ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 182

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
24 Bealtaine 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 182/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11070 – CHEMOURS / BWT FUMATECH MOBILITY / JV) ( 1 )

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 182/02

Rátaí malairte an euro — 23 Bealtaine 2023

2


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 182/03

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11127 - TA / ANACAP / MANAGERS 2 / MRH TROWE) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

3

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 182/04

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus Airteagal (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

5

2023/C 182/05

Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia

12

2023/C 182/06

Foilsiú iarratais de bhun Airteagal 17(6)Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle

20


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 182/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11070 – CHEMOURS / BWT FUMATECH MOBILITY / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 182/01)

An 8 Bealtaine 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11070. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 182/2


Rátaí malairte an euro (1)

23 Bealtaine 2023

(2023/C 182/02)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0779

JPY

yen na Seapáine

149,20

DKK

krone na Danmhairge

7,4475

GBP

punt steirling

0,86993

SEK

krona na Sualainne

11,4494

CHF

franc na hEilvéise

0,9718

ISK

króna na hÍoslainne

151,30

NOK

krone na hIorua

11,7920

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,681

HUF

forint na hUngáire

376,45

PLN

zloty na Polainne

4,5018

RON

leu na Rómáine

4,9720

TRY

lira na Tuirce

21,3993

AUD

dollar na hAstráile

1,6282

CAD

dollar Cheanada

1,4571

HKD

dollar Hong Cong

8,4480

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7246

SGD

dollar Shingeapór

1,4527

KRW

won na Cóiré Theas

1 422,75

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,7920

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,6039

IDR

rupiah na hIndinéise

16 043,23

MYR

ringgit na Malaeisia

4,9260

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,052

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,435

BRL

real na Brasaíle

5,3649

MXN

peso Mheicsiceo

19,3225

INR

rúipí na hIndia

89,2675


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 182/3


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11127 - TA / ANACAP / MANAGERS 2 / MRH TROWE)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 182/03)

1.   

An 15 Bealtaine 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle.

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

TA Associates Management LP (‘TA’, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

AnaCap Financial Partners Limited (‘AnaCap’, an Ríocht Aontaithe),

Na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais atá, faoi seach, ag Lars Mesterheide, Michael Hirz, Ralph Rockel, Maximilian Claus Trowe agus bunaitheoir gnólachta ar ar fuair MRH Trowe Germany GmbH rialú le déanaí, Matthias Edelmann (‘Managers 2’, an Ghearmáin),

MRH Trowe Germany GmbH (‘MRH Trowe’, an Ghearmáin).

Gheobhaidh TA, AnaCap agus Managers 2 rialú comhpháirteach ar MRH Trowe de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Gnólacht cothromais phríobháidigh is ea TA atá dírithe earnálacha laistigh de na réimsí teicneolaíocht, cúram sláinte, seirbhísí airgeadais, seirbhísí tomhaltóirí agus seirbhísí gnó i Meiriceá Thuaidh, san Eoraip agus san Áise,

Infheisteoir cothromais phríobháidigh meánmhargaidh is ea AnaCap agus tá sé dírithe ar infheistíochtaí i mbogearraí, teicneolaíocht agus seirbhísí laistigh d’éiceachóras airgeadais na hEorpa,

Ní dhéanann Managers 2 aon ghníomhaíocht eacnamaíoch cé is moite de shealbhaíocht scaireanna chun críocha infheistíochta airgeadais, agus níl rialú aige ar aon ghnóthas eile,

Den chuid is mó, is le brócaeireacht árachais, comhairleoireacht riosca agus measúnú riosca le haghaidh cliaint phríobháideacha agus cliaint ghnó a bhaineann gníomhaíochtaí MRH Trowe. Tá sé gníomhach freisin, méid beag, i réimse na réiteach maidir le pinsin agus sochair fostaithe, lena n-áirítear seirbhísí brócaeireachta agus comhairliúcháin chomh maith le riar pleananna pinsin.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11127 - TA / ANACAP / MANAGERS 2 / MRH TROWE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 182/5


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus Airteagal (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2023/C 182/04)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Coteaux de Narbonne”

PGI-FR-A1202-AM01

Dáta teachtaireachta: 24.2.2023

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Limistéar díreach in aice láimhe

Ceartaíodh Caibidil I, Roinn 4.2 – Limistéar díreach in aice láimhe – den tsonraíocht le haghaidh thásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”. Baineadh bardas “Cuxac d’Aude” den liosta toisc go n-áirítear leis an limistéar geografach é.

Rinneadh an ceartúchán sin freisin chuig an roinn dar teideal “Coinníollacha breise - Limistéar díreach in aice láimhe” sa doiciméad aonair.

2.   Cineálacha fíniúna

Ceartaíodh Caibidil I, Roinn 5 – Cineálacha fíniúna – den tsonraíocht le haghaidh thásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”.

Forlíonadh liosta na gcineálacha roghnaithe le haghaidh tháirgeacht thásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne” leis na cineálacha seo a leanas:

Tugadh isteach 13 chineál a mheastar a bheith “frithsheasmhach” in aghaidh galar fíniúna:

Artaban N, Cabernet Blanc B, Cabernet Cortis N, Floreal B, Monarch N, Muscaris B, Prior N, Saphira B, Soreli B, Souvignier Gris B, Sauvignac B, Vidoc N, Voltis B.

Cuireadh 12 chineál atá oiriúnaithe d’athrú aeráide leis:

Agiorgitiko N, Assyrtyko B, Calabrese N, Carricante B, Fiano B, Montepulciano N, Moschofilero Rs, Primitivo N, Roditis Rs, Touriga Nacional N, Verdejo B, Xinomavro N.

Tá na cineálacha sin frithsheasmhach in aghaidh triomaigh agus galair fhungasacha. Agus saintréithe fiseolaíocha agus fíoneolaíochta acu a bhfuil cosúil leis na cineálacha a úsáidtear i dtáirgeacht TGFC, laghdaíonn siad an gá le táirgí cosanta plandaí. Ní dhéanann siad difear do shaintréithe fíonta TGFC.

Baineadh 8 gcineál nach n-úsáidtear i dtáirgeadh TGFC den liosta:

Altesse B, Chasselas B, Chasselas Rs, Danlas B, Gamay de Chaudenay N, Ganson N, Mondeuse N, Ribol N.

Rinneadh na leasuithe sin ar an doiciméad aonair freisin, faoi “Cineálacha fíonchaor”.

3.   Comhlacht cigireachta

Leasaíodh Caibidil III den tsonraíocht maidir le tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne” chun an roinn dar teideal “Comhlacht cigireachta” a shimpliú, ag sonrú gur gá comhlíontacht leis an tsonraíocht táirge a sheiceáil ar bhonn plean rialaithe formheasta agus trí chomhlacht tríú páirtí tarmligthe ag INAO agus ráthaíochtaí maidir le hinniúlacht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas a thairiscint.

Ní dhéanann an simpliú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Coteaux de Narbonne

2.   Cineál táisc gheografaigh

TGFC – Tásc geografach faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cumhdaítear fíonta dearga, rosé agus geala socra leis an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”.

Is ionann na leibhéil íosta agus na leibhéil uasta le haghaidh nirt alcóil iomlán de réir toirte, aigéadachta iomláine, aigéadachta luainí agus dé-ocsaíde sulfair agus iad siúd a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais.

Táirgtear fíonta a bhfuil saintréith láidir Mheánmhuirí acu mar gheall ar na dálaí aibithe iontacha agus oiriúnú na gcineálacha fíonchaoire.

Bíonn dath measartha dorcha ag na fíonta dearga go ginearálta. Tá siad cumhachtach agus láidir agus tá dea-bholaithe torthaíocha orthu. Athraíonn struchtúr na dtainniní ag brath ar na teicneolaíochtaí fíonsaothraithe a úsáidtear.

Tá na fíonta rosé agus na fíonta geala mín agus galánta, mór agus torthaíoch, agus táirgtear iad le hól agus iad óg go hiondúil.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíon oireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Ní mór do na cleachtais déanta fíona uile na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí a chomhlíonadh.

5.2.   Uastáirgeacht

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Maidir leis na fíonta a bhaineann leas as an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”, ní mór gur ar chríoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Aude a dhéantar na fíonchaora a bhuain, an fhíonóireacht agus táirgeadh na bhfíonta:

Armissan, Coursan, Cuxac-d’Aude, Fleury-d’Aude, Narbonne (ach amháin na ranna cadastracha KW, KX, KY, KZ, LM, LN, G6 agus G7), Marcorignan, Moussan, Ouveillan, Salles-d’Aude, Sallèles d’Aude, Vinassan.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Agiorgitiko N

Alicante Henri Bouschet N

Alphonse Lavallée N

Alvarinho – Albariño

Aramon N

Aranel B

Arinarnoa N

Arriloba B

Artaban N

Assyrtiko B

Aubun N – Murescola

Bourboulenc B – Doucillon Blanc

Cabernet Blanc B

Cabernet Cortis N

Cabernet Franc N

Cabernet-Sauvignon N

Calabrese N

Caladoc N

Cardinal Rg

Carignan N

Carignan Blanc B

Carmenère N

Carricante

CHARDONNAY B

Chasan B

Chenanson N

Chenin B

Cinsaut N – Cinsault

Clairette B

Clairette Rose Rs

Colombard B

Cot N – Malbec

Egiodola N

Fer N – Fer Servadou, Braucol, Mansois, Pinenc

Fiano

Floreal B

Gamay N

Gewurztraminer Rs

Gramon N

Grenache N

Grenache Blanc B

Grenache Gris G

Gros Manseng B

Jurançon Noir N – Dame Noire

Listan B – Palomino

Lledoner Pelut N

Macabeu B – Macabeo

Marsanne B

Marselan N

Mauzac B

Mauzac Rose Rs

Merlot N

Monarch N

Monerac N

Montepulciano

Morrastel N – Minustellu, Graciano

Moschofilero Rs

Mourvèdre N – Monastrell

Muscaris B

Muscat d’Alexandrie B – Muscat, Moscato

Muscat de Hambourg N – Muscat, Moscato

Muscat à Petits Grains Blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à Petits Grains Rouges Rg – Muscat, Moscato

Nielluccio N – Nielluciu

Négrette N

Parrellada B

Petit Manseng B

Petit Verdot N

Pinot Blanc B

Pinot Gris G

Pinot Noir N

Piquepoul Blanc B

Piquepoul Noir N

Portan N

Primitivo N – Zinfandel

Prior N

Ribol N

Riesling B

Roditis Rs

Roussanne B

Saphira B

Sauvignac

Sauvignon B – Sauvignon blanc

Sauvignon Gris G – Fié Gris

Semillon B

Soreli B

Souvignier Gris Rs

Sylvaner B

Syrah N – Shiraz

Tannat N

Tempranillo N

Terret Blanc B

Terret Gris G

Terret Noir N

Tourbat B

Touriga Nacional N

Ugni Blanc B

Verdejo B

Verdelho B

Vermentino B – Rolle

Vidoc N

Villard Blanc B

Viognier B

Voltis B

Xinomavro N

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

Tá limistéar táirgthe TGFC “Coteaux de Narbonne” lonnaithe timpeall bhaile Narbonne, i roinn Aude i ndeisceart na Fraince, in Languedoc-Roussillon.

Tá na fíonghoirt scaipthe ar fud cnoic réidhe réigiún Narbonne. Gan airde 100 m a shárú ach go hannamh, bíonn siad suite ar ithreacha ar thaobh na gcnoc, aolchloch den chuid is mó, agus ar sheandeilt Abhainn Aude ar ithreacha níos doimhne atá fabhrach d’éagsúlacht chineálacha fíniúna.

Baineann na fíonghoirt leas as aeráid iomlán Mheánmhuirí atá fabhrach do shaothrú fíniúna go háirithe agus is iad a saintréithe samhraí teo agus tirime agus geimhrí séimhe, agus dhá thréimhse fhliucha ann le linn an fhómhair agus an earraigh. Tá an mheán-bháisteach bhliantúil níos lú ná 500 mm.

Tá an limistéar an-ghaofar, agus uainíocht láidir na ngaoth aniar go minic, atá an-fhabhrach i dtéarmaí na fíonchaora a choimeád i staid mhaith sláinte, agus bíonn séideáin aer na farraige ann go minic, a thugann taise agus úire le linn oícheanta an tsamhraidh, a chuidíonn leis na fíonchaora dul in aibíocht go maith.

Tharla an chéad fhorbairt de chuid Narbonne 2 000 bliain ó shin, nuair a tháinig sé chun bheith ina phríomhchathair de Ghaill Rómhánach, ag crosbhóthar idir Via Domitia agus Via Aquitania, agus ina chrosaire farraige toisc gur calafort an-tábhachtach é a chuir ar a chumas fíonghoirt a fhorbairt ar onnmhairíodh a bhfíonta ar fud na hEorpa.

D’ainneoin rath athraitheach, atógadh na fíonghoirt i gcónaí, ag teacht ina monashaothrú sa 19ú agus 20ú céad a d’áirithigh forbairt eacnamaíoch an réigiúin. Le linn na paindéime phylloxera, bhí sé ar mhánna réigiún Narbonne go raibh ceann de na céad athsholáthar fhíonghoirt Languedoc indéanta.

Chuir aitheantas “Vin de pays” trí Fhoraithne an 25 Eanáir 1982 ar chumas na saothróirí fíniúna, a bhuí le sonraíocht dhocht, fíonta a tháirgeadh a chomhlíonann éilimh na dtomhaltóirí. Níos déanaí fós, cuireadh síneadh le TGFC “Coteaux de Narbonne” chuig 6 bhardas idir Narbonne agus an Mheánmhuir, agus ar an mbealach sin limistéar táirgthe comhleanúnach a chruthú agus an geilleagar a spreagadh.

Tá an táirgeacht thart ar 10 000 hl anois ó 9 mbardas, fíonta dearga an chuid is mó dóibh, ach fíonta rosé agus fíonta geala freisin, ar a bhfuil éileamh a bhíonn de shíor ag forbairt.

Forlíonadh na cineálacha, arb iad cineálacha fíonchaoire Meánmhuirí go príomha atá á bhfás i limistéar TGFC seo aniar ó chianaois, le cineálacha seachtracha ag a bhfuil timthriallta níos giorra, amhail Cabernet Sauvignon agus Merlot i gcás na bhfíonta dearga agus Chardonnay agus Sauvignon i gcás na bhfíonta geala.

Cuireadh barr feabhais ar theicnící fíonsaothraithe, ag baint leas as an lárionad taighde atá ann i limistéar TGFC, lárionad na hInstitiúide Náisiúnta um Thaighde Talmhaíochta Pech Rouge.

8.2.   Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

Mar gheall ar a dhálaí ithreach agus aeráide, atá fabhrach do shaothrú fíniúnacha, agus ar a shuíomh geografach, ag crosbhóthar idir an Mheánmhuir agus an tAtlantach, bhí Narbonne ina chathair fíona agus thrádála i gcónaí.

Bhí saothróirí fíniúna “Coteaux de Narbonne” in ann féiniúlacht agus traidisiún fíonsaothraithe an réigiúin bhig seo a choimeád, réigiún ag a bhfuil aeráid fhabhrach le haghaidh saothraithe fíniúna go háirithe.

Léirítear leis na fíonghoirt a bheith ann fós na cleachtais fíoneolaíocha nár athraíodh a tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin de dhéantóirí fíona, agus a dtiomantas dá dtáirgí á léiriú dá réir.

Tá cáil sheanbhunaithe fíonta “Coteaux de Narbonne” ar bhonn trádála idir cósta na Meánmhara agus cósta an Atlantaigh.

Baineann TGFC “Coteaux de Narbonne” lánleas as na buntáistí sin, agus a mbunúis stairiúla á gcoinneáil acu, bhain a fhíonta lánleas freisin as tabhairt isteach na gcineálacha fíonchaoire nua agus as forbairtí teicneolaíochta a chuir a shaothróirí fíniúna i ngníomh.

Bhí na saothróirí fíniúna in ann na cineálacha fíniúnacha a oiriúnú, ar cineálacha Meánmhuirí ar na fánaí iad go príomha agus cineálacha Atlantacha agus thuaidh iad sna fíonghoirt ísealchríocha.

Is féidir aird a tharraingt ar tháirgí fíona uile an limistéir freisin mar gheall ar fhorbairt láidir na turasóireachta, lena n-áirítear TGFC “Coteaux de Narbonne”, ag a bhfuil líonra nach beag de shiléir fíona agus neart imeachtaí fíonsaothraithe.

Dá bhrí sin, tá an saol timpeall fíonghort agus fíona ag croílár gníomhaíochta eacnamaíche i gcónaí agus cuireann sé go mór le forbairt an limistéir íogair seo, ina n-imríonn fíniúnacha ról tábhachtach go háirithe mar thoitbhearnaí gach samhradh.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Féadfar na nithe a leanas a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”:

 

ainm cineáil fíonchaoire amháin nó níos mó;

 

an focal “primeur” (“luath”) nó “nouveau” (“nua”).

Nuair a chuirtear an téarma traidisiúnta “Vin de pays” in ionad an téarma “Indication géographique protégée” (Tásc Geografach Faoi Chosaint), ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

An limistéar i ndlúthghaireacht, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh agus forbairt fíonta, ar fíonta iad ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”, áirítear ann na bardais seo a leanas ag a bhfuil teorainn leis an limistéar geografach:

Roinn Aude: Argeliers, Bages, Bizanet, Gruissan, Mirepeisset, Montredon des Corbières, Névian, Peyriac de Mer, Port la Nouvelle, Raissac d’Aude, Saint André de Roquelongue, Saint Marcel d’Aude, Saint Nazaire d’Aude, Sigean.

Roinn Hérault: Capestang, Cruzy, Lespignan, Montels, Nissan les Ensérunes, Quarante, Vendres.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-3f08707f-bc60-4bab-b4f4-759e5ed9b81b


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 182/12


Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia

(2023/C 182/05)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MIONLEASÚ É AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar fhormheas a dhéanamh ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

’Mela Alto Adige / Südtiroler Apfel'

Uimh. AE: PGI-IT-0207-AM01-23.6.2021

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

Consorzio Mela Alto Adige

Seoladh : Via Jakobi 1a, 39018 Terlano, An Iodáil

R-phost: info@suedtirolerapfel.com

Ríomhphost cláraithe: sak@pec.rolmail.net

Tá “Consorzio Mela Alto Adige” [comhlachas cosanta] i dteideal iarratas ar leasú a chur isteach faoi Airteagal 13(1) d’Fhoraithne Uimh. 12511 Aireacht an Bheartais um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht, an 14 Deireadh Fómhair 2013.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

An modh táirgthe

Nasc

Lipéadú

Cur ar an margadh

4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil incháilithe mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

5.   Leasú nó leasuithe

A)   Sonraíocht: Airteagal 2.2 - Saintréithe an táirge

An mhír atá ann faoi láthair:

“(...) Ní fhéadfar an téarma ‘Mela Alto Adige’ nó ‘Südtiroler Apfel’ a úsáid ach le haghaidh úll lena ngabhann na saintréithe intreacha agus eistreacha cáilíochta agus iad léirithe ar leithligh le haghaidh cineáil agus na paraiméadair seo a leanas á n-úsáid: cuma sheachtrach, aicme agus méid margaíochta, saintréithe ceimiceacha, saintréithe fisiceacha.

Is iad na híoschaighdeáin cháilíochta eile le haghaidh na gcineálacha agus na n-aicmí éagsúla iad siúd atá leagtha síos le reachtaíocht ábhartha an Aontais atá i bhfeidhm. Ní mór go gcomhlíonfadh cion siúcra agus teinne an toraidh agus iad léirithe i kg/cm2, agus iad tomhaiste laistigh de 2 mhí tar éis a mbuainte, na caighdeáin íosta atá liostaithe thíos le haghaidh gach cineáil.” (…)

Leasú beartaithe ar an mír:

“(...) Ní fhéadfar an téarma ‘Mela Alto Adige’/‘Südtiroler Apfel’ a úsáid ach le haghaidh úll lena ngabhann na saintréithe intreacha agus eistreacha cáilíochta agus iad léirithe ar leithligh le haghaidh cineáil agus na paraiméadair seo a leanas á n-úsáid: cuma sheachtrach, aicme agus méid margaíochta, saintréithe ceimiceacha, saintréithe fisiceacha.

Is iad na híoschaighdeáin cháilíochta eile le haghaidh na gcineálacha agus na n-aicmí éagsúla iad siúd atá leagtha síos le reachtaíocht ábhartha an Aontais atá i bhfeidhm. Ní mór go gcomhlíonfadh cion siúcra agus teinne an toraidh agus iad léirithe i kg/cm2, agus iad tomhaiste laistigh de 2 mhí tar éis a mbuainte, na caighdeáin íosta atá liostaithe thíos le haghaidh gach cineáil.

Tá úlla atá beartaithe do phróiseáil amháin faoi réir na gceanglas go léir atá leagtha thíos sa tsonraíocht, cé is moite den aicme mhargaíochta, dath an eipeacairp, dath breise eipeacairp agus méid. Féadfar an TGFC ‘Mela Alto Adige’ / ‘Südtiroler Apfel’ a chur ar na torthaí sin ach ní fhéadfar iad a mhargú mar sin don tomhaltóir deiridh.”

(…)

Doiciméad aonair: pointe 3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

An mhír atá ann faoi láthair:

“(...) Forchoimeádtar an Tásc Geografach faoi Chosaint ‘Mela Alto Adige’ nó ‘Südtiroler Apfel’ le haghaidh torthaí ó úlloird atá suite sa limistéar atá sainithe in Airteagal 3 den tsonraíocht agus a chuimsíonn na cineálacha seo a leanas agus a gcuid clón: Braeburn, Elstar, Fuji, Gala, Golden Delicious, Granny Smith, Idared, Jonagold, Morgenduft, Red Delicious, Stayman Winesap, Pinova agus Topaz.”

(…)

Leasú beartaithe ar an mír (i dteannta leis an athrú ar phointe A):

“(...) Forchoimeádtar an Tásc Geografach faoi Chosaint ‘Mela Alto Adige’ nó ‘Südtiroler Apfel’ le haghaidh torthaí ó úlloird atá suite sa limistéar atá sainithe in Airteagal 3 den tsonraíocht agus a chuimsíonn na cineálacha seo a leanas agus a gcuid clón: Braeburn, Elstar, Fuji, Gala, Golden Delicious, Granny Smith, Idared, Jonagold, Morgenduft, Red Delicious, Stayman Winesap, Pinova agus Topaz.”

(…)

Tá úlla atá beartaithe do phróiseáil amháin faoi réir na gceanglas go léir atá leagtha thíos sa tsonraíocht, cé is moite den aicme mhargaíochta, dath an eipeacairp, dath breise eipeacairp agus méid. Féadfar an TGFC “Mela Alto Adige” / “Südtiroler Apfel” a chur ar na torthaí sin ach ní fhéadfar iad a mhargú mar sin don tomhaltóir deiridh.’

Moltar go gcuirfear mír nua le hAirteagal 2(2.2) den tsonraíocht agus le pointe 3.2 den doiciméad aonair chun ceadú an TGFC “Mela Alto Altige” / “Südtiroler Apfel” a úsáid le haghaidh úll atá beartaithe le haghaidh próiseála agus a tháirgtear i gcomhréir leis an tsonraíocht, agus an leasú atá beartaithe anseo á chur san áireamh cheana. Chun a áirithiú go n-úsáidfear go héifeachtach an sonrúchán faoi chosaint le haghaidh úll atá beartaithe le haghaidh próiseála agus chun an úsáid éifeachtach a cheadú, is gá ceanglais cháilíochta áirithe a eisiamh le haghaidh na catagóire seo atá leagtha síos leis an tsonraíocht le haghaidh cineálacha aonair (aicme mhargaíochta, dath eipeacairp, dath breise eipeacairp agus méid), a ngabhann tábhacht leo den chuid is mó le haghaidh úll boird amháin. Mura ndéanfaí siúd a eisiamh, bheadh an mhír bhreise go hiomlán neamhéifeachtach, ós rud é nárbh tíosach do tháirgeoirí úlla sna haicmí “Breise” nó “I” (nó “II” le haghaidh táirgí orgánacha) a úsáid le haghaidh próiseála.

B)   Sonraíocht: Airteagal 5.9. Cur ar an margadh

An mhír atá ann faoi láthair:

“(...) Ní fhéadfar ‘Mela Alto Adige’ nó ‘Südtiroler Apfel’ le haghaidh na gcineálacha samhraidh (Elstar agus Gala) a mhargú ach le linn na tréimhse ó thús mhí Lúnasa go deireadh mhí Iúil. Féadfar na cineálacha eile a mhargú go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair an bhliain tar éis na buainte.” (…)

Leasú beartaithe ar an mír:

“(...) Ní fhéadfar ‘Mela Alto Adige’ / ‘Südtiroler Apfel’ le haghaidh na gcineálacha samhraidh (Elstar agus Gala) a mhargú ach le linn na tréimhse ó thús mhí Lúnasa go deireadh mhí Iúil. Féadfar na cineálacha eile a mhargú laistigh de 12 mhí ó dháta na buainte.” (…)

Doiciméad aonair: Níl sé ag athrú

Tá sé beartaithe an tréimhse margaíochta a athshainiú le haghaidh cineálacha eile seachas cineálacha samhraidh (Elstar agus Gala) i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta leanúnacha i réimse na stórála bia.

Toisc go scriostar tagairt ama shocraithe (Meán Fómhair an bhliain tar éis na buainte) is féidir an tréimhse mhargaíochta chéanna (12 mhí) a ráthú le haghaidh gach bliana, ós rud é go bhféadfaidh tréimhse na buainte athrú ó bhliain go chéile, arb é is cúis leis go páirteach an t-athrú aeráide atá ag tarlú ar bhonn leanúnach.

C)   Sonraíocht: Airteagal 6 - Fianaise ar an nasc leis an gcomhshaol

An mhír atá ann faoi láthair:

“(...) Mar gheall ar airde na n-úllord, i.e. idir 200 m agus 1 000 m os cionn leibhéal na mara, agus na hithreacha éadroma atá aeraithe go maith, ráthaítear dea-bholadh tréan, bia teann agus seilfré fhada.” (…)

Leasú beartaithe ar an mír:

“(...) Mar gheall ar airde na n-úllord, i.e. idir 200 m agus 1 100 m os cionn leibhéal na mara, agus na hithreacha éadroma atá aeraithe go maith, ráthaítear dea-bholadh tréan, bia teann agus seilfré fhada.” (…)

Doiciméad aonair: Pointe 5 - Nasc leis an limistéar geografach

An mhír atá ann faoi láthair:

“(...) Mar gheall ar airde na n-úllord, i.e. idir 200 m agus 1 000 m os cionn leibhéal na mara, agus na hithreacha éadroma atá aeraithe go maith, ráthaítear dea-bholadh tréan, bia teann agus seilfré fhada.” (…)

Leasú beartaithe ar an mír:

“(...) Mar gheall ar airde na n-úllord, i.e. idir 200 m agus 1 100 m os cionn leibhéal na mara, agus na hithreacha éadroma atá aeraithe go maith, ráthaítear dea-bholadh tréan, bia teann agus seilfré fhada.” (…)

Beartaítear méadú ar airde is mó na n-úllord ó 1 000 go 1 100 m os cionn leibhéal na farraige in Airteagal 6 den tsonraíocht agus i bpointe comhfhreagrach 5 den doiciméad aonair. Tugtar san áireamh sa leasú an t-athrú aeráide atá ag tarlú ar bhonn leanúnach, lena gceadaítear ardú de réir a chéile ar airde an limistéir táirgthe gan cáilíocht táirge ná na saintréithe cáilíochta a chailliúint a dhéanann idirdhealú idir STFC Mela Alto Adige’ / “Südtiroler Apfel’Mela Alto Adige” agus earraí comhchosúla. Is é is cuspóir leis an leasú láimhseáil aonfhoirmeach agus neamh-idirdhealaitheach a áirithiú idir táirgeoirí a bhfuil a gcuid úllord suite sna háiteanna is airde sa limistéar táirgthe.

DOICIMÉAD AONAIR

’Mela Alto Adige / Südtiroler Apfel'

Uimh. AE: PGI-IT-0207-AM01-23.6.2021

TGFC (X) STFC ( )

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

’Mela Alto Adige / Südtiroler Apfel'

2.   Ballstát nó tríú tír

AN IODÁIL

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Forchoimeádtar an Tásc Geografach faoi Chosaint “Mela Alto Adige” nó “Südtiroler Apfel” le haghaidh torthaí ó úlloird atá suite sa limistéar atá sainithe in Airteagal 3 thíos agus a chuimsíonn na cineálacha seo a leanas, cineálacha sóite agus/nó clóin: Braeburn, Elstar, Fuji, Gala, Golden Delicious, Granny Smith, Idared, Jonagold, Morgenduft, Red Delicious, Stayman Winesap, Pinova agus Topaz.

Ní fhéadfar an téarma “Mela Alto Adige”/“Südtiroler Apfel” a úsáid ach le haghaidh úll lena ngabhann na saintréithe intreacha agus eistreacha cáilíochta agus iad léirithe ar leithligh le haghaidh cineáil agus na paraiméadair seo a leanas á n-úsáid: cuma sheachtrach, aicme agus méid margaíochta, saintréithe ceimiceacha, saintréithe fisiceacha. Is iad na híoschaighdeáin cháilíochta eile le haghaidh na gcineálacha agus na n-aicmí éagsúla iad siúd atá leagtha síos le reachtaíocht ábhartha an Aontais atá i bhfeidhm.

Ní mór go gcomhlíonfadh cion siúcra agus teinne an toraidh agus iad léirithe i kg/cm2, agus iad tomhaiste laistigh de 2 mhí tar éis a mbuainte, na caighdeáin íosta atá liostaithe thíos le haghaidh gach cineáil.

Braeburn:

dath an eipeacairp: glas go glas éadrom;

dath breise an eipeacairp: dath stríocaí idir oráiste-dearg go dúdhearg > 33 % den chraiceann;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Bx os cionn 11 °;

teinne: íosmhéid 5.5kg/cm2.

Elstar:

dath an eipeacairp: buí;

dath breise an eipeacairp: dearg geal > 20 % den chraiceann;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Bx os cionn 10.5 °;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Fuji:

dath an eipeacairp: glas éadrom go buí;

dath breise an eipeacairp: dearg éadrom go dath dúdhearg > 50 % den chraiceann dearg éadrom, a bhfuil 30 % de dúdhearg;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Bx os cionn 12.5 °;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Gala:

dath an eipeacairp: glasbhuí go buí órga;

dath breise an eipeacairp: dearg ar 20 % den chraiceann ar a laghad (Gala caighdeánach); > 50 % le haghaidh clón dearg;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 60 mm;

cion siúcra: Bx os cionn 10.5 °;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Golden Delicious:

dath an eipeacairp: glas éadrom go buí;

dath breise an eipeacairp: bándearg i roinnt timpeallachtaí;

ruachan: ruachan ar nós eangaí ar suas le 20 % den chraiceann, nach gclúdaíonn níos mo ná 20 % den toradh; ceadaítear ruachan le haghaidh táirgí orgánacha i gcomhréir leis na critéir ruachan atá leagtha síos le haghaidh Aicme “II” ;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Bx os cionn 11 °;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Granny Smith:

dath an eipeacairp: dúghlas;

dath breise an eipeacairp: dath beagáinín bándearg féideartha;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Brx os cionn 10°;

teinne: íosmhéid 5.5kg/cm2.

Idared:

dath an eipeacairp: glasbhuí;

dath breise an eipeacairp: dearg geal aonfhoirmeach > 33 % den chraiceann;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Brx os cionn 10°;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Jonagold:

dath an eipeacairp: glasbhuí;

dath breise an eipeacairp: dearg geal le haghaidh Jonagold; stríoca dearga > 20 % den chraiceann; le haghaidh Jonagored: dearg > 50 % den chraiceann;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Bx os cionn 11 °;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Morgenduft:

dath an eipeacairp: glas éadrom go buí;

dath breise an eipeacairp: dearg geal aonfhoirmeach ar 33 % den chraiceann ar a laghad; le haghaidh Dallago: dearg gléigeal ar 50 % den chraiceann ar a laghad;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Brx os cionn 10°;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Red Delicious:

dath an eipeacairp: glas-buí;

dath breise an eipeacairp: stríocaí dearga gléigeala ar 75 % den chraiceann ar a laghad; le haghaidh clón dearg > 90 % den chraiceann;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Brx os cionn 10°;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Stayman Winesap:

dath an eipeacairp: buíghlas;

dath breise an eipeacairp: dath dearg aonfhoirmeach le stríoca éadroma > 33 %;

le haghaidh Red Stayman (Staymanred): > 50 % den chraiceann;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Brx os cionn 10°;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Pinova:

dath an eipeacairp: glas éadrom go buí;

dath breise an eipeacairp: > 10 % den chraiceann;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 65 mm;

cion siúcra: Bx os cionn 11 °;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Topaz:

dath an eipeacairp: glas éadrom go buí;

dath breise an eipeacairp: stríoca dearga > 33 % den chraiceann;

aicme margaíochta: “Breise” agus “I”; “II” freisin le haghaidh táirgí orgánacha;

méid: trastomhas íosta 60 mm;

cion siúcra: Bx os cionn 10.5 °;

teinne: íosmhéid 5 kg/cm2.

Tá úlla atá beartaithe do phróiseáil amháin faoi réir na gceanglas go léir atá leagtha thíos sa tsonraíocht, cé is moite den aicme mhargaíochta, dath an eipeacairp, dath breise eipeacairp agus méid. Féadfar an TGFC “Mela Alto Adige” a chur ar na torthaí sin ach ní fhéadfar iad a mhargú mar sin don tomhaltóir deiridh.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Ní mór úlla “Mela Alto Adige / Südtiroler Apfel” a fhás agus a bhuaint sa limistéar táirgthe atá léirithe i bpointe 4.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ionas go seachnófar damáiste don táirge amhail loit chraicinn, brú a mbíonn donnúchán an chraicinn mar thoradh air agus damáiste eile, ní mór ullmhú agus pacáil a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe. Tá an srian sin i bhfeidhm mar gheall ar an taithí fhairsing atá faighte ar bhainistíocht iarbhuainte an táirge ag saothróirí agus iad ag oibriú le breis is 40 bliain i limistéar sainithe Alto Adige.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór na focail “Mela Alto Adige” Indicazione geografica protetta (Iodáilis) nó “Südtiroler Apfel” geschützte geografische Angabe (Gearmáinis) a bheith ar an lipéad atá le greamú ar na boscaí, ar an bpacáistíocht díolacháin nó ar na torthaí aonair. Ní mór íosairde na bhfocal Mela Alto Adige’ nó “Südtiroler Apfel” ar na lipéid atá le greamú ar na boscaí nó an bpacáistíocht díolacháin a bheith 2 mm. Ní mór íosairde na bhfocal “Mela Alto Adige” nó “Südtiroler Apfel” ar na greamáin atá le greamú ar na torthaí a bheith 0.8 mm.

In éineacht leis an Tásc Geografach faoi Chosaint, féadfar tásca agus/nó siombailí grafacha lena dtagraítear d’ainmneacha aonair agus/nó ainmneacha comhchoiteanna nó ainmneacha cuideachta nó trádmhairc chuideachta a úsáid, ar choinníoll nach bhfuil aon chiall mholta leo nó go bhféadfaidís an tomhaltóir a chur ar míthreoir.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Tá an limistéar táirgthe le haghaidh úlla Mela Alto Adige’ nó “Südtiroler Apfel” ina chuid de Chúige Féinrialaitheacha Bolzano - Alto Adige (Südtirol) a chlúdaíonn 72 bhardas iomlán

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir úlla “Mela Alto Adige” / “Südtiroler Apfel” agus an limistéar geografach bunaithe ar a gcáilíochtaí sonracha, a saintréithe agus a gcáil. Tá clú ar úlla “Mela Alto Adige” nó “Südtiroler Apfel” mar gheall ar a ndath agus a mblas an-suntasach, a mbia teann agus a seilfré an-fhada; tá na saintréithe cáilíochta sin acu mar gheall ar an meascán fite fuaite de thosca ithreach agus aimsire agus scileanna na saothróirí.

Tá aeráid Alto Adige an-fhabhrach le haghaidh shaothrú úll agus é grianmhar ar feadh níos mó ná 300 lá le linn na bliana. Go déanach sa samhradh nó san fhómhar is gnách go n-athraíonn an teocht go suntasach idir an lá agus an oíche. I rith an lae is féidir leis an teocht 30° C a bhaint amach agus le linn na hoíche is féidir leis titim go 8-10° C. Tagann an chuid is mó den táirgeadh ó ghabháltais atá níos mó ná 500 m os cionn leibhéal na mara. Tá na hithreacha thar a bheith torthúil, draenáilte go maith agus go leor ocsaigine iontu. Ceadaíonn sé sin forbairt bharrleibhéil na bhfréamhacha. Tá meánchion nó cion mór húmais sna hithreacha.

Ceadaíonn cleachtais na saothróirí in Alto Adige dóibh úlla ardchaighdeáin a tháirgeadh, a bhuí leis an gcothromaíocht idir fás agus táirgeadh torthaí. Táirgtear úlla “Mela Alto Adige”/“Südtiroler Apfel” agus úsáid á baint as teicnící agus modhanna a mbíonn tionchar íseal acu ar an gcomhshaol. Is é is aidhm leis na córais táirgthe le haghaidh úlla “Mela Alto Adige”/“Südtiroler Apfel” an úsáid is fearr a bhaint as buntáistí nádúrtha na hithreach agus na haeráide. Mar gheall ar an meascán d’uaireanta gréine, istoíche agus báisteach íseal ráthaítear torthaí ar a mbíonn blas agus dath an-suntasach. Mar gheall ar airde na n-úllord, i.e. idir 200 m agus 1 100 m os cionn leibhéal na mara, agus na hithreacha éadroma atá aeraithe go maith, ráthaítear dea-bholadh tréan, bia teann agus seilfré fhada. Thairis sin, cuirtear cothaithigh ar fáil trí leasú cothrom a dhéantar ar bhonn anailíse ithreach, a chuireann borradh faoi cháilíocht torthaí agus a chuireann srian le forbairt galar fiseolaíoch. A bhuí leis na dálaí fabhracha ithreach agus aeráide, le himeacht ama tá fás úll in Alto Adige athraithe ó chineálacha áitiúla amháin le cineálacha ó thíortha eile a áireamh freisin, atá oiriúnaithe go maith don mhiocraeráid, agus tacaíonn foinsí iomadúla leis sin. Chomh luath leis na Meánaoiseanna saothraíodh cineálacha éagsúla úill agus piorra ar fheirmeacha sléibhe (masi) Alto Adige le húsáid ag an teaghlach a raibh cónaí air ar an bhfeirm. Ó bhí lár an 19ú céad ann, bhí fás torthaí faoi rath mar ghníomhaíocht táirgthe agus tráchtála, agus torthaí á gceannach ag ceannaitheoirí eachtracha sa München, Vársá agus Cathair Pheadair. Sa tréimhse sin freisin rinneadh fás torthaí a nuachóiriú in Alto Adige. In 1831 d’fhoilsigh an máistir scoile Johann Iakob Pöll an chéad lámhleabhar ar fhás torthaí agus in 1872, in Institiúid Talmhaíochta San Michele all’Adige, an institiúid nuabhunaithe, tugadh fás torthaí isteach mar ábhar ann féin sa churaclam teagaisc.

I liosta plandlainne de chuid Chumann Talmhaíochta Bolzano [Bolzano Agricultural Association] 1856 tá ar a laghad 193 chineál úill ar féidir a fhás luaite cheana. Sa saothar stairiúil is tábhachtaí ar fhás torthaí agus glasraí in Alto Adige le Karl Mader (1894 agus 1904) aithnítear nach mór 40 cineál mar chineálacha a bhí an-fhorleathan i limistéar iomlán Alto Adige. Cuireann meascán de na tosca comhshaoil sin agus na céadta bliain de ghníomhaíocht an duine, lena mbaineann dlúthnasc idir fás úll agus cosaint na talún agus na timpeallachta atá mar thréith den chóras táirgthe áitiúil, le clú “Mela Alto Adige”/“Südtiroler Apfel” ar na margaí intíre agus idirnáisiúnta araon. Tá 8 000 saothróir páirteach sa slabhra táirgeachta úill faoi láthair, agus iad bainteach le comharchumainn den chuid is mó, chomh maith le 2 500 oibrí sna hionaid ullmhúcháin don mhargadh agus 12 000 bainteoir torthaí.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

Tá téacs iomlán na sonraíochta táirge le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas:

http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335

nó mar rogha ar an méid sin:

trí dhul go díreach chuig leathanach baile don bheartas ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia, Foraoiseacht agus Thurasóireacht (www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar “Qualità” (ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin), agus ansin ar “Prodotti DOP IGP STG” (ar thaobh na láimhe clé den scáileán) agus ar deireadh ar “Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE”.


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 182/20


Foilsiú iarratais de bhun Airteagal 17(6)Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle

(2023/C 182/06)

Leis an bhfoilseachán sin, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

PRÍOMHSHONRAÍOCHTAÍ AN CHOMHAID THEICNIÚIL

“SÁRRÉTI KÖKÉNYPÁLINKA”

Uimh. AE: PGI-HU-02490 – 6.3.2019

1.   Ainm

“Sárréti kökénypálinka”

2.   Catagóir na dí biotáillí

Biotáille torthaí (catagóir Uimh. 9 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008)

3.   Tuairisc na dí biotáillí

Saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus/nó orgánaileipteacha

Saintréithe ceimi-fhisiceacha

Tá íosneart alcóil de 38,5 % V/V agus ábhar substainte luainigh 250 g/hl ar a laghad de 100 % toirte alcóil ag “Sárréti kökénypálinka”.

Saintréithe orgánaileipteacha

Dath: glan, gan dath.

Dea-bholadh: min, beagáinín céiriúil in éineacht le dea-bholadh blátha airne.

Blas: tathagach, le blasanna d’almóinn agus de phrásóg, agus a chuirfeadh caora dearga i gcuimhne; tá iarbhlas fada aige agus tá sé beagáinín milis ach cosúil leis an mblas airne atá rud beag searbh.

Saintréithe sonracha (i gcomparáid le deochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna)

Is pálinka é “Sárréti kökénypálinka” a bhfuil ábhar substainte luainigh saibhir aige agus dea-bholadh a chuirfeadh bláth airne i gcuimhne. Tá “Sárréti kökénypálinka” tathagach, le blasanna d’almóinn agus de phrásóg, agus beagáinín milis, rud a thugann tréith níos éadroime agus níos míne don deoch bhiotáilleach ach a léiríonn an blas d’airne atá rud beag searbh an tráth céanna.

4.   An limistéar geografach lena mbaineann

Ní mór do “Sárréti kökénypálinka” a bheith comhdhéanta as airne de thionscnamh laistigh de theorainneacha riaracháin bhardais na ranna seo a leanas de limistéar Chontae Hajdú-Bihar agus Chontae Békés ar a dtugtar “Sárrét” i ndrioglanna tráchtála pálinka sa limistéar sin: ranna Berettyóújfalu, Békéscsaba, Békés, Gyula, Püspökladány, Sarkad agus Szeghalom.

5.   An modh chun an deoch bhiotáilleach a fháil

Tá torthaí na hairne mar an bun-chomhábhar de “Sárréti kökénypálinka” (Prunus spinosa) a fhástar san fhiántas sa limistéar geografach sainithe.

Ní mór do “Sárréti kökénypálinka” a bheith brúite, coipthe, driogtha agus suite i ndrioglanna tráchtála pálinka amháin atá lonnaithe laistigh de theorainneacha riaracháin na mbardas a shainítear i bpointe 4.

Is iad seo a leanas na príomhchéimeanna i dtáirgeadh pálinka:

a)

Roghnú agus glacadh na dtorthaí

b)

Maistreán a dhéanamh

c)

Coipeadh

d)

Driogadh

e)

Suí, stóráil

f)

Cóireáil agus táirgeadh pálinka

a.)   Roghnú agus glacadh na dtorthaí

Is é an rud is tábhachtaí do thorthaí a fhástar san fhiántas ná go mbeidh siad aonfhoirmeach agus go mbeidh an chéim chéanna aibíochta acu. Ní mór don airne a bheith saor ó aon mhúscán, lobhadh, lochtanna atá ag dul in olcas nó ábhar coimhthíoch, gan aon damáiste nó bhrú. Nuair atá sí aibí go cuí, tá dath gorm na luatha uirthi agus tá cion ábhair thirim de 24 g/100 g ar a laghad agus 12o Brix íosta ag na torthaí. Ba cheart seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar bhonn meánsampla nuair a ghlactar leis na torthaí.

b.)   Maistreán a dhéanamh

Mar an chéad chéim de mhaistreán, ní mór an airne, a bhfuil caora beaga aici, a shórtáil chun aon ábhar coimhthíoch a bhaint (cipíní, duilleoga). Tar éis í a ní, ní mór na clocha torthaí a bhaint (ag úsáid meaisín a bhaineann clocha, más infhaighte). Ní mór thart ar 10-15 % de na clocha slána a chaitheamh ar ais sa mhaistreán tar éis iad a fhágáil le triomú ar feadh 1-2 lá.

Toisc go bhfuil cion uisce na dtorthaí íseal (thart ar 65-70 %), ní mór uisce a chur leo chun cuidiú leis an bpróiseas coipthe. Ba cheart go mbeidh leibhéil ísle d’iain CA++ agus Na+ san uisce a chuirtear leis, áfach, ionas nach ndéanann sé díobháil do bhlas deiridh an pálinka de bharr aigéadacht na dtorthaí.

Cuirtear an maistreán le humair choipthe ansin (cruach nó plaisteach).

c.)   Coipeadh

Bíonn ardchion peictine na dtorthaí ina chúis le scaoileadh mall na súnna agus lena mbíonn an airne fós slaodach, rud a fhágann go mbíonn coipeadh deacair. Cuidítear leis an bpeictin a bhriseadh síos trí choimpléisc einsímí a chur leis.

Ba cheart faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas coipthe ar bhonn laethúil trí amharc-chigireacht. Ba cheart é a sheiceáil don chion siúcra agus don neart alcóil gach 4-5 lá.

Is é an fad is fearr don phróiseas coipthe ná idir 10 agus 14 lá, ag brath ar luachanna cothaitheacha agus ar leibhéal aibíochta na hairne. Ní mór don chion siúcra a bheith is ísle na 2 g/lítir faoi dheireadh an choipthe.

d.)   Driogadh

Is féidir “Sárréti kökénypálinka” a dhéanamh trí chóras driogtha traidisiúnta i stil phota a úsáid (próiseas driogtha codánach dúbailte) nó le córas aonchéime colúin driogtha le comhdhlúthadán aife (ceangaltán a bhaineann réama). Is féidir an ceann a scaradh den chuid is mó trí mheasúnú orgánaileipteach; déantar an t-eireaball a scaradh, áfach, trí fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar an neart alcóil. Bíonn aire mhór ag teastáil i gcás scaradh “Sárréti kökénypálinka”. Toisc go bhfuil cumhráin agus blasanna láidre ag an mbiotáille, bíonn gá le srón géar chun comhpháirteanna díobhálacha blais agus cumhráin a scaradh uaithi.

e.)   Suí, stóráil

I ndiaidh scagtha/driogtha, ní mór “Sárréti kökénypálinka” a fhágáil le suí chun ligean do na blasanna agus do na cumhráin chasta cumasc. Ba cheart é a choinneáil i suíomh atá cosanta ó sholas ar feadh 3-6 mhí, i gcoimeádán carbách nó dosmálta más féidir.

f.)   Cóireáil agus táirgeadh pálinka

I gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla, ní mór neart alcóil pálinka suite a choigeartú don leibhéal atá oiriúnach mar dheoch don duine, trí uisce óil d’ardcháilíocht a chur leis. Tá cáilíocht an uisce ríthábhachtach, toisc go d’fhéadfadh go mbeidh tionchar aige ar dhea-bholaithe pálinka airne críochnaithe. Is ceart uisce bogtha a úsáid, ach is féidir uisce driogtha, dímhianraithe nó iomalartaithe a úsáid chomh maith. D'fhéadfadh difear ± 0,3 % V/V a bheith idir an neart alcóil i ndiaidh caolaithe agus an luach a bheidh luaite ar an lipéad.

6.   An bhaint leis an timpeallacht gheografach nó leis an tionscnamh geografach

a.   Mionsonraí faoin limistéar geografach nó faoin tionscnamh geografach is ábhartha maidir leis an mbaint

Tá an limistéar geografach lonnaithe in oirdheisceart an Mhachaire Mhóir, limistéar ísealchríche is mó na hUngáire. Tá an limistéar geografach crosáilte ag aibhneacha (aibhneacha Körös, Sebes-Körös agus Berettyó) agus ag canáilchórais. Tá sé cumhdaithe ag ithir móinéir, a n-éiríonn an tsraith uachtair di tirim go héasca. Tá an ithir foraoise móinéir saibhir i gcailciam, i maignéisiam, i sulfáití agus i gcarbónáití.

Tá ardlíon uaireanta an chloig gréine ag an limistéar geografach, os cionn 2 500 uair an chloig, agus tá meánteochtaí an tsamhraidh agus an fhómhair (22oC agus 12oC, faoi seach) níos airde ná na meánteochtaí náisiúnta (21,4 oC agus 11,4 oC). Le linn aibithe na hairne (sa samhradh agus san fhómhar), bíonn frasaíocht faoi bhun an mheáin náisiúnta (timpeall 200 mm), le meánfhrasaíocht de 150 mm ag titim ar an limistéar sin a bhfuil frasaíocht íseal ann.

Toir airne a d’fhorbair ar theorainneacha na gcoillearnacha sa chrios steip foraoise agus a d’fhan mar chineál neamhspleách fásra tar éis do na foraoisí a bheith leagtha. Tagann dath gorm agus corcra ar thorthaí an toir airne, atá go hiomlán glas i dtosach báire, le linn an tsamhraidh, agus aibíocht iomlán á baint amach aige de ghnáth sa dara leath de mhí Mheán Fómhair.

Cuireann ardlíon uaireanta an chloig gréine le hardchion siúcra na n-airní a fhásann san fhiántas sa limistéar geografach sainithe. Le linn thréimhse aibithe na hairne, triomaíonn sraith uachtar na hithreach móinéir de thoradh frasaíochta ísle, go leor gréine agus treochtaí arda. Dá dheasca sin, baineann an planda an t-uisce ó na torthaí aibithe chun fásra a áirithiú agus tá cion siúcra na dtorthaí níos comhdhlúite. Tugann sé sin cion siúcra os cionn an mheáin de 12o Brix don airne a fhástar anseo.

A bhuí le cion saibhir mianraí na hithreach agus le líon uaireanta an chloig gréine, tá na hairní a fhástar sa limistéar geografach níos saibhre i mianraí agus i ndea-bholaithe: bíonn líon ard flavónóideach agus cion íosta aigéid orgánaigh 2,5 % agus cion íosta tainnine 1,7 % iontu.

b.   Na saintréithe sonracha sin den deoch bhiotáilleach, is féidir iad a chur i leith an limistéir gheografaigh

Is iad na mianraí agus na dea-bholaithe níos saibhre den airne a úsáidtear mar an bun-chomhábhar go príomha a chinntíonn saintréithe orgánaileipteacha sonracha “Sárréti kökénypálinka” agus a ábhar substainte luainigh atá os cionn an mheáin.

Tugann na clocha airne a chaitheamh ar ais go slán sa mhaistreán de “Sárréti kökénypálinka” a dhéantar go heisiach as na torthaí fiáine dea-bholadh de bhláth airne agus blas d’almóinn don pálinka, agus tugann ardchion siúcra na dtorthaí blas atá beagáinín milis agus a chuirfeadh prásóg i gcuimhne dó. Baineann saibhreas na hairne i mianraí agus i ndea-bholaithe leis an ábhar substainte luainigh níos airde den pálinka a tháirgeann sí, agus tugann an craiceann céiriúil a chumhdaíonn an airne dea-bholadh atá beagáinín céiriúil don pálinka.

I gcás dhriogadh “Sárréti kökénypálinka” tá gá le saineolais suntasach, agus a bhuí le heolas daonna agus le saineolas áitiúil tá blasanna sonracha na hairne de thionscnamh an limistéir gheografaigh ag “Sárréti kökénypálinka”. Toisc go bhfuil an bhiotáille airne sin saibhir i gcumhráin agus i mblasanna, bíonn gá le taithí agus le scil shuntasach chun an ceann driogáite a scaradh go rathúil agus chun é a áirithiú nach dtéann aon chumhrán díobhálach (aildéid, eistir agus alcóil níos airde) isteach sa táirge críochnaithe.

Léirítear cáilíocht shonrach “Sárréti kökénypálinka” trí na gradaim a bhuaigh sé sna comórtais biotáille seo a leanas:

2009: 17ú Comórtas Náisiúnta Pálinka agus Idirnáisiúnta Biotáille Torthaí – Dámhachtain Seaimpín

2012–2013: Destillata – Bonn Airgid

2014: Comórtas Náisiúnta Pálinka agus Pálinka Mairc Fíonchaor – Bonn Óir

2015: Comórtas Náisiúnta Pálinka agus Pálinka Mairc Fíonchaor – Bonn Óir

2015: Clár Barr Feabhais Pálinka Náisiúnta – Barr Feabhais 4 Réalta

2016: Féile Bhlaiste Pálinka Náisiúnta – Dámhachtain Seaimpín

2016: Pálinka airne is fearr na hUngáire

2017: Clár Barr Feabhais Pálinka Náisiúnta – Barr Feabhais Pálinka Is Mó

2018: Féile Pálinka Szeghalom – dámhachtain pálinka speisialta

7.   Forálacha de chuid an Aontais Eorpaigh nó forálacha náisiúnta/réigiúnacha

Acht XI 1997 ar chosaint na dtrádmharcanna agus na dtásc geografach

Acht LXXIII 2008 ar pálinka, ar pálinka mairc fíonchaor agus ar Chomhairle Pálinka Náisiúnta

Foraithne Rialtais uimh. 158/2009 an 30 Iúil 2009 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe chun tásca geografacha de tháirgí talmhaíochta agus de tháirgí bia a chosaint agus chun táirgí a fhíorú

8.   Iarratasóir

Ballstát, tríú tír nó duine dlítheanach/nádúrtha: István Elek

Seoladh iomlán (uimhir an tí agus ainm na sráide, cód poist agus baile, tír):

Széchenyi u. 82, 4145 Csökmő, Hungary

Stádas dlíthiúil: Trádálaí aonair

9.   Forlíonadh leis an tásc geografach agus leis na rialacha sonracha maidir le lipéadú

In éineacht leis na gnéithe a shonraítear sa reachtaíocht, beidh an méid seo a leanas sa sonrúchán freisin:

“földrajzi jelzés” [tásc geografach] (ar leithligh ón ainm)

Ní mór an t-ainm “Sárréti kökénypálinka” a bheith le feiceáil (chun tosaigh agus/nó ar chúl agus/nó ar thaobh) ar an lipéad a chuirtear ar na buidéil go léir a chuireann an táirge i láthair.


(1)  L 130, 17.5.2019, lch. 1.