ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 146

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
27 Aibreán 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 576ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 22.2.2023-23.2.2023

2023/C 146/01

Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — an Úcráin: Bliain amháin ó thosaigh ionradh na Rúise – dearcadh shochaí shibhialta na hEorpa

1

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 576ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 22.2.2023-23.2.2023

2023/C 146/02

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An beartas fuinnimh agus an margadh saothair: impleachtaí don fhostaíocht i réigiúin atá i mbun aistriú fuinnimh (tuairim féintionscnaimh)

4

2023/C 146/03

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ag tacú le dul chun cinn sa mhargadh saothair: conas an infhostaitheacht a chothabháil, borradh a chur faoin táirgiúlacht agus scileanna a fhorbairt, go háirithe in FBManna (tuairim féintionscnaimh)

15


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 576ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 22.2.2023-23.2.2023

2023/C 146/04

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 2021/1230 a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa meandracha in euro (COM(2022) 546 final — 2022/0341 (COD))

23

2023/C 146/05

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar cíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (COM(2022) 571 final — 2022/0358 (COD))

29

2023/C 146/06

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (COM(2022) 541 final — 2022/0345 (COD))

35

2023/C 146/07

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce (COM(2022) 540 final — 2022/0344 (COD))

41

2023/C 146/08

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (COM(2022) 542 final — 2022/0347 (COD))

46

2023/C 146/09

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Teachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh (COM(2022) — 583 final)

53

2023/C 146/10

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2023 (COM(2022) 780 final)

59


 

Ceartúcháin

2023/C 146/11

Ceartúchán ar fho-cheanntheideal An 575Ú Seisiún Iomlánach de Choiste Eacnamaíoch Agus Sóisialta na hEorpa, 2022. 12. 14. – 2022. 12. 15 in Alt 1 (Rúin, moltaí agus tuairimí), faoin teideal Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa( IO C 140, 21.4.2023 )

65

2023/C 146/12

Ceartúchán ar fho-cheanntheideal An 575Ú Seisiún Iomlánach de Choiste Eacnamaíoch Agus Sóisialta na hEorpa, 2022. 12. 14. – 2022. 12. 15 i Roinn III (Gníomhartha ullmhúcháin), faoin gceannteideal Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa( IO C 140, 21.4.2023 )

66


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 576ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 22.2.2023-23.2.2023

27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/1


Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “an Úcráin: Bliain amháin ó thosaigh ionradh na Rúise – dearcadh shochaí shibhialta na hEorpa”

(2023/C 146/01)

Rapóirtéirí:

Stefano MALLIA

Oliver RÖPKE

Séamus BOLAND

Bunús dlí

Riail 52(4) de na Rialacha Nós Imeachta

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

23.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

160/1/4

TÁ COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA (CESE),

I ndáil le haontachas na hÚcráine leis an Aontas Eorpach

1.

á chur i bhfios go bhfuil daoine fós á gcailleadh san Úcráin ar son an daonlathais agus nach mór diongbháilteacht na tíre chun bheith ina Ballstát de chuid an Aontais a aithint ar dhóigh fhónta inbhraite;

2.

á chur chun suntais gur próiseas é próiseas an mhéadaithe a théann chun tairbhe don dá thaobh óir cuireann sé le cobhsaíocht an Aontais, neartaíonn sé an seasamh geopholaitiúil atá aige, cuireann sé an tsíocháin, luachanna AE agus dea-bhail mhuintir na hEorpa chun cinn (1) agus téann sé chun leas an uile dhuine trí mhargadh aonair níos mó; á chur in iúl, san am céanna, gur fearr a bheidh an Úcráin in ann an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a neartú a bhuíochas sin ar phróiseas an mhéadaithe;

3.

á chur i bhfáth nach mór do Bhallstáit an Aontais seasamh le chéile a mhéid a bhaineann le próiseas aontachais na hÚcráine; á mholadh go leanfaí sampla na dtíortha eile in Oirthear na hEorpa a tháinig isteach san Aontas idir 2004 agus 2013. Chuige sin, ní mór meithleacha um lánpháirtiú na hEorpa a chur ar bun faoi choimirce na n-aireachtaí ábhartha, meithleacha ina bhféadfaí oiliúint a chur ar oifigigh maidir le comhchuibhiú le caighdeáin, noirm, nósanna imeachta agus acquis an Aontais i gcoitinne;

4.

á thabhairt dá aire, bíodh is gur gá déanamh de réir phróiseas aontachais an Aontais, gur follas nach foláir tabhairt faoi phróiseas aontachais na hÚcráine (dála phróisis na dtíortha is iarrthóirí sna Balcáin Thiar agus i gComhpháirtíocht an Oirthir) ar an dóigh is praiticiúla is féidir agus trí na hathchóirithe ábhartha a dhéanamh i réimse an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine, na saoirsí bunúsacha, an gheilleagair mhargaidh agus chur chun feidhme acquis an Aontais;

I ndáil le binse idirnáisiúnta speisialta maidir le coir an fhogha faoin Úcráin agus smachtbhannaí i gcoinne Chónaidhm na Rúise

5.

go hiomlán i bhfabhar an rúin ó Pharlaimint na hEorpa ina n-iarrtar go mbunófaí binse idirnáisiúnta speisialta maidir le coir an fhogha faoin Úcráin (2). Ba cheart binse den sórt sin a bhunú i ndlúthchomhar leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus leis na Náisiúin Aontaithe; ag tathant ar an Aontas freisin a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le cúnamh idirnáisiúnta a chur ar fáil le himscrúdú a dhéanamh ar choireanna cogaidh, ar choireanna in aghaidh an chine daonna agus ar an gcinedhíothú;

6.

ag tacú leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Cónaidhm na Rúise a aithint mar stát is urraitheoir ar an sceimhlitheoireacht (3); á chur in iúl gur geal leis go sonrach an clásal ina n-iarrtar ar an Aontas agus ar na Ballstáit creat dlíthiúil AE a chur le chéile chun na stáit a thacaíonn leis an sceimhlitheoireacht agus a úsáideann modhanna sceimhlitheoireachta a ainmniú. Táthar ag súil leis go dtiocfaidh ann do bhearta suntasacha sriantacha i gcoinne na stát sin ó thaobh an gheilleagair, na polaitíochta, na sochaí agus an chultúir de thoradh ar chur chun feidhme creata dhlíthiúil AE den saghas sin;

7.

á chur in iúl go bhfuil sé i bhfách leis an moladh go n-áireofaí Grúpa Wagner ar liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí;

I ndáil le “tuirse na hÚcráine” a chosc

8.

ag cur béim air go mba thubaiste amach is amach don daonlathas ar fud an domhain é dá gcaillfeadh an Úcráin an cogadh i gcoinne na Rúise. Ní mór don Aontas Eorpach gach a bhfuil ar a chumas a dhéanamh chun féachaint chuige nach dtiocfaidh tuirse ar an Úcráin. I bhfianaise an tionscadail síochána atá aige féin, tá sé de dhualgas morálta ar an Aontas tacú leis an Úcráin ar gach bealach dá bhfuil ann dá fhad a ghlacfaidh sé, lena n-áirítear trí chabhair dhaonnúil agus ó thaobh an bhonneagair de;

I ndáil le hatógáil agus téarnamh na hÚcráine

9.

á thabhairt le fios nach mór don Aontas na pleananna agus na huirlisí a bhfuil gá leo le haghaidh atógáil na hÚcráine a cheapadh gan a thuilleadh moille. Comhartha soiléir atá san ardán ilghníomhaireachtaí comhordaithe deontóirí don Úcráin go bhfuil an pobal idirnáisiúnta ag seasamh leis an Úcráin agus go leanfaidh sé air mar sin. Mar sin féin, de bhreis ar an aird a thugann an t-ardán ar chúnamh gearrthéarmach, ní mór dó an aird chéanna a thabhairt ar atógáil fhadtéarmach na hÚcráine;

10.

á chur chun suntais gur gá a áireamh sna pleananna atógála agus téarnaimh do shochaí agus críoch na hÚcráine dálaí oibre cothroma, forfheidhmiú dhlí an tsaothair, cur chun cinn na hoibre cuibhiúla, an ceart chun dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla, agus deiseanna oiliúna do chách chomh maith;

11.

á chur i bhfáth nach aon dóithín é an Úcráin a atógáil agus nach mór na forálacha uile is gá a chur i bhfeidhm anois i dtreo go mbeidh muintir na hÚcráine in ann filleadh ar an saol mar a bhí a luaithe is féidir nuair a bheidh deireadh leis an gcogadh agus go mbeadh an tír in ann in ann geilleagar iomaíoch a thógáil a mbeidh an t-aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú cóir mar chuid de agus a chruthóidh rathúnas do mhuintir uile na hÚcráine. Ar a mhuin sin, ba cheart a áireamh sna próisis sin tacaíocht chun na poist a cailleadh san Úcráin de dheasca ionradh na Rúise a athchruthú;

12.

á iarraidh go mbeadh lámh ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta eagraithe i gceapadh agus i gcur chun feidhme na bpleananna atógála agus téarnaimh agus san fhaireachán orthu. Ar an gcaoi sin, d’áiritheofaí trédhearcacht agus cothroime agus chinnteofaí go n-úsáidfí acmhainní sna réimsí is mó a bhfuil gá leo;

13.

á thabhairt chun cuimhne gur chun leas an Aontais agus na hÚcráine araon cuidiú le gnólachtaí den uile chineál san Úcráin teacht slán as an gcogadh agus tacú leo an bhunchloch a leagan síos le haghaidh geilleagar rathúil le linn phróiseas na hatógála. Anuas ar an Úcráin a thabhairt isteach i gClár an Mhargaidh Aonair, is gá rochtain a bheith aici ar chláir lárnacha eile de chuid an Aontais. Tá bearta tacaíochta leanúnacha agus feabhsaithe de dhíth ar ghnólachtaí maidir le comhroinnt eolais, an lóistíocht agus rochtain ar mhaoiniú díreach agus indíreach;

14.

á iarraidh go n-athbhunófaí an t-idirphlé sóisialta san Úcráin faoin dlí airm d’ainneoin na ndúshlán a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis sin. Gné lárnach de choinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin is ea an t-idirphlé sóisialta agus beidh sé ar cheann de na príomhionstraimí sna comhairliúcháin idir an rialtas, na fostóirí agus na hoibrithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le hatógáil eacnamaíoch agus shóisialta na hÚcráine;

15.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na comhaontuithe dearfacha tríthaobhacha maidir le hathchóirithe ar dhlí an tsaothair san Úcráin agus an feabhas is dócha a thiocfaidh ar fhorálacha reachtacha maidir le comhaontuithe comhchoiteanna; ag leagan béim air gur gá saineolaithe ón Úcráin, ó EIS agus ón Aontas a bheith rannpháirteach sa phróiseas chun caighdeáin saothair idirnáisiúnta agus ráthaíochtaí sóisialta agus saothair a chur chun feidhme;

I ndáil le tacaíocht don tsochaí shibhialta agus teagmhálacha idirphearsanta

16.

ag moladh eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Aontas agus san Úcráin as an dlúthpháirtíocht a léirigh siad trí gharchabhair agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ar teitheadh ón gcogadh;

17.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé sásra AE a bhunú chun sochaí shibhialta na hÚcráine a chumhachtú trí chistiú a chur ar fáil agus trína rannpháirtíocht i líonraí sochaí sibhialta an Aontais a éascú. Ba chóir aird faoi leith a thabhairt ar thacaíocht airgeadais agus riaracháin a chur ar fáil agus a chomhordú d’Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin agus d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta san Úcráin, bratlíonraí atá lonnaithe sa Bhruiséil agus eagraíochtaí diaspóra na hÚcráine san áireamh.

18.

á iarraidh go méadófaí an buiséad faoin gclár Erasmus+ don Úcráin in 2024 chun gur féidir le 1 000 duine breise ón Úcráin páirt a ghlacadh sa chlár agus, ar an dóigh sin, chun gur líonmhaire láidre na naisc idir an tAontas agus sochaí shibhialta na hÚcráine. Ach tréimhsí oiliúna agus deiseanna malartaithe den chineál sin a bheith ar fáil in CESE agus in institiúidí AE eile, is mó an fheasacht a bheadh ag daoine óga na hÚcráine ar na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le lánpháirtiú san Aontas Eorpach.

An Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(2)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2023 maidir le binse a bhunú i dtaca le coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine (2022/3017(RSP)).

(3)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 maidir le cónaidhm na Rúise a aithint mar stát is urraitheoir ar an sceimhlitheoireacht (2022/2896(RSP)).


TUAIRIMÍ

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 576ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 22.2.2023-23.2.2023

27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/4


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “An beartas fuinnimh agus an margadh saothair: impleachtaí don fhostaíocht i réigiúin atá i mbun aistriú fuinnimh”

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 146/02)

Rapóirtéir:

Maria del Carmen BARRERA CHAMORRO

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

30.1.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

123/43/20

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Tá an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) á thabhairt dá aire gur gá don Aontas Eorpach dlús mór a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus neamhspleáchas na hEorpa ó sholáthróirí neamhiontaofa agus ó bhreoslaí iontaise luaineacha a mhéadú, mar gheall ar éifeachtaí diúltacha na héigeandála aeráide atá ag dul in olcas, chomh maith leis na héiginnteachtaí agus na géarchéimeanna atá ag eascairt as an staid nua gheopholaitiúil agus as staid nua an mhargaidh fuinnimh. Is díol sásaimh dó, dá bhrí sin, pleananna an Choimisiúin Eorpaigh ar an ábhar sin (e.g. an plean REPowerEU agus an cistiú breise a chuirtear ar fáil dó tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta).

1.2

Tá CESE á chur in iúl freisin go ndéanann rioscaí comhshaoil (an éigeandáil aeráide) agus rioscaí fuinnimh (an spleáchas ar bhreoslaí iontaise) difear do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus do gach beart beartais gaolmhar. Bíonn tionchar mór ag na rioscaí sin, ar bhealaí éagsúla, ar na réigiúin, na hearnálacha eacnamaíocha, na hoibrithe agus na grúpaí daonra is leochailí. Dá réir sin, measann CESE nach mór díriú go sonrach ar na réigiúin atá i mbun Aistriú Cóir ina bhfuil nasc níos láidre idir forbairt na hearnála fuinnimh agus riachtanais an mhargaidh saothair agus ina mbeidh gníomhaíochtaí sonracha beartais ag teastáil.

1.3

I ndáil leis an méid sin, léiríonn na staidéir is fónta go dtiocfadh méadú ar an olltáirgeacht intíre (OTI) dá mbeadh rath ar an aistriú glas i gcoitinne, agus ar an aistriú fuinnimh go háirithe (meastar i roinnt staidéar go dtiocfadh méadú 5,6 % ar OTI faoi 2050). Mhéadófaí na leibhéil fostaíochta freisin (measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair [EIS] agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite go gcruthófaí ceithre oiread níos mó post ná mar a chaillfear), mar aon le cáilíocht na bpost sin, i bhfianaise an ghá a bheidh le scileanna níos airde. Dá gcuirfí fuinneamh níos saoire ar fáil tríd an líon foinsí fuinnimh arna sainaithint agus arna ndreasú trí thacsanomaíocht ghlas iomchuí de chuid an Aontais a mhéadú agus, foinsí fuinnimh in-athnuaite go sonrach, chuirfí feabhas ar an rochtain ar na seirbhísí sin agus ar an táirgeadh, rud a chruthódh níos mó post. Ar an mórgóir, is deacra poist a chruthaítear i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a athlonnú agus, ar an gcúis sin, rachaidh siad chun tairbhe do roinnt mhaith réigiún, go háirithe na réigiúin sin is mó atá i mbaol an dídhaonraithe. Ba cheart éifeachtaí dearfacha na timpeallachta oibre ar an tsláinte a chur san áireamh freisin.

1.4

Bíodh sin mar atá, is cúis mhór bhuartha do CESE na éifeachtaí tromchúiseacha diúltacha, eacnamaíocha, gairme agus sóisialta a bheidh ag an aistriú fuinnimh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Is measa fós na héifeachtaí sin mar gheall ar ghéarchéim an chogaidh san Úcráin agus ar an staid eacnamaíoch (boilsciú ard) atá ann faoi láthair. Bhí tionchar ag an ardú ar phraghsanna fuinnimh ar na teaghlaigh is leochailí, agus ar líon mór cuideachtaí ar fud an Aontais. Méadaíonn billí arda fuinnimh costais na gcuideachtaí agus bíonn tionchar aige sin ar a leibhéil táirgthe agus fostaíochta, rud a chiallaíonn nach mbíonn an dara rogha ag na cuideachtaí sin ach pleananna athstruchtúraithe a chur i bhfeidhm. Léirítear leis sin go bhfuil an beartas fuinnimh agus na hathruithe lena mbaineann ríthábhachtach má táthar chun dul in oiriúint don mhargadh saothair agus an chothromaíocht idir gníomhaithe an mhargaidh saothair — fostaithe agus fostóirí araon – a áirithiú. Is den riachtanas, dá bhrí sin, an margadh fuinnimh a chobhsú gan mhoill agus todhchaí an mhargaidh sin a bhainistiú trí na rialacha nua lenar cheart an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, an athléimneacht agus an t-iomaíochas a chur san áireamh.

1.5

Chun éifeachtaí diúltacha an aistrithe fuinnimh a cheartú nó a mhaolú i gcomhthéacs éigeandálaí nua atá ann faoi láthair, tá CESE á mholadh go ndéanfaí beartais maidir leis an margadh saothair a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i gcreataí rialála agus i mbeartais chomhshaoil agus fuinnimh (dreasachtaí maidir leis an bhfostaíocht inbhuanaithe ardcháilíochta mar bhreisluach a bhaineann leis an aistriú fuinnimh; cistí chun costais na bpróiseas athstruchtúraithe a roinnt, bíodh siad sealadach nó buan; cláir athscilithe chun feabhas a chur ar an infhostaitheacht i ngeilleagar dícharbónaithe, etc.) chomh maith le beartais leasa shóisialaigh (rochtain uilíoch ar sheirbhísí fuinnimh a áirithiú, agus ioncam athsholáthair agus ioncam íosta leordhóthanach a ráthú, etc.). Ba cheart an comhtháthú sin, mar chuid den phlean forbartha do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a bhaint amach i gcónaí tríd an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil, agus é a bheith gan dochar do neamhspleáchas agus d’éagsúlacht na gcóras caidrimh thionsclaíoch éagsúil atá ag gach tír.

1.6

I bhfianaise chastacht na ndúshlán sin, tá CESE á mholadh go dtabharfaí tús áite do na hidirnaisc idir saincheisteanna an aistrithe fuinnimh, na margaí saothair agus na forbartha réigiúnaí, mar chuid de bheartas comhtháthaithe athnuaite (eacnamaíoch, sóisialta agus críochach). Bíodh is gurb ábhartha an ní é an caidreamh idir beartas fuinnimh an Aontais agus margadh an tsaothair sa chomhthéacs réigiúnach do gach réigiún san Aontas, is cás faoi leith é cás na réigiún atá i mbun Aistriú Cóir i ngeall ar an taithí mór atá acu i leith cúrsaí fuinnimh, rud a mbíonn tionchar aige ar thionscail ghaolmhara. Chuige sin, ba cheart táscairí úsáideacha, amhail an táscaire a bhaineann le hacmhainneacht na fostaíochta dícharbónaithe a chur san áireamh. Chun cuspóirí an bheartais aeráide a bhaint amach go héifeachtach, mar aon le cuspóirí an aistrithe fuinnimh, tá CESE á athdhearbhú go gcreideann sé gur gá an Sásra um Aistriú Cóir a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus é sin a dhéanamh ar luas a oirfidh d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mhóra araon. Is gá bearta réigiúnacha comhlántacha nua a chur i gcrích faoi na dálaí sin chun a oiread post agus is féidir a chaomhnú agus chun a áirithiú gur poist ardcháilíochta a bheidh sna poist nua a chruthófar. Ba cheart an t-idirphlé sóisialta, an chómhargáil agus eintitis an gheilleagair shóisialta a áireamh ar shlí dháiríre agus éifeachtach sa mhéid sin i gcónaí. Ba cheart don Choimisiún an ghné shóisialta mhéadaithe sin a chur chun cinn. Agus beart nó beartas ar bith á bhreithniú, ní mór é a bheith foirmlithe i gcónaí ar dhóigh a n-urramaíonn gnéithe na gcóras náisiúnta caidrimh thionsclaíoch, mar aon le róil, inniúlachtaí agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

1.7

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an bParlaimint, ar na Ballstáit agus ar réigiúin an Aontais Eorpaigh ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta ar bhealach níos nuálaí agus níos éifeachtaí a mhéid a bhaineann le dearadh agus cur chun feidhme beartas aistrithe fuinnimh a bhfuil breisluach ard ag baint leo ó thaobh na fostaíochta agus na cosanta sóisialta de, agus i dtaca le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Leagadh béim ar na míchothromaíochtaí críochacha sa réimse seo sna cás-staidéir ábhartha a rinneadh ina leith agus, dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, trí bhíthin an idirphlé shóisialta agus rannpháirtíocht sa gheilleagar sóisialta, bearta a dhéanamh chun forbairt chríochach agus shocheacnamaíoch níos cothroime a éascú. Mar shampla, is féidir próisis chomhairliúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, comhshocruithe sóisialta a chur chun cinn chun aistriú eacnamaíoch, aistriú saothair agus aistriú fuinnimh atá cóir go sóisialta a áirithiú.

1.8

Tá CESE á aithint gur gá beartais infheistíochta phoiblí agus phríobháideacha a neartú, mar aon le beartais cúitimh shóisialta, i bhfianaise na n-éifeachtaí diúltacha ar iomaíochas chuideachtaí móra an Aontais agus FBManna, agus ar na teaghlaigh is leochailí. I measc sásraí eile, tá CESE á mholadh go n-úsáidfí an plean REPowerEU faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun dálaí an mhargaidh a chobhsú agus chun soláthar a áirithiú do shaoránaigh uile na hEorpa. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an ngá agus ar an bpráinn sin trí níos mó bearta infheistíochta eacnamaíocha agus sóisialta a chur i bhfeidhm (mar shampla, cuidiú a chur ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais ghnó níos mó, acmhainní a ráthú chun bochtaineacht fuinnimh a chosc, etc.) ach gan na spriocanna dícharbónaithe a laghdú, toisc go mbeadh éifeachtaí diúltacha níos mó ag moilliú breise an phróisis sin ná mar a bheadh dá gcuirfí dlús leis sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

1.9

Tá CESE den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag cuideachtaí móra agus ag FBManna araon maidir le cuspóir an aistrithe fuinnimh a bhaint amach. I dtaca leis sin de, tá dálaí dúshlánacha le sárú chun an fhostaíocht inbhuanaithe ardcháilíochta agus an chosaint shóisialta a chur chun cinn, chomh maith le rochtain uilíoch ar sheirbhísí fuinnimh a áirithiú (tríd an mbochtaineacht fuinnimh a chosc, cuir i gcás). Mar sin féin, chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí is mó atá ag FBManna, tá CESE á iarraidh go bhfeabhsófaí na cláir lena dtugtar rochtain do FBManna ar mhaoiniú, go gcuirfí dlús leis na cláir sin agus go ndéanfaí iad a shimpliú, agus go gcuirfí tacaíocht leanúnach agus seirbhísí tacaíochta ar fáil.

1.10

De bhreis air sin, tá CESE á mholadh go mbeadh páirt níos mó ag na táirgeoirí is tomhaltóirí (tomhaltóirí fuinnimh éighníomhacha a dhéantar saoránaigh gníomhacha agus tomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite díobh) agus ag na saoránaigh (pobail fuinnimh) d’fhonn dlús a chur leis an aistriú fuinnimh san Eoraip.

1.11

Creideann CESE gur cheart socruithe iomchuí nó comhaontuithe maidir le comhbheartú sóisialta cóir a bheith ag gabháil leis na pleananna críochacha um an aistriú fuinnimh. Trína bhíthin sin, ba cheart cruthú agus coinneáil post inbhuanaithe ardcháilíochta agus tacaíocht do dhaoine a bheith ina gcoinníollacha riachtanacha a mhéid a bhaineann le ceapadh, cur chun feidhme agus meastóireacht na mbeart atá beartaithe, lena n-áirítear na cistí a fhaightear chun an t-aistriú fuinnimh a chur chun cinn.

1.12

Mar sin féin, ní dearfach an fíorthaithí atá ann maidir leis an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh ar leibhéal an mhacrabheartais. I bhformhór na dtíortha, meastar nach leor rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhforbairt beartas a bhaineann leis an dá aistriú (an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas).

2.   Cúlra agus príomheilimintí

2.1

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil gealltanas ceangailteach tugtha ag an Aontas, arb é ceann d’astaírí móra an domhain, maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Athnuadh an gealltanas sin ag COP 27 (an 7–8 Samhain 2022), in ainneoin an amhrais ar astaírí móra domhanda eile faoi. Mar sin féin, tá CESE á chur i bhfios go láidir go mbeidh éifeachtacht na mbeart a ghlacfar chun geilleagar na hEorpa (agus go háirithe córas fuinnimh an Aontais) a dhícharbónú ag brath sna blianta amach romhainn ní hamháin ar chuspóir comhshaoil den sórt sin a bhaint amach ach freisin ar an aistriú a bheith cothrom do chách. Ba cheart na bearta sin a bheith ina gcuidiú agus sochaí inbhuanaithe rathúil á cur chun cinn ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní agus ardleibhéal fostaíochta á áirithiú.

2.2

Sa tuairim uaidh Fís straitéiseach maidir le haistriú fuinnimh a chuirfidh ar chumas an Aontais uathriail straitéiseach a bhaint amach (1), aithníonn CESE na deiseanna maidir le rathúnas a chruthaítear leis an bpróiseas dícharbónaithe fuinnimh. Mar sin féin, tá rabhadh á thabairt aige freisin faoi na rioscaí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag eascairt as an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair. Is measa fós iad na fadhbanna reatha, a chruthaíonn brú breise agus a fhágann gur deacair na cuspóirí dícharbónaithe arna leagan síos a bhaint amach (an cogadh san Úcráin, an ghéarchéim boilscithe, etc.), mar gheall ar fhadhbanna struchtúracha, amhail an t-athrú aeráide, a bhfuil a n-éifeachtaí diúltacha ar an Aontas agus ar a réigiúin ag éirí níos infheicthe.

2.3

Is eol do CESE go bhfuil tionchar tromchúiseach ag praghsanna arda gáis agus leictreachais ar na cuideachtaí uile agus ar na teaghlaigh is leochailí. Mar thoradh ar an mbís bhoilscitheach, tá gléasraí tionsclaíocha á ndúnadh (e.g. Slovalco sa tSlóvaic) agus dochar á dhéanamh d’iomaíochas roinnt mhaith cuideachtaí.

2.4

Tá CESE á thabhairt dá aire freisin na tuarascálacha ó Eurofound (2), ina léirítear go bhfuil méadú tagtha ar an mbochtaineacht fuinnimh. Cé go bhfuil méadú suntasach tagtha ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na Ballstáit maidir le bearta sóisialta a thabhairt isteach chun éifeachtaí socheacnamaíocha géarchéimeanna agus éigeandálaí nua a mhaolú, is léir nach leor na bearta sin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach na cuspóirí sóisialta a neartú, faoi mar a chuir EEA i bhfáth, pacáistí beartas agus beart um maolú an athraithe aeráide a dhearadh agus a chur chun feidhme agus dáileadh na dtionchar sóisialta a mheas agus a dhéanamh amach conas féachaint chuige go mbeidh siad níos cothroime i gcás nach féidir iad a sheachaint (Exploring the social challenges of low carbon energy policies in Europe, Deireadh Fómhair 2021 (3)).

2.5

I gcomhthéacs na n-éigeandálaí nua sin, tá CESE á iarraidh go ndéanfaí bearta spriocdhírithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a leathnú agus dlús a chur leo chun na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus fostaíochta is díobhálaí a bhaineann le spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach a fhritháireamh, gan na spriocanna sin a cheistiú. Creideann CESE freisin gur cheart na bearta sin a bheith leabaithe sna beartais chomhtháthaithe. Sa tuairim uaidh (ECO/579 (4)), thug CESE chun léire an bhéim sin ar bheartais chomhtháthaithe i gcomhthéacs bheartais aeráide an Aontais, d’fhonn aird a tharraingt ar bhearta chun cuidiú le cuideachtaí iad féin a chur in oiriúint do riachtanais an aistrithe fuinnimh, lena n-áirítear an t-athstruchtúrú lena ngabhann, agus chun an bhochtaineacht fuinnimh a chosc.

2.6

Ar bhonn níos struchtúrtha, is é is aidhm don phacáiste “Oiriúnach do 55” reachtaíocht an Aontais a athbhreithniú agus a nuashonrú agus tionscnaimh nua a sheoladh. Déanfar amhlaidh lena áirithiú go mbeidh beartais an Aontais i gcomhréir leis na spriocanna aeráide a chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, mar a gealladh sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus a rinneadh ceangailteach leis an dlí aeráide Eorpach. Creideann CESE, dá bhrí sin, go bhféadfadh beartais chun an éigeandáil aeráide a chomhrac a bheith ina gcúis le hathruithe móra ar an ngeilleagar agus suaitheadh sóisialta a chruthú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, rud a dhéanfadh difear don fhostaíocht agus don dea-bhail, go háirithe i réigiúin áirithe. Ar a mhuin sin, ba cheart a chur i bhfios go láidir nach féidir dul chun cinn sóisialta a dhéanamh gan feidhmíocht láidir eacnamaíoch agus, dá bhrí sin, nach féidir fás eacnamaíoch inbhuanaithe a bheith ann gan aistriú glas agus aistriú fuinneamh atá cothrom ó thaobh na sochaí agus an tsaoil oibre de a áirithiú.

2.7

Is déine a bheidh an tionchar ar mhargaí saothair in earnálacha agus i réigiúin áirithe, go háirithe iad siúd ina bhfuil tionscail diancharbóin a d’fhéadfadh dúnadh síos. Ní mór saoráid um aistriú cóir a bheith ag gabháil leis an ngá atá le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh. Ó tharla nach dtarlóidh éifeachtaí dearfacha an aistrithe sin go huathoibríoch, tá CESE suite de, má táthar chun aistriú fuinnimh rathúil a áirithiú, go bhfuil sé ríthábhachtach beartais infheistíochta chuimsitheacha a cheapadh agus a chur chun feidhme (lena gcuirtear poist chuibhiúla inbhuanaithe chun cinn) agus ról a thabhairt don tsochaí ina leith sin. Ar an dóigh sin, beidh guth ag na daoine a fhostaítear agus ag a n-ionadaíochtaí ar an leibhéal maicreacnamaíoch (leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta), idirmheánach (leibhéal na n-earnálacha) agus micreacnamaíoch (leibhéal na gcuideachtaí agus na n-aonad áitiúil).

2.8

Sna cásanna neamhchinnte agus athraitheacha sin, measann CESE go bhfuil creataí an Aontais Fuinnimh agus an Chomhaontaithe Ghlais iomchuí, ach nach leor iad chun beartais aeráide agus fuinnimh a chur chun feidhme, beartais lena n-áirithítear comhtháthú sóisialta agus réigiúnach trí dhian-infheistíochtaí sa nuálaíocht theicneolaíoch, i gcruthú post ardcháilíochta inbhuanaithe, i gcumhachtú caipitil dhaonna agus i gcruthú caipitil shóisialta réigiúnaigh. Tá CESE á mholadh go mbainfí úsáid as dea-chleachtais chun an méid sin a bhaint amach (5). Tá CESE á mheabhrú go bhfuil straitéisí den sórt sin ann cheana, amhail tionscadail chun stáisiúin ghrianchumhachta a thógáil ar sheanláithreáin mianadóireachta ligníte sa Phortaingéil agus sa Ghréig, nó an tacaíocht straitéiseach mhór atá sa Liotuáin don choincheap “táirgeoir is tomhaltóir”. Tá CESE á thabhairt dá aire nach cleachtas forleathan ná ceannasach í an taithí sin go fóill.

2.9

De réir na tuarascála a ullmhaíodh ar iarratas ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh i bParlaimint na hEorpa, meastar go dtiocfaidh laghdú 5,6 % ar OTI an Aontais in 2050 i ngeall ar an easpa uaillmhéine i mbeartais an Aontais maidir le haistriú fuinnimh cóir. Tá CESE den tuairim nach mór aistriú cóir a áirithiú, lena n-áirítear ó thaobh na fostaíochta de, chun an costas sin a sheachaint. Sa tuarascáil sin, moltar agus déantar measúnú ar roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Aontais chun na críche sin, ina measc (6):

leibhéil uaillmhianacha maidir le cistiú ón Aontas, sa bhreis ar acmhainní na mBallstát, chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain. I dtuairim INT/913 uaidh, chuir CESE in iúl go seasann sé leis an méid sin;

ghinfeadh ceannaireacht dhomhanda an Aontais sa chomhar iltaobhach i ndáil leis an aistriú fuinnimh EUR 94 000 bhilliún in aghaidh na bliana;

chabhródh an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht le OTI an Aontais a mhéadú EUR 39 000 mbilliún in aghaidh na bliana, ós rud é go gcuirtear níos mó soiléireachta ar fáil ann faoi cad atá i gceist le hinfheistíocht fhreagrach fuinnimh agus go gcuirtear chun cinn ann an rialachas comhshaoil agus sóisialta.

2.10

Creideann CESE go bhfuil cuideachtaí móra, ach FBManna freisin, ina gcuid ríthábhachtach den réiteach chun geilleagar iomaíoch, aeráidneodrach, ciorclach agus cuimsitheach a fhorbairt san Aontas. Ba cheart na coinníollacha cearta cistiúcháin agus tacaíochta a chruthú agus a choinneáil ar bun. Ní mór rochtain níos fearr a bheith ag FBManna air, trí nósanna imeachta riaracháin simplithe agus oiriúnaithe. Ach sheirbhísí tacaíochta a chruthú do FBManna, beidh sé níos éasca dóibh rochtain a fháil ar na bearta sin agus chuirfí chun cinn éiceachórais ghnó inbhuanaithe i réigiúin uile an Aontais (NUTS II agus III), agus ní hamháin sna réigiúin sin atá cáilithe faoi láthair mar réigiúin an aistrithe chóir (thart ar chéad réigiún faoi NUTS III agus 31 réigiún faoi NUTS II) (7).

2.11

Is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Aeráide Sóisialta (8). Mar sin féin, tá CESE suite de nach gcuirfidh na cistí sin an tacaíocht airgeadais ar fad is gá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí socheacnamaíocha agus fostaíochta ar bhealach atá freagrach go sóisialta. Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach cistiú amháin atá i gceist le haistriú fuinnimh cóir, ach go n-áirítear leis freisin an cuspóir maidir le poist ardcháilíochta a chruthú, rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú (lena n-áirítear ar leibhéal na gcuideachtaí), neamhspleáchas agus éagsúlacht na gcóras náisiúnta caidrimh thionsclaíoch a urramú, agus iomaíochas chuideachtaí na hEorpa a chothabháil agus a mhéadú tuilleadh. Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí bearta sonracha ar gach leibhéal, lena n-áirítear i bhfeidhmiú an tSeimeastair Eorpaigh, chun rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na gcomhpháirtithe sóisialta a mhéadú. Measann CESE freisin gur gá ceanglas a leagan amach maidir le sásraí chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar úsáid chuí cistí don aistriú fuinnimh cóir, trína fhíorú go bhfuil na cuspóirí sóisialta agus gairme á gcomhlíonadh ag na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as an gcistiú poiblí sin.

2.12

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na spriocanna fostaíochta agus sóisialta a neartú sa mheasúnú ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus i bpleananna críochacha na mBallstát um an aistriú cóir. Áirítear an méid seo a leanas leis na spriocanna sin:

beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair lena n-éascaítear aistrithe post, trí athsciliú agus infheistíochtaí oideachais i bpoist ghlasa ardcháilíochta;

úsáid a bhaint as cistí ó na Stáit agus ó chuideachtaí tairbhíocha chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine a chaileann a bpost mar gheall ar an dícharbónú, chun a áirithiú gur féidir leis an aistriú fuinnimh tionchar dearfach a imirt ar an bhfostaíocht;

an acmhainneacht eacnamaíoch réigiúnach a eascraíonn as foinsí in-athnuaite fuinnimh a chothú agus as cineálacha nua rannpháirtíochta sa táirgeadh leictreachais (mar shampla, comharchumainn féinsoláthair a chruthú a mbeidh sé de chumas acu barrachais a ghiniúint don phobal; féinfhostaíocht a chur chun cinn i nginiúint fuinnimh in-athnuaite, etc.);

an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac go héifeachtach. Cumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta rochtain ar sheirbhísí fuinnimh don daonra ar fad (Prionsabal 20);

Chun na cuspóirí uaillmhianacha sin a bhaint amach, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach forbairt pleananna críochacha le haghaidh fostaíochta agus scileanna don todhchaí a spreagadh, agus go mbeadh ról gníomhach ag na geallsealbhóirí uile, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, sa phróiseas sin.

3.   Comhthéacs agus príomhionchur ó fhianaise eolaíoch idirnáisiúnta maidir le tionchar an aistrithe fuinnimh chóir ar an bhfostaíocht

3.1

Tá CESE á thabhairt dá aire gur féidir difear a dhéanamh don fhostaíocht ar bhealaí éagsúla trí fhoinsí in-athnuaite a chur in ionad gnáthghléasraí cumhachta breoslaí iontaise. D’fhéadfadh an méid sin poist ghlasa nua a chruthú in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite ach poist a dhíláithriú in earnálacha eile. Ní mór a chur san áireamh go bhféadfadh an méadú a d’fhéadfadh teacht ar phraghsanna fuinnimh srian a chur leis an éileamh ar shaothar in earnálacha dianfhuinnimh agus cumhacht ceannaigh na dteaghlach príobháideach a laghdú. Deimhnítear leis an bhfianaise go gcruthaítear, go scriostar nó go gclaochlaítear poist i dtíortha tionsclaíocha leis an mbeartas fuinnimh i leith foinsí in-athnuaite.

3.2

Tá CESE á thabhairt dá aire nach bhfuil aon chomhthoil eolaíoch iomlán ann maidir leis an tionchar deiridh a bheidh ag an aistriú fuinnimh ar an bhfostaíocht. Léirítear le roinnt staidéar cásanna nach raibh aon ghlanfhás fostaíochta ann (sa Pholainn) nó ina raibh glanfhás fostaíochta an-bheag (sa Ghearmáin). Mar sin féin, measann EIS go gcaillfear thart ar 6 mhilliún post mar thoradh ar dhícharbónú an gheilleagair, ach go dtiocfaidh méadú faoi cheathair ar na poist a chruthófar, ó 11 mhilliún go 43 mhilliún in 2030 do thíortha na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite (IRENA) (9). Sna cásanna uile a ndearnadh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh cur i láthair orthu, léirítear go dtiocfaidh méadú ar úsáid an fhuinnimh ghlain, rud a dhéanfaidh cúiteamh ar chaillteanais fostaíochta in earnálacha na mbreoslaí iontaise. Má bhaintear amach an aeráidneodracht faoi 2050, beidh ról nua ag 16 mhilliún oibrí i réimse an fhuinnimh ghlain. I dtuarascáil 2022 na Stát Aontaithe maidir le fuinneamh agus fostaíocht (USEER) (10), cuirtear meastacháin den chineál céanna i láthair: a bhuí le fuinneamh glan, tháinig méadú 4 % ar an bhfostaíocht in earnáil an fhuinnimh (cé nár tháinig méadú ach 2,8 % ar an bhfostaíocht i gcoitinne).

3.3

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil roinnt míchothromaíochtaí ann. Tarlaíonn sé nach mbíonn poist nua a bhaineann le fuinneamh glan agus na poist a ionadófar lonnaithe san áit chéanna. Bíonn scileanna nua ag teastáil do na poist nua sin chomh maith. Chuige sin, ba cheart an reachtaíocht náisiúnta agus na beartais fuinnimh a dhíriú ar a áirithiú go mbeidh rath ar an oiliúint don aistriú agus go rachaidh sé chun tairbhe d’fhormhór na saoránach. Ina cheann sin, i dtionscal an fhuinnimh in-athnuaite, tá cion na mban sa lucht saothair (32 %) níos airde ná mar atá i gcodanna eile den earnáil fuinnimh, cé nach bhfuil an céatadán ach 21 % in earnáil na gaoithe. Léiríonn sé sin go bhfuil steiréitíopaí inscne á gcothú sa réimse sin i gcónaí. Dá bhrí sin, ní mór, trí bhíthin na reachtaíochta náisiúnta agus na mbeartas cur chun feidhme, béim a leagan ar chuspóirí comhionannais inscne sna poist nua sin.

3.4

Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach a aithint nach ceist teicneolaíochta agus infheistíochta poiblí agus príobháidí amháin é an t-aistriú fuinnimh, ach gur dúshlán mór sóisialta domhanda é. Dá bhrí sin, ní mór rannpháirtíocht na sochaí sibhialta (úsáideoirí) agus táirgeoirí na sochaí saothair (cuideachtaí agus oibrithe, ar bhonn díreach agus trína n-ionadaíochtaí) a ráthú agus a chur chun cinn. Ní mór an aeráid a chur san áireamh sna beartais agus sna cinntí uile. Thairis sin, creideann CESE gur cheart na beartais agus na cinntí sin a cheapadh trí phróisis agus, i gcás inarb iomchuí, trí chomhaontuithe comhairliúcháin shóisialta idir na húdaráis ar gach leibhéal agus na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart urraim do neamhspleáchas agus d’éagsúlacht na gcóras caidrimh thionsclaíoch náisiúnta, agus d’eagraíochtaí ionadaíocha eile na sochaí sibhialta, a bheith ina bonn taca leis an méid sin i gcónaí, chun aistriú cuimsitheach fuinnimh a bhaint amach d’oibrithe, do thomhaltóirí agus don phobal i gcoitinne.

3.5

Tá CESE á thabhairt dá aire, agus foilseacháin eolaíochta agus an taithí (idir rathúil agus easnamhach) a fuarthas ó fhíorchásanna á n-athbhreithniú aige, nach bhfuil conair réamhshocraithe amháin don aistriú agus go bhfuil an tionchar a bhíonn ag aistrithe fuinnimh ar phoist agus ar ionaid oibre ag brath ar na dálaí sóisialta faoina dtugtar teicneolaíochtaí isteach agus ar athruithe ar an aistriú fuinnimh. Léirítear le fianaise ó chás-staidéir ar leibhéal na gcuideachtaí (e.g. Renault, Siemens Energy (11)) go raibh torthaí dearfacha (gairmoiliúint níos fearr, táirgiúlacht níos mó agus cáilíocht níos airde táirgí) mar thoradh ar ghlacadh na n-athruithe, sna cásanna ina raibh na hoibrithe rannpháirteach.

3.6

Mar sin féin, ní conclúidí dearfacha iad na conclúidí maidir leis an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh ar leibhéal an mhacrabheartais. I bhformhór na dtíortha, meastar nach leor rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhforbairt beartas a bhaineann leis an dá aistriú (an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas). Bunaithe ar thaithí roinnt tíortha, d’fhéadfadh an t-easnamh sin a bheith mar thoradh ar dhá dhúshlán bhunúsacha atá os comhair na gcomhpháirtithe sóisialta:

d’ainneoin go bhfuil éagsúlacht shuntasach sna creataí institiúideacha, tá easpa beart i ngach ceann de na creataí sin chun an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chur chun cinn maidir le cearta sóisialta agus saothair a mhúnlú, ar cearta iad a bhaineann leis an aistriú fuinnimh cóir (e.g. an Iodáil, an Spáinn, an Pholainn, an Ghearmáin, etc.);

cumas neamhleor na gcomhpháirtithe páirt chuí a ghlacadh sa phlé maidir le todhchaí na hoibre i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh, tosaíochtaí a cheapadh agus a gcláir oibre a chur i gcrích go héifeachtach, in ainneoin na reachtaíochta náisiúnta, amhail reachtaíocht na Spáinne lena gcuirtear chun cinn comhaontuithe comhbheartaithe sóisialta ar mhaithe le haistriú fuinnimh cóir (Dlí 7/2021).

4.   Barúlacha ginearálta

4.1

Tá CESE á thabhairt dá aire na hanailísí lena léirítear go bhféadfadh ionstraimí beartais agus ionstraimí dlíthiúla de chuid an Aontais a bheith tábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe fuinnimh ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an tsaothair de. Mar sin féin, measann CESE freisin gur cheart na hionstraimí atá ann cheana agus a chuirtear chun feidhme i ngach uile Bhallstát (e.g. an Treoir maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha nó an Treoir lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo) a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Tá CESE á iarraidh go spreagfaí agus go nglacfaí, ar na leibhéil iomchuí éagsúla, na hathchóirithe is iomchuí arb é is aidhm dóibh an t-idirphlé sóisialta a neartú agus an chómhargáil a áireamh sna próisis maidir le haistriú fuinnimh cóir, chun cothromaíochtaí dearfacha a chur chun cinn ó thaobh poist inbhuanaithe a chruthú agus oibrithe a chosaint, agus bonn láidir eacnamaíoch agus gnó á choinneáil i ngach Ballstát agus i ngach réigiún, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú ag an am céanna.

4.2

Maidir leis na hathruithe eacnamaíocha agus na hathruithe ar struchtúir na fostaíochta a eascraíonn as an aistriú fuinnimh, is léir ón taithí a fuarthas nach n-éiríonn leo i gcónaí a mhéid a bhaineann le haistriú cóir sóisialta agus gairme a bhaint amach. Braitheann an rath sin ar cibé acu a chaomhnaítear nó nach gcaomhnaítear an fhostaíocht go príomha trí phoist a aistriú, ó phoist atá neamh-inbhuanaithe i ngeall ar a lorg carbóin, go poist eile atá inbhuanaithe. Bíonn tionchar freisin ag an idirghníomhaíocht idir beartais fuinnimh agus fostaíochta ar an timpeallacht nó ar an gcomhthéacs réigiúnach níos leithne, rud a chruthaíonn deiseanna agus rioscaí (e.g. taraifí ionfhotha; praghsanna fuinnimh atá ag ardú agus a chuireann poist thionsclaíocha i mbaol, faoi mar a tharla sa Ghearmáin agus sa Spáinn). Tá CESE á thabhairt dá aire, de réir na taithí a fuarthas i roinnt réigiún, amhail in imchuach mianadóireachta thuaisceart na Spáinne, go bhfuil líon na bpost nua a chruthaítear leis an aistriú fuinnimh i bhfad níos ísle agus go bhfuil pá níos ísle ag baint leis na poist sin, i gcomparáid leis na poist a bhí ann roimhe.

4.3

Ó thaobh an domhain mhóir de, tá CESE á thabhairt dá aire go léirítear leis na staidéir is fónta atá ar fáil go bhfuil gairm ardoilte ag thart ar 45 % d’oibrithe an domhain atá fostaithe in earnáil an fhuinnimh, agus sin i gcomparáid le thart ar 25 % d’oibrithe ar fud an gheilleagair. Níl an méid sin indéanta i ngach áit, áfach, agus ní mór aistriú cóir duineláraithe a áirithiú do na hoibrithe lena mbaineann ionas nach mbeidh glandífhostaíocht mar thoradh ar an dícharbónú, mar atá i gcás na Polainne.

4.4

Tá CESE suite de, mar a luaitear i dtuarascálacha IRENA agus EIS (12), gur léiriú soiléir í acmhainneacht an fhuinnimh in-athnuaite gur féidir obair chuibhiúil inbhuanaithe a chur ar fáil gan aon ghá a bheith ann rogha a dhéanamh idir an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus poist a chruthú. Ba cheart an dá ghné sin a bheith fite fuaite le chéile, rud is féidir a dhéanamh, trí na dálaí cearta dlíthiúla, polaitiúla agus airgeadais a chruthú, lena n-éilítear cuntasacht chuí ar gach cuideachta a fhaigheann cistí agus lena n-áirithítear rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile (na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na comhpháirtithe sóisialta agus na saoránaigh) ina rialachas.

5.   Barúlacha sonracha

5.1

Tá CESE á thabhairt dá aire go mbeidh seasamh níos straitéisí sa gheilleagar ag tionscal an fhuinnimh, ós rud é gur príomhspreagadh é do gach earnáil. Mar sin féin, i bhfianaise na ngéarchéimeanna agus na n-athruithe atá ann faoi láthair, tá míchothromaíochtaí agus rioscaí éagsúla ag baint leis an tionscal sin, ar gá aghaidh a thabhairt orthu trí infheistíochtaí iomchuí, beartais chomhleanúnacha agus struchtúir nua rialachais, d’fhonn rannpháirtíocht sa gheilleagar críochach, na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú. Ba cheart socruithe iomchuí nó comhaontuithe maidir le comhbheartú sóisialta cóir a bheith ag gabháil leis na pleananna críochacha um an aistriú fuinnimh. Maidir leis na socruithe nó na comhaontuithe sin, ní mór cruthú agus coinneáil post inbhuanaithe ardcháilíochta agus tacaíocht do dhaoine a bheith ina gcoinníollacha riachtanacha dóibh, a mhéid a bhaineann le ceapadh, cur chun feidhme agus meastóireacht na mbeart atá beartaithe.

5.2

Tá CESE á mheabhrú go bhfuil an Seimeastar Eorpach ar cheann de na príomhchórais rialachais chun aistrithe atá cóir go sóisialta a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn. Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana féin gur céim sa treo ceart é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme i dtimthriall an tSeimeastair Eorpaigh agus faireachán a bheith á dhéanamh air tríd an Scórchlár Sóisialta (13). Creideann CESE, áfach, gur cheart béim níos mó a chur ar an idirghníomhaíocht idir beartais chomhshaoil agus saothair chun a áirithiú go gcruthófar poist ardcháilíochta inbhuanaithe sa deireadh, agus chun ráthaíochtaí maidir le hioncam leordhóthanach a chruthú dóibh siúd a chailleann a bpost agus nach n-éiríonn leo post eile a fháil. Ba cheart ról na réigiún agus a gcaipiteal sóisialta, an speisialtóireacht chliste agus clár oibre don chaipiteal daonna a neartú.

5.3

Tá CESE á athdhearbhú gur gá acquis ábhartha an Aontais agus na mBallstát a chur chun feidhme i réimse dhlí an tsaothair agus na slándála sóisialta. Tá sé athdhearbhaithe ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún go bhfuil siad tiomanta oibriú ar mhaithe le hEoraip níos córa agus níos cothroime, rud atá ag teacht leis an seasamh a ghlac CESE nuair a fógraíodh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta ag cruinniú mullaigh Göteborg an 17 Samhain 2017. Ba cheart an Colún a bheith ina threoir do chóineasú aníos athnuaite i dtreo dálaí oibre agus maireachtála feabhsaithe agus d’fhonn athchóirithe i margaí saothair agus i mbeartais shóisialta a threorú (14).

5.4

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil difríochtaí suntasacha sa reachtaíocht lena gcuirtear an Dlí Aeráide Eorpach chun feidhme. Mar shampla, i reachtaíocht na Fraince, leagadh béim ar an ngné sin a bhaineann le ról a thabhairt do chuideachtaí agus d’ionadaithe oibrithe san idirghníomhaíocht idir an t-aistriú glas agus saincheisteanna soch-ghairme; ar an taobh eile, i reachtaíocht tíortha eile, amhail reachtaíocht na hIodáile agus na Spáinne, mar aon le reachtaíocht réigiúin uile an aistrithe chóir i dtíortha Oirthear na hEorpa, is beag trácht a dhéantar ar na hoibleagáidí agus na cearta sin. Tá CESE á thabhairt dá aire, mar shampla, taithí rathúil na Fraince (Dlí Uimh. 2021–1104) lenar leagadh síos an coincheap “dúshláin an aistrithe ghlais” sa Chód Saothair, lena n-áirítear inniúlachtaí maidir le comhaontuithe earnála, córais le haghaidh poist réamhbhreathnaitheacha a bhainistiú agus scileanna chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann go sonrach leis an aistriú glas agus fuinnimh (Airteagal L 2242-20), chomh maith le ceart na gceardchumann foláirimh chomhshaoil agus sláinte phoiblí a eisiúint (L 4133-L 4133-4). Dá bhrí sin, agus neamhspleáchas agus éagsúlacht na gcóras caidrimh thionsclaíoch Eorpach á n-urramú go docht aige, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh a chur chun cinn maidir le malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit agus na réigiúin éagsúla.

5.5

Tá CESE á áitiú gurb é cur chuige réamhghníomhach agus cuimsitheach lena náirithítear beartais shonracha saothair agus leasa shóisialta an réamhriachtanas is tábhachtaí chun aistriú rathúil a bhaint amach. Chun go mbeidh rath ar na beartais, ní mór iad a bheith oiriúnaithe d’fhíor-riachtanais an mhargaidh saothair, go háirithe sna réigiúin is mó atá thíos leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise go fuinneamh in-athnuaite, ach gan bheith teoranta dóibh siúd, agus leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil sna réigiúin atá saibhir ó thaobh acmhainní de. Bíodh is gurb úsáideach an ní é an Ciste um Aistriú Cóir, tá teorainneacha ag baint leis, agus ní mór é sin a cheartú. Ní freagairt uilechuimsitheach é ar dhúshláin an aistrithe chóir, ach is féidir tacú leis trí bhearta beartais breise a thabhairt isteach ar leibhéal na mBallstát.

5.6

D’fhonn feabhas a chur ar an gcaidreamh idir beartais chomhshaoil, an t-aistriú fuinnimh, beartais an mhargaidh saothair agus beartais cosanta sóisialta, tá CESE á iarraidh go dtabharfaí aird níos mó ar na táscairí fostaíochta inbhuanaithe atá ar fáil chun an Sásra um Aistriú Cóir atá beartaithe a dhearadh agus a chur chun feidhme. Ba cheart an táscaire a bhaineann le hacmhainneacht na fostaíochta dícharbónaithe (DEP) a chur san áireamh ar leibhéil éagsúla NUTS. De ghrá sonraí a fháil faoi thionchar na géarchéime fuinnimh nua ar an bhfostaíocht, tá líon suntasach taithí cláraithe ag an bhFhaireachlann Eorpach um Athstruchtúrú de chuid Eurofound (15).

5.7

Tá CESE á iarraidh freisin go gcuirfí dlús le cur chun feidhme an tSásra um Aistriú Cóir agus go gcuirfí feabhas ar chur chun feidhme an tSásra sin (16). Is mór ag CESE go gcuirfear EUR 55 bhilliún ar fáil idir seo agus 2027 sna réigiúin is mó a ndéanann an t-aistriú fuinnimh difear dóibh, chun an cuspóir “gan aon duine a fhágáil ar lár” a bhaint amach. Is éard is cuspóir dó sin éifeachtaí socheacnamaíocha an aistrithe chuig geilleagar atá aeráidneodrach a fhritháireamh trí thrí cholún: Ciste nua um Aistriú Cóir (os cionn EUR 25 000 bhilliún in infheistíochtaí), an scéim InvestEU um Aistriú Cóir (EUR 15 000 bhilliún don earnáil phríobháideach) agus an tsaoráid iasachta nua don earnáil phoiblí (cuirfear EUR 18 500 billiún d’infheistíocht phoiblí léi).

5.8

Mar an gcéanna, agus na pleananna críochacha um aistriú fuinnimh á gcur ar bhonn foirmiúil, measann CESE freisin gurb iomchuí ní hamháin comhaontuithe aistrithe a chur chun cinn, ach dea-chleachtais i réimse na cómhargála agus rannpháirtíocht na n-oibrithe san aistriú fuinnimh atá cóir go sóisialta a chur chun cinn freisin. I ndáil leis an méid sin, ba cheart a mheabhrú go bhfeabhsaítear cáilíocht an chomhshaoil mar thoradh ar aistriú chuig foinsí fuinnimh in-athnuaite, trí astaíochtaí truailleán aeir a laghdú. Téann an méid sin chun tairbhe na sláinte agus na táirgiúlachta saothair chomh maith.

5.9

Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go gcruthófar le gné ghlas na hEorpa agus leis an aistriú fuinnimh sineirgí dearfacha agus aistriú cuimsitheach, chun cur le rath cuideachtaí, chun deiseanna fostaíochta inbhuanaithe ardcháilíochta a mhéadú d’oibrithe agus chun folláine na saoránach uile a fheabhsú laistigh d’éiceachóras ina n-urramaítear an pláinéad.

An Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Fís straitéiseach maidir le haistriú fuinnimh a chuirfidh ar chumas an Aontais uathriail straitéiseach a bhaint amach (IO C 75, 28.2.2023, lch. 102).

(2)  https://www.eurofound.europa.eu/publications/customised-report/2022/the-cost-of-living-crisis-and-energy-poverty-in-the-eu-social-impact-and-policy-responses-background

(3)  https://www.eea.europa.eu/publications/exploring-the-social-challenges-of.

(4)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 54.

(5)  Féach IO C 47, 11.2.2020, lch. 30 agus IO C 62, 15.2.2019, lch. 269.

(6)  https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2021/694222/EPRS_STU(2021)694222_EN.pdf

(7)  https://ec.europa.eu/eurostat/web/nuts/background

(8)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 158.

(9)  https://irena.org/-/media/Files/IRENA/Agency/Publication/2019/Jan/IRENA_Gender_perspective_2019.pdf

(10)  https://www.energy.gov/policy/us-energy-employment-jobs-report-useer

(11)  https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2022/733972/IPOL_STU(2022)733972_EN.pdf

(12)  https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/---dgreports/---dcomm/---publ/documents/publication/wcms_823807.pdf

(13)  Tuairim ó CESE Breithnithe breise maidir le Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe (IO C 75, 28.2.2022, lch. 35).

(14)  Tuairim ó CESE Pá Íosta Cuibhiúil ar fud na hEorpa, (IO C 429, 11.12.2020, lch. 159).

(15)  https://www.eurofound.europa.eu/observatories/emcc/european-restructuring-monitor

(16)  https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal/finance-and-green-deal/just-transition-mechanism_ga


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

SOC/718 — An beartas fuinnimh agus an margadh saothair

Pointe 2.12

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na spriocanna fostaíochta agus sóisialta a neartú sa mheasúnú ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus i bpleananna críochacha na mBallstát um an aistriú cóir. Áirítear an méid seo a leanas leis na spriocanna sin:

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún a spreagadh go neartófaí an bhéim ar spriocanna fostaíochta agus sóisialta agus ar bheartais fostaíochta agus shóisialta sa mheasúnú ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus i bpleananna críochacha na mBallstát um an aistriú cóir. Áirítear an méid seo a leanas leis na spriocanna agus na beartais sin:

beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair lena n-éascaítear aistrithe post, trí athsciliú agus infheistíochtaí oideachais i bpoist ghlasa ardcháilíochta;

beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair lena n-éascaítear aistrithe post, trí athsciliú agus infheistíochtaí oideachais i bpoist ghlasa ardcháilíochta;

úsáid a bhaint as cistí ó na Stáit agus ó chuideachtaí tairbhíocha chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine a chaileann a bpost mar gheall ar an dícharbónú, chun a áirithiú gur féidir leis an aistriú fuinnimh tionchar dearfach a imirt ar an bhfostaíocht;

úsáid a bhaint as beartais agus bearta iomchuí maidir leis an margadh saothair agus, i gcás ina gceanglaítear é sin de réir rialacha náisiúnta, as cistí ó na Stáit agus ó chuideachtaí tairbhíocha chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine a chaileann a bpost mar gheall ar an dícharbónú, chun a áirithiú gur féidir leis an aistriú fuinnimh tionchar dearfach a imirt ar an bhfostaíocht;

an acmhainneacht eacnamaíoch réigiúnach a eascraíonn as foinsí in-athnuaite fuinnimh a chothú agus as cineálacha nua rannpháirtíochta sa táirgeadh leictreachais (mar shampla, comharchumainn féinsoláthair a chruthú a mbeidh sé de chumas acu barrachais a ghiniúint don phobal; féinfhostaíocht a chur chun cinn i nginiúint fuinnimh in-athnuaite, etc.);

an acmhainneacht eacnamaíoch réigiúnach a eascraíonn as foinsí in-athnuaite fuinnimh a chothú agus as cineálacha nua rannpháirtíochta sa táirgeadh leictreachais (mar shampla, comharchumainn féinsoláthair a chruthú a mbeidh sé de chumas acu barrachais a ghiniúint don phobal; féinfhostaíocht a chur chun cinn i nginiúint fuinnimh in-athnuaite, etc.);

an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac go héifeachtach. Cumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta rochtain ar sheirbhísí fuinnimh don daonra ar fad (Prionsabal 20);

an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac go héifeachtach. Cumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta rochtain ar sheirbhísí fuinnimh don daonra ar fad (Prionsabal 20);

Chun na cuspóirí uaillmhianacha sin a bhaint amach, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach forbairt pleananna críochacha le haghaidh fostaíochta agus scileanna don todhchaí a spreagadh, agus go mbeadh ról gníomhach ag na geallsealbhóirí uile, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, sa phróiseas sin.

Chun na cuspóirí uaillmhianacha sin a bhaint amach, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach forbairt pleananna críochacha le haghaidh fostaíochta agus scileanna don todhchaí a spreagadh, agus go mbeadh ról gníomhach ag na geallsealbhóirí uile, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, sa phróiseas sin . Ba cheart a chur san áireamh sna pleananna sin chomh maith iarmhairtí eacnamaíocha luas an aistrithe ar chuideachtaí, agus FBManna go sonrach.

Cúis

Is éard atá beartaithe leis an leasú seo foclaíocht an téacs a shoiléiriú a mhéid a bhaineann leis an mbéim ar chuspóirí/spriocanna sóisialta agus fostaíochta a neartú agus léiriú a thabhairt air nach leor de réiteach ar chaillteanais phoist iad íocaíochtaí as cistí (i gcás ina gceanglaítear é sin de réir rialacha náisiúnta). Tá i bhfad níos mó ag teastáil (beartais, bearta riaracháin etc.) chun tacú leo siúd gan phost agus iad a ath-lánpháirtiú sa mhargadh saothair.

Ar deireadh, faoi mar a léirítear i bpointe 1.6 den dréacht-tuairim, is tábhachtach gabháil ar luas a oirfidh do chuideachtaí, agus FBManna go sonrach.

Toradh na vótála:

Ar son:

73

In aghaidh:

78

Staonadh:

8

LEASÚ 2

SOC/718 — An beartas fuinnimh agus an margadh saothair

Pointe 5.2

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Tá CESE á mheabhrú go bhfuil an Seimeastar Eorpach ar cheann de na príomhchórais rialachais chun aistrithe atá cóir go sóisialta a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn. Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana féin gur céim sa treo ceart é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme i dtimthriall an tSeimeastair Eorpaigh agus faireachán a bheith á dhéanamh air tríd an Scórchlár Sóisialta (1). Creideann CESE, áfach, gur cheart béim níos mó a chur ar an idirghníomhaíocht idir beartais chomhshaoil agus saothair chun a áirithiú go gcruthófar poist ardcháilíochta inbhuanaithe sa deireadh , agus chun ráthaíochtaí maidir le hioncam leordhóthanach a chruthú dóibh siúd a chailleann a bpost agus nach n-éiríonn leo post eile a fháil. Ba cheart ról na réigiún agus a gcaipiteal sóisialta, an speisialtóireacht chliste agus clár oibre don chaipiteal daonna a neartú.

Tá CESE á mheabhrú go bhfuil an Seimeastar Eorpach ar cheann de na príomhchórais rialachais chun aistrithe atá cóir go sóisialta a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn. Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana féin gur céim sa treo ceart é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme i dtimthriall an tSeimeastair Eorpaigh agus faireachán a bheith á dhéanamh air tríd an Scórchlár Sóisialta 0 (1). Creideann CESE, áfach, gur cheart béim níos mó a chur ar an idirghníomhaíocht idir beartais chomhshaoil agus saothair chun a áirithiú go gcruthófar poist ardcháilíochta inbhuanaithe sa deireadh . Ba cheart do na Ballstáit freisin, i gcomhréir lena gcuid rialacha náisiúnta, rochtain ar shochair dhífhostaíochta nó ar ioncam íosta leordhóthanach a chur ar fáil agus a ráthú dóibh siúd a chailleann a bpost agus nach n-éiríonn leo post eile a fháil. Ba cheart ról na réigiún agus a gcaipiteal sóisialta, an speisialtóireacht chliste agus clár oibre don chaipiteal daonna a neartú.

Cúis

Ó tharla go dtagraítear sa téacs “dóibh siúd a chailleann a bpost agus nach n-éiríonn leo post eile a fháil”, luífeadh sé le ciall, is cosúil, gur “ioncam íosta” atá i gceist le “ioncam”. Sa chás sin, ba cheart an téarmaíocht a úsáidtear a bheith ag teacht leis an bhfoclaíocht i bpointe 1.5 den dréacht-tuairim, eadhon “rochtain uilíoch ar (…) ioncam íosta leordhóthanach a ráthú”. Ar a bharr sin, d’fhéadfaí tagairt a dhéanamh do chórais sochar dífhostaíochta na mBallstát.

Toradh na vótála:

Ar son:

79

In aghaidh:

98

Staonadh:

8

LEASÚ 3

SOC/718 — An beartas fuinnimh agus an margadh saothair

Pointe 1.9

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Tá CESE den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag cuideachtaí móra agus ag FBManna araon maidir le cuspóir an aistrithe fuinnimh a bhaint amach . I dtaca leis sin de, tá dálaí dúshlánacha le sárú chun an fhostaíocht inbhuanaithe ardcháilíochta agus an chosaint shóisialta a chur chun cinn , chomh maith le rochtain uilíoch ar sheirbhísí fuinnimh a áirithiú ( tríd an mbochtaineacht fuinnimh a chosc, cuir i gcás). Mar sin féin, chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí is mó atá ag FBManna, tá CESE á iarraidh go bhfeabhsófaí na cláir lena dtugtar rochtain do FBManna ar mhaoiniú, go gcuirfí dlús leis na cláir sin agus go ndéanfaí iad a shimpliú, agus go gcuirfí tacaíocht leanúnach agus seirbhísí tacaíochta ar fáil.

Tá CESE den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag cuideachtaí móra agus ag FBManna araon maidir le cuspóir an aistrithe fuinnimh a bhaint amach tríd an bhfostaíocht inbhuanaithe ardcháilíochta agus an chosaint shóisialta a chur chun cinn agus a chur ar fáil agus tríd an ról a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le rochtain uilíoch ar sheirbhísí fuinnimh a áirithiú ( rud a chuirfeadh leis an mbochtaineacht fuinnimh a chosc, cuir i gcás). Mar sin féin, chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí is mó atá ag FBManna, tá CESE á iarraidh go bhfeabhsófaí na cláir lena dtugtar rochtain do FBManna ar mhaoiniú, go gcuirfí dlús leis na cláir sin agus go ndéanfaí iad a shimpliú, agus go gcuirfí tacaíocht leanúnach agus seirbhísí tacaíochta ar fáil.

Cúis

Is éard is aidhm don leasú seo an téacs a shoiléiriú chun míniú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuidíonn cuideachtaí le fostaíocht inbhuanaithe a chur ar fáil agus, ar an dóigh sin, leis an gcosaint shóisialta.

Toradh na vótála:

Ar son:

76

In aghaidh:

99

Staonadh:

8


(1)  Tuairim ó CESE Breithnithe breise maidir le Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe (nár foilsíodh fós).

(1)  Tuairim ó CESE Breithnithe breise maidir le Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe (nár foilsíodh fós).


27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/15


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ag tacú le dul chun cinn sa mhargadh saothair: conas an infhostaitheacht a chothabháil, borradh a chur faoin táirgiúlacht agus scileanna a fhorbairt, go háirithe in FBManna

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 146/03)

Rapóirtéir:

Mariya MINCHEVA

Comhairliúchán

Cinneadh ón mBiúró, 18.1.2022

Bunús dlí

Airteagal 52(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

30.1.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

153/2/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

claochlú ag tarlú i margadh saothair na hEorpa agus tá dúshláin nua le sárú ann i ngeall ar an dlús atá ar an dul chun cinn teicneolaíoch agus ar an bhfás cliste inbhuanaithe, maille leis an athrú aeráide, an t-athrú déimeagrafach agus an t-aosú, an imirce, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas. I ndáil leis an gclaochlú sin, teastaíonn tuiscint mhaith ar na cineálacha scileanna atá ag teastáil le haghaidh claochluithe sa mhargadh saothair amach anseo, lena n-áirítear in FBManna, d’fhonn infhostaitheacht inbhuanaithe a chothabháil, rannchuidiú le hardleibhéal táirgiúlachta a bhaint amach agus ganntanais lucht saothair a laghdú.

1.2.

Forbairt scileanna agus cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun foghlama ar feadh an tsaoil agus na rochtana ar an bhfoghlaim sin, ní mór iad sin a bheith mar chuid lárnach de straitéisí níos leithne um fhás eacnamaíoch agus de phleananna téarnaimh agus athléimneachta. Tá tionchar láidir ag an réabhlóid theicneolaíoch ar chineál na hoibre agus ar chineál na bpost, agus tá dlús á chur le treochtaí san athstruchtúrú fostaíochta dá barr. Dá bhrí sin, tá dlúthbhaint ag an infhostaitheacht leis an inniúlacht oibrithe a uas-sciliú agus a athsciliú ar leibhéal na fiontraíochta chun go mbeidh siad in ann athruithe agus dearcthaí daoine i leith scileanna agus deiseanna nua a bhainistiú, agus spreagadh a thabhairt dóibh chun na scileanna a fhorbairt agus na deiseanna a thapú.

1.3.

Tá líon mór dúshlán ann a mhéid a bhaineann le haistrithe a bhainistiú fad shaol na hoibre mar gheall ar thosca éagsúla, amhail sochaí atá ag dul in aois agus treochtaí déimeagrafacha. Is éard atá i gceist leis na dúshláin sin: cóir chothrom chomhionann a bheith ann do gach glúin; an mhian a bheith ann oiliúint a fháil, scileanna a fhorbairt agus deiseanna uas-scilithe agus athscilithe a thapú; agus rochtain chomhionann a bheith ann ar na deiseanna sin uile sin. Tríd an méid sin, mhéadófaí na leibhéil táirgiúlachta tuilleadh, d’fheabhsófaí acmhainneachtaí gairmiúla an duine aonair, choinneofaí na difríochtaí ó ghlúin go glúin faoi smacht, agus chinnteofaí go mbeadh comhar agus tacaíocht fhrithpháirteach idir na glúnta san áit oibre. Tá an-tábhacht leis an bhfoghlaim aosach maidir le huas-sciliú daoine fásta agus d’fhéadfadh réimse tairbhí a bhaint aisti don duine aonair, don tsochaí agus don gheilleagar.

1.4.

Tagann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis an tuairim go bhfuil “réabhlóid scileanna ag teastáil ón Aontas chun a áirithiú go mbeidh rath ar na daoine” (1) agus iarrann sé go ndéanfaidh institiúidí, gnólachtaí, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí iarrachtaí agus gníomhaíocht éifeachtach chomhpháirteach faoin gComhshocrú um Scileanna agus go mbainfear amach na spriocanna uaillmhianacha a leagadh amach ina chlár. Ar a shon sin, is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach go mbeidh Bliain Eorpach um Scileanna ann in 2023 (2).

1.5.

Is príomhghníomhaithe iad na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an acmhainneacht dhaonna a fhorbairt chun go mbainfí an fhorbairt inbhuanaithe amach agus chun go ndéanfaí scileanna infhostaitheachta a chothabháil. Tá an-tábhacht le ról na gcomhpháirtithe sin i bpróiseas cómhargála fónta agus éifeachtach chun an bhearna idir uaillmhian an fhostaí ina ghairm bheatha agus riachtanais na cuideachta a líonadh, chun scileanna a aithint, ach freisin chun neartú a dhéanamh ar an nasc idir córais oideachais, córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna agus seirbhísí fostaíochta ar thaobh amháin, agus beartais maidir le forbairt nuálaíochta, tionsclaíochta, trádála, agus teicneolaíochta ar an taobh eile. Is uirlisí cumhachtacha iad an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil chun na spriocanna sin a bhaint amach. Is maith atá eagraíochtaí na sochaí sibhialta in ann timpeallachtaí foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla a chur ar fáil chomh maith le páirt fhiúntach a thabhairt do shaorálaithe corparáideacha chun príomhinniúlachtaí a fhorbairt. Tá ról tábhachtach freisin ag eagraíochtaí faoi seach na sochaí sibhialta, go háirithe iad siúd atá ag feidhmiú i réimse na fiontraíochta sóisialta nó a oibríonn le grúpaí éagsúla leochaileacha sa tsochaí.

1.6.

Leis na cineálacha nua fostaíochta arb ann dóibh mar thoradh ar na hathruithe ar chineál na hoibre, cineálacha nua a ndéantar cosaint iomchuí orthu, féadfar raon deiseanna éagsúla a chur ar fáil do dhaoine chun tabhairt faoin bhfiontraíocht, chun a n-ioncaim a éagsúlú, agus chun dul i mbun gairmeacha agus gníomhaíochtaí nach raibh fáil acu orthu roimhe seo. Má táthar chun an infhostaitheacht a chothabháil faoi na coinníollacha sin, tá rialáil iomchuí ag teastáil, lena n-áirítear tríd an gcómhargáil, córas gairmoiliúna trínar féidir scileanna fiontraíochta agus gairmiúla a fhorbairt de réir riachtanais mhargadh an tsaothair, cineál nua meoin spreagtha, agus an cultúr ceart dlíthiúil agus eacnamaíoch.

1.7.

D’fhéadfadh an claochlú digiteach dúshlán a chruthú a mhéid a bhaineann leis an infhostaitheacht a chothabháil agus margadh rathúil saothair a bhaint amach i roinnt mhaith codanna dár sochaí. D’fhéadfadh sé riosca a ardú go rachadh neamhionannais in olcas mar gheall ar dhifríochtaí i réimse an oideachais agus na gairmoiliúna, lena n-áirítear an litearthacht bhunúsach agus an litearthacht fheidhmiúil, bacainní aoise, rochtain ar theicneolaíochtaí nua-aimseartha mar aon lena oiread a úsáidtear na teicneolaíochtaí sin ag brath ar scileanna agus ar ioncaim. Gan amhras, i measc na ndúshlán is tábhachtaí a bheidh ann amach anseo, beidh an cumas chun scileanna digiteacha a nuashonrú go leanúnach, de réir na n-athruithe ar an margadh saothair agus i gcomhréir leis na teicneolaíochtaí nua a thabharfar isteach. Ar an ábhar sin, is díol sásaimh do CESE na hinfheistíochtaí mórscála atá beartaithe faoi na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun tacú le scileanna digiteacha a mhéadú (3).

1.8.

Chun go n-éireoidh leis an aistriú glas, beidh gá le daoine ag a bhfuil na scileanna cearta agus le háiteanna oibre a bhfuil an timpeallacht cheart oibre agus na córais táirgthe ghlais acu. Tá príomhról ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le haistriú cóir a áirithiú i roinnt earnálacha eacnamaíocha a ndéanfar na poist atá iontu cheana a chlaochlú ó bhonn. Tá ceithre ghrúpa scileanna ann a mheastar a mbaineann tábhacht ar leith leo i dtaobh gairmeacha glasa: scileanna innealtóireachta agus teicniúla; scileanna eolaíochta; scileanna bainistithe oibriúchán; agus scileanna faireacháin. Tacaíonn CESE leis na gníomhaíochtaí a rinneadh cheana ar leibhéal an Aontais chun an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus an t-aistriú glas a chur chun cinn mar ábhar foghlama san Aontas (4) agus iarrann sé go gcuirfí réitigh phraiticiúla ar fáil do shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais.

1.9.

Beidh scileanna cognaíocha ardoird ag teastáil níos mó agus níos mó i dtaobh riachtanais an mhargaidh saothair amach anseo ionas go bhféadfaí oibriú agus cinntí a dhéanamh i dtimpeallacht nach féidir a thuar, nach mbaineann gnáthamh léi agus atá de shíor ag athrú. Tá “meitiscileanna”, lenar féidir dlús a chur le scileanna eile a fhoghlaim agus atá ina gcatalaíoch i gcomhair na foghlama ar bhonn níos tapúla agus na forbartha rathúla ar feadh an tsaoil, ríthábhachtach chun an infhostaitheacht a chothabháil sna dálaí nua-aimseartha.

1.10.

Tá méadú ag teacht ar a thábhachtaí atá ról na gcóras maidir le scileanna a ghnóthú, a thuar agus a aicmiú i bhfianaise riachtanais an mhargaidh saothair atá ag athrú go mór. Ag an am céanna, is gá feabhas a chur ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na n-uirlisí lena ndéantar riachtanais scileanna i dtíortha aonair a thuar. Chuige sin, ba chóir do na geallsealbhóirí uile a bheith rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas sin agus úsáid iomlán a bhaint as na torthaí.

1.11.

Trí scileanna agus cáilíochtaí a chur i gcroílár dhíospóireacht pholaitiúil na hEorpa, ba cheart go spreagfaí an méid seo a leanas:

1.11.1.

slógadh rialtas, gnólachtaí, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí chun straitéisí scileanna atá nua-aimseartha agus cuimsitheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal earnála; cruthú breis deiseanna foghlama agus forbartha atá níos fearr ná na deiseanna atá ann cheana; mealladh agus coinneáil tallainne le go bhforbrófaí acmhainní tábhachtacha digiteacha, glasa agus cognaíocha, bogscileanna, an inniúlacht athruithe a bhainistiú, agus scaoileadh tuilleadh infheistíocht phoiblí agus tuilleadh infheistíocht phríobháideach;

1.11.2.

úsáid na hintleachta saorga i gcórais meaitseála scileanna agus múscailt feasachta maidir leis na dea-chleachtais atá sa réimse sin cheana féin. Is féidir gur córais iad sin a mbaintear feidhm astu i seirbhísí poiblí fostaíochta agus san earnáil phríobháideach araon;

1.11.3.

brostú na bpróiseas chun an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a thabhairt cothrom le dáta agus a chomhtháthú. Leis sin, bheadh an gairmoideachas níos tarraingtí, níos fearr ó thaobh cáilíochta de, níos solúbtha agus níos fusa a chur in oiriúint do riachtanais oibrithe ar aoiseanna difriúla ó chatagóirí difriúla agus do riachtanais an mhargaidh saothair. D’fhreagródh sé freisin don ghá le príomhinniúlachtaí a chothú ar mhaithe le timpeallacht fhónta iomaíoch, an inbhuanaitheacht agus an t-aistriú chuig geilleagar glas agus geilleagar digiteach a áirithiú;

1.11.4.

cruthú dálaí agus ábhair spreagtha do dhaoine óga, trí bhíthin na gairmthreorach, le go nglacfaidís páirt sa mhargadh saothair, rud a d’fhágfadh go mbeadh rochtain acu ar dhálaí maithe oibre agus ar fhíorfhorbairt gairme.

1.12.

Ba cheart FBManna a spreagadh oibriú i líonraí a bhíonn i dteagmháil le chéile, comhoibriú chun na costais a bhaineann le taighde ar riachtanais scileanna a roinnt, agus a gcumas a chomhthiomsú chun freagairt do na dúshláin a bhaineann leis an dá aistriú agus le forbairt scileanna. Chun go bhfeidhmeodh FBManna ar bhealach inbhuanaithe, is mór an tábhacht a bhaineann le dálaí an phobail áitiúil ina mbíonn siad ag oibriú, na córais um an bhfostaíocht réigiúnach, tacaíocht ó na húdaráis áitiúla, agus rochtain a bheith acu ar theicneolaíochtaí nua, ar nuálaíochtaí agus ar sheirbhísí na n-ionad barr feabhais gairme.

1.13.

Ní mór do ghníomhaithe eacnamaíocha agus dá ngeallsealbhóirí oirchill scileanna a fhorbairt go forleathan. Teastaíonn tacaíocht ó FBManna ionas gur féidir leo a mbeartas caipitil dhaonna a fhorbairt, ó thaobh oiliúna agus forbartha de. Scéimeanna oiliúna sealaíochta agus an fhoghlaim obairbhunaithe, tá siad sin curtha in oiriúint do riachtanais FBManna go háirithe. I ndáil leis sin, tá ról bunriachtanach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an idirphlé sóisialta ina réimsí gníomhaíochta.

2.   Barúlacha ginearálta agus cúlra

2.1.

Tháinig comhthéacs nua chun cinn de dheasca phaindéim COVID-19, ceann nach ionann a thuilleadh ann iompraíocht, meon ná cultúr na sochaí. Tá athrú tagtha ar ionchais agus iompraíocht an tomhaltóra (bíonn níos mó cumarsáide agus idirghníomhaíochta ar líne), agus is amhlaidh an scéal sin i gcás samhlacha gnó agus eagrú na hoibre freisin (tá níos mó bealaí le hobair chianda agus obair hibrideach a dhéanamh). Leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, réitítear an bealach chun na córais agus na cleachtais oideachais agus oiliúna atá ann cheana a oiriúnú ionas gur féidir an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí cearta a chur ar fáil tríothu.

2.2.

Bhí scileanna, cáilíochtaí, an fhostaíocht, cineál athraitheach na hoibre agus forbairt margaidh saothair chuimsithigh ina n-ábhar don iliomad tuairimí ó CESE (5), agus tá na tuairimí sin fós ábhartha sa lá atá inniu ann. Tá sé d’aidhm ag an tuairim seo anailís a dhéanamh ar cé na cineálacha scileanna atá ag teastáil le haghaidh claochluithe sa mhargadh saothair amach anseo agus ar conas an infhostaitheacht a chothabháil agus rannchuidiú le borradh a chur faoin táirgiúlacht, mar aon le breithniú a dhéanamh ar straitéisí a bheadh éifeachtach maidir le feabhas a chur ar fhorbairt an lucht saothair agus ganntanais saothair a laghdú, i dtaobh FBManna chomh maith.

2.3.

Ní mór straitéisí forbartha scileanna a chur san áireamh mar chuid de bheartais agus de phleananna náisiúnta fáis i gcomhréir le taighde tionsclaíoch agus forbairt eacnamaíoch. Ba cheart do na Ballstáit forbairt earnálacha a mbaineann luach mór breise leo a chur chun cinn, cabhrú le hoibrithe agus le gnólachtaí athruithe a bhainistiú agus a bheith in ann cos a choimeád leis an nuálaíocht sna réimsí teicneolaíochta, digiteacha agus glasa. Chuige sin, beidh gá le tuilleadh infheistíochta in acmhainní agus i bpleanáil córais oideachais agus oiliúna lena mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua agus deireadh a chur leis an mímheaitseáil sa mhargadh saothair.

2.4.

Creideann CESE gur saincheist ilghnéitheach é an infhostaitheacht inbhuanaithe a chothabháil. Is iad na príomhdhúshláin a bhaineann leis sin cineál athraitheach na hoibre, na bpost agus na slite gairme, an gá le cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun foghlama agus chun forbartha ar feadh an tsaoil, an digiteáil, ról méadaitheach na hacmhainneachta daonna agus na táirgiúlachta saothair, athruithe ar eagrú na hoibre, an t-athrú déimeagrafach agus an gá le patrúin nua cothromaíochta oibre is saoil a áirithiú le ham solúbtha oibre, agus beartais um aosú gníomhach a chur chun cinn (6). Is gá timpeallacht thacúil a bheith ann ionas go dtuigfidh daoine agus go mbeidh siad ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann leis an oiliúint dá saol gairmiúil, agus go mbeidh siad in ann – agus spreagtha – chun na deiseanna ar fad atá ann ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil de a thapú, beag beann ar pé céim den saol ag a bhfuil na daoine sin. Sa chomhthéacs sin, baineann an cumas chun fostaíocht a chothabháil go díreach leis na meonta i dtaobh scileanna nua a fhorbairt i gcomhréir le dinimic an mhargaidh saothair agus an acmhainn chun déanamh amhlaidh.

2.5.

Is príomhghníomhaithe iad na comhpháirtithe sóisialta a mhéid a bhaineann le scileanna infhostaitheachta a fhorbairt agus a chothabháil. Is iad is fearr atá in ann tacú le huaillmhian an fhostaí ina ghairm bheatha a chomhoiriúnú le riachtanais scileanna na cuideachta. Tá ról na gcomhpháirtithe sin, go háirithe trí struchtúr cómhargála fónta agus éifeachtach, ríthábhachtach sa phróiseas chun scileanna a aithint. D’fhonn an toradh foriomlán sna margaí saothair a fheabhsú, measann CESE nach mór neartú a dhéanamh ar an gcomhordú idir córais oideachais, córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna agus seirbhísí fostaíochta ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, beartais maidir le forbairt nuálaíochta, tionsclaíochta, trádála, agus teicneolaíochta, i dteannta le beartais mhaicreacnamaíocha. D’fhéadfadh sé sin a bheith éifeachtach ar na leibhéil áitiúla go háirithe.

2.6.

Chomh maith leis sin, mar thoradh ar athruithe ar chineál na hoibre, tá cineálacha nua agus solúbtha caidrimh fostaíochta agus samhlacha fostaíochta neamhchaighdeánacha á bhforbairt agus tá struchtúrú mhargadh saothair na hEorpa á athrú dá bharr sin. A bhuí le cineálacha nua oibre, a chosnaítear go hiomchuí, féadfar deiseanna nua a chur ar fáil do dhaoine chun tabhairt faoin bhfiontraíocht, chun a n-ioncaim a éagsúlú, agus chun dul i mbun gairmeacha agus gníomhaíochtaí nach raibh fáil acu orthu roimhe seo. Ar an taobh eile de, ba cheart ráthú a bheith ann leis na cineálacha nua oibre go mbeidh rochtain ar chosaint shóisialta, ós rud é go bhfuil sé sin nasctha go díreach le hinbhuanaitheacht airgeadais na gcóras cosanta sóisialta. Ar mhaithe leis an infhostaitheacht a chothabháil faoi na coinníollacha sin, teastaíonn rialáil iomchuí (lena n-áirítear tríd an gcómhargáil), cineál nua meoin spreagtha, an cultúr ceart dlíthiúil agus eacnamaíoch, agus an toilteanas chun scileanna fiontraíochta agus gairmiúla a fhreagraíonn do na dálaí athraitheacha a fhorbairt.

2.7.

I ngeall ar ghlacadh teicneolaíochtaí digiteacha agus an tionchar atá acu ar chineál agus ar eagrú na hoibre, d’fhéadfadh dúshláin thromchúiseacha teacht aníos ó thaobh an infhostaitheacht agus torthaí rathúla mhargadh an tsaothair a chothabháil. De dheasca na digiteála, d’fhéadfadh sé go mbeadh baol ann go rachadh na neamhionannais atá ann cheana in olcas mar gheall ar dhifríochtaí ollmhóra i réimse an oideachais, lena n-áirítear an litearthacht bhunúsach agus an litearthacht fheidhmiúil, bacainní aoise, rochtain ar theicneolaíochtaí nua-aimseartha mar aon lena oiread a úsáidtear na teicneolaíochtaí sin ag brath ar scileanna agus ar ioncaim. Ós rud é gur glúin dhigiteach í, a bheag nó a mhór, an ghlúin atá ag teacht chun cinn agus gur nós le daoine scothaosta modhanna analógacha oibre a roghnú, d’fhéadfadh an dá ghlúin dul chun tairbhe dá chéile. Is díol sásaimh do CESE na hinfheistíochtaí ollmhóra arna ndéanamh i scileanna digiteacha trí na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.

2.8.

Is éard is scileanna glasa ann an t-eolas, na hábaltachtaí, na luachanna agus na meonta atá ag teastáil chun maireachtáil i sochaí inbhuanaithe atá tíosach ar acmhainní agus chun an sórt sochaí sin a fhorbairt agus chun tacú léi (7). Fágfaidh an t-aistriú glas go gcaithfear athruithe a dhéanamh ar phróisis táirgthe agus ar shamhlacha gnó agus dá bharr sin is cinnte go dtiocfaidh athrú ar na scileanna atá ag teastáil agus ar na cúraimí a bhaineann le roinnt mhaith gairmeacha atá ann cheana, agus go mbeidh gá le cláir uas-scilithe agus athscilithe d’oibrithe. Má tá an t-aistriú glas chun bheith rathúil, teastóidh daoine a bhfuil na scileanna cearta acu. Aithníonn CESE an fhreagairt bheartais atá ann chuige sin agus iarrann sé go gcuirfí réitigh phraiticiúla ar fáil do shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais.

2.9.

I bhfianaise treochtaí déimeagrafacha dochúlaithe, lucht saothair atá ag dul i laghad agus an mhéadaithe atá tagtha ar fhad saoil an duine, is gá beartais nua maidir le heagrú na hoibre a chur chun cinn mar aon le cláir malartaithe idirghlúine, patrúin nua oibre is saoil le ham solúbtha oibre idirbheartaithe, agus bearta lenar féidir cur leis an táirgiúlacht saothair agus an t-aosú gníomhach a chur chun cinn. Ó thaobh na hinfhostaitheachta de, is ann d’an-chuid fadhbanna agus dúshlán i mbainistiú aistrithe i saolréanna a bhaineann leis an obair. Ar na fadhbanna agus na dúshláin sin, tá cóir chothrom chomhionann do na glúnta sa mhargadh saothair, an cultúr a bhaineann leis an aois a thuiscint, bainistiú difríochtaí idir na glúnta agus bainistiú caipitil shóisialta. Chabhrófaí leis an infhostaitheacht a chothabháil, rannchuideofaí le táirgiúlacht mhéadaithe ag gach céim den saol, agus chuirfí feabhas ar an gcomhar agus ar an tacaíocht idir na glúnta san áit oibre ach comhionannas deiseanna a bheith ar fáil do chách tabhairt faoin bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.

2.10.

Cuid thábhachtach d’aon slabhra soláthair scileanna amach anseo is ea imircigh a bhfuil scileanna ar leith acu a mhealladh. Chuige sin, is céim dhearfach í an Teachtaireacht ón gCoimisiún “Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach”.

3.   Na scileanna atá ag teastáil le haghaidh claochluithe amach anseo sa mhargadh saothair

3.1.

Tá scileanna ríthábhachtach má tá rath le bheith ar shochaithe, cuideachtaí agus daoine aonair i saol atá ag éirí níos idirnasctha agus atá ag athrú go tapa. Tá saol oibre difriúil i ndán do dhaoine a bhfuil leibhéil dhifriúla oideachais agus cáilíochtaí acu. Tiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an éileamh ar phoist ar bheagán oiliúna, cé go gcaomhnófar líon mór díobh. Is mó an riosca go ndéanfar claochlú ar roinnt de na cúraimí oibre a bhaineann le scileanna fisiciúla, láimhe, uimhriúla nó seirbhíse custaiméara, sin nó gheofar réidh leo, mar gheall ar ghlacadh córas uathoibrithe agus córas cliste. Mar sin féin beidh poist ann i gcónaí do cheardaithe agus dóibh siúd a bhfuil gairm acu i réimse na healaíne ach is ríthábhachtach an rud dóibh é uas-sciliú a dhéanamh chun cos a choimeád leis an bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta. De dheasca an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais, tiocfaidh fás suntasach ar an éileamh ar leibhéil arda oideachais agus cáilíochtaí. Beidh na poist a dteastaíonn meánleibhéal scileanna chucu seasmhach go ceann seal eile, ach déanfar an-chuid díobh a chlaochlú i gcomhréir le riachtanais an mhargaidh saothair.

3.2.

Tá méadú ag teacht ar a thábhachtaí atá ról na gcóras maidir le scileanna a ghnóthú, a thuar agus a aicmiú i bhfianaise riachtanais an mhargaidh saothair atá ag athrú go mór. Is díol sásaimh do CESE an treocht i dtreo cruthú agus forbairt tacsanomaíochtaí Eorpacha agus foclóirí Eorpacha maidir le scileanna agus inniúlachtaí, amhail ESCO, an Creat Inniúlachta Digití (DigComp 2.2), DigCompEdu, creat Eorpach r-inniúlachtaí, DISCO, Gairmeacha an Aontais Eorpaigh, GreenComp agus araile. Cuireann siad sin go mór le trédhearcacht na scileanna atá de dhíth sa mhargadh saothair, le hinaistritheacht cáilíochtaí agus le cur chuige atá bunaithe ar inniúlachtaí a thabhairt isteach i réimse an oideachais, i réimse na hoiliúna agus i bhforbairt acmhainní daonna. Ag an am céanna, maidir le dearadh agus cur chun feidhme na n-uirlisí lena ndéantar riachtanais scileanna i dtíortha aonair a thuar, tá CESE ar aon fhocal leis an dearcadh (8) nach bhfuil an próiseas sin ar an leibhéal atá ag teastáil, nach bhfuil na geallsealbhóirí go léir rannpháirteach go gníomhach ann agus nach mbaineann siad úsáid iomlán as na torthaí ach oiread.

3.3.

Tá ról ríthábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta a mhéid a bhaineann le straitéisí maidir le forbairt scileanna a shainiú i bhfianaise na sonraí ó fhaireachlanna gairmiúla agus faireachlanna críochacha. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ó thús an phróisis sin chun nach mbeadh mímheaitseáil idir fíor-riachtanais na bhfostóirí agus fíor-riachtanais na bhfostaithe san Eoraip.

3.4.

Gan amhras, beidh scileanna digiteacha ar na scileanna is tábhachtaí amach anseo. I ngach earnáil de gheilleagar na hEorpa, tá méadú suntasach tagtha ar an ngá atá le scileanna digiteacha speisialaithe agus ardfhorbartha.

3.5.

Tá méadú tagtha freisin ar an ngá le scileanna ETIM mar a thugtar orthu (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) agus comhcheangail idirdhisciplíneacha scileanna, e.g. “scileanna hibrideacha”, “scileanna trasnaí” agus “scileanna idirfheidhmiúla”. Tiocfaidh méadú ar a luachmhaire atá saineolas gairmiúil, scileanna taighde agus fadbhreathnaitheachta, scileanna chun anailís agus léirmhíniú sofaisticiúil a dhéanamh ar fhaisnéis chasta agus scileanna teicneolaíochta. San innéacs Scileanna Glasa Ginearálta (9), sainaithnítear ceithre ghrúpa scileanna a mbaineann tábhacht ar leith leo i dtaobh gairmeacha glasa: scileanna innealtóireachta agus teicniúla; scileanna eolaíochta; scileanna bainistithe oibriúchán; agus scileanna faireacháin.

3.6.

Beidh scileanna cognaíocha ardoird ag teastáil níos mó agus níos mó i dtaobh riachtanais na ngeilleagar agus an mhargaidh saothair amach anseo ionas go bhféadfaí oibriú agus cinntí a dhéanamh i dtimpeallacht nach féidir a thuar, nach mbaineann gnáthamh léi agus atá de shíor ag athrú. Den chuid is mó, scileanna anailíseacha, cruthaitheacha, nuálacha, neamhchaighdeánacha, sistéamacha, coincheapúla, straitéiseacha, teibí, neamhspleácha, agus smaointeoireachta criticiúla is ea a bheidh i gceist leo sin. Tá “meitiscileanna”, lenar féidir dlús a chur le scileanna eile a fhoghlaim agus atá ina gcatalaíoch i gcomhair na foghlama ar bhonn níos tapúla agus na forbartha rathúla ar feadh an tsaoil, ríthábhachtach chun an infhostaitheacht a chothabháil sna dálaí nua-aimseartha.

3.7.

Beidh gá i gcónaí le “bogscileanna” sa mhargadh saothair agus ní thiocfaidh meaisíní ná algartaim ina n-áit sin. Teastóidh an iliomad scileanna soch-chumarsáide agus scileanna iompraíochta i dtaobh thodhchaí na hoibre agus na bpróifílí poist atá ag athrú. As measc na scileanna is mó a mbeidh tóir orthu, tá an éirim mhothúchánach, an chomhbhá, forbairt caidrimh, an líonrú, cumarsáid éifeachtach, an treallús, an obair bhuíne, an stíleáil, an bhéasaíocht ghnó, an chaoinfhulaingt idirchultúrtha, an idirbheartaíocht, bainistíocht coinbhleachta, etc.

3.8.

Chomh maith leis sin, ar na scileanna is mó éileamh sa mhargadh saothair, tá roinnt mhaith scileanna idirfheidhmiúla agus scileanna iompraíochta a bhaineann le héifeachtacht an duine aonair. Ar a shon sin, is iad seo a leanas na scileanna is mó éileamh: an fhiontraíocht agus an obair bhuíne; scileanna cinnteoireachta agus réitigh fadhbanna; a bheith dírithe ar thorthaí; an iltascáil; an tsolúbthacht agus an inoiriúnaitheacht; meanma na tionscnaíochta; an tseiftiúlacht; glacadh freagrachta; an fhéinmhonatóireacht; an fhadbhreathnaitheacht; mionchruinneas; cumas déileáil leis an éiginnteacht, an teannas agus an strus; bainistíocht ama, etc.

4.   Forbairt an lucht saothair le haghaidh margadh saothair cuimsitheach agus le haghaidh ardtáirgiúlachta

4.1.

Le gur féidir le margadh saothair na hEorpa na dúshláin atá roimhe a chur de, ní mór dó, thar aon ní eile, a bheith cuimsitheach, cothrom iomaíochta a áirithiú, agus dálaí a chruthú le haghaidh infheistíocht i gcórais fostaíochta dhea-fheidhmiúla a d’fhéadfadh cur le táirgiúlacht mhéadaithe agus beartais éifeachtúla oiliúna agus scileanna a threorú, mar aon le beartais ghníomhacha láidre maidir leis an margadh saothair. In ainneoin na dtraidisiún agus na gcleachtas éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, creideann CESE gur gá:

4.1.1.

barrfheabhas a chur ar chórais chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar riachtanais scileanna an mhargaidh saothair agus chun na riachtanais sin a thuar;

4.1.2.

dlús a chur le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na ngeallsealbhóirí uile, agus aird ar leith á tabhairt ar acmhainn na bhfiontar nósanna imeachta inmheánacha a fhorbairt d’fhonn bearnaí scileanna agus riachtanais oiliúna a shainaithint, agus ar a n-acmhainn bearta a chur i bhfeidhm ar mhaithe le huas-sciliú agus athsciliú a lucht saothair féin;

4.1.3.

cur chuige nua-aimseartha agus teicneolaíochtaí faisnéise a chur i bhfeidhm ar mhaithe le sonraí anailíseacha maidir le scileanna a neartú agus a chórasú ó earnáil go chéile agus ó réigiún go chéile, agus ionas go mbeidh rochtain ar na sonraí sin, d’fhonn oiliúint agus cáilíochtaí ábhartha a chur ar fáil do riachtanais an mhargaidh saothair. Mar shampla, is féidir le hardáin intleachta tallainne réimse faisnéise maidir le hoibrithe ar thaobh amháin (cuir i gcás a scileanna, a n-acmhainní, a dtaithí, a mianta i dtaobh na forbartha gairmiúla, a ndéimeagrafaic, a riachtanais oiliúna, a ndeiseanna forbartha) a thabhairt le chéile le riachtanais na bhfostaithe ar an taobh eile;

4.1.4.

measúnú straitéiseach a dhéanamh, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, ar na dúshláin agus na himpleachtaí a bheidh ann do phoist, gairmeacha beatha, cáilíochtaí, gníomhaíochtaí agus scileanna mar gheall ar an aistriú chuig geilleagar glas agus geilleagar digiteach, agus foirmeacha iomchuí cáilíochta agus athscilithe araon a fhorbairt, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh i bhforbairt scileanna agus sa tacaíocht le haghaidh daoine a ndearna an t-athrú difear dóibh nó atá i mbun aistriú chuig poist ghlasa;

4.1.5.

anailís a dhéanamh ar na bacainní atá roimh dhaoine óga maidir le cáilíochtaí agus scileanna ETIM a ghnóthú, agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe a dhéanamh d’fhonn tarraingteacht oideachas agus ghairmeacha beatha ETIM a ardú i measc cailíní agus ban;

4.1.6.

bearta a dhéanamh chun córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a chruthú atá sofhreagrúil, athléimneach, agus a bheidh in ann an aimsir a sheasamh, cinn ar féidir leo daoine óga a mhealladh agus tacú lena ndul isteach i margadh athraitheach saothair, agus a áiritheoidh go mbeidh rochtain ag daoine fásta ar chláir ghairmoideachais atá oiriúnaithe dá riachtanais agus don aistriú glas agus an t-aistriú digiteach;

4.1.7.

ról straitéiseach níos gníomhaí a áirithiú le haghaidh na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le dlús a chur leis an timthriall ar lena linn a chruthaítear agus a thairiscítear cáilíochtaí nua, maidir le curaclaim a thabhairt cothrom le dáta, agus maidir le sásraí agus iniúchóireacht ardcháilíochta a chistiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhicridhintiúir, ar a gcaighdeáin cháilíochta agus ar na deiseanna le hiad a aithint agus a chuimsiú i líonraí a bhfuil cáilíochtaí níos leithne acu; bunú coistí earnála a leathnú ar an leibhéal críochach freisin le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus institiúidí oideachais, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar mhímheaitseálacha scileanna agus d’fhonn micridhintiúir a chruthú go solúbtha atá i gcomhréir go dlúth le riachtanais oiliúna cuideachtaí;

4.1.8.

úsáid cómhargála a spreagadh d’fhonn rochtain ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a áirithiú agus an cuimsiú a éascú sa mhargadh saothair, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas: cuntais foghlama aonair, na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le saoire oiliúna íoctha, de réir cleachtais náisiúnta, agus íosmhéid uaireanta oiliúna in aghaidh na bliana; dreasachtaí a chur ar fáil le tabhairt faoi uas-sciliú agus athsciliú; cáilíochtaí a aithint ar fud na mBallstát; córais bainistíochta eolais chorparáidigh a fhorbairt; conarthaí meantóireachta a thabhairt i gcrích le fostaithe atá ar scor ach a bhfuil taithí acu, etc.;

4.1.9.

beartais a fhorbairt lena n-áirithítear rochtain chomhionann ar dheiseanna foghlama agus forbartha. Is éard atá i gceist leis sin:

4.1.9.1.

na trí chéim a leagadh amach sa Mholadh ón Aontas ó 2016 Upskilling Pathways: New Opportunities for Adults [Conairí Breisoiliúna: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta] a chur chun feidhme, arb iad sin measúnú ar scileanna, tairiscint foghlama a chur ar fáil atá curtha in oiriúint don duine, agus scileanna atá gnóthaithe a bhailíochtú agus a aithint;

4.1.10.

aird ar leith a thabhairt ar na catagóirí sin oibrithe is mó a fhágtar ar lár ó thaobh oiliúna de, ach arb iad na catagóirí is mó, ar an gcúis cheannann chéanna, a bhfuil gá acu leis an oiliúint sin. Ina measc, tá: oibrithe ar bheagán scileanna; daoine atá níos sine ná 45; daoine faoi mhíchumas; mná atá ag filleadh ar an obair tar éis neamhláithreachtaí fada mar gheall ar fhreagrachtaí teaghlaigh agus cúraim; imircigh agus dídeanaithe. Tá ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na bhfiontar sóisialta ríthábhachtach chun cabhrú leis na grúpaí leochaileacha sin lena riachtanais oiliúna.

5.   Dúshláin atá roimh FBManna maidir leis na scileanna a fhorbairt a bheidh ag teastáil le haghaidh claochluithe amach anseo sa mhargadh saothair

5.1.

Micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide is ea 99 % de na gnólachtaí uile san Aontas. Gineann tuairim agus 24 mhilliún FBM breis agus EUR 4 thrilliún de bhreisluach agus tá níos mó ná 90 milliún duine fostaithe acu. Ina fhianaise sin, is foinse ríthábhachtach meoin fiontraíochta agus nuálaíochta iad FBManna, meon atá an-tábhachtach ar fad le haghaidh fhorbairt inbhuanaithe agus iomaíochas thionscal na hEorpa (10). Aithníodh i gcónaí an tábhacht a bhaineann le FBManna. Mar thoradh ar COVID-19, áfach, tháinig sé chun léire a leochailí atá siad ó thaobh tionchair sheachtracha de, go háirithe i gcomhthéacs géarchéim a d’fhág an t-uafás FBManna i staid airgeadais neamhchinnte agus a chuir na milliúin post i mbaol.

5.2.

Tá na dúshláin chéanna ag FBManna agus atá ag gach duine eile, ach tá fadhbanna sonracha acu maidir le rochtain níos fearr ar an margadh agus maoiniú níos fearr, glacadh na nuálaíochta, an digiteáil, an t-aistriú chuig samhlacha aeráidneodracha gnó agus an t-aistriú ón táirgeadh líneach go dtí an táirgeadh ciorclach.

5.3.

De dheasca acmhainní teoranta, easpa saineolais agus a suímh réigiúnaigh, tá deacrachtaí ollmhóra ag formhór mór FBManna tallann a mhealladh agus baill foirne a roghnú, oiliúint a chur orthu, iad a fhorbairt, a spreagadh agus a choinneáil. Níl straitéisí ná beartais scríofa le haghaidh bainistíocht acmhainní daonna ach ag tuairim agus 40 % de FBManna. Toisc go mbíonn sé deacair dóibh cúiteamh a dhéanamh agus baill foirne as láthair toisc iad a bheith i mbun oiliúint sheachtrach, agus i bhfianaise a n-acmhainneachta teoranta airgeadais, tá céatadán níos ísle ag FBManna maidir le húsáid foirmeacha gairmoiliúna aghaidh ar aghaidh.

5.4.

Oibríonn an chuid is mó de FBManna i margaí sonracha nideoige agus/nó in earnálacha sonracha eacnamaíocha neamhthraidisiúnta ina bhfuil cineál oibre a dteastaíonn scileanna gairmiúla ar leith uaithi nach mór a ghnóthú agus a fhorbairt i bhfíorthimpeallachtaí praiticiúla. Fágann na hacmhainní teoranta daonna atá ann gur minic a theastaíonn speisialtóireacht níos leithne agus scileanna hibrideacha inaistrithe ó phoist i bhfianaise an ghá le réimse níos leithne dualgas feidhmiúil a chomhcheangal.

5.5.

Baineann riachtanais scileanna sonracha FBManna go príomha leis an méid seo a leanas: an fhiontraíocht theicneolaíoch; deiseanna gnó a shainaithint; measúnú agus bainistiú riosca; foinsí cistiúcháin; straitéisí cuideachta, tionscadail ghnó agus pleananna gnó a fhorbairt; samhlacha nuálacha gnó a chur chun feidhme; úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, as an mbrandáil dhigiteach agus as an margaíocht dhigiteach; gníomhú i gcomhréir leis an gcreat rialála seanbhunaithe, riarachán foirne, an geilleagar glas agus úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh, chomh maith leis an ngeilleagar ciorclach.

5.6.

I bhfianaise chineál teicniúil na ngairmeacha i roinnt mhaith FBManna a bhfuil saineolas uathúil acu, go háirithe i margaí nideoige, freagraíonn an oiliúint le linn na hoibre go cuí dá riachtanais scileanna. Ar an gcaoi chéanna, tá an oiliúint le linn na hoibre ag teastáil chun dúshláin an chlaochlaithe dhigitigh agus dúshláin an chlaochlaithe ghlais a shárú. Sa chineál sin oiliúna, éascaítear forbairt scileanna in FBManna a bhuí leis an deis níos fusa a dtugtar léi oiliúint inmheánach a eagrú agus eolas a aistriú laistigh den chuideachta. Ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le leibhéil táirgeachta a chothabháil fad agus atá oibrithe as láthair toisc iad a bheith ag freastal ar chúrsaí oiliúna, ba cheart cineálacha iomchuí oiliúna agus ionstraimí ad hoc a bheith ar fáil d’fhostaithe, amhail cláir oiliúna a chomhroinnt ar an leibhéal earnála nó ar an leibhéal críochach lena gcothófar sineirgí idir FBManna, agus rochtain a bheith acu ar bhearta spriocdhírithe tacaíochta airgeadais.

5.7.

Ní mór do ghníomhaithe eacnamaíocha agus dá ngeallsealbhóirí oirchill scileanna a fhorbairt go forleathan. Chuige sin, tá ról nach beag a thábhacht ag na comhpháirtithe sóisialta, tríd an idirphlé sóisialta, i mbrainsí agus in earnálacha gairme.

An Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [An Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht, COM(2020) 274 final)].

(2)  Féach Aitheasc 2022 ar Staid an Aontais le Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/SPEECH_22_5493

(3)  https://ec.europa.eu/economy_finance/recovery-and-resilience-scoreboard/assets/thematic_analysis/scoreboard_thematic_analysis_digital_skills.pdf

(4)  GreenComp: The European sustainability competence framework [GreenComp: an creat Eorpach um inniúlachtaí inbhuanaitheachta].

Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (2022/C 243/04).

Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe (2022/C 243/01).

(5)  Tuarascáil staidéir ón bhFaireachlann um Margadh an tSaothair (FMS), The work of the future, ensuring lifelong learning and training of employees, (2022); An méid atá i ndán don obair – eolas agus scileanna iomchuí a shealbhú chun riachtanais post amach anseo a chomhlíonadh (2017; níl leagan Gaeilge ann); Cistiú Inbhuanaithe le haghaidh foghlaim ar feadh an tsaoil agus forbairt scileanna i gcomhthéacs ganntanas oibrithe oilte a bheith ann (2019; níl leagan Gaeilge ann); An saol oibre atá ag athrú agus ionchas saoil agus aosú an daonra – Réamhchoinníollacha maidir le hoibrithe scothaosta a bheith gníomhach i saol nua na hoibre (2019; níl leagan Gaeilge ann); An digiteáil, an intleacht shaorga agus an chothroime – conas an tAontas a chur chun tosaigh sa rás domhanda maidir le scileanna agus oideachas na todhchaí, agus an cuimsiú sóisialta á áirithiú san am céanna (2019; níl leagan Gaeilge ann); An Ghairmoiliúint: Éifeachtacht na gCóras chun Scileanna agus Riachtanais an Mhargaidh Saothair a thuar agus a mheaitseáil agus ról na gComhpháirtithe Sóisialta agus na nGeallsealbhóirí Éagsúla (2020); Togra le haghaidh moladh ón gComhairle i ndáil le gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime shóisialta agus na hathléimneachta (2020; níl leagan Gaeilge ann); An chaoi chun na scileanna atá de dhíth ar an Eoraip a chur chun cinn, bunaithe ar an oideachas agus ar an oiliúint i gcomhthéacs na foghlama ar feadh an tsaoil, ar mhaithe le sochaí níos córa, níos comhtháite, níos inbhuanaithe, níos digití agus níos athléimní a bhunú (2020); Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach (2020; níl leagan Gaeilge ann); Éiceachórais thionsclaíocha, uathriail straitéiseach agus dea-bhail (2021); An fhoghlaim chumaisc (2021); An pacáiste ardoideachais (2022), etc.

(6)  https://www.eurofound.europa.eu/ga/node/91839

http://erc-online.eu/wp-content/uploads/2017/03/With-signatures_Framework-agreement-on-active-ageing.pdf

(7)  Eagraíocht Forbartha Tionscail na Náisiún Aontaithe.

(8)  Féach Skill needs anticipation: systems and approaches – Analysis of stakeholder survey on skill needs assessment and anticipation. EIS – An Ghinéiv, 2017, ISBN: 978-92-2-130248-3 (https://www.cedefop.europa.eu/files/2223_en.pdf).

Rún ón gComhairle maidir le clár oibre Eorpach nua don fhoghlaim aosach 2021-2030 (2021/C 504/02).

(9)  http://www.nber.org/papers/w21116

(10)  https://www.europarl.europa.eu/factsheets/ga/sheet/63/small-and-medium-sized-enterprises


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 576ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 22.2.2023-23.2.2023

27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/23


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 2021/1230 a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa meandracha in euro

(COM(2022) 546 final — 2022/0341 (COD))

(2023/C 146/04)

Rapóirtéir:

Christophe LEFÈVRE

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 21.11.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 16.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

27.1.2023

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

64/0/1

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

146/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an rialachán sin a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa meandracha in euro, ós rud é gur thug CESE tuairim uaidh le blianta beaga anuas maidir le híocaíochtaí miondíola (1) agus ceann eile maidir le córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa (2) chun rannchuidiú leis an margadh airgeadais aonair, chun oibríochtaí trasteorann a shimpliú, agus chun oibríochtaí airgeadais idir tomhaltóirí, gnólachtaí agus FBManna a dhaingniú.

1.2.

Tá CESE den tuairim go bhfuil inrochtaineacht seirbhíse do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí na hEorpa ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar íocaíochtaí meandracha san Aontas. Dá mhéad a thosóidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta (3) ar íocaíochtaí meandracha a thairiscint is ea is fearr a éireoidh leis an íocaíocht mheandrach san Aontas Eorpach. Beidh íocaíochtaí meandracha ar fáil do gach saoránach agus gnólacht a bhfuil cuntas bainc acu san Aontas agus i dtíortha LEE. Is é is aidhm don togra a áirithiú go mbeidh íocaíochtaí meandracha in euro inacmhainne, slán agus go bpróiseálfar iad gan bhac ar fud an Aontais.

1.3.

Tá CESE den tuairim nár cheart don bhanc is seoltóir táille a iarraidh chun an mheaitseáil idir Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus ainm an tairbhí a sheiceáil ach gur cheart í a chur san áireamh i bpraghas na híocaíochta meandraí féin. Molann CESE go gceanglófaí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta gan níos mó a ghearradh ar íocaíochtaí meandracha in euro ná ar ghnáthaistrithe creidmheasa in euro, go háirithe má dhéantar córas seiceála IBAN a leathnú chuig íocaíochtaí uile an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA).

1.4.

Ba mhaith le CESE nach mbeadh an tseiceáil IBAN teoranta d’íocaíochtaí meandracha ach go leathnófaí chuig aistrithe creidmheasa clasaiceacha í freisin go dtí go mbeidh siad á gcur ar fáil ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta.

1.5.

De thuras na huaire, eisiatar institiúidí ríomh-airgid agus institiúidí íocaíochta ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart an díolúine sin a tharraingt siar nuair a bheidh rochtain ag na hinstitiúidí sin ar na córais íocaíochta, tar éis modhnú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta (98/26/CE) (4). Ba cheart soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc a chumhdach leis an rialachán sin ar choinníoll go n-áirítear lena dtairiscint seirbhísí íocaíochta cuntas íocaíochta a oibriú agus aistrithe creidmheasa a chur i gcrích. Go dtí sin, ní mór a shoiléiriú mar a dhéantar na rialacha seiceála IBAN agus na rialacha maidir le dliteanas a chur i bhfeidhm nuair a bhaintear úsáid as na tríú páirtithe sin chun íocaíochtaí meandracha a thionscnamh.

1.6.

Mar sin féin, ós rud é go modhnaítear Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) leis an rialachán seo, ní mór a shoiléiriú go n-eisiatar seirbhísí infheistíochta ó Threoir 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (an Dara Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta, Airteagal 3(i)).

1.7.

Measann CESE gur cheart don Choimisiún Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:

an tseirbhís lena bhféadfar custaiméirí a chur ar an eolas nuair a bhraitear neamhréir idir ainm an íocaí agus an IBAN a dhéanamh éigeantach agus gan táille shonrach a bheith i gceist léi;

a áirithiú, i gcás ina mbraitear neamhréir le linn na seiceála IBAN sa phróiseáil arna déanamh ag an mbanc is faighteoir, go gcuirfidh an banc sin an banc is seoltóir ar an eolas faoin gcás;

a áirithiú, i gcás ina mbraitear neamhréir agus ina gcinneann an tomhaltóir an íocaíocht mheandrach a dheimhniú go fóill, nach mbeidh an banc is seoltóir freagrach a thuilleadh sa chás nach é an tairbhí an tairbhí ceart;

bearta spriocdhírithe a mholadh chun feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne na calaoise ós rud é nach ndéanfaidh IBAN difear ach do bhrú-íocaíochtaí údaraithe amháin.

1.8.

Chun nach mbeidh léirmhínithe éagsúla ann ar chur i bhfeidhm smachtbhannaí, molann CESE forálacha a bheith san áireamh sa rialachán agus míniú tugtha orthu chun go n-áiritheofar go mbeidh dlí an Aontais á chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach:

mar ar cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a fheidhmíonn i roinnt tíortha measúnú a dhéanamh ar chásanna den sórt sin agus na bearta ba cheart dóibh a dhéanamh;

mar a roinnfear an fhaisnéis sin laistigh den Aontas Eorpach;

mar a dhéileálfar le ceist an chúitimh i leith damáistí i gcásanna den sórt sin;

gan tagairt a dhéanamh ach d’aon liosta amháin de dhaoine nó d’eintitis atá faoi réir smachtbhannaí an Aontais arna ghlacadh trí bhíthin Rialacháin ón gComhairle faoi Airteagal 215 CFAE, liosta ba cheart a chur ar fáil láithreach bonn do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta. Ba cheart gurb é a bheadh san fhaisnéis sin liosta oifigiúil na ndaoine nó na n-eintiteas atá faoi réir smachtbhannaí an Aontais (bearta sriantacha).

1.9.

Ba cheart don Choimisiún Eorpach an chuid mhínitheach den rialachán a leagan amach go mion ionas go gcumhdófar seasamh ginearálta an Aontais agus go dtabharfar léirmhíniú ar na smachtbhannaí is infheidhme maidir le hearraí agus seirbhísí i dtaca le smachtbhannaí a bhaineann le hallmhairiú, onnmhairiú, iompar, agus toirmeasc, etc. earraí áirithe, etc.

1.10.

D’fhéadfadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta faireachán níos éifeachtaí a dhéanamh ar smachtbhannaí trí liostaí faireacháin inmheánacha a bheith acu agus é de cheart acu tagairt a dhéanamh do liostaí tíortha eile (amhail na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, etc.), rud a laghdódh rioscaí clú agus rioscaí baincéireachta comhfhreagraí (cleachtas reatha an mhargaidh). Áirítear an méid seo a leanas ar na bearta sonracha sa chás sin:

liostaí faireacháin inmheánacha a bhunú a mbeadh eintitis a raibh baint acu le sáruithe smachtbhannaí nó rioscaí smachtbhannaí, ítimí dé-úsáide etc. san áireamh iontu de ghnáth;

úsáid a bhaint as an liosta a chuir an t-údarás náisiúnta inniúil ar fáil i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac.

1.11.

Tacaíonn CESE leis an smaoineamh go gcuirfí ar chumas institiúidí íocaíochta nó institiúidí ríomh-airgid páirt a ghlacadh i gcórais íocaíochta mar rannpháirtithe díreacha agus measann sé, freisin, go bhféadfaí an togra ón gCoimisiún maidir le híocaíochtaí meandracha a leathnú chuig na seacht mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro ach atá mar chuid de Mhargadh Aonair na hEorpa.

2.   An togra ón gCoimisiún

2.1.

Is cineál aistrithe creidmheasa iad íocaíochtaí meandracha trína n-aistrítear cistí ó chuntas an íocóra chuig cuntas an íocaí i roinnt soicindí, am ar bith, de lá nó d’oíche, aon lá den bhliain. Is ar an dóigh sin a dhéantar idirdhealú idir íocaíochtaí meandracha agus aistrithe creidmheasa eile, a ndéanann soláthraithe seirbhísí íocaíochta iad a phróiseáil le linn uaireanta gnó amháin, agus nach gcuirtear na cistí chun sochair don íocaí ach go dtí deireadh an lae gnó dar gcionn.

2.2.

San Aontas Eorpach, tá an t-ollstruchtúr le haghaidh íocaíochtaí meandracha in euro ann cheana féin. Cuimsíonn sé roinnt córais íocaíochta a mbíonn socraíocht mheandrach á tairiscint acu, agus Scéim Aistrithe Creidmheasa Meandraigh SEPA (SCT Inst.).

2.3.

Sa Teachtaireacht uaidh an 24 Meán Fómhair 2020 (7), d’fhógair an Coimisiún reachtaíocht a bhí beartaithe lena gceanglófaí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta san Aontas íocaíochtaí meandracha in euro a thairiscint faoi dheireadh 2021. Thairis sin, sa Teachtaireacht uaidh an 20 Eanáir 2021 (8), d’athdhearbhaigh an Coimisiún a thábhachtaí atá a straitéis íocaíochtaí miondíola agus a thábhachtaí atá an nuálaíocht dhigiteach san earnáil airgeadais. Ina dhiaidh sin, chuir sé tionscnamh maidir le híocaíochtaí meandracha san áireamh ina chlár oibre do 2022 (9).

2.4.

Beidh an togra maidir le híocaíochtaí meandracha in euro ar fáil do na saoránaigh agus gnólachtaí uile a bhfuil cuntas bainc acu san Aontas Eorpach agus i dtíortha LEE cibé acu in Euro nó in airgeadra eile de chuid an Aontais a choinnítear an cuntas. Is é is aidhm don togra a áirithiú go mbeidh íocaíochtaí meandracha in euro inacmhainne, slán agus go bpróiseálfar iad gan bhac ar fud an Aontais. Leis an togra seo, tabharfar tacaíocht don nuálaíocht agus don iomaíocht i margadh íocaíochtaí an Aontais, i gcomhréir iomlán leis na rialacha atá ann cheana maidir le smachtbhannaí agus maidir le coireacht airgeadais a chomhrac. Rannchuideoidh sé, freisin, le cuspóirí níos leithne an Choimisiúin maidir leis an digiteáil agus uathriail straitéiseach oscailte. Tá an tionscnamh seo ag teacht le tosaíocht an Choimisiúin geilleagar a fhóireann do dhaoine a chothú agus lena gcruthófar timpeallacht infheistíochta níos tarraingtí.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Thug CESE tuairim uaidh le blianta beaga anuas maidir le híocaíochtaí (10) agus ceann eile maidir le córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa (11) chun rannchuidiú leis an margadh airgeadais aonair, chun oibríochtaí trasteorann a shimpliú, agus chun oibríochtaí airgeadais idir tomhaltóirí, gnólachtaí agus FBManna a dhaingniú.

3.2.

Ag deireadh 2022, is aistrithe creidmheasa meandracha a bhí i gceist le beagán le cois 13 % (12) de na haistrithe creidmheasa uile in euro, ach fós féin:

ní thairgeann aon trian de sholáthraithe seirbhísí íocaíochta an Aontais íocaíochtaí meandracha in euro;

tá 70 milliún cuntas íocaíochta sa Limistéar Euro, nach gcuireann ar a gcumas dá sealbhóirí airgead a sheoladh ná íocaíochtaí meandracha a fháil in euro;

diúltaíonn soláthraithe íocaíochta do suas le 9,4 % d’íocaíochtaí meandracha trasteorann euro de dheasca scagadh neamhéifeachtúil smachtbhannaí.

3.3.

Léirítear in anailís a rinne an Coimisiún Eorpach go ndéantar suas le EUR 200 billiún, atá glasáilte sa chóras airgeadais faoi láthair, a scaoileadh ar aon lá ar leith chun críocha táirgiúla, rud a fhágann go bhfuil tairbhí eacnamaíocha ar luach idir EUR 1.34 billiún agus EUR 1.84 billiún ann in aghaidh na bliana. Níl an méadú ar an mboilsciú san Eoraip san áireamh sa mheastóireacht sin, ar méadú é atá idir 10 % agus 30 % i dtíortha áirithe mar thoradh ar chogadh na Rúise san Úcráin agus ar phaindéim COVID-19.

3.4.

I gcás tomhaltóirí, gnólachtaí, FBManna agus miondíoltóirí, bíonn idirbhearta níos sláine mar thoradh ar an íocaíocht mheandrach toisc go bhfaightear an t-airgead ar an toirt. Maidir le rogha bhreise íocaíochta, i.e. maidir le híocaíochtaí trasteorann Eorpacha, tháinig feabhas ar bhainistiú an tsreabhaidh airgid thirim mar thoradh ar choigiltis ar ráthaíochtaí íocaíochta neamhriachtanacha.

3.5.

Cuirfidh íocaíochtaí meandracha leis an rogha modhanna íocaíochta sna gnáthshiopaí freisin (ag an díolphointe mar a thugtar air). Sna gnáthshiopaí faoi láthair ní féidir íocaíochtaí a dhéanamh ach le hairgead tirim nó le cárta. I gcás idirbhearta trasteorann, is scéimeanna idirnáisiúnta cártaí amháin a bhaintear feidhm astu, i ndáiríre. Leis an reachtaíocht seo, beifear in ann íocaíochtaí trasteorann a dhéanamh le híocaíochtaí meandracha.

3.6.

Is díol sásaimh do CESE an méid seo a leanas:

go mbeidh sé de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhís rialta aistrithe creidmheasa in euro íocaíochtaí meandracha in euro a sheoladh agus a fháil;

ceanglas maidir le scagadh smachtbhannaí i bhfoirm seiceáil an-mhinic ar chliaint i gcoinne liostaí smachtbhannaí an Aontais (mar a dhéantar cheana i mBallstáit áirithe maidir le híocaíochtaí intíre), seachas i gcás gach idirbhirt aonair;

ceanglas ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta seirbhís a thairiscint faoina bhféadfar custaiméirí a chur ar an eolas nuair a bhraitear neamhréir idir ainm an íocaí agus aitheantóir an chuntais íocaíochta, an IBAN de ghnáth, arna sholáthar ag an íocóir.

3.7.

Molann CESE go gceanglófaí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta gan níos mó a ghearradh ar íocaíochtaí meandracha in euro ná ar ghnáthaistrithe creidmheasa in euro, go háirithe má dhéantar córas seiceála IBAN a leathnú chuig íocaíochtaí uile an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí SEPA.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Ós rud é go modhnaítear Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 leis an rialachán seo, beidh an raon feidhme céanna aige. Mar sin féin, ní léir an bhfuil feidhm ag na rialacha nua sin maidir le seirbhísí infheistíochta freisin. Eisiatar na seirbhísí sin ó Threoir (AE) 2015/2366 (Airteagal 3(i) PPSD2). Ar an ábhar sin, b’fhiú an t-eisiamh sin a shoiléiriú. Is ar an mbanc is faighteoir atá an cúram an mheaitseáil idir IBAN agus ainm an tairbhí a sheiceáil agus beidh infheistíocht le déanamh aige ina leith sin. Ní fios don bhanc sin, áfach, cé hé an seoltóir agus níl aon chaidreamh aige leis nó léi. Dá bhrí sin, ní féidir leis an mbanc sin táille a iarraidh ar an seoltóir. D’fhéadfadh an banc is seoltóir táille a iarraidh ar an seoltóir ach ní bheadh loighic leis sin toisc gurb é an banc is faighteoir is mó a dhéanann an obair. Tá CESE den tuairim nár cheart don bhanc is seoltóir táille a iarraidh ar an tseirbhís sin ach dá mbeadh sí le cur i bhfeidhm, gur cheart an táille sin a bheith san áireamh i bpraghas na híocaíochta meandraí féin, agus nár cheart táille ar leithligh a ghearradh in aghaidh an idirbhirt toisc go bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag an méid sin ar a thoilteanaí a bheadh íocóirí an tseirbhís a úsáid agus, dá réir sin, ar shábháilteacht na n-idirbheart do na híocóirí.

Tá CESE in amhras freisin maidir leis an tseiceáil IBAN a bheith ina seirbhís lánroghnach nach mór don tomhaltóir glacadh léi i gcás gach idirbhirt ar leith nó le haghaidh a chuid idirbheart go léir. I gcásanna áirithe (e.g. íocaíocht mhóibíleach) d’fhéadfadh sé a bheith an-chasta bainistíocht a dhéanamh uirthi agus d’fhéadfaí go mbainfí d’áisiúlacht na seirbhíse don íocóir – bheadh iallach air nó uirthi cinneadh a dhéanamh gach uair a thionscnaítear aistriú creidmheasa agus níos mó cliceanna a dhéanamh ná mar is gá.

Ba mhaith le CESE nach mbeadh an tseiceáil IBAN teoranta d’íocaíochtaí meandracha ach go leathnófaí chuig gnáthaistrithe creidmheasa í freisin go dtí go mbeidh siad á gcur ar fáil ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta.

De thuras na huaire, eisiatar institiúidí ríomh-airgid agus institiúidí íocaíochta ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart an díolúine sin a tharraingt siar nuair a bheidh rochtain ag na hinstitiúidí sin ar na córais íocaíochta, tar éis modhnú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta. Ba cheart soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc a chumhdach leis an rialachán sin ar choinníoll go n-áirítear lena dtairiscint seirbhísí íocaíochta cuntas íocaíochta a oibriú agus aistrithe creidmheasa a chur i gcrích. Go dtí sin, ní mór a shoiléiriú mar a dhéantar na rialacha seiceála IBAN agus na rialacha maidir le dliteanas a chur i bhfeidhm nuair a bhaintear úsáid as na tríú páirtithe sin chun íocaíochtaí meandracha a thionscnamh.

4.2.

Tá CESE den tuairim go bhfuil ríthábhacht le hinrochtaineacht seirbhíse do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí Eorpacha chun go n-éireoidh le híocaíochtaí meandracha san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, dá mhéad a thosóidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar íocaíochtaí meandracha a thairiscint is ea is fearr a éireoidh leis an íocaíocht mheandrach san Aontas Eorpach. Dá réir sin, tacaíonn CESE leis an smaoineamh go gcuirfí ar chumas institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid páirt a ghlacadh i gcórais íocaíochta mar rannpháirtithe díreacha agus measann sé, freisin, go bhféadfaí an togra ón gCoimisiún maidir le híocaíochtaí meandracha a leathnú chuig na seacht mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro ach atá mar chuid de Mhargadh Aonair na hEorpa.

4.3.

Measann CESE gur cheart don Choimisiún Eorpach, sa bhreis ar an rialachán atá beartaithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:

seirbhís a chur ar fáil lena bhféadfar custaiméirí a chur ar an eolas trí fhógra leictreonach meandrach nuair a bhraitear neamhréir idir ainm an íocaí agus an IBAN (nó aon aitheantóir eile a úsáidtear) arna sholáthar ag an íocóir. Ní mór an tseirbhís sin a bheith éigeantach agus gan táille shonrach;

a áirithiú, i gcás ina mbraitear neamhréir le linn na seiceála IBAN sa phróiseáil arna déanamh ag an mbanc is faighteoir, go gcuirfidh an banc sin an banc is seoltóir ar an eolas faoin gcás. Dá réir sin, cuirfidh an banc is seoltóir a thomhaltóir féin ar an eolas faoin neamhréir sin agus cuirfear an t-idirbheart íocaíochta ar fionraí;

a áirithiú, i gcás ina mbraitear neamhréir agus ina gcinneann an tomhaltóir an íocaíocht mheandrach a dheimhniú go fóill, go mbeidh sé ríshoiléir don tomhaltóir sa chás nár shonraigh sé nó sí an tairbhí ceart, nach mbeidh an banc is seoltóir freagrach a thuilleadh más amhlaidh nach é an tairbhí an tairbhí ceart;

bearta spriocdhírithe a mholadh chun feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne na calaoise ós rud é nach ndéanfaidh IBAN difear ach do bhrú-íocaíochtaí údaraithe amháin. Féadfar é sin a dhéanamh i gcomhar le forbairt na Scéime um Iarraidh ar Íoc arna bunú ag an gComhairle Eorpach um Íocaíochtaí, arb í bainisteoir Scéim SCT í freisin.

5.   Pionóis

5.1.

Diúltaíonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta gan údar do chion an-ard d’íocaíochtaí trasteorann in euro mar gheall ar fhadhbanna maidir le cur i bhfeidhm na bpionós a fhíorú. Cuireann na húdaráis phoiblí atá freagrach as smachtbhannaí a fhorfheidhmiú faisnéis ar fáil do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faoi na cuideachtaí atá faoi réir smachtbhannaí de bhua rialaithe nó úinéireachta. Ar an drochuair, níl sé neamhchoitianta go mbeadh tuiscintí difriúla ag na húdaráis phoiblí i dtíortha éagsúla ar na critéir nó ar na cúiseanna atá le hathrú úinéireachta, agus go mbeadh tuairimí éagsúla acu maidir le smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar na gnóthais sin. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh cuideachta a bheith faoi smachtbhannaí i dtír amháin ach ní i dtír eile. Dá bhrí sin, bheadh sé tábhachtach an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

forálacha mar aon le míniú ina leith a bheith san áireamh sa rialachán chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais a áirithiú:

mar ar cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a fheidhmíonn i roinnt tíortha measúnú a dhéanamh ar chásanna den sórt sin agus na bearta ba cheart dóibh a dhéanamh;

mar a roinnfear an fhaisnéis sin laistigh den Aontas Eorpach;

mar a dhéileálfar le ceist an chúitimh i leith damáistí i gcásanna den sórt sin;

b)

cuid mhínitheach an rialacháin a leagan amach go mion ionas go gcumhdófar seasamh ginearálta an Aontais ann agus go dtabharfar léirmhíniú ar na smachtbhannaí is infheidhme maidir le hearraí agus seirbhísí, amhail iad siúd a bhíonn in úsáid ag an Aontas i gcás earraí agus seirbhísí, agus smachtbhannaí a bhfuil feidhm acu maidir le hearraí áirithe a allmhairiú, a onnmhairiú, a iompar, a thoirmeasc etc.

5.2.

D’fhéadfadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta faireachán níos éifeachtaí a dhéanamh ar smachtbhannaí trí liostaí faireacháin inmheánacha a bheith acu agus é de cheart acu tagairt a dhéanamh do liostaí tíortha eile (amhail na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, etc.), rud a laghdódh rioscaí clú agus rioscaí baincéireachta comhfhreagraí (cleachtas reatha an mhargaidh). Áirítear an méid seo a leanas ar na bearta sonracha sa chás sin:

liostaí faireacháin inmheánacha a bhunú a mbeadh eintitis a raibh baint acu le sáruithe smachtbhannaí nó rioscaí smachtbhannaí, ítimí dé-úsáide etc. san áireamh iontu de ghnáth;

úsáid a bhaint as an liosta a chuir an t-údarás náisiúnta inniúil ar fáil i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac.

5.3.

D’fhéadfadh léirmhíniú difriúil a bheith ag an Aontas Eorpach agus an léirmhíniú atá ag tíortha nach bhfuil san Aontas a mhéid a bhaineann le smachtbhannaí. Chun beartas inmheánach agus eachtrach a chomhlíonadh, molann CESE go gceanglófaí ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis mhaoirseachta faisnéis ar fáil láithreach do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faoi dhaoine nó eintitis atá faoi réir bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh trí bhíthin Rialacháin ón gComhairle faoi Airteagal 215 CFAE agus atá faoina maoirseacht. Ba cheart gurb é a bheadh san fhaisnéis sin liosta oifigiúil na ndaoine nó na n-eintiteas atá faoi réir smachtbhannaí an Aontais (bearta sriantacha). Ba cheart don údarás náisiúnta inniúil an liosta sin a chur ar fáil i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac.

An Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 220, 9.6.2021, lch. 72.

(2)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 41.

(3)  Sainmhínítear céard is soláthraí seirbhísí íocaíochta ann in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) Uimh. 2015/2366 (PSD2), amhail institiúid creidmheasa, institiúid íocaíochta nó institiúid ríomh airgid.

(4)  IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).

(6)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(7)  COM(2020) 592 final an 24 Meán Fómhair 2020.

(8)  COM(2021) 32 final an 19 Eanáir 2021.

(9)  COM(2021) 645 final an 19 Deireadh Fómhair 2021.

(10)  IO C 220, 9.6.2021, lch. 72.

(11)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 41.

(12)  https://www.europeanpaymentscouncil.eu/what-we-do/sepa-instant-credit-transfer


27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/29


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar cíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724

(COM(2022) 571 final — 2022/0358 (COD))

(2023/C 146/05)

Rapóirtéir:

Marinel Dănuț MUREȘAN

Tarchur

Parlaimint na hEorpa, 21.11.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 1.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

27.1.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.2.2023

Seisiún iomlánach uimh.

576

Toradh na vótála (ar son

/in aghaidh/staonadh)

190/0/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

An Rialachán atá beartaithe, is rialachán é a fhreagraíonn don ionchas go mbeidh an margadh CCI á rialú ag na gníomhaithe ionraice go léir lena mbaineann agus gur rud é a bheidh comhsheasmhach leis na rialacháin eile ar leibhéal an Aontais.

1.2.

Molann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na huirlisí teicniúla a mholtar sa Rialachán seo a chur chun feidhme chun timpeallacht iomaíoch níos ionraice a fhorbairt le haghaidh gníomhaíochtaí CCI, uirlisí lena gcuirfear seirbhísí CCI níos sábháilte, níos trédhearcaí agus níos cothroime ar fáil agus lena gcuirfear uirlisí éifeachtacha ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus áitiúla chun gníomhaíochtaí CCI a chothromú i gcomhréir le cásanna agus riachtanais shonracha i limistéir éagsúla san Aontas.

1.3.

Ní cheanglaítear leis an Rialachán seo cé hé, cé hí nó cé hiad an duine/na daoine a bheidh ag déanamh an dearbhaithe sa chlár digiteach náisiúnta ná céard a bheidh á dhearbhú acu tráth an chláraithe, agus tá cásanna sonracha ann maidir leis an méid seo a leanas:

eolas faoin óstach (úinéir, ionadaí an úinéara, tionónta/folitir, gnólacht bróicéireachta, bainistiú nó cothabháil áiseanna lóistín);

eolas faoi na háiseanna lóistín agus iostais (CCI go hiomlán nó go páirteach, maille le háiseanna atá ar fáil ach íoc astu, áiseanna do chách, etc.);

an líon uasta daoine atá inghlactha i mbunaíochtaí (d’fhonn ró-ualach daoine os cionn ghnáthacmhainn na bunaíochta a sheachaint).

1.3.1.

Tá gá le simpliú agus le solúbthacht le clárú sa chlár digiteach náisiúnta, lena thabhairt i gcomhréir le múnla an Aontais Eorpaigh, ionas go mbeadh sé níos éasca é a chur i gcrích i ngach cás go sonrach agus chun an t-eolas sin a riar i gceart agus go héifeachtúil chun comhlíonadh na gceart a áirithiú, rud a laghdódh nós seachanta na n-iontrálacha sa Chlár Aonair Digiteach oiread is féidir.

1.4.

Is é moladh atá ag CESE don Choimisiún go molfadh an Coimisiún sa rialachán seo go ndéanfadh na húdaráis náisiúnta agus/nó áitiúla measúnuithe tionchair go rialta ar ghníomhaíochtaí CCI fad a bhaineann leis an méid seo a leanas:

acmhainneacht na turasóireachta go háitiúil iarbhír;

difear do chompord saoil na gcónaitheoirí;

an tionchar ar an tithíocht shóisialta;

an tionchar ar mhargadh an eastáit réadaigh sa limistéar;

tionchar sóisialta an chostais mhaireachtála sa limistéar;

an tionchar ar phoist;

an tionchar ar thruailliú an chomhshaoil;

an tionchar ar urraim do thraidisiúin na háite;

an tionchar ar ghnó díreach agus ar ghnó indíreach sa limistéar.

1.4.1.

É sin ar fad thuas, ionas gur féidir leis na húdaráis beart iomchuí a dhéanamh in am trátha chun cásanna áibhéileacha a sheachaint.

1.5.

Ní fhorchuireann an Rialachán seo coinníollacha údaraithe ar na húdaráis náisiúnta agus áitiúla, tar éis an chláraithe sa chlár digiteach náisiúnta, rud a fhágann gur faoi na húdaráis sin údarú a chur faoi réir coinníollacha áitiúla sonracha. Moltar san am céanna nár cheart don phróiseas údaraithe srianta saorga a fhorchur nó gnáthiompar gníomhaíochtaí CCI a dhíspreagadh; córas polasaithe árachais a thógfadh an t-óstach amach le haghaidh na n-aonad atá aige, polasaí a chumhdódh an chuid is mó de na rioscaí i ngníomhaíocht CCI, measaimid go bhféadfaí a leithéid sin a chur in ionad na gceanglas maidir le húdarú, toisc go bhfíoródh cuideachtaí árachais go sothuigthe gur comhlíonadh na coinníollacha comhlíonta iomchuí tráth an mheasúnaithe árachais.

1.6.

Ós rud é nach bhforchuirtear leis an Rialachán seo leibhéal docht faisnéise atá le hiarraidh ar óstaigh agus iad ag clárú sa chlár digiteach náisiúnta agus le faisnéis le haghaidh tuairisciú ó ardáin chuig údaráis, tacóidh cur chuige caighdeánaithe, faoi threoir na n-institiúidí Eorpacha, faoi mar atá sonraithe, leis an leibhéal faisnéise is gá ar fud raon gníomhaíochtaí CCI le húdaráis náisiúnta agus áitiúla cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le leasanna na bpobal, éascófar malartú faisnéise idir na húdaráis, méadófar comhlíonadh an dlí agus féadfar beart iomchuí a dhéanamh, mar thoradh ar anailís ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an limistéir araon.

1.7.

Is éard atá á mholadh againn go molfadh an Coimisiún do na húdaráis náisiúnta agus/nó áitiúla freisin faireachán a dhéanamh ar thionchar gníomhaíochtaí CCI ar na nithe seo a leanas:

laghdú mór ar sholáthar na gcíosanna fadtéarmacha i réimsí eile seachas i réimse na turasóireachta;

rochtain theoranta ar thairiscintí cíosa do dhaoine atá ar thuarastal íseal faoi phraghsanna margaidh atá méadaithe mar thoradh ar éileamh ar an margadh CCI;

dálaí maireachtála na gcónaitheoirí a bheith á n-athrú mar gheall ar “thruailliú an chiúnais de dheasca na turasóireachta”, mar gheall ar bhéasa agus nósanna na dturasóirí, de bharr gan iompar na dturasóirí a bheith in oiriúint don “mhaireachtáil in éineacht le cónaitheoirí” (meas ar thraidisiúin na háite, caomhnú leordhóthanach/sláinteach/glan spásanna poiblí agus áiteanna chun dramhaíl a bhailiú agus a roghnú);

coinníollacha breise riachtanacha maidir le caomhnú na séadchomharthaí stairiúla, mar aon leis na séadchomharthaí ailtireachta agus na séadchomharthaí nádúrtha;

éifeachtaí ar an margadh saothair ina iomláine.

1.7.1.

Ceadóidh an togra cur chuige oscailte i leith na ndúshlán sin ar mhaithe leis na gníomhaithe uile a bhfuil baint acu le hobair CCI, agus ní ghinfidh na bearta a ghlacfar saobhadh mór ná seachaint an chomhlíonta, agus déanfaidh pobal na gcónaitheoirí an comhtháthú cuí CCI a fheabhsú go díreach.

1.8.

Molann CESE go gceanglódh an Rialachán seo ar ardáin ar líne eolas ábhartha a chur ar fáil do na custaiméirí, ní hamháin i dtaca le clárú an óstaigh sa chlár digiteach náisiúnta nó forléargas ar an mbunaíocht, ach freisin eolas maidir le leibhéal freagrachta na n-óstach agus an ardáin, soláthar coinníollacha sláinte agus sábháilteachta do na custaiméirí, na ceanglais shonracha nach mór do na custaiméirí a chomhlíonadh in imlíne an bhunaithe agus in áitreabh na gcónaitheoirí, agus faoi roinnt traidisiún áitiúil, rud atá tábhachtach do gach rannpháirtí sa mhargadh seo, sin agus don phobal agus do na húdaráis áitiúla araon.

1.9.

is éard is dóigh linn go mbeidh sé i bhfad níos éasca gach ardán ar líne a thiocfaidh chun cinn tar éis spriocdháta an dá bhliain sin a chruthú, a bhuí leis an idir-inoibritheacht agus leis an malartú sonraí, gan aon ghá a bheith le sonraí a bhailiú de láimh. is éard is dóigh linn go mbeidh sé i bhfad níos éasca gach ardán ar líne a thiocfaidh chun cinn tar éis spriocdháta an dá bhliain sin a chruthú, a bhuí leis an idir-inoibritheacht agus leis an malartú sonraí, gan aon ghá a bheith le sonraí a bhailiú de láimh. Dá réir sin, molann CESE bailiú na sonraí de láimh a bheith ina rud roghnach ar leibhéal na mbainisteoirí ardán ar líne, gnólachtaí, micrifhiontair agus fiontair bheaga, mar shampla. Molann CESE freisin do na húdaráis náisiúnta agus áitiúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an tuairiscithe/cur isteach shonraí na n-ardán uile a dhéanann idirghabháil nó a éascaíonn seirbhísí CCI, agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar aon tuairisciú nó tuairisciú atá fágtha ar lár ag bainisteoirí ardán ar líne nó ag ardáin de chineál eile a bhíonn ag éascú seirbhísí CCI.

1.10.

Molann CESE a shonrú sa Rialachán go gcuirfidh institiúidí an Aontais in iúl go leanúnach do na gníomhaithe uile a bhfuil baint acu le hobair CCI, go díreach nó trí údaráis náisiúnta agus áitiúla, má tá imeachtaí ar leith ar siúl nó imeachtaí á mbeartú in obair CCI, imeachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do staid eacnamaíoch, shóisialta, chomhshaoil agus shábháilteachta na saoránach i réimsí éagsúla, chun gníomh a dhéanamh in am trátha agus chun teagmhais nach bhfuil ag teastáil a chosc (géarchéimeanna eacnamaíocha, géarchéimeanna móra sóisialta, feachtais mhóra sóisialta, leibhéil bochtaineachta mhéadaitheacha an daonra mar aon le líon na ndaoine gan dídean, damáiste mór don chomhshaol nádúrtha, don tsláinte phoiblí, etc.) agus imeachtaí nach iad a chuireann d’oibleagáid ar na húdaráis bearta a dhéanamh a dhéanfadh difear do ghníomhaíochtaí CCI.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Is tapa atá forbairt ag teacht ar chíosanna tithíochta gearrthéarmacha san Aontas, rud arb é geilleagar na n-ardán is cúis leis thar aon ní eile. Thart ar an gceathrú cuid de na hárais lóistín turasóireachta go léir san Aontas Eorpach, is árais iad a bhíonn á ligean go gearrthéarmach, agus tá méadú suntasach ag teacht ar líon na n-áras sin ar fud an Aontais. Is gníomhaíocht phríomha de chuid Chonair an Aistrithe don Turasóireacht é an togra ón gCoimisiún a foilsíodh i mí Feabhra 2022. Fógraíodh é i Straitéis FBM an Choimisiúin i mí an Mhárta 2020, agus is é is aidhm dó forbairt chothrom agus fhreagrach an gheilleagair chomhoibríoch sa Mhargadh Aonair a chur chun cinn.

2.2.

Is é seo a leanas is aidhm don chreat nua atá beartaithe:

na ceanglais chlárúcháin do na hóstaigh agus dá gcuid áras atá ar cíos go gearrthéarmach a chomhchuibhiú nuair a thabharfaidh na húdaráis náisiúnta isteach iad;

na rialacha a shoiléiriú chun a áirithiú go dtaispeánfar na huimhreacha clárúcháin agus go bhfíorófar iad;

comhroinnt na sonraí idir ardáin ar líne agus údaráis phoiblí a chuíchóiriú;

féadfar na sonraí a athúsáid i bhfoirm chomhiomlánaithe;

creat éifeachtach cur chun feidhme a bhunú.

2.3.

An Rialachán seo atá beartaithe, is rialachán é atá comhsheasmhach le hionstraimí dlí eile:

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha;

An Treoir um Sheirbhísí;

An Treoir maidir leis an tráchtáil leictreonach;

Rialachán maidir leis an gcaidreamh idir na hardáin agus na gnólachtaí;

An tAcht Sonraí atá beartaithe;

An rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí;

An Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach.

Is faoi rialacha Threoir DAC7 (1) atá seo.

2.4.

Is é is aidhm don Rialachán creat comhchuibhithe aontaithe a bhunú le haghaidh seirbhísí cíosa gearrthéarmacha (STR) chun sonraí a ghiniúint agus a mhalartú ar fud an Aontais Eorpaigh, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí iomadú na gceanglas agus iomadú na n-iarrataí éagsúla sonraí a sheachaint sa Mhargadh Aonair.

2.5.

Is tacaíocht atá sa Rialachán atá beartaithe freisin do na hardáin ar líne chun na nósanna imeachta maidir le taifeadadh agus tarchur na sonraí agus idir-inoibritheacht na sonraí tarchurtha a chaighdeánú agus a shimpliú, trí bhíthin creat comhchuibhithe a chruthú agus trí laghdú na hilroinnte, sin agus trí laghdú na débhríochta séimeantaí agus na n-ualaí riaracháin.

2.6.

Ceanglaíonn an Rialachán ar na hóstaigh clárú roimh ré i stór digiteach náisiúnta, rud a éascóidh soláthar eolais cruinn trédhearcach do chliaint na n-ardán CCI ar líne, rud a mhéadóidh deimhneacht dhlíthiúil do na seirbhísí a thrádáiltear freisin, agus rud a fhágann go bhféadfar faisnéis úsáideach a mhalartú, mar aon le rannchuidiú le bainistiú rianúil na seirbhísí sin sna réimsí éagsúla atá ann.

2.7.

Cuireann an Rialachán seo creat comhchoiteann ar fáil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le faisnéis agus próiseáil sonraí a chuireann inrianaitheacht ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus áitiúla ó thaobh na sonraí a theastaíonn uathu chun rialacha a fhorbairt agus a chothabháil i ndáil le seirbhísí CCI chun na rialacha a chomhlíonadh agus chun freagairtí eolacha beartais a ghlacadh i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm san Aontas.

2.8.

Cuirtear san áireamh sa Rialachán na deacrachtaí airgeadais agus riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga a bhfuil ardáin ar líne á riar acu nuair atá na hardáin sin á gcur in oiriúint do cheanglais an Rialacháin a bhaineann le hidir-inoibritheacht uathoibríoch malartaithe sonraí, rud a thugann réitigh mhalartacha i gceist, réitigh nach bhfuil costais mhóra ag gabháil leo.

3.   Barúlacha ginearálta agus barúlacha sonracha

3.1.

Is Rialachán é seo atá comhsheasmhach leis na rialacháin AE atá ann, rud is tacaíocht d’fhorbairt timpeallacht iomaíoch níos ionraice agus níos cothroime don réimse gnó tábhachtach dinimiciúil seo, rud is éileamh freisin ar leibhéal comhlíonta dhlíthiúil (cáin) níos iomchuí do gach gníomhaí (óstaigh) sa mhargadh CCI freisin, ach san am céanna rud is “inneall” chun gnólachtaí éagsúla a fhorbairt san Aontas.

3.2.

Ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha agus náisiúnta faireachán agus rialáil a dhéanamh ar an réimse sin atá ag forbairt leis i dtólamh chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí seirbhíse CCI a chomhtháthú ar bhealach comhchuí leis an timpeallacht nádúrtha, rud a chuirfidh comaoin ar fhorbairt inbhuanaithe na timpeallachta gnó go háitiúil le hurraim don tacsanomaíocht shóisialta agus eacnamaíoch.

3.3.

Faoin Rialachán seo, ní fhorchuirtear coinníollacha údaraithe ar na húdaráis náisiúnta agus áitiúla, rud a fhágann gur faoi na húdaráis sin an t-údarú a chur faoi réir na gcoinníollacha áitiúla sonracha d’fhonn margadh an chíosa a thabhairt san áireamh go háitiúil, ionas gur féidir aird a thabhairt ar thréithe sonracha na tithíochta sóisialta agus na tithíochta, mar aon leis an staid shóisialta ina hiomláine, sin agus an caidreamh le muintir na háite, chomh maith le ceisteanna comhshaoil agus gnó sna limistéir atá i gceist. Moltar san am céanna nár cheart don phróiseas údaraithe srianta saorga a fhorchur nó gnáthiompar gníomhaíochtaí CCI a dhíspreagadh.

3.3.1.

Ós rud é nach bhforchuireann an Rialachán seo leibhéal docht faisnéise ar na hóstaigh nuair atá siad ag clárú sa chlár digiteach náisiúnta agus ag tuairisciú faisnéise ó na hardáin, tá idir deiseanna agus rioscaí ann do na húdaráis náisiúnta agus áitiúla sa bhainistiú a dhéanann siad ar an méid sonraí a chuireann na hóstaigh ar fáil nuair atá siad ag clárú, agus nuair atá sé d’údarú acu dul i mbun oibre ar na hardáin agus tuairisc a thabhairt faoi na sonraí atá ag teastáil ach gan dochar d’fhorbairt ná do sheoladh na gníomhaíochta CCI seo. Mar sin féin, molann an Coimisiún caighdeánú a dhéanamh ar an leibhéal faisnéise is gá, rud a d’fhéadfadh malartú na faisnéise riachtanaí a éascú idir na húdaráis.

3.4.

Ba cheart do na hinstitiúidí Eorpacha, i bpáirt leis na húdaráis náisiúnta agus áitiúla, rialáil a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le gnáthúsáid agus gnáthfhorbairt gníomhaíochtaí CCI, rud a dhéanann comhlíonadh na tacsanomaíochta sóisialta agus eacnamaíche a cheangal, mar aon le cosaint an chomhshaoil, le caomhnú na séadchomharthaí agus le caomhnú an dúlra chun gníomhaíochtaí CCI a chomhtháthú go comhchuibhithe sa limistéar áitiúil.

3.5.

Ós rud é go bhfuil idir saoránaigh AE agus saoránaigh neamh-AE i measc chliaint na n-ardán, cliaint a bhfuil cuspóirí éagsúla taistil agus turasóireachta acu, is tábhachtach an rud, trí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cothrom na hiomaíochta a spreagadh agus a choinneáil ar bun le praghsanna córa agus le tairiscint chothrom ar gach cineál lóistín (iad seo a leanas go traidisiúnta: óstáin/tithe lóistín, agus iad seo go neamhthraidisiúnta: óstaigh, daoine príobháideacha), gan laghdú a chur ar an soláthar CCI agus gan cur le costais CCI.

3.6.

Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo go ndéanfaí rialacha sonracha breise nó rialacha comhlíonta atá údaráis náisiúnta agus údaráis áitiúla a éileamh ar na hóstaigh beagán ar bheagán, sin nó d’aon éileamh amháin i dtús ama, ionas nach dtiocfaidh laghdú ar sholáthar CCI sna margaí sin, agus dul i dtreo cineálacha gníomhaíochta CCI nach bhfuil chomh foirmiúil céanna, rud a dhéanfadh difear don mhargadh le haghaidh post CCI díreach agus neamhdhíreach, agus don ghnó díreach gaolmhar san earnáil sin, agus don chomhlíonadh dlíthiúil deonach a dhéanann na hóstaigh.

3.7.

Tá deiseanna nua cruthaithe ag forbairt thapa na turasóireachta agus ag ardáin thiomnaithe ar líne do hóstaigh agus do chustaiméirí/turasóirí, ach sa bhreis ar na deiseanna móra gnó do na pobail sin, tá go leor dúshlán cruthaithe aige i dtaca leis an méid seo a leanas:

laghdú mór ar sholáthar na gcíosanna fadtéarmacha i réimsí eile seachas i réimse na turasóireachta;

rochtain theoranta ar thairiscintí cíosa do dhaoine atá ar thuarastal íseal faoi phraghsanna margaidh atá méadaithe mar thoradh ar éileamh ar an margadh CCI;

dálaí maireachtála na gcónaitheoirí a bheith á n-athrú mar gheall ar “thruailliú an chiúnais de dheasca na turasóireachta”, mar gheall ar bhéasa agus nósanna na dturasóirí, de bharr gan iompar na dturasóirí a bheith in oiriúint don “mhaireachtáil in éineacht le cónaitheoirí” (meas ar thraidisiúin na háite, caomhnú leordhóthanach/sláinteach/glan spásanna poiblí agus áiteanna chun dramhaíl a bhailiú agus a roghnú);

coinníollacha breise maidir le caomhnú na séadchomharthaí stairiúla, mar aon leis na séadchomharthaí ailtireachta agus na séadchomharthaí nádúrtha;

easpa saothair, costas ard an tsaothair.

3.7.1.

Is cúis imní do CESE an scéal sin i gcodanna áirithe den Aontas, agus tuigeann sé nach é sin is cuspóir don rialachán atá beartaithe ag an gCoimisiún; ba mhaith le CESE go gcuirfí na gnéithe tábhachtacha sibhialta agus sóisialta sin san áireamh sa rialachán freisin.

3.8.

Tugann CESE dá aire nach léir ar an Rialachán seo cé a bheidh ag déanamh an dearbhaithe nó céard a bheidh á dhearbhú tráth an chláraithe sa chlár digiteach náisiúnta, agus tá cásanna sonracha ann maidir leis an méid seo a leanas:

eolas faoin óstach (úinéir, ionadaí an úinéara, tionónta/folitir, gnólacht bróicéireachta, bainistiú nó cothabháil áiseanna lóistín);

eolas faoi na háiseanna lóistín agus iostais (CCI go hiomlán nó go páirteach, maille le háiseanna atá ar fáil ach íoc astu, áiseanna do chách, etc.);

an líon uasta daoine atá inghlactha i mbunaíochtaí (d’fhonn ró-ualach daoine os cionn ghnáthacmhainn na bunaíochta a sheachaint).

3.8.1.

Ní mór an méid sin ar fad a shoiléiriú agus a chur chuig na húdaráis a chuireann an clár digiteach náisiúnta chun feidhme agus a bhainistíonn é chun bainistiú cuí agus éifeachtúil na faisnéise sin a áirithiú, chun comhlíonadh na gceart a áirithiú, chun an ilroinnt i malartú na faisnéise a laghdú, agus chun an cur chun feidhme a dhéanamh go haonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais.

3.9.

San am céanna, tugann CESE dá aire gur faoi na húdaráis náisiúnta agus áitiúla a fhágann an rialachán seo na coinníollacha a ghabhann le formheas na n-aonad CCI, rialacha a dtarlódh dóibh a bheith éifeachtach nithiúil de réir na ndálaí áitiúla sonracha, d’fhonn bearta a sheachaint a bheadh rómhaorlathach nuair atá an t-údarú á dhéanamh ag na húdaráis.

3.10.

Ní fhorchuireann an Rialachán seo ceanglais ar ardáin ar líne maidir le leibhéal na faisnéise faoi bhunaíochtaí nó óstaigh, ná faoi leibhéal freagrachta na bpáirtithe atá le cur ar fáil do chustaiméirí, ná ceanglais a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le cur ar a súile do na custaiméirí maidir leis na coinníollacha atá le comhlíonadh ar shuíomh na bunaíochta, rud a fhágann gur faoi chinneadh na n-ardán nó na n-údarás náisiúnta agus áitiúil atá na ceanglais sin. Leibhéal comhlíonta a bheadh aonfhoirmeach, é ag soláthar eolas cruinn ceart do na custaiméirí maidir le bunú, soláthar coinníollacha sláinte agus sábháilteachta, freagracht na bpáirtithe agus maidir leis na ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag custaiméirí i réimse an bhunaithe agus in áitreabh na gcónaitheoirí, is rud é sin a bheadh úsáideach do ghníomhaithe sa mhargadh agus don phobal agus do na húdaráis áitiúla araon.

3.11.

is éard is dóigh linn go bhféadfar na hardáin ar líne a thiocfaidh chun cinn tar éis spriocdháta an dá bhliain sin a chruthú i bhfad níos éasca, a bhuí leis an idir-inoibritheacht agus leis an malartú sonraí, gan gá a bheith le sonraí a bhailiú de láimh. is éard is dóigh linn go bhféadfar na hardáin ar líne a thiocfaidh chun cinn tar éis spriocdháta an dá bhliain sin a chruthú i bhfad níos éasca, a bhuí leis an idir-inoibritheacht agus leis an malartú sonraí, gan gá a bheith le sonraí a bhailiú de láimh. Dá réir sin, is éard atá á mholadh sa Rialachán seo gur ar bhonn roghnach a dhéanfar na sonraí a bhailiú de láimh ar leibhéal na mbainisteoirí ardán ar líne, is é sin gnólachtaí, micrifhiontair agus fiontair bheaga, cuir i gcás, agus go ndéanfadh na húdaráis náisiúnta agus áitiúla faireachán ar an gcomhlíonadh i ndáil le tuairisciú/cur isteach sonraí ó gach ardán dá ndéanann idirghabháil nó dá n-éascaíonn seirbhísí CCI.

An Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Le Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1) cuireadh síneadh le creat an Aontais maidir le malartú uathoibríoch faisnéise i réimse an chánachais. B’éigean do na Ballstáit an Treoir seo a ionchorprú ina ndlí náisiúnta féin faoin 31 Eanáir 2022, agus ní mór dóibh na forálacha nua a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023 amach.


27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/35


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh

(COM(2022) 541 final — 2022/0345 (COD))

(2023/C 146/06)

Rapóirtéir:

Stoyan TCHOUKANOV

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 19.1.2023

An Chomhairle, 24.1.2023

Bunús dlí

Airteagal 192(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

3.2.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

198/1/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le fís an Choimisiúin rialacha an Aontais maidir le fuíolluisce a thabhairt cothrom le dáta agus iad a réiteach don scór bliain amach romhainn, trí aghaidh a thabhairt ní hamháin ar chóireáil fuíolluisce, ach ar ghnéithe di a bhaineann le réimse an fhuinnimh agus leis an ngeilleagar ciorclach chomh maith d’fhonn an rialachas a fheabhsú.

1.2.

Aithníonn CESE gur acmhainn straitéiseach é an t-uisce glan chun feidhmiú ár sochaí agus geilleagar seasmhach an Aontais a áirithiú, agus le haghaidh an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint freisin, agus dá réir sin measann sé gur gá é a chóireáil leis an gcúram atá ag dul dó. Is ceantair trasteorann iad 60 % de cheantair abhantraí an Aontais agus éilítear comhar trasteorann ina leith. Ba cheart an timpiste éiceolaíoch a tharla le déanaí ar an Oder a úsáid mar shampla rabhaidh den chomhar mírathúil agus den easpa trédhearcachta.

1.3.

Tá CESE den tuairim láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar an truailliú go príomha ag an bhfoinse, ach aithníonn sé gur scagaire tábhachtach deireanach í an chóireáil fuíolluisce uirbigh chun uiscí glactha a chosaint, rud a théann chun tairbhe don chomhshaol, do shláinte an duine agus don tsochaí.

1.4.

Murab ionann is riamh, is ábhar imní maidir le cáilíocht an uisce iad na micreathruailleáin, mar shampla na hiarmhair chógaisíochta. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an togra lena dtabharfadh gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh áirithe cóireálacha breise isteach chun iad a bhaint agus cuireann sé chun suntais na hiarrachtaí suntasacha is gá a dhéanamh chun na seanchaighdeáin a “bhriseadh” trí mhodhanna cóireála nuálacha nua.

1.5.

Chun cur chun feidhme an Phrionsabail gurb é “údar an truaillithe a íocfaidh as” agus inacmhainneacht seirbhísí uisce a áirithiú, tacaíonn CESE go láidir leis an togra maidir le Freagracht Leathnaithe Táirgeora lena gceanglófaí ar tháirgeoirí an costas a bhaineann le micreathruailleáin a eascraíonn as a gcuid táirgí a bhaint den fhuíolluisce a íoc, ach ní mór teorainn dhocht a chur leis na díolúintí ionas go mbeidh an togra éifeachtúil.

1.6.

Má leathnaítear an Treoir chun ceirtleáin ó 1 000 in aghaidh na coibhéise daonra (CD) a chumhdach, ní mór scóip a bheith ann chun réitigh dhíláraithe a aimsiú trí ghléasraí beaga agus aird ar leith á tabhairt ar an bhfeidhmiúlacht.

1.7.

Tá forsceitheadh ó chórais séarachais ina theophointe truailliúcháin, lena n-áirítear géinte frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, micreaphlaistigh agus substaintí tocsaineacha lena gcuirtear an saol uisceach, sláinte an duine agus stádas uiscí áineasa i mbaol. Ba cheart uasteorainn maidir le tarlú feiniméan den tsórt sin a thabhairt isteach leis an Treoir seo agus ba cheart san eolas a chuirtear ar fáil don phobal léargas iomlán a thabhairt ar an ualach truailleán a ghintear leis an bhforsceitheadh. Ba cheart rití chun srutha uirbeacha, i bhfoirm uisce báistí truaillithe (lena n-áirítear sneachta) ón tírdhreach uirbeach, e.g. bóithre, a bhailiú agus a chóireáil i gceart sula scaoiltear isteach in uiscí glactha iad.

1.8.

Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar thimthriall an uisce, agus táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú ar an mbáisteach throm agus ar an triomach. A bhuí le bearta coisctheacha, amhail réitigh ghorma-ghlasa a dhéanann uisce báistí a ghabháil agus a choinneáil, e.g. trí dhíonta glasa nó trí ghairdíní báistí, is féidir an t-ualach ar shéaraigh a laghdú (agus an baol go mbeadh forsceitheadh ó chórais séarachais ann a laghdú) agus is féidir go leor comhthairbhí a bheith ann don tírdhreach uirbeach dá mbarr.

1.9.

Is cúis imní do CESE gur seirbhísí poiblí iad an t-uisce agus an tsláintíocht, ach gur cuideachtaí príobháideacha a sholáthraíonn na seirbhísí sin uaireanta. Ní mór rialacha agus rialúcháin a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú nach seirbhísí brabúis a bheidh sna seirbhísí poiblí agus go ndéanfar ioncaim a infheistiú i gcothabháil agus feabhsú na seirbhísí sin.

1.10.

Cuireann CESE i dtábhacht gur acmhainn ríthábhachtach é an t-uisce ach go bhfuil sé ag éirí níos teirce. Measann dhá thrian de shaoránaigh na hEorpa gur fadhb thromchúiseach í cáilíocht agus/nó cainníocht an uisce ina dtír féin (1). D’fhonn Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6, is í sin, “Rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do chách”, a chur chun feidhme ar bhealach rathúil agus chun géarchéimeanna amach anseo a sheachaint, ní mór aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin go pras. Ba cheart é a bheith ina thosaíocht ag na Ballstáit uile inacmhainneacht uisce a áirithiú.

1.11.

Tá CESE ag iarraidh ar na hinstitiúidí Eorpacha freisin aghaidh a thabhairt ar an uisce mar thosaíocht agus “Comhaontú Gorm don Eoraip” a fhorbairt. Is éard a bheidh sa chomhaontú sin iarracht radacach chun riachtanais a thuar roimh ré, acmhainní uisce a chaomhnú agus na dúshláin ghaolmhara a bhainistiú ar bhealach leordhóthanach trí threochlár cuimsitheach agus comhordaithe ina leagfar síos spriocanna agus gníomhaíochtaí uaillmhianacha atá nasctha le garspriocanna comhaontaithe. Déanfaidh CESE tograí nithiúla maidir le Comhaontú Gorm don Eoraip i gcaitheamh 2023.

2.   An togra ón gCoimisiún

2.1.

Tá sé beartaithe raon feidhme na treorach a leathnú chun ceirtleáin ó 1 000 in aghaidh na coibhéise daonra (CD) a chumhdach, rud a chiallaíonn go mbeidh sé d’oibleagáid ar bhailte beaga fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a chóireáil, agus gur féidir leo maoiniú ón Aontas a lorg chun é sin a dhéanamh. Forbróidh an Coimisiún caighdeáin nua do shaoráidí díláraithe agus beidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar faireacháin agus cigireacht níos fearr ar shaoráidí den sórt sin.

2.2.

Sainaithníodh forsceitheadh ó chórais séarachais agus rití chun srutha uirbeacha mar fhoinsí tábhachtacha fuíolluisce uirbigh neamhchóireáilte atá fágtha agus beidh ar na Ballstáit pleananna comhtháite bainistíochta le haghaidh fuíolluisce uirbeach a bhunú chun truailliú ó na foinsí sin a laghdú. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do bhearta coisctheacha, amhail réitigh ghorma-ghlasa, agus barrfheabhsú na gcóras atá ann cheana trí theicnící digiteacha a úsáid.

2.3.

Chun srian a chur le hastaíochtaí cothaitheach, tabharfar isteach teorainneacha nua maidir le baint nítrigine agus fosfair, mar chéim thosaigh i gcás saoráidí is mó ná 100 000 CD agus ansin i gcás saoráidí meánmhéide is mó ná 10 000 CD i limistéir ina bhfuil an t-eotrófú fós ina chúis bhuartha. Beidh ceanglas ann freisin micreathruailleáin a bhaint de gach gléasra mór agus de gach gléasra meánmhéide ina bhfuil an comhshaol nó sláinte an duine i mbaol. Agus é mar aidhm acu srian a chur leis an ualach substaintí dochóireáilte, rud a chuirfidh leis na féidearthachtaí don chiorclaíocht, tá oibleagáidí nua ar na Ballstáit sceitheadh ábhar tionsclaíoch a chóireáil i séaraigh ag an bhfoinse.

2.4.

Chun costas an uasghrádaithe agus an fhaireacháin riachtanaigh a íoc a ghabhann le micreathruailleáin a bhaint, agus chun forbairt táirgí atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a spreagadh, tabharfar isteach Freagracht Leathnaithe Táirgeora lena gceanglófar ar tháirgeoirí cógaisíochta agus táirgí faoi rialacha cosmaidí an Aontais ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh.

2.5.

Tugadh isteach sprioc nua maidir le neodracht fuinnimh a chur i gcrích in earnáil an fhuíolluisce faoi 2040, rud a chiallaíonn gur cheart an fuinneamh arna thomhailt ag an earnáil ar an leibhéal náisiúnta a bheith coibhéiseach leis an méid fuinnimh in-athnuaite a tháirgeann sí.

2.6.

Leagtar 2040 síos sa togra mar spriocdháta le haghaidh lánchomhlíonadh, chomh maith le spriocdhátaí eatramhacha chun dul chun cinn a áirithiú.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá an t-uisce glan ar cheann de na hacmhainní is luachmhaire dá bhfuil againn, rud atá ríthábhachtach d’fheidhmiú na n-éiceachóras agus na sochaí seo againne agus don ghníomhaíocht shocheacnamaíoch. Braitheann an talmhaíocht, an táirgeadh fuinnimh agus earnáil na turasóireachta go mór ar rochtain a bheith ann ar uisce glan. Aithníonn na Náisiúin Aontaithe i measc a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe an rochtain ar uisce glan agus ar shláintíocht mar bhunriachtanas daonna don tsláinte agus don fholláine (2). Mar sin féin, tá an fionnuisce faoi bhrú ó réimse gníomhaíochtaí, agus táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú ar an mbrú sin de thoradh an athraithe aeráide.

3.2.

Is í an Treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh an príomhphíosa reachtaíochta de chuid an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leis an comhshaol a chosaint ar dhrochthionchair an fhuíolluisce neamhchóireáilte. Tá feabhas mór tagtha ar cháilíocht aibhneacha, lochanna agus fharraigí na hEorpa ón tráth a glacadh í breis agus 30 bliain ó shin, cé nach bhfuil stádas maith fós ag dhá thrian de na dobharlaigh uisce dromchla. Tá córais bhailithe agus gléasraí cóireála fuíolluisce curtha ar bun ag tíortha an Aontais a bhuí le maoiniú ón Aontas. Tá ardleibhéal comhlíontachta leis an Treoir ar fud an Aontais, agus 98 % den fhuíolluisce bailithe agus cóireáil shásúil déanta ar 92 % de, de réir raon feidhme reatha na treorach.

3.3.

D’fhéadfaí de thoradh an athbhreithnithe leanúnaigh an Treoir a thabhairt cothrom le dáta trí aghaidh a thabhairt ar fhoinsí fuíolluisce neamhchóireáilte atá fós ann agus ar thruailleáin nua, chomh maith le feabhas a chur ar na gnéithe den chóireáil fuíolluisce a bhaineann le réimse an fhuinnimh agus leis an ngeilleagar ciorclach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas agus le digitiú na hEorpa. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh ar na hinstitiúidí Eorpacha an fuíolluisce a chur san áireamh i bhfís níos leithne freisin, agus aghaidh a thabhairt ar an uisce mar thosaíocht agus “Comhaontú Gorm don Eoraip” a fhorbairt. Is éard a bheidh sa chomhaontú sin iarracht radacach chun riachtanais a thuar roimh ré, acmhainní uisce a chaomhnú agus na dúshláin ghaolmhara a bhainistiú ar bhealach leordhóthanach trí threochlár cuimsitheach agus comhordaithe ina leagfar síos spriocanna agus gníomhaíochtaí uaillmhianacha atá nasctha le garspriocanna comhaontaithe. Déanfaidh CESE tograí nithiúla maidir le Comhaontú Gorm don Eoraip i gcaitheamh 2023.

3.4.

Tá gá le hinfheistíochtaí móra a dhéanamh in earnáil an uisce. Mheas ECFE gur ghá do gach Ballstát seachas an Ghearmáin a gcuid caiteachais a mhéadú faoi 25 % ar a laghad chun ceanglais na Treorach atá ann cheana a chomhlíonadh (3). Ní chuirtear costas cothabhála na gcóras séarachais san áireamh sa mheastachán seo, áfach. Beidh gá le hinfheistíochtaí breise faoi na rialacha nua agus tá sé ríthábhachtach go leathnófar an maoiniú ó tharaifí uisce agus ón mbuiséad poiblí chun na hearnálacha sin a chuireann le truailliú an fhuíolluisce uirbigh a chur san áireamh freisin d’fhonn an rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a choinneáil inacmhainne do theaghlaigh.

3.5.

Tá costas ag baint le cóireáil fuíolluisce agus teastaíonn ionchur ina comhair i bhfoirm acmhainní agus fuinnimh. Thar aon ní eile, ní mór aghaidh a thabhairt ar an truailliú ag an bhfoinse i gcónaí agus ní mór tosaíocht a thabhairt dó seachas do réitigh ceann píopa. Dá bhrí sin, ba cheart do bhearta beartais srian a chur, a mhéid is féidir, le hastú substaintí díobhálacha isteach sa chomhshaol agus sa tsochaí ar an gcéad dul síos. Feidhmíonn cóireáil fuíolluisce uirbigh mar scagaire deireanach chun uiscí glactha a chosaint agus chun na cuspóirí atá le reachtaíocht uisce an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh tuilleadh sineirge ann le straitéisí forbartha uirbí (Clár Oibre Uirbeach don Aontas, Comhaontú Liúibleána, comhpháirtíochtaí téamacha éagsúla, etc.).

3.6.

Ba cheart tuilleadh dúthrachta a chaitheamh le cumhachtú na saoránach maidir le saincheisteanna a bhaineann le bailiú, cóireáil agus bainistiú fuíolluisce uirbigh. Ba cheart don phobal i gcoitinne a bheith rannpháirteach i bpróisis cóireála fuíolluisce ní hamháin trí fhaisnéis a fháil fúthu, ach freisin trína gcion féin a dhéanamh ina leith: ba cheart sásraí a chur i bhfeidhm i ngach Ballstát le haghaidh na saoránach chun teipeanna a thugtar faoi deara i mbailiú agus/nó cóireáil fuíolluisce uirbigh a thuairisciú agus aird speisialta á tabhairt ar sceitheadh tionsclaíoch neamhdhleathach.

3.7.

Tá deis iontach ag an Eoraip a bheith ina ceannaire sa réimse agus réitigh a sholáthar don earnáil cóireála fuíolluisce, idir theicneolaíochtaí cóireála forbartha agus réitigh fuinnimh. Baineann féidearthacht ó thaobh na nuálaíochta agus na teicneolaíochta de le forbairt na hearnála cóireála agus tá deis ann chun eolas a onnmhairiú agus fiontraithe óga a mhealladh.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Lorg de chuid na sochaí agus toradh ar ár bpatrúin tomhaltais agus táirgthe is ea an fuíolluisce uirbeach. Tá meascán casta de sceitheadh tí i gceist leis, rití chun srutha ó shráideanna agus ó fhoirgnimh agus eisiltigh thionsclaíocha agus eisiltigh eile nach eisiltigh tí iad a dteastaíonn cóireáil chuí ina gcomhair chun nach mbeadh sláinte an duine ná an comhshaol i mbaol ná chun nach mbeadh tionchar acu ar uiscí áineasa. Ba cheart dálaí oibre agus sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe atá rannpháirteach sa chóras fuíolluisce uirbigh a bheith mar phríomhthosaíocht.

4.2.

Leagtar amach sa sprioc fhoriomlán do 2040, agus sna spriocanna eatramhacha, bealach soiléir don chóireáil fuíolluisce don scór bliain atá amach romhainn. Tá tuiscint theoranta againn, áfach, ar na rioscaí don saol uisceach a bhaineann le meascáin de cheimiceáin in uiscí dromchla, agus tagann go leor de na ceimiceáin sin ó tháirgí a úsáidtear inár dtithe féin. Thairis sin, baineann costas ard airgeadais le córais bailithe agus cóireála fuíolluisce a thógáil, a chothabháil agus a oibriú agus is mór é líon na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghintear dá ndeasca. Deis is ea na hathbhreithnithe agus na meastóireachtaí ar phríomhchodanna de na Treoracha maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh agus maidir le Sloda Séarachais chun cleachtaí a nuachóiriú agus a fheabhsú ar fud na hearnála agus chun cuidiú le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach.

4.3.

Murab ionann is riamh, is ábhar imní don tsochaí í an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, agus tá an fuíolluisce uirbeach, bíodh sé cóireáilte nó ná bíodh, ina theophointe chun í a scaipeadh (4). Ní hamháin go gcuirtear leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha le húsáid iomarcach antaibheathach, ach déantar amhlaidh le hoibreáin fhrithmhiocróbacha eile freisin, amhail fungaicídí, oibreáin fhrithvíreasacha, seadáinicídí, chomh maith le roinnt díghalrán agus antaiseipteán, a úsáidtear sa timpeallacht uirbeach go háirithe sna hospidéil. Mura gcuirtear chun gnímh, cuir i gcás, srian a chur le húsáid iomarcach oibreán frithmhiocróbach, réamh-mheastar i bhfoirm rabhadh i dtuarascáil ó na Náisiúin Aontaithe (5) go bhfaighidh 10 milliún duine bás in aghaidh na bliana mar gheall ar ionfhabhtú atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach faoi 2050.

4.4.

Is meán mór iad na rití chun srutha uirbeacha trínar féidir le héilleáin thocsaineacha, éilleáin neamh-bhithdhíghrádaithe agus éilleáin atá ag teacht chun cinn dul isteach in éiceachórais uisceacha, agus áirítear ar na héilleáin sin smionagar plaisteach, hidreacarbóin, glantaigh, hormóin, tuaslagóirí, pataiginí, lotnaidicídí, miotail throma agus nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu (6). In ainneoin iad a bheith truaillithe, is minic a chaitear le rití chun srutha uirbeacha mar a bheadh uisce báistí glan ann mar gheall ar easpa faireacháin agus ní dhéantar iad a chóireáil sula scaoiltear isteach in uiscí glactha iad. Is mór an baol é sin d’éiceachórais; mar shampla, breathnaíodh géarbhásmhaireacht i mbradáin, rud atá nasctha le substaint thocsaineach (6PPD-cuineoin) a fhaightear i mboinn gluaisteán (7).

4.5.

Is teophointe é an forsceitheadh ó chórais séarachais maidir le sceitheadh micreathruailleán, frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (8), micreaphlaisteach agus bruscair isteach in uiscí glactha. Is bagairt é don chomhshaol agus do shláinte an duine, agus d’earnáil na turasóireachta freisin ós rud é go mbíonn sí ag brath ar uiscí áineasa glana. Is féidir an t-ualach uisce báistí sna séaraigh a laghdú trí réitigh ghorma-ghlasa a thabhairt isteach a choinneoidh uisce agus a ligfidh dó insíothlú isteach sa talamh, lena n-áirítear díonta glasa, dromchlaí dothreáite a bhaint agus gairdíní báistí. Ní hamháin gur bealach cost-éifeachtúil iad na réitigh sin chun uisce báistí a choinneáil, ach baineann go leor comhthairbhí leo freisin don tírdhreach uirbeach, lena n-áirítear an baol tuilte a laghdú, oileáin teasa a laghdú, agus an bhithéagsúlacht agus an fholláine a mhéadú sna cathracha. Chun an t-aistriú i dtreo cóireáil séarachais níos éifeachtúla agus i dtreo geilleagar ciorclach a bhaint amach, tá gá le hathruithe ní hamháin ar chineálacha cur chuige rialála agus institiúideacha, ach freisin ar an gcaoi a dtuigimid, mar shaoránaigh, ár bhfreagrachtaí aonair agus comhchoiteanna i leith bhainistiú an tséarachais.

4.6.

Tá CESE i bhfách le pleananna cóireála fuíolluisce uirbigh comhtháite éigeantach a thabhairt isteach agus é mar chuspóir aige sin forsceitheadh ó chórais séarachais agus truailliú ó rití chun srutha uirbeacha a laghdú. Más le dea-rún a cuireadh na pleananna bainistíochta fuíolluisce uirbigh le chéile, tá an baol ann gur droch-chur a bheidh leo toisc ábhar agus cuspóir na bpleananna sin (forsceitheadh ó chomhchórais séarachais a laghdú go 1 % de shreabhadh uisce le linn triomaigh) a bheith táscach. Tá bainistiú cuí uisce báistí ríthábhachtach ní hamháin chun truailliú na n-uiscí glactha a chosc ach chun cathracha a oiriúnú don aeráid atá ag athrú, óir beidh sealanna troma tréana báistí agus tonnta teasa fada ann feasta mar chuid den ghnáthshaol nua, toisc méadú a bheith ag teacht ar theagmhais adhaimsire agus guaiseacha aeráide eile ó thaobh minicíochta agus déine de ar fud na hEorpa.

4.7.

Tá sé léirithe go laghdaíonn an chóireáil ardleibhéil (“ceathartha”) ualach raon leathan substaintí díobhálacha isteach in uiscí glactha (9). Dá bhrí sin, is díol sásaimh na ceangail nua atá ar ghléasraí móra agus meánmhéide áirithe monatóireacht a dhéanamh ar mhicreathruailleáin agus fáil réidh leo. Mar sin féin, ba cheart aird a thabhairt ar an gcostas a bhaineann le teicnící éagsúla, cuir i gcás an t-ózónú nó carbón gníomhachtaithe, agus ar an gcaoi a n-éiríonn leo fáil réidh le micreathruailleáin. Ach maoiniú leordhóthanach a bheith ar fáil le haghaidh T&F na dteicneolaíochtaí nua agus na scéimeanna oideachais atá comhchuibhithe ag an Aontas do bhaill foirne oibríochtúla, is fearr a bheifear in ann truailleáin nua a chosc agus a chóireáil.

4.8.

Céim mhór chun tosaigh don phrionsabal gurb é “údar an truaillithe a íocfaidh as” is ea Freagracht Leathnaithe Táirgeora a thabhairt isteach agus is mór an t-ábhar sásaimh mar fhreagairt é freisin ar an méid a thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dá haire, mar atá gur ar na cáiníocóirí a chuirtear costas an truaillithe fós den chuid is mó (10). Tá sé i gcomhréir freisin le comhtháthú an Phrionsabail réamhráite sa reachtaíocht a bhaineann leis an gcomhshaol, lena dtreisítear an córas dliteanais chomhshaoil ar leibhéal an Aontais, agus lena dtugtar cosaint níos fearr do chistí an Aontais i dtreo nach n-úsáidfear iad chun tionscadail a mhaoiniú ar cheart d’údar an truaillithe féin iad a mhaoiniú.

4.9.

Is fadhb fós é an t-eotrófú san Aontas, agus níos mó ná 30 % d’aibhneacha, lochanna agus uiscí cósta agus 81 % d’uiscí muirí an Aontais thíos leis agus gan mórán dul chun cinn déanta ina leith le deich mbliana anuas (11). Dá bhrí sin, is dearfach an ní é gur tugadh forálacha cothrom le dáta agus go ndearnadh iad a chomhchuibhiú chun a áirithiú go mbeidh ar gach gléasra mór cothaithigh a laghdú faoi 2035, agus go mbeidh ar ghléasraí meánmhéide a sceitheann ábhar isteach i limistéir atá i mbaol eotrófaithe cothaithigh a bhaint faoi 2040. Cé go bhfuil na spriocdhátaí an-uaillmhianach maidir leis na dúshláin agus lena gcur chun feidhme, le hacmhainneacht infheistíochta na hearnála agus le saolré na sócmhainní atá ann cheana, tá ceanglais den sórt sin maidir le cothaithigh a bhaint i bhfeidhm ag go leor Ballstát cheana féin agus is díol sásaimh do CESE an comhchuibhiú atá i bhfeidhm ar fud an Aontais.

4.10.

Sainaithníodh sa mheastóireacht ar an Treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh gur sciar suntasach de na foinsí fuíolluisce neamhchóireáilte atá fágtha iad na ceirtleáin bheaga agus go bhfuil brú á chur acu ar dhobharlaigh (12). Cé go mba dhearfach an rud é dá ndéanfaí tuilleadh fuíolluisce a chóireáil, tá roinnt dúshlán ag baint leis an togra, ós rud é go bhfuil costas suntasach ag baint le píopaí séarachais nua a thógáil i gceantair atá tearc i ndaoine agus gur gá diantacaíocht airgeadais a chur ar fáil ina gcomhair. Ba cheart réitigh dhíláraithe agus córais aonair a fheidhmíonn go maith a chur chun cinn. Le leithris thirime (múiríniú), laghdaítear tomhaltas an uisce óil is gá a úsáid le haghaidh sruthlaithe agus is féidir leo an geilleagar ciorclach a chur chun cinn trí fhaecas an duine a chur ar ais san ithir gan gá a bheith le córais bhailithe, chaidéalaithe agus chóireála atá casta, costasach agus dian ó thaobh fuinnimh de. Tá treoirlínte den sórt sin forbartha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) maidir le hathúsáid shábháilte fuíolluisce, eisfheartha agus uisce léith (13).

4.11.

Is minic a bhíonn sceitheadh ó phíopaí séarachais ina fhoinse fuíolluisce neamhchóireáilte, rud nach ndéantar a thuairisciú agus a dtugtar neamhaird air, cé go gcuireann sé screamhuisce i mbaol. Sin é is cúis le sciar suntasach den ualach truailliúcháin ó chórais uirbeacha ar an gcomhshaol (14). Is dócha go dtiocfaidh méadú ar an bhfadhb de réir mar a rachaidh an líonra séarachais in aois. Tá gá le faireachán agus cainníochtú cuí a dhéanamh ar sceitheadh séarachais agus ba cheart é a áireamh mar cheanglas sa Treoir.

4.12.

Tá méideanna móra fuinnimh de dhíth chun fuíolluisce a chóireáil agus is minic sciar suntasach de bhillí leictreachais na mbardas á chaitheamh ar an gcóireáil. Ag an am céanna, tá cineálacha éagsúla fuinnimh le fáil san fhuíolluisce, lena n-áirítear fuinneamh ceimiceach, cinéiteach agus teirmeach, ar cheart é a bhailiú chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú i gcomhréir le cuspóirí an Aontais. Is dearfach an ní é go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus é mar chuspóir neodracht fuinnimh a bhaint amach don earnáil faoi 2040.

4.13.

Is mór is acmhainn d’earnáil an fhuíolluisce iompú ina monarchana acmhainní. Tá gléasraí cóireála fuíolluisce san Aontas cheana féin atá dearfach ó thaobh fuinnimh de a bhuí le teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, e.g. trí dhíleá anaeróbach sloda séarachais agus úsáid an bhithgháis táirgthe ina dhiaidh sin (15). Is acmhainn di, ina theannta sin, limistéir arna n-úsáid cheana ag na gléasraí cóireála fuíolluisce a chlúdach le gléasraí fótavoltacha, agus ba cheart sin a chur chun cinn.

4.14.

Tá easpa rochtana fós ag 10 milliún duine ar shláintíocht san Aontas Eorpach. Is díol sásaimh, dá bhrí sin, go gcuirfear ceangal leis an togra ar na Ballstáit feabhas a chur ar an rochtain ar shláintíocht, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, lena n-áirítear leithris phoiblí a chur ar fáil saor in aisce faoi 2027. Mar sin féin, ba cheart an ceanglas a neartú trí cheangal a chur ar na Ballstáit rochtain ar shláintíocht a áirithiú do chách ag céim luath den phleanáil uirbeach agus aird a thabhairt ar an inacmhainneacht agus ar ghné shóisialta na seirbhísí uisce. Áirítear leis sin saolré fhada na sócmhainní bailithe agus cóireála fuíolluisce agus an tsolúbthacht atá de dhlúth agus d’inneach iontu maidir le hoiriúnú nó le huasghrádú.

4.15.

D’fhonn inacmhainneacht seirbhísí uisce a bhaint amach, ní mór teorainn dhocht a bheith leis na díolúintí ó na scéimeanna maidir le Freagracht Leathnaithe Táirgeora. Más féidir sin, ba cheart deireadh a chur leis an díolúine do tháirgí a chuirtear ar an margadh, táirgí is lú ná dhá thona in aghaidh na bliana iad, toisc go bhfuil substaintí áirithe an-láidir fiú ar chainníochtaí ísle, agus, ar a laghad, ba cheart a shoiléiriú go dtagraíonn an dá thona do mhargadh an Aontais seachas don leibhéal náisiúnta. Ba cheart a áirithiú freisin go gcumhdaítear miondíoltóirí ar líne leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora.

4.16.

Sciar suntasach de bhillí uisce is ar chostas cóireála fuíolluisce a théann sé, ach níl a lán úsáideoirí uisce ar an eolas faoin tseirbhís a chuireann cóireáil fuíolluisce ar fáil, ná faoin méid cóireála fuíolluisce a dhéantar i gceart ina gceantar féin. Dá bhrí sin, is díol sásaimh an fhoráil nua maidir le faisnéis a thuairisciú don phobal toisc go n-áiritheofaí léi go scaipfí faisnéis atá cothrom le dáta maidir le céatadán an fhuíolluisce a dhéantar a chóireáil (nó nach ndéantar a chóireáil) sa cheantar, chomh maith le hualach na dtruailleán arna sceitheadh ag gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus ag córais aonair agus freisin trí fhorsceitheadh ó chórais séarachais agus rití chun srutha uirbeacha.

An Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Comhlachas Uisce na hEorpa (EWA), Water Manifesto.

(2)  Na Náisiúin Aontaithe, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, Sprioc 6: Rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do chách.

(3)  ECFE, Financing Water Supply, Sanitation and Flood Protection.

(4)  Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, How drug-resistant pathogens in water could spark another pandemic.

(5)  Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Environmental Dimensions of Antimicrobial Resistance.

(6)  Lapointe et al., Sustainable strategies to treat urban runoff needed, Nature Sustainability 5, 2022, lgh. 366-369.

(7)  Tian et al., A ubiquitous tire rubber–derived chemical induces acute mortality in coho salmon, Science, Iml. 371, 2021, lgh. 185-189.

(8)  EAWAG, Monitoring antibiotic resistance in wastewater.

(9)  Wilhelm et al., Does wastewater treatment plant upgrading with activated carbon result in an improvement of fish health? Aquatic Toxicology, Iml. 192, 2017, lgh 184-197.

(10)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil Speisialta Uimh. 12/2021, The Polluter Pays Principle: Inconsistent application across EU environmental policies and actions [An Prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as: Cur i bhfeidhm neamhréireach beartas agus gníomhaíochtaí comhshaoil an Aontais].

(11)  An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil ar chur chun feidhme Threoir 91/676/CEE ón gComhairle.

(12)  An Coimisiún Eorpach, Meastóireacht ar Threoir 91/271/CEE ón gComhairle.

(13)  An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Guidelines for the safe use of wastewater, excreta and greywater.

(14)  Nguyen & Venohr, Harmonised assessment of nutrient pollution from urban systems including losses from sewer exfiltration: a case study in Germany, Environmental Science and Pollution Research, Iml. 28, 2021.

(15)  Féach, mar shampla, Marselisborg WWTP – from wastewater plant to power plant..


27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/41


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce

(COM(2022) 540 final — 2022/0344 (COD))

(2023/C 146/07)

Rapóirtéir:

Arnaud SCHWARTZ

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 19.1.2023

An Chomhairle, 24.1.2023

Bunús dlí

Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

3.2.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

156/01/06

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go láidir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach roinnt truailleáin ríthábhachtacha uisce a chur le liostaí na substaintí tosaíochta le haghaidh uisce dromchla agus screamhuisce, rud a úsáidfear chun stádas ceimiceach a mheas faoin Treoir Réime maidir le hUisce. Beidh ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar a láithreacht san uisce agus a chinntiú nach sárófar caighdeáin cháilíochta. Tá an togra sin roinnt blianta thar téarma agus is díol sásaimh an iarracht chun an measúnú ar stádas ceimiceach uisce a thabhairt cothrom le dáta.

1.2.

Tá CESE á thabhairt le fios gur riachtanas bunúsach na sochaí agus an chomhshaoil é an t-uisce glan, agus is bunriachtanas é freisin le haghaidh gníomhaíochtaí socheacnamaíocha. Rachaidh creat láidir cosanta uisce, lena ndírítear ar thruailliú a laghdú ag an bhfoinse, chun sochair d’éiceachórais, d’úsáideoirí áineasa uisce agus don tionscal, agus áiritheofar gur ann d’uisce óil atá glan agus inacmhainne.

1.3.

Cé go mbaineann costais leis an tionscnamh, mar shampla costas na cóireála fuíolluisce, cuireann CESE i bhfios go láidir gur mó na tairbhí a bhaineann le huisce neamhthruaillithe ná na costais a bhaineann leo, cuir i gcás neamhchosaint ar cheimiceáin dhíobhálacha a sheachaint agus gá níos lú le cóireáil chun caighdeán an uisce óil a bhaint amach. Ach patrúin úsáide substaintí díobhálacha a athrú, d’fhonn a oiread díobh atá san uisce a laghdú, is féidir teacht ar chomhthairbhí freisin, cuir i gcás nach nochtfaí a oiread céanna oibrithe an tionscail agrai-bhia do lotnaidicídí díobhálacha.

1.4.

Ba cheart a thuilleadh a dhéanamh ar son na sláinte agus na sábháilteachta san áit oibre. Iarrann CESE treoirlínte ar leith a fhorbairt do na tionscail ina n-úsáidtear uisce in éineacht le substaintí éagsúla le linn an phróisis táirgthe.

1.5.

Molann CESE do na Ballstáit tuilleadh a dhéanamh chun sonraí uisce a bhailiú, a eagrú agus a léirmhíniú agus chun riachtanais sonraí comhshaoil a chur ar bharr a dtosaíochtaí. Tá sé tábhachtach moilleanna ar shonraí a laghdú agus a áirithiú gur ann do tháscairí ar leith ar fud na mBallstát.

1.6.

De réir na Treorach Réime maidir le hUisce (1), níl stádas ceimiceach maith bainte amach fós i gcás os cionn 60 % d’uiscí an Aontais, ach ní léiriú cruinn ar an scéal ina iomláine an méid sin óir ní chuirtear san áireamh sa mheasúnú a dhéantar i láthair na huaire tionchar na meascán ceimiceán is féidir a bheith ann fiú amháin agus leibhéal “sábháilte” ann ó thaobh na dtruailleán atá san uisce. Ba cheart a thuilleadh a dhéanamh chun an tionchar a imríonn na meascáin substaintí ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a laghdú agus a fhaire.

1.7.

Is ann fós do lotnaidicídí a bhfuil cosc orthu in uiscí na hEorpa. Cuireann CESE i bhfáth gur gá bearta faireacháin a choinneáil i bhfeidhm, lena n-áirítear deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach agus maoluithe, sna Ballstáit siúd a n-aimsítear méid rómhór lotnaidicídí iontu, fiú amháin más substaintí iad a baineadh de liosta na substaintí tosaíochta ag leibhéal an Aontais.

1.8.

Is acmhainn riachtanach é an t-uisce ach is ceann é atá ag éirí níos teirce. Dar le dhá thrian de shaoránaigh na hEorpa, is fadhb thromchúiseach í cáilíocht an uisce nó an méid uisce atá ar fáil ina dtír féin. Má táthar le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6, mar atá rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do gach duine, a chur chun feidhme ina hiomláine agus má táthar le géarchéimeanna eile amach anseo a sheachaint, caithfear aghaidh a thabairt gan mhoill ar na húdair imní sin. Ba cheart go mbeadh sé ina thosaíocht ag na Ballstáit rochtain ar acmhainní, trealamh, agus acmhainní daonna leordhóthanacha a éascú mar aon leis na hinstitiúidí rialála a chomhdhlúthú agus líon na gcigirí rialála a mhéadú. (2)

1.9.

Iarrann CESE freisin ar na hinstitiúidí Eorpacha caitheamh le cúrsaí uisce mar ábhar tosaíochta agus “Comhaontú Gorm don Eoraip” a fhorbairt: iarracht radacach riachtanais a thuar, acmhainní uisce a chaomhnú, agus dúshláin ábhartha a láimhseáil trí bhíthin treochlár cuimsitheach comhordaithe, trí spriocanna uaillmhianacha a leagan síos, agus trí bhearta a dhéanamh de réir garspriocanna comhaontaithe. Cuirfidh CESE tograí nithiúla ar fáil i dtaca le Comhaontú Gorm don Aontas le linn 2023.

2.   Comhthéacs

2.1.

Leis an athbhreithniú ar liostaí na dtruailleán dromchla agus screamhuisce, a cuireadh i láthair sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir lena leasaítear an Treoir Réime maidir le hUisce (TRU), an Treoir maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil (TCCC) agus an Treoir maidir le Screamhuisce (TSU), déantar iarracht aghaidh a thabhairt ar dhá phríomhfhadhb:

Tá liostaí na substaintí tosaíochta neamhiomlán agus as dáta agus ní thugtar leo cosaint leordhóthanach d’éiceachórais ná do shláinte an duine ar rioscaí a bhaineann le truailliú uisce.

Is rómhór an oll-éagsúlacht atá ann ó thaobh na dtruailleán agus na gcaighdeán cáilíochta arna socrú ar an leibhéal náisiúnta de. Tá ualach mór ag baint le tuairisciú sonraí toisc nár cuireadh an córas in oiriúint do theicneolaíocht an lae inniu. Tá an nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar liostaí na substaintí tosaíochta rófhada.

2.2.

Maidir le huisce dromchla, moltar san athbhreithniú 24 shubstaint ar leith (lotnaidicídí, cógais agus ceimiceáin thionsclaíocha) agus grúpa de 24 shubstaint sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS) a chur le liosta na substaintí tosaíochta le haghaidh uisce dromchla chomh maith leis an gcaighdeán cáilíochta comhshaoil a leasú i gcás 16 shubstaint atá liostaithe cheana féin agus deireadh a chur le ceithre shubstaint a mheastar gan bheith ina mbagairt uile-Aontais a thuilleadh. Ina theannta sin, tugtar isteach luach tairsí le haghaidh lotnaidicídí i gcomhréir leis na forálacha maidir le screamhuisce.

2.3.

Maidir le screamhuisce, moltar go gcuirfí grúpa 24 PFAS, dhá antaibheathach agus raon meitibilítí lotnaidicíde le hIarscríbhinn I a ghabhann le TSU, agus tairseacha uile-Aontais ag baint leo. Ina theannta sin, tugtar isteach luach tairsí le haghaidh táirgí cógaisíochta. Cuirtear táirge cógaisíochta amháin le hIarscríbhinn II a ghabhann le TSU, rud a chiallaíonn gur gá do na Ballstáit smaoineamh ar thairseach náisiúnta a shocrú.

2.4.

Forbróidh an Coimisiún modheolaíocht chun faireachán a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh agus ar ghéinte frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh d’fhonn iad a liostú mar thruailleáin amach anseo.

2.5.

D’fhonn faireachán ar thruailleáin screamhuisce a fheabhsú, tá an nós imeachta “liosta faire” éigeantach anois le haghaidh faireachán ar screamhuisce.

2.6.

Rinneadh comhchuibhiú ar na caighdeáin maidir le truailleáin a rialaítear ar leibhéal abhantracha agus áireofar iad sa mheasúnú ar an stádas ceimiceach.

2.7.

Tá sé de dhualgas ar na Ballstáit substaintí éastraigineacha a fhaire trí mheán modhanna éifeachtbhunaithe thar thréimhse dhá bhliain in éineacht leis an ngnáthfhaireachán ceimiceán a dhéantar ar thrí shubstaint eastraigineacha. Leasaítear an sainmhíniú ar chaighdeán cáilíochta comhshaoil in TRU chun truicearluachanna éifeachtbhunaithe a úsáidtear le haghaidh faireachán éifeachtbhunaithe a chur san áireamh.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Breis agus 20 bliain ó glacadh an Treoir Réime maidir le hUisce, tá truailliú uisce fós ina shaincheist go forleathan san Eoraip, agus tionchar diúltach aige sin ar an saol uisceach, ar úsáid áineasa uisce agus ar sholáthar uisce óil. Is ábhar imní don talmhaíocht agus don tionscal é freisin. Níl stádas ceimiceach maith bainte amach fós i gcás dhá thrian de dhobharlaigh dhromchla an Aontais ná an cheathrú cuid de na dobharlaigh screamhuisce inti (3), ach ní chuirtear san áireamh sa mhéid sin ach fothacar beag de na truailleáin arb ann dóibh, rud a fhágann nach léiriú cruinn é ar a dhonacht atá an truailliú uisce.

3.2.

Íocann an tsochaí go daor as truailliú an uisce. Meastar gur fiú EUR 22 bhilliún sa bhliain an costas a bhaineann leis, gan ach an truailliú cothaitheach a chur san áireamh (4). Cé go bhfuil an prionsabal cumhdaithe i gConarthaí an Aontais gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, ní chuirtear chun feidhme i gceart é, rud a fhágann gurb iad na cáiníocóirí a íocann as, den chuid is mó (5). Bíonn praghas mór le híoc as neamhchosaint na ndaoine agus an chomhshaoil ar shubstaintí díobhálacha, agus tá sé costasach uisce éillithe a leigheas agus a chóireáil. Dá bhrí sin, ní mór gach iarracht a dhíriú ar thruailliú a chosc ag an bhfoinse.

3.3.

Aithnítear go forleathan an bhagairt a bhaineann le héifeachtaí manglam ceimiceán ar an saol uisceach agus ar shláinte an duine agus bhí easnaimh an chreata faireacháin agus tuairiscithe atá ann faoi láthair ar cheann de na príomhphointí ar teastaíodh réiteach a fháil orthu san athbhreithniú atá ar bun i gcónaí. Ba cheart torthaí agus moltaí ón lucht eolaíochta, e.g. faoi chuimsiú thionscadail SOLUTIONS agus NORMAN an Aontais, a chur san áireamh.

3.4.

Ba cheart an t-athbhreithniú ar liostaí na dtruailleán dromchla agus screamhuisce a dhéanamh gach ceithre bliana agus sé bliana faoi seach. Tá an t-athbhreithniú atá ar bun faoi láthair thar téarma toisc gur in 2013 agus in 2014 a rinneadh na hathbhreithnithe deireanacha i dtaca le truailleáin dromchla agus screamhuisce faoi seach. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh na substaintí tosaíochta nua ach ina gcuid den mheasúnú ar an stádas ceimiceach sa cheathrú timthriall de na pleananna bainistíochta abhantraí, arb é 2033 an dáta comhlíontachta atá beartaithe lena n-aghaidh. I bhfianaise dhrochstaid cháilíocht uisce na hEorpa, agus ós rud é go bhfuil sé cruthaithe cheana féin gur ábhar imní don uisce ar fud an Aontais iad na substaintí atá beartaithe, molann CESE go láidir go ndéanfaí bearta gan mhoill chun tiúchan na dtruailleán sin agus na dtruailleán eile in uiscí uile an Aontais a laghdú. Ní mór don Aontas an eolaíocht is déanaí i dtaca le truailliú an uisce a chur san áireamh ar bhonn níos tapa agus beart dlí agus réitigh a dhéanamh di. Rud riachtanach eile is ea an rochtain ar an gceartas ó thaobh saincheisteanna comhshaoil de. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas nósanna imeachta breithiúnacha agus riaracháin atá éifeachtúil agus tapa a áirithiú (6).

3.5.

Tacaíonn CESE le truailleáin nua a chur le liosta na substaintí tosaíochta le haghaidh uisce dromchla agus screamhuisce. Leis na liostaí sin, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit, ní hamháin scaoileadh na substaintí sin isteach sa timpeallacht a laghdú ach bearta a bhaineann le treoracha eile a chur i bhfeidhm freisin (7). Mar sin féin, mura bhfuil na liostaí sin cothrom le dáta nó má tá siad róchúng, is féidir go mbeidh teorainn leis an ngníomhaíocht chomhshaoil. Ar an dóigh chéanna, is ar bhonn substaintí aonair a cuireadh na truailleáin leis na liostaí sin den chuid is mó, gan éifeachtaí na meascán ceimiceán a chur san áireamh.

3.6.

Is díol sásaimh do CESE gur cuireadh PFAS leis mar ghrúpa de 24 shubstaint a bhfuil luach tairsí ag baint leo mar ghrúpa, agus is díol sásaimh dó freisin gur tugadh isteach luach tairsí le haghaidh lotnaidicídí in uisce dromchla agus luach tairsí le haghaidh táirgí cógaisíochta i screamhuisce. Cé go bhféadfadh roinnt de na luachanna tairsí sin a bheith ró-ard le bheith cosantach, tá sé sin i gcomhréir le huaillmhian na Straitéise Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht substaintí a rialáil mar ghrúpa. Mar sin féin, ba cheart a leithéid de luachanna tairsí a fhorbairt freisin le haghaidh grúpaí substaintí eile, lena n-áirítear substaintí bisfeanóil, pireatróide agus neoinicitínóidigh.

3.7.

Fiú má chuirtear cosc ar lotnaidicídí, is féidir gur ann dóibh i gcónaí sa timpeallacht, mar a mbíonn siad ina mbagairt ar an saol uisceach agus ar shláinte an duine, de dheasca eisceachtaí dleathacha, úsáid neamhdhleathach, nó toisc gur substaintí iad ar deacair iad a dhíghrádú. Formhór mór na lotnaidicídí a bhraitear in uisce i gcuid de na Ballstáit, ní lotnaidicídí údaraithe iad, lena n-áirítear an déchlóraidhéfheiniltríchlóireatán (DDT), an liondán, an t-atraisín, agus an t-ionsulfán (8). Tá sé ríthábhachtach go leanfar den fhaireachán agus de na hiarrachtaí a mhéad arb ann dóibh a laghdú.

3.8.

Moltar freisin Airteagal 16 de TRU a scriosadh ós rud é go bhfuil sé imithe i léig. Níl an méid sin ceart ach i bpáirt, áfach, toisc go gcuirfí deireadh leis an spriocdháta 20 bliain chun substaintí guaiseacha tosaíochta a chéimniú amach de réir a chéile mar thoradh ar an scriosadh. Níl an oibleagáid maidir le céimniú amach, arb í ceann de phríomhchuspóirí TRU í, infhorfheidhmithe ach amháin má tá sí nasctha le sprioc-am soiléir. Tá neamhaird á tabhairt go forleathan faoi TRU atá ann cheana ar an oibleagáid céimniú amach a dhéanamh; dá laghad a nithiúlacht is ea is mó a dhéanfaidh na húdaráis iarracht neamhaird a thabhairt uirthi. Bheadh lagú tromchúiseach i gceist leis sin.

3.9.

Agus an cur chuige “aon substaint amháin, aon mheasúnú amháin” faoin Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht á lua sa togra, sanntar leis ról lárnach don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) chun tacar freagrachtaí a ghlacadh ar láimh ó AS ENVI agus ó JRC maidir le truailleáin uisce agus na caighdeáin cháilíochta a bhaineann leo a shainaithint. Ós rud é go mbaineann ECHA den chuid is mó le ceimiceáin arna rialú faoin Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH), rud nach bhfuil lotnaidicídí ná táirgí cógaisíochta san áireamh ann, iarrann CESE ar ECHA a acmhainn dlí agus theicniúil a neartú i dtaca le cógais agus lotnaidicídí lena chur ar a chumas tabhairt faoina chúraimí nua. Molann CESE do ECHA freisin dul i gcomhar sa chomhthéacs sin le comhpháirtithe cumasacha, lena n-áirítear ag an leibhéal réigiúnach, cuir i gcás ollscoileanna agus saotharlanna na n-ollscoileanna.

3.10.

Ba cheart a thuilleadh a dhéanamh ar son na sláinte agus na sábháilteachta san áit oibre, cuir i gcás san earnáil agrai-bhia. I dtaca leis sin, iarrann CESE treoirlínte ar leith a fhorbairt do na tionscail ina n-úsáidtear uisce in éineacht le substaintí éagsúla le linn an phróisis táirgthe.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Is díol sásaimh do CESE gur cheart go ndéanfaí sonraí faireacháin agus an stádas a eascraíonn astu a chur ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus don phobal uair sa bhliain ar a laghad, seachas gach sé bliana, mar a rinneadh roimhe seo. Tabharfaidh sé sin léargas níos cothroime ar staid uiscí na hEorpa agus ar an dul chun cinn i dtreo sprioc TRU a bhaint amach.

4.2.

Is díol sásaimh do CESE an fhoráil maidir le modhanna éifeachtbhunaithe a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí éastraigineacha. Gabhfar leis seo éifeacht na substaintí éastraigineacha a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna acu agus ní hamháin ó na trí shubstaint éastraigineacha a ndéantar monatóireacht orthu, agus úsáid á baint as na gnáth-theicnící i dtaca le ceimiceáin. Cé go bhfágann truicearluachanna a bheith san áireamh sa shainmhíniú ar chaighdeán cáilíochta comhshaoil go bhféadfaí faireachán éifeachtbhunaithe ar éifeachtaí meascán a thabhairt isteach san fhaireachán a dhéanfar amach anseo ar stádas ceimiceach, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a chur ar aghaidh chun a cheangal go mbainfí úsáid bhreise as fhaireachán éifeachtbhunaithe.

4.3.

Socraíodh na caighdeáin cháilíochta le haghaidh gliofosáite sula n-eiseofar an tuairim chríochnaitheach ón gCoiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte, Comhshaoil agus Rioscaí atá ag Teacht Chun Cinn (SCHEER), gan aon léiriú go ndéanfar iad a athbhreithniú tar éis na tuairime eolaíche deiridh, rud a chiallaíonn nach bhfuil ionchur ón tsochaí shibhialta i gcomhairliúchán SCHEER á chur san áireamh. Ba cheart do SCHEER freisin barúlacha na sochaí sibhialta (9) a chur san áireamh maidir leis an tuairim deiridh sin. Tá am ann go fóill óir tá próiseas athbhreithnithe na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil maidir leis an ngliofosáit ar bun i gcónaí, mar a cheanglaítear de réir na Treorach Réime maidir le hUisce. Ba cheart dó sin a bheith ina bhunús leis an togra ón gCoimisiún maidir le luachanna tairsí a bhunú le haghaidh uiscí dromchla.

4.4.

Measann CESE nár cheart aon chaighdeán cáilíochta comhshaoil ar leith a bheith níos airde ná paraiméadar “iomlán” na lotnaidicídí atá beartaithe (0,5 μg/L) (10). Dá bhrí sin, níor cheart leas a bhaint as an gcaighdeán cáilíochta comhshaoil atá beartaithe maidir le huiscí dromchla intíre nach n-úsáidtear le haghaidh astarraingt uisce óil (86,7 μg/L). Ina áit sin, arna bhunú ar chur chuige an réamhchúraim, molann CESE an caighdeán cáilíochta comhshaoil atá beartaithe maidir le huiscí dromchla a úsáidtear le haghaidh astarraingt uisce óil (0,1 μg/L) a úsáid i gcás an uisce dromchla intíre uile. Dá thoradh sin, ba cheart an caighdeán cáilíochta comhshaoil maidir le “uiscí dromchla eile” a leasú go 0,01 μg/L, i gcomhréir leis an gcleachtas tairseach atá ord méadaíochta amháin níos lú ná “uiscí dromchla intíre” a leagan síos le haghaidh “uiscí dromchla eile”.

4.5.

Is ar arbh fhéidir a dhéanamh ó thaobh anailíse de le teicnící na 1990í atá tairseach aonair na lotnaidicídí sa screamhuisce bunaithe (11). Tá dul chun cinn teicniúil déanta ó shin agus is féidir tiúchain níos ísle a bhrath anois. Maidir le huisce dromchla, tá luachanna tairsí níos ísle leagtha síos ina leith cheana féin i gcás roinnt lotnaidicídí. Is oth le CESE nár athbhreithnigh an Coimisiún an luach tairsí aonair le haghaidh lotnaidicídí san athbhreithniú ar thruailleáin dromchla agus screamhuisce. Ó thaobh an screamhuisce de, cuirtear tairseach threallach 0,1 μg/L i bhfeidhm maidir le táirgí cosanta plandaí, rud atá bunaithe ar theicnící anailíseacha. Is ann anois do theicnící níos fearr lena gcuirtear faisnéis eolaíochta ar fáil a fhágann gur féidir tairsí a leagan síos atá bunaithe ar an riosca iarbhír a bhaineann le substaintí éagsúla.

4.6.

Tá easpa táscairí ann i gcónaí chun faireachán a dhéanamh ar shláinte na gcóras screamhuisce, amhail teocht, in ainneoin go gcuirtear maoiniú láidir ar fáil ag an eolaíocht cheana féin chun critéir ábhartha a bhunú. Tá CESE in amhras faoin gcúis nár chuir an Coimisiún na critéir ábhartha sin san áireamh ina thogra. Ba cheart na critéir sin a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann le TSU i gcomhréir le haithris 20 agus Airteagal 4(5) de TSU agus ba cheart iad a bheith ag teacht leis na hiarrataí a bhaineann le screamhuisce atá sa rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an reachtaíocht uisce a chur chun feidhme (17.12.2020).

An Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, Tuarascáil Uimh. 7/2018, European waters: Assessment of status and pressures 2018.

(2)  Cumann Uisce na hEorpa, Water Manifesto.

(3)  An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, Tuarascáil Uimh. 9/2021, Drivers of and pressures arising from selected key water management challenges: A European overview.

(4)  An Coimisiún Eorpach, Green taxation and other economic instruments — Internalising environmental costs to make the polluter pay.

(5)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil Speisialta Uimh. 12/2021, The Polluter Pays Principle: Inconsistent application across EU environmental policies and actions.

(6)  Tuairim CESE maidir le Application of the Aarhus Convention – Access to Justice in Environmental Matters [Cur i bhfeidhm Choinbhinsiún Aarhus — Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil] (níl leagan Gaeilge ann), IO C 123, 9.4.2021, lch. 66

(7)  Mar shampla, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na húdaruithe faoi chuimsiú an Rialacháin maidir le Táirgí Cosanta Plandaí (Rialachán TCP) i gcás ina bhfuil an stádas ceimiceach i mbaol.

(8)  PAN Eoraip agus Ecologistas en Acción, Ríos hormonados: Contamination of Spanish Rivers with Pesticides.

(9)  Joint NGO analysis of the Commission’s proposal for a revised list of priority substances for surface and groundwater [Anailís chomhpháirteach ENR ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh liosta athbhreithnithe truailleán uisce dromchla agus screamhuisce].

(10)  COM(2022)540, Iarscríbhinn I.

(11)  Féach an méid a chuir an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in iúl sna Treoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar bhagairt na dtáirgí íocshláinte tréidliachta sa screamhuisce ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine agus i dTuarascáil Uimh. 1/2020 ón Lárionad Téamach Eorpach maidir le hUiscí Intíre, Cósta, agus Mara dar teideal Pesticides in European rivers, lakes and groundwater – Data assessment.


27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/46


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip

(COM(2022) 542 final — 2022/0347 (COD))

(2023/C 146/08)

Rapóirtéir:

Kęstutis KUPŠYS

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 19.1.2023

An Chomhairle, 24.1.2023

Bunús dlí

Airteagal 192 (1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

3.2.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

145/9/12

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Ceart bunúsach de chuid an duine é an t-aer glan agus, más ea, is díol mór sásaimh do CESE an togra le haghaidh athbhreithniú ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. Molann CESE caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir (lena n-áirítear na teorainnluachanna a bhaineann leis an ózón) a ailíniú go hiomlán, faoi 2030 ar a dhéanaí, le Treoirlínte nuashonraithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le Cáilíocht an Aeir, chomh maith le sainmhíniú a dhéanamh ar céard is creat láidir cumasúcháin ann, bunaithe ar theorainnluachanna, ar shásraí forfheidhmiúcháin agus ar rialacha soiléire bainistíochta. Baineann comhthairbhí móra leis an truailliú aeir a laghdú a mhéid a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide, leis an tslándáil fuinnimh agus leis an mbithéagsúlacht agus fágann sé gurb athléimní na pobail in aimsirí paindéime.

1.2.

Is díol sásaimh do CESE an cur chuige a ghlac an Coimisiún chun díriú ar an gcóimheas “costais agus tairbhe” ach is oth leis go meastar gurb é an cóimheas sin, seachas a mhéad cosanta is féidir do shaol agus do shláinte an duine, an táscaire is tábhachtaí atá le cur san áireamh san athbhreithniú sin. Fágann sé sin gurb é “ailíniú níos dlúithe” seachas “ailíniú iomlán” an rogha beartais is fearr. Diomaite de dhé-ocsaíd nítrigine, tá an chuma ar an scéal go bhfuiltear ag féachaint leis an togra a ailíniú le Treoirlínte EDS ó 2005 seachas na Treoirlínte a foilsíodh i mí Meán Fómhair 2021, arb iad na cinn is déanaí uaidh.

1.3.

Tagann caighdeáin aeir ghlain faoin aon chreat dlíthiúil amháin, ach is faoi shainchúram pacáistí reachtacha eile atá sé astaíochtaí a laghdú. Tá CESE deimhin de go ndéanfar gníomhaíochtaí misniúla ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil de bhua na dteorainneacha agus na rialacha faoi na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh, anuas ar na bearta éifeachtacha earnála.

1.4.

Ba cheart do na saoránaigh dul i mbun gnímh chomh maith agus foghlaim faoin tionchar a bhíonn ag a stíl mhaireachtála, a ngníomhaíochtaí agus a bpatrúin tomhaltais ar leibhéil an truaillithe. Dá mhéad eolais atá ar dhaoine is ea is mó a bhíonn siad spreagtha dul i mbun gnímh agus is ea is fusa athrú iompraíochta fadtéarmach a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá sé á iarraidh ag CESE go méadófaí an cistiú do thionscadail eolaíochta na saoránach, cinn a bhaineann le truailliú faoin gclár Fís Eorpach.

1.5.

Tacaíonn CESE go mór leis an gceart chun cúitimh do dhaoine a ndearnadh dochar dá sláinte mar gheall ar an truailliú aeir. Tacaíonn sé freisin le pionóis do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha laistigh de na Ballstáit a sháraíonn na rialacha.

2.   Cúlra

2.1.

Is é truailliú an aeir chomhthimpeallaigh (an t-aer lasmuigh) an phríomhchúis, ó thaobh an chomhshaoil de, le tionchair ar an tsláinte san Aontas agus é ina chúis le breis agus 300 000 bás anabaí in aghaidh na bliana, de réir meastachán (1). Dar le EDS go meastar gurb é an truailliú aeir sna cathracha agus i gceantair thuaithe araon is cúis le 4,2 milliún bás anabaí ar fud an domhain in aghaidh na bliana (2). Toradh na n-éifeachtaí carnacha a bhaineann leis an truailliú aeir ar an tsláinte phoiblí is ea é sin. Mar shampla, eascraíonn an-chuid fadhbanna sláinte, galair chardashoithíocha, galair riospráide agus ailsí ina measc, as nochtadh do mhínábhar cáithníneach (PM) ar trastomhas 2,5 miocróin nó níos lú (PM2,5). Mar aon leis sin, déantar dochar dár dtimpeallacht mar gheall ar an truailliú aeir, agus é ina chúis leis an aigéadú, an t-eotrófú agus caillteanais barr.

2.2.

Tuairiscítear sáruithe ar na teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir go fada fairsing san Aontas (3), le leibhéil tiúchana atá i bhfad os cionn na moltaí is déanaí ó EDS (4).

2.3.

Sna Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip agus Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le harsanaic, caidmiam, mearcair (Hg), nicil agus hidreacarbóin aramatacha il-timthriallacha san aer comhthimpeallach), leagtar síos rialacha maidir le bainistiú truaillithe aeir agus caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir i dtaobh 12 thruailleán aeir: dé-ocsaíd sulfair (SO2), dé-ocsaíd nítrigine (NO2)/ocsaídí nítrigine (NOx), ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), ózón (O3), beinséin (C6H6), luaidhe (Pb), aonocsaíd charbóin (CO), arsanaic (As), caidmiam (Cd), nicil (Ni), agus beinsi[a]piréin (C20H12).

2.4.

Baineadh de thátal as an tSeiceáil Oiriúnachta (7) go gcabhraíonn na Treoracha reatha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh leis an truailliú aeir a laghdú. Tá laghdú 70 % tagtha ar líon na mbásanna luatha mar gheall ar an truailliú aeir i gcomparáid leis na 1990idí. Mar sin féin, tá an iomarca truaillithe san aer comhthimpeallach ar an mór-roinn seo againne fós, rud a dhéanann dochar do shláinte an duine agus don chomhshaol.

2.5.

Ó thaobh an dochair a dhéanann siad do shláinte an duine, is iad PM2,5, NO2 agus an t-ózón trópaisféarach na truailleáin a bhfuil an tionchar is mó acu san Eoraip. Teastaíonn ón Aontas Eorpach truailliú nialasach a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, ag teacht leis na hiarrachtaí arna ndéanamh ó thaobh na haeráidneodrachta de. Idir an dá linn, is é is aidhm, inter alia, don athbhreithniú reatha ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh:

caighdeáin níos déine maidir le cáilíocht an aeir a thabhairt isteach a mbeadh ailíniú níos dlúithe eatarthu le Treoirlínte nua EDS;

tacú leis an gceart chun aeir ghlain agus rochtain ar cheartas a fheabhsú;

pionóis agus córais chúitimh níos éifeachtaí a bhunú i gcomhair cásanna ina sáraítear na rialacha maidir le cáilíocht an aeir;

neartú a dhéanamh ar na rialacha maidir le faireachán ar cháilíocht an aeir agus samhaltú chun tacú le gníomhaíocht choisctheach agus le bearta spriocdhírithe;

soiléiriú a thabhairt ar na ceanglais chun pleananna dleathacha éifeachtacha um cháilíocht an aeir a shainiú, a ghlacadh agus a chur chun feidhme, le féachaint chuige nach ndéanfar aon sárú ar an reachtaíocht nó go leigheasfar sárú más ann dó;

rochtain ar fhaisnéis phoiblí a fheabhsú agus cur le cáilíocht na faisnéise sin.

3.   Barúlacha ginearálta

Ar chosán an truaillithe nialasaigh

3.1.

Is ceart bunúsach de chuid an duine é an ceart chun aeir ghlain, agus aitheantas idirnáisiúnta ann dó (8). Ina fhianaise sin, is díol mór sásaimh do CESE an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. Chonacthas gur príomhuirlis bhunúsach í reachtaíocht an Aontais maidir le cáilíocht an aeir chun laghdú ar an truailliú aeir san Aontas a thiomáint chun tosaigh.

3.2.

Rogha pholaitiúil is ea a mhéid atá caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir ailínithe leis na Treoirlínte is déanaí ó EDS, rogha atá ag brath ar na huaillmhianta atá ar leibhéal na stát agus ar leibhéal na gcathracha. Rinne an Coimisiún scrúdú ar thrí chás (agus ar na trí rogha beartais chomhfhreagracha) agus rinne sé cur síos orthu sa Mheasúnú Tionchair (9) uaidh. Is rogha pholaitiúil atá i gceist sna cásanna sin, seachas ceann atá bunaithe ar an eolaíocht amháin. Rinneadh na trí rogha a idirdhealú óna chéile ar bhonn trí leibhéal uaillmhéine: ailíniú iomlán (I-1), ailíniú níos dlúithe (I-2) agus ailíniú páirteach (I-3).

3.3.

Is díol sásaimh do CESE an cur chuige a ghlac an Coimisiún chun díriú ar an gcóimheas “costais agus tairbhe” ach is oth leis go meastar gurb é an cóimheas sin, seachas a mhéad cosanta is féidir do shaol agus do shláinte an duine, an táscaire is tábhachtaí atá le cur san áireamh san athbhreithniú sin. Fágann sé sin go bhfuil claonadh ann i dtreo rogha beartais I-2, i.e. ailíniú níos dlúithe. Diomaite de NO2, is cinnte go bhfuiltear ag féachaint leis an togra a ailíniú le Treoirlínte EDS ó 2005, seachas leis na Treoirlínte nua uaidh a foilsíodh in 2021.

3.4.

Tá CESE ag moladh go ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn agus an t-athbhreithniú ar na spriocanna a luaithe is féidir d’fhonn caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú go hiomlán le Treoirlínte nuashonraithe EDS faoi 2030 ar a dhéanaí. Ba cheart creat láidir cumasúcháin a bheith ann taobh leis an ailíniú sin, ag brath ar theorainnluachanna, ar shásraí forfheidhmiúcháin agus ar rialacha soiléire bainistíochta.

Teorainneacha an togra reatha

3.5.

Ar an drochuair, níl caighdeáin reatha an Aontais maidir le cáilíocht an aeir á gcomhlíonadh i bhformhór na mBallstát agus níl gníomhaíocht éifeachtach á déanamh acu chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, rud a tháinig chun léire i roinnt nósanna imeachta atá ar bun faoi láthair maidir le sárú. Mar sin, ní hamháin go rabhthas ag súil leis go socrófaí an leibhéal ceart uaillmhéine leis an athbhreithniú, i gcomhréir leis an eolaíocht d’fhonn tionscnaimh níos cinntithí a spreagadh, ach bhíothas den tuairim go bhfeabhsófaí na rialacha cur chun feidhme agus forfheidhmithe leis chomh maith, d’fhonn cabhrú níos mó leis na Ballstáit agus leis na húdaráis inniúla agus treoir a thabhairt dóibh.

3.6.

Tá CESE ag iarraidh go mbainfear aon bhealaí éalaithe a d’fhéadfadh a bheith sa reachtaíocht a bhaineann le sláinte an duine agus le cosaint an chomhshaoil. Tá rialacha in Airteagail 16 agus 17 ar dar leo is féidir leathadh gainimh/salainn sa gheimhreadh agus foinsí nádúrtha truaillithe aeir a eisiamh ón oibleagáid maidir le comhlíonadh. De réir mar a fheiceann CESE é, tá an cur chuige sin ag teacht salach ar chuspóirí na reachtaíochta. Meascann foinsí nádúrtha agus foinsí de dhéantús an duine le chéile, rud a fhágann gur mó éifeacht na dtruailleán. A fhad a leanfaimid orainn ag tabhairt cluas bhodhar d’fhoinsí nádúrtha truaillithe aeir, beidh saol na ndaoine i mbaol.

3.7.

Ar an gcaoi chéanna, foráiltear in Airteagal 29 go mbunóidh gach Ballstát pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i dtaobh daoine nádúrtha nó dlítheanacha laistigh de na Ballstáit a sháraíonn na rialacha. Is céim chun tosaigh é sin a dtacaíonn CESE go mór leis óir tá sé thar a bheith tábhachtach córas maith smachtbhannaí a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíonadh, i dteannta na bhforálacha in Airteagal 28 maidir leis an gceart chun cúitimh do dhaoine a ndearnadh dochar, dá laghad é, dá sláinte i ngeall ar an truailliú aeir. Tá sé á iarraidh ag CESE go mbunófaí nasc soiléir lánréasúnach idir an fhoinse thrualliúcháin agus an truaillitheoir. Leis sin, shoiléireofaí na freagrachtaí agus na pionóis a bhaineann leo. Tá sé á éileamh ag CESE chomh maith soiléiriú níos mine a dhéanamh ar na forálacha maidir le pleananna um cháilíocht an aeir agus ar na leigheasanna (lena n-áirítear pionóis airgeadais) a bhaineann le cásanna nach mbaintear na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir amach roimh an spriocdháta.

3.8.

Ba cheart béim ar leith a chur ar an ózón. De réir mheastachán na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA), is é nochtadh don ózón is cúis le 24 000 bás anabaí in aghaidh na bliana (10). Truailleán is ea an t-ózón nach n-astaíonn go díreach ó fhoinsí príomhúla. Cruthaítear é trí shraith imoibrithe casta san atmaisféar a tharlaíonn nuair a aistrítear fuinneamh go móilíní dé-ocsaíde nítrigine tar éis dóibh solas ó radaíocht na gréine a ionsuí (11). Is maith a shainaithnítear na héifeachtaí atá ag an ózón trópaisféarach (ózón “tocsaineach”) ar an tsláinte: léiríodh i dtaighde eipidéimeolaíochta a rinneadh le déanaí go bhfuil baint ag nochtadh don ózón le ráta níos airde básmhaireachta agus galrachta (12) agus le damáiste tromchúiseach don dúlra agus do bharra chomh maith. Níl aon ghníomhaíochtaí éifeachtacha i bhfeidhm go fóill chun laghdú a dhéanamh go pras ar astaíochtaí réamhtheachtaithe ózóin amhail an meatán, in ainneoin phlean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le meatán a foilsíodh le déanaí faoin nGealltanas Domhanda maidir le Meatán. Mar sin féin, is díol sásaimh do CESE an rún chun breathnú a dhéanamh, i rith an athbhreithnithe in 2025 ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, ar a fhéideartha atá sé an meatán a chur le liosta na dtruailleán a ndéantar rialáil orthu.

3.9.

In Airteagal 13, tá sé á mholadh ag an gCoimisiún beagnach gach truailleán aeir atá faoi réir “spriocluachanna” faoi láthair a iompú ina “teorainnluachanna”, cé is moite den ózón, nach gclúdaítear ach faoi “spriocluachanna” fós. Tá údar leis an díolúine sin i bhfianaise na saintréithe casta a bhaineann lena chruthú san atmaisféar a fhágann gur casta measúnú a dhéanamh ar a fhéideartha atá sé na teorainnluachanna dochta a chomhlíonadh.

3.10.

Tá CESE den tuairim nach leor na spriocluachanna chun na Ballstáit agus na húdaráis inniúla a dhreasú an t-ózón trópaisféarach a laghdú — arb é sin ceann de na trí thruailleán is tromchúisí. Is ann do réitigh chun an t-ózón tocsaineach a laghdú. Ach laghdú a dhéanamh ar réamhtheachtaithe ózóin amhail NO2, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (CSOnna) neamh-mheatáin agus astaíochtaí meatáin, laghdófaí tiúchain ózóin tuilleadh. Feabhas a chur ar na caighdeáin maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí, laghdú a dhéanamh nó cosc a chur ar úsáid tuaslagóirí, péinteanna nó spraeirí a bhfuil cion ard CSOnna iontu, agus laghdú a dhéanamh go héifeachtach ar astaíochtaí meatáin ó fhuinneamh, ó dhramhaíl agus ón talmhaíocht (an phríomhchúis le meatán), is bealaí éifeachtúla iad sin chun an t-ózón trópaisféarach a laghdú. Ba cheart leas iomlán a bhaint as na huirlisí sin a bhfuiltear ar an eolas fúthu. Tá sé á mholadh ag CESE caighdeáin an Aontais maidir leis an ózón a ailíniú go hiomlán, trí theorainnluach, le Treoirlínte EDS maidir le Cáilíocht an Aeir ó 2021.

3.11.

Anuas ar an togra ón gCoimisiún, ba cheart breis stáisiúin faireacháin i dtaobh cáithníní sármhíne, an charbóin dhuibh agus na hamóinia a thabhairt isteach. Ní leor an dlús atá molta chun cabhrú leis an staidéar eipidéimeolaíochta a fhorbairt. Ní mór na stáisiúin faireacháin a phleanáil ar bhealach a d’fhágfadh go mbeadh sonraí leormhaithe ag na stáisiúin sin leis na húdaráis áitiúla sláinte a chur ar an eolas ar bhonn iomchuí faoi na rioscaí don tsláinte a bhaineann leis an truailliú ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear na truailleáin atá ag teacht chun cinn ar ábhar imní iad, go háirithe i dtaca le daonraí leochaileacha agus ceantair a bhfuil an-truailliú iontu.

Bearta earnáilsonracha

3.12.

Maidir le hAirteagal 10 den togra, tá sé á mholadh ag CESE gur cheart do gach Ballstát aon “sárláithreán” amháin ar a laghad a bhunú in aghaidh gach cathrach a bhfuil líon is mó ná 250 000 áitritheoir inti ag cúlsuíomh uirbeach. Ní mór do na Ballstáit sin nach bhfuil líon is mó ná 250 000 áitritheoir in aon chathair dá chuid “sárláithreán” faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh tuaithe.

3.13.

Le cois treoir a bhaineann le réimse an leighis amháin, tá sé á mholadh ag EDS go gcosnófaí an dúlra agus go gcaomhnófaí an t-aer glan, agus go ndéanfaí infheistíocht freisin san fhuinneamh glan d’fhonn aistriú fuinnimh tapa agus sláintiúil a áirithiú, rud a mbainfeadh comhthairbhí leis sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide chomh maith. Tá sé á mholadh ag EDS freisin cathracha sláintiúla ináitrithe a thógáil. Mar shampla, soghluaisteacht níos glaine agus níos gníomhaí (i.e. an t-iompar poiblí, an rothaíocht agus an tsiúl) a chur chun cinn, gan airgead an cháiníocóra a úsáid a thuilleadh chun breoslaí iontaise, ar truailleáin aeir iad, a fhóirdheonú, agus aistí bia sláintiúla a chur chun cinn.

3.14.

Ba cheart na pointí gníomhaíochta sin a úsáid mar threoir do chinnteoireacht na hEorpa chomh maith. Ba cheart an Comhaontú Glas don Eoraip agus na tionscnaimh ábhartha a bhfuil raon feidhme chomh leathan acu le leithéidí an phacáiste “Oiriúnach do 55” nó REPowerEU a ghlacadh agus a chur chun feidhme d’fhonn an tsláinte phoiblí agus an comhshaol a chosaint (13) agus ar mhaithe le haird chuí a thabhairt ar an athrú aeráide (i.e. é a mhaolú agus oiriúnú dó), ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus ar chúrsaí geopholaitiúla.

3.15.

Ina fhianaise sin, feictear do CESE go bhféadfaí an togra a fheabhsú tuilleadh. Is é laige fhollasach an togra ón gCoimisiún nach bhfuil sé uaillmhianach a dhóthain dul thar a bhfuil indéanta sa lá atá inniu ann i ndáiríre. Is é sin le rá go ndéantar tionchair gníomhaíochtaí beartais a shamhaltú bunaithe ar na laghduithe is mó a d’fhéadfaí a bhaint amach i ndáiríre agus go ndéantar neamart san acmhainneacht atá ann fiú sa chás bunlíne. Go deimhin, b’fhusa aer níos glaine a sholáthar dá mbeadh breis reachtaíocht láidir earnála ann (e.g. sa chóras iompair, sa chóras téimh i dtithe agus san earnáil agrai-bhia), mar shampla:

rialáil a dhéanamh ar gach truailleán a dhéanann dochar do shláinte an duine, don chomhshaol agus don aeráid;

teorainneacha diana astaíochtaí a bhunú i dtaobh sorn agus coirí, mar chuid den athbhreithniú ar na caighdeáin éicidhearthóireachta;

a áirithiú go bhfuil a cion féin á dhéanamh ag an earnáil agrai-bhia maidir le baint amach na leibhéal faoi Threoirlínte EDS faoi 2030 chomh maith, go háirithe ó thaobh astaíochtaí amóinia agus meatáin a laghdú;

an t-iompar poiblí a chur chun cinn agus úsáid gluaisteán pearsanta a dhídhreasú;

teorainneacha an Aontais maidir le hastaíochtaí feithiclí a laghdú go dtí an leibhéal is ísle is féidir (agus dul i mbun gnímh a luaithe is féidir), agus deireadh á chur de réir a chéile le hinnill dócháin inmheánaigh san am céanna;

tástáil, formheas agus deimhniú feithiclí a fheabhsú;

faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí ar an mbóthar, e.g. tríd an teicneolaíocht chianbhraiteachta;

an creat Eorpach (14) i dtaobh saincheantair astaíochtaí ísle/nialasacha a chomhchuibhiú agus tairseach aonair a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais i ndáil le feithiclí a sheiceáil agus a chlárú ar theacht isteach i saincheantair den sórt sin dóibh.

3.16.

Tagann rialacha aeir ghlain faoin aon chreat dlíthiúil amháin, ach is faoi shainchúram pacáistí reachtacha eile atá sé astaíochtaí a laghdú. De réir mar a fheiceann CESE é, is sárshampla dá bhfuil i gceist le “dea-chleachtas” é coincheap an tsaincheantair astaíochtaí ísle/nialasacha. Mar shampla, murach na noirm atá sa Bhruiséil chun bearta a fhorfheidhmiú ar mhaithe leis na spriocanna sin a bhaint amach, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an chathair ina Saincheantar Astaíochtaí Ísle. Níos faide anonn, agus na noirm sin á mbaint amach ag níos mó cathracha, beidh gá leis na treoirspriocanna a nuashonrú ar bhonn na sonraí eolaíocha d’fhonn cáilíocht an aeir a fheabhsú go leanúnach.

3.17.

De bhua an phróisis ar a ndéantar cur síos thuas, cruthaítear fáinne óir gníomhartha agus iarmhairtí. Déanfar gníomhaíochtaí misniúla ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil de bhua na dteorainneacha agus na rialacha faoi na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh, maille le bearta éifeachtacha earnála. Beidh sé níos éasca spriocanna uaillmhianacha maidir le haer glan a bhaint amach a bhuí leo. De réir mar a fheiceann CESE é, ní chuirtear san áireamh gach deis is indéanta a bhaineann leis an bhfáinne gníomhaíochtaí sin sa mheasúnú tionchair ná sa togra go hiomlán. Dá mba amhlaidh an cás gur cuireadh iad sin san áireamh agus an togra á phleanáil ar dtús, d’fhéadfadh sé go mbeadh an rogha maidir le hailíniú iomlán (I-1), seachas an rogha maidir le hailíniú níos dlúithe (I-2) — nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna – roghnaithe mar an bealach chun tosaigh.

Feasacht an phobail a mhúscailt

3.18.

D’ainneoin an fheabhsaithe a tháinig ar cháilíocht an aeir ó bhí na 1990idí ann, tá sí fós ina hábhair imní do shaoránaigh na hEorpa. Measann formhór na saoránach san Eoraip (os cionn 80 %) go bhfuil fadhbanna tromchúiseacha ina dtíortha féin le riochtaí sláinte amhail galair riospráide, an t-asma agus galair chardashoithíocha mar gheall ar an truailliú aeir (15).

3.19.

In ainneoin go measann tromlach na saoránach (60 %) san Eoraip nach bhfuil mórán eolais acu, bhí nach mór leath díobh (47 %) den tuairim gur tháinig meath ar cháilíocht an aeir le deich mbliana anuas. Cé gur tháinig laghdú seasmhach ar líon na ndaoine atá nochtaithe d’aer a bhfuil an-truailliú ann, bíonn fadhbanna ollmhóra sláinte fós orthu siúd atá nochtaithe dó agus níl aon fhianaise inbhraite acu go bhfuil feabhas tagtha ar cháilíocht an aeir.

3.20.

Ní léir cé mhéad a dhéanfaidh na saoránaigh, dá ndeoin féin agus go réamhghníomhach, le feabhas díreach nó indíreach a chur ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh. Baineann dhá éifeacht le feasacht a mhúscailt, áfach:

3.20.1.

Ar an gcéad dul síos, ba cheart do mhuintir na hEorpa foghlaim faoin tionchar a bhíonn ag a stíl mhaireachtála, a gníomhaíochtaí agus a patrúin tomhaltais ar leibhéil an truaillithe. Ach an nasc sin a bheith soiléir, bheadh glacadh níos fearr ag an bpobal le bearta beartais a thabhairt isteach, a bhaineann le hathrú iompraíochta.

3.20.2.

Ar an dara dul síos, b’éifeachtaí i bhfad na bearta sin agus bheadh torthaí carnacha acu dá bhfoghlaimeodh na saoránaigh faoi na torthaí a bheadh ann dá n-athróidís a n-iompraíocht. Is féidir feabhsuithe ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a fheiceáil go soiléir leis an tsúil féin, go háirithe sa timpeallacht uirbeach. Mar sin féin, d’fhéadfaí fáinne óir a éascú ach sonraí eolaíocha a chur i láthair ar bhealach idirghníomhach agus sothuigthe. Dá mhéad eolais atá ar dhaoine is ea is mó a bhíonn siad spreagtha dul i mbun gnímh agus is ea is fusa athrú iompraíochta fadtéarmach a bhaint amach.

3.21.

Is toisc chinntitheach í an eolaíocht saoránach maidir le tuairimí an phobail a mhúnlú i dtaobh gach saincheiste a bhaineann leis an truailliú agus le tionchar na saincheisteanna sin ar shaol na saoránach. Tá sé á chur in iúl ag CESE gur éirigh go maith le tionscnaimh amhail “CurieuzeNeuzen” (16), a bhí mar chatalaíoch i gcomhair ghlacadh an phobail le Saincheantair Astaíochtaí Ísle i roinnt cathracha sa Bheilg. Tá sé á iarraidh aige freisin go gcuirfí dlús leis an gcistiú faoin gclár Fís Eorpach do thionscadail eolaíochta na saoránach a bhaineann leis an truailliú.

4.   Barúlacha sonracha maidir le truailleáin aeir ar ábhair imní iad atá ag teacht chun cinn

Cáithníní sármhíne

4.1.

Is cáithníní ar trastomhas 0,1 μm (100 nm) nó níos lú iad cáithníní sármhíne. Is toradh foinsí nádúrtha nó foinsí antrapaigineacha iad na cáithníní sin, amhail gníomhaíochtaí dócháin. Cé go bhfuil méadú ag teacht ar an méid sin fianaise go bhfuil tionchar ag na cáithníní sin ar an tsláinte, ní rialáilítear na truailleáin sin leis na Treoracha reatha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil fás ag teacht ar an uaillmhian an t-eolas atá ann faoi láthair maidir leis an tionchar ar an tsláinte a úsáid i dtaobh moltaí beartais. Mar sin féin, is gá breis faisnéise a bhailiú faoin ábhar sin.

4.2.

Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh breis gníomhaíocht spriocdhírithe ann tríd an gclár Fís Eorpach, d’fhonn taighde ar cháithníní sármhíne a chistiú ar bhealach córasach. Bíodh is nach bhfuil mórán táscairí sonracha ann maidir le cáithníní sármhíne, d’fhéadfadh sé gurbh fhiú feachtas feasachta poiblí a thosú chun saoránaigh na hEorpa a chur ar an eolas maidir leis na rioscaí “atá ag teacht chun cinn” mar gheall ar an aicme truailleán seo nach gcuirtear san áireamh mar is ceart.

An carbón dubh

4.3.

Cáithníní míne is ea atá sa charbón dubh a ghintear trí dhóchán breoslaí iontaise nó bithmhaise. Tá éifeachtaí díobhálacha ag an gcarbón dubh ar an tsláinte agus é ar cheann de na siocracha le galair chroí agus galair scamhóige. Anuas air sin, áfach, cuireann an carbón dubh le luas an athraithe aeráide sa chaoi agus go bhféadfadh 1 thona carbóin dhuibh éifeacht a bheith aige ar an téamh domhanda atá suas le 1 500 níos láidre ná an éifeacht a bheadh ag an méid céanna CO2.

4.4.

Tá na tagairtí do staidéir arna ndéanamh ag EDS (17) á gcur san áireamh ag CESE. De réir na dtorthaí sin, bíonn tionchair fhóinteacha, ó thaobh staitisticí de, ar an tsláinte mar thoradh ar nochtadh do charbón dubh ar leibhéil idir 1,08 agus 1,15 μg/m3. Ní mholann EDS na leibhéil sin sa mholadh maidir le dea-chleachtas uaidh, áfach. De réir mar a fheiceann CESE é, níor cheart é sin a úsáid mar leithscéal gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh ó thaobh an charbóin dhuibh de. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart gníomhaíochtaí a dhéanamh chun leibhéil cáithníní sármhíne a laghdú, mar a rinneadh i gcás PM2,5 agus PM10, mar shampla. Má fhantar go mbeidh trí nó cúig bliana eile fianaise ann ó thionscadail taighde éigin arna gcistiú ag an Aontas nó ó threoirdhoiciméad eile de chuid EDS, caillfear na mílte saoránach agus tarlóidh an t-athrú aeráide ar bhonn níos tapúla.

An amóinia

4.5.

Comhdhúil neamhorgánach a bhfuil nítrigin agus hidrigin inti is ea an amóinia (NH3). Déantar damáiste do na scamhóga mar thoradh ar ardleibhéil amóinia agus d’fhéadfadh sí a bheith ina cúis bháis. Cuireann NH3 go mór le leibhéil iomarcacha PM thánaistigh. Ina theannta sin, scriosann sé an comhshaol againn agus déanann sé dochar don bhithéagsúlacht trí aigéadú agus eotrófú. Is féidir laghdú a dhéanamh ar an amóinia san earnáil agrai-bhia, san earnáil iompar, agus san earnáil a bhaineann le húsáid tuaslagóirí agus táirgí.

4.6.

Ní ann d’aon mholadh ó EDS maidir le tiúchan amóinia san aer comhthimpeallach a bhaineann le tionchair ar an tsláinte. Faraor, tá lear mór fianaise ann (18) maidir le tionchar amóinia ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol, as siocair go gcuireann astaíochtaí amóinia le cruthú PM2,5 thánaistigh, rud arb ann do Threoirlínte EDS maidir le Cáilíocht an Aeir ina leith. Mhol na saineolaithe leibhéal criticiúil fadtéarmach ar 3 μg/m3 i dtaca leis an bhfásra (plandaí níos uaisle).

4.7.

D’fhéadfaí astaíochtaí tionsclaíocha a laghdú leis an togra a foilsíodh le déanaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (19) agus an uaillmhian níos mó atá ann chun astaíochtaí tionsclaíocha a laghdú agus a raon feidhme a leathnú chuig na feirmeacha beostoic is mó dá bhfuil san Eoraip, as siocair gurb í an talmhaíocht príomhfhoinse astaíochtaí NH3 agus ós rud é go n-eascraíonn thart ar thrí cheathrú de na hastaíochtaí san Aontas as an mbainistiú ar an aoileach ón bhfeirmeoireacht beostoic (20). Mar sin féin, ba cheart an Treoir sin a chur chun feidhme ar bhonn comhréireach costéifeachtach chun nach mbeadh méadú eile ar na costais táirgthe san earnáil agrai-bhia (21).

4.8.

Ar mhaithe le slite beatha, sláinte agus folláine an duine a áirithiú, tá CESE teann air go bhfuil gá freisin le sásra láidir tacaíochta do dhaoine aonair leochaileacha agus tionscail leochaileacha chun go n-aistreofaí na réitigh phraiticiúla maidir le hastaíochtaí NH3 san fheirmeoireacht beostoic go dtí iad siúd atá ar an láthair. Ba cheart cistiú a chur san áireamh sa tacaíocht sin le haghaidh dul chun cinn aitheanta teicneolaíochta agus le haghaidh tuilleadh taighde. Ar an iomlán, ba cheart spreagadh a thabhairt do ghnóthais feirmeoireachta beostoic athruithe a dhéanamh atá fabhrach don chomhshaol agus don tsláinte, agus san am céanna coinneáil orthu lena bhfeidhm ríthábhachtach, is é sin le rá earraí a sholáthar don phobal (22).

An Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA), Health impacts of air pollution in Europe.

(2)  EDS, Ambient (outdoor) air pollution.

(3)  EEA, Europe’s air quality status 2022.

(4)  EDS, Global air quality guidelines.

(5)  Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).

(6)  Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach (IO L 23, 26.1.2005, lch. 3).

(7)  CIRCABC, Air Policy.

(8)  Rún A/76/L.75 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus NAT/824.

(9)  An Coimisiún Eorpach, Air quality – revision of EU rules [Cáilíocht an aeir – athbhreithniú ar rialacha an Aontais] (níl leagan Gaeilge ann).

(10)  An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA), Health impacts of air pollution in Europe.

(11)  EDS, Global air quality guidelines.

(12)  Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Chaomhnú an Chomhshaoil (EPA), Health Effects of Ozone in the General Population.

(13)  Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chaighdeáin nua Euro 7 maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí, ós rud é gurb é an t-iompar de bhóthar is príomhchúis le truailliú an aeir chomhthimpeallaigh i gcríocha uirbeacha. Tá sé á chur in iúl ag roinnt mhaith geallsealbhóirí, amhail Transport & Environment, nach mbainfear caighdeáin Euro 7 amach.

(14)  Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur thug an Coimisiún gealltanas sa Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste uaidh (COM(2020) 789 final), staidéar tiomnaithe a sheoladh maidir le réitigh chun scéimeanna éifeachtacha soláimhsithe a chur i bhfeidhm chun teorainn a chur le rochtain feithiclí ar shaincheantair uirbeacha, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú ag an am céanna.

(15)  An tEorabharaiméadar, Attitudes of Europeans towards Air Quality. Cuirtear san áireamh in COM(2021) 44 nasc idir an ailse agus an truailliú. Tá CESE den tuairim gur gá ceist a ardú i suirbhéanna Eorabharaiméadair amach anseo maidir leis na meonta i dtaobh na hailse (agus an diaibéiteas agus an néaltrú) a bheith de thoradh an truaillithe aeir.

(16)  CurieuzeNeuzen in Vlaanderen. Ba ann do fheachtais den chineál céanna faoi stiúir grúpaí de chuid na sochaí sibhialta sa Ghearmáin, in Éirinn, san Iodáil, sa Liotuáin, sa Pholainn, sa tSlóvaic agus i roinnt tíortha eile de chuid an Aontais.

(17)  Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), Health effects of black carbon.

(18)  Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE), Towards Cleaner Air, Scientific Assessment Report 2016.

(19)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(20)  Ba é ba chúis le 76,2 % díobh in 2020, de réir an chláir maidir le hastaíochtaí truailleán aeir náisiúnta.

(21)  Tuairim ó CESE — Athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus ar an Rialachán maidir leis an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach) (IO C 443, 22.11.2022, lch. 130).

(22)  Tuairim ó CESE — Athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus ar an Rialachán maidir leis an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach) (IO C 443, 22.11.2022, lch. 130).


27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/53


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Teachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh

(COM(2022) — 583 final)

(2023/C 146/09)

Rapóirtéir:

Krister ANDERSSON

Comhrapóirtéir:

Dominika BIEGON

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 19.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

1.2.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

202/3/7

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol mór sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agu Sóisialta na hEorpa (CESE) an Teachtaireacht ón gCoimisiún ina leagtar amach treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch.

1.2.

Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi nár mhór teacht ar chomhaontú go gasta, sin roimh phróisis bhuiséadacha na mBallstát le haghaidh 2024. Faoi mar atá tugtha le fios ag an gCoimisiún, tá géarghá le comhordú láidir ar an mbeartas buiséadach agus struchtúrach agus le faireachas éifeachtach eacnamaíoch agus fioscach, lena gcothófar fás cuimsitheach agus lena gcuideofar leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) a spriocanna comhaontaithe a bhaint amach.

1.3.

Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nach beartais stuama a bhí á ndéanamh ag na Ballstáit aimsir an ratha (1), agus ag an am céanna gur chuir na rialacha fioscacha srian leis an tsolúbthacht fhioscach le linn sleabhcthaí eacnamaíocha i roinnt Ballstát.

1.4.

Glacann CESE leis an bplean atá ag an gCoimisiún gan na luachanna tagartha a athrú. Baineann éifeacht chomharthaíochta pholaitiúil agus mhargaidh leis an gcritéar easnaimh 3 % de OTI. Ar an iomlán, cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór a áirithiú leis na pleananna struchtúracha fioscacha go ndéanfar cóimheasa fiachais le OTI a laghdú nó go bhfanfaidh siad ar leibhéil stuama.

1.5.

Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún gan riail dhocht an 1/20ú a chur i bhfeidhm a thuilleadh ós rud é go bhféadfadh sí ró-ualach a chur ar Bhallstáit ardfhiachais, agus iarmhairt dhiúltach aici ar an bhfás agus ar inbhuanaitheacht an fhiachais féin dá réir. Dealraíonn sé gur tréimhse chomhréireach í freisin an tréimhse mheastóireachta mheántéarma ceithre bliana le haghaidh coigeartuithe fioscacha tagartha, tréimhse ar féidir síneadh trí bliana a chur léi i gcás inar gá.

1.6.

Is díol sásaimh do CESE go mbeidh an Coimisiún ag díriú ar ghlanchaiteachas príomhúil mar phríomhpharaiméadar meastóireachta an rialachais eacnamaíoch nua.

1.7.

Cuireann CESE in iúl gur de dhlúth agus d’inneach na polaitíochta parlaimintí an beartas fioscach, óir déanann sé difear do struchtúr iomlán an chaiteachais stáit agus an ioncaim stáit. Chun go n-éireoidh le creat athchóirithe, beidh ríthábhacht le húinéireacht an phróisis.

1.8.

Tá CESE den tuairim go bhfuil géarghá le hathchóiriú fónta ar rialachas eacnamaíoch na hEorpa chun leasa daoine, gnólachtaí agus rialtas. Is den tábhacht, dá bhrí sin, bearta breise a fhorbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh chun úinéireacht ar na rialacha a fheabhsú, rud a chinnteoidh go mbeidh na rialtais uile tiomanta do chreat athbhreithnithe.

1.9.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go mbunófar leis na tograí reachtacha atá le teacht íoschaighdeáin formhaoirseachta parlaimintí náisiúnta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe i dtaca le pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a dhréachtú.

1.10.

Is mian le CESE béim a leagan ar an ngá atá le rialacha cuí le go bhféadfar forfheidhmiú láidir a áirithiú. Sna cásanna eisceachtúla sin ina gcuirtear smachtbhannaí san áireamh, ní mór do na smachtbhannaí sin a bheith éifeachtach agus curtha chun feidhme go trédhearcach. Mura gcuirfear na rialacha i bhfeidhm go cothrom maidir leis na Ballstáit uile ní bheidh muinín as na pleananna.

1.11.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil cáilíocht mhéadaithe agus méid méadaithe na n-infheistíochtaí poiblí á leagan amach mar ghné a bheidh le cur san áireamh sa phróiseas chun an inbhuanaitheacht fiachais a bhaint amach. Is díol sásaimh do CESE freisin an síneadh a chuirfear leis an gconair choigeartaithe, síneadh a fhéadfar a dheonú ar feadh trí bliana ar a mhéad.

1.12.

Chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, ní mór an stoc caipitil a athrú ó bhonn agus cur leis na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha. D’iarr CESE roimhe seo bearta a bheith ann chun an bhearna ollmhór infheistíochta a dhúnadh (2). Tá sé á chur i bhfios go láidir ag an gCoiste anois go bhféadfadh tionscnaimh thairis sin a bheith ag teastáil chun a chinntiú go ndéanfar caipiteal leordhóthanach príobháideach agus poiblí a shlógadh ar mhaithe leis an aistriú glas agus an comhtháthú sóisialta.

1.13.

Chun trédhearcacht a áirithiú agus faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha a éascú, tá ar na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a thíolacadh agus stádas cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a mhionsonrú. Ba cheart na tuarascálacha sin agus meastóireachtaí an Choimisiúin agus na Comhairle a dhéanfar i gcomhthéacs faireachas bliantúil a chur ar fáil go poiblí.

2.   Cúlra

2.1.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach (3) leagtar síos prionsabail ghinearálta le haghaidh creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe don Aontas Eorpach. Chun feabhas a chur ar an gcreat atá ann faoi láthair, féachann an tionscnamh ón gCoimisiún leis an inbhuanaitheacht fiachais a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chothú trí infheistíocht agus athchóirithe.

2.2.

Is é an glanchaiteachas príomhúil, is é sin an caiteachas faoi rialú an rialtais, a cháileoidh mar phríomhtháscaire arna mheas ag an gCoimisiún. Is ar bhonn glanchaiteachas príomhúil freisin a shocrófar na conairí coigeartaithe fioscacha agus a dhéanfar faireachas fioscach bliantúil, chun na rialacha atá ann faoi láthair a shimpliú.

2.3.

Ina theannta sin, forbróidh an Coimisiún conair thagartha don choigeartú fioscach le haghaidh gach Ballstáit thar thréimhse ceithre bliana, conair a bhunófar ar mhodheolaíocht arna leagan síos chun an inbhuanaitheacht fiachais a anailísiú agus a mheasúnú. Ba cheart go n-áiritheofaí le conair an choigeartaithe go mbeidh cóimheasa fiachais na mBallstát a bhfuil dúshláin shonracha fiachais acu ag laghdú, d’fhonn a áirithiú go bhfanfaidh an t-easnamh faoi bhun an 3 % de OTI atá leagtha síos i rialacha an Chonartha.

2.4.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na bpleananna, agus cuirfidh sé de cheangal ar na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a chur isteach maidir le cur i bhfeidhm a bpleananna chun an ghníomhaíocht faireacháin a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí. Beidh an nós imeachta um easnamh iomarcach ann i gcónaí, agus déanfar an nós imeachta um easnamh iomarcach arna bhunú ar fhiachas a threisiú agus a thionscnamh i gcás Ballstát a bhfuil fiachas os cionn 60 % de OTI aige agus a imíonn ón gconair chaiteachais a comhaontaíodh.

2.5.

Leis an gcur chuige meántéarmach atá glactha ag an gCoimisiún, beifear in ann idirdhealú idir na Ballstáit bunaithe ar na dúshláin atá rompu maidir leis an inbhuanaitheacht fiachais. I bhfianaise an ualaigh atá ar Bhallstáit a bhfuil fiachas ard orthu, is amhlaidh a chuirfear níos mó den fhaireachas rioscabhunaithe in áit an tagarmhairc maidir le laghdú cóimheasa fiachais atá ann faoi láthair (riail an 1/20ú mar a thugtar uirthi) chun tionchar díobhálach ar an bhfás agus ar an inbhuanaitheacht fiachais féin a sheachaint.

2.6.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na sásraí forfheidhmiúcháin a threisiú mar chontrapháirt riachtanach d’fhaireachas rioscabhunaithe. Ar na huirlisí forfheidhmiúcháin sin beidh: (i) smachtbhannaí airgeadais éifeachtacha a dhéanfar neamhshrianta agus a dhéanfar níos dóchúla trína méid a ísliú; (ii) smachtbhannaí clú i gcás nós imeachta um easnamh iomarcach nó dialltaí eile; (iii) coinníollacht mhaicreacnamaíoch le haghaidh maoiniú AE.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol mór sásaimh do CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún ina leagtar amach treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch. Ag an am céanna, tugann CESE dá aire go bhfuil a lán sonraí le sainiú go fóill, rud a fhágann nach féidir ach réamh-mheasúnú a dhéanamh.

3.2.

Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi nár mhór teacht ar chomhaontú go gasta, sin roimh phróisis bhuiséadacha na mBallstát le haghaidh 2024. Faoi mar atá tugtha le fios ag an gCoimisiún, tá géarghá le comhordú láidir ar an mbeartas buiséadach agus struchtúrach agus le faireachas éifeachtach eacnamaíoch agus fioscach, lena gcothófar fás cuimsitheach agus lena ndéanfar na míchothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a laghdú i gcomhar le beart institiúideach an Bhainc Ceannais Eorpaigh chun a spriocanna comhaontaithe a bhaint amach.

3.3.

Is mór ag CESE cur chuige iomlánaíoch an Choimisiúin a dhíríonn ar phleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta lena gcumhdaítear cuspóirí fioscacha, athchóirithe agus infheistíochta in aon chur chuige amháin. Tugann pleananna den sórt sin breis solúbthachta do na Ballstáit ar bhealach cothrom agus laistigh de chreat rioscabhunaithe a mbeidh meastóireacht le déanamh air sa mheántéarma.

3.4.

Tacaíonn CESE le huaillmhian agus príomhghnéithe an tionscnaimh ón gCoimisiún atá dírithe ar an úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, an creat a shimpliú, bogadh i dtreo fócas níos meántéarmaí, mar aon le forfheidhmiú níos láidre agus níos comhleanúnaí (4).

3.5.

Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nach beartais stuama a bhí á ndéanamh ag na Ballstáit aimsir an ratha (5), agus ag an am céanna gur chuir na rialacha fioscacha srian leis an tsolúbthacht fhioscach le linn sleabhcthaí eacnamaíocha i roinnt Ballstát. Tugann CESE dá aire gur laghdú ar an gcóimheas fiachais le OTI ba cheart a bheith ag gabháil leis na blianta ina mbíonn torthaí dearfacha ar an bhfás, rud a chruthódh deis chun solúbthacht fhioscach a bheith in úsáid le linn blianta cúlaithe eacnamaíoch. Ag an am céanna, nuair is marbhántacht nó cúlú eacnamaíoch mór atá roimh Bhallstáit, bíonn solúbthacht fhioscach ag teastáil. Measann CESE gur céim sa treo ceart é an togra ón gCoimisiún lena gcuirfear ar chumas na mBallstát beartais fhritimthriallacha iontaofa a dhéanamh amach anseo.

3.6.

Glacann CESE leis an bplean atá ag an gCoimisiún gan na luachanna tagartha a athrú, ós rud é go mbíonn éifeacht chomharthaíochta pholaitiúil agus mhargaidh ag spriocanna uimhriúla soiléire. Go deimhin, tá an tairseach easnaimh 3 % de OTI leagtha síos le fada an lá sa Chonradh, is maith is eol í a bheith ann, agus í infheidhme go haonfhoirmeach maidir le gach tír san Aontas. Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nach mór a áirithiú leis na pleananna struchtúracha fioscacha go ndéanfar cóimheasa fiachais le OTI a laghdú nó go bhfanfaidh siad ar leibhéil stuama.

3.7.

De réir CESE, d’fhéadfadh sé go mbeadh dialltaí gearrthéarmacha ón tairseach sin ag teastáil chun freastal ar na riachtanais ollmhóra infheistíochta atá i gceist faoi láthair maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach nó ar mhaithe le conair choigeartaithe a fhágfaidh nach gcuirfear an fás i mbaol.

3.8.

Measann CESE gur creat meántéarmach réasúnta atá tíolactha ag an gCoimisiún, creat a bheidh in ann idirdhealú idir leibhéil chóimheasa fiachais an-difriúil na mBallstát agus a fhágfaidh go bhféadfaí modhanna cur chuige modúlacha a dhíriú ar chásanna náisiúnta ilchineálacha ina mbeadh cóimheasa éagsúla fiachais le OTI i gceist, cóimheasa a d’fhéadfadh a bheith idir faoi bhun 60 % agus os cionn 150 %. Chuige sin, tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún gan riail dhocht an 1/20ú a chur i bhfeidhm a thuilleadh ós rud é go bhféadfadh sí ró-ualach a chur ar Bhallstáit ardfhiachais, agus tionchar diúltach aici ar an bhfás agus ar inbhuanaitheacht an fhiachais féin. Dealraíonn sé, i bhfianaise na ndálaí eacnamaíocha agus idirnáisiúnta reatha agus intuartha, gur tréimhse chomhréireach í freisin an tréimhse mheastóireachta mheántéarma ceithre bliana le haghaidh coigeartuithe fioscacha tagartha, tréimhse ar féidir síneadh trí bliana a chur léi i gcás inar gá.

3.9.

Is díol sásaimh do CESE go mbeidh an Coimisiún ag díriú ar ghlanchaiteachas príomhúil mar phríomhpharaiméadar meastóireachta an rialachais eacnamaíoch nua. Chuige sin, tá CESE ag iarraidh go gcuirfear infheistíochtaí poiblí spriocdhírithe straitéiseacha dea-cheaptha atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais san áireamh sna pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta. Ba cheart go mbeadh na hinfheistíochtaí sin ina sciar níos mó den chaiteachas rialtais, rud a spreagfadh fás cuimsitheach agus inbhuanaithe.

3.10.

Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nach mór cáilíocht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú. Ba cheart tús áite ar an leibhéal náisiúnta a thabhairt d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí trína gcuirtear leis an bhfás, agus conair inchreidte laghdaithe fiachais a shaothrú ag an am céanna tar éis na paindéime agus tráthanna teannais idirnáisiúnta.

3.11.

Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún go mbeidh clásail éalaithe stóinseacha ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar chásanna eisceachtúla áit nach bhféadfaí cloí go réadúil leis an gconair choigeartaithe ar glacadh léi. Dá gcloífí go docht leis an gconair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh, d’fhágfadh sé go bhféadfadh an beartas fioscach a bheith fritimthriallach, go mbeadh laghdú ar chóimheasa fiachais le OTI á léiriú aimsir an ratha agus go bhféadfaí leas a bhaint as an mbeartas sin chun na bearta cuí a dhéanamh le linn tréimhsí cruatain (6), rud a thabharfadh cosaint dóibh siúd is leochailí.

3.12.

Cuireann CESE in iúl gur de dhlúth agus d’inneach na polaitíochta parlaimintí an beartas fioscach, óir déanann sé difear do struchtúr iomlán an chaiteachais stáit agus an ioncaim stáit. Chun go n-éireoidh le creat athchóirithe, beidh ríthábhacht le húinéireacht ar an bpróiseas. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go mbunófar leis na tograí reachtacha atá le teacht íoschaighdeáin formhaoirseachta parlaimintí náisiúnta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe i dtaca le pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a dhréachtú. Ba cheart na parlaimintí agus an tsochaí shibhialta eagraithe, agus na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, a bheith rannpháirteach go héifeachtach ós rud é nach mbeidh úinéireacht láidir ar na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha murar leor an rannpháirtíocht atá ag na geallsealbhóirí ábhartha uile iontu (7). Ba cheart do na parlaimintí náisiúnta a áirithiú go mbeidh a rialtais cuntasach sna beartais fhioscacha a bheidh á saothrú acu.

3.13.

I gcás athrú rialtais, ní mór a bheith in ann na pleananna struchtúracha meántéarmacha a leasú, ar choinníoll nach ndéantar dochar don chobhsaíocht sa mheántéarma. I gcás ina dtionscnóidh rialtais bearta nua lánroghnacha ioncaim, agus an inbhuanaitheacht fiachais fhoriomlán á caomhnú ag an am céanna, ba cheart go bhféadfaí conair an chaiteachais a oiriúnú gan dul tríd an bpróiseas ar fad arís chun pleananna struchtúracha fioscacha a bhailíochtú.

3.14.

Tugann CESE dá aire go mbeadh tionchar níos mó ag an gCoimisiún féin ar bheartas fioscach na mBallstát dá ndéanfaí na tograí ón gCoimisiún a chur chun feidhme (8). Ag an am céanna, is mó de cheangal a bhaineann le moltaí tírshonracha, ós rud é gur ciorruithe ar mhaoiniú AE agus conair choigeartaithe níos sriantaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcás nach gcuirfí chun feidhme iad. Is mó tábhacht a bheadh leis an Seimeastar Eorpach freisin. Beidh sé tábhachtach, dá bhrí sin, borradh a chur faoi rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun go bhfeabhsófar an úinéireacht ar an gcóras riailbhunaithe. Tá tábhacht le feidhm formhaoirseachta agus ghrinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa, go háirithe maidir le bearta forfheidhmiúcháin agus ceartaitheacha. Ag an am céanna, ní mór prionsabal na coimhdeachta agus roinnt na n-inniúlachtaí sna Conarthaí a urramú.

3.15.

Tacaíonn CESE leis an tionscnamh ón gCoimisiún chun sásraí forfheidhmiúcháin airgeadais agus clú a dhéanamh níos éifeachtaí i gcás dialltaí. I bhfianaise na solúbthachta breise a bheadh ag na Ballstáit chun a n-athchóirithe fioscacha, infheistíochta agus struchtúracha a chur chun feidhme laistigh de na pleananna struchtúracha fioscacha náisiúnta, ba cheart na rialacha is infheidhme a fhorfheidhmiú go héifeachtach i gcás neamhchomhlíonadh. D’fhágfadh sin go spreagfaí comhdhlúthú an airgeadais phoiblí in am trátha, agus bheadh an fiachas níos inbhuanaithe.

3.16.

Is mian le CESE béim a leagan ar an ngá atá le rialacha cuí le go bhféadfar forfheidhmiú láidir a áirithiú. Sna cásanna eisceachtúla sin ina gcuirtear smachtbhannaí san áireamh, ní mór do na smachtbhannaí sin a bheith éifeachtach agus curtha chun feidhme go trédhearcach. Mura gcuirfear na rialacha i bhfeidhm go cothrom maidir leis na Ballstáit uile ní bheidh muinín as na pleananna. Ba cheart an tionchar agus na héifeachtaí sóisialta agus féideartha ar fhorbairtí inbhuanaitheachta fiachais a bheith mar chuid den anailís forfheidhmiúcháin.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh na pleananna glanchaiteachais phríomhúil ar an bpríomhpharaiméadar meastóireachta, cuireann CESE i bhfios go láidir go mbeidh rialacha soiléire agus trédhearcacha ag teastáil chun caiteachas príomhúil a ríomh. Dá bhrí sin, beidh bearta lánroghnacha ioncaim, chomh maith le caiteachas ar dhífhostaíocht thimthriallach, le sainiú go hoibiachtúil agus go soiléir, agus le comhaontú ag na Ballstáit uile.

4.2.

Cé nach aon ionadh an caiteachas ar dhífhostaíocht thimthriallach a bheith á fhágáil amach as na pleananna caiteachais, níor cheart go gcuirfí cosc ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar aon riachtanas maidir le feidhmiú mhargadh an tsaothair a fheabhsú d’fhonn an dífhostaíocht struchtúrach a laghdú. D’fhéadfadh na costais sin, fiú mura bhfágtar amach as na pleananna iad, cur go mór leis an bhfás agus an dífhostaíocht sa mheántéarma, rud a neartaíonn an inbhuanaitheacht fiachais. Ní mór freisin dálaí oibre meántéarmacha maithe a chur chun cinn. Tá tábhacht le rialacha soiléire agus stóinseacha, lena áirithiú nach mbeadh “cuntasaíocht chruthaitheach” d’aon chineál á saothrú ag na Ballstáit.

4.3.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil cáilíocht mhéadaithe agus méid méadaithe na n-infheistíochtaí poiblí á leagan amach mar ghné a bheidh le cur san áireamh sa phróiseas maidir leis an inbhuanaitheacht fiachais a bhaint amach. Is díol sásaimh do CESE freisin an síneadh ar chonair an choigeartaithe, síneadh a fhéadfar a dheonú ar feadh trí bliana ar a mhéad ar choinníoll go gcuirfidh na Ballstáit mar bhonn taca lena bpleananna sraith athchóirithe agus infheistíochtaí a thacaíonn leis an bhfás inbhuanaithe agus leis an inbhuanaitheacht fiachais.

4.4.

Chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, ní mór an stoc caipitil a athrú ó bhonn agus cur leis na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha. San am a chuaigh thart, d’iarr CESE go dtionscnófaí bunriail maidir le hinfheistíochtaí poiblí chun a áirithiú go ndúnfaí an bhearna infheistíochta ollmhór. Níl sin sa togra ón gCoimisiún. Ach tá gnéithe tábhachtacha maidir le hinfheistíochtaí poiblí a neartú i gceist leis an togra ón gCoimisiún. Mar sin féin, ní féidir na hinfheistíochtaí poiblí a chruthófar a chainníochtú i ndáiríre ós rud é go mbeidh go leor ag brath ar an gcaibidlíocht idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le pleananna struchtúracha fioscacha. Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir go bhféadfadh tionscnaimh thairis sin a bheith ag teastáil chun a chinntiú go ndéanfar caipiteal leordhóthanach príobháideach agus poiblí a shlógadh ar mhaithe leis an aistriú glas agus an comhtháthú sóisialta.

4.5.

Mar gheall ar an gcur chuige rioscabhunaithe atá á mholadh ag an gCoimisiún Eorpach, beidh ríthábhacht leis an anailís ar an inbhuanaitheacht fiachais sa chreat rialachais eacnamaíoch a bheidh ag an Aontas sna blianta amach romhainn. Tugann CESE le fios go bhfuil calabrú mhionsonraí na hanailíse ar an inbhuanaitheacht fiachais ina cheist an-pholaitiúil, lena n-áirítear cibé acu atá rioscaí a bhaineann leis an aeráid san áireamh san anailís ar an inbhuanaitheacht fiachais nó nach bhfuil, agus gur cheart í a phlé go mion leis na geallsealbhóirí inniúla. Beidh paraiméadair deiridh na hanailíse ar an inbhuanaitheacht fiachais le cinneadh ar bhealach daonlathach agus trédhearcach. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag institiúidí fioscacha neamhspleácha sa mheasúnú ar a oiriúnaí atá na toimhdí bunúsacha trína bheith páirteach sa díospóireacht agus faisnéis a thabhairt do pharlaimintí náisiúnta.

4.6.

Chun trédhearcacht a áirithiú agus faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha a éascú, tá ar na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a thíolacadh agus stádas cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a mhionsonrú. Ba cheart na tuarascálacha sin agus na meastóireachtaí a dhéanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle i gcomhthéacs faireachas bliantúil a chur ar fáil go poiblí.

4.7.

Measann CESE maidir leis an aird bhreise a bheartaítear a thabhairt ar athróga a bhaineann leis an sreabhadh sa Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha nach mór an nós imeachta sin a shonrú agus a chainníochtú le linn na gcéad chéimeanna eile den athchóiriú ar an rialachas eacnamaíoch chun go mbeidh sé siméadrach, oibríochtúil agus trédhearcach.

4.8.

Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí a bheidh sé próiseas iomchuí a bhunú agus a fhorbairt don chéad scagadh ar mhíchothromaíochtaí sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh agus chun a chinneadh an ann do mhíchothromaíochtaí sna grinn-athbhreithnithe. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar mholtaí maidir le spreagthaí fáis Eorpacha agus a dtionchar ar an bhforbairt eacnamaíoch. Beidh mionsonraí ag teastáil maidir leis an ngá le faireachas níos réamhbhreathnaithí d’fhonn míchothromaíochtaí a thiocfadh chun cinn a bhrath go tapa agus aghaidh a thabhairt orthu go tapa.

4.9.

Cuireann CESE chun suntais go bhfuil an-tábhacht le rialacha stóinseacha, a mbeidh ar a gcumas feidhmiú faoi dhálaí eacnamaíocha athraitheacha, agus gur den riachtanas tiomantas na mBallstát ina leith agus a n-úinéireacht orthu. D’fhonn infheistíochtaí agus leibhéil táirgiúlachta ar fud an Aontais a mhéadú, níor cheart moill a chur ar athchóiriú an chreata fhioscaigh.

4.10.

Tá CESE den tuairim go bhfuil géarghá le hathchóiriú fónta ar rialachas eacnamaíoch na hEorpa chun leasa daoine, gnólachtaí agus rialtas. Is den tábhacht, dá bhrí sin, bearta breise a fhorbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh chun úinéireacht ar na rialacha a fheabhsú, rud a chinnteoidh go mbeidh na rialtais uile tiomanta do chreat athbhreithnithe.

4.11.

Tugann CESE dá aire go mbeidh cuid mhór de na nósanna imeachta atá beartaithe sa togra ón gCoimisiún le hoibriú amach go mion. Dá bhrí sin, tá CESE ag tnúth leis le linn 2023 a dhearcadh a chur in iúl agus comhairle a thabhairt maidir le tograí níos mionsonraithe.

An Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  COM(2022) 583 final, lch. 4.

(2)  Tuairim ó CESE athstruchtúrú chreat fioscach an Aontais le haghaidh téarnamh inbhuanaithe agus aistriú cóir, (IO C 105, 4.3.2022, lch. 11).

(3)  COM(2022) 583 final.

(4)  COM(2022) 583 final, lch. 1.

(5)  COM(2022) 583 final, lch. 4.

(6)  COM(2022) 583 final, lch. 19.

(7)  Tugann CESE dá aire an cáineadh ar rannpháirtíocht lag na sochaí sibhialta sa rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

(8)  Aithníonn CESE, chun aontas airgeadaíochta a bheith inmharthana, gur den riachtanas dálaí fioscacha áirithe agus cobhsaíocht.


27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/59


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2023

(COM(2022) 780 final)

(2023/C 146/10)

Rapóirtéir ginearálta:

Gonçalo LOBO XAVIER

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 19.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

196/2/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) príomhthosaíochtaí beartais Shuirbhé Bliantúil 2023 (ASGS) lena gcuirtear na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch chun feidhme. Mar atá cúrsaí faoi láthair, is léir gur cheart tacú le teaghlaigh leochaileacha sa ghearrthéarma chun iad a chosaint ar na héifeachtaí is measa den ghéarchéim fuinnimh, ach ba cheart an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn ar bhonn ginearálta i gcónaí san Aontas Eorpach. Tá CESE den tuairim go gcuirfidh beartais mheántéarmacha agus fhadtéarmacha dlús faoin aistriú glas agus faoin aistriú digiteach. Ina theannta sin, tá sé den tuairim gur cheart don Aontas cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar fuinnimh agus an t-éileamh air, fuinneamh a choigilt le haghaidh an gheimhridh agus costais níos airde a sheachaint ag an am céanna. Tá sé ríthábhachtach tacú le bearta a chuirfidh borradh faoin éifeachtúlacht i ngach réimse. Ní mór déanamh amhlaidh agus sláine an mhargaidh aonair á caomhnú agus cobhsaíocht airgeadais mhaicreacnamaíoch agus beartais fhioscacha agus airgeadaíochta chomhleanúnacha á n-áirithiú ag an am céanna.

1.2.

Tuigeann CESE gur ar chur chun feidhme éifeachtúil na bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a dhíreofar den chuid is mó i rith thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh in 2023. Leis na pleananna sin, leagfar béim nach beag ar chláir oibre na mBallstát, agus ní foláir go gcuirfear deis ar fáil sna pleananna céanna chun borradh a chur faoina ngeilleagar. Is díol sásaimh do CESE iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh idirphlé a eagrú leis na Ballstáit go luath in 2023. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí dianphlé idir an Coimisiún agus na Ballstáit mar chuid de sin chun tionchar a imirt ar na moltaí tírshonracha. I ndáil leis an méid sin, tá CESE den tuairim go gcuirfear na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta chun feidhme ar bhealach níos fearr a bhuí leis an idirphlé sin, agus go mbeidh sé ina chuidiú lena áirithiú go dtiocfaidh feabhas ar an gcaoi a sainaithnítear fadhbanna agus a dtugtar aghaidh orthu trí na moltaí tírshonracha.

1.3.

Iarrann CESE dálaí oibre cothroma, iomaíocht éifeachtach, agus aird níos fearr ar údair imní na sochaí sibhialta d’fhonn feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Tá sé seo níos tábhachtaí fós i bhfianaise an chogaidh agus na géarchéime fuinnimh. Tacaíonn CESE leis an iarraidh go ndéanfaí beart chun an margadh aonair a fheabhsú. Creideann CESE go léirítear sna drochbhuillí a bualadh le déanaí a thábhachtaí atá sé beartais fhioscacha fhónta a chomhordú agus maoláin fhioscacha a thógáil in aimsir an fháis ar féidir leas a bhaint astu in aimsir lagtrá, agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar easnaimh shóisialta óir is féidir go mbainfidh siad den fhás eacnamaíoch sa mheántéarma. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais fhioscacha seasaimh fhioscacha mheántéarmacha stuama a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú tríd an gcomhdhlúthú de réir a chéile agus trí infheistíocht agus athchóirithe inbhuanaithe a chuireann leis an bhfás.

1.4.

Iarrann CESE comhordú níos fearr idir na Ballstáit mar aon le cinntí cróga chun spleáchas fuinnimh an Aontais, go háirithe spleáchas ar an Rúis, a sheachaint. Is baolach go gcuirfear leas an Aontais i mbaol de bharr an spleáchais chéanna, agus, dá bhrí sin, beidh misneach ag teastáil agus muid ag tabhairt aghaidh air.

1.5.

Tá CESE ag éileamh cur chuige atá measartha, réalaíoch agus cothrom agus aghaidh á tabhairt ar fhadhb an bhoilscithe le go mbeidh gach duine ag obair as lámha a chéile agus muid ag iarraidh teacht ar réiteach a rachaidh chun sochair don Aontas ar fad. Ní mór do na húdaráis iomaíochta a bheith ar a ndícheall ag iarraidh trédhearcacht praghsanna a áirithiú agus a bheith san airdeall ar theipeanna margaidh a d’fhéadfadh titim amach. Ní mór do na rialtais aire a thabhairt gur ar an anailís eimpíreach is fearr a bhunófar a gcuid ráiteas agus nach ndéanfaidh siad cáineadh gan bhunús ar ghníomhaithe tráchtála mar go bhféadfadh coinbhleacht idir saoránaigh, cuideachtaí, agus comhpháirtithe sóisialta a bheith ina toradh air sin. Creideann CESE freisin nach féidir an fhadhb a réiteach ach amháin má bhíonn na rialtais, na gnólachtaí, agus an tsochaí shibhialta eagraithe ag obair as lámha a chéile.

Creideann CESE nach mór do na Ballstáit díriú gan stad gan staonadh ar an éifeachtúlacht agus ar an gcothroime sa leas a bhaintear as na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní poiblí eile atá ar fáil. Tá sé sin riachtanach má táthar le hinfheistíochtaí nua ardchaighdeáin a chinntiú.

1.6.

Leanfaidh CESE den chás a dhéanamh gur gá tionchar níos mó a bheith ag an gcomhairliúchán leis an tsochaí shibhialta eagraithe (SSE – comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta), Parlaimint na hEorpa, agus na parlaimintí náisiúnta i rith thimthriall an tSeimeastair má táthar leis an nglacadh leis ar an leibhéal náisiúnta a neartú. Tá CESE den tuairim go rachadh rannpháirtíocht níos fearr agus níos eagraithe ó thaobh na n-eagraíochtaí a bhfuil baint acu le CESE de chun leasa phróiseas an tSeimeastair agus chur chun feidhme na bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta araon. Ní foláir a bheith réalaíoch nuair is cur chun feidhme beartais an t-ábhar cainte.

1.7.

Tuigeann CESE freisin gur gá infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus sa chlár oibre tionsclaíochta má táthar chun leas ceart a bhaint as na hacmhainní atá ag an Eoraip cheana féin, is é sin le rá infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht agus san eolaíocht, rudaí is gá a chur chun tairbhe do na saoránaigh.

1.8.

Tathantaíonn CESE ar an gCoimisiún cumarsáid níos fearr a dhéanamh leis na saoránaigh. Is rud a bhfuil tábhacht bhunúsach leis do na saoránaigh na dúshláin atá ann agus an chaoi a bhfuil an tAontas ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin sin a chur in iúl ar bhealach láidir iontaofa comhsheasmhach, agus seachnófar leis sin míthuiscint faoin tionscadal Eorpach. Dá ndéanfaí infheistiú sa chumarsáid mhaith (ní ag tagairt don fhógraíocht atá an Coiste), d’fhéadfaí cur i gcoinne a ndeirtear in aghaidh an tionscadail Eorpaigh, rud ar cheart tosaíocht a dhéanamh de. I ndáil leis sin, is díol sásaimh eile do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún i dtaca le teachtaireacht a thíolacadh maidir leis an idirphlé sóisialta san Aontas Eorpach a neartú, mar aon le togra a thíolacadh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le ról an idirphlé shóisialta ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé riachtanach cumarsáid níos fearr a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta eagraithe agus dul i gcomhairle léi, dhá rud atá fite fuaite ina chéile.

2.   Cúlra

2.1.

Is eol do chách go bhfuil an Eoraip ag streachailt i gcaoi nach bhfacthas le 70 bliain anuas. Is iomaí dúshlán eacnamaíoch agus sóisialta atá os a comhair mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud atá ag cur a lán brú ar gheilleagar na hEorpa, ardú as cuimse ar na billí fuinnimh, rátaí arda boilscithe, ganntanas soláthair, leibhéil fiachais atá níos airde ná riamh mar aon le costas iasachtaíochta atá ag ardú. Dá bhrí sin, tá sé thar am cinntí a dhéanamh chun todhchaí ceann de na tionscadail dhomhanda is mó rath ó thaobh dul chun cinn sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha de a chinneadh.

2.2.

Ghlac an Coimisiún Pacáiste an Fhómhair maidir le Seimeastar Eorpach 2023 an 22 Samhain 2022 chun bealaí a mholadh leis an lámh in uachtar a fháil ar na dúshláin seo agus leis na geilleagair a neartú san fhadtéarma, trí bheartais eacnamaíocha, fhioscacha, shaothair agus shóisialta a chomhordú. Is é an cuspóir atá ann soláthairtí fuinnimh atá leordhóthanach agus inacmhainne a áirithiú, cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a chaomhnú agus teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint, fás a spreagadh agus poist ardcháilíochta a chruthú, mar aon leis an dá aistriú a chur i gcrích.

2.3.

Rinneadh achoimre ar na tosaíochtaí beartais a bheidh ann sa bhliain amach romhainn sa Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2023 agus leagtar síos clár oibre chun an comhordú sin a neartú d’fhonn na nithe a leanas a bhaint amach: an tionchar diúltach a laghdú; aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair; an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a mhéadú agus fás atá inbhuanaithe agus cuimsitheach á chothú, i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Inbhuanaitheacht iomaíoch a chothú an aidhm atá ann, agus chuige sin is iad seo a leanas na ceithre thosaíocht a chuirfear chun cinn: an inbhuanaitheacht iomaíoch, an táirgiúlacht, an chothroime, agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch.

2.4.

Sa chlár oibre um beartas eacnamaíoch agus fostaíochta, ba cheart go ndírítear ar thacaíocht a thabhairt do shaoránaigh agus do chuideachtaí agus iad ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin atá tagtha chun cinn de bharr an mhéadaithe ar chostais fuinnimh. Ag an am céanna, ba cheart an fás inbhuanaithe, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú, agus méadú ar an gcothroime shóisialta agus athléimneacht eacnamaíoch a chothú.

2.5.

Faoin bprionsabal sin, táthar ag súil le moltaí tírshonracha in earrach 2023, agus go ndíreofar ar na nithe seo a leanas sna tuarascálacha tíre:

achoimre ghonta ach iomlánaíoch ar fhorbairtí eacnamaíocha agus sóisialta agus ar na dúshláin atá roimh na Ballstáit;

achoimre ar chur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta;

leanúint de chur chuige measartha a ghlacadh maidir leis na moltaí tírshonracha.

2.6.

I dtaca leis an limistéar euro, rinne an Coimisiún na cúig mholta a leanas do 2023 a leagan amach:

(a)

an beartas fioscach a chomhordú;

(b)

an infheistíocht phoiblí a chothú;

(c)

faireachán a dhéanamh ar bheartais phá agus shóisialta;

(d)

feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó;

(e)

cobhsaíocht mhacra-airgeadais a chaomhnú.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.   An Seimeastar Eorpach agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe

3.1.1.

Is é an Seimeastar Eorpach an príomhchreat seanbhunaithe chun beartais a chomhordú go héifeachtach idir na Ballstáit. B’fhiú go mór an comhordú céanna, óir ní fhacthas a leithéid d’athléimneacht agus a bhí i dtéarnamh iar-Covid an Aontais ó bhí an borradh iarchogaidh ann agus is amhlaidh atá teacht aniar sna margaí saothair againne leis, agus leibhéal fostaíochta ag an ráta is airde riamh. Beidh ról lárnach ag CESE sa phróiseas claochlaithe seo i gcónaí chun inbhuanaitheacht iomaíoch a bhaint amach, mar chuid den Seimeastar Eorpach agus de chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (lena n-áirítear an tsraith bhreise REPowerEU). I gcomhréir leis sin, leanfaidh CESE de bheith ag moladh gur cheart go mbeadh ról níos mó ag an gcomhairliúchán leis an tsochaí shibhialta eagraithe i rith thimthriall an tSeimeastair d’fhonn na leasanna éagsúla na sochaí agus an úinéireacht náisiúnta a chur san áireamh agus a neartú.

3.1.2.

Tá cleachtadh comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta eagraithe sna Ballstáit ar bun ag CESE faoi láthair agus rún aige a cuid moltaí i ndáil leis seo a fháil (1). Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún, a fógraíodh i mí Iúil 2022 (2), i dtaca le teachtaireacht a thíolacadh maidir leis an idirphlé sóisialta san Aontas Eorpach a neartú, mar aon le togra a thíolacadh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le ról an idirphlé shóisialta ar an leibhéal náisiúnta.

3.1.3.

Molann CESE don Choimisiún Eorpach creat soiléir a chur ar fáil, agus leathnú a dhéanamh ar an gcreat céanna, do na fóraim atá ann cheana faoin Seimeastar Eorpach le heolas a chur ar fáil do na comhpháirtithe sóisialta agus do na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus lena spreagadh chun rannpháirtíochta i rith thimthriall an tSeimeastair, i dtreo is go ndéanfar gníomhaithe ábhartha díobh i gcomhordú na mbeartas fioscach, sóisialta agus fostaíochta ag leibhéal an Aontais.

3.2.   Géarchéim gheopholaitiúil – cogadh san Úcráin

3.2.1.

Tá deacrachtaí nua eacnamaíocha ag bagairt ar an Aontas Eorpach de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud atá ag cur isteach go mór ar an gcobhsaíocht fhoriomlán eacnamaíoch agus shóisialta, agus ar sholáthairtí fuinnimh. Ní mór don Aontas leanúint den inbhuanaitheacht iomaíoch agus den athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch i dteannta a chéile. Go ríghairid amach anseo, beidh gá le bearta tacaíochta chun go maolófar an tionchar atá ag an bhfogha a thug an Rúis faoin Úcráin ar ghnólachtaí Eorpacha agus ar ghnólachtaí an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus ar shaothraithe ísealioncaim agus meánioncaim.

3.2.2.

Is amhlaidh is é an ghéarchéim fuinnimh an toisc is ábhartha. Beidh tionchar láidir aige san fhadtéarma, le cois an ráta rí-ard boilscithe. Chuige seo, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach chun nach rachaidh an suíomh in olcas sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma, agus gur gá an t-aistriú glas a bhainistiú go cóir. I roinnt mhaith tíortha, níl an táirgeadh fuinnimh ar comhchéim leis an tomhaltas fuinnimh.

3.2.3.

Tá CESE den tuairim nach bhfuil iniúchadh déanta ag roinnt rialtas ar a bhfuil ar fáil ó thaobh acmhainní agus dálaí de i dtíortha áirithe, cuir i gcás fuinneamh gréine, fuinneamh na dtonnta agus fuinneamh na gaoithe, agus nach bhfuil pleananna curtha i bhfeidhm acu go fóill ó thaobh fuinneamh a tháirgeadh óna gcuid acmhainní féin. Ceann de na cúiseanna leis seo is ea reachtaíocht atá róchasta nó místuama, mar aon leis an maorlathas iomarcach atá fós ann i roinnt mhaith Ballstát. Ní chuidíonn sé sin le táirgeadh an fhuinnimh ghlais, ainneoin na bhféidearthachtaí ar fad a bhaineann leis. Ní mór dúinn a bheith réidh le hobair a dhéanamh as lámha a chéile. Chuige sin, tá infheistíocht de dhíth, go háirithe infheistíocht ón earnáil phríobháideach. Mar sin féin, beidh ról tábhachtach ag an infheistíocht phoiblí i gcónaí i dtaca le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, agus i dtaca leis an rathúnas agus an t-iomaíochas a bheidh againn amach anseo a áirithiú agus uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú. Ní mór an méid sin a léiriú sa bheartas comhtháthaithe freisin.

3.3.   An boilsciú

3.3.1.

Tá fíor-dhrochthionchar á imirt ag an ardleibhéal boilscithe, rud arb é an t-ardú géar ar phraghsanna fuinnimh thar aon rud eile is cúis leis, ar an lucht oibre agus ar ghnólachtaí, ar an gcobhsaíocht airgeadais, ar an bpaireacht cumhachta ceannaigh, agus ar an gcobhsaíocht eacnamaíoch agus shóisialta. Rud fíorchasta is ea an boilsciú ar domhain agus san Aontas, i dtaca leis an gcúis atá leis agus an réiteach a bheidh air. Is iad na tosca is práinní agus is tábhachtaí a bhaineann leis na scrogaill i bpróiseas an téarnaimh thapa ó chúlú na paindéime, i gcomhthéacs an bheartais airgeadaíochta réidh, mar aon leis an ngéarchéim fuinnimh a d’eascair as ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cuireann an boilsciú isteach ar gach gníomhaí eacnamaíoch agus gach grúpa sóisialta, go háirithe an dream is laige agus is mó faoi mhíbhuntáiste. Tá meath ag teacht ar chumhacht cheannaigh na n-oibrithe agus na dtomhaltóirí agus tá corrlaigh bhrabúis an-chuid cuideachtaí ag dul i laghad. Níl brabúis ag dul i méid ach amháin i gcás na n-amhantraithe agus earnálacha eacnamaíocha ar leith, cuir i gcás earnáil an fhuinnimh, a bhfuil ardú tobann ag teacht ar a gcuidsean. Agus iad ag iarraidh déileáil leis an mboilsciú, tá na Ballstáit tar éis cineálacha éagsúla cur chuige a ghlacadh d’fhonn é a choimeád faoi smacht, cuir i gcás tacaíocht chun méadaithe ar phraghasanna in earnáil an bhia a sheachaint, iarracht a dhéanamh ar chothromaíocht a choimeád ó thaobh pá de, mar aon le beartais eacnamaíocha. Ní bhainfimid na spriocanna againne amach go ceann tamall eile, áfach, agus beidh tamall ann sula mbeidh réiteach againn a chaomhnóidh an leas eacnamaíoch agus sóisialta.

3.3.2.

Ní mór do na húdaráis iomaíochta a bheith ar a ndícheall ag iarraidh trédhearcacht praghsanna a áirithiú agus a bheith san airdeall ar theipeanna margaidh a d’fhéadfadh titim amach. Ní mór do na rialtais aire a thabhairt gur ar an anailís eimpíreach is fearr a bhunófar a gcuid ráiteas agus nach ndéanfaidh siad cáineadh gan bhunús ar ghníomhaithe tráchtála mar go bhféadfadh coinbhleacht idir saoránaigh, cuideachtaí, agus comhpháirtithe sóisialta a bheith ina toradh air sin.

3.3.3.

Caithfidh an comhrac i gcoinne an bhoilscithe a bheith ina thosaíocht i dtaca le beartas eacnamaíoch Eorpach comhordaithe idir institiúidí an Aontais agus na rialtais náisiúnta. Agus na beartais airgeadaíochta á ngéarú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus na bainc cheannais náisiúnta, ní mór dóibh a chur san áireamh nach é an ró-éileamh is cúis leis an bpróiseas boilscithe agus caithfidh siad cinntí a sheachaint a mbeadh cúlú eacnamaíochta nua ina thoradh orthu. Molann CESE do BCE an boilsciú lárnach a ísliú ar bhealach nach gcuirfeadh téarnamh eacnamaíoch an Aontais i mbaol. Mar gheall ar na rioscaí thuasluaite, ba cheart do BCE a bheith ar a airdeall agus é ag leanúint air chun an beartas airgeadaíochta a normalú (3). Ní mór don Aontas agus na rialtais náisiúnta bearta a chur i bhfeidhm a chabhróidh leis na grúpaí is mó faoi mhíbhuntáiste sa phobal agus leis na gcuideachtaí is measa a buaileadh. Caithfear uirlisí lárnacha a dhéanamh den chomhairliúchán trípháirteach, an t-idirphlé sóisialta, agus an chómhargáil agus aghaidh á tabhairt ar an ngéarchéim bhoilscitheach trí chomhroinnt chothrom na ndualgas agus bearta a cheapadh leis an bhfadhb a shárú in earnálacha éagsúla an gheilleagair. Dá bhrí sin, tá CESE i bhfabhar bearta amhail an buaicphraghas fuinnimh chun an claonadh i dtreo an bhoilscithe a mhaolú.

3.4.   Cuspóirí comhshaoil an Aontais/An ghéarchéim fuinnimh

3.4.1.

Leanann CESE den mholadh a bhí aige le cúpla mí anuas: in ainneoin na ngéarchéimeanna nua, ní féidir linn deireadh a chur leis na cuspóirí a leagadh síos ar leibhéal an Aontais: is e sin, an dícharbónú agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil. Ní foláir dúinn cuideachtaí agus oibrithe a neartú agus cumhacht a thabhairt do na saoránaigh uile d’fhonn na cuspóirí fadtéarmacha comhshaoil a bhaint amach.

3.4.2.

Dá bhrí sin, tá CESE i bhfabhar bearta chun an claonadh i dtreo an bhoilscithe a mhaolú. Ba cheart praghsanna fuinnimh níos ísle a bheith ar cheann de thosaíochtaí bheartas eacnamaíoch an Aontais. Tá CESE i bhfabhar caidhp a chur ar phraghsanna leictreachais agus gáis agus cuireann sé in iúl gur iarr sé i dtuairimí agus rúin roimhe seo athchóiriú a dhéanamh gan mhoill ar chóras an cheant imeallaigh i margadh mórdhíola an leictreachais, ós rud é gur cleachtas é a chothaíonn boilsciú ann féin. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh san fhuinneamh glas má táthar chun an cuspóir sin a bhaint amach.

3.4.3.

Thíolaic an Coimisiún an Plean REPowerEU maidir le deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar an soláthar gáis agus ola ón Rúis, rud ba dhíol sásaimh do CESE, agus d’aontaigh an Coiste leis an gcur chuige ceithre cholún atá dírithe ar fhuinneamh a choigilt, allmhairí gáis a éagsúlú, agus breoslaí iontaise a ionadú trí dhlús a chur le foinsí inathnuaite fuinnimh agus réitigh mhaoiniúcháin (4). Ag an am céanna, tá CESE ag iarraidh go ráthófaí cinnteacht an tsoláthair ag an gcostas is inacmhainne agus is féidir do thomhaltóirí agus don tionscal araon. Tugann CESE le fios gur deis bhreise do na Ballstáit dul i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta agus a barúlacha a chur san áireamh is ea modhnú ar na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta chun caibidil thiomnaithe REPowerEU a thíolacadh.

3.4.4.

Cuireann CESE i bhfáth go mb’fhéidir go mbeadh gá le tuilleadh tionscnamh le háirithiú go ndéanfar a dhóthain caipiteal príobháideach agus poiblí a thabhairt le chéile don aistriú glas. De bhreis air sin, creideann CESE gur gá go mbeadh sé ina thosaíocht an leas a bhaintear as na cistí atá ann cheana féin a chomhordú níos fearr. Bheadh an próiseas cumarsáide i dtaca leis an tsaincheist seo ina uirlis an-úsáideach chun na saoránaigh a spreagadh le tabhairt faoi sprioc chomhchoiteann.

3.5.   Géarchéim shóisialta agus eacnamaíoch/easpa scileanna agus daoine cáilithe

3.5.1.

Tá an ráta dífhostaíochta san Aontas ag 6 %, ach mar sin féin, tá sé ag cinneadh orainn teacht ar dhaoine a bhfuil na scileanna riachtanacha acu a áiritheoidh atógáil agus athléimneacht gheilleagar an Aontais, agus a chabhróidh linn an dá chuspóir aistrithe a bhaint amach. Níl a dhóthain daoine oilte chun jabanna lárnacha a dhéanamh i roinnt tíortha, mar gheall go bhfuil a lán daoine óga a thugann an bád bán orthu féin ar tóir oibre i dtíortha eile. Sa bhreis ar an oiliúint atá le cur chun cinn, is fíor go gcailltear sciar mór d’fhostaithe oilte i ndiaidh oiliúint a chur orthu. D’fhonn uathriail straitéiseach an Aontais a neartú, b’fhiú cuid de na línte táirgthe a athbhunú san Eoraip, ach an fhadhb atá ann nach bhfuil a dhóthain daoine oilte ann chun dul ag obair sna monarchana sin san Eoraip. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an gceist seo ar bhonn leanúnach.

3.5.2.

Cuireann CESE i bhfios go láidir gurb é ceann de na bealaí is fearr chun daoine ardcháilithe a mhealladh postanna ar ardchaighdeán a sholáthar. Pá maireachtála cóir, caidrimh fhoirmiúla oibre a áirithiú ar mhaithe le dálaí forbhásacha oibre a sheachaint, cláir chuimsitheacha uas-scilithe a chur ar fáil, dálaí sláinte agus sábháilteachta den scoth a sholáthar, iarracht a dhéanamh ar chothromaíocht inscne a bhaint amach, mar aon le cosaint leordhóthanach shóisialta ar leibhéal náisiúnta a áirithiú; is cuspóirí iad seo uile iontu féin, ach sa bhreis air sin is bunús iad d’fhorbairt fhabhrach eacnamaíoch agus pholaitiúil. De bhreis air sin, iarrann CESE go mbainfí úsáid as beartais atá cothromaithe agus comhcheangailte (idir córais oiliúna phoiblí agus phríobháideacha chun leas a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil) i gcomhthéacs na hoiliúna agus an uas-scilithe.

3.6.   Fiachas agus infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha

3.6.1.

Tá géarghá ag an Aontas le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach, le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, agus le tabhairt faoi dhúshláin úra na huathrialach straitéisí. Ar thaobh amháin, ní mór don Aontas an t-easnamh infheistíochta atá ann le deich mbliana anuas a shárú, agus ar an taobh eile de, ní mór do thromlach na mBallstát a n-easnamh poiblí agus a bhfiachas a laghdú. Caithfear déanamh amhlaidh ar bhealach an-tomhaiste ach cinntitheach.

3.6.2.

Ag an am céanna, sula ndéanfaí méadú neamhghnách ar acmhainní an Aontais le haghaidh infheistíocht phoiblí agus chun infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn, creideann an Coiste go bhfuil sé riachtanach na hacmhainní uile atá ann cheana féin sna cláir éagsúla – Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, InvestEU, etc. – a chur chun lántairbhe. Chuige sin, ba cheart an tsolúbthacht is mó is féidir a éascú i dtaca lena n-úsáid – ó thaobh cuspóirí agus spriocdhátaí an chuir chun feidhme de – a fhad is gur féidir dianfhaireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme cuí. Tá CESE den bharúil gur smaoineamh spéisiúil iad na comhthionscadail idir na Ballstáit, i dtaca leis an infheistíocht agus athchóirithe struchtúracha a spreagadh.

3.6.3.

Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil gá le dul chun cinn chun na Margaí Caipitil agus an Aontais Baincéireachta a chur i gcrích ionas go ráthófar earnáil airgeadais agus margaí dea-fheidhmiúla, rud atá ríthábhachtach más áil leis na hinfheistíochtaí móra a bheidh ag teastáil don aistriú glas agus don aistriú digiteach a chistiú. Dá ndéanfaí doimhniú ar Aontas na Margaí Caipitil agus ar an Aontas Baincéireachta, agus dá mbunófaí clár oibre airgeadais atá inbhuanaithe ag an am céanna leis, dhéanfaí comhdhlúthú ar na bealaí cistiúcháin, spreagfaí iarrachtaí infheistíochta, agus chuirfí leis an athléimneacht.

3.6.4.

Tá géarchéim COVID-19 agus ionradh na Rúise tar éis tionchar suntasach diúltach a imirt ar an gcomhardú seachtrach. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí méadú ar an infheistíocht agus go mbeadh sí faoi deara iomaíochas an Aontais.

3.6.5.

Tá CESE den tuairim gur cheart do na Ballstáit úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil cheana sula n-iarrfaidh siad cinn nua. De bhreis air sin, iarrann CESE a thuilleadh solúbthachta i dtaca leis an leas a bhaintear as cistí airgeadais an Aontais lena n-atreorú mura féidir iad a úsáid chun na gcríoch a ceapadh dóibh an chéad lá nó i gcás go dteastaíonn oiriúnú de dheasca dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, nó chosanta. I gcás inar gá, ba cheart don Aontas na dálaí agus na hionstraimí iomchuí a chruthú leis an infheistíocht phoiblí a mhéadú agus lena thuilleadh infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Ní mór an méid sin a dhéanamh agus cuspóirí comhchoiteanna straitéise agus uathrialach ina sprioc, gan an bonn a bhaint ó fheidhmiú mhargadh aonair an Aontais ná é a chur ó chothrom. De bhreis air sin, leagann CESE béim ar an ngá atá lena thuilleadh éifeachtúlachta san úsáid a bhaintear as na acmhainní airgeadais a leithdháiltear: ní mór do na Ballstáit a ghabhadh orthu féin míniú a thabhairt ar mar a chaitear na hacmhainní airgeadais sin. Leagann CESE béim freisin ar thábhacht an bhailithe éifeachtúil ioncaim i gcomhthéacs na hinbhuanaitheachta airgeadais. Cuir i gcás, is cúiseanna eile leis an damáiste do na buiséid phoiblí an phleanáil ionsaitheach cánach agus an chalaois. I ndeireadh na dála, is é an fás inbhuanaithe cuimsitheach an bonn is fearr leis an gcobhsaíocht fhioscach. D’ainneoin an mhéid thuas, le plean tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais a chur i gcrích agus le cuspóir na huathrialach straitéisí fuinnimh agus tionsclaíochta a bhaint amach, agus bunphrionsabail an mhargaidh aonair á n-urramú, beidh gá lena thuilleadh cistiúcháin Eorpaigh, mar a moladh i rún ó CESE a glacadh i mí na Bealtaine 2022 (5).

An Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Déanfar achoimre ar na torthaí agus déanfar moltaí beachta a fhorbairt i dtuairim féintionscnaimh a chuirfear faoi bhráid an tseisiúin iomlánaigh i mí Aibreáin 2023.

Tuairim féintionscnaimh ó CESE – Moltaí CESE maidir le hathchóiriú láidir ar an Seimeastar Eorpach (ECO/600), a thíolacfar le haghaidh glactha i mí Aibreán 2023.

(2)  Tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta – 29.7.2022.

(3)  Tuairim ó CESE Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 2022 (IO C 75, 28.2.2023, lch. 43).

(4)  Tuairim ó CESE – Plean REPowerEU, a glacadh an 21.9.2022 (IO C 486, 21.12.2022, lch. 185).

(5)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 1.


Ceartúcháin

27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/65


Ceartúchán ar fho-cheanntheideal “AN 575Ú SEISIÚN IOMLÁNACH DE CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA, 2022. 12. 14. – 2022. 12. 15” in Alt 1 (Rúin, moltaí agus tuairimí), faoin teideal “COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA”

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 140an 21 Aibreán 2023 )

(2023/C 146/11)

Ar an gclúdach agus ar leathanach 1, an fo-cheanntheideal:

in ionad:

“AN 575Ú SEISIÚN IOMLÁNACH DE CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, 2022. 12. 14. – 2022. 12. 15”

léitear:

“AN 575Ú SEISIÚN IOMLÁNACH DE CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEorpa, 2022. 24.1.2023-25.1.2023”

27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/66


Ceartúchán ar fho-cheanntheideal “AN 575Ú SEISIÚN IOMLÁNACH DE CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA, 2022. 12. 14. – 2022. 12. 15” i Roinn III (Gníomhartha ullmhúcháin), faoin gceannteideal “COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA”

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 140an 21 Aibreán 2023 )

(2023/C 146/12)

Ar an gclúdach agus ar leathanach 28, an fo-cheanntheideal:

in ionad

: “AN 575Ú SEISIÚN IOMLÁNACH DE CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, 2022. 12. 14. – 2022. 12. 15”

léitear

: “AN 575Ú SEISIÚN IOMLÁNACH DE CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEorpa, 2022. 24.1.2023-25.1.2023”