ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 156

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
3 Bealtaine 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

MOLTAÍ

 

An Banc Ceannais Eorpach

2023/C 156/01

Moladh ón mBanc ceannais eorpach an 24 Aibreán 2023 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Bank Ċentrali ta’ Malta/Central Bank of Malta (BCE/2023/12)

1


 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 156/02

REACHTANNA ACTRIS ERIC

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 156/03

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin: 3,50 % an 1 Bealtaine 2023 — Rátaí malairte an euro

22


 

V   Fógairtí

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 156/04

Foilsiú iarratais de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

23

2023/C 156/05

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

27

2023/C 156/06

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair

31

2023/C 156/07

Foilsiú iarratais ar fhormheas leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

35

2023/C 156/08

Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí

45


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

MOLTAÍ

An Banc Ceannais Eorpach

3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 156/1


MOLADH ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 24 Aibreán 2023

do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Bank Ċentrali ta’ Malta/Central Bank of Malta

(BCE/2023/12)

(2023/C 156/01)

TÁ COMHLAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe BCE agus a fhormheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2022, tháinig deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha Bank Ċentrali ta’ Malta/Central Bank of Malta, KPMG, trí chomhaontú frithpháirteach. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh don bhliain airgeadais 2023.

(3)

Roghnaigh Bank Ċentrali ta’ Malta/Central Bank of Malta Deloitte Audit Ltd mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Moltar go gceapfaí Deloitte Audit Ltd mar iniúchóirí seachtracha ar Bank Ċentrali ta’ Malta/Central Bank of Malta do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 24 Aibreán 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 156/2


REACHTANNA ACTRIS ERIC

(2023/C 156/02)

BROLLACH

DE BHRÍ gur gá tuiscint a fháil ar athraitheacht spásúil agus ama na gcomhábhar atmaisféarach gearrshaolach le haghaidh eolaíocht an athraithe aeráide agus cháilíocht an aeir;

DE BHRÍ, chun tuiscint níos doimhne a fháil ar spreagthaí an athraithe aeráide agus an truaillithe aeir, gur gá breathnóireacht a dhéanamh ar dháileadh ceathairthoiseach na gcomhábhar atmaisféarach gearrshaolach;

DE BHRÍ, chun tuiscint níos doimhne a fháil ar inathraitheacht atmaisféarach na gcomhábhar atmaisféarach gearrshaolach, go bhfuil gá le heolas ar na próisis chasta a spreagann a n-idirghníomhaíochtaí;

DE BHRÍ go bhfuil gá le rochtain dhaingean ar shonraí breathnóireachta fadtéarmacha a chuirtear ar fáil go beacht agus le clúdach geografach leormhaith le haghaidh eolaíocht an athraithe aeráide agus cháilíocht an aeir;

DE BHRÍ go bhfuil gá le rochtain ar ardáin taighde atá thar a bheith ionstraimithe in atmaisféir nádúrtha agus rialaithe chun feabhas a chur ar eolas agus ar theicneolaíochtaí le haghaidh eolaíocht an athraithe aeráide agus cháilíocht an aeir;

DE BHRÍ go soláthraíonn ACTRIS saineolas uathúil ar mhéadreolaíocht aerasól, néal agus rianghás imoibríoch, i soláthar sonraí a bhaineann le hinathraitheacht na gcomhábhar atmaisféarach gearrshaolach agus sna nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin;

DE BHRÍ go bhfuil gá le táirgí sonraí ACTRIS le haghaidh iomláine chóras faire na Cruinne le haghaidh na haeráide agus cháilíocht an aeir agus go rannchuidíonn siad le réitigh a chur ar fáil ar na héiginnteachtaí i samhlacha chóras na haeráide agus na Cruinne i dtreo réitigh inbhuanaithe a fhorbairt chun freagairt do dhúshláin chomhshaoil;

DE BHRÍ go bhfuil sé beartaithe ag ACTRIS ardú a dhéanamh ar an leibhéal teicneolaíochta a úsáidtear sa bhonneagar taighde dáilte agus ar cháilíocht na seirbhísí a thairgtear do phobal an-leathan úsáideoirí, ina mbeidh comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach rannpháirteach;

DE BHRÍ go gcuireann ACTRIS oiliúint oibreoirí agus úsáideoirí chun cinn freisin agus go bhfeabhsaíonn sé an nasc idir taighde, oideachas agus nuálaíocht i réimse na heolaíochta atmaisféaraí agus aeráide;

DÁ BHRÍ SIN

tá na comhaltaí agus na breathnóirí a liostaítear in Iarscríbhinn I

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

CAIBIDIL 1

GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA

Airteagal 1

Ainm

Bunaítear Bonneagar Taighde Aerasóil, Néal agus Rianghás (ACTRIS) mar Chuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) faoi Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, ar a dtugtar “ACTRIS ERIC”.

Airteagal 2

Cúraimí agus gníomhaíochtaí

1.   Is é an sprioc atá ag ACTRIS tacair sonraí chomhtháite ardcháilíochta a tháirgeadh i réimse na n-eolaíochtaí atmaisféaracha agus seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear rochtain ar ardáin ionstraimithe, atá curtha in oiriúint d’úsáid eolaíoch agus theicneolaíoch.

2.   Is é príomhchúram ACTRIS ERIC an bonneagar taighde dáilte a bhunú agus a oibriú agus comhordú a dhéanamh ar fhorbairt straitéiseach agus airgeadais agus oibriú fadtéarmach ACTRIS.

3.   Agus a phríomhchúram á shaothrú aige, agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna Reachtanna seo, déanfaidh ACTRIS ERIC na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

comhordú agus faireachán a dhéanamh ar sholáthar leormhaith sonraí ó na Saoráidí Náisiúnta;

(b)

comhordú agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ag na Saoráidí Lárnacha agus ar a straitéisí forbartha seirbhíse;

(c)

rochtain oscailte thráthúil ar shonraí agus ar tháirgí sonraí ACTRIS a áirithiú tríd an Lárionad Sonraí;

(d)

rochtain fhisiciúil agus chianda ar na Lárionaid Théamacha, ar an Lárionad Sonraí agus ar Shaoráidí Náisiúnta a oibriú.

4.   Féadfaidh ACTRIS ERIC na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh freisin:

(a)

ACTRIS a chur chun cinn do phobail eolaíochta, don earnáil phríobháideach agus don phobal i gcoitinne;

(b)

forbairtí sochaíocha agus teicneolaíocha a bhaineann leis an gcúram agus leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 2(2) (3) de na Reachtanna a chur chun feidhme;

(c)

gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt le grúpaí úsáideoirí, lena n-áirítear an tionscal;

(d)

aistriú eolais chuig an tionscal, chuig an tsochaí agus chuig lucht ceaptha beartas a chur chun cinn;

(e)

cur chun feidhme ACTRIS a chomhchuibhiú le tosaíochtaí agus straitéisí náisiúnta;

(f)

acmhainní ACTRIS a chur chun cinn chun críoch oideachais agus oiliúna;

(g)

comhoibriú agus idiroibriú le bonneagair thaighde eile i réimsí gaolmhara agus comhlántacha;

(h)

oiliúint, for-rochtain agus comhar idirnáisiúnta a chothú;

(i)

páirt a ghlacadh mar chomhpháirtí cistithe nó mar chomhpháirtí cistiúcháin i ngníomhaíochtaí taighde eolaíochta atá ábhartha dá chúram; agus

(j)

aon ghníomhaíocht ghaolmhar eile is gá chun a chúram a bhaint amach.

5.   Saothróidh ACTRIS ERIC a phríomhchúram ar bhonn neamheacnamaíoch. Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, féadfaidh ACTRIS ERIC gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil dlúthbhaint acu lena phríomhchúram agus nach gcuireann siad baint amach na ngníomhaíochtaí sin i mbaol. Déanfaidh ACTRIS ERIC costais agus ioncaim na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a thaifeadadh ar leithligh, agus gearrfaidh sé praghsanna margaidh orthu, nó, mura féidir iad sin a fháil amach, costais iomlána móide corrlach réasúnach. Aon ioncam a ghintear leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta sin, úsáidfidh ACTRIS ERIC é chun a chúram a fheabhsú agus a neartú.

Airteagal 3

Suíomh agus oifig chláraithe

1.   Bonneagar taighde dáilte a bheidh in ACTRIS ERIC a mbeidh oifig chláraithe aige i Heilsincí na Fionlainne, agus in aonaid Cheannoifige atá lonnaithe san Fhionlainn agus san Iodáil.

2.   Áireofar sa bhonneagar taighde dáilte Lárionad Sonraí, Lárionaid Théamacha agus Saoráidí Náisiúnta atá lonnaithe i dtíortha éagsúla. Beidh an Lárionad Sonraí, na Lárionaid Théamacha agus na Saoráidí Náisiúnta nasctha le ACTRIS ERIC trí chomhaontuithe arna ndéanamh leis na heagraíochtaí a bhfuil na saoráidí á n-óstáil acu.

Airteagal 4

Fad tréimhse agus foirceannadh

1.   Bunófar ACTRIS ERIC ar feadh tréimhse éiginnte, gan dochar do na forálacha maidir le foirceannadh ERIC.

2.   Is é an Comhthionól Ginearálta a chinnfidh foirceannadh ACTRIS ERIC i gcomhréir le hAirteagal 18(8) de na Reachtanna.

3.   Déanfar sócmhainní a bheidh fágtha tar éis fiacha ACTRIS ERIC a íoc a chionroinnt i measc na gcomhaltaí, na mbreathnóirí buana agus na mbreathnóirí i gcomhréir lena ranníocaíocht bhliantúil faoi seach le ACTRIS ERIC, mura gcomhaontóidh an Comhthionól Ginearálta a mhalairt.

4.   Gan moill mhíchuí tar éis ghlacadh an chinnidh maidir le foirceannadh, agus in aon chás laistigh de 10 lá tar éis an ghlactha sin, tabharfaidh ACTRIS ERIC fógra don Choimisiún Eorpach ina leith sin. Gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 10 lá ó dhúnadh an nós imeachta foirceanta, tabharfaidh ACTRIS ERIC fógra don Choimisiún Eorpach ina leith sin.

5.   Tiocfaidh deireadh le ACTRIS ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Dliteanas agus árachas

1.   Beidh ACTRIS ERIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach.

2.   Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí, na mbreathnóirí buana agus na mbreathnóirí i leith fhiacha ACTRIS ERIC teoranta dá ranníocaíochtaí bliantúla arna soláthar do ACTRIS ERIC.

3.   Gheobhaidh ACTRIS ERIC árachas iomchuí chun na rioscaí atá sonrach do cheapadh agus d’oibriú ACTRIS ERIC a chumhdach.

Airteagal 6

Beartas rochtana d’úsáideoirí

1.   Soláthróidh ACTRIS ERIC rochtain éifeachtach ar shonraí, ar uirlisí agus ar sheirbhísí. Cuirfear tosaíocht neamh-idirdhealaitheach i bhfeidhm bunaithe ar fhiúntas eolaíoch, indéantacht theicniúil agus/nó critéir ábhartha eile a bhaineann le sprioc ACTRIS.

2.   Beidh rochtain bunaithe ar phrionsabail rochtana oscailte de réir na gcritéar, na nósanna imeachta agus na rialacha mionsonraithe a leagtar amach i mbeartas sonraí ACTRIS ERIC agus i ndoiciméid bheartais rochtana agus seirbhíse arna bhformheas ag an gComhthionól Ginearálta. Cuirfear nósanna imeachta agus critéir mheastóireachta ar fáil go poiblí ar thairseach gréasáin ACTRIS ERIC. Soláthróidh ACTRIS ERIC treoraíocht d’úsáideoirí lena n-áirítear trína thairseach gréasáin chun rochtain ar shonraí, uirlisí agus seirbhísí a éascú.

Airteagal 7

Beartas um meastóireacht

Déanfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch agus Nuálaíochta meastóireacht bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ACTRIS ERIC. Ina theannta sin, meastóirí seachtracha neamhspleácha nach féidir a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Comhairleach Eolaíoch agus Nuálaíochta, arna gceapadh ag an gComhthionól Ginearálta agus a thuairiscíonn don Chomhthionól Ginearálta, a dhéanfaidh meastóireacht ar sheirbhísí, oibríochtaí agus bainistiú ACTRIS gach 5 bliana ar a laghad.

Airteagal 8

Beartas um scaipeadh

1.   Cuirfidh ACTRIS ERIC eolaíocht oscailte agus nuálaíocht chun cinn agus spreagfaidh sé úsáideoirí chun a dtorthaí a chur ar fáil go poiblí. Déanfar úsáid sonraí, seirbhísí agus bonneagair ACTRIS a aithint i bhfoilseacháin agus in aon doiciméad eile. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil i rialacha inmheánacha ACTRIS ERIC.

2.   Úsáidfidh ACTRIS ERIC bealaí éagsúla chun dul i dteagmháil leis an spriocphobal, lena n-áirítear tairseach gréasáin, na meáin shóisialta, nuachtlitreacha, ceardlanna, rannpháirtíocht i gcomhdhálacha, ailt in irisí agus nuachtáin laethúla.

Airteagal 9

Beartas um chearta maoine intleachtúla

1.   Faoi réir théarmaí aon chonartha idir ACTRIS ERIC agus na húsáideoirí, beidh cearta maoine intleachtúla arna gcruthú ag úsáideoirí ACTRIS ERIC faoi úinéireacht na n-úsáideoirí sin.

2.   Sonraí ACTRIS, chomh maith le cearta maoine intleachtúla agus eolas eile a tháirgtear agus a fhorbraítear laistigh de ACTRIS, beidh siad faoi úinéireacht an eintitis nó an duine a ghineann iad. Déanfaidh na soláthraithe sonraí úsáid sonraí ACTRIS a dheonú do ACTRIS ERIC i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mbeartas sonraí ACTRIS agus i ndoiciméid bheartais rochtana agus seirbhíse.

3.   Beidh sonraí ACTRIS ar fáil de réir phrionsabail na heolaíochta oscailte agus na rochtana oscailte a leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe i rialacha inmheánacha.

Airteagal 10

Beartas um fhostaíocht

1.   Déanfar beartas ACTRIS ERIC um fhostaíocht a rialú le dlíthe na tíre ina bhfuil an fhoireann fostaithe.

2.   Beidh na nósanna imeachta roghnúcháin, earcaíocht agus fostaíocht do ACTRIS ERIC trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus urramófar leo comhionannas deiseanna. Leagfar amach rialacha mionsonraithe maidir le hearcú foirne i rialacha inmheánacha.

Airteagal 11

Beartas um sholáthar

Caithfidh ACTRIS ERIC le hiarrthóirí agus le tairiscintí ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú, bíodh siad bunaithe laistigh den Aontas nó ná bíodh. Le beartas ACTRIS ERIC um sholáthar urramófar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hiomaíochta. Sna rialacha inmheánacha a leagfar amach rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta soláthair agus critéir sholáthair.

CAIBIDIL 2

COMHALTAS AGUS BREATHNADÓIREACHT

Airteagal 12

Comhaltaí, breathnóirí buana, breathnóirí agus eintitis a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu

1.   Féadfaidh na heintitis seo a leanas a bheith ina gcomhaltaí de ACTRIS ERIC a mbeidh cearta vótála acu nó féadfaidh siad a bheith ina mbreathnóirí buana nó ina mbreathnóirí gan cearta vótála ACTRIS ERIC:

(a)

Ballstáit an Aontais Eorpaigh;

(b)

Tíortha comhlachaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(c) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009’;

(c)

Tríú tíortha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(b) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, seachas tíortha comhlachaithe;

(d)

eagraíochtaí idir-rialtasacha.

2.   Leagtar amach in Airteagal 13 na coinníollacha maidir le bheith ina chomhalta, ina bhreathnóir buan nó ina bhreathnóir. Ní mór Ballstát amháin ar a laghad den Aontas Eorpach agus dhá thír eile ar a laghad, ar Ballstáit nó tíortha comhlachaithe iad, a bheith san áireamh i gcomhaltaí ACTRIS ERIC.

3.   Cibé na cúinsí, beidh tromlach na gceart vótála sa Chomhthionól Ginearálta ag na Ballstáit agus ag na tíortha comhlachaithe go comhpháirteach. Áiritheoidh an Comhthionól Ginearálta go gcomhlíonfaidh ACTRIS ERIC an ceanglas sin i gcónaí.

4.   Féadfaidh eintiteas poiblí amháin nó níos mó, lena n-áirítear réigiúin nó eintitis phríobháideacha a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann aon chomhalta, breathnóra bhuain nó breathnóra dá dtagraítear i míreanna 12(1) (a) go (c) sa Chomhthionól Ginearálta, ar comhalta nó breathnóir é a roghnóidh an t-eintiteas as féin agus a cheapfar i gcomhréir lena rialacha agus nósanna imeachta féin. Cuirfidh na comhaltaí, na breathnóirí buana nó na breathnóirí sin Cathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta ar an eolas faoi aon athrú ar an eintiteas a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige, faoi fhoirceannadh a shainordaithe, nó faoi aon athrú ar na cearta agus oibleagáidí sonracha arna dtarmligean chuig an eintiteas a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige.

5.   Liostaítear comhaltaí, breathnóirí buana agus breathnóirí ACTRIS ERIC agus a n-eintitis a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu in Iarscríbhinn I. Is é cathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta, nó aon duine a bheidh údaraithe ag an gcathaoirleach, a choinneoidh Iarscríbhinn I cothrom le dáta.

6.   I gcásanna ina measann ACTRIS ERIC go bhfuil sé tairbhiúil, féadfaidh sé comhaontú a dhéanamh freisin le tríú páirtithe, mar shampla tíortha nach féidir leo a bheith ina gcomhalta, ina mbreathnóir buan nó ina bhreathnóir ar ERIC.

Airteagal 13

Coinníollacha maidir le bheith ina chomhalta, ina bhreathnóir buan nó ina bhreathnóir

1.   Na heintitis a shínigh an iarraidh oifigiúil ACTRIS ERIC a chur ar bun, beidh siad ina gcomhaltaí nó ina mbreathnóirí trí chinneadh an Choimisiúin ACTRIS ERIC a chur ar bun i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 723/2009.

2.   Faoi réir Airteagal 13(1), eintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) atá toilteanach a bheith ina gcomhaltaí de ACTRIS ERIC, cuirfidh siad iarratas i scríbhinn faoi bhráid Chathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta. Tabharfar tuairisc san iarratas sin ar an gcaoi a rannchuideoidh an t-eintiteas le cúraimí agus gníomhaíochtaí ACTRIS ERIC a thuairiscítear in Airteagal 2 agus ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 15.

3.   Faoi réir Airteagal 13(1), eintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) atá toilteanach rannchuidiú le ACTRIS ERIC ach nach bhfuil in ann a bheith ina gcomhaltaí, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar bheith ina bhreathnóir buan nó ina bhreathnóir. Cuirfidh iarratasóirí iarratas i scríbhinn faoi bhráid chathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta. Tabharfar tuairisc san iarratas sin ar an gcaoi a rannchuideoidh an t-iarratasóir le cúraimí agus gníomhaíochtaí ACTRIS ERIC a thuairiscítear in Airteagal 2 agus ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 16.

Airteagal 14

Comhalta, breathnóir buan nó breathnóir a tharraingt siar agus comhaltas nó breathnadóireacht a fhoirceannadh

1.   Ní tharraingeoidh comhalta nó breathnóir buan siar le linn na chéad 5 bliana de ACTRIS ERIC.

2.   Tar éis na chéad 5 bliana de bhunú ACTRIS ERIC féadfaidh comhalta nó breathnóir buan tarraingt siar ag deireadh bliana airgeadais, ar choinníoll go dtabharfaidh sé fógra faoina tharraingt siar trí iarraidh oifigiúil a sheoladh 6 mhí roimh ré chuig cathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta.

3.   Féadfaidh breathnóir tarraingt siar ag deireadh bliana airgeadais, ar choinníoll go dtabharfaidh sé fógra faoina tharraingt siar trí iarraidh oifigiúil a sheoladh 6 mhí roimh ré chuig cathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta.

4.   Comhlíonfaidh comhaltaí, breathnóirí buana agus breathnóirí na hoibleagáidí airgeadais agus na hoibleagáidí eile go léir sula dtiocfaidh a dtarraingt siar i bhfeidhm.

5.   Féadfaidh an Comhthionól Ginearálta comhaltas nó breathnadóireacht a fhoirceannadh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déanann comhalta, breathnóir buan nó breathnóir sárú tromchúiseach ar cheann amháin nó níos mó dá oibleagáidí faoi na reachtanna seo;

(b)

níor éirigh le comhalta, breathnóir buan nó breathnóir an sárú sin a leigheas laistigh de 6 mhí tar éis dó fógra i scríbhinn a fháil faoin sárú ó chathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta.

6.   Beidh sé de cheart ag an gcomhalta, ag an mbreathnóir buan nó ag an mbreathnóir dá dtagraítear in Airteagal 14(5) thuas a sheasamh a mhíniú don Chomhthionól Ginearálta sula ndéanfaidh an Comhthionól Ginearálta aon chinneadh maidir leis an tsaincheist.

7.   An comhalta, an breathnóir buan nó an breathnóir a tharraingeoidh siar nó ar foirceannadh a chomhaltas nó a bhreathnóireacht, ní bheidh sé de cheart aige aon ranníocaíocht a rinneadh a aiseag ná a aisíoc.

8.   Gan dochar d’Airteagal 14(1) – 14(3), féadfaidh comhaltaí, breathnóirí buana agus breathnóirí ar tríú tíortha iad, seachas tíortha comhlachaithe nó eagraíochtaí idir-rialtasacha, tarraingt siar ó ACTRIS ERIC tar éis athruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle a dhéanfadh difear ábhartha dá gcearta agus dá n-oibleagáidí i ndáil le ACTRIS ERIC. Meastar go bhfuil athruithe den sórt sin ábhartha i gcás ina mbeidh táillí méadaithe i gceist leo (lena n-áirítear ranníocaíochtaí bliantúla), i gcás ina leasóidh siad scaireanna vótála, i gcás ina bhforchuirfidh siad ceanglais atá contrártha leis na dlíthe is infheidhme de réir Airteagal 31 de na reachtanna seo, i gcás ina mbainfidh siad an ceart ionadaíocht a fháil sa Chomhthionól Ginearálta nó i gcomhlachtaí eile arna mbunú le ACTRIS ERIC, nó i gcás ina n-athróidh siad a gcearta a bhaineann le hionadaíocht nó le húsáid sheirbhísí agus shaoráidí ACTRIS.

Déanfar na dliteanais agus na héifeachtaí a bheidh ag tarraingt siar ó ACTRIS ERIC a chinneadh ar dtús i gcomhréir le hAirteagal 14(4), faoi réir vóta d’aon toil ag an gComhthionól Ginearálta.

D’ainneoin Airteagal 14(1) – 14(3), déanfaidh an comhalta agus an breathnóir buan dá ndéantar difear (laistigh de 6 mhí tar éis an athraithe ábhartha ar Rialacháin ERIC) fógra 3 mhí ar a laghad a thabhairt don Chomhthionól Ginearálta faoina tharraingt siar, a thiocfaidh i bhfeidhm tráth ar bith tar éis 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na reachtanna seo.

D’ainneoin Airteagal 14(1) – 14(3), déanfaidh an breathnóir a ndéantar difear dó (laistigh de 6 mhí ón athrú ábhartha ar Rialacháin ERIC) fógra 3 mhí ar a laghad a thabhairt don Chomhthionól Ginearálta maidir lena tharraingt siar.

CAIBIDIL 3

CEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ COMHALTAÍ AGUS BREATHNÓIRÍ

Airteagal 15

Comhaltaí

1.   Gan dochar do na cearta eile a leagtar amach sna reachtanna seo, sna beartais inmheánacha sin nó sna dlíthe is infheidhme, tá sé de cheart ag gach comhalta:

(a)

páirt a ghlacadh sa Chomhthionól Ginearálta agus vótáil ann;

(b)

páirt a ghlacadh in imeachtaí agus i ngníomhaíochtaí ACTRIS ERIC;

(c)

rochtain a bheith aige ar thacaíocht ó ACTRIS ERIC agus ó Lárionaid Théamacha an bhonneagair taighde dáilte dá Shaoráidí Náisiúnta;

(d)

eintitis a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(e)

vótáil agus a bheith tofa do chomhlachtaí rialachais ACTRIS ERIC trína thoscairí sa Chomhthionól Ginearálta;

(f)

aonad Saoráide Lárnaí a óstáil, agus Saoráid Lárnach a stiúradh;

(g)

earraí agus seirbhísí a cheannach atá le soláthar comhchineáil le haghaidh úsáid oifigiúil agus eisiach ACTRIS ERIC, ar le haghaidh gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha ACTRIS ERIC amháin iad (agus a dtugtar cuntas orthu mar sin i gcuntais ACTRIS ERIC).

2.   Déanfaidh gach Comhalta an méid seo a leanas:

(a)

an ranníocaíocht bhliantúil a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 26;

(b)

an t-údarás iomlán a thabhairt dá ionadaithe chun vóta a chaitheamh ar na saincheisteanna uile a tharraingítear anuas le linn cruinniú den Chomhthionól Ginearálta;

(c)

gealltanas a thabhairt cúraimí agus gníomhaíochtaí ACTRIS ERIC a bhaint amach mar a shainmhínítear in Airteagal 2;

(d)

glacadh chaighdeáin ACTRIS a spreagadh laistigh dá chomhphobail eolaíocha náisiúnta ACTRIS;

(e)

Saoráidí Náisiúnta a reáchtáil atá ar chaighdeán sách ard chun seirbhísí a sholáthar do ACTRIS.

Airteagal 16

Breathnóirí buana agus breathnóirí

1.   Áireofar le cearta na mbreathnóirí:

(a)

freastal ar an gComhthionól Ginearálta gan vóta a bheith acu;

(b)

páirt a ghlacadh in imeachtaí agus i ngníomhaíochtaí ACTRIS ERIC;

(c)

rochtain a bheith acu ar thacaíocht ó ACTRIS ERIC agus ó Lárionaid Théamacha an bhonneagair taighde dáilte dá Shaoráidí Náisiúnta;

(d)

eintitis a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 12.

2.   Déanfaidh gach breathnóir an méid seo a leanas:

(a)

an ranníocaíocht bhliantúil a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 26;

(b)

gealltanas a thabhairt cúraimí agus gníomhaíochtaí ACTRIS ERIC a bhaint amach mar a shainmhínítear in Airteagal 2;

(c)

glacadh chaighdeáin ACTRIS a spreagadh laistigh dá chomhphobail eolaíocha náisiúnta ACTRIS;

(d)

an bonneagar teicniúil is gá a sholáthar chun rochtain a cheadú.

3.   Ligfear isteach breathnóir ar feadh 3 bliana ar a mhéad agus féadfar dhá shíneadh de bhliain amháin a chur leis ar bhonn fhormheas an Chomhthionóil Ghinearálta.

4.   Féadfar stádas breathnóra buan, ar bhonn fhormheas an Chomhthionóil Ghinearálta, a thabhairt do bhreathnóir a mheasann a mbeidh rannpháirtíocht fhadtéarmach aige sa chuibhreannas ach nach bhfuil in ann a bheith ina chomhalta. Tá na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag breathnóirí buana agus atá ag comhaltaí mar a luaitear in Airteagal 15(1), Airteagal 15(2) agus Airteagal 26, ach amháin an ceart chun vóta a chaitheamh ag an gComhthionól Ginearálta.

Airteagal 17

Cearta comhaltaí, breathnóirí agus breathnóirí buana a chur ar fionraí

1.   Má bhíonn ranníocaíochtaí le híoc ag comhalta de réir Airteagal 26 arb ionann iad agus méid na ranníocaíochtaí a bheidh dlite ón gcomhalta sin don bhliain roimhe sin nó ar mó iad ná méid na ranníocaíochtaí sin, cuirfear a chearta vótála sa Chomhthionól Ginearálta ar fionraí go huathoibríoch go dtí go n-íocfar ranníocaíochtaí.

2.   Má bhíonn ranníocaíochtaí le híoc ag breathnóir nó breathnóir buan i gcomhréir le hAirteagal 26 arb ionann iad agus méid na ranníocaíochtaí a bheidh dlite ón mbreathnóir nó ón mbreathnóir buan sin don bhliain roimhe sin nó ar mó iad ná méid na ranníocaíochtaí sin, cuirfear a cheart chun freastal ar chruinnithe an Chomhthionóil Ghinearálta ar fionraí go huathoibríoch go dtí go n-íocfar ranníocaíochtaí.

CAIBIDIL 4

RIALACHAS

Airteagal 18

Comhthionól Ginearálta

1.   Is é a bheidh sa Chomhthionól Ginearálta comhlacht rialaithe ACTRIS ERIC agus is toscairí de chomhaltaí, breathnóirí buana nó breathnóirí a bheidh ann. Déanfaidh suas le beirt toscairí ionadaíocht thar ceann gach comhalta, breathnóra buan nó breathnóra. Is comhalta, breathnóir buan nó breathnóir a cheapfaidh na toscairí. Tiocfaidh an Comhthionól Ginearálta le chéile uair sa bhliain ar a laghad agus beidh sé freagrach as treo foriomlán agus maoirseacht fhoriomlán ACTRIS ERIC. Toghfaidh an Comhthionól Ginearálta cathaoirleach agus leaschathaoirleach go ceann tréimhse 2 bhliain, a fhéadfar a athnuachan faoi dhó. Cuirfidh gach comhalta, breathnóir buan nó breathnóir cathaoirleach an Chomhthionóil Ghinearálta ar an eolas i scríbhinn gan aon mhoill mhíchuí faoi aon cheapachán nó foirceannadh ceapacháin a thoscairí. Féadfaidh suas le beirt saineolaithe a bheith i dteannta na dtoscairí agus gan d’aidhm acu ach comhairle a thabhairt do thoscairí. Ní chuirfidh saineolaithe tuairimí in iúl le linn cruinnithe mura n-iarrfaidh an cathaoirleach orthu é sin a dhéanamh. Glacfaidh an Comhthionól Ginearálta a rialacha inmheánacha féin.

2.   Beidh vóta amháin ag gach comhalta a fhorlíonfar le vóta breise amháin do chomhalta a ranníocann le Saoráid Lárnach ACTRIS amháin ar a laghad agus le vóta amháin eile dóibh siúd a ranníocann le níos mó ná trí Shaoráid Lárnacha éagsúla de chuid ACTRIS. Freastalóidh breathnóirí buana agus breathnóirí ar chruinnithe an Chomhthionóil Ghinearálta ach ní bheidh ceart vótála acu.

3.   Is é an cathaoirleach a dhéanfaidh an Comhthionól Ginearálta a thionól agus a bheidh ina chathaoirleach air. Má bhíonn an cathaoirleach as láthair, is é an leaschathaoirleach a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gComhthionól Ginearálta.

4.   Tionólfar cruinniú urghnách den Chomhthionól Ginearálta má iarrann aon trian de na comhaltaí é.

5.   Féadfaidh comhalta ionadaíocht a dhéanamh ar chomhalta amháin eile ar a mhéad. Déanfaidh an comhalta a bhfuil ionadaíocht á déanamh air an cathaoirleach a chur ar an eolas i scríbhinn roimh aon chruinniú den Chomhthionól Ginearálta.

6.   Is féidir cinntí a dhéanamh freisin trí nós imeachta i scríbhinn. Leagtar síos téarmaí an nós imeachta i scríbhinn sna rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an gComhthionól Ginearálta.

7.   Beidh córam de dhá thrian de na comhaltaí agus de na vótaí ag teastáil chun go mbeidh cruinniú bailí. Mura mbainfear an córam amach, tionólfar cruinniú eile a luaithe is féidir tar éis cuireadh nua a scaipeadh, agus beidh an clár oibre céanna ann. Sa dara cruinniú, measfar gur comhlíonadh an córam má bhíonn 50 % de na comhaltaí agus de na vótaí i láthair.

8.   Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta an méid seo a leanas go háirithe:

 

Cinneadh a dhéanamh trí vóta d’aon toil ó na comhaltaí a bheidh i láthair ag an gcruinniú maidir le reachtanna ACTRIS ERIC a leasú.

 

Faoi réir Airteagal 26(2), is gá (a) tromlach 2/3 de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus (b) tromlach 60 % de na ranníocaíochtaí bliantúla Comhaltais arna n-íoc don bhliain airgeadais iomlán is déanaí a bheith ann i gcás cinntí faoi na nithe seo a leanas:

(a)

plean airgeadais ACTRIS ERIC a fhormheas;

(b)

rialacha airgeadais inmheánacha a fhormheas.

 

Faoi réir Airteagal 26(2), ní mór tromlach 2/3 de na comhaltaí a bheidh i láthair ag an gcruinniú a bheith ann chun cinntí a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

formheas na bpleananna oibre bliantúla agus an bhuiséid;

(b)

formheas rialacha inmheánacha seachas rialacha airgeadais inmheánacha;

(c)

rannchuidithe na gcomhaltaí agus na mbreathnóirí buana;

(d)

leachtú toilteanach agus foirceannadh ACTRIS ERIC.

(e)

formheas na gcuntas bliantúil agus na tuarascála ar ghníomhaíochtaí roimhe seo;

(f)

ceapadh an chathaoirligh agus an leaschathaoirligh;

(g)

ceapadh agus dífhostú an Ard-Stiúrthóra;

(h)

formheas comhaltaí, breathnóirí buana agus breathnóirí nua agus athnuachan breathnadóireachta;

(i)

foirceannadh comhaltais nó breathnadóireachta ag an gComhthionól Ginearálta, seachas vóta an chomhalta lena mbaineann;

(j)

bunú agus foirceannadh comhlachtaí comhairleacha breise, nach bhfuil á rialú ag na reachtanna seo, mar aon le coistí agus meithleacha.

 

Cinneadh trí thromlach simplí:

 

Aon ábhar eile.

Airteagal 19

Ard-Stiúrthóir

1.   Ceapfaidh an Comhthionól Ginearálta an tArd-Stiúrthóir de réir nós imeachta arna ghlacadh ag an gComhthionól Ginearálta. Fostóidh ACTRIS ERIC an tArd-Stiúrthóir. Is é an tArd-Stiúrthóir ionadaí dlíthiúil ACTRIS ERIC. Beidh an tArd-Stiúrthóir freagrach as cinntí an Chomhthionóil Ghinearálta a chur chun feidhme agus áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh forbairt eolaíoch agus straitéiseach ACTRIS na hionchais maidir le tionchar socheacnamaíoch, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht. Rannchuideoidh an tArd-Stiúrthóir go gníomhach le tógáil pobail agus le caidreamh seachtrach agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chothú chomh maith le maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ACTRIS. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir ionadaíocht ar ACTRIS ERIC in aon dlíthíocht.

2.   5 bliana a bheidh i dtéarma an Ard-Stiúrthóra. Féadfaidh an Comhthionól Ginearálta an téarma a athnuachan uair amháin.

3.   Beidh an tArd-Stiúrthóir lonnaithe ag oifig chláraithe ACTRIS ERIC agus beidh sé freagrach as foireann agus gníomhaíochtaí ACTRIS ERIC a bhainistiú i gcomhréir le buiséad ACTRIS ERIC agus rialacha inmheánacha.

Airteagal 20

Ceannoifig

Is í an Cheannoifig mol lárnach ACTRIS, agus déanfaidh sí oibríochtaí ACTRIS a chomhordú agus seirbhísí ACTRIS a chumasú. Tacaíonn an Cheannoifig le hobair an Chomhthionóil Ghinearálta, agus le comhlachtaí comhairleacha agus coistí ACTRIS ERIC.

Airteagal 21

Bord Comhairleach Eolaíoch agus Nuálaíochta

1.   Bunóidh an Comhthionól Ginearálta Bord Comhairleach Eolaíoch agus Nuálaíochta neamhspleách seachtrach. Is é an Comhthionól Ginearálta a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch agus Nuálaíochta.

2.   Déanfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch agus Nuálaíochta an méid seo a leanas:

(a)

Faireachán a dhéanamh ar cháilíocht eolaíoch agus oibríochtúil ACTRIS ERIC agus na ngníomhaíochtaí bonneagair taighde dáilte;

(b)

Aiseolas a thabhairt agus moltaí a dhéanamh chun ACTRIS ERIC agus na gníomhaíochtaí bonneagair taighde dáilte a fhorbairt;

(c)

Teacht le chéile agus moltaí a thabhairt don Chomhthionól Ginearálta uair sa bhliain ar a laghad.

Airteagal 22

Bord Comhairleach Eitice

1.   Bunóidh an Comhthionól Ginearálta Bord Comhairleach Eitice neamhspleách seachtrach. Is é an Comhthionól Ginearálta a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Eitice.

2.   Déanfaidh an Bord Comhairleach Eitice an méid seo a leanas:

(a)

Aiseolas a thabhairt agus moltaí a dhéanamh chun gnéithe eiticiúla ACTRIS ERIC agus na gníomhaíochtaí bonneagair taighde dáilte a fhorbairt;

(b)

Teacht le chéile agus moltaí a thabhairt nuair is gá don Chomhthionól Ginearálta agus don Ard-Stiúrthóir.

Airteagal 23

Coiste Airgeadais

1.   Bunóidh an Comhthionól Ginearálta Coiste Airgeadais agus ceapfaidh sé a chomhaltaí.

2.   Déanfaidh an Coiste Airgeadais an méid seo a leanas:

(a)

Tacú leis an gComhthionól Ginearálta maidir le hábhair a bhaineann le pleanáil airgeadais a bhainistiú;

(b)

Teacht le chéile agus a moltaí a chur in iúl don Chomhthionól Ginearálta nuair is gá.

3.   Glacfaidh an Coiste Airgeadais a rialacha nós imeachta féin agus déanfaidh an Comhthionól Ginearálta iad a fhormheas.

Airteagal 24

Comhlachtaí, coistí agus meithleacha eile

Is féidir le ACTRIS ERIC comhlachtaí, coistí agus meithleacha breise a bhunú, má mheastar gur gá, agus a sannadh agus a sainordú a shainiú.

CAIBIDIL 5

AIRGEADAS AGUS RANNÍOCAÍOCHTAÍ

Airteagal 25

Acmhainní airgeadais

Áireofar an méid seo a leanas in acmhainní ACTRIS:

(a)

ranníocaíochtaí comhaltaí, breathnóirí buana agus breathnóirí de réir Airteagal 26 agus Iarscríbhinn II;

(b)

deontais agus tabhartais; agus

(c)

acmhainní eile laistigh de theorainneacha agus faoi théarmaí arna bhformheas ag an gComhthionól Ginearálta.

Airteagal 26

Ranníocaíochtaí

1.   Déanfar ranníocaíochtaí na gcomhaltaí, na mbreathnóirí buana agus na mbreathnóirí a ríomh i gcomhréir leis na rialacha bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, a mhionsonraítear a thuilleadh i rialacha inmheánacha airgeadais ACTRIS ERIC.

2.   Ní mór aon athrú ar na ranníocaíochtaí a bheith formheasta ag na comhaltaí nó ag na breathnóirí buana a ndéanann an t-athrú difear dóibh sular féidir leis an gComhthionól Ginearálta é a fhormheas.

Airteagal 27

Prionsabail bhuiséadacha, cuntais agus iniúchadh

1.   Tosóidh bliain airgeadais ACTRIS ERIC an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig gach bliain.

2.   Beidh ACTRIS ERIC faoi réir cheanglais dhlí na tíre ina bhfuil a oifig chláraithe a mhéid a bhaineann le cuntais a ullmhú, a chomhdú, a iniúchadh agus a fhoilsiú. Déanfar rialacha níos mionsonraithe a sholáthar i rialacha inmheánacha airgeadais ACTRIS ERIC.

3.   Beidh tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais na bliana airgeadais ag gabháil le cuntais ACTRIS ERIC. Cuirfear tuarascáil bhliantúil agus buiséad bliantúil ar fáil don Chomhthionól Ginearálta.

4.   Is féidir tabhartais, bronntanais agus aon ioncam eile ó chomhaltaí, ó bhreathnóirí buana, ó bhreathnóirí nó ó thríú páirtithe a fháil tar éis don Chomhthionól Ginearálta iad a fhormheas.

Airteagal 28

Díolúintí ó cháin agus ó dhleacht mháil

1.   Díolúintí CBL bunaithe ar Airteagail 143(1)(g) agus 151(1)(b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle agus i gcomhréir le hAirteagail 50 agus 51 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle, cuirfear i bhfeidhm iad maidir le ceannach earraí agus seirbhísí ag ACTRIS ERIC agus ag comhaltaí ERIC, mar a shainmhínítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail le haghaidh Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC), agus de réir bhrí chaibidlí 2 agus 3 de na reachtanna atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag ACTRIS ERIC, ar choinníoll nach ndéantar an ceannach sin ach amháin le haghaidh gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha ACTRIS ERIC. Beidh Díolúintí CBL teoranta do cheannacháin ar mó a luach ná EUR 300.

2.   Díolúintí ó dhleacht mháil bunaithe ar Airteagal 11 de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, beidh siad teoranta do cheannacháin a dhéanfaidh ACTRIS ERIC atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag ACTRIS ERIC, ar choinníoll go ndéanfar ceannachán den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha ACTRIS ERIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí, agus lena n-aghaidh sin amháin, agus gur mó luach an cheannacháin ná EUR 300.

3.   Ní chumhdófar ceannacháin a dhéanfaidh baill foirne leis na díolúintí.

CAIBIDIL 6

ILGHNÉITHEACH

Airteagal 29

Tuairisciú don Choimisiún Eorpach

1.   Cuirfidh ACTRIS ERIC tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ar fáil, ina mbeidh gnéithe eolaíocha, oibríochtúla agus airgeadais dá chuid gníomhaíochtaí go háirithe. Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta an tuarascáil a fhormheas agus tarchuirfear í chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig na húdaráis phoiblí ábhartha laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana airgeadais comhfhreagraí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin ACTRIS ERIC.

2.   Cuirfidh ACTRIS ERIC an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon imthosca a d’fhéadfadh cur i gcrích chúraimí ACTRIS ERIC a chur i mbaol go mór nó bac a chur ar ACTRIS ERIC na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a chomhlíonadh.

Airteagal 30

Teanga oibre

Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ag ACTRIS ERIC.

Airteagal 31

An dlí is infheidhme

Rialófar feidhmiú inmheánach ACTRIS ERIC leis na nithe seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 agus na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a) agus Airteagal 11(1) den Rialachán;

(b)

(b) dlí an stáit ina bhfuil oifig chláraithe ACTRIS-ERIC i gcás nithe nach rialaítear le gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a) nó nach rialaítear ach go páirteach leo; agus

(c)

na Reachtanna agus a rialacha cur chun feidhme.

Airteagal 32

Díospóidí

1.   Féachfaidh comhaltaí, breathnóirí buana agus breathnóirí ACTRIS ERIC le díospóidí a réiteach go cairdiúil.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le dlíthíocht i measc na gcomhaltaí, na mbreathnóirí agus na mbreathnóirí buana i ndáil le ACTRIS ERIC, idir na comhaltaí, breathnóirí agus breathnóirí buana agus ACTRIS ERIC agus maidir le haon dlíthíocht lena bhfuil an tAontas ina pháirtí.

3.   Beidh feidhm ag reachtaíocht an Aontais maidir le dlínse i ndáil le díospóidí idir ACTRIS ERIC agus tríú páirtithe. I gcásanna nach gcumhdaítear le reachtaíocht an Aontais, is faoi dhlí an stáit ina bhfuil oifig chláraithe ACTRIS ERIC a chinnfear an dlínse inniúil chun na díospóidí sin a réiteach.

Airteagal 33

Nuashonruithe agus infhaighteacht reachtanna

Coinneofar na reachtanna cothrom le dáta agus beidh siad ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin ACTRIS ERIC agus ag an oifig chláraithe.

Airteagal 34

Forálacha maidir le bunú

1.   Gairfidh an Stát ina bhfuil oifig chláraithe ACTRIS ERIC an chéad chruinniú den Chomhthionól Ginearálta a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh ón gCoimisiún Eorpach lena mbunaítear ACTRIS ERIC.

2.   Sula dtionólfar an chéad chruinniú agus tráth nach déanaí ná 45 lá féilire tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh ón gCoimisiún Eorpach lena mbunaítear ACTRIS ERIC, tabharfaidh an Stát ábhartha fógra do na comhaltaí agus na breathnóirí bunaidh faoi aon ghníomhaíocht dhlíthiúil phráinneach shonrach is gá a dhéanamh thar ceann ACTRIS ERIC. Mura rud é go ndéanann comhalta bunaidh agóid laistigh de 5 lá oibre tar éis dó an fógra a fháil, déanfaidh duine arna údarú go cuí ag an Stát ábhartha an ghníomhaíocht dhlíthiúil.


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE CHOMHALTAÍ, DE BHREATHNÓIRÍ BUANA, DE BHREATHNÓIRÍ AGUS DÁ nEINTITIS A BHFUIL IONADAÍOCHT Á DÉANAMH ACU

Comhaltaí

Eintitis a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu

Poblacht na hOstaire

An Aireacht Chónaidhme Oideachais, Eolaíochta agus Taighde (Bundesministerium für Bildung, Wissenschaft und Forschung)

Ríocht na Beilge

Service public de programmation Politique scientifique (BELSPO) – Autorité fédérale

Departement Economie, Wetenscap en Innovatie (EWI) – Vlaamse overheid

Service public de Wallonie – Direction Générale opérationelle de l’Economie, de l’Emploi & de la Recherche (EER) – Région wallonne

Poblacht na Bulgáire

An Aireacht Oideachais agus Eolaíochta

Poblacht na Cipire

An Leas-Aireacht Taighde, Nuálaíochta agus Beartais Dhigitigh

Poblacht na Seice

An Aireacht Oideachais, Óige agus Spóirt

Ríocht na Danmhairge

Gníomhaireacht Ardoideachais agus Eolaíochta na Danmhairge

Poblacht na Fionlainne

An Aireacht Oideachais agus Cultúir

An Aireacht Iompair agus Cumarsáide

Poblacht na Fraince

Centre National de la recherche Scientifique (CNRS)

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

An Aireacht Chónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra, Sábháilteachta Núicléiche agus Cosanta Tomhaltóirí

Poblacht na hIodáile

Comhairle Taighde Násiúnta (CNR)

Ríocht na hIorua

Comhairle Taighde na hIorua

Poblacht na Polainne

An Aireacht Oideachais agus Eolaíochta

An Rómáin

Ministerul Cercetării, Inovării și Digitalizării (RO), An Aireacht Taighde, Nuálaíochta agus Digitithe (GA)

Ríocht na Spáinne

An Aireacht Eolaíochta agus Nuálaíochta

Ríocht na Sualainne

Comhairle Taighde na Sualainne (VR)

Breathnóirí

Eintitis a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu

Cónaidhm na hEilvéise

An Oifig Cónaidhme um an gComhshaol (FOEN)


IARSCRÍBHINN II

RANNÍOCAÍOCHTAÍ NA gCOMHALTAÍ, NA mBREATHNÓIRÍ BUANA AGUS NA mBREATHNÓIRÍ LE HAGHAIDH OIBRÍOCHTAÍ

Réamhrá

Eagraítear acmhainní a chur ar fáil do Shaoráidí Náisiúnta ACTRIS ar bhonn náisiúnta, agus ní mheasfar a maoiniú a bheith ina ranníocaíochtaí préimhe an óstaigh nó ranníocaíochtaí comhaltais le ACTRIS ERIC nó ina ranníocaíochtaí an óstaigh leis na Saoráidí Lárnacha nach cuid de ACTRIS ERIC iad.

Na tíortha a bheidh ina n-óstach ar na haonaid Saoráide Lárnaí, beidh siad freagrach as tógáil na n-aonad sin a mhaoiniú, de réir a socruithe náisiúnta.

Déantar oibríochtaí na Saoráidí Lárnacha atá mar chuid de ACTRIS ERIC a chistiú go páirteach trí ranníocaíochtaí préimhe an Óstaigh ó na Tíortha Óstacha agus go páirteach trí ranníocaíochtaí Comhaltais chomhaltaí ACTRIS ERIC, breathnóirí buana agus breathnóirí, mar a thuairiscítear thíos.

Déantar oibríochtaí na Saoráidí Lárnacha nach cuid de ACTRIS ERIC iad a chistiú i bpáirt trí ranníocaíochtaí an Óstaigh ó Thíortha Óstacha na Saoráide Lárnaí agus go páirteach trí ACTRIS ERIC trí na ranníocaíochtaí Comhaltais a ath-leithdháileadh, mar a thuairiscítear thíos.

Déanfar buiséad agus gníomhaíochtaí ACTRIS a choigeartú chun an t-ioncam a mheaitseáil.

Prionsabail na ranníocaíochtaí

1.

Is éard a bheidh i ranníocaíochtaí bliantúla na gComhaltaí agus na mbreathnóirí buana ranníocaíochtaí Comhaltais agus, i gcás inarb infheidhme, ranníocaíochtaí an Óstaigh agus ranníocaíochtaí préimhe an Óstaigh. Is ranníocaíochtaí Comhaltais amháin a bheidh i ranníocaíochtaí bliantúla na mbreathnóirí.

2.

Is é a bheidh i ranníocaíochtaí comhaltais ranníocaíochtaí airgid le ACTRIS ERIC ó na comhaltaí uile, breathnóirí buana agus breathnóirí uile a úsáidfidh ACTRIS ERIC chun rannchuidiú le costais oibríochta bhliantúla na Saoráidí Lárnaí a mhaoiniú.

3.

Is í ranníocaíocht phréimhe an óstaigh an tacaíocht a thugann comhaltaí agus breathnóirí buana ACTRIS ERIC d’fheidhmiú na Saoráidí Lárnacha atá mar chuid de ACTRIS ERIC, atá á n-óstáil ina dtír féin.

4.

Is í ranníocaíocht an óstaigh an tacaíocht a thugann comhaltaí ACTRIS ERIC agus breathnóirí buana d’fheidhmiú Saoráidí Lárnacha nach cuid de ACTRIS ERIC iad, atá á n-óstáil ina dtír féin. Soláthrófar ranníocaíochtaí óstaigh mar a bhunaítear le Prionsabal 6 agus féadfar iad a aistriú go hiomlán nó go páirteach chuig ACTRIS ERIC lena gcur ar aghaidh chuig na hinstitiúidí faoi seach, ina dtír féin.

5.

Aontaítear gur thart ar 70 % de chostais na Saoráide Lárnaí atá i leibhéal ranníocaíochtaí an óstaigh agus ranníocaíochtaí préimhe an óstaigh. Ní féidir le ranníocaíocht uasta óstaigh nó ranníocaíocht phréimhe óstaigh na Saoráidí Lárnacha a bheith níos mó ná 70 % dá bhuiséad bliantúil agus ní bheidh sí níos lú ná 50 %.

6.

Is féidir ranníocaíochtaí an óstaigh agus ranníocaíochtaí préimhe an óstaigh a sholáthar in airgead tirim nó i gcomhchineál. Saineofar rialacha maidir leis na ranníocaíochtaí in airgead tirim agus i gcomhchineáil i rialacha inmheánacha.

7.

Is le ACTRIS ERIC a mhaoineofar cuóta chostais bhliantúla oibríochta gach Saoráide Lárnaí nach gcumhdaítear le ranníocaíocht an Óstaigh ná le ranníocaíocht phréimhe an Óstaigh trí ranníocaíochtaí Comhaltais ó chomhaltaí, breathnóirí buana agus breathnóirí ACTRIS ERIC.

8.

Is in airgead tirim amháin a chuirfear na ranníocaíochtaí Comhaltais ar fáil.

9.

Is in Euro a dhéanfar na ranníocaíochtaí Comhaltais le ACTRIS ERIC.

10.

Tá na ranníocaíochtaí bliantúla Comhaltais le haghaidh breathnóirí buana agus breathnóirí bunaithe ar na prionsabail chéanna le comhaltaí.

11.

Íocfaidh comhaltaí, breathnóirí buana agus breathnóirí a théann isteach in ACTRIS ERIC an ranníocaíocht bhliantúil don bhliain iontrála ar bhonn pro rata, bunaithe ar an mí a chuaigh siad isteach in ACTRISERIC.

12.

Is é an Comhthionól Ginearálta a chinneann na ranníocaíochtaí bliantúla le haghaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha tráth a ghlacann siad lena n-iarratas, mar chomhalta nó mar bhreathnóir.

13.

Is éard atá i ranníocaíochtaí comhaltais:

a)

Tacaíocht ghinearálta chun oibríochtaí na Ceannoifige agus an Lárionaid Sonraí a choinneáil ar bun, don chuid nach gcumhdaítear le ranníocaíochtaí an óstaigh ná le ranníocaíochtaí préimhe an óstaigh.

b)

Tacaíocht oibríochta chun oibríochtaí na Lárionad Téamach a choinneáil ar bun don chuid nach gcumhdaítear le ranníocaíocht an óstaigh ná le ranníocaíocht phréimhe an óstaigh.

Déantar ranníocaíochtaí bliantúla Comhaltais a ríomh i gcomhréir leis an gcothromóid seo a leanas, agus déantar iad a mhionsonrú sna Rialacha Inmheánacha Airgeadais:

An chothromóid don chuid ghinearálta tacaíochta agus oibríochta:

I gcás gach Ballstáit/Breathnóra i (ó 1 go N)

Ranníocaíocht comhaltais (i) = Cuid ghinearálta tacaíochta (i) + Cuid tacaíochta oibríochta (i)

1.

Formula

2.

Formula

I gcás

Giorrúcháin: MC=Ranníocaíochtaí comhaltais, HO=Ceannoifig, DC=Lárionad Sonraí, TC=Lárionad Téamach, OIN=Ollioncam Náisiúnta.

Cuid HO/DC/TC MC = 30 % de chostas oibriúcháin HO/DC/TC

Is é Acmhainn TC an acmhainn uasta arna dearbhú ag an TC, arna sloinneadh mar an t-uaslíon NFanna ar féidir tacaíocht oibríochtúil a sholáthar dóibh

Is é Nr(i,j) líon na Saoráidí Náisiúnta sa tír i (ó 1 go N) a gheobhaidh tacaíocht oibríochtúil ón Lárionad Téamach j (ó 1 go 6).

Na chéad ghealltanais airgeadais 5 bliana

Don chéad tréimhse 5 bliana de ACTRIS ERIC, léirítear an plean táscach d’ioncam agus caiteachas ACTRIS ERIC thíos (Tábla 1).

Don chéad 5 bliana, ríomhtar ranníocaíochtaí Comhaltais, de réir na gcothromóid thuas, bunaithe ar na costais a bhaineann le cur le hoibríochtaí na Saoráidí Lárnacha, agus ar phlean na gcomhaltaí, na mbreathnóirí buana agus na mbreathnóirí chun Saoráidí Náisiúnta a thabhairt isteach in ACTRIS. Déantar ranníocaíochtaí comhaltais a bheidh le híoc ag na comhaltaí, ag breathnóirí buana agus ag breathnóirí a ríomh don chéad tréimhse 5 bliana agus léirítear iad i dTábla 2.

Léirítear ranníocaíochtaí préimhe bliantúla measta an óstaigh le ACTRIS ERIC don chéad tréimhse 5 bliana i dTábla 2. Léirítear ranníocaíochtaí táscacha an óstaigh leis na Saoráidí Lárnacha, nach cuid de ACTRIS ERIC iad, i dTábla 3.

Bliain amháin ar a laghad roimh dheireadh na chéad tréimhse 5 bliana, cuirfidh an Comhthionól Ginearálta tús leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an bplean airgeadais ina dhiaidh sin agus maidir leis na ranníocaíochtaí Comhaltais.

Tábla 1

An plean d’ioncam agus caiteachas ACTRIS ERIC do na chéad 5 bliana

IONCAIM ACTRIS ERIC

2021

2022

2023

2024

2025

Ranníocaíocht comhaltais

1 475 320

2 069 497

2 421 496

2 720 060

3 088 263

Ranníocaíocht phréimhe an óstaigh

889 400

924 400

951 400

993 400

1 067 400

IOMLÁN

2 364 720

2 993 897

3 372 896

3 713 460

4 155 663


CAITEACHAIS ACTRIS ERIC

2021

2022

2023

2024

2025

Ceannoifig

1 158 895

1 209 290

1 241 027

1 302 089

1 402 081

Lárionad Sonraí, cuid ERIC

78 312

78 312

82 312

82 312

86 312

Ranníocaíochtaí comhaltais arna n-athdháileadh chuig na Saoráidí Lárnacha, nach cuid de ACTRIS ERIC iad

1 127 512

1 706 296

2 049 557

2 329 059

2 667 270

IOMLÁN

2 364 720

2 993 897

3 372 896

3 713 460

4 155 663


Tábla 2

Ranníocaíochtaí comhaltais bliantúla measta agus ranníocaíochtaí préimhe bliantúla measta an óstaigh le ACTRIS ERIC don chéad 5 bliana

Tír

Ranníocaíocht

2021

2022

2023

2024

2025

AN OSTAIR

Ranníocaíocht comhaltais

51 000

76 742

83 486

96 865

107 141

AN BHEILG

Ranníocaíocht comhaltais

86 227

110 044

120 199

128 664

140 113

AN BHULGÁIR

Ranníocaíocht comhaltais

48 581

61 336

66 783

72 739

80 954

AN CHIPIR

Ranníocaíocht comhaltais

66 946

78 713

83 726

89 401

96 941

POBLACHT NA SEICE

Ranníocaíocht comhaltais

57 901

83 624

90 523

103 485

113 181

AN DANMHAIRG

Ranníocaíocht comhaltais

43 568

57 853

63 477

70 246

93 649

AN FHIONLAINN

Ranníocaíocht phréimhe an óstaigh, HO

700 000

700 000

700 000

700 000

700 000

Ranníocaíocht phréimhe an óstaigh, DC

7 200

7 200

7 200

7 200

7 200

Ranníocaíocht comhaltais

83 769

109 163

153 669

180 067

211 134

AN FHRAINC

Ranníocaíocht phréimhe an óstaigh, DC

34 500

34 500

34 500

34 500

34 500

Ranníocaíocht comhaltais

210 698

262 706

294 487

315 407

347 968

AN GHEARMÁIN

Ranníocaíocht comhaltais

220 163

360 321

416 454

505 778

605 431

AN IODÁIL

Ranníocaíocht phréimhe an óstaigh, HO

111 000

146 000

169 000

211 000

281 000

Ranníocaíocht phréimhe an óstaigh, DC

13 000

13 000

17 000

17 000

21 000

Ranníocaíocht comhaltais

128 645

248 588

297 000

320 619

344 335

AN IORUA

Ranníocaíocht phréimhe an óstaigh, DC

23 700

23 700

23 700

23 700

23 700

Ranníocaíocht comhaltais

66 247

81 318

87 587

95 014

104 688

AN PHOLAINN

Ranníocaíocht comhaltais

74 690

101 707

121 326

142 714

169 500

AN RÓMÁIN

Ranníocaíocht comhaltais

82 255

99 041

134 294

147 967

158 643

AN SPÁINN

Ranníocaíocht comhaltais

145 271

175 830

190 798

204 847

223 905

AN tSUALAINN

Ranníocaíocht comhaltais

58 425

75 352

123 895

138 371

149 300

AN EILVÉIS

Ranníocaíocht comhaltais

50 935

87 161

93 793

107 876

141 380

Iomlán na ranníocaíochta comhaltais

1 475 320

2 069 497

2 421 496

2 720 060

3 088 263

Iomlán ranníocaíocht phréimhe an óstaigh

889 400

924 400

951 400

993 400

1 067 400


Tábla 3

Ranníocaíochtaí bliantúla luaite an óstaigh, le cur chun feidhme agus le gníomhaíochtaí oibríochtúla na Saoráidí Lárnacha nach cuid de ACTRIS ERIC iad (cuid neamh-ERIC den Lárionad Sonraí agus de Lárionaid Téamacha). Ní cuid d’ioncam agus caiteachas ACTRIS ERIC iad ranníocaíochtaí an óstaigh sin arna léiriú i dTábla 1

Tír

Ranníocaíocht le

2021

2022

2023

2024

2025

AN OSTAIR

CIS, CREGARS

437 000

520 000

402 000

432 000

319 000

AN BHEILG

CREGARS

651 000

731 000

580 000

561 000

527 000

POBLACHT NA SEICE

CAIS-ECAC

115 000

102 000

106 000

106 000

95 000

AN FHIONLAINN

DC, CAIS-ECAC, CCRES, CiGas

1 714 000

788 000

772 000

802 000

833 000

AN FHRAINC

DC, CAIS-ECAC, CARS, CCRES, CiGas, CREGARS

2 644 000

2 261 000

2 430 000

2 144 000

1 915 000

AN GHEARMÁIN

CAIS-ECAC, CARS, CIS, CCRES, CiGas, CREGARS

4 610 000

5 214 000

4 219 000

4 544 000

3 052 000

AN IODÁIL

HO (*1), DC, CAIS-ECAC, CARS

2 675 000

3 497 000

940 000

956 000

1 198 000

AN IORUA

DC

1 256 000

1 116 000

1 119 000

709 000

585 000

AN RÓMÁIN

CARS

105 000

255 000

265 000

272 000

282 000

AN SPÁINN

DC, CARS

380 000

400 000

407 000

414 000

398 000

AN EILVÉIS

CiGas

121 000

116 000

112 000

108 000

104 000

Iomlán ranníocaíocht an óstaigh

14 708 000

15 000 000

11 352 000

11 048 000

9 308 000


(*1)  * Áirítear i ranníocaíocht an óstaigh ón Iodáil na ranníocaíochtaí le haghaidh chur chun feidhme Aonad HO in 2021-2022.


IARSCRÍBHINN III

SAINMHÍNITHE

Chun críocha na reachtanna seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

Ciallaíonn “ACTRIS” Bonneagar Taighde Aerasóil, Néal agus Rianghás a tháirgeann sonraí ardcháilíochta lena ndéantar doiciméadú ar chomhábhair atmaisféaracha ghearrshaolacha agus próisis a fhágann go bhfuil siad athraitheach in atmaisféir nádúrtha agus rialaithe agus lena gcomhtháthaítear, lena gcomhchuibhítear agus lena ndáiltear tacair sonraí, gníomhaíochtaí agus seirbhísí arna soláthar ag Saoráidí Lárnacha agus Saoráidí Náisiúnta.

Sainmhínítear “sonraí ACTRIS” i mbeartas sonraí ACTRIS mar a nglactar leis agus mar a leasaítear é le cinntí an Chomhthionóil Ghinearálta.

Ciallaíonn “ACTRIS ERIC” Bonneagar Taighde Aerasóil, Néal agus Rianghás a bhunaítear mar Chuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) faoi Rialachán (CE) Uimh. 723/20092.

Ciallaíonn “Saoráid Lárnach” comhpháirt ACTRIS ar an leibhéal Eorpach, Ceannoifig, Lárionad Sonraí nó Lárionad Téamach, a thairgeann sonraí ACTRIS nó seirbhísí taighde agus seirbhísí eile d’úsáideoirí chomh maith le tacaíocht oibriúcháin do shaoráidí náisiúnta.

Ciallaíonn “rannchuidiú le Saoráid Lárnach” go bhfuil tír ag rannchuidiú le Saoráid Lárnach i gcás go bhfuil cuid den tSaoráid Lárnach á hóstáil aici nó go rannchuidíonn sí le gníomhaíochtaí na coda sin. Chun rannchuidiú le Saoráid Lárnach, ní mór rannchuidiú le hairgeadas na Saoráide Lárnaí trí Ranníocaíochtaí Óstaigh.

Ciallaíonn “Comhaontú Comhair” comhaontú idir ACTRIS ERIC agus Saoráid Náisiúnta nó idir ACTRIS ERIC agus Saoráid Lárnach nach n-áirítear in ACTRIS ERIC.

Ciallaíonn “Lárionad Sonraí” an tSaoráid Lárnach atá freagrach as sonraí ACTRIS a choimeád agus a chaomhnú, sonraí, táirgí agus uirlisí breisluacha a dháileadh, agus tairseach sonraí ACTRIS a óstáil.

Ciallaíonn “Ceannoifig” an tSaoráid Lárnach atá freagrach as comhordú agus ionadaíocht a dhéanamh ar ACTRIS agus as rochtain ar sheirbhísí ACTRIS a éascú.

Ciallaíonn “Tír Óstach” aon tír ina bhfuil an t-aonad Saoráide Lárnaí lonnaithe agus á oibriú.

Ciallaíonn “ranníocaíocht an óstaigh” tacaíocht a thugann comhaltaí nó breathnóirí buana d’fheidhmiú na Saoráidí Lárnacha nach cuid de ACTRIS ERIC iad, atá á n-óstáil ina dtír féin.

Ciallaíonn “ranníocaíocht phréimhe an óstaigh” an tacaíocht a sholáthraíonn comhaltaí ACTRIS ERIC agus breathnóirí buana d’fheidhmiú na Saoráidí Lárnacha atá mar chuid de ACTRIS ERIC, atá á n-óstáil ina dtír féin.

Ciallaíonn “Maoin Intleachtúil” an méid a luaitear in Airteagal 2 den Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil an 14 Iúil 1967 agus arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979.

Ciallaíonn “ranníocaíocht comhaltais” an méid airgid a íocann na tíortha chun dul isteach in ACTRIS ERIC mar chomhaltaí, mar bhreathnóirí buana nó mar bhreathnóirí.

Ciallaíonn “Saoráid Náisiúnta” ardán breathnaitheach nó taiscéalaíoch a bhfuil gaol conarthach aige le ACTRIS ERIC agus a sholáthraíonn sonraí agus/nó rochtain fhisiceach/chianrochtain ar a áitreabh.

Ciallaíonn “Lárionad Téamach” Saoráid Lárnach, a áirítear in ACTRIS ERIC nó a bhfuil gaol conarthach aici le ACTRIS ERIC, a thairgeann seirbhísí agus tacaíocht oibríochta maidir le dearbhú cáilíochta/rialú cáilíochta ar thomhais agus ar shonraí (lena n-áirítear oiliúint, calabrú, uirlisí dearbhaithe cáilíochta/rialaithe cáilíochta, agus nósanna imeachta caighdeánacha oibríochta agus meastóireachta a fhorbairt).


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 156/22


Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (1):

3,50 % an 1 Bealtaine 2023

Rátaí malairte an euro (2)

2 Bealtaine 2023

(2023/C 156/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0965

JPY

yen na Seapáine

150,70

DKK

krone na Danmhairge

7,4538

GBP

punt steirling

0,87868

SEK

krona na Sualainne

11,2915

CHF

franc na hEilvéise

0,9841

ISK

króna na hÍoslainne

149,70

NOK

krone na hIorua

11,7620

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,587

HUF

forint na hUngáire

371,98

PLN

zloty na Polainne

4,5758

RON

leu na Rómáine

4,9305

TRY

lira na Tuirce

21,3508

AUD

dollar na hAstráile

1,6371

CAD

dollar Cheanada

1,4885

HKD

dollar Hong Cong

8,6075

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7654

SGD

dollar Shingeapór

1,4646

KRW

won na Cóiré Theas

1 470,32

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,1460

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,5791

IDR

rupiah na hIndinéise

16 143,37

MYR

ringgit na Malaeisia

4,8948

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,712

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,478

BRL

real na Brasaíle

5,4853

MXN

peso Mheicsiceo

19,6703

INR

rúipí na hIndia

89,7515


(1)  Ráta arna chur i bhfeidhm ar an oibríocht is déanaí a rinneadh roimh an lá léirithe. I gcás tairiscint a mbaineann ráta athraitheach léi, is ionann an ráta úis agus an ráta imeallach.

(2)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 156/23


Foilsiú iarratais de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

(2023/C 156/04)

Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

DOICIMÉAD AONAIR

“Borzag pálinka”

Uimh. AE: PGI-HU-02845

Arna chur isteach an 23.5.2022

1.   Ainm le clárú

“Borzag pálinka”

2.   Catagóir na dí biotáille

9.

Biotáille torthaí

3.   Cineál an táisc gheografaigh

Tásc Geografach

4.   Tuairisc ar shaintréithe na dí biotáille

Saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus/nó orgánaileipteacha

Déantar é as clochthoradh an tromáin (Sambucus ebulus), borzag a thugtar air i ngnáthchaint na hUngáirise, bíonn “Borzag pálinka”

geal gan dath go ginearálta, cé gur féidir comhpháirteanna datha an-láidir den toradh a aistriú chuig an driogáit deiridh trí dhriogadh agus is féidir leo scáth scothbhuí éadrom a chruthú le linn suí fiú;

tá uaschion ceadaithe meatánóil 1 000 g/hl alcól de 100 % de réir toirte alcóil agus cion ciainíde hidrigine nach mó ná 7 g/hl alcól de 100 % de réir toirte ann;

tá carachtar uathúil, an-láidir aige agus tá blas agus boladh láidir air.

Saintréithe sonracha (i gcomparáid le deochanna biotáille den chatagóir chéanna)

tá neart alcóil níos mó ná 40 % de réir toirte in “Borzag pálinka”, toisc go bhfuil a shaintréithe aramatacha i réim agus go bhforbraíonn siad i gceart ag neart alcóil níos airde; tá cion so-ghalaithe de shubstaint nach lú ná 350 g/hl alcól de 100 % de réir toirte ann, agus tá sé sin mar gheall ar shaibhreas aramatach an amhábhair, tromán, i gContae Nógrád.

Áirítear ar bhlaiseanna sainiúla cumhra “Borzag pálinka” milseacht (blas taitneamhach seacláide, torthaí agus meala), spíosracht, carachtar luibhe b’fhéidir (miontas, luibheanna glasa, fanaile, ainís, aiteal), agus d’fhéadfadh blaiseanna craicinn oráiste agus prásóige a fhaigthear ó na clochchaora a bheith ann freisin.

5.   Sainiú an limistéir gheografaigh

Limistéar riaracháin Chontae Nógrád

6.   Modh táirgthe na dí biotáille

Féadfar maistreán a dhéanamh de thorthaí de thionscnamh an limistéir shainithe, iad a choipeadh, a dhriogadh agus a shuí i ndrioglann atá suite sa limistéar geografach.

Is iad seo a leanas na príomhchéimeanna i dtáirgeadh “Borzag pálinka”:

1.

Roghnú agus glacadh na dtorthaí

2.

Maistreán a dhéanamh

3.

Coipeadh

4.

Driogadh

5.

Suí, stóráil

6.

Táirgeadh agus a cóireáil an pálinka

6.1.   Roghnú agus glacadh na dtorthaí

Caithfidh na torthaí a bheith aibí agus saor ó ghráinní atá ag meath agus ó ábhar coimhthíoch.

6.2.   Maistreán a dhéanamh

Ní mór na gais a bhaint as torthaí beag-ghráinneacha agus na gráin a bhrú, ach a mhéid nach ndéanfar damáiste don chloch amháin (rud a laghdóidh an fhéidearthacht go gcruthófar ciainíd hidrigine). Déantar an t-amhábhar a chothú go díreach in umair choipthe ansin (cruach dhosmálta, plaisteach b’fhéidir).

Ag brath ar raimhre na dtorthaí, b’fhéidir go mbeadh gá uisce a chur leis má bhíonn na caora rísínithe, toisc nach féidir coipeadh a dhéanamh san fhoirm cheart go dtí go ndéanfar é sin.

6.3.   Coipeadh

Ceadaítear agus moltar úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí úrscothacha agus ábhair choimhdeacha (coipeadh rialaithe, giostaí saothraithe, einsímí peicteacha). Tá pH optamach an mhaistreáin idir 2,8 agus 3,5. Ba cheart an maistreán coipthe a dhriogadh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 30 lá i ndiaidh an choipthe. Más gá, ba cheart an maistreán coipthe a stóráil ag 10-22 °C.

6.4.   Driogadh

Féadfar “Borzag pálinka” a tháirgeadh trí aon trealamh driogtha atá ar fáil ar bhonn tráchtála a úsáid. Féadfar teicneolaíocht stile pota a lua go sonrach más rud é gur táirgeadh an pálinka le trealamh driogtha ag a bhfuil toilleadh uasta 1 000 lítear agus dromchla copair, trí dhriogadh codánach dúbailte ar a laghad.

6.5.   Suí, stóráil

I ndiaidh é a scagadh/a dhriogadh, ní mór “Borzag pálinka” a shuí i seomra atá cosanta ar sholas agus ina bhfuil teocht aonfhoirmeach níos lú ná 20 °C agus taise mheasartha, chun gur féidir na blasanna agus na cumhráin chasta a chumasc. Caithfidh 60 lá ar a laghad a bheith i gceist leis an tréimhsí suí. Le linn na tréimhse sin, níor cheart aon phróisis fhisiceacha ná cheimiceacha a dhéanamh ar an pálinka.

6.6.   Táirgeadh agus a cóireáil an pálinka

Ní mór neart alcóil na driogáite suite a choigeartú go dtí an leibhéal atá oiriúnach lena hól, trí uisce bogtha a chur leis, le 40 % V/V ar a laghad, toisc go mbeidh saintréithe cumhra “Borzag pálinka” i réim agus go bhforbraíonn siad i gceart ag neart alcóil níos airde. (D’fhéadfadh difear ± 0,3 % V/V a bheith idir an neart alcóil i ndiaidh caolaithe agus an luach a bheidh luaite ar an lipéad.)

Ba cheart an méid alcóil atá oiriúnach lena ól a shocrú go han-chúramach, i roinnt céimeanna, trí 5-10 % uisce a chur leis ag an am, thar chúpla lá, chun ópalacht a chosc agus na comhpháirteanna cumhra a chosaint.

7.   Rialacha sonracha maidir le pacáistiú

8.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú

Chomh maith leis na gnéithe a shonraítear sa reachtaíocht, beidh an méid seo a leanas sa lipéadú freisin:

“Földrajzi jelzés” [tásc geografach] (ar leithligh ón ainm)

Ní mór an t-ainm “Borzag pálinka” a thaispeáint ar gach lipéad buidéil (ar an tosach agus/nó ar an gcúl agus/nó ar an taobh).

9.   Tuairisc ar an nasc idir an deoch bhiotáilleach agus a tionscnamh

Tá an nasc idir “Borzag pálinka” agus an limistéir bunaithe ar shaintréithe agus ar cháil an táirge.

Is é an t-amhábhar do “Borzag pálinka” clochthorthaí an tromáin fhiáin (tromán) – ar a dtugtar borzag – de thionscnamh Chontae Nógrád san Ungáiris freisin.

Is é Borzag an t-ainm bunaidh coitianta ar Sambucus ebulus L., nó tromán, a thug muintir na hUngáire ó Chontae Nógrád dó (Pallas Nagylexikon: https://mek.oszk.hu/00000/00060/html/015/pc001524.html#10), lena léirítear go soiléir gur as Contae Nógrád a thagann “Borzag pálinka”, ós rud é gurb é anseo an t-aon áit a dtugtar borzag ar an tromán. Ina theannta sin, deir Sándor Póczos ina leabhar faoi “Borzag pálinka” go bhfuil contae san Ungáir, is é sin Nógrád, ina bhfuil an tromán (borzag), aitheanta go forleathan agus go nglactar le próiseáil pálinka agus go bhfuil sé nádúrtha fiú.

Tá Contae Nógrád suite i dtuaisceart na hUngáire, ag crosbhealach ceithre shliabhraon (Börzsöny, Mátra, Cserhát agus Karancs-Medves). Maidir lena thopagrafaíocht, is éard atá sa limistéar sliabhraonta scaipthe de thionscnamh bolcánach, 400-600 m ar airde, lena n-áirítear paistí foraoise (ina gcuimsítear thart ar 40 % de chríoch an chontae). Tá soláthar uisce nádúrtha íseal sa cheantar. Tá drochithir, aigéadach, chrua agus dálaí aeráide ar leith an limistéir – limistéir fhuara, bhogthaise agus scáthacha – fabhrach d’fhás na dtorthaí, rud a dheimhnítear le staidéir. Is í an aimsir is mó a imríonn tionchar ar shaintréithe sainitheacha an cheireacháin. A bhuí leis na dálaí comhshaoil, tá mórán gliocóisíd iriadóid eistir shearbh (eibealóisíd, iseasbhearóisíd), sapainin, tainnin, gliocóisíd chianaigineach, roisín, ola eisintiúil agus aigéid orgánacha sa tromán a fhástar sa réigiún. Cuireann blas searbh na gliocóisíde iriadóide go mór le blas prásóige agus carachtar spíosrach “Borzag pálinka”. Tá cion ard ola eisintiúla, siúcra, gliocóisíde ciainiginí agus ruaime corcra ina chaora freisin, arb iad is cúis leis na blasanna cumhra milseachta agus an imir bhánbhuí a bhíonn ar an pálinka suite anois agus arís.

Téann léiriú “Borzag pálinka” i gContae Nógrád siar na céadta bliain. I bhfianaise na dtraidisiún atá na céadta bliain d’aois, déanann beagnach gach drioglann tráchtála i gContae Nógrád pálinka ón tromán. Is sna háiteanna sin amháin (Contae Nógrád) a dtugtar borzag ar an bplanda; in áiteanna eile, tugtar gyalogbodza air [an téarma caighdeánach san Ungáiris ar an tromán].

Chomh luath le lár na 1800í, bhí an planda crua, gan éileamh seo forleathan i gContae Nógrád, mar a mhearbhaíonn Zoltán Szerémy, a rugadh i Nógrádmegyer in 1861: “... Ach bhí an talamh níos díograisí agus níos díbhircí ná na feirmeoirí. As a stuaim féin d’fhás sí tor cosúil leis an tromán…” (Zoltán Szerémy: Emlékeim a régi jó időkből [“My memories of the good old days”] lgh. 27-28. Színészek Szövetsége. Búdaipeist, 1929).

Tá an tromán ina chuid den leigheas traidisiúnta; bhaintí usáid as chun subh a dhéanamh, agus chomh maith le tarluithe sporadacha sa réigiún ina raibh muintir Palóc ina gcónaí, go háirithe i gContae Nógrád, bhaintí úsáid as, agus baintear úsáid as fós, chun pálinka a tháirgeadh. Léirítear é sin freisin le halt in Nógrád Megyei Hírlap [Iris Chontae Nógrád] dar teideal Forró az üst, forr a cefre [Tá an caildéara te, tá an maistreán ag fiuchadh] (21 Meán Fómhair 2004, lch. 2), ina luaitear na trí phríomh-chomhábhar i ndéanamh áitiúil pálinka: úlla, piorraí agus, sa tríú háit, tromáin (borzag).

Gradaim lena léirítear an cháil atá ar “Borzag pálinka”:

2012 – An Chéad Chomórtas Náisiúnta de Pálinka a dhéantar as Torthaí Foraoise agus Torthaí Fiáine – Bonn óir

2013 – An Dara Comórtas Náisiúnta de Pálinka a dhéantar as Torthaí Foraoise agus Torthaí Fiáine – Bonn óir

2014 – An Trí Chomórtas Náisiúnta Pálinka a dhéantar as Torthaí Foraoise agus Torthaí Fiáine – Bonn airgid

2015 – 11ú Comórtas Mátra le haghaidh Fíonta agus Biotáillí – Bonn óir

2016 – An Ceathrú Comórtas Náisiúnta de Pálinka a dhéantar as Torthaí Foraoise agus Torthaí Fiáine – Bonn óir

2018 – Coláiste Pálinka – Gradam Fortissimus Spiritus

2020 Comórtas Náisiúnta Pálinka agus Grape Marc Pálinka – Bonn airgid

Tá “Borzag pálinka” ar fáil freisin ag an óstán ceithre réalta is fearr sa réigiún mar ábhar iontais de chuid Chontae Nógrád.

Tá méadú ag teacht ar líon na dtáirgeoirí a bhfuil “Borzag pálinka” á chur isteach acu sa Chomórtas Náisiúnta bliantúil Pálinka a dhéantar as Torthaí Foraoise agus Torthaí Fiáine.

Cé go bhfuil “Borzag pálinka” seanbhunaithe agus aitheanta i gContae Nógrád, níl mórán taifid scríofa ina léirítear cáil an táirge ar fáil ar an drochuair. Chun an bhearna a líonadh, chonacthas foilseachán le Sándor dar teideal Palócok pálinkája, a borzag [Borzag (an tromán) – pálinka mhuintir Palóc] in 2018 agus soláthraítear fianaise stairiúil ann a thacaíonn le cáil áitiúil an táirge. Cuimsítear san fhoilseachán freisin cuimhní cinn agus tuairiscí ar “Borzag pálinka” a thug roinnt daoine a chónaíonn i gContae Nógrád nó a tháinig as Chontae Nógrád (ar a dtugtar muintir Palóc freisin).

Ina leabhar Palócok pálinkája, a borzag, luann Sándor Póczos go bhfuil cáil “Borzag pálinka” nasctha leis an limistéar geografach mar a leanas: “Tá gné thábhachtach eile ann lena mínítear scaipeadh an tromáin in Nógrád. Is fíor é mura n-oibríonn rud éigin áit éigin eile, ní fhorchuirfear ansin é, toisc nach mbeidh aon mhaith ann nó ní bhainfidh sé an toradh a bhfuiltear ag súil leis amach go simplí. B’fhéidir toisc go raibh an t-amhábhar ar fáil i gcainníochtaí measartha mór agus nach raibh aon infheistíocht ná cúram ar leith ag tástáil ina leith, is dócha go ndearnadh iarracht ‘Borzag pálinka’ a tháirgeadh in áiteanna eile sa tír, ach níor éirigh leis. Toisc nach raibh aon difríochtaí suntasacha sa teicneolaíocht a úsáideadh chun biotáillí driogtha a tháirgeadh ag an am, d’fhéadfadh sé gurb iad tosca comhshaoil amháin is cúis le sainiúlacht ‘Borzag pálinka’ ó Chontae Nógrád. Is féidir linn glacadh leis, agus ábhar againn le-is sin, gurb é le finíocht na talún atá os cionn an mheáin, an aeráid agus, ar ndóigh, muintir Palóc, a ardaítear an speisialtacht an pálinka seo go luach i bhfad níos faide i gcéin ná an contae.”

Sonraíocht táirge – tagairt don fhoilseachán

https://gi.kormany.hu/foldrajzi-arujelzok


(1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.


3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 156/27


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 156/05)

Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Szabolcsi alma”

Uimh. AE: PGI-HU-02852 — 22.6.2022

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm(neacha) TGFC

“Szabolcsi alma”

2.   Ballstát nó Tríú Tír

an Ungáir

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-ábhar

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.6: Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

An tásc geografach faoi chosaint “Szabolcsi alma”, féadfar é a úsáid le haghaidh úlla a íosfar agus iad úr i leith chineálacha Gala, Jonathan, Jonagold, Golden Delicious, Red Delicious, Idared and Pinova de chuid an speiceas Malus domestica agus athraithigh díobh (sóiteáin/clóin) a fhástar sa limistéar geografach ar a bhfuil na saintréithe cáilíochta a sainítear anseo thíos.

Seo a leanas saintréithe cáilíochtúla “Szabolcsi alma”:

tá siad milis aigéadach, agus blas agus boladh friseáilte úr orthu gona bhfeoil bhriosc;

tá cion ard siúcra iontu: 12 °Brix ar a laghad maidir le Gala, Red Delicious agus Idared, agus ar a laghad 13 °Brix maidir le Jonathan, Jonagold, Golden Delicious agus Pinova, ach sin ag brath ar an gcineál;

tá daingne feola de 5.5 kg/cm2 ar a laghad acu.

Tá na saintréithe cáilíochtúla a bhaineann le méid (cruth, meánmheáchan, trastomhas) agus dath an chraicinn á léiriú sa tábla, ach sin ag brath ar an gcineál:

Cineál

Méid

Dath an chraicinn

Gala

Beag, sféarúil nó leacaithe

Meánmheáchan: 150-170 g

Trastomhas: 65-85 mm

Leathbhuí an bundath atá air agus é aibí chomh maith le dath dearg nite ar an dromchla, agus stríocaí air i roinnt leaganacha.

Jonathan

Idir meánmhéid agus beag agus iad cónúil sféarúil, beagáinín rigíneach, siméadrach

Meánmheáchan: 120-130 g

Trastomhas: 65-75 mm

Buíghlas an bundath atá air agus é aibí, ar a bhfuil craiceann glédhearg agus stríocaí dúdhearga leathana.

Jonagold

Mór, sféarúil nó beagán cónúil, dea-chothromaithe, rigíneach ar éigean

Meánmheáchan: 220-250 g

Trastomhas: 70-90 mm

Buíghlas an bundath atá air agus dath idir bánrua agus dúdhearg ar 40-60 % den chraiceann.

Golden Delicious

Sféarúil nó beagáinín fadaithe, teasctha agus é cón-chruthach

Meánmheáchan: 140-180 g

Trastomhas: 70-85 mm

Buíghlas an bundath atá air, agus é buí níos déanaí.

Red Delicious

Idir meánmhéid mór nó mór, fada, agus rigín ann os cionn an tseipil

Meánmheáchan: 150-170 g

Trastomhas: 70-90 mm

Tá cuma nite agus bundath dúdhearg air, é stríocach, agus dearg domhain lonrach le sonrú ar an dromchla iomlán a bhfuil cuma stríocach éadrom air.

Idared

Idir meánmhéid agus mór, leacaithe sféar-chruthach agus mínrigíneach

Meánmheáchan: 170-220 g

Trastomhas: 70-95 mm

Glédhearg an bundath atá air agus cuma nite ar an gcraiceann.

Pinova

Ar meánmhéid, beagáinín fada, cón-chruthach

Meánmheáchan: 150-180 g

Trastomhas: 65-85 mm

Buí an bundath atá air, agus tá breis agus leathchuid den dromchla clúdaithe nó stríocach gona dhath sainiúil flanndearg.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha den táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní fhéadfar “Szabolcsi alma” a shaothrú ná a bhuain ach amháin sa limistéar geografach a shonraítear i bpointe 4.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an TGFC “Szabolcsi alma” a bheith i gcarachtair atá níos mó ná carachtair aon inscríbhinne eile ar lipéad an phacáiste.

4.   Sainiú gonta ar an limistéar geografach

Saothraítear agus baintear “Szabolcsi alma” laistigh de theorainneacha riaracháin Chontae Szabolcs-Szatmár-Bereg.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir “Szabolcsi alma” agus an limistéar geografach bunaithe ar cháilíocht.

Is féidir “Szabolcsi alma” a idirdhealú ó úlla eile ar bhonn na saintréithe sonracha a leagtar amach i bpointe 3.2.

Tá saintréithe sonracha “Szabolcsi alma” a leagtar amach i bpointe 3.2 mar thoradh ar an dlúthnasc idir an limistéar geografach, dálaí fabhracha ithreach agus aeráide an limistéir táirgthe agus saineolas suntasach shaothraithe na n-úll.

Tá dálaí ithreach Chontae Szabolcs-Szatmár-Bereg den scoth le haghaidh táirgeadh úll. Mar gheall ar na dálaí ithreach agus topagrafacha a bhaineann le limistéir gheografacha nádúrtha Szabolcs-Szatmár-Bereg, is féidir úlla agus speicis eile torthaí as aeráidí mheasartha eile a fhás ar bhealach inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de sa chontae (Pethő, 2005).

Sa chontae Szabolcs-Szatmár-Bereg, tá an dara má ghlárach is mó san Ungáir, a éiríonn go dtí 20 go 50 méadar d’airde os cionn thuilemhá Transtisza. An cion húmais — thart ar 2 % — agus cion ard cailciam na hithreach seornaiseoim a tháinig chun cinn ar an ithir ghainmheach lóis ar na codanna cothroma den mhá ghlárach, mar aon leis an ithir siolta éadrom atá leagtha síos ag fo-aibhneacha an Tisza, tá siad fabhrach do chrainn úll a chur.

Tá líon na n-uaireanta gréine idir 1 950 agus 2 050, líon atá thart ar 300-400 uair an chloig níos mó ná i dtíortha in iarthar agus i dtuaisceart na hUngáire. Dá bhrí sin, tá dálaí aeráide an chontae fabhrach do tháirgeacht úll. Le cois sholas na gréine, imríonn maiseanna aeir aigéanacha, ilchríochacha agus Meánmhara tionchar ar a aeráid. Mar thoradh air sin, ar uairibh is mó an tionchar a bhíonn ag an aeráid aigéanach agus ar uairibh eile is mó tionchar aeráid na mórthíre.

Tosaíonn an séasúr fáis i gContae Szabolcs-Szatmár-Bereg 6-8 lá níos déanaí ná i gcontaetha eile san Ungáir. Bíonn na samhraí measartha te, tráth a bhíonn meánteocht Iúil de 20-23 °C. I míonna an fhómhair, bíonn an mheánteocht laethúil 1-2 °C níos ísle ná sa chuid eile den tír mar gheall ar radaíocht oíche níos airde, rud a chuireann moill ar an bpróiseas aibithe.

Is trí fhachtóirí comhshaoil le linn aibithe go príomha a dhéantar cáilíochtaí inmheánacha agus luach taitneamhachta “Szabolcsi alma” a chinneadh: teocht, solas na gréine agus bogthaise na moch-mhaidine. Tá bogthaise coibhneasta an aeir thart ar 75 % i rith mhíonna an tsamhraidh. Tá tionchar thar a bheith tairbheach ag an mbogthaise coibhneasta níos airde i mí Mheán Fómhair ar dhathú na dtorthaí agus ar luas an aibithe. Dá bhrí sin, tá próiseas aibithe “Szabolcsi alma” níos moille rud a fhágann go bhfuil níos mó de na cothaithigh éagsúla ionchorpraithe sna torthaí. Mar thoradh air sin, tá cion ard siúcra in “Szabolcsi alma”: ar a laghad 12 °Brix maidir le Gala, Red Delicious agus Idared, agus ar a laghad 13 °Brix maidir le Jonathan, Jonagold, Golden Delicious agus Pinova, ach sin ag brath ar an gcineál. Is é an cion ard siúcra a thugann carachtar milis aigéadach do “Szabolcsi alma”.

I mí Mheán Fómhair, na laethanta te, bogthaise coibhneasta ard agus fuarú oíche mar aon le foirmiú drúcht na mochmhaidine, cuireann siad go mór le dathú bríomhar “Szabolcsi alma” agus le forbairt na haigéadachta airde agus an dea-bholaidh, rudaí a fhágann go bhfuil blas milis aigéadach ar na húlla.

Mar gheall ar an ardchion cailciam atá san ithir, tá cion cailciam níos airde ag feoil na dtorthaí, rud a tháirgeann feoil bhriosc ag a bhfuil daingne de 5.5 kg/cm2 ar a laghad in “Szabolcsi alma”.

Le cois limistéar táirgthe idéalach a bheith acu, baineann saothróirí i gContae Szabolcs-Szatmár-Bereg tairbhe as saineolas a eascraíonn as taithí na gcéadta bliain, taithí a bhfuil tionchar dearfach aige ar tháirgeadh “Szabolcsi alma”. Cuirtear saineolas ar tháirgeadh “Szabolcsi alma” ar aghaidh ó ghlúin go glúin sa limistéar geografach sainithe.

Rud atá ríthábhachtach do na saintréithe a leagtar amach i bpointe 3.2 is ea an t-eolas cothrom le dáta atá ag táirgeoirí i dtéarmaí cineálacha, úsáid ábhair iomadaithe dheimhnithe agus saothrú na n-úll. Thacaigh Stáisiún Taighde Újfehértó na hInstitiúide Taighde Saothraithe Torthaí agus Plandaí Ornáideacha leis sin le breis agus 70 bliain trí chineálacha a chothabháil, ábhair iomadaithe dheimhnithe a tháirgeadh agus sainchomhairle a sholáthar. Oibríonn an stáisiún taighde ar thaighde ar limistéar táirgthe “Szabolcsi alma”, ar chrainn torthaí a chlárú, ar shaothrú agus ar staidéar fiseolaíoch ar chineálacha úll, agus ar fhorbairt mhodhanna deimhniúcháin na gcineálacha.

Tá traidisiún na gcéadta bliain i dtáirgeadh torthaí i gContae Szabolcs-Szatmár-Bereg a bhuí leis na dálaí tairbheacha ithreach agus aeráide. Tá teist tugtha sa mhéid sin i saothair an taistealaithe cháiliúil Otománaigh, Evliya Çelebi, a scríobh cur síos ina chuid imleabhar ar a chuid taistil san Ungáir sna blianta idir 1660 agus 1666 faoi shaibhreas na n-úllord i Szabolcs, saibhreas na saothróirí agus na torthaí an-bhlasta. Rinne sé cur síos freisin ar tháirgeadh na dtorthaí a bheith chomh flúirseach sin sa limistéar gur chuir sé a saith cothaithe ar fáil do na hairm ionracha Otománacha.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, seoladh scéim mhór plandála, rud a chruthaigh beagnach 50 % de phlandálacha úll na tíre, agus sin i gContae Szabolcs-Szatmár-Bereg, agus is ann a tháirgtear níos mó ná leathchuid den aschur náisiúnta.

Is ar ‘Szabolcsi alma’a bunaíodh cáil shaothrú úll na hUngáire . Le himeacht aimsire, tá clú tagtha ar an ainm “Szabolcsi alma” mar bhranda d’ardchaighdeán. (T. Szabó – Zs. Csoma 2001).

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://gi.kormany.hu/foldrajzi-arujelzok


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 156/31


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair

(2023/C 156/06)

Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Sidra da Madeira”

Uimh. AE: PGI-PT-02641 — 14.10.2020

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainmneacha

“Sidra da Madeira”

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Phortaingéil

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.8. Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is é “Sidra da Madeira” an deoch a fhaightear trí choipeadh an tsú nádúrtha a bhrúitear ó thorthaí úra cineálacha traidisiúnta agus cineálacha eile úll (Malus domestica Borkh.) agus, uaireanta, meascáin d’úlla agus de phiorraí (Pyrus communis L.), a fhástar go heisiach ar oileán Mhaidéara. Déantar é de réir na modhanna táirgthe a bhaineann go traidisiúnta nó go sonrach leis an oileán.

Is leann úll nádúrtha é a tháirgtear go heisiach tríd an sú a fhaightear trí úlla agus, uaireanta piorraí, a fhástar go háitiúil a ghearradh, a mheilt, a bhrúisc agus a bhrú, rud a chiallaíonn go mbeidh an cion siúcra agus dé-ocsaíde carbóin de thionscnamh inginiúil amháin. Tá sé ann freisin mar leann úll nádúrtha carbónáitithe, agus déantar leann súilíneach go hiomlán nó go páirteach de trí dhé-ocsaíd charbóin a chur leis.

I dtéarmaí ginearálta, baineann na saintréithe seo a leanas leis: neart alcóil íosta 5 % (de réir toirte ag 20 oC); cion siúcra choipthigh níos lú ná 15 g/l; aigéadacht íosta iomlán (in aigéad malach) de 3 g/l agus suas le 10 g/l; aigéadacht sho-ghalaithe uasta (arna sloinneadh mar aigéad aicéiteach) de 1,8 g/l agus cion uasta iomlán dé-ocsaíde sulfair (arna shloinneadh mar SO2) de 200 mg/l.

Ag brath ar an meascán speiceas agus ar na cineálacha torthaí a úsáidtear, bíonn dath gealbhuí líomóide go dath na tuí ar “Sidra da Madeira”, maille le himireacha flannbhuí, agus bíonn cuma gheal air má scagtar é nó beidh beagán dríodair ann mura scagtar é.

Tá boladh úr, barántúil air, lena nochtar airí torthaíoch de mheándéine go déine láidir, agus blasanna úill ghlais, úill aibí, cainche agus/nó torthaí citris air, rud a chruthaíonn iomlán cothrom, pléisiúrtha.

Bíonn sé socair de ghnáth, agus bíonn blas éadrom air, nach bhfuil rómhilis, lena gcruthaítear cothromaíocht chomhchuí idir géar agus searbh, agus tirim ar deireadh. Déantar é a idirdhealú le cumhra agus blas láidir úll agus leis an úire a thagann as a aigéadacht shuntasach.

Díoltar é mar leann úll buidéalaithe nó mar leann úll buidéalaithe pacáistithe i gcoimeádáin oiriúnacha (bairillí nó carbáigh) lena ndíol i ngnólachtaí bia agus deochanna agus lena mhiondíol leis an tomhaltóir deiridh.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Na cineálacha traidisiúnta úlla a úsáidtear chun “Sidra de Madeira” a tháirgeadh ná “Barral”“Cara-de-dama”, “Branco”, “Bico de melro”, “Da Festa”, “Domingos”, “Da Ponta do Pargo”, “Calhau”, “Focinho de rato” agus “Vime” agus, i gcásanna áirithe, na piorraí “Do Santo” agus “Tenra de São Jorge”.

Ciallaíonn seanchleachtas fheirmeoirí Mhaidéara maidir le hábhar géiniteach a shíolrú agus a roinnt ó na crainn agus ó na torthaí ag a bhfuil na saintréithe is fearr le haghaidh tomhaltas úr agus/nó táirgeadh leann úll, go bhfástar cineálacha saothraithe eile úll agus piorraí fós, go háirithe na húlla “Baunesa”, “Camacha”, “Espelho”, “Parda”, “Rajada”, “Reineta Tenra da Camacha”, “Santa Isabel”, “Ázimo”, “Amarelo”, “Amargo”, “Camoesa”, “De vinho”, “Ouro”, “Pevide”, “Rajado”, “Rijo”, “Riscado” agus “Serra” agus na piorraí “Santa Isabel ou de Santana”, “São João”, “Curé” agus “Pardas”, a úsáidtear freisin, ach ní chomh minic, i mbaisceanna atá ceaptha do tháirgeadh “Sidra de Madeira”.

Toisc go ndearna roinnt táirgeoirí, ó i bhfad siar, iarracht a n-úlloird a éagsúlú le cineálacha coimhthíocha le haghaidh tomhaltas úr, amhail úlla “Golden”, “Fuji”, “Starking”, “Royal Gala” agus “Reineta” agus an piorra “Rocha”, ar aimsigh Vieira Natividade go leor acu cheana féin ar an oileán in 1947, féadfar na torthaí sin a úsáid freisin i dtáirgeadh “Sidra de Madeira” má bhíonn siad ar fáil ar an ngabháltas nó má fásadh iad go heisiach ar an oileán.

Is le meascadh nó “cumasc” an réimse leathan sin de chineálacha traidisiúnta úll agus piorraí, agus uaireanta cineálacha eile úll agus piorraí freisin, a d’fhéadfadh a bheith níos géire, níos seirbhe nó níos milse nó gan a bheith chomh géar, chomh searbh nó chomh milse, agus a fhástar ar an oileán, a sholáthraítear flúirse na ndathanna, na mbolaithe agus na nblasanna agus an aigéadacht úr lena n-idirdhealaítear “Sidra de Madeira” a tháirgeann na táirgeoirí éagsúla i gceantair éagsúla ar an oileán.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a ghlacadh sa limistéar geografach sainithe

Is ar oileán Mhaidéara a dhéantar na céimeanna déanta leann úll, idir tháirgeadh an amhábhair, eastóscadh an tsú nádúrtha agus choipeadh agus aosú agus chaomhnú.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Déantar pacáistiú “Sidra de Madeira” i mbuidéil nó i gcoimeádáin oiriúnacha (bairillí nó carbáigh) lena miondíol leis an tomhaltóir deiridh ar oileán Mhaidéara lena áirithiú go ndéanfar dathanna sonracha, bolaithe sonracha agus blasanna sonracha an leanna úll nádúrtha (a bhíonn carbónáitithe uaireanta) sin a chaomhnú, chun aon ocsaídiú nó éilliú a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá shaintréithe orgánaileipteacha a sheachaint, agus chun inrianaitheacht iomlán an táirge a ráthú.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainiú gonta ar an limistéar geografach

Oileán Mhaidéara.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an t-iarratas ar chlárú “Sidra de Madeira” bunaithe ar an nasc idir a shaintréithe datha, cumhra agus blais agus a aigéadacht shuntasach agus, ar an gcéad dul síos, an réimse leathan de mheascáin torthaí ó chineálacha traidisiúnta agus ó chineálacha eile úll agus piorraí a fhástar go heisiach ar oileán Maidéara agus a úsáidtear chun é a dhéanamh agus, ar an dara dul síos, na dálaí ithreach agus aeráide sna ceantair áitiúla ina bhfástar na torthaí úra. Cuireann cáil láidir “Sidra de Madeira” agus a thábhacht sna ceantair éagsúla ar an oileán ina ndéantar é leis an nasc freisin.

Sainiúlacht an táirge

An rud atá sainiúil faoi “Sidra de Madeira” ná gur leann úll nádúrtha (a bhíonn carbónáitithe uaireanta) é ag a bhfuil réimse leathan dathanna, bolaithe agus blasanna agus aigéadacht bheoga, agus mar gheall air sin tá an-tóir ag tomhaltóirí air, agus ar toradh é ar choipeadh an tsú nádúrtha brúite ó “chumaisc” nó ó mheascáin éagsúla de thorthaí úra cineálacha traidisiúnta agus cineálacha eile úll agus, uaireanta, piorraí a fhástar agus a phioctar in úlloird atá curtha i gceantair éagsúla ar oileán Mhaidéara ina bhfuil miocraeráidí measartha agus ithir níos aigéadaí, óna bhfaigheann na torthaí a saintréithe orgánaileipteacha sonracha.

Tá eolas maith ag táirgeoirí agus tomhaltóirí faoi freisin toisc go raibh sé an-tábhachtach i gcónaí d’áitritheoirí na gceantar ar an oileán ina bhfuil dálaí atá fabhrach chun na torthaí úra óna ndéantar é a fhás, inar forbraíodh an modh déanta leanna úll is traidisiúnta agus inar tugadh isteach cleachtais nua atá údaraithe chun an chineál sin dí chun a tháirgeadh a fheabhsú agus a dhifreáil. Bíonn “féilte” agus “imeachtaí béaloidis” ar siúl sna ceantair sin gach bliain chun a “Sidra de Madeira” agus na húlla agus na piorraí as a ndéantar é a chur chun cinn.

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Tosca nádúrtha. Is oileán bolcánach é Maidéara i réigiún fothrópaiceach an Atlantaigh Thuaidh. Tá rilíf an-mhíchothrom ann, agus tá na sléibhte géara scartha ag gleannta doimhne, rud a chruthaíonn sliabhraon lárnach ón oirthear go dtí an t-iarthar, atá ingearach leis na gaotha atá i réim, agus tá na hairdí os cionn 1 200 m. Mar gheall ar a shuíomh geografach, tá aeráid shéimh i Maidéara agus ní athraíonn an teocht ach beagán, cé is moite de thalamh níos airde, áit a mbíonn na teochtaí níos ísle. Mar gheall ar thír-raon sléibhtiúil an oileáin agus ar an easpa cosanta ar na trádghaotha bíonn miocraeráidí éagsúla ann – tá an taobh ó dheas grianmhar agus foscúil, agus tá an taobh ó thuaidh scáthach, níos fuaire agus fliuch.

Athraíonn saintréithe na n-ithreacha basaltacha ceannasacha le hairde a mhéadaíonn agus leis an athrú ar an aeráid mar thoradh air sin, a éiríonn níos fliche agus níos fuaire. Sin é an fáth a bhfástar na torthaí a úsáidtear chun “Sidra de Madeira” a tháirgeadh i gceantair ar an oileán ina bhfuil miocaeráidí níos measartha agus níos taise de chuid is mó – ag airdí os cionn 400 m ar an taobh theas agus 300 m ar an taobh thuaidh go príomha – áit a bhfuil caimbeasal agus andasail, idir chinn leath-aigéadacha agus chinn aigéadacha níos coitianta, agus ina bhfuil aerú agus draenáil mhaith.

Tosca daonna. I measc na gcrann torthaí a thug na chéad lonnaitheoirí as an bPortaingéil isteach sna 1420í bhí go leor cineálacha úll agus piorraí a tugadh anall ón bPortaingéil. Bhí na dálaí fáis foirfe díobh sin sna ceantair ina raibh miocraeráidí níos measartha agus ina raibh cré-ithreacha gainmheacha den chuid ba mhó agus aigéadacht idir meánach agus ard iontu.

Ceaptar gur cuireadh tús le táirgeadh “Sidra de Madeira” a luaithe a tháirg na húlloird dóthain torthaí lena dtomhailt agus lena bpróiseáil. Neartaítear é sin le cuntais an chroiniceora Gomes Eanes de Zurara (1410-1474) agus le taifid eile ina dtugtar le fios go bhféadfaí “fíon úll” a fháil i measc na soláthairtí a bhaileodh cabhlaigh na Portaingéile ó oileán Mhaidéara ó lár an 15ú haois ar aghaidh.

Táthar ar an eolas freisin go raibh “fíon úll” á tháirgeadh ó thús an 17ú haois in éineacht le fíon Maidéara, ag baint úsáid as na fáisceáin chéanna agus, i gcásanna áirithe, d’úsáidtí é chun é a thruillmheascadh fiú, go dtí gur tugadh isteach, ag tús an 20ú haois, toirmeasc ar fhíon a dhéanamh ó úlla chun fíon bréige de chuid Mhaidéara a tháirgeadh. Mar gheall ar an toirmeasc sin, thosaigh táirgeoirí áitiúla ag coipeadh a sú úll chun “deoch nua” a dhéanamh, deoch ar thug siad “cidra” nó “sidra” air ar dtús agus “Sidra de Madeira” ina dhiaidh sin, chun é a idirdhealú ó leann úll a bhí á tháirgeadh in áiteanna eile.

Leis an alt a d’fhoilsigh an t-agranamaí João da Mota Prego in 1906 (1859-1931), ina dtugtar tuairisc ar na modhanna a bhí le húsáid chun “leann úll a dhéanamh ar oileán Mhaidéara” agus inar iarradh ar tháirgeoirí áitiúla dul i mbun táirgeadh leann úll, cuireadh go mór lena fhorbairt, agus tá a mholtaí fós a leanúint ag leor táirgeoirí inniu. Ina theannta sin, agus tuairisc á tabhairt aige ar fhorbairt torthaí a bhí ag fás ar oileán Mhaidéara in 1947, mhapáil an t-agranamaí Vieira Natividade (1899-1968) an réimse leathan de chineálacha úll agus piorraí ar an oileán agus léirigh sé na paróistí inar leanadh le traidisiún an déanta leann úll.

Mar gheall ar an éascaíocht a bhaineann le crainn torthaí póma a scaipeadh agus leis an gcleachtas traidisiúnta i Maidéara ábhar géiniteach a shíolrú agus a roinnt ó na torthaí a bhfuil na saintréithe is fearr acu, tháinig go leor de na cineálacha traidisiúnta úll agus piorraí chun cinn a d’eascair as na cinn a thug na Portaingéalaigh isteach i dtosach, agus a d’fhorbair na Briotanaigh a bhí ina gcónaí ar an oileán idir an 16ú agus an 18ú haois. Rinneadh iad a roghnú agus a chaomhnú i gcodanna éagsúla den oileán, i gcás inar coinníodh na cineálacha sin ab b’fhearr a d’oir do dhálaí áitiúla ithreach agus aeráide agus ónar táirgeadh na torthaí is fearr le haghaidh tomhaltas úr agus le haghaidh déanamh leann úll agus rinneadh iad a atáirgeadh ina dhiaidh sin trí bheangú agus cuireadh iad i gcodanna eile den oileán ina bhfuil tréithe comhchosúla.

Le himheacht na gcéadta bliain, mar gheall ar an gcleachtas sin éascaíodh ní hamháin forbairt na bpríomhchineálacha traidisiúnta torthaí póma ach freisin tabhairt isteach le déanaí na gcineálacha coimhthíocha úll agus piorraí, a fhástar agus a phioctar in úlloird Mhaidéara. Tá aigéadacht shuntasach ag na cineálacha sin freisin agus úsáideann roinnt táirgeoirí iad freisin lena leann úll a dhéanamh, a fhaightear trí mhodhanna táirgthe traidisiúnta nó sonracha arna bhforbairt i gceantair éagsúla ar an oileán.

Ar feadh i bhfad, bhí tomhaltas “Sidra de Madeira” teoranta do na háiteanna inar táirgeadh é, agus ba iad na daoine a dhéanadh an leann úll agus a dteaghlaigh go mór mór a bhíodh á ól. Le blianta beaga anuas, tá athrú tagtha ar an scéal, agus méadú suntasach tagtha ar dhíolacháin i mbialanna agus i mbeáir ar an margadh réigiúnach, chomh maith le méadú ar dhíolacháin dhíreacha le tomhaltóirí deiridh ag margaí agus aontaí áitiúla agus ag “féilte” nó ag imeachtaí béaloidis a reáchtáiltear chun an leann úll agus na húlla as a ndéantar é a chur chun cinn.

Mar thoradh ar an spéis i dtraidisiún agus i gcáilíocht an táirge seo, cruthaíodh Cumann Déanta Leann Úll Mhaidéara (APSRAM) i lár 2016, ina dtugtar thart ar 30 táirgeoir leann úll le chéile, agus é mar aidhm acu cáilíocht agus barántúlacht “Sidra de Madeira” a chur chun cinn agus a chosaint, taighde a chur chun cinn agus an táirge a phoiblí.

Nasc idir an limistéar geografach agus saintréithe agus cáil an táirge

Is as saintréithe sonracha ithreach agus aeráide cheantair an oileáin, a chuidigh le hoiriúnú agus cur úllord agus crann aonair réimse leathan de chineálacha úll agus piorraí, a fhaigheann a dtorthaí a n-aigéadacht uathúil agus a saintréithe céadfacha sainiúla, rud a chuirtear ar aghaidh chuig “Sidra de Madeira” freisin, a bheagán nó a mhórán, ag brath ar an meascán torthaí a úsáidtear chun é a tháirgeadh.

A bhuí le saintréithe datha, bolaidh agus blais “Sidra de Madeira”, a shocraítear de réir tréithe sonracha na “gcumasc” nó na meascán torthaí de chineálacha traidisiúnta agus de chineálacha eile úll agus, uaireanta, piorraí a úsáidtear chun é a dhéanamh, agus a aigéadacht shuntasach, atá mar thoradh go príomha ar dhálaí ithreach agus aeráide na gceantar ina bhfástar na torthaí, bhuaigh “Sidra de Madeira” roinnt gradaim náisiúnta, amhail “Concurso Nacional de Cervejas e Sidras Tradicionais” [Comórtas Náisiúnta Beorach agus Leann Úll Traidisiúnta na Portaingéile] agus “Great Taste – Portugal”. Is de bharr tomhaltóirí áitiúla agus, níos mó agus níos mó anois, turasóirí a thugann cuairt ar an oileán a bhfuil cáil ar fheabhas air.

De bharr na dtaifead stairiúil lena bhfianaítear an tábhacht a bhaineann le táirgeadh “fíon úll”, “cidra”, “sidra” agus “Sidra de Madeira” le 600 bliain anuas, bhí na táirgeoirí áitiúla ábalta a dhearbhú go bhfuil leann úll á dhéanamh ar an oileán ó lonnaíodh é i dtosach, sna limistéir is oiriúnaí chun na húlloird ina soláthraítear na torthaí a chur. Is é sin an fáth a bhfuil traidisiún láidir déanta leann úll agus ag óil leann úll ar fud an oileáin, ach go príomha in São Roque do Faial – Santana, Santo António da Serra – Machico, Camacha – Santa Cruz, Jardim da Serra – Câmara de Lobos, Ponta do Pargo – Calheta agus Prazeres – Calheta, áit a reáchtáiltear imeachtaí béaloideas agus imeachtaí sochaíocha gach bliain, mar gheall ar an iomaíocht an-sainiúil idir pobail na n-oileán, chun táirgeadh agus tomhaltas “Sidra de Madeira” a chur chun cinn.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://tradicional.dgadr.gov.pt/pt/cat/bebidas-espirituosas/outras-bebidas/1084-sidra-da-madeira-igp


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 156/35


Foilsiú iarratais ar fhormheas leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 156/07)

Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais ar leasú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS LEASAITHE, NACH MIONLEASÚ É, AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE LE HAGHAIDH SONRÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar fhormheas leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“Vorarlberger Alpkäse”

Uimh. AE: PDO-AT-1413-AM01 – 5.4.2022

STFC (X) TGFC ()

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

Vorarlberger Alpwirtschaftsverein, Montfortstr. 9, 6900 Bregenz, an Ostair

Teil. +43 5574400350

Facs +43 5574400600

R-phost: fritz.metzler@lk-vbg.at

Athraíodh seoladh bunaidh an chomhlachais agus ceartaíodh é dá réir sin. Déanann an t-iarratasóir ionadaíocht do leasanna tháirgeoirí STFC “Vorarlberger Alpkäse” agus, dá bhrí sin, tá leas dlisteanach aige le haghaidh leasuithe ar an tsonraíocht a iarraidh.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Ostair

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

An modh táirgthe

Nasc leis an limistéar geografach

Lipéadú

Eile (athrú ar mhionsonraí seirbhíse inniúla, ar ainm an ghrúpa iarratasóra bhunaidh, ar comhlacht cigireachta, ar ceanglais náisiúnta, ar leasuithe dréachtaithe)

4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

Leasuithe ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe nach féidir a cháiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasuithe ar shonraíocht STFC/TGFC cláraithe, nár foilsíodh doiciméad aonair (nó a chomhionann) ina leith, nach féidir a mheas gur mionleasú é de réir an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

5.   Leasuithe

I bhfianaise na taithí a fuarthas ó dhéileáil leis na gnéithe praiticiúla den sonrúchán faoi chosaint ó bunaíodh é, tá gá leis na leasuithe ar an tsonraíocht táirge atá á lorg d’fhonn tuairisc níos mionsonraithe ar na coinníollacha táirgthe agus margaíochta tábhachtacha go léir a chur ar fáil, lena n-áirítear na céimeanna táirgthe éagsúla, agus chun cáilíocht STFC “Vorarlberger Alpkäse” a áirithiú.

Cumascadh an tsonraíocht táirge a bhí ann roimhe, ina raibh roinnt doiciméad agus iarscríbhinní ar leithligh, i ndoiciméad aonair, agus rinneadh athbhreithniú uirthi agus tugadh cothrom le dáta í chun tuairisc níos soiléire ar na ceanglais a sholáthar, go háirithe maidir leis an modh táirgthe agus leis an gcruthúnas ar thionscnamh, rud a chuidíonn le cáilíocht STFC “Vorarlberger Alpkäse” a chaomhnú.

Níos sonraí ná sin, baineann na leasuithe sin leis seo a leanas:

1.   Tuairisc ar an táirge

Cuireadh an téacs faoi phointe 5(b) (Tuairisc) den tsonraíocht táirge san áireamh faoi phointe 4.2 (Tuairisc). Roinneadh an pointe sin, dá réir, ina phointí 4.2.1 (Ginearálta) agus 4.2.2 (Saintréithe). Rinneadh an téacs bunaidh níos sonraí agus níos struchtúrtha. Scriosadh an t-ábhar maidir le Saill san Ábhar Tirim (FiDM) [Fat in Dry Mass]. Méadaíodh meáchan na gcruinneán cáise aonair go 40 (in áit 35 kg) agus sonraíodh an íosthréimhse aibithe mar 3 mhí (in áit 3-6 mí).

Pointe 5b den tsonraíocht táirge reatha:

“Cáis chrua atá déanta as bainne amh nádúrtha (neamhtheirmithe, neamhsteirilithe trí lártheifneoiriú, neamhphaistéartha, gan leasaithigh nó cobhsaitheoirí, gan bhreiseáin cheimiceacha, gan binid a ndéantar innealtóireacht ghéiniteach uirthi) faighte ó eallaí a ndéantar iad a innilt ar alpa nó ar fhéarthailte alpacha, le craiceann triomaithe agus gráinneach de dhath idir donnbhuí agus donn. Tá an cháis daingean agus somhúnlaithe, eabhartha, agus is minic a bhíonn poill chruinne de mhéid pise inti. Is ionann an t-ábhar FiDM agus níos mó na 45 %. Bíonn meáchan suas le 35 kg ar na cruinneáin. Tá an blas séimh agus aramatach ach éiríonn sé níos géire agus an aois ag dul i méid.

Is é is íosthréimhse aibithe ná 3 go 6 mí, le hairíonna éagsúla féideartha (easpa scoilteanna, poill níos lú).”

a athscríobh mar a leanas:

4.2.   Tuairisc

4.2.1   Ginearálta

Is cáis chrua í “Voralberger Alpkäse” a tháirgtear ar alpa agus ar fhéarthailte alpacha sa limistéar sainithe ag úsáid bainne bó amh alpaigh atá neamhchóireáilte, saor ó stór agus oiriúnach do tháirgeadh na cáise crua. Bíonn meáchan suas le 40 kg ar a mhéad ar na cruinneáin cháise aonair agus déantar iad a aibiú ar feadh 3 mhí ar a laghad.

4.2.2   Airíonna

Tá craiceann triomaithe, gráinneach, de dhath idir donnbhuí agus donn ar an gcáis agus uigeacht atá daingean agus mín. Tá sé eabhartha. Nuair a ghearrtar í, léiríonn an cháis poill chruinne atá scaipthe go cothrom ach go tearc, thart ar mhéid pise, agus atá neamhlonrach agus lonrach. De ghnáth bíonn poill chruinne de mhéid pise ann. Bíonn blas séimh uirthi ach éiríonn sé níos géire agus an aois ag dul i méid.

Ag brath ar an leibhéal aibíochta, d’fhéadfadh na saintréithe a dtugtar tuairisc orthu a bheith níos suntasaí nó gan chomh suntasach sin, gan difear a dhéanamh d’íomhá fhoriomlán “Vorarlberger Alpkäse” ná gan í a athrú.

Is féidir “Vorarlberger Alpkäse” a mhargú i sciartha de mhéideanna difriúla.

Cúiseanna

Scriosadh na focail “níos mó ná 45 % FiDM” gan aon rud a chur ina n-ionad toisc nach raibh gá leo i bhfianaise na gceanglas dlíthiúil atá ann cheana. Rinneadh an fhoclaíocht, cuid di a thagann ón tsonraíocht agus cuid eile ar cuireadh isteach í, níos beaichte d’fhonn iomláine thuairisc an táirge a shoiléiriú agus a fheabhsú, agus, ar an gcaoi sin, paraiméadair táirge atá níos beaichte agus níos iontaofa a sholáthar don chomhlacht cigireachta chun cáilíocht an táirge a áirithiú. Sainíodh an íostréimhse aibithe ar bhonn níos beaichte chomh maith agus soiléiríodh í dá réir sin.

Tá gá le lamháltas níos fearr i dtéarmaí airde an mhúscáin agus mheáchan na gcruinneán cáise aonair i staid an mhargaidh agus na ndíolachán, ina bhfuil treocht i dtreo cáiseanna a ndearnadh iad a aibiú ar feadh tréimhse níos faide. Dá bhrí sin, méadaíodh an meáchan go 40 kg ar a mhéad. Níl éifeachtaí ná tionchar díobhálach ag an athrú seo ar cháilíocht “Vorarlberger Alpkäse”.

2.   Cruthúnas ar thionscnamh

Bogadh na barúlacha roimhe seo a bhain le stair an táirge faoi phointe 5(d) (Cruthúnas ar thionscnamh) den tsonraíocht táirge bhunaidh, a bhí le cur i láthair sa phointe seo tráth an aitheantais den sonrúchán atá i gceist, chuig pointe 4.6 (Nasc leis an limistéar geografach). Ina n-áit, áiríodh forálacha earnáil-sonracha ar inrianaitheacht a áirithiú faoi phointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh) den tsonraíocht leasaithe:

“Coimeádann an comhlachas is iarratasóir clár na dtáirgeoirí ina liostaítear gach Sennalpe (cábán alpach) sa limistéar geografach a dtáirgtear ‘Vorarlberger Alpkäse’ ann in éineacht le hainm an ailp agus leis an seoladh teagmhála. Bíonn ar an Sennalpe iarratas sonrach a chur faoi bhráid an chomhlachais is iarratasóir le bheith curtha san áireamh ar an gclár sin.

Ceadaítear tuilleadh iompair den bhainne a úsáidtear ó dhéirí cáise alpaí formheasta amháin go ceann eile laistigh den limistéar sainithe. Ar mhaithe le hinrianaitheacht a áirithiú, ní mór cainníocht an bhainne a iompraítear a dhoiciméadú trí nóta seachadta.

Ar mhaithe le hinrianaitheacht ‘Vorarlberger Alpkäse’ níos faide ná slabhraí soláthair a áirithiú, eisíonn an comhlachas is iarratasóir marc cáiséine arna iarraidh sin dó. Tá sraithuimhir sa mharc sin.

Cuimsíonn an marc cáiséine atá le húsáid an téacs seo a leanas:

‘G.U.-VBG

ALPKAESE

XXXXXX’

Ní mór don Sennalpe an marc cáiséine ina bhfuil an tsraithuimhir a ghreamú ar gach cruinneán cáise a thairgtear sula mbrúitear an cháis agus taifead a dhéanamh air sa tuarascáil táirgthe laethúil. Doiciméadaítear sa tuarascáil táirgthe laethúil dáta an táirgthe, cainníocht an bhainne a phróiseáiltear, an teocht téimh agus an líon cáiseanna a tháirgtear an lá sin chomh maith. Is féidir comhlíontacht leis an tréimhse aibithe a rianú trí na taifid táirgthe/tríd an mbaisce táirgthe. Is féidir an cháis a aibiú agus a stóráil i siléir aibithe réigiúnacha ag airdí níos ísle sa limistéar sainithe.

Nuair a dhíoltar ‘Vorarlberger Alpkäse’, ní mór don Sennalpe taifid a choimeád lena bhféadfar inrianaitheacht a sholáthar (e.g. nótaí/baisceanna seachadta).”

Cúiseanna

Ós rud é nach raibh aon rialacha maidir le cruthúnas ar thionscnamh sa tsonraíocht go dtí seo, meastar go mbeadh sé oiriúnach faisnéis a áireamh ar inrianaitheacht an táirge i bpointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh) den tsonraíocht táirge. Tá forálacha ann anois chun inrianaitheacht a áirithiú. Ina theannta sin, bogadh roinnt téacs ó phointe 5(h) bunaidh (Lipéadú) go pointe 4.4. Ceadófar tuilleadh iompair den bhainne a úsáidtear ó dhéirí cáise alpaí formheasta amháin go ceann eile laistigh den limistéar sainithe amach anseo ós rud é, de bharr staid reatha na teicneolaíochta, nach ndéanann sé sin difear don cháilíocht a thuilleadh agus áirithíonn sé táirgeadh STFC “Vorarlberger Alpkäse”. Tá gá leis sin de bharr mhéadú na deacrachta chun foireann a aimsiú mar gheall ar dhéine ollmhór na hoibre agus ar an neamhchinnteacht a bhaineann le táirgeadh cáise alpaí a choinneáil ar bun ar ár n-alpa. Ní mór cainníocht an bhainne a dhoiciméadú.

3.   Limistéar geografach

Pointe 5c den tsonraíocht táirge reatha:

“Limistéir a chuimsíonn alpa agus féarthailte alpacha i gcúige Vorarlberg na hOstaire. Tá na feirmeacha alpacha a aithnítear go hoifigiúil lonnaithe ag airdí idir 1 000 m agus 1 800 m os cionn leibhéal na mara agus ní oibrítear iad ach amháin le linn mhíonna an tsamhraidh i gcomhthéacs an bhuailteachais alpaigh.”

agus léarscáil na hOstaire a chuirtear isteach freisin

leasaíodh é mar a leanas:

4.3.   Limistéar geografach

Táirgtear “Vorarlberger Alpkäse” i gcúige Vorarlberg ag airdí idir 1 000 m agus 1 800 m os cionn leibhéal na mara. Ní oibrítear na feirmeacha alpacha a aithnítear go hoifigiúil ach amháin le linn mhíonna an tsamhraidh i gcomhthéacs an bhuailteachais alpaigh.’

Léarscáil airde den limistéar geografach críochaithe:

Cúiseanna

Laghdaíodh an téacs. Leagtar amach an ceanglas sa tsonraíocht a bhaineann le feirmeacha alpacha a aithnítear go hoifigiúil i bpointe 4.5 (An modh táirgthe) (go sonrach pointe 4.5.1 (Amhábhar – bainne)). Cuireadh léarscáil nua den limistéar geografach críochaithe leis chomh maith. Tá faisnéis ar an airde os cionn leibhéal na mara sa léarscáil anois chomh maith. Ní athraíonn sé sin críochú an limistéir gheografaigh.

4.   An modh táirgthe

Cuireadh foclaíocht níos beaichte ar an téacs bunaidh de phointe 5(e) (An modh táirgthe) den tsonraíocht táirge agus roinneadh é ina bpointí 4.5.1 (Amhábhar – bainne), 4.5.2 (Táirgeadh) agus 4.5.3 (Saineolas – eolas faoi tháirgeadh).

Pointe 5e den tsonraíocht táirge:

“Próiseáiltear an bainne amh atá saor ó shadhlais agus oiriúnach do tháirgeadh na cáise crua a fhaightear ar na hApla ó thréada bó a rialaítear go hoifigiúil, nach bhfuil teirmithe, paistéartha nó steirilithe trí lártheifneoiriú, ar an láthair gan iompar ná stóráil láithreach. Aistrítear an bainne a fhaightear sa tráthnóna láithreach go coimeádáin níos lú (pannaí bainne adhmaid nó dabhcha) chun ligean don uachtar ardú. An lá dár gcionn, bearrtar uachtar (im alpach) de láimh chun cion saille inmhianaithe an táirge a bhaint amach. Measctar an bainne aibithe agus bearrtha sin le chéile leis an lánbhainne a fhaightear ar maidin, le haigéad lachtach / saothráin bhaictéar agus le binidí cáise alpaí i gcoirí alpacha (copar). Baintear na gruthanna de láimh ag úsáid éadach cáise agus gan innealra a úsáid. Déantar na gruthanna a théamh idir 51,5 °C agus 52,5 °C, preasáiltear iad agus cóireáiltear iad le saille go tráthrialta le haghaidh foirmithe mhaithe craicinn. Ní tharlaíonn táirgeadh cáise ach amháin le linn innilt samhraidh na n-eallaí (a mbeathaítear iad trí innilt ar fhéarthailte alpacha amháin). De bharr na gearrthréimhse innilte alpaí (3-4 mhí), ní bhíonn an táirge ar fáil ach amháin dé réir séasúir agus i gcainníochtaí teoranta.

Toirmisctear bainne ó fheirmeacha gleannta a chur leis i bhfoirm ar bith.

Tá rialacha náisiúnta i bhfeidhm maidir le feirmeoireacht agus sláinte ainmhithe agus le sláinteachas feirme agus foirne. Soláthraítear dearbhú cáilíochta trí chigireachtaí agus trí oiliúint foirne agus sláinteachais.”

leasaíodh é mar a leanas:

4.5.1.   Amhábhar (bainne)

Táirgtear “Vorarlberger Alpkäse” ó bhainne bó alpach amh agus ón mbainne sin amháin le linn innilt samhraidh ar na hAlpa. Cé is moite de chásanna eisceachtúla (e.g. galar, sneachta nó éastras), ní mór don innilt tarlú ar bhonn laethúil le linn mhíonna an tsamhraidh. Níor cheart eallaí a sheoladh chuig féarthailte lasmuigh de limistéar Sennalpe. Ní cheadaítear aon bhainne seachas bainne bó ó fheirmeacha a aithnítear go hoifigiúil atá suite ar alpa nó ar fhéarthailte alpacha lonnaithe sa limistéar geografach sainithe. Níor cheart bainne teirmithe nó paistéartha nó bainne steirilithe trí lártheifneoiriú a úsáid do tháirgeadh “Vorarlberger Alpkäse”. Toirmisctear bainne ó fheirmeacha gleannta a chur leis in aon fhoirm. Tá féara agus luibheanna míne na bhféarthailte ón limistéar geografach sainithe le fáil sa bhainne a úsáidtear do “Vorarlberger Alpkäse”. Itheann ba na féara agus na luibheanna agus iad úr mar fhoráiste glas nó triomaithe mar fhéar tirim. Toirmeasctar beathú le beatha choipthe nó le sadhlas go sainráite.

Ceadaítear úsáid gráin bhrúite mar bheatha chúitimh nó chomhlántach ó limistéir eile suas le cion 20 % d’ábhar tirim go bliantúil.

D’fhéadfaí grán brúite a cheannach ó limistéir eile toisc nach bhfuil an limistéar geografach, mar réigiún sléibhe tipiciúil ina bhfuil féarach agus sraith éadomhain de húmas, oiriúnach do bharra a fhás. Ciallaíonn sé sin nach bhfástar agus nach dtáirgtear aon ghránaigh nó bharra comhchosúla sa limistéar, agus caithfear iad a cheannach ó limistéir eile mar sin.

Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh céatadán an fharae ón limistéar geografach níos lú ná 80 % den ábhar tirim iomlán a thugtar do bha atá ag lachtadh go bliantúil. Ceadaítear grán brúite de thionscnamh áit éigin eile a chur leis suas le cion 20 % d’ábhar tirim na coda faoi seach.

4.5.2.   Táirgeadh

Ní féidir ach bainne amh atá saor ó stór, neamhtheirmithe, neamhphaistéartha agus nach bhfuil steirilithe trí lártheifneoiriú a úsáid. Ní cheadaítear leasaithigh, cobhsaitheoirí, breiseáin a ndéantar iad a tháirgeadh go ceimiceach agus binid ghéinmhodhnaithe a chur leis.

Bearrtar an bainne amh go páirteach agus déantar é a réamhaibiú le meadhg agus/nó saothrán baictéar aigéid lachtaigh. Bearrtar an bainne amh go páirteach agus déantar é a réamhaibiú le meadhg agus/nó saothrán baictéar aigéid lachtaigh. Measctar an bainne aibithe bearrtha sin le chéile ansin leis an mbainne amh a fhaightear ar maidin, le saothráin bhaictéar aigéid lachtaigh agus binidí cáise alpaí i gcoirí alpacha (copar). Baintear gruthanna ag úsáid éadach cáise nó tríd an meascán gruthanna/meidhg a aistriú go múnlaí cáise. Gearrtar an bainne ramhraithe (téachta) ansin chuig an méid inmhianaithe ag úsáid gearrthóra grutha. Tarlaíonn an chéad chéim eile den fhoirmíocht cáise ansin, forbraíonn na gruthanna tuilleadh agus tarlaíonn siniréis (nuair a scarann an meadhg ó na gruthanna). Déantar na gruthanna a théamh idir 51 °C agus 54 °C agus aistrítear iad go múnlaí ansin agus preasáiltear iad.

Is é is uasmheáchan na gcáiseanna na 40 kg, ag brath ar mhéid an chruinneáin cáise. Cuirtear na cáiseanna i ndabhach sáile ansin le cion salainn thart ar 20 Bé° ionas go n-ionsúnn an cháis an salann, go bhfoirmíonn an craiceann agus go bhforbraíonn struchtúr na cáise, rud a fhágann go bhfuil an cháis séalaithe ón taobh amuigh agus í ag aibiú go críochnúil agus go cothrom taobh istigh di. Bíonn comhsheasmhacht aonfhoirmeach agus dhlúth “Vorarlberger Alpkäse” mar thoradh air sin. Déantar na cáiseanna a aibiú ansin ar feadh 3 mhí ar a laghad, ag brath ar chineál an chraicinn agus ar thaithí an phróiseálaithe bainne, ag teocht idir 10 °C agus 17 °C agus taise is mó na 80 %. Le linn an aibithe, déantar na cáiseanna a chóireáil go tráthrialta (scuabtha nó cuimilte) le huisce salainn (cion salainn suas le 20 Bé°) suas le trí huaire in aghaidh na seachtaine chun foirmíocht chraicinn thipiciúil a áirithiú agus chun an blas a fhorbairt. I ndiaidh na híosthréimhse aibithe, tá cáis “Vorarlberger Alpkäse” réidh le hithe.

4.5.3.   Saineolas – eolas faoi tháirgeadh

Is de bharr thaithí na gcáiseoirí áitiúla maidir le táirgeadh agus le haibiú cáise a bhainistiú go háirithe atá cáilíocht “Vorarlberger Alpkäse”. Tá ealaín na cáiseoireachta bunaithe ar shaineolas na ndéantóirí cáise atá páirteach sa táirgeadh ar bhealaí éagsúla ag brath ar a ról aonair féin sa phróiseas, ina mbaintear cáilíocht thipiciúil “Vorarlberger Alpkäse” amach. Tosaíonn sé sin leis an úsáid de shaothráin bhaictéar aigéid lachtaigh. Mar shampla, eascraíonn cinntí amhail comhdhéanamh na saothrán baictéar aigéid lachtaigh, teocht, tréimhse sosa, cainníocht agus cion a chuirtear leis agus coinníollacha stórála as taithí an déantóra cáise. Baineann gné ar leith dá dtaithí le stóráil agus le haibiú sonrach an bhainne amh ar bhealach atá fabhrach d’fhoirmíocht na mbaictéar aigéid lachtaigh a chuireann feabhas suntasach ar shaintréithe na cáise i dtéarmaí seilfré, bolaidh agus blais. Tá úsáid na binide bó, uainiú agus bealach an ghearrtha den bhainne ramhraithe (téachta) agus méid na ngruthanna, forbairt na cáise agus téamh an mheascáin gruthanna/meidhg de thoradh ar thaithí sonrach gcáiseoirí agus tá siad thar a bheith tábhachtach do cháilíocht “Vorarlberger Alpkäse”.

Ní mór don cháiseoir faireachán géar a dhéanamh ar gach céim den táirgeadh cáise agus an t-am ceart do gach céim próiseála a shainaithint. Mar shampla, is réamhriachtanas tábhachtach é téamh cúramach “Vorarlberger Alpkäse” idir 51-54 °C tar éis don bhainne téachta a ghearradh do sheilfré fhada na cáise. An tráth céanna, ní mór an bainne a láimhseáil go cúramach lena áirithiú go gcoinnítear cuid mhór de na saintréithe agus de na codanna aramatacha agus micribhitheolaíocha agus, dá bharr sin, cáilíochtaí sonracha an bhainne. Ina theannta sin, ciallaíonn na coinníollacha beathaithe a athraíonn go nádúrtha ar na féarthailte alpacha nach bhfuil saintréithe sonracha ar bith ag an mbainne ach go luainíonn a cháilíocht (i dtéarmaí ábhair próitéine nó comhdhéanaimh bainne eile, mar shampla). Cuireann taithí leathan dhéantóirí “Vorarlberger Alpkäse” ar a gcumas cúiteamh go dóthanach i leith na luaineachtaí nádúrtha sin. Tá láimhseáil chúramach na gcéimeanna seo go léir ríthábhachtach don chuid eile den phróiseas aibithe agus dá réir sin do cháilíocht an táirge deiridh. Le linn an aibithe, ní mór aird ar leith a thabhairt do láimhseáil chúramach na cáise. De thoradh ar a dtaithí, tá a fhios ag na déantóirí cáise go hintinneach nuair gur cheart an cháis a chasadh, a scuabadh agus a chuimilt, agus tá tionchar suntasach acu dá bhrí sin ar cháilíocht na cáise.

Éascaíonn próiseas leanúnach oiliúna as cruinnithe tráthrialta tréadaithe agus cáiseoirí, ag a roinneann siad an t-eolas atá bainte amach acu, rud a chuidíonn le cáilíocht agus le traidisiún “Vorarlberger Alpkäse” a choinneáil ar bun.

Cúiseanna

Cuireadh athruithe i bhfeidhm ar an bpróiseas táirgthe agus é mar aidhm acu cáilíocht sho-aitheanta “Vorarlberger Alpkäse” a áirithiú, atá bunaithe go háirithe ar eolas na dtáirgeoirí faoin modh táirgthe traidisiúnta. In éineacht leis an bhfoclaíocht – atá leasuithe anois – a bhí sa tsonraíocht bhunaidh cheana féin, tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar an modh táirgthe traidisiúnta, go háirithe tríd an modh próiseála a shainiú ar bhealach níos beaichte.

Baineann na leasuithe aonair leis na pointí seo a leanas:

Amhábhar – bainne

Ní bhíonn sé leordhóthanach i gcónaí eallaí a bheathú trí innilt amháin chun sláinte na n-ainmhithe a choinneáil ar bun toisc go mbíonn ba déiríochta ar thalamh alpach neamhchosanta ar strus meitibileach de bharr teagmhas adhaimsire (triomach, tréimhsí fada báistí, etc.) agus an t-athrú aeráide a mbaineann leo, rud a laghdaíonn infhaighteacht beatha fhéaraigh. Thairis sin, tá riachtanais fuinnimh éagsúla ag pórtha bó difriúla a gcoinnítear iad ar fhéaraigh alpacha agus teastaíonn beatha chomhlántach uatha dá bharr sin le haghaidh a bhfolláine.

Mar thoradh air sin, ar mhaithe le soláthar cothrom cothaitheach atá riachtanach le haghaidh folláine ainmhithe, go neamhspleách ar choinníollacha aeráide eisceachtúla, amhail triomaigh, cuireadh ar a chumas grán brúite a cheannach agus a úsáid mar bheatha chúiteach agus chomhlántach suas le cion 20 % d’ábhar tirim go bliantúil.

Ní dhéanann an maolú thuas d’fhorlíonta beatha difear d’ardcháilíocht leanúnach an bhainne toisc nach mór don fharae ghairbh teacht ón limistéar sainithe.

Bogadh an ceanglas i bpointe 5(c) den tsonraíocht táirge maidir le feirmeacha alpacha a aithnítear go hoifigiúil ag airde idir 1 000 m agus 1 800 m go pointe 4.5.1 (Amhábhar – bainne) agus rinneadh sainiú níos mionsonraithe air. Ní mór don bhainne teacht ó bha i bhfeirmeacha atá suite ar alpa nó ar fhéaraigh alpacha ar eisigh údarás inniúil (Gníomhaireacht Sábháilteachta Bia na hOstaire) uimhir cheadaithe orthu. Tá údar leis sin de bharr na gceanglas sláinteachais sonrach a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 (An Rialachán um Shláinteachas Beatha Ainmhithe), go gceanglaítear ar ghabháltais a tháirgeann an cháis iad a chomhlíonadh. Liostaítear na gabháltais fhormheasta agus iad a cheadú sa Rialachán.

Tá tuilleadh iompair ó dheirí alpach formheasta amháin go ceann eile laistigh den limistéar sainithe le bheith ceadaithe amach anseo toisc nach ndéanann sé seo difear a thuilleadh do cháilíocht de bharr staid reatha na teicneolaíochta. Ní mór don dá dheirí alpacha trí nóta seachadta cáilíocht an bhainne a iompraítear a dhoiciméadú.

Táirgeadh

Tugtar tuairisc ar tháirgeadh “Vorarlberger Alpkäse” sna céimeanna mionsonraithe, ó phróiseáil an bhainne amh go dtí an gcéim aibithe le linn stórála, agus tagairt á déanamh do na paraiméadair theicniúla gur gá cloí leo chun cáilíocht a áirithiú.

Is féidir an gruth a théamh anois idir 51 °C agus 54 °C (seachas idir 51,5 °C agus 52,5 °C mar a rinneadh roimhe). Ceadaíodh réimse níos leithne de theochtaí téimh toisc nach bhfuil sé indéanta, i gcás an téimh láimhe, teocht bheacht a shocrú, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le lamháltas níos leithne. Níl tionchar diúltach ag an réimse lamháltais nua do theochtaí téimh ar cháilíocht an táirge. Ní cheadaítear leasaithigh, cobhsaitheoirí agus breiseáin ar táirgeadh go ceimiceach iad a chur leis go fóill. Rinneadh sé sin níos soiléire trí fhoclaíocht atá níos beaichte.

A mhéid a bhaineann le meadhg nó le saothráin aigéid lachtaigh na feirme féin, rinneadh soiléir é go dtáirgtear an máthairshaothrán stairiúil go lárnach sa lá atá inniu ann agus go n-úsáidtear é tuilleadh go hinmheánach ansin mar shaothrán feirme le haghaidh tháirgeadh “Vorarlberger Alpkäse”. Tá ról ríthábhachtach ag taithí na bpróiseálaithe bainne ina leith sin.

Soiléiríodh an cion salainn agus oiriúnaíodh é do chritéir atá infhíoraithe go praiticiúil ag úsáid an Scála Baumé (Bé). Sonraíodh an cion salainn ag suas le 20 °Bé. Soiléiríodh foirmíocht an chraicinn is saintréith de “Vorarlberger Alpkäse” agus an cháilíocht a bhaineann leis an gcáis a thuilleadh agus rinneadh tagairt do bhainistíocht an cháiseora agus don aeráid aibithe.

Saineolas – eolas ar tháirgeadh

Toisc nach raibh aon phríomhbharúlacha sa tsonraíocht a bhí ann cheana ar eolas traidisiúnta na dtairgeoirí, rinneadh é níos sonraí ina leith sin, agus soláthraíodh tuairiscí ar dhintiúir na speisialtóirí. Tá tuairisc ann chomh maith ar ghníomhaíochtaí leanúnacha a dhíríonn ar an traidisiún a chur ar aghaidh chun cáilíocht a áirithiú, mar thoradh air sin a d’fhéadfaí stop a chur le caillteanas nó le caolú an tsaineolais go héifeachtach agus eolas traidisiúnta ar an táirge a choinneáil ar bun.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Bogadh an fhaisnéis ar áiríodh í cheana faoi phointe 5(d) (Cruthúnas ar thionscnamh) go pointe 4.6 (Nasc leis an limistéar geografach).

Áiríodh an fhaisnéis ar áiríodh í cheana faoi phointe 5(f) (Nasc) faoi phointe 4.6 (Nasc leis an limistéar geografach). Tugadh tuairisc chuimsitheach ar éifeachtaí na dtosca aeráide agus daonna sa limistéar geografach, lenar soláthraíodh miontuairisc ar shaineolas sonrach na dtáirgeoirí réigiúnacha, nár luadh é ach sa tsonraíocht amháin roimhe seo, amhail eolas traidisiúnta na dteicnící stórála speisialta agus ardleibhéal an tsaineolais maidir le teicnící táirgthe agus le bainistíocht aibithe, rud atá ríthábhachtach chun airíonna orgánaileipteacha na cáise a chothú.

Cúiseanna

Oiriúnaíodh an tsonraíocht do cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 sa mhéid is gur bogadh na barúlacha stairiúla, amhail fianaise dhoiciméadach agus seantraidisiúin maidir le “Vorarlberger Alpkäse”, ar tugadh tuairisc orthu i dtosach báire sa roinn ar chruthúnas ar thionscnamh, go pointe 4.6 (Nasc leis an limistéar geografach).

6.   Lipéadú

Bogadh téacs bunaidh phointe 5(h) (Lipéadú) den tsonraíocht táirge go pointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh) agus oiriúnaíodh é do na ceanglais doiciméadachta reatha.

Mar shampla, tá ceanglais sa tsonraíocht bhunaidh (maidir le dáta an táirgthe agus ainm an ailp agus/nó an fhéaraigh alpaigh a ghreamú ar an táirge) neamhriachtanach de thoradh ar dhoiciméadacht gur gá í a sholáthar anois chun críocha cruthúnais ar thionscnamh. Soiléiríodh an marc cáiséine atá le húsáid. Tá greamú an mhairc ar phacáistíocht na sciartha cáise neamhriachtanach anois toisc go ráthaítear inrianaitheacht baisce i gcás sciartha.

Bogadh na rialacha ar lipéid phríobháideacha a leagtar amach i bpointe 5(h) (Lipéadú) den tsonraíocht táirge bhunaidh go pointe 4.8 (Lipéadú).

“Ceadaítear lipéid phríobháideacha a úsáid. Mar sin féin, níor cheart an lipéad príobháideach a úsáid chun an tomhaltóir a chur amú nó damáiste a dhéanamh do dhea-chlú STFC.”

Cúiseanna

Soiléiríodh agus leathnaíodh ceanglais maidir le bainistiú na lipéad príobháideach. Leanfar de lipéid phríobháideacha a cheadú.

7.   Leasuithe eagarthóireachta

7.1.   Tugadh ainm agus mionsonraí údarás inniúil an Bhallstáit cothrom le dáta.

7.2.   Ceartaíodh seoladh an ghrúpa iarratasóra.

Cúiseanna

D’athraigh seoladh an ghrúpa iarratasóra ó uair a cosnaíodh an sonrúchán agus tugadh é cothrom le dáta in éineacht le mionsonraí leasaithe an údaráis inniúil.

7.3.   Comhlacht cigireachta

Rinneadh an roinn ina bhfuil sonraí teagmhála an chomhlachta cigireachta a leasú toisc gur cuideachta phríobháideach é an comhlacht anois, is é sin Lacon GmbH.

7.4.   Athruithe ar leagan amach/chur i láthair na sonraíochta táirge

Roinnt de na ceannteidil a athuimhriú agus a leasú chun an fhaisnéis a dhéanamh níos soiléire agus níos beaichte.

7.5.   Ceanglais náisiúnta

Scriosadh an ceannteideal “Ceanglais Náisiúnta” gan é a ionadú toisc go bhfuil siad sin neamhriachtanach i bhfianaise na gceanglas rialála.

DOICIMÉAD AONAIR

“Vorarlberger Alpkäse”

Uimh. AE: PDO-AT-1413-AM01 – 5.4.2022

STFC (X)PGI ()

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Vorarlberger Alpkäse”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Ostair

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1   An cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.3. Cáiseanna

3.2   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is cáis chrua í “Voralberger Alpkäse” a tháirgtear ar alpa agus ar fhéarthailte alpacha sa limistéar sainithe ag úsáid bainne bó amh alpaigh atá neamhchóireáilte, saor ó stór agus oiriúnach do tháirgeadh na cáise crua. Bíonn meáchan suas le 40 kg ar a mhéad ar na cruinneáin cháise aonair agus déantar iad a aibiú ar feadh 3 mhí ar a laghad.

Tá craiceann triomaithe, gráinneach, de dhath idir donnbhuí agus donn ar an gcáis agus uigeacht atá daingean agus mín. Tá sé eabhartha. Nuair a ghearrtar í, léiríonn an cháis poill chruinne atá scaipthe go cothrom ach go tearc, thart ar mhéid pise, agus atá neamhlonrach agus lonrach. De ghnáth bíonn poill chruinne de mhéid pise ann. Bíonn blas séimh uirthi ach éiríonn sé níos géire agus an aois ag dul i méid.

Ag brath ar an leibhéal aibíochta, d’fhéadfadh na saintréithe a dtugtar tuairisc orthu a bheith níos suntasaí nó gan chomh suntasach sin, gan difear a dhéanamh d’íomhá fhoriomlán “Vorarlberger Alpkäse” ná gan í a athrú.

3.3   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Ní féidir úsáid a bhaint ach amháin as bainne bó ó ghabháltais aitheanta ar alpa nó ar fhéaraigh alpacha a bhfuil bainistíocht féarthalaimh iontu chun “Vorarlberger Alpkäse” a tháirgeadh. Ní cheadaítear táirgeadh ná beathú ar shadhlas.

Ceadaítear úsáid beatha breise i bhfoirm gráin bhrúite suas le cion 20 % d’ábhar tirim go bliantúil. D’fhéadfaí grán brúite a cheannach chomh maith ó limistéir eile toisc nach bhfuil an limistéar geografach, mar réigiún sléibhe tipiciúil ina bhfuil féarach agus sraith éadomhain de húmas, oiriúnach do tháirgeadh talmhaíochta. Ciallaíonn sé sin nach bhfástar agus nach dtáirgtear aon ghránaigh nó bharra comhchosúla sa limistéar, agus caithfear iad a cheannach ó limistéir eile mar sin.

Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh céatadán an fharae ón limistéar geografach níos lú ná 80 % den ábhar tirim iomlán a thugtar do bha atá ag lachtadh go bliantúil. Ceadaítear grán brúite de thionscnamh áit éigin eile a chur leis suas le cion 20 % d’ábhar tirim na coda faoi seach.

3.4   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór an t-amhábhar a tháirgeadh, a phróiseáil agus a aibiú sa limistéar sainithe.

3.5   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

---

3.6   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór na cáiseanna a shainaithint le marc cáiséine ina bhfuil sraithuimhir. Tá an comhlachas is iarratasóir freagrach as an tsraithuimhir a riaradh agus a leithdháileadh.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Táirgtear “Vorarlberger Alpkäse” i gcúige Vorarlberg ag airdí idir 1 000 m agus 1 800 m os cionn leibhéal na mara. Ní oibrítear na feirmeacha alpacha a aithnítear go hoifigiúil ach amháin le linn mhíonna an tsamhraidh i gcomhthéacs an bhuailteachais alpaigh.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá airíonna saintréitheacha “Vorarlberger Alpkäse” inchurtha i leith an bhainne a úsáidtear don táirgeadh, a chomhábhar agus a bhlais agus a chomhsheasmhachta, atá faoi thionchar an fhlóra alpaigh i Vorarlberg, agus i leith choinníollacha aeráide agus daonna (táirgeadh ceardaíochta traidisiúnta) an phróisis táirgthe. Choinnigh na gabháltais Alpacha táirgeadh ceardaíochta agus láimhseáil chúramach/aibiú cúramach na gcáiseanna ar bun go dtí an lá atá inniu ann. Bíonn cáilíocht speisialta agus seilfré fhada “Vorarlberger Alpkäse” mar thoradh air sin.

Nochtann an bainne a úsáidtear do tháirgeadh “Vorarlberg Alpkäse” gné blais ar leith mar gheall ar fhásra alpach an limistéir táirgthe agus úsáid beatha atá glas den chuid is mó do na hainmhithe, a thugann, i gcomhar leis an modh táirgthe ceardaíochta traidisiúnta, na hairíonna saintréitheacha don cháis. Cuireann táirgeadh cáise go mór le cothabháil fheirmeoireacht sléibhte Vorarlberg agus tá sé fíor-riachtanach d’éagsúlacht éiceolaíoch agus do chobhsaíocht thírdhreach cultúrtha alpach Vorarlberg.

In Vorarlberg, tá talmhaíocht dírithe go heisiach ar bhainistíocht féarthalaimh. Tá feirmeacha alpacha faoi réir toirmisc dhocht ar bheathú sadhlais (nó beatha choipthe). Ní féidir “Vorarlberger Alpkäse” d’ardcháilíocht a tháirgeadh ach amháin trí shadhlas a thoirmeasc.

Is táirge é “Vorarlberger Alpkäse” a tháirgtear agus a itear sa limistéar sainithe ar feadh na gcéadta bliain. Táirgeadh cáis san áit a bhfuil dúiche Vorarlberg le fáil sa lá atá inniu ann an t-am sin go léir. Ar dtús, agus ar feadh na gcéadta bliain, táirgeadh cáis le haghaidh tomhaltais dhílis agus margaíochta réigiúnaí go príomha. Cuireann táirgeadh cáise alpaí go mór le cothabháil fheirmeoireacht sléibhte Vorarlberg agus tá sé fíor-riachtanach d’éagsúlacht éiceolaíoch agus do chobhsaíocht thírdhreach cultúrtha alpach Vorarlberg. Le linn an bhuailteachais alpaigh idir feirmeacha gleanna, féaraigh alpacha agus alpa, is gné eacnamaíoch thábhachtach í próiseáil an bhainne amh ar na halpa de chothabháil feirmeacha talmhaíochta agus déiríochta in Vorarlberg.

Léiríonn doiciméid go raibh modhanna cáiseoireachta traidisiúnta an réigiúin in úsáid cheana féin le linn an Chogaidh Tríocha Bliain. Tá an próiseas sin mar bhunús faoi phróiseas táirgthe “Vorarlberger Alpkäse” sa lá atá inniu ann. San 18ú céad, próiseáladh cuid mhaith den bhainne alpach a tháirgtear le linn mhíonna an tsamhraidh i gcomhthéacs an bhuailteachais alpaigh chun cáis alpach a dhéanamh de cheana féin. Tá an sonrúchán “Vorarlberger Alpkäse” in úsáid ó shin.

Bhí forbairt ar tháirgeadh cáise saille ina raibh baint ag teicnící cáiseoireachta sonracha mar thoradh, i lár an 18ú céad, ar choinníollacha réigiúnacha, amhail airde, aeráid, flóra agus fána agus struchtúr mionscála na bhfeirmeacha. D’eascair seilfré níos faide agus breisluach níos fearr as sin.

Cuireadh eolas teicniúil agus scileanna an táirgthe cáise ar carnadh iad sa limistéar críochaithe (beathú na n-ainmhithe, próiseáil bhainne, teicneolaíocht táirgthe agus aibithe) ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Rinneadh tuilleadh forbartha ar an eolas agus ar na scileanna sin agus feidhmíonn siad go dtí an lá inniu mar bhunús faoi tháirgeadh “Vorarlberger Alpkäse”.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.patentamt.at/herkunftsangaben/vorarlbergeralpkaese/

Is féidir rochtain dhíreach a fháil uirthi freisin trí shuíomh gréasáin Oifig Paitinní na hOstaire (www.patentamt.at) trí nascleanúint a dhéanamh mar a leanas: “Trádmharcanna / Tásca Geografacha / Liosta thásca geografacha na hOstaire”. Tá an téacs le feiceáil faoi ainm an tsonrúcháin cáilíochta.


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 156/45


Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí

(2023/C 156/08)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MION MAIDIR LE SONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH SONRÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar leasú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“VORARLBERGER BERGKÄSE”

Uimh. AE: PDO-AT-1419-AM01 - 5.4.2022

STFC (X) TGFC ()

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

ARGE Milch Vorarlberg, Montfortstr. 9, 6900 Bregenz, An Ostair

Teil. +43 5574400350

Facs +43 5574400600

R-phost: fritz.metzler@lk-vbg.at

Is é an t-iarratasóir atá ann faoi láthair an comharba dlíthiúil ar an ngrúpa iarratasóra bunaidh maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a eascraíonn as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Vorarlberger Bergkäse”. Déanann sé ionadaíocht do leasanna táirgeoirí STFC “Vorarlberger Bergkäse” agus dá bhrí sin tá leas dlisteanach aige maidir le leasuithe ar an tsonraíocht a iarraidh.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Ostair

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

An modh táirgthe

Nasc leis an limistéar geografach

Lipéadú

Eile (athrú ar mhionsonraí seirbhíse inniúla, ainm an ghrúpa iarratasóra bhunaidh, chomhlacht cigireachta, ceanglais náisiúnta, leasuithe dréachtaithe)

4.   Cineál an leasaithe nó na leasuithe

Leasuithe ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach féidir a cháiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasuithe ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe, nár foilsíodh doiciméad aonair (nó a chomhionann) ina leith, nach féidir a mheas gur mionleasú é de réir an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

5.   Leasú nó leasuithe

I bhfianaise na taithí a fuarthas agus gnéithe praiticiúla an tsonrúcháin chosanta ó bunaíodh é á bplé, tá gá leis na leasuithe ar an tsonraíocht táirge atá á n-iarraidh d’fhonn tuairisc níos mionsonraithe ar na dálaí tábhachtacha táirgthe agus margaíochta uile a sholáthar, lena n-áirítear céimeanna éagsúla an táirgthe, agus cáilíocht STFC “Vorarlberger Bergkäse” a áirithiú.

Cumascadh leagan na sonraíochta táirge roimhe seo, a chuimsíonn roinnt doiciméid agus iarscríbhinní ar leithligh, i ndoiciméad aonair, leasaithe agus nuashonraithe chun tuairisc níos soiléire ar na ceanglais a sholáthar, go háirithe maidir leis an modh táirge agus an cruthúnas ar thionscnamh, agus dá réir sin cuidiú le cáilíocht STFC “Vorarlberger Bergkäse” a chaomhnú.

Go sonrach, baineann na leasuithe leis an méid seo a leanas:

1.   Tuairisc ar an táirge

Cuireadh an téacs faoi phointe 5(b) (Tuairisc) agus na míreanna breise a cuireadh leis an bpointe sin den tsonraíocht táirge bhunaidh leis faoi phointe 4.2 (Tuairisc). Roinneadh an pointe sin, ina sheal, ina phointí 4.2.1 (Ginearálta) agus 4.2.2 (Saintréithe). Rinneadh an téacs bunaidh níos sonraí agus níos struchtúrtha. Scriosadh an t-ábhar maidir le cion saille in ábhar tirim (FiDM). Méadaíodh meáchan na gcruinneán cáise aonair chuig 7-40 kg (in ionad 8-35 kg) agus cuireadh síneadh le raon airde an mhúscáin chuig 8-12 cm (10-12 cm roimh sin). Sonraíodh an tréimhse aibithe íosta mar thréimhse 3 mhí.

Pointe 5b den tsonraíocht táirge:

“Déantar ‘Vorarlberger Bergkäse’ as bainne (bó) amh nádúrtha ag a bhfuil thart ar 50 % FiDM agus tá craiceann gráinneach idir screamh-aibithe agus triomaithe, idir donnbhuí agus donn aige. Tá meáchan idir 8 kg agus 35 kg sna cruinneáin agus tá airde 10-12 cm iontu. Tá na poill chruinne, atá beagnach ar aon mhéid le piseanna, idir neamhlonrach agus lonrach agus dáiltear go cothrom iad. Tá an cháis idir teann agus somhúnlaithe agus tá dath idir dath an eabhair agus buí éadrom uirthi. Tá an blas idir spíosrach agus géar. Is ionann an t-amhábhar agus bainne ó bha a bhíonn ar innilt ar fhéarthailte Alpacha agus sna gleannta atá oiriúnach chun cáis chrua a tháirgeadh, trína nach n-úsáidtear aon shadhlann le haghaidh beathaithe. Ní úsáidtear ach binid nádúrtha.”

agus na breiseanna ar phointe 5b

“Is iad na gnéithe is sainiúla suntasacha gan amhras comhlíontacht dhocht leis na rialacha beathaithe (féach an iarscríbhinn), na huachtarlanna alpacha ar scála beag, an aibiú láimhe cúramach agus an aird a thugtar ar ‘Vorarlberger Bergkäse’, próiseáil thraidisiúnta na bainne aimhe nádúrtha atá saor ó shadhlann agus scileanna an cháiseora.

Ní údaraítear bainne a sholáthar ach do ghabháltais ag a bhfuil bainistíocht fhairsing iomlán féarthalaimh – gan táirgeadh sadhlais ná beathú a dhéanamh leis. Ní cheadaítear d’fheirmeacha measctha (gabháltais a bheathaíonn eallaí óga le sadhlas) bainne a sholáthar. Soláthraítear an bainne uair sa lá ar a laghad agus próiseáiltear go díreach ag an uachtarlann é.

Ós rud é go dtáirgtear an cháis ar ghabháltais ar scála beag, áirithítear cothabháil táirgthe ceardaíochta agus láimhsiú cúramach na cáise. Tá cáilíocht speisialta agus seilfré fhada ag ‘Vorarlberger Bergkäse’ dá thoradh freisin.”

rinneadh iad a athscríobh mar a leanas:

4.2.   Tuairisc

4.2.1.   Ginearálta

Is cáis chrua í “Vorarlberger Bergkäse” a dhéantar as bainne bó amh nádúrtha alpaigh nó gleanna, saor ó shadhlann. Ní cheadaítear d’fheirmeacha a bheathaíonn eallaí óga le sadhlas bainne a sholáthar.

Tá meáchan idir 7 kg agus 40 kg sna cruinneáin cháise agus tá airde 8-12 cm iontu agus tugtar in aibíocht iad ar feadh 3 mhí ar a laghad.

4.2.2.   Saintréithe

Tá craiceann gráinneach idir screamh-aibithe agus triomaithe, de dhath idir donnbhuí agus donn ar an gcáis agus uigeacht atá daingean agus somhúnlaithe. Tá dath idir dath an eabhair agus buí éadrom uirthi. I gcás ina slistear í, feictear sa cháis poill chruinne idir neamhlonrach agus lonrach, a dháiltear go cothrom ach go tearc, atá beagnach ar aon mhéid le piseanna. D’fhéadfaí scoilteanna beaga (0.5-1 cm ar fad) teacht ar an gcáis. Tá an blas spíosrach, ag éirí géar agus é ag dul in aois. Ag brath ar mhéid aibiúcháin, d’fhéadfadh na saintréithe ar a dtugtar tuairisc a bheith suntasach a bheag nó a mhór, gan difear a dhéanamh d’íomhá uile STFC “Vorarlberger Bergkäse” ná í a athrú.

Is féidir “Vorarlberger Bergkäse” a chur ar an margadh i sciartha de mhéideanna éagsúla.

Cúiseanna

Leagadh barúlacha nach mbaineann leis an tuairisc ar an táirge amach ar bhealach níos mionsonraithe sna pointí “Nasc leis an limistéar geografach” agus “An modh táirgthe”, a chuirtear ar fáil anois chun na críche sin.

Méadaíodh na raonta lamháltais le haghaidh airde agus mheáchan na gcruinneán cáise de thoradh caillteanas aibithe mar gheall ar stóráil níos faide na cáise agus ar chúiseanna a bhaineann le hinmharthanacht eacnamaíoch gabháltas beag. Ar chúiseanna lóistíochtúla, is gá na cáiseanna a bheith níos troime ag gabháltais bheaga. Scriosadh na focail “thart ar 50 % FiDM” gan focail eile a chur ina n-ionad toisc go bhfuil siad iomarcach i bhfianaise ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana. Rinneadh an fhoclaíocht, a thagann cuid di ón tsonraíocht agus a cuireadh cuid eile léi, níos beaichte (e.g. maidir leis an tréimhse aibithe íosta) chun iomláine na tuairisce táirge a shoiléiriú agus feabhas a chur uirthi, agus ar an mbealach sin paraiméadair táirge níos beaichte agus níos iontaofa a sholáthar don chomhlacht cigireachta chun cáilíocht an táirge a áirithiú.

2.   Cruthúnas ar thionscnamh

Bogadh na barúlacha roimhe seo sa tsonraíocht a bhaineann le stair an táirge faoi phointe 5(d) (Cruthúnas ar thionscnamh), a bhí le cur i láthair sa phointe seo tráth aitheantas an tsonrúcháin a bhí i gceist, agus na breiseanna a cuireadh leis an bpointe sin chuig pointe 4.6. (Nasc leis an limistéar geografach) (féach téacs an phointe sin). Ina ionad sin, cuireadh forálacha a bhaineann go sonrach leis an earnáil maidir le hinrianaitheacht a áirithiú san áireamh faoi phointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh) den tsonraíocht nua:

“Coimeádann an comhlachas is iarratasóir clár táirgeoirí ina liostaítear gach próiseálaí bainne a tháirgeann ‘Vorarlberger Bergkäse’ sa limistéar geografach, in éineacht le hainm an ghabháltais agus an seoladh teagmhála, gan beann ar cibé acu an comhaltaí den chomhlachas iad nó nach ea. Ní mór don phróiseálaí bainne iarratas sonrach a chur faoi bhráid an chomhlachais is iarratasóir chun bheith san áireamh sa chlár sin.

Tugtar conradh soláthair bainne agus ordú soláthair bainne i gcrích idir an táirgeoir bainne agus an próiseálaí bainne. Rialaítear leis na conarthaí sin cáilíocht an amhábhair (bainne saor ó shadhlann), an dobharcheantar agus an doiciméadacht a bhaineann le soláthairtí bainne chuig an bpróiseálaí bainne.

Ní mór do tháirgeoirí bainne agus do phróiseálaithe bainne a áirithiú go mbailítear, go stóráiltear agus go bpróiseáiltear bainne amh le haghaidh próiseála go ‘Vorarlberger Bergkäse’ agus an táirge deiridh féin ar leithligh ó stoic bhainne eile nó ó chineálacha coinbhinsiúnacha cáise.

Ceanglaítear ar tháirgeoirí bainne na cainníochtaí bainne a tháirgeann siad a thaifeadadh, agus miondealú a dhéanamh ar an gcainníocht bhainne a úsáidtear chun ‘Vorarlberger Bergkäse’ a tháirgeadh. Ní mór do phróiseálaithe bainne taifid shoiléire a choimeád maidir le cainníochtaí bainne a ceannaíodh agus a dtionscnamh. Ceadaítear tuilleadh iompair ó phróiseálaí bainne amháin go próiseálaí eile laistigh den limistéar geografach sainithe, agus taifeadtar an chainníocht lena mbaineann.

Chun críocha inrianaitheacht ‘Vorarlberger Bergkäse’ trasna na slabhraí soláthair, eisíonn an comhlachas is iarratasóir marc cáiséine ina bhfuil sraithuimhir arna iarraidh sin do phróiseálaithe bainne. Leis an marc cáiséine atá le húsáid, cuimsítear an téacs seo a leanas:

G.U.-VBG

BERGKAESE

XXXXXX

agus sraithuimhir. Tá an comhlachas is iarratasóir freagrach as an tsraithuimhir a riar agus a shannadh.

Roimh fháscadh, sainaithnítear an cháis trí mharc cáiséine ina bhfuil sraithuimhir uathúil, nár cheart é a bheith inbhainte ón gcruinneán cáise. Chun críocha inrianaitheacht inmheánach, sonraítear an dáta táirgthe nó uimhir bhaisc freisin.

Taifeadtar leis an tuarascáil táirgeachta laethúil an dáta táirgthe, an chainníocht bhainne a phróiseáltar, sraithuimhir an mhairc cáiséine, an teocht téimh agus an líon cruinneán cáise. Is féidir comhlíontacht leis an tréimhse aibithe a rianú agus úsáid á baint as an taifead sa mhonarcha phróiseála bainne. D’fhéadfaí an cháis a aibiú agus a stóráil lasmuigh den mhonarcha phróiseála bainne i lárionaid aibiúcháin atá suite sa limistéar sainithe.

Agus ‘Vorarlberger Bergkäse’ á dhíol, ní mór don phróiseálaí bainne taifid a choimeád lena gcumasaítear inrianaitheacht (e.g. nótaí seachadta).”

Cúiseanna

Ós rud é nach raibh aon riail maidir le cruthúnas ar thionscnamh sa tsonraíocht go dtí seo, meastar go bhfuil sé iomchuí faisnéis a chur san áireamh ar inrianaitheacht an táirge i bpointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh) den tsonraíocht táirge. Tá forálacha inti anois chun inrianaitheacht a áirithiú. Anuas air sin, bogadh roinnt téacs ó phointe 5(h) bunaidh (Lipéadú) go pointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh).

3.   Limistéar geografach

Pointe 5(c) (Limistéar geografach) den tsonraíocht táirge bhunaidh

Cuireadh réigiún Walgau leis. Laghdaíodh an téacs atá fágtha go dtí an fhaisnéis is gá don limistéar geografach. Athraíodh an litriú “Laiblachtal” go “Leiblachtal”.

Ina theannta sin, cuireadh léarscáil nua in ionad léarscáileanna Vorarlberg agus na hOstaire a cuireadh isteach chomh maith i bpointe 5(c) (Limistéar geografach) den tsonraíocht bhunaidh.

Pointe 5c den tsonraíocht táirge:

“Táirgeann táirgeoirí nó próiseálaithe agus feirmeoirí ‘Vorarlberger Bergkäse’ go heisiach i réigiúin Bregenzerwald, Kleinwalsertal, Großwalsertal, Laiblachtal (Pfanderstock) agus Rheintal as bainne amh a tháirgtear in Vorarlberg.”

agus cuireadh foclaíocht úr ar léarscáileanna Vorarlberg agus na hOstaire a cuireadh isteach chomh maith go pointe 5c

Image 1

ionas go léifear mar a leanas iad:

4.3.   Limistéar geografach

“Táirgtear ‘Vorarlberger Bergkäse’ as bainne amh a tháirgtear in Vorarlberg sna réigiúin seo a leanas i gcúige Vorarlberg: Bregenzerwald, Kleinwalsertal, Großwalsertal, Leiblachtal (Pfänderstock), Walgau agus Rheintal.

Léarscáil den limistéar geografach críochaithe (áit scáthlínithe):

Image 2

Cúiseanna

Cuireadh réigiún Walgau leis toisc go bhfuil sé cóngarach don limistéar críochaithe ar a tugadh tuairisc go dtí seo agus tá sé faoi réir na coinníollacha geolaíocha, bitheolaíocha agus cultúrtha céanna lena gcomhlíontar critéir na sonraíochta. Laghdaíodh an téacs atá fágtha go dtí an fhaisnéis is gá don limistéar geografach. Ceartaíodh an earráid chló ‘Laiblachtal’. Is é ainm ceart an réigiúin é ‘Leiblachtal’. Ina theannta sin, cuireadh léarscáil nua den limistéar geografach críochaithe in ionad léarscáil ‘na Tioróile/Vorarlberg’ sa tsonraíocht táirge. Tá an léarscáil nua níos soiléire agus cuireann sí an limistéar i láthair níos mionsonraithe ar bhonn scáthú a cuireadh léi.”

4.   An modh táirgthe

Cuireadh friotal níos beaichte ar théacs bunaidh phointe 5(e) (An modh táirgthe) den tsonraíocht táirge agus roinneadh ina phointí 4.5.1 (Amhábhar – bainne), 4.5.2 (Táirgeadh) agus 4.5.3 (Saineolas – eolas ar tháirgeadh) é.

Sainmhíníodh an modh próiseála níos beaichte chomh maith. Ina theannta sin, tugadh tuairisc níos mionsonraithe ar an modh táirgthe traidisiúnta i bpointe 4.5.3 (Saineolas – eolas ar tháirgeadh).

Léitear pointe 5e den tsonraíocht táirge mar a leanas:

Is táirge tipiciúil traidisiúnta é “Vorarlberger Bergkäse”.

Is comhpháirt fhíor-riachtanach den phróiseas táirgthe í comhlíontacht leis na critéir tháirgthe bainne dhochta (treoirlínte cáilíochta le haghaidh táirgeoirí bainne).

Go háirithe:

ní údaraítear ach gabháltais a bhfuil bainistíocht fhairsing iomlán féarthalaimh acu – nach dtáirgeann sadhlas ná nach mbeathaíonn leis – chun bainne a sholáthar, nó ní féidir ach bainne ó fheirmeacha mar sin a úsáid chun “Vorarlberger Bergkäse” a tháirgeadh.

Seachadtar an bainne go dtí an uachtarlann cháise uair sa lá ar a laghad agus próiseáiltear go díreach ansin (gan iompar breise ó uachtarlann amháin go huachtarlann eile).

Táirgeadh iarbhír:

Scimeáiltear an bainne amh (gan a bheith teirmithe, paistéartha ná steirilithe trí lártheifneoiriú) a soláthraíodh go páirteach (go cion saille thart ar 3.3 %).

Gruthaítear le binid lao agus meadhg agus saothrán lachtaigéid na feirme féin é (dá bhfuil taithí an cháiseora ríthábhachtach maidir le measúnú agus saothrú an tsaothráin seo). De thoradh úsáid saothrán meidhg, tá “Vorarlberger Bergkäse” an-difriúil le táirgí eile atá cosúil leis.

Téitear an gruth ansin chuig thart ar 51-52.5 °C agus fáisctear é.

Cuirtear na cruinneáin cháise i ndabhach sáile ar feadh 2-3 lá (cion salainn thart ar 20 %) agus ansin aibítear i siléir iad ag teocht idir 12 °C agus 15 °C agus bogthaise choibhneasta idir 90 % agus 95 %. Agus é sin á dhéanamh, cóireáiltear na cáiseanna go tráthrialta le sáile chun foirmíocht craicinn thipiciúil a áirithiú agus chun an blas a fhorbairt (i.e. scuabtar nó cuimlítear le huisce salainn iad (cion salainn thart ar 20 %, pH 5.25) dhá uair in aghaidh na seachtaine).

Tá “Vorarlberger Bergkäse” réidh le caitheamh ar dtús ag aois idir 3 agus 6 mhí (ag brath ar chéim aibíochta, d’fhéadfadh a shaintréithe a athrú beagáinín: scoilteanna beaga sa cháis (0.5-1 cm ar fad), níos lú poill, blas suntasach).

Áirithítear le féinfhaireacháin leanúnach agus dearbhú cáilíochta na bhfeirmeacha ardchaighdeán an bhainne amh agus táirgeacht “Vorarlberger Bergkäse”. Seiceálann an “Qualitätsmanagementverein für Lebensmittel aus Vorarlberg” [Comhlachas Bainistíochta Cáilíochta um Bia as Vorarlberg] comhlíontacht le dearbhú cáilíochta. Tá ceangal dlí ar rialuithe maidir le sláinteachas feirme agus foirne agus sláinte ainmhithe.’;

rinneadh an méid sin a athscríobh ionas go léifear mar a leanas é:

4.5.1.   Amhábhar (bainne)

Úsáidtear bainne bó amh i dtáirgeadh “Vorarlberger Bergkäse”. Ní cheadaítear ach bainne ó Vorarlberg. Níor cheart bainne teirmithe ná paistéartha ná bainne a steirilítear trí lártheifneoiriú a úsáid chun “Vorarlberger Bergkäse” a tháirgeadh.

Is saintréith den bhainne a úsáidtear le haghaidh “Vorarlberger Bergkäse” féarthailte chúige Vorarlberg, lena bhféara míne agus a luibheanna. Itheann ba na féara agus na luibheanna agus iad úr mar fhoráiste glas nó triomaithe mar fhéar tirim. Toirmeasctar beathú le beatha choipthe nó le sadhlas go sainráite.

Ceadaítear úsáid gráin mheilte mar bheatha chúiteach nó chomhlántach ó limistéir eile suas le cion 30 % d’ábhar tirim go bliantúil.

D’fhéadfaí grán meilte a cheannach ó limistéir eile toisc nach bhfuil an limistéar geografach, mar réigiún sléibhe tipiciúil ina bhfuil féarach agus sraith éadomhain húmais, oiriúnach do bharra a fhás. Ciallaíonn sé sin nach bhfástar agus nach dtáirgtear aon ghránach ná aon bharr comhchosúil sa limistéar, agus dá bhrí sin ní mór iad a cheannach ó limistéir eile. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh céatadán an fharae ón limistéar geografach níos lú ná 70 % den ábhar tirim iomlán a thugtar mar bhia go bliantúil do bha atá ag lachtadh. Ceadaítear grán meilte de thionscnamh áit éigin eile a chur leis suas le cion 30 % d’ábhar tirim na coda faoi seach.

4.5.2.   Táirgeadh

Scimeáiltear an bainne amh go páirteach ar dtús agus gruthaítear le binid lao agus saothrán meidhg agus/nó baictéir lachtaigéid. Is bonn don shaothrán stoic le haghaidh saothráin fheirme anois iad baictéir lachtaigéid thraidisiúnta ó shaothráin fhiáine, a shaothraítear ar an bhfeirm fós. Ní cheadáitear leasaithigh, cobhsaitheoirí agus breiseáin ar táirgeadh go ceimiceach iad a chur leis. Gearrtar an bainne ramhraithe (téachta) ansin chuig an méid inmhianaithe agus úsáid á baint as gearrthóir grutha. Tarlaíonn an chéad chéim eile den fhoirmíocht cáise ansin: forbraíonn na gruthanna a thuilleadh agus tarlaíonn siniréis (trína scarann an meadhg ó na gruthanna). Téitear na gruthanna chuig idir 51 °C agus 54 °C agus ansin aistrítear chuig múnlaí agus fáisctear iad. Ag brath ar an méid cáise inmhianaithe, tá meáchan idir 7 kg agus 40 kg sna cruinneáin sula mbáitear i sáile iad agus tá airde idir 8 cm agus 12 cm iontu. Cuirtear na cáiseanna i ndabhach sáile ansin ina bhfuil cion salainn 20 °Bé ar a laghad ar feadh 2 nó 3 lá ionas go n-ionsúnn an cháis salann, go bhfoirmíonn an craiceann agus go bhforbraíonn struchtúr na cáise, rud a fhágann go bhfuil an cháis séalaithe ón taobh amuigh agus í ag aibiú go críochnúil agus go cothrom taobh istigh di. Tá comhsheasmhacht aonfhoirmeach agus dhlúth “Vorarlberger Bergkäse” mar thoradh air sin. Aibítear na cáiseanna ar feadh 3 mhí ar a laghad ansin, ag brath ar chineál an chraicinn agus ar thaithí an phróiseálaithe bainne, ag teocht idir 10 °C agus 15 °C agus bogthaise atá níos mó ná 80 %. Le linn an aibithe, cóireáiltear na cáiseanna go tráthrialta (scuabtha nó cuimilte) le huisce salainn (cion salainn suas le 20 °Bé) dhá uair in aghaidh na seachtaine ar a laghad chun foirmíocht chraicinn thipiciúil a áirithiú agus chun an blas a fhorbairt. I ndiaidh na tréimhse aibithe íosta, tá cáis “Vorarlberger Bergkäse” réidh le caitheamh.

4.5.3.   Saineolas – eolas ar tháirgeadh

Is de bharr thaithí na bpróiseálaithe cáise áitiúla go háirithe maidir le táirgeadh agus le haibiú cáise a bhainistiú atá cáilíocht “Vorarlberger Bergkäse”.

Tá ealaín na cáiseoireachta bunaithe ar shaineolas na bpróiseálaithe cáise atá páirteach sa táirgeadh ar bhealaí éagsúla ag brath ar a ról aonair sa phróiseas, trína mbaintear cáilíocht thipiciúil “Vorarlberger Bergkäse” amach.

Tosaíonn sé sin le húsáid agus saothrú na saothrán baictéir lachtaigéid. Mar shampla, eascraíonn cinntí amhail comhdhéanamh na saothrán baictéir lachtaigéid, teocht, tréimhsí sosa, cainníochtaí agus cion a chuirtear leis agus dálaí stórála as taithí an phróiseálaithe cáise.

Is é tionchar ionchasach ar leith amháin dá dtaithí stóráil agus aibiú sonrach an bhainne amh ar bhealach atá fabhrach d’fhoirmíocht na mbaictéar lachtaigéid a chuireann feabhas suntasach ar shaintréithe na cáise i dtéarmaí seilfré, bolaidh agus blais. Cainníocht na binide bó, uainiú agus bealach gearrtha an bhainne ramhraithe (téachta) agus méid na ngruthanna, forbairt na cáise agus téamh an mheascáin gruthanna/meidhg ina dhiaidh sin, eascraíonn siad as taithí shonrach an cháiseora agus tá siad ina gcúis le cáilíocht “Vorarlberger Bergkäse”.

Ní mór don cháiseoir faireachán géar a dhéanamh ar gach céim den táirgeadh cáise agus an t-am ceart do gach céim phróiseála a shainaithint. Mar shampla, is réamhriachtanas tábhachtach é téamh cúramach “Vorarlberger Bergkäse” chuig idir 51-54 °C tar éis an bainne téachta a ghearradh le haghaidh sheilfré fhada na cáise. An tráth céanna, ní mór an bainne a láimhseáil go cúramach lena áirithiú go gcoinnítear na saintréithe agus comhpháirteanna aramatacha agus micribhitheolaíocha agus, dá bharr sin, cáilíochtaí sonracha an bhainne. Ina theannta sin, fágann na coinníollacha beathaithe a athraíonn go nádúrtha ar na féarthailte sléibhe nach bhfuil aon saintréith chaighdeánach ag an mbainne ach go luainíonn a cháilíocht (i dtéarmaí cion próitéine nó comhdhéanaimh bainne eile, mar shampla). Cuireann taithí leathan dhéantóirí “Vorarlberger Bergkäse” ar a gcumas cúiteamh maith a dhéanamh i leith na luaineachtaí nádúrtha sin.

Tá láimhseáil chúramach an cháiseora maidir le gach céim sa phróiseas ríthábhachtach don chuid eile den phróiseas aibithe agus dá réir sin do cháilíocht an táirge dheiridh. Le linn an aibithe, ní mór aird ar leith a thabhairt ar láimhsiú cúramach na cáise. De thoradh ar a dtaithí, tá a fhios ag an gcáiseoir go hinstinneach maidir leis an t-am is ceart an cháis a chasadh, a scuabadh agus a chuimilt, agus tá tionchar suntasach aige dá bhrí sin ar cháilíocht na cáise.

Eascraíonn próiseas leanúnach oiliúna as cruinnithe tráthrialta bainisteoirí próiseálaithe bainne agus/nó cáiseoirí, ag a roinneann siad an t-eolas atá bainte amach acu, rud a chuidíonn le cáilíocht agus le traidisiún “Vorarlberger Bergkäse” a choinneáil ar bun.

Cúiseanna

Rinneadh athruithe ar an bpróiseas táirgthe agus é d’aidhm acu cáilíocht sho-aitheanta “Vorarlberger Bergkäse” a áirithiú, atá bunaithe go háirithe ar eolas na dtáirgeoirí faoin modh táirgthe traidisiúnta. In éineacht leis an bhfoclaíocht – atá leasaithe anois – a bhí sa tsonraíocht bhunaidh cheana féin, tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar an modh táirgthe traidisiúnta sin, go háirithe tríd an modh próiseála a shainmhíniú ar bhealach níos beaichte. Scriosadh na focail “ag cion saille 3.3 %” gan aon rud a chur ina n-ionad toisc nach raibh gá leo i bhfianaise na gceanglas dlíthiúil atá ann cheana.

Baineann na leasuithe aonair leis na pointí seo a leanas:

Amhábhar – bainne

Chun soláthar cothrom cothaitheach atá riachtanach le haghaidh leas ainmhithe a áirithiú, go neamhspleách ar dhálaí aeráide eisceachtúla, amhail triomaigh, cuireadh ar a chumas grán meilte a cheannach agus a úsáid mar bheatha chúiteach agus chomhlántach suas le cion 30 % d’ábhar tirim go bliantúil. Is gá beatha forlíontach i bhfoirm grán meilte suas le cion 30 % freisin le haghaidh leas na n-ainmhithe chun beathú leordhóthanach a áirithiú le linn tréimhsí táil bhainne aird. Ní dhéanann an maolú thuas d’fhorbhia difear d’ardcháilíocht leanúnach an bhainne toisc nach mór don chuid is mó den ghairbhseach a theacht ón limistéar críochaithe.

Tá tuilleadh iompair ó uachtarlann amháin go ceann eile laistigh den limistéar sainithe le bheith ceadaithe amach anseo toisc, i bhfianaise staid na teicneolaíochta atá ann faoi láthair, nach ndéanann sé sin difear do cháilíocht a thuilleadh. Thairis sin, ní paraiméadar cáilíochta cinntitheach é an seachadadh bainne laethúil i bhfianaise staid na teicneolaíochta atá ann faoi láthair, agus scriosadh an téacs sin ón tsonraíocht bhunaidh ar an gcúis sin. Ní mór iompar bainne go páirtí conarthach eile a dhoiciméadú chomh maith. Scriosadh na Treoirlínte cáilíochta le haghaidh táirgeoirí bainne atá sa tsonraíocht mar iarscríbhinn a ghabhann léi, toisc go gcuirtear an modh táirgthe i láthair ar bhealach níos mionsonraithe agus níos cuimsithí agus tugtar tuairisc ar an measúnú cáilíochta anois faoi phointe 4.7 (Rialú). Thairis sin, foirceannadh an Comhlachas Bainistíochta Cáilíochta um Bia as Vorarlberg.

Táirgeadh

Tugtar tuairisc ar tháirgeadh “Vorarlberger Bergkäse” i gcéimeanna mionsonraithe, ó phróiseáil an bhainne amh go dtí an chéim aibithe le linn aerthriomaithe. Déantar tagairt do na paraiméadair theicniúla ar gá cloí leo chun cáilíocht a áirithiú.

Is féidir an gruth a théamh anois chuig idir 51 °C agus 54 °C (seachas idir 51.5 °C agus 52.5 °C mar a rinneadh roimhe). Ceadaíodh raon níos leithne de theochtaí téimh toisc nach féidir, i gcás an téimh láimhe, teocht bheacht a shocrú, rud a fhágann go bhfuil gá le lamháltas níos leithne. Níl tionchar diúltach ag an raon lamháltais nua don teocht téimh ar cháilíocht an táirge. Ní cheadaítear leasaithigh, cobhsaitheoirí agus breiseáin ar táirgeadh go ceimiceach iad a chur leis go fóill. Rinneadh é sin níos soiléire trí fhoclaíocht atá níos beaichte.

A mhéid a bhaineann le meadhg nó le saothráin lachtaigéid na feirme féin, rinneadh soiléir é go dtáirgtear an bonnshaothrán stairiúil go lárnach sa lá atá inniu ann agus go saothraítear é go hinmheánach ansin le tuilleadh úsáide i dtáirgeadh “Vorarlberger Bergkäse”. Tá ról ríthábhachtach ag taithí na bpróiseálaithe bainne ina leith sin.

Soiléiríodh an cion salainn agus oiriúnaíodh é do chritéir atá infhíoraithe go praiticiúil agus úsáid á baint as céimeanna Baumé (°Bé) mar aonad tomhais. Níl pH na daibhche salainn a bhí sa tsonraíocht ar dtús ábhartha sa chleachtas mar gheall ar an deacracht theicniúil a bhaineann le faireachán agus dá bhrí sin cuireadh céimeanna Baumé (°Bé) ina ionad mar an t-aonad tomhais.

De thoradh dhul chun cinn na teicneolaíochta, ní gá a thuilleadh go dtarlaíonn aibiú i siléir aibiúcháin an cháiseora féin, ach is féidir é a dhéanamh i siléir sheachtracha lonnaithe sa limistéar geografach sainithe, ina bhfuil coinníollacha chun na paraiméadair ábhartha do rialú a rialú optamach freisin.

I bhfianaise saintréithe éagsúla na siléar aibiúcháin agus an claonadh i gceanglais cháilíochta an mhargadh i dtreo tréimhsí aibithe cáise níos faide, bhí gá leis an raon teochta a athrú ó 12-15 °C chuig 10-15 °C agus an bhogthaise chuig os cionn 80 %. Áirithítear le saineolas speisialta bhainisteoir an tsiléir cháise go gcaomhnaítear cáilíocht bhunaidh “Vorarlberger Bergkäse”.

Soiléiríodh a thuilleadh foirmíocht an chraicinn atá tipiciúil do “Vorarlberger Bergkäse” agus cáilíocht comhlachaithe na cáise agus rinneadh tagairt do bhainistíocht ag an gcáiseoir agus don aeráid aibithe.

Saineolas – eolas ar tháirgeadh

Toisc nach raibh aon phríomhbharúil sa tsonraíocht a bhí ann cheana ar eolas traidisiúnta na dtairgeoirí, rinneadh an tsonraíocht níos sonraí ina leith sin, agus soláthraíodh tuairiscí ar dhintiúir na speisialtóirí. Tá tuairisc ann chomh maith ar ghníomhaíochtaí leanúnacha a dhíríonn ar an traidisiún a chur ar aghaidh chun cáilíocht a áirithiú, de thoradh air sin is féidir stop a chur le caillteanas nó le caolú an tsaineolais go héifeachtach agus eolas traidisiúnta ar an táirge a choinneáil ar bun. Foirceannadh an Comhlachas Bainistíochta Cáilíochta um Bia as Vorarlberg. Tá an grúpa iarratasóra freagrach anois as oiliúint leanúnach agus an malartú faisnéise go léir. Rialaítear cáilíocht an amhábhair agus bainistíocht cháilíochta ag an mhonarcha phróiseála trí reachtaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus déantar faireachán orthu dá réir.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

An fhaisnéis a áiríodh roimhe seo faoi phointí 5(d) (Cruthúnas ar thionscnamh) agus 5(f) (Nasc) den tsonraíocht táirge bhunaidh agus na breiseanna a cuireadh leis an dá phointe, rinneadh achoimre orthu i bpointe 4.6 (Nasc leis an limistéar geografach).

Scriosadh an méid táirgeachta agus an leabharliosta maidir le forbairt stairiúil cháise araon.

Cúiseanna

Oiriúnaíodh an tsonraíocht do cheanglais an Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 sa mhéid is gur bogadh na barúlacha stairiúla, amhail fianaise dhoiciméadach agus seantraidisiúin maidir le “Vorarlberger Bergkäse”, ar tugadh tuairisc orthu i dtosach báire sa roinn ar chruthúnas ar thionscnamh, go pointe 4.6 (Nasc leis an limistéar geografach).

Tugadh tuairisc chuimsitheach ar éifeachtaí na dtosca aeráide agus daonna sa limistéar geografach, lenar soláthraíodh miontuairisc ar shaineolas sonrach na dtáirgeoirí réigiúnacha, nár luadh é ach sa tsonraíocht amháin roimhe seo, amhail eolas traidisiúnta ar theicnící stórála speisialta agus ardleibhéal an tsaineolais maidir le teicnící táirgthe agus le bainistíocht aibithe, rud atá ríthábhachtach chun airíonna orgánaileipteacha na cáise a chothú.

Is mar gheall ar an athrú leanúnach ar na cainníochtaí a tháirgeadh é caillteanas an mhéid táirgeachta.

Tugtar tuairisc mhionsonraithe anois ar fhorbairt stairiúil na cáise i bpointe 4.6 (Nasc leis an limistéar geografach). Tá an leabharliosta maidir le forbairt stairiúil na cáise iomarcach mar sin agus scriosadh é dá bhrí sin, ar chúiseanna soléiteachta níos fearr go háirithe.

6.   Lipéadú

Bogadh téacs bunaidh phointe 5(h) (Lipéadú) den tsonraíocht táirge agus na breiseanna a cuireadh leis go pointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh) agus oiriúnaíodh do na ceanglais doiciméadachta atá ann faoi láthair é.

Mar shampla, tá ceanglais sa tsonraíocht bhunaidh (maidir le dáta an táirgthe agus uimhir an ghabháltais a ghreamú ar an táirge) neamhriachtanach mar thoradh ar dhoiciméadacht nach mór a sholáthar anois chun críoch cruthúnais ar thionscnamh. Soiléiríodh an marc cáiséine atá le húsáid. Tá greamú an mhairc ar phacáistíocht na sciartha cáise neamhriachtanach toisc go ráthaítear inrianaitheacht baisce i gcás na sciartha.

Bogadh na rialacha maidir le lipéid phríobháideacha a leagtar amach i bpointe 5(h) (Lipéadú) den tsonraíocht táirge bhunaidh go pointe 4.8 (Lipéadú).

“Ceadaítear úsáid lipéad príobháideach. Níor cheart an lipéad príobháideach a bheith ina chúis leis an tomhaltóir a chur amú nó le damáiste a dhéanamh do cháil an STFC.”

Cúiseanna

Soiléiríodh agus leathnaíodh ceanglais maidir le bainistíocht na lipéad príobháideach. Leantar leis sin a cheadú.

7.   Leasuithe eagarthóireachta

7.1.   Tugadh ainm agus mionsonraí údarás inniúil an Bhallstáit cothrom le dáta.

7.2.   Tugadh ainm agus seoladh an ghrúpa iarratasóra cothrom le dáta.

Cúiseanna

Is é ARGE Milch Vorarlberg an comharba dlíthiúil ar an ngrúpa iarratasóra bunaidh maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a eascraíonn as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Vorarlberger Bergkäse”. Nuashonraíodh an fhaisnéis faoin údarás inniúil.

7.3.   Comhlacht cigireachta

Leasaíodh an roinn ina bhfuil sonraí teagmhála an chomhlachta cigireachta toisc gur cuideachta phríobháideach é an comhlacht anois, is é sin Lacon GmbH.

7.4.   Athruithe ar leagan amach/chur i láthair na sonraíochta táirge

Roinnt de na ceannteidil a athuimhriú agus a leasú chun an fhaisnéis a dhéanamh níos soiléire agus níos beaichte.

7.5.   Ceanglais náisiúnta

Scriosadh an ceannteideal “Ceanglais náisiúnta” gan aon rud a chur ina ionad toisc go bhfuil siad sin neamhriachtanach i bhfianaise na gceanglas rialacháin.

DOICIMÉAD AONAIR

“Vorarlberger Bergkäse”

Uimh. AE: PDO-AT-1419-AM01 – 5.4.2022

STFC (X) TGFC ()

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Vorarlberger Bergkäse”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Ostair

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1   Cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.3. Cáiseanna

3.2   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is cáis chrua í “Vorarlberger Bergkäse” a dhéantar as bainne bó amh nádúrtha alpaigh nó gleanna, saor ó shadhlann. Ní cheadaítear feirmeacha a bheathaíonn eallaí óga le sadhlas (feirmeacha measctha) chun an bainne a úsáidtear a sholáthar. Tá meáchan idir 7 kg agus 40 kg sna cruinneáin cháise agus tá airde 8-12 cm iontu agus tugtar in aibíocht iad ar feadh 3 mhí ar a laghad.

Tá craiceann gráinneach idir screamh-aibithe agus triomaithe, de dhath idir donnbhuí agus donn ar an gcáis agus uigeacht atá daingean agus somhúnlaithe. Tá dath idir dath an eabhair agus buí éadrom uirthi. I gcás ina slistear í, feictear sa cháis poill chruinne idir neamhlonrach agus lonrach, a dháiltear go cothrom ach go tearc, atá beagnach ar aon mhéid le piseanna. D’fhéadfaí scoilteanna beaga (0.5-1 cm ar fad) a chruthú sa cháis. Tá an blas spíosrach, ag éirí géar agus é ag dul in aois.

3.3   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Ní féidir ach bainne as feirmeacha ag a bhfuil bainistíocht féarthalaimh – nach dtáirgeann sadhlas agus nach mbeathaíonn siad leis – a úsáid chun “Vorarlberger Bergkäse” a tháirgeadh.

Ceadaítear úsáid gráin mheilte mar bheatha chúiteach nó chomhlántach ó limistéir eile suas le cion 30 % d’ábhar tirim go bliantúil.

D’fhéadfaí grán meilte a cheannach ó limistéir eile toisc nach bhfuil an limistéar geografach, mar réigiún sléibhe tipiciúil ina bhfuil féarach agus sraith éadomhain húmais, oiriúnach do bharra a fhás. Ciallaíonn sé sin nach bhfástar agus nach dtáirgtear aon ghránach ná aon bharr comhchosúil sa limistéar, agus dá bhrí sin ní mór iad a cheannach ó limistéir eile.

Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh céatadán an fharae ón limistéar geografach níos lú ná 70 % den ábhar tirim iomlán a thugtar mar bhia go bliantúil do bha atá ag lachtadh. Ceadaítear grán meilte de thionscnamh áit éigin eile a chur leis suas le cion 30 % d’ábhar tirim na coda faoi seach.

3.4   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór an t-amhábhar a tháirgeadh, a phróiseáil agus a aibiú sa limistéar sainithe.

3.5   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór na cáiseanna a shainaithint le marc cáiséine ina bhfuil sraithuimhir. Tá an comhlachas is iarratasóir freagrach as an tsraithuimhir a riar agus a shannadh.

4   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Déantar “Vorarlberger Bergkäse” as bainne amh a tháirgtear in Vorarlberg sna réigiúin seo a leanas den chúige: Bregenzerwald, Kleinwalsertal, Großwalsertal, Leiblachtal (Pfänderstock), Walgau agus Rheintal.

5   Nasc leis an limistéar geografach

‘Is táirge é “Vorarlberger Bergkäse” a tháirgtear agus a itear sa chúige arb é Vorarlberg anois leis na céadta blianta. Ar dtús, agus ar feadh na gcéadta blianta, tháirgeadh cáis le haghaidh tomhaltas dílis agus margaíocht réigiúnach go príomha.

D’eascair forbairt ar tháirgeadh cáise saille ina raibh baint ag teicnící cáiseoireachta sonracha, i lár an 18ú céad, as dálaí réigiúnacha, amhail airde, aeráid, flóra agus fána agus struchtúr mionscála na bhfeirmeacha. D’eascair seilfré níos faide agus breisluach níos fearr as sin.

Cuireadh eolas teicniúil agus scileanna an táirgthe cáise ar carnadh iad sa limistéar geografach críochaithe (teicneolaíocht táirgthe, aibiú, beathú na n-ainmhithe agus próiseáil bainne) ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Thart ar 1890 d’eascair comhroinnt agus scaipeadh feabhsaithe eolais as bunaíocht chomhlachas. Ina dhiaidh sin, cuireadh comharchumainn arb ann go dtí an lá inniu féin in ionad na gcomhlachas sin.

Bhí stóráil agus aibiú spriocdhírithe an bhainne fabhrach do bhaictéir lachtaigéid, a cuireadh feabhas suntasach ar shaintréithe na cáise i dtéarmaí seilfré, bolaidh agus blais. Is bonn don shaothrán stoic le haghaidh saothráin fheirme anois iad baictéir lachtaigéid thraidisiúnta ó shaothráin fhiáine, a shaothraítear ar an bhfeirm fós. Cainníocht na binide bó, uainiú agus bealach gearrtha an bhainne téachta agus méid na ngruthanna, forbairt na cáise agus téamh an mheascáin gruthanna/meidhg, eascraíonn siad as taithí shonrach an cháiseora agus tá siad ina gcúis le cáilíocht “Vorarlberger Bergkäse”. Rinneadh tuilleadh forbartha ar an eolas agus ar na scileanna sin agus feidhmíonn siad go dtí an lá inniu mar bhunús faoi tháirgeadh “Vorarlberger Bergkäse”.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.patentamt.at/herkunftsangaben/vorarlbergerbergkaese/

Is féidir rochtain dhíreach a fháil uirthi freisin trí shuíomh gréasáin Oifig Paitinní na hOstaire (www.patentamt.at) trí nascleanúint a dhéanamh mar a leanas: “Trádmharcanna / Tásca Geografacha / Liosta thásca geografacha na hOstaire”. Tá an téacs le feiceáil faoi ainm an tsonrúcháin cháilíochta.


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.