ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
Clár |
Leathanach |
|
|
II Faisnéis |
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 137/01 |
Imeachtaí a thionscnamh (Cás M.10896– ORANGE / MASMOVIL / JV) ( 1 ) |
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 137/02 |
||
|
FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch |
|
|
Údarás Faireacháin CSTE |
|
2023/C 137/03 |
Gan státchabhair de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE |
|
2023/C 137/04 |
||
2023/C 137/05 |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 137/06 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M. 11079 – BNP PARIBAS FORTIS / MATEXI / R2O JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
2023/C 137/07 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11089 – AXPO IBERIA / ACSA OBRAS E INFRAESTRUCTURAS / NOGUERA RENOVABLES) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
2023/C 137/08 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11056 – ONE / MACQUARIE / TRAPAC) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 137/09 |
|
Ceartúcháin |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/1 |
Imeachtaí a thionscnamh
(Cás M.10896– ORANGE / MASMOVIL / JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 137/01)
An 3 Aibreán 2023, chinn an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh sa chás thuasluaite tar éis dó cinneadh a dhéanamh go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha ann maidir leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi ó thaobh a chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach de. Le tionscnamh na n-imeachtaí cuirtear tús le himscrúdú dara céim i ndáil leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi, agus déantar sin gan dochar don chinneadh críochnaitheach maidir leis an gcás. Tá an cinneadh bunaithe ar Airteagal 6(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Chun go gcuirfear barúlacha san áireamh go hiomlán mar chuid den nós imeachta, ba cheart na barúlacha sin a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost chuig COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu nó tríd an bpost, agus é sin a dhéanamh faoin tagairt Uimh. M.10896– ORANGE / MASMOVIL / JV, chuig an seoladh seo a leanas:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/2 |
Rátaí malairte an euro (1)
19 Aibreán 2023
(2023/C 137/02)
1 euro =
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0933 |
JPY |
yen na Seapáine |
147,24 |
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4514 |
GBP |
punt steirling |
0,88108 |
SEK |
krona na Sualainne |
11,3060 |
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9828 |
ISK |
króna na hÍoslainne |
149,50 |
NOK |
krone na hIorua |
11,5335 |
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,475 |
HUF |
forint na hUngáire |
376,35 |
PLN |
zloty na Polainne |
4,6238 |
RON |
leu na Rómáine |
4,9321 |
TRY |
lira na Tuirce |
21,2083 |
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6301 |
CAD |
dollar Cheanada |
1,4698 |
HKD |
dollar Hong Cong |
8,5816 |
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7668 |
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4615 |
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 458,87 |
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
19,9808 |
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,5406 |
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 390,21 |
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,8564 |
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
61,709 |
RUB |
rúbal na Rúise |
|
THB |
baht na Téalainne |
37,708 |
BRL |
real na Brasaíle |
5,4843 |
MXN |
peso Mheicsiceo |
19,8057 |
INR |
rúipí na hIndia |
89,8985 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch
Údarás Faireacháin CSTE
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/3 |
Gan státchabhair de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE
(2023/C 137/03)
Measann Údarás Faireacháin CSTE nach státchabhair é an beart seo a leanas de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE:
An dáta a glacadh an cinneadh |
15 Nollaig 2022 |
||||
Cás-uimhreacha |
86109 agus 87198 |
||||
Cinneadh Uimh. |
231/22/COL |
||||
Stát CSTE |
An Iorua |
||||
Réigiún |
|
||||
Teideal (agus/nó ainm an tairbhí) |
Leasuithe sealadacha ar an nGníomh maidir le Cáin Pheitriliam |
||||
Bunús dlí |
Gníomh an 19 Meitheamh 2020 maidir le leasuithe ar an nGníomh maidir le Cáin Pheitriliam |
||||
An cineál birt |
Scéim |
||||
Cuspóir |
|
||||
An cineál cabhrach |
Gan chabhair |
||||
Buiséad |
|
||||
An déine |
|
||||
Tréimhse |
|
||||
Earnálacha eacnamaíocha |
Eastóscadh peitriliam amh agus gáis nádúrtha |
||||
Ainm agus seoladh an údaráis deonúcháin |
|
||||
Faisnéis eile |
|
Téacs barántúil an chinnidh, as ar baineadh an fhaisnéis rúnda uile, tá sé le fáil ar shuíomh gréasáin Údarás Faireacháin CSTE: http://www.eftasurv.int/state-aid/state-aid-register/decisions/
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/4 |
Státchabhair — Cinneadh gan agóid a dhéanamh
(2023/C 137/04)
Níl aon agóid á déanamh ag Údarás Faireacháin CSTE in aghaidh an bhirt státchabhrach seo a leanas:
An dáta a glacadh an cinneadh |
15/12/2022 |
||||
Cás-uimhir |
89633 |
||||
Cinneadh Uimh. |
227/22/COL |
||||
Stát CSTE |
An Iorua |
||||
Teideal (agus/nó ainm an tairbhí) |
Fadú dreasachtaí cánach áirithe, agus leasuithe orthu, le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha |
||||
Bunús dlí |
Leagtar na forálacha CBL amach sa Ghníomh maidir le Cáin Bhreisluacha an 19 Meitheamh 2009 Uimh. 58 agus sa Rialachán maidir le Cáin Bhreisluacha an 15 Nollaig 2009, Uimh. 1540 |
||||
An cineál birt |
Scéim cabhrach |
||||
Cuspóir |
Cabhair chomhshaoil |
||||
An cineál cabhrach |
CBL nialasach |
||||
Buiséad |
Arna mheas ag thart ar NOK 13.4 billiún go bliantúil |
||||
Tréimhse |
1 Eanáir 2023 - 31 Nollaig 2024 |
||||
Earnálacha eacnamaíocha |
Grúpa NACE: G45.1 - Díol mótarfheithiclí G45.4 - Díol, cothabháil agus deisiú gluaisrothar agus páirteanna gaolmhara agus gabhálas gaolmhar |
||||
Ainm agus seoladh an údaráis deonúcháin |
|
Téacs barántúil an chinnidh, as ar baineadh an fhaisnéis rúnda uile, tá sé le fáil ar shuíomh gréasáin Údarás Faireacháin CSTE: http://www.eftasurv.int/state-aid/state-aid-register/decisions/
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/5 |
Fógra ó Údarás Faireacháin CSTE maidir le rátaí úis aisghabhála státchabhrach agus rátaí tagartha/lascaine i gcás Stáit CSTE is infheidhme ón 1 Eanáir 2023
Arna fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le rátaí tagartha agus lascaine a leagtar amach i gCuid VII de Threoirlínte Údarás Faireacháin CSTE maidir le Státchabhair agus Airteagal 10 de Chinneadh Uimh. 195/04/COL an 14 Iúil 2004 ó CCE (1)
(2023/C 137/05)
Ríomhtar bun-rátaí i gcomhréir leis an gCaibidil i leith an mhodha chun rátaí tagartha agus lascaine Threoirlínte CSTE maidir le Státchabhair a shocrú arna leasú le Cinneadh CSTE Uimh. 788/08/COL an 17 Nollaig 2008. Chun na rátaí tagartha is infheidhme a fháil, cuirfear corrlaigh iomchuí leis an mbun-ráta de réir na dTreoirlínte maidir le Státchabhair.
Cinneadh na bun-rátaí mar a leanas:
|
An Íoslainn |
Lichtinstéin |
An Iorua |
1.1.2023 – |
6,37 |
-0,32 |
3,15 |
(1) IO L 139, 25.5.2006, lch. 37 agus Forlíonadh LEE do IO Uimh. 26/2006, 25.5.2006, lch. 1.
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/6 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M. 11079 – BNP PARIBAS FORTIS / MATEXI / R2O JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 137/06)
1.
An 5 Aibreán 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
— |
BNP Paribas Fortis NV/SA (“BNPPF”, an Bheilg), a bhaineann le BNP Paribas Group, |
— |
Matexi NV/SA (“Matexi”, an Bheilg), a bhaineann le Matexi Group NV., |
— |
R2O JV (an Bheilg). |
Gheobhaidh BNPPF agus Matexi rialú comhpháirteach ar R2O JV de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna i gcuideachta nuabhunaithe, ar cuideachta í atá ina comhfhiontar, atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is sa Bheilg atá BNPPF gníomhach agus cuireann sé ar fáil, i measc nithe eile, pacáiste cuimsitheach seirbhísí airgeadais le haghaidh daoine príobháideacha, daoine féinfhostaithe, gairmithe, fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) agus eagraíochtaí poiblí, |
— |
Is forbróir tionscadal réadmhaoine é Matexi atá gníomhach i ngach céim den phróiseas forbartha (an éadáil, an fhorbairt, an tógáil, an díol). Is tionscadail chónaitheacha a fhorbraíonn sé den chuid is mó, agus forbraíonn sé líon teoranta tionscadal tráchtála (spásanna miondíola agus oifige). Sa Bheilg atá Matexi gníomhach den chuid is mó, agus tá sé gníomhach méid áirithe i Lucsamburg agus sa Pholainn freisin. |
3.
Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ar bun ag R2O JV:
— |
Cuirfidh R2O JV seirbhísí réadmhaoine cónaithe ar fáil sa Bheilg. Is éard a dhéanfaidh sé, go sonrach, ligfidh sé maoin tithíochta ar cíos do thomhaltóirí a bhfuil tairiscint “cíos i gcomhair ceannaigh” acu, is é sin, tionóntaí a bhfuil an rogha acu an mhaoin a cheannach tar éis í a bheith ar cíos acu ar feadh roinnt blianta. |
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11079 – BNP PARIBAS FORTIS / MATEXI / R2O JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/8 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11089 – AXPO IBERIA / ACSA OBRAS E INFRAESTRUCTURAS / NOGUERA RENOVABLES)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 137/07)
1.
An 12 Aibreán 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
AXPO IBERIA, S.L.U. (“Axpo Iberia”, an Spáinn), |
— |
ACSA OBRAS E INFRAESTRUCTURAS, S.A.U. (“ACSA”, an Spáinn), |
— |
NOGUERA RENOVABLES, S.L. (“Noguera Renovables”, an Spáinn), atá faoi rialú CASA BATISTA, SCCL (an Spáinn) faoi láthair. |
Gheobhaidh Axpo Iberia agus ACSA, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, rialú iomlán ar Noguera Renovables (lena n-áirítear an gléasra chun sciodar agus dramhaíl orgánach eile a chóireáil agus a aisghabháil chun bithmheatán a tháirgeadh in Vallfogona de Balaguer, Lleida na Spáinne, gléasra atá le haistriú chuig Noguera Renovables ag duine dá scairshealbhóirí, TORRE SANTAMARIA SCCL).
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Tá Axpo Iberia, cuid de Ghrúpa Axpo (grúpa Eilvéiseach atá gníomhach i dtáirgeadh fuinnimh in-athnuaite), gníomhach i soláthar leictreachais agus gáis in-athnuaite sa Spáinn agus sa Phortaingéil. |
— |
Tá ACSA, cuid de Ghrúpa Sorigué na Spáinne, gníomhach i soláthar seirbhísí tógála (lena n-áirítear oibreacha sibhialta agus uisce agus saoráidí cónaithe agus tráchtála a thógáil). |
— |
Tá Noguera Renovables gníomhach i mbailiú, iompar, bainistiú agus cóireáil dramhaíola orgánaí, lena n-áirítear díolachán múirín, sa Spáinn. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11089 – AXPO IBERIA / ACSA OBRAS E INFRAESTRUCTURAS / NOGUERA RENOVABLES
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/10 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11056 – ONE / MACQUARIE / TRAPAC)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 137/08)
1.
An 13 Aibreán 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Ocean Network Express Pte. Ltd. (“ONE”, Singeapór), faoi rialú Ocean Network Express Holdings, Ltd. (an tSeapáin), comhfhiontar idir Nippon Yusen Kabushiki Kaisha, Mitsui O.S.K. Lines agus Kawasaki Kisen Kaisha; |
— |
Skipjack Terminal Holdings (“Skipjack”, na Stáit Aontaithe), faoi rialú deiridh Macquarie Asset Management (“Macquarie”, an Astráil); |
— |
International Transportation Inc. (“ITI”, na Stáit Aontaithe), faoi rialú Mitsui O.S.K. Lines (“MOL”, an tSeapáin) faoi láthair. |
Gheobhaidh One agus Skipjack rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar ITI, cuideachta sealbhaíochta TraPac LLC (“TraPac” agus “JV”, na Stáit Aontaithe) (an“tIdirbheart”).
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Oibríonn ONE gnólacht domhanda loingseoireachta línéar coimeádán, |
— |
Is eintiteas sainchuspóireach é Skipjack atá faoi bhainistiú Macquarie, soláthraí domhanda seirbhísí um bhainistiú sócmhainní, |
— |
Is cuideachta sealbhaíochta TraPac é ITI. Oibríonn TraPac seirbhísí stíbheadóireachta críochfort coimeádán muirí ag críochfoirt in Los Angeles agus Oakland (California). |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11056 – ONE / MACQUARIE / TRAPAC
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/12 |
Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona
(2023/C 137/09)
Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
’TERRAS DE CISTER'
PGI-PT-02351
Dáta cur i bhfeidhm: 2 Márta 2017
1. An tAinm atá le clárú
Terras de Cister
2. Cineál an táisc gheografaigh
TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar na fíonta
Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga
Fíonta geala
Dath citrín orthu atá ar mheándéine. Dea-bholadh mianrach caolchúiseach orthu a mbíonn dea-bholadh an chitris agus torthaí geala i dtreise ann. Nótaí ceimiceacha agus plandúla iontu, a bhfuil nótaí de thorthaí éadroma trópaiceacha agus de chlochthorthaí ag déanamh cothromaíochta leo. Fad orthu sa bhéal, meántathag iontu, agus nótaí aigéadacha iontu a léiríonn an t-alcól agus an blas milis.
Fíonta iad atá ardaigéadach de réir nádúir, a mbíonn dea-bholadh tréan orthu agus carachtar citreasach acu atá spéiriúil, úr.
Fíonta rosé
Idir glé agus gléigeal atá siad i gcuma, agus dath bándearg orthu. Dea-bholaithe orthu de thorthaí úra, de shú craobh agus de thorthaí dearga. Iad úr leanúnach, go ginearálta, agus neart aigéadachta agus beocht aigéadachta iontu.
Fíonta dearga
Dath éadrom de dhath dearg an rúibín orthu, le himireacha dearga fíonmhara. Meán-dea-bholadh orthu, ina bhfuil cothromaíocht idir nótaí plandúla, nótaí de chlochthorthaí aibí agus nótaí de thorthaí dearga, maille le nótaí adhmaid, agus spíosra. Meántathag iontu agus fad orthu sa bhéal, maille le cnapthacht agus tirime tadhaill le sainiúlacht éadrom. Fíonta éadroma, míne is ea iad, a bhfuil úire mhaith iontu.
Comhlíonann na saintréithe anailíseacha eile teorainneacha na rialachán atá i bhfeidhm.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte) |
10,0 |
Aigéadacht iomlán íosta |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fhíoneolaíocha
a. Cleachtais riachtanacha fhíoneolaíocha
1. Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga
Modhanna saothraithe
Na modhanna saothraithe a úsáidtear i bhfíonghoirt chun fíonta a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC “Terras de Cister”, ní mór iad a bheith ina modhanna atá traidisiúnta sa réigiún nó ina modhanna a mholann an t-údarás deimhniúcháin.
Na fíniúnacha a bhfuiltear lena n-úsáid chun fíonta a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC “Terras de Cister”, fástar ina n-aonar iad, i bhfoirm íseal, déantar an phrúnáil orthu i bhfoirm cuach nó tródaim, agus is in ithreacha de na cineálacha seo a leanas a chuirtear iad:
— |
liteasail húmasacha de shiosta agus d’eibhear; |
— |
ithreacha donna agus dearga de shiosta Meánmhuirí; |
— |
liteasail neamh-húmasacha eibhir agus miogmaitíte; |
— |
idirithreacha agus ithreacha donna nó dearga Meánmhuirí de shiosta nó naghas claochlaithe, a mbíonn leibhéal ard aigéadachta iontu go ginearálta. |
2. Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga
Srianadh ábhartha maidir le déanamh na bhfíonta
Na húrfhíonta sin a bhfuiltear lena n-úsáid chun fíonta a tháirgeadh a bheadh i dteideal an TGFC “Terras de Cister”, ní mór iad a bheith ina n-úrfhíonta ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte 9.0 (% de réir toirte) nó níos mó ná sin.
b. Táirgeacht uasta
Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga
120 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Cuimsíonn an limistéar geografach táirgeachta le haghaidh an TGFC “Terras de Cister” na bardais (nó na codanna de bhardais) seo a leanas i gceantar Viseu:
— |
Armamar: União das Freguesias de Aricera e Goujoim, Coura e Tões pharóiste Armamar, União das Freguesias de São Romão e Santiago, Cimbres, Queimada, Queimadela, Santa Cruz, São Cosmado, São Martinho das Chãs, agus an chuid de pharóiste Aldeias nach bhfuil ina cuid de Réigiún Críochaithe an Duoro; |
— |
Lamego: paróistí Avões, União das freguesias de Bigorne, Magueija e Pretarouca, Britiande, União das freguesias de Cepões, Meijinhos e Melcões, Ferreirim, Lalim, Lazarim, Penude, Vila Nova de Souto d’El-Rei, agus an chuid de pharóiste Várzea de Abrunhais nach bhfuil ina cuid de Réigiún Críochaithe an Douro; |
— |
Moimenta da Beira; |
— |
Penedono; |
— |
São João da Pesqueira: paróiste Pereiros, in União das Freguesias de Vilarouco e Pereiros e Riodades; |
— |
Sernancelhe; |
— |
Tabuaço: paróistí Arcos, Chavães, Granja do Tedo, Longa, paróiste Paradela san União das Freguesias de Paradela e Granjinha, an União das Freguesias de Pinheiros e Vale de Figueira agus an chuid de pharóiste Sendim nach bhfuil ina cuid de Réigiún Críochaithe an Duoro; |
— |
Tarouca. |
7. Na príomhchineálacha fíonchaor
|
Alfrocheiro — Tinta-Bastardinha |
|
Alicante-Bouschet |
|
Alicante-Branco |
|
Alvar |
|
Alvar -Roxo |
|
Alvarelhão — Brancelho |
|
Alvarinho |
|
Amaral |
|
Aragonez — Tinta-Roriz; Tempranillo |
|
Arinto — Pedernã |
|
Arinto-do-Interior |
|
Assaraky |
|
Azal |
|
Baga |
|
Barcelo |
|
Bastardo — Graciosa |
|
Bical — Borrado-das-Moscas |
|
Cabernet-Franc |
|
Cabernet-Sauvignon |
|
Camarate |
|
Campanário |
|
Castelão — João-de-Santarém(1); Periquita |
|
Cerceal-Branco |
|
Chardonnay |
|
Cidreiro |
|
Coração-de-Galo |
|
Cornifesto |
|
Códega-do-Larinho |
|
Encruzado |
|
Fernão-Pires — Maria-Gomes |
|
Folgasão — Terrantez |
|
Folgasão -Roxo |
|
Folha -de -Figueira — Dona-Branca |
|
Fonte -Cal |
|
Gewürztraminer |
|
Gouveio |
|
Grand-Noir |
|
Jaen — Mencia |
|
Jampal |
|
Loureiro |
|
Luzidio |
|
Malvasia-Fina — Boal; Bual |
|
Malvasia-Fina-Roxa |
|
Malvasia-Preta |
|
Malvasia-Rei |
|
Marufo — Mourisco-Roxo |
|
Merlot |
|
Monvedro |
|
Moreto |
|
Pilongo |
|
Pinot-Blanc |
|
Pinot-Gris — Pinot-Grigio |
|
Pinot-Noir |
|
Português-Azul — Blauer-Portugieser |
|
Rabo-de-Ovelha |
|
Riesling |
|
Rufete — Tinta-Pinheira |
|
Sauvignon — Sauvignon-Blanc |
|
Semillon |
|
Sercial — Esgana-Cão |
|
Sercialinho |
|
Syrah — Shiraz |
|
Síria — Roupeiro, Códega |
|
Tamarez — Molinha |
|
Terrantez |
|
Tinta -Barroca |
|
Tinta -Carvalha |
|
Tinta-Francisca |
|
Tinta Negra Mole, Saborinho |
|
Tintem |
|
Tinto-Cão |
|
Touriga-Franca |
|
Touriga-Fêmea |
|
Touriga-Nacional |
|
Trincadeira — Tinta-Amarela, Trincadeira-Preta |
|
Tália — Ugni-Blanc; Trebbiano-Toscano |
|
Uva-Cão |
|
Verdelho |
|
Verdial-Branco |
|
Vinhão — Sousão |
|
Viosinho |
|
Vital |
|
Água -Santa |
8. Tuairisc ar na naisc
Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga
Mionsonraí faoin limistéar geografach is ábhartha maidir leis an nasc
Tosca nádúrtha
Limistéar in oirthuaisceart na Portaingéile, a bhfuil sraith sliabhraonta timpeall air agus cosaint aige dá mbarr ar thionchair sheachtracha, sliabhraonta ar a n-áirítear Serra de Santa Helena (1 102 m), Monte Raso (851 m), agus Serra da Nave – Leomil (1 015 m).
De bharr na sléibhte a bheith ina suí i bhfoirm triantáin tá saintréithe méiseolaíocha agus aeráide ar leith ag an réigiún agus bacainn nádúrtha aige in aghaidh na n-aermhaiseanna taise ón gcósta agus ó ghaotha garga na mórthíre.
Ar na príomhghnéithe a shainíonn an tírdhreach agus a chríochaíonn an réigiún i dtéarmaí geografacha agus aiceanta, tá an dá phríomhabhainn: an Távora agus an Varosa.
Aeráid ilchríochach mheasartha atá sa limistéar, rud a ndéanann topagrafaíocht an réigiúin an-difear dó. Bíonn an samhradh measartha te agus tirim, agus athraitheacht mhór teochta ann. Bíonn an geimhreadh fuar, agus tréimhsí fada seaca ann, mall sa séasúr corruair.
Faigheann sé méid measartha báistí, agus faigheann sé níos mó di sa gheimhreadh ná sa samhradh tráth a mbíonn ganntanas uisce ann sna míonna is teo. An bhogthaise choibhneasta bíonn sí sin beagán ard de bharr ceo a thagann isteach ó ghleann an Távora.
Is eárd atá sna hithreacha, den chuid is mó, créanna gainmheacha, eibhreacha, éadroma, atá ar bheagán acmhainneachta ó thaobh coinneáil uisce de agus a bhfuil cion íseal ábhair orgánaigh iontu, maille le cion ard potaisiam agus fosfair. Is ithreacha aigéadacha iad, go ginearálta.
Tosca daonna
Tá stair an táirgthe fíona sa réigiún seo nasctha go dlúth, ní hamháin le saintréithe geografacha an réigiúin, ach freisin le teacht manach de chuid na gCistéirseach chun an réigiúin sa 12ú haois. Thóg na manaigh mainistreacha agus eaglaisí agus chuir siad na chéad fhíonghoirt, sa réigiún ar a dtugtar “Terras de Cister” sa lá atá inniu ann.
Cuireann na cineálacha fíonchaor a fhástar le saintréith shonrach na dtáirgí fíona atá i dteideal an tsonrúcháin tionscnaimh gheografaigh seo, i dteannta tosca nádúrtha agus daonna eile. Chomh maith leis an iliomad cineálacha dúchasacha fíonchaor, rud a thugann saintréith réigiúnach láidir, tá cineálacha eile sa réigiún a tugadh isteach tráth nach rófhada ó shin agus atá in oiriúint go seoigh do na dálaí geografacha agus tírdhreacha agus a neartaíonn tábhacht an réigiúin mar réigiún fíonóireachta.
Saintréithe sonracha na bhfíonta a bhaineann leis an limistéar geografach
Fíonta úra is ea iad, ina ngabhann na nótaí aigéadacha treise ar an alcól agus ar an mblas milis.
Tá cumhracht éadrom orthu agus struchtúr éadrom iontu, arb é is saintréith dóibh an aigéadacht ard ó nádúr, an mhianracht agus an neart alcóil íseal, maille le léiriú maith aramatach ar na cineálacha fíonchaor.
Fíonta úra is ea na fíonta geala agus na fíonta rosé, agus is sonraíoch an chothromaíocht atá san aigéadacht iontu.
Fíonta éadroma, míne is ea na fíonta dearga, agus úire mhaith iontu.
Nasc cúisíoch
An chosaint a thugann an rilíf thopagrafach phríomha, tá sí ar cheann de phríomhshaintréithe an limistéir gheografaigh agus, chomh maith leis sin, tá tionchar aici ar an aeráid. Oibríonn an aeráid ar fhás agus aibiú na bhfíniúnacha agus ar an gcaoi sin imríonn sí tionchar díreach ar cháilíocht na bhfíonta. Is rífhurasta an tionchar seo a aithint ar mhíne na bhfíonta agus ar an léiriú aramatach atá iontu.
Mar go mbíonn an samhradh te, cruthaíonn sé sin dálaí maithe le haghaidh lánaibiú na bhfíonchaor, agus bíonn a chonách sin ar chuidí aramatach na bhfíonta. A bhuí leis an athraitheacht teochta laethúil le linn an tsamhraidh, féadann na fíonchaora an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an cion siúcra agus an leibhéal aigéadachta, agus bíonn a chonách sin, ó thaobh na cothromaíochta de, ar na fíonta a tháirgtear as na fíonchaora.
Tugann na hithreacha – ithreacha atá eibhreach aigéadach ó nádúr, den chuid is mó – agus an cion íseal ábhair orgánaigh atá iontu, tugann siad gné mhianrach do na fíonta agus cuidíonn siad go cinnte saintréith sin na hardaigéadachta ó nádúr a thabhairt dóibh.
Rud eile a tháinig de thopagrafaíocht an réigiúin go bhfuil saothrú fíniúnacha á dhéanamh sna sléibhte i dteannta cleachtais saothraithe traidisiúnta. Tháinig de sin na dálaí chun fíonta a tháirgeadh ag a bhfuil saintréithe sonracha, a aithnítear as an aigéadacht ard ó nádúr, as an úire bhreá, agus an gcarachtar agus an struchtúr maith.
Dá réir sin, na cineálacha atá oiriúnach chun fíonta a tháirgeadh sa réigiún mar go bhfuil siad in oiriúint go seoigh don aeráid, tá siad ar na fachtóirí is criticiúla a chinneann saintréithe cáilíochta na bhfíonta, go háirithe a saintréithe aramatacha.
9. Coinníollacha breise riachtanacha
Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Is féidir fíonta le TGFC “Terras de Cister” a tháirgeadh ó fhíonchaora a d’fhás laistigh den réigiún agus a fíonaíodh lasmuigh de, faoi réir údarú a fháil ar bhonn cás ar chás ón gcomhlacht deimhniúcháin, ar choinníoll nach mó ná 15 km atá áit na fíonóireachta ó theorainn an TGFC “Terras de Cister” agus go bhfuil tuairim fhabhrach tugtha ina leith sin ag comhlacht deimhniúcháin an réigiúin comharsanachta ina bhfuil na fíonchaora le fíonú.
Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
— |
Formheas roimh ré i ndáil leis an lipéadú: Ní mór na lipéid atá le húsáid ar tháirgí TGFC “Terras do Cister” a chur faoi bhráid an údaráis deimhniúcháin le haghaidh a bhformheasta. |
— |
Ní mór an trádmharc a chlárú leis an INMT [Institiúid Náisiúnta um Maoin Thionsclaíoch], ach ní trádmharc é ar leis an TGFC go heisiach é. |
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://www.ivv.gov.pt/np4/8616.html
Ceartúcháin
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 137/18 |
Ceartúchán ar Theachtaireacht i gcomhréir le hAirteagal 34 (7)(a)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach arna n-eisiúint ag údaráis chustaim na mBallstát i ndáil le haicmiú earraí san ainmníocht chustaim
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 114 an 29 Márta 2023 )
(2023/C 137/10)
Ar leathanach 32:
in ionad:
“Tuairimí maidir le haicmiú arna bhformheas ag an gCoiste um an gCóras Comhchuibhithe
1704.90/12 O/2
2106.10/3 O/3
2404.19/3 O/12
2933.39/1 P (*)
3002.49/1 P (**)
3917.10/1 O/4
4418.91/1 O/5
8432.80/1 O/6
8504.40/3 O/7
8539.51/1 O/14
9032.89/2 O/7
Tuairimí maidir le haicmiú arna scriosadh ag an gCoiste um an gCóras Comhchuibhithe
2106.90/5 O/17”,
léitear:
“Tuairimí maidir le haicmiú arna bhformheas ag an gCoiste um an gCóras Comhchuibhithe
1704.90/12 O/2
2106.10/3 O/3
2404.19/3 O/12
2933.39/1 P (*)
3002.49/1 P (**)
3917.10/1 O/4
4418.91/1 O/5
8432.80/1 O/6
8504.40/3 O/7
8539.51/1 O/14
9032.89/2 O/7
Tuairimí maidir le haicmiú arna scriosadh ag an gCoiste um an gCóras Comhchuibhithe
2106.90/5 O/17
(*) |
Tuairim 3808.93/1 a athuimhriú mar 2933.39/1 (HS2022) |
(**) |
Tuairim 3002.90/1 a athuimhriú mar 3002.49/1 (HS2022)”. |