ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 188

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
30 Bealtaine 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste na Réigiún

 

An 154ú seisiún iomlánach de CnaR, 15.3.2023 – 16.3.2023

2023/C 188/01

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an tallann atá ag na daoine a chur chun tairbhe do réigiúin na hEorpa

1

2023/C 188/02

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an tionscnamh chun an t-idirphlé sóisialta a neartú

6

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste na Réigiún

 

An 154ú seisiún iomlánach de CnaR, 15.3.2023 – 16.3.2023

2023/C 188/03

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — A bhfuil i ndán do Chomhpháirtíocht an Oirthir ón taobh áitiúil agus réigiúnach de

10

2023/C 188/04

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Spriocanna agus uirlisí chun ceantair chliste a dhéanamh de cheantair thuaithe na hEorpa

14


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste na Réigiún

 

An 154ú seisiún iomlánach de CnaR, 15.3.2023 – 16.3.2023

2023/C 188/05

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Cóiríocht ghearrthéarmach a ligean ar cíos: cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na bpobal áitiúil, na bhfiontraithe agus na dtaistealaithe

19

2023/C 188/06

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Úsáid inbhuanaithe na lotnaidicídí

43

2023/C 188/07

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — an treoir maidir le haispeist a leasú

70

2023/C 188/08

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An tAcht Eorpach um Shaoirse na Meán

79


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste na Réigiún

An 154ú seisiún iomlánach de CnaR, 15.3.2023 – 16.3.2023

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 188/1


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an tallann atá ag na daoine a chur chun tairbhe do réigiúin na hEorpa

(2023/C 188/01)

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS: TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN maidir le leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa;

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa, agus go dtacaíonn sé le cuspóirí foriomlána an togra, go háirithe i dtaca le héagothromaíocht agus deighilt gheografach idir na réigiúin agus na cathracha a stopadh, rud arbh é líon na ndaoine in aois na hoibre ba bhunús leis, sin agus feabhas na scileanna atá acu;

2.

á chur i bhfios gur mhór na dúshláin sin do na réigiúin ar baol dóibh a bheith ar easpa forbartha de cheal daoine a bhfuil tallann acu. Faoi láthair, tá 82 réigiún i 16 Bhallstát (i.e. beagnach 30 % de dhaonra an Aontais) i lúba an mheatha seo ar an daonra atá in aois na hoibre, ag líon íseal na gcéimithe ollscoile agus ardoideachais, agus ag an doghluaisteacht i measc na ndaoine atá idir 15 agus 39 mbliana d’aois;

3.

á chur in iúl gur mór aige an Talent Booster Mechanism (sásra chun borradh a chur faoin tallann atá ag na daoine) agus is láidir atá sé á chur i bhfios go bhfuil sé ag súil leis go gcuirfear na hocht dtogra atá aige chun feidhme go pras agus go héifeachtach ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach.

4.

á aithint gur gá do na cathracha agus do na réigiúin leas a bhaint go pras as acmhainneacht na straitéisí sin d’fhonn timpeallachtaí a chruthú a mheallfadh daoine a bhfuil tallann acu, timpeallachtaí a bheadh saincheaptha idir-inoibritheach áitbhunaithe. Tá tábhacht ar leith leis an méid sin do réigiúin ar baol dóibh a bheith ar easpa forbartha de cheal daoine a bhfuil tallann acu, réigiúin a bhfuil na nithe seo a leanas ag goilleadh go mór orthu: rátaí breithe ísle; laghdú ar líon na ndaoine atá in aois na hoibre; líon íseal na gcéimithe ollscoile agus ardoideachais; imeacht na ndaoine oilte;

5.

á chur chun suntais gur tugadh aghaidh i roinnt moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ar an athrú déimeagrafach, ar na hiarmhairtí ilghnéitheacha a ghabhann leis, agus ar an tionchar a imríonn sé ar chríocha na réigiún, moltaí a ndéanfaidh institiúidí an Aontais obair leantach orthu (togra Uimh. 47.7 ach go háirithe). D’iarr na saoránaigh beartais shonracha chun imeacht na ndaoine oilte ó na réigiúin agus ó thíortha áirithe laistigh den Aontas a leigheas, agus chun imeacht daoine cumasacha agus lucht saothair na hEorpa chuig tíortha nach den Aontas Eorpach iad a chosc (togra Uimh. 47.7), sin agus chun forbairt inbhuanaithe agus an athléimneacht dhéimeagrafach a áirithiú sna réigiún atá ag dul ar gcúl (togra Uimh. 15.9);

6.

den tuairim gurb iad na réigiúin a ndéanann an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach difear dóibh go sonrach, réigiúin inar mór lorg an ghuail agus lorg an charbóin, mar shampla, mar aon le réigiúin tionsclaíochta na ngluaisteán, gurb iad na réigiúin sin is príomhiarrthóirí don Talent Booster Mechanism, ós suntasach líon na n-oibrithe iontu a mbeidh uas-sciliú agus athsciliú de dhíth orthu.

7.

ag iarraidh ar na rialtais áitiúla agus réigiúnacha leas a bhaint as Bliain Eorpach na Scileanna nuair a bheidh an straitéis atá acu á cur chun feidhme acu chun daoine a bhfuil tallann acu a mhealladh chun cur fúthu sna réigiúin agus ionas go bhfanfaidh siad iontu dá ndeoin féin. Cuireann Bliain Eorpach na Scileanna beartais scileanna agus infheistíochtaí sóisialta chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas lucht saothair ionas go mbeidh lucht saothair níos oilte agus níos inoiriúnaithe ann lá is faide anonn. Ba cheart d’eagraíochtaí óige, lena n-áirítear ranna óige na bpáirtithe polaitiúla ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, a bheith dlúthpháirteach freisin i bpríomhshruthú na hóige agus in oidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige;

8.

á chur i bhfios, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé ceapadh beartais a fhorbairt a bheidh bunaithe ar fhianaise, beartais lena n-áirítear an gá atá le gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta straitéisí ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil de réir mar is iomchuí, chomh maith le leas a bhaint as an modh seanbhunaithe fadbhreathnaitheachta, chun cásanna a fhorbairt a bheidh bunaithe ar áit ar leith, agus chun ullmhú le haghaidh féidearthachtaí éagsúla san am atá romhainn, de réir mar a bheidh treochtaí agus tosca éagsúla ag dul i gcion ar a chéile go fadtéarmach;

9.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí a dhéanamh i dtionscnaimh maidir le cothromaíocht idir saol na hoibre agus an saol pearsanta, agus ba mhaith le CnaR na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh chun eolas a roinnt i dtaca le dea-chleachtas a mhéid a bhaineann le beartais atá fabhrach do theaghlaigh.

Tallann na ndaoine a fhorbairt le tacaíocht ó bheartais áitiúla

10.

á thabhairt chun suntais gur gá na scéimeanna meantóireachta a fhorbairt a mhéid is féidir agus comhpháirtíochtaí idir limistéir (cathracha, ceantair thuaithe nó réigiúin iomlána) a chur chun cinn, agus prionsabail an chomhair rialachais il-leibhéil á gcur i bhfeidhm chun tacú le ról ríthábhachtach na mbailte beaga agus na sráidbhailte beaga san fhorbairt chríochach chomhtháite;

11.

ag moladh don Choimisiún Eorpach tuilleadh díchill a dhéanamh le héagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú le tacaíocht ó bheartais atá bunaithe ar áit ar leith. D’fhéadfaí sin a dhéanamh trí bhíthin beartais chomhtháthaithe atreisithe le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann leis an tallann atá ag na daoine a chur chun tairbhe do réigiúin uile an Aontais, rud lena n-áiritheofar cothrom na ndeiseanna a bheith ag gach réigiún san Aontas Eorpach le sochar agus tairbhe a bhaint as an margadh aonair, rud a mbeadh tionchar dearfach aige ar iomaíochas an Aontais;

12.

ag moladh go mbeadh measúnú na dtionchar críochach agus promhadh leas na tuaithe ina n-uirlisí éifeachtacha chun prionsabal na neamhdhíobhála don chomhtháthú a chur chun feidhme, prionsabal a thug an Coimisiún Eorpach isteach san 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú (1). De réir na Tuarascála sin níor cheart d’aon ghníomh cur isteach ar an bpróiseas cóineasaithe ná cur le héagothromaíochtaí réigiúnacha;

13.

ag moladh go ndéanfaí anailís ní ba mhine ar na réigiúin atá ar easpa forbartha de cheal daoine a bhfuil tallann acu, sin nó ar na réigiúin a bhféadfadh an scéal a bheith amhlaidh iontu, anailís a d’fhágfadh go dtabharfaí na héagsúlachtaí, na dúshláin agus na deiseanna atá ann laistigh de na réigiúin chun solais. Ba cheart sraith chuimsitheach beart a chuimsiú sa fhreagairt bheartais, sraith a shaothrófaí go mion, sraith a chuirfí i bhfeidhm trí bhíthin cur chuige saincheaptha á stiúradh ag an mbeartas comhtháthaithe agus á gcomhlánú le straitéisí earnála;

14.

ag athdhearbhú gur cheart ról gníomhach a bheith ag an Seimeastar Eorpach i gcothú na n-athchóirithe is gá, agus béim láidir ar an gcomhpháirtíocht agus ar an rialachas il-leibhéil go háirithe i margadh an tsaothair agus sna córais oideachais agus oiliúna d’fhonn freastal ar chothú na tallainne;

15.

á chur chun suntais go bhfuil tionchar ag an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas ar mhargadh saothair an Aontais faoi láthair ó thaobh cáilíochta agus uimhreacha de, rud a mbeadh athrú bunúsach scileanna ag teastáil lena aghaidh. Is cuspóirí straitéiseacha iad uas-sciliú agus athsciliú na n-oibrithe chun iad a ullmhú le haghaidh poist nua nó cúraimí nua sna gairmeacha atá ann cheana, agus le haghaidh bealaí nua oibre chomh maith le solúbthacht cuideachtaí chun dul in oiriúint do réaltachtaí nua agus do riachtanais shochaíocha. Ní mór do na húdaráis phoiblí aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí sin agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh ar gach leibhéal rialachais i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;

16.

á chur i bhfáth gur gá leanúint leis an gCiste um Aistriú Cóir, agus leagan eile den Chiste um Aistriú Cóir (CUAC 2.0) a cheapadh ina ionstraim i gcomhair an aistrithe inbhuanaithe le haghaidh an ama atá romhainn, leagan a bheadh bunaithe ar an bpeirspictíocht áitiúil agus réigiúnach, sin agus ar an taithí atá againn ar phleananna críochacha um aistriú cóir a dhréachtú agus a chur chun feidhme. Beidh gá le hanailísí mionsonraithe féachaint cé na réigiúin agus na hearnálacha is measa atá buailte, cé na slabhraí soláthair gaolmhara is measa atá buailte, agus cén chuid den lucht saothair is measa atá buailte;

17.

den tuairim gur gá raon beartas maidir le limistéir thuaithe a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an mbánú atá á dhéanamh ar an tuath sin de bharr imeacht na ndaoine a bhfuil an tallann acu, go háirithe sna limistéir is measa a bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i gcion orthu, sin agus limistéir a bhfuil bacainní móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha iontu, na réigiúin fhorimeallacha, cuir i gcás, agus na hoileáin, mar aon leis na réigiúin is iargúlta agus is cúlráidí inar minic gan ach rochtain theoranta ar acmhainní. Athdhearbhaíonn CnaR go bhfuil an todhchaí sna limistéir sin ag brath ar dhaoine óga cumasacha a choimeád san áit, agus iad a mhealladh chun na cuspóirí saoil atá acu a chomhlíonadh san áit, agus ar dhaoine óga a thabhairt chun rannpháirtíochta go hiomlán san obair nuair atá réitigh á lorg ar dhúshláin áitiúla;

18.

ag iarraidh go mbeadh rochtain ar an oideachas agus ar an oiliúint ag daoine de gach aois agus ag daoine i ngach grúpa sóisialta, go fisiciúil ar láthair na háite agus de chianrochtain araon, chomh maith le heolas a roinnt faoi chur chuige den chineál nuálach maidir le próisis chun scileanna a shealbhú agus ionaid phobail a fhorbairt ina mbeidh réimse seirbhísí ar fáil idir leabharlanna, obair shóisialta agus eile; agus tá sé ar aon dearcadh leo siúd a thuigeann a thábhachtaí atá sé deiseanna saothair agus oiliúna a leathnú agus bearta a spreagadh chun cothromaíocht a chur chun cinn idir saol na hoibre agus saol pearsanta na ndaoine;

19.

den tuairim gur ríthábhachtach an rud borradh a chur faoi bheartais phoiblí a chuirfeadh nuachóiriú na bhfeirmeacha chun cinn, sin agus spreagadh a thabhairt do na feirmeoirí óga ionas go gcloífidh siad leis an ngairm, rud a d’fhágfadh gurbh inleigheasta fadhb an chomharbais. Chuige sin, ní mór athmhachnamh a dhéanamh ar scéal na rochtana ar chláir um chomhtháthú sóisialta agus um lánpháirtiú i margadh an tsaothair, athmhachnamh ar roghanna oideachais, mar aon leis na roghanna uas-scilithe agus athscilithe atá á dtairiscint ar an leibhéal áitiúil, agus ar ghníomhaíochtaí cultúrtha ach oiread le rud;

20.

á thabhairt chun suntais gur rud iad na sráidbhailte cliste a chruthaíonn deiseanna nua don gheilleagar éagsúlaithe faoin tuath, mar aon le rochtain ar an margadh fostaíochta. Ar a mhuin sin, tá CnaR ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht fhial do cheantair thuaithe chun clár beartais 2030 a chomhlíonadh, agus na nithe seo a leanas a neartú: scileanna digiteacha agus an t-oideachas digiteach go háirithe; bonneagair dhigiteacha a bheadh slán inbhuanaithe; claochlú digiteach ar ghnólachtaí; digitiú na seirbhísí poiblí. Is díol sásaimh do CnaR na ceantair thuaithe a bheith á gcuimsiú sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití;

21.

ag aithint na tábhachta atá le ról na mban sna limistéir atá i mbaol a mbánaithe, agus, dá bhrí sin, á chur in iúl gur mhaith leis tacú le bearta chun cothrom na ndeiseanna a thabhairt do na mná nuair is poist agus seirbhísí nuálacha inbhuanaithe cruthaitheacha atá i gceist;

22.

á chur i bhfáth gur mithid do na Ballstáit tacú go diongbháilte leis na beartais a chothaíonn rannpháirtíocht na gcailíní agus na mban in oideachas STEAM (teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht, na healaíona agus an mhatamaitic), agus dreasachtaí a chur ar fáil chun poist a chruthú in earnálacha ina bhféadfadh an bhantracht a gcuid eolais a chur i bhfeidhm;

23.

á chur i dtreis gur ríthábhachtach an rud borradh a chur faoin aistriú digiteach i réigiúin atá ar easpa forbartha de cheal daoine a bhfuil tallann acu, agus gur rud é freisin a rachaidh chun sochair don chomhtháthú láidir go heacnamaíoch, go sóisialta agus go críochach. Tá CnaR ag moladh “comhtháthú digiteach” a chur chun cinn mar chuspóir de chuid an Aontais sa chaoi go bhféadfaí bonneagar digiteach oiriúnach a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag cách ar an teilea-obair, ar ríomhsheirbhísí, agus ar an oideachas digiteach. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar rochtain na ngrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus na ngrúpaí leochaileacha ar uirlisí digiteacha;

24.

ag tabhairt dá aire go bhfuil go leor bacainní dlíthiúla agus riaracháin roimh na saoránaigh agus na gnólachtaí i réigiúin na teorann san Eoraip, rud a chuireann srian ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an gcomhar trasteorann, agus á chur i bhfáth go bhfuil gá ag na Ballstáit eile le limistéar Schengen saor ó theorainneacha le soghluaisteacht na mac léinn, na n-oibrithe agus lucht gnó a éascú, go háirithe i réigiúin na teorann;

25.

ag déanamh suntais den ról atá ag an nuálaíocht shóisialta chun smaointe, seirbhísí agus samhlacha nua a fhorbairt ionas gur fearr a fhéadfar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na sochaí, go háirithe i réimsí na fostaíochta agus an oideachais, na scileanna agus an chuimsithe shóisialta, agus an breisluach atá leo i gcomhair fhorbairt an phobail agus fheabhsú na seirbhísí sóisialta ar láthair na háite. Chuige sin, leagann an Coiste béim ar acmhainneacht an gheilleagair shóisialta i réimsí na gairmoiliúna agus na hollscolaíochta, agus ar gach leibhéal i saol an oideachais, sin agus i mbeartais ghníomhacha fostaíochta, agus i bhforbairt na scileanna agus na n-inniúlachtaí;

26.

á mholadh go mbainfí leas as cistiú CSE um Nuálaíocht Shóisialta+ chun an cumas nuálaíochta a neartú agus chun aistriú agus uas-scálú na réiteach nuálach a éascú;

Éifeachtacht an oideachais a uasghrádú agus freastal ar riachtanais mhargadh an tsaothair

27.

á thabhairt dá aire, cé go bhfuil éagsúlachtaí móra ann ar fud an Aontais, gur dúshlán mór i gceapadh agus i gcur chun feidhme na gcaighdeán agus na gcleachtas nua i réimse an oideachais agus na hoiliúna a fháil amach cad é mar fhreastal atá déanta ar riachtanais mhargadh an tsaothair dá mbarr. Cuireann bearnaí sna scileanna agus mí-oiriúnacht scileanna leis na héagothromaíochtaí críochacha atá ann, rud ar cheart aghaidh a thabhairt air le beartais ar dhearadh fónta a bheadh á maoiniú go leordhóthanach agus iad bunaithe ar áit faoi leith;

28.

á thabhairt faoi deara go gcuireann athruithe tapa ar mhargadh an tsaothair méadú ar líon na ndaoine ar baol dóibh a bpost a chailleadh mar gheall ar scileanna atá as dáta, sin nó de cheal scileanna. Scileanna atá cothrom le dáta agus rochtain na ndaoine ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, sin dhá rud a bhfuil tábhacht leo thar mar a bhí riamh, go háirithe i bhfianaise thionchar méadaitheach na hintleachta saorga ar mhargadh saothair na hEorpa mar gheall ar uathoibriú na bpost ar scála mór, rud atá ag tarlú cheana féin. Dá bhrí sin, ní mór cur chuige uilíoch réamhbhreathnaitheach a chur i bhfeidhm ar chothú na mbuanna i measc daoine de chúlraí éagsúla oideachais agus gairmiúla;

29.

den tuairim gur ríthábhachtach go dtuigfeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a thábhachtaí atá ollscoileanna agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna le spreagadh a thabhairt d’éiceachórais dhinimiciúla nuálaíochta trí straitéisí um speisialtóireacht chliste, agus tríd an nuálaíocht theicneolaíoch agus shóisialta. Féadfaidh ollscoileanna agus coláistí polaiteicnice áitiúla leas a bhaint go héifeachtach as na buanna atá ag na daoine, braislí eolais a fhorbairt, agus gnólachtaí a mhealladh chun an cheantair trí dhul i gcomhpháirtíocht leo ar chláir chun oiliúint a chur ar oibrithe sna scileanna nua atá ag teastáil sa cheantar. Ar an dul céanna, ní mór do na húdaráis phoiblí comhpháirtíochtaí a chothú leis na hollscoileanna, agus níor mhór iad a bheith ar an eolas faoin ngá atá ag na hollscoileanna le tacaíocht, lena n-áirítear infheistiú i mbonneagair áitiúla, bonneagair dhigiteacha ina measc;

30.

á chur i dtreis freisin gur gá dálaí a chruthú a d’fhágfadh go mbeadh FBManna agus micrifhiontair ina gcuid d’éiceachórais nuálaíochta chun a gcuid acmhainní teoranta buiséadacha agus daonna a optamú. Chun na críche sin, tacaíonn an Coiste le dearcadh an Choimisiúin go bhféadfaidh FBManna tairbhe a bhaint as tacaíocht an Mhoil Nuálaíochta Digití don nuálaíocht agus don digitiú;

Díriú ar spriocanna ar leith le feabhas a chur ar mhealladh na ndaoine a bhfuil tallann acu, ar choimeád na ndaoine sin, agus ar shoghluaisteacht na ndaoine sin

31.

á thabhairt dá aire gur gá imeacht na ndaoine oilte agus feiniméin eile dá shórt a thuiscint agus a mheas san Aontas Eorpach i gcomhthéacs an rialachais il-leibhéil. I ndáil leis sin, is mian leis an gCoiste aird a tharraingt ar an riosca atá ann d’inbhuanaitheacht thionscadal mór na hEorpa de dheasca imeacht na ndaoine oilte, go háirithe i gcás ina bhfuil méadú ar an éagothromaíocht idir na réigiúin arb as do na daoine oilte agus na réigiúin arb ann a bhíonn a dtriall. Tá CnaR ag moladh go mbunódh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha comhghuaillíochtaí áitiúla ina mbeadh na geallsealbhóirí uile rannpháirteach (údaráis phoiblí, gnólachtaí, ollscoileanna, eagraíochtaí neamhrialtasacha, etc.), comhghuaillíochtaí a chuirfeadh comaoin ar cheapadh na mbeartas go háitiúil agus le cur chun feidhme na mbeartas sin. Ba chúnamh sin le srian a chur ar imeacht na ndaoine. Rud eile, ba mhaith le CnaR iarraidh ar na comhpháirtithe sóisialta ról gníomhach a chleachtadh i bhforbairt na dtallann;

32.

ag moladh do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i bhfianaise na ndeiseanna atá ann de bharr na cianoibre, feachtais faisnéise spriocdhírithe a sheoladh féachaint leis an saol lasmuigh de na cathracha is dlúth daonra a chur chun cinn, agus díriú ar ghnéithe tarraingteacha éagsúla de shaol na réigiún;

33.

á chur ar ár súile dúinn go bhfágann na treochtaí déimeagrafacha nach féidir na bearnaí atá i margaí saothair i réigiúin go leor san Eoraip a líonadh gan imirce dhleathach a bheith ann; á chur i bhfáth gurb é aimhleas na ngnólachtaí nuálacha, thar aon dream eile, an ganntanas lucht saothair atá ann, ganntanas atá ag dul i ngéire; ag iarraidh, ar an ábhar sin, go mbeadh níos mó plé ann idir na húdaráis réigiúnacha, na gnólachtaí, na hollscoileanna agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha, go háirithe i réigiúin na teorann; á mholadh go mbeadh córais inimirce ann a bheadh trédhearcach cothrom, córais a d’fhéachfadh le freagairt don ghanntanas lucht saothair ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon;

34.

á chur i bhfáth gur cráite an míbhuntáiste do bhardais bheaga atá in imeacht na ndaoine óga ó na réigiúin ar saintréith dá gcuid atá san eisimirce, míbhuntáiste anuas ar an laghdú ar na rátaí breithe, rud is fíor ó thaobh na seirbhísí poiblí riachtanacha a choinneáil ar bun, agus ó thaobh borradh a chur faoi gheilleagair, dhá ní atá riachtanach le daoine cumasacha a choimeád san áit dá ndeoin féin, agus le daoine óga eile a mhealladh chun na críche;

35.

ag iarraidh go ndéanfaí cur chuige straitéiseach a chur chun feidhme d’fhonn náisiúnaigh tríú tír a lánpháirtiú san Aontas mar spreagadh féideartha don fhorás go háitiúil. Is díol sásaimh don Choiste na bearta a leagtar amach sa phacáiste Scileanna agus Buanna, ina measc sin uirlis nua um chuardach poist ar líne a sheoladh, agus tionscnamh píolótach an Aontais maidir le linn tallann an Aontais Eorpaigh, do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin go sonrach, agus an plean chun é a leathnú chuig oibrithe oilte neamh-AE a chuireann in iúl gur spéis leo teacht ar imirce chun an Aontais Eorpaigh, rud a réiteoidh an bealach do chur chuige níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí i leith shoghluaisteacht an lucht saothair, sin agus réitigh tríú tír;

36.

ag cur béim ar na moltaí a rinne na saoránaigh le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, orthu sin an moladh a bhí ann go spreagfadh an tAontas na Ballstáit chun próiseas glactha agus lánpháirtithe na n-imirceach dleathach agus rochtain na n-imirceach sin ar mhargadh saothair an Aontais a shimpliú, agus idir-inoibritheacht ní b’fhearr a áirithiú idir na córais riaracháin inniúla éagsúla, cumarsáid ní b’fhearr, aitheantas ní b’éasca do cháilíochtaí, sin agus uirlisí ní b’éifeachtaí, an mheaitseáil ar líne idir soláthar scileanna agus éileamh, mar shampla;

37.

ag iarraidh go mbeadh inaistritheacht stádas an chónaitheora fhadtéarmaigh AE ag náisiúnaigh tríú tír chun soghluaisteacht éifeachtach a áirithiú dóibh laistigh den Aontas, rud a d’fhéadfadh cur le hionchas a gcuid tábhachta féin i sochaí na hEorpa, agus rud a chuirfeadh ar a gcumas fanacht glan ar obair nach bhfuil aon chinnteacht inti, folúntais a líonadh, agus ar an dul sin cuid den éagothromaíocht réigiúnach a leigheas;

38.

ag treorú dá Uachtarán an Rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Uachtaránacht na Sualainne agus Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

An Bhruiséil, an 16 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  COM(2022) 34 final.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 188/6


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an tionscnamh chun an t-idirphlé sóisialta a neartú

(2023/C 188/02)

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

ag féachaint don togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (1);

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach: leas a bhaint as a chumas iomlán chun aistrithe córa a bhainistiú (2);

1.   

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an tionscnamh an t-idirphlé sóisialta a chur i gcroílár an phróisis cinnteoireachta ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, go dtugtar aghaidh ann ar an ngá le hidirphlé sóisialta láidir ar gach leibhéal agus go dtugtar treoraíocht ann faoin mbealach is fearr leis an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a neartú;

2.   

á chur in iúl go n-éascóidh an tAontas, i gcomhréir le hAirteagal 152 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), idirphlé idir na comhpháirtithe sóisialta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe á urramú ag an am céanna, agus go bhfuil an Coimisiún freagrach as idirphlé sóisialta Eorpach a chur chun cinn agus a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 154 de CFAE. Cuimsítear freisin sa tionscnamh ón gCoimisiún beart cur chun feidhme le haghaidh Phrionsabal 8 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, prionsabal ar dá réir nach mór dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le ceapadh agus cur chun feidhme beartas eacnamaíoch, fostaíochta agus sóisialta; ag leagan béim, dá bhrí sin, ar a thábhachtaí atá sineirgí den sórt sin, agus is mian le CnaR aird a tharraingt ar an iarraidh a rinne sé féin le haghaidh níos mó trédhearcachta, níos mó rannpháirtíochta ar leibhéil éagsúla, níos mó daonlathaithe agus níos mó rannpháirtíocht ó chomhpháirtithe sóisialta laistigh de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh;

3.   

den tuairim nach mór rannchuidiú le cur i bhfeidhm Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta trí athchóirithe a dhéanamh ar an margadh saothair ar an leibhéal náisiúnta. Tá súil ag CnaR go ndéanfaidh an Coimisiún anailís ar athchóirithe ar an margadh saothair sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a bhaineann leis na gnéithe sonracha sin;

4.   

á chur i bhfáth go bhfuil an tionscnamh ón gCoimisiún comhsheasmhach leis na tograí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, go háirithe le togra Uimh. 13 maidir leis an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a bheith ina mbealaí chun margaí saothair a dhéanamh níos ioncuimsithí, agus le togra Uimh. 39.5 faoinar cheart sásraí cuí agus próisis chuí maidir leis an idirphlé sibhialta agus sóisialta a ráthú ag gach céim de phróiseas cinnteoireachta an Aontais;

5.   

deimhin de go bhfuil géarghá ann an t-idirphlé sóisialta a neartú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal naisiúnta, an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal na hearnála, mar gheall ar an iliomad brú a eascraíonn as an tionchar a bhíonn ag aistrithe ar an obair agus as an titim i gcéatadán na n-oibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála (ó 66 % in 2000 go dtí 56 % in 2019);

6.   

á chur i dtábhacht gur minic nach ndéantar oibrithe i gcuideachtaí beaga ná oibrithe atá i bhfostaíocht neamhchaighdeánach a chumhdach i gcomhaontuithe cómhargála, nó go ndéantar tearcionadaíocht orthu iontu; á chur in iúl freisin gur minic a chuirtear cosc ar oibrithe ardáin a gcearta bunúsacha chun saoirse comhlachais agus cómhargála a fheidhmiú, go háirithe mar gheall ar an easpa modhanna comhroinnte cumarsáide agus deiseanna chun bualadh le chéile ar líne nó i bpearsa (3);

7.   

á chur i bhfios nach mór an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn ar an leibhéal trasearnála agus ar leibhéal na hearnála araon ionas go mbeidh an t-idirphlé sóisialta ar an ngnáthbhealach ina bhforbraíonn an tAontas agus na Ballstáit beartais a mbeidh tionchar acu ar chúrsaí oibre. Ba cheart a áireamh sa mhéid sin an chómhargáil, an tacaíocht d’fhothú acmhainneachta, na coinníollacha maidir le cumhdach cómhargála níos forleithne agus cur chun cinn gníomhach an bhreisluacha a bhaineann leis an idirphlé sóisialta;

8.   

á chur in iúl go n-aontaíonn sé le tuairim an Choimisiúin go gcabhraíonn an t-idirphlé sóisialta leis an gcothroime shóisialta, le bainistiú éifeachtach géarchéimeanna – go háirithe le linn COVID-19 – agus le bainistiú cothrom an aistrithe; le linn na paindéime, bhí comhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ríthábhachtach mar lean siad ar aghaidh ag soláthar seirbhísí poiblí bunriachtanacha in ainneoin an chomhthéacs dheacair eacnamaíoch agus airgeadais;

9.   

á chur in iúl go n-aontaíonn sé freisin le tuairim an Choimisiúin nach leor in aon chor mar a bhaintear an t-idirphlé sóisialta amach gach áit san Eoraip; cuireann sé i gcuimhne gur réamhchoinníoll bunúsach é an t-idirphlé sóisialta, lena n-áirítear an t-idirphlé sóisialta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, chun leibhéal ard cumhdaigh cómhargála a bhaint amach;

10.   

ag tathant ar na Ballstáit an Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach (4) a chur chun feidhme, lena gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, agus conarthaí soláthair phoiblí nó conarthaí lamháltais á ndámhachtain agus á bhfeidhmiú acu, go gcomhlíonann na hoibreoirí eacnamaíocha agus a bhfochonraitheoirí na hoibleagáidí is infheidhme maidir le pá agus an ceart chun socrú pá a eagrú agus a chómhargáil;

11.   

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra maidir le comhordaitheoir idirphlé shóisialta a cheapadh i ngach ard-stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin agus maidir le gealltanas a thabhairt cur le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta trastionscail roimh Chlár Oibre an Choimisiúin. D’áiritheofaí leis sin go n-úsáidfí cur chuige níos comhsheasmhaí i leith na gcomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta agus go rachfaí i gcomhairle go cuí leis na comhpháirtithe sóisialta de réir Airteagal 154 de CFAE;

12.   

á áitiú nach mór tacaíocht riaracháin, airgeadais, dhlíthiúil agus pholaitiúil bhuan a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta earnálacha Eorpacha agus dá gcleamhnaithe náisiúnta i ndiaidh thionscnamh an Choimisiúin, d’fhonn inniúlacht na bpáirtithe sóisialta chun dul i mbun idirphlé sóisialta ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach araon a neartú, fad agus a urramaítear a neamhspleáchas agus a gcomhlíontar prionsabal na coimhdeachta agus inniúlachtaí na mBallstát;

13.   

á chur i bhfios go láidir go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ríthábhachtach chun an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn, ós rud é go bhfostaíonn na riaracháin phoiblí áitiúla agus réigiúnacha níos mó ná 12,3 milliún oibrí a sholáthraíonn raon leathan seirbhísí poiblí (5) agus gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is gaire do FBManna agus don lucht saothair áitiúil sna réigiúin. Tá eolas áitiúil ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha, mar aon le heagraíochtaí saothair, rud atá mar an mbunús is fearr ar ar féidir an t-idirphlé sóisialta a reáchtáil agus comhaontuithe solúbtha agus inbhuanaithe a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go bhfuil struchtúir chuí maidir leis an idirphlé sóisialta i bhfeidhm acu le go bhféadfaidh siad an chómhargáil a spreagadh agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ábhartha i ndáil leis an bhfostaíocht sna riaracháin áitiúla agus réigiúnacha;

14.   

á thabhairt le fios a thábhachtaí atá an Coiste Eorpach um Idirphlé Sóisialta Earnála maidir le fostóirí áitiúla agus réigiúnacha (6) chun a áirithiú go gcuirtear riachtanais, leasanna agus sainiúlachtaí na rialtas áitiúil agus réigiúnach agus a gcuid oibrithe san áireamh i reachtaíocht an Aontais maidir le heagrú na hoibre agus dálaí oibre; ag leagan béim freisin ar an obair shuntasach atá déanta go dtí seo ag an gcoiste sin ar shaincheisteanna ábhartha amhail athstruchtúrú, digiteáil, imirce agus frith-idirdhealú, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, an comhrac i gcoinne an fhoréigin ag tríú páirtithe, comhionannas inscne etc.; ag iarraidh ar chomhpháirtithe an idirphlé shóisialta gealltanas níos leithne a thabhairt chun na moltaí a chur chun feidhme;

15.   

ag leagan béim ar an tagairt a rinneadh don Teachtaireacht ón gCoimisiún a glacadh le déanaí maidir le Leas a bhaint as Tallann i Réigiúin na hEorpa, ina luaitear gur cosúil go bhfuil sé ríthábhachtach cur le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta sna réigiúin sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar chruachás maidir le forbairt tallainne nó atá i mbaol a bheith i gcruachás maidir le forbairt tallainne le go bhféadfar réitigh áitbhunaithe a fhorbairt chun tacú le dálaí oibre níos fearr agus le pá leordhóthanach, agus chun dul i ngleic le ganntanais scileanna agus lucht saothair;

16.   

á iarraidh ar na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha idirghníomhú le hardáin chomhairliúcháin CnaR amhail líonra na mol réigiúnach (RegHubs) (7), a dtiomnófar ceann amháin de na comhairliúcháin sin do Threoir 2003/88/CE (8) maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le heagrú ama oibre, ar ábhar é atá ábhartha go háirithe don idirphlé sóisialta Eorpach;

17.   

á thabhairt dá aire gur gá anailís a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag príobháidiú seirbhísí poiblí arbh iad na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a sholáthraíodh go traidisiúnta iad (seirbhísí fuinnimh, uisce, iompair, poist, etc.) ar na nósanna imeachta maidir leis an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil; á athdhearbhú gur gá na nósanna imeachta maidir leis an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a choinneáil ar bun, agus bearta a chur i bhfeidhm chun meathlú ar dhálaí oibre a sheachaint i ndiaidh athrú úinéireachta;

18.   

á thabhairt le fios go bhfuil na rátaí den fhoréigean tríú páirtí ag dul in airde, go háirithe in aghaidh na mban (9), rud a dhéanann difear d’oibrithe atá fostaithe ag rialtais áitiúla agus réigiúnacha i bhfianaise leibhéil arda ionadaíochta na mban i seirbhísí a chuireann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fáil (amhail seirbhísí cúraim sláinte agus sóisialta) agus an ghaireacht idir dhéantóirí an fhoréigin agus íospartaigh an fhoréigin tríú páirtí;

19.   

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-idirphlé sóisialta chun beartas agus idirphlé maidir leis an imirce saothair a fheabhsú; á chur i bhfios, ina leith sin, an tuairim ó CnaR Imirce Dhlíthiúil – Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas (10) agus chuig treoirlínte comhpháirteacha maidir le himirce agus an frith-idirdhealú a neartú i rialtais áitiúla agus réigiúnacha, arna nglacadh ag an gcoiste um Idirphlé Sóisialta Earnála maidir le rialtais áitiúla agus réigiúnacha (11). Sa chomhthéacs sin, tá aird á tabhairt ag CnaR freisin ar thogra Uimh. 41.1 de chuid na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa chun feachtas cumarsáide a sheoladh ar fud an Aontais d’fhonn cur leis an bhfeasacht atá ag cuideachtaí sin an Aontais a bhíonn ag earcú náisiúnaigh tríú tír, is é sin feasacht ar an Líonra Eorpach Seirbhisí Fostaíochta (EURES), ar Thairseach Inimirce AE agus ar Uirlis an Aontais Eorpaigh um Próifíliú Scileanna do Náisiúnaigh Tríú Tíortha. Anuas air sin, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a spreagadh chun an próiseas a bhaineann le himircigh dhleathacha a ghlacadh agus a imeascadh, agus leis an rochtain a bhíonn acu ar mhargadh saothair AE, a shimpliú;

20.   

á iarraidh go neartófaí an chóir chomhionann d’oibrithe a thagann ó thíortha nach de chuid an Aontais iad, go háirithe a mhéid a bhaineann le dálaí oibre, an tsaoirse comhlachais agus cleamhnachta agus sochair slándála sóisialta, agus foirmeacha trasnacha míbhuntáiste amhail inscne, aois, gnéaschlaonadh agus féiniúlacht, creideamh agus saintréithe eile;

21.   

á chur i bhfios go molann an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) go dtabharfadh údaráis saothair, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, aghaidh ar an imirce saothair d’fhonn beartais inchreidte agus inbhuanaithe maidir leis an imirce saothair agus an frith-idirdhealú a fhorbairt, agus na beartais sin a bheith bunaithe ar chearta agus iad comhsheasmhach, agus na cúinsí áitiúla agus réigiúnacha curtha san áireamh iontu agus, ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí rannchuidiú le próisis cuimsithe réigiúnaigh leo;

22.   

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na bearta breise a leagtar amach sa phacáiste “Scileanna agus Tallanna”, lena n-áirítear treoirthionscadal AE a chruthú maidir le tallann, rud a bheadh dírithe go sonrach ar dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise san Úcráin, agus linn tallann an Aontais Eorpaigh atá beartaithe, chomh maith leis an bplean chun é a leathnú d’fhonn dídeanaithe atá ina gcónaí san Aontas a chuimsiú ann; á chur in iúl nach mór níos mó a dhéanamh, tráth a bheidh na huirlisí sin á gceapadh, chun a chur san áireamh na scileanna boga ábhartha a bhféadfaidh cuardaitheoirí poist a chur ar fáil, agus chun scéimeanna imirce saothair cothroma, inrochtana agus soláimhsithe a fhorbairt, ós rud é go bhféadfadh nósanna imeachta atá rómhaorlathach difear a dhéanamh don rochtain atá ag dídeanaithe ar an margadh saothair, rud is cúis de réir a chéile le méadú ar an mbaol go mbeadh orthu glacadh le hobair chontúirteach agus iad neamhchosanta ar mhí-úsáid agus ar dhúshaothrú;

23.   

ag leagan béim ar an ról atá ag an Údarás Eorpach Saothair lena áirithiú go ndéantar rialacha AE maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta a fhorfheidhmiú ar bhealach cothrom simplí éifeachtach, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar, cigireachtaí comhbheartaithe agus comhpháirteacha a dhéanamh, comhar riaracháin níos fearr agus soghluaisteacht an lucht saothair a chur chun cinn, go háirithe trí EURES;

24.   

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cuireadh san áireamh clár oibre chomhpháirtithe sóisialta an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann le ganntanas scileanna agus an bealach is fearr chun aistriú cóir a bhaint amach; ag leagan béim ar an ról atá ag na réigiúin agus na cathracha mar fhostóirí sna réimsí sin; ag iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar ionadaíocht leordhóthanach orthu ag cruinnithe ábhartha de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta trastionscail;

25.   

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, lena n-áirítear an gá le cuspóirí an aistrithe chóir a chomhtháthú sa cheapadh beartas ag gach uile leibhéal agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla a spreagadh chun ról níos gníomhaí a ghlacadh i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na mbeartas i leith an aistrithe chóir agus san fhaireachán ar na beartais sin, agus chun comhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú go gníomhach sa phróiseas ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, fad agus a urramaítear neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sin;

26.   

ag leagan béim ar an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar fhostóirí; ag spreagadh rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás sin chun rannpháirtíocht leordhóthanach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú i gcur chun feidhme na mbeartas a fhaigheann maoiniú faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, chomh maith le fothú acmhainní saincheaptha le haghaidh na mbeartas sin. á chur in iúl gur díol sásaimh dó sa chomhthéacs sin, an ceanglas chun 0,25 % de na cistí ar a laghad a chaitheamh ar thacaíocht d’fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta le haghaidh na dtíortha sin a fhaigheann moladh tír-shonrach maidir leis an idirphlé sóisialta. Chaillfí amach ar shineirgí luachmhara dá ndéanfaí gníomhaíocht ar leibhéal an Bhallstáit amháin;

27.   

ag treorú dá Uachtarán an Rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Uachtaránacht na Sualainne agus Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

An Bhruiséil, an 16 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  COM(2023) 38 final.

(2)  COM(2023) 40 final.

(3)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (IO C 375, 30.9.2022, lch. 45).

(4)  Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).

(5)  Eurofound, Representativeness of the European social partner organisations: Local and regional government sector and social services, 2020.

(6)  Is éard atá sa Choiste um Idirphlé Sóisialta Earnála maidir le rialtais áitiúla agus réigiúnacha dhá chomhpháirtí shóisialta earnála atá aitheanta go comhpháirteach in earnáil na rialtas áitiúil agus réigiúnach, is iad sin, Comhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa (CEMR) agus Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann Seirbhíse Poiblí (EPSU).

(7)  https://portal.cor.europa.eu/reghub/Pages/default.aspx.

(8)  Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

(9)  https://www.etuc.org/en/document/safe-home-safe-work-final-report-national-country-studies

(10)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún Imirce Dhlíthiúil – Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas (IO C 79, 2.3.2023, lch. 59).

(11)  Bunachar sonraí na dtéacsanna idirphlé shóisialta – Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta & Cuimsiú – an Coimisiún Eorpach (europa.eu).


TUAIRIMÍ

Coiste na Réigiún

An 154ú seisiún iomlánach de CnaR, 15.3.2023 – 16.3.2023

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 188/10


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — A bhfuil i ndán do Chomhpháirtíocht an Oirthir ón taobh áitiúil agus réigiúnach de

(2023/C 188/03)

Rapóirtéir:

Alin-Adrian NICA (RO/PPE)

Doiciméad tagartha:

Tuairim féintionscnaimh

I.   MOLTAÍ BEARTAIS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

de bhrí gur léir, i bhfianaise chogadh na Rúise san Úcráin le tacaíocht ón mBealarúis, agus na bagairte leanúnaí ar iomláine chríochach na Moldóive agus na Seoirsia, gur gá don Aontas Eorpach tacaíocht níos daingne a thabhairt go práinneach do chonair shaor agus dhaonlathach na dtíortha i gComharsanacht an Aontais;

2.

de bhrí gur thug Ballstáit an Aontais agus tíortha reatha comhpháirtíochta Oirthear na hEorpa (an Airméin, an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin) gealltanas Comhpháirtíocht an Oirthir a chosaint, a athnuachan agus a neartú le go bhfanfadh sí ina príomhfhóram agus príomhchreat comhair leis na tíortha comharsanachta lastoir den Aontas;

3.

de bhrí gurb iad an fhreagairt fhadtéarmach is cumhachtaí dá bhfuil ag an Eoraip d’ionradh na Rúise stáit shaora agus dhaonlathacha in Oirthear na hEorpa, i gCugas Theas agus níos faide i gcéin, le húdaráis láidre réigiúnacha agus áitiúla, cathracha faoi bhorradh eacnamaíoch agus sochaithe atá tiomanta do luachanna Eorpacha;

4.

de bhrí go bhfuil na tíortha comhpháirtíochta go léir a chloíonn le gach ceart agus gach oibleagáid atá leabaithe in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus i reachtanna bunaidh na Comhdhála um Shlándáil agus Comhar san Eoraip saor chun peirspictíocht Eorpach a bhunú, ar choinníoll go gcomhlíonann siad critéir Chóbanhávan chomh maith;

II.   ATHSHAINIÚ CHOMHPHÁIRTÍOCHT AN OIRTHIR

5.

Tá CnaR á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cinneadh a rinne an Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2022 stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a dheonú do Phoblacht na Moldóive agus don Úcráin agus peirspictíocht Eorpach don tSeoirsia amach anseo a aithint.

6.

Tá CnaR á thréaslú leis na trí thír (an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin) an dul chun cinn suntasach a rinne siad ar chur chun feidhme a gcomhaontuithe comhlachais agus a gcomhaontuithe doimhne cuimsitheacha saorthrádála.

7.

Tá sé á chur in iúl ag CnaR gur díol sásaimh dó teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh Fheabhsaithe leis an Airméin an 3 Márta 2021 mar gharsprioc don chaidreamh idir an tAontas agus an Airméin.

8.

Tá CnaR den tuairim gur cheart “na bunphrionsabail”, i.e. tiomantas comhroinnte don tsaoirse, don daonlathas, don smacht reachta, agus do chearta an duine, a bheith ina mbonn comhchoiteann fós le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a thabhairt níos dlúithe le chéile agus, san am céanna, obair a dhéanamh i gcónaí ar chuspóirí comhroinnte amhail an comhionannas inscne a chur chun cinn, na mionlaigh agus na cearta teanga a chosaint, an t-athrú aeráide a mhaolú, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a threabhadh chun cinn, an athléimneacht agus an rathúnas a fheabhsú, agus an caidreamh eacnamaíoch a threisiú. Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR go bhfuil tacaíocht leanúnach d’fhreasúra daonlathach na Bealarúise ar gach leibhéal rialachais, mar aon le tacaíocht don tsochaí shibhialta, thar a bheith tábhachtach chun luachanna daonlathacha a chur chun cinn sa tír.

9.

Tá sé á chur in iúl ag CnaR an ról suntasach a d’fhéadfadh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a imirt chun “na bunphrionsabail” a chosaint sna réigiúin agus sna pobail áitiúla, agus freisin chun na cuspóirí comhroinnte a bhaint amach, rud a d’áiritheodh san am céanna prionsabal coimhdeachta an Aontais trí na saoránaigh áitiúla a thabhairt níos dlúithe don Aontas Eorpach agus dá luachanna.

10.

Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR, mar sin féin, gur gá cuspóirí beartais Chomhpháirtíocht an Oirthir agus a struchtúr iltaobhach a athshainiú chun go mbeidh rath ar an gComhpháirtíocht go deo.

11.

Tá sé á aithint ag CnaR, tar éis breis agus deich mbliana de chomhar laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir, go bhfuil difríochtaí ag teacht chun cinn faoi láthair ó thaobh na dtosaíochtaí atá sonrach do thíortha faoi seach Chompháirtíocht an Oirthir i ngeall sin ar na riachtanais forbartha, na tosaíochtaí náisiúnta agus na mianta lánpháirtíochta difriúla atá acu, ach freisin i ngeall ar bheartas foghach na Rúise, a teaicticí díchobhsaithe, agus a cuid bréagaisnéise. Ina fhianaise sin, tá CnaR ag tnúth go mór leis an togra ón gCoimisiún Eorpach chun measúnú a dhéanamh ar a bhfuil i ndán do Chomhpháirtíocht an Oirthir.

12.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CnaR gur creat ábhartha fós í Comhpháirtíocht an Oirthir a bhfuil acmhainneacht réigiúnach aici go fóill agus a d’fhéadfadh feidhm a bheith aici i gcónaí dá comhpháirtithe uile, dá ndéanfaí í a athchóiriú chun cuspóirí tír-shonracha a shainiú ó thaobh an Aontais Eorpaigh de. Leis na formáidí agus uirlisí solúbtha atá sa chreat sin, ba cheart go bhfreastalófaí ar riachtanais na dtíortha ar iarrthóirí nua iad ar bhallraíocht san Aontas mar aon le riachtanais comhpháirtithe eile, agus san am céanna luachanna agus rialacha comhchoiteanna, leasanna coiteanna agus tiomantais fhrithpháirteacha a choinneáil.

13.

Tá sé á thabhairt le fios ag CnaR gur cheart Comhpháirtíocht an Oirthir a bheith níos dírithe ar thorthaí trína huirlisí agus a modhanna oibriúcháin a oiriúnú chun freagairt do riachtanais na gcomhpháirtithe, lena n-áirítear trí chabhrú leis na comhpháirtithe is forbartha agus iad ag oibriú i dtreo ballraíocht san Aontas.

14.

Tá sé á iarraidh ag CnaR go dtabharfadh an Coimisiún Eorpach agus rialtais na gcomhpháirtithe araon ról do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le tosaíochtaí comhair a bhfuil tionchar críochach acu a leagan síos (e.g. maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh, an comhshaol, oiriúnú don athrú aeráide, an nascacht iompair, dílárú, athchóiriú ar an riarachán poiblí, agus tacaíocht don tsochaí shibhialta) agus páirt a thabhairt dóibh in ardáin agus painéil ábhartha na Comhpháirtíochta, ar cheart iad a leathnú chuig ionadaithe CORLEAP (Comhdháil na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil le haghaidh Chomhpháirtíocht an Oirthir).

15.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CnaR na tionchair dhearfacha ar shaol an ghnáthdhuine a bhaineann leis an gcomhar laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir. Tá sé á chur i bhfáth, áfach, gur gá infheictheacht na Comhpháirtíochta agus rannchuidiú an Aontais a fheabhsú bunaithe ar éachtaí a rinneadh roimhe seo nó trí oibriú go córasach leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus lena gcomhlachais ar an láthair.

16.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CnaR gur gá breis tacaíochta a thabhairt don fhéinrialtas áitiúil, ar colún bunaidh agus bunchloch an daonlathais é, d’fhonn cuspóirí na Comhpháirtíochta a bhaint amach. Tá sé á chur in iúl aige gur díol sásaimh dó obair Chomhdháil Chomhairle na hEorpa sa réimse sin.

III.   MOLTAÍ BEARTAIS

17.

Tá CnaR i bhfách le cur chuige saincheaptha a ghlacadh le haghaidh chuspóirí Chomhpháirtíocht an Oirthir chun go mbeidís ag teacht le riachtanais éagsúla na n-iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, na n-iarrthóirí ionchasacha agus comhpháirtithe eile, óir níl bonn a thuilleadh leis an gcur chuige a oireann do chách. Ba cheart na riachtanais tírshonracha a dhearadh ar bhealach ina gcuirfí leasanna sonracha na bpobal réigiúnach agus áitiúil san áireamh freisin.

18.

Molann CnaR go mbeadh raon feidhme geografach níos solúbtha ag an gComhpháirtíocht, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí dul i gcomhar ar bhonn níos dlúithe le tíortha áirithe, amhail cúpla ceann san Áise Láir, maille le réimsí a shainaithint i dtaobh an chomhair le tíortha na mBalcán Thiar.

19.

Tá sé á thabhairt le fios ag CnaR gur cheart gné líonraithe réigiúnaigh agus áitiúil a athdhearbhú laistigh de Chomhpháirtíocht athchóirithe trí idirphlé polaitiúil (CORLEAP) agus tríd an gcomhar críochach. Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh CnaR agus CORLEAP, trína gcomhaltaí agus a gcomhpháirtithe, rannchuidiú le clár oibre críochach Chomhpháirtíocht an Oirthir a chur chun feidhme tríd an gcomhar idir piaraí agus sásraí piarfhoghlama.

20.

Tá sé á aithint ag CnaR gur maith an Chomhpháirtíocht ar an ábhar go gcuirtear creat ar fáil inti le haghaidh líon tionscadal atá dírithe ar an dea-rialachas agus ós rud e gur láidre an tsochaí shibhialta dá barr. Mar sin féin, ba cheart gníomhaíochtaí trína neartaítear an athléimneacht a phríomhshruthú agus uirlisí nua chuige sin a chur ar fáil ar gach leibhéal rialachais.

21.

Tá CnaR á thabhairt le fios gur cheart ardán il-leibhéil le haghaidh logánú na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) a bhunú laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir. Ach na SDGanna a bhaint amach ar an leibhéal réigiúnach, b’fhusa bearta fuinnimh áitiúla a thabhairt isteach agus roghanna malartacha a shuiteáil chun córais a chruthú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus neamhspleách ar acmhainní fuinnimh na Rúise. San am céanna, d’fheabhsófaí slite beatha agus athléimneacht na bpobal áitiúil agus a saoránach a bhuí leis.

22.

Tá CnaR á mholadh Comhrúnaíocht Chomhpháirtíocht an Oirthir a bhunú ina mbeadh ionadaíocht chuí ag an Aontas agus ag na comhpháirtithe uile, lena n-áirítear ionadaithe ón leibhéal áitiúil agus réigiúnach, Comhrúnaíocht arbh é ab aidhm di cistí a ghiaráil agus tionscadail a shainaithint agus a mhúnlú i gcomhréir le príomhchuspóirí polaitiúla na Comhpháirtíochta. Tá sé den tuairim go bhfeabhsófaí úinéireacht na gcomhaltaí ar an tionscadal agus go gcuirfí leis an trédhearcacht, an comhordú agus an infheictheacht mar thoradh ar an gComhrúnaíocht sin.

23.

Tá CnaR ag moladh go gcuirfear an tionscadal maidir le hAcadamh Chomhpháirtíocht an Oirthir um Riarachán Poiblí Áitiúil agus Réigiúnach (1) chun feidhme gan a thuilleadh moille d’fhonn fothú acmhainneachta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i gComhpháirtíocht an Oirthir a neartú, an trédhearcacht agus an dea-rialachas a chur chun cinn, agus cúnamh a thabhairt do na comhpháirtithe agus athchóirithe díláraithe á ndéanamh acu.

24.

Tá CnaR ag moladh go ndéanfar an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise agus na cláir nasctha a leathnú chuig tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir d’fhonn a n-acmhainní riaracháin a fheabhsú. Bheadh éifeacht ón mbarr anuas ann dá leathnófaí líonra na ngeallsealbhóirí i dtionscadail nasctha go dtí na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus d’fhágfaí gurbh fhusa cuspóirí an tionscadail a chur chun feidhme.

25.

Tá CnaR den tuairim go gcabhródh leithdháiltí tiomnaithe airgeadais d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus Chomhpháirtíocht an Oirthir, faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomhpháirtíocht an Oirthir ar fiú EUR 17 mbilliún é, le hiomadú an chomhair trasteorann agus chríochaigh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach. Ar an gcaoi sin, spreagfaí dea-chleachtais a chomhroinnt agus tionscadail a chur chun feidhme atá saincheaptha do riachtanais na gcuspóirí sainaitheanta críochacha.

26.

Tá CnaR den tuairim go bhféadfadh an Chomhpháirtíocht díriú níos mó ar thionscadail agus tionscnaimh phraiticiúla chun nascacht chomhpháirtithe na Comhpháirtíochta leis an Aontas a fheabhsú, go háirithe ó thaobh an bhonneagair fhisiciúil de (iompar d’iarnród agus de bhóthar, cáblaí leictreachais agus digiteacha, bealaí farraige, idirnaisc fuinnimh, etc.), agus freisin chun na comhpháirtithe sin a chomhtháthú i margadh digiteach agus teileachumarsáide an Aontais (e.g. trí dheireadh a chur le muirir fánaíochta). Molann CnaR, dá bhrí sin, deiseanna a chur ar fáil láithreach le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch earnála, lena n-áirítear trí chéimeanna a thabhairt chun comhtháthú i margadh inmheánach an Aontais, trí chúnamh airgeadais ar leibhéil agus ar luas nach bhfacthas riamh, agus freisin trí bhorradh a chur faoin bhfiontraíocht áitiúil agus réigiúnach, go háirithe i measc FBManna sa tSeoirsia, sa Mholdóiv agus san Úcráin.

27.

Tá sé á iarraidh ag CnaR go mbunófaí ardán infheistíochta faoi Chomhpháirtíocht an Oirthir lena dtabharfaí iarrachtaí na n-institiúidí idirnáisiúnta airgeadais le chéile agus lena gcuirfí ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach – trí fhothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus dea-rialachas – tionscadail laistigh den Chomhpháirtíocht a éascú mar bhealach le forbairt chríochach inbhuanaithe a spreagadh, éagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a chosc, agus tacaíocht a thabhairt do logánú agus baint amach na SDGanna sa réigiún.

28.

Tá CnaR ag moladh, dá bhrí sin, go bhforbrófar samhail le haghaidh infheistíochtaí áitiúla i gComhpháirtíocht an Oirthir, i bhfianaise ar foghlaimíodh ó Bhanc Forbartha Chomhairle na hEorpa, ar mhaithe le maoiniú a thabhairt do raon leathan tionscadail shóisialta agus eacnamaíocha arna gcur chun feidhme ag geallsealbhóirí rialtais, áitiúla agus réigiúnacha, agus ag institiúidí poiblí chomh maith.

29.

Tá CnaR den tuairim gur cheart solúbthacht a thabhairt do na tíortha comhpháirtíochta chun cláir a roghnú arb iad na cláir is ábhartha dóibhsean agus, san am céanna, tosaíocht a thabhairt do chláir atá dírithe ar chomhlachtaí áitiúla agus réigiúnacha. Sa chaoi sin, bheadh ról ag CnaR maidir leis na comhpháirtithe Eorpacha a shainaithint atá réidh dul i bpáirt níos mó leis na comhpháirtithe eile.

30.

Tá CnaR ag moladh go dtabharfar tosaíocht do bhearta agus do thionscadail arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt go háirithe ar an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus dlús a chur leis an téarnamh socheacnamaíoch. Tá sé á iarraidh aige go nglacfaí clár oibre téarnaimh, athléimneachta agus athchóirithe ag an gcruinniú mullaigh atá ar na bacáin ag na Cinn Stáit i gComhpháirtíocht an Oirthir.

31.

Tá CnaR ag léiriú gur shínigh na tíortha comhpháirtíochta comhaontú comhair d’fhonn meathlú an chomhshaoil a chomhrac, comhaontú ina gcuirtear béim ar leith ar an ngníomhaíocht ar son na haeráide, lena n-áirítear an fuinneamh agus an bonneagar, chomh maith leis an dramhaíl a laghdú agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú.

32.

Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR, maidir le daonlathas uilechuimsitheach a áirithiú agus a chosaint, rud a d’fheabhsódh rannpháirtíocht na ndaoine, gur príomhghné é riarachán díláraithe a bheith sna tíortha comhpháirtíochta agus sciar méadaithe gnóthaí poiblí a bheith faoi bhainistíocht a n-údarás áitiúil, chomh maith le tacaíocht a bheith ann do mhodhanna nua comhairliúcháin phoiblí (e.g. painéil na saoránach, an daonlathas rannpháirtíochta), bearta frithéillithe, cosaint chearta an duine, lena n-áirítear cearta na mionlach, agus na córais cheartais a fheabhsú, leis an urraim do chroíluachanna an Aontais chomh maith.

33.

Tá CnaR ag moladh go rachaidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha Chomhpháirtíocht an Oirthir i dteagmháil níos mó le gach comhpháirtí atá ag iarraidh beartais forbartha áitiúla a chothú a bhfuil níos mó i gceist leo ná beartas an Aontais maidir le méadú, lena n-áirítear an Chomhairle Eorpach agus an Comhphobal Polaitiúil Eorpach.

An Bhruiséil, an 15 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha i mbun Comhpháirtíocht an Oirthir a bheidh ann amach anseo a mhúnlú (IO C 79, 10.3.2020, lch. 45).


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 188/14


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Spriocanna agus uirlisí chun ceantair chliste a dhéanamh de cheantair thuaithe na hEorpa

(2023/C 188/04)

Rapóirtéir:

Radim SRŠEŇ (CZ/PPE), Méara Bhardas Dolní Studénky

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Na dúshláin atá romhainn

1.

á athdhearbhú go dtacaíonn sé leis an bhFís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais 2040 (dá ngairtear “an Fhís” anseo feasta) (1) ós rud é go bhfeidhmeoidh sí mar thaca don chomhtháthú críochach agus go gcruthóidh sí deiseanna nua chun gnólachtaí nuálacha a mhealladh, rochtain ar phoist ardcháilíochta a áirithiú, scileanna nua agus scileanna níos fearr a chur chun cinn, bonneagar agus seirbhísí níos fearr a áirithiú agus ról na talmhaíochta inbhuanaithe agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúlaithe a neartú.

2.

Síleann CnaR gur ríthábhachtach an ní é neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050 trí bhíthin an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip má táthar chun cur le rathúnas shochaí na hEorpa, chun leanúint de dhálaí maithe saoil a chothú san Aontas agus chun tacú leis an nuálaíocht, más amhlaidh gur cuidiú an nuálaíocht sin chun an sprioc réamhráite a bhaint amach agus chun iomaíochas an Aontais Eorpaigh ar an scála domhanda a áirithiú.

3.

Tuigeann CnaR gur léirigh paindéim COVID-19 agus ionsaí na Rúise ar an Úcráin an géarghá atá leis an athléimneacht ar gach leibhéal den Aontas, cibé acu ar leibhéal na mbardas, na gcathracha, na réigiún nó na mBallstát é sin.

4.

Measann sé gur mór is tábhachtach roinnt straitéisí agus beartas earnála agus trasearnálach (2) a chur chun feidhme ina nasctar na haistrithe glasa agus digiteacha le chéile sa chomhthéacs geopholaitiúil nua (3) má táthar chun na mórspriocanna Eorpacha a bhaint amach.

5.

Is lándeimhin le CnaR, de mheon Dhearbhú Lednice (4), nach féidir sprioc choiteann a bheith mar thoradh ar na pleananna, na gníomhaíochtaí agus an tacaíocht uile sin ach amháin má thugtar aghaidh orthu ar bhealach iomlánaíoch agus má chuirtear chun feidhme iad ar mhaithe lena bhfuil de chónaitheoirí san Aontas agus le críoch iomlán an Aontais trí leas a bhaint as a bhfuil ar fáil de chistí, beartais agus uirlisí an Aontais.

6.

Tá CnaR cinnte dearfa nach mór na ceantair thuaithe a thuiscint mar spás nach féidir forbairt inbhuanaithe fhadtéarmach an Aontais a bhaint amach dá uireasa i gcomhréir leis na cuspóirí thuasluaite.

7.

Tá sé á chur i bhfios ag CnaR gur beartas nuálach de chuid an Aontais agus uirlis forbartha tuaithe é coincheap na Sráidbhailte Cliste a d’fhéadfadh cuidiú le hathbheochan na tuaithe a bhaint amach, arb é sprioc ríthábhachtach na Físe féin é.

Is léiriú é an staid reatha ar a leochailí atáimid

8.

Aithníonn CnaR a leochailí atá an tAontas maidir le gach ceann de thrí cholún na forbartha inbhuanaithe, mar atá an tsochaí, an comhshaol agus an geilleagar.

9.

Tá sé á chur i dtreis aige gur ceantair thuaithe iad 80 % de chríoch an Aontais agus go bhfuil 30 % de dhaonra an Aontais ina gcónaí iontu.

10.

Tuigeann CnaR a dhifriúla atá na dálaí maireachtála sna ceantair thuaithe thar mar atá sna ceantair uirbeacha.

11.

Is eol dó cé na rioscaí a eascraíonn as an easpa fuinnimh ab fhéidir a bheith ann más i dtortaobh le foinsí lasmuigh den Eoraip a bheifear, as an ráta ard creimthe ithreach atá le sonrú i roinnt tíortha san Aontas agus as an easpa uisce a d’fhéadfadh a bheith ann.

12.

Tá sé á chur i dtreis ag CnaR a riachtanaí atá sé críoch an Aontais a chur in oiriúint don athrú aeráide, an gá atá leis an mbithéagsúlacht a áirithiú chomh maith leis an ngá atá ann úsáid níos leithne a bhaint as foinsí in-athnuaite fuinnimh.

13.

Tá sé á chur i bhfios ag CnaR nach féidir go leor de na dúshláin bhunúsacha sin atá le sárú ag an Aontas a réiteach ach amháin trí thacaíocht chuí a thabhairt do na ceantair thuaithe, rud nach leor ann féin.

14.

I dtaca leis na ceantair thuaithe, is cúis bhuartha do CnaR a laghad rochtain atá acu ar an digitiú chomh maith leis na heasnaimh ó thaobh bonneagair agus seirbhísí de atá le sonrú iontu, rud a chuireann teorainn le forbairt eacnamaíoch na gceantar sin. Chun bríomhaireacht leanúnach na gceantar tuaithe a ráthú, ní mór na dálaí a chruthú faoinar féidir cianobair a dhéanamh agus faoinar féidir do ghnólachtaí iad féin a chur ar bhonn gairmiúil agus feidhmiú ar comhchéim leo siúd atá lonnaithe i gceantair uirbeacha. Is den riachtanas nascacht chobhsaí ardcháilíochta a bheith ar fáil i dtreo gurb acmhainn d’fhiontair ardteicneolaíochta diansonraí agus tionscail mhonaraíochta araon feidhmiú i limistéir atá tearc i ndaoine. Sa lá atá inniu ann, tá difríochtaí suntasacha le sonrú ó cheantar go chéile a fhad a bhaineann le rochtain ar nascacht, cuir i gcás tá ceantair thuaithe agus ceantair atá tearc i ndaoine i bhfad chun deiridh ar cheantair uirbeacha agus cathracha. Rud ríthábhachtach do na bardais agus do na réigiúin is ea go bhféadfaidís seirbhísí leasa shóisialta a sholáthar trí bhíthin líonraí leathanbhanda nó móibíleacha agus chuige sin is gá cumhdach níos fearr agus luasanna tarchuir líonra níos airde a bheith ar fáil. I gcás bardais a bhfuil droch-nascacht iontu, bíonn na saoránaigh i mbaol an eisiaimh dhigitigh.

15.

Tá sé á athdhearbhú ag CnaR go bhfuil athrú ó bhonn ag teacht ar an margadh saothair mar gheall ar an digitiú agus go mbeidh ardoideachas ar 40 % de dhaonra an Aontais a bheidh in aois oibre in 2040 (5), agus gurb iad na glúinte “digiteacha” Y agus Z a bheidh in uachtar sa mhargadh saothair.

16.

Is lándeimhin le CnaR go léiríonn na samplaí de chur chun feidhme choincheap na sráidbhailte cliste a thábhachtaí atá an ionstraim nua athraithe seo le haghaidh cur chuige iomlánaíoch i leith an duine agus na críche (6), lena nasctar bardais chliste, cathracha cliste agus réigiúin chliste le chéile faoi scáth Aontas Eorpach atá cliste.

Gairm chun gnímh

17.

Tá CnaR suite de go bhfuil rathúnas an Aontais ag brath ar cháilíocht a chríche ina hiomláine agus ar dhálaí inchomparáide a chruthú do shaol na saoránach, is cuma cén aois iad, cén t-oideachas atá orthu, cén stádas sóisialta atá acu nó cén áit san Aontas ina bhfuil siad.

18.

Dá bhrí sin, tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na comhreachtóirí dearcadh iomlánaíoch a ghlacadh i leith fhorbairt an Aontais ina n-aithnítear go bhfuil forbairt na gceantar tuaithe ríthábhachtach do shaoránaigh uile an Aontais.

19.

Tá CnaR ag iarraidh ar institiúidí an Aontais, ar na Ballstáit agus ar na réigiúin leas iomlán a bhaint as coincheap na sráidbhailte cliste mar uirlis nua, nuálach don bheartas Eorpach agus d’fhorbairt na gceantar tuaithe; cruthaíonn na claochluithe digiteacha agus teicneolaíocha dúshláin agus deiseanna nua chun cáilíocht saoil agus seirbhísí níos airde a chur ar fáil do na ceantair thuaithe. Cruthaíonn siad deiseanna nua chun geilleagar na gceantar tuaithe a éagsúlú agus chun rochtain ar an margadh fostaíochta a éascú. Dá thoradh sin, cuidiú is ea iad chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhéimeagrafacha atá ann faoi láthair, mar atá an t-aos óg a choinneáil sna ceantair thuaithe, taoide an bhánaithe a chasadh agus stop a chur le himirce daoine oilte.

20.

Tá CnaR ag iarraidh go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta do na ceantair thuaithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar leibhéal na mBallstát chun forbairt sráidbhailte cliste agus forbairt nasc feidhmiúil idir cheantair uirbeacha agus thuaithe a éascú; dar leis gur gá aird ar leith a thabhairt ar na hoileáin agus na ceantair shléibhtiúla, cois teorann agus fhorimeallacha nó iad sin atá faoi bhagairt eacnamaíoch, shóisialta nó dhéimeagrafach, agus gur gá déileáil leo uile mar cheantair atá an-leochaileach. A mhéid is féidir, ba cheart na dálaí maireachtála iontu a bheith inchomparáide leo siúd atá i réim sna ceantair uirbeacha, agus ba cheart féachaint ar na ceantair thuaithe mar limistéar cultúrtha arna bhainistiú ag sráidbhailte cliste a bhfuil geilleagar éagsúlaithe acu, dar cuid lárnach suntasach í an talmhaíocht.

21.

Tá CnaR láidir air gur cheart do bheartais an Aontais tarraingteacht na gceantar sin a chur chun cinn maille lena gcáilíocht saoil agus an pobal a mhaireann iontu a chosaint trí rochtain chomhionann ar sheirbhísí bunúsacha agus ar dheiseanna a áirithiú. Ní hé an beartas comhtháthaithe amháin atá i dtreis anseo óir tagann na nithe seo a leanas i gceist freisin: beartais an Aontais i réimsí na talmhaíochta, an mhargaidh aonair, na hiomaíochta, an chomhshaoil agus an fhuinnimh agus ba cheart na deiseanna teicneolaíochta síorathraitheacha agus na hathruithe atá ag tarlú sa tsochaí a chur san áireamh, ar deiseanna agus athruithe iad atá á dtiomáint chun cinn de thoradh iarrachtaí chun spriocanna uile-Eorpacha a bhaint amach.

22.

Molann CnaR seacht bprionsabal a chur i bhfeidhm agus na sráidbhailte cliste á gcruthú:

prionsabal an athraithe treo, prionsabal faoina gcuireann uirlisí síorathraitheacha teicneolaíochta ar a gcumas do dhaoine oibriú go cianda ón mbaile nó ón bpobal lena mbaineann siad agus seirbhísí a fháil sa bhaile;

prionsabal na n-achar gearr, prionsabal is cionsiocair le táirgeadh agus tomhaltas áitiúil, agus úsáid á baint as prionsabail 3E (7);

prionsabal athléimneacht na ndaoine agus na bpobal, an gheilleagair áitiúil agus an chomhshaoil;

prionsabal an aon réitigh amháin ag a bhfuil roinnt éifeachtaí coibhéiseacha, i.e. cur chuige iomlánaíoch;

prionsabal an chomhair chun réitigh éifeachtacha a bhaint amach, lena nasctar bardais le chéile d’fhonn saincheisteanna leasa choitinn a réiteach, atá beag beann ar theorainneacha riaracháin na réigiún;

prionsabal an chomhtháthaithe agus na comhlántachta, prionsabal faoina ndéantar sráidbhailte cliste agus cathracha cliste atá lonnaithe i réigiúin chliste a fhorbairt trí mheán comhar ar láthair na críche ar bhealach cothrománach agus ingearach araon, agus faoina ndéantar deiseanna a chothromú agus teannas a laghdú;

prionsabal na cinnteoireachta “fianaise-bhunaithe” atá bunaithe ar shonraí oscailte agus ar thrédhearcacht nósanna imeachta, faoina mbíonn sonraí a ghintear le tacaíocht ó fhoinsí poiblí ar fáil don riarachán poiblí, do shaoránaigh agus d’fhiontraithe ar mhaithe le réitigh nua a aimsiú chun dálaí maithe a chothú do shaol an duine, do phobail agus do ghnólachtaí.

23.

Measann sé i dtaca leis an gcur chuige seo go mbeidh gá le roinnt réitigh nua, ach iad a shaincheapadh do réigiúin éagsúla agus do ceantair thuaithe faoi leith, rud a chiallaíonn freisin go mbeidh gá le tacaíocht shuntasach don nuálaíocht, don taighde agus don fhorbairt ar leibhéal na hEorpa agus ar leibhéal na mBallstát araon.

24.

Tá sé á chur i bhfios ag CnaR a thábhachtaí atá sé seirbhísí a sholáthar do gach saoránach i ngach áit san Aontas laistigh de theorainn ama a bheidh le cinneadh bunaithe ar shaintréithe na gceantar tuaithe faoi leith. Beidh gá le tacaíocht don taighde agus don fhorbairt i ngach réimse den saol i dtimpeallacht tuaithe “chliste” shíorathraitheach.

25.

Tá CnaR ag iarraidh gur cheart an bonneagar a thógáil i gcomhréir leis an gcritéar sin, á chur san áireamh go bhfuil forbairt bonneagair iompair de bhóthar agus d’iarnród chomh tábhachtach le forbairt líonraí 5G agus bonneagar digiteach gaolmhar.

26.

Tá CnaR ag iarraidh go dtacófaí go mór agus go fada leis na ceantair thuaithe chun clár beartais 2030 (8) a chomhlíonadh, go háirithe a fhad a bhaineann le scileanna digiteacha agus oideachas digiteach a neartú, le bonneagair dhigiteacha shlána inbhuanaithe, maille le claochlú digiteach gnólachtaí agus digitiú seirbhísí poiblí. Is díol sásaimh do CnaR cuimsiú na gceantar tuaithe sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití (9).

27.

Tá sé á chur i dtreis ag CnaR gur gá a chinntiú nach dtiocfaidh ann do phobail agus do cheantair atá eisiata go digiteach ionas nach gcuirfear leis na difríochtaí atá cheana féin sa tsochaí.

28.

Tá CnaR ag iarraidh gur cheart leas a bhaint as a bhfuil ar fáil i ndáiríre d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite sa chríoch i gceist agus gur cheart tacú go han-mhór le logánú an táirgthe agus an tomhaltais fuinnimh (“táirgeoirí is tomhaltóirí” a chothú).

29.

Tá sé ag iarraidh gur cheart tacú le tógáil agus athchóiriú tithíochta atá tíosach ar fhuinneamh sna ceantair thuaithe chun dálaí maithe a chruthú do chónaitheoirí atá ann cheana agus do dhaoine nua a rachaidh chun cónaithe iontu amach anseo.

30.

Tá CnaR ag iarraidh go gcruthófaí dálaí níos fearr chun gnólachtaí beaga agus meánmhéide éagsúlaithe a fhorbairt agus go mbeadh gnólachtaí nuathionscanta de dhlúth agus d’inneach fhorbairt na mbardas cliste sna ceantair thuaithe.

31.

Dar le CnaR go bhfuil tábhacht nach beag le tionscnamh na sráidbhailte nuathionscanta chun sráidbhailte cliste a iompú ina gcolún eacnamaíoch.

32.

Tá sé á chur i dtreis aige go bhfuil an tábhacht chéanna le cur chun feidhme na straitéisí um speisialtóireacht chliste a fhad a bhaineann leis an nuálaíocht ar fud an Aontais, lena n-áirítear sna ceantair thuaithe.

33.

Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí an “dea-rialachas” a fhorbairt, lena n-áirítear riarachán poiblí digiteach, lena gcuirfear ar chumas daoine atá chun cónaithe i gceantar tuaithe rochtain chianda a fháil ar sheirbhísí bardasacha, réigiúnacha agus stáit. Ní mór cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcóras riaracháin bonn ar bhonn leis sin.

34.

Tá sé ag iarraidh go mbeadh rochtain ar an oideachas ag gach duine, beag beann ar a n-aois, bíodh sin ar an láthair nó trí chianrochtain, agus go ndéanfaí ionaid phobail a fhorbairt ina bhfuil réimse seirbhísí le fáil, ó leabharlanna go hobair shóisialta.

35.

Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí cúram sláinte agus cúram sóisialta d’ardchaighdeán a dhílárú, a idirnascadh agus a eagrú ionas go mbeidh daoine in ann cónaí ina dtithe féin ar feadh a saoil.

36.

Tugann CnaR dá aire go bhfuil sé an-úsáideach forbairt a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an teilileigheas, le réimse na ríomhshláinte i gcoitinne, agus le réimsí nua freisin (e.g. an réaltacht fhíorúil), rud ba chuidiú dúinn i roinnt réimsí ón oideachas gairmiúil go dtí an cúram sóisialta.

37.

Tá CnaR ag iarraidh go bhfeidhmeoidh córas tarrthála comhtháite ní hamháin laistigh de na Ballstáit aonair, ach freisin trí bhíthin comhar frithpháirteach ó theorainn go chéile, go háirithe sna limistéir teorann, agus, ar an gcaoi sin, go bhféadfaí freagairt thapa a thabhairt ar éigeandálaí.

38.

Tá sé ag iarraidh freisin go dtacófaí le forbairt na talmhaíochta nua-aimseartha agus an bhithgheilleagair (i limistéir chósta an gheilleagair ghoirm) ar mhaithe le bainistiú freagrach amhábhar agus ábhar a fhad a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach. Is lándeimhin le CnaR go n-éascóidh an agrafhoraoiseacht, an talmhaíocht chliste, an uiscephonaic chomh maith le réimsí agus cleachtais eile obair na ndaoine i réimse na talmhaíochta, go gcuirfidh siad le neamhthuilleamaíocht bia na hEorpa agus go gcuideoidh siad leis an gcreimeadh a chomhrac.

39.

Tá CnaR ag iarraidh gur cheart an méadú tuartha ar líon na ndaoine atá ag obair i bpoist cháilithe, beag beann ar an áit ina bhfuil siad (e.g. daoine atá ag obair i réimsí cruthaitheacha), agus a shocraigh ar chónaí a dhéanamh i gceantar tuaithe, a chur san áireamh.

40.

Tá sé ag iarraidh go dtacófaí le réitigh nua sa réimse ar an tuiscint nach amháin go mbaineann an Bauhaus Eorpach Nua le cathracha, ach freisin le cruthú tírdhreacha a gcuirtear a éagsúlacht san áireamh, á thabhairt chun cuimhne an gá atá leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus a fhorbairt.

41.

Tá CnaR ag iarraidh go dtabharfaí san áireamh ó thaobh an airgeadais de an chaoi a bhfuil an acmhainneacht oiriúnúcháin don athrú aeráide, cothabháil na bithéagsúlachta agus cáilíocht na bhforaoisí ag brath go príomha ar fhorbairt chliste a dhéanamh ar na ceantair thuaithe. Tá sé á chur i bhfios ag CnaR go bhféadfadh cóireáil dhíláraithe uisce sna bardais bheaga feabhas a chur ar choinneáil uisce sa tírdhreach.

42.

Tá CnaR ag iarraidh go gcruthófaí dálaí le haghaidh soghluaisteacht ghníomhach (bonneagar le haghaidh iompar neamh-mhótaraithe) chun go bhféadfar cur le stíl mhaireachtála shláintiúil na gcónaitheoirí áitiúla agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an turasóireacht inbhuanaithe.

43.

Tá béim á leagan ag CnaR ar rannchuidiú bunúsach na soghluaisteachta glaine uathrialaithí le forbairt na sráidbhailte cliste.

44.

Tá CnaR ag iarraidh a áirithiú go dtabharfar tacaíocht don obair phobail ar bhealach a chosnóidh na grúpaí leochaileacha sa phobal, go háirithe na mná. A bhuí leis an obair shóisialta, cuirtear feabhas ar dhálaí maireachtála na ngrúpaí imeallaithe den daonra sna ceantair thuaithe agus cuirtear feabhas ar fhéachaint suas leanaí ó phobail eisiata.

45.

Tá sé á chur i dtreis ag CnaR gur cheart sráidbhailte cliste a bheith ina gcuid lárnach den bheartas forbartha réigiúnaí agus gur cheart sineirgí a chruthú leis na huirlisí atá ann cheana, e.g. LEADER/CLLD. San obair sin, ba cheart do na rialtais agus d’institiúidí ar gach leibhéal Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla a áireamh ina gclársceidealú ar bhealach níos iomlánaíche. Is acmhainn do shráidbhailte cliste, ach iad a bheith faoi bhainistíocht na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla, cur leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach.

46.

Ach tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na gceantar tuaithe trí bhíthin na mbeart thuas, is lándeimhin le CnaR go gcuirfear go mór le hathléimneacht na hEorpa, go n-áiritheofar cáilíocht saoil níos airde ní hamháin sna ceantair sin, ach sna cathracha freisin mar thoradh ar athruithe sna ceantair thuaithe, go méadófar iomaíochas an Aontais, go bhfeabhsófar cáilíocht an chomhshaoil agus go dtreiseofar an comhtháthú sóisialta.

47.

Toisc a mhéid atá na dúshláin nach foláir do na ceantair thuaithe a shárú, tá sé á chur i bhfios ag CnaR gur gá acmhainní airgeadais a dháileadh go mór agus go fada ar na ceantair sin agus na gníomhaíochtaí uile lena mbaineann a dhéanamh iontu, lena n-áirítear naisc idir na ceantair uirbeacha agus thuaithe a fhorbairt. Measann sé gur gá uirlisí forbartha a nascadh le chéile, ilroinnt na n-uirlisí sin a laghdú, agus sineirgí idir LEADER/CLLD, tionscnaimh sráidbhailte cliste agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla a neartú, agus iad a mhaoiniú trí chistí uile an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, pleananna CBT nó cistí NextGenerationEU. Tá na huirlisí uile sin ríthábhachtach chun forbairt chomhtháite na gceantar tuaithe a chur chun cinn.

48.

Tá CnaR ag iarraidh go n-athrófaí de réir a chéile na critéir maidir le dáileadh na tacaíochta ó fhoinsí AE ionas go gcuirfear sciar críochach na gceantar tuaithe san Aontas agus líon na mbardas iontu san áireamh.

49.

Tá CnaR ag iarraidh, ina theannta sin, go mbeadh sé i gceist sa Bheartas Comhtháthaithe tar éis 2027 go ndíreofaí béim réigiúnach faoi leith ar leibhéal an Aontais ar na ceantair thuaithe, go gcuirfí cistí i leataobh dóibh agus go leagfaí síos tairseach íosta maidir leis an gcúnamh a thugtar faoi na Comhaontuithe Comhpháirtíochta. Ó thaobh phromhadh leas na tuaithe de, agus i gcomhréir leis an bprionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú”, ba cheart a leithéid chéanna a dhéanamh i gcás beartais eile i mbuiséad an Aontais a bhfuil gné chríochach ag baint leo, lena n-áirítear aon bheartas a thiocfaidh in ionad NextGenerationEU.

Córas faireacháin

50.

Is díol sásaimh do CnaR gur cuireadh an Fhaireachlann um an Tuath ar bun chun táscairí a chruthú le faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na gceantar tuaithe, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach sonraí a bheith ar fáil ar leibhéal NUTS3, ar a laghad, i dtíortha uile an Aontais. Tá sé á chur chun suntais aige a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit na sonraí sin a chur ar fáil don phobal go bliantúil i bhformáid sonraí oscailte, lena n-áirítear don phobal eolaíochta.

51.

Tá aird á tarraingt ag CnaR ar an ngá práinneach atá ann dul níos faide ná Clár Oibre Críochach nua 2030 agus an Fhís le gur féidir Clár Oibre Eorpach Tuaithe a chur ar bun lena bhféadfar leas a bhaint as táscairí sonracha chun úsáid cistí struchtúracha sna réigiúin arna gcumhdach le hAirteagal 174 a fhíorú. Ba cheart táscairí a bhunú mar tháscairí bunúsacha do chríoch iomlán na gceantar tuaithe, e.g. i réimse an bhonneagair dhigitigh, agus, ina dhiaidh sin, mar tháscairí sonracha, á tabhairt san áireamh an staid shonrach i gcríocha aonair – chomh maith le sonraí sonracha maidir leis na réigiúin shléibhtiúla, na hoileáin, na ceantair thuaithe, ceantair a bhfuil meath déimeagrafach agus tionsclaíoch ag baint leo, etc. Ba cheart na táscairí sin a shainiú ar an leibhéal foréigiúnach (cuir i gcás NUTS 3 agus an t-aonad riaracháin áitiúil), áit a bhfuil na héagothromaíochtaí is mó i réimse na forbartha le sonrú, agus ba cheart iad a úsáid nuair a bheidh beartais uile an Aontais á ndíonadh ar bhonn tuaithe.

52.

Tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún tograí le haghaidh spriocanna agus táscairí a áireamh ina thuarascáil mheastóireachta maidir le cur chun feidhme na Físe. Ina theannta sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh conas na spriocanna sin a chomhtháthú sna córais faireacháin sin de chuid an Aontais atá ann cheana (e.g. an Seimeastar Eorpach).

53.

Tá CnaR ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar na réigiúin oibriú i gcomhar le chéile maidir le cruthú agus cur i bhfeidhm na dtáscairí sin chun athruithe sna ceantair thuaithe a thomhas.

54.

Tuigeann CnaR na féidearthachtaí a dtagann ann dóibh má dhéantar sonraí a bhailiú ar bhealach córasach leanúnach, e.g. trí shatailítí, agus tá sé ag iarraidh go n-úsáidfí iad go hiomchuí.

55.

Is eol do CnaR nach féidir cáilíocht saoil a mheasúnú ar bhonn cainníochtúil amháin; tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, go dtacóidh an tAontas le tionscadail taighde as a dtiocfaidh táscairí agus modhanna cáilíochtúla eile chun cinn, go háirithe táscairí agus modhanna cáilíochtúla lena bhféadfar anailís a dhéanamh ar staid agus ar dhinimic na forbartha sna ceantair thuaithe, rud a chumasóidh dearcadh iomlánaíoch ar an bhforbairt sin agus rud a thacóidh leis na hidirghabhálacha is éifeachtaí arb é is aidhm dóibh tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chríoch agus sochaí an Aontais.

An Bhruiséil, an 15 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  COM(2021) 345 final

(2)  Mar shampla, an 8ú Plean Gníomhaíochta don Chomhshaol, an Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú, an Straitéis Bhithéagsúlachta go dtí 2030, REPowerEU, Compás Digiteach 2030, Clár Beartais 2030: Conair i dtreo na Deacáide Digití.

(3)  COM(2022) 289

(4)  https://memportal.cor.europa.eu/Handlers/ViewDoc.ashx?doc=COR-2022-05357-00-00-DECL-TRA-EN.docx

(5)  Lutz, W., Goujon, A., Kc, S., Stonawski, M. agus Stilianakis, N., Demographic and Human Capital Scenarios for the 21st Century: 2018 Assessment for 201 Countries, EUR 29113 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2018, ISBN 978-92-79-78024-0 (ar líne), JRC111148.

(6)  Féach samplaí den dea-chleachtas a cuireadh i láthair ag an gcomhdháil “An Réigiún Nuálaíoch – Deiseanna agus Dúshláin”, a tionóladh in Jeseník in 2022 mar chuid d’Uachtaránacht na Seicia ar an gComhairle Eorpach: https://mmr.cz/en/microsites/pres/akce/cz-pres-konference-inovativni-region-prilezitosti.

(7)  Barainneacht, éifeachtúlacht, éifeachtacht (“Economy, efficiency, effectiveness” sa Bhéarla).

(8)  COM(2021) 574 final.

(9)  https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/european-declaration-digital-rights-and-principles.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste na Réigiún

An 154ú seisiún iomlánach de CnaR, 15.3.2023 – 16.3.2023

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 188/19


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Cóiríocht ghearrthéarmach a ligean ar cíos: cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na bpobal áitiúil, na bhfiontraithe agus na dtaistealaithe

(2023/C 188/05)

Rapóirtéir:

Roberto CIAMBETTI (IT/ECR), Uachtarán agus Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Veneto

Doiciméad Tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus Ón gComhairle maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1724

COM/2022/571 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(1)

Tá seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach á dtairiscint ag óstaigh le blianta fada mar chomhlánú ar sheirbhísí cóiríochta eile amhail óstáin, brúnna, nó tithe leaba agus bricfeasta. Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar fud an Aontais mar thoradh ar fhás an gheilleagair ardáin. Cé go gcruthaíonn seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach go leor deiseanna d’aíonna, d’óstaigh agus d’éiceachóras na turasóireachta ina iomláine, is údar imní agus is dúshlánach an fás mear atá tagtha ar na seirbhísí sin, go háirithe do phobail áitiúla agus d’údaráis phoiblí. Ar cheann de na príomhdhúshláin tá an easpa faisnéise iontaofa maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach amhail céannacht an óstaigh, an suíomh ina bhfuil na seirbhísí sin á dtairiscint, agus ré na seirbhísí, rud a fhágann go bhfuil sé deacair d’údaráis tionchar na seirbhísí sin a mheasúnú agus freagairtí beartais iomchuí agus comhréireacha a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

(1)

Tá seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach á dtairiscint ag óstaigh le blianta fada mar chomhlánú ar sheirbhísí cóiríochta eile amhail óstáin, brúnna, nó tithe leaba agus bricfeasta. Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar fud an Aontais mar thoradh ar fhás an gheilleagair ardáin . Tá roinnt ardán ann nach bhfuil ag gníomhú i gcomhréir agus i gcomhar leis na dlíthe agus na rialacha . Cé go gcruthaíonn seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach go leor deiseanna d’aíonna, d’óstaigh agus d’éiceachóras na turasóireachta ina iomláine, is údar imní agus is dúshlánach an fás mear atá tagtha ar na seirbhísí sin, go háirithe do phobail áitiúla agus d’údaráis phoiblí. Ar cheann de na príomhdhúshláin tá an easpa faisnéise iontaofa maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach amhail céannacht an óstaigh, an suíomh ina bhfuil na seirbhísí sin á dtairiscint, agus ré na seirbhísí, rud a fhágann go bhfuil sé deacair d’údaráis tionchar na seirbhísí sin a mheasúnú agus freagairtí beartais iomchuí agus comhréireacha a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

Leasú 2

Aithris 3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(3)

Chuige sin, ba cheart rialacha comhchuibhithe maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí i dtaca leis na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a leagan síos chun rochtain ag údaráis phoiblí ar shonraí maidir le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a mhéadú agus cáilíocht na sonraí sin a fheabhsú, rud is ceart a d’fhágfadh go mbeidh siad in ann beartais maidir le seirbhísí den sórt sin a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus comhréireach.

(3)

Chuige sin, ba cheart rialacha comhchuibhithe maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí i dtaca leis na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a leagan síos chun rochtain ag údaráis phoiblí ar shonraí maidir le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a mhéadú agus cáilíocht na sonraí sin a fheabhsú, rud is ceart a d’fhágfadh go mbeidh siad in ann beartais maidir le seirbhísí den sórt sin a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus comhréireach. Is é a chiallaíonn sé sin go mbeadh deiseanna ann i gcónaí ag na hardáin ach go n-urramófaí freisin cuspóirí an bheartais phoiblí amhail tithíocht infhaighte agus inacmhainne agus cosaint do na lárionaid uirbeacha, go háirithe i dtréimhsí ina bhfuil meath ag teacht ar na dálaí eacnamaíocha san Eoraip. Ní fhágfaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar ardáin ná a dtionchar go ndéanfar dochar don fháilte mhór a chuirtear roimh an turasóireacht i réigiúin agus i gcathracha na hEorpa ná do cháilíocht mhaireachtála ár gcomharsanachtaí.

Leasú 3

Aithris 5

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(5)

Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo a áirithiú go gcomhlíontar rialacha custaim nó cánachais agus ní dhéanann sé difear d’inniúlachtaí na mBallstát i réimse na gcionta coiriúla. Dá réir sin, ní dhéanann sé difear d’inniúlacht na mBallstát ná d’inniúlacht an Aontais sna réimsí sin ná d’aon ionstraim de chuid an dlí náisiúnta ná de chuid an Aontais a ghlactar de bhun na n-inniúlachtaí sin maidir le rochtain, comhroinnt agus úsáid sonraí sna réimsí sin. Dá bhrí sin, ba cheart aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint amach anseo as sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun an Rialacháin maidir le forghníomhú an dlí nó chun críocha cánachais agus custaim a eisiamh.

(5)

Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo a áirithiú go gcomhlíontar rialacha custaim nó cánachais agus ní dhéanann sé difear d’inniúlachtaí na mBallstát i réimse na gcionta coiriúla. Dá réir sin, ní dhéanann sé difear d’inniúlacht na mBallstát ná d’inniúlacht an Aontais sna réimsí sin ná d’aon ionstraim de chuid an dlí náisiúnta ná de chuid an Aontais a ghlactar de bhun na n-inniúlachtaí sin maidir le rochtain, comhroinnt agus úsáid sonraí sna réimsí sin. Dá bhrí sin, ba cheart aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint amach anseo as sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun an Rialacháin maidir le forghníomhú an dlí nó chun críocha cánachais agus custaim a eisiamh . I ngach réimse reachtaíochta agus forghníomhaithe, tuigtear as an téarma “náisiúnta” go bhfuil an leibhéal réigiúnach, áitiúil agus tuaithe san áireamh ann chomh maith .

Leasú 4

Aithris 9

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(9)

Cuireann nósanna imeachta clárúcháin ar chumas na n-údarás inniúil faisnéis a bhailiú faoi óstaigh agus faoi aonaid a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Ba cheart don uimhir chlárúcháin, ar aitheantóir uathúil aonaid ar cíos í, a áirithiú gur féidir na sonraí a bhailítear agus a chomhroinntear ar ardáin a shannadh i gceart ar óstaigh agus ar aonaid. Ba cheart, dá bhrí sin, gur faoi na húdaráis inniúla, i gcás inar mian leo sonraí a fháil ó sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, a bheidh sé nósanna imeachta clárúcháin a chur ar bun nó a chothabháil le haghaidh óstaigh agus a n-aonad, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil.

(9)

Cuireann nósanna imeachta clárúcháin ar chumas na n-údarás inniúil faisnéis a bhailiú faoi óstaigh agus faoi aonaid a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Ba cheart don uimhir chlárúcháin, ar aitheantóir uathúil aonaid ar cíos í, a áirithiú gur féidir na sonraí a bhailítear agus a chomhroinntear ar ardáin a shannadh i gceart ar óstaigh agus ar aonaid. Ba cheart, dá bhrí sin, gur faoi na húdaráis inniúla, i gcás inar mian leo sonraí a fháil ó sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, a bheidh sé nósanna imeachta clárúcháin a chur ar bun nó a chothabháil le haghaidh óstaigh agus a n-aonad, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Tá an nós imeachta clárúcháin faoin rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe eile a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla i réimsí an chánachais, an chláraithe daonra agus an staidrimh.

Cúis

Níor cheart don Rialachán seo aon difear a dhéanamh d’oibleagáidí tuairiscithe atá le comhlíonadh ag óstaigh agus ag ardáin má tá na hoibleagáidí sin bunaithe ar dhlíthe nó rialacha eile atá i gcomhréir le dlí an Aontais.

Leasú 5

Aithris 12

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(12)

Ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit éileamh ar óstaigh faisnéis bhreise agus doiciméadacht bhreise a chur isteach lena bhfianaítear comhlíonadh na gceanglas arna mbunú leis an dlí náisiúnta, amhail ceanglais sláinte agus sábháilteachta agus ceanglais maidir le cosaint tomhaltóirí. Chun rochtain chomhionann agus cuimsiú comhionann a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar óstaigh faisnéis a sholáthar maidir le hinrochtaineacht na n-aonad a thairgtear do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach do dhaoine faoi mhíchumas i ndáil le ceanglais inrochtaineachta náisiúnta nó áitiúla. Mar sin féin, ba cheart do gach ceanglas a bheith i gcomhréir le prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta, rud a chiallaíonn nach mór dóibh a bheith iomchuí agus riachtanach chun cuspóir rialála dlisteanach a bhaint amach, agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le Treoir 2006/123/CE. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais faisnéise a fhorchur ar óstaigh a chomhlíonann dlí an Aontais maidir le saincheisteanna nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, amhail tréimhsí fanachta nach n-íoctar lena n-áirítear i gcás ina mbaineann socruithe óstála le daoine leochaileacha, amhail dídeanaithe nó tairbhithe cosanta sealadaí.

(12)

Ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit éileamh ar óstaigh faisnéis bhreise agus doiciméadacht bhreise a chur isteach lena bhfianaítear comhlíonadh na gceanglas arna mbunú leis an dlí náisiúnta, amhail cáin, ceanglais sláinte agus sábháilteachta agus ceanglais maidir le cosaint tomhaltóirí. Chun rochtain chomhionann agus cuimsiú comhionann a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar óstaigh faisnéis a sholáthar maidir le hinrochtaineacht na n-aonad a thairgtear do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach do dhaoine faoi mhíchumas i ndáil le ceanglais inrochtaineachta náisiúnta nó áitiúla. Mar sin féin, ba cheart do gach ceanglas a bheith i gcomhréir le prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta, rud a chiallaíonn nach mór dóibh a bheith iomchuí agus riachtanach chun cuspóir rialála dlisteanach a bhaint amach, agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le Treoir 2006/123/CE. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais faisnéise a fhorchur ar óstaigh a chomhlíonann dlí an Aontais maidir le saincheisteanna nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, amhail tréimhsí fanachta nach n-íoctar lena n-áirítear i gcás ina mbaineann socruithe óstála le daoine leochaileacha, amhail dídeanaithe nó tairbhithe cosanta sealadaí.

Leasú 6

Aithris 16

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(16)

Le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065 leagtar síos ceanglais díchill chuí áirithe do sholáthraithe ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe. Tá feidhm ag na ceanglais sin maidir le hardáin cíosa ghearrthéarma ar líne i dtaca le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairgeann óstaigh a cháilíonn mar thrádálaithe. Mar sin féin, is saintréith a bhaineann le hearnáil na cóiríochta ar chíos gearrthéarmach gur minic gur daoine aonair príobháideacha iad óstaigh a thairgeann seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar bhonn piara le piara ó am go chéile, ar daoine iad nach gá go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun iad a chatagóiriú mar “thrádálaithe” faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, i gcomhréir le coincheap agus cuspóir an “chomhlíonta trí dhearadh” faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065, agus chun a chumasú d’údaráis inniúla a fhíorú an bhfuil na hoibleagáidí clárúcháin is infheidhme á gcomhlíonadh, is iomchuí coinníollacha sonracha a chur i bhfeidhm maidir le comhlíonadh trí dhearadh i gcomhthéacs na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, lena n-áirítear na seirbhísí sin a thairgeann óstaigh nach gcáilíonn mar thrádálaithe de bhun dhlí an Aontais. Ba cheart d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a áirithiú nach dtairgtear seirbhísí i gcás nár soláthraíodh uimhir chlárúcháin, i gcásanna ina ndearbhaíonn óstach go bhfuil feidhm ag uimhir chlárúcháin den sórt sin. Níor cheart gurb ionann é sin agus oibleagáid ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne faireachán ginearálta a dhéanamh ar na seirbhísí a thairgeann óstaigh trína n-ardán, ná oibleagáid ghinearálta aimsithe fíoras atá dírithe ar chruinneas na huimhreach clárúcháin a mheasúnú roimh fhoilsiú na tairisceana ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

(16)

Le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065 leagtar síos ceanglais díchill chuí áirithe do sholáthraithe ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe. Tá feidhm ag na ceanglais sin maidir le hardáin cíosa ghearrthéarma ar líne i dtaca le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairgeann óstaigh a cháilíonn mar thrádálaithe. Mar sin féin, is saintréith a bhaineann le hearnáil na cóiríochta ar chíos gearrthéarmach gur minic gur daoine aonair príobháideacha iad óstaigh a thairgeann seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar bhonn piara le piara ó am go chéile, ar daoine iad nach gá go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun iad a chatagóiriú mar “thrádálaithe” faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, i gcomhréir le coincheap agus cuspóir an “chomhlíonta trí dhearadh” faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065, agus chun a chumasú d’údaráis inniúla a fhíorú an bhfuil na hoibleagáidí clárúcháin is infheidhme á gcomhlíonadh, is iomchuí coinníollacha sonracha a chur i bhfeidhm maidir le comhlíonadh trí dhearadh i gcomhthéacs na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, lena n-áirítear na seirbhísí sin a thairgeann óstaigh nach gcáilíonn mar thrádálaithe de bhun dhlí an Aontais. Ba cheart d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a áirithiú nach dtairgtear seirbhísí i gcás nár soláthraíodh uimhir chlárúcháin, i gcásanna ina ndearbhaíonn óstach go bhfuil feidhm ag uimhir chlárúcháin den sórt sin. Ba cheart go gcuirfeadh sin ceangal ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne maidir le h oibleagáid ghinearálta aimsithe fíoras atá dírithe ar chruinneas na huimhreach clárúcháin a mheasúnú roimh fhoilsiú na tairisceana ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

Cúis

Ba cheart oibleagáid a bheith ar na hardáin cruinneas na huimhreach clárúcháin a sheiceáil.

Leasú 7

Aithris 18

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(18)

Ba cheart d’údaráis inniúla ar mian leo faisnéis a fháil ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne maidir le gníomhaíochtaí óstach agus a bhfuil córais chlárúcháin i bhfeidhm acu a bheith in ann sonraí gníomhaíochta a fháil ó ardáin ar líne ar bhonn rialta. Ba cheart an cineál sonraí a fhéadfar a fháil a chomhchuibhiú go hiomlán agus ba cheart faisnéis a áireamh ann maidir le líon na n-oícheanta a bhfuil aonad cláraithe ligthe ar cíos ina leith, líon na n-aíonna a d’fhan san aonad in aghaidh na hoíche, uimhir chlárúcháin agus URL liostú an aonaid, rud atá de dhíth chun sainaithint an óstaigh agus an aonaid a thairgtear do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a éascú i gcásanna ina bhfuil an uimhir chlárúcháin ar iarraidh nó mícheart . Ní chumhdaítear ach ardáin ar líne a d’éascaigh go héifeachtach tabhairt chun críche idirbheart díreach idir óstaigh agus aíonna leis an oibleagáid sonraí gníomhaíochta, uimhir chlárúcháin agus URL liostú an aonaid a sholáthar, toisc nach bhfuil ach na hardáin sin in ann sonraí a bhailiú, amhail an líon oícheanta ar lena aghaidh a ligtear aonad ar cíos agus an líon aíonna a d’fhan san aonad in aghaidh na hoíche. Níor cheart do na Ballstáit bearta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach lena gceanglaítear ar ardáin tuairisc a thabhairt ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus ar a ngníomhaíochtaí atá éagsúil ó na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, mura bhforáiltear a mhalairt faoi dhlí an Aontais.

(18)

Ba cheart d’údaráis inniúla ar mian leo faisnéis a fháil ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne maidir le gníomhaíochtaí óstach agus a bhfuil córais chlárúcháin i bhfeidhm acu a bheith in ann sonraí gníomhaíochta a fháil ó ardáin ar líne ar bhonn rialta. Ba cheart an cineál sonraí a fhéadfar a fháil a chomhchuibhiú go hiomlán agus ba cheart faisnéis a áireamh ann maidir le líon na n-oícheanta a bhfuil aonad cláraithe ligthe ar cíos ina leith, líon na n-aíonna ar ligeadh an t- aonad ar cíos leo in aghaidh na hoíche, uimhir chlárúcháin agus URL liostú an aonaid . Ar fhaitíos go mbeadh an uimhir chlárúcháin ar iarraidh nó mícheart, ba cheart seoladh an aonaid, lena n-áirítear uimhir chruinn an árasáin, a bheith sna sonraí , rud atá de dhíth chun go bhféadfar an t-óstach agus an t-aonad a thairgtear do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a shainaithint . Ní chumhdaítear ach ardáin ar líne a d’éascaigh go héifeachtach tabhairt chun críche idirbheart díreach idir óstaigh agus aíonna leis an oibleagáid sonraí gníomhaíochta, uimhir chlárúcháin agus URL liostú an aonaid a sholáthar, toisc nach bhfuil ach na hardáin sin in ann sonraí a bhailiú, amhail an líon oícheanta ar lena aghaidh a ligtear aonad ar cíos agus an líon aíonna a d’fhan san aonad in aghaidh na hoíche. Níor cheart do na Ballstáit bearta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach lena gceanglaítear ar ardáin tuairisc a thabhairt ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus ar a ngníomhaíochtaí atá éagsúil ó na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, mura bhforáiltear a mhalairt faoi dhlí an Aontais.

Cúis

I gcásanna ina mbeadh an uimhir chlárúcháin ar iarraidh nó mícheart, ní leor an URL chun an t-óstach agus an t-aonad a shainaithint. Bheadh an seoladh cruinn, lena n-áirítear uimhir an árasáin, ag teastáil.

Leasú 8

Aithris 23

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(23)

Ba cheart do na Pointí Iontrála Digiteacha Aonair cumas na n-ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a éascú seiceáil randamach a dhéanamh ar bhailíocht uimhreach clárúcháin nó ar chruinneas féindearbhuithe, chun earráidí agus neamhréireachtaí a laghdú maidir le tarchur sonraí agus chun a n-ualach comhlíontachta a laghdú. Ba cheart don Phointe Iontrála Aonair Digiteach, cé nach n-éilítear stóráil iarbhír na huimhreach clárúcháin leis, ligean chun seiceáil randamach a dhéanamh go huathoibríoch trí Chomhéadan Feidhmchláir trína bhféadfar uimhir chlárúcháin a chur i gcomparáid leis na hiontrálacha lena mbaineann i gclárlann nósanna imeachta an chlárúcháin aonair i mBallstát atá nasctha leis an bPointe Iontrála Digiteach Aonair nó fíorúchán de láimh a dhéanamh, mar shampla, trí uimhir chlárúcháin a iontráil i gcomhéadan ar líne agus deimhniú a fháil maidir lena bhailíocht. Ba cheart é d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a bheith saor chun seiceálacha breise a dhéanamh tríd an bPointe Iontrála Digiteach Aonair. Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’oibleagáidí clárúcháin a fhorfheidhmiú trí úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil dóibh cheana féin.

(23)

Ba cheart do na Pointí Iontrála Digiteacha Aonair cumas na n-ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a éascú seiceáil a dhéanamh ar bhailíocht uimhreach clárúcháin nó ar chruinneas féindearbhuithe, chun earráidí agus neamhréireachtaí a laghdú maidir le tarchur sonraí agus chun a n-ualach comhlíontachta a laghdú. Ba cheart don Phointe Iontrála Aonair Digiteach, cé nach n-éilítear stóráil iarbhír na huimhreach clárúcháin leis, ligean chun seiceáil randamach a dhéanamh go huathoibríoch trí Chomhéadan Feidhmchláir trína bhféadfar uimhir chlárúcháin a chur i gcomparáid leis na hiontrálacha lena mbaineann i gclárlann nósanna imeachta an chlárúcháin aonair i mBallstát atá nasctha leis an bPointe Iontrála Digiteach Aonair nó fíorúchán de láimh a dhéanamh, mar shampla, trí uimhir chlárúcháin a iontráil i gcomhéadan ar líne agus deimhniú a fháil maidir lena bhailíocht. Ba cheart é d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a bheith saor chun seiceálacha breise a dhéanamh tríd an bPointe Iontrála Digiteach Aonair. Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’oibleagáidí clárúcháin a fhorfheidhmiú trí úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil dóibh cheana féin.

Cúis

Ní leor seiceálacha randamacha. Tá formáid ar leith ag na huimhreacha clárúcháin; is féidir iad a sheiceáil go huathoibríoch, rud a laghdaíonn an t-ualach.

Leasú 9

Aithris 26

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(26)

Tá gá le creat comhréireach, teoranta agus intuartha ar leibhéal an Aontais chun sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a roinnt go trédhearcach, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Chun é sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit liosta a dhéanamh de na húdaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó á chothabháil acu chun sonraí gníomhaíochta faoi aonad atá suite ar a gcríoch a iarraidh. Níor cheart sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh nósanna imeachta clárúcháin nó rialacha cur chun feidhme a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Sa chás deiridh sin, níor cheart próiseáil den sórt sin a cheadú ach amháin má tá na rialacha atá i gceist neamh-idirdhealaitheach, comhréireach, agus go gcomhlíonann siad dlí an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le saorghluaiseacht seirbhísí, saoirse bunaíochta, agus na rialacha i dTreoir 2006/123. Chun críocha dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, ba cheart an cuspóir atá ag próiseáil na sonraí i gcomhréir le ceanglais Rialachán 2016/679 a leagan amach in aon riail a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin. Tá sonraí gníomhaíochta, seachas sonraí pearsanta, riachtanach freisin d’údaráis atá ag forbairt rialacha den sórt sin mar chuid d’iarrachtaí chun éiceachóras cothrom turasóireachta a chur chun cinn, lena n-áirítear rialacha éifeachtacha agus comhréireacha maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus maidir leis na seirbhísí sin a sholáthar. Le tréimhse coinneála uasta de 1 bhliain, ba cheart údaráis inniúla a cheadú chun áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha agus na rialacháin is infheidhme maidir le hóstaigh nó maidir le haonaid ar cíos agus go ndéanfar beartais a fhorbairt.

(26)

Tá gá le creat comhréireach, teoranta agus intuartha ar leibhéal an Aontais chun sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a roinnt go trédhearcach, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit liosta a dhéanamh de na húdaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó á chothabháil acu chun sonraí gníomhaíochta faoi aonad atá suite ar a gcríoch a iarraidh. Níor cheart sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh nósanna imeachta clárúcháin nó rialacha cur chun feidhme a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Sa chás deiridh sin, níor cheart próiseáil den sórt sin a cheadú ach amháin má tá na rialacha atá i gceist neamh-idirdhealaitheach, comhréireach, agus go gcomhlíonann siad dlí an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le saorghluaiseacht seirbhísí, saoirse bunaíochta, agus na rialacha i dTreoir 2006/123. Ní fhéadfar glacadh leis gur tharla sárú ar na forálacha seo ach amháin má rinneadh an sárú sin a chruthú go cinnte os comhair cúirte. Chun críocha dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, ba cheart an cuspóir atá ag próiseáil na sonraí i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 a leagan amach in aon riail a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin. Tá sonraí gníomhaíochta, seachas sonraí pearsanta, riachtanach freisin d’údaráis atá ag forbairt rialacha den sórt sin mar chuid d’iarrachtaí chun éiceachóras cothrom turasóireachta a chur chun cinn, lena n-áirítear rialacha éifeachtacha agus comhréireacha maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus maidir leis na seirbhísí sin a sholáthar. Le tréimhse coinneála uasta de 1 bhliain, ba cheart údaráis inniúla a cheadú chun áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha agus na rialacháin is infheidhme maidir le hóstaigh nó maidir le haonaid ar cíos agus go ndéanfar beartais a fhorbairt. (31)

Leasú 10

Aithris 34

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(34)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo go tréimhsiúil mar aon le faireachán ar a éifeachtaí ar sholáthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne san Aontas. Leis an meastóireacht sin, ba cheart aon éifeacht ar sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a áireamh mar aon le haon éifeacht ag infhaighteacht mhéadaithe na sonraí ar ábhar agus ar chomhréireacht na rialacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach . Chun léargas leathan a fháil ar fhorbairtí san earnáil, ba cheart eispéiris na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha a chur san áireamh sa mheastóireacht.

(34)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo go tréimhsiúil mar aon le faireachán ar a éifeachtaí ar sholáthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne san Aontas. Leis an meastóireacht sin, ba cheart aon éifeacht ar sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a áireamh mar aon le haon éifeacht ag infhaighteacht mhéadaithe , inúsáidteacht agus cáilíocht na sonraí . Chun léargas leathan a fháil ar fhorbairtí san earnáil, ba cheart eispéiris údaráis inniúla na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha a chur san áireamh sa mheastóireacht.

Cúis

Ráthaítear comhréireacht na rialacha tríd an nós imeachta um fhógra a thabhairt atá leagtha síos i rialacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i gcomhréir leis an Treoir um Sheirbhísí.

Leasú 11

Airteagal 2(2) agus (3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Ní dochar an Rialachán seo don mhéid seo a leanas:

2.   Ní dochar an Rialachán seo don mhéid seo a leanas:

(a)

rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó soláthar na seirbhísí sin ag óstaigh, ach amháin mura bhforáiltear dá mhalairt go sonrach faoin Rialachán seo;

(a)

rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó soláthar na seirbhísí sin ag óstaigh, ach amháin mura bhforáiltear dá mhalairt go sonrach faoin Rialachán seo;

(b)

rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla lena rialaítear forbairt nó úsáid na gcaighdeán pleanála nó tógála talún, baile agus tíre;

(b)

rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla lena rialaítear forbairt nó úsáid na gcaighdeán pleanála nó tógála , nó dlí cónaithe, talún, baile agus tíre;

(c)

Dlí an Aontais nó dlí náisiúnta lena rialaítear cosc, imscrúdú, brath, nó ionchúiseamh na gcionta coiriúla, nó forghníomhú na bpionós coiriúil;

(c)

Dlí an Aontais nó dlí náisiúnta lena rialaítear cosc, imscrúdú, brath, nó ionchúiseamh na gcionta coiriúla, nó forghníomhú na bpionós coiriúil;

(d)

Dlí an Aontais nó dlí náisiúnta lena rialaítear riaradh, bailiú, forfheidhmiú agus aisghabháil cánacha, custaim agus dleachtanna eile.

(d)

Dlí an Aontais nó dlí náisiúnta lena rialaítear riaradh, bailiú, forfheidhmiú agus aisghabháil cánacha, custaim agus dleachtanna eile.

3.   Ní dochar an Rialachán seo do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe eile de sholáthar na seirbhísí ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, go háirithe:

3.   Ní dochar an Rialachán seo do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe eile de sholáthar na seirbhísí ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, go háirithe:

(a)

Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37);

(b)

Rialachán (AE) 2022/2065;

(c)

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

(d)

Treoir 2000/31/CE;

(e)

Treoir 2006/123/CE;

(f)

Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39);

(g)

Treoir (AE) 2010/24/AE ón gComhairle (40); agus

(h)

Treoir (AE) 2011/16/AE ón gComhairle (41) .

(a)

Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37);

(b)

Rialachán (AE) 2022/2065;

(c)

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(d)

Treoir 2000/31/CE (38);

(e)

Treoir 2006/123/CE;

(f)

Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39);

(g)

Treoir (AE) 2010/24/AE ón gComhairle (40);

(h)

Treoir (AE) 2011/16/AE (41) ón gComhairle; agus

(i)

Rialachán (AE) Uimh 692/2011 .

Cúis

Tá na dlíthe lena rialaítear an tithíocht ar iarraidh sa liosta sin, e.g. Dlí na Tionóntachta, Dlí na Tionóntachta Sóisialta agus Rialachán tábhachtach de chuid an Aontais ina bhfuil rialacha mionsonraithe maidir le staidreamh.

Leasú 12

Airteagal 3, pointí (2), (10) agus (11)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.

grúpa 55.1 (“óstáin agus cóiríocht chomhchosúil”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42; (b)soláthar na cóiríochta i dtailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna carbhán, ar a dtugtar tuairisc in NACE Ath. 2, grúpa 55.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 1893/2006. (2)ciallaíonn “óstach” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a sholáthraíonn, nó a bheartaíonn seirbhís chóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar in aghaidh luach saothair trí ardán ghearrthéarma ar líne, ar bhonn gairmiúil nó neamhghairmiúil;

2.

grúpa 55.1 (“óstáin agus cóiríocht chomhchosúil”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42; (b)soláthar na cóiríochta i dtailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna carbhán, ar a dtugtar tuairisc in NACE Ath. 2, grúpa 55.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 1893/2006. (2)ciallaíonn “óstach” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a sholáthraíonn, nó a bheartaíonn seirbhís chóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar in aghaidh luach saothair trí ardán ghearrthéarma ar líne, ar bhonn gairmiúil nó neamhghairmiúil, buan nó sealadach , agus gan beann ar cibé acu a sholáthraítear an tseirbhís cíosa go díreach nó trí chomhlacht seirbhísí bainistithe turasóireachta nó comhlacht margaíochta nó comhlacht eile dá samhail,

[…]

 

[…]

 

(10)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit atá inniúil chun nósanna imeachta clárúcháin a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú, agus/nó sonraí a bhailiú ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach;

(10)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit atá inniúil chun nósanna imeachta clárúcháin a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú, agus/nó sonraí a bhailiú ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus/nó údaráis atá freagrach as comhlíonadh na bhforálacha náisiúnta a fhíorú a fhad a bhaineann sé le “aonaid” agus le “óstaigh”, e.g. caighdeáin phleanála nó tógála tíre ;

(11)

ciallaíonn “sonraí gníomhaíochta” an líon oícheanta ar lena aghaidh a ligtear aonad ar cíos agus an líon aíonna a d’fhan san aonad in aghaidh na hoíche ;

(11)

ciallaíonn “sonraí gníomhaíochta” an líon oícheanta ar lena aghaidh a ligtear aonad ar cíos agus an líon aíonna in aghaidh na hoíche a d’fhan san aonad;.

Cúis

Faoi Airteagal 4(1) de Threoir 2006/123/CE ciallaíonn an coincheap “seirbhís” aon ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn féinfhostaithe, a dhéantar, de ghnáth, in éiric luach saothair. Is “seirbhísí” iad na seirbhísí cíosa gearrthéarmacha de réir bhrí na Treorach um Sheirbhísí agus, dá bhrí sin, cumhdaítear iad faoina raon feidhme.

Leasú 13

Airteagal 4(2) agus (5) (alt nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

2.   Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a)

go n-oibreoidh nósanna imeachta clárúcháin ar bhonn dearbhuithe arna ndéanamh ag óstaigh;

(a)

go n-oibreoidh nósanna imeachta clárúcháin ar bhonn dearbhuithe arna ndéanamh ag óstaigh;

(b)

go gceadófar le nósanna imeachta clárúcháin uimhir chlárúcháin a eisiúint go huathoibríoch agus láithreach le haghaidh aonad sonrach ar don óstach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a chur isteach agus, i gcás inarb iomchuí, aon doiciméadacht tacaíochta a cheanglaítear de bhun Airteagal 5(2);

(b)

go gceadófar le nósanna imeachta clárúcháin uimhir chlárúcháin a eisiúint go huathoibríoch agus láithreach le haghaidh aonad sonrach ar don óstach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a chur isteach agus, i gcás inarb iomchuí, aon doiciméadacht tacaíochta a cheanglaítear de bhun Airteagal 5(2);

(c)

nach mbeidh aonad faoi réir níos mó ná aon nós imeachta clárúcháin amháin;

(c)

nach mbeidh aonad faoi réir níos mó ná aon nós imeachta clárúcháin amháin de réir bhrí an Rialacháin seo. Tá an méid sin gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe eile a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir le dlí an Aontais, mar shampla i réimsí an chánachais, an chláraithe daonra agus an staidrimh ;

(d)

go bhfuil modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ceadú d’óstach faisnéis agus doiciméadacht a thabhairt cothrom le dáta;

(d)

go bhfuil modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ceadú d’óstach faisnéis agus doiciméadacht a thabhairt cothrom le dáta;

(e)

go bhfuil modhanna teicniúla i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht uimhreacha clárúcháin;

(e)

go bhfuil modhanna teicniúla i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht uimhreacha clárúcháin , agus go mbunófar struchtúr coiteann maidir leis na huimhreacha clárúcháin chun na críche sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 11 ;

(f)

go bhfuil modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ceadú d’óstach aonad a bhaint den chlárlann dá dtagraítear i mír 3;

(f)

go bhfuil modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ceadú d’óstach aonad a bhaint den chlárlann dá dtagraítear i mír 3;

(g)

go gceanglaítear ar óstaigh, agus a gcuid seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach á soláthar acu trí ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, a dhearbhú cé acu a bhfuil nó nach bhfuil an t-aonad atá á thairiscint lonnaithe i limistéar mar a bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis agus, más amhlaidh go bhfuil, an uimhir chlárúcháin a sholáthar.

(g)

go gceanglaítear ar óstaigh, agus a gcuid seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach á soláthar acu trí ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, a dhearbhú cé acu a bhfuil nó nach bhfuil an t-aonad atá á thairiscint lonnaithe i limistéar mar a bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis agus, más amhlaidh go bhfuil, an uimhir chlárúcháin a sholáthar.

 

5.     I gcás ina bhfuil feidhm ag scéim údarúcháin (liosta le fáil in Airteagal 13.1.c), níor cheart an uimhir chlárúcháin a eisíodh a úsáid chun aonad a thairiscint ar ardán cíosa ar líne go dtí go mbeidh an nós imeachta údarúcháin críochnaithe agus go mbeidh an t-óstach údaraithe ag an údarás inniúil chun cíos gearrthéarmach a thairiscint.

Leasú 14

Airteagal 5(1) agus (2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú (CnaR)

Faisnéis atá le soláthar ag óstaigh

Faisnéis atá le soláthar ag óstaigh

1.   I gcás ina mbeidh óstach ag clárú de bhun nós imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4, cuirfidh óstach an fhaisnéis seo a leanas isteach trí dhearbhú:

1.   I gcás ina mbeidh óstach ag clárú de bhun nós imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4, cuirfidh óstach an fhaisnéis seo a leanas isteach trí dhearbhú:

(a)

le haghaidh gach aonad:

(a)

le haghaidh gach aonad:

 

(1)

seoladh an aonaid;

(2)

an cineál aonaid;

(3)

cé acu a bhfuil an t-aonad á thairiscint mar chuid nó mar iomlán phríomháit chónaithe nó áit chónaithe thánaisteach an óstaigh, nó chun críoch eile;

(4)

an t-uaslíon aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal;

 

(1)

seoladh an aonaid;

(2)

an cineál aonaid;

(3)

cé acu a bhfuil an t-aonad á thairiscint mar chuid nó mar iomlán phríomháit chónaithe nó áit chónaithe thánaisteach an óstaigh, nó chun críoch eile;

(4)

an t-uaslíon aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal;

( 5)

cé acu an bhfuil, nó nach bhfuil, an t-aonad faoi réir údarú ó na húdaráis inniúla chun seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint, agus má tá an t-aonad faoi réir an údaraithe sin, cé acu an bhfuil, nó nach bhfuil an t-údarú sin faighte ag an óstach, i gcás ina bhfuil an ceanglas údaraithe sin i gcomhréir le dlí an Aontais;

(b)

i gcás inar daoine nádúrtha iad na hóstaigh:

(b)

i gcás inar daoine nádúrtha iad na hóstaigh:

 

(1)

a n-ainm;

(2)

uimhir aitheantais náisiúnta nó, mura bhfuil sí ar fáil, faisnéis eile lena gceadaítear an duine a shainaithint;

(3)

a seoladh;

(4)

a n-uimhir theileafóin;

(5)

an seoladh ríomhphoist is féidir leis an údarás inniúil a úsáid le haghaidh cumarsáid scríofa;

 

(1)

a n-ainm;

(2)

uimhir aitheantais náisiúnta nó, mura bhfuil sí ar fáil, faisnéis eile lena gceadaítear an duine a shainaithint.[…]

(3)

a seoladh;

(4)

a n-uimhir theileafóin;

(5)

an seoladh ríomhphoist is féidir leis an údarás inniúil a úsáid le haghaidh cumarsáid scríofa;

(c)

i gcás inar daoine dlítheanacha iad na hóstaigh:

c)

i gcás inar daoine dlítheanacha iad na hóstaigh:

 

(1)

a n-ainm;

(2

)an uimhir chlárúcháin ghnó náisiúnta; […]

(3)

ainm na n-ionadaithe dlíthiúla uile dá gcuid;

(4)

a seoladh poist cláraithe;

(5)

uimhir theileafóin ionadaí an duine dhlítheanaigh sin

(6)

seoladh ríomhphoist is féidir leis an údarás inniúil a úsáid le haghaidh cumarsáid scríofa.

 

(1)

a n-ainm;

(2)

an uimhir chlárúcháin ghnó náisiúnta;

(3)

ainm na n-ionadaithe dlíthiúla uile dá gcuid;

(4)

a seoladh poist cláraithe;

(5)

uimhir theileafóin ionadaí an duine dhlítheanaigh sin;

(6)

seoladh ríomhphoist is féidir leis an údarás inniúil a úsáid le haghaidh cumarsáid scríofa.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh doiciméadacht tacaíochta iomchuí in éineacht leis an bhfaisnéis a chuirtear isteach de bhun mhír 1.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh doiciméadacht tacaíochta iomchuí in éineacht leis an bhfaisnéis a chuirtear isteach de bhun phointí 1 go 4 d’fhomhír (a) agus i bhfomhíreanna (b) agus (c) de mhír 1. Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 5 d’fhomhír (a) de mhír 1, i gcás ina ndearbhóidh an t-óstach go bhfuil an t-aonad faoi réir údarú, nó i gcás ina gceadófar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 cinneadh uathoibríoch go bhfuil feidhm ag ceanglas údarúcháin, féadfaidh na Ballstáit cóip den údarú, nó tagairt dó, a iarraidh .

Cúis

Ba cheart é a bheith neamhdhleathach tairiscint a fhoilsiú sula gcríochnaítear an t-údarú. Mura ndéanfar amhlaidh, bainfear an bonn den bhunchúis atá leis na scéimeanna údarúcháin. I limistéir ina bhfuil scéim údarúcháin i bhfeidhm, d’fhéadfaí cóip den údarúchán, nó tagairt dó, a iarraidh.

Leasú 15

Airteagal 6 (5) –(mír nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

5.     I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil, tar éis fíorú de bhun mhír 1, go bhfuil na rialacha atá infheidhme sa Bhallstát maidir leis an rochtain ar sholáthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ag teacht salach ar thairiscint na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach in aonad ar leith, beidh sé de chumhacht aige bailíocht na n-uimhreacha clárúcháin dá ndéantar difear a chur ar fionraí agus ordú a eisiúint lena n-iarrfar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne aon liostú a bhaineann leis an aonad nó leis na haonaid i gceist a bhaint nó rochtain orthu a dhíchumasú gan moill mhíchuí .

Cúis

Ba cheart go mbeifí in ann bearta a dhéanamh freisin i gcásanna inar léir go bhfuil sáruithe á ndéanamh ar na rialacháin náisiúnta.

Leasú 16

Airteagal 7

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Comhlíontacht trí dhearadh

Comhlíontacht trí dhearadh

1.   Déanfaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an méid seo a leanas:

1.   Déanfaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an méid seo a leanas:

(a)

a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lena gceanglaítear ar óstaigh féindearbhú a dhéanamh ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil an t-aonad atá á thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach lonnaithe i limistéar ina a bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó ina bhfuil feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis;

(a)

a gcomhéadan ar líne a dhearadh, a eagrú agus a nuashonrú go rialta ar bhealach lena gceanglaítear an uimhir chlárúcháin a iontráil i gcásanna ina bhfuil seoladh aonaid ar leith lonnaithe i limistéar ina bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó ina bhfuil feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis (liosta in Airteagal 13) ;

(b)

i gcás ina ndearbhóidh an t-óstach go bhfuil an t-aonad atá á thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach lonnaithe i limistéar ina bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis, dearfaidh agus eagróidh siad a gcomhéadan ar líne ar bhealach lena gcuirfear é ar a gcumas d’óstaigh ligean d’úsáideoirí an t-aonad a shainaithint trí uimhir chlárúcháin, agus chun a áirithiú go mbeidh uimhir chlárúcháin soláthraithe ag óstaigh sula gceadófar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint i leith an aonaid sin;

(b)

i gcás ina ndearbhóidh an t-óstach go bhfuil an t-aonad atá á thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach lonnaithe i limistéar ina bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis, dearfaidh agus eagróidh siad a gcomhéadan ar líne ar bhealach lena ndéanfar é éigeantach d’óstaigh ligean d’úsáideoirí an t-aonad a shainaithint trí uimhir chlárúcháin, agus chun a áirithiú go mbeidh uimhir chlárúcháin soláthraithe ag óstaigh sula gceadófar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint i leith an aonaid sin;

(c)

iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun dearbhú na n-óstach a sheiceáil go randamach maidir le nós imeachta clárúcháin a bheith ann nó gan bheith ann, agus an liosta a cuireadh ar fáil de bhun Airteagal 13(1), pointe (a) á chur san áireamh, i gcás inarb ann do nós imeachta den sórt sin, bailíocht na huimhreach clárúcháin arna soláthar ag an óstach a sheiceáil, lena n-áirítear trí úsáid na bhfeidhmiúlachtaí arna dtairiscint leis na Pointí Iontrála Aonair Digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), tar éis dóibh tairiscint na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ag an óstach a cheadú.

(c)

iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun 20 % ar a laghad de na liostuithe ar an ardán a sheiceáil go randamach maidir le nós imeachta clárúcháin a bheith ann nó gan bheith ann, agus an liosta a cuireadh ar fáil de bhun Airteagal 13(1), pointe (a) á chur san áireamh, i gcás inarb ann do nós imeachta den sórt sin, bailíocht na huimhreach clárúcháin arna soláthar ag an óstach a sheiceáil, lena n-áirítear trí úsáid na bhfeidhmiúlachtaí arna dtairiscint leis na Pointí Iontrála Aonair Digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), tar éis dóibh tairiscint na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ag an óstach a cheadú ; ba cheart do na hardáin seiceálacha breise ad hoc a dhéanamh arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla.

2.   Cuirfidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na húdaráis inniúla agus na hóstaigh ar an eolas gan mhoill faoi thorthaí na seiceálacha randamacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), a bhaineann le dearbhuithe míchearta ó óstaigh nó le huimhreacha clárúcháin neamhbhailí.

2.   Cuirfidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na húdaráis inniúla , an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 14, agus na hóstaigh ar an eolas gan mhoill faoi thorthaí na seiceálacha randamacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), a bhaineann le dearbhuithe míchearta ó óstaigh nó le huimhreacha clárúcháin neamhbhailí , agus tabharfaidh siad líon na liostuithe cearta le fios freisin .

3.   Áireoidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, i roinn shonrach den chomhéadan ar líne ar a bhfuil rochtain dhíreach go héasca, tagairt don fhaisnéis atá le cur ar fáil ag na Ballstáit de bhun Airteagal 17(1).

3.   Áireoidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, i roinn shonrach den chomhéadan ar líne ar a bhfuil rochtain dhíreach go héasca, tagairt don fhaisnéis atá le cur ar fáil ag na Ballstáit de bhun Airteagail 13(1), 13(2) agus 17(1).

Leasú 17

Airteagal 9(1) agus (3) (alt nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Oibleagáid ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a tharchur

Oibleagáid ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a tharchur

1.   I gcás ina mbainfidh liostú le haonad atá lonnaithe i limistéar a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), baileoidh soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí gníomhaíochta in aghaidh an aonaid, in éineacht leis an uimhir chlárúcháin chomhfhreagrach arna soláthar ag an óstach agus ag URL an liostaithe agus, ar bhonn míosúil, tarchuirfidh an méid sin chuig Pointe Iontrála Aonair Digiteach an Bhallstáit ina bhfuil an t-aonad lonnaithe. Tarlóidh an tarchur sin trí mhodhanna cumarsáide meaisín le meaisín.

1.   I gcás ina mbainfidh liostú le haonad atá lonnaithe i limistéar a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), baileoidh soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí gníomhaíochta in aghaidh an aonaid, in éineacht le seoladh an aonaid, lena n-áirítear uimhir chruinn an árasáin, agus an uimhir chlárúcháin chomhfhreagrach arna soláthar ag an óstach agus ag URL an liostaithe agus, ar bhonn míosúil, tarchuirfidh an méid sin chuig Pointe Iontrála Aonair Digiteach an Bhallstáit ina bhfuil an t-aonad lonnaithe. Tarlóidh an tarchur sin trí mhodhanna cumarsáide meaisín le meaisín.

[…]

 

3.     I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil, tar éis fíorú a dhéanamh, go bhfuil amhras follasach tromchúiseach ann maidir le cruinneas agus iomláine na dtacar sonraí arna dtarchur, beidh sé de chumhacht aige ordú a eisiúint lena n-iarrfar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an tacar sonraí a cheartú laistigh de thréimhse réasúnta a shonróidh an t-údarás inniúil.

Leasú 18

Airteagal 12 (2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Deonófar rochtain ar an bhfaisnéis arna tarchur de bhun Airteagal 9 don údarás inniúil i gcás inarb é ceann de na cuspóirí seo a leanas cuspóir beartaithe na próiseála agus sa chás sin amháin:

2.   Deonófar rochtain ar an bhfaisnéis arna tarchur de bhun Airteagal 9 don údarás inniúil i gcás inarb é ceann de na cuspóirí seo a leanas cuspóir beartaithe na próiseála agus sa chás sin amháin:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na nósanna imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8;

(a)

faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na nósanna imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8;

(b)

rialacha a chur chun feidhme lena rialaítear an rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus soláthar na seirbhísí sin , ar choinníoll go mbeidh na rialacha sin neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus go gcomhlíonfaidh siad dlí an Aontais ;

(b)

rialacha a chur chun feidhme lena rialaítear an rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus soláthar na seirbhísí sin;

 

(c)

ar mhaithe leis an gcomhlíontacht le rialacháin náisiúnta eile a fhíorú agus a mhéid is gá, i bhfoirm iomlán neamh-anaithnid, do na húdaráis faoi seach atá freagrach as na rialacháin sin (e.g. caighdeáin phleanála nó tógála tíre) a fhorghníomhú .

Cúis

(b)

Féach an leasú ar Aithris 26.

(c)

De réir Airteagal 12(3), ní cheadaítear na sonraí a chur ar aghaidh chuig údaráis eile mura bhfuil an deis ann aonaid agus óstaigh ar leith a shainaithint. Gan sonraí ar leith a bheith ann, ní féidir an forghníomhú a dhéanamh.

Leasú 19

Airteagal 12(4)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

4.   Comhiomlánóidh na Ballstát na sonraí gníomhaíochta arna bhfáil de bhun Airteagal 9 agus tarchuirfidh ar bhonn míosúil iad chuig oifigí náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat chun staitisticí a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Déanfar sonraí gníomhaíochta a chomhiomlánú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach agus áireofar iontu faisnéis faoin líon iomlán aonad agus faoin uaslíon aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal i ngach foroinn gheografach. Déanfar na sonraí sin a mhiondealú de réir chineál an aonaid ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 5(1), pointe (a) den Rialachán seo. Ainmneoidh na Ballstáit an t-eintiteas náisiúnta a bheidh freagrach as sonraí gníomhaíochta a chomhiomlánú agus a tharchur chuig oifigí náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat.

4.   Comhiomlánóidh na Ballstát na sonraí gníomhaíochta arna bhfáil de bhun Airteagal 9 agus tarchuirfidh ar bhonn míosúil iad chuig oifigí staidrimh náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, réigiúnacha agus chuig Eurostat chun staitisticí a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Déanfar sonraí gníomhaíochta a chomhiomlánú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach agus áireofar iontu faisnéis faoin líon iomlán aonad agus faoin uaslíon aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal i ngach foroinn gheografach. Déanfar na sonraí sin a mhiondealú de réir chineál an aonaid ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 5(1), pointe (a) den Rialachán seo . Ba cheart na sonraí a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ionas go mbeidh siad mar bhonn agus mar thaca faoin gceapadh beartas agus go dtacóidh siad le pleanáil, cur chun feidhme agus forfheidhmiú na rialacha áitiúla. Ainmneoidh na Ballstáit an t-eintiteas náisiúnta a bheidh freagrach as sonraí gníomhaíochta a chomhiomlánú agus a tharchur chuig oifigí náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat.

Cúis

Tá sé tábhachtach tagairt do staidreamh réigiúnach a chur san áireamh agus áitiú a dhéanamh nach mór do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na sonraí a fheiceáil freisin.

Leasú 20

Airteagal 13(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Information obligations

Oibleagáidí faisnéise

1.   Tarraingeoidh na Ballstáit na liostaí seo a leanas suas agus cuirfidh ar fáil iad, saor in aisce:

1.   Tarraingeoidh na Ballstáit na liostaí seo a leanas suas agus cuirfidh ar fáil iad, saor in aisce:

(a)

liostaí limistéar i gcás ina bhfuil feidhm ag nós imeachta clárúcháin ina gcríoch;

(a)

liostaí limistéar i gcás ina bhfuil feidhm ag nós imeachta clárúcháin ina gcríoch;

(b)

liostaí limistéar dá bhfuil sonraí iarrtha ag údaráis inniúla ó sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne.

(b)

liostaí limistéar dá bhfuil sonraí iarrtha ag údaráis inniúla ó sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne;

 

(c)

liostaí limistéar a bhfuil feidhm ag scéim údarúcháin maidir lena gcríoch .

Cúis

D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an scéim údarúcháin maidir le críoch faoi leith. Is éasca an rud é do na Ballstáit liosta limistéar den sórt sin a tharraingt suas agus cuirtear faisnéis úsáideach ar fáil iontu go háirithe d’óstaigh. Tá liostaí mar sin úsáideach freisin chun tairiscintí neamhdhleathacha a sheachaint.

Leasú 21

Airteagal 15(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

3.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha i dtaca le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne ar Airteagail 7(2), 7(3) agus 9. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha i dtaca le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus ag óstaigh ar Airteagail 6, 7(1), 7(2), 7(3) agus 9. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Cúis

D’fhéadfadh óstaigh na rialacha a shárú freisin. Ba cheart smachtbhannaí a chur i bhfeidhm maidir le hairteagail a bhfuil oibleagáidí iontu. Cuirtear i dtábhacht sa mheasúnú tionchair agus sa mheabhrán míniúcháin nach bhfuil creat éifeachtach agus infhorfheidhmithe ann.

Leasú 22

Airteagal 16

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

An coiste

An coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Cúis

I ngeall ar thábhacht na gcinntí atá le déanamh, ba cheart don nós imeachta scrúdúcháin a bheith infheidhme maidir le gníomhartha cur chun feidhme.

Leasú 23

Airteagal 18

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

Evaluation and review

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí dá chuid faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh an tuarascáil sin bunaithe ar na meastóireachtaí arna gcur isteach ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta de bhun Airteagal 14.

1.   Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí dá chuid faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle , Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh an tuarascáil sin bunaithe ar na meastóireachtaí arna gcur isteach ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta de bhun Airteagal 14.

2.   Déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe leis an meastóireacht arna déanamh de bhun mhír 1:

2.   Déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe leis an meastóireacht arna déanamh de bhun mhír 1:

(a)

tionchar an Rialacháin seo ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;

(a)

tionchar an Rialacháin seo ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar infhaighteacht na sonraí a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint ag óstaigh san Aontas trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne; agus

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar infhaighteacht na sonraí a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint ag óstaigh san Aontas trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne; agus

(c)

a mhéid is féidir, tionchar an Rialacháin seo ar ábhar agus ar chomhréireacht na mbeart reachtach, rialála nó riaracháin náisiúnta a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin, lena n-áirítear i gcás ina soláthrófar na seirbhísí sin ar bhonn trasteorann.

(c)

a mhéid is féidir, tionchar an Rialacháin seo ar ábhar agus ar chomhréireacht na mbeart reachtach, rialála nó riaracháin náisiúnta a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin, lena n-áirítear i gcás ina soláthrófar na seirbhísí sin ar bhonn trasteorann; agus

 

(d)

measúnú ar an tionchar ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a gcumas beartais a cheapadh ar bhonn na sonraí arna roinnt ag na hardáin leis na húdaráis inniúla. Ba cheart infhaighteacht, cáilíocht agus inúsáidteacht na sonraí, chomh maith le feidhmiú an fhorfheidhmithe trasteorann agus an chomhair riaracháin, a chur san áireamh freisin .

Cúis

Is rud follasach é an tagairt do Choiste na Réigiún agus tá an chuid dheireanach á cur isteach chun comhsheasmhacht le mír 56 a áirithiú.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

Tá CnaR á chur in iúl gur díol sásaimh dó foilsiú an “Togra le haghaidh Rialachán maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (1)” agus an príomhchuspóir atá sa togra sin “an creat maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí a chomhchuibhiú agus a chuíchóiriú” agus cur leis an trédhearcacht san earnáil, chomh maith le rianú agus cuntasacht níos fearr a áirithiú.

2.

Tá CnaR i bhfách leis an togra sin, togra a bhfuil sé mar aidhm leis cur leis an trédhearcacht, trí bhailiú agus comhroinnt sonraí, ach a fhágann rialáil earnáil na cóiríochta gearrthéarmaí, lena n-áirítear caighdeáin sláinte agus sábháilteachta, beartas tithíochta agus saincheisteanna cánach, faoi na Ballstáit.

3.

Tá CnaR á chur i bhfáth a thábhachtaí atá margadh aonair dea-fheidhmiúil, lena n-áirítear an ghné dhigiteach den mhargadh sin. Tá sé den tuairim go mbraitheann fás an Aontais ar an margadh sin a bheith ann agus go gcruthaíonn sé na dálaí a theastaíonn le rath a bheith ar an turasóireacht san Eoraip. Lena chois sin, ba mhaith le CnaR aird a tharraingt ar na conclúidí ón gComhairle 9707/19 ó mhí na Bealtaine 2019, ina n-iarrtar “breis soiléireachta a thabhairt maidir leis na rialacha is infheidhme i ndáil le samhlacha nua gnó, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le seirbhísí cíosa cóiríochta gearrthéarmaí san Aontas”.

4.

Tá CnaR den tuairim go bhfuil an ceart atá ag na húdaráis áitiúla cuspóirí maidir le leas an phobail a rialáil i réimsí a thagann faoina sainchúram (e.g. an tithíocht agus an phleanáil) ríthábhachtach chun an comhtháthú a bhaint amach agus go bhfuil sé tábhachtach don choimhdeacht freisin.

5.

Tá sé den tuairim freisin go bhfuil an creat dlíthiúil Eorpach comhoiriúnach don urraim a thugtar do na saintréithe áitiúla agus réigiúnacha.

6.

Tá súil ag CnaR go mbeidh foráil sa rialachán maidir le sraith rialacha agus oibleagáidí soiléire ar an leibhéal Eorpach agus go n-áiritheofar leis an rialachán go mbeidh raon uirlisí agus roghanna ann a fhéadfaidh na cathracha agus na réigiúin a úsáid chun súil a choinneáil ar an gcás ar an leibhéal áitiúil agus chun na beartais is oiriúnaí dá riachtanais shonracha a roghnú.

Ról ardáin an gheilleagair comhroinnte sa turasóireacht

7.

Tá CnaR á chur i bhfáth gur earnáil straitéiseach earnáil na turasóireachta, agus gur féidir léi an comhtháthú agus an téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn. Cuireann an earnáil sin le os cionn 10 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais, tá 26 mhilliún duine fostaithe inti agus is aisti a thagann 6 % den onnmhairiú iomlán ón Aontas.

8.

Tá sé á mheabhrú ag CnaR go raibh an turasóireacht thíos go mór leis mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus nár éirigh leis an earnáil teacht chuici féin go fóill ó na leibhéil a bhí ann roimh 2020, cé gur léir ó fhigiúirí 2022 go bhfuil sí ag téarnamh agus freisin go bhfuil fonn ar mhuintir na hEorpa cuairt a thabhairt ar thíortha eile.

9.

Tuigeann CnaR go bhfuil na seirbhísí trína ndéantar cóiríocht ghearrthéarmach a ligean ar cíos ina gcuid thábhachtach d’éiceachóras turasóireachta an Aontais, rud is ríléir ón oiread sin den chóiríocht oíche (29 %) a chuirtear in áirithe ar na hardáin sin, figiúr atá ag dul i méid.

10.

Tuigeann CnaR gur spreagadh dearfach iad cíosanna gearrthéarmacha, i mórán cásanna, le haghaidh athnuachan agus athfhorbairt maoine sna cathracha agus sna bruachbhailte, ó thaobh na hinbhuanaitheachta de chomh maith. Le cíosanna gearrthéarmacha, tá sciar mór cóiríochta á chur chun úsáide arís nach mbeadh ar fáil ar an margadh, chomh maith le sciar mór maoine a d’fhanfadh gan úsáid mura raibh siad á soláthar ar chíos gearrthéarmach;

11.

Tá CnaR á chur i bhfáth gur cuireadh breis agus 512 mhilliún oíche a caitheadh san Aontas in 2019 in áirithe ar cheann de na ceithre phríomhardán atá ag feidhmiú san earnáil sin, sin le rá 1,4 milliún aoi ar an meán in aghaidh an lae. Is é a chiallaíonn sé sin gur cuireadh thart ar 90 oíche in áirithe gach nóiméad agus beagnach 130 000 oíche gach lá (2).

12.

Tá CnaR á thabhairt dá aire nach ionann an tionchar a bhíonn ag na hardáin ar na réigiúin éagsúla san Aontas.

13.

Is mian le CnaR a chur i bhfios go bhfuil breisluach ag imeacht as an Aontas de thoradh ceanncheathrú a lán ardán a bheith suite lasmuigh den Aontas.

14.

Á chur san áireamh, maidir le réigiúin lagfhorbartha, gur le limistéir thuaithe go príomha a bhaineann seirbhísí cóiríochta gearrthéarmacha, ba cheart don Aontas tacaíocht le haghaidh trádálaithe cóiríochta gearrthéarmaí a áirithiú, a mhéid a bhaineann lena n-inniúlachtaí digiteacha siúd, a scileanna teanga iasachta agus scileanna eile a bhaineann leis an turasóireacht a fhorbairt, rud a rachaidh chun tairbhe an chomhair leis na húdaráis áitiúla. Chuige sin, ba cheart tacú leis na húdaráis áitiúla chun fothú acmhainneachta na dtrádálaithe cóiríochta gearrthéarmaí a fheabhsú, chun an mhuinín eatarthu a neartú agus ar an mbealach sin chun cuidiú leis an turasóireacht tuaithe a neartú, rud a mbaineann breisluach leis i dtaca leis an bhforbairt eacnamaíoch áitiúil agus réigiúnach i ndiaidh COVID-19.

15.

Is mian le CnaR a mheabhrú go raibh 42 chathair san Aontas inar cuireadh os cionn milliún oíche in áirithe in 2019, sin roimh an bpaindéim, agus gur cuireadh os cionn 10 milliún oíche in áirithe i bPáras, in Barcelona, i Liospóin agus sa Róimh. Is í an turasóireacht uirbeach nó an turasóireacht sna cathracha oidhreachta cultúrtha is mó a bhí thíos le géarchéim COVID-19 idir 2020 agus 2021, mar aon leis an turasóireacht in ionaid saoire gréine agus farraige.

16.

Tá CnaR den tuairim gur dea-chomhartha é go bhfuil turasóirí ag tabhairt a n-aghaidhe ar bhailte beaga agus ar phobail tuaithe agus is díol sásaimh dó go bhfuil níos mó cuairteoirí ag roghnú gan na gnáthbhealaí turasóireachta a thabhairt orthu féin ach dul bealaí níos iargúlta. Maidir leis sin, tacaíonn CnaR go mór le cuspóir na Straitéise Eorpaí um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (3), is é sin an trácht iarnróid ardluais a mhéadú faoi dhó san Eoraip trí chéile agus tá sé deimhin de go bhfágfaidh modhanna taistil inbhuanaithe nua-aimseartha go dtiocfaidh méadú arís ar an turasóireacht tuaithe.

17.

Tá CnaR á chur i bhfáth, ainneoin go gcuireann an tAontas Eorpach é féin in iúl mar an ceann scríbe turasóireachta is mó ar domhan, gur a bhuí leis an turasóireacht intíre agus an turasóireacht laistigh den Eoraip, den chuid is mó, a tháinig biseach ar an turasóireacht san Eoraip le dhá bhliain anuas. D’fhonn tacú le hEorpaigh a bhíonn ag taisteal laistigh den Aontas, tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí iarracht bhreise chun na naisc iarnróid trasteorann atá ann cheana a fheabhsú (tá 149 nasc as na 265 nasc atá ann nach bhfuil ag feidhmiú (4)) chun an t-iompar saor ó astaíochtaí a chur chun cinn, tús a chur arís le forbairt líonra iarnróid an Aontais agus é a chur in oiriúint do dhúshláin na 21ú haoise tríd an leas is fearr is féidir a bhaint as teicneolaíochtaí ceannródaíocha.

An tionchar ar an earnáil tithíochta

18.

Tuigeann CnaR go bhfuil ar chathracha móra na hEorpa, go háirithe, aghaidh a thabhairt ar éileamh méadaitheach ar thithíocht inacmhainne chun freastal ar dhaoine a dteastaíonn uathu dul ag staidéar, ag obair agus chun cónaithe sna cathracha sin. Is le leas an phobail é tithíocht inacmhainne a chur ar fáil: is faoi na húdaráis áitiúla atá sé an cás sin a bhainistiú trí na réitigh is fearr is féidir a aimsiú le nach gcuirtear isteach orthu siúd a mbíonn cóiríocht á ligean ar cíos acu le turasóirí.

19.

Tá CnaR á thabhairt le fios go bhfuil dhá mhargadh ar leith i gceist leis an gcóiríocht a ligtear ar cíos go gearrthéarmach: an tithíocht chónaithe agus an turasóireacht. Is féidir le dreasachtaí airgeadais nó fioscacha a thugtar chun foirgnimh a athchóiriú cur leis an méid sin den chóiríocht sin a athchóirítear ó thithíocht chónaithe go háiseanna turasóireachta, rud a fhágann gur féidir le cóiríocht den chineál sin a ligtear ar cíos ar bhonn tráchtála dochar mór a dhéanamh do chónaitheoirí, do mhic léinn agus d’oibrithe.

20.

Ba cheart do gach údarás inniúil ar leith a chinneadh féin a dhéanamh maidir lenar cheart nó nár cheart cóiríocht a ligean ar cíos go gearrthéarmach i bhfoirgnimh tithíochta sóisialta.

21.

Tá CnaR á chur i bhfáth, maidir leis na limistéir sin ina mbíonn na hardáin ar líne an-ghníomhach, go mbíonn tionchar an-mhór aige sin ar an margadh réadmhaoine (5): ardaíonn an cíos agus praghsanna na réadmhaoine agus bíonn níos lú rogha ag an bpobal áitiúil.

22.

Is mian le CnaR a chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach, agus deiseanna á dtabhairt do na hardáin, go n-urramófaí freisin cuspóirí an bheartais phoiblí amhail tithíocht infhaighte agus inacmhainne agus cosaint do na lárionaid uirbeacha, go háirithe i dtréimhsí ina bhfuil meath ag teacht ar na dálaí eacnamaíocha san Eoraip. Ní fhágfaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar ardáin ná a dtionchar go ndéanfar dochar don fháilte mhór a chuirtear roimh an turasóireacht i réigiúin agus i gcathracha na hEorpa ná do cháilíocht mhaireachtála ár gcomharsanachtaí.

Comhroinnt sonraí

23.

Tá CnaR den tuairim, dá bhrí sin, agus é ag féachaint do na rialacha maidir le cosaint sonraí, gur cheart do na hardáin sa mhargadh sin ina ligtear cóiríocht ar cíos go gearrthéarmach, cloí le ceanglais éigeantacha maidir le comhroinnt faisnéise, ós rud é go bhfuil an rochtain sin ar fhaisnéis ríthábhachtach do na húdaráis le go bhféadfaidh siad soláthar tithíochta inacmhainne a áirithiú.

24.

Is cúis imní do CnaR go bhfuil sé ag dul rite leis na hardáin faisnéis thábhachtach a roinnt leis na húdaráis, ainneoin na gcomharthaí atá ann go bhfuil siad toilteanach cabhrú le comhlachtaí na rialtas áitiúil agus réigiúnach cinntí eolasacha a dhéanamh faoi bheartais agus an forfheidhmiú agus an tuiscint ar na rialacha áitiúla a shimpliú.

25.

Tá CnaR á chur i bhfáth go bhfuil ualach mór riaracháin ar na húdaráis phoiblí, is é sin go mbíonn orthu déileáil le líon méadaitheach gearán ón bpobal áitiúil agus iniúchadh a dhéanamh ar thuairiscí faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha maidir le cóiríocht ghearrthéarmach a ligean ar cíos le go bhféadfaidh siad pionóis a ghearradh. Is oth leis an gCoiste go mbíonn ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha imeachtaí cúirte a thionscnamh i gcoinne gníomhaíochtaí neamhdhleathacha chun comhlíonadh na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú.

26.

Is mian le CnaR aird a tharraingt ar bhreithiúnas C-674/20 (6) ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lenar rialaíodh nach bhfuil sé contrártha le dlí AE é a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála réadmhaoine agus, go háirithe, ar bhainisteoirí na n-ardán cóiríochta ar líne, sonraí áirithe a bhaineann le hidirbhearta atá nasctha le cóiríocht do thurasóirí a chur ar fáil do na húdaráis chánach inniúla.

27.

Tá CnaR á thabhairt le fios nach ndéanann an reachtaíocht maidir le tráchtáil leictreonach – Treoir 2000/31 (7) – lena ráthaítear an ceart atá ag na hardáin seirbhísí a sholáthar ar an mórchóir na hardáin sin a dhíolmhú ó na rialacha áitiúla agus réigiúnacha maidir le bailiú sonraí cánach.

28.

Is mian le CnaR aird a tharraingt, áfach, ar bhreithiúnas C-390/18 (8) ón gCúirt Bhreithiúnais ina n-aicmítear na hardáin mar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála seachas mar sholáthraithe cóiríochta agus is mian leis a mheabhrú nach féidir caitheamh leo mar ghníomhaireachtaí réadmhaoine ar líne.

29.

Tá CnaR á chur i bhfáth go mbeidh ar na hardáin, ón 1 Eanáir 2023, sonraí áirithe maidir leis an ioncam a thuilleann daoine ó chóiríocht a ligean ar cíos ar na hardáin sin a thuairisciú do na húdaráis chánach (Treoir (AE) 2021/514) (9). Tá súil leis go bhfágfaidh an ceanglas sin go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine a chomhlíonann a n-oibleagáidí cánach agus go mbeidh na húdaráis chánach in ann dul i ngleic níos fearr leis na daoine sin a bhfuil gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bun acu. Is mian leis an gCoiste a chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil tábhacht leis an gcomhsheasmhacht idir na píosaí éagsúla reachtaíochta.

30.

A mhéid a bhaineann leis na rialacha a leagtar síos sa togra le haghaidh rialacháin, tá súil ag CnaR go gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm freisin maidir le seirbhísí cíosa gearrthéarmacha nach gcuirtear ar fáil trí ardáin ar líne, d’fhonn cóireáil mhíchothrom fhéideartha idir óstaigh a sheachaint. Leis sin, meabhraítear nach bhfuil seirbhísí cíosa gearrthéarmacha a sholáthraítear gan ardáin den sórt sin a úsáid faoi réir oibleagáidí clárúcháin agus go bhfuil riosca ann go mbeidh siad ag feidhmiú gan fhios do na húdaráis phoiblí.

31.

Tá súil ag CnaR go gcuirfidh na hardáin nósanna imeachta i bhfeidhm, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chun fógraí neamhdhleathacha a bhaint dá suíomhanna.

32.

Ar mhaithe leis an gcomhar leis na húdaráis áitiúla, cuireann CnaR i dtábhacht go bhfuil gá le tacaíocht a áirithiú d’fhothú acmhainneachta, d’fhorbairt inniúlachtaí digiteacha agus d’fhéidearthachtaí le haghaidh trádálaithe cóiríochta gearrthéarmacha ó limistéir thuaithe agus ó réigiúin lagfhorbartha;

33.

Is cúis imní do CnaR go bhféadfadh sé nach leor an uastréimhse coinneála sonraí atá leagtha síos in Airteagal 12(3) den togra le haghaidh rialacháin, is é sin “tréimhse nach faide ná 1 bhliain amháin”, agus tá sé á iarraidh aige go gcuirfí síneadh dhá bhliain ar a laghad léi.

Réitigh áitiúla agus réigiúnacha

34.

Tá CnaR á chur i bhfáth gur thug líon mór cathracha agus réigiún san Aontas a mbearta féin isteach chun faireachán a dhéanamh ar sheirbhísí a ligeann cóiríocht ghearrthéarmach ar cíos ina gceantair áitiúla nó chun teorainn a chur le gníomhaíochtaí na seirbhísí sin. Ar roinnt de na bearta sin tá uaslíon laethanta is féidir maoin áirithe a ligean ar cíos, bailiú cánach nó toirmeasc a chur ar chóiríocht ghearrthéarmach a ligean ar cíos i gcatagóirí áirithe foirgneamh nó i limistéir áirithe.

35.

Tá CnaR á thabhairt le fios gur gá solúbthacht leathan a thabhairt do na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le rialacha iomchuí a shainiú le haghaidh seirbhísí fáilteachais, lena n-áirítear clárú éigeantach, teorannú ceadanna agus beartais shonracha maidir le criosú, teorainn a chur leis an tréimhse inar féidir cóiríocht ghearrthéarmach a ligean ar cíos, agus rialacha chun a sheachaint gur turasóirí amháin a bheadh i lár na cathrach agus meath, dá réir sin, ar cháilíocht saoil an phobail áitiúil.

36.

Is mian le CnaR rabhadh a thabhairt nár cheart d’aon bhearta a dhéanfar a bheith ina gcúis le saobhadh an mhargaidh ná tús áite a thabhairt do chineál amháin cóiríochta i gcomparáid le cineálacha eile. Ba cheart a áirithiú sna bearta sin go mbeidh éagsúlacht ann sna margaí cóiríochta do thurasóirí agus nach ar bhailte móra agus ar chathracha amháin a dhíreofar, óir bíonn na hardáin gníomhach freisin i limistéir thuaithe agus in ionaid saoire gréine agus farraige.

Na rialacha maidir le cóiríocht ghearrthéarmach a ligean ar cíos

37.

Tá CnaR den tuairim go bhfuil easpa soiléire sna rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le soláthróirí na cóiríochta gearrthéarmaí a ligtear ar cíos agus maidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Is díol sásaimh dó, dá bhrí sin, an togra le haghaidh rialacháin lena bhfuil sé beartaithe feabhas a chur ar bhailiú agus ar chomhroinnt na faisnéise idir na hardáin agus na húdaráis.

38.

Tugann sé dá aire go ndearna roinnt cathracha, réigiún agus Ballstát iarracht, sular foilsíodh an togra sin, an earnáil nua sin a rialáil trí cheanglais éagsúla, amhail teorainneacha ar an gcóiríocht oíche, scéim clárúcháin agus údaraithe, ceanglais maidir le criosú agus ceadanna.

39.

Tá CnaR á chur i bhfáth go raibh rath áirithe ar na bearta sin, ach go raibh teorainn leis an rath sin toisc gur dhiúltaigh ardáin an gheilleagair comhroinnte comhoibriú agus faisnéis a roinnt leis na húdaráis phoiblí. Is dóigh leis an gCoiste, dá bhrí sin, gur ionstraim dlí oiriúnach atá sa rialachán le go bhféadfar cur leis an trédhearcacht agus an sreabhadh sonraí a chuíchóiriú.

40.

Is oth le CnaR go bhfuil an Coimisiún Eorpach den tuairim go bhfuil na scéimeanna clárúcháin agus na rialacha áitiúla agus réigiúnacha “róthrom”, “neamhéifeachtúil agus éagsúil óna chéile”.

41.

Tá CnaR á thabhairt le fios go bhfuil scéimeanna clárúcháin i bhfeidhm ag 22 Bhallstát. Tá na scéimeanna sin éagsúil le chéile a fhad a bhaineann sé le raon feidhme, nós imeachta, ceanglais agus cur i bhfeidhm, agus maidir leis an méid comhair a éilítear ó na hardáin.

42.

Tá CnaR á mheabhrú gur faoi na Ballstáit agus na húdaráis inniúla atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le scéim clárúcháin a chur ar bun i gcomhréir leis an togra le haghaidh rialacháin agus má dhéanann siad amhlaidh go mbeidh rochtain acu ar na sonraí.

43.

Tá CnaR i bhfabhar an togra ón gCoimisiún chun tacú le scéimeanna clárúcháin cosúla agus idir-inoibritheacha a fhorbairt ar fud an Aontais lena áirithiú go gcomhlíonfaidh óstaigh agus ardáin san Aontas na rialacha clárúcháin céanna, rud a d’fhéadfadh na costais riaracháin atá ar na húdaráis a laghdú. Tá CnaR deimhin de gur féidir an comhlíonadh trí dhearadh a chur san áireamh sa phróiseas clárúcháin.

44.

Glacann CnaR leis go mbeidh na húdaráis phoiblí, a bhuí leis an rialachán, in ann beartais níos fearr a shainiú chun an chóiríocht ghearrthéarmach a ligtear ar cíos a bhainistiú, agus leas a bhaint as rialacha atá níos spriocdhírithe, níos iomchuí agus a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí.

45.

Is cúis imní, mar sin féin, do CnaR na costais riaracháin a mheastar a bheidh ar na húdaráis phoiblí a íoc chun scéimeanna clárúcháin agus Tairseach Aonair Dhigiteach a bhunú.

46.

Is mian le CnaR a mheabhrú gurb iad na húdaráis áitiúla inniúla i ngach limistéar faoi seach a íocfaidh as an scéim clárúcháin agus na naisc chuig an Tairseach Aonair Dhigiteach náisiúnta agus is mian leis a chur i bhfáth go bhféadfadh sé go mbeadh gá le níos mó ama chun oiriúnú don chóras nua.

47.

Tá sé á chur i bhfáth aige freisin gur faoi na Ballstáit (ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil) atá sé i gcónaí na rialacha a leagan síos maidir leis an rochtain ar chóiríocht ghearrthéarmach agus maidir le soláthar na cóiríochta sin. Is féidir scéimeanna údarúcháin a bhunú fós maidir leis an rochtain ar chóiríocht ghearrthéarmach agus maidir le soláthar na cóiríochta sin.

An sciar den mhargadh agus na hóstaigh

48.

Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí tuilleadh scrúdaithe ar na sainmhínithe agus go leagfaí síos sraith amháin critéar chun idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla úinéirí (óstaigh ghairmiúla nó óstaigh ócáideacha nó úinéirí a bhfuil a maoine á mbainistiú ag bainisteoirí maoine) chun rochtain éifeachtach ar an margadh a áirithiú agus bacainní margaidh nach bhfuil gá leo a bhaint, go háirithe d’oibreoirí eacnamaíocha beaga.

49.

Tá sé á chur i bhfáth aige go bhfuil an togra ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir iomlán le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Leis an togra sin, tugtar deiseanna difriúla do na húdaráis inniúla, is fúthu a fhágtar an cinneadh scéim clárúcháin a chur ar bun agus ní chuirtear isteach ná amach ar rialacháin eile ar mhaithe le leas an phobail.

50.

Tá sé ag iarraidh freisin go ndéanfaí meastóireacht mhargaidh chun leibhéal gairmiúlachta an phobail óstaigh a mheas.

51.

Tá súil aige gur leor an uimhir uathúil chlárúcháin chun líon na bhfoirgneamh/na n-aonad atá á mbainistiú ag duine nádúrtha nó dlítheanach amháin a mheas.

52.

Tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascáil a fhoilsiú ina ndéanfar cur síos ar an margadh agus ina mbeidh meastacháin ar an sciar den mhargadh atá ag na hoibreoirí éagsúla, lena n-áirítear earnálacha sonracha, amhail óstaigh ghairmiúla agus óstaigh ócáideacha (comparáid idir phiaraí), óstaigh i limistéir thuaithe nó i mbailte beaga i gcomparáid le hóstaigh i lárionaid turasóireachta, oibreoirí agus idirghabhálaithe a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann i gcomparáid leo siúd a sholáthraíonn seirbhísí áitiúla agus an fhaisnéis atá sa mheasúnú tionchair a thabhairt cothrom le dáta.

53.

Tá CnaR den tuairim gur cheart rialacha níos déine a chur i bhfeidhm maidir le bainisteoirí gairmiúla foirgneamh a ligtear ar cíos go gearrthéarmach (“trádálaithe”) ná mar a chuirtear i bhfeidhm maidir le hóstaigh ócáideacha (comparáid idir phiaraí).

Clárúchán

54.

Is mian le CnaR soiléiriú a fháil faoi cé air a bhfuil an fhreagracht as an gcinneadh scéim clárúcháin (agus Tairseach Aonair Dhigiteach) a bhunú, is é sin le rá an freagracht náisiúnta atá ann nó an féidir le rialtais áitiúla agus réigiúnacha sa Bhallstát i gceist an cinneadh sin a dhéanamh más rogha leo sin.

55.

Is díol sásaimh do CnaR go bhfuil cur chuige coiteann maidir leis an nós imeachta clárúcháin leagtha amach sa togra, trína dtabharfaí uimhir uathúil chlárúcháin do gach aonad ar leith chun trédhearcacht agus inrianaitheacht níos fearr a áirithiú.

56.

Is díol imní do CnaR go bhfuil sé leagtha síos leis na rialacha atá beartaithe go ndéanfaí uimhir chlárúcháin a eisiúint gan cheist don óstach agus go bhféadfadh sé nó sí tús a chur láithreach bonn leis an tseirbhís. Tuigeann CnaR nach fíorú atá sa chlárúchán ach bheadh súil aige, mar sin féin, go dtabharfaí níos mó mionsonraí maidir leis an gcaoi a bhféadfadh an t-údarás inniúil srian a chur le heisiúint uimhreacha clárúcháin i limistéir nó in aonaid a bhfuil cosc orthu cóiríocht ghearrthéarmach a ligean ar cíos iontu de réir na rialacha áitiúla atá i bhfeidhm maidir leo. Ba cheart ar a laghad cruthúnas ar an gceart an t-aonad a bheith ar fáil ag an óstach a éileamh agus an clárú á dhéanamh.

57.

Tá CnaR ag súil go dtabharfar tuilleadh soiléireachta in Airteagal 6 maidir leis na pionóis a ghearrfaí dá dteipfeadh ar ardán na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir le fógraí neamhdhleathacha a chur ar fionraí nó a bhaint den ardán. Tá sé den tuairim gur cheart a lua go sainráite sa rialachán go bhfuil sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla i ngach Ballstát pionós a ghearradh ar ardáin nach gcomhlíonann na rialacha is infheidhme.

Fíorú agus meastóireacht

58.

Tá CnaR ag iarraidh soiléiriú breise a fháil i dtaobh Airteagal 7(1)(c), lena gceanglaítear ar na hardáin “iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun dearbhú na n-óstach a sheiceáil go randamach”. Tá an Coiste den tuairim go bhféadfadh téarmaí ar nós “iarrachtaí réasúnacha” agus “a sheiceáil go randamach” a bheith ródhoiléir agus go bhféadfaí bríonna éagsúla a bhaint astu; ar an gcaoi chéanna, maidir leis na cúraimí a bhaineann le fíorú randamach agus na torthaí sin a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil, creideann sé gur cheart na cúraimí sin a dhéanamh ar bhonn ráithiúil ar a laghad.

59.

Tá CnaR á chur i bhfáth go bhfuil an nós imeachta clárúcháin faoin rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe eile a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla i réimsí an chánachais, an chláraithe daonra agus an staidrimh.

60.

Maidir leis an meastóireacht is gá a dhéanamh trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin, is dóigh le CnaR gur cheart measúnú a dhéanamh freisin ar an tionchar ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ar a gcumas beartais a cheapadh ar bhonn na sonraí arna roinnt ag na hardáin leis na húdaráis inniúla. Ba cheart infhaighteacht, cáilíocht agus inúsáidteacht na sonraí, chomh maith le feidhmiú an fhorfheidhmithe trasteorann agus an chomhair riaracháin, a chur san áireamh freisin.

61.

Tá CnaR den tuairim gur cheart a áirithiú i ndearadh an chomhéadain in Airteagal 7 den Rialachán maidir leis an gcomhlíonadh trí dhearadh go nginfí bosca éigeantach ina ndéanfaí uimhir chlárúcháin an aonaid a thabhairt le fios i bhfógraí a chuirtear ar na hardáin maidir le cóiríocht a ligean ar cíos go gearrthéarmach. Dar leis an gCoiste, ba cheart go nginfí an bosca éigeantach sin go huathoibríoch nuair a dhéanann óstach iarracht fógra a fhoilsiú i réigiún ina bhfuil nós imeachta clárúcháin seachas sin a dhéanamh trí fhéindearbhú deonach an óstaigh. Ós rud é go gceanglaíonn Airteagal 13(1)(a) ar na Ballstáit liostaí atá cothrom le dáta de na réigiúin sin ina gcuirtear nós imeachta clárúcháin i bhfeidhm a choinneáil, beidh an cumas teicniúil sna hardáin an fíorú sin a dhéanamh go huathoibríoch gan costais shuntasacha a bheith i gceist leis.

62.

Tá CnaR san amhras an leor é go dtabharfadh na hóstaigh féin le fios má tá an t-aonad atá á ligean ar cíos go gearrthéarmach suite i limistéar ina bhfuil nós imeachta clárúcháin ar bun nó i bhfeidhm. Ina ionad sin, tá sé á mholadh ag CnaR nár mhór an comhéadan a dhearadh sa chaoi go mbeadh iontráil na huimhreach clárúcháin éigeantach i gcás den sórt sin.

An Bhruiséil, an 15 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(31)  IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

(31)  IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

(37)  IO L 186, 11.7.2019, lch. 57

(38)  IO L 265, 12.10.2022, lch. 1.

(39)  IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.

(40)  IO L 84, 31.3.2010, lch. 1.

(41)  IO L 64, 11.3.2011, lch. 1.

(37)  IO L 186, 11.7.2019, lch. 57

(38)  IO L 265, 12.10.2022, lch. 1.

(39)  IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.

(40)  IO L 84, 31.3.2010, lch. 1.

(41)  IO L 64, 11.3.2011, lch. 1.

(1)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(1)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 1.

(2)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Short-stay_accommodation_offered_via_online_collaborative_economy_platforms

(3)  https://transport.ec.europa.eu/transport-themes/mobility-strategy_en

(4)  https://ec.europa.eu/regional_policy/en/information/publications/reports/2018/comprehensive-analysis-of-the-existing-cross-border-rail-transport-connections-and-missing-links-on-the-internal-eu-borders

(5)  https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S0094119020300498

(6)  IO C 237, IO L 178, 17.7.2000, lch. 13.https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:62020CN0674

(7)  IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX:32000L0031

(8)  IO C 61, 24.2.2020, lch 8 https://curia.europa.eu/juris/liste.jsf?nat=or&mat=or&pcs=Oor&jur=C%2CT%2CF&num=C-390%252F18&for=&jge=&dates=&language=en&pro=&cit=none%252CC%252CCJ%252CR%252C2008E%252C%252C%252C%252C%252C%252C%252C%252C%252C%252Ctrue%252Cfalse%252Cfalse&oqp=&td=%3BALL&avg=&lgrec=en&lg=&page=1&cid=3649

(9)  IO L 104, 25.3.2021, lch. 1.https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32021L0514


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 188/43


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Úsáid inbhuanaithe na lotnaidicídí

(2023/C 188/06)

Rapóirtéir:

Heinz-Joachim HÖFER (DE/PSE), Comhalta de Chomhairle Bhardas Altenkirchen (Westerwald)

Doiciméad tagartha::

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115

COM(2022) 305

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 5

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(5)

Chun a áirithiú go mbainfear amach ina n-iomláine cuspóirí chreat dlíthiúil an Aontais maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí, is gá é a oiriúnú trí rialacha a bheadh níos soiléire agus infheidhme go díreach a leagan síos d’oibreoirí. Ina theannta sin, ba cheart roinnt rialacha a shoiléiriú, lena n-áirítear na rialacha maidir le bainistiú comhtháite lotnaidí a chur i bhfeidhm, srianta le húsáid táirgí cosanta plandaí agus cigireachtaí ar threalamh a úsáidtear chun táirgí cosanta plandaí a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, is iomchuí Treoir 2009/128/CE a aisghairm agus rialachán a chur ina hionad.

(5)

Chun a áirithiú go mbainfear amach ina n-iomláine cuspóirí chreat dlíthiúil an Aontais maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí, is gá é a oiriúnú trí rialacha a bheadh níos soiléire agus infheidhme go díreach a leagan síos d’oibreoirí , agus ní mór seiceálacha teorann a neartú chun a áirithiú go gcomhlíonann na hallmhairí na critéir chéanna a cheanglaítear san Aontas chun cosc a chur ar aon táirgí bia, plandaí nó bláthanna a chóireáiltear le táirgí cosanta plandaí (e.g. lotnaidicídí, fungaicídí) a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas teacht isteach san Aontas. Ina theannta sin, ba cheart roinnt rialacha a shoiléiriú, lena n-áirítear na rialacha maidir le bainistiú comhtháite lotnaidí a chur i bhfeidhm, srianta le húsáid táirgí cosanta plandaí agus cigireachtaí ar threalamh a úsáidtear chun táirgí cosanta plandaí a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, is iomchuí Treoir 2009/128/CE a aisghairm agus rialachán a chur ina hionad.

Leasú 2

Aithris 9

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(9)

I dtuarascáil deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, a foilsíodh an 9 Bealtaine 2022, a mhéid a bhaineann leis na tograí maidir le talmhaíocht, táirgeadh bia, bithéagsúlacht agus éiceachórais, truailliú, iarrann na saoránaigh go háirithe laghdú suntasach ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus leasachán ceimiceach, i gcomhréir leis na spriocanna atá ann cheana, agus slándáil bia á háirithiú, agus tacaíocht do thaighde chun roghanna malartacha atá níos inbhuanaithe agus níos nádúrtha a fhorbairt. Iarrann na saoránaigh tuilleadh taighde agus nuálaíochtaí, lena n-áirítear i réitigh theicneolaíocha le haghaidh táirgeadh inbhuanaithe, frithsheasmhacht plandaí agus feirmeoireacht bheacht, agus tuilleadh cumarsáide, córais chomhairleacha, agus tuilleadh oiliúna d’fheirmeoirí agus ó fheirmeoirí agus iarrann siad ar an Aontas freisin feithidí a chosaint, go háirithe feithidí dúchasacha agus feithidí pailnitheacha.

(9)

I dtuarascáil deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, a foilsíodh an 9 Bealtaine 2022, a mhéid a bhaineann leis na tograí maidir le talmhaíocht, táirgeadh bia, bithéagsúlacht agus éiceachórais, truailliú, iarrann na saoránaigh go háirithe laghdú suntasach ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus leasachán ceimiceach, i gcomhréir leis na spriocanna atá ann cheana, agus slándáil bia á háirithiú, agus tacaíocht do thaighde chun roghanna malartacha atá níos inbhuanaithe agus níos nádúrtha a fhorbairt. Iarrann na saoránaigh tuilleadh taighde agus nuálaíochtaí, lena n-áirítear i réitigh theicneolaíocha le haghaidh táirgeadh inbhuanaithe, frithsheasmhacht plandaí agus feirmeoireacht bheacht, agus tuilleadh cumarsáide, córais chomhairleacha, agus tuilleadh oiliúna d’fheirmeoirí agus ó fheirmeoirí agus iarrann siad ar an Aontas freisin feithidí a chosaint, go háirithe feithidí dúchasacha agus feithidí pailnitheacha. Is éard atá á mholadh ag na saoránaigh an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as an truailliú a chur i bhfeidhm, prionsabal ba cheart a bheith leabaithe i mbearta cánachais freisin;

Leasú 3

Aithris 12

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(12)

Is é cuspóir na Straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc” dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le laghdú úsáide táirgí cosanta plandaí ceimiceacha ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Chun an aidhm sin a bhaint amach, is gá spriocanna cainníochtaithe a leagan síos ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí ceimiceacha agus na rioscaí a bhaineann leo a laghdú agus maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí atá níos guaisí chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn. Ba cheart spriocanna náisiúnta a shuí leis an dlí náisiúnta chun dul chun cinn agus cuntasacht leordhóthanach a áirithiú i ndáil leo. Ba cheart do na Ballstáit na spriocanna ceangailteacha náisiúnta sin a bhaint amach faoi 2030. Leis an laghdú ar úsáid táirgí cosanta plandaí ceimiceacha, meastar go laghdófar go mór na rioscaí a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte ag an obair d’úsáideoirí gairmiúla.

(12)

Is é cuspóir na Straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc” dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le laghdú úsáide táirgí cosanta plandaí ceimiceacha ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Chun an aidhm sin a bhaint amach, is gá spriocanna cainníochtaithe a leagan síos ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí ceimiceacha agus na rioscaí a bhaineann leo a laghdú agus maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí atá níos guaisí chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn. Ba cheart spriocanna náisiúnta a shuí leis an dlí náisiúnta chun dul chun cinn agus cuntasacht leordhóthanach a áirithiú i ndáil leo. Ba cheart do na Ballstáit na spriocanna ceangailteacha náisiúnta sin a bhaint amach faoi 2030. Leis an laghdú ar úsáid táirgí cosanta plandaí ceimiceacha, meastar go laghdófar go mór na rioscaí a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte ag an obair d’úsáideoirí gairmiúla , agus do na saoránaigh agus do na tomhaltóirí freisin, agus go háirithe do ghrúpaí leochaileacha .

Leasú 4

Aithris 13a (aithris nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(13a)

Sa Doiciméad Inmheánach Oibre maidir le Spreagairí na Cinnteachta Bia, aithníonn an Coimisiún Eorpach gur bunriachtanais iad an ithir, an t-uisce, an bhithéagsúlacht agus an t-aer maidir le táirgeadh bia. Is é is conclúid don doiciméad gur dócha go mbeidh samhail talmhaíochta an dian-ionchuir atá ann faoi láthair, samhail atá bunaithe ar lotnaidicídí ceimiceacha, ina bhagairt do chinnteacht an tsoláthair bia sa mheántéarma mar gheall ar mheath na bithéagsúlachta, an méadú is dócha a thiocfaidh ar lotnaidí, an meath ar shláinte na hithreach agus cailliúint pailneoirí atá riachtanach don táirgeadh in earnáil na talmhaíochta, agus tá béim aige freisin ar an ngá atá le spriocanna laghdaithe lotnaidicídí a chur chun feidhme chun cinnteacht an tsoláthair bia a chosaint san Aontas go fadtéarmach.

Cúis

Tá gá le laghdú ar na lotnaidicídí chun an soláthar bia a chinntiú.

Leasú 5

Aithris 14

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(14)

Ba cheart do na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta a dhréachtú agus a fhoilsiú. Chun a áirithiú go mbeidh pleananna gníomhaíochta náisiúnta na mBallstát éifeachtach, ba cheart cuspóirí cainníochtúla agus tagairtí do spriocanna laghdaithe náisiúnta ceangailteacha le haghaidh 2030 mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta a bheith iontu, mar aon le spriocanna táscacha gaolmhara arna leagan amach sna pleananna gníomhaíochta náisiúnta, bearta, tráthchláir agus táscairí chun rioscaí agus tionchar úsáide lotnaidicídí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a laghdú. Leis sin, beifear in ann cur chuige struchtúrtha a ghlacadh maidir le cuspóirí agus spriocanna cainníochtúla a leagan síos, agus nasc soiléir ann leis na spriocanna laghdaithe náisiúnta le haghaidh 2030. Chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar spriocanna agus ar shonraí cainníochtúla beachta a bhaineann le comhlíontacht forálacha maidir le húsáid, oiliúint, trealamh cur i bhfeidhm agus bainistiú comhtháite lotnaidí.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta a dhréachtú agus a fhoilsiú. Chun a áirithiú go mbeidh pleananna gníomhaíochta náisiúnta na mBallstát éifeachtach, ba cheart cuspóirí cainníochtúla agus tagairtí do spriocanna laghdaithe náisiúnta ceangailteacha le haghaidh 2030 mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta a bheith iontu, mar aon le spriocanna táscacha gaolmhara arna leagan amach sna pleananna gníomhaíochta náisiúnta, bearta, tráthchláir agus táscairí chun rioscaí agus tionchar úsáide lotnaidicídí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a laghdú. Leis sin, beifear in ann cur chuige struchtúrtha a ghlacadh maidir le cuspóirí agus spriocanna cainníochtúla a leagan síos, agus nasc soiléir ann leis na spriocanna laghdaithe náisiúnta le haghaidh 2030. Chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar spriocanna agus ar shonraí cainníochtúla beachta a bhaineann le comhlíontacht forálacha maidir le húsáid, oiliúint, trealamh cur i bhfeidhm agus bainistiú comhtháite lotnaidí. Le cúnamh ó shainghrúpa eolaithe comhshaoil agus geallsealbhóirí na sochaí sibhialta, beidh an Coimisiún Eorpach in araíocht faireachán ex post a dhéanamh ar na pleananna gníomhaíochta náisiúnta sin chun trédhearcacht tuairimí a chinntiú.

Leasú 6

Aithris 16

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(14)

Bíonn tionchar ag cur chun feidhme beartas agus beart i réimsí na húsáide inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí ar an gcomhshaol, ar an tsláinte phoiblí agus ar dhálaí oibre. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go dtabharfar deiseanna leordhóthanacha don phobal agus do na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach in ullmhú phleananna gníomhaíochta náisiúnta na mBallstát agus go rachfar i gcomhairle leo maidir le hullmhú na bpleananna sin i gcomhréir, i gcás inarb infheidhme, le Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

(16)

Bíonn tionchar ag cur chun feidhme beartas agus beart i réimsí na húsáide inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí ar an gcomhshaol, ar an tsláinte phoiblí agus ar dhálaí oibre. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go dtabharfar deiseanna leordhóthanacha do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, laistigh dá réimse inniúlachtaí féin, mar aon leis an bpobal agus na comhpháirtithe sóisialta, a bheith rannpháirteach in ullmhú phleananna gníomhaíochta náisiúnta na mBallstát agus go rachfar i gcomhairle leo maidir le hullmhú na bpleananna sin i gcomhréir, i gcás inarb infheidhme, le Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

Leasú 7

Aithris 24

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(22)

Chun a áirithiú go n-úsáidfear táirgí cosanta plandaí agus an trealamh leata lena mbaineann ar bhealach a chosnaíonn sláinte an duine agus an comhshaol, is gá foráil a dhéanamh maidir le ceanglais ghinearálta ar úsáideoirí gairmiúla i ndáil leis an oiliúint is gá chun táirgí cosanta plandaí áirithe nó trealamh leata áirithe a úsáid, i ndáil le húsáid táirgí cosanta plandaí níos guaisí agus i ndáil leis an ngá ceanglais chigireachta le haghaidh trealamh leata in úsáid ghairmiúil a chomhlíonadh.

(24)

Chun a áirithiú go n-úsáidfear táirgí cosanta plandaí agus an trealamh leata lena mbaineann ar bhealach a chosnaíonn sláinte an duine agus an comhshaol, is gá foráil a dhéanamh maidir le ceanglais ghinearálta ar úsáideoirí gairmiúla i ndáil leis an oiliúint is gá chun táirgí cosanta plandaí áirithe nó trealamh leata áirithe a úsáid, i ndáil le húsáid táirgí cosanta plandaí níos guaisí agus i ndáil leis an ngá ceanglais chigireachta le haghaidh trealamh leata in úsáid ghairmiúil a chomhlíonadh. Lámh ar láimh leis sin, ba cheart úsáid táirgí ceimiceacha cosanta plandaí a bhaint d’úsáideoirí neamhghairmiúla nach bhfuil oilte, le cásanna ina mbeadh sábháilteacht an duine nó sábháilteacht an chomhshaoil i mbaol a sheachaint.

Leasú 8

Aithris 24a (aithris nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(24a)

Is rud é an faireachán ar an gcomhshaol atá riachtanach chun scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí a bheidh ag úsáid na dtáirgí cosanta plandaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Níl fócas i gceanglais faireacháin an Aontais ach ar scéal an uisce faoi láthair. D’fhonn a mheas go cruinn an bhfuil spriocanna an Rialacháin seo á gcomhlíonadh fad a bhaineann le laghdú ar riosca táirgí cosanta plandaí, cuirfidh na Ballstáit cláir chuimsitheacha ar bun chun faireachán a dhéanamh ar iarmhairt na substaintí gníomhacha gona meitibilítí sa chomhshaol, san uisce, in ainmhithe agus i gcolainn an duine.

Leasú 9

Aithris 24b (aithris nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(24b)

Tugtar faoi deara i bplean cur chun feidhme an Choimisiúin Eorpaigh “Margadh Ithreach don Eoraip” go bhfuil 83 % d’ithreacha talmhaíochta san Aontas éillithe le lotnaidicídí iarmharacha, agus gur dócha go gcuirfidh diansaothrú na talmhaíochta agus ró-úsáid lotnaidicídí leis an éilliú le himeacht ama. Tá tagairt shonrach ann do mharthanacht mhór na lotnaidicídí san ithir, agus don thocsaineacht do speicis nach speicis sprice iad mar bhagairt do leas na hithreach. Dá bhrí sin, ba cheart an tábhacht atá le cosaint na hithreach a chur san áireamh go cuí nuair atá forálacha an Rialacháin seo á gcur chun feidhme.

Leasú 10

Aithris 25

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(23)

D’fhéadfadh tionchair dhiúltacha ar leith a bheith ag úsáid táirgí cosanta plandaí i limistéir áirithe atá in úsáid go minic ag an bpobal i gcoitinne nó ag grúpaí leochaileacha, i bpobail ina bhfuil cónaí ar dhaoine agus ina n-oibríonn siad agus i limistéir atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de, amhail láithreáin Natura 2000 a chosnaítear i gcomhréir le Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa (33) agus ón gComhairle agus Treoir 92/43/CEE (34) ón gComhairle. Má úsáidtear táirgí cosanta plandaí i limistéir atá in úsáid ag an bpobal i gcoitinne, bíonn féidearthacht ard ann go nochtfaí daoine do tháirgí cosanta plandaí den sórt sin. Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar tháirgí cosanta plandaí a úsáid i limistéir íogaire agus laistigh de 3 mhéadar de na limistéir sin. Níor cheart maoluithe ón toirmeasc a cheadú ach amháin faoi choinníollacha áirithe agus ar bhonn cás ar chás.

(25)

D’fhéadfadh tionchair dhiúltacha ar leith a bheith ag úsáid táirgí cosanta plandaí i limistéir áirithe atá in úsáid go minic ag an bpobal i gcoitinne nó ag grúpaí leochaileacha, i bpobail ina bhfuil cónaí ar dhaoine agus ina n-oibríonn siad agus i limistéir atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de, amhail láithreáin Natura 2000 a chosnaítear i gcomhréir le Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa (33) agus ón gComhairle agus Treoir 92/43/CEE (34) ón gComhairle. Má úsáidtear táirgí cosanta plandaí i limistéir atá in úsáid ag an bpobal i gcoitinne, bíonn féidearthacht ard ann go nochtfaí daoine do tháirgí cosanta plandaí den sórt sin. Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar tháirgí cosanta plandaí a úsáid i limistéir íogaire agus laistigh de 3 mhéadar de na limistéir sin. Níor cheart maoluithe ón toirmeasc a cheadú ach amháin faoi choinníollacha áirithe agus ar bhonn cás ar chás. Ba cheart na criosanna maolánacha a leathnú go 50 méadar sna limistéir arb iad na pobail leochaileacha is líonmhaire a bhíonn iontu, agus le haghaidh úsáid táirgí cosanta plandaí atá thar a bheith guaiseach. Níor cheart maoluithe ar an toirmeasc a cheadú ach amháin i gcás táirgí cosanta plandaí a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 chun leanúint de ghníomhaíochtaí talmhaíochta atá ann cheana nó faoi choinníollacha dochta áirithe agus ar bhonn cás ar chás.

Cúis

Tugann an eolaíocht le fios go gcaithfidh criosanna maolánacha éifeachtacha a bheith cúpla céad méadar ar leithead chun gabháil lotnaidicídí a chosc. Fuarthas amach i staidéar a rinneadh le déanaí, staidéar inar scrúdaíodh éilliú lotnaidicídí i gclóis súgartha poiblí, go raibh beagnach leath de na clóis súgartha éillithe ag lotnaidicíd amháin ar a laghad, agus an ceathrú cuid díobh ag níos mó ná lotnaidicíd amháin (lena n-áirítear EDCanna), staidéar a léiríonn sé go mbeadh achar 100 méadar riachtanach chun deireadh a chur go hiomlán le héilliú de dheasca na lotnaidicídí. Is rud é atá léirithe i staidéar leantach nach leor bearta maolaithe atá níos déine ná na 3 mhéadar atá beartaithe ag an gCoimisiún chun nochtadh na leanaí agus nochtadh an phobail i gcoitinne do lotnaidicídí contúirteacha a chosc.

Leasú 11

Aithris 26

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(24)

Tá an comhshaol uisceach agus soláthairtí uisce óil thar a bheith íogair i leith táirgí cosanta plandaí. Chun an comhshaol uisceach a chosaint, ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar tháirgí cosanta plandaí a úsáid i limistéir uiscí dromchla agus thart timpeall orthu. Ba cheart bearta iomchuí a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun meathlú ar uisce dromchla agus screamhuisce agus ar uiscí cósta agus mara a sheachaint agus chun go mbeifear in ann stádas maith dromchla agus screamhuisce a bhaint amach, chun an comhshaol uisceach agus soláthairtí uisce óil a chosaint ar thionchar táirgí cosanta plandaí. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach oiliúint a chur ar úsáideoirí gairmiúla maidir le conas is féidir leataí de tháirgí áirithe cosanta plandaí a aicmítear mar tháirgí atá “díobhálach don saol uisceach a bhfuil éifeachtaí fadtréimhseacha acu”, “an-tocsaineach don saol uisceach a bhfuil éifeachtaí fadtréimhseacha acu” nó “tocsaineach don saol uisceach a bhfuil éifeachtaí fadtréimhseacha acu” a íoslaghdú nó deireadh a chur leo. Tá sé tábhachtach freisin oiliúint a chur ar úsáideoirí gairmiúla maidir leis an tábhacht a bhaineann le tús áite a thabhairt do tháirgí cosanta plandaí nó do roghanna malartacha neamhcheimiceacha a mbaineann riosca íseal leo, do theicneolaíocht shruth-laghdaithe a úsáid agus do bhearta maolaithe riosca.

(26)

Tá an comhshaol uisceach agus soláthairtí uisce óil thar a bheith íogair i leith táirgí cosanta plandaí. Chun an comhshaol uisceach a chosaint, ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar tháirgí cosanta plandaí a úsáid i limistéir uiscí dromchla agus thart timpeall orthu. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun cosc a chur ar thiúchain dho-ghlactha lotnaidicídí a dtarlódh ann dóibh go rialta san am atá romhainn , chun meathlú breise ar uiscí dromchla agus screamhuisce, ar uiscí cósta agus ar uiscí mara a chosc, chun stádas maith dromchla agus screamhuisce a bhaint amach, agus chun an comhshaol uisce agus an soláthar uisce óil a chosaint ar thionchar táirgí cosanta plandaí. Sa chomhthéacs sin, ní mór rochtain iomlán a bheith go rialta ag soláthraithe uisce óil ar shonraí atá imdhealaithe go leordhóthanach agus atá imdhealaithe ó thaobh ama agus spáis de, ar shonraí a bhaineann go sonrach le substaintí gníomhacha i dtaca le húsáid lotnaidicídí sna réimsí cosanta uisce atá faoina gcúram féin. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach oiliúint a chur ar úsáideoirí gairmiúla maidir le conas is féidir leataí de tháirgí áirithe cosanta plandaí a aicmítear mar tháirgí atá “díobhálach don saol uisceach a bhfuil éifeachtaí fadtréimhseacha acu”, “an-tocsaineach don saol uisceach a bhfuil éifeachtaí fadtréimhseacha acu” nó “tocsaineach don saol uisceach a bhfuil éifeachtaí fadtréimhseacha acu” a íoslaghdú nó deireadh a chur leo. Tá sé tábhachtach freisin oiliúint a chur ar úsáideoirí gairmiúla maidir leis an tábhacht a bhaineann le tús áite a thabhairt do tháirgí cosanta plandaí nó do roghanna malartacha neamhcheimiceacha a mbaineann riosca íseal leo, do theicneolaíocht shruth-laghdaithe a úsáid agus do bhearta maolaithe riosca.

Cúis

Maidir le lotnaidicídí a bheith san uisce go rialta agus go forleathan i dtiúchan nach ceart a bheith ar an leibhéal sin ar chor ar bith de réir nós imeachta údaraithe an Aontais, leibhéil a bhfuil tionchar an-diúltach acu ar an mbithéagsúlacht agus ar chothromaíocht nádúrtha dá bhrí sin, cuireann CnaR i bhfios go bhfuil gá le bearta chun status quo inghlactha a chur ar bun.

Is mór an tábhacht atá le soláthar an uisce óil i gcoitinne, agus ní mór faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an uisce óil, sin agus cáilíocht an uisce óil a áirithiú do sholáthraithe uisce óil a bhfuil an fhaisnéis riachtanach ar fad faighte acu.

Leasú 12

Aithris 27

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(25)

Tagraíonn feirmeoireacht bheacht do chórais bainistithe talmhaíochta a chuireann bainistiú barr in oiriúint go cúramach chun bheith ag teacht le dálaí áitiúla amhail na coinníollacha a fhaightear laistigh de dháileachtaí talún. Tríd an teicneolaíocht atá ann cheana a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear úsáid sonraí agus seirbhísí spáis an Aontais (Galileo agus Copernicus), d’fhéadfaí úsáid lotnaidicídí a laghdú go suntasach. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le creat reachtach a dhreasaíonn forbairt na feirmeoireachta beachta. De ghnáth, ní bhíonn leathadh táirgí cosanta plandaí ó aerárthach, lena n-áirítear iad á leathadh le heitleáin, le héileacaptair agus le dróin, chomh beacht le modhanna eile úsáide agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le tionchair dhíobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar leathadh ón aer, le maoluithe teoranta ar bhonn cás ar chás i gcás inar lú an tionchar diúltach a bheidh aige ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ná aon mhodh eile leata nó nach bhfuil aon mhodh inmharthana malartach leata ann. Is gá freisin taifead a dhéanamh ar líon na leataí ón aer a rinneadh ar bhonn na gceadanna a deonaíodh le haghaidh leathadh ón aer chun sonraí soiléire a fháil ar cé mhéad leathadh ón aer ar deonaíodh cead ina leith i ndáiríre.

(27)

Tagraíonn feirmeoireacht bheacht do chórais bainistithe talmhaíochta a chuireann bainistiú barr in oiriúint go cúramach chun bheith ag teacht le dálaí áitiúla amhail na coinníollacha a fhaightear laistigh de dháileachtaí talún. Tríd an teicneolaíocht atá ann cheana a chur i bhfeidhm, lena náirítear úsáid sonraí agus seirbhísí spáis an Aontais (Galileo agus Copernicus), d’fhéadfaí a úsáid a bhaintear as lotnaidicídí mar aon leis na rioscaí atá ag gabháil leo a laghdú go suntasach. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le creat reachtach a dhreasaíonn forbairt na feirmeoireachta beachta. De ghnáth, ní bhíonn leathadh táirgí cosanta plandaí ó aerárthach, lena n-áirítear iad á leathadh le heitleáin, le héileacaptair agus le dróin, chomh beacht le modhanna eile úsáide agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le tionchair dhíobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Mar sin féin tá forbairtí teicneolaíochta ann a cuireadh os comhair an tsaoil le blianta beaga anuas an bhfuil an-chruinneas ag roinnt leo, forbairtí a bhfuil gealladh mór fúthu ó thaobh nuálaíochta agus feidhmeanna de. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar leathadh ón aer, le maoluithe teoranta ar bhonn cás ar chás i gcás inar lú an tionchar diúltach a bheidh aige ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ná aon mhodh eile leata nó nach bhfuil aon mhodh inmharthana malartach leata ann. Ní mór é sin a bheith faoi réir i dtólamh, athbhreithnithe agus measúnuithe atá bunaithe ar nuálaíochtaí teicneolaíochta san fheirmeoireacht bheacht . Is gá freisin taifead a dhéanamh ar líon na leataí ón aer a rinneadh ar bhonn na gceadanna a deonaíodh le haghaidh leathadh ón aer chun sonraí soiléire a fháil ar cé mhéad leathadh ón aer ar deonaíodh cead ina leith i ndáiríre.

Cúis

Ní oiriúnach an rud anseo gan ach fócas a bheith ar an úsáid féin.

Leasú 13

Aithris 30

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(28)

I bhfianaise thábhacht na comhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a úsáid mar mhodh chun tacú lena n-úsáid ar bhealach a chosnaíonn sláinte an duine agus an comhshaol i gcomhréir le bainistiú comhtháite lotnaidí, tá sé tábhachtach oiliúint leordhóthanach a chur ar chomhairleoirí.

(30)

I bhfianaise thábhacht na comhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a úsáid mar mhodh chun tacú lena n-úsáid ar bhealach a chosnaíonn sláinte an duine agus an comhshaol i gcomhréir le bainistiú comhtháite lotnaidí, tá sé tábhachtach oiliúint leordhóthanach a chur ar chomhairleoirí agus iad a bheith neamhspleách ar na cuideachtaí a bhíonn ag táirgeadh (nó ag margú) na dtáirgí cosanta plandaí sin .

Cúis

Táirgeoirí agus dáileoirí lotnaidicídí

Leasú 14

Aithris 31

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(29)

Is gné thábhachtach den slabhra dáileacháin é táirge cosanta plandaí a dhíol toisc gur féidir le dáileoirí an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil chun tacú lena úsáid chuí dá bharr. Ba cheart comhairle shonrach a bheith ar fáil faoi threoracha sábháilteachta maidir le sláinte an duine agus maidir leis an gcomhshaol don cheannaitheoir nó don úsáideoir deiridh tráth an díola chun gur féidir ceisteanna a fhreagairt a éascóidh úsáid cheart an táirge cosanta plandaí ábhartha. I gcás úsáideoirí neamhghairmiúla, ba cheart faisnéis ghinearálta a bheith ar fáil ag an bpointe díola maidir le táirgí cosanta plandaí a úsáid, a láimhseáil agus a stóráil go sábháilte agus maidir le pacáistíocht táirgí den sórt sin a dhiúscairt, ós rud é nach mbíonn an t-eolas praiticiúil céanna ag na húsáideoirí sin de ghnáth agus atá ag úsáideoirí gairmiúla.

(31)

Is gné thábhachtach den slabhra dáileacháin é táirge cosanta plandaí a dhíol toisc gur féidir le dáileoirí an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil chun tacú lena úsáid chuí dá bharr. Ba cheart comhairle shonrach a bheith ar fáil faoi threoracha sábháilteachta maidir le sláinte an duine agus maidir leis an gcomhshaol don cheannaitheoir nó don úsáideoir deiridh tráth an díola chun gur féidir ceisteanna a fhreagairt a éascóidh úsáid cheart an táirge cosanta plandaí ábhartha. I gcás úsáideoirí neamhghairmiúla, ba cheart faisnéis ghinearálta a bheith ar fáil ag an bpointe díola maidir le táirgí cosanta plandaí a úsáid, a láimhseáil agus a stóráil go sábháilte agus maidir le pacáistíocht táirgí den sórt sin a dhiúscairt, ós rud é nach mbíonn an t-eolas praiticiúil céanna ag na húsáideoirí sin de ghnáth agus atá ag úsáideoirí gairmiúla. Ar mhaithe le háirithiú na comhsheasmhachta, is éard ba cheart onnmhairiú lotnaidicídí mar aon le substaintí gníomhacha lotnaidicídí a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas Eorpach a thoirmeasc faoi Rialachán (CE) 1107/2009.

Cúis

Ceimiceáin nach féidir a úsáid a thuilleadh san Aontas de dheasca na n-éifeachtaí díobhálacha atá acu ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine, is róléir gur ceimiceáin iad nach ceart a onnmhairiú ón Aontas ach chomh beag. Seo rud a bhaineann le lotnaidicídí foirmlithe chomh maith leis na substaintí gníomhacha atá iontu.

Leasú 15

Aithris 33 (aithris nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(33a)

Na comhlachtaí atá freagrach as meastóireacht agus údarú na dtáirgí cosanta plandaí, ba cheart dóibh athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar éifeachtúlacht na dtáirgí cosanta plandaí. Ionas gur féidir laghdú a chur ar úsáid na lotnaidicídí, agus i gcás inar tháinig forbairt ar an bhfrithsheasmhacht i measc na n-orgánach díobhálach lena mbaineann an táirge, ba cheart an t-údarú úsáide a shrianadh nó theorannú go mór chun táirgí atá imithe chun neamhéifeachta a chosc ar an margadh.

Cúis

In earnáil na talmhaíochta, ba cheart gach beart a dhéanamh dar féidir chun teorainn a chur leis an bhfrithsheasmhacht leis na héifeachtaí diúltacha a ghabhann léi, agus ba cheart cúram a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfear lotnaidicíd amháin in ionad a chéile mar thoradh ar an bhfrithsheasmhacht, rud atá níos crosta fós don duine agus don chomhshaol.

Leasú 16

Aithris 34

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(32)

I bhfianaise na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus don chomhshaol ó úsáid táirgí cosanta plandaí, ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal ar fhaisnéis níos fearr maidir leis na tionchair fhoriomlána a bhíonn ag úsáid na dtáirgí sin trí chláir múscailte feasachta, trí fhaisnéis a chuirtear ar aghaidh trí dháileoirí agus trí bhearta iomchuí eile.

(34)

I bhfianaise na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus don chomhshaol ó úsáid táirgí cosanta plandaí, ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal ar fhaisnéis níos fearr , mar shampla i gcás an nós imeachta Eorpach um údarú, maidir le prionsabal na dtáirgí cosanta plandaí formheasta a bheith neamhghuaiseach don chomhshaol agus don tsláinte nuair a úsáidtear i gceart iad, agus maidir leis an tionchar foriomlán a bheadh ag úsáid na dtáirgí sin trí chláir ardaithe feasachta, faisnéis a chuirtear ar aghaidh trí údaráis neamhspleácha chomhshaoil/sláinte agus bearta iomchuí eile.

Cúis

Ní féidir ach amháin leis na comhlachtaí sin a áirithiú go scaipfear faisnéis ábhartha nach é leas grúpa daoine ar bith í go sonrach.

Leasú 17

Aithris 35

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(33)

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar na treochtaí maidir le teagmhais géarnimhithe agus nimhiú ainsealach a eascraíonn as nochtadh daoine do tháirgí cosanta plandaí, ba cheart do gach Ballstát faisnéis a thiomsú faoi threochtaí den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh freisin ar na treochtaí foriomlána ar leibhéal an Aontais.

(35)

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar na treochtaí maidir le teagmhais géarnimhithe agus nimhiú ainsealach a eascraíonn as nochtadh daoine do tháirgí cosanta plandaí, ba cheart do gach Ballstát faisnéis a thiomsú faoi threochtaí den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh freisin ar na treochtaí foriomlána ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, ba cheart foráil a dhéanamh i gcomhair staidéir fadama ar leith (úsáideoirí) nó i gcomhair grúpaí leochaileacha (e.g. mná atá ag iompar clainne, agus leanaí) atá á ndéanamh cheana féin i mBallstáit aonair.

Cúis

Ní mór léiriú níos sonraí a dhéanamh ar an scéal chun aghaidh a thabhairt go sásúil ar chosaint shláinte an duine óir is mór an tábhacht atá leis an gcosaint sin.

Leasú 18

Aithris 35(a) (aithris nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(35a)

D’fhonn úsáid lotnaidicídí a laghdú, ba cheart imscrúdú a dhéanamh ar na comhéifeachtaí atá ag meascáin lotnaidicídí ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine, agus ba cheart iad a léiriú ar bhealach níos soiléire i gcleachtas údarúcháin d’fhonn faisnéis ábhartha thrédhearcach a chur ar fáil do na saoránaigh maidir le hiomlán an tionchair a bheidh ann de bharr úsáid na dtáirgí sin.

Cúis

Is ar shubstaintí gníomhacha aonair nó ar fhoirmlithe na substaintí sin a dhíríonn an próiseas um údarú lotnaidicídí ina iomláine. Is iomaí staidéar a bhfuil léiriú ann ar na rioscaí féideartha maidir le comhshubstaintí gníomhacha i réimse an chomhshaoil agus shláinte an duine, rioscaí nach féidir a dhíorthú ina n-iomláine ó na sonraí atá ann faoi lotnaidicídí aonair.

Leasú 19

Aithris 43

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(41)

Chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhforfheidhmeofar na rialacha sin. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tá sé tábhachtach freisin foráil a dhéanamh go ngnóthóidh na Ballstáit costais a bhaineann le hoibleagáidí a chur i gcrích faoin Rialachán seo trí bhíthin táillí nó muirir chun a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais ar fáil d’údaráis inniúla.

(43)

Chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhforfheidhmeofar na rialacha sin. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tá sé tábhachtach freisin foráil a dhéanamh go ngnóthóidh na Ballstáit costais a bhaineann le hoibleagáidí a chur i gcrích faoin Rialachán seo trí bhíthin táillí nó muirir , sin nó trí bhíthin cáin riosca-bhunaithe a chur ar tháirgí cosanta plandaí, chun a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais ar fáil d’údaráis inniúla.

Leasú 20

Aithris 43a(aithris nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(43a)

Tá gá le cistiú leordhóthanach chun bainistiú comhtháite na lotnaidí a chur chun feidhme. D’fhéadfadh bunú ciste stáit cuidiú le cur chun feidhme agus le glacadh an bhainistithe chomhtháite lotnaidí a chothú agus bearta gaolmhara a dhéanamh níos tarraingtí do na feirmeoirí, e.g. trí fhoráil a dhéanamh don chúiteamh i gcás caillteanas ioncaim cruthaithe. D’fhéadfaí na hacmhainní airgeadais don chiste sin a sholáthar, inter alia, trí chánachas rioscabhunaithe a chur ar tháirgí cosanta plandaí, trí ranníocaíochtaí miondíoltóirí, nó trí íocaíochtaí pionóis.

Leasú 21

Airteagal 1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha d’úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí trí fhoráil a dhéanamh go socrófar agus go mbainfear amach faoi 2030 spriocanna laghdaithe maidir le húsáid agus riosca táirgí cosanta plandaí ceimiceacha, ceanglais a bhunú maidir le táirgí cosanta plandaí a úsáid, a stóráil, a dhíol agus a dhiúscairt agus maidir le trealamh leata , foráil a dhéanamh maidir le hoiliúint agus feasacht a ardú , agus foráil a dhéanamh maidir le bainistiú comhtháite lotnaidí a chur chun feidhme.

Is éard is aidhm don Rialachán seo na rioscaí agus na tionchair atá ag úsáid na lotnaidicídí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a laghdú, sin agus an spleáchas ar lotnaidicídí a laghdú. Leagtar síos leis rialacha d’úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí trí fhoráil a dhéanamh go socrófar agus go mbainfear amach faoi 2030 spriocanna laghdaithe maidir le húsáid agus riosca táirgí cosanta plandaí ceimiceacha , trí bhainistiú comhtháite lotnaidí a chur chun cinn agus a chur chun feidhme, bunaithe ar chineálacha cur chuige agus teicnící coisctheacha agus malartacha neamhcheimiceacha, agus an t-aistriú chuig córais feirmeoireachta ionchuir ísil a spreagadh, agus trí cheanglais a bhunú maidir le táirgí cosanta plandaí a úsáid, a stóráil, a dhíol agus a dhiúscairt agus maidir le trealamh leata, cosaint agus oiliúint na n-oibrithe, comhairle neamhspleách agus ardú feasachta.

Cúis

Is cruinne a chuireann sé sin in iúl na haidhmeanna agus na cuspóirí atá leis an rialachán seo, ag díriú ar rioscaí a laghdú agus ar chleachtais mhalartacha a chur chun feidhme sa talmhaíocht agus é mar aidhm dheiridh acu córas bia inbhuanaithe a bhaint amach.

Leasú 22

Airteagal 3(16), pointe (a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

limistéar atá in úsáid ag an bpobal i gcoitinne, amhail páirc phoiblí nó gairdín poiblí, faichí áineasa nó spóirt, nó conair phoiblí;

(a)

limistéar atá in úsáid ag an bpobal i gcoitinne, amhail páirc phoiblí nó gairdín poiblí, faichí áineasa nó spóirt, nó conair phoiblí, mar aon le gach limistéar cónaithe ;

Leasú 23

Airteagal 3(16), pointe (f)(i)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(i)

aon limistéar faoi chosaint faoi Threoir 2000/60/CE, lena n-áirítear criosanna cosanta a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le modhnuithe ar na limistéir sin tar éis thorthaí an mheasúnaithe riosca ar na pointí astarraingthe uisce óil faoi Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47)

(i)

aon limistéar faoi chosaint faoi Threoir 2000/60/CE, lena n-áirítear criosanna coimirce a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le modhnuithe ar na limistéir sin tar éis na dtorthaí measúnaithe riosca do phointí astarraingthe uisce óil faoi Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47) , cé is moite de limistéir atá leochaileach do níotráití, cothaithigh agus fuíolluisce uirbeach, nach dtagann faoin sainmhíniú ar limistéir íogaire agus nach mbeidh feidhm ag na srianta atá beartaithe maidir leo ;

Leasú 24

Airteagal 3(16)(f)(ii)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

ii)

láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir 92/43/CEE agus na limistéir chaomhantais speisialta arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Treoir sin, agus limistéir chosanta speisialta arna n-aicmiú de bhun Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE, agus aon limistéar cosanta náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil eile arna thuairisciú ag na Ballstáit don fhardal atá ainmnithe go náisiúnta faoi chosaint (CDDA);

ii)

láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir 92/43/CEE, limistéir chaomhantais speisialta a ainmnítear de bhun Airteagal 4(4) den Treoir sin agus limistéir a aicmítear mar limistéir chaomhantais speisialta de bhun Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE, agus aon limistéar cosanta náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil eile ba mhaith leis na Ballstáit seo a áireamh sa ghrúpa limistéar a bhfuil an leibhéal seo cosanta acu ;

Cúis

D’fhonn cosaint a dhíriú ar na limistéir íogaire is ábhartha, féadfaidh na Ballstáit, de réir a mbreithiúnais féin, tagairtí do na limistéir sin a bhaint den sainmhíniú ar limistéir íogaire in SUR.

Leasú 25

Airteagal 8(1),

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1 .   Faoin… [Oifig na bhFoilseachán: [cuirtear isteach an dáta, – 18 mí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], dréachtóidh agus foilseoidh gach Ballstát ar shuíomh gréasáin pleananna gníomhaíochta náisiúnta ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

1.   Faoin… [Oifig na bhFoilseachán: [cuirtear isteach an dáta, – 18 mí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], dréachtóidh agus foilseoidh gach Ballstát ar shuíomh gréasáin pleananna gníomhaíochta náisiúnta ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

na spriocanna laghdaithe náisiúnta le haghaidh 2030 a glacadh i gcomhréir le Caibidil II;

(a)

scéal cosanta na bplandaí i gcás orgánaigh is díobhálach do na barra, mar aon le scéal na dtreochtaí, rud a thabharfaidh tásc ar aon orgánach nua atá ann;

(b)

faisnéis a bhaineann leis na spriocanna laghdaithe náisiúnta le haghaidh 2030 de réir mar a leagtar amach in Airteagal 9;

(b)

na spriocanna laghdaithe náisiúnta le haghaidh 2030 a glacadh i gcomhréir le Caibidil II;

(c)

mionsonraí faoin dul chun cinn pleanáilte i leith na ngnéithe atá ábhartha ó thaobh chur chun feidhme an Rialacháin seo a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II;

(c)

faisnéis a bhaineann leis na spriocanna laghdaithe náisiúnta le haghaidh 2030 de réir mar a leagtar amach in Airteagal 9;

(d)

nasc chuig na codanna ábhartha de phleananna straitéiseacha CBT, arna ndréachtú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115, inar leagadh amach pleananna le haghaidh méadú ar an limistéar talmhaíochta a úsáidtear ar a bhfuil feirmeoireacht orgánach á déanamh agus conas a chuirfidh na pleananna leis an sprioc a bhaint amach a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia (1) atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, eadhon 25 % den limistéar talmhaíocht a úsáidtear a bheith tiomnaithe don fheirmeoireacht orgánach faoi 2030;

(d)

mionsonraí faoin dul chun cinn pleanáilte i leith na ngnéithe atá ábhartha ó thaobh chur chun feidhme an Rialacháin seo a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II;

(e)

liosta de threalamh forchuir in úsáid go gairmiúil ar a gcuireann an Ballstát ceanglais éagsúla cigireachta i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 32(1);

(e)

nasc chuig na codanna ábhartha de phleananna straitéiseacha CBT, arna ndréachtú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115, inar leagadh amach pleananna le haghaidh méadú ar an limistéar talmhaíochta a úsáidtear ar a bhfuil feirmeoireacht orgánach á déanamh agus conas a chuirfidh na pleananna leis an sprioc a bhaint amach a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia (1) atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, eadhon 25 % den limistéar talmhaíocht a úsáidtear a bheith tiomnaithe don fheirmeoireacht orgánach faoi 2030;

(f)

faisnéis faoi mhéideanna bliantúla measta na dtáirgí cosanta a úsáideadh go mídhleathach nó a urghabhadh trí oibríochtaí frithchalaoise le linn na dtrí bliana roimhe sin agus aon bhearta atá beartaithe a bhaineann leis sin;

(f)

liosta de threalamh forchuir in úsáid go gairmiúil ar a gcuireann an Ballstát ceanglais éagsúla cigireachta i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 32(1);

(g)

bearta náisiúnta chun úsáideoirí gairmiúla a spreagadh trí bhíthin dreasachtaí airgeadais le modhanna neamhcheimiceacha a úsáid, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le Státchabhair;

(g)

faisnéis faoi mhéideanna bliantúla measta na dtáirgí cosanta a úsáideadh go mídhleathach nó a urghabhadh trí oibríochtaí frithchalaoise le linn na dtrí bliana roimhe sin agus aon bhearta atá beartaithe a bhaineann leis sin;

(h)

bearta atá beartaithe agus glactha chun tacú le nuálaíocht agus forbairt agus úsáid modhanna rialaithe lotnaidí neamhcheimiceacha nó chun iad a áirithiú le ceanglais cheangailteacha arna leagan síos sa dlí náisiúnta;

(h)

bearta náisiúnta chun úsáideoirí gairmiúla a spreagadh trí bhíthin dreasachtaí airgeadais le modhanna neamhcheimiceacha a úsáid, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le Státchabhair;

(i)

modhanna eile atá beartaithe agus glactha chun tacú le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí i gcomhréir le prionsabail chomhtháite bainistithe lotnaidí, lena n-áirítear na prionsabail atá sna rialacha a bhaineann go sonrach le barr nó chun iad a áirithiú le ceanglais cheangailteacha arna leagan síos sa dlí náisiúnta de réir mar a leagtar amach in Airteagal 15(1).

(i)

bearta atá beartaithe agus glactha chun tacú le nuálaíocht agus forbairt agus úsáid modhanna rialaithe lotnaidí neamhcheimiceacha nó chun iad a áirithiú le ceanglais cheangailteacha arna leagan síos sa dlí náisiúnta;

 

(j)

modhanna eile atá beartaithe agus glactha chun tacú le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí i gcomhréir le prionsabail chomhtháite bainistithe lotnaidí, lena n-áirítear na prionsabail atá sna rialacha a bhaineann go sonrach le barr nó chun iad a áirithiú le ceanglais cheangailteacha arna leagan síos sa dlí náisiúnta de réir mar a leagtar amach in Airteagal 15(1).

Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún gan mhoill faoin gcéad fhoilsiú dá phlean gníomhaíochta náisiúnta.

Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún gan mhoill faoin gcéad fhoilsiú dá phlean gníomhaíochta náisiúnta féin d’fhonn cur ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh faireachán ex post a dhéanamh ar na pleananna sin .

Leasú 26

Leasú ar Airteagal 9(1), pointe (a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

liosta de na cúig shubstaint ghníomhacha ar a laghad is mó a imríonn tionchar ar an treocht sa laghdú úsáide agus sa riosca a bhaineann le táirgí cosanta plandaí, agus in úsáid na dtáirgí cosanta plandaí níos guaisí, de réir mar a rinneadh amach tríd an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm, le linn na dtrí bliana sular glacadh an plean gníomhaíochta náisiúnta;

(a)

liosta de na cúig shubstaint ghníomhacha ar a laghad is mó a imríonn tionchar diúltach ar an treocht sa laghdú úsáide agus sa riosca a bhaineann le táirgí cosanta plandaí, agus in úsáid na dtáirgí cosanta plandaí níos guaisí, de réir mar a rinneadh amach tríd an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm, le linn na dtrí bliana sular glacadh an plean gníomhaíochta náisiúnta;

Cúis

Níl an fhoclaíocht soiléir anseo. Is díol spéise ar leith atá sna substaintí gníomhacha is mó a bhfuil tábhacht leo lena áirithiú nach bhfuil an laghdú atáthar ag iarraidh a chur ar an riosca níos suntasaí.

Leasú 27

Airteagal 13(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.    I dtús báire cuirfidh úsáideoirí gairmiúla bearta i bhfeidhm nach bhfuil ceangal iontu úsáid táirgí ceimiceacha cosanta plandaí chun orgánaigh dhíobhálacha a chosc nó a dhíothú sula mbainfear leas as táirgí ceimiceacha cosanta plandaí.

1.   Cuirfidh úsáideoirí gairmiúla bearta coisctheacha neamhcheimiceacha i bhfeidhm i gcónaí amhail cleachtais agranamaíocha iomchuí . Nuair a bheidh idirghabhálacha ag teastáil, cuirfidh úsáideoirí gairmiúla bearta i bhfeidhm ar dtús nach bhfuil ceangal iontu úsáid táirgí ceimiceacha cosanta plandaí chun orgánaigh dhíobhálacha a dhíothú,, tar éis dóibh an t-ordlathas comhtháite um bainistiú lotnaidí a leanúint . Ní fhéadfar táirgí cosanta plandaí ceimiceacha a chur i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil rath ar aon bheart coisctheach neamhcheimiceach eile nó ar mheascán de bhearta den chineál sin .

Leasú 28

Airteagal 13(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Léireoidh taifid úsáideora ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 14(1) gur chuir sé nó sí na roghanna seo a leanas go léir san áireamh :

2.   Léireoidh na taifid úsáideora ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 14(1) gur chuir sé nó sí na roghanna infheidhme go léir sa liosta thíos san áireamh, roimh dhul i muinín na lotnaidicídí ceimiceacha :

úsáid teicnící nua-aimseartha saothraithe, lena n-áirítear teicníc na ceapaí síl stálaithe, dátaí agus dlúis churadóireachta, idirchuraíocht, curaíocht chaomhnúcháin, prúnáil agus curaíocht dhíreach,

uainíocht barra a bhfuil éagsúlacht mhór iontu ar feadh tréimhse nach lú ná ceithre bliana , ina measc sin cineálacha éagsúla a mheascadh le chéile, an idirchuraíocht nó an t- ilsaothrú ,

úsáid saothróg díonach nó fulangach agus síl agus trealaimh plandúcháin ardcháilíochta nó síl agus ábhair plandúcháin dheimhnithe,

úsáid teicnící nua-aimseartha saothraithe, lena n-áirítear teicníc na ceapaí síl stálaithe, dátaí agus dlúis churadóireachta, idirchuraíocht, curaíocht chaomhnúcháin neamhcheimiceach , bainistiú athghiniúnach na hithreach, lena n-áirítear úsáid an aoiligh ghlais , leasú a dhéanamh le hábhar orgánach nó mótú, an róleasú a sheachaint , an t-aoladh a sheachaint, srian a chur leis an uisciú agus le nósanna draenála,

úsáid cleachtas cothromaithe leasúcháin, aolta, uisciúcháin agus taosctha, – spré orgánach díobhálach a chosc le bearta sláinteachais, lena n-áirítear glanadh rialta innealra agus trealaimh,

scaipeadh na n-orgánach díobhálach a chosc le bearta sláinteachais, lena n-áirítear glanadh tráthrialta innealra agus trealaimh,

cosaint agus feabhsú orgánach tairbhiúil tábhachtach, lena n-áirítear bearta cosanta plandaí tairbhiúla nó úsáid bonneagar éiceolaíoch laistigh agus lasmuigh de láithreáin táirgthe,

cosaint agus feabhsú orgánach tairbhiúil tábhachtach, lena n-áirítear bearta cosanta plandaí tairbhiúla nó úsáid bonneagar éiceolaíoch laistigh agus lasmuigh de láithreáin táirgthe,

coinneáil amach lotnaidí trí struchtúir chosanta, eangaigh agus bacainní fisiceacha eile a úsáid.

coinneáil amach lotnaidí trí struchtúir chosanta, eangaigh agus bacainní fisiceacha eile a úsáid.

Leasú 29

Airteagal 13(3), pointe (c)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(c)

úsáid comhairle ó chomhairleoirí ag a bhfuil cáilíocht ghairmiúil.

(c)

úsáid comhairle ó chomhairleoirí neamhspleácha ag a bhfuil cáilíocht ghairmiúil.

Cúis

Sa chás seo, ní mór an chomhairle a bheith neodrach.

Leasú 30

Airteagal 14

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   I gcás ina ndéanfaidh úsáideoir gairmiúil beart coisctheach nó ina ndéanfaidh sé idirghabháil, iontrálfaidh an t-úsáideoir gairmiúil an fhaisnéis seo a leanas sa chlár leictreonach comhtháite i leith bainistiú lotnaidí agus úsáid táirgí cosanta plandaí, clár dá dtagraítear in Airteagal 16 agus a chumhdaíonn an limistéar ina n-oibríonn an t-úsáideoir gairmiúil:

1.   I gcás ina ndéanfaidh úsáideoir gairmiúil beart coisctheach nó ina ndéanfaidh sé idirghabháil, (coisctheach nó íceach) iontrálfaidh an t-úsáideoir gairmiúil an fhaisnéis seo a leanas sa chlár leictreonach comhtháite i leith bainistiú lotnaidí agus úsáid táirgí cosanta plandaí, clár dá dtagraítear in Airteagal 16 agus a chumhdaíonn an limistéar ina n-oibríonn an t-úsáideoir gairmiúil:

(a)

aon bheart coisctheach nó idirghabháil choisctheach agus an chúis leis an mbeart nó an idirghabháil sin, lena n-áirítear sainaithint agus measúnú an leibhéil lotnaidí, i gcás nár ghlac an Ballstát ina n-oibríonn an t-úsáideoir rialacha barrshonracha maidir leis an mbarr ábhartha agus an limistéar ábhartha;

(a)

aon bheart coisctheach nó cumasc de bhearta coisctheacha éagsúla (coisctheach nó íceach) , i gcás nár ghlac an Ballstát ina n-oibríonn an t-úsáideoir rialacha barrshonracha maidir leis an mbarr ábhartha agus an limistéar ábhartha;

(b)

aon bheart coisctheach nó idirghabháil choisctheach agus an chúis leis an mbeart nó an idirghabháil sin, lena n-áirítear sainaithint agus measúnú an leibhéil lotnaidí agus tagairt do na critéir intomhaiste a leagtar amach sna rialacha is infheidhme, i gcás inar ghlac an Ballstát ina n-oibríonn an t-úsáideoir rialacha barrshonracha maidir leis an mbarr ábhartha agus an limistéar ábhartha.

(b)

aon bheart coisctheach nó aon chumasc de bhearta coisctheacha éagsúla (coisctheach nó íceach) , a dhéantar le tagairt do chritéir intomhaiste a leagtar amach sna rialacha is infheidhme a bhaineann go sonrach le barr i gcás inar ghlac an Ballstát ina n-oibríonn an t-úsáideoir rialacha barrshonracha maidir leis an mbarr ábhartha agus an limistéar ábhartha.

2.   Iontrálfaidh úsáideoir gairmiúil taifead ar ainm a chomhairleora agus ar dhátaí agus ábhar na comhairle a fuair sé uaidh i gcomhréir le hAirteagal 26(3) sa chlár leictreonach comhtháite i leith bainistiú lotnaidí agus úsáid táirgí cosanta plandaí, clár dá dtagraítear in Airteagal 16. Cuirfidh an t-úsáideoir gairmiúil na taifid sin ar fáil don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 15(2) arna iarraidh sin.

2.   Iontrálfaidh úsáideoir gairmiúil taifead ar ainm a chomhairleora agus ar dhátaí agus ábhar na comhairle a fuair sé uaidh i gcomhréir le hAirteagal 26(3) sa chlár leictreonach comhtháite i leith bainistiú lotnaidí agus úsáid táirgí cosanta plandaí, clár dá dtagraítear in Airteagal 16. Cuirfidh an t-úsáideoir gairmiúil na taifid sin ar fáil don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 15(2) arna iarraidh sin.

3.   Iontrálfaidh úsáideoir gairmiúil taifead leictreonach ar gach cás de leathadh táirge cosanta plandaí faoi Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 sa chlár leictreonach comhtháite i leith bainistiú lotnaidí agus úsáid táirgí cosanta plandaí, clár dá dtagraítear in Airteagal 16. Ar a bharr sin, iontrálfaidh úsáideoir gairmiúil taifead leictreonach ina sonrófar an le haerthrealamh nó trealamh ar talamh a rinneadh an leathadh. I gcás leathadh ón aer, sonróidh úsáideoir gairmiúil an cineál trealaimh a úsáidtear.

3.   Iontrálfaidh úsáideoir gairmiúil taifead leictreonach ar gach cás de leathadh táirge cosanta plandaí faoi Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 sa chlár leictreonach comhtháite i leith bainistiú lotnaidí agus úsáid táirgí cosanta plandaí, clár dá dtagraítear in Airteagal 16. Ar a bharr sin, iontrálfaidh úsáideoir gairmiúil taifead leictreonach ina sonrófar an le haerthrealamh nó trealamh ar talamh a rinneadh an leathadh. I gcás leathadh ón aer, sonróidh úsáideoir gairmiúil an cineál trealaimh a úsáidtear.

 

4.    Chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá ann ó thaobh laghdú na rioscaí agus na dtionchar díobhálach ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol trí úsáid na dtáirgí cosanta plandaí, is gá an córas de tháscairí riosca comhchuibhithe a bunaíodh le Treoir (AE) 2009/128/CE a athbhreithniú nó a fhorbairt a thuilleadh ionas go bhféadfaidh sé aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an dá chuspóir atá beartaithe, is é sin cainníocht na dtáirgí cosanta plandaí a laghdú, sin agus na rioscaí a bhaineann le táirgí cosanta plandaí a laghdú . Is faoi chuimsiú Airteagal 35 den Rialachán seo a dhéanfar athbhreithniú ar an gcóras táscairí riosca comhchuibhithe.

4.   Chun a áirithiú go mbeidh struchtúr aonfhoirmeach ar na hiontrálacha atá le déanamh ag úsáideoirí gairmiúla sa chlár leictreonach comhtháite i leith bainistiú lotnaidí agus úsáid táirgí cosanta plandaí i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad caighdeánach a ghlacadh le haghaidh na n-iontrálacha sin. I ngach teimpléad den chineál sin beidh réimsí chun taifid a ionchur ar gá iad a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus ar gá aitheantas inaitheanta a úsáid ina leith. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

5.   Chun a áirithiú go mbeidh struchtúr aonfhoirmeach ar na hiontrálacha atá le déanamh ag úsáideoirí gairmiúla sa chlár leictreonach comhtháite i leith bainistiú lotnaidí agus úsáid táirgí cosanta plandaí i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad caighdeánach a ghlacadh le haghaidh na n-iontrálacha sin. I ngach teimpléad den chineál sin beidh réimsí chun taifid a ionchur ar gá iad a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus ar gá aitheantas inaitheanta a úsáid ina leith. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

Cúis

Go gearrthéarmach, tá na fadhbanna tromchúiseacha seo a leanas ag roinnt leis an togra reatha i leith HRI:

Is é an fachtóir céanna a fhaigheann gach substaint ghníomhach fhormheasta (sa chás seo, 8), agus déantar neamhaird go hiomlán ar na difríochtaí ollmhóra tocsaineachta atá eatarthu tráth is faide anonn.

Dá bhrí sin, laistigh de ghrúpa substaintí atá ar aon fhachtóir ualaithe amháin le chéile, is rud thar a bheith cinntitheach atá sa chainníocht a chuirtear i bhfeidhm maidir le hionchorprú na substaintí ón ngrúpa sin sa HRI i ndeireadh báire.

Seo a leanas croineolaíocht nádúrtha na ngrúpaí lena mbaineann lotnaidicíd: údaraithe faoi láthair -> substaint a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi -> ní cheadaítear a thuilleadh, lena n-áirítear úsáid talmhaíochta atá ag laghdú léi i gcónaí. Is éard a chiallaíonn cinneadh na bhfachtóirí ualaithe, faoi mar atá leagtha amach thuas, nach féidir leis an HRI a ríomhtar i ndeireadh ama laghdú a chur ach amháin ar na fachtóirí ualaithe céanna, agus ciallaíonn sé go bhfuil an laghdú sin “brostaithe” go deimhin de bharr fachtóirí ualaithe eile a bheith ann atá níos airde ná é.

I ndáil leis sin, is minic a léiríonn an DAT laghdú rioscaí, ach níl ansin ach rud a tharlaíonn mar gheall ar an dearadh atá orthu. Is éard a thugann siad le fios gur ag laghdú atá an riosca, cé nach mar sin atá an scéal ar chor ar bith, nó cé nach gá ar a laghad ar bith gurb amhlaidh atá. Is cur chuige é sin nach bhfuil i gcomhréir ach oiread leis na cuspóirí atá le beartas trédhearcach an Aontais Eorpaigh maidir le ceimiceáin, ná leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

Leasú 31

Airteagal 15(7)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

7.   Athbhreithneoidh gach Ballstát go bliantúil a chuid rialacha barrshonracha agus nuashonróidh sé iad i gcás inar gá, lena n-áirítear nuair is gá sin chun athruithe ar infhaighteacht uirlisí rialaithe orgánach díobhálacha a chur san áireamh.

7.   Athbhreithneoidh gach Ballstát go bliantúil a chuid rialacha barrshonracha agus nuashonróidh sé iad i gcás inar gá, lena n-áirítear nuair is gá sin chun athruithe ar infhaighteacht uirlisí rialaithe orgánach díobhálacha a chur san áireamh , agus uair sna cúig bliana déanfaidh siad athbhreithniú ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh na cóireála i measc na lotnaidí atá i gceist .

Leasú 32

Airteagal 16(8)(alt nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

8.     Ba cheart coinneáil na dtaifead a leathnú amach chun limistéir neamhthalmhaíochta a thabhairt san áireamh, úsáid lotnaidicídí sna coillte agus i spásanna poiblí, cuir i gcás, mar aon leis na bóithre agus na hiarnróid.

Leasú 33

Airteagal 16(9) (alt nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

9.     Ní mór na cláir a chur ar fáil don phobal agus an aird chuí a bheith ar chosaint na sonraí pearsanta. I bhfianaise na n-astaíochtaí sa chomhshaol, is ag leas an phobail atá tús áite thar rúndacht na sonraí.

Leasú 34

Airteagal 18(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Úsáid táirgí cosanta plandaí i limistéir íogaire

Úsáid táirgí cosanta plandaí i limistéir íogaire

1.   Tá toirmeasc ar gach táirge cosanta plandaí sna limistéir íogaire uile agus i bhfoisceacht 3 mhéadar de na limistéir sin. Ní laghdófar an crios maolánach 3 mhéadar trí úsáid a bhaint as teicnící malartacha maolaithe riosca.

1.   Tá toirmeasc ar gach táirge cosanta plandaí sna limistéir íogaire uile agus i bhfoisceacht 3 mhéadar de na limistéir sin. Ní laghdófar an crios maolánach 3 mhéadar trí úsáid a bhaint as teicnící malartacha maolaithe riosca. I gcás limistéir íogaire a úsáideann grúpaí leochaileacha, is 50 méadar a bheidh sa chrios maolánach sin. Cloífear le crios maolánach na 50 méadar freisin i gcás úsáid na lotnaidicídí is guaisí.

Cúis

Tugann an eolaíocht le fios go gcaithfidh criosanna maolánacha éifeachtacha a bheith cúpla céad méadar ar leithead chun gabháil lotnaidicídí a chosc. Fuarthas amach i staidéar a rinneadh le déanaí, staidéar inar scrúdaíodh éilliú lotnaidicídí i gclóis súgartha poiblí, go raibh beagnach leath de na clóis súgartha éillithe ag lotnaidicíd amháin ar a laghad, agus an ceathrú cuid díobh ag níos mó ná lotnaidicíd amháin (lena n-áirítear EDCanna), staidéar a léiríonn sé go mbeadh achar 100 méadar riachtanach chun deireadh a chur go hiomlám le héilliú de dheasca na lotnaidicídí. Is rud é atá léirithe i staidéar leantach nach leor bearta maolaithe atá níos déine ná na 3 mhéadar atá beartaithe ag an gCoimisiún chun nochtadh na leanaí agus nochtadh an phobail i gcoitinne do lotnaidicídí contúirteacha a chosc.

Leasú 35

Airteagal 18(2a)(alt nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

2a    . Saineoidh na Ballstáit nós imeachta soiléir agus modhanna soiléire chun fadhb na lotnaidí a dtarlaíonn dóibh i limistéir íogaire a réiteach, leis na réitigh neamhcheimiceacha mhalartacha atá ar fáil. Tabharfar tús áite do na nithe seo: cosc; modhanna faireacháin fisiceacha agus meicniúla; an bithrialú.

Leasú 36

Airteagal 18(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údarás inniúil arna ainmniú ag Ballstát cead a thabhairt d’úsáideoir gairmiúil táirge úsáid a bhaint as táirge cosanta plandaí i limistéar íogair le linn tréimhse theoranta a bhfuil a dátaí tosaigh agus deiridh sainithe go beacht, arb í an tréimhse is giorra is féidir í ach nach mó ná 60 lá í, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údarás inniúil arna ainmniú ag Ballstát cead a thabhairt d’úsáideoir gairmiúil táirge úsáid a bhaint as táirge cosanta plandaí i limistéar íogair le linn tréimhse theoranta a bhfuil a dátaí tosaigh agus deiridh sainithe go beacht, arb í an tréimhse is giorra is féidir í ach nach mó ná 90 lá í, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil riosca tromchúiseach agus eisceachtúil ann go scaipfear lotnaidí coraintín nó speiceas coimhthíoch ionrach;

(a)

go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil riosca tromchúiseach agus eisceachtúil ann go scaipfear lotnaidí nó speiceas coimhthíoch ionrach;

(b)

nach bhfuil aon teicníc rialaithe riosca malartach ann atá inúsáidte ó thaobh na teicniúlachta de, agus arb ísle an riosca a bhaineann léi, chun scaipeadh lotnaidí coraintín nó speiceas coimhthíoch ionrach a chosc.

(b)

nach bhfuil aon teicníc rialaithe riosca malartach ann atá inúsáidte ó thaobh na teicniúlachta de, agus arb ísle an riosca a bhaineann léi, chun scaipeadh lotnaidí nó speiceas coimhthíoch ionrach a chosc.

Leasú 37

Airteagal 19

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Measures to protect the aquatic environment and drinking water

Bearta chun an comhshaol uisceach agus uisce óil a chosaint

1.   Tá toirmeasc ar gach táirge cosanta plandaí a úsáid ar na huiscí dromchla uile agus laistigh de 3 mhéadar d’uiscí den sórt sin. Ní laghdófar an crios maolánach 3 mhéadar trí úsáid a bhaint as teicnící malartacha maolaithe riosca.

1.   Tá toirmeasc ar gach táirge cosanta plandaí a úsáid ar na huiscí dromchla uile agus laistigh de 3 mhéadar d’uiscí den sórt sin. Ní laghdófar an crios maolánach 3 mhéadar trí úsáid a bhaint as teicnící malartacha maolaithe riosca.

2.   Féadfaidh na Ballstáit criosanna maolánacha éigeantacha níos mó a bhunú atá cóngarach d’uiscí dromchla.

2.   Féadfaidh na Ballstáit criosanna maolánacha éigeantacha níos mó a bhunú atá cóngarach d’uiscí dromchla.

3.   Faoin… [Oifig na bhFoilseachán: cuirigí isteach dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh na Ballstáit bearta iomchuí i bhfeidhm chun meathlú ar stádas dromchla agus screamhuisce agus ar uiscí cósta agus mara a sheachaint agus chun go mbeifear in ann stádas maith dromchla agus screamhuisce a bhaint amach, chun an comhshaol uisceach agus soláthairtí uisce óil a chosaint ar thionchar táirgí cosanta plandaí, agus chun, ar a laghad, na cuspóirí a leagtar amach i dTreoracha 2000/60/CE, 2006/118/CE, 2008/105/CE, 2008/56/CE agus (AE) 2020/2184 a bhaint amach.

3.   Faoin [Cuireadh Oifig na bhFoilseachán dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin isteach anseo] cuirfidh na Ballstáit bearta iomchuí i bhfeidhm chun deireadh a chur láithreach leis na hionchuir lotnaidicídí atá ann cheana a bhfuil tiúchan comhshaoil neamh-inghlactha mar thoradh orthu , chun tuilleadh meathlú ar stádas uisce dromchla, screamhuisce, uiscí cósta agus mara a sheachaint ionas gur féidir stádas maith dromchla agus screamhuisce a bhaint amach chun an comhshaol uisce agus cúlchistí uisce óil a chosaint ar thionchar táirgí cosanta plandaí, agus chun, ar a laghad, na cuspóirí a leagtar amach i dTreoracha 2000/60/CE, 2006/118/CE, 2008/105/CE, 2008/56/CE agus (AE) 2020/2184 a bhaint amach.

 

4.     Sa chomhthéacs sin, ní mór rochtain iomlán a bheith go rialta ag soláthraithe uisce óil ar shonraí atá imdhealaithe go leordhóthanach agus atá imdhealaithe ó thaobh ama agus spáis de, ar shonraí a bhaineann go sonrach le substaintí gníomhacha i dtaca le húsáid lotnaidicídí sna réimsí cosanta uisce atá faoina gcúram féin. Ba cheart sonraí den sórt sin a chur ar fáil don phobal i gcoitinne freisin i bhfoirm iomchuí.

5.     Ba cheart toirmeasc a chur ar tháirgí ceimiceacha cosanta plandaí a chur i bhfeidhm ar dhromchlaí an-tréscaoilteach nó ar bhonneagar eile gar don dromchla nó don screamhuisce nó ar dhromchlaí séalaithe a bhfuil riosca ard draenála iontu isteach sa chóras uisce nó i gcórais séarachais.

6.     Ainmneoidh na Ballstáit criosanna cosanta chun uisce dromchla agus screamhuisce a ghabháil le haghaidh uisce óil ina mbeidh toirmeasc ar lotnaidicídí a úsáid nó a stóráil.

Cúis

Maidir le lotnaidicídí a bheith san uisce go rialta agus go forleathan i dtiúchan nach ceart a bheith ar an leibhéal sin ar chor ar bith de réir nós imeachta údaraithe an Aontais, leibhéil a bhfuil tionchar an-diúltach acu ar an mbithéagsúlacht agus ar chothromaíocht nádúrtha dá bhrí sin, cuireann CnaR i bhfios go bhfuil gá le bearta chun status quo inghlactha a chur ar bun.

Is mór an tábhacht atá le soláthar an uisce óil i gcoitinne, agus ní mór faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an uisce óil, sin agus cáilíocht an uisce óil a áirithiú do sholáthraithe uisce óil a bhfuil an fhaisnéis riachtanach ar fad faighte acu.

Leasú 38

Airteagal 19a (alt nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Freagracht Leathnaithe Táirgeora

 

1.     ag iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh freagracht bhreise táirgeora ar tháirgeoirí a chuireann táirge cosanta plandaí ar an margadh.

 

2.     Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora do gach táirge cosanta plandaí, lena n-áirítear a meitibilítí, i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE.

 

3.     Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí táirgí cosanta plandaí na costais de bhun na bhforálacha maidir le freagracht leathnaithe táirgeora i dTreoir 2008/98/CE agus, a mhéid nach bhfuil siad san áireamh cheana féin, go gcumhdóidh siad na costais seo a leanas:

 

(a)

na costais infheistíochta agus oibríochtúla a thabhaíonn na soláthraithe uisce óil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha le haghaidh lotnaidicídí gona meitibilítí faoi mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn 1, Cuid B de Threoir (AE) 2020/2184;

(b)

na costais a bhaineann le bailiú agus fíorú sonraí maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh.

 

4.     Na costais arna gcumhdach, dá dtagraítear i mír 3, ní rachaidh siad thar na costais atá riachtanach chun na seirbhísí dá dtagraítear iontu a chur ar fáil ar bhealach costéifeachtach agus déanfaidh na gníomhaithe lena mbaineann iad a bhunú ar bhealach trédhearcach.

 

5.     Áiritheoidh na Ballstáit gur ar bhonn riosca comhshaoil agus riosca sláinte na dtáirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh a chinnfear ranníocaíocht gach táirgeora, rud dá dtagraítear i mír 3.

 

6.     Saineoidh na Ballstáit, ar bhealach soiléir, róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe ábhartha uile lena mbaineann.

 

7.     Ceadóidh gach Ballstát do tháirgeoirí atá bunaithe i mBallstát eile agus a chuireann táirgí ar an margadh ar a chríoch, duine dlítheanach nó nádúrtha a cheapadh atá bunaithe ar a chríoch mar ionadaí údaraithe chun oibleagáidí na dtáirgeoirí a chomhlíonadh i ndáil le scéimeanna um fhreagracht leathnaithe táirgeora ar a chríoch.

Leasú 39

Airteagal 27(3), pointe (a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus don chomhshaol trí éifeachtaí géara nó ainsealacha a bhaineann le húsáid táirgí cosanta plandaí;

(a)

na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus don chomhshaol trí éifeachtaí géara nó ainsealacha a bhaineann le húsáid táirgí cosanta plandaí;

(aa)

na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus don chomhshaol de dheasca chomhúsáid táirgí cosanta plandaí agus de dheasca easpa sonraí maidir leis na héifeachtaí a leanann táirgí cosanta plandaí a cheangal le chéile, rioscaí nach ndéantar measúnú orthu i ndáil le húsáid táirgí cosanta plandaí;

Leasú 40

Airteagal 28 (2) go (4) (alt nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Faoin 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

2.   Faoin 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

líon na dteagmhas géarnimhithe nó nimhiú ainsealach a eascraíonn as nochtadh daoine do tháirgí cosanta plandaí le linn na bliana féilire roimhe sin;

(a)

líon na dteagmhas géarnimhithe nó nimhiú ainsealach a eascraíonn as nochtadh daoine do tháirgí cosanta plandaí le linn na bliana féilire roimhe sin;

(b)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 maidir le gach teagmhas nimhithe.

(b)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 maidir le gach teagmhas nimhithe;

 

(c)

líon na ngalar ceirde arb iad na táirgí cosanta plandaí ba chúis leo, is é sin táirgí a úsáideadh agus/nó a rabhthas á nochtadh dóibh in imeacht na bliana.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an fhormáid maidir le cur isteach na faisnéise agus na sonraí dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an fhormáid maidir le cur isteach na faisnéise agus na sonraí dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

 

4.     galar ceirde arb iad na táirgí cosanta plandaí ba chúis leo, is é sin táirgí a úsáideadh agus/nó a rabhthas á nochtadh dóibh in imeacht na bliana.

 

(a)

Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil a bheidh freagrach as córas a bhunú chun galair cheirde a aithint, a fhógairt agus a chúiteamh go cóir, is é sin galair arb í úsáid na dtáirgí cosanta plandaí agus/nó neamhchosaint ar na táirgí sin ba chúis leo mar ghalair.

 

(b)

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a ndóthain foirne agus a ndóthain acmhainní ag na húdaráis ainmnithe chun a ndualgais a chomhlíonadh i gceart, lena n-áirítear an chigireacht a dhéanamh go héifeachtach.

 

(c)

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar na teorainnluachanna náisiúnta ceangailteacha um nochtadh ceirde (LEP[ES1]) i gcás úsáid substaintí gníomhacha atá i dtáirgí cosanta plandaí agus/nó nochtadh do na substaintí sin, agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar iad agus go gcuirfear i bhfeidhm iad.

 

(d)

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag gach úsáideoir gairmiúil ar dhoiciméadacht oifigiúil a léiríonn cén cineál táirge cosanta plandaí a úsáideadh le linn na gníomhaíochta gairmiúla agus le linn na tréimhse nochta, gach úsáideoir gairmiúil an fhoireann oibre san áireamh.

 

(e)

Soláthróidh na fostóirí na doiciméid oifigiúla dá dtagraítear i mír 4 do gach oibrí dá bhfuil fostaithe sa ghnó.

 

(f)

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar an oibleagáid dá dtagraítear i mír 5, agus cuirfidh siad pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha i bhfeidhm i gcás sárú ar bith dá ndéanfar ar an gceanglas sin.

 

(g)

éascóidh na Ballstáit an tuairisciú ar na galair cheirde a bhaineann le húsáid táirgí cosanta plandaí agus/nó le nochtadh do na táirgí sin, rud a dhéanfaidh siad trí bhíthin sásraí tuairiscithe inrochtana agus éifeachtacha a bhunú.

 

(h)

is den dualgas atá ar na Ballstáit an scéal a shocrú ionas go n-admhófar na galair seo a bheith ann, agus cúiteamh ceart cuí a áirithiú dóibh siúd a bhfuil na galair orthu.

Leasú 41

Airteagal 33(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Faireachán ar iarmhairt lotnaidicídí

1.     Cuirfidh na Ballstáit gnáthbhearta i bhfeidhm chun cláir faireacháin shonracha ionadaíocha a chur i gcrích i gcoinne iarmhairt substaintí gníomhacha gona meitibilítí in acmhainní uisce, sa screamhuisce, san ithir, san aer/deannach/dromchlú, biota agus i gcolainn an duine.

2.     Cláir agus táscairí faireacháin arb ann dóibh ann cheana, déanfar iad a mheas agus a oiriúnú más gá, agus cuirfear cláir nua in oiriúint de réir mar is iomchuí chun a áirithiú go nginfear sonraí faireacháin oiriúnacha. Más gá, cuirfidh na Ballstáit bearta breise chun feidhme lena áirithiú go gcomhlíonfaidh úsáid táirgí cosanta plandaí forálacha Airteagal 4 agus Airteagal 29 de Rialachán (EC) 1107/2009 ón gCoimisiún.

3.     Cuirfear torthaí na gclár faireacháin faoi bhráid an Choimisiúin agus foilseofar iad ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 8. Scrúdóidh an Coimisiún na torthaí agus déanfaidh sé a mhachnamh ar cheist na n-athruithe rialála féachaint an bhfuil gá leo nó nach bhfuil.

Leasú 42

Leasú ar Airteagal 36(2), pointe (a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

sainaithneofar iontu na cúig shubstaint ghníomhacha is suntasaí a imríonn tionchar ar an toradh;

(a)

sainaithneofar iontu na cúig shubstaint ghníomhacha is suntasaí a imríonn tionchar diúltach ar an toradh ;

Cúis

Sin é a thugtar le fios go soiléir san fhoclaíocht.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

ag tacú go láidir le bearta chun úsáid táirgí ceimiceacha cosanta plandaí agus na rioscaí a bhaineann leo a laghdú, sin agus chun córais bhia inbhuanaithe a áirithiú; mar sin féin, ba cheart an obair a dhéanamh le teann cúraim chun a áirithiú nach ró-ualach riaracháin an toradh a bheidh ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa reachtaíocht;

2.

á thabhairt chun cuimhne gur iarr Coiste na Réigiún, sa thuairim maidir le hathchóiriú CBT, go mbeadh spriocanna coiteanna Eorpacha ann, spriocanna cainníochtaithe, intomhaiste agus inaimsithe i gcomhair pleananna straitéiseacha náisiúnta atá le háireamh i Rialachán CBT (1) faoi 2027, agus go dtiocfadh laghdú 30 % ar a laghad ar úsáid lotnaidicídí sna Ballstáit le hais mar a bhí in 2017;

3.

den tuairim nach mór a mheas gur rud é an tocsaineacht atá glan go leor ar chainníocht na lotnaidicídí, agus an réimse leathan tocsaineachtaí éagsúla ba cheart a chur san áireamh a bheith curtha san áireamh, e.g. go dtí seo i ngrúpa HRI a bhfuil an fachtóir ualaithe céanna aige, i dtéarmaí na tocsaineachta atá ann; den tuairim freisin, má dhéantar amhlaidh, gur rud é an tocsaineacht, mar shampla, a bhí le cur san áireamh cheana i ngrúpa HRI a bhfuil an fachtóir ualaithe céanna aige ba cheart a chur san áireamh go hidirdhealaithe i dtaca leis an leibhéal tocsaineacht atá ann;

4.

ag iarraidh go gcuirfí na pleananna gníomhaíochta náisiúnta (NAPanna) faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh chun faireachán ex post a dhéanamh orthu maille le tacaíocht ó shainghrúpa neamhspleách lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta chun trédhearcacht na bpróiseas a áirithiú;

5.

ag iarraidh ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia athbhreithniú a dhéanamh go han-rialta ar éifeachtacht na lotnaidicídí údaraithe, sin agus athbhreithniú a dhéanamh ar údaruithe a thúisce a tharlaíonn frithsheasmhacht sna lotnaidí a bhfuil tionchar ag an táirge orthu, d’fhonn iolrú mí-éifeachtach na dtáirgí sin a sheachaint, ós táirgí iad nach bhfuil aon ghá leo;

6.

ag iarraidh ar an Aontas Eorpach tionscadail taighde a mhaoiniú i ndáil le tionchar na manglam lotnaidicídí ar shláinte an duine agus ar an mbithéagsúlacht, tionchar a bhfuiltear dall faoi láthair ar an toradh a bhíonn air;

7.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag na hiarrachtaí taighde príobháideacha agus poiblí i mbainistiú bitheolaíoch comhtháite na lotnaidí le deich mbliana anuas, agus go bhfuil roghanna malartacha ar 40 % d’úsáid na lotnaidicídí sintéiseacha ar fáil anois; gur mhaith leis go gcuirfeadh clár taighde an Aontais níos mó béime ar thacaíocht do na cláir sin chun úsáid na lotnaidicídí a laghdú de 50 % faoi 2030 de réir an chuspóra sin;

8.

ag iarraidh ar an Aontas Eorpach athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar chur chuige HRI ionas go gcuirfear an tocsaineacht – thar aon ní eile – san áireamh ar bhealach cinntitheach chomh maith leis an gcainníocht; ag iarraidh ar an Aontas Eorpach éifeacht réamh-mheasta HRI nó cur chuige malartach a bhailíochtú, agus a áirithiú go dtiocfaidh laghdú ar éifeachtaí diúltacha lotnaidicídí ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine mar thoradh ar laghdú ar an luach riosca ríofa; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach athbhreithniú ordúil a dhéanamh ionas gur féidir torthaí iontaofa a bhaint as na táscairí atá ann;

9.

ag iarraidh ar an Aontas Eorpach, i gcomhréir le breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 1 Deireadh Fómhair 2019, maoiniú a dhéanamh ar staidéir thurgnamhacha ar thocsaineacht fhadtéarmach lotnaidicídí ina bhfoirmliú iomlán sula n-údarófar a gcur ar mhargadh ha Eorpa;

10.

á chur i bhfios nach ceart cinnteacht an tsoláthair bia a chur i mbaol mar gheall ar phróiseas tobann coigeartaithe faoi scáth na géarchéime atá ann i láthair na huaire;

11.

á chur i bhfios gur feabhas ar athléimneacht na bhfeirmeacha in éadan géarchéimeanna eacnamaíocha, fuinnimh nó comhshaoil a bheadh i laghdú úsáid na lotnaidicídí agus i laghdú na tocsaineachta dá réir;

12.

á chur i bhfios thairis sin go bhféadfadh costais a bheith ar an gcomhshaol mar thoradh ar ísliú na gcaighdeán i dtáirgeadh inbhuanaithe an bhia i gcomhthéacs na géarchéime reatha, agus go bhféadfadh sé tuilleadh luaineachta a chur sna praghsanna freisin;

13.

ag iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur le bearta chun tacú le feirmeoirí úsáid lotnaidicídí agus na rioscaí a bhaineann leo a laghdú ina gcuid Pleananna Straitéiseacha CBT;

14.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach gur ón gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) a thiocfaidh an cistiú is gá ar feadh tréimhse cúig bliana gan aon airgead eile a chur leis an gciste;

15.

á chur in iúl gurb oth léi go mbeidh leibhéal an-íseal uaillmhéine sna pleananna straitéiseacha náisiúnta nár bhailíochtaigh an Coimisiún ó thaobh laghdú na gcainníochtaí lotnaidicídí de, agus thar aon ní eile ó thaobh laghdú na rioscaí de, rud a fhágann dá bhrí sin nach gcomhlíonann siad spriocanna na hEorpa;

16.

ag iarraidh ar an Aontas Eorpach toirmeasc a chur ar allmhairiú bia a chóireáiltear le lotnaidicídí nach bhfuil údaraithe san Eoraip, bia a chuireann sláinte na saoránach agus leas an chomhshaoil i mbaol, chun iomaíocht chothrom a chruthú dár gcuid táirgeoirí féin;

17.

ag iarraidh ar an gCoimisiún toirmeasc a chur ar onnmhairiú lotnaidicídí neamhúdaraithe agus ar onnmhairiú substaintí gníomhacha ón Eoraip chuig tríú tíortha ionas go mbeidh comhsheasmhacht ann le Rialachán (EC) Uimh. 1107/2009 (2);

18.

á mheabhrú d’institiúidí AE gur iarr na saoránaigh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun talmhaíocht níos glaise a chur chun cinn agus a áirithiú, talmhaíocht nach ndéanfaidh aon díobháil don aeráid;

19.

ag meabhrú ról na réigiún agus na n-údarás áitiúil san Eoraip i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais i gcomhair na hEorpa, go háirithe trí bhíthin an róil atá acu i gcur chun feidhme CBT agus san fhaireachán ar CBT;

20.

ag iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a gcuid comhshaoránach a chur ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann le húsáid na lotnaidicídí;

21.

ag iarraidh go gcuirfí toirmeasc ar dhíol na dtáirgí cosanta plandaí ceimiceacha is contúirtí le custaiméirí nach bhfuil i mbun tráchtála;

22.

ag iarraidh go gcuirfí toirmeasc ar chustaiméirí neamhghairmiúla táirgí cosanta plandaí ceimiceacha a úsáid;

23.

á thabhairt chun suntais go bhfuil sé de cheart ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla san Eoraip an limistéar is críoch dóibh a athphleanáil, ach an choimhdeacht agus an chomhréireacht a urramú san am céanna.

An Bhruiséil, an 15 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(24)  IO L 197, 21.7.2001, lch. 30.

(24)  IO L 197, 21.7.2001, lch. 30.

(33)  IO L 20, 26.1.2010, lch. 7.

(34)  IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.

(33)  IO L 20, 26.1.2010, lch. 7.

(34)  IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.

(47)  IO L 435, 23.12.2020, lch. 1.

(47)  IO L 435, 23.12.2020, lch. 1

(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol[(2020) 381 final].

(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol[(2020) 381 final].

(1)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú)(IO L 435, 6.12.2021, lch. 187)

(2)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 188/70


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — an treoir maidir le haispeist a leasú

(2023/C 188/07)

Rapóirtéir:

Hanna ZDANOWSKA (PL/PPE), Méara Łódź

Doiciméad tagartha:

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/148/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist ag an obair

COM(2022) 489 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(3)

Is oibreán carcanaigineach an-chontúirteach í an aispeist, agus bíonn tionchar aici fós ar earnálacha eacnamaíocha éagsúla, amhail tógáil agus athchóiriú, mianadóireacht agus cairéalú, bainistiú dramhaíola agus comhrac dóiteáin, earnálacha lena mbaineann baol mór go nochtfar oibrithe. Aicmítear snáithíní aispeiste mar charcanaiginí 1A de réir Rialachán (CE) 1272/200865 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Nuair a n-ionanálaítear snáithíní aispeiste aerbheirthe, is féidir leo a bheith ina gcúis le galair thromchúiseacha amhail méisitéilióma agus ailse scamhóg, agus d’fhéadfadh sé go dtógfadh na chéad chomharthaí den ghalar 30 bliain ar an meán chun iad a léiriú ó thráth an nochta, rud as a leanfaidh básanna a bhaineann leis an obair ar deireadh.

(3)

Is oibreán carcanaigineach an-chontúirteach í an aispeist, agus bíonn tionchar aici fós ar earnálacha eacnamaíocha éagsúla, amhail an tógáil agus athchóiriú, mianadóireacht agus cairéalú, tionscal an fhuinnimh, tionscal na gceimiceán, an córas iompair, bainistiú dramhaíola agus comhrac dóiteáin, earnálacha lena mbaineann baol mór go nochtfar oibrithe. Aicmítear snáithíní aispeiste mar charcanaiginí 1A de réir Rialachán (CE) 1272/200865 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Nuair a n-ionanálaítear snáithíní aispeiste aerbheirthe, is féidir leo a bheith ina gcúis le galair thromchúiseacha amhail méisitéilióma agus ailse scamhóg, agus d’fhéadfadh sé go dtógfadh na chéad chomharthaí den ghalar 30 bliain ar an meán chun iad a léiriú ó thráth an nochta, rud as a leanfaidh básanna a bhaineann leis an obair ar deireadh.

Cúis

Cuirtear le liosta na n-earnálacha inar úsáideadh an aispeist go minic agus a bhféadfadh riosca a bheith ag baint leo i láthair na huaire maidir le sláinte oibrithe agus cónaitheoirí.

Leasú 2

Aithris 5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(5)

Le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, tacaítear leis an ngá atá le gníomhaíocht i réimse na cosanta oibrithe ar shubstaintí carcanaigineacha (1). Beidh cosaint fheabhsaithe d’oibrithe a nochtar don aispeist tábhachtach freisin i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena n-áirítear go háirithe an rabharta athchóiriúcháin don Eoraip (2). Le moltaí na saoránach faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (3), leagadh béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le dálaí córa oibre, go háirithe an t-athbhreithniú ar Threoir 2009/148/CE.

(5)

Le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, tacaítear leis an ngá atá le gníomhaíocht i réimse na cosanta oibrithe ar shubstaintí carcanaigineacha (1). Beidh cosaint fheabhsaithe d’oibrithe a nochtar don aispeist agus do dhaoine a nochtar go díreach agus go hindíreach mar thoradh ar ghníomhaíochtaí ceirde tríú páirtithe, go háirithe ag láithreáin athfheistithe, athchóirithe, díchóimeála agus scartála nó ag láithreáin líonta talún don aispeist, tábhachtach freisin i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena n-áirítear go háirithe an rabharta athchóiriúcháin don Eoraip (2). Le moltaí na saoránach faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (3), leagadh béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le dálaí córa oibre, go háirithe an t-athbhreithniú ar Threoir 2009/148/CE.

Cúis

An t-aistriú glas atá á lorg ag cách agus uaillmhian an Aontais ráta athchóirithe foirgneamh a mhéadú mar chuid den rabharta athchóiriúcháin, d’fhéadfaidís a bheith ina gcúis, san am céanna, le nochtadh méadaithe don aispeist – ní hamháin i dtaobh oibrithe foirgníochta ach i dtaobh daoine nach bhfuil baint acu léi freisin (áitritheoirí na bhfoirgneamh in aice láimhe, daoine atá cóngarach don láthair).

Leasú 3

Aithris 8

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(8)

Ba cheart teorainnluach athbhreithnithe a leagan amach sa Treoir seo i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear fianaise eolaíoch agus sonraí teicniúla atá cothrom le dáta, agus bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar thionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht prótacal agus teicnící um nochtadh a thomhas san áit oibre. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith bunaithe ar thuairimí ón gCoiste um Measúnú Riosca (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus ar thuairimí ón gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) a bunaíodh le Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 (1).

(8)

Ba cheart teorainnluach athbhreithnithe a leagan amach sa Treoir seo i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear fianaise eolaíoch agus sonraí teicniúla atá cothrom le dáta, agus bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar thionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht prótacal agus teicnící um nochtadh a thomhas san áit oibre. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith bunaithe ar roghanna éagsúla a cuireadh in iúl i dtuairimí ón gCoiste um Measúnú Riosca (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus ar thuairimí ón gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) a bunaíodh le Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 (1).

Cúis

Cuirtear roghanna éagsúla in iúl sna tuairimí ó na comhlachtaí réamhluaite, roghanna a bhaineann leis na teorainneacha nochta ceirde maidir le haispeist agus an gaol idir nochtadh agus riosca.

Leasú 4

Aithris 9

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(9)

Agus aird á tabhairt ar an saineolas eolaíoch ábhartha agus ar chur chuige cothrom lena n-áiritheofar, an tráth céanna, cosaint leordhóthanach d’oibrithe ar leibhéal an Aontais agus lena seachnófar míbhuntáistí agus ualaí eacnamaíocha díréireacha ar na hoibreoirí eacnamaíocha a ndéantar difear dóibh (lena n-áirítear FBManna) , ba cheart OEL athbhreithnithe a bhunú atá cothrom le 0,01 snáithín/cm3 mar mheán am-ualaithe (TWA) 8 n-uaire an chloig. Tá cuspóir sláinte poiblí mar bhonn taca leis an gcur chuige cothrom sin, cuspóir arb é is aidhm dó an aispeist a bhaint go sábháilte. Cuireadh san áireamh freisin OEL a mholadh lena gcuirtear cúinsí eacnamaíocha agus teicniúla san áireamh chun gur féidir baint éifeachtach a dhéanamh.

(9)

Agus aird á tabhairt ar an saineolas eolaíoch ábhartha agus ar chur chuige cothrom lena n-áiritheofar, an tráth céanna, cosaint leordhóthanach d’oibrithe ar leibhéal an Aontais agus an méid atá á chur chun feidhme cheana féin i roinnt Ballstát de chuid an Aontais á chur san áireamh, rud lena ndearbhaítear a indéanta atá sé an OEL nua a chur chun feidhme, ba cheart OEL athbhreithnithe a bhunú atá cothrom le 0,01 snáithín/cm3 mar mheán am-ualaithe (TWA) 8 n-uaire an chloig , agus cuirfear OEL a bheidh cothrom le 0,002 snáithín/cm3 chun feidhme laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na treorach seo . Tá cuspóir sláinte poiblí mar bhonn taca leis an gcur chuige cothrom sin, cuspóir arb é is aidhm dó an aispeist a bhaint go sábháilte. Cuireadh san áireamh freisin laghdú céim ar chéim den OEL a mholadh lena gcuirtear cúinsí eacnamaíocha agus teicniúla san áireamh chun gur féidir baint éifeachtach a dhéanamh.

Cúis

Is é 0,002 snáithín/cm3 (arna tomhas le Micreascópacht Leictreoin Scanála-SEM/EDXA) an OEL náisiúnta atá i bhfeidhm san Ísiltír ó 2016 i leith le haghaidh na haispeiste. Bunaíodh an teorainnluach ceangailteach seo ar thuarascáil 2010 ó Chomhairle Sláinte na hÍsiltíre, ar príomhfhoinse í a úsáideann an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) chun an gaol idir nochtadh agus riosca (ERR) a thomhas.

Leasú 5

Aithris 11

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(11)

Is í an mhicreascópacht optúil, cé nach féidir na snáithíní is lú atá díobhálach don tsláinte a chomhaireamh léi, an modh is mó a úsáidtear faoi láthair chun an aispeist a thomhas go rialta. Ós rud é gur féidir OEL atá cothrom le 0,01 f/cm3 a thomhas le micreascóp paschodarsnachta (PCM) , níl aon idirthréimhse ag teastáil chun an OEL athbhreithnithe a chur chun feidhme . I gcomhréir leis an tuairim ó ACSH, ba cheart úsáid a bhaint as modheolaíocht níos nua-aimseartha agus níos íogaire atá bunaithe ar mhicreascópacht leictreoin, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tréimhse leordhóthanach oiriúnaithe agus le tuilleadh comhchuibhithe ar mhodheolaíochtaí micreascópachta leictreoin ar leibhéal an Aontais.

(11)

Leis an micreascópacht optúil, féidir na snáithíní is lú atá díobhálach don tsláinte a chomhaireamh agus ní féidir OEL atá níos lú ná 0,01 f/cm3 a thomhas le micreascóp paschodarsnachta (PCM). I gcomhréir leis an tuairim ó ACSH, ba cheart modheolaíocht níos nua-aimseartha agus níos íogaire atá bunaithe ar mhicreascópacht leictreoin a thabhairt isteach de réir a chéile , agus aird á tabhairt ar an ngá atá le hoiriúnú agus le tuilleadh comhchuibhithe ar mhodheolaíochtaí micreascópachta leictreoin ar leibhéal an Aontais.

Cúis

De réir Thuairim RAC maidir le meastóireacht eolaíoch ar theorainneacha nochtadh ceirde le haghaidh Aispeiste, a foilsíodh an 21 Meitheamh 2021, ní mheastar faoi láthair gur modh tomhais úrscothach é PCM le haghaidh aispeist sa timpeallacht oibre a thuilleadh.

Leasú 6

Aithris 14a (aithris nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(14a)

Iarrtar ar na Ballstáit caighdeáin agus nósanna imeachta náisiúnta a chomhchuibhiú maidir le galair a bhaineann leis an aispeist a aithint agus clár a thabhairt isteach i ndáil le galair a bhaineann leis an aispeist. Tá sé riachtanach go n-áireofaí air sin scéim speisialta le haghaidh chúram agus chóireáil na ngalar a bhaineann leis an aispeist do gach oibrí atá fostaithe (faoi láthair nó a bhí fostaithe roimhe seo) in earnálacha ina bhfuil riosca nochta don aispeist, lena n-áirítear do bhaill teaghlaigh na n-oibrithe agus daoine eile a nochtar dá dtimpeallacht.

Cúis

Faoi láthair, níor sainaithníodh aon ghalar a bhaineann leis an aispeist seachas na cinn cheirde. Mar gheall ar easpa faisnéise cuimsithí agus inchomparáide ó na Ballstáit, ní féidir básmhaireacht de bharr rudaí amhail méisitéilióma pleora a thuar go hiontaofa ná measúnú cuí a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an aispeist. Cuireann sé sin leis na héagothromaíochtaí atá sna córais náisiúnta chúitimh freisin. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach, freisin, an beartas aispeiste i réimse na sláinte a chomhlánú le clár galar a bhaineann leis an aispeist. (Is ar an líon daoine atá buailte ag galair cheirde a bhaineann le haispeist atá an fhoinse faisnéise is coitianta maidir le líon na ngalar a bhaineann leis an aispeist bunaithe.)

Leasú 7

Aithris 16a (aithris nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(16a)

Toisc go bhfuil tréimhse fhada folaigh ag galair a bhaineann leis an aispeist agus nach bhfuil mórán feasachta faoi na rioscaí a bhaineann le nochtadh di, déanfaidh an Coimisiún Eorpach, in éineacht leis na Ballstáit, díreach tar éis don treoir teacht i bhfeidhm, feachtais thréimhsiúla, dhiana agus spriocdhírithe faisnéise agus oideachais a sheoladh maidir leis na rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist agus maidir le cineálacha cuí cosanta. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhíriú ar an méid seo a leanas:

oibrithe agus a dteaghlaigh;

fostóirí;

úinéirí agus riarthóirí foirgneamh;

údaráis áitiúla agus réigiúnacha;

áitritheoirí na gceantar inar seanfhoirgnimh an chuid is mó de na foirgnimh iontu;

seirbhísí sláinte chun cur le feasacht agus scileanna raideolaithe agus dochtúirí ginearálta maidir le galair a bhaineann leis an aispeist a aithint agus a chóireáil.

Cúis

D’ainneoin gur cuireadh toirmeasc ar an aispeist san Aontas Eorpach in 2005 agus d’ainneoin gur cosúil go bhfuil feasacht ann ar an iomlán maidir leis na rioscaí a bhaineann léi, níl mórán eolais phraiticiúil ag fostaithe ná fostóirí (go háirithe in earnáil na tógála), ag na cónaitheoirí féin, ag fostaithe na rialtas áitiúil/réigiúnach ná ag fostaithe comharchumann/comhlachas tithíochta ina leith.

Leasú 8

Airteagal 1, pointe (4)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(4)

in Airteagal 7(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Déanfar comhaireamh na snáithíní trí mhicreascóp paschodarsnachta (PCM) i gcomhréir leis an modh a mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) in 1997 (*1) nó, i gcás inar féidir, trí mhodh ar bith eile lena dtugtar torthaí coibhéiseacha nó torthaí níos fearr, amhail modh atá bunaithe ar mhicreascópacht leictreoin (EM).

(4)

in Airteagal 7(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Déanfar comhaireamh na snáithíní le linn na hidirthréimhse trí mhicreascóp paschodarsnachta (PCM) i gcomhréir leis an modh a mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) in 1997 (*2) fad is a bheidh micreascópacht leictreoin (EM) de dhíth chun OEL atá cothrom le 0,002 snáithíní/cm3 a chur chun feidhme .

Cúis

Ní féidir le micreascópacht optúil OEL níos ísle ná 0,01 snáithíní/cm3 a thomhas le micreascóp paschodarsnachta, agus dá bharr sin ba cheart modheolaíocht níos nua-aimseartha agus íogaire a úsáid atá bunaithe ar mhicreascópacht leictreoin, rud atá i gcomhréir le tuairim ACSH.

Leasú 9

Airteagal 1, pointe (4a) (pointe nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(4a)

Airteagal 7(7) mar a leanas:

“7.     I bhfianaise an chostais a bhaineann le trealamh saotharlainne ardcháilíochta a úsáidtear le haghaidh taighde ar shnáithíní aispeiste, moltar lárionaid deimhniúcháin a chur ar bun i lárionaid uirbeacha níos mó, ina n-oibreofar thar ceann geallsealbhóirí agus chun críocha faireacháin. Ní mór saotharlanna a dhéanann anailís aispeiste a chreidiúnú i gcomhréir leis an gcaighdeán is infheidhme maidir le córas bainistíochta cáilíochta do shaotharlanna tástála.”

Cúis

Is gá a áirithiú go bhfeidhmeoidh (agus go gcómhaoineofar) na saotharlanna deimhnithe a bhfuil trealamh tástála samplach iomchuí acu. Laghdóidh sé sin an t-ualach airgeadais ar fhostóirí chomh maith lena áirithiú go mbeidh an taighde iontaofa. Trí shaotharlanna a chreidiúnú de réir chaighdeán an chórais bainistíochta cáilíochta, ráthófar a n-inniúlacht chun anailísí iontaofa a dhéanamh. Áiritheoidh sé freisin go ndéanfar rialú aonfhoirmeach ar shaotharlanna i ngach tír san Aontas.

Leasú 10

Airteagal 1, pointe (5)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Áiritheoidh fostóirí nach nochtfar aon oibrí do thiúchan aerbheirthe aispeiste os cionn 0,01 snáithín in aghaidh an cm3 mar mheán am-ualaithe (TWA) 8 n-uaire an chloig.”

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Áiritheoidh fostóirí nach nochtfar aon oibrí do thiúchan aerbheirthe aispeiste os cionn 0,01 snáithín in aghaidh an cm3 mar mheán am-ualaithe (TWA) 8 n-uaire an chloig , agus cuirfear OEL a bheidh cothrom le 0,002 snáithíní/cm3 chun feidhme laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na treorach seo .”

Cúis

Leis an gcur chuige dhá chéim atá beartaithe maidir leis na hathruithe ar an teorainnluach ceangailteach, cuirtear san áireamh an gá atá le hidirthréimhse oiriúnaithe. Thairis sin, cuireadh an OEL níos uaillmhianaí chun feidhme san Ísiltír ó bhí 2016 ann agus bunaíodh é ar thuarascáil 2010 ó Chomhairle Sláinte na hÍsiltíre, ar príomhfhoinse í a úsáideann ECHA chun a ERR a dhíorthú.

Leasú 11

Airteagal 1, pointe(6a) (pointe nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(6a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

Sula ndéanfar obair scartála nó obair bainte aispeiste, ní mór do ghnólachtaí fianaise a chur ar fáil arna fíorú go foirmiúil maidir lena n-inniúlacht agus inniúlacht a n-oibrithe sa réimse sin (a bhaineann le hoiliúint thréimhsiúil freisin). Déanfar an fhianaise sin a dheimhniú i gcomhréir le dlíthe náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, agus i gcomhréir le treoirlínte an Aontais, atá le forbairt ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhar leis an gCoiste Comhairleach trípháirteach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH).”

Cúis

Féinmhínitheach.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó obair an Choimisiúin Eorpaigh ar athbhreithniú na Treorach maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist ag an obair. Féachtar san athbhreithniú, i measc rudaí eile, le cosc a chur ar rabharta nua íospartach aispeiste agus le spriocanna uaillmhianacha an rabharta athchóiriúcháin a chur chun feidhme i dteannta leis sin. Ag an am céanna, tá CnaR á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochta chun ailsí a bhaineann leis an obair a chosc go héifeachtach agus go cuimsitheach.

2.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CnaR go bpléitear leis an aispeist ar bhealach an-ilroinnte sa treoir, is é sin nach ndírítear inti ach ar shláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist ag an obair amháin.

3.

Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR:

gurb ionann agus 80 % an méid aispeiste ar baineadh úsáid aisti chun ábhair thógála a mhonarú;

gur tógadh níos mó ná 220 milliún foirgneamh nó struchtúr i bhfad sular cuireadh toirmeasc ar an aispeist (d’fhéadfadh sé go mbeadh líon suntasach díbh ina bhfuil aispeist fós),

go mbaineann 78 % de na hailsí ceirde a aithnítear san Aontas leis an aispeist;

gur 30 bliain an mheántréimhse ama a bhíonn i gceist sula mbraitear na chéad chomharthaí tar éis thráth an nochta;

go meastar go bhfuil idir 4,1 agus 7,3 milliún oibrí neamhchosanta ar éifeachtaí díobhálacha snáithíní aispeiste faoi láthair.

4.

Molann CnaR cur chuige dhá chéim ina dtugtar isteach OEL níos uaillmhianaí de 0,002 f/cm3 trí bliana tar éis an teorainnluach ceangailteach 0,01 f/cm3 a thabhairt isteach. Ar an gcaoi chéanna, tá an Coiste ag tathant go ndéanfar an mhicreascópacht leictreoin atá níos cruinne a chur in ionad na micreascópachta optúla de réir a chéile, ar micreascópacht í atá oiriúnach chun aispeist a bhrath nuair atá feidhm ag OELanna atá níos ísle ná 0,01 f/cm3.

5.

Tá sé á chur in iúl ag CnaR gur údar imní dó nach bhfuil an ráta bainte aispeiste san Aontas faoi láthair sásúil agus go bhfuil sé éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ar an tslí chéanna nach ionann iontu cur i bhfeidhm straitéisí gníomhaíochta, modhanna fardail, modhanna faireacháin ná na modhanna a úsáidtear chun an aispeist a bhaint.

6.

Tathantaíonn CnaR ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) nó, i gcás inarb iomchuí, ar chomhlacht inniúil Eorpach eile cur chuige aonfhoirmeach a fhorbairt chun táirgí ina bhfuil aispeist a bhrath. Bheadh sé inmhianaithe clár de tháirgí a bhféadfadh aispeist a bheith iontu a chur ar bun chun luathbhrath na dtáirgí a éascú sna Ballstáit. Is díol sásaimh do CnaR, ar an gcaoi chéanna, an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh tionscnamh reachtach maidir le scagadh agus clárú aispeiste agus maidir le faireachán a dhéanamh uirthi, arb é is aidhm dó an bhearna a dhúnadh i measc gníomhaíochtaí náisiúnta sa réimse sin. Ba cheart cur chun feidhme cur chuige comhordaithe agus inchomparáide ar fud an Aontais a bheith mar thoradh ar scagthástáil agus clárú éigeantach aispeiste i bhfoirgnimh a thabhairt isteach agus ar straitéisí náisiúnta a fhorbairt chun aispeist a bhaint. Ar an gcaoi sin, cruthófar timpeallacht níos sábháilte agus bainfear leibhéal níos airde cosanta amach do shaoránaigh an Aontais. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin, trí bhíthin na Treorach, ar an ngá atá le seirbhísí éigeandála (lena n-áirítear comhraiceoirí dóiteáin, póilíní, dochtúirí agus oibrithe tarrthála) a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist trí bhunachar sonraí atá cothrom le dáta agus inrochtana a chruthú ina bhfuil sonraí iontaofa maidir le bonneagar a ndeimhnítear aispeist a bheith ann nó ar dócha go bhfuil aispeist ann.

7.

Chun go n-éireoidh leis an treoir, tá CnaR á thabhairt dá aire gur cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais ról gníomhach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ag gach céim de chomhordú agus de chur chun feidhme na treorach athbhreithnithe.

8.

Tacaíonn CnaR le creat coiteann de chuid an Aontais a ghlacadh chun gur fusa an aispeist a bhrath agus a bhaint go sábháilte i stoc foirgneamh an Aontais. Tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit cur chuige coiteann, sistéamach agus córasach a fhorbairt agus cur chun feidhme an chur chuige sin a spreagadh chun dul i ngleic le fadhb na haispeiste (idir mhodh an fhardail, fheachtais faisnéise agus oideachais, chláir tacaíochta maidir leis an aispeist a bhaint do chónaitheoirí, conraitheoirí agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus réitigh chun an tsláinte a chosaint agus an aispeist a dhiúscairt).

9.

Tá sé á chur in iúl ag CnaR gur ábhar imní dó go bhfuil sé ceadaithe i roinnt Ballstát táirgí aispeiste a dhíchóimeáil iad féin. Tá sé á chur i bhfios ag CnaR, ós rud é go bhfuil oiliúint oibrithe bunriachtanach chun rioscaí ó nochtadh ceirde d’aispeist a chosc, go bhfuil gá le treoirlínte Eorpacha maidir le deimhniú na scileanna riachtanacha chun a áirithiú go gcuirfear na caighdeáin chéanna i bhfeidhm ar fud an Aontais. Tá sé ag tathant, dá bhrí sin, go bhforbrófaí treoirlínte Eorpacha maidir le deimhniú scileanna riachtanacha oibrithe chun comhpháirteanna ina bhfuil aispeist a bhaint go sábháilte.

10.

Tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún sásraí a chruthú chun dlús a chur le díothú aispeiste go sábháilte trí fheasacht a mhúscailt, agus trí oideachas agus cosaint níos éifeachtaí a chur ar fáil d’oibrithe agus d’áitritheoirí trí bhíthin cláir oideachais agus faisnéise atá éifeachtach, tarraingteach agus spriocdhírithe (lena n-áirítear i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus fhoireann na seirbhíse sláinte).

11.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CnaR go bhféadfadh an t-aistriú glas atá á lorg ag cách agus uaillmhian an Aontais ráta athchóirithe foirgneamh a mhéadú mar chuid den rabharta athchóiriúcháin a bheith ina gcúis le nochtadh méadaithe don aispeist, go háirithe d’oibrithe foirgníochta. Sin an fáth a bhfuil sé riachtanach réitigh a chur i bhfeidhm chun faireachán níos éifeachtaí a dhéanamh ar bhaint aispeiste, le córas speisialta cúraim sláinte agus cóireála le haghaidh galair a bhaineann leis an aispeist (d’oibrithe atá fostaithe faoi láthair agus d’oibrithe a bhí fostaithe roimhe seo in earnálacha a nochtar don aispeist).

12.

Tá sé á thabhairt chun solais ag CnaR go bhfuil gá le gníomhaíochtaí nuálacha na n-ionad T&F a thionscnamh agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil dóibh le go bhféadfar aispeist a dhiúscairt, a chaomhnú agus a stóráil go sábháilte (e.g. faoin gclár Fís). I bhformhór na dtíortha, úsáidtear stóráil dramhaíola guaisí fós i líonadh talún nó i saoráidí stórála tiomnaithe le haghaidh dramhaíl aispeiste. Tá méadú ar an ráta bainte aispeiste coibhéiseach le méadú suntasach ar an limistéar stórála don mhianra contúirteach seo. Ag an am céanna, molann CnaR go gcruthófaí líonra cathracha agus réigiún a bhfuil fadhb agus tionchar aispeiste acu ina gcríoch; agus é d’aidhm aige sin comhar a fhorbairt a bhaineann le malartú cleachtas agus cruthú comhpháirtíochtaí chun comhthionscadail thrasnáisiúnta taighde arna gcómhaoiniú ag an Aontas Eorpach a chur chun feidhme.

13.

Tá sé á thabhairt dá aire nach ndéantar ach díchóimeáil agus diúscairt aispeiste (go háirithe díonta Eternit) a mhaoiniú agus gurb é sin is cúis leis an ráta mall bainte aispeiste. Is minic nach mbíonn go leor airgid ag cónaitheoirí chun íoc as na hábhair thógála agus na seirbhísí tógála chun díonta a athsholáthar agus, dá bhrí sin, teipeann orthu infheistíocht a dhéanamh. Is gá sásraí nua fóirdheontais agus dreasachtaí nua a thabhairt isteach (e.g. faoiseamh cánach, fóirdheontais).

14.

Tacaíonn sé leis an iarraidh go mbeadh straitéis Eorpach ann chun aispeist a bhaint, rud lena n-áiritheofaí cur chuige comhtháite maidir le beartais éagsúla agus lena gcuirfí réitigh chórasacha, éifeachtacha chun feidhme i ngach ceann de na Ballstáit maidir le modhanna fardail, faireacháin, diúscartha sábháilte, stórála agus oideachais (oiliúint), ar mhaithe le hoibrithe a nochtar d’aispeist a chosaint agus an tionchar aispeiste ar an gcomhshaol a íoslaghdú.

15.

Tá sé á chur in iúl go láidir ag CnaR gur cheart rochtain dhíreach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) chun pleananna a chur i gcrích maidir leis an aispeist a bhaint go sábháilte – ní bheidh tionchar éifeachtach i gceist mura bhfaigheann na bardais agus na réigiúin maoiniú díreach.

16.

Tá sé á iarraidh ag CnaR go mbunófaí creat airgeadais lena n-úsáidfí cistiúchán CSIE chun tacú le húinéirí foirgneamh agus, ar an gcaoi sin, baint shábháilte na haispeiste a nascadh le beartais phoiblí agus cláir phoiblí eile (amhail éifeachtúlacht fuinnimh, dálaí maireachtála níos fearr, tithíocht shóisialta agus galair a chosc).

An Bhruiséil, an 16 Márta 2023

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/XT/?uri=CELEX%

(2)  Rabharta Athchóiriúcháin: lena ndéantar an ráta athchóiriúcháin a dhúbailt chun astaíochtaí a laghdú, borradh a chur faoin téarnamh agus bochtaineacht fuinnimh a laghdú, COM(2020) 662 final.

(3)  An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tuarascáil ar an toradh deiridh (Bealtaine 2022) https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/new-push-european-democracy/conference-future-europe_ga

(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/XT/?uri=CELEX%3A52021DC0044

(2)  Rabharta Athchóiriúcháin: lena ndéantar an ráta athchóiriúcháin a dhúbailt chun astaíochtaí a laghdú, borradh a chur faoin téarnamh agus bochtaineacht fuinnimh a laghdú, COM(2020) 662 final.

(3)  An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tuarascáil ar an toradh deiridh (Bealtaine 2022) https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/new-push-european-democracy/conference-future-europe_ga

(1)  Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 218, 13.9.2003, lch. 1).

(1)  Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 218, 13.9.2003, lch. 1).

(*1)  Tiúchan snáithíní aerbheirthe a chinneadh. Modh molta, trí mhicreascópacht optúil phaschodarsnachta (modh scagaire scannáin), EDS, an Ghinéiv 1997 (ISBN 92 4 154496 1).”;

(*2)  Tiúchan snáithíní aerbheirthe a chinneadh. Modh molta, trí mhicreascópacht optúil phaschodarsnachta (modh scagaire scannáin), EDS, an Ghinéiv 1997 (ISBN 92 4 154496 1).”;


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 188/79


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An tAcht Eorpach um Shaoirse na Meán

(2023/C 188/08)

Rapóirtéir:

Mark SPEICH (DE/PPE), Státrúnaí um Ghnóthaí Cónaidhme, Eorpacha agus Idirnáisiúnta agus um na Meáin (Nordrhein-Westfalen)

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle – creat comhchoiteann a bhunú le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (an tAcht Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE

COM(2022) 457 final

Moladh ón gCoimisiún maidir le coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéireachta in earnáil na meán

C(2022) 6536 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle — creat comhchoiteann a bhunú le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (an tAcht Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE

COM(2022) 457 final

Leasú 1

Aithris 2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(2)

I bhfianaise a róil uathúil, is gné riachtanach de mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil le haghaidh seirbhísí meán (nó “margadh inmheánach na meán”) é saoirse na meán agus an t-iolrachas a chosaint. Tá an margadh sin athraithe go substaintiúil ó thús na haoise nua, ag éirí níos digití agus níos idirnáisiúnta. Cuireann sé go leor deiseanna eacnamaíocha ar fáil ach tá roinnt dúshlán roimhe freisin. Ba cheart don Aontas cuidiú le hearnáil na meán na deiseanna sin a thapú laistigh den mhargadh inmheánach, agus na luachanna atá i gcoiteann ag an Aontas agus ag a Bhallstáit, amhail cosaint na gceart bunúsach, a chosaint an tráth céanna.

(2)

I bhfianaise a róil uathúil, caithfear iarracht ar leith a dhéanamh saoirse agus iolrachas na meán a chosaint sa chuid den mhargadh inmheánach a bhaineann le seirbhísí meán. Tá athrú ó bhonn tagtha ar mhargadh inmheánach na seirbhísí meán le fiche nó tríocha bliain anuas agus tá sé ag éirí níos digití agus níos idirnáisiúnta i gcónaí. Cuireann sé go leor deiseanna eacnamaíocha ar fáil ach tá roinnt dúshlán roimhe freisin. Ba cheart don Aontas tacú le hearnáil na meán na deiseanna siúd a thapú sa mhargadh aonair, agus obair á déanamh aige lena áirithiú go gcosnaítear luachanna coiteanna an Aontais agus na mBallstát, cuir i gcás na cearta bunúsacha.

Cúis

Ní mór ról speisialta na meán mar earra eacnamaíoch agus cultúir a chur san áireamh, mar aon le hinniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát faoi seach i dtaca leis an ról sin.

Leasú 2

Aithris 3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(3)

I spás na meán digiteach, bíonn rochtain ag saoránaigh agus gnólachtaí ar ábhar meán, agus baineann siad úsáid as ábhar meán, atá ar fáil láithreach ar a gcuid gléasanna pearsanta, agus is minice a bhíonn sé sin ag tarlú i gcomhthéacsanna trasteorann. Feidhmíonn ardáin dhomhanda ar líne mar gheataí chuig ábhar na meán, agus bíonn luí ag múnlaí gnó dí-idirghabháil a dhéanamh maidir le rochtain ar sheirbhísí meán agus ábhar deighilteach agus bréagaisnéis a mhéadú. Is soláthraithe riachtanacha fógraíochta ar líne iad na hardáin sin freisin, a d’aistrigh acmhainní airgeadais ó earnáil na meán, a rinne difear dá inbhuanaitheacht airgeadais, agus dá dheasca sin d’éagsúlacht an ábhair atá ar fáil. Toisc go bhfuil seirbhísí meán dian ar eolas agus ar chaipiteal, éilítear scála leo chun go bhfanfaidh siad iomaíoch agus chun go mbeidh rath orthu sa mhargadh inmheánach. Chuige sin, tábhacht ar leith leis an bhféidearthacht go dtairgfí seirbhísí thar theorainneacha agus go bhfaighfí infheistíocht, lena n-áirítear ó Bhallstáit eile nó i mBallstáit eile.

(3)

I spás na meán digiteach, bíonn rochtain ag saoránaigh agus gnólachtaí ar ábhar meán, agus baineann siad úsáid as ábhar meán, atá ar fáil láithreach ar a gcuid gléasanna pearsanta, agus is minice a bhíonn sé sin ag tarlú i gcomhthéacsanna trasteorann. Feidhmíonn ardáin dhomhanda ar líne agus innill chuardaigh mar gheataí chuig ábhar na meán, agus bíonn luí ag múnlaí gnó dí-idirghabháil a dhéanamh maidir le rochtain ar sheirbhísí meán agus ábhar deighilteach agus bréagaisnéis a mhéadú. Is soláthraithe riachtanacha fógraíochta ar líne iad na hardáin sin freisin, a d’aistrigh acmhainní airgeadais ó earnáil na meán, a rinne difear dá inbhuanaitheacht airgeadais, agus dá dheasca sin d’éagsúlacht an ábhair atá ar fáil. Dá bhrí sin, ní mór páirt iomchuí a bheith ag rannpháirtithe sin an mhargaidh le neamhspleáchas agus éagsúlacht na meán a áirithiú. Toisc go bhfuil seirbhísí meán dian ar eolas agus ar chaipiteal, éilítear scála leo chun go bhfanfaidh siad iomaíoch agus chun go mbeidh rath orthu sa mhargadh inmheánach. Chuige sin, is féidir tábhacht ar leith a bheith leis an bhféidearthacht seirbhísí a thairiscint thar theorainneacha agus infheistíocht a fháil , lena n-áirítear ó Bhallstáit eile nó i mBallstáit eile.

Mar sin féin, is féidir leis an bhfás corparáide srian a chur le héagsúlacht na n-ábhar agus na dtairiscintí sa mhargadh baile agus a thuilleadh brú a chur ar ghníomhaithe margaidh a fheidhmíonn ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach.

Cúis

Caithfear athruithe ábhartha uile an mhargaidh a chur san áireamh.

Leasú 3

Aithris 4

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(4)

Níl an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán comhtháthaithe go leordhóthanach, áfach. Cuireann roinnt srianta náisiúnta bac ar an tsaorghluaiseacht laistigh den mhargadh inmheánach. Go háirithe, de bharr rialacha agus cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta a bhaineann le hiolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta , comhar neamhleor idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta agus leithdháileadh teimhneach éagórach acmhainní eacnamaíocha poiblí agus príobháideacha, bíonn sé deacair do ghníomhaithe i margadh na meán oibriú agus leathnú thar theorainneacha agus is í an éagothroime iomaíochta ar fud an Aontais a leanann astu . Féadfaidh soláthraithe a bhíonn rannpháirteach go córasach i mbréagaisnéis, lena n-áirítear cúbláil faisnéise agus cur isteach ar fhaisnéis, agus a dhéanann mí-úsáid ar shaoirsí an mhargaidh inmheánaigh, dúshlán a thabhairt do shláine an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, lena n-áirítear ag soláthraithe seirbhíse meán stát-rialaithe arna maoiniú ag tríú tíortha áirithe.

(4)

Na rialacha agus cuir chuige náisiúnta a bhaineann le hiolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta agus atá feidhmiúil, cuirtear san áireamh leo a dteastaíonn ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, agus áitiúil, i gcomhréir le dualgas bunúsach na mBallstát bearta leormhaithe a dhéanamh le hiolrachas na meán a áirithiú. Má bhíonn comhchaighdeáin íosta ann le haghaidh fhorbairt na mbeart sin, arna socrú agus aird á tabhairt ar cheannasacht chultúir na mBallstát, is dócha go gcuirfeadh sé sin an margadh inmheánach chun cinn agus go gcuirfeadh sé cosc ar shrianta náisiúnta míchuí ar an tsaorghluaiseacht laistigh den mhargadh inmheánach. Chuige sin, ba cheart feabhas a chur freisin ar an gcomhar idir na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta . Leithdháileadh teimhneach éagórach acmhainní eacnamaíocha poiblí agus príobháideacha, is é sin is cúis le h éagothroime iomaíochta , rud ar féidir leis dochar a dhéanamh don iomaíocht in earnáil na foilsitheoireachta freisin . Féadfaidh soláthraithe a bhíonn rannpháirteach go córasach i mbréagaisnéis, lena n-áirítear cúbláil faisnéise agus cur isteach ar fhaisnéis, agus a dhéanann mí-úsáid ar shaoirsí an mhargaidh inmheánaigh, dúshlán a thabhairt do shláine an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, lena n-áirítear ag soláthraithe seirbhíse meán stát-rialaithe arna maoiniú ag tríú tíortha áirithe.

Cúis

Ní mór inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát faoi seach a léiriú.

Leasú 4

Aithris 5

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(5)

Thairis sin, mar fhreagra ar dhúshláin ar iolrachas na meán agus ar shaoirse na meán ar líne, tá bearta rialála glactha ag roinnt Ballstát agus is dócha go ndéanfaidh Ballstáit eile amhlaidh, agus tá an baol ann go gcuirfear chun cinn an éagsúlacht sa chur chuige náisiúnta agus srianta ar an tsaorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach.

 

Cúis

Dealraíonn sé go mbeadh sé neamhfhóirsteanach féachaint ar bhearta arna ndéanamh i gcomhréir leis an bhfreagracht agus an inniúlacht náisiúnta chun iolrachas na meán a chosaint mar chonstaic i mbealach an mhargaidh aonair.

Leasú 5

Aithris 6

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(6)

Ba cheart faighteoirí seirbhísí meán san Aontas (daoine nádúrtha ar náisiúnaigh de Bhallstáit iad nó a bhaineann tairbhe as cearta a thugtar dóibh le dlí an Aontais agus daoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas) a bheith in ann leas a bhaint go héifeachtach as an tsaoirse chun seirbhísí meán saor in aisce agus iolraíoch a fháil sa mhargadh inmheánach. Agus sreabhadh trasteorann seirbhísí meán á chothú, ba cheart íosleibhéal cosanta d’fhaighteoirí seirbhísí a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Bheadh sé sin i gcomhréir leis an gceart chun faisnéis a fháil agus a thabhairt de bhun Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). Is gá, dá bhrí sin, gnéithe áirithe de rialacha náisiúnta a bhaineann le seirbhísí meán a chomhchuibhiú. I dtuarascáil deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, d’iarr na saoránaigh ar an Aontas Eorpach neamhspleáchas agus iolrachas na meán a chur chun cinn a thuilleadh, go háirithe trí reachtaíocht a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar neamhspleáchas na meán trí íoschaighdeáin ar fud an Aontais.

 

Cúis

Ba cheart an rialachán a dhíriú ar inniúlacht an Aontais Eorpaigh.

Leasú 6

Aithris 7

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(7)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an sainmhíniú ar sheirbhís meán a theorannú do sheirbhísí mar a shainmhínítear sa Chonradh agus ba cheart, dá bhrí sin, aon chineál gníomhaíochta eacnamaíche a chumhdach. Ba cheart a eisiamh leis an sainmhíniú sin ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí a uaslódáiltear chuig ardán ar líne ach amháin más gníomhaíocht ghairmiúil í a sholáthraítear de ghnáth chun í a mheas (cibé acu de chineál airgeadais nó de chineál eile í). Ba cheart a eisiamh leis freisin comhfhreagras atá go hiomlán príobháideach, amhail ríomhphoist, chomh maith leis na seirbhísí uile nach éard is príomhchuspóir dóibh cláir chlosamhairc nó fuaime nó foilseacháin preasa a sholáthar, is é sin ábhar nach bhfuil ach teagmhasach leis an tseirbhís agus nach é is príomhchuspóir di, amhail fógraí nó faisnéis a bhaineann le táirge nó le seirbhís a sholáthraíonn láithreáin ghréasáin nach dtairgeann seirbhísí meán. Ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar sheirbhís meán go háirithe craoltaí teilifíse nó raidió, seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, podchraoltaí fuaime nó foilseacháin preasa. Ba cheart cumarsáid chorparáideach agus dáileadh ábhar faisnéise nó fógraíochta le haghaidh eintitis phoiblí nó phríobháideacha a eisiamh ó raon feidhme an tsainmhínithe sin.

(7)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an sainmhíniú ar sheirbhís meán a theorannú do sheirbhísí mar a shainmhínítear sa Chonradh agus ba cheart, dá bhrí sin, aon chineál gníomhaíochta eacnamaíche trasteorann a chumhdach. Ba cheart a eisiamh leis an sainmhíniú sin ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí a uaslódáiltear chuig ardán ar líne ach amháin más gníomhaíocht ghairmiúil í a sholáthraítear de ghnáth chun í a mheas (cibé acu de chineál airgeadais nó de chineál eile í). Ba cheart a eisiamh leis freisin comhfhreagras atá go hiomlán príobháideach, amhail ríomhphoist, chomh maith leis na seirbhísí uile nach éard is príomhchuspóir dóibh cláir chlosamhairc nó fuaime nó foilseacháin preasa a sholáthar, is é sin ábhar nach bhfuil ach teagmhasach leis an tseirbhís agus nach é is príomhchuspóir di, amhail fógraí nó faisnéis a bhaineann le táirge nó le seirbhís a sholáthraíonn láithreáin ghréasáin nach dtairgeann seirbhísí meán. Ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar sheirbhís meán go háirithe craoltaí teilifíse nó raidió, seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, podchraoltaí fuaime nó foilseacháin preasa. Ba cheart cumarsáid chorparáideach agus dáileadh ábhar faisnéise nó fógraíochta le haghaidh eintitis phoiblí nó phríobháideacha a eisiamh ó raon feidhme an tsainmhínithe sin.

Cúis

Ba cheart an rialachán a dhíriú ar inniúlacht an Aontais Eorpaigh.

Leasú 7

Aithris 10

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(10)

Ba cheart fógraíocht stáit a thuiscint amhail agus go gcumhdaítear léi gníomhaíochtaí fógraíochta nó féinfhógraíochta arna ndéanamh thar ceann raon leathan údarás nó eintiteas poiblí, lena n-áirítear rialtais, údaráis rialála nó comhlachtaí rialála chomh maith le fiontair faoi úinéireacht an stáit nó faoi cheannas stáit eile, eintitis in earnálacha éagsúla, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó rialtais áitiúla eintiteas críochach a bhfuil níos mó ná 1 mhilliún áitritheoir acu. Níor cheart a áireamh leis an sainmhíniú ar fhógraíocht stáit, áfach, teachtaireachtaí éigeandála ó údaráis phoiblí atá riachtanach, mar shampla, i gcás tubaistí nádúrtha nó sláintíochta, timpistí nó teagmhais thobanna eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhaoine aonair.

(10)

Ba cheart fógraíocht stáit a thuiscint amhail agus go gcumhdaítear léi gníomhaíochtaí fógraíochta nó féinfhógraíochta arna ndéanamh thar ceann raon leathan údarás nó eintiteas poiblí, lena n-áirítear rialtais, údaráis rialála nó comhlachtaí rialála chomh maith le fiontair faoi úinéireacht an stáit nó faoi cheannas stáit eile, eintitis in earnálacha éagsúla, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó rialtais áitiúla eintiteas críochach a bhfuil níos mó ná 100 000 áitritheoir acu , agus an critéar daonra le cur san áireamh i gcomhréir le híostairseach caiteachais bhliantúil a shaineofar . Níor cheart a áireamh leis an sainmhíniú ar fhógraíocht stáit, áfach, teachtaireachtaí éigeandála ó údaráis phoiblí atá riachtanach, mar shampla, i gcás tubaistí nádúrtha nó sláintíochta, timpistí nó teagmhais thobanna eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhaoine aonair , ar choinníoll nach mbíonn i gceist leis sin ach na costais arna dtabhú ag an soláthraí seirbhíse meán a aisíoc .

Cúis

Ba cheart an tAontas Eorpach féin a bheith faoi cheangal ag ceanglais trédhearcachta. San am céanna, is neamhréalaíoch do na Ballstáit is lú daonra an tairseach 1 mhilliún mar íosteorainn. Dá laghdófaí an tairseach daonra agus dá gcuirfí san áireamh í le híostairseach caiteachais bhliantúil, laghdódh an riosca go mbeadh lúba ar lár ann i dtaca le trédhearcacht agus ní chruthófaí ualach riaracháin díréireach maidir le ceanglais tuairiscithe ach an oiread.

Leasú 8

Aithris 11

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(11)

Chun a áirithiú go mbainfidh an tsochaí leas as margadh inmheánach na meán , tá sé fíor-riachtanach ní hamháin na saoirsí bunúsacha faoin gConradh a ráthú , ach an deimhneacht dhlíthiúil atá de dhíth ag faighteoirí seirbhísí meán chun tairbhe a bhaint as na tairbhí comhfhreagracha a ráthú chomh maith . Ba cheart rochtain a bheith ag faighteoirí den sórt sin ar sheirbhísí meán ardcháilíochta, arna dtáirgeadh ag iriseoirí agus eagarthóirí ar bhealach neamhspleách agus i gcomhréir le caighdeáin iriseoireachta agus lena soláthraíonn faisnéis iontaofa dá réir, lena n-áirítear ábhar nuachta agus cúrsaí reatha. Níl i gceist leis an gceart sin aon oibleagáid chomhfhreagrach ar aon soláthraí seirbhíse meán caighdeáin nach leagtar amach go sainráite le dlí a chomhlíonadh. Is frithnimh iad seirbhísí meán den sórt sin freisin in aghaidh na bréagaisnéise, lena n-áirítear ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis eachtrach.

(11)

Chun ról na seirbhísí méan mar earraí cultúrtha sa mhargadh inmheánach a chur san áireamh go leormhaith , tá sé fíor-riachtanach na saoirsí bunúsacha atá cumhdaithe sa Chonradh a ráthú agus éagsúlacht chultúrtha an Aontais a chaomhnú san am céanna i bhfianaise na hoibleagáide de chuid an dlí bhunúsaigh éagsúlacht na meán a áirithiú agus saoirse faisnéise úsáideoirí a chosaint. Chun na críche sin, ní mór béim a leagan ar fhreagracht na mBallstát a gcórais meán náisiúnta féin a mhúnlú de réir na luachanna coiteanna, agus aird á tabhairt ar cheannasacht chultúir agus traidisiúin bhunreachtúla dhifriúla na mBallstát.

Cúis

Ní mór inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát faoi seach a léiriú.

Leasú 9

Aithris 13

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(13)

saorshreabhadh faisnéise iontaofa fíor-riachtanach i margadh inmheánach dea-fheidhmiúil le haghaidh seirbhísí meán. Dá bhrí sin, n íor cheart soláthar seirbhísí meán a bheith faoi réir aon srian atá contrártha leis an Rialachán seo nó le rialacha eile de chuid dhlí an Aontais, amhail Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéantar foráil maidir le bearta is gá chun úsáideoirí a chosaint ar ábhar neamhdhleathach agus díobhálach. D’fhéadfadh srianta teacht freisin ó bhearta arna gcur i bhfeidhm ag údaráis phoiblí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

(13)

Ba cheart saorshreabhadh faisnéise iontaofa a ráthú a oiread agus is féidir. Dá bhrí sin, ní mór an dualgas a bheith ar na Ballstáit creat iomchuí dlíthiúil agus riaracháin a áirithiú ina ráthaítear iolrachas agus neamhspleáchas na meán ar bhonn éifeachtach leormhaith, de réir a mbunreachtanna náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le cearta bunúsacha eile, go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar atá an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirsí fiontraíochta, agus aird a thabhairt ar shaoirsí bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh. N íor cheart soláthar seirbhísí meán a bheith faoi réir srianta ar sárú ar na bunphrionsabail sin iad agus nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais . D’fhéadfadh srianta a bheith ina dtoradh freisin ar bhearta arna gcur i bhfeidhm ag údaráis náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

Cúis

Ní mór inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát faoi seach a léiriú.

Leasú 10

Aithris 14

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(14)

Is réamhchoinníoll é cosaint neamhspleáchais eagarthóireachta chun gníomhaíocht sholáthróirí seirbhísí meán agus a n-ionracas gairmiúil a fheidhmiú. Tá neamhspleáchas eagarthóireachta thar a bheith tábhachtach do sholáthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn ábhar nuachta agus cúrsaí reatha i bhfianaise a róil sa tsochaí mar leas poiblí. Ba cheart soláthraithe seirbhísí meán a bheith in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a fheidhmiú gan srianta sa mhargadh inmheánach agus dul san iomaíocht ar chomhchéim i dtimpeallacht ar líne atá ag méadú i gcónaí ina bhfuil faisnéis ag sreabhadh thar theorainneacha.

(14)

Ba cheart soláthraithe seirbhísí meán a bheith in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a fheidhmiú gan srianta a mhéid is féidir sa mhargadh inmheánach , agus a neamhspleáchas eagarthóireachta a choimeád acu ar an gcaoi sin, agus dul san iomaíocht ar chomhchéim i dtimpeallacht ar líne atá ag méadú i gcónaí ina bhfuil faisnéis ag sreabhadh thar theorainneacha.

Cúis

Ní mór inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát faoi seach a léiriú. Thairis sin, ba cheart an tsaoirse eagarthóireachta a chur san áireamh mar ghné chun éagsúlacht na meán a áirithiú.

Leasú 11

Aithris 18

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(18)

Tá ról ar leith ag meáin seirbhíse poiblí arna mbunú ag na Ballstáit i margadh inmheánach na meán , trína áirithiú go mbíonn rochtain ag saoránaigh agus gnólachtaí ar fhaisnéis ardchaighdeáin agus ar chlúdach neamhchlaonta sna meáin, mar chuid dá misean. Mar sin féin, is féidir leis na meáin seirbhíse poiblí a bheith neamhchosanta go háirithe don bhaol go gcuirfí isteach orthu, i bhfianaise a gcóngarachta institiúidí don Stát agus i bhfianaise an mhaoinithe phoiblí a fhaigheann siad. D’fhéadfadh an riosca sin a bheith níos measa de dheasca cosaintí míchothroma a bhaineann le rialachas neamhspleách agus cumhdach cothrom ó na meáin seirbhíse poiblí ar fud an Aontais. D’fhéadfadh clúdach meán atá claonta nó páirteach sna meáin a bheith mar thoradh ar an gcás seo, go gcuirfí saobhadh ar an iomaíocht i margadh inmheánach na meán agus go mbeadh tionchar diúltach aige ar rochtain ar sheirbhísí meán neamhspleácha agus neamhchlaonta. Dá bhrí sin, is gá, ag tógáil ar na caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag An Chomhairle Eorpach ina leith sin, coimircí dlíthiúla a chur i bhfeidhm chun go bhfeidhmeoidh na meáin seirbhíse poiblí go neamhspleách ar fud an Aontais. Is gá a ráthú freisin, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le státchabhair, go mbaineann soláthraithe meán seirbhíse poiblí tairbhe as cistiú leordhóthanach agus cobhsaí chun a misean a chomhlíonadh lena gcumasaítear intuarthacht ina gcuid pleanála. Más féidir, ba cheart cistiú den sórt sin a chinneadh agus a leithreasú ar bhonn ilbhliantúil, i gcomhréir le misean seirbhíse poiblí na soláthraithe meán seirbhíse poiblí, chun an fhéidearthacht go n-imreodh caibidlíochtaí buiséadacha bliantúla tionchar míchuí a sheachaint. Ní dhéanann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo difear d’inniúlacht na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le maoiniú na meán seirbhíse poiblí mar atá cumhdaithe i bPrótacal 29 maidir le córas craolacháin phoiblí na mBallstát, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(18)

Tá ról ar leith ag meáin seirbhíse poiblí arna mbunú ag na Ballstáit i dtaca le hiolrachas na meán a chinntiú , trína áirithiú go mbíonn rochtain ag saoránaigh agus gnólachtaí ar fhaisnéis ardchaighdeáin agus ar chlúdach neamhchlaonta sna meáin, mar chuid dá misean. Mar sin féin, féadann na meáin seirbhíse poiblí tionchar a imirt ar sholáthar na seirbhísí méan príobháideach sa mhargadh inmheánach de thoradh a chóngaraí atá a gcuid institiúidí don stát agus de thoradh an mhaoiniúcháin phoiblí a fhaigheann siad. Dá bhrí sin, ní mór, agus na caighdeáin arna bhforbairt ag An Chomhairle Eorpach i ndáil leis seo á gcur san áireamh, tacú leis na Ballstáit meáin seirbhíse poiblí a bhunú, ach comhchaighdeáin íosta a shainiú san am céanna chun na críche sin ina gcuirtear san áireamh prionsabail an mhargaidh inmheánaigh, agus aird á tabhairt ar Phrótacal 29 atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ní dhéanann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo difear d’inniúlacht na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le maoiniú na meán seirbhíse poiblí mar atá cumhdaithe i bPrótacal 29 maidir le córas craolacháin phoiblí na mBallstát, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Cúis

I bhfianaise Phrótacal Amstardam, ní mór ról speisialta na meán poiblí a urramú.

Leasú 12

Aithris 19

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(19)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios le cinnteacht ag faighteoirí seirbhísí meán cé atá ina n-úinéirí ar na meáin nuachta agus atá taobh thiar díobh ionas gur féidir leo coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint agus a thuiscint, rud atá ina réamhriachtanas chun tuairimí eolasacha a fhoirmiú agus dá thoradh sin a bheith rannpháirteach go gníomhach sa daonlathas. Uirlis éifeachtach is ea an trédhearcacht sin freisin chun srian a chur ar na rioscaí a bhaineann le cur isteach ar neamhspleáchas eagarthóireachta. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais choiteanna faisnéise a thabhairt isteach le haghaidh gach soláthróra seirbhíse meán ábhartha ar fud an Aontais lenar cheart ceanglais chomhréireacha a áireamh maidir le faisnéis úinéireachta a nochtadh. Sa chomhthéacs sin, níor cheart difear a dhéanamh do na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit faoi Airteagal 30(9) de Threoir (AE) 2015/849. Ba cheart do na soláthraithe ábhartha an fhaisnéis is gá a nochtadh ar a suíomhanna gréasáin nó ar mheán eile a bhfuil rochtain éasca agus díreach air.

(19)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios le cinnteacht ag faighteoirí seirbhísí meán cé atá ina n-úinéirí ar na meáin nuachta agus atá taobh thiar díobh ionas gur féidir leo coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint agus a thuiscint, rud atá ina réamhriachtanas chun tuairimí eolasacha a fhoirmiú agus dá thoradh sin a bheith rannpháirteach go gníomhach sa daonlathas. Uirlis éifeachtach is ea an trédhearcacht sin freisin chun srian a chur ar na rioscaí a bhaineann le cur isteach ar neamhspleáchas eagarthóireachta. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais choiteanna faisnéise a thabhairt isteach le haghaidh gach soláthróra seirbhíse meán ábhartha ar fud an Aontais lenar cheart ceanglais chomhréireacha a áireamh maidir le faisnéis úinéireachta a nochtadh. Ba cheart déanamh amhlaidh i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme i bprionsabal maidir le seirbhísí meán closamhairc de réir Airteagal 30(9) de Threoir (AE) 2015/849, ach gan dochar a dhéanamh do na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit ar shlite eile. Ba cheart do na soláthraithe ábhartha an fhaisnéis is gá a nochtadh ar a suíomhanna gréasáin nó ar mheán eile a bhfuil rochtain éasca agus díreach air.

Cúis

Ba cheart contrárthachtaí leis an dlí is infheidhme a sheachaint.

Leasú 13

Aithris 20

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(20)

Éilítear le hionracas na meán freisin cur chuige réamhghníomhach chun neamhspleáchas eagarthóireachta ag cuideachtaí meán nuachta a chur chun cinn, go háirithe trí chosaintí inmheánacha. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí meán bearta comhréireacha a ghlacadh chun a ráthú, a luaithe a bheidh an líne eagarthóireachta fhoriomlán comhaontaithe idir a n-úinéirí agus a n-eagarthóirí, go mbeidh saoirse ag na heagarthóirí cinntí aonair a dhéanamh le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla. An cuspóir go gcosnófar eagarthóirí ar chur isteach míchuí ar na cinntí a dhéanann siad maidir le píosaí sonracha ábhair mar chuid dá gcuid oibre laethúla, cuidíonn sé le cothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán agus le cáilíocht na seirbhísí sin a áirithiú. Tá an cuspóir sin i gcomhréir leis an gceart bunúsach freisin faisnéis a fháil agus a thabhairt faoi Airteagal 11 den Chairt. I bhfianaise na mbreithnithe sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse meán trédhearcacht coinbhleachtaí leasa iarbhír nó ionchasacha a áirithiú dá bhfaighteoirí seirbhíse.

(20)

Éilítear le hionracas na meán freisin cur chuige réamhghníomhach chun neamhspleáchas eagarthóireachta ag cuideachtaí meán nuachta a chur chun cinn, go háirithe trí chosaintí inmheánacha. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse meán cuimhneamh ar bhearta a ligfeadh don fhoireann eagarthóireachta a hobair a dhéanamh gan srian ar bhonn iomchuí. D’fhéadfadh na bearta sin cabhrú le feabhas a chur ar na dálaí iomaíochais sa mhargadh inmheánach agus ar chaighdeán na seirbhísí. Tagann an cuspóir sin freisin leis an gceart bunúsach faisnéis a fháil agus a thabhairt de réir Airteagal 11 den Chairt.

Cúis

Ní mór dearcadh difreáilte ar an tsaoirse eagarthóireachta a chur san áireamh.

Leasú 14

Aithris 21

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(21)

Chun ualaí rialála a mhaolú, ba cheart micreafhiontair de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhíolmhú ó na ceanglais a bhaineann le faisnéis agus le cosaintí inmheánacha d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta aonair a ráthú . Thairis sin, ba cheart saoirse a bheith ag na soláthraithe seirbhísí meán na coimircí inmheánacha a oiriúnú dá riachtanais, go háirithe más fiontair bheaga agus mheánmhéide iad de réir bhrí an Airteagail sin. Soláthraítear leis an Moladh a ghabhann leis an Rialachán seo catalóg de choimircí inmheánacha deonacha is féidir a ghlacadh laistigh de chuideachtaí meán i dtaca leis sin. Níor cheart an Rialachán seo a fhorléiriú chun go mbainfeadh sé d’úinéirí soláthraithe seirbhísí meán príobháideacha a sainchumas spriocanna straitéiseacha nó ginearálta a shocrú agus chun fás agus inmharthanacht airgeadais a ngnóthas a chothú. I ndáil leis sin, aithnítear sa Rialachán seo gur gá an sprioc maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta a chothú a réiteach le cearta agus leasanna dlisteanacha úinéirí meán príobháideacha. (50)

(21)

Chun ualaí rialála a mhaolú, ba cheart micreafhiontair de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhíolmhú ó na ceanglais a bhaineann le faisnéis agus bearta d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta aonair a chothú . Soláthraítear leis an Moladh a ghabhann leis an Rialachán seo catalóg de choimircí inmheánacha deonacha is féidir a ghlacadh laistigh de chuideachtaí meán i dtaca leis sin. Níor cheart an Rialachán seo a fhorléiriú chun go mbainfeadh sé d’úinéirí soláthraithe seirbhísí meán príobháideacha a sainchumas spriocanna straitéiseacha nó ginearálta a shocrú agus chun fás agus inmharthanacht airgeadais a ngnóthas a chothú. I ndáil leis sin, aithnítear sa Rialachán seo gur gá an sprioc maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta a chothú a réiteach le cearta agus leasanna dlisteanacha úinéirí meán príobháideacha. (50)

Cúis

Ní mór dearcadh difreáilte ar an tsaoirse eagarthóireachta a chur san áireamh.

Leasú 15

Aithris 22

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(22)

Tá údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta neamhspleácha lárnach chun dlí na meán a chur i bhfeidhm i gceart ar fud an Aontais. Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE is fearr chun cur i bhfeidhm ceart na gceanglas a bhaineann le comhar rialála agus margadh dea-fheidhmiúil le haghaidh seirbhísí meán, a bheartaítear le Caibidil III den Rialachán seo, a áirithiú. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus dlí eile an Aontais maidir leis na meáin a áirithiú, is gá comhlacht comhairleach neamhspleách a bhunú ar leibhéal an Aontais lena mbailítear na húdaráis nó na comhlachtaí sin agus lena gcomhordaítear a ngníomhaíochtaí. Bhí Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA), a bunaíodh le Treoir 2010/13/AE, ríthábhachtach chun cur chun feidhme comhsheasmhach na Treorach sin a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord Eorpach um Sheirbhísí Meán (“an Bord”) cur le ERGA agus é a ionadú. Chuige sin, is gá leasú spriocdhírithe a dhéanamh ar Threoir 2010/13/AE chun Airteagal 30b de, lena mbunaítear ERGA, a scriosadh, agus chun tagairtí do ERGA agus dá cúraimí a ionadú dá thoradh sin. Leis an Rialachán seo tugtar údar leis an leasú ar Threoir 2010/13/AE sa chás seo toisc go bhfuil sé teoranta d’fhoráil nach gá do na Ballstáit a thrasuí agus atá dírithe ar institiúidí an Aontais.

(22)

Tá údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta neamhspleácha lárnach chun dlí na meán a chur i bhfeidhm i gceart ar fud an Aontais. Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE nó na húdaráis rialála eile arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir leis na ceanglais arna leagan amach in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE is fearr chun cur i bhfeidhm ceart na gceanglas a bhaineann le comhar rialála agus margadh dea-fheidhmiúil le haghaidh seirbhísí meán, a bheartaítear le Caibidil III den Rialachán seo, a áirithiú. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus dlí eile an Aontais maidir leis na meáin a áirithiú, is gá comhlacht comhairleach neamhspleách a bhunú ar leibhéal an Aontais lena mbailítear na húdaráis nó na comhlachtaí sin agus lena gcomhordaítear a ngníomhaíochtaí. Bhí Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA), a bunaíodh le Treoir 2010/13/AE, ríthábhachtach chun cur chun feidhme comhsheasmhach na Treorach sin a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord Eorpach um Sheirbhísí Meán (“an Bord”) cur le ERGA agus é a ionadú. Chuige sin, is gá leasú spriocdhírithe a dhéanamh ar Threoir 2010/13/AE chun Airteagal 30b de, lena mbunaítear ERGA, a scriosadh, agus chun tagairtí do ERGA agus dá cúraimí a ionadú dá thoradh sin. Leis an Rialachán seo tugtar údar leis an leasú ar Threoir 2010/13/AE sa chás seo toisc go bhfuil sé teoranta d’fhoráil nach gá do na Ballstáit a thrasuí agus atá dírithe ar institiúidí an Aontais.

Cúis

Ní mór struchtúir dhifriúla na maoirseachta a dhéantar ar na meáin a chur san áireamh.

Leasú 16

Aithris 23

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(23)

Ba cheart don Bhord ionadaithe sinsearacha ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE, arna gceapadh ag na húdaráis nó na comhlachtaí sin, a thabhairt le chéile. I gcásanna ina bhfuil roinnt údarás nó comhlachtaí rialála ábhartha ag na Ballstáit, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart ionadaí comhpháirteach a roghnú trí nósanna imeachta iomchuí agus ba cheart leanúint den cheart vótála a theorannú d’aon ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit. Níor cheart go ndéanfadh sé sin difear don fhéidearthacht atá ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta eile a bheith rannpháirteach, de réir mar is iomchuí, i gcruinnithe an Bhoird . Ba cheart an deis a bheith ag an mBord freisin cuireadh a thabhairt freastal ar a chruinnithe, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, le saineolaithe agus breathnóirí, lena n-áirítear go háirithe údaráis nó comhlachtaí rialála ó thíortha is iarrthóirí, ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, ó thíortha LEE, nó ó thoscairí ad hoc ó údaráis náisiúnta inniúla eile. I ngeall ar íogaireacht earnáil na meán agus de réir chleachtas chinntí ERGA i gcomhréir lena rialacha nós imeachta, ba cheart don Bhord a chinntí a ghlacadh ar bhonn tromlach dhá thrian de na vótaí.

(23)

Ba cheart don Bhord ionadaithe sinsearacha ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE, arna gceapadh ag na húdaráis nó na comhlachtaí sin, a thabhairt le chéile. I gcásanna ina bhfuil roinnt údarás nó comhlachtaí rialála ábhartha ag na Ballstáit, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, mar aon le córais féinrialála nó comhrialála, ba cheart ionadaí coiteann a roghnú trí bhíthin nósanna imeachta iomchuí agus, más gá, ba cheart nósanna imeachta forlíontacha a bhunú le haghaidh rannpháirtíocht na gcomhlachtaí rialála, go háirithe iad siúd a mbaineann féinrialáil nó comhrialáil leo. Ba cheart teorainn ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit a chur le cearta vótála an ionadaí ainmnithe . Ba cheart an deis a bheith ag an mBord freisin cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus breathnóirí freastal ar a chruinnithe , lena n-áirítear go háirithe údaráis nó comhlachtaí rialála ó thíortha is iarrthóirí, ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, ó thíortha LEE, nó ó thoscairí ad hoc ó údaráis náisiúnta inniúla eile. I ngeall ar íogaireacht earnáil na meán agus de réir chleachtas chinntí ERGA i gcomhréir lena rialacha nós imeachta, ba cheart don Bhord a chinntí a ghlacadh ar bhonn tromlach dhá thrian de na vótaí.

Cúis

Ní mór struchtúir dhifriúla na maoirseachta a dhéantar ar na meáin a chur san áireamh.

Leasú 17

Aithris 24

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(24)

Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún leis na Conarthaí, tá sé fíor-riachtanach go n-oibreoidh an Coimisiún agus an Bord agus go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile. Go háirithe, ba cheart don Bhord tacú go gníomhach leis an gCoimisiún ina chúraimí chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart don Bhord, go háirithe, comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le gnéithe rialála, teicniúla nó praiticiúla a bhaineann le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, comhar agus malartú éifeachtach faisnéise, taithí agus dea-chleachtas a chur chun cinn agus tuairimí a tharraingt suas i gcomhaontú leis an gCoimisiún nó arna iarraidh sin dó sna cásanna a bheartaítear leis an Rialachán seo. Chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart an Bord a bheith in ann brath ar shaineolas agus ar acmhainní daonna rúnaíochta arna soláthar ag an gCoimisiún. Ba cheart do rúnaíocht an Choimisiúin tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil a chur ar fáil don Bhord, agus cuidiú leis an mBord a chúraimí a chur i gcrích.

(24)

Ba cheart obair an Bhoird a bheith neamhspleách agus scartha amach ón tionchar polaitiúil. Dá bhrí sin, níor cheart aon tionchar cinntitheach a bheith ag an gCoimisiún ar obair an Bhoird, cé is moite dá chumhacht dul i gcomhairle leis an mBord nó ról “chaomhnóir an Chonartha” a chomhlíonadh. Ba cheart don Bhord tacú go gníomhach leis an gCoimisiún ina chúraimí cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo agus cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE a áirithiú. Chuige sin, ba cheart don Bhord comhairle a thabhairt don Choimisiún agus cabhair a thabhairt dó, go háirithe i dtaca le gnéithe teicniúla nó praiticiúla atá ábhartha i dtaca le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, an comhar agus malartú éifeachtach faisnéise agus dea-chleachtais a chur chun cinn, agus tuairimí a ullmhú sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Chun a chúraimí a dhéanamh go héifeachtach, ba cheart don Bhord a bheith in ann leas a bhaint as saineolas agus acmhainní daonna rúnaíochta arna soláthar ag an gCoimisiún. Ba cheart don rúnaíocht arna soláthar ag an gCoimisiún tacaíocht riaracháin agus eagrúcháin araon a thabhairt don Bhord agus a chúraimí á ndéanamh aige. Chun neamhspleáchas an Bhoird a áirithiú mar aon lena obair a choinneáil neamhrialtasach, ba cheart acmhainní airgid agus acmhainní daonna leordhóthanacha a bheith ag an rúnaíocht. Agus a cuid oibre substaintí ar bun aici, ba cheart an rúnaíocht a bheith neamhspleách ar an gCoimisiún agus níor cheart í a bheith faoi stiúir ach amháin ag an mBord, mar atá cathaoirleach nó leas-chathaoirleach an Bhoird.

Cúis

Caithfear neamhspleáchas obair an Bhoird a áirithiú.

Leasú 18

Aithris 26

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(26)

Chun forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais maidir leis na meáin a áirithiú, chun cosc a chur ar sholáthraithe seirbhísí meán bradacha teacht timpeall ar na rialacha meán is infheidhme, agus chun nach dtiocfaidh méadú ar bhacainní breise sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán, tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh maidir le creat soiléir, ceangailteach ó thaobh dlí d’údaráis rialála náisiúnta nó do chomhlachtaí rialála náisiúnta chun comhoibriú go héifeachtach agus go héifeachtúil.

(26 )

Chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú i gcás bhearta an Aontais i dtaca leis na meáin, chun cosc a chur le soláthraithe meáin bradacha dul timpeall ar na rialacha is infheidhme, agus bacainní breise ar sholáthar seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach a sheachaint, tá sé riachtanach comhar éifeachtach éifeachtúil a bheith ann idir na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta.

Cúis

Caithfear an t-ord inniúlachtaí is infheidhme a chaomhnú.

Leasú 19

Aithris 30

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(30)

Tá saineolas praiticiúil sonrach ag na húdaráis rialála nó ag na comhlachtaí rialála dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE a chuireann ar a gcumas cothromaíocht éifeachtach a bhaint amach idir leasanna soláthraithe agus faighteoirí seirbhísí meán, agus urraim don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh á háirithiú an tráth céanna. Tá sé sin ríthábhachtach go háirithe maidir leis an margadh inmheánach a chosaint ar ghníomhaíochtaí soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a dhíríonn ar phobail meán san Aontas i gcás ina bhféadfaidís, inter alia, i bhfianaise an rialaithe a d’fhéadfadh tríú tíortha a fheidhmiú orthu, dochar a dhéanamh don tslándáil phoiblí agus don chosaint nó a bheith ina mbaol dochair dóibh. I ndáil leis sin, ní mór an comhordú idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta chun aghaidh a thabhairt le chéile ar bhagairtí féideartha slándála poiblí agus cosanta a eascraíonn as seirbhísí meán den sórt sin a neartú agus creat dlíthiúil a thabhairt chun éifeachtacht agus comhordú féideartha na mbeart náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir leis na meáin a áirithiú . Chun a áirithiú nach leanfar de sheirbhísí meán a chuirtear ar fionraí i mBallstáit áirithe faoi Airteagal 3(3) agus Airteagal 3(5) de Threoir 2010/13/AE a sholáthar trí shatailít nó ar mhodh eile sna Ballstáit sin, ba cheart sásra um chomhar agus cúnamh frithpháirteach brostaithe a bheith ar fáil freisin chun “effet utile” na mbeart náisiúnta ábhartha a ráthú, i gcomhréir le dlí an Aontais. Ina theannta sin, is gá comhordú a dhéanamh ar na bearta náisiúnta a d’fhéadfaí a ghlacadh chun bagairtí slándála poiblí agus cosanta a chomhrac ag seirbhísí meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus atá dírithe ar phobail meán san Aontas, lena n-áirítear an deis a bheith ag an mBord, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tuairimí a eisiúint maidir leis na bearta sin, de réir mar is iomchuí. I ndáil leis an méid sin, ní mór na rioscaí don tslándáil phoiblí agus don chosaint a mheasúnú i bhfianaise na ngnéithe fíorasacha agus dlíthiúla ábhartha uile, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Tá an méid sin gan dochar d’inniúlacht an Aontais faoi Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(30)

Tá saineolas praiticiúil sonrach ag na húdaráis rialála nó ag na comhlachtaí rialála dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE a chuireann ar a gcumas cothromaíocht éifeachtach a bhaint amach idir leasanna soláthraithe agus faighteoirí seirbhísí meán, agus urraim don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh á háirithiú an tráth céanna. Tá sé sin ríthábhachtach go háirithe maidir leis an margadh inmheánach a chosaint ar ghníomhaíochtaí soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a dhíríonn ar phobail meán san Aontas i gcás ina bhféadfaidís, inter alia, i bhfianaise an rialaithe a d’fhéadfadh tríú tíortha a fheidhmiú orthu, dochar a dhéanamh don tslándáil phoiblí agus don chosaint nó a bheith ina mbaol dochair dóibh. I ndáil leis sin, ní mór an comhordú idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta chun aghaidh a thabhairt le chéile ar bhagairtí féideartha slándála poiblí agus cosanta a eascraíonn as seirbhísí meán den sórt sin a neartú. Chun a áirithiú nach leanfar de sheirbhísí meán a chuirtear ar fionraí i mBallstáit áirithe faoi Airteagal 3(3) agus Airteagal 3(5) de Threoir 2010/13/AE a sholáthar trí shatailít nó ar mhodh eile sna Ballstáit sin, ba cheart sásra um chomhar agus cúnamh frithpháirteach brostaithe a bheith ar fáil freisin chun “effet utile” na mbeart náisiúnta ábhartha a ráthú, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Cúis

Ba cheart inniúlachtaí an Bhoird a bheith dírithe ar shaincheisteanna trasteorann.

Leasú 20

Aithris 31

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(31)

Feidhmíonn ardáin an-mhór ar líne do go leor úsáideoirí mar thairseach chun rochtain a fháil ar sheirbhísí meán. Tá ról tábhachtach ag soláthraithe seirbhíse meán a fheidhmíonn freagracht eagarthóireachta as a n-ábhar i ndáileadh faisnéise agus i bhfeidhmiú na saorála faisnéise ar líne. Agus freagracht eagarthóireachta den sórt sin á feidhmiú acu, táthar ag súil go ngníomhóidh siad go dícheallach agus go gcuirfidh siad faisnéis ar fáil atá iontaofa agus urramach do chearta bunúsacha, i gcomhréir leis na ceanglais rialála nó féinrialála a bhfuil siad faoina réir sna Ballstáit. Dá bhrí sin, i bhfianaise shaoirse faisnéise úsáideoirí freisin, i gcás ina measann soláthraithe ardán an-mhór ar líne go bhfuil inneachar arna sholáthar ag na soláthraithe seirbhíse meán sin ar neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha, cé nach bhfuil sé ag rannchuidiú le riosca sistéamach dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha], ba cheart dóibh breithniú cuí a dhéanamh ar shaoirse agus iolrachas na meán, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha] agus na mínithe is gá a sholáthar, a luaithe is féidir, do sholáthraithe seirbhíse meán mar úsáideoirí gnó sa ráiteas ar chúiseanna faoi Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun tionchar aon srian ar an inneachar sin ar shaoirse faisnéise úsáideoirí a íoslaghdú, ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne féachaint leis an ráiteas ar chúiseanna a chur isteach sula ngabhfaidh éifeacht leis an srian gan dochar dá n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha]. Go háirithe, níor cheart cosc a chur leis an Rialachán seo ar sholáthraí ardáin an-mhór ar líne bearta gasta a dhéanamh in aghaidh ábhar neamhdhleathach a scaiptear trína sheirbhís, ná chun rioscaí sistéamacha a mhaolú a bhaineann le scaipeadh ábhair áirithe trína sheirbhís, i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe de bhun Rialachán (AE) 2022/XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha].

(31)

Feidhmíonn ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór do go leor úsáideoirí mar thairseach chun rochtain a fháil ar sheirbhísí meán. Tá ról tábhachtach ag soláthraithe seirbhíse meán a fheidhmíonn freagracht eagarthóireachta as a n-ábhar i ndáileadh faisnéise agus i bhfeidhmiú na saorála faisnéise ar líne. Agus freagracht eagarthóireachta den sórt sin á feidhmiú acu, táthar ag súil go ngníomhóidh siad go dícheallach agus go gcuirfidh siad faisnéis ar fáil atá iontaofa agus urramach do chearta bunúsacha, i gcomhréir leis na ceanglais rialála nó féinrialála a bhfuil siad faoina réir sna Ballstáit. Dá bhrí sin, ní mór freisin do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh aird chuí a thabhairt ar shaoráil faisnéise na n-úsáideoirí, agus ar shaoirse agus iolrachas na meán i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2065 [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha]. Leis an Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar sholáthraí ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí innill cuardaigh an-mhór beart a dhéanamh láithreach bonn, i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2022/2065 [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha], chun aghaidh a thabhairt ar ábhar neamhdhleathach arna dháileadh trí mheán a sheirbhíse nó chun rioscaí sistéamacha a mhaolú a bhaineann le dáileadh ábhair ar leith trí mheán a sheirbhíse.

Cúis

Ba cheart ról tábhachtach na n-ollseirbhísí idirghabhálacha ó thaobh infhaighteacht ábhar meán de a chur san áireamh.

Leasú 21

Aithris 32

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(32)

Ina theannta sin, i bhfianaise an tionchair dhearfaigh a mheastar a bheidh ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, tá údar maith leis, i gcás ina gcloíonn soláthraithe seirbhíse meán le caighdeáin rialála nó féinrialála áirithe, go gcaithfear le gearáin in aghaidh cinntí ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne ar bhonn tosaíochta agus gan moill mhíchuí.

(32)

I bhfianaise an dea-thionchair a bhfuiltear ag súil leis ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, tá údar leis freisin i gcásanna ina gcomhlíonann soláthraithe seirbhísí meán caighdeáin rialála nó féinrialála ar leith, gan bac a chur go mear ar a gcuid ábhar ná tairiscintí ná iad a scriosadh ná iad a eisiamh ó dháileadh ná ó fhoilsiú arna dhéanamh ag an soláthraí ardáin nó ag an inneall cuardaigh.

Cúis

Ba cheart ról tábhachtach na n-ollseirbhísí idirghabhálacha ó thaobh infhaighteacht ábhar meán de a chur san áireamh.

Leasú 22

Aithris 33

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(33)

Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne feidhmiúlacht a sholáthar ar a gcomhéadan ar líne chun é a chur ar a gcumas do sholáthraithe seirbhíse meán a dhearbhú go gcomhlíonann siad ceanglais áirithe agus, an tráth céanna, an fhéidearthacht a choinneáil gan glacadh leis an bhféindearbhú sin i gcás ina measann siad nach gcomhlíontar na coinníollacha sin. Féadfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne brath ar fhaisnéis maidir le cloí leis na ceanglais sin, amhail caighdeán meaisín-inléite an Tionscnaimh Iontaobhais Iriseoireachta nó cóid iompair ábhartha eile. D’fhéadfadh treoirlínte ón gCoimisiún a bheith úsáideach chun cur chun feidhme éifeachtach na feidhmiúlachta sin a éascú, lena n-áirítear maidir le módúlachtaí rannpháirtíocht eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta san athbhreithniú ar na dearbhuithe, maidir le dul i gcomhairle le rialtóir na tíre bunaíochta, i gcás inarb ábhartha, agus maidir le haon mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an bhfeidhmiúlacht.

(33)

Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór feidhmiúlacht a sholáthar ar a gcomhéadan ar líne chun é a chur ar a gcumas do sholáthraithe seirbhíse meán a dhearbhú go gcomhlíonann siad ceanglais áirithe agus cén mhaoirseacht a bhfuil siad faoina réir agus, an tráth céanna, an fhéidearthacht a choinneáil fíorú a dhéanamh ar an bhféindearbhú sin i gcás ina measann siad nach gcomhlíontar na coinníollacha sin. Féadfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne brath ar fhaisnéis maidir le cloí leis na ceanglais sin, amhail caighdeán meaisín-inléite an Tionscnaimh Iontaobhais Iriseoireachta nó cóid iompair ábhartha eile. D’fhéadfadh treoirlínte ón gCoimisiún a bheith úsáideach chun cur chun feidhme éifeachtach na feidhmiúlachta sin a éascú, lena n-áirítear maidir le módúlachtaí rannpháirtíocht eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta san athbhreithniú ar na dearbhuithe, maidir le dul i gcomhairle le rialtóir na tíre bunaíochta, i gcás inarb ábhartha, agus maidir le haon mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an bhfeidhmiúlacht.

Cúis

Ba cheart ról tábhachtach na n-ollseirbhísí idirghabhálacha ó thaobh infhaighteacht ábhar meán de a chur san áireamh, agus ba cheart glacadh go réidh le haon bhealach a chabhródh lena dheimhniú go bhfuil ceanglais shonracha á gcomhlíonadh.

Leasú 23

Aithris 35

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(35)

Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse meán a urramaíonn caighdeáin inchreidteachta agus trédhearcachta agus a mheasann gur minic a fhorchuireann soláthraithe ardán an-mhór ar líne srianta ar a n-ábhar gan forais leordhóthanacha, chun teacht ar réiteach cairdiúil chun aon srian gan údar a fhoirceannadh agus chun iad a sheachaint amach anseo. Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne páirt a ghlacadh i malartuithe den sórt sin de mheon macánta, agus aird ar leith á tabhairt ar shaoirse na meán agus saoráil faisnéise a choimirciú.

(35)

Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse meán a urramaíonn caighdeáin inchreidteachta agus trédhearcachta agus a mheasann gur minic a chuireann soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór i gcoinne a n-ábhar gan forais leordhóthanacha, chun teacht ar réiteach cairdiúil chun éilimh a sheachaint amach anseo. Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne páirt a ghlacadh i malartuithe den sórt sin de mheon macánta, agus aird ar leith á tabhairt ar shaoirse na meán agus saoráil faisnéise a choimirciú.

Cúis

Ba cheart ról tábhachtach na n-ollseirbhísí idirghabhálacha ó thaobh infhaighteacht ábhar meán de a chur san áireamh.

Leasú 24

Aithris 37

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(37)

Ba cheart d’fhaighteoirí seirbhísí meán closamhairc a bheith in ann an t-ábhar closamhairc ar mian leo féachaint air a roghnú go héifeachtach de réir a sainroghanna. Mar sin féin, d’fhéadfadh cleachtais tráchtála in earnáil na meán srian a chur ar a saoirse sa réimse sin, eadhon comhaontuithe maidir le tosaíocht a thabhairt d’inneachar idir monaróirí gléasanna nó soláthraithe comhéadan úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin, amhail teilifíseáin nasctha, agus soláthraithe seirbhíse meán. Is féidir tosaíocht a chur chun feidhme, mar shampla, ar scáileán baile gléas, trí aicearraí crua-earraí nó bogearraí, feidhmchláir agus limistéir chuardaigh, a bhfuil impleachtaí acu ar iompraíocht féachana na bhfaighteoirí, a d’fhéadfaí a dhreasú go míchuí chun tairiscintí áirithe meán closamhairc a roghnú thar chinn eile. Ba cheart an deis a bheith ag faighteoirí seirbhíse socruithe réamhshocraithe gléis nó comhéadain úsáideora lena rialaítear agus lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin a athrú ar bhealach simplí soláimhsithe, gan dochar do bhearta chun a áirithiú go mbeidh tosaíocht iomchuí ag seirbhísí meán closamhairc ar mhaithe leis an leas ginearálta agus lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 7a de Threoir 2010/13/CE, arna nglacadh chun breithnithe dlisteanacha beartais phoiblí a shaothrú.

(37)

Ba cheart d’fhaighteoirí seirbhísí meán closamhairc a bheith in ann an t-ábhar closamhairc ar mian leo féachaint air a roghnú go héifeachtach de réir a sainroghanna. Mar sin féin, d’fhéadfadh cleachtais tráchtála in earnáil na meán srian a chur ar a saoirse sa réimse sin, eadhon comhaontuithe maidir le tosaíocht a thabhairt d’inneachar idir monaróirí gléasanna nó soláthraithe comhéadan úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin, amhail teilifíseáin nasctha, agus soláthraithe seirbhíse meán. Is féidir tosaíocht a chur chun feidhme, mar shampla, ar scáileán baile gléas, trí aicearraí crua-earraí nó bogearraí, feidhmchláir agus limistéir chuardaigh, a bhfuil impleachtaí acu ar iompraíocht féachana na bhfaighteoirí, a d’fhéadfaí a dhreasú go míchuí chun tairiscintí áirithe meán closamhairc a roghnú thar chinn eile. Ba cheart an deis a bheith ag faighteoirí seirbhíse socruithe réamhshocraithe gléis nó comhéadain úsáideora lena rialaítear agus lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin a athrú ar bhealach simplí soláimhsithe, gan dochar do bhearta chun a áirithiú go mbeidh tosaíocht iomchuí ag seirbhísí meán closamhairc ar mhaithe leis an leas ginearálta , go háirithe lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 7a de Threoir 2010/13/CE , ach ní hamháin sin , arna nglacadh chun breithnithe dlisteanacha beartais phoiblí a shaothrú.

Cúis

Níor cheart srian a chur le hinniúlacht na mBallstát iolrachas na meán a áirithiú.

Leasú 25

Aithris 39

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(39)

Tá sé ríthábhachtach freisin go bhfuil sé de chumhacht ag an mBord tuairim a eisiúint , arna iarraidh sin don Choimisiún, i gcás inar dócha go ndéanfaidh bearta náisiúnta difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán . Is amhlaidh atá, mar shampla, nuair atá beart riaracháin náisiúnta dírithe ar sholáthraí seirbhíse meán a sholáthraíonn a sheirbhísí i dtreo níos mó ná Ballstát amháin , nó nuair a bhíonn tionchar suntasach ag an soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann ar thuairim an phobail a chruthú sa Bhallstát sin .

(39)

Tá sé ríthábhachtach freisin go bhfuil sé de chumhacht ag an mBord tuairim a eisiúint i gcás inar dócha go ndéanfaidh bearta náisiúnta i dtaca le bearta meán difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Is amhlaidh atá, mar shampla, nuair atá beart riaracháin náisiúnta dírithe ar sholáthraí seirbhíse meán a sholáthraíonn a sheirbhísí i dtreo níos mó ná Ballstát amháin.

Cúis

Ba cheart an bhéim a leagan ar shaincheisteanna an mhargaidh inmheánaigh.

Leasú 26

Aithris 40

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(40)

Tá ról cinntitheach ag na meáin maidir le tuairimí an phobail a mhúnlú agus cuidiú le saoránaigh páirt a ghlacadh i bpróisis dhaonlathacha. Sin é an fáth ar cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rialacha agus nósanna imeachta ina gcórais dlí féin chun a áirithiú go ndéanfar measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iolrachas na meán nó ar neamhspleáchas eagarthóireachta. Is féidir tionchar a bheith ag rialacha agus nósanna imeachta den sórt sin ar an tsaoirse seirbhísí meán a sholáthar sa mhargadh inmheánach agus ní mór iad a cheapadh i gceart agus a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear le comhchruinnithe i margadh na meán atá faoi réir rialacha den sórt sin na comhchruinnithe sin a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar eintiteas aonair seirbhísí meán a rialú nó leasanna suntasacha a bheith aige i seirbhísí meán a bhfuil tionchar substaintiúil acu ar thuairim an phobail a chruthú i margadh áirithe meán, laistigh d’fho-earnáil na meán nó ar fud earnálacha éagsúla meán i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Critéar tábhachtach atá le cur san áireamh is ea laghdú ar thuairimí iomaíocha laistigh den mhargadh sin mar thoradh ar an gcomhchruinniú.

(40)

Tá ról cinntitheach ag na meáin maidir le tuairimí an phobail a mhúnlú agus cuidiú le saoránaigh páirt a ghlacadh i bpróisis dhaonlathacha. Sin é an fáth ar cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rialacha agus nósanna imeachta ina gcórais dlí féin chun a áirithiú go ndéanfar measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iolrachas na meán , lena n-áirítear an neamhspleáchas eagarthóireachta. Is féidir tionchar a bheith ag rialacha agus nósanna imeachta den sórt sin ar an tsaoirse seirbhísí meán a sholáthar sa mhargadh inmheánach agus ní mór iad a cheapadh i gceart agus a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear le comhchruinnithe i margadh na meán atá faoi réir rialacha den sórt sin na comhchruinnithe sin a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar eintiteas aonair seirbhísí meán a rialú nó leasanna suntasacha a bheith aige i seirbhísí meán a bhfuil tionchar substaintiúil acu ar thuairim an phobail a chruthú i margadh áirithe meán, laistigh d’fho-earnáil na meán nó ar fud earnálacha éagsúla meán i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Critéar tábhachtach atá le cur san áireamh is ea laghdú ar thuairimí iomaíocha laistigh den mhargadh sin mar thoradh ar an gcomhchruinniú.

Cúis

Ba cheart an bhéim a leagan ar shaincheisteanna an mhargaidh inmheánaigh.

Leasú 27

Aithris 41

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(41)

Ba cheart d’údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, a bhfuil saineolas sonrach acu i réimse iolrachas na meán, a bheith rannpháirteach sa mheasúnú ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta i gcás nach iad na húdaráis nó na comhlachtaí ainmnithe iad féin. Chun deimhneacht dhlíthiúil a chothú agus chun a áirithiú go mbeidh na rialacha agus na nósanna imeachta dírithe i ndáiríre ar iolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint , tá sé fíor-riachtanach go leagfar amach critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha chun fógra agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta .

(41)

Ba cheart d’údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, a bhfuil saineolas sonrach acu i réimse iolrachas na meán, measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán i gcás nach iad na húdaráis nó na comhlachtaí ainmnithe iad féin. Chun iolrachas na meán a chosaint i ndáiríre , tá sé fíor-riachtanach go leagfar amach critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha chun fógra agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán.

Cúis

Tá na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta freagrach as measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe sna meáin taobh istigh dá dteorainneacha.

Leasú 28

Aithris 42

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(42)

I gcás inarb é atá i gcomhchruinniú margaidh meán comhchruinniú a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle, níor cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ná aon riail nó nós imeachta arna nglacadh ag na Ballstáit ar bhonn an Rialacháin seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004. Aon bheart arna ghlacadh ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta ainmnithe nó bainteacha, bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta , ba cheart dó a bheith dírithe dá bhrí sin ar leasanna dlisteanacha a chosaint de réir bhrí an tríú fomhír d’Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir le prionsabail ghinearálta agus forálacha eile de dhlí an Aontais.

(42)

I gcás inarb é atá i gcomhchruinniú margaidh meán comhchruinniú a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle, níor cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ná aon riail nó nós imeachta arna nglacadh ag na Ballstáit ar bhonn an Rialacháin seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004. Aon bheart arna ghlacadh ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta ainmnithe nó bainteacha, bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán, ba cheart dó a bheith dírithe dá bhrí sin ar shaoirse agus iolrachas na meán a chosaint mar leasanna dlisteanacha de réir bhrí an tríú fomhír d’Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, á chur san áireamh a thábhachtaí atá an neamhspleáchas eagarthóireachta , agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir le prionsabail ghinearálta agus forálacha eile de dhlí an Aontais.

Cúis

Ba cheart ábharthacht iolrachas na meán a dhéanamh soiléir.

Leasú 29

Aithris 43

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(43)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Bhord tuairimí a thabhairt maidir le dréachtchinntí nó dréacht-tuairimí ó na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta atá ainmnithe nó bainteacha, i gcás ina bhféadfadh na comhchruinnithe infhógartha difear a dhéanamh d’fheidhmiú mhargadh inmheánach na meán. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, i gcás ina mbaineann comhchruinnithe den sórt sin le gnóthas amháin ar a laghad atá bunaithe i mBallstát eile nó atá ag feidhmiú i níos mó ná Ballstát amháin nó ina mbeadh tionchar suntasach ag soláthraithe seirbhíse meán ar thuairimí an phobail a chruthú i margadh meán ar leith . Thairis sin, i gcás nach ndearna na húdaráis nó na comhlachtaí náisiúnta ábhartha measúnú ar an gcomhchruinniú maidir lena thionchar ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta, nó i gcás nach mbeidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta tar éis dul i gcomhairle leis an mBord maidir le comhchruinniú ar leith i margadh na meán, ach go meastar gur dócha go ndéanfaidh an comhchruinniú sin i margadh na meán difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, ba cheart don Bhord a bheith in ann tuairim a thabhairt, arna iarraidh sin don Choimisiún. In aon chás, tá an deis ag an gCoimisiún a thuairimí féin a eisiúint i ndiaidh na dtuairimí a tharraingeoidh an Bord suas.

(43)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Bhord tuairimí a thabhairt maidir le dréachtchinntí nó dréacht-tuairimí ó na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta atá ainmnithe nó bainteacha, i gcás ina bhféadfadh na comhchruinnithe infhógartha difear a dhéanamh d’fheidhmiú mhargadh inmheánach na meán. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, i gcás ina mbaineann comhchruinnithe den sórt sin le gnóthas amháin ar a laghad atá bunaithe i mBallstát eile nó atá ag feidhmiú i níos mó ná Ballstát amháin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a thuairimí féin a eisiúint i ndiaidh thuairimí an Bhoird.

Cúis

Ba cheart an bhéim a leagan ar shaincheisteanna an mhargaidh inmheánaigh.

Leasú 30

Aithris 44

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(44)

D’fhonn margaí iolraíocha meán a áirithiú, ba cheart do na húdaráis nó do na comhlachtaí náisiúnta agus don Bhord sraith critéar a chur san áireamh. Ba cheart, go háirithe, an tionchar ar iolrachas na meán a mheas, lena n-áirítear go háirithe an éifeacht ar thuairim an phobail a fhoirmiú, agus an timpeallacht ar líne á cur san áireamh. An tráth céanna, ba cheart breithniú a dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh asraonta meán eile, a sholáthraíonn inneachar éagsúil agus malartach, fós sa mhargadh nó sna margaí áirithe tar éis chomhchruinniú mhargadh na meán atá i gceist. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú ar choimircí le haghaidh neamhspleáchas eagarthóireachta scrúdú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar chur isteach míchuí ón úinéir ionchasach, ó struchtúr bainistíochta nó rialachais i gcinntí eagarthóireachta aonair an eintitis a fuarthas nó an eintitis chumaiscthe. Ba cheart na coimircí inmheánacha atá ann cheana nó atá beartaithe a chur san áireamh freisin arb é is aidhm dóibh neamhspleáchas na gcinntí eagarthóireachta aonair laistigh de na gnóthais meán lena mbaineann a chaomhnú. Agus measúnú á dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar éifeachtaí an chomhchruinnithe atá i gceist ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch an eintitis nó na n-eintiteas atá faoi réir an chomhchruinnithe agus, in éagmais an chomhchruinnithe, an mbeidís inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, sa chiall go mbeidís in ann leanúint de sheirbhísí meán ardcháilíochta atá inmharthana ó thaobh airgeadais de, a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus atá oiriúnaithe ó thaobh na teicneolaíochta de sa mhargadh a sholáthar agus a fhorbairt a thuilleadh.

(44)

Chun margaí meán iolraíocha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit critéir áirithe a shainiú a bheadh le cur san áireamh. Ba cheart, go háirithe, an tionchar ar iolrachas na meán a mheas, lena n-áirítear go háirithe an éifeacht ar thuairim an phobail a fhoirmiú, agus an timpeallacht ar líne á cur san áireamh. Agus breithniú á dhéanamh an bhfuil cumasc inghlactha, ba cheart ceisteanna áirithe a chur: an mbeadh an t-eintiteas is faighteoir agus an t-eintiteas is faighteán inmharthana i gcónaí ó thaobh na heacnamaíochta de in éagmais an chumaisc? An ann d’aon roghanna malartacha chun inmharthanacht eacnamaíoch na n-eintiteas a áirithiú? Agus an bhféadfaí bearta éifeachtacha a dhéanamh chun iolrachas na meán a áirithiú i gcónaí in ainneoin cumaisc?

Cúis

Ba cheart é a bheith soiléir go bhfuil an ceart ag na Ballstáit, agus an dualgas orthu, critéir a chinneadh atá i gcomhréir leis na prionsabail arna leagan síos.

Leasú 31

Aithris 50

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(50)

Rioscaí a ghabhann le feidhmiú agus athléimneacht mhargadh inmheánach na meán, ba cheart faireachán a dhéanamh orthu go tráthrialta mar chuid de na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an bhfaireachán sin sonraí mionsonraithe agus measúnuithe cáilíochtúla a sholáthar maidir le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán , lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena mhéad atá an margadh comhchruinnithe ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus na rioscaí a bhaineann le cúbláil faisnéise agus cur isteach ar fhaisnéis ag páirtithe eachtracha . Ba cheart é a dhéanamh go neamhspleách, ar bhonn liosta láidir de phríomhtháscairí feidhmíochta, arna fhorbairt agus arna thabhairt cothrom le dáta go rialta ag an gCoimisiún, i gcomhairle leis an mBord. I bhfianaise chineál na rioscaí agus na bhforbairtí teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn go tapa i margadh inmheánach na meán, ba cheart a áireamh san fhaireachán cleachtaí réamhbhreathnaitheacha amhail tástálacha struis chun athléimneacht ionchasach mhargadh inmheánach na meán a mheas , chun aird a thabhairt ar leochaileachtaí maidir le hiolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta, agus chun cuidiú le hiarrachtaí chun rialachas, cáilíocht sonraí agus bainistiú riosca a fheabhsú. Go háirithe, ba cheart a chumhdach leis an bhfaireachán leibhéal na gníomhaíochta agus na hinfheistíochta trasteorann , an chomhair rialála agus an chóineasaithe i rialáil na meán, bacainní ar sholáthar seirbhísí meán, lena n-áirítear i dtimpeallacht dhigiteach, chomh maith le trédhearcacht agus cothroime maidir le hacmhainní eacnamaíocha a leithdháileadh i margadh inmheánach na meán. Ba cheart breathnú freisin ar threochtaí níos leithne i margadh inmheánach na meán agus i margaí náisiúnta na meán chomh maith le reachtaíocht náisiúnta a dhéanann difear do sholáthraithe seirbhísí meán . Ina theannta sin, ba cheart forléargas a thabhairt san fhaireachán ar na bearta a rinne soláthraithe seirbhíse meán d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta aonair a ráthú, lena n-áirítear na cinntí sin a mholtar sa Mholadh a ghabhann leis seo. Chun na caighdeáin is airde maidir le faireachán den sórt sin a áirithiú, ba cheart don Bhord a bheith rannpháirteach go cuí, ós rud é go dtugann sé le chéile eintitis a bhfuil saineolas speisialaithe ar mhargaí na meán acu.

(50)

Rioscaí a ghabhann le feidhmiú agus athléimneacht mhargadh inmheánach na meán, ba cheart faireachán a dhéanamh orthu go tráthrialta mar chuid de na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an bhfaireachán sin sonraí mionsonraithe agus measúnuithe cáilíochtúla a sholáthar maidir le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh ó thaobh seirbhísí meán de . Ba cheart forbairtí ar leibhéal na mBallstát a chur san áireamh chomh maith, go háirithe ionas go gcuirfí san áireamh an idirghníomhaíocht idir an margadh inmheánach agus na margaí náisiúnta agus an tionchar ar shaoirse agus iolrachas na meán ar leibhéil éagsúla. Ba cheart é a dhéanamh go neamhspleách, ar bhonn liosta láidir de phríomhtháscairí feidhmíochta, arna fhorbairt agus arna thabhairt cothrom le dáta go rialta ag an gCoimisiún, i gcomhairle leis an mBord. I bhfianaise chineál na rioscaí agus na bhforbairtí teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn go tapa i margadh inmheánach na meán, ba cheart a áireamh san fhaireachán cleachtaí réamhbhreathnaitheacha amhail tástálacha struis chun athléimneacht ionchasach mhargadh inmheánach na meán a mheas agus chun cuidiú le hiarrachtaí chun rialachas, cáilíocht sonraí agus bainistiú riosca a fheabhsú. Go háirithe, ba cheart a chumhdach leis an bhfaireachán leibhéal na gníomhaíochta agus na hinfheistíochta trasteorann chomh maith le trédhearcacht agus cothroime maidir le hacmhainní eacnamaíocha a leithdháileadh i margadh inmheánach na meán. Ba cheart breathnú freisin ar threochtaí níos leithne i margadh inmheánach na meán agus i margaí náisiúnta na meán. Chun na caighdeáin is airde maidir le faireachán den sórt sin a áirithiú, ba cheart don Bhord a bheith rannpháirteach go cuí, ós rud é go dtugann sé le chéile eintitis a bhfuil saineolas speisialaithe ar mhargaí na meán acu.

Cúis

Ba cheart cúraimí an Choimisiúin a bheith dírithe ar ghnéithe a bhaineann leis an margadh inmheánach. Ba cheart a áireamh ar na cúraimí sin breithniú a dhéanamh ar fhorbairtí i margaí na meán sna Ballstáit, go háirithe ós rud é go bhféadfadh baint a bheith acu leis an margadh aonair. Bheadh forléargas ar na leochaileachtaí agus rabhadh ina leith sin cabhrach chun bearta leordhóthanacha a fhorbairt le saoirse agus iolrachas na meán a chosaint.

Leasú 32

Aithris 51

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(51)

Chun an foras a ullmhú i gcomhair chur chun feidhme ceart an Rialacháin seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha atá ann maidir le húdaráis neamhspleácha na meán, leis an mBord agus leis na leasuithe riachtanacha ar Threoir 2010/13/AE (Airteagail 7 go 12 agus 27 den Rialachán seo) 3 mhí , agus beidh feidhm ag gach foráil eile den Rialachán seo 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Go háirithe, tá gá leis sin chun a áirithiú go mbunófar an Bord in am chun cur chun feidhme rathúil an Rialacháin a áirithiú .

(51)

Chun an foras a ullmhú i gcomhair chur chun feidhme ceart an Rialacháin seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha atá ann i bprionsabal 20 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Ghnímh.

Cúis

Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit a gcóras rialála náisiúnta a choigeartú, ba cheart amlíne iomchuí a leagan síos sa Rialachán.

Leasú 33

Airteagal 1(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, lena n-áirítear an Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán a bhunú, agus cáilíocht sheirbhísí na meán á caomhnú an tráth céanna.

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh ó thaobh seirbhísí meán de , lena n-áirítear an Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán a bhunú, agus féachtar le cáilíocht sheirbhísí na meán a chaomhnú an tráth céanna.

2.     Leagtar síos sa Rialachán, a mhéid is gá chun an cuspóir a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, bunphrionsabail choiteanna mar chaighdeáin íosta le haghaidh fheidhmiú sábháilte gan bhac na seirbhísí meán agus ghníomhaíochtaí na n-iriseoirí, agus neamhspleáchas agus iolrachas na meán á n-áirithiú.

Cúis

Ba cheart réimse inniúlachta an Aontais Eorpaigh a léiriú i gcuspóir agus raon feidhme an rialacháin agus, dá bhrí sin, ba cheart tagairt shoiléir a dhéanamh do chomhchuibhiú an mhargaidh inmheánaigh. Cé gur cuid den mhargadh inmheánach na seirbhísí meán, níor cheart glacadh leis gur ann do “margadh inmheánach na seirbhísí meán”, go háirithe, d’ainneoin chóineasú leanúnach na meán, ós rud é nach féidir na meáin, cuma cén cineál iad nó cén cruth atá orthu, a cheapadh d’aon mhargadh amháin ó thaobh an úsáideora de. De bhreis air sin, chun raon feidhme an rialacháin a shainiú go fónta agus a chuspóirí a shoiléiriú, ba cheart a chur in iúl go soiléir gurb é is aidhm don ghníomh dlí bunchaighdeáin choiteanna a dhréachtú i dtaca le gníomhaíochtaí na soláthraithe seirbhísí meán agus na n-iriseoirí agus gníomhaíochtaí trasteorann a chur chun cinn ar mhaithe le neamhspleáchas agus iolrachas na meán.

Leasú 34

Airteagal 1(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.    Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do rialacha a leagtar síos leis an méid seo a leanas:

3.    Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do rialacha a leagtar síos leis an méid seo a leanas:

(a)

Treoir 2000/31/CE;

( b )

Treoir 2019/790/AE;

[…]

(a)

Treoir 2000/31/CE;

(b)

Treoir 2010/13/AE, cé is moite de na leasuithe arna ndéanamh le hAirteagal 27 den Rialachán seo;

( c )

Treoir 2019/790/AE;

[…]

Cúis

Ba cheart an caighdeán a leagadh síos leis an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (2010/13/AE) a chaomhnú. Dá bhrí sin, soiléirítear nach ndéanann forálacha forlíontacha an ghnímh dlí seo difear do cheanglais na Treorach.

Leasú 35

Airteagal 1(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.     Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don deis atá ag na Ballstáit rialacha níos mionsonraithe a ghlacadh sna réimsí a chumhdaítear le Caibidil II agus Roinn 5 de Chaibidil III, ar choinníoll go gcomhlíonann na rialacha sin dlí an Aontais.

4.     Beidh sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse féin rialacha níos mionsonraithe nó níos déine a chomhlíonadh sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo, ar choinníoll go bhfuil na rialacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

Cúis

De réir Chonarthaí an Aontais Eorpaigh, is ag na Ballstáit atá an cheannasacht chultúir agus, dá bhrí sin, an inniúlacht maidir le rialáil na meán. Ní mór don Aontas Eorpach éagsúlacht na gcultúr a urramú agus níl aige ach inniúlacht fhorlíontach agus tacaíochta sa réimse sin, rud a chosnaítear le hAirteagal 167 mar aon le hAirteagal 6(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, mar atá sa Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, níor cheart aon chomhchuibhiú a dhéanamh thar a mbíonn i gceist le bunchaighdeáin.

Leasú 36

Airteagal 2, pointe (3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(3)

ciallaíonn “soláthraí meán seirbhíse poiblí” soláthraí seirbhíse meán a gcuirtear misean seirbhíse poiblí de chúram air faoin dlí náisiúnta nó a fhaigheann maoiniú poiblí náisiúnta chun misean den sórt sin a chomhlíonadh;

(3)

ciallaíonn “soláthraí meán seirbhíse poiblí” soláthraí seirbhíse meán a gcuirtear misean seirbhíse poiblí de chúram air agus a fhaigheann maoiniú poiblí náisiúnta chun misean den sórt sin a chomhlíonadh;

Cúis

Bunchúis amháin le hábharthacht na tairisceana seirbhíse poiblí don mhargadh inmheánach is ea an maoiniú. De bhreis air sin, tá an téarma “misean” róleathan agus níl sé oiriúnach chun teorainn chiallmhar a chur le raon feidhme an chur i bhfeidhm. Cuir i gcás, d’fhéadfadh údar maith a bheith ann le soláthraithe príobháideacha seirbhíse meán a chuimsiú faoi réir ceanglais iolrachais de réir dlí.

Leasú 37

Airteagal 2, pointe (10)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(10)

ciallaíonn “soláthraí ardáin an-mhór ar líne” soláthraí ardáin ar líne arna ainmniú mar ardán an-mhór ar líne de bhun Airteagal 25 (4) de Rialachán (AE) 2022/ XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha];

(10)

ciallaíonn “soláthraí ardáin an-mhór ar líne” soláthraí ardáin ar líne arna ainmniú mar ardán an-mhór ar líne de bhun Airteagal 33 (4) de Rialachán (AE) 2022/ 2065 [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha];

 

(11)

ciallaíonn “soláthraí innill cuardaigh an-mhór” soláthraí innill cuardaigh arna ainmniú mar inneall cuardaigh an-mhór de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha];

Cúis

Cuirtear leis an sainmhíniú faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (1) ar mhaithe lena chur san áireamh in Airteagal 17.

Leasú 38

Airteagal 2, pointe (15)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(15)

Ciallaíonn “fógraíocht stáit” teachtaireacht fógraíochta nó féinfhógraíochta a shuíomh, a fhoilsiú nó a scaipeadh, in aon seirbhís meán, ar íocaíocht nó ar aon chomaoin eile de ghnáth, ag aon údarás poiblí náisiúnta nó réigiúnach , nó thar a gceann, amhail rialtais náisiúnta, chónaidhme nó réigiúnacha, údaráis nó comhlachtaí rialála chomh maith le fiontair faoi úinéireacht stáit nó eintitis eile faoi rialú stáit ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó aon rialtas áitiúil de chuid eintiteas críochach a bhfuil níos mó ná 1 mhilliún áitritheoir ann;

(15)

Ciallaíonn “fógraíocht stáit” teachtaireacht fógraíochta nó féinfhógraíochta a shuíomh, a fhoilsiú nó a scaipeadh, in aon seirbhís meán, ar íocaíocht nó ar aon chomaoin eile de ghnáth, ag aon údarás poiblí, nó thar a gceann, amhail an tAontas Eorpach, rialtais náisiúnta, chónaidhme nó réigiúnacha, údaráis nó comhlachtaí rialála chomh maith le fiontair faoi úinéireacht stáit nó eintitis eile faoi rialú stáit ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó aon rialtas áitiúil de chuid eintiteas críochach a bhfuil níos mó ná 100 000 áitritheoir ann , agus an critéar daonra le cur san áireamh i gcomhréir le híostairseach caiteachais bhliantúil a shaineofar ;

Cúis

I dtaca le haghaidh a thabhairt ar fhógraíocht stáit, ba cheart an tAontas Eorpach féin a bheith san áireamh freisin. San am céanna, is neamhréalaíoch do na Ballstáit is lú daonra an tairseach 1 mhilliún mar íosteorainn. Dá laghdófaí an tairseach daonra agus dá gcuirfí san áireamh í le híostairseach caiteachais bhliantúil, laghdódh an riosca go mbeadh lúba ar lár ann i dtaca le trédhearcacht agus ní chruthófaí ualach riaracháin díréireach maidir le ceanglais tuairiscithe ach an oiread.

Leasú 39

Airteagal 3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cearta faighteoirí seirbhísí meán

Beidh sé de cheart ag faighteoirí seirbhísí meán san Aontas iolrachas ábhair nuachta agus ábhair reatha a fháil, arna dtáirgeadh agus urraim á tabhairt do shaoirse eagarthóireachta soláthraithe seirbhíse meán, chun leasa an dioscúrsa phoiblí.

Saoirse agus iolrachas na meán a chinntiú

Áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar dá ndlíthe bunreachtúla agus i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le cearta bunúsacha eile de chuid Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus aird á tabhairt ar chearta bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh, creat reachtach agus riaracháin iomchuí le hiolrachas agus neamhspleáchas éifeachtach na meán a ráthú, agus dearcadh na n-úsáideoirí á chur san áireamh acu freisin.

Cúis

Ceart bunúsach a aithnítear faoin dlí is ea an tsaoráil faisnéise. Mar sin féin, ní mór é a shainiú a thuilleadh agus a mheas i bhfianaise leasanna dlíthiúla eile. Ní léir an raon feidhme a bhaineann leis an gceart reachtúil i dtaca leis seo agus ba cheart sainiú dlíthiúil breise a dhéanamh air. I dtaca leis na tairiscintí áitiúla agus réigiúnacha, údar amhrais is ea ábharthacht an chaighdeáin don mhargadh inmheánach.

Os a choinne sin, tá sé de cheart ag na Ballstáit agus tá an dualgas orthu an éagsúlacht tuairimí agus éagsúlacht na meán a áirithiú agus, dá bhrí sin, a gcuid rialachán maidir leis na meáin a mhúnlú. Agus a gcuid rialachán maidir leis na meáin á struchtúrú acu, tá sé de cheangal orthu saoirsí bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh a urramú sa mhéid a bhaineann siad le soláthar trasteorann seirbhísí meán. Dá réir sin, mar a mhaígh an Coimisiún Eorpach sna tuarascálacha uaidh maidir leis an smacht reachta, tá rialacháin éifeachtacha ag formhór mór na mBallstát cheana féin i dtaca le tírdhreach ilghnéitheach na meán mar aon le meáin neamhspleácha atá i gcomhréir leis na luachanna, caighdeáin, agus cuspóirí Eorpacha. Níor cheart go mbainfeadh sé sin d’iarrachtaí na mBallstát leanúint dá n-oibleagáidí a chomhlíonadh leis an dúthracht is mó is féidir, go háirithe mar a mbíonn easnaimh le feiceáil, i bhfianaise na n-easnamh agus na ndrochthreochtaí freisin atá tugtha faoi deara ó thaobh neamhspleáchas agus éagsúlacht na meán de.

Leis an ngníomh dlí, dá bhrí sin, ba cheart béim a leagan ar an oibleagáid sin agus í a chumhdach sa dlí, ionas gur féidir leis an Aontas agus na Ballstáit gníomhú in éadan easnaimh shistéamacha gan cur isteach ar fheidhmiú na gcóras meán.

Leasú 40

Airteagal 4 (1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cearta soláthraithe seirbhíse meán

1.    Beidh sé de cheart ag soláthraithe seirbhíse meán a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a fheidhmiú sa mhargadh inmheánach gan srianta seachas na srianta a cheadaítear faoi dhlí an Aontais.

Neamhspleáchas na meán

1.    Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bearta iomchuí lena áirithiú gur féidir le soláthraithe seirbhíse meán a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh sa mhargadh inmheánach gan srianta seachas na srianta a cheadaítear faoi dhlí an Aontais.

Cúis

An ceart dá bhforáiltear sa rialachán atá beartaithe, tá sé doiléir agus, dá thoradh sin, níl an chuma air go bhféadfaí é a fhorfheidhmiú. Mar sin féin, dá bhféadfaí éilimh ó sholáthraithe seirbhíse meán a dhearbhú go díreach sa chúirt, bheadh sé sin oiriúnach chun aon bheart arna dhéanamh ag Ballstát i dtaca le soláthraí seirbhíse meán a cheistiú, lena n-áirítear aon bheart a bhfuil bonn cirt leis arna dhéanamh ag údaráis rialála. Ós rud é gur gá cearta na soláthraithe seirbhíse meán agus na n-iriseoirí, arna ráthú ag cearta agus saoirsí bunúsacha, a shainiú a thuilleadh agus gur cuid iad, mar sin, de chóras dlí Ballstáit, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit na cearta sin a urramú ar bhonn iomchuí.

Leasú 41

Airteagal 4 (2), pointe (a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

cur isteach ar bheartais eagarthóireachta agus ar chinntí ó sholáthraithe seirbhíse meán nó iarracht a dhéanamh tionchar a imirt orthu ar bhealach ar bith, go díreach nó go hindíreach;

(a)

cur isteach ar bheartais eagarthóireachta agus ar chinntí ó sholáthraithe seirbhíse meán nó iarracht a dhéanamh tionchar a imirt orthu ar bhealach ar bith, go díreach nó go hindíreach ; déanfar amhlaidh gan dochar do cheanglais dlí ná dá bhforfheidhmiú de bhun cuspóirí leasa ghinearálta, go háirithe i dtaca leis an éagsúlacht, ábhar neamhdhleathach, nó cosaint na mionaoiseach sna meáin, ná do shainiú mhisean seirbhíse poiblí na meán seirbhíse poiblí ;

Cúis

Ba cheart a shoiléiriú nach n-áirítear sa chosc ar thionchar ar bith ar straitéisí nó cinntí eagarthóireacht na soláthraithe seirbhíse meán bearta de chuid comhlachtaí rialála náisiúnta arna ndíriú ar cheanglais arna gcinneadh go dlíthiúil a chomhlíonadh nó a fhorfheidhmiú, go háirithe i dtaca le tairiscintí na soláthraithe seirbhíse meán.

Leasú 42

Airteagal 5

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Coimircí d’fheidhmiú neamhspleách soláthraithe meán seirbhíse poiblí

Na meáin seirbhíse poiblí

1.     Soláthróidh soláthraithe meán seirbhíse poiblí iolrachas faisnéise agus tuairimí dá bpobail meáin ar bhealach neamhchlaonta, i gcomhréir lena misean seirbhíse poiblí.

1.     Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na meáin seirbhíse poiblí a fhónann dá riachtanais daonlathais, shóisialta, agus chultúir.

2.     Ceapfar ceann bainistíochta agus comhaltaí bhord rialaithe na soláthraithe meán seirbhíse poiblí trí nós imeachta trédhearcach oscailte neamh-idirdhealaitheach agus ar bhonn critéir thrédhearcacha oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha a leagtar síos roimh ré leis an dlí náisiúnta.

2.     Fónfaidh maoiniú na meán seirbhíse poiblí don mhisean seirbhíse poiblí agus cuirfear san áireamh ann a dteastaíonn chun an misean sin a chur i gcrích. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le sásraí lena n-áiritheofar maoiniú leordhóthanach ar bhonn intuartha agus comhlíonadh an mhisin arna chinneadh ag an dlí nó ar bhonn nósanna imeachta arna mbunú ag an dlí.

Bunófar fad a dtéarma oifige leis an dlí náisiúnta, agus beidh sé oiriúnach agus leordhóthanach chun neamhspleáchas éifeachtach an tsoláthraí seirbhíse meán poiblí a áirithiú. Ní fhéadfar iad a dhífhostú roimh dheireadh a dtéarma oifige ach amháin ar bhonn eisceachtúil i gcás nach gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha atá réamhshainithe go dlíthiúil is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh a leagtar síos roimh ré leis an dlí náisiúnta nó ar chúiseanna sonracha a bhaineann le hiompar neamhdhleathach nó mí-iompar tromchúiseach mar a shainítear iad roimh ré sa dlí náisiúnta.

 

Beidh údar cuí le cinntí maidir le dífhostú, faoi réir fógra a thabhairt roimh ré don duine lena mbaineann, agus áireofar iontu go bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Cuirfear buneolas maidir leis na forais le dífhostú ar fáil don phobal.

 

3.     Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha agus cobhsaí ag soláthraithe meán seirbhíse poiblí chun a misean seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Beidh na hacmhainní sin amhlaidh chun go gcosnófar neamhspleáchas eagarthóireachta.

3.     Déanfaidh na Ballstáit bearta lena áirithiú go gcuireann seirbhísí na meán seirbhíse poiblí san áireamh an gá atá leis an iolrachas a chosaint, gan dochar d’inniúlacht na mBallstát an misean seirbhíse poiblí a bhronnadh, a shainiú, agus a eagrú. Chuige sin, ba cheart a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse poiblí, go háirithe, réimse ábhar agus tuairimí atá chomh leathan agus is féidir a chur i láthair, ar bhonn cothrom, agus seasamh le prionsabail na hoibiachtúlachta agus na neamhchlaontachta sa tuairisceoireacht.

4.     Ainmneoidh Ballstáit údarás nó comhlacht neamhspleách amháin nó níos mó chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíontacht le mír 1 go 3.

4.     Agus a meáin seirbhíse poiblí á sainiú agus á n-eagrú acu, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bearta iomchuí lena neamhspleáchas eagarthóireachta a áirithiú mar aon le neamhspleáchas a n-údarás maoirseachta nó a gcomhlachtaí maoirseachta féin.

Cúis

Níl ach tionchar teoranta ar an margadh inmheánach ag gníomhaíochtaí na meán seirbhíse poiblí, rud a fheidhmíonn, mar is dual dó, ar an leibhéal náisiúnta agus atá díláraithe, go pointe áirithe, sna Ballstáit. Ní léir go bhfuil aon bhaint aige sin lena struchtúr inmheánach.

Is faoin mBallstát atá sé earnáil na meán seirbhíse poiblí a shainiú. Dá bhrí sin, níl na forálacha comhoiriúnach d’inniúlacht an Aontais Eorpaigh ná solúbtha a ndóthain chun freastal ar na héilimh nua a d’fhéadfadh teacht ar na soláthraithe seirbhíse méan a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu.

Agus aird á tabhairt ar cheart an Bhallstáit cinneadh a dhéanamh dó féin i dtaca le struchtúr, eagrú, agus maoiniú a mheán seirbhíse poiblí, ba cheart na riachtanais is tábhachtaí a theastaíonn chun meáin seirbhíse poiblí a chomhtháthú leis an margadh inmheánach, rudaí a bhfuil feidhm acu cheana féin maidir le craoltóireacht seirbhíse poiblí de réir Phrótacal Amstardam, a dhaingniú. I dtaca leis sin, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil sé de chead ag na Ballstáit meáin seirbhíse poiblí a bhunú agus a mhaoiniú i bhfianaise a gcuid riachtanas daonlathais, sóisialta, agus cultúir.

Leasú 43

Airteagal 6(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Dualgais na soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn nuacht agus cúrsaí reatha

Oibleagáidí trédhearcachta na soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn nuacht agus cúrsaí reatha

1.    Tabharfaidh soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn nuacht agus cúrsaí reatha rochtain éasca agus dhíreach d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí ar an bhfaisnéis seo a leanas:

1.    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn nuacht agus cúrsaí reatha rochtain éasca dhíreach bhuan a thabhairt d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad :

(a)

a n-ainm dlíthiúil agus a gcuid sonraí teagmhála;

(a)

a n-ainm dlíthiúil , an seoladh geografach ag a bhfuil siad lonnaithe agus a gcuid sonraí teagmhála , a seoladh ríomhphoist nó a suíomh gréasáin ar a laghad, lenar féidir teagmháil mhear a dhéanamh leo ar bhonn díreach éifeachtach ;

(b)

ainm (ainmneacha) a n-úinéara dhírigh nó indírigh (a n-úinéirí díreacha nó indíreacha) a shealbhaíonn scaireanna a chuireann ar a gcumas dóibh tionchar a imirt ar an oibríocht agus ar an gcinnteoireacht straitéiseach;

(b)

ainm (ainmneacha) a n-úinéara dhírigh nó indírigh (a n-úinéirí díreacha nó indíreacha) a shealbhaíonn scaireanna a chuireann ar a gcumas dóibh tionchar a imirt ar an oibríocht agus ar an gcinnteoireacht straitéiseach;

(c)

ainm (ainmneacha) a n-úinéirí tairbhiúla de réir bhrí Airteagal 3, pointe 6 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(c)

ainm (ainmneacha) a n-úinéirí tairbhiúla de réir bhrí Airteagal 3, pointe 6 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

 

Tá an fhoráil seo gan dochar do bhearta breise de bhun Airteagal 5 de Threoir 2010/13

Cúis

Ní mór ról na mBallstát a aithint go cuí.

Leasú 44

Airteagal 6(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Gan dochar do dhlíthe bunreachtúla náisiúnta atá comhsheasmhach leis an gCairt, glacfaidh soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn nuacht agus cúrsaí reatha na bearta a mheasann siad a bheith iomchuí d’fhonn neamhspleáchas na gcinntí eagarthóireachta aonair a áirithiú. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag na bearta sin:

(a)

a ráthú go mbeidh an tsaoirse ag eagarthóirí chun cinntí eagarthóireachta aonair a ghlacadh le linn dóibh a ngníomhaíocht ghairmiúil a fheidhmiú; agus

(b)

a áirithiú go nochtfar aon choinbhleacht leasa a bheadh nó a d’fhéadfadh a bheith ag páirtí ar bith a bhfuil leas aige i soláthraithe seirbhíse meán a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar nuachta agus cúrsaí reatha.

2.   Gan dochar do dhlíthe bunreachtúla náisiúnta atá comhsheasmhach leis an gCairt, déanfaidh soláthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn nuacht agus cúrsaí reatha na bearta a chur san áireamh a mheasann siad a bheith iomchuí d’fhonn neamhspleáchas na gcinntí eagarthóireachta a áirithiú.

Cúis

I dtaca le saoirse inmheánach na meán a ráthú i bhfoirm na saoirse eagarthóireachta, ní ceart iomlán arna eascairt as na cearta bunúsacha é, fiú amháin i bhfianaise na dtraidisiún bunreachta náisiúnta difriúil. Mar ionstraim chun an éagsúlacht a áirithiú, ní mór breathnú ar neamhspleáchas na foirne eagarthóireachta ar bhonn difreáilte agus níl sé ag teacht leis na saoirsí fiontraíochta ná saoirsí na meán féin. Ba cheart an bhéim a leagan, dá bharr sin, ar oibleagáidí trédhearcachta a chuireann ar chumas an úsáideora an rud ab fhéidir a bheith ar chúl cineálacha claonta ar leith a aithint agus a rangú. Bearta eile ina dhiaidh sin i dtaca le saoirsí eagarthóireachta, ba cheart iad a fhágáil faoi shásraí féinrialála.

Leasú 45

Airteagal 7(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE a bheith freagrach as Caibidil III den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

1.   Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE a bheidh freagrach as Caibidil III den Rialachán seo a chur i bhfeidhm chomh fada agus a bhaineann sé le soláthar na seirbhíse nó lena bhfuil in ábhar na seirbhíse meán closamhairc de réir bhrí Airteagal 1-(1)(a),de Threoir 2010/13/AE . Na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in abairt 1, beidh siadsan freagrach freisin as Caibidil III den Rialacháin seo a chur i bhfeidhm ar bhealaí eile, ach amháin agus a mhéid a d’ainmnigh an Ballstát údaráis nó comhlachtaí rialála eile nó a d’fhorchuir sé córas féinrialála nó comhrialála.

Cúis

Níor cheart gur mhó inniúlacht na n-údarás inniúil de réir na Treorach maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (2010/13/AE) (2) ná ábhar nó tairiscintí na seirbhísí meán closamhairc agus na bhfíseán ó úsáideoirí mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2010/13/AE ach amháin mura bhfuil (agus a mhéid atá) údaráis nó comhlachtaí eile bunaithe ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh earnálacha eile de chuid na meán, lena n-áirítear comhlachtaí córais féinrialála amhail iad siúd a úsáidtear i gcoitinne le haghaidh an phreasa. I gcás gach comhlachta maoirseachta stáit, sonraítear in alt 2 d’Airteagal 7 go bhfuil ceanglais Threoir 2010/13/AE maidir le maoirseacht na meán neamhspleách infheidhme anseo, mar aon le prionsabal an mhaoinithe leordhóthanaigh.

Leasú 46

Airteagal 10(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Struchtúr an Bhoird

1.   Beidh an Bord comhdhéanta d’ionadaithe údarás nó comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE .

Struchtúr an Bhoird

1.   Beidh an Bord comhdhéanta d’ionadaithe údarás nó comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo .

Cúis

Beidh an comhlacht comhdhéanta d’ionadaithe de chuid na n-údarás nó comhlachtaí rialála náisiúnta atá freagrach de réir an dlí náisiúnta as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe seirbhísí meán. Leis sin, áirithítear nach iad na húdaráis nó na comhlachtaí atá freagrach as na meáin chlosamhairc amháin atá páirteach ann, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear san áireamh na freagrachtaí difreáilte ar an leibhéal náisiúnta, freagrachtaí a roinntear i gcásanna áirithe de réir feidhmiúlachta agus ionad geografach araon. Pé scéal é, ní chuirtear san áireamh údaráis nó comhlachtaí poiblí ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE.

Leasú 47

Airteagal 10 (3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.   Áit a bhfuil níos mó ná údarás nó comhlacht rialála náisiúnta amháin ag Ballstát, comhordóidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála sin le chéile mar is gá agus ceapfaidh siad ionadaí comhpháirteach a fheidhmeoidh an ceart vótála.

3.   Áit a bhfuil níos mó ná údarás nó comhlacht rialála náisiúnta amháin ag Ballstát, comhordóidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála sin , lena n-áirítear córais féinrialála agus córais chomhrialála, le chéile mar is gá agus ceapfaidh siad ionadaí comhpháirteach a fheidhmeoidh an ceart vótála.

Cúis

Ba cheart comhlachtaí féinrialála agus comhrialála a bheith páirteach ann de réir raon feidhme a gcuid freagrachtaí faoi seach.

Leasú 48

Airteagal 10(4)-

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.   Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird ionadaíocht thar a cheann. Toghfaidh an Bord Cathaoirleach as a chomhaltaí le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí ag a bhfuil cearta vótála. Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh.

4.   Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird ionadaíocht thar a cheann. Toghfaidh an Bord Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as a chomhaltaí le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí ag a bhfuil cearta vótála. Bliain amháin a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh . Féadfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach a atoghadh uair amháin ar feadh tréimhse bliana ar a mhéad.

I gcás nach féidir leis an gCathaoirleach a dhualgais a chomhlíonadh, feidhmeoidh an Leas-Chathaoirleach lánchumhachtaí an Chathaoirligh. Rialóidh an Bord na sonraí maidir lena rialacha nós imeachta.

Cúis

Mar is amhlaidh i gcás ERGA, bliain amháin ba cheart a bheith i gceist le téarma oifige an Chathaoirligh leis an rogha chun atoghadh a dhéanamh uair amháin. Leis sin, chuirfí ar chumas na n-údarás rialála náisiúnta beag páirt a ghlacadh tríd an gCathaoirleach.

Chun a áirithiú go mbeidh an Bord in ann dul i mbun gnímh, ba cheart ceapadh Leas-Chathaoirligh a chinneadh.

Leasú 49

Airteagal 10(5)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

5.    Ainmneoidh an Coimisiún ionadaí chuig an mBord. Glacfaidh ionadaí an Choimisiúin páirt i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe go léir an Bhoird, gan cearta vótála. Coimeádfaidh Cathaoirleach an Bhoird an Coimisiún ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí leanúnacha agus beartaithe an Bhoird. Rachaidh an Bord i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le hullmhú a chláir oibre agus a phríomhtháirgí insoláthartha.

5.   Coimeádfaidh Cathaoirleach an Bhoird an Coimisiún ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí leanúnacha agus beartaithe an Bhoird. Tabharfaidh an Bord deis don Choimisiún ionchur a sholáthar i bhforbairt a chláir oibre agus a phríomhtháirgí insoláthartha. Tuairisceoidh an Bord go bliantúil do na Ballstáit.

Cúis

D’fhonn neamhspleáchas an Bhoird a áirithiú, ní gá go bhfreastalódh an Coimisiún ar gach cruinniú den Bhord. Faraor, ba cheart ceart bunúsach chun faisnéise a dheonú dó. Ina theannta sin, ba cheart deis a bheith ag an gCoimisiún barúlacha agus moltaí a dhéanamh maidir le clár oibre an Bhoird. Ba cheart faisnéis maidir le hobair an Bhoird a chur ar fáil do na Ballstáit chomh maith óir is féidir go mbeadh obair agus torthaí an Bhoird ina n-ábhar spéise do na Ballstáit i ndáil le breis forbartha a dhéanamh ar a gcreat dlíthiúil náisiúnta.

Leasú 50

Airteagal 10(6)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

6.   Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do bhreathnóirí freastal ar a chruinnithe , i gcomhaontú leis an gCoimisiún .

6.   Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt do shaineolaithe , d’ionadaithe ón gCoimisiún agus do bhreathnóirí freastal ar a chruinnithe.

Cúis

Ba cheart a chur ar chumas an Choimisiúin seisiúin phlé a reáchtáil le tríú páirtithe, go háirithe le saineolaithe, gan cead a fháil ón gCoimisiún. Ba cheart don Bhord breithniú a dhéanamh freisin ar chuireadh a thabhairt don Choimisiún freastal ar a chruinnithe.

Leasú 51

Airteagal 10(8)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

8.   Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí ag a bhfuil cearta vótála , i gcomhaontú leis an gCoimisiún .

8.   Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí ag a bhfuil cearta vótála.

Sula ndéanfaidh sé cinneadh, tabharfaidh an Bord deis don Choimisiún a bharúil a thabhairt.

Cúis

D’fhonn neamhspleáchas an Bhoird a áirithiú, glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta féin, mar a dhéantar i gcás ERGA. Níor cheart formheas ón gCoimisiún a bheith ag teastáil ina leith sin. Mar sin féin, is cosúil gur réasúnta é deis a thabhairt don Choimisiún barúlacha a thabhairt maidir leis na rialacha nós imeachta roimh ré.

Leasú 52

Airteagal 11(1)

An Téacs a Mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Rúnaíocht an Bhoird

1.   Beidh rúnaíocht ag an mBord, a sholáthróidh an Coimisiún.

Rúnaíocht an Bhoird

1.   Beidh rúnaíocht ag an mBord, a sholáthróidh an Coimisiún le dóthain foirne agus acmhainní ábhartha . Beidh foireann na rúnaíochta faoi réir threoracha an Chathaoirligh amháin; d’fhéadfadh sí teacht faoi réir treoracha seirbhíse ón gCoimisiún ar choinníoll nach gcuirfí as do neamhspleáchas na foirne le linn chomhlíonadh a dualgas di mar gheall air sin.

Cúis

Is cúis áthais é go mbeidh rúnaíocht de chúnamh ag an mBord nua chun a chúraimí a chomhlíonadh.

Ní bheidh an rúnaíocht in ann feidhmiú ach amháin má thugann an Coimisiún foireann agus acmhainní leordhóthanacha di. Ar mhaithe le maoirseacht neamhspleách neamhrialtais a choimeád, ní mór a áirithiú go mbeidh foireann na rúnaíochta faoi réir na dtreoracha ó Chathaoirleach an Bhoird, nó, mura bhfuil an Cathaoirleach i láthair, faoi réir na dtreoracha ón Leas-Chathaoirleach, agus faoina réir sin amháin. Ó thaobh cúrsaí seirbhíse de, ní fhéadfaidh siad ach a bheith faoi réir treoracha ón gCoimisiún amháin ar choinníoll nach gcuirfí as dá neamhspleáchas le linn chomhlíonadh a ndualgas dóibh mar gheall air sin.

Leasú 53

Airteagal 11(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.    Is é an príomhchúram a bheidh ag an rúnaíocht rannchuidiú le comhlíonadh chúraimí an Bhoird a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2010/13/AE.

 

Cúis

Níl gá leis an síneadh i dtaobh mhír 3 agus níor cheart é a thuiscint mar shíneadh cúraim neamhspleách.

Leasú 54

Airteagal 11(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.    Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil do ghníomhaíochtaí an Bhoird. Cabhróidh an rúnaíocht leis an mBord freisin a chúraimí a dhéanamh.

2.    Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil do ghníomhaíochtaí an Bhoird. Cabhróidh an rúnaíocht leis an mBord freisin , ar ordú ón gCathaoirleach, a chúraimí a dhéanamh.

Cúis

Ba cheart a shoiléiriú gurb é an t-aon fheidhm agus ról atá ag an rúnaíocht tacú agus cabhrú leis an mBord.

Leasú 55

Airteagal 12, an chéad alt

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cúraimí an Bhoird

Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún leis na Conarthaí, cuirfidh an Bord chun cinn feidhmiú éifeachtach comhsheasmhach an Rialacháin seo agus na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme ar fud an Aontais. Déanfaidh an Bord na nithe seo a leanas:

Cúraimí an Bhoird

Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún leis na Conarthaí, cuirfidh an Bord chun cinn feidhmiú éifeachtach comhsheasmhach an Rialacháin seo agus cur chun feidhme comhsheasmhach T h reoir 2010/13/AE ar fud an Aontais. Déanfaidh an Bord na nithe seo a leanas:

Cúis

Níor cheart foráil a dhéanamh do mhaoirseacht arna déanamh go díreach ag an mBord ar na bearta náisiúnta. Bheadh ar an mBord an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú dá mbeadh air déanamh amhlaidh. Ar an gcaoi sin, chaomhnófaí inniúlachtaí na mBallstát agus dhéanfaí maoirseacht atá díláraithe go príomha arna cinneadh ag na Ballstáit. I ndáil le Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (2010/13/AE), ba cheart don Bhord gan a chur de chúram air féin ach cur chun feidhme na Treorach sin. Bheadh sé sin ag teacht le hAirteagal 30(b)(3) de Threoir 2010/13/AE lena bhforáiltear do chur chun feidhme comhsheasmhach na Treorach mar chúram de chuid ERGA. Ba cheart leanúint den chur chuige sin agus é a shoiléiriú de réir mar is iomchuí.

Leasú 56

Airteagal 12, pointe (b)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

comhar agus malartú éifeachtach faisnéise, taithí agus dea-chleachtas a chur chun cinn idir na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le seirbhísí meán, lena n-áirítear an Rialachán seo agus Treoir 2010/13/AE, go háirithe maidir le hAirteagail 3, 4 agus 7 den Treoir sin;

(b)

comhar agus malartú éifeachtach faisnéise, taithí agus dea-chleachtas a chur chun cinn idir na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm rialacha an Aontais is infheidhme maidir le seirbhísí meán, lena n-áirítear an Rialachán seo agus Treoir 2010/13/AE, go háirithe maidir le hAirteagail 3, 4 agus 7 den Treoir sin;

Cúis

Ba cheart cúraimí an Bhoird a theorannú do rialacháin an Aontais agus dá gcur chun feidhme sa dlí náisiúnta, ach níor cheart athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an dlí náisiúnta a áireamh orthu. Ba cheart é sin a chur faoi chúram na rialtóirí náisiúnta agus faoina gcúram siúd amháin.

Leasú 57

Airteagal 12, pointe (c)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(c)

comhairle a chur ar an gCoimisiún , i gcás ina n-iarrfaidh sé sin, maidir leis na gnéithe teicniúla nó praiticiúla a bhaineann le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE chomh maith le hábhair eile a bhaineann le seirbhísí meán laistigh dá inniúlacht. I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún comhairle nó tuairimí a Bhoird, féadfaidh sé teorainn ama a shonrú, agus práinn an ábhair á cur san áireamh;

(c)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na gnéithe teicniúla nó praiticiúla a bhaineann le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus cur chun feidhme Threoir 2010/13/AE chomh maith le hábhair eile a bhaineann le seirbhísí meán laistigh dá inniúlacht. I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún comhairle nó tuairimí a Bhoird, féadfaidh sé teorainn ama réasúnta a shonrú, agus práinn an ábhair á cur san áireamh . I gcás ina bhfuil leas ginearálta ag baint leo, ba cheart don Bhord a thorthaí a chur ar fáil do na Ballstáit;

Cúis

Is faoi fhreagracht an reachtais iad saincheisteanna rialála, seachas faoi fhreagracht an mhaoirseora agus, dá bhrí sin, níor cheart iad a áireamh ar chúraimí an Bhoird anseo. Ina theannta sin, ba cheart torthaí an Bhoird a bhfuil leas ginearálta acu a chur ar fáil do na Ballstáit, óir is féidir go mbeidh siad tábhachtach dóibh chomh maith.

Leasú 58

Airteagal 12, pointe (e)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(e)

i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tuairimí a tharraingt suas i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(e)

tuairimí a tharraingt suas i ndáil leis na nithe seo a leanas:

 

(i)

iarrataí ar chomhar agus cúnamh frithpháirteach idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 13(7) den Rialachán seo;

 

(i)

iarrataí ar chomhar agus cúnamh frithpháirteach idir údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 13(7) den Rialachán seo;

 

(ii)

iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin i gcás easaontaithe idir an t-údarás nó an comhlacht iarrthach maidir leis na gníomhartha a mholtar de bhun Airteagal 14 (4) den Rialachán seo;

 

(ii)

iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta i gcás easaontaithe idir an t-údarás nó an comhlacht iarrthach agus an t-údarás nó an comhlacht faighte iarrata de bhun Airteagal 14 (3) den Rialachán seo;

 

(iii)

bearta náisiúnta a bhaineann le soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Rialachán seo;

 

(iii)

bearta náisiúnta na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta a bhaineann le soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Rialachán seo;

 

 

(iv)

tosca de bhun Airteagal 21(3) den Rialachán seo nó, arna iarraidh sin d’údarás nó do chomhlacht rialála náisiúnta, tionchar comhchruinnithe infhógartha i margadh na meán ar iolrachas na meán agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh de bhun Airteagal 21(4) den Rialachán seo.

Cúis

D’fhonn faireachán a áirithiú atá neamhspleách agus neodrach ó thaobh na polaitíochta de, ba cheart é a bheith ar chumas an Bhoird gníomhú ar a thionscnamh féin, gan dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le réimse an chomhair, bearta forfheidhmiúcháin, agus a mhéid a bhaineann le soláthraithe tríú páirtí. Ba cheart a shoiléiriú freisin gurb é cúram an Bhoird comhairle a chur ar na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta maidir le hábhair phraiticiúla.

Ina theannta sin, is gá coigeartuithe leantacha a dhéanamh mar thoradh ar na leasuithe ar Airteagail 14 agus 21 den Rialachán.

Leasú 59

Airteagal 12, pointe (f)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(f)

arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairimí a tharraingt suas i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(f)

arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairimí a tharraingt suas i ndáil le bearta údarás nó comhlachtaí náisiúnta ar dóchúil go ndéanfaidh siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, i gcomhréir le hAirteagal 20 (2) den Rialachán seo;

 

(i)

bearta náisiúnta ar dóchúil go ndéanfaidh siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, i gcomhréir le hAirteagal 20 (4) den Rialachán seo;

(ii)

comhchruinnithe i margadh na meán ar dóchúil go ndéanfaidh siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo;

 

Cúis

De réir an leasaithe ar Airteagal 20 atá molta, ba cheart a shoiléiriú nach mbaineann an t-athbhreithniú ach le bearta arna nglacadh ag comhlachtaí rialála náisiúnta agus, dá bhrí sin, nach bhforáiltear leis d’aon bhearta reachtacha.

I gcomhréir leis an moladh Airteagal 22 a scriosadh, is gá leasú a dhéanamh in (f)(ii).

Leasú 60

Airteagal 12, pointe (h)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(h)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(h)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 23(1), (2) agus (3) de bhun Airteagal 23(4) den Rialachán seo.

 

(i)

cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13 chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán seo.

(ii)

fachtóirí atá le cur san áireamh nuair a chuirtear na critéir i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag comhchruinnithe i margadh na meán, i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Rialachán seo;

(iii)

cur i bhfeidhm Airteagal 23(1), (2) agus (3) de bhun Airteagal 23(4) den Rialachán seo.

 

Cúis

I gcomhréir leis na leasuithe a mholtar ar Airteagal 15(2) agus Airteagal 21(3) den Rialachán, tá (h)(i) agus (ii) le scriosadh.

Leasú 61

Airteagal 13(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Féadfaidh údarás nó comhlacht rialála náisiúnta (“údarás iarrthach”) comhar nó cúnamh frithpháirteach a iarraidh tráth ar bith ó údarás nó comhlacht rialála náisiúnta amháin nó níos mó (“údaráis iarrthacha”) chun faisnéis a mhalartú nó bearta a dhéanamh atá ábhartha do chur i bhfeidhm comhsheasmhach éifeachtach an Rialacháin seo nó na mbeart náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme .

1.   Féadfaidh údarás nó comhlacht rialála náisiúnta (“údarás iarrthach”) comhar nó cúnamh frithpháirteach a iarraidh tráth ar bith ó údarás nó comhlacht rialála náisiúnta amháin nó níos mó (“údaráis iarrthacha”) chun faisnéis a mhalartú nó bearta a dhéanamh atá ábhartha do chur i bhfeidhm comhsheasmhach éifeachtach an Rialacháin seo nó do chur chun feidhme T h reoir 2010/13/AE.

Cúis

An cúram ba cheart a bheith ar an mBord ná cúnamh a thabhairt, i gcás ina n-iarrfar sin, maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (2010/13/AE), seachas maidir le cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta lena gcuirtear an Treoir chun feidhme. Is faoi chúram na n-údarás nó na gcomhlachtaí náisiúnta amháin a bheidh sé an dlí sin a chur i bhfeidhm.

Leasú 62

Airteagal 13(4)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.   Ní fhéadfaidh an t-údarás iarrthach diúltú aghaidh a thabhairt ar an iarraidh ach sna cásanna seo a leanas:

4.   Ní fhéadfaidh an t-údarás iarrthach diúltú aghaidh a thabhairt ar an iarraidh ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl sé inniúil in ábhar na hiarrata nó sna bearta a iarrtar air a ghlacadh;

(a)

níl sé inniúil in ábhar na hiarrata nó sna bearta a iarrtar air a ghlacadh;

(b)

sháródh feidhmiú na hiarrata an Rialachán seo, Treoir 2010/13/AE nó reachtaíocht eile an Aontais nó dlí Ballstáit a chomhlíonann dlí an Aontais a bhfuil an t-údarás iarrthach faoina réir.

(b)

sháródh feidhmiú na hiarrata an Rialachán seo, Treoir 2010/13/AE nó reachtaíocht eile an Aontais nó dlí Ballstáit a chomhlíonann dlí an Aontais a bhfuil an t-údarás iarrthach faoina réir.

Tabharfaidh an t-údarás iarrthach cúiseanna le haon diúltú aghaidh a thabhairt ar an iarraidh.

Tabharfaidh an t-údarás iarrthach cúiseanna le haon diúltú aghaidh a thabhairt ar an iarraidh agus déanfaidh sé tagairt, i gcás inar gá agus inar féidir sin, don údarás inniúil .

Cúis

I gcás diúltú ar chúiseanna inniúlachta, ba cheart ainm an údaráis atá inniúil de réir an údaráis is diúltóir a thabhairt chomh maith, más féidir. Ar an gcaoi sin, chuirfí ar chumas an údaráis iarrthaigh leanúint dá iarraidh gan mhoill.

Leasú 63

Airteagal 13(5)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

5.   Cuirfidh an t-údarás faighte iarrata an t-údarás iarrthach ar an eolas faoi na torthaí a baineadh amach nó faoi dhul chun cinn na mbeart a rinneadh mar fhreagra ar an iarraidh.

5.   Cuirfidh an t-údarás faighte iarrata an t-údarás iarrthach ar an eolas gan moill mhíchuí faoina dhiúltú aghaidh a thabhairt ar iarraidh nó faoi dhul chun cinn na mbeart a rinneadh mar fhreagra ar an iarraidh agus freisin faoin dul chun cinn agus na torthaí a baineadh amach .

Cúis

De ghrá nós imeachta éifeachtach, ba cheart a shoiléiriú nach mór don údarás faighte iarrata iarraidh a dhiúltú laistigh de thréimhse ama inghlactha. Ar mhaithe le héascaíocht a dhéanamh, ba cheart an fhaisnéis a thosú leis na bearta arna nglacadh ag an údarás faighte iarrata. Is féidir bearta breise a dhéanamh i ndiaidh na mbeart sin.

Leasú 64

Airteagal 13(6)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

6.     Déanfaidh an t-údarás faighte iarrata a dhícheall aghaidh agus freagra a thabhairt ar an iarraidh gan moill mhíchuí. Soláthróidh an t-údarás faighte iarrata torthaí idirthréimhseacha laistigh de 14 lá féilire ón iarraidh a fháil, agus tabharfaidh sé nuashonruithe tráthrialta ina dhiaidh sin faoin dul chun cinn maidir le feidhmiú na hiarrata. I gcás iarrataí ar chomhar nó cúnamh frithpháirteach brostaithe, tabharfaidh an t-údarás faighte iarrata aghaidh agus freagra ar an iarraidh laistigh de 14 lá féilire.

 

Cúis

Is cosúil nach dteastaíonn an fhoráil a dhéantar i mír 6 agus nach mbaineann aon luach breise léi i gcomparáid leis an gceann a dhéantar i mír 5, lena sonraítear cheana nach féidir diúltú a dhéanamh ach amháin i gcásanna mionsonraithe. Ní soiléir an oibleagáid atá beartaithe maidir le “dícheall a dhéanamh” agus is cosúil nach bhféadfaí í a fhorfheidhmiú. Dealraíonn sé freisin gur ródhocht iad na teorainneacha ama, sa chaoi agus go dtéann siad thar an “moill mhíchuí” gan ghá. Gan amhras a chaitheamh ar an gceanglas maidir le héifeachtacht an nós imeachta agus dáiríreacht an údaráis nó an chomhlachta faighte iarrata agus é ag plé leis an iarraidh, ba cheart a áirithiú go háirithe go bhféadfadh údaráis a bhfuil bonn sách leathan fúthu, ó thaobh struchtúir de, a ndualgais a chomhlíonadh i gceart.

Leasú 65

Airteagal 13(7)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

7.    I gcás nach measfaidh an t-údarás iarrthach gur leordhóthanach na bearta a rinneadh an t-údarás faighte iarrata chun aghaidh agus freagra a thabhairt ar a iarraidh, cuirfidh sé an t-údarás faighte iarrata ar an eolas faoin méid sin gan moill mhíchuí, agus míneoidh sé na cúiseanna lena sheasamh. Mura n-aontaíonn an t-údarás faighte iarrata leis an seasamh sin, nó mura bhfaightear freagra ón údarás faighte iarrata, féadfaidh ceachtar údarás an t-ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird. Laistigh de 14 lá féilire ón tarchur sin a fháil, eiseoidh an Bord, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tuairim maidir leis an ábhar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí molta. Déanfaidh an t-údarás faighte iarrata a dhícheall tuairim an Bhoird a chur san áireamh.

6.    I gcás nach measfaidh an t-údarás iarrthach gur leordhóthanach na bearta a rinneadh an t-údarás faighte iarrata chun aghaidh agus freagra a thabhairt ar a iarraidh, cuirfidh sé an t-údarás faighte iarrata ar an eolas faoin méid sin gan moill mhíchuí, agus míneoidh sé na cúiseanna lena sheasamh. Mura n-aontaíonn an t-údarás faighte iarrata leis an seasamh sin, nó mura bhfaightear freagra ón údarás faighte iarrata, féadfaidh ceachtar údarás an t-ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird. Laistigh de 14 lá féilire ón tarchur sin a fháil, oibreoidh an Bord i dtreo réiteach cairdiúil le rannpháirtíocht na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála lena mbaineann .

Cúis

Ní féidir éifeacht thuairim an Bhoird a shainiú go soiléir. Anuas air sin, d’fhéadfadh sé tarlú go n-idirghabhfadh an Bord i nósanna imeachta atá faoi réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit i gceist. Ghabhfadh idirghabháil ón mBord treis ar inniúlacht na rialtóirí náisiúnta. Dá bhrí sin, is cosúil go mbeadh sásra um réiteach díospóidí ní b’iomchuí agus ní b’éifeachtaí ar an iomlán. Foráiltear do shásra comhchosúil leis sin cheana in Airteagal 14(4) den Rialachán atá beartaithe.

Leasú 66

Airteagal 14(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Gan moill mhíchuí agus laistigh de 30 lá féilire , cuirfidh an t-údarás nó an comhlacht náisiúnta iarrthach an t-údarás nó an comhlacht náisiúnta faighte iarrata ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe de bhun mhír 1.

2.   Gan moill mhíchuí, cuirfidh an t-údarás nó an comhlacht náisiúnta iarrthach an t-údarás nó an comhlacht náisiúnta faighte iarrata ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe de bhun mhír 1.

Cúis

Dealraíonn sé gur ródhocht é an ceanglas ama agus, i gcomparáid leis an tréimhse 14 lá dá bhforáiltear in Airteagal 13, dealraíonn sé nach bhfuil údar maith leis ar an ábhar go bhfuiltear ag iarraidh nós imeachta a áirithiú atá chomh gasta agus is féidir. Ar an gcúis sin, ba cheart spriocdháta socraithe a fhágáil ar lár anseo chomh maith.

Leasú 67

Airteagal 14(4)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.   Mura dtagann an Bord ar aon réiteach cairdiúil tar éis idirghabhála, féadfaidh an t-údarás nó an comhlacht náisiúnta iarrthach nó an t-údarás nó an comhlacht náisiúnta faighte iarrata a iarraidh ar an mBord tuairim a eisiúint maidir leis an ábhar. Ina thuairim, déanfaidh an Bord measúnú ar ar chomhlíon an t-údarás nó an comhlacht iarrthach iarraidh dá dtagraítear i mír 1. Má bhreithníonn an Bord nár chomhlíon an t-údarás faighte iarrata an iarraidh sin, molfaidh an Bord gníomhaíochtaí chun go gcomhlíonfar an iarraidh. Eiseoidh an Bord a thuairim , i gcomhaontú leis an gCoimisiún, gan moill mhíchuí.

4.   Mura dtagann an Bord ar aon réiteach cairdiúil tar éis idirghabhála, féadfaidh an t-údarás nó an comhlacht náisiúnta iarrthach nó an t-údarás nó an comhlacht náisiúnta faighte iarrata a iarraidh ar an mBord tuairim a eisiúint maidir leis an ábhar. Ina thuairim, déanfaidh an Bord measúnú ar ar chomhlíon an t-údarás nó an comhlacht iarrthach iarraidh dá dtagraítear i mír 1. Má bhreithníonn an Bord nár chomhlíon an t-údarás faighte iarrata an iarraidh sin, molfaidh an Bord gníomhaíochtaí chun go gcomhlíonfar an iarraidh. Eiseoidh an Bord a thuairim gan moill mhíchuí.

Cúis

Níor cheart foráil a dhéanamh do chomhordú na tuairime leis an gCoimisiún ar mhaithe le neodracht agus neamhspleáchas an Bhoird a chosaint. Seachas sin, ba cheart é a fhágáil faoin mBord an nós imeachta a fhorbairt tuilleadh d’fhonn teacht ar chomhaontú cairdiúil. Sa bhreis air sin, ba cheart oibleagáid a bheith ann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na torthaí a bhaintear amach agus faoi na céimeanna a thabharfar ina dhiaidh sin.

Leasú 68

Airteagal 14(5)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

5.     Gan moill mhíchuí agus laistigh de 30 lá féilire ar a mhéad ón tuairim dá dtagraítear i mír 4 a fháil, cuirfidh an t-údarás nó comhlacht náisiúnta iarrthach an Bord, an Coimisiún agus an t-údarás nó an comhlacht faighte iarrata ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh i ndáil leis an tuairim.

5.     Cuirfidh an Bord an Coimisiún ar an eolas faoi na torthaí a fuarthas, go háirithe faoi na gníomhaíochtaí a rinne an t-údarás nó an comhlacht faighte iarrata nó atá le déanamh aige.

Cúis

I dteannta le rannpháirtíocht ghinearálta agus cearta faisnéise an Choimisiúin, ba cheart don Bhord an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thorthaí an nós imeachta idir-réitigh, go háirithe faoi na bearta a rinne an t-údarás faighte iarrata nó atá le déanamh aige. D’áiritheofaí leis sin sreabhadh faisnéise go dtí an Coimisiún a bheadh ag teacht le prionsabail an neamhspleáchais agus neodracht an stáit maidir le faireachán ar na meáin. San am céanna, chuirfí ar chumas an Choimisiúin a ról mar chaomhnóir an Chonartha a chomhlíonadh dá bharr.

Leasú 69

Airteagal 15(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Cothóidh an Bord malartú dea-chleachtas i measc na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta , na bpáirtithe leasmhara comhairliúcháin, i gcás inarb iomchuí, agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, maidir le gnéithe teicniúla nó praiticiúla a bhaineann le cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo agus na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme .

1.   Cothóidh an Bord malartú dea-chleachtas i measc na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta maidir le gnéithe teicniúla nó praiticiúla a bhaineann le cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo agus cur chun feidhme T h reoir 2010/13/AE.

Cúis

Is cosúil gurbh áisiúil don Bhord malartú a chothú i measc na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta. D’fhéadfadh an Coimisiún páirt a ghlacadh sa mhalartú sin. Mar sin féin, níor cheart feidhm ná comhfheidhm chinntitheach a bheith aige. Ina theannta sin, mar atá in Airteagal 12, ba cheart cúraimí an Bhoird ó thaobh Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (2010/13/AE) de a theorannú do chur chun feidhme na Treorach sin. Ba cheart cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta fanacht faoi chúram na n-údarás agus na gcomhlachtaí rialála náisiúnta.

Ina theannta sin, is cosúil nach gá don Bhord comhairliúcháin a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara ar an ábhar seo. De réir Airteagal 10(6) den Rialachán atá beartaithe, bheadh sé de shaoirse ag an mBord dul i gcomhairle le saineolaithe agus é i mbun breithniú. Níor cheart, áfach, cúram a bheith ar an mBord breis reachtaíochta a fhorbairt ós rud é gur rialtóir meán atá ann, agus, más ea, is cuid den bhrainse feidhmiúchán a ndéantar rialáil air cheana féin é an Bord.

Leasú 70

Airteagal 15(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   I gcás ina n-eisíonn an Coimisiún treoirlínte a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme, tabharfaidh an Bord cúnamh dó trí shaineolas maidir le gnéithe rialála, teicniúla nó praiticiúla a sholáthar , a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas go háirithe:

2.   I gcás ina n-eisíonn an Coimisiún treoirlínte a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/13/AE chun feidhme, tabharfaidh an Bord cúnamh dó trí shaineolas maidir le gnéithe teicniúla nó praiticiúla a sholáthar.

(a)

tosaíocht mar is iomchuí a thabhairt do sheirbhísí meán closamhairc a bhaineann leis an leas ginearálta faoi Airteagal 7a de Threoir 2010/13/AE;

(b)

rochtain a thabhairt ar fhaisnéis faoi struchtúr úinéireachta soláthraithe seirbhísí meán closamhairc, dá bhforáiltear faoi Airteagal 5(2) de Threoir 2010/13/AE.

 

Cúis

Ba cheart don Bhord ionchur a thabhairt maidir le saincheisteanna teicniúla agus praiticiúla, mar a dhéantar i gcás ERGA in Airteagal 30b de Threoir 2010/13/AE.

Foráiltear in Airteagal 7a de Threoir 2010/13/AE do mhórchuid solúbthachta ó thaobh na mBallstát de a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a shainiú maidir le hinfhionntacht agus, ar an gcaoi sin, feiceálacht ábhair lena ngabhann leas ginearálta poiblí. Níor cheart an bonn a bhaint den chur chuige sin ná den chuspóir is cúis leis mar gheall ar inniúlacht an Choimisiúin ó thaobh treoirlínte de. Ar a mhéad, ba cheart an Bord a bheith in ann tuairimí (neamhcheangailteacha) a fhoilsiú maidir le sonraí eimpíreacha arna mbailiú ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta. Is féidir na sonraí sin a úsáid lena chur in iúl do na Ballstáit gur mithid beart a dhéanamh.

Leasú 71

Airteagal 16(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Bearta arna ndéanamh ag údaráis nó comhlachtaí náisiúnta rialála a bhaineann le scaipeadh seirbhísí meán arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a dhíríonn ar phobail meáin san Aontas, déanfaidh an Bord iad a chomhordú i gcás ina ndéanann seirbhísí meán den sórt sin dochar nó ina ngabhann riosca tromchúiseach mór leo go ndéanfaí dochar don tslándáil agus don chosaint phoiblí, i bhfianaise an rialaithe a d’fhéadfadh tríú tíortha a fheidhmiú orthu, inter alia.

1.   Bearta arna ndéanamh ag údaráis nó comhlachtaí náisiúnta rialála a bhaineann le scaipeadh seirbhísí meán arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe lasmuigh den Aontas ach atá faoi réir dlínse Ballstáit de bhun Airteagal 2(4) de Threoir 2010/13/AE agus a dhíríonn ar phobail meáin san Aontas, déanfaidh an Bord iad a chomhordú i gcás ina ndéanann seirbhísí meán den sórt sin dochar nó ina ngabhann riosca tromchúiseach mór leo go ndéanfaí dochar don tslándáil agus don chosaint phoiblí, i bhfianaise an rialaithe a d’fhéadfadh tríú tíortha a fheidhmiú orthu, inter alia.

Cúis

Cúis áthais is ea an feabhsú ar an gcomhar arna léiriú ag na rialtóirí náisiúnta i gcásanna lena ngabhann riosca tromchúiseach dáiríre go ndéanfaí dochar don tslándáil agus don chosaint phoiblí. Chun éascaíocht a dhéanamh, ba cheart go gcomhlánódh an sásra nua atá beartaithe sásraí Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (2010/13/AE) le go mbeadh an Treoir ní b’éifeachtaí. Mar shampla, ba cheart feidhm a bheith ag an sásra i gcásanna trasteorann a bhfuil roinnt Ballstát bainteach leo.

Foráiltear le Treoir 2010/13/AE do dhlínse Ballstáit i gcásanna áirithe nach bhfuil gnóthas bunaithe san Aontas, amhail i gcásanna ina ndéantar comharthaí ó thríú tíortha a tharchur trí uasnasc digiteach i mBallstát den Aontas. Sna cásanna sin, teastaíonn an comhordú iomchuí idir an Ballstát ar a ndírítear agus an Ballstát a bhfuil an soláthraí seirbhíse meán faoina dhlínse.

Mar sin féin, níor cheart saincheisteanna ar de chineál náisiúnta amháin iad teacht faoi réir chomhordú an Bhoird. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann le teorainn a chur le comharthaí a tharchuirtear isteach san Aontas agus atá dírithe go díreach ar Bhallstát, níl aon ghá le sásraí breise comhair éigeantacha óir is féidir leis na Ballstáit bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh astu féin i gcomhréir le prionsabal an mhargaidh is infheidhme an tráth sin. Ar an ábhar sin, dá mba ghá dul i muinín sásra comhair, d’fhágfadh sé go mbeadh bac réasúnta mór ar an gcur chun feidhme agus srian míchuí le ceannasacht na mBallstát ar a ngníomhaíochtaí.

Leasú 72

Airteagal 16(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Féadfaidh an Bord, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tuairimí a eisiúint maidir le bearta náisiúnta iomchuí faoi mhír 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta uile, lena n-áirítear na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta a ndícheall chun tuairimí an Bhoird a chur san áireamh.

2.   Féadfaidh an Bord, arna iarraidh sin d’údaráis nó do chomhlachtaí rialála náisiúnta dhá cheann de na Ballstáit lena mbaineann, ar a laghad, tuairimí a eisiúint maidir le bearta iomchuí faoi mhír 1.

Cúis

Ba cheart an Bord a bheith in ann moltaí a dhéanamh le haghaidh gníomhaíochta. Níor cheart na moltaí sin a chur faoi réir comhordú leis an gCoimisiún ionas go mbeidís neamhspleách agus le nach mbeadh baint ag an rialtas leis an bhfaireachán a dhéantar ar na meáin. Ní fhéadfadh an t-údarás ná an comhlacht rialála náisiúnta breithniú a dhéanamh ar na moltaí ón mBord ach amháin ar choinníoll go bhfuil bunús dlí comhfhreagrach ann. Sa chás nach ann don bhunús dlí sin, níor cheart aon oibleagáid cur chun feidhme a chur ar an údarás ná an comhlacht rialála náisiúnta.

Leasú 73

Airteagal 17

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ábhar soláthraithe seirbhíse meán ar ardáin an-mhór ar líne

Ábhar soláthraithe seirbhíse meán ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór

1.    Soláthraithe ardán an-mhór ar líne, soláthróidh siad feidhmiúlacht lena gcuirfear ar a gcumas d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí an méid seo a leanas a dhearbhú:

1.     Urramóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór an ceart chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán agus cuirfidh siad ar bhealach iomchuí le hiolrachas na meán.

(a)

is soláthraí seirbhíse meán é de réir bhrí Airteagal 2(2);

 

(b)

tá sé neamhspleách ar na Ballstáit agus ar thríú tíortha ó thaobh eagarthóireachta de; agus

 

(c)

tá sé faoi réir na gceanglas rialála le haghaidh feidhmiú freagrachta eagarthóireachta i mBallstát amháin nó níos mó, nó cloíonn sé le sásra rialála comhpháirtigh nó féinrialaithigh lena rialaítear caighdeáin eagarthóireachta a aithnítear go forleathan agus a nglactar leo in earnáil ábhartha na meán i mBallstát amháin nó níos mó.

 

2.    I gcás ina gcinnfidh soláthraí ardáin an-mhór ar líne soláthar a chuid seirbhísí idirghabhála a chur ar fionraí i ndáil le hábhar arna sholáthar ag soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar an bhforas go bhfuil an t-ábhar sin neamh-chomhoiriúnach lena chuid téarmaí agus coinníollacha agus nach gcuireann an t-ábhar sin le riosca sistéamach dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2022/ XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha], déanfaidh sé na bearta uile is féidir, a mhéid atá siad comhsheasmhach lena n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2022/ XXX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha], chun ráiteas maidir le cúiseanna a ghabhann leis an gcinneadh sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1150, a chur in iúl don soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann sula rachaidh an fhionraíocht i bhfeidhm .

2.   Soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór , soláthróidh siad feidhmiúlacht lena gcuirfear ar a gcumas d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí an méid seo a leanas a dhearbhú:

 

(a)

is soláthraí seirbhíse meán é de réir bhrí Airteagal 2(2);

 

(b)

tá sé neamhspleách ar na Ballstáit agus ar thríú tíortha ó thaobh eagarthóireachta de;

 

(c)

tá sé faoi réir na gceanglas rialála le haghaidh feidhmiú freagrachta eagarthóireachta i mBallstát amháin nó níos mó, nó cloíonn sé le sásra rialála comhpháirtigh nó féinrialaithigh lena rialaítear caighdeáin eagarthóireachta a aithnítear go forleathan agus a nglactar leo in earnáil ábhartha na meán i mBallstát amháin nó níos mó; agus

 

(d)

tá sé faoi réir maoirseacht údaráis nó comhlachta rialála náisiúnta neamhspleách nó tá sé faoi réir maoirseacht sásra rialála féinrialaithigh nó comhpháirtigh, agus tabharfaidh sé a ainm agus a shonraí teagmhála. Féadfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill chuardaigh an-mhór a iarraidh ar an maoirseoir i gceist an fhaisnéis a thabharfaidh an soláthraí seirbhíse meán a dheimhniú.

3.    Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar gearáin faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1150 ag soláthraithe seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 1 den Airteagal seo a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith mar thosaíocht agus gan moill mhíchuí.

3.    I gcás ina gcinnfidh soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill chuardaigh an-mhór, lenar féidir cláir nó preasfhoilseacháin a scaipeadh, cur isteach ar shlí éigin ar sheirbhís nó ar ábhar arna soláthar nó arna sholáthar ag soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nó an tseirbhís nó an t-ábhar sin a bhaint nó a dhéanamh dorochtana , ar an bhforas go bhfuil an t-ábhar nó an tseirbhís sin neamh-chomhoiriúnach lena chuid nó lena cuid téarmaí agus coinníollacha agus nach gcuireann an t-ábhar nó an tseirbhís sin le riosca sistéamach dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2022/2065 [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha], déanfaidh sé na bearta uile is féidir, a mhéid atá siad comhsheasmhach lena n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2022/ 2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), chun ráiteas maidir le cúiseanna a ghabhann leis an gcinneadh sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1150, a chur in iúl don soláthraí seirbhíse meán agus don údarás nó don chomhlacht maoirseachta inniúil lena mbaineann a dearbhaíodh .

4.    I gcás ina mbreithníonn soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 1 go gcuireann soláthraí ardán an-mhór ar líne srian ar sholáthar a chuid seirbhísí nó go gcuireann sé ar fionraí go minic iad, gan foras leordhóthanach, ar seirbhísí iad i ndáil le hábhar a sholáthraíonn soláthraí seirbhíse meán, rachaidh an soláthraí ardán an-mhór i mbun idirphlé bríoch agus éifeachtach leis an soláthraí seirbhíse meán, arna iarraidh sin dó, de mheon macánta agus d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil chun deireadh a chur le srianta nó fionraíocht gan údar agus iad a sheachaint amach anseo . Féadfaidh an soláthraí seirbhíse meán fógra faoi thoradh na malartuithe sin a thabhairt don Bhord.

4.    Má thugann an soláthraí seirbhíse meán forais leordhóthanacha don ardán an-mhór ar líne laistigh de 24 uair lena mheas nach bhfuil an tseirbhís nó an t-ábhar faoi seach neamh-chomhoiriúnach lena chuid téarmaí agus coinníollacha, ní fhéadfaidh an t-ardán a chinneadh a chur chun feidhme. Má mheasann an t-ardán an-mhór ar líne fós, tar éis breithniú cuí a dhéanamh, go bhfuil an tseirbhís nó an t-ábhar faoi seach neamh-chomhoiriúnach lena chuid téarmaí agus coinníollacha, beidh sé de cheart aige an cás a chur faoi bhráid an údaráis nó an chomhlachta maoirseachta inniúil a dearbhaíodh, a chinnfidh gan moill mhíchuí cé acu atá an cur isteach, bunaithe ar théarmaí agus coinníollacha an ardáin, comhoiriúnach leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus le saoirse na meán. Go dtí go ndéanfar cinneadh den sórt sin, ní dhéanfaidh an t-ardán an cinneadh atá beartaithe aige a chur chun feidhme.

 

Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar gearáin faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1150 ag soláthraithe seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 1 den Airteagal seo a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith mar thosaíocht agus gan moill mhíchuí.

5.    Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne faisnéis ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

méid na gcásanna inar fhorchuir siad aon srian nó fionraí ar an bhforas go raibh an t-ábhar a sholáthar soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo neamh-chomhoiriúnach lena gcuid téarmaí agus coinníollacha; agus

(b)

na forais le haghaidh srianta den sórt sin a fhorchur.

5.    I gcás ina mbreithníonn soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach de bhun mhír 1 go maíonn soláthraí ardán an-mhór ar líne go minic go bhfuil an tseirbhís nó an t-ábhar a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse meán neamh-chomhoiriúnach lena chuid téarmaí agus coinníollacha , rachaidh an soláthraí ardán an-mhór ar líne i mbun idirphlé bríoch agus éifeachtach leis an soláthraí seirbhíse meán, arna iarraidh sin dó, de mheon macánta agus d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil don todhchaí . Féadfaidh an soláthraí seirbhíse meán fógra faoi thoradh na malartuithe sin a thabhairt don Bhord.

6.    D’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach an Airteagail seo a éascú, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint chun foirm agus sonraí an dearbhaithe a leagtar amach i mír 1 a bhunú.

6.    Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne faisnéis ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil maidir leis an méid seo a leanas:

 

(a)

méid na gcásanna inar fhorchuir siad aon srian nó fionraí ar an bhforas go raibh an tseirbhís nó an t-ábhar a sholáthar soláthraí seirbhíse meán a chuir dearbhú isteach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo neamh-chomhoiriúnach lena gcuid téarmaí agus coinníollacha; agus

(b)

na forais le haghaidh srianta den sórt sin a fhorchur.

 

7.    D’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach an Airteagail seo a éascú, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint chun foirm agus sonraí an dearbhaithe a leagtar amach i mír 1 a bhunú.

Cúis

Agus méadú ag teacht ar a thábhachtaí atá seirbhísí idirghabhálacha le haghaidh infhionntacht ábhair meán agus rochtain air, agus go háirithe a thábhachtaí atá siad i leith tairiscintí agus ábhair soláthraithe seirbhíse meán réigiúnacha agus áitiúla, ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne agus d’innill chuardaigh an-mhór chomh maith freagracht a ghlacadh orthu ar bhealach ar leith.

I ngeall ar shuíomh tábhachtach úsáideoirí ar an margadh, ar an gclaonadh sách oscailte a bhíonn acu, agus ar an ardleibhéal spleáchais a bhaineann leo, anuas ar chuimsiú leasanna de chuid na n-oibreoirí ardáin agus tríú páirtithe eile (na leasanna dá ndéantar difear), ní mór an ceart maidir le húsáid a chinneadh a bheith ag teacht ní hamháin le prionsabal an chomhionannais, ach le ráthú shaoirse agus iolrachas na meán chomh maith. De réir an chirt sin, tá sé de cheart ag ardán ceanglas a chur ar úsáideoirí caighdeáin áirithe chumarsáide a chomhlíonadh a thagann faoi théarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhfuil níos mó i gceist leo ná ceanglais an dlí choiriúil, tar éis don ardán sin cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta bunúsacha, leasanna na bpáirtithe agus leasanna na dtríú páirtithe, a bhí ag teacht salach ar a chéile.

Chun na críche sin, ba cheart sásra a thabhairt isteach lena gcuirfí san áireamh ról tábhachtach na seirbhísí meán agus lena gcuimseofaí na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta atá ann cheana chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na caighdeáin dhlíthiúla.

Leasú 74

Airteagal 19(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Beidh an ceart ag úsáideoirí socruithe réamhshocraithe aon ghléas nó aon chomhéadan úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin a athrú ar bhealach éasca chun an tairiscint i leith meáin chlosamhairc a oiriúnú de réir a leasanna nó a dtosaíochtaí féin i gcomhréir leis an dlí. Ní dhéanfaidh an fhoráil sin difear do bhearta náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 7a de Threoir 2010/13/AE chun feidhme.

1.   Beidh an ceart ag úsáideoirí socruithe réamhshocraithe aon ghléas nó aon chomhéadan úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc agus úsáid na seirbhísí sin a athrú ar bhealach éasca chun an tairiscint i leith meáin chlosamhairc a oiriúnú de réir a leasanna nó a dtosaíochtaí féin i gcomhréir leis an dlí. Ní dhéanfaidh an fhoráil sin difear do bhearta náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 7a de Threoir 2010/13/AE chun feidhme ná do bhearta náisiúnta eile maidir le hinfhionntacht seirbhísí nó ábhar meán chun iolrachas na meán a dhaingniú .

Cúis

Is é is aidhm don chuid bhreise seo a áirithiú go mbeidh na rialacha maidir le hinfhionntacht bailí chomh maith agus go bhféadfar tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu ná mar a fhoráiltear dó in Airteagal 7a de Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc 2010/13/AE, óir is é is cúis leis na rialacha sin an t-iolrachas a áirithiú.

Leasú 75

Airteagal 20(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.     Aon nós imeachta náisiúnta a úsáidfear chun críocha beart rialála nó riaracháin dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú nó a ghlacadh, beidh sé faoi réir creataí ama soiléire a leagfar amach roimh ré.

 

Cúis

Is féidir bunsmaoineamh na forála a thuiscint, ach is cosúil nach n-oireann an prionsabal don uile chás. Is fíor sin go háirithe a mhéid a bhaineann le foráil dhlíthiúil nó gníomhaíocht riaracháin in imeachtaí ex officio dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú nó a eisiúint. I gcás mar sin, níor cheart a bheith in ann éileamh a dhéanamh go ndéanfaí an próiseas sin a chur faoi réir teorainn ama a leagadh amach roimh ré.

Leasú 76

Airteagal 20(4)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.    Déanfaidh an Bord, arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairim a tharraingt suas i gcás inar dóchúil go ndéanfaidh beart náisiúnta reachtaíochta, riaracháin nó rialála difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Tar éis don Bhord a thuairim a thabhairt, agus gan dochar do na cumhachtaí atá aige faoi na Conarthaí, féadfaidh an Coimisiún a thuairim féin a eisiúint maidir leis an ábhar. Cuirfear tuairimí ón mBord agus, i gcás inarb infheidhme, tuairimí ón gCoimisiún ar fáil go poiblí.

3.    Déanfaidh an Bord, arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairim a tharraingt suas i gcás inar dóchúil go ndéanfaidh beart arna ghlacadh ag údarás nó comhlacht rialála náisiúnta difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Cuirfear tuairimí ón mBord ar fáil go poiblí.

Cúis

Ní léir fós conas a dhéantar bearta reachtacha agus riaracháin a idirdhealú ó bhearta rialála. Ní cosúil gurb oiriúnach an Bord féin le measúnú a dhéanamh ar bhearta reachtacha, ós rud é gur ionadaithe ó chomhlachtaí feidhmiúcháin náisiúnta atá sa Bhord, comhlachtaí atá faoi réir an dlí náisiúnta iad féin.

Ba cheart don Choimisiún a ról mar chaomhnóir an Chonartha a choinneáil agus dul i gcomhairle leis an mBord dá réir sin maidir le saincheisteanna teicniúla nó saincheisteanna gairmiúla eile. Ar an gcaoi sin, beidh deis ag an mBord, arna iarraidh sin don Choimisiún, a mheasúnú a thabhairt ar bhearta arna nglacadh ag comhlachtaí rialála náisiúnta i gcás ina ndéanann siad difear don mhargadh inmheánach.

Leasú 77

Airteagal 21(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán

1.   Soláthróidh na Ballstáit, ina gcórais náisiúnta dlí, rialacha substainteacha agus rialacha nós imeachta lena n-áiritheofar go ndéanfar measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’iolrachas na meán agus do neamhspleáchas eagarthóireachta . Maidir leis na rialacha sin:

Measúnú ar chomhchruinnithe i margadh na meán

1.   Soláthróidh na Ballstáit, ina gcórais náisiúnta dlí, rialacha substainteacha agus rialacha nós imeachta lena n-áiritheofar go ndéanfar measúnú ar chumaisc i margadh na meán ar mhaithe le hiolrachas na meán a chosaint, ar cumaisc iad lena ngabhann bearta iomchuí chun iolrachas na meán a áirithiú, a choimeád agus a chur chun cinn, á chur san áireamh a thábhachtaí atá an neamhspleáchas eagarthóireachta chomh maith . Maidir leis na rialacha sin:

Cúis

D’fhonn na srianta ar raon feidhme na saoirsí bunúsacha a sheachaint, ba cheart a shoiléiriú do na Ballstáit go bhféadfaidís (agus nár mhór dóibh) bearta a achtú chun iolrachas na meán a chosaint ó thaobh an dlí maidir le comhchruinnithe sna meáin de.

Leasú 78

Airteagal 21(1), pointe (b)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

ceanglóidh siad ar na páirtithe do chomhchruinniú i margadh na meán a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’iolrachas na meán agus do neamhspleáchas eagarthóireachta an comhchruinniú sin a chur in iúl roimh ré do na húdaráis nó na comhlachtaí náisiúnta ábhartha;

(b)

ceanglóidh siad ar na páirtithe do chomhchruinniú i margadh na meán a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’iolrachas na meán , an neamhspleáchas eagarthóireachta san áireamh, an comhchruinniú sin a chur in iúl roimh ré do na húdaráis nó na comhlachtaí náisiúnta ábhartha;

Cúis

Leis an tsaoirse eagarthóireachta, d’fhéadfaí cuidiú le hiolrachas na meán a chosaint.

Leasú 79

Airteagal 21 (1), pointe (d)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(d)

leagfaidh siad critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha chomhréireacha amach roimh ré maidir le fógra a thabhairt faoi chomhchruinnithe i margadh na meán a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’iolrachas na meán agus do neamhspleáchas eagarthóireachta agus maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta.

(d)

leagfaidh siad critéir amach roimh ré maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán , lena n-áirítear ar an neamhspleáchas eagarthóireachta;

Cúis

Leagtar an fógra maidir le cumaisc síos cheana in (b) agus leagtar amach na ceanglais i gcoitinne in (a), i.e. critéir “oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha chomhréireacha” atá trédhearcach chomh maith. Ina theannta sin, ní critéar ar leith í an tsaoirse eagarthóireachta. Níl inti ach gné a d’fhéadfadh cuidiú le hiolrachas na meán a dhaingniú.

Leasú 80

Airteagal 21(1), pointe (e)(pointe nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(e)

tabharfaidh siad critéir nó tagarmharcanna, roimh ré agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3, le haghaidh critéir a shainaithint agus a shocrú ag an údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta inniúil d’fhonn measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht cumaisc dá réir. Agus breithniú á dhéanamh an bhfuil cumasc inghlactha, tabharfar aird freisin ar cé acu an mbeadh an t-eintiteas is faighteoir agus an t-eintiteas is faighteán inmharthana i gcónaí ó thaobh na heacnamaíochta de in éagmais an chumaisc nó nach mbeadh, ar cé acu an ann d’aon rogha mhalartach chun inmharthanacht eacnamaíoch na n-eintiteas a áirithiú nó nach ea, agus ar a fhéideartha agus a éifeachtaí a bheadh na bearta faoi (f);

Cúis

Ba cheart do na Ballstáit critéir nó tagarmharcanna a thabhairt, roimh ré agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3, le haghaidh critéir a shainaithint agus a shocrú ag an údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta inniúil d’fhonn measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht comhchruinnithe dá réir.

Agus breithniú á dhéanamh an bhfuil cumasc inghlactha, tabharfar aird freisin ar cé acu an mbeadh an t-eintiteas is faighteoir agus an t-eintiteas is faighteán inmharthana i gcónaí ó thaobh na heacnamaíochta de in éagmais an chumaisc nó nach mbeadh, ar cé acu an ann d’aon rogha mhalartach chun inmharthanacht eacnamaíoch na n-eintiteas a áirithiú nó nach ea, agus ar a fhéideartha agus a éifeachtaí a bheadh na bearta faoi (f).

Leasú 81

Airteagal 21, pointe (f) (pointe nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(f)

déanfaidh siad foráil roimh ré do bhearta nó tagarmharcanna chun bearta a shainaithint agus a chinneadh a d’fhéadfaí, i gcomhréir le hAirteagal 3, a fhorchur ar eintiteas lena mbaineann i gcás cumaisc d’fhonn iolrachas na meán agus an neamhspleáchas eagarthóireachta a áirithiú, a choimeád agus a chur chun cinn.

Cúis

Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh roimh ré freisin do bhearta nó tagarmharcanna chun bearta a shainaithint agus a chinneadh a d’fhéadfaí, i gcomhréir le hAirteagal 3, a fhorchur ar eintiteas lena mbaineann i gcás cumaisc d’fhonn iolrachas agus neamhspleáchas na meán a áirithiú, a choimeád agus a chur chun cinn. Agus breithniú á dhéanamh an bhfuil cumasc inghlactha, ba cheart aird a thabhairt freisin ar cé acu an mbeadh an t-eintiteas is faighteoir agus an t-eintiteas is faighteán inmharthana i gcónaí ó thaobh na heacnamaíochta de in éagmais an chumaisc nó nach mbeadh agus ar cé acu an bhfuil aon rogha mhalartach ann chun inmharthanacht eacnamaíoch na n-eintiteas a áirithiú nó nach bhfuil.

Leasú 82

Airteagal 21(1), an alt dheireanach

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Beidh an measúnú dá dtagraítear sa mhír seo ar leithligh ó  m h easúnuithe dhlí na hiomaíochta a n-áirítear leo na measúnuithe dá bhforáiltear faoi rialacha rialála cumaisc. Beidh an measúnú gan dochar d’Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, i gcás inarb infheidhme.

1.   Beidh níos mó i gceist leis na measúnuithe agus na bearta dá dtagraítear sa mhír seo measúnuithe dhlí na hiomaíochta a n-áirítear leo na measúnuithe dá bhforáiltear faoi rialacha rialála cumaisc. Beidh na measúnuithe agus na bearta gan dochar d’Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, i gcás inarb infheidhme.

Cúis

Maidir leis sin, ní léir go fóill an gaol idir na measúnuithe a dhearbhaítear a bheith ar leithligh. Tríd an gcoigeartú, cuirtear in iúl go bhfuil níos mó ná rialú faoi dhlí na hiomaíochta i gceist leis an measúnú dá bhforáiltear lena ngabhann gnéithe chun an t-iolrachas a áirithiú. Fágann sé sin go bhféadfadh an measúnú treis a ghabháil ar an rialú sin, lena n-áirítear ó thaobh na dtorthaí a bhaineann leis, i gcás inar gá.

Leasú 83

Airteagal 21(2), an chéad alt

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.    Cuirfear na gnéithe seo a leanas san áireamh sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1:

2.    Ba cheart go háirithe na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1:

Cúis

Ba cheart na critéir arna dtabhairt isteach le hAirteagal 21 a dhíriú ar ghnéithe den éagsúlacht a choimirciú. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú freisin cé acu an ann do roghanna ar leith agus, más ea, cad iad na roghanna sin chun cur i gcoinne na dteorainneacha le hiolrachas na meán nó na mbagairtí atá air a d’fhéadfadh teacht chun cinn de dheasca cumaisc, trí bhearta cosanta forlíontacha.

Leasú 84

Airteagal 21(2), pointe (a)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

an tionchar a imríonn an comhchruinniú ar iolrachas na meán , lena n-áirítear a éifeacht ar fhoirmíocht tuairimí an phobail agus ar éagsúlacht na ngníomhaithe i margadh na meán, agus an timpeallacht ar líne agus leasanna, naisc nó gníomhaíochtaí i ngnólachtaí i meáin eile nó i ngnólachtaí neamh-mheáin ag na páirtithe á gcur san áireamh;

(a)

an tionchar a imríonn an comhchruinniú ar iolrachas na meán ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, go háirithe a éifeacht ar fhoirmíocht tuairimí an phobail, ar éagsúlacht na ngníomhaithe agus an ábhair i margadh na meán, lena n-áirítear neamhspleáchas agus éagsúlacht eacnamaíoch agus eagarthóireachta soláthraithe seirbhíse, mar aon le fáil seirbhísí agus ábhair, agus an timpeallacht ar líne agus leasanna, naisc nó gníomhaíochtaí i ngnólachtaí i meáin eile nó i ngnólachtaí neamh-mheáin ag na páirtithe á gcur san áireamh;

Cúis

Ba cheart a shoiléiriú gur gá breithniú a dhéanamh ar leibhéil éagsúla, ní hamháin ar an leibhéal Eorpach. Níor cheart ualú réamhchinntithe a dhéanamh i dtaobh na leibhéal. Ba cheart béim a leagan ar an tsaoirse chun tuairimí a bhunú. Ba cheart a lua freisin gur cheart éagsúlacht an ábhair a chaomhnú mar aon le héagsúlacht na seirbhísí, agus gur cheart aird ar leith a thabhairt ar rochtain agus ar infhionntacht mar dhúshlán suntasach maidir leis an éagsúlacht a áirithiú, go háirithe ó thaobh na timpeallachta ar líne de.

Leasú 85

Airteagal 21(2), pointe (c)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(c)

in éagmais an chomhchruinnithe, an bhfanfadh an t-eintiteas is faighteoir agus is faighteán inbhuanaithe ar bhonn eacnamaíoch i gcónaí, agus arbh ann d’aon rogha mhalartach fhéideartha chun inbhuanaitheacht an eintitis a áirithiú.

 

Cúis

Ní hí an inbhuanaitheacht eacnamaíoch príomhábhar imní na meastóireachta ar an gcumasc ó thaobh an éagsúlacht a chosaint de. D’fhonn a bheith comhsheasmhach agus iarracht á déanamh an sprioc a bhaint amach maidir leis an iolrachas a áirithiú, ní mór díriú ar an iomaíocht iriseoireachta agus ar conas í sin a chosaint nó tacaíocht a thabhairt di trí bhíthin bearta chun éagsúlacht na meán a chosaint. A mhéid a bhaineann leis an iolrachas a áirithiú, ní hé go bhfuil údar i ndáiríre le gach cumasc más amhlaidh nach mbeadh an chuideachta lena mbaineann inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de in éagmais an chumaisc, cumasc nach bhfuil rogha mhalartach air, sa chás seo. Bheadh údar leis, áfach, más amhlaidh go ndéanfaí dochar, nó a thuilleadh dochair, don iolrachas sa mhargadh ina éagmais.

Leasú 86

Airteagal 21(3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.   Féadfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón mBord, treoirlínte a eisiúint maidir leis na tosca a bheidh le cur san áireamh nuair a chuirfidh na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta na critéir i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta .

3.   Féadfaidh an Bord tuairimí a eisiúint maidir leis na tosca a d’fhéadfadh a bheith ábhartha agus na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 á gcur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán , atá ábhartha don mhargadh inmheánach, ar iolrachas na meán.

Cúis

Níor cheart don Choimisiún aon treoirlínte a leagan síos lena gcuirfí srian ar na Ballstáit freagairt do riachtanais náisiúnta, réigiúnacha agus/nó áitiúla agus na gnéithe á gcur i bhfeidhm nó á n-ualú acu.

D’fhéadfaí treoir a thabhairt do na rialtóirí náisiúnta, trí bhíthin tuairimí ón mBord, maidir le conas freagairt do riachtanais ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta agus faoi chuimsiú dhearadh na mbeart náisiúnta. Ba cheart é a bheith soiléir nach dtagraítear sna tuairimí sin ach do na gnéithe a chuimsítear i mír 2 agus nach gcumhdaítear leo iomlán an mheasúnaithe ar chomhchruinnithe sna meáin ina leith sin, ionas go bhféadfadh na húdaráis náisiúnta measúnú a dhéanamh ar chritéir riachtanacha bhreise.

Leasú 87

Airteagal 21(4)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.    Rachaidh an t-údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta i mbun comhairle leis an mBord roimh ré maidir le haon tuairim nó cinneadh a bheartaíonn sé a ghlacadh le linn dó measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn comhchruinnithe infhógartha i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta i gcás ina bhféadfadh na comhchruinnithe sin difear a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

4.    Cuirfidh an t-údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta an Bord ar an eolas roimh ré maidir le comhchruinnithe infhógartha i margadh na meán i gcás ina bhféadfadh na comhchruinnithe sin difear a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Roimh dó cinneadh nó gníomh a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta tuairim ón mBord a iarraidh maidir leis an tionchar a imríonn comhchruinniú infhógartha i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Cúis

I bhfianaise na cumhachta rialála, níor cheart ach na cumaisc nó na comhchruinnithe sin atá ábhartha don mhargadh inmheánach a dhíolmhú ó cheanglais cheangailteacha Airteagal 21. I ngach cás eile, níor cheart aon cheangal a fhorchur nach mbaineann lena bhfuil molta.

Níor cheart aon oibleagáid a chur ar an údarás ná an comhlacht rialála náisiúnta dul i gcomhairle leis an mBord d’fhonn inniúlacht an údaráis náisiúnta a chaomhnú ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, ionas nach gcuirfí moill ar nósanna imeachta ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, ba cheart don údarás rialála náisiúnta inniúil an Bord a chur ar an eolas faoi chásanna ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith de cheart ag an mBord seasamh a ghlacadh i ngach cás a mheasann sé a bheith ábhartha ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de.

Leasú 88

Airteagal 21(5)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

5.    Laistigh de 14 lá féilire tar éis dó an comhairliúchán dá dtagraítear i mír 4 a fháil, déanfaidh an Bord tuairim a tharraingt suas maidir leis an dréacht-tuairim náisiúnta nó an cinneadh a tarchuireadh chuige, ag cur na ngnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh, agus tarchuirfidh sé an tuairim sin chuig an údarás comhairliúcháin agus chuig an gCoimisiún.

5.    I gcás ina n-iarrtar ar an mBord tuairim a thabhairt, déanfaidh sé tuairim a tharraingt suas gan mhoill ina gcuirfidh sé na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh agus tarchuirfidh sé an tuairim sin chuig an údarás comhairliúcháin agus chuig an gCoimisiún.

Cúis

Dealraíonn sé gur ródhocht í an teorainn ama agus go mbeadh sí róghairid i gcásanna casta b’fhéidir.

Leasú 89

Airteagal 21(6)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

6.    Tabharfaidh an t-údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 lánaird ar an tuairim dá dtagraítear i mír 5. I gcás nach gcloíonn an t-údarás sin leis an tuairim, go hiomlán nó go páirteach, soláthróidh sé, laistigh de 30 lá féilire ón lá a fuarthas an tuairim, údar cuí réasúnaithe don Bhord agus don Choimisiún, lena míneoidh sé a sheasamh. Gan dochar do na cumhachtaí atá aige faoi na Conarthaí, féadfaidh an Coimisiún a thuairim féin a eisiúint maidir leis an ábhar.

6.   Gan dochar do na cumhachtaí atá aige faoi na Conarthaí, féadfaidh an Coimisiún a thuairim féin a eisiúint maidir leis an ábhar.

Cúis

Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún freagairt don tuairim. Chuige sin, is cosúil nárbh iomchuí éifeacht cheangailteach a bheith ann don údarás náisiúnta inniúil ós rud é go ndéanfaí meastóireacht deiridh ar an gcumasc de réir an dlí náisiúnta. Tá an Coimisiún, ina cháil mar chaomhnóir an Chonartha, saor lena dheimhniú más ann do rialacháin iomchuí agus lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le dlí an Aontais.

Leasú 90

Airteagal 21(7)(alt nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

7.     Cuirfear tuairimí ón mBord agus, i gcás inarb infheidhme, tuairimí ón gCoimisiún ar fáil go poiblí.

Cúis

Tá an leasú seo le teacht in áit mhír 3 d’Airteagal 22 mar thoradh ar na leasuithe ar Airteagal 22 atá molta.

Leasú 91

Airteagal 22(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tuairimí maidir le comhchruinnithe i margadh na meán

1.   In éagmais measúnú nó comhairliúchán de bhun Airteagal 21, déanfaidh an Bord , arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairim a tharraingt suas maidir leis an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta, i gcás inar dóchúil go ndéanfaidh comhchruinniú i margadh na meán difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Bunóidh an Bord a thuairim ar na gnéithe a leagtar amach in Airteagal 21(2). Féadfaidh an Bord comhchruinnithe i margadh na meán, ar dóchúil go ndéanfaidh siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, a thabhairt ar aird don Choimisiún.

Tuairimí maidir le comhchruinnithe i margadh na meán

1.   In éagmais measúnú nó comhairliúchán de bhun Airteagal 21, déanfaidh an Bord tuairim a tharraingt suas maidir leis an tionchar a imríonn comhchruinnithe i margadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta, i gcás inar dóchúil go ndéanfaidh comhchruinniú i margadh na meán difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán. Bunóidh an Bord a thuairim ar na gnéithe a leagtar amach in Airteagal 21(2). Féadfaidh an Bord comhchruinnithe i margadh na meán, ar dóchúil go ndéanfaidh siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán, a thabhairt ar aird don Choimisiún.

Cúis

Ba cheart an Bord a bheith in ann tuairimí a chur i dtoll a chéile go neamhspleách, gan an Coimisiún a bheith á iarraidh sin air.

Leasú 92

Airteagal 24(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Údaráis phoiblí, lena n-áirítear rialtais chónaidhme nó réigiúnacha, údaráis nó comhlachtaí rialála, chomh maith le fiontair atá faoi úinéireacht stáit nó eintitis eile atá faoi rialú stáit ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta, nó rialtais áitiúla d’eintitis chríochacha ina bhfuil níos mó ná 1 mhilliún cónaitheoir, cuirfidh siad ar fáil go poiblí faisnéis chruinn, chuimsitheach, intuigthe, mhionsonraithe agus faisnéis bhliantúil maidir lena gcaiteachas fógraíochta arna leithdháileadh ar sholáthraithe seirbhíse meán, a mbeidh na mionsonraí seo a leanas ar a laghad san áireamh inti:

2.   Údaráis phoiblí, lena n-áirítear rialtais an Aontais, rialtais náisiúnta, rialtais chónaidhme nó rialtais réigiúnacha, údaráis nó comhlachtaí rialála, chomh maith le fiontair atá faoi úinéireacht stáit nó eintitis eile atá faoi rialú stáit ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta, nó rialtais áitiúla d’eintitis chríochacha ina bhfuil níos mó ná 100 000 cónaitheoir agus an critéar daonra le cur san áireamh i gcomhréir le híostairseach caiteachais bhliantúil a shaineofar , cuirfidh siad ar fáil go poiblí faisnéis chruinn, chuimsitheach, intuigthe, mhionsonraithe agus faisnéis bhliantúil maidir lena gcaiteachas fógraíochta arna leithdháileadh ar sholáthraithe seirbhíse meán, a mbeidh na mionsonraí seo a leanas ar a laghad san áireamh inti:

Cúis

Tá an leasú a mholtar anseo ag teacht leis an sainmhíniú ar “fógraíocht stáit” in Airteagal 2.

Leasú 93

Airteagal 25

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán neamhspleách ar an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí meán , lena n-áirítear rioscaí dá fheidhmiú agus dá athléimneacht agus dul chun cinn iontu . Beidh torthaí an fheidhmithe faireacháin faoi réir comhairliúcháin leis an mBord.

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán neamhspleách ar an margadh inmheánach ó thaobh seirbhísí meán de maidir le rioscaí dá fheidhmiú agus dá athléimneacht agus dul chun cinn ann . Beidh torthaí an fheidhmithe faireacháin faoi réir comhairliúcháin leis an mBord.

2.   Saineoidh an Coimisiún na príomhtháscairí feidhmíochta a bheidh le húsáid le haghaidh an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1, i gcomhairle leis an mBord.

2.   Saineoidh an Coimisiún na príomhtháscairí feidhmíochta a bheidh le húsáid le haghaidh an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1, i gcomhairle leis an mBord.

3.   Áireofar an méid seo a leanas san fheidhmiú faireacháin:

3.   Áireofar an méid seo a leanas san fheidhmiú faireacháin:

(a)

anailís mhionsonraithe ar athléimneacht margaí meán na mBallstát uile, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an leibhéal comhchruinnithe meán agus leis na rioscaí go mbeidh láimhseáil eachtrach agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis ann ;

(a)

anailís mhionsonraithe ar athléimneacht margaí meán na mBallstát uile, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an leibhéal comhchruinnithe meán;

(b)

forléargas agus measúnú réamhbhreathnaitheach ar athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán ina iomláine;

(b)

forléargas agus measúnú réamhbhreathnaitheach ar athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán ina iomláine.

(c)

forléargas ar na bearta arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhíse meán d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta aonair a ráthú .

 

4.   Déanfar an faireachán ar bhonn bliantúil, agus cuirfear torthaí an fhaireachán ar fáil go poiblí.

4.   Déanfar an faireachán ar bhonn bliantúil, agus cuirfear torthaí an fhaireachán ar fáil go poiblí.

Cúis

Ba cheart cúraimí an Choimisiúin a dhíriú, i gcomhréir lena inniúlacht, ar ghnéithe an mhargaidh inmheánaigh ina iomláine. Ina leith sin, d’fhéadfadh an measúnú ar na margaí náisiúnta a bheith ina ghné thábhacht mheastóireachta.

Leasú 94

Airteagal 28(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ó [ 6 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm].

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ó [ 20 mí tar éis a theacht i bhfeidhm].

Beidh feidhm ag Airteagail 7 go 12 áfach agus ag Airteagal 27 ó [3 mhí tar éis a dteacht i bhfeidhm] agus ag Airteagal 19(2) ó [48 mí tar éis a dteacht i bhfeidhm].

Beidh feidhm ag Airteagal 19(2) áfach ó [48 mí tar éis a dteacht i bhfeidhm].

Cúis

Ba cheart foráil a dhéanamh do thréimse níos faide teacht i bhfeidhm óir caithfidh na Ballstáit trasuí breise a dhéanamh.

I.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

ag tacú go mór le hiarrachtaí chun saoirse, iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint, lena n-áirítear sábháilteacht na n-iriseoirí, toisc go bhfuil an méid sin riachtanach chun sláine spás faisnéise na hEorpa a chaomhnú agus feidhmiú an daonlathais Eorpaigh ar gach leibhéal a áirithiú, bíodh sin ar an leibhéal réigiúnach, áitiúil, náisiúnta nó Eorpach. Ar an ábhar sin, tá CnaR ag tabhairt dá aire thionscnamh an Choimisiúin maidir le togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus an mholta a ghabhann leis sin maidir le cosaintí inmheánacha le haghaidh an neamhspleáchais eagarthóireachta agus na trédhearcachta úinéireachta in earnáil na meán.

2.

Tá CnaR den tuairim gur den ríthábhacht é a áirithiú go bhfuil tírdhreach láidir meán san Eoraip, tírdhreach atá iolraíoch, inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, nuálach, neamhspleách agus iontaofa, ceann ina bhfreastalaítear ar gach grúpa den tsochaí. Tá an méid sin ríthábhachtach ar fad don Aontas Eorpach agus do na stáit dhaonlathacha atá mar chuid de, agus do na saoránaigh, na tomhaltóirí agus na gnólachtaí freisin.

3.

Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR go dteastaíonn ceanglais láidre trédhearcachta i ndáil le leithdháileadh na fógraíochta stáit. Mar sin féin, feictear dó nach bhfuil feidhm ag an díolúine ó na ceanglais le haghaidh eintiteas críochach ina bhfuil níos mó ná 1 mhilliún áitritheoir i gcás na mBallstát beag agus, ar an ábhar sin, go gcruthaítear lúb ar lár de facto dá barr chun ceanglais trédhearcachta a sheachaint. Dá bhrí sin, tá sé á iarraidh aige go ndéanfar laghdú suntasach ar an tairseach sin, go 100 000 áitritheoir. Ina theannta sin, tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún an critéar daonra a chur san áireamh i gcomhréir le híostairseach caiteachais bhliantúil a shaineofar.

4.

Tá sé á athdhearbhú go láidir ag CnaR gur príomhphrionsabail agus gnéithe bunúsacha iad an t-iolrachas, an chomhréireacht agus an rialachas il-leibhéil i ndáil le feidhmiú an Aontais agus i ndáil lena chuntasacht dhaonlathach. Tá béim á cur aige air gurb é an gníomh dlí, an Treoir, an bealach is fearr le freastal ar na prionsabail sin, agus spriocanna an tionscnaimh á mbaint amach ag an am céanna.

5.

Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR go bhfuil ról ag na réigiúin i roinnt mhaith Ballstát i dtaca le hearnáil na meán agus an earnáil chultúrtha, is é sin rialáil a dhéanamh orthu agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Is oth leis, dá bhrí sin, nach n-aithnítear an inniúlacht sin go sainráite sa togra le haghaidh rialacháin.

6.

Tá rabhadh á thabhairt ag CnaR go bhféadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith ann dá ndéanfaí ró-rialáil ar na córais sheanbhunaithe meán fud fad Bhallstáit an Aontais, córais ina n-áirithítear saoirse agus iolrachas na meán. Á chur san áireamh gurb é is aidhm don tionscnamh feabhas a chur ar éagsúlacht agus neamhspleáchas na meán, níor cheart dochar a dhéanamh leis d’fheidhmiú na gcóras meán atá i bhformhór mór na mBallstát.

7.

I ndáil leis sin, tá sé á iarraidh ag CnaR go mbeadh tionscnaimh ann a mbeadh sé d’aidhm acu rialáil na meán ar an leibhéal Eorpach a chomhchuibhiú agus a lárú. Baineann sé sin le hordú na n-inniúlachtaí san Eoraip agus le caomhnú na héagsúlachta cultúrtha san Aontas Eorpach chomh maith, mar aon leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar iolrachas na meán, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, mura gcuirfí i bhfeidhm ach dearcadh an mhargaidh inmheánaigh amháin.

8.

Anuas air sin, tá CnaR ag ceistiú a oiriúnaí atá sé nach ndéanfaí rialáil ar na córais meán ach amháin de réir bhunús dlí inniúlacht an mhargaidh inmheánaigh faoi Airteagal 14 CFAE, á chur san áireamh go bhfuil feidhm thábhachtach ag seirbhísí meán maidir le cosaint a dhéanamh ar an gcultúr, an t-oideachas, an cuimsiú sóisialta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

9.

Tá sé á chur in iúl ag CnaR chun na críche sin gur cheart a shoiléiriú go bhfuil na Ballstáit freagrach as saoirse agus iolrachas na meán agus gur cheart a aithint go bhfuil níos mó i gceist leis na cuspóirí sin ná díreach an margadh inmheánach a chur chun cinn.

10.

Tá rabhadh á thabhairt ag CnaR nár cheart srian a chur ar acmhainn na mBallstát rialacha eile nó rialacha níos déine a chur i bhfeidhm i réimsí a chumhdaítear sa Rialachán. Ní mór an deis a bheith ann i gcónaí forálacha níos forleithne nó níos mionsonraithe a thabhairt isteach chun éagsúlacht na meán a chosaint de réir thraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát féin. I gcás amhrais, ba cheart tosaíocht a bheith ag traidisiúin bhunreachtúla na mBallstát maidir le breithnithe an gheilleagair margaidh.

11.

Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR, maidir le hiolrachas na meán a chosaint, nach mór an mhaoirseacht a dhéantar mar chuid de sin a dhéanamh de réir struchtúr na n-inniúlachtaí. Ós rud é go mbaineann an mhaoirseacht sin le cúrsaí taobh amuigh den mhargadh aonair chomh maith, ní mór aird leordhóthanach a thabhairt ar cheannasacht chultúrtha na mBallstát lena linn.

12.

Thairis sin, tá sé á chur i bhfáth ag CnaR nach mbeidh aon fhorluí san fhaireachán a dhéanfar ar na meáin ar an leibhéal Eorpach agus cosaint á déanamh ar iolrachas na meán, lena n-áirítear ar an neamhspleáchas eagarthóireachta. Seachas sin, tá sé á chur i bhfáth aige nach mór do na Ballstáit an dualgas agus an fhreagracht atá orthu – iolrachas na meán a ráthú – a chur chun feidhme go héifeachtúil agus, ar deireadh, gur cheart a ráthú go n-urramófar na prionsabail maidir le cineál na maoirseachta a dhéanfar ar na meáin, is é sin go mbeadh sí neamhspleách agus saor ó thionchar polaitiúil.

13.

Cé go n-aithníonn CnaR go bhfuil gá le comhar níos dlúithe idir na húdaráis rialála meán, tá sé á iarraidh aige go dtabharfar aird chuí ar neamhspleáchas an Bhoird Eorpaigh um Sheirbhísí Meán atá beartaithe ar thionchar polaitiúil agus gnó. De bhreis air sin, tá sé á iarraidh aige go mba léiriú na baill den Bhord ar an struchtúr agus ar na traidisiúin rialála atá sna Ballstáit éagsúla cheana féin.

14.

Tá sé á iarraidh ag CnaR go dtabharfar oibleagáidí nithiúla isteach d’ardáin an-mhór ar líne a mbeadh níos mó i gceist leo ná ráiteas ar chúiseanna a chur isteach sula bhforchuirtear srian, d’fhonn an t-ábhar iriseoireachta/eagarthóireachta san earnáil ar líne a chosaint.

15.

Tá CnaR ag athdhearbhú a thiomantais maidir le hiarrachtaí a dhéanamh de ghrá athléimneacht an daonlathais, an smacht reachta, agus na cearta bunúsacha a chosaint, go háirithe i bhfianaise na mbagairtí atá á gcarnadh go gcuirfí isteach ar ord daonlathach na hEorpa. Tacaíonn CnaR go mór le gach uile iarracht chun díospóireacht pholaitiúil oscailte, chothrom agus iolraíoch a áirithiú.

An Bhruiséil, an 16 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(50)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(50)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(1)  IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.

(2)  IO L 95, 15.4.2010, lch. 1.