ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 175

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
17 Bealtaine 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 175/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10712 – APOLLO MANAGEMENT / TENNECO) ( 1 )

1

2023/C 175/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11083 – KBR / SUN CAPITAL / HOMESAFE JV) ( 1 )

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 175/03

Rátaí malairte an euro — 16 Bealtaine 2023

3

 

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

2023/C 175/04

Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh um Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)

4

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2023/C 175/05

Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Forchur oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealta ( 1 )

6

2023/C 175/06

Teachtaireacht ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Glao ar thairiscintí i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( 1 )

7

2023/C 175/07

Scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach

8


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 175/08

Fógra faoi iarraidh maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE — Iarraidh ó Eintiteas Conarthach

14

2023/C 175/09

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10978 – CACEIS / RBC INVESTOR SERVICES BANK / RBC OFFSHORE FUND MANAGERS / RBC INVESTOR SERVICES TRUST ASSETS) ( 1 )

15

2023/C 175/10

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11110 — EFMS / PSPIB / RADIUS) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

17

2023/C 175/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11117 – APOLLO / PLATINUM FALCON / UNIVAR) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

19

2023/C 175/12

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M. 11046 — IBV / ACEN / ACRI / SINGAPORE JV / TAIWAN JV / PHILIPPINES JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

21

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 175/13

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

23


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10712 – APOLLO MANAGEMENT / TENNECO)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 175/01)

An 27 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10712. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11083 – KBR / SUN CAPITAL / HOMESAFE JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 175/02)

An 11 Bealtaine 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11083. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/3


Rátaí malairte an euro (1)

16 Bealtaine 2023

(2023/C 175/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0881

JPY

yen na Seapáine

147,89

DKK

krone na Danmhairge

7,4468

GBP

punt steirling

0,86938

SEK

krona na Sualainne

11,2765

CHF

franc na hEilvéise

0,9732

ISK

króna na hÍoslainne

150,90

NOK

krone na hIorua

11,6130

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,675

HUF

forint na hUngáire

369,20

PLN

zloty na Polainne

4,4865

RON

leu na Rómáine

4,9478

TRY

lira na Tuirce

21,4425

AUD

dollar na hAstráile

1,6307

CAD

dollar Cheanada

1,4652

HKD

dollar Hong Cong

8,5293

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7428

SGD

dollar Shingeapór

1,4545

KRW

won na Cóiré Theas

1 458,78

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,7496

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,5793

IDR

rupiah na hIndinéise

16 132,09

MYR

ringgit na Malaeisia

4,8954

PHP

peso na nOileán Filipíneach

61,001

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,963

BRL

real na Brasaíle

5,3340

MXN

peso Mheicsiceo

18,9822

INR

rúipí na hIndia

89,4655


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/4


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh um Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe

(2023/C 175/04)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)

An 1 Márta 2023 d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe (“an Togra”).

Is é is cuspóir don Togra feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre ar fud an Aontais, trí rialacha a leagan síos lena bhforáiltear d’éifeacht uile-Aontais dícháiliúchán tiomána i gcás mórchionta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, arna ndéanamh i mBallstát seachas an Ballstát a d’eisigh ceadúnas tiomána an chiontóra.

Tá MECS sásta leis na heilimintí a thugtar sa Mheabhrán Míniúcháin agus i mBrollach an Togra toisc go bhfuil siad mionsonraithe go leor agus toisc go bhfuil bunús leordhóthanach leo chun tacú le dlisteanacht an Togra agus leis an ngá atá ann faisnéis a mhalartú leis an mBallstát eisiúna.

Is díol sásaimh do MECS go bhfuil sé d’aidhm ag an Togra an malartú sonraí pearsanta leis an mBallstát eisiúna a theorannú don mhéid is gá chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Togra a chomhlíonadh.

1.   RÉAMHRÁ

1.

An 1 Márta 2023 d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe (1) (“an Togra”).

2.

Is cuid de phacáiste reachtach níos mó é an togra seo, dá ngairtear an “Pacáiste um Shábháilteacht ar Bhóithre”, ina gcuimsítear freisin:

a.

Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (2) agus

b.

Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (3).

3.

Is é is cuspóir don Togra feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre ar fud an Aontais, trí rialacha a leagan síos lena bhforáiltear d’éifeacht uile-Aontais dícháiliúchán tiomána i gcás mórchionta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, arna ndéanamh i mBallstát seachas an Ballstát a d’eisigh ceadúnas tiomána an chiontóra (4).

4.

Eisítear an Tuairim reatha ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach ar an 1 Márta 2023, de bhun Airteagal 42(1) RCSAE (5). Cuireann MECS fáilte roimh an tagairt don chomhairliúchán seo in Aithris 31 den Togra.

3.   CONCLÚIDÍ

16.

I bhfianaise an mhéid thuas, measann MECS go bhforáiltear sa Togra d’údar leordhóthanach le creat a bhunú lena bhforáiltear d’éifeacht uile-Aontais dícháiliúchán tiomána i gcás mórchionta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre arna ndéanamh i mBallstát seachas an Ballstát a d’eisigh ceadúnas tiomána an chiontóra. Measann MECS freisin go ndéantar na sonraí pearsanta atá le malartú leis an mBallstát eisiúna a theorannú ar bhealach leordhóthanach leis an togra chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Togra a chomhlíonadh.

17.

Meabhraíonn MECS go bhfuiltear ag súil go rachfar i gcomhairle leis maidir leis an ngníomh nó leis na gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 5(1) den Togra.

An Bhruiséil, 25 Aibreán 2023.

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  COM(2023) 128 final.

(2)  IO L 68, 13.3.2015, lch. 9.

(3)  IO L 403, 30.12.2006, lch. 18.

(4)  COM(2023) 128 final, lch. 15 agus Aithris 8.

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/6


Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Forchur oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 175/05)

Ballstát

An Fhrainc

An t-aerbhealach lena mbaineann

Poitiers (Biard) - Lyon (Saint-Exupéry)

Dáta bunaidh theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí

1 Samhain 2005

Dáta theacht i bhfeidhm na modhnuithe

1 Samhain 2023

An seoladh ónar féidir an téacs agus aon fhaisnéis ábhartha agus/nó aon doiciméadacht ábhartha a bhaineann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí a fháil

Ordú an 29 Márta 2023 maidir le forchur oibleagáidí seirbhíse poiblí ar na haersheirbhísí idir Poitiers agus Lyon

NOR : TREA2308060A

http://www.legifrance.gouv.fr/initRechTexte.do

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Direction Générale de l’Aviation Civile

DTA/SDS1

50 rue Henry Farman

75720 Paris CEDEX 15

AN FHRAINC

Teil. +33 158094321


17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/7


Teachtaireacht ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Glao ar thairiscintí i leith oibriú aersheirbhísí sceidealaithe i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 175/06)

Ballstát

An Fhrainc

An t-aerbhealach lena mbaineann

Poitiers (Biard) - Lyon (Saint-Exupéry)

Tréimhse bhailíochta an chonartha

27 Samhain 2023 – 31 Deireadh Fómhair 2027

Sprioc-am chun iarratais agus tairiscintí a chur isteach

20 Iúil 2023 (16.00, am Pháras)

An seoladh ónar féidir téacs an ghlao ar thairiscintí agus an fhaisnéis uile ábhartha agus/nó gach doiciméad ábhartha a fháil maidir leis an nglao ar thairiscintí agus leis an oibleagáid seirbhíse poiblí

Syndicat Mixte de l’Aéroport de Poitiers-Biard (SMAPB)

Hôtel du Département

Place Aristide Briand

CS 80319

86008 Poitiers CEDEX

AN FHRAINC

Teileafón +33 549629115

R-phost: smapb@departement86.fr

Próifíl an cheannaitheora: https://marches.securises.fr


17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/8


Scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (1)

(2023/C 175/07)

Teideal na scéime

Modhanna ríomh-shainaitheantais faoin scéim ar tugadh fógra fúithi

Ballstát a thugann fógra

An leibhéal dearbhaithe

An t-údarás atá freagrach as an scéim

Dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Córas ríomh-shainaitheantais na Gearmáine bunaithe ar Rialú Rochtana Breisithe

Cárta Aitheantais Náisiúnta

Ríomhchead Cónaithe

Cárta ríomh-shainaitheantais le haghaidh Saoránaigh den Aontas agus Náisiúnaigh LEE

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

Ard

An Aireacht Chónaidhme um Ghnóthaí Intíre

Alt-Moabit 140

10557 Beirlín

DGI2@bmi.bund.de

+49 30186810

26.9.2017

14.12.2020

SPID – An Córas Poiblí um Chéannacht Dhigiteach

Modhanna ríomhshainaitheantais SPID arna gcur ar fáil ag:

Aruba PEC S.p.A.

Namirial S.p.A.

InfoCert S.p.A.

In.Te.S.A. S.p.A.

Poste Italiane S.p.A

Register S.p.A.

Sielte S.p.A.

Telecom Italia

Trust Technologies S.r.l.

An Iodáil

Ard

Substaintiúil Íseal

AgID - An Ghníomhaireacht um Iodáil

Dhigiteach

Viale Liszt 21

00144 An Róimh

eidas-spid@agid.gov.it

+39 0685264407

10.9.2018

Lepida S.p.A.

 

 

 

13.9.2019

An Córás Náisiúnta um Aithint agus Fíordheimhniú (NIAS)

Cárta Aitheantais Pearsanta (eOI)

Poblacht na Cróite

Ard

An Aireacht Riaracháin

Phoiblí, Poblacht

na Cróite

Maksimirska 63

10000 Ságrab

e-gradjani@uprava.hr

7.11.2018

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Cárta aitheantais

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Cárta RP

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Digi-ID

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: e-Residency Digi-ID

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Mobiil-ID

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: cárta aitheantais taidhleoireachta

ID card

Cárta RP

Digi-ID

e-Residency Digi-ID

Mobiil-ID

Cárta aitheantais taidhleoireachta

Poblacht na hEastóine

Ard

Bord na bPóilíní agus an Gharda Teorann

Pärnu mnt 139

15060 Taillinn

eid@politsei.ee

+372 6123000

7.11.2018

Documento Nacional de Identidad electrónico (DNIe)

Cárta aitheantais na Spáinne (DNIe)

Ríocht na Spáinne

Ard

An Aireacht um Ghnóthaí Intíre -

Ríocht na Spáinne

C/ Julián González

Segador, s/n

28043 Maidrid

divisiondedocumentacion@policia.es

7.11.2018

Cárta aitheantais náisiúnta Lucsamburg (cárta ríomh-shainaitheantais)

Cárta ríomh-shainaitheantais Lucsamburg

Ard-Diúcacht Lucsamburg

Ard

An Aireacht um Ghnóthaí Baile

BP 10

L-2010 Lucsamburg

minint@mi.etat.lu

secretariat@ctie.etat.lu

+352 24784600

7.11.2018

Scéim ríomh-shainaitheantai FAS / ríomhchártaí na Beilge

Cárta ríomh-shainaitheantais do shaoránaigh den Bheilg

Cárta ríomh-shainaitheantais d’eachtrannaigh

Ríocht na Beilge

Ard

An tSeirbhís Phoiblí Fheidearálach um Beartas & Tacaíocht (BOSA) / An Ard-Stiúrthóireacht um Chlaochlú Digiteach

Simon Bolivarlaan 30

1000 An Bhruiséil

eidas@bosa.fgov.be

27.12.2018

Cartão de Cidadão (CC)

Cárta aitheantais náisiúnta na Portaingéile (cárta ríomh-shainaitheantais)

Poblacht na Portaingéile

Ard

AMA – An Ghníomhaireacht um Nuachóiriú Riaracháin

Rua de Santa Marta 55, 3o

1150 - 294 Liospóin

ama@ama.pt

+351 217231200

28.2.2019

Ríomh-shainaitheantas na hIodáile bunaithe ar an gcárta Aitheantais Náisiúnta (CIE)

Carta di Identità Elettronica (CIE)

An Iodáil

Ard

An Aireacht um Ghnóthaí Intíre

Piazza del Viminale 1

00184 An Róimh

segreteriaservizidemografici@interno.it

+39 0646527751

13.9.2019

Scéim sainaitheantais náisiúnta Phoblacht na Seice

Cárta ríomh-shainaitheantais na Seice

Poblacht na Seice

Ard

Aireacht um Ghnóthaí Intíre Phoblacht na Seice

Nad Štolou 936/3

Bosca P.O. 21

170 34 Prág 7

eidas@mvcr.cz

13.9.2019

Creat Iontaoibhe na hÍsiltíre maidir le Ríomh-Shainaithint (Afsprakenstelsel Elektronische Toegangsdiensten)

Modhanna a eisítear faoi eHerkenning (le haghaidh gnólachtaí)

Ríocht na hÍsiltíre

Ard

Substaintiúil

An Aireacht um Ghnóthaí Intíre agus

Caidrimh Ríochta - Logius

Postbus 96810

2509 JE An Háig

info@eherkenning.nl

13.9.2019

Scéim ríomh-shainaitheantais na Slóvaice

Cárta ríomh-shainaitheantais na Slóvaice

Poblacht na Slóvaice

Ard

Oifig Leas-Phríomh-Aire Phoblacht na Slóvaice um Infheistíochtaí agus Faisnéisíocht

Štefánikova 15

811 05 An Bhratasláiv

eidas@vicepremier.gov.sk

+421 220928177

18.12.2019

Scéim ríomh-shainaitheantais na Laitvia

eID karte

eParaksts karte

eParaksts karte+

eParaksts

An Laitvia

Ard

Substaintiúil

Oifig Saoránachta agus

Gnóthaí Imirce

(OCMA) Aireacht Gnóthaí Baile

Phoblacht na Laitvia

Čiekurkalna 1. līnija 1 k-3

LV-1026, Ríge

rigas.1.nodala@pmlp.gov.lv

Lárionad Stáit na Laitvia don Raidió agus don Teilifís (LVRTC)

Ērgļu iela 14 Rīga LV-1012

eparaksts@eparaksts.lv

18.12.2019

Scéim ríomh-shainaitheantais FAS / itsme® na Beilge

Aip mhóibíleach itsme®

Ríocht na Beilge

Ard

An tSeirbhís Phoiblí Fheidearálach um Beartas & Tacaíocht (BOSA) / An Ard-Stiúrthóireacht um Chlaochlú Digiteach

Simon Bolivarlaan 30

1000 An Bhruiséil

eidas@bosa.fgov.be

18.12.2019

Scéim ríomh-shainaitheantais na Danmhairge (NemID)

Eochairchárta NemID

Aip mhóibíleach NemID

Ceadchomhartha NemID

NemID ar chrua-earraí

NemID IVR

Cárta NemID Magna (eochairchárta)

Ríocht na Danmhairge

Substaintiúil

Gníomhaireacht um Dhigitiú na hAireachta Airgeadais

Landgreven 4

1017 Cóbanhávan K

digst@digst.dk

+45 33925200

8.4.2020

Chave Móvel Digital (CMD)

Eochair Dhigiteach Mhóibíleach (eID móibíleach)

Poblacht na Portaingéile

Ard

AMA – An Ghníomhaireacht um Nuachóiriú Riaracháin

Rua de Santa Marta 55 3o

1150 - 294 Liospóin

ama@ama.pt

+351 217231200

8.4.2020

Scéim ríomh-shainaitheantais na Liotuáine

(ATK - Asmens tapatybės kortelė)

Cárta Aitheantais Náisiúnta na Liotuáine

Poblacht na Liotuáine

Ard

Aireacht um Ghnóthaí Intíre Phoblacht na Liotuáine

Šventaragio str. 2

Vilnias LT-01510

bendrasisd@vrm.lt

+370 52717130

21.8.2020

Scéim ríomh-shainaitheantais na hÍsiltíre (DigiD)

DigiD

Ríocht na hÍsiltíre

Substaintiúil

Ard

Caidrimh Ríochta - Logius

Postbus 96810 2509 JE

An Háig

logiussecretariaatproductiehuis@logius.nl

21.8.2020

Scéim ríomh-shainaitheantais Mhálta

(Gníomhaireacht “Identity Malta”)

Ríomhchárta aitheantais (Cárta ríomh-shainaitheantais) Doiciméad cónaithe (Cárta e-RP)

Poblacht Mhálta

Ard

Identity Malta

Foirgneamh Castagna Valley Road, Msida

enquiries@identitymalta.com

+356 25904900

10.12.2021

Scéim ríomh-shainaitheantais na Fraince (FranceConnect+ / L’Identité Numérique La Poste)

L’Identité numérique La Poste (Aip Mhóibíleach La Poste)

Poblacht na Fraince

Substaintiúil

DINUM (An Ard-Stiúrthóireacht Idir-Aireachta um Dhigitiú)

20 avenue de Ségur 75007 PÁRAS

eidas@franceconnect.gouv.fr

10.12.2021

Ríomh-shainaitheantas na Sualainne (Svensk e-legitimation)

Freja eID Plus

Ríocht na Sualainne

Substaintiúil

An Ghníomhaireacht um Rialachas

Digiteach

Storgatan 37

852 30 Sundsvall

An tSualainn

e-legitimation@digg.se

+ +46 771114400

18.2.2022

Scéim ríomh-shainaitheantais (ID na hOstaire)

ID na hOstaire

ID na hOstaire

An Ostair

An Aireacht Cónaidhme Airgeadais/ Údarás Clárúcháin SourcePIN (Bundesministerium für Finanzen/Stammzahlenregisterbehörde)

Johannesgasse 5

1010 Wien, An Ostair

post.szrb@bmf.gv.at

+43 151433 - 0

27.4.2022

Scéim ríomh-shainaitheantais MitID na Danmhairge

Aip Mhóibíleach MitID Aip MitID

Slis MitID le slándáil fheabhsaithe

Taispeáint cóid MitID Léitheoir cóid fuaime MitID

Pasfhocal MitID

Ríocht na Danmhairge

Substaintiúil

Ard

An Ghníomhaireacht um Rialachas Digiteach

Landgreven 4, 1301 Cóbanhávan K

digst@digst.dk/

eIDAS@digst.dk

+ 45 33925200

24.10.2022

Scéim ríomh-shainaitheantais na hIorua BankID

BankID

Ríocht na hIorua

Ard

Gníomhaireacht na hIorua um Aistriú Digiteach

Bosca poist 1382 Vika, 0114 Osló, An Iorua

Post@Digdir.no

+ 47 22451000

24.10.2022

Scéim ríomh-shainaitheantais na hIorua Buypass ID

Buypass ID

Ríocht na hIorua

Ard

Gníomhaireacht na hIorua um Aistriú Digiteach

Bosca poist 1382 Vika, 0114 Osló, An Iorua

Post@Digdir.no

+ 47 22451000

24.10.2022

Córas Ríomh-Shainaitheantais Phoiblí na Polainne

(Publiczny System Identyfikacji Elektronicznej)

Próifíl iontaofa Próifíl phearsanta

Poblacht na Polainne

Substaintiúil

Ard

An tAire Gnóthaí Digiteacha (an tAire i gceannas ar TF)

Królewska 27, 00-060 Vársá, An Pholainn

kontakt@kprm.gov.pl

+48 222500110

19.4.2023

Scéim ríomh-shainaitheantais Lichtinstéin (eID.li Aicme A)

eID.li Aicme A

Prionsacht Lichtinstéin

Ard

Ausländer- und APA Passamt

Städtle 38

9490 Vaduz Lichtinstéin

info@eid.li

+423 2366141

19.4.2023

Scéim ríomh-shainaitheantais Lichtinstéin (eID.li Aicme B)

eID.li Aicme B

Prionsacht Lichtinstéin

Substaintiúil

Ausländer- und APA Passamt

Städtle 38

9490 Vaduz Lichtinstéin

info@eid.li

+423 2366141

19.4.2023

Scéim cárta ríomh-shainaitheantais na Slóivéine

Cárta ríomh-shainaitheantais SI

Poblacht na Slóivéine

Ard

An Aireacht um Chlaochlú Dhigiteach

Davčna ulica 1

SI-1000 Ljubljana

An tSlóivéin

gp.mdp@gov.si

+386 15555800

17.5.2023


(1)  IO L 257, 28.8.2014, lch. 73.


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/14


Fógra faoi iarraidh maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE

Iarraidh ó Eintiteas Conarthach

(2023/C 175/08)

An 13 Aibreán 2023, fuair an Coimisiún iarraidh de bhun Airteagal 35 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Bundesverband der Energie- und Wasserwirtschaft e.V (BDEW, Cumann Tionscal Fuinnimh agus Uisce na Gearmáine) a chuir an iarraidh isteach. Ba é an 14 Aibreán 2023 an chéad lá oibre eile tar éis an iarraidh a fháil.

Baineann an iarraidh seo le gníomhaíochtaí a bhaineann giniúint agus mórdhíol leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite sa Ghearmáin, cé is moite de leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite i suiteálacha a cuireadh i mbun oibríochta roimh an 1 Lúnasa 2014 agus a fhaigheann fóirdheontais i gcónaí.

Déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas in Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE – “conarthaí arb é is aidhm dóibh a fhágáil gur féidir gníomhaíocht a luaitear in Airteagail 8 go 14 a dhéanamh, ní bheidh siad faoi réir na Treorach seo más féidir leis an mBallstát nó leis na heintitis chonarthacha a rinne an iarraidh de bhun Airteagal 35 a léiriú go bhfuil an ghníomhaíocht neamhchosanta go díreach ar iomaíocht, sa Bhallstát ina bhfuil sí á déanamh, i margaí nach bhfuil aon srian i bhfeidhm maidir le rochtain a fháil orthu; agus maidir le comórtais deartha a eagraítear i dtaca le gníomhaíocht den chineál sin a shaothrú sa limistéar geografach sin, ní bheidh siadsan faoi réir na Treorach seo ach oiread”. An measúnú maidir le neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht is féidir a dhéanamh i gcomhthéacs Threoir 2014/25/AE, is rud é atá gan dochar do chur i bhfeidhm iomlán dhlí na hiomaíochta.

Ceadaítear don Choimisiún tréimhse 90 (2) lá oibre a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh sin, tréimhse dar tús an lá oibre dá dtagraítear thuas. Dá bhrí sin, rachaidh an tréimhse sin in éag an 25 Lúnasa 2023.

De réir Airteagal 35(5) de Threoir 2014/25/AE, iarrataí eile maidir leis na gníomhaíochtaí céanna sa Ghearmáin, iarrataí a chuirfear isteach roimh dhul in éag don tréimhse a osclaíodh i leith na hiarrata seo, ní mheasfar gur nósanna imeachta nua iad, agus is i gcomhthéacs na hiarrata seo a dhéileálfar leo.


(1)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le nósanna imeachta soláthair ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(2)  De bhun mhír 1a d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/25/AE i gcomhar leis an dara fomhír den mhír 1 sin.


17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/15


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10978 – CACEIS / RBC INVESTOR SERVICES BANK / RBC OFFSHORE FUND MANAGERS / RBC INVESTOR SERVICES TRUST ASSETS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 175/09)

1.   

An 5 Bealtaine 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

CACEIS SA (“CACEIS”, an Fhrainc), faoi rialú Crédit Agricole SA (an Fhrainc),

RBC Investor Services Bank SA (“RBC IS Bank”, Lucsamburg), faoi rialú an Royal Bank of Canada Group (“RBC”, Ceanada),

RBC Offshore Fund Managers Limited (“RBC Channel Islands”, Geansaí), faoi rialú RBC,

RBC Investor Services Trust (an Ríocht Aontaithe), faoi rialú RBC.

Gheobhaidh CACEIS rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar RBC IS Bank agus RBC Channel Islands ina n-iomláine, agus ar shócmhainní agus dliteanais áirithe de bhrainse na Ríochta Aontaithe de RBC Investor Services Trust (an “RBC UK Transferring Business”).

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna in RBC IS Bank agus RBC Channel Islands, agus trí bhíthin ceannach sócmhainní le haghaidh an the RBC UK Transferring Business.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is fochuideachta de chuid Crédit Agricole SA é CACEIS agus cuireann sé seirbhísí baincéireachta, árachais agus bainistíochta sócmhainní ar fáil do chliaint chorparáideacha, d’infheisteoirí institiúideacha, do bhainc agus do bhróicéirí.

Is iad RBC IS Bank, RBC Channel Islands agus an RBC UK Transferring Business gníomhaíochtaí Eorpacha seirbhísithe ar shócmhainní RBC agus a fhochuideachta chomhlachaithe Mhalaeisiach a ghníomhaíonn mar chúloifig le haghaidh na gnólachta seirbhísithe ar shócmhainní. Cuireann siad seirbhísí cumhdaigh, riaracháin cistí, gníomhaireachta aistrithe, lároifige agus iasachtaithe urrús ar fáil.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10978 – CACEIS / RBC INVESTOR SERVICES BANK / RBC OFFSHORE FUND MANAGERS / RBC INVESTOR SERVICES TRUST ASSETS

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/17


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11110 — EFMS / PSPIB / RADIUS)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 175/10)

1.   

An 5 Bealtaine 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

EQT Fund Management S.à r.l (“EFMS”, Lucsamburg),

Public Sector Pension Investment Board (“PSPIB”, Ceanada),

Radius Global Infrastructure, Inc. (“Radius”, Stáit Aontaithe Mheiriceá).

Gheobhaidh EFMS agus PSPIB comhrialú ar Radius ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Feidhmíonn EFMS mar bhainisteoir ciste do EQT Active Core Infrastructure (EQT ACI) agus thar a cheann. Is ciste infheistíochta EQT é EQT ACI a fhéachann le hinfheistíocht a dhéanamh i bpríomhchuideachtaí bonneagair a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha don tsochaí go príomha san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.

Is é PSPIB bainisteoir infheistíochta phleananna pinsin Sheirbhís Phoiblí Fheidearálach Cheanada, Arm Cheanada agus Phóilíní Capall Ríoga Cheanada agus an Fhórsa Cúltaca. Bainistíonn PSPIB punann domhanda éagsúlaithe lena n-áirítear stoic, bannaí agus urrúis ioncaim sheasta eile, mar aon le hinfheistíochta i gcothromas príobháideach, réadmhaoin, bonneagar, acmhainní nádúrtha agus infheistíochtaí creidmheasa.

Is é Radius cuideachta shealbhaíochta an ghrúpa cuideachtaí AP Wireless. Trína úinéireacht ar AP Wireless, tá Radius ag gabháil don ghnó sruthanna cíosa suíomhanna a chomhiomlánú le haghaidh suíomhanna bonneagair cumarsáide gan sreang agus eile (e.g. suíomhanna ceall, lárionaid sonraí) trí leasanna maoine réadacha agus cearta conarthacha a fháil. Cuimsíonn punann reatha AP Wireless leasanna i léasanna láithreáin ceall ar an talamh, ar thúr, ar dhíonta agus i bhfoirgnimh i 21 tír ar fud na hEorpa, na hAstráile, agus Mheiriceá Thuaidh agus Theas.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11110 – EFMS / PSPIB / RADIUS

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/19


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11117 – APOLLO / PLATINUM FALCON / UNIVAR)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 175/11)

1.   

An 8 Bealtaine 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Apollo Management, L.P. (na “Apollo Funds”, SAM),

Platinum Falcon B 2018 RSC Limited (“Platinum Falcon”, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha)

Univar Solutions Inc. (“Univar”, SAM).

Gheobhaidh Apollo Funds agus Platinum Falcon rialú comhpháirteach ar Univar de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is fochuideachta atá faoi lánúinéireacht ag Apollo Global Management, Inc. atá in Apollo Funds, ar bainisteoir sócmhainní agus soláthraí seirbhísí scoir í do dhaoine aonair agus d’infheisteoirí institiúideacha,

Is cuideachta sealbhaíochta infheistíochta é Platanam Falcon atá faoi úinéireacht agus bainistíonn infheistíochtaí. Is fochuideachta atá faoi lánúinéireacht ag Abu Dhabi Investment Authority, foras poiblí a bunaíodh mar fhoras infheistíochta neamhspleách ag Rialtas Éimíríocht Abu Dhabi,

Is soláthraí domhanda ceimiceán agus comhábhair é Univar, chomh maith le soláthraí seirbhísí breisluacha, do chustaiméirí ar fud réimse leathan tionscail éagsúla, lena n-áirítear eolaíochtaí beatha, réitigh thionsclaíocha, tionscail ghinearálta, seirbhísí agus margaí eile, chomh maith le scagadh agus próiseáil cheimiceach.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11117 – APOLLO / PLATINUM FALCON / UNIVAR

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/21


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M. 11046 — IBV / ACEN / ACRI / SINGAPORE JV / TAIWAN JV / PHILIPPINES JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 175/12)

1.   

An 10 Bealtaine 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

IB vogt (Singeapór) Pte. Ltd., fochuideachta ar lánúinéireacht IB vogt GmbH, (“IBV”, an Ghearmáin),

ACEN CORPORATION (“ACEN”) agus ACEN Renewables International Pte. Ltd., (“ACRI”), ar dhá ghnóthas iad atá faoi rialú Ayala Group (na hOileáin Fhilipíneacha).

Gheobhaidh IBV agus ACEN/ACRI rialú comhpháirteach ar JVanna i Singeapór, sa Téaváin agus sna hOileáin Fhilipíneacha de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Soláthraíonn IBV gléasraí fótavoltachais lándéanta, lena n-áirítear dearadh agus seirbhísí innealtóireachta, d’infheisteoirí deiridh go hidirnáisiúnta.

Tá ACEN agus ACRI mar chuid de Ayala Group, ilchuideachta mhór éagsúlaithe, atá gníomhach i measc cuideachtaí eile i nginiúint cumhachta in-athnuaite.

3.   

Na JVanna i Singeapór, sa Téaváin agus sna hOileáin Fhilipíneacha atá á gcur ar bun mar ardáin infheistíochta chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite gréine a fhorbairt, a thógáil, a bheith acu agus a oibriú i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M. 11046 — IBV / ACEN / ACRI / SINGAPORE JV / TAIWAN JV / PHILIPPINES JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 175/23


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 175/13)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

’Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou'

Uimh. AE: PGI-GR-02821 — 6.12.2021

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

’Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou'

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Ghréig

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.3. Cáiseanna

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Cáis ghrutha scallta, leathchrua atá in “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou”. Tá dath idir neasbhán agus buí éadrom air agus tá cruth sorcóireach nó comhthreomharóid air. Tá blas ime, beagán géar agus beagán goirt uirthi, rud a dhéanann í difriúil le cáiseanna cosúla den chineál sin. Is é is páirtchúis leis na saintréithe blais sin go gcuirtear salann leis go tréimhsiúil, mar chuid den phróiseas táirgthe, agus an bainne a úsáidtear, ina bhfuil méid mór saille agus ar a bhfuil dea-bholadh láidir aibí.

Tá uigeacht theann, dhlúth ar “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” gan mórán oscailtí ann agus gan aon chraiceann air. Tá na saintréithe fisiceimiceacha a leanas aige:

Cion saille in ábhar tirim >45 %

Cion saille 27-30 %

Cion próitéine 25–28 %

Cion taisligh uasta 40-45 %

Ar deireadh, tá an cion salainn (clóiríd sóidiam) ann idir 1,4 % agus 2 %, is ionann comhdhúile neamhorgánacha eile ann agus 2,5 % agus tá an pH idir 5,0 and 5,3.

Déantar “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” as bainne amh nó bainne paistéartha áitiúil (bainne caorach nó meascán de bhainne caorach agus gabhair, agus níos lú ná 35 % den mheascán déanta suas de bhainne gabhair) agus modh sonrach á úsáid a d’fhorbair tréadaithe fáin an cheantair a labhraíonn Arómáinis.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Déantar “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” as bainne amh nó paistéartha ó phórtha caorach agus gabhar a tógadh go fairsing sa limistéar sainithe go traidisiúnta, agus ó na pórtha sin amháin. Tá méid mór saille (6 % ar a laghad) sa bhainne toisc go mbíonn na hainmhithe ag innilt go fairsing nó, le linn na dtréimhsí drochaimsire go mbeathaítear iad le plandaí áitiúla a rinneadh a thriomú agus a stóráil. Is é an t-aon substaint amháin a fhéadfar a chur leis an mbainne a úsáidtear chun an cháis a dhéanamh “binid thraidisiúnta na Gréige” atá ar fáil ar bhonn tráchtála.

Maidir leis an mbainne a tháirgtear sa limistéar sainithe agus a úsáidtear le “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” a dhéanamh, tá feidhm ag na ceanglais a leanas:

i)

Ní mór bainne caorach nó meascán de bhainne caorach agus bainne gabhair a bheith sa bhainne, agus ní mór nach bainne gabhair níos mó ná 35 % de..

ii)

Ní mór cion saille de 6 % w/w ar a laghad a bheith aige

iii)

Ní ceadmhach na hainmhithe a chrú go ceann 10 lá ar a laghad tar éis ainmhithe óga a bhreith (i gcás bainne amh). Go dtí go ngruthaítear é, ní mór an bainne a stóráil ag teocht rialaithe, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

iv)

Níor cheart gur bainne comhdhlúite é agus níor cheart púdar bainne breise, próitéin bhainne, salainn cáiséine, dathúchán ná leasaithigh a bheith ann.

v)

Ní mór gan aon iarmhar ó tháirgí íocshláinte tréidliachta (e.g. antaibheathaigh), lotnaidicídí ná substaintí díobhálacha eile a bheith sa bhainne.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Ní mór táirgeadh an bhainne agus gach céim de tháirgeadh cháis “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou”, an pacáistiú tosaigh san áireamh, a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Cuimsítear leis an limistéar ina dtáirgtear an bainne agus ina ndéantar cáis “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” Réigiún iomlán Epirus, na hAonaid Réigiúnacha Kastoria, Grevena agus Kozani i Réigiún na Macadóine Thiar agus na hAonaid Réigiúnacha Trikala agus Kardista i Réigiún Thessaly.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

An fachtóir bunúsach a nascann cáis “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” go dlúth leis an limistéar geografach é a chlú, a nascann an táirge le traidisiún, nósanna agus saol eacnamaíoch an limistéir. Deimhnítear an méid sin le taifid scríofa thábhachtacha iomadúla a théann siar níos mó ná 150 bliain agus anuas go dtí an lá atá inniu ann. Fachtóir tábhachtach eile a nascann an táirge leis an limistéar geografach is ea an fachtóir daonna as ar eascair forbairt an mhodha táirgthe shonraigh, a oireann don tír-raon garbh sléibhtiúil go foirfe.

Áirítear leis na tagairtí scríofa iomadúla don chlú gan cheist a nascann “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” leis an limistéar sainithe i gcaitheamh na mblianta an gearrscéal cáiliúil le Alexandros Papadiamantis Sto Christo sto Castro [Críost ag an gcaisleán] (1892), Peri kefalotiriou kai kashkavaliou [Kefalotiri agus kashkaval] (1900), le R. Dimitriadis, Kashkavali (1912) le E.D. Polichronidis, “The Nomads of the Balkans: an account of life and customs among the Vlachs of Northern Pindus” (1914), agus Nea Oikiaki Mageiriki [Bia baile nua] (1925) le A. Vitsikounakis. Tá tagairtí stairiúla freisin don táirge in Elliniki Tyrokomia [Déanamh cáise sa Ghréig] (1956) agus in I istoria tou ellinikou galaktos kai ton proiondon tou [Stair na dtáirgí bainne agus déiríochta sa Ghréig] (2004). Ar deireadh, fianaise bhreise é an bonn óir a bhain cuideachta Grigoriadis ag aonach idirnáisiúnta Pháras in 1909 le haghaidh cháilíocht a kashkavalia [cáiseanna kashkaval] ar chaighdeán ard agus thábhacht tráchtála an táirge le himeacht ama. Éiríonn le “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” gradaim a bhuachan go dtí an lá inniu féin – bhain sé gradam cáilíochta ag Prodexpo (an Rúis) i mí Feabhra 2011 agus bhronn an International Taste Institute gradam air i mí Eanáir 2021.

Mar gheall ar dhea-cháil agus cáilíocht an-ard an táirge táthar fós ag déanamh agus ag dáileadh aonad táirgthe sa lá atá inniu ann, mar a léirítear le foilseacháin dheireanacha iomadúla. Mar shampla, in Tris aiones mia zoi: yiayia Filio i mikrasiatissa (2005), cuimhní cinn le Filio Haidemenou, luaitear an táirge i ndáil le cuimhní ar an saol laethúil, ar shaol na tuaithe, ar an mbéaloideas etc. sa limistéar sainithe, agus é dearbhaithe go raibh sé ar cheann de na cáiseanna a dhéanadh na haoirí a thógadh a gcaoirigh thuas sna sléibhte. In Flavours of Greece (Londain 2011) le Rosemary Barron tugtar tuairisc shonrach ar tháirgí déiríochta agus cáiseanna na Gréige, agus tugann an t-údar faoi deara gur cáis meze speisialta é kaskavali mar gheall ar a bhlas. In Gastronomos, iris ina ndírítear ar thopaicí agus amhábhair chócaireachta, tá alt le Vivi Konstantinidou dar teideal “Kostaki! Fai, paidi mou, to kashkavali sou!” [Seo leat a Kostaki! Ith do kashkaval!] ina gcuireann an t-údar síos ar an uair ar thug sí cáis den chéad uair dá mac agus ina molann sí do dhaoine triail a bhaint as Kashkavali Pindou, agus í ag rá gur féidir ceapairí cáise tóstáilte iontacha a dhéanamh leis (11 Deireadh Fómhair 2021).

Nuair a bhrabhsáiltear an gréasán, faightear os cionn 6 000 toradh don táirge agus roinnt mhaith oideas le haghaidh béilí ina n-úsáidtear “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” in éineacht le comhábhair eile, amhail sicín agus lountza, píotsa, builín feola le croutons agus paiprice agus prasitogania [cainneanna friochta le muiceoil] agus fíon.

Maidir leis an ngné dhaonna agus conas a chabhraíonn sí le sainiúlacht an táirge a shocrú, tá dlúthnasc idir sin agus geomoirfeolaíocht an limistéir gheografaigh shainithe, a bhfuil an sliabhraon is mó sa Ghréig, na Pindos, mar dhlúthchuid di, agus tionchar aige sin ar cháilíocht an bhainne agus ar an gcaoi a ndéantar an cháis.

Go sonrach, tá neart talaimh féaraigh sa limistéar ach níl sé oiriúnach do chineálacha eile feirmeoireachta, mar sin is í príomhghníomhaíocht na gcónaitheoirí feirmeoireacht beostoic agus táirgeadh táirgí déiríochta. Tá aeráid ilchríochach aige, le geimhreadh fuar, sneachta tráthrialta agus samhradh fionnuar, agus meánteocht bhliantúil de 10 °C. Bíonn sé ag cur báistí go minic freisin; is é an meánráta báistí 600-800mm/bliain agus ní bhíonn tréimhsí fada d’aimsir thirim sa samhradh. Is léir tionchar na haeráide san fhásra, nach fásra Meánmhuirí go hiomlán é, mar go bhfuil sé cosúil le fásra na hEorpa Láir sna limistéir shléibhtiúla agus leathshléibhtiúla, ina bhfuil go leor foraoiseacha giúise, feá, crann cnó capaill, darach agus plána agus limistéir fhairsinge féaraigh. Tá meascán saibhir agus uathúil de phlandaí freisin sa limistéar – tugadh taifead ar os cionn 2 012 thacsón plandaí fiáine, a mbaineann 21,9 % díobh leis na Balcáin, agus 5,6 % díobh leis an nGréig. Tagann na caoirigh agus na gabhair a n-úsáidtear a mbainne chun an cháis a dhéanamh ó phórtha atá á dtógáil sa limistéar leis na blianta fada agus atá oiriúnaithe do na dálaí crua aeráide. Tá acmhainn mheasartha ag na gabháltais agus ní choimeádtar iontu ach ainmhithe innilte a tháirgeann méideanna beaga bainne ina bhfuil méid mór saille.

Is é an limistéar áit thionscnaimh na dtréadaithe fáin a labhraíonn Arómáinis agus a d’fhorbair bealach áirithe le “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” a dhéanamh a thagann go hiomlán leis an tír-raon garbh sléibhtiúil, agus sin é an príomhfháth gur tháinig sé chun cinn mar cheann de phríomhtháirgí an limistéir agus go bhfuil cáil iontach faighte aige. Chuimsigh an próiseas déanta cáise céad chéim, ba é sin gruthú in situ an bhainne a táirgeadh suas sna sléibhte sa samhradh, chun mais cháise a dhéanamh a ghearrtaí ina slisní agus a dhéantaí a iompar síos chuig na limistéir ísealchríche chomharsanacha. Ina dhiaidh sin, bhí an dara céim den phróiseas, nuair a mheasctaí an gruth le huisce te sula ndéantaí an cháis a aibiú. Tá buntáiste mór ag gabháil leis an mbealach sin le “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” a dhéanamh, mar go gceadaíonn sé bainne amh nó bainne atá éirithe géar a úsáid, toisc nuair a mheasctar an mhais cháise le bainne te go ndéantar é a steiriliú go páirteach. Le sailleadh tirim tráthrialta tugtar blas beagán goirt don cháis.

Tá an modh sin an-oiriúnach do thír-raon agus do dhálaí aeráide an limistéir, a mbíodh ar na tréadaithe fáin a gcuid ainmhithe a choinneáil ag airde ard sa samhradh mar gheall orthu, áit nach raibh aon déirí, áis phróiseála, seomra aibithe, áis stórála, etc. Dhéantaí bainne a tháirgtí suas sna sléibhte sa samhradh a iompú i mais cháise láithreach, agus dhéantaí sin a iompar anuas ansin go hairdí níos ísle ar muin capaill chun “Kashkavali Pindou / Kashkaval Pindou” a dhéanamh. Ar an gcaoi sin réitíodh an fhadhb conas an bainne a chaomhnú a tháirgtí sna sléibhte ionas go bhféadfaí é a iompú ina cháis. D’eascair ainm an táirge uaidh sin freisin, mar go gciallaíonn kashkaval, agus é aistrithe go garbh ón Arómáinis, “cáis arna hiompar ag capaill”.

Cáis theann, dhlúth é “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” agus gan mórán oscailtí ann agus gan aon chraiceann air. Tá na saintréithe sin ann mar gheall ar an gcaoi a ndéantar é, a bhaineann go sonrach leis an mais cháise a ghearradh ina slisní agus iad sin a mheascadh le huisce te ansin nuair atá an aigéadacht i gceart. Go sonrach, le linn phróiseas déanta na cáise, fágtar an mhais cháise le haibiú agus ansin gearrtar ina stráicí (slisní) í a chuirtear faoi uisce an-te. SonÉiríonn an mhais cháise an-somhúnlaithe, amhail taos, ionas gur féidir é a mhúnlú go héasca san uisce ar dtús agus ansin ar an mbord déanta cáise. Dá réir sin, nuair a aistrítear go múnlaí é ansin chun na rothaí cáise a dhéanamh, rothaí a éireoidh crua ina dhiaidh sin, bíonn sé aonfhoirmeach agus uigeacht phreabach aige nach bhfuil aon scoilt ann.

Bhíothas in ann an tsainiúlacht sin a iompar ar aghaidh chuig an bpróiseas táirgthe sa lá atá inniu ann, agus gan athrú déanta ar na gnéithe den mhodh traidisiúnta. Baineann na hoiriúnuithe le sábháilteacht agus inrianaitheacht ach ní bhíonn éifeacht acu ar shaintréith ná blas na cáise, toisc gurb í an phríomhdhifríocht go n-úsáidtear bainne paistéartha agus go ndéantar an táirge a bhrandáil agus a phacáistiú anois. Saintréith shonrach de chuid cháis “Κασκαβάλι Πίνδου / Kashkavali Pindou / Κασκαβάλ Πίνδου / Kashkaval Pindou” é go ndéantar fós as bainne caorach nó meascán de bhainne caorach agus gabhair í, murab ionann le cáiseanna cosúla den ainm céanna a dhéantar i dtíortha Balcánacha agus bainne bó á úsáid. Ar deireadh, fachtóir tábhachtach é an bainne a úsáidtear a nascann an táirge leis an limistéar sainithe, mar go dtugtar blas ime don táirge mar gheall ar an méid mór saille ann, agus ós rud é go ligtear do na caora agus na gabhair innilt go fairsing ar an raon leathan plandaí agus luibheanna aramatacha i sléibhte Pindos, tá leibhéil arda de theirpéiní agus d’aildéid sa bhainne, a thugann dea-bholadh láidir, aibí don cháis.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

http://www.minagric.gr/images/stories/docs/agrotis/POP-PGE/2021/kashkavali_pindou_prod180123_.pdf


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.