|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 128 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 128/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10992 – KAUFLAND / SCP REAL ASSETS) ( 1 ) |
|
|
2023/C 128/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11003 — DTC / IRCP / DIAMOND TRANSMISSION PARTNERS / OFTO BUSINESS) ( 1 ) |
|
|
2023/C 128/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11081 – MARCEGAGLIA CARBON STEEL / SIA SEVERSTAL DISTRIBUTION) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 128/04 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 128/05 |
||
|
2023/C 128/06 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
12.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 128/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10992 – KAUFLAND / SCP REAL ASSETS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 128/01)
An 8 Márta 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i nGearmáinis amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M10992. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
12.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 128/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11003 — DTC / IRCP / DIAMOND TRANSMISSION PARTNERS / OFTO BUSINESS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 128/02)
An 15 Márta 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11003. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
12.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 128/3 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.11081 – MARCEGAGLIA CARBON STEEL / SIA SEVERSTAL DISTRIBUTION)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 128/03)
An 3 Aibreán 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11081. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
12.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 128/4 |
Rátaí malairte an euro (1)
11 Aibreán 2023
(2023/C 128/04)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0905 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
145,28 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4505 |
|
GBP |
punt steirling |
0,87738 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,4255 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9868 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
149,50 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,5435 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,469 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
375,23 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,6690 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9375 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
21,0333 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6387 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4732 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,5603 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7566 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4526 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 441,82 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
19,9013 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,5080 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 263,25 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,8184 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
59,996 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
37,361 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,5072 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
19,7901 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
89,5205 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
12.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 128/5 |
Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún
(2023/C 128/05)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).
Formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint de thionscnamh Ballstáit a chur in iúl
“Jabugo”
Uimh. AE: PDO-ES-0009-AM03
Dáta teachtaireachta: 18.1.2023
TGFC ( ) STFC (X)
1. Ainm an táirge
“Jabugo”
2. An Ballstát ina bhfuil an limistéar geografach
An Spáinn
3. Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl
An Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia
4. Tuairisc ar an leasú (na leasuithe) formheasta
1. Am aibithe
Tuairisc
(E) Modh táirgthe
Is é an chúis leis an leasú faoi “Modh táirgthe” ná, sa dá leasú ar an tsonraíocht a cláraíodh leis an gCoimisiún Eorpach, baineadh an t-am aibithe íosta le haghaidh liamhás agus liamhása gualainne trí thimpiste. Is gá dá bhrí sin é a thabhairt ar ais chun an nasc a ráthú, agus an ráiteas go “bhfaigheann siad saintréithe an limistéir próiseála le haghaidh STFC ‘Jabugo’ go nádúrtha” a threisiú.
Cuireadh an téacs seo a leanas leis:
“Ní mór go dtógfadh an chéim seo 360 lá ar a laghad le haghaidh liamhás agus 180 lá ar a laghad le haghaidh liamhása gualainne”.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
2. Mionsonraí an údaráis inniúil a thabhairt cothrom le dáta
Tuairisc
(G) Comhlacht cigireachta
Tugadh mionsonraí an údaráis inniúil cothrom le dáta sa tsonraíocht.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
3. Lipéadú táirgí a dhíoltar agus iad slisnithe nó díchnámhaithe
Tuairisc
Cuireadh tuairisc ar an mbealach a n-aithnítear na táirgí agus iad á ndíol ina sliseanna, gearrtha ina sciartha, díchnámhaithe, etc., le Roinn H (Lipéadú) den tsonraíocht agus le pointe 3.6 den doiciméad aonair.
Cuireadh an téacs seo a leanas leis:
Agus iad á ndíol ina sliseanna, ní mór lipéad deimhniúcháin uimhrithe STFC “Jabugo” a bheith orthu, nach mór dóibh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh a léiriú go feiceálach.
Agus iad á ndíol díchnámhaithe, ní mór ainm an tsonrúcháin tionscnaimh agus cód aitheantais an oibreora a bhrandáil te orthu, agus ní mór lipéad deimhniúcháin uimhrithe STFC “Jabugo” a bheith orthu, nach mór dóibh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh a léiriú air go feiceálach.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
“Jabugo”
2. Ballstát nó tríú tír
An Spáinn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia
3.1. An cineál táirge
Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Tá na bun-saintréithe seo a leanas ag liamhása agus liamhása gualainne STFC “Jabugo”:
Cuma sheachtrach: gnáthphróifíl shínte, stílithe an ghearrtha thraidisiúnta serrano “V”. Ceadaítear an gearradh “leath-ghealaí” le haghaidh liamhása gualainne freisin. Sa dá chás, fágtar an crúibín air.
Meáchan: 5,75 kg le haghaidh liamhás agus 3,7 kg le haghaidh liamhása gualainne ar a laghad.
Cuma sheachtrach: cuma sheachtrach shaintréitheach agus ghlan, agus is iad na dathanna is mó dath bán nó dath gormliath dorcha a fhlóra mhíocóisigh. Dath agus cuma agus é gearrtha: dath saintréitheach idir bándearg agus scothchorcra, agus cuma lonrach agus é gearrtha, agus stríoca fíocháin shailligh agus marmair.
Blas agus dea-bholadh: tá blas na feola fíneálta, milis agus níl sí an-ghoirt. Tá dea-bholadh tipiciúil, deas aici.
Raimhre agus uigeacht: tá raimhre theann ag an matán, agus tá an fíochán sailleach beagán gréisceach agus tugann sé uaidh le brú. Níl sé an-snáithíneach ach tá an uigeacht an-ghrabhrógach.
Saill: gréisceach agus dlúth, lonrach, dath buí-bán, aramatach agus blas deas. Tá éagsúlach sa raimhre de réir sciar dearcán san aiste bia. Is liamhása agus liamhása gualainne iad sin a tháirgtear 100 % ó mhuca Ibéaracha folaíochta ar an mbealach traidisiúnta, muca a bheathaítear go heisiach ar dhearcáin agus ar acmhainní nádúrtha eile an dehesa (sabhána darach) le linn na tréimhse beathaithe measa, agus a leasaítear go nádúrtha i miocraeráid La Sierra i gcúige Huelva.
Ní mór don phróiseas chun liamhása a dhéanamh 600 lá a thógáil ar a laghad le haghaidh liamhása atá níos lú ná 7 kg, 730 lá le haghaidh liamhása atá 7 kg nó níos mó agus 365 lá le haghaidh liamhása gualainne.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
I gcás na gcos tosaigh agus na gcos deiridh a úsáidtear chun liamhása agus liamhása gualainne STFC “Jabugo” a dhéanamh, ní mór go dtagann siad ó mhuca Ibéaracha folaíochta 100 % ag a bhfuil aiste bia roimh mharú, i gcomhréir le téarmaí áitiúla a úsáidtear, a chomhfhreagraíonn le:
|
(a) |
Muca a bheathaítear ar dhearcáin nó a chríochnaítear ar mheas: tá na muca sin beartaithe lena marú láithreach tar éis a mbeathaithe go heisiach ar dhearcáin agus ar fhéara ar na dehesas darach toilm, coirc agus gáil. Ní mór do mheánmheáchan na coinsíneachta ag tús an bheathaithe measa a bheith idir 92 kg agus 115 kg. Ní mór do na muca 46 kg meáchan a chur suas ar a laghad le linn beathú measa i gcaitheamh níos mó ná 60 lá. Ní mór do mheáchan na gconablach aonair a bheith 108 kg ar a laghad. Na muca sin, a thógtar ar an mbealach traidisiúnta agus a bheathaítear go heisiach ar dhearcáin agus ar acmhainní nádúrtha eile an dehesa le linn na tréimhse beathaithe- measa, a tharlaíonn idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 31 Márta, maraítear ag aois 14 mhí ar a laghad iad. |
Cuimsíonn an limistéar táirgthe, ina ramhraítear na muca Ibéaracha a sholáthraíonn an t-amhábhar le haghaidh na dtáirgí cosanta, dehesas fairsinge i réigiúin mhóra fhairsinge Extremadura agus na hAndalúise. Is iad na príomhthosca a chinntíonn cáilíocht na muc agus dá réir sin cáilíocht orgánaileipteach na liamhás agus na liamhás gualainne cosanta ina ndiaidh sin agus a thugann do liamhása agus liamhása gualainne STFC “Jabugo” a gcáilíocht shuaithinseach agus a saintréithe, aiste bia na muc agus a mbainistíocht faoi chóras fairsing feirmeoireachta le linn na céime ramhraithe deiridh, ag baint úsáid iomlán as acmhainní an dehesa, i.e. dearcáin, lusra nádúrtha agus coinleach.
Níor cheart go mbeadh dlúth an bheostoic níos mó ná 1,25 muc in aghaidh an heicteáir agus cinntítear do gach feirm é ar bhonn meastachán ar cháilíocht na ndearcán ar na crainn darach toilm, coirc agus gáil atá ar fáil do na muca ar gach féarach ar mhórán dearcáin.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór na muca a thógáil agus a ramhrú sa limistéar táirgthe. Ní mór an phróiseáil (marú, búistéireacht, sailleadh, glanadh, suí, triomú agus aibiú) a dhéanamh sa limistéar próiseála.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Is féidir liamhása agus liamhása gualainne deimhnithe a dhíol díchnámhaithe, ina sciartha nó ina bpíosaí, ar choinníoll go bhfuil córas oiriúnach féinfhaireacháin, pacáistithe agus lipéadaithe i bhfeidhm agus ar choinníoll gur glacadh leis an bprótacal fíorúcháin a d’fhorbair an comhlacht bainistíochta chun inrianaitheacht agus tionscnamh an táirge chríochnaithe a ráthú agus go gcomhlíontar é. Chun na críche sin, ní mór fógra a thabhairt don chomhlacht bainistíochta maidir leis an gcleachtas sin.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór séala a ghreamú de liamhása agus de liamhása gualainne ag an seamlas agus lipéad a ghreamú díobh agus iad ag imeacht ón siléar aibithe, agus baineann an dá cheann go sonrach le STFC “Jabugo” agus ní mór dóibh a bheith uimhrithe agus ainm an tsonrúcháin tionscnaimh a thaispeáint go feiceálach orthu. Agus iad á ndíol ina sliseanna, ní mór lipéad deimhniúcháin uimhrithe STFC “Jabugo” a bheith orthu, nach mór dóibh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh a léiriú go feiceálach. Agus iad á ndíol díchnámhaithe, ní mór ainm an tsonrúcháin tionscnaimh agus cód aitheantais an oibreora a bhrandáil te orthu, agus ní mór lipéad deimhniúcháin uimhrithe STFC “Jabugo” a bheith orthu, nach mór dóibh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh a léiriú air go feiceálach.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Cuimsíonn an limistéar táirgthe na bardais sna ceantair seo a leanas ina bhfuil dehesas darach toilm, coirc agus gáil i gcúigí Cáceres agus Badajoz in Extremadura agus i gcúigí Seville, Córdoba, Huelva, Cádiz agus Málaga san Andalúis:
|
— |
Cáceres: Cáceres, Trujillo, Brozas, Valencia de Alcántara, Logrosán, Navalmoral de la Mata, Jaraiz de la Vera, Plasencia, Hervás agus Coria |
|
— |
Badajoz: Alburquerque, Mérida, Don Benito, Puebla de Alcocer, Herrera del Duque, Badajoz, Almendralejo, Castuera, Olivenza, Jerez de los Caballeros, Llerena agus Azuaya |
|
— |
Seville: Sierra Norte |
|
— |
Córdoba: Los Pedroches, La Sierra agus Campiña Baja |
|
— |
Huelva: La Sierra, Andévalo Occidental, Andévalo Oriental agus Condado Campiña |
|
— |
Cádiz: La Sierra, La Janda, Campo de Gibraltar agus Campiña |
|
— |
Málaga: Serranía de Ronda |
Cuimsíonn an limistéar próiseála an 31 bhardas i gceantar La Sierra i gcúige Huelva: Alájar, Almonaster la Real, Aracena, Aroche, Arroyomolinos de León, Cala, Campofrío, Cañaveral de León, Castaño de Robledo, Corteconcepción, Cortegana, Cortelazor, Cumbres de Enmedio, Cumbres de San Bartolomé, Cumbres Mayores, Encinasola, Fuenteheridos, Galaroza, La Granada de Río Tinto, Higuera de la Sierra, Hinojales, Jabugo, Linares de la Sierra, Los Marines, La Nava, Puerto Moral, Rosal de la Frontera, Santa Ana la Real, Santa Olalla del Cala, Valdelarco agus Zufre.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Comhfhreagraíonn an limistéar táirgthe do dehesas faoi chrainn de chuid Extremadura agus na hAndalúise. Is é an limistéar próiseála le haghaidh STFC “Jabugo” an rud is tábhachtaí a mhéid a bhaineann le hidirdhealú a dhéanamh idir an limistéar agus limistéir eile ina dtáirgtear liamhás Ibéarach sa Spáinn. Tá sé teoranta do La Sierra de Huelva agus tá na saintréithe seo a leanas aige:
Tírdhreach
Is é La Sierra de Huelva an ceantar is faide ó thuaidh i gcúige Huelva agus tá sé i mbunchnoic deireanacha (is faide siar) Sierra Morena. Cruthaítear lena 31 bhardas limistéar aonfhoirmeach laistigh de chúige Huelva. Tá an talamh sách garbh, ach ní rangaítear na sléibhte ach mar mheánairde, toisc gur chruthaigh gníomh líonra na n-aibhneacha líon mór droimeanna sléibhe ag athrú le gleannta. Tá na hairdí is ísle i limistéir an cheantair is faide amach agus ardaíonn siad de réir a chéile i dtreo a láir, a chríochnaíonn i “dtriantán lárnach” ar a dtugtar Serranía de Aracena. Tá na hairdí idir 500 m agus 1 042 m (Cumbre del Castaño), agus thart ar 700 m ar an meán.
An aeráid
Go bunúsach, cinntíonn an domhanleithead, atá idir 37o 04’ agus 38o T, aeráid an limistéir. Dá bhrí sin, luíonn sé san áit a dtagann an crios ardbhrú fothrópaiceach agus an crios lagbhrú fopholach le chéile, agus tá an aeráid faoi cheannas an chéad cheann agus ansin an dara ceann, ag brath ar an séasúr. Tá tionchar an-suntasach ag cóngaracht an limistéir leis an Aigéan Atlantach ar a aeráid, ós rud é go séideann gaotha taise, measartha aniar gan bhac, rud a dhéanann difear don teocht agus don bháisteach araon. Stopann an ceantar na haermhaiseanna Atlantacha uile a ghluaiseann trasna na hAndalúise, toisc gurb iad a mullaí lárnacha an chéad bhacainn a gcastar uathu. Comhthiteann an isihiait 1 000 mm beagnach go díreach leis an “triantán lárnach”. Go ginearálta, tá leibhéal báistí measartha ard ag an gceantar ina iomláine, mar luíonn sé go hiomlán laistigh den isihiait 700 mm. Tá an bháisteach is airde sa gheimhreadh. Tá báisteach san earrach agus san fhómhar beagnach mar an gcéanna, ach is tréimhse thriomach é an samhradh, beagnach go hiomlán i mí Iúil agus mí Lúnasa. Tá an mheánteocht idir 14,8 oC in Aracena agus 18,4 oC in La Garnacha. Is í mí Iúil an mhí is teo, agus meánteocht idir 25 oC in Aracena agus 27,7 oC in La Garnacha. Is í mí Eanáir an mhí is fuaire i gcónaí, ach amháin in La Garnacha, áit arb í mí na Nollag an mhí is fuaire, agus teochtaí idir 6,2 oC agus 10,7 oC.
Hidreagrafaíocht
Cruthaíonn ceantar La Sierra dobhardhroim le haghaidh abhantracha aibhneacha Guadiana, Guadalquivir agus Odiel agus tá múrtha na sruthchúrsaí agus sruthanna séasúracha a bhraitheann ar bháisteach aige a shreabhann isteach in aibhneacha agus taiscumair an limistéir.
Fásra
Tá achar dromchla 307 952 ha ag La Sierra de Huelva, lena n-áirítear breis agus 73 % (227 023 ha) atá faoi chrainn. Tá níos mó ná 120 000 ha dehesas darach toilm agus coirc sa limistéar sin. Áirítear i bhflóra an limistéir Trifolium subterraneum agus Periballia laevis ar ithreacha gainmheacha agus eibhir dhianscaoilte, Trifolium subterraneum (an-fhlúirseach), Poa bulbosa agus Periballia minuta ar fhéarach darach toilm, agus Rumex bucephalophorus, Trifolium subterraneum agus Periballia laevis ar ithreacha cailctheifeacha dehesas darach coirc, i dteannta Cistaceae agus Genisteae.
Saineolas na dtáirgeoirí áitiúla
Cuirtear saineolas na dtáirgeoirí agus na bpróiseálaithe áitiúla ar aghaidh ó ghlúin go glúin, ó thuismitheoir go leanbh. Tagann an táirge críochnaithe de thoradh ghnáth-shaineolas na bhfeirmeoirí beostoic, nasctha leis an dehesa agus an mhuc Ibéarach, agus maidir le táirgeoirí na liamhás agus na liamhás gualainne, nasctha le La Sierra i gcúige Huelva. Cuireann saineolas na bhfeirmeoirí beostoic ar a gcumas cothromaíocht fhíneálta éiceachóras an dehesa a choinneáil ar bun trí fheirmeoireacht thraidisiúnta na muc Ibéarach agus meas a bheith acu ar leas ainmhithe. Agus na muca á ramhrú faoi chóras fairsing feirmeoireachta, tógtar na tréada go dtí na dáileachtaí talún is géire ag a bhfuil an rochtain is lú ar dtús agus go dtí na dáileachtaí talún is cothroime agus is mó rochtain acu ar deireadh.
Cinntíonn an máistirdhéantóir liamhás go díreach cá fhad a shailltear na cosa tosaigh agus na cosa deiridh; cén uair ba cheart na liamhása agus na liamhása gualainne a chrochadh sna bothanna triomaithe nádúrtha; cén uair ba cheart na fuinneoga sna bothanna triomaithe a oscailt agus a dhúnadh chun leas a bhaint as an miocraeráid; cén uair ba cheart na liamhása agus na liamhása gualainne a thabhairt anuas go dtí na siléir aibithe nádúrtha chun an próiseas mall aibithe a thosú; agus cén uair a bheidh na liamhása agus na liamhása gualainne leasaithe go hiomlán, nuair a bhainfidh a saintréithe orgánaileipteacha a mbuaicphointe amach.
Déanann gnéithe na timpeallachta geografaí difear don amhábhar agus don táirge críochnaithe araon, toisc go bhfuil saintréithe sonracha liamhása agus liamhása gualainne STFC “Jabugo” mar gheall ar na tosca a leanas: táirgeadh in éiceachóras inbhuanaithe, an dehesa, ina ramhraítear muca Ibéaracha faoi chóras fairsing feirmeoireachta ag úsáid na n-acmhainní atá ann; agus próiseáil i miocraeráid La Sierra i gcúige Huelva.
Ar dtús, sailltear na liamhása agus na liamhása gualainne. Ansin, glantar iad, agus suitear iad ina dhiaidh sin chun gur féidir dáileadh cothrom salainn a bhaint amach idir an dromchla agus an croí. Crochtar na liamhása agus na liamhása gualainne ansin i mbothanna triomaithe nádúrtha chun gur féidir leo a bheith “ag cur allas”, ag baint leas as an miocraeráid.
Ar deireadh, bogtar na liamhása agus na liamhása gualainne go dtí na siléir aibithe chun teacht in aibíocht go mall, ag forbairt a bhflóra míocóiseach seachtrach féin de thoradh chobhsaíocht fhíorúil na ndálaí teochta agus bogthaise le himeacht ama.
Tá saintréithe orgánaileipteacha na liamhás agus na liamhás gualainne mar gheall ar na himoibrithe fisiciúla, ceimiceacha agus bitheolaíocha a dhéanann comhpháirteanna cothaitheacha na ndearcán (a gcion lipide go háirithe) agus an lusra nádúrtha nuair a mheitibilíonn an mhuc Ibéarach iad agus, ina dhiaidh sin, le linn leasú na liamhás agus na liamhás gualainne a tharlaíonn go mall agus de réir a chéile, próiseas ina dtagann na tosca a leanas i bhfeidhm: is é an suíomh geografach is faide ó dheas san Aontas Eorpach ina dtáirgtear liamhás é, rud a chiallaíonn go bhfuil laethanta teo samhraidh aige; tá sé sna sléibhte, rud a chiallaíonn go bhfuil oícheanta fionnuara samhraidh agus geimhrí fuara aige; agus is é an chéad sliabhraon ar a sileann stoirmeacha a thagann isteach ón Aigéan Atlantach a gcuid báistí, a chiallaíonn go mbíonn an bhogthaise ard ar feadh na bliana.
Tá cuma mharmar ar na matáin, dath na feola trua agus cuma lonrach na slisní mar gheall ar phór na muc, go bhfuil cead a gcos ag na hainmhithe agus comhpháirteanna cothaitheacha an dehesa. Tá mothú mín, veilbhitiúil na slisní faoi do lámh agus sa bhéal de thoradh shreabhántacht na saille, toisc dá mhéid dearcán atá in aiste bia na muc, is amhlaidh is lú an leáphointe. Díorthaíonn an dea-bholadh ó aiste bia chnó-bhunaithe agus phlandabhunaithe na muc de dhearcáin agus lusra nádúrtha agus ón bpróiseas leasaithe fada, mall. Coinníonn an blas cothromaíocht fhíneálta idir an ghoirte de thoradh an phróisis saillte agus an mhilseacht de thoradh achar an tsaillte, a chinntíonn an máistirdhéantóir liamhás, agus na comhpháirteanna a dhíorthaítear ó mheitibiliúchán faidréiseach.
Ar deireadh, tá iarbhlas dian agus leanúnach go háirithe aige, mar gheall ar athruithe móra idir teochtaí an lae agus na hoíche sa samhradh le linn an phróisis triomaithe nádúrtha agus ar an bpróiseas aibithe nádúrtha mall a tharlaíonn ar feadh na bliana. Thairis sin, mar gheall ar aiste bia na muc le linn an bheathaithe- measa agus ar an aclaíocht fhisiciúil a fhaigheann siad, tá na liamhása agus na liamhása gualainne súmhar, ach tá uigeacht mhatáin níos teinne agus cuma níos marmaraí acu freisin.
Tugann na himeachtaí stairiúla a leagtar amach thíos tacaíocht d’úsáid agus do cháil ainm geografach “Jabugo”, do chruinneas an ainm agus dá nasc leis an limistéar geografach: go stairiúil, tá tagairtí cheana i gcairt bhardasach Montánchez, ón mbliain 1236, do dehesas tiomnaithe go heisiach do dhearcáin a tháirgeadh chun muca a bheathú agus leagtar síos dlíthe léi le haghaidh a gcosanta.
Soláthraíonn Lope de Vega fianaise stairiúil maidir le táirgeacht muc agus dearcán ina Eipistil cháiliúil chuig Gaspar de Barrionuevo, ón bhfoilseachán Rimas [Rainn] ó 1604: “... Liamhás leasaithe ó mhuc Spáinneach, ó shléibhte cáiliúla Aracena, áit ar theith Arias Montana ón domhan ...”
Na céadta blianta ó shin, agus an tráchtáil á forbairt, thosaigh táirgeoirí ceirde beaga ar liamhás a tháirgeadh in La Sierra, ar cláraíodh táirgeoir amháin díobh in Jabugo in 1895 agus, faoi 1905, tógadh líonra tráchtála lenar cuimsíodh Seville, Jerez de la Frontera, Puerto de Santa María, San Fernando agus Cádiz mar mhoil dáileacháin dá tháirgí. In 1883/1884, maraíodh 400 muc i mbardas Jabugo. Is é Jabugo an bardas in La Sierra ina bhfuil an líon próiseálaithe liamhás Ibéarach is mó. Tá beagnach leathmhilliún amas náisiúnta agus idirnáisiúnta mar thoradh ar chuardach idirlín ar an téarma “Jabugo” faoi láthair, agus formhór mór dóibh ag déanamh tagairt do liamhás.
Tá bardas Jabugo chóir a bheith ag croílár La Sierra i gcúige Huelva san Andalúis (an Spáinn), an limistéar ina bpróiseáiltear STFC “Jabugo”, a chuimsíonn 30 sráidbhaile breise a roinneann stair, miocraeráid agus “cultúr liamháis” suaithinseach i gcoiteann.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://www.mapa.gob.es/es/alimentacion/temas/calidad-diferenciada/dop-igp/htm/DOP_Jabugo.aspx
|
12.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 128/11 |
Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí
(2023/C 128/06)
Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MIONLEASÚ É AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT
Iarratas ar fhormheas a dhéanamh ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
“Ogulinski kiseli kupus / Ogulinsko kiselo zelje”
Uimh. AE: PDO-HR-1233-AM01
STFC (X) TGFC ( )
1. Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach
|
Udruga proizvođača i prerađivača ogulinskog kupusa [Comhlachas Táirgeoirí agus Próiseálaithe Chabáiste Ogulin] |
|
Sabljak selo 4, |
|
HR-47300 Ogulin |
|
HRVATSKA |
R-phost: pz.ogulin@gmail.com
2. Ballstát nó tríú tír
An Chróit
3. Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó
|
☐ |
Ainm an táirge |
|
☒ |
Tuairisc ar an táirge |
|
☒ |
Limistéar geografach |
|
☒ |
Cruthúnas ar thionscnamh |
|
☒ |
An modh táirgthe |
|
☒ |
Nasc |
|
☒ |
Lipéadú |
|
☐ |
Eile [le sonrú] |
4. Cineál an leasú nó na leasuithe
|
☒ |
Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
|
☐ |
Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil incháilithe mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 |
5. Leasú nó leasuithe
1. TUAIRISC AR AN TÁIRGE
Leasú ar phointe 2 den tsonraíocht táirge bhunaidh a bhaineann le tuairisc an táirge (2.1. Sainmhíniú ginearálta an táirge, 2.2. Tuairisc ar an amhábhar, agus 2.3. Tuairisc ar an táirge deiridh).
|
1.1. |
Baineann an chéad leasú le pointe 2.1 den tsonraíocht (Sainmhíniú ginearálta an táirge), a ndearnadh í a shimpliú trí nach luaitear ná nach dtugtar tuairisc i sainmhíniú an táirge ar chineál an chabáiste as a fhaightear an táirge, toisc go dtugtar tuairisc ar an amhábhar a úsáidtear sa táirgeadh i bpointe 2.2 den tsonraíocht (Tuairisc ar an amhábhar). Cuirtear próiseas nádúrtha coipthe an chabáiste úir i dtábhacht níos faide san abairt chéanna mar cuireadh na focail “gan leasaithigh a chur leis” le deireadh na habairte.
Leasaíodh sainmhíniú an táirge i bpointe 3.2 den doiciméad aonair sa bhealach céanna. Is cuid eagarthóireachta í an chéad chuid den leasú, agus níl aon tionchar ag an méid a cuireadh leis an abairt ar phríomhghnéithe. |
|
1.2. |
Baineann an dara leasú le pointe 2.2 den tsonraíocht (Tuairisc ar an amhábhar). Baineann an leasú le tabhairt isteach cineálacha breise cabáiste óna bhféadtar, chomh maith le cineál dúchasach Ogulinski a liostaítear sa tsonraíocht bhunaidh, táirge “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh. Is iad sin na cineálacha hibrideacha Gintama RZ F1, Krautman F1, Agressor F1, Professor F1, Succesor agus Terminator, a liostaítear i gcatalóg cineálacha speiceas glasraí a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus a fhástar sa limistéar geografach sainithe. Is é an fáth leis sin go mbíonn barra níos ísle de réir a chéile roimh na táirgeoirí ó chineál Ogulinski mar gheall ar an ngalar baictéarach Xanthomonas. Tugadh na cineálacha hibrideacha sin chun tíreachais sa limistéar geografach sainithe ina gcuirtear i dtalamh iad. Tá cruth an chinn, an blas agus an boladh céanna acu agus atá ag cineál Ogulinski, ach is fearr is féidir leo galair a fhrithsheasamh agus bíonn barr níos fearr orthu. Ní dhéanann tabhairt isteach amhábhar nua aon difear do shaintréithe suaithinseacha an táirge deiridh.
Mar thoradh air sin, an téacs bunaidh faoi phointe 2.2 Tuairisc ar an amhábhar, atá mar a leanas: “Tá na saintréithe orgánaileipteacha seo a leanas ag an amhábhar a úsáidtear chun cabáiste picilte a tháirgeadh ar a bhfuil sonrúchán tionscnaimh ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’ trína ndéantar idirdhealú idir é agus cineálacha eile cabáiste: duilleoga seachtracha a bhfuil dath glas éadrom orthu, ceann cruinn leacaithe agus blas agus boladh úr agus beagáinín aramatach. Ní mór na cinn, ina bhfuil níos mó ná cileagram amháin meáchain, a bheith teann, slán, glan, agus saor ó shubstaintí seachtracha infheicthe, lotnaidí, nó bolaithe agus/nó blasanna seachtracha. (Iarscríbhinn 4, Fíor 1 Cuma chineál dúchasach Ogulinski ag a bhfuil róiséad duilleoige, gnáthcheann le duilleoga agus an leathcheann).” cuireadh an téacs a leanas ina ionad: “Maidir leis an amhábhar a úsáidtear chun cabáiste picilte a tháirgeadh ag a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’, is cabáiste úr de chineál dúchasach Ogulinski é atá cláraithe sa Popis utvrđenih domaćih i odomaćenih stranih sorti poljoprivrednog bilja koje se nalaze u proizvodnji u Republici Hrvatskoj (Liosta cineálacha aitheanta baile agus ceansaithe barr talmhaíochta atá á dtáirgeadh i bPoblacht na Cróite) (Iarscríbhinn 3, NN Uimh. 12/94. lch. 313) agus na cineálacha hibrideacha Gintama RZ F1, Krautman F1, Agressor F1, Professor F1, Succesor agus Terminator a liostaítear i gcatalóg cineálacha speiceas glasraí a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tá na saintréithe orgánaileipteacha seo a leanas ag cineál Ogulinski: duilleoga seachtracha a bhfuil dath glas éadrom orthu, ceann cruinn leacaithe agus blas agus boladh úr agus beagáinín aramatach. (Iarscríbhinn 4, Fíor 1 Cuma chineál dúchasach Ogulinski ag a bhfuil róiséad duilleoige, gnáthcheann le duilleoga agus an leathcheann). Na cineálacha hibrideacha Gintama RZ F1, Krautman F1, Agressor F1, Professor F1, Succesor agus Terminator, tá cruth a gcinn, an blas atá orthu agus an boladh atá uathu mar an gcéanna lena bhfaightear le cineál Ogulinski. Ní mór na cinn, ina bhfuil níos mó ná cileagram amháin meáchain, a bheith teann, slán, glan, agus saor ó shubstaintí seachtracha infheicthe, lotnaidí, nó bolaithe agus/nó blasanna seachtracha. Is féidir ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’ a dhéanamh as ceann de na cineálacha cabáiste liostaithe nó as meascán de roinnt de na cineálacha sin.” Leasaíodh pointe 3.3 den doiciméad aonair ar an mbealach céanna. Tá tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. |
|
1.3. |
Baineann an tríú leasú le pointe 2.3 den tsonraíocht (Tuairisc ar an táirge deiridh). Baineann an leasú leis an tuairisc ar an táirge ina gcumhdaítear saintréithe moirfeolaíocha an táirge (cruth an chinn), tríd an gcuid a bhaineann le fad an ghais a bhaint den tuairisc, mar níl gas fada cinntitheach in aon tuairisc ar shaintréithe suaithinseacha “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje”. Fanann na saintréithe eile gan athrú, gan beann ar an gcineál.
Faoin bpointe chéanna, sa tuairisc ar shaintréithe ceimiceacha, scriosadh sciar aigéad aicéiteach an táirge. Is é an fáth leis sin go bhféadfadh sciar an aigéid aicéitigh a athrú ón luach a socraíodh ar dtús, ach ní dhéanann na hathruithe sin i gcéatadán difear in aon deighleog do cháilíocht nó do shaintréithe suaithinseacha an táirge deiridh. Mar thoradh air sin, an téacs bunaidh, atá mar a leanas: “Tá na saintréithe ceimiceacha seo a leanas ag táirge ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’: Cion NaCl 1,5–4 %, cion aigéid lachtaigh 0,5–2,5 % agus cion aigéid aicéitigh suas le 0,7 % (Iarscríbhinn 6 Analitički izvještaj za kiseli kupus rezani i kiseli kupus glavica (Tuarascáil anailíseach ar chabáiste picilte i bhfoirm iomlán nó mhionstiallta)) (2010).” cuireadh an téacs a leanas ina ionad: “Tá na saintréithe ceimiceacha seo a leanas ag táirge ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’: Cion NaCl 1,5–4 % agus cion aigéid lachtaigh 0,5–2,5 % (Iarscríbhinn 6 Analitički izvještaj za kiseli kupus rezani i kiseli kupus glavica (Tuarascáil anailíseach ar chabáiste picilte i bhfoirm iomlán nó mhionstiallta)) (2010).” Leasaíodh pointe 3.2 den doiciméad aonair ar an mbealach céanna. Tá tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe thuairisc an táirge. Chomh maith leis sin, sa phointe chéanna den tsonraíocht. scriosadh an teorainn le méid an réamh-phacáiste a leagtar síos sa tsonraíocht bhunaidh. Is é is cuspóir leis an leasú sin pacáistiú “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a chur i gcomhréir le héilimh an mhargaidh. Leasaíodh pointe 3.5 den doiciméad aonair ar an mbealach céanna. Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. |
2. LIMISTÉAR GEOGRAFACH
Leasú ar phointe 3 den tsonraíocht bhunaidh (Limistéar geografach)
|
2.1. |
Ós rud é go bhfuil cineálacha anuas ar chineál dúchasach Ogulinski i leasú na sonraíochta, scriosadh na focail “cabáiste úr de chineál Ogulinski” ó thuairisc limistéar táirgthe an amhábhair, mar tá na cineálacha hibrideacha a tugadh isteach i leasú na sonraíochta sa limistéar freisin.
Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. |
|
2.2. |
Ar mhaithe le soiléireacht, giorraíodh sainmhíniú an limistéir gheografaigh mar ní scríobhtar an téacs “an réigiún níos leithne timpeall bhaile Ogulin agus na bardais Josipdol, Plaški, Tounj agus Saborsko” faoi dhó, ach ina ionad, tar éis an chéad tagairt don téacs, idirstad á leanúint ag an liosta atá ann faoi láthair de bhardais chadastracha. Chomh maith leis sin, scriosadh na focail “níos leithne” tar éis an fhocail “réigiún” chun an sainmhíniú a dhéanamh gan débhrí.
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair ar an mbealach céanna. Is leasú eagarthóireachta amháin é sin. |
3. CRUTHÚNAS AR THIONSCNAMH
Leasú ar phointe 4 den tsonraíocht bhunaidh (Sonrúchán tionscnaimh “Ogulinski kiseli kupus”)
|
3.1. |
Sa chéad mhír, scriosadh na focail “cabáiste úr de chineál Ogulinski” mar tá cineálacha breise i leasú na sonraíochta.
Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe ná ar an doiciméad aonair. |
|
3.2. |
Leasaíodh an oibleagáid maidir le táirgeoirí a chlárú leis an údarás inniúil, trí fhoclaíocht ghinearálta lena n-áirítear gach clár ábhartha a chur in ionad na tagartha don chlár sonrach.
Is leasú eagarthóireachta amháin é sin agus níl aon tionchar aige ar an doiciméad aonair. |
|
3.3. |
Ós rud é go bhfuil cineálacha hibrideacha sa leasú a ghabhann leis an tsonraíocht, leasaíodh an téacs a bhaineann le leabhar táirgthe Cabáiste agus Leabhar na saoráide picilte a choimeád i gcomhréir leis na cúinsí athraithe.
Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe ná ar an doiciméad aonair. |
4. AN MODH TÁIRGTHE
Leasú ar phointe 5.1 den tsonraíocht bhunaidh (Táirgeadh cabáiste (amhábhar))
|
4.1. |
Leasaíodh an chéad abairt sa chéad mhír den phointe seo sa tsonraíocht bhunaidh, ina ndéantar tagairt don amhábhar a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh, chun cineálacha hibrideacha a chuimsiú.
Mar thoradh air sin, an téacs bunaidh, atá mar a leanas: “Ní mór cabáiste picilte ag a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’ a tháirgeadh as fine na mBrasacach, an speiceas Brasica oleracea L. var. Capitata go háirithe, cineál dúchasach Ogulin, ó tharlaíonn go soláthraíonn sé an cháilíocht cheart. [...]” cuireadh an téacs a leanas ina ionad: “Ní mór cabáiste picilte ag a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’ a tháirgeadh as plandaí de chuid fhine na mBrasacach, an speiceas Brasica oleracea L. var. Capitata, cineál dúchasach Ogulinski agus na cineálacha hibrideacha a liostaítear i bpointe 2.1.” Tá tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. Comhfhreagraíonn an leasú sin don leasú i bpointe 3.3 den doiciméad aonair. |
|
4.2. |
Leasaíodh an dara mír den tsonraíocht bhunaidh trí na dátaí plandaithe agus buainte a ailíniú leo siúd de na cineálacha nua. Bogadh an dáta is luaithe faoi láthair le haghaidh buainte ó lár mhí Lúnasa chuig lár mhí Iúil, agus bogadh na dátaí is déanaí le haghaidh plandaithe ó dheireadh mhí an Mheithimh le haghaidh buainte i mí Dheireadh Fómhair chuig lár mhí Iúil le haghaidh buainte i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna.
Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe ná ar an doiciméad aonair. |
5. NASC
|
5.1. |
Leasú ar phointe 6.1 den tsonraíocht bhunaidh (Mionsonraí an limistéir gheografaigh) |
|
5.1.1. |
Leasaíodh an chéad abairt, a bhaineann leis an nasc idir an táirge agus an limistéar geografach, chun a shoiléiriú go bhfuil saintréithe suaithinseacha an táirge deiridh mar gheall ar thionchar tosca nádúrtha agus daonna le chéile le linn fhás agus phicilt na gcabáistí sa limistéar geografach sainithe.
Mar thoradh air sin, an téacs bunaidh, atá mar a leanas: “Tá an nasc idir ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’ agus a limistéar geografach táirgthe mar thoradh ar shaintréithe an limistéir é féin, amhail an aeráid, an cineál ithreach i limistéar Ogulin agus saintréithe an chabáiste é féin, mar chineál dúchasach Ogulin a chlíomaigh sa limistéar seo lena shainiúlachtaí uile agus a mhair go dtí an lá inniu.” cuireadh an abairt a leanas ina ionad: “Tá an nasc cúisíoch idir ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’ agus an limistéar táirgthe bunaithe ar shaintréithe suaithinseacha an táirge agus ar na tosca nádúrtha agus daonna le chéile le linn fhás agus phicilt na gcineálacha cabáiste a fhástar i limistéar Ogulin.” Leasaíodh mír thosaigh phointe 5 den doiciméad aonair ar an mbealach céanna. Tá tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. |
|
5.1.2. |
Sa dara mír den tsonraíocht bhunaidh, leasaíodh an téacs a bhaineann le saothrú cabáiste sa limistéar geografach sainithe chun an fíoras a chur i dtábhacht gurbh é, sa limistéar sainithe, cineál dúchasach Ogulinski an sciar táirgthe cabáiste ba mhó, ach gur athraigh sé sin le himeacht ama, agus thosaigh na háitritheoirí áitiúla cineálacha hibrideacha cabáiste a fhás.
Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe ná ar an doiciméad aonair. |
|
5.1.3. |
Sa phointe céanna, faoin gceannteideal “Ithir i limistéar Ogulin”, leasaíodh an abairt sa tríú mír a rinne tagairt ar dtús do fhrithsheasmhacht an chineáil dhúchasaigh in aghaidh an fhuachta chun gach planda cabáiste a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh a chumhdach, ó tharla go ndeachaigh na cineálacha hibrideacha in oiriúint go hiomlán don limistéar geografach agus tá na saintréithe céanna acu agus atá ag cineál dúchasach Ogulinski.
Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe ná ar an doiciméad aonair. |
|
5.2. |
Leasú ar phointe 6.2 den tsonraíocht bhunaidh (Mionsonraí cáilíochta an táirge) |
|
5.2.1. |
Leasaíodh an chéad mhír, a dhéanann tagairt do shaothrú an chabáiste sa limistéar geografach sainithe, trí thagairt a chur leis do na cineálacha hibrideacha a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh.
Mar thoradh air sin, an téacs bunaidh, atá mar a leanas: “Cuimsítear cineál dúchasach chabáiste Ogulin i gcosaint an tsonrúcháin tionscnaimh ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’. D’eascair cineál cabáiste ceansaithe as cineál cabáiste Ogulin a fhástar i limistéar Ogulin le roinnt mhaith blianta. Is é sin an saghas cineáil a fhreastalaíonn ar riachtanais na dtáirgeoirí, na bpróiseálaithe agus na dtomhaltóirí i dtéarmaí cáilíochta.” cuireadh an téacs a leanas ina ionad: “Cuimsítear cineál dúchasach chabáiste Ogulin agus na cineálacha hibrideacha a liostaítear i bpointe 2.2 i gcosaint an tsonrúcháin tionscnaimh ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’. Is cineál cabáiste ceansaithe é cineál cabáiste Ogulinski a fhástar i limistéar Ogulin le roinnt mhaith blianta. Le himeacht ama, mar gheall ar fhrithsheasmhacht bhocht an chineáil dhúchasaigh in aghaidh galar, chuaigh táirgeoirí agus próiseálaithe i limistéar Ogulin i muinín cineálacha hibrideacha atá frithsheasmhach in aghaidh galar agus ag a bhfuil barra i bhfad níos airde. Tá cumhdach céiriúil ar dhuilleoga na gcineálacha hibrideacha, rud a fhágtar níos frithsheasmhaí in aghaidh galar iad.” Tá tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. Comhfhreagraíonn an leasú sin don leasú i bpointe 3.3 den doiciméad aonair. |
|
5.2.2. |
Leasaíodh an abairt a dhéanann tagairt den chéad uair a bhí “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” ar an margadh trí thagairt a chur leis do shaothrú cabáistí i limistéar Ogulin ó bhí an 15ú céad ann.
Rinneadh an leasú céanna i bpointe 5 den doiciméad aonair. Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. |
|
5.2.3. |
Leasaíodh téacs bunaidh na sonraíochta ina dtugtar tuairisc ar na sainiúlachtaí i dtáirgeacht cabáistí, ó leasú síolta an chineáil dhúchasaigh go piocadh de láimh, chun díriú ar an ngné dhaonna, i.e. cleachtais táirgthe mhaithe maidir le síológa roghnaithe a chur, agus ar an tionchar a bhíonn ag tosca nádúrtha ar an mbarr, gan beann ar an gcineál cabáiste a úsáidtear.
Mar thoradh air sin, an téacs bunaidh, atá mar a leanas: “Braitheann sainiúlacht chineál chabáiste Ogulin ar an bpróiseas táirgthe ó shíolta go cabáiste úr, agus leantar leis i bpróiseáil an chabáiste úir ina chabáiste picilte. Is ionann an chéad sainiúlacht agus leasú traidisiúnta na síolta (cineál dúchasach Ogulin) sa táirgeadh i limistéar Ogulin, áit ina scartar plandaí tipiciúla amach agus a fhágtar le haghaidh síolta iad. Faightear an t-ábhar atáirgthe le haghaidh an chéad séasúr cuir agus plandaithe trí shíolta a roghnú. Is sainiúlacht táirgthe eile síológa roghnaithe a chur sa limistéar táirgthe, áit ina bhfaightear, le cuidiú ó chleachtais churaíochta mhaithe agus ó dhálaí sonracha peideolaíocha agus aeráide an limistéir, barra ag a bhfuil na saintréithe atá tipiciúil le haghaidh chineál chabáiste Ogulin. Braitheann ceann de na sainiúlachtaí ar an bhfíoras freisin go bpioctar na cinn thipiciúla de láimh go heisiach, lena n-éilítear buainteoirí oilte a bhfuil taithí acu.” cuireadh an téacs a leanas ina ionad: Tagann sainiúlacht “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” as meascán de chleachtas táirgthe maith lena mbaineann cur síológa roghnaithe agus piocadh cinn chabáiste de láimh, agus dálaí sonracha ithreach agus aeráide an limistéir táirgthe gheografaigh a thugann a ngnáth-shaintréithe sainiúla do na barra. Cuireadh an abairt chéanna le pointe 5 den doiciméad aonair. Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. |
|
5.2.4. |
Leasaíodh an abairt a dhéanann tagairt do chaomhnú thraidisiún táirgthe “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” chun na cúinsí athraithe a léiriú, lena n-áirítear cineálacha hibrideacha taobh leis an gcineál dúchasach, agus mar sin baineadh an tagairt do chineál Ogulinski den abairt.
Is leasú eagarthóireachta amháin é sin. Rinneadh an leasú céanna i bpointe 5 den doiciméad aonair. |
|
5.2.5. |
Ós rud é go raibh an tsonraíocht bhunaidh bunaithe ar chineál Ogulinski, agus cuireann an leasú cineálacha hibrideacha san áireamh, leasaíodh an tuairisc ar shainiúlacht an táirge chun na cúinsí athraithe a léiriú, agus scriosadh na saintréithe nach raibh bainteach ach le cineál Ogulinski amháin agus nach bhfuil aon tionchar díreach acu ar shaintréithe orgánaileipteacha suaithinseacha an táirge deiridh “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje”.
Mar thoradh air sin, an téacs bunaidh, atá mar a leanas: “Tá saintréithe moirfeolaíocha sonracha ag táirge ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’ a dhealaíonn ó tháirgí eile a tháirgtear trí choipeadh cabáiste úir de chineálacha eile é. Tá gas an-fhada ag ceann an chabáiste agus roinnt mhaith duilleog tanaí, tréshoilseach agus an-solúbtha a bhfuil féitheacha tanaí aige. Braitheann sainiúlacht táirge ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’ ar a chinn chruinne agus leacaithe, a dhuilleoga de dhath buí agus tanaíocht a bhféitheacha. Tá sé lán le vitimín C mar gheall ar a ghas fada.” cuireadh an téacs a leanas ina ionad: Tá saintréithe moirfeolaíocha sonracha ag “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje’: tá cinn an chabáiste cruinn agus leacaithe agus tá roinnt mhaith duilleog tanaí, beagnach tréshoilseach agus an-solúbtha acu a bhfuil féitheacha tanaí acu. Tá dath buí/órbhuí ar na duilleoga, agus féitheacha nach bhfuil chomh follasach.” Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair ar an mbealach céanna. Tá tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. |
|
5.3. |
Leasú ar phointe 6.3 den tsonraíocht bhunaidh (Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus an táirge)
‘Tá saintréithe suaithinseacha ag “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” de thoradh tosca nádúrtha agus daonna le linn fhás agus phicilt an chabáiste sa limistéar geografach sainithe. Anuas ar chineál dúchasach Ogulinski, chuaigh na cineálacha hibrideacha a liostaítear sa leasú de phointe 2.2 in oiriúint do na dálaí nádúrtha sonracha i gcaitheamh na mblianta, agus faigheann an cabáiste a phiciltear trí choipeadh nádúrtha as na cineálacha sin a fhástar i limistéar Ogulin saintréithe suaithinseacha “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje”. Ar an gcúis sin, i bpointe 6.3 den tsonraíocht bhunaidh, rinneadh athruithe ar an tuairisc ar an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge. |
|
5.3.1. |
An mhír thosaigh den tsonraíocht bhunaidh, atá mar a leanas: “Léirítear an nasc cúisíoch idir ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’ agus limistéar Ogulin i sainiúlacht an amhábhair, i.e. i leasú na síolta de chineál chabáiste dúchasach Ogulin.”
cuireadh an téacs a leanas ina ionad: “Tá an nasc cúisíoch idir ‘Ogulinski kiseli kupus’/‘Ogulinsko kiselo zelje’ agus an limistéar táirgthe bunaithe ar shaintréithe suaithinseacha an táirge agus ar na tosca nádúrtha agus daonna le chéile le linn fhás agus phicilt na gcineálacha cabáiste a fhástar i limistéar Ogulin.” Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair ar an mbealach céanna. Tá tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. |
|
5.3.2. |
Tar éis na míre tosaigh, cuireadh abairt nua leis chun an fíoras a chur i dtábhacht go bhfuil cáil ar an limistéar táirgthe mar gheall ar tháirgeadh agus ar phróiseáil chabáiste.
Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe ná ar an doiciméad aonair. |
|
5.3.3. |
Soiléiríodh an abairt a léiríonn an tionchar ag tosca peidichlíomacha.
Is leasú eagarthóireachta amháin é sin agus níl aon tionchar aige ar an doiciméad aonair. |
|
5.3.4. |
Cuireadh mír nua leis tar éis na habairte ina dtugtar tuairisc ar thuile ithreacha le linn an gheimhridh, ina dtugtar achoimre ar an roinn a luadh cheana i bpointe 6.2 den tsonraíocht ina dtugtar tuairisc ar an nasc idir an limistéar geografach, an cabáiste úr agus dálaí aeráide, agus coipeadh nádúrtha an chabáiste.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair ar an mbealach céanna. Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe. |
|
5.3.5. |
Soiléiríodh an abairt ina gcuirtear i dtábhacht tábhacht na gné daonna go háirithe i ndáil le piocadh de láimh na gceann úr agus baint na gceann picilte ón linn.
Is leasú eagarthóireachta amháin é sin. Rinneadh an leasú céanna i bpointe 5 den doiciméad aonair. |
|
5.3.6. |
Bogadh an abairt a dhéanann tagairt do ghastranómachas an réigiúin tar éis na habairte dá dtagraítear faoi leasú 5.3.5.
Is leasú eagarthóireachta amháin é sin agus níl aon tionchar aige ar an doiciméad aonair. |
|
5.3.7. |
Leasaíodh an abairt a thagraíonn do dhálaí meitéareolaíocha agus do chineálacha ithreach chun na cineálacha uile a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh a chuimsiú.
Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe ná ar an doiciméad aonair. |
6. LIPÉADÚ
I bpointe 8, Rialacha sonracha maidir le lipéadú táirge den tsonraíocht bhunaidh, scriosadh an abairt dheireanach, a chuireann teorainn ar mhéid an phacáistithe, chun pacáistiú “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a thabhairt i gcomhréir le héilimh an mhargaidh.
Níl aon tionchar ag an leasú sin ar phríomhghnéithe ná ar an doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
“OGULINSKI KISELI KUPUS / OGULINSKO KISELO ZELJE”
Uimh. AE: PDO-HR-1233-AM01 — 28.10.2021
STFC (X) TGFC ( )
1. Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]
“Ogulinski kiseli kupus / Ogulinsko kiselo zelje”
2. Ballstát nó tríú tír
An Chróit
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. An cineál táirge
Aicme 1.6 – Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
‘Is táirge é “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a fhaightear trí choipeadh aigéad lachtach nádúrtha cabáiste úir, gan leasaithigh a chur leis.
Sula gcuirfear ar an margadh é, tá na saintréithe orgánaileipteacha agus fisiceimiceacha seo a leanas ag “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” i bhfoirm iomlán nó mhionstiallta: tá dath idir buí agus órbhuí ar a dhuilleoga, tá boladh a bhaineann go sonrach le táirge lachtchoipthe air, agus blas comhchuí agus searbh (aigéad lachtach) air. Tá a dhuilleoga tanaí, beagnach tréshoilseach agus an-solúbtha, agus tá féitheacha tanaí acu. Tá ceann cruinn agus leacaithe ag cabáiste “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje”. Tá sé teann gan a bheith righin agus tá sé saor ó shalachair choimhthíocha.
Tá na saintréithe ceimiceacha seo a leanas ag “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje”: cion NaCl 1,5–4 % agus cion aigéid lachtaigh 0,5–2,5 %.
Cuirtear ar an margadh é mar chabáiste picilte mionstiallta agus mar cheann iomlán cabáiste.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Maidir leis an amhábhar a úsáidtear chun cabáiste picilte “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh, is cabáiste úr (den speiceas Brassica oleracea var. Capitata) de chineál dúchasach Ogulinski é atá cláraithe sa Popis utvrđenih domaćih i odomaćenih stranih sorti poljoprivrednog bilja koje se nalaze u proizvodnji u Republici Hrvatskoj (Liosta cineálacha aitheanta baile agus ceansaithe barr talmhaíochta atá á dtáirgeadh i bPoblacht na Cróite) agus na cineálacha hibrideacha Gintama RZ F1, Krautman F1, Agressor F1, Professor F1, Succesor agus Terminator a liostaítear i gcatalóg cineálacha speiceas glasraí a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Tá na saintréithe orgánaileipteacha seo a leanas ag cineál Ogulinski: duilleoga seachtracha a bhfuil dath glas éadrom orthu, agus ceann cruinn leacaithe agus blas beagáinín aramatach agus boladh úr agus beagáinín aramatach air. Na cineálacha hibrideacha Gintama RZ F1, Krautman F1, Agressor F1, Professor F1, Succesor agus Terminator, tá cruth a gcinn, an blas atá orthu agus an boladh atá uathu mar an gcéanna lena bhfaightear le cineál Ogulinski.
Ní mór na cinn, ina bhfuil níos mó ná cileagram amháin meáchain, a bheith teann, slán, glan, agus saor ó shubstaintí seachtracha infheicthe, lotnaidí, nó bolaithe agus/nó blasanna seachtracha.
Is féidir “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a dhéanamh as ceann de na cineálacha cabáiste liostaithe nó as meascán de roinnt de na cineálacha sin.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeacht nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
Ní mór don nós imeachta chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh, ó chur agus buaint go picilt, tarlú i bhforais chláraithe sa limistéar geografach a leagtar amach i bpointe 4.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Chun athruithe ar dhath agus/nó ar bhlas “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a chosc, is gá an táirge a phacáistiú laistigh de 24 uair an chloig chun a cháilíocht a chaomhnú agus a áirithiú. Cuirtear “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” ar an margadh mar chabáiste picilte mionstiallta agus mar cheann iomlán cabáiste.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Gan beann ar fhoirm an phacáistithe, nuair a chuirtear an táirge ar an margadh ní mór don inscríbhinn “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a bheith ar an lipéad.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Cumhdaíonn limistéar táirgthe an amhábhair a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh agus an táirge críochnaithe é féin an réigiún thart ar bhaile Ogulin agus na bardais Josipdol, Plaški, Tounj agus Saborsko, i.e. na bardais chadastracha Blato, Carevo polje, Cerovnik, Hreljin Ogulinski, Janja Gora, Jezero, Josipdol, Latin, Lička Jesenica, Međeđak, Modruš, Musulinski Potok, Ogulin, Oštarije, Otok Oštarijski, Plaški, Ponikve, Pothum, Petar Ogulinski, Saborsko, Skradnik, Trojvrh, Tržić Tounjski, Vitunj agus Zagorje.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an nasc cúisíoch idir “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” agus an limistéar táirgthe bunaithe ar shaintréithe suaithinseacha an táirge agus ar na tosca nádúrtha agus daonna le chéile le linn fhás agus phicilt na gcineálacha cabáiste a fhástar i limistéar Ogulin.
Is micri-réigiún é limistéar táirgthe “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” atá lonnaithe in iardheisceart Chontae Karlovac, ag roinnt teorann le Contae Primorje Gorski Kotar san iarthar agus le Contae Lika-Senj sa deisceart. Comhcheanglaíonn an foréigiún foshléibhtiúil leis an foréigiún sléibhtiúil sa chuid sin den Chróit, ar a dtugtar “ardtalamh na Cróite” freisin.
Tá éifeacht shuntasach ag tosca peidichlíomacha an limistéir sin ar cháilíocht shonrach agus shuaithinseach “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a chruthú.
Is ilchríochach go príomha í aeráid an limistéir gheografaigh shainithe, cé go n-athraíonn sé de réir a chéile go sléibhtiúil. Aeráid ar díol suntais í don mhéid agus dáileadh frasaíochta agus a meán-aertheochtaí. Tá an mheánfhrasaíocht bhliantúil (1 557 mm) suas le 50 % níos airde ná i limistéir eile ina bhfástar cabáistí, agus méideanna báistí agus fiú sneachta níos mó le linn an gheimhridh. Is ionann an mheánteocht laethúil mheánach le linn na tréimhse ina bhfástar an t-amhábhar a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh (ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair) agus 10,1o C, atá níos ísle ná na teochtaí i limistéir eile ina bhfástar cabáistí. Tá an teocht íosta is gá le haghaidh fhás an amhábhair a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh idir 1o C agus 3o C. Tá aeráid an limistéir sonrach mar gheall ar na difríochtaí móra idir teochtaí i rith an lae agus teochtaí i rith na hoíche, agus drúcht trom sa samhradh dá thoradh sin. Ós rud é nach bhfuil aon acmhainneacht uiscithe ag machaire Ogulin, is é drúcht an tsamhraidh an príomhghné a chothaíonn fás an amhábhair is gá chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh mar áirithíonn sé go bhfaigheann an cabáiste taise leordhóthanach.
Is ionann an mheánteocht mheánach sa gheimhreadh i limistéar táirgthe “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” agus – 5,9o C, atá fabhrach do choipeadh leanúnach sa seomra picilte.
Tá ithreacha aonfhoirmeacha le huigeacht idir dúrabhán siolta agus dúrabhán siolta créúil níos coitianta i réigiún Ogulin. Le linn an gheimhridh, tagann tuilte go minic as an titim sneachta shuntasach, agus déantar ithreacha donna, arúla a bhfuil próifíl dhomhain agus cóimheas fabhrach gaineamh, siolta agus cré acu dá mbarr. Tá soláthar maith de chothaithigh orgánacha, nítrigin agus potaisiam, chomh maith le méid uisce leordhóthanach, ag ithir den chineál sin, agus tá sí oiriúnach don amhábhar a fhás a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh. Is iad na dálaí peidichlíomacha sonracha is fearr iad chun an t-amhábhar a fhás a úsáidtear i dtáirgeacht “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje”.
Anuas ar shaintréithe nádúrtha an limistéir táirgthe, tá an ghné dhaonna, i.e. eolas agus scil i saothrú agus i bpróiseáil an chabáiste, ríthábhachtach, agus déantar gach céim i dtáirgeacht “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje”, ó bhuaint go cur na gceann sa linn choipthe, de láimh. Tá gá mar sin le scil agus taithí. Mar thoradh air sin, braitheann sainiúlacht táirge “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” go ríchinnte ar thraidisiún táirgthe agus próiseáilte an chabáiste ón gcéad seo caite go dtí an lá atá inniu ann a chaomhnú (Modruški zbornik, bliain 2, Katedra Čakavskog sabora Modruše, Z. Kosanović, 2008, lgh. 151–156; ibid., lgh. 176–182).
Sa limistéar táirgthe ina dtáirgtear “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje”, pioctar an táirge de láimh go heisiach, óna dteastaíonn buainteoirí a bhfuil taithí agus scileanna acu. Aibíonn an t-amhábhar a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh go han-éagothrom, rud a fhágann cinn nach mbíonn ar cóimhéid. Tá scileanna na mbuainteoirí fíor-riachtanach anseo: trí shúil a chaitheamh ar an táirge agus lámh a leagan air, tá a fhios acu óna dtaithí féin an bhfuil sé de cháilíocht leordhóthanach i dtéarmaí cuma, teinne agus méide le piocadh nó nach bhfuil. Áirithíonn sé sin go bhfuil an cháilíocht is gá ag an amhábhar a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh. Déanann an buainteoir cinneadh de réir mhéid an chinn cibé acu ar cheart é a chur sa linn choipthe le haghaidh picilte, nó é a mhionstialladh. Ní féidir é sin a dhéanamh le buaint mheicniúil.
Chun a áirithiú nach bhfuil damáiste déanta don amhábhar a úsáidtear chun “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a tháirgeadh, sórtálann an buainteoir na cinn sa pháirc, cuireann sé i gcoimeádán iad agus aistríonn sé – de láimh – go dtí an linn choipthe iad.
Is mar gheall ar shainiúlacht limistéar táirgthe Ogulin, chomh maith le cáilíocht shonrach an chabáiste úir agus dálaí aeráide an limistéir, go bpróiseáiltear an cabáiste i monarchana trí bhíthin coipeadh nádúrtha. Fágann sé sin go mbíonn na teochtaí sna chéad seachtainí de choipeadh ard go leor chun coipeadh a thosú, agus ní chuirtear ach tuaslagán glan salainn mhín de 5–6 % leis an gcabáiste, agus táirgtear aigéad lachtach faoi thosca anaeróbacha, a fheidhmíonn mar leasaitheach nádúrtha. Tagann eolas taithí daonna i bhfeidhm freisin a luaithe a thagann deireadh leis an bpróiseas picilte. Baintear gach ceann cabáiste “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” den linn choipthe de láimh agus, trí shúil a chaitheamh agus lámh a leagan ar an gceann, déantar cinneadh an bhfuil sé picilte go leordhóthanach.
Tá saintréithe moirfeolaíocha sonracha ag “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje”: tá cinn an chabáiste cruinn agus leacaithe agus tá roinnt mhaith duilleog tanaí, beagnach tréshoilseach agus an-solúbtha acu a bhfuil féitheacha tanaí acu. Tá dath buí/órbhuí ar na duilleoga, agus féitheacha nach bhfuil chomh follasach acu. Is éard is sainiúlacht “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” a blas agus dea-bholadh an-deas, a bhaineann go sonrach le cabáiste picilte. Bhí na saintréithe sonracha sin ina n-ábhar do staidéir eolaíocha (Ferdo Vešnik, Utjecaj sorte na kvalitetu kiselog kupusa [An tionchar ag cineál ar cháilíocht chabáiste phicilte], 1969, Poljoprivredna znanstvena smotra Uimh. 6, lgh. 3–17 agus Poljoprivredna znanstvena smotra Uimh 18, lgh. 3–17).
Is éard is gné shonrach táirgthe “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” go stóráiltear an táirge críochnaithe go nádúrtha i seomraí picilte agus baintear den linn picilte é le linn mhíonna an gheimhridh; folúsphacáiltear an cabáiste mionstiallta ansin laistigh de 12 uair an chloig, agus na cinn laistigh de 24 uair an chloig. Áirithíonn sé sin go gcaomhnaítear saintréithe orgánaileipteacha suaithinseacha an táirge.
Tríd an modh táirgthe sin, ar a bhfuil tionchar mór ag na tosca nádúrtha agus daonna sonracha, baintear saintréithe orgánaileipteacha agus ceimiceacha suaithinseacha “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” amach (Analitičko izvješće za Ogulinski kiseli kupus [Tuarascáil anailíseach Ogulinski kiseli kupus], 2010, Modruški zbornik, Ogulinski kiseli kupus kroz povijest [Ogulinski kiseli kupus i rith na staire], Ž Kosanović, 2008, lch. 160).
Téann saothrú cabáistí i limistéar Ogulin siar go dtí an 15ú céad. Spreag sainiúlacht “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” na táirgeoirí agus na próiseálaithe as limistéar Ogulin a bheith ag tosú an táirge a phacáistiú agus a chur ar an margadh i bhfoirm fholúsphacáilte. Tháinig cinn chabáiste phicilte fholúsphacáilte faoin ainm “Ogulinski kiseli kupus”/“Ogulinsko kiselo zelje” ar an margadh ar dtús in 1973 (Ogulinski kiseli kupus kroz povijest, Modruški zbornik, bliain 2. Katedra Čakavskog sabora Modruše, 2008, lgh. 166 agus 132).
I bhfocail Kosanović “[…] bhain cineál an chabáiste seo a cuireadh i réigiúin níos iargúlta barr agus cáilíocht i bhfad níos ísle amach ná an cineál a cuireadh ar mhachaire Ogulin. Ag tosú in 1973, rinneadh é sin i roinnt áiteanna agus roinnt uaireanta. Ó shin go dtí thart ar 1980, cuireadh ‘Ogulinski kiseli kupus’ sa limistéar thart ar Ljubljana, Ilirska Bistrica, Varaždin, Križevci, Zemun, Futog, Velika Kladuša, Zadar, Privlaka (gar le Vinkovci), agus áiteanna eile. Níor bhain ‘Ogulinski kiseli kupus’ an barr nó cáilíocht chéanna amach in aon áit eile ach ar mhachaire Ogulin. Is léir an tionchar ag ithir agus aeráid an limistéir [...]” (Modruški zbornik, bliain 2, Katedra čakavskog sabora, Ogulinski kupus kroz povijest, Ž. Kosanović, 2008, lch. 132).
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://poljoprivreda.gov.hr/UserDocsImages/dokumenti/hrana/zoi-zozp-zts/dokumenti-zoi-zozp-zts/Specifikacija_Ogulinski_kiseli_kupus_23032022.pdf