|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 183 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 183/01 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 183/02 |
Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frith-fhóirdheontais áirithe |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 183/03 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11030 – AWARE SUPER / ABP / DV4 / OMERS / REAL ESTATE JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2023/C 183/04 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11105 — GOLDMAN SACHS / PLATINUM SPRING / DAIWA RESORT) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 183/05 |
||
|
2023/C 183/06 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
25.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 183/1 |
Rátaí malairte an euro (1)
24 Bealtaine 2023
(2023/C 183/01)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0785 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
149,30 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4477 |
|
GBP |
punt steirling |
0,86993 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,5103 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9732 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
151,30 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,8175 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,671 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
372,70 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,4900 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9614 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
21,4487 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6402 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4600 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,4462 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7582 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4526 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 421,92 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
20,7479 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,6005 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 063,50 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,9536 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
60,068 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
37,171 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,3397 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
19,2493 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
89,1473 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
25.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 183/2 |
Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frith-fhóirdheontais áirithe
(2023/C 183/02)
1.
Mar a fhoráiltear in Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithchúitimh a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.
2. Nós imeachta
Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfaí den fhóirdheonú agus den díobháil nó go dtarlóidís arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d'allmhaireoirí, d'onnmhaireoirí, d'ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.
3. Teorainn ama
Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach ag an seoladh seo: Commission européenne, Direction générale du commerce (Unité G-1), CHAR 4/39, 1049 Bruxelles/an Bheilg (2) tráth ar bith tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.
|
4. |
Is i gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2016/1037 a fhoilsítear an fógra seo.
|
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.
(2) TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu
(3) Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
25.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 183/3 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11030 – AWARE SUPER / ABP / DV4 / OMERS / REAL ESTATE JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 183/03)
1.
An 15 Bealtaine 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Aware Super Pty Ltd (‘Aware Super’, an Astráil), |
|
— |
Stichting Depositary APG Strategic Real Estate Pool (‘APG’, an Ísiltír) faoi rialú Stichting Pensioenfonds ABP (‘ABP’, an Ísiltír), |
|
— |
DV4 Limited (‘DV4’, Ógh-Oileáin na Breataine), |
|
— |
Oxford Jersey Holding Company Limited (‘Oxford’, Geirsí), faoi rialú riarthóir Ontario Municipal Employees Retirement System Primary Pension Plan (‘OMERS’, Ceanada), |
|
— |
Real Estate JV (An Ríocht Aontaithe) |
Gheobhaidh Aware Super, APG, DV4 agus Oxford rialú comhpháirteach ar Real Estate JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is ciste pinsin é Aware Super a dhéanann infheistiú ar fud réimse éagsúil cineálacha sócmhainní, |
|
— |
Is ciste frithpháirteach é APG a dhíríonn ar infheistiú sa réadmhaoin, agus tá sé faoi rialú ABP, arb é sin an ciste pinsin le haghaidh fostaithe rialtais agus oideachais san Ísiltír, |
|
— |
Is ciste infheistíochta réadmhaoine é DV4, |
|
— |
Is cuideachta é Oxford de chuid OMERS, an ciste pinsean Poiblí Ceanadach a bhainistíonn punann domhanda éagsúlaithe de stoic agus bannaí, agus d’infheistíochtaí sa réadmhaoin, sa chothromas príobháideach agus sa bhonneagar, |
|
— |
Is comhfhiontar é Real Estate JV arb é atá ann Get Living PLC, iontaobhas infheistíochta réadmhaoine atá liostaithe ar an Stocmhalartán Idirnáisiúnta i nGeansaí, in éineacht le trí chomhpháirtíocht faoi dhliteanas teoranta atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe – Merchant City (Glasgow) LLP agus Holbeck Quarter (Leeds) LLP, ar eintitis iad araon a dhéanann forbairt agus bainistíocht ar shócmhainní réadmhaoine sa Ríocht Aontaithe, agus T3 Residential Holdings LLP, soláthraí cláraithe tithíochta sóisialta sa Ríocht Aontaithe. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11030 – AWARE SUPER / ABP / DV4 / OMERS / REAL ESTATE JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
|
25.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 183/5 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11105 — GOLDMAN SACHS / PLATINUM SPRING / DAIWA RESORT)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 183/04)
1.
An 15 Bealtaine 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).
2.
Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:|
— |
The Goldman Sachs Group, Inc. (‘Goldman Sachs’, Stáit Aontaithe Mheiriceá), |
|
— |
Platinum Spring B 2019 RSC Limited (‘Platinum Spring’, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha), |
|
— |
DAIWA RESORT Co., Ltd (‘Daiwa Resort’, an tSeapáin). |
3.
Gheobhaidh Goldman Sachs agus Platinum Spring rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Daiwa Resort.
4.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
5.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is gnólacht domhanda um bhaincéireacht infheistíochta, um urrúis agus um bhainistíocht infheistíochtaí é Goldman Sachs; |
|
— |
Is cuideachta sealbhaíochta infheistíochta é Platinum Spring a bhfuil infheistíochtaí faoi úinéireacht agus á mbainistiú aige. Is fochuideachta ar lánúinéireacht é de chuid Abu Dhabi Investment Authority (‘ADIA’), institiúid infheistíochta neamhspleách a bhunaigh Rialtas Éimíríocht Abú Daibí. Bainistíonn ADIA punann infheistíochta domhanda thar níos mó ná dhá dosaen aicmí agus fochatagóirí sócmhainní; |
|
— |
Tá líonra 24 óstán, lena n-áirítear óstáin ghnó agus óstáin ionaid saoire, sa tSeapáin faoi úinéireacht agus á oibriú ag Daiwa Resort. |
6.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
7.
De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
8.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M. 11105 — GOLDMAN SACHS / PLATINUM SPRING / DAIWA RESORT
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
25.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 183/7 |
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 97(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(2023/C 183/05)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais i gcomhréir le hAirteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
“Sable de Camargue”
PDO-FR-02848
Dáta an iarratais: 31.5.2022
1. Ainm an táirge
Sable de Camargue
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC - Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon/ar na fíonta
STFC Sable de Camargue, fíonta socra gris agus gris de gris
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Tá an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Sable de Camargue” forchoimeádta d’fhíonta socra gris agus gris de gris.
Na fíonta gris agus gris de gris, is léiriú iad ar a dtimpeallacht nádúrtha agus dath tláith geal orthu ina bhfuil imir ar dhath an bhradáin, agus cothromaíocht shainiúil le sonrú sa bhéal lena dtugtar le chéile boige (easpa tainnin), cruinneas (leibhéal siúcróis) agus úire (aigéadacht) agus nótaí iaidín gona dtionchar muirí. Déantar an fíon tar éis brú díreach agus, go ginearálta, is fíonta cumaisc iad.
Aithnítear na fíonta ar a mblas sainiúil torthaíoch (torthaí bána, torthaí citris, torthaí coimhthíocha, torthaí dearga, etc.) nó blas bláthach, ach sin ag brath ar bhunchumhráin na gcineálacha fíniúna a úsáidtear sa chumasc, ar blas é a fhorbraíonn chun nótaí mianraí a thabhairt i dtreo a dheiridh.
Tá dath níos tláithe ar fhíonta gris de gris chomh maith le cumhráin níos fíneálta agus níos míne orthu ó tharla na fíonta sin a bheith á dtáirgeadh ó aon chineál fíniúna amháin, mar atá Grenache gris.
Na fíonta a bhfuil an sonrúchán faoi chosaint “Sable de Camargue” acu, urramaíonn siad teorainneacha na gcritéar anailíseach a leagtar síos sa reachtaíocht Eorpach.
Tagann na fíonta ó fhíonchaora a bhaintear ag am ceart na haibíochta agus ina bhfuil cion siúcra nach lú ná 178 g/l úrfhíona.
Is é 11 % an neart alcóil nádúrtha íosta a bhíonn ann de réir toirte sna fíonta sin.
Tá uaschion siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós) de 4 ghram in aghaidh an lítir ag baisceanna fíona atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó iad pacáistithe.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
|
|
Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fhíonireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
a. Bainistíocht fíonghort
Cleachtas saothraithe
Dlús plandaithe:
Is é 4 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála finiúnacha íosta.
Ní mór achar uasta 2,50 méadar cearnach a bheith ag gach planda fíniúna.
Rialacha prúnála:
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil sa chóras gobelet nó cordon de Royat. Déantar na fíniúnacha a phrúnáil i ngearrphrúnálacha ar a bhfuil 8 spor ar a mhéad in aghaidh an phlanda agus 2 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an spoir.
An t-uisciú:
Féadfar uisciú a údarú i gcomhréir le hAirteagal D. 645-5 den Chód um Ghnóthaí Tuaithe agus um an Iascaireacht Mhuirí.
b. Cleachtas saothraithe
Cleachtais eile saothraithe
Chun saintréithe na timpeallachta fisiciúla agus bitheolaíochta a chaomhnú, saintréithe atá ina gcuid bhunúsach den cheantar áitiúil:
|
— |
Ar gach dara sraith ar a laghad, ní mór clúdach fásra a bheith ann agus é rialaithe, bíodh sé spontáineach nó curtha, le linn thréimhse dhíomhaoin na fíniúna ar a laghad, chun gaothchreimeadh a chomhrac; an rialú ar an bhfásra, bíodh sé curtha nó spontáineach, déantar é trí mhodhanna meicniúla nó fisiceacha nó trí innilt. |
|
— |
I bhfianaise mianrú dian na n-ithreacha gainmheacha chomh maith le láisteadh nach beag, soláthraítear leasú orgánach ar a laghad trí iarmhar fásra a bheith á adhlacadh isteach ar bhonn éigeantach, bíodh sé spontáineach nó curtha. |
|
— |
Tá cosc ar luibhicíd a úsáid ar dhromchla iomlán na hithreach. |
|
— |
Chun na fíonghoirt a chosaint ar an salandacht máguaird, ar coinníoll fíor-riachtanach é chun go mairfidh sé slán, tá toirmeasc ar aon athrú mór ar an gcóras bainistithe cúrsaíochta uisce (cainéil, stáisiúin chaidéalaithe, bualchomhlaí), cé is moite d’oibreacha cothabhála traidisiúnta le haghaidh oibreacha uisce. |
c. Cineálacha fíniúna
Cleachtas saothraithe
|
— |
Ní mór cion na bpríomhchineálacha fíniúna go léir a bheith cothrom le 70 % de na cineálacha fíniúna nó os a chionn. |
|
— |
Ar na cineálacha fíniúna atá le fáil sna fíonghoirt, ní mór ar a laghad dhá cheann de na príomhchineálacha fínúna a bheith ann. |
d. Cleachtas sonrach fíoneolaíoch
Cumasc na gcineálacha fíniúna:
Is ó chineálacha Grenache G nó Grenache N amháin a thagann fíonta gris nó is ó chumasc a thagann siad ina bhfuil:
|
— |
dhá phríomhchineál fíniúna ar a laghad; |
|
— |
tá cion na bpríomhchineálacha fíniúna níos mó ná 70 % nó cothrom leis; |
|
— |
tá cion na gcineálacha fíniúna Carignan N, Cinsaut N, grenache N, grenache G, grenache blanc B, Marselan N, Muscat d’Alexandrie B, syrah N, ugni B, vermentino B níos mó ná 55 % nó cothrom leis. |
Na fíonta gris de gris is ón aon chineál fhíniúna amháin a thagann siad, is é sin “gris Grenache G”.
Cóireáil fhisiciúil:
Údaraítear gualach fíonóireachta a úsáid i gcás úrfhíonta agus fíonta nua atá fós faoi choipeadh suas go dtí teorainn 20 % de thoirt an fhíona arna tháirgeadh ag an bhfíonóir lena mbaineann, i ndáil le fómhar ar leith.
Trealamh:
|
— |
Chun fíonta a tháirgeadh, tá cosc ar fháisceáin leanúnacha, ar dhíthamhantóirí ingearacha, ar umair coipthe leanúnacha agus ar dhraenacha bíseacha atá níos lú ná 750 mm ar trastomhas. |
|
— |
Tá toilleadh na n-umar fíonóireachta coibhéiseach ar a laghad le toirt an fhíona a táirgeadh le linn an fhómhair roimhe sin de réir an achair dromchla chéanna. |
5.2. Uastáirgeacht
|
a. |
Toradh fhíonta STFC “Sable de Camargue” |
|
b. |
90 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhaint agus na fíonta a dhéanamh agus a fhorbairt sa limistéar geografach a d’fhormheas an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta ag cruinniú an choiste náisiúnta inniúil an 5 Meán Fómhair 2019. Sa limistéar sin tá críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil 2020:
|
— |
An Roinn l’Hérault: Frontignan, La Motte, Marseillan, Mauguio, Palavas-les-Flots, Sète, Vic-la-Gardiole, Villeneuve-lès-Maguelone; |
|
— |
An Roinn Le Gard: Aigues-Mortes, Le Grau-du-Roi, Saint-Laurent-d’Aigouze, Vauvert, Saint Gilles; |
|
— |
An Roinn Bouches-du-Rhône : Saintes-Maries-de-la-Mer. |
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
|
Cabernet franc N |
|
|
Cabernet-Sauvignon N |
|
|
Carignan N |
|
|
Cinsaut N - Cinsault |
|
|
Grenache N |
|
|
Grenache gris G |
|
|
Merlot N |
8. Tuairisc ar an nasc/na naisc
8.1. Tosca nádúrtha a bhaineann leis an nasc
Clúdaíonn limistéar táirgthe an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe “Sable de Camargue” 14 bhardas cósta i ranna l’Hérault, le Gard agus Bouches-du-Rhône. Fástar na fíniúnacha go heisiach ar ithreacha gainmheacha agus aolchloiche an deilte Rhône, ithreacha a rinneadh ó dhriodair ghláracha, mara agus gaoithe, agus ar feadh an chósta i gceist. Tá siad uathúil, an-aonchineálach agus tá siad beagnach saor ó chré agus dúabhán arb é gaineamh 80 % díobh de réir maise.
Ar an meán, tá na fíonghoirt suite 1 méadar os cionn leibhéal na farraige, i dtimpeallacht thipiciúil den Camargue ina bhfuil idir mhurlaigh chósta agus riasca goirt.
Soláthraítear fionnuisce do na fíonghoirt ó shraith screamhuisce ina bhfuil roinnt ceintiméadar de dhoimhne, sraith a choinnítear ar mheá chothrom hidreastatach leis an bhfarraige, leis na murlaigh agus leis na canálacha. Na canálacha sin, ar a dtugtar roubines, tá siad leagtha amach i líonra forimeallach timpeall an fhíonghoirt, rud a fhágann gur féidir leibhéal agus salandacht an screamhuisce a rialú san am céanna.
8.2. Tosca daonna a bhaineann leis an nasc
San áit seo, níos mó ná in áiteanna eile, de thairbhe linnte móra sáile a bheith chomh gar sin dóibh, tá ról an duine fíor-riachtanach. Tá bainistiú talún agus uisce na ndáileachtaí riachtanach agus ní mór iad a chothabháil i rith an ama chun gur féidir fíoruisce a bhainistiú agus chun cosc a chur leis an sáile a theacht isteach, rud a fhágann go bhfuil dálaí ar leith ithreach ann. Ó tharla go bhfuil na hithreacha sin chomh sothugtha sin do ghaothchreimeadh freisin, ciallaíonn sé go bhfuil cleachtais saothraithe chuí ag teastáil, go háirithe i dtaca le barra geimhridh.
8.3. Idirfheidhmeanna cúisíocha
An timpeallacht mhuirí an-uathúil ina bhfuil taise aeir ard agus imghalú íseal, tugann sé dálaí fáis do na fíniúnacha a spreagann asamhlú cothúchán agus fáis ar bhonn beagnach leanúnach, fiú amháin le linn aibiú na bhfíonchaor.
Ar an gcéad dul síos, de thoradh ithreacha uathúla gainmheacha aolchloiche a bheith sa dúiche, táirgtear fíonchaora ar a bhfuil dath gormliath agus lí éadrom bhándearg, fíonchaora ina bhfuil poitéinseal íseal antóicineainine, agus atá an-difriúil óna bhfaightear in ithreacha eile.
Na dálaí aeráide muirí le linn thréimhse an aibithe, táirgeann siad cothromaíocht uathúil idir siúcra agus aigéad, go háirithe le leibhéal ard aigéad malach agus aigéad lachtach sna fíonchaora.
Tar éis an choipthe, an leibhéal measartha ard d’aigéad lachtach, tugann sé úire iontach do na fíonta sin chomh maith le cruinneas nach beag.
Is é an t-eastóscadh tapa, mar aon le fáscadh díreach agus rialú an-mhaith ar theochtaí coipthe, chomh maith le forbairt talún agus hiodrálach na ndáileachtaí, a fhágann gur féidir cáilíochtaí agus saintréithe na bhfíonta vins des sables a fháil.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar i ndlúthghaireacht
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál coinníll bhreise:
Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
An limistéar atá díreach buailte leis, arna shainmhíniú le maolú chun fíonta a dhéanamh agus a shaothrú, is é críoch an bhardais seo a leanas sa roinn Le Gard: Aimargues.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-7795ee55-4951-43a0-9b57-eb48f1c1a032
|
25.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 183/12 |
Foilsiú iarrata ar chealú de bhun an dara mír d’Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint na sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú na cosanta, lipéadú agus cur i láthair
(2023/C 183/06)
Leis an bhfoilseachán sin, tugtar an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh na hiarrata ar chealú de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) i gcomhar le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (2), chomh maith le hAirteagail 11 agus 12 agus Airteagal 21(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
IARRAIDH AR CHEALÚ
“Sable de Camargue”
Uimhir AE: PGI-FR-A1227-CANCEL – 31.5.2022
☒TGFC ☐ STFC
1. An t-ainm cláraithe a bheartaítear a chur ar ceal
Sable de Camargue
2. An Ballstát nó an Tríú Tír lena mbaineann an limistéar críochaithe
an Fhrainc
3. An duine, comhlacht, an Ballstát nó an Tríú Tír a bhfuil an iarraidh ar chealú á déanamh aige nó aici
|
(a) |
Grúpáil a dhéanann iarraidh ar chealú, atá aitheanta ag údaráis na Fraince mar an comhlacht atá freagrach as TGFC “Sable de Camargue” a chosaint agus a bhainistiú Syndicat des vins des Sables, Le Mas du Bosquet, 30220 Aigues-Mortes. Teileafón +33 0466539957 Ríomhphost: communication@vin-sable_camargue.com |
|
b) |
Údaráis Náisiúnta
|
4. Na forais is bonn le cealú
Féach pointe 5
5. Mionsonraí na hiarrata ar chealú
Cineál an fhorais is bonn le cealú : Airteagal 106 c) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
Tá iarraidh ar chlárú curtha isteach ag “Syndicat des vins des Sables”, comhlacht aitheanta chun an TGFC “Sable de Camargue” a chosaint agus a bhainistiú, ar chlárú an ainm chéanna mar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC). Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, measann údaráis na Fraince gur comhlíonadh na ceanglais rialála. Formheasadh an tsonraíocht le hOrdú an 6 Bealtaine 2022, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince an 10 Bealtaine 2022. Leis an Ordú céanna sin, in Airteagal 3, aisghairtear Ordú an 26 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an tásc geografach faoi chosaint “Sable de Camargue”.
Ionas gur féidir TGFC a thiontú ina STFC agus ionas nach mbeidh ainmneacha an dá thásc gheografacha sin ann san am céanna, seoltar an iarraidh ar chlárú mar STFC i gcomhthráth leis an iarraidh sin ar chealú tríd an gcóras faisnéise e-ambrosia faoin tagairt PDO-FR-A02848.
6. Liosta den doiciméadacht tacaíochta
Ordú an 6 Bealtaine 2022 arna fhoilsiú in JORF [Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince] an 10 Bealtaine 2022 maidir leis an sonrúchán tionscnaimh “Sable de Camargue”.
7. Dáta agus síniú
Elodie LEMATTE
Fostiúrthóir na nEarnálacha Agraibhia
Ard-Stiúrthóireacht Fheidhmíocht Eacnamaíoch agus Chomhshaoil na bhFiontar
|
An Aireacht Talmhaíochta agus Bia |
|
78 rue de Varenne |
|
75349 Paris SP |
bvab.ig.dgpe@agriculture.gouv.fr