ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 133I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
17 Aibreán 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 133 I/01

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Leasuithe ar an bhFógra ón gCoimisiún dar dteideal Treoirlínte forlíontacha maidir le srianta ingearacha i gcomhaontuithe um mótarfheithiclí a dhíol agus a dheisiú agus um dháileadh páirteanna spártha le haghaidh mótarfheithiclí

1


GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 133/1


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Leasuithe ar an bhFógra ón gCoimisiún dar dteideal “Treoirlínte forlíontacha maidir le srianta ingearacha i gcomhaontuithe um mótarfheithiclí a dhíol agus a dheisiú agus um dháileadh páirteanna spártha le haghaidh mótarfheithiclí”

(2023/C 133 I/01)

1.   

Leasaítear leis seo an fógra ón gCoimisiún dar dteideal “Treoirlínte forlíontacha maidir le srianta ingearacha i gcomhaontuithe um mótarfheithiclí a dhíol agus a dheisiú agus um dháileadh páirteanna spártha le haghaidh mótarfheithiclí” (1) mar a leanas.

2.   

I mír 2, cuirtear “Rialachán (AE) 2022/720 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe” in ionad “Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe”. Cuirtear “IO L 134, 11.5.2022, lch. 4” agus “IO C 248, 30.6.2022, lch. 1” faoi seach in ionad a bhfuil i bhfonótaí 3 agus 4.

3.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 17:

“(17)

Ní thairbheoidh comhaontuithe den Rialachán Blocdhíolúine maidir le Mótarfheithiclí má tá srianta dochta iontu. Liostaítear na srianta sin in Airteagal 4 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach agus in Airteagal 5 den Rialachán Blocdhíolúine maidir le Mótarfheithiclí. Ós rud é gur srianta tromchúiseacha ar an iomaíocht iad srianta dochta agus go meastar gurb é an toradh atá leo, de ghnáth, go ndéantar glandochar don iomaíocht, beidh na gnéithe seo a leanas ina dtreoir ag an gCoimisiún agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhaontuithe ingearacha san earnáil mótarfheithiclí ina bhfuil srianta dochta: (a) i gcás ina bhfuil srian docht de réir bhrí Airteagal 4 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach agus Airteagal 5 den Rialachán Blocdhíolúine maidir le Mótarfheithiclí mar chuid de chomhaontú, is dócha go dtiocfaidh an comhaontú sin faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh; agus (b) comhaontú a bhfuil srian docht de réir bhrí Airteagal 4 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach agus Airteagal 5 den Rialachán Blocdhíolúine maidir le Mótarfheithiclí mar chuid de, ní dócha go gcomhlíonfaidh an comhaontú sin coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. Mar sin féin, féadfaidh gnóthas a léiriú go gcomhlíonann comhaontú den sórt sin coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh sa chás ar leith. Chun na críche sin, ní mór don ghnóthas cruthúnas a thabhairt gur dócha go mbeidh éifeachtúlachtaí ann agus gur dócha go mbeidh na héifeachtúlachtaí mar thoradh ar an srian docht a bheith mar chuid den chomhaontú, agus é ag léiriú ina theannta sin go gcomhlíontar coinníollacha carnacha eile Airteagal 101(3) den Chonradh.”.

4.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 19:

“(19)

Ciallaíonn ‘páirteanna bunaidh nó trealamh bunaidh’ páirteanna nó trealamh a mhonaraítear de réir na sonraíochtaí agus na gcaighdeán táirgthe a sholáthraíonn monaróir na mótarfheithicle chun páirteanna nó trealamh a tháirgeadh le haghaidh chóimeáil na mótarfheithicle i gceist (féach an dara mír d’Airteagal 55(5) de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid teicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus maidir le faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (2)).”.

5.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 21:

“In Airteagal 4(f) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach, meastar gur srian docht i gcomhaontú idir soláthróir comhpháirteanna agus ceannaitheoir a ionchorpraíonn na comhpháirteanna sin cosc nó srian a chur le cumas an tsoláthróra a chomhpháirteanna a dhíol le húsáideoirí deiridh, le deisitheoirí neamhspleácha, mórdhíoltóirí nó soláthraithe seirbhíse eile nach gcuireann an ceannaitheoir de chúram orthu a chuid earraí a dheisiú nó a sheirbhísiú.”.

6.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dá abairt dheireanacha de mhír 26:

“Maidir le hoibleagáidí gan dul in iomaíocht atá in-athnuaite go hintuigthe ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana, cumhdaítear leis na Rialacháin Bhlocdhíolúine iad, ar choinníoll gur féidir leis an gceannaitheoir an comhaontú ingearach ina bhfuil an oibleagáid a athchaibidliú nó a fhoirceannadh le tréimhse fógra réasúnach agus ar chostas réasúnach, lena gceadaítear don cheannaitheoir a sholáthróir a athrú go héifeachtach tar éis dhul in éag na tréimhse 5 bliana.”.

7.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 31:

“In Airteagal 1(1)(f) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach sainmhínítear oibleagáid gan dul in iomaíocht mar ‘aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a fhágann nach ndéanann an ceannaitheoir earraí nó seirbhísí a rachadh in iomaíocht le hearraí nó seirbhísí an chonartha a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol, sin nó aon oibleagáid dhíreach nó indíreach ar an gceannaitheoir gur ón soláthróir nó ó ghnóthas eile atá ainmnithe ag an soláthróir a cheannóidh an ceannaitheoir níos mó ná 80 % dá cheannacháin iomlána d’earraí nó seirbhísí an chonartha agus a n-ionadaithe ar an margadh ábhartha, arna ríomh ar bhonn luach a cheannachán sa bhliain féilire roimhe sin nó, i gcás inarb é sin an cleachtas caighdeánach sa tionscal, ar bhonn mhéid na gceannachán sin.”.

8.   

I mír 34, cuirtear “Féach na Treoirlínte Ingearacha Ginearálta ag mír 310” in ionad a bhfuil i bhfonóta 19.

9.   

I mír 38, cuirtear “Roinn 8.2.1 de na Treoirlínte Ingearacha Ginearálta” in ionad “Roinn VI.2.1 de na Treoirlínte Ingearacha Ginearálta”.

10.   

I mír 40, cuirtear “Roinn 8.2.1 de na Treoirlínte Ingearacha Ginearálta” in ionad “Roinn VI.2.1 de na Treoirlínte Ingearacha Ginearálta”.

11.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 44:

“(44)

Cé go gcuirtear teorainn le líon na ndáileoirí nó na ndeisitheoirí go hindíreach i ngeall ar chritéir cháilíochtúla, trí choinníollacha a fhorchur nach féidir leo uile a chomhlíonadh, cuirtear teorainn le líon na ndáileoirí nó na ndeisitheoirí i ngeall ar chritéir chainníochtúla trí bhíthin, mar shampla, a líon a shocrú.”.

12.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 46:

“(46)

Déanfar measúnú ar chomhaontuithe um dháileadh roghnaitheach i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach i Roinn 4.6.2 de na Treoirlínte Ingearacha Ginearálta. Leis na Rialacháin Bhlocdhíolúine díolmhaítear comhaontuithe um dháileadh roghnaitheach, gan beann ar chineál an táirge nó ar chineál na gcritéar roghnaitheach a chuirtear i bhfeidhm, bíodh siad cainníochtúil nó cáilíochtúil, fad is nach mó ná 30 % na sciartha den mhargadh atá ag na páirtithe. Mar sin féin, ní fhaightear an díolúine sin ach amháin má tá na comhaontuithe saor ó aon cheann de na srianta dochta a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach agus in Airteagal 5 den Rialachán Blocdhíolúine maidir le Mótarfheithiclí, agus ó aon cheann de na srianta eisiata faoina dtugtar tuairisc in Airteagal 5 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach nach féidir a ghearradh ón gcuid eile den chomhaontú. I gcás inar féidir an srian eisiata a ghearradh, tairbhíonn an chuid eile den chomhaontú ingearach den bhlocdhíolúine go fóill.”.

13.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 47:

“(47)

Tá trí shrian dhochta sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach a bhaineann go sonrach le dáileadh roghnaitheach. In Airteagal 4(c)(i) de meastar gur srian docht é an srian a chuirtear leis an gcríoch ina bhféadfaidh baill de chóras dáileacháin roghnaitheach earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, nó srian a chuirtear leis na custaiméirí lena bhféadfaidh baill de chóras dáileacháin roghnaitheach earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach. Tá eisceachtaí ón srian docht sin ann amhail srian a chur le díol gníomhach a dhéanann baill de chóras dáileacháin roghnaitheach agus a gcuid custaiméirí i gcríoch eile nó le grúpa custaiméirí a choimeádtar go heisiach don soláthróir nó a leithdháileann an soláthróir ar chúig dháileoir eisiacha ar a mhéad (Airteagal 4(c)(i)(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach); srian a chur le díol gníomhach agus éighníomhach a dhéanann baill de chóras dáileacháin roghnaitheach le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe laistigh den chríoch ina bhfuil córas den sórt sin á oibriú (Airteagal 4(c)(i)(2) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach); srian a chur le háit bhunaithe na mball den chóras dáileacháin roghnaitheach (Airteagal 4(c)(i)(3) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach); srian a chur le díol gníomhach nó éighníomhach le húsáideoirí deiridh a dhéanann baill den chóras dáileacháin roghnaitheach atá ag oibriú ar leibhéal mórdhíola na trádála (Airteagal 4(c)(i)(4) den Rialachán Ginearálta Blocdhíolúine Ingearach); agus srian a chur leis an gcumas comhpháirteanna a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, ar comhpháirteanna iad a sholáthraítear lena n-ionchorprú, le custaiméirí a bhainfeadh úsáid astu chun earraí a mhonarú den chineál céanna agus a tháirgeann an soláthróir (Airteagal 4(c)(i)(5) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach). In Airteagal 4(c)(ii) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach meastar gur srian docht an srian a chuirtear le cros-soláthairtí idir dáileoirí laistigh de chóras dáileacháin roghnaitheach ar dáileoirí iad a oibríonn ar an leibhéal céanna nó ar leibhéil éagsúla trádála. In Airteagal 4(c)(iii) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach meastar gur srian docht an srian a chuirtear le díol gníomhach nó éighníomhach le húsáideoirí deiridh a dhéanann baill de chóras dáileacháin roghnaitheach atá ag oibriú ar leibhéal miondíola na trádála, gan dochar do na heisceachtaí a luaitear in Airteagal 4(c)(i)(1) agus Airteagal 4(c)(i)(3) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine Ingearach. Tá ábharthacht ar leith ag na trí shrian dhochta sin maidir le dáileadh mótarfheithiclí.”.

14.   

I mír 51, cuirtear “Airteagal 4(c)(iii)” in ionad “Airteagal 4(c)”.

15.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 53:

“(53)

Mar a mhínítear i mír 146 de na Treoirlínte Ingearacha Ginearálta, ar na rioscaí iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dháileadh roghnaitheach tá laghdú ar an iomaíocht aonbhranda agus, go háirithe i gcás ina bhfuil éifeacht charnach, cosc ar chineálacha áirithe dáileoirí, chomh maith le maolú ar an iomaíocht agus éascú an claonpháirteachais idir soláthróirí nó ceannaitheoirí, mar gheall ar an teorainn a chuirtear leis an líon ceannaitheoirí.”.

16.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí de mhír 54:

“Féadfaidh dáileadh roghnaitheach nach bhfuil ach cáilíochtúil a theacht lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh ar choinníoll go gcomhlíontar na trí choinníoll a leagtar síos i mír 43 de na Treoirlínte seo.”.

17.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí de mhír 60:

“Chun na críche sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thrí chineál shonracha iompair a d’fhéadfadh srian a chur le hiomaíocht den sórt sin, is iad sin cosc a chur ar rochtain oibreoirí neamhspleácha ar ionchuir fhíor-riachtanacha, mí-úsáid a bhaint as na barántaí dlíthiúla agus/ nó barántaí leathnaithe chun deisitheoirí neamhspleácha a eisiamh, nó rochtain ar líonraí deisitheoirí údaraithe a chur de choinníoll ar chritéir neamh-cháilíochtúla.”.

18.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil roimh mhír 62:

“Rochtain oibreoirí neamhspleácha ar ionchuir fhíor-riachtanacha”.

19.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 62:

“(62)

‘Féadfaidh dáileadh roghnaitheach nach bhfuil ach cáilíochtúil a theacht lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh ar choinníoll go gcomhlíontar na trí choinníoll a leagtar amach i mír 43 de na Treoirlínte seo. Agus é sin san áireamh, féadfaidh comhaontuithe um dháileadh roghnaitheach cáilíochtúil a tugadh i gcrích le deisitheoirí údaraithe agus/ nó le dáileoirí údaraithe páirteanna a theacht faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh más rud é, laistigh de chomhthéacs na gcomhaontuithe sin, go ngníomhaíonn ceann de na páirtithe ar shlí a choinníonn oibreoirí neamhspleácha ón margadh, cuir i gcás mura gcuirtear ionchuir ar fáil dóibh amhail faisnéis theicniúil, uirlisí, oiliúint agus sonraí arna nginiúint ag feithiclí, ar ionchuir iad atá fíor-riachtanach le haghaidh obair dheisiúcháin agus chothabhála. Sa chomhthéacs sin, áirítear le coincheap na n-oibreoirí neamhspleácha deisitheoirí neamhspleácha, monaróirí agus dáileoirí páirteanna spártha, monaróirí agus dáileoirí trealaimh deisiúcháin nó uirlisí deisiúcháin, foilsitheoirí faisnéise teicniúla, agus foilsitheoirí sonraí arna nginiúint ag feithiclí, clubanna gluaisteán, oibreoirí cabhrach ar thaobh an bhóthair, oibreoirí a chuireann seirbhísí iniúchta agus tástála ar fáil agus oibreoirí a chuireann oiliúint ar fáil do dheisitheoirí.”.

20.   

Cuirtear an mhír 62a seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 62:

“(62a)

Nuair atá breithniú á dhéanamh an bhféadfadh na comhaontuithe i gceist a theacht faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh de thoradh ítim ar leith, amhail ítimí a bhaineann leis na catagóirí ionchuir a leagtar amach i mír 62 de na Treoirlínte seo, a choinneáil siar, ba cheart roinnt fachtóirí a chur san áireamh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

má choinnítear siar an ítim i gceist an mbeidh tionchar suntasach aige sin ar chumas oibreoirí neamhspleácha a gcúraimí a dhéanamh agus srian iomaíochta a fheidhmiú ar an margadh (i.e. tá an ítim fíor-riachtanach le haghaidh deisiúcháin agus cothabhála);

(b)

an gcuirtear an ítim i gceist ar fáil do bhaill den líonra deisiúcháin údaraithe iomchuí; más rud é go gcuirtear ar fáil í don líonra údaraithe i bhfoirm ar bith, ba cheart í a chur ar fáil freisin d’oibreoirí neamhspleácha ar bhonn neamh-idirdhealaitheach;

(c)

an n-úsáidfear an ítim i gceist ar deireadh (3) chun mótarfheithiclí a dheisiú agus a chothabháil, nó an bhféadfadh cuspóir eile a bheith i gceist (4), mar shampla chun páirteanna spártha nó uirlisí a mhonarú.”.

21.   

Cuirtear an mhír 62b seo a leanas isteach i ndiaidh an mhír 62a nua:

“(62b)

Nuair atá breithniú á dhéanamh acu ar ítim faoi leith atá fíor-riachtanach le haghaidh deisiúcháin agus cothabhála, amhail ítimí a bhaineann leis na catagóirí ionchuir a leagtar amach i mír 62 de na Treoirlínte seo, a choinneáil siar ar fhorais slándála, ba cheart do na páirtithe measúnú a dhéanamh an bealach comhréireach é sin chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní slándála i gceist. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh scrúdú a dhéanamh féachaint go háirithe an mba leor bearta nach mbeadh chomh sriantach sin.”.

22.   

Cuirtear an ceannteideal seo a leanas isteach roimh mhír 63:

“Faisnéis theicniúil”.

23.   

Cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag tús mhír 63:

“(63)

D’fhéadfadh sé gur ionchur fíor-riachtanach í an fhaisnéis theicniúil le haghaidh gníomhaíochtaí deisiúcháin agus cothabhála. Chun a chinneadh an ionchur fíor-riachtanach le haghaidh gníomhaíochtaí deisiúcháin agus cothabhála í ítim áirithe faisnéise teicniúla, tá na critéir a leagtar amach i mír 62a de na Treoirlínte le cur san áireamh. Ba cheart faisnéis theicniúil a idirdhealú ó chineálacha eile faisnéise, amhail faisnéis tráchtála (5), ar faisnéis í a fhéadfar a choinneáil siar go dlisteanach.”.

24.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 65:

“(65)

Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE, déantar foráil, inter alia, maidir le córas chun faisnéis faoi dheisiúchán agus cothabháil a scaipeadh i leith mótarfheithiclí. Thairis sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1244 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis slándála feithiclí (6) leagtar síos nós imeachta sonrach chun oibreoirí neamhspleácha a cheadú agus a údarú rochtain a fháil ar ghnéithe slándála feithiclí. Cuirfidh an Coimisiún na Rialacháin sin san áireamh nuair atá measúnú á dhéanamh aige ar chásanna ina bhfuil amhras ann go ndearnadh faisnéis theicniúil faoi dheisiúchán agus faoi chothabháil a choinneáil siar.”.

25.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 66:

“(66)

Leis an dul chun cinn teicneolaíoch tugtar le fios gur luaineach an rud é coincheap na faisnéise teicniúla. Faoi láthair, mar shamplaí ar leith d’fhaisnéis theicniúil tá bogearraí, lochtchóid agus paraiméadair eile, mar aon le nuashonruithe, rudaí atá riachtanach chun obair a dhéanamh ar aonaid rialaithe leictreonacha, ardchórais chuidithe tiománaithe agus córas bainistithe ceallra le haghaidh feithiclí leictreacha d’fhonn socruithe a mholann an soláthróir a thabhairt isteach nó a athbhunú, uimhreacha aitheantais mótarfheithiclí nó modhanna eile aitheantais mótarfheithiclí, catalóga páirteanna, nósanna imeachta deisiúcháin agus cothabhála, réitigh oibre a thagann ó thaithí phraiticiúil agus a bhaineann le fadhbanna a dhéanann difear go tipiciúil do shamhail nó baisc ar leith, agus fógraí aisghairme chomh maith le fógraí eile ina shainaithnítear deisiúcháin a bhféadfar a dhéanamh saor in aisce laistigh den líonra deisiúcháin iomchuí. An páirtchóid agus aon fhaisnéis eile is gá chun an páirt spártha cheart a shainaithint a bhfuil branda mhonaróir an ghluaisteáin air agus a fheileann do mhótarfheithicil ar leith (is é sin le rá an pháirt a sholáthródh monaróir an ghluaisteáin do bhaill a líonraí údaraithe deisiúcháin de ghnáth chun an fheithicil i gceist a dheisiú), is faisnéis theicniúil iad siúd (7), agus is faisnéis theicniúil í freisin na cóid ghníomhachtúcháin is gá chun páirteanna athsholáthair áirithe a shuiteáil. ‘Ba cheart na ceanglais ábhartha agus na liostaí ábhartha ítimí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/858 a úsáid freisin mar threoir don fhaisnéis sin a mheasann an Coimisiún a bheith ina faisnéis theicniúil chun Airteagal 101 den Chonradh a chur i bhfeidhm.”.

26.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí de mhír 67:

“Mar sin féin, le hAirteagal 101 den Chonradh ní chuirtear oibleagáid ar sholáthróir faisnéis theicniúil a sholáthar i bhformáid chaighdeánaithe ná trí chóras teicniúil sainithe, amhail caighdeán EN ISO 18541 – 2014 ná in aon fhormáid ná córas teicniúil dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 295/2009 ón gCoimisiún an 18 Márta 2009 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (8).”.

27.   

I ndiaidh mhír 67, cuirtear isteach an ceannteideal agus an mhír 67a seo a leanas:

“Sonraí arna nginiúint ag feithiclí

(67a)

Sa mhéid go bhfuil sonraí arna nginiúint ag feithiclí fíor-riachtanach le haghaidh deisiúcháin agus cothabhála, beidh feidhm ag na gnéithe a leagtar amach i míreanna 62 go 67 de na Treoirlínte seo freisin maidir lena n-infhaighteacht d’oibreoirí neamhspleácha. Chun cinneadh a dhéanamh an ionchur fíor-riachtanach le haghaidh gníomhaíochtaí deisiúcháin agus cothabhála í ítim áirithe sonraí arna nginiúint ag feithiclí, tá na critéir a leagtar amach i mír 62a de na Treoirlínte seo le cur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na caighdeáin atá ann cheana agus ceanglais ábhartha Rialachán (AE) 2018/858 a úsáid mar threoir (9).”.

28.   

Cuirtear an ceannteideal seo a leanas isteach roimh Airteagal 68:

“Uirlisí agus oiliúint”.

29.   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 68:

“(68)

Sa mhéid go bhfuil uirlisí agus/ nó oiliúint fíor-riachtanach le haghaidh deisiúcháin agus cothabhála, beidh feidhm ag na gnéithe a leagtar amach i míreanna 62 go 67 de na Treoirlínte seo freisin maidir lena n-infhaighteacht d’oibreoirí neamhspleácha. Chun cinneadh a dhéanamh an ionchur fíor-riachtanach le haghaidh gníomhaíochtaí deisiúcháin agus cothabhála í uirlis ar leith agus/ nó ítim oiliúna ar leith, tá na critéir a leagtar amach i mír 62a de na Treoirlínte seo le cur san áireamh. Áirítear le ‘uirlisí’ sa chomhthéacs seo uirlisí diagnóiseacha leictreonacha agus uirlisí deisiúcháin eile, mar aon le bogearraí gaolmhara, lena n-áirítear nuashonruithe tréimhsiúla orthu, agus seirbhísí iardhíola le haghaidh uirlisí den sórt sin.”.

30.   

I ndiaidh mhír 68, cuirtear isteach an ceannteideal agus an mhír 68a seo a leanas:

“Gnéithe eile

(68a)

Má choinnítear siar ítim ar leith, amhail ionchur fíor-riachtanach a bhaineann leis na catagóirí a leagtar amach i míreanna 62 go 68 de na Treoirlínte seo, lena n-áirítear sonraí arna nginiúint ag feithiclí, ar ítim í nach gcuireann monaróirí mótarfheithiclí ar fáil do bhaill den líonra deisiúcháin údaraithe iomchuí, d’fhéadfaí gurb ionann sin agus mí-úsáid faoi Airteagal 102 den Chonradh i gcás ina gcoinníonn príomhsholáthróir an ítim sin siar ó oibreoirí neamhspleácha (10).”.

(1)  IO C 138, 28.5.2010, lch. 16.

(2)  IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.

(3)  Amhail faisnéis a sholáthraítear d’fhoilsitheoirí lena hathsholáthar do dheisitheoirí mótarfheithiclí.

(4)  Faisnéis a úsáidtear chun páirt spártha a fheistiú ar mhótarfheithicil nó chun uirlis a úsáid ar mhótarfheithicil, ba cheart í a mheas mar fhaisnéis a úsáidtear le haghaidh deisiúcháin agus cothabhála, ach faisnéis faoin dearadh, faoin bpróiseas táirgthe nó faoi na hábhair a úsáidtear chun páirt spártha a mhonarú, níor cheart a mheas go dtagann sí faoin gcatagóir sin, agus féadfar, dá bhrí sin, í a choinneáil siar.

(5)  Chun críocha na dTreoirlínte seo, is éard is faisnéis tráchtála ann faisnéis a úsáidtear chun gnó deisiúcháin agus cothabhála a dhéanamh ach nach bhfuil gá léi chun mótarfheithiclí a dheisiú nó a chothabháil. I measc na samplaí tá bogearraí billeála, nó faisnéis faoi tharaifí in aghaidh na huaire a ghearrtar laistigh den líonra údaraithe.

(6)  IO L 272, 30.7.2021, lch. 16.

(7)  Níor cheart go mbeadh ar an oibreoir neamhspleách an pháirt spártha i gceist a cheannach chun bheith in ann teacht ar an bhfaisnéis sin.

(8)  IO L 95, 9.4.2009, lch. 7.

(9)  Áirítear leis sin infhaighteacht na sonraí sin d’oibreoirí neamhspleácha chun gníomhaíochtaí deisiúcháin agus cothabhála a dhéanamh a dhéantar le tacaíocht ó líonraí achair fhairsing gan sreang. Féach Airteagal 61(11) de Rialachán (AE) 2018/858.

(10)  Maidir leis an tástáil a leag cúirteanna an Aontais síos faoi Airteagal 102 CFAE chun go measfar gur mí-úsáid atá i gceist le diúltú soláthair, féach inter alia Cás C-7/97 Oscar Bronner GmbH & Co. KG v Mediaprint Zeitungs- und Zeitschriftenverlag GmbH & Co. KG, Mediaprint Zeitungsvertriebsgesellschaft mbH & Co. KG agus Mediaprint Anzeigengesellschaft mbH & Co. KG, ECLI:EU:C:1998:569; Cásanna uamtha C-241/91 P agus C-242/91 P, Radio Telefis Eireann (RTE) agus Independent Television Publications Ltd (ITP) v an Coimisiún, ECLI:EU:C:1995:98; Cás T-201/04, Microsoft Corp. v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2007:289; agus Cás C-165/19 P, Slovak Telekom, a.s. v an Coimisiún, ECLI:EU:C:2021:239.