ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 163

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
8 Bealtaine 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

TUAIRIMÍ

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 163/01

Tuairim ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2023 a bhaineann leis an bplean modhnaithe maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as stór Loviisa le haghaidh dramhaíl ar leibhéal íseal agus idirmheánach, atá lonnaithe ar láithreán Loviisa san Fhionlainn

1


 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 163/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10840 — INFINIGATE / NUVIAS) ( 1 )

3

2023/C 163/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10759 – GIP / MERIDIAM / VEOLIA (HAZARDOUS WASTE BUSINESS)) ( 1 )

4

2023/C 163/04

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11034 – OMRON / KIRIN / KTS) ( 1 )

5

2023/C 163/05

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10891 — BUNGE / SC FRICH ENVOL / SC ONE / BZ GROUP) ( 1 )

6

2023/C 163/06

Treoraíocht ón gCoimisiún maidir le hinneachar agus struchtúr na hachoimre ar an tuarascáil ar an imscrúdú cliniciúil ( 1 )

7


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 163/07

Rátaí malairte an euro — 5 Bealtaine 2023

14

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2023/C 163/08

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Oibleagáidí seirbhíse poiblí i ndáil le haersheirbhísí sceidealta ( 1 )

15

2023/C 163/09

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( 1 )

16


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 163/10

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10855 — Capgemini / Orange / JV) ( 1 )

17

2023/C 163/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11059 — TOYOFUJI / NYK / KAMIGUMI / TTC / PT. PATIMBAN) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

19

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 163/12

Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí

21

2023/C 163/13

Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

33


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

TUAIRIMÍ

An Coimisiún Eorpach

8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/1


TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Bealtaine 2023

a bhaineann leis an bplean modhnaithe maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as stór Loviisa le haghaidh dramhaíl ar leibhéal íseal agus idirmheánach, atá lonnaithe ar láithreán Loviisa san Fhionlainn

(Is iad na téacsanna Fionlainnise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

(2023/C 163/01)

Déantar an measúnú thíos de réir fhorálacha Airteagal 37 de Chonradh Euratom, gan dochar d’aon mheasúnú breise atá le déanamh faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus na hoibleagáidí a eascraíonn as agus as an reachtaíocht thánaisteach (1).

An 3 Deireadh Fómhair 2022 fuair an Coimisiún Eorpach ó Rialtas na Fionlainne, i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chonradh Euratom, na Sonraí Ginearálta a bhaineann leis an bplean modhnaithe maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí (2) a eascraíonn as stór Loviisa le haghaidh dramhaíl ar leibhéal íseal agus idirmheánach. Áirítear san aighneacht an déantús nua sa stór chun an dramhaíl atá á díchoimisiúnú ó ghléasra cumhachta Loviisa, agus méideanna beaga dramhaíola radaighníomhaí a ghintear in áiteanna eile san Fhionlainn, a dhiúscairt.

Ar bhonn na sonraí sin agus na faisnéise breise a d’iarr an Coimisiún an 8 Nollaig 2022 agus a chuir údaráis na Fionlainne ar fáil an 1 Feabhra 2023, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe, tá an tuairim seo a leanas tarraingthe suas ag an gCoimisiún:

1.

Is é 58 km an t-achar idir an láithreán agus an teorainn is gaire le Ballstát eile, sa chás seo an Eastóin. Is é 45 km an t-achar go dtí Cónaidhm na Rúise.

2.

Le linn thréimhse oibríochtúil na saoráide diúscartha:

Beartaítear fós sa phlean modhnaithe go ndéanfar an dramhaíl radaighníomhach a shuí gan é a bheith beartaithe í a aisghabháil.

Faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla, ní scaoilfear eisiltigh radaighníomhacha aeriompartha ná leachtacha ón stór.

I gcás ina ndéanfaí eisiltigh radaighníomhacha a scaoileadh gan é sin a bheith pleanáilte de thoradh timpiste den chineál agus den mhéid a mheastar sa phlean modhnaithe, ní dócha gurb é an toradh a bheidh ar an scaoileadh sin éilliú radaighníomhach an uisce, na hithreach nó an aerspáis i mBallstát eile nó i dtír chomharsanachta a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de, i gcomhréir le forálacha na Treorach maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta (3).

3.

Tar éis thréimhse oibríochtúil na saoráide diúscartha:

Leis na bearta atá beartaithe, sa phlean modhnaithe, maidir le dúnadh deiridh an stóir mar a thuairiscítear sna Sonraí Ginearálta, tugtar dearbhú go leanfaidh na conclúidí faoi mhír 2 thuas de bheith bailí san fhadtéarma.

Mar chonclúid, i dtaca le cur chun feidhme an phlean mhodhnaithe maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí cibé foirm ina bhfuil sí, agus ar dramhaíl í a eascraíonn as stór Loviisa le haghaidh dramhaíl ar leibhéal íseal agus idirmheánach, atá suite ar láithreán Loviisa san Fhionlainn, le linn a ghnáthré oibríochtúil agus tar éis a dhúnta deiridh, agus i gcás timpistí den chineál agus den mhéid a mheastar sna Sonraí Ginearálta, is é tuairim an Choimisiúin nach dócha go mbeidh cur chun feidhme an phlean mhodhnaithe sin ina chúis le héilliú radaighníomhach an uisce, na hithreach nó an aerspáis i mBallstát eile nó i dtír chomharsanach a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de, i leith na bhforálacha a leagtar síos sna Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Mar shampla, faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart na gnéithe comhshaoil a mheasúnú a thuilleadh. Mar sin de, ba mhaith leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar fhorálacha Threoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE; ar Threoir 2001/42/CE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol, agus ar Threoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú agus ar Threoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat le haghaidh ghníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.

(2)  Diúscairt dramhaíola radaighníomhaí de réir bhrí phointe 1 de Mholadh 2010/635/Euratom ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37 de Chonradh Euratom (IO L 279, 23.10.2010, lch. 36).

(3)  Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom, IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10840 — INFINIGATE / NUVIAS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 163/02)

An 20 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10840. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/4


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10759 – GIP / MERIDIAM / VEOLIA (HAZARDOUS WASTE BUSINESS))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 163/03)

An 28 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i bhFraincis amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10759. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/5


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11034 – OMRON / KIRIN / KTS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 163/04)

An 14 Feabhra 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11034. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/6


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10891 — BUNGE / SC FRICH ENVOL / SC ONE / BZ GROUP)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 163/05)

An 20 Márta 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M10891. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/7


TREORAÍOCHT ÓN GCOIMISIÚN

maidir le hinneachar agus struchtúr na hachoimre ar an tuarascáil ar an imscrúdú cliniciúil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 163/06)

Clár Ábhar

1.

Réamhrá 8

2.

Achoimre ar an tuarascáil ar an imscrúdú cliniciúil 8

3.

Clásal maidir le hathbhreithniú 12

4.

Gluais agus giorrúcháin 12

5.

Tagairtí 12

1.   Réamhrá

Leis an doiciméad seo, tá sé beartaithe treoraíocht ón gCoimisiún a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 77(6) de Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis (dá ngairtear “an RFL” anseo feasta), maidir le hinneachar agus struchtúr na hachoimre ar an tuarascáil ar an imscrúdú cliniciúil.

Is é is aidhm don treoraíocht seo a áirithiú go gcuirfear in iúl san achoimre ar an tuarascáil ar an imscrúdú cliniciúil faisnéis maidir le dearadh, seoladh, anailís agus torthaí an imscrúdaithe chliniciúil i dtéarmaí agus i bhformáid atá éasca a thuiscint don úsáideoir a bhfuil an fheiste leighis beartaithe dó.1

De réir Airteagal 77 (5) den RFL, cuirfidh urraitheoir imscrúdaithe chliniciúil tuarascáil ar an imscrúdú cliniciúil isteach laistigh de bhliain amháin ó dheireadh an imscrúdaithe chliniciúil nó laistigh de thrí mhí ó dheireadh luath an imscrúdaithe chliniciúil, agus beidh achoimre ag gabháil leis an tuarascáil sin. Is i Roinn 7, Caibidil III d’Iarscríbhinn XV den RFL a leagtar amach íoscheanglais na tuarascála ar an imscrúdú cliniciúil. Leagtar amach freisin i Roinn 7, Caibidil III d’Iarscríbhinn XV den RFL an méid a chumhdófar san achoimre, is é sin:

Teideal an imscrúdaithe chliniciúil

Cuspóir an imscrúdaithe chliniciúil

Tuairisc ar an imscrúdú, ar dhearadh an imscrúdaithe agus ar na modhanna a úsáideadh

Torthaí an imscrúdaithe

Conclúid an imscrúdaithe

De réir Airteagal 77(5) den RFL, cuirfear an tuarascáil agus an achoimre faoi bhráid na mBallstát ina ndearnadh an t-imscrúdú cliniciúil tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 73 den RFL. De réir Airteagal 77(7) den RFL, beidh rochtain phoiblí ar an tuarascáil agus ar an achoimre tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 73 den RFL, ar a dhéanaí nuair a chlárófar an fheiste i gcomhréir le hAirteagal 29 den RFL agus sula gcuirfear ar an margadh í. I gcásanna ina gcuirfear deireadh luath nó stad sealadach leis an imscrúdú cliniciúil, tiocfaidh an achoimre agus an tuarascáil chun bheith inrochtana don phobal díreach tar éis a dtíolactha.

2.   Achoimre ar an tuarascáil ar an imscrúdú cliniciúil

Nóta míniúcháin

Is doiciméad achoimre é sin. Níor cheart ach faisnéis ábhartha a sholáthar. I gcás ina n-iarrtar “tuairisc ghairid”, bí chomh gonta agus is féidir. Seachain codanna móra téacs ón tuarascáil ar an imscrúdú cliniciúil a chóipeáil.

Ní mór an teanga a úsáidtear a bheith oiriúnach don úsáideoir/do na húsáideoirí a bhfuil an fheiste beartaithe dóibh. Ba cheart a leibhéil litearthachta sláinte agus uimhearthachta a chur san áireamh i gcónaí agus an doiciméad achoimre seo á fhorbairt.

Déan cinnte nach bhfuil aon ábhar fógraíochta san áireamh sa doiciméad seo.

2.1.   Leathanach clúdaigh

Dáta na hachoimre:

 

Teideal an imscrúdaithe chliniciúil:

 

Ainm agus sonraí teagmhála an eintitis a bhfuil an staidéar á urrú aige:

 

Ainm an eintitis a bhfuil an staidéar á chistiú aige2:

 

Uimhir aitheantais aonair:

Roimh lánfheidhmiú EUDAMED, is é an CIV-ID a úsáidfear sa chás seo, agus faightear an CIV-ID ón údarás inniúla údarúcháin.

A luaithe a bheidh EUDAMED feidhmiúil, tagróidh sé seo don uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear in Airteagal 70(1) den RFL

Uimhir an phlean don imscrúdú cliniciúil:

 

2.2.   Inneachar agus struchtúr na hachoimre ar an tuarascáil ar an imscrúdú cliniciúil

Teideal an imscrúdaithe chliniciúil - faisnéis achoimre4

Teideal Ghairid an Staidéir

 

Teideal Iomlán an Staidéir3

Tuairisc ghairid ar an dearadh, ar an bhfeiste leighis thurgnamhach, ar an gcomparadóir (nuair is ábhartha), ar sholáthraí cúraim (nuair is ábhartha), agus ar dhaonra an imscrúdaithe chliniciúil.

Dátaí an imscrúdaithe3

Dáta tosaithe (an chéad ghníomh earcaíochta san imscrúdú cliniciúil) agus dáta deiridh (an chuairt dheireanach a thug an t-ábhar deireanach don imscrúdú cliniciúil) an imscrúdaithe chliniciúil5. Féach doiciméad 2021-6 ón nGrúpa Comhordaithe maidir le Feistí Leighis (“GCFL”) tuairisc bhreise ar na téarmaí sin a fháil.

Suíomh/Suíomhanna

An áit a ndearnadh an t-imscrúdú, lena n-áirítear suíomh an láithreáin agus an tír.

Más ábhartha, an chúis atá leis an stad sealadach nó an deireadh luath3

I gcás inarb ábhartha. Féadfar a áireamh sna cúiseanna sin, torthaí gníomhacha dearfacha, torthaí dearfacha rialaithe, torthaí sábháilteachta, baois, earcaíocht mhall, fianaise sheachtrach, srl.2


Cuspóir an imscrúdaithe chliniciúil4

Tuairisc ghairid ar réasúnaíocht an imscrúdaithe chliniciúil, lena n-áirítear:

faisnéis chúlra bhunúsach faoin bhfeiste a bhfuil staidéar le déanamh air

an fhadhb sláinte atá á cóireáil

De réir chomhthéacs an imscrúdaithe chliniciúil, tabhair tuairisc ar an méid seo a leanas:

caighdeán an chúraim atá ann faoi láthair

idirghabhálacha eile a d’fhéadfaí a dhéanamh


Tuairisc ar an bhfeiste imscrúdaitheach, ar an imscrúdú cliniciúil, agus ar na modhanna a úsáideadh4

Ná cuir san áireamh aon toradh, aon anailís, aon chonclúid ná aon phléphointe sa roinn seo.

Tuairisc ar na rannpháirtithe4

Tuairisc ar na critéir incháilitheachta maidir leis na rannpháirtithe agus na suíomhanna.

I gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na critéir incháilitheachta maidir leis na hionaid a bhfuil baint acu leis an imscrúdú agus orthu siúd a dhéanann na hidirghabhálacha.

Tuairisc ar an bhfeiste agus ar an gcomparadóir6

Ba cheart a áireamh ann tuairisc ar an bhfeiste imscrúdaitheach, an leagan de agus an chríoch a beartaíodh di, lena n-áirítear na comhpháirteanna éagsúla is gá le haghaidh na hidirghabhála leighis nó na n-idirghabhálacha leighis dá n-úsáidfear an fheiste atá faoi imscrúdú (e.g. an cúram réamh-obráide agus an cúram iar-obráide, an idirghabháil leighis/mháinliachta, etc.).

I gcás staidéir chomparáideacha, ba cheart tuairisc a thabhairt ar an idirghabháil thurgnamhach agus ar an gcomparadóir araon.

Tuairisc ar na nósanna imeachta chun an fheiste a úsáid9

Tuairisc ghairid ar na nósanna imeachta agus na modhanna is gá chun an fheiste a úsáid san imscrúdú cliniciúil.

Dearadh an Staidéir4

Tuairisc ar an dearadh staidéir a roghnaíodh agus an bonn cirt atá leis, i.e. triail randamaithe faoi riail (dearadh comhthreomhar, braisle, trasach, iolránach, neamhísleachta), staidéar comparáideach neamhrandamaithe, staidéar neamhchomparáideach, eile.

Cuspóirí agus críochphointí4

Tuairisc ghairid ina luaitear go soiléir príomhchuspóirí agus cuspóirí tánaisteacha an imscrúdaithe mar aon leis na hipitéisí a tástáladh.

Ba cheart críochphointí príomhúla agus tánaisteacha a shainiú go soiléir freisin.

Méid an tsampla 7

Cuir na meastacháin ar chumhacht agus ar mhéid an tsampla san áireamh. Cuir san áireamh na coigeartuithe a rinneadh sa ríomh seo maidir leis an ráta luathfhágála/na daoine a théann amú san obair leantach, i gcás inarb ábhartha.10

Randamú agus dalladh8

I gcás inarb ábhartha, tuairisc ar na modhanna leithdháilte idirghabhála agus na modhanna dallta a úsáideadh (más ann dóibh).

Fad na mbeart leantach4

An fad ama a leanadh na rannpháirtithe sa staidéar. Sonraigh freisin an tsaolré a beartaíodh don fheiste atá faoi imscrúdú.

Cóireálacha coimhdeachtacha4

Tuairisc ar aon chóireáil a bhí riachtanach do na hábhair uile a fuair an fheiste leighis san imscrúdú cliniciúil seo. Mínigh conas a d’fhéadfadh sé sin a bheith éagsúil leis an ngnáthchaighdeán cúraim maidir leis an bhfeiste leighis seo, más ábhartha.

Modhanna anailíse staidrimh4

Tuairisc ghairid ar na modhanna staidrimh a úsáideadh chun meastacháin ar na torthaí a chur ar fáil, chun comparáid a dhéanamh idir grúpaí i ndáil leis an bpríomhthoradh, chun anailísí breise a dhéanamh, chun coigeartú a dhéanamh maidir le haon chlaonadh agus chun déileáil le sonraí atá ar iarraidh.

Modhnuithe substaintiúla11

I gcás inarb ábhartha, tábla ina mbeidh tuairisc ar aon mhodhnú substaintiúil ar an bplean don imscrúdú cliniciúil, leaganacha ábhartha den phlean don imscrúdú cliniciúil agus dátaí na modhnuithe sin. Deimhnigh go bhfuil formheas faighte ó choiste eitice maidir leis na modhnuithe seo.


Torthaí an imscrúdaithe4

Sreabhadh na rannpháirtithe12

An líon rannpháirtithe a ndearnadh scagadh orthu, a cláraíodh, a leithdháileadh agus a ndearnadh bearta leantacha ina leith tar éis gach idirghabhála.

Moltar go láidir an tsreabhchairt seo nó sreabhchairt den chineál céanna a úsáid13.

Tabhair faoi deara go bhfuil an tsreabhchairt thíos lena húsáid i staidéar randamaithe lena mbaineann dhá ghrúpa. Ní mór an tsreabhchairt a choigeartú de réir dhearadh an staidéir.

Image 1

An déimeagrafach bonnlíne agus saintréithe cliniciúla4

Má tá fáil orthu, tuairisc ar aois, ar ghnéas, ar chúlra eitneach, ar thír, ar chéim an ghalair, ar chomhghalrachtaí ábhartha agus ar aon toisc eile a imríonn tionchar ar ghalair i gcás rannpháirtithe.

Nuair is infheidhme, tuairisc ar na soláthraithe cúraim (an líon cásanna, cáilíocht, saineolas, etc.) agus ar ionaid (méid) i ngach grúpa.

Toradh na hidirghabhála4

Torthaí maidir leis an bpríomh-chríochphointe, lena n-áirítear na dearbhuimhreacha nuair is féidir (e.g. 10/20, ní 50 %), méid measta na héifeachta agus beachtas an toraidh. Cuir san áireamh an mbaineann an anailís leis an rún cóireáil a chur ar fáil nó an bhfuil sé de réir prótacail.

Is féidir torthaí críochphointí tánaisteacha nó anailísí breise a thuairisciú, ach ba cheart plé a dhéanamh ar an mbaol a bhaineann le conclúidí a bhaint as na torthaí sin.

Torthaí sábháilteachta 14

Tuairisc ar theagmhais dhíobhálacha15, éifeachtaí díobhálacha feistí16 agus easnaimh sna feistí.15 Tábla liostaithe in ord na minicíochta is mó go dtí an mhinicíocht is lú, i ndearbhuimhreacha uimhriúla (X as ábhair YX) agus i gcéatadán (X % de na hábhair) agus cineál na dteagmhas/na n-éifeachtaí sin (a bhfuil coinne leo/nach raibh coinne leo).

Níor cheart ach faisnéis chomhiomlánaithe a bhaineann leis na teagmhais/na héifeachtaí sin a chur i láthair.5Liosta de bhásanna i measc na n-ábhar.

An líon ábhar a tharraing siar as an imscrúdú agus na cúiseanna a bhí leis sin.

Athruithe ar an bplean don imscrúdú cliniciúil5

I gcás inarb ábhartha, tuairisc ar aon athrú ar an bplean don imscrúdú cliniciúil a tharla le linn an imscrúdaithe chliniciúil


Conclúid an imscrúdaithe chliniciúil4

Cad is brí leis na torthaí17

Tuairisc ghairid ar thorthaí an imscrúdaithe sin: measúnú foriomlán ar bhuntáistí le hais rioscaí na hidirghabhála i bhfianaise an imscrúdaithe

Cad a chuireann an t-imscrúdú cliniciúil seo leis na sonraí cliniciúla a bhaineann le sábháilteacht agus feidhmíocht na feiste?

Cad a chuireann na torthaí leis an eolas eolaíoch atá ann faoi láthair17

Tuairisc ghairid ar thorthaí an imscrúdaithe sin i gcomhthéacs na fianaise atá ann faoi láthair: Buntáistí foriomlána le hais measúnú riosca ar an bhfeiste leighis imscrúdaitheach i gcomhthéacs na fianaise uile eile atá ar fáil, agus impleachtaí na dtorthaí sa chleachtas cliniciúil.

Teorainneacha18

Aon teorainn a bhaineann leis an imscrúdú, amhail claontacht san imscrúdú, éiginnteachtaí atá fós ann tar éis an imscrúdaithe, nó na teorainneacha maidir le hinfheidhmeacht na dtorthaí san fhíorshaol

An fhéidearthacht staidéar eile a dhéanamh amach anseo18

 

3.   Clásal maidir le hathbhreithniú

Ar bhonn na taithí a fuarthas trí na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún machnamh a dhéanamh ar an doiciméad seo a athbhreithniú.

4.   Gluais agus giorrúcháin

CIV-ID

Aitheantas an imscrúdaithe chliniciúil (uimhir)

EUDAMED

An Bunachar Eorpach Sonraí um Fheistí Leighis

RFL

An Rialachán maidir le Feistí Leighis

5.   Tagairtí

1.

Rialachán (AE) 2017/745 Airteagal 77 (5)

2.

Is é an t-eintiteas cistiúcháin an t-eintiteas a chuireann maoiniú ar fáil don imscrúdú cliniciúil, de réir na tagartha don mhaoiniú i Rialachán (AE) 745/2017 Iarscríbhinn XV, Caibidil II, Roinn 3.1.4

3.

Rialachán (AE) 2017/745 Airteagal 77

4.

Rialachán (AE) 2017/745 Iarscríbhinn XV, Caibidil III, Roinn 7

5.

Treoirdhoiciméad 2021-6 ó GCFL: Ceisteanna agus Freagraí maidir leis an imscrúdú cliniciúil

6.

Rialachán (AE) 2017/745 Iarscríbhinn XV, Caibidil II, Roinn 3.6.2

7.

Rialachán (AE) 2017/745 Iarscríbhinn XV, Caibidil II, Roinn 3.6.3

8.

Rialachán (AE) 2017/745 Iarscríbhinn XV, Caibidil II, Roinn 3.6.4

9.

Rialachán (AE) 2017/745 Iarscríbhinn XV, Caibidil II, Roinn 3.6.5

10.

Rialachán (AE) 2017/745 Iarscríbhinn XV, Caibidil II, Roinn 3.7

11.

“Modhnú substaintiúil” mar a thuairiscítear i dtreoirdhoiciméad 2021-6 ó GCFL Rialachán (AE) 2017/745 – Ceisteanna agus Freagraí maidir leis an imscrúdú cliniciúil

12.

Arna oiriúnú ó Rialachán (AE) 2017/745 Iarscríbhinn XV, Caibidil III, Roinn 7 agus Caighdeán Idirnáisiúnta EN ISO 14155:2020 Iarscríbhinn D.7

13.

Modified CONSORT flow diagram for individual randomized, controlled trials of nonpharmacologic treatment. Isabelle Boutron, MD, PhD; et al ar son an Ghrúpa CONSORT: Extending the CONSORT Statement to Randomized Trials of Nonpharmacologic Treatment: Míniú agus Mionléiriú. Ann Intern Med. 2008;148:295-309.

14.

Rialachán (AE) 2017/745 Airteagal 80

15.

Rialachán (AE) 2017/745 Airteagal 2

16.

Rialachán (AE) 2017/745 Iarscríbhinn XV, Caibidil II, Roinn 2.5

17.

Arna oiriúnú ó Rialachán (AE) 2017/745 Iarscríbhinn XV, Caibidil III, Roinn 7 agus Caighdeán Idirnáisiúnta EN ISO 14155:2020 Iarscríbhinn D.8

18.

Caighdeán idirnáisiúnta ISO 14155:2020 Iarscríbhinn D.8


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/14


Rátaí malairte an euro (1)

5 Bealtaine 2023

(2023/C 163/07)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,1014

JPY

yen na Seapáine

147,80

DKK

krone na Danmhairge

7,4499

GBP

punt steirling

0,87378

SEK

krona na Sualainne

11,2365

CHF

franc na hEilvéise

0,9828

ISK

króna na hÍoslainne

150,10

NOK

krone na hIorua

11,6895

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,401

HUF

forint na hUngáire

372,48

PLN

zloty na Polainne

4,5770

RON

leu na Rómáine

4,9280

TRY

lira na Tuirce

21,4745

AUD

dollar na hAstráile

1,6379

CAD

dollar Cheanada

1,4860

HKD

dollar Hong Cong

8,6434

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7488

SGD

dollar Shingeapór

1,4600

KRW

won na Cóiré Theas

1 451,90

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,2345

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,6112

IDR

rupiah na hIndinéise

16 156,49

MYR

ringgit na Malaeisia

4,8869

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,830

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,172

BRL

real na Brasaíle

5,4960

MXN

peso Mheicsiceo

19,7073

INR

rúipí na hIndia

90,0010


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/15


Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Oibleagáidí seirbhíse poiblí i ndáil le haersheirbhísí sceidealta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 163/08)

Ballstát

An Iodáil

Na haerbhealaí lena mbaineann

Trieste – Milano Linate agus vice versa

Dáta theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí

1 Meán Fómhair 2023

An seoladh ónar féidir an téacs agus aon fhaisnéis agus/nó doiciméadacht a fháil a bhaineann leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó:

Ministero delle infrastrutture e dei trasporti

Dipartimento per la mobilità sostenibile

Direzione Generale per gli aeroporti, il trasporto aereo e i servizi satellitari

Via Giuseppe Caraci, 36

00157 Roma

AN IODÁIL

Teil. +39 0644127190

ENAC

Direzione Sviluppo Trasporto Aereo e Licenze

Viale Castro Pretorio, n. 118

00185 Roma

AN IODÁIL

Teil. +39 0644596532

Idirlíon: http://www.mit.gov.it

http://www.enac.gov.it

R-phost: dg.ta@pec.mit.gov.it

osp@enac.gov.it


8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/16


Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 163/09)

Ballstát

An Iodáil

Na haerbhealaí lena mbaineann

Trieste – Milano Linate agus vice versa

Tréimhse bhailíochta an chonartha

1 Meán Fómhair 2023 – 30 Lúnasa 2026

An sprioc-am le haghaidh tairiscintí a chur isteach

2 mhí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo

Seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus aon fhaisnéis ábhartha agus/nó aon doiciméadacht ábhartha a bhaineann leis an tairiscint phoiblí agus leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí leasaithe a fháil

ENAC

Direzione Sviluppo Trasporto Aereo e Licenze

Viale Castro Pretorio, n. 118

00185 Roma

AN IODÁIL

Teil. +39 0644596247

R-phost: osp@enac.gov.it

Idirlíon: http://www.mit.gov.it

http://www.enac.gov.it


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/17


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10855 — Capgemini / Orange / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 163/10)

1.   

An 2 Bealtaine 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Capgemini S.E. (“Capgemini”, an Fhrainc), agus;

Orange S.A. (“Orange”, an Fhrainc).

Bunóidh Capgemini agus Orange comhfhiontar (“Bleu”, an Fhrainc) ina bhfaighidh siad rialú comhpháirteach de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Capgemini gníomhach i réimse na straitéise agus an chlaochlaithe, réimse na bhfeidhmchlár agus na teicneolaíochta agus réimse na hinnealtóireachta agus oibríochtaí in 50 tír, agus soláthraíonn sé seirbhísí TF chun córais bhonneagair TF agus timpeallachtaí digiteacha cuideachtaí agus eagraíochtaí móra a fhorbairt, a leathnú, a dhaingniú agus a bhainistiú;

Is oibreoir cumarsáide leictreonaí é Orange a chuireann réimse leathan seirbhísí ar fáil den chuid is mó i réimse na teileafónaíochta líne fosaithe, na teileafónaíochta Idirlín agus na teileafónaíochta móibílí, chomh maith le seirbhísí TF i roinnt tíortha ar fud an domhain.

Soláthróidh Bleu néalseirbhísí ceannasacha a chomhlíonfaidh critéir an lipéid “Cloud de Confiance” sa Fhrainc (i.e., néalseirbhísí ceannasacha a chomhlíonfaidh riachtanais shonracha slándála arna leagan síos ag Gníomhaireacht Chibearshlándála na Fraince) do ghrúpa sonrach custaiméirí.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10855 – CAPGEMINI / ORANGE / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/19


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11059 — TOYOFUJI / NYK / KAMIGUMI / TTC / PT. PATIMBAN)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 163/11)

1.   

An 27 Aibreán 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Toyofuji Shipping Co., Ltd (an tSeapáin), faoi rialú Toyota Motor Corporation,

Nippon Yusen Kabushiki Kaisha (an tSeapáin),

Kamigumi Co., Ltd. (an tSeapáin),

Toyota Tsusho Corporation (an tSeapáin).

Gheobhaidh Toyota Tsusho Corporation, Toyofuji Shipping Co., Ltd, Nippon Yusen Kabushiki Kaisha agus Kamigumi Co., Ltd. rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar PT. Patimban International Car Terminal ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is é Toyofuji Shipping Co., Ltd cuideachta iompair mara Toyota Group, agus is i gcathair Tokai, Aichi, an tSeapáin, atá sé lonnaithe. Is cuideachta loingseoireachta rolladh ann-rolladh as é a thugann faoi ghníomhaíochtaí san Áise, i Meiriceá Thuaidh, san Aigéine agus san Eoraip.

Is cuideachta loingseoireachta Seapánach atá gníomhach ar fud an domhain é Nippon Yusen Kabushiki Kaisha. Is in Chiyode, Tóiceo, an tSeapáin atá ceanncheathrú na cuideachta lonnaithe. Trína fhochuideachtaí agus trína chuideachtaí cleamhnaithe, oibríonn Nippon Yusen Kabushiki Kaisha flít long coimeádán, bulc-iompróirí agus iompróirí sliseanna adhmaid, iompróirí feithiclí rolladh ann-rolladh as, iompróirí GNL agus long cúrsála.

Soláthraíonn Kamigumi Co., Ltd. seirbhísí lóistíochta agus iompair, amhail seirbhísí iompair calafoirt, iompair lasta, iompair intíre agus iompair idirnáisiúnta. Soláthraíonn sé seirbhísí monarchan ar an láthair chomh maith, amhail luchtú agus díluchtú amhábhar, rialú ábhar, luchtú lasta trádstórais agus iompar lasta throm. Tá an cuideachta gníomhach sa Téalainn, sa Mhalaeisia, sa tSín, sa Téaváin, i Vítneam, sa Bhanglaidéis, i Singeapór, san Indinéis, i Maenmar, sa Chambóid, sa Spáinn, sna Stáit Aontaithe agus i Meicsiceo. Is in Chuo-ku, Kobe, an tSeapáin, atá a cheanncheathrú.

Is cuid den Toyota Group é Toyota Tsusho Corporation (an tSeapáin) agus tá sé gníomhach ar fud an domhain in allmhairiú agus onnmhairiú thar ceann an Toyota Group. Is i dTóiceo agus Nagoya, an tSeapáin, atá a cheanncheathrú. Is fochuideachta faoi lánúinéireacht de chuid Toyota Tsusho Corporation é PT. Patimban International Car Terminal faoi láthair. Tá sé gníomhach san Indinéis amháin, áit a n-oibríonn sé agus a mbainistíonn sé an gnólacht oibriúcháin críochfoirt feithiclí ag Patimban New International Port in Subang Regency, Iáva Thiar, an Indinéis. Tá críochfort den sórt sin á oibriú ag PT. Patimban International Car Terminal ó bhí an 17 Nollaig 2021 ann agus níl aon ghníomhaíocht eile aige i margadh na hIndinéise.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11059 TOYOFUJI / NYK / KAMIGUMI / TTC / PT. PATIMBAN

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/21


Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí

(2023/C 163/12)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MIONLEASÚ É AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar leasú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“Asparago di Cantello”

Uimh. AE: PGI-IT-01267-AM01 – 23.3.2021

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

ASSOCIAZIONE PER LA PRODUZIONE DELL’ASPARAGO DI CANTELLO E PER IL SUO RICONOSCIMENTO IGP (an Cumann um tháirgeadh agus aitheantas TGFC “Asparago di Cantello”)

Seoladh: Via Turconi, 6 – 21050 Cantello (VA), An Iodáil

Teil. +39 3462273144

Seoladh ríomhphoist agus ríomhphost deimhnithe: lepianelle.agri@gmail.com, lepianelle@pec.agritel.it

Cuimsíonn an cumann táirgeoirí a rinne iarratas ar aitheantas TGFC agus a fuair é agus atá faoi réir faireacháin ag an gcomhlacht cigireachta.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

Modh táirgthe

Nasc

Lipéadú

Eile [le sonrú]

4.   Cineál an leasaithe nó na leasuithe

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

5.   Leasú nó leasuithe

Airteagal 2 Saintréithe an táirge

2.1.

Saothróga

Is iad na saothróga a úsáidtear chun “Asparago di Cantello” a tháirgeadh Precoce d’Argenteuil agus hibridí díorthaithe.

Foclaíocht nua: (Leasaíodh pointe 2.1 den doiciméad aonair agus pointe 3.2 den tsonraíocht táirge.)

2.1.

Saothróga

Is iad na saothróga a úsáidtear chun “Asparago di Cantello” a tháirgeadh Precoce d’Argenteuil agus hibridí díorthaithe agus saothróga lusanna súgacha eile, amhail Grolim, Zeno, Cumulus, Vitalim, Giove, Vittorio, Eros, Franco, Fruhlim, Magnus, Herkolim agus Terralim, atá oiriúnach do tháirgeadh lusa shúgaigh bháin leis na saintréithe a leagtar amach sa tsonraíocht táirge.

Cúis:

Chun “Asparago di Cantello” a tháirgeadh ceadaítear úsáid saothróg lusanna súgacha eile a chuireann plandlanna ar fáil ar an margadh ar bhonn tráthrialta agus a mheasann na saothróirí, bunaithe ar thaithí, go bhfuil siad oiriúnach dá dtraidisiúin saothraithe agus chun na saintréithe moirfeolaíocha agus orgánaileipteacha a leagtar amach sa tsonraíocht táirge a fhorbairt. Éagsúlaíonn na saothróirí a rogha saothróg chun bheith ábalta an bhuaint a phleanáil agus an tréimhse bhuainte a shíneadh níos fearr, a mhéadaíonn inmharthanacht eacnamaíoch an bhairr. Chomh maith leis sin, roghnaíonn siad saothróga feabhsaithe atá in ann seasamh in aghaidh dálaí adhaimsire ar bhealach níos fearr, rud a laghdaíonn úsáid táirgí cosanta plandaí, agus déanann sé sin an táirge níos sláintiúla sa deireadh. Is é an príomhchoinníoll, áfach, nach mór go gcomhlíontar ceanglais na sonraíochta maidir le saintréithe an táirge – ar thuill a cháil dó i gcaitheamh na mblianta – chun a áirithiú go n-éiríonn leis sna seiceálacha ábhartha. In éineacht le traidisiún, bhí feabhsuithe leanúnacha sa phróiseas táirgthe agus d’fhorbair teicnící saothraithe agus bhí fáil ar shaothróga feabhsaithe, a díorthaíodh uatha sin a úsáideadh go traidisiúnta. Agus ceapacha nua lusanna súgacha á bplandáil acu, roghnóidh na saothróirí na saothróga is oiriúnaithe, ina dtaithí, don ithir agus do na dálaí aeráide agus is oiriúnaí chun na saintréithe a idirdhealaíonn “Asparago di Cantello” a thabhairt amach.

2.2 .

Saintréithe an táirge

Saintréithe moirfeolaíocha

Aicmítear “Asparago di Cantello”, nár cheart 22 cm ar fad a shárú, ina dhá aicme cáilíochta bunaithe ar thrastomhas an bhuinneáin (a thomhaistear ag an lár):

Breis: trastomhas an bhuinneáin idir 21 mm agus 25 mm.

Aicme I: trastomhas an bhuinneáin idir 13 mm agus 20 mm.

Tá lamháil lamháltais 10 % i ngach pacáiste aonair laistigh de na haicmí thuas, i dtéarmaí meáchain, le haghaidh buinneán nach gcomhlíonann an méid is gá.

Saintréithe orgánaileipteacha agus ceimiceacha-fhisiciúla

Tháinig na torthaí seo a leanas as an anailís orgánaileipteach:

Dea-bholadh: dian ach fíneálta go hiomlán, gan aon bholadh coimhthíoch;

Blas: milis, dian, agus iarbhlas atá beagáinín searbh; Dea-bholadh lusanna súgacha: blas meánach agus blas láidir.

Foclaíocht nua: (Leasaíodh pointe 2.2 den doiciméad aonair agus pointe 3.2 den tsonraíocht táirge.)

2.

Saintréithe an táirge

Saintréithe moirfeolaíocha

Aicmítear “Asparago di Cantello”, nár cheart 22 cm ar fad a shárú, ina thrí aicme cáilíochta UNECE seo a leanas atá bunaithe ar thrastomhas an bhuinneáin:

Breis: (trastomhas íosta: 12 mm agus os a chionn)

Aicme I: (trastomhas íosta: 10 mm)

Aicme II: (trastomhas íosta: 8 mm).

Tá lamháil lamháltais i ngach pacáiste aonair laistigh den aicme chéanna, i dtéarmaí meáchain, de 10 % le haghaidh Aicme I agus Aicme II agus de 5 % le haghaidh Breise le haghaidh buinneán nach gcomhlíonann an méid is gá.

Saintréithe orgánaileipteacha agus ceimiceacha-fhisiciúla

Tháinig na torthaí seo a leanas as an anailís orgánaileipteach:

Dea-bholadh: dian ach fíneálta go hiomlán, gan aon bholadh coimhthíoch;

Blas: milis, dian, agus iarbhlas atá beagáinín searbh; Dea-bholadh lusanna súgacha: blas meánach agus blas láidir.

Uigeacht: ón mbarr go dtí an lár tá sé méith, súmhar agus bog; tá an chuid atá fágtha síos go dtí an bun snáithíneach.

Foclaíocht nua:“Is féidir buinneáin a chomhlíonann na ceanglais orgánaileipteacha agus tráchtála a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seachas iad a bhaineann le méid agus fad, agus dá bhrí sin nach gcomhlíonann le haicmiú UNECE dá dtagraítear sa tsonraíocht, a úsáid le haghaidh próiseála.”

Cúis:

Leasaítear aicmiú na mbuinneán chun é a thabhairt i gcomhréir le rialacha UNECE. Chomh maith leis sin, cuireadh saintréith nua leis, maidir le huigeacht an bhuinneáin, a luaitear cheana sa roinn maidir leis an nasc.

Tá srianta nua roimh tháirgeoirí agus margaí agus séasúir ag éirí níos athraithí, as a ndéanann siad machnamh ar aicmiú níos fearr ar an táirge bunaithe ar rialacha Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE). Dá bhrí sin beidh sé níos éasca an táirge a chur ar an margadh freisin. Thairis sin, beidh táirgeoirí in ann ceanglais an mhargaidh a chomhlíonadh níos fearr toisc go léiríonn taithí le déanaí gurb iondúil gur fearr le miondíoltóirí móra táirgí a bhfuil aicmiú soiléir acu. Tá inathraitheacht agus neamhchinnteacht shuntasach roimh an earnáil mar gheall ar an séasúr saothraithe gearr agus ar thosca aeráide a imríonn tionchar ar shaintréithe an táirge. Is féidir é sin a mhaolú tríd an raon táirge a mhéadú. Cuirtear síneadh le héagsúlachtaí méide a ghlactar le haghaidh gach catagóire dá bhrí sin, agus laghdaítear an lamháil lamháltais le haghaidh na catagóire Breis ó 10 % sa tsonraíocht atá ann faoi láthair go dtí 5 %. Trí éagsúlachtaí laistigh den bheart a laghdú, is féidir táirge de cháilíocht níos aonfhoirmí a fháil ar a bhfuil luach níos fearr ar an margadh. Ina theannta sin, ciallaíonn comhlíontacht le rialacha UNECE freisin nach mór go gcomhlíonfar caighdeáin cháilíochta amhairc a chuirfidh feabhas ar léiriú na lusanna súgacha a dhíoltar lena n-ithe agus iad úr. Ceanglófar ar oibreoirí a áirithiú, trí bhíthin féinfhaireacháin, go gcomhlíontar le rialacha UNECE, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le ceanglais amhairc agus chéadfacha. Áiritheofar leis sin go gcoinnítear caighdeán ard le haghaidh “Asparago di Cantello” ar bun.

Cuireadh Aicme II leis chun riachtanais na dtomhaltóirí a chomhlíonadh arbh fhearr leo lus súgach giota beag níos lú, atá níos oiriúnaí le haghaidh miasa áirithe agus atá ar fáil ag praghas níos ísle, agus ag leanúint ar aghaidh leis an ainm cláraithe a úsáid lena n-áirithítear tionscnamh an táirge.

Cuireadh ceanglas sonrach maidir le huigeacht an bhuinneáin, a bhí san áireamh cheana sa roinn ar an nasc, leis an tuairisc ar an táirge freisin.

Cuireadh saintréithe an táirge atá beartaithe le haghaidh próiseála leis toisc go ndearnadh foráil maidir le lusanna súgacha a phróiseáil nach gcomhlíonann na ceanglais mhéide ná chrutha agus dá bhrí sin ní féidir leis aicmiú UNECE a chomhlíonadh, d’ainneoin gur táirgeadh agus gur fásadh é i gcomhréir leis na paraiméadair a leagtar amach sa tsonraíocht. Glasraí nach bhfuil sláintiúil agus nach gcomhlíonann leis an tsonraíocht táirge, áfach, ní phróiseálfar iad.

Go traidisiúnta, chuireadh lusanna súgacha nárbh féidir a ithe úr i gcannaí, i bhfoirm uachtair nó anlainn, nó triomaithe chun úsáid a bhaint as níos déanaí in ullmhúcháin bhia nó in oidis, ag an bhfeirm ina bhfásadh é. Ba cheart an traidisiún sin a chaomhnú, ag ligean do tháirgeoirí a mbarr lusanna súgacha luachmhar iomlán a chur ar an margadh faoin ainm TGFC, fuíoll a sheachaint agus tairbhe a bhaint as breisluach próiseála.

Ní bhaineann na leasuithe seo a leanas ach le hAirteagal 5 den tsonraíocht táirge AMHÁIN, agus baineann siad leis an modh táirgthe. Leasaíodh pointí 5.1, 5.2, 5.4 agus 5.7 den tsonraíocht go sonrach. Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

Airteagal 5 An modh chun an táirge a fháil

5.1.   Córas táirgthe

Ní mór an barr a fhás in ithreacha dúrabháin ghainmhigh a bhfuil pH idir 5,3 agus 7,5 acu.

Foclaíocht nua:

5.1.   Córas táirgthe

Ní mór an barr a fhás in ithreacha a bhfuil pH idir 5,3 agus 7,5 acu.

(Scriosta: dúrabhán gainmheach)

Cúis:

Na hithreacha sa limistéar tionscnaimh ina bhfástar na lusanna súgacha, i mbardas Cantello, rinneadh anailís fhisiciúil agus cheimiceach orthu le himeacht ama, agus léiríonn na torthaí díobh go bhfuil an talamh ar fad sa limistéar seo oiriúnach do lusanna súgacha a fhás ag a bhfuil na saintréithe agus cáilíochtaí a cheanglaítear leis an tsonraíocht táirge. Tá ithreacha gláracha, scaoilte agus scagach ag an limistéar ar fad a úsáideadh go traidisiúnta chun barra lusanna súgacha a fhás, i bhfianaise an comhad teicniúil agus stairiúil a cuireadh isteach tráth clárúcháin. Ní gá na hithreacha a bheith de chineál dúrabháin ghainmhigh chun lusanna súgacha a fháil ag a bhfuil na saintréithe a leagtar síos sa tsonraíocht. Ba cheart dá bhrí sin an srian a bhaint, lena gceadaítear táirgí deimhnithe a fháil ó gach limistéar laistigh de bhardas Cantello ina bhfástar an barr. Tá torthaí ar fáil d’anailís fhisiciúil agus cheimiceach na n-ithreacha a rinne na saothróirí i gcaitheamh na mblianta.

Ní dhéanann an leasú difear do shaintréithe an táirge, nár athraíodh, ná do cháil an ainm a chruthaíonn an príomhnasc idir an táirge agus an limistéar geografach. Chun úsáid TGFC ag gabháltais bheaga lonnaithe sa limistéar geografach a spreagadh, agus chun bheith ann uainíocht barr a dhéanamh dá ndéantar foráil maidir leis sa tsonraíocht, tá sé tábhachtach cur ar chumas gach limistéar atá ar fáil a shaothrú gan cur isteach ar cháilíocht fhíor-riachtanach an táirge, ná ar a nasc leis an limistéar.

5.2.   Teicnící saothraithe

Fad agus doimhneacht phlandaithe Is ionann spás idir rónna agus 2-2,40 méadar, agus ní mór na síolta a chur in iomairí atá 20-30 cm ar dhoimhneacht.

Ní mór don dlús plandaithe a bheith idir 20 000 agus 25 000 planda in aghaidh an heicteáir.

Foclaíocht nua:

5.2.   Teicnící saothraithe

Fad agus doimhneacht phlandaithe Is ionann spás idir rónna agus 2-2,80 méadar, agus ní mór na síolta a chur in iomairí atá 20-30 cm ar dhoimhneacht.

Níor cheart an dlús plandaithe a bheith níos mó ná 25 000 planda in aghaidh an heicteáir.

(Scriosta: dlús plandaithe íosta de 20 000 planda/ha)

Cúis:

Ba cheart an spás idir rónna a mhéadú. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do ghabháltais, a bhfuil fáil acu ar innealra atá in ann spásáil níos mó idir rónna a láimhseáil, lusanna súgacha faoin TGFC a tháirgeadh chomh maith. Is feirmeoirí óga a reáchtálann na gabháltais is mó meicnithe go minic agus thairbheodh siad de theacht isteach an tslabhra táirgeachta dheimhnithe. Ní dhéanann sé sin difear do pharaiméadair tháirgthe agus cháilíochta eile a leagtar síos le haghaidh “Asparago di Cantello”, agus ní athraítear an líon plandaí uasta in aghaidh an heicteáir.

Ceangailte leis an leasú seo, ba cheart an dlús plandaithe íosta a bhaint toisc nach bhfuil aon tionchar aige ar cháilíocht, agus ní athraítear an líon plandaí uasta in aghaidh an heicteáir chun a áirithiú go gcoinnítear cáilíocht an táirge ar bun.

5.4.   Leasacháin

Sna blianta ina dhiaidh sin, féadfar leasachán a chur ó mhí Iúil go mí Lúnasa, tar éis na buainte, ar bhonn mheánluachanna iontógála na mbarr.

Ag deireadh an gheimhridh féadfar leasachán orgánach a chur le haghaidh cothabhála.

Foclaíocht nua:

5.4.   Leasacháin

Sna blianta ina dhiaidh sin, féadfar leasachán a chur ó mhí an Mheithimh go mí na Samhna, tar éis na buainte, ar bhonn mheánluachanna iontógála na mbarr.

(Scriosta: Ag deireadh an gheimhridh féadfar leasachán orgánach a chur le haghaidh cothabhála.)

Cúis:

Is botún é sin is gá a cheartú, mar thagann ceisteanna as leasachán orgánach a leathadh timpeall an ama a bhuantar na lusanna súgacha, de chineál praiticiúil agus i dtéarmaí sláinteachais agus sláinte, a fhágann nach gcuirtear chun feidhme é.

5.7.   Buaint

Is ionann an barr bliantúil uasta lusanna súgacha i dtáirgeacht iomlán agus 10 dtona/ha.

Níor cheart saolré na plandála a bheith níos mó ná 12 bhliain.

Foclaíocht nua:

5.7.   Buaint

Is ionann an barr bliantúil uasta lusanna súgacha i dtáirgeacht iomlán agus 10 dtona/ha, tar éis scilligthe sa pháirc.

(Scriosta: Níor cheart saolré na plandála a bheith níos mó ná 12 bhliain.)

Cúis:

Is beag ciall atá le fuíoll buainte agus buinneáin bhuainte nach gcomhlíonann ceanglais TGFC a chur san áireamh i dtáirgeadh TGFC, agus a bheith ag iompair an méid sin ar fad chuig saoráidí próiseála amhail is gur déanta go hiomlán as lus súgacha é, is baolach nach mbeidh sé ach srian ar chosaint cháilíochta táirge.

Thairis sin, ba cheart tagairt d’aois na plandála a bhaint mar bhraitheann sé sin ar tháirgiúlacht na bplandaí, ar thorthúlacht na talún, ar an hibrid a úsáidtear agus ar dhéine na feirmeoireachta agus an barr a bhaineann léi. Níor cheart go gcinntear saolré na plandála tríd an tsonraíocht ach ina ionad sin é a fhágáil faoin bhfeirmeoir, ar fearr measúnú a dhéanamh ar an leas eacnamaíoch maidir le saothrú a choinneáil ar bun. Cé gur féidir go mbeadh saolré níos giorra ag roinnt plandálacha, baineann cinn eile leas as ithir fhabhrach go háirithe agus as dálaí mionaeráideacha a chuireann ar a gcumas a saolré a bheith sínte gan difear a dhéanamh do cháilíocht an táirge deiridh, a shainmhínítear in aon chás ag an tsonraíocht táirge agus a sheiceáiltear dá réir.

5.8.   Próiseáil

Pacáistítear an lus súgach sa limistéar geografach críochaithe chun a áirithiú go gcaomhnaítear a shaintréithe. Toisc nach mór an lus súgach a dhíol an-úr, i.e. go gairid tar éis na buainte, nitear agus pacáistítear le díol láithreach é chun a cháilíochtaí sonracha a chaomhnú.

Tar éis buainte, nitear agus pacáistítear an lus súgach, agus is féidir é a dhíol láithreach nó é a choinneáil ag 4 °C ar feadh tréimhse ghearr (nach mó ná 48 uair an chloig).

Foclaíocht nua: (Leasaíodh pointe 5.8 den doiciméad aonair agus pointe 3.5 den tsonraíocht táirge.)

5.8.   Próiseáil

Pacáistítear an lus súgach sa limistéar geografach críochaithe chun a áirithiú go gcaomhnaítear a shaintréithe. Toisc nach mór an lus súgach a dhíol an-úr, i.e. go gairid tar éis na buainte, nitear agus pacáistítear le díol láithreach é chun a cháilíochtaí sonracha a chaomhnú.

Tar éis buainte, is féidir an lus súgach a ní, a phacáistiú agus a dhíol láithreach nó é a choinneáil ag 4 °C ar feadh tréimhse nach mó ná 96 uair an chloig.

(Scriosta: “nach mó ná 48 uair an chloig”).

Cúis:

Tháinig suim mhéadaithe ó cheannaitheoirí as aitheantas TGFC “Asparago di Cantello”, ar a raibh cáil den scoth cheana go háitiúil, ó mhiondíoltóirí móra go háirithe. Ní chinntear am seachadta agus láimhdeachas ag an táirgeoir amháin, ach ag riachtanais na n-ollmhargaí a thaispeánann agus a dhíolann na táirgí leis an tomhaltóir deiridh. Mar gheall ar cheanglais (sheachadta, iompair agus stórála) na sraitheanna móra miondíola, ag a bhfuil dúil níos mó ná riamh táirgí nideoige a chur chun cinn amhail an lus súgach ar ardchaighdeán seo, is iondúil go gcoinnítear an táirge i bhfuarstóras anois beagán níos faide ná roimhe sin, agus an tásc nár cheart an lus súgach a stóráil níos mó ná 48 uair an chloig, ba cheart dá bhrí sin go scriosfar é. Ba cheart an coincheap “tréimhse ghearr” a choinneáil, áfach, toisc is gá é seo chun an fhíorthábhacht a chur i dtábhacht maidir leis an úire a bhaineann go sonrach leis an táirge a choinneáil ar bun mar a cheanglaítear leis an tsonraíocht.

Airteagal 6 Nasc leis an limistéar geografach

Le haghaidh na leasuithe a rinneadh, a chuimsíonn athruithe eagarthóireachta agus cur isteach míreanna nua, taispeántar na codanna nua nó leasaithe thíos gan na cúiseanna a shonrú.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair agus pointe 6 den tsonraíocht táirge.

Airteagal 6 Nasc leis an limistéar geografach

Cuimsíonn an leasú iarrtha athruithe eagarthóireachta go páirteach lenar bogadh míreanna chun an téacs a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos éasca le léamh, agus go páirteach de chur isteach míreanna nua chun a léiriú go gcoinnítear an nasc leis an limistéar geografach ar bun leis na hathruithe seo. Go sonrach, tar éis an mhír a thosaíonn le “ithir Cantello” agus a chríochnaíonn le “éifeacht inslithe ar an ithir”, rinneadh na hathruithe seo a leanas:

1)

Cuireadh an mhír seo a leanas isteach: “Dá réir sin is saintréithe an limistéir iad acmhainní flúirseacha teirmeacha agus uisce, ag a bhfuil srianta nach ndealraítear ar aon bhealach go ndéanann siad difear do shaothrú lusanna súgacha, agus tá a ithreacha iontach oiriúnach don bharr seo. D’fhág na dálaí ithreach agus aeráide gur éirigh le saothrú lusanna súgacha a bheith forleathan agus bunaithe go maith in Cantello.”

Cúis: Tagraíonn sé seo don leasú ar Airteagal 5.1 den tsonraíocht táirge maidir leis an nasc. Cuireadh an fhoclaíocht atá i gceist isteach chun bunús a thabhairt leis an bhfíoras nach iad ithreacha dúrabháin ghainmhigh amháin ach uigeacht scaoilte na n-ithreacha go ginearálta a dhéanann limistéar geografach an TGFC an-oiriúnach le haghaidh fás lusanna súgacha. Tá ithreacha gláracha, scaoilte agus scagacha ag an limistéar ar fad a úsáideadh go traidisiúnta chun barra lusanna súgacha a fhás, i bhfianaise an chomhaid theicniúil agus stairiúil a cuireadh isteach tráth clárúcháin. Ní gá na hithreacha a bheith de chineál dúrabháin ghainmhigh chun lusanna súgacha a fháil ag a bhfuil na saintréithe a leagtar síos sa tsonraíocht.

2)

Tar éis na míre a thosaíonn le “Mar gheall ar an traidisiún fada” agus a chríochnaíonn le “Meice na lusanna súgacha”, cuireadh mír isteach agus athscríobhadh go hiomlán í chun tacú le cáil an ainm chláraithe.

Tá an nasc idir an limistéar geografach agus TGFC “Asparago di Cantello” bunaithe, thar aon rud eile, ar cháil ainm TGFC, lena n-aithnítear táirge a, i gcaitheamh na mblianta, raibh rath air agus a bhain leas as oiriúnacht aeráid agus ithreacha an limistéir le haghaidh fás lusanna súgacha, agus ar an daingniú traidisiúin táirgthe a mhaireann go dtí an lá inniu.

Cúis:

Ní lagaíonn na hathruithe iarrtha an nasc leis an limistéar geografach, atá bunaithe, i measc rudaí eile, ar cháil ainm a sheasann do tháirge traidisiúnta a bhí in ann a shaintréithe cáilíochta a coinneáil ar bun agus meas a bheith aige ar thraidisiún agus táirgeoirí a chothú. Ní sholáthraítear lena aitheantas mar TGFC ráthaíochtaí níos fearr do thomhaltóirí áitiúla amháin, ach dóibh sin freisin a fuair an táirge amach a bhuí le suim na miondíoltóirí móra i dtáirgeoirí beaga agus i dtáirgí a bhfuil slabhra soláthair gearr acu.

3)

Leasaíodh an mhír seo a leanas: “Níor ghlac ach le lus súgach de chineál Precoce d’Argenteuil ag an aonach. D’fhoilsigh eagrán 31 Bealtaine 1939 Cronaca Prealpina, nuachtán áitiúil, liosta na dtáirgeoirí lusanna súgacha ab fhearr. Reáchtáladh an t-aonach don 74ú huair in 2014. Gach bliain, ceiliúrtar tús mhí na Bealtaine ag an imeacht sin, a tharraingíonn an tsuim d’iliomad leantóirí.”

Foclaíocht nua:

Níor ghlac ach le lus súgach de chineál Precoce d’Argenteuil ag an aonach. D’fhoilsigh eagrán 31 Bealtaine 1939 Cronaca Prealpina, nuachtán áitiúil, liosta na dtáirgeoirí lusanna súgacha ab fhearr agus gach bliain, ceiliúrtar tús mhí na Bealtaine ag an imeacht sin, a tharraingíonn an tsuim d’iliomad leantóirí.’

Scriosadh an abairt “Reáchtáladh an t-aonach don 74ú huair in 2014”.

Cúis: Is imeacht athfhillteach é an t-aonach a reáchtáladh gach bliain ó bhí 1939 ann. Is beag ciall atá leis dá bhrí sin bliain ar leith a shonrú toisc go n-athróidh an bhliain ábhartha le gach imeacht nua.

4)

Cuireadh foclaíocht úr ar an mír seo a leanas agus bogadh í chun an téacs a dhéanamh níos éasca le léamh agus a bheith níos comhsheasmhaí; níl ann ach athrú eagarthóireachta:

“Le teicnící saothraithe sonracha a mhionchoigeartú amhail ithir a chruthú ina ceapacha san earrach, a áirithíonn bánú na mbuinneán, agus buaint, a dhéantar de láimh i gcónaí, is féidir buinneáin a fháil a bhfuil dath bán iomlán orthu nó a bhfuil dath beagán bándearg ar a mbarra, suas le 22 cm ar fad agus inite go hiomlán. Coinníonn ‘Asparago di Cantello’ a shláine ar bun agus é cócaráilte. D’fhéadfadh an dath a athrú óna riocht neamhchócaráilte. Go háirithe, d’fhéadadh imir ghlas a theacht ar an mbarr. Tá blas rud beag milis ar an táirge agus tá blas de shearbhas a bhaineann go sonrach leis: blas tipiciúil, ríshoiléir ‘Asparago di Cantello’. Tá an uigeacht ón mbarr go dtí an lár méith, súmhar agus bog; tá an chuid atá fágtha síos go dtí an bun snáithíneach.”

5)

Cuireadh an mhír seo a leanas isteach arís:

In éineacht le traidisiún, bhí feabhsuithe leanúnacha sa phróiseas táirgthe agus d’fhorbair teicnící saothraithe agus bhí fáil ar shaothróga feabhsaithe, a díorthaíodh uatha sin a úsáideadh go traidisiúnta. Agus ceapacha nua lusanna súgacha á bplandáil acu, roghnóidh na saothróirí na saothróga is oiriúnaithe, ina dtaithí, don ithir agus do na dálaí aeráide agus is oiriúnaí chun na saintréithe a idirdhealaíonn “Asparago di Cantello” a thabhairt amach.

Tá traidisiún fada chomh maith ag próiseáil lusanna súgacha (isteach in anlainn agus purée, triomaithe, stánaithe, etc.), ó bhuinneáin nach gcomhlíonann leis an tsonraíocht i dtéarmaí aicmí, méide agus faid. Cuirtear an phróiseáil sin ar chumas feirmeoirí fuíoll a sheachaint agus an lus súgach a choimeád níos faide, agus dá réir sin lántairbhe a bhaint as táirge atá, in aon chás, den chaighdeán is airde.

Cúis: Cuireadh an mhír sin isteach de thoradh leasú Airteagail 2.1 agus 2.2 den tsonraíocht agus phointe 3.2 den doiciméad aonair lena dtugtar saothróga nua, aicmí lusanna súgacha nua agus an catagóir “táirge beartaithe le haghaidh próiseála” isteach chun an nasc idir próiseáil thraidisiúnta i ngnóthaí teaghlaigh agus an próiseas táirgthe traidisiúnta a úsáidtear le haghaidh “Asparago di Cantello” a dheimhniú. Is traidisiún é le haghaidh lusanna súgacha nach ndíoltar úr iad a chur i gcannaí chun leas maith a bhaint as táirge luachmhar agus chun fuíoll a sheachaint.

Airteagal 7 Seiceálacha

Is ionann an comhlacht cigireachta agus CSQA Certificazioni Srl – Via S. Gaetano, 74, 36016 Thiene (VI) an Iodáil Teil. +39 0445313011, Facs +39 0445313070, Ríomhphost: csqa@csqa.it

Foclaíocht nua:

Airteagal 7 Seiceálacha (Leasaíodh Airteagal 7 den tsonraíocht táirge)

Is é Check Fruit srl an comhlacht cigireachta é – via Boldrini 24, 40121 Bologna, an Iodáil – Teil. +39 0516494836, Ríomhphost: info@checkfruit.it, PEC: checkfruit@pec.it

Cúis:

Ag cruinniú urghnách an 19 Aibreán 2020, ainmníodh Check Fruit mar an comhlacht cigireachta nua.

Airteagal 8 Lipéadú

Is iondúil go bpacáistítear lusanna súgacha i mbearta de 0.5 kg ar a laghad nó scaoilte i mboscaí i gcomhréir le traidisiún, ach féadfar pacáistíocht a cheadaítear ag reachtaíocht atá ann faoi láthair a úsáid freisin. Lus súgach atá beartaithe le haghaidh próiseála nach féidir a dhíol dá bhrí sin leis an tomhaltóir deiridh, is féidir é a sholáthar “scaoilte” nó i gcoimeádáin a chomhlíonann leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm agus a thaispeánann ar thaobh amháin ar a laghad, i gcló soiléir agus inléite, an fhoclaíocht “Asparago di Cantello IGP destinato alla trasformazione” (“TGFC Asparago di Cantello beartaithe le próiseáil”). Ní mór clúdach a bheith ar na pacaí, nach mór a thaispeáint, sa réimse radhairc céanna, an t-ainm “Asparago di Cantello I.G.P.” (“TGFC Asparago di Cantello”), siombail TGFC an Aontais agus ainm, ainm gnó agus seoladh gnó an táirgeora.

Foclaíocht nua:

Airteagal 8 Pacáistiú agus lipéadú

Lipéadú (Leasaíodh Airteagal 8 den tsonraíocht agus pointe 3.5 den doiciméad aonair)

Pacáistítear lusanna súgacha atá beartaithe don tomhaltóir deiridh i mbearta de 0,5 kg ar a laghad; féadfar é a phacáistiú i mboscaí freisin ag úsáid pacáistíocht a cheadaítear ag an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Féadfar lusanna súgacha atá beartaithe le haghaidh próiseála a sholáthar scaoilte, i bpacáistí nó i gcoimeádáin a chomhlíonann le reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Lipéadú (Leasaíodh Airteagal 8 den tsonraíocht agus pointe 3.6 den doiciméad aonair)

Ní mór clúdach a bheith ar na pacaí, nach mór a thaispeáint, sa réimse radhairc céanna, an t-ainm “Asparago di Cantello I.G.P.” (“TGFC Asparago di Cantello”), siombail TGFC an Aontais agus ainm, ainm gnó agus seoladh gnó an táirgeora.

Ní mór do phacaí lusanna súgacha atá beartaithe le haghaidh próiseála a thaispeáint, ar thaobh amháin ar a laghad, an fhoclaíocht “Asparago di Cantello IGP destinato alla trasformazione” (“TGFC Asparago di Cantello beartaithe le próiseáil”) i gcló soiléir agus inléite.

Cúis:

Le tabhairt isteach n-oibríochtaí próiseála tá gá le soiléireacht níos fearr, agus ba cheart dá bhrí sin na rialacha maidir le pacáistiú a leagan amach ar leithligh uathu sin maidir le lipéadú, ag déanamh idirdhealú idir an táirge úr atá beartaithe don tomhaltóir deiridh agus an táirge atá beartaithe le haghaidh próiseála.

I bhfianaise na suime a léirigh miondíoltóirí móra in “Asparago di Cantello” a bheith ite úr, ba cheart rogha níos mó pacáistíochta a cheadú, atá oiriúnaithe do riachtanais na gcustaiméirí aonair agus d’fhonn úire an táirge a chaomhnú agus é a dhéanamh níos inrochtana don tomhaltóir deiridh.

Le tabhairt isteach na rialacha maidir le lipéadú agus inrianaitheacht lusanna súgacha atá beartaithe le haghaidh próiseála, déantar tionscnamh táirgí pacáistithe ina bhfuil TGFC “Asparago di Cantello” níos trédhearcaí: ní mór do lusanna súgacha atá beartaithe le haghaidh próiseála a chomhlíonadh leis na saintréithe a leagtar amach sa tsonraíocht agus ní mór don phacáistíocht a bheith inaitheanta agus inrianaithe.

Cuireadh íomhá grafach an lógó isteach in éineacht le treoracha úsáide.

DOICIMÉAD AONAIR

“Asparago di Cantello”

Uimh. AE: PGI-IT-01267-AM01 – 23.3.2021

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm

“Asparago di Cantello”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is iad na saothróga a úsáidtear chun “Asparago di Cantello” a tháirgeadh Precoce d’Argenteuil agus hibridí díorthaithe agus saothróga lusanna súgacha eile (Grolim, Zeno, Cumulus, Vitalim, Giove, Vittorio, Eros, Franco, Fruhlim, Magnus, Herkolim, Terralim) atá oiriúnach do tháirgeadh lusa shúgaigh bháin leis na saintréithe a leagtar amach sa tsonraíocht táirge.

Saintréithe moirfeolaíocha

“Ní mór do bhuinneáin ‘Asparago di Cantello’ a bheith bán go hiomlán nó barra de bheagán bándearg a bheith acu. Ní mór do na buinneáin a bheith:

iomlán

beidh cuma úr orthu

saor ó mhíchumaí agus ó bhrúnna.

Aicmítear ‘Asparago di Cantello’, nár cheart 22 cm ar fad a shárú, ina thrí aicme cáilíochta UNECE seo a leanas:

Breis: (trastomhas íosta: 12 mm agus os a chionn)

Aicme I: (trastomhas íosta: 10 mm)

Aicme II: (trastomhas íosta: 8 mm)

Tá lamháil lamháltais i ngach pacáiste aonair laistigh den aicme chéanna, i dtéarmaí meáchain, de 10 % le haghaidh Aicme I agus Aicme II agus de 5 % le haghaidh Breise le haghaidh buinneán nach gcomhlíonann an méid is gá.

Saintréithe orgánaileipteacha agus ceimiceacha-fhisiciúla

Tháinig na torthaí seo a leanas as an anailís orgánaileipteach:

Dea-bholadh: dian ach fíneálta go hiomlán, gan aon bholadh coimhthíoch;

Blas: milis, dian, agus iarbhlas atá beagáinín searbh; Dea-bholadh lusanna súgacha: blas meánach agus blas láidir.

Uigeacht: ón mbarr go dtí an lár tá sé méith, súmhar agus bog; tá an chuid atá fágtha síos go dtí an bun snáithíneach.

Tháinig na torthaí seo a leanas as an anailís cheimiceach-fhisiciúil:

Luach fuinnimh

21 -23

kcal/100 g

Saill

0,11 -0,14

g/100 g

Carbaihiodráití

3,01 -3,55

g/100 g

Luaith

0,42 -0,46

g/100 g

Próitéin (N x 6,25)

1,51 -1,54

g/100 g

Snáithín cothaitheach

0,50 -0,96

g/100 g

Taise

93,40 -94,12

g/100 g

Buinneáin a chomhlíonann na ceanglais orgánaileipteacha agus tráchtála a leagtar síos sa tsonraíocht seachas iad sin a bhaineann le méid agus fad, agus dá bhrí sin nach gcomhlíonann aicmiú UNECE dá dtagraítear sa tsonraíocht, is féidir iad a úsáid le haghaidh próiseála.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Ní mór an saothrú, an bhuaint, an pacáistiú agus an stóráil réamhphacáistithe uile a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Pacáistítear an lus súgach sa limistéar geografach críochaithe chun a áirithiú go gcaomhnaítear a shaintréithe. Toisc nach mór an lus súgach a dhíol úr, i.e. go gairid tar éis na buainte, nitear agus pacáistítear le díol láithreach é chun a cháilíochtaí orgánaileipteacha a chaomhnú. Is féidir é a dhíol láithreach nó é a choinneáil ag 4 °C ar feadh tréimhse ghearr (nach mó ná 96 uair an chloig).

Pacáistítear lusanna súgacha atá beartaithe don tomhaltóir deiridh i mbearta de 0,5 kg ar a laghad; féadfar é a phacáistiú i mboscaí freisin ag úsáid pacáistíocht a cheadaítear ag an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Féadfar lusanna súgacha atá beartaithe le haghaidh próiseála a sholáthar scaoilte, i bpacáistí nó i gcoimeádáin a chomhlíonann le reachtaíocht atá ann faoi láthair.

3.6   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór clúdach a bheith ar na pacaí, nach mór a thaispeáint, sa réimse radhairc céanna, an t-ainm ‘Asparago di Cantello I.G.P.’ (‘TGFC Asparago di Cantello’), siombail TGFC an Aontais agus ainm, ainm gnó agus seoladh gnó an táirgeora.

Ní gá do phacaí lusanna súgacha atá beartaithe le próiseáil ach a thaispeáint, ar thaobh amháin ar a laghad, an fhoclaíocht ‘TGFC Asparago di Cantello beartaithe le próiseáil’ i gcló soiléir agus inléite.

Ar bhearta agus ar phacáistíocht atá beartaithe don tomhaltóir deiridh, is féidir táisc agus/nó íomhánna a thagraíonn d’ainmneacha gnó, do thrádainmneacha nó lógónna cuibhreannas nó cuideachtaí aonair a úsáid in éineacht leis an tásc geografach faoi chosaint.

Ní mór don lipéad a thaispeáint, i ndlúthnasc doscartha leis an tásc geografach, lógó TGFC ‘Asparago di Cantello’, i.e. an tsiombail shuaithinseach.

Beidh in lógó Asparago di Cantello an dá chomhpháirt seo a leanas.

Dhá ghas lusa shúgaigh ag a bhfuil barra corcairghorma agus breacadh, leagtha amach i gcruth V, agus an gas lusa shúgaigh ar chlé curtha ar bharr an ghais eile. Os cionn na pointe a dtagann an dá ghas le chéile, léireofar na focail ‘ASPARAGO DI CANTELLO IGP’ (‘TGFC Asparago di Cantello’) i litreacha bána ar chúlra dearg.

Taobh thiar an dá ghas lusa shúgaigh, i stua dúnta, beidh íomhá a sheasann don Mhaighdean Mhuire in eaglais Campagna in Cantello, ina bhfuil cúlra sléibhe a thaispeánann spéir ghorm agus an ghrian. Tá imeall an stua i ndathanna an tuair cheatha.

Image 2

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Ní mór saothrú ‘Asparago di Cantello’ a dhéanamh i mbardas Cantello, cúige Varese.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá ithir Cantello, de thionscnamh dobharoighreach, agus a struchtúr scaoilte go háirithe, a tréscaoilteacht ard agus a draenáil ghasta, lán le substaintí orgánacha, agus tá pH aici a athraíonn idir 5.3 agus 7.5, agus tá sí an-oiriúnach do shaothrú lusanna súgacha. Tá an aeráid áitiúil ceangailte le macraeráid na hEorpa agus leis an méasaeráid Ionsuibréach, ar méasaeráid idirchriosach í idir méasaeráid den ghleann Po agus méasaeráid de chuid na hAlpa. Is saintréith an dáilte frasaíochta iad báisteach íseal sa gheimhreadh agus an bháisteach is airde ó dheireadh an earraigh go dtí an fhómhar. Ciallaíonn an fíoras go mbíonn méid na báistí is troime tráth ina mbíonn an gá is mó le trasghalú agus galú gurb annamh strus maidir le huisce sa samhradh a bheith ar na barra. Soláthraíonn frasaíocht i bhfoirm sneachta foinse sholáthair uisce an-éifeachtúil chomh maith le héifeacht dearfach inslithe a thabhairt don ithir.

Dá réir sin is saintréithe an limistéir iad acmhainní flúirseacha teirmeacha agus uisce, ag a bhfuil srianta nach ndealraítear ar aon bhealach go ndéanann siad difear do shaothrú lusanna súgacha, agus tá a ithreacha iontach oiriúnach don bharr seo. D’fhág na dálaí ithreach agus aeráide gur éirigh le saothrú lusanna súgacha a bheith forleathan agus bunaithe go maith in Cantello.

Mar gheall ar an traidisiún fada saothraithe baineann an t-ainm Cantello go daingean le lus súgach in intinní daoine. Mar gheall ar dhaingniú an traidisiúin sin sainmhínítear Cantello mar ‘Meice na lusanna súgacha’.

Tá an nasc idir an limistéar geografach agus TGFC ‘Asparago di Cantello’ bunaithe, thar aon rud eile, ar cháil ainm TGFC, lena n-aithnítear táirge a, i gcaitheamh na mblianta, raibh rath air agus a bhain leas as oiriúnacht aeráid agus ithreacha an limistéir le haghaidh fás lusanna súgacha, agus ar an daingniú traidisiúin monaraíochta a mhaireann go dtí an lá inniu.

Aimsíodh scéalta nuachta a théann siar go 1831 maidir le saothrú lusanna súgacha in Cantello sna cartlanna áitiúla. Léirítear le doiciméid stairiúla go tugadh lusanna súgacha don eaglais agus ansin dhíol an sagart paróiste ar ceant iad chun cuidiú le caiteachas na heaglaise a mhaoiniú. Le himeacht na mblianta, d’fhás ról an lusa shúgaigh chun tábhacht bhunúsach a bheith aige le haghaidh an bhaile. Dhíol feirmeoirí Cantello an lus súgach go háitiúil nó san Eilvéis máguaird.

D’úsáid dlíodóir Cantello mór le rá, Cesare Baj, cuid dá ioncam óna réadmhaoin chun duais do na táirgeoirí is fearr a mhaoiniú, arbh é ab aidhm di feirmeoirí a spreagadh chun feabhas a chur ar tháirgeadh lusa shúgaigh bliain i ndiaidh bliana.

In 1939, tráth bhronnadh na dúise, eagraíodh Aonach Lus Súgach Cantello, arb é imeacht traidisiúnta anois é a tharraingíonn áitritheoirí áitiúla agus iad sin as bailte eile sa chúige. Níor ghlac ach le lus súgach de chineál Precoce d’Argenteuil ag an aonach. D’fhoilsigh eagrán 31 Bealtaine 1939 Cronaca Prealpina, nuachtán áitiúil, liosta na dtáirgeoirí lusanna súgacha ab fhearr agus gach bliain, ceiliúrtar tús mhí na Bealtaine ag an imeacht sin, a tharraingíonn an tsuim d’iliomad leantóirí.”

Le teicnící saothraithe sonracha a mhionchoigeartú amhail ithir a chruthú ina ceapacha san earrach, a áirithíonn bánú na mbuinneán, agus buaint, a dhéantar de láimh i gcónaí, is féidir buinneáin a fháil a bhfuil dath bán iomlán orthu nó a bhfuil dath beagán bándearg ar a mbarra, suas le 22 cm ar fad agus inite go hiomlán. Coinníonn “Asparago di Cantello” a shláine ar bun agus é cócaráilte.

D’fhéadfadh an dath a athrú óna riocht neamhchócaráilte. Go háirithe, d’fhéadadh imir ghlas a theacht ar an mbarr. Tá blas rud beag milis ar an táirge agus tá blas de shearbhas a bhaineann go sonrach leis: blas tipiciúil, ríshoiléir “Asparago di Cantello”.

Tá an uigeacht ón mbarr go dtí an lár méith, súmhar agus bog; tá an chuid atá fágtha síos go dtí an bun snáithíneach.

In éineacht le traidisiún, bhí feabhsuithe leanúnacha sa phróiseas táirgthe agus d’fhorbair teicnící saothraithe agus bhí fáil ar shaothróga feabhsaithe, a díorthaíodh uatha sin a úsáideadh go traidisiúnta. Agus ceapacha nua lusanna súgacha á bplandáil acu, roghnóidh na saothróirí na saothróga is oiriúnaithe, ina dtaithí, don ithir agus do na dálaí aeráide agus is oiriúnaí chun na saintréithe a idirdhealaíonn “Asparago di Cantello” a thabhairt amach.

Tá traidisiún fada chomh maith ag próiseáil lusanna súgacha (isteach in anlainn agus purée, triomaithe, stánaithe, etc.), ó bhuinneáin nach gcomhlíonann leis an tsonraíocht i dtéarmaí aicmí, méide agus faid. Cuirtear an phróiseáil sin ar chumas feirmeoirí fuíoll a sheachaint agus an lus súgach a choimeád níos faide, agus dá réir sin lántairbhe a bhaint as táirge atá, in aon chás, den chaighdeán is airde.

Shroich cáil “Asparago di Cantello” cainéil chumarsáide sa lá atá inniu ann freisin. Tá roinnt mhaith suíomhanna gréasáin dírithe ar an táirge seo, agus roinntear cláir chócaireachta fiú ina bhfuil “Asparago di Cantello” á chur i láthair ag cócairí mór le rá ar YouTube. Bhí meas ar bhlas “Asparago di Cantello” ag roinnt mhaith gourmet i gcaitheamh na mblianta agus rinne bialanna áitiúla speisialtóireacht i miasa bunaithe ar lus súgach.

Cuirtear “Asparago di Cantello” i láthair faoin ainm seo i mbialanna, i siopaí agus in ollmhargaí.

Mar gheall ar an tsuim fhairsing eacnamaíoch, chultúrtha agus shóisialta sa táirge, a neartaíonn a stádas TGFC, is féidir teicnící saothraithe agus straitéisí díolacháin agus margaíochta a fhorbairt agus a fheabhsú agus, de réir an traidisiúin, táirgeadh a choinneáil ar bun a sholáthraíonn meas chomh maith le hioncam do limistéar beag agus comhoibriú áitiúil agus cosaint don chomhshaol tuaithe a chothú.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

Tá téacs iomlán na sonraíochta táirge le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas: http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335

nó mar rogha ar an méid sin:

trí dhul go díreach chuig leathanach baile don bheartas ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht (www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar “Qualità” (ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin), agus ansin ar “Prodotti DOP IGP STG” (ar thaobh na láimhe clé den scáileán) agus ar deireadh ar “Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE”.


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/33


Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

(2023/C 163/13)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

Formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint de thionscnamh Ballstáit a chur in iúl

(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

“Chosco de Tineo”

Uimh. AE: PGI-ES-0696-AM01 – 9.2.2023

TGFC (X) STFC ( )

1.   Ainm an táirge

“Chosco de Tineo”

2.   An Ballstát ina bhfuil an limistéar geografach

An Spáinn

3.   Údarás náisiúnta nó grúpa iarrthach a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

Consejo Regulador de la Indicación Geográfica Protegida Chosco de Tineo (Bord Rialála thásc geografach faoi chosaint “Chosco de Tineo”)

Seoladh: Pol. Industrial de La Curiscada, C.P.E. de Tineo, Santa Eulalia de Tineo, Asturias, AN SPÁINN

Fón +34 985801976

R-phost: info@igpchoscodetineo.com

Suíomh gréasáin: https://igpchoscodetineo.com/

4.   Tuairisc ar an leasú (na leasuithe) formheasta

4.1.   Roinn E – An modh táirgthe

I Roinn E, “An modh táirgthe”, laghdaíodh an íostréimhse deataithe a éilítear chun an dea-bholadh is saintréith don táirge a fháil ó 8 lá (sa tsonraíocht táirge roimhe seo) go 5 lá.

Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair freisin.

Cúiseanna:

Is próiseas traidisiúnta é deatú táirgí feola a dhéantar chun a áirithiú go bhfanann na táirgí a úire is féidir in áiteanna atá an-tais. Is é is aidhm don phróiseas sin cion taise táirgí a laghdú chun a gcobhsaíocht a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin síneadh a chur le seilfré na dtáirgí agus an tsábháilteacht bia a fheabhsú. Bíonn saintréithe orgánaileipteacha sonracha ag an táirge de bharr an deataithe thraidisiúnta freisin, nithe is saintréithe do tháirgí a dheataítear ag úsáid modhanna ceardaí.

D’fhéadfaí éilleáin amhail hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna) a chur i mbia de bharr an phróisis deatúcháin, áfach. Tá HIAnna a tháirgtear nuair a dhóitear adhmad an-ábhartha i ndáil le sábháilteacht bia an táirge, toisc go bhforchuireann rialacháin an Aontais teorainneacha ar thiúchan HIAnna áirithe i dtáirgí feola deataithe (beinsi[a]piréin, benz[a]anthracene, beinsea[b]fluaraintéin agus criséin) toisc go meastar gur éilleán a d’fhéadfadh a bheith carcanaigineach iad.

Tá molta, dá bhrí sin, am deatúcháin táirgí agraibhia a íoslaghdú chun a áirithiú nach sáraíonn tiúchan na n-éilleán sin na teorainneacha atá i bhfeidhm agus go mbíonn sé a ísle is féidir sa táirge deiridh.

Is é 8 lá an tréimhse íosta deatúcháin a leagtar síos sa tsonraíocht táirge le haghaidh TGFC “Chosco de Tineo” faoi láthair. Is é is cuspóir don phróiseas deatúcháin seo na saintréithe deataigh a thabhairt do na choscos.

Iarrtar, dá bhrí sin, go leasófaí an tsonraíocht táirge le haghaidh TGFC “Chosco de Tineo” chun an fíoras gur laghdaíodh an tréimhse íosta deatúcháin go 5 lá a léiriú, ar leor ama sin chun na saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha is gá a thabhairt don táirge deiridh.

Meastar é sin a bheith ina leasú caighdeánach toisc nach ndéanann sé difear d’aon saintréith phríomhúil. Ní dhéantar difear do shaintréithe an táirge nuair a laghdaítear an líon íosta laethanta a dheataítear an táirge. Níor cheart an leasú seo a aicmiú faoi aon cheann de na ceithre phointe a leagtar síos in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le leasú a mheas mar leasú de chuid an Aontais.

4.2.   Roinn D – Cruthúnas ar thionscnamh an táirge sa limistéar

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, ceanglaítear leis comhlíonadh na sonraíochtaí táirge a dheimhniú ag an údaráis inniúil nó comhlachtaí rialúcháin a fheidhmíonn mar chomhlacht deimhniúcháin táirge.

Airteagal 36 de Dhlí Uimh. 2/2019 de chuid Asturias, an 1 Márta 2019, maidir le cáilíocht bhia, scéimeanna cáilíochta agus díol díreach táirgí bia, ceadaítear leis gníomhaíochtaí rialúcháin a tharmligean ag an gcomhlacht rialúcháin, nach é an bord rialála é.

Ar an gcúis sin, cuireadh “comhlacht rialúcháin” in ionadh “bord rialála” sna pointí sa tsonraíocht táirge a bhaineann le cúraimí rialúcháin tarmligthe. Moltar freisin an tábla “Miondealú ar sheiceálacha” a scriosadh, tábla ina liostaítear “comhlacht rialúcháin an bhoird rialála” mar an bord atá freagrach.

Anuas air sin, scriosadh an ráiteas lena lipéadaítear nó lena n-uimhrítear lipéid deimhniúcháin “nach mór [don chomhlacht rialúcháin iad] a sholáthar” ionas nach gcaithfear an comhlacht sin amháin na lipéid a sholáthar, cé go mbíonn an comhlacht rialúcháin freagrach as údarú na lipéad ar aon chuma.

Moltar go laghdófar a mhinice nach mór d’oibreoirí dearbhuithe táirgthe a chur isteach go “uair amháin sa bhliain ar a laghad”, toisc go meastar gur leor sin chun cainníocht táirge deimhnithe a fhíorú.

Meastar é sin a bheith ina leasú caighdeánach toisc nach ndéanann sé difear d’aon saintréith phríomhúil. Níor cheart an leasú seo a aicmiú faoi aon cheann de na ceithre phointe a leagtar síos in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le leasú a mheas mar leasú de chuid an Aontais.

4.3.   Roinn H – Lipéadú

Scriosadh an ráiteas nach mór don bhord rialála lipéid nó lipéid deimhniúcháin uimhrithe a sholáthar ón roinn sin freisin, mar a dhéantar i gcás Roinn D.

Cuirtear an téarma “comhlacht rialúcháin” in ionad “bord rialála” mar an gcomhlacht atá freagrach as lipéid agus/nó lipéid deimhniúcháin a údarú sula n-úsáidfidh oibreoirí iad.

Scriosadh na focail “NB: ní áirítear na ceithre mhír dheireanacha sa doiciméad aonair, cé nach riabh siad sa chéad doiciméad aonair a cuireadh isteach ach oiread.”.

Meastar é sin a bheith ina leasú caighdeánach toisc nach ndéanann sé difear d’aon saintréith phríomhúil. Níor cheart an leasú seo a aicmiú faoi aon cheann de na ceithre phointe a leagtar síos in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le leasú a mheas mar leasú de chuid an Aontais.

4.4.   Roinn D – Cruthúnas ar thionscnamh an táirge sa limistéar

5.2.1.   Tagairt do sheiceálacha a dhéanann oibreoirí

A mhéid a bhaineann leis an gcóras um dheimhniú inmheánach comhlíonadh oibritheoirí na sonraíochta táirge, moltar go n-athrófaí an focal “seiceálacha” go “féin-seiceálacha” d’fhonn aon mhíthuiscint a sheachaint.

Meastar gur leasú caighdeánach é toisc gur leasú dréachtúcháin atá ann nach ndéanann difear d’aon cheann de na ceithre phointe a leagtar síos in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le leasú a mheas mar leasú de chuid an Aontais.

4.5.   Roinn G – Comhlacht rialaithe

Moltar go scriosfaí an fhaisnéis atá i Roinn G, Comhlacht rialúcháin, agus go gcuirfí ina hionad an dá mhír a leanas i gcomhréir le cuimsiú an chomhlachta le húdarás chun comhlíonadh sonraíochta táirge a fhíorú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus de bhun Dhlí Uimh. 2/2019 de chuid Asturias.

Is é an t-údarás inniúil le haghaidh rialaithe an Ard-Stiúrthóireacht de chuid Rialtas Asturias a bhfuil gnóthaí agraibhia mar chuid dá sainchúram.

Féadfar rialú a tharmligean d’eintiteas a ghníomhaíonn mar chomhlacht deimhniúcháin táirge agus atá creidiúnaithe faoi Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065, nó aon chaighdeán a bhféadfar a chur in ionad sin amach anseo.”

Meastar é sin a bheith ina leasú caighdeánach toisc nach ndéanann sé difear d’aon saintréith phríomhúil. Níor cheart an leasú seo a aicmiú faoi aon cheann de na ceithre phointe a leagtar síos in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le leasú a mheas mar leasú de chuid an Aontais.

4.6.   Roinn I – Ceanglais náisiúnta

5.7.1.   Scriosadh na gceanglas reachtach náisiúnta

Moltar go scriosfaí Roinn I den tsonraíocht táirge toisc gur aisghaireadh cuid de na téacsanna a liostaítear ann.

Meastar é sin a bheith ina leasú caighdeánach toisc nach ndéanann sé difear d’aon saintréith phríomhúil. Níor cheart an leasú seo a aicmiú faoi aon cheann de na ceithre phointe a leagtar síos in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le leasú a mheas mar leasú de chuid an Aontais.

https://www.asturias.es/documents/217090/555882/20221214_Pliego_de_condiciones_+sin+control+de_cambios.pdf/6a45427c-b2f6-c76f-aad9-eb1193eb0b43?t=1671009266981

DOICIMÉAD AONAIR

“Chosco de Tineo”

AE Uimh. :PGI-ES-0696-AM01 – 9.2.2023

TGFC (X) STFC ( )

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Chosco de Tineo”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Spáinn

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   An cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Táirge feola a dhéantar as gearrthacha áirithe luain muiceola agus teanga muice, a bhlaistítear le salann, paiprice agus gairleog, agus a phacáiltear i stéig muice, lena gcruthaítear an cruth is saintréith dó, agus a dheataítear agus a leasaítear gan é a chócaráil.

Bíonn cruth cruinn neamhrialta air agus bíonn sé idir 500 g agus 2 000 g meáchain. Tá dath ruánach air, raimhre theann aige agus cuma uathúil air nuair a ghearrtar é toisc go bhféadtar na píosaí éagsúla feola a fheiceáil go soiléir.

Tá cion taise de 40 % ar a laghad aige, cion saille de 41 % nó níos mó den ábhar tirim agus cion próitéine de bhreis agus 50 % den ábhar tirim aige.

Baineann an dea-bholadh agus blas le saintréithe ispín deataithe, a d’fhéadfadh a bheith níos láidre níos laige ag brath ar an am deataithe, chomh maith le huigeacht mhéith.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Úsáidtear na gearrthacha muiceola a leanas: méid íosta 80 % de luan agus méid íosta 15 % de theanga, a bhlaistítear le salann, paiprice agus gairleog.

3.4.   Bearta sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Déantar an táirgeadh (roghnú agus gearradh an amhábhair, meascadh, líonadh, deatú agus triomú) sa limistéar geografach sainithe.

Déantar an chosco a dheatú chun é a leasú ag úsáid adhmad tirim de chineálacha áitiúla (dair, beith, feá nó crann cnó capaill), toisc go gcabhraíonn sé sin leis triomú sa limistéar sin a bhfuil bogthaise choibhneasta ard.

Ionas gur féidir a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais uile leis na nósanna imeachta táirgthe agus cáilíocht an táirgthe a chumhdaítear faoi TGFC, ní mór do ghnóthais táirgthe an doiciméadacht agus na cláir uile is gá a chomhlíonadh agus iad a chur ar fáil don bhord rialála. Áireofar na nithe seo a leanas sa doiciméadacht sin:

taifid ar sheachadtaí amhábhar, ina sonraítear an soláthróir, an nóta seachadta nó an uimhir shonraisc, an chainníocht, cineál an táirge agus an dáta seachadta. Ní mór aitheantas a bheith ag na baisceanna;

taifid táirgthe, ina sonraítear céimeanna uile an phróisis táirgthe, lena n-áirítear na dátaí táirgthe, deataithe agus triomaithe, ag taispeáint na huimhreach/n-uimhreacha baisceanna amhábhair agus an uimhir bhaisce táirgthe;

taifid seolta don táirge críochnaithe, lena dtaispeántar an uimhir bhaisce, an dáta seolta, cainníocht an táirge, uimhir an nóta last-táille agus an ceann scríbe;

nascann clár na baisce an t-amhábhar leis an táirge deiridh, bunaithe ar an bhfaisnéis ó na taifid táirgthe agus na taifid seolta, rud lena n-áirithítear inrianaitheacht.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Féadfar an chosco a dhíol ina iomláine, cócaráilte nó neamhchócaráilte. Ní aon srian pacáistithe ann le haghaidh chosco neamhchócaráilte. Ní mór chosco cócaráilte a bheith pacáistithe ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht bia agus chun cáilíocht a chaomhnú, toisc go ndéantar níos boige stéig na muice a úsáidtear don chásáil nuair a chócaráiltear é, rud a fhágann go mbíonn sé níos leochailí i dtaobh tosca seachtracha faoin bhféadfadh sé scoilteadh le linn láimhseála. Ní mór é a phacáil ar áitribh an táirgeora sula seolfar é, dá bhrí sin.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Maidir leis na choscos uile a chuirtear ar an margadh mar TGFC “Chosco de Tineo”, gan beann ar an mbealach a gcuirtear i láthair iad, ní mór lipéad deimhniúcháin speisialta uimhrithe a bheith orthu, lipéad a bhfuil na focail “Indicación Geográfica Protegida ‘Chosco de Tineo’” agus an lógó (ceanglas caighdeánach do gach táirgeoir) air, in éineacht leis an lipéad tráchtála. Ní mór an lipéad sin a ghreamú ar an táirge, sula seolfar é, ar bhealach a fhágann nach féidir é a athúsáid. Taispeántar an lipéad thíos sna trí rogha datha féideartha.

Image 3

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Cumhdaítear sa limistéar táirgthe bardais Allande, Belmonte de Miranda, Cangas del Narcea, Salas, Somiedo, Tineo, Valdés agus Villayón in iarthar Asturias (an Spáinn), i dtuaisceart Leithinis na hIbéire, áit a bhfuil teorainn leis na pobail féinrialaitheacha de Cantabria, Castile agus Leon, agus an Ghailís.

Is é sin an limistéar táirgthe a chumhdaítear le TGFC.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

5.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Scoiltear an t-achar gearr idir an cósta agus an dobharcheantar le fánaí géara, gnéithe oragrafacha as a dtagann dhá chrios faoi leith.

Crios iartharach intíre ina bhfuil lomáin agus ritheoga a fhéachann ó dheas agus crios láir deisceartach atá sa tuaisceart a bhfuil raonta sléibhte an chósta ag dul soir siar, chomh maith le stiall bheag cósta.

Leis an gcumraíocht sin, leis an tír-raon aimhréidh, fiseagrafaíocht atá an-éagsúil agus go leor gleannta agus raonta sléibhte, lena gcruthaítear Cordillera Cantabrach, a chruthaíonn aeráid lena mbíonn go leor frasaíochta le linn na bliana, solas gréine measartha agus go leor scamall.

Anuas air sin, tá tionchar ollmhór ag oragrafaíocht agus aeráid an limistéir ar shlí mhaireachtála áitritheoirí na sráidbhailte sin, nach mór dóibh oiriúnú do dhálaí comhshaoil áitiúla.

Mar gheall ar na tréimhsí fada geimhridh ina raibh na sráidbhailte scoite amach agus an fhéidearthacht a bhaineann le saothrú acmhainní nádúrtha sa samhradh ar fhéaraigh na ritheog sléibhe, bhí feirmeoireacht beostoic ar cheann de na príomhbhealaí cothaithe. Bhí ról lárnach ag muca agus coinníodh iad sna sráidbhailte uile, toisc gurbh fhéidir na muca a bheathú le dramhaíl orgánach, seachtháirgí talmhaíochta (gais cabáistí, tornapaí, biatas, úlla damáistithe) agus acmhainní foraoise (castáin, dearcáin, fásra fiáin), a raibh flúirse de sa limistéar, rudaí a raibh ann de bharr an ghá le haghaidh féinsoláthair mar gheall ar an timpeallacht sin.

Leanadh d’fheirmeoireacht na muc dá bhrí sin. Ba mhuca de phóir Cheilteacha na muca a úsáideadh, agus bhíothas in ann an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní na tuaithe de bharr a saintréithe. Tá ainmhithe roghnaithe níos táirgiúla curtha in ionad na muc eile sin de réir a chéile, agus cé nach féidir leis na hainmhithe nua an ról athchúrsála a bhí ag na póir Cheilteacha a chomhlíonadh, cuireadh córais táirgthe in oiriúint agus úsáidtear a gcuid feola sa lá atá inniu ann in “Chosco de Tineo”, cé gurb iad na muca a ramhraítear sa limistéar na cinn is mó tóir le haghaidh tháirgeadh an táirge seo fós.

An t-ispín speisialta sin, táirge limistéar ina raibh an t-amhábhar ar fáil go héasca, ba thoradh é ar mhodhanna táirgthe a bhí ag teacht le dálaí áitiúla.

De bharr na bogthaise coibhneasta airde ó na dálaí atmaisféaracha, in éineacht leis na sráidbhailte a bheith scoite amach ó chomharsana le linn mhíonna an gheimhridh, forbraíodh bearta speisialta chun an táirge a leasú. Sa chás seo, deatú a bhí sa mhodh a ghlacadh chun an t-ispín a leasú agus a thriomú. Úsáideadh adhmad aitinn, rud a bhí ann go flúirseach sa limistéar, i dtús báire, rud a d’fhág gurbh fhéidir adhmaid dhúchasacha dhuilleacha eile a spáráil, cé gur tosaíodh ar a n-úsáid siúd in ionad aitinn de réir a chéile agus nuair gá raibh tóir orthu chun críocha eile a thuilleadh. Úsáidtear na hadhmaid sin sa lá atá inniu ann go fóill agus cuireann siad dea-bholadh agus blas sa táirge atá cosúil leis an dea-bholadh agus blas ó adhmad aitinn, cé go bhfuil difríochtaí beaga ann.

Déantar deatú sa lá atá inniu ann ag úsáid na modhanna traidisiúnta fós, cé nach lastar an tine adhmaid ar an talamh a thuilleadh agus ina ionad sin bíonn an tine i sornóga iompair nó fearais inaistrithe eile a dtugtar cocinas de ahumado [soirn deataithe] orthu. Fágtar na choscos sna seomraí deataithe (ahumaderos) ar feadh 5 lá ar a laghad, agus bíonn siad ar crochadh ar bharraí atá nasctha leis an díon nó ar fhrámaí ar a dtugtar carros.

Déantar an fheoil a triomú tar éis an deataithe. Ní mór tagairt a dhéanamh d’ábharthacht phróiseas triomaithe seo na vaqueiros de alzada [aoirí bó siúlacha] a raibh cónaí orthu i sráidbhailte áirithe an limistéir. Chaith siad an saol ag tógáil beithíoch agus d’aistrigh siad go dlí na sléibhte arda lena dteaghlaigh agus lena mbeostoc (muca san áireamh) idir Aibreán agus Deireadh Fómhair. I measc na n-earraí a thug siad leo ar na haistir sin bhí choscos, a úsáideadh mar bhia tipiciúil le haghaidh na bhféarach sléibhe, áit ar cuireadh bailchríoch leo trí iad a thriomú ag airde níos airde. Sna cásanna nach ndearnadh na haistir sin, rinneadh an triomú in hórreo, déantús traidisiúnta a bhí an-aeráilte. Sa lá atá inniu ann, déantar é in áitribh a bhfuil aeráil mhaith ar feadh 8 lá ar a laghad go dtí go mbaintear amach an cion taise is gá.

5.2.   Sainiúlacht an táirge

Déantar “Chosco de Tineo” as gearrthacha luain muiceola agus teanga muice, a bhlaistítear, a phacáiltear de láimh i stéig muice, a dheataítear agus a thriomaítear, na céimeanna lena dtugtar na saintréithe dó atá difriúil le saintréithe cineálacha eile ispíní. Nuair a ghearrtar é, féadtar na píosaí éagsúla feola a úsáidtear a fheiceáil go soiléir. Ní ceadmhach an fheoil a mhionú.

5.3.   Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge (maidir le STFC) nó cáilíocht shonrach an táirge, an cháil atá air nó saintréith eile atá aige (maidir le TGFC)

Baineann saintréithe “Chosco de Tineo” le timpeallacht nádúrtha an limistéir, áit a raibh ról thar a bheith tábhachtach ag pórú na muc, agus le modh táirgthe sonrach, a tháinig as aeráid bháistí agus tír-raon sléibhte a scoitheann na sráidbhailte amach óna chéile cuid den bhliain ar lámh amháin, agus ar an lámh eile, an fíoras gur ispín speisialta atá ann a dhéantar as gearrthacha ardcháilíochta, rud a chiallaíonn go gcoimeádtar é le haghaidh ócáidí speisialta de ghnáth.

I measc na dtáirgí a dhéantar nuair a mharaítear muca, tá chosco ar cheann de na táirgí is ceangailte leis an limistéar sainithe. Tugadh na modhanna táirgthe ó ghlúin go céile, ag coinneáil an charachtair ceardaí, agus tá cáil iontach ar an táirge, rud a chruthaítear leis an meas atá ag an bpobal air chomh maith le tagairtí faisnéise.

Tá tagairtí i ndoiciméid Mhainistreacha Obona (Tineo), Corias (Cangas del Nancea) agus Belmonte, agus i bhfodhlíthe a ghlac bailte agus paróistí, tagairtí a léiríonn tábhacht phórú na muc sa limistéar. Taifeadtar in Catastro de Ensenada [clárlann na talún] go raibh an tréad ba mhó in Asturias ag an limistéar san 18ú céad. In 1897, sa saothar dar teideal Asturias, deir O. Bellmunt agus F. Canella gurb í pórú na muc ceann de na príomhfhoinsí saibhris atá ann, agus cuireann Gran Enciclopedia Asturiana (Gijón, 1980), agus J. E Lamuño i dtábhacht méid na margaí cáiliúla seachtainiúla le haghaidh bainbh bhalláin in Tineo.

I ndáil le próiseálaithe muiceola an réigiúin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na próiseálaithe is cáiliúla lonnaithe in Tineo agus gurb iad a n-ispíní, agus “Chosco de Tineo” go háirithe, an táirge bia is tábhachtaí sa limistéar. Sa dara cuid den 19ú céad, in Asturias bhí táirgeoirí ispíní i mbardas Valdés á lua ag O. Bellmunt agus F. Canella cheana féin agus faoi thús an 20ú céad, ba é Tineo suíomh mhonarcha ispíní La Asunción.

Níltear cinnte maidir le bunús an fhocail chosco, ach deir José Ántonio Fidalgo go bhféadann sé gur tháinig se ón Laidin, luscus, focal a chiallaíonn súil amháin nó beagnach dall. Tagann an focal ón mBaiblis, teanga Iarthar Asturias, agus baineann sé go sonrach le iardheisceart Asturias (Tineo, Allande, Cangas del Narcea, etc.). Sna Meánaoiseanna, cumhdaíodh leis an ainm “Tineo” an ceantar ó Cabruñana en Salas go dtí Leitariegos sna sléibhte. Anuas air sin, tugadh Cangas de Tineo ar an áit, a dtugtar Cangas del Narcea sa lá atá inniu ann, go dtí an 19ú céad.

I 1920, i Remembranzas de antaño y hogaño de la villa de Tineo, scríobhann Claudio Zardaín, oiriseach, maidir le chosco a bhí á ithe ag féile áitiúil San Roque.

I 1929, déanann Dionisio Pérez (faoin ainm cleite “Post-Thebussem”) tagairt in Guía del buen comer español do chosco mar ispín agus dearbhaíonn sé gur mias traidisiúnta é in Tineo ar Lá San Roque.

In Guía de Productos de la Tierra (Maidrid, 1998), scríobhann Lucas Pallarés gur táirge uasal é chosco a bhfuil a bhunús le vaqueiros de alzada.

Déantar ceangal freisin in Inventario Español de Productos Tradicionales, arna fhoilsiú ag an Aireacht um Thalmhaíocht, Iascach agus Bia mar chuid den tionscadal “Euroterroirs” arna chistiú ag an Aontas Eorpach, idir an táirge agus ceantar Tineo, óna bhfaigheann sé an t-ainm “Chosco de Tineo”.

Déantar anailís go tráthrialta chun a áirithiú go gcoinnítear na saintréithe fisiceacha agus orgánaileipteacha lena mbaineann a cháil. Tugtar na critéir a úsáidtear chun saintréithe an táirge a leagan síos agus torthaí na hanailíse i bpointe 3.2 den doiciméad seo. Ní ceadmhach dóibh seo a bheith éagsúil le himeacht ama.

Déanann an preas réigiúnach tuairiscí ar na féilte agus laethanta cócaireachta timpeall “Chosco de Tineo” gach bliain.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

(an dara fomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán)

https://www.asturias.es/documents/217090/555882/20221214_Pliego_de_condiciones_+sin+control+d e_cambios.pdf/6a45427c-b2f6-c76f-aad9-eb1193eb0b43?t=1671009266981


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.