ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 140

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
21 Aibreán 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 575ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 2022. 12. 14. – 2022. 12. 15.

2023/C 140/01

Tuairim Ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar Athchúrsáil inbhuanaithe, úsáid amhábhar tánaisteach agus an t-aistriú cóir i dtionscal Eorpach na miotal feiriúil agus neamhfheiriúil (tuairim féintionscnaimh)

1

2023/C 140/02

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais struchtúracha agus an neamhspleáchas straitéiseach a neartú in éiceachóras na leathsheoltóirí (tuairim féintionscnaimh)

8

2023/C 140/03

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — COVID-19: Ról na sochaí sibhialta in atógáil agus athléimneacht an réigiúin Eora-Mheánmhara (tuairim féintionscnaimh)

14

2023/C 140/04

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Compás Straitéiseach an Aontais (tuairim féintionscnaimh)

20


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 575ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 2022. 12. 14. – 2022. 12. 15.

2023/C 140/05

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga (An Treoir maidir le Dliteanas IS) (COM(2022) 496 final — 2022/0303 (COD))

28

2023/C 140/06

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha (COM(2022) 495 final – 2022/0302 (COD))

34

2023/C 140/07

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Straitéis Eorpach um Chúram (COM(2022) 440 final)

39

2023/C 140/08

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchóiriú an nádúir (COM(2022) 304 final – 2022/0195 (COD))

46

2023/C 140/09

Tuairim Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh (COM(2022) 659 final – 2022/0390 (COD))

55

2023/C 140/10

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2022) 782 final)

58

2023/C 140/11

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm – Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le clár oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan (JOIN(2022) 28 final)

61

2023/C 140/12

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch atá glan agus cóir (COM(2022) 409 final)

69

2023/C 140/13

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa— Táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais (COM(2022) 453 final)

75

2023/C 140/14

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha le haghaidh feistí leighis áirithe agus le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro áirithe (COM(2023) 10 final — 2023/0005 (COD))

84

2023/C 140/15

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí agus muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2022) 721 final — 2022/0417 (COD))

85


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

TUAIRIMÍ

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 575ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 2022. 12. 14. – 2022. 12. 15.

21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/1


Tuairim Ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar “Athchúrsáil inbhuanaithe, úsáid amhábhar tánaisteach agus an t-aistriú cóir i dtionscal Eorpach na miotal feiriúil agus neamhfheiriúil”

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 140/01)

Rapóirtéir:

Anastasis YIAPANIS

Comhrapóirtéir:

Michal PINTÉR

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

9.12.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.01.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

183/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tugann CESE dá aire go gcuireann an easpa amhábhair thánaisteacha ardcháilíochta agus praghsanna neamhiomaíocha bac ar úsáid níos mó na n-amhábhar tánaisteach; tá sé ag iarraidh go gcuirfí beartais iomchuí mar aon le deiseanna cistiúcháin i bhfeidhm chun saoráidí úrnua athchúrsála a thógáil agus chun uasghrádú ó thaobh na teicneolaíochta de a dhéanamh ar na saoráidí atá ann cheana. Tá CESE den tuairim gur cheart saoráidí cánach agus dreasachtaí fioscacha a thabhairt isteach feadh an tslabhra luacha athchúrsála agus le haghaidh samhlacha nua gnó ciorclacha, agus gur cheart béim ar leith a leagan ar an ról tábhachtach atá ag FBManna agus ag gnólachtaí nuathionscanta chun an t-aistriú sin a bhaint amach.

1.2.

Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí beartais bhreise i bhfeidhm chun tacaíocht agus maoiniú a chur ar fáil don taighde agus don fhorbairt sa phróiseas chun amhábhair chriticiúla a ionadú, tomhaltas acmhainní a laghdú, éifeachtúlacht táirgí a fheabhsú agus feabhas a chur ar fhaireachán, ar bhainistiú riosca agus ar rialachas an Aontais i réimse na n-amhábhar criticiúil.

1.3.

Is cúis áthais do CESE gur seoladh an Chomhghuaillíocht Dhomhanda maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus le hÉifeachtúlacht Acmhainní (1) (GACERE) i mí Feabhra 2021, agus tá sé den tuairim gur cheart rannpháirtíocht san eagraíocht sin a mhéadú.

1.4.

Tá CESE den tuairim gur cheart beartais spriocdhírithe agus infheistíochtaí poiblí a fhorbairt tuilleadh i ngach ceann de na Ballstáit d”fhonn cur leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an aistriú cóir.

1.5.

Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil níos mó oibrithe de dhíth, oibrithe a bhfuil saineolas acu ar athchúrsáil, dearadh, agus monarú na dtáirgí a bhfuil síneadh curtha lena saolré, agus ar bhainistiú dramhaíola agus ar ardsórtáil. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí tionsclaíocha na sochaí sibhialta maidir le faireachán a dhéanamh ar an Sásra um Aistriú Cóir agus é a chur chun feidhme; tá CESE ag iarraidh go mbeadh idirphlé níos déine agus comhar níos dlúithe ann idir na húdaráis phoiblí Eorpacha agus náisiúnta agus na geallsealbhóirí tionsclaíocha.

1.6.

Tá CESE den tuairim gur cheart na critéir ábhartha (a bhaineann le spriocanna uaillmhianacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a bhaint amach) sa Treoir Réime maidir le Dramhaíl (WasteFD) a chinneadh agus a chomhchuibhiú ina dhiaidh sin laistigh den Aontas Eorpach.

1.7.

Níor cheart onnmhairí dramhaíola a cheadú ach amháin má chomhlíontar na caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta ina n-iomláine sa tír a gcuirfear na honnmhairí chuici agus má dhéantar nósanna imeachta iniúchóireachta atá éifeachtach agus iontaofa a bhfuil baint ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha leo. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí dianfhaireachán ar shaincheisteanna a bhaineann le haicmiú, agus go dtabharfaí isteach nósanna imeachta cosanta atá éifeachtach agus iomchuí lena gcuirfí onnmhairí ar fionraí mura gcomhlíonfaí na coinníollacha riachtanacha. Anuas air sin, tá CESE ag iarraidh ar an bParlaimint agus ar an gComhairle na critéir dhochta chéanna a bhaineann le gealltanais chomhshaoil maidir le dramhaíl a onnmhairítear a chur i bhfeidhm ar thíortha ECFE agus ar thíortha nach cuid de ECFE iad.

1.8.

Tugann CESE dá aire an fhadhb a bhaineann leis an onnmhairiú mídhleathach ar dhramhaíl ón Eoraip, mar aon leis an bhfadhb a bhaineann le hath-allmhairiú amhrasach earraí a mhonaraítear lasmuigh den Aontas; tá sé ag iarraidh go gcuirfí rialuithe teorann níos déine i bhfeidhm.

1.9.

Tá CESE den tuairim go mbeadh ciorclaíocht níos fearr ar ábhair fheiriúla agus ar ábhair neamhfheiriúla dá gcuirfí i bhfeidhm nósanna imeachta níos tapúla i dtaca le dramhaíl a sheoltar go hinmheánach, agus go dtiocfadh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) na n-ábhar sin agus go mbeidís níos iomaíche dá thoradh.

1.10.

Tá an dearadh maidir le hin-athchúrsáilteacht táirgí ina dhlúthchuid den phróiseas chun borradh a chur faoi chiorclaíocht agus faoi infhaighteacht amhábhar tánaisteach ardcháilíochta; chuige sin, tá CESE ag iarraidh go n-aithneofaí úsáid amhábhar in-athchúrsáilte agus seachtháirgí faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (ESPR). Ar mhaithe le hiomaíochas thionscal na hEorpa, éireoidh sé níos tábhachtaí amach anseo síneadh a chur le saolré tairgí.

1.11.

Tá CESE den tuairim go mbeadh cothroime iomaíochta ann do tháirgí inbhuanaithe dá dtabharfaí isteach íoscheanglais shóisialta agus íoscheanglais maidir leis an inbhuaine comhshaoil sa Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta, agus dá gcuirfí dlús le lipéadú agus le dreasachtaí margaidh.

1.12.

Tá ról ríthábhachtach ag saineolaithe tionscail agus ag geallsealbhóirí ábhartha eile chun a áirithiú go mbíonn prionsabail na ciorclaíochta i bhfeidhm ar gach leibhéal de dhearadh táirgí. Creideann CESE gur gá infheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt agus comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a neartú, agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil dóibh.

1.13.

Tá CESE den tuairim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Soláthar Poiblí Glas maidir le dlús a chur leis na patrúin a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, mar aon leis an inbhuanaitheacht a chur chun cinn, agus tá sé lánchinnte de go mbeadh creat comhleanúnach ann agus go dtiocfadh laghdú ar ilroinnt sna Ballstáit uile dá ndéanfaí caighdeánú comhchuibhithe ar tháirgí foirgníochta san Aontas Eorpach.

1.14.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún roinnt tograí reachtacha a chur chun cinn i ndáil le hindeisitheacht agus in-athchúrsáilteacht táirgí, saolré tairgí a fheabhsú, an lipéadú fuinnimh a thabhairt isteach, agus seirbhísí deisiúcháin a chur ar fáil do thomhaltóirí.

1.15.

Creideann CESE gur cheart in-athchúrsáilteacht na n-ábhar pacáistíochta a chur san áireamh i scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora trí tháillí éiceamhodhnaithe a chur i bhfeidhm.

2.   Barúlacha tosaigh

2.1.

Leag an Coimisiún Eorpach béim sa Teachtaireacht Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe”s recovery (2) [Straitéis nua Tionsclaíochta 2020 a Nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa] ar a thábhachtaí atá tionscail dianfhuinnimh i gcomhthéacs gheilleagar na hEorpa agus nach mór tacaíocht a thabhairt dóibh chun margaí nua a chothú le haghaidh táirgí aeráidneodracha agus ciorclacha, amhail an chruach. Luaigh sé chomh maith go bhféadfadh aistriú an Aontais chuig aeráidneodracht an spleáchas atá ann faoi láthair ar bhreoslaí iontaise a athrú ina spleáchas ar amhábhair a fhoinsítear ón gcoigríoch.

2.2.

Tá leochaileacht shlabhraí soláthair na hEorpa, mar aon leis an spleáchas ar thíortha eachtracha le haghaidh amhábhair straitéiseacha, tagtha chun solais de thoradh phaindéim COVID-19. Tá ganntanais fós ann agus is cosúil nach bhfuil an tAontas in ann na slabhraí luacha a dhéanamh níos athléimní ná iad a ullmhú níos fearr d’aon suaití a d”fhéadfadh a bheith ann amach anseo san aistriú glas agus san aistriú digiteach.

2.3.

De réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, tiocfaidh méadú faoi shé ar an éileamh ar ionchuir mianraí faoi 2050. Níl ann ach líon teoranta d’amhábhair phríomha agus is minic nach mbíonn fáil orthu san Aontas; dá bharr sin, ní mór an bhéim a leagan ar chumais agus acmhainneachtaí athchúrsála a fheabhsú agus ar fhíormhargadh le haghaidh amhábhair thánaisteacha a chruthú.

2.4.

Agus iarracht á déanamh na spriocanna a leagtar síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, ní mór don Aontas, do na Ballstáit agus do na geallsealbhóirí tionsclaíocha a áirithiú nach bhfuil iomaíochas an tionscail, a shlabhraí luacha, a fhostaithe ná an tsochaí ina hiomláine faoi bhagairt. Dá bhrí sin, ní mór slabhra athchúrsála na hEorpa, ón dramhaíl go táirgí deiridh nua, a thabhairt cothrom le dáta agus a dhíriú ar athchúrsáil éifeachtúil agus inbhuanaithe, lena n-áirítear trí mhodheolaíocht na siombóise tionsclaíche a chur chun cinn.

3.   Ciorclaíocht, athúsáid, athchúrsáil agus infhaighteacht amhábhar tánaisteach

3.1.

Tá an tAontas go mór i bhfách an geilleagar a athrú ó bhonn le go mbeidh sé níos inbhuanaithe agus níos ciorclaí, geilleagar a mbeidh sé ar a chumas aige 700 000 post breise a chruthú (3). Cé go bhfuil teorainn nach mór bainte amach ag na torthaí maidir le roinnt ábhar amhail iarann, sinc nó platanam, i gcás dúile tearc-chré amhail gailliam nó iridiam, is beag an méid a chuireann amhábhair chriticiúla leo. Meastar go gcuireann gach tona de chruach athchúrsáilte cosc ar 1,5 tona d’astaíochtaí CO2 dul isteach san atmaisféar. Tugann CESE dá aire go gcuireann an easpa amhábhair thánaisteacha ardcháilíochta, an easpa infhaighteachta i gcoitinne agus praghsanna neamhiomaíocha bac ar úsáid níos mó na n-amhábhar tánaisteach.

3.2.

Chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin brú breise ar sholáthar amhábhar do thionscal an Aontais agus ní leor tacaíocht don athchúrsáil chun freastal ar an éileamh a bheidh ar amhábhair amach anseo. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh bearta práinneacha breise ann chun tacaíocht agus maoiniú a chur ar fáil don taighde agus don fhorbairt chun amhábhair chriticiúla a ionadú, tomhaltas acmhainní a laghdú agus éifeachtúlacht táirgí a fheabhsú, etc. Is díol sásaimh do CESE an cur chuige cuimsitheach sa togra ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an nGníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla agus creideann sé gur gá feabhas a chur ar fhaireachán, ar bhainistiú riosca agus ar rialachas an Aontais i réimse na n-amhábhar criticiúil. Thairis sin, creideann CESE gur cheart gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais maidir le hamhábhair chriticiúla a fheabhsú trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha spriocdhírithe le tríú tíortha, trí chomhaontuithe trádála agus caibidlíochtaí déthaobhacha/réigiúnacha, trí chomhaontuithe earnála, tríd an gcomhar um fhorbairt agus trí thionscnaimh iltaobhacha.

3.3.

Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus, dá bhrí sin, ba cheart dó a bheith in ann dul i ngleic leis an dramhaíl a chruthaítear ar a chríoch féin, seachas í a onnmhairiú. Bíodh sin mar atá, tháinig méadú 113 % ar onnmhairí dramhaíola miotail feiriúla (dramhiarann agus dramhchruach) in 2021 i gcomparáid le leibhéil 2015; 19,5 milliún tona atá sna honnmhairí sin anois agus is fiú iad agus níos mó ná leath (59 %) de na honnmhairí dramhaíola uile a thagann ón Aontas. Tugann CESE dá aire an fhadhb a bhaineann le fuíollábhar a onnmhairiú ón Eoraip go neamhdhleathach agus le hath-allmhairiú amhrasach earraí a mhonaraítear lasmuigh den Aontas.

3.4.

I gcomhthéacs an mhéadaithe atá ag teacht ar phraghsanna fuinnimh agus amhábhar, tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil laghdú suntasach ar thomhaltas fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhéid a bhaineann leis an athchúrsáil, i gcomparáid le próiseas eastósctha na n-amhábhar. Ba mhaith le CESE go nglacfaí beartais chun saoráidí úrnua athchúrsála a thógáil agus chun athchóiriú teicneolaíoch a dhéanamh ar na saoráidí athchúrsála atá ann cheana; d'fhéadfaí é seo a dhéanamh trí na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Tá CESE den tuairim gur cheart dreasachtaí cánach agus fioscacha a thabhairt isteach le haghaidh samhlacha nua gnó ciorclacha ar fud na slabhraí luacha agus gur cheart béim ar leith a leagan ar an ról tábhachtach atá ag FBManna agus ag gnólachtaí nuathionscanta chun an t-aistriú sin a bhaint amach.

3.5.

Is cúis áthais do CESE gur seoladh an Chomhghuaillíocht Dhomhanda maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus le hÉifeachtúlacht Acmhainní i mí Feabhra 2021 lena dtugtar le chéile na rialtais a oibreoidh i gcomhar a chéile chun an chiorclaíocht a fheabhsú agus chun an t-aistriú cóir a áirithiú. Tá CESE den tuairim gur cheart an rannpháirtíocht san institiúid sin a mhéadú, de bharr go mbeidh gá le hiarrachtaí breise domhanda chun bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha a áirithiú.

4.   An t-aistriú cóir

4.1.

Ní gan dua a iomprófar ár ngeilleagair ina ngeilleagair ghlasa, dhigiteacha. Tá deacrachtaí socheacnamaíocha sonracha ann do roinnt réigiún agus earnálacha, chomh maith le dúshláin a bhaineann leis an bhfostaíocht agus le scileanna don tionscal miotail. Tá tacaíocht fheabhsaithe de dhíth ar chuideachtaí agus ar oibrithe an Aontais chun dul i ngleic le riachtanais samhlacha nua gnó agus chun bheith níos ullmhaithe do na dúshláin agus na deiseanna a bheidh ann amach anseo. Ina theannta sin, ní mór don aistriú ciorclach aon saobhadh ar dhálaí oibre a chosc. Tá CESE den tuairim gur cheart beartais spriocdhírithe agus infheistíochtaí poiblí a fhorbairt tuilleadh i ngach ceann de na Ballstáit d”fhonn cur leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an aistriú cóir.

4.2.

Tá tacaíocht tugtha ag CESE do ghlacadh an tSásra um Aistriú Cóir, mar chuid de phlean infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus measann sé gur uirlis ríthábhachtach é chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár san aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach. Céim shuntasach chun tosaigh is ea glacadh an Chiste um Aistriú Cóir (an chéad cholún den Sásra um Aistriú Cóir).

4.3.

Tá CESE den tuairim go bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta, ag an tsochaí shibhialta agus ag eagraíochtaí tionsclaíocha maidir leis an Sásra um Aistriú Cóir a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air, ach maidir le feasacht a mhúscailt freisin i measc na n-údarás poiblí i dtaca le riachtanais shonracha na saoránach agus na ngnólachtaí. Ba mhór ag CESE idirphlé agus comhar treisithe a bheith ann idir na húdaráis phoiblí Eorpacha agus náisiúnta, na geallsealbhóirí tionsclaíocha agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha tionsclaíocha ábhartha.

4.4.

Tá ról ríthábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta ar gach leibhéal maidir le straitéisí um an aistriú cóir a chaibidliú laistigh de chomhairlí oibreacha nó de chomhlachtaí ábhartha eile um idirphlé sóisialta. Is iad na comhpháirtithe sin is fearr atá in ann cruthú agus scriosadh post a shainaithint agus anailís a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo maidir le hoiliúint agus uas-sciliú an lucht saothair. Baineann na riachtanais is práinní atá ann faoi láthair le hoibrithe a bhfuil saineolas acu ar athchúrsáil, dearadh, agus monarú na dtáirgí a bhfuil síneadh curtha lena saolré, agus ar bhainistiú dramhaíola agus ar ardsórtáil.

5.   Dramhaíl, An Treoir Réime maidir le Dramhaíl, agus an Rialachán maidir le Loingsithe Dramhaíola

5.1.

Tá luach tábhachtach ag baint le dramhaíl a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas: aisghabháil amhábhar tánaisteach, geilleagar ciorclach an Aontais agus an Comhaontú Glas don Eoraip a chur ar aghaidh, an spleáchas ar amhábhair phríomha allmhairithe a laghdú, acmhainní nádúrtha a spáráil, agus san am céanna an tomhaltas fuinnimh a úsáidtear chun mianadóireacht a dhéanamh ar amhábhair phríomha agus chun iad a phróiseáil san Eoraip a laghdú agus astaíochtaí CO2 a laghdú sna tionscail fheiriúla agus neamhfheiriúla.

5.2.

An t-athbhreithniú a dhéanfar ar Threoir Réime an Aontais maidir le Dramhaíl, beidh tábhacht ag baint leis do theaghlaigh phríobháideacha agus do thionscail araon, agus is é is aidhm dó an méid seo a leanas a bhaint amach: tuilleadh a dhéanamh ó thaobh chosaint an chomhshaoil agus shláinte an phobail ar éifeachtaí an bhainistithe dramhaíola; méid na dramhaíola a laghdú; an athúsáid a mhéadú agus an bailiú ar leithligh a fheabhsú chun ullmhú le haghaidh athúsáid agus athchúrsáil ar ardchaighdeán a spreagadh.

5.3.

Maidir leis na critéir ábhartha sa Treoir Réime maidir le Dramhaíl a leagadh amach chun spriocanna uaillmhianacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a bhaint amach, tá CESE den tuairim gur cheart iad a chinneadh agus a chomhchuibhiú laistigh den Aontas ina dhiaidh sin. Tá CESE den tuairim go bhfuil gá le comhleanúnachas le reachtaíocht eile, agus le ESPR agus le reachtaíocht Bhallstáit an Aontais go háirithe, chun aon débhríocht, dúbailt nó forluí a chur ó dhoras.

5.4.

Dá dtiocfadh méadú ar an méid dramhaíola a sheoltar go hinmheánach agus dá gcuirfí nósanna imeachta níos tapúla i bhfeidhm, dhéanfaí tuilleadh athchúrsála intíre ar ábhair fheiriúla agus neamhfheiriúla agus bheadh na hábhair sin níos iomaíche dá bharr agus laghdófaí na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leo. Thairis sin, measann an Coimisiún go gcruthófar idir 9 000 agus 23 000 post nua in earnáil na hathúsáide agus na hathchúrsála.

5.5.

Tháinig CESE ar an gconclúid cheana féin “go ndéanann onnmhairí dramhaíola in-athchúrsáilte ar ardcháilíocht […] dochar d”inbhuanaitheacht an Aontais agus go mbaintear an bonn dá iomaíochas domhanda trí acmhainní luachmhara a chur ar fáil d”iomaitheoirí seachtracha” (4). D”fhonn leas iomlán a bhaint as an méadú atá tagtha ar an dramhaíl inmheánach, tá CESE ag iarraidh go mbeadh deiseanna cistiúcháin ann don taighde agus don fhorbairt chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha a aimsiú don athchúrsáil agus don athúsáid agus chun saoráidí cóireála agus athchúrsála úrscothacha a bhunú.

5.6.

Níor cheart onnmhairí dramhaíola ón Aontas a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil na caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta coibhéiseach leo siúd san Aontas agus go bhfuil siad á n-urramú go hiomlán sa tír ceann scríbe. Ní mór na rialuithe ag teorainneacha an Aontais a dhéanamh níos déine chun an sceitheadh dramhaíola a chosc, agus ba cheart na rialacha trédhearcachta i dtaca le dramhaíl onnmhairithe a bheith níos déine agus ba cheart an t-eolas ábhartha a bhaineann lena bainistiú agus le hurramú na gcaighdeán a chur ar fáil go poiblí. Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir le hiniúchtaí tríú páirtí ar an leibhéal náisiúnta ar shaoráidí dramhaíola seachtracha, agus tá sé iarrtha aige go mbeadh “na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha […] mar chuid de na nósanna imeachta iniúchóireachta” (5).

5.7.

Tá an Coimisiún den tuairim gur cheart dianrialú a chur i bhfeidhm ar na saincheisteanna maidir le haicmiú ar eagla go ndéanfaidh onnmhaireoirí dramhaíola iarracht a n-onnmhairiú dramhaíola reatha a athaicmiú mar onnmhairiú dramhaíola deiridh. D”fhéadfadh riosca den sórt sin an bonn a bhaint go hiomlán ón athchóiriú iomlán a mhol an Coimisiún maidir le honnmhairiú dramhaíola.

5.8.

Ba cheart tús áite a thabhairt d”fhaireachán ex-ante nó seiceáil ex-post éifeachtach ó thaobh na gcoinníollacha agus na rialachán a bhaineann le dramhaíl a phróiseáil go háitiúil, agus an méid sin a chur i bhfeidhm. Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí isteach nósanna imeachta coimirce a bheadh cuí agus éifeachtach chun onnmhairí a chur ar fionraí más amhlaidh nach gcomhlíontar na coinníollacha cuí.

5.9.

Tá CESE ag iarraidh go ngiorrófaí go dhá bhliain an idirthréimhse a bhaineann leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le Loingsithe Dramhaíola a chur i bhfeidhm. I ndáil leis an teorainn ama 30 lá atá beartaithe chun deis a thabhairt do na húdaráis inniúla idirthurais agóidí bailí a dhéanamh maidir le loingsiú beartaithe le haghaidh téarnaimh, ba cheart í a laghdú go deich lá d”fhonn inoibritheacht a áirithiú agus moilleanna neamhriachtanacha a sheachaint. Thairis sin, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí srian shoiléir ar na húdaráis sin chun cosc a chur orthu agóid a dhéanamh i gcoinne an loingsithe chéanna níos mó ná uair amháin.

5.10.

Chun sláine comhshaoil a áirithiú, tá CESE ag iarraidh ar an bParlaimint agus ar an gComhairle na critéir dhochta chéanna a bhaineann leis na gealltanais chomhshaoil maidir le dramhaíl a onnmhairítear a chur i bhfeidhm ar thíortha ECFE agus ar thíortha nach cuid de ECFE iad.

5.11.

Tá easnaimh ann ó thaobh na nósanna imeachta forfheidhmithe atá ann cheana sa Rialachán maidir le Loingsithe Dramhaíola agus, dá thoradh sin, tá méadú tagtha ar líon na loingsithe dramhaíola aindleathaí atá ar bun ag eagraíochtaí coiriúla; meastar gur fiú an méadú sin agus 30 % de loingsithe dramhaíola san Eoraip (6). Tacaíonn CESE le forfheidhmiú na nósanna imeachta a bhaineann le hiniúchadh agus le himscrúdú, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh comhar iomlán ann idir na Ballstáit agus an tAontas, i gcomhréir le straitéis nua an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025 (7).

5.12.

Tá ról tábhachtach ag na geallsealbhóirí tionsclaíocha agus ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha maidir le dul i ngleic le loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola. Ba cheart sonraí neamhrúnda a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara uile, toisc go gcuideoidh trédhearcacht mhéadaithe chun líon na loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola a laghdú.

6.   Éicidhearthóireacht

6.1.

Tá CESE den tuairim nach mór an reachtaíocht maidir le héicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe a neartú chun spriocanna uaillmhianacha an Aontais a bhaint amach, faoi mar a leagadh amach iad sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach. Le ESPR, tugtar deis do tháirgeoirí an Aontais idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid tairgí féin agus tairgí eile nach n-éiríonn chomh maith céanna leo trí mhodh measúnaithe coiteann a úsáid. Is gné ríthábhachtach í rannpháirtíocht na saineolaithe tionscail agus gheallsealbhóirí ábhartha eile an tslabhra luacha d”fhonn a áirithiú go bhfuil prionsabail na ciorclaíochta i bhfeidhm ar gach leibhéal de phróiseas deartha an táirge chun go gcuirfear san áireamh na riachtanais a bhaineann le dramhaíl a chosc agus le híosmhéid na n-ábhar athchúrsáilte.

6.2.

Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí na gnéithe sóisialta san áireamh sa sainmhíniú ar an inbhuanaitheacht, chun go mbeadh níos mó i gceist leis ná na riachtanais comhshaoil, mar is amhlaidh anois. Ba cheart do na gnéithe sóisialta na caighdeáin saothair idirnáisiúnta a chomhlíonadh, amhail urraim don idirphlé sóisialta agus don chómhargáil.

6.3.

Ba cheart úsáid amhábhar tánaisteach agus seachtháirgí a aithint faoi ESPR, toisc gur féidir leo rannchuidiú go suntasach le spriocanna beartais an Aontais maidir leis an athrú aeráide a bhaint amach. Ar an gcuma chéanna, tá an dearadh maidir le hin-athchúrsáilteacht táirgí, agus a gcomhábhar, ríthábhachtach chun borradh a chur faoin gciorclaíocht agus faoi líon na n-amhábhar tánaisteach ar ardchaighdeán atá ar fáil.

6.4.

Is uirlis thábhachtach é an pas táirge digiteach chun eolas ábhartha ar inbhuanaitheacht táirgí a chur ar fáil do na tomhaltóirí, chun cearta maoine intleachtúla na dtáirgeoirí a chosaint, agus chun bac a chur ar mhí-úsáid sonraí agus ar an nglas-snasú. Tá bunachar sonraí atá láidir, iontaofa agus cuimsitheach ríthábhachtach chun faisnéis den sórt sin a chur ar fáil maidir leis an margadh traidisiúnta agus an margadh ar líne.

6.5.

Thairis sin, éireoidh leathnú shaolré na dtáirgí níos tábhachtaí d”iomaíochas thionscal na hEorpa, go háirithe ós rud é gur minic go mbíonn an Eoraip spleách ar thríú tíortha. Tá CESE den tuairim nach mór infheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt, mar aon le comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, a neartú agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil dóibh.

7.   An Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta

7.1.

I gcomhar le togra ESPR, cuirtear deis ar fáil leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta chun inbhuanaitheacht na dtáirgí a ailíniú chun go mbeidh siad ar comhleibhéal ó thaobh uaillmhéine de ar fud earnálacha éagsúla an mhargaidh san earnáil foirgníochta. Cé go n-aithnítear sa togra i ndáil leis an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta an tábhacht a bhaineann le hábhair athchúrsáilte a úsáid, d”fhéadfadh úsáid seachtháirgí cuidiú freisin chun an spleáchas ar acmhainní príomha nádúrtha a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart an méid sin a chur san áireamh sna critéir feidhmíochta i leith na dtáirgí.

7.2.

Tá CESE den tuairim go mbeadh cothroime iomaíochta ann do tháirgí inbhuanaithe, agus go n-aithneofaí mar is ceart iad, dá dtabharfaí isteach ceanglais íosta maidir leis an inbhuaine comhshaoil, ceanglais shóisialta, lipéadú agus dreasachtaí margaidh.

7.3.

Ba cheart do na critéir maidir le Soláthar Poiblí Glas (SPG) úsáid a bhaint as tairsí feidhmíochta arna mbunú faoin Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta. Tá CESE den tuairim go bhfuil ról ríthábhachtach ag SPG maidir le dlús a chur leis na patrúin a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, an inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus margadh AE do tháirgí inbhuanaithe a chruthú. Tá CESE lánchinnte de go mbeadh creat comhleanúnach ann sna Ballstáit uile de thoradh caighdeánú comhchuibhithe ar tháirgí foirgníochta ar leibhéal an Aontais agus go gcuirfí feabhas ar an trédhearcacht a mhéid a bhaineann le marthanacht, indeisitheacht agus sábháilteacht, etc.

7.4.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach bhfuil na modhanna measúnaithe atá in úsáid san earnáil foirgníochta faoi láthair comhchuibhithe go hiomlán, rud a fhágann go bhféadfadh torthaí éagsúla teacht chun cinn ar fud an Aontais agus go mbeadh easpa inchomparáideachta ann dá bharr sin. Is réamhriachtanas é feabhas a chur ar chomhsheasmhacht agus ar inchomparáideacht na measúnuithe feidhmíochta comhshaoil a dhéantar ar tháirgí foirgníochta. Creideann CESE gur forbairtí dearfacha atá sna forbairtí atá déanta ar mhodheolaíocht an Loirg Comhshaoil (8), rud a d”fhéadfadh cabhrú leis na spriocanna sin a bhaint amach.

7.5.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún roinnt tionscnaimh reachtacha a chur chun cinn i ndáil le hindeisitheacht táirgí, saolré tairgí a fheabhsú, an lipéadú fuinnimh a thabhairt isteach, agus seirbhísí deisiúcháin a chur ar fáil do thomhaltóirí.

8.   Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht

8.1.

Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil gach ábhar pacáistíochta a chuirtear ar an margadh in-athchúrsáilte nó in-athúsáidte. Ba cheart a chur san áireamh sa dearadh maidir le hin-athchúrsáilteacht pacáistíochta, ní hamháin an ráta athchúrsála, ach an fhéidearthacht freisin ábhair a athchúrsáil gan a n-airíonna intreacha a chailleadh agus méid na n-ábhar príomha a ionadaítear. Cuideoidh sé sin le hathchúrsáil ardcháilíochta a áirithiú ag an gcéim deireadh ré. Ba cheart in-athchúrsáilteacht na n-ábhar pacáistíochta a chur san áireamh i scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora trí tháillí éiceamhodhnaithe a chur i bhfeidhm.

8.2.

Cé go bhfuil ról ag cion na n-ábhar athchursáilte maidir leis an éileamh ar ábhair athchúrsáilte a spreagadh, i gcás pacáistíochta cruach, tá margadh dea-fheidhmiúil d”ábhair thánaisteacha ann cheana féin agus tá an ráta athchúrsála le haghaidh pacáistíochta cruach níos mó ná 84 %. Dá bhrí sin, d”fhéadfadh oibleagáid maidir le hábhar athchúrsáilte a mhéadú astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhéadú más gá fuíoll a iompar thar achair mhóra agus a atreorú ó shruthanna foinse eile.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  An Chomhghuaillíocht Dhomhanda maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus le hÉifeachtúlacht Acmhainní.

(2)  EUR-Lex, Teachtaireacht ón gCoimisiún COM/2021/350 final – Updating the 2020 New Industrial Strategy [An Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a thabhairt cothrom le dáta].

(3)  EUR-lex: A new Circular Economy Action Plan For a cleaner and more competitive Europe [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche].

(4)  IO C 275, 18.7.2022, lch. 95–100, Tuairim NAT/842 ó CESE – Loingsithe Dramhaíola.

(5)  IO C 275, 18.7.2022, lch. 95–100, Tuairim NAT/842 ó CESE – Loingsithe Dramhaíola.

(6)  Questions and Answers on new EU rules on waste shipments [Ceisteanna agus Freagraí faoi rialacha nua an Aontais maidir le loingsithe dramhaíola].

(7)  EU Strategy to tackle Organised Crime 2021-2025 [Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025].

(8)  CE Recommendation on the use of the Environmental Footprint methods [Moladh ón gCoimisiún maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid] (IO L 471, 30.12.2021, lch. 1)


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/8


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais struchtúracha agus an neamhspleáchas straitéiseach a neartú in éiceachóras na leathsheoltóirí”

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 140/02)

Rapóirtéir:

Anastasis YIAPANIS

Comhrapóirtéir:

Guido NELISSEN

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

9.12.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

179/0/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann, go ndéanfaí tuilleadh faireachán straitéiseach agus bainistiú straitéiseach fad na slabhraí soláthair sliseanna, go ndéanfaí an méid sliseanna a bheadh ar fáil a thuar ar bhonn níos fearr, agus go mbeadh comhpháirtíochtaí níos dlúithe ann, i gcomhordú leis na húdaráis phoiblí ar an leibhéal Eorpach.

1.2.

Measann CESE gur cheart gach céim den slabhra luacha leathsheoltóirí a chur chun cinn sa straitéis Eorpach le haghaidh leathsheoltóirí, le haird ar leith á tabhairt ar dhearadh agus monarú sliseanna agus ar tháirgeadh cúil. Ní mór measúnú agus faireachán cúramach a dhéanamh ar chur chun feidhme an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna trí tháscairí soiléire (eochairtháscairí feidhmíochta) in éineacht le geallsealbhóirí tionsclaíocha agus leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí.

1.3.

Is údar imní ar leith do CESE spleáchas reatha an Aontais ar an monaraíocht chúil, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tSín. Tá an comhar idirnáisiúnta idir rialtais, braislí leathsheoltóirí agus institiúidí taighde agus forbartha thar a bheith tábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais atá ann faoi láthair, chun cothrom na Féinne a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na sochaí i gcoitinne.

1.4.

Is mór ag CESE na EUR 43 bhilliún a fógraíodh sa Ghníomh Eorpach um Shliseanna agus cruthú Chiste na Sliseanna atá ar na bacáin. Éilíonn CESE freisin go mbainfí leas iomlán as pleananna téarnaimh agus athléimneachta na hEorpa.

1.5.

Mar sin féin, tá sé á chur in iúl ag CESE nár chuir an Coimisiún Eorpach dóthain béime ar a thábhachtaí atá amhábhair, ciorclaíocht na bpróiseas táirgthe agus an spleáchas atá ann faoi láthair ar thríú tíortha. Ina fhianaise sin, tá sé ag iarraidh go ndéanfaí iarracht níos mó an rochtain ar na príomh-amhábhair a úsáidtear i dtáirgeadh leathsheoltóirí a ráthú.

1.6.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú cúramach ar na comhaontuithe saorthrádála agus na comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta atá ann cheana, d’fhonn féachaint go sonrach le huathriail straitéiseach oscailte a bhaint amach agus cur le hathléimneacht na hEorpa.

1.7.

Ba cheart infheistíocht a dhíriú ar réimsí ina bhfuil spleáchas na hEorpa ar sholáthraithe eachtracha teicneolaíochta an-ard. D’fhonn rioscaí a laghdú agus tréimhsí a bhfaightear toradh ar infheistíocht lena linn a fheabhsú, teastaíonn tacaíocht phoiblí (ach an ró-fhóirdheonú a sheachaint) ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát d’infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí claochlaitheacha, in ardáin dearaidh fhíorúla, sa chumas úrscothach dearthóireachta sliseanna, agus i saoráidí den chineál is úrnua (agus béim á leagan ar shliseanna ceannródaíocha).

1.8.

Ba mhaith le CESE dá ndéanfaí cistí an Aontais a dháileadh ar na Ballstáit agus na réigiúin ar bhealach atá éifeachtúil go heacnamaíoch agus cothrom, agus go ndéanfaí amhlaidh freisin i gcás cuideachtaí móra, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna. Tá sé á iarraidh ag CESE freisin go mbeadh plean láidir gníomhaíochta ann chun infheistíocht choigríche a mhealladh ó phríomhchuideachtaí idirnáisiúnta leathsheoltóra.

1.9.

Tá CESE den bharúil gur cheart a chur san áireamh in aon bheartas scileanna an tionchar a bhaineann le dlús a chur leis an nuálaíocht ar a thapa a chruthaítear agus a scriostar poist, chomh maith le páirt a thabhairt ann do chomhpháirtithe sóisialta an éiceachórais sliseanna, don saol acadúil agus d’ionaid ábhartha taighde. Tá dianiarrachtaí de dhíth má tá an lucht saothair chun uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh. Ní mór cabhrú le margadh saothair an Aontais scileanna riachtanacha sonracha a ghnóthú trí bhíthin na foghlama ar feadh an tsaoil agus cláir ghairmoideachais agus ghairmoiliúna, go háirithe d’oibrithe ó réimse ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic).

1.10.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go nglactar in áiteanna eile ar domhan roinnt mhaith de na nuálaíochtaí a fhorbraíonn eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta san Aontas agus tá sé den bharúil nach mór na hearnálacha críochúsáide a thabhairt níos cóngaraí do bhonn taighde leathsheoltóra na hEorpa.

1.11.

Tá CESE ag iarraidh go dtacófaí níos mó le braislí i dteicneolaíochtaí digiteacha agus go mbainfí leas níos fearr as acmhainneacht nuálaíochta FBManna ardteicneolaíochta. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh reachtaíocht chomhsheasmhach ann maidir le dreasachtaí cánach atá ina spreagadh ó thaobh infheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt de, go háirithe a fhad a bhaineann le taighde agus forbairt i ndearadh sliseanna.

1.12.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh tuilleadh nuálaíochta agus cosanta ann chun cur i gcoinne cibirionsaithe, agus go mbeifí níos réidhe do thuilleadh bagairtí nuálacha cibearshlándála.

2.   Dúshláin roimh straitéis an Aontais le haghaidh leathsheoltóirí

2.1.

Mar thoradh ar an réabhlóid dhigiteach agus na teicneolaíochtaí claochlaitheacha a bhfuiltear de shíor á lorg, tá méadú suntasach tagtha ar an éileamh ar leathsheoltóirí. Cuid mhór de phaindéim COVID-19 agus den tréimhse téarnaimh uaithi is ea na ganntanais fhorleathana sa slabhra soláthair, rud a fhágann, maille leis na praghsanna méadaithe fuinnimh agus na scrogaill soláthair ó thaobh amhábhair ríthábhachtacha de, go bhfuil laincis ar an téarnamh eacnamaíoch agus go bhfuil aschur tionsclaíoch an Aontais ag trá.

2.2.

Tá tionscal micrileictreonaice na hEorpa (455 000 post díreach) ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain a mhéid a bhaineann le próiseálaithe tiomnaithe i dtaobh córais leabaithe, braiteoirí, sliseanna radaimhinicíochta, leictreonaic chumhachta, sliseoga sileacain, ceimiceán, agus ardtrealamh táirgthe sliseanna. Tá bonn láidir taighde ag an Aontas a bhuí lena ionaid taighde agus a thionscnaimh uaillmhianacha thaighde agus forbartha.

2.3.

Táthar á thuar go dtiocfaidh méadú 300 % faoi 2030 ar an éileamh ar leathsheoltóirí sa tionscal gluaisteán agus, san am céanna, meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó faoi 2030 ar an ngá atá le sliseanna in earnáil na tionsclaíochta leictreonaí i ngeall ar roinnt mórthreochtaí amhail na teicneolaíochtaí táirgthe ardleibhéil atá mar chuid de Thionsclaíocht 4.0. Is ón earnáil cumarsáide a thagann 15 % den éileamh ar shliseanna san Aontas, ós rud é go ndeartar agus go dtáirgtear comhpháirteanna ríthábhachtacha le haghaidh sliseanna i dtrealamh cumarsáide le haghaidh 5G taobh amuigh den Aontas den chuid is mó. Tá athrú ag teacht, ó thaobh na teicneolaíochta de, ar thionscail amhail tionscail an chúraim sláinte, an fhuinnimh, an aeraspáis, na cluichíochta agus tuilleadh nach iad. Chomh maith leis sin, tá méadú tagtha iontu ar an éileamh ar shliseanna seanbhunaithe agus ar shliseanna ardteicneolaíochta araon, ar phróisis táirgthe na sliseanna sin agus ar na táirgí a bhaintear astu. Tá sliseanna ríthábhachtach freisin le haghaidh fhorbairt na hintleachta saorga (IS) tionsclaíche agus fheidhmeanna IoT, ar margadh é sin a dtagann fás 50 % air gach bliain. Ach straitéis sliseanna a fhorbairt sna margaí láidre deiridh sin atá ann cheana agus iad sin atá ag teacht chun cinn, chuirfí tús le fáinne óir sa chaoi go mbeadh na príomhthionscail mhonaraíochta san Aontas ní b’iomaíche agus sa chaoi go mbeifí ní ba chumasaí ó thaobh sliseanna de laistigh den Aontas san am céanna.

2.4.

Ar an taobh eile den scéal, níl oiread céanna ionadaíochta ag earnáil na tionsclaíochta san Aontas i roinnt margaí deiridh atá tábhachtach i dtaobh leathsheoltóirí, amhail an néalríomhaireacht agus stóráil sonraí, an ríomhaireacht phearsanta, an chumarsáid gan sreang (fóin chliste) agus gléasanna tomhaltóirí (cluichíocht). Sa bhreis air sin, toisc nach bhfuil ar thalamh an Aontais ach 50 monarcha déantúsaíochta leathsheoltóirí (saotharlanna déantúsaíochta digití), tá bonn monaraíochta an Aontais cuibheasach íseal, ní féidir leis sliseanna a tháirgeadh a bhfuil gnéithe is lú ná 22 nm acu agus tá seasamh lag aige a mhéid a bhaineann le dearadh agus uirlisí dearaidh uathoibrithe. Mar thoradh air sin, in 2021, bhí easnamh EUR 19,5 billiún ag an Aontas i dtrádáil leathsheoltóirí (EUR 51 bhilliún in allmhairí i gcomparáid le EUR 31,5 billiún in onnmhairí) (1).

2.5.

Ós rud é nach dtiocfaidh ach méadú ar an éileamh ar shliseanna agus ar úsáid na sliseanna, iarrann CESE cláir uaillmhianacha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa na hearnála a laghdú trí bhíthin éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh inathnuaite agus teicneolaíochtaí claochlaitheacha.

3.   Iomaíochas agus uathriail straitéiseach

3.1.

Is mó an fheasacht atá ann gur gá ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa i réimse na leathsheoltóirí a neartú i bhfianaise an iliomad rioscaí atá ag bagairt ar an earnáil sin (i.e. ganntanais struchtúracha, rioscaí don slabhra soláthair, cumhacht mhonaplach i bpríomhchodanna den slabhra luacha, rioscaí geopholaitiúla) agus an tionchair atá acu sin ar réimse leathan tionscal.

3.2.

Bíonn éifeachtaí an-diúltach ag suaitheadh soláthair leathsheoltóirí ar gheilleagar agus ar shochaí na hEorpa. I bhfianaise a chasta atá an slabhra soláthair leathsheoltóirí, is deacair rioscaí ó thaobh suaitheadh de a shainaithint, a mheas agus na bearta iomchuí maolaitheacha a dhéanamh. Tá CESE den bharúil gur féidir an slabhra luacha sliseanna a neartú ach an méid seo a leanas a dhéanamh: an trédhearcacht agus an infheictheacht a mhéadú; a áirithiú go ndéanfar faireachán agus bainistíocht níos straitéisí ar an slabhra soláthair; an méid sliseanna a bheidh ar fáil a thuar ar bhonn níos fearr; agus comhpháirtíochtaí níos dlúithe a chothú ar gach leibhéal den slabhra soláthair, i gcomhordú leis na húdaráis phoiblí ar an leibhéal Eorpach.

3.3.

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ó thaobh soláthar fadtéarmach de agus ionas go bhféadfadh an tAontas a bheith san iomaíocht dhomhanda maidir le comhpháirteanna úrscothacha leathsheoltóra a dhearadh agus a tháirgeadh, ar comhpháirteanna iad sin atá ag éirí níos casta, measann CESE gur cheart gach céim den slabhra luacha leathsheoltóirí a chur chun cinn sa straitéis Eorpach le haghaidh leathsheoltóirí, lena n-áirítear taighde ar leathsheoltóirí, dearadh, monarú sliseanna, cóimeáil, tástáil agus pacáistiú.

3.4.

Measann CESE go háirithe nach mór don Aontas infheistíocht a dhéanamh i réimsí ina bhfuil spleáchas na hEorpa ar sholáthraithe eachtracha teicneolaíochta an-ard, amhail dearadh agus uathoibriú dearaidh leictreonach, cumas monaraíochta agus ardphacáistiú.

3.5.

Is léir gur réimse straitéiseach teicneolaíochta anois iad na leathsheoltóirí agus go bhfuil easpa cumais mhonaraíochta san Aontas ó thaobh sliseanna cúlfhaobhair agus sliseanna úrscothacha araon de. Ina fhianaise sin, ní mór don Aontas tacú le hinfheistíochtaí i dtáirgeadh sliseanna ós rud é go bhfuil sé sin ríthábhachtach chun athléimneacht na monaraíochta a neartú sna hearnálacha is mó tábhacht. Go deimhin, bíodh is go bhfuil ardéileamh cheana féin ar shliseanna seanbhunaithe (teicneolaíocht 12-40_nm) laistigh d’earnálacha tionsclaíocha na hEorpa, tá an t-éileamh sin fós ag dul i méid. Ag an am céanna, táthar á thuar go méadóidh an t-éileamh ar shliseanna ceannródaíocha (faoi bhun nóid 10 nm) i bhfad níos tapúla mar thoradh ar an aistriú i dtreo na himeall-ríomhaireachta, na ríomhaireachta candamaí, IoT, na tiomána uathoibrithe agus IS. Spreagadh athraithe radacaigh iad na teicneolaíochtaí sin i roinnt mhaith earnálacha tionsclaíocha, mar atá earnáil na hinnealtóireachta, an earnáil gluaisteán, earnálacha na leictreonaice, an chúraim sláinte, na cosanta agus na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh. Is cinnte go bhfuil sé d’acmhainn ag na tionscail sin margadh Eorpach a chruthú chun tacú le táirgeadh sliseanna ceannródaíocha san Eoraip san fhadtéarma.

3.6.

Faraor, d’fhonn tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí, measann CESE gur gá ar dtús infheistíochtaí a dhíriú ar chumas úrscothach dearthóireachta sliseanna, á chur san áireamh go bhfuil easpa cumais mhonaraíochta san Eoraip i ndáil le leathsheoltóirí ardloighce.

3.7.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar mhonaraíocht chúil (cóimeáil, tástáil agus pacáistiú san áireamh), ar monaraíocht dlúthfhostaíochta í sin a d’fhéadfaí a lonnú go straitéiseach in Oirdheisceart na hEorpa, áit a bhfuil costais saothair níos iomaíche. Is údar imní do CESE na rioscaí éagsúla atá ag bagairt ar an Aontas mar gheall ar é a bheith spleách ar an monaraíocht chúil, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tSín.

3.8.

Is den ríthábhacht rochtain a ráthú ar na príomh-amhábhair a úsáidtear i dtáirgeadh leathsheoltóirí, amhail ceimiceáin ardíonachta (gearmáiniam, bórón, indiam), gáis speisialta (neon, héiliam, argón), ionadaithe ar shileacan (e.g. cairbíd sileacain ar mhaithe le bainistiú cumhachta níos fearr). De réir mar a théann an t-éileamh ar shliseanna in airde, toisc iad a bheith ag éirí níos casta, tiocfaidh méadú freisin ar an éileamh ar na hábhair sin.

3.9.

Tugann CESE dá aire nár chuir an Coimisiún Eorpach dóthain béime ar a thábhachtaí atá amhábhair, ciorclaíocht na bpróiseas táirgthe agus an spleáchas atá ann faoi láthair ar thríú tíortha. Tá an méid seo a leanas ráite ag CESE ar an ábhar: “Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do lucht tionscail plé a dhéanamh le chéile ar conas na foinsí soláthair a éagsúlú agus, go háirithe, conas athchúrsáil níos fearr a dhéanamh ar amhábhair chriticiúla i gcomhthéacs geilleagar ciorclach tionsclaithe sa mhicrileictreonaic (2).”

3.10.

Creideann CESE nach mór measúnú agus faireachán cúramach a dhéanamh ar chur chun feidhme an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna agus tá sé á iarraidh aige go mbeadh eochairtháscairí soiléire feidhmíochta ann chun an dul chun cinn a mheasúnú. Ní mór na táscairí a chinneadh in éineacht le geallsealbhóirí tionsclaíocha agus leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí.

4.   Rannpháirtíocht gheallsealbhóirí an Aontais, comhar idirnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha

4.1.

Creideann CESE go bhfuil an chomhghuaillíocht Eorpach um próiseálaithe agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra, a sheol an Coimisiún i mí Iúil 2021, ríthábhachtach chun na bearnaí atá ann cheana sa phróiseas táirgthe agus i nglacadh na teicneolaíochta san Aontas a shainaithint. Ba cheart don chomhghuaillíocht plé críochnúil a dhéanamh, le rannpháirtíocht chomhpháirtithe sóisialta an éiceachórais sliseanna, an tsaoil acadúil agus na n-ionad ábhartha taighde, ar athléimneacht an Aontais a neartú agus ar shlándáil na slabhraí soláthair a áirithiú.

4.2.

Tá CESE den bharúil go bhfuil an comhar idirnáisiúnta idir rialtais, braislí leathsheoltóirí agus institiúidí taighde agus forbartha thar a bheith tábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais atá ann faoi láthair agus chun muinín fhrithpháirteach a áirithiú d’fhonn cothrom na Féinne a bhaint amach. Ina theannta sin, ach éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a threisiú, d’fhorbrófaí spleáchais fhrithpháirteacha fad na slabhraí luacha domhanda agus, ar an gcaoi sin, chuirfí brú ar an gcaibidlíocht idirnáisiúnta agus d’fheabhsófaí athléimneacht ghinearálta na hearnála trí chéile. Mar sin féin, chuir CESE a sheasamh in iúl go soiléir cheana nach mór “rás fóirdheontais a sheachaint agus [go g]caithfear cistí a chaitheamh go héifeachtúil gan róacmhainneachtaí agus saobhadh margaidh a chruthú (3).”

4.3.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú cúramach ar na comhaontuithe saorthrádála agus na comhpháirtíochtaí tionsclaíochta idirnáisiúnta atá ann cheana, d’fhonn féachaint go sonrach le huathriail straitéiseach oscailte a bhaint amach agus cur le hathléimneacht na hEorpa, i gcomhthéacs geopholaitiúil atá níos casta ná riamh. Ba cheart dlús a chur leis an bplé laistigh den Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí, ar cheart dó cur le líon a chomhaltaí trína iarraidh ar gheallsealbhóirí tionsclaíocha agus ar chomhpháirtithe sóisialta a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Aontais chun bheith rannpháirteach ann, chomh maith leis na hionaid taighde is tábhachtaí.

4.4.

Caithfear díospóireachtaí i bhfóraim Eorpacha a dhíriú freisin ar dhlús a chur leis na nósanna imeachta ceada le haghaidh saoráidí nua, mar atá beartaithe, rud a d’fhéadfadh a bheith ina mhórdhreasacht chun infheistíochtaí suntasacha eachtracha a chaibidliú (4), a gcruthófaí éileamh láithreach bonn dá bharr. Rud is tábhachtaí fós, laghdófaí an ilroinnt agus d’áiritheofaí an intuarthacht ar mhaithe le hinfheistíochtaí amach anseo ach an t-ualach riaracháin a laghdú agus saoráidí rialála a chur chun feidhme i ngach Ballstát.

5.   Maoiniú

5.1.

Is mór ag CESE na EUR 43 bhilliún a fógraíodh sa Ghníomh Eorpach um Shliseanna agus cruthú Chiste na Sliseanna atá ar na bacáin, ach tá sé á éileamh aige go soiléireofaí go mionsonraithe conas a dhéanfaí na cistí poiblí agus príobháideacha sin a chruinniú agus a leithdháileadh. Ina cheann sin, tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur cheart leas iomlán a bhaint as pleananna téarnaimh agus athléimneachta na hEorpa, agus é mar aidhm acu 20 % de na buiséid atá ann dóibh a thiomnú do chlaochlú digiteach na mBallstát.

5.2.

Tá CESE den bharúil go dteastaíonn tacaíocht phoiblí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát d’infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí claochlaitheacha, in ardáin dearaidh fhíorúla agus i saoráidí den chineál is úrnua (agus béim á leagan ar shliseanna ceannródaíocha) d’fhonn rioscaí a laghdú agus tréimhsí a bhfaightear toradh ar infheistíocht lena linn a fheabhsú i dtaobh na saoráidí a chaithfí a thógáil as an nua ar fad.

5.3.

Ós rud é gurb iad na Ballstáit atá mar chuid den Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí, tá imní ar CESE go mbeidh na Ballstáit in adharca a chéile ag iarraidh an sciar is mó de na cistí a fháil. Dá bhrí sin, ba mhaith le CESE dá ndéanfaí cistí an Aontais a dháileadh ar na Ballstáit agus na réigiúin ar bhealach atá éifeachtúil go heacnamaíoch agus cothrom, agus go ndéanfaí amhlaidh freisin i gcás cuideachtaí móra, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, ionas nach bhfágfaí aon duine ar lár. Chomh maith leis sin, tá sé ráite ag CESE cheana féin gur cheart critéir shonracha a cheapadh agus gur cheart “critéir an bheartais shóisialta a chur san áireamh, amhail an meon atá ag an ngnóthas lena mbaineann i leith an idirphlé shóisialta agus na cómhargála, agus an comhar tosaíochta le soláthraithe atá bunaithe san Aontas, ach freisin líon na bpost inbhuanaithe breise arna gcruthú leis na hinfheistíochtaí agus cáilíocht na ndálaí oibre (5).”

5.4.

A bhuí leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna atá beartaithe, méadófar an méid iasachtaí agus maoinithe caipitil fiontair atá ar fáil agus déanfar fás cuideachtaí beaga nuálacha leathsheoltóirí a éascú a thuilleadh. Mar sin féin, tá margadh lánfheidhme caipitil fiontair de dhíth ar an Eoraip chun cabhrú leis na cuideachtaí sin eolas an bhealaigh a fháil trasna “gleann an bháis”, a thosaíonn ag céim na taispeána agus a chríochnaíonn ag an tabhairt isteach ar an margadh. Tá treoir phraiticiúil á hiarraidh ag CESE, go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna, maidir le conas is féidir na cistí sin a rochtain.

5.5.

Ar deireadh, ba mhaith le CESE plean láidir gníomhaíochta a bheith ann freisin chun infheistíocht choigríche a mhealladh, go háirithe ó phríomhchuideachtaí idirnáisiúnta leathsheoltóirí, d’fhonn caipiteal agus fios gnó araon a mhealladh chuig talamh an Aontais.

6.   Scileanna

6.1.

Is príomhshócmhainn dholáimhsithe anois sa réabhlóid thionsclaíoch dhigiteach iad na scileanna digiteacha agus is gné thábhachtach i gcomhair cinntí infheistíochta é lucht saothair oilte a bheith ann. Faraor, tá moill uafásach á cur ar chur i bhfeidhm cumais dhigitigh mar gheall ar an easpa scileanna atá ann. Uirlisí ríthábhachtacha is ea an t-oideachas digiteach agus an mhúscailt feasachta i measc an phobail maidir le tionchar na bhfeidhmchlár digiteach (na buntáistí agus na rioscaí araon i dtaca leis an gcomhchruinniú cumhachta agus an urraim don saol pearsanta) lena gcuirtear ar chumas na dtomhaltóirí agus an tsochaí shibhialta cur go freagrach le forbairtí amach anseo san éiceachóras sliseanna agus lenar féidir an t-aos óg a mhealladh. Iarrann CESE freisin aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá le cosaint a thabhairt do shláinte oibrithe na monaraíochta micrishliseanna a nochtar do shubstaintí guaiseacha.

6.2.

Faoi láthair, is cúis mhór imní a thapa atá méadú ag teacht ar na folúntais atá ann d’innealtóirí, do speisialtóirí dearaidh agus do theicneoirí. Ina fhianaise sin, is díol sásaimh do CESE an Comhshocrú um Scileanna i dtaobh an Éiceachórais Dhigitigh a seoladh le déanaí. Ba cheart go gcabhródh an Clár Oibre Scileanna don Eoraip le spriocanna an chláir Conair i dtreo na Deacáide Digití a bhaint amach, i.e. scileanna bunúsacha digiteacha a chur ar 80 % den phobal, míchothromaíochtaí inscne a laghdú agus 20 milliún speisialtóir sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a bheith ann faoi 2030. Ba cheart go mbainfí amach leis freisin spriocanna Chlár Oibre Scileanna an Aontais agus spriocanna Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (i.e. go bhfreastalódh 60 % de dhaoine fásta ar chúrsaí oiliúna).

6.3.

Ba cheart a chur san áireamh in aon bheartas scileanna an tionchar a bhaineann le dlús a chur leis an nuálaíocht ar a thapa a chruthaítear agus a scriostar poist, lena n-áirítear athrú an mhargaidh saothair ó bhonn mar thoradh ar fhorbairtí teicneolaíocha in IS. Is iad na poist nach dteastaíonn mórán scileanna chucu nó a dteastaíonn meánscileanna chucu is mó atá i mbaol dul ar ceal trína n-ionadú le huirlisí digiteacha agus uathoibriú. San am céanna, méadóidh an t-éileamh ar ardscileanna digiteacha. Tá CESE den bharúil go bhfuil dianiarrachtaí de dhíth má tá an lucht saothair chun uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh, go háirithe i gcás oibrithe atá thíos le dífheidhmeacht scileanna teicneolaíochta. Ina theannta sin, ní mór cabhrú le margadh saothair an Aontais, trí bhíthin na foghlama ar feadh an tsaoil agus cláir ghairmoideachais agus ghairmoiliúna, sainréimsí a fhorbairt trí scileanna riachtanacha sonracha a ghnóthú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach rochtain a thabhairt d’fhoghlaimeoirí ar threalamh úrscothach deartha agus monaraíochta agus ar thaithí oiliúna fíorshaoil.

6.4.

Measann CESE freisin go bhfuil creat comhleanúnach reachtach ag teastáil ón Aontas chun lucht saothair atá speisialaithe i leathsheoltóirí a mhealladh ón iasacht. Is mór ag CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas (6) agus measann sé nach mór é sin a chomhlánú le cláir uas-scilithe agus athoiliúna, lena n-áirítear d’oibrithe ó réimse ETIM.

6.5.

Ar an taobh eile den scéal, tá CESE buartha faoi go n-eascróidh cogadh tallainne as an easpa scileanna ar fud an domhain, agus fágfaidh sé sin go n-imeoidh daoine oilte ón Aontas ar imirce nó go dtarlóidh sin ar bhonn idirnáisiúnta. Ina fhianaise sin, tá CESE ag tnúth leis an Teachtaireacht atá ar na bacáin: Imirce daoine oilte – maolú ar na dúshláin a bhaineann le titim sa daonra.

7.   Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht

7.1.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go nglactar in áiteanna eile ar domhan roinnt mhaith de na nuálaíochtaí a fhorbraíonn eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta san Aontas agus nár neartaíodh an bonn monaraíochta san Aontas tríthu, rud is trua. Dá bhrí sin, measann CESE nach mór d’eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta an Aontais an bonn iomlán tionsclaíoch agus an fios gnó atá ann cheana maidir le leathsheoltóirí a thabhairt le chéile, línte píolótacha a uasghrádú agus a thógáil agus na deiseanna atá ann do thodhchaí príomhréimsí (amhail an imeall-ríomhaireacht, IS agus an chibearshlándáil) a fhiosrú agus leas a bhaint astu. I ndáil leis sin, beidh sé ríthábhachtach earnálacha críochúsáide a thabhairt níos cóngaraí do bhonn taighde na hEorpa.

7.2.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh treochláir nuálaíochta fhadtéarmacha ann chun tacú leis an aistriú digiteach, as siocair go gceadaítear leo cur chuige réamhghníomhach i dtaobh infheistíochtaí taighde agus forbartha ar mhaithe le spriocanna straitéiseacha níos fadtéarmaí agus chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí san éiceachóras leathsheoltóirí. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go mbainfí leas níos fearr as acmhainneacht FBManna ardteicneolaíochta ó thaobh na nuálaíochta de, ós rud é gur minic a bhíonn na cuideachtaí sin thar a bheith speisialaithe, solúbtha agus gníomhach i margaí nideoige.

7.3.

Tá sé á chur in iúl ag CESE nach mór cosaint níos fearr a áirithiú do mhaoin luachmhar intleachtúil cuideachtaí a mhéid a bhaineann le sliseanna agus is díol sásaimh dó na rialacha soiléire a leagadh síos sa Ghníomh Eorpach um Sliseanna chuige sin. Ní mór don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí, mar chuid dá ghníomhaíochtaí amach anseo, comhairliúcháin thráthúla a dhéanamh le geallsealbhóirí earnáil na tionsclaíochta maidir le cosaint éifeachtach chearta maoine intleachtúla an Aontais.

7.4.

Creideann CESE gur cheart infheistíocht speisialta a dhíriú ar thaighde agus ar fhorbairt i ndearadh sliseanna, ós rud é gurb é sin is cúis leis an gcuid is mó den luach breise agus ós rud é go neartófaí leis sin na hargóintí eacnamaíocha ar son cumas monaraíochta níos forbartha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart an bithgheilleagar a chur san áireamh freisin, ar rud é atá ag forbairt go tréan agus a mbeidh réimse as cuimse feidhmeanna ag baint leis amach anseo. Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na deiseanna atá ann reachtaíocht chomhsheasmhach a ghlacadh maidir le dreasachtaí cánach lena spreagtar infheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt, go háirithe maidir le cuibhreannais a bheidh ann amach anseo a mbeidh cuideachtaí móra, FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus seach-chuideachtaí ó institiúidí taighde mar chuid díobh.

7.5.

Is saincheist mhór anois í an chibearshlándáil i roinnt mhaith earnálacha tionsclaíocha amhail an earnáil gluaisteán agus earnálacha na hinnealtóireachta, na cumarsáide, an chúraim sláinte, an aeraspáis agus na cosanta. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh tuilleadh nuálaíochta agus cosanta ann chun cur i gcoinne cibirionsaithe, agus go mbeifí níos réidhe do thuilleadh bagairtí nuálacha cibearshlándála. Tá an Coiste i bhfabhar an togra le haghaidh Gníomh um an gCibear-athléimneacht lena dtabharfar isteach ceanglais nua chibearshlándála agus lena gcothófar tuiscint níos fearr i measc táirgeoirí agus tomhaltóirí ar na cibearbhagairtí atá ann. Iarrann CESE freisin ról Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil a threisiú a thuilleadh.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christina SCHWENG


(1)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin – A Chips Act for Europe (Ionstraim um Shliseanna don Eoraip).

(2)  IO C 365, 23.9.2022, lch. 34.

(3)  IO C 365, 23.09.2022, lch. 23.

(4)  Cuir i gcás, rud is fíor i dtaobh na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair le Intel ó SAM, Samsung ón gCóiré Theas agus TSMC ón Téaváin.

(5)  IO C 365, 23.09.2022, lch. 34.

(6)  COM(2022) 657 final – Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas.


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/14


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — COVID-19: “Ról na sochaí sibhialta in atógáil agus athléimneacht an réigiúin Eora-Mheánmhara”

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 140/03)

Rapóirtéir:

Angelo PAGLIARA

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25.3.2021

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

20.12.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

183/0/5

1.   Réamhrá

1.1.

Is crua an buille don réigiún Eora-Mheánmhara a bhí i ngéarchéim na paindéime, buille a chuir barr donais ar na fadhbanna a bhí ann cheana, rud a d’fhág go raibh dúshláin nua ann anuas ar na seandúshláin eile. Is dócha gur méadú éagothromaíochta an iarmhairt shocheacnamaíoch a bheidh air sin, go háirithe sna tíortha ar lag a gcóras eacnamaíocha agus a gcóras táirgeachta.

1.2.

Is éard a cinneadh leis an gCoiste Leantach Euromed CESE díriú ar ról na sochaí sibhialta san atógáil agus san athléimneacht sa réigiún Eora-Mheánmhara.

1.3.

Bhí lámh ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ón réigiún Eora-Mheánmhara agus ó chomhairlí eacnamaíocha agus sóisialta tíortha éagsúla eile i ndréachtú na tuarascála. Rinne Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Comhshaoil Mharacó Cruinniú Mullaigh Euromed 2021 a chomh-óstáil, agus tá dlúthchomhar ar leith ann idir an Coiste agus an Chomhairle sin.

1.4.

Dá bhrí sin, tá breisluach tábhachtach ag dul leis an tuarascáil faisnéise seo, a bhuíochas sin le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ar dhá bhruach na Meánmhara.

1.5.

Maidir leis an tuarascáil seo, is éard atá ann comhlánú ar thuarascálacha faisnéise a bhí ann roimhe seo maidir le hOideachas agus gairmoiliúint sa réigiún Eora-Mheánmhara, Digiteáil agus FBManna i réigiún na Meánmhara agus Forbairt Inbhuanaithe i réigiún na Meánmhara (1).

2.   Conclúidí

2.1.

Thug an tsochaí shibhialta ar fud an domhain freagairt don phaindéim láithreach bonn, ag obair dóibh i mbéal an chatha agus ag cuidiú agus ag cabhrú leis an bpobal. Sa limistéar Eora-Mheánmhara freisin, is ríthábhachtach an ról a bhí ag an tsochaí shibhialta chun éifeachtaí díobhálacha COVID-19 a mhaolú.

2.2.

Thug eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa réigiún Eora-Mheánmhara tacaíocht do ghníomhaíochtaí rialtais leis na seirbhísí riachtanacha agus trí bhíthin an chúraim sláinte a chuir siad ar fáil; rinne siad trealamh cosanta pearsanta a dháileadh, agus chuidigh siad le faisnéis thábhachtach a scaipeadh, go háirithe sna ceantair iargúlta. Is ríthábhachtach an obair atá á déanamh acu freisin chun tionchar na paindéime ar na haicmí is leochailí sa tsochaí a mhaolú, na mná agus na daoine óga, cuir i gcás, mar aon leis na hinimircigh agus leo siúd atá faoi mhíchumas.

2.3.

Is daingniú dlúthpháirtíochta sa réigiún Eora-Mheánmhara a bhí i rannpháirtíocht na sochaí sibhialta. Bhí lámh ag eagraíochtaí go leor de chuid na sochaí sibhialta i gComharsanacht an Deiscirt i mbunú na ngrúpaí dlúthpháirtíochta sibhialta, i dtástáil na modheolaíochtaí nuálacha. Chuir siad dlús leis an obair faisnéise agus leis an obair chomhordúcháin ar líne a bhíonn á déanamh acu.

2.4.

Creideann CESE go láidir nach féidir téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta atá cothrom agus cóir a bhaint amach ach amháin trí rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na hearnála príobháidí agus, go háirithe, na FBManna. Téarnamh limistéar na Meánmhara agus forbairt na samhlacha socheacnamaíocha inbhuanaithe athléimneacha, is nithe iad sin a chaithfear a bhunú ar phrionsabail mar urraim don smacht reachta, cosaint luachanna an daonlathais, cearta sóisialta agus cearta an duine, cur chun feidhme chroíchoinbhinsiúin EIS, agus gealltanas i leith aimsiú sprioc na forbartha inbhuanaithe, sin agus sprioc na haeráidneodrachta.

2.5.

Is díol sásaimh do CESE gur glacadh an Clár Oibre nua le haghaidh na Meánmhara, agus leagann sé béim ar an ngá atá le gach beart chun tacú leis an téarnamh chun freastal ar dhá aidhm mar atá an fhorbairt agus feabhsú shaol na ndaoine sa réigiún.

2.6.

Roinnt de na dúshláin shóisialta agus pholaitiúla, mar aon le dúshláin chomhshaoil, gheopholaitiúla agus inimirce, is dúshláin iad atá cnuasaithe i gceantar na Meánmhara, dúshláin mhóra ní hamháin don Eoraip ach don domhan ina iomláine. Creideann CESE nach féidir dul i ngleic leis na dúshláin ilghnéitheacha atá ag dul i ngéire sa limistéar ach amháin trí iltaobhachas athnuaite éifeachtach a mbeidh an tAontas Eorpach ag tacú leis.

2.7.

Tá an t-athrú aeráide ag dul i gcion ar limistéar na Meánmhara freisin: tá an talamh ag dul chun tirimeachta ann, tá ganntanas uisce ann, agus tá an teocht ag ardú ann. An ghéarchéim atá ann faoi láthair, is maith a chuir sí ar ár súile dúinn gur gá an athléimneacht choiteann a neartú agus comhoibriú a dhéanamh ar bhealaí nua i réimse an chomhshaoil agus i réimse na digiteála. Measann CESE gurbh úsáideach an rud a bheadh ann, go mór mór i bhfianaise fheasacht mhéadaithe na sochaí sibhialta, agus trí rannpháirtíocht mhéadaithe na ngeallsealbhóirí, tionscnaimh mar WestMED a leathnú agus a threisiú ionas go gcuideoidís leis na spriocanna aeráide agus comhshaoil a aimsiú trí shamhlacha an gheilleagair ghoirm a dhíreodh ar chruthú post agus ar chosaint an éiceachórais agus na héagsúlachta.

2.8.

Tá sé deich mbliana ó bhí Earrach na nArabach ann, agus tá athnuachan déanta ag an Aontas Eorpach ar an straitéis chomhair atá aige i gcomharsanacht na Meánmhara. I ndáil leis sin, measann CESE gur ionstraim thábhachtach é an Clár Oibre nua i gcomhair na Meánmhara le haghaidh théarnamh sóisialta agus eacnamaíoch an réigiúin i ndiaidh COVID-19. Ní mór an gealltanas comhpháirtíochta athnuaite a bheith nasctha go dlúth ní hamháin le dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta, ach le dúshláin chomhshaoil, dhéimeagrafacha agus inimirce freisin, ach dul chun cinn agus luachanna bunaidh an Aontais a bheith á n-urramú go hiomlán san am céanna aige. In áiteanna go leor ar fud an réigiúin, is beag teacht aniar a bhí sna córais sláinte, agus is mór an promhadh orthu géarchéim na paindéime, promhadh a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcobhsaíocht pholaitiúil chomh maith.

2.9.

I gcláir téarnaimh agus atógála limistéar na Meánmhara, ba cheart béim ar leith a leagan ar théarnamh tapa in earnáil na turasóireachta agus go háirithe ar théarnamh na bhfiontar beag agus meánmhéide a fhostaíonn níos mó ná leath na bhfostaithe san Aontas. Dá mairfeadh tionchar na géarchéime i bhfad, agus dá mairfeadh an dífhostaíocht struchtúrach, go háirithe i measc na n-óg agus i measc na mban, is tromchúiseach na hiarmhairtí sóisialta a bheadh air.

2.10.

Tá tábhacht ar leith le forbairt an chaipitil dhaonna atá sa lucht saothair ionas go dtiocfaidh forbairt inbhuanaithe ar chomhpháirtithe an Aontais i gceantar na Meánmhara. Ba cheart an oiliúint foirne a chur chun cinn, go háirithe in earnáil na turasóireachta. Thairis sin, tugann CESE dá aire gur constaic mhór í fadhb “imirce daoine oilte” ó thíortha comhpháirtíochta an deiscirt go dtí na tíortha tionsclaithe ardfhorbartha, go háirithe i ndáil le claochlú digiteach an gheilleagair sna tíortha úd. Dá bhrí sin, ba cheart do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh cead oibre gearrthéarmach agus meántéarmach a éascú san Aontas d’oibrithe féinfhostaithe agus d’fhostaithe araon, go háirithe san earnáil TF. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún tacú le tionscadail dhigiteacha a chur chun feidhme i dtíortha comhpháirtíochta ionas go bhfaighidh teicneoirí TF go háirithe deiseanna maithe fostaíochta ina dtír féin.

2.11.

Bainfidh an tAontas úsáid as na hionstraimí agus na cláir chomhair atá ann cheana chun an t-idirphlé le Comharsanacht an Deiscirt a neartú. Molann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an rannpháirtíocht is leithne is féidir d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus is trí idirphlé cuimsitheach sóisialta agus sibhialta ar gach leibhéal a dhéanfar sin. Cuirtear san áireamh saintréithe agus róil shonracha na ngníomhaithe éagsúla lena mbaineann agus lena leagtar béim ar an méid a chuireann siad le ceapadh agus le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart is gá chun tionchar na n-athruithe agus na ngéarchéimeanna atá ann faoi láthair a bhainistiú, éifeachtaí an athraithe aeráide ar an gcéad rud.

2.12.

Meastar go dtiocfaidh laghdú ar OTI per capita i dtíortha go leor i gComharsanacht an Deiscirt, agus meastar go mbeidh dúshláin mhóra ann dóibh le dul i ngleic leis an méadú ar na rioscaí sóisialta, mar aon leis na rioscaí eacnamaíocha agus baol na bochtaineachta. Dá bhrí sin, tá pleananna atógála eacnamaíocha agus airgeadais ag teastáil, pleananna a mbeidh bearta san áireamh iontu le tabhairt faoin easpa slándála sóisialta, easpa atá ag dul in olcas.

2.13.

An téarnamh eacnamaíoch atá i ndán do thíortha go leor i gcomharsanacht na Meánmhara, is rud é atá ag brath go mór feachtas cuí vacsaínithe a mbeadh éifeacht leis. Dá réir sin, is é moladh atá ag CESE COVAX a neartú, agus an tacaíocht lóistíochta agus soláthair is mó is féidir a fháil ó na hinstitiúidí Eorpacha, trí chomhaontuithe déthaobhacha freisin. Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach tacú le tíortha comhpháirtíochta ó dheas den Mheánmhuir chun saoráidí táirgthe féinchinntithe a bhunú le haghaidh vacsaíní agus táirgí leighis ina dtír féin. Sa chomhthéacs sin, iarrann sé arís eile go ndéanfaí ceist na bpaitinní vacsaíní agus na dtáirgí leighis a phlé ar bhealach fiúntach chun dul i ngleic le paindéimí.

2.14.

Creideann CESE gur rud ríthábhachtach a bheidh i rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta sa téarnamh iar-COVID-19 chun spriocanna éagsúla a aimsiú, saol na ndaoine a fheabhsú, mar shampla, sin agus samhail nua den fhorbairt inbhuanaithe a thabhairt chun cinn. Dá bhrí sin, iarrann sí ar na hinstitiúidí Eorpacha, faoi choimirce na comhpháirtíochta le Comharsanacht an Deiscirt, na hionstraimí uile a athneartú ionas go mbeidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach iontu.

2.15.

Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar thús cadhnaíochta sa tacaíocht atá á tabhairt don fhreagairt sláinte agus shóisialta ar an bpaindéim, agus is amhlaidh ba chúnamh a gcuid rannpháirtíochta praiticiúla le drochiarmhairtí sóisialta agus sláinte an phobail a mhaolú. Mar sin féin, faoi mar a chuir CESE in iúl cheana, an cumas atá iontu le freagairt do riachtanais na sochaí, is rud é ag múnlaithe ag an saol féin, ós minic teorainn leis na acmhainní atá ann, agus ós ag tuile agus ag trá a bhíonn soláthar na n-acmhainní sin. Is cinnte dar le CESE gur gá sásraí tacaíochta d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú. Is gá sin, ar rud amháin, chun cosaint níos fearr a thabhairt do na grúpaí is leochailí atá buailte ag an bpaindéim, daoine óga, mná, imircigh agus daoine faoi mhíchumas, cuir i gcás.

2.16.

Tá CESE ag iarraidh ar na hinstitiúidí Eorpacha tuilleadh díchill a dhéanamh chun tacú leis an tsíocháin, le tíortha daonlathacha, agus leis an urraim do chearta an duine sna limistéir choinbhleachta i gcomharsanacht na Meánmhara. Tá saol na ndaoine sna limistéir choinbhleachta imithe in olcas de dheasca na paindéime, agus ní gan dícheall mór a fhéadfar a chinntiú go gcuirfear plean síochána cuimsitheach i bhfeidhm.

2.17.

I bhfianaise a dheacra atá an téarnaimh i ndiaidh ghéarchéim na paindéime, is rud í an chaibidlíocht trádála idir an tAontas agus Maracó agus an Túinéis atá ag dul i dtábhacht. Is fíor sin freisin i gcás na caibidlíochta atá á beartú leis an Iordáin. Ba cheart don Aontas breis suntais a thabhairt do na neamhshiméadrachtaí atá ann faoi láthair, agus ba cheart dó freastal go leordhóthanach ar na comhpháirtithe trádála deisceartacha atá aige. Tá CESE ag iarraidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach sna próisis chaibidlíochta ar bhealach ní b’fhearr, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh bonn foirmiúil faoi na Conarthaí ionas go dtig leo rannchuidiú go dearfach leis an gcaidreamh trádála idir tíortha na comhpháirtíochta, thar gach ní eile chun cur chun feidhme chaibidlí éigeantacha inbhuanaitheachta na gcomhaontuithe trádála atá á mbeartú a áirithiú.

2.18.

Rud eile, molann CESE go dtabharfaí freagracht do na ESSanna agus do na comhpháirtithe sóisialta, ní hamháin as na caibidlí inbhuanaitheachta ach as raon feidhme iomlán na gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta chomh maith mar chuid dá gcuid rannpháirtíochta foirmiúla struchtúrtha.

2.19.

Is éard atá CESE a dhéanamh ag athdhearbhú a thuairime gur cheart don Aontas díriú ar chuid dá chuid cistí um Chúnamh don Trádáil chun tacú le rannpháirtíocht ESS agus fothú acmhainneachta sna iarrachtaí inbhuanaithe trádála agus infheistíochta atá á ndéanamh aige.

2.20.

San am atá caite, bhí CESE ag iarraidh go ndéanfaí neartú ar na scileanna digiteacha atá ag na daoine ar dhá bhruach na Meánmhara. Tar éis ghlacadh na straitéise nua don Mheánmhuir, agus d’fhonn atógáil a dhéanamh ar lorg na paindéime, is éard atá CESE a chur i bhfios gur gá borradh a chur faoin infheistíocht sa bhonneagar digiteach chomh maith le tacú le claochlú digiteach FBManna i spreagadh na fostaíochta agus i gcothú na forbartha sóisialta, rud lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, agus aitheantas á thabhairt aige d’fhéidearthacht na cómhargála agus an idirphlé shóisialta ar na leibhéil éagsúla.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is measaide comharsanacht na Meánmhara géarchéim na paindéime. Tá sé 25 bliana ó rinneadh Dearbhú Barcelona, agus tá sé deich mbliana ó bhí Earrach na nArabach ann, ach is ollmhór na dúshláin atá le sárú i limistéar na Meánmhara fós. Is éard a chinn an tAontas Eorpach agus a chuid comhpháirtithe i réigiún na Meánmhara le déanaí an comhar a seoladh as an nua agus é a neartú tríd an gClár Oibre nua uaillmhianach don Mheánmhuir.

3.2.

Sin rud a rinneadh ar an tuiscint nach féidir aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha na todhchaí ar mhaithe leis an dá thaobh ach amháin ag obair dóibh as láimh a chéile agus sin á dhéanamh de mheon na comhpháirtíochta. Sa Chlár Oibre áirítear plean infheistíochta eacnamaíoch saincheaptha chun tacú le téarnamh socheacnamaíoch Chomharsanacht na Meánmhara sa tréimhse 2021-2027. Faoi mar a d’fhógair an tArdionadaí Josep Borrell, is amhlaidh atáthar ar aon sprioc le chéile: Comharsanacht an Deiscirt a thógáil ionas gur síochánta slán a bheidh sí, í níos daonlathaí, í níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, í níos rathúla agus níos cuimsithí ná mar atá sí faoi láthair.

3.3.

Is staidéar é Bridging the Sea (2) a d’fhoilsigh Med Dialogue for Rights and Equality le déanaí, áit ar tháinig sé chun follais go raibh déileáil ag beagnach 63 % d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag feidhmiú i gComharsanacht an Deiscirt le saincheisteanna mar chomhdhlúthú an daonlathais agus na gceart, agus go raibh déileáil ag níos mó ná 53 % díobh, i measc nithe eile, le héagothromaíochtaí socheacnamaíocha. Is ag dul i dtábhacht atá a gcuid feasachta ar shaincheisteanna éiceolaíocha agus comhshaoil, mar aon leis an aird atá siad a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Deimhníonn na figiúirí sin go bhfuil bunchloch dhaingean ann, agus léiríonn siad gur gá tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na todhchaí ar bhealach níos éifeachtaí.

3.4.

Tá méadú tagtha ar láithreacht na sochaí sibhialta i gComharsanacht an Deiscirt le fiche bliain anuas. Leis an gcur chuige gníomhach sin, bhíothas in ann na hiarmhairtí sóisialta agus sláinte don daonra a mhaolú, ach ag an am céanna tugadh chun suntais gur gá gníomhú chun feabhas a chur ar chumas feidhmithe agus ar scileanna na sochaí sibhialta ionas gur ag neartú a bheidh siad.

3.5.

Tá suaitheadh mór eacnamaíoch agus sóisialta tarlaithe i limistéar na Meánmhara, ach oiread leis an gcuid eile den domhan, de dheasca phaindéim COVID-19. De dheasca easpa bonneagar sláinte poiblí leordhóthanach, go háirithe sna tíortha is leochailí, is measa fós na hiarmhairtí sóisialta agus sláinte atá ann. Chuir géarchéim na paindéime barr tromchúise ar na géarchéimeanna a bhí ann cheana i roinnt tíortha. Tosca éagsúla a tháinig sna sála ar a chéile ba chúis leis sin: conairí eacnamaíocha agus sóisialta a bhí an-ghuagach cheana féin; dífhostaíocht mhór, mar aon le hiarmhairtí na coinbhleachtaí i limistéir faoi leith, an Libia agus an tSiria, cuir i gcás.

3.6.

D’fhreagair na rialtais atá i réigiún na Meánmhara don ghéarchéim láithreach bonn. Is iomaí cur chuige a bhí acu le freagairt a dhéanamh chun srian a chur le leathadh na paindéime trí bhearta tacaíochta a chur i bhfeidhm d’oibrithe agus do ghnólachtaí, bearta lena n-áirítear an comhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Mar sin féin, ba mhinic gan baint leordhóthanach acu leis an bpaindéim, agus i gcásanna áirithe ní raibh baint dá laghad acu léi. Chun srian a chur le héifeachtaí na paindéime, chuir beagnach gach tír i limistéar na Meánmhara an dianghlasáil i bhfeidhm, Maracó, mar shampla, an Éigipt, an Iordáin agus an Liobáin, mar aon le cuirfiúnna agus srianta taistil.

3.7.

Tar éis ghéarchéim na paindéime, tá beartais leathnaithe curtha i bhfeidhm ag rialtais go leor sa réimse sin chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus chun tacú le hearnálacha áirithe tríd an táirgeadh a spreagadh agus trí shochair agus bearta cánach agus eacnamaíocha a thabhairt isteach chun infheistíocht a mhealladh

3.8.

Is díobhálach na hiarmhairtí eacnamaíocha a lean den phaindéim ar fud réigiún na Meánmhara, ní hamháin mar gheall ar thosca mar laghdú ar an éileamh inmheánach agus seachtrach, mar aon le laghdú ar an tomhaltas, ach freisin de bharr staid an fhiachais airgeadais agus phoiblí a bheith ag dul in olcas. Ó thús ghéarchéim na paindéime i leith, tá acmhainní breise á leithdháileadh ag rialtais an réigiúin ar na córais sláinte agus eacnamaíocha chun tacú le hearnálacha áirithe. Mar thoradh air sin, tiocfaidh méadú suntasach ar na heasnaimh phoiblí i mbeagnach gach tír i réigiún na Meánmhara.

3.9.

Tá earnáil an iompair buailte go dona ag na bearta sriantacha a chuir cosc nó laghdú ar an taisteal idirnáisiúnta, rud a fhágann go bhfuil an turasóireacht ar cheann de na hearnálacha is measa a ndeachaigh an phaindéim i gcion uirthi. An crapadh ar an earnáil, is rud idir 45 % agus 70 % atá i gceist leis, de réir mar a mheasann ECFE, agus tá laghdú idir 60 % agus 80 % tagtha ar an turasóireacht idirnáisiúnta (3). Tá an turasóireacht ar cheann de na príomhearnálacha eacnamaíocha i dtíortha na Meánmhara, agus de réir Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCAD), beidh an Éigipt agus Maracó i measc na dtíortha is measa a bheidh buailte de thíortha an domhain (4).

3.10.

Na micrifhiontair, na fiontair bheaga agus mheánmhéide, mar aon le daoine féinfhostaithe, is gné thábhachtach de gheilleagar na dtíortha ar chósta an deiscirt iad sin ar fad. Tá laghdú suntasach tagtha ar a gcuid láimhdeachais, agus b’éigean don chuid is mó acu líon a gcuid fostaithe a laghdú. I ndáil leis sin, beidh gá le bearta struchtúracha chun cabhrú le FBManna teacht as an ngéarchéim agus chun fás agus nuáil a dhéanamh trí aghaidh a thabhairt ar dhá dhúshlán na digiteála agus an dícharbónaithe.

3.11.

Cé go bhfuil tionchar ag géarchéim na paindéime i réigiún na Meánmhara ar na grúpaí sóisialta ar fad, is iad seo a leanas na grúpaí is measa a buaileadh: daoine óga, mar gheall go bhfuil margadh an tsaothair ag dul in olcas, agus de bharr na mbeart dianghlasála sna scoileanna agus sna hollscoileanna; mná atá fostaithe i limistéir áirithe mar Chomharsanacht an Deiscirt, sa gheilleagar neamhfhoirmiúil, sa talmhaíocht agus in earnáil na turasóireachta go príomha, earnálacha a ndeachaigh na bearta dianghlasála chun aimhleasa dóibh go mór; grúpaí leochaileacha mar oibrithe neamhfhoirmiúla agus dídeanaithe, is é sin daoine gur minic dóibh gan aon chosaint shóisialta, mar aon le daoine faoi mhíchumas, mar gheall gur minic gan ach seirbhísí ar bheagán fiúntais ar fáil.

3.12.

I gcuid de Chomharsanacht an Deiscirt, chuir tosca mar ghanntanas uisce agus easpa rochtana ar shláintíocht le tionchar na paindéime, go háirithe sna sraitheanna is imeallaí go sóisialta, i limistéir choinbhleachta agus i gcampaí dídeanaithe.

4.   Dúshláin agus deiseanna

4.1.

Faoi mar a léirigh Ardrúnaí an Aontais don Réigiún Meánmhuirí (5), tá an dul chun cinn socheacnamaíoch a tharla sa limistéir le blianta beaga anuas á chur i mbaol ag an ngéarchéim sláinte atá ann faoi láthair. Mar sin féin, is deis í an ghéarchéim chun an lánpháirtiú a neartú agus chun breis athléimneachta a chur sna geilleagair.

4.2.

Is rímhór an tábhacht atá leis an tsochaí shibhialta sa réigiún Eora-Mheánmhara chun sochaí níos cothroime agus níos cuimsithí a thógáil tar éis na paindéime; ar an gcaoi chéanna, mar a léiríodh ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto (6), tá rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ríthábhachtach chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár agus chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme go héifeachtach.

4.3.

Na bearta atá á ndéanamh i leith COVID-19, sin agus bearta gaolmhara, is bearta iad atá ag cur inbhuanaitheacht na sochaí sibhialta i mbaol. Tá deontais curtha ar fionraí ag rialtais agus ag deontóirí go leor, tá maoiniú reoite acu, agus tá cistí á n-atreorú acu chuig cistí fóirithinte COVID-19. An toradh atá air seo, is bagairt ar inbhuanaitheacht ESS atá ann, inbhuanaitheacht atá leochaileach cheana féin. Is bagairt é ar an bhfreastal ar na pobail freisin, agus bagairt ar phoist a lán oibrithe sa tsochaí shibhialta, cé gur an t-ionchas atá ann i leith ESSanna. Cuireann CESE i bhfios go bhfuil deontais eagraíochtúla inbhuanaitheachta agus cistiú tacaíochta lárnach ríthábhachtach ionas go gcuirfidh ESSanna iad féin in oiriúint do chásanna atá ag athrú go tapa agus chun leanúint d’oibríochtaí le linn géarchéimeanna.

4.4.

Tá sé tugtha chun suntais ag CESE go bhfuil an Mheánmhuir ar cheann de na háiteanna is leochailí ar domhan ó thaobh thionchair an athraithe aeráide de. Rinne COVID-19 dochar don staid shóisialta agus don fhorbairt, rud a fhágann gur ábhar práinne é straitéisí forbartha inbhuanaithe agus straitéisí geilleagair ghlais a ghlacadh.

4.5.

B’fhéidir gur deis atá i nglacadh pleananna téarnaimh i limistéar na Meánmhara le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil an réigiúin a áirithiú. Is ríthábhachtach an rud deiseanna forbartha a nascadh le cloí le prionsabail mar an dlúthpháirtíocht, comhrac an neamhionannais, sin agus cosaint agus urramú an smachta reachta. Is rud ríthábhachtach rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta má táthar chun na spriocanna uile a aimsiú.

4.6.

Maidir le pleananna atógála iar-COVID-19 san am atá romhainn, mar aon leis an bhfás eacnamaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt dóibh i gComharsanacht an Deiscirt nuair a bheidh bearta á ndéanamh chun srian a chur ar fhadhbanna comhshaoil a eascraíonn as an athrú aeráide, as ganntanas uisce, as an tálún a bheith ag dul chun tirimeachta, agus as an truailliú. D’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag bearta caomhnaithe agus cosanta comhshaoil ar réigiún na Meánmhara ach breis éagsúlachta a chur sa gheilleagar agus poist ardcháilíochta a chruthú. Sa chomhthéacs sin, tarraingíonn CESE aird ar an acmhainneacht mhór atá ann don fhuinneamh in-athnuaite i dtíortha comhpháirtíochta an deiscirt (go háirithe fuinneamh na gréine agus fuinneamh na gaoithe), agus iarrann sé ar an Aontas gona Bhallstáit infheistíochtaí coiteanna níos inbhuanaithe a éileamh sa réimse sin.

4.7.

Tá béim curtha ag CESE cheana féin ar an ngá atá le haistriú cóir a chur chun cinn i limistéar na Meánmhara, ar rud amháin chun sochair na sláinte, an oideachais agus na n-inscní. Chun téarnamh a áirithiú atá dírithe go héifeachtach ar phrionsabail an aistrithe agus na digiteála, beidh sé ríthábhachtach múscailt feasachta agus forbairt mheon na fiontraíochta agus scileanna digiteacha ar leith a chur chun cinn. Tacaíonn CESE leis an nglao ó thíortha comhpháirtíochta an deiscirt an tAontas gona Bhallstáit a bheith níos tiomanta i réimse an chomhair taighde agus forbartha sa Mheánmhuir

4.8.

Tá dlúthbhaint ag téarnamh Chomharsanacht an Deiscirt, i gcás ina mbeadh sciar mór fostaíochta sa gheilleagar neamhfhoirmiúil mar shaintréith aige, le samhail éifeachtach gairmoiliúna agus oideachais a fhorbairt. Is éard atá CESE a athdhearbhú gur gá scileanna gairmiúla a neartú, go háirithe scileanna na ndaoine óga agus na mban, ionas gur féidir iad a úsáid i suíomhanna náisiúnta agus trasnáisiúnta, mar chuid de chur chuige ciorclach smaointeoireachta. Tá ról tábhachtach ag ESSanna maidir le scileanna a neartú tríd an oideachas neamhfhoirmiúil freisin, ceardlanna agus oiliúint a eagrú agus an geilleagar sóisialta a chur chun cinn. Cuireann an Coiste béim freisin ar an ngá atá ann, faoi mar a léiríodh cheana in idirphlé réigiúnach an Aontais don Réigiún Meánmhuirí leis na comhpháirtithe sóisialta, inter alia, ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta, d’fhonn dul i ngleic leis an neamhréir idir soláthar agus éileamh ar mhargadh an tsaothair.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Is comhlánú atá sa tuarascáil faisnéise seo freisin ar thuairimí de chuid CESE a foilsíodh le déanaí, go mór mór: Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (COM(2020) 408 final – 2020/0104 (COD)) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Teicniúil (COM(2020) 409 final – 2020/0103 (COD)) (IO C 364, 28.10.2020, lch. 132); ECO/515, Rialachán maidir leis an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil); Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le “Éigeandáil iar-COVID 19: Maitrís Iltaobhach Nua a dhearadh” (Tuairim féintionscnaimh) (IO C 364, 28.10.2020, lch. 53).

(2)  https://meddialogue.eu/wp-content/uploads/2021/02/Publication-Bridging-the-sea.pdf.

(3)  https://read.oecd-ilibrary.org/view/?ref=124_124984-7uf8nm95se&title=Covid-19_Tourism_Policy_Responses&_ga=2.143901749.1647750476.1622806508-1692148678.1622806341.

(4)  https://unctad.org/system/files/official-document/ditcinf2020d3_en.pdf.

(5)  UfM Foreign Affairs Ministers set priority areas for stronger cooperation and integration in the Euro-Mediterranean region – an tAontas don Réigiún Meánmhuirí – UfM (ufmsecretariat.org).

(6)  https://www.2021portugal.eu/en/porto-social-summit/porto-social-commitment/.


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/20


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Compás Straitéiseach an Aontais”

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 140/04)

Rapóirtéir:

Christian MOOS

Comhrapóirtéir:

Peter CLEVER

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

14.7.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

20.12.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

163/1/5

1.   Achoimre agus moltaí

1.1.

Is céim thábhachtach chun cinn é an Compás Straitéiseach. Is catalóg atá ann de thionscadail agus de bhearta sonracha an-tábhachtach a chuireann leis an tslándáil san Eoraip. Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) den tuairim nach mór cur leis an gCompás le go mbeidh sé ina straitéis chuimsitheach le haghaidh beartas Eorpach eachtrach agus slándála agus nach mór don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach sa phróiseas sin.

1.2.

Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an tslándáil ná an chosaint agus gur cheart do straitéis chuimsitheach slándála Eorpach díriú freisin ar ghnéithe sibhialta agus coisctheacha, rudaí a thacódh leis na bearta cosanta nithiúla agus a chomhlánódh iad.

1.3.

Tá CESE á chur i bhfáth freisin gur bearta coisctheacha tábhachtacha iad an ceartas sóisialta, ionchais eacnamaíocha agus an inbhuanaitheacht comhshaoil. Is réamhriachtanais thábhachtacha don neamhfhoréigean iad an tsíocháin shóisialta agus an chobhsaíocht eacnamaíoch. Le go bhféadfar an t-ord sóisialta agus an tsíocháin a chaomhnú ar fud an domhain, caithfear srian a chur leis an téamh domhanda agus iarmhairtí an téimh dhomhanda a bhainistiú.

1.4.

Ní leor mar a chuirtear san áireamh sa Chompás Straitéiseach an ról is féidir le sochaí shibhialta na hEorpa a imirt agus a chaithfidh sí a imirt chun teacht aniar níos fearr a áirithiú i gcoinne ionsaithe hibrideacha agus an dochair chórasaigh a bhíonn á dhéanamh ag fórsaí naimhdeacha don chomhtháthú agus don dlúthpháirtíocht laistigh de na Ballstáit agus eatarthu.

1.5.

Tá dlúthbhaint ag an mbeartas slándála sibhialta agus coisctheach leis an gcumas cosanta míleata. Is gá a thuiscint nach ann don tsábháilteacht murab ann don chumas cosanta, agus, toisc éifeacht dhíspreagthach a bheith leis, gur beart coisctheach é freisin.

1.6.

Tá CESE den tuairim go dtugann an Compás Straitéiseach léargas ródhearfach ar an mbeartas Eorpach slándála agus cosanta.

1.7.

Ní hamháin gur comhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais í Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), ach is í an páirtí is tábhachtaí í a ráthaíonn an tslándáil san Aontas freisin. Ní mór do mhuintir na hEorpa luach breise a chur le ECAT trí bhearta a neartaíonn a gcumas féin gníomhú go straitéiseach. Go dtí seo, níor éirigh leis an Aontas ná ECAT leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht a thagann as an gcomhar eatarthu. Is é a chiallaíonn sé colún Eorpach na slándála agus na cosanta a neartú ECAT a neartú.

1.8.

I ndeireadh na dála, ní mór don Aontas tuilleadh freagrachta a ghlacadh agus Aontas Eorpach um Chosaint a chruthú mar cholún Eorpach de ECAT, á áirithiú, ag an am céanna, go lán-urramóidh an tAontas sin an stádas neodrachta atá ag roinnt de na Ballstáit agus go mbeidh sé comhoiriúnach don stádas sin.

1.9.

Ba cheart don Aontas tuiscint níos fearr a fháil ar cé chomh tábhachtach agus atá an chomhpháirtíocht thrasatlantach do ECAT agus, dá réir sin, don tslándáil san Eoraip.

1.10.

Le tamall fada anois, tá an iomarca Ballstát ag déanamh faillí ina ngealltanais i leith na cosanta agus ina gcumas cosanta, agus, dá thoradh sin, tá easpa mhór acmhainní ar a bhfórsaí armtha, tá na fórsaí sin anullamh agus is go neamhéifeachtach a éiríonn leo oibriú le chéile.

1.11.

Ní mór do na Ballstáit forbairt an chumais náisiúnta agus an phleanáil cosanta a chomhordú níos fearr agus leas a bhaint as an soláthar poiblí comhpháirteach i bhfad níos minice. Le go mbeidh cumas cosanta na hEorpa níos éifeachtaí ann, beidh orthu na beartais tionsclaíochta náisiúnta a chomhordú níos fearr.

1.12.

Is gá an cumas atá san Eoraip gníomhú a neartú trí vótáil tromlaigh a thabhairt isteach sa bheartas eachtrach agus slándála.

1.13.

Is gá an ról is féidir le sochaí shibhialta na hEorpa a imirt ó thaobh dlúthpháirtíochta, comhair agus athléimneachta de a aithint toisc a thábhachtaí atá an ghné bhreise sin den Chompás Straitéiseach.

1.14.

Molann CESE fóraim phoiblí a eagrú le haghaidh díospóireachtaí straitéiseacha ar an leibhéal Eorpach agus an leibhéal náisiúnta.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Sa tuairim féintionscnaimh seo, scrúdaítear an tionchar atá ag an gCompás Straitéiseach agus féachtar le measúnú beartais a dhéanamh ar na cuspóirí agus na deiseanna a chruthaíonn sé don Eoraip ó thaobh na sochaí sibhialta de. Is díol sásaimh do CESE tionscnaimh an Aontais Eorpaigh chun an tslándáil agus an chosaint a neartú san Eoraip.

2.2.

Ní páirtí éighníomhach i saincheisteanna slándála an tsochaí shibhialta agus is gá cluas a thabhairt di. Nuair a bhíonn coinbhleacht ann, déantar dochar mór do na hinstitiúidí sibhialta agus bíonn na sibhialtaigh thíos le hiarmhairtí tubaisteacha an chogaidh.

2.3.

Ó thaobh na sochaí sibhialta de, is dearcadh cúng den tslándáil atá sa Chompás Straitéiseach, agus béim ar leith ar an gcosaint. Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an tslándáil ná an chosaint agus gur cheart do straitéis slándála an Aontais díriú níos mó ar ghnéithe sibhialta agus coisctheacha ná mar a dhéantar sa Chompás Straitéiseach.

2.4.

Is é an tAontas Eorpach glanmhalairt an fhoréigin agus an chogaidh. Ní mór dó leas níos fearr a bhaint as na hacmhainní polaitiúla, saolta agus cultúrtha atá aige chun cabhrú le coinbhleachtaí a réiteach go síochánta agus an géarú míleata a chosc, óir is ann sin a d’fhéadfadh acmhainn thábhacht bhreisluacha an Aontais, maille leis an tionchar a bhí aige go dtí seo ar an domhan, a bheith. Ní mór dó pléadáil níos éifeachtaí a dhéanamh ar son comhaontuithe iltaobhacha rialaithe arm a athbhunú, agus an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach, mar aon leis an tiomantas don dí-armáil núicléach, a chomhlíonadh.

2.5.

Ní féidir cearta uilíocha an duine a chosaint gan ord iltaobhach riailbhunaithe a bheith ann. Ní mór don Aontas, i gcomhar leis na comhpháirtithe uile a bhfuil na luachanna céanna acu ar fud an domhain, a sheacht ndícheall a dhéanamh chun an t-ord iltaobhach riailbhunaithe a neartú agus, i gcás inar gá, é a athbhunú agus a athnuachan. Níl polaitíocht na cumhachta crua ná “cloíonn neart ceart” ag luí leis an daonlathas ná leis an smacht reachta. Ní dhéanann an tslándáil gan saoirse aon chiall. Ag an am céanna, is réamhchoinníoll tábhachtach don tsaoirse í an tslándáil freisin.

2.6.

Ní thagann an beartas slándála sibhialta agus coisctheach salach ar an gcumas cosanta míleata. A mhalairt atá fíor, áfach, agus is gá a thuiscint nach ann don tsábháilteacht murab ann don chumas cosanta, agus, toisc éifeacht dhíspreagthach a bheith leis, gur beart coisctheach é freisin.

2.7.

Nuair a dhéantar infheistíochtaí polaitiúla agus airgeadais i réimse na slándála agus na cosanta, ní mór measúnú fónta agus dáiríre a dhéanamh ar (a) láidreachtaí agus laigí sistéamacha agus (b) láidreachtaí agus laigí ábharacha an Aontais Eorpaigh, agus ar an gcumas atá ann (i) soláthar dá shlándáil féin, (ii) cobhsaíocht a chothú i gcomharsanacht na hEorpa, (iii) bealaí trádála domhanda agus rochtain ar earraí agus ábhair chriticiúla a áirithiú, agus, go mór mór, (iv) a bheith ina chomhpháirtí iontaofa lántiomanta, le cabhair na mBallstát, sna comhghuaillíochtaí ina bhfuil sé, rud atá riachtanach don tslándáil san Eoraip agus in áiteanna eile nach í.

2.8.

Ní leor cumas míleata as féin leis an tslándáil agus an tsaoirse a bhaint amach. Tá gá le cur chuige iomlánaíoch sóisialta, eacnamíoch agus comhshaoil le críonnacht agus le fadbhreathnaitheacht níos fearr. Ní mór tús áite a thabhairt do bheartas coisctheach agus do réiteach coinbhleachtaí trí mhodhanna taidhleoireachta agus sibhialta, agus gan dul i muinín na cumhachta míleata ach mar bheart in am an éigin. Gné eile a bhaineann leis sin, áfach, is ea cumas míleata inchreidte a bheith ag an Aontas, sin agus gan amhras ar bith a bheith ann nach dtoileoidh sé úsáid a bhaint as an gcumas sin nuair nach bhfuil aon dul uaidh. Caithfidh an tAontas a leasanna a chosaint ar bhealach níos láidre.

2.9.

Is é is sprioc, i ndeireadh na dála, leis an gcóras slándála domhanda síocháin chóir a áirithiú, agus is é an t-iltaobhachas an uirlis is fearr chun an sprioc sin a bhaint amach. Mar sin féin, tá an brú faoina bhfuil an tsíocháin sin ag dul i méid, agus tá CESE ar aon fhocal leis na moltaí a rinneadh i dTuarascáil 2022 ar an tSíocháin Dhomhanda, is é sin go n-éilítear beart chun struchtúr domhanda na síochána a neartú (1).

2.10.

Le gur féidir bearta a chur chun feidhme d’fhonn an cumas cosanta agus an tslándáil a neartú, tá gá le comhsheasmhacht idirinstitiúideach bhreise, ní ceart a bheith ag feidhmiú i bhfolús agus, thar aon ní eile, tá gá le tiomantas láidir ó na Ballstáit.

2.11.

De thoradh ionradh na Rúise san Úcráin, cogadh a bheith ann arís san Eoraip agus dianpholaitíocht na cumhachta a bheith ann, tá gá le cumas éifeachtach díspreagthach. Cé nach raibh sé i gceist ag an Aontas riamh polaitíocht na mórchumhachtaí a shaothrú, is léir anois, agus an córas idirnáisiúnta agus an tsábháilteacht faoi bhagairt ag an Rúis agus an tSín, nach mór don Aontas dul in oiriúint don iomaíocht shistéamach atá ag dul i méid idir na mórchumhachtaí. Tá Cairt na Náisiún Aontaithe á sárú gan náire ag an Rúis, agus tá cearta uilíocha an duine á sárú ag an tSín, rud is ríshoiléir in Xinjiang agus i Hong Cong.

2.12.

Tá na Stáit Aontaithe agus Ceanada, mar aon le stáit dhaonlathacha eile an domhain, ina gcomhpháirtithe tábhachtacha ag an Aontas Eorpach a fhad a bhaineann sé leis an rud sin a bhfuil ceangal foirmiúil agus deonach ar bhaill uile na Náisiún Aontaithe ina leith, is é sin “cearta uilíocha an duine”, cearta nach féidir maolú orthu in áit ar bith ná ag am ar bith.

2.13.

Ba cheart don Aontas tuiscint níos fearr a fháil ar cé chomh tábhachtach agus atá an chomhpháirtíocht thrasatlantach, i.e. an caidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, do ECAT agus, dá réir sin, don tslándáil san Eoraip. Cé go bhfuil leasanna na Stát Aontaithe dírithe níos mó ar réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin le blianta beaga anuas, léiríonn ionsaí na Rúise go gcaithfear leanúint den ord domhanda a dhaingniú agus a chosaint, agus san Eoraip freisin, más gá.

2.14.

Ní hamháin gur comhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais é ECAT, ach ní féidir cosaint mhíleata na hEorpa a áirithiú gan é. Lena chois sin, ba cheart Colún Eorpach na Cosanta a fhorbairt i gcomhréir iomlán leis. Cruthúnas ar an méid sin gan aon agó is ea ionradh na Rúise ar an Úcráin agus bagairt na Rúise ar an ord slándála idirnáisiúnta. Is féidir le comhar cosanta Eorpach níos láidre ECAT a neartú agus cur le cumas na hEorpa gníomhú le go bhféadfaidh sí cur lena slándáil agus lena cobhsaíocht réigiúnach féin ar bhealach níos éifeachtaí.

2.15.

Cé nach ionann ar chor ar bith an tAontas mar chomhphobal agus ECAT mar chomhghuaillíocht, tá méadú ag teacht ar an bhforluí idir an dá eagraíocht, lena n-áirítear luachanna agus spriocanna, i measc rudaí eile. Nuair a bheidh ballraíocht ag an bhFionlainn agus an tSualainn in ECAT, beidh 23 thír ina mbaill den dá eagraíocht. Ní mór do mhuintir na hEorpa luach breise a chur leis an gcomhghuaillíocht, rud is acmhainn dóibh a dhéanamh, trí bhearta a neartaíonn a gcumas féin gníomhú go straitéiseach. I ndeireadh na dála, ní mór don Aontas tuilleadh freagrachta a ghlacadh as an tslándáil san Eoraip agus Aontas Eorpach um Chosaint a chruthú mar cholún Eorpach de ECAT, agus lánurraim á tabhairt don stádas neodrachta atá ag roinnt de na Ballstáit.

2.16.

Le tamall fada anois, tá faillí á déanamh ina gcumas cosanta ag an iomarca Ballstát. De thoradh an chaiteachais ar an gcosaint a bheith ró-íseal, i gcásanna, agus, go mór mór, neamhéifeachtach, tá easpa mhór acmhainní ar na fórsaí armtha i roinnt mhaith Ballstát san Aontas, tá na fórsaí sin anullamh agus is go neamhéifeachtach a éiríonn leo oibriú le chéile. Sna cásanna sin ina bhfuil na Ballstáit ina mbaill de ECAT freisin, tá faillí á déanamh acu ina n-oibleagáidí sa chomhghuaillíocht.

2.17.

Tá cumas cosanta na hEorpa ag brath ar mhéid an bhuiséid a leithdháiltear air, ach, níos tábhachtaí ná sin, ar úsáid éifeachtúil an bhuiséid sin. Is é an toradh ar na córais éagsúla arm san Aontas go bhfuil dúbailt acmhainní, costais arda agus neamhéifeachtúlacht ann. Ní mór do na Ballstáit forbairt an chumais náisiúnta agus an phleanáil cosanta a chomhordú níos fearr agus leas a bhaint as an soláthar poiblí comhpháirteach i bhfad níos minice. Ba cheart beartais chomhsheasmhacha i réimse an tsoláthair a ghlacadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun na barainneachtaí scála a theastaíonn a chruthú le gur féidir costais a laghdú agus le go nginfear an oiread gníomhaíochta agus a theastaíonn chun go mbeidh gnólachtaí nuathionscanta ann (2). Is léiriú iad na cleachtais atá ann faoi láthair ar mhargadh cosanta na hEorpa ar na costais arda a bhíonn i gceist le cur chuige nach gcomhordaítear ar leibhéal na hEorpa.

2.18.

Ainneoin an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO), an Athbhreithnithe Chomhordaithe Bhliantúil ar Chosaint (CARD) agus an Chiste Eorpaigh Cosanta (EDF), níl mórán dul chun cinn déanta ag an Aontas maidir le struchtúir chomhpháirteacha éifeachtacha a fhorbairt le go bhféadfadh sé soláthar dá shlándáil féin. Tá tábhacht, dá réir sin, leis an méid atá luaite i nDearbhú Versailles ó mhí an Mhárta 2022, atá bunaithe ar an gcinneadh ó na Cinn Stáit agus Rialtais ó mhí na Nollag 2021, is é sin “go dtabharfadh an tAontas níos mó de fhreagracht a shlándála féin air féin, agus i réimse na cosanta, go leanfadh sé cúrsa gníomhaíochta straitéiseach agus go gcuirfeadh sé lena chumas gníomhú go neamhspleách”.

2.19.

Chuirfí le cumas an Aontais gníomhú i mbeartas eachtrach agus slándála dá dtabharfaí droim láimhe do chur chuige na gcinntí d’aon toil atá ag an gComhairle i réimse an bheartais eachtraigh, rud a thugann an deis, faoi láthair, do Bhallstát amháin bac a chur ar gach Ballstát eile. D’fhéadfaí réiteach sealadach a thabhairt isteach, idir an dá linn, is é sin céim ina ndéanfaí tástáil ar an vótáil trí thromlach cáilithe nó ar an vótáil trí thromlach cáilithe dúbailte (i.e. tairseacha níos airde tromlaigh cháilithe). Mar sin féin, ní hé an creat institiúideach is mó a chuireann bac ar na Ballstáit gníomhú as lámha a chéile. Ina ionad sin, bíonn na Ballstáit ag dul timpeall ar an gcreat institiúideach atá ann, ní bhaineann siad leas as na deiseanna a thugann an creat agus bíonn drogall orthu iad féin a chomhtháthú sa chreat.

2.20.

Le go bhféadfaidh an Eoraip an tslándáil a ráthú, beidh uirthi, b’fhéidir, an scéal a insint ar bhealach úrnua agus beidh gá aici le bearta nithiúla a mbeidh tacaíocht na sochaí sibhialta agus na rannpháirtíochta sibhialta acu, d’fhonn an fhéiniúlacht Eorpach agus dlúthpháirtíocht na hEorpa a neartú gan an baol a bheith ann go gcuirfí in ionad an náisiúnachais náisiúnta an náisiúnachas Eorpach. Ba cheart rannpháirtíocht an phobail a bheith oscailte, trédhearcach agus cuimsitheach.

3.   Gnéithe dearfacha den Chompás Straitéiseach

3.1.

Tá an cuspóir atá leis an gCompás Straitéiseach an-oiriúnach i bprionsabal, is é sin níos mó slándála a bhaint amach tríd an bhfothú acmhainneachta (“act”), trína bheith ullmhaithe níos fearr (“secure”), tríd an infheistíocht spriocdhírithe (“invest”) agus trí thuilleadh comhair (“partner”) mar aon le comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí a neartú.

3.2.

Leis an gCompás Straitéiseach, dhéanfaí tiomantas na hEorpa a neartú maidir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a chur i bhfeidhm, agus an tsíocháin a athbhunú agus an tsaoirse a chosaint san Eoraip.

3.3.

Maidir leis an tslándáil, is é an cur síos a dhéantar ar an tSín sa Chompás Straitéiseach gur “céile comhraic sistéamach” í; tuigtear go bhfuil sin amhlaidh nuair a fheictear na sáruithe móra atá á ndéanamh aici ar chearta uilíocha an duine, an bhagairt leanúnach ar an Téaváin agus an tacaíocht a thugann sí don Rúis bhagrach. Cuirtear i bhfios go láidir sa Chompás Straitéiseach go bhfuil an tSín agus an Rúis ag déanamh dochair don ord idirnáisiúnta. Tá siad ag cur lena n-armlann núicléach agus ag forbairt córais arm nua.

3.4.

Leagtar béim freisin ar chreimeadh contúirteach an ollstruchtúir rialaithe arm agus ar an tionchar díobhálach atá ag an bhfolús dlíthiúil sin ar shlándáil an Aontais.

3.5.

Tá leasanna dlisteanacha ag an Aontas i ngach réigiún ar domhan. Ní chumhdaíonn an Compás Straitéiseach na leasanna sin go léir ar bhealach córasach ach tugtar le fios ann, mar is ceart, i gcás na mBalcán Thiar, go bhfágann neamhghníomhaíocht na hEorpa go bhfuil deis á tabhairt do chumhachtaí eile an spás a líonadh.

3.6.

Maítear sa Chompás Straitéiseach nach mór don Aontas gníomhú ar bhonn i bhfad níos práinní agus diongbháilte agus nach mór do na Ballstáit a bheith in ann brath ar thacaíocht fhrithpháirteach. Cuirtear béim, dá bhrí sin, ar thábhacht Airteagal 42(7) CAE. Ba cheart don Aontas comhsheasmhacht an bhunúis phríomha dlí sin leis an dualgas cúnamh a chur ar fáil faoi Airteagal 5 de Chonradh ECAT a shoiléiriú.

3.7.

Tá ullmhacht agus idir-inoibritheacht bhreise aitheanta mar thosaíochtaí sa Chompás Straitéiseach agus luaitear nach mór dóibh a bheith i gcomhréir le ECAT. Tugtar le fios ann go réitíonn an tAontas an bealach do chosaint níos fearr san Eoraip agus fógraítear go líonfaidh an tAontas na bearnaí sna cumais chriticiúla, go neartóidh sé an teacht aniar atá i sochaithe na hEorpa agus go gcothóidh sé an chobhsaíocht i gcomharsanacht na hEorpa. Is é an chéad chéim ná Acmhainneacht Mhear-Imscartha an Aontais, ina mbeidh 5 000 duine, a bhunú, rud a bheidh i bhfeidhm ina iomláine faoi 2025. Tá CESE á chur in iúl go bhfuil géarghá le toradh, óir bhí spriocanna níos uaillmhianaí leagtha síos ag an Aontas cheana féin i ndáil leis sin breis agus scór bliain ó shin, spriocanna nár baineadh amach go fóill.

3.8.

Cé nach bhfuil aon tagairt sa Chompás Straitéiseach don mholadh vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach sa bheartas eachtrach, tá CESE ag iarraidh go staonfadh Ballstáit áirithe ar bhealach dearfach le go bhféadfadh na Ballstáit sin atá toilteanach gníomhú dul chun cinn a dhéanamh. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí leas a bhaint níos minice as Airteagal 44 CAE le go bhféadfadh na Ballstáit sin atá toilteanach gníomhú agus a bhfuil na cumais iomchuí acu i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) oibriú le chéile tríd an toscaireacht ón gComhairle.

3.9.

Tá an Compás Straitéiseach dírithe ar mhisin agus oibríochtaí sibhialta agus míleata faoi chuimsiú CBSC a nascadh ar bhealach fóinteach. Leagtar béim ann, i gcomhthéacs freagairtí neamh-mhíleata, ar a thábhachtaí atá misin shibhialta CBSC. Tá sé d’aidhm ag an gCompás Straitéiseach comhar níos dlúithe a bhaint amach idir CBSC agus geallsealbhóirí ceartais agus gnóthaí baile an Aontais.

3.10.

Is díol sásaimh do CESE go nglactar cur chuige atá dírithe ar ghníomhaíochtaí agus go leagtar amach tograí agus céimeanna nithiúla, mar aon le sprioc-amanna agus garspriocanna, maidir leis an dul chun cinn a thomhas. Bheadh ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chomhairle Eorpach na spriocanna sin a mheasúnú go rialta.

3.11.

Leagtar béim freisin sa Chompás Straitéiseach ar bhearta tábhachtacha chun “coincheap na hinscne, na síochána agus na slándála” agus na héifeachtúlachta aeráide a thabhairt isteach ar bhealach níos fearr i misin agus oibríochtaí CBSC. Go háirithe, faoi 2023, déanfaidh an tAontas a líonra comhairleoirí maidir le cearta uilíocha an duine agus saincheisteanna inscne a neartú i misin agus oibríochtaí CBSC, agus beidh cur chun feidhme threochlár an Aontais maidir leis an athrú aeráide agus leis an gcosaint tábhachtach chun an earnáil mhíleata a thabhairt níos gaire don aeráidneodracht.

4.   Tuairimí cáinteacha faoin gCompás

4.1.

Is doiciméad thar a bheith uaillmhianach é an Compás Straitéiseach ina leagtar amach breis agus 80 beart sonrach atá le déanamh faoi 2025. Tá gá le toil láidir pholaitiúil na mBallstát i ndáil leis an méid sin, óir gan í tá an baol ann gur Aontas gan inniúlacht in ábhair an bheartais eachtraigh agus na cosanta is mó a thabharfar le tuiscint sa doiciméad.

4.2.

Is dearcadh róchúng ar choincheap na slándála atá sa Chompás Straitéiseach. Tá níos mó i gceist leis an tslándáil ná an chosaint. Tá an-tábhacht le cosc breise agus le fadbhreathnaitheacht bhreise le go bhféadfar coinbhleachtaí míleata a sheachaint. Is é atá i gceist leis an gCompás Straitéiseach catalóg de thionscadail agus de bhearta nithiúla a shainiú. Is díol sásaimh do CESE é sin. Is beag tagairt a dhéantar, áfach, do limistéir gheografacha shonracha agus ní leor an sainmhíniú a thugtar maidir leis an áit a dteastaíonn ón Aontas an chobhsaíocht agus an tslándáil a chur chun cinn i gcomhréir lena luachanna agus lena chuspóirí, lena n-áirítear lasmuigh de chríoch an Aontais, mar shampla sa gharchomharsanacht. Ní mór cur leis an gCompás le go gcruthófar straitéis chuimsitheach a mbeidh páirt ag an tsochaí shibhialta ann.

4.3.

Sa Chompás Straitéiseach, tugtar léargas measartha dearfach ar an gcomhleanúnachas i mbeartas slándála agus cosanta an Aontais agus ar na hacmhainní a d’fhéadfadh a bheith ann, e.g. nuair a thugtar le fios gurb é an buntáiste atá ag an Aontas maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha a chosc agus a bhainistiú gur féidir leis leas a bhaint as acmhainní míleata agus acmhainní sibhialta araon. Níl aon samplaí sonracha tugtha sa Chompás, áfach, maidir leis an áit a n-éireodh leis sin. Mar sin féin, ní féidir anailís neamhréalaíoch a úsáid mar bhonn daingean le straitéis slándála. Ní leor mar thátal macánta an féinmheasúnú gur ceannródaí comhsheasmhach i réitigh iltaobhacha atá san Aontas ná an féinmholadh a cuireadh in iúl go soiléir sa Chompás Straitéiseach, e.g. i ndáil leis an gcaoi a bhfuil ag éirí leis an bhfreagracht atá air as an tslándáil dhomhanda.

4.4.

Ainneoin an oiread sin acmhainní polaitiúla agus airgeadais a bheith infheistithe ag an Aontas san iltaobhachas, is léir, áfach, ar a laghad go dtí ionradh na Rúise, nach raibh na Ballstáit ag saothrú spriocanna comhordaithe maidir leis an mbeartas eachtrach Eorpach ach sna cásanna sin inar oir sé dá leasanna náisiúnta féin. Is féidir an easpa bhunúsach sin maidir le fadbhreathnaitheacht straitéiseach a chur síos do chúiseanna éagsúla, mar shampla, próiseas an mhéadaithe sna Balcáin Thiar, an chaoi ar dhéileáil an Eoraip leis an gcogadh sa Libia, an spleáchas maidir leis an soláthar fuinnimh, an soláthar amhábhar agus soláthairtí eile, ionadaíocht na hEorpa sna Náisiúin Aontaithe agus an infheistíocht an-éagsúil i gcoibhneas leis an olltáirgeacht intíre ó Bhallstát go chéile sa chumas míleata náisiúnta.

4.5.

Aithnítear sa Chompás Straitéiseach go bhfuil ECAT tábhachtach don tslándáil Eorpach, ach ní leor sin a rá. Is é a thugtar le fios sa Chompás gur comhpháirtíocht straitéiseach le ECAT, comhlántacht agus neamhspleáchas cinnteoireachta atá i gceist. Mar sin féin, níl ach líon beag Ballstát ann anois atá neodrach go fóill, i.e. nach ball de ECAT iad ar chor ar bith, agus is í an chomhghuaillíocht seachas comhpháirtíocht straitéiseach is mó atá i gceist, dá bhrí sin. ECAT an t-aon eagraíocht i ndáiríre a ráthaíonn an tslándáil san Eoraip, agus ní dócha go dtiocfaidh athrú air sin go ceann i bhfad. Mar sin féin, is féidir leis an Aontas cabhrú le muintir na hEorpa an méid a chuireann siad leis an tslándáil Eorpach a eagrú ar bhealach níos fearr trína gcumas cosanta a chomhthiomsú agus trína mbeartais náisiúnta neamhchomhordaithe a thréigean i bhfabhar cur chuige coiteann Eorpach. Ainneoin go bhfuil an iliomad cur chuige maith sa Chompás Straitéiseach, níor bhain an tAontas ná ECAT leas iomlán go fóill as na roghanna comhair eatarthu.

4.6.

Is gá coincheap an neamhspleáchais straitéisigh Eorpaigh a shainiú go soiléir nuair a chuirtear i bhfeidhm é maidir le saincheisteanna slándála agus cosanta, rud a dhéantar sa Chompás Straitéiseach. Ní hé atá i gceist leis an neamhspleáchas straitéiseach an tAontas a iomaire féin a threabhadh, ach é a bheith ina chomhpháirtí níos fearr agus é in ann beart a dhéanamh nuair is gá sin, fiú nuair nach mbeadh aon tacaíocht ar fáil. Tá sé tábhachtach nach gciallódh sé, ach an oiread, go mbeadh ar an Eoraip beartas an chomhfhaid a chleachtadh i leith chumhachtaí an domhain, rud a chuir CESE in iúl le deireanas sa tuairim uaidh maidir leis an gcaidreamh trasatlantach. Is iad na Stáit Aontaithe an comhghuaillí agus an comhpháirtí is tábhachtaí atá ag an Eoraip. Mar sin féin, ba cheart don Aontas líon na spleáchas straitéiseach sin a laghdú, lena n-áirítear sna hearnálacha slándála agus cosanta, rud atá luaite sa tuairim ó CESE Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta (3).

4.7.

Is gá spleáchais aontaobhacha na hEorpa a laghdú, i réimse na cosanta agus i réimsí eile lena chois. Tá an-tábhacht leis sin i gcás na slándála san Eoraip. Tá CESE den tuairim, áfach, nach amháin go bhfuil fiúntas le hidirspleáchais, go háirithe idir comhpháirtithe a bhfuil an meon céanna acu, ach nach féidir déanamh dá n-uireasa i gcás ord iltaobhach riailbhunaithe.

4.8.

Maidir leis an gcumas míleata a bheidh ag an Aontas Eorpach sna blianta amach romhainn, tá an Fórsa Mearfhreagartha a fógraíodh sa Chompás Straitéiseach i gcomhréir leis na coincheapa maidir le fórsaí beaga atá in-imscartha go tapa le linn misin faoi chomhordú idirnáisiúnta. Mar sin féin, ní féidir na hiarrachtaí sin a thuiscint mar iarrachtaí atá neamhspleách ar ionchur cuí ón Eoraip chun cur lena slándáil féin faoi chuimsiú ECAT. Ní mór d’iarrachtaí na hEorpa tacú le héifeachtacht cholún Eorpach ECAT. Faoi láthair, ní léir conas a d’fhéadfadh Ballstáit an Aontais agus ECAT a ndóthain acmhainní a leithdháileadh ar Fhórsa Freagartha ECAT agus ar Fhórsa Mearfhreagartha an Aontais araon dá mba ghá na hacmhainní sin a ghníomhachtú ag an am céanna. Ina theannta sin, tá roinnt de na bearta a moladh maidir le fórsaí a bheadh in-imscartha go tapa easnamhach i gcomparáid le cinntí a rinneadh cheana féin scór bliain ó shin (Heilsincí, 1999).

4.9.

Ní chuirtear san áireamh sa Chompás Straitéiseach an ról is féidir le sochaí shibhialta na hEorpa a imirt agus a chaithfidh sí a imirt chun teacht aniar níos fearr a áirithiú i gcoinne an dochair chórasaigh a bhíonn á dhéanamh ag fórsaí naimhdeacha don chomhtháthú agus don dlúthpháirtíocht laistigh de na Ballstáit agus eatarthu.

4.10.

Chun cur le ról an Aontais mar ráthóir daonlathach agus riailbhunaithe na slándála, ní hamháin go bhfuil gá le hinstitiúidí Eorpacha láidre nó níos láidre agus le tuilleadh fadbhreathnaitheachta ó na Ballstáit, ach freisin le comhghuaillíochtaí forleathana sóisialta trasteorann, rud nach féidir a shamhlú gan sochaí shibhialta eagraithe uile-Eorpach láidir agus bhríomhar a bheith ann mar aon le comhpháirtithe sóisialta Eorpacha atá rannpháirteach sa phróiseas iomlán.

4.11.

Ní oibríochtaí míleata amháin atá i gceist le hionsaithe naimhdeacha ach freisin bréagaisnéis, cibirionsaithe, dúmhál eacnamaíoch, etc. Tá sé luaite sa Chompás Straitéiseach gur cheart Bosca Uirlisí Hibrideach le haghaidh freagairt chomhordaithe i leith bagairtí hibrideacha agus Bosca Uirlisí um Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis a fhorbairt, mar aon le Bosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta a neartú. Mar sin féin, ní mór don Chompás Straitéiseach tuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis an ngné ríthábhachtach sin. Tá géarghá ag an Aontas le cur chuige idirinstitiúideach chun cur i gcoinne ionsaithe agus cur isteach den chineál sin, cur chuige a mbeadh baint ag an tsochaí shibhialta ionadaíoch leis, d’fhonn an dúshraith a leagan síos le haghaidh dlúthpháirtíocht, comhar agus athléimneacht éifeachtach i measc shaoránaigh an Aontais, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, an áit is mó a mbíonn tionchar na n-ionsaithe sin le brath.

4.12.

Ní ionsaithe míleata de chineál traidisiúnta amháin atá ag bagairt ar an tslándáil san Eoraip. Ba cheart freisin cibirionsaithe agus sabaitéireacht a dhéantar ar chuideachtaí príobháideacha, institiúidí poiblí agus bonneagar criticiúil a mheas mar ionsaithe hibrideacha cogaidh a d’fhéadfadh damáiste tubaisteach a dhéanamh. Ní leor an aird a thugtar sa Chompás Straitéiseach ar an ngné sin, go háirithe maidir le bearta éifeachtacha cosanta agus freagartha.

5.   Tástáil ar chruinneas an Chompáis

5.1.

Aontaíonn CESE go hiomlán leis an tuiscint go mbeidh ar an Aontas dul i ngleic níos mó agus níos mó le cumhachtaí ionsaitheacha athbhreithnitheacha a dhéanann sárú ar Chairt na Náisiún Aontaithe. Is féidir ord iltaobhach riailbhunaithe a athbhunú má chloíonn na stáit dhaonlathacha liobrálacha lena bprionsabail féin, má úsáideann siad cumais taidhleoireachta, shibhialta agus mhíleata chun tacú leis na prionsabail sin agus mura ngéilleann siad don chathú, don bhrú ná do na bagairtí a chruthaíonn cumhachtaí forlámhacha.

5.2.

Ní mór don pholaitíocht Eorpach fónamh don sprioc an choinbhleacht armtha a chosc agus é a chur san áireamh nach bhfuil an domhan chomh síochánta céanna agus a bhí, is léir, ag deireadh an Chogaidh Fhuair. Dá bhrí sin, tá comhdhearcadh polaitiúil ag teastáil ó shochaí na hEorpa, comhdhearcadh maidir leis an gcaoi le cur go héifeachtach leis an gcosaint i gcoinne ionsaitheoirí féideartha agus, thar aon ní eile, cur le cumas cosanta sibhialta na hEorpa. Tá ríthábhacht le díospóireacht phoiblí níos láidre agus rannpháirtíocht ghníomhach ghníomhaithe na sochaí sibhialta.

5.3.

Tá tiomantas níos mó ó thaobh na polaitíochta de a dhíth ar an gcomhpháirtíocht thrasatlantach. Cé go dtéann an chomhpháirtíocht thrasatlantach céim níos faide ná ECAT, is colún taca den chomhghuaillíocht í. Ní mór do mhuintir na hEorpa iarracht níos mó a dhéanamh chun an caidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a chothabháil agus a dhoimhniú. Tá comhpháirtíocht chobhsaí leis na Stáit Aontaithe fíorthábhachtach, ó thaobh caidreamh trádála agus ó thaobh slándála de araon.

5.4.

Is sprioc Eorpach é an domhan a bheith saor ó airm núicléacha. Go dtí go mbainfear an sprioc sin amach, tá ráthaíocht Mheiriceá maidir leis an tslándáil núicléach san Eoraip, cur chuige ECAT maidir le díspreagadh núicléach agus fórsa díspreagtha na Fraince (Force de dissuasion) ríthábhachtach i gcónaí don tslándáil Eorpach.

5.5.

Ní mór do na comhpháirtithe Eorpacha díriú go práinneach ar éifeachtúlacht a gcaiteachais arm a neartú. Is féidir sin a dhéanamh trí chur go mór le hidir-inoibritheacht a ngnáthchóras míleata náisiúnta, sin i measc rudaí eile. Ní mór do na Ballstáit teacht ar réiteach faoi na deacrachtaí agus na míthuiscintí atá ann faoi láthair a fhad a bhaineann sé le cumais chosanta ghearrthéarmacha a bhfuil géarghá leo a cheannach. Ní mór dóibh freisin teacht ar chur chuige comhchoiteann maidir lena gcórais chosanta a neartú sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí leas a bhaint as an soláthar comhpháirteach agus tionscadail chomhoibríocha chomhpháirteacha. Níor cheart comhghuaillithe agus comhpháirtithe dlútha na hEorpa a eisiamh ó thionscadail chomhpháirteacha Eorpacha; mar sin féin, ní mór prionsabal na cómhalartachta a chur i bhfeidhm go docht maidir le haon rochtain a thabharfaí dóibh ar mhargadh cosanta na hEorpa.

5.6.

Tá an méid den olltáirgeacht intíre a chaitear ar an gcosaint tábhachtach sa chaoi is gur comhaontaíodh é idir comhghuaillithe an Iarthair – pacta sunt servanda! Maidir leis na cumais féin, tá sé níos tábhachtaí iad sin a shainiú go cruinn agus iad a bhaint amach in am trátha. Is beag an tábhacht a bhaineann leis an méid de OTI a bheadh ag teastáil chuige sin, is cuma an 2 % a bheadh ann nó céatadán níos airde. Is é an rud is tábhachtaí, thar aon ní eile, go gcuirfí drogall ar ionsaitheoir féideartha dul i mbun ionsaí toisc costas ró-ard a bheith i gceist leis. Ní mór don Aontas cur leis na hionstraimí agus na saoráidí atá aige, amhail PESCO, CARD, an Ciste Eorpach Cosanta agus an tSaoráid Eorpach Síochána, le go mbeidh éifeacht níos fearr le caiteachas na mBallstát ar an gcosaint.

5.7.

Tá soláthar na cosanta agus struchtúir thionscal cosanta na hEorpa ríthábhachtach don tslándáil san Eoraip. Ní faoi réir rialacha an mhargaidh, agus iad sin amháin, atá siad. Níor cheart go ndéanfaí dochar don tslándáil Eorpach de thoradh comhréitigh chostasacha neamhéifeachtacha. Ba cheart comhthionscadail a chinneadh de réir chumas na dtionscal nuálaíoch agus iomaíoch earraí a sheachadadh seachas de réir cuótaí náisiúnta i dtionscadail chomhoibríocha.

5.8.

Tá a lán gnéithe tábhachtacha a bhaineann leis an tslándáil sonraithe sa Chompás ach ní leor an méid atá sonraithe ann faoin bhfaisnéis. Ba cheart don Aontas an Compás a thabhairt cothrom le dáta trí anailís shoiléir ar chumais faisnéise na hEorpa a thabhairt le fios ann, mar aon le tograí nithiúla maidir leis an gcaoi is fearr le feabhas a chur orthu.

5.9.

Ní mór na fórsaí cosanta náisiúnta a chuíchóiriú, i.e. comhstruchtúir éifeachtúla cheannasaíochta a chruthú a bheidh mar bhonn, sa deireadh, le fórsaí armtha comhpháirteacha na hEorpa. Ní mór beocht a chur i bhFoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh agus sa Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint.

6.   Ionchur na sochaí sibhialta i slándáil agus i gcosaint na hEorpa

6.1.

Is céim thábhachtach chun cinn é an Compás Straitéiseach. Mar sin féin, ba cheart cur leis chun go n-áireofaí straitéis Eorpach um beartas eachtrach ann, straitéis ina mbeadh tuiscint níos leithne ar an tslándáil agus a bheadh i gcomhréir le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus ina mbeadh páirt ag an tsochaí shibhialta.

6.2.

Tá an-tábhacht le faisnéis bhreise, le cosc breise agus le fadbhreathnaitheacht bhreise le go bhféadfar coinbhleachtaí míleata a sheachaint. Beidh ar a lán Ballstát níos mó a infheistiú ina gcumas cosanta agus tá tús curtha leis sin ag a bhformhór cheana féin. Ní mór don rannpháirtíocht sin a bheith ina rannpháirtíocht fhadtéarmach, agus tacaíocht na sochaí sibhialta a bheith ann di. Ní mór an díspreagadh míleata a áirithiú i gcolún Eorpach ECAT, agus ní mór don Aontas cur lena chumas míleata, lena n-áirítear trína acmhainní míleata féin, le go bhféadfaidh sé bearta coisctheacha nithiúla a dhéanamh a chuirfidh leis an tsíocháin agus an chobhsaíocht réigiúnach.

6.3.

Ba cheart don Aontas gach tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, rud atá luaite sa Chompás, le go bhféadfaidh siad cur leis an gcomhar atá eatarthu, rud a chabhróidh le hilroinnt neamhéifeachtach agus dúbailt chostasach na gcumas cosanta a laghdú. Mar sin féin, fad agus nach bhfuil an tAontas freagrach dáiríre as an gcosaint, ba cheart dó leanúint de na hacmhainní teoranta atá aige a infheistiú go príomha i mbeartais agus i sásraí sibhialta ar mhaithe le coinbhleachtaí a chosc, óir sin mar is féidir leis an tsochaí shibhialta fíorthionchar a imirt trína líonraí sóisialta agus eacnamaíocha agus tríd an acmhainneacht láidir taidhleoireachta poiblí agus cultúrtha atá inti.

6.4.

Is féidir le sochaí shibhialta atá saor agus bríomhar cabhrú go nádúrtha leis an gcobhsaíocht tráth géarchéimeanna a mbíonn tionchar acu ar an tslándáil san Eoraip. Tá sé cruthaithe ag an tsochaí shibhialta go bhfuil sí inchurtha lena leithéid a dhéanamh, mar shampla, le linn ionsaí na Rúise, nuair a thogair na milliúin saoránach ar fud na mBallstát dídeanaithe ón Úcráin a óstáil agus cabhrú leo, agus go háirithe Ballstáit atá ar theorainn na hÚcráine a léirigh toilteanas as an ngnách. Ní mór ullmhacht Eorpach i dtaca le héigeandálaí agus tacaíocht leanúnach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áireamh i gcur chuige cuimsitheach i leith na slándála.

6.5.

Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an ceartas sóisialta, ionchais eacnamaíocha agus an inbhuanaitheacht comhshaoil don tslándáil. Is réamhriachtanas tábhachtach don neamhfhoréigean í an tsíocháin shóisialta. Le go bhféadfar an t-ord sóisialta agus an tsíocháin a chaomhnú ar fud an domhain, caithfear srian a chur leis an téamh domhanda agus iarmhairtí an téimh dhomhanda a bhainistiú.

6.6.

Molann CESE fóraim phoiblí a eagrú le haghaidh díospóireacht straitéiseach ionas gur féidir leis an tsochaí shibhialta cur le forbairt na hEorpa, le hEoraip a thugann cosaint ar ionsaithe naimhdeacha agus ina bhfuil teacht aniar i gcoinne na n-ionsaithe sin, ionsaithe arb é is aidhm dóibh lagmhisneach a chruthú agus baint den chobhsaíocht pholaitiúil laistigh de na Ballstáit agus eatarthu. “In the struggle for advantage among world powers, it is not military or economic might that makes the crucial difference but the fundamental qualities of a society.” (4)

6.7.

Is féidir ról lárnach a bheith ag CESE agus ag a Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX), agus, maidir le tionscal na cosanta, ag an gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) (5), sa phlé idir an leibhéal polaitiúil agus an tsochaí maidir leis an tslándáil san Eoraip agus ar fud an domhain. Leanfaidh CESE de bheith ag éileamh nuashonruithe rialta ar an gCompás Straitéiseach agus déanfaidh sé measúnú críochnúil ar thionscnaimh ghaolmhara nua, amhail an Pacáiste Cosanta.

6.8.

Léiríonn ionsaí na Rúise agus an iomaíocht shistéamach idir an Eoraip agus an tSín nár cheart don Aontas aon am a chur amú ach é féin a chur in oiriúint do na réaltachtaí geopholaitiúla atá ann. Ní féidir sin a dhéanamh i stát daonlathach liobrálach gan dlúthchomhar ná tacaíocht pholaitiúil na sochaí sibhialta.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Common Security – For our shared future, Stócólm, 2022.

(2)  Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta (COM(2022) 61 final), mír 4.9.

(3)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an treochlár maidir le teicneolaíochtaí slándála agus cosanta (COM(2022) 61 final) (IO C 443, 22.11.2022, lch. 112).

(4)  Mazarr, M. J.: What Makes a Power Great. The Real Drivers of Rise and Fall, Foreign Affairs, Iúil/Lúnasa 2022, lch. 52.

(5)  https://www.eesc.europa.eu/ga/sections-other-bodies/sections-commission/consultative-commission-industrial-change-ccmi


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 575ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 2022. 12. 14. – 2022. 12. 15.

21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/28


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga” (An Treoir maidir le Dliteanas IS)

(COM(2022) 496 final — 2022/0303 (COD))

(2023/C 140/05)

Rapóirtéir ginearálta:

Wautier ROBYNS DE SCHNEIDAUER

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 6/10/2022

 

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 14/10/2022

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Cinneadh ón mBiúró

20/9/2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24/1/2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

154/1/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá a sheasamh maidir leis an intleacht shaorga (IS) á fhorbairt ag CESE ó chuir sé tús lena obair cheannródaíoch ar an ábhar in 2017. Tá sé teann air nach mór dliteanais a bheith i gceist le maoirseacht an duine ar fheidhmchláir IS agus muinín sa teicneolaíocht sin a bhunú. Tá iarrtha aige go mbeadh rialacha soiléire ann lena n-áirítear, i gcás úsáid éagórach (nó úsáid a mheastar a bheith éagórach), rialacha maidir le dliteanas daoine fisiciúla nó eintitis dhlíthiúla, faoi mar a cuireadh in iúl i dtuairim dá chuid in 2019 (1).

1.2.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar chearta na n-íospartach a ndearnadh aon damáiste dóibh de bharr úsáid éagórach IS, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Chuige sin, déantar foráil maidir leis na nithe seo a leanas: cearta sonracha sa bhreis ar dhlí náisiúnta tortbhunaithe nó dlí i dtaca le diandliteanas atá ann cheana agus forálacha na Treorach maidir le dliteanas i leith táirgí agus dlí coiriúil, agus tugann sé a thacaíocht don togra sin.

1.3.

Bíodh is go n-aithníonn CESE gurb é an comhchuibhiú íosta an dóigh is fearr chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá sé amhrasach faoin mbaol go mbainfeadh geallsealbhóirí a bhfuil baint acu leis an slabhra agus breithiúna bríonna éagsúla as. Dá bhrí sin, tá sé á éileamh aige go dtabharfaí isteach sainmhínithe dlíthiúla soiléire agus tá sé teann air gur gá cur leis an saineolas atá acu siúd a mbeidh orthu an reachtaíocht nua sin a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais agus an acmhainn dhigiteach iomchuí acu chuige sin. Is é an sprioc dheiridh ba cheart a bheith ag an gCoimisiún scéim dliteanais a cheapadh agus cur léi, scéim a chuirfear chun feidhme ar an dóigh is aonfhoirmí is féidir ar fud an Aontais.

1.4.

Tá CESE á aithint go bhfuil nasc idir rialacha coisctheacha agus rialacha slándála, ar thaobh amháin, agus deiseanna sásaimh ar an taobh eile, sin anuas ar ról maoirseachta na n-údarás poiblí lena áirithiú go gcomhlíonfar caighdeáin an Aontais maidir le forbairt fhreagrach IS. Tá sé á iarraidh aige go mbunófaí líonra de chomhlachtaí um réiteach malartach díospóidí chun é a fhágáil níos éasca ar íospartaigh a gcearta a fheidhmiú agus tuilleadh fianaise a bhailiú maidir le torthaí na Treorach.

1.5.

Is mór ag CESE an chothromaíocht idir cearta íospartach agus leasanna forbróirí IS sa Treoir. Fágann sé sin gur féidir tairbhe a bhaint as an aistriú digiteach agus go bhfuil seans ann go leagfaí síos caighdeán do thríú tíortha atá ag smaoineamh faoi dhul sa treo sin.

1.6.

Tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt ráthaíochtaí airgeadais nó árachais lena gcumhdaítear dliteanas IS, agus aird chuí á tabhairt ar a n-infhaighteacht agus ar a raon feidhme toisc gur cheart, tríd an gcreat nua, deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’oibreoirí agus d’árachóirí araon. Tá fianaise ar theagmhais ríthábhachtach agus é á mheas an bhfuil aon ghá le bearta i ndáil leis sin. Ar an ábhar sin, is den riachtanas na teagmhais sin a dhoiciméadú agus a thuairisciú.

1.7.

Iarrann sé air freisin na cearta a dheonaítear d’íospartaigh a ndearnadh damáiste dóibh de bharr IS a áireamh ina straitéis cumarsáide d’fhonn cur leis an muinín as an aistriú digiteach.

1.8.

I bhfianaise a thapa atá an teicneolaíocht á forbairt, tá CESE i bhfabhar an rúin atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin a luaithe is a bheidh bonn cirt leis sin. Is é barúil CESE go mbeidh sé ródhéanach faoin am a dhéanfar an t-athbhreithniú, is é sin cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, agus tá sé á mholadh aige go dtabharfaí faoi trí bliana tar éis don Treoir teacht i bhfeidhm. Tá CESE toilteanach cur leis an athbhreithniú sin agus an taithí atá ag eagraíochtaí sochaí sibhialta an Aontais ina leith a mheas, go sonrach a mhéid a bhaineann le haiseolas ó úsáideoirí deiridh faoin dualgas cruthúnais agus faoi shainmhínithe ar dhamáiste incháilithe faoi dhlíthe náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó chéile.

1.9.

Ó tharla go bhféadfaí roghanna beartais íogaire a dhéanamh de thoradh úsáid IS, roghanna nár cheart a fhágáil faoi na páirtithe a bhfuil baint acu leis an slabhra soláthair IS, tá sé á iarraidh ag CESE freisin go mbeadh sé rannpháirteach i leagan síos na gcaighdeán eiticiúil agus go rachfaí i gcomhairle leis le linn an phróisis sin.

2.   Achoimre ar an togra

2.1.

Leis an togra le haghaidh Treoir maidir le dliteanas neamhchonarthach i ndáil leis an intleacht shaorga (dá ngairtear “an Treoir maidir le Dliteanas IS” anseo feasta), cuirtear leis an bPáipéar Bán 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Intleacht Shaorga, lena thuarascáil chomhuaineach maidir le sábháilteacht agus dliteanas i réimse IS agus leis an togra le haghaidh Gníomh um an Intleacht Shaorga 2021 ina ndírítear ar chosc agus ar shábháilteacht. Tá baint aige sin le hathbhreithniú 1985 ar an Treoir maidir le dliteanas i leith táirgí agus dlí coiriúil (dá ngairtear “an Treoir athbhreithnithe maidir le dliteanas i leith táirgí agus dlí coiriúil” anseo feasta), rud a cuireadh i láthair an dáta céanna agus a cuireadh an Treoir Dliteanas IS atá á scrúdú sa tuairim seo i láthair. Faoin dá thogra, is féidir le gearánaithe éilimh a dhéanamh i gcoinne páirtithe áirithe, ach tá roinnt difríochtaí i raon feidhme an dá ionstraim.

2.2.

Is é is cuspóir don Treoir maidir le Dliteanas IS rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos i dtaca le gnéithe áirithe de dhliteanas neamhchonarthach i leith damáiste a dhéantar trí úsáid a bhaint as córais IS. Ar an gcaoi sin, tá sé d’aidhm aici feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú agus cosaint níos leithne a áirithiú d’íospartaigh (bídís ina ndaoine aonair nó ina ngnólachtaí) agus cothaítear léi muinín as IS trí rialacha comhchuibhithe. Cumhdaítear leis sin, mar shampla, sáruithe ar an bpríobháideachas, caillteanas sonraí nó damáistí de bharr saincheisteanna sábháilteachta. A bhuí leis na rialacha nua, mar shampla, is éasca a bheidh sé cúiteamh a fháil má dhéantar idirdhealú ar dhuine i bpróiseas earcaíochta a bhaineann le teicneolaíocht IS. Is ann fós do roinnt constaicí (dlíthiúla), áfach. D’fhonn fáil réidh leis an éiginnteacht dhlíthiúil atá ann i gcónaí, tá sé á mholadh ag CESE sainmhíniú dlíthiúil a thabhairt ar chinneadh arna dhéanamh ag meaisíní a bhaineann úsáid as IS.

2.3.

Trí bhíthin na Treorach atá faoi chaibidil, tá an Coimisiún á mholadh, den chéad uair riamh, comhchuibhiú spriocdhírithe ar rialacha náisiúnta dliteanais le haghaidh IS, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos fusa d’íospartaigh ndearnadh damáiste dóibh de bharr IS cúiteamh a fháil. I gcomhréir le cuspóirí an Pháipéir Bháin maidir leis an Intleacht Shaorga agus leis an togra ón gCoimisiún maidir le Gníomh 2021 um an Intleacht Shaorga — ina leagtar amach prionsabail an smachta reachta trí chreat le haghaidh iontaofacht agus muinín as IS — áiritheofar leis na rialacha nua go mbainfidh íospartaigh tairbhe as cosaint chothrom nuair a dhéantar damáiste dóibh de bharr tairgí IS nó seirbhísí IS, mar is amhlaidh dá ndéanfaí aon damáiste dóibh faoi aon imthosca eile.

2.4.

Táthar cúramach sa Treoir gan dul chun cinn teicneolaíoch san Eoraip a chur i mbaol nó a chur de dhroim seoil. Tugtar isteach léi creat dlíthiúil comhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar chastacht córas IS ón tsaotharlann go dtí an margadh agus lena simplítear an próiseas dlíthiúil d’íospartaigh a ndearnadh damáiste dóibh de bharr córais IS. Déantar amhlaidh trí dhá phríomhnuálaíocht dhlíthiúil lena bhfreastalaítear ar na riachtanais atá ann cheana.

Ar an gcéad dul síos, nuair a dheimhnítear, i gcás inarb ábhartha, nár chomhlíonadh (dualgas cúraim) rialacháin an Aontais nó rialacháin náisiúnta agus gur cosúil go bhfuil sé réasúnta dóchúil go bhfuil nasc cúisíoch le córas IS (nó le haschuir an chórais), tabharfar aghaidh le “toimhde infhrisnéise” cúisíochta ar na deacrachtaí a bhíonn ag íospartaigh nuair a bhíonn orthu míniú mionsonraithe a thabhairt ar an gcaoi a ndearnadh damáiste dóibh de bharr locht nó easnamh faoi leith. Ní fusa an ní é sin, go háirithe nuair atáthar ag iarraidh córais chasta IS a thuiscint. Tá feidhm ag forálacha sonracha maidir le soláthraithe córas IS ardriosca (féach pointe 4.1), maidir le daoine a ghníomhaíonn thar ceann na gcóras sin agus maidir le húsáideoirí. Trí bhíthin an togra, laghdaítear déine na toimhdean nuair a bhaineann úsáideoir neamhghairmiúil úsáid as an gcóras IS nach bhfuil baint aige le hoibriú an chórais sin.

Ar an dara dul síos, bíodh is gur fusa a aithint cé ba cheart cás a thabhairt ina éadan i réimse an dliteanais i leith táirgí, is casta an scéal sin fós i réimse na hintleachta saorga. Faoin treoir atá beartaithe, beidh níos mó uirlisí ag íospartaigh chun sásamh dlíthiúil a lorg. A bhuí leo siúd, tabharfar dóibh, i gcás inar gá agus ar dhóigh chomhréireach, ceart rochtana ar fhianaise ó chuideachtaí agus ó sholáthraithe i gcásanna ina bhfuil IS ardriosca i gceist. Beidh íospartaigh in ann ordú a fháil ón gcúirt lena dtabharfar rochtain dóibh ar an bhfaisnéis is gá chun a chinneadh cad ba chúis leis an damáiste a d’fhulaing siad agus cén cosantóir fisiciúil nó dlíthiúil ar féidir leo comhairle a fháil uaidh i ndáil leis sin. I gcás inarb éasca fianaise a rochtain, níl an toimhde infheidhme a thuilleadh, rud is dreasacht mhór é chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil.

A bhuí leis an dá bheart sin, is cuidiú ag íospartaigh í an Treoir atá beartaithe agus sásamh á lorg acu, bíodh sin ina n-aonar nó i dteannta a chéile (más infheidhme), gan deireadh a chur le coincheap na cúisíochta.

3.   Éabhlóid theicneolaíoch dhaonlárnach a ráthú

3.1.

Tá CESE feasach ar na tairbhí agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le IS. Níor cheart úsáid IS a bheith teoranta d’fheabhas a chur ar tháirgiúlacht trí chúraimí daonna a ionadú agus costais a laghdú agus air sin amháin. I bhfianaise na forbartha sin, is gá aird a thabhairt ar rioscaí maidir le tionchar IS ar an tsláinte mar thoradh ar dhálaí oibre modhnaithe, ar chearta, amhail cearta chun príobháideachais, agus ar athmhachnamh a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir an meaisín agus an duine san áit oibre, ós rud é nach mór tús áite a thabhairt do rialú an duine, agus aird chuí á tabhairt air san am céanna go bhféadfadh claontacht agus laofacht an duine a bheith i gceist le feidhmiú meaisín. Faoi mar a aithnítear i dtreoirlínte eitice an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, ba cheart gur gníomhaithe daonna a bheadh freagrach as an dearadh tosaigh agus gurb iadsan a bheadh freagrach i gcás aon theip. Tá roinnt mhaith éabhlóidí eile ag tarlú nach bhfuil doiciméadaithe chomh maith céanna ar an aimsir seo, amhail tionchar nanaitheicneolaíochtaí ar an gcomhshaol. Is é barúil CESE gur cheart d’oibreoirí IS agus do gheallsealbhóirí eile araon, mar shampla comhairleoirí bainistíochta riosca agus árachóirí, chomh maith le húdaráis phoiblí agus ionadaithe oibrithe, faireachán a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann trí bhíthin anailís riosca, iniúchóireacht agus innealtóireacht sábháilteachta trí thástálacha a dhéanamh faoi dhálaí fíorshaoil. Faoi mar a chuir sé in iúl i dtuairim eile uaidh roimhe seo (2), ba dhíol sásaimh do CESE dá dtabharfaí isteach nósanna imeachta deimhniúcháin lena n-áiritheofaí sábháilteacht agus a bheadh i gcomhréir le leasanna an duine.

3.2.

Tuigeann CESE go bhfuil an baol ann go dteipfí ar fheidhmchláir nó go ndéanfaí cibirionsaithe mailíseacha orthu. Tagraíonn sé do thuairimí a d’eisigh sé le déanaí i ndáil leis an togra le haghaidh Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA) (3) agus an togra le haghaidh Treoir maidir le Cibearshlándáil agus Athléimneacht Eintiteas Criticiúil (4). Toisc na rioscaí agus na bagairtí sin a bheith ann, tá údar maith leis na bearta coisctheacha agus faireacháin atá i bhfeidhm cheana, maille le bearta eile a d’fhéadfaí a bheith tugtha isteach amach anseo de réir mar a thiocfadh leochaileachtaí nua chun cinn.

3.3.

Tacaíonn CESE leis an rún atá ann cos a choinneáil le forbairtí meara amach anseo agus athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtaí na Treorach má thagann ann d’fhianaise atá ina húdar maith leis sin. Dá dhroim sin, déanfar nuashonruithe de réir riachtanais agus comhréireachta. Measann sé gur rófhada an sprioc cúig bliana a leagtar síos sa togra agus tá sé á mholadh aige go ndéanfaí gníomh níos luaithe, ar a mhéad, trí bliana tar éis don Treoir teacht i bhfeidhm. Tá CESE teann air go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach sa mheastóireacht sin, ós rud é gurb é an ról uathúil atá aige tuairimí na saoránach, na dtomhaltóirí, na n-oibrithe agus na ngnólachtaí, idir mhór agus bheag, a chur in iúl agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear cearta oibrithe, chomh maith le deiseanna agus bacainní eacnamaíocha.

4.   Bunluachanna an Aontais a chosaint

4.1.

Tá CESE i bhfách leis an gcur chuige a ghlac an Coimisiún sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga, lena ndéantar idirdhealú idir úsáidí toirmiscthe IS amhail “scóráil shóisialta” saoránach ag rialtais ionsáite, feidhmchláir ardriosca de chuid gnólachtaí lena n-áirítear earcaíocht agus scóráil rátála fiúntais mar aon le bonneagair chriticiúla agus feistí teicniúla a úsáidtear i réimse an chúraim sláinte agus líon mór gníomhaíochtaí nach bhfuil chomh contúirteach céanna. Tá CESE á iarraidh go dtabharfaí sainmhíniú soiléir ar ghníomhaíochtaí ardriosca. Tá sé á éileamh aige athuair go n-áireofaí dochar féideartha don chomhshaol sa chatagóir ardriosca. Tá CESE á thabhairt dá aire gur cheart íospartaigh a chúiteamh beag beann ar aicmiú feidhmchlár IS a bhfuil riosca níos lú ag baint leo.

4.2.

Mar a luaigh sé i dtuairim uaidh a foilsíodh in 2020 i dtaca leis an bPáipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga, tá CESE á áitiú go bhfuil sé tiomanta cearta bunúsacha agus maoirseacht an duine a chosaint ag céim na cinnteoireachta deiridh mar bhunchlocha faoi fhorbairt fhreagrach IS san Aontas Eorpach. I ndáil le cinntí agus roghanna a dhéanann meaisíní, d’fhéadfadh sé nach gcuirfí san áireamh iarmhairtí neamhbheartaithe, iarmhairtí a mbeadh tuiscint ag an duine orthu, go háirithe nuair a bhíonn tionchar ag na roghanna agus na cinntí sin ar dhaoine leochaileacha amhail leanaí nó daoine scothaosta.

4.3.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá muinín an phobail as forbairtí IS maidir le cosaint príobháideachais, cóir chothrom agus sásamh nuair is iomchuí. Is é is aidhm don Treoir atá beartaithe cúiteamh comhionann ar a laghad a áirithiú as damáistí a dhéantar nó a dhéantar i bpáirt trí úsáid a bhaint as córais IS i gcomparáid le damáiste arna fhulaingt i gcásanna nach bhfuil córais IS in úsáid. Is tábhachtach go n-oibreoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus úsáideoirí córas IS i bpáirt le chéile chun an teachtaireacht sin a chur in iúl don phobal leathan.

5.   Cúiteamh a éascú d’íospartaigh as damáistí arb í an intleacht shaorga is cúis leo

5.1.

Leis an Treoir maidir le Dliteanas IS, foráiltear do chosaint mhéadaithe do shaoránaigh, d’oibrithe agus do ghníomhaithe eacnamaíocha i gcoinne damáistí a aithnítear i dtimpeallacht dhlíthiúil náisiúnta na n-íospartach sin. Leis sin, leathnaítear an chosaint thar dhíobháil choirp agus caillteanais ábhartha amháin faoi mar a fhoráiltear sa togra le haghaidh Treoir maidir le dliteanas i leith táirgí. Leis an leathnú sin, ceadaítear damáistí eacnamaíocha a dhéantar, mar shampla, i gcás idirdhealú éagórach, diúltú do rochtain ar chúram nó ar oideachas nó caillteanais sonraí, a chúiteamh. Tá sé á áitiú ag CESE gur gá tuiscint shoiléir a thabhairt ar dhamáiste incháilithe chun léirmhínithe éagsúla nach bhfuil ag teastáil a sheachaint faoin gcásdlí náisiúnta agus chun oiliúint a chur ar chleachtóirí, lena n-áirítear breithiúna náisiúnta, chun na críche sin trí leas a bhaint as na hacmhainní iomchuí. Tá CESE á chur in iúl go bhféadfadh na cúirteanna náisiúnta a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialuithe dochracha a dhéanamh maidir le pointí a bhféadfadh léirmhínithe éagsúla a bhaint astu.

5.2.

Measann CESE nach ionann an rochtain atá ag saoránaigh, tomhaltóirí, oibrithe agus gnólachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh ar shásamh agus ar chúiteamh. Tá éagsúlachtaí móra sna Ballstáit agus sna haicmí sóisialta ó thaobh na dea-thola atá ann i leith gearánaithe, na rialacha nós imeachta agus na gcostas a bhaineann le héileamh tríd an gcóras breithiúnach agus a mhéid a chumhdaítear gearánaithe i gcoinne speansais dhlíthiúla i gcásanna dliteanais shibhialta. Dá bhrí sin, mar a cuireadh in iúl cheana i dtuairim níos ginearálta uaidh i dtaca leis an Rialachán maidir leis an intleacht shaorga (5), tá sé á mholadh ag CESE scéimeanna malartacha um réiteach díospóidí atá inrochtana go héasca, saor in aisce agus éigeantach a chur ar bun le haghaidh ábhair a bhaineann le dliteanas sibhialta i bhfeidhmchláir IS ar an leibhéal náisiúnta agus é sin a dhéanamh le comhordú uile-Aontais. Tá comhordú dá leithéid le feiceáil i réimse na seirbhísí airgeadais (FIN-NET), mar shampla. Ní mór an méid sin a dhéanamh i gcomhar le comhlachtaí ionadaíocha ábhartha na sochaí sibhialta. Chuirfeadh seirbhísí den saghas sin le measúnú ar éifeachtaí na Treorach trí shúil a choinneáil ar shocraíochtaí lasmuigh de na cúirteanna a chuirtear faoina mbráid.

5.3.

Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá déanta chun acmhainní breise a chur ar fáil d’íospartaigh chun cúiteamh cothrom a éileamh nuair a dhéantar damáiste dóibh de bharr feidhmchláir IS, ós próiseas é sin a d’fhéadfadh a bheith casta costasach, nó a d’fhéadfadh a bheith go hiomlán indéanta mar gheall ar dhoiléire agus castacht feidhmchlár IS. Is iomaí saoránach agus tomhaltóir atá amhrasach faoi “róbait” agus algartaim. Tá sé á mholadh ag CESE beart a dhéanamh faoi scáth straitéis chumarsáide an Choimisiúin chun muinín na saoránach a chothú, go sonrach trí sheisiúin teagaisc ar na meáin shóisialta a úsáidtear go forleathan.

5.4.

Beidh íospartaigh a ndearnadh díobháil dóibh de bharr córas IS in ann toimhde a agairt i gcás nach gcomhlíonann oibreoirí ceanglais an Aontais nó ceanglais náisiúnta. Beidh ar oibreoirí taifead a choinneáil ar a gcomhlíontacht le rialacha den sórt sin agus is cosaint é sin i gcoinne iompar míchúramach.

6.   Prionsabail nua dlí a chomhtháthú sa mhargadh aonair

6.1.

Tá an Treoir maidir le Dliteanas IS ag teacht ar an bhfód tráth a bhfuil dliteanas i leith teipeanna IS ar chlár oibre reachtach roinnt Ballstát. Tuigeann CESE an cur chuige a leagtar amach sa togra maidir le prionsabail dlí náisiúnta a chosaint ag an gcéim seo. Tá sé i bhfách leis go bhfuil Treoir á tabhairt isteach chun neamhréireachtaí iomarcacha i bprionsabail dliteanais ar fud an Aontais a sheachaint agus chun ligean do na Ballstáit an chosaint a mheasann siad a bheith riachtanach agus comhréireach ar mhaithe leis an leas ginearálta a mhionchoigeartú. Tá aird lucht ceaptha beartas á tarraingt aige ar an míbhuntáiste a bhaineann le timpeallachtaí dlíthiúla ilroinnte, óir cuireann siad bac ar fhíormhargadh aonair digiteach a bhunú, cuireann siad le difríochtaí idir saoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa agus d’fhéadfaidís bac a chur ar nuálaíocht theicneolaíoch na hEorpa. Creideann sé nár cheart gannmheas a dhéanamh ar an mbaol go mbainfí míthuiscint as prionsabal an leasa ghinearálta, ós rud é go bhfuil na nósanna imeachta chun agóid a dhéanamh ina choinne sin útamálach agus nach dtéann a n-údarás thar an tsaincheist atá i gceist i ngach nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais.

6.2.

Is eol do CESE a éagsúla atá na córais dlí náisiúnta is infheidhme maidir le héilimh faoi dhliteanas sibhialta fós ó Bhallstát go Ballstát agus tá aird mhór tugtha aige le blianta beaga anuas ar na hiarrachtaí chun na héagsúlachtaí sin a shárú, mar shampla, trí chóras malartach ar na caighdeáin náisiúnta (“an 28ú córas”). Agus an méid sin á chur san áireamh, tuigeann sé cén fáth ar chinn an Coimisiún ionstraim dlí a mholadh ag an bpointe seo. Tá sé á thabhairt le fios aige, áfach, go bhféadfadh léirmhínithe éagsúla a bhaint aisti faoi chórais dlí náisiúnta éagsúla de bharr roinnt coincheap a bheith i gceist. Tá CESE á áitiú gur cheart gurb é sprioc deiridh an Choimisiúin scéim dliteanais a thabhairt isteach atá chomh haonfhoirmeach agus is féidir agus í á cur i bhfeidhm ar fud an Aontais.

6.3.

Tá béim á leagan ag CESE ar an gceart atá ag an bpáirtí is cosantóir, agus ag (mion)díoltóirí go háirithe, éileamh dlíthiúil a dhéanamh in éadan a sholáthraí nó in éadan geallsealbhóirí ábhartha níos faide anonn sa slabhra soláthair agus an dualgas atá ar na geallsealbhóirí sin freagracht a ghlacadh as iarmhairtí a n-iompraíochta faillíche nó a n-iompraíochta a mheastar a bheith éagórach. Ba cheart é a bheith de cheangal dlíthiúil ar na soláthróirí sin, i gcásanna den chineál sin, slánaíocht a sholáthar do chosantóirí den sórt sin.

7.   Ag tacú le hiomaíochas forbairtí IS san Eoraip

7.1.

Measann CESE gur dreasacht eacnamaíoch í an deimhneacht dhlíthiúil a ndéanfaí taighde agus forbairt dá barr sna lárionaid eolaíochta, sna húdaráis phoiblí, agus gnóthais agus go gcuideodh sí le nuálaíochtaí ceannródaíocha i dtimpeallacht dhomhanda. Tugtar treoir thráthúil sa Treoir maidir le Dliteanas IS atá beartaithe chun nuálaithe a chur ar an eolas ar dhóigh níos fearr faoi na rioscaí dlíthiúla atá ann, go háirithe agus iad ag obair thar theorainneacha, ós rud é go bhfuil a gcóras dliteanais féin ag gach dlínse. Is iad na gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna is mó a mbeidh luach suntasach le baint acu as sin ós rud é nach bhfuil an teacht céanna acu ar chomhairle dlí agus a bhíonn ag fiontair mhóra. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh an creat nua ina chabhair ag forbróirí agus feidhmchláir nua á seoladh acu a mbeadh tuiscint níos fearr iontu ar impleachtaí dlíthiúla, rud a chuirfeadh le straitéis an Aontais maidir leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas.

7.2.

Níl árachas éigeantach san áireamh ag an bpointe seo sa Treoir atá beartaithe maidir le Dliteanas IS. Ós rud é go bhfuil feidhmchláir IS fós á bhforbairt ina n-iomláine, agus córais chasta IS go háirithe, bheadh sé deacair, i ngeall ar an easpa taithí atá ann, modhanna rátála a bhunú a bheadh iontaofa a ndóthain chun dul i ngleic le damáistí agus éilimh a d’fhéadfadh tarlú amach anseo. Is fíor sin go háirithe óir d’fhéadfadh damáistí agus éilimh ar dhamáistí a bheith idirnasctha agus d’fhéadfadh sé go tarlódh teipeanna arís agus arís eile agus go méadófaí ar dhéine agus líon na dteagmhas dá thoradh sin. San am céanna, is teoranta an acmhainneacht atá ag fiontair (ath)árachais faoi láthair. Tuigeann CESE mar sin de cén fáth ar roghnaigh an Coimisiún gan tuilleadh páirte a ghlacadh sa tsaincheist maidir le hárachas éigeantach nó ráthaíochtaí airgeadais eile a thabhairt isteach, na gníomhaíochtaí ar a mbeadh siad i bhfeidhm agus an méid feidhme a bheadh acu. Iarrann sé ar an gCoimisiún, mar sin féin, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar infhaighteacht agus ar mhéid an árachais. Tá scéim faireacháin de dhíth chun léargas a thabhairt ar eachtraí a bhaineann le córas IS le fáil amach an bhfuil bearta breise ar nós diandliteanas nó árachas éigeantach ag teastáil.

7.3.

Tugann CESE faoi deara nach mór clúdach árachais éigeantach nó ráthaíochtaí airgeadais eile a bheith ag páirtí leasmhar mar chlúdach in aghaidh roinnt rioscaí de réir dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais Eorpaigh. Is in úsáid na mótarfheithiclí is mó a fheictear an cás seo, áit a bhfuil tús curtha le forbairt feithiclí uathrialaitheacha. In a leithéid de chásanna, ina mbaineann árachas éigeantach ní hamháin le hiompar an tiománaí nó na bpaisinéirí ach le mífheidhmiú trealaimh freisin, go háirithe sa mhód uathphíolóta, ráthaítear cúiteamh d’íospartaigh i bhformhór na gcásanna (6) faoin reachtaíocht agus faoi chonarthaí reatha. Is féidir le cuideachtaí árachais, i gcás inarb infheidhme, aisíocaíocht a éileamh ar a gcuid costas ó mhonaróirí. Mar gheall air sin, ba cheart nach mbeadh sé chomh costasach céanna ar thiománaithe agus go n-aistreofaí feidhm eacnamaíoch an árachais ó mhargadh gnólacht le tomhaltóir go margadh gnólacht le gnólacht. Creideann EESC mar sin de nach bhfuil gá le gníomhaíocht reachtach shuntasach bhreise i réimsí ina bhfuil árachas éigeantach i bhfeidhm cheana nó ina dtabharfar é isteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, déanfaidh CESE dlúthfhaireachán ar na roghanna eiticiúla is mó a bhfuil baint acu le saincheisteanna amhail conas tionóiscí a sheachaint agus cásanna tionóisce a bhainistiú.

7.4.

Tá EESC den tuairim go bhfuil na bearta srianta comhlíonta a bhaineann le bainistíocht riosca agus atá leabaithe sa Treoir maidir le Dliteanas IS comhréireach le leibhéal an damáiste arbh fhéidir le feidhmchláir IS a dhéanamh. San áireamh sna bearta sin tá an toimhde a chineann gur faoi sholáthróirí agus úsáideoirí chórais IS a bheidh sé a gcuid gníomhachtaí a chosaint.

7.5.

Ó thaobh na rochtana ar fhianaise de, tá CESE i bhfabhar na mbeart a glacadh chun rúin trádála a chosaint, ar gné thábhachtach iad d’iomaíochas nuálaithe Eorpacha, mar aon le faisnéis rúnda nuair a dhéantar iad a agairt ar bhealach dlisteanach agus aird chuí á tabhairt ar chearta seanbhunaithe amhail pribhléidí sceithirí san áit oibre a aithnítear go dlíthiúil.

7.6.

Le glacadh toimhdean mheasartha seachas diandliteanas, measann CESE go réiteofaí an bealach le haghaidh forbairtí sa teicneolaíocht IS san Aontas Eorpach agus go bhféadfaí ról an Aontais mar cheannródaí domhanda ó thaobh caighdeán de a dheimhniú, ós rud é go bhféadfadh tíortha eile a reachtaíocht a chur ag luí leis an gcur chuige a ghlacann sé. Ba cheart an ghné sin a bheith mar chuid den athbhreithniú a dhéanfar amach anseo, mar aon le soiléiriú ar choincheapa, rud a d’fhéadfadh a bheith riachtanach mar thoradh ar an gcéad taithí sin.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 47, 11.2.2020, lch. 64 (Níl leagan Gaeilge ann).

(2)  IO C 47, 11.2.2020, lch. 64.

(3)  IO C 155, 30.04.2021, lch. 38.

(4)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 170.

(5)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 61.

(6)  Tá an duine atá ag tiomaint i dteideal éileamh a chomhdú faoin dlí maidir le dliteanas táirge.


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/34


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha”

(COM(2022) 495 final – 2022/0302 (COD))

(2023/C 140/06)

Rapóirtéir:

Émilie PROUZET

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 17.10.2022

An Chomhairle, 28.10.2022

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, an Táirgeacht agus an Tomhaltas

Cinneadh ón mBiúró

20.9.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

156/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Admhaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ábharthacht an chórais dliteanais shibhialta atá leagtha amach sa togra ón gCoimisiún, córas a fhágann go bhfuil cúiteamh le fáil ag gach saoránach as dochar a tharlódh dó de bharr táirge a bheith lochtach. Tá méadú ar an láimhseáil atá na breithiúna a dhéanamh ar na hiarmhairtí atá ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn, rud a chuireann tuilleadh ábharthachta sa chóras.

1.2.

An chothromaíocht a athbhunú idir cearta an mhonaróra agus cearta an té a ndéanfaí an dochar dó, sin é is bunchuspóir do chóras dliteanais saor ó locht. Iarrann CESE ar na comhreachtóirí agus ar na húdaráis náisiúnta an chothromaíocht atá ann mar gheall ar an togra seo a choinneáil ar bun nuair a ghlacfar é agus nuair a thrasuífear é.

1.3.

Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis an ngá atá ann deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do chách: don ghearánach trí rochtain ar chreat dlíthiúil simplithe chun cúiteamh a fháil, agus don mhonaróir ionas gur féidir leisean leanúint air ag nuálaíocht maille le heolas faoi na freagrachtaí atá air agus a chuid rioscaí á thabhairt san áireamh aige.

1.4.

Admhaíonn CESE gur freagra ar éilimh éagsúla tomhaltais atá san athbhreithniú ar an treoir, freagra ar shainaithint an duine atá freagrach a éascú, cuir i gcás, sin agus freagra ar éascú na rochtana ar fhaisnéis agus ar chúiteamh, nó ar leitheadú an chumhdaigh le damáiste digiteach agus síceolaíoch a thabhairt faoina scáth.

1.5.

Admhaíonn CESE gur gá an córas sin a chur in oiriúint do na dúshláin dhigiteacha atá ann, agus tacaíonn sé leis na bearta a mholtar sa togra seo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE le cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an Intleacht Shaorga (IS) a chumhdach sa togra seo trí bhíthin córas dliteanais saor ó locht, sin agus trí bhíthin córas dlisteanais nach bhfuil saor ó locht, sa togra le haghaidh treoir chomhthreomhar. Tá béim aige freisin ar an ngá le bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de i mbainistiú na bhfreagrachtaí atá ag gabháil leis an táirge.

1.6.

Is éard atá CESE a iarraidh go ndéanfaí an togra a ailíniú leis an acquis communautaire maidir le sainmhínithe agus ordlathas na bhfreagrachtaí, ach go ndéanfaí é a shimpliú chomh maith ar bhealach atá comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá á glacadh faoi láthair.

1.7.

De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh níos mó comhsheasmhachta ann i bhfoclaíocht na hoibleagáide céanna, rud a chuirtear i láthair ar bhealaí éagsúla sna téacsanna dlíthiúla éagsúla. Molann CESE go ndéanfaí na bearta a shimpliú seachas a dhúbailt, go háirithe trí thagairt a dhéanamh do na hoibleagáidí atá ann cheana nó trí leitheadú na n-oibleagáidí sin.

2.   Cúlra

2.1.

Nuashonrú a dhéanamh ar an gcóras dliteanais Eorpach saor ó locht dar dáta 1985, sin é is aidhm don togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le dliteanas táirgí, sin agus don athbhreithniú ar an Treoir maidir le rialacha faoi dhliteanas na hintleachta saorga. Is é is aidhm don dá thogra an creat sin a chur in oiriúint do na haistrithe i dtreo córas digiteach agus i dtreo na hinbhuanaitheachta atá ag tarlú faoi láthair. Dá bhrí sin, is éard is aidhm do na rialacha nua an deimhneacht dhlíthiúil is gá a thabhairt do na táirgeoirí ionas go dtiocfaidh leo a bheith nuálach, agus an deimhneacht chéanna a thabhairt don ghearánach chun cásanna eile damáiste agus mainneachtana a chumhdach, ionas go mbeidh de chinnteacht ann go bhfuil duine inniúil ar fáil ar leibhéal na hEorpa, sa riocht go bhféadfaí cúiteamh a iarraidh ina dhiaidh sin i gcúirt dlí.

2.2.

Ó thaobh an chleachtais de, tá sé de cheanglas ar na Ballstáit an Treoir rialacha sonracha a chur i dtoll a chéile maidir leis an dliteanas sibhialta. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh gach duine nádúrtha cúiteamh a fháil i gcás caillteanas ábhartha a bhaineann le damáiste arb é an locht ar an táirge ba chúis leis. A priori, is le díobháil chorpartha agus i gcásanna áirithe le damáiste tromchúiseach do mhaoin agus do shealús an duine (PLD) a bhaineann formhór mór na n-éileamh faoi scáth na Treorach. Na héilimh nach bhfuil i gceist leo ach cúiteamh ar bheagán costais, is iondúil gur ar bhonn cairdeasa a réitítear iad. Dá bhrí sin, is i gcomhthéacs comhaontú cairdiúil atá feidhm ag forálacha na Treorach maidir le táirgí atá lochtach, sin agus i gcomhthéacs nós imeachta réitigh lasmuigh den chúirt (réiteach malartach díospóide/réiteach díospóide ar líne), sin nó i gcomhthéacs nós imeachta dlíthiúil (1). Chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar na cásanna a mbítear ag déileáil leo, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh faisnéise agus staitisticí a fháil maidir le cásanna a ndéileáiltear leo trí réiteach malartach díospóide nó réiteach díospóide ar líne.

2.3.

Na héilimh atá á ndéanamh ar dhliteanas de bharr táirge a bheith lochtach, sin ceann de na cineálacha éilimh is tapúla atá ag dul i líon san Aontas. Ar bhonn na mbreithiúnas cúirte atá bunaithe ar nós imeachta den chineál seo, sin agus ar na díospóireachtaí a bhí ann le tamall anuas maidir leis na rioscaí atá ag teacht i dtreis faoi láthair, seo a leanas na táirgí agus na damáistí a mbítear ag díriú orthu inniu: an aispeist, vacsaíní, lotnaidicídí, bisfeanól A, agus ópóidigh (2), mar aon le tonnta leictreamaighnéadacha i gcomhair daoine leictrea-íogaire, sin nó faitíos roimh ailse de dheasca nochtadh do shubstaint ghuaiseach (3). Mar gheall ar an méadú ar líon na rioscaí atá ag teacht i dtreis le blianta beaga anuas, is riachtanach an rud córas dá shórt sin a bheith ann. Tuigeann CESE go mbeidh dúshláin le sárú san am atá romhainn, dúshláin a bhféadfaí an córas seo a chur i bhfeidhm orthu, agus dá bhrí sin tá sé ag iarraidh ar na geallsealbhóirí uile sa reachtaíocht seo aird a thabhairt ar an gcomhthéacs.

2.4.

Cúis mhór eile imní is ea nach mór go n-éireodh leis an téacs nua seo creat dlíthiúil a choimeád lena dtugtar deimhneacht dhlíthiúil do gach gníomhaí (idir éilithe agus chosantóirí). Is mithid a áirithiú nach gcaithfear amhras ar bhunsraith acquis an Chomhphobail (sainmhíniú, an dlí sibhialta, etc.).

2.5.

Ní mór dúinn a áirithiú freisin go mbeidh cothromaíocht sa phróiseas idir ár gcuid cuspóirí Eorpacha maidir le tacú le nuálaíocht thionsclaíoch agus theicneolaíoch agus cosaint na dtomhaltóirí agus cúiteamh cothrom cóir as an damáiste a dhéantar. Faoi mar a mheabhraigh (4) an Coimisiún, an creat atá beartaithe níor cheart go gcuirfeadh sé isteach ar chur chun feidhme Straitéis Tionsclaíochta an Aontais, straitéis a glacadh le déanaí. San am céanna, ní mór don Aontas an leibhéal is airde cosanta a chinntiú do thomhaltóirí agus do shaoránaigh na hEorpa.

2.6.

Ar an ásc deiridh, is é is aidhm don Treoir seo reachtaíocht na mBallstát a thabhairt chun comhchuibheachta. Tá tábhacht mhór leis an gcomhchuibhiú sin mar ní hé go dtagann clabhsúr ar na cásanna atá cumhdaithe ag an gcóras dliteanais sin ag na teorainneacha atá idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ní mór comhchuibhiú uasta a dhéanamh ionas gur rud optamach a bheidh ann, agus ní mór go mbeadh bearta soiléire dea-shainithe i gceist ann.

3.   Barúlacha ginearálta maidir leis an ngá atá le comhsheasmhacht idir an togra agus an acquis communautaire a áirithiú

3.1.

Raon feidhme an-leathan le cur chun feidhme go comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta. Téann an dréacht-treoir chun tairbhe d’aon duine nádúrtha a ndearnadh damáiste dó mar thoradh ar locht nó fabht a bhí ar tháirge más mian leis an duine sin cúiteamh a iarraidh ar mhonaróir an táirge. Dá bhrí sin, níl aon cheist anseo maidir le tomhaltóirí ná úsáideoirí deiridh, B go B nó B go C. Mar sin féin, bhain cuid de na Stáit úsáid as an leagan bunaidh den Treoir i gcás díospóidí idir fostaithe agus fostóirí nó idir gairmithe agus gairmithe eile, rud a chumhdaíonn córais dlisteanais eile seachas na córais dlisteanais saor ó locht. Ba mhaith le CESE aird na n-údarás a tharraingt ar chur chun feidhme agus ar thrasuí cuí na scéime sin.

3.2.

Tá roinnt sainmhínithe ann nár mhór a shoiléiriú ar mhaithe le comhleanúnachas an chórais. In Airteagal 4, ní mór na sainmhínithe ar “chomhpháirt”, ar “mhonaróir” agus ar “tháirge” a nascadh le chéile mar is nithe iad sin go léir a luaitear in Airteagal 7 ina sainítear dliteanas an oibreora. In Airteagal 4(10), ba cheart tagairt a dhéanamh sa sainmhíniú ar an “gcur i mbun seirbhíse” don chéad úsáid a bhaineann an t-úsáideoir deiridh aisti faoi mar atá sa Treoir ghorm agus i reachtaíocht chomhchuibhithe eile. Tá tábhacht le dáta na chéad úsáide toisc gurb é an dáta sin an bunús atá leis na tréimhsí teorann. Ar an ásc deiridh, in Airteagal 6, ní mór an tuiscint ar an rud is úsáid táirge ann a ailíniú le reachtaíocht an Aontais. Más mí-úsáid a bhaintear as an táirge, ní féidir dul faoi chomaoin na mí-úsáide sin chun an locht a mheas ná a chruthú. Ní féidir dul faoina chomaoin ach oiread chun chomhréireacht agus sábháilteacht na dtáirgí atá cumhdaithe ag reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a mheas, rud is fíor i gcás na mbréagán, mar shampla. Faoi mar a mheabhraítear sa Treoir ghorm, is nuair a úsáidtear táirgí a chuirtear ar fáil nó a chuirtear chun seirbhíse ar an margadh chun na críche atá beartaithe dóibh atá feidhm ag reachtaíocht Eorpach um chomhchuibhiú. Pé scéal ar domhan é, ní féidir an monaróir a chur faoi dhliteanas i leith damáiste a eascraíonn as mí-úsáid táirge.

3.3.

Ordlathas na bhfreagrachtaí idir na hoibreoirí eacnamaíocha, ní mór é a bheith comhréireach leis an ról atá acu féin sa slabhra. Is díol sásaimh do CESE go n-áirítear sa togra na gníomhaithe éagsúla atá freagrach as an gcomhlíonadh agus an tslándáil, faoi mar a shainítear i Rialachán (AE) 2019/1020 (5) agus sa togra le haghaidh an Rialacháin um sheirbhísí digiteacha (6). Ar an dul sin, déanann an togra ailíniú ar an dliteanas maidir le comhréireacht agus sábháilteacht na dtáirgí leis an gcóras dliteanais i leith táirgí lochtacha nó fabhtacha. Mar sin féin, ní chloíonn Airteagal 7(2) le hordlathas na ról agus na bhfreagrachtaí arna mbunú sa chreat Eorpach i gcomhair táirgí comhchuibhithe (7). Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart Airteagal 7(2) a athbhreithniú chun ordlathas na n-oibreoirí a léiriú go soiléir, ní hionann agus an dliteanas comhpháirteach atá orthu.

4.   Measúnú ar bhearta chun freastal ar éilimh na ndaoine a dtarlódh go ndéanfaí dochar dóibh

4.1.

Tá bearta go leor ann feasta a fhágann gur cinnte gur féidir an t-oibreoir a bhfuil freagracht an chúitimh air a aimsiú. Ar an gcéad dul síos, tharlódh gurbh é monaróir an táirge mar aon le monaróir na comhpháirte ba chúis leis an locht a bhí ar an táirge atá faoi dhliteanas go comhpháirteach. Is mór ag CESE gur cuid de mholtaí BEUC (Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí) an fhreagracht dhúbailte sin (8). Ar an dara dul síos, tá feidhm ag ordlathas an dliteanais idir oibreoirí eacnamaíocha, oibreoirí a bhfuil baint acu le slabhra soláthair an táirge atá lochtach. Má tá an chéad duine atá freagrach as láthair, is ar an duine atá taobh thíos de sa slabhra soláthair a bheidh an fhreagracht. Mura bhfuil monaróir san Aontas, d’fhéadfaí an t-allmhaireoir a chur faoi dhliteanas nó ar shlí eile d’fhéadfaí an t-ionadaí údaraithe/an t-ionadaí a chur faoi dhliteanas. Ar an dul céanna, braitheann freagracht an dáileora agus freagracht an mhargaidh ar an acmhainn atá iontu faisnéis a chur ar fáil faoina gcuid soláthraithe/trádálaithe.

4.2.

Admhaíonn CESE gur fusaide sainaithint an duine atá freagrach ar an margadh Eorpach an dá bheart agus, dá bhrí sin gur fusaide an rochtain ar chúiteamh an dá bheart chéanna.

4.3.

Rud eile fós, tá oibleagáidí an dáileora nasctha leis na hoibleagáidí a bhfuil cur síos orthu sa Treoir athbhreithnithe maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (9) agus leis an reachtaíocht athbhreithnithe maidir le táirgí (rialacha sorianaitheachta).

4.4.

Sin mara atá an scéal i gcás na margaí freisin. Maidir leis an reachtaíocht i leith na seirbhísí digiteacha, is ann a thugtar isteach oibleagáid “na haithne ar na trádálaithe”, oibleagáid faoina n-áirítear sonraí teagmhála an mhonaróra agus an duine atá freagrach san Aontas. Rud eile fós, in Airteagal 5(3) den treoir chéanna – an togra reachtaíochta bunaidh i leith na seirbhísí digiteacha – leagtar síos na coinníollacha atá ag gabháil le séanadh na díolúine ó dhliteanas i gcás na n-ardán nuair atá easpa eolais ann i dtaobh an díoltóra. Tá oibleagáid inchomparáide ann sa treoir Omnibus: mura soláthraítear an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Treoir maidir le Cosaint na dTomhaltóirí (AE) 2019/2161 (10), is é an t-ardán a ghlacann an fhreagracht a bhíonn ar an díoltóir as cosaint na dtomhaltóirí. Cé gur oibleagáidí iad sin atá inchomparáide le chéile, níl siad ar aon fhoclaíocht leis an togra. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh níos mó comhsheasmhachta ann nuair is í an oibleagáid chéanna atá á dréachtú.

4.5.

Faoin gcóras nua atá ann feasta, is féidir cúiteamh a fháil freisin ar chaillteanais a tharlaíonn arís agus arís eile de dheasca seirbhísí digiteacha atá lochtach. Ar an gcéad dul síos, is freagra sonrach atá sa tionscadal comhthreomhar atá á mholadh ag an gCoimisiún Eorpach ar an dliteanas i réimse na hIntleachta Saorga. San am céanna, tá freagra á thabhairt do na húsáideoirí ag an gCoimisiún maidir le locht a bheith ar cheann de na “comhpháirteanna digiteacha”, freagra atá á tabhairt trí bhíthin bearta éagsúla:

na sainmhínithe ar chomhpháirt (Airteagal 4(3)), ar sheirbhís ghaolmhar (Airteagal 4(4)) agus ar an monaróir féin (Airteagal 4(11)), is sainmhínithe iad a chumhdóidh feidhmchláir agus bogearraí eile atá “comhtháite nó idirnasctha” le táirge na sainmhínithe ar chomhpháirt (Airteagal 4(3)), ar sheirbhís ghaolmhar (Airteagal 4(4)) agus ar an monaróir féin (Airteagal 4(11));

rud eile de, caillteanais ábhartha a tharla de bharr sonraí a bheith imithe amú, sin nó de bharr saobhadh a bheith déanta orthu, is caillteanais iad atá á n-aithint feasta mar dhamáiste a bhfuil an ceart chun cúitimh ag dul leis;

ar an ásc deiridh, an leithscéal nárbh ann don locht nó don fhabht nuair a cuireadh an táirge ar an margadh, ní leor é d’argóint le go dtabharfaí díolúine do mhonaróir na seirbhísí gaolmhara ón dliteanas atá air.

4.6.

Tacaíonn CESE leis na bearta atá dírithe ar theicneolaíochtaí digiteacha a chumadh mar chuid den togra seo. Mar sin féin, iarrann sé ar na comhreachtóirí reachtaíocht chomhthreomhar a glacadh le déanaí a chur san áireamh, mar aon le reachtaíocht atá faoi chaibidil i láthair na huaire, reachtaíocht lena n-áirítear RGCS (11), an togra maidir le dliteanas IS, an Gníomh um Intleacht Shaorga, an Gníomh um Shonraí, an Rialachán Ginearálta maidir le Sábháilteacht Táirgí, Treoir NIS 2 (12) agus an Gníomh um Chibear-Athléimneacht). Is mithid an comhleanúnachas a áirithiú agus dúbláil na mbeart dlíthiúil a sheachaint.

4.7.

Tugann an togra aghaidh ar na deacrachtaí a tháinig aníos nuair a bhíothas ag iarraidh faisnéis theicniúil a fháil nó a thuiscint ar bhealaí éagsúla. Tá feidhm ag an gcreat dlíthiúil atá i gceist i gcás ina ndearna táirge damáiste ábhartha do dhuine nó dá mhaoin agus dá shealús. Is minic na táirgí seo casta ó thaobh na heolaíochta nó ó thaobh na teicneolaíochta de. In 1985, thug an Coimisiún Eorpach freagra ar scéal chastacht na dtáirgí atá i gceist nuair a chuir sé an dliteanas saor ó locht i gcorp an dlí shibhialta. Sa chomhthéacs sin, ní mór don ghearánach cruthúnas a sholáthar faoin locht atá ar an táirge, sin agus faoin damáiste agus faoin nasc cúise idir an dá pháirtí chun cúiteamh cóir a ghnóthú as an damáiste a rinneadh dó. Ní gá cruthúnas a sholáthar i leith an mhilleáin a bhí ar an táirgeoir. D’admhaigh an tAontas Eorpach i mbrollach an téacs gur rud riachtanach atá sa dliteanas saor ó locht chun déileáil leis an méadú atá ag teacht ar an teicniúlacht lenár linn. An sárú seo ar an dlí sibhialta, ba mhór an simpliú ann féin é don ghearánach. Mar sin féin, sa phróiseas athbhreithnithe reachtach atá ar bun faoi láthair, mhol eagraíochtaí na dtomhaltóirí dul níos faide leis an scéal agus dualgas an chruthúnais a chur as an áireamh, sin nó cosc a chur ar an díolúine i leith eolas lucht eolaíochta. Níor ghéill an Coimisiún Eorpach don dá bheart sin, ach tá tograí nua tugtha isteach aige chun freastal ar éilimh na dtomhaltóirí.

4.8.

Dá bhrí sin, tá bearta nua sa togra maidir le nochtadh fianaise agus maidir le toimhde an lochta nó toimhde na cúise. Maidir leis an gcéad phointe, is éard atá i gceist anseo an ceart seo a chruthú ar an leibhéal Eorpach. Na rialacha atá ag formhór na mBallstát sa lá atá inniu ann, is rialacha iad atá an-chosúil le chéile. Maidir leis an dara pointe, is códú ar an gcásdlí atá i gceist leis, rud a mheastar a bheith fabhrach don ghearánach i mír 5.

4.9.

Tugann an togra ón gCoimisiún aghaidh chomh maith ar chásanna ina ndéantar damáiste blianta beaga nó blianta móra tar éis cheannach an táirge nó tar éis a chur ar an margadh. Tá dhá fhreagra éagsúla ann. Maidir le cúrsaí digiteacha (rud a bhfuil baint aige leis an tseirbhís), níl aon díolúine ann i ndáil leis an dóchúlacht nárbh ann don locht an uair a cuireadh an táirge ar an margadh nó an uair a cuireadh chun seirbhíse é. Rud eile fós, is baol gur casta an argóint a bheadh le déanamh ar son díolúine i gcás táirgí úrscothacha na teicneolaíochta. Ar an ásc deiridh, substaintí contúirteacha nach léir ach le himeacht aimsire cén díobháil a dhéanann siad do chorp an duine, is teorainn 15 bliana atá á cur leis an tréimhse teorann atá leo.

5.   Measúnú ar bhearta a fhreagraíonn d’éileamh na ngnólachtaí

5.1.

Is coincheap ríthábhachtach é coincheap an athraithe shubstaintiúil sa chóras sin, agus ba cheart sainiú agus soiléiriú a dhéanamh air. Is é atá i gceist leis an modhnú substaintiúil ar tháirge dliteanas an údair agus síneadh a chur leis an tréimhse teorann. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an coincheap sin a shoiléiriú ar bhonn na Treorach goirme (13).

5.2.

Measúnú na gcásanna a bhfuil mír amháin sa triptic (locht/damáiste/nasc cúise) nach bhfuil gá le cruthúnas ina taobh. Is é foráil atá in Airteagal 9 go gcinnteoidh na Ballstáit gur ar an ngearánach a bheidh sé de dhualgas cruthúnas a sholáthair faoin locht, faoin damáiste agus faoin nasc cúise. Dá bhrí sin, is gá cruthúnas a sholáthar faoin damáiste ábhartha nó neamhábhartha a rinneadh don duine nó dá mhaoin phearsanta, nó faoi na sonraí a chuaigh amú, sin nó na sonraí a ndearnadh saobhadh orthu, mar aon le cruthúnas faoin locht nó faoin bhfabht a bhí sa táirge nó i gceann dá chuid comhpháirteanna (airteagal/seirbhís), chomh maith le cruthúnas faoin nasc atá eatarthu. Ní miste a thabhairt faoi deara gur i gcomhthéacs imeachtaí dlíthiúla a tionscnaíodh cheana féin a bhunaítear dualgas an chruthúnais. Dá bhrí sin, is éard a measadh go raibh an gearán inghlactha a dhóthain, sin agus go raibh an damáiste suntasach a dhóthain don duine aonair le caingean dlí a lorg, rud a chuireann costas nach beag ar an ngearánach a priori.

5.2.1.

Ar an gcéad dul síos, in Airteagal 9(3) maidir le dualgas an chruthúnais go cruinn beacht, sonraítear na cásanna inarb é toimhde atá ann nasc cúise a bheith idir an damáiste agus an locht, is é sin i gcás ina gcruthaítear locht a bheith ar an táirge, agus i gcás ina gcruthaítear gur damáiste é den chineál a bhaineann go sonrach leis an locht den chuid is mó. Sa chás sin, nuair is slán don chruthúnas gurb ann don locht nó don fhabht, níl le cruthú ach an caillteanas ábhartha féin arbh é an damáiste ba chúis leis. Is de bhun na dtoimhdí is féidir an cruthúnas i leith nasc na cúise a sholáthar. Tá sé le tuiscint go bhfuil dealramh ag an bhforáil seo le hadmháil go bhfuil baol mainneachtana ann. I gcás mar sin, monaróir a thuig locht nó fabht a bheith i dtáirge dá chuid, caithfidh an monaróir sin gach táirge sa bhaisc a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh. Bheadh cuid mhór dramhaíle ann de thoradh ar bhainistiú den sórt sin.

5.2.2.

Ar an dara dul síos, in Airteagal 9(4), sonraítear na cásanna ina bhfuil an cruthúnas faoin locht nó faoin bhfabht agus faoi nasc na cúise bunaithe ar an dóchúlacht. D’fhéadfadh sé sin tarlú i gcásanna inarb é cinneadh na Cúirte go bhfuil sé ródhoiligh don iarratasóir an cruthúnas a aimsiú de dheasca chastacht na teicneolaíochta nó castacht na heolaíochta. Dá bhrí sin, ní mór don ghearánach a chruthú gur ar an táirge a bhí cuid den mhilleán faoin damáiste, mar aon leis an dóchúlacht gur lochtach don táirge, nó an dochúlacht go raibh nasc idir an locht nó an fabht agus an damáiste. I gcás mar sin, is go heolaíoch is ceart an locht nó an nasc cúise a chruthú.

5.2.3.

Chun measúnú a dhéanamh ar an bhforáil sin, ní mór tagairt a dhéanamh don chásdlí is bunús léi. Dá bhrí sin, i gcás Sanofi Pasteur (14), ós amhlaidh go bhfuil níos mó ná tuiscint amháin le baint as fianaise na heolaíochta, is éard a mheasann na cúirteanna gur féidir fianaise láidir bheacht chomhsheasmhach a sholáthar ar an easpa vacsaíne agus ar an nasc cúise idir an locht agus an tinneas. Tá an nós imeachta simplithe go mór ar son an ghearánaigh, agus ní mór dó sraith eilimintí fíorasacha agus neamheolaíocha a sholáthar i ndeireadh na dála. I gcásanna casta áirithe, admhaíonn CESE gur ceart do bhreitheamh measúnú a dhéanamh ar choincheap seo “dhóchúlacht na mainneachtana”, ach gan é sin a bheith ina chúis le toimhde uathoibríoch na cúise.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Féach na meastacháin a rinneadh i gcomhthéacs mheasúnú tionchair an Choimisiúin Eorpaigh.

(2)  Tá an scéal sin á phlé agus á chíoradh, go háirithe i measc mhuintir na Sualainne. I rith na 10 mbliana roimh Chovid-19, tugtar faoi deara gur tháinig méadú thar 150 % ar thomhaltas na n-ópóideach sa Fhrainc.

(3)  Admhaíonn an Fhrainc go mbeadh cúiteamh ag dul do dhuine de dheasca na himní dá dtarlódh gur chúis imní dó aicíd a theacht air lá ab fhaide anonn sa saol. Is cosúil go bhfuil an Spáinn agus an Iodáil iad féin ag iarraidh géilleadh d’fhasach na Fraince. Is admháil í seo a ndearnadh talamh slán di in 2019 i gcás a nochtfaí duine don aispeist, agus cuireadh léi go gairid ina dhiaidh sin, rud a fhágann go bhfuil gach substaint ghuaiseach agus gach táirge guaiseach san áireamh ann ó shin. Is amhlaidh a cuireadh cosc ar an aispeist dá bharr sin i 1997, ach 20 bliain dar gcionn is láidir atá riosca an chúitimh ann fós do chuideachtaí an Aontais.

(4)  I mí Eanáir 2020, le linn éisteacht a bhí eagraithe ag an gCoimisiún Eorpach faoi athbhreithniú na Treorach maidir leis an dliteanas i leith táirgí, mheabhraigh an Coimisiún gur ríthábhachtach an t-ábhar é sin chun acmhainneacht thionsclaíoch an Aontais a neartú ionas go mbeidh flaithiúnas teicneolaíochta dá chuid féin aige, agus chun buntáiste na hiomaíochta a thabhairt do na táirgeoirí chun nuálaíocht a dhéanamh agus chun dul san iomaíocht leis an tSín agus leis na Stáit Aontaithe.

(5)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(6)  COM(2020) 825 final – 2020/0361 (COD).

(7)  (i) monaróir atá bunaithe san Aontas; (ii) allmhaireoir (de réir an tsainmhínithe atá leagtha síos san Aontas) i gcás nach san Aontas atá an monaróir bunaithe; (iii) ionadaí údaraithe (de réir an tsainmhínithe atá leagtha síos san Aontas) a bhfuil sainordú i scríbhinn aige ón monaróir le cúraim a chur i gcrích thar a cheann; nó (iv) soláthraí seirbhíse comhlíonta atá bunaithe san Aontas i gcás nach bhfuil aon mhonaróir, allmhaireoir ná ionadaí údaraithe bunaithe san Aontas.

(8)  Oifig an Aontais Eorpaigh do Thomhaltóirí – www.beuc.eu

(9)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(10)  Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí (IO L 328, 18.12.2019, lch. 7).

(11)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(13)  Táirge a ndearnadh athruithe móra air nó a ndearnadh cóiriú mór air tar éis a chur chun seirbhíse, is mar tháirge nua is ceart an táirge sin a mheas más rud é: i) gur athraíodh an fheidhmíocht atá ann, nó an cuspóir atá leis, nó an cineál táirge ann atá ó thaobh a thionscnaimh de, gan foráil ina thaobh sin a bheith déanta sa bhunmheasúnú riosca; ii) go bhfuil athrú tagtha ar an gcineál contúirte atá ann dá bharr, nó más rud é go bhfuil méadú tagtha ar an leibhéal riosca i gcomparáid le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais; iii) go gcuirtear an táirge ar fáil (nó má chuirtear chun seirbhíse é má áirítear an cur chun seirbhíse laistigh dá raon feidhme freisin sa reachtaíocht is infheidhme). Cás ar chás is ceart sin a mheas, go háirithe i bhfianaise an chuspóra atá leis an reachtaíocht, agus i bhfianaise na gcineálacha táirgí a chumhdaítear sa reachtaíocht atá i gceist.

(14)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Meitheamh 2017,N. W agus daoine eile v Sanofi Pasteur MSD SNC agus daoine eile, C-621/15, ECLI:EU:C:2017:48.


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/39


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — “An Straitéis Eorpach um Chúram”

(COM(2022) 440 final)

(2023/C 140/07)

Rapóirtéir:

Kinga JOÓ

Comhrapóirtéir:

Zoe TZOTZE-LANARA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 27.10.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

11.1.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

169/0/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE na tograí sa Straitéis Eorpach um Chúram le haghaidh gníomhaíochtaí ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta chun an bonneagar cúraim san Eoraip a neartú de réir cur chuige uile-shochaí agus molann sé an iarraidh a dhéantar inti trí na Tograí ón gComhairle maidir le seirbhísí ar chaighdeán níos fearr a sholáthar ó thús deireadh shaol an duine.

1.2.

Molann CESE an athuair Ráthaíocht Eorpach um Chúram a sheoladh, chun rochtain ar chúram sláinte agus seirbhísí cúraim inacmhainne ar ardchaighdeán a áirithiú do gach duine a bhfuil cónaí air nó uirthi san Aontas. Dá gcuirfí an ionstraim sin chun feidhme i gceart, chabhródh sí le haghaidh a thabhairt ar easnaimh sa chóras cúraim agus le dálaí oibre cuibhiúla do chúramóirí a chur chun cinn, lena n-áirítear cúramóirí neamhfhoirmiúla.

1.3.

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le teaghlaigh sa ról buntábhachtach atá acu. Chuige sin, de bhreis ar a ndéantar sna beartais shóisialta, ní mór infheistíocht a dhéanamh sna pobail. Líontán sábhála is ea na teaghlaigh de gach aon sórt a bhfuil an tacaíocht chuí acu agus is gné riachtanach iad den chóras cúraim inbhuanaithe atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht. Tá sé fíorthábhachtach béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé tosaíocht a thabhairt d’inacmhainneacht agus leanúnachas na seirbhísí cúraim mar fhreagairt ar shuaitheadh a thiteann amach.

1.4.

Tá ról lárnach ag CESE i dtaca le feasacht a mhúscailt trí phríomhghnéithe den dea-chleachtas a chruinniú agus a scaipeadh i measc na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta ó thaobh uirlisí agus bonneagair de, mar aon le cineálacha seirbhísí cúraim nua a roinnt. Tá an Coiste á iarraidh go leithdháilfí buiséid ar leith chun mapáil a dhéanamh ar riachtanais na ndaoine dá ndéantar cúram agus ar riachtanais na soláthraithe cúraim.

1.5.

Ba cheart an comhionannas inscne a bheith ina chuid lárnach de chur i bhfeidhm na straitéise, lena n-áirítear trí bhíthin gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí díobhálacha inscne a chreimíonn earnálacha an chúraim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil. Cuireann CESE in iúl an athuair gur cheart iarrachtaí a dhéanamh tuilleadh fear a dhreasú le dul isteach i lucht saothair an chúraim agus ualach an chúraim a roinnt níos fearr laistigh den teaghlach.

1.6.

Is mian leis an gCoiste aird a tharraingt ar an ngá atá le cur chuige lena gcuirtear san áireamh gach tráth de shaol an duine, lena gcuirtear chun cinn an t-aosú folláin gníomhach, agus lena gcuirtear cosc ar an aoiseachas agus cineálacha eile idirdhealaithe, drochíde, drochbhaile agus steiréitíopála ar sheanóirí, agus lena gcuirtear cosaint ar fáil ar an méid sin. Tá CESE á iarraidh go bhforbrófaí Straitéis Eorpach i leith Daoine Scothaosta.

1.7.

Tá CESE á iarraidh go n-úsáidfí na hacmhainní uile chun freastal ar an éileamh ilchineálach ar chúram atá ag dul i méid: ní mór cistiúchán leordhóthanach a leithdháileadh le haghaidh bonneagar cúraim agus cleachtóirí cúraim chun cur leis an bhfás agus an fhostaíocht. Ní mór an réimse iomlán soláthraithe cúraim a chur chun tairbhe, faoi chreataí láidre dearbhaithe cáilíochta. Ní mór do na Ballstáit cruthú post archáilíochta a spreagadh agus a áirithiú gurb é atá i bpoist in earnáil an chúraim shóisialta poist tharraingteacha a ngabhann pá leormhaith leo, a bhfuil meas orthu, agus a mbaineann deiseanna maithe gairmiúla leo.

1.8.

Molann CESE soláthar sonraí níos fearr i dtaca le rannpháirtíocht leanaí in oideachas agus cúram na luath-óige lena áirithiú gur féidir comparáid a dhéanamh agus go mbíonn teacht ar fhaisnéis níos cuimsithí d’fhonn athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme.

1.9.

Iarrann CESE ar institiúidí an Aontais Eorpaigh Sainghrúpa Ardleibhéil um Chúram Fadtéarmach a bhunú a bheidh cothrom ó thaobh inscne de, lena dtabharfar le chéile na gníomhaithe uile agus a n-eagraíochtaí chun an comhar a chur ar bhonn foirmiúil agus seirbhís cúraim na todhchaí a chruthú as lámha a chéile (1). Moltar freisin go mbeadh rannpháirtíocht fhóinteach ag na daoine dá ndéantar cúram agus ag soláthraithe cúraim agus ag a n-eagraíochtaí ó thús deireadh thimthriall an bheartais.

1.10.

Cuireann CESE i bhfáth gur gá soghluaisteacht na ngairmithe cúraim agus imirce an lucht oibre ó thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad a chur san áireamh, mar aon le huirlisí chun éileamh agus soláthar a thabhairt le chéile agus cáilíochtaí a aithint agus tugann sé dá aire nach gcuirtear san áireamh a dhóthain sa Straitéis go bhfuil cúram á sholáthar san Eoraip cheana féin ag an-chuid oibrithe gan doiciméid.

1.11.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú meántéarma ar na moltaí arna bhunú ar fhaireachán arna dhéanamh ar spriocanna Barcelona agus ar chuspóirí ginearálta athchóirithe fadtéarmacha an chúraim, agus timthriall cistiúcháin an Aontais á leanúint.

2.   Cuspóirí agus raon feidhme na tuairime

2.1.

Is díol sásaimh do CESE na tograí sa Straitéis Eorpach um Chúram (an Straitéis) le haghaidh gníomhaíochtaí ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta chun an bonneagar cúraim san Eoraip a neartú, lena dtacaítear leo siúd dá ndéantar cúram (ón mbreith go dtí an tseanaois) agus le soláthraithe cúraim (foirmiúil agus neamhfhoirmiúil), agus molann sé cur chuige anailíseach na Teachtaireachta i dtaca le sainaithint na laigí, na scrogall agus na réimsí achrannacha a dhéanann difear do sholáthar an chúraim chomhtháite ardcháilíochta.

2.2.

Tá an Straitéis sin ag teacht le Plean Gníomhaíochta 2021 an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, agus tugtar treoir úsáideach inti do na Ballstáit i dtaca le cúram inrochtana leordhóthanach ardcháilíochta a fhreastalaíonn ar na héilimh mhéadaitheacha éagsúla ar chúram, mar aon le spriocanna uaillmhianacha maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige agus uirlisí rialachais fhónta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cúraim fhadtéarmaigh. Cuireann sí le creataí Eorpacha (2) atá ann cheana, rud a thugann gné thrasearnálach di chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa chóras cúraim agus chun cearta na gcúramóirí agus na ndaoine dá ndéantar cúram a chur chun cinn.

2.3.

Tá an-chuid staidéar agus tuairimí ar fáil chun cur i bhfeidhm a threorú agus lena dtairgítear léargais agus sonraí ar ghnéithe éagsúla den chúram, lena n-áirítear inscne (3)(4), costas an chúraim neamhfhoirmiúil (5)(6), córais cúraim fhadtéarmaigh san Eoraip (7), dálaí oibre agus fostaíochta an lucht saothair (8)(9).

2.4.

Chuir Parlaimint na hEorpa in iúl a thábhachtaí atá inrochtaineacht agus infhaighteacht an chúraim phoiblí agus gur chóir an ceart a bheith ag gach duine rogha mhaith seirbhísí a oireann dóibh féin agus dá dteaghlaigh (cúram teaghlaigh, cúram pobalbhunaithe, cúram otharláraithe, cúram pearsantaithe nó cineálacha eile cúraim (10)) a bheith acu.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE go n-aithnítear sa Straitéis gur ar an tsochaí ina hiomláine atá freagracht an chúraim agus ní ar an teaghlach amháin, agus is díol sásaimh dó freisin an dá thogra le haghaidh Moltaí ón gComhairle ina n-iarrtar seirbhísí ar chaighdeán níos fearr a sholáthar ó thús deireadh shaol an duine. Tá sé i bhfabhar aistriú paraidíme sochaíche ar luach an chúraim agus ar a sholáthar san Aontas, ar bhonn a shásódh na gnéithe cultúrtha difriúla agus na difríochtaí náisiúnta.

3.2.

Tá sé beartaithe leis an Straitéis an díospóireacht Eorpach ar an gcúram a aistriú i dtreo samhail chúraim inbhuanaithe atá bunaithe ar chearta an duine lena gcothaítear comhionannas inscne sa chúram foirmiúil agus neamhfhoirmiúil agus lena ráthaítear dínit an duine, an mhaireachtáil neamhspleách agus an cuimsiú sa phobal. Rinneadh athléimneacht agus leordhóthanacht na gcóras cúraim ar fud an Aontais a thástáil le linn phaindéim COVID-19, rud a ghéaraigh fadhbanna struchtúracha amhail tearc-chistiú agus tearclíon foirne.

3.3.

Is éard a theastaíonn ó straitéis éifeachtach ná cur chuige claochlaitheach uaillmhianach, ceann lena gcuirtear ina chroílár cearta bunúsacha agus riachtanais bhunúsacha na ndaoine dá ndéantar cúram agus na soláthraithe cúraim, ceann lena n-áirítear rannpháirtíocht iomlán fhóinteach a bheith acu i gcomhairliúcháin agus i gcinntí.

3.4.

Cuireann CESE i bhfáth gur cheart bearta coisctheacha, slánaithe agus athshlánaithe a bheith ina gcuid lárnach de chur chun feidhme na Straitéise. Ba cheart gníomhaíochtaí a dhíriú níos mó agus níos mó ar an luath-idirghabháil, ar an aosú folláin gníomhach, ar bhearta coisctheacha agus ar thacaíocht don neamhspleáchas lenar féidir an gá le dul i muinín an chúraim fhadtéarmaigh a íoslaghdú, agus an cuimsiú sa tsochaí agus an tsaoránacht ghníomhach a mhéadú, go háirithe trí Straitéis Eorpach chuimsitheach i leith Daoine Scothaosta a chruthú.

3.5.

Ag meabhrú dó an taithí a fuarthas le linn na ngéarchéimeanna airgeadais agus eacnamaíocha a tharla le déanaí, tá béim á cur ag CESE ar an ngá atá le tús áite a thabhairt d’inacmhainneacht agus do leanúnachas na seirbhísí cúraim mar fhreagairt ar na suaití atá ann faoi láthair a bhaineann leis an gcogadh san Úcráin, leis an bhfuinneamh agus leis na géarchéimeanna costais maireachtála.

3.6.

Is díol sásaimh do CESE príomhshruthú an chomhionannais inscne a dhéantar ar fud na Straitéise. Is iad na mná is mó a bhíonn ag obair in earnáil an chúraim, idir an cúram foirmiúil agus an cúram neamhfhoirmiúil. San Aontas Eorpach, deir 29 % de mhná gurb é an phríomhchúis nach bhfuil siad gníomhach i margadh an tsaothair nó go bhfuil siad ag obair go páirtaimseartha ná dualgais chúraim atá orthu, i gcomparáid le 6 % d’fhir (11). Meastar go n-íoctar EUR 242 bhilliún in aghaidh na bliana as dáileadh neamhchothrom na bhfreagrachtaí cúraim sin (12). Is treoirlínte úsáideacha iad na moltaí do na Ballstáit chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne agus le bearnaí pá, pinsin agus cúraim idir na hinscní.

3.7.

Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá an cúram teaghlaigh agus an cúram neamhfhoirmiúil mar ghné de chórais chúraim inbhuanaithe agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí riachtanais agus fírinne an chineáil sin cúraim a mhapáil go pras. Is gá aitheantas a thabhairt dóibh mar chomhpháirtithe chun leanúnachas sa chúram a áirithiú agus chun tacaíocht chuimsitheach a chur ar fáil dóibh, amhail deiseanna oiliúna le scéimeanna bailíochtaithe scileanna, agus a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach i margadh an tsaothair agus sa saol sóisialta trí mheascán d’acmhainní, seirbhísí agus socrú ama (a nasctar leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil) agus rochtain ar chearta sóisialta, ar an gcúram faoisimh agus ar sheirbhísí meabhairshláinte a áirithiú ag an am céanna (13).

3.8.

Is díol sásaimh do CESE go ndírítear ar chearta na n-oibrithe cúraim a chosaint ar bhealach níos fearr. Iarrann CESE ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i bhforfheidhmiú dhlí saothair an Aontais, agus daingniú a dhéanamh ar Choinbhinsiún 189 EIS lena gcuirtear caighdeáin ar fáil maidir le dálaí oibre cuibhiúla d’oibrithe tí, agus lena ndéantar bearta chun staid na gcúramóirí a bhfuil cónaí orthu in aontíos le daoine dá ndéantar cúram (14) a rialáil, lena n-áirítear oibrithe imirceacha agus oibrithe taistil. Mar sin féin, tugann sé dá aire nach leor an aird a thugtar sa Straitéis ar an iliomad oibrithe gan doiciméid a chuireann cúram ar fáil san Eoraip cheana féin, agus gur cheart díriú ar na hoibrithe cúraim uile atá ina gcónaí san Aontas – beag beann ar a stádas imirce ná cónaithe.

3.9.

Molann CESE an tiomantas chun feabhas a chur ar dhálaí oibre in earnáil an chúraim trí uas-sciliú, athsciliú, agus bailíochtú scileanna a chur ar fáil, pá a mhéadú, cearta sóisialta agus saothair a chur chun cinn, aird a thabhairt ar rioscaí sláinte fisiciúla agus síceasóisialta agus aghaidh a thabhairt ar bhaol an fhoréigin agus an chiaptha ar an láthair oibre. Iarrann sé ar na Ballstáit Coinbhinsiún 190 EIS maidir le foréigean agus ciapadh a dhíothú i saol na hoibre a dhaingniú. Ní mór do na comhpháirtithe sóisialta agus do na rialtais oibriú le chéile chun deireadh a chur le cineálacha fíoréiginnte oibre cúraim agus chun creataí láidre rialála, airgeadais agus cómhargála a thógáil. Mar gheall ar ghanntanas pearsanra cáilithe i mbeagnach gach Ballstát, cuirtear caighdeáin sláinte agus chúraim i mbaol, go háirithe i bhfianaise an athraithe dhéimeagrafaigh, shoghluaisteacht na n-oibrithe agus an aosaithe.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Athdhearbhaíonn CESE a phráinní atá sé Ráthaíocht Eorpach thiomnaithe um Chúram (15) a leagan amach, mar ghné riachtanach chun an Straitéis a chur chun feidhme go rathúil, a bheidh bunaithe ar mheascán d’uirlisí beartais, cleachtais agus cistiúcháin chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí na Straitéise leabaithe go hiomlán i gcreataí náisiúnta dlíthiúla, beartais, cistiúcháin agus seirbhíse. Tá sé ríthábhachtach caighdeáin a leagan síos chun feabhsú san earnáil a áirithiú, chomh maith le faireachán a dhéanamh orthu (16).

4.2.

Ba cheart plean cur chun feidhme struchtúrtha Eorpach agus scéimeanna cistiúcháin Eorpacha a chur leis an Straitéis Eorpach um Chúram. Ní leor an infheistíocht phoiblí a dhéantar sa chúram sláinte i roinnt mhaith Ballstát. Ní mór úsáid a bhaint as cistí struchtúracha agus infheistíochta an Aontais (CSE+, CFRE) agus as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) chun tacú leis na Ballstáit i réimsí sonracha a bhaineann leis an gcúram (ó dhearadh beartas go cur chun feidhme seirbhísí agus faireachán tionchair) go háirithe trí sholáthar poiblí atá freagrach ón taobh sóisialta de.

4.3.

Beidh sé ríthábhachtach meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar an tionchar orthu siúd dá ndéantar cúram agus ar sholáthraithe an chúraim. Trí threoirlínte teicniúla sonracha maidir le creataí faireacháin agus meastóireachta a thógáil, d’fhéadfaí tacú le haireachtaí náisiúnta trí threoir shonrach a thabhairt maidir le samhlacha seirbhísí cúraim inbhuanaithe a fhorbairt, agus maidir le tomhas tionchair agus táscairí. Mar chuid d’fhaireachán an Choimisiúin Eorpaigh, ba cheart tuarascálacha a dhéanamh ar bheartais agus ar chistiúchán araon agus gairm a dhéanamh ar athbhreithniú meántéarma ar na Moltaí. Ní mór don Seimeastar Eorpach a mholtaí tírshonracha a dhíriú ar bhealach níos fearr chun cabhrú leis na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do chistiú leordhóthanach don chúram mar infheistíocht tháirgiúil inbhuanaithe seachas mar ualach eacnamaíoch.

4.4.

Tar éis an dá Mholadh ón gComhairle a ghlacadh, ba cheart bearta agus treoirlínte a leabú go pras i gcreataí beartais agus dlíthiúla náisiúnta. Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá comhordaitheoirí náisiúnta an chúraim fhadtéarmaigh chun comhleanúnachas a áirithiú agus chun cúram a phríomhshruthú i réimsí, in aireachtaí agus i leibhéil rialachais eile, a théann níos faide ná na beartais shóisialta agus sláinte (tithíocht, iompar, fuinneamh, geilleagar, etc.).

4.5.

Is féidir go ndéanfar níos measa neamhionannais i dtaca le rochtain ar chúram de dheasca roghnú rioscaí neamh-inmhianaithe, tráchtálú agus tús áite a thabhairt don ioncam agus don bhrabús ar an gcúram agus an tsláinte. Tá gá le bearta rialaithe comhréireacha chun cleachtais mhífholláine a chosc agus chun ráthaíochtaí láidre maidir le seirbhísí ar ardchaighdeán agus úsáid chuí na gcistí a chinntiú. Ó thaobh an chúraim fhadtéarmaigh agus oideachas agus chúram na luath-óige de, tá gá ar leibhéal na mBallstát le córais láidre cosanta sóisialta agus seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht, ar an infheistíocht shóisialta agus ar ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta – e.g. cumainn fhrithpháirteacha – chun cineálacha éagsúla maoinithe agus comhroinnte costas a chur ar fáil don chúram pobalbhunaithe agus don chúram sa bhaile arna dhéanamh ag cúramóirí atá oilte go cuí (17). Chun na forálacha a chistiú, ba cheart roghanna malartacha ar ranníocaíochtaí sóisialta a bheartú (18). Ní mór cuimhneamh ar thacaíocht dheonach ó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a théann chun tairbhe na gcóras cúraim agus sláinte araon a chur san áireamh, ach ní mar bheart costchiorraithe.

4.6.

I dtaca leis na hinniúlachtaí náisiúnta agus an choimhdeacht, ba cheart don Choimisiún Eorpach a áirithiú gur seirbhísí cuimsitheacha a bheidh sna seirbhísí cúraim ardcháilíochta a fhorbraíonn na Ballstáit. Ní mór don Straitéis a chinntiú go mbeidh rochtain iomlán chomhionann ar na seirbhísí ag gach duine a bhfuil cúram de dhíth orthu, go háirithe trí chreataí cáilíochta láidre ceangailteacha. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí a eisiatar de ghnáth amhail Romaigh, imircigh, etc. agus ar an éifeacht a bhíonn ag idirdhealú trasnach agus ag idirdhealú struchtúrach. Ciallaíonn sé sin freisin go mbeidh rochtain ar bhonneagar cúraim i gceantair iargúlta agus i gceantair daonra ísealdlúis.

4.7.

Trí infheistiú i mbonneagar digiteach, is féidir pleanáil agus soláthar éifeachtach cúraim a éascú, faisnéis a stóráil, a mhalartú agus a chur in iúl idir soláthraithe éagsúla sláinte agus cúraim shóisialta, rud a fhágann gur féidir faireachán éifeachtach a dhéanamh ar cháilíocht agus ar rochtain chomhionann. Is féidir le deiseanna iomadúla, amhail teicneolaíochtaí cúnta, bearta coisctheacha, an róbataic, an teileashláinte agus eile, má tá siad go hiomlán cuimsitheach agus inrochtana, tacú le for-rochtain, leanúnachas, comhordú agus ardchaighdeán seirbhísí cúraim.

4.8.

Tugtar faoi deara sa Mholadh maidir leis an gcúram fadtéarmach atá beartaithe nach mór do chórais freastal ar riachtanais tacaíochta daoine faoi mhíchumas, agus tagairt shoiléir á déanamh ag an am céanna do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-urramóidh cistí an Aontais a shlógtar faoin Straitéis cuspóir an dí-institiúidithe agus go dtacófar leis an gcuimsiú trí sheirbhísí pobalbhunaithe a fhorbairt le lucht saothair dea-oilte (19). Athdhearbhaíonn CESE an gá atá le tacaíocht a thabhairt do leanaí agus do thuismitheoirí faoi mhíchumas (20) agus is díol sásaimh dó an bhéim a leagtar ar an méid sin sa mholadh maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige.

5.   An Moladh maidir le hOideachas agus Cúram na Luath-óige a chur chun feidhme

5.1.

Tacaíonn CESE leis an athbhreithniú ar spriocanna Barcelona chun infhaighteacht cúraim leanaí inrochtana, inacmhainne, chuimsithigh agus ardcháilíochta a fheabhsú. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil na spriocanna bainte amach acu nó a sháraigh iad díriú níos mó ar chaighdeáin cháilíochta a sholáthar agus ar chineálacha éagsúla oideachais agus cúraim luath-óige a fhorbairt de réir na n-aoisghrúpaí éagsúla. Ní mór spriocanna maidir le hinfhaighteacht oideachas agus chúram na luath-óige a mhéadú a bheith fite fuaite le creataí dearbhaithe cáilíochta agus dálaí oibre cuibhiúla. Ba cheart do na Ballstáit oibriú ar tháscairí chun faireachán a dhéanamh ar an rochtain ar shamhlacha cúraim de réir roghanna agus difríochtaí náisiúnta, agus cuspóirí, cáilíocht agus caighdeáin eile na spriocanna athbhreithnithe á gcomhlíonadh ag an am céanna.

5.2.

Is díol sásaimh do CESE an iarraidh go n-áiritheofar go mbeidh teidlíocht dhlíthiúil ag gach leanbh ar rochtain a fháil ar sheirbhísí ardcháilíochta. Is díol sásaimh dó freisin an nasc atá ag an straitéis leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus go bhfuil cur chuige ilghlúine na ráthaíochta sin á chur chun cinn sa straitéis, ar cur chuige é atá ríthábhachtach chun cothromaíocht oibre is saoil agus folláine teaghlaigh a bhaint amach. Ní mór cur le rochtain saor in aisce ar oideachas agus cúram na luath-óige do theaghlaigh atá i ngátar trí bhearta éagsúla a dhéanamh, lena n-áirítear béilí saor in aisce, táirgí sláinteachais saor in aisce (e.g. clúidíní leanaí) agus cúnamh le haghaidh forbairt fhisiciúil agus mheabhrach (scileanna mínluaileacha, teiripe urlabhra agus teanga, etc.).

5.3.

Is díol sásaimh do CESE tagairtí do chreataí comhionannais an Aontais agus do leanaí atá i gcúinsí leochaileacha, chun córais chuimsitheacha a chruthú lena n-urramaítear gach cineál teaghlaigh. Ba cheart go n-áireofaí ar na gníomhaíochtaí atá le cur i bhfeidhm for-rochtain, oiliúint don fhoireann maidir le cearta úsáideoirí seirbhíse agus maidir le cuimsiú agus claontacht. Is díol sásaimh do CESE go háirithe na tograí maidir le cóimheas leordhóthanach leanaí/foirne a áirithiú, oiliúint ghairmiúil leanúnach na foirne, agus ceanglais ama a chur san áireamh sna táscairí, rud atá ábhartha go háirithe do leanaí faoi mhíchumas nach féidir leo rochtain a fháil ach go páirteach ar oideachas agus cúram na luath-óige.

5.4.

Ní mór múnlaí dea-chleachtais oideachas agus chúram na luath-óige a bheith i gcroílár na mbeart chun an moladh ón gComhairle a chur chun feidhme, le tacaíocht ó bheartais fhonáisiúnta agus ó chreataí cistiúcháin, trí bhuiséid shonracha a leithdháileadh chun riachtanais na ndaoine dá ndéantar cúram agus riachtanais na soláthraithe cúraim a mhapáil, agus trí chineálacha nua seirbhísí cúraim a thástáil. Ba cheart cearta na leanaí a choinneáil i lár an scéil i gcónaí. Teastaíonn timpeallacht shláintiúil chothaitheach ó leanaí i luathbhlianta an linbh, cibé acu trí chúram teaghlaigh nó trí chúram gairmiúil; dá bhrí sin, ní mór samhlacha cúraim éagsúla (ionaid lae, naíolanna san ionad oibre, feighlithe leanaí, cúntóirí máthartha, grúpaí súgartha, cúram lasmuigh den scoil) a bheith ar fáil chun rogha a thabhairt, agus riachtanais forbartha leanaí d’aoiseanna éagsúla á gcur san áireamh.

6.   An Moladh maidir leis an gCúram Fadtéarmach a chur chun feidhme

6.1.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh pleananna láidre cur chun feidhme ann lena gcumhdófaí raon iomlán an chúraim fhadtéarmaigh. Ba cheart don Choimisiún Eorpach an comhar a chur ar bhonn foirmiúil trí Shainghrúpa Ardleibhéil um an gCúram Fadtéarmach a bhunú, lena dtabharfar le chéile comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, comhordaitheoirí náisiúnta, tairbhithe an chúraim fhadtéarmaigh, go háirithe daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas agus saineolaithe agus cleachtóirí ábhartha eile. Chun bonn eolais a chur faoi obair an ghrúpa, d’fhéadfaí ardán poiblí ar líne a chruthú chun sonraí agus taighde a bhailiú agus chun comhroinnt dea-chleachtais a chothú.

6.2.

Tá roinnt tuairimí maidir le soláthar an chúraim fhadtéarmaigh san Aontas (21) glactha ag CESE, inar cuireadh i bhfáth an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i gcúram ardchaighdeáin inbhuanaithe inrochtana do chách. Tá béim á cur ag CESE ar an ngá atá leis an gcomhlántacht agus an tsineirgíocht a uasmhéadú idir na soláthraithe cúraim agus sláinte uile san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon (brabúsach agus neamhbhrabúsach) chun cumhdach a bhaint amach do chách, agus dea-chleachtais sna Ballstáit á gcur san áireamh.

6.3.

Is díol sásaimh do CESE go n-aithnítear sa togra maidir le cúram fadtéarmach a thábhachtaí atá gníomhaithe an gheilleagair shóisialta mar sholáthraithe seirbhíse. Molann CESE don Choimisiún féachaint tuilleadh ar bhealaí chun línte struchtúrtha cumarsáide a chruthú idir gníomhaithe an gheilleagair shóisialta agus na hinstitiúidí Eorpacha i spás beartais an chúraim fhadtéarmaigh.

6.4.

Tugann CESE dá aire a thábhachtaí atá na tionscnaimh éagsúla faoin aistriú glas agus digiteach chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na dteicneolaíochtaí chun an stoc tithíochta a chruthú, agus athmhachnamh agus athchóiriú a dhéanamh air ar bhealach níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe.

6.5.

Is féidir tacaíocht bhaile níos struchtúrtha agus níos éifeachtúla a chur san áireamh i múnlaí dea-chleachtais maidir leis an gcúram fadtéarmach, chomh maith le roghanna tithíochta nua, amhail tithíocht dhídeanach, mhaoirsithe nó phobalbhunaithe, aonaid chomhchónaithe nó roghanna eile, de réir riachtanais agus roghanna na ndaoine dá ndéantar cúram, agus bunaithe ar chreataí cáilíochta atá formheasta go dlíthiúil. Ba cheart cuimhneamh ar chineálacha eile samhlacha cúraim freisin chun speictream iomlán an chúraim a chumhdach i gcur chuige comhtháite, amhail tacaíocht mheabhairshláinte, ionaid teaghlaigh, grúpaí tacaíochta do thuismitheoirí agus tacaíocht tithíochta ghearrthéarmach ar bhealach lena n-éascaítear an t-aistriú ó shamhail amháin go samhail eile agus éagsúlacht i ndéine nó i gcineál na seirbhísí is gá, gan cur isteach ar leanúnachas an chúraim.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Seirbhísí leasa ghinearálta a chomhchruthú mar rannchuidiú le daonlathas níos rannpháirtí san Aontas Eorpach (tuairim féintionscnaimh) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 76).

(2)  Straitéis Eorpach maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh, an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil, an Straitéis um Chomhionannas Inscne agus tionscnaimh ábhartha eile faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(3)  Gender inequalities in care and pay in the EU: https://eige.europa.eu/publications/gender-inequalities-care-and-pay-eu.

(4)  Innéacs Comhionannais Inscne: https://eige.europa.eu/gender-equality-index/2022.

(5)  What if care work were recognised as a driver of sustainable growth?: https://epthinktank.eu/2022/09/07/what-if-care-work-were-recognised-as-a-driver-of-sustainable-growth/.

(6)  Study on exploring the incidence and costs of informal long-term care: https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=ga&pubId=8423&furtherPubs=no

(7)  Cúram fadtéarmach 2021 san Aontas: https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=ga&pubId=8396.

(8)  Long-term care workforce: Employment and working conditions: https://www.eurofound.europa.eu/nb/publications/customised-report/2020/long-term-care-workforce-employment-and-working-conditions.

(9)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Lucht Saothair na Sláinte agus Straitéis Chúraim do Thodhchaí na hEorpa (Tuairim féintionscnaimh) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 37).

(10)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Meitheamh 2022: Tuarascáil i dtreo comhghníomhaíocht Eorpach ar chúram.

(11)  An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), idem.

(12)  Taighde de chuid Pharlaimint na hEorpa, idem.

(13)  An Chairt Eorpach um Chúramóirí Teaghlaigh: https://coface-eu.org/european-charter-for-family-carers/ (níl leagan Gaeilge ann).

(14)  IO C 487, 28.12.2016, lch. 7.

(15)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Lucht Saothair na Sláinte agus Straitéis Chúraim do Thodhchaí na hEorpa (Tuairim féintionscnaimh) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 37).

(16)  An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), 2019, Improving healthcare quality in Europe – Characteristics, effectiveness and implementation of different strategies.

(17)  Tuairim ó CESE Tionchar na hInfheistíochta Sóisialta ar Fhostaíocht agus ar Bhuiséid Phoiblí, IO C 226, 16.7.2014, lch. 21 (níl leagan Gaeilge ann).

(18)  Event report: European Care systems: Solidarity and sustainability – friends or foes?: https://www.aim-mutual.org/mediaroom/event-report-european-care-systems-solidarity-and-sustainability-friends-or-foes/.

(19)  An Sainghrúpa Eorpach maidir leis an aistriú ó chúram institiúideach go cúram pobalbhunaithe, EU Guidance on independent living and inclusion in the community agus EU funds checklist to promote independent living and deinstitutionalisation.

(20)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An ról atá ag baill teaghlaigh a thugann aire do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta: an méadú ollmhór a tháinig ar an bhfeiniméan sin le linn na paindéime (Tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.2.2023, lch. 75).

(21)  IO C 129, 11.4.2018, lch. 44; IO C 487; 28.12.2016, lch. 7; IO C 204, 9.8.2008, lch. 103; Bróisiúr agus Tuairim CCMI/165 ó CESE Athruithe eacnamaíocha, teicneolaíochta agus sóisialta ar ardseirbhísí do dhaoine scothaosta (níl leagan Gaeilge ann); IO C 240, 16.7.2019, lch. 10; IO C 194, 12.5.2022, lch. 19.


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/46


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchóiriú an nádúir”

(COM(2022) 304 final – 2022/0195 (COD))

(2023/C 140/08)

Rapóirtéir:

Arnold PUECH d’ALISSAC

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 11.7.2022

Parlaimint na hEorpa, 14.7.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

10.1.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

25.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

201/4/11

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa nach éifeachtach an cur chuige ná nach éifeachtach na bearta a glacadh go dtí seo ar son na bithéagsúlachta, agus is díol sásaimh dó gurbh éard is cuspóir foriomlán don Rialachán atá beartaithe dlús a chur le hiarrachtaí in athbhunú an dúlra chun stop a chur le meath na bithéagsúlachta agus chun bithéagsúlacht na hEorpa a chur ar bhealach an téarnaimh. Dá bhrí sin, beidh na Ballstáit faoi réir oibleagáidí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de. Tugann CESE dá aire maidir leis an gcur chuige a glacadh gur rud é atá i gcomhréir le cinntí COP 15 in Montreal.

1.2.

Mar sin féin, tá roinnt barúlacha ag CESE, agus tá nithe ann is cúis imní dó fad a bhaineann le foclaíocht na gcuspóirí agus leis an modheolaíocht atá sainithe ag an gCoimisiún. Is é an t-easnamh is mó atá ann leis an bhfírinne a dhéanamh nach gcuirtear an tionchar eacnamaíoch atá ag na bearta riachtanacha ar úsáideoirí na talún san áireamh – úsáideoirí príobháideacha a bhformhór sin. Tá sé ráite cheana féin ag CESE sa tuairim uaidh maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 nach féidir a bheith ag súil leis go n-íocfaidh feirmeoirí agus úinéirí foraoise an costas a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta. Ina áit sin, soláthar “na n-earraí agus na luachanna poiblí” seo, ba cheart ioncam maith féideartha a bheith ar fáil dóibh ann. Dar leis go “bhféadfadh an plean nua don téarnamh eacnamaíoch díriú go sonrach ar an tsaincheist sin le hinfheistíocht san fhoireann agus in acmhainní d’fhonn ábhar na straitéise a chosaint” (1). Níor ghéill an Coimisiún don mholadh sin ná níor ghéill na Ballstáit dó ach an oiread. I dtuairimí a cuireadh in iúl roimhe seo, is amhlaidh a cháin CESE an easpa thubaisteach maoinithe a bhí ann i gcomhair bearta Natura 2000. Is láidir a shíleann an Coiste gur teip atá i ndán don chur chuige nua atá roghnaithe ag an gCoimisiún mura gcuirtear an maoiniú cuí ar fáil. Sin rud riachtanach d’fhonn na caillteanais airgeadais sin a chúiteamh, caillteanais a thabhóidh úsáideoirí na talún nuair a bheidh úsáid na talún á leathnú acu chun cur leis an mbithéagsúlacht, (agus d’fhonn luach a saothair a thabhairt dóibh siúd a chuireann comaoin ar an mbithéagsúlacht). Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go gcruthófaí ciste Eorpach, ciste a bheadh tiomnaithe don bhithéagsúlacht, agus tá sé ag iarraidh go bhféachfaí bealaí nua le beartais éagsúla an Aontais a fhorbairt (CBT, fuinneamh, tithíocht, cúrsaí iompair srl) chun cuidiú le cuspóirí ceangailteacha an rialacháin a chur i gcrích.

1.3.

Maidir le gné an airgeadais, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí measúnú go cruinn beacht roimh ré ar dhromchla na limistéar talmhaíochta, na bhforaoisí agus na mbealaí uisce a chumhdaítear leis na tograí sa rialachán. Anuas ar an méid sin, is mian le CESE aird an Choimisiúin a dhíriú ar an ngá atá ann cistí a chur i leataobh chun cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí agus d’úinéirí foraoise go háirithe, daoine ar baol go séanfaí a limistéar táirgthe orthu go hiomlán.

1.4.

Cé go bhfuil gá le hathchóiriú an dúlra sna limistéir atá faoi chosaint mar gheall ar an drochbhail atá ag teacht orthu, ní féidir agus ní gá gur limistéar faoi chosaint a bheadh i ngach uile limistéar atá le hathchóiriú. Measann CESE gur “riachtanach codanna de na limistéir atá faoi chosaint a bheith faoi dhianchosaint feasta (maille le bainistiú neamh-idirghabhálach)” (2). Mar sin féin ba thábhachtaí fós an bhithéagsúlacht a chaomhnú go huilechoiteann de thairbhe na húsáide a bheidh á baint na limistéir sin. I gcás fhormhór na limistéar, ní mór féachaint leis an éiceachóras a athchóiriú ach gan gníomhaíochtaí eacnamaíocha oiriúnaithe ar leith a eisiamh. Is fíor a rá go deimhin gur mór an chomaoin atá curtha ag an talmhaíocht agus ag an bhforaoiseacht ar an leibhéal ard bithéagsúlachta is gá a chosaint feasta. Dá bhrí sin, ba cheart tacú fós (3) leis na cineálacha talmhaíochta agus foraoiseachta sin, cineálacha a bhí forleathan tráth, cineálacha atá á ligean chun faillí sa lá atá inniu ann, áfach, ós beag inmharthanacht eacnamaíoch atá iontu. Ós amhlaidh atá, b’fhéidir gurb oiriúnaí an téarma eolaíoch “athshlánú”, téarma a úsáidtear freisin i gceapadh na mbeartas chun cothromaíocht a áirithiú idir saol na ndaoine agus táirgeadh na n-earraí. Dá bhrí sin, molann CESE an téarma “athchóiriú” a chaitheamh i dtraipisí agus an téarma “athshlánú” (4) a chur i réim, go háirithe nuair nach rud é an dúlra a bhfuil cló buan air nach mbíonn ag athrú, agus nuair nach féidir an rud ba bhunstaid dó a “athbhunú” ach oiread amhail dá mba theach é a ligeadh ó mhaith é nó carr a bheadh briste. Tá sé atá léirithe ag staidéir go leor go bhfuil costais mhóra ag gabháil le bearta athfhiantáis, i gcás na dtailte móna mar shampla, ach gur obair in aisce atá ann féachaint leis an áit an chur sa riocht a raibh sé i dtús aimsire anallód. Meabhraímis dúinn féin na haidhmeanna atá againn: níor cheart gurbh é aidhm a bheadh leis an rialachán staid nádúrtha an chomhshaoil a athbhunú, ach seirbhísí éiceachórais an chomhshaoil a athbhunú, agus ar an dul sin tacú le húsáid inbhuanaithe ilfheidhmeach na limistéar sin. Ós amhlaidh gur in imeacht na mblianta a chuir an duine athrú ar an timpeallacht nádúrtha, is rud é atá dodhéanta ó thaobh na heolaíochta de “athchóiriú an nádúir” a thabhairt i gceist arís. An t-athrú aeráide atá ag tarlú diaidh ar ndiaidh, tharlódh gurb in cuid den chúis nach féidir cuid de na héiceachórais a chur ar ais go hiomlán sa riocht a raibh siad i dtús aimsire. Os a choinne sin, inbhuanaitheacht na dtimpeallachtaí a áirithiú trí inbhuanaitheacht na seirbhísí éiceachórais a chur chun cinn, sin cuspóir a bhfuil ciall leis. Is éard ab áil le CESE go mbeadh creat beartais iomchuí ann. Sin í an ghné de dhoiciméad an Choimisiúin is cúis díomá.

1.5.

Clár ama docht agus rialacha dolúbtha, sin dhá ní nach bhfuil lán-oiriúnach i gcás an dúlra, mar ní fios cén cor a chuirfidh an dúlra de le himeacht ama. Ní iomchuí an rud sprioc-amanna dochta a fháisceadh ar na Ballstáit ach amháin ó thaobh na gcoinníollacha riaracháin agus pleanála atá le cur i bhfeidhm. Mar sin féin, is cur chuige solúbtha ab fhearr chun riachtanais bheachta gach limistéir nádúrtha a chuimsiú, mar aon leis na coinníollacha agus na deiseanna atá ann, sin agus an stádas táirgthe, an stádas ioncaim, agus an túsphointe atá ag an limistéar. Maidir leis an rialachán atá beartaithe, tá easpa soiléire ann ó thaobh na mbeart athchóirithe a chur in ord tosaíochta agus a leithdháileadh go cúramach, bearta ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá baol ann nach mbeidh torthaí ar ardchaighdeán le fáil ar bhealach costéifeachtach. Is léir gur prionsabal cuí-réasúnaithe í an chinnteoireacht ar leibhéal na mBallstát ós rud é go n-áirithíonn sé comhlíonadh chearta na n-úinéirí talún agus ó rud é go léiríonn sé prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

1.6.

Is cúis díomá an doiciméad ón gCoimisiún maidir leis an measúnú tionchair go foriomlán, doiciméad inar cheart díriú go háirithe ar shaincheisteanna eacnamaíocha, sóisialta agus bia, agus dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí measúnú tionchair breise.

1.7.

Limistéir atá in aice láimhe, más limistéir iad nár tháirgiúil dóibh i dtús na hoibre, molann CESE a leithéid de limistéir a bheith ar 10 % den dromchla atá i gceist, más amhlaidh go bhfuil tábhacht mhór ó thaobh na bithéagsúlachta de iontu. Cuireann CESE i bhfáth gur mór an uaillmhian do na feirmeoirí na cuspóirí a leagtar amach sa téacs, agus cuireann sé i bhfios a thábhachtaí atá sé na timpeallachtaí nádúrtha uile atá oiriúnach do speicis éagsúla a thabhairt san áireamh. Mar sin féin, is tábhachtach an rud an tsochaí ina hiomláine a bheith rannpháirteach i bhfeabhsú na n-éiceachóras. I ndáil leis sin, meabhraíonn CESE prionsabal comhréireachta na mbeart idir na geallsealbhóirí éagsúla (dáileadh cothrom na n-ualaí agus na gcostas, ach dáileadh na dtairbhí freisin).

1.8.

Tá CESE ag tacú leis an gcuspóir seo, ós ábhartha dó san uaillmhian straitéiseach i leith thodhchaí an Aontais, agus molann CESE na spriocanna a neartú trí bhíthin athchóiriú na dtimpeallachtaí uisce uile, lena n-áirítear athfhliuchadh na dtailte móna, go háirithe trí ghníomhaíochtaí talmhaíochta atá á gcleachtadh go forleathan, ach gan faillí a dhéanamh in inbhuanaitheacht shóisialta agus eacnamaíoch na talmhaíochta agus na foraoiseachta.

1.9.

Is maith a thuigeann CESE go bhfuil beartas uisce iomlán nua de dhíth ar an Eoraip. Beartas leis an uisce a dhraenáil ó na tírdhreacha a thapa ab fhéidir, gnás atá ann leis na céadta bliain, ba dhiúltach a thionchar sin ar an mbithéagsúlacht, ach idir an dá linn – de thoradh ar an athrú aeráide i measc nithe eile – tá an tionchar diúltach ar fhoraoiseacht agus ar thalmhaíocht (triomach agus dóiteáin) agus ar dhaoine san áit (tuilte) tagtha chun soiléire. Dá bhrí sin, is láidir a chuireann CESE i bhfios nach mór an t-uisce a chur ar ais i dtreo an dúlra, sin nó gan é a ligean le sruth an chéad lá, agus sin a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh go rachaidh gníomhaíocht an duine chun tairbhe dó i gcásanna go leor, go háirithe de bharr gan na haibhneacha a ligean ó mhaith.

1.10.

Molann CESE srian a chur le gabháil na talún sna limistéir tuaithe ós é aimhleas na limistéar nádúrtha é. Molann sé freisin spásanna glasa a chruthú sna cathracha agus díshéalú a dhéanamh ar na cathracha chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú go rathúil faoi 2030.

1.11.

Tacaíonn CESE le bunú sásra coimirce faoin gcomhbheartas iascaigh fad a bhaineann le spriocanna athchóirithe an chomhshaoil mhuirí. Ba mhaith le CESE tacaíocht airgeadais Eorpach a bheith ann chun réitigh nuálacha a lorg agus chun feabhas a chur ar an eolas ata ann faoi na héiceachórais sin.

1.12.

Is láidir a chuireann CESE i bhfios nach mór an pheirspictíocht eacnamaíoch agus shóisialta a admháil go hiomlán i gcomhthéacs athbhunú an dúlra. Réamhriachtanas is ea aithint agus áirithiú na hinbhuanaitheachta eacnamaíche agus sóisialta i gcomhair inghlacthacht na reachtaíochta atá á beartú, sin agus réamhriachtanas chun í a chur chun feidhme i gceart ós rud é gur ar spreagadh, tacaíocht agus rannpháirtíocht na n-úinéirí talún agus gníomhaithe eile ar an láthair lá is faide anonn a bheidh na torthaí ag brath den chuid is mó. Is ríthábhachtach an rud cearta na n-úinéirí talún a urramú trí bhíthin cumarsáid oscailte, rannpháirtíocht ghníomhach agus cúiteamh iomlán airgid ar gach caillteanas eacnamaíoch dá bhféadfadh a bheith ann. I ndáil leis an méid sin, tá béim ag CESE ar an acmhainneacht a bhaineann le cineálacha cur chuige atá bunaithe ar an ngníomhaíocht dheonach agus ar dhreasachtaí eacnamaíocha.

1.13.

Molann CESE tacaíocht a iarraidh ar an Aontas le hearnálacha a bhunú ar na foraoiseacha idir réamhtheachtach agus iartheachtach, agus tacaíocht do na hearnálacha sin a thabhairt chun cinn, rud a d’fhágfadh gurbh fhéidir leas eacnamaíoch a bhaint as an agrafhoraoiseacht.

1.14.

Is mian le CESE rabhadh a thabhairt maidir leis an mbaol gur diúltach na hiarmhairtí a bheidh ar an gcomharbacht in earnáil na talmhaíochta, agus athdhearbhaíonn sé a mholadh (5) go ndéanfaí sráidbhailte agus ceantair thuaithe níos mealltaí trí na deiseanna atá ann leanúint de shlite beatha atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de bunaithe ar úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha a áirithiú.

2.   Réamhrá

2.1.

I gcomhthéacs uileghabhálach na heolaíochta maille leis an bhfianaise atá ann i leith na n-iarmhairtí ar théamh na cruinne, tá ráiteas tiomantais déanta ag an gCoimisiún Eorpach faoi fhorbairt straitéise bithéagsúlachta, straitéis ina mbeidh spriocanna uaillmhianacha do na Ballstáit uile faoi 2030 agus faoi 2050 faoi seach. An 22 Meitheamh 2022, ghlac an Coimisiún dréacht-rialachán maidir le hathchóiriú an dúlra. Cé go raibh caomhnú agus athchóiriú an dúlra san Aontas Eorpach i bhforáil sa Treoir maidir le “Gnáthóga” agus le “hÉin” den chuid is mó go nuige seo, sin agus i spriocanna Aichi, tá creat nua ceangailteach roghnaithe ag an gCoimisiún chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit bearta athchóirithe chun feidhme go héifeachtach.

2.2.

Tá sé deimhnithe ag obair na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil go bhfuil drochbhail ar 81 % de na gnáthóga cosanta i láthair na huaire san Aontas. Níor tháinig feabhas ach ar 9 % de na suíomhanna sin. Ar an méid sin anuas, tá drochstádas caomhnaithe ag 84 % de na tailte móna – tailte atá riachtanach chun carbón a ghabháil agus a stóráil agus chun uisce a scagadh. Le deich mbliana anuas, tá laghdú tagtha ar dhaonra 71 % de na héisc fionnuisce agus ar 60 % de na hamfaibiaigh. Mar sin féin, is ar an dúlra agus ar sheirbhísí a bhaintear as an dúlra atáthar ag brath le os cionn leath d’OTI an domhain a tháirgeadh, agus is ar na hainmhithe atáthar ag brath le pailniú a dhéanamh ar níos mó ná 75 % de na cineálacha barr intomhailte atá ag fás ar fud an domhain (6).

2.3.

Ar a mhuin sin, an togra reachtaíochta atá beartaithe ag an Aontas, is togra é atá á réiteach i gcomhair na ndeich mbliana atá i gceist ag na Náisiún Aontaithe le haghaidh athchóiriú na n-éiceachóras, rud atá faoi stiúir UNEP agus Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe. Is gluaiseacht mhór dhomhanda atá i gceist chun dlús a chur le tionscadail athchóirithe agus chun a chinntiú go mbeidh an saol á chur i dtreo na hinbhuanaitheachta san am atá romhainn. Is ríthábhachtach an rud na héiceachórais dhíghrádaithe a bheith á n-athchóiriú chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a aimsiú, go háirithe na spriocanna atá ann i leith athrú na haeráide, cealú na bochtaineachta agus cinnteacht an tsoláthair bia.

2.4.

Is ar straitéis bhithéagsúlachta i gcomhair 2030 a bunaíodh cur chuige an Choimisiúin i dtús ama, straitéis a raibh spriocanna deonacha léi. Is gairid dá éis sin gur cuireadh tograí leis an straitéis d’fhonn iad a neartú, tograí le haghaidh téacsanna a mbeadh na Ballstáit faoi chuing agus faoi cheangal acu. Ach oiread leis an gcomhphobal idirnáisiúnta féin, b’éigean don Choimisiún freagairt go tapa don toradh atá ar mheath na bithéagsúlachta agus do na hiarmhairtí a tugadh chun suntais i bhfoilseacháin IPCC le déanaí freisin. Dá bhrí sin, san idirbheartaíocht iomlán idirnáisiúnta faoin gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, is éard ab fhearr leis an gCoimisiún a bheith ar thús cadhnaíochta san Eoraip leis na héiceachórais ar fad atá ar fud na mór-roinne seo a athchóiriú faoi 2050.

2.5.

Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra spriocanna atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a fhorchur ar na Ballstáit. Is é an cuspóir mór atá ann téarnamh leanúnach fadtéarmach inbhuanaithe an dúlra bhithéagsúil bhuanseasmhaigh ar fud limistéir talún agus mhara an Aontais trí bhíthin athchóiriú na n-éiceachóras; Is é cúram a bheidh ar na Ballstáit bearta éifeachtacha athchóirithe a chur i bhfeidhm gan mhoill, bearta a bheidh bunaithe ar limistéir faoi leith, bearta a chumhdóidh ar a laghad 20 % de limistéir talún agus limistéir mhara an Aontais faoi 2030, agus gach éiceachóras a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu faoi 2050.

2.6.

Is athfhógairt atá sna forálacha sin ar na cuspóirí atá nasctha leis na treoracha maidir le “Gnáthóga” agus le “hÉin”, sa Treoir Réime maidir le hUisce, sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, sa Rialachán maidir le speicis choimhthíocha ionracha, i gcuspóirí CBT, i gcuspóirí Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí, mar aon le Straitéis Foraoise nua an Aontais i gcomhair 2030, agus is cuid de na cuspóirí úd atá sna forálacha céanna.

2.7.

Tá sé beartaithe an téacs nuálach seo a chomhtháthú go díreach i mbeartais náisiúnta na mBallstát trí aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na aeráide agus ar dhúshlán na bithéagsúlachta araon. Go deimhin féin, cé go bhfuil lucht na mbeartas ar an eolas le fada faoi na dúshláin a bhaineann leis an téamh mór domhanda, is le déanaí a tharraing na heolaithe aird ar an nasc díreach atá idir an t-athrú aeráide agus na hiarmhairtí a bheidh aige ar an athrú ar an mbithéagsúlacht. Tá an Coimisiún ag brostú na ndaoine leis na ceisteanna seo a chuimsiú ina n-iomláine, rud nach ndearna sé riamh cheana, agus tá sé á mbrostú le dul níos faide leis an scéal ná mar ba chúram do na beartais a bhí ann go nuige seo.

3.   Anailís ar an dréacht-rialachán

3.1.

Tá ceisteanna móra agus ábhair imní éagsúla ag teacht chun suntais faoi scáth an tionscadail ó thaobh rogha na gcuspóirí de – cuspóirí a bheidh le cur i gcrích faoi theorainn ama – sin agus ó thaobh sainmhínithe agus táscairí de chomh maith. Tá samplaí ann de bhearta atá bunaithe ar choincheapa arb iad cearta an nádúir is cré agus is ithir dóibh. Dá bhrí sin, le tuiscint níos fearr a fháil ar an méid sin ba cheart tagairt a dhéanamh dó sa dréacht-rialachán. Ar an méid sin anuas, an méid de choimhdeacht na mBallstát atá á caomhnú, sin rud ba cheart a shoiléiriú i gcás ábhair áirithe. I gcás Airteagal 10 go háirithe, airteagal ina bhfuil táscairí chun éiceachórais na foraoise a athbhunú, ba cheart a thabhairt faoi deara gur ar na Ballstáit is mó atá an fhreagracht as an bhforaoiseacht (7).

3.2.

Ní gan dua is féidir tuairim a tharraingt suas maidir le dréacht-rialachán a dhíríonn ar athchóiriú éiceachórais na mBallstát gan eolas beacht faoi na dúshláin atá roimh na Ballstáit. Is do dhréachtú agus do chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta athchóirithe a thagraíonn an dréacht-téacs, pleananna atá le bunú ar bhonn na n-anailísí eolaíocha náisiúnta is déanaí.

3.3.

Na téarmaí atá roghnaithe sa dréacht-Rialachán, is ríthábhachtach na téarmaí iad, mar is iad is bonn do chomhchuibhiú na gcuspóirí atá le cur i gcrích ag na Ballstáit. An “dea-bhail”, an “limistéar tagartha fabhrach”, “cáilíocht leordhóthanach ghnáthóige” agus “cainníocht leordhóthanach ghnáthóige”; cé gur cheart gur de théarmaíocht chaighdeánach na heolaíochta a bheadh a leithéid sin agus eile, is ceist eile ar fad cé chomh mór is féidir an rud atá i gceist leo a chur i bhfeidhm. Go deimhin féin, is baol go bhfuil lorg na polaitíochta ar na sainmhínithe eolaíocha céanna. Conas “limistéar tagartha fabhrach” a roghnú? Cé a chinnfidh céard is “cáilíocht leordhóthanach ghnáthóige” ann agus céard is “cainníocht leordhóthanach ghnáthóige” ann? Nuair nach raibh aon tairseach thagartha ann roimh ré, is deacair spriocanna soiléire a leagan síos, agus is deacair tuairim eolach a tharraingt suas. Cuireann CESE i bhfios, le linn don chainníochtú a bheith á dhéanamh faoi Airteagal 11 den dréacht-Rialachán, gurb iomchuí aird a thabhairt ar mheath na bithéagsúlachta le hoiread seo blianta anuas (is é moladh atá ag an gCoimisiún go treallach gurbh iad na 70 bliain seo caite a thabharfaí i gceist) agus ar athruithe is dócha a thiocfaidh ar dhálaí an chomhshaoil lá is faide anonn. An baol go mbeidh éagothromaíocht ann go náisiúnta i gcur chun feidhme na mbeart atá beartaithe, rud a chuireann saobhadh ar an iomaíocht i measc fheirmeoirí an Aontais, is baol é nár mhór a imghabháil. Thairis sin amach, tá foráil sa togra maidir le feabhas a chur ar na héiceachórais go leanúnach. Déanfar measúnú gach tríú bliain tar éis 2030 ar an maith a rinne an obair. Is ceist eile éiceachórais eile a mbeadh níos mó ama ag teastáil, nó níos lú ama, lena gcur sa riocht ab fhearr. Is díol amhrais an féidir feabhsuithe móra a thomhas laistigh de na tréimhsí gearra tuairiscithe sin. An é cáineadh na mBallstát an toradh a bheidh air sin nuair is éard é féin go bhfuil tuilleadh ama ag teastáil ón nádúr le craiceann nua a chur air féin?

3.4.

Creideann CESE gur do limistéir atá laistigh den líonra limistéar faoi chosaint atá ann cheana is gá tús áite a thabhairt, go háirithe do láithreáin Natura 2000, ionas gur féidir athchóiriú a dhéanamh a fhágfaidh gur féidir poitéinseal iomlán a bhaint as na limistéir sin. Sin é an tacaíocht ab fhearr le cóir a chur ar na gnáthóga atá liostaithe in Iarscríbhinn I den Treoir um Ghnáthóga. Ach bearta athchóirithe a dhíriú ar limistéir chosanta, ní hamháin go ndéantar na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le bearta athchóirithe a áirithiú, ach cuideoidh sé freisin le leasanna coinbhleachta a d’fhéadfadh a bheith le húsáid na talún a sheachaint. Dá bhrí sin, tá CESE den tuairim gur éagothrom agus gur díréireach don cheanglas atá ann maidir le neamh-mheath na ngnáthóg atá suite lasmuigh den líonra limistéar faoi chosaint freisin, ceanglas atá an-leathan agus an-dian.

3.5.

Is beag mionsonra atá sa sásra maidir le cuntasacht na mBallstát i gcur chun feidhme na mbeart athchóirithe ná in aimsiú na spriocanna faireacháin ar chur chun feidhme na spriocanna sin. Is cúis imní an easpa cruinnis sin faoi na bearta a bheith á ndáileadh go cothrom nó go héagothrom ar fud na mBallstát, sna hearnálacha éagsúla agus i measc grúpaí éagsúla daoine. Cé go bhfuil buntáistí iarbhír leis an gcinneadh rialachán a roghnú ó thaobh iarrachtaí na mBallstát a chomhchuibhiú, ní fhágann sé saoirse a ndóthain ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh agus cothrom na hiomaíochta a choinneáil maidir le hathbhunú a bheadh bunaithe ar a gcuid riachtanas náisiúnta agus ar a gcuid cúinsí náisiúnta féin. Cé nach mór sásra faireacháin agus tuairiscithe a bheith ag gabháil leis na spriocanna, ní mór na hualaí riaracháin breise a laghdú oiread is féidir. Na sásraí náisiúnta agus na sásraí AE atá ann cheana le haghaidh measúnú leanúnach agus tuairisciú leanúnach ar an dul chun cinn, is sásraí iad ba cheart a úsáid oiread is féidir.

4.   Dúshláin do thalmhaíocht an Aontais agus d’fhoraoiseacht an Aontais

4.1.   Na cuspóirí ginearálta atá le hathchóiriú na n-éiceachóras talmhaíochta

Tugann CESE dá aire gur le talamh feirme príobháideach a bhaineann formhór na spriocanna athchóirithe. Dá bhrí sin, ní féidir na spriocanna a chur chun feidhme go rathúil ach amháin má tá glacadh iomlán ag na feirmeoirí leo. Srianta breise rialála i réimse na bainistíochta, srianta a dtarlódh go mbeidís ag teastáil chun cur leis an mbithéagsúlacht ar thailte na talmhaíochta, is srianta iad a dtarlódh dóibh cur leis an ualach in obair na talmhaíochta, obair atá á rialú go mór cheana féin. Tá sé á chur i bhfáth (8) ag CESE nach féidir a bheith ag súil leis go mbeidh na feirmeoirí agus uinéirí foraoise freagrach as na costais a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta. Ina áit sin, soláthar “na n-earraí agus na luachanna poiblí” seo, ba cheart ioncam maith féideartha a bheith ar fáil dóibh ann. Má tá i ndán go n-éireoidh leis na spriocanna athchóirithe, beidh gá le tacaíocht mhaith inbhuanaithe le haghaidh na bhfear agus na mban atá ag obair chun bia a choinneáil le muintir na hEorpa. Seo é is cúis díomá sa togra ón gCoimisiún arae an dearcadh atá aige ar an gceist mhór eacnamaíoch sin, is é an dearcadh céanna a bhí sna straitéisí bithéagsúlachta agus i gcláir ghníomhaíochta an Choimisiúin le fada anall. Dá bhrí sin, is éard is dóichí gur teip atá i ndán don rialachán.

4.2.   Sprioc seo athfhliuchadh na dtailte móna draenáilte dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán

Is mór an tionchar eacnamaíoch a bheidh ag an sprioc sin ar ghníomhaíochtaí gairmiúla, agus tá réigiúin thar a chéile i gcuid de na Ballstáit a bhfuil an sprioc i gceist iontu. I gcás na réigiún sin, tharlódh go mbeadh an sprioc atá beartaithe a bheith ró-uaillmhianach ó thaobh cuspóirí éagsúla a thabhairt i gcothromaíocht le chéile. Tá CESE á chur i bhfios go bhfuil inmharthanacht eacnamaíoch ag teastáil chun leanúint d’úsáid na dtailte móna athchóirithe agus athfhliuchta ar bhealaí eile a mbeidh táirgiúlacht iontu. Ar a mhuin sin, i bhfianaise an chláir ama atá beartaithe chun an sprioc sin a aimsiú, is rud é a thug na taighdeoirí chun cruinnis i staidéar ar os cionn 620 láthair athchóirithe éiceolaíochta sna tailte bogaigh, tailte nárbh fhéidir aisghabháil a dhéanamh iontu ach ar idir 65 % agus 70 % den bhithéagsúlacht dhúchasach ar an meán, ainneoin céad bliain a bheith caite, agus idir 65 % agus 70 % de na feidhmeanna hidreolaíocha agus éiceolaíocha éagsúla (scagadh an uisce, stóráil an charbóin), le hais éiceachóras iomchuí eile den chineál céanna nach mbeadh díghrádú ar bith tarlaithe ann. Dá bhrí sin, tá ceist ann maidir leis an méid ama chun athchóirithe a bhforáiltear dó i gclár ama an Choimisiúin agus tá ceist ann maidir leis an sprioc éiceolaíochta féin. Bíodh sin mar atá, cé nach bhfuil sna tailte móna ach 3 % de dhromchla na talún, is acmhainn dóibh an tríú cuid den dé-ocsaíd charbóin atá gafa san ithir a stóráil. Dá bhrí sin, is earnáil thar a bheith straitéiseach iad don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

4.3.   An nasc nádúrtha idir na haibhneacha agus na bealaí uisce a athchóiriú faoi mar a leagtar amach in Airteagal 7

An t-athrú míchóiriúil atá ag dul ar an aeráid, mar aon leis na fadhbanna bainistíochta uisce atá ann, sin dhá rud atá ag cur le díghrádú an chomhshaoil. Ní hamháin go bhfuil fiúntas agus luach leis an uisce ó thaobh an nádúir de, ach is cuid de chinniúint na hinbhuanaitheachta atá ann, agus cuid de chinniúínt na slándála dá réir. Cuid den am is éard is déanta an fuílleach uisce a dhraenáil, cuid den am is éard is déanta an fuílleach sin a stóráil agus comaoin a chur ar thimthriallta an dúlra. Ionas gur shlán arís don nasc an sruth anuas agus aníos, sin agus don nasc ó bhruach go bruach, agus ionas gur shlán freisin do na feidhmeanna nádúrtha atá ag na tuilemhánna máguaird, is éard is dóigh le CESE gur féidir na bacainní atá ar na naisc sin ar feadh uiscí an dromchla a athchóiriú, ach ar choinníoll go ndéanfaí féitheoireacht mhaith ar an obair. Mar sin féin, ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar bhaol na dtuilte, rud a bheadh le tabhairt san áireamh dá mbainfí na bonneagair uisce ó chéile. Ní féidir an bhithéagsúlacht a athchóiriú gan uisce, agus nuair atá idirghabháil straitéiseach á déanamh, tá deis ann an t-uisce a riar agus a chur i dtreo na limistéar a bhfuil easpa uisce iontu. Ní mór an t-uisce a choinneáil sa talamh ar fud na ndúichí, agus ní mór gan ligean dó draenáil leis go tobann. Sampla breá soiléir den triomach agus den easpa uisce atá á dtuar san Eoraip ab ea samhradh na bliana 2022. Molann CESE an t-ábhar sin a chíoradh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith páirteach sa phlé. Ina theannta sin, molann CESE na Ballstáit a spreagadh chun tionscadail bhonneagair ghlais a chur chun feidhme, tionscadail a d’fhéadfadh feabhas a chur ar an gcosaint in aghaidh na dtuilte, sin agus feabhas ar chosaint na limistéar uisce íogaire a bhfuil tábhacht leo ó thaobh chaomhnú na bithéagsúlachta de ar leibhéal na hEorpa, mar aon le forbairt na heacnamaíochta agus na turasóireachta. I ndáil leis sin, ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar chás na Danóibe agus abhainn an Eilbe, cuir i gcás, dhá abhainn a rinne damáiste mór de dheasca na dtuilte a bhí iontu (9).

4.4.   An laghdú i líon na bpailneoirí a iompú droim ar ais

Ní féidir le CESE ach tacú leis an mbeart sin, beart cinniúnach go leor i gcinntiú an tsoláthair bia. Bíodh sin mar atá, tugann an Coiste dá aire nach bhforáiltear sa dréacht-rialachán d’aon bheart maidir leis na hacmhainní bia atá ar fáil do phailneoirí. Ní féidir inbhuanaitheacht na speiceas sin a chinntiú go fadtéarmach d’uireasa rogha plandaí meala leordhóthanach chun bia inbhuanaithe a sholáthar do na pailneoirí. Áiteanna le nead a dhéanamh iontu agus timpeallacht neamhthocsaineach, sin dhá ní eile atá riachtanach.

4.5.   Na cuspóirí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán

Is cúis imní do CESE an sprioc seo 10 % den limistéar talmhaíochta a chur faoi eilimintí tírdhreacha a bhfuil éagsúlacht mhór ag roinnt leo. Tá fadhb ar leith ag baint leis sa mhéid nach féidir na limistéir sin a úsáid le haghaidh na talmhaíochta táirgiúla (lena n-áirítear innilt agus táirgeadh farae) de réir Iarscríbhinn IV. Tá sé le rá arís gurb é an saothrú (go háirithe an innilt ar an bhféarach sna sléibhte alpacha, sna móinéir féir nó sna móinéir easrach, mar shampla) a fhágann gur féidir éagsúlacht mhór bhitheolaíoch a chleachtadh ar chor ar bith. Dá bhrí sin, is iomarcach an rud a bheadh ann an bhainistíocht sna réimsí sin a eisiamh ó thús na hoibre amach; ba cheart an coinníoll sin a scriosadh. I dtús 2022, meabhraíodh dúinn a thábhachtaí atá an neamhspléachas bia chun dul i ngleic leis na rioscaí iomadúla atá á dtuar, agus dá n-úsáidfí 10 % de limistéar na talmhaíochta chun na críche sin bheadh feabhas ar an mbithéagsúlacht, rud atá riachtanach i gcomhair tháirgiúlacht na talmhaíochta, ach is fíor arís ar ais go dtarlódh laghdú mór táirgeachta mar thoradh air chomh maith. Dá bhrí sin, ní hé is déanta sprioc úd na 10 % a bhrú le chéile ar fhód na talmhaíochta, ach beagán a bheith timpeall ar an bhfód sin in áiteanna eile. Na claíocha agus na mótaí ar feadh bhóithre na tuaithe, mar shampla, is rímhaith an áit iad sin i gcomhair chothú na bithéagsúlachta. D’fhéadfaí ribíní bláthanna a chur sna háiteanna sin leis na pailneoirí agus na cúntóirí barr a mhealladh. Rud eile fós, ní bheidh na heilimintí tírdhreacha sin lánéifeachtach ach amháin más é prionsabal an ghréasáin is bunús leis an gcaoi a gcuirtear iad. Mar shampla, léiríonn na staidéir an chiall atá le ribíní bláthanna a chur faoi phatrún gréasáin, seachas in aon mhogall mór bláthanna amháin. Tá CESE á chur i bhfios freisin gur cheart an aird chéanna a thabhairt ar na timpeallacht nádúrtha ar fad ar mhaithe le gach speiceas a mhaireann iontu. Is ríbheag más é leas an philibín é, ná leas na riabhóige, mar shampla, fál ná móta a bheith sna bólaí ina maireann siad. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an mbeartas caomhnaithe i ndáil leis an limistéar talún ar fad, anuas ar na limistéir talmhaíochta agus foraoiseachta, agus riachtanais éagsúla na sochaithe a thabhairt san áireamh.

4.6.   Na cuspóirí foraoiseachta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán

Is mór an dúshlán timpeallacht na foraoise díghrádaithe a athchóiriú san Eoraip chun an tsochaí a chur in oiriúint don athrú aeráide, sin agus chun an toradh atá ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chur in oiriúint do chuspóirí na bithéagsúlachta. Na cuspóirí ginearálta atá leis an dréacht-Rialachán seo, is cuid de chur chuige idirnáisiúnta iad faoin am seo, cur chuige atá á chleachtadh ar fud an domhain mhóir. Molann CESE toil pholaitiúil an Choimisiúin na Ballstáit a spreagadh chun a gcuid timpeallachtaí foraoise a athchóiriú (10). Mar sin féin, mar gheall ar na dálaí ilchineálacha i bhforaoisí na hEorpa, tá sé á chur i bhfios aige go bhféadfar bearta athchóirithe a chur in oiriúint do na dálaí áitiúla fad nach saobhtar an iomaíocht i measc úinéirí foraoise na hEorpa. Tá an Coiste á chur i bhfios freisin a thábhachtaí atá sé an t-athchóiriú sin a chomhtháthú i dtírdhreach na limistéar geografach atá i gceist, agus ar a thábhachtaí atá sé na tubaistí aeráide atá ann faoi láthair san Eoraip (dóiteáin, olltinte, etc.) a chur san áireamh. An úsáid a bhaintear as an talamh i dtírdhreach ar bith ar bhealaí éagsúla, is rud é atá nasctha ina chéile, agus dá bhrí sin ba cheart comhlíonadh na gceanglas comhshaoil agus socheacnamaíocha a bheith inti. Mar shampla, má chuirtear crainn san áit a raibh talmhaíocht á déanamh, b’fhéidir gurbh é aimhleas na talún é, b’fhéidir gur chaillteanas eacnamaíoch don phobal áitiúil an toradh a bheadh air, agus b’fhéidir nach rud inbhuanaithe a bheadh i gcur na gcrann ar aon nós. Ós a choinne sin, dá gcuirfí crainn (11) dhúchasacha mar chuid den chur chuige agrafhoraoiseachta, tharlódh gur iomchuí an rud a bheadh ann, agus tharlódh freisin go mbeadh tacaíocht ann go háitiúil dá leithéid. Dá bhrí sin, ba thábhachtach an rud na Ballstáit a chur i dtreo cur chuige a d’fhéachfadh leis na hacmhainní nádúrtha a chaomhnú, sin agus le forbairt na heacnamaíochta a chuimsiú. Cuspóir na foraoiseachta a chur i gcrích, sin rud nach féidir gan tacaíocht inbhuanaithe a thabhairt d’earnálacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha an chrainn i dtús a ré agus le linn a mbunaithe, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí leas a bhaint as an agrafhoraoiseacht ó thaobh na foraoiseachta de.

5.   Dúshláin do thalmhaíocht an Aontais sna ceantair uirbeacha

5.1.

Dúshlán seo athbhunú an dúlra sna cathracha, sin ceann de na cuspóirí móra a bhfuil CESE ag tacú leis. Níl aon amhras ach gur tábhachtach an rud cathracha na hEorpa a thabhairt chun glaise óir is rud é sin a rachadh chun sochair do shláinte na saoránach agus is rud é a rachadh chun tairbhe d’inbhuanaitheacht na bithéagsúlachta. An brothall agus an teaspach a bhí ann san Eoraip i mí Iúil 2022, is maith a mheabhraigh siad dúinn a thábhachtaí atá na crainn leis an teocht a laghdú sna cathracha. Is fíor a rá gur rud suas go 12 C an laghdú is féidir a chur ar theocht an dromchla san áit a bhfuil crainn mhóra ag fás.

5.2.

Rud eile fós, sa lá atá inniu tá réimsí móra talún faoi chathrachaí san Eoraip, rud is bac agus laincis ar ghluaiseacht speiceas éagsúla ó áit go chéile, agus rud a imríonn tionchar nach beag ar ghnáthóg na speiceas sin. Ba rud ríthábhachtach na Ballstáit a chur i dtreo bearta chun teorainn a chur leis an tógáil talún sna limistéir nádúrtha. Níor cheart bearta den chineál sin a bhunú ar chláir a mholann go mbeadh babhtáil talún ann.

5.3.

Ar an ásc deiridh, ba cheart sprioc athchóiriú na bithéagsúlachta a neartú sna cathracha trí bhonneagar glas a fhorbairt mar chuid lárnach d’fhorbairt na limistéar gnáthóige. Tá rudaí eile ann is féidir a thabhairt i gceist le feabhas a chur ar an aeráid uirbeach gan oiread céanna airgid a chaitheamh: na páirceanna, na bealaí siúil, sin nó díonta glasa agus na ballaí féin. I ndáil leis sin, meabhraíonn CESE na moltaí a rinneadh i gcomhthéacs thuairim NAT/607 (12).

6.   Dúshláin do thalmhaíocht an Aontais sna ceantair mhuirí

6.1.

Ní féidir an bhithéagsúlacht a chaomhnú d’uireasa spriocanna athchóirithe na timpeallachta muirí, i bhfianaise líon na speiceas agus na n-éiceachóras a mhaireann ann, sin agus an tábhacht atá leo go straitéiseach i gcoinne athrú na haeráide. Tacaíonn CESE leis na spriocanna atá beartaithe chun na timpeallachtaí sin a athchóiriú, cuspóirí arb éard atá cruthaithe gur mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an duine a tháinig ann don éagothroime sna héiceachórais. Chomh maith le cosaint na speiceas agus athbhunú na ngnáthóg, ba cheart bearta freagracha iascaireachta agus bearta laghdaithe truaillithe a ghlacadh chomh maith. Tacaíonn CESE le bunú sásra coimirce faoin gcomhbheartas iascaigh i dtaca le bainistiú na n-iarmhairtí diúltacha a bheadh ar na timpeallachtaí éagsúla. Chun na spriocanna atá ann i leith na timpeallachta muirí a aimsiú, ní mór do na Ballstáit teacht ar chomhaontú le chéile maidir le comhbhainistiú na n-acmhainní iascaigh. I bhfianaise a thábhachtaí atá gníomhaíocht ar son na dtimpeallachtaí sin, ba cheart é a bheith d’acmhainn ag an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna cosanta agus na spriocanna athchóirithe araon.

6.2.

Ar a mhuin sin, tá béim ag CESE ar an ról ríthábhachtach atá ag an timpeallacht mhuirí sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Is rud straitéiseach é i gcomhair na todhchaí acmhainn gabhála carbóin na n-aigéan a chaomhnú. Mar thoradh air sin, ní mór don Aontas tacaíocht airgeadais a chur ar fáil i gcomhair na nuálaíochta agus i gcomhair an taighde d’fhonn réitigh nuálacha a lorg agus eolas ar na héiceachórais sin a fheabhsú. Mar shampla, léirigh an obair a thábhachtaí atá na stopóga agus na dóilíní, ós í an stopóg is gnáthóg riachtanach do go leor speiceas éisc, agus ós ann a chaitheann na speicis sin tús a ré sula dtugann siad limistéar eile orthu féin, áit a maireann siad tar éis teacht in inmhe dóibh. Mar sin féin, is minic díghrádú ar na limistéir sin de dheasca fhorbairt an chósta (calafoirt, claíocha cosanta, etc.) agus dá bhrí sin, is mithid réitigh nua a chuardach. Mar shampla, cuireadh trealamh sa chuan in Toulon agus sa Vieux Port de La Seyne-sur-Mer mar chuid de thurgnamh le sceireacha agus luibheanna saorga a shocrú ann. Is é an dúshlán éiceolaíoch foriomlán atá ag gabháil leis an ngníomh seo athbhiseach a chur ar na feidhmeanna éiceolaíocha atá ag timpeallacht an chósta.

7.   Dúshláin airgeadais i gcomhair athchóiriú an dúlra

7.1.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur mhisniúil, dar leis, an toil pholaitiúil atá léirithe ag an gCoimisiún leis an rialachán uaillmhianach nuálach sin le haghaidh an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, cuireann sé i bhfios gur rud é an toil pholaitiúil a bhfuil teorainn leis de réir mar atá teorainn leis an airgead atá ann leis an uaillmhian a chothú. Dá réir sin, an obair atá á déanamh ag an gCoimisiún chun na costais fhéideartha a bheidh ar athchóiriú na n-éiceachóras a thabhairt chun cruinnis, is ann atá an chéad nod faoin ngealltanas a bhainfear de na Ballstáit, ach fágann sé go bhfuil ceisteanna eile ann nach bhfuil freagra orthu fós. Is fíor seo: léiríonn an obair an cóimheas costais versus sochair atá ar chaomhnú na bithéagsúlachta, is é sin 1 versus 8, ach ní thugann sí eolas dúinn faoin tionchar eacnamaíoch agus sóisialta agus cultúrtha a bheidh ar aimsiú na spriocanna. Cén tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a bheidh ar láthair na háite ag na bearta athchóirithe a chuirfear i bhfeidhm? Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí réamhmheasúnú ar réimse beacht na limistéar talmhaíochta, na bhforaoisí agus na mbealaí uisce a bheidh á gcumhdach ag tograí an rialacháin. Meabhraíonn CESE freisin an méid a dúradh i dtuairim NAT/786 (13) inar iarradh go mbeadh na riachtanais airgeadais i gcomhréir leis na saincheisteanna atá ann. Mar shampla, le líonra Natura 2000, rud is deis ar leith don Eoraip feabhas a chur ar chaighdeán na dtimpeallachtaí nádúrtha suaithinseacha, níl á sholáthar ach 20 % de na cistí a gealladh, cistí atá riachtanach i gcomhair na mbeart. Tá aird ar leith ag CESE ar na gealltanais airgeadais a d’fhógair an Coimisiún. Rinne sé athdhearbhú ar a thábhachtaí atá sé cistí a leithdháileadh atá inchurtha leis na hionchais atá ann, mar ní bheadh aon toradh ar rialáil bhreise dá uireasa sin.

7.2.

Tugann CESE rabhadh faoi chontúirt na neamhchomharbachta in earnáil na talmhaíochta. Má leagtar cuspóirí dochomhlíonta ar na feirmeoirí, beidh deacrachtaí móra airgeadais ann san earnáil, sin nuair atá sé deacair go leor mar atá talamh slán a dhéanamh den chéad ghlúin gairmithe eile. Ní mór don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar thionchar an airgeadais ar na feirmeacha sin chun an inbhuanaitheacht a áirithiú go fadtéarmach, agus san am céanna ní mór dó tacú le forbairt na gcleachtas atá íogair i leith na haeráide.

An Bhruiséil, an 25 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó CESE ar straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, IO C 429, 11.12.2020, lch. 259.

(2)  Tuairim ó CESE ar straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, (IO C 429, 11.12.2020, lch. 259).

(3)  Tuarascáil faisnéise ó CESE ar na buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing bheostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

(4)  Is éard is ciall le hathghnóthú díriú ar fheidhmeanna éiceolaíocha áirithe a athchóiriú.

(5)  Tuarascáil faisnéise ó CESE maidir leis an Meastóireacht ar thionchar CBT ar an athnuachan ó ghlúin go glúin mar aon le tuarascáil faisnéise ó CESE maidir leis an Meastóireacht ar thionchar CBT ar fhorbairt chríochach na limistéar tuaithe.

(6)  IP/22/3746.

(7)  Tuairim ó CESE ar an gceartas aeráide, IO C 81, 2.3.2018, lch. 22 agus tuairim EESC Páipéar machnaimh “I dtreo na hinbhuanaitheachta san Eoraip” (IO C 14, 15.1.2020, lch. 95).

(8)  Tuairim ó CESE ar straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, (IO C 429, 11.12.2020, lch. 259).

(9)  Tuairim ó CESE ar an mbonneagar glas, (IO C 67, 6.3.2014, lch. 153).

(10)  Tuairim ó CESE maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, (IO C 152, 6.4.2022, lch. 158).

(11)  Crann atá ag fás i limistéar atá coilínithe ag a speiceas féin gan cúnamh ó láimh an duine.

(12)  Tuairim ó CESE ar an mbonneagar glas, (IO C 67, 6.3.2014, lch. 153).

(13)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 259.


AGUISÍN

leis an tuairim ón gcoiste I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas ar caitheadh ar a laghad an ceathrú cuid de na vótaí ar a son:

Pointe 3.4 –

Leasú 11

Le leasú mar a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Creideann CESE gur do limistéir atá laistigh den líonra limistéar faoi chosaint atá ann cheana is gá tús áite a thabhairt, go háirithe do láithreáin Natura 2000, ionas gur féidir athchóiriú a dhéanamh a fhágfaidh gur féidir poitéinseal iomlán a bhaint as na limistéir sin. Sin é an tacaíocht ab fhearr le cóir a chur ar na gnáthóga atá liostaithe in Iarscríbhinn I den Treoir um Ghnáthóga. Má dhéantar bearta athchóirithe a dhíriú ar limistéir chosanta, ní hamháin go ndéantar na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le bearta athchóirithe a áirithiú, ach is cúnamh atá ann freisin le leasanna coinbhleachta a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith in úsáid na talún. Dá bhrí sin, tá CESE den tuairim gur éagothrom agus gur díréireach don cheanglas atá ann maidir le neamh-mheath na ngnáthóg atá suite lasmuigh den líonra limistéar faoi chosaint freisin, ceanglas atá an-leathan agus an-dian.

Creideann CESE gur do limistéir atá laistigh den líonra limistéar faoi chosaint atá ann cheana is gá tús áite a thabhairt, go háirithe do láithreáin Natura 2000, ionas gur féidir athchóiriú a dhéanamh a fhágfaidh gur féidir poitéinseal iomlán a bhaint as na limistéir sin. Sin é an tacaíocht ab fhearr le cóir a chur ar na gnáthóga atá liostaithe in Iarscríbhinn I den Treoir um Ghnáthóga. Má thugtar aird ar leith ar láithreáin Natura 2000, is ináirithe go gcuirfear an Treoir maidir le Gnáthóga chun feidhme, Treoir a glacadh in 1992, agus tharlódh gur chúnamh a bheadh ann freisin chun leasanna coinbhleachta a sheachaint in úsáid na talún.

Toradh na vótála:

Ar son

91

I gcoinne

108

Staonadh

18

Pointe 4.2 –

Leasú 12

Le leasú mar a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Sprioc seo athfhliuchadh na dtailte móna draenáilte dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán

Is mór an tionchar eacnamaíoch a bheidh ag an sprioc sin ar ghníomhaíochtaí gairmiúla, agus tá réigiúin thar a chéile i gcuid de na Ballstáit a bhfuil an sprioc i gceist iontu. I gcás na réigiún sin, tharlódh go mbeadh an sprioc atá beartaithe a bheith ró-uaillmhianach ó thaobh cuspóirí éagsúla a thabhairt i gcothromaíocht le chéile. Tá sé á chur i bhfios ag CESE go bhfuil inmharthanacht eacnamaíoch ag teastáil chun leanúint d’úsáid na dtailte móna athchóirithe agus athfhliuchta ar bhealaí eile a mbeidh táirgiúlacht iontu . Ar a mhuin sin, i bhfianaise an chláir ama atá beartaithe chun an sprioc sin a aimsiú, is rud é a thug na taighdeoirí chun cruinnis i staidéar ar os cionn 620 láthair athchóirithe éiceolaíochta sna tailte bogaigh, tailte nárbh fhéidir aisghabháil a dhéanamh iontu ach ar idir 65 % agus 70 % den bhithéagsúlacht dhúchasach ar an meán, ainneoin céad bliain a bheith caite, agus idir 65 % agus 70 % de na feidhmeanna hidreolaíocha agus éiceolaíocha éagsúla (scagadh an uisce, stóráil an charbóin), le hais éiceachóras iomchuí eile den chineál céanna nach mbeadh díghrádú ar bith tarlaithe ann. Dá bhrí sin, tá ceist ann maidir leis an méid ama chun athchóirithe a bhforáiltear dó i gclár ama an Choimisiúin agus tá ceist ann maidir leis an sprioc éiceolaíochta féin. Bíodh sin mar atá, cé nach bhfuil sna tailte móna ach 3 % de dhromchla na talún, is acmhainn dóibh an tríú cuid den dé-ocsaíd charbóin atá gafa san ithir a stóráil. Dá bhrí sin, is earnáil thar a bheith straitéiseach iad don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Sprioc seo athfhliuchadh na dtailte móna draenáilte dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán

Beidh tionchar eacnamaíoch nach beag ag an sprioc sin ar ghníomhaíochtaí gairmiúla, agus tá réigiúin thar a chéile i gcuid de na Ballstáit a bhfuil an sprioc i gceist iontu. I gcás na réigiún sin, tharlódh go mbeadh tionchar ar leith ag an sprioc orthu atá beartaithe ó thaobh cuspóirí éagsúla a thabhairt i gcothromaíocht le chéile. Is rud é a aithníonn CESE go bhfuil tábhacht ar leith le tailte móna don bhithéagsúlacht agus don aeráid, agus measann sé go bhfuil cuspóirí an Choimisiúin (bearta athchóirithe maidir le 70 % de na tailte móna draenáilte faoi 2050, a ndéanfar leath díobh a athchruthú[3]) mar chomhréiteach idir leasanna eacnamaíocha agus comhshaoil . Ar a mhuin sin, i bhfianaise an chláir ama atá beartaithe chun an sprioc sin a aimsiú, is rud é a thug na taighdeoirí chun cruinnis i staidéar ar os cionn 620 láthair athchóirithe éiceolaíochta sna tailte bogaigh, tailte nárbh fhéidir aisghabháil a dhéanamh iontu ach ar idir 65 % agus 70 % den bhithéagsúlacht dhúchasach ar an meán, ainneoin céad bliain a bheith caite, agus idir 65 % agus 70 % de na feidhmeanna hidreolaíocha agus éiceolaíocha éagsúla (scagadh an uisce, stóráil an charbóin), le hais éiceachóras iomchuí eile den chineál céanna nach mbeadh díghrádú ar bith tarlaithe ann. Dá bhrí sin, tá ceist ann maidir leis an méid ama chun athchóirithe a bhforáiltear dó i gclár ama an Choimisiúin agus tá ceist ann maidir leis an sprioc éiceolaíochta féin. Bíodh sin mar atá, cé nach bhfuil sna tailte móna ach 3 % de dhromchla na talún, is acmhainn dóibh an tríú cuid den dé-ocsaíd charbóin atá gafa san ithir a stóráil. Dá bhrí sin, is earnáil thar a bheith straitéiseach iad don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Toradh na vótála:

Ar son

99

I gcoinne

104

Staonadh

18


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/55


Tuairim Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh”

(COM(2022) 659 final – 2022/0390 (COD))

(2023/C 140/09)

Rapóirtéir:

Arnaud SCHWARTZ

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 8.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

10.1.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

187/0/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an togra le haghaidh Rialachán maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh agus tá súil aige leis go nglacfar an togra sin gan mhoill le go bhféadfar a áirithiú go mbeidh sé ag teacht leis na ceanglais a bhí i bhfeidhm sular tháinig éifeacht leis an Rialachán nua maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha (1).

1.2.

Tá CESE den tuairim gur féidir le hearnáil an bhia peataí cabhrú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus go bhfágfaidh na bearta nua atá sa togra maidir leis an lipéadú go bhféadfar an tionscal sin a fhorbairt agus a chur chun cinn, trí tháirgí a dhíol le tomhaltóirí a thugann aird ar thionscnamh orgánach na dtáirgí a cheannaíonn siad agus, ag an am céanna, luach breise a chur leis na seachtháirgí orgánacha. Fágfaidh sin go mbeidh an earnáil in ann cabhrú, cé gur go measartha é, leis an sprioc 25 % de thalamh talmhaíochta an Aontais a bheith faoi fheirmeoireacht orgánach faoi 2030 a bhaint amach, rud atá leagtha síos sa Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”, sa Straitéis Bhithéagsúlachta agus sa phlean gníomhaíochta um tháirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas Eorpach.

1.3.

Molann CESE don Choimisiún agus do na hinstitiúidí Eorpacha eolas a chur ar fáil faoin rialachán nua sin agus faoi na cuspóirí atá leis d’fhonn cur leis an éileamh ar tháirgí orgánacha agus leis an muinín a bhíonn ag an tomhaltóir astu.

1.4.

Ós rud é go bhfuil bia peataí ceaptha le díol le tomhaltóirí, molann CESE ról a thabhairt do thionscal na mbia peataí agus dul i gcomhairle leis in aon obair reachtach a bhaineann le hinbhuanaitheacht táirgí bia, amhail lipéadú táirgí bia inbhuanaithe, feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus pacáistiú inbhuanaithe (2).

2.   Cúlra

2.1.

Le teacht i bhfeidhm an Rialacháin nua maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha (3) an 1 Eanáir 2022, tugadh isteach diancheanglais maidir le bia an duine, bia ainmhithe (beatha) agus bia peataí a lipéadú mar bhia orgánach. Roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, d’fhéadtaí bia peataí, go háirithe bia le haghaidh cat agus madraí, a lipéadú, de réir rialacha náisiúnta nó caighdeáin phríobháideacha, mar bhia orgánach fiú sa chás nach comhábhair orgánacha gach comhábhar talmhaíochta ann. Ní cheadaítear an cineál sin lipéadaithe a thuilleadh ón 1 Eanáir 2022.

2.2.

Dá thoradh sin, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach, an 28 Samhain 2022, togra le haghaidh Rialachán maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh (4), d’fhonn rialacha sonracha a leagan síos maidir le bia peataí a lipéadú. Is é is aidhm don togra sin cead a thabhairt lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a chur ar bhia peataí, go háirithe bia le haghaidh cat agus madraí, má chomhlíonann an bia sin dianchritéir arna sainiú ag an reachtóir Eorpach.

2.3.

Na rialacha atá beartaithe sa togra sin maidir le bia peataí a lipéadú mar bhia orgánach, tá siad ar aon dul leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir le bia an duine a lipéadú: chun bia a lipéadú mar bhia orgánach agus lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith air, ní mór 95 % de na comhábhair thalmhaíochta ar a laghad, i dtéarmaí meáchain, a bheith orgánach (i gcás ina mbeidh níos lú ná 95 % de na comhábhair thalmhaíochta orgánach, ní fhéadfar an tagairt do chomhábhair orgánacha a úsáid i liosta na gcomhábhar i ndáil le comhábhair orgánacha ach amháin le tásc maidir le céatadán iomlán na gcomhábhar orgánach i gcomparáid le méid iomlán na gcomhábhar talmhaíochta).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá sé á athdhearbhú ag CESE go dtacaíonn sé leis an bplean gníomhaíochta um tháirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas Eorpach (5) agus go dtuigeann sé an ról atá ag an bhfeirmeoireacht orgánach maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, go háirithe na bearta chun cur leis an éileamh ar tháirgí orgánacha agus leis an muinín a bhíonn ag an tomhaltóir astu.

3.2.

Sa chomhthéacs sin, tuigeann CESE gur gá an togra seo le haghaidh rialacháin a ghlacadh a luaithe is féidir le go bhféadfar lógó an Aontais maidir le táirgeadh orgánach a úsáid le haghaidh bia peataí nach comhábhair orgánacha 100 % (ach ar a laghad 95 % de réir meáchain) de na comhábhair ann, rud a fhreagraíonn don chás mar atá sé i ndáiríre i gcás roinnt mhaith táirgí. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí foráil amach anseo go gcuirfí gníomh reachtaíochta den chineál sin chun feidhme i gcomhthráth le teacht i bhfeidhm an téacs bunaidh le go bhféadfaí lúba ar lár sa dlí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí/ceannaitheoirí araon a sheachaint.

3.3.

Tacaíonn CESE leis na rialacha atá beartaithe maidir le bia peataí orgánaigh a lipéadú, sin i bhfianaise an ardleibhéil táirgí orgánacha a theastódh (95 % de réir meáchain) agus na gcosúlachtaí leis na rialacha a bhaineann le bia orgánach don duine, rud a chuireann le húsáid aonfhoirmeach lógó an Aontais agus leis an éascaíocht do na tomhaltóirí an t-eolas a thuiscint toisc an dá chineál táirge sin a bheith dírithe orthu.

3.4.

Tá CESE á thabhairt le fios, in ainneoin líon íseal na dtáirgí orgánacha in earnáil an bhia peataí, go bhfuil an earnáil sin ag fás go tapa (3,1 % d’fhás bliantúil agus peata amháin ar a laghad ag 46 % de theaghlaigh na hEorpa (6)). Is é tuairim na hearnála féin go bhfuil méadú ag teacht ar an oiread sin táirgí ardcháilíochta, táirgí orgánacha san áireamh, a bhíonn á gceannach toisc claonadh a bheith ann i measc úinéirí peataí caitheamh le peataí ar nós mar a chaitear leis an duine (“daonnú”) agus bia a thaitneodh leo féin á lorg acu dá bpeataí (7). Is díol sásaimh do CESE, dá bhrí sin, na bearta nua sin maidir le lipéadú ar féidir leo an margadh do bhia peataí orgánaigh a spreagadh, trí tháirgí a dhíol le tomhaltóirí a thugann aird ar thionscnamh orgánach na dtáirgí a cheannaíonn siad agus, ag an am céanna, luach breise a chur leis na seachtháirgí orgánacha.

3.5.

Tá CESE den tuairim, dá bhrí sin, go bhfágfaidh na bearta nua sin maidir le lipéadú go mbeidh an earnáil in ann cabhrú, cé gur go measartha é, leis an sprioc 25 % de thalamh talmhaíochta an Aontais a bheith faoi fheirmeoireacht orgánach faoi 2030 a bhaint amach, rud atá leagtha síos sa Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”, sa Straitéis Bhithéagsúlachta agus sa phlean gníomhaíochta um tháirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas Eorpach, ar trí rud iad a tháinig as an gComhaontú Glas don Eoraip.

3.6.

Is díol sásaimh do CESE gur cuireadh i bhfeidhm na bearta maidir leis na sonraí is gá a thabhairt faoi thionscnamh an bhia, is iad sin na hamhábhair a úsáidtear i gcomhdhéanamh bia peataí agus na tásca a leanas: “Talmhaíocht AE”, “Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid AE í”, “Talmhaíocht AE/Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid AE í”, nó “Talmhaíocht + ainm tíre” nó “Talmhaíocht + ainm tíre agus réigiúin”.

3.7.

Molann CESE don Choimisiún agus do na hinstitiúidí Eorpacha eolas a chur ar fáil faoin rialachán nua sin agus faoi na cuspóirí atá leis d’fhonn cur leis an éileamh ar tháirgí orgánacha agus leis an muinín a bhíonn ag an tomhaltóir astu.

3.8.

Tá CESE den tuairim go gcabhróidh na bearta sin maidir le lipéadú chun tús a chur le hidirphlé le táirgeoirí bia peataí, agus an t-idirphlé sin a fhorbairt fiú, lena áirithiú go gcloífear san earnáil le prionsabail na gcóras bia inbhuanaithe agus go ndéanfar dul chun cinn maidir leis an gcaoi a gcabhraíonn na táirgeoirí le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/848 an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha s lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1)

(2)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa- Creat maidir le lipéadú inbhuanaitheachta bia le go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna bia inbhuanaithe a dhéanamh (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.2.2023, lch. 97).

(3)  Rialachán (AE) 2018/848 an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch 1)

(4)  Togra le haghaidh Rialachán maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh (COM/2022/659 final).

(5)  Tuairim NAT/818 ó CESE Plean gníomhaíochta maidir leis an táirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas IO C 517, 22.12.2021, lch. 114.

(6)  Foinse: FEDIAF (Cónaidhm Eorpach Thionscal an Bhia Peataí) – https://europeanpetfood.org/about/statistics/.

(7)  Foinse: FEDIAF (Cónaidhm Eorpach Thionscal an Bhia Peataí) – https://europeanpetfood.org/about/statistics/.


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/58


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro”

(COM(2022) 782 final)

(2023/C 140/10)

Rapóirtéir:

Petru Sorin DANDEA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 19.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

21.12.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1. 2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

169/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn CESE le moltaí an Choimisiúin agus tá sraith tograí eile á moladh aige féin.

1.2.

Conclúidí na tuairime (1) a bhí tugtha ag CESE roimhe seo, is conclúidí iad atá á n-athdhearbhú aige, conclúidí a d’fhormheas tromlach mór ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair 2022.

1.3.

Molann CESE go socrófaí an dá bhanda tomhaltais sa chaoi is go gcosnófar gach teaghlach a bhfuil fadhbanna móra acu a mbillí fuinnimh a íoc. Creideann CESE gur cheart go gcumhdódh beartas an dá leibhéal daoine atá faoi bhun líne na bochtaineachta, mar aon leis na daoine atá ag bun dhréimire na meánaicme, ós amhlaidh gur daoine iad sin nach mbeidh sé d’acmhainn acu a gcuid billí fuinnimh a íoc ar phraghsanna an mhargaidh.

1.4.

Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún go mbainfeadh na Ballstáit úsáid as an gcreat sealadach géarchéime um státchabhair, agus molann sé do na Ballstáit gach modh is féidir a úsáid chun cabhrú le gnólachtaí go ginearálta agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe.

1.5.

Molann CESE an beartas airgeadaíochta a úsáid go stuama, mar fad atá an boilsciú faoi thionchar ag fachtóirí eisginiúla, agus an comhthéacs féin chomh casta is atá, d’fhéadfadh éifeacht atriallach a bheith ag an mbeartas airgeadaíochta.

1.6.

Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún maidir le tíortha an limistéir euro a mbeartas fioscach féin a chomhordú le beartas airgeadaíochta an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Is tábhachtach an rud é sin ionas gur maith a chuirfidh an beartas airgeadaíochta srian leis an mboilsciú.

1.7.

Creideann CESE go mbeidh tabhairt chun críche Aontas na Margaí Caipitil agus an Aontais Baincéireachta ina gcéimeanna tábhachtacha chun an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a dhoimhniú, agus molann sé do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh chun dlús a chur leis an bpróiseas.

1.8.

Molann CESE do na Ballstáit an treoir maidir le pá íosta a chur chun feidhme go pras ar an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh sé sin leibhéal an phá íosta a fheabhsú, eangach tarrthála a chur faoin aicme nach bhfuil ag saothrú ach pá íseal, agus luach an phá sna siopaí a chaomhnú.

1.9.

Molann an Coimisiún do na Ballstáit leas a bhaint as an idirphlé sóisialta chun na comhpháirtithe sóisialta a thabhairt chun páirtíochta i gceapadh agus i gcur chun feidhme na mbeartas is gá chun éifeachtaí na géarchéime a mhaolú. Is láidir a thacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún.

2.   Cúlra

2.1.

Chuir cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine isteach go tobann ar an bhfás eacnamaíoch sa limistéar euro agus san Aontas Eorpach i gcoitinne in 2021. Bhí éiginnteacht ann mar gheall ar spleáchas mór an limistéir euro ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis, i gcomhthéacs smachtbhannaí an Aontais, agus bhí éifeachtaí móra aige sin ar na slabhraí soláthair. Sin iad na tosca a spreag an ghéarchéim fuinnimh agus, ina dhiaidh sin, an boilsciú ard atá os comhair an limistéir euro agus an AE i gcoitinne faoi láthair.

2.2.

Cé gur tháinig laghdú ar an mboilsciú de bheagán beag i mí na Samhna ó 10,6 % i mí Dheireadh Fómhair go 10,0 %, d’fhéadfadh fadhbanna soláthair breosla agus an ghéarchéim fuinnimh ba shliocht orthu borradh a chur faoin mboilsciú arís sa chéad tréimhse eile.

2.3.

D’úsáid an Banc Ceannais Eorpach beartas airgeadaíochta chun an boilsciú a tharraingt ar ais chuig na paraiméadair inbhuanaithe (sprioc 2 % sa mheántéarma), ach i bhfianaise na bhfachtóirí eisginiúla ba chúis leis an ngéarchéim, sin agus i bhfianaise a dheacra atá sé an beartas airgeadaíochta a nascadh le beartas fioscach ilroinnte ar fud na mBallstát, d’fhéadfadh sé nach leor dícheall an Bhainc ann féin.

2.4.

Tá an ghéarchéim ilghnéitheach seo tagtha sa bhreis ar an ngéarchéim aeráide atá anuas ar an Aontas. Bhí moill mhór sa chóineasú freisin, agus fiú ilroinnt agus éagsúlacht, in earnálacha éagsúla, agus ar fud gheilleagair Bhallstáit an limistéir euro chomh maith.

2.5.

Formhór na n-earnálacha agus na gcuideachtaí atá gníomhach ar an margadh aonair, is amhlaidh a chuaigh a gcuid iomaíochais i laige mar thoradh ar an ngéarchéim fuinnimh.

2.6.

Ba chúnamh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chomh maith leis an mbeartas comhtháthaithe, go mór le cuidiú le Ballstáit an limistéir euro an leibhéal infheistíochta is gá a choinneáil chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, ach tá gá le hiarrachtaí breise chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo glanastaíochtaí nialasacha agus spleáchas fuinnimh a laghdú go suntasach.

2.7.

I bhfianaise an chúlra sin atá thar a bheith deacair agus casta, thíolaic an Coimisiún Eorpach an 22 Samhain a thogra le haghaidh Moladh ón gComhairle (2) maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro i gcomhair 2023.

3.   Barúlacha ginearálta agus barúlacha sonracha

3.1.

Tacaíonn CESE le moltaí an Choimisiúin, ach measann sé go bhfuil gá leis na tograí seo a leanas freisin:

3.2.

Athdhearbhaíonn CESE conclúidí thuairim ECO/590 (3), a ghlac tromlach mór ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair 2022.

3.3.

I gcomhthéacs na géarchéime fuinnimh, cruthóidh geimhreadh 2022-2023 fadhbanna móra do theaghlaigh agus do ghnólachtaí san Aontas. Molann an Coimisiún Eorpach beartas cosanta dhá shraith i gcomhair na ndaoine is leochailí. Ciallaíonn sé sin gur rud is ísle ná praghas an mhargaidh a bheidh á íoc ag an tomhaltóir leochaileach ar chuid den aibhléis atá sé a chaitheamh. Is ar bhealach cuimsitheach ba cheart do na Ballstáit an beartas dhá shraith atá molta ag an gCoimisiún chun teaghlaigh leochaileacha a chosaint i gcomhthéacs na géarchéime fuinnimh a chur i bhfeidhm. Molann CESE go socrófaí an dá bhanda tomhaltais sa chaoi is go gcosnófar gach teaghlach a bhfuil fadhbanna móra acu a mbillí fuinnimh a íoc.

Creideann CESE gur cheart go gcumhdódh beartas an dá leibhéal daoine atá faoi bhun líne na bochtaineachta, mar aon leis na daoine atá ag bun dhréimire na meánaicme, ós amhlaidh gur daoine iad sin nach mbeidh sé d’acmhainn acu a gcuid billí fuinnimh a íoc ar phraghsanna an mhargaidh.

3.4.

Measann an Coimisiún gur cheart do na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí ionas nach mbeidh orthu stopadh ag obair, tacaíocht lena n-áirítear an creat sealadach géarchéime um státchabhair a chur in úsáid. Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún agus molann sé go n-úsáidfeadh na Ballstáit gach modh is féidir chun cabhrú le gnólachtaí go ginearálta agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe.

3.5.

Is i mí Dheireadh Fómhair 2022 ab airde do leibhéal an bhoilscithe (10,6 %) ón uair a tháinig an euro ar an bhfód, leibhéal arb iad praghsanna an gháis nádúrtha agus an ghéarchéim fuinnimh ba chúis leis. Is tráthach an gníomh a rinne an Banc Ceannais Eorpach nuair a chuaigh sé i muinín an bheartais airgeadaíochta le srian a chur ar an mboilsciú agus leis an ráta a chur faoi bhun ráta an 2 % an athuair (an sprioc mheántéarmach). Molann CESE an beartas airgeadaíochta a úsáid go stuama, mar fad atá an boilsciú faoi thionchar ag fachtóirí eisginiúla, agus an comhthéacs féin chomh casta is atá, d’fhéadfadh éifeacht atriallach a bheith ag an mbeartas airgeadaíochta.

3.6.

Tháinig méadú beag ar phá sa limistéar euro in 2022, ach is méadú é féin a bhí i bhfad faoi bhun leibhéal an bhoilscithe. Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún Eorpach nuair is éard atá sé a mholadh go ngníomhódh na Ballstáit le luach an phá sna siopaí a chaomhnú, i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta, agus leis an tsamhail chómhargála atá acu, go háirithe i gcás fostaithe leochaileacha atá ar phá íseal. Molann CESE do na Ballstáit an treoir maidir le pá íosta a chur chun feidhme go pras ar an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh sé sin leibhéal an phá íosta a fheabhsú, eangach tarrthála a chur faoin aicme nach bhfuil ag saothrú ach pá íseal, agus luach an phá sna siopaí a chaomhnú.

3.7.

Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún maidir le tíortha an limistéir euro a mbeartas fioscach féin a chomhordú le beartas airgeadaíochta an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Is tábhachtach an rud é sin ionas gur maith a chuirfidh an beartas airgeadaíochta srian leis an mboilsciú. Creideann an Coiste gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún dlús a chur lena gcuid iarrachtaí an “Colún 1” atá beartaithe faoi Chreat Cuimsitheach ECFE a chur chun feidhme. D’fhéadfadh sé sin ioncam a chur i gcistí na mBallstát tar éis an díchill a rinne siad le linn phaindéim COVID-19, ioncam a mbeadh tábhacht nach beag leis ó tharla fiachas mór poiblí orthu ar fad, agus dá dheasca sin nuair is lú fad sa rópa dóibh lena gcuid beartas fioscacha a chur i bhfeidhm le linn géarchéime.

3.8.

Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún go leanfaí den dícheall atá á dhéanamh chun Aontas na Margaí Caipitil agus an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche. Creideann CESE gur dhá chéim thábhachtacha a bheadh ann Aontas na Margaí Caipitil agus an tAontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú.

3.9.

I gcomhthéacs na seacht ngéarchéim seo, ní mór do na Ballstáit gníomhú chun laghdú a chur ar na héifeachtaí diúltacha atá á n-imirt ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí. Molann an Coimisiún do na Ballstáit leas a bhaint as an idirphlé sóisialta chun na comhpháirtithe sóisialta a thabhairt chun páirtíochta i gceapadh agus i gcur chun feidhme na mbeartas is gá chun éifeachtaí na géarchéime a mhaolú. Is láidir a thacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 2022 Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2021) 742 final) (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.2.2023,lch. 43).

(2)  Com(2022) 782 final, Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

(3)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 2022 Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2021) 742 final) (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.2.2023, lch. 43).


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/61


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm – Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le clár oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan”

(JOIN(2022) 28 final)

(2023/C 140/11)

Rapóirtéir:

Stefano PALMIERI

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 25.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

15.6.2022

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

20.12.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

184/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Níor cheart rialachas na n-aigéan a mheas mar “gnó muirí” amháin. Córas casta atá sa mhuirthimpeallacht ó thaobh na n-earnálacha, na reachtaíochta, na ngeallsealbhóirí ar scálaí éagsúla (áitiúil, réigiúnach, domhanda) agus na ngnéithe atá i gceist leis. Tá sé fite fuaite le gníomhaíochtaí, beartais agus gníomhartha talún, rud a fhágann go mbíonn tacaíocht eolasbhunaithe de dhíth le haghaidh cinntí a bhfuil cur chuige comhtháite trasdisciplíneach agus taidhleoireacht eolaíochta ag gabháil leo. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe Painéal Idir-Rialtasach um Inbhuanaitheacht na nAigéan a bhunú.

1.2.

Is geal le CESE ainmniú na Limistéar Muirí faoi Chosaint, gnóthú na neodrachta carbóin agus díchóimeáil inbhuanaithe long.

1.3.

Teastaíonn comhleanúnachas idir beartais agus comhaontuithe éagsúla chun cinntí agus idirghabhálacha a dhéanamh, maille le meastóireacht thrédhearcach ar fhéidearthacht vs tionchair. Tacaíonn CESE le ról an Aontais mar ghníomhaí reachtach agus maidir le líonraí agus comhpháirtíochtaí a neartú ar an leibhéal domhanda, agus aghaidh á tabhairt ar an ról atá ag taighde agus nuálaíocht.

1.4.

Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfaí foráil maidir le díspreagthaí airgeadais i gcoinne úsáid bratach áise (e.g. ciste tiomnaithe a bhunú a bheidh comhdhéanta d’urraí le haghaidh díchóimeáil long) agus tá sé á mholadh aige an Sásra Coigeartaithe Carbóin a leathnú chun raon leathan na dtruailleán a bhfuil tionchar acu ar an éiceachóras muirí a chumhdach.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE an cur chuige “nialasach” i leith iascaireacht agus foghabháil neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte agus tá sé á mholadh don Aontas tacú le hoibreoirí macánta chun caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe iascaigh a bhaint amach. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an iascaireacht thionsclaíoch inbhuanaithe ísealtionchair ar mhionscála agus le dobharshaothrú agus algashaothrú “gan tionchar” chun inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch na réigiún a ráthú.

1.6.

Tá torthaí eolaíocha láidre fós de dhíth sa mhianadóireacht dhomhainfharraige chun meastóireacht a dhéanamh ar na tionchair fhadtéarmacha atá aici ar an gcomhshaol. Is geal le CESE gur ghlac an Coimisiún an cur chuige réamhchúraim agus tá sé á iarraidh go mbeadh moratóir ann le haghaidh údarú ceadúnas mianadóireachta ón Údarás Idirnáisiúnta um Ghrinneall na Farraige (ISA). Tá sé á iarraidh freisin go mbunófaí painéil eolaíocha neamhspleácha idirnáisiúnta chun tacaíocht eolasbhunaithe a chur ar fáil le haghaidh cinntí agus idirghabhálacha.

1.7.

Is féidir le hiarmhairtí ordanáis neamhphléasctha, truailleáin atá ag teacht chun cinn agus tubaistí nádúrtha úsáid an spáis mhuirí agus na cásanna eacnamaíocha/geopholaitiúla a bhíonn ann dá barr a athrú ó bhonn. Is díol sásaimh do CESE a bhfuil á dhéanamh ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

1.8.

Nithe bunriachtanacha is ea an tsábháilteacht agus an tslándáil ar muir. Tá gá le scileanna agus teicneolaíochtaí a athnuachan ó ghlúin go glúin, maille le dálaí cuibhiúla maireachtála agus oibre. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit freisin Coinbhinsiún Uimh. 188/2007 (1) na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a dhaingniú agus féachaint chuige go ndéanfar é a thrasuí go héifeachtach i ndlí náisiúnta na mBallstát (2). Is mór ag CESE Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle (3) agus tá sé á iarraidh aige go leathnófaí raon feidhme an nóis imeachta chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú agus chun sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe in earnáil na hiascaireachta mara a chosaint.

1.9.

Athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá sé go mbeadh ról lárnach ag na réigiúin is forimeallaí (4) – i ngeall ar na saintréithe geografacha lena mbaineann – maidir leis an gcreat um rialachas na n-aigéan, mar a shainítear é in COM(2022) 198 final (5). Ní luaitear é ar chor ar bith in JOIN (2022) 28 final, áfach.

1.10.

Ar mhaithe le rialachas idirnáisiúnta nua neartaithe na nAigéan, rud atá á chur chun cinn ag an Aontas, tá CESE á iarraidh go mbeadh geallsealbhóirí éagsúla rannpháirteach ar dhóigh éifeachtach thrédhearcach i bhforbairt tacaíochta eolasbhunaithe le haghaidh beartas, sa chumarsáid agus i gcúrsaí for-rochtana agus go mbeidís rannpháirteach i ngach céim den phróiseas sin, ón gcéim comhairliúcháin agus comhdhearaidh pleananna go dtí céim an chur chun feidhme agus na meastóireachta deiridh. D’fhéadfaí cineálacha nua struchtúir eagrúcháin a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chasta atá ann.

1.11.

Tá CESE á iarraidh go scaipfí eolas faoi dhlí na farraige go forleathan i measc shaoránaigh uile an Aontais. Tá dlí idirnáisiúnta ag teastáil chun réimsí éagsúla inniúlachta (teorainneacha cósta, criosanna eacnamaíocha, cosaint acmhainní muirí, sainmhíniú ar “cuan sábháilte”, etc.) go sonrach chun oibleagáidí idirnáisiúnta a shoiléiriú maidir le tarrtháil agus cúnamh ar muir, lena gcódaítear coincheapa an dainséir agus modhanna cuardaigh agus tarrthála (6). Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfaí an riail sin a fhorfheidhmiú go cuí agus, ar an dóigh sin, an prionsabal bunúsach nach mór daoine atá i mbaol ar muir a shábháil agus a thabhairt chuig calafort sábháilte gan aon amhras agus gan aon choinníollacha a dhearbhú.

1.12.

I bhfianaise a thábhachtaí atá an tArtach ón taobh geopholaitiúil agus comhshaoil de, is geal le CESE go bhfuil an tAontas tiomanta do chur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe chun iascach mórmhara neamhrialáilte a chosc i Lár an Aigéin Artaigh, na hiarrachtaí chun Limistéir Mhuirí faoi Chosaint a shainiú san Artach agus an toirmeasc ar dhruileáil le haghaidh hidreacarbón (7).

1.13.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil easpa uaillmhéine sna hinfheistíochtaí atá beartaithe arb é is aidhm dóibh dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le rialachas na n-aigéan agus tá sé á iarraidh, ar an ábhar sin, go mbunófaí Ciste Aigéin leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhuirí.

2.   Barúlacha ginearálta maidir leis an gcreat tagartha.

2.1.

Ceann de na dúshláin is mó a bhaineann le saincheisteanna muirí agus mara is ea comhleanúnachas idir gníomhaíochtaí ar leibhéil éagsúla (an leibhéal domhanda, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil) agus idir earnálacha. Is féidir le go leor éilimh iomaíocha idirghabhálacha a chur i mbaol agus tionchar a laghdú go mór.

2.2.

Éilítear le rialachas na n-aigéan tacaíocht eolasbhunaithe do chinntí. An tionchar atá ag an duine ar an muirthimpeallacht, is rud é nach bhfuil teoranta do ghníomhaíochtaí ar muir (mianadóireacht, iascaireacht, iompar). Cuimsíonn sé freisin gníomhaíochtaí ar talamh a mbíonn truailliú ar scála níos leithne mar thoradh orthu (dramhaíl, lotnaidicídí, antaibheathaigh, fosfáití, plaistigh, pléascáin, etc.). Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, na haigéin a leabú ní hamháin in SDG 14, ach freisin, sna spriocanna sin lena dtugtar aghaidh ar tháirgeadh tionsclaíoch agus ar iompraíochtaí comhchoiteanna. Tá gá le cur chuige níos comhtháite chun éiceachóras muirí sláintiúil táirgiúil a bhaint amach, lena n-áirítear gnéithe nach bhfuil teoranta do shaincheisteanna muirí agus mara.

2.3.

Le blianta beaga anuas, de bharr na castachta a tháinig chun cinn i gcuid mhaith comhthéacsanna, forbraíodh samhlacha nua rialachais, arna spreagadh go príomha ag an eolaíocht mhargaidh agus an eolaíocht líonra. Is deacair córais chasta a rialú agus ní féidir a gcuid dinimice a thuar go héasca san fhadtéarma. Córas casta atá sna haigéin lena dtuigtear, mar gheall ar an neamhréireacht ollmhór sna rialacha idir limistéir chósta agus limistéir amach ón gcósta, ar dhíospóidí ar leibhéal an rialtais náisiúnta agus ar leibhéal na hearnála príobháidí, go bhféadfadh sé a bheith riachtanach taidhleoireacht eolaíochta athnuaite a ghlacadh chun dul i ngleic leis na dúshláin lena mbaineann. Tá sé á aithint ag CESE gur gá uirlisí bainistithe agus comhéadain bheartais atá oiriúnach dá bhfeidhm a fhorbairt mar thionscnaimh chun na gnéithe éagsúla idirnasctha a chomhtháthú.

2.4.

Tacaíonn CESE le ról an Aontais mar ghníomhaí reachtach agus maidir le líonraí agus comhpháirtíochtaí a neartú ar an leibhéal domhanda, aghaidh a thabhairt ar ról an taighde agus na nuálaíochta, réitigh agus treoirlínte a chur ar fáil, agus tionscnaimh shonracha a chur chun cinn.

3.   Meastóireacht ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún

Díreofar sa tuairim seo ar na ceithre réimse den togra: 1) An creat um rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a neartú; 2) I dtreo inbhuanaitheacht na n-aigéan faoi 2030; 3) Slándáil agus sábháilteacht ar muir a áirithiú; 4) Eolas faoi na haigéin a fhorbairt.

3.1.   An creat um rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a neartú

3.1.1.

Is díol sásaimh do CESE tiomantas an Choimisiúin tacú leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde maidir le trédhearcacht, dea-rialachas agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí in eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail an tÚdarás Idirnáisiúnta um Ghrinneall na Farraige (ISA) agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).

3.1.2.

Tá CESE ag athdhearbhú ról an Aontais sa réimse reachtach, trí thaidhleoireacht eolaíochta agus trí líonraí agus comhpháirtíochtaí a neartú ar an leibhéal domhanda freisin. Go háirithe, tá béim á cur ag an gCoiste ar an ngá atá ann córas a chur chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar idirghabhálacha iomchuí agus chun iad a ghlacadh. Is díol sásaimh do CESE ainmniú na Limistéar Muirí faoi Chosaint, agus bearta caomhnaithe éifeachtacha limistéarbhunaithe eile (agus é mar aidhm leis sin 30 % de limistéir a chur faoi chosaint faoi 2030) i gcás ina n-aithnítear a n-ábharthacht i bhfeidhmiú chóras na n-aigéan agus ina bhfuil glacadh na n-idirghabhálacha bunaithe ar anailís ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht gach réimse ar leith, agus costais, freagrachtaí, amscálaí agus faireachán á gcur san áireamh.

3.1.3.

Tugann CESE dá aire, d’ainneoin roinnt dul chun cinn teicneolaíoch a bheith déanta le blianta beaga anuas, go dtuairiscítear go bhfuil tionchair fhadtéarmacha na mianadóireachta domhainfharraige fós le feiceáil, agus go bhfuil an t-éiceachóras fós á théarnamh i limistéir a bhí á dtochailt breis agus scór bliain ó shin (8). Is geal le CESE go bhfuil cur chuige réamhchúraim glactha agus tá sé á iarraidh aige go mbeadh moratóir ann le haghaidh údarú ceadúnas mianadóireachta ó ISA. Tá sé ag iarraidh freisin ar ISA painéal eolaíoch neamhspleách idirnáisiúnta a bhunú chun anailís eolasbhunaithe a thrasuí i gcinntí beartais dea-shainithe. Tá sé á mholadh ag CESE freisin infheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt a chur chun cinn le haghaidh réitigh mhalartacha ar ábhair a thochlaítear ó ghrinneall na farraige.

3.1.4.

Is tosca ríthábhachtacha iad iascaireacht agus dobharshaothrú cósta ar mhionscála do mharthanas go leor pobal cósta agus chun a n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú. Ba í earnáil na hiascaireachta go ginearálta, agus earnáil na hiascaireachta traidisiúnta agus na hiascaireachta ar mhionscála go háirithe, is mó a bhí thíos leis an ngéarchéim eacnamaíoch, agus sin an fáth a dteastaíonn straitéis shonrach uaithi chun seasamh láidir sa mhargadh a athshlánú (9). Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí idirghabhálacha iomchuí chun na gníomhaíochtaí sin a threisiú, chun foinsí ioncaim na bpobal áitiúil a éagsúlú (e.g. turasóireacht chósta agus gníomhaíochtaí uisceacha áineasa), chun tacú le hatreorú gairmeacha, chun cúnamh a thabhairt do réigiúin áitiúla atá in ísle brí agus chun cur leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil (10).

3.1.5.

Is díol sásaimh do CESE an cur chuige “nialasach” maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, agus tá sé ag moladh don Aontas tacú le hoibreoirí macánta i dtreo caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe iascaigh. Tá an Coiste ag athdhearbhú ról an Aontais san idirphlé maidir leis an iascach le tíortha nach bhfuil san Aontas chun comhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, aithníonn CESE na Comhaontuithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe (SFPAnna) mar rannchuidiú ábhartha do chreat daingean le roinnt tíortha comhpháirtíochta nach bhfuil san Aontas.

3.1.6.

Tá athruithe móra le sárú san Artach, athruithe a d’fhéadfadh an comhshaol agus an chothromaíocht gheopholaitiúil a chur i mbaol. Is geal le CESE go bhfuil an tAontas tiomanta do chur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe chun iascach mórmhara neamhrialáilte a chosc i Lár an Aigéin Artaigh, na hiarrachtaí atá ar bun chun Limistéir Mhuirí faoi Chosaint a shainiú san Artach agus an toirmeasc ar dhruileáil le haghaidh hidreacarbón (11).

3.1.7.

Tá CESE ag aithint na ndeacrachtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme sna Limistéir taobh amuigh den Dlínse Náisiúnta, agus béim á cur aige ar an ngá atá le comhleanúnachas a ráthú idir comhpháirtíochtaí agus comhaontuithe éagsúla. Tá sé i bhfách freisin le hiarrachtaí an Aontais sa chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair faoi Chonradh maidir leis an Mórmhuir.

3.2.   I dtreo inbhuanaitheacht na n-aigéan faoi 2030

3.2.1.

Molann CESE an tiomantas atá ann agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050. Tá ról ábhartha ag an Aontas san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (EMI) i bpróiseas reachtach agus oibríochtúil domhanda atá ceaptha chun an earnáil mhuirí agus iascaireachta a dhícharbónú.

3.2.2.

Aithníonn CESE gur dúshlán é an comhrac i gcoinne an truaillithe mhuirí. Mar gheall ar idirnascadh foinsí éagsúla, lena n-áirítear foinsí talamhbhunaithe, mar aon le héagsúlacht na ngeallsealbhóirí agus leis na teorainneacha reachtacha, is casta fós an creat. Tá an Coiste ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an gá aghaidh a thabhairt ar éagsúlacht na dtruailleán agus idirghabhálacha éifeachtacha a chur chun cinn. Tá CESE ag léiriú a thábhachtaí atá an gá le comhleanúnachas agus cuimsiú gnéithe a théann níos faide ná rialachas na n-aigéan (e.g. iad siúd a dtugtar aghaidh orthu sa Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Truailliú Nialasach, sa Straitéis Bhithéagsúlachta agus sa straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” (12)) agus a bhfuil tionchar láidir acu ar thruailliú muirí (13).

3.2.3.

Cuimsítear le hordanás neamhphléasctha airm thraidisiúnta phléascacha agus cheimiceacha a dhumpáiltear ar muir. Is beag aird a tugadh san am a chuaigh thart ar na bagairtí a bhaineann le hordanás neamhphléasctha ar muir, bagairtí nach féidir a shéanadh. Tá gá le straitéis phráinneach chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin ós ag dul i méid atá an t-éileamh ar spás muirí ó earnálacha eacnamaíocha agus ó tharla go bhfuil an chuid is mó de mhuinisin ag dul i ngleic le creimeadh, sceitheadh táirgí tocsaineacha, carcanaigineacha, só-ghineacha agus teratigineacha. Tá gá le hidirghabhálacha braite, faireacháin agus maolaithe, mar aon le heolas comhpháirteach Eorpach agus tacaíocht theicneolaíoch chomhpháirteach (14).

3.2.4.

Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún an tionchar a bhíonn ag muinisean dumpáilte ar an gcomhshaol a laghdú, agus tá sé á thabhairt dá aire nach bhfuil na rioscaí teoranta d’ordanás neamhphléasctha ón gCéad Chogadh Domhanda agus ón Dara Cogadh Domhanda ach go mbaineann siad freisin le coinbhleachtaí eile (e.g. sna Balcáin agus san Úcráin), agus nach bhfuil siad teoranta ach an oiread do thocsaineacht substaintí sceite a d’fhéadfadh a bheith ann ach do mhadhmadh tionóisceach nó uathmhadhmadh freisin.

3.2.5.

Aithníonn CESE na tionchair dhiúltacha a bhíonn ag trealamh iascaireachta ar an éiceachóras, agus tá sé á thabhairt dá aire aige nach bhfuil na costais a bhaineann le go leor réiteach atá beartaithe inbhuanaithe, nó gur beag an éifeacht atá acu ar an leibhéal domhanda. Tá sé á iarraidh ag CESE go dtabharfaí isteach teicneolaíochtaí/ábhair nua chun an dúshlán sin a mhaolú, mar aon le bearta cúitimh agus feachtais shaincheaptha chun iascairí a chur ar an eolas faoi na deiseanna sin (15).

3.2.6.

Aithnítear go bhfuil róshaothrú stoc éisc agus iascaireacht foghabhála mar fhíor-shaincheisteanna ar an leibhéal domhanda. Bíonn tionchar suntasach ag earnáil na hiascaireachta ar lear mór speiceas. Is cúis imní é, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé sin inbhuanaitheacht roinnt speiceas a chur i mbaol, agus tá údar leis an imní sin óir d’fhéadfaí cothromaíocht an éiceachórais mhuirí ina iomláine a chur i gcontúirt. Ar an taobh eile, is gné shuntasach de chultúir chríochacha agus den gheilleagar inbhuanaithe iad gníomhaíochtaí iascairí áitiúla lena gcuirtear bia folláin ar fáil do shaoránaigh ar dhóigh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, na sochaí agus an gheilleagair de. Is féidir brú antrapaigineach ar stoic éisc a laghdú trí dhobharshaothrú gan tionchar (lena n-áirítear an algashaothrú) a chur chun cinn.

3.2.6.1.

Ar bhonn na ngnéithe sin, tá CESE á iarraidh go ndéanfaí an méid seo a leanas:

a)

rialuithe agus smachtbhannaí níos déine a thabhairt isteach i ndáil le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte;

b)

faireachán agus rialáil a dhéanamh ar earnáil na hiascaireachta ar bhealach a chuireann deireadh le róshaothrú stoc éisc agus foghabhála agus inbhuanaitheacht éifeachtach na hearnála sin a chur chun cinn;

c)

dobharshaothrú agus algashaothrú gan tionchar a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dó sin, lena n-áirítear na gnéithe díobh a bhaineann le beathú agus tomhaltas fuinnimh;

d)

cúiteamh eacnamaíoch a thabhairt d’oibrithe le linn na gcéimeanna idirthréimhseacha den athrú ó bhonn ar theicneolaíochtaí agus ar chórais táirgthe.

3.2.7.

Is tríd an iompar muirí a thrádáiltear 90 % de lasta an domhain. Mar sin, is é cnámh droma an gheilleagair dhomhanda é. D’fhéadfadh longa farraige a bheith ina bhfoinse shuntasach truaillithe, fiú ag deireadh a saolré. Is minic a cheiltíonn úinéirí long i dtíortha ardioncaim fíorchéannacht long trína gclárú i dtearmainn chánach, agus chun rialacha comhshaoil a sheachaint freisin. Sa chomhthéacs sin, theip ar iarrachtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha an iompraíocht sin a chomhrac (16). Úsáidtear náisiúin brataí áise fós mar bhratach dheireanach, lena n-áirítear ag tíortha an Aontais, chun dul timpeall ar rialacha agus chun airgead a shábháil. Tá sé á mholadh ag CESE go mbreathnófáí ar dhíchóimeáil long mar fhoinse shuntasach truaillithe mhuirí, agus tá sé ag iarraidh ar an Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh: a) gníomhaíocht a dhéanamh chun rialáil cheangailteach níos láidre a áirithiú, b) faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí chun cosc a chur ar bhealach ar bith timpeall ar chosaint an chomhshaoil, c) díspreagadh airgeadais i gcoinne úsáid bratach áise, e.g. ciste tiomnaithe a bhunú a bheidh comhdhéanta d’urraí le linn shaolré an tsoithigh chun féachaint chuige go n-urramófar caighdeán AE maidir leis an gcosaint chomhshaoil agus slándála, fiú lasmuigh de dhlínse an Aontais.

3.3.   Slándáil agus sábháilteacht ar muir a áirithiú

3.3.1.

Molann CESE an tAontas as a ról mar sholáthraí slándála muirí a neartú laistigh agus lasmuigh dá theorainneacha. Tá an Coiste ag iarraidh ar an Aontas Limistéir fhéideartha Leasa Mhuirí a shainaithint i bhfianaise na bhforbairtí geopholaitiúla a tharla le déanaí agus díriú ar thosaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

3.3.2.

Is díol sásaimh do CESE iarrachtaí an Aontais aon idirghabháil a chur chun cinn agus a chur chun feidhme chun an tsábháilteacht ar muir a mhéadú. Tá an Coiste ag iarraidh ar an Aontas cur le raon na n-earnálacha atá i mbun gníomhaíochtaí ar muir ar féidir leo an comhshaol agus sláinte an duine a chur i mbaol, lena n-áirítear turasóireacht, díchóimeáil agus tógáil long, fuinneamh agus dobharshaothrú. Tá á iarraidh ag CESE freisin go gcuirfí béim ar nuachóiriú na dteicneolaíochtaí (e.g. Green Propulsion na Beilge) agus ar spásanna oibre agus dálaí oibre in éagsúlacht na lóistíochta lena gcuimsítear gníomhaíochtaí muirí agus mara (e.g. longchlóis, calafoirt, báid, etc.).

3.3.3.

Tá sé á mholadh ag CESE comhsheasmhacht rialála a áirithiú idir bearta a bhaineann le caomhnú na n-éiceachóras muirí agus na rialacha lena rialaítear sábháilteacht agus dálaí oibre ar muir, trí mheasúnuithe tionchair maidir leis an méid seo a leanas: i) fostaíocht, ii) pá, iii) teicneolaíochtaí, iv) dálaí maireachtála agus oibre cuibhiúla, agus v) oiliúint oibrithe. Tá sé á iarraidh aige freisin go mbeadh comhordú níos fearr ann idir seirbhísí éagsúla na n-údarás poiblí ar gach leibhéal, chun críocha bainistiú comhtháite a dhéanamh ar an spás muirí (17).

3.3.4.

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit Coinbhinsiún Uimh. 188 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a dhaingniú, lena gcuirfear ar fáil na hacmhainní is gá chun é a thrasuí i gceart sa reachtaíocht náisiúnta agus chun é a chur i bhfeidhm. Is díol sásaimh do CESE Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle (18) agus tá sé á iarraidh go dtosófaí ar raon feidhme na Treorach sin a leathnú chun éifeachtaí carnacha na dtionchar fadtéarmach ar shláinte an duine a chumhdach freisin. Ina theannta sin, tá CESE á chur in iúl go bhfuil gá le reachtaíocht AE fíor-uaillmhianach maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus saothar éignithe (19).

3.3.5.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach prionsabail ghinearálta agus treoirlínte praiticiúla a cheapadh le haghaidh seirbhísí cothroma a bhaineann leis an obair sna hearnálacha sin, lena n-áirítear: a) treoraíocht leordhóthanach d’úinéirí soithí iascaireachta agus do sheirbhísí (trasteorann) i margadh an tsaothair; b) conarthaí caighdeánacha le haghaidh seirbhísí (trasteorann) a bhaineann leis an margadh saothair; c) treoraíocht leordhóthanach d’iascairí atá ag lorg fostaíochta ar bord soithí iascaireachta (eachtrannacha); agus d) sásraí chun gearáin a thaisceadh (20).

3.3.6.

Gné a bhfuil baint aici le heolas ar an bhfarraige agus ar na haigéin agus leis an tsábháilteacht ar muir is ea an gá le scaipeadh forleathan eolais faoi dhlí na farraige agus faoina fhorfheidhmiú iarbhír. Tá dlí idirnáisiúnta ag teastáil chun réimsí éagsúla inniúlachta (teorainneacha cósta, criosanna eacnamaíocha, cosaint acmhainní muirí, sainmhíniú ar “cuan sábháilte”, etc.) go sonrach chun oibleagáidí idirnáisiúnta a shoiléiriú maidir le tarrtháil agus cúnamh ar muir, lena gcódaítear coincheapa an dainséir agus modhanna cuardaigh agus tarrthála.

3.3.7.

Is féidir le tubaistí nádúrtha (tuilte, súnámaithe, teagmhais fhoircneacha) tionchar a imirt ar an muirthimpeallacht agus rioscaí indíreacha do ghníomhaíochtaí agus do shláinte an duine a bheith mar thoradh orthu. Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar thubaistí nádúrtha mar fhoinsí féideartha rioscaí don chomhshaol agus do ghníomhaíochtaí ar muir i gcoitinne.

3.4.   An bonn eolais faoi na haigéin a fhorbairt

3.4.1.

Aithníonn CESE gur casta an ní é córas na n-aigéan i ngeall ar na hathróga comhshaoil idirnasctha, na geallsealbhóirí éagsúla, an reachtaíocht, na cultúir agus na hacmhainneachtaí áitiúla lena mbaineann. Tá CESE á iarraidh go gcuirfí san áireamh, ar dhóigh éifeachtach thrédhearcach, na disciplíní éagsúla agus an saineolas éagsúil (eolaíocht sonraí, castachta agus líonra, an tsíceolaíocht, an tsocheolaíocht, an geilleagar) agus tacaíocht eolasbhunaithe don bheartas á forbairt (faoi mar atá molta i gcás an Phainéil Idir-Rialtasaigh um Inbhuanaitheacht Aigéin).

3.4.2.

Is léiriú iad an t-eolas agus na cleachtais atá ann ar na modhanna nua rialachais atá in úsáid chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le struchtúir fhéineagraithe, rud atá casta, i gcás ina bhfuil eagraíocht dhíláraithe á feidhmiú go rathúil. Tá CESE á iarraidh go leathnófaí dea-chleachtais agus samhlacha éifeachtacha chuig gach earnáil den gheilleagar gorm, lena n-áirítear na hearnálacha sin inar féidir poist nua a chur ar fáil agus fás a spreagadh (e.g. turasóireacht, tumadóireacht, etc.) agus an earnáil phoiblí. Le leithdháileadh na gcistí do gheilleagar gorm inbhuanaithe, ba cheart sochair shóisialta agus eacnamaíocha a áirithiú do na glúine atá ann faoi láthair agus do na glúine atá le teacht. Ní mór freisin éagsúlacht, táirgiúlacht, athléimneacht agus luach intreach na n-éiceachóras muirí a athbhunú agus a chaomhnú agus teicneolaíochtaí glana, foinsí in-athnuaite fuinnimh agus athchúrsáil a chur chun cinn (21).

3.4.3.

Ba cheart an tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí áitiúla a bheith rannpháirteach ag gach céim den phróiseas, ón gcéim comhairliúcháin agus comhdhearaidh pleananna go dtí céim an chur chun feidhme agus na meastóireachta deiridh. Tá tuiscint ar na haigéin ríthábhachtach má táthar chun claochlú sochaíoch a spreagadh i dtreo inbhuanaitheacht chomhtháite an chórais. Ba cheart tosaíocht a thabhairt i struchtúir agus i bpróisis eagraíochtúla don ghné shóisialta agus do thacaíocht eolaíoch i dtreo na hinbhuanaitheachta comhtháite, bearta a fheabhsú agus a chistiú chun an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn agus tacú leis, an tslándáil a mhéadú, dálaí oibre a fheabhsú, poist ardcháilíochta a chruthú, scileanna oibrithe a fhorbairt agus “athnuachan ó ghlúin go glúin” (22) a áirithiú.

3.4.4.

Molann CESE cleachtas an Aontais maidir le sonraí muirí agus breathnóireacht maidir leis na haigéin a chomhroinnt. Tá sé á aithint aige a ábhartha atá seirbhísí muirí agus an tionchar a bhíonn acu ar an ngeilleagar, chomh maith leis na costais a bhaineann le bonneagair mhuirí a mbíonn infheistíocht ollmhór ó chistí náisiúnta uathu. Tá an Coiste á thabhairt dá aire, d’ainneoin iarrachtaí chun castacht éiceachóras na mara a léiriú, is beag tuiscint atá ann ar an éiceachóras agus ar an mbaint atá aige le gníomhaíochtaí daonna. Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas rochtain oscailte agus athúsáid sonraí a chur chun cinn, agus cineálacha nuálacha cur chuige a chistiú chun costais na mbarúlacha a laghdú agus chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar dhea-stádas comhshaoil (23).

3.4.5.

Tá CESE ag léiriú a thábhachtaí atá an gá modheolaíocht eolaíoch a ghlacadh chun dul i ngleic le taidhleoireacht agus caibidlíocht eolaíochta. Tá an Coiste á iarraidh go dtabharfaí isteach cúrsaí oiliúna d’úsáideoirí deiridh agus do bhainisteoirí, ar an leibhéal áitiúil freisin, chun inbhuanaitheacht éifeachtach agus indéantacht gníomhaíochtaí a bhaint amach.

4.   Saincheisteanna criticiúla

4.1.

Baineann coincheap an rialachais le réimse leathan feiniméin éagsúla, ó phróisis chinnteoireachta go hionstraimí beartais. I ngeall ar a ollfhairsinge atá coincheap an rialachais, d’fhéadfadh sé gurb é sin is cúis leis an tóir atá air agus leis an mí-úsáid a bhaintear as, is dócha. Níl teorainn pholaitiúil ag aigéin agus tá dlúthbhaint acu le húsáid talún freisin. Ní féidir le tíortha aonair dúshláin a réiteach astu féin. Tá cur chuige trasnáisiúnta ag teastáil ina leith trína ndéantar iarrachtaí agus freagrachtaí a chomhroinnt ar bhealach indéanta éifeachtach agus córais chomhdheartha, comhphleananna gníomhaíochta agus idirghabhálacha a nascann iarrachtaí áitiúla le creataí réigiúnacha cuimsitheacha a ghlacadh. Ní féidir modh rialachais amháin a ghlacadh chun struchtúir eagraíochtúla a chur ar fáil maidir le gnéithe éagsúla. Ós amhlaidh atá, tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil tacaíocht eolasbhunaithe don chinnteoireacht, don taidhleoireacht eolaíochta agus do reachtaíocht chomhleanúnach ar fud tíortha agus earnálacha ríthábhachtach chun dul i ngleic le castacht na ndúshlán muirí.

4.2.

Tá éileamh leanúnach an gheilleagair ar spás muirí ag cur le castacht chóras na n-aigéan ó thaobh athróga idirnasctha comhshaoil de. Tá éagsúlacht na ngeallsealbhóirí, na reachtaíochta, na gcultúr agus na n-acmhainneachtaí áitiúla fite fuaite i ndearadh agus i gcur chun feidhme idirghabhálacha a d’fhéadfadh a bheith inbhuanaithe sna gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta. Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí modheolaíocht eolaíoch a ghlacadh ar bhealach trédhearcach agus na disciplíní éagsúla á gcur san áireamh (eolaíocht sonraí, castachta agus líonra, an tsíceolaíocht, an tsocheolaíocht, an geilleagar, etc.) agus tacaíocht eolasbhunaithe á forbairt do rialachas na n-aigéan.

4.3.

Saincheist atá ríthábhachtach do thodhchaí go leor earnálacha atá páirteach i ngníomhaíochtaí ar muir is ea “an athnuachan ó ghlúin go glúin”. Cuireann roinnt gnéithe a shíltear nach bhfuil baint acu leis an rialachas leis an rath a bhíonn ar bhainistiú éifeachtach gníomhaíochtaí ar muir ar dhóigh indíreach. Tá go leor tionscnaimh úsáideacha ann arb é is aidhm dóibh nuachóiriú teicneolaíochtaí, oiliúint ghairmiúil agus feabhsú dálaí oibre a éascú, ach tá bearta tionlacain agus toradh inghlactha ar chaipiteal infheistithe de dhíth freisin (24).

4.4.

Is príomhchuspóir de rialachas torthúil na n-aigéan fós iad gníomhaíochtaí inbhuanaithe, agus ba cheart gach earnáil a chumasú chun rialachas den chineál sin a bhaint amach. Tá CESE á iarraidh go dtabharfaí cistiú do na bearta atá dírithe ar shábháilteacht agus dálaí oibre a fheabhsú, e.g. san oiliúint, i seirbhísí comhairleacha, i gcur chun cinn an chaipitil dhaonna, san idirphlé sóisialta, sa tsláinte agus sa tsábháilteacht. Tá CESE ag tathant ar na comhreachtóirí tús áite a thabhairt don ghné shóisialta i nglacadh na struchtúr agus na bpróiseas eagraíochtúil (i.e. rialachas) trí bhearta a neartú agus a chistiú chun idirphlé sóisialta, sábháilteacht, dálaí oibre agus scileanna a chur chun cinn agus chun tacú leo.

4.5.

Tá CESE á thabhairt dá aire an easpa uaillmhéine sna hinfheistíochtaí beartaithe atá dírithe ar dhul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le rialachas na n-aigéan. Tá iarrachtaí iomchuí airgeadais, gníomhaíocht struchtúrach agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ag teastáil má táthar chun foinsí truaillithe a chomhrac, agus idirghabhálacha maolaithe agus bainistiú gníomhaíochtaí ar muir a choinneáil ar bun i ngach earnáil. Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá ar bun chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun na gníomhaithe is fearr agus an nuálaíocht a dhreasú (25). Leis sin, is féidir tacú leis an uaillmhian earnáil an mhuiriompair a dhícharbónú agus Ciste Aigéin a bhunú chun tacú le dúshláin mhuirí. Tá CESE á iarraidh freisin go leathnófaí an Sásra Coigeartaithe Carbóin chun na gnéithe comhshaoil agus sóisialta a chumhdach ann.

4.6.

I bhfianaise na saintréithe geografacha atá acu, is tábhachtach an ról a d’fhéadfadh a bheith ag na réigiúin is forimeallaí maidir leis na deiseanna uile i réimse na n-aigéan, na bhfarraigí agus na n-acmhainní muirí agus ní mór tosaíocht a thabhairt dóibh ó tharla go bhfuil an-acmhainneacht ar fad acu borradh a chur faoi gheilleagair, poist ardcháilíochta a chruthú agus folláine an duine a áirithiú (26). Ar na cúiseanna sin uile, creideann CESE gur cheart cur leis an ról faoi leith a d’fhéadfadh a bheith ag na réigiúin is forimeallaí maidir le Rialachas na nAigéan a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas: a) an misean “Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú faoi 2030”; b) bailiú sonraí iascaireachta agus an faireachán air sin; c) an comhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach agus neamh-idirdhealaitheach agus tacaíocht a thabhairt d’iascaireacht inbhuanaithe; d) malartú eolais ar phleanáil spásúil mhuirí (27).

4.7.

A bhuí leis an tuiscint atá ann ar na haigéin, tá dúshláin mhuirí á gcur in iúl agus is féidir leo cur le réitigh a chur chun cinn. Tá aird nach beag tugtha ar phlaistigh sna meáin agus ag polaiteoirí, ach níl iontu ach ceann amháin de na dúshláin éagsúla atá roimh na farraigí agus na haigéin. Is minic nach dtugtar aird ar na naisc idir dúshláin mhuirí agus úsáid talún agus iompar tomhaltóirí. Tá CESE á iarraidh go mbeadh cumarsáid níos cuimsithí agus níos trédhearcaí ann maidir leis na haigéin, lena nascfar reachtaíocht agus idirghabhálacha ar muir agus ar talamh araon. Táthar ag súil go réiteoidh sé sin an bealach do chlaochlú an táirgthe thionsclaíoch agus do chruthú teicneolaíochtaí agus post nua atá níos dírithe ar an inbhuanaitheacht chomhshaoil.

4.8.

Tá athrú tagtha ar an gcás polaitiúil le déanaí de bharr an chogaidh san Úcráin agus tá aird tarraingthe anois ar éigeandálaí gan choinne (soláthar fuinnimh, boilsciú). Maidir le dúshláin nach bhfuil coinne leo (amhail slándáil phíblínte Nord Stream agus muinisean dumpáilte sa Mhuir Dhubh, chomh maith le tábhacht straitéiseach gheopholaitiúil an Artaigh), tá gá le hiarrachtaí breise chun idirghabhálacha comhpháirteacha iomchuí a ghlacadh. D’ainneoin go raibh tionchar ag an gcogadh ar líon na n-imirceach ar bhealach na mBalcán Thiar, is suntasach fós an brú ar bhealaí na Meánmhara, rud a chuireann brú ar chumas glactha tíortha áirithe san Aontas agus a chuireann daoine i mbaol. Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas iarrachtaí maidir le tionscnaimh chistiúcháin a neartú chun tacú leis an tsábháilteacht ar muir, i gcás ina meastar go rachaidh sí in olcas mar gheall ar bhrúnna aeráide agus eacnamaíocha.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Coinbhinsiún Uimh. 188/2007 ó EIS maidir le hObair san Iascaireacht.

(2)  Faoi láthair, tá 167 dtír nár dhaingnigh Coinbhinsiún 188 go fóill, agus 19 mBallstát ina measc siúd, lena n-áirítear tíortha cósta tábhachtacha: An Chipir, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Málta, an Spáinn agus an tSualainn.

(3)  Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (Cogeca), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhlachas Eagraíochtaí Náisiúnta na bhFiontar Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche) (IO L 25, 31.1.2017, lch. 12).

(4)  Is éard atá sna réigiúin is forimeallaí oileáin, oileánraí agus aon chríoch talún amháin (Guáin na Fraince). Tá naoi réigiún den chineál sin ann agus iad suite san Aigéan Atlantach Thiar, in imchuach Mhuir Chairib, i bhforaoisí na hAmasóine agus san Aigéan Indiach: Guáin na Fraince, Guadalúip, Martinique, Saint-Martin, La Réunion agus Mayotte (an Fhrainc), na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil) agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn).

(5)  COM(2022)198 final, Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas.

(6)  An Coinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le cuardach agus tarrtháil ar muir, 29 Aibreán 1979, Hamburg; Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, 10 Nollaig 1982, Bá Montego; an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 25 Bealtaine 1980.

(7)  Teachtaireacht Chomhpháirteach JOIN(2021) 27 final ó COIM/SEGS, A stronger EU engagement for a peaceful, sustainable and prosperous Arctic [Rannpháirtíocht an Aontais a neartú d’fhonn Artach síochánta, inbhuanaithe agus rathúil a bhaint amach].

(8)  Féach https://www.jpi-oceans.eu/en/ecological-aspects-deep-sea-mining.

(9)  IO C 14, 15.1.2020, lch. 67.

(10)  https://oceans-and-fisheries.ec.europa.eu/publications/communication-commission-towards-strong-and-sustainable-eu-algae-sector_en

(11)  Teachtaireacht Chomhpháirteach JOIN(2021) 27 final, A stronger EU engagement for a peaceful, sustainable and prosperous Arctic [Rannpháirtíocht an Aontais a neartú d’fhonn Artach síochánta, inbhuanaithe agus rathúil a bhaint amach].

(12)  Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11). Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).

(13)  Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, 2011; Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, 2011.

(14)  Féach https://www.jpi-oceans.eu/en/munition-sea.

(15)  Féach: treoirlínte deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le trealamh iascaireachta a mharcáil, agus an obair atá déanta ag na hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh agus ag na Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha.

(16)  Féach: Wan et al., Marine Policy, 2021.

(17)  IO C 14, 15.1.2020, lch. 67.

(18)  Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (Cogeca), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhlachas Eagraíochtaí Náisiúnta na bhFiontar Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche) (IO L 25, 31.1.2017, lch. 12).

(19)  IO C 14, 15.1.2020, lch. 67; Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2022) 71 final); Togra le haghaidh Rialachán maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais (COM(2022) 453 final, Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937. COM(2022) 453 – Togra le haghaidh Rialachán maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éignithe a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais.

(20)  IO C 14, 15.1.2020, lch. 67.

(21)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 104.

(22)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 104.

(23)  https://jpi-oceans.eu/en/science-good-environmental-status

(24)  IO C 14, 15.1.2020, lch. 67.

(25)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le “Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757” COM/2021/551 final — 2021/0211 (COD)) “Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear cinneadh (AE) 2015/1814 maidir le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030 (COM(2021) 571 final — 2021/0202 (COD)) (IO C 152, 6.4.2022, lch. 175); Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Córas Trádála Astaíochtaí agus Sásraí Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur ag obair do chathracha agus réigiúin an Aontais (IO C 301, 5.8.2022, lch. 116); Athbhreithniú Pharlaimint na hEorpa ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, a glacadh an 22 Meitheamh 2022.

(26)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis na réigiúin is forimeallaí (RFanna) agus na buntáistí don Aontas Eorpach a ghabhann leo (tústuairim) (IO C 194, 12.5.2022, lch. 44).

(27)  COM(2022) 198 final.


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/69


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch atá glan agus cóir”

(COM(2022) 409 final)

(2023/C 140/12)

Rapóirtéir:

Tanja BUZEK

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 26/07/2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

13.7.2022

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

20.12.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

158/3/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Teachtaireacht ón gCoimisiún óir is céim thábhachtach chun cinn í. Tá tábhacht níos mó ná riamh le córas trádála oscailte riailbhunaithe, agus leas á bhaint as acmhainneacht na trádála chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

1.2.

Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an dlisteanacht agus an tacaíocht pholaitiúil is gá ag an mbeartas trádála le go bhféadfar comhaontuithe trádála caibidlithe a thabhairt i gcrích. Le gur féidir le geilleagar sláintiúil téarnamh, tá gá le rannpháirtíocht leis na comhpháirtithe trádála ar fud an domhain; tá an inbhuanaitheacht ina cuid den phacáiste sin.

1.3.

Tacaíonn CESE leis an athbhreithniú cuimsitheach lena leagtar síos tagarmharc nua maidir leis an Trádáil agus an Fhorbairt Inbhuanaithe (TSD) agus is mór aige go ndearna an Coimisiún de réir roinnt moltaí ó CESE sna pointí gníomhaíochta, go háirithe maidir le ról na sochaí sibhialta agus na nGrúpaí Comhairleacha Baile a threisiú.

1.4.

Tá CESE den tuairim go bhfuil tuilleadh deiseanna ann chun na Grúpaí Comhairleacha Baile a neartú, ar leibhéal an chomhaontaithe féin agus ar leibhéal chur chun feidhme an chomhaontaithe. Is oth le CESE, áfach, nach bhfuil aon bheart á dhéanamh chun an tsochaí shibhialta a rannpháirtiú sa phróiseas caibidlíochta.

1.5.

Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá le forálacha níos soiléire agus níos mionsonraithe maidir le TSD chun treochláir a shainiú ar bhealach níos fearr agus chun cabhrú leis an dá chomhpháirtí trádála tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil súil leis uathu. Is oth leis nach coincheap uileghabhálach é an tAistriú Cóir.

1.6.

Is díol sásaimh do CESE an treoshuíomh beartais nua, mar atá an cur chuige atá níos dírithe ar thorthaí, an trédhearcacht bhreise agus ról treisithe don tsochaí shibhialta, an tacaíocht spriocdhírithe, agus an leibhéal gealltanais breise tríd an bhféidearthacht smachtbhannaí trádála a fhorchur mar bheart in am an éigin.

1.7.

Tá CESE den tuairim gur “cuid den phacáiste” i ngach comhaontú na gnéithe sin, ar gá iad a chur chun feidhme trí chur chuige spriocdhírithe tírshonrach le cuspóirí saincheaptha. Tá súil aige go gcuirfidh an Coimisiún chun feidhme iad laistigh de na córais trádála éagsúla agus sna comhaontuithe trádála éagsúla, lena n-áirítear na comhaontuithe atá ann cheana a mhéid is féidir.

1.8.

Is díol sásaimh do CESE an aidhm an inbhuanaitheacht a chur san áireamh i ngach comhaontú trádála a bheidh ann amach anseo. Tá béim á leagan ag CESE ar cheisteanna inbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta sa soláthar poiblí. Tuigeann sé go bhfuil sé ríthábhachtach an cur chuige a chuíchóiriú le hionstraimí uathrialacha eile ar mhaithe le héifeacht chomhleanúnach a threiseoidh gach ionstraim díobh.

1.9.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bhfor-rochtain iltaobhach agus comhordú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chur chun feidhme na straitéise maidir le TSD i gcomhar le comhpháirtithe más féidir.

2.   Cúlra

2.1.

Tá forálacha maidir le TSD á gcur san áireamh ag an Aontas Eorpach sna comhaontuithe trádála; is iad na chéad chomhaontuithe ina ndearnadh sin Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cariforum-AE agus an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré. Ó shin i leith, tá caibidlí ar leith maidir le TSD san áireamh i ngach comhaontú trádála den “ghlúin nua” agus táthar ag cur le raon feidhme na gcaibidlí sin de réir a chéile.

2.2.

Baintear an-leas sna comhaontuithe sin as sásra faireacháin de chuid na sochaí sibhialta. Agus saineolas acu as na heagraíochtaí comhshaoil, saothair agus gnó, cuireann na Grúpaí Comhairleacha Baile san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta comhairle ar na comhpháirtithe maidir le cur chun feidhme na gcaibidlí maidir le TSD; ón uair a dréachtaíodh an comhaontú leis an Ríocht Aontaithe, bíonn ról ag na Grúpaí Comhairleacha Baile maidir leis an gcomhaontú iomlán. Toisc go gcuireann CESE rúnaíocht ar fáil do na Grúpaí Comhairleacha Baile uile san Aontas, tá curtha aige leis an tacaíocht eagrúcháin agus pholaitiúil a chuireann sé ar fáil, lena n-áirítear cruinniú bliantúil de na Grúpaí Comhairleacha Baile a thionscnamh agus a óstáil. Thug an Coimisiún Eorpach aitheantas freisin do ról CESE i dTuarascáil Bhliantúil 2022 ar Chur Chun Feidhme agus Forfheidhmiú.

2.3.

I mí an Mheithimh 2022, tar éis comhairliúchán poiblí oscailte a bheith ann, leag an Coimisiún amach a straitéis nua maidir le TSD “Cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch atá glan agus cóir”. Tugtar tús áite san athbhreithniú sin do chomhar níos réamhghníomhaí leis na comhpháirtithe, cur chuige spriocdhírithe tírshonrach maidir le TSD, príomhshruthú na hinbhuanaitheachta i gcaibidlí eile nach caibidlí TSD, faireachán breise ar chur chun feidhme na ngealltanas maidir le TSD, ról na sochaí sibhialta a neartú agus forfheidhmiú na gcaibidlí maidir le TSD a fheabhsú tríd an bhféidearthacht smachtbhannaí trádála a chur san áireamh. Agus na gealltanais cheangailteacha chéanna á n-athdhearbhú aige sna caibidlí uile maidir le TSD, tá sé molta ag an gCoimisiún cur chun feidhme na gcuspóirí atá aige maidir le TSD a chur in oiriúint níos fearr do na dúshláin, riachtanais agus acmhainneachtaí éagsúla.

2.4.

Chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl go dtacaíonn siad leis an gcur chuige nua agus thug siad le fios an méid a raibh súil acu leis (1). Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa, féachtar go mion ar an tuairim ó CESE An chéad ghlúin eile den trádáil agus den fhorbairt inbhuanaithe – an plean gníomhaíochta 15 phointe a athbhreithniú (2).

3.   Tagarmharc nua a shocrú maidir le TSD

3.1.

Cur chuige comhtháite i leith na trádála agus na hinbhuanaitheachta is ea an caighdeán nua, rud atá le feiceáil cheana féin i roinnt comhaontuithe trádála idirnáisiúnta – lena n-áirítear lasmuigh de líonra trádála an Aontais féin. Tá CESE i bhfabhar beartas trádála cothrom trédhearcach lena dtabharfar tacaíocht don iomaíocht chóir idir na hoibreoirí trádála idirnáisiúnta, rud lena n-áiritheofar go mbeidh feidhm ag na rialacha céanna agus ag na caighdeáin chéanna chomhshaoil, shóisialta agus saothair maidir le cách agus go rachaidh an creat trádála chun tairbhe don dá thaobh sa chomhaontú.

3.2.

Is fada CESE á iarraidh go mbeadh an inbhuanaitheacht ina spreagadh maidir le beartas trádála, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh is gá a bheith ag an trádáil chun spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Is díol sásaimh dó an cur chuige cuimsitheach athbhreithnithe atá ag an gCoimisiún, agus comhairliúchán poiblí mar chuid de sin, lena ndéantar anailís chomparáideach ar fhorálacha TSD agus ar dhea-chleachtais i gcomhaontuithe saorthrádála tríú tíortha áirithe, agus trína n-eagraítear cruinnithe déthaobhacha agus cruinnithe níos ginearálta leis an tsochaí shibhialta le linn an phróisis sin. Cuirtear béim sa chleachtas críochnúil sin ar an tiomantas é a dhéanamh i gceart an babhta seo.

3.3.

Tacaíonn CESE le huaillmhian an Choimisiúin an inbhuanaitheacht a chur san áireamh sna comhaontuithe trádála a bheidh ann amach anseo agus gealltanais níos leithne a lorg ó thíortha comhpháirtíochta maidir le caibidlí TSD. Tá dlúthbhaint aige sin leis an tacaíocht a thugann na comhpháirtithe trádála maidir le spriocanna TSD a bhaint amach, sin trí chúnamh teicniúil, fothú acmhainneachta, dreasachtaí, cúnamh airgeadais, agus forbairt ionstraimí beartais ginearálta.

3.4.

Dírítear sa Teachtaireacht ar shé cinn de thosaíochtaí beartais agus príomhphointí gníomhaíochta. Tá CESE den tuairim gur “cuid den phacáiste” i ngach comhaontú na gnéithe sin uile a tugadh isteach, ar gá iad a úsáid go stuama agus a chur chun feidhme trí chur chuige spriocdhírithe tírshonrach le cuspóirí saincheaptha mar threoirphrionsabal.

3.5.

Is mór ag CESE go ndearna an Coimisiún de réir roinnt moltaí ón gCoiste, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht smachtbhannaí trádála a bheith ann mar bheart in am an éigin, maidir le treochláir mhionsonraithe faoi cheangal ama atá nasctha le faireachán na sochaí sibhialta, agus maidir le comhfhaireachán cothrománach ar sheirbhísí an Aontais, gníomhaithe institiúideacha agus idirnáisiúnta. Thar aon ní eile, is díol sásaimh do CESE go bhfuil ról na sochaí sibhialta agus go háirithe na nGrúpaí Comhairleacha Baile á neartú, rud a phléitear i roinnt pointí gníomhaíochta.

3.6.

Tá CESE ag súil leis go léireofar an tagarmharc nua maidir le TSD i ngach comhaontú trádála de chuid an Aontais amach anseo, lena n-áirítear sna comhaontuithe trádála atá faoi chaibidil. Ba cheart é a bheith mar bhonn freisin le nuachóiriú na gcomhaontuithe saorthrádála uile atá i bhfeidhm, go háirithe comhaontuithe den chéad ghlúin gan caibidlí maidir le TSD, agus go dtiocfadh clásail athbhreithnithe as a luaithe is féidir. Ba cheart na prionsabail nua sin a chur san áireamh a mhéid is féidir i gcomhaontuithe saorthrádála atá tugtha i gcrích ach nach bhfuil daingnithe go hiomlán fós. I gcás nach féidir comhaontuithe saorthrádála a tugadh i gcrích a athoscailt ar chúiseanna ama, d’fhéadfaí forálacha a chur san áireamh le go bhféadfadh an Coiste Trádála cinntí a ghlacadh chun an chaibidil maidir le TSD a leasú, rud a rinneadh sa chaibidil maidir le TSD a bhain leis an Nua-Shéalainn.

3.7.

Tá CESE ag súil leis sin go háirithe i gcás an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir an tAontas Eorpach agus Ceanada agus i gcás an luath-athbhreithnithe ar TSD a chomhaontaigh an dá pháirtí san Ionstraim Léirmhínitheach Chomhpháirteach. Is le fada anois atá CESE, agus Grúpaí Comhairleacha Baile an Aontais Eorpaigh agus Cheanada araon, ag áitiú ar na páirtithe an gealltanas sin a chomhlíonadh ar mhaithe leis na caibidlí maidir le TSD a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí, sa bhreis ar nuachóiriú níos ginearálta a dhéanamh ar an gcomhaontú tar éis roinnt ama. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an cur chuige nua ionchorpraithe cheana sa chaibidil maidir leis an Nua-Shéalainn, lena n-áirítear an rún atá ann léiriú a thabhairt ar thimpeallacht oibre atá sábháilte agus sláintiúil a chur isteach i measc na bprionsabal agus na gceart bunúsach ag an obair de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS). Tugann CESE dá aire freisin na tograí ón Aontas a foilsíodh le déanaí maidir leis an gcaibidlíocht leis an India atá ar siúl faoi láthair.

3.8.

Is díol sásaimh do CESE an sprioc atá beartaithe an inbhuanaitheacht a chuíchóiriú, go háirithe an inbhuanaitheacht sa soláthar poiblí. Ba cheart díriú sa soláthar poiblí ar ghnéithe comhshaoil agus gnéithe sóisialta araon. Maidir leis an rochtain ar an margadh, is díol sásaimh dó an moladh tús áite a thabhairt d’earraí agus do sheirbhísí comhshaoil agus d’amhábhair agus d’earraí fuinnimh atá bunriachtanach d’fheidhmiú geilleagair atá neodrach ó thaobh carbóin de. Is oth leis, áfach, an aird theoranta a tugadh ar an ngné níos ginearálta den trádáil atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus ar an tionchar ar chearta saothair agus ar chearta an duine. Ar an gcuma chéanna, is oth leis nach coincheap uileghabhálach é an tAistriú Cóir, i bhfianaise na béime atá i gComhaontú Pháras ar an ngá le haistriú cóir an lucht saothair agus le hobair chuibhiúil agus poist ardcháilíochta a chruthú. Sna conclúidí comhpháirteacha ó Fhóram Sochaí Sibhialta AE-Phoblacht na Cóiré (3) le déanaí, aithníodh mar dhea-chleachtas an Tascfhórsa um Aistriú Cóir i réimse na Mara atá ag na comhpháirtithe sóisialta sa tionscal muirí idirnáisiúnta.

3.9.

Déantar comhaontuithe trádála an Aontais a chomhlánú níos mó anois le bearta uathrialacha de chuid an Aontais i réimse na hinbhuanaitheachta comhshaoil, eacnamaíche agus sóisialta, arb iad an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM) agus na tograí maidir leis an dícheall cuí, dífhoraoisiú agus toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh trí shaothar éignithe na bearta is déanaí díobh. Is díol sásaimh do CESE an t-ailíniú sin idir an beartas inmheánach agus an beartas trádála le go bhféadfar fíorathrú a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil. Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi gur gá don Aontas a bheith uaillmhianach agus ionstraimí uathrialacha breise á gceapadh aige chun tacú leis an inbhuanaitheacht. Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na hionstraimí uile a mheas le chéile ar mhaithe le cur chuige comhleanúnach maidir leis an mbeartas trádála le leas an ghnó, na n-oibrithe agus na sochaí sibhialta. Mar sin féin, níor cheart go bhfágfadh na bearta uathrialacha sin go laghdófaí ar an uaillmhian chun caibidlí maidir le TSD a thabhairt i gcrích, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, ach go neartóidís a chéile.

3.10.

Tá forálacha maidir leis an inbhuanaitheacht curtha san áireamh ag an Aontas freisin sna fabhair aontaobhacha tríd an gCóras Ginearálaithe um Fhabhair (GSP). Is díol sásaimh do CESE an togra a d’fhoilsigh an Coimisiún le deireanas maidir le Rialachán nua Eorpach agus molann sé do na comhreachtóirí an Teachtaireacht maidir le TSD a chur san áireamh sa rialachán nua sin. Tá CESE den tuairim nach mór an córas GSP a bheith níos trédhearcaí agus go ndéanfadh sé leas an chórais sin dá mbeadh treochláir atá bunaithe ar anailís ar bhearnaí ar fáil go poiblí. Thairis sin, ba cheart cur le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus an Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta tríd an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair (OSH) a chur le coinbhinsiúin bhunúsacha EIS.

3.11.

Den chéad uair riamh, bhí an inbhuanaitheacht luaite i leabhair rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) le linn an 12ú Comhdháil Aireachta, lena leagtar síos ceanglais atá dírithe ar an inbhuanaitheacht comhshaoil maidir le fóirdheontais dhíobhálacha in earnáil dhomhanda an iascaigh. Is le fada atá CESE ag tathant go gcuirfí comhar níos dlúithe chun cinn idir EDT agus EIS ar mhaithe le caighdeáin chuibhiúla oibre agus saothair a chur chun cinn trí ionstraimí trádála. Tá CESE á mholadh go ndéanfaí an straitéis nua maidir le TSD a chur chun cinn níos fearr laistigh de EDT, agus comhghuaillíochtaí a fhorbairt le haghaidh comhar níos doimhne i gcomhréir leis na cuspóirí. Mar chéad chéim sa treo sin cé is moite de na gealltanais dhéthaobhacha, ba cheart don Aontas comhdháil ilpháirtithe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a thionól leis na comhpháirtithe i gcomhaontuithe saorthrádála agus le tíortha atá ar aon intinn leis d’fhonn taithí a chomhroinnt ó thaobh forálacha maidir le TSD a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i gcomhaontuithe trádála de agus d’fhonn machnamh a dhéanamh le chéile ar fhorálacha nua na chéad ghlúine.

4.   Ó bhriathar go beart: an cur chuige nua maidir le TSD a chur chun feidhme agus na bearnaí a líonadh

Rannpháirtíocht atá dírithe ar thorthaí agus ar thosaíochtaí i gcomhar leis na tíortha comhpháirtíochta

4.1.

Is díol sásaimh do CESE an cur chuige saincheaptha i leith na gcaibidlí maidir le TSD, lena n-áirítear anailís luath ar bhearnaí chun tosaíochtaí tírshonracha agus treochláir cur chun feidhme a shainaithint. Ba cheart a áireamh sa chleachtas sin comhar leis na comhlachtaí ábhartha lena n-áirítear na hinstitiúidí Eorpacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail EIS agus na Náisiúin Aontaithe, agus an tsochaí shibhialta agus na Grúpaí Comhairleacha Baile freisin.

4.2.

Tá treochláir shaincheaptha den sórt sin ann cheana, amhail Comhshocrú Inbhuanaitheachta AE-na Banglaidéise, agus sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas agus Vítneam; bhí baint ag EIS leis an dá chás sin go luath sa phróiseas agus léiríodh an fiúntas uathúil atá le gníomhaí institiúideach a bheadh ag obair leis an dá pháirtí agus ag soláthar faisnéis ar an leibhéal áitiúil. I gcás Vítneam, bhí éifeacht iarmhartach dhearfach ag na Grúpaí Comhairleacha Baile agus an toradh air sin gur iarr siad treochlár cothrom chun na gealltanais chomhshaoil a chur chun feidhme.

4.3.

Tá sé á athdhearbhú ag CESE a thábhachtaí atá sé na treochláir a threisiú le go gcuirfidh siad leis na hiarrachtaí a dhéantar roimh an gcur chun feidhme agus a thábhachtaí atá sé iad a bheith sonrach, nithiúil, poiblí, faoi cheangal ama agus comhaontaithe go frithpháirteach leis an gcomhpháirtí trádála, le go mbeidh siad ina n-uirlis a chuirfidh le faireachán, cur chun feidhme agus forfheidhmiú féideartha na ngealltanas maidir le TSD.

4.4.

Tá CESE ag súil leis go mbeidh nochtadh poiblí breise, lena n-áirítear nochtadh treochlár agus cur chun feidhme treochlár, ina bhunchloch maidir le rannpháirtíocht dhearfach níos ginearálta a bheith ag an tsochaí shibhialta.

Fócas níos láidre ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú

4.5.

Tá CESE den tuairim gur dul chun cinn é an neartú ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na gcaibidlí maidir le TSD toisc go sásaíonn sé an méid a bhfuil gnólachtaí agus comhpháirtithe trádála eile ag súil leis a fhad a bhaineann sé le cothroime iomaíochta agus an méid a bhfuil gnólachtaí, ceardchumainn, an tsochaí shibhialta agus tomhaltóirí ag súil leis chun cur leis an inbhuanaitheacht tríd an trádáil.

4.6.

Mar sin féin, tá fíorú an dá mhian sin ag brath ar chruinneas na gcaibidlí maidir le TSD. Cé gur cabhair atá sa treochlár, tá sé chomh tábhachtach céanna soiléire na n-oibleagáidí a neartú ar leibhéal an chomhaontaithe. Tugadh faoi deara cheana féin sa chéad chás maidir le sárú ar fhorálacha TSD sa Chóiré go bhfuil an téarma “iarrachtaí leanúnacha, marthanacha” ródhoiléir. Nuair a dhéantar na gealltanais a shoiléiriú agus a mhionsonrú, cabhraíonn sé leis na páirtithe tuiscint a fháil ar a bhfuiltear ag súil leis uathu agus cabhraíonn sé leo freisin le linn an phróisis cur chun feidhme.

4.7.

I gcomhthéacs an athchóirithe atá ar siúl faoi láthair ar Chód Custaim an Aontais (UCC), tugann CESE dá aire i gcoitinne gurb iad na húdaráis chustaim náisiúnta is mó a chuireann na rialacha trádála i bhfeidhm, agus go bhfágann an easpa cur chun feidhme aonfhoirmigh, acmhainní agus fothaithe acmhainneachta go bhfuil baol saofa iomaíochta ann agus go mbaintear d’éifeacht an fhorfheidhmithe.

4.8.

Is díol sásaimh do CESE gur cruthaíodh feidhm an Phríomhoifigigh Forfheidhmithe Trádála (CTEO) agus an Pointe Iontrála Aonair (SEP) athcheaptha mar chéimeanna tábhachtacha chun cur chun feidhme na ngealltanas maidir le TSD a threisiú agus gearáin a láimhseáil ar bhealach eagraithe. Is díol sásaimh dó, dá bhrí sin, tiomantas an Choimisiúin an tábhacht chéanna a thabhairt do sháruithe líomhnaithe ar fhorálacha TSD. Mar aon leis na treochláir thuasluaite ina bhfuil tagarmharcanna a thabhairt isteach, d’fhéadfadh SEP a bheith ina phríomhuirlis chun cur le comhlíonadh na ngealltanas maidir le TSD.

4.9.

Is díol sásaimh do CESE freisin an t-athbhreithniú ar na Treoirlínte Oibriúcháin le haghaidh SEP, ach tá soiléirithe breise uaidh. Ní léir go fóill na caighdeáin fhianaiseacha, an fhianaise maidir le líomhaintí a bhaileofar in SEP ná an cineál réitigh a d’fhéadfadh gearánaigh a bheith ag súil leis. Go dtí seo, níor cláraíodh ach gearán amháin maidir le sáruithe ar fhorálacha TSD in SEP, agus tá sé tugtha faoi deara ag CESE go bhfuil moill ar réamh-mheasúnú an ghearáin sin. Léiríonn sin a thábhachtaí atá sé SEP a dhaingniú sna caibidlí nua maidir le TSD, agus d’fhéadfadh Treoirlínte nuashonraithe cabhrú le gearánaigh a bheidh ann amach anseo.

4.10.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil na smachtbhannaí teoranta do sháruithe tromchúiseacha ar na príomhghealltanais i réimse TSD, eadhon prionsabail agus cearta bunúsacha ag an obair de chuid EIS chomh maith le Comhaontú Pháras. Tá gá le soiléiriú, áfach, maidir le cur chuige an Choimisiúin chun a chinneadh cad is sárú tromchúiseach ann agus chun smachtbhannaí a shainiú, agus molann CESE don Choimisiún féachaint an féidir na gnéithe sin a nascadh leis na treochláir.

4.11.

Iarrann CESE an athuair ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh, i gcomhar leis na comhpháirtithe trádála, ar ionstraimí mearfhreagartha nuálacha i ndáil le cásanna sonracha de shárú ar leibhéal na gcuideachtaí, mar atá á gcur chun feidhme faoi láthair sa Chomhaontú Saorthrádála idir Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo (USMCA).

5.   Deiseanna chun na Grúpaí Comhairleacha Baile a neartú tuilleadh

5.1.

Tá ról ríthábhachtach ag Grúpaí Comhairleacha Baile maidir le feidhmiú chaibidlí TSD agus maidir le dinimic dhearfach a chur chun cinn sa chomhar agus san idirphlé idir na comhpháirtithe trádála. Déanann comhaltaí na nGrúpaí Comhairleacha Baile ionadaíocht d’eagraíochtaí a bhfuil teagmhálacha seanbhunaithe acu le gníomhaithe den tsochaí shibhialta sna tíortha comhpháirtíochta. Is buntáiste, dá bhrí sin, an taithí luachmhar atá acu ar an leibhéal áitiúil, rud nach bhfuil ag polaiteoirí ná ag státseirbhísigh, agus ar féidir leas a bhaint as. Tá saibhreas eolais ag na Grúpaí Comhairleacha Baile maidir le saincheisteanna trasearnála i réimse TSD, eolas nár tarraingíodh as go fóill agus ar cheart lánleas a bhaint as.

5.2.

Is é CESE is minice a labhair amach i bhfabhar ról na nGrúpaí Comhairleacha Baile a neartú agus thug sé eolas faoi thograí sonracha ón tsochaí shibhialta (4). Tá CESE i bhfách, dá bhrí sin, le rannpháirtíocht níos uaillmhianaí a thabhairt do na Grúpaí Comhairleacha Baile ag gach céim de shaolré na gcomhaontuithe trádála. Is é tús na rannpháirtíochta sin an gá atá ann aird níos mó a thabhairt ar bhunú na nGrúpaí Comhairleacha Baile, go háirithe i dtíortha comhpháirtíochta a bhfuil an spás sibhialta teoranta iontu agus nach scéal cinnte é an comhar idir an rialtas agus an tsochaí shibhialta iontu.

5.3.

Is féidir leis na comhpháirtithe trádála bealaí éagsúla a roghnú maidir lena rannpháirtíocht sa tsochaí shibhialta. Tá CESE á athdhearbhú, mar sin féin, go n-aithnítear sna spriocanna forbartha inbhuanaithe, agus go háirithe i Sprioc 17, atá glactha ag baill uile na Náisiún Aontaithe agus, dá bhrí sin, ag comhpháirtithe trádála uile an Aontais, an ról ríthábhachtach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis an gcomhpháirtíocht dhomhanda san fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach. Ní mór an t-ionchas sin a thrasuí go soiléir i spiorad agus i gcreat institiúideach na gcomhaontuithe.

5.4.

Tá CESE den tuairim go bhfuil géarghá le caibidlíocht níos eolaí ar fhorálacha chreat na nGrúpaí Comhairleacha Baile. Mura leor an tsoiléire atá sa chomhaontú, d’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí ag na Grúpaí Comhairleacha Baile ar feadh na mblianta fada. Ba cheart tuairisc níos mionsonraithe a thabhairt ar ról na nGrúpaí Comhairleacha Baile agus na páirtithe a bheith freagrach as é a áirithiú go bhfuil na comhlachtaí atá ainmnithe mar Ghrúpaí Comhairleacha Baile oiriúnach don fheidhm atá leo, go háirithe agus an ról á leagan ar chomhlachtaí atá ann cheana. Agus ceachtanna á bhfoghlaim as bunú na nGrúpaí Comhairleacha Baile amhail an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus an tSeapáin, ní mór do na struchtúir tacú go soiléir le creat comhair idir na Grúpaí Comhairleacha Baile féin agus leis an teagmháil a bhíonn acu leis an gCoiste maidir le TSD. Is deacra a bheidh sé an méid nach leagtar amach go sainráite sa chomhaontú a chur i gcrích sa chleachtas. Léiríonn ceachtanna a foghlaimíodh as an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré go bhfuil an rannpháirtíocht acadúil, go háirithe i nGrúpaí Comhairleacha Baile na dtíortha comhpháirtíochta, dúshlánach i gcónaí a fhad a bhaineann sé leis an ionadaíochas agus le fíor-rannpháirtíocht na sochaí sibhialta.

5.5.

Tá CESE den tuairim freisin gur cheart i gcás an róil faireacháin atá sannta do na Grúpaí Comhairleacha Baile maidir leis an gcur chun feidhme féin, an ról sin a dhíriú ar na saincheisteanna uile a mbíonn tionchar acu ar an inbhuanaitheacht sna comhaontuithe saorthrádála. Ní mór a áireamh i ról den sórt sin go ndéanfaí maoirseacht ar na treochláir cur chun feidhme agus go mbeadh teacht fiúntach níos éasca ag na Grúpaí Comhairleacha Baile ar na comhchoistí. Trí na Grúpaí Comhairleacha Baile a chomhtháthú sa phróiseas maidir le tosaíochtaí tírshonracha a shocrú agus cláir oibre TSD a dhréachtú, tacófar le cur i gcrích na gcúraimí. Mar mhalairt air sin, tá CESE den tuairim freisin gur cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ionchur tráthúil cuí-réasúnaithe fianaisebhunaithe a chur ar fáil, rud atá riachtanach má táthar chun saincheisteanna a bhaineann le TSD a shainaithint, a chur in ord tosaíochta agus a láimhseáil.

5.6.

Ní mór fíormhalartú idir baill na nGrúpaí Comhairleacha Baile san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn trí mhalartú agus teagmháil leanúnach. Tá ríthábhacht le cruinnithe breise idir na Grúpaí Comhairleacha Baile agus idir Grúpaí Comhairleacha Baile an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta. Ba cheart smaoineamh ar bheith ag obair trí fhoghrúpaí téamacha ar leith nó trí cheardlanna spriocdhírithe. Bheadh teagmháil idirsheisiúnach le rialtais an dá chomhpháirtí trádála lasmuigh d’Fhóraim Bhliantúla na Sochaí Sibhialta ina cabhair mhór freisin. Tríd an tsraith sin comhchruinnithe, ba cheart go mbeadh na Grúpaí Comhairleacha Baile in ann eolas a chur ar fáil d’Fhóram na Sochaí Sibhialta a bhíonn ag na comhpháirtithe agus don Choiste maidir le TSD agus rannchuidiú leo ar bhealach fiúntach trí ráitis chomhpháirteacha agus trí thuairimí arna dtíolacadh don Choiste maidir le TSD ag cathaoirligh agus leaschathaoirligh na nGrúpaí Comhairleacha Baile, rud a dhéantar cheana faoi CETA agus faoin gComhaontú le Poblacht na Cóiré.

5.7.

Tá CESE den tuairim gur cheart a ndóthain acmhainní airgeadais agus cúnaimh theicniúil a leithdháileadh ar na Grúpaí Comhairleacha Baile agus ar rúnaíochtaí tacaíochta na nGrúpaí Comhairleacha Baile in CESE le go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chur i gcrích go cuí agus an méid a bhfuil súil leis uathu a chomhlíonadh. Ar an gcuma chéanna, beidh ar sheirbhísí an Choimisiúin leordhóthain acmhainní a leithdháileadh chun an cur chuige treisithe maidir le TSD a chur i bhfeidhm. Ba cheart meastóireacht chúramach a dhéanamh ar an taithí a fuarthas ar chomhaontú trádála iomlán ina bhfuil forálacha inbhuanaitheachta a théann níos faide ná TSD, mar atá sa Chomhaontú Trádála agus Comhair leis an Ríocht Aontaithe. Dá gcuirfí le ballraíocht na nGrúpaí Comhairleacha Baile le go bhféadfaidís comhaontú iomlán a chumhdach, d’fhéadfadh éifeacht neamhbheartaithe a bheith aige sin ar an saineolas riachtanach atá ag an nGrúpa Comhairleach Baile i réimse TSD.

5.8.

Is díol sásaimh do CESE teagmháil níos dlúithe a bheith ag grúpa saineolaithe TSD leis na Ballstáit agus an rún atá ag Parlaimint na hEorpa comhar níos dlúithe a bheith aici leis na Grúpaí Comhairleacha Baile, lena n-áirítear díospóireacht bhliantúil a reáchtáil le hionadaithe na nGrúpaí Comhairleacha Baile. Tá CESE den tuairim freisin gur cuid ríthábhachtach den chomhfhaireachán é dlúthmhalartú rialta a bheith idir grúpaí faireacháin agus buanrapóirtéirí Pharlaimint na hEorpa agus na Grúpaí Comhairleacha Baile.

5.9.

Mar sin féin, aithníonn CESE go bhfuil bearna mhór in easnamh i saolré na gcomhaontuithe, eadhon rannpháirtíocht níos láidre a thabhairt don tsochaí shibhialta sa phróiseas caibidlíochta. Rinne CESE moltaí cheana maidir le modheolaíocht nua chaibidlíochta (5), lena mbunófaí treochlár nua chun a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach dáiríre sa phróiseas caibidlíochta. Tá an togra sin dírithe ar thrédhearcacht phróiseas caibidlíochta an chomhaontaithe a chaomhnú agus rúndacht an phróisis sin a áirithiú freisin.

5.10.

Sa chomhthéacs sin, is oth le CESE nár cuireadh san áireamh sa Teachtaireacht an iarraidh a rinne sé arís agus arís eile go ndéanfaí an sainghrúpa maidir le comhaontuithe saorthrádála a athbhunú. Tá CESE ag áitiú ar an gCoimisiún beart den sórt sin a dhéanamh go fóill. Measadh gur céim ríthábhachtach a bhí i mbunú an tsainghrúpa sin i straitéis an Choimisiúin chun rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta sa bheartas trádála a fheabhsú agus chun cur leis an trédhearcacht. Toradh loighciúil ba ea an sainghrúpa chun leanúint de Ghrúpa Comhairleach TTIP (an Chomhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta). Bhí na baill den sainghrúpa, a ceapadh ó ghnólachtaí, ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Eoraip, in ann caibidlíocht a stiúradh maidir le comhaontuithe trádála uile an Aontais agus a dtuairimí a chur in iúl maidir le príomhbheartais an Aontais, amhail an t-athchóiriú ar EDT, agus é ina bhuanfhóram i dtaca le tuairimí fiúntacha láidre maidir le beartas trádála an Aontais. Thugtaí le chéile ann na dúshláin agus na deiseanna a bhain le comhaontuithe trádála i ndáil leis na sainghrúpaí difriúla a ndearna sé ionadaíocht dóibh, agus déanamh amhlaidh go pointe nach bhféadfaí le cruinnithe ad hoc maidir le comhphlé leis an tsochaí shibhialta.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an toradh ar athbhreithniú an Choimisiúin ar an bplean gníomhaíochta 15 phointe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (2022/2692(RSP)) agus Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Athbhreithniú ar Thrádáil agus Inbhuanaitheacht, an 17 Deireadh Fómhair 2022.

(2)  Tuairim Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An chéad ghlúin eile den trádáil agus den fhorbairt inbhuanaithe – an plean gníomhaíochta 15 phointe a athbhreithniú (tuairim féintionscnaimh) (IO C 105, 4.3.2022, lch. 40).

(3)  Conclúidí Comhpháirteacha ó Ghrúpa Comhairleach Baile AE-Phoblacht na Cóiré, Meán Fómhair 2022.

(4)  Páipéar leathoifigiúil maidir le Grúpaí Comhairleacha Baile an Aontais Eorpaigh, Deireadh Fómhair 2021.

(5)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le creat nua le haghaidh comhaontuithe saorthrádála, comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche agus comhaontuithe infheistíochta lena ráthaítear fíor-rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus lena n-áirithítear feasacht an phobail (tuairim féintionscnaimh) (IO C 290, 29.7.2022, lch. 11).


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/75


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa— “Táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais”

(COM(2022) 453 final)

(2023/C 140/13)

Rapóirtéir ginearálta:

Thomas WAGNSONNER

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 6.10.2022

An Chomhairle, 12.10.2022

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

14.12.2022

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

25.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

196/1/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais (COM(2022) 453 final) (1), ós rud é, mar a luaitear i bpointe 1.4.j) de Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 (2), gur mór is tábhachtach na cearta eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus saothair a chur chun cinn, agus, ar an gcaoi sin, deireadh a chur le gach cineál saothair éigeantais agus dúshaothraithe.

1.2.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach gcuirtear san áireamh go cuí sa togra reatha dearcadh na n-oibrithe ar a ndéantar dúshaothrú, bíodh sin laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach. Chun tacú le staid na n-oibrithe a gcuirtear iallach orthu dul i mbun saothar éigeantais, ba cheart cúiteamh leordhóthanach dóibh siúd atá thíos leis a chur san áireamh sa reachtaíocht Eorpach. Tugann CESE le fios gur mór is tábhachtach go ndaingneoidh na Ballstáit uile Prótacal 2014 a ghabhann le Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Saothar Éigeantais nó Éigeantach 1930 (3).

1.3.

Tá CESE i bhfách leis an sainmhíniú in Airteagal 2(a) den Rialachán atá bunaithe ar shainmhíniú EIS ar an rud is saothar éigeantais ann. Ós rud é go gclúdaítear “an uile shaghas oibre nó seirbhíse” leis an míniú seo, ba cheart earraí a iompraítear de dhroim saothar éigeantais a chur san áireamh sa togra ón gCoimisiún Eorpach.

1.4.

Tuigeann CESE go bhfuil saothar éigeantais leanaí luaite ag an gCoimisiún sa Rialachán atá beartaithe. D’fhonn dlús a chur leis an bpróiseas faoina gcuirfí deireadh le saothar leanaí, is éard ba cheart a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo Coinbhinsiún EIS maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138) (4), Moladh Uimh. 146 ó EIS (5), Coinbhinsiún EIS maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182) (6) agus Moladh Uimh. 190 ó EIS (7). Is mian le CESE aird a dhíriú ar an ngá atá le tionscnamh reachtach comhfhreagrach de chuid an Aontais chun gach cineál eile saothair leanaí a chomhrac.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil na hoibreoirí eacnamaíocha uile san áireamh. Ba cheart fócas na n-imscrúduithe a dhéanann na húdaráis náisiúnta inniúla a bheith ag brath ar mhéid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha. Ba cheart díriú go mór mór ar chuideachtaí ar rídhócha go mbainfidh siad leas as an saothar éigeantais, agus ar mhóroibreoirí eacnamaíocha.

1.6.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach ndearnadh aon mheasúnú tionchair sular tíolacadh an togra, d’ainneoin go ndearnadh measúnuithe tionchair ar thionscnaimh eile, cuir i gcás an togra le haghaidh Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach. Díríonn an rialachán seo ar tháirgí allmhairithe agus onnmhairithe a thoirmeasc, a chur ar fionraí agus a choinneáil ag lucht custam nó ag calafoirt, ní dá dtiocfaidh nósanna imeachta nua. Ba cheart don mheasúnú a bheith cothrom agus ba cheart a chur san áireamh ann na sochair agus na costais a bhaineann leis an saothar éigeantais a chomhrac.

1.7.

Tá ról lárnach ag an tsochaí shibhialta eagraithe sa chomhrac i gcoinne gach cineáil saothair éigeantais nó saothair éigeantaigh. Is maith is féidir leis na comhpháirtithe sóisialta rannpháirtíocht institiúideach agus inbhuanaitheacht a áirithiú. Tá sé ríthábhachtach bonn institiúideach a chur faoi na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha sa reachtaíocht seo.

1.8.

Ós rud é go bhfuil an togra reatha nasctha leis an Treoir atá beartaithe i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach, is gá a shoiléiriú go fóill cén chaoi a n-oibreoidh an dá phíosa reachtaíochta le chéile i ndáiríre. Ba cheart don Choimisiún Eorpach cur chuige comhleanúnach a ghlacadh chuige féin agus neamhréireachtaí a sheachaint.

1.9.

Is díol sásaimh do CESE an togra chun treoirlínte a eisiúint, mar a luaitear in Airteagal 23 den Rialachán, a chuideoidh le cuideachtaí an baol go mbeidh saothar éigeantais ar siúl mar chuid dá n-oibríochtaí agus dá slabhraí luacha a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leis. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe. Is mór is tábhachtach na treoirlínte a fhoilsiú ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

1.10.

Ní mór don Choimisiún Eorpach ról gníomhach ceannasach a bheith aige i Líonra an Aontais i gCoinne Táirgí Saothair Éigeantais a mholtar in Airteagal 24 den Rialachán, d’fhonn tacú leis na húdaráis náisiúnta, agus iad a chomhordú, nuair a bheidh an Rialachán á fhorfheidhmiú acu. Tá sé á chur chun suntais ag CESE go bhfuil sé ríthábhachtach cistiú leordhóthanach a bheith ar fáil i dtreo gur féidir bonneagar leordhóthanach éifeachtach a fhorbairt ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic leis an saothar éigeantais.

1.11.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go mbeidh an bunachar sonraí atá beartaithe, a ndéantar cur síos air in Airteagal 11, ar cheann de na príomhionstraimí lena ndéanfar an toirmeasc a fhorfheidhmiú. Ní mór cuntas mionsonraithe ar struchtúr an bhunachair sin a dhéanamh amach. Tá CESE ag leagan béim ar an ngá atá le táscairí riosca atá beacht agus trédhearcach, bunaithe ar thionscnamh agus comhpháirteanna táirge agus ar fhaisnéis ábhartha eile, ach gan bheith teoranta dóibh sin. Chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú, tá gá le faisnéis mhionsonraithe faoin táirge, faoin monaróir, faoin allmhaireoir, faoi thionscnamh an táirge agus faoi na comhpháirteanna atá ann, maille le faisnéis mhionsonraithe faoi na hacmhainní agus mianraí a úsáidtear sa táirge agus ina chomhpháirteanna. Ní mór an bunachar sonraí sin a choinneáil cothrom le dáta agus faisnéis nua a chur leis mar thoradh ar phróisis imscrúdaithe, i measc nithe eile.

1.12.

Tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá an trédhearcacht agus rochtain oscailte ar fhaisnéis do chuideachtaí, d’údaráis inniúla, don tsochaí shibhialta eagraithe agus don phobal i gcoitinne. Molann CESE córas tagarmharcála a thabhairt isteach mar chuid den bhunachar sonraí. I gcroílár an chórais tagarmharcála seo bheadh córas rátála ann de réir réigiún agus earnálacha agus dhéanfaí na sonraí a imdhealú síos go dtí na leibhéil seo a leanas: grúpaí táirgí, táirgí agus cuideachtaí a bhfuil ardriosca agus riosca íseal ag baint leo, bunaithe ar an bhfaisnéis a thiomsódh saineolaithe le cur sa bhunachar sonraí, ach gan bheith teoranta di. Tá CESE á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé a chur ar chumas na sochaí sibhialta eagraithe (ar a n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta) faisnéis ábhartha a chur ar fáil.

1.13.

Creideann CESE gur cheart é a bheith de cheart ag na húdaráis inniúla earraí a choinneáil ag teorainn an Aontais a luaithe is léir dóibh go bhfuil údar imní ann ina dtaobh de bhun Airteagal 2(n) den Rialachán. Molann CESE gur cheart oibleagáidí éagsúla a bheith ar na hoibreoirí eacnamaíocha de réir mar is d’aicme ardriosca nó riosca ísil iad. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla a gcuid oibre a dhíriú ag réamhchéim na n-imscrúduithe ar tháirgí a bhaineann le réigiúin, gnólachtaí agus/nó earnálacha ardriosca. Ar aon chaoi, ní mór rúin ghnó a choimeád slán, mar shampla, trí chlásail iomchuí rúndachta a úsáid.

1.14.

Ag réamhchéim na n-imscrúduithe, ní mór don oibreoir eacnamaíoch ráiteas díchill chuí a sholáthar más amhlaidh atá an táirge nasctha le réigiúin, gnólachtaí agus/nó earnálacha ardriosca. I gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas díchill chuí a shonrófar go mion sna treoirlínte (Airteagal 23) agus mainneachtain na ráitis maidir le dícheall cuí a chur ar fáil, ní mór iad a aicmiú mar ábhar imní réasúnaithe agus is é an toradh a bheidh air sin go gcoinneofar an táirge agus go gcuirfear tús le himscrúdú láithreach bonn.

1.15.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé Gníomhaireacht Rátála Phoiblí an Aontais Eorpaigh a chur ar bun a fhad a bhaineann leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shóisialta, agus le cearta an duine i réimse an ghnó. Ba cheart don ghníomhaireacht sin caighdeáin Eorpacha do chórais díchill chuí a fhorbairt sa bhreis ar chúraimí eile, cuir i gcás tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla. D’fhéadfadh sé go mba chuidiú fódúil na caighdeáin sin le cothrom iomaíochta a chruthú, arb é leas cuideachtaí Eorpacha go háirithe é.

1.16.

Tá suntas á thabhairt ag CESE don ghá atá le foclaíocht shoiléir intuigthe d’fhonn a chinntiú go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil agus treoirlínte inleanta ann, rud a fhágfaidh ualach riaracháin inláimhsithe ar na hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe ar na FBManna. Ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna, nuair a luíonn na gnólachtaí sin isteach ar a gcórais díchill chuí féin a cheapadh.

1.17.

Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le pionóis íosta aonfhoirmeacha uile-Aontais i gcásanna ina ndéanfaí sárú ar an Rialachán. Ar an gcaoi sin, chinnteofaí nach mbeadh na Ballstáit ag sodar go grinneall agus dhéanfaí deimhin de go mbeadh cothrom na Féinne ann.

1.18.

Ba cheart don Choimisiún Eorpach géarú ar na maidí agus struchtúir idirnáisiúnta a chruthú d’fhonn fadhb an tsaothair éigeantais a réiteach. Tá CESE ag iarraidh athuair go dtacódh an tAontas le conradh ceangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine a thabhairt i gcrích agus go gcuimhneofaí freisin ar choinbhinsiún EIS a cheapadh maidir leis an obair chuibhiúil sna slabhraí saothair. Is den tábhacht comhar a dhéanamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus faisnéis a mhalartú leo, chun cur chun feidhme cuí a áirithiú.

2.   Cúlra

2.1.

De réir an mheastacháin atá déanta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) san fhoilseachán faoin sclábhaíocht nua-aimseartha a d’eisigh sí le déanaí, bíonn saothair éigeantais ar siúl ag thart ar 27,6 milliún duine in aghaidh an lae. Níl aon réigiún ar domhan ná go mbíonn saothar éigeantais ar bun ann, an Eoraip san áireamh.

2.2.

I gCoinbhinsiún EIS maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach, 1930 (Uimh. 29) (8), tugtar an sainmhíniú seo a leanas ar an rud is saothar éigeantais nó éigeantach ann: an uile shaghas oibre nó seirbhíse a éilítear ar dhuine a dhéanamh faoi bhagairt an phionóis, agus nár thoiligh an duine sin chuige dá dheoin féin. Baineann na trí ghné seo a leanas leis an bPrótacal maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach (Airt. 1(3)):

is éard a thuigtear leis “an uile shaghas oibre nó seirbhíse” gach cineál oibre a dhéantar mar chuid de ghníomhaíocht ar bith nó in aon tionscal nó earnáil, lena n-áirítear sa gheilleagar neamhfhoirmiúil;

tagraíonn “faoi bhagairt an phionóis” do réimse leathan pionós a úsáidtear chun iallach a chur ar dhuine dul i mbun oibre;

is éard atá i gceist le “toiliú chuige dá dheoin féin” toiliú saor agus feasach an oibrí dul i gceann poist agus an t-oibrí a bheith i riocht éirí as tráth ar bith (cuimsítear leis seo saincheisteanna ar nós doiciméad aitheantais a thabhairt ar láimh faoi bhrú).

Aicmíonn EIS Coinbhinsiún Uimh. 29 dá chuid, Prótacal 2014 a ghabhann le Coinbhinsiún Uimh. 29 (9) agus Coinbhinsiún Uimh. 105 dá chuid (10) maidir le deireadh a chur le saothar éigeantais mar Choinbhinsiúin bhunúsacha dá chuid.

2.3.

Is mian le CESE a chur in iúl go gcuireann roinnt comhaontuithe bunúsacha idirnáisiúnta agus Eorpacha toirmeasc ar an saothar éigeantais, cuir i gcás Airteagal 5(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (11) agus Airteagal 4 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine (12). Sonraítear in Airteagal 8 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (13) nach gcuirfear iallach ar aon duine saothar éigeantais nó éigeantach a dhéanamh. Tá gá le hionstraimí éifeachtacha lenar féidir an saothar éigeantais a chomhrac chun na spriocanna a leagtar síos i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (14) (SDG 8 go háirithe) a bhaint amach. Le Cairt Shóisialta na hEorpa (15) cuirtear creat ar fáil le haghaidh dálaí oibre atá cóir go sóisialta agus le haghaidh cearta sóisialta cothroma. Tá sé á chur chun suntais ag CESE a ríthábhachtaí atá sé cearta an duine a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear cearta saothair, fiú amháin i gcás ina dtiocfadh sin salach ar cheithre shaoirse an mhargaidh inmheánaigh (saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine).

2.4.

Scrúdaigh CESE an t-ábhar sin go díreach i dtuairim REX/395 Saothar éigeantais a chomhrac san Aontas agus sa domhan: ról an Aontais Eorpaigh – ionchur CESE le comhdháil EIS 2014 (16) (níl leagan Gaeilge ann) agus scrúdaigh sé é go cliathánach i dtuairimí eile dá chuid, lena n-áirítear SOC/727 (17), INT/911 (18), INT/973 (19), REX/532 (20) agus REX/518 (21).

2.5.

Idir 2016 agus 2021, tháinig méadú 2,7 milliún ar líon na ndaoine ar cuireadh iallach orthu saothar éigeantais a dhéanamh. De dheasca na ngéarchéimeanna a tharla le déanaí, go háirithe paindéim COVID-19, géarchéim na haeráide agus coinbhleachtaí armtha éagsúla, arb é ionsaí na Rúise ar an Úcráin an ceann is déanaí orthu, tá caillteanas ioncaim ag goilleadh ar dhaoine agus tá ag géarú ar an mbochtaineacht dá réir, rud a chuireann dlús leis an saothair éigeantais freisin.

2.6.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais (COM(2022) 453 final). Mar chuid de thiomantas an Aontais Eorpaigh an obair chuibhiúil a chur chun cinn ar fud an domhain, ní mór tús áite ar chlár oibre an Aontais maidir le cearta an duine a thabhairt dá bhfuil ar siúl chun cur i gcoinne an tsaothair éigeantais.

2.7.

Mar a luaitear i bpointe 1.4.j) de Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024, is mór is tábhachtach na cearta eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus saothair a chur chun cinn, agus, ar an gcaoi sin, deireadh a chur le gach cineál saothair éigeantais agus dúshaothraithe má táthar chun ceannaireacht dhomhanda an Aontais maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas go sonrach a áirithiú. In éineacht leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain (22), tá an Rialachán seo ar cheann de shraith ionstraimí atá riachtanach chun an sprioc sin a bhaint amach agus chun tacú le hiomaíochas táirgeoirí Eorpacha atá freagrach go sóisialta laistigh den chómhargadh agus in áiteanna eile freisin.

2.8.

Tá sé á chur in iúl ag CESE a thábhachtaí sé creat rialála comhchuibhithe AE a chruthú sa réimse sin. In éineacht leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach (23) lena dtugtar aghaidh ar iompraíocht chorparáideach agus ar phróisis díchill chuí do chuideachtaí, ba cheart an Rialachán seo a bheith ina uirlis rialála iomchuí chun comhsheasmhacht a bhunú idir an tAontas Eorpach (e.g. Rialachán (AE) 2019/1020 (24)) agus an reachtaíocht náisiúnta. Ba cheart é a bheith ina chomhlánú freisin ar a bhfuil ar siúl chun deireadh a chur leis an saothar éigeantais agus chun cur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta maidir le hiompar freagrach gnó a chur chun cinn, cuir i gcás Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (25) agus Treoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta (26). Ina theannta sin, is féidir Dearbhú Tríthaobhach Prionsabal EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta (27) agus Lámhleabhar EIS d’Fhostóirí agus Gnólachtaí maidir le Saothar Éigeantais a chomhrac (28) a úsáid d’fhonn cuidiú le cuideachtaí agus rialtais agus iad ag iarraidh deireadh a chur le saothar éigeantais.

2.9.

Tá ról lárnach ag an tsochaí shibhialta eagraithe sa chomhrac i gcoinne gach cineáil saothair éigeantais nó saothair éigeantaigh. Is maith is féidir leis na comhpháirtithe sóisialta, thar dream ar bith eile, rannpháirtíocht institiúideach agus inbhuanaitheacht a áirithiú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfí bonn institiúideach sa reachtaíocht seo faoi na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha sa phróiseas cur chun feidhme amach anseo ar gach leibhéal den slabhra soláthair.

2.10.

An claonadh atá ann oiread brabúis a dhéanamh agus is féidir fiú más baol nach féidir cearta an duine a chosaint san am céanna, sin ceann de na nithe is mó faoi deara an saothar éigeantais. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur gá aghaidh a thabhairt ar bhonn níos leithne ar chúiseanna agus ar bhunúdair an tsaothair éigeantais. Mar sin féin, d’fhéadfadh an Rialachán seo feidhmiú mar a bheadh céim thábhachtach bhreise ann chun bonn domhanda a leagan síos ar mhaithe le cothrom na Féinne a áirithiú.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá sé bearta éifeachtacha a dhéanamh chun cosc agus deireadh a chur leis an saothar éigeantais, bíodh sin laistigh den Aontas nó lasmuigh de, chun iad siúd a gcuirtear iallach orthu dul i mbun saothar éigeantais a chosaint agus rochtain a thabhairt dóibh ar leigheasanna iomchuí éifeachtacha, cuir i gcás i bhfoirm cúitimh, agus chun pionóis a chur orthu sin is cionsiocair leis an saothar éigeantais. Ba mhaith le CESE a chur in iúl gurb é an chéad chéim is gá a thabhairt d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na mbeart sin a áirithiú ná go ndaingneodh na Ballstáit uile Prótacal 2014 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a ghabhann le Coinbhinsiún Uimh. 29 (P029) (29). Ní mór don Aontas Eorpach na moltaí atá leagtha amach in P029 a chur i bhfeidhm ina chuid oibre polaitiúla agus reachtaí agus ní mór dó an próiseas daingniúcháin idirnáisiúnta a chothú trí úsáid a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil (e.g. comhaontuithe trádála, comhar um fhorbairt, idirphlé maidir le cearta an duine, etc.). Ina theannta sin, gné mhórthábhachtach chun cur i gcoinne na gcúiseanna atá leis an saothar éigeantais is ea daingniú agus cur chun feidhme éifeachtach Choinbhinsiún EIS i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98) (30) a chur chun cinn ar fud an domhain.

3.2.

Is céim thábhachtach é cur chun feidhme na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí corparáideach chun gur féidir an fhreagracht chorparáideach a chur i bhfeidhm sa phróiseas táirgthe feadh an tslabhra soláthair; is ar an bpróiseas sin atáthar ag díriú, dá réir sin. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtúil agus le hualach riaracháin inláimhsithe a chothú, go háirithe i gcás FBManna, ní mór oibleagáidí dea-shainithe réadúla a bheith ann atá comhsheasmhach agus comhleanúnach le gníomhartha rialála atá curtha i láthair cheana ag an gCoimisiún Eorpach, go háirithe an tionscnamh i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach. An toirmeasc ar allmhairí, ar comhlánú é ar an gcreat rialála atá ann cheana agus ar an gcreat atá beartaithe, is díol sásaimh do CESE gur ar líne na dtáirgí a dhíríonn sé.

3.3.

Mar sin féin, agus béim á leagan ar líne na dtáirgí, tugtar neamhaird ar an gcaoi ar patrún sistéamach é an saothar éigeantais go minic ar gach leibhéal d’eagraíocht iomlán an táirgeora, an mhonaróra nó an allmhaireora. Tá sé á chur i bhfios ag CESE, cé gur túsphointe tábhachtach é táirgí a shainaithint, nár cheart dul i ngleic leis an saothar éigeantais ar bhealach neamh-chomhtháite. Ní mór é a bheith mar aidhm shainráite sa Rialachán gach táirge de chuid oibreoir eacnamaíoch a chur san áireamh, ós rud é nach mbeidh an saothar éigeantais teoranta do líne táirgí amháin in aon saoráid faoi leith.

3.4.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach ndearnadh aon mheasúnú tionchair sular tíolacadh an togra, d’ainneoin go ndearnadh measúnuithe tionchair ar thionscnaimh eile, cuir i gcás an togra le haghaidh Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach. Díríonn an rialachán seo ar tháirgí allmhairithe agus onnmhairithe a thoirmeasc, a chur ar fionraí agus a choinneáil ag lucht custam nó ag calafoirt, ní dá dtiocfaidh nósanna imeachta nua. Ar a shon sin, ba cheart don mheasúnú a bheith cothrom agus ba cheart a chur san áireamh ann na sochair agus na costais a bhaineann leis an saothar éigeantais a chomhrac.

3.5.

Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an togra le haghaidh Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach á ullmhú faoi láthair agus go dtugtar léiriú ar ghnéithe den dícheall cuí i slabhraí soláthair sa togra le haghaidh rialacháin, is gá a shoiléiriú go fóill cén chaoi a n-oibreoidh an dá phíosa reachtaíochta le chéile i ndáiríre. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún Eorpach cur chuige comhleanúnach a ghlacadh chuige féin agus neamhréireachtaí a sheachaint.

3.6.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil srianta tromchúiseacha leis an togra a fhad a bhaineann leis an saothar éigeantais sistéamach a chomhrac. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin mar is ceart, ba mhór an cuidiú nós imeachta soiléir maidir le conas réigiúin agus earnálacha a ionchorprú, ar rídhócha go mbainfidh siad leas as an saothar éigeantais, chun treisiú le fórsa an Rialacháin seo chun dul i ngleic lena fhorleithne atá an saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, go háirithe i slabhraí soláthair an Aontais, agus iallach a chur ar chuideachtaí deireadh a chur leis.

3.7.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go mbeidh an bunachar sonraí atá beartaithe, a ndéantar cur síos air in Airteagal 11, ar cheann de na príomhionstraimí lena ndéanfar an toirmeasc a fhorfheidhmiú. Mar sin féin, ní mór cuntas mionsonraithe ar struchtúr an bhunachair sin a dhéanamh amach. Tá CESE ag leagan béim ar an ngá atá le táscairí riosca atá dea-shainithe, beacht, trédhearcach agus cruinn, bunaithe ar thionscnamh agus ar chomhpháirteanna táirge agus ar fhaisnéis ábhartha eile, ach gan bheith teoranta dóibh sin. Ní mór an bunachar sonraí sin a choinneáil cothrom le dáta agus faisnéis nua a chur leis mar thoradh ar phróisis imscrúdaithe, i measc nithe eile.

3.8.

Tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá an trédhearcacht agus rochtain oscailte ar fhaisnéis do chuideachtaí, d’údaráis inniúla, don tsochaí shibhialta eagraithe agus don phobal i gcoitinne. Dá bhrí sin, molann CESE córas tagarmharcála a thabhairt isteach mar chuid den bhunachar sonraí, córas atá cosúil leis an gceann a moladh sa togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh an Rialacháin maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas (COM(2021) 706 final). I gcroílár an chórais tagarmharcála seo bheadh córas rátála ann de réir réigiún agus earnálacha agus dhéanfaí na sonraí a imdhealú síos go dtí na leibhéil seo a leanas: grúpaí táirgí, táirgí agus cuideachtaí a bhfuil ardriosca agus riosca íseal ag baint leo, bunaithe ar an bhfaisnéis a thiomsódh saineolaithe le cur sa bhunachar sonraí, ach gan bheith teoranta di. Ina theannta sin, tá CESE á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé a chur ar chumas na sochaí sibhialta eagraithe (ar a n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta) faisnéis ábhartha a chur ar fáil. Thar aon ní eile, ní foláir díriú ar conas is féidir a chur ar a gcumas d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtríú tíortha faisnéis ábhartha maidir le saothar éigeantais a chur ar fáil go héasca. Maidir le saothar éigeantais, tá an dlúthchomhar le buanionadaíochtaí agus toscaireachtaí an Aontais, chomh maith le hoifigí na Náisiún Aontaithe (lena n-áirítear oifigí EIS), an Fhaireachlann um Shaothar Éigeantais de chuid EIS a lainseáladh le déanaí agus a bunachar sonraí siúd maille le heagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, cuir i gcás Delta 8.7, ríthábhachtach chun faisnéis ábhartha a bhailiú.

3.9.

Bunchloch sa togra le haghaidh rialacháin is ea nach mór do na húdaráis náisiúnta inniúla, ag gníomhú dóibh as a stuaim féin nó de dhroim faisnéis a fuair siad, imscrúdú a thionscnamh nuair a bhíonn amhras orthu, agus údar leis, gur le saothar éigeantais a rinneadh na hearraí sin. Creideann CESE gur cheart é a bheith de cheart ag na húdaráis náisiúnta inniúla earraí a choinneáil ag teorainn an Aontais a luaithe is léir dóibh go bhfuil údar imní ann ina dtaobh de bhun Airteagal 2(n). Tá cur chuige den chineál céanna i bhfeidhm cheana féin ag údaráis chustaim na Stát Aontaithe i bhfoirm “Withhold Release Orders”. Molann CESE gur cheart oibleagáidí éagsúla a bheith ar na hoibreoirí eacnamaíocha de réir mar is d’aicme ardriosca nó riosca ísil iad.

3.10.

I gcás ardriosca, ní mór é a bheith éigeantach córas díchill chuí a bheith ann, lena n-áirítear bailiú faisnéise, measúnú riosca agus maolú riosca, córas cosúil leis an gcóras a leagtar síos sa Rialachán thuasluaite maidir le táirgí atá bainteach leis an dífhoraoisiú ach a shaincheapfaí don togra maidir le saothar éigeantais. Dá bhrí sin, tá gá le faisnéis mhionsonraithe faoin táirge, faoin monaróir, faoin allmhaireoir, faoi thionscnamh an táirge agus faoi na comhpháirteanna atá ann, maille le faisnéis mhionsonraithe faoi na hacmhainní agus mianraí a úsáidtear sa táirge agus ina chomhpháirteanna mar chuid de mhapáil agus nochtadh an tslabhra soláthair, ar ceanglas bunriachtanach é chun gur féidir a chinneadh cén áit a dtarlaíonn saothar éigeantais sa slabhra luacha. Agus cás na FBManna á chur san áireamh, ba cheart dícheall cuí simplithe a dhéanamh, agus é a theorannú d’fhaisnéis ábhartha a bhailiú. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla a gcuid réamh-imscrúduithe a dhíriú ar tháirgí a bhaineann le réigiúin, gnólachtaí agus/nó earnálacha ardriosca. Ar aon chaoi, ní mór rúin ghnó a choimeád slán, mar shampla, trí chlásail iomchuí rúndachta a úsáid.

3.11.

Ag réamhchéim na n-imscrúduithe, ní mór don oibreoir eacnamaíoch ráiteas díchill chuí a sholáthar más amhlaidh atá an táirge nasctha le réigiúin, gnólachtaí agus/nó earnálacha ardriosca. I gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas díchill chuí a shonrófar go mion sna treoirlínte (Airteagal 23) agus mainneachtain na ráitis maidir le dícheall cuí a chur ar fáil, ní mór iad a aicmiú mar ábhar imní réasúnaithe agus is é an toradh a bheidh air sin go gcoinneofar an táirge agus go gcuirfear tús le himscrúdú láithreach bonn. Maidir le táirgí a bhaineann le réigiúin, gnólachtaí agus/nó earnálacha lena ngabhann riosca íseal, tá na hoibreoirí eacnamaíocha saor ón oibleagáid i dtaca le dícheall cuí agus ní mór an nós imeachta a chur i gcrích mar atá molta ag an gCoimisiún Eorpach. Mar sin féin, chun foirceannadh mífhreagrach na gcaidreamh gnó atá ann cheana a chosc, tá sé á chur i bhfios ag CESE nár cheart dícheall cuí a úsáid mar dhia gur leithscéal é gan imscrúduithe a thionscnamh.

3.12.

Tá sé á chur in iúl ag CESE nach féidir forfheidhmiú cuí a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcuireann Ballstáit an Aontais dóthain maoiniúcháin agus acmhainní ar fáil dá n-údaráis náisiúnta inniúla. D’aithin an Coimisiún cheana féin gur áibhéil an bac ar an bhforfheidhmiú éifeachtach é nuair nach mbíonn dóthain acmhainní ar fáil do na húdaráis chustaim náisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart dóthain ama a bheith ag na húdaráis náisiúnta inniúla chun imscrúdú domhain cáiréiseach a dhéanamh.

3.13.

Mar a luadh san fhoilseachán faoin sclábhaíocht nua-aimseartha a d’eisigh EIS le déanaí, is éagsúil comhdhéanamh sochdhéimeagrafach na ndaoine a gcuirtear iallach orthu dul i mbun saothair éigeantais. I gcás na ngrúpaí sóisialta leochaileacha, ar chuma oibrithe imirceacha, is mó go mór fada an baol atá ann go gcuirfear iallach orthu dul i mbun saothar éigeantais. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí san áireamh staid na n-oibrithe imirceacha, na ndaoine gan stát agus na leanaí. Ní mór béim ar leith a chur ar cheist na hinscne.

3.14.

De réir EIS, tá iallach á chur ar 160 milliún leanbh ar fud an domhain dul i mbun saothar éigeantais. Deireadh a chur go héifeachtach le saothar leanaí, is cuid de Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair é sin. Tá tiomantas an Aontais don chomhrac i gcoinne saothar leanaí cumhdaithe sa chur chuige neamhfhulaingthe maidir le saothar leanaí atá á shaothrú aige agus atá bunaithe ar Airteagal 32 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar straitéis an Aontais maidir le cearta leanaí (31), agus ar phointe 1.4.c de Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024. Tuigeann CESE go bhfuil saothar éigeantais leanaí luaite go sainráite ag an gCoimisiún Eorpach in Airteagal 2(a) den Rialachán atá beartaithe. Mar sin féin, d’fhonn dlús a chur leis an bpróiseas faoina gcuirfí deireadh le saothar leanaí, is éard ba cheart a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo Coinbhinsiún EIS maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138), Moladh Uimh. 146 ó EIS, Coinbhinsiún EIS maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182) agus Moladh Uimh. 190 ó EIS. Ar a mhuin sin, tá suntas á thabhairt ag CESE don ghá atá le tionscnamh reachtach comhfhreagrach de chuid an Aontais chun gach cineál eile saothair leanaí a chomhrac.

3.15.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach gcuirtear san áireamh go cuí sa togra reatha dearcadh na n-oibrithe ar a ndéantar dúshaothrú, bíodh sin laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach. Chun tacú le staid na n-oibrithe a gcuirtear iallach orthu dul i mbun saothar éigeantais, ba cheart cúiteamh leordhóthanach dóibh siúd atá thíos leis a chur san áireamh sa reachtaíocht Eorpach. Ba cheart ionadaithe na n-oibrithe, na ceardchumainn áitiúla, Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCeardchumann (ITUC) agus na hoibrithe féin, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bheith rannpháirteach sa phróiseas imscrúdúcháin agus cinnteoireachta lena áirithiú go gcuirfear tuairimí agus leasanna na n-oibrithe lena mbaineann san áireamh ag gach céim den phróiseas.

3.16.

Ba cheart don Choimisiún Eorpach géarú ar na maidí agus struchtúir idirnáisiúnta a chruthú d’fhonn fadhb an tsaothair éigeantais a réiteach agus gníomhaíochtaí agus bearta a chomhchuibhiú chun an deimhneacht dhlíthiúil a ráthú ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ar a mhuin sin, tá CESE ag iarraidh go dtacódh an tAontas le conradh ceangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine a thabhairt i gcrích agus go gcuimhneofaí freisin ar choinbhinsiún EIS a cheapadh maidir leis an obair chuibhiúil sna slabhraí saothair, mar a luadh cheana i dtuairim SOC/727 (32) ó CESE. Is den tábhacht comhar a dhéanamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus faisnéis a mhalartú leo, chun cur chun feidhme cuí chuspóirí an rialacháin a áirithiú.

3.17.

Tá CESE á chur in iúl go bhfuil tábhacht thar na bearta le reachtaíocht stóinsithe uaillmhianach má táthar chun cur i gcoinne an tsaothair éigeantais san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta uile. Dá bhrí sin, ní mór an togra reatha a ailíniú leis na sainmhínithe agus leis na critéir atá i réim i SAM, i gCeanada agus i margaí aibí forbartha eile go háirithe (e.g. an tAcht um Chosc ar Shaothar Éigeantais Uigiúrach de chuid na Stát Aontaithe, Acht Taraife na Stát Aontaithe agus an tAcht um Chomhrac i gcoinne Saothar Éigeantais agus Saothar Leanaí i Slabhraí Soláthair atá á phlé) chun nach mbeidh aon neamhréireachtaí ann agus chun dul i ngleic go héifeachtach le saincheist an tsaothair éigeantais ar an leibhéal domhanda. Mar sin féin, is den tábhacht córas institiúideach éifeachtach AE a bheith ann chun cásanna saothair éigeantais ar fud an domhain a fhíorú, córas nach mór do na cuideachtaí cloí leis. Trí bhíthin an togra, ba cheart féachaint le struchtúir idirnáisiúnta chomhpháirteacha a fhorbairt lena dtabharfaí aghaidh ar an saothar éigeantais d’fhonn comhchuibhiú, soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bhaint amach ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe i dtreo nach mbeadh cuideachtaí an Aontais in earraid le reachtaíocht eachtrach.

3.18.

Ós rud é gur fadhb dhomhanda é an saothar éigeantais agus ós rud é go bhfuil dlúthnasc idir na slabhraí luacha domhanda, ní mór an comhar idirnáisiúnta in aghaidh saothar éigeantais a chur chun cinn. Tá sé á chur chun suntais ag CESE go bhfuil comhar láidir agus malartú faisnéise le húdaráis tríú tír agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe EIS agus na Náisiúin Aontaithe, ríthábhachtach chun a áirithiú go gcuirfear an toirmeasc chun feidhme, mar is ceart.

3.19.

Ba cheart ról lárnach a bheith ag buanionadaíochtaí agus toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe ar an láthair i dtaca le cumarsáid a dhéanamh leo siúd a bhfuil iallach orthu saothar éigeantais a dhéanamh agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ba cheart ról lárnach a bheith acu freisin i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair i dtaca le bailiú agus seachadadh sonraí luachmhara le haghaidh measúnuithe riosca (e.g. agus suirbhéanna náisiúnta ar an saothar éigeantais á gcur ar bun nó nuair a bhítear ag tacú leo), agus ba cheart dóibh feidhmiú mar chomhpháirtithe comhair in imscrúduithe leanúnacha. Ba cheart dóibh feidhmiú mar an chéad phointe teagmhála le haghaidh gearán.

3.20.

Neartaigh próiseas an domhandaithe seasamh na gcuideachtaí atá ag gníomhú ar fud an domhain agus lagaigh sé cumhacht na n-institiúidí poiblí, go háirithe sa Domhan Theas. Tá sé á chur in iúl ag CESE a thábhachtaí atá sé an comhrac i gcoinne an tsaothair éigeantais a ionchorprú i mbeartas an Aontais maidir le trádáil agus comhar um fhorbairt. Maidir leis na tíortha lagfhorbartha agus na tíortha is lú forbairt, ba cheart é a bheith ina thosaíocht tacaíocht ghníomhach a thabhairt do na húdaráis saothair áitiúla. Tá béim á cur ag CESE air gur cheart caitheamh go cothrom leis na tíortha uile leis an reachtaíocht seo agus tá rabhadh á thabhairt aige gan na tíortha lagfhorbartha agus na tíortha is lú forbairt a chur faoi mhíbhuntáiste díréireach.

3.21.

Is díol sásaimh do CESE raon feidhme an togra, a bhfuil na hoibreoirí eacnamaíocha uile san áireamh ann, is cuma cá beag nó mór iad. Mar sin féin, ba cheart imscrúduithe na n-údarás, agus na nithe ar a ndíríonn siad, a bheith ag brath ar mhéid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí sin. Dá bhrí sin, ba cheart díriú go mór mór ar chuideachtaí ar rídhócha go mbainfidh siad leas as saothar éigeantais, agus ar mhóroibreoirí eacnamaíocha. Tá sé á chur in iúl ag CESE gur gá cúram faoi leith a dhéanamh de na margaí digiteacha, toisc a uathúla atá siad, agus an reachtaíocht sin á forfheidhmiú.

3.22.

Ba mhaith le CESE breith ar an bhfaill atá ann de thoradh eisiúint an ghnímh reachtaigh seo agus a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé Gníomhaireacht Rátála Phoiblí an Aontais Eorpaigh um inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shóisialta, chomh maith le cearta an duine, a bhunú i réimse an ghnó, mar a pléadh cheana i bpointe 3.11 de thuairim REX/518 ó CESE. Ba cheart don ghníomhaireacht sin caighdeáin Eorpacha do chórais díchill chuí a fhorbairt. D’fhéadfadh sé go mba chuidiú fódúil na caighdeáin sin le cothrom iomaíochta a chruthú, arb é leas cuideachtaí Eorpacha go háirithe é. Ina theannta sin, ní mór don Ghníomhaireacht sin caighdeáin cháilíochta éigeantacha a fhorbairt do ghnólachtaí a dhéanann iniúchtaí agus próisis chreidiúnaithe thar ceann na ngnólachtaí iniúchóireachta sin san Aontas Eorpach, chomh maith le córas faireacháin le haghaidh seiceálacha rialta ar na gnólachtaí sin.

3.23.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí údaráis náisiúnta inniúla a cheapadh nó a bhunú sna Ballstáit chun creidiúnú a dhéanamh ar ghnólachtaí a dhéanann iniúchtaí i réimse na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta, chomh maith le cearta an duine i gcomhthéacs an ghnó. Ní mór don Ghníomhaireacht Rátála Poiblí cúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta inniúla trí thacaíocht theicniúil agus oiliúint a chur ar fáil chun córais náisiúnta a chur chun feidhme a thacaíonn le gnólachtaí maidir le dliteanas agus dícheall cuí. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE, maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go bhfuil gá le foclaíocht shoiléir shothuigthe chun deimhneacht dhlíthiúil agus treoirlínte inleanta a ráthú i dtreo go mbeidh an t-ualach riaracháin a thitfidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe ar FBManna, inláimhsithe ó lá go lá. Dá bhrí sin, ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna, nuair a bhíonn a gcórais díchill chuí á gceapadh ag na gnólachtaí sin (i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus le Dearbhú Tríthaobhach Prionsabal EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta).

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Tá CESE i bhfách leis an sainmhíniú a thugtar in Airteagal 2(a) den Rialachán, sainmhíniú ar an rud is saothar éigeantais ann atá bunaithe ar cheann a chum EIS, lena n-áirítear “an uile shaghas oibre nó seirbhíse”. Ba cheart, dá bhrí sin, earraí a iompraítear de dhroim saothar éigeantais a chur san áireamh sa togra ón gCoimisiún Eorpach d’fhonn a bheith de réir an tsainmhínithe sin agus ar an ábhar gur cuid riachtanach den slabhra soláthair earraí iad na seirbhísí iompair.

4.2.

Ní mór don Choimisiún Eorpach ról láidir gníomhach ceannasach a bheith aige i Líonra an Aontais i gCoinne Táirgí Saothair Éigeantais a mholtar in Airteagal 24, d’fhonn tacú leis na húdaráis náisiúnta, agus iad a chomhordú, nuair a bheidh an Rialachán á fhorfheidhmiú acu. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún struchtúr dea-shainithe agus maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil don Líonra sin i dtreo gurb acmhainn dó tacú le Ballstáit an Aontais nuair a bheidh faisnéis á bailiú acu agus leas á bhaint acu as chun sreabhadh comhsheasmhach na faisnéise sin a choinneáil. Ba cheart don Líonra gníomhaíochtaí a chomhordú, cuir i gcás imscrúduithe idirnáisiúnta a dhéanamh agus tacú le forfheidhmiú na dtoirmeasc ar allmhairí. Ar a mhuin sin, ba cheart don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh faoina fhéideartha atá sé imscrúduithe a dhéanamh as a stuaim féin, mar a dhéanann sé cheana féin nuair a bhíonn faireachán agus imscrúdú á ndéanamh aige ar chleachtais frithiomaíochta. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún ról a thabhairt don tsochaí shibhialta eagraithe, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, i ngníomhaíochtaí uile an Líonra.

4.3.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún chun treoirlínte a eisiúint, mar a luaitear in Airteagal 23 den togra, a chuideoidh le cuideachtaí an baol go mbeidh saothar éigeantais ar siúl mar chuid dá n-oibríochtaí agus slabhraí luacha siúd a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leis. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún Eorpach nó d’údaráis phoiblí eile moltaí soiléire a chur ar fáil maidir le conas scéimeanna díchill chuí a fhorbairt do FBManna agus, ar an gcaoi sin, tacú go tréan leo. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún ról a thabhairt don tsochaí shibhialta eagraithe sa phróiseas dréachtaithe agus na treoirlínte sin (Airteagal 11 agus Airteagal 23) a fhoilsiú ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh rochtain éasca orthu a luaithe is féidir, agus i gcás ar bith sula dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Cuirfidh sin ar a gcumas do na húdaráis náisiúnta inniúla agus do na heintitis chustaim agus ghnó fáil faoi réir chur chun feidhme an ghnímh dhlíthiúil agus na ndeacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis.

4.4.

Tá sé á chur in iúl ag CESE gur gá do na húdaráis náisiúnta inniúla toiliú na n-oibreoirí eacnamaíocha a fháil chun imscrúduithe a dhéanamh, mar a luaitear in Airteagal 5(6). Lagaíonn sé sin an próiseas imscrúdúcháin agus cruthaíonn sé lúb ar lár sa Rialachán atá beartaithe.

4.5.

Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le pionóis íosta aonfhoirmeacha uile-Aontais i gcásanna ina ndéanfaí sárú ar an Rialachán. Ar an gcaoi sin, chinnteofaí nach mbeadh na Ballstáit ag sodar go grinneall agus dhéanfaí deimhin de go mbeadh cothrom na Féinne ann. Ar a mhuin sin, ba thairbheach an ní oibleagáid tuairiscithe rialta (e.g. uair sa dá bhliain) a leagan ar an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sna Ballstáit aonair.

4.6.

Is ábhar imní do CESE gurb iad na húdaráis náisiúnta custaim (Airteagal 12) a bheidh freagrach as an Rialachán a chur chun feidhme. Tharlódh, dá bhrí sin, gur neamhéifeachtúla a bheifí sa chur chun feidhme, ós rud é nach ndéanfaí cásanna a idirdhealú ar an gcuma chéanna i gcónaí ó oifig náisiúnta custaim go chéile sna Ballstáit agus go bhféadfadh neamhréireachtaí a bheith ann laistigh den Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, ba cheart béim a leagan air gur den tábhacht an Rialachán a chur chun feidhme mar is ceart sna tíortha éagsúla agus ba cheart é a dhaingniú ar bhonn institiúideach. Is gá treoirlínte soiléire agus acmhainní a chur ar fáil do na húdaráis forfheidhmithe náisiúnta ionas gur féidir leo faireachán agus forfheidhmiú éifeachtach a dhéanamh ar an Rialachán atá beartaithe. Ba cheart tacaíocht theicniúil a thabhairt don phobal gnó chun cabhrú leo déileáil leis an reachtaíocht. Chuige sin, creidimid go bhfuil creat coincheapúil de dhíth ar an Aontas Eorpach le haghaidh measúnú riosca comhchoiteann, chomh maith le treoirlínte soiléire, rud a chinnteoidh nach mbeidh aon dúbláil maorlathais ann agus go ndéanfar na nósanna imeachta a chuíchóiriú, nuair is féidir sin.

4.7.

Maidir leis na spriocdhátaí don phróiseas imscrúdúcháin, creidimid gur cheart tréimhse is sia ná 15 lá a dheonú do chuideachtaí chun fianaise a chur isteach ag an réamhchéim den phróiseas agus go dtabharfaí 15 lá eile dóibh ina dhiaidh sin ag an dara céim den imscrúdú. Ina theannta sin, ba cheart fad a chur leis an tréimhse 30 lá a thugtar do chuideachtaí i láthair na huaire chun táirgí a sháraíonn an Rialachán a aisghairm. Anuas air sin, tá gá le tuilleadh soiléireachta faoin gcaoi a gcuirfear an próiseas aistarraingthe chun feidhme i ndáiríre, lena n-áirítear faoin gcaoi a scriosfar táirgí, más gá sin.

4.8.

Mar a luadh i dtuairim INT/973 ó CESE, Rialachas Corparáideach Inbhuanaithe (33), is maith is eol do cheardchumainn agus d’ionadaithe na n-oibrithe cá dócha go bhféadfaidh mí-iompar titim amach. Ar an ábhar sin, tá sé á chur i bhfios ag CESE a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt d’ionadaithe na n-oibrithe agus do cheardchumainn, mar aon le ITUC, maidir le próisis díchill chuí a chur ar bun (mapáil rioscaí), faireachán a dhéanamh orthu (cur chun feidhme) agus sáruithe a thuairisciú (sásraí foláirimh). Tá CESE ag iarraidh go luafaí go sainráite in Airteagal 26(a) na ceardchumainn agus ionadaithe na n-oibrithe san Aontas agus i dtríú tíortha.

4.9.

Tá sé á chur in iúl ag CESE gur cheart dul i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta eagraithe agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán á n-ullmhú.

An Bhruiséil, 25 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  COM(2022) 453 final,

(2)  Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024,

(3)  EIS P029 – Prótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach, 1930,

(4)  EIS C138 – Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta (Uimh. 138),

(5)  EIS R146 – Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta (Uimh. 146),

(6)  EIS C182 – Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182,)

(7)  EIS R190 – Moladh maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 190),

(8)  EIS C029 – Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach, 1930 (Uimh. 29).

(9)  EIS P029 – Prótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach, 1930,

(10)  EIS C105 – Coinbhinsiún maidir le deireadh a chur le hObair Éigeantais nó Éigeantach, 1957 (Uimh. 105),

(11)  Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais,

(12)  Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

(13)  An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,

(14)  Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,

(15)  Cairt Shóisialta na hEorpa,

(16)  IO C 311, 12.9.2014, lch. 31.

(17)  IO C 486, 21.12.2022, lch. 149-160.

(18)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 136.

(19)  IO C 443, 22.11.2022, lch. 81.

(20)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 197.

(21)  IO C 97, 24.3.2020, lch. 9).

(22)  COM(2022) 66 final.

(23)  COM(2022) 71 final.

(24)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint NA hEorpa Agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(25)  UN Guiding Principles on Business and Human Rights

(26)  Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta.

(27)  Dearbhú Tríthaobhach Prionsabal EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta.

(28)  Lámhleabhar EIS d’Fhostóirí agus Gnólachtaí maidir le Saothar Éigeantais a chomhrac.

(29)  Daingniú EIS P029.

(30)  EIS C098 – An Coinbhinsiún maidir leis an Ceart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98).

(31)  Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Straitéis an Aontais maidir le cearta leanaí (IO C 326, 26.10.2012, lch. 391).

(32)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hObair chuibhiúil ar fud an domhain [COM(2022) 66 final] (IO C 486, 21.12.2022, lch. 149).

(33)  IO C 443, 22.11.2022, lch. 81.


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/84


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha le haghaidh feistí leighis áirithe agus le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro áirithe”

(COM(2023) 10 final — 2023/0005 (COD))

(2023/C 140/14)

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 23.1.2023

Parlaimint na hEorpa, 26.1.2023

Bunús Dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 168(4)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

190/0/2

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 140/85


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí agus muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle”

(COM(2022) 721 final — 2022/0417 (COD))

(2023/C 140/15)

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 22.12.2022

Parlaimint na hEorpa, 15.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 168(4)(c) agus (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.1.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

195/0/1

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe go huile agus go hiomlán ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.

An Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG