ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 189

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
30 Bealtaine 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2023/C 189/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2023/C 189/02

Cás C-699/21, E.D.L. (Foras diúltaithe ar bhonn tinnis): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 18 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte costituzionale – an Iodáil) – Forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh arna eisiúint i gcoinne E. D. L. (Tarchur le haghaidh réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Barántas gabhála Eorpach – Cinneadh Réime 2002/584/CGB – Airteagal 1(3) – Airteagal 23(4) – Nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit – Forais le haghaidh neamhfhorghníomhaithe – Airteagal 4(3) CAE – Oibleagáid maidir le comhar dílis – Forghníomhú an bharántais ghabhála Eorpaigh a chur ar fionraí – Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Toirmeasc ar phionós atá mídhaonna nó táireach – Tinneas tromchúiseach, ainsealach agus a d’fhéadfadh a bheith gan leigheas – Baol damáiste tromchúiseach do shláinte a dhéanann difear don duine lena mbaineann an barántas gabhála Eorpach)

2

2023/C 189/03

Cás C-1/23 PPU, Afrin: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance francophone de Bruxelles – an Bheilg) – X, Y, A, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil, B, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil v État belge (Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta práinne um réamhrialú – Rialuithe teorann, tearmann agus inimirce – Beartas inimirce – Treoir 2003/86/CE – Ceart chun athaontú teaghlaigh – Airteagal 5(1) – Iarratas ar iontráil agus cónaí a dhéanamh chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú – Reachtaíocht de chuid Ballstáit lena bhforchuirtear oibleagáid ar bhaill teaghlaigh an urraitheora an t-iarratas a dhéanamh i bpearsa ar an bpost taidhleoireachta inniúil den Bhallstát sin – Dodhéantacht nó deacracht mhíchuí a bhaineann le cuairt a thabhairt ar an bpost sin – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 7 agus Airteagal 24)

3

2023/C 189/04

Cás C-619/22, Sinda & V R: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 20 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Zemgales rajona tiesa – an Laitvia) – SIA Sinda & V R v Rīgas domes Satiksmes departaments (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Ceanglas chun comhthéacs reachtach na díospóide sna príomhimeachtaí a leagan amach – Ceanglas an nasc a léiriú idir forálacha dhlí an Aontais a bhfuil léiriú á lorg ina leith agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme – Easpa sonraí leordhóthanacha – Neamh-inghlacthacht fhollasach)

4

2023/C 189/05

Cás C-703/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 16 Samhain 2022 – WU v Directie van het Centraal Bureau Rijvaardigheidsbewijzen (CBR)

4

2023/C 189/06

Cás C-707/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 17 Samhain 2022 – Minister van Infrastructuur en Waterstaat v AVROTROS

5

2023/C 189/07

Cás C-719/22, Openbaar Ministerie agus Federale Overheidsdienst Financiën: Iarraidh ar réamhrialú ó Hof van beroep Antwerpen (an Bheilg) a taisceadh an 24 Samhain 2022 – Openbaar Ministerie, Federale Overheidsdienst Financiën v Profit Europe NV, Gosselin Forwarding Services NV

5

2023/C 189/08

Cás C-751/22 P: Achomharc arna thabhairt an 8 Nollaig 2022 ag Shopify Inc. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 12 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-222/21, Shopify v EUIPO – Rossi agus páirtithe eile (Shoppi)

6

2023/C 189/09

Cás C-780/22 P: Achomharc arna thabhairt an 22 Nollaig 2022 ag Zaun Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a tugadh an 19 Deireadh Fomhair 2022 i gCás T-231/21, Praesidiad v EUIPO – Zaun (Poteau)

7

2023/C 189/10

Cás C-7/23, Marvesa Rotterdam: Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Bheilg) a taisceadh an 10 Eanáir 2023 – Marvesa Rotterdam NV v Federaal Agentschap voor de veiligheid van de voedselketen (FAVV)

7

2023/C 189/11

Cás C-42/23 P: Achomharc arna thabhairt an 28 Eanáir 2023 ag Mendes SA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 30 Samhain 2022 i gCás T-678/21, Mendes v EUIPO — Actial Farmaceutica Srl

8

2023/C 189/12

Cás C-51/23 P: Achomharc arna thabhairt an 1 Feabhra 2023 ag Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fograíodh an 22 Samhain 2022 i gCás T-640/20, Validity v an Coimisiún

8

2023/C 189/13

Cás C-53/23, Asociația Forumul Judecătorilor din România: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Pitești (an Rómáin) a taisceadh an 2 Márta 2023 – Asociația Forumul Judecătorilor din România, Asociația Mișcarea pentru Apărarea Statutului Procurorilor v Parchetul de pe lângă Înalta Curte de Casație și Justiție – Procurorul General al României

9

2023/C 189/14

Cás C-61/23, Еkostroy: Iarraidh ar réamhrialú ó Аdministrativen sad – Haskovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 7 Feabhra 2023 — Ekostroy EOOD v Agentsia Patna infrastruktura

10

2023/C 189/15

Cás C-76/23, Cobult: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 13 Feabhra 2023 – Cobult UG v TAP Air Portugal SA

10

2023/C 189/16

Cás C-78/23, Deutsche Lufthansa: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Steinfurt (an Ghearmáin) a taisceadh an 14 Feabhra 2023 – UE v Deutsche Lufthansa AG

11

2023/C 189/17

Cás C-89/23, Companhia União de Crédito Popular: Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) a taisceadh an 16 Feabhra 2023 — Companhia União de Crédito Popular SARL v Autoridade Tributária e Aduaneira

12

2023/C 189/18

Cás C-92/23: Caingean arna tabhairt an 17 Feabhra 2023 — an Coimisiún Eorpach v an Ungáir

12

2023/C 189/19

Cás C-104/23, A GmbH & Co. KG: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáin) a taisceadh an 22 Feabhra 2023 – A GmbH & Co. KG v Hauptzollamt B

14

2023/C 189/20

Cás C-106/23 P: Achomharc arna thabhairt an 22 Feabhra 2023 ag Patrick Vanhoudt i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 14 Nollaig 2022 i gCás T-490/21, Vanhoudt v BEI

14

2023/C 189/21

Cás C-107/23 PPU, Lin: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Brașov (an Rómáin) a taisceadh an 22 Feabhra 2023 — Imeachtaí coiriúla in aghaidh C.I., C.O., K.A., L.N., S.P.

15

2023/C 189/22

Cás C-109/23, Jemerak: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgerichts Berlin (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Feabhra 2023 – GM agus ON v PR

16

2023/C 189/23

Cás C-125/23, Unedic: Iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel d’Aix-en-Provence (an Fhrainc) a taisceadh an 1 Márta 2023 – Association Unedic délégation AGS de Marseille v V, W, X, Y, Z, leachtaitheoir chuideachta K

17

2023/C 189/24

Cás C-126/23 Burdene: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Ordinario di Venezia (an Iodáil) a taisceadh an 2 Márta 2023 – UD, QO, VU, LO, CA v Presidenza del Consiglio dei ministri, Ministero dell'Interno

18

2023/C 189/25

Cás C-134/23, Elliniko Symvoulio gia tous Prosfyges: Iarraidh ar réamhrialú ón Simvoulio tis Epikrateias (an Ghréig) a taisceadh an 7 Márta 2023 – Somateio Elliniko Symvoulio gia tous Prosfyges, Astiki Mi Kerdoskopiki Etaireia Ypostirixi Prosfygon sto Aigaio v Ypourgos Exoterikon, Ypourgos Metanastefsis kai Asylou

19

2023/C 189/26

Cás C-157/23 Ford Italia: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 13 Márta 2023 — Ford Italia SpA v ZP, STracari SpA

19

2023/C 189/27

Cás C-161/23, Lireva Investments agus páirtithe eile: Iarraidh ar réamhrialú ón Satversmes tiesa (an Laitvia) an 16 Márta 2023 — VL, ZS, Lireva Investments Limited, VI, FORTRESS FINANCE Inc. v Latvijas Republikas Saeima

20

2023/C 189/28

Cás C-163/23 Palognali: Iarraidh ar réamhrialú ó Giudice di pace di Bologna (an Iodáil) a taisceadh an 14 Márta 2023 — Rialtas na hIodáile v UX

21

2023/C 189/29

Cás C-164/23, VOLÁNBUSZ: Iarraidh ar réamhrialú ó Szegedi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 16 Márta 2023 – VOLÁNBUSZ Zrt. V Bács-Kiskun Vármegyei Kormányhivatal

22

2023/C 189/30

Cás C-166/23, Nouryon Functional Chemicals: Iarraidh ar réamhrialú ó Svea hovrätt (Mark-och miljööverdomstolen) (an tSualainn) a taisceadh an 17 Márta 2023 – Naturvårdsverket v Nouryon Functional Chemicals AB

23

2023/C 189/31

Cás C-170/23, trendtours Touristik: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgerichts Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 20 Márta 2023 – trendtours Touristik GmbH v SH

24

2023/C 189/32

Cás C-204/23 Lufthansa Linee Aeree Germaniche agus páirtithe eile: Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil), a taisceadh an 28 Márta 2023 – Autorità di regolazione dei trasporti v Lufthansa Linee Aeree Germaniche agus páirtithe eile

24

2023/C 189/33

Cás C-208/23 Martiesta: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 30 Márta 2023 — AX

25

2023/C 189/34

Cás C-210/23: Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2023 — an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

25

2023/C 189/35

Cás C-252/23 P: Achomharc arna thabhairt an 17 Aibreán 2023 ag European Association of Non-Integrated Metal Importers & distributors (Euranimi) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 7 Feabhra 2023 i gCás T-81/22, Euranimi v an Coimisiún

26

 

Chúirt Ghinearálta

2023/C 189/36

Cás T-39/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – PP agus páirtithe eile v an Pharlaimint (Státseirbhís – Oifigigh – Géarchéim sláinte a bhaineann le paindéim COVID-19 – Cinneadh lena n-údaraítear obair pháirtaimseartha ionas gur féidir aire a thabhairt do ghaolta r lasmuigh den áit fostaíochta – Gan deis a bheith ann do theilea-obair lasmuigh den áit fostaíochta a dhéanamh ar bhonn lán-aimseartha – Neamhrialtacht sa nós imeachta réamhdhlíthíochta – Cinneadh lena ndeonaítear d’iarratas ar obair pháirtaimseartha – Easpa leasa in imeachtaí a thionscnamh – Do-ghlacthacht – Luach saothair – Fionraí an liúntais easaoránachta – Airteagal 62 agus Airteagal 69 de na Rialacháin Foirne – Sárú ar Airteagal 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne)

28

2023/C 189/37

Cás T-749/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – Gerhard Grund Gerüste v EUIPO – Josef-Grund-Gerüstbau (Josef Grund Gerüstbau) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Josef Grund Gerüstbau – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe grund – Foras coibhneasta neamhbhailíochta – Ní dócha go mbeidh mearbhall ann – Níl ann d’aon chosúlacht idir na comharthaí – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

29

2023/C 189/38

Cás T-61/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – OD v Eurojust (Státseirbhís – Comhaltaí den fhoireann shealadach – Athshannadh sealadach ar mhaithe leis an tseirbhís – Airteagal 7 de na Rialacháin Foirne – Atreorú ar chúnamh – Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne – Beart sealadach díbeartha – Coincheap an ghnímh a dhéanann dochar do dhuine – Ceart éisteachta – Dliteanas)

29

2023/C 189/39

Cás T-74/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – Siemens v an Pharlaimint (Soláthar poiblí – Conarthaí oibreacha poiblí – Nós imeachta tairisceana – Athnuachan ar an gcóras sábháilteachta dóiteáin i bhfoirgnimh na Parlaiminte i Strasbourg – Diúltú do thairiscint tairgeora agus bronnadh an chonartha ar thairgeoirí eile – Dliteanas neamhchonarthach)

30

2023/C 189/40

Cás T-162/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – OQ v an Coimisiún (Státseirbhís – Oifigigh – Imeachtaí araíonachta – Beart araíonachta – Dífhostú gan laghdú ar chearta pinsin – Airteagal 10 d'Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne – Comhréireacht – Oibleagáid cúiseanna a lua)

30

2023/C 189/41

Cás T-491/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – Zitro International v EUIPO – e-gaming (Smiley ag caitheamh hata ard) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh a léiríonn smiley a bhfuil hata ard á chaitheamh aige – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh a thaispeánann carachtar sainiúil – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

31

2023/C 189/42

Cás T-183/22: Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 31 Márta 2023 – Eggers & Franke v EUIPO –E. & J. Gallo Winery (EF) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an fhreasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

32

2023/C 189/43

Cás T-184/22: Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 31 Márta 2023 — Eggers & Franke v EUIPO — E. & J. Gallo Winery (EF) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an fhreasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

32

2023/C 189/44

Cás T-472/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Márta 2023 – Mocom Compounds v EUIPO – Centemia Conseils (Near-to-Prime) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Near-to-Prime – Cúis le neamhbhailíocht absalóideach – Carachtar tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Gníomh atá follasach gan bhunús sa dlí)

33

2023/C 189/45

Cás T-116/23: Caingean arna tabhairt an 27 Feabhra 2023 – Medel agus páirtithe eile v an Coimisiún

33

2023/C 189/46

Cás T-142/23: Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 – Swenters v an Coimisiún Eorpach

35

2023/C 189/47

Cás T-182/23: Caingean arna tabhairt an 8 Aibreán 2023 – Innovation & Entrepreneurship Business School v EUIPO – Thinksales (Sales School Powered by IEBS)

36

2023/C 189/48

Cás T-185/23: Caingean arna tabhairt an 11 Aibreán 2023 – Insomnia v EUIPO – Black Insomnia Coffee (BLACK INSOMNIA)

36

2023/C 189/49

Cás T-186/23: Caingean arna tabhairt an 11 Aibreán 2023 – Insomnia v EUIPO – Black Insomnia Coffee (BLACK INSOMNIA COFFEE COMPANY)

37

2023/C 189/50

Cás T-188/23: Caingean arna tabhairt an 13 Aibreán 2023 – IU Internationale Hochschule v EUIPO (IU International University of Applied Sciences)

38

2023/C 189/51

Cás T-189/23: Caingean arna tabhairt an 13 Aibreán 2023 — The Mochi Ice Cream Company v EUIPO (my mochi)

38

2023/C 189/52

Cás T-192/23: Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2023 – Peikko Group v EUIPO – Anstar (Cruth bíomaí miotail chun críocha tógála)

39

2023/C 189/53

Cás T-193/23: Caingean arna tabhairt an 13 Aibreán 2023 – MegaFon v an Chomhairle

40

2023/C 189/54

Cás T-194/23: Caingean arna tabhairt an 16 Aibreán 2023 – Fractal Analytics v EUIPO – Fractalia Remote Systems (FRACTALIA)

41

2023/C 189/55

Cás T-201/23: Caingean arna tabhairt an 17 Aibreán 2023 – CRA v an Chomhairle

41

2023/C 189/56

Cás T-203/23: Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2023 – Studiocanal v EUIPO – Leonine Distribution (ARTHAUS)

42

2023/C 189/57

Cás T-204/23: Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2023 – Studiocanal v EUIPO – Leonine Distribution (ARTHAUS)

43


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2023/C 189/01)

Foilseachán deiridh

IO C 179, 22.5.2023

Foilseacháin stairiúla

IO C 173, 15.5.2023

IO C 164, 8.5.2023

IO C 155, 2.5.2023

IO C 134, 17.4.2023

IO C 127, 11.4.2023

IO C 121, 3.4.2023

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:EUR-Lex:

http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/2


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 18 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte costituzionale – an Iodáil) – Forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh arna eisiúint i gcoinne E. D. L.

(Cás (1) C-699/21, E.D.L. (Foras diúltaithe ar bhonn tinnis))

(Tarchur le haghaidh réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Barántas gabhála Eorpach - Cinneadh Réime 2002/584/CGB - Airteagal 1(3) - Airteagal 23(4) - Nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit - Forais le haghaidh neamhfhorghníomhaithe - Airteagal 4(3) CAE - Oibleagáid maidir le comhar dílis - Forghníomhú an bharántais ghabhála Eorpaigh a chur ar fionraí - Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Toirmeasc ar phionós atá mídhaonna nó táireach - Tinneas tromchúiseach, ainsealach agus a d’fhéadfadh a bheith gan leigheas - Baol damáiste tromchúiseach do shláinte a dhéanann difear don duine lena mbaineann an barántas gabhála Eorpach)

(2023/C 189/02)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte costituzionale

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: E. D. L.

Idiragraí: Presidente del Consiglio dei Ministri

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagail 1(3) agus 23(4) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009, arna léamh i bhfianaise Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”),

ní mór a léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina bhfuil forais bhailí ann lena mheas gur dóigh go gcuirfeadh tabhairt suas duine iarrtha, de bhun forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh, a shláinte i mbaol, féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, ar bhonn eisceachtúil, an tabhairt suas sin a chur ar fionraí go sealadach;

i gcás ina measfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach cinneadh a dhéanamh ar thabhairt suas duine iarrtha, a bhfuil tinneas tromchúiseach air, a iarrtar de bhun forghníomhú barántas gabhála Eorpach, go bhfuil forais shuntasacha agus chruthaithe ann chun a chreidiúint go gcuirfeadh tabhairt suas an duine sin atá i mbaol iarbhír go dtiocfaidh laghdú suntasach ar a ionchas saoil nó go dtiocfadh meath tapa, suntasach agus gan leigheas ar staid a shláinte, ní mór dó an tabhairt suas sin a chur ar fionraí agus iarraidh ar an údarás breithiúnach eisiúna aon fhaisnéis a sholáthar a bhaineann leis na coinníollacha faoina mbeartaítear an duine sin a ionchúiseamh nó a choinneáil mar aon leis na féidearthachtaí atá ann na coinníollacha sin a chur in oiriúint do staid a shláinte chun baol dá leithéid a sheachaint;

más rud é, i bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an údarás breithiúnach eisiúna agus na faisnéise eile go léir atá ar fáil don údarás breithiúnach forghníomhaitheach, go ndealraíonn sé nach féidir an baol sin a sheachaint laistigh de thréimhse réasúnta, ní mór don údarás sin diúltú an barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú. Ar an taobh eile, más féidir an baol sin a sheachaint laistigh de thréimhse dá leithéid, ní mór dáta tabhairt suas nua a chomhaontú leis an údarás breithiúnach eisiúna.


(1)  IO C 73, 14.2.2022


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/3


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance francophone de Bruxelles – an Bheilg) – X, Y, A, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil, B, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil v État belge

(Cás C-1/23 PPU (1), Afrin (2))

(Tarchur chun réamhrialú - Nós imeachta práinne um réamhrialú - Rialuithe teorann, tearmann agus inimirce - Beartas inimirce - Treoir 2003/86/CE - Ceart chun athaontú teaghlaigh - Airteagal 5(1) - Iarratas ar iontráil agus cónaí a dhéanamh chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú - Reachtaíocht de chuid Ballstáit lena bhforchuirtear oibleagáid ar bhaill teaghlaigh an urraitheora an t-iarratas a dhéanamh i bpearsa ar an bpost taidhleoireachta inniúil den Bhallstát sin - Dodhéantacht nó deacracht mhíchuí a bhaineann le cuairt a thabhairt ar an bpost sin - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 7 agus Airteagal 24)

(2023/C 189/03)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne tharchur

Tribunal de première instance francophone de Bruxelles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: X, Y, A, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil, B, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil

Cosantóir: État belge

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 5(1) de Threoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun teaghlaigh a athaontú, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 24(2) agus (3) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas:

cuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear oibleagáid ar bhaill teaghlaigh an urraitheora, go háirithe teaghlach dídeanach aitheanta, freastal i bpearsa ar phost taidhleoireachta nó consalach Ballstáit atá inniúil ar a n-áit chónaithe buan nó sealadach thar lear chun iarratas a dhéanamh ar iontráil agus cónaí chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú, lena n-áirítear cás ina bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair dóibh freastal ar an bpost sin, gan dochar don fhéidearthacht go gceanglóidh an Ballstát sin ar na baill sin a bheith i láthair go pearsanta ag céim níos déanaí den nós imeachta le haghaidh an iarratais ar athaontú teaghlaigh.


(1)  IO C 104, 20.3.2023

(2)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/4


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 20 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Zemgales rajona tiesa – an Laitvia) – SIA “Sinda & V R” v Rīgas domes Satiksmes departaments

(Cás C-619/22 (1), Sinda & V R)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte - Ceanglas chun comhthéacs reachtach na díospóide sna príomhimeachtaí a leagan amach - Ceanglas an nasc a léiriú idir forálacha dhlí an Aontais a bhfuil léiriú á lorg ina leith agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme - Easpa sonraí leordhóthanacha - Neamh-inghlacthacht fhollasach)

(2023/C 189/04)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Zemgales rajona tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SIA “Sinda & V R”

Cosantóir: Rīgas domes Satiksmes departaments

An chuid oibríochtúil

Tá an iarraidh ar réamhrialú ón Zemgales rajona tiesa (an Chúirt Dúiche, Zemgale, an Laitvia), a rinneadh le cinneadh an 20 Meán Fómhair 2022, neamh-inghlactha go follasach.


(1)  Dáta an taiscithe: 27.09.2022


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/4


Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 16 Samhain 2022 – WU v Directie van het Centraal Bureau Rijvaardigheidsbewijzen (CBR)

(Cás C-703/22)

(2023/C 189/05)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: WU

Cosantóir: Directie van het Centraal Bureau Rijvaardigheidsbewijzen (CBR)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Ar chóir pointe 6.4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126/CE (1), go háirithe caighdeán an réimse radhairc chothrománaigh den dá shúil de ar a laghad 160o, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, a léiriú sa chaoi go bhfuil duine nach gcomhlíonann an caighdeán seo ó thaobh an leighis de, ach atá i ndáiríre, de réir saineolaithe leighis éagsúla, feidhmiúil chun leoraí a thiomáint, in ann an caighdeán a chomhlíonadh mar sin féin?

2.

Más freagra diúltach atá ar an gceist sin, an féidir measúnú comhréireachta a dhéanamh faoi chuimsiú na Treorach maidir leis an gCeadúnas Tiomána i gcás aonair, fiú mura bhfuil aon scóip, faoin gcritéar atá leagtha síos i bpointe 6.4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126/CE, le haghaidh díolúine i gcásanna den sórt sin?

3.

Más amhlaidh atá, céard iad na himthosca a bhféadfadh ról a bheith acu agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh maolú ar an gcaighdeán don réimse radhairc a bheith ann i gcás sonrach, dá bhforáiltear i bpointe 6.4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126/CE?


(1)  IO 2006 L 403, lch. 18 (“Treoir maidir leis an gCeadúnas Tiomána”).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/5


Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 17 Samhain 2022 – Minister van Infrastructuur en Waterstaat v AVROTROS

(Cás C-707/22)

(2023/C 189/06)

Teanga an cháis: an Olainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Minister van Infrastructuur en Waterstaat

Cosantóir: AVROTROS

Páirtithe eile: Bestuur van de Luchtverkeersleiding Nederland, Royal Schiphol Group NV/Schiphol Nederland BV

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

a.

Céard atá le tuiscint i dtaobh “sonraí maidir le tarluithe” agus “rúndacht iomchuí” dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Rialachán um Thuairisciú Tarluithe (1) agus i bhfianaise an chirt chun saoirse nochtaithe tuairime agus faisnéise atá cumhdaithe in Airteagal 11 de Chairt AE agus Airteagal 10 ECHR?

b.

An dtagann faisnéis chomhiomlánaithe faoi “shonraí maidir le tarluithe” dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Rialachán um Thuairisciú Tarluithe?

2.

a.

An gcaithfear Airteagal 15(1) den Rialachán um Thuairisciú Tarluithe, i bhfianaise an chirt chun saoirse nochtaithe tuairime agus faisnéise atá cumhdaithe in Airteagal 11 de Chairt AE agus Airteagal 10 ECHR, a léiriú sa chaoi go bhfuil sé i gcomhréir le riail náisiúnta, amhail an riail atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach féidir faisnéis a fuarthas ó tharluithe tuairiscithe a nochtadh?

b.

An mbaineann sin freisin le sonraí comhiomlánaithe ar tharluithe tuairiscithe?

3.

Más diúltach atá na freagraí ar Cheisteanna 2a agus 2b: an gceadaítear don údarás inniúil náisiúnta riail náisiúnta ghinearálta a chur i bhfeidhm maidir le nochtadh, ar riail í nach nochtfar faisnéis dá mbeadh na leasanna a bhaineann, mar shampla, leis an gcaidreamh le Stáit eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le cigireacht, rialú agus faireachán ag údaráis riaracháin, le meas ar phríobháideachas agus le daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chosc óna bheith faoi bhuntáiste agus faoi mhíbhuntáiste díréireach níos tábhachtaí ná an nochtadh?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO 2014 L 122, lch. 18).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/5


Iarraidh ar réamhrialú ó Hof van beroep Antwerpen (an Bheilg) a taisceadh an 24 Samhain 2022 – Openbaar Ministerie, Federale Overheidsdienst Financiën v Profit Europe NV, Gosselin Forwarding Services NV

(Cás C-719/22, Openbaar Ministerie agus Federale Overheidsdienst Financiën)

(2023/C 189/07)

Teanga an cháis: an Olainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hof van beroep te Antwerpen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Openbaar Ministerie, Federale Overheidsdienst Financiën

Cosantóirí: Profit Europe NV, Gosselin Forwarding Services NV

An cheist a tharchuirtear:

An sáraíonn Rialachán (AE) Uimh. 1071/2012 (1) agus Rialachán (AE) Uimh. 430/2013 (2) Airteagail 1, 5, 6 agus 9 de Bhun-Rialachán 1225/2009, (3) a mhéid a chuirtear allmhairiú feisteas teilgthe feadáin nó píopaí snáithithe, as iarann teilgthe graifíte sféaróidí, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, faoi réir dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí, nuair nach sainaithníodh sa ghearán chun imeacht frithdhumpála a thionscnamh ná i bhfógra tionscnaimh an bhirt frithdhumpála earraí den sórt sin mar an táirge i gceist, nuair nár cuireadh aon fhianaise ar dhumpáil, díobháil ná nasc cúisíoch ar fáil agus nuair nár imscrúdaigh an Coimisiún Eorpach ar bhealach ar bith a ngnáthluach, a bpraghas onnmhairiúcháin, an corrlach dumpála a d’fhéadfadh a bheith acu, an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann, méid na díobhála, tionchar fachtóirí eile atá ar eolas ar an díobháil, an nasc cúisíoch idir dumpáil agus díobháil agus an gá na hearraí sin (feistis theilgthe feadán nó píopaí snáithithe) a chur faoi réir dleachtanna frithdhumpála ar mhaithe le leas an Aontais?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1071/2012 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí feisteas teilgthe feadán nó píopaí snáithithe, as iarann teilgthe intuargainte, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne (IO 2012 L 318, lch 10).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 430/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a fhorchuirtear ar allmhairí feisteas teilgthe feadán nó píopaí snáithithe, as iarann teilgthe intuargainte, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne agus an imeacht maidir leis an Indinéis a fhoirceannadh (IO 2013 L 129, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO 2009 L 343, lch. 51).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/6


Achomharc arna thabhairt an 8 Nollaig 2022 ag Shopify Inc. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 12 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-222/21, Shopify v EUIPO – Rossi agus páirtithe eile (Shoppi)

(Cás C-751/22 P)

(2023/C 189/08)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Shopify Inc. (ionadaithe: S. Völker agus M. Pemsel, Rechtsanwälte)

Páirtithe eile: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Massimo Carlo Alberto Rossi, Salvatore Vacante agus Shoppi Ltd.

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an cinneadh atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

an cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Feabhra 2021 (Cás R 785/2020-2) (“an cinneadh atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus do na hidiragraithe na costais a íoc, lena n-áirítear costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheist dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir saincheist dlí aonair, eadhon sárú ar Airteagal 53(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (1) arna leasú le Rialachán (AE) 2015/2424 (2) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de.

Cuireann an tAchomharcóir na hargóintí seo a leanas chun tosaigh.

Thug an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar chruthúnas ar shaincháilíocht fheabhsaithe arna chur isteach ag an achomharcóir ar son na Ríochta Aontaithe ar an bhfóras gur tugadh an cinneadh atá faoi chonspóid i ndiaidh dheireadh na hidirtréimhse a sonraíodh in Airteagal 127 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3). Dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta nach mór go mbeadh an t-achomharcóir in ann úsáid an mháirc níos déanaí a chosc ní hamháin ar dháta an iarratais ach ar dháta an chinnidh ón mBord Achomhairc chomh maith. Dá réir sin, dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, nach mór gurbh ann do na coinníollacha le haghaidh foras coibhneasta le diúltú in imeachtaí neamhbhailíochta ar dháta taiscthe nó dáta tosaíochta an trádmhairc atá faoi chonspóid agus ar dháta an chinnidh ó EUIPO (i.e. an Rannán Cúlghairme nó an Bord Achomhairc).


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO 2009 L 78, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2015/2424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail agus Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO 2015 L 341, lch. 21).

(3)  IO 2020 L 29, lch. 7.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/7


Achomharc arna thabhairt an 22 Nollaig 2022 ag Zaun Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a tugadh an 19 Deireadh Fomhair 2022 i gCás T-231/21, Praesidiad v EUIPO – Zaun (Poteau)

(Cás C-780/22 P)

(2023/C 189/09)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Zaun Ltd (ionadaí: C. Weber, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Praesidiad Holding

Le hordú an 17 Aibreán 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí do Zaun Ltd a chostais féin a íoc.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/7


Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Bheilg) a taisceadh an 10 Eanáir 2023 – Marvesa Rotterdam NV v Federaal Agentschap voor de veiligheid van de voedselketen (FAVV)

(Cás C-7/23, Marvesa Rotterdam)

(2023/C 189/10)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Marvesa Rotterdam NV

Cosantóir: Federaal Agentschap voor de veiligheid van de voedselketen (FAVV)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Cuid I den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2002/994/CE (1) maidir le bearta cosanta áirithe i ndáil le táirgí de bhunadh ainmhíoch a allmhairítear ón tSín, arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1068 (2) lena leasaítear Cinneadh 2002/994/CE maidir le bearta cosanta áirithe i ndáil le táirgí de bhunadh ainmhíoch a allmhairítear ón tSín, a léiriú sa chaoi go gclúdaíonn an téarma “táirgí iascaigh” táirgí atá ceaptha mar bhia don duine agus táirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag ainmhithe araon, agus, dá bhrí sin, go bhféadfaí ola éisc atá ceaptha mar bhia d’ainmhithe a mheas mar “tháirge iascaigh” de réir bhrí na hIarscríbhinne thuasluaite?

2.

Más freagra diúltach atá ar an gcéad cheist, an sáraítear le Cuid I den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2002/994/CE […] Airteagal 22(1) de Threoir 97/78/CE (3) ón gComhairle an 18 Nollaig 1997 lena leagtar síos na prionsabail lena rialaítear seiceálacha tréidliachta a eagrú ar tháirgí a thagann isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha, arna léamh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le hAirteagal 1 de Phrótacal (Uimh. 2) a ghabhann le CFAE maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, sa mhéid is go ndéantar táirgí iascaigh, de thionscnamh na Síne, lena gcaitheamh ag an duine díolmhaithe ón toirmeasc ar allmhairí a leagtar síos in Airteagal 2 de Chinneadh 2002/994/CE, ach tá táirgí iascaigh de thionscnamh na Síne lena gcaitheamh ag ainmhithe faoi réir an toirmisc sin ar allmhairí?


(1)  IO 2002 L 348, lch. 154.

(2)  IO 2015 L 174, lch. 30.

(3)  IO 1998 L 24, lch. 9.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/8


Achomharc arna thabhairt an 28 Eanáir 2023 ag Mendes SA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 30 Samhain 2022 i gCás T-678/21, Mendes v EUIPO — Actial Farmaceutica Srl

(Cás C-42/23 P)

(2023/C 189/11)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Mendes SA (ionadaí: M. Cavattoni, avvocato)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Actial Farmaceutica Srl

Le hordú an 22 Meitheamh 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí do Mendes SA a chostais féin a íoc.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/8


Achomharc arna thabhairt an 1 Feabhra 2023 ag Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fograíodh an 22 Samhain 2022 i gCás T-640/20, Validity v an Coimisiún

(Cás C-51/23 P)

(2023/C 189/12)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre (ionadaithe: B. Van Vooren, advocaat, agus M.R. Oyarzabal Arigita, Abogada)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

Ordú na Cúirte Ginearálta a fógraíodh an 22 Samhain 2022 i gCás T-640/20, Validity v an Coimisiún, a chur ar leataobh;

neamhniú Chinneadh C(2020) 5540 final ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2020 agus Chinneadh C(2021) 2834 final an 19 Aibreán 2021 a dheonú; agus

a ordú don Choimisiún Eorpach costais an Iarratasóra a íoc; nó

de rogha air sin, an cás a tharchur chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh cinneadh maidir le fiúntas, agus na costais a choimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Leis an gcéad shaincheist dlí, cuireann an tIarratasóir i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta nach bhfuil aon bhaol ann go sáróidh an Coimisiún Airteagal 4(3) de Rialachán 1049/2001 (an “Rialachán Trédhearcachta”) amach anseo mar:

i.

ní toimhde ghinearálta rúndachta atá i gceist leis an bhforas “timpeallacht na hiontaoibhe frithpháirtí”; agus

ii.

níl aon bhaol ann go mbeidh an Coimisiún ag brath arís ar fhoras doiléir, amhail “timpeallacht na hiontaoibhe frithpháirtí”, in iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid amach anseo.

Leis an dara saincheist dá chuid, maíonn an tIarratasóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach bhfuil aon bhaol ann go ndéanfar sáruithe arís ar phrionsabail na trédhearcachta nó an dea-riaracháin nó go ndéanfar sáruithe nós imeachta ar an Rialachán Trédhearcachta mar a rinneadh sa nós imeachta as ar eascair na himeachtaí sin.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/9


Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Pitești (an Rómáin) a taisceadh an 2 Márta 2023 – Asociația “Forumul Judecătorilor din România”, Asociația “Mișcarea pentru Apărarea Statutului Procurorilor” v Parchetul de pe lângă Înalta Curte de Casație și Justiție – Procurorul General al României

(Cás C-53/23, Asociația “Forumul Judecătorilor din România”)

(2023/C 189/13)

Teanga an cháis: Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Pitești

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Asociația “Forumul Judecătorilor din România”, Asociația “Mișcarea pentru Apărarea Statutului Procurorilor”

Cosantóir: Parchetul de pe lângă Înalta Curte de Casație și Justiție – Procurorul General al României

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcuirtear cosc le hAirteagal 2 agus leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 12 agus 47 [den] Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar theorainneacha a fhorchur ar imeachtaí breithiúnacha áirithe a thabhairt ag comhlachais ghairmiúla breithiúna chun neamhspleáchas na mbreithiúna agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a choimirciú agus chun stádas na gairme a chosaint, tríd an gcoinníoll go mbeadh leas príobháideach dlisteanach rótheoranta a thabhairt isteach ar bhonn cinneadh ceangailteach ón Ard-Chúirt Achomhairc agus Ceartais, arna leanúint ag cleachtas náisiúnta i gcásanna amhail an ceann inar ardaíodh an cheist seo, lena n-éilítear nasc díreach idir an gníomh riaracháin faoi réir athbhreithniú a dhéanamh ar a dhlíthiúlacht ag na cúirteanna agus aidhm agus cuspóirí díreacha chomhlachais ghairmiúla chomhaltaí na mbreithiúna, leagtha síos ina reachtanna, i gcásanna ina bhféachann na comhlachais le cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil in ábhair arna rialú ag dlí an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis an aidhm agus na cuspóirí ginearálta reachtúla?

2)

Ag brath ar an bhfreagra ar an gcéad cheist, an gcuirtear cosc le hAirteagal 2, Airteagal 4(3) CAE agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Iarscríbhinn IX a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Rómáine leis an Aontas Eorpach agus Cinneadh 2006/928 (1) ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear srian ar inniúlacht na Stiúrthóireachta Náisiúnta Frith-Éillithe tríd an gcumhacht a shannadh chun imscrúdú a dhéanamh ar chionta éillithe (sa chiall leathan) arna ndéanamh ag breithiúna agus ionchúisitheoirí go heisiach d’ionchúisitheoirí arna gceapadh go sonrach (ag Ard-Ionchúisitheoir na Rómáine, ar thogra ó Tionól Iomlánach Consiliul Superior al Magistraturii (Ardchomhairle Bhreithiúnach, an Rómáin) de de Pharchetul de pe lângă Înalta Curte de Casație și Justiție (Oifig Ionchúisimh na hArd-Chúirte um Achomharc agus um Cheartas, an Rómáin) agus d’oifigí an ionchúisitheora a ghabhann le cúirteanna achomhairc na n-ionchúisitheoirí agus na ndlínsí sin freisin?


(1)  Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra um chomhar agus um fhíorú ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe (IO 2006 L 354, L. 56).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/10


Iarraidh ar réamhrialú ó Аdministrativen sad – Haskovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 7 Feabhra 2023 — “Ekostroy” EOOD v Agentsia “Patna infrastruktura”

(Cás C-61/23, Еkostroy)

(2023/C 189/14)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Аdministrativen sad Haskovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir:“Ekostroy” EOOD

Cosantóir: Agentsia “Patna infrastruktura”

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 9a de Threoir Uimh. 1999/62/EC (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirear a ghearradh ar fheithiclí earraí troma as bonneagair áirithe a úsáid amhail go gcuirtear cosc leis, tríd an gceanglas a leagtar amach san Airteagal sin nach mór do phionóis a ghearrtar as sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de réir na Treorach sin a bheith comhréireach, ar reachtaíocht náisiúnta, ar nós na reachtaíochta sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear d’fhíneáil ar ráta chomhréidh a fhorchur (ar dhaoine nádúrtha nó dlíthiúla) as sáruithe ar fhorálacha maidir leis an oibleagáid dola a áireamh agus a íoc roimh ré as bonneagar bóithre a úsáid, gan beann ar chineál agus ar thromchúis an sáraithe, agus an rogha a bheith ann a bheith díolmhaithe ó phionós riaracháin a íoc trí “m[h]uirear sásaimh”, mar a thugtar air, a íoc?


(1)  IO 1999, L 187, lch. 42.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/10


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 13 Feabhra 2023 – Cobult UG v TAP Air Portugal SA

(Cás C-76/23, Cobult)

(2023/C 189/15)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Cobult UG

Cosantóir: TAP Air Portugal SA

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (1) a léiriú sa chaoi go bhfuil ann do chomhaontú i scríbhinn de pháirt an phaisinéara maidir le haisíoc chostais an ticéid, de réir bhrí an chéad fhleasca d’Airteagal 8(1)(a) den Rialachán sin, i bhfoirm dearbhán taistil i gcás ina roghnaíonn an paisinéir dearbhán den sórt sin ar shuíomh idirlín an aeriompróra oibriúcháin, lena n-eisiatar aisíoc chostas an ticéid níos déanaí in airgead, agus ina bhfaigheann sé an dearbhán trí ríomhphost, cé nach bhfuil aisíoc chostas an ticéid in airgead indéanta go dtí go bhfuil teagmháil déanta leis an aeriompróir oibriúcháin?


(1)  Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/11


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Steinfurt (an Ghearmáin) a taisceadh an 14 Feabhra 2023 – UE v Deutsche Lufthansa AG

(Cás C-78/23, Deutsche Lufthansa)

(2023/C 189/16)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Steinfurt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UE

Cosantóir: Deutsche Lufthansa AG

An cheist a tharchuirtear

An gcomhlíontar na ceanglais shubstainteacha maidir le “fógra cealúcháin” de réir bhrí Airteagal 5(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (1) le fógra maidir le hathrú áirithinte ina bhfuil an fhoclaíocht arna leagan amach thíos agus liosta ina dhiaidh sin de chéimeanna na n-eitiltí isteach agus amach atá fágtha fós sa deimhniú áirithinte?

“Athrú áirithinte

[Ainm an aeriompróra] Cód áirithinte: […]

(Áirithint a bhreathnú/a bhainistiú)

A chustaiméir, a chara,

Mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris, tá gá fós le hathruithe inár sceideal eitilte. Dá réir sin, tá athruithe déanta freisin ar an áirithint atá agat.

D’iarramar an nasc is fearr atá ann a aimsiú duit agus iarraimid ort an áirithint leasaithe atá agat a sheiceáil. Tá na heitiltí go léir atá fágtha i do thuras liostaithe; níl eitiltí a cuireadh ar ceal le feiceáil.”


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/12


Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) a taisceadh an 16 Feabhra 2023 — Companhia União de Crédito Popular SARL v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-89/23, Companhia União de Crédito Popular)

(2023/C 189/17)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Companhia União de Crédito Popular SARL

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

An cheist a tharchuirtear:

Chun a chinneadh an bhféadfadh nó nach bhféadfadh leas a bhaint ag coimisiúin 11 % a dheonaítear le dlí (Airteagal 25 de Dhlí Foraithne Uimh. 365/99 an 17 Meán Fómhair) d’iasachtóirí airgid as díolachán earraí a thugtar mar urrús as an díolúine dá bhforáiltear le hAirteagal 135(1)(b) de Threoir maidir le CBL (1) [atá ar aon dul le hAirteagal 9(27)(a) de CIVA [Código do Imposto sobre o Valor Acrescentado; an Cód Cánach Breisluacha], an bhféadfaí a mheas gur seirbhís choimhdeach do na seirbhísí a sholáthraíonn an t-iasachtóir airgid (gníomhaíocht urraithe iasachtaithe) é díolachán earraí a thugtar mar urrús (Airteagail 19 et seq. de Dhlí Foraithne Uimh. 365/99 an 17 Meán Fómhair), i gcás ina mainníonn an t-iasachtaí íocaíocht a dhéanamh de réir an dlí?


(1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006, L 347, lch. 1).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/12


Caingean arna tabhairt an 17 Feabhra 2023 — an Coimisiún Eorpach v an Ungáir

(Cás C-92/23)

(2023/C 189/18)

Teanga an cháis: an Ungáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: U. Małecka, L. Malferrari agus A. Tokár, Gníomhairí)

Cosantóir: an Ungáir

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

1)

a dhearbhú gur mhainnigh an Ungáir,

i)

trí ghlacadh chinneadh 830/2020 an 8 Meán Fómhair ag Médiatanács (Comhairle na Meán, an Ungáir), lenar diúltaíodh don síneadh ar cheart Klubrádió chun minicíochtaí raidió a úsáid;

ii)

trí fhoráil dlí amhail Airteagal 48(7) de Dhlí CLXXXV de 2010 a ghlacadh, lena gcuirtear cosc go huathoibríoch, i gcás athshárú, ar shíneadh a chur le cearta chun radaimhinicíochtaí a bhaineann le seirbhísí craolacháin a úsáid, cé nach raibh an sárú an-tromchúiseach agus gurbh de chineál foirmiúil amháin é, agus

iii)

trí chosc a chur, sa bhealach díréireach agus idirdhealaitheach seo, ar Klubrádió leanúint lena ghníomhaíocht in earnáil na seirbhísí craolacháin fuaime,

na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagail 5, 7 agus 10 de Threoir 2002/20/CE, (1) Airteagal 4(2) de Threoir 2002/77/CE, (2) Airteagal 9 de Threoir 2002/21/CE, (3) de bhun phrionsabail ghinearálta na comhréireachta, an neamh-idirdhealaithe agus an chomhair dhílis, agus de bhun Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh,

iv)

trí mhainneachtain cinneadh a ghlacadh, laistigh den tréimhse sé seachtaine a leagtar síos in Airteagal 5(3) de Threoir 2002/20, maidir leis an iarratas ar shíneadh ar cheart Klubrádió chun radaimhinicíochtaí a úsáid agus

v)

trí mhainneachtain nós imeachta a thabhairt chun críche chun an mhinicíocht a d’úsáid Klubrádió roimhe sin a bhronnadh laistigh de thréimhse ama ina bhféadfadh Klubrádió an cinneadh a fháil roimh dá cheart úsáide a bheith as feidhm,

na hoibeagáidí atá uirthi de bhun Airteagail 8 agus 9 de Threoir 2002/21, Airteagal 5(3) de Threoir 2002/20, agus de bhun phrionsabal ginearálta an dea-riaracháin a chomhlíonadh;

vi)

trí ghlao ar thairiscintí arna dhéanamh ag Comhairle na Meán an 4 Samhain 2020 a fhoilsiú agus trí chinneadh 180/2021 an 10 Márta a ghlacadh lena ndearna an Chomhairle sin an méid seo a leanas:

chuir sí bronnadh an speictrim radaimhinicíochta faoi réir ceanglais dhíréireacha,

níor shainigh sí a priori na ceanglais le haghaidh bhronnadh an speictrim,

níor fheidhmigh sí aon chumhacht lánroghnach chun measúnú a dhéanamh ar thromchúis agus ábharthacht na n-earráidí a rinneadh sna hiarratais a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar inghlacthacht na n-iarratas sin ná níor chuir sí neamhthábhacht na n-earráidí sin san áireamh,

na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 5(2) de Threoir 2002/20, Airteagal 45 de Threoir (AE) 2018/1972 (4) agus Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh;

vii)

trí fhoráil dlí amhail Airteagal 65(11) de Dhlí CLXXXV de 2010 a ghlacadh, lena n-eisiatar an fhéidearthacht ceart úsáide sealadaí a iarraidh i gcás nár cuireadh síneadh roimhe le ceart úsáide an tsoláthraí seirbhísí meán closamharc, agus ag an am céanna an fhéidearthacht sin a chur ar fáil do sholáthraithe ar cuireadh síneadh uair amháin cheana lena gceart úsáide, gan údar a thabhairt leis an éagsúlacht sa chóir, ag glacadh leis nach gcuirtear cosc leis na forais lena gcoisctear síneadh ar cheart úsáide nua a bhronnadh,

na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 45(1) de Threoir 2018/1972, agus de bhun phrionsabail ghinearálta na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe a chomhlíonadh.

2)

a ordú don Ungáir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Is é is ábhar don chaingean ná cinntí ó údarás rialála na meán san Ungáir, agus an reachtaíocht ar a bhfuil na cinntí sin bunaithe, lenar coisceadh ar Klubrádió, stáisiún raidió tráchtála a fheidhmíonn san Ungáir, an fhéidearthacht chun a chlársceideal a craoladh ar an minicíocht analóige trastíre FM agus sa chaoi sin an deis chun teacht ar réimsí leathana de dhaonra na hUngáire.

An 8 Meán Fómhair 2020, chinn Comhairle na Meán gan ceart Klubrádió minicíochtaí a úsáid a athnuachan. Ina dhiaidh sin, thionscain an Chomhairle sin nós imeachta tairisceana nua le haghaidh úsáid na minicíochta a bhí á húsáid ag Klubrádió roimhe. Ghlac Klubrádió páirt sa nós imeachta tairisceana, ach dhearbhaigh Comhairle na Meán go raibh a iarratas do-ghlactha an 10 Márta 2021. Mar thoradh ar na cinntí sin ó Chomhairle na Meán, bhí ar Klubrádió deireadh a chur lena sheirbhísí craoltóireachta fuaime ar an minicíocht FM.

Thairis sin, faoi dhlí na hUngáire is infheidhme, ní féidir le Klubrádió a chlársceidealú a chraoladh ar mhinicíocht FM go sealadach ach oiread.

Measann an Coimisiún gur sháraigh an Ungáir dlí an Aontais tríd an reachtaíocht agus na bearta dá dtagraítear a ghlacadh.


(1)  Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO 2002 L 108, lch. 21).

(2)  Treoir 2002/77/CE ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht sna margaí do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO 2002 L 249, lch. 21).

(3)  Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO 2002 L 108, lch. 33).

(4)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO 2018 L 321, lch. 36).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáin) a taisceadh an 22 Feabhra 2023 – A GmbH & Co. KG v Hauptzollamt B

(Cás C-104/23, A GmbH & Co. KG)

(2023/C 189/19)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: A GmbH & Co. KG

Freagróir san achomharc ar phointe dlí: Hauptzollamt B

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gá go gceanglaítear le ceannteideal 9406 den Ainmníocht Chomhcheangailte (1) go mbeadh spás go hiomlán dúnta isteach ar gach taobh ag foirgneamh réamhdhéanta?

2.

I gcas go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1: An gceanglaítear le ceannteideal 9406 den Ainmníocht Chomhcheangailte go mbeadh an foirgneamh réamhdhéanta mór a dhóthain go bhféadfadh duine de mheánairde dul isteach ann agus, dá bhrí sin, an bhfuil gá le limistéar amháin ar a laghad a bhféadfadh duine den sórt sin dul isteach ann agus é ina sheasamh, nó an leor go bhfuil an duine in ann dul isteach ann ach go gcaithfeadh sé é féin a chromadh síos?


(1)  Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO 1987 L 256, lch. 1) arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1101/2014 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO 2014 L 312, lch. 1).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/14


Achomharc arna thabhairt an 22 Feabhra 2023 ag Patrick Vanhoudt i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 14 Nollaig 2022 i gCás T-490/21, Vanhoudt v BEI

(Cás C-106/23 P)

(2023/C 189/20)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Patrick Vanhoudt (ionadaithe: L. Levi agus A. Champetier, avocates)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Banc Eorpach Infheistíochta

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

go ndéanfar breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 i gCás T-490/21 a chur ar neamhní;

mar thoradh ar sin, go ndéanfar an faoiseamh atá á lorg ag an gcéad chéim a dheonú don achomharcóir agus, dá bhrí sin,

cinneadh an 16 Nollaig 2020 a mhéid a dhiúltaíonn sé d'iarrthóireacht an achomharcóra do phost Cheann Oifige Leas-Uachtarán BEI agus don chinneadh an tUasal L a cheapadh don phost lena mbaineann a chur ar neamhní;

a mhéid is gá, cinneadh an 17 Bealtaine 2021, a cuireadh in iúl don achomharcóir an 18 Bealtaine 2021, lena ndiúltaítear d'iarrataí an achomharcóra ar achomharc riaracháin an 18 Nollaig 2020 agus an 17 Márta 2021 a chur ar neamhní;

a ordú do BEI damáiste neamhábhartha an achomharcóra a chúiteamh, a measúnaíodh, ex aequo et bono, ag EUR 4 000;

a ordú do BEI na costais go léir a íoc;

a ordú don chosantóir na costais go léir a bhaineann leis an gcéad chéim agus leis an achomharc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir na saincheisteanna dlí seo a leanas:

1.

Sárú ar na Treoirlínte agus ar an nós imeachta – Sárú ar dhualgas an bhreithimh cúiseanna a lua – Earráid in aicmiú dlíthiúil an fhógra folúntais – Sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

2.

Sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe – Sárú ar oibleagáid na cúirte cúiseanna a lua.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/15


Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Brașov (an Rómáin) a taisceadh an 22 Feabhra 2023 — Imeachtaí coiriúla in aghaidh C.I., C.O., K.A., L.N., S.P.

(Cás C-107/23 PPU, Lin)

(2023/C 189/21)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Brașov

Imeachtaí coiriúla in aghaidh:

C.I., C.O., K.A., L.N., S.P.

Freagróir

Stát na Rómáine

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gá Airteagal 2 CAE, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 4 [(3)] CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF (1) agus Airteagal 2 agus Airteagal 12 de Threoir PIF, (2) chomh maith le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, (3) i ndáil leis an bprionsabal pionóis éifeachtacha agus athchomhairleacha a bhunú i gcásanna calaoise tromchúisí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, agus Cinneadh 2006/928/CE (4) ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm, ag tagairt don abairt dheireanach d'Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar staid dhlíthiúil, amhail staid atá i gceist sna príomhimeachtaí ina n-iarrann na hachomharcóirí faoi phianbhreith, trí achomharc urghnách, ciontú coiriúil críochnaitheach a chur ar neamhní, agus é ag brath ar chur i bhfeidhm phrionsabal an dlí choiriúil níos trócairí, a bheadh infheidhme le linn na bpríomhimeachtaí agus lena bhforáiltear do thréimhse teorann níos giorra a bhí imithe in éag roimh réiteach deiridh an cháis, ach a tugadh chun solais tar éis an phointe ama sin, le cinneadh ón gcúirt bhunreachtúil náisiúnta lena ndearbhaítear go bhfuil foráil dhlíthiúil neamhbhunreachtúil lena gcuirtear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil (Cinneadh 2022); ag brath ar táimhe an reachtais, nach ndearna idirghabháil chun an téacs dlíthiúil a réiteach le cinneadh eile ón gcúirt bhunreachtúil chéanna a eisíodh ceithre bliana ó shin i gcomparáid leis an gcinneadh deireanach sin (Cinneadh 2018) – agus le linn an ama sin bhí cásdlí na ngnáthchúirteanna a bunaíodh i gcur i bhfeidhm an chinnidh roimhe sin bunaithe cheana féin maidir leis an téacs sin a bheith ann, i bhfoirm a thuigtear mar thoradh ar an gcéad chinneadh ón gcúirt bhunreachtúil – agus an iarmhairt phraiticiúil a bhaineann leis an tréimhse teorann a laghdú go leath na tréimhse teorann le haghaidh gach ciona choiriúil nár tugadh aon chiontú deiridh ina leith sular tugadh an chéad chinneadh ón gcúirt bhunreachtúil agus sula bhfoirceanntar na himeachtaí coiriúla i gcoinne na gcosantóirí atá i gceist dá bharr sin?

2)

An gá Airteagal 2 CAE maidir le luachanna an smachta reachta agus urraim do chearta an duine i sochaí arb iad is sainairíonna é an ceartas agus Airteagal 4 [(3)] CAE maidir le prionsabal an chomhair dhílis idir an tAontas agus na Ballstáit, agus Cinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún maidir leis an ngealltanas éifeachtúlacht chóras breithiúnach na Rómáine a áirithiú, ag féachaint don abairt deiridh d’Airteagal 49 [(1)] den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena cumhdaítear prionsabal an dlí choiriúil níos trócairí a léiriú, maidir leis an gcóras breithiúnach náisiúnta ina iomláine, sa chaoi go gcuirtear cosc ar staid dhlíthiúil, amhail staid atá i gceist sna príomhimeachtaí ina n-iarrann na hachomharcóirí faoi phianbhreith., trí achomharc urghnách, ciontú coiriúil críochnaitheach a chur ar neamhní, agus é ag brath ar chur i bhfeidhm phrionsabal an dlí choiriúil níos trócairí, a bheadh infheidhme le linn na bpríomhimeachtaí agus lena bhforáiltear do thréimhse teorann níos giorra a bhí imithe in éag roimh réiteach deiridh an cháis, ach a tugadh chun solais tar éis an phointe ama sin, le cinneadh ón gcúirt bhunreachtúil náisiúnta lena ndearbhaítear go bhfuil foráil dhlíthiúil neamhbhunreachtúil lena gcuirtear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil (Cinneadh 2022); ag brath ar táimhe an reachtais, nach ndearna idirghabháil chun an téacs dlíthiúil a réiteach le cinneadh eile ón gcúirt bhunreachtúil chéanna a eisíodh ceithre bliana ó shin i gcomparáid leis an gcinneadh deireanach sin (cinneadh 2018) – agus le linn an ama sin bhí cásdlí na ngnáthchúirteanna a bunaíodh i gcur i bhfeidhm an chinnidh roimhe sin bunaithe cheana féin maidir leis an téacs sin a bheith ann, i bhfoirm a thuigtear mar thoradh ar an gcéad chinneadh ón gcúirt bhunreachtúil – agus an iarmhairt phraiticiúil a bhaineann leis an tréimhse teorann a laghdú go leath na tréimhse teorann le haghaidh gach ciona choiriúil nár tugadh aon chiontú deiridh ina leith sular tugadh an chéad chinneadh ón gcúirt bhunreachtúil agus sula bhfoirceanntar na himeachtaí coiriúla i gcoinne na gcosantóirí atá i gceist dá bharr sin?

3)

Más amhlaidh atá, agus sa chás sin amháin nach féidir léiriú atá comhsheasmhach le dlí an Aontais a thabhairt, ní mór prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta nó ar chleachtas náisiúnta faoina bhfuil gnáthchúirteanna náisiúnta faoi cheangal ag breitheanna ón gcúirt bhunreachtúil náisiúnta agus ag breitheanna ceangailteacha ón gcúirt uachtarach náisiúnta agus ní féidir, ar an gcúis sin agus ar an mbaol cion araíonachta a dhéanamh, an cásdlí a eascraíonn as na cinntí sin a dhífheidhmiú as a stuaim féin, fiú má mheasann siad: i bhfianaise breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais, an bhfuil an cásdlí sin ar neamhréir go príomha le hAirteagal 2 CAE, leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 4 [(3)] CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 325(1) CFAE, uile le cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún, ag féachaint don abairt deiridh d’Airteagal 49 [(1)] den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar atá sna príomhimeachtaí?


(1)  Coinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO 1995 C 316, lch. 49).

(2)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO 2017 L 198, lch. 29).

(3)  Treoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l) (IO 3 L, lch. 7).

(4)  Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra um chomhar agus um fhíorú ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe(IO 2006 L 354, L. 56).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/16


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgerichts Berlin (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Feabhra 2023 – GM agus ON v PR

(Cás C-109/23, Jemerak (1))

(2023/C 189/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Berlin

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: GM, ON

Cosantóir: PR

Na ceisteanna a tharchuirtear: (2)

(1)

An sáraíonn nótaire de chuid na Gearmáine an toirmeasc ar sheirbhísí comhairleacha dlí a sholáthar go díreach nó go hindíreach do dhuine dlítheanach atá bunaithe sa Rúis i gcás ina bhfíordheimhníonn sé conradh chun árasán [réadmhaoin chónaithe (Wohnungseigentum)] a cheannach idir an duine sin, mar dhíoltóir, agus náisiúnach de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh?

(2)

An sáraíonn ateangaire de chuid na Gearmáine an toirmeasc ar sheirbhísí comhairleacha dlí a sholáthar i gcás, chun críocha an fhíordheimhnithe sin a dhéanamh ar an gconradh ceannaigh, ina nglacann sé le tasc ón nótaire sin aistriúchán a dhéanamh ar an ábhar a bhaineann le himeachtaí an fhíordheimhnithe sin d’ionadaí an duine dhlítheanach atá bunaithe sa Rúis nach bhfuil Gearmáinis ar a leor-thoil aige?

(3)

An sáraíonn an nótaire an toirmeasc ar sheirbhísí comhairleacha dlí a sholáthar go díreach nó go hindíreach, i gcás ina dtugann sé faoi ghníomhartha fíordheimhnithe agus go gcuireann sé i gcrích iad, ar gníomhartha fíordheimhnithe iad dá bhforáiltear le dlí d’fhonn an conradh ceannaigh a fhorghníomhú (mar shampla, íocaíocht an phraghais ceannaigh a phróiseáil trí chuntas eascró arna bhainistiú ag an nótaire, doiciméid a iarraidh chun morgáistí agus eirí eile ar ábhar an díolacháin a chur ar ceal, na doiciméid a thíolacadh d’Oifig Chlárlann na Talún (don Grundbuch) atá riachtanach chun teideal a aistriú))?


(1)  Tugtar ainm dlítheanach don chás seo, arb ainm é nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Léiriú ar Airteagal 5n(2) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (an Rialachán maidir le Smachtbhannaí ar an Rúis) (IO 2014, L 229, lch. 1), sa leagan is infheidhme ón 7 Deireadh Fómhair 2022 i leith.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/17


Iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel d’Aix-en-Provence (an Fhrainc) a taisceadh an 1 Márta 2023 – Association Unedic délégation AGS de Marseille v V, W, X, Y, Z, leachtaitheoir chuideachta K

(Cás C-125/23, Unedic)

(2023/C 189/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d’appel d’Aix-en-Provence

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Association Unedic délégation AGS de Marseille

Cosantóirí: V, W, X, Y, Z, leachtaitheoir chuideachta K

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An féidir Treoir 2008/94/CE (1) a léiriú sa chaoi go gceadaítear cosc ar an institiúid ráthaíochta maidir le ráthaíocht pá téarfa a ghabháil uirthi féin ar fhoirceannadh caidrimh fostaíochta i gcás ina ndearbhaíonn fostaí go bhfuil a chonradh fostaíochta foirceanta tar éis d’imeachtaí dócmhainneachta a bheith tionscanta?

2.

An bhfuil léiriú den sórt sin i gcomhréir le foclaíocht agus le críoch na Treorach sin, agus an gcumasaítear leis an léiriú sin na torthaí a shonraítear inti a bhaint amach?

3.

An bhfuil difríocht ann mar gheall ar léiriú den sórt sin, bunaithe ar an té a chuir deireadh leis an gconradh fostaíochta le linn na tréimhse dócmhainneachta, sa chaoi a gcaitear le fostaithe?

4.

Má tá difríocht sa chaoi ina gcaitear leo, an bhfuil údar oibiachtúil leis?


(1)  Treoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra (IO 2008 L 283, lch. 36).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/18


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Ordinario di Venezia (an Iodáil) a taisceadh an 2 Márta 2023 – UD, QO, VU, LO, CA v Presidenza del Consiglio dei ministri, Ministero dell'Interno

(Cás C-126/23 Burdene (1))

(2023/C 189/24)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Ordinario di Venezia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: UD, QO, VU, LO, CA

Cosantóirí: Presidenza del Consiglio dei ministri, Ministero dell'Interno

Na ceisteanna a tharchuirtear

Sna himthosca dá dtagraítear i mír A, maidir le caingean i leith damáistí arna dtionscnamh ag saoránaigh Iodálacha a bhfuil buanchónaí orthu san Iodáil i gcoinne an Reachtóra Stáit toisc nár chuir siad chun feidhme na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 a bhaineann le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta, (2) a a bhaineann le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta, agus, go háirithe, maidir leis an oibleagáid, a leagtar síos in Airteagal 12(2) de, ar thaobh na mBallstát, a thabhairt isteach, faoin 1 Iúil 2005 dá bhforáiltear in Airteagal 18(1) ina dhiaidh sin), ar bhonn córais ghinearálaithe cúitimh, atá oiriúnach chun faoiseamh leordhóthanach agus cothrom a ráthú, i bhfabhar íospartaigh na gcoireanna foréigneacha go léir a d’aon ghnó sna cásanna nach féidir leo cúiteamh iomlán a fháil i leith na ndamáistí a bhain leis na déantóirí díreacha) agus i ndáil le trasuí míthráthúil (agus/nó neamhiomlán) sa dlí náisiúnta de Threoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004, iarrtar ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú a dhéanamh ar na ceisteanna seo a leanas:

a)

i bhfianaise na forála in Airteagal 11(2a) de Dhlí Uimh. 122/2016, a fhágann go bhfuil íocaíocht cúitimh le tuismitheoirí agus deirfiúr íospartach an dúnmharaithe coinníollach ar chéile agus leanaí an íospartaigh a bheith as láthair, fiú má tá breithiúnas ann a bhfuil feidhm res judicata aige a dhéanann cainníochtú freisin ar an gceart chun cúitimh as an díobháil a bhain don chiontóir:

i gcás dúnmharaithe, ós rud é go bhfuil an cúiteamh a íoc le tuismitheoirí agus deirfiúr íospartaigh coireanna intinniúla foréigneacha, le hAirteagal 11(2-bis) de Dhlí Uimh. 122 an 7 Iúil 2016 (Forálacha maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as ballraíocht na hIodáile san Aontas Eorpach — Dlí Eorpach 2015-2016), arna leasú (arna achtú le hAirteagal 6 de Dhlí Uimh. 167 an 20 Samhain 2017 agus le hAirteagal 1 (593) go (596) de Dhlí Uimh. 145 an 30 Nollaig 2018), sé ag brath ar easpa leanaí agus céile an íospartaigh (maidir le tuismitheoirí) agus ar easpa tuismitheoirí (i gcás siblíní), an comhlíonann sé ceanglais Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80 agus Airteagal 20 (comhionannas), Airteagal 21 (neamh-idirdhealú), 33(1) (cosaint teaghlaigh), 47 (an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 1 (12) ECHR (neamh-idirdhealú)?

b)

maidir leis an teorainn ar chúiteamh a íoc:

an féidir an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 11(3) de Dhlí Uimh. 122/2016 (Forálacha maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as ballraíocht na hIodáile san Aontas Eorpach — Dlí Eorpach 2015-2016), arna leasú (le hAirteagal 6 de Dhlí Uimh. 167 an 20 Samhain 2017 agus le hAirteagal 1 (593) go (596) de Dhlí Uimh. 145 an 30 Nollaig 2018) arb é atá iontu na focail “laistigh de theorainneacha infhaighteachta an Chiste dá dtagraítear in Airteagal 14”, gan aon fhoráil lena gceanglaítear ar Stát na hIodáile méideanna atá in ann cúiteamh a íoc iarbhír a chur i leataobh, fiú má chinntear ar bhonn staidrimh iad, agus in aon chás go bhfaighfear amach go bhféadfadh sé cúiteamh a thabhairt do na daoine a bhfuil teideal acu laistigh de thréimhse ama réasúnta, a mheas gur “cúiteamh cóir agus iomchuí d’íospartaigh na coireachta” i gcomhréir le ceanglais Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  IO 2004 L 261, lch. 15.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/19


Iarraidh ar réamhrialú ón Simvoulio tis Epikrateias (an Ghréig) a taisceadh an 7 Márta 2023 – Somateio “Elliniko Symvoulio gia tous Prosfyges”, Astiki Mi Kerdoskopiki Etaireia “Ypostirixi Prosfygon sto Aigaio” v Ypourgos Exoterikon, Ypourgos Metanastefsis kai Asylou

(Cás C-134/23, Elliniko Symvoulio gia tous Prosfyges)

(2023/C 189/25)

Teanga an cháis: an Ghréigis

An chúirt a rinne an tarchur

Symvoulio tis Epikrateias

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Somateio “Elliniko Symvoulio gia tous Prosfyges”, Astiki Mi Kerdoskopiki Etaireia “Ypostirixi Prosfygon sto Aigaio”

Cosantóirí: Ypourgos Exoterikon, Ypourgos Metanastefsis kai Asylou

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gá Airteagal 38 de Threoir 2013/32/AE (1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta (rialála) lena n-aicmítear triú tír mar thriú tír atá sábháilte go ginearálta do chatagóirí áirithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúntai gcás inar thug an tír sin gealltanas dlíthiúil na catagóirí sin iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a athligean isteach ar a críoch, ach gur cosúil gur dhiúltaigh sí athligean isteach ar feadh tréimhse fada ama (níos mó ná 20 mí sa chás seo) agus nach cosúil go ndearnadh imscrúdú ar an bhféidearthacht go ndéanfadh sí a seasamh a athrú go luath amach anseo?

2)

an gá é a léiriú sa chiall nach ceann de na coinníollacha carnacha é athligean isteach sa tríú tír chun an cinneadh náisiúnta (rialála), lena n-aicmítear tríú tír mar thriú tír atá sábháilte go ginearálta do chatagóirí áirithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta tríú tír, a ghlacadh, ach gur ceann de na coinníollacha carnacha é chun cinneadh aonair lena ndiúltaítear iarratas sonrach ar chosaint idirnáisiúnta toisc é a bheith do-ghlactha a ghlacadh ar fhoras an “tríú tír sábháilte”?

3)

an gá é a léiriú sa chiall, i gcás ina bhfuil an cinneadh lena ndiúltaítear an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe ar fhoras an “triú tír sábhailte”, nach bhfuil athligean isteach sa “tríú tír shábháilte” le fíorú ach amháin nuair a dhéantar an cinneadh a fhorghníomhú


(1)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 60).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/19


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 13 Márta 2023 — Ford Italia SpA v ZP, STracari SpA

(Cás C-157/23 Ford Italia)

(2023/C 189/26)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Ford Italia SpA

Cosantóirí: ZP agus Stracciari SpA

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil léiriú a leathnaíonn dliteanas an táirgeora chuig an soláthraí, fiú mura gcuireann an soláthróir a ainm féin, a thrádmharc nó sainchomhartha eile ar an earra go fisiciúil, ar an bhforas amháin go bhfuil a ainm, a thrádmharc nó a shainchomhartha eile comhoiriúnach le hainm, trádmharc nó sainchomhartha eile an mhonaróra i gcomhréir le hAirteagal 3 [(1)] de Threoir 85/374/CÉ. (1) Mura bhfuil sé ag teacht leis an bhforáil sin, cén fáth mar sin?


(1)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO 1985 L 210, lch. 29).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/20


Iarraidh ar réamhrialú ón Satversmes tiesa (an Laitvia) an 16 Márta 2023 — VL, ZS, Lireva Investments Limited, VI, FORTRESS FINANCE Inc. v Latvijas Republikas Saeima

(Cás C-161/23, Lireva Investments agus páirtithe eile)

(2023/C 189/27)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Satversmes tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: VL, ZS, Lireva Investments Limited, VI, FORTRESS FINANCE Inc.

Cosantóir: Latvijas Republikas Saeima

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcuimsítear faoi raon feidhme Threoir 2014/42, (1) go háirithe Airteagal 4 di, agus faoi raon feidhme Chinneadh Réime 2005/212, (2) go háirithe Airteagal 2 di, reachtaíocht náisiúnta ar dá réir a dtugann cúirt náisiúnta breith maidir le fáltais ón gcoireacht a choigistiú in imeachtaí ar leithligh a bhaineann le maoin a fuarthas go mídhleathach, atá scartha ó na príomhimeachtaí coiriúla, sula gcruthaítear go ndearnadh cion coiriúil agus sula gciontaítear aon duine i leith an chiona sin, agus lena bhforáiltear freisin do choigistiú atá bunaithe ar ábhar a fuarthas ó chomhad an cháis choiriúil?

2)

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, an féidir a mheas go bhfuil reachtaíocht náisiúnta maidir le fianaise i leith tionscnaimh choiriúil maoine in imeachtaí a bhaineann le maoin a fuarthas go mídhleathach mar a leagtar síos sna forálacha atá faoi chonspóid i gcomhréir leis an gceart chun triail chóir a fháil a leagtar síos in Airteagail 47 agus 48 den Chairt agus in Airteagal 8(1) de Threoir 2014/42?

3)

An gcaithfear prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcoisctear leis ar chúirt bhunreachtúil Ballstáit, a bhfuil caingean os a comhair maidir le bunreachtúlacht reachtaíochta náisiúnta arna dearbhú a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais, a rialú go bhfuil feidhm ag prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus nach mór éifeachtaí dlí na reachtaíochta sin a choinneáil ar mhaithe leis an tréimhse ina raibh sí i bhfeidhm?


(1)  Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO 2014 L 127, lch. 39).

(2)  Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú (IO 2005 L 68, lch. 49).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/21


Iarraidh ar réamhrialú ó Giudice di pace di Bologna (an Iodáil) a taisceadh an 14 Márta 2023 — Rialtas na hIodáile v UX

(Cás C-163/23 Palognali (1))

(2023/C 189/28)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Giudice di pace di Bologna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Rialtas na hIodáile

Cosantóir: UX

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An eascróidh sárú tromchúiseach ar dhlí an Aontais le cásdlí na n-orgán uachtaracha an ghnáth-cheartais agus an cheartais riaracháin a luaitear thuas, agus go háirithe Ordú Uimh. 13973/2022 an 3 Bealtaine 2022 ón Suprema Corte di Cassazione (Cúirt Uachtarach um Achomharc, an Iodáil), lena ndiúltaítear aon cheart giúistís oinigh ar théarma shocraithe, amhail Giudice di pace sna príomhimeachtaí, a bhaineann le stádas oibrí faoi réir coinníollacha oibre atá inchomparáide leis na coinníollacha oibre atá ag breitheamh gairmiúil ar théarma éiginnte, trí chosc a chur ar dhul ar iontaoibh éifeachtach ar chosaint bhreithiúnach an dlí os comhair cúirt náisiúnta neamhspleách, agus a mhéid a mheasann an Chúirt gur sáraíodh Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (…), Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le heagrú ama oibre (…), (2) clásail 2 agus 4 den Chomhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe a tugadh chun críche an 18 Márta 1999, atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 […], (3) mar a léirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina breithiúnas an 16 Iúil 2020, Rialtas Phoblacht na hIodáile (Stádas Bhreithimh na Síochána na hIodáile), C 658/18-, [UX] EU:C:2020:572 (…), agus breithiúnas an 7 Aibreán 2022, [PG], 236/20, EU:C:2022:263 (…), agus an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt?

2)

An gcuirtear cosc le hAirteagal 31(2) den Chairt, Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE, Clásail 2 agus 4 den den Chomhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe arna trasuí le Treoir 1999/70/CE, mar a léirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina breithiúnais in UX agus in PG, agus sa chéad mhír agus sa dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 29(5) de [Foraithne Reachtach] Uimh. 116/2017, a tugadh isteach le hAirteagal 1 (629) de Dhlí Uimh. 234/2021, a mhéid a fhoráiltear leis an bhforáil náisiúnta maidir le haon éileamh a eascraíonn as dlí an Aontais a tharscaoileadh go huathoibríoch, trí oibriú an dlí, agus, sa chás sna príomhimeachtaí, ceart an iarratasóra chun saoire le pá a tharscaoileadh, i gcás ina ndéanfaidh an iarratasóir iarratas ar an nós imeachta iomaíochta chun post buan a bhunú go dtí 70 bliain d’aois, i gcaidreamh fostaíochta leis an Aireacht Dlí agus Cirt maidir le coinníollacha luacha saothair oifigigh riaracháin i gcáil bhreithiúnach, agus maidir le nós imeachta na hiomaíochta a chur i gcrích go rathúil?

3)

An bhfuil sé i gcomhréir leis an treoir a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna breithiúnais in UX agus in PG maidir leis an rogha atá beartaithe ag an gcúirt a rinne an tarchur, a luaithe a dhéanfaidh na fíoruithe uile a cuireadh de chúram ar an gcúirt náisiúnta le cásdlí thuasluaite na Cúirte Breithiúnais a bhaineann le hinchomparáideacht na gcoinníollacha oibre idir an iarratasóir agus an gnáthghiúistís ar théarma éiginnte maidir le ceart an iarratasóra chun cúitimh i leith damáistí as neamhíoc na tréimhse saoire, iarratas a dhéanamh mar pharaiméadar chun damáistí a ríomh is iníoctha don ghnáthghiúistís gairmiúil HH03, agus urraim á tabhairt d’éagsúlacht na nósanna imeachta earcaíochta idir giúistísí oinigh agus breithiúna gairmiúla de théarma éiginnte, an ceart chun dul chun cinn eacnamaíoch agus gairmiúil trí cháilíochtaí níos airde a fhorchoimeád dóibh siúd amháin (an gnáthghiúistís) agus ní amháin trí shinsearacht i dtéarmaí aicmí agus céimeanna tuarastail.

4)

Ar deireadh, an gcuirtear cosc le hAirteagal 47 den Chairt agus na coinníollacha maidir le neamhspleáchas breithiúnach atá leagtha amach ag an gCúirt Bhreithiúnais i mír 45 go mír 49 den bhreithiúnas in UX ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 21 de [Foraithne Reachtach] Uimh. 116/2017, lena bhforáiltear go bhféadfaí beart díbhe na hoifige breithiúnaí a chur i bhfeidhm maidir leis an gcúirt a rinne an tarchur sin, atá go hiomlán faoi rogha Ardchomhairle Bhreithiúnach agus Ionchúiseach, gan aon chéimniú ar phionóis araíonachta, fiú má tá sé ar intinn ag an gcúirt náisiúnta sin cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chur i bhfeidhm sna príomhimeachtaí, contrártha leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcás sna príomhimeachtaí agus le cásdlí na gcomhlachtaí breithiúnacha uachtaracha gnáthbhreithiúnacha agus ceartais riaracháin dá dtagraítear thuas?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  IO 2003 L 299, lch. 9.

(3)  Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe a thug CES, UNICE agus CEEP i gcrích (IO 1999 L 175, lch. 43).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/22


Iarraidh ar réamhrialú ó Szegedi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 16 Márta 2023 – VOLÁNBUSZ Zrt. V Bács-Kiskun Vármegyei Kormányhivatal

(Cás C-164/23, VOLÁNBUSZ)

(2023/C 189/29)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Szegedi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VOLÁNBUSZ Zrt.

Cosantóir: Bács-Kiskun Vármegyei Kormányhivatal

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An féidir an coincheap “ionad oibríochtúil an fhostóra, áit a bhfuil an tiománaí bunaithe de ghnáth”, in Airteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 561/2006 (1) a léiriú sa chiall gurb é sin an áit shonrach ina bhfuil an tiománaí bunaithe, is é sin le rá, an áit ina bhfuil an tiománaí lonnaithe, an áit pháirceála nó pointe geografach eile a shainmhínítear mar an túsphointe óna gcomhlíonanna an tiománaí a d(h)ualgais de ghnáth agus a bhfilleann sé nó sí air ag deireadh na seirbhíse sin, le linn ghnáthchomhlíonadh a d(h)ualgais agus gan treoir sonrach óna fhostóir a chomhlíonadh?

2)

Chun a mheas an ionann áit áirithe agus “ionad oibríochtúil an fhostóra, áit a bhfuil an tiománaí bunaithe de ghnáth”, de réir bhrí Airteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 561/2006, an bhfuil sé ábhartha go bhfuil saoráidí leordhóthanacha (e.g. áiseanna sláinteachais, leasa, scíthe) san áit sin nó nach bhfuil?

3)

Chun a mheas an ionann áit áirithe agus “ionad oibríochtúil an fhostóra, áit a bhfuil an tiománaí bunaithe de ghnáth”, de réir bhrí Airteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 561/2006, an bhfuil sé ábhartha go bhfuil suíomh na n-áiteanna sonrach sin a bhfuil tiománaithe bunaithe iontu fabhrach d’oibrithe (tiománaithe), ós rud é go bhfuil siad níos gaire, ar aon nós, dá dtithe ná oifigí nó brainsí an ghnóthais atá cláraithe sa Chlár Tráchtála, ionas go mbeidh am taistil riachtanach na dtiománaithe níos giorra ná mar a bheadh sé dá mbeidís ag tosú agus ag críochnú a gcuid oibre sna oifigí nó brainsí cláraithe sin?

4)

Mura gcomhfhreagraíonn an sainmhíniú ar “ionad oibríochtúil an fhostóra, áit a bhfuil an tiománaí bunaithe de ghnáth”, in Airteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 561/2006, don sainmhíniú ar áit shonrach ina bhfuil an tiománaí bunaithe, is é sin le rá, an áit ina bhfuil an tiománaí lonnaithe, an áit pháirceála nó an pointe geografach imeachta eile óna gcomhlíonann an tiománaí a d(h)ualgais de ghnáth agus a bhfilleann sé n sí air ag deireadh na seirbhíse sin, le linn ghnáthchomhlíonadh a chuid dualgas agus gan treoir sonrach óna fhostóir a chomhlíonadh, an féidir an sainmhíniú ar an gcoincheap sin i Rialachán Uimh. 561/2006 a mheas mar bheart a bhaineann le dálaí oibre, ina bhféadfaidh oibreoirí ar dhá thaobh na hearnála, i gcomhthéacs na cómhargála nó eile, forálacha atá níos fabhraí d’oibrithe a ghlacadh i bhfianaise aithris 5 de Rialachán Uimh. 561/2006?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO 2006 L 102, lch. 1).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/23


Iarraidh ar réamhrialú ó Svea hovrätt (Mark-och miljööverdomstolen) (an tSualainn) a taisceadh an 17 Márta 2023 – Naturvårdsverket v Nouryon Functional Chemicals AB

(Cás C-166/23, Nouryon Functional Chemicals)

(2023/C 189/30)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Svea hovrätt (Mark- och miljööverdomstolen)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Naturvårdsverket

Cosantóir: Nouryon Functional Chemicals AB

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil an díolúine maidir le haonaid chun dramhaíl ghuaiseach a loscadh i gclásal 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir le Trádáil Liúntais Astaíochtaí – (1) go bhfuil gach aonad ina ndóitear breoslaí le cur san áireamh sa chead astuithe gáis cheaptha teasa, seachas aonaid le haghaidh loscadh gáis dramhaíola ghuaiseach – infheidhme maidir le gach aonad a loisceann dramhaíl ghuaiseach, nó nach mór fachtóir cáilitheach éigin a bheith ann chun an díolúine a chur i bhfeidhm? Más gá fachtóir den sórt sin, an bhfuil cuspóir an aonaid mar sin cinntitheach chun an díolúine a chur i bhfeidhm, nó an féidir fachtóirí eile a bheith ábhartha freisin?

2.

Má tá cuspóir an aonaid cinnte don mheasúnú, an bhfuil an díolúine fós le cur i bhfeidhm maidir le haonad a loisceann dramhaíl ghuaiseach ach a bhfuil príomhchuspóir aige seachas an loscadh sin?

3.

Mura mbaineann an díolúine ach le haonad a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige dramhaíl ghuaiseach a loscadh, céard iad na critéir a úsáidfear chun an cuspóir a mheasúnú?

4.

Más rud é, i measúnú, go bhfuil sé cinntitheach an measfar an t-aonad a bheith ina chuid dhílis de ghníomhaíocht i suiteáil a bhfuil cead ag teastáil ina leith faoin treoir – mar shampla, mar atá leagtha amach i roinn 3.3.3 den Treoir ón gCoimisiún – céard iad na ceanglais atá le socrú mar sin chun an t-aonad a mheas mar chuid dhílis de? An féidir a cheangal, mar shampla, go gcaithfidh an táirgeadh a bheith dodhéanta nó gan a bheith ceadaithe gan an t-aonad (féach an Treoir ón gCoimisiún, leathanach 14, fonóta 14), nó an féidir gur leor an t-aonad a nascadh go teicniúil leis an suiteáil agus glacadh le dramhaíl ghuaiseach amháin ón tsuiteáil sin?


(1)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/24


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgerichts Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 20 Márta 2023 – trendtours Touristik GmbH v SH

(Cás C-170/23, trendtours Touristik)

(2023/C 189/31)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cosantóir agus Achomharcóir: trendtours Touristik GmbH

Iarratasóir agus Freagróir: SH

Na ceisteanna a tharchuirtear:

(1)

An bhfuil léiriú le déanamh ar an gcéad abairt d’Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2015/2302 (1) amhail nach dtéann an cúiteamh ar chealú atá dlite do thionscnóir turas i léig i gcás, tráth an turais, nach n-imrítear aon tionchar díobhálach suntasach mar gheall ar imthosca urghnácha dosheachanta a thuilleadh, fiú i gcás ina bhféadfadh go raibh a leithéidí d’imthosca ann níos luaithe ná sin, ar imthosca iad a bheadh ina gcúis le tionchar díobhálach suntasach a imirt, nó an bhfuil an freagra ar an gceist an bhfuil nó nach bhfuil tionchar suntasach ag imthosca urghnácha dosheachanta ar an turas faoi réir réamhaisnéise tráth a bhfuil dearbhú cealaithe á dhéanamh, agus faoina réir sin amháin?

(2)

Más amhlaidh go mbraitheann freagra na ceiste sin ar réamhaisnéis, cé chomh fada is a chaithfidh taistealaí fanacht ionas gur féidir leis a dhearbhú cealaithe a thíolacadh gan bheith de cheangal air cúiteamh ar chealú a íoc, fiú i gcás ina dtagann deireadh leis an tionchar díobhálach suntasach mar gheall ar imthosca urghnácha dosheachanta ina dhiaidh sin?


(1)  Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir Uimh. 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir Uimh. 90/314/CEE ón gComhairle (IO, 2015, L 326, lch. 1).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/24


Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil), a taisceadh an 28 Márta 2023 – Autorità di regolazione dei trasporti v Lufthansa Linee Aeree Germaniche agus páirtithe eile

(Cás C-204/23 Lufthansa Linee Aeree Germaniche agus páirtithe eile)

(2023/C 189/32)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Autorità di regolazione dei trasporti

Cosantóirí: Lufthansa Linee Aeree Germaniche, Austrian Airlines AG, Brussels Airlines SA/NV, Swiss International Air Lines Ltd, Lufthansa Cargo AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gá Airteagal 11(5) de Threoir 2009/12/CE (1) – ghníomh reachtach a bhaineann leis an earnáil aerfoirt – a léiriú sa chiall nach gá an tÚdarás a mhaoiniú ach amháin trí táillí aerfoirt a fhorchur nó nach féidir é a mhaoiniú freisin trí chineálacha eile maoinithe amhail forchur ranníocaíochta (measann an Dlísheomra nach bhfuil i mbailiú na suimeanna atá beartaithe chun an tÚdarás a mhaoiniú trí bhíthin muirir aerfoirt ach rogha don Bhallstát)?

2)

Maidir leis na táillí nó na táillí a fhéadfar a fhorchur chun an t-údarás maoirseachta a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Threoir 2009/12, maidir leis na táillí nó na táillí a fhéadfar a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Threoir 2009/12, maidir leis na seirbhísí agus na costais shonracha sin, agus maidir leis na seirbhísí agus na costais sin amháin – nach bhfuil siad sonraithe sa treoir – nó nach leor an comhghaol sin le costais oibriúcháin an Údaráis, mar a léirítear sna buiséid a tharchuir údaráis rialtais agus a ndéanann údaráis rialtais faireachán orthu?

3)

An gá Airteagal 11(5) de Threoir 2009/12 a léiriú sa chiall nach bhféadfar cearta a fhorchur ach amháin ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i gcomhréir le dlí an Stáit a bhunaigh an tÚdarás, agus an bhfuil feidhm aige sin freisin i gcás ranníocaíochtaí a fhorchuirtear le haghaidh fheidhmiú an Údaráis?


(1)  Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le táillí aerfoirt (IO 2009 L 70, lch. 11).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/25


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 30 Márta 2023 — AX

(Cás C-208/23 Martiesta (1))

(2023/C 189/33)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AX

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gá Airteagal 1(2) agus (3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB (2) maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach a léiriú sa chiall nach mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach tabhairt suas ban torrach nó máithreacha a bhfuil leanaí mionaoiseacha acu atá ina gcónaí leo a dhiúltú nó a chur siar ar aon chuma?

2)

I gcás freagra dearfach ar an gceist sin, an bhfuil Airteagal 1(2) agus (3), agus Airteagail 3 agus 4 de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ag luí le hAirteagail 3, 4, 7, 24 agus 35 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i bhfianaise chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus na dtraidisiún bunreachtúil is coiteann do na Ballstáit, a mhéid is gá leo bean nó máthair atá ag iompar clainne a thabhairt suas trí naisc a scaradh le leanaí mionaoiseacha a chónaíonn léi gan “best interest of the child” a chur san áireamh?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/25


Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2023 — an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

(Cás C-210/23)

(2023/C 189/34)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Caro de Sousa agus M. Noll-Ehlers, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Portaingéile

An t-ordú atá á lorg

Go ndearbhófar gur mhainnigh Poblacht na Portaingéile na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Threoir 2011/92/AE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011] maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol, (1) arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014, (2) trí mhainneachtain Airteagail 2(4), 4(5)(b), 6(2)(d), 8(a)(4) agus 4(3) i gcomhar le hIarscríbhinn III.2(b) agus (c)(vi) de Threoir 2011/92/AE a thrasuí i gceart a chomhlíonadh.

Go n-ordófar do Phoblacht na Portaingéile na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Measann an Coimisiún nár thrasuigh Poblacht na Portaingéile, i ndlíchóras na Portaingéile, roinnt Airteagal de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 (leagan nuashonraithe agus comhdhlúite, “an Treoir”) i gceart. An 11 Deireadh Fómhair 2019, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Poblacht na Portaingéile. Ina dhiaidh sin, an 12 Samhain 2021, sheol sé tuairim réasúnaithe chuig Poblacht na Portaingéile. Mar thoradh air sin, tionscnaíonn an Coimisiún an chaingean seo ar bhonn na saincheisteanna seo a leanas:

Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 2(4) den Treoir, trí mhainneachtain an díolúine a eascraíonn as an bhforáil sin a theorannú, maidir le nósanna imeachta um measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (“MTC”), go cásanna ina bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith le cur i bhfeidhm na bhforálacha [den Treoir] do chuspóir an tionscadail.

Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 4(5) den Treoir, trí fhoráil a dhéanamh nach mbeadh tionscadail áirithe faoi réir MTC i gcás nach n-eisíonn an t-údarás atá freagrach as an measúnú sin tuairim maidir le tionscadail den sórt sin a chur faoi réir MTC laistigh den tréimse ama arna leagan síos le dlí.

Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 6(2) den Treoir, trí mhainneachtain a fhoráil go mbeadh an pobal curtha ar an eolas, le bearta oiriúnacha, chomh luath is atá réasúnta, maidir le cineál na gcinntí féideartha nó, más iomchuí, cineál dhréachtchinneadh MTC.

Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 8(a)(4) den Treoir, trí mhainneachtain a leagan síos go mbeidh na cineáil paraiméadar nach mór faireachán a dhéanamh orthu agus fad an fhaireacháin sin, arna sainaithint i gcinneadh lena n-údaraítear tionscadal, comhréireach maidir le cineál, suíomh agus méid an tionscadail agus le suntas a thionchair ar an gcomhshaol.

Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 4(3) den Treoir, i gcomhar le hIarscríbhinn III.2(b) di, trí mhainneachtain “infhaighteacht” na n-acmhainní nádúrtha a áireamh mar chritéar ábhartha chun a chinneadh an gcaitear tionscadal a chur faoi réir MTC.

Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 4(3) den Treoir, i gcomhar le [hIarscríbhinn III] pointe 2(c)(vi) di, trí mhainneachtain tagairt a dhéanamh do “reachtaíocht an Aontais” nó do réimse “ina meastar go raibh [sárú ar na caighdeáin cháilíochta comhshaoil]” agus í ag liostáil na heilimintí ábhartha chun na réimsí inar cheart measúnú a dhéanamh ar acmhainn ionsúcháinan chomhshaoil nádúrtha mar chritéar ábhartha chun a chinneadh an gcaitear tionscadal a chur faoi réir MTC.


(1)  IO 2012 L 26, lch. 1.

(2)  IO 2014 L 124, lch. 1.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/26


Achomharc arna thabhairt an 17 Aibreán 2023 ag European Association of Non-Integrated Metal Importers & distributors (Euranimi) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 7 Feabhra 2023 i gCás T-81/22, Euranimi v an Coimisiún

(Cás C-252/23 P)

(2023/C 189/35)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: European Association of Non-Integrated Metal Importers & distributors (Euranimi) (ionadaithe: M. Campa, D. Rovetta, V. Villante, avvocati, P. Gjørtler, advokat)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc seo inghlactha;

an t-ordú faoi achomharc a chur ar ceal agus a dhearbhú go bhfuil an chaingean arna tabhairt ag Euranimi inghlactha;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun substaint chaingean Euranimi a scrúdú;

a ordú don Choimisiún Eorpach costas dlíthiúil an achomhairc seo agus an nós imeachta ag an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir trí phríomhshaincheist dlí:

An chéad saincheist dlí: earráid sa dlí maidir le léiriú Airteagal 263(4) CFAE agus go háirithe an ceanglas atá le “(h)ábhar imní díreach agus aonair” – cáiliú mícheart ar na fíorais.

An dara saincheist dlí: earráid sa dlí maidir le léiriú na habairte deireanaí d'Airteagal 263(4) CFAE agus cheanglas agus choincheap an ghnímh rialúcháin nach bhfuil bearta cur chun feidhme i gceist leis – cáiliú mícheart ar na fíoraís agus saobhadh fianaise.

An tríú saincheist dlí: cáiliú mícheart ar na fíorais agus saobhadh fianaise.


Chúirt Ghinearálta

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/28


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – PP agus páirtithe eile v an Pharlaimint

(Cás T-39/21) (1)

(Státseirbhís - Oifigigh - Géarchéim sláinte a bhaineann le paindéim COVID-19 - Cinneadh lena n-údaraítear obair pháirtaimseartha ionas gur féidir aire a thabhairt do ghaolta r lasmuigh den áit fostaíochta - Gan deis a bheith ann do theilea-obair lasmuigh den áit fostaíochta a dhéanamh ar bhonn lán-aimseartha - Neamhrialtacht sa nós imeachta réamhdhlíthíochta - Cinneadh lena ndeonaítear d’iarratas ar obair pháirtaimseartha - Easpa leasa in imeachtaí a thionscnamh - Do-ghlacthacht - Luach saothair - Fionraí an liúntais easaoránachta - Airteagal 62 agus Airteagal 69 de na Rialacháin Foirne - Sárú ar Airteagal 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne)

(2023/C 189/36)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: PP, PQ, PR, PS, PT (ionadaí: M. Casado García-Hirschfeld, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: S. Seyr, D. Boytha agus M. Windisch, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí cinntí Pharlaimint na hEorpa an 14 Aibreán 2020 lena gceadaítear do PQ agus PS oibriú go páirtaimseartha lasmuigh dá n-áit fostaíochta mar gheall ar phaindéim COVID-19, an 18 Bealtaine 2020 lena gceadaítear do PP oibriú go páirtaimseartha lasmuigh dá áit fostaíochta mar gheall ar phaindéim COVID-19, an 7, 15, 16 Aibreán agus 19 Bealtaine 2020 lena gcuirtear íocaíocht liúntas easaoránachta na n-iarratasóirí ar fionraí le linn a dtréimhse oibre lasmuigh dá n-áit fostaíochta agus an 6 Bealtaine 2020 chun na suimeanna arna ró-íoc chuig PR agus PT a aisghabháil ar neamhní agus, ar an dara dul síos, go dtabharfar cúiteamh dóibh as an damáiste a mhaíonn siad a bheith fulaingthe acu mar thoradh ar na cinntí sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar an cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2020 lena gcuirtear liúntas easaoránachta PP ar fionraí a neamhniú.

2)

Déantar an cinneadh ón bParlaimint an 7 Aibreán 2020 lena gcuirtear liúntas easaoránachta PR ar fionraí a neamhniú.

3)

Déantar an cinneadh ón bParlaimint an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear liúntas easaoránachta PQ ar fionraí a neamhniú.

4)

Déantar an cinneadh ón bParlaimint an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear liúntas easaoránachta PS ar fionraí a neamhniú.

5)

Déantar an cinneadh ón bParlaimint an 16 Aibreán 2020 lena gcuirtear liúntas easaoránachta PT ar fionraí a neamhniú.

6)

Déantar an chuid eile den gníomh a dhíbhe.

7)

Ordaítear do PP, PS, PR, PQ agus PT leath dá gcuid costas a íoc.

8)

Ordaítear don Pharlaimint a cuid costais féin a íoc chomh maith le leath de chostais PP, PS, PR, PQ agus PT;


(1)  IO C 110, 29.3.2021.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/29


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – Gerhard Grund Gerüste v EUIPO – Josef-Grund-Gerüstbau (Josef Grund Gerüstbau)

(Cás T-749/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Josef Grund Gerüstbau - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe grund - Foras coibhneasta neamhbhailíochta - Ní dócha go mbeidh mearbhall ann - Níl ann d’aon chosúlacht idir na comharthaí - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 189/37)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Gerhard Grund Gerüste e.K. (Kamp-Lintfort, an Ghearmáin) (ionadaí P. Lee, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Josef-Grund-Gerüstbau GmbH (Erfurt, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Staupendahl, Dlíodóir)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCéad Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Meán Fómhair 2021 (Cás R 1925/2020-1) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Gerhard Grund Gerüste e. K na costais a íoc.


(1)  IO C 37, 24.1.2022.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/29


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – OD v Eurojust

(Cás T-61/22) (1)

(Státseirbhís - Comhaltaí den fhoireann shealadach - Athshannadh sealadach ar mhaithe leis an tseirbhís - Airteagal 7 de na Rialacháin Foirne - Atreorú ar chúnamh - Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne - Beart sealadach díbeartha - Coincheap an “ghnímh a dhéanann dochar do dhuine” - Ceart éisteachta - Dliteanas)

(2023/C 189/38)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: OD (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (ionadaithe: A. Terstegen Verhaag agus M. Castro Granja, Gníomhairí, le cúnamh ó D. Waelbroeck agus A. Duron, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, de pháirt, go ndéanfar an cinneadh an 17 Meitheamh 2021, lenar chinn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) í a athshannadh go sealadach chuig post [rúnda], agus, a mhéid is gá, cinneadh an 21 Deireadh Fómhair 2021, lenar dhiúltaigh Eurojust dá ghearán an 22 Meitheamh 2021 a chur ar neamhní agus, den pháirt eile, cúiteamh as an damáiste a líomhnaítear a d'fhulaing sí mar thoradh ar na cinntí sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar cinneadh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) an 17 Meitheamh 2021 maidir le OD a athshannadh go sealadach chuig post [rúnda] a chur ar neamhní.

2)

Diúltaítear don chaingean.

3)

Ordaítear do Eurojust a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag OD a íoc;


(1)  IO C 119, 14.3.2022.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/30


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – Siemens v an Pharlaimint

(Cás T-74/22) (1)

(Soláthar poiblí - Conarthaí oibreacha poiblí - Nós imeachta tairisceana - Athnuachan ar an gcóras sábháilteachta dóiteáin i bhfoirgnimh na Parlaiminte i Strasbourg - Diúltú do thairiscint tairgeora agus bronnadh an chonartha ar thairgeoirí eile - Dliteanas neamhchonarthach)

(2023/C 189/39)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Siemens SAS (Saint-Denis, an Fhrainc) (ionadaithe: E. Berkani agus M. Blanchard, Dlíodóirí)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: E. Taneva agus V. Naglič, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir, go príomha, go ndéanfar cinntí Pharlaimint na hEorpa an 8 Nollaig 2021 a chur ar neamhní gan glacadh leis na tairiscintí a thíolaic an cuibhreannas gnóthas atá comhdhéanta de féin agus Eiffage Énergie Systèmes – Alsace Franche-Comté i gcomhthéacs bhaisceanna 1 agus 2 de ghlao ar thairiscintí 06A 70/2021/M004, maidir le hathnuachan an chórais sábháilteachta dóiteáin i bhfoirgnimh na Parlaiminte in Strasbourg na Fraince, agus an conradh a dhámhachtain do thairgeoirí eile agus, mar mhalairt air sin, ar bhonn Airteagal 268 CFAE, cúiteamh as an damáiste a líomhnaítear a bhain dó mar thoradh ar ghlacadh na gcinntí a chonspóidtear.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Siemens SAS na costais a íoc.


(1)  IO C 138, 28.3.2022.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/30


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – OQ v an Coimisiún

(Cás T-162/22) (1)

(Státseirbhís - Oifigigh - Imeachtaí araíonachta - Beart araíonachta - Dífhostú gan laghdú ar chearta pinsin - Airteagal 10 d'Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne - Comhréireacht - Oibleagáid cúiseanna a lua)

(2023/C 189/40)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: OQ (ionadaithe: N. Maes agus J.-N. Louis, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Bohr agus L. Vernier, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarann an t-iarratasóir go ndéanfar, de pháirt, an chinneadh ón gCoimisiúin Eorpaigh an 19 Bealtaine 2021 lenar fhorchuir sé smachtbhanna araíonachta an dífhostaithe air gan cearta pinsin a laghdú a chur ar neamhní agus, den pháirt eile, an chinnidh an 15 Nollaig 2021 lenar dhiúltaigh an Coimisiún dá ghearán a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do OQ a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc;


(1)  IO C 198, 16.5.2022.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/31


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – Zitro International v EUIPO – e-gaming (Smiley ag caitheamh hata ard)

(Cás T-491/22) (1)

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh a léiríonn smiley a bhfuil hata ard á chaitheamh aige - Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh a thaispeánann carachtar sainiúil - Foras coibhneasta le diúltú - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 189/41)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Zitro International Sàrl (Lucsamburg, Lucsamburg) (ionadaí: A. Canela Giménez, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova-Valchanova agus D. Gája, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: e gaming s. r. o. (Prág, Poblacht na Seice)

Maidir le:

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Bealtaine 2022 (Cás R 2005/2021-4) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Zitro International Sàrl a costais féin a íoc.

3)

Ordaítear d'Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.


(1)  IO C 380, 3.10.2022.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/32


Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 31 Márta 2023 – Eggers & Franke v EUIPO –E. & J. Gallo Winery (EF)

(Cás T-183/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2023/C 189/42)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Eggers & Franke Holding GmbH (Bremen, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Ebert-Weidenfeller agus H. Förster, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus T. Klee, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: E. & J. Gallo Winery (Modesto, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: V. von Bomhard agus J. Fuhrmann, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena hiarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Feabhra 2022 (Cás R 729/2021-5) ar neamhní, Cinneadh a bhaineann le himeachtaí freasúra idir E. & J. Gallo Winery agus Eggers & Franke Holding GmbH.

An chuid oibríochtúil

1)

Níl gá le breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

2)

Ordaítear do Eggers & Franke Holding GmbH agus E. & J. Gallo Winery a gcostais féin chomh maith le, gach ceann acu, leath de na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.


(1)  IO C 207, 23.5.2022.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/32


Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 31 Márta 2023 — Eggers & Franke v EUIPO — E. & J. Gallo Winery (EF)

(Cás T-184/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2023/C 189/43)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Eggers & Franke Holding GmbH (Bremen, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Ebert-Weidenfeller agus H. Förster, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus T. Klee, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: E. & J. Gallo Winery (Modesto, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: V. von Bomhard agus J. Fuhrmann, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena hiarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 15 Feabhra 2022 (Cás R 730/2021-5) ar neamhní, Cinneadh a bhaineann le himeachtaí freasúra idir E. & J. Gallo Winery agus Eggers & Franke Holding GmbH.

An chuid oibríochtúil

1)

Níl gá le breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

2)

Ordaítear do Eggers & Franke Holding GmbH agus E. & J. Gallo Winery a gcostais féin chomh maith le, gach ceann acu, leath de na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.


(1)  IO C 207, 23.5.2022.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/33


Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Márta 2023 – Mocom Compounds v EUIPO – Centemia Conseils (Near-to-Prime)

(Cás T-472/22) (1)

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Near-to-Prime” - Cúis le neamhbhailíocht absalóideach - Carachtar tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Gníomh atá follasach gan bhunús sa dlí)

(2023/C 189/44)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Mocom Compounds GmbH & Co. KG (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Bornholdt, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Centemia Conseils (Angevillers, an Fhrainc)

Maidir le:

Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Bealtaine 2022 (Cás R 2178/2021 1) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean mar nach bhfuil aon bhunús dlí ann go follasach.

2)

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 359, 19.9.2022.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/33


Caingean arna tabhairt an 27 Feabhra 2023 – Medel agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-116/23)

(2023/C 189/45)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Magistrats européens pour la démocratie et les libertés (Medel) (Strasbourg, an Fhrainc), International Association of Judges (an Róimh, an Iodáil), Association of European Administrative Judges (Trier, an Ghearmáin), Stichting Rechters voor Rechters (an Háig, an Ísiltír) (ionadaithe: C. Zatschler, SC, E. Egan McGrath, Abhcóide, A. Bateman agus M. Delargy, Aturnaethe)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

an Comhaontú Maoinithe idir an Coimisiún agus Poblacht na Polainne arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 23(1) de Rialachán 2021/241 agus dar dáta an 24 Lúnasa 2022 a neamhniú;

an Comhaontú Iasachta idir an Coimisiún agus Poblacht na Polainne arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán 2021/241 agus dar dáta an 24 Lúnasa 2022 a neamhniú; agus

a ordú don Choimisiún a chostais féin a íoc agus costais na n-iarratasóirí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Pholainn a fhormheas (“an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle”), ar thug an Coimisiún na Comhaontaithe Maoinithe agus Iasachta thuasluaite (“na Comhaontaithe Maoinithe agus Iasachta atá faoi chonspóid”) i gcrích dá bharr, neamhbhailí mar thug an Chomhairle neamhaird ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais i mbreithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne) (C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982), breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna) (C-791/19 R, EU:C:2021:596) ordú an 8 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn (C-791/19 R, EU:C:2020:277) agus ordú ó Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 14 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (C-204/21 R, EU:C:2021:593), agus gur sháraigh sí Airteagail 2 agus 13(2) CAE.

Áitíonn an t-iarratasóir freisin faoin tsaincheist dlí seo gur sháraigh an Chomhairle a hinniúlacht sa mhéid gur airbheartaigh sí a cinneadh conas ba cheart don Pholainn cloí le cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le Dlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne (“Dlísheomra Araíonachta”).

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle neamhbhailí ós rud é gur sháraigh an Chomhairle Airteagail 2 agus 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus Saoirsí (“an Chairt”), arna léiriú go húdarásach ag an gCúirt Bhreithiúnais.

Mar thaca leis an tsaincheist dlí sin, áitíonn an t-iarratasóir go sáraítear leis na garspriocanna, ar a bhfuil an Cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe, Airteagal 2 agus Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt, sa mhéid is:

go dtugtar éifeachtaí dlíthiúla leo do chinntí an Dlísheomra Araíonachta seachas a mheas go bhfuil siad ar neamhní,

go gcuirtear ualaí breise nós imeachta, éiginnteacht agus moilleanna leo ar bhreithiúna a mbíonn tionchar ag cinntí neamhdhleathacha an Dlísheomra Araíonachta orthu, trína cheangal ar na breithiúna lena mbaineann tús a chur le sraith nua imeachtaí os comhair dlísheomra nua-bhunaithe sa Chúirt Uachtarach chun a n-ainm a ghlanadh; agus

nach mbítear in ann na breithiúna atá i gceist a thuar agus a athbhunú go sealadach ar a laghad go dtí go bhfaighfear toradh imeachtaí athbhreithnithe ar bith.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle neamhbhailí ós rud é nach leor na garspriocanna F1G, F2G agus F3G dá bhforáiltear sa Chinneadh atá faoi chonspóid chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a athbhunú sa Pholainn, rud atá ina réamhriachtanas d’fheidhmiú córas rialaithe inmheánaigh. Áitíonn na hiarratasóirí go sáraítear leis an gCinneadh atá faoi chonspóid dá réir sin Airteagail 20(5)(e) agus 22 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO 2021 L 57, lch. 17) agus Airteagal 325 CFAE, lena n-éilítear rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus éifeachtúla.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle neamhbhailí ós rud é go ndearna an Chomhairle earráid sa dlí agus/nó go ndearna sí earráidí follasacha measúnaithe agus Airteagal 19(3) de Rialachán 2021/241 á chur i bhfeidhm aici agus na garspriocanna á bhformheas mar “socruithe leordhóthanacha” ar chosc, brath agus ceartú éillithe sa Pholainn.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle neamhbhailí ós rud é gur mhainnigh an Chomhairle na cúiseanna atá leis a lua go leordhóthanach, agus ar an gcaoi sin gur sáraíodh Airteagal 296 CFAE, Airteagal 41 den Chairt agus prionsabail dhlí an Aontais.

6.

An séú shaincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoin gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle agus faoi Rialachán (AE) 2021/241 leis na Comhaontuithe Maoinithe agus Iasachta atá faoi chonspóid arna dtabhairt i gcrích ag an gCoimisiún, agus ar an gcaoi sin go sáraítear dlí an Aontais sa mhéid is go gceadaítear le hAirteagal 6(5) agus le hAirteagal 18(1) den Chomhaontú Maoinithe agus le hAirteagal 7(5) agus le hAirteagal 28(1) den Chomhaontú Iasachta go bhféadfaí cistiú a eisíoc fiú gan garspriocanna F1G, F2G agus F3G, dá bhforáiltear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle agus a bhaineann leis an smacht reachta, a bheith comhlíonta.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/35


Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 – Swenters v an Coimisiún Eorpach

(Cás T-142/23)

(2023/C 189/46)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ivo Swenters (Hasselt, an Bheilg) (ionadaí: J. Coninx, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis ó thaobh foirme agus inneachair;

mar thoradh air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne chinneadh an 13 Eanáir 2023 ina ndiúltaíonn an Coimisiún dá ghearán maidir le sáruithe líomhnaithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE arna ndéanamh ag SCR-Sibelco NV, Cimenteries C.B.R. Cementbedrijven NV, Grintbedrijf SBS NV, Kiezelgroeve Varenberg NV, Dragages Graviers et Travaux (Dragratra) NV, Sibelco Nederland BV, Van Nieuwpoort Groep BV, HeidelbergCement AG agus Hülskens Holding GmbH & Co (Cás AT.40683 – Belgian Sand), ardaíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar an dualgas imscrúdú a dhéanamh agus an oibleagáid cúiseanna a lua.

Sháraigh an Coimisiún a oibleagáid scrúdú cúramach a dhéanamh ar na himthosca agus ar na comhaontuithe arna n-ardú ag an iarratasóir, d’ainneoin diansrianta iomaíochta a bheith ann. Diúltaíodh do na hargóintí a rinne an t-iarratasóir gan aon scrúdú a dhéanamh agus, sa chinneadh atá faoi chonspóid, ní dhearna an Coimisiún ach cinntí achoimre agus tanaí.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún measúnú cuí a dhéanamh ar leas an Aontais Eorpaigh.

Chinn an Coimisiún go mícheart go ndealraíonn sé go bhfuil na sáruithe a líomhnaíonn an t-iarratasóir teoranta d’aon Bhallstát amháin agus, dá bhrí sin, rinne sé neamhaird de raon idirnáisiúnta na bhfíoras. Theip ar an gCoimisiún fad na sáruithe a chur san áireamh freisin agus chinn sé go mícheart go bhfuil na cúirteanna agus na húdaráis náisiúnta in ann scrúdú a dhéanamh ar na cleachtais fhrithiomaíocha arna n-ardú ag an iarratasóir.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/36


Caingean arna tabhairt an 8 Aibreán 2023 – Innovation & Entrepreneurship Business School v EUIPO – Thinksales (Sales School Powered by IEBS)

(Cás T-182/23)

(2023/C 189/47)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Innovation & Entrepreneurship Business School, SL (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: L. Torrents Homs, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Thinksales, SL (Maidrid, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Sales School Powered by IEBS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 274 899

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 8 Feabhra 2023 i gCás R 834/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní i leith na n-earraí agus na seirbhísí a diúltaíodh don mharc atá faoi cheist.

Clárú iomlán an mhairc atá faoi cheist a dheonú.

A ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí seo a íoc agus do Thinksales costais na n-imeachtaí os comhair an Rannáin Freasúra agus an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/36


Caingean arna tabhairt an 11 Aibreán 2023 – Insomnia v EUIPO – Black Insomnia Coffee (BLACK INSOMNIA)

(Cás T-185/23)

(2023/C 189/48)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Insomnia Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: L. Cassidy, A. Reynolds agus P. Smyth, Aturnaetha)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Black Insomnia Coffee Co. Ltd (Winchester, an Ríocht Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “BLACK INSOMNIA” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 128 261

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 3 Feabhra 2023 i gCásanna R 679/2022-1 agus R 692/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú a mhéid a ndiúltaíodh don achomharc i gCás R 679/2022-1 leis agus an marc a dhiúltú i leith na n-earraí uile atá faoi chonspóid in Aicme 25;

ordú a dhéanamh chun costais an iarratasóra a íoc (faoi Airteagal 133 agus Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta).

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/37


Caingean arna tabhairt an 11 Aibreán 2023 – Insomnia v EUIPO – Black Insomnia Coffee (BLACK INSOMNIA COFFEE COMPANY)

(Cás T-186/23)

(2023/C 189/49)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Insomnia Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: L. Cassidy, A. Reynolds agus P. Smyth, Aturnaetha)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Black Insomnia Coffee Co. Ltd (Winchester, an Ríocht Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “BLACK INSOMNIA COFFEE COMPANY” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 128 261

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 3 Feabhra 2023 i gCásanna R 671/2022-1 agus R 678/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú a mhéid a ndiúltaíodh don achomharc i gCás R 678/2022-1 leis agus an marc a dhiúltú i leith na n-earraí uile atá faoi chonspóid in Aicme 25;

ordú a dhéanamh chun costais an iarratasóra a íoc (faoi Airteagal 133 agus Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta).

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/38


Caingean arna tabhairt an 13 Aibreán 2023 – IU Internationale Hochschule v EUIPO (IU International University of Applied Sciences)

(Cás T-188/23)

(2023/C 189/50)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: IU Internationale Hochschule GmbH (Erfurt, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Heise, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an bhfocalmharc “IU International University of Applied Sciences” – Iarratas Uimh. 1 628 092

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 14 Feabhra 2023 i gCás R 1951/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 72(2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 72(2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 94(1), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/38


Caingean arna tabhairt an 13 Aibreán 2023 — The Mochi Ice Cream Company v EUIPO (my mochi)

(Cás T-189/23)

(2023/C 189/51)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: The Mochi Ice Cream Company LLC (Vernon, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: A. Zalewska-Orabona, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an marc fíorúil “my mochi” – Iarratas ar chlárú Uimh. 1 598 762

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Eanáir 2023 i gCás R 1684/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/39


Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2023 – Peikko Group v EUIPO – Anstar (Cruth bíomaí miotail chun críocha tógála)

(Cás T-192/23)

(2023/C 189/52)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Peikko Group Oy (Lahti, an Fhionlainn) (ionadaí: M. Müller agus A. Fottner, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Anstar Oy (Villähde, an Fhionlainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Trádmhairc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh (Cruth bíomaí miotail chun críocha tógála) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 139 145

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Feabhra 2023 i gCás R 2180/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú;

a dhiúltú don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta i leith an trádmhairc atá faoi cheist;

a ordú don chosantóir agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc costais an iarratasóra sna himeachtaí seo agus sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/40


Caingean arna tabhairt an 13 Aibreán 2023 – MegaFon v an Chomhairle

(Cás T-193/23)

(2023/C 189/53)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: MegaFon OAO (Moscó, an Rúis) (ionadaí: J. Grand d’Esnon, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán (AE) 2023/427 (1) ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 sa mhéid a bhaineann sé le Megafon a neamhniú;

Cinneadh 2023/434/CBES (2) ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 sa mhéid a bhaineann sé le Megafon a neamhniú;

an méid seo a leanas a neamhniú dá bhrí sin;

Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 an 31 Iúil 2014 sa mhéid a bhaineann sé le Megafon;

Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES an 31 Iúil 2014 sa mhéid a bhaineann sé le Megafon;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc de bhun Airteagal 140(b) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad shaincheist lena n-éilítear sárú ar chearta na cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Maíonn an t-iarratasóir nár chuir an Chomhairle réamhfhógra chuige i leith an chinnidh ina liostaítear Megafon in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 agus Cinneadh 2014/512/CBES (“bearta an 31 Iúil 2014”) agus nár thug sí deis dó barúlacha a chur isteach, cé go raibh sé de cheangal uirthi, dar leis, é sin a dhéanamh de bhua na bprionsabal a bhaineann le cearta na cosanta a urramú.

2.

An dara saincheist lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a lua i ndáil leis an gcinneadh Megafon a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le bearta an 31 Iúil 2014. Maíonn an t-iarratasóir gur mhainnigh an Chomhairle na cúiseanna a thabhairt dó a bheadh mar údar maith lena áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le bearta an 31 Iúil 2014.

3.

An tríú saincheist lena n-éilítear go bhfuil na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar an iarratasóir neamhdhleathach sa mhéid a n-eascraíonn siad as earráid mheasúnaithe, ar an bhforas go bhfuil na cúiseanna leis na smachtbhannaí sin mícheart agus, in aon chaoi, nár suíodh iad.

4.

An ceathrú saincheist n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta le bearta an 25 Feabhra 2023.


(1)  Rialachán (AE) 2023/427 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2023 L 59 I, lch. 6).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/434 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2023 L 59 I, lch. 593).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/41


Caingean arna tabhairt an 16 Aibreán 2023 – Fractal Analytics v EUIPO – Fractalia Remote Systems (FRACTALIA)

(Cás T-194/23)

(2023/C 189/54)

An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Fractal Analytics, Inc. (Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: J. Güell Serra, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Fractalia Remote Systems, SL (Maidrid, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh FRACTALIA – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 620 887

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 31 Eanáir 2023 i gCás R 859/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an Cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus an páirtí eile sna himeachtaí os comhair EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún i ndáil le hAirteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún;

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ar Airteagal 10(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/41


Caingean arna tabhairt an 17 Aibreán 2023 – CRA v an Chomhairle

(Cás T-201/23)

(2023/C 189/55)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Communications Regulatory Authority (CRA) (Tehran, an Iaráin) (ionadaithe: T. Clay, T. Zahedi Vafa agus K. Mehtiyeva, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 2023/152 (1) an 23 Eanáir 2023 a chur ar neamhní, mar atá contrártha do dhlí an Aontais Eorpaigh, sa chuid lena liostaítear an t-iarratasóir in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 359/2011.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear ultra vires a rinne Comhairle an Aontais Eorpaigh. Maíonn an t-iarrthóir, trí chinneadh a dhéanamh é a chur ar liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach, go raibh an Chomhairle ultra vires, ar an bhforas gur mar gheall ar an nasc reachtúil idir an t-iarratasóir agus Rialtas Phoblacht Ioslamach na hIaráine amháin a rinneadh an cinneadh sin.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear teip cúiseanna a lua leis an mbeart a chonspóidtear. Dar leis an iarratasóir, níl sna cúiseanna atá leagtha amach ina bhfuil cinneadh na Comhairle bunaithe ach toimhdí fíorasacha, a dhéanann sárú ar an nádúr mícheart bailíocht an ráitis ar chúiseanna. Is éard atá i gceist leis an ráiteas foirmiúil sin amháin ar chúiseanna an chinnidh ná aisiompú a dhéanamh ar an dualgas cruthúnais lena gcuirtear d'oibleagáid ar an iarratasóir fíric dhiúltach a chruthú chun agóid a dhéanamh i gcoinne é a bheith ar liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe ar na fíricí. Cuireann an t-iarratasóir in iúl go ndearna an Chomhairle, de pháirt, earráid shoiléir mheasúnaithe agus, den pháirt eile, gur bhunaigh sí go mícheart an cinneadh é a chur ar liosta na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta. Maíonn an t-iarratasóir gurb é an toradh a bhí ar na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Iaráin ná coinneáil uirlisí atá thar a bheith úsáideach di, agus úsáidtear ceann acu chun forluí minicíochtaí na hIaráine a sheachaint le minicíochtaí na Stát comharsanachta agus leis an gceann eile, an Córas Suíomhbhunaithe, le haghaidh suíomh beacht na bhfeistí nasctha. Ina theannta sin, léirítear cineál díréireach chinneadh na Comhairle le méid iarmhairtí na mbeart a rinneadh i gcoinne an iarratasóra sa mhéid is go ndéantar difear tromchúiseach do chumas an iarratasóra a mhisean a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/152 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO 2023 L 20 I, lch. 1).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/42


Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2023 – Studiocanal v EUIPO – Leonine Distribution (ARTHAUS)

(Cás T-203/23)

(2023/C 189/56)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Studiocanal GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Leonine Distribution GmbH (München, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “ARTHAUS” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 6 988 216

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 10 Feabhra 2023 i gCás R 1532/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a dearbhaíodh ann, go raibh an t-iarratas maidir le neamhbhailíocht, i bhfianaise Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b), (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, inghlactha;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 12(1)(b) agus Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/43


Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2023 – Studiocanal v EUIPO – Leonine Distribution (ARTHAUS)

(Cás T-204/23)

(2023/C 189/57)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Studiocanal GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Leonine Distribution GmbH (München, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Trádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ARTHAUS – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 6 988 984

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 10 Feabhra 2023 i gCás R 1533/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a dearbhaíodh ann go raibh an t-iarratas maidir le neamhbhailíocht, i bhfianaise Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b), (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, inghlactha;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 12(1)(b) agus Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430.