ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 184

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
25 Bealtaine 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 577ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 2023.3.22. – 2023.3.23.

2023/C 184/01

Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Aontaithe ar son an Daonlathais

1

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 577ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 2023.3.22. – 2023.3.23.

2023/C 184/02

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Plean Gníomhaíochta don Óige i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais 2022–2027 (tuairim féintionscnaimh)

5

2023/C 184/03

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Ról na ndaoine óga san aistriú glas (Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Sualainne)

13

2023/C 184/04

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Struchtúir adhmaid ar mhaithe le CO2 a laghdú in earnáil na tógála (Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Sualainne)

18


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 577ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 2023.3.22. – 2023.3.23.

2023/C 184/05

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Rialachán um an Eoraip Idir-inoibritheach) (COM(2022) 720 final — 2022/0379 (COD)) agus maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le beartas idir-inoibritheachta neartaithe san earnáil phoiblí — Lena nascaítear seirbhísí poiblí, lena dtacaítear le beartais phoiblí agus lena gcuirtear tairbhí don phobal ar fáil ionsar an Eoraip Idirinoibritheach(COM(2022) 710 final)

28

2023/C 184/06

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú (COM(2022)702 final – 2022/0408 (COD))

34

2023/C 184/07

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí Comhphobail agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 ón gCoimisiún (COM(2022) 666 final — 2022/0391 (COD)) agus maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (athmhúnlú) (COM(2022) 667 final — 2022/0392 (COD))

39

2023/C 184/08

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Tuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach — Na haistrithe glasa agus digiteacha a nascadh sa chomhthéacs geopholaitiúil nua (COM(2022) 289 final)

45

2023/C 184/09

Tuairim — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpaTeachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Bealach i dtreo córas imréitigh an Aontais níos láidre (COM(2022) 696 final) agus madir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, Uimh. 575/2013 agus Uimh. 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú (COM(2022) 697 final – 2022/0403 (COD))

49

2023/C 184/10

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais [COM(2022) 707 final – 2022/0413 (CNS)]

55

2023/C 184/11

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — i dtreo Treorach maidir le pionóis choiriúla as sárú ar bhearta sriantacha an Aontais (COM(2022) 249 — final) maidir leis an Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chur leis na réimsí coireachta atá leagtha síos in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (COM(2022) 247 — final) maidir leis an Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i gcás sárú ar bhearta sriantacha an Aontais (COM(2022)/684 final)

59

2023/C 184/12

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (COM(2022) 490 final — 2022/0299 (NLE))

64

2023/C 184/13

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha (COM(2022) 688 final — 2022/0400 (COD) agus Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle um chaighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne sa réimse fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar a reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta agus maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena scriostar Airteagal 13 de Threoir 2000/43/CE agus Airteagal 12 de Threoir 2004/113/CE (COM(2022) 689 final — 2022/0401 (APP))

71

2023/C 184/14

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra (COM(2022) 581 final)

78

2023/C 184/15

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sòisialta na hEòrpa - Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin (COM(2022) 672 final – 2022/0394 (COD))

83

2023/C 184/16

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Staid an Aontais Fuinnimh 2022 (de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide) (COM(2022) 547 final)

88

2023/C 184/17

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An córas fuinnimh a dhigiteáil — plean gníomhaíochta an Aontais [Com(2022) 552 final]

93

2023/C 184/18

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Moladh do TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 98/24/CE ón gComhairle agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus dé-isicianáití. [COM(2023) 71 final – 2023/0033 (COD)]

101

2023/C 184/19

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (COM(2023) 63 final – 2022/025 (COD))

102

2023/C 184/20

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (COM(2022) 760 final – 2022/0405 (COD)) — maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a fhéachann lena scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM (COM(2022) 761 final – 2022/0406 (COD)) agus maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (COM(2022) 762 final – 2022/0411 (COD))

103

2023/C 184/21

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA HEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Infhaighteacht agus inacmhainneacht leasacháin a áirithiú (COM(2022) 590 final)

109


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 577ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 2023.3.22. – 2023.3.23.

25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/1


Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Aontaithe ar son an Daonlathais”

(2023/C 184/01)

Rapóirtéirí:

Stefano MALLIA (MT-I)

Oliver RÖPKE (AT-II)

Séamus BOLAND (IE-III)

Bunús dlí

Riail 50 de na Rialacha Nós Imeachta

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

23.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

181/0/5

Ar an dá thaobh de theorainneacha an Aontais, tá an téarnamh iar-phaindéime, luachanna daonlathacha, an spás sibhialta, saoirse na meán, an éagsúlacht agus an daonlathas liobrálach faoi bhrú, agus is ag dul in olcas atá cúrsaí ó thús an chogaidh ar thalamh na hEorpa: níos lú ná 50 % de dhaonra an domhain a chónaíonn i gcóras daonlathach.

Ós rud é go bhfuil an fogha uafásach faoin Úcráin agus na hiarmhairtí tubaisteacha daonnúla, sóisialta agus eacnamaíocha atá ag teacht chun cinn fós le feiceáil ar fud an domhain, tá glao á sheoladh ag CESE chun an daonlathas agus luachanna daonlathacha a threisiú.

Léirigh iarrachtaí urghnácha eagraíochtaí sochaí sibhialta (ESSanna) an Aontais lenar cuireadh cúnamh daonnúil, lóistíochtúil agus leighis ar fáil do mhuintir na hÚcráine a thábhachtaí atá sochaí shibhialta atá dea-nasctha, éifeachtúil agus bríomhar. Feictear go mbíonn gluaiseachtaí an phobail ag troid ar son an daonlathais lasmuigh den Úcráin freisin, cuir i gcás san Iaráin, sa Bhealarúis agus sa Mholdóiv, agus is ionann tacú leosan agus tacú leis an daonlathas féin.

Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh infheistíocht a dhéanamh chun go mbeidh tíortha daonlathacha níos athléimní, agus chun gur fearr a bheidh siad in ann ár gcearta bunúsacha a chosaint, síocháin agus cobhsaíocht sheanbhunaithe a chothú, agus rathúnas a bhaint amach do chách i ndeireadh na dála.

Níl aon amhras ach gur cheart dúinn machnamh comhpháirteach a dhéanamh ar chur chuige nua chun na struchtúir don daonlathas rannpháirtíochta a neartú. Is tábhachtaí anois ná riamh sochaí shibhialta atá láidir, neamhspleách agus éagsúil a bheith ann chun saoránacht ghníomhach agus daonlathas athléimneach a áirithiú lenar féidir an smacht reachta, cearta bunúsacha, an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus sláine ár modha maireachtála dhaonlathaigh a choimirciú. Tá dlúthnasc neamh-inchúlghairthe idir coincheap an daonlathais san Aontas Eorpach agus coincheapa an chomhionannais, an cheartais, na hurraime do chearta an duine agus an neamh-idirdhealaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 2 CAE.

In aimsir na n-athruithe agus na ndúshlán casta, is cuid amháin den scéal iomlán é an daonlathas dioscúrsach/rannpháirtíochta lena bhféadfaí an t-athrú sistéamach atá ag teastáil a chur i bhfeidhm. Is iomaí sampla atá ann a léiríonn go bhféadfadh an daonlathas dioscúrsach/rannpháirtíochta (má chuirtear chun feidhme go héifeachtach é) é a chur ar chumas lucht déanta beartas cinntí crua a dhéanamh maidir leis na fadhbanna beartais phoiblí is dúshlánaí agus muinín idir saoránaigh agus an rialtas a fheabhsú. Is é an réamhriachtanas atá ann a ráthú go gcuirfear san áireamh ann éagsúlacht tuairimí agus an ceart iad a chur in iúl gan bhac. Mar sin féin, ní réiteach gach faidhbe é an daonlathas rannpháirtíochta. Tá réimse leathan dúshlán roimh shochaithe daonlathacha, a dteastaíonn modhanna éagsúla rannpháirtíochta uathu. Dá bhrí sin, ní mór sásraí éagsúla a bheith in úsáid chun críoch éagsúil ag rialachas daonlathach le go mbainfear leas as na láidreachtaí agus na laigí faoi seach.

Ní mór dúinn, i dteannta a chéile, cothromaíocht nua a lorg idir an daonlathas ionadaíoch, an daonlathas rannpháirtíochta agus an daonlathas díreach.

Sna conclúidí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa maidir leis an daonlathas Eorpach an 9 Bealtaine 2022, leagtar síos go sonrach i dtogra 36 agus i dtogra 39 na cuspóirí maidir le rannpháirtíocht na saoránach a mhéadú agus na struchtúir don daonlathas rannpháirtíochta agus do ghníomhaíochtaí breithniúcháin a neartú. Agus aird á tabhairt ar thorthaí na Comhdhála agus ar an ról tábhachtach atá ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) cheana féin, ba mhaith le CESE cur síos a dhéanamh ar roghanna éagsúla a d’fhéadfadh treoirphlean a sholáthar le haghaidh athchóirithe institiúideacha chun freastal ar chuspóirí CESE ar an mbealach is fearr.

Ina fhianaise sin, agus ag cur le Laethanta na Sochaí Sibhialta 2023, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE):

1.

á iarraidh go ndéanfar Airteagal 11 CAE a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear straitéis Eorpach don tsochaí shibhialta agus Reacht Eorpach do Chomhlachais chun bloic thógála éagsúla a nascadh chun spás fíorchumhachtaithe agus fíorchuimsitheach a chothú, chun rannpháirtíocht a athnuachan agus idirphlé sibhialta struchtúrtha a chur chun feidhme ar fud institiúidí an Aontais, lena n-áirítear trí iarraidh ar an tsochaí shibhialta eagraithe freastal ar Chruinnithe Mullaigh Sóisialta agus ar chomhdhálacha ardleibhéil, go háirithe. Tá an-tábhacht ag baint leis na hacmhainní freisin, má tá rannpháirtíocht níos fónta agus níos leithne le bheith ag earnáil na sochaí sibhialta. Ní mór deiseanna cistiúcháin a fheabhsú agus creataí beartais cothroma agus trédhearcacha a chur ar fáil do ESSanna, lena n-áirítear cosaint trasteorann d’fhonn acmhainn agus athléimneacht a fhorbairt do gach ESS, lena n-áirítear eagraíochtaí don óige, an geilleagar sóisialta agus an earnáil dheonach, agus ní mór rochtain ar acmhainní solúbtha agus inbhuanaithe a chur ar fáil dóibh freisin, bídís príobháideach nó poiblí.

2.

Tá sé á chur i dtreis ag CESE gur gá an ról lárnach atá ag an tsochaí shibhialta eagraithe agus ag na comhpháirtithe sóisialta a neartú chun tacú leis an daonlathas dioscúrsach, lena gcomhlánaítear an daonlathas ionadaíoch, chun an t-idirphlé sibhialta a neartú tuilleadh i ngach Ballstát agus ar leibhéal an Aontais. Is ar chomhar daingean ar scála leathan idir an tAontas agus a Bhallstáit atá neart agus cumhacht na ndaonlathas Eorpach bunaithe, agus ní mór dóibh cur le fothú acmhainneachta eagraíochtaí na sochaí sibhialta ós rud é gur “caomhnóirí an leasa choitinn” iad ESSanna neamhspleácha, agus ról lárnach acu maidir le réitigh inbhuanaithe a shainaithint, nuálaíochtaí sochaíocha a chur chun cinn agus muinín fhrithpháirteach a chothú laistigh de shochaithe. Cuidíonn ESSanna freisin le próisis a shainaithint, saineolas a chur ar fáil chun éagsúlacht na ndíospóireachtaí a mhéadú, agus an daonlathas rannpháirtíochta a éascú mar a leagtar amach sna Conarthaí.

3.

Tá sé á iarraidh ag CESE go mbeadh cur chuige iomlánaíoch agus comhoibritheach ann maidir leis an oideachas agus an oiliúint chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair. Ba cheart beartas Eorpach maidir le scileanna a cheapadh in éineacht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le comhpháirtithe sóisialta, a bhfuil caipiteal polaitiúil, eolas nithiúil agus tuiscint acu ar na riachtanais agus ar na heasnaimh atá ann faoi láthair. Sa chomhthéacs sin, tá sé á iarraidh ag CESE go n-ainmneofaí 2025 mar Bhliain Eorpach na nOibrithe Deonacha, óir tá ról tábhachtach ag an earnáil san fhorbairt a dhéantar ar scileanna neamhfhoirmiúla.

4.

Tá sé á chur chun suntais ag CESE gurb iad na hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha bunchloch an daonlathais rannpháirtíochta agus dhioscúrsaigh, is iad sin comhar, smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna, bainistíocht dhaonlathach agus chomhchoiteann, réiteach coinbhleachtaí, an t-oideachas sibhialta agus litearthacht sna meáin. Tá na hinniúlachtaí sin ríthábhachtach a mhéid a bhaineann leis na treochtaí frithdhaonlathacha a chomhrac, luachanna Eorpacha a chur chun cinn agus deighiltí socheacnamaíocha agus polaitiúla atá ann faoi láthair a shárú, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta á gcumhachtú san am céanna chun beartais a chomhdhearadh trí mhodhanna comhairliúcháin nó rannpháirtíochta chun cuntasacht, trédhearcacht agus saoránacht ghníomhach a bhaint amach.

5.

Tá CESE tiomanta d’uirlisí a fhorbairt tuilleadh chun feabhas a chur ar an daonlathas rannpháirtíochta agus dioscúrsach, amhail an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus Comhairliúcháin Phoiblí AE ar Líne, ar gá rochtain iomlán a bheith orthu agus ar gá iad a chur in iúl don phobal i gcoitinne.

6.

Tá sé á chur i dtreis aige a thábhachtaí atá toghcháin Eorpacha 2024 agus ról ríthábhachtach ESSanna maidir le rannpháirtíocht vótálaithe agus meon dearfach i leith an Aontais Eorpaigh a spreagadh, agus maidir le staonadh ó vótáil a dhíspreagadh agus an bhréagaisnéis a chomhrac. Iarrann CESE ar na teaghlaigh pholaitiúla Eorpacha béim a leagan, ina bhforógraí toghcháin, ar ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis an saol daonlathach a fheabhsú.

7.

Athdhearbhaíonn CESE go bhfuil sé sásta, in éineacht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcoitinne agus le hinstitiúidí an Aontais, idirghabháil a dhéanamh chun an tionscadal Eorpach a phlé leis na saoránaigh, ní hamháin leo siúd atá ar a shon cheana féin, agus go rachfar i dteagmháil leo ina bpobail, ina gcríocha, ina gcathracha agus ina sráidbhailte. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, na deiseanna a chruthú chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí poiblí agus cultúr rannpháirtíochta a chothú ar gach leibhéal.

8.

Ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le teagmhálaithe a bheith ann a bheadh freagrach as an idirphlé sibhialta. Ba cheart dó freisin oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun neartú na struchtúr idirphlé shibhialta a chur chun cinn agus cuidiú a thabhairt na struchtúir sin a chur ar bun nuair nach ann dóibh go fóill, trí leas a bhaint as cistí Eorpacha. Leis an tionscnamh sin, is mó an fheasacht a bheadh ag saoránaigh agus chuirfí feabhas ar cháilíocht an idirphlé shibhialta, rud a chuideodh leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit tuiscint níos fearr a fháil ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag idirphlé sibhialta dea-fheidhmiúil do cheapadh beartas. Thairis sin, chuirfí leis an idirphlé sibhialta trí ghníomhaíochtaí taighde agus faireacháin, as a dtiocfadh sainaithint agus comhroinnt dea-chleachtas.

9.

Tá sé á thabhairt chun suntais ag CESE i ndáil leis an méid sin go bhfuil rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí don óige thar a bheith tábhachtach chun vótálaithe céaduaire agus vótálaithe óga a spreagadh. D’fhonn ionadaíochas iomlán a bhaint amach, ní mór réitigh a chur chun cinn lena gcumasófar rannpháirtíocht leathan agus lena gcothófar comhionannas deiseanna. Is gá teagmháil a dhéanamh leo siúd is faide ó na hionaid chinnteoireachta agus dul i mbun plé leo. Is cosúil go bhfuil gá le rannpháirtíocht níos fearr ar an leibhéal áitiúil.

10.

Thairis sin, tá CESE ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle Eorpach agus ar na Ballstáit Ionstraim Toghcháin 1976 a leasú mar ábhar práinne, chun prionsabail na huilíochta, na neamhbhailbhe agus na rúndachta i dtaca le toghcháin a shoiléiriú. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí caighdeáin a chur chun feidhme ar fud an Aontais, rud a ráthódh cearta vótála do dhaoine faoi mhíchumas.

Agus leas á bhaint as na moltaí thuas agus as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tá CESE:

11.

á chur in iúl go bhfuil sé den tuairim gur tiomantas polaitiúil athnuaite é an prótacal maidir le comhar leis an gCoimisiún Eorpach (27 Deireadh Fómhair 2022) a síníodh le déanaí chun rannchuidiú leis an gclár oibre polaitiúil Eorpach agus le príomhsprioc, cuspóirí (1) agus mianta na hEorpa, eadhon Aontas Eorpach a bhaint amach a bheidh iomaíoch, rathúil ó thaobh an gheilleagair de, cuimsitheach ar bhonn sóisialta agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus a áirithiú san am céanna go mbeidh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht, an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach cothrom agus cóir go sóisialta, agus go n-éireoidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Deacáid Dhigiteach 2030 do gach uile Eorpach. Ní mór an tAontas Eorpach a bheith á threorú freisin ag Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ag Clár Oibre Iomaíochais, is iad sin na treochláir pholaitiúla lena n-áirithítear nach bhfágfar aon duine ar lár.

12.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil sé faoi réir – agus go bhfuil an dlisteanacht aige anois níos mó ná riamh – feidhmiú mar mhol lárnach do shaoránaigh agus do rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe, lena n-áirítear painéil saoránach a bheidh ann amach anseo. Is é an ról a bheadh ag mol den sórt sin tionchar na gcomhairliúchán leanúnach leis na saoránaigh arna n-eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag institiúidí eile a neartú, agus aiseolas a bhailiú go córasach ó shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa maidir le príomhthosaíochtaí agus príomhbheartais uile chlár oibre polaitiúil na hEorpa. Cuideoidh sé sin le muinín an phobail as tionscadal agus institiúidí an Aontais a fheabhsú trí ról éifeachtach a thabhairt do shaoránaigh sa phróiseas cinnteoireachta poiblí. Ina cháil mar óstach, bheadh CESE in ann próisis mhachnamhacha a threorú, a dhearadh, a eagrú, a reáchtáil, a éascú agus maoirseacht a dhéanamh orthu le cabhair ó shaineolaithe seachtracha agus ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Cuireann an tairiscint sin, go háirithe, leis an tuarascáil deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022 ina n-iarrtar go sainráite go ndéanfaí “ról institiúideach CESE a fheabhsú agus é a chumhachtú mar éascaitheoir agus ráthóir gníomhaíochtaí an daonlathais rannpháirtíochta amhail idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil saoránach”. Sa chomhthéacs sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar mholtaí na dtuairimí féintionscnaimh ó CESE agus na dtústuairimí arna n-iarraidh ag an gCoimisiún trí mheastóireachtaí ar bheartais an Aontais, i gcás inarb ábhartha sin.

13.

Tá CESE den tuairim go bhféadfadh comhairliúcháin le painéil saoránach agus le ESSanna díriú ar chláir oibre a shocrú, amhail clár oibre an Choimisiúin a ullmhú, nó go bhféadfaí iad a nascadh le saolré na bpríomhthosaíochtaí reachtacha. D’fhéadfadh sé gurbh úsáidí ionchur na saoránach ag an gcéim réamhreachtach ionas go bhféadfaí plé a dhéanamh agus moltaí a dhéanamh roimh phríomhthograí (reachtacha) áirithe. Chuige sin, d’fhéadfaí comhairliúcháin le painéil saoránach agus le ESSanna a dhéanamh ar bhonn treochlár bliantúil agus amlíne bhliantúil, arna mbunú ag CESE i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha. D’fhéadfaí a áireamh leis sin iarrataí sonracha ón gCoimisiún Eorpach, ó Pharlaimint na hEorpa nó ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ó CESE féin ar a thionscnamh féin, nó ar thionscnamh a chomheagraíochta, Coiste Eorpach na Réigiún.

14.

Athdhearbhaíonn CESE go bhféadfaí tús a chur leis an timthriall gníomhaíochta leis an óráid ar Staid an Aontais agus leis an dearbhú intinne maidir le clár oibre bliantúil an Choimisiúin Eorpaigh don bhliain dar gcionn. Dhéanfaí comhairliúcháin sa chéad leath den bhliain dar gcionn.

15.

Leanfaidh CESE de bheith ag moladh d’institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh Fóram bliantúil an Aontais maidir le Cearta Bunúsacha, Cearta an Duine agus an Smacht Reachta a bhunú agus é sin mar chomhlánú ar uirlisí chun an smacht reachta a neartú. Áiritheofar leis an bhfóram sin go mbeidh an tsochaí shibhialta eagraithe agus eagraíochtaí pobail ó Bhallstáit uile an Aontais in ann luathrabhadh a thabhairt do chinnteoirí an Aontais maidir le cur i bhfeidhm iomlán agus trédhearcach Airteagal 2 CAE, rud lena gcuirfear feabhas ar an bhfaireachán. Thairis sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach caibidil maidir leis an tsochaí shibhialta a áireamh san athbhreithniú atá le déanamh ar an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach. Beidh ról tábhachtach ag CESE freisin maidir le faireachán a dhéanamh ar phróisis aontachais na dtíortha is iarrthóirí agus éascóidh sé plé fóinteach leis na páirtithe lena mbaineann chun a áirithiú go n-urramófar luachanna Eorpacha, lena n-áirítear na luachanna sin a dhéanann difear do mhionlaigh náisiúnta agus eitneacha.

16.

Seolfaidh CESE Seachtain Eorpach na Sochaí Sibhialta chun an ról atá aige mar Theach na Sochaí Sibhialta Eorpaí a neartú agus chun cur leis an teacht a bhíonn ar na tionscnaimh shuaitheanta atá aige, amhail Laethanta na Sochaí Sibhialta, Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, YEYS agus Duais na Sochaí Sibhialta. Leis an tionscnamh sin, tabharfar le chéile príomhghníomhaithe in eagraíochtaí Eorpacha agus náisiúnta na sochaí sibhialta, agus cuirfear fóram ar fáil le haghaidh idirphlé maidir le saincheisteanna is ábhar imní do gheallsealbhóirí na sochaí sibhialta ar an leibhéal Eorpach. Féachfaidh CESE le gníomhaíocht an phobail a neartú chun teagmháil a dhéanamh, a mhéid is féidir, leo siúd nach bhfuil ach deiseanna teoranta acu páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ar shaincheisteanna Eorpacha agus chun a áirithiú go gcuirfear a dtuairimí san áireamh sna próisis chinnteoireachta.

An Bhruiséil, an 23 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Airteagal 2 agus Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.


TUAIRIMÍ

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 577ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 2023.3.22. – 2023.3.23.

25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/5


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Plean Gníomhaíochta don Óige i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais 2022–2027”

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 184/02)

Rapóirtéir:

Michael McLOUGHLIN

Comhrapóirtéir:

Tatjana BABRAUSKIENĖ

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

22.9.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

6.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

157/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Cé gur díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Plean Gníomhaíochta don Óige i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, is léir dó go bhféadfadh dúshláin a bheith ann maidir lena chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach agus lena chur i gcrích. Beidh faireachán agus maoirseacht ag teastáil ina leith sin. Tá sé á chur in iúl ag CESE gur mian leis páirt ghníomhach a ghlacadh i gcur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta don Óige.

1.2.

Tá CESE den tuairim gur mór an chabhair saineolas agus taithí na n-eagraíochtaí óige san Aontas Eorpach, agus ar fud an domhain, don Choimisiún Eorpach agus do na toscaireachtaí Aontais araon maidir leis an bplean a chur i gcrích. Ina theannta sin, síleann sé gur cheart inniúlachtaí bunúsacha a bheith ag foireann uile an Aontais a bhíonn ag obair le daoine óga, mar atá inniúlachtaí maidir le spásanna atá fabhrach don óige, scileanna comhairliúcháin, modhanna oibre don óige agus saincheisteanna nach iad.

1.3.

Ba mhaith le CESE go dtabharfaí aird i gcónaí ar na daoine óga is sia amach ar an imeall le linn a chur chun feidhme, ina measc daoine óga faoi mhíchumas, agus go gcuirfí an bhéim chéanna ar thacaíocht na cosmhuintire don óige i bpobail áitiúla mar chomhlánú ar an obair cheannaireachta uile. Ba cheart próisis cheannaireachta agus rannpháirtíochta a cheapadh chun rannpháirtíocht na cosmhuintire agus próisis ón mbun aníos a áirithiú le go gceapfar ceannairí a mbeidh cur amach acu ar an ngnáthshaol.

1.4.

Tá sé á chur chun suntais ag CESE gur príomhdhúshlán sa tslí ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta don Óige iad sonraí a bhailiú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus gur cheart a chinntiú go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), gníomhaireachtaí ábhartha maoinithe agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) tuairisciú rialta ina leith, i gcomhréir leis an mapáil agus anailísiú ar bhearnaí sna sonraí idirnáisiúnta maidir leis an óige a rinne an Coimisiún Eorpach le déanaí (1).

1.5.

Is díol sásaimh do CESE na naisc le hobair na Náisiún Aontaithe agus lena ngníomhaireachtaí sa réimse sin agus spreagann sé na naisc sin, go háirithe maidir leis an gClár Oibre don Óige, don tSíocháin agus don tSlándáil agus aon sineirgí le Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

1.6.

Creideann CESE go bhféadfadh príomhbheartais an Aontais don óige, cuir i gcás Erasmus+ agus an Ráthaíocht don Aos Óg, a bheith ina gcuidiú sna réimsí a leanas: rannpháirtíocht na hóige agus beartais óige. Nuair atá na struchtúir sin in úsáid, ba cheart aird a thabhairt ar neamhspleáchas na nósanna imeachta maidir le hiarratais agus ar shaincheisteanna ar nós víosaí agus teangacha.

1.7.

Molann CESE do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na Ballstáit a spreagadh chun pleananna dá gcuid féin a bheith acu a bheidh dírithe ar shaincheisteanna cosúil leis an bPlean Gníomhaíochta don Óige agus a bheidh ar siúl acu i gcomhpháirt leis an tsochaí shibhialta, go háirithe le heagraíochtaí don óige. Ina theannta sin, ba cheart na naisc agus comhpháirtíochtaí na sochaí sibhialta atá ann cheana idir Ballstáit an Aontais agus spriocthíortha a fhorbairt agus a fheabhsú, go háirithe naisc agus comhpháirtíochtaí idir eagraíochtaí don óige.

1.8.

Molann CESE freisin gur cheart spriocthíortha a spreagadh agus na huirlisí a bhronnadh orthu chun gur féidir dóibh beartais nithiúla thiomnaithe dá gcuid féin a bheith acu don óige maille le comhairlí náisiúnta óige nó a gcomhionann a bheith ann don aos óg. San am céanna, ba cheart prionsabail chearta an duine a bheith mar threoir ag an gCoimisiún agus é ag tacú leis na spriocthíortha.

1.9.

Tá CESE den tuairim láidir gur cheart naisc a dhéanamh idir an Plean Gníomhaíochta don Óige agus Bliain Eorpach na Scileanna chun a áirithiú go dtabharfar tús áite don obair sin i dtíortha comhpháirtíochta.

1.10.

Tá CESE den tuairim gur cheart an comhionannas, agus cosaint do chailíní óga go háirithe, a bheith i gcroílár na ngníomhaíochtaí atá dírithe ar an oideachas, agus gur cheart dul i muinín straitéisí lena n-áiritheofar rannpháirtíocht na ndaoine is deacra teagmháil a dhéanamh leo. Ba cheart na deiseanna scoláireachta uile a bheith oscailte agus trédhearcach agus modhanna a bheith in úsáid a bhfuil sé d’aidhm acu spreagadh a thabhairt dóibh siúd is deacra teagmháil a dhéanamh leo.

1.11.

Tá CESE den tuairim láidir gur cheart rannpháirtíocht saoránach a chothú leis na ESSanna uile, cuir i gcás grúpaí óige, ceardchumainn agus grúpaí fiontraithe óga.

1.12.

Measann CESE nach mór do bheartas trádála an Aontais an tionchar atá aige ar dhaoine óga a scrúdú, chomh maith leis an gceangal atá aige leo, go háirithe a fhad a bhaineann le caibidlí trádála agus inbhuanaitheachta agus le Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCEnna).

1.13.

Molann CESE gur cheart seirbhísí sonracha meabhairshláinte do dhaoine óga, ar seirbhísí iad a bheadh lonnaithe ina bpobal féin, agus spriocanna le haghaidh líon aschuir agus feabhsuithe cáilíochtúla meabhairshláinte araon a fhorbairt le haghaidh obair a dhéanfaí le daoine óga i réimse na gníomhaíochta seachtraí, i gcomhréir le staidéar an Choimisiúin Eorpaigh.

1.14.

Creideann CESE gur cheart an comhrac i gcoinne saothar leanaí a áireamh ina chuid thábhachtach den Phlean Gníomhaíochta don Óige, ionas gur féidir stop a chur faoi dheireadh is faoi dheoidh le saothar leanaí san 21ú haois.

2.   Eolas cúlra: gníomhaíochtaí ábhartha de chuid CESE

2.1.

I mí Dheireadh Fómhair 2018, ghlac CESE an tuairim a bhí curtha le chéile aige maidir le Straitéis Óige nua an Aontais (2) inar leagadh béim ar an ngá atá le cur chuige trasearnála i leith na hóige agus le haird bhreise a dhíriú ar an bhfostaíocht, ar an meabhairshláinte, ar an gcomhionannas agus ar an oideachas. Cuireadh i bhfios freisin a thábhachtaí atá beartais gníomhaíochta seachtraí an Aontais i ndáil leis an méid sin.

2.2.

I mí Mheán Fómhair 2020, ghlac CESE an tuairim I dtreo rannpháirtíocht struchtúrtha na hóige maidir leis an aeráid agus leis an inbhuanaitheacht i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh (3). Iarradh freisin go mbunófaí Cruinnithe Comhchéime na hÓige um an Aeráid agus an Inbhuanaitheacht, lena n-áirítear toscaire óige a bheadh mar chuid de thoscaireacht oifigiúil an Aontais chuig cruinnithe Chomhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP UNFCCC), agus go mbeadh guthanna daoine óga le sonrú sna tuairimí ó CESE maidir leis an aeráid agus an inbhuanaitheacht.

2.3.

Sa tuairim An beartas um an óige sna Balcáin Thiar, mar chuid den Chlár Oibre um Nuálaíocht do na Balcáin Thiar (4) a glacadh i mí Iúil 2022, d’iarr CESE ar na rialtais sna Balcáin Thiar príomhdhoiciméid bheartais óige an Aontais a leanúint agus infheistíocht thairis sin a dhéanamh i mbeartais óige fhianaisebhunaithe lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin forbartha a bhíonn ag daoine óga, agus leithdháiltí leordhóthanacha trédhearcacha buiséid á n-áirithiú acu.

2.4.

Is maith is féidir do CESE, thar institiúid ar bith eile, caidreamh le líonraí don aos óg a éascú. Bhunaigh sé Grúpa Comhordúcháin le haghaidh Bhliain Eorpach na hÓige ar tugadh sainordú dó an comhar le heagraíochtaí don óige agus an t-aos óg a neartú le linn na Bliana agus ina dhiaidh sin, agus oibriú i gcomhar le hinstitiúidí eile an Aontais agus leis na ESSanna, chun a áirithiú gur fearr a chuirfí daoine óga san áireamh ar bhonn leathan ina ngníomhaíochtaí laethúla. I mí Mheán Fómhair 2022, ghlac CESE an tuairim Measúnú tionchair an Aontais Eorpaigh ó thaobh na hóige de (5) agus d’iarr sé go dtabharfaí ról ní ba struchtúrtha, ní b’fhónta agus ní ba spriocdhírithe don óige seachas mar atá aici faoi láthair.

3.   Barúlacha ginearálta maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Óige

3.1.

Is díol mór sásaimh do CESE an Teachtaireacht Chomhpháirteach – An Plean Gníomhaíochta don Óige i nGníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais 2022-2027, ar céim thábhachtach chun cinn í i réimse na gníomhaíochta seachtraí agus i mbeartas na hóige, agus aithníonn sé na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir an dá thaobh, rud atá ag teastáil go dóite. Ina theannta sin, tugann forbairt den sórt sin, le linn Bhliain Eorpach na hÓige, le fios freisin go n-aithnítear go bhfuil impleachtaí don óige agus do shaol daoine óga i ngach réimse beartais, agus nach mór na cúinsí a bhaineann leis an ngrúpa sin a bheith ina gcuid den obair bheartas ar fad, seachas sna réimsí “traidisiúnta” sin amháin a shamhlaítear le daoine óga.

3.2.

Tá drochthionchar ag an gcogadh san Úcráin ar shibhialtaigh i gcónaí, go háirithe ar leanaí, ar dhéagóirí agus ar dhaoine óga. Ba cheart an Plean Gníomhaíochta don Óige san Úcráin, agus i limistéir eile ar domhan ina bhfuil coinbhleachtaí ar siúl, a bheith dírithe ar athléimneacht na hóige a mhéadú, ar thacaíocht a chur ar fáil do rannpháirtíocht shibhialta daoine óga agus iad a chumhachtú chun athruithe a dhéanamh ina bpobail féin, go háirithe i bhfianaise an téarnaimh iarchoinbhleachta.

3.3.

Chugainn an teachtaireacht seo tráth atáimid tagtha slán as paindéim COVID-19, agus aithnítear inti an chaoi arb é an t-aos óg ba mhó agus ba mheasa a d’fhulaing le linn na géarchéime sin agus gur cuireadh isteach ar a gcuid oideachais agus a saorghluaiseacht. Cé go n-aithnítear an tionchar a bhí ag COVID-19 ar dhaoine óga san Eoraip, ní thugtar an aird chéanna air in áiteanna eile ar domhan, go háirithe sna tíortha i mbéal forbartha agus i stáit leochaileacha.

3.4.

Go bunúsach, tacaímid leis an gcoincheap gur cheart na beartais inmheánacha uile a bhaineann leis an óige a cheangal ar shlí éigin leis an gcaidreamh seachtrach, agus na comhthéacsanna sonracha áitiúla/réigiúnacha ina dtarlaíonn na gníomhaíochtaí seachtracha á gcur san áireamh. Ina fhianaise sin, tá CESE i bhfách leis go ndéanfaí na beartais atá bainteach le Measúnú tionchair an Aontais Eorpaigh ó thaobh na hóige de a mholadh dóibh siúd a bhfuil an Plean Gníomhaíochta don Óige á chur chun feidhme acu.

3.5.

Is díol sásaimh do CESE freisin go dtarraingíonn an Plean Gníomhaíochta don Óige ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas, ar uirlisí iad a chuireann i bhfáth go bhfuil rannpháirtíocht chomhionann, iomlán agus fhóinteach an aosa óig ag teastáil sa saol poiblí agus sa saol polaitiúil. Cé gur ar thús cadhnaíochta a bhíonn daoine óga maidir leis na hathruithe atá ag tarlú, is rómhinic fós tearcionadaíocht á déanamh orthu, rud atá ag teacht salach ar a gcearta bunúsacha. Is mór ag CESE an uaillmhian nach beag atá léirithe sa Phlean Gníomhaíochta don Óige agus an bhéim a leagtar ann go soiléir ar an ngníomhaíocht. Is mór aige freisin go n-aithnítear ann na gnéithe idirghlúine a bhaineann le dúshláin dhomhanda an lae inniu.

3.6.

Tugtar le chéile sa teachtaireacht na príomhbheartais uile a bhaineann leis an óige i réimsí éagsúla. Maidir lena chur i gcrích, beidh roinnt maoirseacht uileghabhálach ag teastáil, go háirithe i bhfianaise na ngníomhaireachtaí soláthair éagsúla agus a éagsúla atá na beartais. Ba cheart dóibh siúd atá freagrach as an óige agus as an oideachas, d’eagraíochtaí don óige agus don aos óg féin a bheith i gceist leis sin, chomh maith le gníomhaireachtaí cúnaimh agus comhlachtaí náisiúnta eile de chuid na mBallstát, gníomhaireachtaí maoinithe agus ESSanna. Ar an gcuma chéanna, ní mór foinsí airgeadais, gníomhaithe agus táscairí éagsúla a chur san áireamh. Ar an iomlán, beidh dúshláin ann ach beidh toradh ar chóras maoirseachta éifeachtach agus d’fhéadfaí tógáil ar an toradh sin chun beartais a chur i gcrích go comhleanúnach.

3.7.

Is gá feabhas a chur ar bhailiú sonraí a bhaineann leis an óige agus é sin i mbeagnach gach réimse den ghníomhaíocht sheachtrach. Ní mór díriú ar an réimse dúshlánach seo agus an Plean Gníomhaíochta don Óige á chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach, rud atá aitheanta sa mhapáil agus san anailísiú ar bhearnaí sna sonraí idirnáisiúnta maidir leis an óige a rinne an Coimisiún Eorpach le déanaí. D’fhéadfadh sé a bheith deacair aschuir agus torthaí a dhí-chomhiomlánú agus an bhaint a bhí ag aon chlár nó tionscnamh ar leith le toradh ar leith a dhéanamh amach go beacht. Dá bhrí sin, beidh anailís fhadaimseartha le déanamh ar na hidirghabhálacha uile i réimse na hóige.

3.8.

Ba cheart don Aontas agus dá institiúidí uile oibriú i gcomhar leis an Ríocht Aontaithe chun a áirithiú nach gcaillfidh aos óg na tíre sin ná a n-eagraíochtaí óige meon an chomhair agus na foghlama idirchultúrtha a eascraíonn as an gclár Erasmus+, gan trácht ar an eolas agus an taithí a leanann, ná gach cineál eile comhair nach é. Ba cheart dul amach ar an uile dheis dá bhfuil ann chun an leas is mó is féidir a bhaint as na féidearthachtaí chun caidreamh a chothú athuair le ESSanna sa Ríocht Aontaithe, agus chun caidreamh nua a cheapadh agus a chothú freisin (6).

Ceannaireacht agus Rannpháirtíocht

3.9.

Dírítear cuid mhór sa Phlean Gníomhaíochta don Óige ar cheannaireacht agus rannpháirtíocht. Is díol sásaimh é sin agus é ag teacht go mór leis na dea-chleachtais a mholtar agus obair ar siúl le daoine óga. Tá CESE den tuairim, áfach, go mbeidh cur chuige an-chuimsitheach agus an-mhachnamhach ag teastáil chun an cur chuige sin a chur i bhfeidhm tuilleadh i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Fiú laistigh den Aontas agus de na Ballstáit, tá bóthar fada romhainn maidir le cleachtais rannpháirtíochta in ainneoin tréaniarrachtaí a bheith déanta. Is as obair mhaith i dtimpeallacht thacúil ar leibhéal an phobail a thagann ceannaireacht óige chun cinn go ginearálta. Fágann sin go mbíonn daoine óga in ann labhairt amach, toisc naisc a bheith acu lena bpiaraí agus taithí acu ar shaincheisteanna áitiúla, cuir i gcás an comhshaol, iompar, oideachas, meabhairshláinte, cúnamh sóisialta agus go leor eile. Is minic a éascaíonn ESSanna an obair sin. Tá súil againn go mbeidh na cláir théamacha maidir leis an tSochaí Shibhialta agus le Cearta an Duine agus an Daonlathas in ann díriú ar na riachtanais sin.

3.10.

Dá bhrí sin, ní mór tosca áirithe gaolmhara a bheith ann le haghaidh dea-chleachtas sa réimse sin. Féachann clár Erasmus+ fós le tús áite a thabhairt do dhaoine óga atá ar bheagán deiseanna, is é sin aithnítear go bhfuil cuid mhaith fós le déanamh ag clár ceannródaíoch dá leithéid sa réimse sin. I réimse na dteagmhálacha duine le duine agus i réimse na soghluaisteachta, bíonn ról cinntitheach ag gnéithe riaracháin, cuir i gcás víosaí chun eispéireas réidh a áirithiú do na rannpháirtithe, agus is réimse é a bhfuil cur chuige coiteann ag teastáil ina leith. Má thagann na deacrachtaí sin a fhad le tíortha i mbéal forbartha, stáit leochaileacha nó tíortha ollsmachtacha fiú, is amhlaidh is mó fós na dúshláin a bheidh ann, is léir. Ar deireadh thiar, ní mór an obair cheannaireachta agus rannpháirtíochta ar fad atá beartaithe a bhunú ar thaithí na cosmhuintire agus ar an taithí phobalbhunaithe.

3.11.

Ní mór dúinn a chinntiú nach ndéanfar an próiseas a aisiompú, is é sin tús áite a thabhairt do “ceannairí” nuair nach bhfuil aon ghlacadh ag an gcosmhuintir leo. Ní féidir le maoinitheoirí ná le heagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta an cheannaireacht sin a chruthú, agus ní mór a áirithiú go bhfuil naisc ar ardchaighdeán ann leis an gcosmhuintir. Dá bhrí sin, teastaíonn roghnú trédhearcach, modhanna oscailte agus cuimsitheacha agus cosaint ar a ngabháil ag stáit agus grúpaí eile, go háirithe i stáit leochaileacha. Tá tábhacht thar na bearta le páirteachas, rannpháirtíocht agus scileanna ceannaireachta agus ní mór dúinn bonneagar a thógáil a chuideoidh linn leis sin. Ní mór tosaíocht a thabhairt don tacaíocht fhadtéarmach d’eagraíochtaí don óige agus don tsochaí shibhialta de rogha ar chineálacha gearrthéarmacha cur chuige atá bunaithe ar thionscadail faoi leith. A mhéid a bhaineann le hidirghníomhú le ceannairí óga, bíonn straitéisí ag teastáil freisin chun déileáil le grúpa síorathraitheach neamhbhuan den chineál sin, grúpa daoine a fhásfaidh, a fhorbróidh agus a bheidh ag iarraidh bogadh ar aghaidh tráth éigin nó nach mbeidh an dara rogha acu ach bogadh ar aghaidh.

3.12.

Ba cheart tacaíocht fhónta a chur ar fáil d’eagraíochtaí ar leibhéal na cosmhuintire a fheidhmíonn ar an láthair ionas gur féidir leo forbairt a dhéanamh orthu féin agus a bheith ina ngníomhaithe ábhartha ina bpobail áitiúla féin. Tá súil againn go dtabharfar aghaidh ar an méid sin tríd an obair a dhéanann an Bonn Braite Óige maidir le comhpháirtíocht idirnáisiúnta i ndáil leis sin, agus tríd an ardán idirphlé le heagraíochtaí óige mar chuid den Fhóram Beartais um Fhorbairt. Ina theannta sin, má thugtar tacaíocht do cheardchumainn agus d’eagraíochtaí don óige, cuidiú a bheidh ann chun daoine óga a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun páirt dhaonlathach a ghlacadh ina n-ionad oibre. Is féidir le Comhairlí Náisiúnta don Óige feidhmiú mar a bheadh bonneagar fónta ann trínar féidir a chinneadh cé leis ar chóir oibriú sna tíortha comhpháirtíochta, chomh fada is a bheidh siad neamhspleách, agus is é an dála céanna é ag tionscnaimh ar nós an Tionscnaimh Dhomhanda um an Óige a lainseáil an eagraíocht don óige Big 6 (7).

Modhanna chun an Beart a Dhéanamh

3.13.

Is iomaí tagairt do Erasmus+ atá sa Phlean Gníomhaíochta don Óige, rud is díol sásaimh. I ndáil leis sin, seachnaítear cur chuige sa teachtaireacht lena ndéantar “an uile ní a cheapadh as an nua”. Is féidir leas a bhaint as struchtúir agus próisis an chláir inár gcaidreamh seachtrach agus ba cheart leas a bhaint astu i gcás inarb ábhartha. Ó thaobh an plean a chur i gcrích, b’fhéidir gurbh fhiú fochodanna an chláir a dhí-chomhiomlánú, mar shampla an óige, scoileanna, gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) agus oideachas tríú leibhéal. Ba cheart deireadh a chur le bacainní, mar shampla víosaí, easpa maoinithe agus bacainní teanga, agus ba cheart díriú sa seachadadh ar an bhfoghlaim fhrithpháirteach, ar fhorbairt scileanna agus ar thaithí. I gcás gur gníomhaireachtaí náisiúnta a úsáidfear, ba cheart grinnfhiosrúchán cáiréiseach a dhéanamh orthu d’fhonn a áirithiú go n-urramófar gníomhaithe cuí na sochaí sibhialta agus a neamhspleáchas siúd.

3.14.

Leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint tosaigh, éascófar infhostaitheacht daoine óga amach anseo agus a rannpháirtíocht san fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Tacaíonn beartais agus dea-chleachtais i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna le cuimsiú sóisialta daoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna agus lena lánpháirtiú i margadh an tsaothair.

3.15.

Déantar naisc úsáideacha sa Teachtaireacht idir gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus cearta an linbh, réimse inar fhorbair an tAontas straitéis le déanaí. Ba chuidiú é nascacht bhreise a chothú le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Óige a chur chun feidhme freisin, mar shampla trí úsáid a bhaint as tuarascálacha stát Choiste na Ginéive. Tá roinnt mhaith daoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois agus d’fhéadfadh na prionsabail sa Choinbhinsiún réamhráite feidhmiú mar a bheadh treoir ann, ach bíonn daoine is sine ná sin i gceist le hobair an Aontais i réimse na hóige freisin. Níor ceart féachaint ar 18 mbliana d’aois mar uathdheighilt ó thaobh aoise de i gcónaí.

3.16.

Is cur chuige Fhoireann na hEorpa is gá a chur i bhfeidhm ionas gur féidir an Plean Gníomhaíochta don Óige a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus iltaobhach. Ba cheart don Aontas, dá réir sin, dul in oiriúint do na riachtanais agus na himthosca sonracha sna réigiúin éagsúla. Tá CESE den tuairim go mbeadh sé fóinteach dá ndéanfadh na comhpháirtíochtaí a gcion féin chun bearnaí san eolas agus sna sonraí a líonadh maidir leis an óige, go háirithe na bearnaí a bhaineann leis na réimsí tosaíochta seo a leanas: forbairt scileanna digiteacha, an t-athrú aeráide agus an Comhaontú Glas. Sna míonna amach romhainn, beidh CESE ag iarraidh a fháil amach conas a dhéanfar na gníomhaíochtaí iomadúla a chur chun feidhme agus beidh sé réidh chun a chion féin a dhéanamh.

3.17.

Bheimis ag súil le ráta freagartha ní b’airde le linn phróiseas comhairliúcháin an Phlean Gníomhaíochta don Óige agus le breis ionadaíochta sna freagraí. Tugann sé sin chun suntais an gá atá leis an bhfaisnéis ábhartha go léir maidir le hábhair thábhachtacha a chur ar fáil do dhaoine óga ionas go mbeidh siad in ann cinntí eolasacha a dhéanamh agus rannchuidiú go beacht agus go fóinteach leis an bpróiseas ceaptha beartas. Is féidir úsáid a bhaint as uirlisí ar nós Lipéad Cáilíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Fhaisnéis agus Comhairle don Aos Óg i ndáil leis sin.

4.   Barúlacha sonracha faoi chodanna den Phlean Gníomhaíochta don Óige

4.1.

Is toradh iad na forálacha sa Phlean Gníomhaíochta don Óige ar neart gníomhaíochtaí atá ar siúl faoi láthair a bheith á dtiomsú, agus beidh dúshláin ollmhóra ag baint leis an gcur chun feidhme, go háirithe tar éis phaindéim COVID-19. Beidh tábhacht thar na bearta le rochtain ar oideachas agus le comhionannas idir inscní agus tá dul chun cinn déanta sa réimse sin.

Oideachas

4.2.

Teastaíonn nasc láidir le Bliain Eorpach na Scileanna chun an Plean Gníomhaíochta don Óige a chur i bhfeidhm go céimneach. Cuireann CESE chun suntais gur gá a chur san áireamh, lena n-áirítear a fhad a bhaineann le hathsciliú agus uas-sciliú daoine óga, a thábhachtaí atá riachtanais forbartha scileanna, go háirithe i réimse an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus an oiriúnaithe don athrú aeráide, sa gheilleagar ciorclach, agus i réimsí na meabhairshláinte, na sláinte fisiciúla, agus na sláinte agus na gceart gnéis agus atáirgthe (8). Tá ríthábhacht le róil an idirphlé shóisialta agus shibhialta agus ní mór iad a neartú.

4.3.

Arís, beidh páirtithe leasmhara éagsúla páirteach san oideachas agus beidh spriocanna soiléire agus tomhais shoiléire ag teastáil. Ní mór iarracht leanúnach a dhéanamh maidir leo siúd is deacra teagmháil a dhéanamh leo, go háirithe sna stáit is boichte agus is leochailí amuigh. Is díol sásaimh an tiomantas caiteachais 10 % ó Ionstraim an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta agus sa bhuiséad daonnúil agus ba dheas linn é dá ngabhfadh gníomhaireachtaí agus stáit eile orthu féin a leithéid chéanna a dhéanamh freisin. Is iad na rialtais sna spriocthíortha a chaithfidh na réitigh fhadtéarmacha maidir le hoideachas a aimsiú agus ba cheart ról tábhachtach a bheith ag na ESSanna áitiúla. Ní féidir gurb é an comhphobal idirnáisiúnta an príomhghníomhaí san fhadtéarma. Táimid ag súil le dul chun cinn a dhéanamh maidir leis sin sa Chruinniú Mullaigh maidir le Claochlú an Oideachais.

4.4.

Is díol sásaimh iad na forálacha maidir le scoláireachtaí agus iontaobhais, ach ní mór aird a thabhairt ar shaincheisteanna roghnúcháin agus a áirithiú go mbeidh ESSanna rannpháirteach iontu. Agus na deiseanna sin á gcruthú, beidh sé tábhachtach go saineofar nósanna imeachta trédhearcacha, cothroma agus cuimsitheacha chun na rannpháirtithe i gcláir acadúla a roghnú, agus go dtabharfar tús áite ó thaobh rochtana de dóibh siúd atá ar bheagán deiseanna.

4.5.

Tá sé ríthábhachtach an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcaipiteal daonna le go bhféadfar cur leis an iomaíochas agus dul i ngleic leis an dífhostaíocht, agus an fhorbairt inbhuanaithe á hurramú san am céanna. Chuige sin, beidh lucht saothair ag teastáil a mbeidh réimse scileanna idirdhisciplíneacha acu, mar aon le hacmhainn oiriúnaithe. Ní mór an beartas oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus a chur ar fáil i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus ní mór breis béime a chur ar inniúlachtaí seachas ar cháilíochtaí. Cuideoidh sé sin leis an mbearna ó thaobh mímheaitseáil scileanna de a laghdú.

Eagraíochtaí don Óige

4.6.

Leagtar amach sa teachtaireacht roinnt fóram agus comhlachtaí arb é is aidhm dóibh rannpháirtíocht daoine óga a spreagadh. Is díol sásaimh é Ardán an Fhóraim Beartais um Fhorbairt, chomh fada is a chinnteoidh sé naisc an phobail le heagraíochtaí don óige agus go bhfuil na heagraíochtaí sin neamhspleách, féineagraithe agus an t-aos óg féin ar an stiúir, más féidir sin.

4.7.

Is díol sásaimh é go luaitear eagraíochtaí don óige sa teachtaireacht agus go ndéantar tagairt inti dá rannpháirtíocht siúd. Maidir le cur i bhfeidhm céimneach an Phlean Gníomhaíochta don Óige, b’fhiú leas a bhaint as na samhlacha éagsúla de chleachtas oibre don óige atá san Aontas. D’fhéadfadh an cleachtas sin a bheith ar aon chéim ábharthachta le guthanna daoine óga, ós rud é go gcuireann sé le hacmhainneacht an aosa óig ar an leibhéal áitiúil, agus, dá thoradh sin, ceapfar ceannairí óga a mbeidh cur amach acu ar an ngnáthshaol. Gheofar fianaise shuntasach agus samhlacha suntasacha i gComhpháirtíocht Chomhairle na hEorpa/AE agus san earnáil dheonach don óige.

4.8.

D’fhéadfadh eagraíochtaí don óige a bheith ina n-acmhainn iontach chun an plean a chur i gcrích. Ba cheart Ballstáit an Aontais Eorpaigh a spreagadh trí mheán pleananna gníomhaíochta náisiúnta le páirt a thabhairt dá n-earnáil óige sa réimse sin. Ba cheart dúinne tosaíocht a thabhairt do dhea-shamhlacha agus d’obair ó eagraíochtaí óige an Aontais maidir le hobair forbartha, obair choinbhleachta agus obair maidir le cearta an duine de rogha ar shamhlacha d’fhorbairt na hóige ó na Stáit Aontaithe, mar shampla, a mbaintear leas astu go minic mar shamhlacha “réamhdhéanta” i dtíortha i mbéal forbartha agus i réigiúin eile, agus ar samhlacha iad sin nach mbeadh fréamhaithe sna luachanna céanna go minic. Bheadh an méid sin ag teacht leis an tiomantas réitigh shaincheaptha a bheith ann do réigiúin ar leith.

4.9.

Na tiomantais maidir leis an oideachas a tugadh, ba cheart iad a chur i bhfeidhm sna córais neamhfhoirmiúla agus sheachfhoirmiúla atá i réim i bpobail, in ESSanna agus in eagraíochtaí oibre don óige. Tugtar dea-threoir maidir leis an méid sin sna sainmhínithe ó Unesco agus ó Chomhairle na hEorpa, agus san obair a rinneadh i gcomhthéacs na caibidile ar an óige de chuid Erasmus+. Ní mór dúinn a aithint a thairbhí don uile dhuine atá an fhoghlaim a dhéantar lasmuigh de shuíomh na scoile, ar foghlaim ar feadh an tsaoil í agus ar foghlaim í a chuimsíonn réimsí uile an tsaoil.

4.10.

Bíonn tábhacht leis an idirphlé polaitiúil agus is spriocanna uaillmhianacha atá sa Phlean Gníomhaíochta don Óige, ach níor cheart dúinn neamhaird a thabhairt ar bheartais óige sna tíortha uile ná ar fhreagrachtaí na rialtas, ná ar an ngá atá le fíor-earnáil dheonach agus le sochaí shibhialta. Maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta don Óige, ní mór tacú freisin le forbairt bheartas i leith obair óige, le forbairt comhairlí náisiúnta óige nó comhlachtaí dá samhail, agus le cineálacha cur chuige, mar shampla Measúnú tionchair an Aontais Eorpaigh ó thaobh na hóige de agus cineálacha cur chuige eile nach é.

4.11.

Tá naisc cheana féin ag eagraíochtaí don óige ar fud na cruinne, rud is léir ón obair atá déanta ag eagraíochtaí domhanda don óige faoi scáth Big 6 agus ba cheart iad a bheith bainteach le cur i bhfeidhm céimneach an phlean, ag tógáil dóibh ar an obair atá déanta cheana agus a bheith ina samhail le haghaidh tionscnaimh eile. Ina theannta sin, ní mór a bheith cáiréiseach agus gan srianta ró-mhór a leagan síos maidir le cúrsaí rannpháirtíochta. Ní léir ar úsáideadh próisis rannpháirtíochta nuair a roghnaíodh na saincheisteanna i gcás an Chiste um Chumhachtú na hÓige. B’fhéidir nach roghnódh daoine óga i gcónaí na saincheisteanna a mheasann daoine eile a bheith tábhachtach, go háirithe sna tíortha i mbéal forbartha nó i stáit leochaileacha ina mbraithfí breis tábhachta a bheith le hábhair níos praiticiúla.

4.12.

Is díol sásaimh iad na forálacha maidir le fothú acmhainneachta d’eagraíochtaí don óige agus ba cheart tacaíocht éifeachtach a bheith ann dóibh chun tús a chur le gluaiseachtaí na cosmhuintire sna tíortha comhpháirtíochta, ar féidir le toscaireachtaí an Aontais ról ríthábhachtach a bheith acu iontu ar fud an domhain. Ba cheart comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí an Aontais a chur ar fáil, i gcás inarb iomchuí, agus beidh faireachán le déanamh ar an obair. Beidh sé tábhachtach éascaíocht a dhéanamh ar líonraí a chruthú agus a neartú le heagraíochtaí an Aontais agus eagraíochtaí neamh-AE araon.

Cur i gcrích éifeachtach

4.13.

Bíonn neart gníomhaithe, beartas agus línte cistiúcháin bainteach leis an obair sin, cuir i gcás toscaireachtaí an Aontais, Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla de chuid an Choimisiúin, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus na Ballstáit, agus raon buiséad cúnaimh. Ní mór soiléireacht agus comhar trasearnála cuí a áirithiú le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta don Óige, rud a áiritheoidh go mbeidh béim láidir ar an spriocghrúpa ar deireadh thiar agus go mbeidh buiséad leordhóthanach ar fáil ag an am céanna.

4.14.

I dtaca le coincheapa atá dírithe ar theagmhálacha a chothú, d’fhéadfaí cur le hobair atá ann cheana agus féachaint ar an nascadh agus ar thionscnaimh (Óige) eile de chuid Erasmus+. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh tionscadail Rannpháirtíochta Óige Erasmus+ (gan an ghné thrasnáisiúnta) a bheith ina ndea-shamhlacha le haghaidh tionscadail óige sna spriocthíortha.

4.15.

Is iad na daoine óga a bheidh ina gceannairí amach anseo agus is iadsan a bheidh i mbun athruithe a dhéanamh, agus is ceart caitheamh leo mar chomhpháirtithe bunriachtanacha má tá rath le bheith ar Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, ar Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus ar an aistriú digiteach. Ba cheart a áirithiú, tríd an bPlean Gníomhaíochta don Óige, go ndéanfar daoine óga a chumhachtú ar an leibhéal polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch trí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Ag gníomhú dó i bhfianaise a thiomantais an moladh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur chun feidhme lena ról institiúideach a fheabhsú agus é a chumhachtú mar éascaitheoir agus mar ráthóir gníomhaíochtaí daonlathais rannpháirtíochta, cuir i gcás idirphlé struchtúrtha le ESSanna agus le painéil saoránach, tá CESE réidh chun a chion féin a dhéanamh.

4.16.

Tá tagairtí go mion agus go minic don aistriú go dtí an aosacht sa Phlean Gníomhaíochta don Óige ar díol mór sásaimh iad, agus iad ag teacht le luachanna na hoibre óige san Aontas Eorpach. Ar na saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le hábhar anseo tá: go bhfoghlaimeodh daoine óga faoina gcearta agus a ndualgais mar shaoránaigh, sin agus an litearthacht airgeadais, teangacha iasachta, inbhuanaitheacht ár bpláinéid agus an fhiontraíocht. Ar an gcaoi chéanna, is díol sásaimh do CESE an nasc le Clár Oibre na Náisiún Aontaithe don Óige, don tSíocháin agus don tSlándáil, agus an glao ar rannpháirtíocht níos leithne leis na Náisiúin Aontaithe. Agus an Plean Gníomhaíochta don Óige á chur i gcrích, ní mór dúinn a aithint go bhfuil bearna idir daoine óga i gcoitinne agus an próiseas cinnteoireachta in an-chuid réimsí.

4.17.

Tá ríthábhacht le Rún 2250 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe don Óige, don tSíocháin agus don tSlándáil mar uirlis chun daoine óga ar fud an domhain a thabhairt chun rannpháirtíochta. Sainaithnítear ann na cúig phríomhcholún le haghaidh gníomhaíochta: rannpháirtíocht, cosaint, cosc, comhpháirtíochtaí agus díscor agus athimeascadh. Leis an rún cinniúnach sin, iarrtar ar na Páirtithe is Sínitheoirí cead cainte a thabhairt don óige, murab ionann is riamh, sa phróiseas cinnteoireachta ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta, agus féachaint an bhféadfaí sásraí a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas an aosa óig a bheith rannpháirteach go fóinteach i bpróisis síochána. Ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh siúd ar mian leo an clár oibre sin a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta. Dá ndéanfaí nascadh agus comhordú leis an gCiste um Chumhachtú na hÓige, thiocfadh a lán sineirgí as sin.

Inscne

4.18.

Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach leas a bhaint as acmhainneacht daoine óga agus tacú leis an gcomhionannas inscne ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe. Tá sé i gceist, a bhuí le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, daoine óga a chumhachtú ar an leibhéal polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch agus cuidiú leo páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta agus i gceapadh beartas ar bhealach fiúntach cuimsitheach. Measann CESE go mbaineann ríthábhacht le cumhachtú na gcailíní agus na mban óg chun an fhorbairt inbhuanaithe a áirithiú, agus is mór aige na tagairtí sa Phlean Gníomhaíochta don Óige maidir le comhionannas inscne a áirithiú agus deireadh a chur leis an idirdhealú. Tugann CESE le fios gur cheart an Plean Gníomhaíochta don Óige a chun feidhme trí bhíthin gníomhaíochtaí fiúntacha, straitéiseacha agus fadtéarmacha a rachaidh chun tairbhe d’fhir agus do mhná óga ar bhealach comhionann. Áirítear leis sin straitéisí a fhorbairt lena gcuirfear príomhshruthú inscne chun cinn i ngach réimse den ghníomhaíocht sheachtrach.

4.19.

Is den tábhacht cur le líon na ndaoine óga, go háirithe mná óga, a mbeidh inniúlachtaí STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) agus scileanna digiteacha acu, agus spéis sna réimsí STEM a mhúscailt i gcailíní go luath ina saol, tacaíocht a thabhairt d’fhiontraithe ban agus d’eiseamláirí baineanna sna hearnálacha sin agus infheistíocht a dhéanamh i gcláir chun spéis in STEM a mhúscailt i gcailíní iar-bhunscoile.

Meabhairshláinte

4.20.

Is díol sásaimh í an tagairt don mheabhairshláinte sa teachtaireacht agus tá súil againn go mbeidh an téama seo go mór in uachtar de réir mar a bheidh an Plean Gníomhaíochta don Óige á chur i gcrích. Ós rud é go mbaineann laigí le córais sláinte ar fud an domhain, ní mór cur lena bhfuil d’fheabhsuithe á ndéanamh sa réimse sin ar mhaithe le daoine óga.

Daoine faoi mhíchumas

4.21.

Ina cheann sin, measann CESE gur tábhachtach an ní tagairt den sórt céanna a dhéanamh sa teachtaireacht do dhaoine óga faoi mhíchumas agus gur cheart béim mhór a leagan orthu freisin nuair a bhíonn an Plean Gníomhaíochta don Óige á chur i gcrích. Is minic a ligtear daoine óga faoi mhíchumas i ndearmad mar ghrúpa nuair a bhíonn cumhachtú agus rannpháirtíocht dhaonlathach an aosa óig á gcur chun cinn. Is é is lú is gann dóibh baint a bheith acu le cur chun feidhme an Phlean.

Deiseanna eacnamaíocha

4.22.

Ach iad a bheith oiriúnach, beidh ríthábhacht le scileanna maidir leis na deiseanna eacnamaíocha a bheidh ann do dhaoine óga amach anseo a thapú. Is gá tacaíocht a thabhairt amach anseo d’fhiontraithe agus do ghnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear i bhfoirm airgeadais agus creidmheasa, ós rud é go mbeidh go leor deiseanna ann, go háirithe sa réimse digiteach, go mór mór sa chuid sin den domhan atá i mbéal forbartha.

4.23.

A fhad a bhaineann le deiseanna eacnamaíocha, is dea-shampla í samhail Ráthaíocht an Aontais don Aos Óg, ach í a choigeartú go hiomchuí chun deiseanna a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna. Beidh gá le hoideachas maidir le cearta saothair agus sóisialta chun an clár oibre maidir le hobair chuibhiúil a fhíorú.

4.24.

Beidh saincheisteanna, ina measc cúrsaí trádála, le scrúdú mar chuid den Phlean Gníomhaíochta don Óige, sna caibidlí faoin inbhuanaitheacht i gcomhaontuithe saorthrádála, mar shampla, agus ba cheart rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, cuir i gcás eagraíochtaí don óige, a mholadh. Tá daoine óga fós orthu siúd is leochailí i leith saothar leanaí agus cineálacha eile drochíde. Má táthar chun cur ina éadan, ba cheart an comhrac i gcoinne saothar leanaí a áireamh ina chuid thábhachtach den Phlean Gníomhaíochta don Óige ionas gur féidir stop a chur faoi dheireadh is faoi dheoidh leis san 21ú haois. Chuige sin, ní mór acmhainní airgeadais a chruthú ionas nach mbeidh oibrithe leanaí ag brath a thuilleadh ar a n-ioncam. Ar an taobh eile, ní mór srian a chur le cumas gníomhaíochta cuideachtaí a théann i muinín saothar leanaí mar chuid dá slabhra táirgeachta domhanda.

4.25.

Chomh minic lena athrach, is daoine óga is túisce a thugann turais chontúirteacha orthu féin agus iad ag dul ar imirce go dtí an Eoraip nó go háiteanna eile. Chun a chinntiú nach bhfágfar de rogha ag daoine óga ach turais chontúirteacha, ar turais neamhdhleathacha go minic iad, a dhéanamh thar theorainneacha idirnáisiúnta, ba cheart a áireamh ina chuid den Phlean Gníomhaíochta don Óige comhar gníomhach le tríú tíortha chun conairí daonnúla a chruthú agus cláir athlonnaithe a bhunú do dhaoine óga a ligfidh dóibh dul chun na hEorpa go sábháilte agus go dleathach.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Kalantaryan, S., McMahon, S. agus Ueffing, P., Youth in external action, JRC130554, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022.

(2)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 142 (níl leagan Gaeilge ann).

(3)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 44.

(4)  IO C 443, 22.11.2022, lch. 44..

(5)  IO C 486, 21.12.2022, lch. 46.

(6)  Tuarascáil faisnéise ó CESE maidir le Cur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear an Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann.

(7)  https://globalyouthmobilization.org/.

(8)  IO C 100, 16.3.2023, lch. 38.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/13


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Ról na ndaoine óga san aistriú glas”

(Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Sualainne)

(2023/C 184/03)

Rapóirtéir:

Nicoletta MERLO

Iarraidh ó Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Litir, 14.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

8.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

152/00/01

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Creideann CESE gur féidir le daoine óga agus nach mór do dhaoine óga ról ríthábhachtach a bheith acu i gcomhthéacs an aistrithe ghlais. Measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh samhail nua rialachais ann atá níos cuimsithí agus atá in ann rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga i bpróisis chinnteoireachta a áirithiú, agus na bacainní atá fós ann á sárú san am céanna.

1.2.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh ról ceannasach ag eagraíochtaí don óige sa phróiseas cinnteoireachta agus i bhforbairt agus scaipeadh tionscadal a bhaineann leis an inbhuanaitheacht agus leis an gcomhshaol, tríd an tacaíocht airgeadais is gá a ráthú dóibh i measc nithe eile.

1.3.

Measann CESE gur den ríthábhacht go ndéanfar faireachán leanúnach ar na héifeachtaí atá ag infheistíochtaí poiblí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an aistriú glas, ar dhaoine óga agus ar na tionchair a bheidh acu orthu amach anseo trí mheasúnú tionchair eacnamaíoch, polaitiúil agus sóisialta a dhéanamh ar na beartais atá le cur chun feidhme, agus táscairí á n-úsáid roimh a bhformheas, lena linn agus tar éis a bhformheasta.

1.4.

Molann CESE d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit bearta agus sásraí a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear dearcadh na hóige san áireamh i ngach réimse beartais agus an deis a chur ar fáil rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga a ráthú trí Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a ghlacadh ina iomláine.

1.5.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach na tionscnaimh agus na beartais a ghlacfar i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na Scileanna a nascadh le téama an aistrithe ghlais, leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus leis na dúshláin atá roimh dhaoine óga i saol atá ag athrú go tapa.

1.6.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an t-oideachas agus forbairt na scileanna a bhfuil daoine óga ag súil leo maidir leis an tsaincheist sin a chur san áireamh. Déanfar amhlaidh trí úsáid a bhaint as cur chuige trasearnála lena bhféadfar scileanna teoiriciúla agus praiticiúla a chur ar fáil, lena n-áirítear tríd an aistriú ón scoil go dtí an obair agus printíseachtaí gairmiúla a chur chun feidhme agus a fheabhsú, agus trí pháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta freisin. Ina theannta, an oiliúint ar na hábhair sin a chuirfí ar fáil, ba cheart di a bheith struchtúrach trí dhearadh agus forbairt na hoiliúna sin a bhunú ar na críocha agus na riachtanais atá acu, agus an méid sin laistigh de chreat níos leithne ar an leibhéal náisiúnta.

1.7.

Measann CESE nach mór na saincheisteanna maidir le hinbhuanaitheacht agus cosaint an chomhshaoil a theagasc ó aois óg, trí uirlisí nuálacha oideachais a ghlacadh lena gcuirfear san áireamh cosaint an chomhshaoil, forbairt shóisialta agus eacnamaíoch, agus gnóthú na gcuspóirí gaolmhara. Tá oideachas ar ardchaighdeán do chách agus obair chuibhiúil dóibh siúd a chuireann ar fáil é ríthábhachtach chun é sin a áirithiú.

1.8.

Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé do scoileanna dul i ngleic leis na saincheisteanna a bhaineann leis an aistriú glas i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus trí bhíthin gníomhaíochtaí lasmuigh den scoil, go háirithe i gcomhar le heagraíochtaí don óige agus leis an tsochaí shibhialta eagraithe. Ar an gcaoi sin, cruthófar feasacht agus rannpháirtíocht i measc na ngnáthshaoránach. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE an dea-thaithí a cuireadh ar fáil le Tionscadal Erasmus Glas agus tá sé ag súil lena chur chun feidhme.

1.9.

Chun scileanna a thabhairt d’oibrithe, idir óg agus aosta, a chuirfidh ar a gcumas an nuálaíocht a thagann as an aistriú glas a rialú, creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach infheistíocht a dhéanamh san fhoghlaim obairbhunaithe. Mar chuid de sin, bheadh sé tábhachtach oiliúint sa láthair oibre agus intéirneachtaí agus printíseachtaí ardcháilíochta a chur chun cinn lena bhféadfaí idirphlé dearfach a chruthú i dtaca le riachtanais an mhargaidh agus scileanna aonair daoine óga. Is féidir ról lárnach a bheith ag an idirphlé sóisialta agus ag an gcómhargáil ina leith sin.

1.10.

Tá CESE den bharúil go bhfuil sé riachtanach beartais oiliúna iomlánaíocha a bheith ann atá comhtháite le beartais thionsclaíocha, a bheidh comhordaithe le straitéisí forbartha eile, agus a bheidh pleanáilte go mion ar an leibhéal críochach agus áitiúil. Ba cheart sin a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chun a áirithiú gur aistriú cóir a bheidh san aistriú glas agus nach bhfágfar aon duine ar lár.

1.11.

Chun rannpháirtíocht leordhóthanach na mban in earnálacha a bhaineann leis an aistriú glas a áirithiú, creideann CESE nach mór an comhionannas inscne a bheith ina dhlúthchuid den aistriú glas. Ba cheart do na Ballstáit níos mó acmhainní a infheistiú chun treoir ghairme a chur ar fáil do dhaoine óga ar scoil agus chun tacú leo san obair trí sheirbhísí éifeachtúla poiblí fostaíochta atá nasctha go leormhaith le creatlach táirgthe na críche.

1.12.

Is féidir le fiontraithe óga ról tábhachtach a bheith acu i bhforbairt na nuálaíochta, lena n-áirítear i réimse an aistrithe ghlais. Creideann CESE gur gá na daoine óga sin a spreagadh trí oiliúint agus tacaíocht shonrach a chur ar fáil do thionscadail nuálacha, agus trí thacaíocht leordhóthanach airgeadais a áirithiú.

1.13.

Chun a áirithiú gur aistriú cóir a bheidh san aistriú glas freisin agus go seachnófar dúnadh cuideachtaí a mbeidh caillteanas post mar thoradh orthu, measann CESE gur tosaíocht é go ndéanfaidh na Ballstáit acmhainní suntasacha a infheistiú, na hacmhainní atá sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ar dtús, chun tacú le gnólachtaí ar gá dóibh a ngníomhaíochtaí a athrú, chun oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht a athfhostú, agus chun tacú le fiontraithe, go háirithe fiontraithe óga, a bhfuil sé beartaithe acu infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí glasa.

2.   Cúlra na tuairime

2.1.

D’iarr Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an tústuairim sin chun imscrúdú a dhéanamh ar ról na ndaoine óga san aistriú glas.

2.2.

Is éard atá i gceist leis an “aistriú glas” ná aistriú gheilleagar agus shochaí an Aontais i dtreo spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach trí bheartais agus infheistíochtaí den chuid is mó. Is i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, lena leagtar síos an oibleagáid an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, an Comhaontú Glas don Eoraip agus Comhaontú Pháras a dhéanfar sin chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach do chách.

2.3.

I bhfianaise na ndúshlán mór sin, is den ríthábhacht a thabhairt faoi deara gurb í an ghlúin óg an ghlúin is íogaire agus is feasaí i dtaobh an ghá atá le gníomhú chun inbhuanaitheacht chomhshaoil a bhaint amach. Go deimhin, má tá ábhair ar leith sa lá atá inniu ann lena mbeifear in ann nasc dearfach a chruthú idir íogaireacht agus luachanna an aosa óig agus ceisteanna oscailte ár linne, mar atá an comhshaol, cur chun cinn na sláinte, agus cosaint bhithéagsúlacht an phláinéid. Baineann ardacmhainneacht nuálaíochta leis na hábhair sin a mhéid a bhaineann le samhlacha táirgthe agus tomhaltais.

2.4.

Le blianta beaga anuas, bhí an gníomhú ar son na haeráide mar spreagadh do líon mór daoine óga ar fud na hEorpa agus tá méadú tagtha ar líon na ngluaiseachtaí comhshaoil agus sóisialta ar an leibhéal críochach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Mar chuid de sin, téann daoine óga i mbun agóide agus bearta nithiúla ó rialtais agus ó lucht ceaptha beartas á n-éileamh acu chun an comhshaol a chosaint agus an aeráidneodracht a bhaint amach.

2.5.

Fógraíodh 2022 mar Bhliain Eorpach na hÓige ní hamháin chun an ghlúin óg, na daoine is mó atá thíos leis an bpaindéim, a cheiliúradh agus chun tacú leo trí dhóchas, neart agus creideamh nua a spreagadh iontu don todhchaí, ach chun aird a tharraingt, freisin, ar an gcaoi a gcuireann an t-aistriú glas agus digiteach ionchais agus deiseanna nua ar fáil.

3.   Rannpháirtíocht na hóige san aistriú glas

3.1.

Chun aistriú glas cóir a bhaint amach, ní mór Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a ghabhann leis a chur chun feidhme tríd an gComhaontú Glas don Eoraip, lena n-áirítear trí shamhail nua rialachais a chur chun feidhme atá níos cuimsithí agus lena féidir páirt ghníomhach a thabhairt do dhaoine óga sna próisis chinnteoireachta.

3.2.

Na cinntí sin a dhéanfaidh ceannairí polaitiúla san am i láthair maidir leis an athrú aeráide agus saincheisteanna comhshaoil eile, beidh tionchar acusan ar ghlúin óg an lae inniu agus ar na glúnta a bheidh ann amach anseo go háirithe. Tá sé de cheart ag daoine óga cead cainte a bheith acu maidir leis na saincheisteanna sin a mbíonn tionchar acu orthu, mar atá luaite i gClár Oibre 2030 ina dtugtar aitheantas do dhaoine óga mar ghníomhaithe tábhachtacha don athrú laistigh dá SDGanna.

3.3.

Cé go n-aithnítear níos mó ná riamh ról na ndaoine óga maidir le domhan níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos glaise a chothú, agus in ainneoin forógra bliana a bheith tiomnaithe dóibh, is léir go mbíonn sé deacair fós ar dhaoine óga, i ndáiríre, a bheith rannpháirteach go gníomhach i gcomhlachtaí cinnteoireachta.

3.4.

Le blianta beaga anuas, in ainneoin ardleibhéal gníomhaíochais i measc an aosa óig maidir le saincheist an athraithe aeráide, feictear chomh maith go bhfuil méadú tagtha ar an míshástacht agus ar an gcailliúint muiníne i measc daoine óga i ndáil le hinstitiúidí polaitiúla. Fágann sin go dtagann laghdú ar rannpháirtíocht ghníomhach na ndaoine sin i bpáirtithe polaitiúla agus go dtagann méadú ar líon na ndaoine a staonann ó pháirt a ghlacadh i dtoghcháin pholaitiúla, mar vótálaithe agus mar iarrthóirí araon. Is bagairt é sin ar an gcóras daonlathach agus is bac é ar bheartais réamhbhreathnaitheacha a fhorbairt, go háirithe iad siúd a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe aeráide, agus atá in ann freagairt d’íogaireachtaí agus do riachtanais éagsúla. I ndáil leis an méid sin, creideann CESE gur cheart rannpháirtíocht na hóige sa pholaitíocht agus i bpróisis chinnteoireachta eile a chur chun cinn mar thosaíocht agus gur cheart féachaint ar na roghanna uile chun go mbeidh an rannpháirtíocht sin indéanta agus éifeachtach ar gach leibhéal.

3.5.

Mar thúsphointe, bheadh sé tábhachtach bacainní sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha ar rannpháirtíocht iomlán an aosa óig a shainaithint agus a shárú, bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann freisin mar gheall ar easpa feasachta nó deacrachtaí rochtana ar fhaisnéis maidir le rannpháirtíocht na hóige agus sásraí ionadaíochta. Gné eile ar cheart béim a leagan uirthi is ea na bealaí nua neamhfhoirmiúla atá ag daoine óga le bheith rannpháirteach agus le hidirphlé a dhéanamh sa lá atá inniu ann. Is minic a bhíonn an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta in úsáid acu, agus ba cheart aird chuí a thabhairt air sin ós rud é go bhféadfadh na nithe sin cabhrú le glúnta iomlána a spreagadh chun gnímh.

3.6.

An inbhuanaitheacht is bonn le dearcadh an aosa óig ar an domhan agus lena bpróisis chinnteoireachta, agus is dearcadh thar a bheith réadúil atá acu freisin. Dá bhrí sin, is féidir le heagraíochtaí don óige, a chuireann leasanna agus íogaireachtaí na milliún daoine óga san Eoraip chun cinn, ról tábhachtach a imirt chun a áirithiú go mbeidh guth ag an nglúin óg in institiúidí agus sa tsochaí shibhialta, agus ní hamháin sin, ach go mbeidh deis acu freisin rannchuidiú go fóinteach agus go cáilithe leis an bpróiseas cinnteoireachta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach (1).

3.7.

Ar na cúiseanna sin, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé deiseanna a chruthú do na heagraíochtaí uile is ionadaíche don óige, ag tosú leo siúd a dhéanann ionadaíocht ar na daoine óga is leochailí agus iad siúd atá ina gcónaí sna ceantair is forimeallaí agus is mó atá faoin tuath, chun páirt a ghlacadh i gceapadh beartas agus i bhforbairt smaointe maidir le saincheisteanna inbhuanaitheachta.

3.8.

Is féidir le heagraíochtaí don óige a lán feidhmeanna a chomhlíonadh agus ról ríthábhachtach a bheith acu maidir le tionscadail a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht a scaipeadh agus a chur chun feidhme. Ar an gcúis sin, iarrann CESE ar institiúidí an Aontais tacaíocht airgeadais struchtúrach a chur ar fáil do na comhlachais sin trí acmhainní leordhóthanacha agus sonracha, ionas go mbeidh na dálaí cearta ag eagraíochtaí don óige chun rannpháirtíocht daoine óga san aistriú glas a áirithiú agus a fhorbairt.

3.9.

Ní leor an rannpháirtíocht inti féin, áfach. Ní mór a chur san áireamh i ngach beartas poiblí an tionchar a bheidh acu ar dhaoine óga agus na hionchais a bheidh acu, agus ar na glúnta atá fós le teacht freisin. Dá bhrí sin, ní mór meastóireacht ex ante, in itinere agus ex post a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí ar fad, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an aistriú glas, chun a fháil amach go cinnte, trí tháscairí a úsáid, cad iad na tionchair eacnamaíocha, pholaitiúla agus shóisialta a bheidh ag na hinfheistíochtaí sin ar na glúnta óga.

3.10.

Molann CESE d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit bearta agus sásraí a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear dearcadh na hóige san áireamh i ngach réimse beartais, agus molann sé an deis a chur ar fáil do dhaoine óga rannchuidiú go comhleanúnach agus ar bhonn a n-inniúlachta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu trí Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a ghlacadh ina iomláine (2).

3.11.

Is é an rud atá ag teastáil, ar mhaithe leis an bpláinéad agus le hardfhorbairt ár mBallstát araon, cumhachtú daoine óga sna cheithre réimse seo a leanas: rannpháirtíocht i bpróisis an athraithe; an fhéidearthacht ról gníomhach a imirt trí fhreagracht a fheidhmiú nuair a bhíonn roghanna aonair agus roghanna comhchoiteanna le déanamh; tuilleadh eolais a fháil faoi na claochluithe atá ag tarlú agus faoi iarmhairtí dosheachanta an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh; agus scileanna a fhorbairt chun gur féidir idirghabháil a dhéanamh ar bhealach cáilithe.

4.   An t-aistriú glas san oideachas agus i margadh an tsaothair

4.1.

Fógraíodh 2023 mar Bhliain Eorpach na Scileanna. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach na tionscnaimh agus na beartais a ghlacfar i ndáil leis sin a nascadh le téama an aistrithe ghlais, leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus leis na dúshláin atá roimh dhaoine óga i saol atá ag athrú go tapa.

4.2.

I gcomhthéacs na héigeandála aeráide agus comhshaoil, ba cheart tús áite a thabhairt sna scoileanna don oideachas ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht. Tá ról lárnach ag oideoirí maidir lena chinntiú go bhfuil daltaí eolach ar chúrsaí aeráide agus go bhfuil an t-eolas agus na scileanna cuí acu chun páirt a ghlacadh sa gheilleagar glas. Is iomaí cur chuige is féidir le múinteoirí agus scoileanna a ghlacadh chun na saincheisteanna seo a fhiosrú le daltaí, ach chuige sin, tá oideachas ardchaighdeáin do chách ag teastáil mar aon le hobair chuibhiúil dóibh siúd a chuireann ar fáil é. Measann CESE go bhfuil sé riachtanach cistiú leordhóthanach a áirithiú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail agus do thionscnaimh chun teagasc agus foghlaim a chothú agus a chur chun feidhme i réimsí an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta.

4.3.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil an t-aistriú glas agus na straitéisí forbartha inbhuanaithe trasearnálach amach is amach. Ní mór, dá bhrí sin, an t-oideachas agus forbairt na scileanna a bhfuil daoine óga ag súil leo maidir leis an tsaincheist sin a chur san áireamh. Déanfar amhlaidh trí úsáid a bhaint as cur chuige trasearnála lena bhféadfar scileanna teoiriciúla agus praiticiúla a chur ar fáil, lena n-áirítear tríd an aistriú ón scoil go dtí an obair agus printíseachtaí gairmiúla a chur chun feidhme agus a fheabhsú. Ina theannta, an oiliúint ar na hábhair sin a chuirfí ar fáil, ba cheart di a bheith struchtúrach trí dhearadh agus forbairt na hoiliúna sin a bhunú ar na críocha agus na riachtanais atá acu, agus an méid sin laistigh de chreat níos leithne ar an leibhéal náisiúnta d’fhonn foghlaim ar feadh an tsaoil a bhaint amach.

4.4.

Ba cheart páistí a mhúineadh faoi shaincheisteanna inbhuanaitheachta agus cosanta comhshaoil ag aois óg; ag tosú sa réamhscoil agus ag leanúint ar aghaidh le cláir thiomnaithe le linn na scolaíochta. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí oiliúint ar leith ar mhúinteoirí agus go ndéanfaí deimhin de go mbeadh deiseanna acu a gcuid scileanna a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach.

4.5.

Trí chonairí an aistrithe ghlais agus chultúrtha a thabhairt isteach laistigh de na próisis oideachais, tugtar le tuiscint go ndéanfar athdhearbhú ar ról oideachasúil na scoileanna, a bhfuil sé de chúram orthu tacú le conairí sibhialta a chruthú lena bhféadfar mic léinn a theagasc chun maireachtáil sa domhan ar bhealach nua agus inbhuanaithe. Dá bhrí sin, is gníomhaithe mórthábhachtacha iad na daltaí a bhíonn ag tiomáint athraithe chun cinn a threoraíonn iad i dtreo samhail nua den tsochaí, samhail ina gcuirtear an timpeallacht i gcroílár na sochaí. Tugtar deis dóibh, mar sin, stíleanna maireachtála nua atá i dtiúin leis an dúlra a thriail agus a scaipeadh.

4.6.

Sa chomhthéacs reatha, atá de shíor ag athrú go tapa, ní mór timpeallachtaí oideachais nuálacha a chur ar fáil trí aibítir éiceolaíoch nua a chruthú atá i gcomhréir le spriocanna Chlár Oibre 2030 agus atá dírithe ar na modhanna chun an geilleagar ciorclach a chur chun feidhme agus ar na huirlisí a chuirtear ar fáil leis an smaointeoireacht saolré (3). Cuirtear san áireamh leis sin cosaint an chomhshaoil, forbairt shóisialta agus eacnamaíoch, agus gnóthú cuspóirí gaolmhara.

4.7.

Tá béim á leagan ag CESE air go bhfuil eolas de dhíth ar chách chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, go háirithe maidir le gach gné den tomhaltas agus den táirgeadh inbhuanaithe, roghanna freagracha bia agus laghdú ar chur amú bia, agus úsáid fuinnimh inbhuanaithe. Ba cheart tacú le hoideachas daoine óga tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil do thuismitheoirí agus trí oideachas a thabhairt do na saoránaigh (4).

4.8.

Dá bhrí sin, beidh rath an aistrithe éiceolaíoch ag brath ar chumas scoileanna oibriú i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus le gníomhaíochtaí lasmuigh den scoil, go háirithe le heagraíochtaí don óige agus leis an tsochaí shibhialta eagraithe, rud a spreagfaidh feasacht agus rannpháirtíocht, lena n-áirítear i measc na ngnáthshaoránach. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE an dea-thaithí a cuireadh ar fáil le Tionscadal Erasmus Glas agus tá sé ag súil lena chur chun feidhme.

4.9.

Murab ionann is riamh, tá feasacht, eolas agus ceannaireacht dhearfach maidir le saincheisteanna cosanta comhshaoil in uachtar i measc na glúine níos óige, i.e. Glúin Z nó “Gen Z” (iad siúd atá faoi bhun 25 bliana d’aois) agus iad siúd a bhfuil níos mó oideachais orthu agus uirlisí cultúrtha níos láidre acu. Fágann sé sin go dtiocfaidh méadú agus comhdhlúthú ar fheasacht agus ar fhaisnéis cháilithe luath nó mall, ach gur féidir na freagraí dearfacha a theastaíonn a neartú, freisin, trí oideachas daoine óga a fheabhsú agus trína gcaipiteal daonna a neartú sna réimsí sóisialta agus eacnamaíocha. Os a choinne sin, ní hamháin go gcuireann cáilíochtaí ísle oideachais agus an deacracht a bhaineann le dul isteach i saol na hoibre moill ar rannchuidiú siúd le fás reatha na tíre, ach laghdaíonn siad freisin ról na ndaoine óga mar rannpháirtithe gníomhacha i bpróisis nua fáis atá i dtiúin go mór le dúshláin an lae inniu.

4.10.

Ní haistriú go scileanna. Tá sé ríthábhachtach scileanna a thabhairt d’oibrithe, idir óg agus aosta, a chuirfidh ar a gcumas an nuálaíocht a eascraíonn as an aistriú glas a rialú, ar aistriú é a bhfuil tionchar suntasach aige, agus a mbeidh tionchar suntasach aige amach anseo, ar shaol na hoibre. Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach infheistíocht a dhéanamh san fhoghlaim obairbhunaithe. Is sócmhainn chinntitheach í an fhoghlaim obairbhunaithe, i.e. an tacar cleachtas oiliúna agus foghlama a tharlaíonn i gcomhthéacsanna oibre, go háirithe i bhfoirm printíseachtaí, le haghaidh sealbhú nó athshealbhú scileanna, idir scileanna teicniúla agus scileanna trasearnála. Tá trí rud a chabhraíonn ar a mbealaí éagsúla féin le hidirphlé dearfach a chruthú i dtaca le riachtanais an mhargaidh agus scileanna aonair an aosa óig, is iad sin oiliúint sa láthair oibre, intéirneachtaí agus printíseachtaí. Tá ról ríthábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta chun é sin a bhaint amach tríd an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil.

4.11.

Is aistriú cóir a chaithfidh a bheith san aistriú glas lena n-áiritheofar athsciliú agus uas-sciliú oibrithe agus poist ardcháilíochta do chách chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár. Sin an fáth a measann CESE go bhfuil sé riachtanach go mbeadh beartais oiliúna iomlánaíoch, go ndéanfaí iad a chomhtháthú le beartais thionsclaíocha, go ndéanfaí iad a chomhordú le straitéisí forbartha eile, agus go ndéanfaí iad a phleanáil go mion ar an leibhéal críochach agus áitiúil, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta.

4.12.

Tá fianaise ann faoi láthair go bhfuil easpa cur chuige iomlánaíoch den sórt sin ann, agus nach bhfuil scileanna glasa á scaipeadh mar is ceart agus, mar thoradh air sin, tá ganntanas post glas, go háirithe i measc na ndaoine sin a bhfuil leibhéal oideachais agus scileanna níos ísle acu. Is baolach go dtiocfaidh polarú nua chun cinn dá bharr sin: idir na daoine sin a bhfuil scileanna glasa acu, agus deiseanna iontacha fostaíochta mar gheall air sin agus an t-aistriú glas, agus iad siúd a eisiatar i gcónaí ó na próisis oiliúna sin, a bhfuil scileanna teoranta acu, agus ar minic iad i mbun cúraimí oibríochtúla atá i mbaol dul ar ceal de bharr éifeacht chomhcheangailte an aistrithe ghlais agus an uathoibrithe thionsclaíoch.

4.13.

Ní mór an comhionannas inscne a bheith ina dhlúthchuid de straitéisí an gheilleagair ghlais freisin. Tá mná óga faoi ghannionadaíocht i réimsí teicneolaíochta agus eolaíochta, toisc nach dócha go roghnóidh siad oideachas speisialaithe sna hearnálacha sin mar gheall ar steiréitíopaí inscne lena dtugtar le tuiscint gur poist d’fhir amháin iad poist áirithe. Má táthar chun rannpháirtíocht leordhóthanach na mban a áirithiú in earnálacha a bhfuil forbairt mhór á déanamh orthu agus a ndéanfar forbairt mhór orthu go luath mar gheall ar an aistriú glas, ní mór aghaidh a thabhairt ar na steiréitíopaí sin agus tá ról ríthábhachtach ag an treoir ghairme i scoileanna i ndáil leis sin. Creideann CESE gur cheart do na Ballstáit níos mó acmhainní a infheistiú chun treoir ghairme a chur ar fáil do dhaoine óga ar scoil agus chun tacú leo san obair trí sheirbhísí éifeachtúla poiblí fostaíochta atá nasctha go leormhaith le creatlach táirgthe na críche.

4.14.

Is gné ríthábhachtach í forbairt na nuálaíochta lena n-áiritheofar an t-aistriú glas. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach daoine óga a bhfuil dearcadh fiontraíochta acu i leith an phróisis nuálaíochta a spreagadh trí oiliúint agus tacaíocht shonrach a chur ar fáil do thionscadail nuálacha agus trí thacaíocht airgeadais leordhóthanach a áirithiú dóibh chun go mbainfear amach na cuspóirí sin.

4.15.

D’fhéadfaí aon mhilliún post nua a chruthú san Aontas Eorpach faoi 2030 a bhuí leis an aistriú glas, ach d’fhéadfadh idir 500 000 agus 2 mhilliún duine a bheith dífhostaithe freisin dá dheasca, de réir measúnú tionchair (5) a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Measann CESE gur tosaíocht é go ndéanfaidh na Ballstáit acmhainní suntasacha a infheistiú, na hacmhainní atá sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ar dtús, chun tacú le gnólachtaí ar gá dóibh a ngníomhaíochtaí a athrú, chun oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht a athfhostú, agus chun tacú le fiontraithe, go háirithe fiontraithe óga, a bhfuil sé beartaithe acu infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí glasa.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó CESE I dtreo rannpháirtíocht struchtúrtha na hóige maidir leis an aeráid agus leis an inbhuanaitheacht i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 429, 11.12.2020, lch. 44).

(2)  Tuairim ó CESE Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de (IO C 486, 21.12.2022, lch. 46).

(3)  https://www.lifecycleinitiative.org/starting-life-cycle-thinking/what-is-life-cycle-thinking/.

(4)  Tuairim ó CESE An óige a chumhachtú chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach tríd an oideachas (IO C 100, 16.3.2023, lch. 38).

(5)  https://www.eea.europa.eu/policy-documents/swd-2020-176-final-part.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/18


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Struchtúir adhmaid ar mhaithe le CO2 a laghdú in earnáil na tógála”

(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Sualainne)

(2023/C 184/04)

Rapóirtéir:

Rudolf KOLBE

Comhrapóirtéir:

Sam HÄGGLUND

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Sualainne, 14.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

14.12.2022

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

7.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

153/2/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) den tuairim go bhfuil tábhacht le hábhair thógála bhithbhunaithe maidir leis an aistriú glas a chur chun cinn. Chun cur leis an sciar den adhmad a úsáidtear san fhoirgníocht ar mhaithe le hastaíochtaí carbóin a laghdú, is gá bainistiú gníomhach agus inbhuanaithe na bhforaoisí san Aontas a chur chun cinn agus laincisí polaitiúla a sheachaint.

1.2.

Ós rud é gur féidir leis an earnáil phoiblí dea-shampla a thabhairt, iarrann CESE ar na Ballstáit cur leis an méid adhmaid a úsáidtear i bhfoirgnimh phoiblí, méid atá faoi bhun an mheáin fhoriomláin faoi láthair.

1.3.

Measann CESE freisin go bhfuil sé tábhachtach leas iomlán a bhaint as an adhmad san fhoirgníocht trí bhearta tacaíochta so-rochtana a chur ar fáil le haghaidh FBManna le go bhféadfaidh siad taighde, forbairt agus nuálaíocht a dhéanamh ar ábhair thógála mhalartacha.

1.4.

Molann CESE gur cheart bacainní ar úsáid an adhmaid san fhoirgníocht, bacainní ar ceanglais fhoirmiúla, dhlíthiúla agus theicniúla is bunús leo, a scrúdú maidir leis an ngá atá leo chun cáilíocht an dearaidh a áirithiú. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór a bheith in ann leas a bhaint as “réitigh mhalartacha choibhéiseacha”, sa bhreis ar chaighdeáin a chomhlíonadh, le go mbeidh an nuálaíocht úrscothach.

1.5.

Toisc go bhfágann an éagsúlacht rialachán tógála atá ann go mbíonn bac ar ábhair thógála in-athnuaite a úsáid, molann CESE bearta comhchuibhithe a thabhairt isteach; tá CESE den tuairim freisin gur spreagadh tábhachtach ina leith sin an Bauhaus Eorpach Nua.

1.6.

Molann CESE úsáid chomhsheasmhach a bhaint as an gcuntasaíocht ghlas le gur féidir measúnú inbhuanaitheachta cáilithe a dhéanamh ar shaolré iomlán na bhfoirgneamh agus comparáid a dhéanamh idir an tionchar ar an gcomhshaol sna cásanna éagsúla.

1.7.

Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá íoschaighdeáin maidir le hastaíochtaí carbóin ó fhoirgnimh le linn shaolré iomlán an fhoirgnimh agus maidir leis an gceanglas comhfhreagrach carbón a thuairisciú san earnáil tógála ina hiomláine.

1.8.

Tá CESE den tuairim gurb í an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh an uirlis bheartais is tábhachtaí atá ann d’fhonn ceanglais a leagan síos maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú le linn shaolré iomlán an fhoirgnimh. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach scéim deimhnithe carbóin a fhorbairt ina gcuirfear san áireamh an ról atá ag táirgí adhmaid maidir le hastaíochtaí carbóin a fhritháireamh.

1.9.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach fios gnó a aistriú, mar atá beartaithe a dhéanamh in Acadamh an Bauhaus Eorpaigh Nua, mar aon le hoiliúint iomchuí agus breisoideachas a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta. Is gá oiliúint agus uas-sciliú i modhanna agus faoi ábhair inbhuanaithe thógála a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil baint acu le próiseas na tógála: pleanálaithe, ailtirí, innealtóirí, teicneoirí, speisialtóirí TF agus oibrithe tógála.

1.10.

Tá CESE den tuairim gur réamhriachtanas maidir leis na spriocanna aeráide a bhaint amach agus an t-adhmad sa tógáil a chur chun cinn iad nósanna imeachta atá bunaithe ar cháilíocht a chur i bhfeidhm sa soláthar poiblí, lena n-áirítear critéir inbhuanaitheachta agus saolré, chomh maith le roghnú na nósanna imeachta soláthair iomchuí lena gceadaítear réitigh nuálacha. Tá CESE á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh oibleagáid dhlíthiúil níos láidre ann maidir leis an iomaíocht ardcháilíochta agus an soláthar poiblí atá neamhdhíobhálach don aeráid agus go ndéanfaí bearta chun an oiliúint chuí a chur ar na húdaráis chonarthacha.

1.11.

Iarrann CESE ar na Ballstáit páirt a ghlacadh sa tionscnamh Wood POP atá ag rialtais na hOstaire agus na Fionlainne, arb é is aidhm dó gníomhaithe poiblí agus príobháideacha in earnáil an adhmaid a shlógadh ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus tacú le hinfheistíochtaí a athdhíriú ar réitigh bhithbhunaithe inbhuanaithe agus ar shlabhraí luacha adhmadbhunaithe.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tá stair nuála a théann siar na céadta bliain ag traidisiún na bhfoirgneamh adhmaid. Tá úsáid ábhar inbhuanaithe, i measc rudaí eile, san áireamh sna smaointe ar an Bauhaus Eorpach Nua (1).

2.2.

Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi go bhfuil an t-aistriú glas ag brath go mór ar ábhair (thógála) nuálacha, bhithbhunaithe, inbhuanaithe a tháirgtear trí mhodhanna ísealcharbóin a bheith ann. Tugadh le fios sa tuarascáil maidir le foirgnimh a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) (2) gur foirgnimh is cúis faoi láthair le 33 % (2021) de na hastaíochtaí CO2 ar domhan. Is oibriú díreach agus indíreach foirgneamh den chuid is mó is cúis le formhór na n-astaíochtaí sin, ach is iad an tógáil féin agus táirgeadh ábhar tógála is cúis le 6,4 % (2021) díobh. Ní áirítear iompar, scartáil ná oibreacha bonneagair san fhigiúr sin. Déantar astaíochtaí ón iompar a chur síos d’earnáil an iompair. Is féidir glacadh leis go bhfuil na hastaíochtaí iarbhír ón tógáil níos airde ná an figiúr thuas. Dar leis an gCoimisiún, is foirgnimh is cúis le thart ar 40 % den tomhaltas fuinnimh agus thart ar aon trian de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas. Is é is cúis go príomha leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa bearta athchóirithe fuinnimh foirgneamh, an méadú ar an sciar d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus athnuachan na gcóras téimh. Mar sin féin, tá méadú ag teacht ar líon na bpríomháiteanna cónaithe agus ar an achar urláir a bhíonn in áit chónaithe.

2.3.

Is mian le CESE a chur i bhfáth a thábhachtaí atá foraoisí do shaol daoine ar fud an domhain. Ionsúnn na 400 billiún crann san Eoraip, mar shampla, beagnach 9 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa san Eoraip. Tuigeann CESE gur fadhb mhór dhomhanda é an dífhoraoisiú cé go bhfuil méadú ag teacht ar acmhainní foraoise an Aontais. Idir 1990 agus 2020, tháinig méadú 9 % ar an limistéar foraoise agus méadú 50 % ar an méid adhmaid i bhforaoisí na hEorpa (3). Tacaíonn CESE go hiomlán le hiarrachtaí uile an Choimisiúin Eorpaigh dul i ngleic leis an bhfadhb dhomhanda agus is mian leis a chur i bhfáth gur gá leanúint d’fhoraoisí sláintiúla atá fós ag fás a chur chun cinn san Aontas. Chun cur leis an sciar den adhmad a úsáidtear sa tógáil ar mhaithe le hastaíochtaí carbóin a laghdú, ba cheart bainistiú gníomhach agus inbhuanaithe na bhforaoisí san Aontas ina iomláine a chur chun cinn agus laincisí polaitiúla a sheachaint.

2.4.

Dá bhrí sin, tá CESE á chur i bhfáth gur gá go mbeadh an leas a bhaintear as an bpoitéinseal atá i struchtúir adhmaid (idir sholadach agus neamhsholadach) maidir leis an athrú aeráide a mhaolú nasctha go dlúth le bainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí. Sa tionscadal Ostarach CareforParis (4) ina raibh comhobair idir Ionad Taighde um Fhoraoisí na hOstaire (BFW), Ollscoil na nAcmhainní Nádúrtha agus na nEolaíochtaí Beatha (BOKU), Wood K Plus agus Gníomhaireacht Chomhshaoil na hOstaire, rinneadh cásanna éagsúla den bhainistiú foraoisí a tharraingt suas agus a scrúdú. Díríodh sna cásanna sin ar athruithe éagsúla aeráide agus ar straitéisí oiriúnúcháin le haghaidh fhoraois na hOstaire agus tugadh samplaí d’fhorbairtí a d’fhéadfadh tarlú idir seo agus 2150. Rinneadh tuilleadh anailíse ar lorg carbóin na bhforaoisí agus na dtáirgí adhmaid agus ar sheachaint astaíochtaí CO2 trí úsáid a bhaint as táirgí adhmaid. Is toradh dearfach maidir le gáis ceaptha teasa a bhíonn ar fhás foraoisí, úsáid an adhmaid agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a seachnaíodh trí tháirgí adhmaid a úsáid. Is linn charbóin thábhachtach iad foraoisí na hEorpa. Idir 2010 agus 2020, bhí an meán bliantúil den charbón a cheaptar i mbithmhais foraoise cothrom le 155 mhilliún tona i réigiún na hEorpa. Sna 28 mBallstát, tá an ceapadh carbóin cothrom le 10 % de na hollastaíochtaí gás ceaptha teasa (5). Spreagadh níos tábhachtaí le haghaidh mhaolú an athraithe aeráide is ea adhmad (mar ábhar agus mar fhuinneamh) a chur in ionad na n-amhábhar iontaise agus na hastaíochtaí a sheachnaítear dá thoradh sin. Dá bhrí sin, is beart tábhachtach sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide é adhmad a sholáthar mar mhalairt ar ábhair a mbíonn líon níos airde astaíochtaí uathu ar feadh a saolré iomláine.

2.5.

Is é an fuinneamh corpraithe an fuinneamh nach mór a úsáid chun ábhair nó comhpháirteanna agus foirgnimh a tháirgeadh, a stóráil, a iompar, a shuiteáil agus, ar deireadh, a dhiúscairt. Ní hionann agus gnáthábhair thógála eile, déanann adhmad carbón a cheapadh sula n-úsáidtear é mar ábhar tógála (carbón íon atá in thart ar 50 % de chrann). Nuair a scrúdaítear lorg carbóin an adhmaid, tuigtear go bhfuil an-tábhacht le tionscnamh an adhmaid, an t-achar a iompraítear é, an cineál próiseála, agus a in-athúsáidte agus atá sé. Nuair a dhéantar comparáid idir foirgnimh choibhéiseacha thar a saolré iomlán, tugtar faoi deara go n-éiríonn níos fearr leis an adhmad, murab ionann agus ábhair thógála eile, ó thaobh fuinneamh corpraithe, astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú aeir agus uisce agus táscairí tionchair eile. Leis na táirgí adhmaid a tháirgtear faoi láthair in aghaidh na bliana (= adhmad a úsáidtear mar ábhar), seachnaítear tríd an iarmhairt ar ionadú thart ar 10 % d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla.

2.6.

Is féidir leis an tógáil le hadhmad, go sonrach, suas le 40 % de na hastaíochtaí CO2 a shábháil i gcomparáid leis an gcoincréit. Nuair a chuirtear an tiontú “méid go meáchan” atá molta ag Hagauer et al. (2009) (6) i bhfeidhm, tá meáchan tirim 1 mhéadar ciúbach (m3) d’adhmad soladach (meascán de bhogadhmad agus de chrua-adhmad) cothrom le 417 kg. Ag glacadh leis gurb ionann comhpháirt an charbóin agus 50 %, is é 0,765 tona in aghaidh an mhéadair chiúbaigh an choibhéis de CO2. Is é a chiallaíonn sin go ndéantar 0,765 milliún tona de CO2 a cheapadh i dtáirgí inbhuanaithe má dhéantar 1 mhilliún méadar ciúbach d’adhmad breise a bhaint atá réidh le úsáid.

2.7.

Tá méadú tagtha ar líon na bhfoirgneamh adhmaid le blianta beaga anuas. San Ostair, mar shampla, tháinig méadú níos mó ná 70 % ar a líon (7) le 20 bliain anuas, agus bhí an t-achar urláir inúsáidte i bhfoirgnimh adhmaid cothrom le 24 % in 2018. Bhí 53 % den líon sin san earnáil chónaithe, 11 % in earnáil na tógála tráchtála agus tionsclaíche agus 29 % i bhfoirgnimh shainchuspóireacha in earnáil na talmhaíochta. Os a choinne sin, ní raibh ach 7 % den líon sin i bhfoirgnimh phoiblí. Sa tSualainn agus san Fhionlainn, is adhmad atá i 90 % de na tithe nua aonteaghlaigh, agus tá struchtúr adhmaid in thart ar 20 % de na tithe nua ilteaghlaigh.

2.8.

Is tábhachtach an cur chuige é dlúthú na gcathracha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus is cinnte go bhfuil dlúthbhaint aige sin le tuilleadh airde a chur sna foirgnimh. Tá tionscadail ann i láthair na huaire a léiríonn gur féidir foirgnimh an-ard a thógáil as adhmad. Sampla amháin de sin atá in Ionad Cultúrtha Sara sa tSualainn, foirgneamh a bhfuil 20 urlár ann agus é 75 m (8) ar airde, nó an Ascent Tower in Milwaukee, foirgneamh a bhfuil 18 urlár adhmaid ann (9).

2.9.

Is féidir córais foirgníochta adhmaid an lae inniu a chur in oiriúint go héasca ar mhaithe le réitigh chuimsitheacha a chur ar fáil chun foirgnimh a athchóiriú, sa chaoi is gur féidir tithe ar ardchaighdeán a chruthú agus coigilteas mór fuinnimh a dhéanamh. Is cabhair mhór do na tionscadail athchóirithe an bonneagar uirbeach, bonneagar a bhfuil fáil éasca air, agus freisin an fuinneamh corpraithe atá sa stoc foirgneamh cheana.

2.10.

Trí leas a bhaint as an stoc atá ann cheana in ionad foirgnimh nua a thógáil, is féidir úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ag cathair; ní mór, dá bhrí sin, tosaíocht a thabhairt i bprionsabal don chur chuige sin. Is iad na buntáistí a bhaineann leis ná cé chomh tapa agus is féidir comhpháirteanna a chur le chéile, go mbíonn cóimheas níos fearr idir an t-ualach agus an meáchan i gcomparáid le hábhair eile agus, dá thoradh sin, go mbíonn marbh-ualach coibhéiseach íseal ar an struchtúr atá ann cheana.

2.11.

Is oiriúnach an t-ábhar atá san adhmad le haghaidh úsáid chascáideach freisin. Má tá céimeanna éagsúla san úsáid, is rud é a chuireann leis an mbreisluach, is rud é a laghdaíonn ídiú na n-acmhainní, agus is rud é a chuireann moill ar ligean CO2.

2.12.

Bíonn na ceanglais fhoirmiúla, dhlíthiúla agus theicniúla maidir le cáilíocht an dearaidh sa tógáil le hadhmad níos airde agus níos cuimsithí ná mar a bhíonn i gcás cineálacha eile foirgníochta. Cuireann an leibhéal castachta sin bac ar an méadú ar an sciar den mhargadh atá ag an adhmad sa tógáil. Is féidir le caighdeánú comhpháirteanna, siúntaí agus cóimeálacha tacú leis an gcur chun feidhme agus cost-éifeachtúlacht agus cáilíocht a áirithiú. Tionscnamh amháin atá ann cheana is ea an bunachar sonraí dataholz.eu, áit a ndéantar comhpháirteanna tógála agus siúntaí comhpháirteanna tógála a bhfuil tástáil déanta orthu a chur ar fáil ar líne sa Ghearmáin agus san Ostair. Tá CESE á thabhairt dá aire, i bprionsabal, nach mór don nuálaíocht sa tógáil le hadhmad a bheith úrscothach i ngach earnáil, ní hamháin trí na caighdeáin atá ann cheana a chomhlíonadh, ach trí leas a bhaint as “réitigh mhalartacha choibhéiseacha” freisin.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil na córais foirgníochta adhmaid, a bhuí le caighdeánú, beachtas agus cáilíocht, an-oiriúnach chun foirgnimh nua a thógáil, na foirgnimh atá ann cheana a athchóiriú agus cathracha a dhéanamh níos dlúithe. Ar na buntáistí a bhaineann leo tá a inoiriúnaithe atá siad, go mbíonn siad an-réamhdhéanta, na hamanna tógála laghdaithe agus an meáchan níos ísle atá iontu i gcomparáid le hábhair eile.

3.2.

Critéar tábhachtach a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar fhoirgnimh is ea an tionchar a bhíonn acu ar an gcomhshaol ar feadh a saolré iomláine. Bíonn tionchar acu ar an gcomhshaol le linn na bpróiseas tógála (táirgí foirgníochta a tháirgeadh agus a iompar), úsáide agus díchóimeála (lena n-áirítear táirgí foirgníochta a athchúrsáil nó a dhiúscairt). Déantar an tionchar ar an gcomhshaol a thaifeadadh trí mheasúnuithe saolré (EN 15804:15.02.2022).

3.3.

Is uirlis iomchuí í an chuntasaíocht ghlas chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht táirgí foirgníochta. Molann CESE úsáid chomhsheasmhach a bhaint as an gcuntasaíocht ghlas le gur féidir measúnú inbhuanaitheachta cáilithe a dhéanamh ar shaolré iomlán na bhfoirgneamh chun an tionchar ar an gcomhshaol a léiriú agus comparáid a dhéanamh idir an tionchar sin sna cásanna éagsúla.

3.4.

Níl na ceanglais dlí chomh dian céanna le blianta beaga anuas maidir le hábhair in-athnuaite a úsáid san fhoirgníocht. Tá níos mó deiseanna ann anois adhmad a úsáid san fhoirgníocht, go háirithe a fhad a bhaineann sé leis an tsábháilteacht dóiteáin. Tá an t-ábhar sin á scrúdú i dtionscadail éagsúla faoi láthair.

3.5.

Sa tionscadal taighde “TIMpuls” (10) faoi stiúir Ollscoil Theicniúil Munich (TUM), tá fiosrú á dhéanamh faoi láthair ar thinte i bhfoirgnimh adhmaid ilstóracha; is é is aidhm don taighde bunsraith láidir a chruthú is féidir a úsáid chun sraith amháin rialacha a leagan síos le foirgnimh adhmaid ilstóracha a thógáil.

3.6.

Tá sé tugtha le fios i dtaighde agus i dtionscadail a rinneadh le déanaí nach bhfuil an tógáil le hadhmad a dhath ar bith níos measa ná modhanna togála eile a fhad a bhaineann sé le sábháilteacht dóiteáin de agus go mbíonn foirgnimh adhmaid níos sábháilte le linn crith talún (11).

3.7.

Is minic gur laincisí nach bhfuil gá leo an toradh a bhíonn ar rialacha dlíthiúla éagsúla a bheith ann, fiú laistigh de Bhallstát. Tá CESE ag iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na rialacháin tógála a chomhchuibhiú tuilleadh le go mbeidh na rialacha a bhaineann leis an adhmad ar aon dul leis na rialacha a bhaineann le hábhair thógála eile.

3.8.

Iarrann CESE ar na Ballstáit cur leis an méid adhmaid a úsáidtear i bhfoirgnimh phoiblí, méid atá faoi bhun an mheáin fhoriomláin faoi láthair. Is féidir leis an earnáil phoiblí dea-shampla a thabhairt maidir leis an leas is féidir a bhaint as an tógáil le hadhmad chun na spriocanna aeráide a bhaint amach. Is féidir le foirgnimh adhmaid nuálacha den scoth sainiúlacht ar leith a chruthú agus cur le húsáid an adhmaid san fhoirgníocht.

3.9.

I nósanna imeachta an tsoláthair phoiblí, is minic nach mbaintear leas as critéir amhail an bithgheilleagar, an inbhuanaitheacht, costais saolré, an tionchar ar an athrú aeráide, etc., chun an tairiscint is fearr a roghnú, agus is iad tairiscintí na foirgníochta adhmaid a bhíonn thíos leis dá bharr sin. Tá CESE á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh tiomantas níos láidre ann critéir a chabhraíonn leis na spriocanna aeráide a bhaint amach a bheith san áireamh sa soláthar poiblí.

3.10.

I gcás foirgnimh adhmaid réamhdhéanta, ní mór don dearadh tarlú i gcomhthráth leis an tógáil, beagnach, chun aon bhaol míthuisceana a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus inchomparáideacht shoiléir a áirithiú. Le go mbeidh buntáistí ann maidir le barrfheabhsú teicniúil eacnamaíoch agus an t-am a ghlacann céim na tógála (12), ní mór an raon leathan táirgí agus tionchar na bpróiseas monaraíochta, lóistíochta agus cóimeála a chur san áireamh i gcéim níos luaithe den phróiseas ná mar a dhéanfaí i gcás tionscadail tógála nach bhfuil an oiread céanna comhpháirteanna réamhdhéanta i gceist iontu. Is féidir sin a dhéanamh trí fhaisnéis na dtairgeoirí a chur san áireamh go luath sa phróiseas, trí nós imeachta soláthair iomchuí a roghnú, amhail comórtas ailtireachta nó idirphlé iomaíoch, nó go ndéanfadh an t-údarás conarthach pleanálaithe speisialaithe a rannpháirtiú sa phróiseas.

3.11.

Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Bauhaus Eorpach Nua maidir le hábhair thógála ardcháilíochta atá neamhdhíobhálach don aeráid a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, úsáid an adhmaid sa tógáil a chur chun cinn. Faoi láthair, ní adhmad ach 3 % den ábhar tógála san Aontas Eorpach, rud a chiallaíonn nach bhfuil an leas is mó is féidir á bhaint as an acmhainneacht atá i struchtúir adhmaid chun an t-athrú aeráide a mhaolú. Tá CESE den tuairim, dá bhrí sin, gur gné thábhachtach maidir leis an acmhainneacht sin a bhaint amach iad na bearta tacaíochta don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht ar mhaithe le hábhair thógála mhalartacha a chur chun cinn faoin tionscadal Bauhaus Eorpach Nua.

3.12.

Ina lán cásanna, ní thuigeann gach úsáideoir in earnáil na tógála na féidearthachtaí atá san acmhainneacht sin. Is minic teorainn á cur le húsáid an adhmaid de thoradh easpa eolais. Measann CESE, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach fios gnó a aistriú laistigh den Eoraip, mar atá beartaithe a dhéanamh in Acadamh an Bauhaus Eorpaigh Nua, mar aon le hoiliúint iomchuí agus breisoideachas a chur ar fáil, an leibhéal náisiúnta san áireamh. Tá gá le hoiliúint agus uas-sciliú maidir le modhanna agus ábhair inbhuanaithe thógála a chur ar fáil do na hoibrithe go léir a bhfuil baint acu le próiseas na tógála: pleanálaithe, ailtirí, innealtóirí, teicneoirí, speisialtóirí TF agus oibrithe tógála. Ní féidir an t-aistriú glas a chur i gcrích gan daoine atá oilte go cuí.

3.13.

Is díol sásaimh do CESE an comhthionscadal sóisialta Eorpach RESILIENTWOOD atá faoi stiúir Chomhlachas Eorpach Thionscal na hAdhmadóireachta (CEI-Bois) agus Chónaidhm Eorpach na nOibrithe Tógála agus Adhmadóireachta (EFBH). Is é is aidhm don tionscadal sin moltaí agus treoirlínte a fhorbairt do ghnólachtaí, don ghairmoiliúint agus do na húdaráis phoiblí le go bhféadfar daoine óga a mhealladh chuig tionscal adhmaid an Aontais, oiriúnú d’athruithe teicneolaíochta agus oiliúint bhreise a chur ar oibrithe.

3.14.

Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach faisnéis theicniúil a fhoilsiú chun an úrscothacht sa tógáil le hadhmad a áirithiú do na geallsealbhóirí uile agus caighdeáin tógála agus caighdeáin struchtúracha a leagan síos le go bhféadfar úsáid an adhmaid san fhoirgníocht a éascú.

3.15.

Tá an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh ar an bpíosa reachtaíochta Eorpaí is tábhachtaí in earnáil na bhfoirgneamh. Ceanglaíonn an Treoir sin ar na Ballstáit leibhéil feidhmíochta a leagan síos dá bhfoirgnimh, dícharbónú an stoic foirgneamh a phleanáil trí straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a ullmhú agus bearta breise a chur chun feidhme. Is uirlis bheartais shoiléir atá sa Treoir sin lenar féidir ceanglais agus tagarmharcanna soiléire a leagan síos chun na hastaíochtaí carbóin a laghdú thar shaolré iomlán an fhoirgnimh.

3.16.

Ní mór forálacha na Treorach sin a chur ag luí leis na spriocanna aeráidneodrachta agus ba cheart na bearta is tábhachtaí agus is práinní atá le déanamh faoi 2050 a shainaithint. Cé go bhfuil sé tábhachtach feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, tá an baol ann, mura dtuigtear go soiléir an lorg chomhtháite carbóin a bhíonn ag foirgnimh, nach mbeidh na bearta chomh maith agus a d’fhéadfaidís a bheith.

3.17.

Is díol sásaimh do CESE an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe, riail a moladh in earrach 2022, ós tábhachtach an chéim é i dtreo táirgí níos glaise agus táirgí níos ciorclaí. Critéir íosta a leagan síos, critéir i ndáil leis an lorg a fhágann na táirgí ar an gcomhshaol, mar shampla, agus ar an aeráid a laghdú, sin rud is féidir a dhéanamh i gcás na struchtúr adhmaid, agus is rud é a chruthódh deiseanna eacnamaíocha don nuálaíocht, cé nach n-áirítear a leithéid sin sa Rialachán i láthair na huaire.

3.18.

Trí thuairisciú carbóin thar shaolré iomlán foirgnimh a cheangal ar an earnáil tógála, beidh sé níos éasca sonraí a bhailiú agus tagarmharcáil a dhéanamh agus beidh an earnáil tógála in ann na scileanna agus na cumais riachtanacha a fhorbairt. Ní mór íoschaighdeáin cheangailteacha maidir le hastaíochtaí carbóin thar shaolré iomlán an fhoirgnimh a thabhairt isteach agus a neartú de réir a chéile. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach scéim deimhnithe carbóin a fhorbairt ina gcuirfear san áireamh an ról atá ag táirgí adhmaid maidir le hastaíochtaí carbóin a fhritháireamh.

3.19.

Iarrann CESE ar na Ballstáit páirt ghníomhach a ghlacadh sa tionscnamh nua Wood POP atá ag rialtais na hOstaire agus na Fionlainne, rud atá ina ardán chun an plé ar an mbeartas adhmaid a chur chun cinn, agus arb é is aidhm dó gníomhaithe poiblí agus príobháideacha tábhachtacha in earnáil an adhmaid a shlógadh ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus tacú freisin le hinfheistíochtaí a athdhíriú ar réitigh bhithbhunaithe inbhuanaithe agus ar shlabhraí luacha adhmadbhunaithe.

3.20.

Sa tuairim bhreise ó CESE, is é sin CCMI/205 “Tionscal 5.0 in earnáil an adhmaid”, cuireann CESE i bhfios gur rímhaith an t-ábhar tógála an t-adhmad de mhalairt inbhuanaithe chostéifeachtach ar ábhair thraidisiúnta mar choincréid agus cruach. Buntáiste eile is ea ardtáirgiúlacht ar thaobh an tsaothair den scéal, rud a fhágann gur tapúla agus gur éifeachtúla a dhéanfaí an obair thógála. Ina theannta sin, is rud é táirgeadh an adhmaid a chuireann deiseanna fostaíochta ar fáil i gceantair thuaithe. Is tairbhe don chomhshaol é táirgeadh an adhmaid, ós acmhainn in-athnuaite atá ann, agus is tairbhí don chomhshaol é ós rud é gur ísle na hastaíochtaí carbóin a thairgíonn sé ná ábhair eile le linn a tháirgthe agus lena ré saoil ar fad. Is rud é tógáil na struchtúr adhmaid a chuireann caomhnú agus cothabháil na bhforaoisí chun cinn freisin, rud a chuireann laghdú ar na gáis ceaptha teasa.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 275, 18.7.2022, lch. 73, IO C 155, 30.04.2021, lch. 73.

(2)  An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) (2022) in: https://www.iea.org/reports/buildings.

(3)  https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/08/SoEF_2020.pdf.

(4)  Weiss P., Braun M., Fritz D., Gschwantner T., Hesser F., Jandl R., Kindermann G., Koller T., Ledermann T., Ludvig A., Pölz W., Schadauer K., Schmid B.F., Schmid C., Schwarzbauer P., Weiss G. 2020: Endbericht zum Projekt CareforParis [An tuairisc dheiridh ar thionscadal CareforParis]. Ciste Aeráide agus Fuinnimh Vín.

(5)  https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/08/SoEF_2020.pdf.

(6)  Hagauer, D., Lang B., Pasteiner C. agus Nemesthoty K., 2009, Empfohlene Umrechnungsfaktoren für Energieholzsortimente bei Holz- bzw. Energiebilanzberechnungen [Fachtóirí coinbhéartachta atá molta le haghaidh táirgí adhmaid chun críoch fuinnimh maidir leis an gcothromaíocht idir adhmad agus fuinneamh a ríomh]. An Aireacht Talmhaíochta, Foraoiseachta, Comhshaoil agus Bainistíochta Uisce, Roinn V/10 – Fuinneamh agus Geilleagar Comhshaoil, foilseachán inmheánach, Vín.

(7)  Holzbauanteil in Österreich. Eine statistische Erhebung aller Hochbauvorhaben in den Jahren 1998 – 2008 – 2018 [An sciar de na foirgnimh adhmaid san Ostair. Suirbhé staidrimh ar gach tionscadal tógála sna blianta 1998-2008-2018]. Robert Stingl, Gabriel Oliver Praxmarer, Alfred Teischinger, Universität für Bodenkultur Wien (BOKU) thar ceann proHolz Austria.

(8)  Féach Ionad Cultúrtha Sara, Skelleftea, an tSualainn, White Arkitekter 2021.

(9)  Féach Túr Ascent, Milwaukee, WIEHAG an Ostair 2021.

(10)  Www.cee.ed.tum.de/hbb/forschung/laufende-forschungsprojekte/timpuls(léite an 23.1.2023).

(11)  Féach an tionscadal taighde maidir le cé chomh sábháilte agus a bhíonn foirgnimh adhmaid le linn crith talún, Ollscoil Bheirn, an Eilvéis, 2020 www.bfh.ch/de/forschung/referenzprojekte/erdbebensicherheit-holzgebaeude (léite an 23.1.2023).

(12)  Féach an tionscadal taighde leanWOOD – Innovative lean processes and cooperation models for the development and planning in timber construction, Ollscoil Luzern, 2017.


IARSCRÍBHINN

Is féidir an iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad seo – “Tionscal 5.0 in earnáil na struchtúr adhmaid” a léamh ar na leathanaigh seo a leanas:

Tuairim an Choimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha — “Tionscal 5.0 in earnáil na struchtúr adhmaid”

(tuairim fhorlíontach a ghabhann le TEN/794)

Rapóirtéir:

Martin BÖHME

Comhrapóirtéir:

Rolf GEHRING

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

15.11.2022

Bunús dlí

Riail 56(1) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim fhorlíontach

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa CCMI

27.2.2023

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

29/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Cuireann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfios gur mór an mhaith adhmad a bheith á úsáid mar ábhar tógála ós rogha é atá inbhuanaithe costéifeachtach de mhalairt agus de bhreis ar ábhair thógála thraidisiúnta mar choincréit agus cruach. Buntáiste eile atá ann is ea an táirgiúlacht mhór oibre nuair is adhmad atá san ábhar tógála, táirgiúlacht a fhágann gur tapúla agus gur éifeachtúla is féidir na foirgnimh a thógáil. Nuair is féidir na comhpháirteanna a chur le chéile roimh ré ar láthair na monarchan, sin rud eile is laghdú costais, agus rud is méadú sábháilteachta le linn na tógála chomh maith.

1.2.

An t-oideachas agus an oiliúint i réimse na tógála le hadhmad, mar aon leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil sa réimse sin, is nithe iad sin a bhfuil tábhacht leo anois thar mar a bhí riamh. An t-oideachas agus an oiliúint, sin é an toradh ba cheart ar an idirphlé sóisialta le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta uile.

1.3.

De réir mar atá earnáil na tógála le hadhmad ag neartú léi, feictear do CESE go bhfuil deiseanna móra fostaithe ann don lucht oibre, go háirithe i gceantair thuaithe. Poist mhaithe a bheith i dtionscail an adhmaid agus in earnáil na tógála le hadhmad, is cúnamh iad le feabhas a chur ar an eacnamaíocht i gceantair thuaithe ina bhfuil tábhacht le tionscal an adhmaid.

1.4.

Tá béim ag CESE ar an iliomad bealaí a dtéann sé chun tairbhe don chomhshaol foirgnimh a bheith á dtógáil le hadhmad. Is mór an tairbhe gur amhábhar in-athnuaite atá san adhmad, amhábhar is ísle astaíochtaí CO2 i dtáirgeadh agus i ré saoil comhpháirteanna agus foirgneamh ná na hastaíochtaí CO2 a bhíonn ann de dheasca ábhair thógála eile. Thairis sin amach, más adhmad a úsáidfear in earnáil na tógála, cuirfear caomhnú agus cothabháil na bhforaoisí chun cinn trí bhíthin dreasachtaí chun foraoisí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. Súnn an t-adhmad an CO2 ón atmaisféar le linn dó a bheith ag fás, agus stórálann sé chomh maith é. Dá bhrí sin, nuair is adhmad a úsáidtear ina ábhar tógála, is ábhar tógála glas atá ann, rud a chuireann laghdú i ndeireadh na dála ar gháis ceaptha teasa.

1.5.

Is do na foilseacháin a foilsíodh le déanaí maidir le cúrsaí foirgníochta agus táirgí foirgníochta atá tagairt á déanamh ag CESE, go háirithe “Coinníollacha comhchuibhithe chun táirgí foirgníochta a chur ar an margadh” (1) mar aon le struchtúir adhmaid chun CO2 a laghdú in earnáil na tógála (2).

1.6.

Úsáid an adhmaid in earnáil na tógála, is rud é a chuireann leis an bhfianaise gur ábhar frithsheismeach atá san adhmad, faoi mar a léiríodh i gcásanna áirithe, aimsir an chreatha talún in Alasca in 1964, cuir i gcás. Daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir inar baol go dtarlóidh crith talún, ba cheart iad a spreagadh chun tithe adhmaid agus eastáit réadacha a thógáil dar le CESE.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Leanann an tuairim seo na barúlacha ginearálta a tugadh i dtuairim TEN/794 Struchtúir adhmaid ar mhaithe le CO2 a laghdú in earnáil na tógála.

2.2.

Is den tionchar a imríonn earnáil na tógála ar an gcomhshaol gur mór an ligean astaíochtaí gás ceaptha teasa a tharlaíonn dá barr, agus dá bhrí sin is í is ciontach as cuid mhaith den dochar atá á dhéanamh don aeráid. Úsáid na mbreoslaí iontaise chun teas agus leictreachas a tháirgeadh i bhfoirgnimh agus chun ábhair thógála a tháirgeadh, sin é an rud is ciontaí le ligean na n-astaíochtaí. Tá géarghá le bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil na tógála, e.g. úsáid a bhaint as an bhfuinneamh in-athnuaite, feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú agus úsáid a bhaint as ábhair thógála inbhuanaithe (3).

2.3.

D’fhonn cur leis an tábhacht atá le hadhmad a tháirgtear go hinbhuanaithe mar ábhar tógála sa tionscal foirgníochta, ba cheart béim a chur ar an ngá atá le bainistiú inbhuanaithe foraoisí chun amhábhar adhmaid a tháirgeadh. Is éard atá i gceist le bainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí bainistiú agus úsáid na bhforaoisí ar bhealach a fhágann go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, sin agus ó thaobh an gheilleagair agus ó thaobh na sochaí de. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na foraoisí á gcaomhnú i gcomhair na ndaoine atá ar an saol faoi láthair, sin agus do na glúine nár rugadh fós, agus ciallaíonn sé gur ar bhealach freagrach atá na hacmhainní nádúrtha á n-úsáid. Cuid thábhachtach de bhainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí is ea caomhnú na bithéagsúlachta atá sna foraoisí, sin agus caomhnú an leasa a dhéanann na foraoisí don éiceachóras. Is tábhachtach leochaileacht na bhforaoisí i gcoinne suaitheadh nádúrtha a laghdú freisin, dóiteáin agus ionradh feithidí, cuir i gcás.

2.4.

Ó thaobh na teicneolaíochta de, is lú go mór an fuinneamh “liath” a úsáidtear nuair is adhmad atá san ábhar tógála seachas ábhair thógála eile – coincréit, cuir i gcás. Is éard is fuinneamh liath ann an fuinneamh a úsáidtear chun táirgí agus seirbhísí a tháirgeadh, a iompar, agus a athchúrsáil. Fágann laghdú ar an bhfuinneamh liath gur lú fuinneamh a chaitear ar na próisis sin, rud is laghdú ar na hastaíochtaí CO2, agus caitheamh fuinnimh atá níos inbhuanaithe. D’fhéadfaí feabhas a chur ar iomaíochas na bhfiontar freisin ach laghdú a chur ar an bhfuinneamh liath a bhíonn á chaitheamh.

2.5.

Tugann CESE dá aire go bhfuil bac ar thógáil le hadhmad sa reachtaíocht i gcásanna áirithe, mar tá srian ann ar úsáid an adhmaid mar ábhar tógála, sin nó rialacha agus caighdeáin áirithe atá deacair nó costasach ó thaobh cur chun feidhme de nuair is le hadhmad atá an tógáil á déanamh. Sampla de seo is ea an teorainn le hairde na bhfoirgneamh adhmaid atá leagtha síos i dtíortha éagsúla. Sin rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le tógáil foirgneamh adhmaid, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt nuálach sna cineálacha foirgneamh a thógtar le hadhmad. I réimse na cosanta ar dhóiteáin le haghaidh foirgneamh, ní inghlactha rialacha feidhmíochta ar leith a bheith ann i gcás an adhmaid thar ábhair eile. Is éard atá á mholadh ag CESE na rialacha a chur ar aon dul lena chéile ar leibhéal na hEorpa gan aird ar an ábhar féin.

2.6.

Cuireann struchtúir adhmaid comaoin nach beag ar an ngeilleagar ciorclach, agus go háirithe ar fhorbairt an gheilleagair bhithbhunaithe, cuspóir atá i gceist, faoi mar a leagtar amach i mbeartais ábhartha an Aontais. I ndáil leis an méid sin, is mithid tuilleadh forbartha a chur ar raon úsáide an adhmaid, ar airíonna ábhartha an adhmaid, sin agus ar tháirgí arb é an t-adhmad is bunús leo. Thar aon ní eile, is tábhachtach an ról atá ag in-athchúrsáilteacht na dtáirgí adhmaid sa phróiseas sin. Mar sin féin, an t-adhmad ina chuid de mheascan le hábhair éagsúla eile, sin rud a bheidh ag dul i dtábhacht diaidh ar ndiaidh. An comhar taighde i réimsí airíonna na n-ábhar, sin agus i réimse na n-ábhar ilchodach, is comhar é a dtarlódh go mbeadh ról tábhachtach aige i ndáil leis sin agus i spreagadh na nuálaíochta mar chuid den obair sin.

2.7.

An claochlú atá á dhéanamh ar ár gcuid tionscal, claochlú i dtreo choincheap Tionscail 5.0, is claochlú é a bhfuil an taobh teicniúil chun cinn ann, claochlú a bhfuil bunús sóisialta leis chomh maith céanna. Is rudaí iad an digitiú (samhlú–faisnéise–foirgníocht), an róbatú agus úsáid na gclár foghlama (an intleacht shaorga), a chuirfidh claochlú ar an slabhra luacha ar fad, ón bhforaoiseacht go dtí an tógáil, an caomhnú agus an athchúrsáil. Chun na críche sin, tá gá le creat dlíthiúil maidir le ceanglais ghinearálta táirgí, mar aon le ceanglais le haghaidh táirgí foirgníochta agus le próiseas an chaighdeánaithe. Is nithe iad sin is mithid a chomhordú in earnáil na struchtúr adhmaid. I gcomhréir leis na cuspóirí sóisialta atá dréachtaithe i gcomhair Thionscal 5.0, is cur chuige daonlárnach ba cheart d’fhorbairtí teicneolaíochta agus do choincheapa na heagraíochta oibre a chleachtadh le linn dearadh na teicneolaíochta. Machnamh a dhéanamh go córasach ar na héifeachtaí dearfacha nó diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann do thimpeallacht shláintiúil oibre agus mhaireachtála ón gcéad chéim den fhorbairt theicneolaíoch amach, sin rud eile a mbeidh tábhacht leis chomh maith.

2.8.

Tugann CESE dá aire gur rud iad na hathruithe teicneolaíochta agus ábhartha i dtógáil na struchtúr adhmaid a chuirfidh athrú ar eagrú na hoibre agus ar na ceanglais cháilíochta araon. Sin rud a fhágann go mbíonn forluí idir earnáil na tógála agus earnáil an adhmaid, sin agus idir gairmeacha traidisiúnta sa dá earnáil eacnamaíocha chéanna. Dá bhrí sin, na curaclaim atá ann faoi láthair i ngairmeacha ar leith, is curaclaim iad a bhfuil oiriúnú le déanamh orthu, agus beidh athdhearadh le déanamh ar ghairmeacha eile, rud ba cheart a chomhordú ar leibhéal na hEorpa. Ach a mbeidh sé de chuspóir gairmeacha a thabhairt i gceist a mbeidh mealladh an lucht oibre iontu, gairmeacha a mbeidh raon leathan cúraimí agus eagrúchán oibre ag roinnt leo, is amhlaidh a bheidh earnáil na tógála agus earnáil an adhmaid níos tarraingtí chomh maith.

2.9.

De bharr athruithe ar na modhanna oibre a bheith ag tarlú go tobann (digitiú, róbataic, intleacht shaorga, meaisínithe nua), is dóigh le CESE gur tábhachtaí anois ná riamh oideachas agus oiliúint don lucht saothair i réimse na tógála le hadhmad, mar aon leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a bhíonn an lucht saothair a dhéanamh. An t-oideachas agus an oiliúint, sin é an toradh ba cheart ar an idirphlé sóisialta le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta uile.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Is éard is dóichí go gcuirfeadh méadú ar rátaí táirgthe adhmaid go mór le neartú na slabhraí luacha go réigiúnach, agus le laghdú an loirg atá á fhágáil ar an gcomhshaol. Is rud é tógáil struchtúr adhmaid a chuireann go han-éifeachtach ó thaobh ábhair de leis an mbithgheilleagar, go háirithe má tá béim níos mó ar chothabháil agus ar chaomhnú ar feadh ré saoil iomlán na tógála, an dearadh féin san áireamh. Thairis sin amach, chun éifeachtaí díláithrithe éiceolaíocha a imghabháil, níor cheart adhmad a fháil ach in áiteanna deimhnithe a bhfuil talamh iontu faoi choillte (scéimeanna deimhniúcháin foraoise FSC agus PEFC), áiteanna ar mó an soláthar d’adhmad amh atá iontu ná an t-éileamh atá acu féin air.

3.2.

Measann CESE gur cuid lárnach d’inbhuanaitheacht na tógála le hadhmad ina hiomláine é dearadh na talún i ndáil le táirgeadh an adhmaid, sin agus an chaoi a ndéantar an talamh a bhainistiú (go dian, go fairsing, de mhonashaothrú, go horgánach), mar aon leis an bhfoinsiú (gnáth nó inbhuanaithe). D’fhonn an méadú is inmhianaithe a chur ar an sciar den adhmad atá á úsáid in earnáil na tógála, ba ríthábhachtach cuspóirí na hinbhuanaitheachta agus na bithéagsúlachta a chur san áireamh go comhsheasmhach nuair atáthar ag cur leis an sciar den talamh atá á úsáid le haghaidh tháirgeadh an adhmaid.

3.3.

Léiríonn tástálacha praiticiúla gur rud é an tógáil le hadhmad atá níos buntáistí ina hiomláine ó thaobh an éiceachláir chomhardaithe de ná modhanna tógála eile, an choincréit threisithe, cuir i gcás. Thar gach ní eile, is fearr i bhfad an táscaire tionchair um measúnú ar phoitéinseal an téimh dhomhanda atá ann sa chás seo arae níl i gceist leis ach 57 % den phoitéinseal atá sa choincréit threisithe (4).

3.4.

Cuireann CESE i bhfios gur léir ón anailís i staidéir a dhéanann dealú idir an tógáil le hadhmad agus an tógáil le hábhar soladach a) gur lú éileamh ar an bhfuinneamh príomhúil (idir iomlán agus neamh-inathnuaite) agus b) gur lú de phoitéinseal i dtéamh an domhan is toradh ar an tógáil le hadhmad, i mórán gach uile chás ó thaobh na dtáscairí tionchair ar an gcomhshaol de. Sin toradh atá neamhspleách ar na hábhair thógála a roghnaíodh i gcás na tógála soladaí agus ar an gcineál tógála atá i gceist leis na struchtúir adhmaid (5).

3.5.

Sciar na gcomhpháirteanna réamhdhéanta i struchtúir adhmaid, is sciar é is airde go mór ná i struchtúir a thógtar le hábhar soladach. Is den toradh atá air sin gur fusa an obair a dhéanamh ar an láithreán tógála ainneoin na haimsire, agus fágann sé freisin go ndéantar níos mó den mhonarú faoi choinníollacha maithe oibre faoi dhíon na monarchan. Mar sin féin, nuair is fíor gur mó den táirgeadh ingearach atá i gceist le struchtúr adhmaid, is fíor freisin gur mó pleanáil atá i gceist, agus dá réir sin is fíor go dteastaíonn níos mó ama roimh ré i gcomhair na pleanála.

3.6.

Tugann CESE dá aire gur laghdú ar na forchostais ar láthair na tógála, agus gur laghdú ar líon na laethanta ar an láthair tógála is toradh ar an ngiorrú ar am na tógála nuair is le hadhmad atá an tógáil á déanamh. Nuair is comhpháirteanna réamhdhéanta atá á n-úsáid, ní bhíonn an oiread chéanna turas iompair le déanamh leis an ábhar a thabhairt chomh fada leis an suíomh tógála. I gceantair uirbeacha go háirithe, san áit a bhféadfaí tógáil a dhéanamh, is féidir limistéar cónaithe a fhothú go tapa le struchtúir adhmaid, e.g. ach breis adhmaid a thabhairt ar an láthair, sin nó cur leis an tógáil atá á déanamh.

3.7.

A bhuíochas le húsáid an adhmaid mar ábhar tógála, is féidir cur le fairsinge na n-áras gan cur leis na toisí seachtracha. I gcás na tógála le hadhmad, is minic an t-insliú ina chuid den struchtúr a bhfuil meáchan an tí ann, ach i gcás na tógála soladaí, is minic struchtúr ar leith ann le haghaidh an inslithe. Is den toradh atá air sin nach mbíonn an balla seachtrach chomh tiubh céanna más le hadhmad a dhéantar an tógáil ainneoin an t-insliú féin a bheith chomh tiubh céanna.

3.8.

Tá súil ag CESE go bhféadfaí adhmad a úsáid le haghaidh cineálacha eile foirgneamh nach gcónaíonn daoine iontu (e.g. foirgnimh oifige, stórála agus saotharlanna) chomh maith lena úsáid le haghaidh árais chónaithe.

3.9.

Tugann CESE dá aire, faoi mar is fíor i gcás gach cineáil tógála, gur mór an tábhacht atá le dearadh ar ardchaighdeán agus le faichill le linn na hoibre ionas go mairfidh an struchtúr go ceann i bhfad. Chuige sin, is éard atá de dhíth thar aon ní eile ailtirí agus innealtóirí oilte mar aon le treoir pleanála Eorpach chun tacú leis na gairmeacha trí bhíthin creat rialála ar fónamh. In earnáil na pleanála go háirithe, is éard atá ag teastáil coigeartuithe dlíthiúla agus an oiliúint chuí do na cliaint lena áirithiú go gcaithfear na seirbhísí a thairiscint i ngort a bhfuil iomaíocht ar ardchaighdeán ann (6).

3.10.

Daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir inar baol go dtarlóidh crith talún, ba cheart dar le CESE iad a spreagadh chun tithe adhmaid agus foirgnimh adhmaid a thógáil, nuair a chuirtear an dochar a rinne na creathanna talún sa Tuirc le déanaí san áireamh, de bhreis ar an dochar a rinne creathanna talún eile san am atá caite, agus ós éard is dóigh leis na saineolaithe go bhfuil teagmhais eile dá leithéid á dtuar.

3.11.

Sna cuideachtaí monaraíochta, is féidir barr feabhais a chur ar na próisis táirgthe agus is féidir iad a shimpliú ach úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí de chuid Thionscal 5.0, agus tharlódh go mbeadh laghdú ar chaitheamh fuinnimh agus ar astaíochtaí CO2 sa phróiseas táirgthe de thoradh air sin. Ina theannta sin, más páirteanna a rinneadh roimh ré sa mhonarcha atá á n-úsáid ar an láithreán tógála, is amhlaidh is éifeachtaí a dhéantar an obair, agus is lú dramhaíl atá ann dá barr, mar níl le déanamh ach na páirteanna a chur le chéile ar láthair na tógála. Dá bharr sin arís ar ais, beidh laghdú ar an méid fuinnimh a chaitear ar an iompar, mar aon le laghdú ar ghiniúint na dramhaíola (7).

An Bhruiséil, an 27 Feabhra 2023.

Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha

Pietro Francesco DE LOTTO


(1)  IO C 75, 28.2.2023, lch. 159 (níl leagan Gaeilge ann).

(2)  Tuairim ó CESE maidir le hAdhmad chun astaíochtaí CO2 in earnáil na bhfoirgneamh a laghdú (féach IO lch. 18).

(3)  Féach an geilleagar ciorclach chun earnáil tógála an Aontais a dhícharbónú – samhaltú sruthanna foinse roghnaithe agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Meta Thurid Lotz, Andrea Herbst, Matthias Rehfeldt.

(4)  https://www.berlin.de/nachhaltige-beschaffung/studien/holz-versus-stahlbetonbauweise/.

(5)  Potentiale von Bauen mit Holz [Poitéinseal na tógála le hadhmad]. Oifig Fheidearálach an Chomhshaoil sa Ghearmáin, lch. 25.

(6)  Cf. Struchtúir adhmaid vs. Struchtúr atá déanta as ábhar soladach – comparáid chuimsitheach idir dhá mhodh tógála a bhaineann leis an gCaighdeán SNBS. Daniel Müller.

(7)  Féach Koppelhuber, J., Bok, M. (2019). “Paradigmenwechsel im Hochbau”. In Hofstadler, C. (eag.) Aktuelle Entwicklungen in Baubetrieb, Bauwirtschaft und Bauvertragsrecht. Springer Vieweg, Wiesbaden. https://doi.org/10.1007/978-3-658-27431-3_19.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 577ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 2023.3.22. – 2023.3.23.

25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/28


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Rialachán um an Eoraip Idir-inoibritheach)

(COM(2022) 720 final — 2022/0379 (COD))

agus maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le beartas idir-inoibritheachta neartaithe san earnáil phoiblí — Lena nascaítear seirbhísí poiblí, lena dtacaítear le beartais phoiblí agus lena gcuirtear tairbhí don phobal ar fáil ionsar an “Eoraip Idirinoibritheach”

(COM(2022) 710 final)

(2023/C 184/05)

Rapóirtéir:

Vasco DE MELLO

Comhairliúchán

a)

Parlaimint na hEorpa, 21.11.2022

b)

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 25.11.2022

Bunús dlí

a)

Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

b)

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

10.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

200/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Ach oiread leis an gCoimisiún, creideann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur réamhriachtanas atá san idir-inoibritheacht idir na seirbhísí poiblí chun margadh aonair digiteach a chruthú.

1.2.

Mar sin féin, ní hé toradh a bheidh ar shaothrú an chuspóra sin go gcuirfidh na Ballstáit rompu cloí le beartas a thapóidh digitiú iomlán na seirbhísí poiblí, rud ab aimhleas na seirbhísí a chuirtear ar fáil i láthair an duine féin, agus ní ceart gan freastal ar na grúpaí saoránach is leochailí atá sa tsochaí. Ba cheart oiliúint maidir le scileanna digiteacha a bheith ar fáil do chách, ach go háirithe do na grúpaí sin den daonra.

1.3.

In ionad an pearsanra a laghdú, is amhlaidh a chruthóidh forbairt agus oibriú seirbhísí digiteacha gá breise le pearsanra i dtús ama. Is réamhriachtanas atá ann dóthain foirne a bheith ar fáil má tá rath le bheith ar an gclaochlú digiteach.

1.4.

Is díol sásaimh do CESE go raibh dul chun cinn mór ann i ndigitiú na seirbhísí poiblí le linn na paindéime.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh samhail rialachais chun críocha an bheartais sin, samhail ina bhfuil dhá phríomhchomhlacht mar atá an Bord um an Eoraip idir-inoibritheach agus an comhphobal don “Eoraip Idir-inoibritheach”.

1.6.

Is próisis iad sin a fhágfaidh gur féidir comhpháirtíochtaí a chur ar bun idir an earnáil phoiblí agus cuideachtaí nuálacha teicneolaíochta, sin nó gnólachtaí nuathionscanta. Is d’fhonn réitigh thurgnamhacha nuálacha a fhorbairt a tharlódh sin, réitigh a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm laistigh de na seirbhísí poiblí, réitigh a d’fhéadfadh na seirbhísí poiblí a roinnt le chéile.

1.7.

Dar le CESE gur thábhachtach na prionsabail agus na struchtúir a mholtar sa chreat seirbhíse poiblí Eorpach a bheith ina choinníoll le maoiniú na dtionscadal idir-inoibritheachta i réimse na seirbhíse poiblí san am atá romhainn, agus gur thábhachtach gan acmhainní a chur i dtreo tionscadail nár ghlac leis na prionsabail agus na struchtúir sin.

1.8.

Cé gur díol sásaimh do CESE go bhfuil an cur chuige sin ina chuid den “aistriú dúbailte”, is mian leis a chur in iúl go bhfuil roinnt sásraí teicneolaíochta ann i gcomhair an digitithe a d’fhéadfadh a bheith an-tomhaltach ar fhuinneamh.

1.8.1.

Fiú má tá gá le réamhchúraimí, measann CESE nár cheart go gcuirfeadh cosaint na sonraí bac ar sheirbhísí poiblí agus ar dhaoine aonair ar mian leo réitigh nua idir-inoibritheachta a chruthú.

1.8.2.

Thairis sin amach, creideann CESE i leith inrochtaineacht na sonraí seirbhíse poiblí do ghnólachtaí nó do dhaoine eile, do na saoránaigh, cuir i gcás, gur rud é ba cheart a bheith faoi réir leibhéil éagsúla údaraithe chun an rúndacht a chaomhnú agus chun gan ach na sonraí is riachtanaí a chur ar fáil.

2.   Cúlra

2.1.

Is éard atá i gcruthú margaidh inmheánaigh i.e. limistéar saorghluaiseachta daoine agus earraí, seirbhísí agus caipitil, cruthú limistéir ina bhfuil na bacainní náisiúnta bainte óna chéile.

2.2.

Ó bunaíodh an tAontas Eorpach, agus ó tháinig treise leis ó bunaíodh an Margadh Aonair, tá a dhícheall déanta aige deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh srian nó lancais a chur ar inmhe agus ar fhorás an mhargaidh inmheánaigh iarbhír.

2.3.

Ionas go mbeidh margadh inmheánach ann iarbhír, ní mór rochtain a bheith ag na saoránaigh agus ag na gnólachtaí ar sheirbhísí poiblí na mBallstát, agus ní mór é a bheith ar a gcumas idirghníomhú leis na seirbhísí sin ar bhealach simplí agus tapa, bíodh sin ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta.

2.4.

Thairis sin amach, má tá spás oscailte ann, spás na hEorpa, cuir i gcás, ní mór do chomhlachtaí riaracháin phoiblí na mBallstát a gcuid sonraí a roinnt le chéile agus obair i gcomhar le chéile ar na leibhéil éagsúla atá ann.

2.5.

Ó na 1990idí i leith, tá iarracht déanta ag an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun idir-inoibritheacht (1) nó, níos fearr fós, idirnascacht idir seirbhísí poiblí éagsúla na mBallstát a fhorbairt agus a chothabháil (2).

2.6.

De réir a chéile, tá scéal an riachtanais seo ag dul chun práinne, ós rud é gur tháinig gné bhreise i gceist sa mhargadh inmheánach, is é sin an ghné dhigiteach (3).

2.7.

Is réabhlóid atá sa digitiú gan aon agó, réabhlóid i nósmhaireacht na ndaoine, réabhlóid sa tslí a bhfeidhmíonn gnólachtaí, agus réabhlóid sa riarachán poiblí chomh maith.

2.8.

Sraith seirbhísí poiblí nach raibh ar fáil ach go fisiceach go dtí le blianta beaga anuas, is seirbhísí iad atá tagtha chun cinn go digiteach faoin am seo, rud a chruthaíonn buntáistí móra, bíodh sin don saoránach, don phobal gnó, nó do na seirbhísí poiblí féin, seirbhísí ar éirigh leo an-choigilt a dhéanamh ar uaireanta oibre agus ar acmhainní airgeadais.

2.9.

Is éard a tharla aimsir COVID-19 gur cuireadh luas leis an treocht, rud a tharla nuair ba léir gur rud é an idir-inoibritheacht idir seirbhísí poiblí Eorpacha éagsúla a fhéadfaidh a bheith ina huirlis luachmhar le haghaidh shaorghluaiseacht na ndaoine, faoi mar a thaispeáin úsáid an deimhnithe COVID i gcoinne an ghalair sin dúinn.

2.10.

I bhfianaise na tábhachta atá leis an earnáil phoiblí san OTI (4), admhaíonn an tAontas Eorpach go bhféadfaidh an digitiú a bheith ina fhachtóir cinntitheach sa phróiseas Eorpach sa réimse seo, ní hamháin toisc go bhféadfadh sé réimsí eile a ghiaráil, ach toisc go bhféadfadh sé gníomhú ina chatalaíoch don phróiseas ina iomláine i gcomhthéacs gheilleagar na hEorpa.

2.11.

Mar thoradh air sin, tá foráil luach EUR 47 mbilliún ina hiomláine sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíocht phoiblí chun an córas riaracháin phoiblí a dhigitiú.

2.12.

Is rud é a d’aithin an tAontas Eorpach, tríd an gCoimisiún, agus rialtais na mBallstát le himeacht ama gur gá idir-inoibritheacht agus idirnascacht na seirbhísí poiblí náisiúnta a dhoimhniú, i measc a chéile, agus idir na seirbhísí sin agus seirbhísí an Aontais (5), ionas gur féidir le daoine agus gnólachtaí ar fud an Aontais rochtain a fháil ar na seirbhísí sin cibé áit a bhfuil siad.

2.13.

Cé nach scéal nua (6) í idir-inoibritheacht na seirbhíse poiblí, féachann an teachtaireacht seo le creat níos foirmiúla, níos cobhsaí agus níos sláine a chruthú le haghaidh comhair, as a dtiocfaidh doimhniú breise ar an idirnascacht atá ann cheana idir córais dhigiteacha na seirbhísí poiblí náisiúnta éagsúla agus idir iad agus seirbhísí an Aontais Eorpaigh féin (7). Cé nach scéal nua ann féin atá san idir-inoibritheacht idir na seirbhísí poiblí, tá sé beartaithe sa Teachtaireacht creat comhair a bhunú a bheidh níos foirmiúla, téacs a bheidh níos cobhsaí agus níos sláine, d’fhonn cur leis an idirnascacht atá ann cheana idir trealamh digiteach na seirbhísí poiblí náisiúnta éagsúla, eatarthu féin agus le feistí an Aontais Eorpaigh, agus an cuspóir sin a chomhdhlúthú chun ráta digitithe na seirbhísí sin ar a chríoch a bhaint amach in 2030, faoi mar a moladh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, (COM(2021) 118), 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach do 2030: An bealach digiteach á leagan síos ag an Eoraip go ceann deich mbliana.

2.14.

Chuige sin, leagtar na príomhphrionsabail seo a leanas amach sa Teachtaireacht chun cur chuige comhleanúnach a chur chun feidhme sa réimse:

struchtúr rialachais idir-inoibritheachta a chruthú ina mbeidh dhá chomhlacht (an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach agus an Comhphobal Idir-inoibritheach na hEorpa), a ceapadh chun go bhféadfaidh riaracháin phoiblí comhoibriú ar leibhéal ginearálta (Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil) agus earnála (ceartas, iompar, gnóthaí inmheánacha, sláinte, éiceolaíocht, etc.), agus le geallsealbhóirí príobháideacha — agus sainordú acu teacht ar chomhaontú maidir le réitigh chomhroinnte idir-inoibritheachta (e.g. creataí, sonraíochtaí oscailte, caighdeáin oscailte, feidhmchláir nó treoirlínte);

measúnú éigeantach a thabhairt isteach ar aon tionchar ar idir-inoibritheacht trasteorann a bhaineann le córas faisnéise seirbhíse poiblí a thabhairt isteach nó a athrú;

éiceachóras réiteach idir-inoibritheachta a chomhchruthú d’earnáil phoiblí an Aontais (catalóga de shócmhainní aitheanta idir-inoibritheachta a thabhairt isteach ar féidir le riaracháin iad a úsáid agus beartais a cheapadh, amhail uirlisí digiteacha, sonraíochtaí nó réitigh), ionas gur féidir le riaracháin phoiblí ar gach leibhéal san Aontas agus le geallsealbhóirí eile rannchuidiú le cruthú, le feabhsú agus le hathúsáid na réiteach sin, rud a chuirfidh ar a gcumas nuáil a dhéanamh le chéile agus luach poiblí a chruthú;

maoiniú áirithe ón Aontas Eorpach a dheonú chun córais faisnéise náisiúnta a chruthú nó a neartú coinníollach ar réitigh agus prionsabail atá réamhshainithe ag an Aontas Eorpach a úsáid (8).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Dála an Choimisiúin, creideann CESE gur ceanglas bunriachtanach í an idir-inoibritheacht idir seirbhísí poiblí chun margadh aonair digiteach a bhunú agus chun deireadh a chur leis na bacainní atá fós ann sa mhargadh fisiciúil (9).

3.2.

Más linn ráta 100 % de sheirbhísí poiblí digitithe a chur i réim ar fud an Aontais Eorpaigh faoi 2030, ní mór gréasán tras-Eorpach a bhunú agus a fheabhsú, gréasán a nascfaidh na córais riaracháin sin le chéile, gréasán a úsáidfidh eilimintí coiteanna ar gach leibhéal, idir ghnéithe teicniúla agus ghnéithe séimeantacha, ghnéithe dlíthiúla agus ghnéithe eagraíochtúla.

3.3.

Mar sin féin, ní hé toradh a bheidh ar shaothrú an chuspóra sin go gcuirfidh na Ballstáit rompu cloí le beartas a thapóidh digitiú iomlán na seirbhísí poiblí, rud ab aimhleas do na seirbhísí a chuirtear ar fáil i láthair an duine féin, agus ní ceart gan freastal ar na grúpaí saoránach is leochailí atá sa tsochaí, ós éard atá le rá gur cheart go mbeadh deis ag cách gan eisceacht coinne a fháil le lucht na seirbhísí poiblí i láthair duine den fhoireann. Ba cheart oiliúint maidir le scileanna digiteacha a bheith ar fáil do chách, ach go háirithe do na grúpaí sin den daonra.

3.4.

In ionad an pearsanra a laghdú, is amhlaidh a chruthóidh forbairt agus oibriú seirbhísí digiteacha gá breise le pearsanra i dtús ama. Is réamhriachtanas atá ann dóthain foirne a bheith ar fáil má tá rath le bheith ar an gclaochlú digiteach.

3.5.

Ba cheart an digitiú a úsáid lena áirithiú gur fearr na seirbhísí poiblí a bheidh ar fáil.

3.6.

Faoi mar a dúirt CESE sa tuairim uaidh roimhe seo, “níor cheart go mbeadh sé dírithe ar ríomhairí a chur in ionad daoine, ach ar am daoine a shaoradh chun díriú ar chúraimí níos luachmhaire” (10).

3.7.

Ní bealach é an digitiú ná úsáid na hintleachta saorga chun ciorruithe a dhlisteanú ar líon na bpost atá ann. Má chuirtear deireadh leis na gnáthchúraimí mar gheall ar an digitiú, is éard ba cheart go mbeadh níos mó ama ag fostaithe chun obair dhúshlánach a dhéanamh, sin agus chun comhairle a chur ar na daoine.

3.8.

Is géire an gá atá leis an moladh sin ós cinnte go séanfar an fhaisnéis a bheidh ar fáil don phobal in 2030 ar mhionlach de na saoránaigh, daoine a bheidh gan rochtain ar sheirbhísí poiblí ach amháin ach i láthair an duine féin (11). Na bealaí rochtana analógacha atá ar fáil do dhaoine chun seirbhísí poiblí a úsáid, is bealaí iad nár cheart a dhéanamh níos deacra le linn an digitithe, nár níor cheart na bealaí sin a chaitheamh i dtraipisí le linn an digitithe ach oiread.

3.9.

Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE gurb é is aidhm don Teachtaireacht seo leibhéal idir-inoibritheachta na hearnála poiblí a dhoimhniú agus a fheabhsú, agus creat dlíthiúil a chruthú atá le sainiú ar leibhéal an Aontais (12).

3.10.

Admhaíonn CESE go mbeidh buntáistí ollmhóra ag na saoránaigh ar an méid sin, go háirithe ag oibrithe trasteorann, ag saol na heacnamaíochta agus ag riarachán poiblí na mBallstát féin.

3.11.

Mar sin féin, faoi mar a thuigeann an Coimisiún féin, ní leor caighdeáin theicniúla a bhunú a fhéadfaidh na seirbhísí a idirnascadh le chéile ionas go bhféadfar iad a aistriú go praiticiúil. Ní mór do na Ballstáit na hinfheistíochtaí poiblí iomchuí a dhéanamh ar gach leibhéal.

3.12.

Is éard is gá a áirithiú go mbeidh comhordú ann, más ar an leibhéal reachtach é nó ar leibhéal na líonraí seirbhíse earnála, ionas nach obair in aisce a bheidh in aimsiú na dtorthaí trí bhíthin na hidir-inoibritheachta faoi ualaí maorlathais mhíriachtanacha, agus ionas nach mbeidh ar dhaoine aonair ná ar ghnólachtaí na sonraí céanna a sholáthar do gach ceann de na seirbhísí poiblí éagsúla sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh orthu nósanna imeachta a leanúint arís agus arís eile agus costais mhíriachtanacha a thabhú.

3.13.

Ar an taobh eile den scéal, is ríthábhachtach gan bac ar bith a bheith ar sheirbhísí poiblí digiteacha ar an leibhéal náisiúnta ó thaobh nascachta agus idir-inoibritheachta de, bac a chuirfeadh constaic roimh an úsáid trasteorann, agus is ríthábhachtach nach mbrisfidís an nasc idir na saoránaigh agus gnólachtaí nó seirbhísí poiblí eile le Ballstáit eile (13).

3.14.

Is díol sásaimh do CESE go raibh dul chun cinn mór ann i ndigitiú na seirbhísí poiblí le linn na paindéime agus le linn na dianghlasála.

3.15.

I ndáil leis an méid sin, is inmholta go bhféachfaí leis go n-áiritheodh an teachtaireacht is ábhar don tuairim seo go mbunófaí comhleanúnachas idir na beartais idir-inoibritheachta uile, beartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, rud a dhéanfaí ach úsáid na samhlacha coiteanna a spreagadh, is é sin trí roinnt na sonraíochtaí teicniúla ar rud amháin agus trí réitigh choiteanna de chineálacha eile a úsáid ar rud eile.

3.16.

Ar an gcúis chéanna, tacaíonn CESE leis an bprionsabal go ndéanfadh na seirbhísí poiblí míreanna agus sonraí a athúsáid agus a roinnt le chéile ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

3.17.

Thairis sin, is mian le CESE a chur in iúl go bhfuil imní air faoi úsáid teangacha i réimse idir-inoibritheacht na seirbhísí poiblí. Ní ceart réim na teanga a bheith ina chonstaic mhaorlathach, agus is gá a áirithiú go roinnfear sonraí agus faisnéis i bhfriotal atá sothuigthe do chách.

3.18.

Tacaíonn CESE le samhail rialachais a chruthú agus a institiúidiú i gcomhair an bheartais sin, samhail a bhfuil dhá phríomhchomhlacht le lua leis. Sin iad an Bord um an Eoraip idir-inoibritheach, coiste arb é an Coimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht air, maille le beirt chomhaltaí as gach Ballstát, mar aon le beirt eile a bheidh ina n-ionadaithe ar CESE féin agus ar Choiste na Réigiún, agus ar an taobh eile den scéal, pobal idir-inoibritheacha na hEorpa agus é comhdhéanta de ghníomhaithe ón tsochaí shibhialta agus ón earnáil phríobháideach (14) (15).

3.19.

Measann CESE gur tábhachtach don tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta go háirithe, páirt a ghlacadh sa sainmhíniú ar bheartais idir-inoibritheachta, ní hamháin toisc gurb iad saoránaigh agus gnólachtaí faighteoirí deiridh na gníomhaíochta sin, ach freisin toisc gur féidir leis an tsochaí shibhialta rannchuidiú trí réitigh theicneolaíocha nua a sholáthar nach mbeadh an earnáil phoiblí in acmhainn a fhorbairt.

3.20.

Creideann CESE gur cheart rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a dhéanamh ar leibhéil éagsúla, agus an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát an tiomantas sin a chur chun cinn ar na leibhéil éagsúla idir náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

3.21.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil pointe rochtana aonair á chruthú ag an gCoimisiún, pointe arb é is aidhm dó an t-eolas agus na sásraí idir-inoibritheachta. Is nithe iad sin a fhéadfaidh eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha a sholáthar.

3.22.

Ach oiread leis an gCoimisiún, creideann CESE gur cheart do sheirbhísí poiblí an Aontais a gcuid spleáchais ar bhonneagar digiteach atá á sholáthar ag tríú tíortha a laghdú, bonneagar atá ina bhagairt do cheannasacht dhigiteach na hEorpa.

3.23.

Maidir leis an bpointe áirithe sin, tugtar faoi deara go measann an Coimisiún gur cheart tús áite a thabhairt do chórais oscailte, córais a mbeadh cód foinse oscailte ag gabháil leo, chun deis a thabhairt do na forbróirí a gcuid réiteach a roinnt le daoine eile.

3.24.

I dtaca leis sin, is díol sásaimh do CESE beartú agus spreagadh a bheith sa Teachtaireacht chun próisis thurgnamhacha a dhearadh. Is próisis iad sin a fhágfaidh gur feidir comhpháirtíochtaí a chur ar bun idir an earnáil phoiblí agus cuideachtaí nuálacha teicneolaíochta, sin nó gnólachtaí nuathionscanta. Is d’fhonn réitigh thurgnamhacha nuálacha a fhorbairt a tharlódh sin, réitigh a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm laistigh de na seirbhísí poiblí ach a mbeadh tréimhse thástála curtha isteach acu agus dea-thoradh air, réitigh a d’fhéadfadh na seirbhísí poiblí a roinnt le chéile.

3.25.

Dar le CESE gur thábhachtach na prionsabail agus na struchtúir a mholtar sa chreat seirbhíse poiblí Eorpach a bheith ina choinníoll le maoiniú na dtionscadal idir-inoibritheachta i réimse na seirbhíse poiblí san am atá romhainn, agus gur thábhachtach gan acmhainní a chur i dtreo tionscadail nár ghlac leis na prionsabail agus na struchtúir sin.

3.26.

Is rímhaith an rud a bheadh i gcoinníoll mar sin leis na seirbhísí poiblí a chur i dtreo na gcaighdeán coiteann dá ndeoin féin.

3.27.

Is cúis iontais do CESE, murab ionann agus teachtaireachtaí eile a bhí ann roimhe seo (16), nach luaitear sa tuairim seo beag ná mór an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as idir-inoibritheacht na gcóras poiblí Eorpach sa chomhrac i gcoinne na calaoise agus, ar an gcaoi sin, fáltas agus ioncam breise a chruthú go héifeachtach le haghaidh na mBallstát.

3.28.

I ndáil leis sin, tugann CESE dá aire go gcaithfidh idir-inoibritheacht na gcóras a bheith fite fuaite le húsáid na hintleachta saorga, rud a d’fhéadfadh cuidiú leis na seirbhísí poiblí in anailís na sonraí, sin agus é a bheith indéanta foláirimh agus rabhaidh a eisiúint do na seirbhísí poiblí éagsúla sna Ballstáit.

3.29.

Ar an ásc deiridh, ba cheart dhá bharúil a thabhairt maidir leis an aistriú glas agus cosaint na sonraí.

3.29.1.

Cur chuige na hidir-inoibritheachta sna córais phoiblí a chur san áireamh sa straitéis don aistriú digiteach agus don aistriú glas, sin ceann de na cuspóirí atá leis an Teachtaireacht.

3.29.2.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil roinnt sásraí TF ann a d’fhéadfadh a bheith an-tomhaltach ar fhuinneamh ainneoin iad a bheith an-éifeachtúil.

3.29.3.

Sin é cás an bhlocshlabhra, córas a chaitheann an t-uafás fuinnimh i réimse shlándáil na sonraí íogaire, cuir i gcás, ar mhaithe le bheith an-éifeachtach.

3.29.4.

Is díol sásaimh do CESE an bealach a dtugtar isteach “boscaí gainimh” sna rialacha a leagtar síos sa Teachtaireacht chun na forálacha atá beartaithe a thástáil.

3.29.5.

Fiú má tá gá le réamhchúraimí, measann CESE nár cheart go gcuirfeadh cosaint na sonraí bac ar sheirbhísí poiblí agus ar dhaoine aonair ar mian leo réitigh nua idir-inoibritheachta a chruthú.

3.29.6.

Thairis sin amach, creideann CESE i leith inrochtaineacht na sonraí seirbhíse poiblí do ghnólachtaí nó do dhaoine eile, do na saoránaigh, cuir i gcás, gur rud é ba cheart a bheith faoi réir leibhéil éagsúla údaraithe chun an rúndacht a chaomhnú agus chun gan ach na sonraí is riachtanaí a chur ar fáil.

3.29.7.

Dá ndéanfaí é sin, d’fhéadfaí fadhbanna den chineál sin a sheachaint, fadbhanna a tháinig chun cinn le déanaí maidir leis an bhféidearthacht rochtain a fháil ar shonraí ón gclár lárnach um úinéireacht thairbhiúil, rud ab ábhar cheana do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Sainmhínítear idir-inoibritheacht na hearnála poiblí mar rud “a chuireann ar chumas riarachán comhoibriú agus feidhmiú seirbhísí poiblí thar theorainneacha, thar earnálacha agus thar theorainneacha eagraíochtúla”. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le beartas idir-inoibritheachta neartaithe san earnáil phoiblí Lena nascaítear seirbhísí poiblí, lena dtacaítear le beartais phoiblí agus lena gcuirtear tairbhí don phobal ar fáil ionsar “an Eoraip Idirinoibritheach”.

(2)  Le Cinneadh Uimh. 1719/1999/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, seoladh tionscnamh ón gCoimisiún maidir le hidir-inoibritheacht na seirbhíse poiblí, arbh é a bhí ann sraith treoirlínte, lena n-áirítear tionscadail leasa choitinn a shainaithint, le haghaidh gréasán tras-Eorpach le haghaidh idirmhalartú leictreonach sonraí idir riaracháin.

(3)  Tá géarghá le margadh digiteach inmheánach, ní hamháin chun deireadh a chur le bacainní ar an margadh sin, ach chun sásraí a chruthú freisin chun cosc a chur ar bhacainní nua.

(4)  De réir fhigiúirí Eurostat le haghaidh 2022, is ionann an earnáil phoiblí agus 53,1 % de OTI na hEorpa – staidreamh airgeadais rialtais — Staidreamh arna Míniú(europa.eu).

(5)  Mar shampla, féach na dearbhuithe deiridh ó na cruinnithe idir-aireachta a tionóladh i dTaillinn (2017), i mBeirlín (2020) agus in Strasbourg (2022).

(6)  In 2010, thíolaic an Coimisiún an Teachtaireacht dar teideal Towards interoperability for European public services (COM(2010) 744 final), a bhí ina hábhar do thuairim CESE TEN/448-449 agus ar thacaigh an clár maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha (ISA) lena cur chun feidhme – Cinneadh Uimh. 922/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar tháinig clár ISA2 – Cinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus an Clár don Eoraip Dhigiteach – Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomharbas uirthi in 2015.

(7)  Aithnítear sa togra ón gCoimisiún nach leor an cur chuige deonach a glacadh go dtí seo chun na cuspóirí idir-inoibritheachta atá beartaithe a bhaint amach.

(8)  Féach an doiciméad míniúcháin a ghabhann leis an togra le haghaidh rialacháin agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le beartas neartaithe idir-inoibritheachta don earnáil phoiblí Na seirbhísí poiblí a nascadh, tacú le beartais phoiblí agus sochair phoiblí a sholáthar ionsar “an Eoraip idir-inoibritheach”.

(9)  Sa tuairim uaidh cheana féin TEN/635 – an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta – Straitéis Cur Chun Feidhme, chuir CESE in iúl a thábhachtaí atá an idir-inoibritheacht chun an margadh aonair digiteach a thabhairt i gcrích (IO C 81, 2.3.2018, lch 176).

(10)  Féach tuairimí CESE maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – The European eGovernment Action Plan 2011-2015 Harnessing ICT to promote smart, sustainable & innovative Government [Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais na hEorpa 2011-2015 – leas a bhaint as TFC chun rialtas a chur chun cinn a bheidh cliste, inbhuanaithe nuálach], agus maidir leis an “Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i dtreo na hidir-inoibritheachta i seirbhísí poiblí na hEorpa” (IO C 376, 22.12.2011, lch. 92).

(11)  Sin cúis imní a thagann i gceist arís agus arís eile i dtuairimí CESE (IO C 81, 2.3.2018, lch 176).

(12)  I dtuairimí dá chuid roimhe seo, chuir CESE in iúl go dtacaíonn sé leis na tionscadail uile atá seolta ag an Aontas Eorpach chun cuspóirí an aistrithe dhigitigh a bhaint amach – féach tuairim (IO C 365, 23.9.2022, lch 13).

(13)  Gné amháin den scéal a d’fhéadfadh a bheith ina chonstaic ar idir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí is ea an seasamh a glacadh maidir le sonraí pearsanta.

(14)  Tá an Bord um an Eoraip Idir-inoibritheach freagrach as bearta a cheapadh, as tacaíocht a sholáthar, as comhairle a chur ar fáil agus as monatóireacht a dhéanamh ar bheartais idir-inoibritheachta na hEorpa, agus tabharfaidh Comhphobal na hEorpa Idir-inoibritheach páirtithe leasmhara na sochaí sibhialta le chéile chun cabhrú leis an gCoiste réitigh nua atá le moladh a fhiosrú agus a shainaithint.

(15)  An rogha a rinne an Coimisiún, is rogha í atá i gcomhréir leis na moltaí a rinne CESE i dtuairimí eile roimhe seo (IO C 81, 2.3.2018, lch 176).

(16)  Féach an iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Creat Idir-Inoibritheachta Eorpach – Straitéis Cur Chun Feidhme.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/34


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú

(COM(2022)702 final – 2022/0408 (COD))

(2023/C 184/06)

Rapóirtéir:

Sandra PARTHIE

Comhrapóirtéir:

Philip VON BROCKDORFF

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 26.1.2023

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 30.1.2023

Bunús Dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

10.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

207/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) á chur i bhfios go láidir gur cheart do chóras dócmhainneachta atá deartha i gceart cabhrú le gnólachtaí inmharthana leanúint de bheith ag feidhmiú, sa dóigh is nach ndéanfar iad a leachtú roimh am. Cothromaíocht a aimsiú idir dócmhainneacht roimh am agus imeachtaí a thosaíonn ródhéanach an aidhm ar cheart a bheith aige. Is príomhthosca sa chomhthéacs sin iad trédhearcacht na n-imeachtaí agus teacht éasca a bheith ar fhaisnéis maidir le feidhmíocht ghnólachta. Ar a mhuin sin, ba cheart do scéim dócmhainneachta atá deartha i gceart iasachtóirí a dhíspreagadh ó iasachtaí ardriosca a eisiúint, agus bainisteoirí agus scairshealbhóirí a dhíspreagadh ó dhul i muinín na n-iasachtaí sin chomh maith le cinntí airgeadais meargánta eile a dhéanamh (1).

1.2.

Creideann CESE go gcabhraíonn athchóirithe dócmhainneachta atá dírithe ar athstruchtúrú fiachais agus atheagrú inmheánach a spreagadh le poist a chosaint agus, ag an am céanna, le rátaí teipe i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide agus leachtú gnólachtaí brabúsacha araon a laghdú. Mar sin féin, ba dhíol sásaimh do CESE é dá molfaí tograí a mbeadh sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar dhócmhainneacht daoine nádúrtha, ar fadhb í atá fós gan réiteach.

1.3.

Cé go gcuirtear an togra i láthair mar chéim thábhachtach chun bearnaí ábhartha a dhúnadh d’fhonn feabhas a chur ar Aontas na Margaí Caipitil san Aontas Eorpach, tá amhras ar CESE go gcuirfí i gcrích an méid a rabhthas ag súil leis ón togra. Ní leor an togra chun sainmhíniú comhchuibhithe a sholáthar ar fhorais dócmhainneachta agus rangú éileamh, a bhfuil an dá cheann acu ríthábhachtach chun éifeachtúlacht a bhaint amach ar leibhéal níos fearr agus chun an ilroinnt atá ann faoi láthair sna rialacha náisiúnta dócmhainneachta a laghdú.

1.4.

Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún, ar an bParlaimint agus ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an moladh in Airteagal 27 iallach a chur ar chontrapháirtithe, e.g. soláthraithe do ghnólacht atá ag cur tús le himeachtaí dócmhainneachta, conarthaí le comhlíonadh a shíniú, a shanntar ansin d’fhaighteoir an ghnó gan toiliú an chontrapháirtí. Déanann sé sin, i ndáiríre, iad a cheangal go saorga le comhpháirtí conartha nár roghnaigh siad riamh ná nach ndearna siad grinnfhiosrúchán orthu agus cuireann sé srian lena saoirse fiontraíochta. Má chuirtear srian leis an gceart conradh a fhoirceannadh i gcás dócmhainneachta, is lú an fonn a bheidh ar sholáthróirí ríthábhachtacha creidmheas a sholáthar, go háirithe i gcás MFBManna atá i gcruachás airgeadais.

1.5.

Bíodh sin mar atá, is díol sásaimh do CESE an togra maidir le nós imeachta speisialta a thabhairt isteach chun foirceannadh micrifhiontar a éascú agus chun dlús a chur leis, rud a fhágfaidh go mbeidh próiseas dócmhainneachta níos costéifeachtúla ann do na fiontair sin. Tacaíonn na socruithe sin freisin le foirceannadh ordúil na micrifhiontar “gan sócmhainní”, agus téann siad i ngleic le diúltú roinnt Ballstát don rochtain ar imeachtaí dócmhainneachta má tá an luach téarnaimh réamh-mheasta faoi bhun na gcostas breithiúnach. Tá CESE á chur i bhfios go láidir go gcumhdaíonn sé sin thart ar 90 % de na dócmhainneachtaí san Aontas agus, dá bhrí sin, measann sé gur nós imeachta an-suntasach atá ann.

1.6.

Cé go bhformhuiníonn CESE an nós imeachta speisialta sin, tá rabhadh á thabhairt ag an gCoiste go bhféadfadh ró-ualach ar chórais bhreithiúnacha náisiúnta a bheith mar thoradh ar na ceanglais atá ar chúirteanna náisiúnta na cúraimí sin a dhéanamh, má fhágtar fúthu a mheas an bhfuil micrifhiontar dócmhainneach i ndáiríre agus na himeachtaí fadálacha riachtanacha a dhéanamh, lena n-áirítear sócmhainní a réadú agus na fáltais a leanann a dháileadh. Dá bhrí sin, molann CESE dul i muinín gníomhaithe inniúla eile, cuir i gcás cleachtóirí dócmhainneachta, d’fhonn an t-ualach ar na breithiúna a laghdú (2).

1.7.

Ar an ásc deiridh, ba mhaith le CESE a chur in iúl go bhféadfadh leibhéil ní b’airde d’iasachtaí neamhthuillmheacha a bheith ann, thar mar atá faoi láthair, de thoradh imeachtaí dócmhainneachta neamhéifeachtúla, rud a d’fhéadfadh an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol agus tionchar a imirt freisin ar chúrsaí creidmheasa, ar an mboilsciú agus ar an bhfíor-olltáirgeacht intíre. Tá CESE den tuairim go bhfuil córais dócmhainneachta agus córais chearta creidiúnaithe/féichiúnaithe ar cheann de na huirlisí comhlántacha i stór lucht déanta beartais chun fás na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a choinneáil faoi smacht trína áirithiú gur mó an seans a bheidh ann go n-aisíocfar iasachtaí agus trí leibhéil na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a choigeartú ar dhóigh ní ba thapúla ná mar a dhéantar i láthair na huaire.

2.   Éirim an togra ón gCoimisiún

2.1.

Is é cuspóir an togra difríochtaí sna dlíthe dócmhainneachta náisiúnta a laghdú agus, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gcreataí dócmhainneachta a d’fhéadfadh a bheith neamhéifeachtúil sna Ballstáit ina dtarlaíonn difríochtaí den sórt sin, rud a mhéadaíonn trédhearcacht imeachtaí dócmhainneachta i gcoitinne agus a laghdaíonn bacainní ar shaorghluaiseacht caipitil. Trí ghnéithe spriocdhírithe de dhlíthe dócmhainneachta a chomhchuibhiú, tá sé d’aidhm ag an togra, go háirithe, costais faisnéise agus foghlama d’infheisteoirí trasteorann a laghdú. Mar thoradh ar dhlíthe dócmhainneachta níos aonfhoirmí, táthar ag súil go leathnófaí an rogha cistiúcháin atá ar fáil do chuideachtaí ar fud an Aontais.

2.2.

Is é is aidhm don togra reatha roinnt bearnaí i reachtaíocht an Aontais a bhí ann roimhe seo maidir le rialacha dócmhainneachta a dhúnadh, i.e. Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), go háirithe maidir le haisghabháil sócmhainní ón eastát dócmhainneachta leachtaithe, éifeachtúlacht na n-imeachtaí agus dáileadh intuartha cothrom luacha aisghafa i measc creidiúnaithe. Áirítear leis sin saincheisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí seachanta, rianú sócmhainní, dualgais agus dliteanas stiúrthóirí, cuideachta a dhíol mar ghnóthas leantach trí “imeachtaí réamhphaca”, an truicear dócmhainneachta, córas speisialta dócmhainneachta do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga, rangú éileamh agus coistí creidiúnaithe.

2.3.

Tugadh faoi deara go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha ann sna rialacha náisiúnta dócmhainneachta atá i bhfeidhm cheana sna Ballstáit maidir leis an am a thógann sé cuideachta a leachtú agus maidir leis an luach is féidir a aisghabháil sa deireadh. I roinnt Ballstát, bíonn nósanna imeachta dócmhainneachta fada agus meánluach aisghabhála íseal i gcásanna leachtaithe mar thoradh air sin. Dar leis an gCoimisiún Eorpach, is bac é sin ar aontas na margaí caipitil agus ar infheistíochtaí trasteorann laistigh den Aontas.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir le tuilleadh trédhearcachta agus tuilleadh infhaighteacht faisnéise a bhaineann le rialacha agus imeachtaí dócmhainneachta trasteorann. Tá CESE den tuairim, áfach, nach bhfuil sa togra seo ach an chéad chéim i dtreo chóineasú na gcóras dócmhainneachta a bhaint amach ar fud Bhallstáit an Aontais. Ina theannta sin, ba dhíol sásaimh do CESE é dá molfaí tograí a mbeadh sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar dhócmhainneacht daoine nádúrtha, ar fadhb í atá fós gan réiteach.

3.2.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur cheart do chóras dócmhainneachta atá deartha i gceart cabhrú le gnólachtaí inmharthana leanúint de bheith ag feidhmiú, sa dóigh is nach ndéanfar iad a leachtú roimh am. Ba cheart dó freisin iasachtóirí a dhíspreagadh ó iasachtaí ardriosca a eisiúint, agus bainisteoirí agus scairshealbhóirí a dhíspreagadh ó dhul i muinín na n-iasachtaí sin chomh maith le cinntí airgeadais meargánta eile a dhéanamh (5). Gnólacht a bhíonn caillteach le cúlú eacnamaíoch sealadach nó cinneadh mícheart, is féidir leis cor chun feabhais a chur ar chúrsaí go fóill má thagann feabhas ar chúrsaí eacnamaíocha nó má dhéanann an gnólacht na bearta ceartaitheacha cuí. Is é leas na ngeallsealbhóirí uile é nuair a tharlaíonn sin. Is féidir le creidiúnaithe cuid mhaith dá n-infheistíocht a fháil ar ais, coinníonn níos mó oibrithe a bpoist agus caomhnaítear líonra na soláthraithe agus na gcustaiméirí.

3.3.

Sa chomhthéacs sin, is mian le CESE aird a dhíriú ar na staidéir a léiríonn go bhfuil baint idir athchóirithe éifeachtacha ar chearta creidiúnaithe le costais níos ísle creidmheasa, rochtain mhéadaithe ar chreidmheas, feabhas ar théarnamh creidiúnaithe agus cosaint post ar bhealach níos éifeachtaí (6). Ba cheart cearta rannpháirtíochta coiste creidiúnaithe a neartú freisin trí ról a thabhairt, b’fhéidir, d’ionadaí na bhfostaithe. Más féidir le creidiúnaithe an chuid is mó dá n-infheistíochtaí a fháil ar ais ag deireadh imeachtaí dócmhainneachta is féidir leo leanúint d’athinfheistiú i ngnólachtaí agus rochtain cuideachtaí ar chreidmheas a fheabhsú. Ar an gcaoi chéanna, má dhéantar dearbhthosaíocht na n-éileamh a urramú trí bhíthin an chórais féimheachta, is féidir le creidiúnaithe urraithe leanúint den iasachtú agus déantar muinín a choinneáil sa chóras féimheachta (7).

3.4.

Tá CESE den tuairim go gcabhraíonn athchóirithe dócmhainneachta atá dírithe ar athstruchtúrú fiachais agus atheagrú inmheánach a spreagadh le poist a chosaint, agus le rátaí teipe i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide agus leachtú gnólachtaí brabúsacha araon a laghdú.

3.5.

Is minic a luaitear na difríochtaí suntasacha i ndlíthe dócmhainneachta náisiúnta mar bhacainní ar infheistíochtaí trasteorann, mar aon le rialacháin chánachais. Creideann CESE go gcabhródh leibhéil níos airde cóineasaithe i ndlíthe dócmhainneachta le feidhmiú feabhsaithe na margaí caipitil a bhaint amach, rud a d’éascódh an infheistíocht ar fud an Aontais. Mar sin féin, ní leor an togra chun príomhghnéithe den dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú, ar a n-áirítear sainmhíniú comhchuibhithe ar fhorais dócmhainneachta agus rangú éileamh, a bhfuil an dá cheann acu ríthábhachtach chun éifeachtúlacht a bhaint amach ar leibhéal níos fearr agus chun an ilroinnt atá ann faoi láthair sna rialacha náisiúnta dócmhainneachta a laghdú. Is dona an tuar é sin i dtaca leis an sprioc uaillmhianach atá leagtha síos, mar atá Aontas na Margaí Caipitil, a bhaint amach, rud a bhfuil géarghá leis.

3.6.

Mar sin féin, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go dtacaíonn sé go daingean le margadh caipitil níos oscailte ar fud an Aontais, margadh lena dtugtar rochtain níos leithne ar infheistíocht do chuideachtaí, agus aithníonn sé torthaí an Choimisiúin agus an Bhainc Dhomhanda (8) go méadaítear rochtain ar chreidmheas do chuideachtaí Eorpacha mar gheall ar mhéadú ar ráta téarnaimh na sócmhainní áit a bhfuil ardú ar dhócmhainneacht agus ar éifeacht na gceart creidiúnaithe.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Aithníonn CESE go bhfuil difríocht shuntasach idir na himeachtaí dócmhainneachta ó Bhallstát go Ballstát, agus go bhfuil an rialáil náisiúnta i bhfabhar cur chuige atá bunaithe níos mó ar “fhéichiúnaí i seilbh” ná cur chuige atá bunaithe níos mó ar “chearta creidiúnaithe”, nó ceann lena dtugtar tosaíocht don fhostaíocht agus don reachtaíocht fostaíochta. Mar thoradh air sin, bíonn fabhair éagsúla ann maidir le leachtú cuideachtaí, rangú éileamh ag creidiúnaithe agus róil stiúrthóirí cuideachta, cleachtóirí dócmhainneachta agus cúirteanna. Mar an gcéanna, agus beartais á gceapadh, ní mór difríochtaí idir scairshealbhóirí agus sealbhóirí fiachais a chur san áireamh; den chuid is mó freagraíonn sealbhóirí fiachais níos mó d’infhaighteacht uirlisí athstruchtúrúcháin, áit a mbaineann scairshealbhóirí níos mó feidhme as ionstraimí coisctheacha agus cuíchóirithe. Is é tuairim CESE gur céim chun tosaigh iad na tograí ón gCoimisiún d’fhonn cóineasú a áirithiú ar fud an Aontais, ach nach mbeidh comhchuibhiú iomlán ann fós dá mbarr agus nach dtugann siad aghaidh ar dhócmhainneacht daoine nádúrtha, ar fadhb í atá fós gan réiteach.

4.2.

Tacaíonn CESE le dearcadh an Choimisiúin gur príomhthoisc d’infheisteoirí eachtracha iad na dlíthe dócmhainneachta náisiúnta. Mar sin féin, tá sé á chur in iúl ag CESE nach mó ná 20 % de na cásanna ar fad méid na ndócmhainneachtaí lena ngabhann soláthar trasteorann creidmheasa agus go léirítear le sonraí do thíortha G20 nach méadaíonn córas éifeachtach um chearta dlíthiúla leibhéal na hInfheistíochta Dírí Coigríche (IDC) ach ó 2 % go 3 % de OTI. Anuas air sin, is mar gheall ar chumaisc agus éadálacha corparáidí atá ann cheana seachas infheistíocht i bhfiontair nua go dtarlaíonn cuid shuntasach de IDC.

4.3.

Molann CESE, mar sin, gan bheith ag súil leis an iomarca ón dlí dócmhainneachta ar infheistíochtaí. Ina dhiaidh sin is uile, aithníonn CESE go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag soláthar creata éifeachtaigh um chearta dlíthiúla do chreidiúnaithe, ag níos mó trédhearcachta do gach infheisteoir féideartha maidir le dlíthe dócmhainneachta agus ag faisnéis chomhionann ar an staid dhlíthiúil ar an infheistíocht choigríche. Is cinnte dá mbeadh deimhne ann i dtaca le rialacha maidir le cearta creidiúnaithe agus féichiúnaithe agus comhchuibhiú níos fearr ar nósanna imeachta chun comhthaobhacht a bhaint amach ar fud na mBallstát go bhféadfaí rioscaí a laghdú agus ugach a thabhairt d’infheistíochtaí trasteorann agus don trádáil inmheánach.

4.4.

Anuas air sin, creideann CESE go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach faisnéis agus trédhearcacht a chur ar fáil d’infheisteoirí maidir le saincheisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí seachanta, rianú sócmhainní, dualgais agus dliteanas stiúrthóirí, cuideachta a dhíol mar ghnóthas leantach trí “imeachtaí réamhphaca”, an truicear dócmhainneachta, córas speisialta dócmhainneachta do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga, rangú éileamh agus coistí creidiúnaithe.

4.5.

Is díol sásaimh do CESE freisin go dtabharfar isteach leis an togra nós imeachta speisialta chun foirceannadh micrifhiontar a éascú agus chun dlús a chur leis, rud a fhágfaidh go mbeidh próiseas dócmhainneachta níos costéifeachtúla ann do na fiontair sin. Tacaíonn na socruithe sin freisin le foirceannadh ordúil na micrifhiontar “gan sócmhainní”, agus téann siad i ngleic le diúltú roinnt Ballstát don rochtain ar imeachtaí dócmhainneachta má tá an luach téarnaimh réamh-mheasta faoi bhun na gcostas breithiúnach. Tá CESE á chur i bhfios go láidir go gcumhdaíonn sé sin thart ar 90 % de na dócmhainneachtaí san Aontas agus, dá bhrí sin, measann sé gur nós imeachta an-suntasach atá ann.

4.6.

Mar sin féin, cé go dtacaíonn CESE leis an nós imeachta speisialta sin, tá rabhadh á thabhairt againn gur féidir leis na ceanglais atá ar chúirteanna náisiúnta na cúraimí sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 12ff den treoir, a bheith ina gcúis le ró-ualach ar chórais bhreithiúnacha náisiúnta má fhágtar fúthu a mheas an bhfuil micrifhiontar dócmhainneach i ndáiríre agus na himeachtaí fadálacha riachtanacha a dhéanamh. Is é ár dtuairim go sáródh sé sin go pointe cuspóir na reachtaíochta atá beartaithe. Dúradh i dtuairimí eile de chuid CESE roimhe seo (9), go bhféadfadh sé nach é dul i muinín na gcúirteanna go córasach an rogha ab fhearr agus mhol CESE comhlachtaí nua a bhunú a ghlacfadh freagracht as an gcúram sin. Tá sé léirithe gur mhór an tairbhe baint éifeachtach a bheith ag cleachtóirí dócmhainneachta neamhspleácha go háirithe le micrifhiontraithe atá drocheagraithe i gcás imeachtaí leachtaithe simplithe, agus tá CESE den tuairim gur cheart machnamh a dhéanamh i ndáiríre faoina fhéideartha atá sé ról a thabhairt do chleachtóirí dócmhainneachta ina leith (10).

4.7.

Ina cheann sin, molann CESE go mbeadh rochtain dhíreach agus ghasta ag cleachtóirí dócmhainneachta ar na cláir náisiúnta sócmhainní, nuair is é a leas dlisteanach é, beag beann ar an mBallstát inar ceapadh iad. Tá sé á chur in iúl ag CESE freisin nár bunaíodh cláir den sórt sin sna Ballstáit uile go fóill agus áitíonn sé ar na húdaráis ábhartha an staid sin a chur ina ceart go tapa.

4.8.

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh imeachtaí réamhphaca, i gcás ina n-ullmhaítear agus ina gcaibidlítear gnó an fhéichiúnaí (nó cuid de) a dhíol sula dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta go foirmiúil. Fágann sé sin gur féidir an díolachán a chur i gcrích agus na fáltais a fháil go gairid tar éis tionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta foirmiúla atá beartaithe chun cuideachta a leachtú. Mar sin féin, tá rabhadh á thabhairt ag CESE i gcoinne an mholta in Airteagal 27 iallach a chur ar chontrapháirtithe, e.g. soláthraithe chuig gnólacht atá ag cur tús le himeachtaí dócmhainneachta, conarthaí le comhlíonadh a shíniú, conarthaí a shanntar ansin d’fhaighteoir an ghnó gan toiliú an chontrapháirtí. Déanann sé sin, i ndáiríre, iad a cheangal go saorga le comhpháirtí conartha nár roghnaigh siad riamh ná nach ndearna siad grinnfhiosrúchán orthu agus cuireann sé srian lena saoirse fiontraíochta. Is tábhachtaí sin i gcás na bhfostaithe, óir ní ceadmhach, de thoradh athrú éigeantach fostóra, dochar a dhéanamh dá saoirse chun slí bheatha a roghnú. Dá bhrí sin, áitíonn CESE ar an gCoimisiún, ar an bParlaimint agus ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an moladh seo. Chomh maith leis sin, ba cheart é a neartú san imeacht réamhphaca go bhféadfadh coiste creidiúnaithe a bheith rannpháirteach ann agus rialú a dhéanamh air.

4.9.

Tá sé á chur in iúl ag CESE freisin nach dtugtar aghaidh sa treoir, i ndáiríre, ar shaincheist an chóineasaithe maidir le rangú éileamh ná ní thugtar inti sainmhíniú ar an rud is forais dócmhainneachta ann ach oiread. Ós rud é gur príomhcheanglas iad sin le haghaidh imeachtaí dócmhainneachta comhchuibhithe, is cúis mhór aiféala do CESE nár chuir an Coimisiún na himeachtaí sin chun cinn.

4.10.

Ar an gcaoi chéanna, ní thugtar aghaidh go leordhóthanach ar na truicir dhócmhainneachta sa togra, in ainneoin go maítear a mhalairt sa teachtaireacht maidir leis an treoir. Luaitear sa togra gurb é an tástáil scoir íocaíochtaí agus tástáil an chláir chomhardaithe an dá rud is mó is cúis le gnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh sna Ballstáit.

4.11.

D’fhonn imeachtaí dócmhainneachta a shimpliú, rud a dtacaíonn CESE leis i bprionsabal, moltar sa treoir gur cheart imeachtaí foirceanta simplithe a thionscnamh nuair nach mbíonn gnólachtaí in ann fiachais a íoc de réir mar a thagann siad in aibíocht. In ionad treoir a thabhairt maidir le conas na coinníollacha sonracha faoina gcomhlíontar an critéar sin a shainiú, iarrtar sa togra ar na Ballstáit féin an pointe sin a shainiú, rud a chiallaíonn nach mbeadh comhleanúnachas ann ar an bpointe seo ar fud an Aontais.

4.12.

Tá CESE á thabhairt dá aire freisin gurb iad na bainc na príomh-idirghabhálaithe airgeadais de ghnáth agus go bhfuil siad bunriachtanach do chóras airgeadais cobhsaí. Cuirtear an bhrabúsacht i mbaol agus is féidir sócmhainneacht na mbanc a chur i mbaol, freisin, mar gheall ar iasachtaí neamhthuillmheacha. Tá córais dócmhainneachta agus córais chearta creidiúnaithe/féichiúnaithe ar cheann de na huirlisí comhlántacha i réimse lucht déanta beartais chun fás na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a choinneáil faoi smacht agus chun iad a réiteach nuair a chruthaíonn siad fadhbanna. Léiríonn anailís ar leibhéal gnólachta go bhféadfadh athchóirithe ar chórais dócmhainneachta lena laghdaítear bacainní ar athstruchtúrú corparáideach agus lena laghdaítear an costas pearsanta a bhaineann le cliseadh fiontraíochta an sciar caipitil a chaitear i gcuideachtaí zombaí, mar a thugtar orthu, a laghdú. Déantar na gnóthachain sin a réadú i bpáirt trí athstruchtúrú a dhéanamh ar ghnólachtaí laga, rud a spreagann ath-leithdháileadh caipitil ar ghnólachtaí níos táirgiúla.

4.13.

Ar deireadh, molann CESE don Choimisiún staidreamh rialta a fhoilsiú maidir le cásanna dócmhainneachta faoin rialachán dócmhainneachta ábhartha ionas gur féidir éifeachtacht an chórais bhunaithe a mheasúnú ó am go ham.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  An Banc Domhanda Resolving Insolvency, arna cheadú an 3 Eanáir 2023.

(2)  An Banc Domhanda, Principles for effective Insolvency and Creditor/debtor Regimes, Eagrán athbhreithnithe 2021, prionsabail c6.1 agus c19.6.

(3)  Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO L 172, 26.6.2019, lch. 18).

(4)  Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú) (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).

(5)  An Banc Domhanda Resolving Insolvency, arna cheadú an 3 Eanáir 2023.

(6)  An Banc Domhanda Resolving Insolvency, arna cheadú an 3 Eanáir 2023.

(7)  An Banc Domhanda Resolving Insolvency, arna cheadú an 3 Eanáir 2023.

(8)  How Insolvency and Creditor/Debtor Regimes Can Help Address Nonperforming Loans – EFI Note-FinanceWashington, DC: An Banc Domhanda.

(9)  Lena n-áirítear an tuairim ó CESE Dócmhainneacht Ghnó (IO C 209, 30.6.2017, lch. 21).

(10)  An Banc Domhanda, Principles for effective Insolvency and Creditor/debtor Regimes, Eagrán athbhreithnithe 2021, prionsabail c6.1 agus c19.6.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/39


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí Comhphobail agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 ón gCoimisiún

(COM(2022) 666 final — 2022/0391 (COD))

agus maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (athmhúnlú)

(COM(2022) 667 final — 2022/0392 (COD))

(2023/C 184/07)

Rapóirtéir:

Ferre WYCKMANS

Comhairliúchán

a)

An Chomhairle, 21.12.2022

b)

Parlaimint na hEorpa, 12.12.2022

An Chomhairle, 21/12/2022

Bunús dlí

a)

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

b)

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

148/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) den tuairim go dtéann córas éifeachtach cosanta dearaidh chun sochair do thomhaltóirí agus don phobal i gcoitinne sa chaoi is go spreagtar iomaíocht agus cleachtais tráchtála atá cóir. Lena chois sin, cuireann a leithéid de chóras dlús leis an bhforbairt eacnamaíoch tríd an gcruthaitheacht a spreagadh sa tionscal, sna táirgí, sna gníomhaíochtaí tráchtála agus san easpórtáil.

1.2.

I bhformhór na mBallstát, ní mór an dearadh a chlárú le hoifig náisiúnta maoine tionsclaíche chun a áirithiú go mbeidh an dearadh faoi chosaint an dlí. De réir na reachtaíochta náisiúnta atá á breithniú, mar aon leis an gcineál dearaidh, d’fhéadfadh an dearadh a bheith faoi chosaint cóipchirt mar dhearadh neamhchláraithe nó saothar ealaíne. I roinnt Ballstát, is féidir an chosaint mar dhearadh tionsclaíoch agus an chosaint cóipchirt a thabhairt le chéile; i roinnt Ballstát eile tá siad éagsúil go hiomlán ó chéile. I gcúinsí áirithe, bíonn dearadh incháilithe do chosaint faoi dhlí maidir le hiomaíocht éagórach; d’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann, áfach, ó thaobh na gcoinníollacha maidir le cosaint agus raon feidhme na gceart/na modhanna sásaimh atá ann cheana.

1.3.

Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach an creat dlíthiúil maidir le dearaí a chur in oiriúint don ré dhigiteach d’fhonn téarnamh agus athléimneacht an Aontais a chothú, mar aon leis an nuálaíocht agus an t-iomaíochas a spreagadh. Tá sé ar aon fhocal maidir leis an sainmhíniú nua a úsáidtear ar dhearadh dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Treorach. Cuirtear le hábharthacht an tsainmhínithe sin i bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch, trí choincheap an táirge a leathnú chun go mbeidh dearaí teicneolaíocha i gceist leis, dearaí nach gcorpraítear iad i dtáirgí fisiciúla.

1.4.

Ina theannta sin, tacaíonn CESE le teorainn a chur leis an gcosaint a bhaineann le gnéithe den chuma, gnéithe a léirítear go feiceálach san iarratas ar chlárú, óir cuirfidh sé seo le deimhneacht dhlíthiúil na cosanta céanna.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE go nglactar an réiteach sa togra le haghaidh rialacháin, réiteach a leag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amach ina breithiúnas “Acacia” an 20 Nollaig 2017 (1), inar shoiléirigh sí léirmhíniú ar choincheap an chlásail deisiúcháin, go háirithe mar gheall go gcuireann sé feabhas ar chosaint do thomhaltóirí.

1.6.

Ar an taobh eile, ní chreideann CESE go laghdófar costas iomlán na dtáillí dá socrófaí an táille foilseacháin agus an táille chlárúcháin a thabhairt le chéile, óir tiocfaidh méadú suntasach ar chostas na n-athnuachaintí, mar atá beartaithe. Dá bhrí sin, níl an beart seo chomh fabhrach céanna do FBManna ná do dhearthóirí aonair mar a mhaítear. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh táillí níos ísle ann do FBManna agus do dhearthóirí aonair, táillí a bheidh i gcomhréir lena láimhdeachas, más féidir sin.

1.7.

Dar le CESE, tá gá leis an simpliú a rinneadh de bharr deireadh a chur leis an riail “aontacht aicme” ach measann sé nach leor é, ós rud é go bhfuil gá fós le hinúsáidteacht na gcóras clárúcháin dearaidh a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin na n-oifigí náisiúnta maoine tionsclaíche agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “EUIPO” as seo amach) a fheabhsú. D’fhéadfadh lucht na n-oifigí dul i muinín shaineolas na ngníomhairí paitinní chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, rud a ligfidh do FBManna agus do dhearthóirí aonair a gcuid dearaí a chosaint ar bhealach níos éasca.

1.8.

Measann CESE nach iomchuí leas a bhaint as Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun rialacha a tharraingt suas maidir le díospóidí agus achomhairc i gcoinne chinntí EUIPO; is chuig bunghníomh a fhorlíonadh a cheapadh gníomh tarmligthe agus chuige sin amháin, agus níor cheart baint a bheith aige ach le heilimintí neamhriachtanacha. Mar sin féin, na forálacha a bheartaítear leis an togra le haghaidh Rialacháin a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe, baineann siad leis na cearta dá bhforáiltear i gCaibidil VI den Chairt um Chearta Bunúsacha maidir leis an gceartas, lena n-áirítear go háirithe Airteagal 47 maidir leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun triail chóir a fháil. Dá bhrí sin, níor cheart iad a mheas mar eilimintí neamhriachtanacha.

1.9.

Molann CESE go ndéanfaí na forálacha sin a shainiú sa Rialachán féin.

2.   Cúlra

2.1.

Sa dlí substainteach, le Treoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an 13 Deireadh Fómhair 1998 (uaidh seo amach “an Treoir”) déantar comhchuibhiú páirteach ar na dlíthe náisiúnta a bhaineann le cosaint dhlíthiúil ar dhearaí, agus bunaítear le Rialachán CE Uimh. 6/2002 ón gComhairle (3) an 12 Nollaig 2001 (uaidh seo amach “an Rialachán”) córas uathrialach cosanta do chearta aonadacha ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh dearaí Comhphobail cláraithe agus dearaí Comhphobail neamhchláraithe, ar choinníoll go gcomhlíonann na dearaí neamhchláraithe sin na coinníollacha cosanta, eadhon nach mór dóibh a bheith nua agus carachtar aonair a bheith acu. In éagmais clárú, is mó seans go mbeadh deacrachtaí ag an sealbhóir más mian leis nó léi a chruthú gurb ann don cheart dearaidh. Thairis sin, tá an téarma cosanta teoranta do thrí bliana agus is lú fós raon feidhme na gceart a thugtar.

2.2.

Leasaíodh an Rialachán in 2006 chun éifeacht a thabhairt d’aontachas an Aontais i gCóras Clárúcháin Idirnáisiúnta na Háige, a raibh sé d’aidhm aige nós imeachta clárúcháin do dhearaí aonair a bhunú, dearaí a bheadh uathúil, simplí, nach mbeadh daor agus láraithe laistigh den Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI).

2.3.

Sa Rialachán, ní chuirtear páirteanna spártha san áireamh i gcosaint dearaidh an Chomhphobail de bharr nár thángthas ar chomhaontú ar an ábhar agus an Treoir á dréachtú. D’éagmais tacaíocht ón gComhairle, tharraing an Coimisiún siar a thogra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir.

2.4.

Eascraíonn an togra seo as na cúinsí sin agus as an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020Making the most of the EU’s innovative potential – An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais Eorpaigh – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais Eorpaigh], a foilsíodh i ndiaidh na hoibre athchóirithe a rinneadh ar thrádmharcanna. Is é is aidhm don togra a bheith níos oiriúnaí don ré dhigiteach, níos inrochtana agus níos éifeachtúla do dhearthóirí aonair, do FBManna agus do thionscail, a bheith níos saoire agus go mbeidh níos lú castachta ag baint leis, mar aon le deimhneacht dhlíthiuil an chórais cosanta a mhéadú.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

An chuma ornáideach is ea atá i gceist le dearadh tionsclaíoch. D’fhéadfadh sé a bheith tríthoiseach nó déthoiseach. Déanann dearadh rathúil feidhm agus cruth an táirge a chomhchuibhiú le chéile gan uaim. Cibé acu tábla nó teileafón atá i gceist, is tábhachtaí an dearadh thar aon ní eile chun an táirge a dhéanamh níos tarraingtí ná táirge eile.

3.2.

Baineann dearadh tionsclaíoch le táirgí tionsclaíocha agus ceardaíochta éagsúla, amhail uirlisí teicniúla nó leighis, uaireadóirí, seodra, só-earraí, earraí tí, fearais leictreacha, feithiclí, struchtúir ailtireachta, táirgí teicstíle, earraí fóillíochta, etc.

3.3.

Dá tharraingtí an dearadh tionsclaíoch, is ea is mó luach margaidh an táirge. Dá bhrí sin, má dhéantar cosaint ar dhearadh, áirithítear gur mó seans go mbeidh toradh ar infheistíocht.

3.3.1.

Tá CESE den tuairim, dá bhrí sin, go spreagtar an iomaíocht chóir, mar aon le cleachtais tráchtála chóra i gcóras éifeachtach cosanta, rud a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí agus don phobal i gcoitinne.

3.3.2.

Spreagann córas den chineál sin an chruthaitheacht sa tionscal agus sa táirgeadh tionsclaíoch freisin, rud a chuireann chun cinn an fhorbairt eacnamaíoch, mar aon le forbairt gníomhaíochtaí tráchtála agus onnmhairí.

3.4.

I bhformhór na mBallstát, ní mór an dearadh a chlárú le hoifig náisiúnta maoine tionsclaíche chun a áirithiú go mbeidh an dearadh faoi chosaint an dlí. De réir na reachtaíochta náisiúnta atá á breithniú mar aon leis an gcineál dearaidh, d’fhéadfadh an dearadh a bheith faoi chosaint cóipchirt mar dhearadh neamhchláraithe nó saothar ealaíne.

3.5.

I roinnt Ballstát, is féidir an chosaint mar dhearadh tionsclaíoch agus an chosaint cóipchirt a thabhairt le chéile; i roinnt Ballstát eile tá siad éagsúil go hiomlán ó chéile. I gcúinsí áirithe, bíonn dearadh incháilithe do chosaint faoi dhlí maidir le hiomaíocht éagórach; d’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann, áfach, ó thaobh na gcoinníollacha maidir le cosaint agus raon feidhme na gceart/na modhanna sásaimh atá ann cheana.

3.6.

I bhfianaise chuspóirí an Aontais maidir le borradh a chur faoin téarnamh agus faoin athléimneacht, mar aon leis an nuálaíocht agus an t-iomaíochas a chothú, tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach an creat dlíthiúil le haghaidh dearaí a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Tá sé ar aon fhocal leis an sainmhíniú nua a beartaíodh mar gheall go bhfuil sé ábhartha i bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch, agus go leathnaítear coincheap an táirge chuig dearaí teicneolaíocha nach gcorpraítear iad i dtáirgí fisiciúla.

3.7.

Tacaíonn CESE freisin leis an deimhneacht dhlíthiúil a neartú trí chosaint a cheadú do ghnéithe den chuma, gnéithe a léirítear go feiceálach san iarratas ar chlárú.

3.8.

Tacaíonn sé freisin le hoiriúnú raon feidhme na gceart a thugtar agus dearadh á chlárú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí priontála 3T, chomh maith leis an gceart atá ag sealbhóirí dearaidh, amhail a chuirtear san áireamh i ndlí na dtrádmharcanna, cosc a chur ar earraí góchumtha dul trí chríoch an Aontais nó ar iad a chur faoi nós imeachta custaim eile, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ann, chun an góchumadh a chomhrac.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.    Clásal deisiúcháin agus na tomhaltóirí a chosaint

4.1.1.

Is iomaí conspóid a bhain le cosaint na bpáirteanna spártha (“comhpháirteanna an táirge ilchasta”) faoin dlí maidir le dearaí. Tháinig an chosaint seo chun cinn de thoradh an Rialacháin, agus tá eisceacht ag gabháil léi, ar a dtugtar an “clásal deisiúcháin”, arb é is aidhm di monaplacht monaróirí nó soláthraithe (go háirithe in earnáil na mótarfheithiclí) a theorannú i margadh na bpáirteanna spártha (Airteagal 110). Foráiltear leis an “clásal deisiúcháin” sin nach bhféadfaidh sealbhóir dearaidh a mbaineann a dhearadh le comhpháirt spártha leas a bhaint as monaplacht ná cosc a chur ar thríú páirtí ar mian leis comhpháirteanna spártha a chur ar an margadh chun táirge a dheisiú agus an chuma a bhí i dtosach ar an táirge sin a chur air an athuair.

4.1.2.

Go deimhin, is minic a bhíonn smacht iomlán ar an slabhra táirgthe ina iomláine ag táirgeoir de tháirge críochnaithe ilchasta (carr, uaireadóir, fón póca, etc.) Is dealraitheach lena athrach, dá bhrí sin, go ndéanfadh an táirgeoir sin brabús dúbailte: ar an margadh agus an táirge críochnaithe á dhíol ar dtús, agus ar an margadh ar a dhíoltar comhpháirteanna spártha ina dhiaidh sin.

4.1.3.

Léirítear le staidéir a bhaineann leis an eacnamaíocht iompraíochta, áfach, go ndéanann formhór na dtomhaltóirí a rogha bunaithe ar phraghas díola an táirge phríomhúil, gan praghas díola na seirbhísí tánaisteacha a chur san áireamh. Dá bhrí sin, tá siad gafa leis an gcéad infheistíocht sin agus cuirtear iallach orthu glacadh le praghas nach nglacfaidís leis in imthosca eile.

4.1.4.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur dócha, dá bhrí sin, go n-eascróidh fadhbanna a bhainfidh le dlí na hiomaíochta as an staid sin, toisc go mbeadh mórbhuntáiste iomaíoch ag an táirgeoir/cóimeálaí bunaidh a bhfuil an ceart dearaidh aige, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don tomhaltóir ar deireadh:

dochar i leith na gcustaiméirí, mar go mbeidh deis aige praghsanna arda a ghearradh nó díolacháin nasctha a sholáthar;

dochar i leith na ndeisitheoirí, chun rochtain a fháil ar an margadh nó chun na coinníollacha a shocrú do na deisitheoirí a thoilíonn sé a sholáthar;

dochar i leith na soláthraithe, i.e. go bhfhéadfadh sé toirmeasc a chur orthu deisitheoirí neamhspleácha a sholáthar, nó toirmeasc a chur ar sholáthraithe neamhspleácha a chomhpháirteanna a chóipeáil chun an margadh deisiúcháin a sholáthar.

4.1.5.

Shocraigh an reachtóir Eorpach teorainn a chur i bhfeidhm maidir leis na cearta a bhaineann leis na comhpháirteanna spártha d’fhonn cosc a chur ar mhonaplú na margaí tánaisteacha.

Tugtar an “meaitseáil éigeantach” ar an gcéad teorainn ar uairibh (must match) (Airteagal 82)). Ní féidir an chuma sheachtrach de tháirge atá riachtanach chun táirge eile a nascadh a chosaint.

Baineann an dara teorainn le cosaint comhpháirteanna neamh-fheiceálacha.

4.1.6.

Ní féidir páirt nach bhfuil infheicthe le linn ghnáthúsáid an táirge a chosaint trí dhearadh a chomhdú (Airteagal 4(2)).

Áirítear an méid sin sna samplaí seo a leanas:

córas meicníochta uaireadóra;

an taobh istigh d’fhormhór na n-inneall fearas leictreach tí;

ineall cairr (a mheastar nach bhfuil sé infheicthe le linn ghnáthúsáid na feithicle, fiú más furasta é a dhéanamh infheicthe ar oscailt bhoinéad an chairr).

4.1.7.

Dá bhrí sin, is ionann na comhpháirteanna spártha atá i dteideal cosanta agus na páirteanna sin nach bhfuil aon sásra idirnaisc iontu agus atá infheicthe. Is féidir, dá réir sin, líon mór páirteanna a chosaint faoin rialachán. Mar shampla, tá an méid seo a leanas i gceist i gcás cairr:

na ceannlampaí;

na sciatháin taoibh;

an boinéad agus na doirse (ní chuirtear na hinsí san áireamh leis seo);

rothaí stiúrtha.

4.1.8.

Dá bhrí sin, maidir le táirgí nach bhfuil faoi chosaint trí dhearadh a chomhdú, is féidir le haon táirgeoir a sholáthraíonn páirteanna spártha iad seo a atáirgeadh agus iad a chur isteach sa mhargadh deisiúcháin.

4.1.9.

Mar sin féin, is iomaí ceist atá tagtha chun cinn de bharr chur i bhfeidhm na bhforálacha sin. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE go gcuirtear réiteach san áireamh sa togra le haghaidh rialacháin, réiteach a chuir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar aghaidh i mbreithiúnas “Acacia” an 20 Nollaig 2017, inar shoiléirigh sí an léirmhíniú atá le tabhairt don choincheap a bhaineann le “clásal deisiúcháin”.

4.1.10.

Tá CESE á thabhairt le fios gur chuir Cúirt Achomhairc Pháras an réiteach sin i bhfeidhm go paiteanta ina breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2018 i gCás Uimh. 2017/01589, cás a bhain le margú fonsaí rotha ar shiopa gréasáin. Níor éirigh leis an díoltóir an “clásal deisiúcháin” a agairt go bailí toisc gur cuireadh na fonsaí rotha sin ar fáil chun pearsantú aeistéitiúil agus chun tiúnáil a dhéanamh ar fheithiclí. Dá thoradh sin, measadh gur fonsaí rotha góchumtha a bhí iontu agus gearradh pionós ar an díoltóir as dearadh a shárú.

4.1.11.

Tá roinnt Ballstát tar éis srianta áirithe a bhaint sa mhargadh maidir le páirteanna spártha. De thoradh dhlí na Fraince maidir leis an aeráid agus an athléimneacht Uimh. 2021-1104 an 22 Lúnasa 2021, osclaíodh an margadh chun díolachán páirteanna spártha áirithe ó ghluaisteáin a cheadú ón 1 Eanáir 2023.

4.1.12.

Is é is aidhm don bheart seo praghsanna a ísliú sa mhargadh seo. Idir 2019 agus 2020, tháinig méadú 8 % ar an meán ar na praghsanna céanna, de bharr go bhfuil castacht áirithe theicniúil ag baint le roinnt de na páirteanna, amhail na hinnill ar na scátháin siar leictreacha, na braiteoirí a suiteáladh sna gaothscáthanna, etc. Níl tionscal ardfhorbartha sna Ballstáit is liobrálaí don earnáil seo, amach ón nGearmáin: tá tairgeoirí láidre gluaisteán sa tír seo ach tá an margadh i bhfad níos oscailte cheana féin.

Ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh, beidh cead ag monaróirí trealaimh sa Fhrainc páirteanna gloine comhréidhe a dhíol, is cuma má thairgeann siad buntrealamh, is é sin, go raibh siad rannpháirteach i gcóimeáil na feithicle úrnua, nó más monaróirí neamhspleácha iad. Dá bhrí sin, is féidir le monaróirí a bhí rannpháirteach i gcóimeáil na bpáirteanna spártha infheicthe (comhpháirteanna optúla, scátháin siar etc.) na comhpháirteanna a dhíol, ar aon dul leis na monaróirí iad féin.

4.2.    An costas a bhaineann le dearaí a chosaint

4.2.1.

Tá córas comhdúcháin dearaí ar líne ag EUIPO, agus is é EUR 350 an túschostas a bhaineann leis faoi láthair. Tá CESE á thabhairt le fios go bhfuil dearadh Comhphobail bailí ar feadh tústréimhse nach faide ná cúig bliana ón dáta comhdúcháin, agus gur féidir é a athnuachan gach cúig bliana go dtí go mbeidh 25 bliana slánaithe.

4.2.2.

Tá trí chineál táillí ann le cois an chostais a bhaineann leis an gcomhdú:

an táille chlárúcháin de EUR 230, a bhfuil táille bhreise chlárúcháin de EUR 115 le cur léi do 2-10 gclárú bhreise, agus EUR 50 do líon clárúcháin os cionn 10;

an táille foilseacháin de EUR 120; d’fhéadfaí an luach seo a mhéadú EUR 60 do 2-10 bhfoilseachán bhreise, agus é a mhéadú EUR 30 do líon foilseachán os cionn 10;

an táille foilseacháin iarchurtha de EUR 40; d’fhéadfaí é seo a mhéadú EUR 20 do líon dearaí idir 2 agus 10, agus é a mhéadú EUR 10 do líon dearaí os cionn 10;

4.2.3.

Tá dhá thoisc le cur san áireamh maidir leis na táillí iníoctha:

líon na ndearaí atá san iarratas;

cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear siar foilsiú an dearaidh.

4.2.4.

Is leis an tsamhail seo a leanas a thagann struchtúr na dtosca sin:

buntáille ar dhearadh aonair nó ar chéad dearadh i gcás iarratas iolrach;

táille laghdaithe ar líon na ndearaí idir an dara ceann agus an deichiú ceann;

táille a laghdófar tuilleadh don chéad dearadh déag agus d’aon dearaí ina dhiaidh sin;

4.2.5.

Is éard atá beartaithe sa rialachán costas na chéad athnuachana a laghdú go EUR 70 (i ndiaidh cúig bliana) agus an costas don dara hathnuachan a mhéadú go EUR 140 (i ndiaidh deich mbliana), go EUR 280 don tríú hathnuachan (i ndiaidh cúig bliana déag) agus go EUR 560 don cheathrú hathnuachan (i ndiaidh fiche bliain). Is ionann costas na dtáillí don chéad dá athnuachan agus an tsuim atá dlite faoi láthair, is é sin, EUR 210 san iomlán; mar sin féin, tagann méadú as cuimse ar na táillí athnuachana ina dhiaidh sin.

4.2.6.

Is cosúil nach bhfuil an togra sin chomh dearfach céanna do FBManna ná do dhearthóirí neamhspleácha mar a mhaítear. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí táillí níos ísle i bhfeidhm do FBManna agus do dhearthóirí aonair, agus go mbeadh na táillí sin i gcomhréir lena láimhdeachas, más féidir sin.

4.2.7.

Thairis sin, ní chreideann CESE go dtiocfadh laghdú ar chostas iomlán na dtáillí dá n-athrófaí struchtúr na dtáillí, is é sin, dá ndéanfaí na táillí foilseacháin agus clárúcháin a thabhairt le chéile.

4.3.    An riail “aontacht aicme” a scriosadh

4.3.1.

D’fhéadfadh baint a bheith ag an gcomhdú le níos mó ná dearadh amháin, ach mar sin féin, ní mór é a bheith beartaithe na dearaí a ionchorprú nó a chur i bhfeidhm ar tháirgí den “aicme” chéanna, de bhua na rialach “aontacht aicme”. Eagraítear na haicmí seo sa liosta dar teideal “Aicmiú Locarno”.

4.3.2.

De réir Airteagal 2(1) de Chomhaontú Locarno, ní bhaineann Aicmiú Locarno ach le gnéithe riaracháin agus tá an méid seo a leanas i gceist leis:

liosta d’aicmí agus d’fho-aicmí;

liosta in ord aibítre de na táirgí ar dearaí tionsclaíocha iad, ina gcuirtear na haicmí agus na fo-aicmí lena mbaineann in iúl;

nótaí míniúcháin.

4.3.3.

Is é is aidhm do scrios na rialach “aontacht aicme” na FBManna, mar aon le dearthóirí aonair, a spreagadh lena gcuid dearaí a chomhdú chun go mbeidís faoi chosaint. De thoradh an scriosta seo, bheadh deis ag cuideachtaí cur le líon na n-iarratas do dhearaí, agus líon mór dearaí a thabhairt le chéile in aon iarratas iolrach amháin, agus ní bheadh orthu iad féin a theorannú ó thaobh táirgí a bheith san aicme Locarno chéanna.

4.3.4.

Dar le CESE, tá gá leis an simpliú a rinneadh de bharr deireadh a chur leis an riail “aontacht aicme” ach measann sé nach leor é, ós rud é go bhfuil gá fós le hinúsáidteacht na gcóras clárúcháin dearaidh a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin na n-oifigí náisiúnta maoine tionsclaíche agus EUIPO a fheabhsú.

4.3.5.

D’fhéadfadh na hoifigí leas a bhaint as an gcomhairle a chuirfidh gníomhairí paitinní orthu, rud a chabhróidh go mór le FBManna agus le dearthóirí aonair a gcuid dearaí a chosaint.

4.3.6.

Leanfaidh gníomhairí paitinní, ar ndóigh, de bheith ag tacú le sealbhóirí cirt chun leas a bhaint as a gcuid dearaí agus déanfaidh siad ionadaíocht orthu i ndíospóidí.

4.4.    Cumhacht a tharmligean agus gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

4.4.1.

Foráiltear leis an togra le haghaidh rialacháin gur i ngníomhartha tarmligthe a ghlacfar na forálacha a bhaineann le díospóidí sa dlí maidir le dearaí.

Áirítear leis sin:

tarraingt siar agus leasú an dearaidh (Airteagal 47 a agus Airteagal 47 b);

caingne le haghaidh neamhbhailíochta (Airteagal 53 a);

achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí EUIPO (Airteagal 55 a);

imeachtaí ó bhéal os comhair Bhord Achomhairc EUIPO (Airteagal 64 a);

fianaise a ghlacadh (Airteagal 65 a);

fógra a thabhairt faoi chinntí agus faoi thoghairmeacha (Airteagal 66 a);

an nós imeachta maidir le teachtaireachtaí chuig EUIPO (Airteagal 66 d);

ríomh agus fad teorainneacha ama nós imeachta (Airteagal 66 f);

imeachtaí os comhair EUIPO a atosú (Airteagal 67 c);

ionadaíocht ghairmiúil os comhair EUIPO i gcás díospóide (Airteagal 78 a);

táillí agus muirir a íoc (Airteagal 106 a a).

4.4.2.

Measann CESE nach iomchuí leas a bhaint as Airteagal 290 de CFAE chun rialacha a tharraingt suas maidir le díospóidí agus achomhairc i gcoinne chinntí EUIPO; is chuig bunghníomh a fhorlíonadh a cheapadh gníomh tarmligthe agus chuige sin amháin, agus níor cheart baint a bheith aige ach le heilimintí neamhriachtanacha. Mar sin féin, baineann na forálacha dá dtagraítear leis na cearta dá bhforáiltear i gCaibidil VI den Chairt um Chearta Bunúsacha maidir leis an gceartas, go háirithe le halt 47 a bhaineann leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun triail chóir a fháil. Dá bhrí sin, ní féidir iad a chur san áireamh mar eilimintí neamhriachtanacha den bhunghníomh.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christina SCHWENG


(1)  Cásanna uamtha C-397/16 agus C-435/16.

(2)  IO L 289, 28.10.1998, lch. 28

(3)  IO L 3, 5.1.2002, lch. 1.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/45


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Tuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach — Na haistrithe glasa agus digiteacha a nascadh sa chomhthéacs geopholaitiúil nua

(COM(2022) 289 final)

(2023/C 184/08)

Rapóirtéir:

Angelo PAGLIARA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 27.10.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

10.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

204/0/3

BROLLACH

Rinneadh an tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach agus an tuairim seo a leanas a tharraingt suas tráth is lánfhollas na himpleachtaí sóisialta, geopholaitiúla agus eacnamaíocha is toradh ar ionsaí míleata leanúnach na Rúise ar an Úcráin. Na roghanna straitéiseacha atá á ndéanamh ag an Aontas Eorpach ar na saolta seo, ní hamháin go bhfágfaidh siad a rian ar an gcaoi a mbainfear cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh amach, ach beidh tionchar acu, ina theannta sin, ar athléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais.

Dá bhrí sin, leis an tuairim seo a leanas uaidh, agus é lánfheasach san am céanna faoin ról bunúsach atá ag an tsochaí shibhialta eagraithe maidir le mórthreochtaí a shainaithint agus a léirmhíniú, agus faoina thábhachtaí atá sé dá réir go mbeadh an tsochaí shibhialta eagraithe rannpháirteach go réamhtheachtach i bpróiseas fadbhreathnaitheachta straitéisí an Aontais, tá sé beartaithe ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) freisin rannchuidiú le dréachtú Thuarascáil 2023 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ina ndíreofar ar an treoir straitéiseach d’fhonn ról domhanda an Aontais a neartú.

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Molann CESE don Choimisiún leanúint den chlár oibre fadbhreathnaitheachta straitéisí a fhorbairt agus tá sé ag iarraidh go mbeadh sé féin ní ba rannpháirtí ná riamh sa phróiseas ón tús. Ach páirt ní ba mhó a bheith ag CESE, ina cháil mar urlabhraí na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe, chuirfí feabhas ar acmhainneachtaí anailíse agus fadbhreathnaitheachta an Aontais agus chuideofaí le treochtaí agus réitigh fhéideartha a aimsiú.

1.2

Tá súil ag CESE go mbeidh an clár oibre fadbhreathnaitheachta straitéisí, chomh maith le gníomhaíocht an Choimisiúin Eorpaigh sa réimse sin, dírithe ar shamhail nua forbartha a thógáil ina dtabharfar aird chuí ar an inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta.

1.3

Ós ar thoilteanas agus iompar na ndaoine atá rath an dá aistriú ag brath, molann CESE don Choimisiún aird a thabhairt freisin ar ábhair imní na sochaí agus ar an drogall a d’fhéadfadh a bheith ar dhaoine roimh na hathruithe atá beartaithe.

1.4

Déantar cur síos sa tuarascáil ar an gcineál todhchaí atá á lorg agus ar na hacmhainní is gá chun í a bhaint amach, siúd is nach dtéitear i ngleic domhain go leor leis na rioscaí agus na bagairtí atá ann. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún cuntas níos soiléire a thabhairt ar na rioscaí atá i gceist agus anailís a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus ar na cásanna féideartha i gcás nach gcomhlíonfar na cuspóirí inmhianaithe, go háirithe sa chuid sin den tuarascáil a bhaineann le hinfhaighteacht amhábhar, miotal tearc-chré agus acmhainní uisce agus le saincheisteanna gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann.

1.5

Beidh tionchar ag na dúshláin gheopholaitiúla leanúnacha ar na córais soláthair agus ar a athléimní atá earnáil agraibhia na hEorpa. Cuid de na himeachtaí a tharla le déanaí de thoradh COVID-19 agus ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, is amhlaidh a chuir siad isteach ar ár gcóras dáileacháin agus gach seans go dtarlóidh a leithéid chéanna arís sa ghearrthéarma. Is díol sásaimh do CESE an moladh go laghdófaí spleáchas an Aontais ar allmhairí beatha, leasachán agus ionchur eile agus molann sé sainmhíniú ar an rud is neamhspleáchas straitéiseach oscailte ann a leagan síos ab infheidhme maidir le córais bhia, bunaithe ar tháirgeadh bia, ar lucht saothair agus ar thrádáil chóir. Bheadh sé mar aidhm uileghabhálach leis sin slándáil bia a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais trí bhíthin soláthar bia atá sláintiúil, inbhuanaithe, athléimneach agus cothrom.

1.6

Ní thugtar aird sa Tuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ar an tábhacht straitéiseach a ghabhann le córas tionsclaíoch Eorpach atá láidir, comhtháite, nuálach agus in acmhainn poist ardcháilíochta a chruthú. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach réamhaisnéisí sonracha a fhorbairt maidir lena bhfuil i ndán do bheartas tionsclaíoch na hEorpa agus molann sé go nglacfaí beartais eacnamaíocha iomchuí chun feabhas a chur ar a iomaíochas agus a tháirgiúlacht fhadtéarmach agus chun borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí agus phríobháideach i ndáil leis sin.

1.7

Beidh tionchar ag ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, ag an ngéarchéim fuinnimh agus ag an réaltacht nua eacnamaíoch agus gheopholaitiúil ar an gconair atá le gabháil againn i dtreo an dá aistriú. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an tAontas meáite ar a chuspóirí a bhaint amach, ach, ag an am céanna, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle go ndéanfaí na huirlisí uile is gá a fhorbairt chun neamhspleáchas straitéiseach fuinnimh a neartú, an córas tionsclaíoch Eorpach a threisiú agus tacú le gnólachtaí agus oibrithe faoi mar a rinneadh le linn ghéarchéim na paindéime nuair a glacadh ionstraim a bhí bunaithe ar an gclár SURE.

1.8

Is díol sásaimh do CESE gur mó na tagairtí a dhéantar don ghné shóisialta inti agus, mar a d’iarr sé cheana i dtuairim uaidh in 2021, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid den anailís straitéiseach, uirlisí réamhaisnéise sonracha a fhorbairt a bhaineann le tionchar na n-aistrithe ar na córais slándála sóisialta agus, dá bhrí sin, bearta sonracha a mholadh chun éifeachtaí sóisialta an dá aistriú a mhaolú.

1.9

Chun ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda a threisiú, creideann CESE gur gá don Aontas seasamh lena luachanna agus leanúint de bheith ag obair i gcomhar le tríú tíortha, an comhbheartas seachtrach atá aige a neartú, réitigh choiteanna a lorg agus a áirithiú go rachaidh ár gcomhar agus ár dtrádáil chun tairbhe do chearta eacnamaíocha agus sóisialta mhuintir na dtíortha sin, go háirithe i bhfianaise na hinbhuanaitheachta fadtéarmaí.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1

Is móide an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh sna haistrithe glasa agus digiteacha, lena n-áirítear d’fhonn neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a chur i gcrích, ionsaí míleata na Rúise ar chríoch na hÚcráine agus na hiarmhairtí don chóras eacnamaíoch, sóisialta agus tionsclaíoch a ghabhann leis, mar atá iarmhairtí i réimsí na teicneolaíochta, na trádála, na gcaighdeán infheistíochta agus i leith athruithe ar an struchtúr tionsclaíoch. Ar na cúiseanna sin, is díol sásaimh do CESE an machnamh straitéiseach atá déanta ag an gCoimisiún ar an idirghníomhú idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus ar an gcaoi arb acmhainn dóibh treisiú a dhéanamh ar a chéile.

2.2

I ngeall ar na géarchéimeanna uile a chuimil leis an Eoraip le déanaí, mar a tharla le COVID-19 i dtosach báire agus leis an gcogadh ina dhiaidh sin, tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar an tslándáil i ngnéithe éagsúla den saol agus cosaint nach beag á lorg ag daoine murab ionann is riamh. Chuige sin, is gá, d’fhonn cuspóirí an dá aistriú a bhaint amach, aird ar leith a thabhairt ar na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta (agus ar na hiarmhairtí i ngach réimse eile) a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh d’ionstraimí beartais iomchuí. Maidir leis sin, tá sé á chur in iúl ag CESE go bhféadfadh drogall a bheith ar shaoránaigh na hEorpa, go háirithe iad siúd is leochailí amuigh, roimh na hathruithe a leanfaidh an dá aistriú, má mheasann siad gur chun a n-aimhleasa iarmhairtí na n-aistrithe sin.

2.3

Dá gcuirfí go seasta le rannpháirtíocht CESE i ngníomhaíochtaí an timthrialla fadbhreathnaitheachta straitéisí, ina cháil mar urlabhraí na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe, neartófaí acmhainneachtaí anailíse agus fadbhreathnaitheachta an Aontais agus chuideofaí leis treochtaí a shainaithint ar bhealach ní ba chruinne.

2.4

Cothaíonn CESE acmhainneacht na sochaí sibhialta eagraithe i réimse na fadbhreathnaitheachta straitéisí a bhuí lena chomhaltaí (agus, dá réir sin, leis na heagraíochtaí náisiúnta ar a ndéanann siad ionadaíocht), agus a bhuí leis an tsochaí shibhialta ar leibhéal an Aontais trí bhíthin an ghrúpa idirchaidrimh atá aige, áit a ndéantar ionadaíocht ar phríomhlíonraí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais. Go sonrach, éascaíonn sé an t-idirphlé agus an comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta eagraithe, ardaíonn sé feasacht faoina thábhachtaí atá an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach agus cuireann sé fíoruirlisí ar fáil dóibh freisin chun é sin a bhaint amach. A bhuí le rannpháirtíocht struchtúrtha na sochaí sibhialta eagraithe a ndéanann CESE ionadaíocht uirthi, beidh sé níos éasca freisin na gnéithe éagsúla (gnéithe tionsclaíocha, sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil, etc.) a chumhdach sa chlár oibre straitéiseach ar bhealach iomlánaíoch.

2.5

Ar na cúiseanna sin go léir, is mór an fonn atá ar CESE oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach sa timthriall fadbhreathnaitheachta straitéisí ó thús an phróisis amach i dtreo go mbeidh an próiseas féin níos rannpháirtí. Sampla de sin is ea an éisteacht trínar bhailigh CESE tuairimí eagraíochtaí na sochaí sibhialta chomh maith le tuairimí saineolaithe, rud a chuir ar a chumas machnamh a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna a bheidh le sárú ag an Aontas agus é ag bogadh i dtreo Eoraip nua, Eoraip a bheidh inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an gheilleagair de. Síos tríd an tuairim seo, tá ionchur agus moltaí á gcur ar fáil ag CESE maidir leis na príomhghnéithe sin ar cheart don Choimisiún Eorpach díriú orthu sa chéad tuarascáil eile a chuirfidh sé amach.

2.6

I bhfianaise na ndúshlán agus na ndeiseanna a bheidh le sárú ag an Eoraip sna blianta amach romhainn, is mó ná riamh an tábhacht a bheidh leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach feasta. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den chlár oibre fadbhreathnaitheachta straitéisí a fhorbairt trí dhlús a chur le rannpháirtíocht CESE ag céim anailíse agus forbartha na tuarascála.

2.7

Ní chuirtear san áireamh mar is ceart sa tuarascáil an chaoi a gcuireann an bhearna dhigiteach idir réigiúin éagsúla an Aontais cur i gcrích chuspóirí na n-aistrithe dúbailte i mbaol. Ní mór na deighiltí sin agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh na sochaí de agus ó thaobh na ndeiseanna atá ar fáil a chur sa mheá sa chéad tuarascáil straitéiseach eile.

2.8

Is eol do CESE gur féidir le teicneolaíochtaí digiteacha tionchar dearfach a bheith acu ar ghnóthú na gcuspóirí aeráide, trí fheabhas a chur ar an tslándáil fuinnimh freisin, agus gur féidir leis an aistriú glas an earnáil dhigiteach agus an geilleagar a athrú ó bhonn chomh maith. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE na tagairtí iomadúla a dhéantar don ghá atá le hinfheistíocht sa teicneolaíocht agus do bheartais iomchuí lenar féidir na cuspóirí sin a bhaint amach, agus tacaíonn sé freisin leis na tagairtí a dhéantar don ghá atá le bearta cibearshlándála a ghlacadh chun teicneolaíochtaí straitéiseacha a chosaint.

2.9

I roinnt áiteanna i dTuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach, leagtar béim ar na riachtanais fuinnimh a eascraíonn as an digitiú agus as an ídiú fuinnimh a dhéantar trí líonraí, córais agus gléasanna a oibriú, in ainneoin éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht mhéadaithe na bpróiseas is infheidhme maidir leo (talmhaíocht, lóistíocht, néalríomhaireacht, etc.). Is dealraitheach gur tráthúil na tagairtí don ghá atá le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus don chaoi ar gá leis an Eoraip tuilleadh béime a chur athuair ar gheilleagar ciorclach na hearnála (idir rochtain ar amhábhair mhórthábhachtacha agus bainistiú dramhaíola leictreonaí maille le forbairt ardteicneolaíochtaí digiteacha).

2.10

Mar sin féin, b’iomchuí a lua ar bhealach ní ba shoiléire cé na tairbhí ó thaobh inbhuanaitheachta agus coigilt fuinnimh de a bhaineann leis an aistriú digiteach (timpeallacht gan pháipéar agus “ionadú” a dhéanamh), rud ba chuidiú chun a chur ar a súile don phobal agus do lucht déanta beartas cad é luach atá leis na próisis mhóra claochlaithe sin agus cad é tionchar a bheidh acu.

2.11

Ar na hathruithe a bhaineann leis an digitiú, ní dhéantar tagairt beag ná mór do na criptea-airgeadraí ná na hairgeadraí digiteacha. Tá leitheadúlacht mhéadaitheach na n-airgeadraí réamhráite nasctha go díreach, ámh, le nádúr forleitheadach an digitithe féin mar phróiseas agus le forbairt na teicneolaíochta blocshlabhra. Imíonn sreafaí na n-airgeadraí sin ó chumas rialála na stát go minic, rud a fhágann neart deiseanna ann don gheilleagar neamhdhleathach cur chun ratha dá réir. Dá bhrí sin, tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil gá le roinn ar leith sa tuarascáil maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach chun léirmhíniú agus anailís a dhéanamh ar úsáid criptea-airgeadraí agus airgeadraí digiteacha, agus molann sé don Choimisiún creat rialála aonair a ghlacadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le conclúidí G20.

2.12

Toisc nach ndearnadh amhlaidh i gcás mórán réimsí eile, is díol sásaimh do CESE roinn thiomnaithe sa tuarascáil a bheith dírithe ar an talmhaíocht mar go leagtar béim lárnach inti ar ról an bheartais Eorpaigh agus an seasamh lárnach atá aige maidir le forbairtí amach anseo a chinneadh a fhad a bhaineann le cúrsaí fadbhreathnaitheachta. Sa chás sin, sonraítear sa tuarascáil na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an Aontas chun cúlú contúirteach a chosc, rud nach ndéantar i gcoitinne sna réimsí eile atá faoi scrúdú.

2.13

Ba cheart córais bhia an Aontais Eorpaigh a bheith ní b’éagsúlaithe, ba cheart an lucht saothair i réimse na talmhaíochta a neartú, go háirithe trí dhaoine óga a mhealladh chuici agus trí dhálaí maithe oibre agus luach saothair cuibhiúil a áirithiú; ba cheart na beartais trádála a ailíniú le caighdeáin inbhuanaitheachta bia an Aontais agus le cuspóir an iomaíochais. Ba cheart dul i ngleic leis an gcomhchruinniú i slabhraí bia agus leis an úinéireacht airgeadais chomh maith le trédhearcacht an mhargaidh, chun a áirithiú nach gcuirfear géarchéimeanna a tharlóidh amach anseo in olcas de dheasca amhantraíocht iomarcach tráchtearraí.

2.14

Is mian le CESE a thabhairt chun suntais gur den ríthábhacht rochtain a bheith ann ar amhábhair chriticiúla i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, ní hamháin chun cuspóirí an dá aistriú a bhaint amach, ach, thar aon ní eile, chun an córas tionsclaíoch Eorpach a chothabháil agus a neartú agus chun athléimneacht shóisialta, eacnamaíoch agus fostaíochta a bhaint amach. Chuige sin, molann CESE don Choimisiún grinnanailís níos mionsonraithe a dhéanamh trí uirlisí iomchuí anailíse (ón taobh geopholaitiúil freisin) agus fadbhreathnaitheachta a úsáid.

2.15

Tá sé á chur in iúl ag CESE nach ceart féachaint ar na hacmhainní uisce agus an t-uisce féin, dá dtagraítear thall agus abhus sa tuarascáil, mar fhadhb ach gur cheart a mheabhrú gur réimse acmhainneachta iad freisin, go háirithe maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht uisce, bainistiú acmhainní agus feachtais múscailte feasachta faoin tomhaltas freagrach. Go háirithe, tá ról nach beag ag an ngeilleagar gorm agus tá acmhainneacht níos mó ná riamh aige i dtaca le geilleagar an Aontais agus an geilleagar domhanda, ó thaobh cruthú post agus leas agus sláinte na ndaoine de. Creideann CESE gur cheart na deiseanna sin a thapú a mhéid is féidir, deiseanna a chumhdaíonn raon leathan earnálacha agus oibríochtaí, idir chinn thraidisiúnta agus cinn atá ag teacht chun cinn, agus, san am céanna, an drochthionchar ar an aeráid, ar an mbithéagsúlacht agus ar an gcomhshaol a íoslaghdú.

2.16

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs an dá aistriú, aird níos mó a thabhairt ar na hathruithe a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, go háirithe i ndáil le soláthar fuinnimh agus amhábhar criticiúil.

2.17

Tá CESE i bhfách leis an iarraidh go gcuirfí beartais Eorpacha in oiriúint do shamhail nua eacnamaíoch, go méadófaí an infheistíocht, rud a chuirfidh leis an bhfolláine, agus go gcuirfí le táirgiúlacht agus iomaíochas chóras tionsclaíoch agus eacnamaíoch na hEorpa. Chuige sin, tá CESE ag iarraidh go bhforbrófaí réamhaisnéisí sonracha maidir le todhchaí bheartas tionsclaíoch na hEorpa, rud atá ríthábhachtach chun neamhspleáchas straitéiseach iomlán a bhaint amach.

2.18

Tá CESE i bhfách leis an moladh dlús a chur leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach chun cuspóirí an dá aistriú a bhaint amach. Mar sin féin, tá sé á thabhairt le fios aige go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag cinntí eacnamaíocha na hEorpa ar chúrsaí infheistíochta, go háirithe toisc a dhóchúla atá sé go dtiocfaidh méadú breise ar na rátaí úis.

2.19

Is díol sásaimh do CESE an iarraidh ar aistriú cóir atá sa tuarascáil agus go leagtar béim níos mó inti (seachas mar a leagadh sa cheann roimhe seo) ar an gcomhtháthú sóisialta agus ar ról an idirphlé shóisialta. Ina theannta sin, creideann CESE go mbeidh an bhéim ar an ngné shóisialta agus ar cháilíocht na hoibre ina dtosaíochtaí ar an gclár oibre Eorpach, rud a mhodhnóidh scála na dtosaíochtaí ós gnách go fóill iad a rangú in ionad comhlántach faoin scála sin.

2.20

Is mór ag CESE an aird a thugtar i dTuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ar na hathruithe a tháinig as an dá aistriú maidir le margadh an tsaothair agus staid eacnamaíoch na gcodanna is leochailí den tsochaí (teaghlaigh, pobail), chomh maith leis an mbéim chomhuaineach a leagtar ar an ngá atá ann acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil le haghaidh na hidirghabhála sóisialta. Tá CESE ag iarraidh freisin go dtabharfaí aird ní ba mhó ar shaincheisteanna a bhaineann leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta.

2.21

Tá sé ag iarraidh ar an Aontas aosú an daonra agus an t-athrú déimeagrafach a chur san áireamh, chomh maith leis an méadú is intuartha ar an éileamh ar sheirbhísí cúraim, ar thaobh amháin, agus ar an nganntanas oibrithe cúraim sláinte, ar an taobh eile. Ní mór don Aontas a áirithiú go mbeidh costais an chúraim inrochtana agus inacmhainne i gcónaí agus nach ngabhfaidh sé thar ruthag an phobail.

2.22

Tá aird á tarraingt ag CESE air gur go fánach a dhírítear i dTuarascáil 2022 ar an hibridiú san ionad oibre, rud a bhfuil dlús á chur leis de bharr an digitithe: mar shampla is go cliathánach a dhéantar tagairt dó sa mhír ar an digitiú agus an t-éileamh ar iompar. Cuirtear i láthair é, dá réir sin, mar thoradh ar phróiseas claochlaithe teicneolaíochta gan dul amach air i gceart, rud a fhágann faillí á déanamh sna héifeachtaí a bhíonn aige ar dhálaí oibre agus ar chaidrimh fostaíochta, agus ar na ceanglais rialála ghaolmhara.

2.23

Tugann CESE dá aire go bhfuil an baol ann go mbeidh an córas fadbhreathnaitheachta straitéisí dírithe rómhór ar chúinsí eacnamaíocha chomh maith le bheith dírithe ar an iomaíocht agus ar an margadh mar dhia gurb é sin an “gliú” ceart a choimeádann gníomhaíochtaí Eorpacha, leasanna Eorpacha agus an straitéis Eorpach le chéile. Bronnann sé ról comhlántach ar an tsochaí shibhialta agus ar an lucht saothair, gan a chur san áireamh an chaoi a bhféadfadh an dá aistriú tuilleadh saibhreas nua a dhéanamh, rud a d’éascódh cruthú samhlacha nua a bheadh in acmhainn leochaileachtaí a laghdú agus na tairbhí a ghintear a shóisialú.

2.24

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún suirbhé sonrach Eorabharaiméadair a dhéanamh ar na hábhair atá le cumhdach sa chéad Tuarascáil eile maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar ionchais agus ar thuairimí na saoránach. Tá sé sin ríthábhachtach freisin le gur féidir a thuar cén glacadh a bheidh leis na bearta a thiocfaidh as an anailís.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/49


Tuairim — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpaTeachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Bealach i dtreo córas imréitigh an Aontais níos láidre

(COM(2022) 696 final)

agus madir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, Uimh. 575/2013 agus Uimh. 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú

(COM(2022) 697 final – 2022/0403 (COD))

(2023/C 184/09)

Rapóirtéir:

Florian MARIN

Comhairliúchán

An Chomhairle, 31.1.2023

Parlaimint na hEorpa, 1.2.2023

An Coimisiún Eorpach, 8.2.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

2.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

201/1/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh rialacháin (1) agus iarrachtaí an Choimisiúin chun uathriail straitéiseach ár margaí caipitil a áirithiú, chun an acmhainneacht imréitigh againne a mhéadú agus chun cur le slándáil agus láidreacht chóras imréitigh an Aontais. Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach do chobhsaíocht airgeadais mhargaí caipitil an Aontais córas imréitigh iomaíoch agus éifeachtúil a bheith ann.

1.2

Tá sé á mholadh ag CESE gur cheart do na tithe imréitigh atá bunaithe san Aontas feabhas a chur ar a gcreataí acmhainneachta trí infheistíocht a dhéanamh iontu agus iad a cheapadh agus a dhearadh ar bhealach lena dtabharfaí ar oibreoirí sa mhargadh a n-oibríochtaí a imréiteach san Aontas.

1.3

Creideann CESE gurbh é an rud ba cheart a dhéanamh láithreach bonn tar éis Brexit plean cuimsitheach a chur chun feidhme lena spreagfaí an t-aistriú go dtí oibreoirí imréitigh atá bunaithe san Aontas agus is cúis díomá dó an próiseas cinnteoireachta mall maidir le margadh díorthach ar fiú EUR 81 trilliún é. Bhí CESE ag súil leis go nglacfaí seasamh níos soiléire maidir le laghdú a dhéanamh ar neamhchosaint ar chontrapháirtithe lárnacha (CPLanna) na Ríochta Aontaithe agus go mbeadh rialacha agus dreasachtaí níos sonraí ann chun dlús a chur faoin aistriú go CPLanna atá bunaithe san Aontas.

1.4

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach sonraí sonracha a bheith ann lena gcumhdaítear gach aicme sócmhainní agus na méideanna uile díobh a mhéid a bhaineann le córas imréitigh an Aontais agus creideann sé gur cheart tuilleadh a dhéanamh chuige sin. Ba cheart breathnú ar bhonn rialta ar an gcaidreamh idir na sonraí a bhailítear agus an dinimic riosca ionas go dtuigfí go maith na rioscaí ó thaobh cobhsaíocht airgeadais de. Tuigeann CESE nár mhór a chur san áireamh sna samhlacha riosca ní hamháin an riosca airgeadais, ach na rioscaí sóisialta, rialachais agus comhshaoil a bhaineann le CPLanna chomh maith agus gur cheart iad a bheith chomh tábhachtach céanna sna cásanna agus anailísí éagsúla riosca.

1.5

Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfaí meastóireacht chuimsitheach ar na costais bhreise a d’fhéadfadh teacht chun cinn don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus do chomhlachtaí eile de chuid an Aontais ó thaobh lucht saothair, córais teicneolaíochta faisnéise, comhfhoirne maoirseachta agus an tSásra Comhfhaireacháin atá beartaithe.

1.6

I bhfianaise na gcumhachtaí breise a tugadh do ESMA mar thoradh ar na hathruithe a rinneadh in 2019 ar Rialachán EMIR agus ar an togra reatha le haghaidh rialacháin, ba chúis áthais do CESE córas srianta agus ceartúchán a bheith ann i dtaobh ghníomhaíocht ESMA. Tá sé á mholadh ag CESE do ESMA tuilleadh a dhéanamh ionas go gcaithfí sciar suntasach de na seirbhísí a sholáthraítear dá chliaint san Aontas a imréiteach ag CPL de chuid an Aontais.

1.7

Maidir le hidirbhearta laistigh de ghrúpa, is díol sásaimh do CESE an cinneadh gan díolúine ó oibleagáidí imréitigh ná ó cheanglais éarlaise a thabhairt d’eintitis ó thíortha a liostaítear mar dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach ná tíortha a liostaítear mar dhlínsí ardriosca ó thaobh sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta de.

1.8

Tá díomá ar CESE nach ndearna an Coimisiún measúnú cuimsitheach ar an gcreat atá ann faoi láthair ná ar an athrú a tháinig ar tharraingteacht mhargadh an Aontais le blianta beaga anuas, agus breis agus trí bliana caite ó leasaíodh an rialachán an uair dheireanach. Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach Airteagal 7b agus tá sé ag iarraidh ar ESMA tuarascáil a thabhairt bliain tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin maidir leis na príomhchúiseanna a n-úsáidtear CPLanna nach CPLanna an Aontais iad.

1.9

Tá sé á mholadh ag CESE gur cheart do CPLanna an Aontais a bheith trédhearcach a mhéid a bhaineann lena dtáillí, a nglaonna ar éarlais agus a ngníomhaíochtaí i rith tréimhsí atá dálaí anáis sa mhargadh, chun go bhfeabhsófaí cúrsaí trédhearcachta do na rannpháirtithe uile sa mhargadh.

1.10

Tá sé á iarraidh ag CESE ar an gCoimisiún sainmhíniú sonrach a thabhairt ar an téarma “práinneach” atá in úsáid sna hathruithe a mholtar i dtaobh Airteagal 20 agus tá sé á iarraidh aige ar na comhreachtóirí a shuí cé na díolúintí a mheastar a bheith ina gcinntí práinneacha.

1.11

Tacaíonn CESE leis na hathruithe a mholtar i dtaobh Airteagal 23 maidir le comhfhoirne maoirseachta a bhunú agus maidir leis an Sásra Comhfhaireacháin. Tá sé á mholadh ag CESE ról a thabhairt don tsochaí shibhialta sa sásra faireacháin a bhunaítear faoi Airteagal 23c agus go mbeadh CESE páirteach sa Sásra Comhfhaireacháin i gcáil breathnóra.

1.12

Measann CESE gur rófhada an spriocdháta cúig bliana le haghaidh athbhreithniú an Choimisiúin ar chur i bhfeidhm an rialacháin. Measann sé freisin gur cheart tuilleadh a dhéanamh chun laghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn le húdaruithe a dheonú nó le gníomhaíochtaí agus seirbhísí a shíneadh, agus chun bunachar sonraí lárnach a thógáil leis. Tá sé á iarraidh ag CESE go mbeadh breis idir-inoibritheachta i gcóras imréitigh na hEorpa, mar aon le hualach laghdaithe riaracháin agus réitigh rochtana níos simplí.

1.13

Tá CESE i bhfabhar na trédhearcachta méadaithe a bheadh ann leis na hathruithe ar Airteagal 38, lena sonraítear nach mór do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil a gcliaint agus a gcliaint fhéideartha a chur ar an eolas faoi na samhlacha éarlaise agus na caillteanais fhéideartha nó costais fhéideartha eile.

2.   Cúlra

2.1

Is tionscnamh uaillmhianach fadtéarmach é Aontas na Margaí Caipitil, a sheol an Coimisiún Eorpach in 2015, atá dírithe ar shaorshreabhadh caipitil san Aontas, rud ar ceann de cheithre shaoirse bhunúsacha an mhargaidh aonair é. De dheasca Brexit, tháinig laghdú géar ar ról domhanda na hEorpa sna margaí caipitil sa mhéid gur thit na gníomhaíochtaí dá cuid ar fud an domhain ó 22 % go 14 % (2). Tríocha bliain ó seoladh an margadh aonair, fiche bliain ó tugadh an euro isteach, agus seacht mbliana ó cuireadh an tionscnamh maidir le hAontas na Margaí Caipitil i ngníomh, tá obair fós le déanamh ag an Aontas chun margadh caipitil aonair a chruthú.

2.2

A bhuí leis an dá Rialachán, EMIR Refit (3) agus EMIR 2.2 (4), tá trédhearcacht níos fearr ann ó thaobh CPLanna tríú tír de, trí na hathruithe a thugtar isteach leo ar an sainordú imréitigh agus trí na cumhachtaí breise a thugtar do ESMA, arb é údarás maoirseachta an Aontais é. Tugtar níos mó cumhachtaí go fóill do ESMA de bhun an togra sin le haghaidh rialacháin. Agus an acmhainneacht imréitigh ina cuid thábhachtach d’Aontas na Margaí Caipitil, tá margaí airgeadais na hEorpa i mbaol toisc iad a bheith ag brath an iomarca ar sheirbhísí arna gcur ar fáil ag CPLanna tríú tír, go háirithe sa Ríocht Aontaithe. Mar chuid de chomhaontú Brexit, cheadaigh an tAontas d’imréiteoirí na Ríochta Aontaithe coinneáil de bheith ag cur seirbhísí ar fáil do rannpháirtithe i margadh an Aontais go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2022. Cuireadh síneadh trí bliana leis an spriocdháta sin i bhfianaise na bagairte ar chobhsaíocht an mhargaidh airgeadais, agus é is aidhm leis sin a dhóthain ama a thabhairt chun oibríochtaí imréitigh a aistriú de réir a chéile go dtí an tAontas.

2.3

Is é is aidhm don togra le haghaidh rialacháin tuilleadh cobhsaíochta, intuarthachta agus comhréireachta a chur ar fáil do na hoibreoirí uile a bhfuil oibleagáidí imréitigh orthu, agus tugtar ceanglais isteach leis go sonródh rannpháirtithe sa mhargadh a mhéid agus a bhíonn siad ag brath ar thríú tíortha chun a n-idirbhearta díorthach a phróiseáil. Tá na leasuithe atá beartaithe dírithe freisin ar bhearta chun tarraingteacht CPLanna an Aontais a mhéadú, an t-ualach riaracháin a laghdú, an t-imréiteach lárnach a chur chun cinn san Aontas trína chur d’oibleagáid ar oibreoirí imréitigh cuntas gníomhach a bheith acu le CPL de chuid an Aontais, agus na cumhachtaí a thabhairt do na húdaráis áitiúla atá de dhíth orthu chun maoirseacht a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hidirbhearta trasteorann.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Is fada CESE ag iarraidh reachtaíocht a bheith ann lena neartófaí margaí caipitil an Aontais, reachtaíocht a d’fhágfadh gur cobhsaí agus gur tarraingtí iad na margaí sin (5). I bhfianaise gach a bhfuil ag tarlú le déanaí ón taobh geopholaitiúil de (ionradh na Rúise ar an Úcráin, praghsanna méadaithe fuinnimh, an teannas geopholaitiúil san iomaí áit ar domhan, agus paindéim COVID-19) agus na n-éifeachtaí láithreacha atá ag an méid sin ar an timpeallacht eacnamaíoch, tá sé á chur in iúl ag CESE go dteastaíonn beart go tapa chun margaí airgeadais an Aontais a chosaint agus chun go mbeidís níos cobhsaí. Measann CESE go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach do chobhsaíocht airgeadais na margaí caipitil san Aontas córas imréitigh iomaíoch éifeachtúil a bheith ann.

3.2

Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh rialacháin agus rún an Choimisiúin féachaint le huathriail straitéiseach ár margaí caipitil a áirithiú, an acmhainneacht imréitigh againne a mhéadú, agus a áirithiú gur sábháilte agus gurb athléimní é córas imréitigh an Aontais. Agus córas imréitigh an Aontais á neartú, ba cheart a chur san áireamh na costais a eascraíonn as an gcaipiteal a aistriú ó mhargaí imréitigh nach bhfuil san Aontas agus an gá le cosaint a dhéanamh ar an gcur chuige rioscabhunaithe agus ar an idirspleáchas idir na margaí airgeadais san Aontas agus na cinn lasmuigh de.

3.3

Is éard atá sa togra chun Rialachán EMIR a leasú freagairt don mhéadú as cuimse ar na praghsanna fuinnimh san Eoraip, méadú arb é ionsaí gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin is príomhchúis leis. I ngeall air sin, tá éagobhsaíocht sna margaí imréitigh agus tá cuideachtaí áirithe ann nach bhfuil sé d’acmhainn acu comhthaobhacht a sholáthar i ndáil lena gconarthaí díorthach. Tá sé á áitiú ag CESE gur gá é a bheith ina thosaíocht i gcónaí an earnáil imréitigh san Aontas a chomhdhlúthú. Praghas, leachtacht, riosca, éarlaisí, rialáil agus éifeachtúlacht, ba cheart iad sin a mheas chun féachaint le córas imréitigh níos iomaíche a chruthú san Aontas. Aontaíonn CESE leis gur gá tuilleadh a dhéanamh chun laghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn le húdaruithe a dheonú nó le gníomhaíochtaí agus seirbhísí a shíneadh, agus freisin chun bunachar sonraí lárnach a thógáil.

3.4

Measann CESE gur gá do CPLanna atá bunaithe san Aontas feabhas a chur ar a gcreataí acmhainneachta trí infheistíocht a dhéanamh iontu agus iad a cheapadh agus a dhearadh ar bhealach lena dtabharfaí ar oibreoirí sa mhargadh a n-oibríochtaí a imréiteach san Aontas, go háirithe trína dteicneolaíocht agus a n-acmhainní oibríochtúla a fheabhsú, trína áirithiú go mbeidh comhar níos fearr idir rannpháirtithe sa mhargadh agus trí chleachtais bainistithe riosca a fheabhsú. Chun an intuarthacht a fheabhsú, ní mór do CPLanna a bheith soiléir maidir lena dtáillí, a nglaonna ar éarlais agus a ngníomhaíochtaí i rith tréimhsí atá dálaí anáis sa mhargadh.

3.5

Teastaíonn margadh saothair cothrom agus cobhsaí i gcomhair margaí cobhsaí caipitil. Tuigeann CESE nár mhór a chur san áireamh sna samhlacha riosca ní hamháin an riosca airgeadais, ach na rioscaí sóisialta, rialachais agus comhshaoil a bhaineann le CPLanna chomh maith. Tuigeann sé freisin gur cheart na rioscaí sin a bheith chomh tábhachtach céanna sna cásanna agus anailísí éagsúla riosca.

3.6

Is mór ag CESE an comhairliúchán a rinne an Coimisiún ag tús 2022, na cruinnithe leis na hionadaithe ó na Ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa, na cruinnithe leis na seirbhísí airgeadais agus na coistí eacnamaíocha agus airgeadais, chomh maith leis na cinn dhéthaobhacha leis na geallsealbhóirí ábhartha.

3.7

Is cúis díomá do CESE gur cuireadh síneadh trí bliana, go dtí an 30 Meitheamh 2025, leis an tréimhse ar lena linn atá rochtain gan teorainn ag na tithe imréitigh atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe ar gheallsealbhóirí atá bunaithe san Aontas. Measann sé gurbh é an rud ba cheart a dhéanamh láithreach bonn tar éis Brexit plean críochnúil a chur i bhfeidhm chun an t-aistriú chuig oibreoirí imréitigh margadhbhunaithe san Aontas a dhreasú. Tá CESE cáinteach ar ar tharla roimhe seo i dtaca le margadh díorthach ar fiú EUR 81 trilliún é, is é sin nár tugadh a dhóthain airde air, go raibh teorainn ar an gcomhairliúchán maidir leis agus go raibh an próiseas cinnteoireachta mall.

3.8

Téann comhthiomsú ilairgeadra mhargadh na Ríochta Aontaithe chun tairbhe do na bainc Eorpacha agus, dá n-aistreofaí chuig tithe imréitigh Eorpacha, chruthófaí próiseas imréitigh bunaithe ar an euro, rud a ghabhadh costais shuntasacha leis don chóras baincéireachta. Cé go dtacaíonn CESE leis an aistriú sin agus go measann sé nach mór é a dhéanamh a luaithe is féidir, tá sé á chur in iúl aige nach mór na dreasachtaí cearta a chur ar fáil ionas nach n-aistreodh na bainc go margaí eile. Ba cheart dreasachtaí níos spriocdhírithe agus níos oiriúnaithe a chur san áireamh chun an earnáil imréitigh san Aontas a chomhdhlúthú.

3.9

Ós rud é go ndéanann roinnt mhaith oibreoirí i margadh an Aontais a n-idirbhearta díorthach a imréiteach i dtíortha eile, bhí CESE ag súil leis go nglacfaí seasamh níos soiléire i gcoinne na treochta sin agus go mbeadh rialacha agus dreasachtaí níos sonraí ann lena gcuirfí tús leis an aistriú go dtí CPLanna atá bunaithe san Aontas. Is éard a raibh CESE ag súil leis, ar a laghad, ná go gcuirfí de cheangal ar na heintitis phoiblí imréitigh a dhéanamh san Aontas agus tá sé á iarraidh aige go mbeadh fís shoiléir ann chun deireadh a chur leis an spleáchas sin a luaithe is féidir.

3.10

Measann CESE gur cheart an slabhra soláthair trí chéile a chur san áireamh agus gníomhaíochtaí imréitigh á bhforbairt san Aontas, ar mhaithe leis na rannpháirtithe sa mhargadh. Ba cheart leachtacht an mhargaidh a bhainistiú go cúramach agus neamhchosaint ar CPLanna na Ríochta Aontaithe a laghdú, maille le radharc níos fadtéarmaí a bheith ann i ndáil le ceanglais rochtana do mhargadh imréitigh an Aontais agus caighdeánú na gceanglas sin. Na cliaint a ullmhú chun imréitithe, ba cheart é sin a chur san áireamh agus ionsamhlúcháin éagsúla a dhéanamh ar mhaithe leis na cliaint sin. Measann CESE chomh maith gur cheart do ESMA bearta a oiriúnú go cúramach do rannpháirtithe beaga agus meánmhéide sa mhargadh.

3.11

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE cé chomh tábhachtach agus atá ról CPLanna tríú tír maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais. Tá sé ríthábhachtach rioscaí comhchruinnithe a laghdú agus a áirithiú go bhfuil an caidreamh le CPLanna bunaithe ar chur chuige trédhearcach, intuartha, comhréireach agus rioscabhunaithe. Tabharfar níos mó cumhachtaí do ESMA go fóill de bhun an togra sin le haghaidh rialacháin agus ba mhaith le CESE córas srianta agus ceartúchán a chur i bhfeidhm i dtaobh ghníomhaíocht ESMA.

3.12

Le go mbeadh léargas soiléir ann chun críche faireacháin, dar le CESE gur tábhachtach sonraí sonracha a bheith ann maidir le córas imréitigh an Aontais; ní mór na sonraí sin a bheith inchomparáide agus ní mór a chumhdach leo gach aicme sócmhainní agus na méideanna uile díobh. Tá sé tábhachtach na sonraí cearta a bhailiú chun go bhfaighfí léargas cruinn ar na rioscaí ó thaobh cobhsaíocht airgeadais de agus ba cheart an tsineirge idir na sonraí a bhailítear agus an dinimic riosca a chur san áireamh ar bhonn córasach. Measann CESE gur cheart tuilleadh a dhéanamh chuige sin.

3.13

Ba cheart níos mó sineirgí idir na gníomhaíochtaí imréitigh agus an t-ionad Eorpach ilfhreastail aonair (ESAP) a chur san áireamh. Le ESAP cuirtear maoiniú sonraíbhunaithe chun cinn agus cuirtear feabhas mór ar rochtain na gcuideachtaí, na ngnólachtaí agus na n-institiúidí airgeadais ar shonraí agus ar fhaisnéis eintiteas. A bhuí leis freisin, cuirtear an geilleagar in oiriúint don todhchaí dhigiteach, neartaítear an cheannasacht dhigiteach, cuirtear dlús leis an sreabhadh faisnéise agus leagtar síos caighdeáin chomhchoiteanna agus béim á leagan ar shonraí, ar theicneolaíocht agus ar bhonneagar (6).

3.14

Tacaíonn CESE leis an togra chun maolú a dhéanamh ar na rialacha in EMIR maidir le díorthaigh agus chun a cheadú gur féidir glacadh le ráthaíochtaí bainc agus le litreacha creidmheasa mar chomhthaobhacht fhíorleachtach, óir áirithítear leis na roghanna neamhairgid sin leachtacht an mhargaidh agus tá siad in úsáid ar mhórscála cheana féin i margaí caipitil níos forbartha, amhail an margadh sna Stáit Aontaithe. Tacaíonn CESE le ról méadaithe na mbanc ceannais maidir le tomhaltóirí an Aontais a chosaint.

3.15

Tacaíonn CESE leis na hathruithe a mholtar i gcomhair Airteagail 11, 14, 15 agus 17 maidir leis an tréimhse cur chun feidhme ceithre mhí le haghaidh na gcontrapháirtithe neamhairgeadais ar gá dóibh den chéad uair comhthaobhacht a mhalartú, agus maidir leis na nósanna imeachta níos gairide agus níos simplí do CPLanna chun a dtáirgí a leathnú. Is díol sásaimh do CESE na hathruithe a mholtar ós rud é go bpríomhshruthófaí leo an próiseas trína leathnaítear gníomhaíochtaí agus seirbhísí agus an próiseas trína ndeonaítear/trína ndiúltaítear údaruithe. Teastaíonn breis idir-inoibritheachta i dtaobh chóras imréitigh na hEorpa, mar aon le hualach laghdaithe riaracháin agus réitigh rochtana níos simplí.

4.   Barúlacha sonracha

4.1

Ní aontaíonn CESE leis an ráiteas a rinne an Coimisiún Eorpach nach mbeidh “aon tionchar ag an tionscnamh reachtach [sin] ar chaiteachas ar ESMA ná ar chomhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh” agus measann sé go rachaidh na costais in airde i réimsí amhail an lucht saothair, na córais teicneolaíochta faisnéise, na comhfhoirne maoirseachta agus an Sásra Comhfhaireacháin atá beartaithe. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil sé á iarraidh ag an gCoimisiún ar ESMA, sa leasú a mholtar i dtaobh Airteagal 90, tuairisc a thabhairt maidir leis “na riachtanais foirne agus […] na riachtanais acmhainní”. Dá bhrí sin, tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfaí measúnú críochnúil ar na costais bhreise, agus go ndéanfaí na himpleachtaí buiséadacha measta a ríomh agus a fhógairt.

4.2

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur ann do thogra ón gCoimisiún, ceann a dtacaíonn sé leis, chun ceanglas a chur ar na rannpháirtithe go léir sa mhargadh atá faoi réir oibleagáidí imréitigh cuntas a bheith acu le CPL de chuid an Aontais. Leis an togra sin, iarrtar ar ESMA, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, agus an Córas Eorpach Banc Ceannais, a cheangal go gcaithfí sciar suntasach de na seirbhísí a sholáthraítear dá chliaint san Aontas, a shainaithnítear mar sheirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach ag baint leo, a imréiteach ag CPL de chuid an Aontais.

4.3

Tá CESE ag moladh an rúin chun a iarraidh ar rannpháirtithe sa mhargadh na figiúirí beachta agus an spleáchas ar imréiteoirí eachtracha a thuairisciú agus tá sé ag súil leis go bhforbróidh ESMA go pras na caighdeáin theicniúla lena sonrófar an fhaisnéis sin. Tá sé ag tnúth le tuarascáil chríochnúil bliain amháin tar éis an teacht i bhfeidhm agus tá coinne aige freisin go ndéanfar Rialachán EMIR a leasú dá réir sin.

4.4

Maidir le hidirbhearta laistigh de ghrúpa, is díol sásaimh do CESE nach mbeidh díolúine ó oibleagáid imréitigh ná ó cheanglais éarlaise ag eintitis ó thíortha a liostaítear mar dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach ná tíortha a liostaítear mar dhlínsí ardriosca ó thaobh sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta de. Tacaíonn CESE go hiomlán leis na bearta riaracháin a bhaineann leis na dlínsí sin agus measann sé go bhfuil baol súntasach ag baint leo do chóras airgeadais an Aontais.

4.5

Cé go bhfágann an nuashonrú digiteach go bhfuil breis riachtanais bhuiséadacha ann, measann CESE go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach infheistíochtaí digiteacha a bheith i bhfeidhm chun tacú leis na nuashonruithe a mholtar i dtaobh Rialachán EMIR. Is mór ag CESE an togra le haghaidh ardchlár teicneolaíochta faisnéise chun doiciméid mhaoirseachta a chur isteach ar líne, a bheidh inrochtana do na húdaráis ábhartha uile.

4.6

Tá díomá ar CESE nach ndearna an Coimisiún measúnú críochnúil ar an gcreat atá ann faoi láthair, agus breis agus trí bliana caite ó leasaíodh an rialachán an uair dheireanach. Anuas air sin, chun go mbeadh na leasuithe reatha oiriúnach don fheidhm, bhí CESE ag súil leis go ndéanfaí anailís spriocdhírithe ar an gcaoi ar tháinig athrú ar tharraingteacht mhargadh an Aontais le blianta beaga anuas, go háirithe a mhéid a bhaineann le gach ar tharla le déanaí, nach beag a shuntais, ón taobh geopholaitiúil de.

4.7

Tá sé á mholadh ag CESE gur cheart na caighdeáin theicniúla a fhorbraítear faoi Airteagal 7 a bheith trédhearcach agus cuimsitheach. Ba cheart a chur san áireamh chomh maith an rogha chun athruithe a thabhairt isteach d’fhonn na caighdeáin sin a oiriúnú go tapa. Tá tábhacht freisin le huirlisí a chur ar fáil do bhainisteoirí sócmhainní chun comparáid praghsanna a dhéanamh idir na costais a bhaineann le cur chun feidhme, le himréitigh agus le comhaltaí imréitigh.

4.8

Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach Airteagal 7b lena sonraítear gur gá do sholáthraithe seirbhísí imréitigh tuairisciú ar raon feidhme imréitigh in CPL nach ceann de chuid an Aontais é agus an oibleagáid a gcliaint a chur ar an eolas faoin deis atá ann conradh ábhartha a imréiteach in CPL de chuid an Aontais. Tá CESE ag iarraidh ar ESMA nós imeachta tuairiscithe caighdeánaithe a fhorbairt le húsáid i ngach Ballstát. Molann sé freisin tuarascáil a thabhairt bliain amháin tar éis don rialachán teacht i bhfeidhm maidir leis na príomhchúiseanna a n-úsáidtear CPLanna nach CPLanna an Aontais iad. Ba cheart cur chuige comhchoiteann i leith fíneálacha d’oibreoirí sa mhargadh a bhainistiú go cúramach freisin d’fhonn a áirithiú go bhfuil comhréireacht sa mhargadh aonair.

4.9

Tá sé á iarraidh ag CESE ar an gCoimisiún brí bheacht an fhocail “práinneach” atá in úsáid sna hathruithe a mholtar i dtaobh Airteagal 20 a shoiléiriú agus tá sé á iarraidh aige ar na comhreachtóirí na díolúintí a thagann faoi chinntí práinneacha a chomhaontú agus a shonrú.

4.10

Tacaíonn CESE leis na hathruithe a mholtar i dtaobh Airteagal 23 maidir le comhfhoirne maoirseachta agus an Sásra Comhfhaireacháin a bhunú, ach tá sé á thabhairt dá aire aige go mbeidh impleachtaí buiséadacha acu sin óir beidh ar na húdaráis sin níos mó baill foirne a earcú, lena n-áirítear do ESMA. Tá sé á mholadh ag CESE an tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach sa sásra faireacháin a bhunaítear faoi Airteagal 23c, go háirithe a mhéid a bhaineann le cinntí beartais a dhéanfar amach anseo.

4.11

Teastaíonn rannpháirtíocht na sochaí sibhialta freisin má táthar chun meastóireacht cheart a dhéanamh ar idirnaisc, ar idircheangail agus ar rioscaí comhchruinnithe faoin gCoiste Maoirseachta do CPLanna (Airteagal 24a). Ba cheart do CESE chomh maith a bheith páirteach sa Sásra Comhfhaireacháin i gcáil breathnóra. Ba cheart a chur san áireamh an gá atá le laghdú a dhéanamh ar an bhforluí freagrachtaí idir an líon mór údarás atá rannpháirteach sa chóras imréitigh. Ba cheart an comhar idir na húdaráis Eorpacha agus na húdaráis náisiúnta a bheith éifeachtach agus curtha in oiriúint do dhinimic na rioscaí margaidh.

4.12

Is cosúil go bhfuil an spriocdháta cúig bliana le haghaidh athbhreithniú cúramach an Choimisiúin ar theacht i bhfeidhm an rialacháin an-fhada, i bhfianaise na tréimhse idir na leasuithe ar Rialachán EMIR. Ina theannta sin, bhí CESE ag súil le foilsiú na tuarascála ón gCoimisiún an 2 Eanáir 2023 maidir le cur i bhfeidhm EMIR Refit agus EMIR 2.2, mar a comhaontaíodh, ach tá sé á mholadh ag an gCoimisiún anois an tuarascáil a chur ar ceal. Tá CESE ag cur ina choinne sin óir tá sé den tuairim sé nach ndéanfaí meastóireacht ar chor ar bith, b’fhéidir, ar na leasuithe ar EMIR gan an tuarascáil sin, i bhfianaise na n-athruithe a rinneadh cheana ar Rialachán EMIR mar thoradh air sin.

4.13

Ar deireadh, tacaíonn CESE leis an trédhearcacht mhéadaithe a bhaineann leis an togra chun leasú a dhéanamh ar Airteagal 38, maidir leis an oibleagáid ar chomhaltaí imréitigh agus ar chliaint a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil a gcliaint agus a gcliaint fhéideartha a chur ar an eolas faoi na samhlacha éarlaise agus na caillteanais fhéideartha nó costais fhéideartha eile, i gcás ina gcuirfeadh CLP bearta téarnaimh i bhfeidhm. Measann CESE gur cheart do chomhaltaí imréitigh chomh maith cuidiú leis an trédhearcacht laistigh de chóras imréitigh an Aontais a fheabhsú.

An Bhruiséil, 22 Márta 2023

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  COM(2022) 697 final.

(2)  Tuarascáil: A new vision for EU capital markets.

(3)  IO L 141, 28.5.2019, lch. 42.

(4)  IO L 322, 12.12.2019, lch. 1.

(5)  IO C 155, 30.4.2021, lch. 20.

(6)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 58.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/55


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

[COM(2022) 707 final – 2022/0413 (CNS)]

(2023/C 184/10)

Rapóirtéir: Petru Sorin DANDEA

Comhrapóirtéir: Benjamin RIZZO

Comhairliúchán

An Chomhairle, 7.2.2023

Bunús dlí

Airteagail 113, 115 agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

2.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

208/0/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (dá ngairtear “Treoir an Chomhair Riaracháin 8” anseo feasta) ós céim mhór chun cinn é chun an leagan reatha de Threoir an Chomhair Riaracháin a fheabhsú agus a chomhlánú.

1.2

Dar le CESE, feabhsuithe éifeachtacha atá sna feabhsuithe atá beartaithe ar Theoir an Chomhair Riaracháin chun neamh-chomhlíonadh rialacha fioscacha ag sealbhóirí criptea-shócmhainní a dhíspreagadh. Dá dhroim sin, chuirfí borradh faoin gcomhrac i gcoinne na caolaoise cánach, na himghabhála cánach agus na seachanta cánach, rud a bheadh ar aon dul le roinnt tionscnaimh eile roimhe seo ón gCoimisiún.

1.3

Is é barúil CESE go bhfuil an tionscnamh ón gCoimisiún ag teacht go huile is go hiomlán le priosabal an chánachais chothroim agus éifeachtaigh, rud atá ar cheann de bhunchlocha gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa agus arb é is aidhm dó a áirithiú go gcuireann an uile dhuine a chion féin leis ngeilleagar agus go gcaitear go cothrom comhsheasmhach le gach duine, is cuma cén sócmhainní atá aige.

1.4

Tugann CESE dá aire gur den tábhacht iarracht a thabhairt ar bhonn domhanda ar chriptea-shócmhainní agus a n-úsáid a rialú chun go n-éireoidh linn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus na himpleachtaí a bhaineann leis na sócmhainní sin atá ag dul i méid ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin, is ríthábhachtach an obair atá ar bun ar leibhéil ECFE agus G20 chun teacht ar chomhaontú domhanda maidir le trédhearcacht criptea-airgeadraí agus molann CESE don Choimisiún ról gníomhach a ghlacadh san obair sin ar an leibhéal idirnáisiúnta.

1.5

Is mór ag CESE, ach cáin a chur ar chriptea-shócmhainní ar dóigh níos fearr agus níos éifeachtaí, go bhféadfaí raon feidhme an chánachais a leathnú agus cur le buiséid náisiúnta, rud a sholáthródh acmhainní breise dírithe ar an leas coiteann agus ar thosaíochtaí infheistíochta an Choimisiúin (an t-aistriú glas agus an digiteáil).

1.6

Is é barúil CESE gurb é córas tuairiscithe na huimhreach aitheantais cánach an modh comhlíonta is éifeachtaí chun éifeachtacht na rialacha nua a áirithiú. Is ar an gcúis sin a thacaíonn CESE go mór leis an togra ón gCoimisiún maidir le huimhir aitheantais chánach ós rud é go gcuidíonn sé le botúin a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc agus, ar an gcaoi sin, le deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht an chórais a fheabhsú.

1.7

Creideann CESE nár cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí tuairiscithe maidir le malartuithe agus aistrithe criptea-shócmhainní amháin, ach gur cheart iad a leathnú freisin, ar a laghad le linn na chéad chéime, chuig sealúchais fhoriomlána criptea-shócmhainní ar mhaithe le trédhearcacht agus deimhneacht. Is follas fós, áfach, gur cheart cáin a ghearradh ar ghnóthachain iarbhír agus orthu sin amháin.

1.8

Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le pionóis éifeachtacha chomhréireacha lena bhfágtar faoi na Ballstáit é cinneadh a dhéanamh maidir le híosmhéid sonrach na bpionós atá le heisiúint. Molann CESE freisin, tar éis chur chun feidhme na Treorach, gur cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt ar na struchtúir phionóis arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit, agus treoir a thabhairt maidir leis na hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcás inar gá sin.

1.9

Tá súil ag CESE go mbeifear in ann, trí bhíthin na bpionós agus na mbeart comhlíonta, cothromaíocht chuí a bhaint amach idir éifeacht na rialacha agus díspreagadh leordhóthanach, ar thaobh amháin, agus comhréireacht ar an taobh eile. D’fhéadfaí comhréireacht a áirithiú ach aird chuí a thabhairt ar líon na n-idirbheart a bhaineann le sáruithe arna ndéanamh ag cuideachta faoi leith, cuir i gcás.

1.10

Na forálacha agus na coimircí sonracha maidir le cosaint sonraí a áirítear sa togra le haghaidh treorach agus atá ar aon dul le rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), cuireann CESE i bhfáth gur cheart iad a chur i bhfeidhm go cuí agus a urramú de réir ardchaighdeán má táthar chun cosaint iomlán a thabhairt do chearta bunúsacha na ndaoine aonair a ndéanfar a gcuid sonraí a bhailiú, a mhalartú agus a stóráil.

1.11

Molann CESE don Choimisiún rialacha a áireamh sa dréacht-togra dá chuid chun cur leis an gcomhar idir na húdaráis chánach a chumhdaítear leis an téacs atá ann faoi láthair agus na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu sciúradh airgid agus maoiniú gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus sceimhlitheoireachta a chomhrac. Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn CESE gurb éard atá de dhíth ar údaráis phoiblí (údaráis chánach sa chás áirithe seo) acmhainní leordhóthanacha ó thaobh pearsanra cáilithe, teicneolaíocht dhigiteach ardghráid agus ceanglais dhigiteacha ardghráid.

2.   An togra ón gCoimisiún

2.1

Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (1) maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (dá ngairtear “Treoir an Chomhair Riaracháin 8” anseo feasta) (2) an leagan reatha den Treoir (dá ngairtear “Treoir an Chomhair Riaracháin” anseo feasta) a thabhairt cothrom le dáta chun tuairisciú agus malartú faisnéise idir údaráis chánach a leathnú chun ioncam arna ghiniúint trí chriptea-shócmhainní ag úsáideoirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach a chur san áireamh. Mar a sheasann cúrsaí i láthair na huaire, níl an fhaisnéis is gá ag údaráis chánach chun faireachán a dhéanamh ar ioncam arna ghiniúint trí chriptea-shócmhainní agus is fusa na criptea-shócmhainní sin a thrádáil thar theorainneacha.

2.2

Féachtar leis an tionscnamh reachtach le trédhearcacht chánach níos fearr a thabhairt isteach maidir le criptea-shócmhainní trí bhíthin forálacha sonracha maidir le tuairisciú agus malartú faisnéise chun críoch cánach dírí. Rud eile a dhéantar sa togra is ea na forálacha is infheidhme atá ann cheana a thabhairt chun cruinnis d’fhonn lúba ar lár a sheachaint agus an creat dlíthiúil a threisiú.

2.3

Tá Treoir an Chomhair Riaracháin 8 ag luí leis na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (dá ngairtear “Rialachán MiCA” anseo feasta) (3). Ní bonn ann féin é sin, áfach, chun ligean d’údaráis chánach an fhaisnéis is gá chun cáin a ghearradh ar ioncam criptea-shócmhainní a bhailiú agus a mhalartú. Bíodh sin mar atá, an taithí a fuarthas le Rialachán MiCA, déanann sé eolas do Threoir an Chomhair Riaracháin 8, rud a bhíonn ag brath ar an gceanglas údarúcháin a tugadh isteach cheana leis an Rialachán sin agus, a bhuí leis sin, ní chuirtear ualaí breise riaracháin ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní.

2.4

Tá an togra ag teacht le Creat Tuairiscithe ECFE maidir le Criptea-shócmhainní (dá ngairtear “CARF” anseo feasta) (4) a formheasadh le déanaí, maille leis na leasuithe ar an gcomhchaighdeán tuairiscithe dá chuid. D’fhormhuinigh G20 na caighdeáin sin freisin. Le linn chomhairliúchán an Choimisiúin, is amhlaidh gur thacaigh formhór na mBallstát le raon feidhme chreat dlíthiúil an Aontais a chur ag luí leis an obair a rinne ECFE.

2.5

Ionas gur fearr is féidir leis na Ballstáit calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a bhrath agus a chomhrac, cuirfear de cheangal ar gach soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe, gan beann ar a méid nó ar a suíomh, idirbhearta a gcliant a bhfuil cónaí orthu san Aontas a thuairisciú. Tá idirbhearta intíre agus idirbhearta trasteorann san áireamh leis sin. I gcásanna áirithe, beidh licíní neamh-idirmhalartacha cumhdaithe faoi oibleagáidí tuairiscithe chomh maith. Leagtar síos in Iarscríbhinn VI rialacha mionsonraithe maidir leis na hoibleagáidí atá le comhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe.

2.6

Is cineál idirbhirt intuairiscithe iad idirbhearta malairte agus aistrithe criptea-shócmhainní intuairiscithe. Tá idirbhearta intíre agus idirbhearta trasteorann araon faoi raon feidhme an togra agus déantar iad a chomhiomlánú de réir an chineáil criptea-shócmhainne intuairiscithe.

2.7

Beidh ar institiúidí airgeadais tuairisciú a dhéanamh ar ríomh-airgead agus airgeadraí digiteacha bainc ceannais agus, san am céanna, leathnófar raon feidhme an mhalartaithe uathoibríoch rialuithe cánach trasteorann le haghaidh daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu. Is éard is duine a bhfuil glanfhiúchas ard aige duine a bhfuil rachmas airgeadais nó rachmas is féidir a infheistiú, nó sócmhainní faoi bhainistíocht aige ar fiú EUR 1 000 000 ar a laghad iad. Malartóidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na rialuithe trasteorann arna n-eisiúint, arna leasú nó arna n-athnuachan a eisíodh, a leasaíodh nó a athnuadh idir 1 Eanáir 2020 agus 31 Nollaig 2025.

2.8

Ní chuirfidh an togra teorainn le cumas na mBallstát a gcóras comhlíontachta a mhúnlú. Mar sin féin, bunófar agus forfheidhmeofar íosleibhéal coiteann pionós i gcás neamhchomhlíonadh tromchúiseach, mar shampla, easpa iomlán tuairiscithe in ainneoin meabhrúcháin riaracháin.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir le Treoir an Chomhair Riaracháin 8 agus tugann sé a thacaíocht dó, ós rud é gur céim shuntasach atá ann chun Treoir an Chomhair Riaracháin a fheabhsú agus a thabhairt chun críche bunaithe ar na moltaí a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Seo a leanas an rabhadh a thug sí: má shealbhaíonn cáiníocóir airgead i gcriptea-airgeadraí leictreonacha, níl sé d’oibleagáid ar an ardán ná ar an soláthraí leictreonach eile a sholáthraíonn seirbhísí punainne do na custaiméirí sin aon mhéid ná aon ghnóthachan den sórt sin a fhaightear a dhearbhú do na húdaráis chánach. Dá bhrí sin, ní ghearrtar cáin, den chuid is mó, ar airgead a shealbhaítear in ionstraimí leictreonacha den sórt sin (5).

3.2

Dar le CESE, uirlis éifeachtach atá sna feabhsuithe atá beartaithe ar Theoir an Chomhair Riaracháin chun neamh-chomhlíonadh rialacha fioscacha ag sealbhóirí criptea-shócmhainní a dhíspreagadh. Dá dhroim sin, chuirfí borradh faoin gcomhrac i gcoinne na calaoise cánach, na himghabhála cánach agus na seachanta cánach, rud a bheadh ar aon dul le roinnt tionscnaimh eile ar thug an Coimisiún fúthu roimhe seo.

3.3

Molann CESE an Coimisiún as an gcomhairliúchán leathan dea-struchtúrtha a rinne sé maidir leis an togra atá faoi chaibidil. Bhí páirt ag na geallsealbhóirí uile lena mbaineann ann, chomh maith le grúpa níos spriocdhírithe d’oibreoirí earnála a ndeachaigh an Coimisiún i gcomhairle leo ar leithligh. Bhí deis ag na Ballstáit a mbarúil a thabhairt freisin agus spreag siad an Coimisiún, agus é i mbun a chuid oibre, chun oibriú i ndlúthchomhar le ECFE. D’ainneoin chineál an-teicniúil an togra, is trédhearcaí fiúntaí an próiseas reachtach anois a bhuí leis na comhairliúcháin sin.

3.4

Cuireann CESE i bhfáth gur den tábhacht iarracht a dhéanamh ar bhonn domhanda criptea-shócmhainní agus a n-úsáid a rialú chun go n-éireoidh linn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus na himpleachtaí a bhaineann leis na sócmhainní sin atá ag dul i méid ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin, is ríthábhachtach an obair agus an chaibidlíocht atá ar bun ar leibhéil ECFE agus G20 chun teacht ar chomhaontú domhanda maidir le trédhearcacht criptea-airgeadraí agus molann CESE don Choimisiún ceannaireacht a thabhairt san obair sin ar an leibhéal idirnáisiúnta.

3.5

Is é barúil CESE go bhfuil an tionscnamh ón gCoimisiún ag teacht go huile is go hiomlán le priosabal an chánachais chothroim agus éifeachtaigh, rud atá ar cheann de bhunchlocha gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa agus arb é is aidhm dó a áirithiú go gcuireann an uile dhuine a chion féin leis ngeilleagar agus go gcaitear go cothrom comhsheasmhach le gach duine, is cuma cén sócmhainní atá aige nó cén cineál íocaíochtaí a nglactar leo.

3.6

Tuigeann CESE, ach cáin a chur ar chriptea-shócmhainní ar dóigh níos fearr agus níos éifeachtaí, go bhféadfar raon feidhme an chánachais a leathnú agus cur le buiséid náisiúnta, rud a sholáthródh acmhainní breise dírithe ar an leas coiteann agus ar thosaíochtaí infheistíochta an Choimisiúin (an t-aistriú glas agus an digiteáil).

3.7

Tá CESE ar an aon intinn leis an gCoimisiún, ach trédhearcacht níos mó a bheith ann, go laghdófar neamhréireachtaí agus an difreáil gan údar atá sa chreat dlíthiúil faoi láthair. Anuas air sin, ní bheadh lámh an uachtair ag úsáideoirí criptea-shócmhainní “[orthu] siúd nach n-infheistíonn i gcriptea-shócmhainní” a thuilleadh, rud a chuireann isteach ní hamháin ar “an [g]cuspóir maidir le cánachas cothrom a áirithiú” ach freisin ar fheidhmiú ceart an mhargaidh aonair agus ar chothroime iomaíochta éifeachtach.

3.8

Tá CESE i bhfabhar Airteagal 113 CFAE (ós rud é go bhféadfaí faisnéis a mhalartaítear a úsáid freisin chun críocha CBL) agus Airteagal 115 CFAE a úsáid mar bhunús coiteann dlí leis an togra. Go deimhin, is ábhartha sa chás seo comhfhogasú na ndlíthe náisiúnta a dhéanann difear d’fheidhmiú an mhargaidh aonair, a chumhdaítear in Airteagal 115, ós rud é gur féidir criptea-shócmhainní a úsáid chun críoch éagsúil. Ar an ábhar sin, ba cheart neamhréireachtaí sa chreat dlíthiúil ginearálta agus sna huirlisí forfheidhmiúcháin a sheachaint ar fud an mhargaidh aonair, óir d’fhéadfaidís dochar a dhéanamh do chomhdhlúthú an mhargaidh sin.

4.   Barúlacha sonracha

4.1

Molann CESE don Choimisiún agus do na Ballstáit oibleagáidí tuairiscithe a leagan síos sa togra reatha do dhaoine nádúrtha a bhfuil criptea-shócmhainní acu. Níl aon amhras ná go méadódh sé sin éifeachtacht agus raon feidhme chur i bhfeidhm an togra.

4.2

Is é barúil CESE gurb é córas tuairiscithe na huimhreach aitheantais cánach an modh comhlíonta is éifeachtaí chun éifeachtacht na rialacha nua a áirithiú. Is ar an gcúis sin a thacaíonn CESE go mór leis an togra ón gCoimisiún maidir le huimhir aitheantais chánach ós rud é go gcuidíonn sé le héifeachtacht an togra a threisiú. Ós cód aitheantais uathúil í uimhir aitheantais chánach, is féidir botúin a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc agus, ar an gcaoi sin, cur le deimhneacht dhlíthiúil agus le hintuarthacht an chórais.

4.3

Tugann CESE dá aire go bhfuil reachtaíocht nó, ar a laghad, treoraíocht riaracháin i bhfeidhm ag formhór na mBallstát chun cáin a ghearradh ar ioncam a fhaightear trí infheistíochtaí criptea-shócmhainní. Is minic, áfach, nach mbíonn an fhaisnéis is gá ag na húdaráis inniúla leis an reachtaíocht agus an treoraíocht sin a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní féidir deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht a áirithiú ach amháin trí dhul i ngleic le neamhéifeachtúlachtaí náisiúnta trí bhíthin tionscnamh reachtach de chuid an Aontais arb é is aidhm dó cur leis an gcomhar éifeachtach éifeachtúil i measc na n-údarás cánach.

4.4

Creideann CESE nár cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí tuairiscithe maidir le malartuithe agus aistrithe criptea-shócmhainní amháin, ach gur cheart iad a leathnú freisin, ar a laghad sa chéad chéim seo, chuig sealúchais fhoriomlána criptea-shócmhainní ar mhaithe le trédhearcacht agus deimhneacht. Is follas fós, áfach, gur cheart cáin a ghearradh ar ghnóthachain iarbhír agus orthu sin amháin.

4.5

Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le pionóis éifeachtacha chomhréireacha lena bhfágtar faoi na Ballstáit é cinneadh a dhéanamh maidir le híosmhéid sonrach na bpionós atá le heisiúint. A bhuí le tairseacha íosta, is cosúil go bhféadfaí cur le héifeachtacht na rialacha nua maidir le cánachas criptea-shócmhainní. Tá súil ag CESE go mbeifear in ann, trí bhíthin na bpionós agus na mbeart comhlíonta, cothromaíocht chuí a bhaint amach idir éifeacht na rialacha agus díspreagadh leordhóthanach, ar thaobh amháin, agus comhréireacht ar an taobh eile. D’fhéadfaí comhréireacht a áirithiú ach aird chuí a thabhairt ar líon na n-idirbheart a bhaineann le sáruithe arna ndéanamh ag cuideachta faoi leith, cuir i gcás.

4.6

Ina cheann sin, tar éis chur chun feidhme na Treorach, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt ar na struchtúir phionóis arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit, agus treoir a thabhairt maidir leis na hathruithe is gá a dhéanamh ar chóras na bpionós agus beart comhlíonta.

4.7

Na forálacha agus na coimircí sonracha maidir le cosaint sonraí a áirítear sa togra le haghaidh treorach agus atá ar aon dul le rialacha agus prionsabail an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), cuireann CESE i bhfáth gur cheart iad a chur i bhfeidhm go cáiréiseach agus a urramú de réir ardchaighdeán má táthar chun cosaint iomlán a thabhairt do chearta bunúsacha na ndaoine aonair a ndéanfar a gcuid sonraí a bhailiú, a mhalartú agus a stóráil.

4.8

Iarrann CESE ar na Ballstáit athuair infheistíocht leordhóthanach a dhéanamh sna húdaráis chánach agus sna riaracháin eile lena mbaineann d’fhonn is go mbeidh na cumais is gá a bheith acu chun an cúram maidir le comhar níos fearr a chothú i réimse an chánachais a chomhlíonadh.

4.9

Agus ar an ásc deiridh, molann CESE don Choimisiún a chur san áireamh sa dréacht-togra uaidh, maidir leis na húdaráis chánach a chumhdaítear leis an téacs atá ann faoi láthair agus na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu sciúradh airgid agus maoiniú gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus sceimhlitheoireachta a chomhrac, go mbeidh sé de cheangal orthu obair a dhéanamh i gcomhar le chéile. Moltar an méid sin ós rud é go bhféadfadh sé gur tháinig roinnt cásanna chun cinn le blianta beaga anuas inar úsáideadh criptea-shócmhainní chun críoch neamhdhleathach agus chun críoch sciúrtha airgid. Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn CESE gurb éard atá de dhíth ar údaráis phoiblí (údaráis chánach sa chás áirithe seo) acmhainní leordhóthanacha ó thaobh pearsanra cáilithe, teicneolaíocht dhigiteach ardghráid agus ceanglais dhigiteacha ardghráid.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(2)  COM(2022) 707 final.

(3)  COM(2020) 593 final.

(4)  Crypto-Asset Reporting Framework and Amendments to the Common Reporting Standard, ECFE, 2022/10/08.

(5)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (2021), Exchanging tax information in the EU: solid foundation, cracks in the implementation [Faisnéis chánach a mhalartú san Aontas Eorpach: bunús láidir, scoilteanna i gcur chun feidhme]. Bíodh is go bhfuil méadú tagtha ar an méid faisnéise atá á mhalartú, tá faisnéis áirithe ann nach dtuairiscítear fós.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/59


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — i dtreo Treorach maidir le pionóis choiriúla as sárú ar bhearta sriantacha an Aontais

(COM(2022) 249 — final)

maidir leis an Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chur leis na réimsí coireachta atá leagtha síos in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

(COM(2022) 247 — final)

maidir leis an Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i gcás sárú ar bhearta sriantacha an Aontais

(COM(2022)/684 final)

(2023/C 184/11)

Rapóirtéir:

José Antonio MORENO DÍAZ

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 26.7.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

8.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

141/1/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Díol sásaimh do CESE is ea an cinneadh maidir le sárú smachtbhannaí a chur ar liosta na gcoireanna faoi Airteagal 83(1) CFAE, mar aon leis an togra le haghaidh Treoir a bhaineann le sainiú agus pionóis íosta a chomhfhogasú sa reachtaíocht náisiúnta i ndáil le sárú ar smachtbhannaí.

1.2.

Is oth le CESE, áfach, nach raibh an cinneadh thuasluaite faoi réir plé iomlán daonlathach i gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile Pharlaimint na hEorpa de bharr gur cuireadh an nós imeachta práinne i ngníomh. Ar an dul céanna, is cúis imní dó fós nach ndearnadh measúnú tionchair sular pléadh an togra le haghaidh Treoir a chuir an Coimisiún síos. Thairis sin amach, is oth le CESE nach luaitear Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i measc na ngeallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir i leith sainmhíniú ar chionta coiriúla agus pionóis as sárú ar smachtbhannaí.

1.3.

De réir mar atá an Treoir á forbairt, molann CESE don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh an cúram daonnúil a leitheadú, gníomhaireachtaí daonnúla agus pearsanra a dhíolmhú ó dhliteanas coiriúil, rud a chuirfidh an fhoráil sin i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, agus a áirithiú san am céanna go ndéanfar foráil maidir le sásraí iomchuí chun mí-úsáid chun críoch coiriúil nó polaitiúil a chosc.

1.4.

Tacaíonn CESE le ráthaíochtaí agus cosaint iomchuí a chur san áireamh i gcomhair sceithirí agus iriseoirí a fhéachann le seachaint na smachtbhannaí a phoibliú, agus ba cheart go leitheadófaí na ráthaíochtaí sin mar aon leis an gcosaint atá luaite thuas a leitheadú.

1.5.

Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh féachaint chuige go gcuirfear an fhaisnéis chuí agus tacaíocht réamhghníomhach ar fáil don earnáil phríobháideach agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta fad is atá siad á n-oiriúnú don reachtaíocht nua agus iad ag cloí le ceanglais nua.

1.6.

Molann CESE don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a áirithiú, sa bhreis ar chomhchuibhiú na reachtaíochta a chur chun cinn, go mbeidh acmhainní riaracháin leordhóthanacha ann, mar aon le cistí leordhóthanacha agus pearsanra oilte ag na Ballstáit chun sáruithe smachtbhannaí a bhrath, a ionchúiseamh agus a phionósú, rud ba thacú leis an gcomhar idir na Ballstáit trí chomhroinnt an dea-chleachtais maidir le brath agus ionchúiseamh.

1.7.

Is díol sásaimh do CESE gur den éileamh atá sa togra le haghaidh Treorach go n-urramófaí prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta, agus cuireann CESE i bhfáth gur gá na cearta próisis chuí agus coimircí eile ar chearta an duine atá cúisithe a ráthú.

1.8.

Is cúis imní do CESE fós go bhfuil coireanna coitianta ann atá chomh tromchúiseach céanna leis an bhforéigean inscnebhunaithe agus le coireanna fuatha atá fós lasmuigh de raon feidhme Airteagal 83(1) CFAE (“Coireanna Eorpacha”), mar shampla, agus cuireann sé i bhfáth nár cheart tosaíocht a bheith ag riachtanais gheopholaitiúla ar chosaint ná ar leas na saoránach.

2.   Cúlra

2.1.

Comhaontaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh smachtbhannaí beartais eachtraigh (ar a dtugtar “bearta sriantacha” i mbéarlagair an Aontais) faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus is cineál reachtaíochta ceangailtí iad a bhfuil éifeacht dhíreach acu i ngach Ballstát de chuid an Aontais.

2.2.

Ní hionann agus an reachtaíocht a bhaineann le smachtbhannaí, rud a ghlactar go lárnach agus a bhfuil feidhm aici ar fud an Aontais, is ar bhonn díláraithe a dhéantar na smachtbhannaí a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú: is iad údaráis na mBallstát atá i gceannas ar an bhfaireachán ar na toirmisc lena chinntiú go ngéilleann na gnólachtaí agus na saoránaigh dóibh, agus is iad atá i gceannas ar dheonú na maoluithe, ar bhunú na bpionós i gcás sáruithe, sin agus ar imscrúdú na sáruithe, mar aon leis an ionchúiseamh a dhéantar má bhíonn sárú ann. Baineann sé sin leis na smachtbhannaí ar fad ach amháin toirmisc ar theacht isteach, rud arna bhainistiú ag na húdaráis stáit iad féin.

2.3.

Fágann cineál díláraithe an chórais chun smachtbhannaí an Aontais a chur chun feidhme go mbíonn ilroinnt ann (1): tá éagsúlachtaí sa reachtaíocht náisiúnta ó thaobh sainmhínithe agus raon feidhme na sáruithe smachtbhannaí, agus ó thaobh na bpionós a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh orthu. Tá éagsúlachtaí ann freisin a mhéid a bhaineann leis na hacmhainneachtaí riaracháin chun imscrúdú a dhéanamh. Ina theannta sin, tá rogha leathan ag na húdaráis náisiúnta aonair cinneadh a dhéanamh maidir le maolú a dheonú ar fhorais dhaonnúla nó gan é a dheonú.

2.4.

Deimhníodh i dtaighde go bhfuil éagsúlacht shuntasach ann maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú smachtbhannaí ag Ballstáit éagsúla an Aontais (2). Foilsíodh staidéar a rinne an Líonra Eorpach le déanaí maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh (“an Líonra um Chinedhíothú”) a imscrúdú agus a ionchúiseamh, inar leagadh béim ar neamhréireachtaí suntasacha atá ann ó thaobh na bpionós a ghearrtar ar lucht sáraithe smachtbhannaí i measc Bhallstáit an Aontais (3).

2.5.

Tá roinnt cumhachtaí maoirseachta ag an gCoimisiún i dtaca leis sin: áirithíonn sé go gcomhlíonann na Ballstáit uile a n-oibleagáidí faoi rialachán smachtbhannaí an Aontais, cuir i gcás, go bhfuil pionóis iomchuí i bhfeidhm acu. Mar a tharlaíonn i réimsí eile de rialachas an Aontais, tá an Coimisiún i dteideal tús a chur le nós imeachta um shárú i gcoinne aon Bhallstát nach gcomhlíonann na hoibleagáidí sin, cé nach ndearnadh aon ghníomhaíocht den sórt sin go dtí seo. Tacaíonn an Coimisiún freisin le smachtbhannaí a chur chun feidhme trí threoirlínte a eisiúint, e.g. maidir le maoluithe a dheonú.

2.6.

In ainneoin a shoiléire atá sé go bhfuil baol bunúsach chun ilroinnte sa chóras, thug sé tamall ar an gCoimisiún céimeanna (4) a ghlacadh chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú smachtbhannaí a fheabhsú. Bhí an Coimisiún gníomhach ina leith sin an athuair fiú sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin i bhFeabhra 2022, ach cuireadh dlús nua le cur chun feidhme agus forfheidhmiú smachtbhannaí de thoradh líon na smachtbhannaí a d’eascair as an gcogadh.

2.7.

Aithnítear i gCinneadh 2022/2332 (5) an sárú ar smachtbhannaí an Aontais mar réimse coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó “Coireanna Eorpacha” mar is minice tagairt dóibh agus, dá réir sin, cuirtear ar chumas an Choimisiúin reachtaíocht a mholadh chun sainmhíniú ar chionta coiriúla chomh maith le pionóis sna Ballstáit a chomhfhogasú (6).

2.8.

Tá údar leis an togra sin ar na forais go bhféadfadh sé go gcuirfeadh sáruithe le buanú na mbagairtí ar an tsíocháin agus an tslándáil, agus ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar chearta an duine i dtríú tíortha. Is minic a bhíonn gné thrasteorann ag baint leis na sáruithe sin. Go sonrach, dearbhaítear ann gur “réimse coireachta an-tromchúiseach é [sárú ar smachtbhannaí], ós rud é go bhféadfadh sé buanú a dhéanamh ar bhagairtí ar shíocháin agus ar shlándáil idirnáisiúnta, an bonn a bhaint de chomhdhlúthú agus de thacaíocht don [daonlathas], den smachta reachta agus de chearta an duine agus d’fhéadfadh damáiste suntasach eacnamaíoch, sochaíoch agus comhshaoil a bheith mar thoradh air” (7). Sa staid reatha, tugtar deis do dhaoine aonair agus do chuideachtaí atá ag smaoineamh ar smachtbhannaí a sheachaint “an margadh is fearr a chuardach”, agus ag an am céanna, cosc a chur ar chothrom iomaíochta a bhunú d’oibreoirí an Aontais.

2.9.

Tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir leis an téacs an 30 Meitheamh 2022 agus d’iarr sí ar Pharlaimint na hEorpa toiliú a thabhairt maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais a chur leis na réimsí coireachta a leagtar síos in Airteagal 83(1) CFAE (8). Thug Parlaimint na hEorpa a toiliú tríd an nós imeachta práinne an 7 Iúil 2022 (9). Glacadh an Cinneadh an 28 Samhain 2022 (10).

2.10.

Thíolaic an Coimisiún dréacht-treoir an 2 Nollaig 2022 ina moltar rialacha íosta a bhunú i leith an tsainmhínithe ar chionta coiriúla agus pionóis a ghearrfar ar lucht sáraithe smachtbhannaí (11).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Forbairt dhearfach atá ann sáruithe ar smachtbhannaí a bheith á sainaithint mar réimse coireachta faoi Airteagal 83(1) CFAE feasta; is forbairt é freisin a bheidh ina chuidiú agus rangú sáruithe ar smachtbhannaí agus na pionóis lena mbaineann á chomhchuibhiú ar fud an Aontais, mar aon le feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na smachtbhannaí iad féin.

3.2.

Molann CESE don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na hábhair imní a leagtar amach sa roinn seo a leanas a thabhairt dá n-aire nuair a bheidh siad ag moladh agus ag glacadh na Treorach atá idir chamáin faoi láthair, mar aon le reachtaíocht thánaisteach, shubstainteach eile a bhaineann le rialacha íosta a thabhairt isteach, rialacha maidir le cionta coiriúla a shainiú agus maidir leis na pionóis a ghearrfar ar lucht sáraithe smachtbhannaí.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Thug Parlaimint na hEorpa a toiliú don dréachtchinneadh ón gComhairle trí nós imeachta práinne. Is éard atá i gceist leis sin gur thug Parlaimint na hEorpa a toiliú, cé nach ndearna a Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) plé ar an scéal roimh ré. Níor cheart don riachtanas láidir geopholaitiúil atá mar bhunús le glacadh an togra baint ón ngá atá le grinnscrúdú daonlathach cuí a dhéanamh ar thograí reachtacha. Ba cheart cloí le caighdeáin chuntasachta dhaonlathacha. Cuireann CESE in iúl an athuair a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa grinnscrúdú iomchuí ar an togra le haghaidh Treoir maidir le rialacha íosta a thabhairt isteach i ndáil le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú, pionóis ar lucht sáraithe smachtbhannaí, atá faoi bhreithniú i láthair na huaire.

4.2.

Ar an dul céanna, luaitear sa togra le haghaidh Treorach gur staon an Coimisiún ó mheasúnú tionchair a dhéanamh, mar gheall ar “chomh práinneach atá sé na daoine aonair agus daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a choinneáil cuntasach” (12). Tugann CESE dá aire a ábhartha atá sé dlús a chur faoi ghlacadh na Treorach maidir le pionóis choiriúla as sárú ar smachtbhannaí an Aontais; bíodh sin mar atá, dar leis an gCoiste nach fiú an measúnú tionchair ba cheart a bheith ann ó thaobh ullmhúchán na Treorach de a sheachaint de bharr na práinne atá le sainmhínithe agus pionóis a chomhchuibhiú. Is amhlaidh atá ós féidir na daoine agus na daoine dlítheanacha atá freagrach as sárú na smachtbhannaí a thabhairt chun cuntais cheana féin faoin reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana, rud a chiallaíonn go ngearrfar pionós ar lucht sáraithe smachtbhannaí fiú dá gcuirfí moill ar ghlacadh na Treorach. Dá bhrí sin, tá CESE i bhfách le gnáthmheasúnú tionchair a dhéanamh agus, ach a nglacfar an Treoir, molann CESE go gcuirfear i bhfeidhm go tapa í.

4.3.

Is díol sásaimh do CESE na comhairliúcháin chuimsitheacha a rinne an Coimisiún le raon leathan páirtithe leasmhara. Bíodh sin mar atá, is oth le CESE nár luadh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina measc sa togra ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus pionóis i leith sárú ar smachtbhannaí.

4.4.

Maidir leis an aird a dhírítear ar sháruithe ar smachtbhannaí a bhrath, a ionchúiseamh agus a phionósú, ba cheart bearta inchomparáide a dhéanamh chun treoir a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha agus do ghníomhaithe na sochaí sibhialta a mhéid a bhaineann le smachtbhannaí a chur chun feidhme. Easpa feasachta i measc na ngeallsealbhóirí san earnáil phríobháideach, ainneoin iarrachtaí na ngníomhaireachtaí náisiúnta iad a chur ar an eolas, sin is cúis go minic le heasnaimh ó thaobh chur chun feidhme na smachtbhannaí (13). Ba cheart a mheabhrú gur fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad formhór na n-oibreoirí eacnamaíocha san Aontas, agus is minic nach mbíonn cur amach acu ar na dualgais a eascraíonn ón reachtaíocht maidir le smachtbhannaí ós rud é gurbh annamh a bhí ann do bhearta eacnamaíochta i gcleachtas smachtbhannaí a bhí ann roimhe seo (14). Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá ar bun ag an gCoimisiún faoi láthair agus é ag iarraidh feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar d’oibritheoirí eacnamaíocha agus spreagann sé dó leanúint leis sin (15).

4.5.

Ba cheart forálacha leordhóthanacha a dhéanamh chun gníomhaíocht dhaonnúil a chosaint i ndlínsí atá faoi réir smachtbhannaí. Is ábhar imní i gcónaí é an dliteanas i leith sáruithe ar smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith ann do ghníomhaithe daonnúla a thugann faoiseamh do dhlínse atá faoi réir smachtbhannaí troma (16). Is minic a thugann na gníomhaithe sin le fios a dheacra atá sé a ráthú nach ndéantar sárú ar an reachtaíocht maidir le smachtbhannaí fad is atá siad ag obair, mar aon leis na himpleachtaí diúltacha atá ann ó thaobh smachtbhannaí an Iarthar a bhfuil baint acu leo, dar le lucht troda cogaidh (17). Ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2664 i mí na Nollag 2022 (18), rún a chuir údaráis na Stát Aontaithe (19) chun feidhme go mear, ina bhfuil díolúine ghinearálta lena gceadaítear cistí agus seirbhísí a sholáthar d’eagraíochtaí daonnúla (20). Leis an rún seo, déantar eisceacht de chlásail chaola dhaonnúla i reachtaíocht an Aontais, agus dá bharr tá ag díriú ar an gceist. D’fhonn a áirithiú nach gcuirfidh an creat pionóis bac ar an ngníomhaíocht dhaonnúil, ba cheart an friotal a neartú sa Treoir atá beartaithe. Faoi mar atá i láthair na huaire, eisiatar “cabhair dhaonnúil a sheachadadh do dhaoine i ngátar” ón gcoiriúlú (21). Tacaíonn CESE le glacadh díolúine daonnúla atá níos leithne a chuirfidh dliteanas coiriúil faoi smachtbhannaí an Aontais le haghaidh gach baill foirne d’eagraíochtaí daonnúla neamhchlaonta ar ceal. Dá mbeadh a leithéid de chlásal ann, bheadh creataí dlíthiúla smachtbhannaí an Aontais ag teacht leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta (DDI). San am céanna, ba cheart forálacha a bheith ann chun cosc a chur ar mhí-úsáid chun críocha coiriúla nó polaitiúla. Ba cheart cosaint na ngníomhaithe daonnúla a thabhairt d’iriseoirí iniúchacha.

4.6.

Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach a fhad a bhaineann le glacadh na reachtaíochta agus féachaint chuige go bhfuil dóthain acmhainní riaracháin, airgeadais, teicneolaíochta agus acmhainní daonna ar fáil, mar aon leis an oiliúint iomchuí le go mbeidh sé ar a gcumas ag maorlathais náisiúnta, údaráis bhreithiúnacha agus údaráis forfheidhmithe éifeacht a thabhairt d’ábhar na reachtaíochta. D’éagmais trealamh leordhóthanach, baill foirne agus dearlaic airgeadais, is cosúla ná a mhalairt go dteipfidh ar chomhchuibhiú na reachtaíochta agus é ag iarraidh lucht sáraithe smachtbhannaí a bhrath agus a ionchúiseamh, agus pionós a ghearradh orthu. Chomh maith leis sin, molann CESE don Choimisiún critéir a shainiú a chuirfidh sé i bhfeidhm ar an bhfaireachán d’fhonn treoir a thabhairt do na geallsealbhóirí.

4.7.

Más amhlaidh a cheadaítear sócmhainní a choigistiú, ba cheart cuid de na fáltais a leithdháileadh i dtreo is go dtugtar cúiteamh d’íospartaigh agus, i gcás na smachtbhannaí úd atá i bhfeidhm i gcoinne spriocanna na Rúise i ndáil leis an gcogadh san Úcráin, iad a chur i dtreo iarrachtaí atógála i ndiaidh an chogaidh san Úcráin. Tacaíonn CESE leis an éileamh sin, éileamh atá i gcomhréir leis an tuairim ó CESE (22) maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir i ndáil le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní. Ina theannta sin, molann CESE don Choimisiún oibriú i gcomhar le heagraíochtaí tiomanta na sochaí sibhialta maidir le híospartaigh a shainiú mar aon le sásraí a dhearadh chun go gcuirfear fáltais ó imghabháil smachtbhannaí ar aghaidh chuig na híospartaigh, nó chuig iarrachtaí ar infheistíochta sóisialta a rachadh chun sochair dóibh. Ar mhaithe le cuntasacht, molann CESE na figiúirí a bhaineann le sócmhainní a coigistíodh agus an áit a gcuirfear iad ina dhiaidh sin a fhoilsiú, rud a chuirfeadh leis an trédhearcacht.

4.8.

Ba cheart forálacha leordhóthanacha a bheith sa Treoir atá beartaithe freisin, forálacha a chuirfeadh cosaint ar fáil do sceithirí agus d’iriseoirí iniúchacha a nochtann cleachtais lucht sáraithe smachtbhannaí. Tá ról lárnach acu óir tugann siad “rabhadh luath” dúinn agus ní mór cosaint a chur ar fáil dóibh dá réir. I ndáil leis sin, tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún maidir le cur leis an gcosaint a chuirtear ar fáil faoi Threoir (AE) 2019/1937 (23) maidir le sáruithe ar bhearta sriantacha AE a thuairisciú agus maidir leo siúd a thuairiscíonn sáruithe dá leithéid.

4.9.

Mar a léirítear i bhfoclaíocht na Treorach atá ann faoi láthair, ba cheart forálacha a dhéanamh chun seasamh le prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta maidir le pionóis choiriúla, i gcomhréir leis an bprionsabal nulla poena sine lege. Cuireann CESE i bhfáth gur gá cearta próisis chuí agus coimircí eile ar chearta an duine atá cúisithe a ráthú.

4.10.

Ar an ásc deiridh, cé gur próiseas mear a bhí ann sáruithe ar smachtbhannaí ar “Coir Eorpach” a shainaithint, is cúis imní do CESE nach féidir coireanna coitianta a chumhdach faoi raon feidhme Airteagal 83(1) CFAE, coireanna fuatha agus an foréigean inscnebhunaithe, mar shampla. Níor cheart tosaíocht a thabhairt do na riachtanais gheopholaitiúla más faillí i gcoireanna eile is toradh air, coireanna a bheadh ag déanamh tinnis do na saoránaigh i láthair na huaire sin.

4.11.

Mar fhocal scoir, is é is aidhm do chomhchuibhiú na bpionós inchreidteacht na smachtbhannaí a glacadh faoi CBES a fheabhsú. Ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh meas a léiriú ar na toirmisc ar víosaí leis an dícheall céanna lena bhfuiltear ag súil ó na saoránaigh agus ó oibreoirí an Aontais (24).

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Portela, C., “Implementation and Enforcement”, in N. Helwig et al., Sharpening EU sanctions policy, FIIA Report 63, Institiúid na Fionlainne um Ghnóthaí Idirnáisiúnta: Heilsincí. Staidéar a choimisiúnaigh Oifig Phríomh-Aire na Fionlainne, 2020, lch. 107.

(2)  Druláková, R. agus Přikryl, P., The implementation of sanctions imposed by the European Union, Central European Journal of International and Security Studies, lm. 10, uimh. 1, 2016, lch. 134.

(3)  An Líonra um Chinedhíothú, Prosecution of sanctions (restrictive measures) violations in national jurisdictions a comparative analysis [Ionchúiseamh ar sháruithe ar smachtbhannaí (bearta sriantacha) i ndlínsí náisiúnta: anailís chomparáideach], 2021.

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach: The European economic and financial system: fostering openness, strength and resilience [Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: an oscailteacht, an neart agus an athléimneacht a chothú], (COM(2021) 32 final).

(5)  Cinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainaithint mar limistéar coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO L 308, 29.11.2022, lch. 18).

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach: I dTreo Treorach maidir le pionóis choiriúla as sárú ar bhearta sriantacha an Aontais, (COM(2022) 249 final).

(7)  Tá macalla na foclaíochta seo i dTeachtaireacht COM(2022) 249 final ón gCoimisiún, lch. 4, i réamh-alt 10 de Chinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle, (IO L 308, 29.11.2022, lch. 18)

(8)  Comhairle an Aontais Eorpaigh, preaseisiúint, 30 Meitheamh 2022.

(9)  Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa. TA/2022/0295.

(10)  IO L 308, 29.11.2022, lch. 18.

(11)  Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i gcás sárú ar bhearta sriantacha an Aontais (COM(2022) 684 final).

(12)  COM(2022) 684 final.

(13)  Druláková, R. agus Zemanová, S., Why the implementation of multilateral sanctions does (not) work: lessons learnt from the Czech Republic, European Security, Iml. 29, uimh. 4, 2020, lch. 524-44.

(14)  Portela, C., Sanctions in EU foreign policy, in N. Helwig et al., Sharpening EU sanctions policy, FIIA Tuairisc 63, Institiúid na Fionlainne um Ghnóthaí Idirnáisiúnta: Heilsincí. Staidéar a choimisiúnaigh Oifig Phríomh-Aire na Fionlainne, 2020, lch. 23-49.

(15)  Cinneadh (CBES) 2022/1506 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 maidir le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh chun tacú le forbairt na n-uirlisí teicneolaíochta faisnéise chun scaipeadh faisnéise faoi bhearta sriantacha an Aontais a fheabhsú, (IO L 235, 12.9.2022, lch. 30).

(16)  Portela, C., What if the EU made sanctions compatible with humanitarian aid?, in F. Gaub (eag.) What if…?. Fourteen Scenarios for 2021, Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála (EUISS): Páras, 2020.

(17)  Debarre, A., Safeguarding humanitarian action in sanctions regimes, Nua Eabhrac: International Peace Institute, 2019.

(18)  Rún 2664 ó na Náisiúin Aontaithe, S/RES/2664(2022).

(19)  Preaseisiúint ó Státchiste na Stát Aontaithe, Treasury Implements Historic Humanitarian Sanctions Exceptions [Eisceachtaí i Smachtbhannaí Daonnúla á gCur i bhFeidhm go Stairiúil], an 20 Nollaig 2022.

(20)  Sonraítear i mír oibre 1 de Rún S/2664 (2022) go gceadaítear soláthar na gcistí nó soláthair na n-earraí agus seirbhísí is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh na Náisiúin Aontaithe (…) nó eagraíochtaí neamhrialtasacha nó daoine eile, arna gcur isteach ag Coistí aonair arna mbunú ag an gComhairle seo, cúnamh daonnúil a sholáthar go tráthúil agus nach sárú iad ar reo sócmhainní arna bhforchur ag an gComhairle seo ná ag a Coistí Smachtbhannaí.

(21)  COM(2022) 684 final.

(22)  IO C 100, 16.3.2023, lch. 105.

(23)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17)..

(24)  Mangas Martin, A., Sobre la vinculatoriedad de la PESC y el espacio aéreo como territorio de un estado (Comentario al auto del TS español de 26 de noviembre de 2020, sala de lo penal) [Maidir le gné cheangailteach CBES agus an aerspáis mar chríocha stáit (Tráchtaireacht ar fhoraithne bhreithiúnach Chúirt Uachtarach na Spáinne, 26 Samhain 2020, roinn choiriúil)]. Revista General de Derecho Europeo, 53, 2021.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/64


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach

(COM(2022) 490 final — 2022/0299 (NLE))

(2023/C 184/12)

Rapóirtéirí:

Jason DEGUARA agus Paul SOETE

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 25.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

8.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

143/00/08

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE ábhar an mholta, go háirithe cur chun feidhme critéar réalaíoch agus leordhóthanach le haghaidh leibhéal leordhóthanachta agus inrochtaineachta an ioncaim íosta, an ráthaíocht dhlíthiúil ina leith sin agus an córas tuairiscithe, mar aon leis an aitheantas a thug an Coimisiún Eorpach don ghá a bheidh le beartas sóisialta gníomhach agus gníomhaíochtaí breise chun an bhochtaineacht a chomhrac ar fud an Aontais.

1.2.

Tá gá le cur chuige atá bunaithe ar chearta do chách maidir le hioncam íosta leordhóthanach nach bhfágann aon duine ar lár, nach bhfuil critéir róshriantacha ag baint leis agus a thomhaistear go cruinn chun a áirithiú go bhfuil sé éifeachtach.

1.3.

Tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar neamhionannais ioncaim, ní hamháin ar chúiseanna cothroime sóisialta ach chun tacú leis an bhfás eacnamaíoch freisin. Anuas air sin, ba cheart éifeacht chobhsaíochta na gcóras ioncaim íosta ar an ngeilleagar a thabhairt faoi deara ina hiomláine sa chomhthéacs seo.

1.4.

Ní mór an ceart atá ag na Ballstáit prionsabail a gcóras sóisialta a shainiú, inniúlachtaí comhlántacha an Aontais agus na mBallstát, mar aon le lánúsáid a bhaint as ionstraimí Chonradh an Aontais Eorpaigh, a bheith ina dtreoirphrionsabail d’aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais i réimse na cosanta sóisialta.

1.5.

Is í an fhostaíocht ardcháilíochta inbhuanaithe an bealach is fearr chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta. Ag an am céanna, ba cheart a áirithiú go mbeidh níos mó daoine ag glacadh páirt i margadh saothair atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán, mar go mbeidh sé sin ina chuidiú chun na córais cosanta sóisialta a mhaoiniú agus beidh na córais sin níos inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de dá bharr.

1.6.

Níl socrú ná leibhéal na sochar ioncaim íosta bunaithe ar mhodheolaíocht láidir i líon mór Ballstát i láthair na huaire, ná nasctha le táscairí a bhfuil staitisticí ina mbonn taca leo agus a chuireann saol cuibhiúil, díniteach in iúl. Is é an chéad chéim modheolaíocht den chineál sin a chur ar bun agus foinsí éagsúla ioncaim agus cúrsaí sonracha na dteaghlach a chur san áireamh.

1.7.

Áitíonn CESE gur gá an t-ioncam íosta a choinneáil i gcomhréir leis an mboilsciú, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe ar an gcostas maireachtála ó thaobh bia agus fuinnimh de, agus gur cheart é sin a dhéanamh ar bhonn rialta, le tacaíocht ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó chomhpháirtithe sóisialta agus ó eagraíochtaí leasa.

1.8.

Is gá faireachán leanúnach a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeartas tacaíochta ioncaim agus na mbeartas cosanta sóisialta eile lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach chun cuspóirí an mholta seo a bhaint amach. Na tuarascálacha ar dhul chun cinn de chuid na mBallstát, ba cheart eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, mar aon le heagraíochtaí leasa agus na comhpháirtithe sóisialta, a bheith rannpháirteach agus na tuarascálacha á ndréachtú, nó mar rogha air sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar a dtuarascálacha go rialta i sásra faireacháin an Choimisiúin, de réir mar a luaitear sa mholadh ón gComhairle.

2.   Réamhrá

2.1.

D’ainneoin roinnt dul chun cinn a rinneadh maidir leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta a laghdú san Aontas ó thús an chéid, in 2021 bhí os cionn 95,4 milliún duine fós i mbaol bochtaineachta.

2.2.

Tá méadú tagtha ar an mbaol bochtaineachta do dhaoine atá ina gcónaí i dteaghlaigh atá gan phost (nó nach mór gan phost) agus tá an bhochtaineacht ag dul in olcas i roinnt mhaith Ballstát, agus is mó an baol atá ann do mhná ná d’fhir. Is é aidhm an Aontais laghdú 15 mhilliún ar a laghad a dhéanamh faoi 2030 ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta.

2.3.

San fhadtéarma, beidh iarmhairtí suntasacha eacnamaíocha ag an éabhlóid dhéimeagrafach toisc go dtiocfaidh laghdú ar an lucht saothair agus go gcuirfidh an daonra atá ag dul in aois go tapa brú breise ar an airgeadas poiblí agus ar mhaoiniú scéimeanna ioncaim íosta.

2.4.

I bhfianaise an chogaidh san Úcráin, an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh agus an mhéadaithe ar an mboilsciú, tá comhthéacs reatha an chomhaontaithe pholaitiúil ón gComhairle níos dúshlánaí fós. Measann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta go dtiocfaidh méadú 8,8 % i mbliana agus 6,5 % in 2023 ar an mboilsciú ar fud an domhain.

2.5.

Is ionann tuismitheoirí aonair agus sciar níos lú ná 15 % de theaghlaigh an Aontais Eorpaigh ach is iad is mó atá i mbaol bochtaineachta agus neamhfhostaíochta. Fiú i gcás tuismitheoirí aonair a bhfuil post lánaimseartha acu, is baolach nach bhfuil an post sin ina chosaint ar bhaol na bochtaineachta. Ní bhíonn teaghlaigh le dhá ioncam a bhfuil fostaíocht lánaimseartha acu i mbaol bochtaineachta de ghnáth; tá siad i mbaol, áfach, más ea go bhfuil níos mó ná beirt leanaí acu (1).

2.6.

Is éard atá i gceist le sochair ioncaim íosta sochair mar bheart in am an éigin, sochair atá nasctha le tástáil acmhainne agus a dheonaítear ar bhonn riachtanas agus do dhaoine gan phost a bhfuil ar a gcumas obair a dhéanamh, agus atá nasctha le dreasachtaí leordhóthanacha chun dul isteach sa mhargadh saothair nó chun filleadh ar an margadh saothair. De ghnáth, mar chuid de na beartais náisiúnta, ní mór measúnú ar an ioncam indiúscartha a dhéanamh, in éineacht le tástáil acmhainní pearsanta. Tá na scéimeanna ioncaim íosta leabaithe i gcomhthéacsanna agus i dtraidisiúin náisiúnta agus tá siad nasctha le córais cosanta sóisialta atá níos leithne i ngach Ballstát.

2.7.

Tá difríochtaí an-mhór sna stáit leasa i gcoitinne maidir le leibhéal agus comhdhéanamh an ioncaim íosta agus is amhlaidh an scéal san Aontas Eorpach freisin. Mar a thugtar le fios i staidéir de chuid an Choimisiúin, tá éagsúlacht mhór ann ó Bhallstát go chéile maidir le staid na dtairbhithe ioncaim íosta sa mhargadh saothair.

2.8.

Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, ní chinntíonn aon cheann de na tíortha go bhfuil tacaíocht ioncaim leordhóthanach ar fáil do theaghlaigh gan phost chun an baol bochtaineachta a sheachaint, agus i gcás 20 % de na daoine gan phost níl siad i dteideal aon tacaíocht a fháil. Tá fadhb ann freisin maidir le neamhglacadh an ioncaim íosta, a mheastar a bheith idir 30 % agus 50 %.

2.9.

Is iad seo a leanas na comhpháirteanna ioncaim atá le cur san áireamh agus anailís á déanamh ar íosleibhéal an ioncaim: pá, sochair cúnaimh shóisialta, sochair leanaí (arb é an t-ioncam breise is coitianta é), liúntais tithíochta, fuinnimh agus sláinte, agus sochair eile amhail sochair chomhchineáil. Déantar na liúntais uile sin a thomhas tar éis cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta a asbhaint.

2.10.

Ar an leibhéal Eorpach, tá an t-ioncam íosta faoi réir na ngníomhaíochtaí agus na n-ionstraimí seo a leanas:

Moladh 92/441/CE ón gComhairle agus Moladh 2008/867/CE maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair,

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, Airteagal 14 (2) agus prionsabail eile amhail na priosabail maidir le “tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht”, “coimirce shóisialta”, “rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha”, “oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil” agus “comhdheiseanna”,

An Seimeastar Eorpach ina gcuirtear creat ar fáil chun faireachán ábhartha a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhordaithe beartais, bunaithe ar chreat tagarmharcála choiste cosanta sóisialta na Comhairle,

Na conclúidí ón gComhairle ó 2020 maidir le cosaint ioncaim íosta a neartú le linn phaindéim COVID-19 agus ina diaidh, ina n-iarrtar ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna náisiúnta ioncaim íosta (3),

Treoirlínte Fostaíochta 2022.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is iomaí gné éagsúil a bhaineann leis an mbochtaineacht agus tá an bhochtaineacht ann i ngach réimse den saol. Léiríonn an bhochtaineacht go bhfuil easnaimh sna córais sin chun acmhainní agus deiseanna a athdháileadh ar bhealach atá cóir agus cothrom. Dá bhrí sin, is coinníoll riachtanach í an scéim ioncaim íosta chun saol faoi dhínit a áirithiú agus daoine a thabhairt slán ón mbochtaineacht, bíodh is nach leor í chun an méid sin a bhaint amach. Tá an bhochtaineacht fite fuaite le cineálacha eile éagóra sóisialta. Neamhionannais inscne agus chiníocha, is dhá ghné iad a chuireann go mór leis an mbaol bochtaineachta, agus cuireann an bhochtaineacht le baol an eisiaimh agus an idirdhealaithe. Bíonn sin le feiceáil go mór mór ó thaobh cúrsaí sláinte, oideachais agus oiliúna, agus ó thaobh an spleáchais airgeadais agus an fhoréigin.

3.2.

Is díol sásaimh do CESE ábhar an mholta, go háirithe an méid seo a leanas: cur chun feidhme critéar réalaíoch agus leordhóthanach le haghaidh leibhéal leordhóthanachta agus inrochtaineachta an ioncaim íosta, an ráthaíocht dhlíthiúil ina leith sin agus an córas tuairiscithe, mar aon leis an aitheantas breise ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an ngá atá le beartas sóisialta gníomhach ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí breise chun an bhochtaineacht a chomhrac ar fud an Aontais. Is céim é an togra i dtreo chur chun feidhme Phrionsabal 14 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ina luaitear go bhfuil “an ceart ag cách nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin ar shochair leordhóthanacha ioncaim íosta a dhéanfaidh deimhin de go mbeidh dínit acu ag gach céim den saol”.

3.3.

Tar éis ionsaí neamhdhleathach brúidiúil na Rúise ar an Úcráin, tá comhthéacs reatha an chomhaontaithe pholaitiúil ón gComhairle níos dúshlánaí fós, i bhfianaise an mhéadaithe mhóir atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus an ráta ard boilscithe atá ag cur isteach go mór ar theaghlaigh, go háirithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal. I bhfianaise na meigithreochtaí amhail an domhandú, an t-aistriú digiteach, an t-aistriú glas agus an t-athrú déimeagrafach, tá aistrithe móra ar bun i margaí saothair na hEorpa. Tá ról lárnach ag na scéimeanna ioncaim íosta maidir le tacaíocht agus dreasachtaí a chur ar fáil chun daoine a (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair.

3.4.

Tá gá le cur chuige atá bunaithe ar chearta do chách maidir le hioncam íosta leordhóthanach nach bhfágann aon duine ar lár, nach bhfuil critéir róshriantacha ag baint leis, atá bunaithe ar cheanglais thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus a thomhaistear go cruinn chun a áirithiú go bhfuil sé éifeachtach. Ba cheart do shochaí chuimsitheach freastal ar gach earnáil den tsochaí agus ba cheart do na Ballstáit sásraí stóinseacha faireacháin a thabhairt isteach gan a thuilleadh moille, d’fhonn súil a choinneáil ar an ioncam íosta agus ar an nglacadh atá leis.

3.5.

D’fhéadfadh scéimeanna éifeachtacha ioncaim íosta a bheith ina gcuidiú chun a áirithiú nach ndéanfar sárú ar chearta an duine agus go mairfidh daoine faoi dhínit, chun cabhrú leo leanúint de bheith gníomhach agus de ról a bheith acu sa tsochaí, agus chun cabhrú le daoine a lánpháirtiú i bhfostaíocht inbhuanaithe ar ardchaighdeán. Anuas air sin, leagann CESE béim nach beag ar a thábhachtaí atá scéimeanna ioncaim íosta do dhaoine atá féinfhostaithe san Eoraip, daoine ar cheart dóibh a bheith go hiomlán i dteideal na tacaíochta agus na sochar céanna le grúpaí eile.

3.6.

Tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar neamhionannais ioncaim, ní hamháin ar chúiseanna cothroime ach chun tacú leis an bhfás eacnamaíoch freisin. Faoi mar a luaitear i dtuarascáil de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) ó 2021 (4), d’fhéadfadh beartais chánach dhea-cheaptha tacú le fás cuimsitheach inbhuanaithe agus aird a thabhairt ar dháileadh ioncaim agus rachmais. I ndáil leis sin, ba cheart an fás cuimsitheach a dhíriú ar an gcothroime a bhaineann le tairbhí an fháis a roinnt, mar aon le cuimsitheacht na margaí saothair a chur chun cinn. Anuas air sin, ba cheart éifeacht chobhsaíochta na gcóras ioncaim íosta ar an ngeilleagar a thabhairt faoi deara ina hiomláine sa chomhthéacs seo.

3.7.

Ba cheart scéimeanna ioncaim íosta a bheith mar chuid de na straitéisí náisiúnta chun an bhochtaineacht a chomhrac, straitéisí lena gcomhtháthaítear bearta go héifeachtach chun an méid seo a leanas a áirithiú: pá cothrom agus obair chuibhiúil, rochtain ar sheirbhísí riachtanacha inacmhainne atá ar ardchaighdeán, rochtain ar shlándáil shóisialta bhunúsach agus tacaíocht ioncaim leordhóthanach, seirbhísí sóisialta duinelárnach agus beartais ghníomhacha maidir le cuimsiú.

3.8.

Cuireann CESE i bhfios go láidir an aidhm atá le modheolaíocht uile-Eorpach, a bhfuil anailís Eorpach ina bonn taca léi, chun cabhrú leis na Ballstáit leordhóthanacht an ioncaim íosta a shainiú, trí mhodh iomchuí amhail táscaire comhaontaithe an Aontais maidir le ráta riosca na bochtaineachta (AROP), lena leagtar amach tairseach 60 % den ioncam indiúscartha cothromaithe, nó/agus a bhfuil buiséad tagartha ina bhonn taca léi (lena n-áirítear na costais a bhaineann le bia, tithíocht, uisce, leictreachas, téamh, teileachumarsáid, sláinte, iompar, fóillíocht agus cultúr).

3.9.

Mar a luaitear in aithrisí an chomhaontaithe pholaitiúil ón gComhairle, is é fostaíocht ardcháilíochta agus inbhuanaithe a chur ar fáil an bealach is fearr chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta. Dá mhéad daoine atá sa mhargadh saothair, is ea is mó maoiniú inbhuanaithe a bheidh ar fáil do chórais cosanta sóisialta, óir is trí chánacha fostaíochta a mhaoineofar iad den chuid is mó.

3.10.

Cé go ndearna na Ballstáit a líontáin sábhála shóisialta a fhorbairt agus a athchóiriú thar na blianta, agus an treoraíocht a cuireadh ar fáil i Moladh 92/441/CEE ón gComhairle á cur san áireamh, tá dúshláin nua tagtha chun cinn mar gheall ar fhorbairtí sa gheilleagar, sna margaí saothair agus i sochaí na hEorpa i gcoitinne, agus tá gá práinneach ann an creat Eorpach lena dtugtar aghaidh ar neamhionannais ioncaim agus ar an mbochtaineacht a thabhairt cothrom le dáta.

3.11.

Ba chóir an ceart atá ag na Ballstáit prionsabail a gcóras sóisialta a shainiú, inniúlachtaí comhlántacha an Aontais agus na mBallstát, mar aon le lánúsáid a bhaint as ionstraimí Chonradh an Aontais Eorpaigh, a bheith ina dtreoirphrionsabail d’aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais i réimse na cosanta sóisialta. Anuas air sin, tá sé tábhachtach anailís a dhéanamh ar na scéimeanna ioncaim íosta atá ann cheana, a bhaineann le socruithe cuimsitheacha cosanta sóisialta na mBallstát. Mar sin féin, tá deis ann gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a dhéanamh chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí.

3.12.

Chun dul i ngleic le neamhionannais ioncaim, ní mór do na Ballstáit athchóirithe daingne, beartais chomhordaithe agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe a dhéanamh i raon leathan réimsí beartais, amhail córais chánach agus sochair, sásraí socraithe pá, dreasachtaí sa mhargadh saothair, oideachas agus oiliúint, comhdheiseanna agus seirbhísí ar ardchaighdeán lena ngabhann rochtain agus inacmhainneacht do chách. Ina theannta sin, is réamhriachtanas lárnach é an fás inbhuanaithe do gach córas athdháilte, fás atá bunaithe ar mhargaí dea-fheidhmiúla agus ar chuideachtaí iomaíocha.

3.13.

Aontaíonn CESE leis an gconclúid ó sheirbhísí an Choimisiúin go bhfuil tionchar dearfach ag comhairleoireacht poist, ag pleananna gníomhaíochta aonair agus ag comhtháthú beart gníomhachtúcháin in ioncam íosta maidir le daoine a spreagadh chun dul i mbun fostaíochta go rathúil.

3.14.

Cuireann CESE i bhfios go láidir an toradh ó sheirbhísí an Choimisiúin nach bhfuil sciar mór de na tairbhithe ioncaim íosta faoi réir bhearta an Bheartais Ghníomhaigh maidir leis an Margadh Saothair (ALMP), cé go mb’fhéidir go mbeadh sé ar a gcumas dul ag obair. Bíodh is gur cheart cothromaíocht chóir a bheith ann ar an iomlán idir na dreasachtaí, mar aon le nasc níos láidre le coinníollacha lena bhféadfar leas a bhaint as tacaíocht ioncaim agus bearta gníomhachtúcháin, ba cheart aird a thabhairt ar ghrúpaí áirithe amhail aosaigh óga lasmuigh den mhargadh saothair nó atá i mbaol bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta.

3.15.

Shainaithin an Líonra Eorpach um Fhrithbhochtaineacht (EAPN) leordhóthanacht, inrochtaineacht agus carachtar cumasúcháin mar thrí phríomhchritéar maidir le beartais a dhearadh le haghaidh scéimeanna ioncaim íosta:

Ciallaíonn leordhóthanacht gur leor an t-ioncam le go mbeadh saol faoi dhínit ag duine;

Dírítear leis an inrochtaineacht ar rochtain agus cumhdach cuimsitheach a áirithiú do gach duine a bhfuil scéimeanna ioncaim íosta de dhíth orthu;

Baineann an carachtar cumasúcháin le paraiméadair dearaidh a úsáid atá i gcomhréir le “paraidím don chuimsiú gníomhach” atá comhtháite agus duinelárnach.

3.16.

Mar a léiríodh go paiteanta sa chomhaontú polaitiúil ón gComhairle, d’fhéadfadh sé tarlú, mar thoradh ar ualach riaracháin díréireach, easpa feasachta agus eagla roimh stiogmatú nó idirdhealú, nach n-iarrfadh daoine atá incháilithe chun ioncam íosta a fháil rochtain ar an ioncam sin.

3.17.

Tá tábhacht ar leith ag baint le fiontair an gheilleagair shóisialta, mar aon le fiontair bheaga agus mheánmhéide i gcoitinne, go háirithe chun poist a chur ar fáil ar an leibhéal iontrála. Is díol sásaimh do CESE Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Gheilleagar Sóisialta agus tá sé ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na tionscadail is fearr ar an leibhéal iomchuí.

3.18.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí sonracha amhail teaghlaigh aontuismitheora, teaghlaigh imirceacha, daoine óga, daoine faoi mhíchumas agus na Romaigh.

3.19.

Sa lá atá inniu ann, braitheann roinnt mhaith pinsinéirí ar ioncam íosta toisc go bhfuil a bpinsean ró-íseal. Mura bhfuil siad in ann obair a dhéanamh, ní féidir leis na daoine scothaosta sin filleadh ar an margadh saothair chun ioncam níos fearr a thuilleamh. Na córais phinsin a bhfuil gá acu leo, is córais iad a sholáthraíonn pinsean leordhóthanach dóibh ionas nach gá dóibh brath ar thacaíocht ioncaim íosta. Is léir ón treocht dhéimeagrafach sna Ballstáit go mbeidh níos mó pinsinéirí ann amach anseo, agus, chuige sin, tá sé tábhachtach go mbeidh córais phinsin ag na Ballstáit a sholáthróidh pinsin leordhóthanacha.

3.20.

Molann CESE do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar leibhéil íosta ioncaim, ar bhonn bliantúil ar a laghad, agus gur cheart an t-ioncam sin a innéacsú chun boilsciú a chur san áireamh, ar bhonn bliantúil ar a laghad, ag brath ar leibhéal an bhoilscithe.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.    Leordhóthanacht an ioncaim íosta

4.1.1.

Níl socrú ná leibhéal na sochar ioncaim íosta bunaithe ar mhodheolaíocht láidir i líon mór Ballstát i láthair na huaire, ná nasctha le táscairí a bhfuil staitisticí ina mbonn taca leo. Is é an chéad chéim modheolaíocht den chineál sin a chur ar bun agus foinsí éagsúla ioncaim agus cásanna sonracha na dteaghlach a chur san áireamh.

4.1.2.

Ó thaobh leibhéal an ioncaim íosta, tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil modhanna éagsúla beartaithe sa mholadh chun an t-íosleibhéal sin a shainiú: trí thagairt a dhéanamh don tairseach náisiúnta i dtaobh riosca na bochtaineachta, tríd an luach airgeadúil atá ag earraí agus seirbhísí fíor-riachtanacha a ríomh de réir na sainmhínithe náisiúnta nó trí thagairt do dhlíthe náisiúnta nó do chleachtais náisiúnta eile. Tugann an méid sin le tuiscint freisin gur féidir córais a bhfuil buiséid tagartha acu a chur san áireamh. Tá na córais sin bunaithe ar chiseán earraí agus seirbhísí arna sainiú go náisiúnta lena léirítear an costas maireachtála i mBallstát ar leith nó i réigiún agus is féidir leo cuidiú leis an measúnú leordhóthanachta a threorú.

4.1.3.

Tá CESE á áitiú gur gá an t-ioncam íosta a choinneáil i gcomhréir leis an mboilsciú, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe ar an gcostas maireachtála ó thaobh bia agus fuinnimh de, agus gur cheart é sin a dhéanamh ar bhonn rialta. Dá réir sin, is moladh soiléir é an t-athbhreithniú bliantúil ar leibhéal na mBallstát.

4.1.4.

Ní mór buiséid tagartha ciseán earraí agus seirbhísí a fhorbairt ar leibhéal na mBallstát agus le comhordú ar an leibhéal Eorpach. Chuideodh sé sin leis na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na scéimeanna ioncaim íosta leordhóthanach. Ní mór tithíocht, uisce, fuinneamh, teileachumarsáid, bia, sláinte, iompar, cultúr agus fóillíocht, i measc riachtanas eile, a chur san áireamh sa chiseán earraí agus seirbhísí. Tá sásraí lenar féidir fíorphraghsanna a innéacsú go cruinn agus go tapa ríthábhachtach chun leordhóthanacht a áirithiú, go háirithe le linn géarchéimeanna a mbíonn tionchar acu ar an gcostas maireachtála.

4.1.5.

Níor cheart liúntais ioncaim íosta a úsáid chun pá íseal a fhóirdheonú. I gcás ina bhfuil réitigh bhreise beartaithe dóibh siúd a bhfuil bochtaineacht lucht oibre ag cur as dóibh, ba cheart do na réitigh sin a bheith sealadach agus comhlántach. Agus aitheantas á thabhairt don iliomad cineálacha oibre, ba cheart beartas gníomhach maidir leis an margadh saothair agus beartas leordhóthanach pá, mar aon le córais tacaíochta slándála sóisialta agus cánach a spreagadh, chun fostaíocht ar ardchaighdeán agus caighdeán maireachtála cuibhiúil a áirithiú. Maidir leis na daoine nach bhfuil in ann, go buan nó go hiomlán, a bheith fostaithe faoi dhálaí maithe ar mhaithe le saol faoi dhínit, ba cheart líontáin sábhála láidre a ráthú dóibh fad is a theastaíonn siad uathu.

4.1.6.

Is díol sásaimh do CESE an cinneadh nach measfar liúntais, amhail liúntas míchumais, a bheith mar chuid den tástáil acmhainne chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil duine i dteideal an liúntais ioncaim íosta, toisc go gcumhdaítear leis na liúntais sin costais bhreise i ngeall ar riachtanais shonracha. Léiríonn sé sin go dtuigimid cás na ndaoine inár sochaí a bhfuil cabhair uathu go géar.

4.1.7.

Ní mór aird ar leith a thabhairt ar theaghlaigh leochaileacha agus ar thuismitheoirí aonair, go háirithe mná, mar go bhfuil ról comhlántach na sochar leanaí, agus cúram leanaí inrochtana agus forálacha cúraim eile, riachtanach dóibh.

4.1.8.

Is luachmhar an tseift an pá íosta, arna leagan síos leis an dlí nó leis an gcómhargáil, chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht. Beidh tionchar dearfach ag cur chun feidhme na treorach maidir le pá íosta leordhóthanach ar an mbaol bochtaineachta ina bhfuil cuid mhór den lucht saothair, go háirithe oibrithe aonair i bpoist lánaimseartha agus teaghlaigh le dhá ioncam. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun an treoir sin a chur chun feidhme trí chomhaontuithe comhchoiteanna. Nuair a chuirfear an treoir chun feidhme, d’fhéadfaí an pá íosta a úsáid freisin, i gcás inarb iomchuí, mar thagairt don ioncam íosta, fad a bheidh an t-ioncam íosta suite ar leibhéal na bochtaineachta.

4.1.9.

Tá CESE den tuairim gur cheart seirbhísí airgid agus seirbhísí comhchineáil a chur san áireamh i scéimeanna ioncaim íosta dóibh siúd nach bhfuil ar a gcumas, nó a bhfuil sé beagnach dodhéanta acu, a bheith ag obair.

4.1.10.

Tá ról tábhachtach freisin ag sochair laistigh den fhostaíocht maidir le daoine neamhghníomhacha a mhealladh chuig an margadh saothair (5).

4.1.11.

Tá sprioc na Comhairle Eorpaí maidir le líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta a laghdú 15 mhilliún le baint amach faoi 2030 agus d’fhéadfadh sé go bhfuil an sprioc sin teoranta ó thaobh uaillmhéine de. Mar sin féin, ní mór an sprioc sin a mheas mar sprioc íosta agus é á chur san áireamh go bhfuil roinnt tíortha faoi bhun 20 % faoi láthair ó thaobh leordhóthanachta de agus go mbeidh tréimhse fhada ag teastáil uathu chun na spriocanna a bhaint amach. Chuir an Coimisiún in iúl go mbunaítear leis an moladh tréimhse chun na forálacha a bhaineann le leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim a chur chun feidhme go forásach. Maidir leis na dúshláin eile, amhail cumhdach agus glacadh, ba cheart na moilleanna a bheith níos giorra.

4.2.    Cumhdach, incháilitheacht agus glacadh

4.2.1.

Faoi láthair, níl 20 % ar an meán de dhaoine nach bhfuil post acu incháilithe do na scéimeanna ioncaim íosta. Is é is cúis leis sin coinníollacha incháilitheachta a bhaineann leis an aois íosta, an tréimhse chónaithe sa tír, easpa seoltaí i gcás daoine gan dídean, saincheisteanna maidir le comhdhéanamh teaghlaigh, etc. Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin sa chumhdach. Tá saincheist ann freisin maidir le leanúnachas an chumhdaigh le linn na gcéimeanna éagsúla saoil agus gníomhaíochta. Bíodh sin mar atá, ba cheart critéir rochtana atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach a chur i bhfeidhm sna Ballstáit.

4.2.2.

Is cosúil gur ar an gcóras riaracháin den chuid is mó atá an locht go bhfuil an neamhghlacadh chomh hard sin; níl sé sin ceart ná cóir agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo. Is cosúil go bhfuil neamhghlacadh an ioncaim íosta idir 30 % agus 50 % sna Ballstáit. Is meastachán an-ard agus leathan é sin de réir dealraimh. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun faisnéis a bhailiú faoin neamhghlacadh agus faoi na cúiseanna a bhfuil an líon daoine sin chomh hard is atá. Tacaíonn CESE go huile agus go hiomlán le haidhm an chomhaontaithe pholaitiúil ón gComhairle chun glacadh iomlán an ioncaim íosta a spreagadh trí shraith beart amhail an t-ualach riaracháin a laghdú, faisnéis sholáimhsithe a áirithiú, bearta a dhéanamh chun stiogmatú a chomhrac agus bearta réamhghníomhacha a chur i bhfeidhm chun tacú le daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu.

4.2.3.

Leis an ioncam íosta, ba cheart rochtain a áirithiú go sainráite d’aosaigh óga in aois 18 mbliana agus níos sine agus d’imircigh. Is sochar neamhranníocach é an t-ioncam íosta agus, dá bharr sin, ba cheart aird a thabhairt chun teanga dhébhríoch a sheachaint maidir leis an méid ar cheart a mheas mar thréimhse cónaithe “iomchuí”.

4.2.4.

Tá gá le táscairí imdhealaithe cainníochtúla agus cáilíochtúla ar leibhéal an Aontais chun cumhdach reatha na scéimeanna ioncaim íosta a chuimsiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar rátaí glactha agus ar éifeachtúlacht na scéimeanna, go háirithe maidir le grúpaí imeallaithe, lena n-áirítear na Romaigh, dídeanaithe agus daoine gan dídean.

4.3.    Rochtain ar an margadh saothair

4.3.1.

Ba cheart córais ioncaim íosta a cheapadh sa chaoi go n-áirítear leo bearta láidre spreagtha (bearta gníomhachtúcháin) do dhaoine atá in ann obair a dhéanamh agus urraim á tabhairt do bheartais le haghaidh tosaíochtaí cúraim shealadaigh. Ar scor ar bith, le nach ndíspreagfar daoine glacadh le fostaíocht, ba cheart a áirithiú nach dtiocfaidh laghdú díréireach ar shochair shóisialta de thoradh an ioncaim ón obair.

4.3.2.

Ba cheart an rannpháirtíocht i gcláir oibreacha poiblí, mar aon le deiseanna in earnáil an gheilleagair shóisialta a fhorbairt ina n-iomláine, go háirithe do na grúpaí is leochailí.

4.3.3.

Tá tacaíocht spriocdhírithe thar a bheith tábhachtach dóibh siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach agus dóibh siúd nach bhfuil gníomhach ach atá in ann dul isteach sa mhargadh saothair. Is féidir le sochair laistigh den fhostaíocht, mar aon le bearta struchtúracha chun cuimsiú grúpaí leochaileacha a éascú, cabhrú leo dul isteach sa mhargadh saothair, ach ba cheart do na sochair sin a bheith sealadach.

4.3.4.

Chun rannpháirtíocht i gcláir ghníomhachtúcháin a áirithiú, ní mór bearta oiriúnacha a bheith ar fáil, amhail oideachas, oiliúint agus cláir foghlama ar feadh an tsaoil, mar aon le seirbhísí tacaíochta, amhail comhairleoireacht, cóitseáil nó cúnamh chun post a chuardach. Chun bearta éifeachtacha a fhorbairt, ní mór do na Ballstáit a bheith rannpháirteach go tréan i mbeartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, amhail na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart do na bainisteoirí agus dá bhfoirne a bheith cáilithe chuig a gcúraimí deacra agus ba cheart dóibh leas a bhaint as saineolas agus as eolas eolaíoch. Ó thaobh daoine dífhostaithe de, ba cheart a gcuid cáilíochtaí, mar aon lena n-acmhainneacht, a gcuid scileanna agus a gcuid pleananna gairme a chur san áireamh go córasach.

4.4.    Rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha

4.4.1.

Deimhnítear sa mholadh gur gá rochtain éifeachtach a ráthú ar sheirbhísí fíor-riachtanacha ar ardchaighdeán (uisce, sláintíocht, fuinneamh, iompar, seirbhísí airgeadais agus cumarsáid dhigiteach) faoi mar a liostaítear i bPrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart an digiteáil a mheas mar chinntitheach sóisialta nua chun rochtain a fháil ar sheirbhísí fíor-riachtanacha agus ba cheart gníomhaíochtaí a dhéanamh chun an deighilt dhigiteach a shárú.

4.5.    Rialachas

4.5.1.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur gá rialachas na líontán sábhála sóisialta a dhéanamh níos éifeachtaí ar gach leibhéal. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhordú láidir idir na geallsealbhóirí éagsúla, ar bhonn cothrománach agus ingearach. Ba cheart róil agus freagrachtaí na ngeallsealbhóirí a shainiú go soiléir agus ba cheart éifeachtaí neamh-chomhtháite a sheachaint ag an am céanna.

4.5.2.

Ba cheart na geallsealbhóirí ábhartha uile a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme scéimeanna ioncaim íosta, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta (go háirithe iad siúd a oibríonn le daoine atá buailte ag an mbochtaineacht), soláthraithe seirbhísí sóisialta agus na comhpháirtithe sóisialta sna Ballstáit uile. Ba cheart dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí mar chuid d’fhorbairt na gcóras leanúnach faireacháin agus meastóireachta.

4.6.    Faireachán

4.6.1.

Mar a thugtar le fios sa chomhaontú polaitiúil ón gComhairle, is gá faireachán leanúnach a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeartas tacaíochta ioncaim agus na mbeart gníomhachtúcháin gaolmhar sa mhargadh saothair, agus tá gá le rochtain ar sheirbhísí atá faoi réir meastóireacht rialta, chun cuspóirí an mholta seo a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla is féidir. Na tuarascálacha ar dhul chun cinn de chuid na mBallstát, ba cheart eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, mar aon le heagraíochtaí leasa agus na comhpháirtithe sóisialta, a bheith rannpháirteach agus na tuarascálacha á ndréachtú, nó mar rogha air sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar a dtuarascálacha go rialta i sásra faireacháin an Choimisiúin. Mar atá sa dréachtmholadh, ní luaitear CESE mar cheann de na geallsealbhóirí éagsúla ar leibhéal an Aontais, ach luaitear mar institiúid lárnach é sa phróiseas faireacháin a bunaíodh leis na Conarthaí.

4.6.2.

Ba cheart coimircí a chur san áireamh sna scéimeanna ioncaim íosta, coimircí lena n-áirithítear neamh-idirdhealú in aghaidh tairbhithe iarbhír nó féideartha, agus ba cheart sásraí chun inrochtaineacht a áirithiú do ghrúpaí leochaileacha a chur san áireamh chomh maith. Ba cheart do na Ballstáit uile comhlachtaí inmheánacha a bhunú ar mhaithe le faireachán a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar sonraí agus cearta bunúsacha na ndaoine uile lena mbaineann.

4.6.3.

Chun dul chun cinn a dhéanamh, tá sé tábhachtach cur leis an bhfaisnéis atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, mar aon leis na bearta is gá a ghlacadh, ionas go mbeidh deis níos fearr ag gach Ballstát feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn scéimeanna náisiúnta ioncaim. Áirítear leis sin an gá atá le malartuithe a eagrú maidir le cleachtais náisiúnta, seimineáir théamacha agus imeachtaí. I ndáil leis an méid sin, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn, is díol sásaimh do CESE na gníomhaíochtaí institiúideacha atá beartaithe, amhail an comhar atá ann cheana idir an Coimisiún agus na Ballstáit a threisiú laistigh den Choiste um Chosaint Shóisialta, den Choiste Fostaíochta agus de Líonra na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta. Mar sin féin, is gá teacht ar bhealaí chun na constaicí agus na deacrachtaí a eascraíonn as an reachtaíocht um chosaint sonraí a shárú, rud a d’fhéadfadh bac gan ghá a chur ar chomhar rianúil idir na húdaráis.

4.6.4.

Tá céimeanna faireacháin na mBallstát ríthábhachtach, go háirithe i gcás na mBallstát sin atá i bhfad ó na spriocanna a bhaint amach. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeidh bealach chun cinn soiléir ann, trí úsáid a bhaint as an Seimeastar Eorpach agus as uirlisí eile chun leanúint den fhaireachán ar dhul chun cinn na mBallstát.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Ó Minimum income support for families with children in Europe and the US. Where do we stand? le Ive Marx, Elize Aerts, Zachary Parolin, Bealtaine 2022, SocArXiv; Children at risk of poverty or social exclusion.

(2)  Tá an ceart ag cách nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin ar shochair leordhóthanacha ioncaim íosta a dhéanfaidh deimhin de go mbeidh dínit acu ag gach céim den saol, agus ar rochtain éifeachtach ar earraí agus ar sheirbhísí cumasúcháin. I gcás na ndaoine sin atá in ann obair a dhéanamh, ba cheart sochair ioncaim íosta a nascadh le dreasachtaí chun iad a (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair.

(3)  Rinne CESE plé ar an ioncam íosta sna tuairimí uaidh: Le haghaidh Creat-Treoir Eorpach maidir le hIoncam Íosta (tuairim féintionscnaimh, níl leagan Gaeilge ann) (IO C 190, 5.6.2019, lch. 1); Pá Íosta Cuibhiúil ar fud na hEorpa (tústuairim arna hiarraidh ag Parlaimint na hEorpa/an Chomhairle, níl leagan Gaeilge ann) (europa.eu) — na míreanna 1.6., 3.3.7, (IO C 429, 11.12.2020, lch. 159); Táscairí Eorpacha maidir le hioncam íosta agus an bhochtaineacht (tuairim féintionscnaimh, níl leagan Gaeilge ann) (europa.eu), (IO C 170, 5.6.2014, lch. 23).

(4)  ECFE (2021): Tax and fiscal policies after the COVID-19 crisis.

(5)  Leagtar béim ar ról na dtairbhí laistigh den mhargadh saothair i bpointe 3.4.3. de thuairim SOC/737 Treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát, (IO C 486, 21.12.2022, lch. 161).


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/71


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha

(COM(2022) 688 final — 2022/0400 (COD)

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle um chaighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne sa réimse fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar a reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta agus maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena scriostar Airteagal 13 de Threoir 2000/43/CE agus Airteagal 12 de Threoir 2004/113/CE

(COM(2022) 689 final — 2022/0401 (APP))

(2023/C 184/13)

Rapóirtéirí:

Sif HOLST agus Nicoletta MERLO

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 15.12.2022 (COM(2022) 688 final)

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 21.12.2022 (COM(2022) 688 final)

An Coimisiún Eorpach, 8.2.2023 (COM(2022) 689 final)

Bunús dlí

Airteagal 19(1) agus Airteagal 157(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

8.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

164/01/02

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh faoina gcuirtear de chúram ar chomhlachtaí comhionannais gníomhú ar son chearta íospartaigh an idirdhealaithe, agus is díol sásaimh dó go háirithe an bhéim fhollasach ar chur chun cinn, ar chosc agus ar sholáthar acmhainní leordhóthanacha, rud lena gcuirtear ar chumas comhlachtaí comhionannais an ról atá acu a chomhlíonadh go neamhspleách éifeachtach.

1.2

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir caighdeáin a leagan amach do chomhlachtaí comhionannais agus an choimhdeacht sna treoracha atá beartaithe. Is tábhachtach a áirithiú san am céanna go mbeidh cuspóir ginearálta na dtreoracha, is é sin neart agus éifeachtacht na gcomhlachtaí comhionannais a mhéadú, ina thosaíocht i gcónaí.

1.3

Tá CESE den tuairim go mba dheis amú é gan idirdhealú trasnach agus il-idirdhealú a chur san áireamh mar ba cheart. Ar an ábhar sin, iarrann sé go gcuirfí gné an trasnachais san áireamh i mbeartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun féachaint chuige go dtabharfar cosaint do gach uile íospartach.

1.4

Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach an oibleagáid dhlíthiúil atá beartaithe faoina mbeidh comhlachtaí comhionannais saor ó thionchar seachtrach, agus lena n-áiritheofar go mbeidh acmhainní leordhóthanacha daonna, teicniúla agus airgeadais acu.

1.5

Tacaíonn CESE leis an oibleagáid atá ar institiúidí poiblí dul i gcomhairle le comhlachtaí comhionannais go tráthúil agus a gcuid moltaí siúd a chur san áireamh, ach molann sé go gcuirfí de cheangal ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar bhearta arna ndéanamh i ndáil lena n-idirghníomhú le comhlachtaí comhionannais agus ar thorthaí na mbeart sin.

1.6

Tá CESE den tuairim, ach an sásra maoirseachta a chur de fhreagracht ar an gCoimisiún, go n-áiritheofar an-aird ar an bhfaireachán. Bíodh sin mar atá, chun go mbeidh éifeacht leis, tá sé á iarraidh aige go ndéanfaí breithniú ar an amchlár don tuairisciú a laghdú go dhá bhliain nó trí bliana seachas cúig bliana, mar a mholtar sna treoracha.

1.7

Is mór ag CESE gur soiléiríodh nach mór díriú ar riachtanais inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas má táthar chun inrochtaineacht a áirithiú do chách, agus cuireann sé i bhfios go láidir go bhféadfadh rochtain ar chomhairleoireacht a bheith i gceist le hinrochtaineacht freisin.

1.8

Measann CESE go bhfuil sé an-tábhachtach éagsúlacht na gcreataí agus na gcleachtas dlí náisiúnta i dtaca le neamh-idirdhealú a urramú — agus á chur san áireamh go bhfuil cumhachtaí ag comhlachtaí comhionannais i roinnt mhaith Ballstát cheana a théann i bhfad níos faide ná híoscheanglais a leagtar síos sna treoracha reatha maidir le comhionannais. Ní mór freisin aird a thabhairt ar a éagsúla atá an bhaint atá ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phróiseas ó Bhallstát go Ballstát. Ba cheart prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a urramú sna tograí agus, san am céanna, coinneáil slán ó ísliú na gcaighdeán cosanta atá ann cheana d’íospartaigh an idirdhealaithe. Ar a mhuin sin, áitíonn CESE nach mór é a chur chun cinn sna tograí go mbeadh ról ceannasach ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme creataí náisiúnta maidir le neamh-idirdhealú agus i dtreisiú na gcleachtas tacaíochta atá ann cheana do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó chomhlachtaí comhionannais.

1.9

Aithníonn CESE nach mór feidhmiú cumhachtaí imscrúdaitheacha thar ceann íospartaigh an idirdhealaithe i gcomhthéacs imeachtaí agus tacaíocht dóibh a bheith gan dochar do chumhachtaí agus neamhspleáchas imscrúduithe cúirteanna, binsí agus comhlachtaí faireacháin phoiblí eile amhail cigireachtaí saothair.

1.10

Tá CESE á iarraidh go gcuirfear cosaint leordhóthanach ar fáil do ghearánaigh, go ráthófar cúiteamh comhréireach d’íospartach an chiona, agus go n-áiritheofar go ngearrfar pionóis ar chiontóirí, agus sin d’fhonn díriú ar chur chuige duinelárnach i leith íospartaigh an fhoréigin nó an idirdhealaithe. Ní mór na smachtbhannaí, a bhféadfadh cúiteamh don íospartach a bheith mar chuid díobh, a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus iad a bheith leagtha amach ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis na creataí agus na cleachtais dlí náisiúnta (1).

1.11

Molann CESE don Choimisiún feachtais faisnéise maidir le cearta AE agus urraim d’éagsúlachtaí a fhorbairt agus a chistiú agus gurb iad na comhlachtaí comhionannais náisiúnta a chuirfear i gcrích iad ar an leibhéal áitiúil i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis na comhpháirtithe sóisialta agus na feachtais sin curtha in oiriúint do riachtanais sna críocha ar leith. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na grúpaí is leochailí agus ní mór feachtais speisialta a phleanáil agus iad a dhíriú ar leanaí agus ar dhaoine óga ar scoil, ag tosú ó aois óg

1.12

Tá CESE á iarraidh go ndéanfar sonraí imdhealaithe a bhailiú agus a anailísiú go rialta chun faireachán a dhéanamh ar neamhionannais agus idirdhealú, lena n-áirítear il-idirdhealú. Cuireann sé i bhfáth a thábhachtaí atá sé taighde córasach a dhéanamh ar neamhionannais agus ar an idirdhealú, agus an méid sin a dhéanamh i gcomhar leis an tsochaí shibhialta eagraithe agus le comhpháirtithe sóisialta freisin maidir le hábhair a bhaineann leis an áit oibre.

2.   Cúlra na tuairime

2.1

Is institiúidí poiblí náisiúnta iad comhlachtaí comhionannais arna mbunú ar fud na hEorpa chun comhionannas do chách a chur chun cinn agus chun dul i ngleic leis an idirdhealú. Is eagraíochtaí neamhspleácha iad a thugann cosaint agus cúnamh d’íospartaigh an idirdhealaithe, a dhéanann faireachán ar shaincheisteanna a bhaineann leis an idirdhealú agus a ndéanann tuairisciú ina leith. Tá ról bunúsach acu i struchtúr neamh-idirdhealaitheach an Aontais Eorpaigh (2).

2.2

Is leis an Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha (2000/43/CE) (3) a bunaíodh comhlachtaí comhionannais den chéad uair. Seo a leanas na trí threoir um chomhionannas a foilsíodh ina dhiaidh sin inar cuireadh na misin chéanna de chúram ar chomhlachtaí comhionannais de réir a réimse féin: an Treoir um Chomhionannas Inscne i réimse na n-earraí agus seirbhísí (2004/113/CE) (4), an Treoir um Chomhionannas Inscne i réimse na fostaíochta (2006/54/CE) (5) agus an Treoir um Chomhionannas Inscne i réimse na féinfhostaíochta (2010/41/AE) (6).

2.3

Ní chuimsítear sna treoracha sin tagairtí do struchtúr agus d’fheidhmiú comhlachtaí comhionannais. Ní bhunaítear leo ach roinnt inniúlachtaí íosta agus, ar an ábhar sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh difríochtaí idir na Ballstáit, difríochtaí suntasacha fiú. Ghlac an Coimisiún Eorpach Moladh maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais in 2018 (7) arbh é ab aidhm dó aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as na forálacha leathana agus neamhiomlána maidir le comhlachtaí comhionannais i dtreoracha an Aontais. Níor éirigh leis an Moladh sin, áfach, an bhearna sin a dhúnadh ach oiread (8).

2.4

Ghlac an Coimisiún Eorpach dhá thogra (9) an 7 Nollaig 2022 chun comhlachtaí comhionannais a neartú, agus go sonrach chun an neamhspleáchas, na hacmhainní agus na cumhachtaí atá acu a neartú, ionas gur féidir leo an t-idirdhealú san Eoraip a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí faoi na treoracha AE uile a glacadh cheana i réimse na córa comhionainne

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Tá an comhionannas, ar bunluach de chuid an Aontais é, ar cheann de thosaíochtaí CESE freisin. I dtuairimí eile dá chuid a eisíodh roimhe seo (10), d’aithin CESE na hiarrachtaí arna ndéanamh ag an Aontas i réimse an chomhionannais inscne, réimse na cosanta i gcoinne an idirdhealaithe bunaithe ar bhunadh eitneach, cine nó aois, reiligiún, tuairimí nó creidimh, réimse na cosanta do chearta daoine LGBTQIA+, do chearta na ndaoine faoi mhíchumas agus aithníonn sé, freisin, an obair arna déanamh aige d’fhonn na Romaigh a lánpháirtiú agus d’fhonn cearta na n-imirceach a chosaint. Leag CESE béim freisin ar a riachtanaí atá beartais láidre, fíoracmhainní, rannpháirtíocht fhadtéarmach agus tacaíocht níos suntasaí do chomhlachtaí náisiúnta um chomhionannas agus um chearta an duine, go háirithe maidir lena neamhspleáchas a fheabhsú agus a n-acmhainní foirne agus airgeadais a mhéadú (11).

3.2

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh seo maidir le comhlachtaí comhionannais a chumhachtú ina gcáil mar chosantóirí ar chearta na n-íospartach idirdhealaithe, agus measann sé gur rannchuidiú fíor-riachtanach é le hobair níos leithne an Choimisiúin Eorpaigh chun bogadh i dtreo Aontas Comhionannais, rud atá dírithe ar chóir chomhionann agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn mar phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais.

3.3

Is díol mórshásaimh do CESE go bhfuil béim fhollasach ar an dá thogra maidir le cur chun cinn agus cosc óir is aitheantas tráthúil iad ar a riachtanaí atá beartais, bearta agus caighdeáin íosta a théann i ngleic leis an idirdhealú struchtúrach agus le steiréitíopaí arb ann dóibh fós sa tsochaí. Ar an dóigh sin, cuirfear breis aonfhoirmeachta chun cinn idir na Ballstáit agus urramófar san am céanna na struchtúir agus na cineálacha cur chuige atá i bhfeidhm cheana ar an leibhéal náisiúnta.

3.4

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir caighdeáin a leagan amach do chomhlachtaí comhionannais agus an choimhdeacht faoi na treoracha atá beartaithe. Is tábhachtach a áirithiú san am céanna go mbeidh cuspóir ginearálta na dtreoracha, is é sin neart, neamhspleáchas agus éifeachtacht na gcomhlachtaí comhionannais a mhéadú, ina thosaíocht i gcónaí.

3.5

Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nach mór na comhlachtaí comhionannais atá ann cheana a chumhachtú ionas gur féidir leo lán a n-acmhainneacht a bhaint amach agus a bheith níos ullmhaithe chun an t-idirdhealú a chosc agus chun cabhrú le híospartaigh an idirdhealaithe. Is riachtanach an méid sin d’fhonn na dálaí a chruthú chun gur féidir leis an uile dhuine maireachtáil, dul chun cinn a dhéanamh agus ceannaireacht a thabhairt, gan beann ar na difríochtaí atá ann.

3.6

Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach comhlachtaí comhionannais a chur chun cinn chun cearta bunúsacha shaoránaigh uile an Aontais a áirithiú. Trí chomhlachtaí comhionannais a chur chun cinn go gníomhach, tá an tAontas á shocrú go mbeidh tacaíocht le fáil ag aon saoránach de chuid an Aontais a bhfuil idirdhealú á dhéanamh air agus tá sé á áirithiú aige go mbeidh an ceart chun tacaíochta agus ionadaíochta aige chomh maith.

3.7

Tá CESE á thabhairt chun cuimhne pointe 2.10 sa tuairim dá chuid maidir leis an gcomhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach (12):“Tá CESE den bharúil nach mór cur chun cinn an chomhionannais agus cosaint na gceart bunúsach a chomhtháthú i bhfís shóisialta níos leithne. De réir na físe sin, chuirfí leis an méid uirlisí trína dtugann na Ballstáit agus na hinstitiúidí Eorpacha tacaíocht do dhaoine aonair agus do ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus d’fheabhsófaí na huirlisí sin.”

3.8

Is den riachtanas beart a dhéanamh sa réimse sin ar leibhéal an Aontais, beart a bheidh i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus a bheidh comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais. Dhearbhaigh an Coimisiún Eorpach gurb atá i gceist leis an tionscnamh faoi chaibidil athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana chun go mbeidh sí níos éifeachtaí, chun caighdeáin íosta a bhunú agus chun na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta a thabhairt chun páirtíochta.

4.   Barúlacha sonracha

4.1    Inniúlachtaí na gcomhlachtaí comhionannais a fheabhsú

4.1.1

Mar gheall ar an tsáinn fhada atá ann maidir leis an Treoir Chothrománach, mar a thugtar uirthi, a rith, agus bunaithe ar chur chuige íospartach-lárnach ar dá réir gur ionann moill ar cheartas agus séanadh ceartais, tá CESE den tuairim go mba dheis amú é gan aird chuí a thabhairt ar an idirdhealú trasnach agus ar an il-idirdhealú. Ní féidir aghaidh a thabhairt ar chineálacha áirithe idirdhealaithe trí bhreathnú ar fhorais an idirdhealaithe ceann ar cheann, ós cur chuige trasnach atá ag teastáil.

4.1.2

Cuireann roinnt treoracha atá ann cheana de cheangal ar na Ballstáit comhlachtaí comhionannais náisiúnta a chur ar bun. Mar sin féin, fágann rialacha reatha AE go bhfuil corrlach leathan lánroghnach ann ó thaobh bunaithe agus oibriúcháin de agus tá difríochtaí suntasacha i measc na gcomhlachtaí comhionannais maidir le cumhachtaí, neamhspleáchas, acmhainní, inrochtaineacht agus éifeachtacht. Is éard atá beartaithe leis an tionscnamh nua, tionscnamh lena dtugtar isteach íoschaighdeáin do chomhlachtaí comhionannais, cur le hiarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh bogadh i dtreo Aontas Comhionannais agus le héifeachtacht dhlí an Aontais maidir le neamh-idirdhealú.

4.1.3

An togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le sainordú na gcomhlachtaí comhionannais a leathnú chun Treoir 79/7/CEE ón gComhairle a chumhdach ionas go mbeidh comhlachtaí comhionannais in ann cosaint a thabhairt ar idirdhealú ar bhonn inscne i réimse na slándála sóisialta stáit, ní mór an togra sin a bheith gan dochar do ról agus chumhachtaí na gcomhpháirtithe sóisialta agus a gcuid oibre a threisiú agus tacú léi.

4.1.4

Aithníonn CESE a ríthábhachtaí atá an ceanglas dlíthiúil atá beartaithe, is é sin go mbeidh comhlachtaí comhionannais saor ó thionchar seachtrach agus go n-áiritheofar go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha, inbhuanaithe daonna, gairmiúla, teicniúla agus airgeadais ar fáil dóibh, agus tá sé i bhfách le tabhairt isteach an cheanglais sin.

4.1.5

Molann CESE na coimircí láidre atá beartaithe maidir le neamhspleáchas na gcomhlachtaí comhionannais, rud atá fíorthábhachtach dá gcumas tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do na saoránaigh.

4.1.6

Leagann CESE béim ar an tábhacht ar leith atá le coimircí chun go mbeidh na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais a sholáthraítear do chomhlachtaí comhionannais ar fáil agus gur leor iad. Is réamhriachtanas iad acmhainní le haghaidh neamhspleáchas comhlachtaí comhionannais agus chun go mbeidh ar a gcumas cosaint éifeachtach a thabhairt d’íospartaigh agus an t-idirdhealú a chosc.

4.1.7

Leagtar síos sa togra ón gCoimisiún Eorpach freisin ceanglas ar institiúidí poiblí dul i gcomhairle go tráthúil le comhlachtaí comhionannais, agus a gcuid moltaí a chur san áireamh. Molann CESE gur cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar an mbeart atá déanta acu de réir na moltaí ó na comhlachtaí comhionannais, agus ar thorthaí na mbeart sin.

4.1.8

Sonraítear sa togra freisin go mbeidh ar an gCoimisiún Eorpach táscairí coiteanna a bhunú chun sonraí a bhailítear ar an leibhéal náisiúnta a thomhas agus a n-inchomparáideacht a áirithiú, agus nach mór dó tuarascáil a eisiúint gach cúig bliana ar chomhlachtaí comhionannais ar fud an Aontais. Bheadh CESE i bhfabhar tréimhse ama níos giorra don chleachtadh sin agus, dá bhrí sin, molann sé don Choimisiún Eorpach an tréimhse tuairiscithe a laghdú go trí bliana.

4.1.9

Rud an-tábhachach ar fad is ea an faireachán. Is é sin an t-aon bhealach lena áirithiú go bhféadfaidh comhlachtaí comhionannais a bheith éifeachtach go hiarbhír agus go mbeidh ar a gcumas an tacaíocht is gá a chur ar fáil d’íospartaigh an idirdhealaithe. Tá CESE den tuairim, ach an sásra maoirseachta a chur de fhreagracht ar an gCoimisiún Eorpach, go n-áiritheofar an-aird ar an bhfaireachán.

4.1.10

Tá CESE den tuairim freisin nach mór don Choimisiún Eorpach beart a dhéanamh maidir le rochtain ghinearálta na n-íospartach uile ar acmhainní comhlachtaí comhionannais agus ar chúnamh uathu siúd a chur chun cinn. Féadfar é sin a dhéanamh trí mhaoirseacht éifeachtach, trí chur chun cinn leordhóthanach na gcomhlachtaí comhionannais a fheidhmíonn ar an leibhéal áitiúil agus trí idirphlé leis na Ballstáit. Ach eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a bheith san áireamh san idirphlé, d’fhéadfaí breisluach tábhachtach a chur leis mar aon le maoirseacht éifeachtach.

4.1.11

Tá comhar breise le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le cosantóirí chearta an duine atá i mbun obair thúslíne, agus breis tacaíochta dóibh, á iarraidh ag CESE i gcónaí, go háirithe i bpobail imeallaithe agus leochaileacha, mar a leagtar amach in obair dá chuid roimhe seo (13).

4.1.12

Meabhraíonn CESE “go mbaineann éifeacht iolraitheora le trasnú cine, bunaidh eitneach, aicme sóisialta, aoise, gnéaschlaonta, náisiúntachta, reiligiúin, gnéis, míchumais, stádas dídeanaí nó imirceach etc., rud a mhéadaíonn an t-idirdhealú” (14) agus creideann sé gur den tábhacht leanúint de chláir um malartú eolais agus um chur chun cinn na foghlama ar gach leibhéal, lena n-áirítear trí chur chuige trasnach i leith na hoibre.

4.1.13

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil forálacha sna Treoracha faoina bhféadfadh comhlachtaí faoi il-shainordú na hacmhainní agus an infheictheacht is gá a ráthú don fheidhm chomhionannais. Mar sin féin, ní mór an bhrí atá le “feidhmiú uathrialach an tsainordaithe comhionannais” a shainiú a thuilleadh agus a léirmhíniú. Is gá a chinntiú freisin nach gá deighilt heirméiteach a bheith idir na sainorduithe éagsúla i gcásanna ina bhféadfaidís a chéile a neartú agus a chomhlánú. Maidir le comhlachtaí comhionannais láidre a bhunú, d’fhéadfadh sé a bheith fritorthúil constaic struchtúrach a thabhairt isteach i gcomhlachtaí comhionannais a bhfuil ranna tiomnaithe éagsúla iontu.

4.2    Rochtain éifeachtach ar an gceartas d’íospartaigh an idirdhealaithe

4.2.1

Is éard is aidhm do chuid de na tograí a áirithiú go neartófar comhlachtaí comhionannais a mhéid a bhaineann le cásanna idirdhealaithe a láimhseáil agus go mbeidh a seirbhísí ar fáil saor in aisce do gach íospartach agus go mbeidh siad inrochtana ag gach íospartach ar bhonn comhionann.

4.2.2

Tá CESE den tuairim go bhfuil ríthábhacht leis an gcúnamh a chuireann comhlachtaí comhionannais ar fáil chun a áirithiú nach é an t-aon rogha a bheadh ag íospartaigh an idirdhealaithe leigheas breithiúnach a lorg agus caingean dlí a thionscnamh. Mar sin féin, creideann sé nach mór do na hinniúlachtaí sin a bheith gan dochar d’ionadaíocht chomhchoiteann agus cumhachtaí dlíthíochta na gcomhpháirtithe sóisialta. Is mór ag CESE freisin gur soiléiríodh nach mór díriú ar riachtanais inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas má táthar chun inrochtaineacht a áirithiú do chách, agus cuireann sé i bhfios go láidir go bhféadfadh rochtain ar chomhairleoireacht a bheith i gceist le hinrochtaineacht freisin, mar shampla, i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu in áiteanna iargúlta nó a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar acmhainní ar líne. Réamhriachtanas is ea cúnamh na gcomhlachtaí comhionannais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe struchtúracha, trasnacha agus sistéamacha na neamhionannas.

4.2.3

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh sé de chumas ag comhlachtaí comhionannais gníomhú maidir le gearáin ó íospartaigh agus saincheisteanna a ardú ar leibhéal níos ginearálta, bíodh sin ar a dtionscnamh féin nó tar éis idirphlé le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta nó le comhpháirtithe sóisialta. D’fhéadfadh sé go mba dheacair d’íospartaigh iad féin a chur chun cinn de leisce na n-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear a slí bheatha a chailliúint. D’fhéadfadh easpa feasachta maidir le cearta agus conas iad a fhorfheidhmiú a bheith ina bac freisin.

4.2.4

Tá sé thar a bheith tábhachtach an mhóréagsúlacht atá ann ó Bhallstát go Ballstát a chur san áireamh i dtéarmaí líon, struchtúr agus modus operandi na gcomhlachtaí comhionannais, agus creataí agus cleachtais dlí náisiúnta a urramú agus, san am céanna, coinneáil slán ó ísliú na gcaighdeán cosanta i leith an idirdhealaithe, mar shampla, trí lagú chumhachtaí reatha na gcomhlachtaí comhionannais faoi reachtaíocht náisiúnta éagsúil. Thairis sin, bíonn difríochtaí ann freisin maidir le rannpháirtíocht eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta sa phróiseas, agus beidh na difríochtaí sin le cur san áireamh (15).

4.2.5

Tá CESE den tuairim go bhfuil ceart na gcomhlachtaí comhionannais, ceart arb ann dó cheana i roinnt Ballstát, páirt a ghlacadh in imeachtaí dlíthiúla ríthábhachtach chun cosaint níos fearr a áirithiú do phrionsabail na córa comhionainne go háirithe i gcásanna nuair nach mbíonn rochtain ag íospartaigh ar an gceartas, mar gheall ar chonstaicí nós imeachta nó airgeadais, agus gan teacht ag na comhpháirtithe sóisialta orthu. Cuireann CESE i bhfáth freisin, i gcomhréir leis na treoracha atá ann cheana maidir le comhionannas, gur cheart cumhachtaí dlíthíochta na gcomhlachtaí comhionannais a bheith gan dochar d’inniúlachtaí ábhartha agus seasamh dlíthiúil na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus iad a chomhlánú, agus an méid sin a bheith ar aon dul leis na critéir a leagtar síos ina ndlí náisiúnta (16). I ndáil leis sin, tá sé fíorthábhachtach go gcomhoibreodh comhlachtaí comhionannais ar an leibhéal náisiúnta i bpáirt leis na cúirteanna, le binsí riaracháin speisialaithe amhail cúirteanna saothair, agus leis na comhpháirtithe sóisialta.

4.2.6

Maidir leis na páirtithe uile a bhfuil leas dlisteanach acu in imeachtaí a dhéanamh thar ceann íospartaigh an idirdhealaithe nó chun tacú leo, aithníonn CESE, má táthar chun na hoibleagáidí maidir le dualgas cruthúnais faoi na treoracha atá ann cheana maidir le cóir chomhionann a chomhlíonadh, nach mór na páirtithe sin a bheith in ann fianaise a rochtain, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, comhlachtaí comhionannais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ní foláir feidhmiú cumhachtaí imscrúdaitheacha sa chomhthéacs sin a bheith gan dochar do chumhachtaí agus neamhspleáchas imscrúduithe cúirteanna, binsí agus comhlachtaí faireacháin phoiblí eile amhail cigireachtaí saothair.

4.2.7

Tá CESE den tuairim gur cheart béim níos mó a bheith sa dá thogra sin ar chur chuige duinelárnach i leith íospartaigh an fhoréigin nó an idirdhealaithe. I ndáil leis an méid sin, ba cheart cosaint leordhóthanach a chur ar fáil do ghearánaigh chun nach bhfanfaidh siad ina dtost de leisce iarmhairtí. Ba chóir cúiteamh comhréireach leordhóthanach a ráthú d’íospartach an chiona, agus a áirithiú go ngearrfar pionóis ar chiontóirí. Ní mór na smachtbhannaí, a bhféadfadh cúiteamh don íospartach a bheith mar chuid díobh, a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2000/78/CE (17).

4.3    Ardú feasachta

4.3.1

Is díol sásaimh do CESE an bhéim ar fheasacht a mhúscailt agus cuireann sé i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit agus do chomhlachtaí comhionannais dlús a chur leis na hiarrachtaí maidir le múscailt feasachta, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta eagraithe chun idirdhealú a chosc agus comhionannas a chruthú. Molann CESE go ndéanfadh comhlachtaí comhionannais náisiúnta feachtais faisnéise maidir le cearta AE agus urraim d’éagsúlachtaí arna bhforbairt agus arna gcistiú ag an gCoimisiún Eorpach chur i gcrích i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus na feachtais sin a bheith curtha in oiriúint do riachtanais áitiúla. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na grúpaí is leochailí agus ní mór feachtais speisialta a phleanáil agus iad a dhíriú ar leanaí agus ar dhaoine óga ar scoil, ag tosú ó aois óg.

4.3.2

Tá CESE ag tathant go gcuirfear na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta san áireamh nuair a bheidh na feachtais faisnéise sin á n-ullmhú, á gcur i gcrích agus á scaipeadh. Cuirfidh léargais na n-eagraíochtaí ábhartha le raon agus le héifeachtacht na bhfeachtas, agus d’fhéadfaidís deis a thabhairt do na grúpaí is leochailí a mbarúil a chur in iúl.

4.4    Bailiú sonraí

4.4.1

Tá ról tábhachtach ag comhlachtaí comhionannais maidir le sonraí a bhailiú, agus tá níos mó i gceist leis sin ná sonraí a bhailiú faoina gcuid oibre féin. Aithnítear é sin sna treoracha agus, i measc nithe eile, tugtar cumhachtaí do chomhlachtaí comhionannais rochtain a fháil ar na staitisticí arna mbailiú ag eintitis phoiblí agus phríobháideacha, lena n-áirítear údaráis phoiblí, ceardchumainn, cuideachtaí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Níor cheart aon sonraí pearsanta a bheith san fhaisnéis staidrimh sin agus ní mór, a mhéid is féidir, an t-ualach breise riaracháin nó airgeadais atá ar na heintitis tagartha a theorannú trí bhíthin bhailiú na sonraí sin. Ceanglófar ar chomhlachtaí comhionannais freisin tuarascálacha a ullmhú – tuarascálacha bliantúla ar bhearta agus tuarascálacha rialta ar staid na córa comhionainne agus an idirdhealaithe ina dtír féin. Cé gur cumhachtaí tábhachtacha agus forleathana iad sin ar féidir dea-úsáid a bhaint astu, bíonn siad dian ar acmhainní freisin. Dá bhrí sin, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé acmhainní breise leordhóthanacha a chur ar fáil do chomhlachtaí comhionannais chun na cumhachtaí sin a chur i bhfeidhm.

4.4.2

Chun a áirithiú go mbeidh fócas rialta ar na neamhionannais agus an t-idirdhealú atá ann cheana, tá CESE á iarraidh go ndéanfar sonraí imdhealaithe a bhailiú agus a anailísiú go rialta chun faireachán a dhéanamh ar idirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois agus ar ghnéaschlaonadh.

4.4.3

Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá taighde rialta ar an neamhionannas agus ar an idirdhealú, agus an gá atá le dea-chomhar idir an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit, comhlachtaí um chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus comhpháirtithe sóisialta i gcúrsaí a bhaineann leis an ionad oibre maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gclár oibre beartais agus é a fhorbairt.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Council Directive 2000/78/EC of 27 November 2000 establishing a general framework for equal treatment in employment and occupation (Article 17 Sanctions), (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16) (níl leagan Gaeilge ann).

(2)  Equinet.

(3)  Council Directive 2000/43/EC of 29 June 2000 implementing the principle of equal treatment between persons irrespective of racial or ethnic origin, (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22) (níl leagan Gaeilge ann).

(4)  Council Directive 2004/113/EC of 13 December 2004 implementing the principle of equal treatment between men and women in the access to and supply of goods and services [Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí], (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37) (níl leagan Gaeilge ann).

(5)  IO L 204, 26.7.2006, lch. 23.

(6)  IO L 180, 15.7.2010, lch. 1.

(7)  Commission Recommendation (EU) 2018/951 of 22 June 2018 on standards for equality bodies [Moladh (AE) 2018/951 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2018 maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais] (IO L 167, 4.7.2018, lch. 28) (níl leagan Gaeilge ann).

(8)  Commission Recommendation (EU) 2018/951 of 22 June 2018 on standards for equality bodies [Moladh (AE) 2018/951 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2018 maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais] (IO L 167, 4.7.2018, lch. 28) (níl leagan Gaeilge ann).

(9)  COM(2022) 688 final agus COM(2022) 689 final.

(10)  Féach go háirithe na tuairimí: Staid na mban faoi mhíchumas (SOC/579): (IO C 367, 10.10.2018, lch. 20 (níl leagan Gaeilge ann); Staid na mban Romach (SOC/585): (IO C 110, 22.3.2019, lch. 20)(níl leagan Gaeilge ann); Clár Oibre an Aontais Eorpaigh um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 20202030 a Mhúnlú (SOC/616): (IO C 97, 24.3.2020, lch. 41); Bainistiú na héagsúlachta i mBallstáit an Aontais (SOC/642): (IO C 10, 11.1.2021, lch. 7) (níl leagan Gaeilge ann); An Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020–2025 (SOC/667): (IO C 286, 16.7.2021, lch. 128); Plean Gníomhaíochta maidir leis an Lánpháirtiú agus leis an gCuimsiú do 2021–2027 (SOC/668): (IO C 286, 16.7.2021, lch. 134); Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas (SOC/680): (IO C 374, 16.9.2021, lch. 50), agus; The new EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation post-2020 [Creat straitéiseach nua AE maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht don phobal Romach tar éis 2020].

(11)  Féach tuairim ó CESE An comhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach, (IO C 75, 28.2.2023, lch. 56).

(12)  Féach tuairim ó CESE An comhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach, (IO C 75, 28.2.2023, lch. 56).

(13)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 50 (níl leagan Gaeilge ann).

(14)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 20 (níl leagan Gaeilge ann).

(15)  Maidir le hábhair a bhaineann le seasamh dlí na bpáirtithe uile a bhfuil leas dlisteanach acu in imeachtaí neamh-idirdhealaithe a dhéanamh faoi threoracha an Aontais maidir le comhionannas, amhail ceardchumainn, comhlachais fostóirí, comhlachtaí comhionannais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, rialáiltear na hábhair sin le treoracha an Aontais atá ann cheana maidir le comhionannas agus, go sonrach, le hAirteagal 9(2) den Treoir maidir le creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (Treoir 2000/78/CE) agus le hAirteagal 17(2) den Treoir athmhúnlaithe maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (Treoir 2006/54/CE).

(16)  Aithris 34 den Togra le haghaidh Treorach, COM(2022) 688 final, agus Aithris 35 den Togra le haghaidh Treorach, COM(2022) 689 final, ina luaitear go bhfuil na forálacha atá beartaithe maidir le seasamh dlíthiúil gan dochar do ról, cumhachtaí agus cúraimí na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta maidir le páirt a ghlacadh in imeachtaí lena bhforfheidhmítear oibleagáidí faoin dlí maidir le neamh-idirdhealú.

(17)  IO L 303, 2.12.2000, lch. 16 (níl leagan Gaeilge ann).


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/78


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra

(COM(2022) 581 final)

(2023/C 184/14)

Rapóirtéir:

Ozlem YILDIRIM

Comhrapóirtéir:

Cillian LOHAN

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 25.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

9.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

152/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

I bPlean Gníomhaíochta athbhreithnithe an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra, tá cuid mhaith gnéithe maithe a d’fhágfadh go n-éireodh leis. Is maith a dearadh na ceithre thosaíocht agus na cuspóirí a bhaineann leo agus cuireadh feabhas ar a raibh sa leagan a tháinig roimhe seo. Mar sin féin, is údar imní do CESE cé na hacmhainní a leithdháilfear chun an plean a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus an leordhóthanach iad, óir is féidir go bhfágfadh easpa acmhainní leordhóthanacha go dteipfeadh ar an bplean, mar a tharla i gcás an phlean a bhí ann roimhe seo.

1.2.

Is geal le CESE go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún Eorpach acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a chur ar fáil chun srian a chur leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra, tríd an trádáil i bhfiadhúlra a chomhtháthú i gcistí an Aontais chun díriú ar na nithe seo a leanas: (i) slándáil agus coireacht eagraithe; (ii) an comhshaol; agus (iii) comhar idirnáisiúnta/comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart, go háirithe, é a bheith ina thosaíocht faoi na cistí agus cláir seo a leanas: an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT); an Ciste Slándála Inmheánaí; Clár LIFE; Clár Interreg; agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

1.3.

Beidh sé tábhachtach, mar sin féin, teacht ar chomhaontú maidir leis an gcéatadán de na cistí sin a thiomnófar go huile don gháinneáil ar fhiadhúlra a shrianadh chun cabhrú le cuntasacht as an bplean gníomhaíochta. Ba cheart do na Ballstáit gealltanas a thabhairt cistí leordhóthanacha a chur ar fáil chun foireann speisialaithe a fhorbairt ina dtíortha féin ar mhaithe leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac. Ba cheart na cistí leithdháilte a thuairisciú, agus go ndéanfaí faireachán agus meastóireacht orthu mar chuid de chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ar an leibhéal náisiúnta. I measc na n-acmhainní, ba cheart go mbeadh idir threalamh agus fhoireann. Lena chois sin, ba cheart dálaí oibre ardcháilíochta a bheith ag an bhfoireann, maille le cearta cómhargála iomlána agus struchtúr gairme inar féidir dul chun cinn a dhéanamh. Tá sé sin riachtanach i dtaca leis na daoine is fearr a mhealladh agus ábhar mór spreagtha a thabhairt dóibh i gcónaí. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte, an fholláine, agus an tsábháilteacht phearsanta.

1.4.

Ba cheart an cur i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra a phríomhshruthú ar fud réimsí beartais ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Ba cheart íosleibhéal oiliúna aonchineálaí a bheith ann do na gníomhaithe uile a bhfuil baint acu leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra a chosc, mar aon le fothú acmhainneachta oiriúnaithe de réir na scileanna a theastaíonn sna réimsí éagsúla a ndéantar an gháinneáil ar fhiadhúlra a phríomhshruthú iontu. Ba cheart oiliúint a chur ar aonaid speisialaithe nó ar fhoireann speisialaithe i measc ionchúisitheoirí, breitheamh, oifigigh chustaim, údaráis náisiúnta a bhaineann leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), agus údaráis phóilíneachta. Ba cheart go mbeidís siúd in ann coireanna fiadhúlra a bhrath agus na daoine a bhfuil lámh acu iontu a ghabháil, a ionchúiseamh, agus breithiúnas a thabhairt orthu.

1.5.

Ba cheart struchtúir aonchineálacha a chur ar bun sna Ballstáit uile, mar atá, dar le CESE, coistí idirghníomhaireachta agus aonaid speisialaithe nó foireann ar ar cuireadh oiliúint leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac. Ar na coistí idirghníomhaireachta sin, bheadh ionadaithe ó aonaid speisialaithe a dhéanann an gháinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac. Bheadh na coistí idirghníomhaireachta thar a bheith úsáideach sa chomhairliúchán agus chun imscrúduithe a eagrú laistigh de na Ballstáit i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí eile a dhíríonn ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, amhail coireanna airgeadais agus an chibearchoireacht. Bíonn nasc idir coireanna dá leithéid agus an gháinneáil ar fhiadhúlra, de ghnáth, ós rud é gur féidir le coirpigh a gcuid modhanna a bhaineann le cineálacha eile coireachta (amhail an gháinneáil ar dhrugaí agus an sciúradh airgid) a úsáid chun críoch na gáinneála ar tháirgí fiadhúlra freisin. Ba cheart bealaí tiomnaithe cumarsáide agus comhair a bhunú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta.

1.6.

Má chuirtear oibleagáidí díchill chuí ar chuideachtaí a bhíonn ag trádáil san Aontas, trí bhíthin treoir uaillmhianach maidir leis an inbhuanaitheacht chorparáideach, d’fhéadfadh sé sin cuideachtaí a spreagadh chun fiadhúlra a bhaintear ar bhonn inbhuanaithe a thrádáil ó thús, na cuideachtaí céanna a chur ó ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, agus cuidiú leis na húdaráis forfheidhmithe teacht ar choirpigh.

1.7.

Creideann CESE gur den tábhacht dul i dteagmháil le hearnálacha gnó a mbíonn baint acu leis an trádáil fiadhúlra chun laghdú a dhéanamh ar an éileamh ar tháirgí fiadhúlra san Aontas agus ar allmhairiú neamhdhleathach na dtáirgí fiadhúlra. Foráiltear sa phlean do sheisiúin théamacha le Grúpa an Aontais Eorpaigh um Fhorfheidhmiú i ndáil le Trádáil san Fhiadhúlra le haghaidh ionadaithe gnólachtaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha (e.g. cógais thraidisiúnta, peataí coimhthíocha, tionscal na sócúlachta, turasóireacht fiaigh, adhmad, tionscal na hiascaireachta agus an tionscal trádála táirgí iascaigh, iompar, cuideachtaí cúiréireachta, agus trádáil ar líne). Mar sin féin, ba cheart feachtais faisnéise chomhordaithe don phobal i gcoitinne (cinn a dhíríonn ar an éileamh a laghdú) a bheith ina gcuid lárnach den straitéis. D’fhéadfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt a ghlacadh freisin sa laghdú ar éileamh ach feasacht a mhúscailt agus feachtais laghdaithe éilimh a reáchtáil a dhíreodh ar phobail a úsáideann táirgí fiadhúlra neamhdhleathacha san Aontas.

1.8.

Maidir le haird a tharraingt ar an gcosc ar an trádáil i speicis atá i mbaol agus ar an ionchúiseamh a dhéantar dá thoradh, iarrann CESE ar an gCoimisiún comhlachtaí forfheidhmithe dlí náisiúnta agus fornáisiúnta a dhéanamh rannpháirteach ann trí mheán na cumarsáide a dhéanann siad faoin gcoireacht eagraithe, trí bhíthin a gcuid uirlisí buana cumarsáide agus feachtais spriocdhírithe shealadacha araon.

1.9.

Mar phointe scoir, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún Eorpach sásra soiléir uaillmhianach faireacháin agus meastóireachta ar bun lenar féidir obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, agus lenar féidir dul chun cinn an phlean agus mar a bhfuil ag éirí leis a thomhas, agus gníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac á chur san áireamh (i gcomhréir le Tosaíocht 4).

2.   Cúlra

2.1.

Tá an gháinneáil ar fhiadhúlra ar cheann de na gníomhaíochtaí coiriúla eagraithe is brabúsaí ar domhan, agus measann an Coimisiún Eorpach gur fiú suas le EUR 20 billiún in aghaidh na bliana (1) í ar bhonn domhanda. Tháinig méadú as cuimse, ar fud an domhain, ar an trádáil neamhdhleathach fiadhúlra le blianta beaga anuas toisc go mbraitear gur gníomhaíocht íseal-riosca í a thugann ardleibhéal ioncaim.

2.2.

In ainneoin an chreata dlí chuimsithigh atá ag an Aontas Eorpach le haghaidh cosaint fiadhúlra, is margadh deiridh agus ardán idirthurais tábhachtach an tAontas ó thaobh na trádála neamhdhleathaí fiadhúlra de. Sna tuarascálacha bliantúla ar urghabhálacha móra, arna n-iarraidh ag an gCoimisiún Eorpach gach bliain ó 2011 i leith, tugtar cur síos ar a thábhachtaí atá an tAontas mar mhargadh le haghaidh táirgí fiadhúlra neamhdhleathacha.

2.3.

Aithníonn an Coimisiún Eorpach gur margadh mór é an tAontas do tháirgí fiadhúlra agus tá iarrachtaí eisceachtúla déanta aige chun feasacht a mhúscailt i measc gnólachtaí, tomhaltóirí agus an phobail i gcoitinne maidir le gnéithe na gáinneála ar fhiadhúlra san Eoraip agus an scála a bhaineann léi. Mar thoradh air sin, i mí Feabhra 2016, ghlac an Coimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra (2), ina leagtar amach treoirphlean cuimsitheach chun an gháinneáil ar fhiadhúlra laistigh den Aontas a chomhrac, agus ról an Aontais sa chomhrac domhanda in aghaidh na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha sin a neartú. Cé gur éirigh leis próifíl na gáinneála ar fhiadhúlra a ardú agus saincheist tosaíochta a dhéanamh di, is beag a rinne an plean gníomhaíochta chun an t-éileamh a laghdú. D’eisigh TRAFFIC (3) tuarascáil (4) inar tiomsaíodh sonraí na n-urghabhálacha uile a bhí i gceist faoi CITES do 2018, inar léiríodh nár athraigh an t-éileamh ar speicis fhiadhúlra san Aontas ón uair a bailíodh na chéad sonraí in 2011.

2.4.

Sa tuarascáil is déanaí ó TRAFFIC, tuarascáil ar urghabhálacha in 2020 (5), léirítear tionchar phaindéim COVID-19 ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra. Is lú trádáil a tharla mar thoradh ar an suaitheadh de bharr COVID-19 ar an aeriompar, ar oibríochtaí tráchtála, agus ar chomhéadain eile chun earraí a iompar nó a dhíol, agus is dócha gur gné é sin a chuir leis an laghdú ar urghabhálacha tuairiscithe. Tugadh laghdú suntasach ar idircheapthaí san Aontas faoi deara in 2020, cé nach gá gur léiriú é sin ar athruithe ar an éileamh nó ar athruithe ar dhinimic na trádála neamhdhleathaí fiadhúlra.

2.5.

Chomh maith le bheith ina mhargadh allmhairíochta, is réigiún foinseach é an tAontas Eorpach freisin i gcás roinnt speiceas atá i mbaol, amhail an eascann Eorpach (Anguilla anguilla). Idir 2016 agus 2017, gabhadh 48 nduine agus urghabhadh 4 000 kg eascann óg beo, arbh fhiú thart ar EUR 4 mhilliún iad. Ina theannta sin, ní le haghaidh mhargaí na hEorpa an fiadhúlra aindleathach uile a thagann isteach san Eoraip, agus is minic a fheidhmíonn an tAontas mar áit stad. Is minic pangailiní, capaill mhara, eabhar agus eití siorcanna ón Afraic, a bhí beartaithe don Áise, á n-urghabháil ag comhlachtaí forghníomhaithe.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Ní mór don Aontas a bheith san airdeall i gcónaí agus i bhfad níos mó a dhéanamh chun srian agus deireadh a chur leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra. Ní hamháin gur baol do shláinte an duine an trádáil bhrabúsach sin mar gheall ar bhaol tras-seolta na ngalar zónóiseach, baineann sí an bonn go díreach ó bheartais an Aontais chun tacaíocht a thabhairt don fhorbairt inbhuanaithe ar fud an domhain, do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe go háirithe a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta domhanda agus na n-éiceachóras domhanda (6), agus baineann sí ó iarrachtaí an dea-rialachas a neartú agus aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas.

3.2.

Is í an gháinneáil ar fhiadhúlra an chúis a bhfuil an-chuid speiceas (speicis iomráiteacha san áireamh) i mbaol a dhíothaithe sa lá atá inniu ann. Ní hamháin sin ach cuireann sí bac freisin ar an bhforbairt eacnamaíoch inbhuanaithe (7). I mbeagán focal, ní mór Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra a chur chun feidhme go maith chun go gcomhlíonfar comhaontuithe idirnáisiúnta comhshaoil an Aontais, go háirithe CITES agus an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (CBD). Mar sin féin, molann CESE don Choimisiún Eorpach dul níos faide ná na comhaontuithe idirnáisiúnta sin chun go gcuirfear feabhas ar chosaint an fhiadhúlra san Aontas agus srian leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra. Ní san Aontas Eorpach amháin a d’fheicfí na buntáistí a bhaineann leis sin ach ar fud an domhain. Tá an gháinneáil ar fhiadhúlra ar cheann de na nithe is mó is cúis le cailliúint na bithéagsúlachta, rud a fhágann an-chuid speiceas i mbaol a dhíothaithe agus a chuireann leis an athrú aeráide trí lománaíocht neamhdhleathach na gcrann a chothú, rudaí atá ríthábhachtach ó thaobh stóráil carbóin de.

3.3.

Rud chomh tábhachtach céanna, ní mór dúinn deireadh a chur leis an gcoireacht eagraithe thrasnáisiúnta agus na hiarmhairtí marfacha a bhaineann léi. De réir tuarascáil ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus Interpol, tá méadú 26 % tagtha ar an gcoireacht chomhshaoil (8). Is bagairt don tsíocháin, don tslándáil agus don smacht reachta í an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear an gháinneáil ar fhiadhúlra, agus is minic a bhíonn sí comhtháite le coireanna tromchúiseacha eile amhail éilliú, cibearchoireacht agus coireanna airgeadais. I gcuid de réigiúin na hAfraice, cuir i gcás, is bagairt ar an tslándáil náisiúnta an gháinneáil ar fhiadhúlra. Bíonn dúnmharú agus feallmharú i gceist freisin, óir bíonn bagairt ann do bheatha daoine a bhfuil de chúram orthu speicis atá i mbaol a chosaint, agus íocann siad go daor as a dtiomantas. De réir The Thin Green Line Foundation, tuairiscíodh bás 595 mhaoirseoir fiadhúlra ar mharaigh póitseálaithe iad idir 2009 agus 2016. Maraíodh na céadta maoirseoirí eile freisin i dtíortha i mbéal forbartha, ach ní dhearnadh tuairisciú orthu: “In 2017, tuairiscíodh gur maraíodh os cionn 100 maoirseoir fiadhúlra, agus an chuma ar an scéal gurb amhlaidh a bheidh in 2018 freisin, is é sin, beagnach dhá bhás in aghaidh na seachtaine” (9).

3.4.

Is díol sásaimh do CESE go ndearnadh Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra a athbhreithniú, agus gur cinneadh an gháinneáil ar fhiadhúlra a chur i gcroílár ghníomhaíocht an Choimisiúin Eorpaigh. Tá CESE ag teacht leis an measúnú a rinne an Coimisiún Eorpach ar an bPlean Gníomhaíochta in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra a bhí ag an Aontas roimhe seo, a léiríonn go bhfuil easpa foirne speisialaithe, easpa acmhainní agus easpa oiliúna i roinnt mhaith de na Ballstáit agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas ina ceist mhór i gcónaí. Is den riachtanas freisin feabhas a chur ar an gcomhar sna comhthéacsanna seo a leanas: (i) laistigh de Bhallstáit an Aontais; (ii) i measc Bhallstáit an Aontais; (iii) idir an tAontas agus tíortha nach bhfuil san Aontas; agus (iv) le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta. Lena chois sin, ba cheart a thuilleadh a dhéanamh leis an inrianaitheacht dhigiteach agus an comhar digiteach i measc na ngníomhaireachtaí a áirithiú.

3.5.

Is díol sásaimh do CESE go ndearna an Coimisiún Eorpach an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil a nascadh le Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra. Mar sin féin, is cúis imní do CESE nach leor an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil chun smachtbhannaí éifeachtacha agus athchomhairleacha a sholáthar i leith na gáinneála ar fhiadhúlra. An 9 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle a seasamh maidir leis an gcomhad agus rinne sí laghdú suntasach ar na pionóis i gcás daoine nádúrtha, agus laghdaigh sí freisin na huaillmhianta um chomhchuibhiú maidir le smachtbhannaí i gcás daoine dlítheanacha. Tá na leibhéil atá á moladh ag an gComhairle ró-íseal chun go mbeidís athchomhairleach agus éifeachtach. Maidir le huasteorainneacha fíneálacha, ba cheart nach mbeidís níos lú ná 15 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh — cuid mhaith níos airde ná an 5 % nó 3 % a ghlac an Chomhairle. Creideann CESE go bhfuil Treoir uaillmhianach maidir le Coireacht Chomhshaoil ríthábhachtach chun go n-éireoidh le Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Ba cheart tagairt shainráite do sceithirí eolais agus cosantóirí eile ceart daonna a dhéanamh sa phlean gníomhaíochta mar gheallsealbhóirí ábhartha maidir lena fhorbairt agus a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ós rud é go mbíonn ról lárnach acu maidir le sáruithe ar dhlí an chomhshaoil a nochtadh agus a chosc. Ba cheart na daoine sin a chosaint ar imeaglú nó ar dhlíthíocht agus gáinneáil ar fhiadhúlra á tuairisciú acu nó agus iad ag cabhrú le himscrúduithe, mar atá luaite faoi láthair sa Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil.

4.2.

Creideann CESE gur den tábhacht dul i dteagmháil le hearnálacha gnó a mbíonn baint acu leis an trádáil fiadhúlra chun laghdú a dhéanamh ar an éileamh ar tháirgí fiadhúlra san Aontas, chun stop a chur leis an trádáil neamhdhleathach fiadhúlra, agus chun a áirithiú nach bhfuil sa trádáil fiadhúlra ach an trádáil dhleathach inbhuanaithe. Foráiltear sa phlean do sheisiúin théamacha le Grúpa an Aontais Eorpaigh um Fhorfheidhmiú i ndáil le Trádáil san Fhiadhúlra le haghaidh ionadaithe gnólachtaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha (e.g. cógais thraidisiúnta, peataí coimhthíocha, tionscal na sócúlachta, turasóireacht fiaigh, adhmad, tionscal na hiascaireachta agus an tionscal trádála táirgí iascaigh, iompar, cuideachtaí cúiréireachta, agus trádáil ar líne). Mar sin féin, i dtaca leis an ról is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a imirt le cur leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra, ba cheart aitheantas níos fearr a thabhairt air agus léiriú níos fearr a dhéanamh air sa phlean gníomhaíochta agus ina chur chun feidhme (e.g. feasacht a mhúscailt agus feachtais laghdaithe éilimh a reáchtáil). Ní dhéantar scaipeadh forleathan ar an bhfaisnéis a bhíonn á cur ar fáil ag an Aontas dá shaoránaigh maidir leis na rialacha, na rioscaí agus na hiarmhairtí a bhaineann le táirgí fiadhúlra a thrádáil agus a úsáid, ach déantar faisnéis maidir le cleachtais agus úsáid na gcógas traidisiúnta (ina n-úsáidtear codanna agus díorthaigh fauna agus flora fiáine le haghaidh leigheas) a scaipeadh go forleathan ar fud an Aontais. Bíonn rioscaí ag baint leis an gcleachtas sin d’úsáideoirí (ós rud é nár cruthaíodh go heolaíoch go bhfuil tairbhe le baint as roinnt de na leigheasanna) agus iarmhairtí marfacha ann do na speicis fhiáine a cheaptar agus a thrádáiltear (rud a chuireann dlús lena ndíothú). Dá gcuirfí cosc níos láidre i bhfeidhm maidir leis an réimse áirithe sin, d’fhéadfadh an tAontas laghdú suas le 30 % a dhéanamh ar na táirgí fiadhúlra a ndéantar gáinneáil orthu gach bliain, ós rud é go bhfreagraíonn an figiúr sin don ráta táirgí fiadhúlra urghafa atá beartaithe chun críocha íocshláinte san Aontas (10). Sa tslí sin, d’fhéadfadh CESE agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a bheith rannpháirteach freisin i bhforbairt na bhfeachtas poiblí chun feasacht ar an bhfadhb a mhúscailt.

4.3.

Molann CESE aonchineálacht sna Ballstáit uile maidir le freagrachtaí soiléire a shannadh chun gníomhaíochtaí a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus comhordú a áirithiú idir na gníomhaithe ábhartha. Sa chás go dtugtar roghanna amhail na roghanna a léirítear sa phlean chun comhordú a áirithiú (tríd an méid seo a leanas mar shampla: (i) coistí idirghníomhaireachta nó meabhráin tuisceana a chruthú; (ii) pleananna gníomhaíochta náisiúnta a ghlacadh; nó (iii) pointe fócasach náisiúnta a chur ar bun), beidh éiginnteacht ann, ós rud é go roghnóidh na Ballstáit roghanna difriúla. Trí choistí idirghníomhaireachta a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta, agus pointe fócasach a bheith ag gach ceann díobh, cabhrófar chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme.

4.4.

Beidh sé ríthábhachtach oiliúint aonchineálach a chur ar na coistí idirghníomhaireachta sin i ngach ceann de na 27 mBallstát, agus ar an bhfoireann speisialaithe nó aonaid speisialaithe. Leis sin, d’éascófaí an comhar laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit, ós rud é go ndéanfadh na foirne freagairt, imscrúdú agus ionchúiseamh ar an mbealach céanna. Ós rud é go mbeadh pointe fócasach ag gach idirghníomhaireacht, d’fheabhsófaí an comhar agus an comhordú i measc na mBallstát freisin agus le tríú tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach. D’fheabhsófaí an comhar le pointe fócasach toisc go mbeadh sé níos éasca agus níos tapúla do choistí idirghníomhaireachta agus d’fhoireann speisialaithe sna Ballstáit dul i dteagmháil le chéile, go háirithe i gcás práinne mar gheall ar an ngáinneáil trasteorann. D’fhéadfadh na pointí fócasacha comhar níos solúbtha a chruthú i measc na mBallstát, seachas a bheith ag brath ar chomhlachtaí idirnáisiúnta amhail Europol i gcásanna níos áitiúla nuair is dhá thír a bhíonn i gceist. Mar sin féin, d’fhéadfadh na grúpaí sin a bheith i mbaol agus go mbeadh coirpigh eagraithe ag díriú orthu. Ba cheart faisnéis mhionsonraithe faoi na pointí fócasacha a theorannú do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus réimsí na n-údarás breithiúnach chun céannachtaí na mball foirne a chosaint.

4.5.

Maidir le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra, thuairiscigh Ballstáit den Aontas gur dheacair dóibh oibríochtaí a fhorfheidhmiú de dheasca easpa acmhainní agus foirne. Is léiriú eile é sin ar a thábhachtaí a bheidh sé a áirithiú go ngeallfaidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun plean gníomhaíochta nua an Aontais a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Chomh maith leis sin, bíonn tábhacht le hacmhainní chun dálaí oibre cuibhiúla a chur ar fáil don fhoireann.

4.6.

Ba cheart a rá go soiléir sa téacs go ngabhann na Ballstáit orthu féin cistí leordhóthanacha a chur ar fáil chun foireann speisialaithe a fhorbairt ina dtír féin chun an gháinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac. Ba cheart na cistí leithdháilte a thuairisciú, agus go ndéanfaí faireachán agus meastóireacht orthu mar chuid de chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart a chur san áireamh leis na hacmhainní sin ní hamháin acmhainní foirne ach acmhainní trealaimh chomh maith. Lena chois sin, ba cheart dálaí oibre ardcháilíochta a bheith ag an bhfoireann, maille le cearta cómhargála iomlána agus struchtúr gairme inar féidir dul chun cinn a dhéanamh. Tá sé sin riachtanach i dtaca leis na daoine is fearr a mhealladh agus ábhar mór spreagtha a thabhairt dóibh i gcónaí. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte, an fholláine, agus an tsábháilteacht phearsanta. Ba cheart oiliúint aonchineálach a chur ar na gníomhaithe uile a mbeidh baint acu leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra a chosc, agus ba cheart struchtúir aonchineálacha a chur ar bun sna Ballstáit uile; molann CESE go mbeidís i bhfoirm coistí idirghníomhaireachta agus aonaid speisialaithe nó baill foirne speisialaithe a mbeidh an oiliúint orthu chun an gháinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac.

4.7.

Leagtar béim sa phlean gníomhaíochta ar an ról a bheidh ag gníomhaireachtaí agus tionscnaimh idirnáisiúnta éagsúla amhail EMPACT, arb ionstraim shuaitheanta é le haghaidh comhar oibríochtúil ildisciplíneach agus ilghníomhaireachta chun an choireacht eagraithe a chomhrac ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfadh EMPACT a bheith ina ionstraim ríthábhachtach i dtaca le Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra a chur chun feidhme. Cuir i gcás, d’fhéadfaí leas a bhaint as le cúrsaí oiliúna a eagrú ar bhonn aonchineálach do na coistí idirghníomhaireachta agus do na foirne speisialaithe sna Ballstáit.

4.8.

Ba cheart cosc ar ghníomhaíochtaí sealgaireachta neamhdhleathacha, go háirithe ar dhul sa tóir ar ainmhithe mar thrófaithe, a chumhdach faoi Phlean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra. I Sléibhte Cairp, cuir i gcás, déantar béir a sheilg go neamhdhleathach agus ní ghearrtar ar na póitseálaithe ach pionóis ísle nach bhfuil maith go leor mar bhac.

4.9.

Tá CESE ag teacht leis an moladh go gcomhordóidh EMPACT oibríochtaí comhpháirteacha rialta lena mbainfidh comhar trasteorann le Ballstáit an Aontais, leis an gCoimisiún Eorpach (OLAF), agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, amhail Eurojust, Frontex, Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach. Arís eile, chun comhar éifeachtach a áirithiú, beidh ríthábhacht le hacmhainní a leithdháileadh go cuí ar an leibhéal náisiúnta.

4.10.

I dtaca le beartais agus ionstraimí trádála a úsáid chun tacú leis an mbeart i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra, is díol sásaimh do CESE na moltaí ceanglais uaillmhianacha maidir le cur i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra a chur san áireamh i gcomhaontuithe saorthrádála amach anseo. Mar sin féin, ní leor an méid sin chun srian a chur leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra. Obair in aisce ar mó a dochar ná a maitheas a bheidh in iarrachtaí an Aontais cur le líon na ndeiseanna trádála agus infheistíochta idirnáisiúnta mura ndéanfaidh an tAontas na bearnaí a líonadh ar bhonn práinne ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí de. D’fhéadfadh pasanna táirgí digiteacha fónamh a dhéanamh chun na críche céanna freisin. D’fhéadfadh na pasanna sin cur leis an inrianaitheacht agus trédhearcacht maidir leis na rioscaí sna slabhraí soláthair domhanda, agus cabhrú le sásraí rialaithe agus iarrachtaí forfheidhmithe idirnáisiúnta comhpháirteacha, agus a áirithiú go mbeidh an leibhéal céanna faisnéise ag daoine agus ag tomhaltóirí faoi na táirgí a cheannaíonn siad, beag beann ar a dtionscnamh.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  https://ec.europa.eu/environment/cites/infographics_en.htm

(2)  https://ec.europa.eu/environment/cites/trafficking_en.htm

(3)  https://www.traffic.org/

(4)  https://www.traffic.org/site/assets/files/12745/eu-seizures-report-2020-final-web.pdf

(5)  https://www.traffic.org/site/assets/files/17391/2020_eu_seizures_report_final.pdf

(6)  https://sustainabledevelopment.un.org/topics/biodiversityandecosystems

(7)  Sliocht as an gconclúid in anailís a rinne an Coimisiún Eorpach: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52016SC0038

(8)  Tuarascáil ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus Interpol: Value of Environmental Crime up 26 %.

(9)  https://globalconservation.org/news/over-one-thousand-park-rangers-die-10-years-protecting-our-parks/

(10)  A sainordú caibidlíochta comhaontaithe ag an gComhairle i ndáil leis an treoir maidir leis an gcoireacht chomhshaoil — Consilium (europa.eu).


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/83


Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sòisialta na hEòrpa - Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin

(COM(2022) 672 final – 2022/0394 (COD))

(2023/C 184/15)

Rapóirtéir: Stoyan TCHOUKANOV

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 1.2.2023

An Chomhairle Eorpach, 6.2.2023

Bunús dlí

Airteagal 192(1), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

9.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

159/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin, óir aithníonn sé gur gá cur leis an aistriú carbóin agus cleachtais athghiniúnacha a chur chun cinn, gan aird a bhaint ón bpríomhsprioc na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú d’fhonn teorainn a chur leis an téamh domhanda. Mar sin féin, tugann CESE dá aire go bhfágann an togra an iomarca pointí ríthábhachtacha le forbairt trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

1.2

Aithníonn CESE gur ann do scéimeanna éagsúla leis an aistriú carbóin a fhíorú agus a chúiteamh ar fud an Aontais agus go bhféadfadh sé go gcuirfeadh creat deimhniúcháin comhchoiteann cruth níos soiléire fónta ar chúrsaí ach rialacha Eorpacha uileghabhálacha a bhunú chun tomhas, fíorú, agus deimhniú thairbhí aeráide na n-aistrithe carbóin a rialú. Fágann taobh deonach an chreata go ngabhann tionchar dreasachta leis, lenar féidir sruthanna nua ioncaim a sholáthar dóibh siúd ar spéis leo gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a dhéanamh. Teastaíonn a thuilleadh soiléireachta ó CESE i dtaca leis an amlíne atá beartaithe ó thaobh cur chun feidhme iomlán de, ós rud é gur gá comhlachtaí agus aonaid deimhniúcháin a chruthú.

1.3

Feictear do CESE gur ábhar imní an mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an aistriú carbóin dá mba chuid de bheartas aeráide an Aontais é, idir an baol gur lú na laghduithe astaíochtaí a dhéanfaí nó go gcuirfí siar iad de dheasca gealltanas aistriú carbóin a dhéanamh amach anseo, agus an baol go ndéanfaí maíomh bréagach nó go gcuirfí snas glas ar chúrsaí trí chreidmheasanna carbóin a cheannach. D’fhonn an snas glas a chosc, iarrann CESE go ndéanfar an fad atá beartaithe an carbón a stóráil agus baol an aisiompaithe a léiriú trí dheimhnithe aistrithe carbóin difriúla a úsáid (lena gcumhdófaí “stóráil bhuan”, “feirmeoireacht carbóin”, agus “stóráil carbóin i dtáirgí fadtéarmacha”).

1.4

Is díol sásaimh do CESE aidhm an Choimisiúin soiléiriú a thabhairt ar luach na ngníomhaíochtaí deimhnithe aistrithe carbóin, agus trédhearcacht ina thaobh a chur ar fáil, don phobal, do na soláthraithe aistrithe carbóin, agus do na ceannaitheoirí. Mar sin féin, teastaíonn a thuilleadh coimircí uaidh i dtaca le luach na ndeimhnithe agus leis an leas a bhaintear astu. Iarrann sé ar an gCoimisiún treoir shoiléir a chur ar fáil lena saineofar cén sórt maímh is iomchuí a dhéanamh i gcásanna difriúla aistrithe deimhnithe carbóin agus iarrann sé go ndéanfar idirdhealú i gcónaí idir na deimhnithe a bhaineann le stóráil bhuan, le feirmeoireacht carbóin, agus le stóráil carbóin i dtáirgí.

1.5

I dtaca leis na modheolaíochtaí a fhorbrófar faoin gcreat amach anseo, iarrann CESE go dtabharfar cur síos soiléir ar chúrsaí freagrachta agus go gcuirfear an trédhearcacht chun cinn i gcónaí. Ní mór faireachán agus maolú leanúnach a dhéanamh ar bhaol an aisiompaithe. Caithfear an dliteanas agus an t-aistriú dliteanais i gcás carbón aistrithe agus carbón stóráilte a shainiú go soiléir ar fud réimse iomlán na ngníomhaíochtaí aistrithe carbóin.

1.6

Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áirithiú gur ar fhianaise eolaíochta a bhunófar na modheolaíochtaí agus gurb é saineolas an lucht eolaíochta a bheidh ina threoir. Cuireann CESE in iúl go bhfuil ualach róthrom ag baint le córas róchasta an deimhniúcháin le glacadh forleathan na gcleachtas a chur chun cinn. Tá cuma an-fhadálach an-teicniúil ar na nósanna imeachta lena mbaineann agus d’fhéadfaidís lagmhisneach a chur ar na hoibreoirí, ós rud é gur minice ná a mhalairt gur gnólachtaí beaga atá i gceist nach mbíonn ach corrlaigh chúnga bhrabúis acu sa chás is fearr.

1.7

Tugann CESE dá aire gur gá réimse leathan gnéithe den aistriú carbóin a thomhas le faireachán, tuairisciú, agus fíorú a dhéanamh, rud a mbíonn cianbhraiteacht agus sonraí satailíte ag teastáil lena aghaidh. I dtaca leis na tomhais is gá, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil sé riachtanach go gcoinneofar a ísle is féidir na costais a bhaineann le faireachán, tuairisciú, agus fíorú a dhéanamh ar an aistriú carbóin, lena chinntiú go bhfuil rochtain fhorleathan ar an gcreat deimhniúcháin.

1.8

Cuireann CESE i bhfáth nach mór a mheas go cúramach cé na bagairtí agus na fothorthaí a ghabhann leis an togra a bhféadfadh sé go mbeadh ar na príomhghníomhaithe (feirmeoirí agus tionscail na foraoiseachta, na tógála, agus an adhmaid) dul i ngleic leo, saincheisteanna comhshaoil agus socheacnamaíocha san áireamh, agus aghaidh a thabhairt orthu sin sula gcomhtháthófar an creat deimhniúcháin i mbeartais eile, cuir i gcás sa chomhbheartas talmhaíochta (CBT).

1.9

Dar le CESE, níor cheart leas a bhaint as CBT atá ann faoi láthair leis an bhfeirmeoireacht carbóin ná an t-aistriú carbóin a mhaoiniú (1). Cé go bhféadfadh sé go mbeadh ról beag ag CBT ó thaobh aistrithe carbóin de, ceapadh an ionstraim sin ar mhaithe le táirgeadh an bhia, na beatha ainmhithe, agus na bithmhaise, rud arb é príomhchuspóir earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta é. Sa chomhthéacs sonrach sin, fotháirge is ea na haistrithe carbóin, rud a fhágann gur cheart foinsí breise maoiniúcháin a chur ar fáil.

1.10

Tá an-chuid débhríochta ann ó thaobh an Choimisiúin de i dtaca leis an maoiniú agus síleann CESE go mbeidh sí sin ina údar mór díspreagtha dóibh siúd a mbeadh spéis acu ann. Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le cinnteacht de shaghas éigin i dtaca leis an maoiniú. I bhfianaise na ndeiseanna a bheidh ann carbón a aistriú amach anseo, molann CESE treochlár a fhorbairt le hionstraim choiteann airgeadais a chur ar bun le haghaidh na mbeart seo.

2.   Barúlacha ginearálta

Caithfear cur leis an aistriú carbóin má táthar chun na spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach

2.1

I gcomhréir le Comhaontú Pháras, ghabh an tAontas Eorpach air féin astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050, agus astaíochtaí glandiúltacha as sin amach. De réir na tuarascála is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), ní leor díriú ar astaíochtaí a laghdú agus air sin amháin má táthar leis an sprioc a bhaint amach. Dar leis an bPainéal nach bhfuil de rogha air ach leas a bhaint as aistrithe dé-ocsaíde carbóin leis na hastaíochtaí iarmharacha ar deacair iad a laghdú a chúiteamh má táthar leis an neodracht carbóin nó astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach (2).

2.2

Cé nach rogha ar an laghdú suntasach is gá a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an t-aistriú carbóin, ní mór leas a bhaint as in éineacht leis na hiarrachtaí astaíochtaí a laghdú má táthar leis an aeráidneodracht agus astaíochtaí glandiúltacha a fhíorú. Dá bharr sin, ní mór cur go suntasach leis an aistriú carbóin ar fud an domhain le srian a choinneáil ar an tiúchan gás ceaptha teasa san atmaisféar agus teorainn a chur leis an téamh domhanda. D’fhonn a spriocanna aeráide a bhaint amach, measann an tAontas nach mór a chuid astaíochtaí a laghdú faoi 85-95 % i gcomparáid le leibhéil 1990, agus gur gá dul i muinín an aistrithe carbóin leis an mbearna a dhúnadh. Dá bhrí sin, beidh gá leis na céadta milliún tona (Mt) CO2 a bhaint as an atmaisféar gach bliain.

2.3

Chuige sin, tá roinnt tionscnamh tugtha isteach ag an Aontas go dtí seo:

An Dlí Aeráide Eorpach, lena leagtar síos cuspóir an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;

An Rialachán maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (Land Use, Land-Use Change and Forestry, LULUCF), a ndéantar foráil sa togra is déanaí ina thaobh maidir leis an sprioc glan-aistriú carbóin 310 Mt coibhéis CO2 a dhéanamh in 2030, agus carbón á stóráil san ithir, i bhforaoisí agus i dtáirgí adhmaid; agus

An Teachtaireacht maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe, lena leagtar amach treochlár i dtaca leis an gcaoi a gcabhróidh an fheirmeoireacht carbóin leis an sprioc atá beartaithe in LULUCF a bhaint amach in 2030, mar aon le réitigh thionsclaíocha lenar féidir ar a laghad 5 Mt a bhaint in 2030. Fógraíodh pleananna sa teachtaireacht freisin, i dtaca le togra a fhorbairt le haghaidh creat rialála um aistrithe carbóin a dheimhniú.

Tionscadail aistrithe carbóin a rialú

2.4

Trí bhíthin a thogra lena mbunaítear creat deimhniúcháin deonach de chuid an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach cur leis an aistriú carbóin ardcháilíochta inbhuanaithe ach cistiú a dhreasú, an snas glas a chomhrac, agus muinín a thógáil, mar aon le dálaí an mhargaidh a chomhchuibhiú.

2.5

Tá trí phríomhchatagóir leagtha síos ag an gCoimisiún ó thaobh modhanna aistrithe carbóin de:

Stóráil bhuan, rud a chuimsíonn modhanna amhail gabháil agus stóráil carbóin bithfhuinnimh agus dírghabháil agus stóráil carbóin. Ba cheart go mbainfí 5 Mt CO2 ar a laghad trí bhíthin an mhodha seo faoi 2030, agus go mbeadh suas le 200 Mt CO2 bainte faoi 2050;

Feirmeoireacht carbóin, rud a chuimsíonn modhanna amhail an foraoisiú agus an t-athfhoraoisiú, bainistiú níos fearr ar fhoraoisí, an agrafhoraoiseacht, ceapadh carbóin san ithir, agus athchóiriú tailte portaigh. I dteannta na dtáirgí stórála carbóin, cabhraíonn an fheirmeoireacht carbóin leis an sprioc atá beartaithe in LULUCF a bhaint amach, mar atá 310 Mt coibhéis CO2 a bhaint, in aghaidh na bliana, faoi 2030, agus geilleagar atá neamhdhíobhálach don aeráid a fhíorú faoi 2050;

Táirgí stórála carbóin, rud a chuimsíonn modhanna amhail ábhair de bhunús adhmaid a úsáid sa tógáil, mar aon le gabháil agus úsáid carbóin ar bhonn níos fadmharthanaí, ar rudaí iad, i dteannta na feirmeoireachta carbóin, a chabhróidh leis na spriocanna thuasluaite atá beartaithe in LULUCF agus sprioc an gheilleagair neamhdhíobhálaigh a bhaint amach.

2.6

Lena áirithiú nach ndeimhneofar de réir an rialacháin ach aistrithe carbóin ardcháilíochta, tá na bunchritéir seo a leanas leagtha síos ag an gCoimisiún:

Caithfear gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a thomhas go cruinn agus ní mór tairbhí soiléire don aeráid a bheith ag baint leo (cainníochtú);

Ní mór do na gníomhaíochtaí aistrithe carbóin an barr a bhaint de chleachtais an mhargaidh agus dá bhfuil gá leis de réir dlí (breisíocht);

Ní mór míniú soiléir a thabhairt sa deimhniú ar fhad na stórála carbóin agus idirdhealú a dhéanamh idir an stóráil bhuan agus an stóráil shealadach (stóráil fhadtéarmach);

Ar deireadh, ba cheart do ghníomhaíochtaí aistrithe carbóin dul chun tairbhe do chuspóirí aeráide eile, cuir i gcás an bhithéagsúlacht, nó, ar a laghad, níor cheart dóibh dochar a dhéanamh don chomhshaol (inbhuanaitheacht).

2.7

Ionas gur soiléire na rialacha is infheidhme maidir le gach modh aistrithe carbóin, agus go gcuirfear na critéir cháilíochta i ngníomh, déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ghrúpa saineolaithe, modheolaíochtaí deimhniúcháin saincheaptha a fhorbairt agus a leagan síos i ngníomhartha tarmligthe. Ar an gcéad dul síos, forbróidh an tAontas modheolaíochtaí agus tabharfaidh sé aitheantas do scéimeanna deimhniúcháin. Ar an dara dul síos, féadfaidh oibreoirí dul isteach i scéimeanna deimhniúcháin atá aitheanta ag an Aontas agus fíoróidh tríú páirtithe gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh deimhniúcháin. Déanfar taifead ar aistrithe carbóin deimhnithe i gclárlanna idir-inoibritheacha.

2.8

Is ann do shineirgí éagsúla idir tionscnaimh atá ann cheana féin agus cinn atá ar na bacáin i ngort an aistrithe carbóin. De réir an rialacháin atá beartaithe, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

Tacaíocht phoiblí a fháil le haghaidh aistrithe carbóin trí bhíthin CBT, státchabhrach, nó an Chiste don Nuálaíocht;

Aistrithe carbóin a chur san áireamh sa tuairisciú corparáideach, rud ar gá sainiú níos mine a dhéanamh air sa Tionscnamh um Maíomhanna Glasa nó sa Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach;

Sineirgí le lipéid agus deimhniúcháin eile a chur chun tairbhe, cuir i gcás i réimse na feirmeoireachta orgánaí agus na bithmhaise inbhuanaithe;

Aistrithe carbóin a chur san áireamh i gconarthaí slabhra soláthair, rud a bhunódh slabhraí luacha tionsclaíochta mar aon le sineirgí leis na córais inbhuanaithe bhia;

Cur le sláine na margaí deonacha carbóin.

3.   Barúlacha sonracha

Deimhniúchán láidir ar mhaithe le dlús a chur le hacmhainn aistrithe carbóin na hEorpa

3.1

Má bhunaítear rialacha Eorpacha uileghabhálacha chun tomhas, fíorú, agus deimhniú thairbhí aeráide na n-aistrithe carbóin a rialú, beidh sé ina chabhair mhór i dtaca le hacmhainn láidir aistrithe carbóin a fhorbairt san Eoraip. Airítear leis sin réimse leathan modhanna nuálacha lenar féidir le feirmeoirí, foraoiseoirí, an lucht tionscail, agus dreamanna eile nach iad CO2 neamhiontaise a ghabháil agus a stóráil.

3.2

Céim riachtanach shuntasach i dtreo aistrithe carbóin a chomhtháthú i mbeartais aeráide an Aontais is ea an deimhniúchán. Airítear leis sin, cuir i gcás, dreasachtaí do lucht bainistithe talún ar mhaithe le carbón san ithir a stóráil (e.g. trí bhíthin CBT), soláthar ábhar tógála lena stóráiltear carbón neamhiontaise a chúiteamh (e.g. trí bhíthin cóid foirgneamh), nó tuairisciú ar spriocanna aeráide (e.g. trí bhíthin na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach).

3.3

Dá bhrí sin, tá CESE go hiomlán i bhfabhar phrionsabal an chreata deimhniúcháin le haghaidh aistrithe carbóin agus ina fhabhar freisin mar chéim amháin i dtreo an deimhniúcháin láidir.

Mar is gá an carbón a aistrítear a rianú leis na comhthairbhí don aeráid, don gheilleagar, agus don tsochaí a áirithiú

3.4

Cé go bhfuil sé riachtanach gur ar an mórchóir a dhéanfar an t-aistriú carbóin, tá sé chomh tábhachtach céanna stiúir a choinneáil ar chúrsaí. Feictear do CESE gur ábhar imní an mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an aistriú carbóin dá mba chuid de bheartas aeráide an Aontais é, idir an baol go ndéanfaí an maolú a dhíspreagadh, go ndéanfaí maíomh glas bréagach, agus go gcuirfí snas glas ar chúrsaí trí chreidmheasanna carbóin a cheannach.

3.5

Dá bhrí sin, creideann CESE go dteastaíonn creat deimhniúcháin éifeachtach láidir ón Aontas lena áirithiú nach ndeimhnítear ach an t-aistriú carbóin ardcháilíochta iontaofa. Cuirfidh sé sin ar chumas an Aontais an t-aistriú carbóin a aithint agus a chúiteamh gan cur isteach ar an dícharbónú.

3.6

Tá sé ríthábhachtach íosleibhéal cáilíochta a bhunú le haghaidh na n-aistrithe carbóin uile, má táthar le cur ina luí ar na príomhghníomhaithe go bhfuil tairbhe aeráide dháiríre ag baint leis an aistriú carbóin atá deimhnithe ag an Aontas. Lena chois sin, beidh ar an Aontas a chur in iúl go soiléir amach anseo gur féidir na haistrithe carbóin deimhnithe a chomhtháthú go sábháilte sna beartais eile de chuid an Aontais a bhaineann le saincheist na haeráide ina hiomláine.

3.7

Sa chomhthéacs sin, caithfear breisíocht a léiriú i dtaobh gníomhaíocht aistrithe carbóin, is é sin le rá gur aistríodh carbón nach n-aistreofaí murach í. Ceanglas docht is ea an méid sin sa chás go mbainfear leas as na deimhnithe chun cúiteamh a éileamh, ach d’fhéadfaí é a mhaolú, b’fhéidir, i gcás nach mbíonn éileamh i gceist (e.g. i gcás íocaíochtaí díreacha ón rialtas le feirmeoirí ar mhaithe leis an aistriú chuig cleachtais athghiniúnacha a dhreasú). Ar an ábhar sin, ba cheart comhthairbhí inbhuanaitheachta a chruthú de thoradh gníomhaíochtaí aistrithe carbóin, in áit tionchar “neodrach” a bheith acu, mar atá beartaithe ag an gCoimisiún i láthair na huaire.

3.8

Cuireann CESE i bhfáth freisin gur gá faireachán agus maolú leanúnach a dhéanamh ar bhaol an aisiompaithe (sceitheadh CO2 atá stóráilte). Caithfear an dliteanas agus an t-aistriú dliteanais i gcás carbón aistrithe agus carbón stóráilte a shainiú go soiléir sonrach i gcás aistrithe carbóin de gach aon sórt.

An t-idirdhealú a dhéanamh i gcónaí idir an carbón a stóráil go buan, an fheirmeoireacht carbóin, agus an carbón a stóráil i dtáirgí

3.9

Is féidir difríochtaí suntasacha a bheith ann idir na modhanna aistrithe carbóin go léir i dtaca leis an gcaoi a mbaintear CO2 as an atmaisféar, i dtaca leis an áit a stóráiltear an carbón, agus i dtaca le fad na stórála.

3.10

Ar an mórgóir, is é an carbón atá stóráilte i dtaiscumair thalún agus sa bhithmhais (modhanna aistrithe na dtimthriallta gearrthéarmacha) is leochailí agus is gairide tréimhse stórála ná an carbón atá stóráilte i dtaiscumair gheolaíocha (modhanna aistrithe na dtimthriallta fadtéarmacha).

3.11

Dá thoradh sin, ba cheart na modhanna éagsúla aistrithe agus stórála carbóin a chomhaireamh, a bhainistiú, agus a dheimhniú ar bhealaí difriúla, de réir chineál na stórála carbóin. Déanann an tAontas idirdhealú cheana féin idir colún LULUCF agus astaíochtaí na hearnála tionsclaíochta. Leis an Teachtaireacht maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe, tugtar isteach idirdhealú idir “carbón iontaise”, “carbón bithghineach”, agus “carbón an atmaisféir”, agus moltar lipéadú, rianú, agus cur san áireamh ar leith a dhéanamh ar na cineálacha carbóin sin faoi seach san Aontas faoi 2028 ar a dhéanaí.

3.12

De bhreis air sin, ba cheart a chur i bhfáth go bhfuil ról difriúil ag na trí ghrúpa modhanna aistrithe carbóin (stóráil bhuan, feirmeoireacht carbóin, agus stóráil carbóin i dtáirgí) i dtaca leis an dul chun cinn i dtreo na haeráidneodrachta, agus torthaí, costais, dúshláin úsáide, leibhéil aibíochta, tuairimí pobail difriúla ag baint leo faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart iad a dhreasú agus a rialú ar bhealaí difriúla, agus beartais agus tacaíocht airgeadais shaincheaptha a cheadú a fhreastalaíonn ar riachtanais gach modha aistrithe dé-ocsaíde carbóin faoi seach.

3.13

Ina fhianaise sin, tagann CESE le haidhm an Choimisiúin soiléiriú a thabhairt ar luach na ngníomhaíochtaí deimhnithe aistrithe carbóin, agus trédhearcacht ina thaobh a chur ar fáil, don phobal, do na soláthraithe aistrithe carbóin, agus do na ceannaitheoirí.

3.14

Mar sin féin, tathantaíonn CESE ar an gCoimisiún a thuilleadh fós a dhéanamh agus treoir a thabhairt freisin ina sainítear ar féidir a mhaíomh i dtaobh na gcineálacha difriúla aistrithe carbóin deimhnithe (i.e. stóráil bhuan, feirmeoireacht carbóin, stóráil carbóin i dtáirgí). Beidh sé sin ríthábhachtach i dtaca le réimse iomlán na gcásanna deimhniúcháin aistrithe carbóin a d’fhéadfadh a bheith ann a chothú, agus sláine na dtairbhí aeráide arna maíomh á háirithiú agus an snas glas á chosc.

Trédhearcacht agus ról na heolaíochta i bhforbairt na modheolaíochtaí a áirithiú

3.15

Ós rud é go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i mbun próiseas ar leith, le tacaíocht ó ghrúpa saineolaithe, le modheolaíochtaí na ngníomhaíochtaí aistrithe carbóin a fhorbairt agus a thuilleadh sonraí a leagan amach i dtaca leis na deimhnithe i ngníomhartha tarmligthe, iarrann CESE ar an gCoimisiún ról a thabhairt don tsochaí shibhialta ann agus comhairle a lorg uaithi.

3.16

Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áirithiú gur ar fhianaise eolaíochta a bhunófar na modheolaíochtaí atá le forbairt agus gurb é saineolas an lucht eolaíochta a bheidh ina threoir.

3.17

Tugann CESE dá aire gur gá réimse leathan gnéithe den aistriú carbóin a thomhas le faireachán, tuairisciú, agus fíorú a dhéanamh, rud a mbíonn cianbhraiteacht agus sonraí satailíte ag teastáil lena aghaidh. I dtaca leis na tomhais is gá, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil sé riachtanach na costais a bhaineann le faireachán, tuairisciú, agus fíorú na n-aistrithe carbóin a choinneáil a ísle agus is féidir, lena chinntiú go bhfuil rochtain fhorleathan ar an gcreat deimhniúcháin.

3.18

Ba cheart don Aontas cuimhneamh ar chistiúchán tiomnaithe a chur ar fáil ar mhaithe leis an taighde, le forbairt na modheolaíochtaí, agus leis an gcéim phíolótach. Ó thaobh na ngníomhaithe beaga de, beidh sé riachtanach tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh fothú acmhainneachta agus leis na costais riaracháin a íoc, má táthar leis an rochtain ar an gcreat deimhniúcháin a dhéanamh daonlathach.

3.19

Ar deireadh thiar, cuireann CESE i bhfáth nach mór a mheas go cúramach cé na bagairtí agus na fothorthaí a ghabhann leis an togra a bhféadfadh sé go mbeadh ar na príomhghníomhaithe (feirmeoirí agus tionscail na foraoiseachta, na tógála, agus an adhmaid) dul i ngleic leo, saincheisteanna comhshaoil agus socheacnamaíocha san áireamh, agus aghaidh a thabhairt orthu sin sula gcomhtháthófar an creat deimhniúcháin i mbeartais eile, cuir i gcás in CBT.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 95.

(2)  IPCC, Meitheal III, Achoimre do lucht ceaptha beartas, 2022.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/88


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Staid an Aontais Fuinnimh 2022 (de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide)

(COM(2022) 547 final)

(2023/C 184/16)

Rapóirtéirí: Marcin NOWACKI, Angelo PAGLIARA, Lutz RIBBE

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 25.11.2022

Bunús Dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a ghlactha sa rannóg

7.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

208/4/7

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Le Tuarascáil 2022 maidir le Staid an Aontais Fuinnimh, cuireann an Coimisiún Eorpach machnamh sách dóchasach i láthair ar na bearta a glacadh agus ar na spriocanna a leagadh síos le míonna beaga anuas.

1.2.

Is léir tar éis an tuarascáil a léamh go bhfuil neart cuspóirí a measadh a bheith ró-uaillmhianach roimh an gcogadh i gcoinne na hÚcráine á gcur i láthair anois mar fhreagraí réalaíocha ar an ngéarchéim fuinnimh. Ardaítear an cheist maidir leis an méid a chuir bac ar an Aontas ina iomláine a bheith níos simplí maidir le cosaint aeráide, slándáil an tsoláthair, neamhspleáchas fuinnimh agus athléimneacht chóras fuinnimh na hEorpa roimh an 24 Feabhra 2022.

1.3.

Cé go bhfuil sé cabhrach foghlaim faoi na fíricí agus na figiúirí éagsúla a chuirtear i láthair sa Teachtaireacht, tá i bhfad níos mó i gceist leis an Aontas Fuinnimh ná spriocanna atá sainithe go matamaiticiúil nó go staitistiúil maidir le leathadh amach fuinnimh inathnuaite, coigilteas fuinnimh nó laghdú astaíochtaí. Tá sé á chur in iúl ag CESE gur tionscadal polaitiúil é an tAontas Fuinnimh, thar aon ní eile, a bhfuil na cuspóirí polaitiúla seo a leanas aige atá sainithe go beacht, ar a dtugtar físeanna (1):

(1)

Aontas Fuinnimh atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus ar an muinín idir na Ballstáit agus iad ag labhairt d’aon ghuth a mhéid a bhaineann le gnóthaí domhanda;

(2)

córas fuinnimh comhtháite ina sreabhann fuinneamh gan srian thar theorainneacha, bunaithe ar iomaíocht, ar rialáil éifeachtach agus ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní;

(3)

geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin atá neamhdhíobhálach don aeráid agus atá deartha i gcaoi is go mairfidh sé i bhfad;

(4)

cuideachtaí Eorpacha láidre, nuálacha agus iomaíocha a fhorbraíonn na táirgí agus an teicneolaíocht atá ag teastáil le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus astaíochtaí ísealcharbóin le gur féidir billí a laghdú, páirt ghníomhach a ghlacadh sa mhargadh agus custaiméirí leochaileacha a chosaint;

(5)

scileanna lucht saothair na hEorpa a fhorbairt atá riachtanach chun geilleagar fuinnimh na hEorpa a thógáil agus a bhainistiú;

(6)

muinín infheisteoirí a chruthú bunaithe ar chomharthaí praghais lena gcuirtear riachtanais fhadtéarmacha agus cuspóirí beartais in iúl, rud a éilíonn, inter alia, go gcuirfear deireadh de réir a chéile le fóirdheontais d’fhuinneamh iontaise; agus

(7)

saoránaigh a chur i gcroílár an Aontais Fuinnimh, gur féidir leo aistriú an chórais fuinnimh a ghabháil chucu féin, leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua chun a mbillí fuinnimh a laghdú, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa mhargadh agus cosaint á tabhairt do na tomhaltóirí leochaileacha.

Tugtar tuairisc sa tuarascáil ar na bearta a rinneadh go dtí seo nó atá beartaithe chun na físeanna sin a chur chun feidhme. Mar sin féin, is oth le CESE nach mbaineann an cuntas a chuirtear ar fáil sa tuarascáil leis na físeanna ach, ina ionad sin, leis na cúig ghné a threisíonn a chéile, a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile agus atá ceaptha chun slándáil fuinnimh, inbhuanaitheacht agus iomaíochas níos fearr a chruthú. Mar gheall ar an tsraith dhúbailte sin de chuspóirí nó físeanna ar thaobh amháin, agus de ghnéithe ar an taobh eile, tá sé thar a bheith deacair súil a choinneáil ar chur chun feidhme na bhfíseanna, ós rud é, mar shampla, go dtarraingítear aird i níos mó ná ceann amháin de na gnéithe sin ar shaincheisteanna a bhaineann leis na saoránaigh atá i gcroílár an Aontais Fuinnimh nó ar an ngá atá leis an lucht saothair a uas-sciliú agus a athsciliú. Is oth le CESE go bhfágann sé sin go bhfuil sé an-deacair súil a choinneáil ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme chuspóirí Straitéis an Aontais Fuinnimh.

1.4.

Déantar tagairt sa Teachtaireacht, mar is ceart, do phlean REPowerEU, plean ar thacaigh CESE leis agus lenar athchóiríodh agus lenar neartaíodh an Comhaontú Glas don Eoraip agus an pacáiste Oiriúnach do 55, trí dhíriú ar éagsúlú, ar choigilteas, ar shlándáil an tsoláthair agus trí dhlús a chur le forbairt foinsí fuinnimh inathnuaite. Mar sin féin, tá brú ollmhór ar an Aontas Eorpach mar gheall ar an ngéarchéim aeráide agus fuinnimh atá ann faoi láthair agus an easpa slándála, cobhsaíochta agus intuarthachta atá ann i dtaca le soláthar agus praghsanna. Ní bheadh an ghéarchéim chomh dona céanna dá ndéanfaí gníomhaíocht ní ba spriocdhírithe ní ba thúisce, agus dá gcuirfí an bhéim chuí ar chuspóirí an Aontais féin (cuspóirí an Aontais Fuinnimh Eorpaigh, cuir i gcás).

1.5.

De réir Thuarascáil 2022 maidir le Staid an Aontais Fuinnimh, ní mór airgead poiblí thart ar EUR 300 billiún a infheistiú sna línte éagsúla gníomhaíochta atá dírithe ar neamhspleáchas iomlán a bhaint amach ó bhreoslaí iontaise na Rúise idir seo agus 2030, rud a mbeidh tionchar suntasach aige ar bhuiséad iomlán an Aontais. Ina theannta sin, beidh gá le tuilleadh infheistíocht phríobháideach, lena n-áirítear infheistíocht ó shaoránaigh Eorpacha. Creideann CESE gur gá an t-airgead a chaitheamh ar bhealach a chuideoidh le cuspóirí thuasluaite an Aontais Fuinnimh a bhaint amach. Chomh maith leis sin, níor cheart laghdú a dhéanamh ar na hacmhainní don aistriú cóir, don taighde ná don nuálaíocht, ná do ghnólachtaí ná do thomhaltóirí a ndéanann ardú praghsanna fuinnimh difear dóibh, mar thoradh ar an gcaiteachas.

1.6.

Mar gheall ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh atá ar scála nach bhfacthas riamh cheana agus arna spreagadh ag ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá iarmhairtí ollmhóra sóisialta agus eacnamaíocha ann, chomh maith le hiarmhairtí do chreatlach thionsclaíoch agus tháirgiúil tíortha. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE nach raibh aon chomhordú soiléir Eorpach ann le linn na géarchéime fuinnimh agus, mar chuid den fhreagairt, iarrann sé go gcruthófaí ionstraim atá bunaithe ar shamhail SURE, chun tacú le hoibrithe agus gnólachtaí atá i gcruachás.

1.7.

De dheasca eachtraí a tharla le déanaí, tá méadú tagtha ar an mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann go ndéanfaí cibearionsaithe agus sabaitéireacht ar bhonneagair chriticiúla amhail an eangach fuinnimh agus na gléasraí cumhachta. Dá bhrí sin, molann CESE straitéis chuimsitheach a cheapadh agus a ghlacadh chun an tAontas a chosaint ar bhagairtí den chineál sin.

1.8.

Ní mór gurb é neamhspleáchas fuinnimh an príomhchuspóir straitéiseach meántéarmach atá ag tíortha an Aontais – go háirithe i bhfianaise an méid a tharla leis an gcogadh san Úcráin agus i bhfianaise na haimhréidhe breise a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an staid idirnáisiúnta. Is éard a thuigimid ó “neamhspleáchas straitéiseach fuinnimh” gur coincheap polaitiúil atá ann a chabhróidh le margadh fuinnimh an Aontais amach anseo a mhúnlú, lena ráthófar neamhspleáchas fuinnimh ó sholáthraithe neamhiontaofa le cinntí uathrialacha ón Aontas. Is oth le CESE nach ndéantar an t-ábhar sin a mheas mar is ceart sa tuarascáil ná nach leagtar béim air, ach go ndírítear ar neamhspleáchas ó allmhairí fuinnimh ón Rúis agus air sin amháin.

1.9.

Chun cuspóirí an Aontais maidir le neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach, iarrann CESE ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún ionstraimí iomchuí a fhorbairt, lena n-áirítear trí Chiste Eorpach Ceannasachta a bhunú, chun borradh a chur faoin infheistíocht i dteicneolaíochtaí fuinnimh glan intíre agus i mbonneagar fuinnimh. San am céanna, tá sé ríthábhachtach na Ballstáit a spreagadh chun leas a bhaint as na cistí go hoptamach agus go héifeachtúil chun fuinneamh glan a fhorbairt. Ní mór treoir a bheith sa straitéis sin freisin maidir le conas gnólachtaí, institiúidí pobail, muintir an phobail agus pobail fuinnimh a spreagadh chun níos mó infheistíochta a dhéanamh. Is cosúil nach leor na hionstraimí agus na hacmhainní a chuirtear ar fáil faoi láthair maidir leis na mórdhúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Iarrann CESE ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt maidir le tionchar acmhainní agus soláthairtí nua ar an gcomhshaol, agus maidir le spleáchais nua ar thríú tíortha.

1.10.

Agus neamhspleáchas fuinnimh á fhorbairt, molann CESE cur chuige ó bhun aníos a leanúint ós rud é go mbeidh sé níos éasca na cuspóirí a luaitear i bpointe 1.3. a bhaint amach de bharr an chur chuige sin.

1.11.

Níl na beartais shóisialta choibhéiseacha ag gabháil leis an gComhaontú Glas go fóill chun aistriú cóir a dhéanamh den aistriú sin. Ós rud é go mbeidh tionchar mór ag próisis an aistrithe ar chórais fostaíochta agus thionsclaíocha, is oth le CESE nach gcuirtear san áireamh go cuí sa tuarascáil an tábhacht a bhaineann le beartais chuimsitheacha fostaíochta, scileanna agus shóisialta. Ní mór féachaint ar infheistíochtaí oideachais, athsciliú agus uas-sciliú mar fhreagracht shocheacnamaíoch.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1

Córas fuinnimh bunaithe go hiomlán ar fhuinneamh glan intíre is ea an réiteach is fearr a d’fhéadfadh a bheith ann ar an suaitheadh soláthair a d’eascair as ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus is é an réiteach is mó a bheadh ag teacht le spriocanna straitéiseacha an Aontais Fuinnimh. Tuigimid nach bhfuil aon chomhaontú ann maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé indéanta an cuspóir sin a bhaint amach. Mar sin féin, bheadh neamhspleáchas iomlán agus athléimneacht ard mar phríomhbhuntáiste ag córas fuinnimh den sórt sin. A luaithe a bheidh athmhaoiniú déanta ar an gcaiteachas caipitil ar infheistíochtaí i suiteálacha fuinnimh inathnuaite, i dteicneolaíochtaí cliste, in iompar glan agus in éifeachtúlacht fuinnimh, cuirfear an fuinneamh is inacmhainne ar fáil don tomhaltóir deiridh agus, san am céanna, neartófaí geilleagair áitiúla agus réigiúnacha agus chruthófaí níos mó post ná mar a cruthaíodh leis an seanchóras. Tugtar tuairisc shoiléir ar na buntáistí sin ar fad sna haithrisí faoi seach den Phacáiste “Fuinnimh Glan do gach Eorpach”. Cé go bhfuil sé d’acmhainn ag fuinneamh inathnuaite go teoiriciúil neamhspleáchas fuinnimh a áirithiú i dtéarmaí oibríochtúla, ní mór a áirithiú fós go bhfágann an t-éiceachóras iomlán, lena n-áirítear an t-ábhar do na suiteálacha inathnuaite iad féin, gur féidir táirgeadh áitiúil a dhéanamh. Léirítear sa Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh, áfach, gur fada an bóthar fós roimh chóras fuinnimh na hEorpa sula mbainfear an sprioc sin amach.

2.2

Dá bhrí sin, ní mór difreáil a dhéanamh sa chás seo: mura féidir neamhspleáchas iomlán a bhaint amach, beidh neamhspleáchas straitéiseach de dhíth ar an Aontas. Is éard a bheadh i gceist le neamhspleáchas straitéiseach sainiú a thabhairt ar a mhéid a leanfaidh allmhairí fuinnimh de bheith dosheachanta amach anseo agus an tionchar a bheidh aige sin ar leochaileacht/athléimneacht chóras fuinnimh na hEorpa. Mar sin féin, ní thugtar aon táscairí ina leith sin i Staid an Aontais Fuinnimh, ná ní thugtar aon táscairí ina leith i bpáipéir straitéise eile de chuid an Choimisiúin ach oiread.

2.3

Chun an cheist a luaitear i bpointe 2.2. a fhreagairt, ní mór rannchuidiú an fhuinnimh inathnuaite lena n-áirítear stóráil leictreach agus bainistiú éilimh agus roghanna solúbthachta eile a ríomh chun an t-éileamh in earnálacha an leictreachais, an téimh agus an iompair a chumhdach (acmhainn chúitimh). Is éard atá san acmhainn chúitimh an codán de thoilleadh suiteáilte gléasra cumhachta ar féidir brath air ag aon am ar leith. Ós rud é go ndéantar fuinneamh inathnuaite a dháileadh, tá sé thar a bheith ciallmhar tús a chur leis an measúnú sin san áit ina ngintear é. De réir an chur chuige sin, ba ghá measúnú a dhéanamh ar an gcéad acmhainn chúitimh ar an leibhéal áitiúil (e.g. leibhéal na gceantar) lena léirítear an méid is féidir le táirgeoirí is tomhaltóirí, pobail fuinnimh inathnuaite agus gineadóirí eile a bhaint amach. Is ar an leibhéal áitiúil is gá ceann de na spriocanna nó físeanna den Aontas Fuinnimh — is é sin saoránaigh a chur i gcroílár an chórais fuinnimh — a chur chun feidhme. Is é an leibhéal réigiúnach an chéad leibhéal eile ar a gcuirfear chun feidhme é, agus d’fhéadfaí easnaimh (acmhainn chúitimh faoi bhun 100 %) agus barrachas (acmhainn chúitimh os cionn 100 %) a chothromú a mhéid is féidir. Thiocfadh an leibhéal idir-réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus, ar deireadh, an leibhéal Eorpach ina dhiaidh sin. Ós rud é go mbaineann costais shistéamacha shuntasacha le foinsí inathnuaite fuinnimh don bhonneagar fuinnimh, is é an phríomhaidhm fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a ídiú go háitiúil; seachas sin, ní mór do tháirgeoirí fuinnimh na costais a sheasamh.

2.4

Is é an cur chuige sin ó bhun aníos a dtugtar tuairisc air i bpointe 2.3. is fearr a oireann do chineál an fhuinnimh inathnuaite agus na roghanna solúbthachta, a mhéid a bhaineann le táirgeoirí de gach méid, lena n-áirítear mórghléasraí cumhachta fuinnimh, mar aon le táirgeoirí beaga agus táirgeoirí is tomhaltóirí, mar a thugtar orthu.

2.5

Maidir leis an Aontas Fuinnimh, tá trí bhuntáiste bhunúsacha a bhaineann leis an gcur chuige a bhfuil cur síos déanta air i bpointe 2.3.

2.5.1

Ar an gcéad dul síos, ó thaobh pleanáil infheistíochta de, ní mór líon na n-allmhairí fuinnimh isteach san Aontas atá ag teastáil sa lá atá inniu ann agus a bheidh ag teastáil amach anseo a thuar. Murach sin, ní bheifear in ann drochinfheistíochtaí ná éifeachtaí glasála go háirithe a sheachaint. Chun é a rá lom amach, is cinnte nach bhféadfar an t-éileamh iarbhír ar GNL in 2025, 2030 agus 2035 a thuar i gceart gan an anailís a bhfuil cur síos déanta uirthi. Tá an baol ann go mbeidh aon chinneadh maidir le ceannach a dhéanamh, go háirithe iad siúd atá bunaithe ar chonarthaí fadtéarmacha, mícheart mura ndéantar measúnú ar na hacmhainní cúitimh ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, idir-réigiúnach agus Eorpach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin toisc go bhfuil gá le conarthaí fadtéarmacha chun GNL a dhaingniú anois. Braitheann rath an Aontais Fuinnimh ar an anailís sin, ach ní ann di.

2.5.2

Is é an dara buntáiste a bhaineann le hanailís a dhéanamh ar acmhainní cúitimh na bhfoinsí inathnuaite lena n-áirítear roghanna solúbthachta, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, idir-réigiúnach agus Eorpach, go gcabhródh sé le córas réamhbhreathnaitheach pleanála bonneagair fuinnimh a chur i bhfeidhm lena gcumhdófaí an eangach leictreachais, an gréasán gáis ísealcharbóin, agus na córais téimh ceantair. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach a chur in iúl go gcaithfidh an bonneagar gáis san Eoraip a bheith in oiriúint do hidrigin. Ina ainneoin sin, níl aon chritéar iontaofa ann faoi láthair maidir leis an ullmhacht do hidrigin. Iarrann CESE ar an gCoimisiún tús a chur le caighdeáin den chineál sin a fhorbairt, d’fhonn togra a thíolacadh a luaithe is féidir.

2.5.3

Tá dlúthbhaint ag an tríú buntáiste leis an mbuntáiste a luaitear i bpointe 1.10., is é sin gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar chobhsaíocht an chórais. Ba cheart an córas a bheidh ann amach anseo maidir le líonraí tarchurtha agus dáileacháin san Eoraip agus ar leibhéal Bhallstáit an Aontais a bheith ina mhaitrís de naisc chaighdeánaithe a bheidh idirnasctha agus lena gcumhdófar línte ardvoltais a bhainistítear go lárnach chomh maith le comharchumainn fuinnimh bunaithe ar línte meánvoltais agus ísealvoltais tráchtálaithe. Ar an leibhéal áitiúil, tá sé ríthábhachtach dlús a chur le húsáid fuinnimh dháilte agus forbairt an fhuinnimh sin a éascú trí shásraí dlíthiúla agus eagraíochtúla lena gcumasaítear úsáid línte díreacha mar a thugtar orthu, comhthiomsú cáblaí (cable pooling), agus comhar le táirgeoirí fuinnimh inathnuaite maidir le prionsabail chomhpháirteacha shainithe PPA (Comhaontú Ceannaigh Cumhachta).

2.6

Sa lá atá inniu ann, níl suim leordhóthanach ag oibreoirí eangaí tarchurtha ar an leibhéal náisiúnta líonraí áitiúla a fhorbairt a mhéadódh solúbthacht in earnáil an leictreachais toisc go gceapann siad go bhféadfadh sé sin an córas cumhachta a dhíchobhsú. Ní mholtar d’oibreoirí na n-eangach dáileacháin infheistíocht a dhéanamh i líonraí áitiúla toisc nach bhfuil treoir shoiléir ar fáil don timpeallacht rialála agus pholaitiúil atá ann faoi láthair. Leis an rialachán maidir le táillí eangaí, ní dhéantar ach tarchur agus dáileadh leictreachais a dhreasú. Ní thugtar dreasacht ar bith do choincheapa cliste bainistíochta leictreachais. Tá CESE suite de go bhfágann forbairt na gcomharchumann fuinnimh agus an tsamhail “táirgeoirí is tomhaltóirí” i leith na giniúna fuinnimh gur féidir an tslándáil fuinnimh a neartú ar an leibhéal áitiúil agus an t-ualach ar an eangach cumhachta a laghdú. Laghdaítear an brú ar an eangach a bhuí le tomhaltas áitiúil fuinnimh inathnuaite luainigh, agus sin an fáth ar cheart tomhaltas áitiúil a bheith ina rogha thosaíochta, fad is a bheidh sé éifeachtach ó thaobh acmhainní agus costais de. Is féidir le táirgeoirí is tomhaltóirí agus pobail fuinnimh (le rannpháirtíocht dáileoirí fuinnimh, rialtas áitiúil, fiontraithe agus saoránach) cothromaíocht a bhaint amach idir na hacmhainní atá ar fáil agus an t-éileamh atá ar leictreachas ina dteaghlaigh, ina gcuideachtaí agus i bhfoirgnimh phoiblí — go háirithe le forbairt stórála fuinnimh agus teicneolaíochtaí digiteacha. Tá sé á thabhairt le fios ag CESE go bhféadfadh sé go mbeadh coinbhleacht leasa ag dáileoirí leictreachais ina leith sin, agus iarrann sé ar na húdaráis faireachais inniúla machnamh a dhéanamh ar bhearta a chur i bhfeidhm chun éifeachtaí diúltacha an chomhtháthaithe ingearaigh a sheachaint.

2.7

I gcomhthéacs an droch-chleachtais a ndéantar cur síos air i bpointe 2.6., éiríonn sé níos tábhachtaí fós an cur chuige a ndéantar cur síos air i bpointe 2.3. a leanúint chun na trí bhuntáiste a mhínítear i bpointí 2.5.1., 2.5.2. agus 2.5.3. a bhaint amach. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún togra a fhorbairt maidir le conas an cur chuige sin a ionchorprú sa bheartas uaidh maidir leis an Aontas Fuinnimh. Chun peirspictíocht straitéiseach an neamhspleáchais fuinnimh a bhaint amach, beag beann ar na hidirghabhálacha éigeandála riachtanacha le bliain anuas, beidh gá le faireachán agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar na saincheisteanna seo a leanas:

cothromaíocht na n-acmhainní atá ann cheana (ola, gás, foinsí inathnuaite agus núicléacha, etc.);

cothromaíocht na n-acmhainní féideartha (taiscéaladh, eastóscadh acmhainní traidisiúnta, forbairt teicneolaíochtaí nuálacha, etc.);

clár agus ordlathas na forbartha is fearr is féidir ar fhoinsí éagsúla fuinnimh san Eoraip; an córas maoinithe don chlár um neamhspleáchas fuinnimh.

Chuige sin, freisin, ní mór measúnú a dhéanamh ar na suiteálacha sin atá i bhfeidhm cheana ar cheart iad a chothabháil, agus ar na seanfhoinsí, lena n-áirítear acmhainní traidisiúnta, ar cheart iad a ionadú i bpróiseas rianúil comhlántach. Ba cheart anailís a dhéanamh freisin ar na tairbhí agus na costais a bhaineann leis an athfhoirmiú meatáin le gal, leis na teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin, agus leis na teicneolaíochtaí gabhála agus úsáide carbóin.

2.8

I ndáil leis an méid sin, athdhearbhaíonn CESE go bhfuil an próiseas chun dlús a chur le ceadú tionscadal inathnuaite riachtanach. Is rud ríthábhachtach é a bheidh sách éasca é a chur i bhfeidhm ó thaobh próisis de. Is léir go gcuireann leibhéal an mhaorlathais moill ar roinnt tionscadal, go háirithe iad siúd a bhaineann le toilleadh mór giniúna fuinnimh. Feiceann CESE iarrachtaí an Choimisiúin sa réimse sin agus is mór againn iad, ach ní mór athruithe a chur i bhfeidhm ar deireadh thiar.

2.9

Agus an cúram a leagtar amach i bpointe 2.5.3. á chomhlíonadh aige, ba cheart don Choimisiún an nasc straitéiseach idir straitéis fuinnimh na hEorpa agus an gá atá le córas tionsclaíoch Eorpach atá láidir, inbhuanaithe agus nuálach a chur san áireamh freisin, rud nár cuireadh san áireamh sna tuarascálacha ar Staid an Aontais Fuinnimh go dtí seo. Mhol CESE, sa tuairim uaidh Staid an Aontais Fuinnimh 2021 (TEN 767), go ndéanfadh rialachas agus bainistíocht an aontais fuinnimh machnamh níos cáiréisí ar shineirgíochtaí le straitéis nua thionsclaíoch don Eoraip. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach an tábhacht a bhaineann leis an nasc straitéiseach sin a chur san áireamh sa chéad tuarascáil eile, agus comhordú níos fearr a áirithiú leis an tuarascáil maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach.

2.10

Ar an gcaoi chéanna, ní chuirtear ról lárnach agus gníomhach na saoránach, ar cheart iad a bheith i gcroílár na mbeartas, san áireamh mar is cuí sa doiciméad ná sna hiarscríbhinní. Creideann CESE go láidir gur cheart do na saoránaigh a bheith i gcroílár an Aontais Fuinnimh, agus iad a chomhtháthú sa mhargadh, agus “táirgeoirí is tomhaltóirí” cearta a dhéanamh díobh. Ní mór an coincheap maidir le hearraí arb ionann lucht a dtáirgthe agus lucht a dtomhailte a leathnú d’fhonn comhroinnt fuinnimh, féintomhaltas fíorúil agus cásanna eile den tomhaltas agus an táirgiúlacht a úsáideann an eangach phoiblí. Chuige sin, iarrann CESE ar lucht déanta beartas gach beart is gá a spreagadh agus a chur chun cinn chun go mbeidh daoine in ann a bheith ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí fuinnimh.

2.11

Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a thíolacadh faoi mhí an Mheithimh 2023. Chuige sin, ní mór do na Ballstáit teachtaireacht shoiléir a fháil le treochlár lena gcuirfear ar a gcumas a gconair san aistriú fuinnimh a phleanáil go hiomchuí mar a ndéantar cur síos air i bpointe 2.3 agus na moltaí a thugtar i bpointí 2.7., 2.8. agus 2.9. á gcur san áireamh.

2.12

Ní mór na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun dearadh nua margaidh a fhorbairt a shocrú i gcomhréir leis na gnéithe thuasluaite. I bhfianaise na forbartha a thiocfaidh ar an earnáil fuinnimh amach anseo mar a ndéantar cur síos uirthi i bpointe 2.3, i bhfianaise teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn, forbairtí geopholaitiúla agus na gceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim reatha, aontaíonn CESE go bhfuil gá le gníomhaíocht chun dearadh mhargadh leictreachais an Aontais a bharrfheabhsú agus a fheabhsú. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chreat REMIT chun na rioscaí a bhaineann le drochúsáid mhargaidh a mhaolú, agus iarrann sé ar an gCoimisiún na bearta uile is gá a chur i bhfeidhm chun feidhmiú an mhargaidh a chaomhnú agus chun na héifeachtaí saofa ar phraghsáil agus ar amhantraíocht a sheachaint. Níor cheart do mhargadh fuinnimh na hEorpa feidhmiú ar an gcaoi chéanna leis na margaí airgeadais. Ní mór léargas réalaíoch a thabhairt trí bhíthin an mhargaidh inmheánaigh atá againn ar staid an chórais fuinnimh san Eoraip. Tá aird á tarraingt ag CESE ar an tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a foilsíodh le déanaí, ina léirítear nach leor acmhainní ACER chun faireachán a dhéanamh ar an margadh chun mí-úsáid a chosc, agus iarrann sé ar an gCoimisiún a áirithiú gur féidir le ACER a chúraimí a chomhlíonadh ina leith sin.

2.13

Is cúis imní do CESE an laghdú a tháinig ar fhóirdheontais fuinnimh inathnuaite in 2021, fad agus atá fóirdheontais do bhreoslaí iontaise fós cobhsaí. Tar éis na géarchéime, tá céimeanna cinntitheacha ag teastáil chun deireadh a chur leis an iomaíocht ar fhóirdheontais idir foinsí inathnuaite agus fuinnimh iontaise. Sa tuarascáil uaidh, ní thugann an Coimisiún rud ar bith le fios i leith an ábhair sin.

2.14

Tá sé á chur in iúl ag CESE nach dtugtar aird chuí i dTuarascáil 2022 ar Staid an Aontais Fuinnimh ar shaincheist na gcostas agus na n-iarmhairtí a bhaineann le colún na straitéise Eorpaí chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú. Dá bhrí sin, molann CESE don Choimisiún tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an laghdú sin difear a dhéanamh do chomhthéacsanna réigiúnacha éagsúla, agus cur síos a dhéanamh ar na huirlisí a bheidh de dhíth chun éifeachtaí an laghdaithe sin a mhaolú.

2.15

Beidh tionchar láidir ag beartais aeráide ar oibrithe agus ar ghnólachtaí agus beidh oiliúint ollmhór, athsciliú agus uas-sciliú ag teastáil ina leith. Ba cheart an t-aistriú sin a úsáid mar dheis chun poist ardcháilíochta le dálaí maithe oibre a chruthú i ngach earnáil agus réigiún. Ní chuirtear an tAistriú Cóir san áireamh go leordhóthanach sa tuarascáil. Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún an sásra um aistriú cóir a neartú, agus béim ar leith á leagan ar na tionchair ar oibrithe, ar phoist agus ar an gcóras tionsclaíoch. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i bhforbairt beartas i leith na hinbhuanaitheachta, na slándála agus na dlúthpháirtíochta a bheith leanúnach agus struchtúrach. Ní cúrsaí maoinithe amháin atá i gceist leis an “aistriú cóir”. Áirítear ann freisin na cuspóirí seo: cearta na n-oibrithe a chosaint, obair chuibhiúil, poist ardcháilíochta agus slándáil shóisialta a chruthú, agus iomaíochas gnólachtaí Eorpacha a choinneáil ar bun agus a mhéadú tuilleadh, agus tá gá le gníomhaíocht shonrach ar gach leibhéal, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Féach COM(2015) 80 final A Framework Strategy for a Resilient Energy Union with a Forward-Looking Climate Change Policy [Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Athléimneach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide].


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/93


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An córas fuinnimh a dhigiteáil — plean gníomhaíochta an Aontais

[Com(2022) 552 final]

(2023/C 184/17)

Rapóirtéir:

Thomas KATTNIG

Comhrapóirtéir:

Zsolt KÜKEDI

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 25/11/2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

7.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

198/1/7

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Tacaíonn CESE leis na cuspóirí agus is díol sásaimh dó an chuid is mó de na bearta a mholtar sa phlean gníomhaíochta. Go háirithe, shoiléirigh CESE an nasc idir an t-aistriú fuinnimh agus an t-aistriú digiteach, agus tharraing sé aird ar na buntáistí a bhaineann leis an digiteáil i dtéarmaí coigiltis fuinnimh, déine laghdaithe fuinnimh agus bainistíocht níos fearr ar bhonneagar fuinnimh. Mar sin féin, cé gur údar spreagtha é an plean gníomhaíochta, is gnách leis an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh den scéal fisiciúil atá ann i bhfírinne óir tá an-éagsúil leis na cásanna úsáide digiteála a luaitear sa phlean gníomhaíochta.

1.2

Cé go bhfuil an cur chuige agus na bearta sonracha sa phlean gníomhaíochta ar an mbóthar ceart, níl ag éirí leis an gCoimisiún an plean gníomhaíochta a chomhtháthú sa bheartas ginearálta fuinnimh. Le cur chuige neamhchomhtháite faoina ndírítear ar an digiteáil amháin agus faoina ndéantar neamhaird den chreat ginearálta, ní ghinfear ach na buntáistí atá mínithe i gceart sa phlean gníomhaíochta. Ní mór réitigh chomhoibritheacha a chruthú le digiteáil an chórais fhuinnimh, réitigh ina soláthraítear dreasachtaí ionas go mbeidh na húsáideoirí rannpháirteach sa chóras fuinnimh digiteáilte nua; úsáid a bhaint as méadair chliste agus r-fheithiclí ag a bhfuil córas déluachála a dtacaíonn le cobhsaíocht an chórais leictreachais, cuir i gcás. Bíonn uirlisí digiteacha ag teastáil chun malartú idir piaraí a dhéanamh, le haghaidh an fhéintomhaltais fhíorúil, agus leis an gcomhroinnt fuinnimh a dhéanamh. Mar sin féin, níl na cleachtais sin tarraingteach de dheasca bacainní riaracháin nó mar gheall ar an easpa dreasachtaí atá ann ina leith.

1.3

Tá CESE á dhearbhú gur cinnte go bhfuil gá an córas fuinnimh a dhéanamh níos cliste agus níos solúbtha, ach tá an córas fuinnimh faoi bhrú i láthair na huaire mar gheall ar easnaimh atá ann, dolúbthacht an líonra tarchurtha agus dáileacháin de thoradh ar thearcinfheistíocht sa bhonneagar fuinnimh, cuir i gcás. Cé gur ghin soláthraithe áirithe brabús suntasach, ní leor an infheistíocht a rinneadh in eangacha cliste chun spriocanna an aistrithe fuinnimh a bhaint amach. Tá síneadh agus claochlú na n-eangacha ag dul ar gcúl mar gheall nach ndreasaítear infheistíocht sa digiteáil ná sa solúbthacht sa chreat rialála atá ann faoi láthair, ná infheistíocht i nithe eile, agus mar gheall nach bhfuil na heangacha atá ann faoi láthair oiriúnach a thuilleadh chun fuinnimh luainigh a tharchur agus a dháileadh. D'fhonn bristeacha líonra sa chóras fuinnimh digitithe a sheachaint, tá géarghá ann an córas fuinnimh a athrú ó bhonn aníos tríd an líonra (eangacha tarchuir agus dáileacháin) a fhorbairt agus a leathnú.

1.4

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na smaointe a bhaineann le “Infheistíochtaí sa bhonneagar digiteach leictreachais a chur chun cinn” a ionchorprú in Airteagal 58 de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna do mhargadh inmheánach an leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (1) agus, ar an ndóigh, sin creat rialála faoina ndreasaítear áirithiú na hinfheistíochta i ndigiteáil na n-eangacha leictreachais. Ag an am céanna, ní mór margaí solúbthachta a fhorbairt chun ídiú, giniúint agus promhaltóireacht sholúbtha bunaithe ar theicneolaíochtaí digiteacha a dhéanamh níos tarraingtí.

1.5

Breis agus sé bliana tar éis chur i láthair an phacáiste “Fuinneamh Glan do gach Eorpach”, is suarach an ról atá ag pobail fuinnimh agus an féintomhaltas comhchoiteann fós i gcórais fuinnimh na hEorpa. Go dtí seo, thug an Coimisiún Eorpach neamhaird ar na bacainní atá ar na foirmeacha fuinnimh sin a ghiniúint agus a ídiú. Ní mór dreasachtaí a thabhairt do mhuintir na hEorpa chun iad a spreagadh agus a ghríosú ar deireadh thiar chun a gcuid gníomhaíochtaí uile i ngort an fhuinnimh a dhigiteáil. Tá gá le teidlíocht shoiléir dhlíthiúil agus riaracháin freisin i cásanna go leor. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh chomhfhreagracha a fhorbairt, lena n-áirítear tacaíocht dhíreach lena chuirtear ar chumas na bpobal fuinnimh agus na dtáirgeoirí is promhaltóirí comhchoiteanna tairbhe a bhaint as lán an phointéinsil atá iontu, tionscnaimh ina gcaithfidh na foirmeacha giniúna agus ídithe sin a bheith ina gcuid ríthábhachtach den chóras, go háirithe maidir le slándáil an tsoláthair. Mura ndéantar amhlaidh, ní dhéanfar aon difear le huirlisí digiteacha.

1.6

Tá sé á athdhearbhú ag CESE go bhféadadh éifeachtaí suntasacha dearfacha a bheith ag struchtúr soláthair fuinnimh atá aeráidneodrach, díláraithe agus digitithe ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar, go háirithe geilleagair réigiúnacha, ach an cur chuige ceart a úsáid ina leith (2). Maidir leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, tá cur chuige ginearálta de dhíth ar an Aontas Eorpach, cur chuige ina gceanglófaí saincheisteanna sonracha a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid le cuspóirí an bheartais maidir le comhtháthú sóisialta agus réigiúnach.

1.7

Mar sin féin, tá CESE á thabhairt dá aire nach n-éireodh le beartas um athrú ach amháin má chuirtear dinimicí sóisialta éagsúla an aistrithe san áireamh agus má thugtar aghaidh orthu sna straitéisí agus sna bearta lena mbaineann. Ba cheart dúinn ról na dtomhaltóirí atá gníomhach san aistriú digiteach a neartú agus iad a spreagadh agus a chur ar a gcumas a oiread réiteach cliste agus is féidir a úsáid, ós rud é go bhféadfaidh siad feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus feidhmíocht an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, a fhad agus a chuirtear oibreoirí na gcóras dáileacháin san áireamh chun slándáil an tsoláthair a áirithiú. Ní mór na huirlisí sin a bheith soláimhsithe, agus ní mór aird a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar dhaoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, is rud riachtanach atá sa bheartas um aistriú cóir agus bainistiú gníomhach polaitiúil ar athraithe. Tá baol ann nach n-éireoidh leis an aistriú mar gheall ar fhrithbheartaíocht ón bpobal má dhéantar neamhaird den ghné shóisialta ag céim an chur chun feidhme.

1.8

Maidir le dearadh na gcóras fuinnimh agus an bhonneagair fhuinnimh amach anseo, tá béim leagtha arís agus arís eile ag CESE ar an tuiscint go gcaithfidh gach tomhaltóir a bheith rannpháirteach ann agus córais chliste fuinnimh á bhforbairt agus nach mór dreasachtaí a chur i bhfeidhm ionas gur féidir leis an tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh. “Nuálaithe áitiúla agus réigiúnacha a nascadh”, mar a luann an Coimisiún i bpointe 7.3, tá sé sin an-tábhachtach ar fad. Le gníomhaíocht choiteann, amhail comhar idir cathracha agus pobail chliste, is féidir na réitigh is fearr agus is inacmhainne a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó réigiún a chruthú.

1.9

Tá an digiteáil fuinnimh á treorú ag beartais dhigiteacha agus fuinnimh an Aontais cheana féin, ós rud é nach féidir saincheisteanna amhail idir-inoibritheacht sonraí, slándáil an tsoláthair agus cibearshlándáil agus cosaint an tomhaltóra a chur de fhreagracht ar an margadh amháin, agus tá an-tábhacht lena gcur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, tá sé á chur in iúl ag CESE nach mór cosc a chur ar shárú príobháideachais agus ar mhí-úsáid sonraí ar gach bealach dá bhfuil ann. Ní hiad na réamhchúraimí teicniúla an t-aon rud amháin a áirítear air sin, áirítear air freisin go mbeadh na húdaráis stáit freagrach as an spás sonraí sin agus as an bhfaireachán a dhéantar air agus iad faoi réir rialú polaitiúil agus daonlathach. Ag an am céanna, ní mór aird ar leith a thabhairt ar shonraí bonneagair chriticiúil a chosaint.

1.10

Luann an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh gur ríthábhachtach a áirithiú nach ndéanfaidh an digiteáil dochar don chreat maidir le cosaint na dtomhaltóirí atá bunaithe cheana féin don mhargadh inmheánach leictreachais. Tá CESE ag tabhairt an méid sin dá aire, agus tá sé ag cur in iúl nach mór cearta na dtomhaltóirí ar an margadh fuinnimh a oiriúnú agus a fheabhsú. Níor cheart na tomhaltóirí a bheith faoi mhíbhuntáiste ná táillí ró-ard a bheith á ngearradh orthu. Ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as uirlisí digiteacha, ar uirlisí iad a d'fhéadfadh cur le cosaint na dtomhaltóirí má fhorbraítear mar is ceart iad.

1.11

Cibé tionscnamh atá i gceist, is tábhachtach méadar cliste a bheith ag an tomhaltóir sa bhaile. Ní hamhlaidh an cás i mBallstáit go leor fós, agus sin é an fáth a bhfuil géarghá borradh a chur faoi iarrachtaí chun méadrú cliste a chur in úsáid mar réamhriachtanas bunúsach don chuid is mó de na réitigh dhigiteacha san earnáil fuinnimh, go háirithe i gcás an tsoláthair leictreachais, agus leis an soláthar gáis, cé nach mbeadh an oiread chéanna i gceist leis sin. Na Ballstáit nach bhfuil méadair chliste curtha i bhfeidhm go forleathan acu fós, ní mór dóibh dlús a chur leis an bpróiseas sin agus cur leis na cuspóirí atá acu maidir leis an gcur i bhfeidhm sin. Léiríonn an fhianaise idirnáisiúnta gurb í an uair a bhíonn oibreoirí na n-eangach freagrach an uair is mó a bhíonn éifeachtúlacht i rolladh amach na méadar cliste. Ba cheart méadair chliste a mheas amhail dá mba dhlúthchuid den eangach leictreachais iad.

1.12

Tá baol ann nach ndéanfar seirbhísí sonraí-bhunaithe agus réitigh teicneolaíochta nuálacha a chur chun feidhme tapa go leor mura mbeidh dóthain oibrithe ag a bhfuil ardscileanna agus gairmithe oilte ann chun cuidiú leis na seirbhísí agus na réitigh sin a chur chun feidhme. Tá acmhainní airgeadais leordhóthanacha ag teastáil le haghaidh na mbeart is gá i gcomhair mhargadh an tsaothair agus i gcomhair na mbeartas oideachas. Ní mór plean gníomhaíochta a chur le chéile freisin má táthar chun cur chuige comhordaithe a áirithiú. Tá CESE den tuairim gur ríthábhachtach chuige sin go mbeadh dlúthchomhar ann leis na comhpháirtithe sóisialta.

1.13

Is ceanglas riachtanach í an chibearshlándáil chun iontaofacht an chórais fuinnimh a áirithiú de réir mar atá an córas fuinnimh sin ag éirí níos digitithe. I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas agus, go háirithe, i bhfianaise na n-imeachtaí a thit amach le déanaí, is follas an chontúirt a bhaineann le cibirionsaithe agus le gníomhartha sabaitéireachta in aghaidh bonneagar criticiúil. Mar sin féin, tagann fadhbanna chun cinn ní hamháin de thoradh ar ghníomhaíochtaí nach cibirionsaí ná gníomhartha sabaitéireachta iad, cuir i gcás ó chliseadh ar na crua-earraí agus ar na bogearraí. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar dhearadh crua-earraí agus bogearraí le linn na digiteála d’fhonn stóinseacht a áirithiú. Má chliseann ar na bonneagair sin nó má chuirtear isteach orthu, d’fhéadfadh sé go mbeadh ganntanas soláthair tubaisteach ann agus d’fhéadfadh fós go gcuirfí sábháilteacht an phobail i mbaol. Méadaíonn an “raon inionsaithe” agus rioscaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil de dhroim giniúint agus úsáid fuinnimh níos díláraithe i gcomhar leis an idirlíon. Caithfidh an córas fuinnimh digitithe (i dtéarmaí crua-earraí agus bogearraí araon) a bheith iontaofa, agus caithfear infhaighteacht leanúnach á háirithiú leis.

1.14

Creideann CESE nach bhfuil an aird agus an tacaíocht a mbeadh súil leis tugtha do straitéis chomhcheangailte an aistrithe fuinnimh ná don digiteáil sna ceantair thuaithe. Tá sé ag iarraidh go ndéanfaí fís fhadtéarmach an Choimisiúin do limistéir thuaithe an Aontais a chur chun feidhme go pras agus go ndéanfaí na geallsealbhóirí a spreagadh faoin gComhshocrú um an Tuath.

2.   Cúlra

2.1

D’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht arb é is aidhm di digiteáil an chórais fhuinnimh a chur chun cinn. Is é is aidhm do Phlean Gníomhaíochta an Aontais An córas fuinnimh a dhigiteáil na cuspóirí a leagtar amach sa Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta maidir leis an gclaochlú glas agus an claochlú digiteach, agus teicneolaíochtaí digiteacha ag cuidiú le sochaí aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní a chruthú, fad agus a áirithítear gur féidir le gach duine tairbhe a bhaint as an aistriú sin.

2.2

Sa Plean Gníomhaíochta atá ag an gCoimisiún i gcomhair an Aontais, molann sé sraith gníomhaíochtaí i gcúig réimse: an nascacht, an idir-inoibritheacht agus malartú sonraí gan uaim a chur chun cinn trí spás sonraí coiteann a chruthú, infheistíocht san eangach cliste a chur chun cinn agus a chomhordú, seirbhísí níos fearr a sholáthar agus na seirbhísí sin a bheith bunaithe ar nuálaíocht dhigiteach chun tomhaltóirí a thabhairt i bpáirt san aistriú fuinnimh, cibearshlándáil a áirithiú sa chóras fuinnimh agus a áirithiú go bhfuil riachtanais fuinnimh na hearnála TFC, agus méadú ag teacht ar an earnáil sin, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Creideann an Coimisiún go bhféadfadh an digiteáil inacmhainneacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais a fheabhsú.

2.3

Deartar réitigh chliste chun níos mó smachta a thabhairt do thomhaltóirí ar a n-ídiú fuinnimh agus a gcuid billí fuinnimh féin, agus bainistíocht úsáid fuinnimh a fheabhsú ar an mbealach sin, cé go bhfuil seans ann go dtuigfeadh go leor tomhaltóirí an poitéinseal sin gan aon réiteach cliste a bheith ag teastáil uathu. Ba cheart laghdú ar an ídiú fuinnimh a bheith ann de thairbhe na seirbhísí fuinnimh nuálacha, agus ba cheart fuinneamh a úsáid nuair atá sé ar fáil ar bheagán costais. Soláthraítear faisnéis thábhachtach le méadair chliste chun costais ídithe fuinnimh a laghdú, e.g. luacháil chliste feithiclí leictreacha, pumpaí teasa cliste in éineacht le painéil fhótavoltacha. Cuidíonn méadair chliste le custaiméirí smacht a choinneáil ar a gcuid billí, agus cuireann siad ar a gcumas stop a chur le billí míchruinne agus le cúlbhilleáil, dhá rud atá i measc na n-ábhar imní is mó a bhíonn ag na tomhaltóirí. Foráiltear sa phlean gníomhaíochtaí maidir le huirlisí digiteacha, uirlisí a fhreastalaíonn ar leas na dtomhaltóirí agus a fhorbraítear i gcásanna áirithe i gcomhar leis na tomhaltóirí; foráiltear ann freisin maidir le scileanna digiteacha feabhsaithe, cistiú le haghaidh réiteach digiteach cliste trí chláir a fhéadfaidh cuidiú leis an gcuspóir chun an córas fuinnimh a dhigiteáil, tacaíocht le haghaidh rialtóirí náisiúnta agus táscairí coiteanna eangaí cliste á sainiú acu agus faireachán á dhéanamh acu ar na táscairí sin, spás coiteann Eorpach le haghaidh sonraí fuinnimh a chruthú, agus rannpháirtíocht dhlúth na ngeallsealbhóirí ábhartha uile, go háirithe oibreoirí eangaí agus soláthraithe fuinnimh.

2.4

De réir an Choimisiúin, is iontach na deiseanna a chuireann na teicneolaíochtaí TFC ar fáil le haghaidh an ghlasaithe. Ba cheart soláthar, stóráil agus éileamh fuinnimh a chothromú le réitigh digiteacha chun an córas fuinnimh a dhéanamh níos solúbtha, agus comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite díláraithe a éascú. Ní mór margaí solúbthachta a fhorbairt chun infheistíochtaí sna roghanna solúbthachta a dhéanamh tarraingteach, gan beann ar cibé acu gineadóirí, tomhaltóirí nó táirgeoirí is tomhaltóirí a bhaineann tairbhe de na huirlisí digiteacha.

2.5

Ag an am céanna, cuirtear i dtábhacht sa phlean gníomhaíochta an gá atá le srian ar an ídiú fuinnimh san earnáil TFC. Sa phlean gníomhaíochta, foráiltear maidir le leathchúpla digiteach a chruthú le haghaidh eangach leictreachais na hEorpa, tacaíocht le haghaidh pobal fuinnimh trí uirlisí digiteacha, lipéid a bhaineann le fuinneamh a fhorbairt le haghaidh ríomhairí, lárionad sonraí agus blocshlabhraí, agus cód iompair Aontais a fhorbairt le haghaidh inbhuanaitheacht na líonraí teileachumarsáide.

2.6

Tá méadú ag teacht ar an riosca a bhaineann le spiaireacht, cibearchoireacht agus cliseadh crua-earraí a bhaineann le hídiú fuinnimh mar gheall go bhfuil an córas fuinnimh ag éirí níos digitithe le giniúint, tarchur agus dáileadh díláraithe fuinnimh agus níos mó gaireas digiteach ar an teallach. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún bearta cibearshlándála dea-chomhordaithe chun athléimneacht fhoriomlán an chórais a neartú.

2.7

Leagtar amach sa phlean go bhfuil idir ghníomhaíocht mheántéarmach agus fhadtéarmach ag teastáil chuige sin, chomh maith le creat rialachais. Míníonn an Coimisiún go mbeidh pobail leasmhara, gnólachtaí agus comhpháirtithe idirnáisiúnta iomadúla rannpháirteach sa phróiseas, agus tugann sé dá aire nach mór maoiniú poiblí teoranta a úsáid ar bhealach críonna, sin agus go dteastaíonn níos mó infheistíochta príobháidí.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Tugann an Coimisiún aghaidh ina phlean gníomhaíochta, mar is ceart, ar an bpoitéinseal ollmhór atá sna teicneolaíochtaí digiteacha chun solúbthacht an chórais leictreachais a mhéadú. Tacaíonn CESE leis na cuspóirí sin, agus is díol sásaimh dó an chuid is mó de na bearta atá á moladh sa phlean gníomhaíochta. Go háirithe, shoiléirigh CESE an nasc idir an t-aistriú fuinnimh agus an t-aistriú digiteach, agus tharraing sé aird ar na buntáistí a bhaineann leis an digiteáil i dtéarmaí coigiltis fuinnimh, déine laghdaithe fuinnimh agus bainistíocht níos fearr ar bhonneagar fuinnimh. Mar sin féin, cé gur údar spreagtha é an plean gníomhaíochta, is gnách leis an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh den scéal fisiciúil atá ann i bhfírinne óir tá an-éagsúil leis na cásanna úsáide digiteála a luaitear sa phlean gníomhaíochta.

3.2

Tá CESE den tuairim gurb iad seo a leanas na príomhdhúshláin atá roimh an earnáil fuinnimh: foinsí fuinnimh na hEorpa a éagsúlú; an spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú; margadh fuinnimh comhtháite intíre a dhaingniú, feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh; an eangach fuinnimh a leathnú go tapa; an tslándáil soláthair a áirithiú; an geilleagar a dhícharbónú; astaíochtaí a laghdú; aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin le teicneolaíochtaí ísealcharbóin agus fuinnimh ghlain; fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus a leathnú amach go suntasach d’fhonn na cuspóirí i leith na haeráide a chomhlíonadh; taighde agus oideachas gaolmhar a chur chun cinn; aistriú cóir a áirithiú, agus tacú leis an ngné shóisialta a bhaineann le fuinneamh, an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú, cuir i gcás. Is é digiteáil an chórais fuinnimh is bunús leis an méid sin, agus is rud é a fhágann gur féidir aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúsláin sin uile.

3.3

Cé go bhfuil an cur chuige agus na bearta sonracha sa phlean gníomhaíochta ar an mbóthar ceart, níl ag éirí leis an gCoimisiún an plean gníomhaíochta a chomhtháthú sa bheartas ginearálta fuinnimh. Le cur chuige neamhchomhtháite faoina ndírítear ar an digitiú amháin agus faoina ndéantar neamhaird den chreat ginearálta, ní ghinfear ach na buntáistí atá mínithe i gceart sa phlean gníomhaíochta.

3.4

Tá léargas i dtogra an Choimisiúin ar chás idéalach ina ndéantar an tógáil ar chóras fuinnimh dea-fhorbartha (e.g. líonraí tarchurtha agus dáileacháin) agus ina ndéantar an córas sin a dhigiteáil. Mar sin féin, ní mór líonraí tarchurtha agus dáileachain a fhorbairt san Eoraip ar dtús sula bhféadfar teicneolaíocht dhigiteach chasta a fhorbairt. Is dícheall in aisce a bheidh sa digiteáil mura féidir fuinneamh atá bainistithe go ciallmhar a tharchur trí líonraí tarchurtha fuinnimh. Thairis sin amach, cuirtear méid ollmhór fuinnimh amú ar líonraí tarchurtha agus dáileacháin. Ar an saol seo féin, an leictreachas glas nach féidir a úsáid ná a tharchur, leictreachas ab éigean a rialáil, is rud é ar ar caitheadh ní ba mhó ná EUR 2 bhilliún roimh an ngéarchéim fuinnimh, agus bhí an tsuim sin níos mó ná EUR 12 bhilliún le linn na géarchéime fuinnimh i dtíortha móra amhail an Ghearmáin. Tiocfaidh méadú suntasach ar an gcaillteanas eacnamaíoch sin mura leathnófar eangacha leictreachais agus toillte stórála atá oiriúnach don chóras go pras agus mura n-aimseofar bealaí níos fearr chun leictreachas a úsáid go díreach ar an láithreán in aon am amháin. Is cúnamh a bheidh i ndigiteáil na réimse sin leis na caillteanais sin a shainaithint agus le húsáid a bhaint as na sonraí a ghinfear amhlaidh i bhforbairt na líonraí.

3.5

Ní haon bhréag a rá go bhfuil gá le hinfheistíocht nach beag i mbonneagair fuinnimh má tá i ndán go mbeidh eangacha cliste ann. Is fíor freisin go bhfuil roinnt mhaith Ballstát ann spreagann infheistíocht den saghas sin ós ríléir go bhfuil a gcuid reachtaíochta féin dírithe ar chaiteachas caipitil, agus is caiteachas oibríochtúil is mó a bhíonn i gceist le hinfheistíochtaí sa digiteáil. Ní leor an infheistíocht sin agus an dul chun cinn lena mbaineann comhordú agus faireachán a dhéanamh uirthi. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na smaointe a bhaineann le “Infheistíochtaí sa bhonneagar leictreachais digiteach a chur chun cinn” a ionchorprú in Airteagal 58 de Threoir (AE) 2019/944 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus, ar an dóigh sin, creat rialála faoina ndreasaítear an infheistíocht i ndigiteáil na n-eangacha leictreachais a áirithiú.

3.6

Tá sé á chur in iúl ag an gCoimisiún Eorpach, agus a dhóthain údair aige, go bhfuil ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha i dtaca le scéimeanna féintomhaltais comhchoiteanna agus pobail fuinnimh a fhorbairt. Bíodh is gur cuidiú iad na treoirlínte agus an t-ardán turgnamhaíochta atá beartaithe i dtaca leis sin, ní hiad sin na gnéithe is tábhachtaí de. Breis agus cúig bliana tar éis chur i láthair an phacáiste “Fuinneamh Glan do gach Eorpach”, is suarach an ról atá ag pobail fuinnimh agus féintomhaltas comhchoiteann fós i gcórais fuinnimh na hEorpa. In a lán cásanna, is é is cúis leis sin bacainní móra maorlathacha agus easpa faisnéise a bheith ar na tomhaltóirí agus na táirgeoirí. Tá neamhaird tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar na bacainní sin go nuige seo. Ní mór dreasachtaí a thabhairt do mhuintir na hEorpa chun iad a spreagadh agus a ghríosú ar deireadh thiar chun a ngníomhaíochtaí uile i ngort an fhuinnimh a dhigiteáil. Ní mór an córas fuinnimh ina iomláine a bheith tarraingteach a dhóthain do na páirtithe a oibríonn sa chóras ionas ní hamháin go gcuideodh na dreasachtaí airgeadais leis an gcóras fuinnimh digitithe sin a chruthú, ach go spreagfadh an timpeallacht iomlán iad chun córas fuinnimh rialaithe, bainistithe agus slán a chruthú. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh chomhfhreagracha a fhorbairt, tionscnaimh lena n-áirítear tacaíocht dhíreach lena gcumasófar do phobail fuinnimh agus do thomhaltóirí comhchoiteanna tairbhe a bhaint as lán an phoitéinsil atá iontu, agus oibreoirí córas dáileacháin á gcur san áireamh chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú. Mura ndéantar amhlaidh, ní dhéanfar aon difear le huirlisí digiteacha.

3.7

Rud eile a bhfuil gealladh faoi is ea luchtú déthreoch na bhfeithiclí leictreacha. Léirítear leis gur féidir leis na tomhaltóirí is gníomhaí cur go díreach le cobhsaíocht an chórais ach teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid, TFC san áireamh, agus sin ar thaobh na heangaí agus ar thaobh an tomhaltóra araon. Bíodh sin mar atá, níl luchtú déthreoch feithiclí leictreacha in úsáid ach i gcás dornán beag gnólachtaí san Eoraip óir ní hamhlaidh a ceapadh an margadh chun dreasachtaí margadhbhunaithe a chur ar fáil le haghaidh soláthar leictreachas solúbtha an eangach isteach agus an eangach amach. Agus iarrachtaí á ndéanamh ag an gCoimisiún an margadh a dhearadh as an nua, ba cheart dó díriú go háirithe ar mhargadh a dhearadh ina bhfuil cásanna amhail an cás ar a dtugtar tuairisc i gcaibidil 4.2 den phlean gníomhaíochta tarraingteach agus faoina chuidítear leis na cásanna sin a phríomhshruthú, margadh faoinar féidir le hoibritheoirí líonra luchtú déthreoch a úsáid amach anseo mar thoisc i rialú lóid, rud nach mór a chur san áireamh sa reachtaíocht freisin chun slándáil an tsoláthair a áirithiú.

3.8

Tá sé á athdhearbhú ag CESE go bhféadfadh éifeachtaí suntasacha dearfacha a bheith ag struchtúr soláthair fuinnimh atá aeráidneodrach, díláraithe agus digitithe ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar, go háirithe geilleagair réigiúnacha, ach an cur chuige ceart a chleachtadh ina leith (3). Maidir leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, is cur chuige ginearálta atá de dhíth ón Aontas Eorpach, cur chuige ina gceanglaítear saincheisteanna sonracha a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid le cuspóirí an bheartais maidir leis an gcomhtháthú sóisialta agus réigiúnach.

3.9

I gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh, leagann CESE béim ar an tuiscint gur tábhachtach an ní é dearadh teicnealathach na gcreatchoinníollacha eacnamaíocha agus cur chun cinn airgeadais teicneolaíochtaí, agus digiteáil an chórais fuinnimh go sonrach. Chomh maith céanna, tá CESE á thabhairt dá aire nach n-éireodh go maith le beartas um athrú a bheith rathúil ach amháin má chuirtear san áireamh dinimicí sóisialta éagsúla an aistrithe agus má thugtar aghaidh orthu sin sna straitéisí agus sna bearta lena mbaineann. Ba cheart dúinn ról na dtomhaltóirí san aistriú digiteach a neartú agus iad a spreagadh chun a oiread réiteach cliste agus is féidir a úsáid, ós rud é go bhféadfaidh siad cuidiú le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus feidhmíocht an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, agus dlúthpháirt ag gach cuid den slabhra luacha fuinnimh chun slándáil an tsoláthair a áirithiú. Dá bhrí sin, is rud riachtanach atá sa bheartas um aistriú cóir agus bainistiú gníomhach polaitiúil ar athraithe. Tá baol ann nach n-éireoidh leis an aistriú mar gheall ar fhrithbheartaíocht ón bpobal má dhéanfar neamhaird den ghné shóisialta ag céim an chur chun feidhme.

3.10

De thoradh ar chlaochlú an chórais fuinnimh, d’fhéadfadh brabúis gan choinne a bheith ann do sholáthraithe seirbhíse agus d’fhéadfaidís muirir níos airde a ghearradh ar na réitigh nua a mhol siad dá réir sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh seirbhísí nuálacha, aipeanna agus córais bhainistíochta fuinnimh leas a bhaint as an acmhainneacht neamhshaothraithe atá ann d’úsáideoirí fuinnimh agus, ar an gcaoi sin, cuid den bhrú a bhaint de na tomhaltóirí a bhfuil praghsanna arda fuinnimh ag déanamh buartha dóibh. De thairbhe na digiteála, is féidir praghsanna ar an margadh a chur i gcomparáid le chéile, féachaint chuige go mbeidh praghsanna i leith roghanna solúbthachta cothrom (amhail aistriú ualaigh) agus é a léiriú ag céim luath de phróiseas an mhargaidh go bhféadfadh tomhaltóirí fuinnimh, teaghlaigh leochaileacha cuir i gcás, níos lú a íoc ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil. Mar shampla, d’fhéadfadh réitigh chuntasaíochta fuinnimh chliste deis a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta an méid fuinnimh ar féidir leo íoc as a úsáid agus gan ligean dóibh dul i bhfiacha.

3.11

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún an scéal atá ann i bhfírinne maidir le margadh na méadar cliste a chur san áireamh agus idirghabháil a dhéanamh más gá sin. D’fhéadfadh go mbeadh costais arda le híoc ag tionóntaí as an tsuiteáil atá beartaithe le haghaidh méadar cliste. Go praiticiúil, is beag iomaíocht atá ann idir na soláthróirí éagsúla a chuireann seirbhísí méadraithe ar fáil. Léiríodh i bhfiosrúcháin ar an earnáil sa Ghearmáin agus san Ostair go bhfuil táscairí suntasacha ann go bhfuil olagaplacht neamhiomaíoch ann san earnáil fhomheadraithe (4). D’fhonn an t-iomaíochas a áirithiú, ní mór a áirithiú gur féidir le soláthraithe tríú páirtí gairis taifeadta tomhaltais a úsáid freisin. Mura n-áirithítear sin, bheadh athrú sa chuideachta billeála i gceist i gcónaí leis na costais a bhaineann leis na gairis taifeadta tomhaltais atá ann cheana féin a ionadú.

3.12

Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn CESE an seasamh atá aige gur ríthábhachtach sochaí fuinnimh an dá shraith a chosc. Ní ceart gurbh éard a tharlódh nach mbeadh buntáiste ar an aistriú fuinnimh ach amháin ag teaghlaigh a bhfuil an trealamh agus an teicneolaíocht acu, agus gan i ndán do theaghlaigh eile ach iompar na gcostas. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis na dreasachtaí agus leis na huirlisí chun an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a chur chun feidhme chun cabhrú le custaiméirí agus le teaghlaigh leochaileacha, agus cuireann sé in iúl go bhféadfadh spriocanna uaillmhianacha maidir le téamh/fuarú ceantair drochthionchar a imirt ar dhálaí na tithíochta sóisialta.

3.13

Maidir le dearadh na gcóras fuinnimh agus an bhonneagair fhuinnimh amach anseo, tá béim leagtha arís agus arís eile ag CESE ar an tuiscint go gcaithfidh gach tomhaltóir — teaghlaigh, gnólachtaí agus pobail fuinnimh san áireamh — a bheith rannpháirteach san obair agus córais chliste fuinnimh á bhforbairt, agus nach mór dreasachtaí a chur i bhfeidhm ionas gur féidir leis an tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh, ach freisin, ionas go gcuideoidh sí le cistiú an aistrithe. “Nuálaithe áitiúla agus réigiúnacha a nascadh”, mar a luann an Coimisiún i bpointe 7.3, tá sé sin an-tábhachtach ar fad. Le gníomhaíocht choiteann, amhail comhar idir cathracha agus pobail chliste, is féidir na réitigh is fearr agus is inacmhainne a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó réigiún a chruthú.

3.14

Is éard atá á bheartú leis an bplean gníomhaíochta go bunófar spás coiteann Eorpach sonraí fuinnimh agus rialachas fónta lena áirithiú go gcomhordófar malartú sonraí agus úsáid sonraí fuinnimh ar bhonn uile-AE. Tá an digiteáil fuinnimh á treorú ag beartais dhigiteacha agus fuinnimh an Aontais cheana féin, ós rud é nach féidir saincheisteanna amhail idir-inoibritheacht sonraí, slándáil an tsoláthair agus cibearshlándáil agus cosaint an tomhaltóra a chur de fhreagracht ar an margadh amháin, agus baineann an-tábhacht lena gcur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, tá sé á chur in iúl ag CESE nach mór cosc a chur ar shárú príobháideachais agus ar mhí-úsáid sonraí ar gach bealach dá bhfuil ann. Ní hiad na réamhchúraimí teicniúla an t-aon rud amháin a áirítear air sin, áirítear air freisin go mbeadh na húdaráis stáit freagrach as an spás sonraí sin agus as an bhfaireachán a dhéantar air agus iad faoi réir rialú polaitiúil agus daonlathach. Ní mór úinéireacht sonraí poiblí a chur chun cinn ós rud é gur toisc thábhachtach eacnamaíoch iad sonraí i sochaí atá líonraithe agus dhigitithe. Ar an taobh eile den scéal, ní mór monaplachtaí príobháideacha sonraí GAFA (5) a chosc. Ag an am céanna, ní mór aird ar leith a thabhairt ar shonraí bonneagair chriticiúil a chosaint.

3.15

Cé go bhfuil gealladh faoin spás sonraí atá beartaithe, tá gá fós le rialacha soiléire lena rialaítear rochtain gach rannpháirtí sa mhargadh ar shonraí anaithnidithe ar spéis leo na sonraí sin a úsáid chun trádáil agus comhroinnt fuinnimh a phleanáil ar dhóigh níos fearr, mar shampla. Is den tábhacht é go gcuirfí leis an “rialachas láidir” a luaitear sa phlean gníomhaíochta trí chearta bunúsacha a leagan síos do gach rannpháirtí sa mhargadh, tomhaltóirí, táirgeoirí is tomhaltóirí, trádálaithe fuinnimh, etc. san áireamh.

3.16

A mhéid a bhaineann le comhordú straitéiseach ar leibhéal an Aontais, foráiltear sa phlean gníomhaíochta do bhunú Grúpa Saineolaithe um an bhFuinneamh Cliste (rud ar a dtugtaí Tascfhórsa um Eangacha Cliste tráth). Is é is cuspóir don ghrúpa sin rannchuidiú le forbairt an chreata Eorpaigh um chomhroinnt sonraí a bhaineann le fuinnimh, an comhordú a neartú ar leibhéal an Aontais i ndáil le malartuithe sonraí san earnáil fuinnimh, na prionsabail cheannasacha a shainiú, comhsheasmhacht maidir le tosaíochtaí agus tionscnaimh éagsúla comhroinnte sonraí a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt don Choimisiún agus spás coiteann Eorpach sonraí fuinnimh á fhorbairt agus á rolladh amach aige. Cuireann CESE in iúl nach foláir treoirlínte agus cuspóirí soiléire a leagan síos ina thaobh sin agus gur ríthábhachtach go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta eagraithe páirteach san obair sin.

3.17

Cur chuige spéisiúil is ea an smaoineamh tacaíocht a thabhairt d’oibreoirí córas tarchurtha agus d’oibreoirí córas dáileacháin chun leathbhreac digiteach na heangaí leictreachais a chruthú. Is féidir cuidiú le samhaltú eangach a bhuí leis sin. Mar sin féin, ní mór a shonrú go beacht cad é an ról a bheidh ag an leathbhreac digiteach maidir le leathnú na n-eangach a phleanáil, maidir leis an eangach a chur i gclisteacht, maidir le roghanna solúbthachta a chomhtháthú, lena n-áirítear gléasraí cumhachta fíorúla, táirgeadh agus tomhaltas fuinnimh, agus comhroinnt fuinnimh, agus maidir le hathléimneacht a optamú. I ndáil leis sin, is cosúil gur gá leasuithe a dhéanamh ar Threoir (AE) 2019/944 chomh maith.

3.18

Luann an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh gur ríthábhachtach a áirithiú nach ndéanfaidh an digiteáil dochar don chreat maidir le cosaint tomhaltóirí atá bunaithe cheana féin don mhargadh inmheánach leictreachais. Tá CESE ag tabhairt an méid sin dá aire, agus tá sé ag cur in iúl nach mór cearta na dtomhaltóirí ar an margadh fuinnimh a oiriúnú agus a fheabhsú. Níor cheart tomhaltóirí a bheith faoi mhíbhuntáiste ná táillí ró-ard a bheith á ngearradh orthu. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, ar dhaoine faoi mhíchumas agus orthu siúd a bhfuil easpa scileanna digiteacha orthu. Tá rialacháin chosanta leordhóthanacha de dhíth i dtaca leis sin ós léir cheana nach féidir le roinnt mhaith tomhaltóirí fanacht bord ar bhord le faisnéis dhigiteach agus leis na billí.

3.19

Foráiltear sa Teachtaireacht nár cheart tionchar diúltach a bheith ag an digiteáil ar chumas na mBallstát praghsanna rialáilte a bhunú, go háirithe i gcás custaiméirí leochaileacha agus i gcás daoine atá i ngreim ag an mbochtaineacht fuinnimh. Is féidir le húdaráis phoiblí an bhochtaineacht fuinnimh a shainaithint, faireachán a dhéanamh uirthi agus aghaidh a thabhairt uirthi ar bhealach níos fearr, a bhuí le huirlisí digiteacha. Ar an dul céanna, is féidir leis an earnáil fuinnimh a cuid oibríochtaí a optamú, díriú ar shlándáil an tsoláthair agus tús áite a thabhairt d’úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh.

3.20

Is díol sásaimh do CESE gur fhógair an Coimisiún go n-áiritheofar go mbeadh comhar idir príomhthionscadail T&N agus é féin mar aidhm leis sin straitéisí a shainaithint a spreagfaidh tomhaltóirí chun uirlisí digiteacha inrochtana agus inacmhainne a dhearadh agus a úsáid faoi lár na bliana 2023. Cuireann CESE in iúl arís eile go bhfuil gá fós le hinfheistíocht nach beag sa taighde agus sa nuálaíocht.

Sa chomhthéacs sin, tá ról tábhachtach ag an infheistíocht phoiblí i gcórais chliste agus in-athnuaite fuinnimh chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus chun praghsanna inacmhainne a áirithiú agus poist a chruthú. Molann CESE arís eile, mar a mhol sé i dtuairim ECO/569, go gcuirfí an riail óir i bhfeidhm maidir le hinfheistíocht phoiblí. Cibé tionscnamh atá i gceist, is tábhachtach méadar cliste a bheith ag an tomhaltóir sa bhaile. Ní hamhlaidh an cás i mBallstáit go leor fós, agus is é sin an fáth a bhfuil géarghá borradh a chur faoi iarrachtaí chun méadrú cliste a chur in úsáid mar réamhriachtanas bunúsach don chuid is mó de na réitigh dhigiteacha san earnáil fuinnimh. Na Ballstáit nach bhfuil méadair chliste curtha i bhfeidhm go forleathan acu fós, ní mór dóibh dlús a chur leis an bpróiseas sin agus cur leis na cuspóirí atá acu maidir leis an gcur i bhfeidhm sin.

3.21

Tá baol ann nach ndéanfar seirbhísí sonraí-bhunaithe agus réitigh teicneolaíochta nuálacha a chur chun feidhme tapa go leor mura mbeidh dóthain oibrithe ag a bhfuil ardscileanna agus gairmithe oilte ann chun cuidiú leis na seirbhísí agus na réitigh sin a chur chun feidhme (6). Creideann CESE nach mór bearta iomchuí a dhéanamh láithreach bonn i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chun na spriocanna a bhaint amach.

3.22

Mar sin féin, tá gá freisin le acmhainní agus cláir airgeadais leordhóthanacha chun oiliúint a chur ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, ar mhná agus ar dhaoine óga go háirithe trí chláir shonracha agus chun dálaí creata tarraingteacha a chruthú dóibh. Áirítear air sin ráthaíochtaí poist chomh maith le tionscnamh oiliúna agus cáilíochta agus raon leathan deiseanna chun athsciliú agus breisoideachas a fháil. Tá acmhainní airgeadais leordhóthanacha teastáil le haghaidh na mbeart is gá i margadh an tsaothair agus sa bheartas oideachas. Ní mór freisin plean gníomhaíochta a chur le chéile má táthar chun cur chuige comhordaithe a áirithiú.

3.23

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh dlúthchomhar idir na soláthraithe oiliúna agus na gnólachtaí i ndearadh na gcúrsaí oiliúna chun na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a sholáthar le haghaidh chlaochlú digiteach agus inbhuanaithe an gheilleagair, lena n-áirítear trí bhreisoideachas agus athoiliúint a chur ar oibrithe agus fiontraithe araon. Déanfar na bearta sin a neartú agus a chur chun feidhme go héifeachtach le linn Bhliain Eorpach na Scileanna 2023.

3.24

Is ceanglas riachtanach í an chibearshlándáil chun iontaofacht an chórais fuinnimh a áirithiú de réir mar atá an córas fuinnimh sin ag éirí níos digitithe. I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas agus, go háirithe, i bhfianaise na n-imeachtaí a thit amach le déanaí, is follas an chontúirt a bhaineann le cibirionsaithe agus le gníomhartha sabaitéireachta in aghaidh bonneagar criticiúil. Mar sin féin, tagann fadhbanna chun cinn ní hamháin de thoradh ar ghníomhaíochtaí nach cibirionsaí ná gníomhartha sabaitéireachta iad, ach de thoradh freisin cliseanna sna crua-earraí agus sna bogearraí. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar dhearadh crua-earraí agus bogearraí le linn na digiteála d’fhonn an stóinseacht a áirithiú. Má chliseann ar bhonneagar criticiúil nó má chuirtear isteach air, d’fhéadfadh sé go mbeadh ganntanas soláthair tubaisteach ann, agus d'fhéadfadh go gcuirfí sábháilteacht an phobail i mbaol. Méadaítear an “raon inionsaithe” agus na rioscaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil de dhroim giniúint agus úsáid fuinnimh níos díláraithe i gcomhar leis an idirlíon.

3.25

D’fhéadfadh slabhra luacha iomlán an chórais fuinnimh, ó chéim an táirgthe agus an tarchuir go céim an dáileacháin agus an tomhaltóra, lena n-áirítear gach comhéadan digiteach ar feadh an tslabhra, a bheith ina sprioc don cibirionsaí don ionsaí fisiciúil. Is ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad feabhas a chur ar chosaint an bhonneagair chriticiúil sin. Ní mór don Aontas a bheith níos ullmhaithe i gcoinne ionsaithe den chineál sin. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí measúnú criticiúil láithreach bonn ar na bearta uile a rinneadh go dtí seo, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh straitéis chuimsitheach ann chun an tAontas a chosaint ar bhagairtí mar thubaistí nádúrtha, ionsaithe fisiciúla agus cibirionsaithe. Ina fhianaise sin, tá aird á tarraingt ag CESE ar thuairimí eile dá chuid faoin ábhar sin (7) agus molann sé gur cheart an infheistíocht eachtrach uile a dhéantar in earnálacha straitéiseacha san Aontas a bheith ag teacht le beartas slándála an Aontais.

3.26

7 % den leictreachas a chaitear ar domhan, is in earnáil TF a chaitear é. Ós amhlaidh atá, is ríthábhachtach féachaint chuige go laghdófar riachtanais fuinnimh earnáil TFC, riachtanais atá ag dul i méid, i gcomhréir le cuspóir na haeráidneodrachta agus sinn i mbun an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Aontaíonn CESE leis an tuiscint gur den riachtanas aghaidh a thabhairt ar thomhaltas fuinnimh agus acmhainní feadh slabhra luacha TFC agus ar na príomhfhoinsí breise tomhaltais fuinnimh a bhaineann le TFC. Is ann cheana do réitigh maidir leis an gcaoi chun fuíoll teasa ó ionaid sonraí a athúsáid chun tithe teasa agus gnólachtaí a théamh. Dá bhrí sin, ba thábhachtach caitheamh le dramhtheas ar aon chéim le foinsí in-athnuaite fuinnimh san athbhreithniú a dhéanfar ar an Treoir maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (RED III) agus ar reachtaíocht eile a bhaineann leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”. Mar sin féin, má tá i ndán go mbeidh torthaí optamacha ann, is réitigh nithiúla atá ag teastáil, réitigh is féidir a chur i bhfeidhm, réitigh ba shamhail den dea-chleachtas.

3.27

Ní mór na rudaí seo a leanas a áirithiú ar fud an domhain i bhfóraim idirnáisiúnta agus i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta: caighdeáin theicniúla idir-inoibritheacha, an chibearshlándáil, cosaint sonraí agus príomhghnéithe eile de chóras fuinnimh digitithe. Chun dul chun cinn a dhéanamh san aistriú glas agus san aistriú digiteach le tíortha comhpháirtíochta trí theagmhálacha déthaobhacha, iarrann CESE ar an gCoimisiún gnéithe digiteacha agus glasa a ionchorprú i dtionscadail, i gcomhpháirtíochtaí agus i gcomhaontuithe comhair atá bainteach le fuinneamh.

4.   Barúlacha sonracha

4.1

Creideann CESE nach bhfuil an aird agus an tacaíocht a mbeadh súil leo faighte ag na ceantair thuaithe le haghaidh straitéis chomhcheangailte an aistrithe fuinnimh ná le haghaidh na digiteála. Tá sé ag iarraidh go ndéanfaí fís fhadtéarmach an Choimisiúin i gcomhair limistéir thuaithe an Aontais a chur chun feidhme go pras agus, sin agus na geallsealbhóirí a spreagadh faoin gComhshocrú um an Tuath.

4.2

Tá áirithiú chomhionannas mhargadh an tsaothair in earnáil an fhuinnimh á mholadh ag CESE trí dheiseanna a thabhairt i gceist le haghaidh na mban agus, san am céanna, cosc a chur ar an aistriú fuinnimh agus ar an aistriú digiteach a dhéanfadh aimhleas do ghairm agus do phá na mban, agus trí chur le hidirphlé sóisialta agus le comhaontuithe comhchoiteanna i dtaobh le comhionannas sna cuideachtaí fuinnimh ar fud na hEorpa.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO L 158, 14.6.2019, lch. 125.

(2)  Féach IO C 367, 10.10.2018, lch. 1 (níl leagan Gaeilge ann).

(3)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 1 (níl leagan Gaeilge ann).

(4)  Mar shampla, fuarthas amach go ndearna an soláthraí seirbhísí méadraithe is mó san Ostair iarracht soláthraithe tríú páirtí a eisiamh óna threalamh méadair chliste a úsáid trí mhodhanna cosanta crua-earraí (Údarás Iomaíochta Feidearálach na hOstaire (BWB), 2022).

(5)  Na ceithre cuhideachta ollmhóra idirlín, is iad sin, Google, Apple, Facebook agus Amazon..

(6)  Bunaithe ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí, is éard a shainaithin an Coimisiún go bhfuil easnaimh i bhforbairt scileanna, sin agus an easpa oibrithe oilte leordhóthanacha, ar na bacainní is mó ar ghlacadh teicneolaíochtaí digiteacha (tuarascáil achomair le fáil ar an tairseach “Cloisimis uait!”).

(7)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 170 (níl leagan Gaeilge ann).


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/101


Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Moladh do TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 98/24/CE ón gComhairle agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus dé-isicianáití.

[COM(2023) 71 final – 2023/0033 (COD)]

(2023/C 184/18)

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 13.2.2023

An Chomhairle, 8.3.2023

Parlaimint na hEorpa, 13.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 153 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

197/0/3

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe, agus seasamh na gcomhpháirtithe sóisialta a chuirtear i láthair i meabhrán míniúcháin an togra á urramú aige san am céanna.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/102


Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL)

(COM(2023) 63 final – 2022/025 (COD))

(2023/C 184/19)

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 13/02/2023

 

An Chomhairle, 21.2.2023

Bunús dlí

Airteagal 192(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

194/0/3

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe go huile agus go hiomlán ag an gCoiste agus go bhfuil a bharúlacha ar an ábhar leagtha amach cheana ina thuairim/thuairimí roimhe seo sa doiciméad CESE 5002/2014, arna glacadh an 12 Samhain 2014 (1), chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe agus chun tagairt a dhéanamh don seasamh a ghlac sé sa doiciméad / sna doiciméid thuasluaite.

An Bhruiséil, 22 Márta 2023

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 230, 14.07.2015, lch. 91.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/103


Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE

(COM(2022) 760 final – 2022/0405 (COD))

maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a fhéachann lena scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM

(COM(2022) 761 final – 2022/0406 (COD))

agus maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide

(COM(2022) 762 final – 2022/0411 (COD))

(2023/C 184/20)

Rapóirtéir:

Kęstutis KUPŠYS

Comhairliúcháin

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 06/02/2023 (COM(2022) 760 final agus COM(2022) 762 final);

8.2.2023 (COM(2022) 761 final)

Parlaimint na hEorpa,1.2.2023

Bunús dlí

Airteagail 50(1), 114 agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

2.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

123/2/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Tá méadú ar chistiú cothromais le haghaidh cuideachtaí Eorpacha ríthábhachtach chun téarnamh i ndiaidh COVID-19 a áirithiú agus chun córas eacnamaíoch láidir Eorpach a thógáil i bhfianaise chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Ar an gcúis sin, is díol mór sásaimh do CESE an Gníomh um Liostú a mhol an Coimisiún.

1.2

Creideann an Coiste go scaoilfí deiseanna nach n-úsáidtear faoi láthair chun caipiteal a mhealladh le haghaidh fáis dá gcuirfí cuideachtaí atá faoi úinéireacht teaghlaigh ar na margaí caipitil agus go gcuidíonn an córas maidir le cearta ilvótála le teaghlaigh a gcuideachtaí a choinneáil faoina rialú féin, rud a fhágann go bhfuil sé níos tarraingtí dóibh a gcuideachtaí a liostú. Aontaíonn CESE gur cheart creat mionsonraithe a dhearadh ar an leibhéal náisiúnta agus comhchuibhiú ardleibhéil san Aontas a spreagadh ag an am céanna.

1.3

Is díol sásaimh do CESE freisin tionscnamh an Choimisiúin chun ábhair réamheolaire a chuíchóiriú, rud a laghdódh go suntasach na costais agus an t-ualach a chuirtear ar eisitheoirí.

1.4

Go ginearálta, is díol sásaimh don Choiste an togra chun rogha a thabhairt d’eisitheoirí réamheolaire a fhoilsiú i mBéarla amháin, ós rud e gurb é an Béarla an teanga choiteann a bhíonn in úsáid ag infheisteoirí idirnáisiúnta le fada. Mar sin féin, dhéanfaí infheisteoirí miondíola áitiúla a chumhachtú dá bhfoilseofaí an doiciméad iomlán sna teangacha náisiúnta, agus ní an achoimre amháin. Molann CESE d’eisitheoirí a chuimhneamh go gcuirfí bac ar bhonn infheistíochta miondíola náisiúnta a fhorbairt dá n-úsáidfí doiciméid eisiúna i mBéarla amháin.

1.5

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur dócha go dtiocfaidh méadú ar infheiceálacht fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) dá ndéanfaí taighde infheistíochta a chuachadh i seirbhísí eile. Dá bhrí sin, is díol sásaimh don Choiste an moladh chun an tairseach díchuachadh a mhéadú go EUR 10 mbilliún. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh gá le bearta breise, áfach, chun taighde neamhspleách a spreagadh.

1.6

Is mór ag CESE ar fad cur chuige an Choimisiúin i leith éiginnteacht dhlíthiúil a mhaolú a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le nochtadh faisnéise. Mar sin féin, maidir leis an togra le haghaidh sásra faireachais trasmhargaidh ar an leabhar orduithe (CMOBS), sásra lena n-éascófaí malartú sonraí leabhair orduithe idir maoirseoirí, d’fhéadfadh sé go mbeadh riosca ag baint leis, is é sin, go gcruthófaí iomaíocht éagórach leis, ós rud é go mbeadh ionaid trádála dhéthaobhacha lasmuigh de raon feidhme an chórais tuairiscithe.

2.   Cúlra

2.1

An 7 Nollaig 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún sraith tograí (1) bunaithe ar bhearta chun aontas na margaí caipitil san Aontas Eorpach a fhorbairt tuilleadh. Tá Gníomh nua um Liostú mar chuid den phacáiste sin agus is é is aidhm dó an t-ualach riaracháin a chuirtear ar chuideachtaí den uile mhéid, go háirithe FBManna, a laghdú ionas go mbeidh rochtain níos fearr acu ar chistiú trína liostú ar stocmhalartáin.

2.2

Luann an Coimisiún go bhfuil margaí caipitil an Aontais fós ilroinnte agus neamhfhorbartha ó thaobh méide de. Léirítear sna staidéir gur beag an méadú a tháinig ar an líon iomlán cuideachtaí atá liostaithe ar mhargaí fáis FBManna san Eoraip ó 2014 (2), in ainneoin gur léir go ndeachaigh sé chun tairbhe do na cuideachtaí iad a bheith liostaithe, mar is léir sa mhéadú a tháinig ar a luacháil margaidh. Go ginearálta, tagann méadú ar ioncaim na gcuideachtaí atá liostaithe, cruthaíonn siad níos mó post agus cuireann siad lena gcláir chomhardaithe ag luas níos tapa i gcomparáid le cuideachtaí eile nach bhfuil liostaithe. Soláthraítear fianaise i roinnt staidéar nach bhfuil an cás rómhaith maidir le tairiscintí tosaigh FBManna don phobal san Eoraip.

2.3

Leis an nGníomh um Liostú, cuirtear rialacha níos simplí agus níos fearr maidir le liostú ar bun, go háirithe le haghaidh FBManna, ar bhealach atáthar ag súil nach gcuirfeadh cosaint infheisteora ná sláine an mhargaidh i mbaol.

2.4

Maítear sa Ghníomh go n-áiritheofar laghduithe suntasacha ar chostais leis agus go gcuirfear le líon na dtairiscintí tosaigh don phobal (TTP) san Aontas. Agus rialacha réamheolaire níos simplí i bhfeidhm, bheadh sé níos éasca agus níos saoire do chuideachtaí iad féin a liostú. Trí chuideachtaí a ligean chun scaireanna ceart ilvótála (multiple-voting rights shares – MVRS) a úsáid agus iad á liostú den chéad uair ar mhargaí fáis FBM, cruthófar deis do na húinéirí smacht a choinneáil ar fhís a gcuideachta.

2.5

Bheadh níos mó soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh cuideachtaí liostaithe i ndáil le príomhcheanglais maidir le nochtadh faisnéise a chomhlíonadh de thoradh rialacha níos comhréirí ó thaobh drochúsáid margaidh de. Tá sé d’aidhm ag an nGníomh um Liostú atá molta soláthar agus leithdháileadh taighde infheistíochta ar chuideachtaí meánchaipitlithe agus ar FBManna a fheabhsú freisin, rud a thacódh le liostú na gcuideachtaí sin ar mhargaí poiblí ansin.

2.6

Seo a leanas na buntáistí eile a bhfuil coinne leo:

faisnéis chorparáideach le haghaidh infheisteoirí atá níos giorra, níos tráthúla, níos inchomparáide agus níos éasca a léamh;

cumhdach níos fearr ar thaighde cothromais, rud a chuideodh le cinntí infheistíochta a dhéanamh;

maoirseacht níos éifeachtúla a bhuí le rialacha níos soiléire maidir le liostú agus uirlisí feabhsaithe chun imscrúdú a dhéanamh ar chásanna drochúsáide margaidh;

réamheolairí níos caighdeánaithe chun gur fusa do mhaoirseoirí grinnscrúdú a dhéanamh orthu.

2.7

I gcomhréir leis na cuspóirí beartais comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG), d’fhéachfaí leis an nGníomh um Liostú a áirithiú go gcuirfí cuideachtaí a eisíonn bannaí ESG faisnéis atá ábhartha do ESG san áireamh sa doiciméadacht um liostú ionas go mbeidh sé níos éasca d’infheisteoirí measúnú a dhéanamh ar bhailíocht na n-éileamh maidir le ESG. Beidh cuideachtaí a eisíonn cothromas in ann tagairt a dhéanamh don fhaisnéis maidir le ESG atá foilsithe cheana agus atá ar fáil don phobal, mar sin, sa doiciméadacht um liostú.

3.   Barúlacha ginearálta

Argóint i bhfabhar rochtain níos fearr ar liostú ar mhargaí poiblí na hEorpa

3.1

Tá CESE den tuairim láidir go bhfuil cistiú cothromais le haghaidh cuideachtaí Eorpacha ríthábhachtach chun téarnamh marthanach i ndiaidh COVID-19 a áirithiú chomh maith le córas eacnamaíoch láidir Eorpach a thógáil i bhfianaise an chogaidh atá á fhearadh ag an Rúis in aghaidh na hÚcráine. Chuige sin, tá bonneagar margaidh airgeadais fíor-riachtanach chun go scaoilfí na sreafaí infheistíochta atá ag teastáil d’fhonn an geilleagar a athchaipitliú.

3.2

Tá margaí poiblí ardfhorbartha tábhachtach don phobal infheistíochta miondíola freisin. Tá EUR 11 trilliún d’airgeadra agus de thaiscí á choimeád i gcuntas bainc mhuintir na hEorpa (3). Tá scair na dtaiscí i sócmhainní foriomlána teaghlach trí huaire níos mó ná an scair atá ag teaghlaigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Níl tairbhe iomlán á bhaint ag an Aontas as an stór caipitil atá aige dár gcuideachtaí mar níl infheisteoirí deiridh a ngníomhachtú aige chun a n-airgead a chur i margaí caipitil Eorpacha. Ba cheart do bhainisteoirí sócmhainní níos mó muiníne a chothú in ionchais maidir le margadh cothromais na hEorpa, agus ba cheart níos mó roghanna a bheith ag infheisteoirí miondíola agus a bpunanna á dtógáil acu. D’fhonn an méid sin a bhaint amach, is gá a áirithiú go liostófar soláthar éagsúlaithe eisitheoirí ardcháilíochta ar mhargaí poiblí na hEorpa.

3.3

Toisc chobhsaíochta agus cosaint ar thurraingí nár tarlaíodh go fóill is ea a bhíonn sa chothromas tráthanna a bhíonn cuideachtaí in anás airgeadais agus tráth a bhaineann dothuarthacht leis an ngeilleagar, agus go háirithe tráth a bhíonn costais fiachais ag dul in airde.

3.4

Tá sé á thabhairt dá aire ag an gCoiste chomh maith go gcuidíonn an maoiniú cothromais a thugann teaghlaigh Eorpacha do chorparáidí Eorpacha le neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a áirithiú ar an leibhéal fíorbhunúsach, is é sin, úinéireacht sócmhainní agus feidhmiú rialachais chorparáidigh. Maidir le rialú a ghéilleadh do ghníomhaithe eachtracha ar chuideachtaí fíor-riachtanacha Eorpacha, go háirithe i réimse tionchair na dtíortha sin a bhfuil a luachanna éagsúil le luachanna na hEorpa, is riosca suntasach é sin maidir le cobhsaíocht eacnamaíoch agus pholaitiúil an Aontais. Chuirfeadh sé sin bac freisin ar chóras airgeadais bunaithe ar an Aontas a fhorbairt laistigh den Aontas féin, ceann a bheadh dírithe ar a riachtanais. Cuir i gcás, tá an lámh in uachtar fós ag bainc infheistíochta neamh-AE ar thrádáil airgeadais san Aontas (4).

3.5

Gnólachtaí óga agus nuálacha atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh an aistrithe ghlais agus dhigitigh de, ba cheart iad a spreagadh chun féachaint le bheith liostaithe ar mhargaí cothromais na hEorpa agus an maoiniú atá ag teastáil go géar uathu a fháil trí scaireanna a thrádáiltear go poiblí a eisiúint, óir is é sin an bealach is inbhuanaithe chun cuidiú leis na cuideachtaí sin a n-acmhainn chruthaitheach iomlán a shaothrú agus poist nua a chruthú.

3.6

Bíonn éileamh méadaithe ar infheistíochtaí cothromais, go háirithe i measc infheisteoirí miondíola eolacha, mar thoradh ar bhorradh boilscithe. D’fhéadfadh sé, amach anseo, go mbeadh margaí cothromais na hEorpa ar cheann de na háiteanna sin ina gcuirtear an t-insreabhadh infheistíochtaí sin ar aghaidh chuig príomhearnálacha eacnamaíocha ina ngineann cuideachtaí brabús suntasach. Ag an am céanna, tá an Coiste den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach don Aontas rialacha fónta agus láidre a bheith aige maidir le trádáil chun an acmhainneacht iomlán a bhaint as margaí caipitil an Aontais. Foghlaimíodh ceacht ón ngéarchéim airgeadais, is é sin nach mór don Aontas margaí a chosaint le cothroime, sláine, athléimneacht agus trédhearcacht, agus an leibhéal is airde cosanta infheisteora a áirithiú ag an am céanna.

3.7

Léiríodh in anailís a rinneadh in 14 Bhallstát go bhfuil suas le 17 000 cuideachta mhór i dteideal iad féin a liostú ach nach bhfuil siad ag iarraidh é sin a dhéanamh (5). Feictear don Choiste go bhfuil riosca ann go dtiocfaidh meath ar an trádáil mura spreagfadh an tAontas liostú nua ar mhargaí cothromais ós rud é go bhféachfadh infheisteoirí lena bpunann a éagsúlú sa domhan mór más ea nach mbeadh dóthain teideal ar tairiscint san Aontas le hinfheistiú iontu.

3.8

Tá glúin nua Eorpach ag dul isteach sa mhargadh infheistíochta miondíola agus iad ag smaoineamh faoin inbhuanaitheacht (i.e. fachtóirí bunaithe ar ESG). Ag an am céanna, tá neart gníomhairí eacnamaíocha ag bogadh i dtreo cuspóirí glasa, agus iad spreagtha ag beartais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Is léir do CESE go bhféadfadh an meascán fachtóirí sin cur go mór leis an iarracht chun acmhainneacht iomlán thacsanomaíocht airgeadais inbhuanaithe na hEorpa agus acmhainneacht iomlán chreat na hEorpa maidir le nochtadh corparáideach neamhairgeadais a scaoileadh. Beidh ar chuideachtaí, agus iad ag gníomhú ar a dtoil féin agus freisin chun iad féin a ailíniú le reachtaíocht atá le teacht ón Aontas, níos mó béime a chur ar chritéir ESG ina n-oibríochtaí. Beidh comhlíontacht na gcritéar sin á héileamh ag an nglúin nua infheisteoirí chomh maith le tionchar sóisialta agus athghiniúna comhshaoil atá dearfach nithiúil agus ar comhchéim leis an ngnóthachán airgeadais.

3.9

Tá an Coiste ag cur roinnt staidéar in iúl chomh maith ina léirítear go ndéanann geilleagair ag a bhfuil cistiú margadhbhunaithe infheistíocht a athdháileadh ar earnálacha nach bhfuil chomh truaillitheach céanna agus a bhaineann dian-úsáid as an teicneolaíocht (6). I gcontrárthacht leis sin, is iondúil go mbíonn cúluithe eacnamaíochta níos géire agus téarnamh níos moille i ndiaidh méaduithe atá dian ar chreidmheas (7).

3.10

Ba cheart é a bheith ina sprioc shoiléir caipitliú stocmhargaidh 100 % d’OTI an Aontais a bhaint amach (ó thart ar 64 % faoi láthair (8)). Creideann CESE nach bhfuil an dara rogha ann ach tacú le margaí poiblí agus an timpeallacht TTP a fheabhsú.

An tábhacht le haghaidh FBManna agus gnólachtaí faoi úinéireacht teaghlaigh

3.11

Tá CESE den bharúil nach nglacann FBManna an ról a d’fhéadfaidís a ghlacadh i margaí cothromais. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun an athléimneacht is gá a thabhairt do FBManna trí mhaoiniú cothromais.

3.12

Tá sé á thabhairt dá aire ag an gCoiste go bhfuil fianaise ar thearcinfheistíocht san Eoraip le blianta fada, agus is fadhb ghéar í an fhadhb a bhaineann le heaspa caipitil cothromais le haghaidh FBManna. Níl dóthain infheictheachta ag FBManna chun caipiteal a mhealladh. Sholáthrófaí deiseanna níos fearr do na cuideachtaí sin san fhadtéarma dá ndéanfaí iad a liostú. Tacaíonn CESE go láidir leis an tuairim nach mór áit iomchuí a aimsiú le haghaidh FBManna liostaithe i bpunanna infheisteoirí aonair (miondíola), i gcistí frithpháirteacha agus cistí pinsin agus i gcuideachtaí árachais.

3.13

Tá margadh TTP a fheidhmíonn go maith tábhachtach i dtimpeallacht réamh-TTP chomh maith mar tá tionchar aige ar phleanáil na straitéisí scoir agus dá bhrí sin tá tionchar aige ar sholáthar caipitil riosca ag gnólachtaí caipitil fiontair.

3.14

Uirlis riachtanach is ea an taighde cothromais chun cur le hinfheictheacht FBManna agus ba cheart é a chur chun cinn dá bhrí sin. Tionscnaimh amhail feabhsú sa chumhdach taighde cothromais nó sa Phointe Rochtana Aonair Eorpach, chuideoidís le hinfheictheacht FBManna i measc infheisteoirí a mhéadú.

3.15

Tá gá le haire chúramach a thabhairt chun cuideachtaí atá faoi úinéireacht teaghlaigh a spreagadh chun liostaithe. Mar shampla, is cuideachtaí atá faoi rialú teaghlaigh iad 90 % de na cuideachtaí uile sa Ghearmáin, agus is gnólachtaí teaghlaigh iad 43 % de chuideachtaí a bhfuil díolachán níos mó ná EUR 50 milliún acu (9). Baineann buntáistí leis an úinéireacht teaghlaigh; mar sin féin, d’fhéadfadh acmhainneacht fáis a bheith teoranta (i bpáirt ar a laghad) mura mbeifí in ann an cistiú is gá a fháil. Tá muinín ag CESE go scaoilfí deiseanna nach n-úsáidtear faoi láthair dá gcuirfí cuideachtaí faoi úinéireacht teaghlaigh ar na margaí caipitil (10), agus go gcuidíonn córas MVRS le teaghlaigh smacht a choinneáil ar a gcuideachtaí, rud a fhágann go bhfuil sé níos tarraingtí dóibh a gcuideachtaí a liostú.

3.16

Tugann an chuid is mó de lárionaid airgeadais an fhéidearthacht chun MVRS a bheith ann. Teastaíonn cur chuige comhchuibhithe ón Eoraip chun coinneáil suas le forbairtí domhanda ionas nach gcaillfear na gnólachtaí sin atá sásta méadú.

Trédhearcacht agus nochtadh

3.17

Méadóidh na ceanglais trédhearcachta le haghaidh cuideachtaí atá ag ullmhú lena liostú go poiblí i gcomparáid leis na ceanglais atá ar chuideachtaí príobháideacha. Murab ionann agus cuideachta phríobháideach, bailíonn cuideachta atá liostaithe go poiblí airgead ó scairshealbhóirí seachtracha nach mbíonn an leibhéal céanna faisnéise acu, ná an leibhéal céanna tionchair ó thaobh cinnteoireachta de, i gcomparáid le húinéirí cuideachta príobháidí.

3.18

Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil údar le leibhéal níos airde cosanta infheisteora, ach tá gá leis chomh maith, e.g. trí oibleagáidí maidir le nochtadh (lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le faisnéis ón taobh istigh) agus caighdeáin tuairiscithe láidre a leagan síos.

3.19

Tá an Coiste den tuairim go bhfuil nochtadh éigeantach ríthábhachtach agus go bhfuil gá leis le haghaidh margadh poiblí a fheidhmíonn go maith. Teastaíonn méid leordhóthanach faisnéise ó infheisteoirí ar réamh-mheastacháin maidir le luach urrús. Dhéanfaí infheistíocht san eisitheoir a dhíspreagadh dá laghdófaí an nochtadh faisnéise is gá in aon chor. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhac mór ar shaothrú iomlán na ndeiseanna a sholáthraíonn margaí caipitil ansin.

3.20

Mar sin féin, ní hé an bealach is fearr chun cinn don eisitheoir ná don infheisteoir faisnéis iomarcach a chur san áireamh i ndoiciméid tairisceana, díreach chun nach mbeadh baol dlíthíochta ann. Ba cheart an chothromaíocht cheart a bhaint amach.

4.   Barúlacha agus moltaí sonracha

4.1

I bhfianaise an méid thuas, is díol mór sásaimh don Choiste an Gníomh um Liostú a mhol an Coimisiún, cé is moite de roinnt mionrudaí a bhaineann le gnéithe an Ghnímh.

4.2

Is léir do CESE gur gá dul i ngleic le rialacha ilroinnte náisiúnta maidir le MVRS. Maidir le comhchuibhiú íosta ar na rialacha sin, ar rialacha iad a dhíríonn ar ghnólachtaí faoi úinéireacht teaghlaigh a mhealladh chuig margaí caipitil an Aontais, glacann an Coiste leis go gcuideofar le haontas margaí caipitil a bheidh uile-Eorpach go fírinneach a bhaint amach leis an gcomhchuibhiú sin. Ba cheart creat mionsonraithe a dhearadh ar an leibhéal náisiúnta d’fhonn é a oiriúnú don éiceachóras áitiúil agus comhchuibhiú ardleibhéil Aontais a spreagadh ag an am céanna.

4.3

Tá CESE á thabhairt dá aire nach í an tsaor-chomhlúthacht an t-aon fhachtóir amháin atá tábhachtach agus leachtacht á háirithiú. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le saor-chomhlúthacht íosta de 10 % ach amháin tráth an liostaithe. Go háirithe i gcás na mBallstát is lú, tá an tsolúbthacht sin fíorthábhachtach ós rud é go bhféadfadh a margaí oibriú ar bhealach leormhaith agus saor-chomhlúthacht níos ísle acu. Tá sé sin ríthábhachtach chun díliostú tobann a chosc.

4.4

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh chun ábhair réamheolaire a chuíchóiriú, rud a laghdódh go suntasach na costais agus an t-ualach a chuirtear ar eisitheoirí. Mar sin féin, ba cheart do na comhreachtóirí féachaint le cothromaíocht a bhaint amach idir an t-ualach atá ar eisitheoirí agus riachtanais faisnéise na n-infheisteoirí. Níor cheart réamheolairí a bhfuil 800 leathanach iontu a bheith ann a thuilleadh, ach ba cheart an méid faisnéise is gá a áirithiú, go háirithe faisnéis a bhaineann le fachtóirí ESG, ag cur phrionsabal na hábharthachta dúbailte san áireamh. Ag cur leis na forálacha láidre sa Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (11), chuirfí borradh faoin maoiniú don Chomhaontú Glas don Eoraip le tuairisciú den sórt sin.

4.5

I láthair na huaire, tá an t-ábhar scaipthe agus neamh-aonfhoirmeach agus níl sé ar fáil i mBéarla (“an teanga a úsáidtear de ghnáth sa réimse airgeadais idirnáisiúnta”, mar a leagtar amach sa togra) i gcónaí, cé is moite den achoimre. Thairis sin, is i bhformáidí nach bhfuil inléite ag meaisín atá an fhaisnéis ar fáil. D’fhéadfadh roinnt doiciméid rialála eascairt as an aon phróiseas eisiúna amháin, ach bheidís ilroinnte ina gcomhaid éagsúla (e.g. nóta mínithe urrús, achoimre ar an réamheolaire agus an doiciméad clárúcháin).

4.6

Dá bhrí sin, is díol sásaimh é go ndéanfar an réamheolaire le haghaidh ionstraimí cothromais a chomhchuibhiú agus a shimpliú. Go ginearálta, aontaíonn CESE le togra an Choimisiúin rogha a thabhairt d’eisitheoirí réamheolaire a fhoilsiú i mBéarla amháin, ós rud é gurb é an Béarla an teanga choiteann a bhíonn in úsáid i réimse na n-infheisteoirí idirnáisiúnta le fada (cé is moite den achoimre nach mór a sholáthar sa teanga áitiúil d’fhonn infheisteoirí miondíola a choinneáil).

4.7

Mar sin féin, is léir don Choiste freisin go mbaineann an tábhacht chéanna le teangacha áitiúla a úsáid, ós rud é nach coitianta é an Béarla a bheith á labhairt i ngach ceann de na Ballstáit. Maidir le doiciméad iomlán (agus ní an achoimre amháin) a fhoilsiú sna teangacha náisiúnta, agus i mBéarla chomh maith, tá CESE den tuairim go gcuirfeadh sé sin ar chumas infheisteoirí miondíola a bheith páirteach ar bhealach níos gníomhaí. Caithfidh eisitheoirí agus a gcomhairleoirí cuimhneamh go gcuirfí bac ar fhorbairt boinn infheistíochta miondíola náisiúnta dá n-úsáidfí doiciméid eisiúna i mBéarla amháin agus go mbeadh sé sin neamhfheidhmiúil a mhéid a bhaineann le baint amach na gcuspóirí a bhfuiltear ag súil leo sa Straitéis Infheistíochta Miondíola, straitéis a fhógrófar go luath. Chuige sin, tugann CESE dá aire gur cheart bearta a thabhairt isteach chun infheisteoirí miondíola áitiúla a spreagadh chun bheith rannpháirteach i margaí caipitil trí phoibliú leormhaith a dhéanamh ar na doiciméid eisiúna agus inléiteacht na ndoiciméad a fheabhsú.

4.8

Is gné ríthábhachtach é taighde cothromais chun éiceachóras sláintiúil a fhorbairt le haghaidh mhaoiniú cothromais FBManna. D’fhonn cur leis na cainéil taighde atá ann cheana féin, is dócha go dtiocfadh méadú ar tháirgeadh agus leithdháileadh tuarascálacha taighde dá n-údarófaí cuachadh thaighde FBManna i seirbhísí eile. Is díol sásaimh do CESE an méadú atá beartaithe ar an tairseach maidir le díchuachadh, is é sin méadú go EUR 10 mbilliún. Leis an méadú sin, ceartófar cumhdach agus infheictheacht laghduithe FBManna a cruthaíodh le MiFID II (12). Mar sin féin, cuireann CESE i dtábhacht gurb iad na hinstitiúidí airgeadais is mó a dhéanann formhór an taighde cothromais a tháirgeadh. I bhfianaise cé chomh mór agus a bhíonn siad, bíonn sé níos éasca do bhróicéirí an-mhór táillí fánacha a shocrú agus/nó forghníomhú trádála a úsáid chun soláthar taighde a thras-fhóirdheonú i gcomparáid le bróicéirí beaga nó meánmhéide (13). Thairis sin, is mó an tsuim a bhíonn ag bróicéirí móra taighde a sholáthar maidir le cuideachtaí “gormshlise”, agus is baolach nach bhfreastalaítear dóthain ar FBManna. Tuairiscíonn tromlach mór eisitheoirí (14) gur laghdaíodh cumhdach agus infheictheacht FBM mar gheall ar MiFID II. Is léir do CESE gur gá bearta breise a thabhairt isteach chun taighde neamhspleách a spreagadh, bunaithe ar na dea-chleachtais atá ar fáil san Eoraip (15).

4.9

Sa chéim i ndiaidh TTP, ba cheart do chuideachtaí liostaithe a bheith ina n-eiseamláir ó thaobh trédhearcachta de agus ba cheart cosaint leasanna scairshealbhóirí mionlaigh a bheith ar an tosaíocht is mó atá acu. Ní mhéadófar iontaobhas scairshealbhóirí i margaí caipitil an Aontais má tá riosca ann go gcaithfí go héagórach leo nó nach mbeidís cosanta go maith tráth a bheadh an chuideachta phoiblí. Cuireann CESE luach mór ar chur chuige an Choimisiúin i leith éiginnteacht dhlíthiúil maidir le ceanglais nochta a mhaolú, trí leasuithe spriocdhírithe ar an Rialachán maidir le drochúsáid margaidh.

4.10

Creideann an Coiste gur cosúil go bhfuil an creat atá ann faoi láthair, is é sin, iarratais ad hoc i gcásanna drochúsáide margaidh amhrasta, iomchuí agus leordhóthanach chun faireachas éifeachtach a dhéanamh, agus tugann sé dá aire ag an am céanna go measann maoirseoirí gur fiú an malartú sonraí leabhar orduithe a fheabhsú trí shásra CMOBS. D’fhéadfadh sé go mbeadh riosca ag baint le raon feidhme CMOBS go gcruthófaí iomaíocht éagórach leis, ós rud é nach mbeadh ionaid trádála dhéthaobhacha san áireamh sa sásra.

4.11

Tá CESE á mholadh go láidir go gcuirfear chun cinn ar luas méadaithe tionscnaimh leanúnacha eile a chuireann le tarraingteacht margaí poiblí a fheabhsú. D’fhoilsigh an Coiste roinnt tuairimí maidir le tionscnaimh reachtacha a bhí ann roimhe seo, tionscnaimh atá ar bun faoi láthair agus tionscnaimh a bhfuil coinne leo (16). Ba cheart dul chun cinn tapa i dtreo aontas na margaí caipitil a choinneáil ar bun in ainneoin na ndúshlán geopholaitiúil. Tá gá le haontas na margaí caipitil níos mó ná riamh go háirithe mar gheall ar na rioscaí atá ag méadú ó thaobh éagobhsaíocht eacnamaíoch agus éagobhsaíocht shóisialta de.

An Bhruiséil, an 23 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Capital markets union: clearing, insolvency and listing package.

(2)  Tuarascáil deiridh ón nGrúpa Saineolaithe Geallsealbhóirí Teicniúil maidir le FBManna, Empowering EU Capital Markets for SMEs: Making listing cool again.

(3)  Eurostat – Statistics explained.

(4)  Tuarascáil bhliantúil staidrimh ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí “EU securities markets”, 2020; lch. 40.

(5)  Tuarascáil Oxera Primary and secondary equity markets in EU, 2020.

(6)  Haas, R.D. agus A. Popov, Finance and Carbon Emissions, Sraith Páipéar Oibre ó BCE, 2019.

(7)  Jordà, Ò., M. Schularick agus A.M. Taylor, When Credit Bites Back, Journal of Money, Credit and Banking 45, uimh. 2 (1 Noll. 2013): 3-28.

(8)  Bunachar sonraí de chuid Federation of European Securities Exchanges (Cónaidhm Eorpach Malartuithe Urrús), 2022.

(9)  Stiftung Familienurternehmen, (fondúireacht Ghearmánach um ghnólachtaí teaghlaigh).

(10)  IO C 75, 28.2.2023, lch. 28.

(11)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 51.

(12)  MiFID – Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais.

(13)  Tuarascáil ó Oxera Unbundling: what’s the impact on equity research?, 2019.

(14)  An Coimisiún Eorpach, tuarascáil deiridh maidir leis An tionchar atá ag rialacha MiFID II ar thaighde FBM agus ar thaighde infheistíochta ioncaim sheasta, 2020.

(15)  Féach an tionscnamh neamhbhrabúis, “Lighthouse”, faoi Instituto Español de Analistas Financieros.

(16)  IO C 155, 30.4.2021, lch. 20; IO C 290, 29.7.2022, lch. 58; IO C 177, 18.5.2016, lch. 9; IO C 10, 11.1.2021, lch. 30; IO C 341, 24.8.2021, lch. 41.


25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/109


Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA HEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Infhaighteacht agus inacmhainneacht leasacháin a áirithiú

(COM(2022) 590 final)

(2023/C 184/21)

Rapóirtéir:

Arnold PUECH d'ALISSAC

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 9.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

9.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

170/3/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Is díol sásaimh do CESE an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán a áirithiú ós rud é go bhfuil an ghéarchéim dhomhanda leasacháin, ceann a tosaíodh go luath in 2021 agus a d’éirigh níos mheasa ó tosaíodh an cogadh san Úcráin, le brath go géar san Eoraip, áit a bhfuil ar fheirmeoirí dul i ngleic le praghsanna agus ganntanais soláthair atá níos airde ná riamh. Is bagairt í an staid faoi láthair don talmhaíocht agus don slándáil dhomhanda bia.

1.2

Cuireann CESE i dtábacht go bhfuil gá le bearta intíre chun an tionchar atá ag an ngéarchéim leasacháin a theorannú. Seachas an fhéidearthacht a bhaineann le tacú go díreach leis na monaróirí agus na feirmeoirí nítrigine a ndéantar an difear is mó dóibh trí Státchabhair (cabhair ar a bhfuil srianta buiséadacha agus lena mbaineann riosca saofa iomaíochta agus ar cheart di a bheith faoi réir coinníollachta), tá CESE den tuairim go bhfuil gá le bearta ceartaitheacha chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh leasacháin an Aontais, ós rud é gur dócha go mbeidh tionchar níos mó ag bearta ceartaitheacha ar fheirmeoirí agus go mbeidh siad níos costéifeachtaí do cháiníocóirí.

1.3

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar phraghsanna agus soláthar leasacháin trí allmhairiúcháin agus iomaíochas intíre a éascú, tá CESE á mholadh go ndéanfar gníomhaíochtaí, lena n-áirítear taraifí allmhairiúcháin de chuid an Aontais ar leasacháin a chur ar fionraí, agus lóistíocht leasacháin agus solúbthacht rialála a éascú.

1.4

Tá CESE den tuairim freisin go bhfuil gá le bearta meántéarmacha chun spleáchas an Aontas ar leasacháin mhianracha allmhairithe a theorannú agus lorg carbóin leasaithe na mbarr a laghdú. Ba cheart díriú sna bearta sin ar úsáid leasacháin a theorannú trí éifeachtúlacht cothaitheach plandaí mhéadaithe, leasacháin shintéiseacha a ionadú i bpáirt le haoileach beostoic athchúrsáilte agus dramhaíl eile, agus trí neamhthuilleamaíocht na hEorpa i dtáirgeadh leasacháin a fheabhsú, d’fhonn tacú le claochlú agrai-éiceolaíoch na talmhaíochta.

1.5

Is díol sásaimh do CESE an fógra go mbunófar faireachlann le haghaidh mhargadh an leasacháin (le cur ar bun in 2023) i bhfianaise nach mór cur leis an trédhearcacht ar mhargadh leasacháin an Aontais trí phraghsanna ionadaíocha an mhargaidh intíre a fhoilsiú go tráthrialta agus trí staidreamh poiblí a chur ar bun maidir le táirgeadh agus úsáid leasacháin.

1.6

Ina theannta sin, iarrann CESE freisin go gcuirfear gnéithe sóisialta a bhaineann le feirmeoirí (daoine a ndéanann praghsanna leasacháin an-difear dóibh), tomhaltóirí bia (a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar an mboilsciú praghsanna) agus oibrithe an tionscail san áireamh tráth a bheidh bearta nua á nglacadh.

1.7

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá CESE ag impí go gcuirfidh an tAontas dlús le gníomhaíochtaí in aghaidh neamhshlándáil an tsoláthair bia, lena n-áirítear trédhearcacht, infhaighteacht agus úsáid éifeachtach leasacháin a chur chun cinn. Ba cheart trádáil dhomhanda an leasacháin a éascú trí mhargaí a choinneáil oscailte, srianta agus toirmisc ar onnmhairúcháin a sheachaint, táirgeadh leasacháin a mhéadú san Eoraip agus bealaí lóistíochta a shíneadh.

2.   Réamhrá agus cúlra

2.1

Déantar leasacháin de thrí chothaitheach atá riachtanach le haghaidh fás plandaí: nítrigin (N), fosfar (P) agus potaisiam (K).

2.2

Is ionchur ríthábhachtach iad leasacháin sa chuid is mó den táirgeadh talmhaíochta a dhéantar faoi láthair. Tá ról fíor-riachtanach ag infhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán i gcúrsaí slándála bia. Tá géarchéim dhomhanda leasacháin mhianraigh ann ó thús 2021, rud a tosaíodh an chéad lá mar gheall ar an mborradh a tháinig faoin éileamh tar éis an téarnaimh i ndiaidh COVID, agus a d’éirigh níos measa fós ó tharla ionradh na Rúise ar an Úcráin de dheasca srianta ar an soláthar ón Rúis, ón mBealarúis agus ón Úcráin, agus iad ar thrí de na soláthróirí leasacháin is mó ar domhan.

2.3

Tá an ghéarchéim an-ghéar san Eoraip go háirithe mar gheall ar na fachtóirí a leanas: (i) is glanallmhaireoir mór leasachán í an Eoraip; (ii) cosnaíonn dleachtanna allmhairiúcháin margadh leasacháin nítrigine agus fosfair an Aontais agus ardaíonn na dleachtanna sin na praghsanna intíre go leibhéal atá níos airde ná na praghsanna domhanda; (iii) in ainneoin bheartas oifigiúil an Aontais gan toirmeasc a chur ar allmhairí bia agus leasacháin ón Rúis, tháinig laghdú suntasach ar allmhairí leasacháin an Aontais ón Rúis, ón mBealarúis agus ón Úcráin ó mhí an Mhárta 2022, agus na hallmhairí sin mar 43 % d’allmhairí an Aontais roimhe sin.

2.4

Tháinig méadú ar phraghsanna leasacháin intíre agus iad ag na leibhéil is airde riamh (tháinig méadú faoi thrí ar an bpraghas ar nítrigin mhianrach i mí na Samhna 2022 i gcomparáid le mí Eanáir 2021). In éineacht leis an soláthar gann agus ceannacháin mhoillithe, is é a bhí mar thoradh air sin laghdú suntasach i leasacháin an Aontais le haghaidh fhómhar 2022 (1), agus d’fhéadfadh sé go mbeadh ganntanas ann i neart Ballstát in earrach 2023, rud a dhéanfadh difear d’fhómhar 2023.

2.5

Tá an méid sin ag titim amach i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc” (2), a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí na Bealtaine 2020, lena n-áirítear spriocanna uile-Aontais chun caillteanas cothaitheach a laghdú faoi 50 % ar a laghad agus a áirithiú ag an am céanna nach bhfuil aon mheath ar thorthúlacht na hithreach, trí úsáid leasachán a laghdú faoi 20 % ar a laghad faoi 2030.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Tá CESE á chur i dtábhacht go bhfuil leasacháin atá ar fáil go héasca agus atá inacmhainne fíor-riachtanach le haghaidh táirgeadh talmhaíochta agus slándáil bia san Eoraip agus ar fud an domhain. Mar gheall ar ghanntanas leasacháin agus praghsanna leasacháin atá iomarcach, tagann laghdú ar tháirgiúlacht barr agus cuirtear an táirgeadh bia i mbaol. Bíonn ról ag na tosca sin i mboilsciú praghsanna agus is iad saoránaigh na hEorpa agus an cine daonna a íocann as.

3.2

An ghéarchéim atá ann faoi láthair ar mhargaí an leasacháin, is bagairt í ar thíortha ísealioncaim go háirithe, ar tíortha iad a dtéann an neamhshlándáil bia i bhfeidhm go mór orthu. Is bagairt í ar an Eoraip freisin, áit a bhfuil grúpaí leochaileacha ag dul i ngleic le dúshláin inacmhainneachta bia cheana féin, agus d’fhéadfadh laghdú teacht ar an bhfómhar de dheasca na géarchéime leasacháin, rud a d’imreodh tionchar ar shlándáil bia an domhain óir is táirgeoir agus onnmhaireoir mór gránach é an tAontas.

3.3

Creideann CESE nach é praghas ard an gháis nádúrtha amháin a chruthaíonn ganntanas domhanda leasachán ach go gcuireann an éagothroime idir soláthar agus éileamh agus srianta lóistíochtúla leis an nganntanas freisin. I gcás an Aontais, rinneadh an scéal níos measa mar gheall ar leibhéal ard spleáchais na hEorpa ar allmhairí leasachán mianrach, dleachtanna allmhairiúcháin agus an cogadh san Úcráin.

Bearta éigeandála intíre

3.4

In ainneoin praghsanna arda leasacháin, is cosúil go ndearna praghas an-ard an gháis nadúrtha san Eoraip difear d’iomaíochas cuid de mhonaróirí leasacháin nítrigine an Aontais, agus an praghas gáis sin a sheacht n-oiread leis an bpraghas sna Stáit Aontaithe, i gcomparáid lena thrí oiread in 2021. Anuas ar thosaíocht a thabhairt don rochtain ar ghás nádúrtha i gcás ciondála gáis, d’fhéadfadh tacaíocht shonrach le haghaidh thionscal nitrígine an Aontais ar bhonn cás ar chás a bheith úsáideach freisin. Is é a bheadh de chuspóir ag an tacaíocht sin an leas is fearr a bhaint as na hinniúlachtaí táirgthe atá ann cheana féin, arna gcumasú le Creat Sealadach Géarchéime leasaithe an Aontais um Státchabhair. Chuige sin, tá gá le coinníollacht eacnamaíoch agus shóisialta chun éifeachtaí amhantair a sheachaint, ós rud é gur cuireadh borradh faoi bhrabúis roinnt monaróirí leasacháin tar éis na géarchéime leasacháin.

3.5

Tá úsáideoirí leasacháin, go háirithe feirmeoirí curaíochta agus saineolaithe barr measctha agus beostoic, a sheasann le haghaidh 62 % de speansais leasacháin agus 69 % d’ídiú nítrigine an Aontais (3), buailte go dona ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair. Tá orthu dul i ngleic le ganntanas tráth a bhíonn leasacháin á gceannach acu díreach roimh an bhfómhar, chomh maith le brú ar phraghasanna costais, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh na praghsanna níos airde ar tháirgí talmhaíochta mar chúiteamh ar an éifeacht a bhíonn ag praghsanna méadaithe ar leasacháin agus ionchuir feirme eile (4). Maidir le tacaíocht spriocdhírithe d’úsáideoirí leasacháin, d’fhéadfadh sé go gcuideodh sí le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim, tacaíocht a éascaítear le Creat Sealadach Géarchéime leasaithe an Aontais um Státchabhair.

3.6

Mar sin féin, baineann teorannacha buiséadacha láidre agus tosaíochtaí comhsháraitheacha lena leithéid de thacaíocht a chistiú agus úsáid á baint as cúlchiste talmhaíochta an Aontais a sheasann ag EUR 450 milliún do bhliain airgeadais 2030. Ní rogha iomchuí é gníomhaíochtaí den sórt sin a chistiú trí phleananna straitéiseacha náisiúnta CBT ach oiread, ós rud é gur formheasadh na pleananna sin ar na mallaibh agus go dteastódh tréimhse fhada chun iad a leasú. De rogha air sin, má bhaintear úsáid as státchabhair, cuirtear leis na srianta buiséadacha náisiúnta agus leis an riosca go mbeadh saobhadh iomaíochta suntasach ann idir feirmeoirí ó Bhallstáit éagsúla. Is léiriú ar an méid sin nach ndearna ach trí Bhallstát scéimeanna cabhrach atá tiomnaithe do cheannacháin leasacháin na bhfeirmeoirí a chur chun feidhme go fóill agus buiséad iomlán EUR 855 mhilliún ag baint leo.

3.7

Dá bhrí sin, is é tuairim CESE gur rogha níos ciallmhaire agus níos costéifeachtaí don cháiníocóir iad bearta ceartaitheacha chun feidhmiú mhargadh leasacháin an Aontais a fheabhsú. Ba cheart díriú ar sholáthar agus praghsanna leasacháin san Eoraip i mbearta éigeandála sealadacha den sórt sin, agus ba cheart é sin a dhéanamh trí allmhairithe agus iomaíocht a éascú. Tá roinnt cuideachtaí leasacháin ag cur go mór lena mbrabús: tá gá le teachtaireacht dhearfach agus straitéiseach i bhfabhar na hearnála seo más mian linn go n-úsáidfidh siad an brabús sin chun infheistíocht a dhéanamh i monarchana Eorpacha agus ár ráta neamhspleáchais a mhéadú, is é sin, an praghas atá le híoc againn as ár neamhspleáchas.

3.8

Tar éis an togra ón gCoimisiún Eorpach an 17 Iúil 2022, déantar foráil i Rialachán (AE) 2022/2465 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 (5) maidir le fionraí sealadach ar tharaifí ar allmhairí úiré agus amóinia (seachas allmhairí ón Rúis agus ón mBealarúis). Is díol sásaimh do CESE an cinneadh sin ós rud é gur cheart tionchar dearfach a bheith ag fionraí den sórt sin ar fhoinsí soláthair móra eile (amhail na Stáit Aontaithe, tíortha na hÁise Láir agus tíortha Arabacha na Murascaille) anuas ar na comhpháirtithe a thairbhíonn cheana féin de chomhaontuithe saorthrádála leis an Aontas (amhail tíortha na hAfraice Thuaidh). Mar sin féin, tháinig an Rialachán i bhfeidhm ródhéanach chun bheith éifeachtach i séasúr 2022/2023 mar gheall gur seachadadh nó gur ordaíodh formhór na n-allmhairí úiré ar phraghsanna an-ard ar fad, agus chuir an Chomhairle teorainn 6 mhí leis an bhfionraí seachas an tréimse 2-bhliain a bhí beartaithe i dtosach. Tá CESE á mholadh don Choimisiún agus don Chomhairle síneadh go dtí an chéad séasúr eile a chur leis an Rialachán agus é a chur i bhfeidhm maidir le gach leasachán atá bunaithe ar nítrigin agus fosfar, ós rud é go gcuirfeadh sé sin infhaighteacht chun cinn tríd an soláthar a éagsúlú agus laghdódh sé praghsanna intíre leasacháin san Aontas.

3.9

Ba cheart bearta eile a chur chun feidhme mar ábhar práinne freisin chun aghaidh a thabhairt ar fheidhmiú mhargadh leasacháin mhianraigh an Aontais ó thaobh lóistíochta agus rialacháin de, lena n-áirítear (i) feirmeoirí agus dáileoirí leasacháin a spreagadh chun leasachán a cheannach go luath agus rioscaí praghais a bhainistiú; (ii) lóistíocht allmhairiúcháin calafoirt le haghaidh soithí leasacháin agus iompar istigh faoin tír ar thrucailí a éascú; (iii) léirmhínithe náisiúnta i ndáil le soláthróirí leasacháin a aontú le smachtbhannaí in aghaidh na Rúise; (iv) solúbthacht shealadach a cheadú i rialacháin an Aontais, lena n-áirítear REACH, reachtaíocht maidir le hiompar, agus an Rialachán maidir le Táirgí Leasacháin.

3.10

Ba cheart don Choimisiún Eorpach, tar éis tograí teicniúla a fháil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (6), bearta reachtacha a mholadh go tapa faoina n-éascófar úsáid shábháilte aoiligh phróiseáilte os cionn na tairsí a leagadh síos sa Treoir maidir le Níotráití le haghaidh na limistéar atá i mbaol níotráite, rud lena cheadófar leibhéal níos airde d’ionadú leasachán sintéiseach. Go dtí go mbeidh an tairseach nua sin leagtha síos, molann CESE go gcuirfidh feirmeoirí uile an Aontais an tairseach uasta atá ann faoi láthair, is í sin 170 kg de nítrigin orgánach in aghaidh an heicteáir sa bhliain, i bhfeidhm.

Bearta intíre meántéarmacha

3.11

Mar a luaitear i dTuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach (7) uaidh, tá CESE á mholadh go laghdófar spleáchas an Aontais ar allmhairí beatha, leasachán agus ionchur eile, agus molann sé sainmhíniú ar neamhspleáchas straitéiseach oscailte is infheidhme maidir le córais bhia, bunaithe ar tháirgeadh bia, fórsa saothair agus trádáil chóir, leis an aidhm uileghabhálach slándáil bia a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais trí bhíthin soláthar bia a bheadh sláintiúil, inbhuanaithe, athléimneach agus cóir.

3.12

A mhéid a bhaineann le leasacháin, cé gur cheart gníomhaíochtaí éigeandála a dhéanamh láithreach bonn, tá CESE den tuairim gur cheart bearta níos fadtéarmaí a chur chun feidhme freisin chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as spleáchas talmhaíochta na hEorpa ar leasacháin mhianracha allmhairithe, a fhad agus a laghdófar lorg comhshaoil leasaithe barr san Eoraip ag an am céanna. Ba cheart díriú ar an méid a leanas sna bearta sin (i) an leas is fearr agus is féidir a bhaint as úsáid fhoriomlán leasacháin trí éifeachtúlacht cothaitheach plandaí mhéadaithe, agus caillteanas níos ísle dá thoradh sin; (ii) leasacháin shintéiseacha a ionadú i bpáirt le húsáid níos airde aoiligh bheostoic athchúrsáilte agus dramhaíola eile ón slabhra bia; (iii) neamhthuilleamaíocht na hEorpa i dtáirgeadh leasacháin a fheabhsú. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil an earnáil talmhaíochta i mbun aistrithe, agus go dtiocfaidh feabhas uirthi ar bhonn leanúnach a bhuí leis an agra-éiceolaíocht agus an talmhaíocht choimeádach.

3.13

Is gá éifeachtúlacht cothaitheach plandaí a fheabhsú chun ídiú leasacháin agus caillteanas cothaitheach in uisce agus san aer a laghdú. Ba cheart é a bheith indéanta leis sin úsáid leasacháin a laghdú gan difear a dhéanamh don mhéid táirgeachta. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí chleachtais leasacháin fheabhsaithe, lena n-áirítear barra cumhdaigh a úsáid, an rogha leasacháin (tús áite a thabhairt do chineálacha leasacháin atá bunaithe ar níotráit agus coscairí úiréáise/nítriginiúcháin a úsáid), úsáid bithspreagthaí chomh maith le feirmeoireacht bheacht faoina gcumasaítear cur barrfheabhsaithe (cur scoilte, ríomh an chláir chomhardaithe, anailís ithreach agus plandaí, braiteoirí plandaí, uirlisí tacaíochta cinntí).

3.14

Tá pórú plandaí ríthábhachtach freisin le haghaidh éifeachtúlacht cothaitheach, ós rud é go bhfuil cineálacha feabhsaithe in ann níos lú cothaitheach, go háirithe nítrigin, a thógáil isteach agus an chainníocht chéanna a sholáthar tráth an fhómhair. Chuige sin, creideann CESE gur cheart teicneolaíochtaí agus síolta nuálacha a fhorbairt ionas go mbeifear in ann réitigh a chur ar fáil i gcónaí d’fheirmeoirí a bhfuil orthu dul i ngleic le srianta ar na huirlisí atá ann cheana féin (8).

3.15

Is nós atá á ghlacadh ag feirmeoirí go nádúrtha ó 2021-2022 (9) barra a mbíonn neart cothaitheach de dhíth orthu, amhail gránaigh, ola ráibe agus biatas siúcra, a ionadú le plandaí ag a bhfuil riachtanais cothaitheach níos ísle, amhail lus na gréine (10) agus pischineálaigh. Mar sin féin, ba cheart a bheith cúramach leis sin i gcreat beartais phoiblí ós rud é go bhféadfadh bogadh den sórt sin cur isteach ar mhargaí talmhaíochta agus an tslándáil bia a chur i mbaol i bhfianaise an toraidh ábhair thirim agus an rannchuidithe próitéine in aghaidh an heicteáir a bhaineann leis na barra sin.

3.16

Cuspóir ábhartha meántéarmach eile san Aontas is ea leasacháin mhianracha a ionadú i bpáirt le leasacháin orgánacha atá athchúrsáilte ó aoileach beostoic agus dramhaíl orgánach eile (11). Bheadh buntáistí ag baint leis an ionadú sin le haghaidh na n-ithreacha (cion níos airde d’ábhar orgánach) agus na haeráide (baineann astaíochtaí níos ísle le leasachán nítrigine sintéisí a mhonarú) agus laghdófar ár spleáchas ar allmhairí ag an am céanna. Mar sin féin, níor cheart an fhéidearthacht a bhaineann le haoileach beostoic a rómheas ós rud é go bhfuil an chuid is mó de athchúrsáilte cheana féin agus na hacmhainní atá ar fáil ann teoranta ó thaobh na tíreolaíochta de (réigiúin ag a bhfuil barrachas struchtúrach le haghaidh aoiligh) agus na hacmhainní sin faoi réir costais shuntasacha a bhaineann lena slógadh, lena bpróiseáil agus lena n-iompar. Ní gnách an chuid is mó de chothaithigh ó dhramhaíl dhaonna a leathadh mar leasachán ar thalamh talmhaíochta, cé go bhféadfadh 2 bhilliún kg nítrigine a bheith iontu (12). Ba cheart don Choimisiún Eorpach forbairt teicnící aisghabhála cothaitheach ó algaí agus ó shloda séarachais a spreagadh agus iad a chur i bhfeidhm ar bhealach sábháilte i gcomhthéacs na talmhaíochta.

3.17

A mhéid a bhaineann le leasacháin nítrigine, is cuspóir fadtéarmach an-ábhartha é bealaí malartacha neamh-iontaiseacha a chur chun chinn chun amóinia a tháirgeadh, ós rud é go laghdódh sé sin spleáchas gáis an Aontais chomh maith lena lorg carbóin. Tá hidrigin in-athnuaite a tháirgtear trí leictrealú uisce (tagann an leictrealú sin ó leictreachas in-athnuaite) ag céim phíolótach thionsclaíoch, agus féadfaidh meatánú seachtháirgí talmhaíochta agus dramhaíola orgánaí bithmheatán a tháirgeadh chun amóinia agus díleáiteán is féidir a úsáid mar leasachán orgánach a ghiniúint. Mar sin féin, in ainneoin phraghas ard margaidh na hamóinia iontaise, níl roghanna malartacha in-athnuaite iomaíoch ar chor ar bith go fóill agus beidh am, aibiú teicneolaíochta agus fordheontais shuntasacha phoiblí, b’fhéidir, ag teastáil sula mbeidh siad ag an gcéim thionsclaíoch.

3.18

Is díol sásaimh do CESE an fógra maidir le faireachlann nua don mhargadh leasacháin, faireachlann a bhunófar in 2023, agus eagrú comhairliúchán le páirtithe leasmhara leasacháin faoi chreat an tsainghrúpa a ghabhann leis an Sásra Eorpach um Shlándáil Bhia agus um Ghéarchéim Bhia. Tá CESE den tuairim freisin nach bhféadfar aon leibhéal suntasach trédhearcachta a ráthú ar mhargadh leasacháin an Aontais ach trí phraghsanna ionadaíocha an mhargaidh intíre a fhoilsiú go tráthrialta le haghaidh réimse leasachán nítrigine, fosfair agus potaisiam, agus trí staidreamh poiblí a fhorbairt ar ídiú leasacháin freisin.

Gnéithe sóisialta

3.19

Is é tuairim CESE nach bhfuil gnéithe sóisialta a bhaineann le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht leasacháin curtha san áireamh ar bhealach leordhóthanach sa Teachtaireacht. Go deimhin, tá ar fheirmeoirí (go háirithe sealbhóirí beaga) praghas níos airde a íoc as leasacháin agus d’fhéadfadh sé nach bhfaighidís an t-airgead sin ar ais tráth na buainte, ós rud é nach bhfuil ceannach leasacháin agus díol táirgí cúpláilte lena chéile. Thairis sin, is iad leasacháin chostasacha is cúis go pointe leis an mboilsciú praghsanna bia, rud a dhéanann difear ar leith do na teaghlaigh is boichte. Ar deireadh, na caillteanais in iomaíochas, an dúnadh táirgeachta, chomh maith leis an leibhéal ard éiginnteachta san earnáil san Aontas, déanann siad difear do dhálaí oibre na bhfostaithe i dtionscal leasacháin na hEorpa.

Infhaighteacht agus inacmhainneacht leasacháin sa domhan a áirithiú

3.20

Tacaíonn CESE leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach, na Ballstáit, institiúidí airgeadais na hEorpa, tíortha G20, gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta chun comhrac in aghaidh na neamhshlándála bia, lena n-áirítear margaí leasacháin ina bhfuil iomaíochas agus trédhearcacht shláintiúil, infhaighteacht leasachán agus úsáid éifeachtach leasachán a chur chun cinn.

3.21

Baineann tábhacht ar leith le trédhearcacht sa mhargadh leasacháin domhanda. Tá CESE ag moladh do Chóras Faisnéis ar Mhargadh Talmhaíochta (AMIS) de chuid G20 feabhas a chur ar ionadaíochas a bhunachair sonraí maidir le praghas leasacháin, agus an bunachar sonraí sin teoranta do cheithre tháirge agus ceithre shuíomh faoi láthair.

3.22

Thug Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála rabhadh (13) le déanaí gur dócha go leanfar den ghanntanas domhanda leasacháin go dtí 2023, rud a chuirfidh táirgeacht talmhaíochta agus slándáil bia i mbaol san Afraic go háirithe. Ba cheart trádáil dhomhanda leasacháin a éascú go práinneach trí mhargaí a choinneáil oscailte, srianta agus toirmisc ar onnmhairúcháin a sheachaint, táirgeadh leasacháin a mhéadú, bealaí lóistíochta a shíneadh agus an leas is fearr is féidir a bhaint as éifeachtúlacht leasacháin. Is díol sásaimh do CESE tionscnaimh idirnáisiúnta i ndáil leis sin, lena n-áirítear an Grúpa Freagartha um Ghéarchéimeanna Domhanda maidir le Bia, Fuinneamh agus Airgeadas (de chuid na Náisiún Aontaithe), an Chomhghuaillíocht Dhomhanda um Shlándáil Bia (de chuid G7), FARM (de chuid an Aontais, G7, an Aontais Afracaigh) agus an Dúshlán Leasacháin Dhomhanda (de chuid an Aontais agus Stáit Aontaithe Mheiriceá).

3.23

Praghsanna arda allmhairiúcháin ar bhia agus ar leasachán agus cur isteach ar shlabhraí soláthair, cuireann na tosca sin le riachtanais phráinneacha i gcomhordú na n-íocaíochtaí i dtíortha ísealioncaim áirithe. Ba cheart don Aontas cur lena iarrachtaí chuige sin agus é sin a dhéanamh go déthaobhach (Saoráid slándála agus athléimneachta bia) agus trí thionscnaimh iltaobhacha amhail an tIontaobhas Laghdaithe Bochtaineachta agus Fáis (PRGT) an tIonú Turrainge Bia de chuid CAI.

An Bhruiséil, an 23 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  De réir an Choimisiúin Eorpaigh, chuir meascán de thriomach agus praghsanna arda leasacháin, a raibh ráta níos ísle úsáidte fosfair agus potaisiam ann go háirithe dá thoradh, le táirgeacht níos ísle agus leis an ísliú 8 % a tháinig ar fhómhar arbhair an Aontais in 2022 i gcomparáid le 2021. Foinse: Short-term outlook for agricultural markets, An Coimisiún Eorpach, 5/10/2022.

(2)  COM(2020) 381 final, 20.5.2020.

(3)  Foinse: An Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme, 2017.

(4)  Mar shlat tomhais, bhí praghas na níotráite amóiniam sa Fhrainc i mí na Samhna 2022 203 % os cionn phraghas mhí Eanáir 2021. I gcodarsnacht leis sin, tháinig méadú 45 % ar an bpraghas ar chruithneacht a mheilt sa tréimhse chéanna. Foinse: La Dépêche Le Petit Meunier.

(5)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/TXT/HTML/?uri=CELEX:32022R2465

(6)  https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC121636.

(7)  https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/strategic-foresight-report-2022 (féach IO, lch .45).

(8)  IO C 194, 12.5.2022, lch. 72.

(9)  IO C 75, 28.2.2023, lch. 88..

(10)  Tháinig méadú 750 000 ha ar an limistéar ar a bhfuil lus na gréine curtha san Aontas agus tháinig an laghdú céanna ar an limistéar ar a bhfuil gránaigh curtha in 2022.

(11)  https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/information-reports/benefits-extensive-livestock-farming-and-organic-fertilizers-context-european-green-deal-egd-ir-information-report

(12)  Meastar go n-eisfhearann duine amháin níos mó ná 4 kg nítrigine ina chuid fuail in aghaidh na bliana (Viskari et al, 2018- https://www.frontiersin.org/articles/10.3389/fsufs.2018.00032/full).

(13)  Global fertilizer markets and policies: a joint FAO/WTO mapping exercise, 14 Samhain 2022, https://www.wto.org/english/news_e/news22_e/igo_14nov22_e.htm