-roinn na Cróite, ina bhfuil 13 chontae agus cathair Zagreb. Tá sé suite go heisiach laistigh de theorainneacha riaracháin bhailte agus bhardais na gcontaetha seo a leanas: Zagreb, Sisak-Moslavina, Varaždin, Vukovar-Syrmia, Osijek-Baranja, Slavonski Brod-Posavina, Požega-Slavonia, Virovitica-Podravina, Bjelovar-Bilogora, Koprivnica-Križevci, Međimurje, Krapina-Zagorje, Karlovac, agus cathair Zagreb.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Eascraíonn an pór muc Turopolje i gceantar Turopolje, atá ó thaobh rilífe agus tíreolaíochta de, suite ar phláta glárach idir Posavina (ísealchríocha seascainn feadh abhainn Sava) ó thuaidh agus Cnoic Vukomerić (sliabhraon íseal, cothrom) ó dheas. Ritheann abhainn Odra agus a fo-aibhneacha fud fad machaire Turopolje. Fágann siad na logáin faoi uisce go rialta mar gheall ar an an tír-raon máguaird a bheith neamhscagach (ithreacha cré troma mianraigineacha/seascainn) chuig leibhéil uisce arda an earraigh agus an fhómhair.
I measc na gcumann plandaí is suntasaí sa cheantar seo tá dair choiteann (Quercus robur) agus móinéir seascainn (Deschampsietum caespitosae).
Cosúil leis an gcuid is mó de mhór-roinn na Cróite, tá aeráid mheasartha te agus fliuch sa limistéar seo. Is é an mheánteocht aeir bhliantúil ná 10.2 °C, is é 893 mm an fhrasaíocht bhliantúil, agus is é 78.6 % an mheán-taise choibhneasta. Is í an mheánteocht aeir le linn na tréimhse fáis (Aibreán - Meán Fómhair) ná 16.7 °C. Maidir le fásra foraoise, tá sé tábhachtach don fhrasaíocht a bheith scaipthe go cothrom i rith na bliana agus go dtiteann os cionn 50 % den fhrasaíocht le linn na tréimhse fáis. Bíonn an fhrasaíocht is lú ann i rith an gheimhridh. Tá gnéithe aeráide agus rilífe den chineál céanna a mhúnlaíonn na limistéir mhóra foraoisithe agus na féaraigh sna tuilemhánna le taobh na n-aibhneacha ina saintréithe freisin de na ceantair eile i mór-roinn na Cróite a ndéantar feirmeoireacht muc Turopolje anois iontu.
Tá an raidhse d’fhoraoisí, go háirithe foraoisí darach, an líon mór sruthchúrsaí agus an aeráid mheasartha i dTuropolje tairbheach d’fheirmeoireacht muc le fada an lá. Leis na céadta bliain, bhí feirmeoireacht muc Turopolje tábhachtach do shlí bheatha na n-áitritheoirí áitiúla, a bhí ina bpóraitheoirí muc den scoth riamh anall. Tá fianaise ar an traidisiún fada a bhaineann le muca a thógáil sa cheantar seo san raidhse ábhair scríofa, go háirithe foraitheanta, cinntí agus taifid éagsúla a luann feirmeoirí muc mór le rá agus na coinníollacha chun muca a choinneáil san fhoraois, a rialaíonn táillí ramhraithe nó a ghearrann pionóis as muca a ghoid. Tá siad ar fáil i gcláir chathrach, i dtaifid stairiúla agus i bhfoinsí liteartha áitiúla eile chomh fada siar le 1352.
Sa dara leath den 19ú haois agus sa chéad leath den 20ú haois, leathnaíodh an limistéar ina raibh muc Turopolje á tógáil ó Turopolje i dtreo Sisak agus Draganić agus ina dhiaidh sin go cuid den tSlóvaic agus Podravina a shíneann chomh fada le teorainn na hUngáire, rud a fhágann gurb í muc Turopolje an pór muc is forleithne sa Chróit. Mar shampla, in 1921 bhí thart ar 85 000 muc Turopolje á bpórú, cuid acu le haghaidh onnmhairithe.
Mar thoradh ar an aistriú ó fheirmeoireacht muc fhairsing go dianfheirmeoireacht muc i lár an 20ú haois, chaill pór muc Turopolje a thábhacht eacnamaíoch agus chuaigh sí in éag nach mór. Cuireadh tús le hathbheochan an phóraithe in 1996, nuair a cuireadh an pór san áireamh sa chlár stáit le haghaidh athnuachana agus cosanta in situ.
Mar gheall ar a ghnéithe táirgeachta a bheith ar chaighdeán níos ísle i gcomparáid le pórtha eile, tá muca uatheascarthacha Turopolje tearc sa lá atá inniu ann, agus ní thógtar iad ach amháin sa limistéar geografach atá sainithe i bpointe 4 nach mór. Sa cheantar seo baintear úsáid i gcónaí as teicneolaíocht traidisiúnta áitiúil ionchuir ísil chun na muca a thógáil. Forbraíodh san am atá thart í trí mhuca Turopolje a choinneáil lasmuigh in éiceachóras foraoisí tuilemhánna agus móinéar seascainn. Faoin gcineál seo tógála muc, fásann na muca go mall, tá cead a gcinn acu, agus itheann siad féar agus bia as foinsí nádúrtha eile atá ar fáil (luibheanna, dearcáin agus torthaí crainn eile, torthaí fiáine, fréamhacha, tiúbair, beacáin, feithidí, péisteanna, seilidí, sliogáin, etc.), a aimsíonn siad leo féin trí innilt agus tochailt, le forlíonadh íosta beatha thiubhaithe.
Is leis an limistéar geografach atá sainithe i bpointe 4 amháin, áit ar cuireadh i bhfeidhm í ar feadh na gcéadta bliain a bhaineann an teicneolaíocht ionchuir ísil chun muca Turopolje a thógáil lasmuigh. Lasmuigh den limistéar geografach, tá tógáil muc níos déine; cuirtear cion níos mó de mheascán beatha san aiste bia, ní bhíonn ach beagán gluaiseachta ag na muca agus tá easpa foinsí nádúrtha bia ann. Imríonn na nithe seo tionchar diúltach ar shaintréithe feoil muca Turopolje, go háirithe ar dhath, struchtúr chomh maith le blas agus cumhra a gcuid feola.
Sainiúlacht an táirge
Ceaptar gur tháinig muc Turopolje chun cinn go luath sna Meánaoiseanna trí chrosphórú muc a ceansaíodh go háitiúil agus arbh í an cineál bunaidh a bhí aici torc allta na Meánmhara (Sus mediterraneus) le muc de phór Šiška ar shliochtach díreach de thoirc allta na hEorpa (Sus scrofa ferus) í agus a thug na treibheanna Slavacha nua-thugtha isteach sa réigiún seo. Bhí an mhuc a d’eascair as sin in ann í féin a oiriúnú go héasca agus déileáil le drochaimsir agus galair, agus chuaigh sí in oiriúint go han-mhaith d’éiceachóras Turopolje. Forbraíodh an pór go háitiúil, gan aon tionchar mór ón taobh amuigh, agus is é sin an fáth go bhfuil difríocht shoiléir ó thaobh na géinitice de idir pór Turopolje agus pórtha muc ó chóngar agus ó chéin sa lá atá inniu ann.
Tá ráta fáis níos moille i gceist le muca ramhraithe de phór Turopolje agus tá conablach níos giorra le cion níos lú feola acu ná pórtha muc eile, ach tá an carnadh saille i bhfad níos airde, go háirithe sa chuid fho-chraicneach agus idir na matáin. (Karolyi et al., 2019: Muc Turopolje. I: European Local Pig Breeds – Diversity and Performance. A study of project TREASURE (M. Čandek-Potokar, R. Nieto Linan (eag.), IntechOpen, lgh. 271 - 274).
Mar gheall ar a n-aois níos sine tráth a maraithe agus gníomhaíocht choirp níos mó agus iad amuigh faoin aer, tá dath níos doirche, níos deirge ar fheoil na muc, tá uigeacht níos dlúithe ag a gcuid matán agus níos lú tál dromchla ar a bhfeoil ná ar mhuiceoil de tháirgeadh caighdeánach, gan na tréithe PSE (meathbhán, bog agus ag úscadh) mar a thugtar orthu a bhíonn le feiceáil go minic i ngéinitíopaí atá íogair ó thaobh struis de mar gheall ar sócháin ghéine, rud nár taifeadadh sna póir seo. Deimhnítear é seo le staidéir a léirigh go bhfuil pH na feola (arna thomhas ar an M. longissimus dorsi) laistigh de theorainneacha na gnáthcháilíochta le haghaidh muiceola (pH1 > 6.0 agus pH2 idir 5.5 agus 6.1), agus dath na feola CIE L* < 50 agus CIE a*> 15.
Bhí luach ar leith ar fheoil na muice Turopolje i gcónaí agus is minic a mheastar go bhfuil sí níos fearr ná feoil pórtha muc eile; De réir Ritzoffy (1931) is é an-instealladh d’fhuil na Meánmhara is cúis leis an cháilíocht níos airde, snáithín níos tanaí agus dath agus blas ar leith ar fheoil mhuc Turopolje. Deimhníodh caoile na snáithíní matáin (trastomhas níos lú) i bhfeoil mhuc Turopolje i gcomparáid le crosphórtha tionsclaíocha muc ag staidéir eolaíocha le déanaí (Đikić et al., 2010: Biological characteristics of Turopolje pig breed as factors in renewing and preservation of population. Stočarstvo 64 (2-4), lch. 86).
Maireann spéis an phobail i muc Turopolje go dtí an lá atá inniu ann, mar is léir ó go leor meáin chlóite agus leictreonacha. Dheimhnigh suirbhé ar roghanna tomhaltóirí go mbíonn cur amach ag tomhaltóirí na Cróite ar mhuc Turopolje (89.5 % de na freagróirí) agus go n-aithníonn siad cáilíocht a feola agus a táirgí, agus measann beagnach leath na bhfreagróirí go léir (47 %) agus formhór na bhfreagróirí ar an leibhéal áitiúil (55 - 57 %) gur fearr iad ná feoil agus táirgí ó phórtha muc nua-aimseartha (Iarscríbhinn 5.4, Cerjak 2019: Znanje i preferencije potrošača prema turopoljskoj svinji i proizvodima od turopoljske svinje [Eolas agus roghanna tomhaltóirí maidir le muc Turopolje agus a tháirgí], Ollscoil Talmhaíochta Zagreb, lgh. 1 - 40).
Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus an táirge
Tá cosaint an táirge ‘Meso turopoljske svinje’ bunaithe ar cháilíocht shonrach na feola a eascraíonn as an mbonn géiniteach, an bealach ina gcoinnítear agus ina gcothaítear na muca, agus aois na muc tráth a maraithe.
Bhí tíreolaíocht agus rilíf, agus tosca aeráide agus bitheacha éiceachórais foraoise ísealchríche Pokuplje agus Posavina tairbheach do luathfhorbairt na feirmeoireachta muc i limistéar Turopolje, a raibh a n-áitritheoirí ina bpóraitheoirí muc den scoth riamh anall. Forbraíodh an mhuc Turopolje – ceann de na pórtha muc is sine san Eoraip – gan aon tionchar suntasach ón taobh amuigh, thar thréimhse fhada ama, inar thug an idirghníomhaíocht leanúnach idir an géinitíopa agus an comhshaol ar an bpór dul in oiriúint d’acmhainní nádúrtha an cheantair agus iad a úsáid. Toisc na muca a bheith frithsheasmhach in aghaidh drochaimsire agus galar, gan ach riachtanais bheaga acu agus iad a bheith in ann bia a fháil leo féin, bhí ar a gcumas maireachtáil lasmuigh i gcónaí. Is é sin an fáth gur chaith siad an chuid is mó den bhliain ag innilt san fhoraois, áit a raibh féar agus dearcáin acu mar phríomhfhoinse bia fuinnimh, ag sásamh a gcuid riachtanas próitéine trí adhlacadh. Coinníodh an teicneolaíocht ionchuir ísil seo (acmhainn bia agus tithíochta) mar aon le húsáid iomlán acmhainní nádúrtha i bhfeirmeoireacht an phór seo go dtí an lá inniu féin.
Tá saintréithe fáis mhuc Turopolje a théann i bhfeidhm go díreach ar fhorbairt fíochán coirp agus saintréithe sonracha ‘Meso turopoljske svinje’ múnlaithe ag an modh pórúcháin lena-áirítear a bheith ag innilt gan srian i bhforaoisí agus ar thalamh féaraigh agus iad féin a chothú ar fhoinsí bia atá ar fáil go nádúrtha, chomh maith le saintréithe póir dúchasacha amhail láidreacht, méadú mall meáchain agus cumas fáis chúitimh agus carnadh saille cúitimh mar aon le heaspa dianroghnaithe nó aon chrosphóraithe shuntasaigh. De bharr go bhfanann na muca lasmuigh agus mar thoradh ar ghníomhaíocht níos mó na matán, mar aon le haois níos sine na muc ramhraithe ag tráth a maraithe, tá carnadh níos mó de lí matáin ann, rud a thugann dath níos doirche, níos deirge don fheoil. Tá dath na feola agus an bhagúin níos inbhuanaithe freisin, mar gheall ar rogha bia níos éagsúla agus iontógáil frithocsaídeoirí nádúrtha agus substaintí eile a chabhraíonn leis an bhfíochán a chobhsú. Tugann trastomhas níos lú na snáithíní matáin uigeacht níos míne don fheoil. Lena chois sin tá an fheoil dlúth agus níl tál dromchla as. Ag an am céanna, mar thoradh ar fhás cúiteach le haiste bia atá saibhir ó thaobh fuinnimh de sna céimeanna deiridh de phórú le linn shéasúr an fhómhair tar éis fás níos laige san earrach agus sa samhradh, forbraítear fíochán saille go tapa i bpóir a bhfuil acmhainneacht íseal d’fhás matáin iontu cosúil le muc Turopolje. Dá bhrí sin, tá leibhéal níos airde de charnadh saille ag feoil na muice Turopolje, go háirithe sa chuid fho - chraicneach agus idir na matáin, agus is é sin an fáth, nuair a itear í, go bhfuil comhsheasmhacht leaisteach, súmhar ag an bhfeoil chócaireáilte, lán de bhlas agus cumhra sonrach ó shaill leáite na feola.
Mar gheall ar an bpórú lasmuigh agus ar cháilíocht na feola, measann an chuid is mó de thomhaltóirí nua-aimseartha, go háirithe iad siúd i measc muintir na háite, go bhfuil feoil mhuc Turopolje níos fearr ná muiceoil caighdeánach agus go bhfuil luach margaidh níos mó aici.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://poljoprivreda.gov.hr/UserDocsImages/dokumenti/hrana/proizvodi_u_postupku_zastite-zoi-zozp-zts/Specifikacija_Meso_turopoljske%20svinje.pdf
|
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 199/21 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2023/C 199/09)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Allåkerbär från Norrland’
Uimh. AE: PDO-SE-02494 — 11.4.2019
STFC (X) TGFC ( )
1. Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]
‘Allåkerbär från Norrland’
2. Ballstát nó Tríú Tír
An tSualainn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia
3.1. An cineál táirge
Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is é ‘Allåkerbär från Norrland’ an t-ainm a thugtar ar shútha craobh Artacha (Rubus arcticus L. subsp. x stellarcticus G. Larsson) a fhástar i bpáirceanna oscailte i gcontaetha Norrbotten agus Västerbotten sa tSualainn. Faoi láthair tá seacht gcineál ‘allåkerbär’ ann, ar féidir ceithre cinn díobh a chur san áireamh in ‘Allåkerbär från Norrland’ – ‘Anna’, ‘Linda’, ‘Sofia’ agus ‘Beata’. Ní mór dhá chineál ar a laghad a chur san áireamh i gcónaí toisc go dteastaíonn cineálacha difriúla chun go dtáirgfidh na plandaí torthaí.
Tá cruth na sútha cosúil le cruth an tsú craobh, le drúipíní beaga iolracha a dhéanann suas toradh 8-20 mm. Meánna na sútha suas le 10 g in aghaidh an chinn agus idir dath dearg geal agus dath dúdhearg fíona orthu. Is gnách go n-aibíonn siad idir lár mhí Iúil agus dheireadh mhí Lúnasa. Tá an cion siúcra sa raon 3-10 % agus cuimsíonn sé go príomha siúcrós, chomh maith le glúcós agus fruchtós. Méadaítear cion siúcra na sútha le méideanna móra de sholas an lae. Treisíonn an siúcra blas casta an toraidh. Bíonn an aigéadacht idir 1-3 % agus é déanta suas d’aigéad citreach agus d’aigéad malach den chuid is mó. Cuirtear an táirge ar fáil agus é úr nó reoite. Ní bhaintear de shaintréithe orgánaileipteacha an táirge reoite.
Baineann Allåkerbär leis an ngéineas Rubus, lena n-áirítear freisin caora amhail sútha craobh agus sméara dubha. Fiú má tá sé cosúil leis na caora sin, tá roinnt saintréithe sainiúla ag gabháil le blas an allåkerbär. Bíonn blas casta ar na sútha agus iad go hiomlán aibí, iarracht de shútha lingon, cuiríní dearga, seiris, siléar cré, draighean mara agus sméara dubha iontu. Blas uathúil atá ann le déine ard. Ós rud é gur féinaimrid é allåkerbär agus gur gá go mbeadh cineálacha difriúla mar chuid de bharr, cuireann an crostoirchiú leis an mblas casta. Mar gheall ar an limistéar geografach ina mbíonn uaireanta fada de sholas an lae in éineacht le haeráid shéimh le linn an tséasúir fáis, is féidir leis na sútha aibiú go hiomlán roimh bhuaint, agus de réir an eolais áitiúil ar na sútha ní bhuaintear iad go dtí go mbíonn siad aibí.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
—
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
Ní mór ‘Allåkerbär från Norrland’ a fhás, a bhuaint, a ghlanadh agus a phróiseáil laistigh den limistéar geografach.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Is lipéad le lógó sonrach a chuirtear ar phacáistí de ‘Allåkerbär från Norrland’ chun inrianaitheacht a áirithiú.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is iad na contaetha Sualannacha Norrbotten (BD) agus Västerbotten (AC) atá sa limistéar geografach ina dtáirgtear ‘Allåkerbär från Norrland’.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Cuimsíonn an limistéar na codanna is faide ó thuaidh den tSualainn. Trasnaíonn an Ciorcal Artach an limistéar.
I dTábla 1 cuirtear sonraí aeráide i láthair le haghaidh na tréimhse 1991-2020 (Institiúid Meitéareolaíocha agus Hidreolaíochta na Sualainne [Swedish Meteorological and Hydrological Institute/SMHI] do Boden, baile atá suite a bheag nó a mhór i lár an limistéir gheografaigh le haghaidh ‘Allåkerbär från Norrland’.
Tábla 1
Sonraí aeráide le haghaidh Boden, 1991-2020. Meán míosúil.
|
|
Mí Bealtaine |
Mí an Mheithimh |
Mí Iúil |
Mí Lúnasa |
|
Teocht (°C) |
7,7 |
13,4 |
16,3 |
14,2 |
|
Deascadh (mm) |
40,9 |
60,4 |
70,0 |
68,2 |
|
Grianradaíocht dhomhanda (kWh/m2) |
155,9 |
169,9 |
162,4 |
118,6 |
|
Solas lae in aghaidh an lae (u) |
19,12 |
23,19 |
20,44 |
16,38 |
Is gnách go dtosaíonn an samhradh idir an 26 Bealtaine agus an 1 Meitheamh. Tarlaíonn an chéad shioc thart ar an 1 Meán Fómhair. Bíonn go leor frasaíochta, teochtaí séimhe, ardradaíocht gréine agus líon thar a bheith ard d’uaireanta an chloig de sholas an lae ina saintréithe den aeráid. Tá an líon d’uaireanta an chloig de sholas an lae mar thoradh díreach ar an domhanleithead ó thuaidh. Bíonn sé grianmhar ag an meán oíche ar feadh cuid den séasúr fáis sa limistéar ó thuaidh ó dhomhanleithead 65.73. Baineann na teochtaí séimhe ag domhanleithead chomh fada ó thuaidh leis an limistéar seo go sonrach agus toradh díreach iad ar Shruth na Murascaille amach ó chósta na hIorua. Leis an meascán sin d’uaireanta fada de sholas an lae agus teochtaí séimhe ag an am céanna cruthaítear dálaí maithe chun caora ardchaighdeáin a shaothrú. Méadaíonn méid sholas an lae cion siúcra na gcaor agus forbraíonn siad go han-tapa. Treisíonn an siúcra blas casta an toraidh. Is toisc thábhachtach freisin an geimhreadh an-fhuar sa limistéar, a laghdaíonn brú lotnaidí ar na plandaí. An toradh ar na tosca sin in éineacht a chéile é dálaí maithe chun ‘Allåkerbär från Norrland’ a shaothrú.
Is cineál hibrideach é an allåkerbär a tháinig chun cinn mar thoradh ar obair roghnúcháin chúramach a rinneadh sna 1950idí agus sna 1960idí, i stáisiún taighde Öjebyn go príomha atá lasmuigh de Piteå i gcontae Norrbotten. Cuireadh tús sna 1930idí leis an obair a chuir le forbairt an toraidh hibridigh i Vilhelmina (atá suite laistigh den limistéar geografach), áit ar saothraíodh sútha craobh Nordacha Artacha fiáine. Cruthaíodh an allåkerbär sna 1960idí trí hibridiú a dhéanamh ar an sú craobh fiáin Nordach Artach (Rubus arcticus arcticus) agus an sú craobh Artach Alascach (Rubus arcticus stellatus) faoi stiúir an taighdeora Gunny Larsson. Chuir sí a tráchtas ar an ábhar i láthair in 1970 agus ansin lean sí ar aghaidh leis an obair phraiticiúil ar fhorbairt agus thráchtálú breise an allåkerbär. Bhí ról tábhachtach freisin ag an ionad taighde i Röbäcksdalen in Umeå, i gcontae Västerbotten, i dtráchtálú na caoire. Ó na 1970idí go dtí lár na 2000idí, rinneadh taighde breise ansin inar díríodh ar an allåkerbär, go háirithe maidir le teicnící buainte agus glantacháin, chomh maith le galair agus na leigheasanna atá orthu. Sa lá atá inniu, tá plandaí leithlisithe i ngairdíní príobháideacha eile agus in ionaid eile den sórt sin i ndeisceart na Sualainne agus i dtíortha eile chomh maith, ach go dtí seo ní dhéantar saothrú tráchtála an toraidh ach i gcontaetha Norrbotten agus Västerbotten. Tá na trí ghabháltas ina shaothraítear an chaor faoi láthair chun críocha tráchtála suite i mbardais Umeå (AC), Boden (BD) agus Jokkmokk (BD).
Clúdaíonn an saineolas atá forbartha i gcaitheamh na mblianta sa limistéar geografach i ndáil le saothrú, buaint agus ullmhú na caoire ábhair mar shrianadh éifeachtach fiailí – atá tábhachtach do bharr a bhíonn íogair don iomaíocht amhail allåkerbär – cosc galar agus an t-am optamach don bhuaint. Is ríthábhachtach an ceann deireanach toisc nach bhforbraíonn dea-bholadh an toraidh go bhfuil na drúipíní aonair fásta agus iad go hiomlán aibí agus an-súmhar. Freisin mar gheall ar an limistéar geografach is féidir an chéim sin a bhaint amach le linn an tséasúir fáis. Chun an t-am buainte a bharrfheabhsú is gá an allåkerbär a bhuaint i go leor céimeanna díreach chun déine dea-bholaidh na gcaor a uasmhéadú.
Ba iad na dálaí nádúrtha sa limistéar geografach a chumasaigh forbairt an phlanda allåkerbär. Freisin cruthaíonn siad an brú íseal lotnaide is gá don saothrú agus tugann siad a milseacht áirithe do na caora. Mar thoradh ar fhorlámhas crann buaircíneach, sprús ach go háirithe, sa limistéar geografach tá pH íseal ag achair mhóra talún, agus é sin riachtanach chun go bhfásfadh an allåkerbär go maith.
Faightear na dálaí nádúrtha optamacha agus saineolas ar shaothrú allåkerbär sa limistéar geografach, chomh maith le cultúr speisialta i ndáil le hithe na caoire. Gné riachtanach iad ‘Allåkerbär från Norrland’ ag ócáidí speisialta le haghaidh an-chuid daoine sa limistéar geografach, agus iad ite úr nó níos minice i bhfoirm suibhe, a chuirtear ar an mbord le vaiféil, uachtar reoite fanaile nó méid beag uachtair choipthe. Níl cultúr den chineál céanna i gcodanna eile den tSualainn.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://www.livsmedelsverket.se/globalassets/foretag-regler-kontroll/livsmedelsinformation-markning-halsopastaenden/skyddade-beteckningar/sub-ansokan-allakerbar-fran-norrland_230314.pdf