|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 160A |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
Parlaimint na hEorpa |
|
|
2023/C 160 A/01 |
||
|
2023/C 160 A/02 |
|
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
Parlaimint na hEorpa
|
5.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CA 160/1 |
FÓGRA FOLÚNTAIS PE/288/S
STIÚRTHÓIR
(grúpa feidhme AD, grád 14)
An Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí an Daonlathais Pharlaimintigh — an Stiúrthóireacht um an gCaidreamh leis na Parlaimintí Náisúnta
(2023/C 160 A/01)
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an nós imeachta a oscailt maidir le post Stiúrthóra (AD, grád 14) a líonadh in Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Daonlathais Pharlaimintigh, an Stiúrthóireacht um an gCaidreamh le Parlaimintí Náisiúnta ar bhonn Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1) (dá ngairtear na “Rialacháin Foirne” anseo feasta).
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 14 (2). Is é EUR 16,292,34 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail, atá faoi réir cáin réir cáin a théann chun sochair don Aontas Eorpach agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.
Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.
Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh den Pharlaimint agus lasmuigh di, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir turais ghnó a dhéanamh go minic idir áiteanna oibre na Parlaiminte agus go dtí áiteanna eile lasmuigh díobh.
2. Ionad Fostaíochta
An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann d’ionaid eile oibre Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas Deiseanna
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
4. Cúraimí an phoist
Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (3):
|
— |
freagracht a ghlacadh as dea-fheidhmiú roinne móire den Ardrúnaíocht ina bhfuil aonaid éagsúla a chumhdaíonn réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta, i gcomhréir le beartais na hinstitiúide; |
|
— |
foirne d’oifigigh a bhainistiú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní na roinne agus caighdeán cáilíochta na seirbhíse (eagrú, bainistiú acmhainní daonna agus buiséid, nuálaíocht etc.) a áirithiú sna réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
gníomhaíochtaí na stiúrthóireachta (cuspóirí agus straitéisí a leagan amach) a phleanáil, na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí a bheidh leagtha síos a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú; |
|
— |
comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ard-Rúnaí agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta, |
|
— |
comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche; |
|
— |
feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
5. Incháilitheacht
Tá an nós imeachta roghnúcháin seo oscailte d’iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:
|
a) |
Coinníollacha ginearálta I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór duit:
|
|
b) |
Coinníollacha sonracha
|
6. Trialacha
Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a dhréachtú agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinneadh. Ag an gcéim sin, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.
Beidh na hagallaimh bunaithe ar an gcur síos ar chúraimí an phoist, mar a shonraítear faoi phointe 4 den fhógra seo iad, agus ar na hinniúlachtaí seo a leanas:
|
— |
bua na straitéise; |
|
— |
cumas ceannaireachta; |
|
— |
cumas pleanála chun cinn; |
|
— |
cumas freagairt d’athruithe; |
|
— |
críochnúlacht; |
|
— |
cumas cumarsáide. |
7. Iarratais a chur isteach
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná
Dé hAoine, 26 Bealtaine 2023, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).
Iarrtar ar na hiarrthóirí litir inspreagtha, i bhformáid pdf agus í dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/288/S, mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (8), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/288/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:
PERS-EPSeniorManagement@ep.europa.eu
agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.
Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.
Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (9) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.
Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.
(1) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(2) Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(3) Féach an Iarscríbhinn le haghaidh na bpríomhdhualgas.
(4) Is iad seo a leanas Ballstáit an Aontais Eorpaigh: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicea, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.
(6) Glactar le cáilíochtaí/céimeanna na Ríochta Aontaithe a fuarthas go dtí an 31 Nollaig 2020 gan aitheantas eile a bheith leo. I gcás céimeanna a fuarthas tar éis an dáta sin, tá aitheantas NARIC ag teastáil. I gcleachtas, ciallaíonn sé sin nach mór coibhéis arna heisiúint ag údarás inniúil de chuid Ballstáit den Aontas a bheith ag gabháil le céimeanna na Ríochta Aontaithe arna n-eisiúint ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.
(7) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Ghearmáinis, an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Spáinnis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghréigis, an Ungáiris, an Ghaeilge, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an tSualainnis agus an tSeicis.
(8) https://europa.eu/europass/
(9) Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais. Is faoi na hiarrthóirí atá sé a áirithiú go mbeidh an comhad iomlán a chomhfhreagraíonn dá n-iarratas ag seirbhísí na Parlaiminte (i gcás doiciméid ábhartha gan bheith ar fáil ar an tairseach HRM (Streamline)).
(10) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
An ard-stiúrthóireacht um chomhpháirtíochtaí an daonlathais pharlaimintigh — An stiúrthóireacht um an gcaidreamh leis na parlaimintí náisúnta
Príomhchúraimí
(Líon foirne iomlán de 22 gníomhaire: 20 n-oifigeach agus 2 ghníomhaire shealadacha
18.4.2023
|
— |
Príomhghníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a chomhordú, lena n-áirítear teagmháil agus obair leantach leis na comhlachtaí polaitiúla agus riaracháin i bParlaimint na hEorpa (Cabinets, Leas-Uachtaráin, Grúpaí Polaitiúla, Ard-Stiúrthóireachtaí, etc.); |
|
— |
Nótaí agus anailísí a ullmhú do na Feisirí; |
|
— |
Freagracht a ghlacadh as an gcaidreamh le hionadaithe na bparlaimintí náisiúnta sa Bhruiséil agus i bpríomhchathracha na hEorpa; |
|
— |
Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí líonra an Lárionaid Eorpaigh um Thaighde agus Doiciméadú Parlaiminteach (CERDP) agus an ardáin idirpharlaimintigh do mhalartú faisnéise AE (IPEX) (Comhstiúrthóireacht CERDP – comhalta de Chomhairle IPEX); |
|
— |
Obair leantach a dhéanamh ar chomhaid éagsúla: cuspóirí, tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí, tionscadail na Punainne Tionscadal Parlaiminteach (PPP), comhaid foirne, etc.; |
|
— |
Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
AN tAONAD UM CHOMHAR INSTITIÚIDEACH
|
— |
Cúnamh a thabhairt do thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gComhdháil de na Coistí um Ghnóthaí Eorpacha (COSAC) maidir le cruinnithe a ullmhú, nótaí a dhréachtú, obair leantach a dhéanamh, etc. agus páirt a ghlacadh in obair rúnaíocht COSAC; |
|
— |
Cuairteanna déthaobhacha ó Fheisirí agus oifigigh na bparlaimintí náisiúnta a eagrú, caidreamh a eagrú agus a fhorbairt le hionadaithe na bparlaimintí náisiúnta chuig Parlaimint na hEorpa; Clár Tacaíochta Pharlaimint na hEorpa (PPSP) a eagrú; |
|
— |
Cúnamh a thabhairt don Uachtarán, do na Leas-Uachtaráin agus do chomhlachtaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa ina gcaidreamh leis na parlaimintí náisiúnta, lena n-áirítear Comhdháil Spéicéirí na bParlaimintí (EUSC), cruinnithe na nArdrúnaithe agus eile; |
|
— |
Freagracht a ghlacadh as an gComhrúnaíocht agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ECPRD, lena n-áirítear an foilseachán “Spotlight on Parliaments in Europe”. Comhar le AS EPRS; |
|
— |
Freagracht a ghlacadh Rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa san ardán IPEX |
|
— |
Comhar le AS EXPO, go háirithe comhordú agus imeachtaí le parlaimintí náisiúnta i réimse na tacaíochta don daonlathas, cumas institiúideach a neartú, breathnóireacht toghcháin agus cúnamh réamhaontachais faoin bPunann Tionscadal Parlaiminteach (PPP); |
|
— |
Freagracht a ghlacadh as bainistiú buiséadach na leithreasuithe a chuirtear ar fáil don Stiúrthóireacht. |
AN tAONAD UM IDIRPHLÉ REACHTACH
|
— |
Idirphlé reachtach agus grinnscrúdú parlaiminteach: cruinnithe coiste idirpharlaiminteacha (ICManna) i gcomhar le rúnaíochtaí na gcoistí, lena n-áirítear comhdhálacha speisialaithe idirpharlaiminteacha amhail Comhdháil Airt. 13 TSCG, an Seimeastar Eorpach (EPW), Grúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (JPSG) EUROPOL agus tacaíocht do Chomhdháil CBES/CBSC a eagrú; cuairteanna déthaobhacha ó Fheisirí agus ó oifigigh na bparlaimintí náisiúnta ar Pharlaimint na hEorpa a eagrú; |
|
— |
Tástáil coimhdeachta: déileáil le doiciméid na bparlaimintí náisiúnta, an bunachar sonraí “CONNECT” a bhainistiú agus nóta míosúil a ullmhú do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus do na Feisirí maidir le doiciméid arna seoladh ag parlaimintí náisiúnta de réir bhrí Phrótacal 1 agus 2 (tuairimí réasúnaithe agus ionchuir); nuashonrú (i gcomhar le hIonadaithe na bParlaimintí Náisiúnta) Ríomheolaire na gCoistí comhfhreagracha PE/Parlaimintí Náisiúnta (CORCOM); |
|
— |
Gníomhaíochtaí idirpharlaiminteacha a chomhordú: féilire sé mhí ghníomhaíochtaí idirpharlaiminteacha PE/na bParlaimint Náisiúnta a tharraingt suas lena chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán agus freagracht a ghlacadh as tarchur inmheánach agus seachtrach na ngníomhaíochtaí sin; an “Weekly Agenda” [Clár Oibre Seachtainiúil] a scaipeadh laistigh de Pharlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíochtaí arna n-eagrú leis na parlaimintí náisiúnta; |
|
— |
Cruinnithe idirpharlaiminteacha ardleibhéil a eagrú idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtaráin na bparlaimintí náisiúnta; |
|
— |
Tacaíocht do chomhlachtaí parlaiminteacha: cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí agus do riarachán PE trí shaineolas a chur ar fáil i réimse an chomhair idirpharlaimintigh, go háirithe trí nótaí faisnéise téamacha agus nótaí a chur ar fáil maidir le staid pholaitiúil agus shocheacnamaíoch tíre do chuairteanna déthaobhacha agus do thoscaireachtaí coistí; |
|
— |
Tacaíocht do rapóirtéirí: cúnamh a thabhairt do na Feisirí, go háirithe rapóirtéirí, maidir le dréachtaí reachtacha de chuid an Aontais a mheall líon suntasach tuairimí réasúnaithe agus ionchur ó pharlaimintí náisiúnta (nótaí do rapóirtéirí, cruinnithe ad hoc idir rapóirtéirí agus parlaimintí náisiúnta, etc.); |
|
— |
Comhar idirpharlaiminteach ar an leibhéal riaracháin: cruinnithe a eagrú, i gcomhar leis na hArd-Stiúrthóireachtaí éagsúla, i bhfoirm seimineár nó meithleacha idir riaracháin na bparlaimintí náisiúnta agus rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa ar shaincheisteanna téamacha. |
|
5.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CA 160/7 |
FÓGRA EARCAÍOCHTA PE/289/S
STIÚRTHÓIR
(Grúpa Feidhme AD, grád 14)
An Ard-Stiúrthóireacht Um Nualaíocht Agus Um Thacaíocht Theicniúil — An Stiúrthóireacht Um Fhorbairt Agus Um Thacaíocht
(2023/C 160 A/02)
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil – An Stiúrthóireacht um Fhorbairt agus um Thacaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (2). Is é EUR 16 292,34 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail, atá faoi réir cáin a théann chun sochair an Aontais agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.
Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.
Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh den Pharlaimint agus lasmuigh di, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir turais ghnó a dhéanamh go minic idir áiteanna oibre na Parlaiminte agus go dtí áiteanna eile lasmuigh díobh.
2. Ionad Fostaíochta
Lucsamburg D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann d’ionaid eile oibre Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas Deiseanna
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
4. Cúraimí an phoist
Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an Údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (3):
|
— |
dea-fheidhmiú roinne móire den Ardrúnaíocht a áirithiú ina bhfuil aonaid éagsúla a chumhdaíonn réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta, i gcomhréir le beartais na hinstitiúide, |
|
— |
foirne d’oifigigh a bhainistiú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní na roinne agus caighdeán cáilíochta na seirbhíse (eagrú, bainistiú acmhainní daonna agus buiséid, nuálaíocht etc.) a áirithiú sna réimsí gníomhaíochta, |
|
— |
gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta (cuspóirí agus straitéisí a leagan amach) a phleanáil, na cinntí is gá a ghlacadh chun na cuspóirí a bheidh leagtha síos a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú, |
|
— |
comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ard-Rúnaí agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta, |
|
— |
comhoibriú leis na Stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta, |
|
— |
tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche, |
|
— |
feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
5. Incháilitheacht
Tá an nós imeachta roghnúcháin seo oscailte d’iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:
|
a) |
Coinníollacha ginearálta I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór duit:
|
|
b) |
Coinníollacha sonracha
|
6. Trialacha
Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a dhréachtú agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim sin, féadfaidh an Biúró an t-iarrthóir nó na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.
Beidh na hagallaimh bunaithe ar an gcur síos ar chúraimí an phoist, mar a shonraítear faoi phointe 4 den fhógra seo iad, agus ar na hinniúlachtaí seo a leanas:
|
— |
bua na straitéise, |
|
— |
cumas ceannaireachta, |
|
— |
cumas pleanála chun cinn, |
|
— |
cumas freagairt d’athruithe, |
|
— |
críochnúlacht, |
|
— |
cumas cumarsáide. |
7. Iarratais a chur isteach
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná
Dé hAoine, 26 Bealtaine 2023, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).
Iarrtar ar na hiarrthóirí litir inspreagtha, i bhformáid pdf agus í dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/289/S, mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (8), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/289/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:
PERS-EPSeniorManagement@ep.europa.eu
agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.
Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.
Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (9) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.
Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ón bParlaimint agus ón gComhairle (10), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.
(1) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(2) Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(3) Féach an Iarscríbhinn le haghaidh na bpríomhdhualgas.
(4) Is iad seo a leanas Ballstáit an Aontais Eorpaigh: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.
(6) Glactar le cáilíochtaí/céimeanna na Ríochta Aontaithe a fuarthas go dtí an 31/12/2020 gan aitheantas eile a bheith leo. I gcás céimeanna a fuarthas tar éis an dáta sin, tá aitheantas NARIC ag teastáil. I gcleachtas, ciallaíonn sé sin nach mór coibhéis arna heisiúint ag údarás inniúil de chuid Ballstáit den Aontas a bheith ag gabháil le céimeanna na Ríochta Aontaithe arna n-eisiúint ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.
(7) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(8) https://europa.eu/europass/
(9) Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais. Is faoi na hiarrthóirí atá sé a áirithiú go mbeidh an comhad iomlán a chomhfhreagraíonn dá n-iarratas ag seirbhísí na Parlaiminte (i gcás doiciméid ábhartha gan bheith ar fáil ar an tairseach HRM (Streamline)).
(10) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295 du 21.11.2018, p. 39)
IARSCRÍBHINN
An ard-stiúrthóireacht um nuálaíocht agus um thacaíocht theicniúil — An stiúrthóireacht um fhorbairt agus um thacaíocht
Príomhchúraimí
(Líon foirne iomlán de 196 ghníomhaire: 91 oifigeach, 13 ghníomhaire shealadacha agus 92 ghníomhaire chonarthacha)
18.4.2023
|
— |
Comhordú PSMO agus éadáil bogearraí a riar; |
|
— |
Aonaid agus seirbhísí na Stiúrthóireachta a bhainistiú, a chomhordú agus a stiúradh; comhleanúnachas ghníomhaíochtaí na n-aonad le ráiteas misin na Stiúrthóireachta a áirithiú; cinneadh a dhéanamh i dtaobh na roghanna straitéiseacha TF sna pleananna bainistíochta agus teicniúla; |
|
— |
An comhleanúnachas i bpróisis inmheánacha na Stiúrthóireachta a riar; |
|
— |
An caidreamh leis na húdaráis pholaitiúla agus riaracháin agus leis na hArd-Stiúrthóireachtaí úsáideora a riar; |
|
— |
Na rioscaí a ghabhann le gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a bhainistiú; |
|
— |
An caidreamh le soláthraithe reatha agus ionchasacha a bhainistiú; |
|
— |
Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fho-tharmligean a fheidhmiú. |
AN tAONAD UM THACAÍOCHT D’ÚSÁIDEOIRÍ
+ Bainistiú oibríochtúil
+ Bainistiú seirbhisí
+ Cáilíocht
|
— |
Seirbhísí TF ar ardchaighdeán a chur ar fáil don fhoireann agus do ghníomhairí eile de chuid PE, APPF, EDPS agus EDPB trína fhoirne oibríochtúla éagsúla (Service Desk, App Support, Local Logistics Support, Proximity Support, Mobility Support, Mobile Device Management, Workstation Management agus Local Server Administration); |
|
— |
Tacaíocht a chur ar fáil do na saoránaigh agus d’fhoireann na Parlaiminte le haghaidh aistrithe glaonna, chomh maith le faisnéis teagmhála agus faisnéis ghinearálta faoi ionaid agus imeachtaí Pharlaimint na hEorpa; |
|
— |
Uirlisí a sholáthar agus a fhorbairt chun seirbhísí TFC a bhainistiú don Aonad Tacaíochta agus d’eintitis eile de chuid Pharlaimint na hEorpa; próisis bainistíochta cáilíochta a bhainistiú faoi chuimsiú mholtaí ITIL; feidhmíocht agus éifeachtúlacht sheirbhísí an aonaid agus sástacht na n-úsáideoirí a thomhas, chun feabhsuithe a mholadh; |
|
— |
Seirbhís doiciméadachta teicniúla a sholáthar; doiciméadacht an aonaid a bhainistiú agus a dhréachtú, lena n-áirítear catalóg na seirbhísí; an caidreamh le húsáideoirí a bhainistiú; gníomhaíochtaí faisnéise agus comhoibrithe a dhéanamh chun iad a choinneáil ar an eolas faoi na nithe a dhéanann difear dóibh agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar na riachtanais atá acu; |
|
— |
Leasanna na n-úsáideoirí a chosaint agus ról cothrománach a imirt sna foirne éagsúla atá rannpháirteach i seirbhísí TF a sholáthar chun bheith rannpháirteach i dtionscadail agus i gcuspóirí AS ITEC a chur i gcrích, lena n-áirithítear an tslándáil, comhlíonadh agus gnéithe cosanta sonraí do na seirbhísí atá á mbainistiú ag an Aonad; |
|
— |
Tionscnaimh a aimsiú agus a stiúradh chun feabhas a chur ar na seirbhísí TF lena mbaineann, le haghaidh na n-úsáideoirí, agus an comhar idir páirtithe leasmhara éagsúla a éascú; doiciméadacht a dhréachtú agus a choimeád do na seirbhísí TF ábhartha agus nuashonrú a dhéanamh ar na leathanaigh inlín, láithreáin chomhoibríocha, treoracha d’úsáideoirí agus an doiciméadacht seirbhíse ábhartha. |
AN tAONAD UM THIMPEALLACHT DHIGITEACH NA BHFEISIRÍ
+ Cúnamh don Áit Oibre Dhigiteach
+ Ríomhchumarsáid leis na Feisirí
|
— |
Seirbhís spriocdhírithe agus logánta TF a thairiscint do na Feisirí agus dá gcúntóirí; cúnamh a chur ar fáil le haghaidh cianghníomhaíochtaí parlaiminteacha, lena n-áirítear cianchruinnithe agus cruinnithe hibrideacha; maoirsiú ar cháilíocht a riar, bainistiú a dhéanamh ar fhadhbanna, teagmhais agus iarrataí, chomh maith le hidirphlé leis na húsáideoirí; dáileadh an trealaimh ríomhaireachta a chuirtear ar fáil sa leithdháileadh a riar; |
|
— |
Rannchuidiú le cur i bhfeidhm thionscadail na hArd-Stiúrthóireachta a bhaineann leis na Feisirí agus lena gcúntóirí; a bheith rannpháirteach sa chomhdhlúthú ar Pharlaimint hibrideach agus i gcibearshlándáil mhéadaithe d’úsáideoirí (e.g. earraí spiaireachta ar ghairis mhóibíleacha a neartú); |
|
— |
Rannchuidiú leis an nuashonrú ar na bearta a bhaineann le trealamh TF na bhFeisirí agus na gcúntóirí mar aon leis an obair leantach ar threoracha lena ndírítear ar an lucht spéise céanna, go háirithe ar an Inlíon; imscaradh Teams a riar, agus oiliúint ghrúpa nó oiliúint sainoiriúnaithe a chur ar fáil de réir riachtanais na nOifigí; |
|
— |
Oiliúint ilteangach, phearsantaithe nó ghrúpa a eagrú, ar an láthair agus/nó ar líne, mar aon le físeáin/ranganna teagaisc d’Fheisirí agus dá gcúntóirí chun iad a chur ar an eolas faoin ábhar TF agus faoi na modhanna cumarsáide atá ar fáil dóibh; obair leantach a dhéanamh ar a gcuid riachtanas nua; an t-ábhar agus an oiliúint is gá don idirthréimhse toghcháin a ullmhú (deireadh agus tús an reachtais). |
AN tAONAD UM CHÓRAIS TF REACHTACHA
+ Ríomhchórais na r-Pharlaiminte
+ Réitigh
+ Córais Pharlaiminteacha
+ Córais reachtacha
|
— |
Córais TF a chur ar fáil chun tacú le dea-fheidhmiú na bpríomhghníomhaíochtaí reachtacha; na córais sin a fhorbairt agus a chothabháil faoi cheannaireacht na n-eintiteas rialachais reachtaigh; cloí leis an gcreat straitéiseach maidir le feidhmchláir TF na Parlaiminte, an dífheidhmeacht a chomhrac agus saolré na bhfeidhmchlár a bhainistiú ar bhealach costéifeachtach; |
|
— |
An chomhchuid den PPP “ó r-Pharlaimint go r-reachtaíocht” a bhainistiú agus a chur chun feidhme; |
|
— |
Réitigh teicneolaíochta nuálacha a roghnú agus a chur in úsáid, na réitigh sin a fhorbairt, a chothabháil agus a chur chun cinn agus tacaíocht theicniúil ghaolmhar a chur ar fáil, scileanna teicneolaíochta ceannródaíocha a chur ar fáil chun tacú le forbairt tionscadal óna gceapadh go dtí a gcur in úsáid, agus ardán na huirlise forbartha a óstáil; |
|
— |
An chomhcuid TF de chomhchuid “Sonraí oscailte” an CPP a chur chun feidhme bunaithe ar bhainistiú eolais; |
|
— |
Na cúraimí riaracháin seo a leanas a chur i gcrích: acmhainní daonna agus airgeadais, tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí, conarthaí, cruinnithe; |
|
— |
Réitigh chomhoibríocha a fhorbairt, a chothabháil, a chur chun cinn, tacú leo agus iad a óstáil. |
AN tAONAD UM CHÓRAIS TF CHORPARÁIDEACHA
+ Córais na bhFeisirí
+ Córais Lárnacha
+ Córais Acmhainní Daonna
+ Córais Pleanála Acmhainní Fiontraíochta
+ Córais Chumarsáide
|
— |
Seirbhísí a sholáthar ar líon mór feidhmchlár TF i réimse na gcóras lárnach, na gcóras ERP, seirbhísí a bhaineann leis na Feisirí, seirbhísí ateangaireachta, acmhainní daonna, agus láithreacht na Parlaiminte ar an Idirlíon; |
|
— |
Creat Straitéiseach na Parlaiminte maidir le Feidhmchláir TF agus Clár TF na Parlaiminte a chur chun feidhme, agus béim á leagan ar an straitéis – roinn ar dtús roimh cheannach agus roimh fhorbairt; |
|
— |
Roinnt ionad inniúlachta a chur i bhfeidhm thart ar chomhpháirteanna coiteanna caighdeánacha TF (SAP, SAP BI, HERMES/Documentum, suíomhanna gréasáin poiblí agus inrochtaineacht ghréasáin, uirlisí forbartha tosaigh, etc.); |
|
— |
A bheith rannpháirteach sa “Chlár maidir le Glacadh na Néalríomhaireacht le haghaidh Feidhmchlár” agus sa chlár “Saolré na mBogearraí a Bharrfheabhsú” (DevSecOps & containers) chun an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí nua “néalríomhaireachta” a spreagadh i measc foirne forbartha agus cothabhála; |
|
— |
A bheith rannpháirteach sa chlár “Dífheidhmeachta” chun feidhmchláir sheana agus ardáin theicniúla sheana nach bhfuil caighdeánach a thuilleadh a ionadú; |
AN tAONAD UM THACAÍOCHT DO THIONSCADAIL
+ An Oifig um Bainistiú Tacaíochta do Thionscadail
+ Dearbhú Cáilíochta agus Tástáil
+ Anailís Ghnó agus agus Ollstruchtúr Gnó
+ Roghnú Bogearraí Gnó
|
— |
Punann TF na Parlaiminte a bhainistiú agus próiseas an Chláir TF Agile a riar; |
|
— |
Tástáil feidhmíochta, slándála, fearais mhóibíligh agus eirgeanamaíochta a dhéanamh ar thionscadail TF agus ar ghníomhaíochtaí cothabhála ar fud na Parlaiminte; |
|
— |
Bainistiú a dhéanamh ar Thionscadail Roghnúcháin Bogearraí Gnó, d’fhonn réitigh TF a athúsáid nó a cheannach ón margadh agus iad a chomhtháthú i dtírdhreach TF na Parlaiminte; |
|
— |
Bainistiú agus maoirsiú a dhéanamh ar an timpeallacht don tástáil chomhtháite atá ag ITEC agus ar na seirbhísí tástála le haghaidh bhailíochtú na tástála aontaithe i gcás tírdhreacha feidhmchlár ar mórscála; |
|
— |
An Próiseas Roghnúcháin Bogearraí a bhainistiú, arb é is aidhm dó feidhmchláir shimplí deisce agus uirlisí teicniúla a athúsáid nó a fháil; |
|
— |
Modheolaíochtaí Bainistíochta Tionscadail do Pharlaimint na hEorpa a shainiú, a choinneáil ar bun agus a fheabhsú, trí threoir a chur ar fáil de réir chineál an tionscadail agus de réir réimsí gaolmhara eolais; |
|
— |
Catalóg na mBogearraí a nuashonrú, a chothabháil agus a leathnú. |